ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
64 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
10.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1932 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Samhain 2021
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44. |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart iontráil a bhaineann le duine amháin atá liostaithe a scriosadh. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. ŠIRCELJ
IARSCRÍBHINN
I Rialachán (AE) 2016/44, Iarscríbhinn III (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)), Cuid A (daoine), scriostar iontráil 6 (a bhaineann le AL-MAHMOUDI, Baghdadi).
10.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/4 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1933 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 5(5), Airteagal 17(2), an dara fomhír, agus Airteagal 19(1), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin, lena n-áirítear éin dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I de (peataí éin), agus foráiltear leis go bhféadfar bearta coisctheacha sláinte a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe chun sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí a chosaint ó ghalair nó ó ionfhabhtuithe ar dócha go scaipfear iad de bharr gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír. |
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, foráiltear freisin go bhfuil na bearta coisctheacha le bheith bunaithe ar fhaisnéis eolaíoch atá leordhóthanach, iontaofa agus bailíochtaithe agus go bhfuil siad le cur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le leathadh na ngalar sin nó na n-ionfhabhtuithe sin trí ghluaiseachtaí trasteorann peataí éin. |
(3) |
Ar mhaithe le simplíocht agus trédhearcacht rialacha an Aontais, agus le cur i bhfeidhm na rialacha sin a éascú agus le dúbláil a sheachaint, ba cheart na rialacha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír a leagan síos in aon ghníomh amháin seachas i roinnt gníomhartha crostagartha ar leithligh. Tá an cur chuige sin i gcomhréir freisin leis an gcur chuige atá ann faoi láthair i réimse reachtaíocht an Aontais maidir le sláinte ainmhithe, amhail an reachtaíocht a glacadh le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ar cur chuig é atá i bhfabhar rialacha an Aontais a chuíchóiriú chun cur i bhfeidhm na rialacha sin a éascú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú. |
(4) |
Is galar víreasach tógálach é an fliú éanúil a ghabhann d’éin agus d’fhéadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar shláinte ainmhithe agus ar an tsláinte phoiblí. Thar aon ní eile, is ionfhabhtuithe le víreas an fhliú éanúil in éanlaith chlóis is cúis le dhá phríomhfhoirm an ghalair sin a bhfuil a nimhneacht mar shaintréith acu. Ní bhíonn ach siomptóim éadroma ag baint leis an bhfoirm lagphataigineach, de ghnáth, ach d’fhéadfadh an fhoirm ardphataigineach a bheith ina cúis le rátaí an-ard mortlaíochta i bhformhór speiceas éanlaithe clóis. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith ag an ngalar sin ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis. Ina theannta sin, cé gur in éin is mó a fheictear an fliú éanúil, is féidir le hionfhabhtuithe tarlú i ndaoine faoi chúinsí áirithe cé go mbíonn an riosca an-íseal de ghnáth. |
(5) |
In 2005, tar éis an chéad tarlaithe de chás an fhliú éanúil ardphataiginigh (HPAI) d’fhochineál H5N1, in éan i mbraighdeanas a tugadh isteach san Aontas, is le Cinneadh 2005/759/CE ón gCoimisiún (3) a leagadh síos bearta cosanta arb é b’aidhm dóibh cosc a chur ar an víreas HPAI a thabhairt isteach agus a leathadh trí ghluaiseachtaí peataí a bhí in éineacht lena n-úinéirí isteach san Aontas. De bharr na rioscaí leanúnacha do shláinte ainmhithe a bhaineann leis na gluaiseachtaí sin, rinneadh Cinneadh 2005/759/CE a aisghairm agus cuireadh Cinneadh 2007/25/CE ón gCoimisiún (4) ina ionad. De bharr athruithe ar an staid eipidéimeolaíoch san Aontas, rinne Cinneadh 2007/25/CE a leasú tuilleadh agus cuireadh síneadh roinnt uaireanta le dáta a chur i bhfeidhm, an uair dheireanach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2107 ón gCoimisiún (5). Is an 31 Nollaig 2021 a rachaidh Cinneadh 2007/25/CE i léig. |
(6) |
Ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar bhagairt dhomhanda an fhliú éanúil le blianta beaga anuas, áfach, agus nach meastar go dtiocfaidh feabhas ar an staid eipidéimeolaíoch go luath amach anseo, is iomchuí bearta cosanta buana a shuí faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, chun a áirithiú nach mbeidh riosca ag baint le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach san Aontas maidir le víreas an fhliú éanúil a thabhairt isteach agus a leathadh. |
(7) |
Cuireann críocha áirithe agus tríú tíortha áirithe rialacha sláinte ainmhithe i bhfeidhm maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí éin isteach ina gcríoch, rialacha atá coibhéiseach leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, féadfar a mheas go bhfuil riosca an-íseal don Aontas maidir le sláinte ainmhithe ag baint le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach san Aontas ó na críocha agus ó na tríú tíortha, agus maidir leis na rialacha i dtaca le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin a leagtar síos sa Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach san Aontas ó na críocha áirithe agus na tríú tíortha áirithe sin. |
(8) |
Chun cosc a chur ar ghluaiseachtaí tráchtála éan isteach san Aontas a bheith á gceilt go calaoiseach mar ghluaiseachtaí neamhthráchtála, ba cheart an t-uaslíon peataí éin a d’fhéadfadh a bheith in éineacht lena n-úinéir nó le duine údaraithe a theorannú do chúig pheata éin in aon ghluaiseacht neamhthráchtála amháin. Ós rud é go bhfuil riosca níos airde ag baint le líon níos mó éan maidir le víreas an fhliú éanúil a thabhairt isteach agus a leathadh, níor cheart gluaiseachtaí de níos mó ná cúig pheata éin isteach san Aontas a mheas mar aon ghluaiseacht neamhthráchtála amháin peataí éin, agus níor cheart gluaiseachtaí den sórt sin a bheith faoi raon feidhme na rialacha a leagtar síos sa ghníomh seo. Ina ionad sin, ba cheart leanúint de na gluaiseachtaí sin a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais maidir le teacht isteach éan i mbraighdeanas san Aontas a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (6), agus ba cheart iad a bheith faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
(9) |
Ina theannta sin, ba cheart rialacha a leagan síos sa ghníomh sin maidir leis na modhanna chun peataí éin atá le haistriú isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír a shainaithint, chun a áirithiú gur féidir nasc a dhéanamh idir an peata éin agus an doiciméad sainaitheantais comhfhreagrach. |
(10) |
I dtuairim eolaíoch ar an bhfliú éanúil de chuid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA), tuairim a foilsíodh den chéad uair an 16 Deireadh Fómhair 2017 (8), measadh na ceanglais sláinte ainmhithe a leagadh síos i gCinneadh 2007/25/CE a bheith éifeachtach maidir le maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le víreas an fhliú éanúil a thabhairt isteach san Aontas trí ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstáit ó chríocha nó ó thríú tíortha. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Chinneadh sin a úsáid mar bhonn do na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. |
(11) |
Leis na bearta coisctheacha sláinte maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach san Aontas, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le roinnt roghanna maidir le ceanglais dá n-iontráil, lena n-áirítear leithlisiú, roimh na gluaiseachtaí neamhthráchtála sin nó ag an gceann scríbe, agus anuas air sin, tástáil réamhghluaiseachta le haghaidh fhochineálacha H5 agus H7 den víreas HPAI agus vacsaíniú in aghaidh fhochineálacha H5 agus H7 den víreas HPAI. |
(12) |
Níor cheart, áfach, rogha an leithlisithe a cheadú roimh ghluaiseacht neamhthráchtála isteach san Aontas ach amháin i gcás peataí éin de thionscnamh críoch nó tríú tíortha a ndearnadh measúnú orthu i leith an fhliú éanúil agus galar eile is ábhartha do na speicis éanúla. Dá bhrí sin, ba cheart an rogha sin a theorannú do na tríú tíortha nó do na críocha a liostaítear sa tábla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V, Iarscríbhinn XIV nó Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (9) maidir le teacht isteach san Aontas éanlaithe clóis agus táirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, feoil úr éanlaithe clóis agus éin ghéim, nó uibheacha agus táirgí uibheacha, faoi seach. |
(13) |
Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le rogha an leithlisithe do pheataí éin ag an gceann scríbe, níor cheart é sin a dhéanamh ach i mbunaíocht a d’fhéadfadh stádas sláinte na n-ainmhithe a ráthú. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas a bheith ann faoin rogha sin go gcuirfí peataí éin i mbunaíocht choraintín arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (10). |
(14) |
Maidir leis na rioscaí a bhaineann le víreas an fhliú éanúil a leathadh isteach san Aontas trí ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin ó chríocha nó ó thríú tíortha, chun na rioscaí sin a mhaolú tuilleadh ba cheart toirmeasc a chur ar na peataí éin sin a chur isteach i seónna, in aontaí, i dtaispeántais nó i mbailiú eile éan le linn tréimhse ama iomchuí tar éis a dteacht isteach san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas a bheith ann go ndéanfaí peataí a leithlisiú faoi rialú oifigiúil le linn na tréimhse ama sin, i gcomhréir leis an rialú oifigiúil dá bhforáiltear in Airteagal 35(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013. |
(15) |
Ba cheart comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith deimhnithe ag tréidlia oifigiúil na críche nó an tríú tír tionscnaimh nó, de rogha air sin, ag tréidlia údaraithe agus é a bheith formhuinithe ina dhiaidh sin ag údarás inniúil na críche sin nó an tríú tír tionscnaimh, i gcomhréir leis an deimhniú tréidliachta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938 ón gCoimisiún (11), rud atá le cur i bhfeidhm in éineacht leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. |
(16) |
Chun bearna dhlíthiúil sna rialacha maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríocha nó ó thríú tíortha a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022, ós rud é go dtiocfaidh na rialacha a leagtar síos anseo in ionad roinnt de na rialacha a leagtar síos faoi láthair i gCinneadh 2007/25/CE, Cinneadh a mbeidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Rialachán seo leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí den speiceas éanúil, dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, ar gluaiseachtaí neamhthráchtála iad isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír (peataí éin).
2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na cásanna seo a leanas:
(a) |
i gcás gur mó ná cúig éan atá i líon iomlán na bpeataí éin in aon ghluaiseacht amháin; |
(b) |
i gcás gluaiseachtaí peataí éin ó Andóra, ó Oileáin Fharó, ó Ghiobráltar, ón Ghraonlainn, ón Íoslainn, ó Lichtinstéin, ó Mhonacó, ón Iorua, ó Shan Mairíne, ón Eilvéis agus ó Stát Chathair na Vatacáine. |
Airteagal 2
An t-uaslíon peataí éin i ngluaiseacht neamhthráchtála
An t-uaslíon peataí éin a fhéadfaidh a bheith in éineacht lena n-úinéir nó le duine údaraithe, in aon ghluaiseacht neamhthráchtála amháin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír, ní rachaidh sé thar chúig éan.
Airteagal 3
Peataí éin a mharcáil
1. Ní cheadófar do pheataí éin a theacht isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír ach amháin i gcás inar marcáladh iad sa chríoch nó sa tríú tír tionscnaimh le sainmharcáil ar a bhfuil cód alfa-uimhriúil agus atá buan neamh-inaistrithe inléite.
2. I gcas ina n-aistrítear peataí éin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), (ii) nó (iii), ní mór an mharcáil dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a bheith curtha orthu sula ndéanfar iad a leithlisiú, a thástáil nó a vacsaíniú in aghaidh an fhliú éanúil d’fhochineálacha H5 agus H7.
3. De mhaolú ar mhír 1, beidh tuairisc ar na peataí éin leordhóthanach, ar choinníoll go gcomhlíonann na peataí éin na ceanglais seo a leanas:
(a) |
go n-aistrítear iad faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6; |
(b) |
gur cuireadh iad i gcoimeádán arna shéalú ag údarás inniúil na críche nó an tríú tír tionscnaimh sular seoladh chuig an Aontas iad agus go bhfágfar iad sa choimeádán séalaithe sin le linn an choraintín dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a). |
Airteagal 4
Na bearta coisctheacha sláinte maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír
1. Ní aistreofar peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:
(a) |
gur comhalta den Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) í an chríoch nó an tríú tír tionscnaimh; |
(b) |
go gcomhlíonann na peataí éin ceann amháin de na sraitheanna coinníollacha seo a leanas:
|
(c) |
go ndearnadh cigireacht chliniciúil ar na peataí éin laistigh de thréimhse 48 n-uair an chloig nó ar an lá deireanach oibre roimh an dáta seolta ón gcríoch nó ón tríú tír, ar cigireacht chliniciúil í a rinne tréidlia údaraithe nó tréidlia oifigiúil de chuid na críche nó an tríú tír tionscnaimh agus go bhfuarthas amach go raibh na peataí éin saor ó aon chomhartha follasach galair; |
(d) |
i rith na tréimhse idir an chigireacht chliniciúil dá dtagraítear i bpointe (c) agus an imeacht ón gcríoch nó ón tríú tír tionscnaimh, nach raibh na peataí éin i dteagmháil le haon éin eile. |
2. Na tástálacha a bhfuil sé de cheangal a dhéanamh agus na vacsaínithe a bhfuil sé de cheangal a thabhairt i gcomhréir le mír 1(b)(ii) agus (iii) den Airteagal seo, comhlíonfaidh siad ceanglais Chaibidil 3.3.4. sa Lámhleabhar um Thástálacha Diagnóiseacha agus um Vacsaíní Ainmhithe Talún, 8ú Eagrán, 2018, de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE).
Airteagal 5
Gluaiseachtaí peataí éin tar éis a dteacht san Aontas dóibh
I gcás peataí éin a tháinig isteach san Aontas ó chríoch nó ó thríú tír, ní aistreoidh úinéirí nó daoine údaraithe iad ach amháin go díreach ó phointe iontrála taistealaithe go dtí teaghlach nó go háit chónaithe eile laistigh den Aontas, áit ina gcoimeádfar na peataí éin faoi rialú oifigiúil ar feadh tréimhse 30 lá ar a laghad tar éis dháta a dteacht isteach san Aontas agus i rith na tréimhse sin ní chuirfear na peataí éin sin isteach i seónna, in aontaí, i dtaispeántais ná in aon áit eile a mbeidh éin bailithe le chéile.
Airteagal 6
Maolú ar cheanglais Airteagal 4(1), pointe (b), agus Airteagal 5
1. De mhaolú ar cheanglais Airteagal 4(1), pointe (b), agus Airteagal 5, peataí éin nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (b), ní aistreofar iad isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
go bhfuil siad ceaptha le cur i mbunaíocht choraintín arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 sa Bhallstát cinn scríbe, áit ina rachaidh siad faoi choraintín ar feadh tréimhse 30 lá ar a laghad díreach tar éis teacht isteach san Aontas dóibh; |
(b) |
go n-aistreoidh an t-úinéir nó an duine údaraithe na peataí éin go díreach ón bpointe iontrála taistealaithe isteach san Aontas go dtí an bhunaíocht choraintín fhormheasta dá dtagraítear i bpointe (a); |
(c) |
nach scaoilfear na héin ó choraintín ach amháin ar údarú scríofa ó thréidlia oifigiúil. |
2. Déanfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas:
(a) |
faireachán a dhéanamh ar theacht na bpeataí éin chuig an mbunaíocht choraintín fhormheasta dá dtagraítear i mír (1), pointe (a); |
(b) |
iniúchadh a dhéanamh ar na coinníollacha coraintín, lena n-áirítear scrúdú ar na taifid mhortlaíochta agus iniúchadh cliniciúil ar na héin, ag tús agus ag deireadh na tréimhse coraintín ar a laghad. |
Airteagal 7
Deimhniú sláinte
1. Ní aistreofar peataí éin isteach san Aontas ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:
(a) |
go bhfuil sé deimhnithe ag tréidlia oifigiúil de chuid na críche nó an tríú tír tionscnaimh go gcomhlíonann na peataí éin na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, i gcomhréir leis an deimhniú tréidliachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938; nó |
(b) |
go bhfuil sé deimhnithe ag tréidlia údaraithe na críche nó an tríú tír tionscnaimh go gcomhlíonann na peataí éin na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, i gcomhréir leis an deimhniú tréidliachta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938 agus ina dhiaidh sin go bhfuil an deimhniú sin formhuinithe ag údarás inniúil na críche nó an tríú tír. |
2. Ní aistreofar peataí éin isteach san Aontas ach amháin i gcás ina mbeidh an deimhniú tréidliachta dá dtagraítear i mír 1 comhlánaithe ag tréidlia oifigiúil nó tréidlia údaraithe na críche nó an tríú tír tionscnaimh ar bhonn dearbhú i scríbhinn ón úinéir nó ón duine údaraithe atá ina chuid den deimhniú tréidliachta sin, agus ar bhonn an mhéid seo a leanas:
(a) |
fianaise arna soláthar ag an úinéir nó ag an duine údaraithe go bhfuil socruithe déanta maidir le coraintín na bpeataí éin i mbunaíocht choraintín arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, i gcás peataí éin atá chun coraintín a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo; nó |
(b) |
an cead arna dheonú ag an mBallstát cinn scríbe, i gcás peataí éin ar deonaíodh maolú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013. |
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 178, 28.6.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
(3) Cinneadh 2005/759/CE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2005 a mhéid a bhaineann le bearta cosanta áirithe maidir leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i dtríú tíortha áirithe agus gluaiseachtaí peataí éin atá in éineacht lena n-úinéirí ó thríú tíortha (IO L 285, 28.10.2005, lch. 52).
(4) Cinneadh 2007/25/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 a mhéid a bhaineann le bearta cosanta áirithe maidir leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus gluaiseachtaí peataí éin atá in éineacht lena n-úinéirí isteach sa Chomhphobal (IO L 8, 13.1.2007, lch. 29).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2107 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2007/25/CE maidir lena thréimhse cur i bhfeidhm (IO L 425, 16.12.2020, lch. 103).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(7) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(8) EFSA Journal [Iris EFSA], 2017;15(10):4991.
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí a choimeádann ainmhithe talún agus le gorlanna, agus inrianaitheacht ainmhithe talún áirithe agus uibheacha goir áirithe (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1938 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2021 lena mbunaítear an doiciméad aitheantais samplach maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/25/CE (IO L 396, 10.11.2021, lch. 47).
10.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/10 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1934 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Iúil 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe a bhaineann le tionscnamh earraí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 62 agus 65 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 na rialacha maidir leis an tionscnamh neamhfhabhair earraí a chinneadh. I gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin, earraí a fhaightear go hiomlán i dtír amháin nó i gcríoch amháin, measfar go bhfuil a n-áit tionscnaimh sa tír sin nó sa chríoch sin. Chun soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi a gcinntear tionscnamh neamhfhabhair na dtáirgí plandúla a mheastar a bheith faighte go hiomlán i dtír amháin nó i gcríoch amháin, is gá Airteagal 31, pointe (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (2) ón gCoimisiún a leasú chun a shonrú nach mór nár buanadh na táirgí plandúla ach amháin sa tír nó sa chríoch ábhartha, agus nach mór nár fásadh iad ach amháin sa tír nó sa chríoch ábhartha sin. |
(2) |
Chun cinneadh thionscnamh neamhfhabhair na dtáirgí nach bhfuil údar cuí eacnamaíoch leis na hoibríochtaí próiseála ná oibríochta ina leith, bídís cumhdaithe le hIarscríbhinn 22-01 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 nó ná bídís, chun an cinneadh sin a ailíniú, is gá an tríú mír d’Airteagal 33 den Rialachán sin a leasú, chun a shonrú gur cheart an critéar a bhaineann le cinneadh phríomhchion na n-ábhar arna n-úsáid a bheith bunaithe ar mheáchan nó ar luach na n-ábhar sin. Ba cheart an tsonraíocht a dhéanamh in aghaidh na Caibidle in Ainmníocht na Tuairisce Comhchuibhithe Tráchtearra agus an Chórais um Chódú, arna ghlacadh ag an Eagraíocht a bhunaigh an Coinbhinsiún lena mbunaítear an Chomhairle um Chomhar Custaim, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Nollaig 1950 (Córas Comhchuibhithe). |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, ní mheastar gur próiseáil ná oibriú substaintiúil lena bhfuil údar cuí eacnamaíoch atá sna hoibríochtaí íosta chun tionscnamh neamhfhabhair a dheonú. Dá bhrí sin, i gcásanna ina bhfuil oibríocht íosta i gceist leis an gclaochlú deireanach ar na hearraí, is gá modh a bhunú lena bhféadfar tionscnamh neamhfhabhair na n-earraí lena mbaineann a chinneadh. Ba cheart Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a fhorlíonadh chun a leagan amach gur cheart a mheas maidir leis na hearraí sin go ndearnadh an t-oibriú substaintiúil deiridh nó an phróiseáil shubstaintiúil deiridh orthu sa tír nó sa chríoch inar tionscnaíodh príomhchion na n-ábhar, bunaithe ar mheáchan nó ar luach na n-ábhar, de réir mar is iomchuí in aghaidh gach Caibidle den Chóras Comhchuibhithe. |
(4) |
De réir Airteagal 35(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, maidir le páirteanna spártha fíor-riachtanacha lena n-úsáid leis na hearraí a liostaítear i Ranna sonracha den Ainmníocht Chomhcheangailte a scaoileadh chun saorchúrsaíochta roimhe san Aontas, meastar go bhfuil na páirteanna sin ar aon tionscnamh leis na hearraí sin mura n-athrófaí a dtionscnamh mar thoradh ar ionchorprú na bpáirteanna spártha fíor-riachtanacha ag an gcéim táirgthe. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart an sainmhíniú ar “páirteanna spártha fíor-riachtanacha” in Airteagal 35(3) den Rialachán sin a leasú chun an tagairt d’earraí a onnmhairíodh roimhe sin i bpointe (a) den fhoráil sin a bhaint. |
(5) |
Leagtar amach in Iarscríbhinn 22-01 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 rialacha sonracha chun an tír ina ndearnadh an claochlú substainteach deireanach ar earraí áirithe a chinneadh de réir bhrí Airteagal 32 den Rialachán sin. Tá na rialacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin le cur i bhfeidhm maidir leis na hearraí a liostaítear inti ar bhonn a n-aicmithe sa Chóras Comhchuibhithe. Ó tharla gur leasaíodh an Córas Comhchuibhithe ina leagan 2022, ba cheart Iarscríbhinn 22-01 a nuashonrú dá réir sin. |
(6) |
Leagtar amach in Iarscríbhinn 22-03 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 na coinníollacha maidir le táirgí a mheasfar a bheith de thionscnamh tíortha is tairbhithe chun críoch an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair (“GSP”). Tá na rialacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin le cur i bhfeidhm maidir leis na táirgí sin go háirithe ar bhonn a n-aicmithe sa Chóras Comhchuibhithe. Ó tharla gur leasaíodh an Córas Comhchuibhithe ina leagan 2022, ba cheart Iarscríbhinn 22-03 a nuashonrú dá réir sin. |
(7) |
Liostaítear in Iarscríbhinn 22-04 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 na hábhair a eisiatar ón gcarnadh réigiúnach i gcomhthéacs GSP. Tá na rialacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin le cur i bhfeidhm maidir leis na hábhair sin go háirithe ar bhonn a n-aicmithe sa Chóras Comhchuibhithe. Ó tharla gur leasaíodh an Córas Comhchuibhithe ina leagan 2022, ba cheart Iarscríbhinn 22-04 a nuashonrú dá réir sin. |
(8) |
Ní bheidh feidhm ag leagan 2022 den Chóras Comhchuibhithe ach ón 1 Eanáir 2022, agus dá bhrí sin, na leasuithe ar Iarscríbhinní 22.1, 22.3 agus 22.4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a eascraíonn as leagan 2022 den Chóras Comhchuibhithe ba cheart feidhm a bheith leo ón 1 Eanáir 2022. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)
|
(2) |
in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír: “Le haghaidh earraí nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn 22-01, i gcás ina meastar nach bhfuil údar cuí eacnamaíoch leis an oibriú deiridh ná leis an bpróiseáil deiridh, measfar gur sa tír nó sa chríoch inar tionscnaíodh príomhchion na n-ábhar a rinneadh an phróiseáil shubstaintiúil deiridh nó an t-oibriú substaintiúil deiridh lena raibh údar cuí eacnamaíoch ar na hearraí, ar próiseáil nó oibriú é is toradh le táirge nua nó ar chéim thábhachtach sa mhonarú iad. Nuair is faoi Chaibidlí 1 go 29 nó 31 go 40 den Chóras Comhchuibhithe a aicmeofar an táirge deiridh, déanfar príomhchion na n-ábhar a chinneadh ar bhonn mheáchan na n-ábhar. I gcás inar faoi Chaibidlí 30 nó 41 go 97 den Chóras Comhchuibhithe a aicmeofar an táirge deiridh, déanfar príomhchion na n-ábhar a chinneadh ar bhonn luach na n-ábhar.”; |
(3) |
In Airteagal 34, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Beidh feidhm ag na rialacha iarmharacha Caibidle maidir leis na hearraí a chumhdaítear le hIarscríbhinn 22-01. I gcás earraí nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn 22-01, nuair a mheastar gur oibríocht íosta atá san oibriú deiridh nó sa phróiseáil deiridh, is é tionscnamh an táirge deiridh an tír nó an chríoch inar tionscnaíodh príomhchion na n-ábhar. Nuair is faoi Chaibidlí 1 go 29 nó 31 go 40 den Chóras Comhchuibhithe a aicmeofar an táirge deiridh, déanfar príomhchion na n-ábhar a chinneadh ar bhonn mheáchan na n-ábhar. I gcás inar faoi Chaibidlí 30 nó 41 go 97 den Chóras Comhchuibhithe a aicmeofar an táirge deiridh, déanfar príomhchion na n-ábhar a chinneadh ar bhonn luach na n-ábhar.”; |
(4) |
in Airteagal 35(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
(5) |
Leasaítear Iarscríbhinn 22-01 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(6) |
Leasaítear Iarscríbhinn 22-03 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(7) |
Leasaítear Iarscríbhinn 22-04 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointí (5), (6) agus (7) d’Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn 22-01 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:
(1) |
sna réamhnótaí, i bpointe 2.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt: “Ciallaíonn “Córas Comhchuibhithe“ nó “CC” an ainmníocht earraí a bunaíodh faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, arna leasú le Moladh ón gComhairle um Chomhar Custaim an 28 Meitheamh 2019 (“CC 2022”).”; |
(2) |
ar fud an téacs, cuirtear na focail “Cód CC 2017” in ionad na bhfocal “Cód CC 2022”; |
(3) |
i Roinn IV, Caibidil 20, pointe (2) den cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad riail iarmharach chaibidle is infheidhme maidir le meascáin:
|
(4) |
i Roinn IV, Caibidil 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa teideal “Riail iarmharach chaibidle” ag deireadh na Caibidle: “Nuair nach féidir an tír thionscnaimh a chinneadh trí na rialacha príomhúla agus na rialacha iarmharacha caibidle eile a chur i bhfeidhm, is í an tír inar tionscnaíodh príomhchion na n-ábhar an tír thionscnaimh, mar a chinnfear ar bhonn mheáchan na n-ábhar.”; |
(5) |
i Roinn XVI, Caibidil 85, sa ró le haghaidh cheannteideal “8541”, sa cholún “Tuairisc ar earraí”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs: “Gléasanna leathsheoltóra (mar shampla dé-óidí, trasraitheoirí, trasduchtóirí atá bunaithe ar leathsheoltóirí); gléasanna leathsheoltóra fótamhothálacha, lena n-áirítear cealla fótavoltacha, bídís cóimeáilte i módúil nó déanta suas i bpainéil nó ná bídís; dé-óidí eisithe solais bídís cóimeáilte le dé-oidí eisithe solais eile nó ná bídís; criostail shuite phísileictreacha.”. |
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn 22-03 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:
(1) |
sna réamhnótaí, i bpointe 2.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt: “Ciallaíonn “Córas Comhchuibhithe“ nó “CC“ an ainmníocht earraí a bunaíodh faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, arna leasú le Moladh ón gComhairle um Chomhar Custaim an 28 Meitheamh 2019 (“CC 2022“).”; |
(2) |
i dteideal cholún 1 den tábla i gCuid II den Iarscríbhinn, cuirtear na focail “Cód CC 2022” in ionad na bhfocal “ceannteideal an Chórais Comhchuibhithe”; |
(3) |
sa ró le haghaidh cheannteideal “0305”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Iasc, triomaithe, saillte nó faoi sháile; iasc deataithe, bíodh sé cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn”; |
(4) |
sa ró le haghaidh cheannteideal “0306”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Crústaigh, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn; crústaigh, sa bhlaosc, iad cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bídísiasc deataithe, bíodh sé cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn”; |
(5) |
sa ró le haghaidh cheannteideal “0307”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Moilisc, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; moilisc dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn”; |
(6) |
idir an ró le haghaidh cheannteideal “ex 0307” agus an ró le haghaidh “Caibidil 4”, cuirtear dhá ró nua isteach mar a leanas:
|
(7) |
sa ró le haghaidh “ex Caibidil 15”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, agus a dtáirgí scoilte; saillte inite ullmhaithe; céaracha ainmhíocha nó plandúla; seachas:”; |
(8) |
sa ró le haghaidh cheannteideal “1517 agus 1516”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, agus a gcodáin, iad hidriginithe, idireistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, go páirteach nó go hiomlán, bídís scagtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu; Margairín; meascáin nó ullmhóidí inite de shaillte ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, nó d’olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla atá faoin gCaibidil seo, seachas na saillte nó na holaí inite nó a gcodáin atá faoi cheannteideal 1516”; |
(9) |
sa ró le haghaidh “Caibidil 16”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Ullmhóidí ó fheoil, ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisce eile, nó ó fheithidí”; |
(10) |
sa chéad ró le haghaidh cheannteideal “1702”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Siúcraí eile, lena n-áirítear lachtós, maltós, glúcós agus fruchtós atá íon go ceimiceach, i bhfoirm sholadach; síoróipí siúcra nach bhfuil ábhar breise blaistithe ná dathúcháin curtha leo; mil shaorga, bíodh sí measctha le mil nádúrtha nó ná bíodh; caramal”; |
(11) |
sa ró le haghaidh cheannteideal “6306”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Tarpóil, scáthbhrait agus dallóga gréine; pubaill (lena n-áirítear an ceannbhrat sealadach agus earraí comhchosúla); seolta le haghaidh bád, cláir seoil nó árthaí talún; earraí campála”; |
(12) |
sa ró le haghaidh cheannteideal “8548”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Páirteanna leictreacha d’innealra nó de ghairis, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile sa Caibidil seo”; |
(13) |
idir an ró le haghaidh cheannteideal “8548” agus an ró le haghaidh “Caibidil 86”, cuirtear ró nua isteach mar a leanas:
|
(14) |
sa ró le haghaidh “Caibidil 94”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Troscán; cóir leapa, tochtanna, tacaí tochta, cúisíní agus feistis líonta dá samhail; “soilse agus feistis soilse, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; comharthaí soilsithe, ainmchláir shoilsithe agus a leithéidí; foirgnimh réamhdhéanta”. |
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinn 22-04 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:
(1) |
i dteideal an chéad cholúin den tábla, cuirtear na focail “CC 2022 nó Cód Ainmníochta Comhcheangailte” in ionad na bhfocal “cód an Chórais Comhchuibhithe nó na hAinmníochta Comhcheangailte”; |
(2) |
sa ró le haghaidh chód an Chórais Comhchuibhithe nó na hAinmníochta Comhcheangailte “2009”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Súnna torthaí nó cnónna (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor agus uisce cnó cócó) agus súnna glasraí, iad neamhchoipthe agus gan biotáille bhreise curtha leo, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin breise curtha leo nó ná bíodh”. |
10.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/17 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1935 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Samhain 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis agus na sonraí maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha atá le cur isteach trí bhíthin na foirme samplaí caighdeánaí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialacha Oifigiúla) (1), agus go háirithe pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 25, Airteagal 113(2) agus pointe (f) den chéad mhír d’Airteagal 134 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 ón gCoimisiún (2), bunaítear an fhoirm shamplach chaighdeánach a bheidh le húsáid sna tuarascálacha bliantúla a chuirfidh gach Ballstát isteach i gcomhréir le hAirteagal 113(1) de Rialachán (AE) 2017/625. |
(2) |
Le Roinn 9 den fhoirm shamplach chaighdeánach sin, ceanglaítear ar na Ballstáit na sonraí orgánacha a thuairisciú i gcomhréir leis na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn XIIIc a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún (3). |
(3) |
Le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar síos rialacha nua maidir le rialuithe ar tháirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha, lena n-áirítear na rialuithe ar fhíorú bhunú agus fheidhmiú an chórais rialaithe inmheánaigh atá ag grúpaí oibreoirí, agus maidir le hathiniúchadh a dhéanamh ar líon íosta oibreoirí atá ina mbaill de ghrúpa oibreoirí. Ina theannta sin, beidh ar na Ballstáit catalóg náisiúnta beart a fhorbairt a bheidh le déanamh i gcás neamhchomhlíonta, lena n-áirítear neamhchomhlíonadh agus na bearta comhfhreagracha a aicmiú. Beidh ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar na rialuithe oifigiúla a eascraíonn as na rialacha nua sin agus faisnéis a sholáthar faoi neamhchomhlíonadh a braitheadh agus faoi fhorfheidhmiú beart de réir a gcatalóige náisiúnta beart. |
(4) |
D’fhonn na rialacha agus na ceanglais nua sin a chur san áireamh sa tuarascáil bhliantúil atá le cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 113(1) de Rialachán (AE) 2017/625, ní mór Roinn 9 de Chuid II den fhoirm shamplach chaighdeánach a thabhairt cothrom le dáta. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 a leasú dá réir. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: “Airteagal 2 An fhoirm shamplach chaighdeánach Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 113(1) de Rialachán (AE) 2017/625 isteach trí bhíthin na foirme samplaí caighdeánaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Déanfar é sin agus úsáid á baint as an leagan leictreonach den fhoirm shamplach chaighdeánach a chuirtear ar fáil tríd an gcóras ríomhairithe bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla. Le haghaidh na faisnéise agus na sonraí maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha dá dtagraítear i Roinn 9 de Chuid II den fhoirm sin, áfach, bainfear úsáid as Córas Faisnéise na Feirmeoireachta Orgánaí. Ina dhiaidh sin deimhneoidh na Ballstáit sa leagan leictreonach den fhoirm shamplach chaighdeánach ar an gcóras ríomhairithe bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla gur cuireadh Roinn 9 de Chuid II den fhoirm sin isteach ar Chóras Faisnéise na Feirmeoireachta Orgánaí.”; |
(2) |
San Iarscríbhinn, cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Roinn 9 den fhoirm shamplach chaighdeánach. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2022 i leith na dtuarascálacha bliantúla atá le cur isteach faoin 31 Lúnasa 2023 le haghaidh 2022 agus i leith tuarascálacha bliantúla ina dhiaidh sin.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfoirm shamplach chaighdeánach atá le húsáid sna tuarascálacha bliantúla a chuireann na Ballstáit isteach (IO L 124, 13.5.2019, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
“9. Táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha
9.1. |
Conclúid fhoriomlán maidir leis an leibhéal comhlíonta a baineadh amach |
9.2. |
Sonraí orgánacha
Sainaithint an Bhallstáit/an údaráis inniúil a chuireann an tuarascáil bhliantúil isteach
|
TÁBLA 1
Líon na rialuithe le haghaidh na n-údarás inniúil - na n-údarás rialaithe - na gcomhlachtaí rialaithe uile (tagraíonn gach alt do Rialachán (AE) 2018/848)
1. Oibreoirí cláraithe a bhfuil deimhniú acu amhail ón 31 Nollaig den bhliain tuairiscithe
|
Códuimhir nó ainm an údaráis inniúil/an údaráis rialaithe/an chomhlachta rialaithe |
Líon na n-oibreoirí |
Líon na bhfíoruithe comhlíonta Airteagal 38(3) (fisiceach agus neamhfhisiceach) |
Líon na rialuithe oifigiúla fisiceacha ar an láthair a rinneadh |
Líon na samplaí a tógadh Airteagal 38(4)(c) |
|||||
Rialuithe bliantúla Airteagal 38(3) |
Rialuithe breise rioscabhunaithe Airteagal 38(4)(b) |
Líon iomlán na rialuithe Airteagal 38(3) agus 38(4)(b) |
Rialuithe nár fógraíodh Airteagal 38(4)(a) |
Líon iomlán na samplaí |
Líon na samplaí le braith |
|||||
1.a. |
Cainníochtaí maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 1 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
1.b. |
Cainníochtaí maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 2 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
1.c. |
Cainníochtaí maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 3 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
… |
Lean ar aghaidh agus liostaigh gach údarás/comhlacht |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cainníochtaí iomlána maidir le gach údarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe [suim (1.a.+1.b.+1.c.+….] |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
2. Grúpaí oibreoirí a bhfuil deimhniú acu amhail ón 31 Nollaig den bhliain tuairiscithe
|
Códuimhir nó ainm an údaráis inniúil/an údaráis rialaithe/an chomhlachta rialaithe |
Líon na ngrúpaí |
Sainaithint an ghrúpa |
Líon iomlán na n-oibreoirí ar baill de ghrúpaí iad |
Líon iomlán na rialuithe oifigiúla ar ghrúpaí |
Líon na n-athiniúchtaí ar bhaill de ghrúpaí |
Iniúchtaí inar tógadh sampla amháin ar a laghad |
|
2. |
Cainníochtaí iomlána maidir le gach grúpa oibreoirí/údarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe |
|
|
|
|
|
|
|
2.a. |
Cainníochtaí maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 1 |
|
|
|
|
|
|
|
2.a.1 |
Grúpa oibreoirí a.1 |
|
|
|
|
|
|
|
2.a.2 |
Grúpa oibreoirí a.2 |
|
|
|
|
|
|
|
2.a….. |
Grúpa oibreoirí a….. |
|
|
|
|
|
|
|
2.b. |
Cainníochtaí maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 2 |
|
|
|
|
|
|
|
2.b.1 |
Grúpa oibreoirí b.1 |
|
|
|
|
|
|
|
2.b.2 |
Grúpa oibreoirí b.2 |
|
|
|
|
|
|
|
2.b….. |
Grúpa oibreoirí b... |
|
|
|
|
|
|
|
2.c |
lean ar aghaidh agus liostaigh gach grúpa oibreoirí in aghaidh an údaráis inniúil/an chomhlachta rialaithe/an údaráis rialaithe |
|
|
|
|
|
|
|
2.c… |
Grúpa oibreoirí … |
|
|
|
|
|
|
|
TÁBLA 2
NEAMHCHOMHLÍONADH
Sonraí in aghaidh an údaráis inniúil/an údaráis rialaithe/an chomhlachta rialaithe
1. Cineál agus minicíocht na gcásanna a bhunaítear de neamhchomhlíonadh tromchúiseach criticiúil
|
Ainm nó códuimhir an údaráis inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe |
Cineál na gcásanna de réir chineál an neamhchomhlíonta a braitheadh le linn rialuithe oifigiúla a rinneadh |
||||||||
Rialacha ginearálta maidir le táirgeadh |
Rialacha sonracha maidir le táirgeadh |
Substaintí nó táirgí neamhúdaraithe |
Maol-uithe |
Doiciméid agus taifid |
Rialacha maidir le grúpaí oibreoirí |
Lipéadú |
Eile |
|||
1. |
Cásanna neamhchomhlíonta a léiríodh - IOMLÁN |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
1.a. |
Cásanna a léiríodh maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 1 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
1.b. |
Cásanna a léiríodh maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 2 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
1.c. |
Cásanna a léiríodh maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 3 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
… |
Lean ar aghaidh agus liostaigh gach údarás/comhlacht |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
2. Bearta a rinneadh maidir le cásanna a léiríodh ina raibh neamhchomhlíonadh mór agus neamhchomhlíonadh criticiúil
Líon na gcásanna neamhchomhlíonta a léiríodh |
Bearta a rinneadh maidir le cásanna neamhchomhlíonta a léiríodh |
||||||||
Feabhsú ar chur chun feidhme bearta réamhchúraim agus rialuithe a rinne an t-oibreoir |
Gan aon tagairt do tháirgeadh orgánach i lipéadú agus fógraíocht na luchtóige iomláine nó an reatha táirgeachta lena mbaineann |
Toirmeasc ar na táirgí a ndearnadh difear dóibh a chur ar an margadh agus tagairt á déanamh do tháirgeadh orgánach, ar feadh tréimhse áirithe |
Tréimhse nua thiontaithe |
Teorannú raon feidhme an deimhnithe |
Fionraí an deimhnithe |
Aistarraingt an deimhnithe |
Beart ceartaitheach atá fós le cinneadh |
Eile |
|
(A) |
(B1) |
(B2) |
(B3) |
(B4) |
(B5) |
(B6) |
(B7) |
(B8) |
(B9) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Tábla 3
Maoirseacht agus Iniúchtaí
Gníomhaíochtaí an údaráis inniúil a bhaineann le
— |
comhlachtaí rialaithe ar tharmlig sé cúraimí áirithe chuige |
— |
maoirseacht ar na comhlachtaí rialaithe sin |
— |
aistarraingt toscaireachtaí chuig na comhlachtaí rialaithe sin |
— |
iniúchadh na n-údarás rialaithe |
1. Comhlachtaí rialaithe nua ar tharmlig an t-údarás inniúil cúraimí chucu/comhlachtaí rialaithe ar aistarraingíodh a dtoscaireacht
|
Líon na gcomhlachtaí rialaithe |
Barúlacha i gcás inar gá |
|
Líon ag tús na bliana tuairiscithe (an 1 Eanáir bliain N) |
(A) |
|
|
Comhlachtaí rialaithe nua le linn na bliana N |
(B) |
|
|
Comhlachtaí rialaithe ar aistarraingíodh a dtoscaireacht le linn na bliana N |
(C) |
|
|
Líon ag deireadh na bliana tuairiscithe (an 31 Nollaig bliain N) |
(D) |
|
|
2. Maoirseacht ar chomhlachtaí rialaithe ag an údarás inniúil
2.a. Cainníochtaí iomlána maidir le maoirseacht ar chomhlachtaí rialaithe
|
Líon na gcomhlachtaí rialaithe ag deireadh na bliana tuairiscithe |
Líon na n-iniúchtaí maoirseachta ar chomhlachtaí rialaithe a rinne an t-údarás inniúil le linn na bliana tuairiscithe |
Cumhdach comhlachtaí rialaithe le hiniúchadh maoirseachta de chuid údarás inniúil |
Barúil I gcás inar gá |
(D) |
(E) |
(F) = (E)/(D) |
|
|
Líon na gcomhlachtaí rialaithe - Líon na n-iniúchtaí maoirseachta le linn na bliana tuairiscithe – cumhdach |
|
|
|
|
Ba cheart líon iomlán na gComhlachtaí Rialaithe Formheasta (D) a bheith i gcomhréir leis an líon a tuairiscíodh faoi roinn 1
2.b. Mionsonraí na maoirseachta in aghaidh an chomhlachta rialaithe
Liosta de gach comhlacht rialaithe faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil |
Líon na n-oibreoirí |
Líon na ngrúpaí oibreoirí |
Iniúchadh déanta ag an údarás inniúil le linn na bliana tuairiscithe tá = 1/níl = 0 |
Líon na gcomhad oibreora a ndearnadh athbhreithniú orthu in iniúchadh maoirseachta le linn na bliana tuairiscithe |
Cumhdach líon na gcomhad oibreora a ndearnadh athbhreithniú orthu in éadan líon iomlán na n-oibreoirí |
Líon na gcomhad de chuid grúpaí oibreoirí a ndearnadh athbhreithniú orthu le linn an iniúchta le linn na bliana tuairiscithe |
Cumhdach líon na gcomhad de chuid grúpaí oibreoirí a ndearnadh athbhreithniú orthu in éadan líon iomlán na ngrúpaí oibreoirí |
Léirigh uimhir thagartha na foirme ar leith a líonadh isteach le haghaidh an chomhlachta rialaithe (teimpléad “na foirme ar leith le haghaidh an chomhlachta rialaithe” i gceangal) |
Códuimhir |
(G) |
(H) |
(I) |
(J) |
(K) = (J) /(G) |
(L) |
(M) = (L)/(H) |
(N) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3. Gníomhaíochtaí iniúchta a rinne an t-údarás inniúil maidir leis na húdaráis rialaithe (níl sé seo ábhartha ach i gcás ina dtarmligeann an t-údarás inniúil cúraimí chuig na húdaráis rialaithe)
|
Líon na n-údarás rialaithe a ndearna an t-údarás inniúil cúraimí rialaithe a tharmligean chucu |
Líon na n-iniúchtaí a rinne an t-údarás inniúil ar na húdaráis rialaithe |
Cumhdach na n-údarás rialaithe a ndearna údarás inniúil iniúchadh orthu le linn na bliana tuairiscithe |
Barúil i gcás inar gá |
(K) |
(L) |
(M) = (L)/(K) |
|
|
Le linn na bliana tuairiscithe |
|
|
|
|
Tábla 4
FOIRM AR LEITH MAIDIR LE MAOIRSEACHT AR CHOMHLACHT RIALAITHE
(Is féidir le húdarás inniúil foirm a líonadh isteach le haghaidh gach comhlacht rialaithe a bhí faoi réir iniúchadh maoirseachta le linn na bliana tuairiscithe (roghnach))
Uimhir thagartha na foirme |
|
le cóipeáil isteach i dtábla iniúchta maoirseachta – réimse sonraí K |
||
Bliain tuairiscithe |
|
|
||
Údarás inniúil i gceannas ar mhaoirseacht |
|
|
||
Tuarascáil iniúchta maoirseachta |
||||
Tagairt |
|
|
||
Dáta |
|
|
||
Sainaithint an chomhlachta rialaithe |
||||
Códuimhir |
|
|
||
ACHOIMRE AR PHRÍOMHTHORTHAÍ AN INIÚCHTA MAOIRSEACHTA |
||||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil |
||||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil |
||||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil |
||||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil |
||||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil |
||||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil |
||||
|
||||
Líon isteach téacs+A1:C24, le do thoil |
Tábla 5
Gníomhaíochtaí agus bearta a rinne údarás inniúil le linn na bliana tuairiscithe chun éifeachtacht na rialuithe oifigiúla ag údaráis rialaithe/comhlachtaí rialaithe a áirithiú
Sonraí ón |
mBallstát |
|
||
Tréimhse |
Bliain |
|
||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil |
||||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil |
||||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil |
||||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil |
||||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil |
||||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil |
||||
|
||||
Líon isteach an téacs, le do thoil” |
10.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/27 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1936 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Samhain 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe atá le cur de Ficus carica L. agus de Persea americana Mill. de thionscnamh Iosrael, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin atá le cur a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus lena gceartaítear an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 42(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2), bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo. |
(2) |
Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún (3) rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 a dhéanamh ar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo. |
(3) |
Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, áiríodh 35 phlanda atá le cur, de thionscnamh na dtríú tíortha uile, san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo, agus tá an speiceas Ficus carica L. agus an géineas Persea Mill ar chuid acu. |
(4) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031, má fhaightear ina leith, bunaithe ar mheasúnú riosca, go mbaineann riosca lotnaidí do-ghlactha le planda, táirge planda nó réad eile de thionscnamh tríú tír, grúpa de thríú tíortha nó limistéar sonrach den tríú tír lena mbaineann, ach go bhféadfaí an riosca sin a laghdú go leibhéal inghlactha trí bhearta áirithe a chur i bhfeidhm, ní mór don Choimisiún an planda, an táirge planda nó an réad eile sin a bhaint den liosta a bunaíodh leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus é a chur leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2016/2031. |
(5) |
Leagtar amach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (4) na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile áirithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, ar ábhair iad a baineadh den liosta a bunaíodh leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019. |
(6) |
An 18 Meán Fómhair 2019, chuir Iosrael iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun plandaí fréamhloma suanacha gan duilleoga orthu atá aon bhliain d’aois agus atá le cur, le trastomhas uasta 2 cm ag bonn an ghais agus gearrthóga fhréamhaithe gan duilleoga orthu atá aon bhliain d’aois agus atá le cur, le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais de Ficus carica L. a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil lena mbaineann isteach leis an iarratas sin. |
(7) |
An 26 Samhain 2020, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Ficus carica L. atá le cur de thionscnamh Iosrael (5). Shainaithin an tÚdarás Aonidiella orientalis, Colletotrichum siamense, Euwallacea fornicatus sensu lato, Hypothenemus leprieuri, Icerya aegyptiaca, Neocosmospora euwallaceae, Neoscytalidium dimidiatum, Nipaecoccus viridis, Oligonychus mangiferus, Phenacoccus solenopsis, Plicosepalus acaciae, Retithrips syriacus, Russellaspis pustulans, Scirtothrips dorsalis agus Spodoptera frugiperda mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí sin atá le cur, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca faoina ndéantar tuairisc sa sainchomhad i dtaca leis na lotnaidí sin agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh siad saor ó lotnaidí. |
(8) |
An 1 Meán Fómhair 2019, chuir Iosrael iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun onnmhairiú a dhéanamh chuig an Aontas de phlandaí beangaithe fréamhaithe a bhfuil duilleoga orthu agus atá le cur, le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais agus gearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí atá le cur de Persea americana Mill. Cuireadh an sainchomhad teicniúil lena mbaineann isteach leis an iarratas sin. |
(9) |
An 26 Samhain 2020, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Persea americana Mill. atá le cur de thionscnamh Iosrael (6). Shainaithin an tÚdarás Aonidiella orientalis, Aulacaspis tubercularis, Avocado sunblotch viroid, Bemisia tabaci, Colletotrichum aenigma, Colletotrichum alienum, Colletotrichum fructicola, Colletotrichum perseae, Colletotrichum siamense, Colletotrichum theobromicola, Euwallacea fornicatus, Icerya aegyptiaca, Lasiodiplodia pseudotheobromae, Maconellicoccus hirsutus, Milviscutulus mangiferae, Neocosmospora euwallaceae, Neoscytalidium dimidiatum, Nipaecoccus viridis, Oligonychus perseae, Paracoccus marginatus, Penthimiola bella, Pseudococcus cryptus, Pulvinaria psidii, Retithrips syriacus, Scirtothrips dorsalis agus Tetraleurodes perseae mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí sin atá le cur, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca faoina ndéantar tuairisc sa sainchomhad i dtaca leis na lotnaidí sin agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh siad saor ó lotnaidí. |
(10) |
Ar bhonn na dtuairimí sin, ba cheart na bearta riachtanacha chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann leis na lotnaidí sonraithe a ghlacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta, chun a áirithiú go ndéanfar an riosca fíteashláintíochta a eascraíonn as na plandaí sonraithe a thabhairt isteach san Aontas a laghdú go leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, maidir le plandaí fréamhloma suanacha gan duilleoga orthu atá aon bhliain d’aois agus atá le cur, le trastomhas uasta 2 cm ag bonn an ghais de Ficus carica L. agus gearrthóga fréamhaithe, gan duilleoga orthu, de phlandaí atá aon bhliain d’aois atá le cur, le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais de Ficus carica L., de thionscnamh Iosrael, agus plandaí fréamhaithe beangaithe, a bhfuil duilleoga orthu atá le cur, le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais de Persea americana Mill. agus gearrthóga gan fréamhacha de phlandaí atá le cur de Persea americana Mill., de thionscnamh Iosrael, ba cheart na plandaí sin a bhaint den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus ba cheart na bearta iomchuí fíteashláintíochta maidir le hallmhairiú a chur leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213. |
(11) |
I bhfianaise an lín mhóir lotnaidí a shainaithnítear maidir le gach ceann de na plandaí sonraithe agus na héiginnteachtaí a shainaithin an tÚdarás, meastar mura ndéantar ach na bearta atá molta ag Iosrael sna sainchomhaid a chur i bhfeidhm, nach leor sin chun an riosca a bhaineann leis na plandaí sonraithe a thabhairt isteach san Aontas a laghdú go leibhéal inghlactha. Chun an riosca fíteashláintíochta a laghdú go leibhéal inghlactha, agus gan dochar do na ceanglais allmhairiúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (7), ba cheart a cheangal go bhfásfaí na plandaí sin i suíomhanna táirgthe atá saor ó lotnaidí a bhfuil cosaint fhisiceach acu i gcoinne thabhairt isteach na lotnaidí feithidí sonraithe agus go ndéanfaí cigireacht oifigiúil orthu chun na lotnaidí sin a bhrath. Ina theannta sin, maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí atá le cur de Persea americana Mill. de thionscnamh Iosrael, nach sonraítear an trastomhas uasta ag bonn an ghais ina leith sa sainchomhad, ba chóir glacadh le trastomhas uasta 2 cm ag bonn an ghais i gcás na bplandaí sin a thíolactar lena n-allmhairiú isteach san Aontas. Ba cheart an chigireacht a dhéantar ar choinsíneachtaí na bplandaí sonraithe díreach roimh onnmhairiú a neartú freisin i gcomparáid leis an iniúchadh a léiríonn na sainchomhaid arna gcur isteach ag Iosrael. |
(12) |
Liostaítear Bemisia tabaci, Euwallacea fornicatus sensu lato (a bhaineann le fine Scolytidae (neamh-Eorpach)), Hypothenemus leprieuri (a bhaineann le fine Scolytidae (neamh-Eorpach)), Scirtothrips dorsalis agus Spodoptera frugiperda mar lotnaidí coraintín an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Ní áirítear fós Aonidiella orientalis, Aulacaspis tubercularis, Avocado sunblotch viroid, Colletotrichum aenigma, Colletotrichum alienum, Colletotrichum fructicola, Colletotrichum perseae, Colletotrichum siamense, Colletotrichum theobromicola, Icerya aegyptiaca, Lasiodiplodia pseudotheobromae, Maconellicoccus hirsutus, Milviscutulus mangiferae, Neocosmospora euwallaceae, Neoscytalidium dimidiatum, Nipaecoccus viridis, Oligonychus mangiferus, Oligonychus perseae, Paracoccus marginatus, Penthimiola bella, Phenacoccus solenopsis, Plicosepalus acaciae, Pseudococcus cryptus, Pulvinaria psidii, Retithrips syriacus, Russellaspis pustulans agus Tetraleurodes perseae i liosta lotnaidí coraintín an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ach d’fhéadfaidís na coinníollacha a bhaineann le bheith san áireamh a chomhlíonadh nuair a bheidh measúnú riosca iomlán déanta. Ar an gcúis sin, tá gá leis na bearta fíteashláintíochta thuasluaite freisin i dtaca leis na lotnaidí sin, go dtí go ndéanfar measúnú iomlán. |
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus (AE) 2020/1213 a leasú dá réir. |
(14) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 tá roinnt earráidí ann agus tagairt á déanamh do reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le sláinte plandaí. |
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir. |
(16) |
Chun oibleagáidí an Aontais a chomhlíonadh, ar oibleagáidí iad a eascraíonn as Comhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta, ba cheart tús a chur le hallmhairiú na dtráchtearraí sin arís a luaithe is féidir. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(17) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasuithe agus ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo, de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo, de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 19.12.2018, lch. 7).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5).
(5) Painéal PLH EFSA (Painéal an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia maidir le Sláinte Plandaí), Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Ficus carica de thionscnamh Iosrael, Iris EFSA 2021;19(1):6353, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6353
(6) Painéal PLH EFSA, Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar Persea americana de thionscnamh Iosrael, Iris EFSA 2021;19(2):6354, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6353
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear pointe 1, tábla, dara colún, “Tuairisc”, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘Ficus carica L.’: “‘Ficus carica L.’, seachas plandaí fréamhloma suanacha gan duilleoga orthu atá aon bhliain d’aois agus atá le cur, le trastomhas uasta 2 cm ag bonn an ghais de Ficus carica L., agus gearrthóga fréamhaithe gan duilleoga orthu at bhfuiltear lena gcur atá aon bhliain d’aois le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais de Ficus carica L., de thionscnamh Iosrael”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘Persea Mill.’: “‘Persea Mill.’, seachas beangáin fhréamhaithe a bhfuil duilleoga orthu atá le cur, le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais de Persea americana Mill., agus gearrthóga neamhfhréamhaithe atá le cur, le trastomhas uasta 2 cm de Persea americana Mill., de thionscnamh Iosrael”. |
IARSCRÍBHINN II
CUID A
Leasaítear an tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an iontráil seo a leanas isteach tar éis an dara hiontráil a bhaineann le Albizia julibrissin Durazzini, plandaí fréamhloma suanacha beangaithe atá le cur, le trastomhas uasta 2,5 cm:
|
(2) |
cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le Jasminum polyanthum Franchet, gearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí atá le cur:
|
CUID B
Ceartaítear an tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 mar a leanas:
(1) |
sa dá iontráil a bhaineann le Acer japonicum Thunberg, Acer palmatum Thunberg agus Acer shirasawanum Koidzumi, ar plandaí iad atá fréamhlom suanach gan duilleoga orthu, iad beangaithe nó le bachlóga orthu, atá aon bhliain go trí bliana d’aois agus atá le cur, sa cheathrú colún “Bearta”, i bpointe (b)(i), cuirtear “Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún” in ionad na tagartha “Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1362 ón gCoimisiún”; |
(2) |
san iontráil a bhaineann le Jasminum polyanthum Franchet, gearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí a bhfuiltear lena gcur, sa cheathrú colún “Bearta”, i bpointe (b)(i), cuirtear “Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún” in ionad na tagartha “Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/419 ón gCoimisiún”. |
10.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/36 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1937 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Samhain 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir le coinsíneachtaí moileasc agus crústach a theacht isteach san Aontas a bhfuil sé beartaithe iad a choimeád chun críoch ornáideachais i saoráidí dúnta agus lena leagtar síos liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó na de chriosanna nó de dheighleoga de thríú tír nó de chrios óna n-údaraítear na coinsíneachtaí sin a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos, inter alia, na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus tá feidhm aige ón 21 Aibreán 2021. Ceann de na ceanglais sláinte ainmhithe sin is ea gur cheart gur ó thríú tír nó ó thríú críoch, nó ó chrios nó ó dheighleog di a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin, a thiocfaidh na coinsíneachtaí sin. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe ainmhithe uisceacha, inter alia, a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha, nó ó chriosanna nó, i gcás ainmhithe dobharshaothraithe, ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, is éard a fhoráiltear nach gceadófar coinsíneachtaí ainmhithe uisceacha a thagann faoina raon feidhme a theacht isteach san Aontas ach amháin más ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó, i gcás ainmhithe dobharshaothraithe, ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch a thagann siad, a liostaítear le haghaidh an speicis agus na gcatagóirí áirithe sin d’ainmhithe uisceacha i gcomhréir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 (3) ón gCoimisiún bunaítear liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna nó de dheighleoga de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe sin, inter alia, a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a thabhairt isteach san Aontas. |
(4) |
Le blianta fada tá moilisc agus crústaigh a raibh sé beartaithe iad a choimeád chun críoch ornáideachais i saoráidí dúnta ag teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha, a bhí liostaithe ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE), i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir 2006/88/CE ón gComhairle (4), aisghairthe anois le Rialachán (AE) 2016/429, agus Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008 ón gCoimisiún (5), aisghairthe anois ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2236 (6). Ní raibh aon bhaint idir allmhairiú na n-ainmhithe uisceacha sin agus ráigeanna de ghalair liostaithe i moilisc nó crústaigh, agus le linn an ama sin fuarthas taithí ó rialuithe oifigiúla a rinneadh ar na coinsíneachtaí sin ag pointí iontrála san Aontas, agus i gcásanna áirithe, ag rialuithe oifigiúla a rinne an Coimisiún sa tríú tír nó sa chríoch lena mbaineann. |
(5) |
Faoi Airteagal 230(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2016/429 féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de thríú tíortha agus de chríocha a dhréachtú óna bhféadfar teacht isteach speiceas agus catagóirí sonracha d’ainmhithe san Aontas a cheadú, ar bhonn aon taithí a fuarthas ó theacht isteach ainmhithe roimhe seo ón tríú tír nó ón gcríoch lena mbaineann, agus ó thorthaí na rialuithe oifigiúla a rinneadh ag pointe iontrála na n-ainmhithe sin isteach chun an Aontais. |
(6) |
Is iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an taithí a fuarthas leis an trádáil sna moilisc agus sna crústaigh de speicis liostaithe sin roimhe seo a chur san áireamh, lena n-áireofaí, ar an gcaoi sin, aistriú rianúil ón gcreat reachtach roimhe seo, faoi Threoir 2006/88/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008, go dtí an creat reachtach nua, faoi Rialachán (AE) 2016/429. |
(7) |
Ba cheart Airteagal 3(1), pointe (t), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir sin chun an liosta nua, a leagtar síos leis an Rialachán seo, a chur san áireamh, sin liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna agus de dheighleoga de thríú tír nó chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí moileasc agus crústach de speicis liostaithe, a bhfuil sé beartaithe iad a choimeád chun críoch ornáideachais i saoráidí dúnta, a theacht isteach san Aontas. |
(8) |
Ba cheart Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, lena leagtar síos liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna nó de dheighleog de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear coinsíneachtaí ainmhithe uisceacha áirithe a theacht isteach san Aontas, ba cheart í a leasú chun an liosta nua sin a chur san áireamh agus ba cheart an liosta atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta dá réir. Chun soiléireacht a áirithiú, ba cheart iarscríbhinn nua a chur in ionad an leagan d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 atá i bhfeidhm. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
(10) |
Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón 21 Aibreán 2021, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is práinneach éifeacht a bheith ag na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. |
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (t):
|
(2) |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn XXI. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
(4) Treoir 2006/88/CE ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe d'ainmhithe uisceacha agus táirgí a thagann uathu, agus maidir le cosc agus rialú galar áirithe in ainmhithe uisceacha (IO L 328, 24.11.2006, lch. 14).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2008 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2006/88/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coinníollacha agus ceanglais maidir le deimhniúchán le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí a thagann uathu a chur ar an margadh agus a allmhairiú isteach sa Chomhphobal agus lena leagtar síos liosta de speicis veicteora (IO L 337, 16.12.2008, lch. 41).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2236 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe uisceacha agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhithe uisceacha a bheith ag teacht isteach san Aontas agus ar gluaiseacht laistigh den Aontas, a mhéid a bhaineann le deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008 (IO L 442, 30.12.2020, lch. 410).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404:
“IARSCRÍBHINN XXI
AINMHITHE UISCEACHA
CUID 1
ROINN A:
Liosta de thríú tíortha nó de thríú críocha, nó de chriosanna nó de dheighleoga díobh, óna n-údaraítear coinsíneachtaí ainmhithe uisceacha beo de speicis liostaithe a theacht isteach san Aontas chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal (3)(1), pointe (t)(i)
Cód ISO agus ainm an tríú tír nó an tríú críoch |
Cód an chreasa nó na deighleoige a leagtar amach i gCuid 2 |
Speicis agus catagóirí a gceadaítear dóibh a theacht isteach san Aontas |
Deimhnithe sláinte ainmhithe |
Coinníollacha sonracha a leagtar amach i gCuid 3 |
Ráthaíochtaí sláinte ainmhithe a leagtar amach i gCuid 4 |
Dáta deiridh |
Dáta oscailte |
||
Éisc |
Moilisc |
Crústaigh |
|||||||
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
7 |
8 |
9 |
10 |
AU An Astráil |
AU-0 |
Na speicis liostaithe uile |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
BR An Bhrasaíl |
BR-0 |
Speicis liostaithe de Cyprinidae |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA Ceanada |
CA-0 |
Na speicis liostaithe uile seachas na cinn a thógfadh seipticéime fuilreatha víreasach go héasca, nó a meastar iad a bheith ina veicteoirí lena haghaidh, i gcomhréir le hIarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA-1 |
Na speicis liostaithe uile |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA-2 |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
||
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA-3 |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
||
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA-4 |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
||
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA-5 |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
||
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA-6 |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
||
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA-7 |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
||
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA-8 |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
||
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA-9 |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
||
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA-10 |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
||
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA-11 |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
||
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CA-12 |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
||
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CG Congó |
CG-0 |
Na speicis liostaithe uile de Cyprinidae |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
|
|
|
|||||
CH An Eilvéis |
CH-0 |
Faoi réir an Chomhaontaithe dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn I |
|
|
|
|
|||
CL An tSile |
CL-0 |
Na speicis liostaithe uile |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CN An tSín |
CN-0 |
Na speicis liostaithe uile de Cyprinidae |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
CO An Cholóim |
CO-0 |
Na speicis liostaithe uile de Cyprinidae |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
GB An Ríocht Aontaithe |
GB-0 |
Na speicis liostaithe uile |
Na speicis liostaithe uile |
Na speicis liostaithe uile |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
|
|
|
|||||
MOL-HC |
B |
|
|
|
|||||
GG Geansaí |
GG-0 |
Na speicis liostaithe uile |
Na speicis liostaithe uile |
Na speicis liostaithe uile |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
|
|
|
|||||
MOL-HC |
B |
|
|
|
|||||
HK Hong Cong |
HK-0 |
Na speicis liostaithe uile de Cyprinidae |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
ID An Indinéis |
ID-0 |
Na speicis liostaithe uile |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
IL Iosrael |
IL-0 |
Na speicis liostaithe uile |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
IM Oileán Mhanann |
IM-0 |
Na speicis liostaithe uile |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
|
|
|
|||||
JE Geirsí |
JE-0 |
Na speicis liostaithe uile |
Na speicis liostaithe uile |
Na speicis liostaithe uile |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
|
|
|
|||||
MOL-HC |
B |
|
|
|
|||||
JM Iamáice |
JM-0 |
Na speicis liostaithe uile de Cyprinidae |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
JP An tSeapáin |
JP-0 |
Na speicis liostaithe uile de Cyprinidae |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
LK Srí Lanca |
LK-0 |
Na speicis liostaithe uile de Cyprinidae |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
MK An Mhacadóin Thuaidh |
MK-0 |
Na speicis liostaithe uile de Cyprinidae |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
MY An Mhalaeisia |
MY-1 |
Na speicis liostaithe uile de Cyprinidae |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
NZ An Nua-Shéalainn |
NZ-0 |
Na speicis liostaithe uile |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
RU An Rúis |
RU-0 |
Na speicis liostaithe uile |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
SG Singeapór |
SG-0 |
Na speicis liostaithe uile de Cyprinidae |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
TH An Téalainn |
TH-0 |
Na speicis liostaithe uile |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
TR An Tuirc |
TR-0 |
Na speicis liostaithe uile |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
TW An Téaváin |
TW-0 |
Na speicis liostaithe uile de Cyprinidae |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
|
|
|
|||||
US Na Stáit Aontaithe (1) |
US-0 |
Na speicis liostaithe uile seachas na cinn a thógfadh seipticéime fuilreatha víreasach go héasca, nó a meastar iad a bheith ina veicteoirí lena haghaidh, i gcomhréir le hIarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 |
|
Na speicis liostaithe uile |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
US-1 |
Na speicis liostaithe uile |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
||||||||
US-2 |
|
Na speicis liostaithe uile |
|
MOL-HC |
B |
|
|
|
|
US-3 |
|
Na speicis liostaithe uile |
|
MOL-HC |
B |
|
|
|
|
US-4 |
|
Na speicis liostaithe uile |
|
MOL-HC |
B |
|
|
|
|
US-5 |
|
Na speicis liostaithe uile |
|
MOL-HC |
B |
|
|
|
|
ZA An Afraic Theas |
ZA-0 |
Na speicis liostaithe uile |
|
|
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FISH-CRUST-HC |
A |
|
|
|
ROINN B:
Liosta de thríú tíortha nó de thríú críocha, nó de chriosanna nó de dheighleoga díobh, óna n-údaraítear coinsíneachtaí moileasc agus crústach de speicis liostaithe a theacht isteach san Aontas a bhfuil sé beartaithe iad a choimeád chun críoch ornáideachais i saoráidí dúnta dá dtagraítear in Airteagal (3)(1), pointe (t)(ii)
Cód ISO agus ainm an tríú tír nó an tríú críoch |
Cód an chreasa nó na deighleoige a leagtar amach i gCuid 2 |
Deimhnithe sláinte ainmhithe |
Coinníollacha sonracha a leagtar amach i gCuid 3 |
Ráthaíochtaí sláinte ainmhithe a leagtar amach i gCuid 4 |
Dáta deiridh |
Dáta oscailte |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
7 |
AU An Astráil |
AU-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
BZ An Bheilís |
BZ-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
CA Ceanada |
CA-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
CG Congó |
CG-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
CK Oileáin Cook |
CK-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
CN An tSín |
CN-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
CM Camarún |
CM-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
CO An Cholóim |
CO-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
CR Cósta Ríce |
CR-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
CU Cúba |
CU-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
DJ Djibouti |
DJ-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
DO An Phoblacht Dhoiminiceach |
DO-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
EC Eacuadór |
EC-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
EG An Éigipt |
EG-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
ET An Aetóip |
ET-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FJ Fidsí |
FJ-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
FM An Mhicrinéis |
FM-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
GB An Ríocht Aontaithe |
GB-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
GG Geansaí |
GG-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
GH Gána |
GH-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
HK Hong Cong |
HK-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
ID An Indinéis |
ID-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
IL Iosrael |
IL-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
IN An India |
IN-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
IM Oileán Mhanann |
IM-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
JE Geirsí |
JE-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
JP An tSeapáin |
JP-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
KE An Chéinia |
KE-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
KI Ciribeas |
KI-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
KN San Críostóir-Nimheas |
KN-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
LK Srí Lanca |
LK-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
MG Madagascar |
MG-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
MH Oileáin Marshall |
MH-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
MV Oileáin Mhaildíve |
MV-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
MW An Mhaláiv |
MW-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
MX Meicsiceo |
MX-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
MY An Mhalaeisia |
MY-1 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
NC An Nua-Chaladóin |
NC-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
NE An Nígir |
NE-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
NG An Nigéir |
NG-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
NI Nicearagua |
NI-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
NR Nárú |
NR-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
NU Niue |
NU-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
PA Panama |
PA-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
PE Peiriú |
PE-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
PF Polainéis na Fraince |
PF-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
PG Nua-Ghuine Phapua |
PG-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
PH Na hOileáin Fhilipíneacha |
PH-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
PN Oileáin Pitcairn |
PN-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
PW Oileáin Palau |
PW-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
PY Paragua |
PY-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
SB Oileáin Sholomón |
SB-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
SG Singeapór |
SG-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
SL Siarra Leon |
SL-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
SO An tSomáil |
SO-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
TG Tóga |
TG-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
TH An Téalainn |
TH-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
TK Tócalá |
TK-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
TO Tonga |
TO-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
TT Oileán na Tríonóide agus Tobága |
TT-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
TV Túvalú |
TV-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
TW An Téaváin |
TW-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
TZ An Tansáin |
TZ-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
US Na Stáit Aontaithe (2) |
US-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
VN Vítneam |
VN-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
WF Vailís agus Futúna |
WF-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
WS Samó |
WS-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
ZA An Afraic Theas |
ZA-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
ZM An tSaimbia |
ZM-0 |
AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER |
|
|
|
|
(1) Lena n-áirítear Pórtó Ríce, Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe, Samó Mheiriceá, Guam agus na hOileáin Mháirianacha Thuaidh
(2) Lena n-áirítear Pórtó Ríce, Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe, Samó Mheiriceá, Guam agus na hOileáin Mháirianacha Thuaidh.
10.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/47 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1938 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Samhain 2021
lena mbunaítear an múnla de dhoiciméad sainaitheantais maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/25/CE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (1), agus go háirithe Airteagail 30 agus 36 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír, lena n-áirítear éin dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin (peataí éin), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir leis na gluaiseachtaí sin, lena n-áirítear na rialacha maidir le seiceálacha doiciméadúcháin agus sainaitheantais ina leith. |
(2) |
Le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 foráiltear go mbeidh doiciméad sainaitheantais ag gabháil le peataí éan a ghluaistear isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír. Ina theannta sin, in Airteagal 30 den Rialachán sin freisin déantar foráil maidir leis an gCoimisiún múnla de dhoiciméad sainaitheantais a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, agus foráiltear go mbeidh dearbhú scríofa ón úinéir nó ó dhuine údaraithe sa doiciméad sainaitheantais sin, dearbhú lena ndeimhneofar gur gluaiseacht neamhthráchtála í gluaiseacht an pheata éin isteach san Aontas (dearbhú scríofa). Dá réir sin, ba cheart an múnla sin de dhoiciméad sainaitheantais a bhunú leis an Rialachán seo, agus is éard ba cheart a bheith sa doiciméad sin deimhniú tréidliachta (deimhniú tréidliachta) maille leis an dearbhú scríofa. |
(3) |
Na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír, leagtar síos iad i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 ón gCoimisiún (2), doiciméad a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022. Dá bhrí sin, na rialacha a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin, ba cheart iad a chur san áireamh sa mhúnla de dhoiciméad aitheantais. |
(4) |
Na rialacha deimhniúcháin reatha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír, leagtar síos iad i Rialachán 2007/25/CE ón gCoimisiún (3). Ós rud é go bhfuil na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 agus sa Rialachán seo le cur in áit na rialacha a leagtar síos sa Chinneadh sin, ba cheart Cinneadh 2007/25/CE a aisghairm agus aon tagairt don Chinneadh sin a fhorléiriú mar thagairt don Rialachán seo agus do Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933. |
(5) |
Ionas nach ndéanfar aon chur isteach agus peataí éan á dtabhairt isteach san Aontas, ba cheart úsáid deimhnithe tréidliachta maille le dearbhú a chomhlíonann na rialacha a leagtar síos i gCinneadh 2007/25/CE, ba cheart úsáid an deimhnithe sin a údarú le linn idirthréimhse 3 mhí tar éis an dáta a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm, faoi réir coinníollacha áirithe. |
(6) |
Ós rud é go bhfuil na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo le cur i bhfeidhm in éineacht leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933, is ón 1 Eanáir 2022 ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin. |
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Bunaítear leis an Rialachán seo múnla den doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, doiciméad atá le húsáid maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí den speiceas éanúil dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin (peataí éan), gluaiseachtaí neamhthráchtála na bpeataí sin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír.
Airteagal 2
Doiciméad aitheantais samplach
1. An múnla den doiciméid sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 1, leagtar amach san Iarscríbhinn é, agus is éard atá ann an dá ní seo a leanas:
(a) |
an deimhniú tréidliachta a leagtar amach i gCuid 1 den Iarscríbhinn; |
(b) |
an dearbhú scríofa atá le síniú ag an úinéir nó ag duine údaraithe, dearbhú a leagtar amach i gCuid 2 den Iarscríbhinn. |
2. An deimhniú tréidliachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), comhlíonfaidh sé an dá choinníoll seo a leanas:
(a) |
ní mór é a líonadh isteach i gcomhréir leis na nótaí i gCuid II den deimhniú tréidliachta; |
(b) |
ní mór an duine a eiseoidh é a bheith ina thréidlia oifigiúil de chuid na críche nó an tríú tír thionscnaimh, sin nó ina thréidlia údaraithe, agus ní mór údarás inniúil na críche sin nó an tríú tír sin é a fhormhuiniú ina dhiaidh sin i gcomhréir leis na ceanglais maidir le heisiúint an deimhnithe tréidliachta a leagtar amach i gCuid 3 den Iarscríbhinn. |
3. Na ceanglais maidir le heisiúint an dearbhaithe scríofa a leagtar amach i gCuid 4 den Iarscríbhinn, is i gcomhréir leis na ceanglais sin a dhéanfaidh an t-úinéir nó an duine údaraithe an dearbhú scríofa dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) a líonadh isteach.
Airteagal 3
Aisghairm
Aisghairtear Cinneadh 2007/25/CE.
Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus do Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933.
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha
Ar feadh idirthréimhse a mhairfidh go dtí an 31 Márta 2022, peataí éan a bhfuil deimhniú tréidliachta ag gabháil leo, deimhniú a eisíodh tráth nach déanaí ná an 15 Márta 2022 agus atá i gcomhréir leis an múnla de dheimhniú tréidliachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2007/25/CE agus leis an Dearbhú a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh sin, leanfaidh na Ballstáit de ghluaiseacht neamhthráchtála na bpeataí éan sin isteach san Aontas a údarú.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 178, 28.6.2013, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 an 10 Samhain 2021 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír (IO L 396, 10.11.2021, lch. 4).
(3) Cinneadh 2007/25/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 maidir le bearta cosanta áirithe i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach agus gluaiseachtaí peataí éan isteach sa Chomhphobal in éineacht lena n-úinéir (IO L 8, 13.1.2007, lch. 29).
IARSCRÍBHINN
Múnla den doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, ar doiciméad é le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír
CUID 1
Múnla de dheimhniú tréidliachta le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír
CUID 2
Múnla den dearbhú scríofa dá dtagraítear in Airteagal 30(3) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013
Dearbhú
Déanaimse, a bhfuil mo shíniú thíos,
Ainm: …
Seoladh: …
Uimhir theileafóin: …
(cuir isteach sonraí an úinéara (1) nó an duine údaraithe a bhfuil údarú faighte i scríbhinn aige ón úinéir an ghluaiseacht neamhthráchtála a chur i gcrích thar ceann an úinéara (1) (2))
na nithe seo a leanas a dhearbhú:
1. |
Beidh an t-éan nó na héin in éineacht leis an duine a bhfuil a shíniú thíos, agus is “peata” nó “peataí” é nó iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, peata nó peataí ar gluaiseacht neamhthráchtala an ghluaiseacht atá beartaithe ina dtaobh, agus nach bhfuil sé beartaithe é nó iad a dhíol le húinéir eile nó a aistriú chuig úinéir eile. |
2. |
An duine a bhfuil a shíniú thíos, is faoina fhreagracht féin a bheidh an t-éan nó na héin le linn na gluaiseachta neamhthráchtála. |
3. |
An chigireacht chliniciúil réamhghluaiseachta a dhéanfaidh tréidlia oifigiúil nó tréidlia údaraithe, le linn na tréimhse idir an chigireacht sin agus an t-imeacht féin, beidh an t-éan nó na héin á leithlisiú agus ní bheidh teagmháil aige nó acu le haon éan eile. |
4. |
|
An dáta a shíneoidh tréidlia oifigiúil na críche nó an tríú tír thionscnaimh an deimhniú tréidliachta, is ar feadh tréimhse 10 lá ón dáta sin amach a bheidh an dearbhú scríofa seo bailí. I gcás iompar ar muir, cuirfear tréimhse bhreise leis an tréimhse bailíochta, tréimhse bhreise a chomhfhreagróidh d’fhad an turais farraige
CUID 3
Ceanglais maidir le heisiúint an deimhnithe tréidliachta a leagtar amach i gCuid 1
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le heisiúint an deimhnithe tréidliachta a leagtar amach i gCuid 1 den Iarscríbhinn seo:
(a) |
I gcás ina luafar sa deimhniú tréidliachta go gcoimeádfar ráitis áirithe de réir mar is iomchuí, déanfaidh an tréidlia oifigiúil nó an tréidlia údaraithe líne a chur trí aon ráiteas nach bhfuil ábhartha agus a insileacha a chur leo agus a stampáil, sin nó scriosfaidh sé go hiomlán iad ón deimhniú tréidliachta. |
(b) |
Is bileog singil páipéir a bheidh sa bhunchóip de gach deimhniú tréidliachta, nó, mura leor sin, an deimhniú tréidliachta iomlán ina mbeidh na bileoga páipéir ar fad is gá, ní mór é a bheith comhtháite doroinnte. |
(c) |
Déanfar an deimhniú tréidliachta a tharraingt suas i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina dtabharfar an t-éan nó na héin isteach san Aontas, sin agus i mBéarla, agus is i mbloclitreacha a líonfar isteach é. |
(d) |
Má chuirtear bileoga breise páipéir nó doiciméid tacaíochta i gceangal leis an deimhniú tréidliachta, measfar gur cuid den deimhniú tréidliachta bunaidh na bileoga páipéir nó na doiciméid sin freisin, agus chuige sin cuirfidh an tréidlia oifigiúil nó an tréidlia údaraithe a shíniú agus a stampa le gach ceann de na leathanaigh sin. |
(e) |
An deimhniú tréidliachta maille le haon bhileog bhreise páipéir nó doiciméad tacaíochta dá dtagraítear i bpointe (d), is gcás ina mbeidh níos mó ná leathanach amháin ann, cuirfear uimhir ar bhun gach leathanaigh, mar atá (uimhir an leathanaigh) as (líon iomlán na leathanach), agus ar bharr gach leathanaigh beidh uimhir thagartha an deimhnithe tréidliachta, uimhir a bheidh ainmnithe ag an údarás inniúil. |
(f) |
An duine a eiseoidh an deimhniú tréidliachta bunaidh, beidh sé ina thréidlia oifigiúil de chuid na críche nó an tríú tír thionscnaimh, sin nó ina thréidlia údaraithe, agus ina dhiaidh sin déanfaidh údarás inniúil na críche nó an tríú tír thionscnaimh an deimhniú tréidliachta bunaidh a fhormhuiniú. Áiritheoidh údarás inniúil na críche nó an tríú tír thionscnaimh go gcomhlíonfar rialacha agus prionsabail deimhniúcháin atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos in Airteagail 86 go 89 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). An dath a bheidh ar an síniú nó na sínithe ar an deimhniú tréidliachta, beidh sé éagsúil leis an dath a bheidh ar an gcló. Is ceanglas é sin a mbeidh feidhm aige freisin maidir le stampaí nach stampaí cabhartha ná stampaí a bhfuil comhartha uisce orthu iad. |
(g) |
Uimhir thagartha an deimhnithe tréidliachta, uimhir dá dtagraítear i mBoscaí I.2 agus II.a den deimhniú tréidliachta, is é údarás inniúil na críche nó an tríú tír thionscnaimh a eiseoidh í. |
CUID 4
Ceanglais maidir le heisiúint an dearbhaithe scríofa a leagtar amach i gCuid 2
Déanfar an dearbhú scríofa a tharraingt suas i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina dtabharfar an t-éan nó na héin isteach san Aontas, sin agus i mBéarla, agus is i mbloclitreacha a líonfar isteach é.
(1) Coinnigh de réir mar is iomchuí.
(2) Cuir isteach an fhaisnéis i mbloclitreacha
(3) Cuir isteach ainm, uimhir formheasa agus sonraí teagmhála na bunaíochta coraintín.
(4) Ní mór fianaise a sholáthar do thréidlia oifigiúil na críche nó an tríú tír.
(1) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
CINNTÍ
10.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/56 |
CINNEADH (AE) 2021/1939 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Samhain 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Peiriú, Eacuadór, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le modhnuithe ar Aguisíní 2, 2A agus 5d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An Comhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór den pháirt eile (“an Comhaontú”), shínigh an tAontas é an 26 Meitheamh 2012 i gcomhréir le Cinneadh 2012/735/AE ón gComhairle (1) a mhéid a bhaineann leis an gColóim agus Peiriú, agus an 11 Samhain 2016 i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/2369 ón gComhairle (2) a mhéid a bhaineann le hEacuadór. An Comhaontú, de bhun Airteagal 330(3) de, tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Márta 2013 idir an tAontas agus Peiriú, ón 1 Lúnasa 2013 idir an tAontas agus an Cholóim, agus ón 1 Eanáir 2017 idir an tAontas agus Eacuadór. |
(2) |
De bhun Airteagal 13(2), pointe (g)(iii), den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste um Thrádáil na rialacha tionscnaimh sonracha a mhodhnú maidir leis na rialacha tionscnaimh sonracha a bhunaítear in Iarscríbhinn II (A bhaineann le Sainmhíniú an Choincheapa “Tairgí Tionscaimh” agus Modhanna Comhair Riaracháin) a ghabhann leis an gComhaontú. |
(3) |
Tá an Coiste um Thrádáil le Cinneadh a ghlacadh, trí nós imeachta i scríbhinn, a mheastar go nglacfar an Cinneadh é roimh dheireadh 2021, maidir le hAguisín 2 (Liosta den oibriú nó den phróiseáil atá le déanamh ar ábhair neamhthionscnaimh le gur féidir stádas tionscnaimh a fháil don táirge monaraithe), maidir le hAguisín 2A (Foscríbhinn a ghabhann leis an liosta den oibriú nó den phróiseáil atá le déanamh ar ábhair neamhthionscnaimh le gur féidir stádas tionscnaimh a fháil don táirge monaraithe) agus maidir le hAguisín 5 (Táirgí a bhfuil feidhm ag fomhír (b) den Dearbhú ón Aontas Eorpach maidir le hAirteagal 5 i dtaca le táirgí tionscnaimh ón gColóim, Eacuadór, Peiriú maidir leo) d’Iarscríbhinn II. Tá na hAguisíní sin bunaithe ar Chóras Comhchuibhithe (CC) 2007. Tá na rialacha tionscnaimh táirgeshonracha atá sna hAguisíní sin le hailíniú leis an CC nuashonraithe mar is infheidhme ó 2017. D’áireofaí in ailíniú den sórt sin na hathruithe a tugadh isteach le CC 2012, agus CC 2017, maidir le rialacha táirgeshonracha in Aguisíní 2, 2A agus 5. Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, agus líon na leasuithe is gá a dhéanamh ar na hAguisíní á chur san áireamh, is gá na hAguisíní ina n-iomláine a ionadú. |
(4) |
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil i ndáil le modhnuithe ar Aguisíní 2, 2A agus 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a bhunú, is iomchuí é a shuíomh, óir beidh na cinntí ón gCoiste um Thrádáil a ghlacfar ina gceangal ar an Aontas. |
(5) |
Ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste um Thrádáil a bhunú ar an Dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is ar an Dréachtchinneadh ón gCoiste um Thrádáil arna bhunú leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim, Peiriú agus Eacuadór, den pháirt eile (“an Comhaontú”) a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil maidir leis na modhnuithe ar Aguisíní 2, 2A agus 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2021.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. ŠIRCELJ
(1) Cinneadh 2012/735/AE ón gComhairle an 31 Bealtaine 2012 maidir leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, a shíniú, thar ceann an Aontais, agus a chur i bhfeidhm go sealadach (IO L 354, 21.12.2012, lch. 1).
(2) Cinneadh (AE) 2016/2369 ón gComhairle an 11 Samhain 2016 maidir leis an bPrótacal maidir le hAontachas leis an gComhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Cholóim agus Peiriú, den pháirt eile, chun Aontachas Eacuadór a chur san áireamh, a shíniú, thar ceann an Aontais, agus a chur i bhfeidhm go sealadach (IO L 356, 24.12.2016, lch. 1).
(3) Féach doiciméad ST 11373/21.
10.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/58 |
CINNEADH (AE) 2021/1940 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Samhain 2021
maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe dir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise ndáil le heisiúint víosaí a éascú a chur ar fionraí go páirteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 77(2), pointe (a), agus Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i ndáil le heisiúint víosaí a éascú (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i ndáil le heisiúint víosaí a éascú (“an Comhaontú um Éascú”), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2020 i gcomhthráth leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (2) (“an Comhaontú um Athligean Isteach”). |
(2) |
Is é is cuspóir don Chomhaontú um Éascú eisiúint na víosaí chuig saoránaigh an Aontais agus na Bealarúise a éascú, ar bhonn na cómhalartachta, i gcás tréimhse fanachta atá beartaithe le haghaidh tréimhse nach faide ná 90 lá i rith aon tréimhse 180 lá. Leis an gComhaontú um Éascú, rannchuidítear le teagmhálacha idir daoine a fheabhsú agus le luachanna a chomhroinnt, lena n-áirítear urramú do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha. |
(3) |
Faoi Airteagal 14(5) den Chomhaontú um Éascú, is féidir le gach Páirtí an Comhaontú um Éascú a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach. Tabharfar fógra don Pháirtí eile maidir leis an gcinneadh fionraíochta 48 n-uair an chloig ar a dhéanaí tar éis dó a theacht i bhfeidhm. An Páirtí a chuir an Comhaontú um Éascú ar fionraí, is é a chuirfidh an Páirtí eile ar an eolas a luaithe is nach mbeidh feidhm a thuilleadh leis na cúiseanna a bhaineann leis an gcur ar fionraí. |
(4) |
Ag freagairt don chaoi a bhfuil gach cuid de shochaí na Bealarúise á cur faoi chois go brúidiúil agus go leanúnach, agus go háirithe d’fhuadach na heitilte paisinéirí an 23 Bealtaine 2021, chuir an tAontas cosc ar aeriompróirí na Bealarúise eitilt thar chríoch an Aontais agus teacht chuig aerfoirt an Aontais, agus thug sé isteach an ceathrú pacáiste de smachtbhannaí in aghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí mar aon le smachtbhannaí eacnamaíocha dírithe trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle (3) agus Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle (4). |
(5) |
Mar fhreagairt ar bhearta sriantacha den sórt sin, an 28 Meitheamh 2021 rinne an Bhealarúis diongbháil na mbeart sin, agus d’fhógair sí a cuid rannpháirtíochta i gComhpháirtíocht an Oirthir a bheith curtha ar fionraí aici agus fionraíocht an Chomhaontaithe um Athligean Isteach. An 8 Meán Fómhair 2021, cuireadh bille faoi bhráid Pharlaimint na Bealarúise maidir le fionraíocht an Chomhaontaithe um Athligean Isteach. |
(6) |
An tráth céanna, tháinig méadú nach bhfacthas riamh ar sreabha imirce neamhrialta ón mBealarúis sa Liotuáin, rud atá ag tarlú sa Pholainn agus sa Laitvia le déanaí chomh maith. Is éard a thugtar le fios leis an méadú tobann seo go bhfuil réimeas na Bealarúise ag spreagadh na hinimirce neamhrialta chun críoch polaitiúil, agus is frithbheart é go háirithe in aghaidh na Liotuáine, na Polainne agus na Laitvia as an seasamh atá acu i leith na Bealarúise. |
(7) |
Na gníomhartha atá á ndéanamh ag an mBealarúis, is sárú iad ar na prionsabail bhunúsacha ar ar tugadh an Comhaontú um Éascú i gcrích, agus téann siad in aghaidh leasanna an Aontais agus a Bhallstát. Go háirithe, ní thugann na gníomhaíochtaí sin urraim do chearta an duine ná do na prionsabail dhaonlathacha toisc go spreagann siad an imirce neamhrialta ó chríoch na Bealarúise isteach i gcríoch an Aontais. |
(8) |
Dá bhrí sin, maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha áirithe an Chomhaontaithe um Éascú maidir le víosaí gearrfhanachta a eisiúint do chatagóirí áirithe iarratasóirí, eadhon comhaltaí de thoscaireachtaí oifigiúla de chuid na Bealarúise, comhaltaí de Rialtais agus de Pharlaimintí na Bealarúise idir náisiúnta agus réigiúnach, comhaltaí de Chúirt Bhunreachtúil na Bealarúise agus de Chúirt Uachtarach na Bealarúise, agus iad i mbun a gcuid dualgas, ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a chur ar fionraí. |
(9) |
Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (5); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(10) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear cur i bhfeidhm na forálacha seo a leanas den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i ndáil le heisiúint víosaí a éascú (“an Comhaontú um Éascú”) ar fionraí:
(a) |
Airteagal 4(1), pointe (a), a mhéid a bhaineann le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta de thoscaireacht oifigiúil de chuid na Bealarúise, lena n-áirítear comhaltaí buana de thoscaireacht den sórt sin, ar comhalta é atá le bheith rannpháirteach, de bhun cuireadh oifigiúil chuig an mBealarúis, i gcruinnithe oifigiúla, comhairliúcháin, idirbheartaíocht nó cláir mhalartaithe, mar aon le himeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit; |
(b) |
Airteagal 5(1), pointe (a) agus pointe (b), a mhéid a bhaineann le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta, agus é i mbun a chuid dualgas, de Rialtas náisiúnta nó réigiúnach na Bealarúise nó de Pharlaimint na Bealarúise, nó atá ina chomhalta de Chúirt Bhunreachtúil na Bealarúise nó de Chúirt Uachtarach na Bealarúise, mar aon le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta buan de thoscaireacht oifigiúil de chuid na Bealarúise, ar comhalta é atá le bheith rannpháirteach go tráthrialta, de bhun cuireadh oifigiúil chuig an mBealarúis, i gcruinnithe, comhairliúcháin, idirbheartaíocht nó cláir mhalartaithe, mar aon le himeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit; |
(c) |
Airteagal 5(2), pointe (a), a mhéid a bhaineann le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta de thoscaireacht oifigiúil de chuid na Bealarúise, ar comhalta é atá le bheith rannpháirteach go tráthrialta, de bhun cuireadh oifigiúil chuig an mBealarúis, i gcruinnithe, comhairliúcháin, idirbheartaíocht nó cláir mhalartaithe oifigiúla, mar aon le himeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch na mBallstát; |
(d) |
Airteagal 6(3), pointe (a) agus pointe (b), a mhéid a bhaineann le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta de Rialtas náisiúnta nó réigiúnach na Bealarúise nó de Pharlaimint na Bealarúise, nó atá ina chomhalta de Chúirt Bhunreachtúil na Bealarúise nó de Chúirt Uachtarach na Bealarúise, nó le haon iarratasóir ar víosa atá ina chomhalta de thoscaireacht oifigiúil de chuid na Bealarúise, lena n-áirítear buanchomhaltaí na toscaireachta sin, ar comhalta é atá le bheith rannpháirteach go tráthrialta, de bhun cuireadh oifigiúil chuig an mBealarúis, i gcruinnithe, comhairliúcháin, idirbheartaíocht nó cláir mhalartaithe oifigiúla, mar aon le himeachtaí a reáchtálann eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit. |
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 14(5) den Chomhaontú um Éascú tráth nach déanaí ná 48 n-uair an chloig roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dara lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. ŠIRCELJ
(1) IO L 180, 9.6.2020, lch. 3.
(2) IO L 181, 9.6.2020, lch. 3.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).
(4) Cinneadh (CE) Uimh. 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).
(5) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
10.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/61 |
CINNEADH (AE) 2021/1941 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Samhain 2021
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an Ciste sin a mhaoiniú, lena n-áirítear an uasteorainn le haghaidh 2023, an méid bliantúil le haghaidh 2022, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2022 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát den Aontas Eorpach, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú an chúnaimh ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, de réir Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cionroinnt an chúnaimh airgeadais do Thíortha agus do Chríocha Thar Lear lena mbaineann Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19 go 22 de Rialachán (AE) 2018/1877, bhí an Coimisiún le togra a thíolacadh faoin 15 Deireadh Fómhair 2021 lena sonrófar uasteorainn na ranníocaíochta le haghaidh 2023, méid bliantúil na ranníocaíochta le haghaidh 2022, méid na chéad tráthchoda den ranníocaíocht le haghaidh 2022 agus réamhaisnéis tháscach agus neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025. |
(2) |
De bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, maidir lena mheastacháin nuashonraithe i ndáil le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu, tá siad le seoladh ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) chuig an gCoimisiún. |
(3) |
De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, foráiltear go n-ídeofar ar dtús, agus glaonna á ndéanamh ar ranníocaíochtaí, na méideanna arna leagan síos maidir le Cistí Eorpacha Forbraíochta (“CEFanna”) roimhe seo. Ba cheart, dá bhrí sin, glao ar chistí de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 a dhéanamh don Choimisiún agus do BEI. |
(4) |
De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an “Ríocht Aontaithe”) chun leanúint de bheith ina páirtí sa CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. De bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, áfach, níltear chun sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF, i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó ó thionscadail faoi CEFanna roimhe sin a athúsáid. |
(5) |
Le Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle (4), socraítear uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2022 ag EUR 2 500 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 300 000 000 do BEI. |
(6) |
Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Socraítear leis seo uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa CEF le haghaidh 2023 ag EUR 2 100 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 1 800 000 000 don Choimisiún, agus EUR 300 000 000 do BEI.
Airteagal 2
Socraítear leis seo méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa CEF le haghaidh 2022 ag EUR 2 800 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 2 500 000 000 don Choimisiún agus EUR 300 000 000 do BEI.
Airteagal 3
Íocfaidh na páirtithe sa CEF ranníocaíochtaí aonair CEF leis an gCoimisiún Eorpach agus le BEI, i leith na chéad tráthchoda le haghaidh 2022, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 4
Déanfar méid EUR 43 000 000 de chistí nár gealladh nó de chistí saortha ó thionscadail faoin ochtú CEF agus faoin naoiú CEF a aisíoc trí laghdú a dhéanamh ar mhéid na híocaíochta i leith na chéad tráthchoda le haghaidh 2022 faoi mar a leagtar amach in Airteagal 3.
Airteagal 5
Maidir leis an réamhaisnéis tháscach agus neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2024, socraítear leis seo í ag EUR 1 500 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 300 000 000 do BEI, agus maidir leis an réamhaisnéis chéanna le haghaidh 2025, socraítear í sin ag EUR 900 000 000 don Choimisiún agus EUR 9 000 000 do BEI.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. ŠIRCELJ
(1) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1
(2) IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.
(3) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(4) Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na Ballstáit chun an Ciste Eorpach Forbraíochta a mhaoiniú, lena n-áirítear an uasteorainn le haghaidh 2022, an méid bliantúil le haghaidh 2021, an chéad tráthchuid le haghaidh 2021 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024 (IO L 385, 17.11.2020, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
An chéad tráthchuid de rannaíochtaí CEF le haghaidh 2022 (EUR)
NA BALLSTÁIT AGUS AN RÍOCHT AONTAITHE |
Scála 11ú CEF % |
An chéad tráthchuid 2022 (EUR) |
Iomlán |
|
BEI 11ú CEF |
An Coimisiún 11ú CEF |
|||
AN BHEILG |
3,24927 |
3 249 270,00 |
35 741 970,00 |
38 991 240,00 |
AN BHULGÁIR |
0,21853 |
218 530,00 |
2 403 830,00 |
2 622 360,00 |
AN tSEICIA |
0,79745 |
797 450,00 |
8 771 950,00 |
9 569 400,00 |
AN DANMHAIRG |
1,98045 |
1 980 450,00 |
21 784 950,00 |
23 765 400,00 |
AN GHEARMÁIN |
20,57980 |
20 579 800,00 |
226 377 800,00 |
246 957 600,00 |
AN EASTÓIN |
0,08635 |
86 350,00 |
949 850,00 |
1 036 200,00 |
ÉIRE |
0,94006 |
940 060,00 |
10 340 660,00 |
11 280 720,00 |
AN GHRÉIG |
1,50735 |
1 507 350,00 |
16 580 850,00 |
18 088 200,00 |
AN SPÁINN |
7,93248 |
7 932 480,00 |
87 257 280,00 |
95 189 760,00 |
AN FHRAINC |
17,81269 |
17 812 690,00 |
195 939 590,00 |
213 752 280,00 |
AN CHRÓIT |
0,22518 |
225 180,00 |
2 476 980,00 |
2 702 160,00 |
AN IODÁIL |
12,53009 |
12 530 090,00 |
137 830 990,00 |
150 361 080,00 |
AN CHIPIR |
0,11162 |
111 620,00 |
1 227 820,00 |
1 339 440,00 |
AN LAITVIA |
0,11612 |
116 120,00 |
1 277 320,00 |
1 393 440,00 |
AN LIOTUÁIN |
0,18077 |
180 770,00 |
1 988 470,00 |
2 169 240,00 |
LUCSAMBURG |
0,25509 |
255 090,00 |
2 805 990,00 |
3 061 080,00 |
AN UNGÁIR |
0,61456 |
614 560,00 |
6 760 160,00 |
7 374 720,00 |
MÁLTA |
0,03801 |
38 010,00 |
418 110,00 |
456 120,00 |
AN ÍSILTÍR |
4,77678 |
4 776 780,00 |
52 544 580,00 |
57 321 360,00 |
AN OSTAIR |
2,39757 |
2 397 570,00 |
26 373 270,00 |
28 770 840,00 |
AN PHOLAINN |
2,00734 |
2 007 340,00 |
22 080 740,00 |
24 088 080,00 |
AN PHORTAINGÉIL |
1,19679 |
1 196 790,00 |
13 164 690,00 |
14 361 480,00 |
AN RÓMÁIN |
0,71815 |
718 150,00 |
7 899 650,00 |
8 617 800,00 |
AN tSLÓIVÉIN |
0,22452 |
224 520,00 |
2 469 720,00 |
2 694 240,00 |
AN tSLÓVAIC |
0,37616 |
376 160,00 |
4 137 760,00 |
4 513 920,00 |
AN FHIONLAINN |
1,50909 |
1 509 090,00 |
16 599 990,00 |
18 109 080,00 |
AN tSUALAINN |
2,93911 |
2 939 110,00 |
32 330 210,00 |
35 269 320,00 |
AN RÍOCHT AONTAITHE |
14,67862 |
14 678 620,00 |
161 464 820,00 |
176 143 440,00 |
IOMLÁN AE-27 AGUS AN RÍOCHT AONTAITHE |
100,00 |
100 000 000,00 |
1 100 000 000,00 |
1 200 000 000,00 |
10.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/64 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/1942 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Samhain 2021
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 12(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia. |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart iontráil a bhaineann le duine amháin atá liostaithe a scriosadh. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.ŠIRCELJ
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 8(2)), Cuid A (Daoine), scriostar iontráil 7 (a bhaineann le AL-MAHMOUDI, Baghdadi); |
(2) |
in Iarscríbhinn IV (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(2)), Cuid A (Daoine), scriostar iontráil 7 (a bhaineann le AL-MAHMOUDI, Baghdadi). |