ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 326 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
64 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
15.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 326/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1471 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Lúnasa 2021
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 agus (AE) 2020/2236 maidir le tagairtí do bhearta náisiúnta atá ceaptha teorainn a chur le tionchar galar áirithe ainmhithe uisceacha agus do liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna sna tríú tíortha nó sna críocha sin ina gceadaítear ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagail 168(4), 213(2), 224(4), 238(3) agus 239(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 90 agus Airteagal 126(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 (3) agus (AE) 2020/2236 ón gCoimisiún (4), leagtar síos samhlacha na ndeimhnithe sláinte ainmhithe, na ndeimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla agus na ndeimhnithe oifigiúla atá ag teastáil chun bheith ag gabháil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí atá ag gluaiseacht laistigh den Aontas agus atá ag teacht isteach san Aontas. Sna leaganacha foilsithe de Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 agus (AE) 2020/2236 tá roinnt botún soiléir agus easnamh neamhbheartaithe. Ba cheart na botúin agus na heasnaimh sin a cheartú agus athruithe a thabhairt isteach trí Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 agus (AE) 2020/2236 a leasú dá réir. |
(2) |
In Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 leagtar síos an fianú príobháideach caighdeánach is gá a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí táirgí ilchodacha fadré nach bhfuil aon fheoil phróiseáilte eile iontu seachas geilitín, collaigin nó táirgí an-mhínphróiseáilte, tráth a thagann siad isteach san Aontas, nó tráth a chuirtear ar an margadh iad. Leis an bhfianú seo, ceanglaítear ar an allmhaireoir céatadán gach comhábhair de thionscnamh plandaí agus de gach táirge próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha a shonrú. Níl an fhaisnéis seo riachtanach chun táirgí ilchodacha a rialú, nach bhfuil bunaithe a thuilleadh ar an méid táirgí de bhunadh ainmhíoch atá iontu. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé rúndacht na n-oideas a chur i mbaol. Dá bhrí sin ba cheart an ceanglas sin a leasú. |
(3) |
De réir Airteagal 226(3) de Rialachán (AE) 2016/429, tá an Coimisiún le bearta náisiúnta a fhormheas agus a leasú atá dírithe ar thionchar galar áirithe ainmhithe uisceacha a theorannú, i gcás ina bhféadfadh bearta náisiúnta den sórt sin difear a dhéanamh do ghluaiseachtaí ainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha laistigh den Aontas. I gcomhréir leis an bhforáil sin, formheastar bearta náisiúnta den sórt sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 ón gCoimisiún (5). Dá bhrí sin, ba cheart tagairtí do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 a chur in ionad na dtagairtí d’Airteagal 226(3) de Rialachán (AE) 2016/429 do shláinte ainmhithe agus sláinte ainmhithe/deimhnithe oifigiúla. Ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 agus Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2236 a leasú dá réir. |
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 (6) ón gCoimisiún lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó de chriosanna sna tríú tíortha nó sna críocha sin óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429. Dá bhrí sin, ba cheart tagairtí do na liostaí ábhartha de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna sna tríú tíortha nó sna críocha sin a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a chur in ionad na dtagairtí do na liostaí de thríú tíortha agus tríú críocha arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 230(1) de Rialachán (AE) 2016/429 i ndeimhnithe sláinte ainmhithe agus i ndeimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla. Ba cheart Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2236 a leasú dá réir. |
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (7), leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó de réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 a theacht isteach san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart tagairtí do na liostaí ábhartha de thríú tíortha nó de réigiúin sna tríú tíortha sin arna leagan síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a chur in ionad na dtagairtí do na liostaí de thríú tíortha agus de réigiúin sna tríú tíortha sin i gcomhréir le hAirteagal 127(2) de Rialachán (AE) 2017/625 i ndeimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla agus i ndeimhnithe oifigiúla agus oifigiúla. Ba cheart Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 mar a leanas: |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní I, II, III agus V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 agus Iarscríbhinní I II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2236 a leasú dá réir. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III agus V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 i gcomhréir le Cuid 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2236 i gcomhréir le Cuid 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 an 16 Nollaig 2020 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2236 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe uisceacha agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha a bheith ag teacht isteach san Aontas agus ag gluaiseacht laistigh den Aontas, a mhéid a bhaineann le deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008 (IO L 442, 30.12.2020, lch. 410).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/260 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena bhformheastar bearta náisiúnta arna gceapadh chun an tionchar a bhíonn ag galair áirithe ainmhithe uisceacha a theorannú i gcomhréir le hAirteagal 226(3) de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/221/AE ón gCoimisiún (IO L 59, 19.2.2021, lch. 1).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna sna tríú tíortha nó sna críocha sin óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tríú tíortha sin atá údaraithe chun ainmhithe agus earraí áirithe ceaptha le caitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118).
IARSCRÍBHINN
CUID 1
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III agus V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn I, i gCaibidil 4 cuirtear an méid seo a leanas in ionad bosca I.20:
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn V: “IARSCRÍBHINN V SAMHAIL D’FHIANÚ PRÍOBHÁIDEACH AG AN OIBREOIR LE hAGHAIDH TEACHT ISTEACH TÁIRGÍ ILCHODACHA FADRÉ SAN AONTAS I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 14 DE RIALACHÁN (AE) 2019/625
|
CUID 2
Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2236 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II: “IARSCRÍBHINN II Tá an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach seo a leanas in Iarscríbhinn II:
DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE CAIGHDEÁNACH LE hAGHAIDH TEACHT ISTEACH AINMHITHE UISCEACHA SAN AONTAS ATÁ BEARTAITHE LE hAGHAIDH BUNAÍOCHTAÍ DOBHARSHAOTHRAITHE ÁIRITHE, LENA SCAOILEADH SAN FHIADHÚLRA, NÓ CHUN CRÍOCHA EILE, SEACHAS LENA gCAITHEAMH AG AN DUINE (SAMHAIL “AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER”)
|
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus míreanna áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha do bhunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna a, agus inrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád agus uibheacha goir áirithe (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/691 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe agus le hiompróirí ainmhithe uisceacha (IO L 174, 3.6.2020, lch. 345).