ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 207

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
11 Meitheamh 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRINSTITIÚIDEACHA

 

*

Comhaontú idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach

1

 

*

Ráiteas polaitiúil ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach agus an Comhaontú idirinstitiúideach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach á ghlacadh

18

 

*

Cinneadh (AE) 2021/929 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le rialáil teagmhálacha idir Ardrúnaíocht na Comhairle agus ionadaithe leasa

19

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRINSTITIÚIDEACHA

11.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/1


COMHAONTÚ IDIRINSTITIÚIDEACH

an 20 Bealtaine 2021

idir parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA, COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS AN COIMISIÚN EORPACH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 295 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Coimeádann Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach (“na hinstitiúidí is sínitheoirí”) idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta i gcomhréir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Airteagal 11(1) agus (2) de.

(2)

Leis an idirphlé sin, cuirtear ar chumas geallsealbhóirí a gcuid tuairimí a chur i láthair maidir le cinntí lena bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus dá bhrí sin bíonn ar a gcumas rannchuidiú go héifeachtach leis an mbonn fianaise ar a ndéantar tograí beartais. De bharr rannpháirteachas le geallsealbhóirí, feabhsaítear cáilíocht na cinnteoireachta trí bhealaí a chur ar fáil chun tuairimí agus saineolas seachtrach a thabhairt.

(3)

Tá trédhearcacht agus cuntasacht riachtanach chun muinín shaoránaigh an Aontais a choimeád i ndlisteanacht phróisis pholaitiúla, reachtacha agus riaracháin an Aontais.

(4)

Aithníonn na hinstitiúidí is sínitheoirí a thábhachtaí atá sé a gcur chuige a chomhordú trí chreat comhpháirteach a ghlacadh le haghaidh a gcomhair, chun ionadaíocht leasa atá trédhearcach agus eiticiúil a chur chun cinn tuilleadh.

(5)

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an trédhearcacht maidir le hionadaíocht leasa ionas go mbeidh saoránaigh in ann gníomhaíochtaí na n-ionadaithe leasa a leanúint agus a bheith ar an eolas faoi thionchar féideartha na n-ionadaithe, lena n-áirítear tionchar a imrítear trí thacaíocht airgeadais agus trí urraíocht. Is é an bealach is fearr chun an trédhearcacht sin a áirithiú trí chód iompair ina bhfuil na rialacha agus na prionsabail atá le comhlíonadh ag ionadaithe leasa a chláraíonn le clár trédhearcachta (“an clár”).

(6)

I bhfianaise na taithí dearfaí a fuarthas sa chlár trédhearcachta maidir le heagraíochtaí agus daoine féinfhostaithe a ghabhann do dhéanamh agus do chur chun feidhme bheartais an Aontais a bunaíodh le comhaontú an 16 Aibreán 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach (1) (“Comhaontú 2014”), measann na hinstitiúidí is sínitheoirí gur cheart raon feidhme Chomhaontú 2014 a leathnú.

(7)

Is gá an clár a dhéanamh sainordaitheach trí bhearta a chur i bhfeidhm, trí bhíthin cinntí aonair arna nglacadh ag gach ceann de na hinstitiúidí is sínitheoirí, a mbeidh éifeacht choibhéiseach acu agus a fhágann gur réamhchoinníoll riachtanach é clárú na n-ionadaithe leasa sa chlár chun cineálacha áirithe gníomhaíochtaí ionadaíochta leasa a dhéanamh.

(8)

Chun an creat comhpháirteach a neartú tuilleadh agus cur leis an dul chun cinn a rinneadh maidir le cultúr coiteann trédhearcachta a bhunú, ba cheart do na hinstitiúidí is sínitheoirí coinníollacht agus bearta trédhearcachta comhlántacha a chuir siad i bhfeidhm chun clárú a spreagadh, amhail liostaí tiomnaithe seoltaí, an moladh nach mbuaileann cinnteoirí áirithe ach le hionadaithe leasa cláraithe, nó foilsiú faisnéise faoi chruinnithe idir cinnteoirí áirithe agus ionadaithe leasa áirithe, a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chláir.

(9)

Chun an Comhaontú seo a chur chun cinn lasmuigh de na hinstitiúidí is sínitheoirí, ba cheart foráil a dhéanamh leis do shocruithe lena gcuirfí ar chumas institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, seachas na hinstitiúidí is sínitheoirí, agus bhuanionadaíochtaí na mBallstát ar mian leo prionsabail oibriúcháin an chreata chomhpháirtigh a chur i bhfeidhm go deonach leas a bhaint as cúnamh rúnaíocht an chláir agus as tacaíocht a dheisce cabhrach.

(10)

Chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint agus i gcomhréir leis an gcleachtas reatha maidir le clárú, ba cheart gníomhaíochtaí a dhéanann ionadaithe leasa go heisiach thar ceann comhlachas nó líonra ar cuid de iad a mheas mar ghníomhaíochtaí de chuid an líonra nó an chomhlachais sin.

(11)

Gníomhaíochtaí údaráis phoiblí na mBallstát, chomh maith le gníomhaíochtaí aon chomhlachais nó aon líonra d’údaráis phoiblí den sórt sin atá ag gníomhú thar a gceann ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta, níor cheart iad a chumhdach leis an gComhaontú seo, cé gur cheart cead a bheith ag comhlachais agus líonraí d’údaráis phoiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta clárú.

(12)

Ba cheart an cleachtas tuarascáil bhliantúil a ghlacadh maidir le feidhmiú an chláir a choimeád mar uirlis chun infheictheacht iomchuí a áirithiú do chur chuige comhordaithe na n-institiúidí is sínitheoirí agus chun muinín na saoránach a neartú. Ba cheart raon feidhme na tuarascála bliantúla a leathnú chun coinníollacht agus bearta comhlántacha trédhearcachta arna gcur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí is sínitheoirí a chumhdach.

(13)

Níor cheart d’fheidhmiú an chláir cur isteach ar inniúlachtaí aon cheann de na hinstitiúidí is sínitheoirí ná difear a dhéanamh dá gcumhachtaí faoi seach maidir le heagrúchán inmheánach.

(14)

I bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoi seach maidir le heagrúchán inmheánach, ba cheart do na hinstitiúidí is sínitheoirí an chumhacht chun gníomhú thar a gceann chun cinntí aonair a bhaineann le hiarratasóirí agus le cláraithe a ghlacadh, i gcomhréir leis an gComhaontú seo, a tharmligean chuig an rúnaíocht agus chuig bord bainistíochta an chláir. Ba cheart do na hinstitiúidí is sínitheoirí a bheith ina gcomhchosantóirí in aon chaingean dlí arna tabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne chinntí críochnaitheacha bhord bainistíochta an chláir lena ndéantar dochar d’iarratasóirí nó do chláraithe.

(15)

Ba cheart do na hinstitiúidí is sínitheoirí gníomhú i gcomhar dílis lena chéile i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

(16)

Ba cheart d’aon cheann de na hinstitiúidí is sínitheoirí a bheith in ann beartais eile dea-rialachais agus trédhearcachta a shaothrú lasmuigh de chreat an Chomhaontaithe seo go feadh, a mhéid nach gcuireann na beartais sin isteach ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo ná ar na cuspóirí arna saothrú leis an gComhaontú seo.

(17)

Ní dochar an Comhaontú seo d’fheidhmiú na gceart faoi Airteagal 11(4) CAE, maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, agus faoi Airteagal 227 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), maidir leis an gceart achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa,

TAR ÉIS A CHOMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

Leis an gComhaontú seo, bunaítear creat agus prionsabail oibriúcháin le haghaidh cur chuige comhordaithe ar thaobh na n-institiúidí is sínitheoirí maidir le hionadaíocht leasa thrédhearcach eiticiúil.

Trí bhíthin cinntí aonair arna ndéanamh ar bhonn a gcumhachtaí maidir le heagrúchán inmheánach, comhaontaíonn na hinstitiúidí is sínitheoirí go gcuirfidh siad chun feidhme an cur chuige comhordaithe dá dtagraítear sa chéad mhír maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo (“gníomhaíochtaí cumhdaithe”) agus go leagfaidh siad amach na gníomhaíochtaí cumhdaithe sin a chinnfidh siad a dhéanamh coinníollach ar chlárú sa chlár.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “ionadaí leasa” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó grúpa, comhlachas nó líonra foirmiúil nó neamhfhoirmiúil, a ghabhann do ghníomhaíochtaí cumhdaithe;

(b)

ciallaíonn “iarratasóir” aon ionadaí leasa a dhéanann iarratas chun bheith iontráilte sa chlár;

(c)

ciallaíonn “cláraí” aon ionadaí leasa a bhfuil iontráil sa chlár aige nó aici;

(d)

ciallaíonn “cliant” aon ionadaí leasa a bhfuil gaol conarthach déanta aige nó aici le hidirghabhálaí ionas gur féidir leis an idirghabhálaí sin leasanna an ionadaí leasa sin a chur ar aghaidh trí ghníomhaíochtaí cumhdaithe a dhéanamh;

(e)

ciallaíonn “idirghabhálaí” aon ionadaí leasa a chuireann leasanna cliaint ar aghaidh trí ghníomhaíochtaí cumhdaithe a dhéanamh;

(f)

ciallaíonn “caidreamh idir idirghabhálaí agus cliant” aon ghaol conarthach idir cliant agus idirghabhálaí maidir le gníomhaíochtaí cumhdaithe a dhéanamh;

(g)

ciallaíonn “foireann” foireann atá faoi réir Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (2), atá fostaithe ag aon cheann de na hinstitiúidí is sínitheoirí, beag beann ar an gcatagóir lena mbaineann siad;

(h)

ciallaíonn “coinníollacht” an prionsabal faoina bhfuil clárú sa chlár ina réamhchoinníoll riachtanach chun go mbeidh ionadaithe leasa in ann gníomhaíochtaí cumhdaithe áirithe a dhéanamh.

Airteagal 3

Gníomhaíochtaí cumhdaithe

1.   Leis an gComhaontú seo, cumhdófar gníomhaíochtaí a dhéanann ionadaithe leasa agus é mar chuspóir leo tionchar a imirt ar fhoirmliú nó ar chur chun feidhme beartais nó reachtaíochta, nó ar phróisis chinnteoireachta na n-institiúidí is sínitheoirí nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais (dá ngairtear le chéile “institiúidí an Aontais”), gan dochar d’Airteagal 4.

2.   Go háirithe, áirítear, inter alia, na nithe seo a leanas ar na gníomhaíochtaí cumhdaithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

cruinnithe, comhdhálacha nó imeachtaí a eagrú nó páirt a ghlacadh iontu, agus dul i mbun teagmhálacha comhchosúla le hinstitiúidí an Aontais;

(b)

rannchuidiú le comhairliúcháin, éisteachtaí nó tionscnaimh chomhchosúla eile, nó páirt a ghlacadh iontu;

(c)

feachtais chumarsáide, ardáin, líonraí agus tionscnaimh chosmhuintire a eagrú;

(d)

páipéir bheartais agus sheasaimh, leasuithe, pobalbhreitheanna agus suirbhéanna, litreacha oscailte agus ábhar eile cumarsáide nó faisnéise a ullmhú nó a choimisiúnú, agus taighde a choimisiúnú agus a dhéanamh.

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí nach bhfuil cumhdaithe

1.   Leis an gComhaontú seo, ní chumhdófar na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

comhairle dlí agus comhairle ghairmiúil eile a sholáthar, más rud é:

(i)

gurb é atá ann ionadaíocht a dhéanamh ar chliaint i gcomhthéacs nós imeachta idir-réitigh nó idirghabhála arb é an aidhm atá leis ná nach dtabharfar díospóid os comhair comhlacht breithiúnach nó riaracháin;

(ii)

go gcuirtear an chomhairle ar chliaint chun cabhrú leo a áirithiú go gcomhlíonfaidh a ngníomhaíochtaí an creat dlí is infheidhme; nó

(iii)

gurb é atá ann ionadaíocht a dhéanamh ar chliaint agus a gcearta bunúsacha nó a gcearta nós imeachta a choimirciú, amhail an ceart chun éisteacht a fháil, an ceart chun triail chóir a fháil, agus an ceart chun cosanta in imeachtaí riaracháin, agus folaíonn sé gníomhaíochtaí a dhéanann dlíodóirí nó aon ghairmithe eile a bhfuil baint acu le hionadaíocht a dhéanamh ar chliaint agus a gcearta bunúsacha nó a gcearta nós imeachta a choimirciú;

(b)

aighneachtaí a dhéanamh mar pháirtí nó mar thríú páirtí faoi chuimsiú nós imeachta dlíthiúil nó riaracháin arna bhunú le dlí an Aontais nó leis an dlí idirnáisiúnta is infheidhme maidir leis an Aontas, agus aighneachtaí a dhéanamh atá bunaithe ar ghaol conarthach le haon cheann de na hinstitiúidí is sínitheoirí nó atá bunaithe ar chomhaontú deontais arna mhaoiniú le cistí de chuid an Aontais;

(c)

gníomhaíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta ag gníomhú dóibh mar rannpháirtithe san idirphlé sóisialta de bhun Airteagal 152 CFAE;

(d)

aighneachtaí a dhéanamh mar fhreagairt ar iarrataí díreacha sonracha ó aon cheann d’institiúidí an Aontais, óna n-ionadaithe nó óna bhfoireann, ar fhaisnéis fhíorasach, ar shonraí nó ar shaineolas;

(e)

gníomhaíochtaí a dhéanann daoine nádúrtha ag gníomhú dóibh i gcáil bhuanphearsanta agus nach bhfuil i gcomhar le daoine eile;

(f)

cruinnithe spontáineacha, cruinnithe de chineál príobháideach nó sóisialta amháin agus cruinnithe a tharlaíonn i gcomhthéacs nós imeachta riaracháin arna bhunú le CAE nó le CFAE nó le gníomhartha dlí an Aontais.

2.   Leis an gComhaontú seo, ní chumhdófar na gníomhaíochtaí a dhéanann na comhlachtaí seo a leanas:

(a)

údaráis phoiblí na mBallstát, lena n-áirítear a mbuanionadaíochtaí agus a n-ambasáidí, ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta;

(b)

comhlachais agus líonraí údarás poiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta, ar choinníoll go ngníomhaíonn siad go heisiach thar ceann na n-údarás poiblí ábhartha;

(c)

eagraíochtaí idir-rialtasacha, lena n-áirítear gníomhaireachtaí agus comhlachtaí a thagann uathu;

(d)

údaráis phoiblí tríú tíortha, lena n-áirítear a misin taidhleoireachta agus a n-ambasáidí, ach amháin i gcás ina ndéanann eintitis dhlítheanacha, oifigí nó líonraí gan stádas taidhleoireachta ionadaíocht ar údaráis den sórt sin nó i gcás ina ndéanann idirghabhálaí ionadaíocht orthu;

(e)

páirtithe polaitiúla, cé is moite d’aon eagraíochtaí arna gcruthú ag páirtithe polaitiúla nó atá cleamhnaithe leo;

(f)

eaglaisí agus comhlachais nó pobail reiligiúnacha mar aon le heagraíochtaí fealsúnacha agus neamhfhaoistiniúla dá dtagraítear in Airteagal 17 CFAE, cé is moite d’oifigí, eintitis dhlítheanacha, nó líonraí a cruthaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh ar eaglaisí, pobail reiligiúnacha nó eagraíochtaí fealsúnacha agus neamhfhaoistiniúla ina gcaidreamh le hinstitiúidí an Aontais, chomh maith lena gcomhlachais.

Airteagal 5

Coinníollacht agus bearta comhlántacha trédhearcachta

1.   Geallann na hinstitiúidí is sínitheoirí a ndílseacht do phrionsabal na coinníollachta, ar prionsabal é a chuirfidh siad chun feidhme trí bhíthin cinntí aonair ar bhonn a gcumhachtaí maidir le heagrúchán inmheánach.

2.   Agus coinníollacht nó bearta comhlántacha trédhearcachta á nglacadh chun clárú a spreagadh agus an creat comhpháirteach a bunaíodh leis an gComhaontú seo a neartú, áiritheoidh na hinstitiúidí is sínitheoirí go bhfuil bearta den sórt sin comhsheasmhach leis an gComhaontú seo agus go dtreisítear leo cuspóir an chur chuige chomhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 1, eadhon, ardchaighdeán ionadaíochta leasa trédhearcaí agus eiticiúla a shocrú ar leibhéal an Aontais.

3.   Déanfar an choinníollacht agus na bearta comhlántacha trédhearcachta arna nglacadh ag na hinstitiúidí is sínitheoirí a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an chláir, agus tabharfar an suíomh gréasáin sin cothrom le dáta go rialta.

Airteagal 6

Incháilitheacht agus cód iompair

1.   Beidh iarratasóirí a thíolacann iarratas iomlán ar chlárú incháilithe chun bheith iontráilte sa chlár má dhéanann siad na gníomhaíochtaí cumhdaithe agus má urramaíonn siad an cód iompair a leagtar amach in Iarscríbhinn I (“an cód iompair”).

2.   Agus iarratas ar chlárú á thíolacadh acu, soláthróidh iarratasóirí an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn II agus comhaontóidh siad go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil san fhearann poiblí.

3.   Féadfar a iarraidh ar iarratasóirí bunús a thabhairt lena n-incháilitheacht chun bheith iontráilte sa chlár agus le cruinneas na faisnéise a thíolaic siad.

4.   Déanfaidh rúnaíocht an chláir (“an Rúnaíocht”) clárúchán iarratasóra a ghníomhachtú a luaithe a shuífear incháilitheacht an iarratasóra agus a mheasfar go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II leis an gclárúchán.

5.   A luaithe a dhéanfar clárúchán iarratasóra a ghníomhachtú, beidh an t-iarratasóir ina chláraí nó ina cláraí.

6.   Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán ar chlárúcháin agus déanfaidh sí meastóireacht ar incháilitheacht leanúnach na gcláraithe agus ar chomhlíonadh an chóid iompair, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

7.   Féadfaidh an Rúnaíocht imscrúduithe a dhéanamh ar bhonn gearán ina líomhnaítear nach bhfuil an cód iompair comhlíonta ag cláraí, chomh maith le himscrúduithe a dhéanamh ar a tionscnamh féin i bhfianaise faisnéis go mb’fhéidir nach bhfuil na ceanglais incháilitheachta faoi mhír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an gcláraí.

8.   I gcomhthéacs faireachán nó imscrúdú arna dhéanamh ag an Rúnaíocht, déanfaidh na cláraithe an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cuirfidh siad ábhar tacaíochta i láthair lena léirítear go bhfuil an fhaisnéis a bhaineann lena gclárú cruinn go fóill, má iarrtar sin; agus

(b)

comhoibreoidh siad go dílis agus go cuiditheach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 7

An Bord Bainistíochta

1.   Beidh bord bainistíochta an chláir (“an Bord Bainistíochta”) comhdhéanta d’Ardrúnaithe na n-institiúidí is sínitheoirí agus déanfaidh siad cathaoirleacht air ar bhonn uainíochta, ar feadh téarma bliana.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm foriomlán an Chomhaontaithe seo;

(b)

na tosaíochtaí bliantúla a chinneadh don chlár mar aon leis na meastacháin bhuiséid agus an sciar is gá chun na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme;

(c)

treoracha ginearálta a eisiúint chuig an Rúnaíocht;

(d)

an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 a ghlacadh;

(e)

iarrataí réasúnaithe ar athbhreithniú ar chinntí na Rúnaíochta a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina dtaobh i gcomhréir le pointe 9 d’Iarscríbhinn III.

3.   Tiocfaidh an Bord Bainistíochta le chéile uair sa bhliain ar a laghad ar thionscnamh a Chathaoirligh. Féadfaidh sé teacht le chéile freisin arna iarraidh sin do dhuine dá chomhaltaí.

4.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh de chomhthoil.

Airteagal 8

An Rúnaíocht

1.   Beidh an Rúnaíocht ina struchtúr oibríochtúil comhpháirteach arna bhunú chun feidhmiú an chláir a bhainistiú. Beidh sé comhdhéanta de na cinn aonaid, nó a gcoibhéis, atá freagrach as saincheisteanna trédhearcachta i ngach institiúid is sínitheoir (“cinn aonaid”) agus dá bhfoireann faoi seach.

2.   Ainmneoidh an Bord Bainistíochta duine de na cinn aonaid chun gníomhú mar “Chomhordaitheoir” ar feadh téarma in-athnuaite bliana. Oibreoidh an Rúnaíocht faoi chomhordú an Chomhordaitheora.

Déanfaidh an Comhordaitheoir ionadaíocht ar an Rúnaíocht agus déanfaidh sé maoirseacht ar a cuid oibre ó lá go lá, ar mhaithe le leas coiteann na n-institiúidí is sínitheoirí.

3.   Déanfaidh an Rúnaíocht an méid seo a leanas:

(a)

tuarascáil a thabhairt don Bhord Bainistíochta, a chruinnithe a ullmhú agus cúnamh a thabhairt dó agus é i mbun a chúraimí;

(b)

treoirlínte a bhunú do chláraithe, chun a áirithiú go gcuirtear an Comhaontú seo i bhfeidhm go comhsheasmhach;

(c)

cinneadh a dhéanamh i dtaobh incháilitheacht na n-iarratasóirí agus faireachán a dhéanamh ar inneachar an chláir, d’fhonn leibhéal barrmhaith cáilíochta sonraí a bhaint amach sa chlár, ar an tuiscint, áfach, go bhfuil na cláraithe freagrach sa deireadh as cruinneas na faisnéise a sholáthair siad;

(d)

tacaíocht deisce cabhrach a thabhairt d’iarratasóirí agus do chláraithe;

(e)

imscrúduithe a dhéanamh agus bearta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hIarscríbhinn III;

(f)

tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cumarsáide agus ardaithe feasachta atá dírithe ar gheallsealbhóirí;

(g)

an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 a dhréachtú;

(h)

freagracht a ghlacadh as forbairt agus cothabháil TF ar an gclár;

(i)

dea-chleachtas agus taithí a mhalartú le comhlachtaí comhchosúla maidir le trédhearcacht na hionadaíochta leasa;

(j)

aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh is gá chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme.

4.   Déanfaidh an Rúnaíocht cinneadh trí chomhthoil na gceann aonaid.

Airteagal 9

Cumhachtú

Déanfaidh an Bord Bainistíochta agus an Rúnaíocht na cúraimí a shanntar dóibh de bhun Airteagail 7 agus 8 agus, i gcomhlíonadh na gcúraimí sin, tabharfar de chumhacht dóibh cinntí a ghlacadh thar ceann na n-institiúidí is sínitheoirí.

Airteagal 10

Acmhainní

1.   Áiritheoidh na hinstitiúidí is sínitheoirí go ndéanfar na hacmhainní daonna, riaracháin, teicniúla agus airgeadais is gá a chur ar fáil, lena n-áirítear foireann leordhóthanach don Rúnaíocht, chun a áirithiú go mbeidh cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo éifeachtach.

2.   Gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 7(2) agus aird chuí á tabhairt ar mhéideanna éagsúla phleananna bunaíochta na n-institiúidí, déanfaidh na hinstitiúidí is sínitheoirí na bearta is gá chun cothabháil, forbairt agus cur chun cinn an chláir a mhaoiniú.

Airteagal 11

Rannpháirtíocht dheonach institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, seachas na hinstitiúidí is sínitheoirí

1.   Féadfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, seachas na hinstitiúidí is sínitheoirí, fógra a thabhairt don Bhord Bainistíochta faoi bhearta trína gcinneann siad gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh coinníollach ar chlárú sa chlár, nó faoi aon bhearta trédhearcachta comhlántacha a ghlacann siad.

2.   I gcás ina measfaidh an Bord Bainistíochta go bhfuil na bearta dá dtagraítear i mír 1 comhsheasmhach leis na cuspóirí a shaothraítear leis an an gComhaontú seo, féadfaidh sé coinníollacha a chomhaontú leis an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais faoina bhféadfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht sin tairbhe a bhaint as cúnamh agus tacaíocht deisce cabhrach na Rúnaíochta. Déanfar aon bhearta a dtugtar fógra ina leith faoi mhír 1 a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chláir.

Airteagal 12

Rannpháirtíocht dheonach bhuanionadaíochtaí na mBallstát

Féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Bhord Bainistíochta faoi bhearta a glacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, trína gcinneann siad gníomhaíochtaí áirithe atá dírithe ar a mbuanionadaíochtaí a dhéanamh coinníollach ar chlárú sa chlár, nó faoi aon bhearta comhlántacha trédhearcachta a ghlacann siad. Déanfar aon bhearta a chuirfear in iúl amhlaidh a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chláir.

Airteagal 13

Tuarascáil bhliantúil

1.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú an chláir le linn na bliana roimhe sin.

2.   Aireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil bhliantúil:

(a)

caibidil maidir le faisnéis fhíorasach ar an gclár, inneachar an chláir agus aon athruithe a bhaineann leis an gclár;

(b)

caibidil maidir leis an gcoinníollacht agus na bearta comhlántacha trédhearcachta, dá dtagraítear in Airteagal 5, atá i bhfeidhm.

3.   Cuirfidh an Bord Bainistíochta an tuarascáil bhliantúil faoi bhráid na n-institiúidí is sínitheoirí agus áiritheoidh sé go bhfoilseofar í ar shuíomh gréasáin an chláir.

Airteagal 14

Athbhreithniú

1.   Déanfaidh na hinstitiúidí is sínitheoirí measúnú ar chur chun feidhme na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 5 faoin 2 Iúil 2022, agus go rialta ina dhiaidh sin, d’fhonn, más iomchuí, moltaí a dhéanamh maidir le bearta den sórt sin a fheabhsú agus a neartú.

2.   Beidh an Comhaontú seo faoi réir a athbhreithnithe tráth nach déanaí ná an 2 Iúil 2025.

Airteagal 15

Forálacha críochnaitheacha agus idirthréimhseacha

1.   Beidh an Comhaontú seo ina cheangal ar na hinstitiúidí is sínitheoirí.

2.   Chun críocha Airteagal 9, geallann gach institiúid is sínitheoir go nglacfaidh sé cinneadh mar a leanas:

“Tabharfar de chumhacht don Bhord Bainistíochta agus don Rúnaíocht cinntí aonair a bhaineann le hiarratasóirí agus le cláraithe a ghlacadh thar ceann [ainm na hinstitiúide], i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (IO L 207, 11.6.2021, lch. 1).”.

Tiocfaidh na cinntí sin i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

3.   Tiocfaidh an Comhaontú seo in ionad Chomhaontú 2014, a scoirfidh a éifeachtaí d’fheidhm a bheith acu ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

4.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   Cláraithe a bhí iontráilte sa chlár roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh siad i dteideal, go ceann tréimhse 6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, a gclárú a leasú chun na ceanglais nua a leanann as an gComhaontú seo a chomhlíonadh chun fanacht ar an gclár.

6.   Aon imscrúduithe ar fholáirimh nó gearáin arna seoladh faoi Chomhaontú 2014, cuirfear i gcrích iad i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Chomhaontú sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2021

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

David Maria SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Ana Paula ZACARIAS

Thar ceann an Choimisiúin

Ar son an Uachtaráin

Věra JOUROVÁ


(1)  Comhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an gClár Trédhearcachta i gcomhair eagraíochtaí agus daoine féinfhostaithe a ghabhann do dhéanamh agus do chur chun feidhme bheartais an Aontais (IO L 277, 19.9.2014, lch. 11).

(2)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

CÓD IOMPAIR

Oibreoidh cláraithe i gcomhréir leis na rialacha agus na prionsabail a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Go háirithe, maidir le cláraithe:

(a)

ina gcaidreamh le haon cheann de na hinstitiúidí is sínitheoirí agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais (dá ngairtear le chéile “institiúidí an Aontais”), déanfaidh siad iad féin a shainaithint i gcónaí de réir ainm, de réir uimhir chlárúcháin agus de réir an eintitis nó na n-eintiteas a n-oibríonn siad dó nó dóibh nó a ndéanann siad ionadaíocht air nó orthu;

(b)

dearbhóidh siad na leasanna agus na cuspóirí a chuireann siad chun cinn, agus sonróidh siad na cliaint nó na comhaltaí a ndéanann siad ionadaíocht orthu mar aon, i gcás inarb infheidhme, le huimhir chláraithe na gcliant nó na gcomhaltaí sin;

(c)

ní dhéanfaidh siad faisnéis nó cinntí a fháil go mímhacánta nó trí bhrú míchuí, iompar míchuí nó teanga mhaslach a úsáid ná ní fhéachfaidh siad le faisnéis nó cinntí a fháil ar an gcuma sin;

(d)

ní bhainfidh siad mí-úsáid as a gclárúchán chun sochar tráchtála a fháil ná ní dhéanfaidh siad éifeacht an chlárúcháin a shaobhadh ná mífhaisnéis a thabhairt ina leith;

(e)

ní dhéanfaidh siad damáiste do chlú an chláir ná ní dhéanfaidh siad dochar d’institiúidí an Aontais, ná ní úsáidfidh siad a lógónna gan údarú sainráite;

(f)

áiritheoidh siad go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn siad ar chlárú dóibh, agus a riarann siad ina dhiaidh sin faoi chuimsiú a ngníomhaíochtaí cumhdaithe, iomlán, cothrom le dáta, cruinn agus nach bhfuil sí míthreorach, agus aontaíonn siad go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil san fhearann poiblí;

(g)

urramóidh siad na rialacha, na cóid agus na treoirlínte ábhartha arna mbunú ag institiúidí an Aontais agus atá ar fáil go poiblí, agus seachnóidh siad aon bhac ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na rialacha, na gcód agus na dtreoirlínte sin;

(h)

ní spreagfaidh siad Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, comhaltaí den Choimisiún ná foireann institiúidí an Aontais chun na rialacha agus na caighdeáin iompair is infheidhme maidir leo a shárú;

(i)

má fhostaíonn siad iarFheisirí de Pharlaimint na hEorpa, iarchomhaltaí den Choimisiún nó iarfhoireann institiúidí an Aontais, cuirfidh siad san áireamh go cuí na ceanglais agus na rialacha rúndachta is infheidhme maidir leis na daoine sin tar éis dóibh an institiúid faoi seach a fhágáil, d’fhonn coinbhleachtaí leasa a chosc;

(j)

más rud é go bhfuil siad ag gabháil do chaidreamh idir cliant agus idirghabhálaí:

(i)

áiritheoidh siad go bhfuil na páirtithe i gcaidreamh den sórt sin iontráilte sa chlár; agus

(ii)

mar chliaint nó mar idirghabhálaithe, áiritheoidh siad go bhfoilseofar an fhaisnéis ábhartha maidir leis an gcaidreamh atá iontráilte sa chlár de bhun Iarscríbhinn II;

(k)

i gcás ina ndéanann siad, chun gníomhaíochtaí cumhdaithe a dhéanamh, cúraimí áirithe a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtithe nach bhfuil cláraithe iad féin, áiritheoidh siad go gcloíonn páirtithe den sórt sin le caighdeáin eiticiúla atá coibhéiseach ar a laghad leis na caighdeáin a bhfuil feidhm acu maidir le cláraithe;

(l)

cuirfidh siad faoi bhráid na Rúnaíochta, má iarrtar sin, ábhar tacaíochta lena léirítear a n-incháilitheacht agus cruinneas na faisnéise a tíolacadh, agus comhoibreoidh siad go dílis agus go cuiditheach leis an Rúnaíocht;

(m)

admhóidh siad go bhféadfaidís a bheith faoi réir na nósanna imeachta imscrúdaithe agus, i gcás inarb infheidhme, faoi réir bearta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III;

(n)

déanfaidh siad bearta cuí chun a áirithiú go gcuirfear aon duine dá gcuid fostaithe atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí cumhdaithe ar an eolas faoina ngealltanas mar chláraithe an cód iompair seo a chomhlíonadh;

(o)

déanfaidh siad na cliaint nó na comhaltaí ar a ndéanann siad ionadaíocht faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí cumhdaithe a chur ar an eolas faoina ngealltanas mar chláraithe an cód iompair seo a chomhlíonadh;

(p)

urramóidh siad na rialacha agus na socruithe sonracha rochtana agus slándála arna mbunú ag na hinstitiúidí is sínitheoirí agus seachnóidh siad aon bhac ar na rialacha agus na socruithe sin.


IARSCRÍBHINN II

FAISNÉIS ATÁ LE hIONTRÁIL SA CHLÁR

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an fhaisnéis a bheidh ar fáil sa chlár. Is iad na hiarratasóirí nó, de réir mar a bheidh, na cláraithe a sholáthróidh an fhaisnéis sin, ach amháin i gcás ina ndéantar í a iontráil go huathoibríoch.

I.   FAISNÉIS GHINEARÁLTA

(a)

ainm an eintitis; seoladh na ceannoifige agus na hoifige atá i gceannas ar an gcaidreamh leis an Aontas, murab ionann í agus an cheannoifig; uimhir theileafóin; seoladh ríomhphoist (1); suíomh gréasáin:

(b)

an cineál eintitis atá ann;

(c)

na leasanna a bhfuil ionadaíocht le déanamh orthu;

(d)

deimhniú go n-oibríonn an t-iarratasóir i gcomhréir leis an gcód iompair;

(e)

ainm an duine atá freagrach go dlíthiúil as an eintiteas agus ainm an duine atá i gceannas ar an gcaidreamh leis an Aontas;

(f)

meastachán bliantúil ar choibhéisí lánaimseartha le haghaidh na ndaoine atá páirteach i ngníomhaíochtaí cumhdaithe de réir na gcéatadán seo a leanas de ghníomhaíocht lánaimseartha: 10 %, 25 %, 50 %, 75 % nó 100 %;

(g)

spriocanna, sainchúram, réimsí leasa agus leibhéal geografach rannpháirtíochta;

(h)

eagraíochtaí ar comhalta díobh an cláraí agus eintitis lena bhfuil an cláraí cleamhnaithe;

(i)

comhaltaí an chláraí agus/nó cleamhnacht an chláraí le líonraí agus comhlachais ábhartha.

II.   NAISC LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS

(a)

tograí reachtacha, beartais nó tionscnaimh an Aontais a bhfuil na gníomhaíochtaí cumhdaithe dírithe orthu;

(b)

ballraíocht i ngrúpaí saineolaithe (2) de chuid an Choimisiúin agus i bhfóraim agus ardáin eile a dtugann an tAontas tacaíocht dóibh;

(c)

ballraíocht in idirghrúpaí agus gníomhaíochtaí grúpála neamhoifigiúla eile arna n-eagrú ar áitreabh Pharlaimint na hEorpa nó tacaíocht a thabhairt dóibh nó páirt a ghlacadh iontu;

(d)

ainmneacha na ndaoine a bhfuil rochtain ar áitreabh Pharlaimint na hEorpa údaraithe dóibh (3);

III.   FAISNÉIS AIRGEADAIS

Dearbhóidh cláraithe, lena n-áirítear idirghabhálaithe, méid agus foinse aon deontas de chuid an Aontais lena rannchuidítear lena gcostais oibriúcháin. Is in euro a bheidh na méideanna a dhearbhaítear.

(a)

Cláraithe a mbeidh a leasanna féin nó leasanna comhchoiteanna a gcomhaltaí i leith aon cheann de na hinstitiúidí is sínitheoirí á gcur chun cinn acu, soláthróidh siad meastachán cothrom le dáta ar na costais bhliantúla a bhaineann le gníomhaíochtaí cumhdaithe de réir na greille thíos. Cuimseofar bliain iomlán oibríochtaí sa mheastachán ar na costais bhliantúla agus déanfar tagairt ann don bhliain airgeadais is déanaí atá tagtha chun críche, amhail ó dháta an chlárúcháin nó ó dháta nuashonrú bliantúil mhionsonraí an chlárúcháin.

Réim-mhéid na gcostas bliantúil, in euro:

< 10 000

10 000 – 24 999

25 000 – 49 999

50 000 – 99 999

100 000 – 199 999

200 000 – 299 999

300 000 – 399 999

400 000 – 499 999

500 000 – 599 999

600 000 – 699 999

700 000 – 799 999

800 000 – 899 999

900 000 – 999 999

1 000 000 – 1 249 999

1 250 000 – 1 499 999

1 500 000 – 1 749 999

1 750 000 – 1 999 999

2 000 000 – 2 249 999

2 250 000 – 2 499 999

2 500 000 – 2 749 999

2 750 000 – 2 999 999

3 000 000 – 3 499 999

3 500 000 – 3 999 999

4 000 000 – 4 499 999

4 500 000 – 4 999 999

5 000 000 – 5 499 999

5 500 000 – 5 999 999

6 000 000 – 6 499 999

6 500 000 – 6 999 999

7 000 000 – 7 999 999

8 000 000 – 8 999 999

9 000 000 – 9 999 999

≥ 10 000 000

Dearbhóidh cliaint na hidirghabhálaithe a dhéanann gníomhaíochtaí cumhdaithe thar a gceann agus an costas a ghabhann le gach idirghabhálaí aonair de réir na greille thíos. Cuimseofar bliain iomlán oibríochtaí sa mheastachán ar na costais bhliantúla agus déanfar tagairt ann don bhliain airgeadais is déanaí atá tagtha chun críche, amhail ó dháta an chlárúcháin nó ó dháta nuashonrú bliantúil mhionsonraí an chlárúcháin.

Aon idirghabhálaithe reatha nach bhfuil cumhdaithe leis an mbliain airgeadais is déanaí atá tagtha chun críche, dearbhófar ar leithligh iad de réir ainm.

Réim-mhéid na gcostas ionadaíochta in aghaidh an idirghabhálaí, in euro:

< 10 000

10 000 – 24 999

25 000 – 49 999

50 000 – 99 999

100 000 – 199 999

200 000 – 299 999

300 000 – 399 999

400 000 – 499 999

500 000 – 599 999

600 000 – 699 999

700 000 – 799 999

800 000 – 899 999

900 000 – 999 999

≥ 1 000 000

(b)

Dearbhóidh idirghabhálaithe an t-ioncam bliantúil iomlán measta arna ghiniúint agus atá inchurtha i leith gníomhaíochtaí cumhdaithe de réir na greille thíos. Cuimseofar bliain iomlán oibríochtaí san ioncam bliantúil iomlán measta arna ghiniúint agus déanfar tagairt ann don bhliain airgeadais is déanaí atá tagtha chun críche, amhail ó dháta an chlárúcháin nó ó dháta nuashonrú bliantúil mhionsonraí an chlárúcháin.

Liostófar freisin an t-ioncam ó chliaint aonair as gníomhaíochtaí cumhdaithe de réir na greille thíos, agus beidh léiriú ar thograí reachtacha, beartais nó tionscnaimh an Aontais a bhfuil na gníomhaíochtaí cumhdaithe dírithe orthu:

Réim-mhéid an ioncaim arna ghiniúint in aghaidh an chliaint, in euro:

< 10 000

10 000 – 24 999

25 000 – 49 999

50 000 – 99 999

100 000 – 199 999

200 000 – 299 999

300 000 – 399 999

400 000 – 499 999

500 000 – 599 999

600 000 – 699 999

700 000 – 799 999

800 000 – 899 999

900 000 – 999 999

≥1 000 000

Déanfar an t-ioncam bliantúil iomlán measta arna ghiniúint as gníomhaíochtaí cumhdaithe a ríomh go huathoibríoch leis an gclár, bunaithe ar chomhiomlán an ioncaim mheasta arna ghiniúint in aghaidh an chliaint.

Dearbhóidh idirghabhálaithe ar an gclár na cliaint a ndéantar gníomhaíochtaí cumhdaithe thar a gceann.

Aon chliaint reatha nach bhfuil cumhdaithe faoin mbliain airgeadais is déanaí atá tagtha chun críche, dearbhófar ar leithligh ar an gclár iad de réir ainm.

(c)

Déanfaidh cláraithe nach ndéanann ionadaíocht ar leasanna tráchtála an fhaisnéis airgeadais seo a leanas a sholáthar:

(i)

a mbuiséad iomlán don bhliain airgeadais is déanaí atá tagtha chun críche;

(ii)

a bpríomhfhoinsí cistiúcháin de réir catagóire: cistiú ón Aontas, maoiniú poiblí, deontais, tabhartais, ranníocaíochtaí a gcomhaltaí etc.;

(iii)

méid gach ranníocaíochta a fuair siad is mó ná 10 % dá mbuiséad iomlán, má bhíonn na ranníocaíochtaí os cionn EUR 10 000, agus ainm an ranníocóra.


(1)  Ní fhoilseofar an seoladh ríomhphoist a thabharfar.

(2)  Déanfar ballraíocht i ngrúpaí saineolaithe a iontráil go huathoibríoch sa chlár. Ní hionann clárúchán agus teideal uathoibríoch chun ballraíocht den sórt sin a fháil.

(3)  Is féidir le cláraithe údarú le haghaidh rochtain ar áitreabh Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ag deireadh an phróisis clárúcháin. Déanfar ainmneacha na ndaoine a fhaigheann pasanna rochtana ar áitreabh Pharlaimint na hEorpa a chur isteach go huathoibríoch sa chlár. Ní hionann clárúchán agus teideal a thabhairt go huathoibríoch chun pas rochtana den sórt sin a fháil.


IARSCRÍBHINN III

FAIREACHÁN, IMSCRÚDUITHE AGUS BEARTA

1.   Prionsabail ghinearálta

1.1.

Féadfaidh an Rúnaíocht imscrúdú a sheoladh ar bhonn gearán ina líomhnaítear nár chomhlíon cláraí an cód iompair (“neamh-chomhlíonadh”) agus, chomh maith leis sin, ar a thionscnamh féin i bhfianaise na faisnéise go bhféadfadh an cláraí a bheith neamh-incháilithe.

1.2.

Is nós imeachta riaracháin é imscrúdú a mbíonn an Rúnaíocht agus na cláraí lena mbaineann, agus, i gcás nár seoladh an t-imscrúdú ar thionscnamh na Rúnaíochta féin, an tríú páirtí a thaisc an gearán (“an gearánach”) páirteach ann.

1.3.

Nuair a bheidh imscrúdú seolta, féadfaidh an Rúnaíocht an clárúchán lena mbaineann a chur ar fionraí mar réamhchúram. Cuirfidh an Rúnaíocht an cláraí lena mbaineann ar an eolas láithreach faoina cinneadh an clárúchán a chur ar fionraí, agus míniú réasúnaithe á thabhairt aici ar a cinneadh.

2.   Inghlacthacht gearán

2.1.

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach gearán a dhéanamh leis an Rúnaíocht i dtaca le neamhchomhlíonadh líomhnaithe cláraí. Déanfar gearáin a thíolacadh i scríbhinn. Chun go mbeidh an gearán inghlactha, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

sainaithneofar ann an cláraí lena mbaineann agus déanfar mionsonraí an ghearáin a leagan amach go soiléir ann;

(b)

soláthrófar ann ainm agus mionsonraí teagmhála an ghearánaigh;

(c)

taiscfear é laistigh de 1 bhliain amháin tar éis an neamhchomhlíonta líomhnaithe;

(d)

beidh fianaise lena léirítear dóchúlacht réasúnach gurbh ann do neamhchomhlíonadh ag gabháil leis.

2.2.

I gcás ina bhfuil gearán neamh-inghlactha, tabharfaidh an Rúnaíocht fógra dá réir sin don ghearánach, agus míniú réasúnaithe á thabhairt aici ar a cinneadh.

3.   Nósanna imeachta gearán

3.1.

Tar éis gearán inghlactha a fháil, seolfaidh an Rúnaíocht imscrúdú agus tabharfaidh sí fógra don ghearánach agus don chláraí lena mbaineann.

3.2.

Gheobhaidh an cláraí lena mbaineann cóip den ghearán, lena n-áirítear aon iarscríbhinní, agus iarrfar air nó uirthi freagra réasúnaithe a thabhairt laistigh de 20 lá oibre.

3.3.

Cuirfidh an Rúnaíocht aon fhreagra réasúnaithe atá faighte faoi phointe 3.2 san áireamh, baileoidh sí aon fhaisnéis ábhartha, agus dréachtóidh sí tuarascáil maidir lena torthaí.

3.4.

I gcás ina bhfionntar sa tuarascáil nár chomhlíon an cláraí lena mbaineann an cód iompair, tabharfaidh an Rúnaíocht fógra dá réir sin don chláraí. Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san fhógra sin freisin:

(a)

treoracha chun an neamhchomhlíonadh a leigheas laistigh de 20 lá oibre ón bhfógra a fháil; agus

(b)

rabhadh foirmiúil go bhféadfar bearta a dhéanamh mura leigheasfar an neamhchomhlíonadh nó má tharlaíonn sé an athuair.

3.5.

Dearbhóidh an Rúnaíocht go bhfuil an cláraí lena mbaineann incháilithe chun fanacht ar an gclár agus tabharfaidh sí an t-imscrúdú chun críche, i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

baineann an neamhchomhlíonadh líomhnaithe go príomha le pointe (f) den chód iompair agus leigheastar é laistigh de 20 lá oibre ón bhfógra a fháil faoi phointe 3.1;

(b)

fionntar sa tuarascáil gur chomhlíon an cláraí an cód iompair;

(c)

leigheasann an cláraí an neamhchomhlíonadh tar éis fógra a fháil faoi phointe (a) de phointe 3.4; nó

(d)

meastar gur leor rabhadh foirmiúil faoi phointe (b) de phointe 3.4.

3.6.

Dearbhóidh an Rúnaíocht go bhfuil an cláraí lena mbaineann neamh-incháilithe agus tabharfaidh sí an t-imscrúdú chun críche, i gcás ina bhfionntar sa tuarascáil nár chomhlíon an cláraí an cód iompair agus ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

ní dhearna an cláraí an neamhchomhlíonadh a leigheas tar éis fógra a fháil faoi phointe (a) de phointe 3.4;

(b)

meastar nach leor rabhadh foirmiúil faoi phointe (b) de phointe 3.4.

3.7.

A luaithe a bheidh a tuarascáil dréachtaithe ag an Rúnaíocht, déanfaidh sí cóip den tuarascáil sin a sholáthar don chláraí lena mbaineann arna iarraidh sin dó nó di.

4.   Faireachán agus imscrúduithe féintionscnaimh

4.1.

Féadfaidh an Rúnaíocht a iarraidh ar chláraithe a gclárúcháin a leasú i gcás ina bhfuil cúis aici lena chreidiúint nach soláthraítear go cruinn leis na clárúcháin sin an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn II.

4.2.

I gcás ina ndéantar iarraidh faoi phointe 4.1, féadfaidh an Rúnaíocht an clárúchán lena mbaineann a chur ar fionraí mar réamhchúram.

4.3.

I gcás nach gcomhoibríonn an cláraí lena mbaineann go dílis agus go cuiditheach, féadfaidh an Rúnaíocht clárúchán atá faoi réir iarraidh faoi phointe 4.1 a bhaint den chlár.

4.4.

Féadfaidh an Rúnaíocht imscrúdú a sheoladh ar a tionscnamh féin i bhfianaise na faisnéise go bhféadfadh cláraí a bheith neamh-incháilithe.

4.5.

I gcás ina seolann an Rúnaíocht imscrúdú ar a tionscnamh féin, tabharfaidh sí fógra don chláraí lena mbaineann agus iarrfaidh sí ar an gcláraí freagra réasúnaithe a thabhairt laistigh de 20 lá oibre.

4.6.

Cuirfidh an Rúnaíocht aon fhreagra réasúnaithe atá faighte faoi phointe 4.5 san áireamh, baileoidh sí aon fhaisnéis ábhartha, agus dréachtóidh sí tuarascáil maidir lena torthaí.

4.7.

I gcás ina bhfionntar sa tuarascáil go bhfuil an cláraí lena mbaineann neamh-incháilithe, tabharfaidh an Rúnaíocht fógra dá réir sin don chláraí. Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san fhógra sin freisin:

(a)

treoracha chun an neamh-incháilitheacht a leigheas laistigh de 20 lá oibre ón bhfógra a fháil; agus

(b)

rabhadh foirmiúil go bhféadfar bearta a fhorchur mura leigheasfar an neamh-incháilitheacht nó más ann di an athuair.

4.8.

Dearbhóidh an Rúnaíocht go bhfuil an cláraí lena mbaineann incháilithe agus tabharfaidh sí an t-imscrúdú chun críche, i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

baineann an t-imscrúdú go príomha le drochamhras a bheith ann nach raibh gníomhaíochtaí cumhdaithe ar siúl agus léiríonn an cláraí lena mbaineann, laistigh de 20 lá oibre ón bhfógra a fháil faoi phointe 4.5, go bhfuil gníomhaíochtaí cumhdaithe á ndéanamh aige nó aici;

(b)

fionntar sa tuarascáil go bhfuil an cláraí incháilithe;

(c)

leigheasann an cláraí an neamh-incháilitheacht tar éis fógra a fháil faoi phointe (a) de phointe 4.7; nó

(d)

meastar gur leor rabhadh foirmiúil faoi phointe (b) de phointe 4.7.

4.9.

Dearbhóidh an Rúnaíocht go bhfuil an cláraí lena mbaineann neamh-incháilithe agus tabharfaidh sí an t-imscrúdú chun críche i gcás ina mbaineann an t-imscrúdú go príomha le drochamhras a bheith ann nach raibh gníomhaíochtaí cumhdaithe ar siúl agus nach léiríonn an cláraí lena mbaineann, laistigh de 20 lá oibre ón bhfógra a fháil faoi phointe 4.5, go bhfuil gníomhaíochtaí cumhdaithe á ndéanamh aige nó aici.

4.10.

Dearbhóidh an Rúnaíocht go bhfuil an cláraí lena mbaineann neamh-incháilithe agus tabharfaidh sí an t-imscrúdú chun críche i gcás ina bhfionntar sa tuarascáil dá dtagraítear i bpointe 4.6 go bhfuil an cláraí neamh-incháilithe agus ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

ní leigheasann an cláraí an neamh-incháilitheacht tar éis fógra a fháil faoi phointe (a) de phointe 4.7; nó

(b)

meastar nach leor rabhadh foirmiúil faoi phointe (b) de phointe 4.7.

4.11.

A luaithe a bheidh a tuarascáil dréachtaithe ag an Rúnaíocht, déanfaidh sí cóip den tuarascáil sin a sholáthar do na cláraithe lena mbaineann arna iarraidh sin dóibh.

5.   Comhoibriú leis an Rúnaíocht le linn imscrúduithe

5.1.

I gcás inar gá, iarrfaidh an Rúnaíocht ar na páirtithe in imscrúdú faisnéis atá ábhartha maidir leis an imscrúdú a sholáthar laistigh de 20 lá oibre ón iarraidh a fháil. Féadfaidh na páirtithe lena mbaineann a chur in iúl cén fhaisnéis arna soláthar acu ar cheart a mheas gur faisnéis íogair í.

5.2.

Féadfaidh an Rúnaíocht a chinneadh éisteacht a thabhairt do na páirtithe in imscrúdú.

5.3.

Féadfaidh an Rúnaíocht a chinneadh síneadh ama a chur leis na spriocdhátaí a leagtar síos i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, i gcás ina n-iarrfaidh na cláraithe é sin agus bonn cirt a bheith leis ar fhorais réasúnacha. D’fhéadfadh go mbeadh i gceist leis an gcinneadh sin freisin an clárúchán lena mbaineann a chur ar fionraí ar feadh thréimhse an imscrúdaithe.

5.4.

Má mheasann an Rúnaíocht nach bhfuil cláraí lena mbaineann imscrúdú ag comhoibriú go dílis agus go cuiditheach san imscrúdú, féadfaidh sí, tar éis deis a thabhairt don chláraí a thuairimí nó a tuairimí a chur in iúl i scríbhinn, an t-imscrúdú a thabhairt chun críche agus an clárúchán lena mbaineann a bhaint den chlár.

6.   An ceart chun éisteacht a fháil

Beidh an cláraí in ann a thuairimí nó a tuairimí féin a chur in iúl i scríbhinn sula ndéanfar aon chinneadh lena suitear go bhfuil sé nó sí neamh-incháilithe.

7.   Cinneadh

7.1.

Tabharfaidh an Rúnaíocht imscrúdú chun críche le cinneadh réasúnaithe. Tabharfaidh an Rúnaíocht fógra i scríbhinn maidir leis an gcinneadh sin do na páirtithe lena mbaineann. Sonrófar sa chinneadh sin cibé acu a suíodh nó nár suíodh go raibh neamh-incháilitheachta i gceist. I gcás inarb infheidhme, sonrófar sa chinneadh freisin cén cineál neamh-incháilitheachta a bhí ann agus cén beart a rinne an Rúnaíocht mar aon leis na leigheasanna ábhartha.

7.2.

I gcás ina suíonn an Rúnaíocht go bhfuil cláraí neamh-incháilithe i gcomhréir le pointe 7.1, bainfidh sí an clárúchán lena mbaineann den chlár.

7.3.

Féadfaidh an Rúnaíocht breithniú a dhéanamh ar iarraidh ar imscrúdú a athsheoladh suas le 20 lá oibre tar éis a cinneadh a chur in iúl do na páirtithe lena mbaineann.

7.4.

Ní fhéadfar imscrúdú a athsheoladh ach amháin i gcás nach ndearna an Rúnaíocht, nuair a rinne sí a cinneadh, breithniú ar fhaisnéis a bhí ar fáil sula ndearna sí a cinneadh, gan aon locht ná dearmad ar thaobh an pháirtí atá ag déanamh na hiarrata faoi phointe 7.3.

8.   Bearta

8.1.

I gcás ina mbaineann an Rúnaíocht clárúchán den chlár faoi phointe 7.2 toisc gur shuigh sí go mbaineann an neamh-incháilitheacht le neamhchomhlíonadh, féadfaidh sí freisin, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise thromchúis an neamhchomhlíonta:

(a)

toirmeasc a chur ar an ionadaí leasa lena mbaineann clárú arís ar feadh tréimhse idir 20 lá oibre agus 2 bhliain; agus

(b)

na bearta a rinneadh a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chláir.

8.2.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le déine an bhirt arna dhéanamh de bhun phointe 8.1, tabharfaidh an Rúnaíocht aird chuí ar imthosca ábhartha uile an imscrúdaithe, i bhfianaise chuspóirí an Chomhaontaithe seo.

8.3.

Ní fhéadfaidh ionadaithe leasa atá faoi réir toirmeasc faoi phointe (a) de phointe 8.1 clárú arís go dtí go mbeidh an tréimhse a baineadh den chlár iad imithe in éag agus go dtí go ndéanfaidh an cláraí na forais ba chúis leis an mbaint den chlár a leigheas go sásúil.

9.   Athbhreithniú

9.1.

Féadfaidh na cláraithe atá faoi réir bearta a glacadh faoi phointe 8.1 iarraidh réasúnaithe ar athbhreithniú ag an mBord Bainistíochta a thaisceadh.

9.2.

Cuirfear an iarraidh ar athbhreithniú chuig an Rúnaíocht laistigh de 20 lá oibre ón bhfógra faoin mbeart arna ghlacadh ag an Rúnaíocht a fháil.

9.3.

Déanfar iarrataí ar athbhreithniú arna dtaisceadh i gcomhréir le pointí 9.1 agus 9.2 a chur ar aghaidh chuig Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta agus féadfaidh an Cathaoirleach an cás a tharchur chuig an mBord Bainistíochta iomlán i gcás inarb iomchuí nó i gcás ina n-iarrfaidh duine de chomhaltaí eile an Bhoird Bainistíochta é.

9.4.

Ní chuirfear, de bharr iarraidh ar athbhreithniú, an beart arna ghlacadh ag an Rúnaíocht ar fionraí, mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt ar bhonn forais shonracha a leagtar amach san iarraidh ar athbhreithniú.

9.5.

Cuirfidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta cinneadh an Bhoird Bainistíochta maidir leis an athbhreithniú in iúl do na cláraithe lena mbaineann laistigh de 40 lá oibre ón iarraidh ar athbhreithniú a fháil.

10.   Leigheasanna

Féadfaidh cláraithe nach bhfuil sásta le cinneadh an Bhoird Bainistíochta faoi phointe 9 achomharc a dhéanamh chun Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE nó gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.


11.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/18


RÁITEAS POLAITIÚIL Ó PHARLAIMINT NA HEORPA, Ó CHOMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS ÓN GCOIMISIÚN EORPACH AGUS AN COMHAONTÚ IDIRINSTITIÚIDEACH MAIDIR LE CLÁR TRÉDHEARCACHTA SAINORDAITHEACH Á GHLACADH

Aithníonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach a thábhachtaí atá prionsabal na coinníollachta mar bhunchloch don chur chuige comhordaithe atá glactha ag na trí institiúid agus é mar aidhm acu cultúr coiteann trédhearcachta a threisiú agus ardchaighdeáin á leagan síos ag an am céanna maidir le hionadaíocht leasa thrédhearcach eiticiúil ar leibhéal an Aontais.

Aithníonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach go bhfuil an choinníollacht agus na bearta comhlántacha trédhearcachta atá i bhfeidhm maidir leis na hábhair seo a leanas comhsheasmhach leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Clár Trédhearcachta Sainordaitheach, go dtreisítear leo cuspóir a gcur chuige chomhordaithe agus gur bonn daingean iad ar a bhféadfar leanúint den chur chuige sin a fhorbairt agus a fheabhsú agus ionadaíocht leasa eiticiúil ar leibhéal an Aontais a neartú tuilleadh:

cruinnithe idir cinnteoirí agus ionadaithe leasa cláraithe, i gcás inarb infheidhme (1);

cruinnithe le hionadaithe leasa a fhoilsiú, i gcás inarb infheidhme (2);

cruinnithe foirne, go háirithe ar leibhéal sinsearach, le hionadaithe leasa cláraithe (3);

labhairt ag éisteachtaí poiblí i bParlaimint na hEoarpa (4);

ballraíocht i ngrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus rannpháirtíocht in imeachtaí, fóraim nó seisiúin faisnéise áirithe (5);

rochtain ar áitribh na n-institiúidí (6);

pátrúnacht le haghaidh imeachtaí le haghaidh ionadaithe leasa cláraithe, i gcás inarb ábhartha;

an dearbhú polaitiúil ó na Ballstáit go gcuirfidh siad i bhfeidhm go deonach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le hinniúlachtaí náisiúnta, prionsabal na coinníollachta maidir le cruinnithe a mBuanionadaí agus a Leas-Bhuanionadaí le hionadaithe leasa le linn a nUachtaránachta ar an gComhairle agus sna 6 mhí roimhe sin, agus aon bheart deonach breise de chuid na mBallstát aonair i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le hinniúlachtaí náisiúnta lasmuigh de sin, a dtugtar faoi deara go cothrom iad araon.


(1)  Riail 11(2) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; Airteagal 7 de Chinneadh ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2018 maidir le Cód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh (C(2018)0700) (IO C 65, 21.2.2018, lch. 7); pointe V de Mhodhanna Oibre an Choimisiúin Eorpaigh.

(2)  Riail 11(3) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; Cinneadh 2014/838/AE, Euratom ón gCoimisiún an 25 Samhain 2014 maidir le faisnéis a fhoilsiú faoi chruinnithe arna dtionól idir Ard-Stiúrthóirí an Choimisiúin agus eagraíochtaí nó daoine aonair féinfhostaithe (IOL 343, 28.11.2014, lch. 19); Cinneadh 2014/839/AE, Euratom ón gCoimisiún an 25 Samhain 2014 maidir le faisnéis a fhoilsiú faoi chruinnithe arna dtionól idir Comhaltaí an Choimisiúin agus eagraíochtaí nó daoine aonair féinfhostaithe (IO L 343, 28.11.2014, lch. 22).

(3)  Airteagal 3 de Chinneadh (AE) 2021/929 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le teagmhálacha a rialú idir oifigigh Ardrúnaíocht na Comhairle agus ionadaithe leasa (féach leathanach 19 den Iris Oifigiúil seo); pointe V de Mhodhanna Oibre an Choimisiúin Eorpaigh.

(4)  Airteagal 7 de Chinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2003 maidir le rialacha i dtaca le héisteachtaí poiblí.

(5)  Riail 35 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; Airteagal 8 de Chinneadh ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le grúpaí saineolaithe an Choimisiúin a chruthú agus a oibriú (C(2016)3301); Airteagail 4 agus 5 de Chinneadh (AE) 2021/929 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le teagmhálacha a rialú idir oifigigh Ardrúnaíocht na Comhairle agus ionadaithe leasa (féach leathanach 19 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Riail 123 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa arna léamh i gcomhar le Cinneadh ón Ardrúnaí an 13 Nollaig 2013 maidir leis na rialacha lena rialaítear pasanna agus údaruithe lena dtugtar rochtain ar áitribh Pharlaimint na hEorpa; Airteagal 6 de Chinneadh (AE) 2021/929 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le teagmhálacha a rialú idir oifigigh Ardrúnaíocht na Comhairle agus ionadaithe leasa. (féach leathanach 19 den Iris Oifigiúil seo).


11.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 207/19


CINNEADH (AE) 2021/929 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Bealtaine 2021

maidir le rialáil teagmhálacha idir Ardrúnaíocht na Comhairle agus ionadaithe leasa

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 11(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ceanglaítear go dtabharfaidh institiúidí an Aontais, do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíocha, trí bhealaí iomchuí, an deis a gcuid tuairimí a chur in iúl, agus iad a mhalartú go poiblí, i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais. Ina theannta sin, le hAirteagal 11(2) ceanglaítear ar institiúidí an Aontais agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta a choimeád ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta.

(2)

Le hAirteagal 15(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) foráiltear go seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir, d’fhonn an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 298 CFAE, agus a misin á ndéanamh acu, beidh de thacaíocht ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais riarachán Eorpach a bheidh oscailte, éifeachtach agus neamhspleách.

(4)

Ionas go n-oibreoidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (“institiúidí an Aontais”) ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir, ba cheart cead a bheith ag geallsealbhóirí a dtuairimí agus a saineolas a chur ar fáil le linn an phróisis cinnteoireachta chun feabhas a chur ar cháilíocht na gcinntí atá á nglacadh agus ar an tacaíocht do na cinntí sin.

(5)

Chun an mhuinín i bpróisis pholaitiúla, reachtacha agus riaracháin an Aontais a choinneáil, ba cheart teagmhálacha le hionadaithe leasa a dhéanamh ar bhealach trédhearcach eiticiúil.

(6)

Chun na críche sin, thug Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (1) (“an Comhaontú Idirinstitiúideach”) i gcrích.

(7)

Tá an Chomhairle tiomanta do chreat a bhunú le haghaidh teagmhálacha trédhearcacha eiticiúla idir ionadaithe leasa agus oifigigh agus gníomhairí (“foireann”) a hArdrúnaíochta, trí phrionsabal coinníollachta a thabhairt isteach. De réir an phrionsabail sin, beidh ar ionadaithe leasa clárú sa chlár trédhearcachta ionas go mbeidh siad in ann gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh atá cumhdaithe ag an gComhaontú Idirinstitiúideach.

(8)

Measann an Chomhairle gurb é bunú cláir trédhearcachta, atá coiteann do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, agus atá oscailte d’institiúidí eile an Aontais, an bealach is éifeachtaí chun prionsabal na coinníollachta a chur chun feidhme. Ba cheart cloí leis an gcód iompair a ghabhann leis an gComhaontú Idirinstitiúideach a bheith ina réamhchoinníoll chun clárú sa chlár trédhearcachta.

(9)

Ba cheart a thabhairt de chumhacht do bhrainsí an chláir thrédhearcachta, agus thar ceann na Comhairle freisin, cinntí aonair a ghlacadh a bhaineann le hiarratasóirí agus cláraithe, i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach.

(10)

Níor cheart aon ní sa Chinneadh seo a léiriú mar ní a thugann ceart pribhléideach rochtana ar dhoiciméid atá i seilbh na Comhairle d’ionadaithe leasa atá cláraithe sa chlár trédhearcachta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Prionsabal na coinníollachta

Sna cásanna dá bhforáiltear sa Chinneadh seo agus i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach, beidh clárú sa chlár trédhearcachta ina réamhchoinníoll riachtanach ionas go mbeidh na hionadaithe leasa in ann gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh.

Airteagal 2

An clár trédhearcachta

1.   Sa Chomhaontú Idirinstitiúideach sainítear raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanann ionadaithe leasa atá faoi réir clárúcháin, chomh maith leis na coinníollacha maidir le hincháilitheacht agus clárú ionadaithe leasa sa chlár trédhearcachta.

2.   Déanfaidh Ardrúnaí na Comhairle ionadaíocht thar ceann na Comhairle ar Bhord Bainistíochta an chláir trédhearcachta. Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh de chomhthoil agus gheobhaidh sé cúnamh ó Chomhrúnaíocht faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach.

3.   Tabharfar de chumhacht don Bhord Bainistíochta agus don Rúnaíocht cinntí aonair a bhaineann le hiarratasóirí agus le cláraithe a ghlacadh thar ceann na Comhairle, i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach.

Airteagal 3

Cruinnithe le foireann de chuid Ardrúnaíocht na Comhairle

1.   Eagrófar cruinnithe idir ionadaithe leasa agus Ardrúnaí agus Ard-Stiúrthóirí Ardrúnaíocht na Comhairle, coinníollach ar ionadaithe leasa a bheith cláraithe roimh ré sa chlár trédhearcachta.

2.   Agus iad i dteagmháil le hionadaithe leasa, cloífidh foireann Ardrúnaíocht na Comhairle leis na rialacha agus na caighdeáin iompair a leagtar amach i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (2), agus le rialacha ábhartha inmheánacha eile Ardrúnaíocht na Comhairle. Glacfaidh Ardrúnaí na Comhairle aon treoracha breise don fhoireann a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun na rialacha agus na caighdeáin sin a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Chinneadh seo.

3.   Déanfaidh Ardrúnaí na Comhairle bearta chun feasacht a mhúscailt i measc na foirne i dtaobh na rialacha is infheidhme maidir le teagmhálacha le hionadaithe leasa.

Airteagal 4

Faisnéisithe téamacha

Beidh rannpháirtíocht na n-ionadaithe leasa sna faisnéisithe téamacha, arna n-eagrú ag Ardrúnaíocht na Comhairle, i gcás inarb iomchuí agus tar éis dul i gcomhairle le hUachtaránacht na Comhairle, coinníollach orthu a bheith cláraithe roimh ré sa chlár trédhearcachta.

Airteagal 5

Imeachtaí poiblí

Beidh rannpháirtíocht ionadaithe leasa, ina gcáil ghairmiúil, mar chainteoirí ag imeachtaí poiblí arna n-eagrú ag an Ardrúnaíocht na Comhairle, coinníollach ar ionadaithe leasa den sórt sin a bheith cláraithe roimh ré sa chlár trédhearcachta.

Airteagal 6

Rochtain ar áitreabh na Comhairle

1.   Chun tabhairt faoi na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5, deonóidh Ardrúnaíocht na Comhairle suaitheantais ainmneacha d’ionadaithe leasa lena dtugtar rochtain shealadach dóibh ar áitreabh na Comhairle, ach iad a bheith cláraithe roimh ré ar sa chlár trédhearcachta agus urraim a bheith á tabhairt acu do rialacha slándála na Comhairle. Ní fhreastalóidh ionadaithe leasa ar chruinnithe den Chomhairle ná dá cuid comhlachtaí ullmhúcháin, mura n-údaraítear iad a bheith i láthair i gcomhréir le Cinneadh 2009/937/AE (3) ón gComhairle (“Rialacha Nós Imeachta na Comhairle”).

2.   Cinnfidh Ardrúnaíocht na Comhairle na ceanglais slándála agus aitheantais chun suaitheantais a eisiúint d’ionadaithe leasa.

Airteagal 7

Rochtain ar dhoiciméid

Is le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a rialófar an rochtain ar dhoiciméid na Comhairle ag ionadaithe leasa.

Airteagal 8

Cur chun feidhme

Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle na bearta is gá chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta sainordaitheach (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(2)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(3)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).