ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 222

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
22 Meitheamh 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/1005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1006 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samhail an deimhnithe lena bhfianaítear comhlíonadh na rialacha maidir le táirgeadh orgánach ( 1 )

3

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1007 ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 a mhéid a bhaineann leis an mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha agus na seiceálacha in earnáil an fhíona

8

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1008 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le stádas saor ó ghalar na Cróite agus réigiúin den Phortaingéil maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i bpobail bó-, lena leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann leis a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalar na Liotuáine agus réigiún áirithe den Ghearmáin, den Iodáil agus den Phortaingéil maidir le hionfhabhtú an víris gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus lena leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalar na Danmhairge agus na Fionlainne maidir le hionfhabhtuithe neacróise fuilghinte ( 1 )

12

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1009 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia)

18

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1010 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/386/CBES maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol

20

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1011 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil

21

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1012 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice

27

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1013 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir

33

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1014 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantachai bhfianaise na staide sa Libia

38

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1015 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le fearais chuisniúcháin, fearais uachtair reoite agus fearais déanta oighir, trealamh saotharlainne le haghaidh téamh ábhar, trealamh uathoibríoch agus leath-uathoibríoch saotharlainne le haghaidh anailíse agus cuspóirí eile, trealamh leictreach le rátálacha a bhaineann le soláthar leictreach, fearais chun craiceann a nochtadh do radaíocht ultraivialait agus infridhearg, téitheoirí seomra, iarainn leictreacha, soirn chócaireachta nach soirn iniompartha iad, iartaí, oighinn agus fearais dá samhail, galtáin fabraice, feistí leictrimheicniúla le haghaidh ciorcad rialaithe, pluideanna, pillíní, éadaí agus fearais sholúbtha téite dá samhail, agus trealamh leictreach áirithe eile a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais

40

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

22.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1005 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meitheamh 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 an 31 Iúil 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle (2) tugtar éifeacht do na bearta dá bhforáiltear le Cinneadh (CBES) 2015/1333.

(2)

An 16 Aibreán 2021, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2571 (2021). Meabhraigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2174 (2014), inar cinneadh go bhfuil feidhm ag na bearta a leagtar amach i Rún 1970 (2011) freisin maidir le daoine aonair agus eintiteas atá i mbun gníomhartha nó a chuireann tacaíocht ar fáil do ghníomhartha seachas iad siúd a shonraítear i Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ar ghníomhartha iad lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Libia i mbaol, nó lena gcuirtear bac ar a haistriú polaitiúil a chur i gcrích go rathúil nó lena mbaintear an bonn den chur i gcrích sin. Chuir sí i dtreis freisin go bhféadfaí a áireamh ar na gníomhartha sin bac a chur ar na toghcháin atá beartaithe i dtreochlár Fhóram Idirphlé Polaitiúil na Libia nó an bonn a bhaint díobh.

(3)

An 21 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1014 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333, inar shoiléirigh sí go gcuimsítear leis na critéir maidir le bearta sriantacha a chur i bhfeidhm freisin daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a chuireann bac ar na toghcháin atá beartaithe atá beartaithe i dtreochlár Fhóram Idirphlé Polaitiúil na Libia nó a bhaineann an bonn dóibh.

(4)

Tagann cuid de na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2016/44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

atá i mbun gníomhartha nó a chuireann tacaíocht ar fáil do ghníomhartha lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Libia i mbaol, nó lena gcuirtear bac ar a haistriú polaitiúil a chur i gcrích go rathúil nó lena mbaintear an bonn den chur i gcrích sin, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas:

(i)

gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh sa Libia ar gníomhartha iad a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine is infheidhme nó an dlí daonnúil idirnáisiúnta is infheidhme, nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, sa Libia;

(ii)

ionsaithe a dhéanamh ar aon aerfort, port talún nó calafort sa Libia, nó ar institiúid stáit nó bunáit stáit de chuid na Libia, nó ar aon mhisean taidhleoireachta sa Libia;

(iii)

tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí armtha nó do líonraí coiriúla trí amhola nó aon acmhainn nádúrtha eile a shaothrú go haindleathach sa Libia;

(iv)

bagairt a dhéanamh ar institiúidí airgeadais Stát na Libia agus ar Cuideachta Náisiúnta Ola na Libia nó iad a chomhéigniú, nó dul i gceann gníomhartha a bhféadfadh míleithreasú cistí de chuid Stát na Libia a theacht as nó a bheith mar thoradh air;

(v)

forálacha an trádbhaic arm sa Libia, a bunaíodh le UNSCR 1970 (2011) agus le hAirteagal 1 den Rialachán seo a shárú nó cúnamh a thabhairt i seachaint na bhforálacha sin;

(vi)

bac a chur ar na toghcháin a bhfuil pleanáil déanta lena n-aghaidh i bplean oibre Fhóram Idirphlé Polaitiúil na Libia nó an bonna bhaint dóibh.

(vii)

a bheith ina ndaoine, ina n-eintitis nó ina gcomhlachtaí atá ag gníomhú ar son nó thar ceann nó faoi stiúir aon cheann de na daoine, eintitis nó comhlachtaí a luaitear thuas, nó a bheith ina ndaoine, ina n-eintitis nó ina gcomhlachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu sin nó ag daoine, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II nó III; nó’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.

(2)  Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO L 12, 19.1.2016, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/1014 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (féach leathanach 38 den Iris Oifigiúil seo).


22.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/3


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1006 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Aibreán 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samhail an deimhnithe lena bhfianaítear comhlíonadh na rialacha maidir le táirgeadh orgánach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 35(9) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 leagtar amach samhail an deimhnithe atá le heisiúint d’aon oibreoir nó do ghrúpaí oibreoirí a thug fógra faoina ghníomhaíocht d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar an ghníomhaíocht agus a chomhlíonann an Rialachán sin. Chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe a áirithiú, tá eilimintí coitianta i samhail an deimhnithe atá éigeantach i ngach Ballstát, amhail an t-ainm agus an seoladh, gníomhaíochtaí na n-oibreoirí agus catagóirí na dtáirgí. Mar sin féin, d’fhéadfadh údaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe a eisíonn an deimhniú cinneadh a dhéanamh faisnéis bhreise shonrach a éileamh amhail liosta mionsonraithe táirgí, faisnéise faoi thalamh agus áitreabh, liosta fochonraitheoirí agus faisnéis faoi chreidiúnú an chomhlachta rialaithe. Dá bhrí sin, is iomchuí cuid thiomnaithe a chur leis an deimhniú.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/848 a leasú dá réir.

(3)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN VI

SAMHAIL AN DEIMHNITHE

DEIMHNIÚ DE BHUN AIRTEAGAL 35(1) DE RIALACHÁN (AE) 2018/848 MAIDIR LE TÁIRGEADH ORGÁNACH AGUS LIPÉADÚ TÁIRGÍ ORGÁNACHA

Cuid I: Eilimintí éigeantacha

1.

Uimhir an doiciméid

2.

(roghnaigh de réir mar is iomchuí)

An tOibreoir

Grúpa oibreoirí – féach pointe 9

3.

Ainm agus seoladh an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí:

4.

Ainm agus seoladh údarás inniúil, nó, i gcás inarb iomchuí, údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí agus an chóduimhir más údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe atá i gceist:

5.

Gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí (roghnaigh de réir mar is iomchuí)

Táirgeadh

Ullmhúchán

Dáileadh/Cur ar an margadh

Stóráil

Allmhairiú

Onnmhairiú

6.

Catagóir nó catagóirí na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (1) agus modhanna táirgthe (roghnaigh de réir mar is iomchuí)

(a)

plandaí neamhphróiseáilte agus táirgí plandaí, lena n-áirítear síolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí

An modh táirgthe:

táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(b)

beostoc agus táirgí beostoic neamhphróiseáilte

An modh táirgthe:

táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(c)

algaí agus táirgí dobharshaothraithe neamhphróiseáilte

An modh táirgthe:

táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(d)

táirgí talmhaíochta próiseáilte, lena n-áirítear táirgí dobharshaothraithe, a úsáidtear mar bhia

An modh táirgthe:

táirgeadh táirgí orgánacha

táirgeadh táirgí atá á dtiontú

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(e)

beatha

An modh táirgthe:

táirgeadh táirgí orgánacha

táirgeadh táirgí atá á dtiontú

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(f)

fíon

An modh táirgthe:

táirgeadh táirgí orgánacha

táirgeadh táirgí atá á dtiontú

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

(g)

táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 nó nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo:

An modh táirgthe:

táirgeadh táirgí orgánacha

táirgeadh táirgí atá á dtiontú

táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

Eisíodh an doiciméad seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 chun a dheimhniú go gcomhlíonann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí (roghnaigh de réir mar is iomchuí) an Rialachán sin.

7.

Dáta, áit

Ainm agus síniú thar ceann an údaráis inniúil eisiúna, nó, i gcás inarb iomchuí, thar ceann an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe:

8.

Deimhniú bailí ón……….[cuir isteach an dáta] go dtí an……….[cuir isteach an dáta]

9.

Liosta de bhaill an ghrúpa oibreoirí mar a shainítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/848

Ainm an bhaill

Seoladh nó modh eile chun ball a shainaithint

 

 

 

 

 

 

Cuid II: Eilimintí roghnacha sonracha

Eilimint amháin nó níos mó atá le líonadh isteach má chinneann an t-údarás inniúil é nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a eisíonn an deimhniú don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848.

1.

Eolaire táirgí

Ainm an táirge agus/nó an cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848

Orgánach

Atá á thiontú

 

 

 

 

 

 

2.

Cainníocht na dtáirgí

Ainm an táirge agus/nó cód AC dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848

Orgánach

Atá á thiontú

Cainníocht arna meas i gcileagraim, i lítir nó, i gcás inarb ábhartha, i líon na n-aonad

 

 

 

 

 

 

 

 

 

3.

Faisnéis maidir leis an talamh

Ainm an táirge

Orgánach

Atá á thiontú

Neamhorgánach

Dromchla i heicteáir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.

Liosta áitreabh nó aonad ina ndéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí an ghníomhaíocht

Seoladh nó geoshuíomh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

 

 

 

 

 

 

5.

Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí agus cé acu a dhéanann sé an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí ar a shon féin nó mar fhochonraitheoir a dhéanann an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí a dhéantar

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí ar a shon féin

Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí a dhéantar mar fhochonraitheoir d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó as na gníomhaíochtaí a dhéantar

 

 

 

 

 

 

6.

Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a rinne an tríú páirtí ar fochonradh i gcomhréir le hAirteagal 34(3) de Rialachán (AE) 2018/848

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

Leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach

Is é an tríú páirtí ar fochonradh atá freagrach

 

 

 

 

 

 

7.

Liosta na bhfochonraitheoirí a dhéanann gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 34(3) de Rialachán (AE) 2018/848, gníomhaíochtaí a leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach astu a mhéid a bhaineann le táirgeadh orgánach agus nár aistrigh sé an fhreagracht sin ina leith chuig an bhfochonraitheoir

Ainm agus seoladh

Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

 

 

 

 

 

 

8.

Faisnéis maidir le creidiúnú an chomhlachta rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 40(3) de Rialachán (AE) 2018/848

(a)

ainm an chomhlachta creidiúnaithe;

(b)

hipearnasc chuig deimhniú an chreidiúnaithe.

9.

Faisnéis eile

 


(1)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


22.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1007 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Meitheamh 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 a mhéid a bhaineann leis an mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha agus na seiceálacha in earnáil an fhíona

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 89(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earnáil fíona an Aontais an-leochaileach ó thaobh calaoise de toisc go bhfuil formhór tháirgeadh an Aontais bunaithe ar na scéimeanna cáilíochta deimhnithe, eadhon sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (“STFC”) agus tásc geografach faoi chosaint (“TGFC”), lena dtugtar aitheantas do tháirgí ardcháilíochta agus a chuidíonn le táirgeoirí a dtáirgí a mhargú ar bhealach níos fearr. Baineann na sáruithe príomhúla amhrasta le forghabháil tionscnaimh, mar shampla trí fhíon lagmheasa a mhargú agus a lipéadú d’aon ghnó agus go neamhdhleathach mar fhíon ar deonaíodh STFC nó TGFC dó, nó trí fhíon a chaolú nó siúcra a chur le fíon go neamhdhleathach. Meastar gur fiú EUR 1,3 billiún in aghaidh na bliana an tionchar eacnamaíoch a bhíonn ag an ngníomhaíocht chalaoiseach in earnáil fíona an Aontais, is é sin 3,3 % de dhíolacháin earnáil fíona an Aontais. Sa bhreis ar an tionchar eacnamaíoch díreach follasach ar earnáil an fhíona a chruthaítear le cásanna calaoise den sórt sin, d’fhéadfadh baol níos mó fós a bheith ann go ndéanfaí damáiste do chlú earnáil an fhíona i gcás ina mbeadh teagmhas tromchúiseach calaoise ann agus go gcaillfí muinín na dtomhaltóirí agus go gcuirfí srianta ar thrádáil dá bharr, rud a dhéanfadh dochar do leasanna foriomlána earnáil fíona an Aontais.

(2)

Dá bhrí sin, is gá an comhrac in aghaidh na calaoise in earnáil fíona an Aontais a fheabhsú agus a neartú, go háirithe maidir le feidhmiú an bhunachair sonraí anailísigh de shonraí iseatópacha dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún (2) agus a mhéid a bhaineann le comhordú na bhfreagrachtaí gaolmhara sna Ballstáit agus leis an lárionad tagartha Eorpach um rialú in earnáil an fhíona (ERC-CWS). Rannchuidíonn sé sin le straitéis an Choimisiúin “A Farm to Fork strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system” (Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol) (3). Go háirithe maidir le ceann amháin dá chuid tosaíochtaí arb é atá ann an chalaois bhia a chomhrac feadh shlabhra an tsoláthair bia, lena n-iarrtar go sonrach ar an gCoimisiún cur lena chomhrac i gcoinne na calaoise bia chun cothrom iomaíochta a bhaint amach d’oibreoirí agus chun cumhachtaí na n-údarás rialaithe agus forfheidhmiúcháin a neartú.

(3)

I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún (4) leagtar síos na rialacha maidir leis an mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha agus forálacha sonracha maidir le seiceálacha. Is gá inneachar an bhunachair sonraí anailísigh de shonraí iseatópacha a oiriúnú chun léargas níos fearr a thabhairt ar réaltacht earnáil fíona an Aontais. I bhfianaise mheán na 5 bliana deireanacha de tháirgeadh fíona an Aontais, tá treocht sheasta in airde ann maidir le sciar na bhfíonta ar deonaíodh STFC nó TGFC dóibh, sciar a bhain breis agus 60 % den táirgeacht iomlán amach. Sa bhliain mhargaíochta 2019/20, bhí an sciar gar do 70 %. Dá bhrí sin, agus ós rud é gur mó an baol go ndéanfar calaois i leith fíonta ar deonaíodh aitheantas STFC nó TGFC dóibh, is gá foráil a dhéanamh sa bhunachar sonraí do sciar níos mó de na fíonta sin, a dhéanann suas 40 % d’iomlán na bhfíonta PDO nó TGFC san Aontas anois.

(4)

Chun sampláil a dhéanamh ar fhíonchaora, agus chun na hoibríochtaí agus na hanailísí a dhéanamh a theastaíonn chun sonraí a tháirgeadh don bhunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha, teastaíonn leibhéal ard acmhainní, rud a d’fhéadfadh moill a chur ar sholáthar na sonraí sin. D’fhonn na deacrachtaí a shárú maidir le faisnéis thráthúil iomlán a sholáthar, maidir lena chinneadh go bhféadfaidh an t-eintiteas a bhainistíonn STFC nó TGFC na samplaí de na fíonchaora a shaothraítear chun fíonta a bhfuil STFC nó TGFC acu a tháirgeadh, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an cinneadh sin a ghlacadh, i gcomhar leis na saotharlanna ainmnithe, i gcásanna nach bhfuil dóthain acmhainní ag na saotharlanna ainmnithe an tsampláil a dhéanamh iad féin. Beidh comhar idir na comhlachtaí sin, ERC-CWS agus saotharlanna ainmnithe na mBallstát ríthábhachtach sa chomhrac in aghaidh cleachtais chalaoiseacha a bhfuil tionchar acu ar fhíonta a bhfuil aitheantas STFC nó TGFC acu, ar fíonta iad arb é atá iontu an chuid is mó de tháirgeadh fíona an Aontais.

(5)

De dheasca sonraí iseatópacha a bheith in easnamh agus tacair sonraí neamhiomlána, d’fhéadfadh moill a bheith ar imscrúduithe ar chásanna de chalaois amhrasta fíona nó d’fhéadfadh sé go gcuirfí bac ar thoradh na n-imscrúduithe sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le fíon góchumtha a scaoileadh ar an margadh. Ní hamháin go bhfuil an easpa sonraí sin ina bagairt maidir le clú fhíonta an Aontais ach d’fhéadfadh tionchar a bheith aici freisin ar mhéid na ndleachtanna máil a chuirtear i bhfeidhm. Cruthaíonn sé sin baol go gcuirfí dleachtanna ioncaim cánach i bhfeidhm ar chatagóirí fíonta atá lipéadaithe go mícheart. Dá bhrí sin, is gá feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair i dtaca leis an mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha ionas go n-áiritheofar go ndéanfar é a thabhairt cothrom le dáta laistigh de thréimhse áirithe, agus le go gcuirfear cosaint níos fearr ar fáil ar an gcaoi sin in aghaidh na calaoise in earnáil fíona an Aontais. I bhfianaise roinnt fadhbanna a bhaineann le sannadh i roinnt Ballstát, is gá a shoiléiriú freisin cé na páirtithe lena mbaineann a bhfuil sé de cheart acu rochtain a fháil ar na samplaí agus ar na comhaid.

(6)

Chun feabhas a chur ar na nósanna imeachta lena rialaítear imscrúduithe ar chalaois amhrasta a bhaineann le coinsíneacht fíona, ba cheart na rialacha atá ann faoi láthair a threisiú. Ba cheart sprioc-amanna a leagan síos, agus nuair a rachaidh siad in éag ba cheart a chur ar fáil d’údarás inniúil na críche ina bhfuil an t-ionad díluchtaithe lonnaithe na sonraí ábhartha go léir atá ar fáil agus a theastaíonn chun a fhíorú an gcomhlíonann an fíon a bhfuil amhras faoi rialacha an Aontais in earnáil an fhíona. Ba cheart ról na n-eintiteas atá i bhfeighil ar na céimeanna éagsúla den nós imeachta imscrúdaithe a shoiléiriú a thuilleadh.

(7)

Ní nochtar don phobal tacair sonraí maidir le tomhas iseatópach ná aon torthaí gaolmhara ón mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha. Tá údar leis sin mar gheall ar an imní go soláthrófaí faisnéis do chalaoiseoirí a d’fhéadfadh í a úsáid chun a leasa dá gcuirfí faisnéis den sórt sin ar fáil go poiblí. Thairis sin, dhéanfadh mí-úsáid faisnéise den sórt sin dochar do cháil fíonta áirithe. Mar sin féin, ba cheart é a bheith indéanta roinnt sonraí anaithnidithe maidir le cásanna calaoise a nochtadh don phobal trí thuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina mbeidh na torthaí is tábhachtaí ar rialuithe in earnáil an fhíona bunaithe ar úsáid an bhunachair sonraí. Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacha a bhaineann le mionsaothrú na tuarascála bliantúla a shonrú a thuilleadh.

(8)

Thángthas ar dheacrachtaí le linn seiceálacha agus rialuithe a dhéanamh ar tháirgí fíona a iompraítear ar an mórchóir, ós rud é go bhfuil na táirgí sin níos soghabhálaí i leith cleachtais chalaoiseacha ná mar atá táirgí lipéadaithe ar a bhfuil feiste dúnta neamh-inathúsáidte. Dá bhrí sin, i gcásanna nach gcuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas in am, trí chóras ríomhairithe nó trí chóras faisnéise, maidir le teacht isteach coinsíneacht táirgí fíona arna n-iompar ar an mórchóir ba cheart bearta a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil an t-údarás inniúil san ionad díluchtaithe in ann na seiceálacha is gá a dhéanamh sula bhfágfaidh an táirge áitreabh an choinsíní. I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil gan seiceálacha den sórt sin a dhéanamh, ba cheart cead a bheith ag an gcoinsíní an táirge a sheoladh óna áitreabh láithreach.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Chun an bunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 a bhunú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar samplaí d’fhíonchaora úra a mbeidh anailís le déanamh orthu ag saotharlanna ainmnithe na mBallstát a thógáil, a chóireáil agus a phróiseáil go fíon i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gCuid II d’Iarscríbhinn III leagtar amach líon na samplaí atá le tógáil gach bliain le haghaidh an bhunachair sonraí. Agus na samplaí á roghnú cuirfear san áireamh suíomh geografach na bhfíonghort sna Ballstáit atá liostaithe i gCuid II d’Iarscríbhinn III agus cion na bhfíonta ag a bhfuil STFC nó TGFC in aghaidh an Bhallstáit nó an réigiúin. Gach bliain, tógfar ar a laghad 25 % de na samplaí ó na ceapacha céanna ónar tógadh iad an bhliain roimhe sin.”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcás inarb iomchuí, gurb é an t-eintiteas a bhainistíonn STFC nó TGFC a fhéadfaidh na samplaí a ghlacadh de na fíonchaora arna saothrú le haghaidh táirgeadh fíonta a bhfuil STFC nó TGFC acu. Sa chás sin, déanfaidh saotharlanna ainmnithe na mBallstát an tsampláil a chomhordú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach i Roinn A de Chuid I d’Iarscríbhinn III.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Déanfaidh na saotharlanna na sonraí a bailíodh, mar aon le cóip den tuarascáil anailíse ina mbeidh torthaí agus léirmhíniú na n-anailísí mar aon le cóip den bhileog thuairisce, a chur faoi bhráid ERC-CWS go leictreonach agus tráth nach déanaí ná (an 31 Deireadh Fómhair) an bhliain tar éis na buainte fíonchaor.”;

(e)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“comhaid a chur ar fáil, gan moill mhíchuí ná costas míchuí, dóibh siúd a ghin an fhaisnéis atá sna comhaid ionas gur féidir aon mhíchruinneas a cheartú.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Faisnéis atá sa bhunachar sonraí anailíseach a chur in iúl i gcás ina bhfuiltear in amhras nár comhlíonadh rialacha an Aontais in earnáil an fhíona”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Nuair is gá ar chúiseanna eolaíocha, staidrimh, rialaithe nó breithiúnacha i gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, nuair is faisnéis ionadaíoch í, a chur ar fáil arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun comhlíonadh rialacha an Aontais a áirithiú in earnáil an fhíona agus do na cúirteanna náisiúnta. Ní úsáidfear an fhaisnéis sin ach amháin chun na gcríoch dá n-iarrtar í agus déileálfar léi mar fhaisnéis rúnda.”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   I gcás rialú i mBallstát, a bhfuil gá le sonraí tagartha ina leith ón mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha a bhaineann le fíon a tháirgtear i mBallstát eile, iarrfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ar ERC-CWS teagmháil a dhéanamh le saotharlann ainmnithe an Bhallstáit ina dtáirgtear an fíon atá faoi imscrúdú, chun an t-amhras a fhíorú trí úsáid a bhaint as na sonraí ábhartha uile atá ar fáil. Laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a bhfaighfear an iarraidh, fíoróidh an tsaotharlann ainmnithe sin an gcomhlíonann an fíon atá i gceist rialacha an Aontais in earnáil an fhíona. I gcás nach féidir an sprioc-am sin a urramú ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, cuirfidh an tsaotharlann ainmnithe ERC-CWS ar an eolas dá réir sin agus déanfaidh ERC-CWS an méid seo a leanas ina dhiaidh sin:

(i)

na sonraí tagartha ábhartha maidir le tomhas iseatópach a bhaineann leis an bhfíon atá i gceist a bhaint as an mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha, agus iad a chur ar fáil don chomhlacht iarrthach, nó

(ii)

mura féidir na sonraí tagartha ábhartha maidir le tomhas iseatópach a bhaint as an mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha, ach más féidir na samplaí atá ag teastáil a chur ar fáil do ERC-CWS arna iarraidh sin, tacaíocht anailíseach a chur ar fáil don chomhlacht iarrthach, lena n-áirítear torthaí na sonraí ábhartha maidir le tomhas iseatópach a bhaineann leis an bhfíon atá i gceist,

laistigh d’aon mhí amháin ón uair ar léir nach féidir cloí leis an sprioc-am tosaigh. Sa dá chás, laistigh de 2 mhí ar a dhéanaí ó dháta fála na hiarrata ag údarás inniúil an Bhallstáit inar táirgeadh an fíon a bhfuil amhras faoi, déanfar na sonraí ábhartha maidir le tomhas iseatópach a léiriú agus a sholáthar.”;

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4.   Foilseoidh ERC-CWS tuarascáil bhliantúil, ar bhealach anaithnid, maidir le príomhthorthaí na n-iarrataí a fhaightear i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 agus maidir le príomhthorthaí na seiceálacha arna ndéanamh ag na Ballstáit ar a gcríoch agus úsáid á baint as an mbunachar sonraí anailíseach de shonraí iseatópacha. Áiritheoidh ERC-CWS nach n-áireofar sa tuarascáil sin aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Tuairisceofar na torthaí sin do ERC-CWS roimh dheireadh mhí an Mhárta an bhliain i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe, agus foilseoidh ERC-CWS an tuarascáil laistigh de 2 mhí.”;

(e)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 32a

Rialuithe ar tháirgí fíona neamhphacáistithe

I gcás allmhairí táirgí fíona neamhphacáistithe nach gcumhdaítear le córas ríomhairithe ná le córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273, chun gur féidir seiceálacha a dhéanamh, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-ionad díluchtaithe lonnaithe a iarraidh ar choinsínithe coinsíneachtaí táirgí fíona neamhphacáistithe na coinsíneachtaí sin a choinneáil ag an ionad díluchtaithe ar feadh uastréimhse 10 lá oibre. Go dtí go gcuirfear toradh na seiceálacha in iúl dóibh, ní dhéanfaidh na coinsínithe coinsíneacht a sheoladh, a aistriú ná a ionramháil ar coinsíneacht í a rinne an t-údarás inniúil a shampláil le linn na tréimhse sin.

Ar iarraidh a fháil ó na coinsínithe, i gcásanna ina gcinneann sé gan seiceálacha a dhéanamh ar an gcoinsíneacht atá i gceist ceadóidh an t-údarás inniúil seoladh na coinsíneachta roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, clár na bhfíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus na pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún, Rialachán (CE) Uimh. 606/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1).

(3)  COM/2020/381 final.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/274 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena leagtar síos rialacha le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe le haghaidh planduithe fíniúnacha, deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe agus fógraí éigeantacha, agus le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha ábhartha agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/561 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 60).


22.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1008 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Meitheamh 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le stádas saor ó ghalar na Cróite agus réigiúin den Phortaingéil maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i bpobail bó-, lena leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann leis a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalar na Liotuáine agus réigiún áirithe den Ghearmáin, den Iodáil agus den Phortaingéil maidir le hionfhabhtú an víris gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus lena leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalar na Danmhairge agus na Fionlainne maidir le hionfhabhtuithe neacróise fuilghinte

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 36(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de (galair liostaithe), agus leagtar síos le hAirteagal 9 den Rialachán an chaoi a gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla galar liostaithe. Foráiltear le hAirteagal 36 den Rialachán freisin maidir leis an bhformheas a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalar Ballstát nó criosanna díobh maidir le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c) de.

(2)

Ar a bharr sin, foráiltear in Airteagal 280 de Rialachán (AE) 2016/429 maidir leis an stádas saor ó ghalar atá ag Ballstáit nó criosanna nó deighleoga díobh cheana maidir le galair liostaithe áirithe a d’fhormheas an Coimisiún i gcomhréir le Treoir 64/432/CEE ón gComhairle (2), inter alia. Ina theannta sin, forlíontar le hAirteagal 84 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (3) na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 ina leith sin trí bhearta idirthréimhseacha a leagan síos i dtaca le stádais saor ó ghalar áirithe atá ann cheana. Go háirithe, foráiltear leis an bhforáil sin go bhfuiltear lena mheas go bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis, agus B. suis i bpobail bó-ainmhithe ag Ballstáit nó criosanna díobh ag a raibh stádas saor ó ghalar roimh dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe sin i gcás inar deonaíodh a stádas saor ó bhrúsallóis i gcomhréir le Treoir 64/432/CEE.

(3)

Glacadh Cinneadh 2003/467/CE (4) ón gCoimisiún de bhun Threoir 64/432/CEE agus liostaíodh inti, inter alia, na Ballstáit agus na réigiúin díobh a bhí saor ó bhrúsallóis go hoifigiúil, maidir le tréada bó-ainmhithe. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (5) aisghaireadh agus ionadaíodh Cinneadh 2003/467/CE. Foráiltear sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin, inter alia, go ndéanfar na Ballstáit nó na criosanna díobh ag a bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i bpobail bó-ainmhithe a liostú in Iarscríbhinn I, Cuid I, Caibidil 1 de. Bhí an Chróit liostaithe mar Bhallstát ag a raibh stádas saor ó bhrúsallóis, maidir le tréada bó-ainmhithe, i gCinneadh 2003/467/CE. Dá bhrí sin, ba cheart an Chróit a liostú anois in Iarscríbhinn I, Cuid I, Caibidil 1 a ghabhann le Rialachán cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar Bhallstát ag a bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i bpobail bó-ainmhithe. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir.

(4)

Ar a bharr sin, chuir an Phortaingéil isteach chuig an gCoimisiún faisnéis lena léirítear go gcomhlíonann criosanna áirithe den Bhallstát sin na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 chun go n-aithneofar go bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i bpobail bó-ainmhithe. Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, Iarscríbhinn I, Cuid I, Caibidil 1 a leasú chun na criosanna sin den Phortaingéil a áireamh.

(5)

Foráiltear freisin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 go ndéanfar na Ballstáit nó na criosanna díobh ag a bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú an víris gormtheanga (séiritíopaí 1-24) (“ionfhabhtú BTV”) a liostú in Iarscríbhinn VIII, Cuid I.

(6)

Chuir an Liotuáin, maidir lena críoch iomlán, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Phortaingéil, maidir roinnt criosanna de na Ballstáit sin, faisnéis isteach chuig an gCoimisiún lena léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le haithint an stádais saor ó ghalar maidir leis an víreas gormtheanga a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 comhlíonta. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VIII, Cuid I a ghabhainn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú chun críoch iomlán na Liotuáine agus, chomh maith leis sin, na criosanna sin den Ghearmáin, den Iodáil agus den Phortaingéil a áireamh.

(7)

Foráiltear freisin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 go ndéanfar na Ballstáit nó na criosanna díobh ag a bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú neacróise fuilghinte tógálaí (IHN) a liostú in Iarscríbhinn XIII, Cuid I de. Tá críoch iomlán na Danmhairge agus críoch iomlán na Fionlainne liostaithe faoi láthair mar chríocha ag a bhfuil an stádas saor ó ghalar maidir le IHN i gCuid I den Iarscríbhinn sin. Mar sin féin, thug na Ballstáit sin fógra le déanaí don Choimisiún faoi ráigeanna IHN. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XIII, Cuid I, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir.

(8)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní I, VIII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Treoir 64/432/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1964 maidir le fadhbanna sláinte ainmhithe a dhéanann difear do thrádáil laistigh den Chomhphobal i mbó ainmhithe agus i mucra (IO 121, 29.7.1964, lch. 1977).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha d’fhaireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair maidir le galair áirithe atá liostaithe agus ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

(4)  Cinneadh 2003/467/CE ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2003 lena mbunaítear stádas oifigiúil saor ó eitinn, ó bhrúsallóis, agus ó liúcóis bhuaibheach eansótach Ballstát áirithe agus réigiún áirithe de Bhallstáit maidir le tréada buaibheacha (IO L 156, 25.6.2003, lch. 74).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalar agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I, VIII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, Cuid I, leasaítear Caibidil 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an iontráil seo a leanas a bhaineann leis an gCróit i ndiaidh na hiontrála a bhaineann leis an bhFrainc agus roimh an iontráil a bhaineann leis an Iodáil:

“An Chróit

An chríoch iomlán”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an bPortaingéil:

“An Phortaingéil

Região Algarve: na distritos uile

Região Autónoma dos Açores: Ilhas de Corvo, Faial, Flores, Graciosa, Pico, São Jorge, Santa Maria, Terceira

Região Centro: distritos Aveiro, Viseu, Guarda, Coimbra, Leiria, Castelo Branco”

(2)

in Iarscríbhinn VIII, leasaítear Cuid I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an nGearmáin:

“An Ghearmáin

Bundesland Baden-Württemberg

Landkreis Lörrach

Landkreis Waldshut

Landkreis Konstanz

Landkreis Tuttlingen

Landkreis Sigmaringen

Bodenseekreis

Landkreis Ravensburg

Landkreis Biberach

Alb-Donau-Kreis

Stadtkreis Ulm

Landkreis Göppingen

Landkreis Heidenheim

Ostalbkreis

Landkreis Schwäbisch Hall

Main-Tauber-Kreis

Na cathracha agus na bardais seo a leanas in Landkreis Esslingen: Altbach, Altdorf, Baltmannsweiler, Bempflingen, Beuren, Bissingen a.d.Teck, Deizisau, Dettingen unter Teck, Erkenbrechtsweiler, Frickenhausen, Großbettlingen, Hochdorf, Holzmaden, Kirchheim unter Teck, Köngen, Kohlberg, Lichtenwald, Neidlingen, Neuffen, Notzingen, Nürtingen, Oberboihingen, Ohmden, Owen, Plochingen, Reichenbach a.d. Fils, Unterensingen, Weilheim a.d.Teck, Wendlingen am Neckar, Wernau (Neckar), Lenningen

Na cathracha agus na bardais seo a leanas in Rems-Murr-Kreis: Alfdorf, Allmersbach im Tal, Althütte, Auenwald, Großerlach, Kaisersbach, Murrhardt, Plüderhausen, Rudersberg, Schorndorf, Sulzbach a.d. Murr, Urbach, Weissach im Tal, Welzheim, Winterbach, Berglen, Remshalden

Na cathracha agus na bardais seo a leanas in Hohenlohekreis: Dörzbach, Ingelfingen, Krautheim, Künzelsau, Kupferzell, Mulfingen, Neuenstein, Niedernhall, Waldenburg, Weißbach

Na cathracha agus na bardais seo a leanas in Neckar-Odenwald-Kreis: Hardheim, Höpfingen, Rosenberg, Ravenstein

Na cathracha agus na bardais seo a leanas in Breisgau-Hochschwarzwald: Auggen, Badenweiler, Feldberg, Friedenweiler, Lenzkirch, Löffingen, Müllheim, Schluchsee, Sulzburg

Na cathracha agus na bardais seo a leanas in Schwarzwald-Baar-Kreis: Bad Dürrheim, Blumberg, Bräunlingen, Donaueschingen, Hüfingen, Tuningen, Brigachtal

Na cathracha agus na bardais seo a leanas in Reutlingen: Dettingen a.d. Erms, Eningen unter Achalm, Gomadingen, Grabenstetten, Grafenberg, Hayingen, Hülben, Mehrstetten, Metzingen, Münsingen, Pfronstetten, Pfullingen, Riederich, Trochtelfingen, Bad Urach, Zwiefalten, Gutsbez. Münsingen, Römerstein, Engstingen, Hohenstein, Sonnenbühl, Lichtenstein, Sankt Johann

Na cathracha agus na bardais seo a leanas in Zollernalbkreis: Bitz, Burladingen, Hausen am Tann, Jungingen, Meßstetten, Nusplingen, Obernheim, Straßberg, Winterlingen, Albstadt

Bundesland Bayern

Bundesland Berlin

Bundesland Brandenburg

Bundesland Bremen

Bundesland Hamburg

Bundesland Hessen:

Na bardais seo a leanas in Lahn-Dill-Kreis: Dietzhölztal, Eschenburg, Siegbach, Mittenaar, Hohenahr, Bischoffen, Lahnau

Na bardais seo a leanas in Landkreis Gießen: Stadt Allendorf, Biebertal, Buseck, Fernwald, Gießen, Grünberg, Heuchelheim, Hungen, Laubach, Lich, Linden, Lollar, Pohlheim, Rabenau, Reiskirchen, Staufenberg, Wettenberg

Na bardais seo a leanas in Main-Kinzig-Kreis: Bad Orb, Bad Soden-Salmünster, Biebergemünd, Birstein, Brachttal, Bruchköbel, Erlensee, Flörsbachtal, Freigericht, Gelnhausen, Gründau, Gutsbezirk Spessart, Hammersbach, Hasselroth, Jossgrund, Langenselbold, Linsengericht, Neuberg, Nidderau, Rodenbach, Ronneburg, Schöneck, Schlüchtern, Sinntal, Steinau an der Straße, Wächtersbach

Na bardais seo a leanas in Wetteraukreis: Altenstadt, Bad Nauheim, Büdingen, Echzell, Florstadt, Gedern, Glauburg, Hirzenhain, Kefenrod, Limeshain, Münzenberg, Nidda, Niddatal, Ortenberg, Ranstadt, Reichelsheim, Rockenberg, Wölfersheim, Wöllstadt

Landkreis Hersfeld-Rotenburg

Landkreis Kassel

Landkreis Fulda

Landkreis Waldeck-Frankenberg

Schwalm-Eder-Kreis

Stadt Kassel

Vogelsbergkreis

Werra-Meißner-Kreis

Landkreis Marburg Biedenkopf

Bundesland Mecklenburg-Vorpommern

Bundesland Niedersachsen

Bundesland Nordrhein-Westfalen:

Landkreis Borken,

Landkreis Coesfeld,

Ennepe-Ruhr-Kreis

Landkreis Gütersloh,

Stadt Hagen

Landkreis Herford,

Hochsauerlandkreis

Landkreis Höxter,

Na cathracha agus na bardais seo a leanas in Landkreis Kleve: Bedburg-Hau, Emmerich am Rhein, Geldern, Goch, Issum, Kalkar, Kerken, Kevelaer, Kleve, Kranenburg, Rees, Rheurdt, Uedem, Weeze

Landkreis Lippe,

Märkischer Kreis

Na bardais seo a leanas in Landkreis Mettmann: Heiligenhaus, Velbert, Wülfrath

Landkreis Minden-Lübbecke,

Na bardais seo a leanas in Oberbergischen Kreis: Bergneustadt, Radevormwald

Landkreis Olpe

Landkreis Paderborn,

Landkreis Recklinghausen,

Na bardais seo a leanas in Landkreis Siegen-Wittgenstein: Netphen, Kreuztal, Hilchenbach, Erndtebrüch, Bad Laasphe, Bad Berleburg

Landkreis Soest,

Landkreis Steinfurt,

Landkreis Unna,

Landkreis Warendorf,

Landkreis Wesel,

Stadt Bielefeld,

Stadt Bochum,

Stadt Bottrop,

Stadt Dortmund,

Stadt Duisburg,

Stadt Essen,

Stadt Gelsenkirchen,

Stadt Hamm,

Stadt Herne,

Stadt Mülheim an der Ruhr,

Stadt Münster (Westfalen),

Stadt Oberhausen

Bundesland Sachsen

Bundesland Sachsen-Anhalt

Bundesland Schleswig-Holstein

Bundesland Thüringen”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Iodáil:

“An Iodáil

Provincia Autonoma di Bolzano - Alto Adige

Regione Valle d’Aosta

Regione Friuli Venezia Giulia”

(c)

cuirtear isteach an iontráil seo a leanas a bhaineann leis an Liotuáin i ndiaidh na hiontrála a bhaineann leis an Laitvia agus roimh an iontráil a bhaineann leis an Ungáir:

“An Liotuáin

An chríoch iomlán”

(d)

cuirtear isteach an iontráil seo a leanas a bhaineann leis an bPortaingéile i ndiaidh na hiontrála a bhaineann leis an bPolainn agus roimh an iontráil a bhaineann leis an tSlóivéin:

“An Phortaingéil

An chríoch iomlán, ach amháin Região Algarve”

(3)

in Iarscríbhinn XIII, leasaítear Cuid I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Danmhairg:

“An Danmhairg

An chríoch iomlán, ach amháin dobharcheantar Rohden Å, Sneum Å, Vidå, Lindenborg Å agus Århus Å”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an bhFionlainn:

“An Fhionlainn

An chríoch iomlán, ach amháin:

an deighleog chósta in Ii, Kuivaniemi,

an deighleog chósta arb éard atá inti na codanna sin de bhardais Föglö, Lumparland, Lemland, Vårdö atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 11,466 chiliméadar dar lár na gcomhordanáidí WGS84 domhanleithead 60,013565060°, domhanfhad 20,317617393°

na dobharcheantair: 14.72 Virmasvesi, 14.73 Nilakka, 4.74 limistéar Saarijärvi agus 4.41 limistéar Pielinen”


CINNTÍ

22.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/18


CINNEADH (CBES) 2021/1009 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2021

lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/233/CBES (1), lena mbunaítear Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia).

(2)

An 19 Eanáir 2020, glacadh liosta conclúidí ag Comhdháil Bheirlín maidir leis an Libia agus cuireadh an creat dá gcur chun feidhme ar bun trí “Phróiseas Bheirlín” chun tacú leis an bplean trí phointe a chuir Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe Ghassan Salamé faoi bhráid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus é mar chuspóir aonair cabhrú leis na Náisiúin Aontaithe an comhphobal idirnáisiúnta a aontú agus iad ag tacú le réiteach síochánta ar ghéarchéim na Libia.

(3)

An 12 Feabhra 2020, i Rún 2510 (2020) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe uaithi, d’fháiltigh an Chomhairle Slándála roimh Chomhdháil Bheirlín maidir leis an Libia agus d’fhormhuinigh sí conclúidí na Comhdhála, agus í ag tabhairt dá haire gur gné thábhachtach iad na conclúidí sin de réiteach cuimsitheach ar an staid sa Libia.

(4)

An 29 Meitheamh 2020, faoi na cúinsí a bhaineann le paindéim COVID-19, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/903 (2), lena gcuirtear síneadh le sainordú EUBAM na Libia go dtí an 30 Meitheamh 2021.

(5)

I gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh ar EUBAM na Libia, d’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) an 2 Márta 2021, gur cheart síneadh 2 bhliain, go dtí an 30 Meitheamh 2023, a chur leis an Misean. Chomh maith leis sin, d’aontaigh PSC an 30 Márta 2021 go ndéanfaí an dara cuspóir straitéiseach chun tacú le hiarrachtaí na Náisiún Aontaithe ar son na síochána sa Libia mar chuid de Phróiseas Bheirlín a chur le sainordú an Mhisin, laistigh de raon feidhme chroíréimsí rannpháirtíochta an mhisin (bainistiú teorainneacha, forfheidhmiú an dlí agus ceartas coiriúil), agus gur cheart aon tacaíocht a d’fhéadfaí a thabhairt amach anseo tríd an Misean a chinneadh ag céim níos déanaí, ar bhonn na hanailíse straitéisí tiomnaithe arna cur i láthair ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, dá ndéanfadh na Náisiúin Aontaithe nó údaráis na Libia iarraidh fhoirmiúil ina leith.

(6)

An 16 Aibreán 2021, i Rún 2571(2021) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, d’iarr Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar na páirtithe uile comhaontú sosa cogaidh an 23 Deireadh Fómhair 2020 a chur chun feidhme ina iomláine agus d’iarr sí ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe cur chun feidhme iomlán an chomhaontaithe sin a urramú agus tacú leis, lena n-áirítear trí na fórsaí agus na hamhais uile ón Libia a tharraingt siar gan a thuilleadh moille. Thairis sin, d’iarr sí ar Rialtas na Libia feabhas a chur ar chur chun feidhme an trádbhaic arm, lena n-áirítear ag gach pointe iontrála, a luaithe a fheidhmíonn sé maoirseacht, agus d’iarr sí ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe comhoibriú leis na hiarrachtaí sin.

(7)

Ba cheart Cinneadh 2013/233/CBES a leasú dá réir sin.

(8)

Cuirfear EUBAM na Libia i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar ghnóthú chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

Cuspóirí

1.   Cabhróidh EUBAM na Libia le húdaráis na Libia struchtúir slándála an stáit a thógáil sa Libia, go háirithe i réimsí an bhainistithe teorann, fhorfheidhmiú an dlí agus an cheartais choiriúil d’fhonn rannchuidiú leis na hiarrachtaí chun cur isteach ar líonraí coiriúla eagraithe a bhfuil baint acu go háirithe le smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine agus sceimhlitheoireacht sa Libia agus i réigiún na Meánmhara Láir.

2.   Tacóidh EUBAM na Libia leis na hiarrachtaí atá á stiúradh ag na Náisiúin Aontaithe ar son na síochána sa Libia i réimsí an bhainistithe teorann, fhorfheidhmiú an dlí agus an cheartais choiriúil.”;

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach, déanfaidh EUBAM na Libia an méid seo a leanas:”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Má dhéanann údaráis na Náisiún Aontaithe nó údaráis na Libia iarraidh fhoirmiúil, déanfaidh an Chomhairle cinneadh, ar bhonn na hanailíse straitéisí tiomnaithe arna tíolacadh ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, faoin tacaíocht a chuirfidh EUBAM na Libia ar fáil chun an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 2(2) a chur chun cinn.”;

(3)

in Airteagal 13(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Is é EUR 84 850 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun caiteachas EUBAM na Libia a chumhdach ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2023.”;

(4)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meitheamh 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.

Arna dhéanamh i Brussel, 18 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LEÃO


(1)  Cinneadh 2013/233/CBES ón gComhairle an 22 Bealtaine 2013 maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) (IO L 138, 24.5.2013, lch. 15).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/903 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) (IO L 207, 30.6.2020, lch. 32).


22.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/20


CINNEADH (CBES) 2021/1010 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meitheamh 2021

lena leasaítear Cinneadh 2014/386/CBES maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Meitheamh 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/386/CBES (1).

(2)

Ní thugann an Chomhairle aitheantas don ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus Sevastopol agus leanann sí den ionghabháil sin a cháineadh agus beidh sí tiomanta i gcónaí dá beartas neamhaitheantais a chur chun feidhme ina iomláine.

(3)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2014/386/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 23 Meitheamh 2022.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/386/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh 2014/386/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 23 Meitheamh 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2014/386/CBES ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 70).


22.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/21


CINNEADH (CBES) 2021/1011 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meitheamh 2021

lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/2274 (1) lena gceaptar Ángel LOSADA FERNÁNDEZ mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don tSaiheil.

(2)

An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/906 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú Ángel LOSADA FERNÁNDEZ mar ISAE don tSaiheil, Rinneadh an Cinneadh sin a leasú go deireanach le Cinneadh (CBES) 2021/383 (3) ón gComhairle. Rachaidh sainordú ISAE in éag an 30 Meitheamh 2021.

(3)

Ba cheart ISAE nua don tSaiheil a cheapadh ar feadh tréimhse 14 mhí.

(4)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

1.   Leis seo, ceaptar Emanuela DEL RE mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don tSaiheil ón 1 Iúil 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2022. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaí sainordú ISAE a shíneadh nó a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

2.   Chun críocha shainordú ISAE, sainítear gurb í an tSaiheil an limistéir sin lena mbaineann príomhraon feidhme geografach Straitéis Chomhtháite an Aontais sa tSaiheil (“an Straitéis”), arna glacadh le conclúidí 7723/21 ón gComhairle an 16 Aibreán 2021, eadhon Burkina Faso, Sead, Mailí, an Mháratáin agus an Nígir. Rachaidh ISAE i mbun plé freisin le tíortha Imchuach Loch Shead agus le tíortha eile agus le heintitis réigiúnacha nó idirnáisiúnta lasmuigh den tSaiheil, lena n-áirítear an Mhagraib, an Afraic Thiar agus Murascaill na Guine, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 2

Cuspóirí beartais

1.   Bunaithe ar chuspóirí beartais na Straitéise, is é a bheidh mar shainordú ag ISAE rannchuidiú go gníomhach agus tosaíocht a thabhairt do hiarrachtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta síocháin, slándáil, cobhsaíocht agus forbairt mharthanach a bhaint amach sa réigiún. Thairis sin, beidh sé d’aidhm ag ISAE feabhas a chur ar cháilíocht, tionchar agus infheictheacht rannpháirteachas ilghnéitheach an Aontais sa tSaiheil.

2.   Rannchuideoidh ISAE le hiarrachtaí an Aontais sa réigiún a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar bhealach comhtháite, lena n-áirítear i réimsí na polaitíochta, na slándála agus na forbartha, agus leis na hionstraimí agus na geallsealbhóirí ábhartha uile do ghníomhaíochtaí an Aontais a chomhordú. Rannchuideoidh ISAE le hiarrachtaí rannpháirteachais agus comhordúcháin an Aontais a dhoimhniú le sásraí náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta, go háirithe an Chomhpháirtíocht le haghaidh Slándála agus Cobhsaíochta sa tSaiheil (P3S), Comhaontas na Saiheile agus an Chomhghuaillíocht don tSaiheil, mar chreat le haghaidh rannpháirtíocht pholaitiúil agus straitéiseach leis an tSaiheil.

3.   Saothrófar gníomhaíocht ISAE i ndlúthchomhar agus i gcomhordú leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, le toscaireachtaí an Aontais, leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí ábhartha eile. Tabharfar aird ar leith ar an gcomhpháirtíocht le G5 na Saiheile a neartú agus a dhoimhniú, agus ar rannchuidiú leis an machnamh idirnáisiúnta ar chistiú buan intuartha chun tacú le Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile.

Airteagal 3

Sainordú

1.   Chun na cuspóirí beartais sa tSaiheil a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú ag ISAE:

(a)

rannchuidiú go gníomhach le cur chun feidhme na Straitéise agus cur chuige comhtháite an Aontais i leith na ngéarchéimeanna sa réigiún a chomhordú agus a fhorbairt a thuilleadh, d’fhonn feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus éifeachtacht fhoriomlán ghníomhaíochtaí an Aontais sa tSaiheil;

(b)

dul i mbun plé, lena n-áirítear trí thaidhleoireacht tointeála, leo siúd a leanas: geallsealbhóirí ábhartha uile sa réigiún, rialtais, eagraíochtaí réigiúnacha, go háirithe G5 na Saiheile agus a Fhórsa Comhpháirteach, sínitheoirí an Chomhaontaithe um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí atá mar thoradh ar Phróiseas na hAilgéire (Chomhaontú Síochána Mhailí), eagraíochtaí idirnáisiúnta, an tsochaí shibhialta agus diaspóraí, lena n-áirítear le tíortha uile na Magraibe, Mhurascaill na Guine agus imchuach Loch Shead, d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh ar chuspóirí an Aontais agus rannchuidiú le tuiscint níos fearr ar ról an Aontais sa tSaiheil. Tabharfar aird inter alia, le G5 na Saiheile, ar urraim a thabhairt do chearta an duine agus do ghnéithe neamh-mhíleata an fhórsa, amhail na póilíní;

(c)

ionadaíocht a dhéanamh do leasanna agus infheictheacht an Aontais i bhfóraim ábhartha réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus iad sin a chur chun cinn, trína a bheith rannpháirteach in Comité de Suivi Chomhaontú Síochána Mhailí, agus i bpróisis náisiúnta eile is ábhartha do chobhsaíocht an réigiúin;

(d)

gníomhaíocht chuimsitheach an Aontais atá comhordaithe go hiomlán a éascú sa réigiún agus leas á bhaint as na hionstraimí ábhartha uile, lena n-áirítear an tSaoráid Eorpach Síochána, maidir le comhar um fhorbairt, gníomhaíochtaí na mBallstát agus tacaíocht ón Aontas do bhainistiú géarchéime agus cosc coinbhleachtaí trí mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali), misean CBSC an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUCAP Sahel Mali), misean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger), agus maidir le hiarrachtaí cobhsaíochta laistigh de Chomhghuaillíocht na Saiheile, go háirithe an P3S agus Comhaontas na Saiheile; agus a gcuid rúnaíochtaí faoi seach;

(e)

dlúthchomhar a choinneáil leis na Náisiúin Aontaithe, go háirithe leo siúd a leanas: Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na hAfraice Thiar agus na Saiheile, an Comhordaitheoir Speisialta um Fhorbairt sa tSaiheil, Ionadaí Speisialta an Ardrúnaí agus an Ceann Mhisean Cobhsaíochta Comhtháite Iltoiseach na Náisiún Aontaithe i Mailí (MINUSMA), an tAontas Afracach, go háirithe Ardionadaí an Aontais Afracaigh do Mhailí agus don tSaiheil, G5 na Saiheile, go háirithe Uachtaránacht G5 agus a Rúnaí Feidhmiúcháin, Ardionadaí Chomhghuaillíocht don tSaiheil, Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar, Coimisiún imchuach Loch Shead; Údarás Liptako-Gourma; agus geallsealbhóirí ceannródaíocha náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear toscairí speisialta eile don tSaiheil, chomh maith leis na húdaráis ábhartha go háirithe sa Mhagraib, i gCorn na hAfraice, i Murascaill na Guine agus i limistéar an Mheánoirthir;

(f)

súil ghéar a choinneáil, anailís agus tuairisciú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag bunchúiseanna na héagobhsaíochta agus ag treochtaí fadtéarmacha sa réigiún, lena n-áirítear an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta, tréadachas, rochtain ar acmhainní nádúrtha, go háirithe acmhainní talún agus uisce, chomh maith le bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha a threisíonn cobhsaíocht mar aon le comhar ina leith a chur chun cinn, agus tacú leis na hiarrachtaí leathadh na héagobhsaíochta a theorannú, trí aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin is leochailí ó thaobh na slándála de, go háirithe réigiúin Liptako-Gourma agus Loch Shead;

(g)

súil ghéar a choinneáil ar ghnéithe réigiúnacha agus trasteorann na ndúshlán atá os comhair an réigiúin, lena n-áirítear paindéimí, sceimhlitheoireacht, coireacht eagraithe, cibearbhagairtí, smuigleáil arm, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine, gáinneáil ar dhrugaí, slándáil mhuirí, sreabha dídeanaithe agus imirce agus sreabha airgeadais aindleathacha gaolmhara;

(h)

súil ghéar a choinneáil ar na hiarmhairtí daonnúla, polaitiúla, slándála agus forbartha a bhíonn ag sreabha móra dídeanaithe agus imirce, lena n-áirítear daoine easáitithe ina dtír féin. Arna iarraidh sin, dul i mbun idirphlé leis na geallsealbhóirí ábhartha ar chúrsaí imirce agus rannchuidiú ar bhonn níos ginearálta le beartas an Aontais maidir leis an imirce agus dídeanaithe a mhéid a bhaineann leis an réigiún, i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, chun leanúint de chomhar torthúil a chur chun cinn i réimsí na himirce, bunaithe ar na comhpháirtíochtaí cuiditheacha a bunaíodh le blianta beaga anuas;

(i)

i ndlúthchomhar le Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh, rannchuidiú le Straitéis Frithsceimhlitheoireachta an Aontais a chur chun feidhme a thuilleadh chomh maith leis na Conclúidí ábhartha ón gComhairle maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach a chomhrac. Teagmháil pholaitiúil ardleibhéil a dhéanamh go rialta leis na tíortha sa réigiún dá ndéanann an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe idirnáisiúnta difear agus ról lárnach an Aontais sna hiarrachtaí an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe idirnáisiúnta agus na bunchúiseanna atá leo a chomhrac a áirithiú. Áirítear air sin iarrachtaí an Aontais feabhas a chur ar an tacaíocht a thugann sé d’acmhainneacht réigiúnach na hearnála slándála trí réigiúnú mhisin an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) agus trí thacaíocht ghníomhach a thabhairt d’fhothú acmhainneachta réigiúnaí, go háirithe Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile, a chomhordú le gníomhaithe idirnáisiúnta amhail MINUSMA, agus a chaidreamh leis an bpobal áitiúil, i gcomhréir le Rúin 2359 (2017) agus 2391 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

(j)

súil ghéar a choinneáil ar iarmhairtí polaitiúla, slándála agus forbartha na ngéarchéimeanna daonnúla sa réigiún;

(k)

rannchuidiú, i gcomhar le ISAE um Chearta an Duine, le cur chun feidhme bheartas an Aontais um chearta an duine sa réigiún, i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, le Treoirlínte an Aontais maidir le Cearta an Duine, go háirithe Treoirlínte an Aontais maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha, chomh maith leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní, agus gach cineál idirdhealaithe ina n-aghaidh a chomhrac, agus beartas an Aontais maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta 2019-2024 an Aontais maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, cuimsitheacht agus comhionannas inscne a chur chun cinn i bpróiseas tógála an Stáit, i gcomhréir le UNSCR 1325 (2000) agus rúin a rinneadh ina dhiaidh sin maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, lena n-áirítear UNSCR 2242 (2015), agus tacú le UNSCR 2250 (2015) maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil;

(l)

leanúint d’aird ar leith a thabhairt ar earnáil an cheartais ina hiomláine agus ar na sásraí cuntasachta chun an tsaoirse ó phionós a chomhrac agus chun muinín an phobail as an gcóras ceartais atá acu a athbhunú. Áireofar ar an rannchuidiú sin ó ISAE, faireachán agus tuairisciú rialta a dhéanamh ar a bhfuil ag titim amach, chomh maith le moltaí a cheapadh i ndáil leis sin agus teagmháil rialta a dhéanamh leis na húdaráis ábhartha sa réigiún, le hOifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, le hOifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine agus dul i mbun plé le cosantóirí chearta an duine agus le breathnóirí sa réigiún;

(m)

trí theagmháil a dhéanamh go rialta le daoine sa réigiún, lena n-áirítear gníomhaithe áitiúla, cur amach an Aontais ar ionchais áitiúla agus ar chomhthéacsanna áitiúla a mhéadú. Bunaithe ar anailís chríochnúil, leanúnach ar an staid, próiseas machnaimh a éascú agus rannchuidiú le freagairt luath agus fís straitéiseach fhadtéarmach an Aontais sa tSaiheil;

(n)

obair leantach agus tuairisciú a dhéanamh ar chomhlíonadh na Rún ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, go háirithe UNSCRanna 2056 (2012), 2071 (2012), 2085 (2012), 2100 (2013), 2227 (2015), 2295 (2016), 2364 (2017), 2374 (2017), 2359 (2017), 2391 (2017), 2423 (2018), 2432 (2018), 2480 (2019), 2484 (2019), 2531 (2020) agus 2541 (2020).

2.   Chun sainordú ISAE a chomhlíonadh, déanfaidh ISAE inter alia na nithe seo a leanas:

(a)

comhairle a thabhairt agus tuairisciú a dhéanamh ar fhoirmliú sheasaimh an Aontais i bhfóraim réigiúnacha agus idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, chun gníomhaíocht bunaithe ar chomhpháirtíocht agus cuntasacht fhrithpháirteach a chur chun cinn go réamhghníomhach agus cur chuige cuimsitheach an Aontais i leith na Saiheile a neartú;

(b)

rannchuidiú le forléargas a choinneáil ar ghníomhaíochtaí uile an Aontais agus comhoibriú go dlúth le toscaireachtaí ábhartha an Aontais agus leis na Ballstáit.

Airteagal 4

An sainordú a chur chun feidhme

1.   Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó nó di faoi údarás an Ardionadaí.

2.   Coinneoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nasc pribhléideach le ISAE agus is é a bheidh ina phríomhphointe teagmhála ISAE leis an gComhairle. Cuirfidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil ar fáil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.

3.   Comhoibreoidh ISEA leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus lena ranna ábhartha, agus oibreoidh sé i ndlúthchomhar leo.

Airteagal 5

Maoiniú

1.   Is é EUR 1 588 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE sa tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2022 a chumhdach.

2.   Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conradh idir ISAE agus an Coimisiún. Is don Choimisiún a bheidh ISAE cuntasach as gach caiteachas.

Airteagal 6

Tiomsú agus comhdhéanamh na foirne

1.   Laistigh de theorainneacha shainordú ISAE agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar san fhoireann an saineolas maidir le saincheisteanna beartais de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas go pras faoi chomhdhéanamh na foirne.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí de chuid an Aontais agus SEGS a mholadh go mbeadh foireann ar iasacht ag obair le ISAE. Is iad an Ballstát, an institiúid de chuid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, faoi seach, a chumhdóidh tuarastal an phearsanra sin atá ar iasacht. Féadfar saineolaithe atá ar iasacht ó na Ballstáit chuig institiúidí de chuid an Aontais nó chuig SEGS a phostú chun oibriú le ISAE freisin. Beidh náisiúntacht Bhallstáit ag baill foirne idirnáisiúnta ar conradh.

3.   Is faoi údarás riaracháin an Bhallstáit seolta, institiúid seolta an Aontais nó SEGS a fhanfaidh an pearsanra uile ar iasacht agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus feidhmeoidh siad chun leas shainordú ISAE.

4.   Comhlonnófar foireann ISAE le roinn ábhartha SEGS, le toscaireachtaí an Aontais chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a ngníomhaíochtaí faoi seach a áirithiú.

Airteagal 7

Pribhléidí agus díolúintí ISAE agus fhoireann ISAE

Déanfar na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá le haghaidh chomhlánú agus dhea-fheidhmiú mhisean ISAE chomh maith le baill foirne ISAE a chomhaontú leis na tíortha óstacha, de réir mar is iomchuí. Deonóidh na Ballstáit agus SEGS gach tacaíocht is gá chun na críche sin.

Airteagal 8

Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais

Urramóidh ISAE agus baill fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (4).

Airteagal 9

Rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht lóistíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún, SEGS agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.

2.   Cuirfidh toscaireachtaí an Aontais sa réigiún agus/nó na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta ar fáil sa réigiún.

Airteagal 10

Slándáil

I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir le sainordú ISAE agus le staid na slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n-áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh de, chomh maith le bainistiú teagmhas slándála, agus lena n-áirítear plean teagmhais agus plean aslonnaithe;

(b)

a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca mar a cheanglaítear leis na coinníollacha i réimse na freagrachta;

(c)

a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag foireann ISAE a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin;

(d)

a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a chur ar fáil don Ardionadaí, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na dtuarascálacha rialta ar an dul chun cinn agus na tuarascála cuimsithí críochnaithí ar chur chun feidhme an tsainordaithe.

Airteagal 11

Tuairisciú

Cuirfidh ISAE tuarascálacha i scríbhinn agus ó bhéal ar fáil go tráthrialta don Ardionadaí agus don Choiste Polaitiúil agus Slándála. Tuairisceoidh ISAE do mheithleacha de chuid na Comhairle freisin de réir mar is gá. Scaipfear tuarascálacha rialta trí líonra COREU. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a chur ar fáil don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. I gcomhréir le hAirteagail 36 den Chonradh, féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach i bhfaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 12

Comhordú

1.   Faoi chuimsiú na straitéise, rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a shaothrú go comhsheasmhach, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Iarrfar idirchaidreamh leis na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú le gníomhaíochtaí de chuid thoscaireachtaí an Aontais agus de chuid an Choimisiúin, chomh maith le gníomhaíochtaí ISAEnna eile atá gníomhach sa réigiún. Cuirfidh ISAE seisiúin faisnéise thráthrialta ar fáil do thoscaireachtaí an Aontais agus do mhisin na mBallstát sa réigiún.

2.   Ar an láthair, coinneofar dlúthchaidreamh le Cinn mhisin ábhartha na mBallstát, le Cinn thoscaireachtaí ábhartha an Aontais agus le Cinn mhisean CSC. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme acu. Cuirfidh ISAE, i ndlúthchomhar leis na toscaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, treoir pholaitiúil áitiúil ar fáil do cheann misin EUCAP Sahel Niger, do cheann misin EUCAP Sahel Mali agus do Cheannasaí Misin EUTM Mali. Rachaidh ISAE, Ceannasaí Misin EUTM Mali agus an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha i gcomhairle le chéile de réir mar is gá. Déanfaidh ISAE idirchaidreamh freisin le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar an láthair.

Airteagal 13

Cúnamh i ndáil le héilimh

Tabharfaidh ISAE agus foireann ISAE cúnamh maidir le heilimintí a chur ar fáil chun freagairt ar aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as sainorduithe ISAEnna a bhí ann roimhe seo don tSaiheil agus cuirfidh siad cúnamh riaracháin agus rochtain ar na comhaid ábhartha ar fáil chun na gcríoch sin.

Airteagal 14

Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas leis an réigiún. Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid an Ardionadaí, na Comhairle agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoin 31 Bealtaine 2022.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2015/2274 ón gComhairle an 7 Nollaig 2015 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil (IO L 322, 8.12.2015, lch. 44).

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/906 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil (IO L 161, 26.6.2018, lch. 22).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/283 ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/906 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontaigh Eorpaigh don tSaiheil (IO L 62, 23.2.2021, lch. 47).

(4)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).


22.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/27


CINNEADH (CBES) 2021/1012 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meitheamh 2021

lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Nollaig 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/819/CBES (1) lena gceaptar Alexander RONDOS mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Chorn na hAfraice.

(2)

An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/905 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú Alexander RONDOS mar ISAE do Chorn na hAfraice. Rinneadh an Cinneadh sin a leasú go deireanach le Cinneadh (CBES) 2021/352 ón gComhairle (3). Rachaidh sainordú ISAE in éag an 30 Meitheamh 2021.

(3)

Ba cheart ISAE nua do Chorn na hAfraice a cheapadh ar feadh tréimhse 14 mhí.

(4)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d'fhéadfadh dul in olcas, agus a d'fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

1.   Leis seo, ceaptar Annette WEBER mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (ISAE) ón 1 Iúil 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2022. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaí sainordú ISAE a shíneadh nó a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

2.   Chun críocha shainordú ISAE, sainítear gurb é Corn na hAfraice an réigiún lena mbaineann príomhfhócas Straitéis an Aontais do Chorn na hAfraice (an “Straitéis”) arna glacadh le conclúidí ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021, eadhon Djibouti, an Eiritré, an Aetóip, an Chéinia, an tSomáil, an tSúdáin Theas, an tSúdáin agus Uganda. Rachaidh ISAE i gcomhar freisin le tíortha na Mara Rua, le tíortha Abhantrach na Níle agus le tíortha eile agus eintitis ábhartha réigiúnacha nó idirnáisiúnta laistigh agus lasmuigh de Chorn na hAfraice, lena n-áirítear Leithinis na Murascaille agus an Afraic Thuaidh, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 2

Cuspóirí beartais

1.   Bunaithe ar chuspóirí beartais Straitéis an Aontais i ndáil le Corn na hAfraice, is é a bheidh i sainordú ISAE rannchuidiú go gníomhach le hiarrachtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta chun cómhaireachtáil shíochánta agus síocháin mharthanach, slándáil agus forbairt a bhaint amach laistigh de na tíortha sa réigiún agus ina measc. Thairis sin, beidh sé d’aidhm ag ISAE feabhas a chur ar cháilíocht, déine, tionchar agus infheictheacht rannpháirteachas ilghnéitheach an Aontais i gCorn na hAfraice.

2.   Rannchuideoidh ISAE le hiarrachtaí uile an Aontais sa réigiún a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcur chuige comhtháite, lena n-áirítear i réimsí na polaitíochta, na slándála agus na forbartha, ag déanamh ionstraimí agus geallsealbhóirí ábhartha uile do ghníomhaíochtaí an Aontais a chomhordú. Saothrófar rannpháirtíocht ISAE chun tacú le Cinn thoscaireachtaí ábhartha an Aontais, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), an Coimisiún, Ballstáit, gníomhaithe agus geallsealbhóirí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus i ndlúthchomhar leo. Feabhsóidh ISAE tionchar an Aontais sa réigiún agus áiritheoidh sé nó sí comhleanúnachas i gcur chuige an Aontais ar an leibhéal réigiúnach.

3.   Rannchuideoidh ISAE le tiomantas an Aontais chun a chaidreamh straitéiseach agus a chomhpháirtíocht le réigiúin agus tíortha Chorn na hAfraice a dhoimhniú, arb é an cuspóir tacú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil, leis an daonlathas, le cearta daonna, leis an smacht reachta, leis an gcomhionannas inscne, le prionsabail dhaonnúla agus leis an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta (DDI), leis an bhfás inbhuanaithe, le gníomhú ar son na haeráide agus leis an gcomhar réigiúnach.

4.   Áirítear, inter alia, ar na cuspóirí beartais foriomlána a rannchuideoidh EUSR leo:

(a)

cobhsú Chorn na hAfraice, agus béim shonrach ar dhinimic réigiúnach níos leithne, lena n-áirítear ar leibhéal na dtíortha, nuair is ábhartha do chobhsaíocht an réigiúin;

(b)

na haistrithe polaitiúla e.g. san Aetóip agus sa tSúdáin, próisis cothaithe síochána agus próisis cothaithe stáit sa tSomáil agus sa tSúdáin Theas chomh maith le coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir tíortha sa réigiún nó laistigh díobh a chosc agus luathrabhadh a thabhairt ina dtaobh, agus rannchuidiú le headrán agus réiteach ina leith;

(c)

an comhar polaitiúil, slándála agus eacnamaíoch inbhuanaithe sa réigiún agus an ghníomhaíocht chomhpháirteach iltaobhach, go háirithe leis na Náisiúin Aontaithe, leis an Aontas Afracach (AA) agus leis an Údarás Idir-rialtasach ar Fhorbairt (IGAD);

(d)

réiteach caibidlithe maidir le Damba Mhór-Athbheochan na hAetóipe (GERD) agus comhar trasteorann a chur chun cinn in Abhantrach iomlán na Níle;

(e)

an tslándáil an chobhsaíocht agus an comhar timpeall na Mara Rua.

Airteagal 3

Sainordú

1.   Chun na cuspóirí beartais i ndáil le Corn na hAfraice a bhaint amach, beidh an méid seo a leanas mar shainordú ag ISAE:

(a)

cur go gníomhach le cur chun feidhme na Straitéise agus feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar éifeachtacht fhoriomlán ghníomhaíochtaí an Aontais d’fhonn caidreamh agus comhpháirtíocht an Aontais le Corn na hAfraice, a thíortha agus a eagraíochtaí, a dhoimhniú agus a neartú a thuilleadh;

(b)

dul i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha uile sa réigiún, gníomhaithe rialtais náisiúnta, údaráis réigiúnacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, leis an tsochaí shibhialta, an earnáil phríobháideach, an óige agus an diaspóra, d‘fhonn cuspóirí an Aontais a chur chun cinn, agus d’fhonn cur le tuiscint níos fearr ar ról an Aontais sa réigiún. Sa chomhthéacs sin, tabharfaidh ISAE cuairt rialta ar thíortha uile an réigiúin.

(c)

dul i gcomhar le gníomhaithe ábhartha lasmuigh den réigiún a bhfuil tionchar acu i gCorn na hAfraice, ar mhaithe le dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le cobhsaíocht réigiúnach níos leithne, lena n-áirítear GERD, an Mhuir Rua, an tAigéan Indiach Thiar agus maoiniú Mhisean an Aontais Afracaigh sa tSomáil (AMISOM) agus an rannpháirtíocht slándála faoi stiúir an Aontais Afracaigh ina dhiaidh sin. Áireofar ar na teagmhálaithe lena mbeidh rannpháirtíocht dhéthaobhach, mar is iomchuí, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, tíortha na Murascaille, an Éigipt, teagmhálaithe réigiúnacha le Comhairle Comhair na Murascaille, le Comhairle Stáit Arabacha agus Afracacha na Mara Rua agus Mhurascaill Áidin agus le gníomhaithe idirnáisiúnta ábhartha eile;

(d)

ionadaíocht a dhéanamh do leasanna agus infheictheacht an Aontais i bhfóraim ábhartha réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus iad sin a chur chun cinn;

(e)

comhar éifeachtach polaitiúil agus slándála agus comhtháthú eacnamaíoch inbhuanaithe sa réigiún a spreagadh agus tacú leis sin trí chomhpháirtíocht an Aontais leis an Aontas Afracach agus le heagraíochtaí réigiúnacha, go háirithe IGAD. Ba cheart do ISAE sásraí chun coinbhleachtaí a réiteach a thionscnamh/a stiúradh, tacú leo agus iad a chur chun cinn, go háirithe sásraí atá faoi cheannasaíocht na hAfraice agus an Mheánoirthir/na hAfraice Thuaidh ar mhaithe le héifeacht bhreise a chur le cosc, díghéarú agus réiteach síochánta díospóidí agus ar mhaithe le hathmhuintearas trí idirphlé agus idirghabháil a chothú;

(f)

a bheith ar an eolas faoi fhorbairtí polaitiúla agus slándála sa réigiún agus rannchuidiú le forbairt bheartas an Aontais i leith an réigiúin, d’fhonn tograí nithiúla a fhoirmliú le haghaidh gníomhaíochta, lena n-áirítear maidir leis an Eiritré, an Aetóip, an tSomáil, an tSúdáin, an tSúdáin Theas, an díospóid teorann idir an tSúdáin agus an Aetóip, an teannas idir an tSomáil agus an Chéinia, ról na Céinia sa réigiún, díospóid na Níle, slándáil timpeall na Mara Rua, comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn agus ábhair imní eile a bhfuil tionchar acu ar shlándáil, ar chobhsaíocht agus ar rathúnas síochánta agus cuimsitheach an réigiúin. Rannchuideoidh ISAE le fís luathfhreagraíochta agus straitéiseach agus fad-téarmach an Aontais i gCorn na hAfraice

(g)

leanúint de thacaíocht réigiúnach agus idirnáisiúnta a shlógadh d’aistrithe polaitiúla e.g. san Aetóip agus sa tSúdáin i ndlúthchomhar le Cinn thoscaireachtaí an Aontais agus misin na mBallstát. Rannchuideoidh ISAE leis an tacaíocht d’iarrachtaí athmhuintearais go náisiúnta bunaithe ar idirphlé cuimsitheach, trédhearcach. Saothróidh ISAE iarrachtaí lena dtabharfar aghaidh ar na hiarmhairtí réigiúnacha a bhaineann leis an ngéarchéim iomadúil san Aetóip, lena n-áirítear in Tigray, go háirithe trí réiteach síochánta ar an teannas maidir leis an teorainn leis an tSúdáin a spreagadh. Maidir leis an tSúdáin, díreofar iarrachtaí ISAE freisin ar thacú le cur chun feidhme Chomhaontú Síochána Juba agus leis an gcaibidlíocht agus le cur chun feidhme na gcomhaontuithe arna ndéanamh ina dhiaidh sin;

(h)

leanúint de spreagadh a thabhairt do gheallsealbhóirí réigiúnacha agus idirnáisiúnta tuilleadh tacaíochta a thabhairt do phróisis chriticiúla síochána agus cothaithe stáit sa tSomáil agus sa tSúdáin Theas. Mar chomhlánú ar iarrachtaí Cheann toscaireachta an Aontais agus Bhallstáit an Aontais, tacóidh ISAE le hiarrachtaí cothaithe stáit an Aontais sa tSomáil, lena n-áirítear forbairt na hearnála slándála. Ina theannta sin, leanfaidh ISAE d’ionchur a bheith aige nó aici maidir leis na machnaimh a bhaineann le húsáid na Saoráide Eorpaí Síochána, agus maidir le misin agus oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta(CBSC) sa réigiún. Maidir leis an tSúdáin Theas, i ndlúthchomhar le Ceann Toscaireachta an Aontais, leanfaidh ISAE de bheith ag oibriú go dlúth leis na Náisiúin Aontaithe, IGAD agus leis an Aontas Afracach agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta ábhartha eile chun tacú lena iarrachtaí síocháin agus cobhsaíocht fhoriomlán na tíre a bhaint amach;

(i)

dul i gcomhar leis an Eiritré, agus seasamh le clár oibre cuiditheach ar an leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear maidir le tarraingt siar thrúpaí Eiritré as an Aetóip;

(j)

leanúint de bheith ag déanamh ionadaíocht thar ceann an Aontais ina cháil nó ina cáil mar bhreathnóir ar na cainteanna faoi stiúir an Aontais Afracaigh maidir le GERD. Ag obair i ndlúthchomhar le Cinn thoscaireachtaí an Aontais, agus le misin na mBallstát, chuig an Éigipt, an tSúdáin agus an Aetóip, rannchuideoidh ISAE leis an tacaíocht don idirphlé chomh maith leis an gcomhar idir na páirtithe agus iontaoibh á tógáil agus bearta cothaithe muiníne á bhforbairt lena bhféadfaí cabhrú le réiteach ar an díospóid i dtaca le GERD a dhreasachtú. Rannchuideoidh ISAE, tríd is tríd, le hiarracht an Aontais dlús a chur leis an rannpháirtíocht i ndobharthaidhleoireacht in Abhantrach iomlán na Níle;

(k)

déanfaidh sé nó sí comhar, idirphlé agus réiteach síochánta ar dhíospóidí timpeall na Mara Rua a spreagadh agus caidreamh pribhléidithe a chothú le tionscnaimh ar an leibhéal réigiúnach. I ndlúthchomhar le toscaireachtaí an Aontais agus misin na mBallstát sa réigiún, rannchuideoidh ISAE le cur chuige comhtháite a fhorbairt i leith réigiún na Mara Rua agus cuideoidh sé nó sí le clár oibre cuimsitheach maidir le comhar ar an Muir Rua a thógáil i measc gníomhaithe ábhartha réigiúnacha agus idirnáisiúnta;

(l)

coinneoidh sé nó sí súil ghéar ar na dúshláin thrasteorann lena ndéantar difear do Chorn na hAfraice, go háirithe maidir leis an radacú agus an sceimhlitheoireacht, an tslándáil mhuirí agus an phíoráideacht, díospóidí teorann, gach cineál gáinneála lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine, sreabha airgeadais aindleathacha agus aon iarmhairtí polaitiúla agus slándála a bhaineann le géarchéimeanna daonnúla, agus an comhar a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thrasteorann sin;

(m)

cuirfidh ISAE rochtain dhaonnúil agus urraim don Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta chun cinn ar fud an réigiúin;

(n)

rannchuideoidh sé nó sí, i gcomhar le ISAE um Chearta an Duine, le cur chun cinn chearta an duine, trí chur chun feidhme Chinneadh 2011/168/CBES ón gComhairle (4) agus bheartas an Aontais um chearta an duine, lena n-áirítear Treoirlínte an Aontais maidir le cearta an duine, go háirithe Treoirlínte an Aontais maidir le leanaí agus coinbhleacht armtha mar aon le maidir le foréigean in aghaidh na mban agus in aghaidh cailíní agus gach cineál idirdhealaithe ina gcoinne a chomhrac, agus beartas an Aontais maidir le Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR) agus rúin ina dhiaidh sin maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil chomh maith le UNSCR 2250 (2015) maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil. Áireofar sa mhéid sin malartuithe leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, Oifig an ArdChoimisinéara do Chearta an Duine agus le cosantóirí chearta an duine;

(o)

rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar an tionchar méadaitheach atá ag an athrú aeráide ar an tsíocháin agus ar an tslándáil. Áireofar leis seo go gcinnteofar go gcuirfear san áireamh i mbearta coisctheacha agus cothaithe síochána priacail slándála a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhsaol.

2.   Chun sainordú ISAE a chomhlíonadh, déanfaidh ISAE na nithe seo a leanas, inter alia:

(a)

comhairle a thabhairt agus tuairisciú a dhéanamh ar fhoirmliú sheasaimh an Aontais i bhfóraim réigiúnacha agus idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, chun gníomhaíocht atá bunaithe ar chomhpháirtíocht agus cuntasacht fhrithpháirteach a chur chun cinn agus cur chuige comhtháite an Aontais i leith Chorn na hAfraice a neartú ar bhealach réamhghníomhach;

(b)

rannchuidiú le forbhreathnú a choimeád ar ghníomhaíochtaí uile an Aontais agus comhoibriú agus comhordú go dlúth le toscaireachtaí ábhartha an Aontais agus Ballstáit ábhartha.

Airteagal 4

An sainordú a chur chun feidhme

1.   Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó nó di faoi údarás an Ardionadaí.

2.   Coimeádfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nasc pribhléidithe le ISAE agus is é a bheidh ina phríomhphointe teagmhála leis an gComhairle ag ISAE. Cuirfidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil ar fáil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.

3.   Comhoibreoidh ISEA le SEGS agus lena ranna ábhartha, agus oibreoidh sé nó sí i ndlúthchomhar leo.

Airteagal 5

Maoiniú

1.   Is é EUR 2 750 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE sa tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 31 Lúnasa 2022 a chumhdach.

2.   Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conradh idir ISAE agus an Coimisiún. Is don Choimisiún a bheidh ISAE cuntasach as gach caiteachas.

Airteagal 6

Tiomsú agus comhdhéanamh na foirne

1.   Laistigh de theorainneacha sainordú ISAE agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar san fhoireann an saineolas maidir le saincheisteanna beartais ar leith de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas go pras faoi chomhdhéanamh na foirne.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí de chuid an Aontais agus SEGS a mholadh go mbeadh foireann ar iasacht ag obair le ISAE. Is iad an Ballstát, an institiúid de chuid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, faoi seach, a chumhdóidh tuarastal an phearsanra sin atá ar iasacht. Féadfar saineolaithe atá ar iasacht ó na Ballstáit chuig institiúidí de chuid an Aontais nó chuig SEGS a phostú freisin chun oibriú le ISAE. Beidh náisiúntacht Bhallstáit ag baill foirne idirnáisiúnta ar conradh.

3.   Is faoi údarás riaracháin an Bhallstáit seolta, institiúid seolta an Aontais nó SEGS a fhanfaidh an pearsanra uile ar iasacht agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus gníomhóidh siad chun leas shainordú ISAE.

4.   Comhlonnófar foireann ISAE le ranna ábhartha SEGS nó le toscaireachtaí ábhartha an Aontais chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a ngníomhaíochtaí faoi seach a áirithiú.

Airteagal 7

Pribhléidí agus díolúintí ISAE agus fhoireann ISAE

Déanfar na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá le haghaidh chomhlánú agus dhea-fheidhmiú mhisean ISAE chomh maith le baill foirne ISAE a chomhaontú leis na tíortha óstacha, de réir mar is iomchuí. Deonóidh na Ballstáit agus SEGS gach tacaíocht is gá chun na críche sin.

Airteagal 8

Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais

Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (5).

Airteagal 9

Rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht lóistíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún, SEGS agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.

2.   Cuirfidh toscaireachtaí an Aontais sa réigiún agus/nó na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta ar fáil sa réigiún.

Airteagal 10

Slándáil

I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir le sainordú ISAE agus le staid na slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n-áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh de, chomh maith le bainistiú teagmhas slándála, agus lena n-áirítear plean teagmhais agus aslonnaithe;

(b)

a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca, mar a cheanglaítear leis na coinníollacha i réimse na freagrachta;

(c)

a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag foireann ISAE a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin;

(d)

a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a chur ar fáil don Ardionadaí, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na dtuarascálacha ar dhul chun cinn rialta agus tuarascála chuimsitheach chríochnaitheach maidir leis an sainordú a chur chun feidhme.

Airteagal 11

Tuairisciú

Cuirfidh ISAE tuarascálacha i scríbhinn agus ó bhéal ar fáil go tráthrialta don Ardionadaí agus don Choiste Polaitiúil agus Slándála. Tuairisceoidh ISAE do mheithleacha de chuid na Comhairle freisin de réir mar is gá. Scaipfear tuarascálacha rialta trí líonra COREU. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a chur ar fáil don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. I gcomhréir le hAirteagal 36 den Chonradh, féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach i bhfaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 12

Comhordú

1.   Rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a shaothrú go comhsheasmhach, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Iarrfar idirchaidreamh leis na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú le gníomhaíochtaí SEGS, thoscaireachtaí an Aontais agus an Choimisiúin, chomh maith le gníomhaíochtaí ISAEnna eile atá gníomhach sa réigiún. Cuirfidh ISAE seisiúin faisnéise thráthrialta ar fáil do mhisin na mBallstát agus do thoscaireachtaí an Aontais.

2.   Ar an láthair, coinneofar dlúthchaidreamh le Cinn mhisin na mBallstát ábhartha, le cinn thoscaireachtaí an Aontais agus le Cinn mhisin agus oibríochtaí CBSC. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme acu. Cuirfidh ISAE, i ndlúthchomhar le toscaireachtaí ábhartha an Aontais, treoir pholaitiúil áitiúil ar fáil do Cheannasaí Fórsa EUNAVFOR Atalanta, do Cheannasaí Mhisean EUTM Somalia agus do Cheann Misean EUCAP Somalia, le treoir pholaitiúil áitiúil. Rachaidh ISAE, Ceannasaithe Oibríocht an Aontais agus Ceannasaí na hOibríochta Sibhialta i gcomhairle le chéile de réir mar is gá. Déanfaidh ISAE idirchaidreamh freisin le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar an láthair.

Airteagal 13

Cúnamh i ndáil le héilimh

Tabharfaidh ISAE agus foireann ISAE cúnamh maidir le heilimintí a chur ar fáil chun freagairt ar aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as sainorduithe ISAEnna a bhí ann roimhe seo do Chorn na hAfraice agus cuirfidh siad cúnamh riaracháin agus rochtain ar na comhaid ábhartha ar fáil chun na gcríoch sin.

Airteagal 14

Athbhreithniú

Déanfar cur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas leis an réigiún a choimeád faoi athbhreithniú rialta. Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid an Ardionadaí, na Comhairle agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoin 31 Bealtaine 2022.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2011/819/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2011 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (IO L 327, 9.12.2011, lch. 62).

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/905 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (IO L 161, 26.6.2018, lch. 16).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/352 ón gComhairle an 25 Feabhra 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/905 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (IO L 68, 26.2.2021, lch. 187).

(4)  Cinneadh 2011/168/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2003/444/CBES (IO L 76, 22.3.2011, lch. 56).

(5)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).


22.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/33


CINNEADH (CBES) 2021/1013 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meitheamh 2021

lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Aibreán 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/598 (1), lena gceaptar Peter BURIAN mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Áise Láir.

(2)

An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/904 (2), lena gcuirtear síneadh le sainordú Peter BURIAN mar ISAE don Áise Láir. Rinneadh an Cinneadh sin a leasú go deireanach le Cinneadh (CBES) 2021/282 (3) ón gComhairle. Rachaidh sainordú ISAE in éag an 30 Meitheamh 2021.

(3)

Ba cheart Ionadaí Speisialta nua an Aontais Eorpaigh don Áise Láir a cheapadh ar feadh tréimhse 20 mí.

(4)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staide a d’fhéadfadh dul in olcas, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Leis seo, ceaptar Terhi Hakala mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISEA) don Áise Láir ón 1 Iúil 2021 go dtí an 28 Feabhra 2023. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaí síneadh a chur le sainordú ISAE nó é a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Airteagal 2

Cuspóirí beartais

Bunófar sainordú ISAE ar thosaíochtaí beartais an Aontais san Áise Láir. Áirítear ar na cuspóirí sin:

(a)

dea-chaidreamh agus dlúthchaidreamh a chur chun cinn idir an tAontas agus tíortha na hÁise Láir ar bhonn comhluachanna agus comhleasanna mar a leagtar amach i gcomhaontuithe ábhartha;

(b)

rannchuidiú le neartú na cobhsaíochta agus an chomhair idir na tíortha sa réigiún;

(c)

rannchuidiú le neartú an daonlathais, an smachta reachta, an dea-rialachais agus urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha san Áise Láir;

(d)

aghaidh a thabhairt ar na príomhbhagairtí, go háirithe ar na fadhbanna sonracha a bhfuil impleachtaí díreacha acu don Aontas;

(e)

éifeachtacht agus infheictheacht an Aontais sa réigiún a fheabhsú, lena n-áirítear trí chomhordú níos dlúithe le comhpháirtithe ábhartha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile, amhail an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus na Náisiúin Aontaithe.

Airteagal 3

Sainordú

1.   Chun na cuspóirí beartais a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú ag ISAE:

(a)

comhordú polaitiúil foriomlán an Aontais a chur chun cinn san Áise Láir agus cuidiú le comhsheasmhacht a áirithiú maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais sa réigiún;

(b)

rannchuidiú le próiseas cur chun feidhme Straitéis an Aontais maidir le Comhpháirtíocht Nua leis an Áise Láir, arna chomhlánú le conclúidí ábhartha ón gComhairle agus le tuarascálacha ina dhiaidh sin ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme Straitéis an Aontais don Áise Láir, moltaí a dhéanamh agus tuarascáil a chur faoi bhráid comhlachtaí ábhartha na Comhairle ar bhonn rialta;

(c)

cúnamh a thabhairt don Chomhairle chun breis forbartha a dhéanamh ar bheartas cuimsitheach i ndáil leis an Áise Láir;

(d)

súil ghéar a choinneáil ar fhorbairtí polaitiúla san Áise Láir trí dhlúththeagmháil a dhéanamh agus a choimeád le rialtais, parlaimintí, na breithiúna, an tsochaí shibhialta agus na hollmheáin;

(e)

moladh don Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin agus an Úisbéiceastáin oibriú le chéile ar shaincheisteanna réigiúnacha leasa choitinn;

(f)

teagmhálacha agus comhar iomchuí a fhorbairt leis na príomhghníomhaithe leasmhara sa réigiún, agus leis na eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta ábhartha uile;

(g)

rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas an Aontais um chearta an duine sa réigiún i gcomhar le ISAE um Chearta an Duine, lena n-áirítear Treoirlínte an Aontais maidir le Cearta an Duine, go háirithe Treoirlínte an Aontais maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha chomh maith leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus gach cineál idirdhealaithe ina n-aghaidh a chomhrac, agus beartas an Aontais maidir le Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, lena n-áirítear trí fhaireachán agus trí thuairisciú a dhéanamh ar fhorbairtí chomh maith le moltaí a cheapadh i ndáil leis sin;

(h)

rannchuidiú, i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach trí theagmhálacha a fhorbairt leis na húdaráis agus le gníomhaithe áitiúla eile amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, páirtithe polaitiúla, mionlaigh, grúpaí reiligiúnacha agus a gceannairí;

(i)

ionchur a thabhairt maidir le ceapadh na slándála fuinnimh, na slándála teorann, comhrac na coireachta tromchúisí, lena n-áirítear támhshuanaigh agus gáinneáil ar dhaoine, mar aon leis na gnéithe den Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála a bhaineann le bainistiú acmhainní uisce, an comhshaol agus an t-athrú aeráide i ndáil leis an Áise Láir;

(j)

an tslándáil réigiúnach san Áise Láir a chur chun cinn i gcomhthéacs láithreacht idirnáisiúnta san Afganastáin a laghdú.

2.   Tacóidh ISAE le hobair an Ardionadaí, agus coimeádfaidh sé nó sí forléargas ar ghníomhaíochtaí uile an Aontais sa réigiún.

Airteagal 4

An sainordú a chur chun feidhme

1.   Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó nó di faoi údarás an Ardionadaí.

2.   Coimeádfaidh CPS nasc pribhléideach ar bun le ISAE agus is é a bheidh ann mar phríomhphointe teagmhála ISAE leis an gComhairle. Tabharfaidh CPS treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.

3.   Comhoibreoidh ISEA leis an Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus lena ranna ábhartha agus oibreoidh sé nó sí i ndlúthchomhar leo.

Airteagal 5

Maoiniú

1.   Is é EUR 1 885 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 28 Feabhra 2023 a chumhdach.

2.   Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conradh idir ISAE agus an Coimisiún. Beidh ISAE cuntasach don Choimisiún as gach caiteachas.

Airteagal 6

Tiomsú agus comhdhéanamh na foirne

1.   Laistigh de theorainneacha shainordú ISAE agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar san fhoireann an saineolas maidir le saincheisteanna sonracha beartais de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas in am agus i dtráth faoi chomhdhéanamh na foirne.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí an Aontais agus SEGS a mholadh go mbeadh foireann ar iasacht ag obair le ISAE. Is é an Ballstát lena mbaineann, institiúid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, faoi seach, a chumhdóidh tuarastal an phearsanra sin atá ar iasacht. Féadfar saineolaithe atá ar iasacht ó na Ballstáit chuig institiúidí an Aontais nó chuig SEGS a phostú chun oibriú le ISAE freisin. Beidh náisiúntacht Bhallstáit ag an bhfoireann idirnáisiúnta ar conradh.

3.   Is faoi údarás riaracháin an Bhallstáit seolta, institiúid seolta an Aontais nó SEGS a fhanfaidh an pearsanra uile ar iasacht agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus feidhmeoidh siad chun leas shainordú ISAE.

4.   Comhlonnófar foireann ISAE le roinn ábhartha SEGS, le toscaireachtaí an Aontais chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a ngníomhaíochtaí faoi seach a áirithiú.

Airteagal 7

Pribhléidí agus díolúintí ISAE agus fhoireann ISAE

Déanfar na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá le haghaidh chomhlánú agus dhea-fheidhmiú mhisean ISAE chomh maith le comhaltaí foirne ISAE a chomhaontú leis na tíortha óstacha, mar is iomchuí. Deonóidh na Ballstáit agus SEGS gach tacaíocht is gá chun na críche sin.

Airteagal 8

Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais

Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (4).

Airteagal 9

Rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht lóistíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún, SEGS agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.

2.   Cuirfidh toscaireachtaí an Aontais sa réigiún agus/nó na Ballstáit, mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta ar fáil sa réigiún.

Airteagal 10

Slándáil

I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir le sainordú ISAE agus le staid na slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n-áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh di, chomh maith le bainistiú teagmhas slándála, agus lena n-áirítear plean teagmhais agus aslonnaithe;

(b)

a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca, mar a cheanglaítear leis na coinníollacha i réimse na freagrachta;

(c)

a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag foireann ISAE a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin;

(d)

a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a chur ar fáil don Ardionadaí, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na dtuarascálacha rialta ar dhul chun cinn agus na tuarascála cuimsithí críochnaithí.

Airteagal 11

Tuairisciú

Cuirfidh ISAE tuarascálacha ar fáil go tráthrialta don Ardionadaí agus don Choiste Polaitiúil agus Slándála. Cuirfidh ISAE tuarascáil faoi bhráid meithleacha de chuid na Comhairle freisin mar is gá. Scaipfear tuarascálacha rialta trí líonra COREU. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a chur ar fáil don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. Féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach i bhfaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 12

Comhordú

1.   Rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a shaothrú go comhsheasmhach, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Iarrfar idirchaidreamh leis na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú le gníomhaíochtaí de chuid roinn gheografach ábhartha SEGS agus leis an gCoimisiún. Cuirfidh ISAE faisnéis rialta ar fáil do mhisin na mBallstát agus do thoscaireachtaí an Aontais.

2.   Ar an láthair, leanfar de dhlúthchaidreamh a choimeád le Cinn Mhisin ábhartha na mBallstát agus le Cinn Thoscaireachtaí ábhartha an Aontais. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme acu. Déanfaidh ISAE idirchaidreamh freisin le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar an láthair.

Airteagal 13

Cúnamh i ndáil le héilimh

Tabharfaidh ISAE agus foireann ISAE cúnamh maidir le heilimintí a chur ar fáil chun freagairt ar aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as sainorduithe ISAEnna a bhí ann roimhe seo don Áise Láir agus cuirfidh siad cúnamh riaracháin agus rochtain ar na comhaid ábhartha ar fáil chun na gcríoch sin.

Airteagal 14

Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas leis an réigiún. Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid an Ardionadaí, na Comhairle agus an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe, faoin 30 Samhain 2022.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2015/598 ón gComhairle an 15 Aibreán 2015 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir (IO L 99, 16.4.2015, lch. 25).

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/904 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir (IO L 161, 26.6.2018, lch. 12).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/282 ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/904 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir (IO L 62, 23.2.2021, lch. 45).

(4)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).


22.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/38


CINNEADH (CBES) 2021/1014 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meitheamh 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantachai bhfianaise na staide sa Libia

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333 (1) maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia.

(2)

An 16 Aibreán 2021, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2571 (2021). Meabhraigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2174 (2014), inar cinneadh go bhfuil feidhm ag na bearta a leagtar amach i Rún 1970 (2011) freisin maidir le daoine aonair agus eintiteas atá i mbun gníomhartha nó a chuireann tacaíocht ar fáil do ghníomhartha seachas iad siúd a shonraítear i Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ar ghníomhartha iad lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Libia i mbaol, nó lena gcuirtear bac ar a haistriú polaitiúil a chur i gcrích go rathúil nó lena mbaintear an bonn den chur i gcrích sin. Chuir sí i dtreis freisin go bhféadfaí a áireamh ar na gníomhartha sin bac a chur ar na toghcháin atá beartaithe i dtreochlár Fhóram Idirphlé Polaitiúil na Libia nó an bonn a bhaint díobh.

(3)

Tar éis di measúnú a dhéanamh ar an staid sa Libia, lena n-áirítear i ndáil leis na toghcháin atá beartaithe i dtreochlár Fhóram Idirphlé Polaitiúil na Libia, measann an Chomhairle gur gá a shoiléiriú go gcuimsíonn na critéir chun bearta sriantacha a fhorchur daoine nádúrtha nó dlítheanacha agus eintitis a chuireann bac ar na toghcháin sin nó a bhaineann an bhonn dóibh.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2(c):

“(c)

atá i mbun gníomhartha nó a chuireann tacaíocht ar fáil do ghníomhartha lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Libia i mbaol, nó lena gcuirtear bac ar a haistriú polaitiúil a chur i gcrích go rathúil nó lena mbaintear an bonn den chur i gcrích sin, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas:

(i)

gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh, ar gníomhartha iad a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine is infheidhme nó an dlí daonnúil idirnáisiúnta is infheidhme, nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, sa Libia;

(ii)

ionsaithe a dhéanamh ar aon aerfort, port talún nó calafort sa Libia, nó ar institiúid stáit nó bunáit Stáit de chuid na Libia, nó ar aon mhisean taidhleoireachta sa Libia;

(iii)

tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí armtha nó do líonraí coiriúla trí amhola nó aon acmhainn nádúrtha eile a shaothrú go haindleathach sa Libia;

(iv)

bagairt a dhéanamh ar institiúidí airgeadais Stát na Libia agus ar Cuideachta Náisiúnta Ola na Libia nó iad a chomhéigniú, nó dul i gceann gníomhartha a bhféadfadh míleithreasú cistí de chuid Stát na Libia a theacht as nó a bheith mar thoradh air;

(v)

forálacha an trádbhaic arm sa Libia, a bunaíodh le Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le hAirteagal 1 den Chinneadh seo a shárú nó cúnamh a thabhairt i seachaint na bhforálacha sin;

(vi)

bac a chur ar na toghcháin atá beartaithe i bPlean Oibre Fhóram Idirphlé Polaitiúil na Libia nó an bonn a bhaint dóibh;

(vii)

gníomhú thar ceann daoine nó eintiteas atá liostaithe nó ar stiúir na ndaoine nó na n-eintiteas sin;”;

(2)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2(c):

“(c)

atá i mbun gníomhartha nó a chuireann tacaíocht ar fáil do ghníomhartha lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Libia i mbaol, nó lena gcuirtear bac ar a haistriú polaitiúil a chur i gcrích go rathúil nó lena mbaintear an bonn den chur i gcrích sin, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas:

(i)

gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh, ar gníomhartha iad a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine is infheidhme nó an dlí daonnúil idirnáisiúnta is infheidhme, nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, sa Libia;

(ii)

ionsaithe a dhéanamh ar aon aerfort, port talún nó calafort sa Libia, nó ar institiúid stáit nó bunáit Stáit de chuid na Libia, nó ar aon mhisean taidhleoireachta sa Libia;

(iii)

tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí armtha nó do líonraí coiriúla trí amhola nó aon acmhainn nádúrtha eile a shaothrú go haindleathach sa Libia;

(iv)

bagairt a dhéanamh ar institiúidí airgeadais Stát na Libia agus ar Cuideachta Náisiúnta Ola na Libia nó iad a chomhéigniú, nó dul i gceann gníomhartha a bhféadfadh míleithreasú cistí de chuid Stát na Libia a theacht as nó a bheith mar thoradh air;

(v)

forálacha an trádbhaic arm sa Libia, a bunaíodh le Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le hAirteagal 1 den Chinneadh seo a shárú nó cúnamh a thabhairt i seachaint na bhforálacha sin;

(vi)

bac a chur ar na toghcháin atá beartaithe i bPlean Oibre Fhóram Idirphlé Polaitiúil na Libia nó an bonn a bhaint dóibh;

(vii)

gníomhú thar ceann daoine nó eintiteas atá liostaithe nó ar stiúir na ndaoine nó na n-eintiteas sin;”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO L 206, 1.8.2015, lch. 34).


22.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/40


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1015 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meitheamh 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le fearais chuisniúcháin, fearais uachtair reoite agus fearais déanta oighir, trealamh saotharlainne le haghaidh téamh ábhar, trealamh uathoibríoch agus leath-uathoibríoch saotharlainne le haghaidh anailíse agus cuspóirí eile, trealamh leictreach le rátálacha a bhaineann le soláthar leictreach, fearais chun craiceann a nochtadh do radaíocht ultraivialait agus infridhearg, téitheoirí seomra, iarainn leictreacha, soirn chócaireachta nach soirn iniompartha iad, iartaí, oighinn agus fearais dá samhail, galtáin fabraice, feistí leictrimheicniúla le haghaidh ciorcad rialaithe, pluideanna, pillíní, éadaí agus fearais sholúbtha téite dá samhail, agus trealamh leictreach áirithe eile a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh leictreach atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir sin agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, cuspóirí a chumhdaítear faoi na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó faoi chodanna sin díobh.

(2)

Trí litir M/511 an 8 Samhain 2012, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) an chéad liosta iomlán de theidil na gcaighdeán comhchuibhithe a sholáthar agus na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, na caighdeáin sin a dhréachtú, a athbhreithniú agus a chur i gcrích chun tacú le Treoir 2014/35/AE. Na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2014/35/AE agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, níor tháinig athrú orthu ó rinneadh an iarraidh ar CEN, Cenelec agus ETSI.

(3)

Ar bhonn iarraidh M/511, dhréachtaigh CEN agus Cenelec caighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-24:2010 maidir le fearais chuisniúcháin, fearais uachtair reoite agus fearais déanta oighir, agus dhréachtaigh siad freisin na leasuithe seo a leanas air – EN 60335-2-24:2010/A1:2019, EN 60335-2-24:2010/A2:2019 agus EN 60335-2-24:2010/A11:2020.

(4)

Ar bhonn iarraidh M/511, d’athbhreithnigh CEN agus Cenelec caighdeáin chomhchuibhithe EN 61010-2-010:2014 agus EN 61293:1994, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht (2018/C 326/02) ón gCoimisiún (3). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN IEC 61010-2-010:2020 maidir le trealamh saotharlainne le haghaidh téamh ábhar agus EN IEC 61293:2020 maidir le trealamh leictreach le rátálacha a bhaineann le soláthar leictreach faoi seach.

(5)

Ar bhonn iarraidh M/511, leasaigh CEN agus Cenelec caighdeáin chomhchuibhithe EN 60335-2-17:2013 maidir le pluideanna, pillíní, éadaí agus fearais sholúbtha téite dá samhail, agus EN 60335-2-85:2003 maidir le galtán fabraice, caighdeáin a gcuimsítear na tagairtí dóibh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 ón gCoimisiún (4). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeáin chomhchuibhithe leasaitheacha EN 60335-2-17:2013/A1:2020 agus EN 60335-2-85:2003/A2:2020 faoi seach. Leasaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas freisin, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht (2018/C 326/02): EN 60335-2-27:2013 maidir le fearais chun craiceann a nochtadh do radaíocht ultraivialait agus infridhearg; EN 60335-2-30:2009 maidir le téitheoirí seomra; agus EN 60335-2-6:2015 maidir le soirn chócaireachta nach soirn iniompartha iad, iartaí, oighinn agus fearais dá samhail. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe leasaitheacha seo a leanas faoi seach: EN 60335-2-27:2013/A1:2020 agus EN 60335-2-27:2013/A2:2020; EN 60335-2-30:2009/A12:2020 agus EN 60335-2-30:2009/A1:2020; agus EN 60335-2-6:2015/A11:2020 agus EN 60335-2-6:2015/A1:2020.

(6)

Ar bhonn iarraidh M/511, rinne CEN agus Cenelec athbhreithniú freisin ar chaighdeán comhchuibhithe EN 61010-2-081:2015 maidir le trealamh uathoibríoch agus leath-uathoibríoch saotharlainne le haghaidh anailíse agus cuspóirí eile, agus leasaigh siad caighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-3:2016 maidir le hiarainn leictreacha. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN IEC 61010-2-081:2020 agus caighdeán comhchuibhithe leasaitheach EN 60335-2-3:2016/A1:2020 faoi seach.

(7)

Na caighdeáin chomhchuibhithe sin agus na leasuithe atá déanta orthu, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec i dtaobh cé acu a chomhlíonann siad iarraidh M/511 nó nach gcomhlíonann.

(8)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN IEC 61010-2-010:2020, EN IEC 61010-2-081:2020, EN IEC 61293:2020, EN 60335-2-17:2013 (arna leasú le EN 60335-2-17:2013/A1:2020), EN 60335-2-27:2013 (arna leasú le EN 60335-2-27:2013/A1:2020 agus le EN 60335-2-27:2013/A2:2020), EN 60335-2-30:2009 (arna leasú le EN 60335-2-30:2009/A12:2020 agus le EN 60335-2-30:2009/A1:2020), EN 60335-2-3:2016 (arna leasú le EN 60335-2-3:2016/A1:2020), EN 60335-2-6:2015 (arna leasú le EN 60335-2-6:2015/A11:2020 agus le EN 60335-2-6:2015/A1:2020) agus EN 60335-2-85:2003 (arna leasú le EN 60335-2-85:2003/A2:2020), agus mar a leasaítear nó mar a cheartaítear iad le caighdeáin ar bith eile a bhfoilsítear tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sásaíonn siad na cuspóirí sábháilteachta is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i dteannta leis na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach ábhartha a bhaineann leo.

(9)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/35/AE. Chun a áirithiú go liostaítear in aon ghníomh amháin na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh d’fhonn tacú le Treoir 2014/35/AE, ba cheart na tagairtí sin a chuimsiú i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956.

(10)

I dTábla ZZA.1 de chaighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-24:2010 (arna leasú le EN 60335-2-24:2010/A1:2019, EN 60335-2-24:2010/A2:2019 agus EN 60335-2-24:2010/A11:2020), tugtar míniú ar an téacs “achar is mó ná 75 cm2” atá á úsáid i gclásail 30.2 agus 30.2.101 den chaighdeán sin. Chun an tsoiléireacht agus an comhleanúnachas a áirithiú, ba cheart srian a bheith ann maidir leis an téacs sin agus an tagairt don chaighdeán sin á foilsiú, í sin agus na tagairtí do na caighdeáin leasaitheacha ar an gcaighdeán sin.

(11)

Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh leictreach a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE, foráiltear le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 go liostófar iad in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin. Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE agus ar foilsíodh iad agus srian ag gabháil leo, d’fhonn a áirithiú go liostaítear na tagairtí sin in aon ghníomh amháin, is gá an tAirteagal sin a leasú agus Iarscríbhinn ar leithligh a chur isteach ina mbeidh na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin.

(12)

Dhréachtaigh CEN agus Cenelec ceartúchán EN 60947-5-1:2017/AC:2020-05 freisin ar ceartúchán é lena gceartaítear caighdeán comhchuibhithe EN 60947-5-1:2017 maidir le feistí le haghaidh ciorcad rialaithe agus le heilimintí lasctha, caighdeán a gcuimsítear an tagairt dó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956. Ós rud é go ndéantar ceartúcháin theicniúla ar an gcaighdeán sin a thabhairt isteach leis an gceartúchán, agus chun a áirithiú go ndéanfar caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh a chur i bhfeidhm i gceart agus go comhsheasmhach, is iomchuí an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin i dteannta leis an tagairt don cheartúchán a fhoilsiú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956.

(13)

Is gá, dá bhrí sin, na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas a tharraingt siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ós rud é gur athbhreithníodh nó gur leasaíodh iad, agus na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach a bhaineann leo a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a tharraingt siar freisin: EN 61010-2-010:2014; EN 61293:1994. EN 60335-2-27:2013; EN 60335-2-30:2009; agus EN 60335-2-6:2015.

(14)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE agus atá tarraingthe siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(15)

Ina theannta sin, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 60335-2-17:2013, EN 60335-2-85:2003 agus EN 60947-5-1:2017, agus na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach a bhaineann leo a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is gá na tagairtí sin a tharraingt siar as sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é gur leasaíodh nó gur ceartaíodh iad. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956.

(16)

Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 61010-2-010:2014, EN 61293:1994, EN 60335-2-27:2013, EN 60335-2-30:2009, EN 60335-2-6:2015, EN 60335-2-85:2003, EN 60335-2-17:2013 agus EN 60947-5-1:2017, agus na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach a bhaineann leo a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is gá tarraingt siar na dtagairtí sin a chur siar ionas go mbeidh a ndóthain ama ag monaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm chaighdeáin chomhchuibhithe EN IEC 61010-2-010:2020, EN IEC 61293:2020, EN 60335-2-17:2013 (arna leasú le EN 60335-2-17:2013/A1:2020), EN 60335-2-27:2013 (arna leasú le EN 60335-2-27:2013/A1:2020 agus le EN 60335-2-27:2013/A2:2020), EN 60335-2-30:2009 (arna leasú le EN 60335-2-30:2009/A12:2020 agus le EN 60335-2-30:2009/A1:2020), EN 60335-2-6:2015 (arna leasú le EN 60335-2-6:2015/A11:2020 agus le EN 60335-2-6:2015/A1:2020), EN 60335-2-85:2003 (arna leasú le EN 60335-2-85:2003/A2:2020) agus EN 60947-5-1:2017 (arna cheartú le EN 60947-5-1:2017/AC:2020-05), agus cur i bhfeidhm na gcaighdeán sin mar a leasaítear nó mar a cheartaítear iad le caighdeáin ar bith eile a bhfoilsítear tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(17)

Foilsíodh an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 61010-2-081:2015 den chéad uair le Teachtaireacht (2016/C 249/03) ón gCoimisiún (5), ach fágadh ar lár í de dheasca earráide ó Theachtaireacht (2018/C 209/04) (6) agus Teachtaireacht (2018/C 326/02) ón gCoimisiún. Ba cheart, dá bhrí sin, an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le héifeacht chúlghabhálach. Ba cheart feidhm a bheith ag an bhfoilsiú sin ar feadh tréimshe a fhágfaidh go mbeidh monaróirí in ann ullmhú do chur i bhfeidhm chaighdeán comhchuibhithe EN IEC 61010-2-081:2020.

(18)

Foilsíodh an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-3:2016 den chéad uair le Teachtaireacht (2016/C 249/03) ach fágadh ar lár í de dheasca earráide ó Theachtaireacht (2018/C 326/02). Ba cheart, dá bhrí sin, an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le héifeacht chúlghabhálach. Ba cheart feidhm a bheith ag an bhfoilsiú sin ar feadh tréimshe a fhágfaidh go mbeidh monaróirí in ann ullmhú do chur i bhfeidhm chaighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-3:2016 (arna leasú le EN 60335-2-3:2016/A1:2020).

(19)

Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 60664-1:2007, EN 60051-1:1998, EN 60127-3:1996, EN 60664-3:2003, EN 60695-10-3:2002, EN 60695-11-2:2014, EN 60695-11-5:2005, EN ISO 11252:2013, HD 597 S1:1992, EN 60664-4:2006, EN 60695-2-10:2013, EN 60695-2-11:2014, EN 60695-10-2:2014, EN 60695-11-3:2012, EN 60695-11-4:2011, EN 60695-11-10:2013, EN 60695-11-20:2015, EN 61010-2-091:2012, EN 61557-8:2015, EN 61557-15:2014 agus EN 61557-16:2015, agus na tagairtí d’aon leasú nó aon cheartúchán a rinneadh orthu, foilsíodh iad den chéad uair le Teachtaireacht (2016/C 249/03), ach fágadh ar lár iad de dheasca earráide ó Theachtaireachtaí (2018/C 209/04) agus (2018/C 326/02). Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 50288-2-1:2013, EN 50288-2-2:2013, EN 50288-3-1:2013, EN 50288-3-2:2013, EN 50288-4-1:2013, EN 50288-4-2:2013, EN 50288-5-1:2013, EN 50288-5-2:2013, EN 50288-6-1:2013, EN 50288-6-2:2013, EN 50288-10-2:2015, EN 50288-11-2:2015, EN 62493:2010, EN 50288-1:2013, EN 61010-2-061:2015, EN 61230:2008 agus EN 62026-7:2013, agus na tagairtí d’aon leasú nó aon cheartúchán a rinneadh orthu, foilsíodh iad den chéad uair le Teachtaireacht (2016/C 249/03), ach fágadh ar lár iad de dheasca earráide ó Theachtaireacht (2018/C 326/02). Ba cheart, dá bhrí sin, na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le héifeacht chúlghabhálach.

(20)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1146 ón gCoimisiún (7), rinneadh an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 50178:1997 a chuimsiú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, Iarscríbhinn ina liostaítear na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE agus a tarraingíodh siar as sraith C, gan dáta an tarraingt siar a shonrú. Is gá, dá bhrí sin, iontráil nua ina bhfuil tagairt do EN 50178:1997 agus do dháta an tarraingt siar a chur in ionad na hiontrála ábhartha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956. Ós rud é gur athbhreithníodh EN 50178:1997 le EN 62477-1:2012 agus le leasú EN 62477-1:2012/A11:2014 air, dhá ní ar foilsíodh na tagairtí dóibh i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaighle Teachtaireacht (2018/C 326/02), is gá tuilleadh ama a thabhairt do mhonaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm chaighdeán comhchuibhithe EN 62477-1:2012 agus an leasaithe a rinneadh air. Ba cheart, dá bhrí sin, tarraingt siar EN 50178:1997 a chur siar.

(21)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a leasú dá réir.

(22)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha, lena n-áirítear na cuspóirí sábháilteachta, a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear tagairtí an chaighdeáin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is gá roinnt tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le héifeacht chúlghabhálach. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“An tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-24:2010 a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE, agus a leagtar amach in Iarscríbhinn IA a ghabhann leis an gCinneadh seo, déantar leis seo í a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus srian ag gabháil léi.

Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, ar caighdeáin iad a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE agus a liostaítear in Iarscríbhinn IB a ghabhann leis an gCinneadh seo, déantar leis seo iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Measfar na tagairtí sin a bheith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ó na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, ar caighdeáin iad a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE agus a liostaítear in Iarscríbhinn IC a ghabhann leis an gCinneadh seo, déantar leis seo iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Measfar na tagairtí sin a bheith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar feadh na dtréimhsí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.”;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(3)

Cuirtear isteach Iarscríbhinn IA a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(4)

Cuirtear isteach Iarscríbhinn IB a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(5)

Cuirtear isteach Iarscríbhinn IC a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(6)

Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (1) d’Iarscríbhinn I ón 22 Nollaig 2022.

Beidh feidhm ag pointe (3) d’Iarscríbhinn I ón 22 Nollaig 2021.

Beidh feidhm ag pointe (5) d’Iarscríbhinn I ón 22 Nollaig 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

(3)  Teachtaireacht (2018/C 326/02) ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO C 326, 14.9.2018, lch. 4).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 306, 27.11.2019, lch. 26).

(5)  Teachtaireacht (2016/C 249/03) ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO C 249, 8.7.2016, lch. 62).

(6)  Teachtaireacht (2018/C 209/04) ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO C 209, 15.6.2018, lch. 37).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1146 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le fearais áirithe tí, le naisc theirmeacha, le trealamh i líonraí cábla le haghaidh comharthaí teilifíse, comharthaí fuaime agus seirbhísí idirghníomhacha, le scoradáin chiorcaid, leis an stuamhúchadh agus an stuatháthú, le cúplóirí suiteála atá ceaptha le haghaidh nasc buan i suiteálacha do-aistrithe, le claochladáin, imoibreoirí, aonaid soláthair cumhachta agus meascáin de na trí ní sin, le córais luchtaithe seolta le haghaidh feithiclí leictreacha, le ceangail chábla agus córais bainistíochta cáblaí, le feistí le haghaidh ciorcad rialaithe, le heilimintí lasctha, le soilsiú éigeandála, le ciorcaid leictreacha a úsáidtear le lonróirí, agus le lampaí díluchtaithe (IO L 250, 3.8.2020, lch. 121).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 mar a leanas:

(1)

scriostar ró 11;

(2)

cuirtear isteach ró 11a seo a leanas:

“11a.

EN 60335-2-85:2003

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht – Cuid 2-85: Ceanglais ar leith maidir le galtáin fabraice

EN 60335-2-85:2003/A1:2008

EN 60335-2-85:2003/A11:2018

EN 60335-2-85:2003/A2:2020”;

(3)

scriostar ró 18;

(4)

cuirtear isteach ró 18a seo a leanas:

“18a.

EN 60947-5-1:2017

Lascthrealamh agus trealamh rialaithe ísealvoltais - Cuid 5-1: Feistí le haghaidh ciorcad rialaithe agus eilimintí lasctha na gciorcad sin - Feistí leictrimheicniúla le haghaidh ciorcad rialaithe

EN 60947-5-1:2017/AC:2020-05”;

(5)

scriostar ró 33;

(6)

cuirtear isteach ró 33a seo a leanas:

“33a.

EN 60335-2-17:2013

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail – Sábháilteacht – Cuid 2-17: Ceanglais ar leith maidir le pluideanna, pillíní, éadaí agus fearais sholúbtha téite dá samhail

EN 60335-2-17:2013/A11:2019

EN 60335-2-17:2013/A1:2020”;

(7)

cuirtear isteach na rónna seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“73.

EN IEC 61010-2-010:2020

Ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh leictreach le haghaidh tomhais, rialaithe agus úsáid saotharlainne – Cuid 2-010: Ceanglais ar leith maidir le trealamh saotharlainne le haghaidh téamh ábhar

74.

EN IEC 61010-2-081:2020

Ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh leictreach le haghaidh tomhais, rialaithe agus úsáid saotharlainne - Cuid 2-081: Ceanglais ar leith maidir le trealamh saotharlainne uathoibríoch agus leath-uathoibríoch le haghaidh anailíse agus cuspóirí eile

75.

EN IEC 61293:2020

Trealamh leictreach a mharcáil le rátálacha a bhaineann le soláthar leictreach - Ceanglais sábháilteachta

76.

EN 60335-2-27:2013

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht – Cuid 2-27: Ceanglais ar leith maidir le fearais chun craiceann a nochtadh do radaíocht ultraivialait agus infridhearg

EN 60335-2-27:2013/A1:2020

EN 60335-2-27:2013/A2:2020

77.

EN 60335-2-3:2016

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht – Cuid 2-3: Ceanglais ar leith maidir le hiarainn leictreacha

EN 60335-2-3:2016/A1:2020

78.

EN 60335-2-30:2009

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht – Cuid 2-30: Ceanglais ar leith maidir le téitheoirí seomra

EN 60335-2-30:2009/A11:2012

EN 60335-2-30:2009/AC:2010

EN 60335-2-30:2009/AC:2014

EN 60335-2-30:2009/A1:2020

EN 60335-2-30:2009/A12:2020

79.

EN 60335-2-6:2015

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht – Cuid 2-6: Ceanglais ar leith maidir le soirn chócaireachta nach soirn iniompartha iad, iartaí, oighinn agus fearais dá samhail

EN 60335-2-6:2015/A11:2020

EN 60335-2-6:2015/A1:2020.”


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN IA

An tagairt don chaighdeán

EN 60335-2-24:2010

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht – Cuid 2-24: Ceanglais ar leith maidir le fearais chuisniúcháin, fearais uachtair reoite agus meaisíní déanta oighir

EN 60335-2-24:2010/A1:2019

EN 60335-2-24:2010/A2:2019

EN 60335-2-24:2010/A11:2020

Fógra: Chun comhréireacht a thoimhdiú leis na cuspóirí sábháilteachta comhfhreagracha, cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2014/35/AE agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin:

(a)

an téacs ‘achar is mó ná 75 cm2’ atá i gclásal 30.2, léifear sin mar a leanas – ‘achar iomlán is mó ná 75 cm2 (measfar gur 75 cm2 atá i suim na bpoll ar fad i gcuid chúil fearais)’;

(b)

an téacs ‘achar nach mó ná 75 cm2’ atá i gclásal 30.2.101, léifear sin mar a leanas – ‘achar iomlán nach mó ná 75 cm2 (measfar gur 75 cm2 atá i suim na bpoll ar fad i gcuid chúil fearais)’


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN 1B

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Ón

01.

HD 597 S1:1992

Toilleoirí cúplála agus roinnteoirí toilleoirí

HD 597 S1:1992/AC:1992

15 Meitheamh 2018

02.

EN 50288-1:2013

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach – Cuid 1: Sonraíocht chineálach

14 Meán Fómhair 2018

03.

EN 50288-2-1:2013

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach – Cuid 2-1: Sonraíocht thrasghearrthach le haghaidh cáblaí sciata suas le 100 MHz - Cáblaí cothrománacha agus cáblaí ingearacha tógála

14 Meán Fómhair 2018

04.

EN 50288-2-2:2013

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach – Cuid 2-2: Sonraíocht thrasghearrthach le haghaidh cáblaí sciata suas le 100 MHz - Cáblaí limistéir oibre agus cáblaí corda paiste

14 Meán Fómhair 2018

05.

EN 50288-3-1:2013

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach – Cuid 3-1: Sonraíocht thrasghearrthach le haghaidh cáblaí neamhsciata suas le 100 MHz - Cáblaí cothrománacha agus cáblaí ingearacha tógála

14 Meán Fómhair 2018

06.

EN 50288-3-2:2013

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach - Cuid 3-2: Sonraíocht thrasghearrthach le haghaidh cáblaí neamhsciata suas le 100 MHz - Cáblaí limistéir oibre agus cáblaí corda paiste

14 Meán Fómhair 2018

07.

EN 50288-4-1:2013

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach - Cuid 4-1: Sonraíocht thrasghearrthach le haghaidh cáblaí sciata suas le 600 MHz - Cáblaí cothrománacha agus cáblaí ingearacha tógála

14 Meán Fómhair 2018

08.

EN 50288-4-2:2013

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach - Cuid 4-2: Sonraíocht thrasghearrthach le haghaidh cáblaí sciata suas le 600 MHz - Cáblaí limistéir oibre agus cáblaí corda paiste

14 Meán Fómhair 2018

09.

EN 50288-5-1:2013

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach - Cuid 5-1: Sonraíocht thrasghearrthach le haghaidh cáblaí sciata suas le 250 MHz - Cáblaí cothrománacha agus cáblaí ingearacha tógála

14 Meán Fómhair 2018

10.

EN 50288-5-2:2013

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach - Cuid 5-2: Sonraíocht thrasghearrthach le haghaidh cáblaí sciata suas le 250 MHz - Cáblaí limistéir oibre agus cáblaí corda paiste

14 Meán Fómhair 2018

11.

EN 50288-6-1:2013

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach - Cuid 6-1: Sonraíocht thrasghearrthach le haghaidh cáblaí neamhsciata suas le 250 MHz - Cáblaí cothrománacha agus cáblaí ingearacha tógála

14 Meán Fómhair 2018

12.

EN 50288-6-2:2013

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach - Cuid 6-2: Sonraíocht thrasghearrthach le haghaidh cáblaí neamhsciata suas le 250 MHz - Cáblaí limistéir oibre agus cáblaí corda paiste

14 Meán Fómhair 2018

13.

EN 50288-10-2:2015

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach - Cuid 10-2: Sonraíocht thrasghearrthach le haghaidh cáblaí sciata ó 1 MHz suas le 500 MHz le haghaidh limistéar oibre, cordaí paiste agus lárionad sonraí

14 Meán Fómhair 2018

14.

EN 50288-11-2:2015

Cáblaí il-eiliminte miotalacha a úsáidtear i gcumarsáid agus i rialú analógach agus digiteach - Cuid 11-2: Sonraíocht thrasghearrthach le haghaidh cáblaí neamh-sciata ó 1 MHz suas le 500 MHz le haghaidh limistéar oibre, cordaí paiste agus lárionad sonraí

14 Meán Fómhair 2018

15.

EN 60051-1:1998

Uirlisí tomhais táscacha leictreacha analógacha a ghníomhaíonn go díreach agus comhpháirteanna na n-uirlisí sin - Cuid 1: Sainmhínithe agus ceanglais ghinearálta a bhaineann le gach páirt

15 Meitheamh 2018

16.

EN 60127-3:1996

Mionfhiúsanna - Cuid 3: Naisc fo-mhionfhiúsanna

EN 60127-3:1996/A2:2003

EN 60127-3:1996/AC:1996

15 Meitheamh 2018

17.

EN 60664-1:2007

Comhordú inslithe le haghaidh trealaimh laistigh de chórais ísealvoltais - Cuid 1: Prionsabail, ceanglais agus tástálacha

15 Meitheamh 2018

18.

EN 60664-4:2006

Comhordú inslithe le haghaidh trealaimh laistigh de chórais ísealvoltais - Cuid 4: Breithniú ar strus voltais ardmhinicíochta

EN 60664-4:2006/AC:2006

15 Meitheamh 2018

19.

EN 60695-2-10:2013

Tástáil guaise dóiteáin - Cuid 2-10: Modhanna tástála bunaithe ar bhreoshreang/teoshreang - Fearas breoshreinge agus an nós imeachta tástála coiteann

15 Meitheamh 2018

20.

EN 60695-2-11:2014

Tástáil guaise dóiteáin - Cuid 2-11: Modhanna tástála bunaithe ar bhreoshreang/teoshreang - Modh tástála inadhainteachta breoshreinge le haghaidh táirgí deiridh (GWEPT) (IEC 60695-2-11:2014)

15 Meitheamh 2018

21.

EN 60695-10-2:2014

Tástáil guaise dóiteáin - Cuid 10-2: Teas mínormálta - Modh tástála brú liathróide

15 Meitheamh 2018

22.

EN 60695-10-3:2002

Tástáil guaise dóiteáin - Cuid 10-3: Teas mínormálta - Tástáil díchumtha um fhuascailt struis múnla

15 Meitheamh 2018

23.

EN 60695-11-2:2014

Tástáil guaise dóiteáin - Cuid 11-2: Lasracha tástála - Lasair réamh-mheasctha ainmniúil 1 kW: Fearas, socrú tástála deimhniúcháin agus treorú

15 Meitheamh 2018

24.

EN 60695-11-3:2012

Tástáil guaise dóiteáin - Cuid 11-3: Lasracha tástála - Lasracha 500 W - Fearas agus modhanna tástála deimhniúcháin

15 Meitheamh 2018

25.

EN 60695-11-4:2011

Tástáil guaise dóiteáin - Cuid 11-4: Lasracha tástála - Lasracha 50 W - Fearas agus modh tástála deimhniúcháin

15 Meitheamh 2018

26.

EN 60695-11-5:2005

Tástáil guaise dóiteáin - Cuid 11-5: Lasracha tástála - Modh tástála lasrach snáthaide - Fearas, socrú tástála deimhniúcháin agus treorú

15 Meitheamh 2018

27.

EN 60695-11-10:2013

Tástáil guaise dóiteáin - Cuid 11-10: Lasracha tástála - Modhanna tástála lasracha cothrománacha agus ingearacha 50 W

EN 60695-11-10:2013/AC:2014

15 Meitheamh 2018

28.

EN 60695-11-20:2015

Tástáil guaise dóiteáin - Cuid 11-20: Lasracha tástála - Modh tástála lasrach 500 W

EN 60695-11-20:2015/AC:2016

15 Meitheamh 2018

29.

EN 61010-2-061:2015

Ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh leictreach le haghaidh tomhais, rialaithe agus úsáid saotharlainne - Cuid 2-061: Ceanglais ar leith maidir le speictriméadair adamhacha saotharlainne lena mbaineann adamhú agus ianú teirmeach

14 Meán Fómhair 2018

30.

EN 61010-2-091:2012

Ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh leictreach le haghaidh tomhais, rialaithe agus úsáid saotharlainne - Cuid 2-091: Ceanglais ar leith maidir le córais X-gha caibinéid

EN 61010-2-091:2012/AC:2013

15 Meitheamh 2018

31.

EN 61230:2008

Obair bheo - Trealamh iniompartha le haghaidh talmhaithe nó le haghaidh talmhaithe agus gearrchiorcadta

14 Meán Fómhair 2018

32.

EN 61557-8:2015

Sábháilteacht leictreach i gcórais dáilte ísealvoltais suas le 1 000 V a.c. agus 1 500 V d.c. - Trealamh le haghaidh bearta cosanta a thástáil nó a thomhas, nó le haghaidh faireachán a dhéanamh orthu - Cuid 8: Gairis mhonatóireachta inslithe le haghaidh córais TF

15 Meitheamh 2018

33.

EN 61557-15:2014

Sábháilteacht leictreach i gcórais dáilte ísealvoltais suas le 1 000 V a.c. agus 1 500 V d.c. - Trealamh le haghaidh bearta cosanta a thástáil nó a thomhas, nó le haghaidh faireachán a dhéanamh orthu - Cuid 15: Ceanglais sábháilteachta feidhmiúla maidir le gairis um fhaireachán inslithe i gcórais TF agus i dtrealamh um aimsiú lochtanna inslithe i gcórais TF

15 Meitheamh 2018

34.

EN 61557-16:2015

Sábháilteacht leictreach i gcórais dáilte ísealvoltais suas le 1 000 V a.c. agus 1 500 V d.c. - Trealamh le haghaidh bearta cosanta a thástáil nó a thomhas, nó le haghaidh faireachán a dhéanamh orthu- Cuid 16: Trealamh le haghaidh tástáil a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart cosanta i leith trealamh leictreach agus/nó trealamh leighis leictreach

15 Meitheamh 2018

35.

EN 62026-7:2013

Lascthrealamh agus trealamh rialaithe ísealvoltais - Comhéadain rialaitheora agus feiste (CDIanna) - Cuid 7: CompoNet

14 Meán Fómhair 2018

36.

EN 60664-3:2003

Comhordú inslithe le haghaidh trealamh a úsáidtear laistigh de chórais ísealvoltais - Cuid 3: Bratú, potú nó múnlú a úsáid mar chosaint ar an truailliú

EN 60664-3:2003/A1:2010

15 Meitheamh 2018

37.

EN 60664-1:2007

Comhordú inslithe le haghaidh trealamh lena mbaineann córais ísealvoltais — Cuid 1: Prionsabail, ceanglais agus tástálacha

14 Meán Fómhair 2018

38.

EN ISO 11252:2013

Léasair agus trealamh a bhaineann le léasair - Gaireas léasair - Ceanglais íosta maidir le doiciméadacht (ISO 11252:2013)

15 Meitheamh 2018.


IARSCRÍBHINN IV

“IARSCRÍBHINN IC

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Ón

Go dtí an

1.

EN 61010-2-081:2015

Ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh leictreach le haghaidh tomhais, rialaithe agus úsáid saotharlainne - Cuid 2-081: Ceanglais ar leith maidir le trealamh uathoibríoch agus leath-uathoibríoch saotharlainne le haghaidh anailíse agus cuspóirí eile

15 Meitheamh 2018

22 Nollaig 2022

2.

EN 60335-2-3:2016

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 2-3: Ceanglais ar leith maidir le hiarainn leictreacha

14 Meán Fómhair 2018

22 Nollaig 2022


IARSCRÍBHINN V

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 64:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“64.

EN 50178:1997

Trealamh leictreonach atá le húsáid i suiteálacha cumhachta

22 Nollaig 2021”;

(2)

cuirtear isteach na rónna seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“72.

EN 61010-2-010:2014

Ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh leictreach le haghaidh tomhais, rialaithe agus úsáid saotharlainne - Cuid 2-010: Ceanglais ar leith maidir le trealamh saotharlainne le haghaidh téamh ábhar

22 Nollaig 2022

73.

EN 61293:1994

Trealamh leictreach a mharcáil le rátálacha a bhaineann le soláthar leictreach - Ceanglais sábháilteachta

22 Nollaig 2022

74.

EN 60335-2-27:2013

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 2-27: Ceanglais ar leith maidir le fearais chun craiceann a nochtadh do radaíocht ultraivialait agus infridhearg

22 Nollaig 2022

75.

EN 60335-2-30:2009

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 2-30: Ceanglais ar leith maidir le téitheoirí seomra

EN 60335-2-30:2009/A11:2012

EN 60335-2-30:2009/AC:2010

EN 60335-2-30:2009/AC:2014

22 Nollaig 2022

76.

EN 60335-2-6:2015

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail - Sábháilteacht - Cuid 2-6: Ceanglais ar leith maidir le soirn chócaireachta nach soirn iniompartha iad, iartaí, oighinn agus fearais dá samhail

22 Nollaig 2022”.