ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 297

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
20 Lúnasa 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1374 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch ( 1 )

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1375 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 maidir le téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona a mhodhnú

16

 

*

Rialachán (AE) 2021/1376 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2021 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh péirsí mara i limistéar NAFO 3M i gcás soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach

18

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1377 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena n-údaraítear an t-athrú ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún ( 1 )

20

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisíodh d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

24

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1379 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí famocsadón i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún ( 1 )

32

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1380 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas ( 1 )

35

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1381 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Macadóine Thuaidh leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas ( 1 )

38

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1382 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Tuirce leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas ( 1 )

41

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

20.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 297/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1374 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Aibreán 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (1), agus go háirithe Airteagal 10(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 leagtar síos rialacha sonracha maidir le sláinteachas i ndáil le bia de bhunadh ainmhíoch le haghaidh oibreoirí gnólachta bia.

(2)

Is coimpléasc einsímí í an bhinid a úsáidtear chun cáiseanna áirithe a tháirgeadh. Is ó ghoilí ainmhithe athchogantacha óga a bhailítear í. De réir na taithí atá faighte ag oibreoirí gnólachtaí bia, ba cheart leasú a dhéanamh ar na ceanglais shonracha sláinteachais maidir le goilí a úsáidtear chun binid a tháirgeadh, ceanglais a leagtar síos i bPointe 18(a) de Chaibidil IV de Roinn I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, chun bailiú na binide ó chaoirigh óga agus ó ghabhair óga a bharrfheabhsú. Thar aon ní eile, is iomchuí cead a thabhairt na goilí sin a thabhairt amach as an seamlas gan iad a bheith folmhaithe ná glanta.

(3)

Mar thoradh ar fhorbairtí teicneolaíochta, tá éileamh ar chloigne agus ar chrúba a fhaightear ó ainmhithe crúbacha clóis chun a scafa nó a scallta agus a bharrloiscthe lasmuigh den seamlas i sainbhunaíochtaí formheasta a dhéanann próiseáil bhreise ar bhia. Mar iarmhairt phraiticiúil air sin, ba cheart cead a thabhairt cloigne agus crúba ó ainmhithe crúbacha clóis a iompar chuig na bunaíochtaí sin faoi dhálaí áirithe lena n-áiritheofar an tsábháilteacht bia. Dá bhrí sin, ba cheart pointe 18(c) de Chaibidil IV de Roinn I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún (2), féadfaidh an tréidlia oifigiúil cigireacht réamhbháis a dhéanamh lasmuigh de sheamlas i gcás marú éigeandála ainmhithe crúbacha clóis. Le pointe 2 de Chaibidil VI de Roinn I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ceanglaítear go ndéanfaidh tréidlia cigireacht réamhbháis i gcás marú éigeandála. Ba cheart an ceanglas sin a leasú ionas go mbeidh sé comhsheasmhach le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 agus ionas go ndéanfar tagairt ina áit don tréidlia oifigiúil.

(5)

Ceann de na gníomhaíochtaí a mholtar i Straitéis an Choimisiúin “Ón bhFeirm go dtí an Forc” (3) is ea leas ainmhithe a fheabhsú le haghaidh córas bia atá cóir sláintiúil neamhdhíobhálach don comhshaol, mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip. Tá athrú tagtha ar phatrúin tomhaltais na feola go háirithe, le héileamh méadaitheach ó Pharlaimint na hEorpa, ó fheirmeoirí agus ó thomhaltóirí go gceadófar marú ainmhithe crúbacha clóis áirithe ar láthair an ghabháltais bhunáitíochta, chun imní a sheachaint d’fhéadfadh a bheith ann maidir le leas ainmhithe le linn a mbailithe agus a n-iompair.

(6)

Cé is moite den mharú éigeandála, tá ceanglas ann ainmhithe crúbacha clóis a mharú i seamlas atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 chun comhlíonadh na gceanglas sláinteachais a áirithiú, ceanglais a leagtar síos i gCaibidlí II agus IV de Roinn I d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát seamlais shoghluaiste a fhormheas i gcomhréir leis an Airteagal sin. Féadfar na saoráidí soghluaiste sin a lonnú i ngach suíomh is cuí, lena n-áirítear feirmeacha, suíomhanna inar féidir grúpaí d’ainmhithe sláintiúla a mharú. Faoi chúinsí eile, is rud é iompar ainmhithe áirithe a d’fhéadfadh riosca a chruthú don láimhseálaí nó do leas na n-ainmhithe. Dá bhrí sin, ba cheart an marú agus an fuiliú a cheadú ar láthair an ghabháltais bhunáitíochta do líon teoranta bó-ainmhithe clóis agus muc-ainmhithe agus each-ainmhithe clóis. Ba cheart an cleachtas sin a bheith faoi réir coinníollacha dochta chun ardleibhéal sábháilteachta bia a choinneáil ar bun maidir leis an bhfeoil a dhíorthaítear ó na hainmhithe sin.

(7)

Maidir le bó-ainmhithe clóis agus muc-ainmhithe agus each-ainmhithe clóis a mharaítear ar láthair an ghabháltais bhunáitíochta, ba cheart deimhniú oifigiúil a bheith ag gabháil leo, lena bhfianaítear gur comhlíonadh na ceanglais sláinteachais a bhaineann leis an marú. Is i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún a fhoráiltear don deimhniú oifigiúil sin (4).

(8)

An 27 Meán Fómhair 2018, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) an dara tuairim eolaíoch maidir le cur chuige na hanailíse guaise i gcás bunaíochtaí beaga miondíola áirithe agus deonacháin bia (5). Leis an Tuairim sin, moltar reo ar an leibhéal miondíola a bheith ina uirlis bhreise chun athdháileadh sábháilte bia a ráthú dóibh siúd atá i lúba an ghátair. Le héascú na gcleachtas maidir le bia a dheonú go sábháilte, coisctear cur amú bia agus rannchuidítear le slándáil bia, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos i straitéis an Choimisiúin “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus leis an aidhm fhoriomlán atá aige córas bia atá cothrom sláintiúil neamhdhíobhálach don chomhshaol a bhunú mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip. Féadfaidh reo an bhia a bheith ina mhodh tábhachtach chun a áirithiú go ndéanann bainc bia agus carthanais eile an bia a athdháileadh go sábháilte. Faoi láthair, ní cheadaítear reo na feola i gcás gníomhaíochta ó mhiondíoltóir go miondíoltóir ós rud é go bhfuil de cheanglas ann feoil a reo atá beartaithe le reo gan moill mhíchuí tar éis an mharaithe nó an ghearrtha i gcomhréir le pointe 4 de Chaibidil VII de Roinn I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, a mhéid a bhaineann le hainmhithe crúbacha clóis, agus i gcomhréir le pointe 5 de Chaibidil V de Roinn II den Iarscríbhinn sin a mhéid a bhaineann le héanlaith chlóis agus le giorriaigh. Dá bhrí sin, ba cheart reo na feola a cheadú i gcás gníomhaíochta ó mhiondíoltóir go miondíoltóir faoi dhálaí áirithe chun dáileadh sábháilte na ndeonachán bia a áirithiú.

(9)

I Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) tugadh sainmhíniú ar an rud is “tréidlia formheasta” ann. Le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 a aisghairm agus tugadh sainmhíniú ar an rud is ‘tréidlia formheasta’ ann. Ós rud é go gcuimsítear “tréidlia formheasta” sa sainmhíniú ar “thréidlia oifigiúil” i Rialachán (AE) 2017/625, ba cheart na tagairtí do “thréidlia formheasta” in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú chun tagairt a dhéanamh do “thréidlia oifigiúil” ina ionad sin

(10)

Maidir leis na ceanglais shonracha sláinteachais a leagtar síos i Roinn III d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 i dtaca le feoil ó mhamaigh géim feirme crúbscoilte a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, ní bheidh feidhm acu ach maidir le feoil ó Ce rvidaeSuidae. Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais chomhchosúla freisin maidir le feoil ó mhamaigh géim feirme crúbscoilte eile, cuir i gcás lámaí, chun riosca féideartha a sheachaint sa tsábháilteacht bia, riosca a eascraíonn as athruithe i bpatrúin tomhaltais de bharr méadú ar thomhaltas na feola sin.

(11)

Coirp agus ionathar na géime fiáine a mharaítear le linn seilge, féadfar a n-iompar go dtí ionad bailiúcháin agus a stóráil ann sula n-iompraítear iad go bunaíocht láimhseála géime. Ba cheart rialacha sonracha sláinteachais a thabhairt isteach maidir le láimhseáil agus stóráil na gcorp agus na n-ionathar sin sna hionaid bhailiúcháin sin chun sábháilteacht bia na feola sin a áirithiú trí leasú a dhéanamh ar na ceanglais sláinteachais le haghaidh géim fiáin a leagtar síos i Roinn IV d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.

(12)

Tá ceanglas ann géim fiáin a iompar a thúisce is féidir chuig bunaíocht láimhseála géime tar éis do dhuine oilte é a scrúdú i gcomhréir le pointe 3 de Chaibidil II de Roinn IV d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a mhéid a bhaineann le géim fiáin mór agus i gcomhréir le pointe 3 de Chaibidil III den Roinn sin maidir le géim fiáin beag chun gur féidir fuarú a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis an mharaithe. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin maidir le géim fiáin i gcás nach ndearnadh aon scrúdú.

(13)

Is éard a fhoráiltear le pointe 3 de Chaibidil I de Roinn VII d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 i gcás ina n-aistríonn oibreoir gnó bia baisc moileasc débhlaoscach beo idir bunaíochtaí nach mór doiciméad clárúcháin a bheith ag gabháil leis an mbaisc. Chun an fhaisnéis a éilítear le pointe 4 de Chaibidil I de Roinn VII d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a chomhchuibhiú, ba cheart samhail choiteann a bhunú den doiciméad clárúcháin maidir le haistriú moileasc débhlaoscach beo ó bhunaíocht go bunaíocht. Thairis sin, is cleachtas coitianta é baisceanna moilisc bhlaoscacha a sheoladh chuig oibreoirí idirmheánacha freisin, agus dá bhrí sin ba cheart an fhéidearthacht sin a áireamh sa doiciméad clárúcháin.

(14)

I gcomhréir le pointe 1 de Chuid A de Chaibidil IV de Roinn VII d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ní mór moilisc dhébhlaoscacha bheo a ní in uisce glan atá saor ó láib agus ó smionagar carntha sula gcuirtear tús leis an íonú. Chun uisce a spáráil áfach, níor cheart gur rud éigeantach a bheadh i níochán na moileasc débhlaoscach atá glan. Ba cheart pointe 1 de Chuid A de Chaibidil IV de Roinn VII a leasú dá réir.

(15)

Biththocsainí muirí a sháraíonn na teorainneacha a leagtar amach i bpointe 2 de Chaibidil V de Roinn VII d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ní ceart iad a bheith sna moilisc dhébhlaoscacha bheo a chuirtear ar an margadh. Tháinig an EFSA ar an gconclúid ina Thuairim maidir le biththocsainí mara i sliogéisc – grúpa Peicteanatocsain (8) nach bhfuil aon tuairisc ann maidir le héifeachtaí díobhálacha ar an duine a bhaineann le grúpa tocsainí Peicteanatocsainí (PTX). Ina theannta sin, faightear tocsainí ón ngrúpa aigéid Okadaic in éineacht le PTX i sliogiasc i gcónaí. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt do PTX a scriosadh ó phointe 2(c) de Chaibidil V de Roinn VII d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.

(16)

Foráiltear le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe 2019/624 nach gá limistéir táirgthe agus athsheachadta a aicmiú i ndáil le holothuroidea a bhuaint nuair a dhéanann na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla ar na hainmhithe sin i gceantanna éisc, in ionaid seolta agus i mbunaíochtaí próiseála. Ba cheart Caibidil IX de Roinn VII d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú chun go bhféadfaí holothuroidea a bhuaint lasmuigh de limistéir táirgthe agus athsheachadta atá aicmithe.

(17)

Ba cheart soithí a dhearadh agus a thógáil ionas nach n-éillítear na táirgí iascaigh le huisce ruma ná le camras, le deatach na le breosla, le hola ná le gréisc ná le haon substaint mhídheas eile. Boilg, umair agus coimeádáin a úsáidtear chun táirgí iascaigh a stóráil, a fhuarú nó a reo, ní ceart iad sin a úsáid ach oiread chun críocha eile seachas chun táirgí iascaigh a stóráil. Trealamh reo a bhfuil acmhainn leordhóthanach aige rudaí a reo a thapa is féidir i bpróiseas leanúnach agus a bhfuil tréimhse ghabhála teirmeach chomh gearr agus is féidir aige, ba cheart an trealamh sin a fheistiú ar reoshoithí agus ar shoithí cuisnithe, ionas go mbainfear amach teocht lárnach nach airde ná -18 °C. Ní ceart úsáid a bhaint as boilg stórála chun earraí a reo. Ba cheart na ceanglais a bhaineann le trealamh reo agus stórála feidhm a bheith acu maidir le fuarstórais ar an talamh freisin. Dá bhrí sin, ba cheart cuid I de Chaibidil I agus cuid B de Chaibidil III de Roinn VIII d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú dá réir.

(18)

Tar éis calaoisí a rinneadh le déanaí maidir le tuinníní a reodh faoi sháile ar dtús ag -9 °C agus a beartaíodh don tionscal cannadóireachta ach a atreoraíodh lena gcaitheamh mar tháirgí iascaigh úra, is iomchuí a shoiléiriú i bpointe 7 de Chuid II de Chaibidil I de Roinn VIII d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 maidir le táirgí iomlána iascaigh a reoitear faoi sháile ar dtús ag -9 °C agus atá ceaptha don tionscal cannadóireachta, fiú má reoitear arís iad ag teocht -18 °C, ní ceart ceann scríbe difriúil a bheith acu seachas an tionscal cannadóireachta.

(19)

Ní mór aenna agus eochraí táirgí iascaigh atá ceaptha le caitheamh ag an duine a chaomhnú faoi oighear, ag teocht atá gar do leátheocht an oighir, nó ní mór iad a reo. Is iomchuí cuisniú aenna agus eochraí a cheadú faoi dhálaí éagsúla seachas faoi oighear, ag teocht atá gar do leátheocht an oighir. Dá réir sin, ba cheart pointe 6 de Chuid II de Chaibidil I de Roinn VIII d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú ionas go bhféadfar aenna agus eochraí táirgí iascaigh atá ceaptha le caitheamh ag an duine a chuisniú ní hamháin faoi oighear ach faoi dhálaí éagsúla cuisnithe.

(20)

Maidir le coimeádáin a úsáidtear chun táirgí iascaigh úra ullmhaithe neamhphacáistithe a stóráiltear faoi oighear a sheoladh nó a stóráil, níor cheart don leá-uisce teagmháil le haon táirge iascaigh. Ar chúiseanna sláinteachais tá sé tábhachtach a shoiléiriú ní hamháin nár cheart don leá-uisce teagmháil le táirgí iascaigh, ach ba cheart é a dhraenáil. Dá réir sin, ba cheart pointe 4 de chuid A de Chaibidil III de Roinn VIII d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú chun a shoiléiriú nár cheart do leá-uisce teagmháil le táirgí iascaigh agus ní hamháin sin ach gur cheart é a dhraenáil.

(21)

Rialacha sonracha sláinteachais maidir le cosa froganna a leagtar síos i Roinn XI d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ní bhaineann siad ach le cosa froganna den speiceas RNA (fine Ranidae) i gcomhréir leis an sainmhíniú ar chosa froganna a leagtar síos i bpointe 6.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Níl feidhm ag rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh seilidí sa Roinn sin ach amháin maidir le gastrapóid talún den speiceas Helix pomatia Linné, Helix aspersa Muller, Helix lucorum agus speicis den fhine Achatinidae i gcomhréir leis an sainmhíniú ar sheilidí a leagtar síos i bpointe 6.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004. De bharr athruithe ar nósanna itheacháin, déantar cosa froganna agus seilidí de speicis eile a tháirgeadh agus a chur ar an margadh freisin le caitheamh ag an duine. Ba cheart rialacha sonracha sláinteachais a leathnú chun na speicis sin a chumhdach chun sábháilteacht an bhia a dhíorthaítear ó na speicis sin a áirithiú.

(22)

Le Roinn XII d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 leagtar síos ceanglais shonracha maidir le teocht chun geirdheascadh a stóráil atá ceaptha le caitheamh ag an duine. A bhuí le forbairtí teicneolaíochta, is féidir teicnící pacáistithe áirithe a úsáid, cuir i gcás folúsphacáistiú, nach dteastaíonn ceanglais shonracha maidir le teocht ina leith chun sábháilteacht an bhia a dhíorthaítear ó gheirdheascadh a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart na dálaí teochta sin a scriosadh agus ba cheart don oibreoir gnólachta bia sábháilteacht an bhia a dhíorthaítear ó gheirdheascadh a áirithiú trí dhea-chleachtais sláinteachais agus nósanna imeachta atá bunaithe ar phrionsabail Anailís Guaise agus Pointe Criticiúil Rialaithe (HACCP) i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(23)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2019 maidir le rialacha sonracha i ndáil le rialuithe oifigiúla a dhéanamh i dtaca le feoil a tháirgeadh agus le haghaidh limistéir táirgthe agus athsheachadta na moileasc débhlaoscach beo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 17.5.2019, lch. 1)

(3)  https://ec.europa.eu/food/sites/food/files/safety/docs/f2f_action-plan_2020_strategy-info_en.pdf

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samhlacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe, le samhlacha de dheimhnithe oifigiúla agus le samhlacha de dheimhnithe sláinte/oifigiúla ainmhithe i dtaca le teacht isteach san Aontas agus gluaiseachtaí laistigh den Aontas de choinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí, le deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1)

(5)  Iris EFSA 2018; 16(11):5432

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha le caitheamh ag an duine (IO L 139, 30.4.2004, lch. 206)

(7)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(8)  https://doi.org/10.2903/j.efsa.2009.1109

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas bia-ábhair (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 mar a leanas:

(1)

leasaítear Roinn I mar a leanas:

(a)

leasaítear Caibidil IV mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(b)(ii):

“(ii)

ainmhithe a mharaítear ar láthair an ghabháltais bunáitíochta i gcomhréir le Caibidil VIa den Roinn seo nó i gcomhréir le pointe 3 de Roinn III;”

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas ionad phointe 18:

“18.

Ach amháin más éard atá a bheartú a n-úsáid ina bhfo-tháirgí ainmhíocha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*):

(a)

ní mór na goilí a scalladh nó a ghlanadh; mar sin féin, nuair is éard atá beartaithe binid a tháirgeadh leo:

(i)

ní ceangal atá i bhfolmhú na ngoilí ach amháin i gcás bó-ainmhithe óga

(ii)

ní ceangal atá i bhfolmhú na ngoilí, a scalladh ná a nglanadh, ach amháin i gcás ainmhithe óga de chineál na gcaorach agus na ngabhar;

(b)

ní mór na hinní a fholmhú agus a ghlanadh;

(c)

ní mór na cloigne agus na cosa a scamhadh nó a scalladh agus a loimiceadh; mar sin féin, i gcás ina n-údaróidh an t-údarás inniúil cloigne ar léir iad a bheith glan, agus gan ábhair riosca shonraithe iontu i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**), agus nuair is léir na cosa a bheith glan agus é beartaithe a bpróiseáil le bia a dhéanamh, féadfar a n-iompar chuig bunaíocht fhormheasta, nó a bhfeannadh, a scamhadh agus a loimiceadh i mbunaíocht atá formheasta.

(*)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia le haghaidh an duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1)."

(**)  Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha chun einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1).”"

(b)

Leasaítear Caibidil VI mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2 agus 3:

“2.

Is é an tréidlia oifigiúil a dhéanfaidh an chigireacht réamhbháis ar an ainmhí.

3.

Ní mór an t-ainmhí maraithe fuilithe a iompar chuig an seamlas ar bhealach sláinteach agus sin a dhéanamh gan moill mhíchuí. Féadfar tarraingt an ghoile agus na n-inní a dhéanamh ar an láthair féin faoi mhaoirseacht an tréidlia oifigiúil, ach níl cead aon ullmhú eile a dhéanamh ann. Má bhaintear na hionathair as an ainmhí, ní mór iad sin a bheith ag gabháil leis an ainmhí maraithe agus é á thabhairt chuig an seamlas, agus ní mór é a bheith le sainaithint gur leis an ainmhí sin iad.”

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

“An deimhniú oifigiúil atá leagtha amach i gCaibidil 5 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 (*) ón gCoimisiún, beidh an deimhniú sin ag gabháil leis an ainmhí maraithe chuig an seamlas, nó seolfar roimh ré é i bhformáid ar bith.

(*)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).”"

(c)

Cuirfear isteach an chaibidil seo a leanas Caibidil VIa i ndiaidh Chaibidil VI:

“CAIBIDIL VIa: MARÚ BÓ-AINMHITHE CLÓIS SEACHAS BÍOSÚIN AR LÁTHAIR AN GHABHÁLTAIS BUNÁITÍOCHTA, MAR AON LE MARÚ MUC-AINMHITHE AGUS EACH-AINMHITHE CLÓIS CÉ IS MOITE DEN MHARÚ ÉIGEANDÁLA

Féadfar suas le trí bhó-ainmhí clóis, seachas bíosún, nó suas le sé mhuc-ainmhí clóis nó suas le trí each-ainmhí a mharú ar aon ócáid amháin ar láthair an ghabháltais bunáitíochta ach a n-údaraíonn an t-údarás inniúil sin i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(a)

chun aon bhaol don láimhseálaí a sheachaint, agus ionas nach ndéanfar aon ghortú do na hainmhithe agus iad á n-iompar, ní féidir na hainmhithe a iompar go dtí an seamlas;

(b)

comhaontú a bheith idir an seamlas agus úinéir an ainmhí a bhfuil a mharú á bheartú; ní mór don úinéir comhaontú dá shórt sin a chur in iúl don údarás inniúil i scríbhinn;

(c)

ní mór don seamlas nó d’úinéir na n-ainmhithe atá le marú an tréidlia oifigiúil a chur ar an eolas trí lá ar a dhéanaí roimh an dáta agus an t-am atá marú na n-ainmhithe á bheartú;

(d)

ní mór an tréidlia oifigiúil a dhéanfaidh an chigireacht ante-mortem ar an ainmhí atá le marú a bheith i láthair nuair atá an marú á dhéanamh;

(e)

an t-aonad soghluaiste a úsáidfear chun na hainmhithe maraithe a fhuiliú agus a iompar chuig an seamlas, ní mór láimhseáil agus fuiliú na n-ainmhithe a bheith indéanta go sláinteach ann, agus an diúscairt chuí a dhéanfar ar a gcuid fola, ní mór sin a bheith ina chuid de sheamlas arna fhormheas ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 4(2); mar sin féin, féadfaidh an t-údarás inniúil sceitheadh fola a cheadú lasmuigh den aonad soghluaiste a mura bhfuil an fhuil le caitheamh ag an duine agus mura ndéantar an marú laistigh de limistéir shrianta faoi mar a shainítear in Airteagal 4(41) de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), sin nó i mbunaíochtaí ina gcuirtear srianta sláinte ainmhithe i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 agus i gcomhréir le haon ghníomhartha a ghlactar ar an mbonn sin;

(f)

Ní mór an t-ainmhí maraithe fuilithe a iompar chuig an seamlas ar bhealach sláinteach, agus ní mór sin a dhéanamh gan aon mhoill mhíchuí; Féadfar tarraingt an ghoile agus na n-inní a dhéanamh ar an láthair féin faoi mhaoirseacht an tréidlia oifigiúil, ach ní cead aon ullmhú eile a dhéanamh ann; Má bhaintear na hionathair as an ainmhí, ní mór iad sin a bheith ag gabháil leis an ainmhí maraithe agus é á thabhairt chuig an seamlas, agus ní mór é a bheith le sainaithint gur le hainmhí faoi leith iad i gcás gach ainmhí faoi seach;

(g)

ní mór na hainmhithe maraithe a chuisniú má chaitear níos mó ná dhá uair a chloig idir am maraithe an chéad ainmhí agus an t-am a shroicheann na hainmhithe maraithe an seamlas; Má bhíonn dálaí aeráide oiriúnacha ann, ní rud riachtanach an fuarú gníomhach;

(h)

ní mór d’úinéir an ainmhí an seamlas a chur ar an eolas roimh ré maidir leis an am a bhfuil sé beartaithe na hainmhithe maraithe a thabhairt i láthair, rud is ceart a dhéanamh gan aon mhoill mhíchuí tar éis dó an seamlas a shroicheadh;

(i)

mar aon leis an bhfaisnéis i dtaobh leis an mbiashlabhra atá le cur isteach i gcomhréir le Roinn III d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, ní mór an deimhniú oifigiúil atá leagtha amach i gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a chur leis na hainmhithe maraithe chuig an seamlas nó a chur isteach roimh ré i bhformáid ar bith.”

(*)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) ( IO L 84, 31.3.2016, lch. 1)."

(d)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4 de Chaibidil VII:

“4.

Feoil a bheartaítear a reo ní mór a reo gan moill mhíchuí, agus aird a thabhairt ar thréimhse chobhsaíochta roimh an reo nuair is gá sin.

Mar sin féin, oibreoirí gnólachtaí bia atá i mbun gníomhaíocht miondíola, féadfaidh siad feoil a reo chun a hathdháilte chun críche na ndeonachán bia i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

(i)

i gcás na feola a bhfuil dáta ‘le húsáid faoi seo’ i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), roimh éag don dáta sin;

(ii)

gan moill mhíchuí go teocht -18 °C nó níos ísle;

(iii)

a áirithiú go ndéanfar dáta an reo a dhoiciméadú agus a sholáthar ar an lipéad nó ar mhodh eile;

(iv)

feoil a reodh roimh ré (feoil dhíreoite) as an áireamh; agus,

(v)

de réir aon choinníll atá leagtha síos ag na húdaráis inniúla maidir le reo agus úsáid bhreise mar bhia.

(*)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).”"

(2)

Leasaítear Roinn II mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5 de Chaibidil V:

“5.

Feoil a bhfuil sé beartaithe í a reo, ní mór a reo gan moill mhíchuí.

Mar sin féin, oibreoirí gnólachtaí bia atá i mbun gníomhaíocht miondíola, féadfaidh siad feoil a reo chun a hathdháilte chun críche na ndeonachán bia i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

(i)

i gcás na feola a bhfuil dáta ‘le húsáid faoi seo’ i bhfeidhm ina leith i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ón bParlaimint agus ón gComhairle*, roimh éag don dáta sin;

(ii)

gan moill mhíchuí go teocht -18 °C nó níos ísle;

(iii)

a áirithiú go ndéanfar dáta an reo a dhoiciméadú agus a sholáthar ar an lipéad nó ar mhodh eile;

(iv)

feoil a reodh roimh ré (feoil dhíreoite) as an áireamh; agus,

(v)

de réir aon choinníll atá leagtha síos ag na húdaráis inniúla maidir le reo agus úsáid bhreise mar bhia.”

(b)

Leasaítear Caibidil VI mar a leanas:

(i)

scriostar pointe 6;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

“7.

mar aon leis an bhfaisnéis i dtaobh leis an mbiashlabhra atá le cur isteach i gcomhréir le Roinn III d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, ní mór an deimhniú oifigiúil atá leagtha amach i gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a chur leis na hainmhithe maraithe chuig an seamlas nó chuig an ionad spólta a chur isteach roimh ré i bhformáid ar bith.”

(3)

leasaítear Roinn III mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Na forálacha atá i Roinn I, tá feidhm leo maidir le feoil ó mhamaigh géim chrúbscoilte feirme (Cervidae agus Suidae) a chur ar an margadh, ach amháin i gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil iad a bheith mí-iomchuí.”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3(j):

“(j)

an deimhniú oifigiúil a leagtar amach i gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún, deimhniú a eisíonn agus a shíníonn an tréidlia oifigiúil, lena ndeimhnítear toradh fabhrach a bheith ar an gcigireacht réamhbháis, an marú agus an fuiliú a bheith déanta i gceart, mar aon le dáta agus le ham an mharaithe, is deimhniú é a chuirtear leis an ainmhí maraithe chuig an seamlas nó a seoladh roimh ré in aon fhormáid.”

(4)

leasaítear Roinn IV mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an abairt réamhráiteach seo a leanas:

“Chun críoch na Caibidle seo, is éard is ciall le ‘hionad bailiúcháin’ bunaíocht a úsáidtear le coirp agus ionathair géime fiáine a stóráil sula n-iompraítear chuig bunaíocht láimhseála géime iad.”

(b)

Leasaítear Caibidil II mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4(c):

“(c)

Má tharlaíonn nach bhfuil aon duine oilte ar fáil chun an scrúdú dá dtagraítear i bpointe 2 a dhéanamh i gcás ar leith, ní mór an cloigeann (seachas na starrfhiacla, na beanna agus na hadharca) agus an t-ionathar ar fad, seachas an goile agus na hinní, a bheith ag gabháil leis an gcorp, agus ní mór an corp a iompar chuig bunaíocht láimhseála géime a thúisce is féidir i ndiaidh an mharaithe.”

(ii)

i bpointe 8(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“ní fhéadfar (b) a sheoladh chuig bunaíocht láimhseála géime i mBallstát eile mura bhfuil deimhniú oifigiúil ag gabháil leis le linn a iompartha chuig bunaíocht láimhseála géime, deimhniú a leagtar amach i gCaibidil 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún arb é an tréidlia oifigiúil a dhéanann a eisiúint agus a shíniú, deimhniú gur comhlíonadh na ceanglais i bpointe 4 den Chaibidil seo maidir le dearbhú a bheith ar fáil, i gcás inarb iomchuí, agus maidir leis na codanna ábhartha den chorp a bheith ag gabháil leis.”

(iii)

cuirtear an pointe 10 seo a leanas isteach:

“10.

Maidir le coirp agus ionathar géime fiáine móire, is féidir iad sin a iompar agus a stóráil in ionad bailiúcháin sula gcuirtear chuig bunaíocht láimhseála géime é ar choinníoll:

(a)

an t-ionad bailiúcháin:

(1)

a bheith cláraithe leis an údarás inniúil mar ghnólacht bia a dhéanann táirgeadh príomhúil dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(a) nuair nach bhfuil coirp á nglacadh ach ina lárionad céadbhailithe, nó

(2)

ina lárionad atá formheasta ag an údarás inniúil mar ghnólacht bia i gcomhréir le hAirteagal 4(2) nuair a ghlactar le coirp ann ó ionaid bhailiúcháin eile;

(b)

má tá na hainmhithe dí-innithe, tá cosc ar a gcarnadh le linn a n-iompair chuig an ionad bailiúcháin agus le linn a stórála ann;

(c)

go n-iompraítear ainmhithe a maraíodh chuig an ionad bailithe go sláinteach agus gan mhoill;

(d)

má chomhlíontar na coinníollacha teochta atá leagtha síos i bpointe 5;

(e)

má bhíonn an tréimhse stórála chomh híseal agus is féidir;

(f)

mura ndéantar aon láimhseáil thairis sin ar choirp agus inní na géime fiáine móire; An scrúdú a dhéanann duine oilte mar aon le haistriú na n-ionathar, sin rud is féidir a dhéanamh faoi na coinníollacha a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4.”

(c)

Leasaítear Caibidil III mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3

Ní féidir feoil na géime fiáine bige a chur ar an margadh ach amháin má iompraítear an corp go bunaíocht láimhseála géime a thúisce is féidir tar éis an scrúdaithe dá dtagraítear i bpointe 1, nó mura bhfuil aon duine oilte ar fáil chun an scrúdú sin a dhéanamh i gcás ar leith, a thúisce is féidir tar éis an mharaithe”.

(ii)

cuirtear isteach an pointe 8 seo a leanas:

“8.

Is féidir coirp na géime fiáine bige a iompar chuig ionad bailiúcháin, na hinní san áireamh, agus iad a stóráil ann, sula gcuirtear chuig bunaíocht láimhseála géime iad, ar an gcoinníoll:

(a)

an t-ionad bailiúcháin:

(1)

a bheith cláraithe leis an údarás inniúil mar ghnólacht bia a dhéanann táirgeadh príomhúil dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(a) nuair nach bhfuil coirp á nglacadh ach ina lárionad céadbhailithe, nó

(2)

ina lárionad atá formheasta ag an údarás inniúil mar ghnólacht bia i gcomhréir le hAirteagal 4(2) nuair a ghlactar le coirp ann ó ionaid bhailiúcháin eile;

(b)

má tá na hainmhithe dí-innithe, tá cosc ar a gcarnadh le linn a n-iompair chuig an ionad bailiúcháin agus le linn a stórála ann;

(c)

go n-iompraítear ainmhithe a maraíodh chuig an ionad bailithe go sláinteach agus gan mhoill;

(d)

go gcomhlíontar na coinníollacha teochta a leagtar síos i bpointe 4;

(e)

má bhíonn an tréimhse stórála chomh híseal agus is féidir;

(f)

mura ndéantar aon láimhseáil eile ar chorp na géim fiáine bige lena n-áirítear na hionathair; an scrúdú agus an tarraingt ionathar a dhéanann duine oilte, sin rud is féidir a dhéanamh áfach faoi na coinníollacha a leagtar síos i bpointe 1 agus i bpointe 2.”

(5)

leasaítear Roinn VII mar a leanas:

(a)

Sa chuid tosaigh, cuirtear isteach an pointe 1a seo a leanas:

“1a.

Chun críche na Roinne seo, ciallaíonn ‘oibreoir idirghabhála’ oibreoir gnó bia, lena n-áirítear trádálaithe, cé is moite den chéad soláthróir a dhéanann a ghníomhaíochtaí idir limistéir tháirgthe, idir limistéir athsheachadta nó idir bunaíochtaí.”

(b)

Leasaítear Caibidil I mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

Nuair a aistríonn oibreoir gnólachta bia baisc de mhoilisc dhébhlaoscacha bheo idir limistéir tháirgthe, idir limistéir athsheachadta nó idir bunaíochtaí, ní mór doiciméad clárúcháin a bheith ag gabháil leis an mbaisc.”

(ii)

cuirtear an pointe (d) a leanas le pointe 4:

“(d)

I gcás ina seolann oibreoir idirghabhála baisc de mhoilisc dhébhlaoscacha bheo, ní mór doiciméad clárúcháin nua a bheith ag gabháil leis an mbaisc agus é comhlánaithe ag an oibreoir idirghabhála. An fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c), mar aon leis an bhfaisnéis seo a leanas, ní mór í a bheith sa doiciméad clárúcháin:

(i)

ainm agus seoladh an oibreora idirghabhála;

(ii)

i gcás a mbeidh riochtú ann nó ath-thumadh chun stórála, an dáta túis, an dáta deiridh, an áit ina ndearnadh an coinníollú nó an t-ath-thumadh;

(iii)

Má rinneadh coinníollú ar láithreán nádúrtha, ní mór don oibreoir idirghabhála a dheimhniú go raibh an láithreán nádúrtha inar tharla an riochtú aicmithe ina limistéar táirgthe aicme A tráth an chóirithe agus é ar oscailt chun buainte;

(iv)

má rinneadh ath-thumadh ar an láithreán nádúrtha, ní mór don oibreoir idirghabhála a dheimhniú go raibh an suíomh nádúrtha inar tharla an t-aththumadh aicmithe tráth an ath-thumtha in aon aicme leis an limistéar táirgthe inar buaineadh na moilisc dhébhlaoscacha bheo.

(v)

Má rinneadh ath-thumadh i mbunaíocht, ní mór don oibreoir idirghabhála a dheimhniú gur bhunaíocht arna formheas a bhí inti tráth an aththumtha. Ní dhéanfar éilliú breise ar na moilisc dhébhlaoscacha bheo de thoradh ar an ath-thumadh.

(vi)

i gcás grúpála, an speiceas, an dáta ar cuireadh tús leis an ngrúpáil, an dáta deireadh grúpála, stádas an limistéir inar saothraíodh na moilisc dhébhlaoscacha bheo, agus baisc na grúpála, ina mbeidh an speiceas céanna i gcónaí, arna ghabháil an dáta céanna sa limistéar táirgthe céanna.”

(iii)

cuirtear isteach na pointí 8 agus 9 a leanas:

“8.

Maidir leis na hoibreoirí idirghabhála, ní mór dóibh a bheith:

(a)

cláraithe leis an údarás inniúil mar ghnólacht bia a dhéanann an táirgeadh príomhúil dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(a) mura bhfuil áitreabh acu nó más áitreabh é nach ndéanann siad ann ach moilisc dhébhlaoscacha bheo a láimhseáil, a ní agus a stóráil ag teocht na timpeallachta, gan iad a ghrúpáil ná a chomhoiriúnú, nó

(b)

áitreabh atá formheasta ag an údarás inniúil mar oibreoir i ngnó an bhia i gcomhréir le hAirteagal 4(2) más rud é, sa bhreis ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), go bhfuil stóras fuar acu, nó má dhéanann siad grúpáil nó scoilteadh na moileasc débhlaoscach beo, nó má dhéanann siad coinníollú nó tumadh.

9.

Féadfaidh oibreoirí idirghabhála moilisc dhébhlaoscacha bheo a fháil ó limistéir táirgthe atá in aicme A, B nó C, ó limistéir athsheachadta nó ó oibreoirí idirghabhála eile. Is féidir le hoibreoirí idirghabhála moilisc dhébhlaoscacha bheo a sheoladh:

(a)

ó limistéir táirgthe in aicme A chuig ionaid seolta nó oibreoir idirghabhála eile;

(b)

ó limistéir táirgthe aicme B chuig lárionaid íonaithe, bunaíochtaí próiseála, nó oibreoir idirghabhála eile agus chuig na hionaid sin amháin;

(c)

ó limistéir táirgthe aicme C chuig bunaíochtaí próiseála nó chuig oibreoir idirghabhála eile a bhfuil áitreabh aige.”

(c)

I gCaibidil IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1 de Chuid A:

“1.

Sula gcuirtear tús leis an íonú, ní mór moilisc dhébhlaoscacha bheo a ní in uisce glan ionas go mbeidh siad saor ó láib agus ó smionagar carntha.”

(d)

I gCaibidil V, pointe 2:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad a) pointe (a): “(a) do nimh sliogéisc pharailíteach (PSP), 800 mhicreagram de choibhéis saxitoxin diHCl an cileagram;”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad (b) pointe (c): “(c) i gcás aigéad ocadach, dinifiostocsainí agus peicteanatocsainí i dteannta a chéile, 160 micreagram de choibhéisí aigéid ocadaigh in aghaidh an chileagraim;”

(e)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil IX:

“CAIBIDIL IX: CEANGLAIS SHONRACHA MAIDIR LE PECTINIDAE, GASTRAPÓID MHUIRÍ AGUS SÚMAIRÍ CLADAIGH NACH SCAGBHEATHÓIRÍ IAD A BHUAINTEAR LASMUIGH DE LIMISTÉIR THÁIRGTHE AICMITHE

Maidir le hoibreoirí gnó bia a bhíonn ag buaint pectinidae, gastrapód muirí, agus súmairí cladaigh nach beathaithe scagaire iad lasmuigh de limistéir tháirgthe aicmithe, nó oibreoirí a láimhseálann pectinidae agus/nó gastrapóid mhuirí agus/nó súmairí cladaigh den sórt sin, ní mór dóibh na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Peictinidae, gastrapóid mhuirí agus súmairí cladaigh nach beathaithe scagaire iad, níor cheart iad a chur ar an margadh mura ndéantar iad a bhuaint agus a láimhseáil i gcomhréir le Cuid B de Chaibidil II agus mura gcomhlíonann siad na caighdeáin atá leagtha síos i gCaibidil V, faoi mar a léirítear le córas féinseiceálacha a dhéanann oibreoirí gnó bia a oibríonn ceant éisc, ionad seolta nó bunaíocht phróiseála;

2.

I dteannta phointe 1, i gcás ina gcuireann sonraí ó chláir faireacháin oifigiúla ar a chumas don údarás inniúil meánna iascaireachta a aicmiú – i gcomhar le hoibreoirí gnó bia i gcás inarb iomchuí – beidh feidhm ag forálacha Chaibidil II, Cuid A maidir le pectinidae go hanalach;

3.

Ní ceadmhach pectinidae, gastrapóid mhuirí agus súmairí cladaigh nach beathaithe scagaire iad a chur ar an margadh le caitheamh ag an duine ach amháin trí cheant éisc, trí ionad seolta nó trí bhunaíocht phróiseála. Le linn dóibh a bheith ag láimhseáil pectinidae agus/nó gastrapóid mhuirí den sórt sin agus/nó eicínideirmigh, ní mór d’oibreoirí gnó bia a oibríonn bunaíochtaí den sórt sin fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi sin agus, i gcás ionaid seolta, ní mór dóibh ceanglais ábhartha Chaibidlí III agus IV a chomhlíonadh;

4.

Oibreoirí i ngnó an bhia a bhíonn ag láimhseáil pectinidae, gastrapód muirí agus súmairí cladaigh nach beathaithe scagaire, ní mór dóibh na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

ceanglais na ndoiciméad i bpointí 3 go 7 de Chaibidil I i gcás inarb infheidhme. Sa chás sin, ní mór láthair an limistéir inar saothraíodh na pectinidae beo agus/nó na gastrapóid mhuirí bheo agus/nó na súmairí cladaigh beo a léiriú go soiléir ar an doiciméad clárúcháin, agus an córas a úsáidtear sa chur síos ar na comhordanáidí a shonrú; nó

(b)

na ceanglais i gCaibidil VI, pointe 2, maidir le dúnadh gach pacáiste pectinidae beo, gastrapóid mhuirí beo agus súmairí cladaigh beo a sheoltar lena miondíol agus ceanglais Chaibidil VII maidir le marcáil sainaitheantais agus lipéadú.”

(f)

cuirtear isteach Caibidil X mar a leanas:

“CAIBIDIL X SAMHAIL DE DHOICIMÉAD CLÁRÚCHÁIN NA MOILEASC DÉBHLAOSCACH BEO, NA nEICÍNIDEIRMEACH BEO, NA dTÚINICEACH BEO AGUS NA nGASTRAPÓD MUIRÍ BEO

DOICIMÉAD CLÁRÚCHÁIN NA MOILEASC DÉBHLAOSCACH BEO, NA nEICÍNIDEIRMEACH BEO, NA dTÚINICEACH BEO AGUS NA nGASTRAPÓD MUIRÍ BEO

Cuid I – Soláthraí

I.1

Uimhir thagartha IMSOC

I.2

Uimhir thagartha inmheánach

I.3

Soláthraí

Ainm

Seoladh

Uimh. Chláraithe nó Uimh. Formheasa

Tír Cód ISO na Tíre

Gníomhaíocht

I.4

An t-oibreoir fála i ngnó an bhia

Ainm

Seoladh

Uimh. Chláraithe nó Uimh. Formheasa

Tíre Cód ISO na Tíre

Gníomhaíocht

I.5

Tuairisc ar na hearraí

Dobharshaothrú Bainc Nádúrtha

• Cód CN nó cód FAO 3-Alpha | speiceas | cainníocht | pacáiste | baisc | dáta na buainte| dáta túis an choinníollaithe | dáta deiridh an choinníollaithe | áit an choinníollaithe | dáta túis an ath-thumtha | dáta deiridh an ath-thumtha |áit an ath-thumtha| dáta túis na hathghrúpála | dáta deiridh na hathghrúpála | limistéar táirgthe | an stádas sláinte lena n-áirítear an bhuaint más infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 62 (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627

I.6

Ón limistéar athsheachadta Is ea Ní hea

Limistéar athsheachadta

Fad an athsheachadta

Dáta túis

Dáta deiridh

I.7

Ón lárionad íonaithe/seolta

Halla ceantála Tá ☐ Níl ☐

An uimhir formheasa atá ag an ionad/halla ceantála le haghaidh íonú/athsheachadta

Dáta iontrála

Dáta imeachta

Fad an íonaithe

I.8

Ó Oibreoir Idirghabhála

Is ea Ní hea

Ainm

Seoladh

Uimh. Chláraithe nó Uimh. Formheasa

Tír

Cód tíre ISO

Gníomhaíocht

Dáta teachta

Dáta imeachta

 

I.9

Dearbhú an tsoláthróra

Is mise an t-oibreoir i ngnó an bhia a bhfuil a shíniú anseo thíos, is mé atá freagrach as an gcoinsíneacht a sheoladh, agus dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear i gCuid I den doiciméad seo fíor agus iomlán chomh fada is eol dom agus de réir mar a chreidtear dom.

 

Dáta

Ainm an tsínitheora

Síniú

Cuid II – Oibreoir fála

II.1

Uimhir thagartha inmheánach (fáil)

II.2

Dearbhú an oibreora fala i ngnó an bhia

Is mise an t-oibreoir i ngnó an bhia a bhfuil a shíniú anseo thíos, is mé atá freagrach as an gcoinsíneacht a fháil, agus dearbhaím gur tháinig an choinsíneacht i láthair ar an áitreabh atá agam ar [DÁTA].

 

Ainm an tsínitheora

Síniú

Nótaí míniúcháin

Bosca

Tuairisc

Cuid I – Soláthraí

An t-oibreoir i ngnó an bhia a sheolann baisc de mhoilisc dhébhlaoscacha bheo, is eisean a líonfaidh an chuid sin den doiciméad.

I.1

Uimhir thagartha IMSOC

Is é seo an cód uathúil alfa-uimhriúil atá sannta ag an IMSOC

I.2

Uimhir thagartha inmheánach

An t-oibreoir i ngnó an bhia a sheolann an bosca seo, féadfaidh sé an bosca a úsáid chun uimhir thagartha inmheánach a léiriú.

I.3

Soláthraí

Sonraigh an t-ainm, an tsráid atá sa seoladh, an chathair agus an réigiún/cúige/stát, de réir mar is iomchuí, an tír agus cód tíre ISO na bunaíochta tionscnaimh. I gcás na limistéar táirgthe, sonraigh gur limistéar é atá údaraithe ag na húdaráis inniúla, le do thoil. I gcás pectinidae beo, gastropóid mhuirí, nó súmairí cladaigh, sonraigh suíomh an limistéir tháirgthe.

I gcás inarb infheidhme, sonraigh uimhir chláraithe nó uimhir formheasa na bunaíochta. Sonraigh an ghníomhaíocht (bailiú, ionad íonaithe, ionad seolta, halla ceantála, nó gníomhaíochta idirghabhála).

Nuair is ó ionad íonaithe/ionad seolta a sheoltar baisc na moilleasc débhlaoscach beo, nó i gcás na pectinidae, na ngastrópód muirí agus na súmairí cladaigh nach beathaithe scagaire iad a buaineadh lasmuigh de limistéir tháirgthe aicmithe, ó halla ceantála, sonraigh uimhir formheasa agus seoladh an ionaid íonaithe/ionaid íonaithe nó ceant éisc.

I.4

An t-oibreoir fála i ngnó an bhia

Sonraigh an t-ainm agus an seoladh (an tsráid, an chathair agus an réigiún/cúige/stát, de réir mar is iomchuí), an tír agus cód tíre ISO an chinn scríbe. I gcás na limistéar táirgthe nó na limistéar seolta, sonraigh gur limistéir iad atá údaraithe ag na húdaráis inniúla, le do thoil.

Sa chás inarb infheidhme, sonraigh an uimhir chláraithe nó an uimhir formheasa atá ag an mbunaíocht Sonraigh an ghníomhaíocht (bailiú, ionad íonaithe, ionad seolta, halla ceantála, nó gníomhaíochta idirghabhála).

I.5

Tuairisc ar na hearraí

Sonraigh an cód Ainmníochta Comhcheangailte de réir na gceanglas nó an cód FAO 3-Alpha, an speiceas, an chainníocht, an cineál pacáistithe (málaí, bulc, srl), baisc, dáta na buainte, dáta túis an choinníollaithe mar aon leis an dáta deiridh (i gcás inarb infheidhme), láthair an choinníollaithe (sonraigh aicme an limistéir tháirgthe agus an suíomh atá aige nó uimhir formheasa na bunaíochta i gcás inarb infheidhme), dáta túis agus dáta deiridh an ath-thumtha (i gcás inarb infheidhme), láthair an ath-thumtha (sonraigh aicme an limistéir tháirgthe agus suíomh nó uimhir formheasa na bunaíochta nuair is infheidhme, dáta túis agus dáta deiridh na grúpála (nuair is infheidhme) an limistéar táirgthe agus a stádas sláinte atá aige (aicmiú an limistéir tháirgthe i gcás inarb infheidhme). I gcás inar buaineadh na LBManna i gcomhréir le hAirteagal 62 (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, ba cheart sin a rá go sonrach.

Nuair a dhéantar an ghrúpáil ar na moillisc dhébhlaoscacha bheo, ní mór tagairt a bheith sa bhaisc do dhébhlaoscaigh den speiceas céanna a buaineadh an lá céanna sa limistéar táirgthe céanna.

Scrios faoi mar is cuí

I.6

Ón limistéar seolta

Nuair is ó ionad athsheachadta a sheoltar baisc de mhoillisc dhébhlaoscacha bheo, sonraigh an limistéar seachadta, faoi mar atá údaraithe ag na húdaráis inniúla, mar aon le fad an tseachadta (an dáta túis maille leis an dáta deiridh).

I.7

Ó ionad íonaithe/ionad seolta nó ceant éisc

Nuair is ó ionad íonaithe/ionad athsheachadta a sheoltar baisc de mhoillisc dhébhlaoscacha bheo, nó i gcás pectinidae, gastrópóid mhuirí, agus súmairí cladaigh nach beathaithe scagaire iad lasmuigh de limistéir tháirgthe aicmithe, ó halla ceantála, sonraigh an uimhir formheasa agus seoladh an ionaid íonaithe/ionaid athsheachadta nó an halla cheantála.

Más ó ionad íonaithe é, fad an íonaithe agus an dá dháta a cuireadh an bhaisc isteach agus amach as an ionad íonaithe. Scrios de réir mar is iomchuí

I.8

Ón oibreoir idirghabhála

Sonraigh an t-ainm, an tsráid atá sa seoladh, an chathair agus an réigiún/cúige/stát, de réir mar is iomchuí, an tír agus cód tíre ISO an oibreora idirghabhála.

I gcás inarb infheidhme, sonraigh an uimhir chláraithe nó an uimhir formheasa mar aon leis an ngníomhaíocht.

I.9

Dearbhú an tsoláthróra

Cuir isteach an dáta, ainm an tsínithe, agus an síniú.

Cuid II – An t-oibreoir fála i ngnó an bhia

An t-oibreoir i ngnó an bhia a fhaigheann baisc de mhoilisc dhébhlaoscacha bheo, is eisean a líonfaidh an chuid sin den doiciméad.

II.1

Uimhir thagartha inmheánach (fáil)

An t-oibreoir i ngnó an bhia a fhaigheann an bosca seo, féadfaidh sé an bosca a úsáid chun uimhir thagartha inmheánach a léiriú.

II.2

Dearbhú an oibreora fala i ngnó an bhia

Sonraigh an dáta a tugadh baisc de mhoillisc dhébhlaoscacha bheo chuig an áitreabh atá ag an oibreoir fála i ngnó an bhia. I gcás a bhfuil an t-oibreoir idirghabhála gan áitreabh, sonraigh dáta ceannaithe na baisce.

Cuir isteach ainm an tsínithe mar aon leis an síniú.‘

(6)

leasaítear Roinn VIII mar a leanas:

(a)

Leasaítear Caibidil I mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 1:

“1.

soithí a úsáidtear le táirgí iascaireachta a bhuaint sa timpeallacht nádúrtha atá acu, nó lena láimhseáil nó a bpróiseáil tar éis a mbuainte, sin agus soithí athlastála, comhlíonann siad na ceanglais struchtúrtha agus na ceanglais trealaimh a leagtar síos i gCuid I; agus”

(ii)

cuirtear an pointe 5 a leanas le Cuid I.A:

“5.

Ní mór soithí a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach cúis le héilliú na dtáirgí iascaigh a bheidh sa uisce ruma, sa séarachas, sa deatach, sa bhreosla, san ola, sa ghréisc, nó i substaintí mídheasa eile. Boilg, umair, agus coimeádáin a úsáidtear chun táirgí iascaigh neamhchosanta a stóráil, a fhuarú nó a reo, lena n-áirítear cinn atá beartaithe chun beatha a tháirgeadh, is nithe iad sin nach n-úsáidfear chun críocha eile ach na táirgí sin a stóráil, a fhuarú nó a reo, mar aon leis an leac oighir agus an sáile a úsáidtear chun na gcríoch sin. I gcás soithí athlastála, na forálacha a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí iascaigh neamhchosanta, beidh feidhm acu maidir leis na táirgí go léir a bhíonn á n-iompar.”

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid I.C pointí 1 agus 2:

“1.

tá trealamh reo acu agus cumas leordhóthanach acu reo a thúisce is féidir i bpróiseas leanúnach agus a bhfuil tréimhse gabhála teirmí chomh gearr agus is féidir acu, ionas go mbainfear amach teocht lárnach nach mó ná -18 °C;

2.

tá trealamh cuisnithe acu a bhfuil cumas leordhóthanach aige táirgí iascaigh i mbolg stórála a choimeád ag teocht nach mó ná -18 °C. Ní ceadmhach na boilg stórála a úsáid le haghaidh reo mura gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos i bpointe 1, agus ní mór gléas taifeadta teochta a bheith feistithe air áit ar féidir a léamh go héasca. Ní mór braiteoir teochta an léitheora a bheith suite sa limistéar is airde teocht sa bholg;”

(iv)

cuirtear an pointe (E) a leanas le Cuid I:

“E.

Na ceanglais a ghabhann le soithí athlastála

Soithí athlastála chun iompar agus/nó chun stóráil táirgí iascaigh reoite i mbulc, ní mór trealamh a bheith acu a chomhlíonann na ceanglais maidir le reoshoithí atá leagtha síos i bpointe 2 de Chuid C i dtaca leis an acmhainn atá iontu chun an teocht a choinneáil mar atá.”

(v)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6 de Chuid II

“6.

Nuair is ar bord an tsoithigh a dhéantar dícheannadh an éisc agus an tarraingt an ionathair, ní mór na gníomhaíochtaí sin a thabhairt i gcrích a thúisce is féidir tar éis na gabhála, agus ní mór na táirgí iascaigh a níochán láithreach. Na hinní agus na codanna a d’fhéadfadh sláinte an phobail a chur i mbaol, ní mór a dtarraingt a thúisce is féidir agus a gcoinneáil glan ar tháirgí iascaigh atá le caitheamh ag an duine. Aenna agus eochraí atá le caitheamh ag an duine, ní mór a gcuisniú nó a gcaomhnú faoi oighear ar theocht atá gar do theocht an oighir agus é ag leá, sin nó iad a bheith reoite.”

(vi)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7 de Chuid II:

“7.

I gcás ina ndéantar an t-iasc iomlán atá beartaithe a chur i gcannaí a reo in uisce sáile, ní mór teocht nach mó ná -9 °C a bhaint amach i gcás an táirge iascaigh. Fiú má dhéantar é a reo ina dhiaidh sin ag teocht -18 °C, an t-iasc iomlán a reoitear in uisce sáile ar dtús ag teocht nach mó ná -9 °C, is é a chur i gcannaí is gá a dhéanamh leis. Ní ceart an t-uisce sáile a bheith ina chúis éillithe ar an iasc.”

(b)

Leasaítear Caibidil III mar a leanas:

(i)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid A, pointe 4:

“4.

Maidir le coimeádáin a úsáidtear chun táirgí iascaigh úra neamhullmhaithe atá stóráilte faoi oighear a sheoladh nó a stóráil, ní mór a áirithiú go ndéantar an t-uisce leáite a dhraenáil astu ionas nach mbeidh siad ag teagmháil le haon táirgí iascaigh.”

(ii)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid B:

“B.

NA CEANGLAIS I LEITH TÁIRGÍ REOITE

Bunaíochtaí atá ar an talamh a dhéanann táirgí iascaigh reoite a reo nó a stóráil, ní mór trealamh a bheith acu atá in oiriúint don ghníomhaíocht atá á déanamh, trealamh a chomhlíonann na ceanglais maidir le reoshoithí a leagtar síos i Roinn VIII, Caibidil I, cuid I.C, pointí 1 agus 2.”

(7)

Cuirtear isteach na pointí 7 agus 8 a leanas i Roinn XI:

“7.

Na ceanglais a leagtar síos i bpointí 1, 3, 4 agus 6, is ceanglais iad a bhfuil feidhm acu freisin maidir le seilidí eile den fhine Helicidae, HygromiidaeSphincterochilidae, nuair atá siad le caitheamh ag an duine.

8.

Na ceanglais a leagtar síos i bpointí 1 agus 5, tá feidhm acu chomh maith maidir le cosa froganna den chineál Pelophylax, d’fhine an Ranidae, agus de chineál an Fejervarya, Limnonectes agus Dicroglossidae nuair is le caitheamh ag an duine atá siad.”

(8)

I Roinn XII, i gCaibidil II, scriostar pointe 5.


(*)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia le haghaidh an duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(**)  Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha chun einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1).”

(*)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).”

(*)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) ( IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(*)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).””


20.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 297/16


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1375 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meitheamh 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 maidir le téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona a mhodhnú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 114 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 (2) ón gCoimisiún, a tháinig in ionad Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 (3) ón gCoimisiún agus lenar aisghaireadh é, leagtar síos rialacha lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le cosaint, cealú agus modhnú téarmaí traidisiúnta.

(2)

Leagtar síos in Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 i dtaca le modhnú téarma traidisiúnta cláraithe, nach bhféadfaidh baint a bheith aige ach leis na heilimintí dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 26(1), den Rialachán sin, pointí a thagraíonn do chineál an téarma thraidisiúnta, don teanga ina sloinntear an téarma traidisiúnta agus don chatagóir táirgí fíniúna a bhaineann lena úsáid.

(3)

Mar sin féin, le hAirteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 607/2009, rinneadh foráil maidir le liosta níos faide de na modhnuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh. Go háirithe, cuireadh san áireamh ann go bhféadfadh an téarma traidisiúnta féin a mhodhnú mar aon leis an teanga ina léirítear an téarma traidisiúnta, an fíon nó na fíonta lena mbaineann agus achoimre ar shainmhíniú nó ar choinníollacha úsáide an téarma thraidisiúnta. Dá bhrí sin, bhí na féidearthachtaí modhnaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 níos leithne agus ceadaíodh do tháirgeoirí fíona, mar shampla, liosta na bhfíonta a leathnú chun fíonta eile a chumhdach nó é a theorannú, ar fíonta iad a bhfuil sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint acu agus atá údaraithe chun téarma traidisiúnta a úsáid nó chun na coinníollacha maidir le húsáid téarma traidisiúnta a leasú, lena n-áirítear modhanna táirgthe na bhfíonta lena mbaineann.

(4)

Dréachtaíodh forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 maidir le téarmaí traidisiúnta agus é de rún acu leanúnachas an chreata choitinn a bhaineann le téarmaí traidisiúnta a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 a áirithiú, agus na nósanna imeachta atá ann cheana a chomhlánú agus a shoiléiriú aon uair is gá. Déantar tagairtí díreacha in Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 do na heilimintí d’fhoirm iarratais arna comhlánú go cuí, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 26(1) den Rialachán sin. Mar sin féin, de bharr easnamh neamhdheonach, níor luadh pointe (a) d’Airteagal 26(1) d’ainm an téarma thraidisiúnta lena mbaineann, pointe (e) d’Airteagal 26(1), a thagraíonn don achoimre ar an sainmhíniú agus na coinníollacha úsáide agus pointe (f) d’Airteagal 26(1), a thagraíonn do na hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó do na tásca geografacha faoi chosaint lena mbaineann, sa liosta a leagtar amach in Airteagal 34, cé gur cuireadh na heilimintí sin san áireamh in Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 607/2009. Tá iarmhairt neamhbheartaithe aige sin go bhfuil na féidearthachtaí maidir le téarma traidisiúnta a mhodhnú teoranta do mhodhnú i ndáil leis an gcineál téarma traidisiúnta, an teanga agus an catagóir táirgí fíniúna lena mbaineann.

(5)

Go praiticiúil, cuireann foclaíocht reatha na chéad mhíre d’Airteagal 34 bac ar an bhféidearthacht úsáid téarma traidisiúnta a leathnú chun sonrúcháin tionscnaimh nua faoi chosaint nó tásca geografacha nua faoi chosaint a chumhdach nó chun na fíonta sin nach gcomhlíonann a choinníollacha úsáide a thuilleadh a eisiamh ón liosta fíonta atá údaraithe téarma traidisiúnta a úsáid. Thairis sin, ní cheadaítear leis, mar shampla, na modhanna táirgthe atá luaite i sonraíochtaí téarma traidisiúnta a oiriúnú i gcás ina dtagann athrú ar na modhanna sin i ngeall ar na dálaí athraitheacha comhshaoil nó aeráide.

(6)

Chun an t-easnamh neamhbheartaithe sin a cheartú agus chun an tsolúbthacht a tugadh do shealbhóirí téarmaí traidisiúnta faoi Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 a athbhunú, ba cheart síneadh a chur le liosta na modhnuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar théarma traidisiúnta cláraithe dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 chun go gcuirfí na heilimintí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (e) agus i bpointe (f) d’Airteagal 26(1) den Rialachán sin san áireamh.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 a leasú dá réir sin.

(8)

Ar mhaithe leis an tsoiléireacht dhlíthiúil agus chun cóir chomhionann na n-iarratas uile ar mhodhnú téarma traidisiúnta cláraithe a áirithiú, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 14 Eanáir 2019,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33:

“Airteagal 34

Téarma traidisiúnta a mhodhnú

Féadfaidh iarratasóir a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 25 cur isteach ar fhormheas i gcomhair modhnú ar théarma traidisiúnta cláraithe maidir leis na gnéithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) d’Airteagal 26(1).

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 26 go 31 maidir le hiarratais ar mhodhnú.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 14 Eanáir 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe áirithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 479/2008 ón gComhairle maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, téarmaí traidisiúnta, lipéadú agus cur i láthair táirgí áirithe earnáil an fhíona (IO L 193, 24.7.2009, lch. 60).


20.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 297/18


RIALACHÁN (AE) 2021/1376 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Lúnasa 2021

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh péirsí mara i limistéar NAFO 3M i gcás soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2021.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2021 ídithe ag gabhálacha an stoic péirsí mara i limistéar NAFO 3M a rinne soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí iascaireachta dírithe a bhaineann leis an stoc sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcomhair an stoic péirsí mara i limistéar NAFO 3M le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta dírithe a bhaineann leis an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

John DALLI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

14/TQ92

BALLSTÁT

An tAontas Eorpach (Na Ballstáit uile)

STOC

RED/N3M.

SPEICEAS

An phéirse mhara (Sebastes spp.)

LIMISTÉAR

NAFO 3M

TRÉIMHSE CHOISCTHE

An 24 Iúil 2021 ar 24.00 AUL


20.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 297/20


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1377 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Lúnasa 2021

lena n-údaraítear an t-athrú ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

De bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283, is faoin gCoimisiún atá sé cinneadh a dhéanamh faoi bhia núíosach a údarú nuashonrú.

(4)

Údaraíodh an bia núíosach “Oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis” de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena úsáid i bhforbhianna atá beartaithe lena dtomhailt ag an bpobal i gcoitinne, de réir mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Uasleibhéil údaraithe an oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialisdon phobal i gcoitinne, is leibhéil iad sin a leagtar síos faoi láthair ag 40-80 mg in aghaidh an lae d’oiléaroisín, agus is é an toradh atá air sin ≤ 8,0 mg d’astaxaintin in aghaidh an lae.

(5)

Tráth a bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha atá údaraithe in 2017 agus ar bhonn dhá thuairim roimhe sin (5) (6)in 2014 ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”), tuairim amháin acu maidir le húsáid astaxaintine i mbreiseáin bheathaithe mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le breiseáin bheathaithe le haghaidh cothú ainmhithe, inar leagadh síos Iontógáil Laethúil Inghlactha (“ADI”) 0,034 mg/kg in aghaidh an mheáchain coirp in aghaidh an lae le haghaidh astaxaintine, agus an tuairim eile maidir le sábháilteacht na hastaxaintine mar chomhábhar bia núíosaigh, mheas an Coimisiún go bhféadfadh iontógáil na hastaxaintine ó fhorbhianna ina bhfuil an t-uasleibhéal údaraithe de 8,0 mg in aghaidh an lae bainte amach , go bhféadfadh sí sin dul thar an ADI agus gan bheith i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2015/2283. Mheas an Coimisiún gur cheart liosta an Aontais a leasú chun na leibhéil údaraithe astaxaintine a choigeartú i bhfianaise na dtuairimí ón Údarás ó 2014.

(6)

In 2017, tháinig an Coimisiún ar an eolas freisin faoi fhianaise eolaíoch nua a chuir oibreoirí gnólachtaí isteach le linn an chomhairliúcháin phoiblí faoin dréacht-Rialachán Cur Chun Feidhme lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe, fianaise a léiríonn ADI i bhfad níos airde le haghaidh astaxaintine ná an ADI a bhunaigh an tÚdarás roimhe sin. Ina theannta sin, léirigh fianaise a cuireadh isteach le linn an chomhairliúcháin phoiblí chéanna gurbh ann d’iontógáil shuntasach astaxaintine cheana féin ón ngnáth-aiste bhia mar go mbíonn sí ann go nádúrtha i roinnt éisc agus crústach.

(7)

An 27 Feabhra 2018 agus i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), d' iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim a thabhairt maidir le sábháilteacht na hastaxaintine nuair a úsáidtear í mar bhia núíosach i bhforbhianna ag leibhéil suas le 8,0 mg in aghaidh an lae, agus iontógáil charnach fhoriomlán na hastaxaintine ó gach foinse bhia á cur san áireamh.

(8)

An 18 Nollaig 2019, ghlac an tÚdarás a thuairimí eolaíocha dar teideal “Sábháilteacht na hastaxaintine i ndáil lena húsáid mar bhia núíosach i bhforbhianna (9)”.

(9)

Sa tuairim eolaíoch ón Údarás, tháinig sé ar an gconclúid, ar bhonn na fianaise nua, gurb é 0,2 mg/kg ina aghaidh an mheáchain coirp an ADI le haghaidh astaxaintine in aghaidh an lae. Agus ADI na hastaxaintine agus iontógáil na hastaxaintine ón ngnáth-aiste bhia araon á gcur san áireamh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil iontógáil na n-uasleibhéil údaraithe faoi láthair d’astaxaintin, is é sin suas le 8,0 mg in aghaidh an lae, as forbhianna ina bhfuil oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis, go bhfuil an iontógáil sin sábháilte do dhaoine fásta agus do dhéagóirí os cionn 14 bliain d’aois.

(10)

Ba cheart ainmniú soiléir ar an mbia núíosach agus ceanglas lipéadaithe a leagan síos le haghaidh forbhianna ina bhfuil oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis chun a áirithiú nach dtomhlóidh leanaí ná déagóirí faoi bhun 14 bliana d’aois na forbhianna sin.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(12)

Cé go n-údaraítear forbhianna ina bhfuil ≤ 8,0 mg d’astaxaintin don phobal i gcoitinne faoi láthair, is cosúil go léiríonn fianaise ón margadh nach mbaineann leanaí ná déagóirí úsáid astu sa chleachtas ach gurb iad na daoine fásta amháin a mbaineann úsáid astu, nach mór. Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin agus chun am leordhóthanach a thabhairt d’oibreoirí gnólachtaí chun a gcleachtais a choigeartú ionas go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo, ba cheart idirthréimhsí a leagan síos chun go gcumhdófar forbhianna ina bhfuil ≤ 8,0 mg d’astaxaintin a cuireadh ar an margadh nó a seoladh ó thríú tíortha chuig an Aontas agus atá beartaithe lena dtomhailt ag an bpobal i gcoitinne, roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sna bearta idirthréimhseacha sin ba cheart sábháilteacht na dtomhaltóirí a chur san áireamh tríd an bhfaisnéis faoin úsáid iomchuí a sholáthar i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

(13)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An iontráil i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus a chuimsítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, is é sin an iontráil atá a thagraíonn don bhia núíosach oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis, leasófar í de réir mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Áireofar san iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

1.   Forbhianna ina bhfuil ≤ 8,0 mg d’astaxaintin agus atá beartaithe lena dtomhailt ag an bpobal i gcoitinne agus a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfar iad a mhargú go dtí an dáta ar fearr iad roimhe nó a ndáta éaga.

2.   Forbhianna ina bhfuil ≤ 8,0 mg d’astaxaintin agus atá beartaithe lena dtomhailt ag an bpobal i gcoitinne agus a allmhairíodh isteach san Aontas, féadfar iad a mhargú go dtí an dáta ar fearr iad roimhe nó a ndáta éaga nuair is féidir le hallmhaireoir an bhia sin a léiriú gur seoladh iad ón tríú tír lena mbaineann agus go raibh siad ar an mbealach chuig an Aontas roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Ba cheart d’oibreoirí gnólachtaí bia fógra a thabhairt chun na forbhianna dá dtagraítear i mír 1 a chur ar taispeáint ag an áit díolacháin ina gcuirfear in iúl nár cheart do naíonáin, do leanaí ná do dhéagóirí faoi bhun 14 bliana d’aois na forbhianna sin a thomhailt.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosaigh (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

(4)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(5)  Iris EFSA 2014 ;12(6) :3724.

(6)  Iris EFSA 2014 ; 12(7) :3757.

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(9)  Painéal EFSA (An Painéal ar Chothú, bianna núíosacha agus ailléirginí bia de chuid EFSA), Tuairim Eolaíoch maidir le sábháilteacht astaxaintine mar bhia núíosach i bhforbhianna. Iris EFSA 2020;18(2):5993.


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh “Oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis” i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe):

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

“Oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis

Catagóir bia shonraithe

Uasleibhéil

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é ‘Oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis’ an t-ainmniú a bheidh air.

Ar lipéadú na bhforbhianna ina bhfuil Oiléaroisín ar chuid mhór astaxaintine ó algaí Haematococcus pluvialis, beidh ráiteas ina luafar nár cheart do naíonáin ná leanaí ná déagóirí faoi bhun 14 bliana d’aois iad a thomhailt.”

 

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, seachas naíonáin, leanaí óga, leanaí agus déagóirí faoi bhun 14 bliana d’aois

40-80 mg in aghaidh an lae d’oiléaroisín, agus is é an toradh atá air sin ≤ 8 mg d’astaxaintin in aghaidh an lae


20.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 297/24


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1378 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Lúnasa 2021

lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisíodh d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 45(4) agus Airteagal 46(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le pointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848, féadfar táirge a allmhairiú ó thríú tír chun an táirge sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirge orgánach nó mar tháirge atá á thiontú, más rud é gur cuireadh oibreoirí agus grúpaí oibreoirí, lena n-áirítear onnmhaireoirí sa tríú tír lena mbaineann, faoi réir rialuithe ag údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialuithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán sin, agus gur chuir na húdaráis nó na comhlachtaí sin deimhniú ar fáil do gach oibreoir, grúpa oibreoirí agus onnmhaireoir den sórt sin lena ndearbhaítear go gcomhlíonann siad Rialachán (AE) 2018/848.

(2)

Chun éifeacht a thabhairt do phointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848, ba cheart inneachar an deimhnithe dá dtagraítear san fhoráil sin a shonrú, mar aon leis na modhanna teicniúla lena n-eiseofar é.

(3)

Ina theannta sin, chun críocha phointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848, is iomchuí an liosta a bhunú leis an Rialachán seo d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta a bhfuil an inniúlacht acu na rialuithe sin a dhéanamh agus an deimhniú sin a eisiúint i dtríú tíortha.

(4)

Ar mhaithe le soiléireacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le táirgeadh ó dháta cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deimhniú le haghaidh oibreoirí, grúpaí oibreoirí agus onnmhaireoirí i dtríú tíortha

Soláthróidh údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithníodh i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 deimhniú d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a cuireadh faoi réir na rialuithe dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) den Rialachán sin, deimhniú lena ndeimhneofar go gcomhlíonann oibreoirí, grúpaí oibreoirí agus onnmhaireoirí den sórt sin Rialachán (AE) 2018/848 (‘an deimhniú’).

Maidir leis an deimhniú:

(a)

eiseofar é i bhfoirm leictreonach, i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus trí úsáid a bhaint as an gCóras leictreonach um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) dá dtagraítear i bpointe (36) d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (2);

(b)

beifear in ann an méid seo a leanas a shainaithint leis:

(i)

an t-oibreoir, an grúpa oibreoirí nó an t-onnmhaireoir a chumhdaítear leis an deimhniú, lena n-áirítear liosta de bhaill grúpa oibreoirí;

(ii)

catagóir na dtáirgí a chumhdaítear leis an deimhniú, a aicmítear ar an mbealach céanna dá bhforáiltear in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848; agus

(iii)

a thréimhse bailíochta;

(c)

beifear in ann a dheimhniú go gcomhlíonann gníomhaíocht an oibreora, an ghrúpa oibreoirí nó an onnmhaireora Rialachán (AE) 2018/848; agus

(d)

tabharfar cothrom le dáta é nuair a tharlaíonn athruithe maidir leis na sonraí atá san áireamh ann.

Airteagal 2

Liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta

1.   Leagtar amach an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach údarás rialaithe aitheanta nó gach comhlacht rialaithe aitheanta ar an liosta:

(a)

ainm agus códuimhir an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe;

(b)

catagóirí an táirge, mar a leagtar amach iad in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848, le haghaidh gach tríú tír;

(c)

na tríú tíortha inar tionscnaíodh catagóirí an táirge, ar choinníoll nach bhfuil na tríú tíortha sin cumhdaithe cheana i gcás chatagóir an táirge nó i gcás an táirge lena mbaineann le comhaontú maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/848 nó trí aitheantas coibhéise i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán sin;

(d)

fad an aitheantais; agus

(e)

na heisceachtaí ón aitheantas, i gcás inarb iomchuí.

2.   Faisnéis mhionsonraithe a bhaineann le seoladh poist, seoladh suímh gréasáin agus pointe teagmhála ríomhphoist an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe, mar aon le hainm an chomhlachta creidiúnaithe a dheonaíonn an creidiúnú i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848, beidh sí ar fáil go poiblí trí shuíomh gréasáin an Choimisiúin i ndáil le feirmeoireacht orgánach.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna an chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).


IARSCRÍBHINN I

SAMHAIL AN DEIMHNITHE

DEIMHNIÚ LE hAGHAIDH OIBREOIRÍ, GRÚPAÍ OIBREOIRÍ AGUS ONNMHAIREOIRÍ I dTRÍÚ TÍORTHA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ATÁ LE hALLMHAIRIÚ ISTEACH SAN AONTAS EORPACH MAR THÁIRGÍ ORGÁNACHA NÓ MAR THÁIRGÍ ATÁ Á dTIONTÚ

Cuid I: Eilimintí éigeantacha

1.

Uimhir an doiciméid

2.

(roghnaigh de réir mar is iomchuí)

Oibreoir

Grúpa oibreoirí – féach pointe 10

Onnmhaireoir

3.

Ainm agus seoladh an oibreora, an ghrúpa oibreoirí nó an onnmhaireora:

4.

Ainm, seoladh agus códuimhir údarás rialaithe nó chomhlacht rialaithe an oibreora, an ghrúpa oibreoirí nó an onnmhaireora:

5.

Gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí an oibreora, an ghrúpa oibreoirí nó an onnmhaireora (roghnaigh de réir mar is iomchuí):

Táirgeadh

Ullmhúchán

Dáileadh

Stóráil

Allmhairiú

Onnmhairiú

6.

Catagóir nó catagóirí na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (1) agus modhanna táirgthe (roghnaigh de réir mar is iomchuí):

(a)

plandaí neamhphróiseáilte agus táirgí plandaí, lena n-áirítear síolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí

An modh táirgthe:

táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(b)

beostoc agus táirgí beostoic neamhphróiseáilte

An modh táirgthe:

táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(c)

algaí agus táirgí dobharshaothraithe neamhphróiseáilte

An modh táirgthe:

táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(d)

táirgí talmhaíochta próiseáilte, lena n-áirítear táirgí dobharshaothraithe, a úsáidtear mar bhia

An modh táirgthe:

táirgeadh táirgí orgánacha

táirgeadh táirgí atá á dtiontú

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(e)

beatha

An modh táirgthe:

táirgeadh táirgí orgánacha

táirgeadh táirgí atá á dtiontú

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(f)

fíon

An modh táirgthe:

táirgeadh táirgí orgánacha

táirgeadh táirgí atá á dtiontú

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(g)

táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 nó nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo:

An modh táirgthe:

táirgeadh táirgí orgánacha

táirgeadh táirgí atá á dtiontú

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

7.

Eolaire táirgí:

Ainm an táirge agus/nó an cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848

Orgánach

Atá á thiontú

 

 

 

 

 

 

Eisíodh an doiciméad seo i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 (3) ón gCoimisiún chun a dheimhniú go gcomhlíonann an t-oibreoir, an grúpa oibreoirí nó an t-onnmhaireoir (roghnaigh de réir mar is iomchuí) Rialachán (AE) 2018/848.

8.

Dáta, áit

Ainm agus síniú thar ceann an údaráis rialaithe eisiúna nó an chomhlachta rialaithe eisiúna:

9.

Deimhniú bailí ón………. [cuir isteach an dáta] go dtí an.………[cuir isteach an dáta]

10.

Liosta de bhaill an ghrúpa oibreoirí mar a shainítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/848

Ainm an bhaill

Seoladh nó modh eile chun ball a shainaithint

 

 

 

 

 

 

Cuid II: Eilimintí roghnacha sonracha

Eilimint amháin nó níos mó atá le líonadh isteach más amhlaidh a chinneann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a eisíonn an deimhniú don oibreoir, don ghrúpa oibreoirí nó don onnmhaireoir i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378

1.

Cainníocht na dtáirgí

Ainm an táirge agus/nó cód AC dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848.

☐ Orgánach

☐ Atá á thiontú

Cainníocht arna meas i gcileagraim, i lítir nó, i gcás inarb ábhartha, i líon na n-aonad.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

2.

Faisnéis maidir leis an talamh

Ainm an táirge

☐ Orgánach

☐ Atá á thiontú

☐ Neamhorgánach

Dromchla i heicteáir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

3.

Liosta áitreabh nó aonad ina ndéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí an ghníomhaíocht

Seoladh nó geoshuíomh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

 

 

 

 

 

 

4.

Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí agus cé acu an ndéanann sé an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí ar a shon féin nó mar fhochonraitheoir a dhéanann an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí a dhéantar

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

☐ Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí ar a shon féin

☐ Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí a dhéantar mar fhochonraitheoir d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó as na gníomhaíochtaí a dhéantar

 

 

 

 

 

 

5.

Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a rinne an tríú páirtí ar fochonradh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

☐ Leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach

☐ Is é an tríú páirtí ar fochonradh atá freagrach

 

 

 

 

 

 

6.

Liosta na bhfochonraitheoirí a dhéanann gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí, gníomhaíochtaí a leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach astu a mhéid a bhaineann le táirgeadh orgánach agus nár aistrigh sé an fhreagracht sin ina leith chuig an bhfochonraitheoir

Ainm agus seoladh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

 

 

 

 

 

 

7.

Faisnéis maidir le creidiúnú an chomhlachta rialaithe i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848

(a)

ainm an chomhlachta creidiúnaithe;

(b)

hipearnasc chuig deimhniú an chreidiúnaithe.

8.

Faisnéis eile

 


(1)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisítear d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le hallmhairiú táirgí orgánacha isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24).


IARSCRÍBHINN II

Liosta de na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ainmnítear catagóirí an táirge leis na cóid seo a leanas:

A

:

plandaí neamhphróiseáilte agus táirgí plandaí, lena n-áirítear síolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí;

B

:

beostoic agus táirgí beostoic neamhphróiseáilte;

C

:

algaí agus táirgí dobharshaothraithe neamhphróiseáilte;

D

:

táirgí talmhaíochta próiseáilte, lena n-áirítear táirgí dobharshaothraithe, a úsáidtear mar bhia;

E

:

beatha;

F

:

fíon;

G

:

táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 nó nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo.

Faisnéis maidir le seoladh poist, seoladh suímh gréasáin agus pointe teagmhála ríomhphoist an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe, mar aon le hainm an chomhlachta creidiúnaithe a dheonaíonn a chreidiúnú, féadfar í a aimsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin i ndáil le feirmeoireacht orgánach.

Ainm an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe:

1)

Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí an táirge lena mbaineann

Códuimhir

Tríú tír

Catagóir an táirge

XX-BIO-XXX

 

A

B

C

D

E

F

G

2)

Fad an aitheantais:

3)

Eisceachtaí:


20.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 297/32


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1379 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Lúnasa 2021

maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí famocsadón i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 20(2) agus Airteagal 78(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2002/64/CE ón gCoimisiún (2) áirítear famocsadón mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí famocsadón, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2022.

(4)

Cuireadh isteach iarratas ar fhormheas an fhamocsadóin a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1141/2010 (5) ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1141/2010. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) í agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 15 Iúil 2014.

(7)

Chuir an tÚdarás an tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan in iúl don iarratasóir agus do na Ballstáit chun barúlacha a fháil uathu agus chuir sé na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal freisin.

(8)

An 3 Iúil 2015, chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne (6) a bheith leis go gcomhlíonfaidh famocsadón na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gurb é is dóichí go sárófar, leis na húsáidí ionadaíocha uile a measúnaíodh, leibhéal na neamhchosanta atá inghlactha ag an oibreoir (“AOEL”) le haghaidh oibrithe le linn bhuaint láimhe na mbarr fiú nuair a úsáidtear trealamh cosanta pearsanta (“PPE”). Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go mbaineann ardriosca fadtéarmach le húsáid famocsadóin do mhamaigh agus go mbaineann ardriosca lena úsáid d’orgánaigh uisceacha. Ina theannta sin, luaigh an tÚdarás nach leor an fhaisnéis atá ar fáil chun teacht ar chonclúid maidir leis na measúnuithe riosca fhadtéarmaigh d’éin.

(9)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha féin a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1141/2010, i leith na dréacht-tuarascála athbhreithnithe. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(10)

Mar sin féin, d’ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní fhéadfaí an t-ábhar imní a bhaineann leis an tsubstaint a chur as an áireamh.

(11)

Dá réir sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad, níor suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí famocsadón a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 20(1)(b) den Rialachán sin.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(13)

Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil famocsadón a tharraingt siar.

(14)

Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil famocsadón, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse cairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an tréimhse sin a bheith chomh gearr agus is féidir agus gan bheith níos faide ná 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(15)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 (7) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa an fhamocsadóin go dtí an 30 Meitheamh 2022 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart tosú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth níos luaithe ná an dáta sin.

(16)

Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach maidir leis an tsubstaint ghníomhach famocsadón de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí

Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí famocsadón a athnuachan.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Scriostar Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, ró 35, maidir le famocsadón.

Airteagal 3

Forálacha idirthréimhseacha

Déanfaidh na Ballstáit údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil famocsadón mar shubstaint ghníomhach a tharraingt siar faoin 16 Márta 2022.

Airteagal 4

Tréimhse cairde

Aon tréimhse cairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 16 Meán Fómhair 2022.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2002/64/CE ón gCoimisiún an 15 Iúil 2002 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun cineadón-eitil, ciahalafop-búitil, famocsadón, florasulam, meatalacsail-M agus picilinifein a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 189, 18.7.2002, lch. 31).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1141/2010 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2010 lena leagtar síos an nós imeachta chun athnuachan a dhéanamh ar chuimsiú an dara grúpa de shubstaintí gníomhacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle agus lena mbunaítear liosta na substaintí sin (IO L 322, 8.12.2010, lch. 10).

(6)  Conclúid maidir le hathbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí famocsadón. Iris EFSA 2015;13(7):4194, 116 lch. doi:10.2903/j.efsa.2015.4194.

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimíd, beintiavalacarb, défheineasáit, boscailid, carbónáit chailciam, captan, dé-ocsaíd charbóin, ciamocsainil, démheatomorf, eiteafón, úsc as crann tae, famocsadón, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, flumocsaisín, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, heipteamalocsalaglúcan, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, tréithchineál 251 Paecilomyces lilacinus, feinmeideafam, foismeit, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola ráibe, hidrigincharbónáit photaisiam, própamacarb, próitiaconasól, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, teabúconasól agus úiré (IO L 160, 7.5.2021, lch. 89).


CINNTÍ

20.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 297/35


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1380 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Lúnasa 2021

lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ina gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(3)

An 16 Iúil 2021, chuir an Úcráin faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh faoin gcóras dar teideal “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia). Chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I ndáil leis sin, chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 ar áireamh sna deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis an gcóras “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia).

(4)

An 4 Lúnasa 2021, i ndiaidh iarraidh a fháil ón Úcráin, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis an gcóras “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia), ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá ar áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis an gcóras “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia).

(5)

Ina theannta sin, chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún go n-eiseodh sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair tá Vaxzevria, Comirnaty, Spikevax, vacsaín Janssen i gcoinne COVID-19, vacsaín Coronavac (Vero Cell) Díghníomhaithe i gcoinne COVID-19, Covishield, agus NVX-CoV2373.

(6)

Chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún freisin nach n-eiseoidh sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha ach amháin i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh nó i ndáil le mearthástálacha antaiginí a liostaítear sa liosta coiteann cothrom le dáta de mhearthástálacha antaigíní COVID-19 arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte ar bhonn Mholadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 (3), ar Coiste é a bunaíodh le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(7)

Thairis sin, chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh ar a luaithe 14 lá tar éis tástáil dhearfach. Tá na deimhnithe sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá tar éis dháta na chéad tástála dearfaí.

(8)

Chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit, tíortha LEE, agus tíortha eile a nglactar cinneadh cur chun feidhme ina leith de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953. Maidir le daoine a bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE acu lena ndearbhaítear tástáil dhiúltach NAAT agus Deimhniú Digiteach COVID AE lena ndearbhaítear tástáil dhiúltach RAT, chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún go bhfuil cead ag na daoine sin dul isteach san Úcráin, ach go gceanglaítear orthu tástáil bhreise NAAT\RAT a dhéanamh laistigh de 72 uair an chloig, rud a cheanglaítear ar shaoránaigh na hÚcráine freisin.

(9)

Ina theannta sin, chuir an Úcráin in iúl don Choimisiún go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun stádas vacsaínithe, stádas tástála agus stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú agus chuige sin amháin nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí san Úcráin, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

(10)

Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis an gcóras “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia) le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(11)

Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis an gcóras “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia), ba cheart glacadh leis na deimhnithe sin faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5), Airteagal 6(5) agus Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2021/953.

(12)

Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart an Úcráin a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

(13)

Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun an Cinneadh seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

(14)

I bhfianaise an ghá atá ann an Úcráin a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir leis an gcóras “Single State portal of electronic services” (Tairseach agus feidhmchlár móibíleach Diia) ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 2

Déanfar an Úcráin a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).

(3)  Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 maidir le creat comhchoiteann i ndáil le húsáid agus bailíochtú mearthástálacha antaiginí agus le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do thorthaí tástála COVID-19 san Aontas (IO C 24, 22.1.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le mórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).


20.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 297/38


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1381 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Lúnasa 2021

lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Macadóine Thuaidh leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ina gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Macadóine Thuaidh do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Macadóine Thuaidh do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(3)

An 8 Iúil 2021, chuir an Mhacadóin Thuaidh faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe COVID-19 idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh faoin gCóras Náisiúnta Ríomhshláinte. Chuir an Mhacadóin Thuaidh in iúl don Choimisiún go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir an Mhacadóin Thuaidh in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag an Macadóin Thuaidh i gcomhréir leis an gCóras Náisiúnta Ríomhshláinte.

(4)

An 26 Iúil 2021, i ndiaidh iarraidh a fháil ón Macadóin Thuaidh, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag an Macadóin Thuaidh i gcomhréir leis an gCóras Náisiúnta Ríomhshláinte, ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag an Macadóin Thuaidh i gcomhréir leis an gCóras Náisiúnta Ríomhshláinte.

(5)

Ina theannta sin, chuir an Mhacadóin Thuaidh in iúl don Choimisiún go n-eiseodh sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh na vacsaíní seo a leanas i gcoinne COVID-19: Vaxzevria, Comirnaty, Sputnik V, Sinopharm agus Sinovac.

(6)

Thairis sin, chuir an Mhacadóin Thuaidh in iúl don Choimisiún nach n-eiseodh sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha ach amháin i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh nó i ndáil le mearthástálacha antaiginí a liostaítear sa liosta coiteann cothrom le dáta de mhearthástálacha antaigíní COVID-19 arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte ar bhonn Mholadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 (3), ar Coiste é a bunaíodh le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(7)

Chuir an Mhacadóin Thuaidh in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit, tíortha LEE, agus tíortha eile a nglactar cinneadh cur chun feidhme ina leith de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953.

(8)

Ina theannta sin, chuir an Mhacadóin Thuaidh in iúl don Choimisiún go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun stádas vacsaínithe, stádas tástála agus stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú agus chuige sin amháin nuair a bheidh deimhnithe a bhfíorú ag fíoraitheoirí sa Mhacadóin Thuaidh, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

(9)

Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag an Macadóin Thuaidh i gcomhréir leis an gCóras Náisiúnta Ríomhshláinte le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(10)

Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag an Macadóin Thuaidh i gcomhréir leis an gCóras Náisiúnta Ríomhshláinte, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5), Airteagal 6(5) agus Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2021/953.

(11)

Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart an Mhacadóin Thuaidh a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.

(12)

Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun an Cinneadh seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

(13)

I bhfianaise an ghá atá ann an Mhacadóin Thuaidh a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(14)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag an Macadóin Thuaidh i gcomhréir leis an gCóras Náisiúnta Ríomhshláinte ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 2

Déanfar an Mhacadóin Thuaidh a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).

(3)  Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 maidir le creat comhchoiteann i ndáil le húsáid agus bailíochtú mearthástálacha antaiginí agus le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do thorthaí tástála COVID-19 san Aontas (IO C 24, 22.1.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le mórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).


20.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 297/41


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1382 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Lúnasa 2021

lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Tuirce leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ina gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Tuirce do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Tuirce do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(3)

An 9 Iúil 2021, chuir Poblacht na Tuirce faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe COVID-19 idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh faoin gcóras dar teideal “Health Pass”. Chuir Poblacht na Tuirce in iúl don Choimisiún go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Poblacht na Tuirce in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Tuirce i gcomhréir leis an gcóras “Health Pass”.

(4)

An 26 Iúil 2021, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Phoblacht na Tuirce, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Tuirce i gcomhréir leis an gcóras “Health Pass”, ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Tuirce i gcomhréir leis an gcóras “Health Pass”.

(5)

Ina theannta sin, chuir Poblacht na Tuirce in iúl don Choimisiún go n-eiseodh sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair, tá Sinovac, Comirnaty agus Sputnik V.

(6)

Chuir Poblacht na Tuirce in iúl don Choimisiún freisin nach n-eiseoidh sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha ach amháin i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh nó i ndáil le mearthástálacha antaiginí a liostaítear sa liosta coiteann cothrom le dáta de mhearthástálacha antaigíní COVID-19 arna gcomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte ar bhonn Mholadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 (3), ar Coiste é a bunaíodh le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(7)

Thairis sin, chuir Poblacht na Tuirce in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh ar a luaithe 21 lá tar éis tástáil dhearfach. Tá na deimhnithe sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá tar éis dháta na chéad tástála dearfaí.

(8)

Chuir Poblacht na Tuirce in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit, tíortha LEE, agus tíortha eile a nglactar cinneadh cur chun feidhme ina leith de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953.

(9)

Ina theannta sin, chuir Poblacht na Tuirce in iúl don Choimisiún go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun stádas vacsaínithe, stádas tástála agus stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú agus chuige sin amháin nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí i bPoblacht na Tuirce, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

(10)

Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Tuirce i gcomhréir leis an gcóras “Health Pass” le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(11)

Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Tuirce i gcomhréir leis an gcóras “Health Pass”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5), Airteagal 6(5) agus Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2021/953.

(12)

Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Poblacht na Tuirce a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.

(13)

Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun an Cinneadh seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

(14)

I bhfianaise an ghá atá ann Poblacht na Tuirce a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 a luaithe is féidir, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Tuirce i gcomhréir leis an gcóras “Health Pass” ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 2

Déanfar Poblacht na Tuirce a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).

(3)  Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 maidir le creat comhchoiteann i ndáil le húsáid agus bailíochtú mearthástálacha antaiginí agus le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do thorthaí tástála COVID-19 san Aontas (IO C 24, 22.1.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le mórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).