ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 281 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
64 |
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
4.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 281/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1291 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Iúil 2021
lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“Demerara Rum”)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáille, úsáid ainmneacha deochanna biotáille i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáille, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 30(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Guáine an 28 Meitheamh 2018 maidir le clárú an táisc gheografaigh “Demerara Rum”. |
(2) |
Rialachán (AE) 2019/787 a thagann in ionad Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tháinig sé i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2019. I gcomhréir le hAirteagal 49(1) den Rialachán sin, déantar Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, maidir le tásca geografacha, a aisghairm le héifeacht ón 8 Meitheamh 2019. |
(3) |
Ar chinneadh don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, d’fhoilsigh sé príomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar fhoráiltear le hAirteagal 17(6) den Rialachán sin, i gcomhréir le hAirteagal 50(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/787. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787, níor tugadh aon fhógra freasúra don Choimisiún. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tásc “Demerara Rum” a chlárú mar thásc geografach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an tásc geografach “Demerara Rum” cláraithe. I gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Rialachán (AE) 2019/787, an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán sin, deonaítear leis an Rialachán seo í don ainm “Demerara Rum”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).
4.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 281/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1292 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Iúil 2021
lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin (“Chufa de Valencia” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun na chéad fhomhíre de mhír 1 d’Airteagal 53 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Spáinne maidir le formheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Chufa de Valencia” atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 378/1999 ón gCoimisiún (2), faoi mar a leasaíodh é le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 889/2013 ón gCoimisiún (3). San áireamh sa leasú sin tá leasú ar an ainm “Chufa de Valencia” go “Chufa de Valencia”/“Xufa de València”. |
(2) |
Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (4). |
(3) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Chufa de Valencia” (STFC) formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
thar ceann an Uachtaráin
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 378/1999 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 1999 lena bhforlíontar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2400/96 maidir le ainmneacha áirithe a chlárú i “gClár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint” dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair a chosaint (IO L 46, 20.2.1999, lch. 13)
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 889/385 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2013 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Chufa de Valencia (STFC)) (IO L 247, 18.9.2013, lch. 22).
4.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 281/4 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1293 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Lúnasa 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí áirithe den bhreac dea-dhathach de thionscnamh na Tuirce tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, allmhairí ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad, agus go háirithe Airteagal 24(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá allmhairí den bhreac dea-dhathach de thionscnamh na Tuirce faoi réir dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 ón gCoimisiún (2). |
(2) |
BAFA Su Ürünleri Yavru Üretim Merkezi Sanayi Ticaret AŞ (“Bafa”), cód breise TARIC (3) B965, is cuideachta í atá faoi réir ráta dleachta frithchúitimh aonair 1,5 % (4), agus chuir sí in iúl don Choimisiún tar éis cumasc lena máthairchuideachta gur athraigh sí a hainm go Kılıç Deniz Ürünleri Üretimi İhracat İthalat ve Ticaret A.Ș. |
(3) |
Tar éis don chuideachta a hainm (5) a athrú, d’iarr sí ar an gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2020 a dheimhniú nach ndéanann an t-athrú ainm difear do cheart na cuideachta leas a bhaint as an ráta dleachta frithchúitimh aonair a cuireadh i bhfeidhm uirthi faoin ainm a bhí aici roimhe seo. |
(4) |
Scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh, agus is é conclúid a bhain sé aisti go raibh an t-athrú ainm cláraithe i gceart leis na húdaráis ábhartha, gur laistigh den ghrúpa cuideachtaí a raibh Bafa páirteach ann a tharla sé, agus nach raibh aon chaidreamh nua ann le grúpaí eile cuideachtaí mar thoradh air, caidreamh nár imscrúdaigh an Coimisiún. |
(5) |
Dá réir sin, ní dhéanann an t-athrú ainm difear do thorthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 ón gCoimisiún, ná go háirithe don ráta dleachta frithchúitimh is infheidhme maidir leis. Rud eile a dheimhnigh an fhianaise sa chomhad gurbh ón 31 Lúnasa 2020 ab infheidhme don athrú ar an ainm, mar is amhlaidh an lá sin a taifeadadh an t-athrú i gClárlann Tráchtála Bodrum. |
(6) |
I bhfianaise a bhfuil san aithris thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 a leasú chun ainm athraithe na cuideachta a léiriú, ainm a sannadh roimhe seo do chód TARIC breise B965. |
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Leasaítear Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 mar a leanas:
“BAFA Su Ürünleri Yavru Üretim Merkezi Sanayi Ticaret AŞ” |
B965 |
cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:
“Kılıç Deniz Ürünleri Üretimi İhracat İthalat ve Ticaret A.Ş.” |
B965 |
2. Ón 31 Lúnasa 2020, beidh feidhm ag cód breise TARIC, cód B965 a sannadh roimhe seo do BAFA Su Ürünleri Yavru Üretim Merkezi Sanayi Ticaret AŞ, maidir le Kılıç Deniz Ürünleri Üretimi İhracat İthalat ve Ticaret AŞ. Aon dleacht chinntitheach a d’íoc Kılıç Deniz Ürünleri Üretimi İhracat İthalat ve Ticaret AŞ de bhreis ar an dleacht frithchúitimh arna bunú in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/658 agus Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 i ndáil le BAFA Su Ürünleri Yavru Üretim Merkezi Sanayi Ticaret AȘ, is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim infheidhme.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí áirithe den bhreac dea-dhathach de thionscnamh na Tuirce tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 183, 25.5.2021, lch. 5.
(3) Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.
(4) Is le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/658 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2020 a forchuireadh an ráta dleachta seo an chéad lá, agus is leis a leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/309 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach ar allmhairí áirithe den bhreac dea-dhathach de thionscnamh na Tuirce tar éis athbhreithniú eatramhach a dhéanamh de bhun Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 155, 18.5.2020, lch. 3).
(5) Clár Tráchtála Bodrum, Poblacht na Tuirce, ordú fógartha Uimh. 1623 an 31 Lúnasa 2020.
(6) Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21).