ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 258

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
20 Iúil 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2021/1187 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích (TEN-T)

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1188 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/138

14

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1189 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach ó ghéinis nó speicis ar leith ( 1 )

18

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1190 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice úsáid TCF agus ríomhthráchtáil le haghaidh na bliana tagartha 2022, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

28

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1191 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2021 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach clóipirilid a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún ( 1 )

37

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1192 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2021/142

42

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1193 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Bhosnia agus sa Heirseagaivéin agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1340

46

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1194 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1135

48

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1195 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2021 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le feistí leighis diagnóiseacha in vitro a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

50

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1196 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh áirithe raidió, mar atá caighdeáin a bhaineann le gairis rad-aimsithe a dhéanann grinnscrúdú ar an talamh agus ar bhallaí, le trealamh aitheanta radaimhinicíochta, le trealamh raidió le haghaidh córais iarnróid Euroloop, le gairis líonraithe gearr-raoin, le feidhmchláir thionsclaíocha gan sreang agus le nasc raidió cumarsáide leathanbhanda le haghaidh long agus suiteálacha amach ón gcósta

53

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

TREORACHA

20.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/1


TREOIR (AE) 2021/1187 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích (TEN-T)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar amach creat coiteann maidir le gréasáin úrscothacha idir-inoibritheacha a chruthú san Aontas, le freastal ar a saoránaigh, agus é mar chuspóir acu comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach an Aontais a neartú agus rannchuidiú le limistéar iompair agus soghluaisteachta Eorpach aonair a bhunú, agus ar an gcaoi sin an margadh inmheánach a neartú. Struchtúr dhá shraith atá sa ghréasán thras-Eorpach iompair (TEN-T), lena cuimsítear gréasán cuimsitheach agus croíghréasán. Leis an ngréasán cuimsitheach, áirítear nascacht na réigiún uile san Aontas agus is éard atá sa chroíghréasán na gnéithe sin den ghréasán cuimsitheach ar mó a dtábhacht straitéiseach don Aontas. Le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, leagtar amach spriocanna ceangailteacha, maidir leis an gcroíghréasán a thabhairt chun críche faoi 2030 agus an gréasán cuimsitheach a thabhairt chun críche faoi 2050, go háirithe trí thosaíocht a thabhairt do naisc thrasteorann, trí idir-inoibritheacht a fheabhsú, agus trí rannchuidiú le comhtháthú ilmhódach bhonneagar iompair an Aontais.

(2)

D’ainneoin an ghá atá ann an TEN-T a thabhairt chun críche agus na hamlínte ceangailteacha a bhaineann leis sin, is léir ón taithí a fuarthas roimhe seo, i gcás a lán infheistíochtaí arb é is aidhm leo TEN-T a thabhairt chun críche, go mbíonn nósanna imeachta iomadúla, éagsúla agus casta um dheonú ceadanna le sárú acu, nósanna imeachta soláthar trasteorann agus nósanna imeachta eile. Leis sin, bíonn an baol ann nach gcuirtear tionscadail chun feidhme in am trátha agus, i gcuid mhaith cásanna, bíonn moilleanna suntasacha agus ardú costais ann dá bharr sin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh éiginnteacht a bheith ann do thionscnóirí tionscadail agus d’infheisteoirí príobháideacha ionchasacha agus d’fhéadfadh sé, i gcásanna áirithe, nach gcuirfí tionscadail i gcrích mar a bhí beartaithe ar dtús. Is é is aidhm don Treoir seo aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus TEN-T a thabhairt i gcrích ar bhealach sioncronaithe tráthúil trí ghníomhaíocht chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Agus a bpleananna agus a gcláir náisiúnta á ndréachtú acu, ba cheart do na Ballstáit forbairt TEN-T a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 49(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.

(3)

Ba cheart go gcumhdófaí leis an Treoir seo nósanna imeachta a bhaineann le tionscadail, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol. Mar sin féin, níor cheart gur dhochar an Treoir seo do phleanáil uirbeach nó pleanáil úsáide talún, do nósanna imeachta a bhaineann le sholáthairtí poiblí a dhámhachtain, agus do na céimeanna a dhéantar ar an leibhéal straitéiseach nach mbaineann le tionscadail, amhail measúnuithe straitéiseacha comhshaoil, pleanáil bhuiséadach phoiblí chomh maith le pleananna iompair náisiúnta nó réigiúnacha. Chun éifeachtúlacht na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a mhéadú agus chun doiciméadacht tionscadail ar ardchaighdeán a áirithiú, ba cheart do thionscnóirí tionscadail an obair ullmhúcháin a dhéanamh amhail réamhstaidéir agus réamhthuarascálacha sula gcuirfear tús leis an nós imeachta um dheonú ceadanna. Níor cheart an Treoir seo a bheith infheidhme maidir le nósanna imeachta os comhair údarás achomhairc riaracháin, os comhair cúirte nó os comhair binse.

(4)

Ba cheart an Treoir seo a bheith infheidhme maidir le tionscadail ar cuid de chodanna réamh-shainaitheanta an chroíghréasáin iad a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo agus maidir le tionscadail eile ar chonairí an chroíghréasáin ar mó ná EUR 300 000 000 a gcostas iomlán. Is minic a bhíonn tábhacht straitéiseach ag baint le tionscadail ar mó ná sin an costas a bhaineann leo, i ndáil le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach agus cuidíonn siad le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 a bhaint amach. Sainaithnítear conairí an chroíghréasáin trí na hailínithe atá i Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus léarscáileanna an chroíghréasáin atá i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013. Is é córas idirghníomhach faisnéise geografaí agus teicniúla do TEN-T (TENtec) bonn teicniúil na léarscáileanna sin, córas ina bhfuil sonraí níos mine i dtaobh bhonneagar an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair.

(5)

Tionscadail a bhaineann go heisiach le feidhmchláir theileamaitice, le teicneolaíochtaí nua agus leis an nuálaíocht, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Chinnidh seo os rud é nach bhfuil a n-úsáid teoranta don chroíghréasán.

(6)

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail eile a bhaineann leis an gcroíghréasán agus leis an ngréasán cuimsitheach, lena n-áirítear tionscadail a bhaineann go heisiach le feidhmchláir theileamaitice, le teicneolaíochtaí nua agus le nuálaíocht, chun cur chuige comhchuibhithe a bhaint amach do thionscadail bonneagair iompair. Trí liostaí de thionscadail aonair a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a fhoilsiú ag údaráis náisiúnta, d’fhéadfaí go méadófaí trédhearcacht do thionscnóirí tionscadail maidir le hoibreacha atá idir lámha agus oibreacha a dhéanfar amach anseo trasna an TEN-T.

(7)

I bhfianaise na measúnuithe éagsúla comhshaoil dá bhforáiltear i ndlí ábhartha an Aontais agus sa dlí ábhartha náisiúnta ar measúnaithe iad atá riachtanach do dheonú ceadanna i gcás tionscadail a bhaineann leis an gcroíghréasán, ba cheart do na Ballstáit nós imeachta simplithe a chur ar bun, i gcás inarb indéanta agus iomchuí sin, lena gcomhlíonfaí ceanglais dhlí sin an Aontais agus an dlí náisiúnta sin chun cuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo a bhaint amach, arb é is aidhm dóibh an cuíchóiriú a dhéantar ar bhearta a mhéadú.

(8)

Ba cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, i gcás inarb ábhartha. Féadfar a áireamh sa tosaíocht sin amlínte níos giorra, nósanna imeachta comhuaineacha nó tréimhsí ama teoranta le haghaidh achomharc agus é á áirithiú, ag an am céanna, go mbaintear amach cuspóirí na mbeartas cothrománach eile, amhail beartais chomhshaoil arb é is aidhm dóibh éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc, a laghdú nó a fhritháireamh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Faoi chuimsiú an chreata dhlíthiúil i gcuid mhaith de na Ballstáit, tugtar tosaíocht do chatagóirí áirithe tionscadal ar bhonn a dtábhachta straitéisí don gheilleagar. I gcás ina bhfuil tosaíocht den sórt sin á tabhairt laistigh de chreat dlíthiúil náisiúnta, ba cheart feidhm a bheith aige go huathoibríoch maidir le tionscadail a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit nósanna imeachta sonracha um dheonú ceadanna a thástáil i gcás líon teoranta tionscadal chun meastóireacht a dhéanamh an bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm i gcás tionscadal eile freisin. Le linn na tréimhse tástála seo, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar an mBallstát lena mbaineann nósanna imeachta tástála den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail eile a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

(9)

Chun bheith in ann bainistiú soiléir a dhéanamh ar an nós imeachta foriomlán agus chun pointe iontrála a sholáthar do thionscnóirí tionscadail, ba cheart tacú le tionscadail ar chonairí an chroíghréasáin le nósanna imeachta éifeachtúla um dheonú ceadanna. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú ag brath ar a gcreataí dlíthiúla náisiúnta agus a gcórais riaracháin agus na cineálacha tionscadal lena mbaineann. I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát údaráis éagsúla, ba cheart dó a áirithiú nach n-ainmneofar ach an t-aon údarás amháin i gcás tionscadail ar leith agus i gcás nós imeachta ar leith um dheonú ceadanna.

(10)

Le hainmniú údaráis a fheidhmíonn mar phointe teagmhála don tionscnóir tionscadail, ba cheart go laghdófaí castacht na nósanna imeachta, go bhfeabhsófaí éifeachtúlacht agus go méadófaí trédhearcacht na nósanna imeachta. Ina theannta sin, i gcás inarb iomchuí, ba cheart go bhfeabhsódh sé an comhar idir na Ballstáit. Ba cheart fíorchomhar idir tionscnóirí tionscadail agus an t-údarás ainmnithe a chur chun cinn leis na nósanna imeachta.

(11)

Cúraimí a bhaineann le comhordú agus údarú a dhéanamh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, ar thionscadail shonracha maidir le bonneagar a atógáil ar an gcroíghréasán i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine, féadfar na cúraimí sin, inter alia, a chur ar iontaoibh an údaráis ainmnithe.

(12)

Ba cheart nár dhochar an nós imeachta dá bhforáiltear sa Treoir seo do chomhlíonadh cheanglais an dhlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais, lena n-áirítear ceanglais chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint. Níor cheart caighdeáin níos ísle, ar caighdeáin iad atá beartaithe chun éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc, a laghdú nó a fhritháireamh, a bheith mar thoradh ar an Treoir seo.

(13)

I bhfianaise na práinne a bhaineann le tabhairt chun críche an chroíghréasáin, ba cheart teorainn ama a bheith ag gabháil leis an simpliú ar na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, i gcás nósanna imeachta lena ndírítear ar chinneadh údarúcháin a ghlacadh chun an bonneagar iompair a thógáil. Ba cheart don teorainn ama sin láimhseáil níos éifeachtúla ar nósanna imeachta a spreagadh, agus níor cheart di, ar chúinse ar bith, an bonn a bhaint d’ardchaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí. Ba cheart a bheith in ann síneadh a chur leis an teorainn ama do na nósanna imeachta um dheonú ceadanna i gcásanna cuí-réasúnaithe, lena n-áirítear nuair a thagann imthosca nárbh fhéidir a thuar chun cinn nó i gcás inar gá chun an comhshaol a chosaint. D’fhéadfaí an síneadh sin a shloinneadh, mar shampla, mar thréimhse ama nó, a léiriú trí thagairt do dháta, nó mar imeacht áirithe eile a bheidh ann amach anseo. Níor cheart a áireamh sa teorainn ama sínithe sin, go háirithe an t-am is gá chun nósanna imeachta riaracháin nó achomhairc bhreithiúnaigh ná an t-am is gá chun leigheasanna breithiúnacha a lorg roimh chúirt ná bhinse. Níor cheart freagracht a leagan ar na Ballstáit i gcás nár comhlíonadh an teorainn ama sin más é tionscnóir an tionscadail is cúis leis an moill, mar shampla i gcás nár chomhlíon tionscnóir an tionscadail leis na teorainneacha ama a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó leis na teorainneacha ama táscacha atá leagtha síos ag an údarás ainmnithe nó i gcás inar ghníomhaigh tionscnóir an tionscadail le moill mhíchuí.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh lena áirithiú go ndéileálfar ar an mbealach is éifeachtúla is féidir le hachomhairc lena ndéantar dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht ghnásúil cinnidh údarúcháin a agóid.

(15)

Beidh dúshláin ar leith ag baint le tionscadail bhonneagair TEN-T a bhaineann le dhá Bhallstát nó níos mó a mhéid a bhaineann le comhordú na nósanna imeachta um dheonú ceadanna. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis ainmnithe na mBallstát lena mbaineann comhoibriú chun a gcuid amchlár a chomhordú agus chun sceideal comhpháirteach a bhunú maidir leis an nós imeachta um dheonú ceadanna, a mhéid atá comhordú a gcuid amchláir agus bunú an sceidil chomhpháirtigh den sórt sin indéanta agus iomchuí i bhfianaise staid ullmhachta nó aibíochta an tionscadail, rud atá ag brath go príomha ar thionscnóir an tionscadail, go háirithe an dáta ar thug an tionscnóir tionscadail fógra faoin tionscadal d’údarás ainmnithe gach ceann de na Ballstáit sin.

(16)

Ba cheart na Comhordaitheoirí Eorpacha arna n-ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 a chur ar an eolas faoi na nósanna imeachta ábhartha le gur fusa a bheidh sé iad a shioncrónú agus a thabhairt chun críche i bhfianaise chur chun feidhme tráthúil an chroíghréasáin faoi 2030.

(17)

I gcás ina leathnaítear TEN-T chuig tríú tíortha, i gcomhréir leis na léarscáileanna táscacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, ba cheart a iarraidh ar na tríú tíortha sin, i gcás inarb ábhartha, rialacha atá comhchosúil leis na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo a chur i bhfeidhm.

(18)

Ba cheart soláthar poiblí i dtionscadail trasteorann a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí agus, i gcás inarb ábhartha, le Treoir 2014/24/AE (6) nó le Treoir 2014/25/AE (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun a áirithiú go ndéanfar tionscadail trasteorann an chroíghréasáin a thabhairt chun críche go héifeachtúil, ba cheart soláthar poiblí a dhéanann eintiteas comhpháirteach a bheith faoi réir reachtaíocht náisiúnta Ballstáit amháin. De mhaolú ar dhlí an Aontais maidir le soláthar poiblí, ba cheart, i bprionsabal, gur dlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eintiteas comhpháirteach an dlí náisiúnta is infheidhme. Ba cheart é a bheith fós indéanta an dlí náisiúnta is infheidhme a chinneadh trí bhíthin comhaontú idir-rialtasach. I gcás soláthar poiblí arna dhéanamh ag fochuideachta eintitis chomhpháirtigh, ba cheart don fhochuideachta sin an dlí náisiúnta de chuid ceann de na Ballstáit lena mbaineann a chur i bhfeidhm, a bhféadfadh gurb é an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an eintiteas comhpháirteach é. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart na straitéisí soláthair atá ann faoi láthair a bheith infheidhme i gcónaí maidir le heintiteas comhpháirteach a bunaíodh roimh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

(19)

Ní bhíonn baint chórasach ag an gCoimisiún le húdarú tionscadal aonair. I gcásanna áirithe, áfach, bíonn gnéithe áirithe d’ullmhú tionscadail faoi réir imréiteach ar leibhéal an Aontais. I gcás ina bhfuil an Coimisiún rannpháirteach sna nósanna imeachta, tabharfaidh sé tús áite do thionscadail de chuid an Aontais agus áiritheoidh sé cinnteacht do thionscnóirí tionscadail. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh gá a bheith le formheas Státchabhrach. Gan dochar do na spriocamanna a leagtar síos sa Treoir seo agus i gcomhréir leis an gCód Dea-Chleachtas maidir le seoladh nósanna imeachta i dtaobh rialú Státchabhrach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann iarraidh ar an gCoimisiún déileáil le tionscadail a bhaineann leis an gcroíghréasán a mheasann siad gur tosaíochtaí iad trí amlínte níos intuartha a chur i bhfeidhm faoi réir an chur chuige um punann cásanna nó faoin bpleanáil arna comhaontú go frithpháirteach.

(20)

Ba cheart tacú le cur chun feidhme tionscadail bhonneagair a bhaineann leis an gcroíghréasán freisin le treoirlínte ón gCoimisiún lena soláthraítear soiléireacht bhreise i dtaobh cur chun feidhme cineálacha áirithe tionscadal agus urraim á thabhairt d’acquis an Aontais an tráth céanna. Sa chomhthéacs sin, i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2017, dar teideal Action Plan for nature, people and the economy [Plean Gníomhaíochta maidir leis an dúlra, le daoine agus leis an ngeilleagar], tugtar treoir agus soiléireacht bhreise a mhéid a bhaineann leis an gcaoi a dhéantar Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (9) a chomhlíonadh. Chun a áirithiú go mbainfear an luach is fearr as airgead poiblí, ba cheart tacaíocht dhíreach a bhaineann le soláthar poiblí a chur ar fáil i leith tionscadail.

(21)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóir na Treorach seo, eadhon bearta a chuíchóiriú maidir le réadú TEN-T a chur chun cinn, a ghnóthú go leordhóthanach agus, toisc gur gá an creat maidir le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail TEN-T a neartú trí ghníomhaíocht chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(22)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le nósanna imeachta um dheonú ceadanna ar cuireadh tús leo roimh dháta thrasuí na Treorach seo,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna is gá chun cur chun feidhme an mhéid seo a leanas a údarú:

(a)

tionscadail atá mar chuid de na codanna réamhshainaitheanta den chroíghréasán mar a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b)

tionscadail eile atá ar chonairí an chroíghréasáin, arna sainaithint de bhun Airteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, ar mó a gcostas iomlán ná EUR 300 000 000,

cé is moite de thionscadail a bhaineann go heisiach le feidhmchláir theileamaitice, le teicneolaíochtaí nua agus le nuálaíocht de réir bhrí Airteagail 31 agus 33 den Rialachán sin.

Beidh feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le soláthairtí poiblí i dtionscadail trasteorann a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

2.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail eile atá ar an gcroíghréasán agus ar an ngréasán cuimsitheach, lena n-áirítear tionscadail a bhaineann go heisiach le feidhmchláir theileamaitice, le teicneolaíochtaí nua agus le nuálaíocht dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoina gcinneadh don Choimisiún.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “cinneadh údarúcháin” an cinneadh nó sraith cinntí, a d’fhéadfadh a bheith de chineál riaracháin, a dhéanann údarás nó údaráis de chuid Ballstáit, gan údaráis achomhairc riaracháin ná bhreithiúnacha a bheith san áireamh, ag an am céanna nó i ndiaidh a chéile, faoi chóras dlí náisiúnta agus faoi dhlí riaracháin náisiúnta lena gcinntear cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil tionscnóir i dteideal an tionscadal a chur chun feidhme sa limistéar geografach lena mbaineann, gan dochar d’aon chinneadh a ghlacfar i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin nó bhreithiúnaigh;

(2)

ciallaíonn “nós imeachta um dheonú ceadanna” aon nós imeachta nach mór a leanúint i ndáil le tionscadal aonair a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo chun an cinneadh údarúcháin a fháil de réir mar a cheanglaíonn údarás nó údaráis an Bhallstáit, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, cé is moite de phleanáil uirbeach nó úsáide talún, nósanna imeachta a bhaineann le soláthairtí poiblí a dhámhachtain, agus céimeanna a dhéantar ar an leibhéal straitéiseach nach dtagraíonn do thionscadal ar leith, amhail measúnú straitéiseach comhshaoil, pleanáil bhuiséadach phoiblí chomh maith le pleananna iompair náisiúnta nó réigiúnacha;

(3)

ciallaíonn “tionscadal” togra chun cuid shainithe den bhonneagar iompair a thógáil, a oiriúnú nó a mhodhnú, arb é is aidhm dó toilleadh, sábháilteacht agus éifeachtúlacht an bhonneagair sin a fheabhsú agus ar gá a chur chun feidhme a bheith formheasta trí bhíthin chinneadh údarúcháin;

(4)

ciallaíonn “tionscadal trasteorann” tionscadal lena gcumhdaítear cuid trasteorann idir dhá Bhallstát nó níos mó;

(5)

ciallaíonn “tionscnóir tionscadail” an t-iarratasóir ar údarú le haghaidh cur chun feidhme tionscadail nó an t-údarás poiblí a dhéanann tionscadal a thionscnamh;

(6)

ciallaíonn “údarás ainmnithe” an t-údarás arb é pointe teagmhála an tionscnóra tionscadail é agus a éascaíonn próiseáil éifeachtúil agus struchtúrtha nósanna imeachta um dheonú ceadanna i gcomhréir leis an Treoir seo;

(7)

ciallaíonn “comhúdarás” údarás a bhunaítear trí chomhaontú frithpháirteach idir dhá Bhallstát nó níos mó chun na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a bhaineann le tionscadail trasteorann a éascú, lena n-áirítear comhúdaráis arna mbunú ag na húdaráis ainmnithe sin i gcás ina dtugann na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis ainmnithe sin comhúdaráis a bhunú.

Airteagal 3

Stádas tosaíochta

1.   Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis uile, lena n-áirítear an t-údarás ainmnithe, atá rannpháirteach sa nós imeachta um dheonú ceadanna, seachas cúirteanna agus binsí, tosaíocht a thabhairt do thionscadail a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

2.   I gcás inarb ann do nósanna imeachta sonracha um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail tosaíochta faoin dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar do chuspóirí, do cheanglais agus do theorainneacha ama na Treorach seo, go ndéileálfar le tionscadail a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo faoi na nósanna imeachta sin. Ní chuirfidh sé sin cosc ar na Ballstáit nósanna imeachta sonracha um dheonú ceadanna a thástáil le haghaidh líon teoranta tionscadal, chun meastóireacht a dhéanamh an bhféadfaí iad a leathnú chuig tionscadail eile, gan gá leis na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm ar thionscadail a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

3.   Ní dochar an t-Airteagal seo d’aon chinntí buiséadacha.

Airteagal 4

Údarás Ainmnithe

1.   Faoin 10 Lúnasa 2023, déanfaidh gach Ballstát na húdaráis a bheidh ag gníomhú mar údarás ainmnithe a ainmniú, agus an méid sin a dhéanamh ar an leibhéal riaracháin iomchuí.

2.   Féadfaidh Ballstát, i gcás inarb ábhartha, údaráis éagsúla a ainmniú mar an t-údarás ainmnithe ag brath ar an tionscadal nó ar an gcatagóir tionscadal, ar an modh iompair, nó ar an limistéar geografach. I gcás den chineál sin, áiritheoidh an Ballstáit nach n-ainmneofar ach an t-aon údarás amháin i gcás tionscadail ar leith agus i gcás nós imeachta ar leith um dheonú ceadanna.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun faisnéis atá ar fáil go héasca faoi chéannacht an údaráis ainmnithe maidir le thionscadal ar leith a thabhairt do thionscnóirí tionscadail.

4.   Féadfaidh na Ballstáit an chumhacht a thabhairt don údarás ainmnithe an cinneadh údarúcháin a ghlacadh.

I gcás ina mbeidh sé de chumhacht ag an údarás ainmnithe an cinneadh údarúcháin a ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás ainmnithe a fhíorú go bhfuarthas na ceadanna, na cinntí agus na barúlacha uile is gá chun an cinneadh údarúcháin a ghlacadh agus tabharfaidh sé fógra don tionscnóir tionscadail faoin gcinneadh údarúcháin.

5.   I gcás nach bhfuil an chumhacht ag an údarás ainmnithe an cinneadh údarúcháin a ghlacadh, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar fógra don tionscnóir tionscadail gur glacadh an cinneadh údarúcháin.

6.   Féadfaidh na Ballstáit an chumhacht a thabhairt don údarás ainmnithe teorainneacha ama táscacha a bhunú do chéimeanna eatramhacha éagsúla an nós imeachta um dheonú ceadanna i gcomhréir le hAirteagal 5(1), gan dochar don teorainn ama 4 bliana dá dtagraítear sa mhír sin.

7.   Déanfaidh an t-údarás ainmnithe an méid seo a leanas:

(a)

beidh sé ina phointe teagmhála faisnéise don tionscnóir tionscadail agus d’údaráis ábhartha eile a bhfuil baint acu leis an nós imeachta as a dtagann an cinneadh údarúcháin le haghaidh tionscadal áirithe;

(b)

cuirfidh sé ar fáil don tionscnóir tionscadail, i gcás ina gceanglaítear air é a dhéanamh faoin dlí náisiúnta, cur síos mionsonraithe ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 6(4), lena n-áirítear faisnéis faoi na teorainneacha ama táscacha a bhaineann leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, i gcomhréir leis an teorainn ama 4 bliana dá dtagraítear in Airteagal 5(1);

(c)

formhaoirseacht a dhéanamh ar thráthchlár an nós imeachta um dheonú ceadanna, agus go háirithe taifead a dhéanamh ar aon síneadh leis an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 5(4);

(d)

treoir a thabhairt, arna iarraidh sin, don tionscnóir tionscadail maidir leis an bhfaisnéis agus na doiciméid uile ábhartha a chur isteach, lena n-áirítear na ceadanna, cinntí agus barúlacha nach mór a fháil agus a sholáthar don chinneadh údarúcháin.

Féadfaidh an t-údarás ainmnithe treoir a thabhairt don tionscnóir tionscadail freisin maidir le cibé faisnéis bhreise agus/nó doiciméid bhreise ba cheart a sheachadadh i gcás inar diúltaíodh don fhógra dá dtagraítear in Airteagal 6(1).

8.   Ní dochar mír 7 d’inniúlacht aon údarás eile a bhfuil baint acu leis an nós imeachta um dheonú ceadanna agus don deis atá ag an tionscnóir tionscadail dul i dteagmháil leis na húdaráis aonair le haghaidh na ceadanna, cinntí nó tuairimí sonracha ar cuid iad den chinneadh údarúcháin.

Airteagal 5

Ré tréimhse an nós imeachta um dheonú ceadanna

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil do nós imeachta um dheonú ceadanna, lena n-áirítear na spriocamanna don nós imeachta sin, nach mairfidh níos mó ná 4 bliana ó thús an nós imeachta um dheonú ceadanna. Féadfaidh na Ballstáit bearta is gá a ghlacadh chun an tréimhse atá ar fáil a mhiondealú i gcéimeanna éagsúla i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta.

2.   Ní dochar an tréimhse 4 bliana dá dtagraítear i mír 1 d’oibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta agus as dlí de chuid an Aontais agus ní áireofar inti tréimhsí is gá chun tabhairt faoi nósanna imeachta achomhairc riaracháin agus breithiúnacha agus leigheasanna breithiúnacha a lorg os comhair cúirte nó binse, chomh maith le haon tréimhse is gá chun aon chinntí nó leighseanna a thagann astu a chur i bhfeidhm.

3.   Ní dochar an tréimhse 4 bliana dá dtagraítear i mír 1 do cheart Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta um dheonú ceadanna a thabhairt chun críche trí ghníomh sonrach reachtaíochta náisiúnta a ghlacadh, agus sa chás sin, d’fhéadfadh nós imeachta ghlacadh an ghnímh sin, de mhaolú ar mhír 1, dul thar an tréimhse 4 bliana, ar choinníoll go dtabharfar an obair ullmhúcháin, a ghlacfar an gníomh reachtach náisiúnta ar a bonn, i gcrích laistigh den tréimhse sin. Measfar go dtiocfaidh deireadh leis an obair ullmhúcháin nuair a chuirfear an gníomh sonrach reachtaíochta náisiúnta isteach chuig an bparlaimint náisiúnta.

4.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go bhféadfar síneadh iomchuí a dheonú ar an tréimhse 4 bliana dá dtagraítear i mír 1. Cinnfear ré an tsínidh ar bhonn gach cáis, beidh údar cuí leis agus beidh sé teoranta don chuspóir atá ann an nós imeachta um dheonú ceadanna a thabhairt chun críche agus an cinneadh údarúcháin a sholáthar. I gcás ina mbeidh síneadh den sórt sin deonaithe, cuirfear an tionscnóir tionscadail ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an deonú sin. Féadfar síneadh breise a dheonú uair amháin, faoi na coinníollacha céanna.

5.   Ní mheasfar na Ballstáit a bheith freagrach i gcás nach gcomhlíontar an tréimhse 4 bliana dá dtagraítear i mír 1, arna síneadh i gcomhréir le mír 4, más é an tionscnóir tionscadail is cúis leis an moill a tabhaíodh.

Airteagal 6

An nós imeachta um dheonú ceadanna a eagrú

1.   Tabharfaidh an tionscnóir tionscadail fógra faoin tionscadal don údarás ainmnithe nó, i gcás inarb iomchuí, don chomhúdarás a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 7(2). Is é dáta fógartha an tionscadail ag an tionscnóir tionscadail dáta tosaigh an nós imeachta um dheonú ceadanna.

2.   Chun an measúnú ar aibíocht an tionscadail a éascú, féadfaidh na Ballstáit leibhéal mionsonraithe na faisnéise agus na ndoiciméad ábhartha atá le soláthar ag an tionscnóir tionscadail a shainiú agus fógra á thabhairt maidir le tionscadal aige. Mura bhfuil an tionscadal aibí, diúltófar don fhógra trí chinneadh a bhfuil údar cuí leis tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis an fógra a fháil.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfaighidh tionscnóirí tionscadail faisnéis ghinearálta mar threoir maidir le fógra a thabhairt, a ndearnadh oiriúnú air, i gcás inarb ábhartha, de réir an mhodha iompair lena mbaineann, agus ina bhfuil faisnéis faoi na ceadanna, na cinntí agus na barúlacha riachtanacha a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun tionscadal a chur chun feidhme.

I gcás gach ceada, cinnidh nó barúla, áireofar an méid seo a leanas ar an bhfaisnéis sin:

(a)

faisnéis ghinearálta faoi raon feidhme ábhartha agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le cur isteach ag an tionscnóir tionscadail;

(b)

teorainneacha ama is infheidhme nó, mura bhfuil teorainneacha ama den sórt sin ann, teorainneacha ama táscacha; agus

(c)

sonraí na n-údarás agus na ngeallsealbhóirí a mbíonn baint acu de ghnáth le comhairliúcháin a bhaineann leis na ceadanna, na cinntí agus na tuairimí éagsúla.

Beidh rochtain éasca ag gach tionscnóir tionscadail ábhartha ar an bhfaisnéis sin, go háirithe trí thairseacha faisnéise leictreonacha nó fisiceacha.

4.   Chun tabhairt rathúil an fhógra a éascú, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an údarás ainmnithe, arna iarraidh sin don tionscnóir tionscadail, go mbunóidh sé cur síos mionsonraithe ar an iarratas ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas atá curtha in oiriúint don tionscadal aonair:

(a)

na céimeanna aonair den nós imeachta agus na teorainneacha ama infheidhme nó, i gcás nach mbeidh aon teorainneacha ama den sórt sin ann, teorainneacha ama táscacha;

(b)

raon feidhme ábhartha agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le cur isteach ag an tionscnóir tionscadail;

(c)

liosta de na ceadanna, de na cinntí agus de na barúlacha riachtanacha atá le fáil ag an tionscnóir tionscadail le linn an nós imeachta um dheonú ceadanna, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;

(d)

sonraí na n-údaráis agus na ngeallsealbhóirí a bheith rannpháirteach i ndáil leis na hoibleagáidí faoi seach, lena n-áirítear le linn chéim fhoirmiúil an chomhairliúcháin phoiblí.

5.   Beidh an cur síos mionsonraithe ar an iarratas bailí i rith an nós imeachta um dheonú ceadanna. Beidh údar cuí le haon leasú ar an gcur síos mionsonraithe ar an iarratas.

6.   Féadfaidh an t-údarás ainmnithe an fhaisnéis lena bhforlíontar na heilimintí dá dtagraítear i mír 4 a sholáthar don tionscnóir tionscadail, arna iarraidh sin.

7.   I gcás ina bhfuil comhad iomlán an iarratais tionscadail curtha isteach ag an tionscnóir tionscadail, glacfar an cinneadh údarúcháin laistigh den teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

8.   Na húdaráis atá páirteach sa nós imeachta um dheonú ceadanna, cuirfidh siad in iúl don údarás ainmnithe gur eisíodh na ceadanna, na cinntí, na tuairimí nó an cinneadh údarúcháin is gá.

Airteagal 7

Comhordú ar nósanna imeachta trasteorann um dheonú ceadanna

1.   I gcás tionscadail a bhaineann le dhá Bhallstát nó níos mó, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh údaráis ainmnithe na mBallstát sin lena chéile d’fhonn a n-amchláir a chomhordú agus sceideal comhpháirteach a chomhaontú maidir leis an nós imeachta um dheonú ceadanna.

2.   I gcás tionscadail trasteorann, féadfar comhúdarás a bhunú.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfaighidh na Comhordaitheoirí Eorpacha a ainmneofar i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 faisnéis maidir leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna agus go bhféadfaidh na Comhordaitheoirí Eorpacha teagmhálacha a éascú idir na húdaráis ainmnithe i gcomhthéacs na nósanna imeachta um dheonú ceadanna do thionscadail a bhaineann le dhá Bhallstát nó níos mó.

4.   Déanfaidh na Ballstáit, mura gcloítear leis an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 5(1), agus arna iarraidh sin, faisnéis a thabhairt do na Comhordaitheoirí Eorpacha lena mbaineann faoi na bearta a rinneadh nó atá beartaithe a dhéanamh chun cur i gcrích an nós imeachta um dheonú ceadanna a chumasú leis an moill is lú is féidir.

Airteagal 8

Soláthar poiblí i dtionscadail trasteorann

1.   I gcás ina bhfuil na nósanna imeachta soláthair á seoladh ag eintiteas comhpháirteach i dtionscadal trasteorann, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh an t-eintiteas comhpháirteach i bhfeidhm dlí náisiúnta Ballstáit amháin agus, de mhaolú ar Threoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE, is éard a bheidh sna forálacha sin na forálacha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 39(5) de Threoir 2014/24/AE nó pointe (a) d’Airteagal 57(5) de Threoir 2014/25/AE, de réir mar is infheidhme, mura mbeidh comhaontú ann idir na Ballstáit rannpháirteacha lena bhforáiltear a mhalairt. Déanfar foráil i gcomhaontú den sórt sin, ar chaoi ar bith, go mbeidh feidhm ag dlí náisiúnta de chuid Ballstáit amháin le haghaidh nósanna imeachta soláthair arna seoladh ag eintiteas comhpháirteach.

2.   Maidir le soláthar poiblí arna seoladh ag fochuideachta eintitis chomhpháirtigh, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh an fhochuideachta dlí náisiúnta ceann de na Ballstáit i bhfeidhm. I ndáil leis an méid sin, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann cinneadh a dhéanamh go gcuirfidh an fhochuideachta an dlí náisiúnta is infheidhme i bhfeidhm maidir leis an eintiteas comhpháirteach.

Airteagal 9

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le tionscadail ar cuireadh tús leis na nósanna imeachta um dheonú ceadanna ina leith roimh an 10 Lúnasa 2023.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 8 ach amháin maidir leis na conarthaí sin a ndearnadh an glao ar thairiscintí ina leith a sheoladh cheana nó, i gcás nach bhforáiltear do ghlao ar thairiscintí, inar chuir an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach tús leis an nós imeachta um dheonú ceadanna, tar éis an 10 Lúnasa 2023.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 8 maidir le heintiteas comhpháirteach a cuireadh ar bun roimh an 9 Lúnasa 2021, i gcás nach leanfaidh nósanna imeachta soláthair an eintitis sin de bheith rialaithe ag an dlí is infheidhme maidir lena sholáthairtí ar an dáta sin.

Airteagal 10

Tuairisciú

1.   Den chéad uair faoin 10 Feabhra 2027 agus go tráthrialta ina dhiadh sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go tráthrialta maidir le cur chun feidhme agus na Treorach seo agus maidir lena torthaí.

2.   Bunófar an tuarascáil ar an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit gach 2 bhliain agus den chéad uair faoi 10 Lúnasa 2026 maidir le líon na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, meánfhad na nósanna imeachta um dheonú ceadanna, líon na nósanna imeachta um dheonú ceadanna a sháraíonn an teorainn ama agus bunú aon chomhúdaráis le linn na tréimhse tuairiscithe.

Airteagal 11

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 10 Lúnasa 2023. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna maidir le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, 7 Iúil 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 269.

(2)  IO C 168, 16.5.2019, lch. 91.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 (IO C 449, 23.12.2020, lch. 576) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 14 Meitheamh 2021 (IO C 273, 8.7.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(6)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(7)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(8)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(9)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).


IARSCRÍBHINN

Codanna réamh-shainaitheanta nasc trasteorann agus naisc easnamhacha i gconairí an chroíghréasáin (dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(1))

“Conair an Atlantaigh” den chroíghréasán

Naisc thrasteorann

Évora – Merida

Iarnród

Vitoria-Gasteiz – San Sebastián – Bayonne – Bordeaux

Aveiro – Salamanca

Abhainn an Douro (Via Navegável do Douro)

Uiscebhealaí intíre

Naisc in easnamh

Línte idir-inoibritheachta Leithinis na hIbéire nach bhfuil ar leithead UIC

Iarnród

“Conair Mhuir Bhailt – Mhuir Aidriad” den chroíghréasán

Naisc thrasteorainn

Katowice/Opole – Ostrava – Brno

Katowice – Žilina

An Bhratasláiv – Vín

Graz – Maribor

An Veinéis – Trieste – Divača – Liúibleána

Iarnród

Katowice – Žilina

Brno – Vín

Bóthar

Naisc in easnamh

Gloggnitz – Mürzzuschlag: buntollán Semmering

Graz – Klagenfurt: Líne iarnróid agus tollán Koralm

Koper – Divača

Iarnród

“Conair na Meánmhara” den chroíghréasán

Naisc thrasteorann

Barcelona - Perpignan

Iarnród

Lyon – Torino: buntollán agus bealaí rochtana

Nice – Ventimiglia

An Veinéis – Trieste – Divaca – Liúibleána

Liúibleána - Ságrab

Ságrab – Búdaipeist

Búdaipeist – Miskolc – teorainn na hÚcráine

Lendava - Letenye

Bóthar

Vásárosnamény- Teorainn na hÚcráine

Naisc in easnamh

Almería – Murcia

Iarnród

Línte idir-inoibritheachta Leithinis na hIbéire nach bhfuil ar leithead UIC

Perpignan - Montpellier

Koper – Divača

Rijeka – Ságrab

Milano – Cremona- Mantova – Porto Levante/an Veinéis – Ravenna/Trieste

Uiscebhealaí intíre

“Conair na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt” den chroíghréasán

Naisc thrasteorann

Taillinn - Ríge - Kaunas - Vársá: líne lán-idir-inoibritheach ar leithead nua UIC le Rail Baltica

Iarnród

Świnoujście/Szczecin – Beirlín

Iarnród agus uiscebhealaí intíre

Conair “Via Baltica” EE-LV-LT-PL

Bóthar

Naisc in easnamh

Kaunas – Vilnias: cuid de líne lán-idir-inoibritheach ar leithead nua UIC le Rail Baltica

Iarnród

Vársá/Idzikowice – Poznań/Wrocław, lena n-áirítear naisc leis an Mol Iompair Lárnach atá beartaithe

Nord-Ostsee Kanal

Uiscebhealaí intíre

Beirlín – Magdeburg – Hannover; Canáil Mittelland; canáil iartharacha na Gearmáine

An Réin, Waal

Canáil Noordzee, IJssel, Canáil Twente

“Conair na Mara Thuaidh – na Meánmhara” den chroíghréasán

Naisc thrasteorann

An Bhruiséil - Lucsamburg - Strasbourg

Iarnród

Terneuzen - Gent

Uiscebhealaí intíre

Seine – Gréasán na Sceilte agus abhantracha gaolmhara na Séine, na Sceilte agus an Meuse

Conair na Réine-na Sceilte

Naisc in easnamh

Albertkanaal/Canáil Albert agus Kanaal Bocholt-Herentals

Uiscebhealaí intíre

“Conair an Oirthir – na Meánmhara Thoir” den chroíghréasán

Naisc thrasteorann

Dresden – Prág/Kolín

Iarnród

Vín/An Bhratasláiv – Búdaipeist

Békéscsaba – Arad – Timişoara

Craiova – Calafat – Vidin – Sóifia – Thessaloniki

Sóifia – teorainn Phoblacht na Seirbia/teorainn na Macadóine

Teorainn na Tuirce– Alexandroúpoli

Teorainn na Macadóine – Thessaloniki

Ioannina – Kakavia (Teorainn na hAlbáine)

Bóthar

Drobeta Turnu Severin/Craiova – Vidin – Montana

Sóifia – Teorainn Phoblacht na Seirbia

Hamburg – Dresden – Praha – Pardubice

Uiscebhealaí intíre

Naisc in easnamh

Igoumenitsa - Ioannina

Iarnród

Prág – Brno

Thessaloniki – Kavala – Alexandropouli

Timişoara – Craiova

“Conair na Réine – na nAlp” den chroíghréasán

Naisc thrasteorainn

Zevenaar - Emmerich - Oberhausen

Iarnród

Karlsruhe - Basel

Milano/Novara – teorainn na hEilvéise

Basel – Antuairp/Rotterdam - Amstardam

Uiscebhealaí intíre

Naisc in easnamh

Genova – Tortona/Novi Ligure

Iarnród

Zeebrugge – Gent

“Conair na Réine – na Danóibe” den chroíghréasán

Naisc thrasteorainn

München – Praha

Iarnród

Nürnberg – Plzeň

München - Mühldorf - Freilassing - Salzburg

Strasbourg – Kehl Appenweier

Hranice – Žilina

Košice – Teorainn na hÚcráine

Vín – An Bhratasláiv/Búdaipeist

An Bhratasláiv – Búdaipeist

Békéscsaba – Arad –Timișoara - teorainn Phoblacht na Seirbia

Búcairist – Giurgiu - Rousse

An Danóib (Kehlheim – Constanța/Midia/Sulina) agus abhantracha gaolmhara an Váh, an Sava agus an Tisza

Uiscebhealaí intíre

Zlín – Žilina

Bóthar

Timișoara – teorainn Phoblacht na Seirbia Bóthar

Naisc in easnamh

Stuttgart – Ulm

Iarnród

Salzburg – Linz

Craiova – Búcairist

Arad - Sighişoara – Brașov - Predeal

“Conair Chríoch Lochlann – na Meánmhara” den chroíghréasán

Naisc thrasteorann

Teorainn na Rúise - Heilsincí

Iarnród

Cóbanhávan – Hamburg: bealaí rochtana chuig nasc seasta Chaolas Fehmarn

München – Wörgl – Innsbruck – Fortezza – Bolzano – Trento – Verona: buntollán Brenner agus bealaí rochtana chuige

Göteborg-Osló

Cóbanhávan – Hamburg: nasc seasta Chaolas Fehmarn

Iarnród/Bóthar


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

20.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/14


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1188 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Iúil 2021

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/138

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Feabhra 2021, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/138 (2) lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001, lena mbunaítear liosta nuashonraithe na ndaoine, na ngrúpaí, agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir leo (“an liosta”).

(2)

I gcás inarbh fhéidir go praiticiúil é, chuir an Chomhairle ráitis ar fáil do na daoine, na grúpaí agus na heintitis ar fad ar na cúiseanna ar cuireadh ar an liosta iad.

(3)

Trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chuir an Chomhairle na daoine, na grúpaí agus na heintitis atá ar an liosta ar an eolas gur chinn sí iad a choinneáil ar an liosta sin. Chomh maith leis sin, chuir an Chomhairle in iúl do na daoine, na grúpaí agus na heintitis sin lena mbaineann go bhféadfaí ráiteas a iarraidh ar na cúiseanna a bhí ag an gComhairle iad a chur ar an liosta i gcás nár tugadh ráiteas den sórt sin dóibh cheana.

(4)

Tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar an liosta faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001. Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh aici, chuir an Chomhairle na barúlacha a chuir na daoine lena mbaineann faoina bráid san áireamh chomh maith leis an bhfaisnéis nuashonraithe a fuarthas ó na húdaráis náisiúnta inniúla maidir le stádas na ndaoine aonair agus na n-eintiteas atá liostaithe ar an leibhéal náisiúnta.

(5)

Tá an Chomhairle tar éis a fhíorú go bhfuil údaráis inniúla, dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle (3), tar éis cinntí a dhéanamh i dtaca le gach duine, gach grúpa agus gach eintiteas atá ar an liosta lena léirítear go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(2) agus (3) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES. Tá an Chomhairle tar éis a chinneadh freisin gur cheart go leanfadh na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo de bheith faoi réir na mbeart sriantach sonrach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001.

(6)

Ba cheart an liosta a nuashonrú dá réir agus ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/138 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Déantar, leis seo, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/138 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PODGORŠEK


(1)  IO L 344, 28.12.2001, lch. 70.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/138 ón gComhairle an 5 Feabhra 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1128 (IO L 43, 8.2.2021, lch. 1).

(3)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93).


IARSCRÍBHINN

Liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na neintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1

I.   DAOINE

1.

ABDOLLAHI, Hamed (ar a dtugtar freisin Mustafa Abdullahi) a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Uimhir an phas: D9004878.

2.

AL-NASSER, Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

3.

AL YACOUB, Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4.

ARBABSIAR Manssor (ar a dtugtar freisin Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM. Uimhir an phas: C2002515 (an Iaráin); Uimhir an phas: 477845448 (SAM). Uimhir aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

5.

ASADI Assadollah, a rugadh an 22.12.1971 in Teheran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

6.

BOUYERI, Mohammed (ar a dtugtar freisin Abu ZUBAIR, ar a dtugtar freisin SOBIAR, ar a dtugtar freisin Abu ZOUBAIR), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

7.

EL HAJJ, Hassan Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Uimhir an phas: JX446643 (Ceanada).

8.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Teheran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9.

IZZ-AL-DIN, Hasan (ar a dtugtar freisin GARBAYA, Ahmed, ar a dtugtar freisin SA-ID, ar a dtugtar freisin SALWWAN, Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

10.

MELIAD, Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Uimhir an phas: M2719127 (an Astráil).

11.

MOHAMMED, Khalid Shaikh (ar a dtugtar freisin ALI, Salem, ar a dtugtar freisin BIN KHALID, Fahd Bin Adballah, ar a dtugtar freisin HENIN, Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin WADOOD, Khalid Adbul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin; uimhir an phas: 488555.

12.

ŞANLI, Dalokay (ar a dtugtar freisin Sinan), a rugadh an 13.10.1976 in Pülümür (an Tuirc).

13.

SHAHLAI Abdul Reza (ar a dtugtar freisin Abdol Reza Shala’i, ar a dtugtar freisin Abd-al Reza Shalai, ar a dtugtar freisin Abdorreza Shahlai, ar a dtugtar freisin Abdolreza Shahla’i, ar a dtugtar freisin Abdul-Reza Shahlaee, ar a dtugtar freisin Hajj Yusef, ar a dtugtar freisin Haji Yusif, ar a dtugtar freisin, Hajji Yasir, ar a dtugtar freisin Hajji Yusif, ar a dtugtar freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, Iran, (2) Mehran Military Base, Ilam Province, Iran.

14.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Teheran na hIaráine.

II.   GRÚPAÍ AGUS EINTITIS

1.

“Abu Nidal Organisation” — “ANO” (ar a dtugtar freisin “Fatah Revolutionary Council”, ar a dtugtar freisin “Arab Revolutionary Brigades”, ar a dtugtar freisin “Black September”, ar a dtugtar freisin “Revolutionary Organisation of Socialist Muslims”).

2.

“Al-Aqsa Martyrs’ Brigade”.

3.

“Al-Aqsa e.V”.

4.

“Babbar Khalsa”.

5.

“Communist Party of the Philippines”, lena n-áirítear “New People’s Army” — “NPA”, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine.

7.

“Gama’a al-Islamiyya” (ar a dtugtar freisin “Al-Gama’a al-Islamiyya”) (“Islamic Group” — “IG”).

8.

“İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi” — “IBDA-C” (“Great Islamic Eastern Warriors Front”).

9.

“Hamas”, lena n-áirítear “Hamas-Izz al-Din al-Qassem”.

10.

“Hizballah Military Wing” (ar a dtugtar freisin “Hezbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbullah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hezballah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hisbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbu’llah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizb Allah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Jihad Council” (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n-áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

11.

“Hizbul Mujahideen” — “HM”.

12.

“Khalistan Zindabad Force” — “KZF”.

13.

“Kurdistan Workers’ Party” — “PKK” (ar a dtugtar freisin “KADEK”, ar a dtugtar freisin “KONGRA-GEL”).

14.

“Liberation Tigers of Tamil Eelam” — “LTTE”.

15.

“Ejército de Liberación Nacional” (“National Liberation Army”).

16.

“Palestinian Islamic Jihad” — “PIJ”.

17.

“Popular Front for the Liberation of Palestine” — “PFLP”.

18.

“Popular Front for the Liberation of Palestine — General Command” (ar a dtugtar freisin “PFLP — General Command”).

19.

“Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi” — “DHKP/C” (ar a dtugtar freisin “Devrimci Sol” (“Revolutionary Left”), ar a dtugtar freisin “Dev Sol”) (“Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party”).

20.

“Sendero Luminoso” — “SL” (“Shining Path”).

21.

“Teyrbazen Azadiya Kurdistan” — “TAK” (ar a dtugtar freisin “Kurdistan Freedom Falcons”, ar a dtugtar freisin “Kurdistan Freedom Hawks”).

20.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/18


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1189 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Bealtaine 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach ó ghéinis nó speicis ar leith

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) agus Airteagal 38(8)(a)(ii) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil i Rialachán (AE) 2018/848 go mbeidh cead ag oibreoirí ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach a chur ar an margadh gan na ceanglais maidir le clárúchán a chomhlíonadh agus gan na ceanglais maidir leis na catagóirí deimhniúcháin d’ábhair réamh-bhunúsacha, d’ábhair bhunúsacha, nó d’ábhair dheimhnithe a chomhlíonadh ná na ceanglais maidir le cáilíocht, sláinte agus sainaitheantas i ndáil le catagóirí CAC, catagóirí caighdeánacha nó catagóirí tráchtála, ar ceanglais iad a leagtar amach i dTreoracha 66/401/CEE (2), 66/402/CEE (3), 68/193/CEE (4), 98/56/CE (5), 2002/53/CE (6), 2002/54/CE (7), 2002/55/CE (8), 2002/56/CE (9), 2002/57/CE (10), 2008/72/CE (11) agus 2008/90/CE (12) ón gComhairle, nó i ngníomhartha arna nglacadh de bhun na dTreoracha sin. Luaitear ann freisin gur cheart don mhargaíocht na ceanglais chomhchuibhithe arna nglacadh ag an gCoimisiún a chomhlíonadh.

(2)

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais oibreoirí agus tomhaltóirí ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach maidir le sainaitheantas, sláinte agus cáilíocht an ábhair sin, ba cheart rialacha a bhunú maidir leis an tuairisc, na híoscheanglais cháilíochta i leith luchtóga síolta, lena n-áirítear sainaitheantas, íonacht anailíseach, rátaí péactha agus cáilíocht sláintíochta, pacáistiú, agus lipéadú ábhair atáirgthe plandaí a bhfuil ábhar ilchineálach rgánach, agus, i gcás inar féidir, rialacha maidir leis an gcothabháil a dhéanann oibreoirí ar an ábhar sin agus maidir leis an bhfaisnéis a choinneoidh na hoibreoirí sin.

(3)

D’fhonn oiriúnú an ábhair ilchineálaigh orgánaigh do dhálaí éagsúla agrai-éiceolaíocha a chur chun cinn, ba cheart aistriú cainníochtaí teoranta d’ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach chun críche taighde agus forbairt an ábhair sin a dhíolmhú ó cheanglais an Rialacháin seo.

(4)

Ba cheart critéir agus coinníollacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a leagan amach freisin chun inrianaitheacht a áirithiú ag gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán, agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 maidir le rialuithe a dhéantar ar oibreoirí a mhargaíonn ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach.

(5)

Is saintréith d’ábhar ilchineálach orgánach é an t-ardleibhéal éagsúlachta feinitíopaí agus géinití atá ann, agus a nádúr dinimiciúil chun é féin a fhorbairt agus a oiriúnú do choinníollacha áirithe fáis. I gcodarsnacht le meascáin síolta a atógtar go bliantúil bunaithe ar chineálacha, nó ar chineálacha sintéiseacha a dhíorthaítear trí chrostoirchiú a dhéanamh ar shraith shainithe de mháthair-ábhair a rinneadh a chrosphailniú go hatriallach eile chun daonra cobhsaí a athchruthú, nó ar chineálacha caomhnúcháin agus amaitéaracha lena n-áirítear pórtha dúchasacha faoi mar a shainítear i dTreoir 2008/62/CE ón gCoimisiún (13) agus i dTreoir 2009/145/CE ón gCoimisiún (14), tá sé beartaithe ábhar ilchineálach orgánach a oiriúnú do struis éagsúla bhitheacha agus aibitheacha de bharr roghnú nádúrtha agus daonna go hatriallach agus, dá bhrí sin, meastar go n-athróidh an t-ábhar sin le himeacht ama.

(6)

Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le luchtóga síolta d’ábhar ilchineálach orgánach shainaithint, chun saintréithe áirithe an ábhair sin a chur san áireamh. Na rialacha maidir le híoscheanglais cháilíochta, amhail sláinte, íonacht anailíseach agus péacadh, ba cheart go n-áiritheofaí leo na caighdeáin chéanna agus atá ag na catagóirí is ísle síolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí (CAC, catagóir chaighdeánach, tráchtála nó dheimhnithe) dá bhforáiltear i dTreoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 98/56/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE. Tá gá leis na rialacha sin chun freastal ar leasanna úsáideoirí an ábhair ilchineálaigh orgánaigh sin, eadhon feirmeoirí agus garraíodóirí a bhfuil ceart acu ar chinnteacht i dtaobh cáilíocht leordhóthanach agus sainaitheantas. Is léir de bharr taithí gur féidir le hábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach na caighdeáin sin a chomhlíonadh.

(7)

Ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí síol d’ábhar ilchineálach orgánach a chur ar an margadh, síol nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le péacadh, chun níos mó solúbthachta a áirithiú maidir le margú an ábhair sin. Mar sin féin, ionas go mbeidh an deis ag úsáideoirí roghanna eolacha a dhéanamh, ba cheart don soláthróir ráta péactha an tsíl lena mbaineann a léiriú ar lipéad nó ar phacáiste féin an ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2018/848, tá táirgeadh orgánach faoi réir rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Dá réir sin, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla ábhartha a ainmniú chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar oibreoirí a bhíonn ag déileáil le hábhar ilchineálach orgánach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir le táirgeadh orgánach. Ba cheart ábhar ilchineálach orgánach a bheith faoi réir rialuithe oifigiúla riosca-bhunaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais arna mbunú leis an Rialachán seo. Ba cheart na rialuithe ar shainaitheantas, íonacht anailíseach, ráta péactha agus sláinte plandaí agus a gcomhlíontacht le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a dhéanamh i gcomhréir le prótacail tástála oifigiúla a dhéantar i saotharlanna atá ainmnithe ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.

(9)

Ba cheart d’oibreoirí na taifid riachtanacha a choimeád chun inrianaitheacht, rialuithe sláinte plandaí agus an bainistiú is fearr is féidir a dhéanamh ar an ábhar ilchineálach orgánach a áirithiú, nithe a bhfuil smacht acu orthu.

(10)

Ní rud cobhsaí ábhar ilchineálach orgánach agus, dá bhrí sin, ní iomchuí na modhanna atá ann faoi láthair chun aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht a thástáil, modhanna a úsáidtear chun cineálacha a chlárú. Dá bhrí sin, ba cheart sainaithint agus inrianaitheacht an ábhair ilchineálaigh orgánaigh a ráthú trí thuairisc a thabhairt ar a mhodhanna táirgthe agus ar a shaintréithe feinitíopacha agus agranamaíocha.

(11)

Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le cothabháil an ábhair ilchineálaigh orgánaigh chun sainaitheantas agus cáilíocht a áirithiú, más rud é go bhfuil an chothabháil sin indéanta.

(12)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022, agus ag Rialachán (AE) 2018/848,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/848 ar síolta iad de speicis talmhaíochta agus glasraí, ábhar iomadaithe glasraí seachas síolta, ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha, ábhar iomadaithe fíniúna agus ábhar iomadaithe plandaí torthaí, de réir bhrí Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CE, 98/56/CE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE, agus 2008/90/CE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon aistriú cainníochtaí teoranta d’ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach atá beartaithe chun taighde nó forbairt a dhéanamh ar ábhar ilchineálach orgánach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ábhar ilchineálach orgánach” grúpa plandaí de réir bhrí Airteagal 3(18) de Rialachán (AE) 2018/848 a tháirgtear de réir cheanglais Airteagal 3(1) den Rialachán sin;

(2)

ciallaíonn “máthair-ábhar” aon ábhar plandaí a rinneadh a chrostoirchiú nó a iomadú as ar tháinig ábhar ilchineálach orgánach;

(3)

ciallaíonn “pacáistí beaga” pacáistí ina bhfuil cainníochtaí síolta suas go dtí na huaschainníochtaí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 3

Táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí a bhfuil ábhar ilchineálach orgánach ann laistigh den Aontas

Ní dhéanfar ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach a tháirgeadh ná a mhargú laistigh den Aontas ach amháin má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:

(1)

go gcomhlíonann sé na ceanglais maidir le:

(a)

sainaitheantas, dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b)

sláintíocht agus íonacht anailíseach agus péacadh, dá dtagraítear in Airteagal 6;

(c)

pacáistiú agus lipéadú, dá dtagraítear in Airteagal 7;

(2)

go n-áirítear na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 4 sa tuairisc;

(3)

go bhfuil sé faoi réir na rialuithe oifigiúla de bhun Airteagal 9;

(4)

gur oibreoirí a chomhlíonann na ceanglais maidir le faisnéis in Airteagal 8 a dhéanann a tháirgeadh nó a mhargú; agus

(5)

go ndéantar é a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 10.

Airteagal 4

Tuairisc ar ábhar ilchineálach orgánach

1.   Áireofar sa tuairisc ar ábhar ilchineálach orgánach gach ceann de na heilimintí seo a leanas:

(a)

tuairisc ar na saintréithe atá ag gabháil leis, lena n-áirítear:

(i)

an saintréithriú feinitíopach a bhaineann le príomhcharachtair an ábhair, mar aon leis an tuairisc ar ilchineálacht an ábhair trí bhíthin saintréithriú na héagsúlachta feinitíopaí atá inbhraite idir aonaid atáirgthe aonair;

(ii)

na saintréithe ábhartha atá aige a dhoiciméadú, lena n-áirítear gnéithe agranamaíocha amhail toradh, cobhsaíocht toraidh, oiriúnacht maidir le córais íseal-ionchuir, feidhmíocht, frithsheasmhacht in aghaidh strus aibitheach, frithsheasmhacht in aghaidh galar, paraiméadair cháilíochta, blas nó dath;

(iii)

aon toradh atá ar fáil ó thástálacha maidir leis na saintréithe dá dtagraítear i bpointe (ii);

(b)

tuairisc ar an gcineál teicníce a úsáidtear le haghaidh modh pórúcháin nó táirgthe an ábhair ilchineálaigh orgánaigh;

(c)

tuairisc ar an máthair-ábhar a úsáidtear chun an t-ábhar ilchineálach orgánach agus an clár um rialú táirgthe féin a úsáideann an t-oibreoir lena mbaineann a phórú nó a tháirgeadh agus tagairt do na cleachtais dá dtagraítear i mír (2)(a) agus, más infheidhme, i mír 2(c);

(d)

tuairisc ar na cleachtais bhainistíochta agus roghnúcháin ar an bhfeirm agus tagairt do mhír 2(b) agus, más infheidhme, ar an máthair-ábhar le tagairt do mhír 2(c);

(e)

tagairt don tír phóraithe nó táirgthe, agus faisnéis maidir leis an mbliain táirgthe agus tuairisc ar na dálaí peidichlíomacha;

2.   Féadfar an t-ábhar dá dtagraítear i mír 1 a ghiniúint le ceann de na teicnící seo a leanas:

(a)

roinnt cineálacha éagsúla máthair-ábhair a chrostoirchiú, trí úsáid a bhaint as prótacail chrostoirchithe chun ábhar ilchineálach orgánach a tháirgeadh tríd an síolrach a mhéadú, an stoc a athshíolú go hatriallach agus é a nochtadh don roghnú nádúrtha agus/nó daonna, ar choinníoll go léiríonn an t-ábhar sin ardleibhéal éagsúlachta géinití atá i gcomhréir le hAirteagal 3(18) de Rialachán (AE) 2018/848;

(b)

cleachtais bainistíochta ar an bhfeirm, lena n-áirítear roghnú, bunú nó cothabháil ábhair, ar ábhar é a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití mar shaintréith aige i gcomhréir le hAirteagal 3(18) de Rialachán (AE) 2018/848;

(c)

aon teicníc eile a úsáidtear chun ábhar ilchineálach orgánach a phórú nó a tháirgeadh, agus sainghnéithe ar leith den síolrú san áireamh.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le sainaithint luchtóg síolta d’ábhar atáirgthe plandaí a bhfuil ábhar ilchineálach orgánach ann

Is ar bhonn ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach a shainaithneofar na heilimintí seo ar fad a leanas:

(1)

an máthair-ábhar agus an scéim táirgthe a úsáidtear sa chrostoirchiú chun an t-ábhar ilchineálach orgánach a chruthú, dá bhforáiltear in Airteagal 4(2)(a) nó, más infheidhme, in Airteagal 4(2)(c); nó stair an ábhair agus na cleachtais bhainistithe ar an bhfeirm, lena n-áirítear ar go nádúrtha a tharla an roghnú nó trí idirghabháil dhaonna, i gcásanna Airteagal 4(2)(b) agus Airteagal 4(2)(c);

(2)

an tír phóraithe nó táirgthe;

(3)

saintréithriú na bpríomhcharachtar coitianta agus ilchineálachta feinitíopaí an ábhair.

Airteagal 6

Ceanglais maidir le cáilíocht sláintíochta, íonacht anailíseach agus péacadh ábhair atáirgthe plandaí a bhfuil ábhar ilchineálach orgánach ann

1.   Comhlíonfaidh ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach forálacha Rialachán (AE) 2016/2031, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (16) agus na gníomhartha ábhartha eile arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2016/2031 maidir le láithreacht lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta agus lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais, agus na bearta ina gcoinne.

2.   Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de speicis plandaí farae a liostaítear in Airteagal 2(1)(A) de Threoir 66/401/CEE a tháirgeadh agus a mhargú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

pointe 1 agus an colún deireanach den tábla i bpointe 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 66/401/CEE, agus

(b)

Roinn I, pointí 2 agus 3 agus Roinn III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 66/401/CEE.

3.   Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de speicis ghránach a liostaítear in Airteagal 2(1)(A) de Threoir 66/402/CEE a tháirgeadh agus a mhargú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

pointe 1 agus an colún deireanach den tábla i bpointe 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 66/402/CEE;

(b)

an tríú ró, an séú ró, an deichiú ró, an tríú ró déag, an séú ró déag, an fichiú ró agus an t-aonú ró is fiche den tábla i bpointe 2(A) agus i bpointe 2(B) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin,

(c)

an colún deireanach sa tábla i bpointe 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin;

(d)

an tríú agus an séú ró sa tábla i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.

4.   Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach na fíniúna a tháirgeadh agus a mhargú de réir bhrí Threoir 68/193/CEE, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

Ranna 2, 3, 4, 6 agus 7 agus pointe 6 de Roinn 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 68/193/CEE;

(b)

Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 68/193/CEE, cé is moite de phointe 1(1).

5.   Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de phlandaí ornáideacha a tháirgeadh agus a mhargú de réir bhrí Threoir 98/56/CE, beidh feidhm ag Airteagal 3 de Threoir 93/49/CEE (17).

6.   Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de bhiatais a tháirgeadh agus a mhargú de réir bhrí Threoir 2002/54/CE, beidh feidhm ag pointí A(1), B(2) agus B(3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

7.   Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de speicis glasraí a liostaítear in Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2002/55/CE a tháirgeadh agus a mhargú, beidh feidhm ag pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.

8.   Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de phrátaí síl a tháirgeadh agus a mhargú de réir bhrí Threoir 2002/56/CE, beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcatagóir is ísle de phrátaí síl i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II.

9.   Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach de phlandaí ola agus plandaí snáithín a liostaítear in Airteagal 2(1)(b) de Threoir 2002/57/CE a tháirgeadh agus a mhargú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

pointe 1 agus an colún deireanach den tábla i bpointe 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/57/CE;

(b)

an tábla i bpointe I(4)(A) d’Iarscríbhinn II, cé is moite de na ceanglais maidir le bunsíol Brassica ssp. agus Sinapis alba, agus an colún deireanach den tábla i bpointe I(5) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/57/CE.

10.   Chun ábhar ilchineálach orgánach iomadaithe agus plandaithe glasraí a tháirgeadh agus a mhargú, seachas síolta de réir bhrí Threoir 2008/72/CE, beidh feidhm ag Airteagail 3 agus 5 de Threoir 93/61/CEE ón gCoimisiún (18).

11.   Chun ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a tháirgeadh agus a mhargú de réir bhrí Threoir 2008/90/CE, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

Airteagal 23, seachas pointe (1)(b), Airteagail 24, 26, 27 agus 27a de Threoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE ón gCoimisiún (19);

(b)

Iarscríbhinní I, II agus III agus na ceanglais a bhaineann le hábhar CAC in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE.

12.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 11 ach amháin i gcás na gceanglas maidir le híonacht anailíseach agus péacadh síolta agus na ceanglais cháilíochta agus sláinte maidir le hábhar iomadaithe eile, ach ní bheidh feidhm acu maidir le sainaitheantas cineáil agus íonacht chineáil agus na ceanglais maidir le cigireacht allamuigh i leith sainaitheantas cineáil agus íonacht chineáil ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach.

13.   De mhaolú ar fhorálacha mhíreanna 1 go 12, féadfaidh oibreoirí síol ábhair ilchineálaigh orgánaigh nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le péacadh a chur ar an margadh, ar choinníoll go léireoidh an soláthróir ráta péactha an tsíl atá i gceist ar an lipéad nó ar an bpacáiste féin.

Airteagal 7

Na ceanglais maidir le pacáistiú agus lipéadú ábhair atáirgthe plandaí a bhfuil ábhar ilchineálach orgánach ann

1.   Déanfar ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach nach bhfuil i bpacáistí beaga a choimeád i bpacáistí nó i gcoimeádáin a bheidh dúnta ar shlí nach féidir iad a oscailt gan fianaise a fhágáil ar an bpacáiste nó ar an gcoimeádán go rabhthas ag útamáil leo.

2.   Déanfaidh an t-oibreoir lipéad a ghreamú ar phacáistí nó ar choimeádáin síolta nó ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad.

Maidir leis an lipéad sin:

(a)

beidh sé inléite, clóite nó scríofa ar thaobh amháin, neamhúsáidte agus sofheicthe;

(b)

cuirfear an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo san áireamh;

(c)

beidh sé buí agus cros thrasnánach uaine air.

3.   In ionad lipéid, féadfar an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a phriontáil nó a scríobh ar an bpacáiste féin nó ar an gcoimeádán. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag pointe 2(c).

4.   I gcás pacáistí beaga trédhearcacha, féadfar an lipéad a chur taobh istigh den phacáiste ach é a bheith soléite.

5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 go 4, féadfar síolta d’ábhar ilchineálach orgánach atá i bpacáistí agus i gcoimeádáin atá dúnta agus lipéadaithe a dhíol le húsáideoirí deiridh i bpacáistí neamh-mharcáilte agus neamhshéalaithe, suas go dtí na huaschainníochtaí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II, ach an ceannaitheoir a chur ar an eolas, má iarrann sé sin, i scríbhinn tráth an tseachadta faoin speiceas, ainmníocht an ábhair agus uimhir thagartha na luchtóige.

Airteagal 8

Ceanglais maidir le faisnéis atá le coinneáil ag oibreoirí

1.   Aon oibreoir a tháirgeann nó a mhargaíonn ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

cóip den fhógra a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2018/848, cóip den dearbhú a cuireadh isteach faoi Airteagal 39(1)(d) de agus, i gcás inarb infheidhme, cóip den deimhniú a fuair sé i gcomhréir le hAirteagal 35 de a choinneáil;

(b)

inrianaitheacht an ábhair ilchineálaigh orgánaigh a áirithiú sa scéim táirgthe faoi mar a fhoráiltear in Airteagal (4)(2)(a) nó, más infheidhme, in Airteagal (4)(2)(c) trí fhaisnéis a choinneáil lena bhféadfar na hoibreoirí a sholáthair an máthair-ábhar atá ag ábhar ilchineálach orgánach a shainaithint.

Coinneoidh an t-oibreoir na doiciméid sin go ceann 5 bliana.

2.   An t-oibreoir a tháirgeann ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach a mbeartaítear é a chur ar an margadh, déanfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh agus a choinneáil:

(a)

ainm an speicis agus na hainmníochta a úsáidtear i ngach ábhar ilchineálach orgánach ar tugadh fógra ina leith; an cineál teicníce a úsáidtear chun ábhar ilchineálach orgánach dá dtagraítear in Airteagal 4 a tháirgeadh;

(b)

saintréithriú an ábhair ilchineálaigh orgánaigh ar tugadh fógra ina leith mar a fhoráiltear in Airteagal 4;

(c)

suíomh póraithe an ábhair ilchineálaigh orgánaigh agus suíomh táirgthe ábhar orgánach atáirgthe plandaí an ábhair ilchineálaigh orgánaigh mar a fhoráiltear in Airteagal 5;

(d)

achar dromchla chun ábhar ilchineálach orgánach a tháirgeadh agus an chainníocht a tháirgtear.

3.   Na comhlachtaí oifigiúla atá freagrach i gcomhréir le Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 98/56/CE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE, beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

Airteagal 9

Rialuithe oifigiúla

I gcás ina bhfuil cúraimí rialaithe tarmligthe ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Caibidil III de Theideal II de Rialachán (AE) 2017/625, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó na comhlachtaí tarmligthe rialuithe oifigiúla rioscabhunaithe i ndáil le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach chun a sheiceáil an bhfuil ceanglais Airteagail 4, 5, 6, 7, 8 agus 10 den Rialachán seo á gcomhlíonadh.

Is i gcomhréir le modhanna infheidhme an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta a dhéanfar an tástáil ar phéacadh agus íonacht anailíseach.

Airteagal 10

Cothabháil an ábhair ilchineálaigh orgánaigh

I gcás inar féidir cothabháil a dhéanamh, an t-oibreoir a thug fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar ilchineálach orgánach de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/848, caomhnóidh sé príomhthréithe an ábhair tráth a thabharfar an fógra, trína choinneáil ar bun fad a bheidh sé ar an margadh. Is i gcomhréir le cleachtais aitheanta atá curtha in oiriúint do chothabháil an ábhair ilchineálaigh sin a dhéanfar an chothabháil sin. An t-oibreoir atá freagrach as an gcothabháil, déanfaidh sé taifid a choinneáil ar ré agus ar ábhar na cothabhála.

Beidh rochtain ag na húdaráis inniúla i gcónaí ar gach taifead a choinníonn an t-oibreoir atá freagrach as an ábhar chun a sheiceáil an bhfuil sé á chothabháil. Coinneoidh an t-oibreoir na taifid sin go ceann 5 bliana ón uair nach mbeidh an t-ábhar atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach á mhargú a thuilleadh.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol plandaí farae a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2298).

(3)  Treoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol gránach a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2309).

(4)  Treoir 68/193/CEE ón gComhairle an 9 Aibreán 1968 maidir le hábhar iomadaithe fhásúil na fíniúna a mhargú (IO L 93, 17.4.1968, lch. 15).

(5)  Treoir 98/56/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí ornáideacha (IO L 226, 13.8.1998, lch. 16).

(6)  Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis phlandaí talmhaíochta (IO L 193, 20.7.2002, lch. 1).

(7)  Treoir 2002/54/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol biatais a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 12).

(8)  Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 33).

(9)  Treoir 2002/56/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le prátaí síl a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 60).

(10)  Treoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta plandaí ola agus snáithín a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 74).

(11)  Treoir 2008/72/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le hábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síol, a mhargú (IO L 205, 1.8.2008, lch. 28).

(12)  Treoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le hábhar iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí a mhargú (IO L 267, 8.10.2008, lch. 8).

(13)  Treoir 2008/62/CE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2008 lena ndéantar foráil maidir le maoluithe áirithe chun glacadh le pórtha dúchasacha agus cineálacha talmhaíochta atá curtha in oiriúint do na coinníollacha áitiúla agus réigiúnacha atá faoi bhagairt ag an gcreimeadh géiniteach agus chun síolta agus prátaí síl ó na pórtha dúchasacha agus na cineálacha sin a mhargú (IO L 162, 21.6.2008, lch. 13).

(14)  Treoir 2009/145/CE ón gCoimisiún an 26 Samhain 2009 lena ndéantar foráil maidir le maoluithe áirithe, maidir le glacadh phórtha dúchasacha agus cineálacha glasraí a shaothraítear go traidisiúnta in áiteanna agus i réigiúin sonracha agus atá faoi bhagairt ag an gcreimeadh géiniteach agus maidir le glacadh cineálacha glasraí nach bhfuil aon luach intreach acu ó thaobh táirgeadh na mbarr tráchtála de ach a forbraíodh lena saothrú faoi choinníollacha ar leith, agus maidir le margú shíolta na bpórtha dúchasacha agus na gcineálacha sin (IO L 312, 27.11.2009, lch. 44).

(15)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, mar aon le rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(17)  Treoir 93/49/CEE ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 1993 lena leagtar amach an sceideal ina sonraítear na coinníollacha atá le comhlíonadh ag ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha agus plandaí ornáideacha de bhun Threoir 91/682/CEE ón gComhairle (IO L 250, 7.10.1993, lch. 9).

(18)  Treoir 93/61/CEE ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar amach na sceidil ina sonraítear na coinníollacha atá le comhlíonadh ag ábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síolta de bhun Threoir 92/33/CEE ón gComhairle (IO L 250, 7.10.1993, lch. 19).

(19)  Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2014 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/90/CE ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha i ndáil le géinis agus speicis plandaí torthaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann léi, ceanglais shonracha a bheidh le comhlíonadh ag soláthróirí agus rialacha mionsonraithe maidir le cigireachtaí oifigiúla (IO L 298, 16.10.2014, lch. 22).


IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS ATÁ LE CUR ISTEACH AR LIPÉAD NA bPACÁISTÍ DÁ bhFORÁILTEAR IN AIRTEAGAL 7(2)(b)

A.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh ar an lipéad:

1.

ainmníocht an ábhair ilchineálaigh, mar aon leis an bhfrása “Ábhar ilchineálach orgánach”;

2.

“Rialacha agus caighdeáin an Aontais”;

3.

ainm agus seoladh an oibreora ghairmiúil atá freagrach as an lipéad a ghreamú, nó an cód clárúcháin a ghabhann leis;

4.

an tír tháirgthe;

5.

an uimhir thagartha a thug an t-oibreoir gairmiúil atá freagrach as lipéid a ghreamú;

6.

mí agus bliain an dúnta, i ndiaidh an téarma: “dúnta”;

7.

speiceas agus é léirithe ar a laghad faoina ainm luibheolaíoch agus a fhéadfar a thabhairt i bhfoirm ghiorraithe agus gan ainmneacha na n-údar, i gcarachtair rómhánacha;

8.

glanmheáchan nó ollmheáchan dearbhaithe, nó líon dearbhaithe i gcás síolta, seachas pacáistí beaga;

9.

i gcás ina dtaispeántar meáchan agus go n-úsáidtear substaintí piléadachta nó breiseáin sholadacha eile, an cineál breiseáin agus an garchoibhneas idir meáchan na síolta íona agus iomlán an mheáchain;

10.

faisnéis faoi na táirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an ábhar atáirgthe plandaí de réir mar a cheanglaítear faoi Airteagal 49(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

11.

an ráta péactha, de bhun Airteagal 6(13) den Rialachán seo, i gcás nach gcomhlíonann ábhar ilchineálach orgánach na coinníollacha i ndáil le péacadh.

B.   An ainmníocht dá dtagraítear i bpointe A.1., ní bheidh sí ina cúis le deacrachtaí dá cuid úsáideoirí maidir le sainaithint nó atáirgeadh, agus:

(a)

ní bheidh sí ar aon chuma le hainmníocht faoina ndéantar cineál nó ábhar ilchineálach orgánach eile den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar a thaifeadadh i gclár oifigiúil cineálacha plandaí nó ar liosta d’ábhar ilchineálach orgánach agus ní ceart na nithe sin a mhíthuiscint léi;

(b)

ní bheidh sí ar aon chuma le hainmnithe eile a úsáidtear go forleathan chun earraí a mhargú nó ainmnithe nach mór a choimeád saor faoi ghnéithe eile den reachtaíocht agus ní ceart na nithe sin a mhíthuiscint léi;

(c)

ní baol míthuisceana a bheith inti agus ní bheidh sí ina cúis mearbhaill maidir le saintréithe, luach nó sainaitheantas an ábhair ilchineálaigh orgánaigh nó maidir le sainaitheantas an phóraitheora.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

UASCHAINNÍOCHTAÍ SÍOLTA I bPACÁISTÍ BEAGA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7(5)

Speicis

Glanmhais uasta an tsíl (kg)

Plandaí farae

10

Biatas

10

Gránaigh

30

Plandaí ola agus plandaí snáithín

10

Prátaí síl

30

Síol glasraí:

 

Léagúim

5

Oinniúin, costóg, an lus súgach, biatas bán, biatas, tornapaí, mealbhacán uisce, gurd, mearóga, cairéid, raidisí, salsabh dubh, spionáiste, ceathrú uain

0,5

Gach speiceas eile glasraí

0,1


20.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/28


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1190 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Iúil 2021

lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice “úsáid TCF agus ríomhthráchtáil” le haghaidh na bliana tagartha 2022, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) agus Airteagal 17(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An topaic “úsáid teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TCF) agus ríomhthráchtáil” a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme mar is ceart an topaic sin, ba cheart don Choimisiún na hathróga, an t-aonad tomhais, an pobal staidrimh, na haicmiúcháin agus na miondealuithe, agus an sprioc-am le haghaidh tharchur na sonraí a shonrú chun go nginfear sonraí maidir le húsáid TCF agus ríomhthráchtáil a bheidh inchomparáide agus comhchuibhithe ar fud na mBallstát.

(2)

Ba cheart do na Ballstáit tuarascáil meiteashonraí agus tuarascáil cháilíochta a chur ar fáil le haghaidh na gclár náisiúnta um staidreamh gnó agus na gclár um staidreamh gnó i gcoitinne. Dá bhrí sin, is gá ábhar na dtuarascálacha sin a shainiú mar aon leis na socruithe agus na sprioc-amanna a bhaineann leo.

(3)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás na topaice “úsáid TCF agus an ríomhthráchtáil” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, déanfaidh na Ballstáit na sonraí a tharchur de réir shonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na bliana tagartha 2022, faoi mar a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

An tuarascáil meiteashonraí bhliantúil ar an topaic “úsáid TCF agus ríomhthráchtáil” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 31 Bealtaine 2022.

An tuarascáil cháilíochta bhliantúil ar an topaic “úsáid TCF agus ríomhthráchtáil” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 5 Samhain 2022.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 17.12.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice “úsáid TCF agus ríomhthráchtáil”

Sainordaitheach/roghnach

Raon feidhme (scagaire)

Athróg

Athróga sainordaitheacha

(i)

i gcás gach fiontair:

(1)

príomhghníomhaíocht eacnamaíoch an fhiontair le linn na bliana féilire roimhe sin

(2)

an meánlíon fostaithe agus daoine féinfhostaithe le linn na bliana féilire roimhe sin

(3)

luach iomlán an láimhdeachais (gan CBL a áireamh) le linn na bliana féilire roimhe sin

(4)

an líon fostaithe nó daoine féinfhostaithe nó an céatadán den líon iomlán fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó

(5)

fostú speisialtóirí TCF

(6)

aon chineál oiliúna arna soláthar do speisialtóirí TCF chun scileanna a bhaineann le TCF a fhorbairt, le linn na bliana féilire roimhe sin

(7)

aon chineál oiliúna arna soláthar d’fhostaithe eile chun scileanna a bhaineann le TCF a fhorbairt, le linn na bliana féilire roimhe sin

(8)

speisialtóirí TCF a earcaíodh nó ar iarradh iad a earcú le linn na bliana féilire roimhe sin

(9)

feidhmeanna TCF (amhail bonneagar TCF a chothabháil, tacaíocht le haghaidh bogearraí oifige, córais nó bogearraí um bainistiú gnó agus/nó réitigh gréasáin a fhorbairt nó tacaíocht a thabhairt dóibh, slándáil agus cosaint sonraí), arna bhfeidhmiú ag fostaithe an fhiontair féin (lena n-áirítear daoine atá fostaithe i máthairghnóthais nó i bhfiontair chleamhnaithe), le linn na bliana féilire roimhe sin

(10)

feidhmeanna TCF (amhail bonneagar TCF a chothabháil, tacaíocht le haghaidh bogearraí oifige, córais nó bogearraí um bainistiú gnó agus/nó réitigh gréasáin a fhorbairt nó tacaíocht a thabhairt dóibh, slándáil agus cosaint sonraí), arna bhfeidhmiú ag soláthróirí seachtracha, le linn na bliana féilire roimhe sin

(11)

úsáid róbat tionsclaíoch

(12)

úsáid róbat seirbhíse

(13)

bearta a cuireadh i bhfeidhm chun tionchar a imirt ar an méid seo a leanas san fhiontar: An méid páipéir a úsáideadh le haghaidh clódóireachta agus cóipeála

(14)

bearta a cuireadh i bhfeidhm chun tionchar a imirt ar an méid seo a leanas san fhiontar: Ídiú fuinnimh an trealaimh TCF

(15)

an aird a thugann an fiontar ar an tionchar a imríonn seirbhísí TCF nó trealamh TCF ar an gcomhshaol agus iad á roghnú (ídiú fuinnimh, mar shampla)

(16)

trealamh TCF (amhail ríomhairí, monatóirí, fóin phóca) a dhiúscairt i mbailiú/athchúrsáil dramhaíola leictreonaí (lena n-áirítear é a fhágáil faoin miondíoltóir é a dhiúscairt) nuair nach n-úsáidtear a thuilleadh é

(17)

trealamh TCF (amhail ríomhairí, monatóirí, fóin phóca) a choinneáil san fhiontar nuair nach n-úsáidtear a thuilleadh é (chun é a úsáid mar pháirteanna spártha mar shampla, nó i ngeall ar an imní go scaoilfear faisnéis íogair)

(18)

trealamh TCF (amhail ríomhairí, monatóirí, fóin phóca) a dhíol, a dheonú nó a thabhairt ar ais d’fhiontar léasúcháin nuair nach n-úsáidtear a thuilleadh é

(ii)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó:

(19)

ceangal idirlín: ceangal líne seasta d’aon saghas a úsáidtear

(20)

cianchruinnithe a reáchtáil

(21)

cianrochtain (trí ríomhairí nó gléasanna iniompartha amhail fóin chliste) na ndaoine fostaithe ar chóras ríomhphoist an fhiontair

(22)

cianrochtain (trí ríomhairí nó gléasanna iniompartha amhail fóin chliste) na ndaoine fostaithe ar dhoiciméid de chuid an fhiontair (amhail comhaid, scarbhileoga, cuir i láthair, cairteacha, grianghraif)

(23)

cianrochtain (trí ríomhairí nó gléasanna iniompartha amhail fóin chliste) na ndaoine fostaithe ar fheidhmchláir ghnó nó bogearraí de chuid an fhiontair (amhail rochtain ar chuntasaíocht, díolacháin, orduithe, bainistíocht ar chaidreamh le custaiméirí (seachas feidhmchláir a úsáidtear le haghaidh cumarsáid inmheánach))

(24)

díolacháin ghréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó trí fheidhmchláir (lena n-áirítear eislíonta) an fhiontair, le linn na bliana féilire roimhe sin

(25)

díolacháin ghréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, le linn na bliana féilire roimhe sin

(26)

díolacháin earraí nó seirbhísí ar díolacháin de chineál Idirmhalartaithe Leictreonaigh Sonraí (EDI) iad (orduithe a fháil trí theachtaireachtaí EDI), le linn na bliana féilire roimhe sin

(27)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: fíordheimhniú trí phasfhocal láidir (amhail fad íosta an phasfhocail, úsáid uimhreacha agus carachtar speisialta, an pasfhocal a athrú go tráthrialta)

(28)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: fíordheimhniú trí mhodhanna bithmhéadracha a úsáidtear chun rochtain a fháil ar chóras TCF an fhiontair (amhail fíordheimhniú bunaithe ar mhéarloirg, guth, aghaidh)

(29)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: fíordheimhniú bunaithe ar theaglaim de dhá mheicníocht fíordheimhniúcháin ar a laghad (i.e. teaglaim de phasfhocal atá sainithe ag an úsáideoir, pasfhocal aonuaire (OTP), cód a ghintear trí cheadchomhartha slándála nó a fhaightear trí fhón cliste, modh bithmhéadrach (bunaithe ar mhéarloirg, guth, aghaidh, mar shampla));

(30)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: sonraí, doiciméid nó ríomhphoist a chriptiú

(31)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: cúltaca sonraí a chóipeáil go suíomh ar leithligh (lena n-áirítear iad a chóipeáil go dtí an néal)

(32)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: rialú ar rochtain ar an líonra (bainistiú chearta na n-úsáideoirí i líonra an fhiontair)

(33)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: VPN (Líonra Príobháideach Fíorúil a chuireann an líonra príobháideach i bhfeidhm thar líonra poiblí chun gur féidir sonraí a mhalartú ar bhealach slán thar líonra poiblí);

(34)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: córas faireacháin slándála TCF trínar féidir gníomhaíocht amhrasach sna córais TCF a bhrath agus foláireamh a thabhairt don fhiontar ina leith, seachas bogearraí neamhspleácha frithvíreas

(35)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: comhaid loga a choinneáil chun gur féidir anailís a dhéanamh tar éis teagmhais slándála TCF

(36)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: measúnú riosca TCF, i.e. measúnú tráthrialta ar dhóchúlacht agus ar iarmhairtí teagmhais slándála TCF

(37)

bearta slándála TCF a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TCF an fhiontair: tástálacha slándála TCF (amhail tástálacha bréagionsaí, an córas foláirimh a thástáil, na córais chúltaca a thástáil)

(38)

daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TCF de trí oiliúint dheonach nó trí fhaisnéis atá ar fáil go hinmheánach (amhail faisnéis ar an inlín)

(39)

daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TCF de trí chúrsaí oiliúna éigeantacha nó trí ábhar féachana éigeantach

(40)

daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TCF de trí bhíthin conartha (amhail conradh fostaíochta)

(41)

doiciméad/doiciméid a bheith ar fáil ar bhearta, cleachtais nó nósanna imeachta um shlándáil TCF, amhail doiciméid maidir le slándáil TCF agus rúndacht sonraí a chuimsíonn oiliúint le haghaidh fostaithe ar úsáid TCF, bearta slándála TCF, measúnú ar bhearta slándála TCF agus pleananna chun doiciméid maidir le slándáil TCF a thabhairt cothrom le dáta

(42)

teagmhais slándála a bhaineann le TCF a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: seirbhísí TCF gan bheith ar fáil i ngeall ar chliseadh crua-earraí nó bogearraí

(43)

teagmhais slándála a bhaineann le TCF a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: seirbhísí TCF gan bheith ar fáil i ngeall ar ionsaí seachtrach amhail ionsaithe bogearraí éirice, ionsaithe Diúltaithe Seirbhíse

(44)

teagmhais slándála a bhaineann le TCF a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí a scriosadh nó a éillíodh i ngeall ar chliseadh crua-earraí nó bogearraí

(45)

teagmhais slándála a bhaineann le TCF a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí a scriosadh nó a éillíodh i ngeall ar ionfhabhtú ó bhogearraí mailíseacha nó ionradh neamhúdaraithe

(46)

teagmhais slándála a bhaineann le TCF a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí rúnda a nochtadh i ngeall ar ionradh, atreorú mailíseach, ionsaí fioscaireachta, nó gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair d’aon ghnó

(47)

teagmhais slándála a bhaineann le TCF a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí rúnda a nochtadh i ngeall ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair nár ghníomhaíochtaí a rinneadh d’aon ghnó iad

(48)

gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil TCF amhail tástáil slándála, oiliúint TCF maidir le slándáil, teagmhais slándála TCF a réiteach (seachas uasghrádú bogearraí réamhphacáistithe) arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair féin (lena n-áirítear daoine atá fostaithe i máthairghnóthais nó i bhfiontair chleamhnaithe)

(49)

gníomhaíochtaí TCF amhail tástáil slándála, oiliúint TCF maidir le slándáil, teagmhais slándála TCF a réiteach (seachas uasghrádú bogearraí réamhphacáistithe) arna ndéanamh ag soláthróirí seachtracha

(50)

árachas i gcoinne teagmhais slándála TCF a bheith ann

(iii)

i gcás fiontair a úsáideann ceangal idirlín líne seasta d’aon saghas:

(51)

luas íoslódála uasta conraithe an cheangail idirlín líne seasta is tapúla sna raonta seo: [0 Mbit/s, < 30 Mbit/s], [30 Mbit/s, < 100 Mbit/s], [100 Mbit/s, < 500 Mbit/s], [500 Mbit/s, < 1 Gbit/s], [≥ 1 Gbit/s]

(iv)

i gcás fiontair a reáchtálann cianchruinnithe

(52)

aon treoirlínte slándála TCF atá ann maidir le cianchruinnithe a reáchtáil tríd an idirlíon, amhail riachtanas pasfhocail, criptiú ó cheann ceann

(53)

treoirlínte a bheith ar fáil maidir le tús áite a thabhairt do chianchruinnithe tríd an idirlíon seachas taisteal gnó

(v)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe nó daoine féinfhostaithe a bhfuil cianrochtain acu ar chóras ríomhphoist an fhiontair

(54)

an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe nó an céatadán den líon iomlán fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil cianrochtain acu ar chóras ríomhphoist an fhiontair

(vi)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe nó daoine féinfhostaithe a bhfuil cianrochtain acu ar dhoiciméid nó feidhmchláir ghnó nó bogearraí de chuid an fhiontair

(55)

an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe nó an céatadán den líon iomlán fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil cianrochtain acu ar dhoiciméid, ríomhchláir ghnó nó bogearraí de chuid an fhiontair

(vii)

i gcás fiontair ina bhfuil fosaithe nó daoine féinfhostaithe a bhfuil cianrochtain acu ar chóras ríomhphoist an fhiontair nó ar dhoiciméid de chuid an fhiontair nó ar fheidhmchláir nó bogearraí de chuid an fhiontair

(56)

aon treoirlínte slándála TCF atá ann maidir le cianrochtain amhail ceanglas cianchruinnithe atá daingnithe le pasfhocal a reáchtáil, toirmeasc ar Wi-Fi poiblí a úsáid le haghaidh na hoibre, úsáid VPN, ceanglais maidir le príobháideachas sonraí

(viii)

i gcás fiontair a raibh díolacháin ghréasáin acu, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(57)

luach na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán, nó an céatadán de láimhdeachas iomlán na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán, le linn na bliana féilire roimhe sin

(58)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le tomhaltóirí príobháideacha (Gnó le Tomhaltóirí: B2C), le linn na bliana féilire roimhe sin

(59)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le fiontair eile (Gnó le Gnó: B2B) agus leis an earnáil phoiblí (Gnó le Rialtas: B2G), le linn na bliana féilire roimhe sin

(ix)

i gcás fiontair a dhíol earraí nó seirbhísí ar an ngréasán trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair agus trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(60)

an céatadán de luach na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán arna ghiniúint ag díolacháin trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair, le linn na bliana féilire roimhe sin

(61)

an céatadán de luach na n-earraí nó na seirbhísí a díoladh ar an ngréasán arna ghiniúint ag díolacháin trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, le linn na bliana féilire roimhe sin

(x)

i gcás fiontair a raibh díolacháin de chineál EDI acu, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(62)

luach na ndíolachán earraí nó seirbhísí de chineál EDI, nó an céatadán de láimhdeachas iomlán arna ghiniúint ag díolacháin earraí nó seirbhísí de chineál EDI, le linn na bliana féilire roimhe sin

(xi)

i gcás fiontair a d’earcaigh speisialtóirí TCF nó a rinne iarracht iad a earcú le linn na bliana féilire roimhe sin

(63)

folúntais do speisialtóirí TCF a raibh sé deacair iad a líonadh

(xii)

i gcás fiontair a bhfuil doiciméid acu ar bhearta, cleachtais nó nósanna imeachta um shlándáil TCF

(64)

an sainmhíniú nó an t-athbhreithniú is déanaí a rinneadh ar dhoiciméid an fhiontair maidir le bearta, cleachtais nó nósanna imeachta um shlándáil TCF: laistigh den 12 mhí dheireanacha, níos mó na 12 mhí agus suas le 24 mhí ó shin, níos mó ná 24 mhí ó shin

(xiii)

i gcás fiontair a úsáideann róbait thionsclaíocha nó róbait seirbhíse

(65)

na fáthanna a chuir leis an gcinneadh róbait a úsáid san fhiontar: costas ard saothair

(66)

na fáthanna a chuir leis an gcinneadh róbait a úsáid san fhiontar: deacrachtaí i leith baill foirne a earcú

(67)

na fáthanna a chuir leis an gcinneadh róbait a úsáid san fhiontar: sábháilteacht ag an obair a fheabhsú

(68)

na fáthanna a chuir leis an gcinneadh róbait a úsáid san fhiontar: ardleibhéal beachtais nó cáilíocht chaighdeánaithe a áirithiú maidir le próisis agus/nó earraí agus seirbhísí a tháirgtear

(69)

na fáthanna a chuir leis an gcinneadh róbait a úsáid san fhiontar: an réimse earraí a tháirgeann an fiontar nó an réimse seirbhísí a chuireann sé ar fáil a mhéadú

(70)

na fáthanna a chuir leis an gcinneadh róbait a úsáid san fhiontar: dreasacht cánach nó dreasachtaí eile ón Rialtas

Athróga roghnacha

(i)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó:

(1)

an líon fostaithe nó daoine féinfhostaithe nó an céatadán den líon iomlán fostaithe agus daoine féinfhostaithe a úsáideann gléas iniompartha a thugann an fiontar dóibh lenar féidir ceangal den idirlíon trí líonraí teileafón soghluaiste chun críoch gnó

(ii)

i gcás fiontair a raibh díolacháin ghréasáin acu, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(2)

díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i dtír an fhiontair féin, le linn na bliana féilire roimhe sin

(3)

díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i mBallstáit eile, le linn na bliana féilire roimhe sin

(4)

díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe sa chuid eile den domhan, le linn na bliana féilire roimhe sin

(iii)

i gcás fiontair a raibh díolacháin ghréasáin acu le custaiméirí atá lonnaithe in dhá cheann ar a laghad de na ceantair gheografacha seo a leanas: tír an fhiontair féin, Ballstáit eile, nó an chuid eile den domhan, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(5)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i dtír an fhiontair féin, le linn na bliana féilire roimhe sin

(6)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe i mBallstáit eile, le linn na bliana féilire roimhe sin

(7)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin arna ghiniúint ag díolacháin ghréasáin le custaiméirí atá lonnaithe sa chuid eile den domhan, le linn na bliana féilire roimhe sin

(iv)

i gcás fiontair a raibh díolacháin ghréasáin acu le custaiméirí atá lonnaithe i mBallstáit eile, le linn na bliana féilire roimhe sin:

(8)

deacrachtaí a bhain le díolacháin le Ballstáit eile: costais arda a bhain le táirgí a sheachadadh nó a thabhairt ar ais, le linn na bliana féilire roimhe sin

(9)

deacrachtaí a bhain le díolacháin le Ballstáit eile: deacrachtaí a bhain le gearáin nó díospóidí a réiteach, le linn na bliana féilire roimhe sin

(10)

deacrachtaí a bhain le díolacháin le Ballstáit eile: lipéid na dtáirgí a choigeartú le haghaidh díolacháin le Ballstáit eile, le linn na bliana féilire roimhe sin

(11)

deacrachtaí a bhain le díolacháin le Ballstáit eile: easpa eolais ar theangacha iasachta chun cumarsáid a dhéanamh le custaiméirí i mBallstáit eile, le linn na bliana féilire roimhe sin

(12)

deacrachtaí a bhain le díolacháin le Ballstáit eile: srianta a chuir páirtithe gnó an fhiontair ar dhíolacháin le Ballstáit áirithe, le linn na bliana féilire roimhe sin

(13)

deacrachtaí a bhain le díolacháin le Ballstáit eile: deacrachtaí a bhain leis an gcóras CBL i mBallstáit eile (amhail éiginnteacht maidir le cóireáil CBL i dtíortha eile), le linn na bliana féilire roimhe sin

(v)

i gcás fiontair ina bhfuil folúntais do speisialtóirí TCF a raibh sé deacair iad líonadh nuair a bhí iarracht á déanamh speisialtóirí TCF a earcú le linn na bliana féilire roimhe sin:

(14)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TCF a earcú i ngeall ar easpa iarratas, le linn na bliana féilire roimhe sin

(15)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TCF a earcú toisc nach raibh na cáilíochtaí ábhartha oideachais agus/nó oiliúna maidir le TCF ag na hiarratasóirí, le linn na bliana féilire roimhe sin

(16)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TCF a earcú i ngeall ar easpa thaithí oibre ábhartha na n-iarratasóirí, le linn na bliana féilire roimhe sin

(17)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TCF a earcú toisc go raibh ionchais tuarastail na n-iarratasóirí ró-ard

 

(vi)

i gcás fiontair a bhfuil róbait thionsclaíocha nó róbait seirbhíse acu

(18)

an líon róbat tionsclaíoch nó róbat seirbhíse a úsáideann an fiontar


Aonad tomhais

Dearbhfhigiúirí, seachas gnéithe a bhaineann le láimhdeachas san airgeadra náisiúnta (mílte) nó an céatadán den láimhdeachas (iomlán)

An pobal staidrimh

Cumhdach na ngníomhaíochtaí:

Ranna NACE C go J, L go N agus grúpa 95.1

Cumhdach na haicme méide:

Fiontair a bhfuil 10 nduine d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe nó níos mó iontu. Maidir le fiontair a bhfuil níos lú ná 10 nduine d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe iontu, féadfar iad a chuimsiú go roghnach

Miondealuithe

Miondealú ar ghníomhaíochtaí

chun comhiomláin náisiúnta a ríomh

comhiomláin ranna NACE agus grúpaí C+D+E+F+G+H+I+J+L+M+N+95.1, D+E

ranna NACE: C, F, G, H, I, J, L, M, N

rannáin NACE: 47, 55

comhiomláin rannáin NACE: 10 + 11 + 12 + 13 + 14 + 15 + 16 + 17 + 18, 19 + 20 + 21 + 22 + 23, 24 + 25, 26 + 27 + 28 + 29 + 30 + 31 + 32 + 33

comhiomlán na rannán agus na ngrúpaí: 26.1 + 26.2 + 26.3 + 26.4 + 26.8 + 46.5 + 58.2 + 61 + 62 + 63.1 + 95.1

le bheith mar chuid de na hiomláin Eorpacha amháin

ranna NACE: D, E

rannáin NACE: 19, 20, 21, 26, 27, 28, 45, 46, 61, 72, 79

grúpa NACE: 95.1

comhiomláin rannáin NACE: 10 + 11 + 12, 13 + 14 + 15, 16 + 17 + 18, 22 + 23, 29 + 30, 31 + 32 + 33, 58 + 59 + 60, 62 + 63, 69 + 70 + 71, 73 + 74 + 75, 77 + 78 + 80 + 81 + 82

Aicme mhéide an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe: 10+, 10-49, 50-249, 250+; roghnach: 0-9, 0-1, 2-9

An spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur

5 Deireadh Fómhair 2022


20.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/37


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1191 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Iúil 2021

lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach clóipirilid a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2006/64/CE ón gCoimisiún (2) áirítear clóipirilid mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

An formheas ar an tsubstaint ghníomhach clóipirilid, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 30 Aibreán 2022.

(4)

Cuireadh isteach iarratas ar an bhformheas ar an tsubstaint ghníomhach clóipirilid a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) í agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 31 Bealtaine 2017.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chomh maith chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Rinne an tÚdarás na barúlacha a fuarthas a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

An 6 Iúil 2018, chuir an tÚdarás a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh clóipirilid na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus an dréacht-Rialachán maidir le clóipirilid faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 24 Márta 2021.

(9)

A mhéid a bhaineann leis na critéir chun airíonna réabtha iontálaigh a aithint, critéir a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (7), léiríonn conclúid an Údaráis, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch, gur beag seans gur réabóir iontálaigh í clóipirilid ó tharla nár tugadh faoi deara aon éifeacht thocsaineach ar na faireoga iontálacha. Dá bhrí sin, cinneann an Coimisiún nach ceart a mheas go bhfuil airíonna réabtha iontálaigh ag clóipirilid.

(10)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir isteach a bharúlacha maidir leis an dréacht-tuarascáil athnuachana agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(11)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil clóipirilid, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(12)

Tá an measúnú riosca chun formheas ar an tsubstaint ghníomhach clóipirilid a athnuachan bunaithe ar úsáidí ionadaíocha mar luibhicídí ar ghránaigh gheimhridh agus ar fhéarthailte. Cé nach gá, i bhfianaise an mheasúnaithe riosca sin, an srian gan úsáid a bhaint aisti ach amháin mar luibhicíd a choinneáil, is gá, áfach, i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 den Rialachán sin agus i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus srianta áirithe. Is iomchuí, go háirithe, faisnéis bhreise deimhniúcháin a éileamh.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(14)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/566 ón gCoimisiún (8) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na clóipirilide go dtí an 30 Aibreán 2022 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart tosú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth níos luaithe ná an dáta sin.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas ar an tsubstaint ghníomhach a athnuachan

Déantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach clóipirilid a athnuachan mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2006/64/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 2006 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun clóipirilid, ciopróidínil, foiseitil agus tríneicseapac a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 206, 27.7.2006, lch. 110).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh. (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

(6)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(8):5389. Ar fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.

(7)  Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena leagtar síos critéir eolaíochta chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/566 ón gCoimisiún an 30 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) straidhn QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS-1857 agus straidhn GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis straidhn AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS 351, straidhn PB 54, straidhn SA 11, straidhn SA12 agus straidhn EG 2348, Beauveria bassiana straidhn ATCC 74040 agus straidhn GHA, clóidineafop, clóipirilid, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cipróidinil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, meapainipiri, Metarhizium anisopliae (var. anisopliae) straidhn BIPESCO 5/F52, meatconasól, meitrifeanón, pirimicharb, Pseudomonas chlororaphis straidhn MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “S. Griseoviridis” roimhe seo), Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn ICC012, straidhn T25 agus straidhn TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí “T. Viride” roimhe seo) straidhn ICC080, Trichoderma harzianum straidhn T-22 agus straidhn ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (IO L 118, 7.4.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht  (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Clóipirilid

Uimh. CAS: 1702-17-6

Uimh. CIPAC 455

aigéad 3,6-déchlóraipiridín-2-carbocsaileach nó aigéad 3,6-déchlórapicilineach

≥ 950 g/kg

1 Deireadh Fómhair 2021

30 Meán Fómhair 2036

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le clóipirilid, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán sin, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar an méid seo a leanas:

sonraíocht an ábhair theicniúil mar a mhonaraítear ar bhonn tráchtála;

cosaint na n-oibreoirí agus é á áirithiú go n-áirítear cur i bhfeidhm trealaimh cosanta phearsanta leordhóthanaigh sna coinníollacha úsáide;

iarmhair chlóipirilide a d’fhéadfadh a bheith ann i mbarra uainíochta;

aistriú féideartha iarmhar clóipirilide trí mhúirín nó aoileach ainmhithe ar de thionscnamh limistéir a cóireáladh a mbeatha, chun damáiste do bharra soghabhálacha a sheachaint;

cosaint screamhuiscí atá faoi dhálaí leochaileacha.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Cuirfidh an t-iarratasóir faisnéis deimhniúcháin faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis maidir le tionchar na bpróiseas cóireála uisce ar chineál na n-iarmhar atá in uisce óil.

Déanfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis sin a chur isteach laistigh de 2 bhliain tar éis treoirdhoiciméad maidir le meastóireacht ar éifeacht próiseas cóireála uisce ar chineál na n-iarmhar atá in uisce dromchla agus i screamhuisce a ghlacadh.


(1)  Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 129 maidir le clóipirilid;

(2)

i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht  (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

“147

Clóipirilid

Uimh. CAS 1702-17-6

Uimh. CIPAC 455

aigéad 3,6-déchlóraipiridín-2-carbocsaileach nó aigéad 3,6-déchlórapicilineach

≥ 950 g/kg

1 Deireadh Fómhair 2021

30 Meán Fómhair 2036

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le clóipirilid, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán sin, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar an méid seo a leanas:

sonraíocht an ábhair theicniúil mar a mhonaraítear ar bhonn tráchtála;

cosaint na n-oibreoirí agus é á áirithiú go n-áirítear cur i bhfeidhm trealaimh cosanta phearsanta leordhóthanaigh sna coinníollacha úsáide;

iarmhair chlóipirilide a d’fhéadfadh a bheith ann i mbarra uainíochta;

aistriú féideartha iarmhar clóipirilide trí mhúirín nó aoileach ainmhithe ar de thionscnamh limistéir a cóireáladh a mbeatha, chun damáiste do bharra soghabhálacha a sheachaint;

cosaint screamhuiscí atá faoi dhálaí leochaileacha.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide, i gcás inarb iomchuí.

Cuirfidh an t-iarratasóir faisnéis deimhniúcháin faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis maidir le tionchar na bpróiseas cóireála uisce ar chineál na n-iarmhar atá in uisce óil.

Déanfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis sin a chur isteach laistigh de 2 bhliain tar éis treoirdhoiciméad maidir le meastóireacht ar éifeacht próiseas cóireála uisce ar chineál na n-iarmhar atá in uisce dromchla agus i screamhuisce a ghlacadh.


(1)  Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.”


CINNTÍ

20.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/42


CINNEADH (CBES) 2021/1192 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Iúil 2021

lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2021/142

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Nollaig 2001, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2001/931/CBES (1).

(2)

An 5 Feabhra 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/142 (2) lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES (“an liosta”).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 1(6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, is gá athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar ainmneacha na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá ar an liosta chun a áirithiú go bhfuil forais ann lena gcoimeád ar an liosta.

(4)

Leagtar amach sa Chinneadh seo toradh an athbhreithnithe a rinne an Chomhairle i dtaca leis na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo.

(5)

Tá an Chomhairle tar éis a fhíorú go bhfuil údaráis inniúla, dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, tar éis cinntí a dhéanamh i dtaca le gach duine, gach grúpa agus gach eintiteas atá ar an liosta lena léirítear go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(2) agus (3) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES. Tá an Chomhairle tar éis teacht ar an tátal freisin gur cheart go leanfadh na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo de bheith faoi réir na mbeart sriantach sonrach dá bhforáiltear i gComhsheasamh 2001/931/CBES.

(6)

Ba cheart an liosta a nuashonrú dá réir sin, agus ba cheart Cinneadh (CBES) 2021/142 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus n-eintiteas a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2021/142 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PODGORŠEK


(1)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/142 ón gComhairle an 5 Feabhra 2021 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2020/1132 (IO L 43, 8.2.2021, lgh. 14).


IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA nDAOINE, NA nGRÚPAÍ AGUS NA nEINTITEAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

I.   DAOINE

1.

ABDOLLAHI, Hamed (ar a dtugtar freisin Mustafa Abdullahi) a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Uimhir an phas: D9004878.

2.

AL-NASSER, Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

3.

AL YACOUB, Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4.

ARBABSIAR Manssor (ar a dtugtar freisin Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, uimhir an phas: C2002515 (an Iaráin); Uimhir an phas: 477845448 (SAM). Uimhir aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

5.

ASSADI Assadollah, a rugadh an 22.12.1971 in Teheran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

6.

BOUYERI, Mohammed (ar a dtugtar freisin Abu ZUBAIR, ar a dtugtar freisin SOBIAR, ar a dtugtar freisin Abu ZOUBAIR), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

7.

EL HAJJ, Hassan Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Uimhir an phas: JX446643 (Ceanada).

8.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Teheran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9.

IZZ-AL-DIN, Hasan (ar a dtugtar freisin GARBAYA, Ahmed, ar a dtugtar freisin SA-ID, ar a dtugtar freisin SALWWAN, Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

10.

MELIAD, Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Uimhir an phas: M2719127 (an Astráil).

11.

MOHAMMED, Khalid Shaikh (ar a dtugtar freisin ALI, Salem, ar a dtugtar freisin BIN KHALID, Fahd Bin Adballah, ar a dtugtar freisin HENIN, Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin WADOOD, Khalid Adbul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, uimhir an phas 488555.

12.

ŞANLI, Dalokay (ar a dtugtar freisin Sinan), a rugadh an 13.10.1976 in Pülümür (an Tuirc).

13.

SHAHLAI Abdul Reza (ar a dtugtar freisin Abdol Reza Shala’i, ar a dtugtar freisin Abd-al Reza Shalai, ar a dtugtar freisin Abdorreza Shahlai, ar a dtugtar freisin Abdolreza Shahla’i, ar a dtugtar freisin Abdul-Reza Shahlaee, ar a dtugtar freisin Hajj Yusef, ar a dtugtar freisin Haji Yusif, ar a dtugtar freisin, Hajji Yasir, ar a dtugtar freisin Hajji Yusif, ar a dtugtar freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, Iran, (2) Mehran Military Base, Ilam Province, Iran.

14.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Teheran na hIaráine.

II.   GRÚPAÍ AGUS EINTITIS

1.

“Abu Nidal Organisation” — “ANO” (ar a dtugtar freisin “Fatah Revolutionary Council”, ar a dtugtar freisin “Arab Revolutionary Brigades”, ar a dtugtar freisin “Black September”, ar a dtugtar freisin “Revolutionary Organisation of Socialist Muslims”).

2.

“Al-Aqsa Martyrs’ Brigade”.

3.

“Al-Aqsa e.V”.

4.

“Babbar Khalsa”.

5.

“Communist Party of the Philippines”, lena n-áirítear “New People’s Army” — “NPA”, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine.

7.

“Gama’a al-Islamiyya” (ar a dtugtar freisin “Al-Gama’a al-Islamiyya”) (“Islamic Group” — “IG”).

8.

“İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi” — “IBDA-C” (“Great Islamic Eastern Warriors Front”).

9.

“Hamas”, lena n-áirítear “Hamas-Izz al-Din al-Qassem”.

10.

“Hizballah Military Wing” (ar a dtugtar freisin “Hezbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbullah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hezballah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hisbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbu’llah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizb Allah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Jihad Council” (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n-áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

11.

“Hizbul Mujahideen” — “HM”.

12.

“Khalistan Zindabad Force” — “KZF”.

13.

“Kurdistan Workers’ Party” — “PKK” (ar a dtugtar freisin “KADEK”, ar a dtugtar freisin “KONGRA-GEL”).

14.

“Liberation Tigers of Tamil Eelam” — “LTTE”.

15.

“Ejército de Liberación Nacional” (“National Liberation Army”).

16.

“Palestinian Islamic Jihad” — “PIJ”.

17.

“Popular Front for the Liberation of Palestine” — “PFLP”.

18.

“Popular Front for the Liberation of Palestine — General Command” (ar a dtugtar freisin “PFLP — General Command”).

19.

“Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi” — “DHKP/C” (ar a dtugtar freisin “Devrimci Sol” (“Revolutionary Left”), ar a dtugtar freisin “Dev Sol”) (“Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party”).

20.

“Sendero Luminoso” — “SL” (“Shining Path”).

21.

“Teyrbazen Azadiya Kurdistan” — “TAK” (ar a dtugtar freisin “Kurdistan Freedom Falcons”, ar a dtugtar freisin “Kurdistan Freedom Hawks”).


20.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/46


CINNEADH (CBES) 2021/1193 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Iúil 2021

lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Bhosnia agus sa Heirseagaivéin agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1340

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Lúnasa 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1340 (1) lena gceaptar Johann SATTLER mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin. Tá sainordú ISAE le dul in éag an 31 Lúnasa 2021.

(2)

Ba cheart síneadh 24 mhí a chur le sainordú ISAE agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2023.

(3)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear síneadh le sainordú Johann SATTLER mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin go dtí an 31 Lúnasa 2023. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a shíneadh nó a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Airteagal 2

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1340 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Is é EUR 12 800 000 an méid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2023 a chumhdach.”;

(2)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta ar dhul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe, faoin 31 Bealtaine 2023.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PODGORŠEK


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/1340 ón gComhairle an 8 Lúnasa 2019 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (IO L 209, 9.8.2019, lgh. 10).


20.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/48


CINNEADH (CBES) 2021/1194 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Iúil 2021

lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (*) agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1135

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1135 (1), lena gceaptar Tomáš SZUNYOG mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) sa Chosaiv. Tá sainordú ISAE le dul in éag an 31 Lúnasa 2021.

(2)

Ba cheart síneadh 24 mhí a chur le sainordú ISAE agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2023.

(3)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear síneadh le sainordú Tomáš SZUNYOG mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) sa Chosaiv go dtí an 31 Lúnasa 2023. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar síneadh a chur le sainordú ISAE nó é a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Airteagal 2

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1135 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Is é EUR 6 600 000 an méid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2023 a chumhdach.”;

(2)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta ar dhul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoin 31 Bealtaine 2023.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PODGORŠEK


(*)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  Cinneadh (CBES) 2020/1135 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (IO L 247, 31.7.2020, lch. 25).


20.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/50


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1195 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Iúil 2021

maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le feistí leighis diagnóiseacha in vitro a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), feistí atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó leis na codanna ábhartha de na caighdeáin sin, measfar go bhfuil siad i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin sin, ceanglais atá faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó codanna sin díobh.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2406 ón gCoimisiún (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) go ndéanfaí athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro, caighdeáin ar chun tacú le Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a forbraíodh iad, agus go ndreáchtófaí caighdeáin chomhchuibhithe nua chun tacú le Rialachán (AE) 2017/746.

(3)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2406, rinne CEN athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 11135:2014, EN ISO 11137-1:2015, EN ISO 11737-2:2009 agus EN ISO 25424:2011, caighdeáin a bhí ann cheana, chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch is déanaí a chur san áireamh, agus chun na caighdeáin sin a oiriúnú do cheanglais ábhartha Rialachán (AE) 2017/746. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe nua EN ISO 11737-2:2020 agus EN ISO 25424:2019, chomh maith leis an leasú EN ISO 11135:2014/A1:2019 ar EN ISO 11135:2014 agus an leasú EN ISO 11137-1:2015/A2:2019 ar EN ISO 11137-1:2015.

(4)

Na caighdeáin a rinne CEN a athbhreithniú agus a dhréachtú, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann siad an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2406.

(5)

Na caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 11737-2:2020 agus EN ISO 25424:2019, agus na leasuithe EN ISO 11135:2014/A1:2019 ar EN ISO 11135:2014 agus EN ISO 11137-1:2015/A2:2019 ar EN ISO 11137-1:2015, is caighdeáin agus leasuithe iad a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/746. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go meastar go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caighdeáin chomhchuibhithe maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro, caighdeáin ar chun tacú le Rialachán (AE) 2017/746 a dréachtaíodh iad, ar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a liostaítear iad, déantar na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú leis seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 14.4.2021 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil, mar atá caighdeánú i ndáil le feistí leighis chun tacú le Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus caighdeánú i ndáil le feistí leighis diagnóiseacha in vitro chun tacú le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(4)  Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro (IO L 331, 7.12.1998, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

1.

EN ISO 11135:2014

Steiriliú táirgí cúraim sláinte - An ocsaíd eitiléine - Ceanglais maidir le forbairt, bailíochtú agus gnáthrialú próisis steirilithe i ndáil le feistí leighis (ISO 11135:2014)

EN ISO 11135:2014/A1:2019

2.

EN ISO 11137-1:2015

Steiriliú táirgí cúraim sláinte – An Radaíocht – Cuid 1: Ceanglais maidir le forbairt, bailíochtú agus gnáthrialú próisis steirilithe i ndáil le feistí leighis (ISO 11137-1:2006, lena n-áirítear Amd 1:2013)

EN ISO 11137-1:2015/A2:2019

3.

EN ISO 11737-2:2020

Steiriliú táirgí cúraim sláinte – Modhanna micribhitheolaíocha – Cuid 2: Tástálacha steirilíochta a dhéantar i sainiú, i mbailíochtú agus i gcothabháil próisis steiriliúcháin (ISO 11737-2:2019)

4.

EN ISO 25424:2019

Steiriliú táirgí cúraim sláinte - Gal agus formaildéad ag teocht íseal - Ceanglais maidir le forbairt, bailíochtú agus gnáthrialú próisis steirilithe i ndáil le feistí leighis (ISO 25424:2018)


20.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/53


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1196 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Iúil 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh áirithe raidió, mar atá caighdeáin a bhaineann le gairis rad-aimsithe a dhéanann grinnscrúdú ar an talamh agus ar bhallaí, le trealamh aitheanta radaimhinicíochta, le trealamh raidió le haghaidh córais iarnróid Euroloop, le gairis líonraithe gearr-raoin, le feidhmchláir thionsclaíocha gan sreang agus le nasc raidió cumarsáide leathanbhanda le haghaidh long agus suiteálacha amach ón gcósta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (2) trealamh raidió atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear faoi na caighdeáin sin nó faoi na codanna sin díobh.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 5376 (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) go ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2014/53/AE (“an Iarraidh”).

(3)

Ar bhonn na hIarrata, dhréachtaigh ETSI caighdeán comhchuibhithe EN 303 258 V1.1.1 maidir le feidhmchláir thionsclaíocha gan sreang.

(4)

Ar bhonn na hIarrata, rinne ETSI athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 302 066-2 V1.2.1, EN 302 208 V3.1.1, EN 302 609 V2.1.1, EN 303 204 V2.1.2 agus EN 303 276 V1.1.1, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (4). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas faoi seach – EN 302 066 V2.2.1 maidir le gairis rad-aimsithe a dhéanann grinnscrúdú ar an talamh agus ar bhallaí, EN 302 208 V3.3.1 maidir le trealamh aitheanta radaimhinicíochta, EN 302 609 V2.2.1 maidir le trealamh raidió le haghaidh córais iarnróid Euroloop, EN 303 204 V3.1.1 maidir le gairis líonraithe gearr-raoin agus EN 303 276 V1.2.1 maidir le nasc raidió cumarsáide leathanbhanda le haghaidh long agus suiteálacha amach ón gcósta.

(5)

Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le ETSI féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe sin an Iarraidh.

(6)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN 303 204 V3.1.1 agus EN 303 276 V1.2.1, comhlíonann siad na ceanglais riachtanacha is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach i dTreoir 2014/53/CE. Is iomchuí dá bhrí sin na tagairtí do na caighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 302 066 V2.2.1, an abairt deiridh den naoú mír de chlásal 6.2.5 ann, chomh maith leis an deichiú mír den chlásal céanna, agus an t-aonú mír déag de, is rudaí iad a fhágann gur féidir na sonraíochtaí a leagtar síos sa chaighdeán comhchuibhithe sin a léiriú agus a shainmhíniú ar bhealach suibiachtúil. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srianta.

(8)

Moladh 74-01 ó Chomhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide maidir le hastaíochtaí neamh-inmhianaithe i réimse na n-astaíochtaí iomrallacha (Moladh ERC 74-01 (2019)), is moladh é ina leagtar ceanglais síos maidir le húsáid éifeachtúil an speictrim raidió. I dTábla 6 de Mholadh ERC 74-01 (2019), foráiltear gur suas go teorainn an raoin minicíochta 694 MHz ba cheart cosaint a thabhairt. Níl Tábla 2 de chaighdeán comhchuibhithe EN 302 208 V3.3.1 ailínithe le Moladh ERC 74-01 mar an teorainn a shonraítear sa Tábla sin, is teorainn eile atá inti seachas an teorainn a shonraítear i Moladh ERC 74-01(2019). Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian.

(9)

I dTábla 3 de chaighdeán comhchuibhithe EN 302 609 V2.2.1, tá neamhréireachtaí ann maidir leis na raonta minicíochta le haghaidh an ghlacadóra tomhais. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian.

(10)

Na sonraíochtaí a leagtar amach i Clásail 4.2.8.2, 4.2.9.3 agus 4.2.10.3 de chaighdeán comhchuibhithe EN 303 258 V1.1.1, ní chuirtear modhanna tástála ar fáil sna clásail chéanna chun comhlíonadh na sonraíochtaí sin a léiriú. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srianta.

(11)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 ón gCoimisiún (5) liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a nglactar leis dá mbarr go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/53/AE, agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe nach nglactar leis dá mbarr go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/53/AE ach maille le srian. Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/53/AE, chun a áirithiú go liostófar iad in aon ghníomh amháin, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin EN 303204 V3.1.1 agus EN 303276 V1.2.1 a chuimsiú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167, agus na tagairtí do chaighdeáin EN 302066 V2.2.1, EN 302208 V3.3.1, EN 302 V2.2.1 agus EN 303258 V1.1.1 a chuimsiú in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(12)

Dá bhrí sin, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 302066-2 V1.2.1, EN 302208 V3.1.1, EN 302609 V2.1.1, EN 303204 V2.1.2 agus EN 303276 V1.1.1, is gá iad a tharraingt siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6) , ós rud é go ndearnadh athbhreithniú orthu. In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/53/AE agus atá le tarraingt siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is iomchuí dá bhrí sin na tagairtí sin a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(13)

Tarraingt siar na dtagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 302066-2 V1.2.1, EN 302208 V3.1.1, EN 302609 V2.1.1, EN 303204 V2.1.2 agus EN 303276 V1.1.1., is gá í a chur siar ionas go mbeidh a ndóthain ama ag monaróirí ullmhú le haghaidh chur i bhfeidhm chaighdeáin chomhchuibhithe EN 302066 V2.2.1, EN 302208 V3.3.1, EN 302609 V2.2.1, EN 303204 V3.1.1 agus EN 303276 V1.2.1 agus EN 303276 V1.2.1,

(14)

Comhlíonadh caighdeáin chomhchuibhithe, is rud é a nglactar leis dá bharr go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin is ábhar práinne atá i dteacht i bhfeidhm an Chinnidh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 5376 final ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2015 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, mar atá caighdéanú maidir le trealamh raidió chun tacú le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(4)  IO C 326, 14.9.2018, lch. 114.

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 ón gCoimisiún maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 34, 6.2.2020, lch. 46).

(6)  IO C 326, 14.9.2018, lch. 114.


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167, cuirtear isteach na rónna seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“10.

EN 303204 V3.1.1

Gairis Ghearr-raoin Sheasta (SRD) i líonraí sonraí; Trealamh raidió atá le húsáid sa raon minicíochta 870 MHz go 876 MHz maille le leibhéil chumhachta suas go 500 mW e.r.p.; Caighdeán Comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió

11.

EN 303276 V1.2.1

Nasc Raidió Leathanbhanda Muirí a oibríonn laistigh de na bandaí 5 852  MHz go 5 872  MHz agus/nó 5 880  MHz go 5 900  MHz le haghaidh long agus suiteálacha amach ón gcósta a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí comhordaithe; Caighdeán Comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167, cuirtear isteach na rónna seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“10.

EN 302066 V2.2.1

Gairis Ghearr-raoin (SRD); Gairis rad-aimsithe a dhéanann grinnscrúdú ar an talamh agus ar bhallaí (GPR/WPR); Caighdeán Comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió

Fógra: Ní rud é comhlíonadh an chaighdeáin chomhchuibhithe seo a nglacfar leis dá bharr go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Threoir 2014/53/AE i gcás ina gcuirfear aon cheann de na trí ní a leanas i bhfeidhm:

sa naoú mír de chlásal 6.2.5 den chaighdeán sin, an abairt ‘Maidir le tomhais na n-astaíochtaí, an rud lena gcumhdaítear an banda 30MHz go 1 000  MHz ina iomláine, is féidir freisin gur mheascán a bheadh ann de dhéchóin agus de shraith-aeróga logartamacha peiriadacha dépholacha’;

an deichiú mír de chlásal 6.2.5 den chaighdeán sin;

an t-aonú mír déag de chlásal 6.2.5 den chaighdeán sin.

11.

EN 302208 V3.3.1

Trealamh Aitheanta Radaimhinicíochta a oibríonn sa bhanda 865 MHz go 868 MHz maille le leibhéil chumhachta suas go 2 W agus trealamh aitheanta radaimhinicíochta a oibríonn sa bhanda 915 MHz go 921 MHz maille le leibhéil chumhachta suas le 4 W; Caighdeán Comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió

Fógra: Chun glacadh leis go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Threoir 2014/53/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na teorann ‘692 MHz’ i dTábla 2 den chaighdeán comhchuibhithe seo: ‘694 MHz.’.

12.

EN 302609 V2.2.1

Gairis Ghearr-raoin (SRD); Trealamh raidió le haghaidh córais chumarsáide Euroloop; Caighdeán Comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió

Fógra: Chun glacadh leis go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Threoir 2014/53/AE:

sa dara ró de Thábla 3 den chaighdeán comhchuibhithe seo, is é léamh a dhéanfar ar an teorainn ‘29,090  MHz’ gurb é ‘27,090  MHz’ atá inti;

sa tríú ró de Thábla 3 den chaighdeán comhchuibhithe seo, is é léamh a dhéanfar ar an teorainn ‘29,100  MHz’ gurb é ‘27,100  MHz’ atá inti;

13.

EN 303258 V1.1.1

Feidhmchláir Thionsclaíocha gan Sreang; Trealamh a oibríonn sa raon minicíochta ó 5 725  MHz go 5 875  MHz maille le leibhéil chumhachta suas go 400 mW; Caighdeán Comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió

Fógra: Ní rud é comhlíonadh an chaighdeáin chomhchuibhithe seo a nglacfar leis dá bharr go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas riachtanach a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Threoir 2014/53/AE sa chás nach dtéitear i muinín na modhanna tástála iomchuí chun a léiriú go bhfuil comhréir ann le clásail 4.2.8.2, 4.2.9.3.3 agus 4.2.10.3 den chaighdeán comhchuibhithe seo.”.


IARSCRÍBHINN III

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167, cuirtear isteach na rónna seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“17.

EN 302066-2 V1.2.1

Comhoiriúnacht leictreamaighnéadach agus Gnóthaí a bhaineann leis an Speictream Raidió (ERM); Córais íomháithe feidhmeanna radair a dhéanann grinnscrúdú ar an talamh agus ar bhallaí; Cuid 2: EN Comhchuibhithe lena gcumhdaítear riachtanais Airteagal 3.2 de Threoir R&TTE

20 Eanáir 2023

18.

EN 302208 V3.1.1

Trealamh Aitheanta Radaimhinicíochta a oibríonn sa bhanda 865 MHz go 868 MHz maille le leibhéil chumhachta suas le 2 W agus trealamh aitheanta radaimhinicíochta a oibríonn sa raon minicíochta 915 MHz go 921 MHz maille le leibhéil chumhachta suas le 4 W; Caighdeán comhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha in Airteagal 3.2 de Threoir 2014/53/AE

20 Eanáir 2023

19.

EN 302609 V2.1.1

Gairis Ghearr-raoin (SRD); Trealamh raidió le haghaidh córais chumarsáide Euroloop; Caighdeán Comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió

20 Eanáir 2023

20.

EN 303204 V2.1.2

Gairis Ghearr-raoin (SRD) atá Bunaithe ar Líonra; Trealamh raidió atá le húsáid sa raon minicíochta 870 MHz go 876 MHz maille le leibhéil chumhachta suas go 500 mW; Caighdeán comhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha in Airteagal 3.2 de Threoir 2014/53/AE

20 Eanáir 2023

21.

EN 303276 V1.1.1

Nasc Raidió Leathanbhanda Muirí a oibríonn laistigh de na bandaí 5 852  MHz go 5 872  MHz agus/nó 5 880  MHz go 5 900  MHz le haghaidh long agus suiteálacha amach ón gcósta a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí comhordaithe; Caighdeán comhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha in Airteagal 3.2 de Threoir 2014/53/AE

20 Eanáir 2023”