ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 380 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
64 |
|
|
Ceartúcháin |
|
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
27.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 380/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1880 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Deireadh Fómhair 2021
lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(6) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí) (2), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá earráidí sa leagan Polainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún (3) a dhéanann difear do raon feidhme na bhforálacha seo a leanas: in Airteagal 14(1), an chéad abairt, agus Airteagal 15(1), an chéad abairt, a mhéid a bhaineann leis an gcritéar chun measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht spriocanna feidhmíochta; in Airteagal 21(3) a mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll maidir le limistéir muirearaithe críochfoirt a bhunú; in Airteagal 22(5), an tríú fomhír, an abairt tosaigh, a mhéid a bhaineann leis na limistéir muirearaithe a leagtar na costais arna leagan amach ina leith; in Airteagal 22(7), an dara habairt, a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid atá ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta na doiciméid chuntasaíochta ábhartha a scrúdú; in Iarscríbhinn I, Roinn 1, pointe 2.1(c), pointe 2.2(a)(iii) agus pointe 2.2(b)(iv), a mhéid a bhaineann leis na pointí iontrála nó fágála a úsáidtear chun táscairí a ríomh i gcás eitiltí a imíonn ó aerfort lasmuigh den aerspás Eorpach nó a shroicheann aerfort lasmuigh de; in Iarscríbhinn I, Roinn 1, pointe 3.1(b), a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar “am ríofa éirí de thalamh”; in Iarscríbhinn I, Roinn 2, pointe 1.2(d), a mhéid a bhaineann leis an aerspás, a ndéantar ráta na sáruithe ar íosfhad scartha a ríomh ina leith; in Iarscríbhinn I, Roinn 2, pointe 2.1(b) agus pointe 2.2(b)(iii), a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar an gcuid “faoi bhealach”; in Iarscríbhinn II, pointe 3.3(e), in Iarscríbhinn IV, pointe 2.1(d)(iii), in Iarscríbhinn VII, Tábla 1, pointe 3 agus pointe 3.4, in Iarscríbhinn VII, pointe 2.1(i), agus in Iarscríbhinn XI, pointe 1.2(f), a mhéid a bhaineann le costas an chaipitil a ríomh; in Iarscríbhinn IV, pointe 1.3, a mhéid a bhaineann leis na luachanna tagartha; in Iarscríbhinn VI, pointe 1.2(d) agus pointe 2.1(d), a mhéid a bhaineann le raon feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe; in Iarscríbhinn VI, pointe 2.1(a), an dara mír, a mhéid a bhaineann leis an gcineál sonraí a chumhdaítear leis an eisceacht; in Iarscríbhinn XIII, pointe 1.1(a), a mhéid a bhaineann leis an luach tagartha lena socraítear an luach maighdeogach; agus in Iarscríbhinn XIII, pointe 2.1(a), an chéad fhomhír, agus pointe 2.1(b), an chéad fhomhír, chomh maith, a mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll chun an buntáiste airgeadais agus an míbhuntáiste airgeadais a ríomh. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Polainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim Choiste an Aerspáis Aonair, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.
(2) IO L 96, 31.3.2004, lch. 10.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).
27.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 380/5 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1881 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar imíodaclóipride i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) agus Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás imíodaclóipride, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) in Iarscríbhinn III, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(2) |
I gcás imíodaclóipride agus i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (2), chuir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim réasúnaithe isteach maidir leis an athbhreithniú ar na MRLanna atá ann cheana. Mhol an tÚdarás an sainmhíniú ar iarmhair a leagan síos mar imíodaclóiprid agus mar sin amháin. D’aithin sé riosca do thomhaltóirí maidir leis na MRLanna le haghaidh searbháin muc. Dá bhrí sin, is iomchuí an MRL sin a laghdú go dtí an teorainn shonrach chinnidh (LOD). Mhol an tÚdarás na MRLanna a laghdú le haghaidh cnónna peacáin, bananaí, trátaí, piobair mhilse/piobair chloigíneacha, ubhthorthaí, cúcamar, gircíní, cúirséad agus táirgí de bhunadh ainmhíoch. Ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. |
(3) |
Maidir leis na MRLanna le haghaidh torthaí citris, fíonchaor, fraochán, mónóg, ocra, guird a bhfuil craiceann do-ite acu, pónairí (iad a bhfuil faighneoga acu agus iad gan faighneoga), piseanna (iad a bhfuil faighneoga acu agus iad gan faighneoga), pónairí, piseanna talún, pónairí caife agus leannlusanna, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh roinnt faisnéise ann fúthu nach raibh ar fáil agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 1 bhliain amháin ó dháta foilsithe an Rialacháin seo. |
(4) |
Na huasteorainneacha iarmhar Codex (CXLanna) atá ann cheana, cuireadh san áireamh iad i dtuairimí réasúnaithe an Údaráis. Maidir leis na CXLanna, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil siad comhoiriúnach do shainmhíniú an Aontais ar iarmhair agus mhol sé gan na CXLanna atá ann cheana a áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Dá bhrí sin, is iomchuí na MRLanna sin a leagan síos ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. |
(5) |
A mhéid a bhaineann le táirgí ar ina leith nach n-údaraítear úsáid an táirge cosanta plandaí agus nach bhfuil aon lamháltas i dtaca le hallmhairiú ná aon CXL ann ina leith, ba cheart MRLanna a leagan síos ag an LOD sonrach nó ag MRL réamhshocraithe, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(6) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá le teorannacha cinnidh áirithe a oiriúnú. Tháinig na saotharlanna sin ar an gconclúid gur ghá LODanna sonracha a leagan síos le haghaidh forbairt theicniúil tráchtearraí áirithe. |
(7) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe ón Údarás agus na tosca a bhaineann leis an ábhar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air á gcur san áireamh, comhlíontar ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leis na modhnuithe iomchuí atá á mbeartú ar na MRLanna. |
(8) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir le MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh na tuairimí uathu san áireamh. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(10) |
Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo maidir le socrú idirthréimhseach i gcás táirgí atá táirgthe sula modhnaítear na MRLanna agus ar ina leith a léiríonn an fhaisnéis go gcoinnítear leibhéal ard cosanta don tomhaltóir. |
(11) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh. |
(12) |
Chuaigh an formheas na himíodaclóipride in éag an 1 Nollaig 2020 (3). Aon tréimhse cairde a d’fhéadfadh a bheith deonaithe ag na Ballstáit, rachaidh sí in éag an 1 Meitheamh 2022. Tá sé beartaithe go ndéanfar athbhreithniú eile ar na huasleibhéil iarmhar tar éis an dáta sin. |
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
A mhéid a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach imíodaclóiprid, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Rialachán seo agus beidh feidhm aige maidir le táirgí a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh an 16 Bealtaine 2022.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 16 Bealtaine 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for imidacloprid according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás imíodaclóipride de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(1):5570.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an colún seo a leanas le haghaidh imíodaclóipride léi: "Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(2) |
in Iarscríbhinn III, Cuid A, scriostar an colún le haghaidh imíodaclóipride. |
(*1) teorainn cinnidh anailísigh níos ísle
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
CINNTÍ
27.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 380/20 |
CINNEADH (AE) 2021/1882 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Deireadh Fómhair 2021
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an Ciste sin a mhaoiniú, a mhéid a bhaineann leis an tríú tráthchuid le haghaidh 2021
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú an chúnaimh ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cionroinnt an chúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear lena mbaineann Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19 go 22 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Coimisiún le togra a chur i láthair faoin 10 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar amach méid an tríú tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2021. |
(2) |
De bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) chun a mheastacháin nuashonraithe i ndáil le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu a sheoladh chuig an gCoimisiún. |
(3) |
De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, foráiltear go bhfuiltear chun na méideanna dá bhforáiltear i gCistí Eorpacha Forbraíochta (“CEFanna”) roimhe seo a ídiú ar dtús, agus glaonna á ndéanamh ar ranníocaíochtaí. Ba cheart glao ar chistí de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 a dhéanamh dá bhrí sin don Choimisiún agus do BEI. |
(4) |
De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an “Ríocht Aontaithe”) chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. De bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, áfach, níltear chun sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF, nó faoi CEFanna roimhe sin a athúsáid, i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020. |
(5) |
Le Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle (4), socraítear méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2021 ag EUR 3 700 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 300 000 000 do BEI. |
(6) |
Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Íocfaidh na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta ranníocaíochtaí aonair CEF leis an gCoimisiún agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2021, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.
(2) IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.
(3) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(4) Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na Ballstáit chun an Ciste Eorpach Forbraíochta a mhaoiniú, lena n-áirítear an uasteorainn le haghaidh 2022, an méid bliantúil le haghaidh 2021, an chéad tráthchuid le haghaidh 2021 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024 (IO L 385, 17.11.2020, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
NA BALLSTÁIT AGUS AN RÍOCHT AONTAITHE |
Scála 11ú CEF % |
An tríú tráthchuid 2021 (EUR) |
Iomlán |
|
BEI 11ú CEF |
An Coimisiún 11ú CEF |
|||
AN BHEILG |
3,24927 |
3 249 270,00 |
29 243 430,00 |
32 492 700,00 |
AN BHULGÁIR |
0,21853 |
218 530,00 |
1 966 770,00 |
2 185 300,00 |
AN tSEICIA |
0,79745 |
797 450,00 |
7 177 050,00 |
7 974 500,00 |
AN DANMHAIRG |
1,98045 |
1 980 450,00 |
17 824 050,00 |
19 804 500,00 |
AN GHEARMÁIN |
20,57980 |
20 579 800,00 |
185 218 200,00 |
205 798 000,00 |
AN EASTÓIN |
0,08635 |
86 350,00 |
777 150,00 |
863 500,00 |
ÉIRE |
0,94006 |
940 060,00 |
8 460 540,00 |
9 400 600,00 |
AN GHRÉIG |
1,50735 |
1 507 350,00 |
13 566 150,00 |
15 073 500,00 |
AN SPÁINN |
7,93248 |
7 932 480,00 |
71 392 320,00 |
79 324 800,00 |
AN FHRAINC |
17,81269 |
17 812 690,00 |
160 314 210,00 |
178 126 900,00 |
AN CHRÓIT |
0,22518 |
225 180,00 |
2 026 620,00 |
2 251 800,00 |
AN IODÁIL |
12,53009 |
12 530 090,00 |
112 770 810,00 |
125 300 900,00 |
AN CHIPIR |
0,11162 |
111 620,00 |
1 004 580,00 |
1 116 200,00 |
AN LAITVIA |
0,11612 |
116 120,00 |
1 045 080,00 |
1 161 200,00 |
AN LIOTUÁIN |
0,18077 |
180 770,00 |
1 626 930,00 |
1 807 700,00 |
LUCSAMBURG |
0,25509 |
255 090,00 |
2 295 810,00 |
2 550 900,00 |
AN UNGÁIR |
0,61456 |
614 560,00 |
5 531 040,00 |
6 145 600,00 |
MÁLTA |
0,03801 |
38 010,00 |
342 090,00 |
380 100,00 |
AN ÍSILTÍR |
4,77678 |
4 776 780,00 |
42 991 020,00 |
47 767 800,00 |
AN OSTAIR |
2,39757 |
2 397 570,00 |
21 578 130,00 |
23 975 700,00 |
AN PHOLAINN |
2,00734 |
2 007 340,00 |
18 066 060,00 |
20 073 400,00 |
AN PHORTAINGÉIL |
1,19679 |
1 196 790,00 |
10 771 110,00 |
11 967 900,00 |
AN RÓMÁIN |
0,71815 |
718 150,00 |
6 463 350,00 |
7 181 500,00 |
AN tSLÓIVÉIN |
0,22452 |
224 520,00 |
2 020 680,00 |
2 245 200,00 |
AN tSLÓVAIC |
0,37616 |
376 160,00 |
3 385 440,00 |
3 761 600,00 |
AN FHIONLAINN |
1,50909 |
1 509 090,00 |
13 581 810,00 |
15 090 900,00 |
AN tSUALAINN |
2,93911 |
2 939 110,00 |
26 451 990,00 |
29 391 100,00 |
AN RÍOCHT AONTAITHE |
14,67862 |
14 678 620,00 |
132 107 580,00 |
146 786 200,00 |
IOMLÁN AE-27 AGUS AN RÍOCHT AONTAITHE |
100,00 |
100 000 000,00 |
900 000 000,00 |
1 000 000 000,00 |
Ceartúcháin
27.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 380/23 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 65 an 25 Feabhra 2021 )
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 25 Feabhra 2021)
Ba cheart a mheas go bhfuil an ceartúchán seo ar neamhní.