ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 229

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
29 Meitheamh 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1061 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena gcuirtear síneadh le tréimhse thagartha Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19. ( 1 )

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1062 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

3

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1063 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena bhformheastar clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) mar shubstaint ghníomhach a bhfuiltear lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 4 ( 1 )

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1064 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 maidir le cumraíocht an chóid aitheantais ainmhithe i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann ( 1 )

8

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1065 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)

11

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1066 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS)

13

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

29.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1061 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2021

lena gcuirtear síneadh le tréimhse thagartha Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19.

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá laghdú géar tagtha ar thrácht iarnróid i ngeall ar an titim shuntasach ar éileamh agus ar bhearta díreacha atá déanta ag na Ballstáit chun leathadh na paindéime a choinneáil faoi smacht.

(2)

Na gnóthais iarnróid atá ag dul i ngleic go leanúnach le fadhbanna leachtachta suntasacha, caillteanais ollmhóra agus i gcásanna áirithe inarb ann do riosca dócmhainneachta, níl neart acu ar na himthosca sin.

(3)

Chun gníomhú in aghaidh éifeachtaí eacnamaíocha diúltacha phaindéim COVID-19 agus chun tacaíocht a thabhairt do ghnóthais iarnróid, le Rialachán (AE) 2020/1429 cuirtear ar chumas na mBallstát a údarú do na bainisteoirí bonneagair na muirir i leith rochtain ar bhonneagar iarnróid a laghdú, a tharscaoileadh nó a iarchur. Deonaíodh an fhéidearthacht sin ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus cuireadh síneadh leis go dtí an 30 Meitheamh 2021 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2180 ón gCoimisiún (2) (“an tréimhse thagartha”).

(4)

Teorainneacha a forchuireadh ar an tsoghluaisteacht le linn thréimhse na paindéime, bhí tionchar suntasach acu ar úsáid seirbhísí iarnróid paisinéara. Imríodh tionchar ar sheirbhísí iarnróid lastais freisin ach ar bhealach níos teoranta. Bunaithe ar na sonraí a sholáthraigh bainisteoirí bonneagair iarnróid an Aontais, rinne an phaindéim difear níos mó do chuid na seirbhísí paisinéara agus, go háirithe do chuid na seirbhísí tráchtála paisinéara, ar cuid í nach bhfuil ag feidhmiú go fóill ar na leibhéil a bhí ann in 2019 agus tháinig laghdú suntasach ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil sna Ballstáit go léir. Idir mí an Mhárta 2020 agus mí Feabhra 2021 tháinig laghdú 11,5 % ar sheirbhísí paisinéara arna sloinneadh i dtéarmaí ciliméadair-traenach i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2019-2020 agus tháinig laghdú 6,1 % ar sheirbhísí lastais. Idir mí an Mhárta 2020 agus mí Feabhra 2021 tháinig laghdú 5,9 % ar sheirbhísí paisinéara a oibrítear faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí arna sloinneadh i dtéarmaí ciliméadair-traenach i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2019-2020 agus tháinig laghdú 33,1 % ar sheirbhísí tráchtála paisinéara. Sa cheathrú ráithe de 2020, tháinig laghdú 56 % ar an trácht paisinéirí i gciliméadair phaisinéara agus laghdaíodh an líon paisinéirí faoina leath i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2019. D’fhéadfadh an treocht sin tionchar suntasach a bheith aici ar an iomaíocht laistigh de na margaidh paisinéirí iarnróid, ar chur i gcrích limistéar Eorpach iarnróid ar limistéar aonair go héifeachtach é agus, anuas air sin, ar an ngluaiseacht i dtreo earnáil iompair níos inbhuanaithe ina mbeidh níos mó daoine agus earraí á n-iompar d’iarnród. Tháinig méadú 5 % ar an trácht lastais i dtéarmaí ciliméadair-tona sa cheathrú ráithe de 2020 i gcomparáid le 2019 agus tháinig méadú 3 % ar an méid tonaí a aistríodh ar thraein.

(5)

Léirítear sna sonraí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil líon na gcásanna laethúla taifeadta de COVID-19 san Eoraip fós an-ard ós rud é gurbh é 107 253 an líon cásanna a tuairiscíodh maidir leis an 9 Bealtaine 2021 don lá sin amháin.

(6)

Ag deireadh mhí Aibreáin 2021, chuir an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú i dtábhacht “go bhfuil an Eoraip in aimsir na cruóige maidir lena comhrac in aghaidh COVID-19. Tá roinnt mhaith tíortha i mbun na srianta a mhaolú faoi láthair, cuid acu i gcomhthéacs líon cásanna méadaitheach agus athraithigh nua ag teacht chun cinn, agus cláir vacsaínithe náisiúnta á gcur i bhfeidhm acu ag an am céanna.”

(7)

Tá an laghdú ar leibhéal an tráchta iarnróid, i gcomparáid leis an leibhéal le linn thréimhse chomhfhreagrach na mblianta roimhe ag leanúint ar aghaidh, agus is dócha go leanfaidh sé de bheith amhlaidh go dtí go dtabharfar próiseas an vacsaínithe i gcrích ar a laghad. Is de thoradh thionchar ráig COVID-19 atá an cás seo amhlaidh.

(8)

Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur leis an tréimhse thagartha a bhunaítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/1429 go dtí deireadh mhí na Nollag 2021.

(9)

Dá ndéanfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle grinnscrúdú ar an Rialachán seo le haghaidh na tréimhse iomláine agóide dá bhforáiltear in Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2020/1429, ní thiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm ach tar éis dheireadh na tréimhse tagartha a bheartaítear faoi láthair in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/1429. Chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint ba cheart an Rialachán seo a ghlacadh faoin nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2020/1429, agus ba cheart dó a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/1429:

“Airteagal 1

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha sealadacha maidir le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid mar a leagtar amach i gCaibidil IV de Threoir 2012/34/AE. Tá feidhm aige maidir le bonneagar iarnróid a úsáid le haghaidh na seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta a chumhdaítear leis an Treoir sin, le linn na tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“an tréimhse thagartha”).”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 333, 12.10.2020, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2180 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena gcuirtear síneadh le tréimhse thagartha Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19 (IO L 433, 22.12.2020, lch. 37).


29.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1062 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2021

lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 31 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (2) tá earráidí in Iarscríbhinn VII [Cuid-NCO], fochuid E, roinn 6, pointí NCO.SPEC.MCF.100, NCO.SPEC.MCF.110, NCO.SPEC.MCF.120 agus NCO.SPEC.MCF.125 agus in Iarscríbhinn VIII [Cuid-SPO], fochuid E, roinn 5, pointí SPO.SPEC.MCF.100 agus SPO.SPEC.MCF.125 maidir le ceannteidil mhíchearta agus le tagairt mhícheart.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, an leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).


29.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1063 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2021

lena bhformheastar clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) mar shubstaint ghníomhach a bhfuiltear lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 4

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha (1), a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 89(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) leagtar síos liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) (ADBAC/BKC (C12-C16)) atá le hathainmniú chun críocha an Rialacháin seo mar chlóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) de thoradh na meastóireachta uirthi.

(2)

Rinneadh meastóireacht ar chlóiríd amóiniam demheitilbeinsile ailcile (C12-16) i ndáil lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 3, i dtáirgí bithicídeacha sláinteachais tréidliachta, agus i dtáirgí de chineál táirge 4, i ndífhabhtáin don láthair bhia agus bheathaithe mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a chomhfhreagraíonn do chineálacha táirgí 3 agus 4 faoi seach mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

Ainmníodh an Iodáil mar Bhallstát is rapóirtéir agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta tuarascálacha measúnachta mar aon lena chonclúidí faoi bhráid an Choimisiúin an 10 Meán Fómhair 2012.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na tuairimí ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (4) (“an Ghníomhaireacht”) an 6 Deireadh Fómhair 2020, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta.

(5)

De réir na dtuairimí sin, féadfar a bheith ag súil go ndéanfaidh táirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 4 ina bhfuil clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 (1)(b), (c) agus (d) de Threoir 98/8/CE a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíontar sonraíochtaí agus coinníollacha áirithe a bhaineann lena n-úsáid.

(6)

Agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur san áireamh, is iomchuí clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) a fhormheas mar shubstaint ghníomhach a bhfuiltear lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 4, faoi réir comhlíonadh sonraíochtaí agus coinníollacha áirithe.

(7)

Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula bhformheasfar substaint ghníomhach ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) formheasta mar shubstaint ghníomhach a bhfuiltear lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 4, faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá i dtáirgí bithicídeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).

(3)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(4)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis na hiarratais ar fhormheas na substainte gníomhaí clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16); An cineál táirge: 3 agus 4; ECHA/BPC/267/2020 agus ECHA/BPC/268/2020, a glacadh an 6 Deireadh Fómhair 2020.


IARSCRÍBHINN

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Uimhreacha Céannachta

Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí  (1)

Dáta formheasa

Dáta éaga an fhormheasa

An cineál táirge

Coinníollacha sonracha

Clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcil (C12-16)

Ainm IUPAC: ní bhaineann le hábhar

Uimh. CE: 270-325-2

Uimh. CAS: 68424-85-1

Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi: meáchan tirim 972 g/kg

An 1 Samhain 2022

An Dé Domhnaigh 31 Deireadh Fómhair 2032

3

Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

Sa mheasúnú ar tháirgí tabharfar aird ar leith ar an teagmháil, ar na rioscaí agus ar an éifeachtúlacht a bhaineann le haon úsáidí a chumhdaítear le hiarratas ar údarú, ach nach dtabharfar aghaidh orthu sa mheasúnú riosca ar an tsubstaint ghníomhach ar leibhéal an Aontais.

(b)

I bhfianaise thoradh an mheasúnaithe riosca i dtaca leis na húsáidí a ndearnadh measúnú orthu, tabharfar aird ar leith ar an méid seo a leanas sa mheasúnú ar tháirgí:

(1)

úsáideoirí gairmiúla;

(2)

dríodar a fhágtar tar éis díghalrú a dhéanamh ar fheithiclí a úsáidtear chun ainmhithe a iompar agus tar éis díghalrú a dhéanamh ar ghorlanna tar éis ceo-chóireáil a dhéanamh;

(3)

ithir a fhágtar tar éis díghalrú a dhéanamh ar fheithiclí a úsáidtear chun ainmhithe a iompar, tar éis bróga a dhíghalrú agus tar éis díghalrú a dhéanamh ar ghorlanna tar éis ceo-chóireáil a dhéanamh.

(c)

Le haghaidh táirgí a bhféadfadh iarmhair i mbia nó i mbeatha a bheith ina dtoradh orthu, fíorófar an gá uasleibhéil iarmhar (MRLanna) nua a shocrú nó na cinn reatha a leasú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (2) nó le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (3) agus déanfar aon bheart iomchuí maolaithe riosca chun a áirithiú nach sárófar na huasteorainneacha iarmhar is infheidhme.

4

Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

Sa mheasúnú ar tháirgí tabharfar aird ar leith ar an teagmháil, ar na rioscaí agus ar an éifeachtúlacht a bhaineann le haon úsáidí a chumhdaítear le hiarratas ar údarú, ach nach dtabharfar aghaidh orthu sa mheasúnú riosca ar an tsubstaint ghníomhach ar leibhéal an Aontais.

(b)

I bhfianaise thoradh an mheasúnaithe riosca i dtaca leis na húsáidí a ndearnadh measúnú orthu, tabharfar aird ar leith ar an méid seo a leanas sa mheasúnú ar tháirgí:

(1)

úsáideoirí gairmiúla;

(2)

dríodar agus ithir a fhágtar tar éis díghalrú a dhéanamh i sléachtlanna agus i siopaí búistéara.

(c)

Le haghaidh táirgí a bhféadfadh iarmhair i mbia nó i mbeatha a bheith ina dtoradh orthu, fíorófar an gá MRLanna nua a shocrú nó na cinn reatha a leasú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 nó le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, agus déanfar aon bheart iomchuí maolaithe riosca chun a áirithiú nach sárófar na MRLanna is infheidhme.

(d)

Ní chuirfear clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcil (C12-16) in ábhair agus i nithe atá ceaptha teacht i dtadhall le bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (4), ach amháin má tá teorainneacha sonracha leagtha síos ag an gCoimisiún maidir le haistriú clóiríde amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) isteach i mbia nó má tá sé leagtha síos de bhun an Rialacháin sin nach bhfuil gá leis na teorainneacha sin.


(1)  Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith cothrom nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).


29.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1064 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 maidir le cumraíocht an chóid aitheantais ainmhithe i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 120(1) agus Airteagal 120(2), pointí (c), (d) agus (f) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe, ar in-tarchurtha iad go hainmhithe nó go daoine. Le Cuid IV, Teideal I, Caibidlí 1 agus 2 den Rialachán sin, leagtar amach na rialacha le haghaidh bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus le haghaidh gorlann, agus i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir laistigh den Aontas. Le Rialachán (AE) 2016/429 tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin rialacha a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán sin a fhorlíonadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 trí fhoráil a dhéanamh maidir leis na rialacha i dtaca le bunaíochtaí cláraithe agus formheasta le haghaidh ainmhithe atá ar coimeád agus uibheacha goir, agus i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir. Áirítear i gCuid III den Rialachán Tarmligthe sin rialacha i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún atá ar coimeád, agus go sonrach Cuid III, Teidil I agus II, lena leagtar síos rialacha i dtaca le hinrianaitheacht bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair.

(3)

Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha inrianaitheachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a áirithiú san Aontas, leagtar síos rialacha tarmligthe i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 ón gCoimisiún (3).

(4)

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429, agus gníomhartha de chuid an Choimisiúin atá bunaithe air, maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na rialacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí tagairt a dhéanamh don Chomhaontú um Tharraingt Siar in Airteagal 1 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(5)

Ina theannta sin, i bpointe (a) d’Airteagal 12 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 leagtar amach rialacha maidir le cumraíocht cóid aitheantais bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia atá ar coimeád. Is é cód tíre an Bhallstáit inar cuireadh an modh sainaitheantais i bhfeidhm ar na hainmhithe den chéad uair, an chéad ghné den chód sainaitheantais, i bhformáid an chóid dhá litir i gcomhréir le caighdeán 3166-1 alfa-2 de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO), cé is moite den Ghréig arb é an cód dhá litir “EL” atá le húsáid ina leith, nó an cód tíre trí dhigit i gcomhréir le caighdeán ISO 3166-1 uimhriúil. Ós rud é nach bhfuil aon fhoroinn le haghaidh na Ríochta Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna caighdeáin ISO dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/520, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun a leagan síos cén cód tíre ba cheart a bheith ina chéad ghné den chód sainaitheantais maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia atá ar coimeád a shainaithnítear sa réigiún sin den Ríocht Aontaithe.

(6)

Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún (4) ainmníocht na dtíortha agus na gcríoch le haghaidh na staitisticí Eorpacha i leith trádáil idirnáisiúnta in earraí, agus leagtar síos gurb é “XI” an cód dhá litir atá le húsáid más gá idirdhealú a dhéanamh ar an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann de réir na gcoinníollacha a leagtar síos i bhforálacha ábhartha an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh don chód sin in Airteagal 12(a)(i) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

(7)

Thairis sin, níor sainíodh cód trí dhigit comhfhreagrach lena úsáid nuair is gá an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann a idirdhealú. Níl an cód trí dhigit “899” sannta i gcaighdeán ISO 3166-1 uimhriúil. Ba cheart dá bhrí sin tagairt a dhéanamh don chód sin in Airteagal 12(a)(ii) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 don Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 a leasú dá réir.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

“Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha le haghaidh na mBallstát (*1) maidir leis na nithe seo a leanas:

(*1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an Rialacháin seo, baineann tagairtí do na Ballstáit nó don Aontas leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.”;"

(2)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

cód tíre an Bhallstáit inar cuireadh an modh sainaitheantais i bhfeidhm ar na hainmhithe den chéad uair a bheidh sa chéad ghné den chód sainaitheantais, i bhformáid ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

úsáidfear an cód dhá litir i gcomhréir le caighdeán ISO 3166-1 alfa-2, cé is moite den Ghréig arb é an cód dhá litir ‘EL’ atá le húsáid ina leith, agus maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann a n-úsáidfear an cód dhá litir ‘XI’ ina leith; nó

(ii)

an cód tíre trí dhigit i gcomhréir le caighdeán ISO 3166-1 uimhriúil, cé is moite den Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann a n-úsáidfear ‘899’ ina leith;”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le rialacha le haghaidh bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád (IO L 104, 25.3.2021, lch. 39).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020 faoi ainmníocht na dtíortha agus na gcríoch le haghaidh na staitisticí Eorpacha i leith trádáil idirnáisiúnta in earraí agus ar an scagadh geografach ar staitisticí gnó nach iad (IO L 334, 13.10.2020, lch. 2).


CINNTÍ

29.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/11


CINNEADH (CBES) 2021/1065 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2021

lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Nollaig 2005, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES (1), maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah).

(2)

An 30 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/955 (2), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES agus lena gcuirtear síneadh léi go dtí an 30 Meitheamh 2021.

(3)

An 4 Márta 2021, i gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh ar EU BAM Rafah, d’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) gur cheart síneadh a chur le EU BAM Rafah go ceann tréimhse bhreise 24 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2023.

(4)

An 1 Meitheamh 2021, thug PSC dá aire freisin, agus faisnéis a chuir Iosrael agus Údarás na Palaistíne ar fáil á cur san áireamh, gur cheart, ag an gcéim seo, síneadh bliana a chur le EU BAM Rafah, go dtí an 30 Meitheamh 2022.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES a leasú dá réir.

(6)

Cuirfear EU BAM Rafah i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meathlú teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 13(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Is é EUR 2 460 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EU BAM Rafah a chumhdach don tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022.”;

(2)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Rachaidh sé in éag ar an 30 Meitheamh 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. do C. ANTUNES


(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES ón gComhairle an 25 Samhain 2005 maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L 327, 14.12.2005, lch. 28).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/955 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L 212, 3.7.2020, lch. 18).


29.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/13


CINNEADH (CBES) 2021/1066 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2021

lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 3 Iúil 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/354/CBES (1), lenar leanadh ar aghaidh le EUPOL COPPS amhail ón 1 Iúil 2013.

(2)

An 29 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/902 (2) lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES agus lena gcuirtear síneadh leis ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021.

(3)

An 4 Márta 2021, i gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh ar EUPOL COPPS, d’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) gur cheart síneadh a chur le EUPOL COPPS go ceann tréimhse bhreise 24 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2023.

(4)

An 1 Meitheamh 2021, thug PSC dá aire freisin, agus faisnéis a chuir Iosrael agus Údarás na Palaistíne ar fáil á cur san áireamh, gur cheart, ag an gcéim seo, síneadh bliana a chur le EUPOL COPPS, go dtí an 30 Meitheamh 2022.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2013/354/CBES a leasú dá réir sin.

(6)

Cuirfear EUPOL COPPS i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meath teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 12(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Is é EUR 12 600 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUPOL COPPS a chumhdach don tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022.”;

(2)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

“Rachaidh sé in éag ar an 30 Meitheamh 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. do C. ANTUNES


(1)  Cinneadh 2013/354/CBES ón gComhairle an 3 Iúil 2013 maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (IO L 185, 4.7.2013, lch. 12).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/902 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (IO L 207, 30.6.2020, lch. 30).