ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 231 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
64 |
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
GA |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
30.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 231/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2021
lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 agus do phointe (a) d’Airteagal 322(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),
Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leis an gcreat rialála lena rialaítear beartas comhtháthaithe an Aontais don tréimhse ó 2021 go 2027, i gcomhthéacs an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile, rannchuidítear le comhlíonadh ghealltanais an Aontais Comhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (5) (“Comhaontú Pháras”) a chur chun feidhme, chun leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht dhomhanda a theorannú go dtí faoi bhun 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe trí chistiú an Aontais a dhíriú ar chuspóirí glasa. Leis an Rialachán seo, ba cheart go gcuirtear chun feidhme ceann de na tosaíochtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal “An Comhaontú Glas don Eoraip” agus is cuid é den Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe lena gcuirtear maoiniú tiomnaithe ar fáil faoin Sásra um Aistriú Cóir i gcomhthéacs an bheartais comhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar na costais sóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a bhaineann leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach agus aeráid-neodrach, ina ndéantar aon astaíochtaí gás ceaptha teasa atá fágtha a chúiteamh le hionsúcháin choibhéiseacha. |
(2) |
Tá an t-aistriú i dtreo geilleagar ciorclach agus aeráid-neodrach ar cheann de na cuspóirí beartais is tábhachtaí atá ag an Aontas. An 12 Nollaig 2019, rinne an Chomhairle Eorpach formhuiniú ar an gcuspóir Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Cé go mbainfidh gach réigiún agus gach Ballstát leas as comhrac an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil san fhadtéarma agus go gcuirfidh sin deiseanna agus dúshláin ar fáil do chách sa mheántéarma, ní thosaíonn gach ceann acu ar a n-aistriú ón bpointe céanna agus níl an cumas freagartha céanna acu. Tá roinnt acu sin níos forbartha ná cinn eile, agus bíonn tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil níos leithne ag an aistriú ar na réigiúin sin a bhíonn ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise le haghaidh úsáid fuinnimh - go háirithe gual, lignít, móin agus sceall ola - nó ar thionscail atá dian ar gháis ceaptha teasa. I gcás den sórt sin, cruthaítear an baol go mbeidh aistriú ar luasanna éagsúla san Aontas i dtaca leis an ngníomhú ar son na haeráide, ach an baol freisin go dtiocfadh méadú ar na héagothromaíochtaí idir na réigiúin, rud a dhéanfadh dochar do chuspóirí an chomhtháthaithe shóisialta, eacnamaíoch agus chríochaigh. |
(3) |
Chun go n-éireoidh leis an aistriú agus chun go mbeidh sé inghlactha go sóisialta ag cách, ní mór dó a bheith cothrom agus cuimsitheach. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas agus do na Ballstáit agus dá gcuid réigiún na himpleachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige a chur san áireamh ón tús, agus leas a bhaint as gach ionstraim is féidir chun drochiarmhairtí a mhaolú. Tá ról tábhachtach ag buiséad an Aontais i ndáil leis sin. |
(4) |
Mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe, ba cheart an Sásra um Aistriú Cóir a bheith comhlántach do na gníomhaíochtaí eile faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse ó 2021 go 2027. Ba cheart dó rannchuidiú le dul i ngleic leis na hiarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil, go háirithe d’oibrithe a ndéantar difear dóibh sa phróiseas a bhainfeadh leis an aistriú i dtreo Aontas aeráid-neodracht faoi 2050, tríd an gcaiteachas ó bhuiséad an Aontais ar chuspóirí aeráide agus sóisialta a thabhairt le chéile ar an leibhéal réigiúnach agus trí ardchaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a bheith mar aidhm leis. |
(5) |
Leis an Rialachán seo, ba cheart an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) a bhunú, ar chiste é atá ar cheann de cholúin de chuid an tSásra um Aistriú Cóir a chuirtear chun feidhme faoin mbeartas comhtháthaithe. Is iad na haidhmeanna atá ag CUAC maolú a dhéanamh ar dhrochiarmhairtí an aistrithe aeráide trí thacaíocht a thabhairt sna críocha is mó a n-imríonn siad tionchar orthu agus do na hoibrithe lena mbaineann agus aistriú cothrom socheacnamaíoch a chur chun cinn. I gcomhréir le cuspóir sonrach amháin CUAC, ba cheart do na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CUAC rannchuidiú go díreach chun laghdú a dhéanamh ar thionchar an aistrithe agus trí mhaolú a dhéanamh ar na hiarmhairtí diúltacha ar an bhfostaíocht agus trí mhaoiniú a dhéanamh ar éagsúlú agus nuachóiriú an gheilleagair áitiúil. Bunaítear an cuspóir sonrach amháin CUAC ar an leibhéal céanna agus liostaítear é in éineacht leis na cuspóirí beartais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
(6) |
Mar léiriú ar an gComhaontú Glas don Eoraip arb í straitéis fáis inbhuanaithe an Aontais agus ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, tá an Ciste um Aistriú Cóir ceaptha rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus le hinbhuanaitheacht chomhshaoil a phríomhshruthú agus le baint amach sprioc fhoriomlán 30 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a chaitheamh ar thacú le cuspóirí aeráide agus leis an uaillmhian 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027, agus ag an am céanna aon fhorluí atá ann cheana idir na spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a mheas. Is acmhainní breise iad na hacmhainní ó imchlúdach airgeadais CUAC féin a chuirtear leis na hinfheistíochtaí is gá chun an sprioc fhoriomlán go mbeadh 30 % den chaiteachas as buiséad an Aontais ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide a bhaint amach. Ba cheart, trí bhíthin na hacmhainní sin, rannchuidiú go hiomlán leis an sprioc sin a bhaint amach mar aon trí bhíthin na hacmhainní arna n-aistriú ar bhonn deonach ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus ó Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Sa chomhthéacs seo, le CUAC, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramaítear caighdeáin aeráide agus chomhshaoil agus tosaíochtaí an Aontais agus nach ndéanann aon dochar suntasach leo do na cuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus lena n-áirithítear an t-aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin, rud a chabhróidh le hAontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050. |
(7) |
Ba cheart do na hacmhainní ó CUAC comhlánú a dhéanamh ar na hacmhainní a bheidh ar fáil faoin mbeartas comhtháthaithe. |
(8) |
Is dúshlán do na Ballstáit uile é an t-aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach. Beidh sé ina dhúshlán ar leith do na Ballstáit sin a bhíonn ag brath, nó a bhí ag brath go dtí le déanaí, go mór ar bhreoslaí iontaise nó ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha atá dian ar gháis ceaptha teasa ar gá deireadh a chur leo go céimnitheach nó ar gá iad a oiriúnú i ngeall ar an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach agus nach bhfuil na hacmhainní airgeadais acu chun é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin ba cheart gach Ballstát a chumhdach le CUAC, ach ba cheart agus a acmhainní airgeadais á ndáileadh, díriú ar na críocha sin is mó a ndéanann próiseas an aistrithe aeráide difear dóibh, agus ba cheart don dháileadh sin léiriú a dhéanamh ar acmhainneacht na mBallstát na hinfheistíochtaí atá riachtanach chun déileáil leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach a mhaoiniú. |
(9) |
Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (“an Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna cur chun feidhme indíreach, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht saineolaithe seachtracha agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint. |
(10) |
Chun úsáid éifeachtach acmhainní CUAC a áirithiú, ba cheart an rochtain ar CUAC a theorannú do 50 % den leithdháileadh náisiúnta do na Ballstáit sin nár thug gealltanas go fóill go gcuirfidh siad chun feidhme an cuspóir, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050, leis an 50 % eile á chur ar fáil le haghaidh clársceidealaithe ach a nglacfar leis an ngealltanas sin. Chun cothroime a áirithiú agus chun go gcaithfear go comhionann leis na Ballstáit, i gcás nach bhfuil gealltanas tugtha ag Ballstát an cuspóir a chur chun feidhme Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050 faoin 31 Nollaig i mbliain ar bith ag tosú ó 2022, ba cheart an gealltanas buiséadach don bhliain roimhe sin a shaoradh ina iomláine an bhliain dár gcionn. |
(11) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (11) agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní arna leithdháileadh ann, ba cheart bearta téarnaimh agus athléimneachta faoi CUAC a dhéanamh chun dul i ngleic le tionchar ghéarchéim COVID-19 nach raibh a leithéid ann riamh roimhe. Ba cheart na hacmhainní breise sin a úsáid sa chaoi go n-áiritheofar go gcomhlíonfar na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán sin. |
(12) |
Leis an Rialachán seo, ba cheart cineálacha infheistíochtaí a shainaithint, a gceadófaí le CUAC tacú le caiteachas dá gcuid. Ba cheart gealltanais agus tosaíochtaí aeráide, comhshaoil agus sóisialta an Aontais a urramú go hiomlán agus gach gníomhaíocht dá dtugtar tacaíocht á saothrú. Ba cheart a áireamh ar liosta na n-infheistíochtaí cinn a thacaíonn le geilleagair áitiúla trína bpoitéinseal fáis inginiúil a spreagadh i gcomhréir leis na straitéisí speisialtóireachta cliste faoi seach, lena n-áirítear turasóireacht inbhuanaithe i gcás inarb iomchuí. Caithfidh infheistíochtaí a bheith inbhuanaithe san fhadtéarma, agus cuspóirí uile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip á gcur san áireamh. Ba cheart do na tionscadail a dtugtar maoiniú dóibh rannchuidiú le haistriú go geilleagar inbhuanaithe, aeráid-neodrach agus ciorclach, lena n-áirítear bearta lena ndírítear ar éifeachtúlacht acmhainní a mhéadú. Níor cheart tacaíocht a thabhairt don loscadh dramhaíola ós rud é go mbaineann an ghníomhaíocht seo leis an gcuid íochtair d’ordlathas an gheilleagair chiorclaigh dramhaíola. Ba cheart seirbhísí comhairliúcháin a chuireann le cur chun feidhme na mbeart a dtacaíonn CUAC leo a bheith incháilithe freisin. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann, tacú le hathnádúrúchán láithreán, le forbairt bonneagair ghlais agus le bainistiú uisce mar chuid de thionscadal athchóiriúcháin talún. Agus tacaíocht á tabhairt do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart, le CUAC, go bhféadfaí tacú le hinfheistíochtaí amhail iadsan a chuidíonn freisin leis an mbochtaineacht fuinnimh a laghdú, go príomha trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh stoic tithíochta. Le CUAC, ba cheart go bhféadfaí tacú freisin le forbairt teicneolaíochtaí nuálacha stórála. |
(13) |
Chun na saoránaigh is leochailí ó thaobh an aistrithe aeráide de a chosaint, le CUAC, ba cheart uas-sciliú agus athsciliú, lena n-áirítear oiliúint, na n-oibrithe a n-imrítear tionchar orthu freisin, a chumhdach, gan beann ar cé acu atá siad fós fostaithe nó atá a bpost caillte acu mar gheall ar an aistriú. Le CUAC, ba cheart féachaint le cabhrú leo iad féin a chur in oiriúint do dheiseanna nua fostaíochta. Le CUAC, ba cheart aon chineál tacaíochta iomchuí a chur ar fáil freisin do chuardaitheoirí poist, lena n-áirítear cúnamh chun post a chuardach agus iad a chuimsiú go gníomhach sa mhargadh saothair. Ba cheart do gach cuardaitheoir poist a chaill a bpost in earnálacha a ndéanann an t-aistriú difear dóibh i réigiún atá clúdaithe leis an bplean críochach um aistriú cóir a bheith incháilithe tacaíocht a fháil ó CUAC fiú mura bhfuil na hoibrithe a briseadh as a bpost ina gcónaí sa réigiún sin. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar shaoránaigh atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh, go háirithe agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á gcur chun feidhme le haghaidh dálaí tithíochta sóisialta feabhsaithe. |
(14) |
Ba cheart tacaíocht do ghníomhaíochtaí i réimse an oideachais agus an chuimsithe shóisialta a cheadú agus tacaíocht do bhonneagar sóisialta chun críocha saoráidí cúraim leanaí agus seandaoine agus in ionaid oiliúna chomh maith agus ar choinníoll go bhfuil údar iomchuí leis na gníomhaíochtaí sin sna pleananna críochacha um aistriú cóir. I gcás cúram scothaosta, ba cheart an prionsabal maidir le cur chun cinn cúraim phobalbhunaithe a chaomhnú. D’fhéadfadh seirbhísí sóisialta agus poiblí sna réimsí sin an meascán infheistíochta a thabhairt chun críche. Ba cheart údar cuí sna pleananna críochacha um aistriú cóir a bheith ag teastáil maidir le tacaíocht ar bith a sholáthrófar sna réimsí sin agus ba cheart don tacaíocht sin cloí le cuspóirí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. |
(15) |
Chun aghaidh a thabhairt ar staid agus ról sonrach na mban san aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach, ba cheart comhionannas inscne a chur chun cinn. Tá ról tábhachtach ag rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus ag an bhfiontraíocht, mar aon le pá comhionann, chun comhionannas deiseanna a áirithiú. Le CUAC, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha atá thíos go díréireach le drochéifeachtaí an aistrithe, amhail oibrithe faoi mhíchumas. Ní mór féiniúlacht na bpobal mianadóireachta a chaomhnú agus ní mór leanúnachas na bpobal a bhí ann san am a caitheadh agus na gcomhphobal a bheidh ann amach anseo a choimirciú. Is éard atá i gceist leis sin ná aird ar leith a thabhairt ar a n-oidhreacht mhianadóireachta inláimhsithe agus doláimhsithe, lena n-áirítear a gcultúr. |
(16) |
Chun feabhas a chur ar éagsúlú eacnamaíoch na gcríoch a n-imríonn an t-aistriú tionchar orthu, ba cheart, le CUAC, tacú le fiontair agus le geallsealbhóirí eacnamaíocha, lena n-áirítear trí thacú le hinfheistiochtaí táirgiúla i micreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide (12) (FBManna). Ba cheart infheistíochtaí táirgiúla a thuiscint mar infheistíocht i gcaipiteal seasta nó sócmhainní neamhábhartha fiontar, d’fhonn earraí agus seirbhísí a tháirgeadh, rud a chuirfidh, dá bhrí sin, leis an oll-infheistíocht agus le fostaíocht. I gcás fiontair eile nach FBManna iad, níor cheart tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla ach amháin má tá siad riachtanach chun caillteanais post a bhíonn ann mar thoradh ar an aistriú a mhaolú, trí líon suntasach post a chruthú nó a chosaint, agus nach mbeidh athlonnú ann mar thoradh orthu ná dá mbarr. Ba cheart infheistíochtaí i saoráidí tionsclaíocha atá ann cheana, lena n-áirítear iad sin a chumhdaítear faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, a cheadú má rannchuidíonn siad leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050 agus má théann siad cuid mhaith faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don leithdháileadh saor in aisce faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus má dhéantar líon suntasach post a chosaint mar thoradh orthu. Ba cheart aon infheistíocht den sórt sin a chuí-réasúnú dá réir sa phlean críochach um aistriú cóir ábhartha. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh agus an bheartais comhtháthaithe a chosaint, ba cheart don tacaíocht do ghnóthais rialacha an Aontais maidir le státchabhair mar a leagtar amach in Airteagail 107 agus 108 CFAE a chomhlíonadh agus, go háirithe, ba cheart tacaíocht d’infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad a bheith teoranta d’fhiontair atá lonnaithe i limistéir atá ainmnithe mar limistéir fóirithinte chun críocha phointí (a) agus (c) d’Airteagal 107(3) CFAE. |
(17) |
Chun solúbthacht a sholáthar le haghaidh clársceidealú acmhainní CUAC faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis, ba cheart é a bheith indéanta clár neamhspleách CUAC a ullmhú nó acmhainní CUAC a chlársceidealú i dtosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó laistigh de chláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ nó ón gCiste Comhtháthaithe. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060, d’fhéadfaí acmhainní CUAC a threisiú ar bhonn deonach le cistiú comhlántach ó CFRE agus ó CSE+. I gcás den sórt sin, ba cheart do na méideanna faoi seach a aistrítear ó CFRE agus ó CSE+ a bheith ag teacht leis na cineálacha oibríochtaí a leagtar amach sna pleananna críochacha um aistriú cóir. |
(18) |
Ba cheart cur chun feidhme éifeachtach ar phróiseas aistrithe i gcríoch sonrach chun geilleagar aeráid-neodrach a bhaint amach a bheith ina choinníoll le haghaidh tacaíocht CUAC. Ar an ábhar sin, ba cheart do na Ballstáit pleananna críochacha um aistriú cóir a ullmhú, in idirphlé sóisialta agus i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, i gcomhréir le foráil ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060 um chomhpháirtíocht, agus le tacaíocht ón gCoimisiún, ina leagtar amach mionsonraí an phróisis aistrithe, ag teacht lena bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún Ardán um Aistriú Cóir a chur ar bun, a chuirfeadh leis an ardán atá ann cheana féin le haghaidh na réigiún guail atá i mbun aistrithe, le gur féidir malartuithe taithí déthaobhacha agus iltaobhacha a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar na dea-chleachtais, thar gach earnáil a ndéantar difear di. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh bardais agus cathracha rannpháirteach i gcur chun feidhme acmhainní CUAC agus go gcuirfear a riachtanais san áireamh sa chomhthéacs sin. |
(19) |
Sna pleananna críochacha um aistriú cóir, ba cheart na críocha ina mbeidh an tionchar is diúltaí a shainaithint, críocha ar cheart tacaíocht CUAC a dhíriú orthu, agus tuairisc a thabhairt ar ghníomhaíochtaí sonracha atá le déanamh chun spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas a bhaint amach faoi 2050, go háirithe a mhéid a bhaineann le saoráidí ina bhfuil táirgeadh breoslaí iontaise nó gníomhaíochtaí eile atá dian ar gháis ceaptha teasa ar siúl a thiontú nó a dhúnadh. Ba cheart na críocha sin a bheith sainithe go beacht agus ag freagairt do leibhéal 3 den aicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (“réigiúin NUTS leibhéal 3”), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), nó a bheith ina gcodanna díobh. Ba cheart dúshláin agus riachtanais na gcríoch sin a leagan amach sna pleananna, agus rioscaí ó thaobh dídhaonraithe de á gcur san áireamh, agus na cineálacha oibríochtaí atá de dhíth chun rannchuidiú le poist a chruthú ar leibhéal tairbhithe an phlean a shainaithint agus ar dhóigh a áiritheoidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí eacnamaíocha a fhorbairt ar bhonn comhleanúnach atá ag teacht leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip freisin. I gcás ina sainaithnítear na críocha sin, ba cheart aird bhreise a thabhairt ar shainiúlachtaí oileán, limistéir oileánacha agus na réigiún is forimeallaí a bhféadfadh go dteastódh, mar thoradh ar na saintréithe geografacha agus socheacnamaíocha, cur chuige difriúil ina leith chun tacú le próiseas an aistrithe i dtreo geilleagar aeráid-neodrach. Níor cheart ach d’infheistíochtaí atá i gcomhréir leis na pleananna críochacha um aistriú cóir tacaíocht airgeadais a fháil ó CUAC. Ba cheart do na pleananna críochacha um aistriú cóir a bheith mar chuid de na cláir, de réir an cháis, a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe nó ó CUAC, atá formheasta ag an gCoimisiún. |
(20) |
Chun úsáid acmhainní CUAC a fheabhsú ionas go mbeidh siad dírithe níos mó ar thorthaí, ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a bheith in ann ceartúcháin airgeadais a chur i bhfeidhm i gcás drochfheidhmíocht thromchúiseach ó thaobh na spriocanna arna mbunú le haghaidh chuspóir sonrach CUAC a chomhlíonadh. |
(21) |
Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach le haghaidh CUAC, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún chun an miondealú bliantúil ar na hacmhainní atá ar fáil de réir an Bhallstáit a leagan amach. |
(22) |
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon tacaíocht a thabhairt do dhaoine, do gheilleagar agus do chomhshaol na gcríoch sin a bhfuil claochlú eacnamaíoch agus sóisialta ó bhonn rompu chun aistriú go geilleagar aeráid-neodrach, a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus ar chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla, agus mar gheall ar an teorainn ar acmhainní airgeadais na mBallstát agus na gcríoch, agus, de bharr an gá le creat cur chun feidhme comhsheasmhach lena gcumhdaítear roinnt cistí de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte; gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(23) |
I bhfianaise ghlacadh an Rialacháin seo tar éis thús na tréimhse clársceidealaithe, agus ag cur san áireamh gur gá CUAC a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe agus comhchuibhithe, agus chun go bhféadfar é a chur chun feidhme go pras, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine, do gheilleagair agus do chomhshaol na gcríoch sin a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha rompu a eascraíonn as an bpróiseas aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid a shainítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050.
Leagtar síos leis cuspóir sonrach CUAC, an cumhdach geografach agus na hacmhainní a bhaineann leis, raon feidhme na tacaíochta a thugtar leis maidir leis an sprioc Infheistíochta le haghaidh post agus fáis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(2) den Rialachán (AE) 2021/1060, chomh maith le forálacha sonracha maidir le clársceidealú agus na táscairí is gá chun faireachán a dhéanamh.
Airteagal 2
Cuspóir sonrach
I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, rannchuideoidh CUAC leis an gcuspóir sonrach aonair maidir le réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, bunaithe ar Chomhaontú Pháras.
Airteagal 3
Cumhdach geografach agus acmhainní faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis
1. Tacófar le CUAC leis an sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis sna Ballstáit uile.
2. Is é EUR 7 500 000 000 i bpraghsanna 2018 a bheidh ar fáil sa ghealltanas buiséadach don tréimhse 2021-2027 sna hacmhainní do CUAC faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis faoi mar a bhunaítear i pointe (g) d’Airteagal 110(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.
3. Féadfar na achmhainní dá dtagraítear i mír 2 a mhéadú, de réir mar a bheidh, le hacmhainní breise a leithdháilfear i mbuiséad an Aontais, agus le hacmhainní eile i gcomhréir leis an mbunghníomh is infheidhme.
4. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an miondealú bliantúil ar acmhainní atá ar fáil, lena n-áirítear aon acmhainní breise dá dtagraítear i mír 3, de réir an Bhallstáit i gcomhréir leis na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Airteagal 4
Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh
1. Déanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 a chur chun feidhme faoin Rialachán seo le méid EUR 10 000 000 000 i bpraghasanna 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 109(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus faoi réir Airteagal 3(3), (4), (7) agus (9) de Rialachán (AE) 2020/2094.
Measfar gur acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Rialachán seo é an méid sin. De réir mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094, is éard a bheidh sa mhéid sin ioncam sannta seachtrach chun críoch Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.
2. Cuirfear an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis do na blianta 2021 go 2023, de bhreis ar na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 3, mar a leanas:
— |
2021: EUR 2 000 000 000; |
— |
2022: EUR 4 000 000 000; |
— |
2023: EUR 4 000 000 000. |
Méid de EUR 15 600 000 i bpraghsanna 2018 a gcuirfear ar fáil le haghaidh caiteachas riaracháin ó na hacmhainní dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
3. Déanfar an miondealú bliantúil ar an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo de réir an Bhallstáit a chumhdach sa Chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 3(4) i gcomhréir leis na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
4. De mhaolú ar Airteagal 14(3) den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na rialacha saortha a leagtar amach i gCaibidil IV de Theideal VII de Rialachán (AE) 2021/1060 maidir leis na gealltanais bhuiséadacha a bheidh bunaithe ar acmhainní dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. De mhaolú ar phointe (c) d’Airteagal 12(4) den Rialachán Airgeadais, ní úsáidfear na hacmhainní sin le haghaidh clár nó gníomhaíocht a bheidh ann ina dhiaidh sin.
5. Breacfar na híocaíochtaí sa ghealltanas is túisce a bheidh oscailte de CUAC, ag tosú ar dtús leis na gealltanais ó na hacmhainní dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 go dtí go mbeidh siad ídithe.
Airteagal 5
An Sásra Luaíochta Ghlais
1. Más rud é, de bhun Airteagal 3(3), go méadófar ar na hacmhainní do CUAC roimh an 31 Nollaig 2024, leithdháilfear na hachmhainní breise ar na Ballstáit ar bhonn na sciaranna náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
2. Más rud é, de bhun Airteagal 3(3) den Rialachán seo, go méadófar ar na hacmhainní do CUAC tar éis an 31 Nollaig 2024, leithdáilfear na hacmhainní breise ar na Ballstáit i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sa dara fomhír den mhír seo, ar bhonn an athraithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a saoráidí tionsclaíocha sa tréimhse ón mbliain 2018 go dtí an bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith, arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Déanfar an t-athrú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit a ríomh trí astaíochtaí gás ceaptha teasa na réigiúin leibhéal NUTS 3 sin a sainaithníodh sna pleananna críochacha um aistriú cóir, agus sna réigiúin sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán seo.
Déanfar leithdháileadh acmhainní breise do gach Ballstát a chinneadh i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a) |
i gcás Ballstáit ar éirigh leo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhain gach Ballstát amach a ríomh trí leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa sa bhliain tagartha is déanaí a shloinneadh mar chéatadán de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a tugadh faoi deara in 2018; i gcás Ballstáit nár éirigh leo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, socrófar an céatadán sin ag 100 %. |
(b) |
déanfar sciar deiridh gach Ballstáit a ríomh trí na sciaranna náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a roinnt ar na céatadáin a thagann as pointe (a); agus |
(c) |
déanfar toradh an ríomha faoi phointe (b) a athscálú chun suimiú suas go dtí 100 %. |
3. Déanfaidh na Ballstáit na hacmhainní breise a áireamh ina gcláir agus tíolacfaidh siad leasú cláir i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060.
Airteagal 6
Leithdháiltí sonracha le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus na n-oileán
Agus a bpleananna críochacha um aistriú cóir á n-ullmhú acu i gcomhréir le hAirteagal 11(1), tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar staid na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha acu a eascraíonn as an bpróiseas aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, ag féachaint dá riachtanais shonracha mar a aithnítear iad in Airteagal 174 agus in Airteagal 349 CFAE.
Agus na críocha sin á gcur san áireamh ina bpleananna críochacha um aistriú cóir, leagfaidh na Ballstáit amach an méid sonrach a leithdháilfear do na críocha sin mar aon leis an mbonn cirt comhfhreagrach, agus dúshláin shonracha na gcríoch seo á gcur san áireamh acu.
Airteagal 7
Rochtain choinníollach ar acmhainní
1. I gcás nach mbeidh gealltanas tugtha ag Ballstát an cuspóir a chur chun feidhme Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050, ní dhéanfar ach 50 % de na leithdháiltí bliantúla don Bhallstát sin a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 3(4) agus 4(3) a chur ar fáil le haghaidh clársceidealaithe agus a áireamh sna tosaíochtaí.
De mhaolú ar Airteagal 10(1) den Rialachán seo, ní dhéanfar an 50 % atá fágtha de na leithdháiltí bliantúla a áireamh sna tosaíochtaí. Sna cásanna sin, ní áireofar sna cláir a fhaigheann tacaíocht ó CUAC agus a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/1060 ach 50 % de leithdháiltí bliantúla CUAC sa tábla dá dtagraítear i bpointe (g)(ii) d’Airteagal 22(3) den Rialachán sin. Sa tábla dá dtagraítear i bpointe (g)(i) d’Airteagal 22(3) den Rialachán sin, déanfar na leithdháiltí atá ar fáil le haghaidh clársceidealaithe agus na leithdháiltí nach ndéanfar a chlársceidealú a shainaithint ar leithligh.
2. Ní fhormheasfaidh an Coimisiún cláir ina bhfuil tosaíocht CUAC, nó aon leasú air, ach amháin i gcás ina n-urramófar na ceanglais a leagtar amach sa chuid sin a bhaineann leis an leithdháileadh clársceidealaithe i gcomhréir le mír 1.
3. A luaithe a bheidh gealltanas tugtha ag Ballstáit an cuspóir a chur chun feidhme Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050, féadfaidh sé iarraidh a thíolacadh go ndéanfar gach clár a fhaigheann tacaíocht ó CUAC a leasú i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus na leithdháiltí neamh-chlársceidealaithe nár saoradh a chur san áireamh.
4. Déanfar gealltanais bhuiséadacha ar bhonn an tábla dá dtagraítear i bpointe (g)(i) d’Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2021/1060. Ní dhéanfar na gealltanais a bhaineann leis na leithdháiltí neamh-chlársceidealaithe a úsáid le haghaidh íocaíochtaí agus ní chuirfear san áireamh iad sa bhonn do ríomh an réamh-mhaoiniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 90 den Rialachán sin go dtí go gcuirfear ar fáil iad le haghaidh clársceidealaithe i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
De mhaolú ar Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2021/1060, in éagmais ghealltanas an Bhallstáit an cuspóir a chur chun feidhme Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050 faoin 31 Nollaig in aon bhliain faoi leith, ag tosú ó 2022, déanfar gealltanais bhuiséadacha don bhliain roimhe sin a bhaineann le leithdháiltí neamhchlársceidealaithe a shaoradh ina n-iomláine an bhliain dár gcionn.
Airteagal 8
Raon feidhme na tacaíochta
1. Ní thabharfar tacaíocht le CUAC ach amháin do ghníomhaíochtaí atá nasctha go díreach lena chuspóir sonrach faoi mar a leagtar amach in Airteagal 2 agus a chuireann le cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 11.
2. I gcomhréir le mír 1, tabharfar tacaíocht eisiach le CUAC do na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a) |
infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear micrifhiontair agus gnólachtaí nuathionscanta, a mbeidh éagsúlú eacnamaíoch, nuachóiriú agus ath-chomhshó mar thoradh orthu; |
(b) |
infheistíochtaí i gcruthú gnólachtaí nua, lena n-áirítear trí ghorlanna gnó agus seirbhísí comhairliúcháin, a mbeidh cruthú post mar thoradh air; |
(c) |
infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear arna ndéanamh ag ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde poiblí, agus chun aistriú teicneolaíochtaí nua a chothú; |
(d) |
infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus i gcórais agus bonneagar le haghaidh fuinneamh glan inacmhainne, lena n-áirítear teicneolaíochtaí stórála hidrigine, agus le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú; |
(e) |
infheistíochtaí san fhuinneamh inathnuaite i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), lena n-áirítear na critéir inbhuaine a leagtar amach sa Treoir sin, agus san éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú; |
(f) |
infheistíochtaí sa tsoghluaisteacht áitiúil chliste agus inbhuanaithe, lena n-áirítear dícharbónú na hearnála iompair áitiúil agus an bhonneagair a bhaineann léi; |
(g) |
athshlánú agus uasghrádú na líonraí téimh ceantair d’fhonn feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras téimh ceantair agus infheistíochtaí i dtáirgeadh teasa ar choinníoll go ndéantar na suiteálacha táirgthe teasa a sholáthar go heisiach le foinsí fuinnimh inathnuaite; |
(h) |
infheistíochtaí i ndigiteáil, nuálaíocht dhigiteach agus i nascacht dhigiteach; |
(i) |
infheistíochtaí in athghiniúint agus i ndí-éilliú láithreán athfhorbraíochta, in athchóiriú talún agus lena n-áirítear, i gcás inar gá, i dtionscadail bonneagair ghlais agus athrú cuspóra, agus aird á tabhairt ar an bprionsabal “íoc mar a thruaillítear”; |
(j) |
infheistíochtaí i bhfeabhsú an gheilleagair chiorclaigh, lena n-áirítear trí dhramhaíl a chosc, laghdú, éifeachtúlacht acmhainní, athúsáid, deisiú, agus athchúrsáil; |
(k) |
uas-sciliú agus athsciliú oibrithe agus cuardaitheoirí poist; |
(l) |
cúnamh i gcuardach poist do chuardaitheoirí poist; |
(m) |
cuimsiú gníomhach na gcuardaitheoirí poist; |
(n) |
cúnamh teicniúil; |
(o) |
gníomhaíochtaí eile i réimsí an oideachais agus an chuimsithe shóisialta lena n-áirítear, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, infheistíochtaí i mbonneagar chun críoch ionad oiliúna, saoráidí cúraim leanaí agus daoine scothaosta mar a léirítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le hAirteagal 11. |
Ina theannta sin, féadfar, le CUAC, tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, i limistéir atá ainmnithe mar limistéir fóirithinte chun críocha pointí (a) agus (c) d’Airteagal 107(3) CFAE, ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis atá riachtanach faoi phointe (h) d’Airteagal 11(2) den Rialachán seo. Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin i gcás ina mbeidh gá leo chun an plean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme, ina rannchuideoidh siad leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontais faoi 2050 agus le spriocanna comhshaoil gaolmhara a bhaint amach, i gcás ina mbeidh gá lena dtacaíocht chun poist a chruthú sa chríoch a shainaithneofar agus nach mbeidh athshocrú mar thoradh orthu mar a shainaithneofar i bpointe (27) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060.
Le CUAC, féadfar tacú freisin le hinfheistíochtaí chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú i ngníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (i) d’Airteagal 11(2) den Rialachán seo. Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin má tá gá leo chun an plean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme.
Airteagal 9
Eisiamh ón raon feidhme tacaíochta
Ní thacóidh CUAC leis an méid seo a leanas:
(a) |
díchoimisiúnú nó tógáil cumhachtstáisiún núicléach; |
(b) |
monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac; |
(c) |
gnóthas atá i gcruachás faoi mar a shainítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (18), mura n-údaraítear dó faoi rialacha sealadacha Státchabhrach a bunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla nó faoi chabhair de minimis chun tacú le hinfheistíochtaí chun costais fuinnimh a laghdú i gcomhthéacs an phróisis aistrithe fuinnimh; |
(d) |
infheistíocht a bhaineann le táirgeadh, próiseáil, iompar, dáileadh, stóráil nó dóchán na mbreoslaí iontaise. |
Airteagal 10
Clársceidealú acmhainní CUAC
1. Déanfar acmhainní CUAC a chlársceidealú i gcomhair na gcatagóirí réigiún ina bhfuil na críocha lena mbaineann, ar bhonn na bpleananna críochacha um aistriú cóir arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 11 agus arna bhformheas ag an gCoimisiún mar chuid de chlár nó de leasú ar chlár. Beidh na hacmhainní arna gclársceidealú i bhfoirm cláir shonraigh amháin nó níos mó nó i bhfoirm tosaíochta amháin nó níos mó laistigh de chláir.
Ní dhéanfaidh an Coimisiún clár nó aon leasú air a fhormheas, ach i gcás ina bhfuil údar cuí le sainaithint na gcríoch is mó atá faoi thionchar diúltach ag próiseas an aistrithe, atá sa phlean ábhartha críochach um aistriú cóir, agus go bhfuil an plean ábhartha críochach um aistriú cóir ag teacht le plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann.
2. Is éard a bheidh i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí CUAC cuid nó iomlán acmhainní CUAC a leithdháiltear ar na Ballstáit agus na hacmhainní a aistrítear i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/1060. Ní rachaidh iomlán acmhainní CFRE agus CSE+ a aistreofar chuig CUAC thar thrí oiread mhéid na tacaíochta ó CUAC chuig an tosaíocht sin cé is moite de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo.
3. I gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, ní bheidh an ráta cómhaoinithe, ar ráta é is infheidhme don réigiún ina bhfuil an chríoch nó na críocha a shainaithnítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo, don tosaíocht nó do na tosaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CUAC os cionn:
(a) |
85 % le haghaidh réigiúin lagfhorbartha; |
(b) |
70 % le haghaidh réigiúin trasdula; |
(c) |
50 % le haghaidh réigiúin níos forbartha. |
Airteagal 11
Pleananna críochacha um aistriú cóir
1. Ullmhóidh na Ballstáit, i gcomhar le húdaráis ábhartha áitiúla agus réigiúnacha na gcríoch lena mbaineann, plean críochach um aistriú cóir amháin nó níos mó a chumhdaíonn críoch amháin nó níos mó a ndéanann sé difear dóibh, a chomhfhreagraíonn do réigiúin NUTS leibhéal 3, nó codanna díobh, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh na críocha sin ar na cinn is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, bunaithe ar na torthaí eacnamaíocha agus sóisialta de dheasca an aistrithe, go háirithe maidir leis an oiriúnú measta oibrithe nó caillteanas measta post i dtáirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise agus na riachtanais maidir le claochlú ó bhonn ar phróisis táirgthe na saoráidí tionsclaíocha sin a bhfuil an déine gás ceaptha teasa is airde acu.
2. Beidh na gnéithe seo a leanas in aon phlean críochach um aistriú cóir:
(a) |
tuairisc ar an bpróiseas aistrithe ar an leibhéal náisiúnta i dtreo geilleagar aeráid-neodrach, lena n-áirítear amlíne le haghaidh céimeanna aistrithe tábhachtacha i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, atá comhsheasmhach leis an leagan is déanaí den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide; |
(b) |
údar cuí le críocha a shainaithint a bheith faoin tionchar is diúltaí de dheasca an phróisis aistrithe dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus atá le tacaíocht a fháil ó CUAC, i gcomhréir le mír 1; |
(c) |
measúnú ar dhúshláin an aistrithe atá ann do na críocha a sainaithníodh mar na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, lena n-áirítear tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, ina sainaithnítear líon na bpost a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus líon na bpost a d’fhéadfadh cailleadh, na rioscaí dídhaonraithe, agus na riachtanais agus na cuspóirí forbartha, atá le baint amach faoi 2030 agus nasctha le claochlú ó bhonn nó le dúnadh na ngníomhaíochtaí atá dian ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de sna críocha sin; |
(d) |
tuairisc ar rannchuidiú measta na tacaíochta CUAC maidir le dul i ngleic le tionchair shóisialta, dhéimeagrafacha, eacnamaíocha, sláinte agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, lena n-áirítear an rannchuidiú measta i dtéarmaí cruthú agus caomhnú post; |
(e) |
measúnú ar a chomhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna ábhartha náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile; |
(f) |
tuairisc ar shásraí rialachais ina bhfuil socruithe comhpháirtíochta, na bearta faireacháin agus meastóireachta atá pleanáilte agus na comhlachtaí freagracha; |
(g) |
tuairisc ar na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe agus an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu chun tionchar an aistrithe a laghdú; |
(h) |
i gcás ina gcuirtear tacaíocht ar fáil d’infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, liosta táscach na n-oibríochtaí agus na bhfiontar atá le tacú agus cuí-réasúnú ar an ngá atá le tacaíocht den sórt sin trí anailís ar bhearnaí ina léirítear go rachadh na caillteanais post a d’fhéadadh a bheith ann thar líon na bpost a chruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin; |
(i) |
i gcás ina bhfuil tacaíocht le cur ar fáil d’infheistíochtaí chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, liosta de na hoibríochtaí a bhfuiltear chun tacú leo agus cuí-réasúnú go gcuirfeadh siad leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach agus go mbeadh laghdú suntasach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a rachadh i bhfad faoi na tagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don saor-leithdháileadh faoi Threoir 2003/87/CE mar thoradh orthu agus ar choinníoll go bhfuil gá leis na hoibríochtaí chun líon suntasach post a chosaint; |
(j) |
sineirgí agus comhlántachtaí le cláir ábhartha eile an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha shainaitheanta; agus |
(k) |
sineirgí agus comhlántachtaí lena mbeartaítear tacaíocht a fháil ó cholúin eile an tSásra um Aistriú Cóir. |
3. Beidh na páirtithe ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta, rannpháirteach in ullmhú agus cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060.
4. Beidh na pleananna críochacha um aistriú cóir comhsheasmhach leis na straitéisí ábhartha críochacha dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus le straitéisí ábhartha um speisialtóireacht chliste, leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.
I gcás ina mbeidh gá le huasdhátú ar phlean críochach um aistriú cóir, de bharr athbhreithniú a dhéantar ar phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, déanfar an t-athbhreithniú sin mar chuid den athbhreithniú meántéarma i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060.
5. I gcás inar mian le Ballstáit leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ann tacaíocht a fháil faoi na colúin eile den Sásra um Aistriú Cóir, leagfar amach ina bplean críochach um aistriú cóir na hearnálacha agus na réimsí téamacha a bhfuil tacaíocht beartaithe ina leith faoi na colúin sin.
Airteagal 12
Táscairí
1. Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir agus toraidh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus, i gcásanna cuí-réasúnaithe sa phlean críochach um aistriú cóir, táscairí aschuir agus toraidh atá clár-shonrach, i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 16 (1), pointe (d)(ii) d’Airteagal 22(3) agus pointe (b) d’Airteagal 42 (2) de Rialachán (AE) 2021/1060.
2. Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag náid. Beidh na garspriocanna a shocraítear do 2024 agus na spriocanna a shocraítear do 2029 carnach. Ní dhéanfar athbhreithniú ar na spriocanna tar éis don iarraidh ar an leasú ar chlár a chur isteach de bhun Airteagal 18 (3) de Rialachán (AE) 2021/1060 a bheith formheasta ag an gCoimisiún.
3. I gcás ina dtacaíonn tosaíocht CUAC leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (k), (l) nó (m) d’Airteagal 8(2), ní dhéanfar sonraí na dtáscairí a tharchur ach amháin má bhíonn na sonraí uile a bhaineann leis an rannpháirtí sin, a cheanglaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn III, ar fáil.
Airteagal 13
Ceartuithe airgeadais
Bunaithe ar scrúdú ar thuarascáil deiridh ar fheidhmíocht an chláir, féadfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 104 de Rialachán (AE) 2021/1060 i gcás ina mbaintear amach níos lú ná 65 % den sprioc a leagtar amach do cheann amháin nó níos mó de na táscairí aschuir.
Beidh na ceartuithe airgeadais i gcomhréir leis an méid a baineadh amach agus ní dhéanfar iad a chur i bhfeidhm i gcás inar ann don mhainneachtain spriocanna a bhaint amach i ngeall ar an tionchar atá ag imthosca socheacnamaíocha nó comhshaoil, i ngeall ar athruithe suntasacha i ndálaí eacnamaíocha nó comhshaoil sa Bhallstát lena mbaineann nó i ngeall ar chúiseanna force majeure a dhéanann difear mór do chur chun feidhme na dtosaíochtaí lena mbaineann.
Airteagal 14
Athbhreithniú
Faoin 30 Meitheamh 2025, athbhreithneoidh an Coimisiún cur chun feidhme CUAC a bhaineann leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 2, agus na hathruithe a bhféadfaí a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2020/852 agus cuspóirí an Aontais maidir leis an athrú aeráide a leagtar amach i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráid-neodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“an Dlí Aeráide Eorpach”), agus an forás i gcur chun feidhme an Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe á gcur san áireamh. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leo.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) IO C 290, 1.9.2020, lch. 1.
(2) IO C 311, 18.9.2020, lch. 55 agus IO C 429, 11.12.2020, lch. 240.
(3) IO C 324, 1.10.2020, lch. 74.
(4) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh na Comhairle an 7 Meitheamh 2021.
(5) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(6) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánphairtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Viosaí (féach leathanach 159 den Iris Oifigiúil seo).
(7) Rialachán (AE) 2021/1058 an 24 Meitheamh 2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (féach leathanach 60 den Iris Oifigiúil seo).
(8) Rialachán (AE) 2021/1057 an 24 Meitheamh 2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (féach leathanach 21 den Iris Oifigiúil seo)..
(9) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(10) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23).
(12) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(13) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(14) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
(15) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(16) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).
(17) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(18) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
LEITHDHÁILTÍ DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
|
Leithdháiltí ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh |
Leithdháiltí ó acmhainní CAI |
Leithdháiltí Iomlána |
Sciar na mBallstát ón iomlán |
An Bheilg |
95 |
71 |
166 |
0,95 % |
An Bhulgáir |
673 |
505 |
1 178 |
6,73 % |
An tSeicia |
853 |
640 |
1 493 |
8,53 % |
An Danmhairg |
46 |
35 |
81 |
0,46 % |
An Ghearmáin |
1 288 |
966 |
2 254 |
12,88 % |
An Eastóin |
184 |
138 |
322 |
1,84 % |
Éire |
44 |
33 |
77 |
0,44 % |
An Ghréig |
431 |
324 |
755 |
4,31 % |
An Spáinn |
452 |
339 |
790 |
4,52 % |
An Fhrainc |
535 |
402 |
937 |
5,35 % |
An Chróit |
97 |
72 |
169 |
0,97 % |
An Iodáil |
535 |
401 |
937 |
5,35 % |
An Chipir |
53 |
39 |
92 |
0,53 % |
An Laitvia |
100 |
75 |
174 |
1,00 % |
An Liotuáin |
142 |
107 |
249 |
1,42 % |
Lucsamburg |
5 |
4 |
8 |
0,05 % |
An Ungáir |
136 |
102 |
237 |
1,36 % |
Málta |
12 |
9 |
21 |
0,12 % |
An Ísiltír |
324 |
243 |
567 |
3,24 % |
An Ostair |
71 |
53 |
124 |
0,71 % |
An Pholainn |
2 000 |
1 500 |
3 500 |
20,00 % |
An Phortaingéil |
116 |
87 |
204 |
1,16 % |
An Rómáin |
1 112 |
834 |
1 947 |
11,12 % |
An tSlóvéin |
134 |
101 |
235 |
1,34 % |
An tSlóvaic |
239 |
179 |
418 |
2,39 % |
An Fhionlainn |
242 |
182 |
424 |
2,42 % |
An tSualainn |
81 |
61 |
142 |
0,81 % |
AE 27 |
10 000 |
7 500 |
17 500 |
100,00 % |
Leithdháiltí in EUR milliún, i bpraghsanna 2018 agus roimh asbhaintí le haghaidh cúnamh teicniúil agus caiteachas riaracháin (mar gheall ar shlánú aníos nó anuas, d’fhéadfadh sé nach réitíonn na suimeanna iomlána le chéile)
IARSCRÍBHINN II
TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH PLEANANNA CRÍOCHACHA UM AISTRIÚ CÓIR
1.
Leagan amach an phróisis aistrithe agus sainaithint na gcríoch ina mbeidh an tionchar is diúltaí laistigh den Bhallstát
Réimse téacs [12000] |
Tagairt: pointe (a) d’Airteagal 11(2)
|
Tagairt: pointe (b) d’Airteagal 11(2)
|
Tagairt: Airteagal 6
|
2.
Measúnú ar na dúshláin i dtaca leis an aistriú, le haghaidh gach ceann de na críocha arna sainaithint
2.1.
Measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ag an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050Tagairt: pointe (c) d’Airteagal 11(2)
Réimse téacs [12000] |
Sainaithint na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus na n-earnálacha tionsclaíocha a n-imreofar tionchar orthu, ina ndéantar idirdhealú idir:
I gcomhair gach ceann den dá chineál earnálacha:
|
2.2.
Riachtanais forbartha agus cuspóirí faoi 2030 d’fhonn geilleagar aeráid-neodrach san Aontas a bhaint amach faoi 2050Tagairt: pointe (d) d’Airteagal 11(2)
Réimse téacs [6000] |
|
2.3.
Comhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna ábhartha náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eileTagairt: pointe (e) d’Airteagal 11(2)
Réimse téacs [6000] |
|
2.4.
Na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe
Réimse téacs [12000] |
Tagairt: pointe (g) d’Airteagal 11(2)
|
Tagairt: pointe (h) d’Airteagal 11(2)
Le líonadh isteach má thugtar tacaíocht d’infheistíochtaí táirgiúla in eagraíochtaí nach FBManna iad, agus sa chás sin amháin:
|
Nuashonraigh nó líon isteach an roinn seo tríd an athbhreithniú ar phleananna críocha um aistriú cóir, ag brath ar an gcinneadh tacaíocht mar sin a chur ar fáil.
Tagairt: pointe (i) d’Airteagal 11(2);
Le líonadh má thugtar tacaíocht d’infheistíochtaí chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach, agus sa chás sin amháin:
|
Nuashonraigh nó líon isteach an roinn seo tríd an athbhreithniú ar phleananna críochacha um aistriú cóir, ag brath ar an gcinneadh tacaíocht mar sin a chur ar fáil.
Tagairt: pointe (j) d’Airteagal 11(2)
|
Tagairt: pointe (k) d’Airteagal 11(2) agus d’Airteagal 11(5)
|
3.
Sásraí rialachaisTagairt: pointe (f) d’Airteagal 11(2)
Réimse téacs [5000] |
3.1.
Comhpháirtíocht
|
3.2.
Faireachán agus meastóireacht
|
3.3.
Comhlacht/comhlachtaí comhordaithe agus faireacháin
An comhlacht nó na comhlachtaí atá freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean agus an ról atá acu |
4.
Táscairí aschuir nó toraidh atá clárshonrachTagairt: Airteagal 12(1)
Le líonadh isteach má tá táscairí clárshonracha beartaithe, agus sa chás sin amháin:
|
Tábla 1.
Táscairí aschuir
Cuspóir sonrach |
Aitheantóir [5] |
Táscaire [255] |
Aonad tomhais |
Garsprioc (2024) |
Sprioc (2029) |
|
|
|
|
|
|
Tábla 2.
Táscairí toraidh
Cuspóir sonrach |
Aitheantóir [5] |
Táscaire [255] |
Aonad tomhais |
Bonnlíne nó luach tagartha |
Bliain tagartha |
Sprioc (2029) |
Foinse na sonraí [200] |
Barúlacha [200] |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IARSCRÍBHINN III
COMHTHÁSCAIRÍ AISCHUIR AGUS COMHTHÁSCAIRÍ TORAIDH LE hAGHAIDH AN CHISTE UM AISTRIÚ CÓIR (1)
Comhtháscairí Aischuir maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCO) agus Comhtháscairí Toraidh maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCR) |
|
Aschuir |
Torthaí |
RCO 01 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht (astu sin: micrifhiontair, fiontair bheaga, fiontair mheánmhéide agus fiontair mhóra) (*1) RCO 02 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht trí dheontais RCO 03 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht le hionstraimí airgeadais RCO 04 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht neamhairgeadais RCO 05 - Gnólachtaí nuathionscanta dá dtugtar tacaíocht RCO 07 - Eagraíochtaí taighde atá rannpháirteach i dtionscadail taighde chomhpháirteacha RCO 10 - Fiontair a chomhoibríonn le heagraíochtaí taighde RCO 121 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach |
RCR 01 - Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht RCR 102 – Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht RCR 02 - Infheistíochtaí príobháideacha ar chomh-mhéid le tacaíocht phoiblí (astu sin: deontais, ionstraimí airgeadais) (*1) RCR 03 – FBManna a thugann isteach nuálaíocht ó thaobh táirgí agus próiseas de RCR 04 – FBManna a thugann nuálaíocht isteach ó thaobh margaíochta nó eagraíochta de RCR 05 - FBManna atá i mbun nuálaíocht inmheánach RCR 06 - Iarratais ar phaitinní a cuireadh isteach RCR 29a – Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE i bhfiontair dá dtugtar tacaíocht |
RCO 13 - Luach maidir le Seirbhísí agus táirgí digiteacha arna bhforbairt le haghaidh fiontar |
RCR 11 - Úsáideoirí seirbhísí, táirgí agus próiseas digiteach poiblí nua agus uasghrádaithe RCR 12 - Úsáideoirí táirgí, seirbhísí, táirgí agus próiseas digiteach nua agus uasghrádaithe arna bhforbairt ag fiontair |
RCO 15 - Acmhainneacht ghoir arna cruthú |
RCR 17 - Fiontair nua fós ar marthain sa mhargadh RCR 18 - FBManna a úsáideann seirbhísí goir bliain amháin tar éis an ghorlann a chruthú |
RCO 101 – FBManna a dhéanann infheistiú i scileanna don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht |
RCR 97 – Printíseachtaí dá dtugtar tacaíocht in FBManna RCR 98 – Foireann FBManna a chuireann Gairmoiliúint agus Gairmoideachas Leanúnach i gcrích (de réir an chineáil scile: scil theicniúil, bhainistíochta, fiontraíochta, ghlas, eile) (*1) |
RCO 18 – Teaghaisí ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe RCO 19 – Foirgnimh phoiblí ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe RCO 20 - Línte líonraí le haghaidh téamh agus fuarú ceantair a tógadh nó a feabhsaíodh le déanaí RCO 104 – Líon na n-aonad comhghiniúna ardéifeachtúil |
RCR 26 – Príomhthomhaltas fuinnimh bliantúil (as sin: teaghaisí, foirgnimh phoiblí, fiontair, eile) (*1) RCR 29 – Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta |
RCO 22 - Acmhainneacht táirgeachta bhreise le haghaidh fuinneamh inathnuaite (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach) (*1) |
RCR 31 - An fuinneamh inathnuaite iomlán arna tháirgeadh (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach) (*1) RCR 32 – Acmhainneacht oibríochtúil bhreise arna suiteáil don fhuinneamh inathnuaite |
RCO 34 - Acmhainneacht bhreise le haghaidh athchúrsáil dramhaíola RCO 107 – Infheistíocht i saoráidí bailithe dramhaíola ar leithligh RCO 119 - Dramhaíl arna hullmhú le haghaidh athúsáide |
RCR 47 - Dramhaíl arna hathchúrsáil RCR 48 - Dramhaíl arna hathchúrsáil arna húsáid mar amhábhair |
RCO 36 - Bonneagar glas dá dtugtar tacaíocht chun críocha eile seachas oiriúnú don athrú aeráide RCO 38 - Achar dromchla na talún athshlánaithe dá dtugtar tacaíocht RCO 39 - Córais chun faireachán a dhéanamh ar thruailliú aeir arna suiteáil |
RCR 50 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta le haghaidh cháilíocht an aeir (*2) RCR 52 - Talamh athshlánaithe arna úsáid le haghaidh limistéir ghlasa, tithíocht shóisialta, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó úsáidí eile |
RCO 55 - Fad na línte nua tram agus meitreo RCO 56 - Fad na línte atógtha nó nuachóirithe tram agus meitreo RCO 57 – Toilleadh an rothstoic atá neamhdhíobhálach don chomhshaol le haghaidh iompar poiblí RCO 58 - Bonneagar rothaíochta tiomnaithe dá dtugtar tacaíocht RCO 60 – Cathracha agus bailte ag a bhfuil córais dhigiteacha iompair uirbigh nua nó nuachóirithe |
RCR 62 – Úsáideoirí bliantúla iompair phoiblí nua nó nuachóirithe RCR 63 - Úsáideoirí bliantúla línte nua nó nuachóirithe tram agus meitreo RCR 64 - Úsáideoirí bliantúla bonneagair rothaíochta thiomnaithe |
RCO 61 – Dromchla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta |
RCR 65 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta |
RCO 66 - Líon na leanaí sa seomra ranga i saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht RCO 67 - Líon na leanaí sa seomra ranga i saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht |
RCR 70 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe RCR 71 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe |
RCO 113 - Daonra arna chumhdach ag tionscadail faoi chuimsiú gníomhaíochtaí comhtháite maidir le cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, teaghlach ar ioncam íseal agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste (*2) |
|
RCO 69 - Líon na ndaoine i saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht RCO 70 - Líon na ndaoine i saoráidí cúraim shóisialta nua nó nuachóirithe (seachas tithíocht) dá dtugtar tacaíocht |
RCR 72 – Úsáideoirí bliantúla ríomhsheirbhísí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe RCR 73 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe RCR 74 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim shóisialta nua nó nuachóirithe |
omhtháscairí Aischuir maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCO) agus Comhtháscairí Toraidh maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCR) (2) , (3) |
|
Aschuir |
Torthaí |
RCO 01 - daoine dífhostaithe, lena n-áirítear daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach (*2) RCO 02 - daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach (*2) RCO 03 - daoine neamhghníomhacha (*2) RCO 04 - daoine fostaithe, lena n-áirítear daoine féinfhostaithe (*2) RCO 05 - líon na bpáistí faoi bhun 18 mbliana d’aois (*2) RCO 06 - daoine óga idir 16 agus 29 mbliana d’aois (*2) RCO 07 - líon na rannpháirtithe atá 55 bliana d’aois nó os a chionn (*2) RCO 08 - daoine a bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú ná sin (ISCED 0-2) acu (*2) RCO 09 - daoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí (ISCED 3) nó oideachas iar-mheánscoile (ISCED 4) acu (*2) RCO 10 - daoine a bhfuil oideachas treasach (ISCED 5 nó 8) acu (*2) RCO 11 - líon iomlán na rannpháirtithe (4) |
RCR 01 - rannpháirtithe atá ag lorg poist i ndiaidh na rannpháirtíochta (*2) RCR 02 - rannpháirtithe in oideachas/oiliúint i ndiaidh na rannpháirtíochta (*2) RCR 03 - rannpháirtithe a fuair cáilíocht ar fhágáil dóibh (*2) RCR 04 - rannpháirtithe i bhfostaíocht, lena n-áirítear féinfhostaíocht, ar fhágáil dóibh (*2) |
(1) Ar chúiseanna a bhaineann leis an gcur i láthair, déantar na táscairí a ghrúpáil le go mbeidh sé níos éasca iad a chur le chéile leis na táscairí atá san áireamh i rialacháin ciste-shonracha eile.
(*1) Miondealú nár iarradh le haghaidh clársceidealaithe ach amháin chun tuairisciú a dhéanamh.
(*2) Na sonraí a thuairiscítear, is sonraí pearsanta iad de réir Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(2) Tá gach táscaire aschuir agus toraidh a bhaineann le rannpháirtithe le tuairisciú.
(3) Déanfar na sonraí pearsanta ar fad a mhiondealú de réir inscne (fireann/baineann – daoine neamh-dhénártha, de réir an dlí náisiúnta).
I gcás nach bhfuil torthaí áirithe indéanta, níl sé riachtanach sonraí na dtorthaí sin a bhailiú nó a thuairisciú.
I gcás inarb iomchuí, is féidir comhtháscairí aschuir a thuairisciú bunaithe ar spriocghrúpa na hoibríochta.
Nuair a dhéantar sonraí a bhailiú ó chlárlanna nó ó foinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe náisiúnta a úsáid.
(4) Déanfar an táscaire seo a ríomh go huathoibríoch ar bhonn na gcomhtháscairí aschuir a bhaineann leis an stádas fostaíochta.
30.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 231/21 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1057 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2021
lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 46, pointe (d), Airteagal 149, d'Airteagal 153(2), pointe (a), Airteagal 164, Airteagal 175, an tríú mír, agus Airteagal 349 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Samhain 2017, rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (an “Colún”) a fhógairt i gcomhpháirt le chéile, mar fhreagairt ar na dúshláin shóisialta atá san Eoraip. Tá 20 bunphrionsabal an Cholúin agus tá siad roinnte i dtrí chatagóir: comhdheiseanna agus rochtain ar an margadh saothair; dálaí oibre córa; cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Ba cheart 20 prionsabal an Cholúin a bheith ina dtreoir do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+). Chun rannchuidiú le cur chun feidhme an Cholúin, le CSE+ ba cheart tacú le hinfheistíochtaí i ndaoine agus i gcórais i réimsí beartais na fostaíochta, an oideachais agus an chuimsithe shóisialta agus, ar an gcaoi sin, tacú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
(2) |
Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch (an “Seimeastar Eorpach”) an creat a úsáidtear chun tosaíochtaí náisiúnta athchóiriúcháin a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin. Ceapann na Ballstáit a gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla náisiúnta féin sa dóigh is go dtacaíonn siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí athchóiriúcháin sin. Ba cheart na straitéisí sin a chur i láthair in éineacht leis na cláir náisiúnta bhliantúla um athchóiriú mar bhealach chun na tionscadail infheistíochta tosaíochta, a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh nó cistiú an Aontais nó le cistiú náisiúnta a achoimriú agus a chomhordú. Ba cheart go mbeadh siad ina gcabhair, freisin, chun cistiú an Aontais a úsáid ar dhóigh chomhleanúnach agus chun a oiread tairbhe is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta airgeadais atá le fáil, faoi na cláir a dtacaíonn an tAontas leo, i gcás inarb ábhartha, faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe, a leagtar amach a gcuspóirí sonracha agus raon feidhme a dtacaíochta i Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), faoi CSE+, faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus faoi Chlár InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (Clár InvestEU). |
(3) |
Glacadh treoirlínte athbhreithnithe maidir le beartais fostaíochta na mBallstát trí bhíthin Chinneadh (AE) 2020/1512 ón gComhairle (7). Tá téacs na dtreoirlínte sin ailínithe le prionsabail an Cholúin, d'fhonn iomaíochas na hEorpa a neartú agus d'fhonn gurb áit níos fearr í don infheistíocht, ó thaobh poist a chruthú agus an comhtháthú sóisialta a chothú. Chun ailíniú iomlán CSE+ le cuspóirí na dtreoirlínte sin a áirithiú, go háirithe a fhad a bhaineann le fostaíocht, oideachas, oiliúint agus comhrac an eisiaimh shóisialta, na bochtaineachta agus an idirdhealaithe, le CSE+ ba cheart tacú leis na Ballstáit, agus aird á tabhairt ar na treoirlínte comhtháite ábhartha agus na moltaí tírshonracha ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 121(2) agus Airteagal 148 (2) agus (4) CFAE agus, i gcás inarb iomchuí, ar na cláir náisiúnta um athchóiriú a bhfuil straitéisí náisiúnta mar bhonn taca leo. Ina theannta sin, le CSE+ ba cheart rannchuidiú le gnéithe ábhartha de chur chun feidhme príomhthionscnamh agus príomhghníomhaíochtaí an Aontais, go háirithe na teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2016 dar teideal A new Skills Agenda for Europe [an Clár Oibre nua Scileanna don Eoraip] agus an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal European Education Area [an Limistéar Eorpach Oideachais] agus an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A Union of Equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation [Aontas Comhionannais: creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach] chomh maith leis na moltaí ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 dar teideal the integration of the long-term unemployed into the labour market [daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú sa mhargadh saothair] agus an 19 Nollaig 2016 dar teideal Upskilling Pathways [Conairí Uas-Scilithe], an 30 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A bridge to jobs – reinforcing the youth guarantee [Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú] agus an 12 Márta 2021 dar teideal Roma equality, inclusion and participation [comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach]. |
(4) |
An 20 Meitheamh 2017, ghlac an Chomhairle conclúidí dar teideal A sustainable European future: the EU response to the 2030 Agenda for Sustainable Development [Todhchaí inbhuanaithe don Eoraip: Freagairt an Aontais do chlár oibre 2030 todhchaí inbhuanaithe don Eoraip]. Chuir an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé forbairt inbhuanaithe a bhaint amach i ngach ceann de na trí ghné (an ghné eacnamaíoch, an ghné shóisialta, agus an ghné chomhshaoil) ar dhóigh chothrom chomhtháite. Tá sé ríthábhachtach an fhorbairt inbhuanaithe a phríomhshruthú i réimsí beartais uile an Aontais, idir réimsí inmheánacha agus seachtracha, agus an tAontas a bheith uaillmhianach ó thaobh na mbeartas atá aige chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2016 dar teideal Next steps for a sustainable European future [Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip] dar dáta sa mhéid is gur céadchéim é i dtreo phríomhshruthú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe (NA) agus i dtreophrionsabal treorach sár-riachtanach a dhéanamh den fhorbairt inbhuanaithe do bheartais uile an Aontais, a chuid ionstraimí airgeadais san áireamh. Le CSE+, ba cheart rannchuidiú le cur chun feidhme SDGanna NA trí, inter alia, chineálacha fíorbhochtaineachta a dhíothú (SDG 1); oideachas ardcháilíochta agus cuimsitheach a chur chun cinn (SDG 4); comhionannas inscne a chur chun cinn (SDG 5); fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe, fostaíocht iomlán tháirgiúil agus chuibhiúil do chách a chur chun cinn (SDG 8); agus neamhionannas a laghdú (SDG 10). |
(5) |
De bharr forbairtí a tháinig chun cinn le déanaí agus atá ar siúl faoi láthair, mhéadaigh na dúshláin struchtúracha atá ag eascairt as an domhandú eacnamaíoch, as neamhionannais shóisialta, as bainistiú sreabh imirce agus as an méadú ar an mbagairt slándála, as an aistriú go fuinneamh glan, as an athrú teicneolaíoch, as an meath déimeagrafach, as dífhostaíocht go ginearálta agus dífhostaíocht i measc na hóige go háirithe, agus as an méadú ar dhul in aois an lucht saothair chomh maith le dúshláin a eascraíonn as an méadú ar na neamhréireanna idir éileamh agus soláthar scileanna agus saothair i roinnt earnálacha agus réigiún, rud atá ag cur as d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go háirithe. Tiocfaidh cuid mhór deiseanna nua as an aistriú glas agus as an aistriú digiteach agus as claochlú éiceachórais thionsclaíocha na hEorpa má bhíonn an tacar ceart scileanna, fostaíochta agus beartais agus bearta sóisialta ag gabháil leo. I bhfianaise na n-athruithe atá ag teacht ar an saol oibre, ba cheart don Aontas a bheith ullamh do na dúshláin atá ann cheana agus do na dúshláin atá le teacht trí infheistíocht a dhéanamh i scileanna ábhartha, san oideachas, san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil tríd an bhfás a dhéanamh níos cuimsithí agus trí fheabhas a chur ar an bhfostaíocht agus ar bheartais shóisialta agus, san am céanna, inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus thionsclaíoch agus soghluaisteacht an lucht saothair á gcur san áireamh aige agus ag díriú ar chothromaíocht idir na hinscní sa mhargadh saothair a bhunú. |
(6) |
Le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), bunaítear an creat gníomhaíochta do CFRE, CSE+, Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), CEMID, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (CTIL), an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) agus don Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, agus leagtar síos ann, go háirithe, na cuspóirí beartais agus na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht, bainistiú agus rialú cistí an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, cuspóirí ginearálta CSE+ a shonrú, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí a fhéadfaidh CSE+ a mhaoiniú. |
(7) |
Le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (an “Rialachán Airgeadais”) leagtar síos rialacha maidir le buiséad ginearálta an Aontais (Buiséad an Aontais) a chur chun feidhme, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha. Féadfar cómhaoiniú i gcomhair deontas a sholáthar ó acmhainní dílse an tairbhí, ó ioncam a gineadh leis an tionscadal nó ó ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil ó thríú páirtithe. Chun cur chun feidhme clár cistiúcháin an Aontais a fheabhsú ó thaobh comhsheasmhacht de, tá feidhm le bheith ag an Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach faoi CSE+. |
(8) |
Foirmeacha chistiú an Aontais agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na gníomhaíochta a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamhchomhlíontachta a mheastar a bheith ann. I gcás deontas, ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costas aonad, agus as maoiniúchán nach mbaineann le costais, dá dtagraítear in Airteagal 125(1), pointe (a), den Rialachán Airgeadais. Chun bearta a chur chun feidhme a bhaineann le lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír, agus i gcomhréir le hAirteagal 94 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an Coimisiún aisíocaíocht a dhéanamh leis na Ballstáit agus roghanna costais simplithe á n-úsáid aige chuige sin, lena n-áirítear cnapshuimeanna. |
(9) |
Chun cistiú a chuíchóiriú agus a shimpliú agus breis deiseanna le haghaidh sineirgí a chothú trí chineálacha cur chuige a chomhtháthú i leith an chistiúcháin, ba cheart na gníomhaíochtaí a rabhthas ag tacú leo leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a chomhtháthú in CSE+. Ba cheart, dá bhrí sin, dhá shraith a bheith in CSE+: an tsraith atá faoi bhainistíocht roinnte (an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte), arna cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte agus an tsraith maidir le Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta (sraith EaSI) a bheidh le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach. Ba cheart go rannchuideodh sin leis an ualach riaracháin a bhaineann le bainistiú cistí éagsúla a laghdú, go háirithe i gcás na mBallstát agus na dtairbhithe agus, san am céanna, rialacha simplí a choinneáil le haghaidh oibríochtaí simplí ar nós bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a dháileadh. |
(10) |
Ós rud é go bhfuil raon feidhme níos leithne ag CSE+, maidir leis na haidhmeanna atá ann, eadhon cur le héifeachtacht na margaí saothair, rochtain chomhionann ar fhostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn, an rochtain chomhionann ar an oideachas agus ar an oiliúint agus cáilíocht an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú chun cuidiú le lánpháirtiú sna córais oideachais, an cuimsiú sóisialta agus an rochtain atá ag daoine leochaileacha ar chúram sláinte a chur chun cinn, rannchuidiú leis an mbochtaineacht a dhíothú, is iomchuí na haidhmeanna sin a chur chun feidhme, ní hamháin le bainistíocht roinnte faoi shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ach, lena chois sin, le haghaidh bearta a bhfuil gá leo ar leibhéal an Aontais faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach shraith EaSI. |
(11) |
Leis an Rialachán seo, leagtar síos imchlúdach airgeadais do thréimhse iomlán CSE+ , arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020, idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo tabhairt isteach acmhainní dílse nua (13), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart a shonrú ann an leithdháileadh don tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte agus an leithdháileadh le haghaidh gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach faoi shraith EaSI. |
(12) |
D'fhonn cur chun feidhme chuspóirí sonracha agus oibríochtúla shraith EaSI a éascú, le CSE+ ba cheart tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta agus, san am céanna, ba cheart gníomhaíochtaí cumarsáide agus craobhscaoilte a bheith ina gcuid de na gníomhaíochtaí atá incháilithe faoi shraith EaSI. |
(13) |
Ba cheart é a bheith d'aidhm ag CSE+ an fhostaíocht a chur chun cinn trí bhíthin idirghabhálacha gníomhacha a dhéanamh chun daoine a lánpháirtiú nó a ath-lánpháirtiú sa mhargadh saothair, go háirithe daoine óga trí chur chun feidhme na ráthaíochta don aos óg atreisithe, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, grúpaí faoi mhíbhuntáiste ar an margadh saothair agus daoine neamhghníomhacha, agus trí bhíthin féinfhostaíocht agus geilleagar sóisialta a chur chun cinn. Ba cheart é a bheith d'aidhm ag CSE+ feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair trí thacú le nuachóiriú institiúidí margaidh saothair ar nós na seirbhísí fostaíochta poiblí, chun méadú a dhéanamh ar chumas na seirbhísí sin dianchomhairleoireacht spriocdhírithe agus treoraíocht a thabhairt do dhaoine le linn dóibh a bheith ag cuardach poist agus le linn an aistrithe chun fostaíochta, agus chun soghluaisteacht oibrithe a fheabhsú. Le CSE+, ba cheart rannpháirtíocht sa mhargadh saothair atá cothrom ó thaobh inscne de a chur chun cinn le bearta darb aidhm, inter alia, dálaí oibre comhionanna, cothromaíocht oibre agus saoil níos fearr agus rochtain níos fearr ar chúram leanaí, an cúram agus an t-oideachas luath-óige san áireamh, a áirithiú. Ba cheart é a bheith d'aidhm ag CSE+, freisin, timpeallacht oibre fholláin dea-oiriúnaithe a sholáthar chun dul i ngleic le rioscaí sláinte arb iad athruithe ar dhóigheanna oibre is cúis leo agus chun riar ar riachtanais dhul in aois an lucht saothair. |
(14) |
Ba cheart CSE+ a úsáid chun tacú le feabhas a chur ar cháilíocht, cuimsitheacht, éifeachtacht agus ábharthacht na gcóras oideachais agus oiliúna don mhargadh saothair, lena n-áirítear tríd an bhfoghlaim dhigiteach a chur chun cinn, an fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, forbairt ghairmiúil ball foirne teagaisc a chur chun cinn chun foghlaim príomhinniúlachtaí a éascú, go háirithe litearthacht sláinte, litearthacht na meán, scileanna fiontraíochta, scileanna teanga, scileanna digiteacha agus inniúlachtaí le haghaidh na forbartha inbhuanaithe a bhfuil gá ag gach duine leo le haghaidh sásamh agus forbairt phearsanta, fostaíochta, cuimsiú sóisialta agus saoránacht ghníomhach. Le CSE+, ba cheart cuidiú le dul chun cinn laistigh den oideachas agus den oiliúint agus san aistriú go hobair, chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus leis an infhostaitheacht d'fhonn rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí a éascú do chách, agus cur le hiomaíocht, lena n-airítear trí rianú céimithe agus cur le nuálaíocht sochaí agus eacnamaíoch trí thacú le tionscnaimh inscálaithe inbhuanaithe sna réimsí sin ar féidir iad a oiriúnú do spriocghrúpaí éagsúla, ar nós daoine faoi mhíchumas. D'fhéadfaí cúnamh agus tacaíocht den sórt sin a bhaint amach, mar shampla, trí bhíthin foghlaim ar líne, oiliúint san obair, tréimhsí oiliúna déchórais oideachais agus oiliúna, agus printíseachtaí mar a shainítear sa Mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha, treoraíocht ar feadh an tsaoil, oirchill scileanna i ndlúthchomhar leis an earnáil tionsclaíochta, ábhair oiliúna agus modhanna seachadta cothrom le dáta, tuar agus rianú céimithe, oiliúint oideachasóirí, bailíochtú torthaí foghlama agus aithint cáilíochtaí agus deimhnithe tionscalbhunaithe. |
(15) |
Ba cheart an tacaíocht ó CSE+ a úsáid chun rochtain chomhionann do chách a chur chun cinn, go háirithe do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, ar oideachas agus oiliúint ardcháilíochta neamh-idirdheighilte chuimsitheach, ó oideachas agus cúram luath-óige, agus aird ar leith á tabhairt do leanaí ag teacht ó chúlra faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, trí bhíthin oideachas ginearálta agus gairmoideachas agus gairmoiliúint, printíseachtaí go háirithe, go dtí an t-oideachas tríú leibhéal agus trí bhíthin oideachas agus foghlaim d'aosaigh, lena n-áirítear trí spórt agus gníomhaíochtaí cultúir. Le CSE+, ba cheart tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt d'fhoghlaimeoirí a dteastaíonn cúnamh uathu agus neamhionannais oideachais a laghdú, lena n-áirítear an deighilt dhigiteach, luathfhágáil na scoile a chosc agus a laghdú, tréscaoilteacht a chothú idir an earnáil oideachais agus an earnáil oiliúna, naisc le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a dhaingniú agus soghluaisteacht foghlama do chách agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a éascú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart tacú le sineirgí le Erasmus+ arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), go háirithe chun rannpháirtíocht foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste sa tsoghluaisteacht foghlama a éascú. |
(16) |
Le CSE+, ba cheart deiseanna solúbtha a chur chun cinn ar uasghrádú scileanna agus foghlaim scileanna nua agus scileanna éagsúla do chách, go háirithe scileanna fiontraíochta agus digiteacha agus scileanna le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí cumúsúcháin, agus scileanna le haghaidh an gheilleagair ghlais agus éiceachórais thionsclaíocha i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip}]. I gcomhréir leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna agus leis an Moladh ón gComhairle maidir le Conairí Breisoiliúna (15), le CSE+, ba cheart tacú le conairí solúbtha, lena n-áirítear sprioc-oiliúint ghearr mhodhúil as a ngnóthófar creidiúintí, d'fhonn scileanna a thabhairt do dhaoine a bheidh oiriúnaithe do riachtanais an mhargaidh saothair agus na n-éiceachóras tionsclaíoch, don aistriú glas agus don aistriú digiteach, don nuálaíocht agus don athrú sóisialta agus eacnamaíoch, d'éascú athscilithe agus uas-scilithe, d'aistrithe gairmréime, don tsoghluaisteacht gheografach agus earnálach agus chun tacú go háirithe le daoine ar bheagán scileanna agus cáilíochtaí agus daoine faoi mhíchumas. Chomh maith leis sin, le CSE+, ba cheart é a dhéanamh níos éasca tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair i dtaca le scileanna comhtháthaithe, lena n-áirítear daoine fostaithe, féinfhostaithe agus dífhostaithe, le hionstraimí amhail cuntais foghlama daoine aonair. |
(17) |
Le sineirgí le Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) (Fís Eorpach), ba cheart a áirithiú go bhféadfaí le CSE+ curaclaim nuálacha a dtacaíonn Fís Eorpach leo a phríomhshruthú agus a mhéadú ó thaobh scála chun na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá do phoist an ama atá le teacht a thabhairt do dhaoine. |
(18) |
Le CSE+, ba cheart tacú le hiarrachtaí na mBallstát rannchuidiú leis an mbochtaineacht a dhíothú d'fhonn timthriall an mhíbhuntáiste ó ghlúin go glúin a bhriseadh agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí chomhionannas deiseanna a áirithiú do chách, bacainní a laghdú, dul i ngleic leis an idirdhealú agus aghaidh a thabhairt ar neamhionannais sláinte. Le tacaíocht den sórt sin, tugtar le tuiscint go gcaithfear raon beartas a chur i bhfeidhm lena ndíreofar ar na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste gan beann ar ghnéas, gnéaschlaonadh, aois, reiligiún nó creideamh, bunús ciníoch nó eitneach, go háirithe pobail imeallaithe amhail na Romaigh, daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu, daoine gan dídean, leanaí agus daoine scothaosta. Le CSE+, ba cheart cuimsiú gníomhach daoine atá i bhfad amach ón margadh saothair a chur chun cinn, d'fhonn a lánpháirtiú socheacnamaíoch a chinntiú. Ba cheart, freisin, CSE+ a úsáid chun méadú a dhéanamh ar rochtain thráthúil, chothrom ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta lena gcuirtear chun cinn rochtain ar thithíocht agus cúram duinelárnaithe amhail cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, go háirithe seirbhísí teaghlaigh agus seirbhísí pobalbhunaithe. Le CSE+, ba cheart rannchuidiú le nuachóiriú na gcóras cosanta sóisialta ag díriú go háirithe ar leanaí agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus d'fhonn, go háirithe, inrochtaineacht na gcóras sin a chur chun cinn, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas. |
(19) |
Le CSE+, ba cheart rannchuidiú leis an mbochtaineacht a dhíothú trí thacaíocht a thabhairt do scéimeanna náisiúnta arb é is aidhm dóibh díth bia agus díth ábhartha a mhaolú agus lánpháirtiú sóisialta daoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta agus lánpháirtiú na ndaoine is díothaí a chur chun cinn. Agus é mar aidhm fhoriomlán go dtacóidh, ar leibhéal an Aontais, íosmhéid 4 % d'acmhainní ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte leis na daoine is díothaí, ba cheart do na Ballstáit 3 % ar a laghad dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh chun aghaidh a thabhairt ar na cineálacha bochtaineachta is mó a dtagann eisiamh sóisialta díobh, amhail easpa dídine, bochtaineacht leanaí agus díth bia. Níor cheart go ngabhfadh soláthar bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach do na daoine is díothaí ionad na sochar sóisialta atá ann cheana agus a sholáthraítear dóibh faoi na córais shóisialta náisiúnta nó de bhun an dlí náisiúnta. I ngeall ar chineál na n-oibríochtaí agus ar shaghas na bhfaighteoirí deiridh, tá sé riachtanach rialacha níos simplí a bheith i bhfeidhm maidir le tacaíocht arb é is aidhm di aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha na ndaoine is díothaí. |
(20) |
De bhrí gur gá i gcónaí feabhas a chur ar na hiarrachtaí a dhéantar sreabha imirce a bhainistiú san Aontas trí chéile agus chun a áirithiú go bhfuil an tacaíocht a thugtar do na hiarrachtaí ar dhlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt freagrachtaí comhleanúnach, tréan agus comhsheasmhach, le CSE+, ba cheart tacaíocht a thabhairt chun lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír a chur chun cinn, lena n-áirítear imircigh, agus féadfar tionscnaimh ar leibhéal áitiúil a bheith san áireamh leo, ar dhóigh atá comhlántach leis na gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi CTIL, CFRE agus cistí eile Aontais ar féidir leo tionchar dearfach a imirt ar chuimsiú náisiúnach tríú tír. |
(21) |
De bharr a thábhachtaí atá an rochtain ar chúram sláinte, le CSE+, ba cheart sineirgí agus comhlántachtaí a áirithiú le Clár EU4Health, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus ba cheart rochtain ar chúram sláinte do dhaoine i gcásanna leochaileacha a bheith ina cuid de raon feidhme CSE+. |
(22) |
Le CSE+, ba cheart tacú le hathchóirithe ar bheartais agus ar chórais i réimsí na fostaíochta, an chuimsithe shóisialta, na rochtana ar chúram sláinte do dhaoine leochaileacha agus an chúraim fhadtéarmaigh, an oideachais agus na hoiliúna, rud a rannchuideodh leis an mbochtaineacht a dhíothú. Chun an t-ailíniú leis an Seimeastar Eorpach a dhlúthú, ba cheart do na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a chur in áirithe chun moltaí tírshonracha ábhartha a chur chun feidhme a bhaineann le dúshláin struchtúracha arb iomchuí aghaidh a thabhairt orthu le hinfheistíochtaí ilbhliantúla a thagann faoi raon feidhme CSE+, agus an Colún, Scórchlár Sóisialta na dtáscairí arna n-athbhreithniú tar éis ghlacadh na gcuspóirí nua a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta don Cholún Sóisialta, agus sainiúlachtaí réigiúnacha á gcur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhleanúnachas, comhordú agus comhlántacht a áirithiú idir sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte agus cistí, cláir agus ionstraimí eile an Aontais amhail CUAC, CFRE, Clár EU4Health, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d'Oibrithe Iomarcacha arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), CEMID, Erasmus+, CTIL, Fís Eorpach, CETFT, an Clár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) Clár InvestEU, Clár Eoraip na Cruthaitheachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil arna bunú le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23). Go háirithe, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, i ngach céim den phróiseas, comhordú éifeachtach a áirithiú chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirge a chosaint i measc foinsí cistiúcháin, lena n-áirítear cúnamh teicniúil ó na foinsí sin. |
(23) |
Trí thacaíocht a thabhairt do na cuspóirí sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo, inter alia, trí rannchuidiú leis an gcuspóir beartais “Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí lena gcuirtear chun feidhme Colún Eorpach na gCeart Sóisialta” faoi mar a thagraítear dó i Rialachán (AE) 2021/1060,, leanfaidh CSE+ de bheith ag rannchuidiú le straitéisí forbartha críochaí agus áitiúla chun an Colún a chur chun feidhme. Le CSE+, rannchuidítear leis na huirlisí a leagtar amach in Airteagal 28 den Rialachán sin agus, ar an gcaoi sin, rannchuidítear freisin le cuspóir beartais 5 “Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite an uile chineál críoch agus tionscnamh áitiúil a chothú” faoi mar a thagraítear dó i Rialachán (AE) 2021/1060, a sheachadadh, lena n-áirítear trí bhearta maidir le laghdú na bochtaineachta agus an cuimsiú sóisialta, lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí na réigiún uirbeach, tuaithe agus cósta á gcur san áireamh d'fhonn dul i ngleic leis na neamhionannais shocheacnamaíocha i gcathracha agus i réigiúin. |
(24) |
Chun a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar ghné shóisialta na hEorpa, faoi mar a leagtar amach é sa Cholún, agus go ndíreofar íosmhéid acmhainní orthu sin is mó atá ar an anás, ba cheart do na Ballstáit 25 % ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ ón tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh ar chothú an chuimsithe shóisialta. |
(25) |
Chun aghaidh a thabhairt ar leibhéal bhochtaineacht na leanaí san Aontas, a leanann de bheith ard, agus i gcomhréir le prionsabal 11 den Cholún, ina ndeirtear go bhfuil an ceart ag leanaí ar chosaint ar an mbochtaineacht, agus go bhfuil cearta ag leanaí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste ar bhearta sonracha chun comhionannas deiseanna a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní de shraith CSE+ faoi bhainistíocht roinnte a chlársceidealú do chur chun feidhme na Ráthaíochta don Leanbh do ghníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar bhochtaineacht leanaí i gcomhréir le cuspóirí sonracha CSE+ lenar féidir acmhainní a chlársceidealú i dtreo gníomhaíochtaí lena dtugtar tacaíocht dhíreach do rochtain chothrom leanaí ar chúram leanaí, oideachas, cúram sláinte, tithíocht chuibhiúil agus cothú leordhóthanach. Ba cheart do na Ballstáit sin ag a raibh an meánráta leanaí faoi bhun 18 mbliana a bhí i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta don tréimhse idir 2017 agus 2019 os cionn mheán an Aontais don tréimhse chéanna, ar bhonn shonraí Eurostat, 5 % ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí thuasluaite. Ba cheart oibríochtaí lena gcuirtear leis an gceanglas sin maidir le díriú téamach a chur san áireamh i dtreo an cheanglais maidir le díriú téamach 25 % don chuimsiú sóisialta nuair a dhéantar iad a chlársceidealú faoi na cuspóirí sonracha ábhartha. |
(26) |
Chun go n-éascófar téarnamh eacnamaíoch cuimsitheach tar éis géarchéim mhór, agus chun go dtacófar le fostaíocht le haghaidh daoine óga i saol oibre atá ag athrú agus ós rud é go bhfuil ardleibhéil dífhostaíochta agus neamhghníomhaíochta i gcónaí ann do dhaoine óga i roinnt Ballstát agus réigiún, is gá do na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní CSE+ a infheistiú i mbearta chun tacú le fostaíocht agus scileanna le haghaidh daoine óga, lena n-áirítear trí scéimeanna faoin Ráthaíocht don Aos Óg. Agus iad ag obair ar bhonn na ngníomhaíochtaí a bhfuil an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg ag tacú leo le linn chlárthréimhse 2014 go 2020 faoi Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) atá dírithe ar dhaoine aonair agus ar bhonn na gceachtanna atá foghlamtha, ba cheart do na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt don fhostaíocht ardcháilíochta agus do chonairí chun an ath-lánpháirtithe san oideachas agus infheistíocht a dhéanamh i luathchosc agus i bhfor-rochtain éifeachtach trí thosaíocht a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, do dhaoine óga atá dífhostaithe go fadtéarmach, atá neamhghníomhach agus atá faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear trí obair óige. Ina theannta sin ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i mbearta arb é is aidhm dóibh an t-aistriú ón scoil go dtí an obair a éascú agus in acmhainní leordhóthanacha le haghaidh seirbhísí dífhostaíochta chun tacaíocht shaincheaptha iomlánaíoch agus tairiscintí a bheidh spriocdhírithe níos fearr a thabhairt do dhaoine óga. Tríd an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg a chomhtháthú go hiomlán le CSE+, beidh soláthar gníomhaíochtaí spriocdhírithe maidir le fostaíocht le haghaidh daoine óga níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus leathnófar an raon feidhme chun bearta struchtúracha agus athchóirithe a chuimsiú agus, ar an gcaoi sin, áiritheofar go mbeidh comhoiriúnú níos fearr ann idir tacaíocht ó chistiú an Aontais agus cur chun feidhme na ráthaíochta don aos óg daingnithe. Ba cheart uasghrádú scileanna agus fáil scileanna nua agus scileanna éagsúla cuidiú le daoine óga breith ar na deiseanna in earnálacha a bhfuil fás fúthu agus ullmhófar iad d'athraitheacht na hoibre agus, san am céanna, bainfear leas dá bharr as na deiseanna a eascróidh ón aistriú digiteach agus ón aistriú glas agus ó chlaochlú éiceachórais thionsclaíocha an Aontais. Dá bhrí sin, na Ballstáit ag a raibh ráta daoine óga idir 15 agus 29 mbliana d'aois nach raibh i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna don tréimhse idir 2017 agus 2019 os cionn mheán an Aontais don tréimhse chéanna, ar bhonn shonraí Eurostat, ba cheart dóibh 12,5 % ar a laghad dá n-acmhainní de shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin. |
(27) |
I gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 maidir le forálacha speisialta do Chuspóir 6 faoi chuimsiú na gCistí Struchtúracha san Fhionlainn, san Iorua agus sa tSualainn a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994 (25), tá na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha is lú daonra i dteideal bearta sonracha faoi chomhbheartais agus faoi chláir an Aontais. I ngeall ar shrianta buana, amhail dídhaonrú, tá gá ag na réigiúin sin le tacaíocht shonrach. |
(28) |
Braitheann cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na ngníomhaíochtaí lena dtacaíonn CSE+ ar dhea-rialachas agus ar chomhpháirtíocht idir na gníomhaithe ar fad ar na leibhéil chríochacha is ábhartha agus na gníomhaithe socheacnamaíocha, go háirithe na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go leithdháileann na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní de shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte chun rannpháirtíocht fhóinteach na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme CSE+ faoi bhainistíocht roinnte a áirithiú. Ba cheart a áireamh sa rannpháirtíocht sin comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta, amhail comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus comhlachtaí atá freagrach as cuimsiú sóisialta, cearta bunúsacha, cearta na ndaoine faoi mhíchumas, comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil moladh tírshonrach acu maidir le fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta 0,25 % dá acmhainní faoi shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar a laghad a leithdháileadh chun na críche sin i ngeall ar na riachtanais shonracha atá acu sa réimse sin. |
(29) |
D'fhonn beartais a dhéanamh níos freagrúla d'athruithe sa tsochaí agus réitigh nuálacha a spreagadh agus a chothú, tá tacaíocht don nuálaíocht shóisialta ríthábhachtach. Go háirithe, trí réitigh nuálacha a thriail agus a mheasúnú sula gcuirtear i bhfeidhm ar scála níos mó iad, cuirtear feabhas ar éifeachtúlacht na mbeartas agus, dá bharr sin, tugtar údar le tacaíocht shonrach ó CSE+. D'fhéadfadh ról lárnach a bheith ag fiontair an gheilleagair shóisialta ról lárnach maidir le nuálaíocht shóisialta a bhaint amach agus maidir le rannchuidiú le hathléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta. Ba cheart an sainmhíniú ar fhiontar geilleagair shóisialta a bheith i gcomhréir leis na sainmhínithe a sholáthraítear sa dlí náisiúnta agus sna Conclúidí ón gComhairle an 7 Nollaig 2015 maidir leis an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn mar phríomhspreagadh don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta san Eoraip. Thairis sin, d'fhonn foghlaim fhrithpháirteach agus malartú eolais agus cleachtas a fheabhsú, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun leanúint dá ngníomhaíochtaí comhair thrasnáisiúnta faoi bhainistíocht roinnte i réimsí na fostaíochta, an oideachais agus na hoiliúna, agus an chuimsithe shóisialta i gcomhréir le cuspóirí sonracha CSE+. |
(30) |
Ba cheart do Bhallstáit agus don Choimisiún a áirithiú go bhfuil CSE+ ag rannchuidiú le cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná i gcomhréir le hAirteagal 8 CFAE chun cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna idir fir agus mná i ngach réimse a chothú, lena n-áirítear rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, agus dul chun cinn gairme beatha. Le CSE+, ba cheart dóibh a áirithiú, freisin, go gcuirtear chun cinn comhionannas deiseanna do chách, gan aon idirdhealú, i gcomhréir le hAirteagal 10 CFAE, go gcuirtear chun cinn cuimsiú daoine faoi mhíchumas sa tsochaí ar aon bhonn le daoine eile, agus go rannchuidítear le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas a glacadh an 13 Nollaig 2006 i Nua-Eabhrac. Le CSE+, ba cheart rannchuidiú le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn d'fhonn lánpháirtiú san fhostaíocht, san oideachas agus san oiliúint a fheabhsú agus, ar an gcaoi sin, á gcuimsiú i ngach réimse den saol a fheabhsú. Ba cheart cur chun cinn na rochtana sin a chur san áireamh i ngach gné agus i ngach céim d'ullmhú, d'fhaireachán, de chur chun feidhme agus de mheastóireacht clár, ar dhóigh thráthúil chomhsheasmhach agus, san am céanna, deimhin a dhéanamh de go ndéantar gníomhaíochtaí sonracha chun an comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna a chur cinn. Ina theannta sin, le CSE+, ba cheart an t-aistriú ó chúram cónaithe nó institiúideach go cúram teaghlaigh agus pobalbhunaithe a chur chun cinn, go háirithe i gcás iad sin a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar idirdhealuithe iomadúla. Níor cheart do CSE+ tacaíocht a thabhairt d'aon ghníomhaíocht a chuireann le hidirdheighilt ná le heisiamh sóisialta. Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/1060 gur ar an leibhéal náisiúnta atá rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais le bunú, agus eisceachtaí áirithe ann ar gá forálacha sonracha a leagadh síos ina leith i ndáil leis an tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte. |
(31) |
Ba cheart gach oibríocht a roghnú agus a chur chun feidhme agus urraim á tabhairt do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”). Ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar measúnú tráthúil ar ghearáin, lena n-áirítear gearáin a bhaineann le sáruithe ar an gCairt, agus ba cheart dó toradh a mheasúnaithe a chur in iúl don ghearánach i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2017 dar teideal EU Law: Better results through better application [Dlí AE: Torthaí níos fearr trí chur i bhfeidhm níos fearr]. |
(32) |
Chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le bailiú sonraí a laghdú, ba cheart na ceanglais tuairiscithe a choimeád chomh simplí agus is féidir. I gcás ina mbeidh na sonraí sin ar fáil i gcláir, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a cheadú d'údaráis bhainistíochta sonraí a bhailiú ó chláir. |
(33) |
Maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) ba cheart do rialaitheoirí sonraí náisiúnta a gcuid cúraimí a dhéanamh chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart dínit agus urraim phríobháideachas na bhfaighteoirí deiridh maidir le hoibríochtaí faoin gcuspóir sonrach “aghaidh a thabhairt ar an díth ábhartha trí bhia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a thabhairt do na daoine is díothaí, leanaí san áireamh, agus bearta tionlacain a thacóidh lena lánpháirtiú sóisialta a chur ar fáil” a ráthú. Chun aon stiogmatú a sheachaint, níor cheart é a bheith de cheangal ar na daoine a fhaigheann bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach iad féin a shainaithint agus iad ag fáil na tacaíochta agus páirt á glacadh acu i suirbhéanna ar na daoine is díothaí a bhain tairbhe as CSE+. |
(34) |
Is éard atá sa tástáil shóisialta ná tástáil tionscadal ar scála beag lenar féidir fianaise ar indéantacht nuálaíochtaí sóisialta a bhailiú. Ba cheart é a bheith indéanta smaointe a thástáil ar an leibhéal áitiúil, agus ba cheart sin a spreagadh, agus na smaointe atá inchurtha i ngníomh a shaothrú ar scála níos leithne, i gcás inarb iomchuí, nó iad a aistriú chuig comhthéacsanna eile i réigiúin nó i mBallstáit éagsúla le tacaíocht airgeadais ó CSE+ nó i gcomhcheangal le foinsí eile. |
(35) |
Le CSE+, leagtar síos forálacha arb é is aidhm dóibh saorghluaiseacht d'oibrithe a bhaint amach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach trí dhlúthchomhar a áirithiú idir seirbhísí fostaíochta poiblí na mBallstát, an Choimisiúin agus na gcomhpháirtithe sóisialta. Le líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta, ba cheart dea-fheidhmiú na margaí saothair a chur chun cinn, trí shoghluaisteacht thrasteorann oibrithe a éascú, go háirithe trí chomhpháirtíochtaí trasteorann, agus trédhearcacht faisnéise níos fearr maidir leis na margaí saothair a chothú. Faoi raon feidhme CSE+, ba cheart a áireamh an tacaíocht a thugtar do scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe agus an fhorbairt a dhéantar ar scéimeanna den saghas sin, d'fhonn folúntais a líonadh aon áit sa mhargadh saothair inar sainaithníodh easnaimh. |
(36) |
Tá easpa rochtana ar mhaoiniú do mhicrifhiontair, d'fhiontair shóisialta agus don gheilleagar sóisialta ar cheann de na príomhbhacainní atá roimh chruthú gnó, go háirithe i measc na ndaoine is faide ón margadh saothair. Faoi shraith EaSI, ba cheart forálacha a leagan síos leis an Rialachán seo chun éiceachóras margaidh a chruthú chun cur leis an maoiniú a sholáthraítear d'fhiontair shóisialta agus a rochtain ar an maoiniú sin a mhéadú, mar aon le riar ar éileamh iad sin is mó a bhfuil gá acu le maoiniú, go háirithe daoine dífhostaithe, mná agus daoine leochaileacha ar mian leo micrifhiontar a thionscnamh nó a fhorbairt. Déanfar an cuspóir sin a shaothrú le hionstraimí airgeadais agus le ráthaíochtaí buiséadacha faoi réimse bheartais infheistíochta sóisialta agus scileanna chiste InvestEU. Ba cheart a mheas gur fiontair shóisialta iad fiontair an gheilleagair shóisialta, i gcás ina sainítear iad faoin dlí náisiúnta, i gcomhthéacs shraith EaSI, gan beann ar a stádas dlíthiúil, a mhéid a thagann na fiontair sin faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar fhiontar sóisialta dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
(37) |
D'fhéadfadh ról fíorthábhachtach a bheith ag gníomhaithe margaidh, gníomhaithe daonchairdis san áireamh, ó thaobh cuspóirí áirithe de chuid CSE+ a shroicheadh, de bharr go mbíonn maoiniú le tabhairt acu agus gur dóigheanna nuálacha comhlántacha na dóigheanna atá acu chun an t-eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac, an dífhostaíocht a laghdú agus rannchuidiú le baint amach SDGanna. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaithe daonchairdis amhail fondúireachtaí agus deonaithe a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí de chuid CSE+, mar is iomchuí, agus ar choinníoll nach bhfuil clár oibre polaitiúil ná sóisialta acu atá i gcoinbhleacht le hidéil an Aontais, go háirithe na gníomhaíochtaí sin arb é is aidhm dóibh éiceachóras margaidh na hinfheistíochta sóisialta a fhorbairt. |
(38) |
Tá gá le treoir faoi shraith EaSI maidir le bonneagair shóisialta agus seirbhísí gaolmhara a fhorbairt, go háirithe maidir le tithíocht shóisialta, cúram leanaí agus oideachas, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, lena n-áirítear saoráidí chun cabhrú le haistrithe ó sheirbhísí institiúide go seirbhísí cúraim pobalbhunaithe agus teaghlaigh agus ceanglais inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh. |
(39) |
Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (27), agus SDGanna, leis an Rialachán seo, rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach, 30 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn chéim an ullmhaithe agus an chur chun feidhme, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid den mheastóireacht mheántéarmach. |
(40) |
De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (28), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear le bheith incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí shraith EaSI agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann na tíortha nó na críocha ábhartha thar lear. |
(41) |
Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (29), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár le cinneadh de bhun an chomhaontaithe sin. Féadfaidh tríú tíortha páirt a ghlacadh de bhun ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. |
(42) |
Is iomchuí na príomhtháscairí a leagan síos chun críoch tuairiscithe faoi shraith EaSI. Ba cheart na táscairí sin a bheith bunaithe ar aschur, oibiachtúil, éasca le haisghabháil, agus comhréireach le sciar shraith EaSI laistigh de CSE+ ina iomláine. Leis na táscairí, ba cheart na cuspóirí oibríochtúla agus na gníomhaíochtaí cistiúcháin faoi shraith EaSI a chumhdach, gan gá le spriocanna comhfhreagracha a leagan síos. |
(43) |
I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (31), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (32) agus (AE) 2017/1939 (33) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. |
(44) |
Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, soláthar, agus bainistíocht indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint. |
(45) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon feabhas a chur ar éifeachtacht na margaí saothair agus rochtain chothrom ar fhostaíocht ardcháilíochta a chur chun cinn, feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas agus ar oiliúint, agus ar cháilíocht na nithe sin, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a dhíothú, chomh maith leis na cuspóirí a shaothraítear faoi shraith EaSI, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(46) |
Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hiarscríbhinní maidir leis na táscairí a leasú agus a fhorlíonadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (35). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(47) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann leis an tsamhail don suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), i ngeall ar chineál na samhla sin. |
(48) |
Chun gur féidir mearfhreagairt a thabhairt ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha dá dtagraítear sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus a d'fhéadfadh teacht chun cinn le linn na clárthréimhse, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta sealadacha a ghlacadh chun úsáid na tacaíochta ó CSE+ a éascú mar fhreagairt ar na himthosca sin, agus uasteorainn ama 18 mí a bheith i gceist leis sin. Ba cheart don Choimisiún na bearta is iomchuí a ghlacadh i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha atá ag Ballstát agus, san am céanna, cuspóirí CSE+ á gcaomhnú ach níor cheart go n-áireofaí leis sin leasuithe ar na ceanglais maidir le díriú téamach. Anuas air sin, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann leis na bearta sealadacha le haghaidh úsáid tacaíocht ó CSE+ mar fhreagra ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha a thabhairt don Choimisiún gan nósanna imeachta coiste, ós rud é gur leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a shocraítear raon feidhme chur i bhfeidhm na mbeart sin agus go bhfuil sé teoranta do na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart sealadach agus measúnú a dhéanamh ar a n-oiriúnacht. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá an Rialachán seo a leasú de bharr imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha, níor cheart go n-áireofaí i raon feidhme an leasaithe na ceanglais maidir le díriú téamach a bhaineann le fostaíocht le haghaidh daoine óga ná tacaíocht do na daoine is díothaí ós rud é gurb iad daoine óga agus na daoine is díothaí is mó a ndéantar dochar dóibh mar gheall ar chásanna géarchéime den chineál sin. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go leanfaidh na spriocghrúpaí sin de mhéid leordhóthanach tacaíochta a fháil. |
(49) |
Agus CSE+ á riar, ba cheart do Choiste dá bhforáiltear in Airteagal 163 CFAE (Coiste CSE+) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Ionas go mbeidh Coiste CSE+ in ann an fhaisnéis uile is gá a bheith ar fáil dó agus raon leathan tuairimí a fháil ó gheallsealbhóirí ábhartha, ba cheart do Choiste CSE+ a bheith in ann cuireadh a thabhairt d'ionadaithe nach bhfuil ceart vótála acu ar choinníoll go bhfuil gá lena rannpháirtíocht i dtaca le clár oibre an chruinnithe, lena n-áirítear ionadaithe de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta. |
(50) |
Chun a áirithiú go leanfar d'aghaidh a thabhairt ar na sainiúlachtaí ag gach ceann de shraitheanna de CSE+, ba cheart do Choiste CSE+ meithleacha a bhunú do gach ceann de shraith CSE+. Déanfaidh Coiste CSE+ comhdhéanamh agus cúraimí na meithleacha sin a bhunú. Ba cheart an deis a bheith ag na meithleacha cuireadh a thabhairt d'ionadaithe na sochaí sibhialta mar aon le geallsealbhóirí eile teacht chuig a gcruinnithe. Ar na cúraimí a bheidh ar na meithleacha, féadfar comhordú agus comhar idir údaráis na mBallstát agus an Coimisiún a áirithiú maidir le cur chun feidhme CSE+ a bheith san áireamh, lena n-áirítear comhairliúchán faoi chlár oibre shraith EaSI, faireachán ar chur chun feidhme gach sraith CSE+, taithí agus dea-chleachtas a mhalartú thar agus laistigh de shraitheanna CSE+ agus sineirgí féideartha a chothú le cláir eile an Aontais. |
(51) |
Chun trédhearcacht níos fearr a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún na naisc riachtanacha a bhunú leis na coistí beartais ábhartha atá gníomhach sa réimse sóisialta agus fostaíochta, amhail an Coiste um Fhostaíocht agus um Chosaint Shóisialta nó an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair. |
(52) |
I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain i gcomhair gníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, níl na costais arna dtabhú roimh an dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar dheontas incháilithe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach ar thacaíocht ón Aontas a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais a sheachaint, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, le linn tréimhse theoranta ama ag tús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021 go 2027, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus sna cásanna sin amháin, d'incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ó thús na bliana airgeadais 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme agus gur tabhaíodh iad sular cuireadh isteach an t-iarratas ar dheontas. |
(53) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 a aisghairm. |
(54) |
Chun leanúnachas a áirithiú i ndáil le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar an cur chun feidhme a dhéanamh amhail ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021 go 2027, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart feidhm a bheith aige le héifeacht chúlghabhálach i ndáil le sraith EaSI, ón 1 Eanáir 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CLÁR NA nÁBHAR
Cuid I |
Forálacha ginearálta |
Airteagal 1 |
Ábhar |
Airteagal 2 |
Sainmhínithe |
Airteagal 3 |
Cuspóirí ginearálta CSE+ agus modhanna cur chun feidhme |
Airteagal 4 |
Cuspóirí sonracha CSE+ |
Airteagal 5 |
An buiséad |
Airteagal 6 |
Comhionannas inscne, comhionannas deiseanna agus neamh-idirdhealú |
Cuid II |
Cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte |
Caibidil I |
Forálacha coiteanna maidir le clársceidealú |
Airteagal 7 |
Comhsheasmhacht agus díriú téamach |
Airteagal 8 |
Urraim don Chairt |
Airteagal 9 |
Comhpháirtíocht |
Airteagal 10 |
Tacaíocht do na daoine is díothaí |
Airteagal 11 |
Tacaíocht d'fhostaíocht le haghaidh daoine óga |
Airteagal 12 |
Tacaíocht do mholtaí tírshonracha ábhartha |
Caibidil II |
Tacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte |
Airteagal 13 |
Raon feidhme |
Airteagal 14 |
Gníomhaíochtaí nuálacha sóisialta |
Airteagal 15 |
Comhar trasnáisiúnta |
Airteagal 16 |
Incháilitheacht |
Airteagal 17 |
Táscairí agus tuairisciú |
Caibidil III |
Tacaíocht ó CSE+ chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha |
Airteagal 18 |
Raon feidhme |
Airteagal 19 |
Prionsabail |
Airteagal 20 |
Ábhar na tosaíochta |
Airteagal 21 |
Incháilitheacht oibríochtaí |
Airteagal 22 |
Incháilitheacht caiteachais |
Airteagal 23 |
Táscairí agus tuairisciú |
Airteagal 24 |
Iniúchadh |
Cuid III |
Cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach |
Caibidil I |
Cuspóirí oibríochtúla |
Airteagal 25 |
Cuspóirí oibríochtúla |
Caibidil II |
Incháilitheacht |
Airteagal 26 |
Gníomhaíochtaí incháilithe |
Airteagal 27 |
Eintitis incháilithe |
Airteagal 28 |
Prionsabail ghinearálta |
Airteagal 29 |
Rannpháirtíocht tríú tíortha |
Caibidil III |
Forálacha ginearálta |
Airteagal 30 |
Foirmeacha chistiú an Aontais agus modhanna cur chun feidhme |
Airteagal 31 |
Clár oibre |
Airteagal 32 |
Faireachán agus tuairisciú |
Airteagal 33 |
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint |
Airteagal 34 |
Meastóireacht |
Airteagal 35 |
Iniúchtaí |
Airteagal 36 |
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht |
CUID IV |
Forálacha críochnaitheacha |
Airteagal 37 |
An tarmligean a fheidhmiú |
Airteagal 38 |
An nós imeachta coiste maidir le sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte |
Airteagal 39 |
Coiste arna bhunú faoi Airteagal 163 CFAE |
Airteagal 40 |
Forálacha idirthréimhseacha do shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte |
Airteagal 41 |
Forálacha idirthréimhseacha do shraith EaSI |
Airteagal 42 |
Teacht i bhfeidhm |
IARSCRÍBHINN I |
Comhtháscairí maidir le tacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte |
IARSCRÍBHINN II |
Comhtháscairí maidir le gníomhaíochtaí CSE+ lena ndírítear ar chuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l), i gcomhréir le hAirteagal 7(5), an chéad fhomhír |
IARSCRÍBHINN III |
Comhtháscairí maidir le tacaíocht ó CSE+ chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha |
IARSCRÍBHINN IV |
Táscairí maidir le sraith EaSI |
CUID I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), ina bhfuil dhá shraith: an tsraith atá faoi bhainistíocht roinnte (sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte) agus an tsraith maidir le Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta (sraith EaSI).
Leagtar síos leis an Rialachán seo cuspóirí CSE+, a bhuiséad don tréimhse 2021 go 2027, na modhanna cur chun feidhme, foirmeacha chistiú an Aontais agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “foghlaim ar feadh an tsaoil” foghlaim i ngach foirm, eadhon, foghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, a tharlaíonn ag gach céim den saol agus as a dtagann feabhas nó nuashonrú ar eolas, scileanna, inniúlachtaí agus dearcthaí nó rannpháirtíocht sa tsochaí ó thaobh pearsanta, sibhialta, cultúrtha, sóisialta nó fostaíochta de, lena n-áirítear seirbhísí comhairliúcháin agus treorach a chur ar fáil; airítear leis sin oideachas agus cúram na luath-óige, oideachas ginearálta, gairmoideachas agus gairmoiliúint, ardoideachas, agus oideachas aosach, obair óige agus dálaí foghlama eile a tharlaíonn lasmuigh d'oideachas agus d'oiliúint fhoirmiúil agus go hiondúil cuireann sé comhar trasearnála agus conair foghlama solúbtha chun cinn; |
(2) |
ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” duine nach saoránach den Aontas é nó í, lena n-áirítear daoine gan stát agus daoine nach bhfuil a náisiúntacht chinntithe acu; |
(3) |
ciallaíonn “cúnamh ábhartha bunúsach” earraí a riarann ar riachtanais bhunúsacha duine ionas go bhféadfaidh an duine sin a bheatha nó a beatha a chaitheamh go díniteach, amhail éadach, earraí sláinteachais, lena n-áirítear táirgí sláinteachais do mhná, ábhar scoile; |
(4) |
ciallaíonn “grúpa faoi mhíbhuntáiste” grúpa daoine i gcásanna leochaileacha, lena n-áirítear daoine atá buailte leis an mbochtaineacht nó i mbaol na bochtaineachta, an eisiaimh shóisialta nó an idirdhealaithe ina n-ilghnéithe; |
(5) |
ciallaíonn “príomhinniúlachtaí” an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a bhfuil gá ag gach duine leo, i gcéim ar bith den saol, dá sásamh pearsanta agus dá bhforbairt phearsanta, fostaíochta, cuimsiú sóisialta agus saoránacht ghníomhach, eadhon, an litearthacht; an t-ilteangachas; matamaitic, eolaíocht, teicneolaíocht, na healaíona agus innealtóireacht; scileanna digiteacha; scileanna sna meáin; gnóthaí pearsanta, gnóthaí sóisialta agus foghlaim chun scileanna a fhoghlaim; scileanna gníomhacha saoránachta; an fhiontraíocht; feasacht agus léiriú cultúrtha agus idirchultúrtha; agus smaointeoireacht chriticiúil; |
(6) |
ciallaíonn “na daoine is díothaí” daoine nádúrtha, cibé acu daoine aonair, teaghlaigh nó grúpaí de na daoine sin iad, lena n-áirítear leanaí i gcásanna leochaileacha agus daoine gan dídean, ar suíodh a ngá le cúnamh de réir na gcritéar oibiachtúil a leag na húdaráis inniúla náisiúnta síos i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, agus coinbhleachtaí leasa á seachaint, agus a bhféadfaidh eilimintí a bheith ar áireamh iontu lena gceadófar díriú ar na daoine is díothaí i limistéir gheografacha ar leith; |
(7) |
ciallaíonn “faighteoir deiridh” na daoine is díothaí a fhaigheann tacaíocht mar a shainítear in Airteagal 4, pointe (m); |
(8) |
ciallaíonn “nuálaíocht shóisialta” gníomhaíocht atá sóisialta ó thaobh a cuspóra agus a riachtanas de araon, go háirithe aon ghníomhaíocht a bhaineann le forbairt agus le cur chun feidhme smaointe nua maidir le táirgí, seirbhísí, cleachtais agus samhlacha a riarann ar riachtanais shóisialta agus, san am céanna, a chruthaíonn saghsanna nua caidrimh nó comhair shóisialta nua idir eagraíochtaí poiblí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus/nó eagraíochtaí príobháideacha agus, dá bharr sin, a dhéanann leas na sochaí agus a threisíonn freisin cumas na sochaí chun gníomhú; |
(9) |
ciallaíonn “beart tionlacain” gníomhaíocht a dhéantar sa bhreis ar dháileadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh agus é mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar an eisiamh sóisialta agus rannchuidiú leis an mbochtaineacht a dhíothú, amhail tarchuir chuig nó seirbhísí sóisialta agus sláinte a sholáthar, tacaíocht shíceolaíoch san áireamh, agus daoine a chur ar aghaidh chucu, faisnéis ábhartha a sholáthar faoi sheirbhísí poiblí nó comhairle faoi bhuiséad teaghlaigh a bhainistiú; |
(10) |
ciallaíonn “tástáil shóisialta” idirghabháil bheartais arb é is aidhm dóibh freagairt nuálach a thabhairt ar riachtanais shóisialta agus a chuirtear chun feidhme ar scála beag agus i ndálaí a fhágann gur féidir a tionchar a thomhas sula gcuirtear chun feidhme i gcomhthéacsanna eile í, lena n-áirítear comhthéacsanna geografacha nó earnálacha, nó curtha chun feidhme ar scála níos mó, má bhíonn na torthaí dearfach; |
(11) |
ciallaíonn “comhpháirtíocht trasteorann” struchtúr comhair idir seirbhísí poiblí fostaíochta, na comhpháirtithe sóisialta nó an tsochaí shibhialta atá lonnaithe in dhá Bhallstát ar a laghad; |
(12) |
ciallaíonn “micrifhiontar” fiontar ag a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí agus ar lú ná EUR 2 000 000 a láimhdeachas bliantúil nó a chlár comhardaithe bliantúil; |
(13) |
ciallaíonn “fiontar sóisialta” gnóthas, gan beann ar a fhoirm dhlí, lena n-áirítear fiontair an gheilleagair shóisialta nó duine nádúrtha:
|
(14) |
ciallaíonn “luach tagartha” luach a úsáidtear chun spriocanna a leagan síos do chomhtháscairí toraidh agus do tháscairí toraidh clárshonracha, agus atá bunaithe ar idirghabhálacha comhchosúla atá ann nó a bhí ann; |
(15) |
ciallaíonn “costais a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach” na costais iarbhír don tairbhí a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach, agus gan sin teoranta do phraghas an bhia agus/nó an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh; |
(16) |
áirítear le “micreamhaoiniú” ráthaíochtaí, micrichreidmheas, cothromas agus cuasachothromas, in éineacht le seirbhísí forbartha gnó tionlacain, amhail na seirbhísí sin arna soláthar i bhfoirm comhairleoireacht, oiliúint agus meantóireacht aonair do dhaoine agus do mhicrifhiontair ar doiligh dóibh creidmheas a rochtain chun críche gníomhaíochtaí gairmiúla agus gníomhaíochtaí ginte ioncaim; |
(17) |
ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráid mheasctha nó ardán measctha de bhun Airteagal 2, pointe (6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d'fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí; |
(18) |
ciallaíonn “eintiteas dlítheanach” aon duine nádúrtha, nó aon duine dlítheanach a chruthaítear agus a aithnítear amhlaidh faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta, nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a bhfuil sé de chumas aige a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas gan phearsantacht dlí dá dtagraítear in i gcomhréir le hAirteagal 197(2), pointe (c), den Rialachán Airgeadais; |
(19) |
ciallaíonn “comhtháscairí toraidh láithreacha” comhtháscairí toraidh lena léirítear éifeachtaí laistigh de 4 seachtaine ón lá a bhfuil an oibríocht fágtha ag an rannpháirtí; |
(20) |
ciallaíonn “comhtháscairí toraidh is fadtéarmaí” táscaire toraidh lena léirítear éifeachtaí 6 mhí tar éis don rannpháirtí an oibríocht a fhágáil. |
2. Na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060, beidh feidhm acu freisin maidir le sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte.
Airteagal 3
Cuspóirí ginearálta CSE+ agus modhanna cur chun feidhme
1. Tá sé d'aidhm ag CSE+ tacú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin ardleibhéil fostaíochta agus cosaint shóisialta chothrom a bhaint amach agus lucht saothair oilte athléimneach a bheith acu a bheidh ullamh don saol oibre atá le teacht, chomh maith le sochaithe cuimsitheacha, comhtháite arb é is aidhm dóibh díothú na bochtaineachta agus gnóthú na bprionsabal a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.
2. Le CSE+, déanfar beartais na mBallstát a thacú agus a comhlánú agus cuirfear luach leo chun comhionannas deiseanna, rochtain chomhionann ar an margadh saothair, dálaí oibre córa ardcháilíochta, cosaint agus cuimsiú sóisialta, ag díriú go háirithe ar oideachas agus oiliúint ardcháilíochta agus uilechuimsitheach, foghlaim ar feadh an tsaoil, infheistíocht i leanaí agus daoine óga agus rochtain ar sheirbhísí bunúsacha, a áirithiú.
3. Cuirfear CSE+ chun feidhme:
(a) |
faoi bhainistíocht roinnte, i gcás na coda sin den chúnamh a fhreagraíonn do na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1) (sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte); agus |
(b) |
faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, i gcás na coda sin den chúnamh a fhreagraíonn do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus Airteagal 25 (sraith EaSI). |
Airteagal 4
Cuspóirí sonracha CSE+
1. Le CSE+, tacófar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas i réimsí beartais na fostaíochta agus soghluaisteachta lucht saothair, an oideachais, an chuimsithe shóisialta, lena n-áirítear rannchuidiú le díothú na bochtaineachta, agus sa chaoi sin, rannchuideofar freisin leis an gcuspóir beartais “Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithe – Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme” dá dtagraítear in Airteagal 5, pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/1060:
(a) |
an fhostaíocht agus bearta gníomhachtúcháin a dhéanamh níos inrochtana do gach cuardaitheoir poist, go háirithe do dhaoine óga atá dífhostaithe, tríd an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme go speisialta, agus do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach mar aon le grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh an mhargaidh saothair de, agus do dhaoine neamhghníomhacha, chomh maith leis an bhféinfhostaíocht agus an geilleagar sóisialta a chur chun cinn; |
(b) |
institiúidí agus seirbhísí an mhargaidh saothair a nuachóiriú chun riachtanais scileanna a mheasúnú agus chun na riachtanais sin a thuar agus chun cúnamh agus tacaíocht thráthúil shaincheaptha a áirithiú don chomhoiriúnú sa mhargadh saothair, d'aistrithe agus do shoghluaisteacht; |
(c) |
rannpháirtíocht sa mhargadh saothair atá cothrom ó thaobh inscne de, dálaí oibre comhionanna, agus cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chur chun cinn, lena n-áirítear trí rochtain ar chúram leanaí inacmhainne, agus ar chúram do dhaoine spleácha; |
(d) |
oiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d'athrú a chur chun cinn mar aon le haosú gníomhach folláin agus timpeallacht oibre shláintiúil dhea-oiriúnaithe ina dtugtar aghaidh ar rioscaí sláinte; |
(e) |
feabhas a chur ar chórais oideachais agus oiliúna ó thaobh cáilíochta, cuimsitheachta, éifeachtachta agus ábharthachta don mhargadh saothair, lena n-áirítear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, chun sealbhú príomhinniúlachtaí a éascú, scileanna fiontraíochta agus digiteacha san áireamh, agus trí thabhairt isteach córas dé-oiliúna agus printíseachtaí a chur chun cinn; |
(f) |
rochtain chomhionann ar oideachas agus ar oiliúint ardcháilíochta chuimsitheach a chur chun cinn, go háirithe do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, agus go gcríochnódh daoine an t-oideachas agus an oiliúint sin, ó chéim an oideachais agus an chúraim luathóige go dtí céim an oideachais ghinearálta agus an ghairmoideachais agus, go dtí céim an oideachais tríú leibhéal, mar aon leis an oideachas agus leis an bhfoghlaim d'aosaigh, lena n-áirítear soghluaisteacht foghlama do chách agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumais a éascú; |
(g) |
an fhoghlaim feadh an tsaoil, go háirithe deiseanna solúbtha uas-scilithe agus athscilithe do chách, a chur chun cinn agus scileanna fiontraíochta agus digiteacha á gcur san áireamh, athruithe agus riachtanais nua scileanna a thuar ar dhóigh níos cruinne ar bhonn riachtanais an mhargaidh saothair, aistrithe gairme beatha a éascú agus an tsoghluaisteacht ghairmiúil a chur chun cinn; |
(h) |
cuimsiú gníomhach a chothú d'fhonn comhionannas deiseanna, neamh-idirdhealú agus rannpháirtíocht ghníomhach a chur chun cinn agus an infhostaitheacht a fheabhsú, go háirithe do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste; |
(i) |
lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear imircigh, a chur chun cinn; |
(j) |
lánpháirtiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, amhail Romaigh, a chur chun cinn; |
(k) |
feabhas a chur ar rochtain chomhionann thráthúil ar sheirbhísí ardcháilíochta, inbhuanaithe, agus inacmhainne, lena n-áirítear seirbhísí a chuireann chun cinn rochtain ar thithíocht agus ar chúram sláinte atá duineláraithe, lena n-áirítear cúram sláinte; córais cosanta sóisialta a nuachóiriú, lena n-áirítear rochtain ar chosaint shóisialta a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar leanaí agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste; feabhas a chur ar inrochtaineacht lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas, ar éifeachtacht agus ar athléimneacht córas sláinte agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh; |
(l) |
lánpháirtiú sóisialta daoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta a chur chun cinn, na daoine is díothaí agus leanaí san áireamh; |
(m) |
aghaidh a thabhairt ar an díth ábhartha trí bhia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a thabhairt do na daoine is díothaí, leanaí san áireamh, agus bearta tionlacain a thacóidh lena lánpháirtiú sóisialta a chur ar fáil. |
2. Leis na gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme faoin tsraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte chun na cuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhaint amach, beidh sé d'aidhm ag CSE+ rannchuidiú leis na cuspóirí eile beartais a liostaítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/1060, go háirithe na cuspóirí sin a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a) |
Eoraip níos cliste a bhaint amach, trí scileanna do speisialú cliste a fhorbairt, scileanna do na príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin, aistriú tionsclaíoch, comhar earnálach i leith scileanna agus fiontraíochta, oiliúint taighdeoirí, gníomhaíochtaí líonrúcháin agus comhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, mar aon le lárionaid, fiontair agus braislí taighde agus teicneolaíochta, agus tacaíocht do mhicrifhiontair, d'fhiontair bheaga, d'fhiontair mheánmhéide agus don gheilleagar sóisialta; |
(b) |
Eoraip níos glaise agus ar bheagán carbóin a bhaint amach, trí fheabhas a chur ar na córais oideachais agus oiliúna is gá chun scileanna agus cáilíochtaí a oiriúnú, gach duine a uas-sciliú, lucht saothair san áireamh, poist nua a chruthú in earnálacha a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an aeráid, le fuinneamh, leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an mbithgheilleagar. |
3. I gcás inar gá mar bheart sealadach chun freagairt ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2021/1060, agus teoranta do thréimhse 18 mí, le CSE+, féadfar tacú leis an méid a leanas:
(a) |
scéimeanna oibre gearr-ama a mhaoiniú gan an ceanglas gur cheart iad a chomhcheangal le bearta gníomhacha; |
(b) |
rochtain ar chúram sláinte lena n-áirítear do dhaoine nach mbaineann leochaileacht shoch-eacnamaíoch láithreach leo. |
4. I gcás, ar iarraidh a bheith tíolactha ag na Ballstáit lena mbaineann, ina gcinnfidh an Coimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos i mír 3, glacfaidh sé cinneadh cur chun feidhme ina sonrófar an tréimhse a n-údaraítear an tacaíocht shealadach bhreise ó CSE+ lena linn.
5. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme mhír 3 den Airteagal seo agus déanfaidh sé measúnú an leor an tacaíocht shealadach bhreise ó CSE+ chun úsáid na tacaíochta ó CSE+ a éascú mar fhreagairt ar na himthosca eisceachtúla nó neamhghnácha. Ar bhonn a mheasúnaithe, molfaidh an Coimisiún leasuithe, i gcás inarb iomchuí, ar an Rialachán seo, lena n-áirítear maidir leis na ceanglais um dhíriú téamach a leagtar amach in Airteagal 7, seachas an ceanglas um dhíriú téamach in Airteagal 7(5) agus (6).
Airteagal 5
An buiséad
1. EUR 87 995 063 417 i bpraghsanna 2018 a bheidh san imchlúdach airgeadais iomlán do chur chun feidhme CSE+ don tréimhse 2021 go 2027.
2. EUR 87 319 331 844 i bpraghsanna 2018, a bheidh sa chuid sin den imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte chun rannchuidiú leis an sprioc arb í infheistíocht le haghaidh post agus fáis i mBallstáit agus i réigiúin dá tagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1060, agus de sin leithdháilfear EUR 175 000 000 do chomhar trasnáisiúnta chun dlús a chur le haistriú réiteach nuálach agus uas-scálú na réiteach nuálach a éascú, dá dtagraítear in Airteagal 25, pointe (i), den Rialachán seo, agus leithdháilfear EUR 472 980 447, i bpraghsanna 2018, ina chistiú breise do na réigiúin is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus do réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir atá leagtha síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 maidir le forálacha speisialta do Chuspóir 6 faoi chuimsiú na gCistí Struchtúracha san Fhionlainn, san Iorua agus sa tSualainn a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994 (Prótacal Uimh. 6).
3. EUR 675 731 573 i bpraghsanna 2018 a bheidh sa chuid sin den imchlúdach airgeadais do shraith EaSI don tréimhse 2021 go 2027.
4. Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 3 a úsáid freisin le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun sraith EaSI a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha san áireamh.
Airteagal 6
Comhionannas inscne, comhionannas deiseanna agus neamh-idirdhealú
Tacóidh Ballstáit agus an Coimisiún le gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun na prionsabail chothrománacha dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus in Airteagal 28 den Rialachán seo a chur chun cinn faoi chuimsiú aon cheann de chuspóirí CSE+. Ar na gníomhaíochtaí sin, féadfar gníomhaíochtaí a áireamh lena n-áiritheofaí inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear ó thaobh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide de, agus gníomhaíochtaí chun an t-aistriú ó chúram cónaitheach nó institiúideach go cúram teaghlaigh agus pobalbhunaithe a chur chun cinn.
Trí CSE+, beidh sé d'aidhm freisin ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún rannpháirtíocht na mban san fhostaíocht a mhéadú chomh maith le comhréiteach idir an saol oibre agus an saol pearsanta, baineannú na bochtaineachta agus an idirdhealaithe ar bhonn inscne i margadh an tsaothair, san oideachas agus san oiliúint a chomhrac.
CUID II
CUR CHUN FEIDHME FAOI BHAINISTÍOCHT ROINNTE
CAIBIDIL I
Forálacha coiteanna maidir le clársceidealú
Airteagal 7
Comhsheasmhacht agus díriú téamach
1. Déanfaidh na Ballstáit a n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a chlársceidealú trí thosaíocht a thabhairt d'idirghabhálacha lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin a shainaithnítear sa Seimeastar Eorpach, lena n-áirítear ina gclár náisiúnta um athchóiriú agus, ina theannta sin, sna moltaí tírshonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) CFAE, agus cuirfidh siad san áireamh na prionsabail agus na cearta a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus sna straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha atá ábhartha do chuspóirí CSE+ agus, ar an gcaoi sin, rannchuideoidh siad leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 174 CFAE.
Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún freisin, sineirgí a chothú agus comhordú, comhlántacht agus comhleanúnachas a áirithiú idir CSE+ agus cistí, cláir agus ionstraimí eile an Aontais le linn chéim na pleanála agus chéim an chur chun feidhme araon. Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún freisin, sásraí comhordúcháin a optamú chun dúbailt saothar a sheachaint agus dlúthchomhar a áirithiú idir na heintitis atá freagrach as cur chun feidhme le go ndéanfar gníomhaíochtaí tacaíochta a bheidh comhleanúnach cuíchóirithe.
2. Leithdháilfidh na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a shainaithnítear sna moltaí tírshonracha ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) CFAE agus sa Seimeastar Eorpach a thagann faoi raon feidhme chuspóirí sonracha CSE+ a leagtar amach in Airteagal 4(1) den Rialachán seo iad.
3. Leithdháilfidh na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar an Ráthaíocht don Leanbh trí bhíthin gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus athchóirithe struchtúracha chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (f) agus (h) go (l).
Déanfaidh na Ballstáit sin ag a raibh an meánráta leanaí faoi bhun 18 mbliana a bhí i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta don tréimhse idir 2017 agus 2019 os cionn mheán an Aontais don tréimhse chéanna, ar bhonn shonraí Eurostat, 5 % ar a laghad dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh chun tacú leis na gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus na hathchóirithe struchtúracha chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí mar a leagtar amach sa chéad fhomhír iad.
4. Leithdháilfidh na Ballstáit 25 % ar a laghad dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar na cuspóirí sonracha maidir le réimse beartais an chuimsithe shóisialta a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (h) go (l), lena n-áirítear lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír a chur chun cinn.
5. Leithdháilfidh na Ballstáit 3 % ar a laghad dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte chun tacú leis na daoine is díothaí faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe in Airteagal 4(1), pointe (m), nó, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, an sprioc shonrach a leagtar mach in Airteagal 4(1), pointe (l), nó an dá chuspóir sonrach sin.
Ní chuirfear na hacmhainní sin san áireamh agus comhlíonadh na leithdháiltí íosta a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 á fhíorú.
6. Leithdháilfidh na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe agus ar athchóirithe struchtúracha chun tacú le fostaíocht le haghaidh daoine óga, le gairmoideachas agus gairmoiliúint, go háirithe printíseachtaí, agus leis an aistriú ón scoil go dtí an obair, le conairí chun ath-lánpháirtiú san oideachas nó san oiliúint agus le hoideachas an dara deis, go háirithe i gcomhthéacs cur chun feidhme scéimeanna faoin Ráthaíocht don Aos Óg.
Déanfaidh na Ballstáit sin ag a raibh an meánráta daoine óga idir 15 bliana agus 29 mbliana nach raibh i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna don tréimhse idir 2017 agus 2019 os cionn mheán an Aontais don tréimhse chéanna, ar bhonn shonraí Eurostat, 12,5 % ar a laghad dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte do na blianta idir 2021 agus 2027, a leithdháileadh chun tacú leis na hathchóirithe struchtúracha agus na gníomhaíochtaí spriocdhírithe mar a leagtar amach sa chéad fhomhír iad.
Na réigiúin is forimeallaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír, leithdháilfidh siad 12,5 % ar a laghad dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ina gcuid clár ar na gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus na hathchóirithe struchtúracha a leagtar amach sa chéad fhomhír. Nuair is infheidhme, cuirfear an leithdháileadh sin san áireamh chun comhlíonadh an íoschéatadáin ar an leibhéal náisiúnta a leagtar amach sa dara fomhír a fhíorú.
Agus na gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus na hathchóirithe struchtúracha dá dtagraítear sa mhír seo á gcur chun feidhme acu, tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do dhaoine óga atá neamhghníomhach agus dífhostaithe go fadtéarmach agus cuirfidh siad bearta for-rochtana spriocdhírithe ar bun.
7. Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 6 den Airteagal seo maidir leis an leithdháileadh breise sonrach a fhaigheann na réigiúin is forimeallaí agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6.
8. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 6 maidir le cúnamh teicniúil.
Airteagal 8
Urraim don Chairt
1. Déanfar gach oibríocht a roghnú agus a chur chun feidhme agus urraim á tabhairt do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”) agus i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060.
2. I gcomhréir le hAirteagal 69(7) de Rialachán (AE) 2021/1060, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gearáin a scrúdú go héifeachtach. Beidh an méid sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag saoránaigh agus geallsealbhóirí i gcoitinne gearáin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear gearáin maidir le sáruithe ar an gCairt.
3. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go ndearnadh sárú ar an gCairt, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tromchúis an tsáraithe ina chinneadh maidir leis na bearta ceartaitheacha atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060.
Airteagal 9
Comhpháirtíocht
1. Cinnteoidh na Ballstáit rannpháirtíocht fhóinteach na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta i gcur i bhfeidhm beartas fostaíochta, oideachais agus cuimsithe shóisialta a dtacaíonn sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte leo.
2. Leithdháilfidh na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte i ngach clár ar fhothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta, lena n-áirítear i bhfoirm oiliúna, bearta líonrúcháin, neartú an idirphlé shóisialta agus ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh go comhpháirteach ag na comhpháirtithe sóisialta.
I gcás ina sainaithnítear fothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta le moladh tírshonrach ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus Airteagal 148(4) CFAE, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann méid iomchuí de 0,25 % dá acmhainní shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar a laghad a leithdháileadh chun na críche sin.
Airteagal 10
Tacaíocht do na daoine is díothaí
Na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 7(5) faoi chuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (l) agus (m), clársceidealófar iad faoi thosaíocht nó faoi chlár tiomnaithe. Is é 90 % a bheidh sa ráta cómhaoinithe don tosaíocht nó don chlár sin.
Airteagal 11
Tacaíocht d'fhostaíocht le haghaidh daoine óga
I gcomhréir leis an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 7(6), déanfar an tacaíocht a chlársceidealú faoi thosaíocht nó faoi chlár tiomnaithe agus áireofar, ar a laghad, tacaíocht lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a) agus féadfar a áireamh leis tacaíocht lena rannchuidítear leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (f) agus (l).
Airteagal 12
Tacaíocht do mholtaí tírshonracha ábhartha
Na gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin a shainaithnítear sna moltaí tírshonracha ábhartha agus sa Seimeastar Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 7(2), clársceidealófar iad faoi aon cheann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal (4)1 chun tacú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus faoi thosaíocht amháin nó níos mó, a d'fhéadfadh a bheith ina thosaíocht ilchiste.
CAIBIDIL II
Tacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte
Airteagal 13
Raon feidhme
Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le tacaíocht ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte lena rannchuidítear le cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) go (l) (tacaíocht ghinearálta ó shraith de CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte).
Airteagal 14
Gníomhaíochtaí nuálacha sóisialta
1. Tacóidh na Ballstáit le gníomhaíochtaí nuálacha sóisialta agus le tástáil shóisialta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhfuil comhpháirt shoch-chultúrtha ag baint leo, nó lena dtreisítear cuir chuige a fheidhmíonn ó bhun aníos agus atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir údaráis phoiblí, na comhpháirtithe sóisialta, fiontair shóisialta, an earnáil príobháideach agus an tsochaí shibhialta.
2. Féadfaidh na Ballstáit tacú le huas-scálú na gcur chuige nuálacha a tástáladh ar scála beag agus a forbraíodh faoi shraith EaSI agus faoi chláir eile an Aontais.
3. Is féidir gníomhaíochtaí agus cuir chuige nuálacha a chlársceidealú faoi aon cheann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) go (l).
4. Díreoidh na Ballstáit tosaíocht amháin ar a laghad ar chur chun feidhme mhír 1 nó 2, nó an dá cheann acu. Féadfar uasráta cómhaoinithe na dtosaíochtaí sin a mhéadú go 95 % chun an t-uasmhéid 5 % d’acmhainní náisiúnta faoi shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte.
5. Déanfaidh na Ballstáit a shainaithint, ina gcláir nó ag céim níos déanaí le linn an chur chun feidhme, réimsí le haghaidh nuálaíocht shóisialta agus tástáil shóisialta, ar réimsí iad a chomhfhreagraíonn do riachtanais shonracha Ballstát.
6. Déanfaidh an Coimisiún fothú acmhainneachta le haghaidh nuálaíocht shóisialta a éascú, go háirithe trí thacú le foghlaim fhrithpháirteach, le bunú líonraí agus le scaipeadh agus le cur chun cinn dea-chleachtas agus modheolaíochtaí.
Airteagal 15
Comhar trasnáisiúnta
Féadfaidh na Ballstáit tacú le gníomhaíochtaí comhair trasnáisiúnta faoi aon cheann de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) go (l).
Airteagal 16
Incháilitheacht
1. Sa bhreis ar na costais neamh-incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2021/1060, ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe faoi thacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte:
(a) |
ceannach talún agus réadmhaoine, chomh maith le ceannach bonneagair; agus |
(b) |
ceannach troscáin, trealaimh, agus feithiclí ach amháin i gcás ina bhfuil ceannach den sórt sin riachtanach chun cuspóir na hoibríochta a bhaint amach, nó i gcás ina bhfuil na nithe sin go hiomlán dímheasta le linn na hoibríochta, nó i gcás inarb é ceannach na nithe sin an rogha is eacnamaíche. |
2. Ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm liúntas nó tuarastal arna n-íoc ag tríú páirtí chun leasa rannpháirtithe oibríochta, féadfaidh siad a bheith incháilithe do ranníocaíochtaí ó thacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte ar choinníoll gur i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, lena n-áirítear rialacha cuntasaíochta, a thabhaítear na ranníocaíochtaí comhchineáil agus nach mó iad ná an costas a bhí ar an tríú páirtí.
3. An leithdháileadh breise sonrach a fhaigheann na réigiúin is forimeallaí agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6, úsáidfear é chun tacú le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1).
4. Beidh costais foirne dhíreacha incháilithe do ranníocaíocht ó thacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte má tá siad i gcomhréir le gnáthchleachtais luacha saothair an tairbhí don chatagóir feidhme lena mbaineann nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, le comhaontuithe comhchoiteanna nó le staidreamh oifigiúil.
Airteagal 17
Táscairí agus tuairisciú
1. Maidir le cláir a thairbhíonn de thacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte, úsáidfear comhtháscairí aschuir agus toraidh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn sa chur chun feidhme. Féadfar táscairí clárshonracha a úsáid sna cláir sin freisin.
2. I gcás ina leithdháilfidh Ballstát a acmhainní ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l), chun díriú ar na daoine is díothaí, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 7(5), beidh feidhm ag na comhtháscairí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II iad.
3. Nialas an bhonnlíne a shocrófar do chomhtháscairí aschuir agus do tháscairí aschuir clárshonracha. I gcás ina bhfuil sé ábhartha do chineál na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht, is i ndearbhuimhreacha a shloinnfear clocha míle agus spriocluachanna cainníochtaithe carnacha. I ndearbhuimhreacha a shloinnfear luachanna tuairiscithe na dtáscairí aschuir.
4. Maidir le luach tagartha na gcomhtháscairí toraidh agus na dtáscairí toraidh clárshonracha ar socraíodh dóibh spriocluach do 2029, socrófar é trí úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí atá ar fáil nó as foinsí faisnéise eile a bhaineann le hábhar. Is i ndearbhuimhreacha nó i gcéatadán a shloinnfear spriocanna na gcomhtháscairí aschuir. Féadfar táscairí toraidh clárshonracha agus spriocanna gaolmhara a shloinneadh i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla. Is i ndearbhuimhreacha a shloinnfear luachanna tuairiscithe na gcomhtháscairí toraidh.
5. Ní dhéanfar sonraí faoi tháscairí maidir le rannpháirtithe a tharchur go dtí go mbeidh gach sonra a cheanglaítear faoi phointe 1.1 d'Iarscríbhinn I faoin rannpháirtí i gceist ar fáil.
6. I gcás ina bhfuil sonraí ar fáil i gcláir nó i bhfoinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit a chur ar a gcumas d’údaráis bhainistíochta agus comhlachtaí eile a bhfuil sé de chúram orthu sonraí a bhailiú is gá chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thacaíocht ghinearálta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte, na sonraí sin a fháil ó chláir sonraí nó ó fhoinsí coibhéiseacha, i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointí (c) agus (e), de Rialachán (AE) 2016/679.
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun na táscairí in Iarscríbhinní I agus II a leasú i gcás ina measfar gur gá sin chun measúnú éifeachtach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na gclár. Beidh leasuithe den sórt sin comhréireach agus an t-ualach riaracháin ar Bhallstáit agus ar thairbhithe á chur san áireamh. Ní dhéanfaidh gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an mír seo athrú ar an modheolaíocht i ndáil le bailiú sonraí mar a leagtar síos in Iarscríbhinní I agus in II.
CAIBIDIL III
Tacaíocht ó CSE+ chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha
Airteagal 18
Raon feidhme
Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (m).
Airteagal 19
Prionsabail
1. An tacaíocht ó CSE+ a thabharfar chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha, ní fhéadfar í a úsáid ach chun tacú le dáileadh bia agus earraí atá i gcomhréir le dlíthe an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais.
2. Is ar bhonn critéir oibiachtúla a bhaineann le riachtanais na ndaoine is díothaí a roghnóidh na Ballstáit agus na tairbhithe an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach atá le tabhairt. Cuirfear gnéithe a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol san áireamh chomh maith sna critéir roghnúcháin don bhia agus, i gcás inarb iomchuí, d'earraí, go háirithe d'fhonn cur amú bia agus plaistigh aon úsáide a laghdú. I gcás inarb iomchuí, roghnófar cineál na dtáirgí bia a bheidh le dáileadh tar éis breithniú a dhéanamh ar an dóigh a rannchuideoidh na táirgí sin aiste bia chothrom a bheith ag na daoine is díothaí.
Is féidir an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar go díreach do na daoine is díothaí nó go hindíreach, mar shampla, trí dhearbháin nó cártaí, i bhfoirm leictreonach nó eile, ar choinníoll nach féidir iad a fhuascailt ach amháin i gcomhair bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach. Beidh tacaíocht do na daoine is díothaí sa bhreis ar aon sochar sóisialta a d'fhéadfaí a sholáthar d'fhaighteoirí deiridh ag córais shóisialta náisiúnta nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Féadfar an bia do na daoine is díothaí a fháil ó úsáid, ó phróiseáil nó ó dhíol na dtáirgí arna ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), ar choinníoll gurb é sin an rogha is fearr ó thaobh airgid agus nach gcuirtear rómhoill ar sheachadadh an bhia ar na daoine is díothaí dá thoradh.
Aon mhéid a ghnóthófar as idirbheart dá leithéid, úsáidfear é chun leas na ndaoine is díothaí a dhéanamh, sa bhreis ar na méideanna atá ar fáil tríd an gclár.
3. Maidir leis an gcabhair a sholáthraítear faoi chuimsiú na tacaíochta ó CSE+ chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go ndéanfar dínit na ndaoine is díothaí a urramú leis agus go gcoscfar stiogmatú na ndaoine sin.
4. Déanfaidh na Ballstáit seachadadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha a chomhlánú trí bhearta tionlacain, amhail tarchuir chuig seirbhísí inniúla, faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (m) nó trí lánpháirtiú sóisialta na ndaoine is díothaí a chur chun cinn faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l).
Airteagal 20
Ábhar na tosaíochta
1. I dtosaíocht i ndáil le tacaíocht lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (m) leagfar amach an méid seo a leanas:
(a) |
cineál na tacaíochta; |
(b) |
na príomh-spriocghrúpaí; agus |
(c) |
tuairisc ar na scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha tacaíochta. |
2. I gcás cláir atá teoranta do thacaíocht faoi mar a thagraítear di i mír 1 agus i gcás na tacaíochta teicniúla gaolmhaire, beidh na critéir maidir le roghnú oibríochtaí ar áireamh sa tosaíocht.
Airteagal 21
Incháilitheacht oibríochtaí
1. An bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthraítear do na daoine is díothaí, féadfaidh an tairbhí é a cheannach, féadfar é a cheannach thar cheann an tairbhí, nó féadfar é a chur ar fáil saor in aisce don tairbhí.
2. Déanfar an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach a dháileadh saor in aisce ar na daoine is díothaí.
Airteagal 22
Incháilitheacht caiteachais
1. Is iad seo a leanas costais incháilithe thacaíocht CSE+ chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha:
(a) |
an costas a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach, lena n-áirítear na costais a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a iompar chuig na tairbhithe atá ag seachadadh an bia nó an chúnaimh bhunúsaigh do na faighteoirí deiridh; |
(b) |
i gcás nach bhfuil iompar an bhia agus/nó an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh chuig na tairbhithe a dháileann iad ar na faighteoirí deiridh cumhdaithe ag pointe (a), na costais a sheasann comhlacht an cheannaigh a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a iompar chuig an iosta stórála /nó chuig na tairbhithe, agus costais stórála ar ráta comhréidh 1 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a) nó, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, na costais a tabhaíodh agus a íocadh iarbhír; |
(c) |
na costais riaracháin, iompair, stórála agus ullmhúcháin a sheasann na tairbhithe a dhéanann cúram de dháileadh an bhia agus/nó an chúnaimh ábhartha bhunúsaigh ar na daoine is díothaí ar ráta comhréidh 7 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a) nó 7 % de chostais an bhia arna ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; |
(d) |
an costas a bhaineann le bailiú, iompar, stóráil agus dáileadh deonachán bia agus le gníomhaíochtaí ardaithe feasachta a bhfuil baint dhíreach acu leo sin; agus |
(e) |
na costais a bhaineann le beart tionlacain a dhéanann na tairbhithe nó a dhéantar thar ceann na dtairbhithe agus arna ndearbhú ag na tairbhithe a dháileann an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach ar na daoine is díothaí ar ráta comhréidh 7 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a). |
2. Tá na costais a bhaineann le scéimeanna dearbhán nó cártaí a ullmhú i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm eile, agus costais oibriúcháin chomhfhreagracha incháilithe faoi chúnamh teicniúil ar choinníoll gurb é an t-údarás bainistíochta nó comhlacht poiblí eile nach tairbhí é a dháileann na dearbháin nó na cártaí ar fhaighteoirí deiridh, nó ar choinníoll nach gcumhdaítear iad leis na costais a leagtar amach i mír 1, pointe (c).
3. Má thagann laghdú ar na costais incháilithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 toisc nár chomhlíon an comhlacht atá freagrach as an mbia agus/nó as an gcúnamh ábhartha bunúsach a cheannach an dlí is infheidhme, ní thiocfaidh de sin laghdú ar na costais incháilithe a leagtar amach sa mhír sin, pointí (c) agus (e).
4. Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe:
(a) |
ús ar fhiacha; |
(b) |
bonneagar a cheannach; agus |
(c) |
costais earraí athláimhe. |
Airteagal 23
Táscairí agus tuairisciú
1. Chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme tosaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar dhíth ábhartha, úsáidfear comhtháscairí aschuir agus toraidh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Leis an tosaíochtaí sin, féadfar úsáid a bhaint as táscairí clárshonracha freisin.
2. Bunófar luachanna tagartha na gcomhtháscairí toraidh agus na dtáscairí toraidh clárshonracha.
3. Cuirfidh na húdaráis bhainistíochta in iúl don Choimisiún faoi dhó torthaí suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh maidir le tacaíocht a fuarthas ó CSE+ agus ag díriú chomh maith ar a ndálaí maireachtála agus cineál a ndíthe ábhartha, a rinneadh an bhliain roimhe sin. Beidh an suirbhé sin bunaithe ar an tsamhail a bhunóidh an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme. Déanfar an chéad tuairisciú den sórt sin faoin 30 Meitheamh 2025 agus an dara ceann faoin 30 Meitheamh 2028.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunófar an tsamhail a bheidh le húsáid don suirbhé struchtúrtha ar fhaighteoirí deiridh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 38(2) chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Airteagail seo a áirithiú.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun na táscairí in Iarscríbhinní III a leasú i gcás ina measfar gur gá sin chun measúnú éifeachtach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na gclár. Beidh leasuithe den sórt sin comhréireach agus an t-ualach riaracháin ar Bhallstáit agus ar thairbhithe á chur san áireamh. Ní dhéanfaidh gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an mír seo athrú ar an modheolaíocht i ndáil le bailiú sonraí mar a leagtar síos in Iarscríbhinn III.
Airteagal 24
Iniúchadh
Le hiniúchadh oibríochta, féadfar gach céim dá gcur chun feidhme agus gach leibhéal den slabhra dáilte a chuimsiú, cé is moite de rialú na bhfaighteoirí deiridh, ach amháin má shuitear le measúnú riosca go bhfuil riosca sonrach neamhrialtachta nó calaoise ann.
CUID III
CUR CHUN FEIDHME FAOI BHAINISTÍOCHT DHÍREACH AGUS INDÍREACH
CAIBIDIL I
Cuspóirí oibríochtúla
Airteagal 25
Cuspóirí oibríochtúla
Beidh na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas ag sraith EaSI:
(a) |
eolas ardcháilíochta anailíseach comparáideach a fhorbairt chun a áirithiú go bhfuil na beartais arb é is aidhm dóibh na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1) a bhaint amach bunaithe ar fhianaise fhónta agus go bhfuil siad ábhartha do riachtanais, do dhúshláin, agus do dhálaí áitiúla; |
(b) |
éascaíocht a dhéanamh do chomhroinnt faisnéise éifeachtaí agus cuimsithí, d'fhoghlaim fhrithpháirteach, d'athbhreithnithe piaraí agus d'idirphlé i leith beartas sna réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1) chun cuidiú le bearta beartais iomchuí a cheapadh; |
(c) |
tacú le tástáil shóisialta sna réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus acmhainneacht na ngeallsealbhóirí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil a mhéadú chun na nuálaíochtaí i mbeartas sóisialta a tástáladh a ullmhú, a dhearadh agus a chur chun feidhme, a aistriú nó a uas-scálú, go háirithe i dtaca le tionscadail arna n-uas-scálú ag geallsealbhóirí áitiúla i réimse an lánpháirtithe shocheacnamaíoch náisiúnach tríú tír; |
(d) |
soghluaisteacht gheografach dheonach oibrithe a éascú agus deiseanna fostaíochta a mhéadú trí sheirbhísí tacaíochta sonracha a sholáthar d'fhostóirí agus do chuardaitheoirí poist d'fhonn margaí saothair Eorpacha comhtháite a fhorbairt, mar atá seirbhísí ullmhúchán ag an gcéim réamhearcaíochta go cúnamh i ndiaidh an tsocrúcháin, chun folúntais a líonadh i gcás earnálacha, gairmeacha beatha, tíortha, réigiúin teorann nó na seirbhísí sin a sholáthar do ghrúpaí áirithe (amhail daoine i gcúinsí leochaileacha); |
(e) |
tacú le forbairt an éiceachórais mhargaidh lena soláthraítear micreamhaoiniú do mhicrifhiontair atá i gcéim an tionscnaimh agus i gcéim na forbartha, go háirithe iad siúd a chruthaigh daoine leochaileacha nó ag a bhfuil daoine leochaileacha fostaithe; |
(f) |
tacú le líonrú ar leibhéal an Aontais agus le hidirphlé le geallsealbhóirí ábhartha agus i measc na ngeallsealbhóirí sin sna réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus rannchuidiú le hacmhainneacht institiúideach na ngeallsealbhóirí rannpháirteacha a fhorbairt, lena n-áirítear na seirbhísí poiblí fostaíochta, institiúidí poiblí slándála sóisialta agus árachais sláinte, an tsochaí shibhialta, institiúidí micreamhaoiniúcháin agus institiúidí a sholáthraíonn maoiniú d'fhiontair shóisialta agus don gheilleagar sóisialta; |
(g) |
tacú le forbairt fiontar sóisialta agus le teacht chun cinn margaidh infheistíochta sóisialta agus, dá bharr sin, éascaíocht a dhéanamh d'idirghníomhaíochtaí poiblí agus príobháideacha agus do rannpháirtíocht fondúireachtaí agus gníomhaithe daonchairdis sa mhargadh sin; |
(h) |
treoraíocht a thabhairt faoi fhorbairt bonneagair shóisialta is gá chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme; |
(i) |
tacú le comhar trasnáisiúnta chun dlús a chur le haistriú réiteach nuálacha, agus chun uas-scálú na réiteach nuálach a éascú, go háirithe maidir le réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1); agus |
(j) |
tacú le cur chun feidhme caighdeán ábhartha idirnáisiúnta sóisialta agus saothair i gcomhthéacs leas a bhaint as an domhandú agus as an ngné sheachtrach de bheartais an Aontais sna réimsí beartais a leagtar amach in Airteagal 4(1). |
CAIBIDIL II
Incháilitheacht
Airteagal 26
Gníomhaíochtaí incháilithe
1. Ní bheidh incháilithe chun cistiú a fháil ach gníomhaíochtaí lena saothraítear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 3(1) agus (2), Airteagal 4(1) agus Airteagal 25.
2. Féadfar tacú leis na gníomhaíochtaí seo a leanas le sraith EaSI:
(a) |
gníomhaíochtaí anailíseacha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le tríú tíortha, go háirithe:
|
(b) |
cur chun feidhme beartas, go háirithe:
|
(c) |
fothú acmhainneachta, go háirithe:
|
(d) |
gníomhaíochtaí cumarsáide agus craobhscaoilte, go háirithe:
|
Airteagal 27
Eintitis incháilithe
1. Faoi réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir seo a leanas maidir le hincháilitheacht eintiteas:
(a) |
eintitis dhlítheanacha atá bunaithe in aon cheann de na tíortha nó na críocha seo a leanas:
|
(b) |
aon eintiteas dlítheanacha a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta. |
2. Go heisceachtúil, eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe le sraith EaSI, de bhun Airteagal 29 beidh siad incháilithe chun páirt a ghlacadh i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.
3. I bprionsabal, seasfaidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe le sraith EaSI de bhun Airteagal 29, costas a rannpháirtíochta.
Airteagal 28
Prionsabail ghinearálta
1. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar comhionannas inscne, príomhshruthú inscne agus comhtháthú ghné na hinscne a chur san áireamh agus a chur chun cinn le linn ullmhú, chur chun feidhme, fhaireachán, thuairisciú agus mheastóireacht na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó shraith EaSI.
2. Glacfaidh an Coimisiún céimeanna iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc le linn ullmhú, chur chun feidhme, fhaireachán, thuairisciú agus mheastóireacht na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó shraith EaSI. Go háirithe, déanfar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a chur san áireamh i rith ullmhú agus chur chun feidhme shraith EaSI.
Airteagal 29
Rannpháirtíocht tríú tíortha
Beidh sraith EaSI oscailte do rannpháirtíocht na dtríú tíortha seo a leanas trí bhíthin chomhaontú leis an Aontas:
(a) |
comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; |
(b) |
tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin; |
(c) |
tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na dtríú tíortha sin i sraith EaSI, ar choinníoll:
|
Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin dá dtagraítear san Airteagal seo, an chéad fhomhír, pointe (c)(ii).
CAIBIDIL III
Forálacha ginearálta
Airteagal 30
Foirmeacha chistiú an Aontais agus modhanna cur chun feidhme
1. Faoi shraith EaSI, féadfar cistiú a thabhairt in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais maidir le ranníocaíochtaí airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus íocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina bhall díobh nó a nglacann an tAontas páirt ina gcuid oibre.
2. Cuirfear sraith EaSI chun feidhme go díreach mar a fhoráiltear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán sin.
Agus deontais á ndámhachtain, féadfaidh an coiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.
3. Déanfar oibríochtaí measctha faoin shraith EaSI a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán (AE) 2021/523 agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 31
Clár oibre
1. Is ar bhonn na gclár oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear sraith EaSI chun feidhme. Bunófar ábhar na gclár oibre i gcomhréir leis na cuspóirí oibríochtúla a leagtar amach in Airteagal 25 den Rialachán seo agus leis na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 26 den Rialachán seo. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.
2. Tiomsóidh an Coimisiún saineolas ar ullmhú na gclár oibre trí dhul i gcomhairle leis an meitheal dá dtagraítear in Airteagal 39(8).
3. Déanfaidh an Coimisiún sineirgí a chothú agus comhordú níos éifeachtaí a áirithiú idir CSE+ agus ionstraimí ábhartha eile an Aontais agus idir sraitheanna CSE+ freisin.
Airteagal 32
Faireachán agus tuairisciú
Leagfar amach in Iarscríbhinn IV táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn shraith EaSI maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus baint amach na gcuspóirí oibríochtúla a leagtar amach in Airteagal 25.
Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta go mbaileofar ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ar thorthaí shraith EaSI.
Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar Bhallstáit.
Airteagal 33
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach i sraith EaSI trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta, nó ar bhonn aon ionstraim dhlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.
Airteagal 34
Meastóireacht
1. Déanfar na meastóireachtaí ar dhóigh atá tráthúil chun fónamh don phróiseas cinnteoireachta.
2. Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar shraith EaSI, ar bhonn faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina cur chun feidhme.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmíocht an chláir, de bhun Airteagal 34 den Rialachán Airgeadais, agus go háirithe a éifeachtacht, a éifeachtúlacht, a chomhleanúnachas, a ábharthacht agus breisluach an Aontais, lena n-áirítear vis-à-vis na prionsabail chothrománacha dá dtagraítear in Airteagal 28 den Rialachán seo, agus tomhaisfear, ar bhonn cáilíochtúil agus cainníochtúil, an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí shraith EaSI a bhaint amach.
Bunófar an mheastóireacht mheántéarma ar an bhfaisnéis arna giniúint ag na socruithe faireacháin agus ag na táscairí a bhunaítear de bhun Airteagal 32, d'fhonn aon choigeartuithe is gá a dhéanamh ar na tosaíochtaí beartais agus cistiúcháin.
3. Faoin 31 Nollaig 2031, ag deireadh na tréimhse cur chun feidhme déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar shraith EaSI.
4. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí meántéarma agus críochnaitheacha chomh maith lena bharúlacha féin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.
Airteagal 35
Iniúchtaí
Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais, sin é an bonn a bheidh leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 36
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
1. Tabharfaidh faighteoirí chistiú an Aontais aitheantas d'fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistiúcháin, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis chomhleanúnach, éifeachtach agus spriocdhírithe a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
2. Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le sraith EaSI, gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun shraith EaSI agus de bhun na dtorthaí a baineadh amach.
Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar shraith EaSI ina gcuidiú freisin maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2), Airteagal 4(1) agus Airteagal 25.
CUID IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 37
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17(7) agus Airteagal 23(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 1 Iúil 2021.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17(7) agus Airteagal 23(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 17(7) nó Airteagal 23(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 38
An nós imeachta coiste maidir le sraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte
1. Tabharfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 115(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 39
Coiste arna bhunú faoi Airteagal 163 CFAE
1. Déanfaidh an Coiste arna chur ar bun faoi Airteagal 163 CFAE (Coiste CSE+) cúnamh a thabhairt don Choimisiún.
2. Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí amháin ón rialtas, ionadaí amháin ó eagraíochtaí na n-oibrithe, ionadaí amháin ó eagraíochtaí na bhfostóirí agus ionadaí malartach do gach comhalta ar feadh uastréimhse 7 mbliana. Mura mbeidh an comhalta i láthair, beidh an t-ionadaí malartach i dteideal go huathoibríoch páirt a ghlacadh sna himeachtaí.
3. Ar Choiste CSE+ beidh ionadaí amháin ó gach eagraíocht lena ndéantar ionadaíocht ar eagraíochtaí na n-oibrithe agus ar eagraíochtaí na bhfostóirí ar leibhéal an Aontais.
4. Féadfaidh Coiste CSE+, lena n-áirítear na meithleacha dá dtagraítear i mír 7, cuireadh a thabhairt d'ionadaithe geallsealbhóirí, nach mbeidh ceart vótála acu, freastal ar a chruinnithe. Féadfaidh ionadaithe de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta mar aon le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta a bheith san áireamh leis sin.
5. Rachfar i gcomhairle le Coiste CSE+ maidir leis an úsáid a bheartaítear a bhaint as cúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060 i gcás tacaíochta ó shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte agus maidir le saincheisteanna eile a mbeidh tionchar acu ar straitéisí a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais atá ábhartha do CSE+;
6. Féadfaidh Coiste CSE+ tuairimí a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
ceisteanna a bhaineann le rannchuidiú CSE+ le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear moltaí tírshonracha agus tosaíochtaí a bhaineann leis an Seimeastar Eorpach, amhail na cláir náisiúnta um athchóiriú; |
(b) |
saincheisteanna a bhaineann le Rialachán (AE) 2021/1060 atá ábhartha do CSE+; |
(c) |
ceisteanna maidir le CSE+ a chuirfidh an Coimisiún faoina bhráid seachas na ceisteanna sin dá dtagraítear i mír 5. |
Is le tromlach glan na vótaí a caitheadh go bailí a ghlacfar tuairimí Choiste CSE+, agus cuirfear in iúl iad, chun críche faisnéise, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. Cuirfidh an Coimisiún Coiste CSE+ ar an eolas, i scríbhinn, faoin gcaoi ar chuir sé tuairimí an Choiste san áireamh.
7. Déanfaidh Coiste CSE+ meithleacha a bhunú do gach ceann de shraith CSE+.
8. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an meitheal a bhíonn ag déileáil le sraith EaSI maidir leis an gclár oibre. Cuirfidh an Coimisiún an mheitheal sin ar an eolas faoin gcaoi ar chuir sé torthaí an chomhairliúcháin sin san áireamh. Áiritheoidh an mheitheal go rachfar i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, lena n-áirítear le hionadaithe na sochaí sibhialta, maidir leis an gclár oibre.
Airteagal 40
Forálacha idirthréimhseacha do shraith CSE+ atá faoi bhainistíocht roinnte
Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, nó aon ghníomh arna ghlacadh faoi na Rialacháin sin, leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu le linn na clárthréimhse 2014-2020, maidir le cláir agus oibríochtaí a dtacaíonn na Rialacháin sin leo.
Airteagal 41
Forálacha idirthréimhseacha do shraith EaSI
1. Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021. Déanfar aon tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
2. Féadfaidh imchlúdach airgeadais le haghaidh cur chun feidhme shraith EaSI na speansais a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach is gá freisin chun an t-aistriú idir CSE+ agus na bearta a glacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 a áirithiú.
3. Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.
4. Déanfar aisíocaíochtaí ó ionstraimí airgeadais a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 a infheistiú sna hionstraimí airgeadais atá i réimse bheartais na hinfheistíochta sóisialta agus scileanna dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/523.
5. I gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán seo agus na costais bhunúsacha incháilithe ón 1 Eanáir 2021, fiú má cuireadh chun feidhme iad agus má tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.
Airteagal 42
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 i ndáil le sraith EaSI.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) IO C 429, 11.12.2020, lch. 245.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 84.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 (IO C 411, 27.11.2020, lch. 324) agus cinneadh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 27 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(4) Rialachán (AE) 2021/1058. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe (Féach leathanach 60 den Iris Oifigiúil seo).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(6) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
(7) Cinneadh (AE) 2020/1512 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 344, 19.10.2020, lch. 22).
(8) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorainneacha agus do Bheartas Víosaí (Féach leathanach 159 den Iris Oifigiúil seo).
(9) Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).
(10) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238).
(13) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(14) Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear “Erasmus+”: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).
(15) Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Breisoiliúna: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta (IO C 484, 24.12.2016, lch. 1).
(16) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
(17) Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).
(18) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(19) Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 48).
(20) Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).
(21) Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 34).
(22) Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014 (IO L 202, 8.6.2021, lch. 32).
(23) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
(24) Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 470).
(25) IO C 241, 29.8.1994, lch. 9.
(26) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(27) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(28) Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (“an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(29) IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(30) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(31) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(32) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(33) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(34) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(35) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(36) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(37) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
IARSCRÍBHINN I
COMHTHÁSCAIRÍ MAIDIR LE TACAÍOCHT GHINEARÁLTA Ó SHRAITH CSE+ ATÁ FAOI BHAINISTÍOCHT ROINNTE
Tá sonraí pearsanta le miondealú de réir inscne (baineann, fireann, duine neamhdhénártha (1)).
Má tá torthaí áirithe ann nach bhfuil intugtha, ní gá sonraí i leith na dtorthaí sin a bhailiú nó a thuairisciú.
I gcás inarb iomchuí, is féidir comhtháscairí aschuir a thuairisciú bunaithe ar spriocghrúpa na hoibríochta.
1. |
Comhtháscairí aschuir a bhaineann le hoibríochtaí arb iad daoine a sprioc
|
2. |
Comhtháscairí aschuir maidir le heintitis Is iad seo comhtháscairí aschuir maidir le heintitis:
I gcás sonraí a bailíodh ó chláir nó foinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe náisiúnta a úsáid. |
3. |
Comhtháscairí toraidh láithreacha maidir le rannpháirtithe Is iad seo na comhtháscairí toraidh láithreacha maidir le rannpháirtithe:
Níl feidhm ag na táscairí a liostaítear faoin bpointe seo le tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l). I gcás sonraí a bailíodh ó chláir nó foinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe náisiúnta a úsáid. |
4. |
Comhtháscairí toraidh fadtéarmacha maidir le rannpháirtithe Is iad seo na comhtháscairí toraidh fadtéarmacha maidir le rannpháirtithe:
Níl feidhm ag na táscairí a liostaítear faoin bpointe seo le tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l). I gcás sonraí a bailíodh ó chláir nó foinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe náisiúnta a úsáid. Tuairisceofar comhtháscairí toraidh fadtéarmacha maidir le rannpháirtithe faoin 31 Eanáir 2026 i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus sa tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán sin. Mar íoscheanglas, beidh comhtháscairí toraidh fadtéarmacha maidir le rannpháirtithe bunaithe ar shampla ionadaíoch de na rannpháirtithe laistigh de chuspóirí sonracha a leagtar am in Airteagal 4(1), pointí (a) go (k). Tá bailíocht inmheánach an tsampla le háirithiú i gcaoi go bhféadfar na sonraí a ghinearálú ar leibhéal an chuspóra shonraigh. |
(1) De réir an dlí náisiúnta.
(*1) Is sonraí pearsanta iad na sonraí a thuairiscítear de réir Airteagal 4 (1) de Rialachán (AE) 2016/679.
(2) Ríomhfar an táscaire seo go huathoibríoch ar bhonn na gcomhtháscairí aschuir a bhaineann le stádas fostaíochta, cé is moite de thacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l), sa chás sin tá líon iomlán na rannpháirtithe le tuairisciú.
(*2) Is catagóir speisialta sonraí pearsanta iad na sonraí a thuairiscítear faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679.
(3) Níl feidhm ag an táscaire seo maidir le tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (l).
IARSCRÍBHINN II
COMHTHÁSCAIRÍ MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ CSE+ LENA nDÍRÍTEAR AR CHUIMSIÚ SÓISIALTA NA nDAOINE IS DÍOTHAÍ FAOIN gCUSPÓIR SONRACH A LEAGTAR AMACH IN AIRTEAGAL 4(1), POINTE (L), I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 7(5), AN CHÉAD FHOMHÍR
Tá gach sonra pearsanta le miondealú de réir inscne (mná, fir, daoine neamhdhénártha (1)).
1. |
Comhtháscairí aschuir a bhaineann le hoibríochtaí arb iad daoine a sprioc
|
(1) De réir an dlí náisiúnta.
(*1) Is sonraí pearsanta iad na sonraí a thuairiscítear de réir Airteagal 4 (1) de Rialachán (AE) 2016/679.
(*2) Is catagóir speisialta sonraí pearsanta iad na sonraí a thuairiscítear faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679.
IARSCRÍBHINN III
COMHTHÁSCAIRÍ MAIDIR LE TACAÍOCHT Ó CSE+ CHUN AGHAIDH A THABHAIRT AR DHÍTH ÁBHARTHA
1. |
Táscairí aschuir
|
2. |
Comhtháscairí toraidh
Déanfar luachanna na dtáscairí a liostaítear faoi phointe 2 a ríomh ar bhonn meastacháin fheasacha arna gcur ar fáil ag an tairbhí. |
(1) Níl feidhm ag na táscairí seo maidir le cúnamh bia a sholáthraítear go hindíreach le dearbháin nó le cártaí.
(2) Níl feidhm ag na táscairí seo maidir le hearraí a sholáthraítear go hindíreach le dearbháin nó le cártaí.
(3) Níl feidhm ag na táscairí seo maidir le cúnamh bia a sholáthraítear go hindíreach le dearbháin nó cártaí.
(*1) Féadfar sainmhínithe naisiúnta a úsáid.
IARSCRÍBHINN IV
TÁSCAIRÍ MAIDIR LE SRAITH EaSI
Táscairí maidir le sraith EaSI
— |
líon na ngníomhaíochtaí anailíseacha, |
— |
líon na ngníomhaíochtaí comhroinnte faisnéise agus foghlama frithpháirtí, |
— |
líon na tástála sóisialta, |
— |
líon na ngníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus líonraithe, |
— |
líon na socrúchán fostaíochta faoi na scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe. |
Ní bhaileofar sonraí don táscaire “líon na socrúchán fostaíochta faoi scéimeanna soghluaisteachta spriocdhírithe” ach gach dara bliain.
30.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 231/60 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1058 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2021
maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 177, agus Airteagail 178 agus 349 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear in Airteagal 176 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú. De bhun an Airteagail sin, agus faoin dara agus tríú mír d’Airteagal 174 CFAE, tá CFRE le rannchuidiú chun éagothromaíochtaí idir leibhéil fhorbartha na réigiún éagsúil, agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú, agus as na réigiúin sin, tá aird faoi leith le tabhairt ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha orthu, lena n-áirítear míbhuntáistí a eascraíonn as meath déimeagrafach, ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu, na n-oileán agus na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhe. |
(2) |
Cuireadh an Ciste Comhtháthaithe ar bun chun rannchuidiú leis an mórchuspóir arb é comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta, agus críochach an Aontais a neartú trí ranníocaíochtaí airgeadais a chur ar fáil i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán tras-Eorpach sa mhéid a bhaineann leis an mbonneagar iompair (TEN-T), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
(3) |
Le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) leagtar amach rialacha coiteanna is infheidhme do CFRE, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir, an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (“CEMID”), an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), an Ciste Slándála Inmheánaí (ISF), agus an ionstraim le haghaidh Tacaíocht airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IBTV), a fheidhmíonn faoi chreat coiteann. |
(4) |
Chun na rialacha a bhí infheidhme do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe araon a shimpliú le linn chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart gur in aon Rialachán amháin a leagfaí amach na rialacha is infheidhme don dá chiste. |
(5) |
Na prionsabail chothrománacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 10 CFAE, lena n-áirítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, ba cheart iad a urramú agus CRFE agus an Ciste Comhtháthaithe á gcur chun feidhme, ag cur san áireamh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do na Ballstáit urraim a thabhairt do na ceanglais a leagtar amach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas UNCRPD, mar aon le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i 2017, agus ba cheart dóibh rochtain a áirithiú chun teacht le hAirteagal 9 de UNCRPD, agus i gcomhréir le dlí an Aontais ina ndéantar comhchuibhiú ar na riachtanais rochtana a bhaineann le táirgí agus seirbhísí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe, i sineirgíocht le CSE+, a chur chun feidhme ar bhealach a chuireann chun cinn an t-aistriú ó chúram institiúideach go cúram teaghlachbhunaithe agus pobalbhunaithe agus ba cheart go saothrófaí a gcuspóirí d’fhonn rannchuidiú le poist ardcháilíochta a chruthú, an bhochtaineacht a dhíothú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún neamhionannais a dhíothú agus an comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus gné na hinscne a chomhtháthú, chomh maith le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chomhrac. Níor cheart do cheachtar den dá chiste tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le hidirdheighilt nó eisiamh d’aon chineál, agus, nuair a mhaoinítear bonneagar leo, ba cheart don dá chiste inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas a áirithiú. |
(6) |
Ba cheart cuspóirí CRFE agus an Chiste Chomhtháthaithe a shaothrú faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe agus mar chuid den chur chun cinn a dhéanann an tAontas ar an aidhm cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú mar a leagtar amach in Airteagal 11 agus Airteagal 191(1) CFAE, agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as á chur san áireamh. Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide chun teacht le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide a d’eascair as an 21ú Comhdháil de na Páirtithe arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a chur chun feidhme agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (“Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe”) a bhaint amach, rannchuideofar, leis an dá chiste, leis na gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach, arb é sin 30 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Chuige sin, meastar gur luach 30 % d’imchlúdach airgeadais iomlán CFRE do chuspóirí na haeráide a bheidh sna hoibríochtaí atá ann faoi CFRE. Meastar gur luach 37 % d’imchlúdach airgeadais iomlán an Chiste Chomhtháthaithe do chuspóirí na haeráide a bheidh sna hoibríochtaí atá ann faoin gCiste Comhtháthaithe. Thairis sin, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo rannchuidiú leis an uaillmhian 7,5 % den chaiteachas bliantúil a sholáthar faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do chuspóirí bithéagsúlachta sa bhliain 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027, agus an forluí atá ann idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á gcur san áireamh ag an am céanna. Leis an dá chiste, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramaítear caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus chomhshaoil de chuid an Aontais agus nach ndéantar aon dochar suntasach leo do na cuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus lena n-áirithítear an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, rud a chabhróidh le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart inneachar na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhtháite arna nglacadh faoi chuimsiú Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaithe Aeráide a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur san áireamh i gcláir CFRE agus i gcláir an Chiste Chomhtháthaithe. |
(7) |
Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, tá oibríochtaí CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe a théann chun tairbhe do ghnóthais le cloí le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair mar a leagtar amach in Airteagail 107 agus 108 CFAE iad. |
(8) |
Bunghné de chur chun feidhme CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe is ea prionsabal na comhpháirtíochta, ag tógáil ar chur chuige an rialachais il-leibhéal agus ag áirithiú go bhfuil údaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile, an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus, i gcás inarb iomchuí, eagraíochtaí taighde agus ollscoileanna, rannpháirteach. Le cur chun feidhme an dá chiste, ba cheart comhordú agus comhlántacht a áirithiú le CSE+, leis an gCiste um Aistriú Cóir, le CEMID agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). |
(9) |
Ní mór forálacha maidir le tacaíocht CFRE a bhunú faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (“Interreg”). |
(10) |
Chun cineálacha na ngníomhaíochtaí ar féidir leo tacaíocht a fháil ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe a shainaithint, ba cheart cuspóirí sonracha beartais a leagan síos i leith soláthar tacaíochta ón dá chiste, lena áirithiú go rannchuideoidh siad le ceann amháin ar a laghad de na comhchuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060. |
(11) |
Ós rud é gurb iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cnámh droma an gheilleagair Eorpaigh, le CFRE, ba cheart leanúint de bheith ag tacú le forbairt FBManna trí chur lena bhfás inbhuanaithe agus lena n-iomaíochas. De bhreis air sin, agus ag cur san áireamh tionchar phaindéim COVID-19, tionchar a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach, nó aon ghéarchéim eile a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach sa todhchaí agus a mbeadh tionchar aici ar ghnólachtaí agus ar fhostaíocht, leis an CFRE, ba cheart tacú le téarnamh ó chásanna géarchéime den sórt sin trí thacú le cruthú post i gcás FBManna, lena n-áirítear trí bhíthin infheistíochtaí táirgiúla. |
(12) |
Ba cheart d’infheistíochtaí faoi CFRE rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar líonra cuimsitheach bonneagair dhigitigh ardluais, agus le soghluaisteacht ilmhódach atá inbhuanaithe, saor ó thruailliú agus a leagann béim ar iompar poiblí, ar shoghluaisteacht chomhroinnte, ar shiúl agus ar rothaíocht a chur chun cinn, mar chuid den aistriú chuig an ngeilleagar carbóin glan-nialasach. |
(13) |
Chun deiseanna na ré digití a thapú, le CFRE, ba cheart rannchuidiú le sochaí dhigiteach chuimsitheach a fhorbairt, ina mbainfeadh saoránaigh, eagraíochtaí taighde, gnólachtaí agus riaracháin phoiblí lántairbhe as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an digitiú. Chun ríomhrialtas éifeachtach a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, is gá uirlisí a fhorbairt agus athmhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí eagrúcháin agus ar phróisis, chun seirbhísí poiblí a sholáthar ar bhealach níos éifeachtaí, níos éasca, níos tapa agus ar chostas níos ísle. Go háirithe, ba cheart teicneolaíochtaí digiteacha agus teileachumarsáide a úsáid chun líonraí agus seirbhísí traidisiúnta a fheabhsú chun tairbhe pobail áitiúla trí thionscadail amhail cathracha agus sráidbhailte cliste a fhorbairt. |
(14) |
Ba cheart tacaíocht ó CFRE faoi chuspóir beartais 1 (PO 1) a bheith bunaithe ar acmhainneachtaí a fhothú do straitéisí um speisialtóireacht chliste, a shocraíonn tosaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, nó ar an dá leibhéal, chun a mbuntáiste iomaíoch a mhéadú trí láidreachtaí taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus a mheaitseáil le riachtanais ghnó agus le scileanna riachtanacha trí phróiseas fionnachtana fiontraíochta. Ba cheart don phróiseas a chur ar chumas gníomhaithe fiontraíochta, lena n-áirítear eagraíochtaí tionscail, oideachais agus taighde, riaracháin phoiblí agus an tsochaí shibhialta, na réimsí sin is mó lena ngabhann deiseanna forbartha eacnamaíocha inbhuanaithe a shainaithint bunaithe ar shainstruchtúir agus bonn eolais réigiúin. Ós rud é go bhfuil próiseas rialachais na speisialtóireachta cliste ríthábhachtach do cháilíocht na straitéise, ba cheart, le CFRE, tacaíocht a chur ar fáil d’fhorbairt agus d’fheabhsú na n-acmhainneachtaí is gá chun próiseas fionnachtana fiontraíochta éifeachtúil a bhaint amach agus chun straitéisí um speisialtóireacht chliste a ullmhú nó a nuashonrú. |
(15) |
Chun gnóthú Aontas a bheidh aeráidneodrach faoi 2050 a chur chun cinn, agus aird chuí á tabhairt ar na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha a ghabhann léi, ba cheart, le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus le dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh. Sa chomhthéacs sin, bheadh tábhacht ar leith ag baint le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear scéimeanna coigilte fuinnimh, san fhuinneamh inathnuaite inbhuanaithe i gcomhréir leis na gcritéir inbhuanaitheachta a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), i gcórais chliste fuinnimh chomh maith le hinfheistíochtaí arb é is aidhm dóibh tubaistí a chosc, an bhithéagsúlacht agus an bonneagar glas a chur chun cinn, lena n-áirítear limistéir nádúrtha faoi chosaint a chaomhnú agus a luacháil agus aird a tharraingt orthu, agus bearta eile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, amhail limistéir nádúrtha lena mbaineann ardphoitéinseal ionsúite agus stórála carbóin a chaomhnú agus a athchóiriú, lena n-áirítear trí mhóinteáin a athfhliuchadh, gás láithreáin líonta a ghabháil nó trí astaíochtaí ó phróisis nó táirgí tionsclaíocha a laghdú. Ina theannta sin, ba cheart tacú le hinfheistíochtaí arb é is aidhm dóibh gach cineál truaillithe, amhail truailliú aeir, uisce, ithreach, torainn agus solais, a laghdú. |
(16) |
Is gá pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ina leagtar amach na beartais agus na bearta agus lena dtugtar aghaidh ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, a chur san áireamh agus cláir á n-ullmhú arna gcómhaoiniú ag CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe. D’fhonn rannchuidiú le cuspóirí náisiúnta a bhaint amach chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú, ar cuspóirí iad a leagtar amach i bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhtháite, le CFRE, ba cheart tacú go háirithe le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh i dtithíocht agus i bhfoirgnimh i gcomhréir le Treoir leasaithe (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) chun rannchuidiú le stoc foirgneamh atá dícharbónaithe a bhaint amach faoi 2050, agus ar an gcaoi sin, déanfar tomhaltas fuinnimh a laghdú agus déanfar airgead a shábháil i dteaghlaigh a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh. |
(17) |
Chun feabhas a chur ar nascacht iompair, le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, ba cheart forbairt ghréasán thras-Eorpaigh iompair, dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh 1315/2013, a chur chun cinn, trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar d’iompar d’iarnród, iompar ar uiscebhealaí intíre, iompar de bhóthar, iompar muirí agus iompar ilmhódach, lena n-áirítear bearta laghdaithe torainn. Le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, ba cheart tacú leis an tsoghluaisteacht náisiúnta, réigiúnach, áitiúil, trasteorann agus uirbeach freisin. Agus an méid sin á dhéanamh, leis an dá chiste, ba cheart aird a thabhairt ar shábháilteacht a fheabhsú, go háirithe, i gcás na ndroichead agus na dtollán atá ann cheana. |
(18) |
Nuair atá síorfhás ar na naisc ar fud an domhain, agus i bhfianaise na dinimice atá sa déimeagrafaíocht agus san imirce, is léir go dteastaíonn cur chuige coiteann ó bheartas imirce an Aontais a bheidh ag brath ar na sineirgí agus ar an gcomhlántacht atá sna hionstraimí maoinithe éagsúla. Dá bhrí sin, leis an CFRE, ba cheart aird a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus cláir á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme. Má tá tacaíocht chomhleanúnach láidir chomhsheasmhach le bheith ann do na hiarrachtaí ar dhlúthpháirtíocht i gcomhroinnt na bhfreagrachtaí idir na Ballstáit ag bainistiú na himirce dóibh, le CFRE, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil, ar an leibhéal críochach is iomchuí, chun lánpháirtiú cuimsitheach, fadtéarmach náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear imircigh, a éascú ar mhaithe le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch, trí chur chuige a ghlacadh atá dírithe ar a ndínit agus a gcearta a chosaint. |
(19) |
Chun nuálaíocht shóisialta agus rochtain chuimsitheach ar fhostaíocht ar ardcháilíocht a chur chun cinn, leis an CFRE, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil d’eintitis an “geilleagar sóisialta” amhail comharchumainn, cumainn fhrithpháirteacha, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus fiontair shóisialta. |
(20) |
Chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus chun bochtaineacht a chomhrac, i measc pobal imeallaithe go háirithe, is gá rochtain ar sheirbhísí sóisialta, oideachais, cultúrtha agus áineasa, lena n-áirítear spóirt, a fheabhsú, lena n-áirítear tríd an mbonneagar, agus riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas, leanaí agus daoine scothaosta á gcur san áireamh freisin. |
(21) |
Le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe ba cheart cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar chreat beartais straitéiseach Náisiúnta um chuimsiú na Romach dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ina leagtar amach bearta maidir le lánpháirtíocht, teaghlaigh ar ioncam íseal, lena n-áirítear teaghlaigh atá i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta, agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu. Go háirithe, ag teacht le prionsabal 19 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart go mbeadh an CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe, in ann tacú le soláthar tithíochta sóisialta. Agus na dúshláin atá ag pobail Romacha imeallaithe ó thaobh rochtain ar sheirbhísí bunúsacha á gcur san áireamh, ba cheart go bhféadfadh CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe rannchuidiú le feabhas a chur ar a ndálaí maireachtála agus ar a n-ionchais forbartha. |
(22) |
Chun ullmhacht a neartú le haghaidh cianoideachais agus oideachas agus oiliúint ar líne atá cuimsitheach ar bhonn sóisialta, ba cheart go rannchuideofaí le hathléimneacht a chothú don chianfhoghlaim agus don fhoghlaim ar líne, go háirithe, le CFRE ina chúram chun feabhas a chur ar rochtain chomhionann ar sheirbhísí cuimsitheacha agus ardcháilíochta san oideachas, san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Na hiarrachtaí chun leanúnachas san oideachas agus san oiliúint a áirithiú le linn phaindéim COVID-19, nocht siad easnaimh thábhachtacha sa rochtain ar threalamh teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus ar an nascacht is gá ag foghlaimeoirí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste agus i réigiúin iargúlta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, le CFRE, tacú le trealamh TFC agus nascacht a chur ar fáil, rud a chothódh athléimneacht na gcóras oideachais agus oiliúna faoi choinne cianfhoghlama agus fhoghlaim ar líne. |
(23) |
Chun acmhainneacht na gcóras sláinte poiblí a neartú chun éigeandálaí sláinte a chosc agus chun freagairt dóibh agus teacht astu go tapa, le CFRE, ba cheart rannchuidiú le hathléimneacht na gcóras sláinte freisin. De bhreis air sin, toisc gur nocht paindéim COVID-19 a thábhachtaí atá sé soláthairtí criticiúla a bheith ar fáil láithreach chun freagairt go héifeachtach ar staid éigeandála, ba cheart raon feidhme na tacaíochta ó CFRE a leathnú le gur féidir na soláthairtí atá ag teastáil a cheannach chun athléimneacht ó thubaistí agus athléimneacht na gcóras sláinte a neartú, lena n-áirítear an cúram príomhúil, agus chun an t-aistriú ón gcúram institiúideach go dtí an cúram teaghlachbhunaithe agus pobalbhunaithe a chur chun cinn. Agus soláthairtí á gceannach chun athléimneacht na gcóras sláinte a neartú, ba cheart dóibh a bheith comhsheasmhach le straitéis na sláinte náisiúnta agus gan dul níos faide ná an straitéis sin agus ba cheart comhlántachtaí a áirithiú leis an gClár EU4Health arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), mar aon le hinniúlachtaí rescEU faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
(24) |
Le CFRE, ba cheart tacú leis an aistriú ó chúram institiúideach go cúram teaghlachbhunaithe nó pobalbhunaithe agus é a chur chun cinn, trí thacaíocht a thabhairt do shaoráidí lena bhféachfaí le deighiltí ón bpobal a chosc, lena n-éascófaí lánpháirtiú daoine sa tsochaí agus lena bhféachfaí le dálaí maireachtála neamhspleácha a áirithiú. |
(25) |
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cuspóir sonrach tiomnaithe chun tacú leis na geilleagair réigiúnacha atá an-spleách ar na hearnálacha turasóireachta agus cultúrtha. Leis sin, d’fhéadfaí lánleas a bhaint as an gcultúr agus as an turasóireacht inbhuanaithe le haghaidh téarnamh eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus nuálaíocht shóisialta, gan dochar do na féidearthachtaí chun tacaíocht a sholáthar ó CFRE do na hearnálacha sin faoi chuspóirí sonracha eile. |
(26) |
D’fhéadfaí infheistíochtaí chun tacú le tionscail chruthaitheacha agus chultúrtha, seirbhísí cultúrtha agus láithreáin oidhreachta cultúrtha a mhaoiniú faoi aon chuspóir beartais ar choinníoll go rannchuidíonn siad leis na cuspóirí sonracha agus go dtagann siad faoi réim feidhme na tacaíochta ó CFRE. |
(27) |
Maidir le turasóireacht inbhuanaithe, is gá cothromaíocht idir inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta, chultúrtha agus chomhshaoil. Ba cheart an cur chuige maidir le tacaíocht a thabhairt do thurasóireacht inbhuanaithe a bheith i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2007 dar teideal “Clár oibre do thurasóireacht Eorpach inbhuanaithe agus iomaíoch”. Go háirithe, ba cheart leas turasóirí a chur san áireamh leis, an comhshaol nádúrtha agus cultúrtha a urramú agus forbairt shocheacnamaíoch agus iomaíochas na gceann scríbe agus na ngnólachtaí a áirithiú trí chur chuige beartais comhtháite agus iomlánaíoch. |
(28) |
Chun tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát agus na réigiún aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus ardleibhéal slándála a áirithiú dá gcuid saoránach, chomh maith le cosc an imeallaithe agus an radacaithe, ag brath dóibh ar na sineirgí agus ar an gcomhlántacht le beartais eile de chuid an Aontais, ba cheart d’infheistíochtaí faoi CFRE a bheith ag rannchuidiú leis an tslándáil i limistéir inar gá spásanna poiblí atá slán sábháilte agus bonneagar éigeandála a áirithiú, iompar agus fuinneamh mar shampla, agus ar an gcaoi sin, cabhrú le sochaithe níos cuimsithí, sábháilte a fhorbairt. |
(29) |
Le CFRE, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil faoi chuspóir beartais 5 (PO 5) ar bhealach comhtháite don fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a bheidh bunaithe ar straitéisí críochacha trasearnála agus úsáid á baint as uirlisí comhtháite forbartha críochaí chun forbairt chomhchuí limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha araon a áirithiú. Ina theannta sin, agus limistéir uirbeacha á bhforbairt, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thacú le limistéir uirbeacha fheidhmiúla i ngeall ar a thábhachtaí atá siad chun comhar a spreagadh idir údaráis áitiúla agus comhpháirtithe thar theorainneacha riaracháin mar aon le naisc uirbeacha-thuaithe a neartú. |
(30) |
Ba cheart do CFRE tacú le turasóireacht inbhuanaithe ar bhealach comhtháite, go háirithe tríd an gcomhar a neartú laistigh de chríocha feidhmiúla. Chun tionchar na turasóireachta inbhuanaithe ar an ngeilleagar a mhéadú, ba cheart d’fhiontair agus údaráis phoiblí comhoibriú go córasach chun seirbhísí ardcháilíochta a sholáthar ar bhealach níos éifeachtúla i limistéir a bhfuil ardacmhainneacht turasóireachta ag gabháil leo, agus aird chuí á tabhairt ar thimpeallacht dhlíthiúil agus riaracháin atá cobhsaí a chruthú agus a bheidh fabhrach d’fhás inbhuanaithe sna limistéir sin. D’fhéadfaí dea-chleachtais i réimse na turasóireachta inbhuanaithe, amhail cur chuige an “ceantar turasóireachta”, a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí sa réimse seo a bhfuil tacaíocht á fáil acu. |
(31) |
De bharr sprioc ghinearálta an Chiste Chomhtháthaithe de réir na forála atá ann di in CFAE, maidir leis na cuspóirí beartais lena bhfuil an Ciste Comhtháthaithe le tacú, is gá iad a leagan amach agus teorainn a chur leo. |
(32) |
Chun feabhas a chur ar acmhainneacht fhoriomlán riaracháin na n-institiúidí agus ar rialachas i gcláir cur chun feidhme na mBallstát faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, is gá bearta tacaíochta a chur i bhfeidhm d’údaráis chláir agus do ghníomhaithe earnála agus críochacha atá freagrach as gníomhaíochtaí a dhéanamh atá ábhartha maidir le cur chun feidhme CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe faoi na cuspóirí sonracha uile atá á saothrú agus na prionsabail chothrománacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/1060, lena n-áirítear Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, á gcur san áireamh. |
(33) |
D’fhonn bearta comhoibre a spreagadh agus a chur chun bisigh laistigh de na cláir atá á gcur chun feidhme faoin Infheistíocht i sprioc na bpost agus an fháis, is gá na bearta comhoibre idir na páirtithe a chothú laistigh de Bhallstát faoi leith, nó idir Ballstáit éagsúla, i gcoibhneas le tacaíocht a sholáthraítear faoi na cuspóirí sonracha ar fad. Is rud breise é an comhoibriú sin anuas ar an gcomhoibriú faoi Interreg, agus thar aon ní ba cheart dó tacú le comhoibriú idir páirtithe struchtúrtha d’fhonn straitéisí réigiúnacha a chur chun feidhme faoi mar a thagraítear dóibh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Iúil 2017 dar teideal Strengthening Innovation in Europe’s Regions: Strategies for resilient, inclusive and sustainable growth [Neartú na nuálaíochta i réigiúin na hEorpa: Straitéisí don fhás cuimsitheach, inbhuanaithe, athléimneach]. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh comhpháirtithe teacht as aon réigiún san Aontas, ach d’fhéadfaí a áireamh ar na réigiúin sin réigiúin trasteorann agus réigiúin a chumhdaítear le Grúpáil Eorpach um Chomhar Críochach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), le straitéis mhacrairéigiúnach nó imchuach farraige nó cumasc den dá chineál straitéisí seo. |
(34) |
Ba cheart go bhféadfaí cuid de na héagothromaíochtaí móra réigiúnacha atá san Aontas a leigheas a bhuí le CFRE, agus an mí-ionannas sna leibhéil forbartha i réigiúin éagsúla a laghdú, mar aon le cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla, ar a n-áirítear réigiúin ar dúshlán dóibh gealltanais dícharbónaithe, agus ar an mbealach sin, chuirfí leis an athléimneacht réigiúnach. Ba cheart, dá bhrí sin, tacaíocht CFRE faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis a chur i dtreo phríomhthosaíochtaí an Aontais, i gcomhréir leis na cuspóirí beartais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1060. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht ó CFRE a chur i dtreo na gcuspóirí beartais d’Eoraip a bheadh níos iomaíche agus níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste agus nascacht réigiúnach TFC a chur chun cinn agus d’Eoraip a bheadh athléimneach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar carbóin glan-nialasach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe. Na hacmhainní a thiomnaítear don tsoghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe agus d’infheistíocht leathanbhanda, d’fhéadfaí iad a chur san áireamh go páirteach agus comhlíonadh na gceanglas maidir le díriú téamach á ríomh. Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh ina gComhaontuithe Comhpháirtíochta an gcomhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le díriú téamach ar leibhéal na catagóire réigiúin nó ar an leibhéal náisiúnta don chlárthréimhse ina hiomláine. Ba cheart don trí ghrúpa Ballstát a chuirtear le chéile de réir a n-ollioncaim náisiúnta díriú téamach ar an leibhéal náisiúnta a bhunú agus ba cheart solúbthacht a fhágáil ar leibhéal na gclár aonair. Ós rud é go bhféadfadh an tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe rannchuidiú freisin leis an díriú téamach, ba cheart na coinníollacha a bhaineann le ranníocaíocht den sórt sin a leagan amach. Ina theannta sin, an mhodheolaíocht a bheidh ann le rangabháil a dhéanamh ar na Ballstáit, ba cheart í a leagan amach ar bhealach mionsonraithe, agus cás sonrach na réigiún is forimeallaí agus na réigiún tuaisceartach is teirce daonra a chur san áireamh. |
(35) |
D’fhonn an tacaíocht a dhíriú i dtreo na dtosaíochtaí is tábhachtaí atá ag an Aontas, is iomchuí chomh maith urraim a thabhairt do na ceanglais maidir le díriú téamach i rith na clárthréimhse, agus aistriú idir tosaíochtaí laistigh de chlár amháin nó idir cláir éagsúla a chur san áireamh. |
(36) |
Ionas go mbeidh sé ar chumas CFRE tacaíocht a chur ar fáil faoi Interreg don infheistíocht sa bhonneagar agus d’infheistíochtaí gaolmhara a bhaineann leo , mar aon le hoiliúint agus gníomhaíochtaí lánpháirtithe, ní mór a fhoráil gur cheart go mbeadh CFRE in ann tacaíocht a sholáthar freisin do ghníomhaíochtaí faoi chuspóirí sonracha CSE+, arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). |
(37) |
Chun acmhainní teoranta a dhíriú ar an mbealach is éifeachtúla, ba cheart tacaíocht CFRE a thabhairt d’infheistíochtaí táirgiúla faoi chuspóir sonrach cuí, agus ba cheart don tacaíocht sin a bheith teoranta do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide laistigh de bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (14), cé is moite d’infheistíochtaí sonracha arna leagan amach sa Rialachán seo. |
(38) |
I gcomhthéacs na tacaíochta CFRE d’infheistíochtaí táirgiúla, is tráthúil a shoiléiriú gur cheart infheistíocht tháirgiúil a thuiscint mar infheistíocht i gcaipiteal seasta nó sócmhainní neamhábhartha fiontar, d’fhonn earraí agus seirbhísí a tháirgeadh agus rud a chuirfidh, ar an gcaoi sin, leis an oll-infheistíocht agus le fostaíocht. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin go bhféadfadh CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe tacú le hinfheistíochtaí i bhfiontair nach FBManna iad, faoi choinníollacha áirithe. Thairis sin, bunaithe ar an taithí a fuarthas le linn clárthréimhsí roimhe seo, le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, ba cheart tacú freisin le hinfheistíochtaí i bhfiontair nach FBManna iad, lena n-áirítear i bhfóntais áirithe, i gcás ina mbaineann siad le hinfheistíocht i mbonneagar lena n-áirithítear rochtain ar sheirbhísí atá ar fáil don phobail i réimse an fhuinnimh, an chomhshaoil agus na bithéagsúlachta, an iompair agus na nascachta digití. |
(39) |
Leis an Rialachán seo, ba cheart na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a leagan amach arbh fhéidir tacaíocht a thabhairt do na costais a ghabhann leo trí bhíthin infheistíochtaí ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe, faoi gach cuspóir dá gcuid faoi seach de réir mar a leagtar amach in CFAE iad, agus lena n-áirítear sluachistiúchán. Ba cheart go mbeadh an Ciste Comhtháthaithe in ann tacú le hinfheistíochtaí in TEN-T agus sa chomhshaol, lena n-áirítear infheistíochtaí a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe agus le fuinneamh a bhfuil tairbhí comhshaoil ag baint leis. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, leis an gCiste Comhtháthaithe, go mbeifí in ann tacú freisin le haisfheistiú comhcheangailte fuinnimh agus seismeach. Maidir le CFRE, ba cheart go gcuirfí san áireamh le liosta na ngníomhaíochtaí riachtanais forbartha sonraí náisiúnta agus réigiúnaí mar aon le hacmhainneacht inginiúla agus ba cheart é a shimpliú. , Ba cheart go bhféadfaí, le CFRE, tacú le hinfheistíochtaí sa bhonneagar, lena n-áirítear do bhonneagar agus saoráidí taighde agus nuálaíochta gnó do FBManna, tithíocht do chomhphobail imeallacha agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste, teaghlaigh ar ioncam íseal agus imircigh, cultúr agus oidhreacht, turasóireacht inbhuanaithe agus seirbhísí d’fhiontair, infheistíochtaí i ndáil le rochtain ar sheirbhísí, le béim ar leith ar phobail faoi mhíbhuntáiste, imeallacha agus leithscartha, infheistíochtaí táirgiúla in FBManna, i dtrealamh, i mbogearraí agus i sócmhainní doláimhsithe, mar aon le bearta maidir le faisnéis, cumarsáid, staidéir, líonrú, comhar, malartú taithí idir comhpháirtithe agus gníomhaíochtaí a bhaineann le cnuasaigh. Chun tacú le cur chun feidhme an chláir, ba cheart freisin go bhféadfadh an dá chiste tacú le gníomhaíochtaí um chúnamh teicniúil. Ar deireadh, chun tacaíocht a chur ar fáil do raon níos leithne idirghabhálacha do chláir Interreg, ba cheart cur leis an raon feidhme chun go gcuirfear san áireamh raon leathan áiseanna agus acmhainní daonna, mar aon le costais a bhaineann le bearta laistigh de raon feidhme CSE+. |
(40) |
Maidir le tionscadail an ghréasán thras-Eorpaigh iompair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), táthar le leanúint de mhaoiniú na dtionscadal ón gCiste Comhtháthaithe trí bhainistíocht roinnte agus trí mhodh an chur chun feidhme dhírigh araon faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa arna bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (“Rialachán SCE le haghaidh 2021-2027”). |
(41) |
San am céanna, is den tábhacht soiléiriú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin atá lasmuigh de raon feidhme CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe, ar a n-áirítear infheistíochtaí dar sprioc laghdú a chur ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ó na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), chun dúbailt a sheachaint ar mhaoiniú atá ar fáil cheana mar chuid den Treoir sin, agus infheistíochtaí i ngnóthais atá i gcruachás, mar a shainmhínítear iad in Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (17) mura dtugtar údarú do na hinfheistíochtaí sin faoi chabhair de minimis nó faoi rialacha státchabhrach sealadacha a bunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla. Le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, níor cheart go dtacódh ceachtar den dá chiste le hinfheistíocht áirithe in aerfoirt, i saoráidí chun dramhaíl a chur i líonadh talún agus i gcóireáil dramhaíola iarmharaí ná i mbreoslaí iontaise ach an oiread. Dá bhrí sin, le CFRE, ba cheart go mbeifí in ann tacú le bearta spriocdhírithe maolaithe comhshaoil agus le bearta slándála agus sábháilteachta in aerfoirt réigiúnacha ar choinníoll go ndéanfaí príomhchuspóir na n-infheistíochtaí a shainaithint i dtéarmaí caighdeáin chomhshaoil, slándála nó sábháilteachta an Aontais agus go mbeadh sé i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair. I gcás infheistíochtaí lena ndéanfaí acmhainneacht na saoráidí maidir le dramhaíl iarmharach a chóireáil a mhéadú, ba cheart a thuiscint gurb ionann dramhaíl iarmharach go príomha agus dramhaíl chathrach nach mbailítear ar bhonn deighilte agus ábhair a diúltaíodh ón gcóireáil dramhaíola. D’fhéadfaí tacú le líonraí le haghaidh téamh ceantair a nuachóiriú d’fhonn éifeachtúlacht fuinnimh córais téimh ceantair éifeachtúla a fheabhsú, mar a shainmhínítear i dTreoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), de bhun na gcuspóirí a leagtar síos sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhtháite. D’fhonn fuinneamh inathnuaite a chur chun cinn, d’fhéadfaí tacaíocht a chur ar fáil do choirí téimh ceantair arna soláthar ag cumasc de ghás agus d’fhoinsí inathnuaite fuinnimh. I gcásanna den sórt sin, ba cheart nasc pro rata a bheith ann idir tacaíocht ón dá chiste agus sciar an ionchuir ó fhuinneamh inathnuaite sna coirí sin. Ina theannta sin, maidir leis na tíortha agus na críocha thar lear atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le CFAE, is ceart a leagan amach go follasach nach bhfuil na tíortha agus na críocha sin i dteideal tacaíocht ó CFRE ná ón gCiste Comhtháthaithe. |
(42) |
Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a chur chuig an gCoimisiún go rialta faoin dul chun cinn atá déanta, agus is iad na táscairí coiteanna aschuir agus toraidh atá leagtha amach in Iarscríbhinn I is ceart a úsáid chuige sin. D’fhéadfaí na táscairí coiteanna aschuir agus toraidh a chomhlánú, i gcás inarb ábhartha, le táscairí aschuir agus toraidh a bhaineann le cláir faoi leith. An fhaisnéis a chuireann Ballstáit ar fáil, sin é an bonn ba cheart a bheith faoin tuairisciú a dhéanann an Coimisiún chun cuspóirí sonracha a chur i gcrích le linn na clárthréimhse ar fad, ag úsáid croí-thacar táscairí dóibh a leagtar amach in Iarscríbhinn II. |
(43) |
De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (19), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar CFRE agus ar an gCiste Comhtháthaithe ar bhonn faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha agus, san am céanna, ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an dá chiste ar an talamh. |
(44) |
Faoi chreat rialacha ábhartha an Chomhshocruithe Cobhsaíochta agus Fáis, mar a soiléiríodh sa Chód Iompair, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh ar sholúbthacht bhreise don chaiteachas struchtúrach poiblí nó comhionann, lena dtacaíonn an riarachán poiblí trí bhíthin cómhaoiniú ar infheistíochtaí arna ngníomhachtú mar chuid de CFRE agus den Chiste Comhtháthaithe. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar iarraidh den sórt sin i gcomhréir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus leis an gCód Iompair. |
(45) |
Le CFRE, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ag ceantair faoi mhíbhuntáiste, go háirithe limistéir thuaithe agus limistéir a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha ag baint leo, lena n-áirítear meath déimeagrafach, rochtain ar sheirbhísí bunúsacha, lena n-áirítear seirbhísí digiteacha, agus a dtarraingteacht le haghaidh infheistíochta a fheabhsú, lena n-áirítear trí infheistíochtaí gnó agus nascacht le margaí móra. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart le CRFE, aird a thabhairt ar dhúshláin shonracha forbartha a bhíonn ag réigiúin oileánacha, teorann nó sléibhe áirithe. Ina theannta sin, le CFRE, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na deacrachtaí sonracha atá ag limistéir NUTS leibhéal 3 agus ag leibhéal an aonaid riaracháin áitiúil, faoi mar a thagraítear dó i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), is teirce daonra, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointe 161 de na Treoirlínte maidir le Státchabhair Réigiúnach 2014-2020, eadhon na limistéir sin ag a bhfuil dlús daonra níos lú ná 12,5 áitritheoir in aghaidh an chiliméadair chearnaigh, nó limistéir ar tháinig meánlaghdú bliantúil 1 %, ar a laghad, ar a ndaonra in imeacht na tréimhse 2007-2017. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le pleananna gníomhaíochta sonracha deonacha a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil do na limistéir sin chun dul i ngleic leis na dúshláin daonra sin. |
(46) |
Chun an rannchuidiú le dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí le dúshláin eacnamaíocha, dhéimeagrafacha, chomhshaoil agus shóisialta a uasmhéadú go háirithe i gceantair atá faoi mhíbhuntáistí nádúrtha nó déimeagrafacha, mar a fhoráiltear in Airteagal 174 CFAE, ba cheart gníomhaíochtaí i réimse na forbartha críochaí a bhunú ar straitéisí críochacha comhtháite i gceantair uirbeacha agus pobail tuaithe agus aird á tabhairt ar naisc uirbeacha-thuaithe. Dá bhrí sin, ba cheart an tacaíocht ó CFRE a thabhairt trí na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus rannpháirtíocht iomchuí na n-údarás áitiúil, réigiúnach agus uirbeach á háirithiú, mar aon le rannpháirtíocht comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí neamh-rialtais. Ba cheart go mbeadh straitéisí críochacha in ann tairbhiú freisin ó chur chuige ilchiste agus comhtháite, a mbeadh baint ag CFRE, CSE+, CEMID agus CETFT leis. |
(47) |
Chun athléimneacht pobail i limistéir thuaithe agus a ndálaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a fheabhsú, ba cheart tacaíocht ó CFRE a úsáid chun tionscadail amhail sráidbhailte cliste a fhorbairt, dá dtagraítear sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar tuaithe, sléibhtiúla agus iargúlta, go háirithe trí dheiseanna nua a fhorbairt, amhail seirbhísí díláraithe agus réitigh fuinnimh, teicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíochtaí. |
(48) |
Faoi chreat na forbartha inbhuanaithe uirbí, meastar gur gá tacú le gníomhaíochtaí comhtháite chun dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí leis na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide, dhéimeagrafacha agus shóisialta a théann i gcion ar limistéir uirbeacha, lena n-áirítear limistéir uirbeacha feidhme, agus an gá chun naisc uirbeacha-thuaithe a chur chun cinn á chur san áireamh. D’fhéadfadh tacaíocht a dhírítear ar limistéir uirbeacha a bheith i bhfoirm cláir nó tosaíochta ar leithligh agus ba cheart go mbeadh an tacaíocht sin in ann tairbhe a bhaint as cur chuige ilchiste. Na prionsabail atá ann chun na limistéir uirbeacha a roghnú ina mbeidh gníomhaíochtaí comhtháthaithe le haghaidh forbartha inbhuanaithe uirbí a chur chun feidhme, agus na suimeanna táscacha do na gníomhaíochtaí sin, ba cheart iad a leagan amach sna cláir faoin sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, agus sprioc nach lú ná 8 % d’acmhainní CFRE a leithdháileadh ar an leibhéal náisiúnta chun na críche sin. Ba cheart a shuí freisin go ndéanfar an céatadán sin a urramú i rith na clárthréimhse ar fad i gcás aistriú idir tosaíochtaí laistigh de chlár nó idir cláir, lena n-áirítear ag an athbhreithniú meántéarma. |
(49) |
Chun réitigh a shainaithint nó a sholáthar a thugann aghaidh ar cheisteanna a bhaineann le forbairt comhshaoil inbhuanaithe ar leibhéal an Aontais, ba cheart Tionscnamh Uirbeach Eorpach a chur in ionad na nGníomhaíochtaí Uirbeacha Nuálacha i réimse na forbartha uirbí inbhuanaithe, rud a chuirfí chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach. Ba cheart don tionscnamh sin gach limistéar uirbeach a chlúdach, lena n-áirítear limistéir uirbeacha fheidhmiúla, agus tacú leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach. Chun rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil sna comhpháirtíochtaí téamacha faoin gClár Oibre Uirbeach a spreagadh, ba cheart, le CFRE, tacú le costais eagraíochtúla a bhaineann le rannpháirtíocht den sórt sin. D’fhéadfaí go n-áiritheofaí sa tionscnamh sin comhar idir-rialtais maidir le hábhair uirbeacha, go háirithe comhar atá dírithe ar fhothú acmhainneachta chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit agus na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a bheith rannpháirteach go gníomhach i mbainistiú agus i gcur chun feidhme an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh. Ar na gníomhaíochtaí arna gcomhaontú faoi shamhail bhainistithe d’fhéadfaí malartú d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla a áireamh. Leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh, ba cheart naisc uirbeacha-thuaithe laistigh de limistéir uirbeacha fheidhmiúla a chur chun cinn. Tá tábhacht ar leith le comhar leis an nGréasán Eorpach um Fhorbairt Tuaithe i ndáil leis an méid sin. |
(50) |
Ba cheart tráchtálú agus uas-scálú tionscadal nuálaíochta idir-réigiúnacha a chur chun cinn ar fud chríoch iomlán an Aontais trí na hinfheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha atá le bainistiú ag an gCoimisiún. Agus tacaíocht á tabhairt do thionscadail nuálaíochta i réimsí speisialtóireachta cliste, lena n-áirítear treoirthionscadail agus bearta forbartha acmhainneachtaí, rachaidh siad chun tairbhe na réigiún beagfhorbartha, cuirfidh siad lena n-éiceachórais nuálaíochta agus lena n-acmhainneacht iad féin a chomhtháthú i slabhraí luacha móra an Aontais. Ba cheart dóibh freisin rannchuidiú le cur chun feidhme na teachtaireachta ón gCoimisiún an 18 Iúil 2017 dar teideal Strengthening Innovation in Europe’s Regions: Strategies for resilient, inclusive and sustainable growth [An Nuálaíocht i Réigiúin na hEorpa a Neartú: Straitéisí don fhás athléimneach, cuimsitheach agus inbhuanaithe], go háirithe chun tacú le hardáin théamacha don speisialtóireacht chliste le haghaidh réimsí ríthábhachtacha. |
(51) |
Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí, is é sin bearta a ghlacadh faoi Airteagal 349 CFAE ina bhfuil foráil le haghaidh leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí i gcoinne na gcostas breise a bhíonn ar na réigiúin sin de bharr ceann nó cuid de na bacainní buana a dtagraítear dóibh in Airteagal 349 CFAE, mar atá an iargúltacht, an t-oileánachas, easpa méide, deacrachtaí topagrafaíochta agus aeráide, spleáchas eacnamaíoch ar líon beag táirgí, deacrachtaí buana a chuireann bac agus laincis mhór ar an bhforbairt sna réigiúin sin le chéile. Leis an leithdháileadh sin, ba cheart go mbeifí in ann infheistíochtaí a chlúdach, mar aon le costais oibriúcháin agus le hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhfuil sé mar aidhm leo costais bhreise a shú, ar costais iad a bhíonn ann de thoradh na mbac sin. Le cúnamh oibriúcháin, ba cheart go mbeifí in ann costas seirbhísí iompair lastais a chlúdach, agus cúnamh tús saoil le haghaidh seirbhísí iompair, mar aon le caiteachas ar oibriúcháin atá nasctha le srianta stórála, le rómhéid agus le cothabháil na n-uirlisí táirgeachta, agus leis an easpa caipitil dhaonna sa mhargadh áitiúil. Níor cheart an leithdháileadh sin a bheith faoi réir na gceanglas maidir le díriú téamach. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, agus faoi mar atá i gcás na n-oibríochtaí ar fad atá á gcómhaoiniú le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, ba cheart go gcomhlíonfadh tacaíocht ar bith de chuid CFRE atá ann don mhaoiniú ar chúnamh oibríochta agus infheistíochta sna réigiúin is forimeallaí na rialacha maidir le státchabhair faoi mar a leagtar amach iad in Airteagail 107 agus 108 CFAE. |
(52) |
Chun gur féidir mearfhreagairt a thabhairt ar imthosca eisceachtúla agus neamhghnácha dá dtagraítear sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na clárthréimhse, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún d’fhonn bearta sealadacha a ghlacadh chun úsáid na tacaíochta ó CFRE a éascú mar fhreagairt ar na himthosca sin. Ba cheart don Choimisiún na bearta is iomchuí a ghlacadh i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha ina bhfuil Ballstáit agus cuspóirí an chiste á gcaomhnú ag an am céanna. Thairis sin, ba cheart na cinntí cur chun feidhme maidir le beart sealadach chun CFRE a úsáid mar fhreagairt ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha a ghlacadh gan nósanna imeachta coiste ós rud é gurb é an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a chinneann raon feidhme an chur i bhfeidhm agus go bhfuil sé teoranta don bheart a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart agus measúnú a dhéanamh ar a n-oiriúnacht. |
(53) |
Chun cuid de na heilimintí neamhriachtanacha atá sa Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le coigeartuithe a dhéanamh, áit a bhfuil údar leis sin, ar Iarscríbhinn II ina leagtar amach liosta táscairí a úsáidtear mar bhonn le faisnéis a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar fheidhmíocht na gclár. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(54) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú trí cheartú na bpríomh-mhícothromaíochtaí san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus de bharr mhéid na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla agus an tsriain atá le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(55) |
I bhfianaise ghlacadh an Rialacháin seo tar éis thús na clárthréimhse, agus ag cur san áireamh gur gá CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe araon a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe agus comhchuibhithe, agus chun go bhféadfar é a chur chun feidhme go pras, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CLÁR NA nÁBHAR
CAIBIDIL I |
FORÁLACHA COITEANNA | 71 |
Airteagal 1 |
Ábhar | 71 |
Airteagal 2 |
Cúraimí CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe | 71 |
Airteagal 3 |
Cuspóirí sonracha do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe | 71 |
Airteagal 4 |
Díriú téamach thacaíocht CFRE | 73 |
Airteagal 5 |
Raon feidhme na tacaíochta ó CFRE | 75 |
Airteagal 6 |
Raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe | 76 |
Airteagal 7 |
Eisiamh ó raon feidhme CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe | 76 |
Airteagal 8 |
Táscairí | 78 |
CAIBIDIL II |
FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE GNÉITHE CRÍOCHACHA AR LEITH AGUS INFHEISTÍOCHTAÍ NUÁLAÍOCHTA IDIR-RÉIGIÚNACHA A LÁIMHSEÁIL | 78 |
Airteagal 9 |
Forbairt chríochach chomhtháite | 78 |
Airteagal 10 |
Tacaíocht do limistéir faoi mhíbhuntáiste | 78 |
Airteagal 11 |
Forbairt inbhuanaithe uirbeach | 79 |
Airteagal 12 |
Tionscnamh Uirbeach Eorpach | 79 |
Airteagal 13 |
Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha | 80 |
Airteagal 14 |
Na réigiúin is forimeallaí | 80 |
CAIBIDIL III |
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA | 81 |
Airteagal 15 |
Forálacha idirthréimhseacha | 81 |
Airteagal 16 |
An tarmligean a fheidhmiú | 81 |
Airteagal 17 |
Athbhreithniú | 82 |
Airteagal 18 |
Teacht i bhfeidhm | 82 |
IARSCRÍBHINN I |
TÁSCAIRÍ COITEANNA AISCHUIR AGUS TORAIDH DO CFRE AGUS DON CHISTE COMHTHÁTHAITHE - AIRTEAGAL 8(1) | 83 |
IARSCRÍBHINN II |
CROÍ-THACAR TÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA DO CFRE AGUS DON CHISTE COMHTHÁTHAITHE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8(3), A ÚSÁIDFIDH AN COIMISIÚN, I GCOMHRÉIR LENA CHEANGLAS TUAIRISCITHE DE BHUN PHOINTE (H)(iii) D’AIRTEAGAL 41(3) DEN RIALACHÁN AIRGEADAIS | 32 |
CAIBIDIL I
FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal 1
Ábhar
1. Leis an Rialachán seo, leagtar amach cuspóirí sonracha agus raon feidhme na tacaíochta ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/1060.
2. Leagtar amach cuspóirí sonracha agus raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe sa Rialachán seo chomh maith maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/1060.
Airteagal 2
Cúraimí CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe
1. Le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, rannchuideofar leis an gcuspóir foriomlán i dtaca le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú.
2. Le CFRE, rannchuideofar le míchothromaíochtaí a laghdú idir leibhéil na forbartha i réigiúin éagsúla laistigh den Aontas, agus laghdófar cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla trí rannpháirtíocht i gcoigeartú struchtúrach réigiúin a bhfuil a bhforbairt tite ar gcúl agus i dtiontú na réigiún tionsclaíoch atá ag meath, lena n-áirítear tríd an bhforbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil.
3. Leis an gCiste Comhtháthaithe, rannchuideofar le tionscadail i réimse an chomhshaoil agus na ngréasán tras-Eorpach (TEN-T).
Airteagal 3
Cuspóirí sonracha do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe
1. I gcomhréir leis na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Rialachán(AE) 2021/1060, tabharfar tacaíocht, le CFRE, do na cuspóirí sonracha seo a leanas:
(a) |
Eoraip níos iomaíche agus níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste agus nascacht réigiúnach TFC a chur chun cinn (CB 1) tríd an méid a leanas a dhéanamh:
|
(b) |
aistriú níos glaise, ísealcharbóin a dhéanamh chuig geilleagar carbóin glan-nialasach agus Eoraip athléimneach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí agus soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe (CB 2), a chur chun cinn trí:
|
(c) |
Eoraip níos nasctha tríd an tsoghluaisteacht a fheabhsú (CB 3) trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(d) |
Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí lena gcuirtear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chun feidhme (CB 4) trí na nithe seo a leanas:
|
(e) |
Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite gach cineál críoch agus tionscnamh áitiúil a chothú (CB 5) trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Soláthrófar tacaíocht faoi CB5 trí straitéisí forbartha críochaí agus áitiúla, trí na foirmeacha a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/1060. |
2. Faoin dá chuspóir sonracha atá i bpointe (e) de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit tacú le hoibríochtaí ar féidir iad a chistiú faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach faoi phointí (a) go (d) den mhír sin.
3. Tabharfaidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht do CB 2 agus 3.
4. Faoi chuimsiú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 1, féadfaidh CFRE nó an Ciste Comhtháthaithe, mar is iomchuí, tacú le gníomhaíochtaí faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, áit a bhféadfaidh siad:
(a) |
feabhas a chur ar acmhainneacht údaráis an chláir; |
(b) |
feabhas a chur ar acmhainneacht na ngníomhaithe earnála nó críochacha atá freagrach as gníomhaíochtaí a dhéanamh atá ábhartha do chur chun feidhme CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe, ar choinníoll go gcuireann an acmhainneacht sin le cuspóirí an chláir; nó |
(c) |
an comhar le comhpháirtithe a fheabhsú laistigh agus lasmuigh de Bhallstát faoi leith. |
Áireofar ar an gcomhar dá dtagraítear i bpointe (c) comhar le comhpháirtithe ó réigiúin trasteorann, ó réigiúin neamhthadhlacha nó ó réigiúin atá lonnaithe sa chríoch a chlúdaítear faoi Ghrúpáil Eorpach um Chomhar Críochach, straitéis mhacrairéigiúnach nó straitéis imchuach farraige nó cumasc díobh sin.
Airteagal 4
Díriú téamach thacaíocht CFRE
1. Maidir leis na cláir a chuirtear chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, déanfar iomlán acmhainní CFRE, seachas iad sin don chúnamh teicniúil, i ngach Ballstát a dhíriú ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na catagóire réigiún i gcomhréir le míreanna 3 go 9.
2. Maidir le díriú téamach na tacaíochta do na Ballstáit a bhfuil na réigiúin is forimeallaí suite iontu, is ina gceann is ina gceann a láimhseálfar na hacmhainní CFRE a leithdháiltear go sonrach ar na réigiúin is forimeallaí, agus na hacmhainní a leithdháiltear ar gach réigiún eile.
3. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an díriú téamach a chomhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na catagóire réigiún. Cuirfidh gach Ballstát a rogha in iúl ina Chomhaontú Comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/1060. Beidh feidhm ag an rogha sin maidir le hiomlán acmhainní CFRE an Bhallstáit sin, acmhainní dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo don chlárthréimhse iomlán.
4. Chun críoch dírithe théamaigh ar an leibhéal náisiúnta, is mar a leanas a dhéanfar na Ballstáit a rangabháil ó thaobh chóimheas ollioncaim náisiúnta de:
(a) |
iad siúd a bhfuil cóimheas ollioncaim náisiúnta acu atá cothrom le 100 % de mheán an Aontais Eorpaigh nó os a chionn (“grúpa 1”); |
(b) |
iad siúd a bhfuil cóimheas ollioncaim náisiúnta acu atá cothrom le 75 % de mheán an Aontais Eorpaigh agus é faoi bhun 100 % de (“grúpa 2”); |
(c) |
iad siúd a bhfuil cóimheas ollioncaim náisiúnta acu atá faoi bhun 75 % de mheán an Aontais Eorpaigh (“grúpa 3”). |
Chun críocha an Airteagail seo, is éard is ciall le coibhneas an ollioncaim náisiúnta an coibhneas idir an t-ollioncam náisiúnta per capita atá ag Ballstát, rud a thomhaistear de réir na gcaighdeán um chumhacht chun ceannaithe, agus rud a ríomhtar ar bhonn na bhfigiúr atá ag an Aontas don tréimhse ó 2015 go 2017, agus an meán-ollioncam per capita sna caighdeáin um chumhacht chun ceannaithe atá ag an 27 mBallstát don tréimhse thagartha chéanna.
Maidir leis na cláir atá faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis do na réigiúin is forimeallaí, is le grúpa 3 a dhéanfar iad a rangabháil.
Maidir leis na cláir atá faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis do na Ballstáit oileánacha a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe, is le grúpa 3 a dhéanfar iad a rangabháil.
5. Chun críoch dírithe théamaigh ar an leibhéal catagóire réigiún, is de réir na catagóire réigiún a dhéanfar na réigiúin a aicmiú, i gcomhréir le hAirteagal 108(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, mar seo a leanas:
(a) |
réigiúin níos forbartha; |
(b) |
réigiúin trasdula; |
(c) |
réigiúin bheagfhorbartha. |
6. Ar an leibhéal náisiúnta, comhlíonfaidh na Ballstáit na ceanglais seo a leanas maidir le díriú téamach:
(a) |
déanfaidh Ballstáit ghrúpa 1 nó réigiúin níos forbartha líon nach lú ná 85 % dá n-acmhainní CFRE dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar CB 1 agus CB 2, agus líon nach lú ná 30 % a leithdháileadh ar CB 2; |
(b) |
déanfaidh Ballstáit ghrúpa 2 nó réigiúin trasdula líon nach lú ná 40 % dá n-acmhainní CFRE dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar CB 1, agus líon nach lú ná 30 % ar CB 2; |
(c) |
déanfaidh Ballstáit ghrúpa 3 nó réigiúin bheagfhorbartha líon nach lú ná 25 % dá n-acmhainní CFRE dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar CB 1, agus líon nach lú ná 30 % ar CB 2. |
I gcás ina gcinnfidh Ballstát na ceanglais maidir le díriú téamach a chomhlíonadh ar leibhéal na catagóire réigiún, beidh feidhm ag na tairseacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo maidir leis na hacmhainní CFRE dá dtagraítear i mír 1 comhiomlánaithe le chéile do na réigiúin uile a thagann faoin gcatagóir réigiúin faoi seach.
7. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát níos mó ná 50 % dá acmhainní iomlána ón gCiste Comhtháthaithe a leithdháileadh ar CB 2 nach acmhainní don chúnamh teicniúil iad arna ríomh tar éis an aistrithe a leagtar amach in Airteagal 110(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, seachas acmhainní faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b)(viii) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) den Rialachán seo, féadfar an leithdháileadh a théann thar an 50 % a chur san áireamh agus comhlíonadh na gceanglas maidir le díriú téamach a leagtar amach i mír 46 den Airteagal seo á ríomh.
Má chinneann Ballstát díriú téamach ar leibhéal na catagóire réigiún a chomhlíonadh, déanfar na hacmhainní ón gCiste Comhtháthaithe, a chuirtear san áireamh le haghaidh ceanglais maidir le díriú téamach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a leithdháileadh pro rata ar na catagóirí éagsúla réigiún bunaithe ar a sciar coibhneasta de dhaonra iomlán an Bhallstáit lena mbaineann.
Leagfaidh na Ballstáit amach ina gComhaontú Comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/1060 cibé acu an gcuirfear nó nach gcuirfear na hacmhainní ón gCiste Comhtháthaithe san áireamh le haghaidh ceanglais maidir le díriú téamach do CB2.
8. Déanfar na hacmhainní faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (a)(v) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) a chlársceidealú faoi thosaíocht thiomnaithe.
De mhaolú ar mhír 6, cuirfear 40 % de na hacmhainní sin san áireamh agus comhlíonadh na gceanglas maidir le díriú téamach le haghaidh CB 1 a leagtar amach i mír 6 á ríomh.
Na hacmhainní a chuirfear san áireamh le haghaidh na gceanglas maidir le díriú téamach i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo, ní rachaidh siad thar 40 % de na híoscheanglais maidir le díriú téamach le haghaidh CB 1 a leagtar amach i mír 6.
9. Déanfar na hacmhainní faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b)(viii) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) a chlársceidealú faoi thosaíocht thiomnaithe.
De mhaolú ar mhír 6, cuirfear 50 % de na hacmhainní CFRE sin san áireamh agus comhlíonadh na gceanglas maidir le díriú téamach le haghaidh CB 2 a leagtar amach i mír 64 á ríomh.
Na hacmhainní a chuirfear san áireamh le haghaidh na gceanglas maidir le díriú téamach i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo, ní rachaidh siad thar 50 % de na híoscheanglais maidir le díriú téamach le haghaidh CB 2 a leagtar amach i mír 6.
10. Na ceanglais don díriú téamach a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo, comhlíonfar iad i rith na clárthréimhse ó thús go deireadh, agus i rith na huaire a aistreofar leithdháiltí CFRE idir tosaíochtaí cláir nó idir cláir don athbhreithniú lár téarma i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060.
11. I gcás ina laghdófar leithdháileadh de chuid CFRE i dtaca le CB 1 nó CB 2, nó an dá cheann, mar gheall ar shaoradh faoi Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2021/1060, nó de bharr ceartúcháin airgeadais a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 104 den Rialachán sin, ní dhéanfar athmheasúnú ar chomhlíonadh na gceanglas um dhíriú téamach a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo.
12. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an gcistiú breise do na réigiúin thuaidh inar tearc an daonra dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 110(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.
Airteagal 5
Raon feidhme na tacaíochta ó CFRE
1. Le CFRE, tacófar leis na nithe seo a leanas:
(a) |
infheistíocht i mbonneagar; |
(b) |
gníomhaíochtaí don taighde feidhmeach agus nuálaíocht, lena n-áirítear taighde tionsclaíoch, forbairt thurgnamhach agus staidéir indéantachta; |
(c) |
infheistíocht sa rochtain ar sheirbhísí; |
(d) |
infheistíochtaí táirgiúla in FBManna agus infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh poist atá ann cheana a chosaint agus poist nua a chruthú; |
(e) |
trealamh, bogearraí, agus sócmhainní doláimhsithe; |
(f) |
líonrú, comhar, malartú taithí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le cnuasaigh nuálaíochta lena n-áirítear idir gnólachtaí, eagraíochtaí taighde agus údaráis phoiblí; |
(g) |
faisnéis, cumarsáid agus staidéir; agus |
(h) |
cúnamh teicniúil. |
2. Féadfar tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí táirgiúla seachas FBManna:
(a) |
nuair atá comhar le FBManna i gceist leo i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dtacaítear leo faoi phointe (a)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1); |
(b) |
nuair a thacaíonn siad go príomha le bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite faoi phointí (b)(i) agus (b)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1); |
(c) |
nuair a dhéantar iad i gcuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus cuideachtaí meánchaipitlithe mar a shainmhínítear iad i bpointí (6) agus (7) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) trí ionstraimí airgeadais; nó |
(d) |
nuair a dhéantar iad i gcuideachtaí meánchaipitlithe beaga i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dtacaítear leo faoi phointe (a)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1). |
3. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sonrach faoi CB 1 a leagtar amach i bpointe (a)(iv) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1), leis an CFRE, tabharfar tacaíocht freisin do ghníomhaíochtaí i ndáil leis an oiliúint, le foghlaim ar feadh an tsaoil, le hathoiliúint agus leis an oideachas.
4. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sonrach faoi CB 2 a leagtar amach i bpointe (b)(iv) den chéad fhomhír d’Airteagal 3(1) agus leis an gcuspóir sonrach faoi CB 4 a leagtar amach i bpointe (d)(v) den fhomhír sin, le CFRE, tacófar chomh maith le ceannach na soláthairtí is gá le hathléimneacht na gcóras sláinte agus le hathléimneacht ó thubaistí a neartú.
5. Faoi Interreg, le CFRE, féadfar tacú freisin:
(a) |
le roinnt na n-áiseanna agus na n-acmhainní daonna; agus |
(b) |
le hinfheistíochtaí boga tionlacain agus gníomhaíochtaí eile atá nasctha le CB 4 faoi Chiste Sóisialta Breise na hEorpa mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1057 |
6. Le CFRE, féadfar tacú le maoiniú caipitil oibre i FBManna i bhfoirm deontas, i gcás ina bhfuil géarghá leis mar bheart sealadach chun freagairt ar imthosca eisceachtúla nó neamhghnácha dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2021/1060.
7. I gcás, ar iarraidh a bheith tíolactha ag na Ballstáit lena mbaineann, ina gcinnfidh an Coimisiún go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 6, glacfaidh sé cinneadh cur chun feidhme ina sonrófar an tréimhse a n-údaraítear an tacaíocht shealadach bhreise ó CFRE lena linn.
8. Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi chur chun feidhme mhír 6 agus déanfaidh sé a mheasúnú an leor nó nach leor an tacaíocht shealadach bhreise ó CFRE chun úsáid an chiste a éascú mar fhreagairt ar na himthosca eisceachtúla nó neamhghnácha. Ar bhonn a mheasúnaithe, déanfaidh an Coimisiún, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin, tograí le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le ceanglais maidir le díriú téamach in Airteagal 4.
9. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle iarraidh ar an gCoimisiún idirphlé struchtúrtha a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm míreanna 6, 7 agus 8 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 20(3) de Rialachán (AE) 2021/1060.
Airteagal 6
Raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe
1. Tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leis na nithe seo a leanas:
(a) |
infheistíochtaí sa chomhshaol, lena n-áirítear infheistíochtaí a bhaineann le forbairt inbhuanaithe agus fuinneamh ar tairbhe don chomhshaol iad, agus béim shonrach á leagan ar fhuinneamh inathnuaite; |
(b) |
infheistíochtaí i TEN-T; |
(c) |
cúnamh teicniúil; |
(d) |
faisnéis, cumarsáid agus staidéir. |
Áiritheoidh na Ballstáit cothromaíocht iomchuí idir infheistíochtaí faoi phointí (a) agus (b), bunaithe ar cheanglais infheistíochta agus bonneagair is sonrach do gach Ballstát.
2. Beidh an méid den Chiste Comhtháthaithe a aistreofar chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa arna bhunú le Rialachán (AE) 2020/ … ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á úsáid i gcomhair thionscadail TEN-T.
Airteagal 7
Eisiamh ó raon feidhme CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe
1. Ní thacóidh CFRE ná an Ciste Comhtháthaithe leis na nithe seo a leanas:
(a) |
díchoimisiúnú nó tógáil stáisiún cumhachta núicléach; |
(b) |
infheistíocht chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach; |
(c) |
monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac; |
(d) |
gnóthas atá i gcruachás, mar a shainmhínítear é i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, mura dtugtar údarú faoi chabhair de minimis nó rialacha státchabhrach sealadacha a bunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla; |
(e) |
infheistíocht i mbonneagar aerfort, cé is moite de na réigiúin is forimeallaí nó sna haerfoirt réigiúnacha atá ann cheana mar a shainmhínítear iad i bpointe (153) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(f) |
infheistíocht i ndiúscairt na dramhaíola i líonadh talún, seachas:
|
(g) |
infheistíocht lena méadaítear an acmhainneacht in áiseanna cóireála dramhaíola iarmharaí, seachas:
|
(h) |
infheistíocht a bhaineann le táirgeadh, próiseáil, iompar, dáileadh, stóráil nó dóchán breoslaí iontaise, cé is moite de na nithe seo a leanas:
|
2. Ní rachaidh líon iomlán na tacaíochta ón Aontas don infheistíocht ón Aontas dá dtagraítear i bpointí (h)(i) agus (h)(ii) de mhír 1 thar na teorainneacha seo a leanas de mhéid iomlán leithdháileadh na gclár ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post don Bhallstát lena mbaineann:
(a) |
maidir leis na Ballstáit a bhfuil a n-ollioncam náisiúnta (OIN) per capita níos lú ná 60 % de mheán-OIN an Aontais per capita, nó na Ballstáit a bhfuil a n-ollioncam náisiúnta per capita faoi bhun 90 % de mheán-OIN an Aontais per capita agus a bhfuil sciar de bhreoslaí iontaise soladacha acu in olltomhaltas fuinnimh intíre atá cothrom le 25 % nó níos mó, is é 1,55 % an uasteorainn; |
(b) |
maidir leis na Ballstáit seachas iad sin i bpointe (a) a bhfuil a OIN per capita faoi bhun 90 % de mheán-OIN an Aontais per capita, is é 1 % an uasteorainn; |
(c) |
maidir leis na Ballstáit a bhfuil a OIN per capita comhionann le 90 % de mheán-OIN an Aontais per capita nó níos mó de, is é 0,2 % an uasteorainn. |
3. Chun críocha an Airteagail seo, tomhaisfear an t-ollioncam náisiúnta per capita atá ag Ballstát de réir na gcaighdeán um chumhacht chun ceannaithe, agus ríomhfar é ar bhonn na bhfigiúr atá ag an Aontas don tréimhse ó 2015 go 2017, agus déanfar é a shloinneadh mar chéatadán. den mheán-ollioncam per capita sna caighdeáin um chumhacht chun ceannaithe atá ag an 27 mBallstát don tréimhse thagartha chéanna.
Chun críocha an Airteagail seo, is ionann an sciar de bhreoslaí iontaise soladacha i dtomhaltas fuinnimh agus an sciar de ghual, lignít, móin agus scealla ola arna tomhas in 2018.
4. Roghnóidh an t-údarás bainistíochta na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe faoi phointí (h)(i) agus (h)(ii) de mhír 1 faoin 31 Nollaig 2025. Ní dhéanfar oibríochtaí den sórt sin a chéimniú amach go dtí an chéad chlárthréimhse eile.
5. Ní thabharfaidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht don infheistíocht i dtithíocht mura mbíonn baint aici le cur chun cinn na héifeachtúlachta fuinnimh nó na húsáide fuinnimh inathnuaite.
6. Ní bheidh tíortha ná críocha thar lear incháilithe chun tacaíocht a fháil ó CFRE ná ón gCiste Comhtháthaithe, ach féadfaidh siad páirt a ghlacadh i gcláir Interreg i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).
Airteagal 8
Táscairí
1. Bainfear úsáid as táscairí coiteanna aschuir agus toraidh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I maidir le CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe, agus, i gcás inarb ábhartha, as táscairí aschuir agus toraidh atá clárshonrach i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 16(1), pointe (d)(ii) d’Airteagal 22(3) agus pointe (b) d’Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2021/1060.
2. Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag náid. Beidh na garspriocanna a shocraítear do 2024 agus na spriocanna a shocraítear do 2029 carnach.
3. I gcomhlíonadh a cheanglas tuairiscithe de bhun phointe (h) d’Airteagal 41(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) (an “Rialachán Airgeadais”), cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le feidhmíocht i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hIarscríbhinn II.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn II a leasú d’fhonn na hathruithe ábhartha a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoi fheidhmíocht atá le cur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
5. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a ndéantar tábhacht straitéiseach na n-infheistíochtaí arna gcómhaoiniú ag CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe a chur san áireamh i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
CAIBIDIL II
FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE GNÉITHE CRÍOCHACHA AR LEITH AGUS INFHEISTÍOCHTAÍ NUÁLAÍOCHTA IDIR-RÉIGIÚNACHA A LÁIMHSEÁIL
Airteagal 9
Infheistíocht chríochach chomhtháite
1. Féadfaidh CFRE tacú le forbairt chríochach chomhtháite laistigh de chláir faoin dá sprioc dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/1060 i gcomhréir le Caibidil II de Theideal III den Rialachán sin.
2. Ní chuirfidh na Ballstáit forbairt chríochach chomhtháite chun feidhme, le tacaíocht ó CFRE, ach trí na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán(AE) 2021/1060.
Airteagal 10
Tacaíocht do limistéir faoi mhíbhuntáiste
I gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE, tabharfaidh CFRE aird faoi leith ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na réigiún agus na limistéar faoi mhíbhuntáiste, go háirithe limistéir thuaithe agus limistéir a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu. I gcás inarb iomchuí, leagfaidh na Ballstáit amach cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha nó ar riachtanais shonracha na réigiún agus na limistéar sin ina gcomhaontuithe comhpháirtíochta i gcomhréir le pointe (i) den chéad fhomhír d’Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1060. D’fhéadfadh gealltanas maidir le cistiú tiomnaithe chun na críche sin a bheith san áireamh i gcur chuige comhtháite den sórt sin.
Airteagal 11
Forbairt inbhuanaithe uirbeach
1. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide, dhéimeagrafacha agus shóisialta, tabharfaidh CFRE tacaíocht don fhorbairt chríochach chomhtháite bunaithe ar straitéisí críochacha nó straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail i gcomhréir le hAirteagal 29 nó 32 de Rialachán (AE) 2021/1060, faoi seach, a dhíríonn ar cheantair uirbeacha, lena n-áirítear ceantair uirbeacha fheidhmiúla (“forbairt inbhuanaithe uirbeach”) laistigh de chláir faoi chuimsiú an dá sprioc dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Rialachán sin.
Tabharfar aird ar leith ar dhul i ngleic le dúshláin chomhshaoil agus aeráide, go háirithe an t-aistriú i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach faoi 2050, ar leas a bhaint as poitéinseal na dteicneolaíochtaí digiteacha chun críoch nuálaíochta, agus ar thacaíocht a thabhairt do limistéir uirbeacha fheidhmiúla a fhorbairt. Sa chomhthéacs sin, déanfar acmhainní forbartha uirbí inbhuanaithe atá cláraithe faoi thosaíochtaí a fhreagraíonn do CB 1 agus 2 a áireamh faoi chomhair na gceanglas maidir le díriú téamach faoi Airteagal 4.
2. Déanfar, ar a laghad, 8 % d’acmhainní CFRE ar an leibhéal náisiúnta faoin sprioc “Infheistíocht le haghaidh post agus fáis”, nach acmhainní don chúnamh teicniúil iad, a leithdháileadh ar fhorbairt uirbeach inbhuanaithe i bhfoirm amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán(AE) 2021/1060.
Roghnóidh na húdaráis nó na comhlachtaí críochacha ábhartha na hoibríochtaí i gcomhréir le hAirteagal 29(3) agus le pointe (d) d’Airteagal 32(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 nó beidh baint acu lena roghnú.
Na cláir atá i gceist, leagfaidh siad amach na suimeanna atá beartaithe chun na críche sin faoi phointe (d)(viii) d’Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2021/1060.
3. An céatadán atá le leithdháileadh don forbairt uirbeach inbhuanaithe faoi mhír 2 den Airteagal seo, comhlíonfar é i rith na clárthréimhse ar fad, le linn na huaire a bheidh leithdháiltí CFRE á n-aistriú idir tosaíochtaí cláir nó idir cláir, agus le linn an athbhreithnithe meántéarma i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060.
4. Sa chás go laghdófar leithdháileadh de chuid CFRE mar gheall ar shaoradh faoi Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2021/1060, nó de bharr ceartúcháin airgeadais a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 104 den Rialachán sin, ní dhéanfar athmheasúnú ar chomhlíonadh mhír 2 den Airteagal seo.
Airteagal 12
Tionscnamh Uirbeach Eorpach
1. Le CFRE, tacófar leis an Tionscnamh Uirbeach Eorpach, rud a chuireann an Coimisiún chun feidhme sa bhainistíocht dhíreach agus indíreach.
Cumhdófar leis an tionscnamh seo gach limistéar uirbeach, lena n-áirítear limistéar uirbeacha fheidhmiúla, agus tacóidh sé leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach, lena n-áirítear tacaíocht do rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil sna comhpháirtíochtaí téamacha arna bhforbairt faoin gClár Oibre Uirbeach don AE.
2. Is iad an dá shraith seo a leanas a bheidh i gceist leis an Tionscnamh Uirbeach Eorpach, i ndáil le forbairt uirbeach inbhuanaithe:
(a) |
tacaíocht do ghníomhaíochtaí nuálacha; |
(b) |
tacaíocht don fhothú acmhainneachta agus eolais, do mheasúnuithe tionchair chríochaigh, don fhorbairt beartais agus don chumarsáid. |
Féadfaidh an Tionscnamh Uirbeach Eorpach tacú le comhar idir-rialtais maidir le cúrsaí uirbeacha ach a n-iarrfaidh ceann nó níos mó de na Ballstáit an tacaíocht sin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhar atá dírithe ar fhothú acmhainneachta ar an leibhéal áitiúil chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach dhá bhliain maidir le forbairtí a bhaineann leis an Tionscnamh Uirbeach Eorpach.
3. Áiritheofar i múnla rialachais an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh rannpháirtíocht na mBallstát, na n-údarás réigiúnach agus áitiúil agus na gcathracha agus áiritheoidh sé comhordú agus comhlántachtaí iomchuí leis an gclár tiomnaithe faoi phointe (b) d’Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2021/1059 a phléann le forbairt inbhuanaithe uirbeach.
Airteagal 13
Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha
1. Tacóidh CFRE leis an Ionstraim um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha.
2. Tacóidh an Ionstraim um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha le tráchtálú agus uas-scálú tionscadail nuálaíochta idir-réigiúnacha a d’fhéadfadh forbairt slabhraí luacha Eorpacha a spreagadh.
3. Is iad an dá shraith seo a leanas a bheidh san Ionstraim um Infheistíocht Nuálaíochta Idir-réigiúnacha, lena dtugtar tacaíocht go comhionann don mhéid seo a leanas:
(a) |
tacaíocht airgeadais agus chomhairleach d’infheistíochtaí i dtionscadail nuálaíochta idir-réigiúnacha i réimsí speisialtóireachta cliste comhroinnte; |
(b) |
tacaíocht airgeadais agus chomhairleach, agus fothú acmhainneachta chun slabhraí luacha a fhorbairt i réigiúin bheagfhorbartha. |
4. Féadfar suas le 2 % de na hacmhainní a thiomnú do ghníomhaíochtaí foghlama agus meastóireachta, chun leas a bhaint as toradh na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin dá shraith agus iad a scaipeadh.
5. Déanfaidh an Coimisiún na hinfheistíochtaí sin a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach.
6. Tabharfaidh grúpa saineolaithe tacaíocht don Choimisiún ina chuid oibre.
Beidh an grúpa saineolaithe comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ó údaráis réigiúnacha agus ó chathracha, agus ionadaithe ó lucht gnó, ó lucht taighde agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Beidh sé mar aidhm i gcomhdhéanamh an ghrúpa saineolaithe an chothromaíocht inscne a áirithiú.
Tacóidh an grúpa saineolaithe leis an gCoimisiún agus clár oibre fadtéarma á shainiú agus glaonna ar thograí a ullmhú.
7. Agus an ionstraim seo á cur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún comhordú agus sineirge le cláir agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais agus go háirithe leis an tsraith Interreg C mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1059.
8. Cumhdóidh an Ionstraim um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha críoch iomlán an Aontais.
Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach san ionstraim seo, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar síos in Airteagail 16 agus 23 de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) (“Rialachán Fís Eorpach”).
Airteagal 14
Na réigiúin is forimeallaí
1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir leis an leithdháileadh sonrach breise do na réigiúin is forimeallaí. Maidir leis an leithdháileadh sonrach breise do na réigiúin is forimeallaí, úsáidfear é chun na costais bhreise a fhritháireamh, ar costais iad arna dtabhú sna réigiúin sin de bharr ceann nó cuid de na srianta buana forbartha atá orthu agus dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.
2. An leithdháileadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé tacaíocht do na nithe seo a leanas:
(a) |
na gníomhaíochtaí laistigh den raon feidhme faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo iad; |
(b) |
de mhaolú ar Airteagal 5 den Rialachán seo, bearta a chlúdaíonn costais oibriúcháin d’fhonn na costais bhreise a fhritháireamh, ar costais iad arna dtabhú sna réigiúin is forimeallaí de bharr ceann nó cuid de na srianta buana forbartha atá orthu, srianta dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE. |
An leithdháileadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh sé tacú chomh maith le caiteachas a cheadaítear le haghaidh chumhdach na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí agus conarthaí sna réigiúin is forimeallaí.
3. An leithdháileadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní thabharfaidh sé tacaíocht do na nithe seo a leanas:
(a) |
oibríochtaí a bhaineann le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE; |
(b) |
cabhair chun na daoine atá údaraithe faoi phointe (a) d’Airteagal 107(2) CFAE a iompar; |
(c) |
díolúintí cánach agus díolúine na muirear sóisialta; |
(d) |
oibleagáidí seirbhíse poiblí nach gnóthais a chomhlíonann iad, agus ina ngníomhaíonn an Stát trí chumhacht phoiblí a fheidhmiú. |
4. De mhaolú ar phointe (c) d’Airteagal 5(1), féadfaidh CFRE tacú le hinfheistíocht tháirgiúil i bhfiontair sna réigiúin is forimeallaí, gan beann ar mhéid na bhfiontar sin.
CAIBIDIL III
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 15
Forálacha idirthréimhseacha
Rialacháin (AE) Uimh. 1300/2013 agus (AE) Uimh. 1301/2013, nó aon ghníomh a ghlactar fúthu, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le cláir agus le hoibríochtaí a dtugann CFRE tacaíocht dóibh faoi chlárthréimhse 2014-2020.
Airteagal 16
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 1 Iúil 2021.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 17
Athbhreithniú
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2027, i gcomhréir le hAirteagal 177 CFAE.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 90.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 115.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 (IO C 108, 26.3.2021, lch. 566) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 27 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais dóibh siúd agus don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (féach leathanach 159 den Iris Oifigiúil seo).
(6) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(7) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(8) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(9) Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 156, 19.6.2018, lch. 75).
(10) Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“an Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).
(11) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).
(13) Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (féach leathanach 21 den Iris Oifigiúil seo).
(14) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(15) Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).
(16) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
(18) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(19) Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(20) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003. lch. 1).
(21) Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1291/2013 agus (AE) Uimh. 1316/2013 – an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, p. 1).
(22) Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).
(23) Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh ((féach leathanach 94 den Iris Oifigiúil seo).
(24) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(25) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
COMHTHÁSCAIRÍ ASCHUIR AGUS TORAIDH DO CFRE AGUS DON CHISTE COMHTHÁTHAITHE - AIRTEAGAL 8(1) (1)
Tábla 1
Comhtháscairí aschuir agus toraidh do CFRE (Infheistíocht le haghaidh post agus fáis agus Interreg) agus don Chiste Comhtháthaithe (**)
Cuspóir beartais |
Cuspóir sonrach |
Aschuir |
Torthaí |
||||
(1) |
(2) |
(3) |
(4) |
||||
|
|
RCO (2)01 – Fiontair dá dtugtar tacaíocht (ar a bhfuil micrifhiontair, fiontair bheaga, fiontair mheánmhéide agus fiontair mhóra)* (3) RCO 02 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht trí dheontais* |
RCR (4)01 – Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht* RCR 102 – Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht* |
||||
|
RCO 03 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht le hionstraimí airgeadais* RCO 04 – Fiontair dá dtugtar tacaíocht neamhairgeadais* RCO 05 – Fiontair nua dá dtugtar tacaíocht* RCO 06 – Taighdeoirí a oibríonn i saoráidí taighde dá dtugtar tacaíocht RCO 07 – Eagraíochtaí taighde atá rannpháirteach i dtionscadail taighde chomhpháirteacha |
RCR 02 - Infheistíochtaí príobháideacha a thagann le tacaíocht phoiblí (ar a bhfuil deontais, ionstraimí airgeadais)* (3) RCR 03 – Fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bhfuil nuálaíocht táirgí nó próiseas á dtabhairt isteach acu* RCR 04 – FBManna a bhfuil nuálaíocht margaíochta nó eagraíochtúil á dtabhairt isteach acu* |
|||||
|
RCO 08 – Luach ainmniúil trealaimh le haghaidh taighde agus nuálaíochta RCO 10 – Fiontair a chomhoibríonn le heagraíochtaí taighde RCO 96 – Infheistíochtaí idir-réigiúnacha le haghaidh nuálaíochta i dtionscadail an Aontais* |
RCR 05 - FBManna i mbun nuálaíocht inmheánach* RCR 06 - Iarratais ar phaitinní curtha faoi bhráid Oifig Eorpach na bPaitinní* RCR 07 – Iarratais ar thrádmharc agus ar dhearaí* RCR 08 – Foilseacháin ó thionscadail dá dtugtar tacaíocht |
|||||
|
RCO 13 – Luach na seirbhísí agus na dtáirgí digiteacha arna bhforbairt le haghaidh fiontar* RCO 14 – Institiúidí poiblí dá dtugtar tacaíocht chun seirbhísí, táirgí agus próisis dhigiteacha a fhorbairt* |
RCR 11 – Úsáideoirí seirbhísí, táirgí agus próisis dhigiteacha phoiblí nua agus uasghrádaithe* RCR 12 – Úsáideoirí seirbhísí, táirgí agus próiseas digiteach nua agus uasghrádaithe arna bhforbairt ag fiontair* RCR 13 – Fiontair a bhaineann amach déine dhigiteach ard* |
|||||
|
RCO 15 – Acmhainneacht ghoir arna cruthú* RCO 103 – Fiontair ardfháis dá dtugtar tacaíocht* |
RCR 17 – Fiontair nua ar marthain sa mhargadh* RCR 18 – FBManna a úsáideann seirbhísí goir tar éis chruthú na gorlainne* RCR 19 – Fiontair ag a bhfuil láimhdeachas ard* RCR 25 – FBManna ag a bhfuil breisluach níos airde in aghaidh an fhostaí* |
|||||
|
RCO 16 – Rannpháirtíocht geallsealbhóirí institiúideacha i bpróiseas fionnachtana fiontraíochta RCO 101 – FBManna a dhéanann infheistiú i scileanna don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht* |
RCR 97 – Printíseachtaí dá dtugtar tacaíocht in FBManna RCR 98 – Foireann FBManna a chuireann oiliúint i gcrích i gcomhair scileanna don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht (de réir chineál na scile: scil theicniúil, bhainistíochta, fiontraíochta, ghlas, eile) (3)* |
|||||
|
RCO 41 – Teaghaisí breise ag a bhfuil rochtain ar leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta RCO 42 – Fiontair bhreise ag a bhfuil rochtain ar leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta |
RCR 53 – Teaghaisí ag a bhfuil síntiúis leathanbhanda le líonra fíor-ardacmhainneachta RCR 54 – Fiontair ag a bhfuil síntiúis leathanbhanda le líonra fíor-ardacmhainneachta |
|||||
|
|
RCO 18 – Teaghaisí ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe RCO 19 – Foirgnimh phoiblí ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe RCO 20 – Línte líonraí le haghaidh téamh agus fuarú ceantair a tógadh nó a feabhsaíodh le déanaí RCO 104 – Líon na n-aonad comhghiniúna ardéifeachtúil RCO123 – Teaghaisí a bhaineann tairbhe as coirí gásadhainte nádúrtha agus as córais téimh a chuirtear in ionad suiteálacha atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise soladacha |
RCR 26 - Príomhthomhaltas fuinnimh bliantúil (ar a bhfuil teaghaisí, foirgnimh phoiblí, fiontair, eile) (3) RCR 29 – Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta* RCR 105 - Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta ó choirí agus ó chórais téimh arna dtiontú ó chórais breoslaí iontaise ina gcórais gháis |
||||
|
RCO 22 – Acmhainneacht táirgeachta bhreise le haghaidh fuinneamh inathnuaite (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach) (3)* RCO 97 – Pobail fuinneamh inathnuaite dá dtugtar tacaíocht* |
RCR 31 – An fuinneamh inathnuaite iomlán arna tháirgeadh (ar a bhfuil leictreachas, fuinneamh teirmeach) (3)* RCR 32 – Acmhainneacht oibríochtúil bhreise arna suiteáil don fhuinneamh inathnuaite* |
|||||
|
RCO 23 – Córais bainistithe dhigiteacha le haghaidh córais chliste fuinnimh RCO 105 – Réitigh do stóráil leictreachais RCO124: Línte líonraí le haghaidh tarchur agus dáileadh gáis a tógadh nó a feabhsaíodh le déanaí |
RCR 33 - Úsáideoirí nasctha le córais chliste fuinnimh RCR 34 - Leathadh amach ar thionscadail le haghaidh córais chliste fuinnimh |
|||||
|
RCO 24 – Infheistíocht i gcórais nua nó uasghrádaithe don fhaireachán, ullmhacht, foláireamh agus freagairt i gcás tubaistí i gcoinne tubaistí nádúrtha * RCO 122 – Infheistíocht i gcórais nua nó uasghrádaithe don fhaireachán, ullmhacht, foláireamh agus freagairt i gcás tubaistí i gcoinne rioscaí nádúrtha nach mbaineann leis an aeráid agus i gcoinne rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine RCO 25 – Cosaint nuathógtha nó dhaingnithe feadh an chósta, ar bhruach abhann agus ar bhruach locha RCO 106 – Cosaint nuathógtha nó dhaingnithe ar sciorradh talún RCO 26 – Bonneagar glas arna thógáil nó arna uasghrádú chun oiriúnú don athrú aeráide* RCO 27 – Straitéisí náisiúnta agus fonáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar oiriúnú don athrú aeráide* RCO 28 – Limistéar arna chumhdach le bearta cosanta ar fhalscaithe RCR 121 – Limistéar arna chumhdach le bearta cosanta ar thubaistí nádúrtha a bhaineann leis an aeráid (seachas tuilte agus falscaithe) |
RCR 35 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta cosanta ar thuilte RCR 36 - Daonra a bhaineann tairbhe as bearta cosanta ar fhalscaithe RCR 37 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta cosanta ar thubaistí nádúrtha a bhaineann leis an aeráid (seachas tuilte nófalscaithe) RCR 96 – An daonra a bhaineann tairbhe as bearta cosanta ar rioscaí nádúrtha nach mbaineann leis an aeráid agus ar rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine* |
|||||
|
RCO 30 – Fad píobán nua nó uasghrádaithe le haghaidh córais dáileacháin don soláthar poiblí uisce RCO 31 – Fad píobán nua nó uasghrádaithe don líonra poiblí le haghaidh fuíolluisce a bhailiú RCO 32 - Acmhainneacht nua nó uasghrádaithe le haghaidh fuíolluisce a chóireáil |
RCR 41 – Daonra nasctha le soláthar uisce poiblí feabhsaithe RCR 42 – Daonra nasctha le cóireáil fuíolluisce poiblí atá tánaisteach ar a laghad RCR 43 – Caillteanais uisce i gcórais dáileacháin don soláthar poiblí uisce |
|||||
|
RCO 34 – Acmhainneacht bhreise le haghaidh athchúrsáil uisce RCO 107 – Infheistíocht i saoráidí bailithe dramhaíola ar leithligh RCO 119 – Dramhaíl arna hullmhú lena hathúsáid |
RCR 103 – Dramhaíl a bhailítear ar leithligh RCR 47 - Dramhaíl arna hathchúrsáil RCR 48 - Dramhaíl arna húsáid mar amhábhair |
|||||
|
RCO 36 – Bonneagar glas dá dtugtar tacaíocht chun críocha eile seachas oiriúnú don athrú aeráide RCO 37 – Achar dromchla láithreáin Natura 2000 arna chumhdach ag bearta cosanta agus athchóirithe RCO 38 - Achar dromchla na talún athshlánaithe dá dtugtar tacaíocht RCO 39 – Limistéar arna chumhdach ag córais atá suiteáilte chun faireachán a dhéanamh ar thruailliú aeir |
RCR 50 – Daonra a bhaineann tairbhe as bearta le haghaidh cháilíocht an aeir* RCR 95 – Daonra ag a bhfuil rochtain ar bhonneagar glas nua nó feabhsaithe* RCR 52 – Talamh athshlánaithe arna úsáid le haghaidh limistéir ghlasa, tithíocht shóisialta, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó úsáidí eile |
|||||
|
RCO 55 – Fad na línte nua tram agus meitreo RCO 56 – Fad na línte atógtha nó nuachóirithe tram agus meitreo RCO 57 – Toilleadh an rothstoic atá neamhdhíobhálach don chomhshaol le haghaidh iompar poiblí* RCO 58 – Bonneagar rothaíochta tiomnaithe dá dtugtar tacaíocht* RCO 59 – Bonneagar breoslaí malartacha (pointí athbhreoslaithe nó athluchtaithe)* RCO 60 – Cathracha agus bailte ag a bhfuil córais dhigiteacha iompair uirbigh nua nó nuachóirithe |
RCR 62 – Úsáideoirí bliantúla iompair phoiblí nua nó nuachóirithe RCR 63 – Úsáideoirí bliantúla línte nua nó nuachóirithe tram agus meitreo RCR 64 – Úsáideoirí bliantúla bonneagair rothaíochta thiomnaithe |
|||||
|
|
RCO 43 – Fad na mbóithre nua nó uasghrádaithe - TEN-T (5) RCO 45 – Fad na mbóithre arna n-athdhéanamh nó arna nuachóiriú - TEN-T RCO 108 – Fad na mbóithre le córais nua nó nuachóirithe bainistíochta tráchta – TEN-T RCO 47 – Fad an iarnróid nua nó uasghrádaithe - TEN-T RCO 49 – Fad an iarnróid arna athdhéanamh nó arna nuachóiriú - TEN-T RCO 51 – Fad na n-uiscebhealaí nua, uasghrádaithe nó nuachóirithe - TEN-T RCO 109 – Fad na n-iarnród atá i bhfeidhm ag a bhfuil Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid – TEN-T |
RCR 55 – Úsáideoirí bliantúla bóithre arna nuathógáil, arna n-athdhéanamh, arna n-uasghrádú nó arna nuachóiriú RCR 56 – Sábháil ama mar gheall ar bhonneagar bóthair feabhsaithe RCR 101 – Sábháil ama mar gheall ar bhonneagar iarnróid feabhsaithe RCR 58 – Úsáideoirí bliantúla iarnróid arna nuathógáil, arna n-uasghrádú, arna n-athdhéanamh nó arna nuachóiriú RCR 59 – Iompar lasta iarnróid RCR 60 – Iompar lasta ar uiscebhealaí intíre |
||||
|
RCO 44 – Fad na mbóithre nua nó uasghrádaithe – seachas TEN-T RCO 46 – Fad na mbóithre arna n-athdhéanamh nó arna n-uasghrádú – seachas TEN-T RCO 110 – Fad na mbóithre le córais nua nó nuachóirithe bainistíochta tráchta – seachas TEN-T RCO 48 – Fad an iarnróid nua nó uasghrádaithe – seachas TEN-T RCO 50 – Fad an iarnróid arna hathdhéanamh nó arna nuachóiriú- seachas TEN-T RCO 111 – Fad na n-iarnród atá ag oibriú ag a bhfuil an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid i bhfeidhm – seachas TEN-T RCO 52 – Fad na n-uiscebhealaí nua, uasghrádaithe nó nuachóirithe – seachas TEN-T RCO 53 – Stáisiúin agus stadanna traenach nua nó nuachóirithe* RCO 54 – Naisc idirmhódúla nua nó nuachóirithe* |
||||||
|
|
RCO 61 – Dromchla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta |
RCR 65 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta |
||||
|
RCO 66 – Líon na leanaí i saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht RCO 67 – Líon na leanaí i saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht |
RCR 70 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe RCR 71 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe |
|||||
|
RCO 65 – Líon na ndaoine i dtithíocht shóisialta nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht * RCO 113 – Daonra arna chumhdach ag tionscadail faoi chuimsiú gníomhaíochtaí comhtháite maidir le cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, teaghlach ar ioncam íseal agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste* |
RCR 67 – Úsáideoirí bliantúla tithíocht shóisialta nua nó nuachóirithe |
|||||
|
RCO 63 – Líon na ndaoine i saoráidí glactha sealadacha nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht |
RCR 66 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí glactha sealadacha nua nó nuachóirithe |
|||||
|
RCO 69 – Líon na ndaoine i saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht RCO 70 – Líon na ndaoine i saoráidí cúraim shóisialta nua nó nuachóirithe (seachas tithíocht) dá dtugtar tacaíocht |
RCR 72 – Úsáideoirí bliantúla ríomhsheirbhísí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe RCR 73 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe RCR 74 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim shóisialta nua nó nuachóirithe |
|||||
|
RCO 77 – Líon na suíomhanna cultúir agus turasóireachta dá dtugtar tacaíocht* |
RCR 77 – Cuairteoirí chuig na suíomhanna cultúir agus turasóireachta dá dtugtar tacaíocht* |
|||||
|
|
RCO 74 – Daonra arna chumhdach ag tionscadail faoi chuimsiú straitéisí le haghaidh forbairt chríochach chomhtháite* RCO 75 – Straitéisí le haghaidh forbairt chríochach chomhtháite dá dtugtar tacaíocht* RCO 76 – Straitéisí comhtháite le haghaidh forbairt chríochach RCO 80 – Straitéisí áitiúla forbartha faoi stiúir an phobail dá dtugtar tacaíocht* RCO 112 – Na páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le hullmhú agus cur chun feidhme straitéisí maidir le forbairt chríochach chomhtháite RCO 114 – Spás oscailte atá cruthaithe nó athshlánaithe i limistéir uirbeacha* |
|
||||
|
Tábla 2
Táscairí coiteanna aischuir agus toraidh breise do CFRE agus Interreg
Táscairí Interreg-shonracha |
RCO 81 – Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha thar theorainneacha RCO 115 – Imeachtaí poiblí thar theorainneacha arna reáchtáil go comhpháirteach RCO 82 – Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha lena gcuirtear comhionannas inscne, comhionannas deiseanna agus cuimsiú sóisialta chun cinn RCO 83 – Straitéisí agus pleananna gníomhaíochta arna bhforbairt go comhpháirteach RCO 84 – Gníomhaíochtaí píolótacha arna bhforbairt go comhpháirteach agus arna gcur chun feidhme i dtionscadail RCO 116 – Réitigh arna bhforbairt go comhpháirteach RCO 85 – Rannpháirtíocht i scéimeanna oiliúna comhpháirteacha RCO 117 – Réitigh do bhacainní dlíthiúla nó riaracháin thar theorainneacha arna sainaithint RCO 86 – Comhaontuithe comhpháirteacha riaracháin nó dlí arna síniú RCO 87 – Eagraíochtaí atá i mbun comhar thar theorainneacha RCO 118 – Eagraíochtaí atá i mbun comhair le haghaidh rialachas il-leibhéil straitéisí macrairéigiúnacha RCO 90 – Tionscadail le haghaidh líonraí nuálaíochta thar theorainneacha RCO 120 – Tionscadail lena dtacaítear le comhar thar theorainneacha chun naisc idir ceantair uirbeacha agus tuaithe a fhorbairt |
RCR 79 – Straitéisí agus pleananna gníomhaíochta comhpháirteacha arna nglacadh ag eagraíochtaí RCR 104 – Réitigh arna nglacadh nó arna n-uas-scálú ag eagraíochtaí RCR 81 – Scéimeanna oiliúna comhpháirteacha a bheith curtha i gcrích RCR 82 – Bacainní dlíthiúla nó riaracháin thar theorainneacha a maolaíodh nó a réitíodh RCR 83 – Daoine arna gcumhdach ag comhaontuithe comhpháirteacha riaracháin nó dlíthiúla arna síniú RCR 84 – Eagraíochtaí atá ag comhoibriú thar theorainneacha tar éis an tionscadal a chur i gcrích RCR 85 – Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha thar theorainneacha tar éis an tionscadal a chur i gcrích |
(1) Bainfear úsáid astu sin i gcomhair na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis agus Interreg i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 16(1), agus pointe (b) d’Airteagal 41 (2) de Rialachán (AE) 2021/1060 (RFC)agus, i gcomhair na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis i gcomhréir le pointe (d)(ii) d’Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2021/1059 agus, Interreg, i gcomhréir le pointe (e)(ii) d'Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2021/1059 (Interreg).
(**) Ar chúiseanna cur i láthair, déantar táscairí coiteanna aschuir agus toraidh a rangú faoi chuspóir sonrach laistigh de chuspóir beartais ach níl siad teoranta dó. Go háirithe, féadfaidh CB 5 na táscairí coiteanna ábhartha arna liostáil do CB 1 go 4 a úsáid. Ina theannta sin, chun léargas iomlán a fháil ar fheidhmíocht na gclár a bhfuiltear ag súil léi agus ar an bhfeidhmíocht iarbhír, féadfar na táscairí coiteanna atá marcáilte le (*) a úsáid i gcomhair cuspóirí sonracha faoi aon cheann de na CB 1 go 4, nuair is ábhartha.
(2) RCO: Táscaire Coiteann Aschuir REGIO.
(3) Miondealú nár iarradh le haghaidh clársceidealaithe ach amháin chun tuairisciú a dhéanamh.
(4) RCR: Comhtháscairí toraidh REGIO.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
CROÍ-THACAR TÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA DO CFRE AGUS DON CHISTE COMHTHÁTHAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8(3), A ÚSÁIDFIDH AN COIMISIÚN I gCOMHRÉIR LEIS NA CEANGLAIS TUAIRISCITHE ATÁ AR AN gCOIMISIÚN DE BHUN PHOINTE (H)(III) D’AIRTEAGAL 41(3) DEN RIALACHÁN AIRGEADAIS
Cuspóir beartais |
Cuspóir sonrach |
Aschuir |
Torthaí |
||||
(1) |
(2) |
(3) |
(4) |
||||
|
|
CCO (1) 01 – Fiontair a fhaigheann tacaíocht chun nuálaíochta CCO 02 – Taighdeoirí atá ag obair in áiseanna taighde dá dtugtar tacaíocht |
CCR (2) 01 – Fiontair bheaga agus mheánmhéide (3) (FBManna) a bhfuil nuálaíocht táirgí, nuálaíocht próiseas, nuálaíocht margaíochta nó nuálaíocht eagrúcháin á dtabhairt isteach acu |
||||
|
CCO 03 – Fiontair agus institiúidí poiblí dá dtugtar tacaíocht le forbairt a chur ar tháirgí digiteacha, ar sheirbhísí, agus ar phróisis |
CCR 02 - Úsáideoirí bliantúla na dtáirgí, seirbhísí agus próisis dhigiteacha nua nó uasghrádaithe |
|||||
|
CCO 04 – FBManna dá dtugtar tacaíocht le fás agus iomaíochas a chothú |
CCR 03 - Poist a cruthaíodh i bhfiontair dá dtugtar tacaíocht |
|||||
|
CCO 05 – FBManna a dhéanann infheistiú i scileanna don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht |
CCR 04 – Oiliúint i scileanna don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht arna cur i gcrích ag foirne FBManna |
|||||
|
CCO 13 – Teaghaisí agus fiontair bhreise ag a bhfuil rochtain ar leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta |
CCR 12 – Líon na dteaghaisí agus na bhfiontar breise a bhfuil síntiús acu le líonra leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta |
|||||
|
|
CCO 06 – Infheistíocht sna bearta a chuirfidh feabhas ar an bhfeidhmíocht fuinnimh |
CCR 05 – Coigilt in ídiú fuinnimh phríomhúil bhliantúil |
||||
|
CCO 07 – Acmhainneacht táirgeachta bhreise le haghaidh fuinneamh inathnuaite |
CCR 06 – Fuinneamh inathnuaite breise arna tháirgeadh |
|||||
|
CCO 08 – Córais bainistithe dhigiteacha le haghaidh córais chliste fuinnimh |
CCR 07 – Úsáideoirí breise nasctha le córais chliste fuinnimh |
|||||
|
CCO 09 – Infheistíocht i gcórais nua nó uasghrádaithe le haghaidh faireachán, ullmhacht, foláireamh agus freagairt i gcás tubaistí |
CCR 08 – Daonra breise a bhfuil bearta cosanta in aghaidh tuilte, falscaithe agus tubaistí nádúrtha eile a bhaineann leis an aeráid ag dul chun sochair dóibh |
|||||
|
CCO 10 – Acmhainní nua nó uasghrádaithe le fuíolluisce a ghlanadh |
CCR 09 – An daonra breise atá ceangailte ar a laghad le córas glanta fuíolluisce tánaisteach |
|||||
|
CCO 11 – Acmhainní nua nó uasghrádaithe le dramhaíl a ghlanadh |
CCR 10 – Athchúrsáil bhreise ar dhramhaíl |
|||||
|
CCO 12 – Dromchla atá faoi bhonneagar glas |
CCR 11 – Daonra a bhfuil bearta i gcaighdeán an aeir ag dul chun sochair dó |
|||||
|
CCO 16 – Nuachóiriú ar na línte tram agus meitreo, agus síneadh a chur leo |
CCR 15 – Úsáideoirí bliantúla línte nua agus línte nuachóirithe tram agus meitreo |
|||||
|
|
CCO 14 – TEN-T na mBóithre: Bóithre nua, uasghrádaithe, atógtha nó nuachóirithe CCO 15 – TEN-T na nIarnród: Iarnróid nua, uasghrádaithe, atógtha nó nuachóirithe |
CCR 13 – Sábháil ama de bharr feabhas ar bhonneagar na mbóithre CCR 14 – Líon na bpaisinéirí a bhfuil iompar iarnróid feabhsaithe ag freastal orthu |
||||
|
CCO 22 – Bóithre nach cuid de TEN-T iad: Bóithre nua, uasghrádaithe, atógtha nó nuachóirithe CCO 23 – Iarnród nach cuid de TEN-T é: Iarnróid nua, uasghrádaithe, atógtha nó nuachóirithe |
||||||
|
|
CCO 17 – Dromchla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta |
CCR 16 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta |
||||
|
CCO 18 – Acmhainneacht nua nó nuachóirithe do shaoráidí cúraim leanaí agus saoráidí oideachais |
CCR 17 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe agus saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe |
|||||
|
CCO 19 – Acmhainneacht nua nó nuachóirithe na saoráidí tithíochta sóisialta CCO 25 – Daonra arna chumhdach ag tionscadail faoi chuimsiú gníomhaíochtaí comhtháite maidir le cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, teaghlach ar ioncam íseal agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste |
CCR 18 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí tithíochta sóisialta nua nó nuachóirithe |
|||||
|
CCO 26 – Acmhainní nua nó nuachóirithe do shaoráidí glactha sealadacha |
CCR 20 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí glactha sealadacha nua nó nuachóirithe |
|||||
|
CCO 20 – Acmhainní nua nó nuachóirithe do shaoráidí cúraim sláinte |
CCR 19 – Úsáideoirí bliantúla seirbhísí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe |
|||||
|
CCO 24 – Suíomhanna cultúir agus turasóireachta dá dtugtar tacaíocht |
CCR 21 – Cuairteoirí chuig na suíomhanna cultúir agus turasóireachta dá dtugtar tacaíocht |
|||||
|
|
CCO 21 – Daonra atá á chlúdach ag straitéisí don fhorbairt chríochach chomhtháite |
|
||||
|
(1) CCO: Croí-aschur coiteann REGIO.
(2) CCR: Croí-thoradh coiteann REGIO.
(3) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
30.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 231/94 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1059 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2021
maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178, Airteagail 209(1) agus 212(2) agus Airteagal 349 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 176 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go bhfuil ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú. De bhun an Airteagail sin agus an dara mír agus an tríú mír d’Airteagal 174 CFAE, tá CFRE le rannchuidiú le héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú, agus astu sin, tá aird faoi leith le tabhairt ar chatagóirí áirithe réigiún, lena n-áirítear tagairt shonrach do réigiúin trasteorann. |
(2) |
Le Rialachán(AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar amach forálacha is coiteann do CFRE agus do chistí áirithe eile, agus le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagtar amach forálacha maidir leis na cuspóirí sonracha agus le raon feidhme na tacaíochta ó CFRE. Is gá freisin forálacha sonracha a ghlacadh a bhaineann le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) ina ndéanann Ballstát amháin nó níos mó agus a réigiúin agus, i gcás inarb ábhartha, tíortha comhpháirtíochta agus tríú tíortha comhar thar theorainneacha maidir le clársceidealú éifeachtach, lena n-áirítear forálacha maidir le cúnamh teicniúil, faireachán, meastóireacht, cumarsáid, incháilitheacht, bainistiú agus rialú agus bainistíocht airgeadais. |
(3) |
Ar phríomhthosaíochtaí bheartas comhtháthaithe an Aontais tá cur chun cinn Interreg. Tá blocdhíolúine ann cheana féin don tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéid le haghaidh na gcostas a thabhaítear i dtionscadail an chomhair chríochaigh Eorpaigh (CCE) de bhun Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (6) agus áirítear freisin forálacha speisialta i ndáil le cúnamh réigiúnach le haghaidh infheistíochtaí ag gnóthais de gach méid sa chuid den Rialachán sin a bhaineann le cabhair réigiúnach agus sna Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le Státchabhair réigiúnach le haghaidh 2014-2020. Agus taithí 30 bliain a fuarthas á chur san áireamh, agus mar gheall ar luach airgeadais íseal tionscadal agus an tionchar diúltach nach dócha a bheidh acu ar thrádáil agus ar an iomaíocht, ar thaobh amháin, agus an breisluach ard atá ag na cláir atá ann cheana i ndáil le comhtháthú críochach san Eoraip, ar an taobh eile, táthar ag súil go ndéanfar raon feidhme na rialacha maidir leis an Státchabhair i dtaobh maoiniú poiblí do thionscadail CCE a shoiléiriú a thuilleadh trí leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 amach anseo agus, dá bhrí sin, maoiniú poiblí tionscadal Interreg a dhíolmhú den chuid is mó ón oibleagáid maidir le réamhfhógra a thabhairt, rud a éascóidh go mór cur chun feidhme na dtionscadal sin. |
(4) |
Chun tacú le forbairt chomhchuí chríoch an Aontais ar leibhéil éagsúla, ba cheart, le CFRE, tacú le comhar trasteorann, comhar trasnáisiúnta, comhar idir-réigiúnach agus comhar na réigiún is forimeallaí faoi sprioc Interreg. Ba cheart prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil a chur san áireamh sa phróiseas sin, agus é á áirithiú go leanfaidh méid comhpháirtíochta le haghaidh cláir de bheith éifeachtach. |
(5) |
Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanas an Aontais Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, a chur chun feidhme, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, leis na Cistí, rannchuideofar le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach go mbeadh 30 % de bhuiséad iomlán Aontais ag tacú le cuspóirí aeráide. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, leis na Cistí, tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófaí na caighdeáin aeráide agus chomhshaoil agus nach ndéanfaí aon díobháil shuntasach leo do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
(6) |
Ba cheart é a bheith d’aidhm le sraith an chomhair trasteorann dul i ngleic le dúshláin choiteanna arna sainaithint go comhpháirteach sna réigiúin teorann, agus an acmhainneacht fáis nach bhfuil saothraithe i limistéir teorann a shaothrú mar a léirítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2017 dar teideal Boosting Growth and Cohesion in EU Border Regions [Borradh a chur faoin bhFás agus faoin gComhtháthú i Réigiúin Teorann an Aontais Eorpaigh] (“an Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann”). Mar thoradh air sin, ba cheart na limistéir chláir le haghaidh comhar trasteorann a shainaithint mar na réigiúin agus na limistéir sin ar an teorainn nó a bhfuil 150 km ar a mhó de mhuir eatarthu inar féidir idirghníomhaíocht trasteorann a dhéanamh go héifeachtach nó inar féidir limistéir fheidhmiúla a shainaithint, gan dochar do choigeartuithe féideartha is gá chun comhchuibheas agus leanúnachas limistéar clár comhair a áirithiú. |
(7) |
Ba cheart an comhar idir Ballstát amháin nó níos mó nó a réigiúin, agus tír nó réigiún amháin nó níos mó, nó críocha eile lasmuigh den Aontas a bheith i gceist le sraith an chomhair trasteorann. Ba cheart cuid mhór simplithe agus cuíchóirithe ar na forálacha is infheidhme a bheith mar thoradh ar chomhar trasteorann inmheánach agus seachtrach a chumhdach faoin Rialachán seo le haghaidh údaráis na gclár sna Ballstáit agus le haghaidh na n-údarás comhpháirtíochta agus na dtairbhithe lasmuigh den Aontas i gcomparáid le clárthréimhse 2014-2020. |
(8) |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag sraith an chomhair thrasnáisiúnta comhar a láidriú trí bhíthin gníomhaíochtaí atá ina gcuidiú le forbairt chríochach chomhtháite atá nasctha le tosaíochtaí an Aontais, agus urraim iomlán á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta. Ba cheart críocha móra ar mhórthír an Aontais agus timpeall imchuacha farraige a chumhdach le comhar trasnáisiúnta agus a oiread solúbthachta agus is féidir a thabhairt chun comhchuibheas agus leanúnachas clár comhair a áirithiú, lena n-áirítear comhar muirí trasteorann a rinneadh roimhe sin laistigh de chreat comhair mhuirí ar scála níos mó, go háirithe tríd an gcríoch a chumhdaítear, cuspóirí sonracha an chomhair sin agus na ceanglais do chomhpháirtíocht tionscadail a shainiú chomh maith leis an bhféidearthacht go ndéanfaí fochláir agus coistí stiúrtha ar leith a chur ar bun. |
(9) |
Bunaithe ar an taithí a fuarthas ar chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta le linn clárthréimhse 2014-2020 sna réigiúin is forimeallaí, i gcás nach ndearnadh a dhóthain simplithe le haghaidh údaráis na gclár agus na dtairbhithe mar gheall ar an dá shraith a chomhcheangal le chéile laistigh de chlár aonair de réir limistéar comhair, ba cheart sraith shonrach le haghaidh na réigiún is forimeallaí a bhunú chun gur féidir leis na réigiúin is forimeallaí comhar a dhéanamh lena dtíortha comharsanachta agus lena gcríocha comharsanachta ar an dóigh is éifeachtaí agus is simplí agus is féidir. Faoin tsraith sin, d’fhéadfaí glaonna ar thograí a sheoladh le haghaidh cistiú comhcheangailte faoi CFRE, faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus faoin gCinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear a bunaíodh le Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (9), trí mhodhanna bainistíochta a bheadh le comhaontú idir na Ballstáit, réigiúin agus tríú tíortha rannpháirteacha. |
(10) |
Bunaithe ar an taithí ó na cláir comhair idir-réigiúnaigh faoi Interreg, ba cheart, le sraith an chomhair idir-réigiúnaigh, díriú ar éifeachtacht an bheartais comhtháthaithe a mhéadú trí cheithre chlár shonracha: clár lena bhféadfar taithí a mhalartú, cineálacha nuálacha cur chuige a bheith ann agus fothú acmhainneachta a dhéanamh lena ndíreofaí ar chuspóirí beartais agus ar chuspóir Interreg-shonrach “rialachas comhair níos fearr”, i ndáil le sainaithint, scaipeadh agus aistriú dea-chleachtas i mbeartais forbartha réigiúnaí lena n-áirítear cláir do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis; clár a bheidh tiomnaithe do thaithí agus fothú acmhainneachta a mhalartú i ndáil le sainaithint, aistriú agus caipitliú dea-chleachtas i dtaca le forbairt uirbeach chomhtháite inbhuanaithe, agus na nascachtaí idir na ceantair uirbeacha agus na ceantair thuaithe á gcur san áireamh, lena n-áirítear tacaíocht do ghníomhaíochtaí arna bhforbairt faoi chuimsiú Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1058, a chomhlánódh agus a chomhordófaí leis an tionscnamh a leagtar amach in Airteagal 12 de; clár chun taithí, cineálacha nuálacha cur chuige agus fothú acmhainneachta a mhalartú d’fhonn cur chun feidhme clár Interreg a chomhchuibhiú agus a shimpliú, d’fhonn na gníomhaíochtaí comhair dá dtagraítear i bpointe (d)(vi) d’Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 a chomhchuibhiú agus a shimpliú, agus d’fhonn tacú le bunú, feidhmiú agus úsáid na ngrúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (“GECCanna”) a cuireadh ar bun cheana féin nó atá le cur ar bun de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) chomh maith le straitéisí macrairéigiúnacha; agus clár chun an anailís ar threochtaí forbartha a fheabhsú. Ba cheart do na ceithre chlár faoi shraith an chomhair idir-réigiúnaigh an tAontas iomlán a chumhdach agus ba cheart dóibh a bheith oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha freisin. |
(11) |
Ba cheart critéir oibiachtúla choiteanna a leagan síos chun réigiúin agus limistéir incháilithe a ainmniú. Chuige sin, ba cheart sainaithint réigiún agus limistéar incháilithe ar leibhéal an Aontais a bheith bunaithe ar chóras coiteann aicmithe na réigiún a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
(12) |
Is gá leanúint de thacú le gach gné de chomhar le tríú tíortha comharsanachta an Aontais nó, de réir mar is iomchuí, den chomhar sin a bhunú toisc gur uirlis thábhachtach um beartas na forbartha réigiúnaí é an comhar sin agus ba cheart é a chur chun tairbhe réigiúin na mBallstát atá ar an teorainn le tríú tíortha. Chuige sin, le CFRE agus le hionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) a bunaíodh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (“Rialachán IPA III”), ICFCI agus an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, ba cheart tacaíocht a thabhairt do chláir faoin gcomhar trasteorann, faoin gcomhar trasnáisiúnta, faoin gcomhar idir-réigiúnach agus faoi chomhar na réigiún is forimeallaí. Ba cheart an tacaíocht ó CFRE agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais a bheith bunaithe ar chómhalartacht agus ar chomhréireacht. Mar sin féin, maidir le cistí ICR III a leithdháiltear ar chomhar trasteorann (“CTT-IPA III”) agus cistí ICFCI a leithdháiltear ar chomhar trasteorann le haghaidh limistéar geografach na comharsanachta (“CTT-ICFCI”), ba cheart an tacaíocht ó CFRE a bheith comhlánaithe le méideanna cothroma ar a laghad faoi CTT-IPA III agus CTT-ICFCI, faoi réir na bhforálacha a leagtar amach sa ghníomh dlíthiúil ábhartha. |
(13) |
Maidir le cúnamh IPA III, tá sé le díriú go príomha ar chúnamh a thabhairt do thairbhithe IPA III chun institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta a neartú, an bhreithiúnacht agus an riarachán poiblí a athchóiriú, cearta bunúsacha a urramú agus comhionannas inscne, caoinfhulaingt, cuimsiú sóisialta agus neamh-idirdhealú agus forbairt réigiúnach agus áitiúil a chur chun cinn. Maidir le cúnamh IPA III, tá sé le leanúint de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí thairbhithe IPA III chun comhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann chomh maith le forbairt chríochach a chur ar aghaidh, lena n-áirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha de chuid an Aontais a chur chun feidhme. Ina theannta sin, le cúnamh IPA III, tá sé le haghaidh a thabhairt ar bhainistiú slándála, imirce agus teorann, agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta á háirithiú, faisnéis ábhartha á comhroinnt, rialú teorann á fheabhsú agus iarrachtaí coiteanna á ndéanamh sa chomhrac i gcoinne imirce neamhrialta agus smuigleáil imirceach. |
(14) |
Maidir le cúnamh ICFCI, ba cheart don Aontas gaolmhaireacht speisialta a chothú le tíortha comharsanachta d’fhonn limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar. Leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, ba cheart tacú leis na gnéithe inmheánacha agus seachtracha a bhaineann le straitéisí macrairéigiúnacha ábhartha. Is tionscnaimh a bhfuil tábhacht straitéiseach leo iad na tionscnaimh sin, agus cuirtear creata polaitiúla fóinteacha ar fáil leo chun caidreamh a dhoimhniú leis na tíortha comhpháirtíochta agus eatarthu, bunaithe ar phrionsabail na cuntasachta frithpháirtí, na comhúinéireachta agus na comhfhreagrachta. |
(15) |
Is den tábhacht leanúint de ról na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí arna bhunú i gCinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (12) agus ról an Choimisiúin a urramú agus an clársceidealú straitéiseach agus cláir Interreg a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ICFCI á n-ullmhú. |
(16) |
I bhfianaise staid shonrach na réigiún is forimeallaí de chuid an Aontais, is gá bearta a ghlacadh maidir le feabhas a chur ar na coinníollacha faoinar féidir leis na réigiúin sin rochtain a fháil ar chistí struchtúracha. Dá réir sin, ba cheart forálacha áirithe den Rialachán seo a oiriúnú do shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí den Aontas chun a gcomhar le tíortha agus críocha thar lear agus le tríú tíortha a shimpliú agus a chothú, agus teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal A stronger and renewed strategic partnership with the EU’s outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí den Aontas] á cur san áireamh. Ba cheart a bheith in ann an comhar sin a dhéanamh i ndlúthpháirtíocht le heagraíochtaí um lánpháirtiú agus comhar réigiúnach. |
(17) |
Leis an Rialachán, ba cheart an deis a leagan síos do thíortha agus críocha thar lear a bheith rannpháirteach i gcláir Interreg. Ba cheart sainiúlachtaí agus dúshláin na dtíortha agus na gcríoch thar lear a chur san áireamh chun a rochtain agus a rannpháirtíocht éifeachtach a éascú. |
(18) |
Is gá na hacmhainní a leithdháiltear ar gach ceann de shraitheanna éagsúla Interreg a leagan amach, lena n-áirítear sciar gach Ballstáit de na méideanna foriomlána don chomhar trasteorann, don chomhar trasnáisiúnta, agus do chomhar na réigiún is forimeallaí agus an cumas atá ar fáil do na Ballstáit a mhéid a bhaineann le solúbthacht idir na sraitheanna sin. |
(19) |
Chun an úsáid is éifeachtúla agus is féidir a bhaint as an tacaíocht ó CFRE agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, ba cheart sásra a chur ar bun chun socrú a dhéanamh an tacaíocht sin a chur ar ais i gcásanna nach féidir cláir comhair sheachtraigh a ghlacadh nó i gcás inar gá scor díobh, lena n-áirítear le tríú tíortha nach bhfaigheann tacaíocht ó aon ionstraim mhaoinithe de chuid an Aontais. Leis an sásra sin, ba cheart féachaint le feidhmiú barrmhaith na gclár a bhaint amach mar aon leis an gcomhordú is mó agus is féidir idir na hionstraimí sin. |
(20) |
Le CFRE, ba cheart rannchuidiú, faoi Interreg, leis na cuspóirí sonracha faoi chuspóirí an bheartais comhtháthaithe. Mar sin féin, ba cheart an liosta de na cuspóirí sonracha faoi na cuspóirí beartais éagsúla a oiriúnú do riachtanais shonracha Interreg chun go mbeidh idirghabhálacha de chineál CSE ann, de réir phointí (a) go (l) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha faoi chláir Interreg. |
(21) |
I gcomhthéacs na gcúinsí uathúla agus sonracha ar oileán na hÉireann, agus d’fhonn tacú le comhar Thuaidh-Theas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, leanfar de chlár trasteorann “PEACE PLUS” lena gcuirfear le hobair na gclár roimhe sin idir contaetha teorann na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Agus an tábhacht phraiticiúil atá leis an gclár sin á cur san áireamh, tá sé riachtanach a áirithiú, i gcás ina bhfuil an clár sin ag feidhmiú ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas, go mbeadh CFRE ina rannchuidiú freisin le cobhsaíocht shóisialta, eacnamaíoch agus réigiúnach a chur chun cinn sna réigiúin lena mbaineann, go háirithe trí ghníomhaíochtaí a chuireann comhtháthú idir pobail chun cinn. I bhfianaise shainiúlachtaí an chláir sin, ba cheart é a bhainistiú ar bhealach comhtháite agus ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe á comhtháthú sa chlár sin mar ioncam sannta seachtrach. De bhreis air sin, níor cheart feidhm a bheith ag rialacha áirithe i dtaobh roghnú oibríochtaí sa Rialachán seo maidir leis an gclár sin i ndáil le hoibríochtaí ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas. |
(22) |
Leis an Rialachán seo, ba cheart dhá chuspóir Interreg-shonrach a chur isteach: cuspóir amháin chun tacú le hacmhainneacht institiúideach a neartú, comhar dlíthiúil agus riaracháin a fheabhsú, go háirithe i gcás ina bhfuil sé nasctha le cur chun feidhme na Teachtaireachta maidir le Réigiúin Teorann, comhar a threisiú idir saoránaigh agus institiúidí agus straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige a fhorbairt agus a chomhordú, an mhuinín fhrithpháirteach a chothú, go háirithe trí ghníomhaíochtaí idir daoine a spreagadh; agus an dara cuspóir chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le comhar maidir leis an tsábháilteacht, an tslándáil, bainistiú trasnaithe teorann agus imirce. |
(23) |
Ba cheart an chuid is mó den tacaíocht ón Aontas a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí beartais chun an tionchar atá ag Interreg a uasmhéadú. Ba cheart sineirgí agus comhlántachtaí idir sraitheanna Interreg a neartú. |
(24) |
Forálacha maidir le cláir Interreg a ullmhú, a fhormheas agus a leasú mar aon le forálacha maidir le forbairt chríochach, le roghnú oibríochtaí, le faireachán agus le meastóireacht, le húdaráis na gclár, le hiniúchadh ar oibríochtaí, agus le trédhearcacht agus le cumarsáid, ba cheart iad a oiriúnú do na sainiúlachtaí a bhaineann le cláir Interreg i gcomparáid leis na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060. Ba cheart na forálacha sonracha sin a choinneáil simplí agus soiléir chun rórialáil agus ualaí riaracháin breise ar na Ballstáit agus na tairbhithe a sheachaint. |
(25) |
Na forálacha maidir leis na critéir a bhaineann le hoibríochtaí a bhreithniú mar oibríochtaí atá comhpháirteach agus comhoibríoch go fírinneach, maidir leis an gcomhpháirtíocht laistigh d’oibríocht Interreg agus maidir le hoibleagáidí an chomhpháirtí cinn mar a leagtar amach le linn chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint díobh. Ba cheart do chomhpháirtithe Interreg oibriú i gcomhar san fhorbairt agus sa chur i bhfeidhm agus i soláthar foirne nó i maoiniú, nó iontu araon, agus faoi chomhar na réigiún is forimeallaí, in dhá cheann as ceithre cinn de na gnéithe comhair sin, ós rud é gur cheart gurbh fhusa tacaíocht ó CFRE a chomhcheangal le tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais ar leibhéal na gclár agus na n-oibríochtaí. |
(26) |
Faoi chláir um chomhar trasteorann, tá tionscadail idir daoine agus tionscadail ar mhionscála ina n-ionstraimí tábhachtacha agus rathúla, le breisluach ard Eorpach, chun deireadh a chur le constaicí teorann agus trasteorann, chun teagmhálacha a chothú i measc daoine go háitiúil agus chun réigiúin teorann agus a saoránaigh a thabhairt níos cóngaraí dá chéile. Tacaíodh leo go dtí seo trí chistí do thionscadail bheaga nó trí ionstraimí comhchosúla, cé nár cumhdaíodh le forálacha sonracha riamh iad agus, dá bhrí sin, is gá soiléiriú a thabhairt ar na rialacha lena rialáiltear na cistí sin. Chun luach breise agus buntáistí tionscadal idir daoine agus tionscadal ar mhionscála a choinneáil, i ndáil le forbairt áitiúil agus réigiúnach freisin, agus chun bainistiú mhaoiniú na dtionscadal beag a shimpliú do na faighteoirí deiridh nach gnách leo cur isteach ar chistí ón Aontas, ba cheart úsáid roghanna costais simplithe agus cnapshuimeanna a bheith éigeantach faoi bhun tairseach áirithe. |
(27) |
I ngeall ar rannpháirtíocht níos mó ná Ballstát amháin, agus costais riaracháin a bheith níos airde dá bharr, lena n-áirítear le haghaidh pointí teagmhála réigiúnacha ar a dtugtar “aeróga” freisin, ar pointí teagmhála tábhachtacha iad dóibhsean a dhéanann tionscadail a mholadh agus a chur chun feidhme, agus dá bhrí sin a fheidhmíonn mar líne dhíreach chuig rúnaíochtaí comhpháirteacha nó chuig údaráis ábhartha, ach go háirithe maidir le rialuithe agus le haistriúchán, ba cheart an uasteorainn le haghaidh caiteachas cúnaimh theicniúil a bheith níos airde ná an uasteorainn faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis. Chun na costais riaracháin níos airde a fhritháireamh, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun an t-ualach riaracháin maidir le cur chun feidhme tionscadal comhpháirteach a laghdú aon uair is féidir. Sa bhreis air sin, ba cheart íosmhéid áirithe a thabhairt do chláir Interreg a fhaigheann tacaíocht theoranta ón Aontas nó do chláir Interreg trasteorann sheachtracha ar mhaithe le cúnamh teicniúil chun cistiú leordhóthanach le haghaidh gníomhaíochtaí éifeachtacha cúnaimh theicniúil a áirithiú, lena n-áirítear le haghaidh oifigí brainse réigiúnacha rúnaíochtaí comhpháirteacha agus pointí teagmhála arna gcur ar bun le bheith níos gaire do thairbhithe agus comhpháirtithe ionchasacha. |
(28) |
De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (14), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an chistithe ar an talamh. |
(29) |
Bunaithe ar an taithí a fuarthas le linn chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint den chóras lena dtugtar isteach ordlathas soiléir rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais, agus prionsabal na rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais atá le bunú ar leibhéal an Aontais agus do chlár Interreg ina iomláine á choinneáil ag an am céanna chun aon chontrárthachtaí nó neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith idir rialacháin éagsúla agus idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a sheachaint. Rialacha breise arna nglacadh ag Ballstát amháin nach mbeadh feidhm acu ach maidir leis na tairbhithe sa Bhallstát sin, ba cheart iad a bheith teoranta oiread agus is féidir. Go háirithe, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 481/2014 ón gCoimisiún (15), a glacadh do chlárthréimhse 2014-2020, a chomhtháthú sa Rialachán seo. |
(30) |
Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun feidhmeanna an údaráis bainistíochta a shannadh do GECC nó a chur faoi deara go mbeidh grúpáil den sórt sin, amhail comhlachtaí dlíthiúla trasteorann eile, freagrach as fochlár, infheistíocht chríochach chomhtháite nó ciste amháin nó níos mó le haghaidh tionscadail bheag a bhainistiú, nó gníomhú mar chomhpháirtí aonair. Sa chomhthéacs sin, ba cheart comhlacht dlíthiúil trasteorann, lena n-áirítear eora-réigiúin, a bhunú agus ba cheart pearsantacht dhlítheanach a bheith aige de bhun an dlí de cheann amháin de na tíortha rannpháirteacha, agus ba cheart rannpháirtíocht údarás réigiúnach agus áitiúil ó na tíortha rannpháirteacha uile a dheonú. |
(31) |
Chun leanúint den slabhra íocaíochta a bunaíodh do chlárthréimhse 2014-2020, eadhon, ón gCoimisiún chuig an gcomhpháirtí cinn trí mheán an údaráis deimhniúcháin, ba cheart leanúint den slabhra íocaíochta sin faoin bhfeidhm chuntasaíochta. Ba cheart an tacaíocht ón Aontas a íoc leis an gcomhpháirtí cinn, mura rud é go dtiocfadh táillí dúbailte as sin le haghaidh an athraithe in euro agus ar ais in airgeadra eile nó vice versa idir an comhpháirtí cinn agus na comhpháirtithe eile. Mura sonraítear a mhalairt, ba cheart don chomhpháirtí cinn a áirithiú go bhfaighidh na comhpháirtithe eile méid iomlán na ranníocaíochta ón gciste Aontais faoi seach ina iomláine agus laistigh den tréimhse ama a chomhaontaigh na comhpháirtithe go léir agus ag leanúint an nós imeachta céanna a cuireadh i bhfeidhm i leith an chomhpháirtí cinn. |
(32) |
De bhun Airteagal 63(9) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) (“an Rialachán Airgeadais”), tá rialacha earnáilsonracha le riachtanais chláir Interreg a chur san áireamh, go háirithe maidir leis an bhfeidhm iniúchóireachta. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha maidir leis an tuairim iniúchóireachta bhliantúil, leis an tuarascáil bhliantúil ar rialú agus leis na hiniúchtaí ar oibríochtaí a shimpliú agus a chur in oiriúint do na cláir sin a bhfuil baint ag breis agus Ballstát amháin leo. |
(33) |
Ba cheart slabhra soiléir dliteanais airgeadais a bhunú i leith gnóthú neamhrialtachtaí ó chomhpháirtithe aonair nó ó chomhpháirtithe eile, tríd an gcomhpháirtí cinn agus tríd an údarás bainistíochta, chuig an gCoimisiún. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le dliteanas Ballstát, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críoch thar lear, i gcás nach bhfuiltear in ann gnóthú a fháil ón gcomhpháirtí aonair ná ó chomhpháirtí eile ná ón gcomhpháirtí cinn, rud a fhágann gurb é an Ballstát a dhéanann aisíocaíocht leis an údarás bainistíochta. Dá réir sin, faoi chláir Interreg, níl aon scóip ann maidir le méideanna neamh-inghnóthaithe ar leibhéal na dtairbhithe. Is gá, áfach, na rialacha a shoiléiriú, i gcás nach ndéanfadh Ballstát, tríú tír, tír chomhpháirtíochta ná tír nó críoch thar lear aisíocaíocht leis an údarás bainistíochta. Ba cheart oibleagáidí an chomhpháirtí cinn maidir le gnóthú a shoiléiriú freisin. |
(34) |
Chun tacar rialacha atá coiteann den chuid is mó a chur i bhfeidhm sna Ballstáit rannpháirteacha agus sna tríú tíortha, sna tíortha comhpháirtíochta nó sna tíortha agus críocha thar lear, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críoch thar lear, mura leagtar rialacha sonracha amach i gcaibidil shonrach den Rialachán seo. Féadfaidh údaráis inchomparáide comhfhreagairt d’údaráis clár Interreg i dtríú tíortha, i dtíortha comhpháirtíochta nó i dtíortha agus críocha thar lear. Ba cheart an túsphointe le haghaidh incháilitheacht an chaiteachais a bheith nasctha le síniú an chomhaontaithe maoinithe ag an tríú tír ábhartha, ag an tír chomhpháirtíochta ábhartha nó ag an tír nó an chríoch thar lear ábhartha. Ba cheart soláthar le haghaidh tairbhithe sa tríú tír, sa tír chomhpháirtíochta nó sa tír nó sa chríoch thar lear a bheith de réir na rialacha maidir le soláthar seachtrach dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais. Na nósanna imeachta maidir le tabhairt i gcrích comhaontuithe maoinithe le gach ceann de na tríú tíortha, de na tíortha comhpháirtíochta nó de na tíortha nó de na críocha thar lear, chomh maith leis na comhaontuithe idir an t-údarás bainistíochta agus gach tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear maidir leis an tacaíocht ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais nó i gcás ranníocaíocht bhreise seachas cómhaoiniú náisiúnta a aistriú ó thríú tír, ó thír chomhpháirtíochta nó ó thír nó críoch thar lear chuig an gclár Interreg, ba cheart iad a leagan amach. |
(35) |
Cé gur cheart cláir Interreg, agus tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha nó críocha thar lear rannpháirteach iontu, a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, ba cheart gur féidir comhar na réigiún is forimeallaí a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach. Ba cheart rialacha sonracha a leagan amach maidir leis an dóigh leis na cláir sin a chur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach faoi bhainistíocht indíreach. |
(36) |
Bunaithe ar an taithí a fuarthas ar mhórthionscadail bhonneagair le linn chlárthréimhse 2014-2020 laistigh de na cláir um chomhar trasteorann faoin Ionstraim Eorpach Chomharsanachta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), ba cheart na nósanna imeachta a shimpliú. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún cearta áirithe a choinneáil maidir le roghnú na dtionscadal sin. |
(37) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na liostaí de limistéir clár Interreg atá le tacaíocht a fháil agus an liosta den mhéid foriomlán ó thacaíocht ón Aontas a ghlacadh agus a leasú. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin chun na doiciméid straitéise ilbhliantúla a ghlacadh le haghaidh cláir Interreg a fhaigheann tacaíocht ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Cé gur de chineál ginearálta iad na gníomhartha sin, ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid ós rud é nach gcuirtear na forálacha chun feidhme leo ach ar bhealach teicniúil. I gcás inarb infheidhme, ba cheart, leis na doiciméid straitéise ilbhliantúla le haghaidh cláir Interreg a fhaigheann tacaíocht ó ionstraim maoinithe sheachtraigh, an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán IPA III agus Rialachán (AE) 2021/947 a urramú. |
(38) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cláir Interreg agus leasuithe orthu a fhormheas, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. I gcás inarb infheidhme, ba cheart, le cláir Interreg trasteorann sheachtracha, na nósanna imeachta coiste a bhunaítear faoi Rialachán IPA III agus Rialachán (AE) 2021/947 a urramú maidir leis an gcéad chinneadh formheasta i leith na gclár sin. |
(39) |
Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Iarscríbhinn a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(40) |
I bhfianaise ghlacadh an Rialacháin seo tar éis thús na clárthréimhse, agus ag cur san áireamh gur gá Interreg a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe agus comhchuibhithe, agus chun go bhféadfar é a chur chun feidhme go pras, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(41) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon comhar a chothú idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha nó críocha thar lear agus, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CLÁR NA nÁBHAR
CAIBIDIL I |
FORÁLACHA GINEARÁLTA |
ROINN I |
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SRAITHEANNA INTERREG |
Airteagal 1 |
Ábhar agus raon feidhme |
Airteagal 2 |
Sainmhínithe |
Airteagal 3 |
Sraitheanna Interreg |
ROINN II |
CUMHDACH GEOGRAFACH |
Airteagal 4 |
Cumhdach geografach le haghaidh comhar trasteorann |
Airteagal 5 |
Cumhdach geografach le haghaidh comhar trasnáisiúnta |
Airteagal 6 |
Cumhdach geografach le haghaidh comhar idir-réigiúnach |
Airteagal 7 |
Cumhdach geografach le haghaidh chomhar na réigiún is forimeallaí |
Airteagal 8 |
An liosta de limistéir clár Interreg a gheobhaidh tacaíocht |
ROINN III |
ACMHAINNÍ AGUS RÁTAÍ CÓMHAOINITHE |
Airteagal 9 |
Acmhainní CFRE do chláir Interreg |
Airteagal 10 |
Forálacha idirchistí |
Airteagal 11 |
Liosta d’acmhainní do chláir Interreg |
Airteagal 12 |
Acmhainní a chur ar ais agus scor |
Airteagal 13 |
Rátaí cómhaoinithe |
CAIBIDIL II |
CUSPÓIRÍ INTERREG-SHONRACHA AGUS COMHCHRUINNIÚ TÉAMACH |
Airteagal 14 |
Cuspóirí Interreg-shonracha |
Airteagal 15 |
Comhchruinniú téamach |
CAIBIDIL III |
CLÁRSCEIDEALÚ |
ROINN I |
CLÁIR INTERREG A ULLMHÚ, A FHORMHEAS AGUS A LEASÚ |
Airteagal 16 |
Cláir Interreg a ullmhú agus a thíolacadh |
Airteagal 17 |
Inneachar na gclár Interreg |
Airteagal 18 |
Formheas na gclár Interreg |
Airteagal 19 |
Cláir Interreg a leasú |
ROINN II |
FORBAIRT CHRÍOCHACH |
Airteagal 20 |
Infheistíocht chríochach chomhtháite |
Airteagal 21 |
Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail |
ROINN III |
OIBRÍOCHTAÍ AGUS CISTÍ LE HAGHAIDH TIONSCADAIL BHEAGA |
Airteagal 22 |
Oibríochtaí Interreg a roghnú |
Airteagal 23 |
Comhpháirtíocht laistigh d’oibríochtaí Interreg |
Airteagal 24 |
Tacaíocht do thionscadail a bhfuil méid teoranta airgeadais iontu |
Airteagal 25 |
Cistí le haghaidh tionscadail bheaga |
Airteagal 26 |
Cúraimí an chomhpháirtí cinn |
ROINN IV |
CÚNAMH TEICNIÚIL |
Airteagal 27 |
Cúnamh teicniúil |
CAIBIDIL IV |
FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS CUMARSÁID |
ROINN I |
FAIREACHÁN |
Airteagal 28 |
Coiste faireacháin |
Airteagal 29 |
Comhdhéanamh an choiste faireacháin |
Airteagal 30 |
Feidhmeanna an choiste faireacháin |
Airteagal 31 |
Athbhreithniú |
Airteagal 32 |
Tarchur sonraí |
Airteagal 33 |
Tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht |
Airteagal 34 |
Táscairí maidir le cláir Interreg |
ROINN II |
MEASTÓIREACHT AGUS CUMARSÁID |
Airteagal 35 |
Meastóireacht le linn na clárthréimhse |
Airteagal 36 |
Freagrachtaí údarás bainistíochta agus comhpháirtithe maidir le trédhearcacht agus cumarsáid |
CAIBIDIL V |
INCHÁILITHEACHT |
Airteagal 37 |
Rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais |
Airteagal 38 |
Forálacha ginearálta maidir le hincháilitheacht catagóirí costais |
Airteagal 39 |
Costais foirne |
Airteagal 40 |
Costais oifige agus riaracháin |
Airteagal 41 |
Costais taistil agus chóiríochta |
Airteagal 42 |
Costais a bhaineann le saineolas seachtrach agus seirbhísí seachtracha |
Airteagal 43 |
Costais trealaimh |
Airteagal 44 |
Costais le haghaidh bonneagair agus oibreacha |
CAIBIDIL VI |
ÚDARÁIS CLÁR INTERREG, BAINISTÍOCHT, RIALÚ AGUS INIÚCHÓIREACHT |
Airteagal 45 |
Údaráis clár Interreg |
Airteagal 46 |
Feidhmeanna an údaráis bainistíochta |
Airteagal 47 |
An fheidhm chuntasaíochta |
Airteagal 48 |
Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta |
Airteagal 49 |
Iniúchóireacht ar oibríochtaí |
CAIBIDIL VII |
BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS |
Airteagal 50 |
Gealltanais bhuiséadacha |
Airteagal 51 |
Íocaíochtaí agus réamh-mhaoiniú |
Airteagal 52 |
Gnóthuithe |
CAIBIDIL VIII |
RANNPHÁIRTÍOCHT TRÍÚ TÍORTHA NÓ TÍORTHA COMHPHÁIRTÍOCHTA, TÍORTHA NÓ CRÍOCH THAR LEAR NÓ EAGRAÍOCHTAÍ UM LÁNPHÁIRTIÚ AGUS COMHAR RÉIGIÚNACH I GCLÁIR INTERREG FAOI BHAINISTÍOCHT ROINNTE |
Airteagal 53 |
Na forálacha is infheidhme |
Airteagal 54 |
Údaráis clár Interreg agus a bhfeidhmeanna |
Airteagal 55 |
Modhanna bainistíochta |
Airteagal 56 |
Incháilitheacht |
Airteagal 57 |
Mórthionscadail bhonneagair |
Airteagal 58 |
Soláthar |
Airteagal 59 |
Comhaontuithe maoinithe a thabhairt i gcrích faoi bhainistíocht roinnte |
Airteagal 60 |
Ranníocaíocht ó thríú tír, ó thír chomhpháirtíochta nó ó thír nó ó chríoch thar lear seachas cómhaoiniú |
CAIBIDIL IX |
FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE BAINISTÍOCHT INDÍREACH |
Airteagal 61 |
Comhar na réigiún is forimeallaí |
CAIBIDIL X |
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA |
Airteagal 62 |
An tarmligean a fheidhmiú |
Airteagal 63 |
Nós imeachta coiste |
Airteagal 64 |
Forálacha idirthréimhseacha |
Airteagal 65 |
Teacht i bhfeidhm |
IARSRÍBHINN |
Teimpléad le haghaidh cláir Interreg |
Léarscáil |
Léarscáil de limistéar an chláir |
Foscríbhinn 1 |
Ranníocaíocht ón Aontas bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe |
Foscríbhinn 2 |
Ranníocaíocht ón Aontas bunaithe ar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais |
Foscríbhinn 3 |
Liosta de na hoibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo atá beartaithe maille le clár ama |
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
ROINN I
Ábhar, raon feidhme agus sraitheanna Interreg
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) d’fhonn comhar a chothú idir na Ballstáit agus a réigiúin laistigh den Aontas agus idir na Ballstáit, agus a réigiúin agus tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta, críocha eile nó tíortha nó críocha thar lear, nó eagraíochtaí um lánpháirtiú agus comhar réigiúnach.
Leis an Rialachán seo, leagtar síos freisin na forálacha is gá chun clársceidealú éifeachtach a áirithiú lena n-áirítear maidir le cúnamh teicniúil, faireachán, meastóireacht, cumarsáid, incháilitheacht, bainistiú agus rialú, mar aon le bainistiú airgeadais clár faoi Interreg (“cláir Interreg”) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE).
Maidir le tacaíocht ón Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) agus ón gcistiú le haghaidh na dtíortha agus na gcríoch thar lear uile do chlárthréimhse 2021-2027 a bhunaítear mar chlár le Cinneadh 2013/755/AE (dá dtagraítear “ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais” go comhpháirteach) do chláir Interreg, leis an Rialachán seo, leagtar amach cuspóirí sonracha breise mar aon le comhtháthú na gcistí sin i gcláir Interreg, na critéir chun go mbeidh tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear agus a réigiúin incháilithe agus rialacha cur chun feidhme sonracha áirithe.
Maidir le tacaíocht ó CFRE agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais (dá ngairtear “na cistí Interreg” go comhpháirteach) do chláir Interreg, leis an Rialachán seo, leagtar amach na cuspóirí Interreg-shonracha mar aon le heagrú Interreg, na critéir incháilitheachta maidir leis na Ballstáit, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear agus a réigiúin, na hacmhainní airgeadais, agus na critéir maidir lena leithdháileadh.
Beidh feidhm ag Rialacháin (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1058 maidir le cláir Interreg, ach amháin i gcás ina bhforáiltear go sonrach dá mhalairt faoi na Rialacháin sin agus faoin Rialachán seo nó i gcás nach féidir feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2021/1060 ach maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060. Tá feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “tairbhí IPA III” tír nó críoch a liostaítear san iarscríbhinn ábhartha a ghabhann le Rialachán IPA III; |
(2) |
ciallaíonn “tríú tír” tír nach Ballstát í agus nach bhfaigheann tacaíocht ó chistí Interreg nó a dhéanann ranníocaíocht le buiséad ginearálta an Aontais (“buiséad an Aontais”) trí ioncam sannta seachtrach; |
(3) |
ciallaíonn “tír chomhpháirtíochta” tairbhí IPA III nó tír nó críoch a chumhdaítear, i gcás chláir Interreg A agus B, leis an limistéar Comharsanachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 nó Cónaidhm na Rúise, nó i gcás chláir Interreg C agus D, tír nó críoch a chumhdaítear le haon limistéar geografach faoi ICFCI, agus a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais; |
(4) |
ciallaíonn “comhlacht dlíthiúil trasteorann” comhlacht dlíthiúil arna bhunú de bhun an dlí de cheann de na tíortha atá rannpháirteach i gclár Interreg ar choinníoll go gcuireann údaráis chríochacha nó comhlachtaí eile ó dhá thír rannpháirteacha, ar a laghad, ar bun é; |
(5) |
ciallaíonn “eagraíocht um lánpháirtiú agus comhar réigiúnach”, i gcomhthéacs chomhar na réigiún is forimeallaí, grúpa de thríú tíortha nó de réigiúin san aon limistéar geografach amháin a bhfuil mar aidhm acu oibriú go dlúth le chéile ar shaincheisteanna leasa choitinn, ar grúpa é a bhféadfaidh na Ballstáit a bheith rannpháirteach ann freisin. |
Chun críoch an Rialacháin seo, i gcás ina ndéantar tagairt i Rialachán (AE) 2021/1060 do “Ballstát”, forléireofar í mar thagairt a chiallaíonn an “Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta” agus i gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán sin do “Gach Ballstát” nó do “Ballstáit”, forléireofar í mar thagairt a chiallaíonn “na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg ar leith”.
Chun críoch an Rialacháin seo, i gcás ina ndéantar tagairt i Rialachán (AE) 2021/1060 do “na Cistí” mar a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(1) den Rialachán sin nó do Rialachán (AE) 2021/1058, forléireofar í mar thagairt lena gcumhdaítear an ionstraim maoinithe sheachtraigh lena mbaineann de chuid an Aontais freisin.