ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 132

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
19 Aibreán 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/628 ón gComhairle an 16 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/629 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2020 lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) Uimh. 532/2014 agus (AE) Uimh. 1255/2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais íosta mhionsonraithe chun críoch iniúchóireachta agus leis na sonraí a thaifeadfar agus a stórálfar

4

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún ( 1 )

17

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/631 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2021 lena gcláraítear ainm i gclár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásca geografacha faoi chosaint(Budaörsi őszibarack (TGFC))

23

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le liostaí na n-ainmhithe, na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, na dtáirgí geirmeacha, na seachtháirgí ainmhithe agus na dtáirgí díorthaithe, na dtáirgí ilchodacha, mar aon le féar tirim agus tuí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2007 ón gCoimisiún agus Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún ( 1 )

24

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

63

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/634 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir le socruithe idirthréimhseacha, iontrálacha na Ríochta Aontaithe agus Spleáchríocha Corónach Gheansaí, Oileán Mhanann agus Gheirsí agus an liosta de thríú tíortha atá údaraithe chun táirgí déiríochta, táirgí a gceanglaítear cóireáil maolúcháin riosca shonrach a dhéanamh orthu in aghaidh an ghalair crúb is béil, a thabhairt isteach san Aontas ( 1 )

108

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de phíopaí táite agus d’fheadáin tháite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

145

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/636 ón gComhairle an 16 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir

194

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

19.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/628 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2021

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 ón gComhairle an 10 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (1), agus go háirithe Airteagal 17(3) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 224/2014.

(2)

An 22 Feabhra 2021, nuashonraigh Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 2127 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, an fhaisnéis a bhaineann le duine amháin atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 70, 11.3.2014, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Sa liosta a leagtar amach i gCuid A (Daoine) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014, cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil 14:

“14

. Bi Sidi SOULEMAN (ailias: a) Sidiki b) ‘General’ Sidiki c) Sidiki Abbas d) Souleymane Bi Sidi e) Bi Sidi Soulemane)

Ainmniú: Uachtarán agus ‘Ginearál’ féinfhógartha Retour, Réclamation et Réhabilitation (3R)

Dáta breithe: an 20 Iúil 1962

Áit bhreithe: Bocaranga, Poblacht na hAfraice Láir

Náisiúntacht: Poblacht na hAfraice Láir

Uimhir phas: Laissez-passer uimh. N°235/MISPAT/DIRCAB/DGPC/DGAEI/SI/SP, arna eisiúint an 15 Márta 2019 (arna eisiúint ag Aire Gnóthaí Baile Phoblacht na hAfraice Láir )

Seoladh:Koui, Ouham-Pendé prefecture, Poblacht na hAfraice Láir

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 5 Lúnasa 2020

Faisnéis eile:

Is é Bi Sidi Souleman atá i gceannas ar an ngrúpa mílíste Retour, Réclamation, Réhabilitation (3R) atá lonnaithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) a bhfuil sibhialtaigh maraithe agus easáitithe aige agus a bhfuil céasadh agus éigniú déanta aige orthu agus a bhí ag gabháil do gháinneáil arm, do ghníomhaíochtaí cánachais neamhdhleathacha agus a bhí i mbun cogaidh le mílístí ó bunaíodh é in 2015. Ina theannta sin, bhí baint ag Bi Sidi Souleman féin le céasadh. An 6 Feabhra 2019, shínigh 3R an Comhaontú Polaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearas i bPoblacht na hAfraice Láir ach bhí sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí a sháraíonn an Comhaontú agus tá sé fós ina bhagairt don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don tslándáil i bPoblacht na hAfraice Láir. Mar shampla, an 21 Bealtaine 2019, mharaigh 3R 34 shibhialtach gan airm i dtrí shráidbhaile agus, dá bharr, cuireadh fir fhásta chun báis go hachomair. Dheimhnigh Bi Sidi Souleman go hoscailte d'Eintiteas de chuid na Náisiún Aontaithe gur thug sé ordú do bhaill de chuid 3R dul chomh fada leis na sráidbhailte tráth na n-ionsaithe ach níor admhaigh sé gur thug sé orduithe do 3R sibhialtaigh a mharú. I mí na Nollag 2020, tar éis dó dul isteach i gcomhghuaillíocht grúpaí armtha a bunaíodh chun cur isteach ar an bpróiseas toghchánach, tuairiscíodh gur maraíodh Bi Sidi Souleman le linn troda.

Faisnéis ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Liostaíodh Bi Sidi Souleman an 5 Lúnasa 2020 de bhun mhíreanna 20 agus 21 (b) de rún 2399 (2018), arna shíneadh le mír 5 de rún 2507 (2020), as páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí nó tacú le gníomhaíochtaí lena raibh an bonn á bhaint de shíocháin, cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na hAfraice Láir, lena n-áirítear gníomhartha a chuireann próiseas na cobhsaíochta agus an athmhuintearais i mbaol, nó a chuireann bac ar na próisis sin, nó a spreagann foréigean; a bheith páirteach i bpleanáil, i stiúradh, nó i ndéanamh gníomhartha i bPoblacht na hAfraice Láir lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó an dlí daonnúil idirnáisiúnta, de réir mar is infheidhme, nó ar mí-úsáid nó sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear gníomhartha lena ngabhann díriú ar shibhialtaigh, ionsaithe ar bhonn eitneach nó reiligiúnach, ionsaithe ar nithe sibhialta, lena n-áirítear ionaid riaracháin, tithe cúirte, scoileanna agus ospidéil, agus fuadach agus easáitiú éigeantach.

Faisnéis bhreise

Uachtarán agus ‘ginearál’ féinfhógartha an ghrúpa armtha Retour, Réclamation et Réhabilitation (3R), bhí Bi Sidi Souleman ag gabháil do ghníomhaíochtaí a chuir síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na hAfraice Láir i mbaol agus, go háirithe, cur chun feidhme an Chomhaontaithe Pholaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearais i bPoblacht na hAfraice Láir a síníodh in Bangui an 6 Feabhra 2019.

Rinne sé féin agus trodairí faoina cheannas gníomhartha arbh ionann iad agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. An 21 Bealtaine 2019, mharaigh 3R 34 shibhialtach gan airm i dtrí shráidbhaile (Koundjili, Lemouna agus Bohong) agus cuireadh fir fhásta chun báis go hachomair dá bharr.

Faoina cheannaireacht, rinne baill de chuid 3R gníomhaíochtaí lena ngabhann foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe. I mí Mheán Fómhair 2017, le linn ionsaithe in aghaidh Bocaranga, rinne baill de chuid 3R éigniú ar roinnt ban agus cailíní. Idir mí an Mhárta agus mí Aibreáin 2020, bhí baint ag baill de chuid 3R le seacht gcás d'fhoréigean gnéasach i dtrí shráidbhaile in Ouham-Pendé.

Faoina cheannaireacht, lean 3R de bhac a chur ar athbhunú údarás an stáit ina réimsí oibríochta trí chórais chánachais mhídhleathacha a chothabháil, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí buailteachais agus maidir le taistealaithe agus bhí baint aige le dúshaothrú mídhleathach óir in Mambéré-Kadéï agus Nana-Mambéré.

In 2019, faoina cheannaireacht rinne 3R na chéad sáruithe ar an gComhaontú Síochána. Ar dtús, dhiúltaigh Bi Sidi Souleman tús a chur le dí-armáil agus le díshlógadh na dtrodaithe 3R a bhí ceaptha páirt a ghlacadh sa chéad aonad slándála measctha speisialta in iarthar Phoblacht na hAfraice Láir agus lean 3R dá smacht ar chríocha a mhéadú, rud a d'fhág gur chuir MINUSCA oibríocht ar bun in Ouham-Pendé, Nana-Mambéré agus Mambéré-Kadéï i mí Mheán Fómhair 2019. Lean sé freisin d'airm a gháinneáil chun cur lena chumais mhíleata agus de throdaithe a earcú ó thar lear.

In 2020, lean 3R, faoina cheannaireacht, de sháruithe a dhéanamh ar an gcomhaontú síochána agus lean sé dá smacht ar chríocha san Iarthar a mhéadú. I mí na Bealtaine 2020, ghabh baill de chuid 3R seilbh ar an gendarmerie in Besson in Nana-Mambéré agus thréig iarchodanna de 3R USMS Bouar. An 5 Meitheamh 2020, d'fhógair Bi Sidi Souleman go gcuirfí rannpháirtíocht 3R i sásraí leantacha an Chomhaontaithe ar fionraí go dtí go bhfógrófar a mhalairt. An 9 Meitheamh 2020, rinne grúpa, a mheastar gur baill de chuid 3R iad, ionsaí ar champa traenála USMS Bouar agus ar sheicphointe comhpháirteach de chuid MINUSCA agus na bhfórsaí náisiúnta in Pougol. An 21 Meitheamh 2020, rinne baill de chuid 3R ionsaí ar phatról comhpháirteach de chuid MINUSCA agus na bhfórsaí náisiúnta gar do Besson inar maraíodh triúr saighdiúirí as Poblacht na hAfraice Láir.”


19.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/629 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Samhain 2020

lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) Uimh. 532/2014 agus (AE) Uimh. 1255/2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais íosta mhionsonraithe chun críoch iniúchóireachta agus leis na sonraí a thaifeadfar agus a stórálfar

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (1), agus go háirithe Airteagal 13(6) agus Airteagal 32(8) agus (9) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, beidh an Coimisiún in ann gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar a ghnéithe neamhriachtanacha maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (“CCEDD”).

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 532/2014 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais íosta mhionsonraithe ar an rian iniúchóireachta agus le liosta na sonraí a dhéanfaidh an t-údarás bainistíochta a thaifeadadh agus a stóráil sa chóras maidir le gach oibríocht is gá chun faireachán, meastóireacht, bainistíocht airgeadais, fíorú agus iniúchadh a dhéanamh.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1255/2014 ón gCoimisiún (3), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 trí inneachar na dtuarascálacha cur chun feidhme bliantúla agus deiridh a leagan síos, lena n-áirítear liosta na dtáscairí coiteanna.

(4)

Le Rialachán (AE) 2020/559 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic le ráig COVID-19. Go háirithe, le Rialachán (AE) 2020/559 tugadh isteach an fhéidearthacht do na Ballstáit bia nó cúnamh ábhartha bunúsach nó an dá rud a sholáthar do na daoine is díothaí go hindíreach, amhail trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile.

(5)

Baineann dúshláin shonracha cur chun feidhme le bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar go hindíreach trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile, i comparáid le cásanna ina soláthraítear an cúnamh sin go díreach do na daoine is díothaí. Is iomchuí, dá réir sin, foráil a dhéanamh maidir le forálacha sonracha le haghaidh na scéimeanna lena ndéantar cúnamh a sholáthar go díreach a mhéid a bhaineann leis na ceanglais íosta mhionsonraithe ar an rian iniúchóireachta, ar mhaithe le coigeartú a dhéanamh ar liosta na sonraí a dhéanfaidh an t-údarás bainistíochta a thaifeadadh agus a stóráil sa chóras maidir le gach oibríocht is gá chun faireachán, meastóireacht, bainistíocht airgeadais, fíorú agus iniúchadh a dhéanamh agus ar mhaithe le coigeartú a dhéanamh ar liosta na dtáscairí a thuairisceoidh an t-údarás bainistíochta.

(6)

Chun rioscaí neamhrialtachtaí agus calaoise níos airde a mhaolú i gcás ina soláthrófar bia nó cúnamh ábhartha bunúsach nó an dá rud trí dhearbháin nó cártaí i bhfoirm páipéir, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le ceanglais íosta bhreise ar an rian iniúchóireachta sa chás sin.

(7)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, bearta arb é is aidhm dóibh neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin Tharmligthe (AE) Uimh. 532/2014 agus (AE) Uimh. 1255/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 532/2014 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 3a

Ceanglais íosta mhionsonraithe ar an rian iniúchóireachta le haghaidh cabhair a sholáthraítear go hindíreach do na daoine is díothaí, amhail trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile

(Airteagal 32(9) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014)

1.   Sa bhreis ar na ceanglais íosta mhionsonraithe ar an rian iniúchóireachta a leagtar amach in Airteagal 3, leis an rian iniúchóireachta le haghaidh oibríochtaí a sholáthraíonn bia nó cúnamh nó an dá rud do na daoine is díothaí, trí dhearbháin, cártaí, nó ionstraimí eile i gcomhréir le hAirteagal 23(4a) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

beifear in ann líon iomlán na ndearbhán, na gcártaí nó na n-ionstraimí eile arna n-eisiúint a thabhairt i gcomhréir le líon iomlán na ndearbhán, na gcártaí nó na n-ionstraimí eile arna seachadadh chuig na faighteoirí deiridh agus arna n-úsáid, bunaithe ar thaifid chuntasaíochta agus doiciméid tacaíochta atá i seilbh an údaráis deimhniúcháin, an údaráis bainistíochta, na gcomhlachtaí idirmheánacha agus na dtairbhithe;

(b)

maidir leis na costais incháilithe a leagtar amach in Airteagal 26(2), pointe (a), beifear in ann na méideanna comhiomlána a dheimhneofar don Choimisiún a thabhairt i gcomhréir le luach na ndearbhán, na gcártaí nó na n-ionstraimí eile arna n-úsáid ag na faighteoirí deiridh;

(c)

cuimseofar doiciméid a bhaineann le deonú dearbhán, cártaí nó ionstraimí eile do na faighteoirí deiridh, lena ndáileadh ar na faighteoirí deiridh agus lena n-úsáid.

Maidir le húsáid dearbhán, cártaí nó ionstraimí eile, léireoidh an rian iniúchóireachta go n-úsáidtear na dearbháin, na cártaí nó na hionstraimí eile chun bia nó cúnamh ábhartha bunúsach nó an dá rud a cheannach, agus chun na gcríoch sin amháin.

2.   I gcás ina soláthrófar bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach do na daoine is díothaí trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile i bhformáid páipéir, áireofar an méid seo a leanas sa rian iniúchóireachta:

(a)

bearta slándála a dhéanann an t-údarás bainistíochta, na comhlachtaí idirmheánacha agus na tairbhithe maidir le falsú a sheachaint;

(b)

bearta chun an stoc dearbhán a chosaint;

(c)

sainaithint ar na comhlachtaí a dhéanann na faighteoirí deiridh a shainaithint agus ar na comhlachtaí a dháileann na dearbháin, na cártaí agus na hionstraimí eile ar na faighteoirí deiridh;

(d)

doiciméadacht lena ndeimhnítear go bhfuair na faighteoirí deiridh na dearbháin, na cártaí nó na hionstraimí eile.”;

(2)

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 1255/2014.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Samhain 2020.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 72, 12.3.2014, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 532/2014 ón gCoimisiún an 13 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 148, 20.5.2014, lch. 54).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1255/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí trí inneachar na dtuarascálacha cur chun feidhme bliantúla agus deiridh a leagan síos, lena n-áirítear liosta na dtáscairí coiteanna (IO L 337, 25.11.2014, lch. 46).

(4)  Rialachán (AE) 2020/559 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic le ráig COVID-19 (IO L 130, 24.4.2020, lch. 7).


IARSCRÍBHINN I

“IARSCRÍBHINN I

Liosta na sonraí a thaifeadfar agus a stórálfar i bhfoirm ríomhairithe sa chóras faireacháin (dá dtagraítear in Airteagal 2)

Teastaíonn sonraí maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó OP I agus ó OP II (1) agus maidir le gach cineál seachadta mura sonraítear a mhalairt sa dara colún.

Réimsí sonraí

Léiriú ar an gcineál OP nó ar an gcineál seachadta nach dteastaíonn sonraí maidir leis

Sonraí maidir leis an tairbhí  (2)

1.

Ainm nó aitheantóir uathúil gach tairbhí

 

2.

Faisnéis maidir le cibé acu an comhlacht dlí poiblí nó an comhlacht dlí príobháideach atá sa tairbhí

 

3.

Faisnéis maidir le cibé acu atá CBL ar chaiteachas arna thabhú ag an tairbhí neamh-inghnóthaithe de réir na reachtaíochta náisiúnta maidir le CBL nó nach bhfuil

 

4.

Sonraí teagmhála an tairbhí

 

Sonraí maidir leis an oibríocht

5.

Ainm nó aitheantóir uathúil na hoibríochta

 

6.

Tuairisc ghearr ar an oibríocht

 

7.

An dáta a cuireadh an t-iarratas ar an oibríocht isteach

 

8.

An dáta tosaigh mar a cuireadh in iúl é sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta

 

9.

An dáta deiridh mar a cuireadh in iúl é sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta

 

10.

An dáta iarbhír a mbeidh an oibríocht lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme ina hiomláine

 

11.

An comhlacht a eisíonn an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta

 

12.

Dáta an doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta

 

13.

Airgeadra na hoibríochta

 

14.

CCI an chláir nó na gclár faoina dtabharfar tacaíocht don oibríocht

 

15.

An cineál nó na cineálacha cúnaimh ábhartha ar a dtabharfar aghaidh

Ní bhaineann sé le OP II

16.

An cineál nó na cineálacha gníomhaíochtaí a dtacaítear leo

Ní bhaineann sé le OP I

17.

Cód nó cóid le haghaidh an chineáil maoinithe

 

18.

Cód nó cóid le haghaidh an tsuímh

 

19.

An chainníocht bia arna ceannach ag comhlacht poiblí nó ag eagraíocht comhpháirteach, i gcás inarb infheidhme

Ní bhaineann sé le OP II

Ní bhaineann sé le seachadadh indíreach bia, amhail trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile

20.

An chainníocht bia arna fáil ag comhlacht poiblí, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 23(4) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, i gcás inarb infheidhme

Ní bhaineann sé le OP II

Ní bhaineann sé le seachadadh indíreach bia, amhail trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile

21.

An chainníocht bia arna seachadadh chuig eagraíochtaí comhpháirteacha, i gcás inarb infheidhme

Ní bhaineann sé le OP II

Ní bhaineann sé le seachadadh indíreach bia, amhail trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile

22.

An chainníocht bia arna seachadadh chuig faighteoirí deiridh, i gcás inarb infheidhme

Ní bhaineann sé le OP II

Ní bhaineann sé le seachadadh indíreach bia, amhail trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile

23.

An chainníocht cúnaimh ábhartha bhunúsaigh arna ceannach ag comhlacht poiblí nó ag eagraíocht comhpháirteach, i gcás inarb infheidhme

Ní bhaineann sé le OP II

Ní bhaineann sé le seachadadh indíreach bia, amhail trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile

24.

An chainníocht cúnaimh ábhartha bhunúsaigh arna seachadadh chuig eagraíochtaí comhpháirteacha, i gcás inarb infheidhme

Ní bhaineann sé le OP II

Ní bhaineann sé le seachadadh indíreach bia, amhail trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile

25.

An chainníocht cúnaimh ábhartha bhunúsaigh arna seachadadh chuig faighteoirí deiridh, i gcás inarb infheidhme

Ní bhaineann sé le OP II

Ní bhaineann sé le seachadadh indíreach bia, amhail trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile

26.

An líon dearbhán nó cártaí (nó ionstraimí eile chun cabhair a sheachadadh go hindíreach) arna n-eisiúint

Ní bhaineann sé le OP II

Ní bhaineann sé le seachadadh díreach bia agus/nó seachadadh díreach cúnaimh ábhartha bhunúsaigh

27.

An líon dearbhán nó cártaí (nó ionstraimí eile chun cabhair a sheachadadh go hindíreach) arna seachadadh chuig faighteoirí deiridh

Ní bhaineann sé le OP II

Ní bhaineann sé le seachadadh díreach bia agus/nó seachadadh díreach cúnaimh ábhartha bhunúsaigh

28.

An líon dearbhán nó cártaí (nó ionstraimí eile chun cabhair a sheachadadh go hindíreach) arna n-úsáid ag faighteoirí deiridh

Ní bhaineann sé le OP II

Ní bhaineann sé le seachadadh díreach bia agus/nó seachadadh díreach cúnaimh ábhartha bhunúsaigh

29.

Méid iomlán an chaiteachais arna luchtú ar dhearbhán nó cártaí (nó ionstraimí eile chun cabhair a sheachadadh go hindíreach) arna sheachadadh chuig faighteoirí deiridh

Ní bhaineann sé le OP II

Ní bhaineann sé le seachadadh díreach bia agus/nó seachadadh díreach cúnaimh ábhartha bhunúsaigh

30.

Méid iomlán an chaiteachais ar dhearbhán nó cártaí (nó ionstraimí eile chun cabhair a sheachadadh go hindíreach) arna úsáid ag faighteoirí deiridh

Ní bhaineann sé le OP II

Ní bhaineann sé le seachadadh díreach bia agus/nó seachadadh díreach cúnaimh ábhartha bhunúsaigh

Sonraí maidir le táscairí

31.

Teideal na dtáscairí coiteanna is ábhartha maidir leis an oibríocht

 

32.

Aitheantóir na dtáscairí coiteanna is ábhartha maidir leis an oibríocht

 

33.

Leibhéal bainte amach na dtáscairí coiteanna le haghaidh gach bliain cur chun feidhme nó ag deireadh na hoibríochta

 

34.

Teideal na dtáscairí clár-shonracha is ábhartha maidir leis an oibríocht

Ní bhaineann sé le OP I

35.

Aitheantóir na dtáscairí clár-shonracha is ábhartha maidir leis an oibríocht

Ní bhaineann sé le OP I

36.

Spriocanna sonracha maidir le táscairí aschuir clár-shonracha

Ní bhaineann sé le OP I

37.

Leibhéal bainte amach na dtáscairí aschuir clár-shonracha le haghaidh gach bliain cur chun feidhme nó ag deireadh na hoibríochta

Ní bhaineann sé le OP I

38.

Aonad tomhais le haghaidh gach sprioc aschuir

Ní bhaineann sé le OP I

39.

Bonnlíne le haghaidh táscairí torthaí

Ní bhaineann sé le OP I

40.

Spriocleibhéal le haghaidh táscairí torthaí

Ní bhaineann sé le OP I

41.

Aonad tomhais le haghaidh gach spriocthoraidh agus bonnlíne

Ní bhaineann sé le OP I

42.

Aonad tomhais le haghaidh gach táscaire

 

Sonraí airgeadais maidir le gach oibríocht (san airgeadra is infheidhme maidir leis an oibríocht)

43.

Méid chostas incháilithe iomlán na hoibríochta arna faomhadh sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta

 

44.

Méid na gcostas incháilithe iomlán arb ionann iad agus an caiteachas poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) 223/2014

 

45.

Méid na tacaíochta poiblí, mar a leagtar amach sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta

 

Sonraí maidir le héilimh ar íocaíocht ón tairbhí (san airgeadra is infheidhme maidir leis an oibríocht)

46.

An dáta a fhaightear gach éileamh ar íocaíocht ón tairbhí

 

47.

Dáta gach íocaíochta leis an tairbhí ar bhonn an éilimh ar íocaíocht

 

48.

Méid an chaiteachais incháilithe san éileamh ar íocaíocht atá mar bhonn le gach íocaíocht leis an tairbhí

 

49.

Méid an chaiteachais phoiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a fhreagraíonn don chaiteachas incháilithe atá mar bhonn le gach íocaíocht

 

50.

Méid gach íocaíochta leis an tairbhí ar bhonn an éilimh ar íocaíocht

 

51.

Dáta tosaigh fíoruithe ar an láthair ar an oibríocht arna ndéanamh de bhun Airteagal 32(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014

 

52.

Dáta iniúchtaí ar an láthair ar an oibríocht arna ndéanamh de bhun Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 agus Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 532/2014 (3)

 

53.

An comhlacht a dhéanfaidh an t-iniúchadh nó an fíorú

 

Sonraí maidir le caiteachas in éileamh ar íocaíocht ón tairbhí bunaithe ar fhíorchostais (san airgeadra is infheidhme maidir leis an oibríocht)

54.

Caiteachas poiblí incháilithe arna dhearbhú don Choimisiún, arna bhunú ar bhonn na gcostas iarbhír arna dtabhú agus arna n-íoc

 

55.

Caiteachas poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a fhreagraíonn don chaiteachas poiblí incháilithe arna dhearbhú don Choimisiún, arna bhunú ar bhonn na gcostas iarbhír arna n-aisíoc agus arna n-íoc

 

56.

An cineál conartha má tá dámhachtain an chonartha faoi réir fhorálacha Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (4) (soláthar seirbhísí/soláthar earraí) nó Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)

 

57.

Méid an chonartha má tá dámhachtain an chonartha faoi réir fhorálacha Threoir 2004/18/CE nó Threoir 2014/23/AE

 

58.

Caiteachas incháilithe arna thabhú agus arna íoc bunaithe ar chonradh má tá an conradh faoi réir fhorálacha Threoir 2004/18/CE nó Threoir 2014/23/AE

 

59.

An nós imeachta soláthair arna úsáid má tá dámhachtain an chonartha faoi réir fhorálacha Threoir 2004/18/CE nó Threoir 2014/23/AE

 

60.

Ainm nó aitheantóir uathúil an chonraitheora má tá dámhachtain an chonartha faoi réir fhorálacha Threoir 2014/23/AE

 

Sonraí maidir le caiteachas in éileamh ar íocaíocht ón tairbhí bunaithe ar scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid (méideanna san airgeadra is infheidhme maidir leis an oibríocht)

61.

Méid an chaiteachais phoiblí incháilithe arna dhearbhú don Choimisiún, arna bhunú ar bhonn scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid

 

62.

Caiteachas poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a fhreagraíonn don chaiteachas poiblí incháilithe arna dhearbhú don Choimisiún, arna bhunú ar bhonn scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid

 

63.

Sainmhíniú ar aonad a úsáidfear chun críocha scála caighdeánach na gcostas aonaid

 

64.

An líon aonad arna seachadadh mar a cuireadh in iúl san éileamh ar íocaíocht le haghaidh gach mír aonaid

 

65.

Costas aonaid ar aonad amháin le haghaidh gach mír aonaid

 

Sonraí maidir le caiteachas in éileamh ar íocaíocht ón tairbhí bunaithe ar íocaíochtaí cnapshuime (méideanna san airgeadra is infheidhme maidir leis an oibríocht)

66.

Méid an chaiteachais phoiblí incháilithe arna dhearbhú don Choimisiún, arna bhunú ar bhonn cnapshuimeanna

 

67.

Caiteachas poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a fhreagraíonn don chaiteachas poiblí incháilithe arna dhearbhú don Choimisiún, arna bhunú ar bhonn cnapshuimeanna

 

68.

I gcás gach cnapshuime, táirgí insoláthartha (aschuir nó torthaí) arna gcomhaontú sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta mar bhonn le heisíoc na n-íocaíochtaí cnapshuime

 

69.

I gcás gach cnapshuime, an méid arna chomhaontú sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta

 

Sonraí maidir le caiteachas in éileamh ar íocaíocht ón tairbhí bunaithe ar rátaí comhréidhe (san airgeadra is infheidhme maidir leis an oibríocht)

70.

Méid an chaiteachais phoiblí incháilithe arna dhearbhú don Choimisiún, arna bhunú ar bhonn ráta comhréidh

 

71.

Caiteachas poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a fhreagraíonn don chaiteachas poiblí incháilithe arna dhearbhú don Choimisiún, arna bhunú ar bhonn ráta comhréidh

 

Sonraí maidir le gnóthuithe ón tairbhí

72.

Dáta gach cinnidh gnóthaithe

 

73.

Méid na tacaíochta poiblí a bhfuil tionchar ag gach cinneadh gnóthaithe air

 

74.

Iomlán an chaiteachais incháilithe a bhfuil tionchar ag gach cinneadh gnóthaithe air

 

75.

An dáta a fhaightear gach méid arna aisíoc ag an tairbhí tar éis cinneadh gnóthaithe

 

76.

Méid na tacaíochta poiblí arna aisíoc ag an tairbhí tar éis cinneadh gnóthaithe (gan ús ná pionóis)

 

77.

Iomlán an chaiteachais incháilithe a fhreagraíonn don tacaíocht poiblí, arna aisíoc ag an tairbhí

 

78.

Méid na tacaíochta poiblí atá neamh-inghnóthaithe tar éis cinneadh gnóthaithe

 

79.

An caiteachas incháilithe iomlán a fhreagraíonn do thacaíocht poiblí neamh-inghnóthaithe

 

Sonraí maidir le hiarratais ar íocaíocht arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin (in EUR)

80.

An dáta a chuirtear gach iarratas ar íocaíocht isteach lena n-airítear caiteachas incháilithe a bhaineann leis an oibríocht

 

81.

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe phoiblí arna thabhú ag an tairbhí agus arna íoc i gcur chun feidhme na hoibríochta arna chur san áireamh i ngach iarratas ar íocaíocht

 

82.

Méid iomlán an chaiteachais phoiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 den oibríocht arna chur sa áireamh i ngach iarratas ar íocaíocht

 

Sonraí maidir le cuntais arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin faoi Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 (in EUR)

83.

An dáta a chuirtear isteach gach sraith cuntas lena n-airítear caiteachas faoin oibríocht

 

84.

An dáta a chuirtear isteach na cuntais ina gcuirtear caiteachas deiridh na hoibríochta san áireamh tar éis an oibríocht a bheith curtha i gcrích (i gcás ina bhfuil méid iomlán an chaiteachais incháilithe cothrom le EUR 1 000 000 nó níos mó (Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014))

 

85.

Méid iomlán chaiteachas incháilithe poiblí na hoibríochta arna iontráil i gcórais chuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin a cuireadh san áireamh sna cuntais

 

86.

Méid iomlán an chaiteachais phoiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 arna thabhú i gcur chun feidhme na hoibríochta a fhreagraíonn do mhéid iomlán an chaiteachais incháilithe phoiblí arna iontráil i gcórais chuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin a cuireadh san áireamh sna cuntais

 

87.

Méid iomlán na n-íocaíochtaí leis an tairbhí faoi Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a fhreagraíonn do mhéid iomlán an chaiteachais incháilithe phoiblí arna iontráil i gcórais chuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin a cuireadh san áireamh sna cuntais

 

88.

Méid iomlán chaiteachas incháilithe poiblí na hoibríochta a aistarraingíodh le linn na bliana cuntasaíochta arna chur san áireamh sna cuntais

 

89.

Iomlán an chaiteachais phoiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a fhreagraíonn don chaiteachas incháilithe poiblí a aistarraingíodh le linn na bliana cuntasaíochta arna chur san áireamh sna cuntais

 

90.

Iomlán chaiteachas incháilithe poiblí na hoibríochta a gnóthaíodh le linn na bliana cuntasaíochta arna chur san áireamh sna cuntais

 

91.

Iomlán an chaiteachais phoiblí a fhreagraíonn d’iomlán chaiteachas incháilithe poiblí na hoibríochta a gnóthaíodh le linn na bliana cuntasaíochta arna chur san áireamh sna cuntais

 

92.

Iomlán chaiteachas incháilithe poiblí na hoibríochta a ghnóthófar amhail ag deireadh na bliana cuntasaíochta arna chur san áireamh sna cuntais

 

93.

Iomlán chaiteachas poiblí na hoibríochta a fhreagraíonn d’iomlán an chaiteachais incháilithe phoiblí a ghnóthófar amhail ag deireadh na bliana cuntasaíochta arna chur san áireamh sna cuntais

 

94.

Méid iomlán incháilithe chaiteachas poiblí na hoibríochta a bheidh neamh-inghnóthaithe amhail ag deireadh na bliana cuntasaíochta arna chur san áireamh sna cuntais

 

95.

Iomlán chaiteachas poiblí na hoibríochta a fhreagraíonn do mhéid iomlán incháilithe an chaiteachais phoiblí a bheidh neamh-inghnóthaithe amhail ag deireadh na bliana cuntasaíochta arna chur san áireamh sna cuntais

 


(1)  Tagraíonn OP I do chláir oibríochtúla um bia nó/agus um chúnamh ábhartha agus tagraíonn OP II do chláir oibríochtúla um chuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaí.

(2)  Áireofar le tairbhí, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí eile a thabhaíonn caiteachas faoin oibríocht a gcaitear leis mar chaiteachas arna thabhú ag an tairbhí.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 532/2014 ón gCoimisiún an 13 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 148, 20.5.2014, lgh. 54-69).

(4)  Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO L 134, 30.4.2004, lch. 114).

(5)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN

TÁSCAIRÍ COITEANNA LE hAGHAIDH OP I AGUS OP II

Táscairí ionchuir

(1)

Méid iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe arna fhormheas sna doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht oibríochtaí.

(2)

Méid iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme.

Den mhéid sin, i gcás inarb ábhartha:

(a)

méid iomlán an chaiteachais incháilithe phoiblí arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme a bhaineann le bia arna sholáthar go díreach do na daoine is díothaí

(b)

méid iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme a bhaineann le cúnamh ábhartha bunúsach arna sholáthar go díreach do na daoine is díothaí

(c)

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe phoiblí arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach arna sholáthar go hindíreach do na daoine is díothaí, amhail trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile.

(3)

Méid iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe arna dhearbhú don Choimisiún.

Sloinnfear na sonraí sin in euro.

TÁSCAIRÍ COITEANNA LE hAGHAIDH OP I MAIDIR LE TACAÍOCHT ARNA SOLÁTHAR GO DÍREACH DO NA DAOINE IS DÍOTHAÍ

Táscairí aschuir maidir le tacaíocht bia dháilte (1)

(4)

Cainníocht torthaí agus glasraí.

(5)

Cainníocht feola, uibheacha, éisc, bia mara.

(6)

Cainníocht plúir, aráin, prátaí, ríse agus táirgí stáirse eile.

(7)

Cainníocht siúcra.

(8)

Cainníocht táirgí bainne.

(9)

Cainníocht saillte, ola.

(10)

Cainníocht bia áisiúlachta, earraí bia eile (nach dtagann faoi na catagóirí thuasluaite).

(11)

Luach iomlán na tacaíochta bia dáilte.

Den mhéid sin:

(a)

an sciar den bhia nár íocadh ach a iompar, a dháileadh agus a stóráil leis an OP ábhartha (in %);

(b)

sciar de tháirgí bia cómhaoinithe FEAD sa mhéid iomlán bia arna dháileadh ag na heagraíochtaí comhpháirteacha (in %) (2).

(12)

An líon iomlán béilí dáilte arna maoiniú i bpáirt nó ina iomláine ag an OP ábhartha (3).

(13)

An líon iomlán pacáistí bia dáilte arna maoiniú i bpáirt nó ina iomláine ag an OP ábhartha (4).

Táscairí torthaí maidir le tacaíocht bhia dháilte (5)

(14)

An líon iomlán daoine a fhaigheann tacaíocht bhia.

Den mhéid sin:

(a)

an líon leanaí atá 15 bliana d’aois nó faoina bhun;

(b)

an líon daoine atá 65 bliana d’aois nó os a chionn;

(c)

an líon ban;

(d)

an líon imirceach, an líon daoine de chúlra iasachta, an líon mionlach (lena n-áirítear pobail imeallaithe amhail na Romaigh);

(e)

an líon daoine atá faoi mhíchumas;

(f)

an líon daoine gan dídean.

Táscairí aschuir maidir le cúnamh ábhartha bunúsach dáilte

(15)

Luach airgeadaíochta iomlán na n-earraí dáilte.

Den mhéid sin:

(a)

luach airgid iomlán na n-earraí le haghaidh páistí;

(b)

luach airgid iomlán na n-earraí le haghaidh daoine gan dídean;

(c)

luach airgid iomlán na n-earraí le haghaidh spriocghrúpaí eile.

(16)

Liosta na gcatagóirí is ábhartha d’earraí dáilte chuig leanaí (6):

(a)

feisteas linbh;

(b)

málaí scoile;

(c)

stáiseanóireacht, cóipleabhair, pinn, trealamh péintéireachta agus trealamh eile is gá ar scoil (seachas éadaí);

(d)

trealamh spóirt (bróga spóirt, léatar, culaith shnámha, etc.);

(e)

éadaí (cóta geimhridh, coisbheart, éide scoile, etc.);

(f)

catagóir eile – le sonrú

(17)

Liosta na gcatagóirí is ábhartha d’earraí dáilte chuig daoine gan dídean (6):

(a)

málaí codlata/pluideanna;

(b)

trealamh cistine (potaí, pannaí, sceanra, etc.);

(c)

éadaí (cóta geimhridh, coisbheart, etc.);

(d)

línéadach tí (tuáillí, éadaí leapa);

(e)

earraí sláinteachais (fearas garchabhrach, gallúnach, scuab fiacla, rásúr aon-uaire, etc.);

(f)

catagóir eile – le sonrú.

(18)

Liosta na gcatagóirí is ábhartha d’earraí dáilte chuig spriocghrúpaí eile (6):

(a)

catagóirí le sonrú.

Táscairí torthaí maidir le cúnamh ábhartha bunúsach dáilte (5)

(19)

An líon iomlán daoine a fhaigheann tacaíocht bhia.

Den mhéid sin:

(a)

an líon leanaí atá 15 bliana d’aois nó faoina bhun;

(b)

an líon daoine atá 65 bliana d’aois nó os a chionn;

(c)

an líon ban;

(d)

an líon imirceach, an líon daoine de chúlra iasachta, an líon mionlach (lena n-áirítear pobail imeallaithe amhail na Romaigh);

(e)

an líon daoine atá faoi mhíchumas;

(f)

an líon daoine gan dídean.

TÁSCAIRÍ COITEANNA LE hAGHAIDH OP I MAIDIR LE TACAÍOCHT ARNA SOLÁTHAR GO hINDÍREACH DO NA DAOINE IS DÍOTHAÍ, AMHAIL TRÍ DHEARBHÁIN, CÁRTAÍ NÓ IONSTRAIMÍ EILE

Táscairí torthaí maidir le tacaíocht arna dáileadh trí dhearbháin leictreonacha, cártaí nó ionstraimí eile chun cabhair a sheachadadh go hindíreach (5)

(19bis)

An líon iomlán daoine a fhaigheann tacaíocht trí dhearbháin, cártaí nó ionstraimí eile chun cabhair a sheachadadh go hindíreach

Den mhéid sin:

(a)

an líon leanaí atá 15 bliana d’aois nó faoina bhun;

(b)

an líon daoine atá 65 bliana d’aois nó os a chionn;

(c)

an líon ban;

(d)

an líon imirceach, an líon daoine de chúlra iasachta, an líon mionlach (lena n-áirítear pobail imeallaithe amhail na Romaigh);

(e)

an líon daoine atá faoi mhíchumas;

(f)

an líon daoine gan dídean.

TÁSCAIRÍ COITEANNA LE hAGHAIDH OP II

Táscairí aschuir maidir le cúnamh um chuimsiú sóisialta

(20)

An líon iomlán daoine a fhaigheann cúnamh um chuimsiú sóisialta.

Den mhéid sin:

(a)

an líon leanaí atá 15 bliana d’aois nó faoina bhun;

(b)

an líon daoine atá 65 bliana d’aois nó os a chionn;

(c)

an líon ban;

(d)

an líon imirceach, an líon daoine de chúlra iasachta, an líon mionlach (lena n-áirítear pobail imeallaithe amhail na Romaigh);

(e)

an líon daoine atá faoi mhíchumas;

(f)

an líon daoine gan dídean.

Is sonraí pearsanta iad na sonraí maidir le OP II de réir Airteagal 7 de Threoir 95/46/CE. Tá sé riachtanach iad a phróiseáil chun an oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialtóir faoina réir a chomhlíonadh (Airteagal 7(c) de Threoir 95/46/CE). Chun sainmhíniú a fháil ar rialtóir, féach Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE.


(1)  Áirítear i dtáscairí (4) go (11) aon fhoirm de na táirgí seo, e.g. bia-ábhar úr, stánaithe agus reoite, agus ba cheart iad a shloinneadh i dtonnaí.

(2)  Is ar bhonn meastachán feasaigh ó na heagraíochtaí comhpháirteacha a chinnfear luachanna an táscaire sin.

(3)  An sainmhíniú ar an méid a thuigfear le ‘béile’, is féidir é a sholáthar ar leibhéal na heagraíochta comhpháirtí/na hoibríochta/an údaráis bainistíochta. Is le measúnú ó na heagraíochtaí comhpháirteacha a chinnfear luachanna an táscaire sin.

(4)  An sainmhíniú ar an méid a thuigfear le ‘pacáiste bia’, is féidir é a sholáthar ar leibhéal na heagraíochta comhpháirtí/na hoibríochta/an údaráis bainistíochta. Ní gá méid ná inneachar na bpacáistí a chaighdeánú. Is le measúnú ó na heagraíochtaí comhpháirteacha a chinnfear luachanna an táscaire sin.

(5)  Is ar bhonn meastachán feasaigh ó na heagraíochtaí comhpháirteacha a chinnfear luachanna na dtáscairí sin. Níl coinne leis go mbeadh na táscairí bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na faighteoirí deiridh ná ní cheanglaítear é sin.

(6)  Áireofar sa liosta gach catagóir ábhartha lena gcumhdaítear 75 % ar a laghad de na hearraí dáilte.


19.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/17


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/630 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Feabhra 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1) agus go háirithe Airteagal 48(h) agus Airteagal 77(1)(k) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 48(h) agus Airteagal 77(1)(k) de Rialachán (AE) 2017/625, tugtar cumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun cásanna a bhunú ina bhféadfaí earraí áirithe a mbaineann riosca íseal leo, lena n-áirítear táirgí cumaisc, a dhíolmhú ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus coinníollacha faoina bhféadfaí sin a dhéanamh, agus rialacha a leagan síos maidir le rialuithe sonracha oifigiúla a dhéanamh ar na hearraí sin.

(2)

Braitheann an riosca a bhaineann le táirgí cumaisc don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe ar chineálacha na gcomhábhar agus ar choinníollacha stórála agus ar phacáistiú na dtáirgí sin. Táirgí cumaisc fadré nach bhfuil feoil phróiseáilte mar chomhábhar iontu agus nach gá iad a iompar ná a stóráil faoi theocht rialaithe, is iad sin is lú riosca do shláinte ainmhithe agus do shábháilteacht mhicribhitheolaíoch bia. Is é sin an cás maidir le táirgí déiríochta agus uibhe atá i dtáirgí cumaisc fadré a ndearnadh cóireáil orthu le linn a monaraithe, amhail steiriliú nó cóireáil trí úsáid a bhaint as teochtaí ultra-arda chun an riosca a dhíchur. Maolaítear na rioscaí do shláinte ainmhithe agus do shábháilteacht mhicribhitheolaíoch bia i gcás ina ndéantar táirgí cumaisc a phacáistiú nó a shéalú ar bhealach slán.

(3)

Ní laghdaítear rioscaí sábháilteachta ceimicí bia trí chóireálacha a chuireann fadré le táirgí cumaisc. Ó thaobh sábháilteachta ceimicí bia de, féadfar táirgí cumaisc fadré áirithe nach bhfuil feoil phróiseáilte iontu a dhíolmhú ó rialuithe oifigiúla ag na poist rialaithe teorann, ar choinníoll, maidir leis na táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch ar comhábhair de na táirgí cumaisc iad, go ndéantar iad a tháirgeadh i mbunaíochtaí atá suite i dtríú tíortha atá údaraithe chun na táirgí próiseáilte sin de bhunadh ainmhíoch nó i mbunaíochtaí atá suite sna Ballstáit a allmhairiú isteach san Aontas.

(4)

Maidir le táirgí cumaisc fadré nach bhfuil feoil phróiseáilte iontu, ba cheart iad a tháirgeadh i dtríú tír a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún (2). Ba cheart don tríú tír a tháirgeann an táirge cumaisc plean rialaithe iarmhair formheasta a bheith aici le haghaidh gach ceann de na comhábhair de bhunadh ainmhíoch atá sa táirge cumaisc nó ba cheart di na comhábhair ainmhithe a fháil ó Bhallstát nó ó thríú tír eile a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE le haghaidh na dtráchtearraí sin.

(5)

I bhfianaise an riosca ísil a bhaineann leo don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe, is iomchuí táirgí cumaisc fadré áirithe nach bhfuil feoil phróiseáilte iontu a dhíolmhú ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus iad a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a gcóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) á sonrú mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (3).

(6)

Maidir le táirgí cumaisc fadré áirithe nach bhfuil feoil phróiseáilte iontu, atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha, ba cheart fianú príobháideach a bheith leo arna chur ar fáil ag an oibreoir gnó a dhéanann iad a allmhairiú.

(7)

Chun a áirithiú, maidir le táirgí cumaisc fadré áirithe nach bhfuil feoil phróiseáilte iontu agus atá díolmhaithe ó sheiceálacha ag poist rialaithe teorann i gcomhréir leis an Rialachán seo, go gcomhlíonann siad ceanglais maidir leis an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe, ba cheart do na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla a dhéanamh go rialta, ar bhonn riosca agus a mhinice is iomchuí, ag an gceann scríbe, ag an bpointe scaoilte le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas, nó i dtrádstórais nó áitreabh an oibreora atá freagrach as an gcoinsíneacht.

(8)

Tá na rialacha maidir le táirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag na poist rialaithe teorann agus maidir le rialuithe oifigiúla atá le déanamh ar tháirgí cumaisc den sórt sin nasctha go substaintiúil agus tá sé beartaithe iad a chur i bhfeidhm i dteannta a chéile. Ar mhaithe le simplíocht agus trédhearcacht, agus chun a gcur i bhfeidhm a éascú agus chun iolrú rialacha a sheachaint, ba cheart iad a leagan síos, dá bhrí sin, in aon ghníomh amháin seachas i ngníomhartha ar leithligh lena mbaineann go leor crostagairtí agus an baol dúblála.

(9)

Tá díolúintí ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann le haghaidh táirgí cumaisc áirithe ann cheana de bhun Chinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (4). Ós rud é go leagtar síos leis an Rialachán seo díolúintí le haghaidh táirgí a chumhdaítear le Cinneadh 2007/275/CE faoi láthair, ba cheart forálacha áirithe sa Chinneadh sin a scriosadh ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ba cheart an Cinneadh sin a leasú dá réir.

(10)

Na ceanglais maidir leis an tsláinte phoiblí le haghaidh táirgí cumaisc a thabhairt isteach san Aontas a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (5), ní bheidh feidhm acu ach ón 21 Aibreán 2021. Ar an gcaoi chéanna, ní bheidh feidhm ag na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe le haghaidh táirgí cumaisc a thabhairt isteach san Aontas a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (6) ach ón 21 Aibreán 2021. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo ón dáta sin freisin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

1.

na cásanna ina ndíolmhaítear táirgí cumaisc ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina ndíolmhaítear na táirgí sin agus i gcás ina bhfuil údar maith le díolúine den chineál sin;

2.

rialuithe sonracha oifigiúla a dhéanamh maidir le táirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn “táirge cumaisc” táirge cumaisc mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625;

2.

ciallaíonn “táirgí cumaisc fadré” táirgí nach gá a iompar ná a stóráil faoi theochtaí rialaithe.

Airteagal 3

Táirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann

1.   Maidir leis na táirgí cumaisc fadré nach bhfuil feoil phróiseáilte iontu agus a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh siad díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí sin na ceanglais seo a leanas:

(a)

na ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas a leagtar síos in Airteagal 12(2)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625;

(b)

go ndearnadh cóireáil ar aon táirge déiríochta agus uibhe sna táirgí cumaisc fadré i gcomhréir le hAirteagal 163(a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692;

(c)

go sainaithnítear iad mar tháirgí a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine; agus

(d)

go bhfuil siad pacáistithe nó séalaithe ar bhealach slán.

2.   Nuair a chuirtear táirgí cumaisc fadré dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh, beidh fianú príobháideach ag gabháil leo i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (7).

Airteagal 4

Rialuithe oifigiúla maidir le táirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla go rialta ar na táirgí cumaisc fadré dá dtagraítear in Airteagal 3(1), ar bhonn riosca agus a mhinice is iomchuí, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) 2017/625 a chur san áireamh.

2.   Déanfar na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 in aon cheann de na háiteanna seo a leanas laistigh de chríoch chustaim an Aontais:

(a)

an ceann scríbe;

(b)

an pointe scaoilte do shaorchúrsaíocht san Aontas;

(c)

trádstórais nó áitreabh an oibreora atá freagrach as an gcoinsíneacht.

3.   Déanfar na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagail 45 agus 46 de Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 5

Leasuithe ar Chinneadh 2007/275/CE

Leasaítear Cinneadh 2007/275/CE mar a leanas:

(1)

Scriostar Airteagal 6;

(2)

Scriostar Iarscríbhinn II.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus dáta chur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún an 16 Márta 2011 maidir le formheas pleananna arna gcur isteach ag tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle (IO L 70, 17.3.2011, lch. 40).

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(4)  Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2007 lena mbaineann liosta táirgí cumaisc atá faoi réir rialuithe ag poist rialaithe teorann (IO L 116, 4.5.2007, lch. 9).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneacht ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Liosta na dtáirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (Airteagal 3)

Sa liosta sin, leagtar amach na táirgí cumaisc, i gcomhréir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) atá in úsáid san Aontas, nach gá iad a chur isteach le haghaidh rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.

Nótaí a bhaineann leis an tábla:

 

Colún (1) — Cód AN

Léirítear Cód AN sa cholún seo. Tá AN, arna bhunú le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, bunaithe ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (“Córas Comhchuibhithe (CC)”) arna dhréachtú ag an gComhairle um Chomhar Custaim, dá ngairtear an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim faoi láthair, agus formheasta le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle (1). Atáirgeann AN ceannteidil agus fo-cheannteidil CC chuig sé dhigit. Sainaithníonn an seachtú agus an t-ochtú digit fo-cheannteidil bhreise AN.

I gcás ina n-úsáidtear cód ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit nach bhfuil “ex” ag gabháil leo, agus mura sonraítear a mhalairt, ní gá na táirgí cumaisc uile a bhfuil na ceithre dhigit sin curtha leo nó a chumhdaítear leis na ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit sin a chur isteach le haghaidh rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.

I gcás nach bhfuil táirgí ainmhithe i dtáirgí cumaisc sonraithe áirithe faoi aon chód ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit agus nach bhfuil aon fhoroinn shonrach faoin gcód sin le fáil in AN, cuirtear “ex” leis an gcód. Mar shampla, maidir le “ex 2001 90 65”, ní cheanglaítear seiceálacha a dhéanamh ag poist rialaithe teorann i gcás na dtáirgí a leagtar amach i gcolún (2).

 

Colún (2) — Sainmhínithe

Sa cholún sin, tugtar mionsonraí ar na táirgí cumaisc a chumhdaítear leis an díolúine ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.

Cóid AN

Sainmhínithe

(1)

(2)

1704 , ex 1806 20 , ex 1806 31 00 , ex 1806 32 , ex 1806 90 11 , ex 1806 90 19 , ex 1806 90 31 , ex 1806 90 39 , ex 1806 90 50 , ex 1806 90 90

Milseogra (lena n-áirítear milseáin), seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1)

ex 1902 19 , ex 1902 30 , ex 1902 40

Pasta, núdail agus cúscús a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1)

ex 1905 10 , ex 1905 20 , ex 1905 31 , ex 1905 32 , ex 1905 40 , ex 1905 90

Arán, cácaí, brioscaí, vaiféil agus abhlanna, roscaí, arán tóstáilte agus táirgí tóstáilte den chineál céanna a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1)

ex 2001 90 65 , ex 2005 70 00 , ex 1604

Ológa líonta le hiasc a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1)

(2101 )

Eastóscáin, úscraí agus tiúcháin, de chaife, de thae nó de mhaité agus ullmhóidí de bhunús na dtáirgí sin nó de bhunús caife, tae nó maité díobh sin a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1). Siocaire rósta agus ionadaigh rósta eile caife, agus úisc, úscraí agus tiúcháin díobh a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1).

ex 2104

Stoic anraith agus blastáin bia atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóir deiridh a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1)

ex 2106

Blastáin bia atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóir deiridh, ina bhfuil táirgí próiseáilte ainmhithe (lena n-áirítear glúcósaimín, condróitin nó ciotósán) a cheanglaíonn ceanglais Airteagal 3(1)

ex 2208 70

Licéir agus coirdéil a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1)


(1)  Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 maidir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, agus an Prótacal lena ndéantar leasú air, a thabhairt i gcrích (IO L 198, 20.7.1987, lch. 1).


19.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/23


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/631 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Aibreán 2021

lena gcláraítear ainm i gclár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásca geografacha faoi chosaint(“Budaörsi őszibarack” (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe mír 2 d’Airteagal 52 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun mhír 2(a) d’Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh iarratas a thíolaic an Ungáir ar chlárú an ainm “Budaörsi őszibarack” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Toisc nár cuireadh aon ráiteas agóide de réir bhrí Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart an t-ainm, “Budaörsi őszibarack” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Budaörsi őszibarack” (TGFC) cláraithe anois.

Is táirge d’aicme 1.6. atá sainithe faoin ainm atá sa chéad mhír. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  IO C 447, 23.12.2020, lch. 21.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


19.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/24


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/632 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Aibreán 2021

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le liostaí na n-ainmhithe, na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, na dtáirgí geirmeacha, na seachtháirgí ainmhithe agus na dtáirgí díorthaithe, na dtáirgí ilchodacha, mar aon le féar tirim agus tuí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2007 ón gCoimisiún agus Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 47(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/625 bunaítear rialacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát maidir le hainmhithe agus earraí a thabhairt isteach san Aontas chun comhlíontacht reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia a fhíorú.

(2)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625, ní mór catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí ó thríú tíortha a chur i láthair ag post rialaithe teorann chun go ndéanfar rialuithe oifigiúla orthu sula dtugtar isteach san Aontas iad.

(3)

Le Rialachán (AE) 2017/625 ceanglaítear ar an gCoimisiún liostaí a bhunú, ar liostaí iad de na hainmhithe agus de na táirgí de bhunadh ainmhíoch, de na táirgí geirmeacha, de na seachtháirgí ainmhithe lena n-áirítear táirgí díorthaithe, de na táirgí ilchodacha, agus féar tirim agus tuí atá le cur i láthair le haghaidh rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus a gcóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC) faoi seach, dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) á léiriú.

(4)

Chun éascaíocht a dhéanamh ar rialuithe oifigiúla a dhéanann na húdaráis inniúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625, leis an liosta a bhunaítear sa Rialachán seo ba cheart tuairisc mhion a thabhairt ar na hainmhithe, na táirgí de bhunadh ainmhíoch, na táirgí geirmeacha, na seachtháirgí ainmhithe agus na táirgí díorthaithe, na táirgí ilchodacha, agus féar tirim agus tuí atá faoi réir na rialuithe oifigiúla sin.

(5)

Cuirtear an Rialachán seo in ionad na rialacha maidir le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar earraí a thabhairt isteach san Aontas a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2007 ón gCoimisiún (3), agus sin go hiomlán. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a aisghairm.

(6)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 (4) ón gCoimisiún bunaítear cásanna inar féidir, agus coinníollacha faoinar féidir, go mbeidh earraí íseal-riosca áirithe, lena n-áirítear táirgí ilchodacha, díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus leagtar síos rialacha maidir le rialuithe oifigiúla sonracha a dhéanamh ar na hearraí sin. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 scriostar forálacha Chinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (5) lena ndíolmhaítear táirgí ilchodacha ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. Cuirtear an Rialachán seo in ionad na bhforálacha atá fágtha de Chinneadh 2007/275/CE maidir le táirgí ilchodacha faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. Chun deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht a áirithiú, ba cheart Cinneadh 2007/275/CE a aisghairm dá bhrí sin.

(7)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón 21 Aibreán 2021, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, bunaítear liostaí na n-ainmhithe, na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, na dtáirgí geirmeacha, na seachtháirgí ainmhithe agus na dtáirgí díorthaithe, na dtáirgí ilchodacha, agus féar tirim agus tuí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 agus léirítear a gcóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn “táirge ilchodach” táirge ilchodach mar a shainmhínítear i bpointe (14) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625;

2.

ciallaíonn “guairí muc neamhchóireáilte” guairí muc neamhchóireáilte mar a shainmhínítear i bpointe 33 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (6);

3.

ciallaíonn “cleití neamhchóireáilte agus codanna neamhchóireáilte de chleití” cleití neamhchóireáilte agus codanna neamhchóireáilte de chleití mar a shainmhínítear i bpointe 30 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011;

4.

ciallaíonn “fionnadh neamhchóireáilte” fionnadh neamhchóireáilte mar a shainmhínítear i bpointe 32 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011;

5.

ciallaíonn “táirge idirmheánach” táirge idirmheánach mar a shainmhínítear i bpointe 35 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011;

6.

ciallaíonn “seithí agus craicne cóireáilte” seithí agus craicne cóireáilte mar a shainmhínítear i bpointe 28 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011;

7.

ciallaíonn “olann neamhchóireáilte” olann neamhchóireáilte mar a shainmhínítear i bpointe 31 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Airteagal 3

Rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus earraí a liostaítear san Iarscríbhinn

Beidh na hainmhithe, na táirgí de bhunadh ainmhíoch, na táirgí geirmeacha, na seachtháirgí ainmhithe agus na táirgí díorthaithe, na táirgí ilchodacha, agus féar tirim agus tuí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 4

Aisghairmeacha

1.   Déantar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2007 agus Cinneadh 2007/275/CE a aisghairm le héifeacht ón 21 Aibreán 2021.

2.   Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe sin a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

(3)  IO L 312, 3.12.2019, lch. 1.

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le catagóirí áirithe earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (Féach leathanach 17 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  IO L 116, 4.5.2007, lch. 9.

(6)  IO L 54, 26.2.2011, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA nAINMHITHE, NA dTÁIRGÍ DE BHUNADH AINMHÍOCH, NA dTÁIRGÍ GEIRMEACHA, NA SEACHTHÁIRGÍ AINMHITHE AGUS NA dTÁIRGÍ DÍORTHAITHE, NA dTÁIRGÍ ILCHODACHA, AGUS FÉAR TIRIM AGUS TUÍ FAOI RÉIR RIALUITHE OIFIGIÚLA AG POIST RIALAITHE TEORANN DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3

Nótaí:

1.   Barúlacha ginearálta

Cuirtear barúlacha ginearálta le Caibidlí áirithe chun na hainmhithe nó na hearraí a chumhdaítear sa chaibidil ábhartha a shoiléiriú. Ina theannta sin, i gcás inar gá, déantar tagairt do cheanglais shonracha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (1).

Déantar liosta na seachtháirgí ilchodacha, lena gcomhlíontar coinníollacha sonracha agus atá díolmhaithe ó sheiceálacha ag poist rialaithe teorann, a leagan síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún arna bhunú ar bhonn Airteagal 48(h) agus Airteagal 77(1)(k) de Rialachán (AE) 2017/625 (2).

2.   Nóta a ghabhann le Caibidil

Tá na liostaí san Iarscríbhinn seo struchtúraithe i gCaibidlí atá ag freagairt do na Caibidlí ábhartha san Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gCoimisiún (3).

Is mínithe iad na nótaí Caibidle a bhaintear, i gcás inar gá, as na Nótaí a ghabhann leis na Caibidlí aonair de AC.

3.   Sliocht as Nótaí Míniúcháin agus Tuairimí Aicmiúcháin an Chórais Comhchuibhithe

Rinneadh faisnéis bhreise ar na Caibidlí éagsúla a bhaint, i gcás inar ghá, ó Nótaí Míniúcháin agus Tuairimí Aicmiúcháin Chóras Comhchuibhithe na hEagraíochta Domhanda Custaim.

Táblaí:

4.   Colún (1) — cód AC

Léirítear cód AC sa cholún seo. Tá AC, a bhunaítear le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, bunaithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (CC) a tugadh i gcrích sa Bhruiséil an 14 Meitheamh 1983 agus formheastar le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle é (4). Le AC déantar ceannteidil agus fo-cheannteideal CC a atáirgeadh chuig sé dhigit, agus ní chruthaítear fo-cheannteidil eile a bhaineann go sonrach leis ach amháin leis an seachtú figiúr agus leis an ochtú figiúr.

I gcás ina n-úsáidtear cód ceithre dhigit: Mura sonraítear a mhalairt, na hainmhithe agus na hearraí uile a gcuirtear na ceithre dhigit sin rompu nó a ndéantar iad a chumhdach leo, cuirfear faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann iad. Sa chuid is mó de na cásanna sin, déantar na cóid AC ábhartha a áirítear sa chóras Traces dá dtagraítear in Airteagal 133(4) de Rialachán (AE) 2017/625 a mhiondealú ina gcóid sé dhigit nó ocht ndigit.

I gcás nach gceanglaítear ach ainmhithe agus earraí sonraithe áirithe faoi aon chód ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit a chur faoi réir rialuithe oifigiúla agus nach ann d’aon fhoroinn shonrach faoin gcód sin in AC, déantar an cód a mharcáil “Ex”. Sa chás sin, cinntear na hainmhithe agus na hearraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo le raon feidhme chód AC agus le raon feidhme na tuairisce comhfhreagraí i gcolún (2) agus leis an gcáilíocht agus leis an míniú i gcolún (3).

5.   Colún (2) — Tuairisc

Is ionann an tuairisc ar na hainmhithe agus na hearraí agus an tuairisc a leagtar síos sa cholún tuairisce de AC.

Gan dochar do na rialacha maidir le léirmhíniú AC, is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na hainmhithe agus ar na hearraí i gcolún (2), toisc go ndéantar na hainmhithe agus na hearraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chinneadh le cóid AC.

6.   Colún (3) — Cáilíocht agus míniú

Leis an gcolún seo tugtar mionsonraí ar na hainmhithe nó ar an hearraí a chumhdaítear. Tá faisnéis bhreise maidir leis na hainmhithe nó leis na hearraí a chumhdaítear sna Caibidlí éagsúla de AC le fáil sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (5).

Maidir le táirgí a dhíorthaítear ó sheachtháirgí ainmhithe a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, ní dhéantar iad a shainaithint go sonrach i ndlí an Aontais. Déanfar rialuithe oifigiúla ar tháirgí atá páirtphróiseáilte ach atá fós ina n-amhtháirgí agus atá le próiseáil a thuilleadh i mbunaíocht fhormheasta nó chláraithe ag an gceann scríbe. Déanfaidh cigirí oifigiúla ag poist rialaithe teorann measúnú i dtaobh an bhfuil táirge díorthaithe próiseáilte go leordhóthanach chun nach gceanglaítear rialuithe oifigiúla breise, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, a dhéanamh, agus sonróidh siad sin, nuair is gá.

CAIBIDIL 1

Ainmhithe beo

Nóta a ghabhann le Caibidil 1 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Leis an gcaibidil seo cumhdaítear na hainmhithe beo uile, seachas:

(a)

éisc agus crústaigh, moilisc agus inveirteabraigh uisceacha eile, faoi cheannteideal 0301, 0306, 0307 nó 0308;

(b)

saothráin miocrorgánach agus táirgí eile faoi cheannteideal 3002; agus

(c)

ainmhithe faoi cheannteideal 9508.”

Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe

“Le Ceannteideal 0106 áirítear, inter alia, na hainmhithe clóis nó na hainmhithe fiáine seo a leanas:

(A)

Mamaigh

(1)

Príomhaigh.

(2)

Míolta móra, deilfeanna agus muca mara (mamaigh den ord Cetacea); ba mara agus duganganna (mamaigh den ord Sirenia); rónta, mór-rónta agus rosuailt (mamaigh den fho-ord Pinnipedia).

(3)

Eile (amhail réinfhianna, cait, madraí, leoin, tíogair, béir, eilifintí, camaill (lena n-áirítear dromadairí), séabraí, coiníní, giorriacha, fianna, antalóip (seachas iad siúd a bhaineann leis an bhfofhine Bovinae), seamaí, sionnaigh, minceanna, agus ainmhithe nach iad le haghaidh feirmeacha fionnaidh).

(B)

Reiptílí (lena n-áirítear nathracha agus turtair)

(C)

Éin

(1)

Éin chreiche.

(2)

Siotacafoirmí (lena n-áirítear pearóidí, pearaicítí, macánna agus cocatúnna).

(3)

Eile (amhail patraiscí, piasúin, gearga, creabhair, naoscacha, colúir, cearca fraoigh, gealóga garraí, lachain fhiáine, géanna fiáine, smólaigh, lonta dubha, fuiseoga, glasáin, meantáin, dordéin, péacóga, ealaí, agus éin eile nach sonraítear i gceannteideal 0105).

(D)

Feithidí, amhail beacha (bídís ag taisteal i mboscaí nó i gcaighin nó i gcoirceoga nó ná bídís).

(E)

Eile, e.g. froganna.

Leis an gceannteideal seo eisiatar ainmhithe atá mar chuid de shorcais, de shorcais ainmhithe nó de sheónna ainmhithe taistil eile den chineál céanna (ceannteideal 95.08).”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

0101

Capaill, asail, miúileanna agus ráinigh bheo

Uile

0102

Bó-ainmhithe beo

Uile

0103

Mucra beo

Uile

0104

Caoirigh agus gabhair bheo

Uile

0105

Éanlaith chlóis bheo, is é sin éanlaith den speiceas Gallus domesticus, lachain, géanna, turcaithe agus guinithe

Uile

0106

Ainmhithe beo eile

Uile, lena gcumhdaítear na hainmhithe uile ó na fo-cheannteidil seo a leanas:

0106 11 00 (príomhaigh)

0106 12 00 (míolta móra, deilfeanna agus muca mara (mamaigh den ord Cetacea); ba mara agus duganganna (mamaigh den ord Sirenia); rónta, mór-rónta agus rosuailt (mamaigh den fho-ord Pinnipedia)

0106 13 00 (camaill agus camalóidí eile (Camelidae))

0106 14 (coiníní agus giorriacha)

0106 19 00 (eile): mamaigh seachas iad siúd faoi cheannteideal 0101 , 0102 , 0103 , 0104 , 0106 11 , 0106 12 , 0106 13 agus 0106 14 ; cumhdaítear leis sin madraí agus cait

0106 20 00 (reiptílí, lena n-áirítear nathracha agus turtair)

0106 31 00 (éin: éin chreiche)

0106 32 00 (éin: siotacafoirmí, lena n-áirítear pearóidí, pearaicítí, macánna agus cocatúnna)

0106 33 00 (ostraisí; éamúnna (Dromaius novaehollandiae)

0106 39 (eile): cumhdaítear leis sin éin, seachas iad siúd faoi cheannteideal 0105 , 0106 31 , 0106 32 agus 0106 33 , lena n-áirítear colúir

0106 41 00 (beacha)

0106 49 00 (feithidí eile seachas beacha)

0106 90 00 (eile): na hainmhithe beo uile eile nach gcumhdaítear in áit eile, seachas mamaigh, reiptílí, éin agus feithidí. Froganna beo cibé acu le haghaidh míoladán lena gcoimeád beo, nó lena marú mar bhia don duine, cumhdaítear leis an gceannteideal seo iad.

CAIBIDIL 2

Feoil agus scairteach feola inite

Nóta a ghabhann le Caibidil 2 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(a)

Táirgí de na cineálacha ar a dtugtar tuairisc i gceannteidil 0201 go 0208 nó 0210, atá mí-oiriúnach nó neamhoiriúnach mar bhia don duine;

(b)

putóga, lamhnáin ná goilí ainmhithe (ceannteideal 0504) ná fuil ainmhíoch (ceannteideal 0511 nó 3002); ná

(c)

saill ainmhíoch, seachas na táirgí atá faoi cheannteideal 0209 (Caibidil 15).

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

0201

Feoil ó bhó-ainmhithe, atá úr nó fuaraithe

Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa chód seo.

0202

Feoil ó bhó-ainmhithe, reoite

Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa chód seo.

0203

Feoil ó mhucra, atá úr, fuaraithe nó reoite

Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa chód seo.

0204

Feoil ó chaoirigh nó ó ghabhair, atá úr, fuaraithe nó reoite

Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa chód seo.

0205 00

Feoil ó chapaill, asail, miúileanna nó ráinigh, atá úr, fuaraithe nó reoite

Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa chód seo.

0206

Scairteach inite ó bhó-ainmhithe, ó mhucra, ó chaoirigh, ó ghabhair, ó chapaill, ó asail, ó mhiúileanna nó ó ráinigh, atá úr, fuaraithe nó reoite

Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa chód seo.

0207

Feoil agus scairteach inite, ó éanlaith chlóis faoi cheannteideal 0105 , atá úr, fuaraithe nó reoite

Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa chód seo.

0208

Feoil agus scairteach feola inite eile, atá úr, fuaraithe nó reoite

Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa chód seo.

Cumhdaítear leis sin amhábhar eile chun geilitín nó collaigin a tháirgeadh mar bhia don duine. Cumhdaítear leis sin an fheoil agus an scairteach feola inite uile ó na fo-cheannteidil seo a leanas:

0208 10 (ó choiníní nó ó ghiorriacha)

0208 30 00 (ó phríomhaigh)

0208 40 (ó mhíolta móra, ó dheilfeanna agus ó mhuca mara (mamaigh den ord Cetacea); ó bha mara agus ó dhuganganna (mamaigh den ord Sirenia); ó rónta, ó mhór-rónta agus ó rosuailt (mamaigh den fho-ord Pinnipedia)

0208 50 00 (ó reiptílí, lena n-áirítear nathracha agus turtair)

0208 60 00 (ó chamaill agus ó chamalóidí eile (Camelidae))

0208 90 (eile: ó cholúir tí; ó ghéime eile nach coiníní ná giorriacha iad etc.): cumhdaítear leis sin feoil ó ghearga, ó réinfhianna nó ó aon speiceas mamaigh eile. Cumhdaítear leis sin ullmhóidí suiréime i gcód AC 0208 90 70 .

0209

Saill mhuice, saor ó fheoil thrua, agus saill éanlaithe clóis, nár rindreáladh ná nár eastóscadh ar bhealach eile, atá úr, fuaraithe, reoite, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe

Uile, cumhdaítear leis sin saill agus saill phróiseáilte araon ar a dtugtar tuairisc i gcolún (2), fiú mura bhfuil an méid sin oiriúnach ach amháin le haghaidh úsáid thionsclaíoch (mí-oiriúnach mar bhia don duine).

0210

Feoil agus scairteach feola inite, atá saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe; plúir agus min inite ó fheoil nó ó scairteach feola

Uile, cumhdaítear leis sin feoil, táirgí feola agus táirgí eile de bhunadh ainmhíoch.

Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa chód seo.

Cumhdaítear leis sin próitéin ainmhíoch phróiseáilte agus cluasa muc triomaithe atá ceaptha mar bhia don duine. Fiú amháin nuair a úsáidtear na cluasa muc triomaithe sin mar bheatha ainmhithe, leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1125/2006 ón gCoimisiún (7) soiléirítear go bhféadfar iad a chumhdach in 0210 99 49 . Mar sin féin, tá scairteach agus cluasa muc triomaithe, atá mí-oiriúnach mar bhia don duine, in 0511 99 85 .

Cumhdaítear cnámha, mar bhia don duine, faoi cheannteideal 0506 .

Cumhdaítear ispíní faoi cheannteideal 1601 .

Cumhdaítear eastóscáin agus súnna ó fheoil faoi cheannteideal 1603 .

Cumhdaítear geirdheascadh faoi cheannteideal 2301 .

CAIBIDIL 3

Éisc agus crústaigh, moilisc agus inveirteabraigh uisceacha eile

Barúlacha ginearálta

Leis an gcaibidil seo cumhdaítear idir éisc bheo lena bpórú agus lena n-atáirgeadh, éisc ornáideacha bheo, agus éisc bheo nó crústaigh bheo atá ina mbeatha le linn a n-iompartha ach a allmhairítear mar bhia le haghaidh duine.

Tá na táirgí uile sa chaibidil seo faoi réir rialuithe oifigiúla.

Nótaí a ghabhann le Caibidil 3 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(a)

mamaigh faoi cheannteideal 0106.

(b)

feoil ó mhamaigh faoi cheannteideal 0106 (ceannteideal 0208 nó 0210);

(c)

éisc (lena n-áirítear a n-aenna, a n-eochraí agus a lábáin) ná crústaigh, moilisc ná inveirteabraigh uisceacha eile, atá marbh agus mí-oiriúnach nó neamhoiriúnach mar bhia don duine de dheasca a speicis nó a reachta (Caibidil 5); plúir, min ná millíní ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc ná ó inveirteabraigh uisceacha eile, atá mí-oiriúnach mar bhia don duine (ceannteideal 2301); ná

(d)

caibheár ná ionadaigh chaibheáir a ullmhaítear le heochraí (ceannteideal 1604).

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

0301

Éisc bheo

Uile, cumhdaítear leis sin bric, eascanna, carbáin nó aon speiceas eile nó aon iasc eile a allmhairítear lena phórú nó lena atáirgeadh.

Éisc bheo a allmhairítear mar bhia láithreach don duine, déileáiltear leo, chun críoch rialuithe oifigiúla, amhail is dá mba tháirgí iad.

Cumhdaítear leis sin éisc ornáideacha i bhfo-cheanntheidil 0301 11 00 agus 0301 19 00 .

0302

Éisc, atá úr nó fuaraithe, seachas filléid éisc agus feoil éisc eile faoi cheannteideal 0304

Uile, cumhdaítear leis sin aenna, lábáin agus eochraí atá úr nó fuaraithe, i gcód AC 0302 91 00 .

0303

Éisc, reoite, seachas filléid éisc agus feoil éisc eile faoi cheannteideal 0304

Uile, cumhdaítear leis sin aenna, lábáin agus eochraí reoite, i bhfo-cheannteideal 0303 91 .

0304

Filléid éisc agus feoil éisc eile (bídís mionaithe nó ná bídís), úr, fuaraithe nó reoite

Uile.

0305

Éisc atá triomaithe, saillte nó faoi sháile; éisc dheataithe, bídís cócaráilte nó ná bídís roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn; plúir, min agus millíní éisc, atá oiriúnach mar bhia don duine

Uile, cumhdaítear leis sin táirgí iascaigh eile amhail plúir, min agus millíní atá oiriúnach mar bhia don duine agus atá déanta as éisc; cumhdaítear leis sin cinn éisc, eireabaill éisc agus lamhnáin snámha agus táirgí iascaigh eile.

0306

Crústaigh, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, atá beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís; crústaigh sa bhlaosc, cócaráilte trí ghalú nó trí uisce a bheiriú, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bídís; plúir, min agus millíní crústach, atá oiriúnach mar bhia don duine

Uile.

Crústaigh bheo a allmhairítear mar bhia láithreach don duine, meastar gur táirgí iad agus déileáiltear leo amhail is dá mba tháirgí iad, chun críoch rialuithe oifigiúla.

Cumhdaítear leis sin séaclaí sáile ornáideacha (Artemia salina) agus a gcisteanna lena n-úsáid mar pheataí agus na crústaigh ornáideacha bheo uile.

0307

Moilisc bheo, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, atá beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; moilisc dheataithe, bídís nó ná bídís sa bhlaosc, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís; plúir, min agus millíní moilisc, atá oiriúnach mar bhia don duine

Cumhdaítear leis sin moilisc a fhéadfaidh a bheith cócaráilte agus deataithe ansin. Cumhdaítear moilisc chócaráilte eile i gceannteideal 1605 .

Cumhdaítear leis sin moilisc ornáideacha bheo.

Moilisc bheo a allmhairítear mar bhia láithreach don duine, meastar gur táirgí iad, agus déileáiltear leo amhail is dá mba tháirgí iad, chun críoch rialuithe oifigiúla.

Cumhdaítear an uile cheann ó na fo-cheannteidil 0307 11 go 0307 99 , amhail na samplaí seo a leanas:

0307 60 (seilidí, seachas gnamháin): cumhdaítear leis sin gastrapóid talún de na speicis Helix pomatia, Helix aspersa, Helix lucorum agus speicis den fhine Achatinidae. Cumhdaítear leis sin seilidí beo (lena n-áirítear seilidí fionnuisce) atá ceaptha mar bhia láithreach don duine agus freisin feoil seilide atá ceaptha mar bhia don duine. Cumhdaítear leis sin seilidí bánaithe nó réamhphróiseáilte. Déantar táirgí a phróiseáiltear a thuilleadh a chumhdach i gceannteideal 1605 .

0307 91 00 (moilisc eile atá beo, úr nó fuaraithe, i.e. seachas oisrí, muiríní, diúilicíní (Mytilus spp., Perna spp.), cudail, scuideanna, ochtapais, gnamháin, breallaigh, ruacain, sliogáin na hÁirce, cluasa mara (Haliotis spp.) agus sliogáin (Strombus spp.): cumhdaítear leis sin feoil ó speicis gnamhán, bídís sa bhlaosc nó ná bídís.

0307 99 (moilisc eile, seachas moilisc atá beo, úr, fuaraithe nó reoite, i.e. seachas oisrí, muiríní, diúilicíní (Mytilus spp., Perna spp.), cudail, scuideanna, ochtapais, gnamháin, breallaigh, ruacain, sliogáin na hÁirce, cluasa mara (Haliotis spp.) agus sliogáin (Strombus spp.): lena n-áirítear freisin a bplúir, a min agus a millíní, atá oiriúnach mar bhia don duine).

0308

Inveirteabraigh uisce, seachas crústaigh agus moilisc atá beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; inveirteabraigh uisceacha dheataithe, seachas crústaigh agus moilisc, bídís nó ná bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn; plúir, min agus millíní inveirteabrach uisceach seachas crústaigh agus moilisc, atá oiriúnach mar bhia don duine

Uile.

CAIBIDIL 4

Táirgí déiríochta; uibheacha éan; mil nádúrtha Táirgí inite de bhunadh ainmhíoch, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile

Nóta a ghabhann le Caibidil 4 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Ciallaíonn an téarma “bainne” bainne lán-uachtair nó bainne atá bearrtha go páirteach nó go hiomlán.

2.

Chun críocha cheannteideal 0405:

(a)

ciallaíonn an téarma “im” im nádúrtha, im meidhg nó im ath-chomhcheangailte (atá úr, saillte nó camhraithe, lena n-áirítear im stánaithe) a dhíorthaítear go heisiach ó bhainne, ag a bhfuil cion saille bainne 80 % nó níos mó ach nach mó ná 95 % de réir meáchain, cion solad bainne nach saill uasta 2 % de réir meáchain agus cion uisce uasta 16 % de réir meáchain. Níl eiblitheoirí breise in im, ach féadfaidh clóiríd sóidiam, biadhathanna, salainn neodrúcháin agus saothrúcháin de bhaictéir ginte aigéid lachtaigh atá neamhdhíobhálach a bheith ann;

(b)

ciallaíonn an téarma “leatháin déiríochta” eibleacht inleata den chineál uisce-in-ola, ina bhfuil saill bhainne arb í an t-aon saill sa táirge, ag a bhfuil cion saille bainne 39 % nó níos mó ach níos lú ná 80 % de réir meáchain.

3.

Táirgí a fhaightear trí thiúchan meidhg agus trí bhainne nó saill bhainne a chur leo, tá siad le haicmiú mar cháis i gceannteideal 0406 ar choinníoll go mbeidh na trí shaintréith seo a leanas acu:

(a)

is ionann a gcion saille bainne, de réir mheáchan an ábhair thirim, agus 5 % nó níos mó;

(b)

is ionann a gcion ábhair thirim, de réir meáchain, agus 70 % ar a laghad ach gan bheith níos mó ná 85 %; agus

(c)

tá siad múnlaithe nó inmhúnlaithe.

4.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(a)

táirgí a fhaightear ó mheadhg, ina bhfuil méid is mó ná 95 % lachtós de réir meáchain, a shloinntear mar lachtós ainhidriúil, agus a ríomhtar de réir an ábhair thirim (ceannteideal 1702);

(b)

táirgí a fhaightear ó bhainne ach substaint eile (mar shampla, saillte oiléacha) a chur in ionad ceann amháin nó níos mó dá chomhchodanna nádúrtha (mar shampla, saillte oiléacha) (ceannteideal 1901 nó 2106); ná

(c)

albaiminí (lena n-áirítear tiúcháin dhá phróitéin mheidhg nó níos mó, ina bhfuil cion is mó ná 80 % próitéin mheidhg de réir meáchain, a ríomhtar de réir an ábhair thirim) (ceannteideal 3502) ná glóbailiní (ceannteideal 3504).

…”

Sleachta as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe

“Le ceannteideal 0408 cumhdaítear uibheacha iomlána nach bhfuil sna blaoscanna, agus buíocáin ó na héin uile. Féadfaidh táirgí an cheannteidil seo a bheith úr, triomaithe, cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, múnlaithe (e.g. “uibheacha fada” sorcóireacha) agus reoite nó leasaithe ar bhealach eile. Tagann an méid sin uile faoin gceannteideal bíodh nó ná bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis agus bíodh nó ná bíodh sé le húsáid mar bhia nó chun críoch tionsclaíoch (e.g., le haghaidh súdaireachta).

Leis an gceannteideal seo ní chumhdaítear:

(a)

Ola bhuíocháin (ceannteideal 1506).

(b)

Ullmhóidí uibhe ina bhfuil blastanas, spíosraí ná breiseáin eile (ceannteideal 2106).

(c)

Leicitin (ceannteideal 2923).

(d)

Gealacán uibhe ar leithligh (albaimin uibhe) (ceannteideal 3502).

Le ceannteideal 0409 cumhdaítear mil na mbeach (Apis mellifera) nó ag feithidí eile, arna lártheifniú nó sa chíor nó ina bhfuil cíorbhruar, ar choinníoll nár cuireadh siúcra ná substaint eile isteach. Féadfaidh an mhil sin a bheith ainmnithe de réir bláthfhoinse, bunaidh nó datha.

Le ceannteideal 0409 eisiatar mil shaorga agus meascáin de mhil nádúrtha agus shaorga (ceannteideal 1702).

Le ceannteideal 0410 cumhdaítear táirgí de bhunadh ainmhíoch atá oiriúnach mar bhia don duine, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile san Ainmníocht Chomhcheangailte. Áirítear leis sin:

(a)

Uibheacha turtar. Is éard atá iontu uibheacha a bheireann turtair abhann nó turtair mhara; féadfaidh siad a bheith úr, triomaithe nó leasaithe ar bhealach eile.

Eisiatar ola uibhe turtair (ceannteideal 15.06).

(b)

Neadacha salangan (“neadacha éan”). Is éard atá iontu substaint a sceitheann an t-éan, rud a sholadaíonn go tapa nuair a thagann sé faoi lé an aeir.

Féadfar na neadacha a chur i láthair go neamhchóireáilte, nó féadfaidh siad a bheith glanta chun cleití, clúmh, deannach agus eisíontais eile a bhaint chun go mbeidh siad oiriúnach mar bhia don duine. Is iondúil go mbíonn siad i bhfoirm stiallacha nó snáitheanna bána.

Tá ardleibhéal próitéine i neadacha salangan agus úsáidtear iad chun anraithí nó ullmhóidí bia eile a dhéanamh, agus chun na críoch sin amháin den chuid is mó.

Le ceannteideal 0410 eisiatar fuil ainmhíoch, bíodh sí inite nó nach bíodh, i bhfoirm leachtach nó thriomaithe (ceannteideal 0511 nó 3002).”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

0401

Bainne agus uachtar, nach bhfuil tiubhaithe ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsiúcháin eile curtha leo

Uile.

Déantar bainne le haghaidh beatha ainmhithe a chumhdach faoin gceannteideal seo, ach déantar beatha ainmhithe ina bhfuil bainne a chumhdach i gceannteideal 2309 .

Déantar bainne le haghaidh úsáidí teiripeacha/próifiolacsacha a chumhdach i gceannteideal 3001 .

0402

Bainne agus uachtar, atá tiubhaithe nó a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo

Uile.

0403

Bláthach, bainne agus uachtar gruthach, iógart, ceifír agus bainne agus uachtar coipthe nó aigéadaithe eile, bídís nó nach bídís tiubhaithe, bíodh nó ná bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo, bídís nó bídís blaistithe, nó bíodh nó ná bíodh torthaí, cnónna nó cócó breise iontu

Uile, cumhdaítear leis sin uachtar, atá blaistithe nó ina bhfuil torthaí, bainne reoite agus coipthe, atá ceaptha mar bhia don duine.

Cumhdaítear uachtar reoite i gceannteideal 2105 .

Déantar deochanna ina bhfuil bainne atá blaistithe le cócó nó substaintí eile a chumhdach i gceannteideal 2202 .

0404

Meadhg, bíodh nó ná bíodh sé tiubhaithe, nó bíodh nó ná bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis; táirgí a bhfuil comhábhair bhainne nádúrtha iontu, bíodh nó ná bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile

Uile, cumhdaítear leis sin táirgí bainne le haghaidh naíonán.

Cumhdaítear leis sin i gcód AC 0404 10 48 gruth buí buaibheach, i bhfoirm leachtach, dhíshaillte agus dhícháiséanáite, atá ceaptha mar bhia don duine, agus i gcód AC 0404 90 21 púdar grutha bhuí atá spraethriomaithe, saill-laghdaithe agus nach bhfuil dícháiséanáite, mar bhia don duine.

0405

Im agus saill agus olaí eile a dhíorthaítear ó bhainne; leatháin déiríochta

Uile.

0406

Cáis agus gruth

Uile.

0407

Uibheacha éan, sna blaoscanna, atá úr, leasaithe nó cócaráilte

Uile, cumhdaítear leis sin uibheacha goir agus uibheacha atá saor ó phataiginí sonracha (SPF), uibheacha toirchithe lena ngoradh (0407 11 agus 0407 19 ).

Cumhdaítear leis sin uibheacha úra (0407 21 go 0407 29 ) agus uibheacha eile (0407 90 ), nach bhfuil, agus atá, oiriúnach mar bhia don duine.

Cumhdaítear leis sin “uibheacha atá 100 bliain d’aois”.

Déantar albaimin uibhe nach bhfuil, agus atá, oiriúnach mar bhia don duine a chumhdach i gceannteideal 3502 .

0408

Uibheacha éan, nach bhfuil sna blaoscanna, agus buíocáin uibhe atá úr, triomaithe nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, atá múnlaithe, reoite nó leasaithe ar bhealach eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh

Uile: leis an gceannteideal seo cumhdaítear táirgí uibhe bídís teaschóireáilte nó ná bídís, agus táirgí nach bhfuil oiriúnach mar bhia don duine.

0409 00 00

Mil nádúrtha

Uile.

0410 00 00

Táirgí inite de bhunadh ainmhíoch, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile

Uile.

Leis an gceannteideal seo cumhdaítear an “glóthach ríoga” agus gliú na mbeach (a úsáidtear i monarú táirgí cógaisíochta agus forlíontaí bia) agus ábhar eile a dhíorthaítear ó ainmhithe atá ceaptha mar bhia don duine, seachas cnámha (a chumhdaítear in 0506 ).

Déantar feithidí nó uibheacha feithidí, atá ceaptha mar bhia don duine, a chumhdach sa chód AC seo.

CAIBIDIL 5

Táirgí de bhunadh ainmhíoch, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile

Barúlacha ginearálta

Déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí áirithe sa chaibidil seo a leagan síos i dTábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011:

 

Sraith 7: guairí muc

 

Sraith 8: olann agus fionnadh neamhchóireáilte ó ainmhithe seachas iad siúd a bhaineann leis an speiceas mucúil

 

Sraith 9: cleití cóireáilte, codanna de chleití agus clúmh.

Nótaí a ghabhann le Caibidil 5 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(a)

táirgí inite (seachas putóga, lamhnáin agus goilí ainmhithe, ina n-iomláine agus codanna díobh, agus fuil ainmhíoch i bhfoirm leachtach nó thriomaithe);

(b)

seithí ná craicne (lena n-áirítear fionnadhsheithí), seachas earraí atá faoi cheannteideal 0505 agus dramh bearrtha agus dramhaíl dá shamhail ó sheithí nó ó chraicne amha atá faoi cheannteideal 0511 (Caibidil 41 nó 43);

(c)

ábhair teicstíle ainmhíocha, seachas rón agus dramhaíl róin (Roinn XI); ná

(d)

snaidhmeanna ná cnapáin ullmhaithe chun scuaba urláir nó scuaba a dhéanamh (ceannteideal 9603).

3.

Ar fud na hainmníochta, meastar gur ‘eabhar’ atá i starrfhiacla eilifinte, dobhareich, rosuailt, narbhail agus toirc, in adharca srónbheannaigh agus i bhfiacla na n-ainmhithe uile.

4.

Ar fud na hainmníochta, meastar go gciallaíonn an téarma “rón” rón moingeanna nó rón eireaball each-ainmhithe nó bó-ainmhithe. Le ceannteideal 0511 cumhdaítear, inter alia, rón agus dramhaíl róin, bídís nó ná bídís i bhfoirm sraitheanna le hábhar tacaíochta nó dá uireasa.”

Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe

“Le ceannteideal 0505 cumhdaítear

(1)

Craicne agus codanna eile d’éin (e.g. cinn, sciatháin) lena gcleití nó lena gclúmh, agus

(2)

Cleití agus codanna de chleití (bearrtha nó gan bheith) agus clúmh,

ar choinníoll go bhfuil siad neamhoibrithe, nó go bhfuil siad glanta, dífhabhtaithe nó cóireáilte lena gcaomhnú agus sin amháin, ach nach bhfuil siad oibrithe ná suite ar bhealach eile.

Le ceannteideal 0505 cumhdaítear freisin púdar, min agus dramhaíl ó chleití nó ó chodanna de chleití.”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

0502 10 00

Guairí agus fionnadh muc, borraí nó torc agus a ndramhaíl

Uile, cóireáilte agus neamhchóireáilte.

0504 00 00

Putóga, lamhnáin agus goilí ainmhithe (seachas éisc), ina n-iomláine agus codanna díobh, atá úr, fuaraithe, reoite, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe

Uile, cumhdaítear leis sin goilí, lamhnáin agus inní atá glanta, saillte, triomaithe nó téite, ar de bhunadh bó-ainmhithe, muc-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach, ainmhithe den chineál gabhair nó éanlaithe clóis iad.

Ex05 05

Craicne agus codanna eile d’éin, lena gcleití nó lena gclúmh, cleití agus codanna de chleití (bearrtha nó gan bheith) agus clúmh, nach ndearnadh obair bhreise orthu seachas iad a ghlanadh, a dhífhabhtú nó a chóireáil lena gcaomhnú; púdar agus dramhaíl ó chleití nó ó chodanna de chleití

Uile, lena n-áirítear trófaithe géim éan, ach seachas cleití maisiúla cóireáilte, cleití cóireáilte arna n-iompar ag taistealaithe dá n-úsáid phríobháideach nó coinsíneachtaí cleití cóireáilte arna seoladh chuig daoine aonair príobháideacha chun críoch neamhthionsclaíoch.

Le hAirteagal 25(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 cuirtear toirmeasc ar chleití agus codanna de chleití agus clúmh neamhchóireáilte a allmhairiú isteach san Aontas agus a iompar tríd an Aontas.

Tá rialuithe oifigiúla infheidhme maidir le cleití, agus sin go neamhspleách ar a gcóireálacha dá dtagraítear i bpointe C de Chaibidil VII d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Déantar ceanglais shonracha bhreise maidir le trófaithe géim a leagan síos i Roinn 5 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Le Roinn 6 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, cumhdaítear cleití a úsáidtear le haghaidh stuála, clúimh, cleití amha nó eile.

0506

Cnámha agus adharc-chroíthe, neamhoibrithe, díshaillte, ullmhaithe go simplí (ach nach bhfuil gearrtha de réir crutha), cóireáilte le haigéad nó dígheilitínithe; púdar agus dramhaíl na dtáirgí sin

Cumhdaítear leis sin cnámha a úsáidtear mar ábhar coganta do mhadraí agus cnámha chun geilitín nó collaigin a tháirgeadh, má dhíorthaítear ó chonablaigh a maraíodh mar bhia don duine iad.

Déantar plúr cnámh, atá ceaptha mar bhia don duine, a chumhdach faoi cheannteideal 0410 .

Déantar ceanglais shonracha maidir leis na táirgí sin nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine a leagan síos i Sraith 6 (trófaithe géim), i Sraith 11 (cnámha agus táirgí cnámh (seachas min cnámh), adharca agus táirgí adharc (seachas min adharc) agus crúba agus táirgí crúb (seachas min crúb) lena n-úsáid seachas mar ábhar beatha, leasachán orgánach nó feabhsaitheoir ithreach) agus i Sraith 12 (ábhar coganta do mhadraí) de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

0507

Eabhar, sliogán toirtíse, míolchnámha agus ribí míolchnámha, adharca, beanna, crúba, ingne, croibh agus goba, atá neamhoibrithe nó ullmhaithe go simplí, ach nach bhfuil gearrtha de réir crutha; púdar agus dramhaíl na dtáirgí sin

Cumhdaítear leis sin trófaithe géim ó éin agus ó chrúbacha arb éard atá iontu cnámha, adharca, crúba, croibh, beanna agus fiacla agus sin amháin.

Déantar ceanglais shonracha maidir le trófaithe géim a leagan síos i Sraith 6 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex05080000

Ábhair choiréil agus ábhair den chineál céanna atá neamhoibrithe nó ullmhaithe go simplí ach gan bheith oibrithe seachas sin; sliogáin moileasc, crústach nó eicínideirmeach agus cnámha cudail, neamhoibrithe nó ullmhaithe go simplí, ach nach bhfuil gearrtha de réir crutha, a bpúdar agus a ndramhaíl

Sliogáin fholmha lena n-úsáid i mbia agus lena n-úsáid mar amhábhar le haghaidh glúcósaimín.

Ina theannta sin, déantar sliogáin, lena n-áirítear cnámha cudail, ina bhfuil fíocháin bhoga nó an t-iasc dá dtagraítear i bpointe (k)(i) d’Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 a chumhdach.

Ex05100000

Ambargraís, castóiriam, sibhéad agus musc, cantairídí, domlas, bíodh sé triomaithe nó ná bíodh; faireoga agus táirgí ainmhithe eile a úsáidtear in ullmhú táirgí cógaisíochta atá úr, fuaraithe, reoite nó leasaithe go sealadach ar bhealach eile

Eisiatar ambargraís agus cantairídí.

Leis an gcód seo cumhdaítear faireoga, táirgí ainmhithe eile agus domlas.

Cumhdaítear faireoga agus táirgí triomaithe le ceannteideal 3001 .

Féadfar ceanglais shonracha a leagan síos i Sraith 14 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 maidir le seachtháirgí ainmhithe chun bia peataí seachas bia peataí amh a mhonarú agus táirgí díorthaithe a mhonarú le haghaidh úsáidí lasmuigh den slabhra beatha (le haghaidh táirgí cógaisíochta agus teicniúla eile).

Ex05 11

Táirgí ainmhithe nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile; ainmhithe marbha ó Chaibidil 1 nó ó Chaibidil 3, atá mí-oiriúnach mar bhia don duine

Uile.

Cumhdaítear leis sin ábhar géiniteach (seamhan agus suthanna de bhunadh ainmhíoch amhail den speiceas buaibheach, caorach, gabhair, eachaí agus mucúil) agus seachtháirgí ainmhithe ó ábhair Chatagóirí 1 agus 2 dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009.

Seo a leanas samplaí de tháirgí ainmhithe a thagann faoi réim fho-cheannteidil 0511 10 go 0511 99 :

0511 10 00 (seamhan buaibheach).

0511 91 (eastóscáin ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisceacha eile): uile, cumhdaítear leis sin uibheacha éisc goir, ainmhithe marbha, seachtháirgí ainmhithe chun bia peataí a mhonarú agus le haghaidh táirgí cógaisíochta agus teicniúla eile. Cumhdaítear leis sin ainmhithe marbha dá dtagraítear i gCaibidil 3, atá inite nó aicmithe mar bhia atá mí-oiriúnach don duine, mar shampla, daifnianna, ar a dtugtar míolta gorma, agus ostracóid nó filleaphóid eile, atá triomaithe, chun éisc uisceadáin a bheathú; cumhdaítear leis sin baoite éisc.

Ex05119910 (féitheoga nó teannáin; dramh bearrtha agus dramhaíl dá shamhail ó sheithí agus craicne amha).

Tá gá le rialuithe oifigiúla le haghaidh seithí agus craicne neamhchóireáilte dá dtagraítear i bpointe C.2 de Chaibidil V d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, má chomhlíontar leis sin pointí B.1 nó C.1 de Chaibidil V d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex05119931 (múscáin nádúrtha amha de bhunadh ainmhíoch): uile, más bia don duine iad; mura bia don duine iad, oiread díobh atá ceaptha mar bhia peataí. Déantar ceanglais shonracha maidir le trófaithe géim a leagan amach i Sraith 12 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex05119939 (seachas múscáin nádúrtha amha de bhunadh ainmhíoch): uile, más bia don duine iad; mura bia don duine iad, oiread díobh atá ceaptha mar bhia peataí. Déantar ceanglais shonracha maidir le trófaithe géim a leagan amach i Sraith 12 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex05119985 (táirgí ainmhithe eile nach sonraítear ná nach n-ainmhithe marbha ó Chaibidil 1 ainmhithe marbha ó Chaibidil 1 atá mí-oiriúnach mar bhia don duine): Suthanna, ubháin, seamhan agus ábhar géiniteach nach gcumhdaítear in 0511 10 agus ó speicis eile seachas speiceas buaibheach, tagann siad faoin gceannteideal seo iad. Cumhdaíonn seachtháirgí ainmhíocha le haghaidh mhonarú bia peataí nó táirgí teicniúla eile.

Cumhdaítear leis sin rón neamhchóireáilte, táirgí beachadóireachta seachas céaracha le haghaidh úsáid beachadóireachta nó theicniúil, smiolamas le haghaidh úsáid theicniúil, ainmhithe marbha dá dtagraítear i gCaibidil 1 atá do-ite nó nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine (mar shampla: madraí, cait, feithidí), ábhar ainmhithe i gcás nár athraíodh na saintréithe fíor-riachtanacha, agus fuil ainmhíoch inite, nach ndíorthaítear ó éisc, atá ceaptha mar bhia don duine.

CAIBIDIL 6

Crainn bheo agus plandaí eile; bleibeanna, fréamhacha agus a leithéid; bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach

Barúlacha ginearálta

Leis an gcaibidil seo cumhdaítear sceith beacán i múirín aoiligh steirilithe de bhunadh ainmhíoch.

Sliocht as na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC

“0602 90 10 Sceith beacán:

Is éard is sceith beacán ann an téarma a thugtar d’eangach snáitheanna leochaileacha (ThallusMycelium), a fhaightear faoin talamh go minic, a mhaireann agus a fhásann ar dhromchla ábhair ainmhíoch nó phlandúil atá ag lobhadh agus a fhorbraíonn sna fíocháin féin agus a tháirgeann beacáin.

Leis an bhfo-cheannteideal seo áirítear táirge freisin arb éard atá ann sceith beacán, nach bhfuil forbartha go hiomlán, a chuirtear i méideanna micreascópacha ar shraith de ghráin ghránaigh iniata i múirín aoiligh capaill steirilithe (meascán de thuí agus d’aoileach capaill).”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex06029010

Sceith beacán

Ach amháin má tá aoileach próiseáilte de bhunadh ainmhíoch ann agus má leagtar amach rialacha sonracha i Sraith 1 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

CAIBIDIL 12

Olashíolta agus torthaí olúla; Olashíolta agus torthaí olúla; gráinní, síolta agus torthaí ilghnéitheacha; plandaí tionsclaíocha nó íocshláinte; tuí agus farae

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex12129995

Táirgí plandúla eile de chineál a úsáidtear go príomha mar bhia don duine, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile

Pailin bheiche.

Ex12130000

Tuí ghránaigh agus crotail ghránaigh, neamhullmhaithe, bídís nó ná bídís mionghearrtha, meilte, brúite nó i bhfoirm millíní

Tuí amháin.

Ex12 14 90

Svaeideanna, meaingil, fréamhacha farae, féar tirim, meidic na mbó (alfalfa), seamair, goirm choiligh, cál foráiste, lúipíní, peasairí agus táirgí foráiste comhchosúla, bídís nó ná bídís i bhfoirm millíní: seachas min agus millíní mheidic na mbó (alfalfa)

Féar tirim amháin.

CAIBIDIL 15

Saillte agus olaí ainmhíocha nó plandúla agus a dtáirgí scoilte; saillte inite ullmhaithe; céaracha ainmhíocha nó plandúla

Barúlacha ginearálta

Na saillte agus na holaí uile a dhíorthaítear ó ainmhithe. Déantar ceanglais shonracha maidir leis na táirgí seo a leanas a leagan amach in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011:

1.

saillte rindreáilte agus olaí éisc i Sraith 3 de Thábla 1 i Roinn 1 de Chaibidil I;

2.

saillte rindreáilte ó ábhair Chatagóir 2 chun críoch áirithe lasmuigh den slabhra bia le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe (mar shampla, chun críoch olacheimiceach) i Sraith 17 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II;

3.

díorthaigh shaille i Sraith 18 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II.

Le díorthaigh shaille áirítear táirgí céadchéime a dhíorthaítear ó shaillte agus ó olaí, ina staid íon, a tháirgtear le modh a leagtar amach i bpointe 1 de Chaibidil XI d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Tá díorthaigh a mheasctar le hábhair eile faoi réir rialuithe oifigiúla.

Nótaí a ghabhann le Caibidil 15 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(a)

saill muice ná saill éanlaithe clóis faoi cheannteideal 0209;

(b)

im cócó, saill cócó ná ola cócó (ceannteideal 1804);

(c)

ullmhóidí inite ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 15 % de na táirgí faoi cheannteideal 0405 (Caibidil 21 go ginearálta);

(d)

geirdheascadh (ceannteideal 2301) ná iarmhair faoi cheannteidil 2304 go 2306;

3.

Le ceannteideal 1518 ní chumhdaítear saillte ná olaí, ná a gcodáin, atá dínádúraithe agus sin amháin, a aicmítear sa cheannteideal atá iomchuí maidir leis na saillte agus leis na holaí dínádúraithe comhfhreagracha, agus lena gcodáin dhínádúraithe chomhfhreagracha.

4.

Tagann stoic ghallúnaí, dríodar agus bunanna ola, pic stéirine, pic ghliocróil agus iarmhair saile caorach faoi cheannteideal 1522.”

Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe

“Le ceannteideal 1516 cumhdaítear saillte agus olaí ainmhíocha agus plandúla a chuaigh faoi thrasfhoirmiú ceimiceach sonrach de chineál a luaitear thíos, ach nach ndearnadh tuilleadh ullmhúchán orthu.

Leis an gceannteideal cumhdaítear freisin codáin de shaillte agus d’olaí ainmhíocha nó plandúla a ndearnadh cóireáil den chineál céanna orthu.

Le hidriginiú, rud a chuirtear i gcrích trí na táirgí a theagmháil le hidrigin íon ag teocht agus brú oiriúnach i láthair catalaígh (nicil mhíndealaithe go hiondúil), ardaítear leáphointí saillte agus méadaítear comhsheasmhacht olaí trí ghlicrídí neamhsháithithe (e.g. d’aigéid oiléacha, líonoiléacha, etc.) a thrasfhoirmiú ina nglicrídí sáithithe arb airde a leáphointí (e.g. d’aigéid phailmíteacha, stéaracha, etc.).

Le ceannteideal 1518 cumhdaítear meascáin nó ullmhóidí do-ite de shaillte nó d’olaí ainmhíocha nó plandúla nó de chodáin de shaillte nó d’olaí eile faoin gCaibidil seo, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile.

Leis an gcuid seo cumhdaítear, inter alia, ola friochta dhomhain úsáidte ina bhfuil, mar shampla, ola ráibe, ola pónaire soighe agus méid beag de shaill ainmhíoch a úsáidtear chun beathaí ainmhithe a ullmhú.

Leis an gceannteideal cumhdaítear freisin saillte agus olaí, nó a gcodáin, atá hidriginithe, idir-eistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, i gcás ina mbaineann níos mó ná saill ná ola amháin leis an modhnú.”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

1501

Saill muice (lena n-áirítear blonag) agus saill éanlaithe clóis, seachas í sin faoi cheannteideal 0209 nó 1503

Uile.

1502

Saillte ó bhó-ainmhithe, ó chaoirigh nó ó ghabhair, seachas iad siúd faoi cheannteideal 1503

Uile.

1503 00

Stéirin bhlonaige, ola bhlonaige, oiléistéirin, ola-oilé agus ola gheire, nach bhfuil eiblithe, measctha ná ullmhaithe ar bhealach eile

Uile.

1504

Saillte agus olaí, agus a gcodáin, ó éisc nó ó mhamaigh mhuirí, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach ndearnadh modhnú ceimiceach orthu

Uile, olaí éisc agus olaí ó tháirgí iascaigh agus ó mhamaigh mhuirí.

Déantar ullmhóidí inite ilghnéitheacha a chumhdach go ginearálta faoi cheannteideal 1517 nó faoi Chaibidil 21.

1505 00

Sail caorach agus substaintí sailleacha a dhíorthaítear uaithi (lena n-áirítear lanailin)

Uile, sail caorach a allmhairítear mar shaill rindreáilte mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, nó lanailin arna hallmhairiú mar tháirge idirmheánach.

1506 00 00

Saillte agus olaí ainmhíocha eile, agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach ndearnadh modhnú ceimiceach orthu

Uile.

Saillte nó olaí neamhscoilte, agus a gcodáin tosaigh freisin, a tháirgtear le modh a leagtar amach i bpointe 1 de Chaibidil XI d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

1516 10

Saillte agus olaí ainmhíocha, agus a gcodáin, atá hidriginithe, idir-eistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, go páirteach nó go hiomlán, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach ndearnadh tuilleadh ullmhúchán orthu

Na saillte agus na holaí ainmhíocha uile.

Le haghaidh rialuithe oifigiúla, le díorthaigh shaille áirítear táirgí céadchéime a dhíorthaítear ó shaillte agus ó olaí ainmhíocha, ina staid íon, a tháirgtear le modh a leagtar amach i bpointe 1 de Chaibidil XI d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex15 17

Margairín, meascáin nó ullmhóidí inite de shaillte nó olaí ainmhíocha nó plandúla nó de chodáin de shaillte nó olaí éagsúla sa chaibidil seo, seachas saillte nó olaí inite nó a gcodáin faoi cheannteideal 1516

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex15180091

Saillte agus olaí ainmhíocha nó plandúla agus a gcodáin, atá beirithe, ocsaídithe, díhiodráitithe, sulfartha, séidte, polaiméirithe le teas i bhfolús nó i dtriathghás nó ar a ndearnadh modhnú ceimiceach ar bhealach eile, seachas iad siúd faoi cheannteideal 1516

Ach amháin má tá saillte agus olaí ainmhíocha iontu.

Díorthaigh shaille a tháirgtear le modh a leagtar amach i bpointe 1 de Chaibidil XI d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Déantar ceanglais shonracha a leagan amach i Sraith 17 (saillte rindreáilte) agus i Sraith 18 (díorthaigh shaille) de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex15180095

Meascáin nó ullmhóidí do-ite de shaillte agus olaí ainmhíocha nó de shaillte agus olaí ainmhíocha agus plandúla agus a gcodáin

Saillte agus ullmhóidí ola, saillte rindreáilte agus díorthaigh a dhíorthaítear ó ainmhithe, agus an méid sin amháin; lena n-áirítear ola chócaireachta úsáidte, atá ceaptha lena húsáid faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009.

Díorthaigh shaille a tháirgtear le modh a leagtar amach i bpointe 1 de Chaibidil XI d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex15180099

Eile

Ach amháin má tá saill de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex15200000

Gliocról, amh; uiscí gliocróil agus buac ghliocróil

Ach amháin má tá táirgí ainmhithe iontu.

1521 90 91

Céir beach amh agus céaracha feithidí eile

Uile, cumhdaítear leis sin céaracha i gcíora nádúrtha, céir beach amh chun críoch beachadóireachta nó teicniúil.

Le hAirteagal 25(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 cuirtear toirmeasc ar chéir bheach i bhfoirm cíor mheala a allmhairiú isteach san Aontas agus a iompar tríd an Aontas.

Déantar ceanglais shonracha maidir le seachtháirgí beachadóireachta a leagan amach i Sraith 10 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

1521 90 99

Céir na mbeach agus céaracha feithidí eile, bídís scagtha nó daite nó ná bídís, seachas céir amh

Uile, cumhdaítear leis sin céaracha, próiseáilte nó scagtha, bídís tuartha nó daite, chun críoch na beachadóireachta nó teicniúil.

Déantar ceanglais shonracha maidir le seachtháirgí beachadóireachta a leagan amach i Sraith 10 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Déanfar seachtháirgí beachadóireachta seachas céaracha beach a chur faoi réir rialuithe oifigiúla faoi chód AC 0511 99 85 “Eile”.

Ex15 22 00

Déigreás; iarmhair a thagann ó shubstaintí sailleacha nó céaracha ainmhíocha nó plandúla a chóireáil

Ach amháin má tá táirgí ainmhithe iontu.

Déantar ceanglais shonracha a leagan amach i Sraith 18 (díorthaigh shaille) de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

CAIBIDIL 16

Ullmhóidí feola, éisc, crústach, moileasc nó inveirteabrach uisceach eile

Nótaí a ghabhann le Caibidil 16 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear feoil, scairteach feola, éisc, crústaigh, moilisc ná inveirteabraigh uisceacha eile arna n-ullmhú nó arna leasú leis an bpróiseas a shonraítear i gCaibidil 2 nó i gCaibidil 3 nó i gceannteideal 0504.

2.

Tagann ullmhóidí bia faoin gcaibidil seo ar choinníoll gur mó ná 20 %, de réir meáchain, an cion ispíní, feola, scairtí feola, fola, éisc, crústach, moileasc nó inveirteabrach uisceach eile, nó aon mheascán díobh sin, atá iontu. I gcásanna ina bhfuil dhá cheann nó níos mó de na táirgí a luaitear thuas san ullmhóid, déantar í a aicmiú sa cheannteideal i gCaibidil 16 atá ag freagairt don chomhpháirt nó do na comhpháirteanna is mó de réir meáchain. Níl feidhm ag na forálacha sin maidir leis na táirgí stuáilte faoi cheannteideal 1902 ná maidir leis na hullmhóidí i gceannteideal 2103 ná i gceannteideal 2104.

‘Maidir le hullmhóidí ina bhfuil ae, ní bheidh feidhm ag forálacha an dara habairt chun na fo-cheannteidil a thagann faoi réim cheannteideal 1601 ná faoi réim cheannteideal 1602 a chinneadh.’

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

1601 00

Ispíní agus táirgí comhchosúla ó fheoil, ó scairteach feola nó ó fhuil; ullmhóidí bia bunaithe ar na táirgí sin

Uile, cumhdaítear leis sin feoil leasaithe i bhfoirmeacha éagsúla.

1602

Feoil, scairteach feola, nó fuil eile, atá ullmhaithe nó leasaithe

Uile, cumhdaítear leis sin feoil leasaithe i bhfoirmeacha éagsúla.

1603 00

Eastóscáin agus súnna ó fheoil, ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisceacha eile

Uile, cumhdaítear leis sin eastóscáin feola agus tiúcháin feola, próitéin éisc i bhfoirm glóthaí bíodh nó ná bíodh sí fuaraithe nó reoite, agus loingeán siorca freisin.

1604

Éisc ullmhaithe nó leasaithe; caibheár agus ionadaigh chaibheáir ullmhaithe ó eochraí éisc

Uile, ullmhóidí bia cócaráilte nó réamhchócaráilte ina bhfuil éisc nó táirgí iascaigh, nó atá measctha leo siúd.

Cumhdaítear leis sin ullmhóidí suiréime i gcód AC 1604 20 05 .

Cumhdaítear leis sin éisc stánaithe agus caibheár stánaithe i gcoimeádáin aer-obacha, agus súisí freisin (ar choinníoll nach bhfuil siad le haicmiú i gcód CN dá dtagraítear i gCaibidil 19).

Briogúin éisc mar a thugtar orthu (feoil éisc amh nó séaclaí amha le glasraí curtha i láthair ar chipín adhmaid), aicmítear i gcód AC 1604 19 97 iad.

1605

Crústaigh, moilisc agus inveirteabraigh uisceacha eile atá ullmhaithe nó leasaithe

Uile, lena n-áirítear seilidí lán-ullmhaithe nó réamhullmhaithe, crústaigh stánaithe, nó inveirteabraigh uisceacha eile chomh maith le púdar diúilicíní.

CAIBIDIL 17

Siúcraí agus milseogra siúcra

Nótaí a ghabhann le Caibidil 17 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(a)

milseogra siúcra ina bhfuil cócó (ceannteideal 1806);

(b)

siúcraí atá íon ó thaobh ceimice (seachas siúcrós, lachtós, maltós, glúcós agus fruchtós) ná táirgí eile faoi cheannteideal 2940;

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex17 02

Siúcraí eile, lena n-áirítear lachtós, maltós, glúcós agus fruchtós atá íon ó thaobh ceimice de, i bhfoirm sholadach; síoróipí siúcra nach bhfuil ábhar breise blaistithe ná dathúcháin curtha leo; mil shaorga, bíodh sí measctha le mil nádúrtha nó ná bíodh

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Siúcraí agus mil shaorga, i gcás ina bhfuil siad measctha le mil nádúrtha.

Ex17 04

Milseogra siúcra (lena n-áirítear seacláid bhán), nach bhfuil cócó ann

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

CAIBIDIL 18

Cócó agus ullmhóidí cócó

Nótaí a ghabhann le Caibidil 18 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Ní chumhdaítear leis an gcaibidil seo ullmhóidí cheannteideal 0403, 1901, 1904, 1905, 2105, 2202, 2208, 3003 ná 3004.

2.

Le ceannteideal 1806 áirítear milseogra siúcra ina bhfuil cócó agus, faoi réir Nóta 1 a ghabhann leis an gCaibidil seo, ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó.

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex18 06

Seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch iontu

CAIBIDIL 19

Ullmhóidí gránach, plúir, stáirse nó bainne; táirgí cócairí taosráin

Nótaí a ghabhann le Caibidil 19 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(a)

seachas i gcás táirgí stuáilte faoi cheannteideal 1902, ullmhóidí bia inar mó ná 20 %, de réir meáchain, an cion ispíní, feola, scairtí feola, fola, éisc, crústach, moileasc nó inveirteabrach uisceach eile, ná aon mheascán díobh sin (Caibidil 16);

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex19 01

Ullmhóidí bia de phlúr, de phiocuaran, de mhin, de stáirse nó d’eastóscán braiche, nach bhfuil cócó iontu nó ina bhfuil cion is lú ná 40 % cócó de réir meáchain a ríomhtar ar bhonn atá go hiomlán díshaillte, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile; ullmhóidí bia d’earraí faoi cheannteidil 0401 go 0404 , nach bhfuil cócó iontu nó ina bhfuil cion is lú ná 5 % cócó de réir meáchain a ríomhtar ar bhonn atá go hiomlán díshaillte, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Cumhdaítear leis sin earraí bia neamhchócaráilte (e.g. píotsaí) ina bhfuil táirgí de bhunadh ainmhíoch.

Cumhdaítear ullmhóidí cócaireachta le Caibidlí 16 agus 21.

Ex19021100

Pasta neamhchócaráilte, nach bhfuil stuáilte ná ullmhaithe ar bhealach eile, ina bhfuil uibheacha

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex19022010

Pasta stuáilte, bíodh nó ná bíodh sé cócaráilte nó ullmhaithe ar bhealach eile inar mó ná 20 %, de réir meáchain, an cion éisc, crústach, moileasc nó inveirteabrach uisceach eile

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex19022030

Pasta stuáilte, bíodh nó ná bíodh sé cócaráilte nó ullmhaithe ar bhealach eile inar mó ná 20 %, de réir meáchain, an cion ispíní agus a leithéid, feola agus scairtí feola d’aon chineál, lena n-airítear saillte d’aon chineál nó bunadh

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex19022091

Pasta stuáilte cócaráilte

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex19022099

Eile [pasta stuáilte eile, neamhchócaráilte]

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex19 02 30

Pasta eile seachas an pasta i bhfo-cheannteidil 1902 11 , 1902 19 agus 1902 20

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex19 02 40

Cúscús

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex19041010

Bia ullmhaithe a fhaightear trí arbhar Indiach a bhorradh nó a róstadh

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex19049010

Bia ullmhaithe a fhaightear ó rís

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Mar shampla súisí (ar choinníoll nach bhfuil na táirgí sin le haicmiú i gCaibidil 16).

Ex19 05

Taosráin

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

CAIBIDIL 20

Ullmhóidí glasraí, torthaí cnónna nó codanna eile de phlandaí

Nótaí a ghabhann le Caibidil 20 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(b)

ullmhóidí bia inar mó ná 20 %, de réir meáchain, an cion ispíní, feola, scairtí feola, fola, éisc, crústach, moileasc nó inveirteabrach uisceach eile, ná aon mheascán díobh sin (Caibidil 16).

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex20 01

Glasraí, torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex20 04

Glasraí eile atá ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex20 05

Glasraí eile atá ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi theideal 2006

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

CAIBIDIL 21

Ullmhóidí inite ilghnéitheacha

Nótaí a ghabhann le Caibidil 21 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(e)

ullmhóidí bia, seachas na táirgí ar a dtugtar tuairisc in 2103 nó 2104, inar mó ná 20 %, de réir meáchain, an cion ispíní, feola, scairtí feola, fola, éisc, crústach, moileasc nó inveirteabrach uisceach eile, ná aon mheascán eile díobh sin (Caibidil 16).

3.

Chun críocha cheannteideal 2104, ciallaíonn an téarma ‘ullmhóidí bia cumaisc homaiginithe’ ullmhóidí arb éard atá iontu meascán mínhomaiginithe de dhá chomhábhar bhunúsacha nó níos mó amhail feoil, iasc, glasraí, torthaí nó cnónna, atá cóirithe lena miondíol mar bhia leanaí nó chun críoch diaitéiteach, i gcoimeádáin nach mó a gcion glanmheáchain ná 250 g. Chun an sainmhíniú sin a chur i bhfeidhm, níor cheart cainníochtaí beaga d’aon chomhábhar, a fhéadfar a chur leis an meascán chun críoch blaistithe, leasaithe ná eile, a chur san áireamh. Féadfaidh cainníocht bheag de phíosaí sofheicthe comhábhar a bheith sna hullmhóidí sin.

Nótaí breise

5.

Ullmhóidí bia eile a chuirtear i láthair i ndáileoga tomhaiste, amhail capsúil, táibléid, paistilí agus piollairí, agus atá ceaptha lena n-úsáid mar fhorlíontaí bia, tá siad le haicmiú faoi cheannteideal 2106, mura sonraítear nó mura n-áirítear in áit eile iad.

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex21 01

Eastóscáin, úscraí agus tiúcháin, de chaife, de thae nó de mhaité agus ullmhóidí de bhunús na dtáirgí sin nó de bhunús caife, tae nó maité; siocaire rósta agus ionadaigh chaife rósta eile, agus eastóscáin, úscraí agus tiúcháin díobh sin

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex21 03

Anlainn agus ullmhóidí lena n-aghaidh; tarsainn mheasctha agus blastanais mheasctha; plúr mustaird agus min mhustaird agus mustard ullmhaithe

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex21 04

Anraithí agus bratanna agus ullmhóidí lena n-aghaidh; ullmhóidí bia cumaisc homaiginithe

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex21 05 00

Uachtar reoite agus oighear inite eile, bíodh cócó iontu nó ná bíodh

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex21 06 10

Tiúcháin phróitéine agus substaintí próitéine uigithe

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex21069051

Síoróip lachtóis

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex21069092

Ullmhóidí bia eile nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile, nach bhfuil aon saill bhainne, siúcrós, iseaglúcós, glúcós ná stáirse iontu nó inar lú ná 1,5 % a gcion saille bainne, ná 5 % a gcion siúcróis nó iseaglúcóis, ná 5 % a gcion glúcóis nó stáirse, agus sin de réir meáchain

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex21069098

Ullmhóidí bia eile nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

CAIBIDIL 22

Deochanna, Biotáillí agus Fínéagar

Nótaí a ghabhann le Caibidil 22 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“…

3.

Chun críocha cheannteideal 2202, ciallaíonn an téarma “deochanna neamh-mheisciúla” deochanna nach mó ná 0,5 % a neart alcóil iomlán de réir toirte. Aicmítear deochanna meisciúla i gceannteidil 2203 go 2206 nó i gceannteideal 2208 de réir mar is iomchuí.

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex22029991

Deochanna neamh-mheisciúla eile, seachas súnna torthaí nó glasraí faoi cheannteideal 2009 agus inar lú ná 0,2 %, de réir meáchain, an cion saille a fhaightear ó na táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 .

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex22029995

Deochanna neamh-mheisciúla eile, seachas súnna torthaí nó glasraí faoi cheannteideal 2009 agus arb ionann nó inar mó ná 0,2 % ach inar lú ná 2 %, de réir meáchain, an cion saille a fhaightear ó na táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 .

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex22029999

Deochanna neamh-mheisciúla eile, seachas súnna torthaí nó glasraí faoi cheannteideal 2009 agus arb ionann a gcion saille agus 2 % nó níos mó, de réir meáchain, a fhaightear ó na tháirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

Ex22 08 70

Licéir agus coirdiail

Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin.

CAIBIDIL 23

Iarmhair agus dramhaíl ó na tionscail bhia; farae ainmhithe ullmhaithe

Nóta a ghabhann le Caibidil 23 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo den AC)

“1.

Le ceannteideal 2309 áirítear táirgí de chineál a úsáidtear i mbeatha d’ainmhithe, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile, a fhaightear trí ábhair phlandúla nó ainmhíocha a phróiseáil oiread a fhágann go bhfuil saintréithe fíor-riachtanacha an ábhair bhunaidh caillte acu, seachas dramhaíl phlandúil, iarmhair phlandúla agus seachtháirgí ón bpróiseáil sin.

…”

Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe

“Geirdheascadh, na fíocháin scannánacha atá fágtha tar éis rindreáil saillte muice nó saillte ainmhíocha eile. Úsáidtear geirdheascadh go príomha agus bianna ainmhithe (e.g., brioscaí madra) á n-ullmhú, ach fanann sé i gceannteideal 2301 fiú má tá sé oiriúnach mar bhia don duine.”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

2301

Plúir, min agus millíní, ó fheoil nó ó scairteach feola, ó éisc nó ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisceacha eile, atá mí-oiriúnach mar bhia don duine; geirdheascadh

Uile, cumhdaítear leis sin próitéin ainmhíoch phróiseáilte nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine, min feola nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine, agus geirdheascadh, bíodh nó ná bíodh sé ceaptha mar bhia don duine.

Cumhdaítear min chleite i gceannteideal 0505 .

Déantar ceanglais shonracha maidir le próitéin ainmhíoch phróiseáilte a leagan amach i Sraith 1 de Thábla 1 i Roinn 1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex23 09

Ullmhóidí de chineál a úsáidtear i mbeatha d’ainmhithe

Uile, má tá táirgí ainmhithe iontu, seachas fo-cheannteidil 2309 90 20 agus 2309 90 91 .

Cumhdaítear leis sin, i measc nithe eile, bia do mhadraí nó do chait, atá cóirithe lena mhiondíol (fo-cheannteideal 2309 10 ), ina bhfuil táirgí ainmhithe agus ábhair intuaslagtha éisc nó mamach muirí (cód AC 2309 90 10 ). Táirgí ainmhithe chun críoch beathaithe ainmhithe, lena n-áirítear meascáin de mhin (amhail min chrúb is adharc).

Leis an gceannteideal seo cumhdaítear bainne leachtach, gruth buí agus táirgí ina bhfuil táirgí bainne, gruth buí nó carbaihiodráití, agus tá siad uile mí-oiriúnach mar bhia don duine ach oiriúnach mar bheatha d’ainmhithe.

Cumhdaítear leis sin bia peataí, ábhar coganta do mhadraí agus meascáin de mhin, ar féidir feithidí marbha a bheith san áireamh sna meascáin.

Déantar ceanglais shonracha maidir bia peataí lena n-áirítear ábhar coganta do mhadraí a leagan amach i Sraith 12 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Cumhdaítear leis sin táirgí uibhe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus táirgí ainmhithe próiseáilte eile nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine.

Déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí uibhe a leagan amach i Sraith 9 de Thábla 1 i Roinn 1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

CAIBIDIL 28

Ceimiceáin neamhorgánacha; comhdhúile orgánacha nó neamhorgánacha de mhiotail lómhara, de mhiotail tearc-chré, de dhúile radaighníomhacha nó d’iseatóip

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex28352500

Hidriginortafosfáit chailciam (“fosfáit déchailciam”)

De bhunadh ainmhíoch amháin.

Déantar ceanglais shonracha maidir le fosfáit déchailciam a leagan amach i Sraith 6 de Thábla 1 i Roinn 1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex28352600

Fosfáití eile cailciam

Fosfáit tríchailciam de bhunadh ainmhíoch amháin.

Déantar ceanglais shonracha maidir le fosfáit tríchailciam a leagan amach i Sraith 7 de Thábla 1 i Roinn 1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

CAIBIDIL 29

Ceimiceáin orgánacha

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex29 22 41

Lisín agus a eistir; a salainn

De bhunadh ainmhíoch amháin.

Ex29 22 42

Aigéad glútamach agus a shalainn

De bhunadh ainmhíoch amháin.

Ex29 22 43

Aigéad antrainileach agus a shalainn

De bhunadh ainmhíoch amháin.

Ex29 22 49

Aimíonaigéid eile, seachas iad siúd a bhfuil níos mó ná cineál amháin feidhme ocsaigine acu, agus a n-eistir; a salainn

De bhunadh ainmhíoch amháin.

Ex29252900

Imíní eile agus a ndíorthaigh seachas clóirdémeaform (ISO); a salainn

Créitín de bhunadh ainmhíoch.

Ex29 30

Comhdhúile orgánasulfair

Aimíonaigéid de bhunadh ainmhíoch amhail:

Ex29309013 Cistéin agus cistín;

Ex29309016 Díorthaigh de chistéin nó de chistín.

Ex29329900

Comhdhúile heitreachioglacha eile nach bhfuil ach heitrea-adamh ocsaigine nó heitrea-adaimh ocsaigine iontu

De bhunadh ainmhíoch amháin, mar shampla glúcósaimín, glúcósaimín-6-fosfáit agus a sulfáití.

Ex29420000

Comhdhúile orgánacha eile

De bhunadh ainmhíoch amháin.

CAIBIDIL 30

Táirgí cógaisíochta

Barúlacha ginearálta

Táirgí íocshláinte críochnaithe, nach gcumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ná le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, eisiatar ón liosta iad. Áirítear táirgí idirmheánacha.

I gceannteideal 3001 (faireoga agus orgáin eile le haghaidh úsáidí orgánaiteiripeacha, atá triomaithe, bídís nó ná bídís púdraithe; Eastóscáin faireog nó orgán eile nó eastóscáin dá dtáil, seachas eastóscáin de bhunús daonna heipirin agus a salainn; substaintí daonna nó ainmhíocha eile a ullmhaítear le haghaidh úsáidí teiripeacha nó próifiolacsacha, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile), níl ach táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe faoi fho-cheannteidil 3001 20 agus 3001 90 ábhartha maidir le rialuithe oifigiúla. Déantar ceanglais shonracha maidir leis na táirgí seo a leanas a leagan amach in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011:

1.

Sraith 2 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II maidir le táirgí fola le haghaidh táirgí teicniúla seachas ó eachainmhithe, agus

2.

Sraith 3 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II le haghaidh táirgí fola agus táirgí fola ó eachainmhithe, agus

3.

Sraith 14 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II le haghaidh seachtháirgí ainmhithe chun bia peataí a mhonarú seachas bia peataí amh agus chun táirgí díorthaithe a mhonarú lena n-úsáid lasmuigh den slabhra beatha.

I gceannteideal 3002 (fuil an duine; Fuil ainmhíoch arna hullmhú le haghaidh úsáidí teiripeacha, próifiolacsacha nó diagnóiseacha antaiséirim, codáin fola agus táirgí imdhíoneolaíocha eile, bídís modhnaithe nó ná bídís, nó bídís faighte trí phróisis bhith-theicneolaíocha nó ná bídís; vacsaíní, tocsainí, saothrúcháin miocrorgánach (seachas giostaí) agus táirgí comhchosúla) níl ach fo-cheannteidil 3002 12 agus 3002 90 ábhartha maidir le rialuithe oifigiúla. Maidir le fuil dhaonna in 3002 90 10 agus vacsaíní i bhfo-cheannteidil 3002 20 agus 3002 30 ní gá iad a chur faoi rialuithe oifigiúla.

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

3001 20 90

Eastóscáin faireog nó orgán eile nó eastóscáin dá dtáil, seachas eastóscáin de bhunús daonna

Uile, cumhdaítear leis sin táirge a ghníomhaíonn mar tháirge ionaid le haghaidh an ghrutha bhuí mháthartha agus a úsáidtear i mbeatha do laonna.

Ex30019091

Substaintí ainmhíocha arna n-ullmhú le haghaidh úsáidí teiripeacha nó próifiolacsacha: heipirin agus a salainn

Na táirgí ainmhithe uile, atá dírithe ar phróiseáil bhreise, i gcomhréir le hAirteagal 34(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, chun na táirgí díorthaithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) d’Airteagal 33 den Rialachán seo a mhonarú.

3001 90 98

Substaintí ainmhíocha eile seachas heipirin agus a salainn arna n-ullmhú le haghaidh úsáidí teiripeacha nó próifiolacsacha, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile

Uile.

I dteannta na bhfaireog agus na n-orgán eile a luaitear i Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 3001 , cumhdaítear leis an bhfo-cheannteideal seo an hipifiseas, na capsúil osduánacha agus an fhaireog thíoróideach; seachas iad siúd a shonraítear in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009.

Ex30021200

Antaiséirim agus codáin fola eile

Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin.

Eisiatar táirgí íocshláinte críochnaithe don tomhaltóir deiridh.

Eisiatar antasubstaintí agus DNA.

Faoi cheannteideal 3002 , leagtar amach ceanglais shonracha maidir le seachtháirgí ainmhithe a chumhdaítear le Tábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 agus a shonraítear sna Sraitheanna seo a leanas:

Sraith 2: táirgí fola seachas ó eachainmhithe;

Sraith 3: fuil agus táirgí fola ó eachainmhithe.

3002 90 30

Fuil ainmhíoch arna hullmhú le haghaidh úsáidí teiripeacha, próifiolacsacha nó diagnóiseacha

Uile.

Ex30029050

Saothrúcháin miocrorgánach

Pataiginí eile agus saothrúcháin pataiginí le haghaidh ainmhithe, agus an méid sin amháin.

Ex30029090

Eile

Pataiginí eile agus saothrúcháin pataiginí le haghaidh ainmhithe, agus an méid sin amháin.

Ex30069200

Dramhaíl chógaisíochta

Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin.

Dramhaíl chógaisíochta, táirgí cógaisíochta, atá mí-oiriúnach don chríoch dar ceapadh iad ar dtús.

CAIBIDIL 31

Leasacháin

Nótaí a ghabhann le Caibidil 31 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(a)

fuil ainmhíoch ó cheannteideal 0511;

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex31010000

Leasacháin ainmhíocha nó plandúla, bídís measctha le chéile nó ná bídís, nó cóireáilte ó thaobh ceimice; leasacháin arna dtáirgeadh trí tháirgí ainmhíocha nó plandúla a mheascadh le chéile nó cóireáil cheimiceach a dhéanamh orthu

Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe i bhfoirm neamhthanaithe, agus sin amháin.

Cumhdaítear leis sin guanó seachas guanó mianraithe.

Cumhdaítear leis sin aoileach measctha le próitéin ainmhíoch phróiseáilte, má úsáidtear mar leasachán é; ach eisiatar meascáin aoiligh cheimicigh a úsáidtear mar leasacháin (féach ceannteideal 3105 , nach gcumhdaítear ach leasacháin mhianracha nó cheimiceacha leis).

Ceanglais shonracha maidir le haoileach próiseáilte, táirgí a dhíorthaítear ó aoileach próiseáilte agus guanó ó ialtóga, déantar iad a leagan amach i Sraith 1 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex31051000

Earraí faoin gcaibidil seo i dtáibléid nó i bhfoirmeacha comhchosúla nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan

Leasacháin ina bhfuil táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe, agus iad sin amháin.

Ceanglais shonracha maidir le haoileach próiseáilte, táirgí a dhíorthaítear ó aoileach próiseáilte agus guanó ó ialtóga, déantar iad a leagan amach i Sraith 1 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

CAIBIDIL 32

Eastóscáin súdaireachta nó ruaimneoireachta; tainniní agus a ndíorthaigh; ruaimeanna, líocha agus ábhar dathúcháin eile; péinteanna agus vearnaisí; puití agus maisteoga eile; dúigh

Nótaí a ghabhann le Caibidil 32 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“…

3.

Tá feidhm ag ceannteidil 3203, 3204, 3205 agus 3206 freisin maidir le hullmhóidí bunaithe ar ábhar dathúcháin (lena n-áirítear, i gcás cheannteideal 3206, líocha dathúcháin cheannteideal 2530 nó Chaibidil 28, calóga miotail agus púdair mhiotail), de chineál a úsáidtear chun aon ábhar a dhathú nó a úsáidtear mar chomhábhair agus ullmhóidí dathúcháin á monarú. Mar sin féin, níl feidhm ag na ceannteidil maidir le líocha easraithe i meán nach uiscín é, i bhfoirm leachtach nó taois, de chineál a úsáidtear agus péinteanna á monarú, lena n-áirítear cruain (ceannteideal 3212), ná maidir le hullmhóidí eile i gceannteidil 3207, 3208, 3209, 3210, 3212, 3213 nó 3215.

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex32 03

Ábhar dathúcháin de bhunadh ainmhíoch (lena n-áirítear eastóscáin súdaireachta ach gan dubh ainmhíoch a áireamh), bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís, ullmhóidí mar a shonraítear i nóta 3 a ghabhann leis an gcaibidil seo bunaithe ar ábhar dathúcháin de bhunadh ainmhíoch

Easráin datha i mbonn saille bainne a úsáidtear chun bia nó beatha a tháirgeadh, agus na heasráin sin amháin.

Ex32 04

Ábhar dathúcháin orgánach sintéiseach, bíodh sé sainithe ó thaobh ceimice nó ná bíodh; ullmhóidí mar a shonraítear i nóta 3 a ghabhann leis an gcaibidil seo bunaithe ar ábhar dathúcháin orgánach sintéiseach; táirgí orgánacha sintéiseacha de chineál a úsáidtear mar oibreáin ghealaithe fhluaraiseacha nó mar lúmanafóir, bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís

Easráin datha i mbonn saille bainne a úsáidtear chun bia nó beatha a tháirgeadh, agus na heasráin sin amháin.

CAIBIDIL 33

Blátholaí agus roisíneoidí; ullmhóidí cumhradóireachta, cosmaide nó maisíochta

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex33 02

Meascáin de shubstaintí cumhra agus meascáin (lena n-áirítear tuaslagáin alcóil) de bhunús ceann amháin nó níos mó de na substaintí sin, de chineál a úsáidtear mar amhábhair i dtionscal; ullmhóidí eile atá bunaithe ar shubstaintí cumhra, de chineál a úsáidtear chun deochanna a mhonarú

Blastáin i mbonn saille bainne a úsáidtear chun bia nó beatha a tháirgeadh, agus na blastáin sin amháin.

CAIBIDIL 35

Substaintí albaimionóideacha; stáirsí modhnaithe; gliúnna; einsímí

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex35 01

Cáiséin, cáiséanáití agus díorthaigh cháiséine eile; gliúnna cáiséine

Cáiséin atá ceaptha mar bhia don duine, mar bheatha d’ainmhithe nó chun críoch teicniúil.

Déantar ceanglais shonracha maidir le bainne, táirgí bainnebhunaithe agus gruth buí nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine a leagan amach i Sraith 4 de Thábla 1 i Roinn 1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex35 02

Albaiminí (lena n-áirítear tiúcháin dhá phróitéin mheidhg nó níos mó, ina bhfuil cion is mó ná 80 % próitéin mheidhg de réir meáchain, a ríomhtar de réir an ábhair thirim), albaiminí agus díorthaigh albaimin eile

Cumhdaítear leis sin táirgí a dhíorthaítear ó uibheacha agus a dhíorthaítear ó bhainne bídís nó ná bídís ceaptha mar bhia don duine (lena n-áirítear críocha beatha ainmhithe).

Déantar ceanglais shonracha maidir le bainne, táirgí bainnebhunaithe agus gruthanna buí nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine a leagan amach i Sraith 4 de Thábla 1 i Roinn 1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 agus déantar ceanglais maidir le táirgí uibhe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine a leagan amach i Sraith 9 de Thábla 1 i Roinn 1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

3503 00

Geilitín (lena n-áirítear geilitín ina leatháin dhronuilleogacha (lena n-áirítear leatháin chearnógacha) bídís dromchlashaothraithe nó dathaithe nó ná bídís); agus díorthaigh gheilitín; iascghlae; gliúnna eile de bhunadh ainmhíoch, seachas gliúnna cáiséine i gceannteideal 3501

Cumhdaítear leis sin geilitín atá ceaptha mar bhia don duine, mar bheatha ainmhithe agus le haghaidh úsáid theicniúil.

Geilitín a aicmítear i gceannteideal 3913 (próitéiní cruaite) agus i gceannteideal 9602 (geilitín oibrithe, neamhchruaite agus earraí geilitín neamhchruaite), mar shampla, capsúil fholmha mura bhfuil siad ceaptha mar bhia duine ná don ainmhí, eisiatar ó rialuithe oifigiúla iad.

Déantar ceanglais shonracha a leagan amach i Sraith 5 de Thábla 1 i Roinn 1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 maidir le geilitín agus próitéin hidrealaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus i Roinn 11 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin maidir le fótaigheilitín.

Ex35 04 00

Peaptóin agus a ndíorthaigh; substaintí próitéine eile agus a ndíorthaigh, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile; púdar seithe, bíodh sé crómaithe nó ná bíodh

Cumhdaítear leis sin collaigin agus próitéiní hidrealaithe atá ceaptha mar bhia don duine, mar bheatha ainmhithe agus le haghaidh úsáid theicniúil.

Cumhdaítear leis sin táirgí collaigin próitéinbhunaithe a dhíorthaítear ó sheithí, craicne agus teannáin ainmhithe, lena n-áirítear cnámha i gcás muc, éanlaith chlóis agus iasc.

Cumhdaítear leis sin próitéiní hidrealaithe arb éard atá iontu polaipeiptídí, peiptídí nó aimíonaigéid, agus meascáin díobh, a fhaightear le hidrealú seachtháirgí ainmhithe. Déantar iad a eisiamh ó rialuithe oifigiúla nuair a úsáidtear mar bhreiseáin in ullmhóidí bia iad (ceannteideal 2106 ).

Cumhdaítear leis sin aon seachtháirge bainne atá ceaptha mar bhia don duine i gcás nach gcumhdaítear faoi cheannteideal 0404 é.

Déantar ceanglais shonracha maidir le collaigin a leagan amach i Sraith 8 agus maidir le geilitín agus próitéin hidrealaithe a leagan amach i Sraith 5 de Thábla 1 i Roinn 1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex35071000

Binid agus tiúcháin di

Binid agus tiúcháin atá ceaptha mar bhia don duine nach ndíorthaítear ach ó tháirgí ainmhithe.

Ex35079090

Einsímí eile seachas binid agus tiúcháin di nó liopáis lipeapróitéine nó próitéáis alcaileach aspeirgilis

De bhunadh ainmhíoch amháin.

CAIBIDIL 38

Táirgí ceimiceacha ilghnéitheacha

Nótaí a ghabhann le Caibidil 38 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“…

4.

Ar fud na hainmníochta, ciallaíonn “dramhaíl chathrach” dramhaíl de chineál a bhailítear ó theaghlaigh, ó óstáin, ó bhialanna, ó ospidéil, ó shiopaí, ó oifig, etc. cosamar bóithre agus pábhála, chomh maith le dramhaíl tógála agus scartála. Is iondúil go mbíonn réimse leathan ábhar i ndramhaíl chathrach amhail plaistigh, rubar, adhmad, páipéar, teicstílí, gloine, miotail, ábhair bhia, troscán briste agus earraí damáistithe nó cuileáilte eile.

...”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex38220000

Imoibreáin dhiagnóiseacha nó saotharlainne ar thaca, imoibreáin dhiagnóiseacha nó saotharlainne ullmhaithe bídís ar thaca nó ná bídís, seachas iad siúd faoi cheannteideal 3002 nó faoi cheannteideal 3006 ; ábhair thagartha dheimhnithe

Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin, seachas feistí leighis mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(a) de Threoir 93/42/CEE ón gComhairle (8) agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2)(b) de Threoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

Ex38251000

Dramhaíl chathrach

Dramhaíl lónadóireachta ina bhfuil táirgí ainmhithe, agus an dramhaíl sin amháin, má thagann sí faoi raon feidhme phointe (g) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, seachas dramhaíl lónadóireachta a thionscnaíonn go díreach ó chóir iompair a oibrítear go hidirnáisiúnta agus arna diúscairt i gcomhréir le hAirteagal 12(d) den Rialachán sin.

Maidir le hola chócaireachta úsáidte, atá ceaptha lena húsáid faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, mar shampla, le haghaidh leasacháin orgánacha, bithgháis, bithdhíosail nó breosla, is féidir í a chumhdach leis an gcód AC seo.

CAIBIDIL 39

Plaistigh agus earraí díobh

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex39139000

Polaiméirí nádúrtha eile (seachas aigéad ailgineach, a shalainn agus a eistir) agus polaiméirí nádúrtha modhnaithe (mar shampla próitéiní cruaite, díorthaigh cheimiceacha ó rubar nádúrtha), nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile, i bhfoirmeacha príomhúla

Táirgí nach ndíorthaítear ó ainmhithe amháin, mar shampla, sulfáit condróitine, ciotósán, geilitín cruaite.

Ex39171010

Putóga saorga (craicne ispíní) déanta as próitéiní cruaite nó as ábhair cheallalósacha

Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin.

Ex39269097

Earraí eile as plaistigh agus earraí as ábhair eile faoi cheannteidil 3901 go 3914 déanta ar bhealach eile seachas as leatháin

Capsúil fholmha déanta as geilitín neamhchruaite atá ceaptha mar bhia don duine nó d’ainmhithe; Déantar ceanglais shonracha maidir le cleití a leagan amach i Sraith 5 de Thábla 1 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

CAIBIDIL 41

Seithí agus craicne amha (seachas fionnadhsheithí) agus leathar

Barúlacha ginearálta

Níl ach seithí agus craicne ó chrúbacha a chumhdaítear i gceannteidil 4101, 4102, 4103 le cur faoi réir rialuithe oifigiúla.

Déantar ceanglais shonracha maidir le seithí agus craicne ó chrúbacha a leagan síos i Sraitheanna 4 agus 5 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Nótaí a ghabhann le Caibidil 41 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(a)

dramh bearrtha ná dramhaíl chomhchosúil, ó sheithí amha ná ó chraicne amha (ceannteideal 0511);

(b)

craicne éin ná codanna de chraicne éin, lena gcleití nó lena gclúmh, ó cheannteideal 0505 nó ó cheannteideal 6701; ná

(c)

seithí ná craicne, leis an bhfionnadh nó leis an olann orthu, agus iad amh, súdaraithe nó cóirithe (Caibidil 43); mar sin féin, tá an méid seo a leanas le haicmiú i gCaibidil 41, eadhon, seithí agus craicne amha, leis an bhfionnadh nó leis an olann orthu, ó bhó-ainmhithe (lena n-áirítear buabhaill), ó eachainmhithe, ó chaoirigh nó ó uain (seachas uain de chuid na hAstracáine, uain an Eireabaill Fhada, uain Characúil, uain Pheirseacha, nó uain chomhchosúla, uain Indiacha, Shíneacha, Mhongólacha nó Thibéadacha), ó ghabhair agus ó mheannáin (seachas gabhair agus meannáin de chuid Éimin, na Mongóile nó na Tibéide), ó mhucra (lena n-áirítear picirí), ó sheamaí, ó ghasailí, ó chamaill (lena n-áirítear dromadairí), ó réinfhianna, ó fhianna móra, ó fhianna, ó ruaphoic nó ó mhadraí.

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex41 01

Seithí agus craicne amha ó bhó-ainmhithe (lena n-áirítear buabhaill) nó ó eachainmhithe (atá úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe, párchóirithe ná ullmhaithe a thuilleadh), bídís nó ná bídís bearrtha nó scoilte

Seithí agus craicne atá úr, fuaraithe nó cóirithe, lena n-áirítear triomaithe, tirimshaillte, fliuchshaillte, nó leasaithe le próiseas seachas an tsúdaireacht nó próiseas coibhéiseach, agus na seithí agus na craicne sin amháin.

Is féidir go mbeidh allmhairiú gan srianta indéanta le haghaidh seithí agus craicne cóirithe dá dtagraítear i bpointe C.2 de Chaibidil V d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, má tá an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 41(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, go háirithe maidir le ex 4101 20 80 agus ex 4101 50 90 .

Ex41 02

Craicne amha ó chaoirigh nó ó uain (atá úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe, párchóirithe ná ullmhaithe a thuilleadh), bíodh an olann orthu nó ná bíodh agus bídís scoilte nó ná bídís, seachas na craicne sin a eisiatar le Nóta 1(c) a ghabhann leis an gCaibidil seo

Seithí agus craicne atá úr, fuaraithe nó cóirithe, lena n-áirítear triomaithe, tirimshaillte, fliuchshaillte, nó leasaithe le próiseas seachas an tsúdaireacht nó próiseas coibhéiseach, agus na seithí agus na craicne sin amháin.

Is féidir go mbeidh allmhairiú gan srianta indéanta le haghaidh seithí agus craicne cóirithe dá dtagraítear i bpointe C.2 de Chaibidil V d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, má tá an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 41(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, go háirithe maidir le ex 4102 21 00 agus ex 4102 29 00 .

Ex41 03

Seithí agus craicne amha eile (atá úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe, párchóirithe ná ullmhaithe a thuilleadh), bídís nó ná bídís bearrtha nó scoilte, seachas na seithí agus na craicne sin a eisiatar le Nóta 1(b) nó le Nóta 1(c) a ghabhann leis an gCaibidil seo

Seithí agus craicne atá úr, fuaraithe nó cóirithe, lena n-áirítear triomaithe, tirimshaillte, fliuchshaillte, nó leasaithe le próiseas seachas an tsúdaireacht nó próiseas coibhéiseach, agus na seithí agus na craicne sin amháin.

Is féidir go mbeidh allmhairiú gan srianta indéanta le haghaidh seithí agus craicne cóirithe dá dtagraítear i bpointe C.2 de Chaibidil V d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, má tá an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 41(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, go háirithe maidir le ex 4103 90 00 .

CAIBIDIL 42

Earraí leathair; diallatraí agus úmacha; earraí taistil, málaí láimhe agus coimeádáin chomhchosúla; earraí déanta as inne ainmhithe (seachas inne seiriceán)

Nótaí a ghabhann le Caibidil 42 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“…

2.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(a)

caolán steiriúil máinliachta ná ábhair uama steiriúla chomhchosúla (ceannteideal 3006);

(ij)

sreanga, craicne le haghaidh drumaí nó a leithéid, ná páirteanna eile d’uirlisí ceoil (ceannteideal 9209).

…”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex42050090

Earraí eile as leathar nó as leathar comhdhéanta

Cumhdaítear leis sin ábhar coganta do mhadraí agus ábhar chun ábhar coganta do mhadraí a mhonarú.

Ex42060000

Earraí déanta as inne (seachas inne seiriceán), as craiceann buailteora óir, as lamhnáin nó as teannáin

Cumhdaítear leis sin ábhar coganta do mhadraí agus ábhar chun ábhar coganta do mhadraí a mhonarú.

CAIBIDIL 43

Fionnadhsheithí agus fionnadh saorga; earraí monaraithe díobh

Nótaí a ghabhann le Caibidil 43 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Ar fud na hainmníochta, tá feidhm ag tagairtí do “fionnadhsheithí”, seachas fionnadhsheithí amha cheannteideal 4301, maidir le seithí agus craicne na n-ainmhithe uile atá súdaraithe nó cóirithe leis an olann orthu.

2.

Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:

(a)

craicne éin ná codanna de chraicne éin, lena gcleití nó lena gclúmh (ceannteideal 0505 nó 6701);

(b)

seithí ná craicne amha, leis an bhfionnadh nó leis an olann orthu ó Chaibidil 41 (féach nóta 1(c) a ghabhann leis an gcaibidil sin);

…”

Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe

“Ceannteideal 4301: Meastar gur amhearraí iad fionnadhsheithí agus go dtagann siad faoin gceannteideal seo ní hamháin nuair atá siad sa staid nádúrtha, ach freisin má tá siad glanta agus leasaithe ó mheathlú, e.g., trína dtriomú nó trína sailleadh (fliuch nó tirim). Féadfaidh an fionnadh a bheith “tarraingthe” nó “lomtha” freisin, i.e., féadfaidh an fionnadh garbh a bheith bainte as nó gearrtha anuas, nó féadfaidh próiseas ‘bainte craicne’ a bheith curtha i bhfeidhm ar dhromchla an chraicinn nó féadfaidh sé a bheith scríobtha.”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex43 01

Fionnadhsheithí amha (lena n-áirítear cinn, eireabaill, lapaí agus píosaí nó gearrtháin eile, atá oiriúnach lena n-úsáid ag fionnadóirí), seachas seithí agus craicne amha faoi cheannteideal 4101 , 4102 nó 4103

Uile, seachas fionnadhsheithí atá cóirithe i gcomhréir le Caibidil VIII d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, má tá an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 41(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009

Cumhdaítear leis sin na fo-cheannteidil seo a leanas:

Ex43011000 (ó mhinceanna iomlána, an ceann, an t-eireaball nó na lapaí orthu nó gan bheith orthu): déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí díorthaithe lena n-úsáid lasmuigh den slabhra beatha (fionnadh) a leagan amach i Sraith 14 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex43013000 (ó uain, mar a leanas: uain de chuid na hAstracáine, uain an Eireabaill Fhada, uain Characúil, uain Pheirseacha agus uain chomhchosúla, uain Indiacha, Shíneacha, Mhongólacha nó Thibéadacha atá iomlán, an ceann, an t-eireaball nó na lapaí orthu nó gan bheith orthu): déantar ceanglais shonracha maidir le seithí agus craicne ó chrúbacha a leagan amach i Sraith 5 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex43016000 (ó shionnaigh iomlána, an ceann, t-eireaball nó na lapaí orthu nó gan bheith orthu): déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí díorthaithe lena n-úsáid lasmuigh den slabhra beatha (fionnadh) a leagan amach i Sraith 14 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex43018000 (fionnadhsheithí iomlána eile, an ceann, an t-eireaball nó na lapaí orthu nó gan bheith orthu): seachas crúbacha, mar shampla, marmait, féilínigh fhiáine, rónta, cadhpúnna. Déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí díorthaithe lena n-úsáid lasmuigh den slabhra beatha (fionnadh) a leagan amach i Sraith 14 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Ex43019000 (cinn, eireabaill, lapaí agus píosaí nó gearrtháin eile, atá oiriúnach lena n-úsáid ag fionnadóirí): déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí díorthaithe lena n-úsáid lasmuigh den slabhra beatha (fionnadh) a leagan amach i Sraith 14 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

CAIBIDIL 51

Olann, fionnadh ainmhíoch mín nó garbh; snáth róin agus fabraic fhite

Barúlacha ginearálta

Maidir le ceannteidil 5101 go 5103 déantar ceanglais shonracha maidir holann agus fionnadh neamhchóireáilte a leagan amach i Sraith 8 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Nóta a ghabhann le Caibidil 51 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)

“1.

Ar fud na hainmníochta:

(a)

ciallaíonn “olann” an snáithín nádúrtha a bhfásann caoirigh nó uain é.

(b)

ciallaíonn “fionnadh ainmhíoch mín” fionnadh alpacaí, lámaí, viciúiní, camall (lena n-áirítear dromadairí), geacanna, gabhar angóra, gabhar Tibéadach, gabhar Caismíreach nó gabhar comhchosúil (seachas gabhair choiteanna), coiníní, (lena n-áirítear coiníní angóra), giorriacha, béabhar, cadhpúnna nó muscfhrancach.

(c)

ciallaíonn “fionnadh ainmhíoch garbh” an fionnadh ainmhíoch nach luaitear thuas, seachas fionnadh déanta scuab agus guairí (ceannteideal 0502) agus rón (ceannteideal 0511).”

Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe

“Ar fud na hAinmníochta ciallaíonn an téarma “fionnadh ainmhíoch garbh” an fionnadh ainmhíoch uile eile seachas “fionnadh ainmhíoch mín” diomaite d’olann (ceannteideal 5101), fionnadh moingeanna nó eireaball eachainmhithe nó bó-ainmhithe (a aicmítear mar “rón” faoi cheannteideal 0511), guairí nó fionnadh muc, borraí nó torc agus fionnadh broc nó fionnadh déanta scuab eile (ceannteideal 0502) féach Nóta 1(c)).”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex51 01

Olann, nach bhfuil cardáilte ná cíortha

Olann neamhchóireáilte.

Ex51 02

Fionnadh ainmhíoch mín nó garbh, nach bhfuil cardáilte ná cíortha

Fionnadh neamhchóireáilte, lena n-áirítear fionnadh garbh ó chliatháin bó-ainmhithe nó eachainmhithe.

Ex51 03

Dramhaíl olla nó fionnaidh ainmhíoch mhín nó ghairbh, lena n-áirítear dramhaíl snátha seachas stoc gairnéadaithe

Olann nó fionnadh neamhchóireáilte.

CAIBIDIL 67

Cleití agus clúmh ullmhaithe agus earraí atá déanta as cleití nó as clúmh; bláthanna saorga; earraí atá déanta as gruaig dhaonna

Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe

“Le ceannteideal 6701 cumhdaítear:

(A)

Craicne agus codanna eile d’éin lena gcleití nó lena gclúmh, cleití agus clúmh, agus codanna de chleití, a chuaigh, cé nach earraí rédhéanta iad fós, faoi phróiseas seachas cóireáil shimplí a bhaineann le glanadh, díghalrú nó leasú (féach an Nóta Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 0505); féadfaidh earraí an cheannteidil seo a bheith, mar shampla, tuartha, ruaimnithe, catach nó droimníneach.

(B)

Earraí déanta as craicne nó as codanna eile d’éin lena gcleití nó lena gclúmh, earraí déanta as cleití, nó as clúmh nó as codanna de chleití, fiú amháin má tá na cleití nó an clúmh, etc., neamhoibrithe nó glanta amháin, ach seachas earraí déanta as gas an chleite nó cos an chleite. Dá bhrí sin, leis an gceannteideal seo áirítear:

(1)

Cleití aonair a ndearna a gcosa a shreangú nó a cheangal lena n-úsáid, mar shampla, sa haitéireacht, agus cleití cumaisc aonair freisin cóimeáilte as eilimintí éagsúla.

(2)

Cleití atá cóimeáilte i bhfoirm cuircíní, agus cleití nó clúmh atá cóimeáilte trína ngliúáil ar fhabraic theicstíle nó ar bhonn eile, nó trína ngreamú d’fhabraic nó bonn den sórt sin.

(3)

Ciumhsóga déanta as éin, codanna d’éin, as cleití nó clúmh, le haghaidh hataí, bóanna, bónaí, cábaí nó baill éadaigh eile nó gabhálais éadaigh eile.

(4)

Feananna déanta as cleití ornáideacha, le frámaí déanta as aon ábhar. Mar sin féin, déantar feananna le frámaí nó miotal lómhar a aicmiú i gceannteideal 7113.”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex67010000

Craicne agus codanna eile d’éin lena gcleití nó lena gclúmh, cleití, codanna de chleití, clúmh agus earraí díobh sin (seachas táirgí faoi cheannteideal 0505 agus cos oibrithe an chleite agus gas oibrithe an chleite)

Craicne agus codanna eile d’éin lena gcleití nó lena gclúmh, cleití agus clúmh, agus codanna de chleití, agus an méid sin amháin.

Earraí déanta as craicne, cleití nó clúmh, agus codanna de chleití, agus iad neamhoibrithe nó glanta amháin.

Seachas cleití maisiúla cóireáilte, cleití cóireáilte arna n-iompar ag taistealaithe dá n-úsáid phríobháideach nó coinsíneachtaí cleití cóireáilte arna seoladh chuig daoine aonair príobháideacha chun críoch neamhthionsclaíoch.

Déantar ceanglais shonracha maidir le cleití a leagan amach i Sraith 9 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

CAIBIDIL 71

Péarlaí nádúrtha nó saothraithe, clocha lómhara nó leathlómhara, miotail lómhara, miotail atá cumhdaithe le miotal lómhar, agus earraí díobh; seodra bréige; boinn

Tuairim 7101,21/1 de réir an Chórais Comhchuibhithe um Aicmiú

“Oisrí atá mí-oiriúnach mar bhia don duine, ina bhfuil péarla saothraithe amháin nó níos mó, leasaithe faoi sháile agus coimeádta i gcoimeádáin miotail aer-obacha.”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex71012100

Péarlaí saothraithe neamhoibrithe

Áirítear leis sin oisrí atá mí-oiriúnach mar bhia don duine, ina bhfuil péarla saothraithe amháin nó níos mó, leasaithe faoi sháile nó le modhanna éagsúla, pacáistithe i gcoimeádáin aer-obacha.

Péarlaí saothraithe neamhoibrithe dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil IV d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 mura bhfuil siad eisiata ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 dá bhforáiltear i bpointe (f) d’Airteagal 2(2) den Rialachán sin.

CAIBIDIL 95

Bréagáin, cluichí agus gairis spóirt; páirteanna díobh agus gabhálais dóibh

Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe

“Siamsaí faiche aonaigh, sorcais taistil, sorcais ainmhithe taistil agus amharclanna taistil, tagann siad faoi cheannteideal 9508 ar choinníoll go bhfuil na haonaid fhíor-riachtanacha uile iontu lena n-oibriú mar is gnách. Leis an gceannteideal seo áirítear freisin míreanna trealaimh thánaistigh ar choinníoll go ndéantar iad a chur i láthair leis na siamsaí éagsúla sin, agus mar chomhpháirteanna díobh, d’ainneoin, nuair a chuirtear na míreanna sin i láthair ar leithligh, go dtiocfaidís (e.g., pubaill, ainmhithe, uirlisí ceoil, gléasraí cumhachta, mótair, feistis soilsithe, suíocháin agus airm agus armlón) faoi cheannteidil eile de chuid na hainmníochta.”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex95081000

Sorcais taistil agus sorcais ainmhithe taistil

Ainmhithe beo amháin.

Ex95089000

Eile: siamsaí faiche aonaigh, amharclanna taistil

Ainmhithe beo amháin.

CAIBIDIL 96

Earraí monaraithe ilghnéitheacha

Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe

“Chun críocha an cheannteidil seo, tagraíonn an téarma ‘oibrithe’ d’ábhair a chuaigh trí phróisis a théann thar na hullmhúcháin shimplí a cheadaítear sa cheannteideal le haghaidh an amhábhair atá i gceist (féach na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le ceannteidil 05.05 go 05.08). Dá bhrí sin, leis an gceannteideal cumhdaítear píosaí d’eabhar, slata, etc. gearrtha de réir crutha (lena n-áirítear i bhfoirm chearnógach nó dhronuilleogach) nó snasta nó oibrithe ar bhealach eile trína meilt, trína ndruileáil, trína muilleáil, trína ndeileadh, etc. Mar sin féin, déantar píosaí atá in-sainaitheanta mar pháirteanna d’earraí a eisiaimh ón gceannteideal seo má chumhdaítear na páirteanna sin le ceannteideal eile den ainmníocht. Mar sin, tagann plátaí méar pianó agus plátaí lena gcur i bpuint arm tine faoi cheannteidil 92.09 agus 93.05 faoi seach. Mar sin féin, leanann ábhair oibrithe, nach bhfuil in-sainaitheanta mar pháirteanna d’earraí, de bheith aicmithe sa cheannteideal seo (e.g., dioscaí simplí, plátaí nó stiallacha lena n-inleagan, etc., nó lena n-úsáid ina dhiaidh sin agus méara pianó á monarú).

Le ceannteideal 9602 áirítear leatháin de gheilitín neamhchruaite gearrtha de réir crutha seachas i bhfoirm chearnógach nó dhronuilleogach. Maidir le leatháin atá gearrtha de réir cruth dronuilleogach (lena n-áirítear cruth cearnógach), bídís nó ná bídís oibrithe ar an dromchla, tagann siad faoi cheannteideal 35.03 nó faoi Chaibidil 49 (e.g., cártaí poist) (féach an Nóta Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 35.03). Le hearraí geilitín neamhchruaite áirítear, mar shampla:

(i)

Dioscaí beaga chun reanna ciú billéardaí a ghreamú.

(ii)

Capsúil le haghaidh táirgí cógaisíochta agus le haghaidh breoslaí lastóra mheicniúil.”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

ex 9602 00 00

Geilitín oibrithe neamhchruaite (seachas geilitín faoi cheannteideal 3503 ) agus earraí déanta as geilitín neamhchruaite

Capsúil fholmha déanta as geilitín neamhchruaite atá ceaptha mar bhia don duine nó d’ainmhithe; déantar ceanglais shonracha a leagan amach i Sraith 5 de Thábla 1 i Roinn 1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 maidir le bia ata ceaptha d’ainmhithe.

CAIBIDIL 97

Saothair ealaíne, earraí bailitheoirí agus seandachtaí

Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe

“ (A)

Áirítear leis an gceannteideal bailiúcháin agus earraí bailitheoirí ar díol spéise iad ó thaobh na zó-eolaíochta, na luibheolaíochta, na mianreolaíochta nó na hanatamaíochta, amhail:

(1)

Ainmhithe marbha d’aon speiceas, leasaithe tirim nó i leacht; ainmhithe stuáilte lena mbailiú.

(2)

Uibheacha séidte nó ólta; feithidí i mboscaí, i bhfrámaí, etc. (seachas earraí suite ar seodra bréige nó áilleagáin iad); blaoscanna folmha, seachas de chineál atá oiriúnach le haghaidh úsáid thionsclaíoch.

(3)

Síolta nó plandaí, triomaithe nó leasaithe i leacht; luslanna.

(4)

Eiseamail de mhianraí (seachas clocha lómhara nó scothlómhara a thagann faoi Chaibidil 71); eiseamail de chlochrú.

(5)

Eiseamail oisté-eolaíochta (cnámharlaigh, blaoscanna, cnámha).

(6)

Eiseamail anatamaíochta agus paiteolaíochta.”

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex97050000

Bailiúcháin agus earraí bailitheoirí ar díol spéise iad ó thaobh na zó-eolaíochta, na luibheolaíochta, na mianreolaíochta, na hanatamaíochta, na staire, na seandálaíochta, na pailé-ointeolaíochta, na heitneagrafaíochta nó na moneolaíochta

Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin.

Eisiatar leis sin trófaithe géim agus ullmhóidí eile d’aon speiceas ainmhíoch ar ar cuireadh cóireáil seitheadóireachta iomlán, rud a áirithíonn go leasófar ag teochtaí comhthimpeallacha iad.

Eisiatar leis sin trófaithe géim agus ullmhóidí eile ó speicis eile seachas crúbacha agus éin (cibé acu cóireáilte nó neamhchóireáilte).

Déantar ceanglais shonracha maidir le trófaithe géim a leagan amach i Sraith 6 de Thábla 2 i Roinn 1 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

CAIBIDIL 99

Cóid AC speisialta

Cóid staitistiúla le haghaidh gluaiseachtaí earraí, ar gluaiseachtaí sonracha ar leith iad

Barúlacha ginearálta

Cumhdaítear leis an gcaibidil seo earraí ar de thionscnamh tríú tíortha iad agus arna seachadadh ar shoithí agus aerárthaí laistigh den Aontas Eorpach faoi nós imeachta idirthurais custaim (T1).

Cód AC

Tuairisc

Cáilíocht agus míniú

(1)

(2)

(3)

Ex 9930 24 00

Earraí i gCaibidlí 1 go 24 de AC arna seachadadh ar shoithí agus aerárthaí

Táirgí de bhunadh ainmhíoch atá dírithe ar sholáthar loinge dá bhforáiltear in Airteagail 21 agus 29 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún (10).

Ex 9930 99 00

Earraí a aicmítear in áit eile arna seachadadh ar shoithí agus aerárthaí

Táirgí de bhunadh ainmhíoch atá dírithe ar sholáthar loinge dá bhforáiltear in Airteagail 21 agus 29 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124.


(1)  IO L 54, 26.2.2011, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le catagóirí áirithe earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (IO L 132, XX.2021, lch. 17).

(3)  IO L 256 7.9.1987, lch. 1.

(4)  IO L 198, 20.7.1987, lch. 1.

(5)  IO C 119, 29.3.2019, lch. 1.

(6)  IO L 300, 14.11.2009, lch. 1.

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1125/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Iúil 2006 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO L 200, 22.7.2006, lch. 3).

(8)  (1) Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí leighis (IO L 169, 12.7.1993, lch. 1).

(9)  Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro (IO L 331, 7.12.1998, lch. 1).

(10)  IO L 321, 12.12.2019, lch. 73.


19.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/63


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/633 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Aibreán 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (dá ngairtear “an bun-Rialachán” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Tar éis imscrúdú frithdhumpála (“an t-imscrúdú bunaidh, an tSín”), d’fhorchuir an Chomhairle le Rialachán (CE) Uimh. 1187/2008 (2) dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam (“MSG”) ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (“Daon-Phoblacht na Síne” nó “an tSín”).

(2)

I mí Eanáir 2015, trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/83 (3), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de MSG ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán (“athbhreithniú éaga roimhe seo”).

(3)

I mí Eanáir 2015, trí Rialachán (AE) 2015/84 (4), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí de MSG ar de thionscnamh na hIndinéise iad (“an t-imscrúdú bunaidh, an Indinéis”).

(4)

Is idir 33,8 % agus 36,5 % atá na rátaí dleachta frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair i ndáil le hallmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin a chomhoibrigh leis an imscrúdú bunaidh, agus is é ráta 39,7 % atá i bhfeidhm maidir le hallmhairí ó gach cuideachta eile sa tSín. Maidir leis an Indinéis, is idir 7,2 % agus 13,3 % atá na rátaí dleachta frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair i ndáil le hallmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin a chomhoibrigh leis an imscrúdú bunaidh, an Indinéis, agus is é ráta 28,4 % atá i bhfeidhm maidir le hallmhairí ó gach cuideachta eile san Indinéis.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(5)

Tar éis foilsiú dhá fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú (5), fuair an Coimisiún dhá iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(6)

Rinne Ajinomoto Foods Europe S.A.S. (“AFE” nó “an t-iarratasóir”) an dá iarraidh a thaisceadh an 21 Deireadh Fómhair 2019, agus seasann AFE do 100 % de tháirgeadh foriomlán an Aontais de MSG. Bhí na hiarrataí bunaithe ar an bhforas gur dhócha go leanfaí le dumpáil agus go gcuirfí tús léi arís agus go leanfaí le díobháil nó go gcuirfí tús léi arís don tionscal de chuid an Aontais mar thoradh ar dhul in éag na mbeart (6).

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(7)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gurbh ann d’fhianaise leordhóthanach chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 21 Eanáir 2020 maidir le hallmhairí de MSG ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise (“na tíortha lena mbaineann”) iad ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (7) (“an Fógra Tionscnaimh”).

1.4.   Imscrúdú comhuaineach ar fhrith-imchéimniú

(8)

An 19 Feabhra 2020, thionscain Coimisiún imscrúdú, de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, i dtaca le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála i bhfeidhm maidir le hallmhairí MSG ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, agus chuir sé allmhairí den sórt sin faoi réir a gcláraithe (8). Tionscnaíodh an t-imscrúdú tar éis do Ajinomoto Foods Europe S.A.S., an chuideachta arb í an t-iarratasóir í ar na hathbhreithnithe éaga reatha freisin, iarraidh a chur isteach. Ba é MSG i meascán nó i dtuaslagán, ina bhfuil 50 % nó níos mó de MSG de réir meáchan tirim, an táirge faoi imscrúdú.

(9)

Thángthas ar an gconclúid san imscrúdú gur imchéimníodh na bearta atá ann cheana maidir le hallmhairí MSG ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad le hallmhairí den táirge faoi imscrúdú. Le Rialachán (AE) 2020/1427 (9), rinne an Coimisiún na bearta i bhfeidhm a leathnú chun allmhairí MSG i meascán nó i dtuaslagán, ina bhfuil 50 % nó níos mó de MSG de réir meáchan tirim, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad a chumhdach.

1.5.   An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus an tréimhse a measadh

(10)

Leis an imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go gcuirfí tús léi arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 (an “tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe”). San imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfaí den díobháil nó go dtosófaí arís í, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go deireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (“an tréimhse a breithníodh”) (10).

1.6.   Páirtithe leasmhara

(11)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun a bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, na táirgeoirí aitheanta MSG sa tSín agus san Indinéis agus údaráis na dtíortha lena mbaineann, na hallmhaireoirí aitheanta agus na húsáideoirí ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(12)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

1.6.1.   Sampláil

(13)

I bhfianaise an lín ard táirgeoirí sna tíortha lena mbaineann, de réir cosúlachta, agus na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara san Aontas, shonraigh an Coimisiún san Fhógra Tionscnaimh go mb’fhéidir go samplálfadh sé na táirgeoirí agus na hallmhaireoirí neamhghaolmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.6.1.1.   Sampláil táirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne agus san Indinéis

(14)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa tSín agus san Indinéis an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisin Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(15)

Sholáthair dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. D’iarr an Coimisiún ar na cuideachtaí sin a bheith rannpháirteach san imscrúdú agus sheol ceistneoirí amach chucu. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil agus chuir sé na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas faoi sin le Nóta leis an gcomhad.

(16)

Thug an Coimisiún fógra do Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne go raibh sé beartaithe aige, i ngeall ar an gcomhoibriú neamh-leordhóthanach ón dá tháirgeoir onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus dá bhrí sin a chuid torthaí maidir le leanúint den dumpáil agus den díobháil nó atosú na dumpála nó na díobhála i dtaca le Daon-Phoblacht na Síne a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil. Ní bhfuarthas aon bharúil mar fhreagra ar an bhfógra sin.

(17)

Níor tháinig aon táirgeoir onnmhairiúcháin san Indinéis chun tosaigh. Mar sin féin, rinne aon ghrúpa cuideachtaí amháin san Indinéis ag a mbíonn MSG á tháirgeadh agus á dhíol ar mhargadh intíre na hIndinéise (“grúpa táirgeoirí comhoibríocha san Indinéis”) na foirmeacha samplála a chur isteach. Ní raibh an táirge faoi athbhreithniú á onnmhairiú chuig an Aontas ag na cuideachtaí sin. D’iarr an Coimisiún ar na cuideachtaí sin a bheith rannpháirteach san imscrúdú agus sheol ceistneoirí amach chucu.

(18)

Thug an Coimisiún fógra do Mhisean na hIndinéise go raibh sé beartaithe aige, i ngeall ar an gcomhoibriú neamh-leordhóthanach ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin/tháirgeoirí san Indinéis, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus dá bhrí sin a chuid torthaí maidir le leanúint den dumpáil agus den díobháil nó atosú na dumpála nó na díobhála i dtaca le táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí san Indinéis a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil. Ní bhfuarthas aon bharúil mar fhreagra ar an bhfógra sin.

1.6.1.2.   Sampláil allmhaireoirí

(19)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar.

(20)

Sholáthair ceithre allmhaireoir neamhghaolmhara an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil agus go ndéanfadh sé imscrúdú ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar a tháinig chun tosaigh. Chomhoibrigh na ceithre allmhaireoir neamhghaolmhara go hiomlán trí fhreagra iomlán ar an gceistneoir a chur isteach.

1.6.2.   Freagraí ar an gceistneoir

(21)

Fuarthas freagraí iomlána ar an gceistneoir ó ghrúpa táirgeoirí comhoibríocha MSG san Indinéis, ón táirgeoir aonair san Aontas agus ó cheithre allmhaireoir neamhghaolmhara.

(22)

D’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí go léir i nDaon-Phoblacht na Síne a tháinig chun tosaigh agus a sholáthair an fhaisnéis a iarradh maidir le sampláil an ceistneoir do tháirgeoirí onnmhairiúcháin a líonadh isteach. Foilsíodh cóip den cheistneoir ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála tráth an tionscnaimh.

(23)

Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin/tháirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne. Mar a luaitear in aithrisí (15) agus (16) thuas, thug an Coimisiún fógra don dá tháirgeoir onnmhairiúcháin/tháirgeoir i nDaon-Phoblacht na Síne a tháinig chun tosaigh ar dtús go raibh sé beartaithe aige Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus dá bhrí sin a chuid torthaí a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé sin chomh fabhrach céanna don pháirtí lena mbaineann. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(24)

Dá bhrí sin, níorbh ann d’aon chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin/tháirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne ná san Indinéis. Mar a luaitear in aithris (17), áfach, chomhoibrigh aon ghrúpa cuideachtaí amháin san Indinéis ag a mbíonn MSG á tháirgeadh agus á dhíol ar mhargadh intíre na hIndinéise, ach nach mbíonn ag onnmhairiú chuig an Aontas.

1.6.3.   Fíorú

(25)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil agus nó go dtarlóidís arís agus maidir le leas an Aontais. De bharr ráig phaindéim COVID-19 agus na mbeart a glacadh dá réir chun déileáil leis an ráig (“Fógra COVID-19”) (11), níorbh fhéidir leis an gCoimisiún, áfach, cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh ar áitribh na gcuideachtaí go léir. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda ar an bhfaisnéis a sholáthair na cuideachtaí seo a leanas ar fhíschomhdháil:

Ajinomoto Foods Europe SAS, Mesnil-Saint-Nicaise, an Fhrainc (“AFE”)

Grúpaí táirgeoirí comhoibríocha san Indinéis

PT Ajinomoto Indonesia, an Indinéis

PT Ajinomoto Sales Indonesia, an Indinéis

2.   TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Táirge faoi athbhreithniú

(26)

Is ionann an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo agus an táirge a cuimsíodh faoi na himscrúduithe roimhe seo a luaitear in aithrisí (1) go (4), is é sin glútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise í, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 2922 42 00 (cód TARIC 2922420010) (“an táirge faoi athbhreithniú”). Is breiseán bia é MSG agus is mar mhéadaitheoir blais in anraithí, bratanna, miasa éisc agus feola, meascán spíosraí agus bia réamhdhéanta is mó a úsáidtear é. Is i bhfoirm criostail bhána gan bholadh ar mhéideanna éagsúla a tháirgtear é. Úsáidtear MSG freisin i dtionscal na gceimiceán chun críoch neamhbhia amhail glantaigh.

(27)

Táirgtear é go príomha le coipeadh foinsí siúcra éagsúla (stáirse arbhair Indiaigh, stáirse taipióca, síoróip siúcra, molás cána siúcra agus molás biatas siúcra).

2.2.   Táirge comhchosúil

(28)

Mar a leagadh síos sna himscrúduithe roimhe seo a luaitear in aithrisí (1) go (4), deimhníodh leis an athbhreithniú éaga seo gurb iad na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge faoi athbhreithniú;

an táirge a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargadh intíre na dtíortha lena mbaineann; agus

an táirge arb é an tionscal de chuid an Aontais a tháirg agus a dhíol é.

(29)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DUMPÁIL NÓ GO dTOSÓFAR ARÍS Í

3.1.   Réamhbharúlacha

(30)

I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún cibé ar dhóigh go leanfaí den dumpáil nó go dtosófaí ar dhumpáil arís ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus/nó ón Indinéis de bharr dhul in éag na mbeart atá i bhfeidhm.

3.1.1.   Daon-Phoblacht na Síne

(31)

Níor chomhoibrigh aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí ó Dhaon-Phoblacht na Síne san imscrúdú. Níor chuir siad aon fhaisnéis isteach ná níor sholáthair siad fianaise thacaíochta maidir leis an saobhadh suntasach líomhnaithe de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ar an dóigh chéanna, mar a luaitear in aithris (23), níor chuir aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín freagra isteach ar an gceistneoir.

(32)

Níor thug Rialtas na Síne aon fhreagra ar an gceistneoir ná níor thug sé aghaidh ar an bhfianaise i gcomhad an cháis arna sholáthar ag an iarratasóir, lena n-áirítear an “Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála” (“an Tuarascáil”) (12).

(33)

Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go dtosófaí í arís a leagtar amach in aithrisí (36) go (135) bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe faisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga agus sa staidreamh a bhí ar fáil, mar atá staidreamh ó Eurostat agus ó Global Trade Atlas (“GTA”).

3.1.2.   An Indinéis

(34)

Mar a luadh in aithris (17), níor chomhoibrigh aon táirgeoir onnmhairiúcháin san Indinéis san imscrúdú. Mar sin féin, chomhoibrigh grúpa táirgeoirí ón Indinéis a bhíonn ag díol ar an margadh intíre agus ar mhargaí tríú tír eile.

(35)

Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go dtosófaí í arís a leagtar amach in aithrisí (137) go (144) bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe faisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, sa staidreamh a bhí ar fáil, mar atá staidreamh ó Eurostat agus GTA agus, chomh maith leis sin, mar a luaitear in aithris (21), sonraí arna gcur isteach ag an ngrúpa táirgeoirí comhoibríocha ón Indinéis.

3.2.   Leanúint de dhumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

3.2.1.   Daon-Phoblacht na Síne

(36)

Le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, taispeánann na sonraí staidrimh ó Eurostat gur allmhairíodh 3 500 tona de MSG as Daon-Phoblacht na Síne, agus is ionann é sin agus [4 – 7] % den sciar den mhargadh san Aontas (13). Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil líon allmhairí den sórt sin sách ionadaíoch chun imscrúdú a dhéanamh ar cibé ar leanadh den dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe nó nár leanadh.

3.2.2.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le haghaidh allmhairí den táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

(37)

Ós rud é go raibh fianaise leordhóthanach ar fáil nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú agus go bhféadfaí a thaispeáint, maidir le Daon-Phoblacht na Síne, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(38)

D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé go mba ghá dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, thug an Coimisiún cuireadh do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am.

(39)

Shonraigh an Coimisiún freisin i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, go raibh an Téalainn roghnaithe go sealadach aige mar thír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun críche an gnáthluach a chinneadh bunaithe ar phraghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Luaigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(40)

An 21 Feabhra 2020, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (“an chéad nóta faoi thosca táirgeachta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh dá ndeimhneofaí cur i bhfeidhm na modheolaíochta faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún liosta ar fáil de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear chun MSG a tháirgeadh. Ina theannta sin, bunaithe ar na critéir a threoraíonn an rogha praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé beartaithe aige an Téalainn nó an Mhalaeisia a roghnú mar thír ionadaíoch iomchuí. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur in iúl agus ní bhfuair sé barúlacha ach ón iarratasóir amháin. Thacaigh sé le rogha na Téalainne, i ngeall ar an líon níos mó cuideachtaí sa tír sin a bhfuil sonraí ar fáil go poiblí orthu. Ina bharúlacha, d’iarr an t-iarratasóir freisin go ndéanfaí sonraí na gcuideachtaí oiriúnacha a mheánú chun bonn níos fearr agus níos iontaofa a sholáthar le haghaidh chinntí an Choimisiúin, i gcomparáid leis an úsáid sonraí bunaithe ar fhaisnéis maidir le cuideachta aonair.

(41)

An 8 Aibreán 2020, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta (“an dara nóta faoi thosca táirgeachta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus an Téalainn mar an tír ionadaíoch dá ndeimhneofaí cur i bhfeidhm na modheolaíochta faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Chuir sé in iúl freisin do pháirtithe leasmhara go leagfadh sé síos costais díola, costais ghinearálta agus costais riaracháin agus na brabúis bunaithe ar fhaisnéis a bhí ar fáil do na cúig chuideachta seo a leanas, ar táirgeoirí MSG iad sa tír ionadaíoch:

(1)

Ajinomoto Co. (Thailand) Ltd.

(2)

Thai Fermentation Industry Co Ltd. (Racha Churos)

(3)

Thai Churos

(4)

Thai Foods International Co. Ltd.

(5)

KT MSG.

(42)

D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur in iúl agus ní bhfuair sé barúlacha ach ó aon allmhaireoir amháin, a thacaigh le roghnú na Téalainne mar an tír ionadaíoch.

3.2.2.1.   Gnáthluach

(43)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, “beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir”.

(44)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “i gcás ina gcinntear […] nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais a úsáid sa tír is onnmhaireoir i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a thógáil go heisiach ar bhonn costas táirgthe agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa”, agus “áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnach de chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus i gcomhair brabús” (“costais SG&A” a thugtar anseo feasta ar “costais díola, ghinearálta agus riaracháin”).

(45)

Mar a mhínítear tuilleadh in aithrisí (46) go (107), bhain an Coimisiún de thátal as an imscrúdú reatha, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibrithe ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.2.3.   Saobhadh suntasach a bheith ann

3.2.3.1.   Réamhrá

(46)

Déantar “saobhadh suntasach” a shainiú in Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán mar “an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna nó na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird, inter alia, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, nó faoi mhaoirseacht beartais, nó faoi stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir;

an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas;

beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir;

maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais phá;

rochtain ar mhaoiniú a dheonaíonn institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar chaoi eile nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát”.

(47)

De réir Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, sa mheasúnú ar a bheith ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) cuirfear san áireamh, i measc nithe eile, liosta neamh-uileghabhálach gnéithe san fhoráil roimhe sin. De bhun Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, agus measúnú á dhéanamh ar an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo ar phraghsanna agus ar chostais sa tír is onnmhaireoir den táirge faoi athbhreithniú. Go deimhin, toisc gur liosta neamhcharnach é an liosta sin, ní gá aird a thabhairt ar na gnéithe go léir chun toradh de shaobhadh suntasach a fháil. Thairis sin, féadfar na tosca fíorasacha céanna a úsáid chun a thaispeáint gur ann do cheann amháin nó níos mó de na gnéithe ar an liosta. Mar sin féin, ní mór aon chonclúid maidir le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) a dhéanamh ar bhonn na fianaise go léir atá idir lámha. Féadfaidh an measúnú foriomlán ar an ann do shaobhadh comhthéacs ginearálta agus an cás sa tír is onnmhaireoir a chur san áireamh freisin, go háirithe i gcás ina dtugann na gnéithe bunúsacha de chomhdhéanamh eacnamaíoch agus riaracháin na tíre is onnmhaireoir cumhachtaí substainteacha don rialtas chun idirghabháil a dhéanamh sa gheilleagar ar bhealach a fhágfaidh nach torthaí ar shaor-fhorbairt fhórsaí an mhargaidh iad na praghsanna ná na costais.

(48)

Foráiltear in Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán “[i gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta”.

(49)

De bhun na forála sin, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil de réir tíre maidir leis an tSín (féach fonóta 12), ina dtaispeántar gurb ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais ar go leor leibhéal den gheilleagar, lena n-áirítear saobhadh sonrach i gcuid mhaith príomhthosca táirgeachta (amhail talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhar agus saothar) chomh maith le hearnálacha sonracha (amhail ceimiceáin nó próiseáil arbhair). Cuireadh an Tuarascáil sa chomhad imscrúdaithe ag an gcéim thionscnaimh. Tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara an fhianaise a bhí sa chomhad imscrúdaithe ag tráth an tionscnaimh, a raibh an Tuarascáil ina dlúthchuid de, a fhrisnéis, barúil a thabhairt ina leith nó an fhianaise a fhorlíonadh. Ní bhfuarthas aon bharúil

(50)

Soláthraíodh fianaise bhreise san iarraidh ar athbhreithniú gurb ann do shaobhadh suntasach in earnáil MSG de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), a chomhlánaíonn an Tuarascáil. Chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go bhfuil tionchar ag an saobhadh a luaitear sa Tuarascáil (go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar a laghad) ar tháirgeadh agus ar dhíol an táirge faoi athbhreithniú, go háirithe de bharr go gcuireann an stát isteach go mór ar shlabhra luacha MSG, i.e. in earnáil MSG agus sna hearnálacha a bhaineann le táirgeadh MSG, go háirithe in earnálacha ionchuir agus na tosca táirgeachta.

(51)

Scrúdaigh an Coimisiún cibé an raibh nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i ngeall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún é sin ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil ar an gcomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí sa Tuarascáil, a bhíonn ag brath ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí, go háirithe maidir le reachtaíocht na Síne, doiciméid fhoilsithe maidir le beartas oifigiúil na Síne, tuarascálacha arna bhfoilsiú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus staidéir/ailt le daoine acadúla a bhfuil cáil orthu, a aithnítear go sonrach sa Tuarascáil. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais sa gheilleagar go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú. Chuir an Coimisiún leis na gnéithe fianaiseacha sin tuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

(52)

Mar a shonraítear in aithris (32), níor thug Rialtas na Síne aon fhreagra ar an gceistneoir. Mar a luaitear in aithris (23), ní raibh aon chomhoibriú ach an oiread ó aon táirgeoir onnmhairiúcháin/táirgeoir sa tSín. Thairis sin, níor sholáthair aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí sa tSín ar deonaíodh an stádas mar pháirtí leasmhar dóibh aon fhianaise chun tacú leis an bhfianaise reatha maidir le comhad an cháis, nó chun í a fhrisnéis, lena n-áirítear an Tuarascáil, agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú ar shaobhadh suntasach a bheith ann agus/nó ar a iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás seo.

3.2.3.2.   Saobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne

(53)

Tá córas eacnamaíoch na Síne bunaithe ar choincheap “gheilleagar an mhargaidh shóisialaigh”. Cumhdaítear an coincheap sin i mBunreacht na Síne agus cinntear rialachas eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne leis. Is é an príomhphrionsabal “úinéireacht phoiblí shóisialach ar na modhanna táirgthe, eadhon, úinéireacht an phobail uile agus comhúinéireacht ag an lucht oibre”. Is é an geilleagar faoi úinéireacht an Stáit “fórsa ceannasach an gheilleagair náisiúnta” agus tá sainordú ag an Stát maidir le “comhdhlúthú agus fás an gheilleagair a áirithiú” (14). Dá dhroim sin, ní hamháin go bhfágann comhdhéanamh foriomlán gheilleagar na Síne gur féidir idirghabhálacha substainteacha rialtais a dhéanamh sa gheilleagar, ach déantar idirghabhálacha den sórt sin a shainordú go sainráite. Tá an coincheap maidir le ceannas na húinéireachta poiblí ar an duine príobháideach leata ar fud an chórais dhlíthiúil fhoriomláin agus cuirtear béim air mar phrionsabal ginearálta i ngach píosa lárnach reachtaíochta. Sampla maith de sin is ea dlí maoine na Síne: tagraíonn sé do phríomhchéim an tsóisialachais agus cuireann sé ar iontaoibh an Stáit seasamh leis an gcóras eacnamaíoch bunúsach faoina bhfuil ról ceannasach ag an úinéireacht phoiblí. Glactar le foirmeacha eile úinéireachta, agus tugtar cead dóibh de réir dlí forbairt taobh le taobh leis an úinéireacht Stáit (15).

(54)

Ina theannta sin, faoi dhlí na Síne, forbraítear an geilleagar margaidh sóisialach faoi cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne. Tá struchtúir Stát na Sine agus Pháirtí Cumannach na Síne fite fuaite ina chéile ar gach leibhéal (dlíthiúil, institiúideach, pearsanta), rud lena gcruthaítear forstruchtúr nach féidir róil an Pháirtí agus an Stáit a idirdhealú óna chéile ann. Tar éis leasú a dhéanamh ar Bhunreacht na Síne i mí an Mhárta 2018, tugadh tábhacht níos mó fós do ról ceannasach Pháirtí Cumannach na Síne trína athdhearbhú i dtéacs Airteagal 1 den Bhunreacht. Tar éis na chéad abairte atá cheana féin san fhoráil: “[i]s é an córas sóisialach córas bunúsach Dhaon-Phoblacht na Síne” cuireadh dara habairt nua isteach ina léitear: “[i]s é gné shainithe an tsóisialachais le saintréithe Síneacha ná ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne.” (16) Léiríonn sé sin smacht gan cheist an Pháirtí Chumannaigh ar chóras eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne, smacht atá ag fás de shíor. Gné dhílis de chóras na Síne is ea an cheannaireacht agus an smacht sin agus gabhann siad thar an ngnáth-chás i dtíortha eile ina mbíonn smacht maicreacnamaíoch ginearálta ag na rialtais laistigh de na teorainneacha a mbíonn fórsaí an mhargaidh shaoir ag feidhmiú laistigh díobh.

(55)

Bíonn Stát na Síne ag gabháil do bheartas eacnamaíoch crioscaíolach de bhun spriocanna, a thagann leis an gclár oibre polaitiúil arna leagan síos ag Páirtí Cumannach na Síne in ionad a bheith ag léiriú na gcoinníollacha eacnamaíocha atá i réim i margadh saor (17). Tá an iliomad uirlisí eacnamaíocha crioscaíolacha in úsáid ag údaráis na Síne, lena n-áirítear an córas a bhaineann le pleanáil thionsclaíoch, an córas airgeadais agus le leibhéal na timpeallachta rialála.

(56)

Sa chéad dul síos, ar leibhéal an smachta riaracháin ghinearálta, tá treo gheilleagar na Síne á rialú ag córas casta um pleanáil tionscail a bhfuil tionchar aige ar gach gníomhaíocht eacnamaíoch sa tír. Leis na pleananna sin i dteannta a chéile, cumhdaítear maitrís chuimsitheach chasta earnálacha agus beartas trasghearrtha, agus tá siad le fáil ar gach leibhéal rialtais. Bíonn na pleananna ar leibhéal na gcúigí mionsonraithe agus leagtar spriocanna níos leithne síos sna pleananna náisiúnta. Sonraítear sna pleananna freisin na modhanna lena dtacófar leis na tionscail/earnálacha ábhartha chomh maith leis na tráthchláir faoinar gá na cuspóirí a ghnóthú. Tá spriocanna follasacha aschuir i roinnt pleananna i gcónaí cé gur ghné thráthrialta de thimthriallta pleanála roimhe seo a bhíodh ansin. Faoi na pleananna, tá aird ar leith á tabhairt ar earnálacha tionsclaíocha aonair agus/nó ar thionscadail mar thosaíochtaí (dearfacha nó diúltacha) i gcomhréir le tosaíochtaí rialtais agus déantar spriocanna forbartha sonracha (uasghrádú tionsclaíoch, fairsingiú idirnáisiúnta etc.) a shannadh dóibh. Ní mór do na hoibreoirí eacnamaíocha, idir chinn phríobháideacha agus chinn faoi úinéireacht an Stáit araon, a ngníomhaíochtaí gnó a choigeartú go héifeachtach de réir an méid a fhorchuirtear leis an gcóras pleanála i ndáiríre. Ní hamháin go bhfuil sé sin fíor mar gheall ar chineál ceangailteach na bpleananna ach freisin toisc go gcloíonn údaráis ábhartha na Síne ar gach leibhéal den rialtas leis an gcóras pleananna agus toisc go n-úsáideann siad a gcumhachtaí dílse dá réir sin, rud lena gcuirtear faoi deara dá bhrí sin do na hoibreoirí eacnamaíocha na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna a chomhlíonadh (féach freisin Roinn 3.2.3.5 thíos) (18).

(57)

Ar an dara dul síos, ar an leibhéal a dhéantar acmhainní airgeadais a leithdháileadh, tá an lámh in uachtar ag na bainc thráchtála faoi úinéireacht an Stáit ar chóras airgeadais Dhaon-Phoblacht na Síne. Ní mór do na bainc sin, le linn dóibh a mbeartas iasachtaithe a bhunú agus a chur chun feidhme, iad féin a ailíniú leis na cuspóirí i mbeartas tionsclaíoch an rialtais seachas measúnú a dhéanamh go príomha ar fhiúntais eacnamaíocha tionscadail ar leith (féach freisin Roinn 3.2.3.8 thíos) (19). Tá an rud céanna fíor maidir leis na comhpháirteanna eile de chóras airgeadais na Síne, amhail na stocmhargaí, na margaí bannaí, na margaí cothromais phríobháideacha, etc. Chomh maith leis sin, tá na codanna sin den earnáil airgeadais seachas earnáil na baincéireachta bunaithe ar bhonn institiúide agus oibríochta ar bhealach nach bhfuil giaráilte i dtreo fheidhmiú éifeachtúil na margaí airgeadais a uasmhéadú ach i dtreo smacht a áirithiú agus idirghabháil de chuid an Stáit agus Pháirtí Cumannach na Síne a cheadú (20).

(58)

Ar an tríú dul síos, maidir le leibhéal na timpeallachta rialála, tá roinnt foirmeacha ag baint le hidirghabhálacha an Stáit sa gheilleagar. Mar shampla, úsáidtear na rialacha maidir le soláthar poiblí go tráthrialta in iarracht spriocanna beartais seachas éifeachtúlacht eacnamaíoch a bhaint amach, rud dá réir sin a bhaineann an bonn de na prionsabail mhargadhbhunaithe sa réimse. Foráiltear go sonrach sa reachtaíocht is infheidhme go ndéanfar an soláthar poiblí d’fhonn baint amach na spriocanna arna gceapadh trí bheartais an Stáit a éascú. Mar sin féin, níl cineál na spriocanna atá i gceist sainithe go fóill, rud a fhágann dá bhrí sin corrlach breithmheasa ag na comhlachtaí cinnteoireachta (21). Ar an gcaoi chéanna, sa réimse infheistíochta, coimeádann Rialtas na Síne smacht suntasach agus tá tionchar suntasach aige ar cheann scríbe agus ar dhearbhmhéid na hinfheistíochta Stáit agus príobháidí araon. Úsáideann na húdaráis scagadh infheistíochta chomh maith le dreasachtaí, srianta, agus coisc éagsúla a bhaineann le hinfheistiú mar uirlis thábhachtach chun tacaíocht a thabhairt do spriocanna beartais tionsclaíocha, amhail smacht an Stáit a choimeád ar phríomh-earnálacha nó borradh a chur faoin tionscal intíre (22).

(59)

Mar sin, tá samhail eacnamaíoch na Síne bunaithe ar aicsímí bunúsacha áirithe, lena ndéantar foráil maidir leis an iliomad idirghabháil rialtais agus a spreagann iad. Tagann idirghabhálacha substainteacha rialtais den sórt sin salach ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh, agus déantar leithdháileadh éifeachtach acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh a shaobhadh dá bharr sin (23).

3.2.3.3.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán: an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir

(60)

I nDaon-Phoblacht na Síne, léiríonn fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht agus/nó faoi mhaoirseacht beartais nó faoi threoraíocht an Stáit cuid fhíor-riachtanach den gheilleagar.

(61)

In éagmais aon chomhair ó Dhaon-Phoblacht na Síne, níl ach faisnéis theoranta ag an gCoimisiún maidir le struchtúr úinéireachta na gcuideachtaí atá gníomhach in earnáil MSG i nDaon-Phoblacht na Síne. I measc na dtrí chuideachta sa tSín atá sonraithe mar phríomhtháirgeoirí ag an iarratasóir, agus atá deimhnithe mar a bheith amhlaidh ag foinsí eile bunaithe ar thaighde an Choimisiúin féin (24), dealraíonn sé nach bhfuil aon cheann díobh faoi úinéireacht an Stáit.

(62)

Mar sin féin, mheas an Coimisiún go raibh tacaíocht chomhaltaí Pháirtí Cumannach na Síne agus údarás poiblí áitiúil ag ceann de na mórtháirgeoirí onnmhairiúcháin – Fufeng Group – agus go ndearna na húdaráis phoiblí áitiúla sin comhordú ar ábhair leasa don chuideachta. Mar shampla, sonraítear an méid seo a leanas ar shuíomh gréasáin oifigiúil na cuideachta maidir le cuairt oifigiúil ionadaithe an rialtais áitiúil: “Tar éis a óráide, luaigh Jiao Gangwei an fhadhb a bhaineann le gual atá ag cur isteach ar na fiontair le 2 bhliain anuas, agus chuir sé béim ar an obair a bhí á déanamh ag Coiste Pháirtí Bardasach agus Rialtas Zhalantun chun comhordú ar an gceist sin a áirithiú. […] Lean toscaireacht Liu Qifan d’fhoghlaim faoi ranníocaíochtaí sóisialta na cuideachta, obair neartaithe páirtí, chomh maith le MSG […]. Ina theannta sin, mhol Liu Qifan an tionchar a bhain leis an olltáirgeadh aimíonaigéad ardleibhéil a sheol Fufeng ar phraghsanna domhanda agus thacaigh leis an obair neartaithe páirtí de chuid na cuideachta. Ar deireadh, dúirt sé an méid seo a leanas lena thoscaireacht: “Tá an chuideachta seo ar cheann de na príomhchuideachtaí, agus ní ann d’aon tionscadal atá chomh maith leo seo in aon áit eile. Ní mór don rialtas freastal go maith uirthi.” Luaigh an Rúnaí Liu trí huaire i ndiaidh a chéile gur cheart don rialtas freastal go maith ar an gcuideachta. Thairis sin, thacaigh sé leis an gcuideachta agus dúirt gur léiriú é a staid ar dhiongbháilteacht cheannairí sinsearacha Réigiún Féinrialaitheach na hIon-Mhongóile rialtas atá dírithe ar sheirbhísí a thógáil” (25). Is léir tacaíocht an rialtais áitiúil freisin i ndáil le fochuideachta Fufeng in Heilongjiang Qiqihar, mar a dheimhnítear ar shuíomh gréasáin rialtas Qiqihar: “Chun neart an fhiontair a léiriú, neart inmheánach a bhailiú, cur leis an misneach agus buíochas a ghabháil leis an rialtas áitiúil as a dtacaíocht láidir le Qiqihar Longjiang Fufeng Biotechnology Co., Ltd., fochuideachta de chuid an Ghrúpa, tionóladh cruinniú do na meáin dar theideal ‘túsphointe nua, aistear nua, aisling nua’ in Óstán Wanda Jiahua in Qiqihar san iarnóin an 26 Iúil ar ócáid chomóradh 20 bliain de bhunú Fufeng Group” (26). Fuair an Coimisiún fianaise bhreise ar chaidreamh Fufeng le Páirtí Cumannach na Síne, agus ar thacaíocht agus ar threoraíocht údarás áitiúil sa ráiteas seo a leanas ar shuíomh gréasáin an Ghrúpa: “An 7 Nollaig 2019, thug Li Yugang, Leasrúnaí Choiste Pháirtí Bardasach Qiqihar agus Méara, cuairt ar cheanncheathrú Fufeng Group. Bhí Wang Yongshi, Leas-Mhéara, Qi Xiaotong, Ard-Rúnaí an Rialtais Bhardasaigh, Ren Guangcai, Leas-Rúnaí Choiste Pháirtí Cheantar Angangxi agus Méara, agus Li Yugang Jing, Leas-Mhéara, etc. ina theannta ar an imscrúdú. Bhí Li Xuechun, Cathaoirleach an Bhoird, Zhao Qiang, Bainisteoir Ginearálta, agus ceannairí eile ag tionlacan na cuairte. […] Le linn an phlé, dúirt an Méara Li go bhfuil an phríomh-dhomhainphróiseáil chomh maith lena seachtháirgí an-tábhachtach ar fad i leagan amach tionsclaíoch reatha Chathair Qiqihar. Mar an príomh-mhonaróir aimíonaigéad ar domhan, chuir an chuideachta an-chuidiú ar fáil don domhainphróiseáil arbhair Indiaigh áitiúil. Ghabh cathaoirleach an Bhoird buíochas leis an Méara Li as teacht ar cuairt agus dúirt: ‘Chuir Cathair Qiqihar seirbhísí “gorlainne” ar fáil don chuideachta. An uair seo, ní bheidh sé sna ceannlínte i gCathair Qiqihar amháin, ach ar CCTV freisin. Leanfaidh an chuideachta, i gcomhréir le smaointeoireacht eacnamaíoch an rialtais, de thrádáil iasachta a chobhsú, caipiteal iasachta a chobhsú, infheistíocht a chobhsú, agus ionchas a chobhsú. Leanfaidh an chuideachta den chur leis an misneach, de thairbhe a bhaint as a buntáistí féin, agus de chomhoibriú go seasta leis an rialtas áitiúil ar mhaithe le forbairt chomhpháirteach.” (27) De bhreis air sin, deimhnítear leis an bpreasráiteas seo a leanas go gcloíonn Fufeng le spriocanna beartais agus idé-eolaíocht an Stáit ina chuid gníomhaíochtaí: “D’fhreagair Fufeng Group do thograí an Uachtaráin Xi Jinping maidir le tionscnaimh chomhair chun ‘Crios Eacnamaíocht Nua Bhóthar an tSíoda’ agus ‘Bóthar Mara an tSíoda don 21ú hAois’ a chruthú, agus rinne forbairt ghníomhach ar chomhpháirtíochtaí eacnamaíocha le tíortha feadh an ‘Chreasa agus an Bhóthair’.” (28)

(63)

I gcás ceann eile de thrí phríomhtháirgeoir MSG – Ningxia Eppen – mheas an Coimisiún go raibh an chuideachta ag cur beartais Stáit agus idé-eolaíocht Pháirtí Cumannach na Síne chun feidhme ina cuid gníomhaíochtaí, mar a shonraigh Cónaidhm Thionscail agus Thráchtála Ningxia: “Ó thús na bliana seo, rinne Ningxia Eppen Biological Company eagrú mionchúiseach ar spiorad an 18ú Comhdháil Náisiúnta de Pháirtí Cumannach na Síne, bhain sé leas cuimsitheach as an spiorad sin, rinne staidéar domhain air agus chuir chun feidhme é, agus cuireadh san áireamh staid iarbhír na cuideachta agus díríodh ar ‘Dhá neartú, Sé earra’, chuir sé le neartú an Pháirtí, rud a chabhraigh go mór le forbairt an fhiontair.” (29) Fuair an chuideachta tacaíocht ó údaráis phoiblí freisin chun lárionad teicneolaíochta náisiúnta a bhunú. De réir Roinn Tionsclaíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise Ningxia Hui, tá sé mar aidhm le tógáil lárionad den sórt sin, go háirithe, cuideachtaí a threorú i dtreo spriocanna beartais áirithe a bhaint amach: “Chun an straitéis forbartha atá bunaithe ar an nuálaíocht a chur chun feidhme agus chun treoraíocht agus tacaíocht a thabhairt d’fhiontair chun a n-inniúlachtaí nuálaíochta teicneolaíochta a neartú, déanann Roinn Tionsclaíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise an Réigiúin Fhéinrialaithigh tógáil Lárionad Teicneolaíochta Fiontraíochta a chur chun cinn go bríomhar. […] Tá Lárionaid Teicneolaíochta Fiontraíochta ina bpríomhghníomhaithe nuálaíochta teicneolaíochta inár Réigiún anois, agus soláthraítear leo tacaíocht teicneolaíochta láidir agus éifeachtach le forbairt tionscail ardchaighdeáin inár Réigiún. […] Bunaíodh Lárionad Teicneolaíochta Fiontraíochta Ningxia Eppen in 2006 agus aithníodh é mar lárionad teicneolaíochta fiontraíochta ar leibhéal náisiúnta in 2011. Áirítear leis an Lárionad Teicneolaíochta ceannaireacht ar dhul chun cinn an tionscail trí nuálaíocht leanúnach, agus baineadh amach torthaí móra.” (30)

(64)

Maidir le soláthraithe na n-ionchur chun MSG a tháirgeadh, arna chur isteach ag an iarratasóir agus arna dheimhniú le foinsí eile (31), is é stáirse an arbhair Indiaigh an príomh-amhábhar i monaraíocht MSG go hiondúil, rud a léiríonn cuid mhór de na costais táirgeachta. Faoi mar a fuair an Coimisiún amach, tá aon mhórtháirgeoir stáirse arbhair Indiaigh amháin ar a laghad – Cofco Biotech – ina fhiontar faoi úinéireacht an Stáit faoi mhaoirsiú an Choimisiúin um Maoirsiú agus Riar Sócmhainní (SASAC) atá faoi úinéireacht an Stáit (32). Is scairshealbhóirí iad údaráis Stáit freisin, go díreach nó go hindíreach, de roinnt mórtháirgeoirí stáirse arbhair Indiaigh. Mar shampla suntasach, i gcás Zhucheng Xingmao Corn Developing Co. Ltd – an táirgeoir stáirse arbhair Indiaigh is mó (13,29 % den mhargadh) (33) – is le Zhucheng Foreign Trade Corp. 74 % de na scaireanna, agus is le Cathair Zhucheng 26,54 % den chomhlacht sin. (34)

(65)

Faoi mar a chuir an t-iarratasóir in iúl, is é atá i dtáirgeadh MSG próiseas ceimiceach ina n-úsáidtear stáirse arbhair Indiaigh agus amóinia. Dá bhrí sin, féadfar táirgeoirí MSG a mheas freisin mar rannpháirtithe gníomhacha d’earnáil ceimiceán na Síne. Maidir leis an earnáil sin, chinn an Coimisiún, de réir staidreamh náisiúnta, gurbh ionann fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit agus 52 % de shócmhainní iomlána na gcuideachtaí ceimiceán in 2015 (35). Bhí ról ceannasach riamh ag na fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, go háirithe na fiontair mhóra lárnacha, i dtionscal ceimiceán Dhaon-Phoblacht na Síne i ngeall ar a staid olagaplachta i gcúrsaí réamhtheachtacha/bunábhar, a rochtain éasca ar shócmhainní a leithdháileann an rialtas (cistí, iasachtaí, talamh, etc.) agus a dtionchar láidir i gcinnteoireacht an rialtais.

(66)

Maidir leis an méid thuas, coinníonn Rialtas na Síne agus Páirtí Cumannach na Síne struchtúir ar bun lena n-áirithítear go mbeidh tionchar leanúnach acu ar fhiontair, agus go háirithe fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit nó faoi smacht an Stáit. Ní hamháin go ndéanann an Stát (agus Páirtí Cumannach na Síne freisin ar go leor bealaí) beartais eacnamaíocha ghinearálta cuideachtaí (go háirithe cuideachtaí atá faoi úinéireacht an Stáit nó faoi smacht an Stáit) a cheapadh agus go ndéanann siad maoirseacht ar a gcur chun feidhme, ach éilíonn sé a chearta freisin maidir le bheith rannpháirteach ina gcinnteoireacht oibríochta. Déantar é sin de ghnáth tríd an meánbhainistíocht a rothlú idir údaráis an rialtais agus na cuideachtaí sin, trí chomhaltaí an pháirtí a bheith rannpháirteach i gcomhlachtaí feidhmiúcháin na gcuideachtaí agus “cealla páirtí” i struchtúir na gcuideachtaí (féach freisin Roinn 3.2.3.4), chomh maith lena dhéanamh trí struchtúr corparáideach na hearnála a mhúnlú (36). I gcás fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit nó faoi smacht an Stáit, baineann siad leas as stádas ar leith laistigh de gheilleagar na Síne, ina gcuimsítear roinnt buntáistí eacnamaíocha, go háirithe cosaint a thabhairt ar iomaíochas agus rochtain thosaíochta ar ionchuir ábhartha, lena n-áirítear maoiniú (37) . Déantar forbairt bhreise i Roinn 3.2.3.4 thíos ar na gnéithe a dhíríonn ar an smacht atá ag an rialtas ar fhiontair i slabhra luacha MSG, agus in earnáil na gceimiceán trí chéile.

(67)

Mar thoradh ar leibhéal ard idirghabhála rialtais i slabhraí luacha ceimiceán i nDaon-Phoblacht na Síne, úinéireacht agus smacht an Stáit ar fhiontair mhóra áirithe a tháirgeann stáirse arbhair Indiaigh, agus – mar a fuair an Coimisiún amach – mar gheall go bhfuil táirgeoirí móra áirithe MSG faoi réir threoraíocht an Stáit, go mbíonn siad ag brath ar a thacaíocht agus, i gcásanna áirithe, go gcuireann siad idé-eolaíocht Pháirtí Cumannach na Síne chun feidhme, cuirtear cosc ar tháirgeoirí faoi úinéireacht phríobháideach den táirge faoi athbhreithniú, fiú amháin, feidhmiú de réir dhálaí an mhargaidh. Tá fiontair atá faoi úinéireacht phoiblí agus phríobháideach araon atá gníomhach i dtáirgeadh MSG agus na n-ionchur a úsáidtear chun MSG a tháirgeadh, faoi réir, go díreach nó go hindíreach, maoirseacht agus treoraíocht beartais freisin mar atá leagtha amach i Roinn 3.2.3.5 thíos.

3.2.3.4.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán: An stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas

(68)

Seachas smacht a chur i bhfeidhm ar an ngeilleagar trí bhíthin úinéireachta ar fhiontair faoi úinéireacht an Stáit agus uirlisí eile, tá sé ar chumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí. Cé go bhféadfaí an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair atá faoi úinéireacht an Stáit a cheapadh agus a chur as a bpoist, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, a mheas mar rud a léiríonn na cearta úinéireachta a chomhfhreagraíonn dó sin (38), léiríonn cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir chinn atá faoi úinéireacht an stáit agus chinn phríobháideacha araon, modh tábhachtach eile trína féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne (39)) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na héilimh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don “tírghrá” agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh (40). In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach (41). Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, thar gach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí MSG agus soláthróirí a gcuid ionchuir.

(69)

Mar shampla, tá forluí pearsanta ag struchtúir Pháirtí Cumannach na Síne leis an gcomhlacht bainistíochta i gcás cuid de tháirgeoirí móra MSG. Dhearbhaigh an Coimisiún gur ceapadh Li Xuechun, Cathaoirleach Bhord Fufeng Group, in 2013 ar feadh tréimhse 5 bliana ina chomhalta de Chomhdháil Phobail Chathair Linyi (42). Thairis sin, mar is léir ó aithris (62), bíonn gníomhaíochtaí neartaithe Páirtí á reáchtáil ag an gcuideachta, rud a théann i bhfeidhm ar a gníomhaíochtaí.

(70)

I gcás Ghrúpa Meihua, ceann eile de na trí tháirgeoir mhóra MSG, sonraíodh go raibh cúigear as dháréag comhalta den Bhord ina gcomhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne in 2019 (43). Fuair an Coimisiún an fhianaise seo a leanas freisin ar na gníomhaíochtaí neartaithe Páirtí a bhí ar siúl ag Meihua agus ar thionchar Pháirtí Cumannach na Síne ar oibríochtaí na cuideachta: “An 30 Meitheamh, reáchtáil Jilin Meihua imeacht lae don pháirtí agus chuir sé an t-imeacht ar siúl a bhí dírithe ar ‘Fiontar Foghlama a Thógáil, Breo ag an Obair’. D’fhreastail ionadaí Roinn Eagraíocht Choiste Pháirtí Bardasach Baicheng agus Teagascóir Neartaithe Páirtí Jilin Meihua, Wang Xingang, Stiúrthóir Oifig Pháirtí Pháirc Thionsclaíoch Baicheng, Guo Baoyu, Rúnaí Páirtí Jilin Meihua agus Bainisteoir Ginearálta Zhang Jinlong, agus 22 chomhalta den Pháirtí ar an imeacht. […] Ag an imeacht, thug Wang Xingang ceacht beoga ar an bpáirtí do gach comhalta Páirtí inar díríodh ar ‘próiseas forbartha an Pháirtí, ar céard ba cheart do chomhaltaí chraobh an Pháirtí a dhéanamh i bhfiontair nuachruthaithe, agus cén chaoi ar cheart d’ionadaithe chomhaltaí an Pháirtí ról ceannaireachta a ghlacadh’. Ansin, bhronn Wang Xingang suaitheantas an Pháirtí agus Bunreacht an Pháirtí ar gach chomhalta den Pháirtí i ndiaidh a chéile. Amhail i mbaisteadh Páirtí athnuaite, le suaitheantas an Pháirtí ar an gcliabhrach agus Bunreacht an Pháirtí sna lámha, cruthaíodh ‘droichead idir an croí agus an croí’ idir eagraíocht an Pháirtí féin agus comhaltaí an Pháirtí, rud a chuir go héifeachtach le braistint na honóra, na freagrachta agus an mhuintearais i gcás gach comhalta agus duine den lucht bainistíochta den Pháirtí. Ní hí an onóir amháin atá i gceist, áfach, mar tá an fhreagracht i gceist freisin. Le ‘lá breithe polaitiúil’ den sórt sin, cuirtear ar a gcumas do chomhaltaí an Pháirtí cuimhneamh ar a bhféiniúlacht agus ar a misean i gcónaí, lánúsáid a bhaint as a ról ceannródaíoch agus eiseamláireach ina gcuid oibre amach anseo, formhór an lucht bainistíochta agus na bhfostaithe a aontú agus a stiúradh, obair go dian, a bheith cruthaitheach, misneach a bheith acu le bheith ar an gcéad duine chun rud a dhéanamh, gan géilleadh riamh. ‘Liostálaim i bPáirtí Cumannach na Síne, tacaím le clár an Pháirtí, agus cloím le bunreacht an Pháirtí’ – faoi cheannaireacht Zhang Jinlong, rúnaí an Pháirtí, d’ardaigh na comhaltaí rannpháirteacha den Pháirtí a ndorn deas le chéile ag deireadh an imeachta, agus rinne siad mionn an Pháirtí a athnuachan os comhair bhrat glédhearg an Pháirtí. Chuir an imeacht lae seo de chuid an Pháirtí ar a gcumas do chomhaltaí uile den Pháirtí a gcuid idéal agus a prionsabail chreidimh a neartú, a spiorad Páirtí a neartú, agus treoraíocht na hoibre amach anseo a shoiléiriú.” (44)

(71)

I gcás Ningxia Eppen, an tríú táirgeoir mór MSG, dhearbhaigh an Coimisiún go raibh Cathaoirleach na cuideachta ina ionadaí leis an 12ú Comhdháil Phobail de Réigiún Féinrialaitheach Ningxia Hui, go dtí mí Iúil 2020 ar a laghad (45). An tráth céanna, tugann Cónaidhm Thionscail agus Thráchtála Ningxia cuntas soiléir ar ról Pháirtí Cumannach na Síne maidir le hoibríochtaí na cuideachta: “Ar dtús, ordaítear leis na rialacháin nach mór do Rúnaí Choiste an Pháirtí a bheith i láthair ag cruinnithe ina nglactar cinntí maidir le hábhair chorparáideacha thábhachtacha agus ag cruinnithe tábhachtacha eile, agus ní mór dó éisteacht go hiomlán le tuairimí agus le moltaí a dhéantar lena linn; Ar an dara dul síos, uaidh seo amach, ní mór don duine ábhartha atá i gceannas ar Eagraíocht an Pháirtí freastal ar chruinnithe tábhachtacha agus éisteacht go hiomlán le tuairimí agus le moltaí a dhéantar lena linn nó nuair a bhíonn cinntí tábhachtacha á nglacadh a bhaineann leis na rannóga bainistíochta táirgeachta agus gnó. Le tuiscint mhór ar a fhreagracht, déanfaidh an duine ábhartha i gceannas ar Eagraíocht an Pháirtí na cinntí agus na mórthionscadail oibre a bhaineann leis an táirgeadh a chur in iúl in am trátha do Chomhaltaí an Pháirtí, agus beidh na príomhpháirtithe leasmhara lánpáirteach aige chun iad sin a chur chun cinn” (46)

(72)

Tá éifeachtaí saofa breise ag láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais (féach freisin Roinn 3.2.3.8 thíos), chomh maith le soláthar amhábhar agus ionchur ar an margadh (47). Dá réir sin, de bharr go mbíonn an Stát i láthair i ngnólachtaí, lena n-áirítear fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, in earnáil MSG agus in earnálacha gaolmhara eile (amhail na hearnálacha airgeadais agus ionchuir), faigheann Rialtas na Síne deis cur isteach i dtaca le praghsanna agus costas.

3.2.3.5.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán: beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir

(73)

Déantar treo gheilleagar na Síne a chinneadh a bheag nó a mhór le córas mionléirithe pleanála ina leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na spriocanna nach mór do na rialtais láir agus na rialtas áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal den rialtas agus cumhdaítear gach earnáil eacnamaíoch, nach mór. Tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála de chineál ceangailteach agus déanann na húdaráis ar gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna a bhíonn ag an leibhéal comhfhreagrach is ísle den rialtas. Ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne fágann sé go mbíonn acmhainní á leithdháileadh ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile ag an rialtas, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (48).

(74)

Measann Rialtas na Síne gur earnáil thábhachtach é tionscal na gceimiceán, lena mbaineann táirgeoirí MSG. Deimhnítear é sin sna pleananna, treoracha éagsúla agus doiciméid iomadúla a bhaineann le hearnáil na gceimiceán, a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach (49).

(75)

Níos sonraí, tá MSG faoi réir doiciméid shonracha bheartais i nDaon-Phoblacht na Síne a bhaineann le domhainphróiseáil arbhair Indiaigh, atá ar cheann de na príomh-ionchuir a úsáidtear sa táirgeadh trí choipeadh stáirse arbhair Indiaigh (féach thuas, go háirithe aithris (64)). Go háirithe, cuimsítear próisis táirgthe MSG le forálacha an 13ú Plean 5 Bliana maidir le Próiseáil Gráin agus Ola. Tá sé mar aidhm leo sin gnéithe éagsúla den earnáil próiseála arbhair Indiaigh (lena n-áirítear an fho-earnáil MSG), go háirithe maidir le forbairt an tslabhra luacha, patrúin soláthair, rogha na teicneolaíochta, suíomh na táirgeachta, nó tacaíocht bheartais: “Luas a chur faoi fhorbairt na domhainphróiseála gráin: Fiontair phróiseála ar scála mór a spreagadh chun samhlacha nuálacha tionscail a fhorbairt maidir le próiseáil gráin agus ola, leas iomlán a bhaint as luach féideartha na seachtháirgí agus an slabhra tionsclaíoch a leathnú chomh mór agus is féidir. Tacú le haistriú tionscal mínphróiseála agus domhainphróiseála amhail próiseáil arbhair Indiaigh chuig limistéir tháirgthe bhuntáisteacha agus príomhlimistéar ó thaobh loighistice de agus luas a chur faoi ídiú fardal. Táirgí díorthaithe nua a fhorbairt ó chineálacha nua siúcraí stáirse feidhmiúla agus cineálacha nua ullmhóidí einsíme, aigéad polaghlútamach, polailísín agus táirgí eile bulc-choipthe’ […] ‘Tionscal domhainphróiseála arbhair Indiaigh: Fiontair domhainphróiseála arbhair Indiaigh a spreagadh chun bealaí éifeachtúla nua a fhorbairt chun arbhar Indiach a úsáid agus ráta comhshó na domhainphróiseála arbhair Indiaigh a mhéadú go mór. […] Táirgí coipthe feidhmiúla nua a fhorbairt go gníomhach ina bhfuil ábhar ardteicneolaíochta amhail aimíonaigéid agus núicléisídí, aigéid orgánacha nua, siúcraí stáirse, polóil, ullmhóidí einsíme nua, chomh maith le stáirsí modhnaithe a úsáidtear le haghaidh bia, déanamh páipéir, teicstílí, ceimiceáin mhíne, etc. […] An limistéar lena gcuimsítear trí chúige san oirthuaisceart mar aon le limistéar Huanghuaihai agus mórlimistéir phróiseála eile, cuirfidh siad lena n-iarrachtaí chun cumaisc agus atheagrú a chur chun cinn i gcás na bhfiontar a tháirgeann stáirse arbhair Indiaigh próiseáilte agus siúcra stáirse, alcól, glútamáit mhonasóidiam, […] Gníomhachtú acmhainneachta táirgeachta atá gan úsáid a spreagadh trí chomhar agus oibríochtaí comhpháirteacha.” (50)

(76)

Ina theannta sin, maidir le hionchuir, dhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil earnáil an arbhair Indiaigh faoi réir dianrialála i nDaon-Phoblacht na Síne. Tá méideanna móra stoc-chairn arbhair ina seilbh ag an tír, agus cuireann sé sin ar chumas an rialtais praghsanna an tráchtearra sin a ísliú nó a ardú go saorga trí mhéideanna móra arbhar Indiach a cheannach nó a dhíol ar an margadh. Cé gur thosaigh an tSín a dhul i ngleic le fadhb na gcúltaiscí iomarcacha ábhar in 2016, tá stoc-chairn an-mhór ina seilbh aici i gcónaí, agus bíonn iarmhairt shaobhach ag na stoc-chairn sin ar phraghsanna (51). Thairis sin, tá gnéithe éagsúla de luachshlabhra iomlán an arbhair Indiaigh á rialú ag an rialtas, lena n-áirítear fóirdheontais ar tháirgeacht arbhair Indiaigh (52) agus maoirseacht ar na hoibríochtaí próiseála, mar a dheimhnítear san fhógra seo ó NDRC: “[d]éanfaidh gach údarás áitiúil an faireachán agus an anailís ar sholáthar agus ar éileamh arbhair Indiaigh sna réimsí ábhartha a leathnú, déanfaidh siad an mhaoirseacht ar chéim thógála agus ar chéim iarthógála de thionscadail domhainphróiseála arbhair Indiaigh a neartú, déanfaidh siad an chothromaíocht idir soláthar agus éileamh arbhair Indiaigh a chothú agus slándáil náisiúnta bia a áirithiú.” (53) Sonraítear an méid seo a leanas i bpríomhdhoiciméad beartais eile de chuid an rialtais (54): “Díriú ar na trí phríomh-ghránbharra, mar atá rís, cruithneacht agus arbhair Indiaigh […]; Féachaint ar fhorbairt córais seirbhíse sóisialta ‘próisis chuimsithigh’ agus samhail táirgeachta ‘slabhra tionsclaíochta chuimsithigh’; Méadú ar leibhéal táirgeachta sa ‘tír iomlán’ a fhorbairt agus a chothú, chomh maith leis an soláthar táirgí glasa agus an soláthar táirgí talmhaíochta ardchaighdeáin a mhéadú. Tacófar le cúigí ábhartha a thugann faoi na tascanna sin ar bhonn socruithe a chuimsítear i réamhaisnéis bhuiséid an rialtais láir.”

(77)

Fuair an Coimisiún amach freisin go bhfuil bearta rialaithe infheistíochta i bhfeidhm i nDaon-Phoblacht na Síne maidir le táirgeadh arbhair Indiaigh: “[B]eidh comhdú maidir le tionscadail phróiseála arbhair a thógáil faoi réir bainistíocht chomhchuibhithe i gcomhréir le hOrdú Uimh. 673 ón gComhairle Stáit.” (55)

(78)

Léirítear beartais Stáit a chuireann isteach ar fhórsaí an mhargaidh shaoir in earnáil an arbhair Indiaigh ar leibhéal cúige freisin. Faoi mar a chuir an t-iarratasóir in iúl agus a dhearbhaigh an Coimisiún, d’eisigh Cúige Heilongjiang, i mí Lúnasa 2017, doiciméad beartais maidir le bainistíocht na hearnála próiseála arbhair Indiaigh, i bhfoirm na Tuairime Treoraíochta ar Leagan Amach na Forbartha den Tionscal Domhainphróiseála Arbhair Indiaigh i gCúige Heilongjiang. Seoltar an doiciméad sin chuig “Aon chathair (ceantar), contae (cathair), Rialtas pobail (oifig riaracháin), agus gach aonad faoi údarás díreach an Rialtais Cúige”, ar cheart dóibh “[a] chur chun feidhme cúramach a áirithiú”. Sonraítear an méid seo a leanas sa Tuairim, i dtéarmaí critéir iontrála margaidh, go “lonnófar tionscadail domhainphróiseála arbhair Indiaigh nuathógtha go príomha sna príomhlimistéir tháirgthe arbhair Indiaigh” agus gur cheart do gach eintiteas cur chun feidhme “(t)ógáil tionscadal domhainphróiseála lena mbaineann scála próiseála mór, slabhraí tionsclaíocha fada, chomh maith le spás d’éileamh margaidh an táirge, a spreagadh; Tacú go háirithe le tionscadail domhainphróiseála arbhair Indiaigh lena mbaineann acmhainn bhliantúil próiseála arbhair Indiaigh nach lú ná 600 000 tona; agus tionscadail domhainphróiseála arbhair Indiaigh nuathógtha os cionn 1,2 milliún tona a spreagadh.” Forchuirtear leis an doiciméad fís shonrach de “phríomhshlabhraí tionsclaíocha”: “Maidir le tionscadail a bhaineann le leagan amach an tionscail: díreoidh siad go príomha ar fhorbairt agus ar tháirgeadh táirgí iartheachtacha a bhaineann le stáirse, alcól agus raonta táirgí feidhmiúla; leathnóidh siad an slabhra tionsclaíoch, barrfheabhsóidh siad struchtúr na dtáirgí, cuirfidh siad speisialú ceantar éagsúil agus fiontar éagsúil i dtábhacht; agus déanfaidh siad forbairt dhifreáilte feidhmeanna táirge a chur chun feidhme”. Maidir leis an raon táirgí stáirse, is é seo a leanas atá i gceist leis sin: “Stáirse modhnaithe speisialta a fhorbairt go príomha a bhíonn de dhíth ar thionscail amhail bia, páipéar, teicstílí agus ceimiceáin mhíne.” Ordaítear sa Tuairim freisin rialacha maidir le leagan amach geografach na fabraice tionsclaíche: “Tosca a chur san áireamh go cuimsitheach amhail táirgeadh arbhair Indiaigh, próiseáil, margadh agus infhaighteacht leanúnach amhábhar atá le próiseáil, príomhráthaíochtaí, tionscadail domhainphróiseála arbhair Indiaigh le bheith lonnaithe go príomha i seacht gceantar.” Mar shampla, i gcás ceann amháin de na limistéir sin, tugtar treoraíocht shonrach ann: “Féadfaidh Longjiang, Nehe, Yi’an, Nenjiang agus Gannan mórthimpeall air, Lindian, Wudalianchi, Bei’an, Fuyu, Dorbod, Baiquan, Keshan, Tailai, Kedong agus 14 chontae (chathair) eile chomh maith le limistéar Chathair Qiqihar 8,67 milliún tona d’acmhainneacht próiseála arbhair Indiaigh a sholáthar, agus féadfaidh siad seacht dtionscadal lena mbaineann acmhainneacht domhainphróiseála arbhair Indiaigh 1,2 milliún tona nó 14 thionscadal lena mbaineann acmhainneacht 600 000 tona a chur i bhfeidhm. Tógáil tionscadal domhainphróiseála ar scála mór os cionn 1,2 milliún tona sa cheantar seo a spreagadh”. Tugtar mar threoir do gach eintiteas cur chun feidhme an earnáil a atheagrú mar a leanas: “Cumas agus atheagrú na n-acmhainneachtaí próiseála arbhair Indiaigh bliantúla faoi bhun 300 000 tona a spreagadh chun feabhas a chur ar iomaíochas margaidh fiontar. A mhéid a bhaineann leis an acmhainneacht domhainphróiseála arbhair Indiaigh dhíomhaoin sa limistéar, tabhairt isteach fiontar cumhachtach a spreagadh agus comhghuaillíochtaí cineálacha comhchosúla táirgí agus fiontar réamhtheachtach agus iartheachtach a chur chun feidhme trí chumaisc agus éadálacha agus comhar straitéiseach, etc. […] Fiontair a threorú chun margaíocht a neartú, cur leis an sciar den mhargadh, agus roinnt grúpaí a chruthú de phríomhfhiontair a bhfuil tionchar acu ar an tionscal”. De bhreis air sin, i dtéarmaí bearta beartais, déantar foráil shonrach sa Tuairim maidir le tacaíocht Stáit le haghaidh fiontar a chomhlíonann critéir mhaoinithe áirithe: “Tacú le maoiniú fiontar ar an stocmhargadh, agus fóirdheontais a thabhairt d’fhiontair domhainphróiseála arbhair Indiaigh atá liostaithe go hintíre agus thar lear nó ar an Tríú Bord Nua.” (56)

(79)

De bhreis air sin, dhearbhaigh an Coimisiún go raibh údaráis áitiúla in Heilongjiang ag tacú le bunú agus feidhmiú aon pháirce tionsclaíche amháin ar a laghad ina mbíonn gníomhaíochtaí domhainphróiseála ar siúl, ag comhordú na hoibre sin agus ag déanamh maoirseachta uirthi (57).

(80)

Rinne an Coimisiún cinntí freisin maidir le cur isteach an Stáit san earnáil amóinia – amhábhar eile a úsáidtear chun MSG a tháirgeadh. Sa 13ú Plean náisiúnta 5 Bliana maidir le Tionscal na bPeitriceimiceán agus na gCeimiceán, leag rialtas na Síne spriocanna bliantúla amach le haghaidh táirgeadh amóinia trí “thacair theicneolaíochta agus threalaimh [a chur chun cinn] lena n-áirítear táirgeadh bliantúil os cionn 1 mhilliún tona d’amóinia shintéiseach agus de mheatánól sintéiseach.” (58) Léirítear an cur isteach den sórt sin ar thaobh an tsoláthair freisin i mbeartais chomhchosúla le húdaráis áitiúla. Tugtar orduithe sa 13ú Plean 5 Bliana maidir le Peitriceimiceáin i gCúige Hebei go háirithe chun “díriú ar chothú thógáil an dara céim de shaoráid amóinia 600 000 tona Cangzhou Zhengyuan” (59). Thairis sin, fuarthas amach go soláthraítear praghsanna fabhracha leictreachais níos ísle i gcúigí tionsclaíocha Chongqing agus Zhejiang le haghaidh monaraíocht amóinia sintéisí, go háirithe (60).

(81)

Mar a shonraítear san fhonóta le haithris (64), is ionchur lárnach é gual go hiondúil i bpróiseas táirgthe MSG i nDaon-Phoblacht na Síne (maidir leis an soláthar fuinnimh sa phróiseas monaraíochta). Mar a fuair an Coimisiún amach ina Thuarascáil, níl praghsanna fuinnimh sa tSín bunaithe ar an margadh. Go háirithe, tá margadh an ghuail faoi réir a shaofa, go háirithe de thoradh an fhóirdheonaithe (61). Thairis sin, fuair an Coimisiún amach go gcuireann údaráis phoiblí isteach ar fhórsaí an mhargaidh in earnáil an ghuail ar leibhéal cúige, go háirithe i gCúige Shandong, trí bhíthin doiciméid phleanála lena rialaítear soláthar, suíomh agus patrúin thionsclaíocha. Doiciméad amháin den sórt sin is ea Plean Forbartha Meántéarma agus Fadtéarma Chúige Shandong maidir le Fuinneamh, a foilsíodh in 2016 lena gcuimsítear tréimhse go dtí 2030. Is léir cuspóir idé-eolaíoch an Phlean chun an margadh a bhainistiú go háirithe trína threoirphrionsabal chun “(s)piorad an 18ú Comhdháil Náisiúnta de Pháirtí Cumannach na Síne, agus den tríú, ceathrú, cúigiú agus séú seisiún iomlánach dá cuid, a chur chun feidhme; Sraith d’óráidí tábhachtacha le Xi Jinping, an tArd-Rúnaí, mar aon leis na hóráidí a thug sé agus é i mbun cigireachta ar Shandong, a chur chun feidhme go díograiseach.” Aithnítear ann freisin carachtar láraithe fheidhmiú an mhargaidh fuinnimh go dtí le déanaí, mar ar cheann d’aidhmeanna sonraithe an Pháirtí tá “aistriú an phatrúin soláthair fuinnimh lán-láraithe i dtreo patrún láraithe agus díláraithe a chur chun cinn.” Tá sé mar aidhm le forálacha an doiciméid, go háirithe, suíomh sonrach agus patrúin forbartha d’earnáil an ghuail a rialú (62). Maidir le cumhacht a ghintear le gual, ordaítear leis an doiciméad, i measc nithe eile, chun: “(d)íriú ar thionscadail gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe meigea-chileavata sár-fhorchriticiúla a phleanáil agus a thógáil, agus braisle de ghléasraí cumhachta gualbhreoslaithe éiceolaíocha a thógáil i limistéar cósta an Tuaiscirt” agus “tógáil boinn forbartha chomhtháite guail agus leictreachais a phleanáil in Iardheisceart Shandong”. Faoi chuimsiú an doiciméid, ordaítear i bPlean Gníomhaíochta sonrach maidir le hAistriú agus Forbartha Guail gabháil do na patrúin forbartha tionsclaíche agus tógála seo a leanas, gan aird ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh ná ar shaor-chinnteoireacht chorparáideach: “Acmhainneacht táirgeachta agus lucht saothair iomarcach an Chúige a thuiscint agus a aistriú ar bhealach ordúil; Leanúint d’fheabhas a chur ar bhoinn an dá ghrúpa fiontair mhóra Shandong Energy agus Yankuang agus iad a neartú; Luas a chur faoi chumasc agus atheagrú fiontar mianadóireachta guail áitiúil agus é sin a chur chun cinn, feabhas a chur ar leibhéal comhchruinnithe an tionscail, aistriú an phatrúin forbartha a chothú ó phatrún atá bunaithe ar chainníocht agus ar luas i dtreo patrúin atá bunaithe ar cháilíocht agus tairbhe. […] Díriú ar thógáil tionscadal comhtháite gualbhreoslaithe lasmuigh den chúige san Ion-Mhongóil, in Shaanxi, Xinjiang, etc.” (63)

(82)

Tá an fhéidearthacht ann go mbeidh éifeacht saofa ar phraghsanna ag an mbaint atá ag an rialtas agus ag údaráis phoiblí ar fud an tslabhra luacha iomlán MSG.

(83)

Stiúrann Rialtas na Síne forbairt earnáil MSG i gcomhréir le raon leathan uirlisí, mar shampla trí fhóirdheontais Stáit a sholáthar. Deimhnítear i dTuarascáil Bhliantúil 2019 de chuid Meihua, táirgeoir onnmhairiúcháin, go bhfuair an chuideachta RMB 130 milliún ar a laghad d’fhóirdheontais rialtais in 2018 (64). I gcás Ningxia Eppen, léirítear fóirdheontais rialtais dar luach RMB 62,3 milliún in 2017 i dtuarascáil iniúchóireachta na cuideachta in 2018 (65). Thairis sin, an bhliain chéanna, dealraíonn sé go bhfuair Ningxia Eppen leithdháileadh RMB 200 000 chun suíomh taispeántais neartaithe Páirtí a bhunú (66).

(84)

Ina theannta sin, dhearbhaigh an Coimisiún gur thosaigh Daon-Phoblacht na Síne, le blianta beaga anuas, ar laghdú CBL 13 % a chur i bhfeidhm maidir le honnmhairí MSG, agus is é díolúine iomlán ó CBL i gcás na n-onnmhairí sin atá ina toradh air sin faoi láthair. Is ann do dhreasacht ó thaobh costais de le haghaidh oibreoirí na Síne sa mhargadh MSG mar thoradh air sin freisin (67).

(85)

Tríothu sin agus trí bhealaí eile, tá an earnáil MSG agus na hearnálacha a tháirgeann na hamhábhair a úsáidtear chun MSG a tháirgeadh faoi réir idirghabháil an rialtais, agus bíonn Rialtas na Síne ag stiúradh agus ag rialú beagnach gach gné maidir le forbairt agus feidhmiú an tslabhra luacha MSG.

(86)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí a chomhlíonadh, lena n-áirítear táirgeoirí MSG agus na hionchuir a úsáidtear i monaraíocht MSG. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

3.2.3.6.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán: easpa dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor

(87)

De réir na faisnéise atá ar chomhad, déanann córas féimheachta na Síne seachadadh neamhleor ar a phríomhchuspóirí féin amhail éilimh agus fiachais a shocrú go cóir agus cearta agus leasanna dleathacha creidiúnaithe agus féichiúnaithe a choimirciú. Dealraítear go bhfuil sé sin fréamhaithe ar dhlí féimheachta na Síne atá bunaithe go foirmiúil ar phrionsabail atá cosúil leo sin a chuirtear i bhfeidhm i ndlíthe comhfhreagracha i dtíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne, áit ina bhfuil tearc-fhorfheidhmiú á dhéanamh ar chóras na Síne. Tá an líon féimheachtaí fós fíor-íseal i ndáil le méid gheilleagar na tíre, ní hamháin toisc go bhfuil roinnt easnamh ag baint leis na himeachtaí dócmhainneachta, a fheidhmíonn go bunúsach mar dhídhreasacht i gcás comhduithe féimheachta. Thairis sin, tá ról an Stáit sna himeachtaí dócmhainneachta láidir agus gníomhach i gcónaí, agus bíonn tionchar díreach acu go minic ar thoradh na n-imeachtaí (68).

(88)

Ina theannta sin, is léir go háirithe easnaimh an chórais maidir le cearta maoine i ndáil le húinéireacht talún agus cearta úsáide talún i nDaon-Phoblacht na Síne (69). Is le Stát na Síne an talamh ar fad (talamh thuaithe atá faoi chomhúinéireacht agus talamh uirbeach faoi úinéireacht an Stáit). Tá a leithdháileadh ag brath go hiomlán ar an Stát. Is forálacha dlíthiúla iad sin a bhfuil sé mar aidhm acu cearta úsáide talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ag praghsanna an mhargaidh, mar shampla trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach. Mar sin féin, ní urramaítear na forálacha sin go tráthrialta, agus faigheann ceannaitheoirí áirithe a gcuid talún saor in aisce nó faoi rátaí an mhargaidh (70). Thairis sin, saothraíonn na húdaráis spriocanna polaitiúla sonracha lena n-áirítear na pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme nuair a bhíonn talamh á leithdháileadh (71).

(89)

Ach oiread le hearnálacha eile i ngeilleagar na Síne, tá táirgeoirí MSG faoi réir ghnáthrialacha dhlíthe féimheachta, corparáideacha, agus maoine na Síne. Tá sé d’éifeacht aige sin go mbíonn na cuideachtaí sin iad féin faoi réir an tsaofa ón mbarr anuas a eascraíonn as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta agus maoine. Níor léirigh an t-imscrúdú seo aon rud a chaithfeadh amhras ar na torthaí sin. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an réamhchonclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart, rud a chruthaíonn saobhadh dá réir sin nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád sócmhainneach agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh i nDaon-Phoblacht na Síne. Dealraítear go bhfuil na breithnithe sin, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, infheidhme go hiomlán freisin in earnáil MSG agus sna hearnálacha ina monaraítear na hamhábhair a úsáidtear chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh.

(90)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh dlíthe féimheachta agus maoine á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó go rabhthas á bhforfheidhmiú go neamhleor i slabhraí luacha na gceimiceán agus na domhainphróiseála arbhair Indiaigh, lena n-áirítear i dtaca leis an táirge faoi athbhreithniú.

3.2.3.7.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán: saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais phá

(91)

Ní féidir córas pá margadhbhunaithe a fhorbairt go hiomlán i nDaon-Phoblacht na Síne toisc go gcuirtear bac ar oibrithe agus ar fhostóirí lena gcearta maidir le comheagrú. Níor dhaingnigh Daon-Phoblacht na Síne roinnt de choinbhinsiúin riachtanacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, go háirithe iad sin a bhaineann le saoirse chomhlachais agus cómhargáil (72). Faoin dlí náisiúnta, níl ach eagraíocht ceardchumainn amháin gníomhach. Mar sin féin, níl an eagraíocht sin neamhspleách ar na húdaráis Stáit agus tá an obair a dhéanann sí maidir le cómhargáil agus cosaint do chearta oibrithe fós bunúsach (73). Thairis sin, cuirtear srian ar shoghluaisteacht lucht saothair na Síne de bharr an chórais clárúcháin teaghlaigh, rud a chuireann teorainn leis an rochtain ar an raon iomlán slándála sóisialta agus ar shochair eile d’áitritheoirí áitiúla i limistéar riaracháin ar leith. Fágann sé sin oibrithe nach bhfuil an clárú cónaitheachta áitiúil ina seilbh acu iad féin i staid leochaileach fostaíochta agus faigheann siad ioncam níos ísle ná na daoine a bhfuil an clárú cónaitheachta acu (74). Fágann na torthaí sin go ndéantar costais phá a shaobhadh i nDaon-Phoblacht na Síne.

(92)

Níor cuireadh aon fhianaise isteach a thabharfadh le fios nach mbeadh cuideachtaí a tháirgeann MSG nó ionchuir ghaolmhara faoi réir chóras dlí saothair na Síne ar ar tugadh tuairisc. Déanann an saobhadh ar chostais phá difear go díreach dá réir sin d’earnáil MSG (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú á mhonarú) agus go hindíreach (nuair a bhíonn rochtain ag táirgeoirí MSG ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne).

3.2.3.8.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán: rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile

(93)

Tá an rochtain a fhaigheann gníomhairí corparáideacha ar chaipiteal i nDaon-Phoblacht na Síne faoi réir saobhadh éagsúil.

(94)

Ar an gcéad dul síos, tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht an Stáit i gcóras airgeadais na Síne (75), agus cuireann siad critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh le linn dóibh rochtain a dheonú ar mhaoiniú. Ar an gcaoi chéanna le fiontair neamhairgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit, tá nasc fós ag na bainc leis an Stát ní hamháin trí úinéireacht ach freisin trí chaidreamh pearsanta (is é Páirtí Cumannach na Síne go bunúsach a cheapann na feidhmeannaigh is airde sna hinstitiúidí móra airgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit) (76) agus, arís ach an oiread le fiontair neamhairgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit, cuireann na bainc beartais phoiblí arna gceapadh ag an rialtas chun feidhme go tráthrialta. Agus iad á dhéanamh sin, comhlíonann na bainc sainoibleagáid dhlíthiúil maidir lena ngnó a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais na forbartha eacnamaíche agus sóisialta náisiúnta agus faoi threoraíocht bheartais thionsclaíocha an Stáit (77). Is measa fós é sin de bharr rialacha breise atá i bhfeidhm, a dhíríonn maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha spreagtha nó atá tábhachtach ar shlí eile (78).

(95)

Cé go n-aithnítear go dtagraíonn forálacha dlíthiúla éagsúla don ghá atá le gnáth-iompraíocht baincéireachta agus rialacha stuamachta a urramú amhail an gá atá le himscrúdú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtóra, tugtar le fios i bhformhór na fianaise, lena n-áirítear na torthaí a rinneadh in imscrúduithe cosanta trádála, nach bhfuil ag na forálacha sin ach ról tánaisteach maidir leis na hionstraimí dlí éagsúla a chur i bhfeidhm.

(96)

Ina theannta sin, déantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh go minic ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear an tionchar atá ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne ar an measúnú riosca agus neart aon ráthaíochta intuigthe a thugann an rialtas. Tugtar le fios go láidir i meastacháin go gcomhfhreagraíonn rátálacha creidmheasa na Síne go córasach do rátálacha idirnáisiúnta níos ísle (79).

(97)

Is measa fós iad na saincheisteanna sin de bharr rialacha breise atá ann cheana, a dhíríonn maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha spreagtha nó atá tábhachtach ar shlí eile (80). Bíonn claonadh ann dá bharr sin i bhfabhar iasachtaí a thabhairt d’fhiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, do gnólachtaí príobháideacha dea-nasctha agus do ghnólachtaí in earnálacha tionsclaíocha tábhachtacha, rud a thugann le fios nach ionann infhaighteacht agus costas an chaipitil do gach gníomhaí ar an margadh.

(98)

Ar an dara dul síos, coinníodh costais iasachtaithe íseal go saorga chun fás infheistíochta a spreagadh. Mar thoradh air sin tá úsáid iomarcach á baint as infheistíocht chaipitil le torthaí níos ísle ar an infheistíocht. Léirítear é sin leis an bhfás le déanaí ar ghiaráil chorparáideach in earnáil an stáit d’ainneoin titim ghéar ar bhrabúsacht, rud a thugann le fios nach leanann na sásraí atá i bhfeidhm sa chóras baincéireachta na gnáthfhreagairtí tráchtála.

(99)

Ar an tríú dul síos, cé gur baineadh amach léirscaoileadh sna rátaí ainmniúla úis i mí Dheireadh Fómhair 2015, níl na comharthaí praghais ann de bharr fhórsaí an mhargaidh shaoir fós, ach bíonn tionchar ag saobhadh a thagann chun cinn ón rialtas orthu. Tarlaíonn praghsáil ró-íseal de thoradh rátaí úis a bheith níos ísle ná mar atá réasúnach, agus dá dheasca sin, baintear úsáid iomarcach as caipiteal.

(100)

Léirítear leis an bhfás foriomlán ar chreidmheas i nDaon-Phoblacht na Síne go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh a éifeachtaí a leithdháiltear caipiteal gan aon chomhartha ann go bhfuil creidmheas ag éirí níos doichte, rud lena mbeifí ag súil i dtimpeallacht mhargaidh neamhshaofa. Dá thoradh sin, tá líon na n-iasachtaí neamhthuillmheacha tar éis dul i méid go tapa le blianta beaga anuas. Agus staid ann ina bhfuil líon na bhfiach atá i mbaol ag dul i méid, roghnaigh Rialtas na Síne mainneachtain a sheachaint. Dá dheasca sin, láimhsíodh saincheisteanna drochfhiachais trí fhiacha a thar-rolladh, rud lena gcruthaítear cuideachtaí “zombaí” mar a thugtar orthu, nó trí úinéireacht na bhfiach a aistriú (e.g. trí chumaisc nó trí bhabhtálacha fiachais ar chothromas), rud nach ionann agus deireadh a chur le fadhb fhoriomlán na bhfiach ná aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na faidhbe.

(101)

Go bunúsach, d’ainneoin na mbeart a rinneadh le déanaí chun an margadh a léirscaoileadh, déanann saobhadh suntasach, de thoradh ról forleatach leanúnach an stáit sna margaí caipitil, difear don chóras creidmheasa chorparáidigh i nDaon-Phoblacht na Síne.

(102)

Níor tíolacadh aon fhianaise lenar léiríodh go mbeadh earnáil MSG díolmhaithe ó idirghabháil an rialtais sa chóras airgeadais mar a thuairiscítear thuas. Dheimhnigh an Coimisiún freisin gur bhain ceann de phríomhtháirgeoirí MSG leas as fóirdheontais rialtais (féach aithris (83)). Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais.

3.2.3.9.   An nádúr sistéamach a bhaineann leis an saobhadh a thuairiscítear

(103)

Thug an Coimisiún dá aire gur saintréithe de gheilleagar na Síne an saobhadh a thuairiscítear sa Tuarascáil. Léirítear san fhianaise atá ar fáil gurb infheidhme fíorais agus gnéithe chóras na Síne mar a thuairiscítear thuas i Ranna 3.2.3.2 go 3.2.3.5 agus i gCuid A den Tuarascáil chomh maith, maidir leis an tír ar fad agus ar fud earnálacha an gheilleagair. Is ionann an scéal maidir leis an tuairisc ar na tosca táirgeachta mar a leagtar amach thuas i Ranna 3.2.3.6 go 3.2.3.8 thuas agus i gCuid B den Tuarascáil.

(104)

Meabhraíonn an Coimisiún gur gá raon ionchur chun MSG a tháirgeadh. Ina leith sin, tá Daon-Phoblacht na Síne ar cheann de phríomhtháirgeoirí arbhair Indiaigh – an príomh-amhábhar i bpróiseas táirgeachta MSG (féach aithris (64)). Nuair a cheannaíonn táirgeoirí MSG na hionchuir sin i nDaon-Phoblacht na Síne nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha.

(105)

Dá dheasca sin, ní hamháin nach iomchuí na praghsanna díola intíre de MSG le húsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna A agus B den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh i nDaon-Phoblacht na Síne trí raon tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de. Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

3.2.3.10.   Conclúid

(106)

Leis an anailís a leagtar amach i Ranna 3.2.3.2 go 3.2.3.9, lena n-áirítear scrúdú ar an bhfianaise uile dá bhfuil ar fáil a bhaineann le hidirghabháil Dhaon-Phoblacht na Síne ina geilleagar i gcoitinne agus in earnáil MSG agus sa slabhra soláthair gaolmhar chomh maith, léiríodh nach bhfuil praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an lucht saothair, mar thoradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir toisc go ndéanann idirghabháil shubstainteach an rialtais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán difear dóibh mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó leis an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha dá liostaítear ann. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a bhunú sa chás sin.

(107)

Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a pléadh sa roinn a leanas.

3.2.4.   Tír ionadaíoch

3.2.4.1.   Barúlacha ginearálta

(108)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (81);

Táirgeadh an táirge atá faoi athbhreithniú sa tír sin;

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

I gcás inarb ann do níos mó ná aon tír ionadaíoch fhéideartha amháin, tugadh tús áite, i gcás inarbh iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leormhaith cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(109)

Mar a mhínítear in aithrisí (40) agus (41), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid le haghaidh páirtithe leasmhara faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh, a comhdaíodh an 21 Feabhra 2020 (“an chéad nóta faoi thosca táirgeachta”) agus an 8 Aibreán 2020 (“an dara nóta faoi thosca táirgeachta”) faoi seach. Sa dara nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas i dtaobh a chonclúide gur thír ionadaíoch iomchuí í an Téalainn sa chás seo dá ndeimhneofaí cur i bhfeidhm na modheolaíochta faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

3.2.4.2.   Táirgeadh an táirge faoi imscrúdú sa tír ionadaíoch agus leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne

(110)

Sa chéad nóta faoi thosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún, i measc na dtíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir mar thíortha “ard-mheánioncaim” ar bhonn ollioncam náisiúnta, gurbh eol go raibh an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh san Airgintín, sa Bhrasaíl, i bhFidsí, san Iaráin, in Iamáice, sa Mhalaeisia, ar Oileán Mhuirís, i Meicsiceo, i bPeiriú, san Afraic Theas, sa Téalainn agus sa Tuirc. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an leibhéal forbartha eacnamaíche agus maidir le táirgeadh an táirge faoi imscrúdú sna tíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch tar éis an nóta sin.

3.2.4.3.   Sonraí a bheith ar fáil go héasca sa tír ionadaíoch

(111)

Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún cuideachtaí táirgthe MSG a shainaithint a raibh a sonraí airgeadais ar fáil go héasca agus dá bhrí sin a bhféadfaí iad a mheas mar a bheith oiriúnach chun críoch Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán ach amháin in dhá cheann de na tíortha a shainaithin an Coimisiún mar thíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch, i.e. sa Téalainn agus sa Mhalaeisia.

(112)

Mar sin féin, mar a shonraítear sa dara nóta ar thosca táirgeachta, níor sainaithníodh ach aon chuideachta amháin sa Mhalaeisia a tháirgeann MSG: Ajinomoto Malaysia Bhd, a bhí ag táirgeadh táirgí bia agus breiseáin eile freisin. Sainaithníodh cúig chuideachta sa Téalainn, eadhon Ajinomoto Co., (An Téalainn) Ltd., Thai Fermentation Industry Co Ltd. (Racha Churos), Thai Churos, Thai Foods International Co. Ltd. agus KT MSG. Bhí gach ceann de na cuideachtaí sin ag táirgeadh MSG agus táirgí bia nó breiseáin eile. Dealraíodh áfach go raibh dhá chuideachta, Thai Fermentation Industry Co Ltd. (Racha Churos) agus Thai Churos, ag táirgeadh MSG go príomha agus raon teoranta táirgí eile. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh na sonraí airgeadais a bhí ar fáil go poiblí ar thángthas orthu sa Téalainn ionadaíoch agus cruinn don mheasúnú ar mhéid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais SG&A don imscrúdú seo.

(113)

Rinne an Coimisiún anailís chúramach ar na sonraí ábhartha uile dá raibh ar fáil sa chomhad maidir leis na tosca táirgeachta sa Téalainn agus thug an méid a leanas dá aire:

Rinne an Coimisiún anailís ar staidreamh allmhairiúcháin gach toisce táirgeachta a liostaítear sa chéad nóta, mar a thugtar cothrom le dáta iad leis an dara nóta ar thosca táirgeachta, agus tháinig ar an gconclúid go raibh allmhairí ann de na tosca táirgeachta riachtanacha go léir chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

Bhí staidreamh fuinnimh (praghsanna tionsclaíocha ar an leictreachas) i gcomhair na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ar fáil go héasca i bhfoirm sonraí a sholáthair an tÚdarás Leictreachais Cathrach agus a d’fhoilsigh Bord Infheistíochta na Téalainne (82).

Is í an fhoinse maidir le costas saothair an staidreamh atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le pá míosúil ar an meán san earnáil mhonaraíochta agus na huaireanta a oibrítear go seachtainiúil sa Téalainn (83).

(114)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, áireofar sa ghnáthluach comhdhéanta méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais SG&A agus i gcomhair na mbrabús. Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a bhunú chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta. Mar a luadh roimhe seo in aithris (112), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh cúig chuideachta sa Téalainn, eadhon Ajinomoto Co. (Thailand) Ltd.; Thai Fermentation Industry Co Ltd. (Racha Churos); Thai Churos; Bhí ráitis airgeadais ag Thai Foods International Co. Ltd. agus KT MSG a bhí ar fáil go héasca acu a d’fhéadfaí a úsáid mar ionadú chun méid neamhshaofa agus réasúnach a chinneadh i gcomhair costais SG&A agus na mbrabús.

(115)

Tar éis don Choimisiún a shuí gur thír ionadaíoch iomchuí í an Téalainn ar bhonn na ngnéithe sin, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt deiridh d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

3.2.4.4.   An chonclúid ar an tír ionadaíoch

(116)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Téalainn na critéir go léir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán le go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. Go háirithe, tá an táirge faoi imscrúdú á tháirgeadh ar leibhéal substaintiúil sa Téalainn agus tá tacar iomlán sonraí ar fáil go héasca maidir le gach toisc tháirgeachta, costais SG&A agus an brabús.

3.2.5.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa agus tagarmharcanna a bhunú

(117)

Sa dara nóta maidir le tosca táirgeachta, shonraigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a chomhdhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go raibh sé beartaithe aige go n-úsáidfeadh sé GTA (84) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le gach ceann de na hamhábhair atá ar áireamh sna tosca táirgeachta sa tír ionadaíoch agus staidreamh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus staidreamh náisiúnta chun na costais neamhshaofa saothair sa tír ionadaíoch a shuí. Shonraigh an Coimisiún freisin go raibh sé beartaithe aige na rátaí is infheidhme ag Údarás Leictreachais Cathrach na Téalainne a úsáid le haghaidh na gcostas leictreachais. Maidir le costas an uisce, bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún na taraifí is infheidhme ag Údarás Oibreacha Uisce Cathrach na Téalainne a úsáid. Bhainfí úsáid freisin as na sonraí airgeadais ó na cúig chuideachta Ajinomoto Co. (Thailand) Ltd.; Thai Fermentation Industry Co Ltd. (Racha Churos); Thai Churos; Thai Foods International Co. Ltd. agus KT MSG, chun costais SG&A agus brabúis a shuí.

3.2.6.   Tosca táirgeachta

(118)

D’fhonn an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún anailís ar na sonraí go léir atá ar fáil maidir leis na tosca táirgeachta agus chinn sé na luachanna seo a leanas a úsáid:

Tábla 1

Tosca táirgeachta MSG

Tosca táirgeachta

Cód an tráchtearra

Aonad tomhais

Luach neamhshaofa

Amhábhair

Arbhar Indiach

1005 90 90 00 2

KG

1,59 CNY/kg

Einsímí

3507

KG

73,81 CNY/kg

Amóinia ainhidriúil

2814 10

KG

1,97 CNY/kg

Comhdhúile aimín le feidhm ocsaigine

2922 49

KG

57,89 CNY/kg

Aigéad sulfarach

2807 0000 10 2

KG

0,49 CNY/kg

Aigéad Fosfarach

2809 20 32

KG

7,89 CNY/kg

Hiodrocsaíd sóidiam i dtuaslagán uiscí

2815 12

KG

2,30 CNY/kg

Décharbónáit sóidiam

2836 30

KG

3,20 CNY/kg

Fosfáit déshóidiam

2835 22 00

KG

7,4 CNY/kg

Carbón Gníomhachtaithe

3802 10 00 00 0

KG

25,75 CNY/kg

Ocsaigin leachtach

2804 40

KG

1,06 CNY/kg

Nithe Fuinnimh/Tomhaltáin

Ola

2710 19

L

3,35 CNY/L

Crotal Ríse

1213 00

KG

3,91 CNY/kg

Leictreachas

Údarás Leictreachais Cúige na Téalainne

KWH

0,71 CNY/kWh

Lucht saothair

Saothar Díreach

An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair - ILOSTAT

HRS

17,13 CNY/uair an chloig

Fotháirge/dramhaíl

Leasaitheoir Leachtach

3105

KG

2,64 (neg.) CNY/kg

(119)

Chuir an Coimisiún ar áireamh luach ar fhorchostais mhonaraíochta chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. D’fhonn an méid sin a shuí baineadh úsáid as na sonraí a soláthraíodh san iarraidh, go háirithe na sonraí ó ghléasra KKP Ajinomoto na Téalainne. Mínítear an mhodheolaíocht sin go hiomchuí in aithrisí (127) agus (128).

3.2.6.1.   Amhábhair

(120)

Cinntear struchtúr costais MSG go príomha le costais na n-amhábhar, go háirithe an fhoinse siúcra agus na ceimiceáin éagsúla (carbónáití go príomha) chomh maith le fuinneamh.

(121)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a bhunú, bhí an Coimisiún ag brath ar phraghsanna allmhairiúcháin chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA ar cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin leis. Chun an gnáthluach a bhunú de réir mhodheolaíocht an Choimisiúin, ba cheart na costais iompair intíre a chur leis na praghsanna allmhairiúcháin sin de ghnáth. Ag cur an chinnidh in aithris (133) san áireamh áfach, nach raibh aon chostais iompair intíre ar fáil i ngeall ar neamh-chomhoibriú an onnmhaireora/na dtáirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne, chomh maith le cineál an imscrúdaithe seo ar an athbhreithniú éaga, ina ndírítear ar a chinneadh ar leanadh den dumpáil i rith na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe maidir le hiompar intíre, toisc nach mbeadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach an gnáthluach a mhéadú agus an corrlach dumpála dá réir sin.

(122)

Cinneadh praghas allmhairiúcháin gach toisce táirgeachta sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí den toisc táirgeachta sin ó gach tríú tír gan Daon-Phoblacht na Síne a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (85). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (106) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ós rud é nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach ndéanann an saobhadh céanna an difear céanna do tháirgí atá le honnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndearna an saobhadh céanna difear do na praghsanna onnmhairiúcháin.

3.2.6.2.   Lucht saothair

(123)

Foilsíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair faisnéis mhionsonraithe maidir le pá in earnálacha difriúla den gheilleagar sa Téalainn. Bhain an Coimisiún úsáid as an staidreamh is déanaí atá ar fáil ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair maidir le pá míosúil in earnáil na monaraíochta agus ar na huaireanta oibre sa Téalainn don tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (86).

3.2.6.3.   Leictreachas

(124)

Foilsíonn Bord Infheistíochta na Téalainne praghas an leictreachais i gcomhair cuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa Téalainn. Bhain an Coimisiún úsáid as na rátaí is infheidhme maidir le cuideachtaí Seirbhíse Ginearálta Móire a chuireann an tÚdarás Leictreachais Cúige i bhfeidhm agus a fhoilsíonn Bord Infheistíochta na Téalainne (87).

3.2.6.4.   Tomhaltáin/cainníochtaí diomaibhseacha

(125)

I ngeall ar an líon mór tosca táirgeachta, rinneadh roinnt de na hamhábhair nach raibh iontu ach meáchan diomaibhseach (i.e. níos lú ná 0,5 %) i gcostas iomlán na táirgeachta a ghrúpáil faoi thomhaltáin.

(126)

Ríomh an Coimisiún céatadán na dtomhaltán ar chostas foriomlán na n-amhábhar a soláthraíodh san iarraidh, go háirithe na sonraí ó ghléasra KKP Ajinomoto sa Téalainn, agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar le linn dó a bheith ag úsáid na bpraghsanna neamhshaofa bunaithe.

3.2.6.5.   Forchostais mhonaraíochta, costais SG&A, brabúis agus dímheas

(127)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “ní mór méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus i gcomhair brabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach comhdhéanta”. Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a bhunú chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta.

(128)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a bhunú agus mar gheall ar chomhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí sa tSín a bheith in easnamh, d’úsáid an Coimisiún fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, bunaithe ar na sonraí a soláthraíodh san iarraidh, go háirithe na sonraí ó ghléasra KPP Ajinomoto sa Téalainn, bhunaigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta leis na costais fhoriomlána mhonaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm maidir le luach neamhshaofa chostas na monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil.

(129)

Chun méid neamhshaofa agus réasúnach a bhunú i gcomhair costais SG&A agus an bhrabúis, bhraith an Coimisiún ar na sonraí airgeadais ó chúig chuideachta sa tír ionadaíoch, an Téalainn, a luadh in aithris (117); eadhon Ajinomoto Co. (Thailand) Ltd.; Thai Fermentation Industry Co Ltd. (Racha Churos); Thai Churos; Thai Foods International Co. Ltd. agus KT MSG mar a baineadh iad as bunachair shonraí Orbis Bureau van Dijk (88) (“Orbis”). Mar a tugadh le fios sa dara nóta maidir le tosca táirgeachta, cumhdaíodh an bhliain airgeadais ó mhí Aibreáin 2018 go dtí mí an Mhárta 2019 sna sonraí ó Ajinomoto Co. (Thailand) Ltd. Cumhdaíodh an bhliain airgeadais ó mhí Eanáir go mí na Nollag 2018 sna sonraí airgeadais is déanaí do na ceithre chuideachta eile. Ba mhó ná 80 % de láimhdeachas iomlán na gcúig chuideachta láimhdeachas Ajinomoto Co. (An Téalainn) Ltd., dá bharr sin tá ualú an-suntasach ag na sonraí a pháirt-chumhdaíonn an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ar mheánchostais SG&A agus ar an mbrabús a úsáideadh san imscrúdú seo. Measadh go raibh cuimsiú sonraí na gcuideachtaí eile, agus an tréimhse díreach roimh an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe á cumhdach, ionadaíoch in éagmais aon fhianaise a thabharfadh a mhalairt le fios. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an gcur chuige sin mar a bhfuil cuntas air sa dara nóta maidir le tosca táirgeachta. Chreid an Coimisiún gurbh iomchuí an cur chuige é seo sna himthosca seo, ag cur san áireamh go raibh costais SG&A agus brabús Ajinomoto Co. (An Téalainn) Ltd. (16 % araon) i gcomhréir leis an meán arna úsáid agus arna liostú in aithris (132) ag léiriú shonraí na gcuideachtaí eile dá raibh sonraí ar fáil go dtí deireadh 2018. In aon chás, léireodh ceachtar den dá thacar sonraí corrlach ard dumpála agus, ag cur san áireamh gur athbhreithniú éaga é an t-imscrúdú lena mbaineann, níl aon ghá corrlach dumpála beacht a bhunú. I mí Eanáir 2021, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le bunachar sonraí Dun & Bradstreet (“D&B”) (89) le seiceáil an raibh sonraí airgeadais na gcúig chuideachta ar fad tugtha cothrom le dáta. Ní raibh aon nuashonrú ann ach le haghaidh Ajinomoto Co. (An Téalainn) Ltd. don tréimhse ó mhí Aibreáin 2019 go dtí mí an Mhárta 2020, ach ní raibh an tacar sonraí iomlán áfach toisc nach raibh an glanbhrabús áirithe ann. Úsáideadh dá bhrí sin an tacar sonraí bunaidh a nochtadh sa dara nóta ar thosca táirgeachta.

3.2.7.   Ríomh

(130)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a chomhdhéanamh ar bhonn an phraghais dhírigh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Toisc nach raibh aon chomhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí sa tSín agus toisc dá bhrí sin nach raibh aon fhaisnéis ar na cineálacha táirgí a dhíoltar ar an margadh intíre ar fáil níor bunaíodh an gnáthluach de réir an chineáil táirge.

(131)

Ar an gcéad dul síos, bhunaigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhoibriú na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin/dtáirgeoirí sa tSín, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh bunaithe ar an struchtúr costais agus ar chóimheasa táirgeachta teicniúla ábhartha a ghléasraí táirgeachta arna gcur in oiriúint do na príomhfhoinsí siúcra (stáirse arbhair Indiaigh) a úsáideadh sa tSín maidir le húsáid gach toisce (ábhair agus lucht saothair) chun MSG a tháirgeadh. D’iolraigh an Coimisiún na tosca úsáide faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a tugadh faoi deara sa tír ionadaíoch (an Téalainn).

(132)

Chuir an Coimisiún an cóimheas d’fhorchostais mhonaraíochta arna mbunú mar a mhínítear in aithris (128) i bhfeidhm ar na costais mhonaraíochta neamhshaofa. I gcás chostais SG&A agus an bhrabúis, d’úsáid an Coimisiún meán ualaithe na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin agus an bhrabúis a thaifeadtar sna ráitis airgeadais atá ar fáil go poiblí de na cúig tháirgeoir aitheanta MSG sa Téalainn mar a mhínítear in aithris (129). Dá réir sin, chuir an Coimisiún na nithe seo a leanas leis an gcostas neamhshaofa monaraíochta:

Forchostais mhonaraíochta arbh ionann iad agus [5 – 10 % de na costais mhonaraíochta iomlána mar a mhínítear in aithris (128);

Costais SG&A de 16 %, arna gcur i bhfeidhm ar shuim na gcostas monaraíochta agus na bhforchostas monaraíochta, agus;

Brabús 18 %, arna chur i bhfeidhm ar shuim na gcostas monaraíochta agus na bhforchostas monaraíochta.

3.2.8.   An praghas onnmhairiúcháin

(133)

Mar thoradh ar an easpa comhoibrithe ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí, bunaíodh praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Shuigh an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar an staidreamh atá ar fáil, go háirithe bunachar sonraí Comext (Eurostat). Ós rud é go ndéantar na praghsanna in Comext a thaifeadadh ar leibhéal Costais, Árachais, agus Lasta, bunaíodh leibhéal an phraghais dhírigh ón monarcha bunaithe ar an bhfianaise a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga i gcomhair costais iompair, láimhseála, lasta aigéin agus árachais.

3.2.9.   Comparáid agus corrlach dumpála

(134)

Chuir an Coimisiún an gnáthluach comhdhéanta i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin mar a shuitear thuas. Ar an mbonn sin, b’ionann an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas ag an teorainn ó thaobh chostas, árachas agus last-táille an Aontais ó bhunachar sonraí Comext, an dleacht gan íoc air, agus 112,8 %.

3.2.10.   Conclúid

(135)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin gur leanadh den dumpáil ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

3.3.   An Indinéis

(136)

Le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, taispeánann na sonraí staidrimh ó Eurostat gur allmhairíodh 5 535 tona de MSG as an Indinéis, is é sin [5 – 10] % den sciar den mhargadh san Aontas. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil líon allmhairí den sórt sin sách ionadaíoch chun imscrúdú a dhéanamh ar cibé ar leanadh den dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe nó nár leanadh.

3.3.1.   Gnáthluach

(137)

I ngeall ar an easpa comhoibrithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, d’úsáid an Coimisiún fíorais a bhí ar fáil chun an gnáthluach a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Maidir leis sin, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthair an grúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis.

(138)

Bhí an gnáthluach bunaithe dá bhrí sin ar na praghsanna díolacháin intíre a sholáthair an grúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis. I ngeall ar an easpa comhoibrithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, ní raibh aon phraghas mionsonraithe onnmhairiúcháin in aghaidh an táirge ar fáil. Dá dheasca sin, níorbh fhéidir tástáil mhionsonraithe den ghnáthchúrsa trádála a dhéanamh mar a leagtar amach in Airteagail 2(4) go 2(6) den bhun-Rialachán. Fuair an Coimisiún go raibh an meánphraghas díolacháin intíre brabúsach, i.e. os cionn an mheánchostais táirgeachta arna shuí don ghrúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis. Dá bhrí sin, bhí an gnáthluach bunaithe ar mheánphraghas díolacháin intíre dhíolacháin intíre uile an ghrúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis.

(139)

Tugadh le fios san imscrúdú freisin gur díoladh MSG ar an mórchóir agus i gcomhair miondíola. Sholáthair an t-iarratasóir faisnéis gurbh ionann MSG ar an mórchóir (i.e. ar dhíolacháin i méideanna pacáistíochta 20 kg agus níos mó) agus móramh mór na ndíolachán onnmhairiúcháin chuig an Aontas, agus go ndearnadh díolacháin ar an margadh intíre san Indinéis ar an mórchóir agus i gcomhair miondíola (díolacháin i bpacáistí beaga tomhaltóirí).

(140)

Deimhníodh sna sonraí a chuir an grúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis isteach go raibh MSG ar an mórchóir á dhíol ar mhargadh intíre na hIndinéise ar phraghsanna faoi bhun an chostais táirgeachta agus taispeánadh go raibh difríocht chomhsheasmhach sa phraghas idir díolacháin ar an mórchóir agus i gcomhair miondíola.

(141)

Dá bhrí sin, ar mhaithe le hiomláine agus chun iomaíocht chóir a áirithiú idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin, ríomh an Coimisiún freisin gnáthluach malartach bunaithe ar dhíolacháin intíre ar an mórchóir amháin a d’fhéadfaí a chur i gcomparáid leis na praghsanna díolacháin onnmhairiúcháin a dhíoltar ar an mórchóir den chuid is mó. Mar atá thuas, bhí praghsanna díolacháin MSG bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an ngrúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis. Toisc go ndearnadh na díolacháin intíre ar an mórchóir faoi bhun an mheánchostais táirgeachta, chomhdhéan an Coimisiún an gnáthluach ag leanúint Airteagal 2(3) agus (6) den bhun-Rialachán trí mheánchostais ualaithe SG&A agus brabús arna dtabhú ag an ngrúpa comhoibríocha as an Indinéis a chur le gach díolachán intíre de MSG (ar an mórchóir agus miondíola), i rith na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. In éagmais aon fhaisnéise eile a bheith ar fáil, measadh gurb é an fhoinse faisnéise ab iomchuí agus ba réasúnaí é.

3.3.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(142)

In éagmais chomhoibriú tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí Comext (Eurostat), i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Ós rud é go bhfuil na praghsanna in Comext taifeadta ar leibhéal costais, árachais agus lasta agus toisc nár onnmhairigh an grúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis chuig an Aontas, suíodh leibhéal an phraghais dhírigh ón monarcha bunaithe ar an bhfianaise a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga maidir le costais iompair agus árachais ón Indinéis chuig teorainn an Aontais.

3.3.3.   Comparáid agus corrlach dumpála

(143)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach faoi dhá chnámh scéil dhifriúla ar a dtugtar tuairisc thuas agus an praghas onnmhairiúcháin mar a bhunaítear thuas. Ar an mbonn sin, fuarthas go raibh an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas ag an teorainn ó thaobh chostas, árachas agus last-táille an Aontais de, agus an dleacht neamhíoctha:

87,03 %, nuair a ríomhadh é ar bhonn na ndíolachán intíre uile de MSG san Indinéis mar a dtugtar tuairisc air in aithris (138);

44,26 %, nuair a ríomhadh é ar bhonn an ghnáthluacha chomhdhéanta mar a dtugtar tuairisc air in aithris (141).

3.3.4.   Conclúid

(144)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur leanadh den dumpáil ón Indinéis le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

4.   DÓCHÚLACHT GO RABHAS AG LEANÚINT DEN DUMPÁIL

4.1.   Daon-Phoblacht na Síne

(145)

Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann don dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm maidir le hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Mar thoradh ar an neamh-chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin/tháirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne, is ar na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán a bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú, eadhon maidir le torthaí an athbhreithnithe éaga roimhe sin a luadh in aithris (2), maidir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú, faisnéis atá ar fáil go poiblí, Comext (Eurostat) agus GTA. Rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha, agus tarraingteacht mhargadh an Aontais agus cleachtais teacht timpeall.

4.1.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne

(146)

Mar thoradh ar an neamh-chomhoibriú, b’éigean don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh agus torthaí an athbhreithnithe éaga roimhe sin, chomh maith le foinsí eile poiblí mar a shonraítear in aithris (149).

(147)

Tháinig méadú leanúnach ar acmhainneacht táirgeachta MSG sa tSín ó 2015, de réir na faisnéise arna soláthar ag an iarratasóir. Ó 2013 i leith, i ngeall ar na dlíthe cosanta comhshaoil neartaithe, bhog táirgeoirí MSG níos lú sa tSín amach as an margadh MSG, agus leathnaigh táirgeoirí níos mó a gcuid saoráidí agus chuir méadú [10-30] % ar tháirgeacht, ag sroicheadh [3 500 000-4 000 000] tona, idir 2016 agus 2018. Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú [100-130] % ar an acmhainneacht iomlán bhreise. Amhail ó 2018, measadh go raibh an acmhainneacht nár úsáideadh i measc na dtáirgeoirí gníomhacha MSG i nDaon-Phoblacht na Síne [idir 12 uair agus 15 huaire] níos mó ná an méid tomhaltais san Aontas sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(148)

Ina theannta sin, deimhnítear i roinnt alt atá ar fáil go poiblí (90) bunaithe ar thuarascálacha margaidh, gur tháinig méadú tobann ar mhéideanna táirgeachta na Síne. Bunaithe ar an bhfaisnéis sin a bhí ar fáil go poiblí mhéadaigh roinnt táirgeoirí MSG i nDaon-Phoblacht na Síne a gcuid acmhainneachta ó 2015.

(149)

Tugadh le fios i bhfaisnéis eile a bhí ar fáil go poiblí (91) gur chuir Fufeng Group Limited, ceann de na príomhtháirgeoirí MSG i nDaon-Phoblacht na Síne agus an príomhonnmhaireoir chuig an Aontas de réir an iarratasóra, méadú 41 % ar a acmhainneacht táirgeachta, ó 940 000 tona in 2015 go dtí 1 330 000 tona in 2019. An tráth céanna, thit a úsáid acmhainneachta go 80 %. Ciallaíonn sé sin gurbh ionann acmhainneacht bhreise táirgeora aonair as an tSín in 2019 agus 266 000 tona, is é sin idir dhá oiread agus ceithre oiread an tomhaltais iomláin san Aontais le linn na tréimhse céanna.

(150)

Ag cur san áireamh go bhfuil roinnt táirgeoirí eile MSG i nDaon-Phoblacht na Síne atá ar mhéid atá inchomparáide le Fufeng Group thuas, tá sé réasúnach a rá go bhfuil ró-acmhainneacht shuntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

4.1.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais, praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha agus teacht timpeall

(151)

Scrúdaigh an Coimisiún cibé an dóigh go méadódh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a ndíolacháin onnmhairiúcháin chuig an Aontas ag praghsanna dumpáilte i gcás ina gceadófaí do na bearta dul as feidhm. Dá bhrí sin, scrúdaigh an Coimisiún leibhéil praghsanna tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas i gcomparáid le margaí eile tríú tíortha, d’fhonn a chinneadh an raibh margadh an Aontais tarraingteach i dtéarmaí leibhéil praghsanna.

(152)

In éagmais comhoibrithe, d’úsáid an Coimisiún staidreamh Eurostat agus GTA. Fuarthas nach raibh ach difríocht an-bheag idir meánphraghas onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas agus meánphraghas onnmhairiúcháin foriomlán na Síne chuig margaí eile tríú tíortha. Dá bharr sin, mar a mhínítear in aithris (221) rinne praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas Eorpach (gan an dleacht frithdhumpála san áireamh) sladghearradh suntasach ar phraghsanna tionscail san Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, is éard is dóichí i gcás ina ligfí do na bearta dul as feidhm, go mbeadh margadh an Aontais níos tarraingtí d’onnmhaireoirí na Síne ná mar a bheadh margaí eile tríú tíortha. Tá sin amhlaidh toisc, gan dleachtanna, go bhféadfadh onnmhaireoirí na Síne onnmhairiú chuig an Aontas ag praghsanna níos airde ná iad siúd chuig margaí eile tríú tíortha ach a bheadh fós faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais.

(153)

Fuarthas freisin, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm, go raibh na hallmhairí ón tSín sách cobhsaí i dtéarmaí lín agus sciar den mhargadh, ag léiriú idir [4 - 7 %] de sciar den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (a raibh níos mó ná a leath faoi phróiseáil isteach, féach roinn 5.3.2 thíos). Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithrisí (8) agus (9), fuarthas go ngabhann táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne timpeall ar an mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm trí tháirge atá modhnaithe de bheagán a onnmhairiú (MSG i meascán agus tuaslagán). Taispeánann na cleachtais teacht timpeall an spéis atá ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne margadh an Aontais a rochtain gan srianta agus dá bhrí sin tarraingteacht mhargadh an Aontais d’onnmhairí na Síne.

(154)

Bunaithe ar an ró-acmhainneacht shuntasach i nDaon-Phoblacht na Síne agus ar tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, mar is léir ó phraghsanna onnmhairiúcháin tríú tíortha agus cleachtais teacht timpeall, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go rachadh líon na n-onnmhairí dumpáilte i méid dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

4.1.3.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil

(155)

I bhfianaise a thorthaí ar leanúnachas na dumpála le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus ar fhorbairt dhóchúil na n-allmhairí dá rachadh na bearta as feidhm mar a mhínítear in aithris (154), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, gur mhór an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil dá rachadh na bearta frithdhumpála ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne in éag.

4.2.   An Indinéis

(156)

Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann don dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Mar thoradh ar an neamh-chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin san Indinéis, bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, go háirithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh agus an staidreamh a bhí ar fáil, eadhon iad sin ó Eurostat agus GTA. Rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san Indinéis, staid an mhargaidh intíre san Indinéis, na praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí eile tríú tíortha agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

4.2.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise san Indinéis

(157)

Mar gheall ar neamh-chomhoibriú mór tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, suíodh an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san Indinéis ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil agus go háirithe ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(158)

Sháraigh an acmhainneacht táirgeachta san Indinéis na méideanna táirgeachta go substaintiúil. De réir na hiarrata, b’ionann acmhainneacht táirgeachta MSG agus thart ar 240 000 tona idir mí Iúil 2018 agus mí an Mheithimh 2019, agus b’ionann na méideanna táirgeachta agus thart ar 200 000 tona sa tréimhse chéanna. Dá bhrí sin shroich an úsáid táirgeachta thart ar 85 % rud arbh ionann é agus acmhainneacht bhreise mheasta de thart ar 35 000 tona, ag léiriú idir [nialas agus dhá] uair méid thomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(159)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil acmhainneacht shuntasach bhreise ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, a d’fhéadfaidís a úsáid chun MSG a tháirgeadh le honnmhairiú chuig margadh an Aontais dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

4.2.2.   Staid an mhargaidh san Indinéis

(160)

De réir staidreamh GTA tháinig méadú 71 % ar onnmhairí de MSG ón tSín chuig an Indinéis idir 2016 agus 2019, ó 26 668 tona go dtí 45 498 tona in 2019. Le linn na tréimhse céanna, tháinig laghdú breis is 8 % ar phraghsanna MSG ón tSín chuig an Indinéis, ó EUR 949/tona in 2016 go dtí EUR 874/tona in 2019.

(161)

D’fhág leibhéil mhéadaithe na n-allmhairí ar phraghas íseal ón tSín go raibh sé níos deacra agus níos deacra do tháirgeoirí na hIndinéise MSG a dhíol ar a margadh intíre agus/nó a gcostais táirgeachta a chumhdach trí dhíolacháin intíre. Le linn an imscrúdaithe, d’fhéadfaí é sin a fheiceáil freisin ag leibhéal an ghrúpa táirgeoirí comhoibríocha san Indinéis a bhí ag díol MSG ar an mórchóir faoi bhun an chostais, mar a mhínítear in aithris (139). Tá cás den sórt sin ag neartú dreasacht tháirgeoirí na hIndinéise chun a ndíolacháin onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha a mhéadú, lena n-áirítear an tAontas, chun an costas seasta táirgeachta a iompar ar a laghad.

4.2.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha

(162)

Fuarthas san imscrúdú go raibh an sciar den mhargadh san Indinéis fós ionadaíoch le linn na tréimhse iomláine a breithníodh agus go raibh sé idir [5 – 9] % le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm. Taispeánann sé sin go soiléir tarraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí MSG na hIndinéise.

(163)

Scrúdaigh an Coimisiún cibé an dóigh go méadódh táirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise a ndíolacháin onnmhairiúcháin chuig an Aontas ag praghsanna dumpáilte i gcás ina gceadófaí do bhearta dul as feidhm. Dá bhrí sin, scrúdaigh an Coimisiún leibhéil praghsanna tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise chuig an Aontas i gcomparáid le margaí eile tríú tíortha, d’fhonn a chinneadh an raibh margadh an Aontais tarraingteach i dtéarmaí leibhéil praghsanna.

(164)

In éagmais chomhoibriú tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, bhí an chomparáid a rinneadh idir praghsanna onnmhairiúcháin na hIndinéise chuig an Aontas agus praghsanna onnmhairiúcháin na hIndinéise chuig margaí onnmhairiúcháin eile le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe bunaithe ar shonraí ó GTA. Ar an mbonn sin, bhí meánphraghas onnmhairiúcháin SAB na hIndinéise chuig an Aontas beagán níos airde (faoi 1,6 %) ná an meánphraghas onnmhairiúcháin foriomlán san Indinéis chuig margaí eile tríú tíortha. Cé nach raibh na praghsanna ach beagán níos airde chuig an Aontas, deimhnítear leis an sciar cobhsaí den mhargadh agus a bhí fós suntasach d’onnmhairí na hIndinéise san Aontas go raibh na leibhéil praghsanna chuig an Aontas tarraingteach. Ina theannta sin, ag cur san áireamh nach n-áirítear na dleachtanna frithdhumpála sna praghsanna SAB a taifeadadh in GTA (atá idir 7,2 % agus 28,4 % i gcás tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise) is léir go mbeadh an leibhéal praghsanna chuig an Aontas mealltach d’onnmhaireoirí na hIndinéise i gcás ina rachadh na dleachtanna as feidhm, toisc go bhfaighidís deis leis sin a gcuid praghsanna onnmhairiúcháin a mhéadú. Faoin gcás sin, ghinfeadh margadh an Aontais leibhéal praghsanna níos brabúsaí ná margaí eile tríú tíortha agus dá bhrí sin bheadh dreasacht ard ann na honnmhairí chuig an Aontas a mhéadú.

(165)

Bunaithe ar fharasbarr substaintiúil acmhainneachta tháirgeoirí na hIndinéise, ar staid an mhargaidh intíre san Indinéis agus ar tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go rachadh líon na n-onnmhairí dumpáilte i méid dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

4.2.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil

(166)

I bhfianaise a thorthaí ar leanúnachas na dumpála le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus ar fhorbairt dhóchúil na n-allmhairí dá rachadh na bearta as feidhm mar a shuitear in aithris (165), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, gur mhór an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil dá rachadh na bearta frithdhumpála ar allmhairí ón Indinéis in éag.

5.   DÍOBHÁIL

5.1.   Sainmhíniú ar an tionscal de chuid an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(167)

Rinne táirgeoir amháin san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse a breithníodh. Is ionann é agus an “tionscal de chuid an Aontais” de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

5.2.   Tomhaltas an Aontais

(168)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais trí dhíolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais a chur leis na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ó thríú tíortha eile, bunaithe ar Eurostat.

(169)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar seo a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (i dtonaí)

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An saormhargadh

[48 170 –78 448 ]

[49 430 –80 501 ]

[46 745 –76 127 ]

[45 712 –74 445 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

103

97

95

Margadh faoi chuing

[78 – 127]

[104 – 169]

[125 – 204]

[190 – 310]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

134

161

245

Tomhaltas faoi chuing vs Tomhaltas ar an saormhargadh

0,16 %

0,21 %

0,27 %

0,42 %

Foinse: Freagra ceistneora, Eurostat

(170)

Tháinig méadú de bheagán ar thomhaltas an Aontais ar an saormhargadh idir 2016 agus 2017 sular laghdaigh sé arís i dtreo dheireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig laghdú foriomlán 5 % ar thomhaltas an Aontais ar an saormhargadh le linn na tréimhse a breithníodh.

(171)

Tá tomhaltas an-bheag faoi chuing freisin san Aontas a léiríonn níos lú ná 0,5 % de thomhaltas an mhargaidh shaoir le linn na tréimhse iomláine a breithníodh. Tháinig méadú 145 % ar an tomhaltas faoi chuing le linn na tréimhse a breithníodh.

5.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

5.3.1.   Méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus a sciar féin den mhargadh

(172)

Shuigh an Coimisiún méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn Eurostat.

(173)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus ar a sciar den mhargadh:

Tábla 3

Méid na n-allmhairí (i dtonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

3 604

3 643

2 223

3 485

Innéacs (FY2016 = 100)

100

101

62

97

Sciar den mhargadh

[3,7 % - 6,0 %]

[3,6 % - 5,9 %]

[2,3 % - 3,8 %]

[3,7 % - 6,1 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

99

64

102

Méid na n-allmhairí ón Indinéis

7 496

7 855

8 269

5 060

Innéacs (FY2016 = 100)

100

105

110

68

Sciar den mhargadh

[7,6 % - 12,4 %]

[7,8 % - 12,7 %]

[8,7 % - 14,1 %]

[5,4 % - 8,8 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

102

114

71

Foinse: Eurostat

(174)

Bhí na méideanna allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne beagnach tairiseach idir 2016 agus 2017, tháinig laghdú suntasach orthu in 2018 (faoi 39 % i gcomparáid le 2017), agus tháinig méadú 57 % orthu ansin faoi dheireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe i gcomparáid le 2018. Tháinig laghdú foriomlán 3 % ar mhéideanna allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse a breithníodh.

(175)

Tháinig méadú 10 % ar na méideanna allmhairí ón Indinéis idir 2016 agus 2018 sular tháinig laghdú suntasach 39 % orthu faoi dheireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe i gcomparáid le leibhéil 2018. Le linn na tréimhse a breithníodh, tháinig laghdú 32 % ar na méideanna allmhairí ón Indinéis.

(176)

Tháinig méadú 2 % ar sciar margaidh Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse a breithníodh, agus i gcás na hIndinéise tháinig laghdú 29 % air sa tréimhse chéanna. Mar sin féin, bhí an sciar den mhargadh i gcás Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise os cionn de minimis le linn na tréimhse iomláine a breithníodh.

5.3.2.   Córas próiseála isteach

(177)

Déantar MSG a allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne faoin ngnáthchóras chomh maith lena allmhairiú faoin gcóras próiseála isteach.

(178)

Rinneadh na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne faoin ngnáthchóras agus faoin gcóras próiseála isteach a fhorbairt mar a leanas:

Tábla 4

Méid allmhairí (i dtonaí) ó Dhaon-Phoblacht na Síne faoin ngnáthchóras agus faoin gcóras próiseála isteach

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne faoin ngnáthchóras

1 930

1 022

872

1 125

Innéacs (FY2016 = 100)

100

53

45

58

Sciar den mhargadh

[2,0 % - 3,2 %]

[1,0 % - 1,7 %]

[0,9 % - 1,5 %]

[1,2 % - 2,0 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

52

47

61

Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne atá faoin gcóras próiseála isteach

1 673

2 621

1 351

2 359

Innéacs (FY2016 = 100)

100

157

81

141

Sciar den mhargadh

[1,7 % - 2,8 %]

[2,6 % - 4,2 %]

[1,4 % - 2,3 %]

[2,5 % - 4,1 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

153

83

149

Foinse: Eurostat

(179)

Rinneadh 68 % de na hallmhairí iomlána ó Dhaon-Phoblacht na Síne a allmhairiú tríd an gcóras próiseála isteach sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig méadú 41 % ar a líon le linn na tréimhse a breithníodh.

5.3.3.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(180)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn Eurostat.

(181)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann:

Tábla 5

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/kg)

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Daon-Phoblacht na Síne

1,06

0,89

0,88

0,93

Innéacs (FY2016 = 100)

100

85

83

88

An Indinéis

1,24

1,12

1,07

1,17

Innéacs (FY2016 = 100)

100

91

87

94

Foinse: Eurostat (gan allmhairí faoi phróiseáil isteach)

(182)

Tháinig laghdú 17 % ar an bpraghas allmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne idir 2016 agus 2018 sular tháinig méadú 5 % orthu arís faoi dheireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig laghdú foriomlán 12 % ar an bpraghas allmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse a breithníodh.

(183)

Lean an praghas allmhairiúcháin ón Indinéis an treocht chéanna leis an bpraghas allmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne, agus tháinig laghdú 13 % orthu idir 2016 agus 2018 agus ansin tháinig méadú 9 % orthu faoi dheireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Le linn na tréimhse a breithníodh, tháinig méadú 6 % ar an bpraghas allmhairiúcháin.

(184)

I bhfianaise an neamhchomhoibrithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus na hIndinéise mar a luadh in aithris (24), chinn an Coimisiún an sladghearradh praghsanna le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe trí mheánphraghas díola ualaithe a ghearr an t-aon táirgeoir amháin de chuid an Aontais, arna ghearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna choigeartú chuig an leibhéal díreach ón monarcha a chur i gcomparáid leis na meánphraghsanna onnmhairiúcháin ualaithe ó Eurostat, lena n-áirítear an dleacht frithdhumpála, agus coigeartuithe iomchuí á ndéanamh i gcomhair dleachtanna custaim agus costais iar-allmhairiúcháin. Maidir leis na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne, níor tugadh praghsanna mhéideanna MSG a allmhairíodh faoin gcóras próiseála isteach san áireamh toisc nach bhfuil na méideanna sin scaoilte i saorchúrsaíocht i margadh an Aontais.

(185)

Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí aonair ón Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Níor léiríodh aon sladghearradh i gcás Dhaon-Phoblacht na Síne ná na hIndinéise.

5.4.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne agus an Indinéis

(186)

Tháinig na hallmhairí de MSG, a tháinig ó thríú tíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne agus an Indinéis, ó Vítneam agus ón mBrasaíl den chuid is mó.

(187)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le MSG ó thríú tíortha eile:

Tábla 6

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Vítneam

Méid (tonaí)

3 399

1 523

1 642

2 642

Innéacs (FY2016 = 100)

100

45

48

78

Sciar den mhargadh

[3,5 % - 5,6 %]

[1,5 % - 2,5 %]

[1,7 % - 2,8 %]

[2,8 % - 4,6 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

44

50

82

Meánphraghas (EUR/kg)

1,32

1,34

1,24

1,31

Innéacs (FY2016 = 100)

100

101

94

99

An Bhrasaíl

Méid (tonaí)

1 900

1 296

1 014

1 339

Innéacs (FY2016 = 100)

100

68

53

70

Sciar den mhargadh

[1,9 % - 3,1 %]

[1,3 % - 2,1 %]

[1,1 % – 1,7 %]

[1,4 % - 2,3 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

67

55

74

Meánphraghas (EUR/kg)

1,20

1,20

1,21

1,22

Innéacs (FY2016 = 100)

100

100

101

102

Tríú tíortha eile

Méid (tonaí)

344

345

386

365

Innéacs (FY2016 = 100)

100

100

112

106

Sciar den mhargadh

[0,3 % - 0,6 %]

[0,3 % - 0,6 %]

[0,4 % - 0,7 %]

[0,4 % - 0,6 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

98

116

112

Meánphraghas (EUR/kg)

2,49

2,83

2,39

2,65

Innéacs (FY2016 = 100)

100

114

96

107

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas na tíortha lena mbaineann

Méid (tonaí)

5 642

3 164

3 041

4 346

Innéacs (FY2016 = 100)

100

56

54

77

Sciar den mhargadh

[5,7 % - 9,3 %]

[3,1 % - 5,1 %]

[3,2 % - 5,2 %]

[4,7 % - 7,6 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

55

56

81

Meánphraghas (EUR/kg)

1,35

1,44

1,38

1,40

Innéacs (FY2016 = 100)

100

107

102

103

Foinse: Eurostat

(188)

Tháinig laghdú foriomlán ar mhéideanna allmhairí ó thríú tíortha eile ó 5 642 400 kg in 2016 go dtí 4 345 700 kg sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, sin laghdú 23 % le linn na tréimhse a breithníodh. Tháinig laghdú 19 % ar an sciar comhfhreagrach den mhargadh sa tréimhse chéanna. Tháinig méadú foriomlán 3 % ar phraghsanna allmhairí tríú tíortha le linn na tréimhse a breithníodh agus tá siad i bhfad níos airde ná praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann.

5.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

5.5.1.   Barúlacha ginearálta

(189)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh.

5.5.2.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(190)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 7

An táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An méid táirgeachta (tonaí)

[47 400 –77 195 ]

[50 105 –81 599 ]

[48 624 –79 188 ]

[50 108 –81 605 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

106

103

106

An acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

[61 600 –100 320 ]

[61 600 –100 320 ]

[61 600 –100 320 ]

[61 600 –100 320 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

100

100

100

Úsáid acmhainneachta

[54 % - 88 %]

[57 % - 93 %]

[55 % - 90 %]

[57 % - 93 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

106

103

106

Foinse: Freagra ceistneora

(191)

Tháinig luaineacht bheag sa táirgeacht le linn na tréimhse a breithníodh. Cé gur tháinig méadú 6 % air idir 2016 agus 2017, tháinig laghdú 3 % air idir 2017 agus 2018, agus tháinig méadú 3 % air arís sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig méadú foriomlán 6 % ar an méid táirgeachta le linn na tréimhse a breithníodh. Taispeánadh leis an imscrúdú gur tharla na luaineachtaí go príomha mar gheall ar dhúnadh síos de bharr obair chothabhála a rinne an tionscal de chuid an Aontais (16 lá i mblianta áirithe agus 10 lá i mblianta eile).

(192)

D’fhan an acmhainneacht táirgeachta cobhsaí le linn na tréimhse a breithníodh.

(193)

De thoradh acmhainneacht táirgeachta chobhsaí, forbraíodh an úsáid acmhainneachta i gcomhréir leis an méid táirgeachta, is é sin gur mhéadaigh sé ar dtús idir 2016 agus 2017, agus gur laghdaigh sé ansin idir 2017 agus 2018 agus gur mhéadaigh sé arís sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Dá bhrí sin, tháinig méadú 6 % freisin ar an úsáid acmhainneachta le linn na tréimhse a breithníodh.

5.5.3.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(194)

Le linn na tréimhse a breithníodh tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 8

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Méid na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

[36 451 – 59 363 ]

[39 167 – 63 787 ]

[37 272 – 60 700 ]

[36 689 – 59 750 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

107

102

101

Sciar den mhargadh

[53 % - 89 %]

[55 % - 93 %]

[56 % - 93 %]

[56 % - 94 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

105

105

106

Foinse: Freagra ceistneora

(195)

Tháinig méadú 1 % ar éigean ar mhéid díolachán MSG ag an tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Tháinig méadú 7 % air ar dtús idir 2016 agus 2017 agus tháinig laghdú 6 % air ansin faoi dheireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. D’fhág an laghdú comhthreomhar ar thomhaltas gur tháinig méadú 6 % ar an sciar den mhargadh de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh.

5.5.3.1.   Fás

(196)

Mar a luadh thuas, cé gur tháinig laghdú 5 % ar an tomhaltas de chuid an Aontais ar an saormhargadh le linn na tréimhse a breithníodh, tháinig méadú beag 1 % ar an méid díolachán de chuid an Aontais, rud arb ionann é agus méadú 6 % ar an sciar den mhargadh.

5.5.4.   An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

(197)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 9

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Líon na bhfostaithe

[137 – 222]

[138 – 225]

[133 – 217]

[132 – 215]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

101

97

97

Táirgiúlacht (tona/fostaí)

[243 – 396]

[253 – 413]

[256 – 416]

[266 – 433]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

104

105

109

Foinse: Freagra ceistneora

(198)

Tháinig laghdú 3 % ar fhostaíocht an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Tharla an laghdú sin mar gheall ar shineirgí i seirbhísí comhroinnte (amhail teicneolaíocht faisnéise (“TF”) agus acmhainní daonna (“AD”)) tar éis an gnó miondíola reoite a chomhtháthú in AFE.

(199)

Tháinig méadú ar an táirgiúlacht mar gheall ar theaglaim de laghdú ar fhostaíocht agus méadú ar an méid táirgeachta mar a mhínítear in aithris (191).

5.5.5.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(200)

Bhí na corrlaigh dumpála le haghaidh na dtíortha lena mbaineann i bhfad os cionn an leibhéil de minimis mar a luadh in aithrisí (134) agus (143) agus d’fhan méid agus sciar den mhargadh i gcás na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann suntasach le linn na tréimhse a breithníodh mar a dtugtar tuairisc air in aithrisí (174) go (176).

(201)

Dá bhrí sin, níor thug praghsáil éagórach leanúnach ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Indinéis deis do thionscal an Aontais téarnamh ó chleachtais dumpála roimhe seo.

5.5.6.   Praghsanna agus fachtóirí lena ndéantar difear do phraghsanna

(202)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe an aon táirgeora amháin de chuid an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 10

Praghsanna agus costais díola san Aontas

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An meánphraghas díola aonaid ar an saormhargadh (EUR/kg)

[0,94 – 1,52]

[0,86 – 1,40]

[0,84 – 1,36]

[0,87 – 1,42]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

92

90

93

Costas aonaid na táirgeachta (EUR/kg)

[0,91 – 1,49]

[0,91 – 1,49]

[0,95 – 1,55]

[0,88 – 1,43]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

100

104

96

Foinse: Freagra ceistneora

(203)

Tháinig laghdú 7 % ar mheánphraghas díola aonaid thionscal an Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh. Bhí treocht laghdaithe ag baint leis idir 2016 agus 2018 agus mhéadaigh sé ansin sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tá an treocht maidir le praghas díola thionscal an Aontais ag teacht le treocht phraghas allmhairiúcháin na Síne agus na hIndinéise i margadh an Aontais.

(204)

Tháinig laghdú 4 % ar chostas aonaid na táirgeachta le linn na tréimhse a breithníodh. Bhí sé cobhsaí idir 2016 agus 2017 agus tháinig méadú 4 % air ansin in 2018 i gcomparáid le 2017 agus tháinig laghdú 8 % air sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tharla an laghdú ar an gcostas táirgeachta in 2019 i gcomparáid le 2018 mar gheall ar na hiarrachtaí a rinne an tionscal de chuid an Aontais an tomhaltas amhábhar a laghdú sa phróiseas monaraíochta chomh maith le laghdú ar phraghas na n-amhábhar.

5.5.7.   Costais saothair

(205)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair an aon táirgeora amháin de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 11

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

[49 321 –80 323 ]

[50 538 –82 304 ]

[48 606 –79 159 ]

[48 282 –78 631 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

102

99

98

Foinse: Freagra ceistneora

(206)

Tháinig laghdú 2 % ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse a breithníodh. Tá an laghdú sin nasctha le sineirgí i bhfeidhmeanna TF, maoiniúcháin, AD agus ardbhainistíochta a baineadh amach tar éis an gnó miondíola reoite a chomhtháthú in ATE mar a luaitear in aithris (198).

5.5.8.   Fardail

(207)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic tháirgeoir aonair an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 12

Fardail

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

[12 765 –20 789 ]

[9 706 –15 807 ]

[8 054 –13 116 ]

[9 926 –16 166 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

76

63

78

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

[19 % - 31 %]

[14 % - 22 %]

[12 % - 19 %]

[14 % - 23 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

72

62

74

Foinse: Freagra ceistneora

(208)

Tháinig laghdú 22 % ar na stoic dheiridh fhoriomlána le linn na tréimhse a breithníodh. Bhí treocht laghdaithe ag na stoic dheiridh idir 2016 agus 2018 agus ansin tháinig méadú 23 % air sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe i gcomparáid le 2018. D’ainneoin na treochta laghdaithe, bhí leibhéal na stoc fós ard le linn na tréimhse a breithníodh.

(209)

Tháinig laghdú 38 % ar na stoic dheiridh mar chéatadán de tháirgeacht idir 2016 agus 2018 agus tháinig méadú 20 % air ansin sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig laghdú foriomlán 26 % air. Leanann an treocht laghdaithe sin treocht laghdaithe na stoc deiridh agus an mhéadaithe bhig ar an méid táirgeachta.

5.5.9.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(210)

Tháinig forbairt ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí tháirgeoir aonair an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 13

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

[1,6 % – 2,7 %]

[-7,2 % – -4,4 %]

[-15,35 % – -9,4 %]

[-0,6 % – -0,4 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

-269

-574

-22

Sreabhadh airgid (mílte EUR)

[5 822 – 9 481 ]

[3 838 – 6 251 ]

[-3 733 – -2 292 ]

[2 886 – 4 699 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

66

-39

50

Infheistíochtaí (mílte EUR)

[4 302 – 7 006 ]

[4 609 – 7 506 ]

[5 419 – 8 825 ]

[3 307 – 5 386 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

107

126

77

Toradh ar infheistíochtaí

[0,3 % - 0,5 %]

[-6,3 % – -3,9 %]

[-14,6 % – -8,9 %]

[-1,5 % – -0,9 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

-1 168

-2 701

-286

Foinse: Freagra ceistneora

(211)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoir aonair an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Tháinig laghdú suntasach ar an mbrabúsacht idir 2016 agus 2018. Thaifead an táirgeoir aonair de chuid an Aontais caillteanais idir 2017 agus 2019. In 2019, tháinig feabhas ar an mbrabúsacht i gcomparáid le 2018 i ngeall ar mhéadú ar an bpraghas díola agus laghdú ar an gcostas táirgeachta mar a luaitear in aithrisí (203) agus (204). Le linn na tréimhse a breithníodh, thit an bhrabúsacht mar sin féin ó [1,6 % – 2,7 %] in 2016 go dtí caillteanais [-0,6 % – -0,4 %] sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(212)

Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas thionscal an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Taispeánadh an treocht chéanna le brabúsacht sa ghlansreabhadh airgid: tháinig laghdú air idir 2016 agus 2018 sular mhéadaigh sé arís le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig laghdú foriomlán 50 % ar an nglansreabhadh airgid le linn na tréimhse a breithníodh.

(213)

Tháinig laghdú 23 % ar infheistíochtaí le linn na tréimhse a breithníodh. Léirigh siad den chuid is mó na hinfheistíochtaí ba ghá chun an trealamh a chothabháil, chun tomhaltas amhábhar a laghdú, chomh maith le hinfheistíochtaí chun ceanglais dlí maidir le sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil a chomhlíonadh.

(214)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Ach an oiread le táscairí airgeadais eile, bhí treocht laghdaithe ag baint leis an toradh ar infheistíocht idir 2016 agus 2018 agus tháinig méadú beag orthu sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig titim 386 % ar an toradh ar infheistíochtaí le linn na tréimhse a breithníodh.

(215)

Mar fhocal scoir, ag cur na brabúsachta laghdaithe agus an tsreabhaidh airgid laghdaithigh san áireamh, bhí tionchar diúltach ar chumas na cuideachta caipiteal a chruinniú.

5.6.   Conclúid faoi dhíobháil

(216)

D’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm, leanadh de mhéideanna suntasacha d’allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Indinéis.

(217)

Tá an tionscal de chuid an Aontais i ndrochstaid airgeadais. Cé go dtaispeánann roinnt de na táscairí díobhála, amhail an méid táirgeachta, an sciar den mhargadh agus na stoic treocht fhabhrach, taispeánann táscairí eile, amhail praghsanna díola, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíocht treocht dhiúltach.

(218)

D’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm, an méadú ar tháirgiúlacht agus gur éirigh leis an tionscal de chuid an Aontais a chostas táirgeachta a laghdú, chláraigh an tionscal de chuid an Aontais caillteanais mar sin féin idir 2017 agus 2019.

(219)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

(220)

Ansin, rinne an Coimisiún measúnú ar cibé an bhfuil nasc cúisíoch idir allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil a bhain don tionscal de chuid an Aontais.

(221)

Maidir le Daon-Phoblacht na Síne, tugadh le fios san imscrúdú gur fhan méid na n-allmhairí os cionn leibhéil de minimis le linn na tréimhse iomláine a breithníodh. Cé go raibh an corrlach sladghearrtha diúltach le linn na ndleachtanna frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar phraghas na n-allmhairí i rith na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, bhí an corrlach sladghearrtha gan na dleachtanna frithdhumpála os cionn 20 %. Ina theannta sin, toisc go bhfuil an tionscal de chuid an Aontais ag cailleadh airgid agus ag cur an sprioc-bhrabúis idir 5 % agus 15 % faoi mar a leagadh síos le linn an chéad imscrúdaithe ar an Indinéis (92), is léir go bhfuil allmhairí ón tSín ag dul isteach san Aontas ag praghsanna díobhálacha.

(222)

Maidir leis an Indinéis, tugadh le fios freisin san imscrúdú, mar a bhí i gcás Dhaon-Phoblacht na Síne, go raibh na hallmhairí os cionn na leibhéil de minimis i rith na tréimhse iomláine a breithníodh. D’uireasa na díolúine frithdhumpála, ba dhiúltach don chorrlach sladghearrtha. Mar sin féin, tharlódh corrlach gearrdhíola de bhreis ar 7 % de bharr na bpraghsanna allmhairiúcháin reatha d’uireasa na ndleachtanna frithdhumpála i gcomparáid le spriocphraghas a leagadh síos ar bhonn chostas táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus an spriocbhrabús idir 5 % agus 15 % mar a leagadh síos le linn na chéad imscrúdaithe san Indinéis.

(223)

Agus an méid thuas á mheas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain don tionscal de chuid an Aontais, agus nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí ón Indinéis ba chúis leis toisc mar gheall ar éifeacht na mbeart go ndearnadh allmhairí na hIndinéise ag praghsanna nach ndearna aon díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

(224)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún tuilleadh scrúdú ar an dóchúlacht go leanfaí de dhíobháil de bharr allmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ar an dóchúlacht go dtarlódh díobháil arís arbh iad allmhairí dumpáilte ón Indinéis ba chúis leo dá ndéanfaí na bearta a aisghairm.

6.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DÍOBHÁIL AGUS/NÓ GO dTARLÓIDH SÉ ARÍS

6.1.   An dóchúlacht go leanfar den díobháil ó Dhaon-Phoblacht na Síne

(225)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (219) gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. In aithris (223), chinn an Coimisiún freisin gurbh iad na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain don tionscal de chuid an Aontais. Rinne an Coimisiún tuilleadh measúnú ar cibé acu an mbeadh dóchúlacht ann go leanfaí den díobháil arbh iad na hallmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis leo dá ligfí do na bearta ina haghaidh dul as feidhm.

(226)

Maidir leis sin, rinne an Coimisiún anailís ar na gnéithe seo a leanas: an méid táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, tarraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, leibhéil praghsanna dóchúla na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne in éagmais bearta frithdhumpála, agus a dtionchar ar an tionscal de chuid an Aontais.

6.1.1.   An acmhainneacht táirgeachta, acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne agus tarraingteacht mhargadh an Aontais

(227)

Mar a mhínítear in aithrisí (147) go (153), bunaithe ar an ró-acmhainneacht shuntasach i nDaon-Phoblacht na Síne agus ar tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, tá dóchúlacht láidir ann go rachadh líon na n-onnmhairí i méid dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

6.1.2.   Tionchar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar staid an tionscail de chuid an Aontais dá gceadófaí do na bearta dul as feidhm

(228)

Maidir leis an éifeacht dhóchúil ar allmhairí den sórt sin, scrúdaigh an Coimisiún a leibhéil praghsanna dóchúla i gcás ina ligfí do na bearta dul as feidhm. Maidir leis sin, bhreithnigh an Coimisiún na leibhéil praghsanna ar allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe gan tásc réasúnach maidir leis an dleacht frithdhumpála. Ar an mbonn sin, shuigh an Coimisiún sladghearradh suntasach ar phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais (níos mó ná 20 %).

(229)

Ina theannta sin, toisc go raibh an tionscal de chuid an Aontais ag cailleadh airgid ar feadh na tréimhse iomláine a breithníodh nach mór faoi mar atá luaite in aithris (211), agus ag cur san áireamh, mar a mhínítear in aithris (221) go bhfuil an spriocbhrabús a leagadh síos le haghaidh tionscal den sórt sin idir 5 % agus 15 %, bhí allmhairí na Síne ag dul isteach san Aontas ag praghsanna díobhálacha.

(230)

Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid go dtiocfadh tuilleadh meatha ar chás an tionscail de chuid an Aontais, a bhfuil díobháil ábhartha ag baint dó cheana féin, i gcás ina ndéanfaí na bearta a aisghairm. Go deimhin, in éagmais beart, is dóchúil go gcuirfeadh allmhairí dumpáilte na Síne ag praghsanna díobhálacha brú anuas breise ar phraghsanna díolachán i margadh an Aontais. Tá dóchúlacht an-ard ann go mbeidh oibleagáid ar an tionscal de chuid an Aontais a phraghsanna díolachán a laghdú rud as a dtiocfadh caillteanas breise brabúsachta agus, i ngach dóchúlacht, caillteanais thábhachtacha sa ghearrthéarma.

(231)

Ina ionad sin, tá sé an-dóchúil go bhfágfaidh aon iarracht chun a phraghsanna díolachán a mhéadú go dtí leibhéil bhrabúsacha ar thaobh an tionscail de chuid an Aontais de go mbeidh caillteanas ann ó thaobh mhéid na ndíolachán agus sciar den mhargadh chuig allmhairí ar phraghsanna ísle. Ag cur san áireamh na hacmhainneachtaí ollmhóra breise atá i nDaon-Phoblacht na Síne, beidh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne in ann a gcuid onnmhairí a mhéadú sa ghearrthéarma agus sciar tábhachtach den mhargadh a bhaint amach ar chostas an tionscail de chuid an Aontais. Tá sé an-dóchúil go gcaillfidh an tionscal de chuid an Aontais barainneachtaí scála, rud as a dtiocfaidh méadú ar an gcostas aonaid táirgeachta agus dá dheasca sin a chruthóidh tuilleadh laghduithe i mbrabúsacht do tionscal an Aontais. Dá thoradh sin, bheadh inmharthanacht an tionscail de chuid an Aontais i mbaol mór.

6.1.3.   Conclúid

(232)

I bhfianaise na dtorthaí thuas, go háirithe an acmhainneacht ollmhór bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, tarraingteacht mhargadh an Aontais, leibhéil praghsanna allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne in éagmais bearta frithdhumpála agus an tionchar is dóigh a bheidh acu ar an tionscal de chuid an Aontais, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa beart agus gur dócha go leanfaí de dhíobháil ábhartha arís.

6.2.   An dóchúlacht go dtarlóidh díobháil ón Indinéis arís

(233)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (219) gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais. In aithris (223), chinn an Coimisiún freisin nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí ón Indinéis ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain don tionscal de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cibé acu an mbeadh dóchúlacht ann go dtarlódh díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón Indinéis ba chúis léi dá ligfí do na bearta ina haghaidh dul as feidhm.

(234)

Maidir leis sin, scrúdaigh an Coimisiún ar acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san Indinéis, staid an mhargaidh san Indinéis, tarraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin, leibhéil praghsanna dóchúla na n-allmhairí ón Indinéis in éagmais bearta frithdhumpála, agus a dtionchar ar an tionscal de chuid an Aontais.

6.2.1.   An acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san Indinéis, staid an mhargaidh san Indinéis agus tarraingteacht mhargadh an Aontais

(235)

Mar a mhínítear in aithrisí (158) go (165), bunaithe ar ró-acmhainneacht shubstaintiúil tháirgeoirí na hIndinéise, ar staid an mhargaidh intíre san Indinéis agus ar tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go rachadh líon na n-onnmhairí i méid dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

6.2.2.   Tionchar na n-allmhairí ón Indinéis ar staid an tionscail de chuid an Aontais dá gceadófaí do na bearta dul as feidhm

(236)

Scrúdaigh an Coimisiún na leibhéil praghsanna is dóichí a thiocfadh ar allmhairí na hIndinéise i gcas ina ligfí do na bearta dul as feidhm bunaithe ar leibhéil praghsanna allmhairiúcháin na hIndinéise le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith acu ar staid an tionscail de chuid an Aontais. Cé nach ndearna onnmhaireoirí na hIndinéise aon sladghearradh ar phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais tar éis na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm a bhaint, rinneadh gearrdhíol ar níos mó ná 7 %, ag úsáid spriocbhrabúis idir 5 % agus 15 % mar a mhínítear in aithris (229). Taispeánann sé sin, i gcás ina ligfí do na bearta dul as feidhm, go ndéanfaí allmhairí na hIndinéise ag leibhéil praghsanna díobhálacha, ag méadú an bhrú praghsanna ar an tionscal de chuid an Aontais a chaillfeadh méid na ndíolachán nó a chuirfeadh oibleagáid orthu a leibhéil praghsanna a laghdú. As sin chruthófaí cás ina dtarlódh caillteanais shuntasacha an-tapa, rud nach bhfuil inmharthana sa ghearrthéarma.

6.2.3.   Conclúid

(237)

I bhfianaise na dtorthaí thuas, go háirithe de bharr go bhfuil acmhainneacht bhreise san Indinéis, staid an mhargaidh san Indinéis, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus na leibhéil praghsanna ionchasacha ón Indinéis in éagmais bearta frithdhumpáilte agus a dtionchar ar an tionscal de chuid an Aontais, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón Indinéis ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa beart agus gur dócha go dtarlódh díobháil ábhartha arís.

7.   LEAS AN AONTAIS

(238)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus úsáideoirí.

(239)

Tugadh deis do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl de bhun hAirteagal 21(2) den bhun-Rialachán.

(240)

Ar an mbonn sin scrúdaigh an Coimisiún cibé, d’ainneoin na gconclúidí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil do Dhaon-Phoblacht na Síne agus go leanfaí den dumpáil agus go mbainfeadh díobháil arís don Indinéis, bhí cúiseanna láidre ann as a dtiocfaí ar an gconclúid nárbh é leas an Aontais é na bearta reatha a choinneáil ar bun.

7.1.   Leas an tionscail de chuid an Aontais

(241)

Chinn an t-imscrúdú gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais. Mar a luadh in aithris (223) ba iad na hallmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis leis an díobháil ábhartha agus dá bhrí sin thángthas ar an gconclúid go raibh dóchúlacht ann go leanfaí den díobháil ábhartha i gcás ina ligfí do na bearta in aghaidh Dhaon-Phoblacht na Síne dul as feidhm. Cinneadh san imscrúdú freisin go raibh sé dóchúil go dtarlódh díobháil ábhartha arís i gcás ina ligfí d’allmhairí na hIndinéise dul as feidhm. Go háirithe, is dócha go gcuirfear téarnamh ionchais an tionscail de chuid an Aontais a fhulaingeofar de bharr na díobhála ábhartha i mbaol i gcás ina méadóidh na hallmhairí de MSG ón tSín agus ón Indinéis ar mhargadh an Aontais, ag praghsanna dumpáilte.

(242)

I gcás ina gcoinneofaí bearta ar bun, táthar ag súil go mbeidh an tionscal de chuid an Aontais ábalta leas a bhaint de réir a chéile as éifeachtaí na mbeart arna bhforchur. Deimhnítear é sin freisin de bharr go ndearnadh na bearta frithdhumpála ar allmhairí de MSG ó Dhaon-Phoblacht na Síne a leathnú chuig allmhairí de MSG i meascán nó i dtuaslagán ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis imscrúdú frith-imchéimnithe in 2020 mar a mhínítear in aithrisí (8) agus (9).

(243)

I gcás ina ligfí do an bearta dul as feidhm, is dócha go dtiocfaidh meath eile ar staid an tionscail de chuid an Aontais mar a mhínítear thuas san anailís ar an dóchúlacht go leanfar de dhíobháil nó go dtarlóidh díobháil arís in aithrisí (225) go (237).

(244)

Thángthas ar an gconclúid dá bhrí sin gur chun leas an tionscail de chuid an Aontais atá sé na bearta atá i bhfeidhm in aghaidh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise a choinneáil ar bun.

7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara

(245)

Tháinig ceithre allmhaireoir neamhghaolmhara chun cinn tar éis an Fógra Tionscnaimh a fhoilsiú. Chomhoibrigh ceithre cinn díobh go hiomlán leis an imscrúdú trí fhreagra iomlán ar an gceistneoir a chur isteach.

(246)

Rinne dhá cheann de na hallmhaireoirí neamhghaolmhara a bhí i mbun comhoibriú allmhairiú ar MSG ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Indinéis agus an dá cheann eile ón Indinéis amháin. I gcás gach ceann díobh bhí tionchar an-teoranta ag gníomhaíocht MSG ina láimhdeachas iomlán (faoi bhun 1,5 % den láimhdeachas iomlán). Thairis sin, tugadh le fios san imscrúdú go raibh na hallmhaireoirí brabúsach, d’ainneoin na mbeart a bhí i bhfeidhm. Úsáideadh MSG allmhairithe le haghaidh earnáil an bhia chomh maith leis an earnáil neamhbhia araon.

(247)

Ar na forais sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gcás ina ndéanfaí na bearta a choinneáil ar bun, nach dóigh go mbeadh an tionchar ar staid eacnamaíoch na n-allmhaireoirí suntasach.

7.3.   Leas úsáideoirí

(248)

Bíonn na húsáideoirí gníomhach go príomha in earnáil an bhia agus na dí agus úsáideann siad MSG chun meascáin spíosraí, anraithí agus ullmhúcháin eile a tháirgeadh. Féadfar MSG a úsáid le haghaidh feidhmeanna sonracha san earnáil neamhbhia chun glantaigh a tháirgeadh, mar shampla.

(249)

Níor chomhoibrigh aon úsáideoir leis an imscrúdú.

(250)

Níor tugadh le fios san imscrúdú atá i bhfeidhm faoi láthair go raibh aon drochthionchar ag na bearta atá i bhfeidhm ar úsáideoirí. Tugadh le fios in imscrúduithe roimhe seo in aghaidh na Síne agus na hIndinéise nár chosúil go raibh aon drochthionchar suntasach ag na bearta ar na húsáideoirí a chomhoibrigh leis an imscrúdú.

(251)

Ar na forais sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gcás ina ndéanfaí na bearta a choinneáil ar bun, nach dóigh go mbeadh tionchar suntasach acu ar staid eacnamaíoch na n-oibreoirí sin.

7.4.   An chonclúid ar leas an Aontais

(252)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí de MSG ar de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann é, a choinneáil ar bun.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(253)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir leis an dóchúlacht gur leanadh den dumpáil le haghaidh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise, an dóchúlacht gur leanadh den díobháil le haghaidh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise agus gur tharla díobháil arís don Indinéis chomh maith le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála ar allmhairí de MSG ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad, a choinneáil ar bun.

(254)

Chun na rioscaí teacht timpeall a íoslaghdú de bharr na difríochta ard i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(255)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(256)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr forchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(257)

Is infheidhme na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo go haonair maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh ag na cuideachtaí sin agus dá bhrí sin ag na heintitis dhlítheanacha shonracha a luaitear. Maidir le hallmhairí den táirge faoi athbhreithniú arna mhonarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo lena ainm agus lena sheoladh, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus beidh siad faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Ba cheart aon éileamh ina n-iarrtar go gcuirfí na rátaí dleachta frithdhumpála aonair seo i bhfeidhm (e.g. tar éis athrú ar ainm an eintitis nó tar éis eintitis nua táirgthe nó díolacháin a bhunú) a chur faoi bhráid an Choimisiúin (93) agus an fhaisnéis ábhartha go léir ann, go háirithe aon leasú ar ghníomhaíochtaí na cuideachta maidir le táirgeadh, díolacháin intíre agus onnmhairí a bhaineann, mar shampla, leis an athrú ainm sin nó leis an athrú sin ar na heintitis táirgthe agus díolacháin. Más iomchuí, déanfar an Rialachán a leasú ansin dá réir sin tríd an liosta de chuideachtaí a bhaineann tairbhe as rátaí dleachta aonair a nuashonrú.

(258)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a raibh sé beartaithe ar a mbonn sin a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana ar bun. Deonaíodh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis dóibh an nochtadh sin a dhéanamh. Is é an t-iarratasóir amháin a chuir barúlacha isteach ag cur fáilte roimh thorthaí an Choimisiúin.

(259)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (94), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é ba cheart a bheith san ús atá le híoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(260)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam, a thagann faoi chód AC ex 2922 42 00 (cóid TARIC 2922420010) faoi láthair agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála (%)

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Hebei Meihua MSG Group Co. Ltd agus Tongliao Meihua Bio-Tech Co. Ltd

33,8

A883

Daon-Phoblacht na Síne

Fujian Province Jianyang Wuyi MSG Co. Ltd

36,5

A884

Daon-Phoblacht na Síne

Gach cuideachta eile

39,7

A999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) méid (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

1.   Déantar an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile” mar a leagtar amach in Airteagal 1 mír 2 a shíneadh leis seo maidir le hallmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam i meascán nó i dtuaslagán, ina bhfuil 50 % nó níos mó de ghlútamáit mhonasóidiam de réir meáchan tirim, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 2103 90 90, ex 2104 10 00, ex 2104 20 00, ex 3824 99 92, ex 3824 99 93 agus ex 3824 99 96 (cóid TARIC 2103909011, 2103909081, 2104100011, 2104100081, 2104200011, 3824999298, 3824999389 agus 3824999689) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

2.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 3

1.   Déanfar iarrataí ar dhíolúine ón dleacht arna fadú le hAirteagal 2 i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine na hiarrataí a shíniú. Ní mór an iarraidh a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 An Bhruiséil

An Bheilg

2.   I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, féadfaidh an Coimisiún díolúine d’allmhairí a údarú, trí chinneadh, ó chuideachtaí nach dtéann timpeall ar na bearta frithdhumpála arna bhforchur le hAirteagal 1 den Rialachán seo.

Airteagal 4

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam a thagann faoi chód AC ex 2922 42 00 (cód TARIC 2922420010) faoi láthair agus ar de thionscnamh na hIndinéise iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála (%)

Cód breise TARIC

An Indinéis

PT. Cheil Jedang Indonesia

7,2

B961

An Indinéis

PT. Miwon Indonesia

13,3

B962

An Indinéis

Gach cuideachta eile

28,4

B999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) méid (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1187/2008 ón gComhairle an 27 Samhain 2008 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 322, 2.12.2008, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/83 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 15, 22.1.2015, lch. 31).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/84 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh na hIndinéise iad (IO L 15, 22.1.2015, lch. 54).

(5)  Fógraí maidir le dul in éag beart frithdhumpála áirithe atá le tarlú (IO C 165, 14.5.2019, lch. 4 agus lch. 5).

(6)  Toisc nach ann ach d’aon táirgeoir amháin de MSG san Aontas, déantar cuid de na sonraí sa Rialachán seo a chur i láthair i raonta nó i bhfoirm innéacs chun rúndacht shonraí an táirgeora san Aontas a chosaint.

(7)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad (IO C 20, 21.1.2020, lch. 18).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/230 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 lena dtionscnaítear imscrúdú i dtaca le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/83 maidir le hallmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, agus allmhairí den sórt sin a chur faoi réir a gcláraithe (IO L 47, 20.2.2020, lch. 9).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1427 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020, lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/83 ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad chun allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam i meascán nó i dtuaslagán ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad a chumhdach (IO L. 336, 13.10.2020, lch. 1).

(10)  Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020. Tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú go comhpháirteach maidir le hidirthréimhse a raibh an Ríocht Aontaithe faoi réir dhlí an Aontais lena linn, agus ar tháinig deireadh leis an 31 Nollaig 2020. Ní Ballstát de chuid an Aontais í an Ríocht Aontaithe a thuilleadh agus dá bhrí sin caitear leis an Ríocht Aontaithe mar thríú tír sna figiúirí, san torthaí agus sna conclúidí sa Rialachán seo.

(11)  Fógra maidir le hiarmhairtí phaindéim COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frithchúitimh (2020/C 86/06) (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

(12)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2.

(13)  Mar a luaitear in aithris (6), seasann an t-iarratasóir do 100 % de tháirgeadh foriomlán an Aontais de MSG. Dá bhrí sin, chun rúin ghnó a chosaint, is i bhfoirm raonta agus/nó innéacsanna a chuirtear i láthair sonraí áirithe sa Rialachán seo.

(14)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 6-7.

(15)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 10.

(16)  Ar fáil ar http://www.fdi.gov.cn/1800000121_39_4866_0_7.html (arna amharc go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2020).

(17)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 20-21.

(18)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 41, 73-74.

(19)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 120-121.

(20)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 122-135.

(21)  Tuarascáil – Caibidil 7, lgh. 167-168.

(22)  Tuarascáil – Caibidil 8, lgh. 169-170, 200-201.

(23)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 15-16, Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 50, lch. 84, Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 108-109.

(24)  Féach an sliocht as an bhfoilseachán anailíseach le Guosheng Securities maidir le ceann de na cuideachtaí sin – Meihua Biological: “Trí pháirtí leasmhara atá ar thaobh an tsoláthair den ghlútamáit mhonasóidiam, agus is léir patrún na holagaplachta: Is saintréith de MSG é struchtúr olagaplachta a bhfuil ceannas ag Fufeng Group, Meihua Biological agus Ningxia Eppen air; is ionann a n-acmhainneacht agus a n-aschur siúd agus breis is 90 % d’fhigiúirí na tíre. Mar thoradh ar iomaíocht agus ar chomhtháthú sa tionscal, mar aon le hinfheistíochtaí ollmhóra caipitil, d’fhorbair na trí chuideachta slabhra cuimsitheach tionsclaíoch, chruthaigh siad bearna réasúnta ollmhór idir iad agus cuideachtaí eile, agus tá buntáiste tionsclaíochta mór anois acu. […] Faoi mar a bhaineann le MSG, tá leagan amach olagaplachta iomláine idirspleáiche bainte amach ag Meihua, Fufeng agus Eppen. Is annamh na táirgí dá bhfuil an comhchruinniú chomh hard sin san fho-earnáil de thionscal na gceimiceán.”1 Lúnasa 2019. http://pdf.dfcfw.com/pdf/H3_AP201908011342041272_1.PDF (arna amharc go deireanach an 19 Eanáir 2021).

(25)  Féach an t-alt ar shuíomh gréasáin na cuideachta a foilsíodh an 2 Eanáir 2018: Thug Liu Qifan, comhalta de Bhuanchoiste Choistí an Pháirtí agus Rúnaí leis an gCoiste Araíonachta de Réigiún Féinrialaitheach na hIon-Mhongóile, cuairt ar Northeast Fufeng Company chun imscrúdú a dhéanamh. http://www.fufeng-group.com/news/details-236_1.html (arna amharc go deireanach an 19 Eanáir 2021).

(26)  Féach an t-alt Preasagallamh chomóradh 20 bliain Fufeng a reáchtáladh i gcathair Qiqihar.29 Iúil 2019, http://www.qqhr.gov.cn/News_showNews.action?messagekey=175677 (arna amharc go deireanach an 19 Eanáir 2021).

(27)  Féach an t-alt Tugann Li Yugang, Méara Qiqihar, cuairt ar cheanncheathrú Fufeng Group lena imscrúdú.11 Nollaig 2019. http://en.fufeng-group.cn/news/details-260_1.html (arna amharc go deireanach an 19 Eanáir 2021).

(28)  Féach an t-alt in Dongfang Financial News: Neartaigh an cheannaireacht ar an tionsclaíocht, dírigh ar laghdú na bochtaineachta mar ghné lárnach, daingnigh suíomhanna chun tosaigh; Fufeng ar an bhfód le 20 bliain: fás ag teacht chun solais. 19 Lúnasa 2019. http://www.jinxingwenshi.com/caijing/shh/201908195018.html (arna amharc go deireanach an 21 Eanáir 2021).

(29)  Féach an t-alt maidir le Ningxia Eppen Biotech an 20 Lúnasa 2013: http://nxgsl.com/hyzl/hyfc/201308/t20130820_1163706.html (arna amharc go deireanach an 21 Eanáir 2021).

(30)  Féach suíomh gréasáin oifigiúil Roinn Tionsclaíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise Ningxia Hui: Torthaí Lárionad Teicneolaíochta Ningxia Eppen Biotech. 23 Samhain 2020. https://gxt.nx.gov.cn/info/1004/8250.htm (arna amharc go deireanach an 26 Eanáir 2021).

(31)  “Is iad arbhar agus gual na príomhchostais a bhaineann le MSG. Dá bhrí sin, cuideachtaí a thapaigh an deis maidir le praghsanna ísle ar arbhar agus ar ghual, tá buntáiste comparáideach acu sin cheana féin ó thaobh costais de” – ón alt Réamhaisnéis agus Anailís ar ionchais forbartha i dtionscal MSG, 2018-2022. China Investment Consulting Network, 5 Bealtaine 2018.

http://www.ocn.com.cn/touzi/chanye/201806/ypxwt05100100-2.shtml (arna amharc go deireanach an 25 Eanáir 2021).

(32)  Féach suíomh gréasáin SASAC: http://www.sasac.gov.cn/n2588035/n2641579/n2641645/index.html (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(33)  Féach na sonraí ó Chumann Thionscal Stáirse na Síne a chuirtear i láthair ar an suíomh gréasáin: https://www.ershicimi.com/p/a14ff87430b1ea50d458d1347123cba5 (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021)

(34)  Féach: https://www.qcc.com/firm/d8b3787389e66016cbede3e1dea817bf.html (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(35)  Sonraí le haghaidh 2015 ar bhonn Leabhar Bliana Staidrimh na Síne 2016, Biúró Náisiúnta Staidrimh na Síne.

(36)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 22-24 agus Caibidil 5, lgh. 97-108.

(37)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 104-109.

(38)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 100-101.

(39)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 26.

(40)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 31-32.

(41)  Ar fáil ar https://www.reuters.com/article/us-china-congress-companies-idUSKCN1B40JU (arna amharc go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2020).

(42)  Féach suíomh gréasáin Chomhdháil Phobail Linyi: http://www.lyrenda.gov.cn/view-SpecialArticles.aspx?id=1285&spid=39 (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021)

(43)  Féach tuarascáil bhliantúil na cuideachta in 2019:

http://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN202004151378041301_1.pdf, leathanach 54 (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(44)  Féach suíomh gréasáin na cuideachta: http://www.meihuagrp.com/index.php/article/1237.html (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(45)  Féach https://baike.baidu.com/item/%E9%97%AB%E6%99%93%E5%B9%B3 (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(46)  Féach an fhaisnéis ar Ningxia Eppen Biotech ar shuíomh gréasáin Chónaidhm Thionscail agus Thráchtála Ningxia an 20 Lúnasa 2013: http://nxgsl.com/hyzl/hyfc/201308/t20130820_1163706.html (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(47)  Tuarascáil – Caibidlí 14.1 go 14.3.

(48)  Tuarascáil – Caibidil 4, lgh. 41-42, 83.

(49)  Tuarascáil – Caibidil 16, lgh. 406-424.

(50)  Féach an 13ú Plean 5 Bliana maidir le Próiseáil Gráin agus Ola, lgh. 16 agus 22. http://www.gov.cn/xinwen/2017-01/03/5155835/files/5bd8566b8a254067a076ef41d38ce6b3.doc (arna amharc go deireanach an 25 Eanáir 2021)

(51)  Tuarascáil – Caibidil 12, leathanach 319.

(52)  Tá teacht ar fhaisnéis maidir le fóirdheontais atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Aireacht na Talmhaíochta: http://www.moa.gov.cn/gk/zcfg/qnhnzc/201904/t20190416_6179338.htm

(53)  Féach Fógra 2017/627 NDRC lena n-aisghairtear “Fógra NDRC maidir le Cúrsaí a Bhaineann le Bainistiú Tionscadal Próiseála Domhain arbhair”, atá ar fáil ag:

https://www.ndrc.gov.cn/fggz/cyfz/zcyfz/201704/t20170417_1149901.html (arna amharc go deireanach an 25 Eanáir 2021).

(54)  Féach an phreaseisiúint: D’fhoilsigh an Aireacht Talmhaíochta agus Gnóthaí Tuaithe agus an Aireacht Airgeadais na príomhbheartais chun an talmhaíocht a neartú agus chun tacú léi in 2019. 16 Aibreán 2019. http://www.moa.gov.cn/gk/zcfg/qnhnzc/201904/t20190416_6179338.htm (arna amharc go deireanach an 25 Eanáir 2021).

(55)  Féach Fógra 2017/627 ó NDRC.

(56)  Féach fógra ó Oifig Ghinearálta Rialtas Pobail Chúige Heilongjiang an 1 Lúnasa 2017. http://ydscyl.cn/goods.php?id=1271 (arna amharc go deireanach an 26 Eanáir 2021).

(57)  “Laistigh de 3 bliana, bunaíodh Páirc Náisiúnta Chúige Heilongjiang, Chathair Jixi agus Mishan um Fhorbairt agus Taispeáint an Chomhtháthaithe Thionsclaíoch Tuaithe mar Pháirc lena mbaineann saintréithe tionsclaíocha sainiúla, leibhéal ard comhchruinnithe, saoráidí agus trealamh ceannródaíoch, modhanna táirgthe glasa, leasanna eacnamaíocha soiléire agus tionchar láidir. […] Bearta eagrúcháin: Bhunaigh Cathair Mishan treoirghrúpa beag ar a bhfuil Rúnaí Choiste an Pháirtí Bhardasaigh agus an Méara ina gceannairí, Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí Bhardasaigh agus an Leas-Mhéara ina Leas-Cheannairí, agus príomhcheannairí Ranna éagsúla. Tá an grúpa i gceannas ar obair thógála na páirce taispeántais a chur chun cinn, ar na fadhbanna a thagann chun cinn le linn thógáil na Páirce a chomhordú agus a réiteach in am trátha, agus dul chun cinn rianúil thógáil na páirce taispeántais a áirithiú. An tráth céanna, déanfar breithmheas feidhmíochta ar thógáil na páirce taispeántais lena gcuimseofar príomhobair na roinne chun an pháirc a chur chun cinn, dreasachtaí agus dul ar aghaidh, mar aon leis an dianchóras luaíochta agus pionóis. A mhéid a bhaineann le ranna agus eintitis lena mbaineann cur chun feidhme íseal an tionscadail, drochsmaointeoireacht agus obair mhall chun an tionscadal a chur chun cinn, déanfar maoirseacht orthu sin. […] Tacaíocht bheartais a neartú: In 2017, d’fhoilsigh Cathair Mishan beartais tacaíochta chun infheistíocht a chur chun cinn, bhíothas i mbun tacaíocht beartais cánach le haghaidh fiontair ábhartha, amhail ‘trí dhíolúine, trí laghdú’ agus díolúine ó tharaifí, agus tugadh isteach agus cuireadh chun feidhme beartais tacaíochta náisiúnta ábhartha maidir le cánachas, úsáid talún, maoiniú na hidreachumhachta, etc., praghsanna hidreachumhachta le haghaidh úsáid sa talmhaíocht agus soláthar tosaíochta talún tógála nua. Cheannaigh Cathair Mishan agus chuir sé in áirithe 157 heicteár talún, agus tá 81 heicteár de thalamh ag an gcathair i gcónaí is féidir a úsáid chun páirceanna taispeántais a thógáil.” Sliocht as suíomh gréasáin NDRC: Taithí agus Cleachtas na Páirce Náisiúnta um Fhorbairt agus Taispeáint an Chomhtháthaithe Thionsclaíoch Tuaithe (Heilongjiang) — Páirc Thaispeántais Jixi Mishan (Cuid 1). 26 Iúil 2019. https://www.ndrc.gov.cn/fggz/nyncjj/njxx/201907/t20190726_1144182.html (arna amharc go deireanach an 25 Eanáir 2021).

(58)  Tuarascáil – Caibidil 16, lch. 411.

(59)  Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 69.

(60)  Tuarascáil – Caibidil 10, lch. 223.

(61)  Tuarascáil – Caibidil 10.

(62)  “Brath ar ‘fhiontair cnáimhe droma’ chun patrún forbartha guail ‘1 + 5’ a chruthú: inarb é limistéar táirgthe guail in iarthar Luxi é ‘1’: I gcomhréir leis an bprionsabal de ‘tharraingt siar as limistéir an Oirthir, laghdú sna limistéir Láir, cobhsú i limistéir an Iarthair, agus cúltaiscí a choinneáil i limistéir an Tuaiscirt’, Longkou, Zibo, Linyi, Jinan agus limistéir mhianadóireachta atá as dáta ina bhfuil acmhainní ídithe a laghdú agus a dhúnadh, méideanna mianadóireachta a laghdú in Yanzhou, Jining, Zaoteng, Feicheng, Xinwen, Laiwu agus limistéir mhianadóireachta eile, táirgeadh guail Juye a choinneáil cobhsaí go bunúsach agus cúltaiscí straitéiseacha agus dianrialáil a chur chun feidhme maidir le forbairt agus tógáil i ngualcheantair agus i limistéir ina bhfuil dlúth-acmhainní guail neamhshaothraithe lonnaithe feadh na coda thuaidh den Abhainn Bhuí. Ciallaíonn ‘5’ tógáil bonn guail thar lear a chur chun cinn go seasta de bhreis ar na cúig phríomhlimistéar mar atá: Ning (an Ion-Mhongóil), Shanxi, Guizhou (Yunnan), Xinjiang agus an Astráil agus feabhas a chur ar a leibhéal forbartha.”

(63)  Féach http://www.energynews.com.cn/uploadfile/2016/1220/20161220020713472.pdf (arna amharc go deireanach an 27 Eanáir 2021).

(64)  Féach tuarascáil bhliantúil na cuideachta in 2019: http://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN202004151378041301_1.pdf, lch. 167 (arna amharc go deireanach an 26 Eanáir 2021).

(65)  Féach http://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN201905051326655801_1.pdf, lch. 70 (arna amharc go deireanach an 26 Eanáir 2021).

(66)  Ibid, lch. 68

(67)  Féach na suíomhanna gréasáin http://transcustoms.com/China_HS_Code/China_Tariff.asp?HS_Code=2922422000 agus http://www.hlbrdaily.com.cn/news/3/html/286480.html (arna amharc go deireanach an 26 Eanáir 2021).

(68)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 138-149.

(69)  Tuarascáil – Caibidil 9, lch. 216.

(70)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 213-215.

(71)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 209-211.

(72)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 332-337.

(73)  Tuarascáil – Caibidil 13, lch. 336.

(74)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 337-341.

(75)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 114-117.

(76)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 119.

(77)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 120.

(78)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

(79)  Féach Páipéar Oibre an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta “Resolving China’s Corporate Debt Problem”, le Wojciech Maliszewski, Serkan Arslanalp, John Caparusso, José Garrido, Si Guo, Joong Shik Kang, W. Raphael Lam, T. Daniel Law, Wei Liao, Nadia Rendak, Philippe Wingender, Jiangyan, Deireadh Fómhair 2016, WP/16/203.

(80)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

(81)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(82)  https://www.boi.go.th/index.php?page=utility_costs

(83)  https://ilostat.ilo.org/?_afrLoop=767707374397500&_afrWindowMode=0&_afrWindowId=null

(84)  http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm

(85)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33). Meastar in Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh agus, ar aon chuma, gur sonraí diomaibhseacha a bhí sna sonraí allmhairiúcháin sin.

(86)  https://ilostat.ilo.org/?_afrLoop=767707374397500&_afrWindowMode=0&_afrWindowId=null

(87)  https://www.boi.go.th/index.php?page=utility_costs

(88)  https://orbis4.bvdinfo.com/version-201866/orbis/Companies

(89)  https://ec.altares.eu/

(90)  https://www.prnewswire.com/news-releases/global-monosodium-glutamate-msg-market-2019-2024-key-players-growth-price-demands-and-forecasts---reportsnreports-300795733.html

https://ihsmarkit.com/products/monosodium-glutamate-chemical-economics-handbook.html#:~:text=Currently%2C%20China%20is%20the%20world's,world's%20largest%20exporter%20of%20MSG

https://ihsmarkit.com/products/monosodium-glutamate-chemical-economics-handbook.html#:~:text=Currently%2C%20China%20is%20the%20world's,world's%20largest%20exporter%20of%20MSG

(91)  http://en.fufeng-group.cn/investor/

(92)  Rialachán Cur Chun FeidhmeUimh. 904/2014 ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2014 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh na hIndinéise iad (IO L 246, 21.8.2014, lch. 1) aithris 151.

(93)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, An Bheilg.

(94)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus CinneadhUimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


19.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/108


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/634 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Aibreán 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir le socruithe idirthréimhseacha, iontrálacha na Ríochta Aontaithe agus Spleáchríocha Corónach Gheansaí, Oileán Mhanann agus Gheirsí agus an liosta de thríú tíortha atá údaraithe chun táirgí déiríochta, táirgí a gceanglaítear cóireáil maolúcháin riosca shonrach a dhéanamh orthu in aghaidh an ghalair crúb is béil, a thabhairt isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos, inter alia, na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus tá feidhm aige ón 21 Aibreán 2021. Ceann de na ceanglais sláinte ainmhithe sin is ea nach mór do na coinsíneachtaí sin teacht ó thríú tír nó ó thríú críoch, nó ó chrios nó ó dheighleog di, i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin.

(2)

Tá Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) mar fhorlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó thríú críocha nó ó chriosanna díobh, nó ó dheighleoga díobh i gcás ainmhithe uisceacha. Le hAirteagal 3, an chéad mhír, pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, foráiltear nach gceadófar coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha ná táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoina raon feidhme a thabhairt isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó thríú tír nó ó thríú críoch, nó ó chrios nó ó dheighleog di, a liostaítear le haghaidh an speicis áirithe sin d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tíortha nó, i gcás ainmhithe dobharshaothraithe, de dheighleoga de thríú tíortha, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a thabhairt isteach san Aontas.

(4)

Foráiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 d’fhorálacha idirthréimhseacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, ar coinsíneachtaí nó táirgí iad ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tíortha atá údaraithe le tabhairt isteach san Aontas de bhun ghníomhartha an Choimisiúin a scoirfidh d’fheidhm a bheith acu ón 21 Aibreán 2021 agus an deimhniú iomchuí arna eisiúint i gcomhréir leis na gníomhartha sin de chuid an Choimisiúin ag gabháil leo. Ba cheart a shoiléiriú sna forálacha idirthréimhseacha sin, maidir le tagairtí d’fhorálacha de ghníomhartha aisghairthe sa deimhniú, gur cheart na tagairtí sin a fhorléiriú mar thagairtí d’fhorálacha comhfhreagracha a cuireadh ina n-ionad agus go léifear iad i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil, i gcás inarb infheidhme.

(5)

Ba cheart an Ríocht Aontaithe agus Spleáchríocha Corónach Gheansaí, Oileán Mhanann agus Gheirsí a áireamh in Iarscríbhinní II go XVII agus Iarscríbhinní XIX, XXI agus XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin.

(6)

An 31 Nollaig 2020 a tháinig deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. Maidir le táirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe, ó ainmhithe den chineál caorach, ó ainmhithe den chineál gabhair, ó mhuc-ainmhithe agus ó each-ainmhithe a bailíodh nó a táirgeadh, a próiseáladh agus a stóráladh sa Ríocht Aontaithe roimh an 1 Eanáir 2021 agus a bhfuil sé beartaithe iad a thabhairt isteach san Aontas ón 21 Aibreán 2021, ba cheart deimhnithe a bheith ag gabháil leo, ar deimhnithe iad a bheidh bunaithe ar dheimhnithe caighdeánacha le haghaidh coinsíneachtaí táirgí geirmeacha a aistrítear laistigh den Aontas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún (4). Dá bhrí sin, ba cheart an coinníoll sonrach sin a shonrú sa cholún ábhartha de na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tíortha óna gceadaítear táirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe, ó ainmhithe den chineál caorach, ó ainmhithe den chineál gabhair, ó mhuc-ainmhithe agus ó each-ainmhithe a thabhairt isteach san Aontas.

(7)

In Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar síos an liosta de thríú tíortha, nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tíortha a údaraítear ón 21 Aibreán 2021 maidir le táirgí déiríochta a thabhairt isteach san Aontas ar choinníoll go ndearnadh cóireáil maolúcháin riosca shonrach orthu in aghaidh an ghalair crúb is béil. Ba cheart go léireodh an liosta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 an liosta i gcolún C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún (5) is infheidhme go dtí an 20 Aibreán 2021. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun Meicsiceo, an Namaib, Nicearagua, Panama, Paragua, an Rúis agus Singeapór a chur san áireamh.

(8)

Chun débhríocht a sheachaint idir ceanglais sláinte poiblí agus ceanglais sláinte ainmhithe maidir le hainmhithe uisceacha beo áirithe atá ceaptha le caitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas, ba cheart na coinníollacha sonracha dá bhforáiltear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a bhaineann le húsáid an deimhnithe oifigiúil chaighdeánaigh MOL-HC a leagtar amach i gCaibidil 31 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (6), a leasú chun a shoiléiriú nach féidir le coinsíneachtaí ainmhithe uisceacha beo atá ceaptha le caitheamh ag an duine agus a chomhlíonann Roinn VII, Caibidil V d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus na critéir a leagtar síos i gCaibidil I, pointí 1.17 agus 1.25 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún (8) a thabhairt isteach san Aontas ach amháin má tá deimhniú ag gabháil leo a tarraingíodh suas i gcomhréir leis an deimhniú oifigiúil caighdeánach..

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(10)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha, ó chríocha nó ó chodanna de thríú tíortha a bhfuil a dtabhairt isteach san Aontas údaraithe i gcomhréir leis na gníomhartha a leanas, agus an deimhniú iomchuí arna eisiúint i gcomhréir leis na gníomhartha sin ag gabháil leo, ceadófar iad le haghaidh an tabhairt isteach san Aontas go dtí an 20 Deireadh Fómhair 2021 ar choinníoll gur shínigh duine an deimhniú arb é an duine é atá údaraithe an deimhniú a shíniú i gcomhréir leis na gníomhartha sin roimh an 21 Lúnasa 2021:

Rialachán (CE) Uimh. 798/2008;

Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008;

Rialachán (AE) Uimh. 206/2010;

Rialachán (AE) Uimh. 605/2010;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 139/2013;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/659;

Cinneadh 2006/168/CE;

Cinneadh 2007/777/CE;

Cinneadh 2008/636/CE;

Cinneadh 2010/472/AE;

Cinneadh 2011/630/AE;

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/137/AE;

Cinneadh (AE) 2019/294.

2.   Tagairtí d’fhorálacha de ghníomhartha aisghairthe sa deimhniú dá dtagraítear i mír 1, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí d’fhorálacha comhfhreagracha a cuireadh ina n-ionad agus léifear iad i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil, i gcás inarb infheidhme.”

(2)

déantar Iarscríbhinní I go XIX agus Iarscríbhinní XXI agus XXII a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1)

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379)

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tíortha óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin a thabhairt isteach san Aontas agus maidir lena ngluaiseachtaí idir na Ballstáit, agus lena n aisghairtear Cinneadh 2010/470/AE (IO L 113, 31.3.2021, lch. 1)

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2010 lena leagtar síos coinníollacha sláinte ainmhithe agus poiblí chomh maith le coinníollacha maidir le deimhniúchán tréidliachta le haghaidh bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí bunaithe ar ghruth buí atá ceaptha le caitheamh ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas Eorpach (IO L 175, 10.7.2010, lch. 1)

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a thabhairt isteach san Aontas agus a ngluaiseachtaí laistigh den Aontas, deimhniú oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I go XIX agus Iarscríbhinní XXI go XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(12)

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha Iarscríbhinní II go XXII, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.”;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Sile:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-1

Bó-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

BOV-X

 

BRU, EBL

 

 

 

Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

OV/CAP-X,

OV/CAP-Y

 

BRU

 

 

 

Muc-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

SUI-X,

SUI-Y

 

ADV

 

 

 

Ainmhithe den chineál camaill

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

CAM-CER

 

 

 

 

 

Ainmhithe den chineál fia

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

CAM-CER

 

 

 

 

 

Crúbacha eile

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

RUM, RHINO, HIPPO

 

 

 

 

 

GB-2

Bó-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

BOV-X

 

TB, BRU, EBL

 

 

 

Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

OV/CAP-X,

OV/CAP-Y

 

BRU

 

 

 

Muc-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

SUI-X,

SUI-Y

 

ADV

 

 

 

Ainmhithe den chineál camaill

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

CAM-CER

 

 

 

 

 

Ainmhithe den chineál fia

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

CAM-CER

 

 

 

 

 

Crúbacha eile

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

RUM, RHINO, HIPPO

 

 

 

 

 

GG

Geansaí

GG-0

Bó-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

BOV-X

 

 

 

 

 

Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

OV/CAP-X

 

BRU

 

 

 

Muc-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

SUI-X

 

ADV

 

 

 

Crúbacha eile

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

RUM, RHINO, HIPPO”

 

 

 

 

 

(b)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Graonlainne:

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

Bó-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

BOV-X,

BOV-Y

 

TB, BRU, EBL

 

 

 

Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

OV/CAP-X,

OV/CAP-Y

 

BRU”

 

 

 

(c)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na hÍoslainne:

JE

Geirsí

JE-0

Bó-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

BOV-X,

BOV-Y

 

LBE”

 

 

 

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 2:

“CUID 2

Tuairiscí ar chriosanna de thríú tíortha nó de thríú críocha dá dtagraítear i gcolún 2 den tábla a leagtar amach i gCuid 1

Ainm an tríú tír nó an tríú críoch

Cód an chreasa

Tuairisc ar an gcrios

An Ríocht Aontaithe

GB-1

Sasana agus an Bhreatain Bheag

GB-2

Albain”

(3)

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na nOileán Fáclainne:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

CONFINED-RUM, CONFINED-SUI, CONFINED-TRE, CONFINED-HIPPO

 

 

GG

Geansaí

GG-0

CONFINED-RUM, CONFINED-SUI, CONFINED-TRE, CONFINED-HIPPO”

 

 

(b)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh Iosrael:

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

CONFINED-RUM, CONFINED-SUI, CONFINED-TRE, CONFINED-HIPPO”

 

 

(c)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na hÍoslainne:

JE

Geirsí

JE-0

CONFINED-RUM, CONFINED-SUI, CONFINED-TRE, CONFINED-HIPPO”

 

 

(4)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na nOileán Fáclainne:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

A

Capaill chláraithe; each-ainmhithe cláraithe; each-ainmhithe eile nach bhfuil sé beartaithe iad a mharú; each-ainmhithe atá sé beartaithe a mharú

EQUI-X,

EQUI-TRANSIT-X,

EQUI-Y,

EQUI-TRANSIT-Y,

EQUI-RE-ENTRY-30,

EQUI-RE-ENTRY-90-COMP,

EQUI-RE-ENTRY-90-RACE

 

 

 

 

GG

Geansaí

GG-0

A

Capaill chláraithe; each-ainmhithe cláraithe; each-ainmhithe eile nach bhfuil sé beartaithe iad a mharú

EQUI-X,

EQUI-TRANSIT-X,

EQUI-RE-ENTRY-30,

EQUI-RE-ENTRY-90-COMP,

EQUI-RE-ENTRY-90-RACE”

 

 

 

 

(b)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh Iosrael:

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

A

Capaill chláraithe; each-ainmhithe cláraithe; each-ainmhithe eile nach bhfuil sé beartaithe iad a mharú

EQUI-X,

EQUI-TRANSIT-X,

EQUI-RE-ENTRY-30,

EQUI-RE-ENTRY-90-COMP,

EQUI-RE-ENTRY-90-RACE”

 

 

 

 

(c)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na hÍoslainne:

JE

Geirsí

JE-0

A

Capaill chláraithe; each-ainmhithe cláraithe; each-ainmhithe eile nach bhfuil sé beartaithe iad a mharú

EQUI-X,

EQUI-TRANSIT-X,

EQUI-RE-ENTRY-30,

EQUI-RE-ENTRY-90-COMP,

EQUI-RE-ENTRY-90-RACE”

 

 

 

 

(5)

leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Sile:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Uibheacha atá saor ó phataiginí sonraithe

SPF

 

 

 

 

GB-1

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N

 

 

 

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N

 

 

 

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N

 

 

 

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N

 

 

 

Sicíní lae raitíteach

DOR

N

 

 

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N

 

 

 

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N

 

 

 

Uibheacha goir raitíteach

HER

N

 

 

 

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N

 

 

 

GB-2

 

 

 

 

 

 

GB-2.1

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

1.1.2021

6.1.2021

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

1.1.2021

6.1.2021

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

1.1.2021

6.1.2021

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

1.1.2021

6.1.2021

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

1.1.2021

6.1.2021

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

1.1.2021

6.1.2021

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

1.1.2021

6.1.2021

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

1.1.2021

6.1.2021

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

1.1.2021

6.1.2021

GB-2.2

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

1.1.2021

8.1.2021

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

1.1.2021

8.1.2021

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

1.1.2021

8.1.2021

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

1.1.2021

8.1.2021

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

1.1.2021

8.1.2021

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

1.1.2021

8.1.2021

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

1.1.2021

8.1.2021

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

1.1.2021

8.1.2021

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

1.1.2021

8.1.2021

GB-2.3

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

1.1.2021

10.1.2021

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

1.1.2021

10.1.2021

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

1.1.2021

10.1.2021

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

1.1.2021

10.1.2021

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

1.1.2021

10.1.2021

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

1.1.2021

10.1.2021

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

1.1.2021

10.1.2021

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

1.1.2021

10.1.2021

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

1.1.2021

10.1.2021

GB-2.4

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

1.1.2021

11.1.2021

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

1.1.2021

11.1.2021

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

1.1.2021

11.1.2021

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

1.1.2021

11.1.2021

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

1.1.2021

11.1.2021

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

1.1.2021

11.1.2021

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

1.1.2021

11.1.2021

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

1.1.2021

11.1.2021

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

1.1.2021

11.1.2021

GB-2.5

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

1.1.2021

17.1.2021

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

1.1.2021

17.1.2021

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

1.1.2021

17.1.2021

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

1.1.2021

17.1.2021

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

1.1.2021

17.1.2021

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

1.1.2021

17.1.2021

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

1.1.2021

17.1.2021

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

1.1.2021

17.1.2021

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

1.1.2021

17.1.2021

 

GB-2.6

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

1.1.2021

19.1.2021

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

1.1.2021

19.1.2021

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

1.1.2021

19.1.2021

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

1.1.2021

19.1.2021

Sicíní lae raitíteach

DON

N, P2

 

1.1.2021

19.1.2021

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

1.1.2021

19.1.2021

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

1.1.2021

19.1.2021

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

1.1.2021

19.1.2021

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

1.1.2021

19.1.2021

GB-2.7

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

GB-2.8

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

GB-2.9

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

1.1.2021

23.1.2021

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

1.1.2021

23.1.2021

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

1.1.2021

23.1.2021

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

1.1.2021

23.1.2021

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

1.1.2021

23.1.2021

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

1.1.2021

23.1.2021

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

1.1.2021

23.1.2021

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

1.1.2021

23.1.2021

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

1.1.2021

23.1.2021

GB-2.10

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

1.1.2021

28.1.2021

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

1.1.2021

28.1.2021

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

1.1.2021

28.1.2021

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

1.1.2021

28.1.2021

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

1.1.2021

28.1.2021

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

1.1.2021

28.1.2021

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

1.1.2021

28.1.2021

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

1.1.2021

28.1.2021

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

1.1.2021

28.1.2021

GB-2.11

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

1.1.2021

7.2.2021

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

1.1.2021

7.2.2021

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

1.1.2021

7.2.2021

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

1.1.2021

7.2.2021

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

1.1.2021

7.2.2021

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

1.1.2021

7.2.2021

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

1.1.2021

7.2.2021

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

1.1.2021

7.2.2021

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

1.1.2021

7.2.2021

GB-2.12

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

1.1.2021

31.1.2021

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

1.1.2021

31.1.2021

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

1.1.2021

31.1.2021

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

1.1.2021

31.1.2021

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

1.1.2021

31.1.2021

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

1.1.2021

31.1.2021

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

1.1.2021

31.1.2021

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

1.1.2021

31.1.2021

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

1.1.2021

31.1.2021

GB-2.13

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

27.1.2021

 

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

27.1.2021

 

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

27.1.2021

 

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

27.1.2021

 

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

27.1.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

27.1.2021

 

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

27.1.2021

 

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

27.1.2021

 

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

27.1.2021

 

GB-2.14

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P2

 

8.2.2021

 

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P2

 

8.2.2021

 

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P2

 

8.2.2021

 

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P2

 

8.2.2021

 

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P2

 

8.2.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P2

 

8.2.2021

 

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P2

 

8.2.2021

 

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P2

 

8.2.2021

 

Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P2

 

8.2.2021

 

GG

Geansaí

GG-0

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N

 

 

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N”

 

 

 

(b)

I gcuid 2, cuirtear na tuairiscí seo a leanas isteach i ndiaidh na dtuairiscí ar chriosanna Cheanada:

“An Ríocht Aontaithe

GB-1

Tír iomlán na Ríochta Aontaithe, cé is moite de limistéar GB-2

GB-2

Críoch na Ríochta Aontaithe a chomhfhreagraíonn don mhéid seo a leanas

GB-2.1

Contae Yorkshire Thuaidh:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.30 agus W1.47

GB-2.2

Contae Yorkshire Thuaidh:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.29 agus W1.45

GB-2.3

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.49 agus E0.95

GB-2.4

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.72 agus E0.15

GB-2.5

Contae Derbyshire:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.93 agus W1.57

GB-2.6

Contae Yorkshire Thuaidh:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.37 agus W2.16

GB-2.7

Inse Orc:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N59.28 agus W2.44

GB-2.8

Contae Dorset:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N51.06 agus W2.27

GB-2.9

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.52 agus E0.96

GB-2.10

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.52 agus E0.95

GB-2.11

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10,4 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.53 agus E0.66

GB-2.12

Contae Devon:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N50.70 agus W3.36

GB-2.13

Gar do Amlwch, Inis Món, an Bhreatain Bheag:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N53.38 agus W4.30

GB-2.14

Gar do Redcar, Redcar agus Cleveland, Sasana:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.57 agus W1.07”

(6)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Sile:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Éin i mbraighdeanas

CAPTIVE-BIRDS

 

 

 

 

 

Uibheacha goir éan i mbraighdeanas

HE-CAPTIVE-BIRDS”

 

 

 

 

 

(7)

leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na nOileán Fáclainne:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Cráinbheacha meala agus bumbóga

QUE, BBEE

 

 

 

 

GG

Geansaí

GG-0

Cráinbheacha meala agus bumbóga

QUE, BBEE”

 

 

 

 

(b)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh Iosrael:

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

Cráinbheacha meala agus bumbóga

QUE, BBEE

 

 

 

 

JE

Geirsí

JE-0

Cráinbheacha meala agus bumbóga

QUE, BBEE”

 

 

 

 

(8)

leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na nOileán Faró:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

DOCAFE

 

 

 

 

GG

Geansaí

GG-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

DOCAFE”

 

 

 

 

(b)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh Iosrael:

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

DOCAFE”

 

 

 

 

(c)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na hÍoslainne:

JE

Geirsí

JE-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

DOCAFE”

 

 

 

 

(9)

leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Sile:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Seamhan

BOV-SEM-A-ENTRY

BOV-SEM-B-ENTRY

BOV-SEM-C-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

BOV-OOCTYES-EMB-A-ENTRY

BOV-in-vivo-EMB-B-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-C-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-D-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

GG

Geansaí

GG-0

Seamhan

BOV-SEM-A-ENTRY

BOV-SEM-B-ENTRY

BOV-SEM-C-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

BOV-OOCTYES-EMB-A-ENTRY

BOV-in-vivo-EMB-B-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-C-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-D-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021”

 

(b)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na hÍoslainne:

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

Seamhan

BOV-SEM-A-ENTRY

BOV-SEM-B-ENTRY

BOV-SEM-C-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

BOV-OOCTYES-EMB-A-ENTRY

BOV-in-vivo-EMB-B-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-C-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-D-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

JE

Geirsí

JE-0

Seamhan

BOV-SEM-A-ENTRY

BOV-SEM-B-ENTRY

BOV-SEM-C-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

BOV-OOCTYES-EMB-A-ENTRY

BOV-in-vivo-EMB-B-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-C-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-D-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021”

 

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 3:

“CUID 3

Coinníollacha sonracha dá dtagraítear i gcolún 5 den tábla a leagtar amach i gCuid 1

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

I gCaibidlí 24, 25, 27, 28 agus 29 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún, leagtar amach na deimhnithe caighdeánacha atá le húsáid chun seamhan, úicítí agus suthanna a thabhairt isteach san Aontas ón gcrios dá dtagraítear i gcolún 2 den tábla a leagtar amach i gCuid 1 arna mbailiú nó arna dtáirgeadh, arna bpróiseáil agus arna stóráil roimh an 1 Eanáir 2021. (*1)

(10)

leasaítear Iarscríbhinn X mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Sile:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Seamhan

OV/CAP-SEM-A-ENTRY

OV/CAP-SEM-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

OV/CAP-OOCTYES-EMB-A-ENTRY

OV/CAP-OOCTYES-EMB-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

GG

Geansaí

GG-0

Seamhan

OV/CAP-SEM-A-ENTRY

OV/CAP-SEM-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

OV/CAP-OOCTYES-EMB-A-ENTRY

OV/CAP-OOCTYES-EMB-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021”

 

(b)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Graonlainne:

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

Seamhan

OV/CAP-SEM-A-ENTRY

OV/CAP-SEM-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

OV/CAP-OOCTYES-EMB-A-ENTRY

OV/CAP-OOCTYES-EMB-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021”

 

(c)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na hÍoslainne:

JE

Geirsí

JE-0

Seamhan

OV/CAP-SEM-A-ENTRY

OV/CAP-SEM-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

OV/CAP-OOCTYES-EMB-A-ENTRY

OV/CAP-OOCTYES-EMB-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021”

 

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 3:

“CUID 3

Coinníollacha sonracha dá dtagraítear i gcolún 5 den tábla a leagtar amach i gCuid 1

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

I gCaibidlí 31 agus 32 agus i gCaibidlí 34 go 37 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún, leagtar amach na deimhnithe caighdeánacha atá le húsáid chun seamhan, úicítí agus suthanna a thabhairt isteach san Aontas ón gcrios dá dtagraítear i gcolún 2 den tábla a leagtar amach i gCuid 1 arna mbailiú nó arna dtáirgeadh, arna bpróiseáil agus arna stóráil roimh an 1 Eanáir 2021”

(11)

leasaítear Iarscríbhinn XI mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na hEilvéise:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Seamhan

POR-SEM-A-ENTRY

POR-SEM-B-ENTRY

POR-GP-PROCESSING-ENTRY

POR-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

POR-OOCTYES-EMB-ENTRY

POR-GP-PROCESSING-ENTRY

POR-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

GG

Geansaí

GG-0

Seamhan

POR-SEM-A-ENTRY

POR-SEM-B-ENTRY

POR-GP-PROCESSING-ENTRY

POR-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

POR-OOCTYES-EMB-ENTRY

POR-GP-PROCESSING-ENTRY

POR-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

Seamhan

POR-SEM-A-ENTRY

POR-SEM-B-ENTRY

POR-GP-PROCESSING-ENTRY

POR-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

POR-OOCTYES-EMB-ENTRY

POR-GP-PROCESSING-ENTRY

POR-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

JE

Geirsí

JE-0

Seamhan

POR-SEM-A-ENTRY

POR-SEM-B-ENTRY

POR-GP-PROCESSING-ENTRY

POR-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

POR-OOCTYES-EMB-ENTRY

POR-GP-PROCESSING-ENTRY

POR-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021”

 

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 3:

“CUID 3

Coinníollacha sonracha dá dtagraítear i gcolún 5 den tábla a leagtar amach i gCuid 1

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

I gCaibidil 39 agus i gCaibidlí 41 go 44 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún, leagtar amach na deimhnithe caighdeánacha atá le húsáid chun seamhan, úicítí agus suthanna a thabhairt isteach san Aontas ón gcrios dá dtagraítear i gcolún 2 den tábla a leagtar amach i gCuid 1 arna mbailiú nó arna dtáirgeadh, arna bpróiseáil agus arna stóráil roimh an 1 Eanáir 2021”

(12)

leasaítear Iarscríbhinn XII mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na hEilvéise:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Capaill chláraithe

Seamhan

EQUI-SEMEN-A-ENTRY

EQUI-SEMEN-B-ENTRY

EQUI-SEMEN-C-ENTRY

EQUI-SEMEN-D-ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

EQUI-OOCTYES-EMB-A- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-B- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-C- ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Each-ainmhithe cláraithe

Seamhan

EQUI-SEMEN-A-ENTRY

EQUI-SEMEN-B-ENTRY

EQUI-SEMEN-C-ENTRY

EQUI-SEMEN-D-ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

EQUI-OOCTYES-EMB-A- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-B- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-C- ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Each-ainmhithe eile nach bhfuil sé beartaithe iad a mharú

Seamhan

EQUI-SEMEN-A-ENTRY

EQUI-SEMEN-B-ENTRY

EQUI-SEMEN-C-ENTRY

EQUI-SEMEN-D-ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

EQUI-OOCTYES-EMB-A- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-B- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-C- ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

GG

Geansaí

GG-0

Capaill chláraithe

Seamhan

EQUI-SEMEN-A-ENTRY

EQUI-SEMEN-B-ENTRY

EQUI-SEMEN-C-ENTRY

EQUI-SEMEN-D-ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

EQUI-OOCTYES-EMB-A- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-B- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-C- ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Each-ainmhithe cláraithe

Seamhan

EQUI-SEMEN-A-ENTRY

EQUI-SEMEN-B-ENTRY

EQUI-SEMEN-C-ENTRY

EQUI-SEMEN-D-ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

EQUI-OOCTYES-EMB-A- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-B- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-C- ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Each-ainmhithe eile nach bhfuil sé beartaithe iad a mharú

Seamhan

EQUI-SEMEN-A-ENTRY

EQUI-SEMEN-B-ENTRY

EQUI-SEMEN-C-ENTRY

EQUI-SEMEN-D-ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

EQUI-OOCTYES-EMB-A- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-B- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-C- ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021”

 

(b)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh Iosrael:

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

Capaill chláraithe

Seamhan

EQUI-SEMEN-A-ENTRY

EQUI-SEMEN-B-ENTRY

EQUI-SEMEN-C-ENTRY

EQUI-SEMEN-D-ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

EQUI-OOCTYES-EMB-A- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-B- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-C- ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Each-ainmhithe cláraithe

Seamhan

EQUI-SEMEN-A-ENTRY

EQUI-SEMEN-B-ENTRY

EQUI-SEMEN-C-ENTRY

EQUI-SEMEN-D-ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

EQUI-OOCTYES-EMB-A- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-B- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-C- ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Each-ainmhithe eile nach bhfuil sé beartaithe iad a mharú

Seamhan

EQUI-SEMEN-A-ENTRY

EQUI-SEMEN-B-ENTRY

EQUI-SEMEN-C-ENTRY

EQUI-SEMEN-D-ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

EQUI-OOCTYES-EMB-A- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-B- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-C- ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021”

 

(c)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na hÍoslainne:

JE

Geirsí

JE-0

Capaill chláraithe

Seamhan

EQUI-SEMEN-A-ENTRY

EQUI-SEMEN-B-ENTRY

EQUI-SEMEN-C-ENTRY

EQUI-SEMEN-D-ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

EQUI-OOCTYES-EMB-A- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-B- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-C- ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Each-ainmhithe cláraithe

Seamhan

EQUI-SEMEN-A-ENTRY

EQUI-SEMEN-B-ENTRY

EQUI-SEMEN-C-ENTRY

EQUI-SEMEN-D-ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

EQUI-OOCTYES-EMB-A- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-B- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-C- ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Each-ainmhithe eile nach bhfuil sé beartaithe iad a mharú

Seamhan

EQUI-SEMEN-A-ENTRY

EQUI-SEMEN-B-ENTRY

EQUI-SEMEN-C-ENTRY

EQUI-SEMEN-D-ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

 

Úicítí agus suthanna

EQUI-OOCTYES-EMB-A- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-B- ENTRY

EQUI-OOCTYES-EMB-C- ENTRY

EQUI-GP-PROCESSING-ENTRY

EQUI-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021”

 

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 3:

“CUID 3

Coinníollacha sonracha dá dtagraítear i gcolún 6 den tábla a leagtar amach i gCuid 1

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

I gCaibidlí 46, 47 agus 48 agus i gCaibidlí 50 go 54 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún, leagtar amach na deimhnithe caighdeánacha atá le húsáid chun seamhan, úicítí agus suthanna a thabhairt isteach san Aontas ón gcrios dá dtagraítear i gcolún 2 den tábla a leagtar amach i gCuid 1 arna mbailiú nó arna dtáirgeadh, arna bpróiseáil agus arna stóráil roimh an 1 Eanáir 2021”

(13)

leasaítear Iarscríbhinn XIII mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na nOileán Fáclainne:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Bó-ainmhithe

BOV, RUM-MSM

 

 

 

 

Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

OVI, RUM-MSM

 

 

 

 

Muc-ainmhithe

POR, SUI-MSM

 

 

 

 

Crúbacha géim saothraithe

RUF, SUF, RUM-MSM, SUI-MSM

 

 

 

 

Crúbacha géim fhiáin

RUW, SUW”

 

 

 

 

(b)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh Hondúras:

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

Bó-ainmhithe

BOV, RUM-MSM

 

 

 

 

Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

OVI, RUM-MSM

 

 

 

 

Muc-ainmhithe

POR, SUI-MSM”

 

 

 

 

(14)

leasaítear Iarscríbhinn XIV mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Síne:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-1

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N

 

 

 

Feoil úr raitíteach

RAT

N

 

 

 

Feoil úr éan géim

GBM

 

 

 

 

GB-2

 

 

 

 

 

 

GB-2.1

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

1.1.2021

6.1.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

1.1.2021

6.1.2021

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

1.1.2021

6.1.2021

GB-2.2

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

1.1.2021

8.1.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

1.1.2021

8.1.2021

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

1.1.2021

8.1.2021

GB-2.3

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

1.1.2021

10.1.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

1.1.2021

10.1.2021

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

1.1.2021

10.1.2021

GB-2.4

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

1.1.2021

11.1.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

1.1.2021

11.1.2021

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

1.1.2021

11.1.2021

GB-2.5

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

1.1.2021

17.1.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

1.1.2021

17.1.2021

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

1.1.2021

17.1.2021

GB-2.6

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

1.1.2021

19.1.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

1.1.2021

19.1.2021

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

1.1.2021

19.1.2021

GB-2.7

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

GB-2.8

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

1.1.2021

20.1.2021

GB-2.9

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

1.1.2021

23.1.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

1.1.2021

23.1.2021

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

1.1.2021

23.1.2021

GB-2.10

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

1.1.2021

28.1.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

1.1.2021

28.1.2021

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

1.1.2021

28.1.2021

GB-2.11

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

1.1.2021

7.2.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

1.1.2021

7.2.2021

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

1.1.2021

7.2.2021

GB-2.12

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

1.1.2021

31.1.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

1.1.2021

31.1.2021

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

1.1.2021

31.1.2021”

GB-2.13

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

27.1.2021

 

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

27.1.2021

 

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

27.1.2021

 

GB-2.14

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P2

 

8.2.2021

 

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P2

 

8.2.2021

 

Feoil úr éan géim

GBM

N, P2

 

8.2.2021

 

(b)

i gCuid 2, cuirtear na tuairiscí seo a leanas isteach i ndiaidh na dtuairiscí ar chriosanna na Síne:

“An Ríocht Aontaithe

GB-1

An Ríocht Aontaithe ina hiomláine, seachas limistéar GB-2

GB-2

Criosanna na Ríochta Aontaithe a thuairiscítear faoi GB-2 i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V”

(15)

leasaítear Iarscríbhinn XV mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, Roinn A, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na hAetóipe:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

A

A

A

A

A

A

A

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

MPNT**

MPST

 

GB-1

A

A

A

A

A

A

A

A

A

A

MPNT**

MPST

 

GB-2

A

A

A

A

A

A

A

D

D

D

MPNT**

MPST”

 

GG

Geansaí

GG-0

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

 

 

(b)

i gCuid 1, Roinn A, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh Iosrael:

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

Neamhúdaraithe

A

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

MPNT**

MPST”

 

(c)

i gCuid 1, Roinn A, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na hIndia:

JE

Geirsí

JE-0

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe”

 

 

(d)

i gCuid 2, cuirtear na tuairiscí seo a leanas isteach i ndiaidh na dtuairiscí ar chriosanna na Síne:

“An Ríocht Aontaithe

GB-1

An Ríocht Aontaithe ina hiomláine, seachas limistéar GB-2

GB-2

Criosanna na Ríochta Aontaithe a thuairiscítear faoi GB-2 i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V”

(16)

leasaítear Iarscríbhinn XVI mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Colóime:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Crúbacha agus éanlaith chlóis

CAS

 

 

GG

Geansaí

GG-0

Crúbacha agus éanlaith chlóis

CAS

 

 

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

Crúbacha agus éanlaith chlóis

CAS”

 

 

(b)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na hIndia:

JE

Geirsí

JE-0

Crúbacha agus éanlaith chlóis

CAS”

 

 

(17)

leasaítear Iarscríbhinn XVII mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Sile:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Crúbacha

MILK-RM, MILK-RMP/NT, COLOSTRUM, COLOSTRUM-BP, DAIRY-PRODUCTS-PT

 

 

 

 

GG

Geansaí

GE-0

Crúbacha

MILK-RM, MILK-RMP/NT, COLOSTRUM, COLOSTRUM-BP, DAIRY-PRODUCTS-PT”

 

 

 

 

(b)

i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Graonlainne:

JE

Geirsí

JE-0

Crúbacha

MILK-RM, MILK-RMP/NT, COLOSTRUM, COLOSTRUM-BP, DAIRY-PRODUCTS-PT”

 

 

 

 

(18)

i gCuid 1, Iarscríbhinn XVIII, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh Oileán Mhuirís:

MX

Meicsiceo

MX-0

Crúbacha

DAIRY-PRODUCTS-ST

 

NA

An Namaib

NA-0

Crúbacha

DAIRY-PRODUCTS-ST

 

NI

Nicearagua

NI-0

Crúbacha

DAIRY-PRODUCTS-ST

 

PA

Panama

PA-0

Crúbacha

DAIRY-PRODUCTS-ST

 

PY

Paragua

PY-0

Crúbacha

DAIRY-PRODUCTS-ST

 

RU

An Rúis

RU-0

Crúbacha

DAIRY-PRODUCTS-ST

 

SG

Singeapór

SG-0

Crúbacha

DAIRY-PRODUCTS-ST”

 

(19)

i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIX, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Síne:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Uibheacha

E

 

 

 

 

Táirgí uibhe

EP”

 

 

 

 

(20)

leasaítear Iarscríbhinn XXI mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh Oileáin Cook:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Na speicis liostaithe uile

 

 

AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER

 

 

 

 

FISH-CRUST-HC

A

MOL-HC

B

GG

Geansaí

GG-0

Na speicis liostaithe uile

 

 

AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER

 

 

 

 

FISH-CRUST-HC

A

MOL-HC

B”

(b)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh Iosrael:

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

Na speicis éisc uile atá liostaithe

 

 

AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER

 

 

 

 

FISH-CRUST-HC

A

JE

Geirsí

JE-0

Na speicis liostaithe uile

 

 

AQUA-ENTRY-ESTAB/RELEASE/OTHER

 

 

 

 

FISH-CRUST-HC

A

MOL-HC

B”

(c)

i gCuid 3, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad choinníoll sonrach “B”:

B

Maidir le hainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo a bhfuil feidhm ag Cuid II.2.4 den deimhniú oifigiúil caighdeánach MOL-HC maidir leo, ní mór dóibh a bheith de thionscnamh tíre, críche nó deighleoige a liostaítear san Iarscríbhinn seo, Cuid 1, colún 2. Sna cásanna uile, tá feidhm aige sin gan dochar do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (*2)

Ní fhéadfar an deimhniú oifigiúil sin a úsáid ach chun coinsíneachtaí ainmhithe uisceacha beo atá ceaptha le caitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas, coinsíneachtaí lena gcomhlíontar Cuid VII, Caibidil V, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus na critéir a leagtar síos i gCaibidil I, pointí 1.17 agus 1.25, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún (*4)

(21)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh na Bealarúise:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

 

Ainmhithe agus táirgí geirmeacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (*5)

Deimhnithe caighdeánacha le haghaidh gluaiseachtaí laistigh den Aontas

Ó Bhallstát amháin go Ballstáit eile tríd an Ríocht Aontaithe nó trína Spleáchríocha Corónach

 

 

GG

Geansaí

GG-0

 

Ainmhithe agus táirgí geirmeacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692

Deimhnithe caighdeánacha le haghaidh gluaiseachtaí laistigh den Aontas

Ó Bhallstát amháin go Ballstáit eile tríd an Ríocht Aontaithe nó trína Spleáchríocha Corónach

 

 

IM

Oileán Mhanainn

IM-0

 

Ainmhithe agus táirgí geirmeacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692

Deimhnithe caighdeánacha le haghaidh gluaiseachtaí laistigh den Aontas

Ó Bhallstát amháin go Ballstáit eile tríd an Ríocht Aontaithe nó trína Spleáchríocha Corónach

 

 

JE

Geirsí

JE-0

 

Ainmhithe agus táirgí geirmeacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692

Deimhnithe caighdeánacha le haghaidh gluaiseachtaí laistigh den Aontas

Ó Bhallstát amháin go Ballstáit eile tríd an Ríocht Aontaithe nó trína Spleáchríocha Corónach

 

 

(b)

i gCuid 3, cuirtear an choinníoll seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh “Ón Rúis chuig an Rúis”:

Ó Bhallstát amháin go Ballstáit eile tríd an Ríocht Aontaithe nó trína Spleáchríocha Corónach

Coinsíneachtaí ainmhithe agus táirgí geirmeacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, coinsíneachtaí ar de thionscnamh Ballstáit iad agus atá ag teacht isteach san Aontas tar éis dóibh tar éis a bheith ar idirthuras tríd an Ríocht Aontaithe nó trína Spleáchríocha Corónach, ceadófar dóibh teacht isteach san Aontas ar choinníoll go bhfuil deimhniú ag gabháil leo i gcomhréir leis na deimhnithe caighdeánacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2236 ón gCoimisiún  (*6) agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí geirmeacha laistigh den Aontas.


(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin a thabhairt isteach san Aontas agus maidir lena ngluaiseachtaí idir na Ballstáit, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/470/AE (IO L 113, 31.3.2021, lch. 1).”

(*2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tríú tíortha sin atá údaraithe chun ainmhithe agus earraí áirithe ceaptha le caitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118).

(*3)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(*4)  Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lch. 1).”

(*5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaobh teacht isteach san Aontas, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).”

(*6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2236 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe uisceacha agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha a bheith ag teacht isteach san Aontas agus ag gluaiseacht laistigh den Aontas, a mhéid a bhaineann le deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008 (IO L 442, 30.12.2020, lch. 410).”


19.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/145


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/635 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Aibreán 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de phíopaí táite agus d’fheadáin tháite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1256/2008 (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheadáin tháite agus de phíopaí táite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne, na Rúise, na Téalainne agus na hÚcráine iad (“na bearta bunaidh”). Bhí na bearta i bhfoirm dleacht ad valorem ó 10,1 % go 90,6 %.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/110 ón gCoimisiún (3), rinne an Coimisiún dleacht frithdhumpála chinntitheach a ath-fhorchur ar allmhairí d’fheadáin tháite agus de phíopaí táite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad agus rinne sé deireadh a chur leis na himeachtaí maidir le hallmhairí de thionscnamh na hÚcráine, tar éis athbhreithniú éaga (ar a dtugtar “an t-athbhreithniú éaga roimhe seo” anseo feasta).

(3)

Tá na dleachtanna frithdhumpála i bhfeidhm faoi láthair ar rátaí 10,1 % agus 16,8 % ar allmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin a rinneadh a shampláil sa Rúis, 20,5 % ar gach cuideachta eile sa Rúis, 90,6 % ar allmhairí ó gach táirgeoir onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne agus 38,1 % ar allmhairí ó gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa Bhealarúis.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(4)

Tar éis foilsiú Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (4), fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den “bhun-Rialachán”.

(5)

Rinne Coiste Cosanta thionscal na bhfeadán cruach táite san Aontas Eorpach (“an t-iarratasóir”) ag gníomhú thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó 25 % de tháirgeadh iomlán an Aontais d’fheadáin tháite agus de phíopaí táite d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail acu an iarraidh ar athbhreithniú a thaisceadh an 25 Deireadh Fómhair 2019. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar na forais gur dhócha go leanfaí le dumpáil nó go gcuirfí tús léi arís agus go leanfaí le díobháil nó go gcuirfí tús léi arís don tionscal de chuid an Aontais mar thoradh ar dhul in éag na mbeart.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(6)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gurbh ann d’fhianaise leordhóthanach chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 24 Eanáir 2020 maidir le hallmhairí d’fheadáin tháite agus de phíopaí táite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise (“na tíortha lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) (“an Fógra Tionscnaimh”).

1.4.   An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus an tréimhse a measadh

(7)

Leis an imscrúdú maidir le leanúint den dumpáil nó tús a chur léi arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 (“an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe”). San imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfaí den díobháil nó go gcuirfí tús léi arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go deireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (“an tréimhse a measadh”).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(8)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas go sonrach faoin imscrúdú mar aon le táirgeoirí aitheanta eile ón Aontas, ceardchumainn, na táirgeoirí aitheanta sa Bhealarúis, i nDaon-Phoblacht na Síne agus sa Rúis agus údaráis na dtíortha sin, allmhaireoirí aitheanta, úsáideoirí, trádálaithe, chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach le tionscnamh an éaga, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(9)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

(10)

Tráth an tionscnaimh, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas go mbeadh air comhoibriú a lorg ó tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin ar a laghad i dtír ionadaíoch iomchuí don Bhealarúis, de bhun Airteagal 2(7)(a) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún údaráis i Meicsiceo, sa Rúis, san Afraic Theas, sa Chóiré Theas, sa Téalainn, sa Tuirc, san Úcráin agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an eolas i dtaobh an tionscnaimh freisin agus d’iarr sé ar a dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a bheith rannpháirteach. Bhí deis ag páirtithe leasmhara barúil a thabhairt agus aighneachtaí a chur isteach i dtaca leis sin (féach Roinn 3.1.2 thíos).

(11)

Tar éis an nochta, d’áitigh údaráis na Bealarúise nár léirigh an t-iarratasóir mar is ceart san iarraidh ar athbhreithniú gur dócha go leanfaí an díobháil agus go gcuirfí tús léi arís.

(12)

Mheas an Coimisiún go raibh dóthain fianaise san iarraidh ar athbhreithniú chun an t-imscrúdú a thionscnamh, mar a mhínítear in aithris (6). Ina theannta sin, mar a míníodh i roinn 3.1.2 agus i roinn 5, léiríodh san imscrúdú an dóchúlacht go leanfaí leis an dumpáil agus an díobháil nó go gcuirfí tús leo arís maidir le hallmhairí ón mBealarúis.

(13)

Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint.

1.5.1.   Sampláil

(14)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé sampláil ar na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.5.2.   Sampláil táirgeoirí ón Aontas

(15)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn tháirgeacht agus mhéid díolacháin an táirge faoi athbhreithniú, rud a áirithíonn raon maith geografach. Is é a bhí sa sampla sin trí tháirgeoir ón Aontas. Chuimsigh na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil thart ar 40 % de tháirgeacht mheasta iomlán an Aontais agus 38 % de mhéid díolachán measta iomlán an Aontais den táirge faoi athbhreithniú.

(16)

D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis an sampla. Measadh dá bhrí sin go raibh an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais.

1.5.3.   Sampláil allmhaireoirí

(17)

D’fhonn a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar.

(18)

Níor sholáthair aon allmhaireoir neamhghaolmhar an fhaisnéis a iarradh. Dá bhrí sin, níor ghá sampláil a dhéanamh.

1.5.4.   Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sna tíortha lena mbaineann

(19)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa Bhealarúis, i nDaon-Phoblacht na Síne agus sa Rúis an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Bealarúise chuig an Aontas Eorpach, ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach agus ar Mhisean Chónaidhm na Rúise chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(20)

Sholáthair trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón mBealarúis an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise an lín ísil táirgeoirí a tháinig chun tosaigh, mheas an Coimisiún nár ghá sampláil a dhéanamh. Dá bhrí sin, iarradh ar na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin an ceistneoir a bheartaítear le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin a líonadh isteach.

(21)

Tháinig dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis chun tosaigh, agus léirigh siad go raibh siad toilteanach a bheith rannpháirteach san imscrúdú. I bhfianaise an lín laghdaithe táirgeoirí a tháinig chun tosaigh, mheas an Coimisiún nár ghá sampláil a dhéanamh. Iarradh ar an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin an ceistneoir a bheartaítear le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin a líonadh isteach.

(22)

Níor sholáthair aon táirgeoir ó Dhaon-Phoblacht na Síne an fhaisnéis a iarradh ná níor thoiligh aon táirgeoir a bheith san áireamh sa sampla. Dá bhrí sin, níorbh ann d’aon chomhoibriú ó tháirgeoirí na Síne agus déantar na torthaí maidir leis na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

1.6.   Freagraí ar an gceistneoir

(23)

Foilsíodh cóipeanna de na ceistneoirí ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála nuair a tionscnaíodh an cás.

(24)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó thrí tháirgeoir shamplacha san Aontas agus ó aon dáileoir amháin san Aontas.

(25)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir freisin ó na trí tháirgeoir chomhoibritheacha sa Bhealarúis, cé nach ndearna ach aon cheann amháin den dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sa Rúis a tháinig chun tosaigh ag tionscnamh an cháis, a thug freagra ar an gceistneoir agus a chomhoibrigh leis na himeachtaí.

1.7.   Fíorú ar an láthair agus cros-seiceáil chianda

(26)

Lorg agus sheiceáil an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá don imscrúdú.

(27)

Sular tháinig srianta maidir le COVID-19 i bhfeidhm, thug an Coimisiún cuairt fíorúcháin ar áitreabh Arcelor Mittal Tubular Products sa Pholainn. Fíoraíodh an próiseas táirgeachta, amhábhair a úsáidtear agus na seachtháirgí a fhaightear le linn na cuairte sin.

(28)

Rinneadh cros-seiceáil chianda trí fhíschomhdháil leis na cuideachtaí seo a leanas chun an fhaisnéis agus na sonraí eile go léir a éilítear, i gcomhréir leis an bhFógra maidir le hiarmhairtí phaindéim COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frithchúitimh (6):

 

Táirgeoirí ón Aontas

Arcelor Mittal Tubular Products, Kraków, an Pholainn agus an chuideachta ghaolmhar Arcelor Mittal Tubular Products, Karvina, Poblacht na Seice

Celsa Atlantic, S.L., Vitoria-Gasteiz, an Spáinn

Ardevi Tubi Acciaio S.p.A., Cremona, an Iodáil

 

Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Rúis

PAO Severstal, Cherepovets, Cónaidhm na Rúise

1.8.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(29)

An 2 Feabhra 2021, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha a bhfuil sé beartaithe ar a mbonn sin na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil ar bun maidir le hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh.

(30)

Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha arna dtabhairt ag ceithre pháirtí leasmhara agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarb iomchuí. Ní bhfuarthas aon iarrataí ar éisteacht.

2.   TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Táirge faoi athbhreithniú

(31)

Tá an táirge faoi athbhreithniú mar an gcéanna leis an táirge san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe seo, mar atá feadáin tháite agus píopaí táite d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, ar trasghearradh ciorclach agus ar trastomhas seachtrach nach mó é ná 168,3 mm, gan a chur san áireamh píobán líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, cásáil agus feadánra de chineál a úsáidtear chun ola agus gás a dhruileáil, beachtfheadáin agus feadáin agus píopaí le feistis cheangailte atá oiriúnach chun gáis nó leachtanna a iompar lena n-úsáid in aerárthaí sibhialta, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 7306 30 41, ex 7306 30 49, ex 7306 30 72 agus ex 7306 30 77 (cóid TARIC 7306304120, 7306304920, 7306307280 agus 7306307780) ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad (“an táirge faoi athbhreithniú” nó “WPT”).

(32)

Is le haghaidh iompar gás agus leachtanna i gcórais phluiméireachta, teasa, aeraithe etc. a úsáidtear WPT go príomha.

2.2.   Táirge comhchosúil

(33)

Mar a leagadh síos sa chéad tréimhse imscrúdaithe chomh maith leis an athbhreithniú éaga roimhe seo, deimhníodh leis an athbhreithniú éaga seo go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge faoi athbhreithniú;

an táirge a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargadh intíre na dtíortha lena mbaineann; agus

an táirge arb é an tionscal de chuid an Aontais a tháirg agus a dhíol é.

(34)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAÍ DEN DUMPÁIL NÓ GO dTOSÓFAÍ ARÍS Í

(35)

I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún ar dhócha go leanfaí den dumpáil nó go dtosófaí ar dhumpáil arís ón mBealarúis, ó Dhaon-Phoblacht na Síne nó ón Rúis de bharr dhul in éag na mbeart atá i bhfeidhm.

3.1.   An Bhealarúis

3.1.1.   Leanúint de dhumpáil allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

(36)

Faoi mar a luaitear in aithris (25), chomhoibrigh trí tháirgeoir sa Bhealarúis leis an imscrúdú agus d’fhreagair siad an ceistneoir. Mar sin féin, níor thuairiscigh aon cheann de na trí tháirgeoir méid mór díolacháin onnmhairí chuig an Aontas Eorpach. Go deimhin, sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, tháinig deireadh a bheag nó a mhór le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón mBealarúis i gcomparáid le tréimhse imscrúdaithe an chéad imscrúdaithe (i.e. ó mhí Iúil 2006 go Mí an Mheithimh 2007). De réir staitisticí Comext (Eurostat), bhí níos lú ná 4 thona i gceist le hallmhairí WPT ón mBealarúis sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, i gcomparáid le níos mó ná 29 000 tona sa chéad imscrúdú. Sonraíodh leibhéal allmhairí chomh híseal céanna san athbhreithniú éaga roimhe seo.

(37)

I bhfianaise na heaspa iomlán allmhairí, nach mór, den táirge faoi athbhreithniú ón mBealarúis, níorbh fhéidir aon chonclúid a dhéanamh maidir le leanúint den dumpáil chuig an Aontas sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún imscrúdú freisin ar an dóchúlacht go dtosófaí arís ar dhumpáil.

3.1.2.   An dóchúlacht go dtosófaí arís ar dhumpáil dá ndéanfaí na bearta a aisghairm

(38)

Rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go dtosófaí arís ar dhumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa Bhealarúis, an gaol idir praghsanna san Aontas agus sa Bhealarúis; an gaol idir praghsanna onnmhairí chuig tríú tíortha agus praghsanna sa Bhealarúis; an gaol idir praghsanna onnmhairí chuig tríú tíortha agus an leibhéal praghsanna san Aontas agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

(a)    Gnáthluach

(39)

I gcomhréir le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán, ó tharla nach bhfuil an Bhealarúis ina ball de EDT agus gur liostaítear í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), déanfar an gnáthluach a chinneadh ar bhonn an phraghais nó luacha ríofa i dtír ionadaíoch iomchuí.

(40)

Tar éis an tionscnaimh, lorg an Coimisiún comhoibriú ó aon táirgeoir onnmhairiúcháin amháin ar a laghad atá lonnaithe i dtír a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch. Chuige sin, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na húdaráis in ocht gcinn de thíortha aitheanta táirgthe cruach, mar atá Meicsiceo, an Rúis, an Afraic Theas, an Chóiré Theas, an Téalainn, an Tuirc, an Úcráin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

(41)

Ní bhfuair an Coimisiún aon chomhoibriú ó na tíortha a luaitear thuas; fuair sé freagra iomlán amháin áfach ar an gceistneoir ó tháirgeoir atá lonnaithe sa Rúis, a bhí faoi réir an imscrúdaithe chéanna. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún i dtosach gur rogha iomchuí í an Rúis mar thír ionadaíoch don Bhealarúis.

(42)

I gcomhréir le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir aitheanta lena mbaineann, agus le húdaráis na dtíortha lena mbaineann, maidir le roghnú na tíre ionadaíche. Ní bhfuarthas aon bharúil ó pháirtithe leasmhara.

(43)

Tar éis na cros-seiceála cianda áfach, measadh nár leor an comhoibriú ón táirgeoir sa Rúis (féach Roinn 3.3.1 thíos). De bhun Airteagal 2(7), an dara fomhír den bhun-Rialachán, tabharfar aird chuí ar “aon fhaisnéis iontaofa a chuirfear ar fáil tráth an roghnúcháin, agus go háirithe ar chomhar onnmhaireoir agus táirgeoir amháin ar a laghad sa tír si n” agus tír ionadaíoch iomchuí á roghnú. In éagmais comhoibriú leordhóthanach agus faisnéis iontaofa ó aon cheann de na táirgeoirí WPT sa Rúis, chinn an Coimisiún dá bhrí sin an Rúis a chur as an áireamh mar thír ionadaíoch iomchuí.

(44)

Mar thoradh air sin, in éagmais comhoibriú ó aon táirgeoir eile i dtír a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch, cinneadh an gnáthluach bunaithe ar na praghsanna iarbhír a íoctar san Aontas ar an táirge comhchosúil, in aghaidh bunchineál táirge ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha, mar a leagtar síos in Airteagal 2(7), an chéad fhomhír den bhun-Rialachán. Suíodh gnáthluachanna ar leith le haghaidh táirgí dubha agus táirgí galbhánaithe (8).

(45)

Tar éis an nochta, d’áitigh údaráis na Bealarúise gur theip ar an gCoimisiún a léiriú nárbh fhéidir roghanna a úsáid, seachas na praghsanna a íocadh go hiarbhír san Aontas ar an táirge comhchosúil, chun cinneadh a dhéanamh ar an ngnáthluach. Is é an tuairim a bhí acu nach raibh an Coimisiún gníomhach ar lorg comhoibriú ó údaráis na dtíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch. Thairis sin, d’áitigh údaráis na Bealarúise gur cheart don Choimisiún, in ionad phraghsanna an Aontais, úsáid a bhaint as an ngnáthluach arna chinneadh don Rúis nó, mar mhalairt air sin, úsáid a bhaint as na sonraí atá ar fáil ón Téalainn a úsáidtear chun gnáthluach a ríomh don tSín, mar a thuairiscítear thíos in aithris (150).

(46)

Maidir leis an gcéad phointe, deimhníonn an Coimisiún, mar a mhínítear in aithrisí (40) agus (41) thuas, go raibh sé gníomhach ar lorg comhoibriú in ocht dtír a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch ach nach bhfuair sé comhoibriú ar bith ó aon tír díobh sin. Tá na litreacha a sheol an Coimisiún ina leith seo ar fáil sa chomhad atá oscailte lena scrúdú ag páirtithe leasmhara.

(47)

Maidir leis an dara pointe, mar a mhínítear in aithris (43), roghnaíodh an Rúis go sealadach mar thír ionadaíoch don Bhealarúis. Mar sin féin, toisc nach ann do chomhoibriú leordhóthanach ná faisnéis iontaofa ó tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin ar a laghad, ní raibh sé de rogha ag an gCoimisiún ach neamhaird a thabhairt ar an Rúis mar thír ionadaíoch. Maidir leis an Téalainn, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil gá le comhoibriú ó onnmhaireoir agus táirgeoir amháin ar a laghad sa tír sin chun tír ionadaíoch iomchuí a roghnú don Bhealarúis, i gcomhréir le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán. Os a choinne sin, ní ceanglas é sin maidir le ríomh an ghnáthluacha don tSín de bhun Airteagal 2(6ú)(a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ní raibh an Téalainn ina tír ionadaíoch iomchuí faoi Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán don Bhealarúis.

(48)

Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(b)    An praghas onnmhairí

(49)

Níor onnmhairigh aon cheann de na táirgeoirí comhoibritheacha sa Bhealarúis méideanna móra den táirge faoi athbhreithniú chuig margaí tríú tíre le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(50)

Mar sin féin, ó tharla gur dhealraigh sé ó staitisticí trádála na Bealarúise maidir le hallmhairí agus le honnmhairí gurb amhlaidh a onnmhairíodh an táirge faoi athbhreithniú ón mBealarúis chuig tríú tíortha eile le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, thángthas ar an gconclúid gurb amhlaidh nár tháinig aon táirgeoir chun tosaigh le comhoibriú leis an imscrúdú, táirgeoirí arb amhlaidh dóibh go bíonn an táirge faoi athbhreithniú á onnmhairiú acu.

(51)

Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Bealarúise go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhoibriú suntasach ó tháirgeoirí a mbíonn an táirge faoi athbhreithniú á onnmhairiú go hiarbhír acu, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm i dtaca leis na torthaí maidir leis an mBealarúis.

(52)

Ina mbarúlacha maidir le cur i bhfeidhm beartaithe Airteagal 18, d’áitigh údaráis na Bealarúise gurbh iomchuí úsáid a bhaint as na sonraí a sholáthair na trí tháirgeoir chomhoibritheacha seachas staitisticí maidir le hallmhairí agus le honnmhairí. Thairis sin, mhaígh siad, agus d’athluaigh siad é, nárbh iomchuí cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú. Ar deireadh, d’áitigh siad nár chuir an Coimisiún athonnmhairí san áireamh mar, ina dtuairim siúd, ba é 2 400 tona méid na n-onnmhairí den táirge faoi athbhreithniú chuig tríú tíortha (i.e. an Rúis) agus cuimsíodh leis sin onnmhairí arna ndéanamh ag cuideachta a cheannaíonn an táirge faoi athbhreithniú sa Rúis, a dhéanann an tseirbhís galbhánaithe air, agus a athonnmhairíonn ar ais é.

(53)

Maidir leis an gcéad mhaíomh, shoiléirigh an Coimisiún nár chuir sé in aghaidh na sonraí ó na trí tháirgeoir chomhoibritheacha sa Bhealarúis ná nár chuir sé na sonraí sin as an áireamh. Go simplí, níor onnmhairigh na trí chuideachta méideanna móra den táirge faoi athbhreithniú a bhféadfadh an Coimisiún iad a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go leanfaí de dhumpáil nó go dtosófaí uirthi arís.

(54)

Maidir leis an dara maíomh, thug an Coimisiún dá aire gur chuig an Rúis a dhéantar onnmhairí go léir nach mór den táirge faoi athbhreithniú ón mBealarúis. Rinne an Coimisiún cros-seiceáil ar na staitisticí maidir le honnmhairí ón mBealarúis chuig an Rúis (ar leibhéal ocht ndigit) leis na hallmhairí isteach sa Rúis (ar leibhéal 10 ndigit) bunaithe ar staitisticí in Global Trade Atlas (“GTA”) (9). Dheimhnigh an Coimisiún go mbaineann an táirge faoi athbhreithniú leis an tuairisc le haghaidh chóid ar leibhéal 8 ndigit a úsáidtear le haghaidh onnmhairí ón mBealarúis chomh maith leis na cóid ar leibhéal 10 ndigit a úsáidtear le haghaidh na n-allmhairí isteach sa Rúis. Ar deireadh, bhain an Coimisiún úsáid as figiúirí allmhairí na Rúise ar leibhéal 10 ndigit, toisc go bhfuil faisnéis níos mionsonraithe iontu ar na cineálacha éagsúla WPT.

(55)

Maidir leis an tríú maíomh, thug an Coimisiún trí phointe dá aire: ar dtús, ón bhfaisnéis a bailíodh, bhí níos mó ná 4 800 tona i gceist le honnmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón mBealarúis chuig an Rúis i rith na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Ansin, bhí níos lú ná 1 000 tonna i gceist leis na méideanna den táirge galbhánaithe a onnmhairíodh, de réir na bhfoinsí céanna. Ar deireadh, deimhníodh measúnú an Choimisiúin ar bhonn Airteagal 18 den bhun-Rialachán i bhfianaise na héagmaise comhoibrithe shuntasaigh ó tháirgeoirí sa Bhealarúis a d’onnmhaireodh méideanna móra den táirge i gceist toisc nach bhfuair an táirgeoir athonnmhairiúcháin arna agairt ag údaráis na Bealarúise aon chomhoibriú.

(56)

Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(57)

Dá dheasca sin, suíodh an praghas onnmhairí dóchúil ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Mar thoradh air sin, cinneadh praghsanna díolacháin chuig tríú tíortha bunaithe ar staitisticí allmhairí isteach sa Rúis in Global Trade Atlas (“GTA”), tuarascálacha ón mBanc Domhanda (10) agus ECFE (11).

(58)

Ar dhóigh níos sonraí, shainaithin an Coimisiún an t-allmhaireoir is mó WPT ón mBealarúis i rith na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, i.e. an Rúis, a ghlacann isteach 92 % d’onnmhairí na Bealarúise den táirge faoi athbhreithniú. Ba dhiomaibhseach na méideanna a onnmhairíodh chuig tríú tíortha eile seachas an Rúis agus, dá bhrí sin, measadh nárbh ionadaíoch iad.

(59)

Tuairiscíodh an luach allmhairí sa Rúis ar leibhéal CAL. Dá bhrí sin, choigeartaigh an Coimisiún na praghsanna a tuairiscíodh chun an praghas onnmhairí a ríomh ar leibhéal an phraghais dhírigh ón monarcha tríd an gcostas iompair intíre sa Bhealarúis (12) a asbhaint. Suíodh praghsanna onnmhairí dóchúla ar leith le haghaidh táirgí dubha agus táirgí galbhánaithe.

(c)    Comparáid

(60)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus na praghsanna onnmhairí dóchúla chuig an Rúis ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha. Toisc go ndearnadh na honnmhairí táirgí galbhánaithe i méideanna teoranta agus toisc go raibh treocht praghsanna neamh-chomhleanúnach i gceist leo, agus barúlacha údaráis na Bealarúise maidir le hathonnmhairí (mar a mhionsonraítear in aithris (52) thuas) á gcur san áireamh, ní dhearnadh an chomparáid ach le haghaidh na dtáirgí dubha amháin.

(61)

Léiríodh sa chomparáid thuas corrlach dumpála dóchúil ar fud na tíre le haghaidh onnmhairí na Bealarúise chuig an Rúis, arna shloinneadh mar chéatadán de luach CAL 8,0 %.

(62)

Tar éis nochtadh a dhéanamh, d’áitigh údaráis na Bealarúise agus dhá tháirgeoir ón mBealarúis gur cheart don Choimisiún leasú a dhéanamh ar leibhéal na mbeart don Bhealarúis ós rud é go bhfuil an corrlach dumpála a bunaíodh sa nós imeachta seo i bhfad níos ísle ná na corrlaigh atá bunaithe san athbhreithniú éaga roimhe seo agus san imscrúdú bunaidh.

(63)

De bhun fhoráil Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, i gcás ina ndéantar athbhreithniú éaga, is féidir bearta maidir le hathbhreithniú ar dhul in éag a aisghairm nó a choinneáil ar an leibhéal a bhunaítear san imscrúdú bunaidh. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gCoimisiún leibhéal na ndualgas a athbhreithniú in athbhreithniú éaga.

(64)

Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(65)

Ina theannta sin, d’iarr údaráis na Bealarúise go nochtfaí an ríomh dumpála agus am breise chun barúlacha a thabhairt ina leith.

(66)

Tá an mhodheolaíocht maidir le ríomh na dumpála don Bhealarúis mionsonraithe thuas in aithrisí a ghabhann le haithrísí (39) go (61). Tar éis an nochta, arna iarraidh sin d’údaráis na Bealarúise, chuir an Coimisiún sa chomhad a osclaíodh don chomhairliúchán na staitisticí ar fáil, staitisticí maidir leis an Rúis arna n-úsáid chun an praghas onnmhairí ón mBealarúis a chinneadh. Tugadh trí lá do pháirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt.

(67)

Fuarthas barúlacha ó Údaráis na Bealarúise maidir le (i) tionscnamh an táirge atá faoi athbhreithniú sna staitisticí, (ii) comhshó airgeadra agus (iii) sainiúlacht na dtaifead staitisticí idir an Bhealarúis agus an Rúis.

(68)

Maidir leis an gcéad phointe, d’áitigh údaráis na Bealarúise go raibh táirgí i gceann de na cóid a úsáideadh chun allmhairí ón mBealarúis go dtí an Rúis a bhunú, mar a mhínítear in aithris (54), nach de thionscnamh na Bealarúise iad amháin ach de thionscnamh tíortha eile freisin.

(69)

Shoiléirigh an Coimisiún gur dheimhnigh an fhaisnéis a bailíodh le linn an imscrúdaithe go dtuairiscítear de réir na staitisticí gur de thionscnamh na Bealarúise iad na táirgí a allmhairíodh faoin gcód sin. Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise ar fáil gurb amhlaidh gur de thionscnamh aon tíre eile iad na táirgí a sonraíodh gur de thionscnamh na Bealarúise iad. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(70)

Maidir leis an dara pointe, d’áitigh údaráis na Bealarúise gur bhain an Coimisiún úsáid as staitisticí allmhairithe na Rúise a sonraíodh de réir euro, ach go soláthraíonn Seirbhís Chustaim Chónaidhm na Rúise staitisticí a shonraítear de réir dhollair na Stát Aontaithe. Dá bhrí sin, bhí siad den bharúil gur cheart don Choimisiún ráta malairte lá an díolacháin a úsáid mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(10) (j) den bhun-Rialachán.

(71)

Ar an gcéad dul síos, tá feidhm ag forálacha Airteagal 2(10) (j) maidir leis an gcomparáid idir praghsanna onnmhairí agus gnáthluach i bhfianaise idirbhearta díolacháin iarbhír. Sa chás seo, mar a mhínítear in aithris (57) thuas, rinneadh an meánphraghas onnmhairí a chinneadh bunaithe ar staitisticí allmhairithe ó GTA seachas ar idirbhearta iarbhír díolacháin. Ar an dara dul síos, is é atá sa ráta comhshóite a úsáidtear in GTA ná an meán míosúil arna ríomh ó mheáin laethúla na míosa. Dá bhrí sin, i dtuairim an Choimisiúin, cheadaigh sé comparáid chruinn idir an praghas onnmhairí agus an gnáthluach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(72)

Maidir leis an tríú pointe, d’áitigh údaráis na Bealarúise gur comhaltaí den Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach (EAEU) iad Poblacht na Bealarúise agus Cónaidhm na Rúise. Is é a bhí i gceist leis sin go gcuirtear saorghluaiseacht earraí i gcrích gan rialuithe custaim, bhí siad den tuairim dá bhrí sin nach n-áirithítear go mbeidh na hearraí a onnmhairítear go hiarbhír ag comhlíonadh chód fógartha an chustaim.

(73)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an ráiteas sin. Ní chuireann éagmais rialuithe custaim deireadh leis na ceanglais tuairiscithe d’idirbhearta allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin. Tá an tuairisc ar na cóid chustaim a úsáidtear ag teacht le sainmhíniú an táirge faoi athbhreithniú agus níor cuireadh aon fhianaise dá mhalairt ar fáil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don éileamh sin.

3.1.2.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa Bhealarúis

(74)

Suíodh an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Bhealarúis ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir agus na sonraí a sholáthair na trí tháirgeoir chomhoibritheacha sa Bhealarúis.

(75)

De réir na sonraí a soláthraíodh san iarraidh, thart ar 50 000 tona atá i gceist leis an acmhainneacht táirgeachta bhreise den táirge faoi athbhreithniú sa Bhealarúis. Suíodh leis an imscrúdú go bhfuil thart ar 30 000 tona d’acmhainneacht táirgeachta bhreise den táirge faoi athbhreithniú ag na trí tháirgeoir chomhoibritheacha.

(76)

Ina theannta sin, faoi mar a suíodh leis an athbhreithniú éaga roimhe seo, féadfar línte táirgthe an táirge faoi athbhreithniú a úsáid chun feadáin tháite agus píopaí táite a tháirgeadh agus chun codanna tolla a tháirgeadh araon (níl de dhifear idir táirgeadh an dá tháirge ach céim bheag táirgeachta). Ina theannta sin, d’fhéadfaí píopaí táite ar mó an trastomhas ná 168,3 mm (“píopaí móra”), nach mbaineann na himeachtaí seo leo, a tháirgeadh ar na línte táirgthe céanna.

(77)

Dá bhrí sin, agus é á chur san áireamh go bhféadfaí an meascán táirgí a athrú, meastar gurb é thart ar 50 000 tona atá i gceist leis an acmhainneacht bhreise sa Bhealarúis le haghaidh na dtáirgeoirí comhoibritheacha, nó breis is 9 % de thomhaltas an Aontais. Ina theannta sin, toisc nach mbaineann ach 40 % den táirgeadh iomlán sa Bhealarúis leis na táirgeoirí comhoibritheacha, agus má ghlactar leis an gcóimheas céanna acmhainneachta breise i gcás na dtáirgeoirí neamh-chomhoibritheacha, féadfar an acmhainneacht bhreise ar fud na tíre a mheas ar thart ar 125 000 tona.

(78)

Bunaithe ar an méid sin thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil acmhainneachtaí breise móra ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Bealarúise a bhféadfaidís iad a úsáid chun WPT a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag.

(79)

Tar éis an nochta, chuir táirgeoir amháin ón mBealarúis agus údaráis na Bealarúise i gcoinne ríomh an Choimisiúin i dtaca le hacmhainneacht bhreise sa Bhealarúis mar is é an tuairim a bhí acu go bhfuil rómheastachán suntasach déanta ar an ríomh agus níor chuir an Coimisiún san áireamh na táirgí eile a táirgeadh ar an líne chéanna tháirgthe.

(80)

Soiléiríonn an Coimisiún go raibh an meastachán ar an acmhainneacht bunaithe ar na sonraí iarbhír a chuir na trí tháirgeoir comhoibritheacha ar fáil ina gcuid freagraí ceistneora. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (77), chuir an Coimisiún na táirgí eile a tháirgtear ar an líne chéanna tháirgthe san áireamh. Ina theannta sin, i bhfianaise tharraingteacht mhargadh an Aontais, thángthas ar an gconclúid gur dócha go n-athróidh táirgeoirí na Bealarúise meascán na dtáirgí, agus go méadóidís a n-acmhainneacht táirgeachta maidir leis an táirge faoi athbhreithniú dá rachadh na bearta in éag.

(81)

Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

3.1.2.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(82)

De réir shonraí GTA, d’onnmhairigh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Bealarúise chuig a dtríú príomh-mhargadh, an Rúis, ar phraghsanna a bhí, ar an meán, 5 % ní b’ísle i gcomparáid le meánphraghsanna díola tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais. Agus an leibhéal praghsanna sin á gcur san áireamh, d’fhéadfadh onnmhairiú chuig an Aontas a bheith níos tarraingtí d’onnmhairí na Bealarúise ná onnmhairiú chuig gach tír eile, nach mór. Ina theannta sin, i rith na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, thart ar 4 800 tona a bhí i gceist leis na honnmhairí chuig an Rúis, níos lú ná 10 % d’acmhainneacht bhreise mheasta na dtáirgeoirí comhoibritheacha sa Bhealarúis, agus níos lú ná 4 % den acmhainneacht bhreise mheasta ar fud na tíre.

(83)

Tá margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí na Bealarúise freisin i bhfianaise a ghiorrachta geografaí agus a mhéide, le tomhaltas iomlán 541 000 tona.

3.1.2.3.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go dtosófaí arís uirthi

(84)

Shuigh an Coimisiún gur leanadh de chleachtais dumpála maidir le honnmhairí na Bealarúise chuig a bpríomh-mhargadh tríú tír (an Rúis).

(85)

Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar fhianaise eile gur dhócha go dtosófaí arís ar an dumpáil dá rachadh na bearta in éag.

(86)

Léiríodh le tarraingteacht mhargadh an Aontais i dtéarmaí méide agus praghsanna, agus leis an acmhainneacht bhreise mhór atá ar fáil sa Bhealarúis i gcónaí, gur dhócha go ndéanfaí onnmhairí agus acmhainneacht bhreise na Bealarúise a (ath)dhíriú ar an Aontas, dá ligfí do na bearta dul in éag.

(87)

Dá dheasca sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dhócha go dtosófaí ar dhumpáil arís, mura gcuirfí síneadh leis na bearta.

3.2.   Daon-Phoblacht na Síne

3.2.1.   Réamhbharúlacha

(88)

Sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, leanadh den táirge faoi athbhreithniú, ar táirge de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne é, a allmhairiú, cé go raibh na hallmhairí ar leibhéal i bhfad ní b’ísle ná i dtréimhse imscrúdaithe an chéad imscrúdaithe (i.e. ó mhí Iúil 2006 go dtí mí an Mheithimh 2007). De réir staitisticí Comext (Eurostat), bhí thart ar 0,1 % de mhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí WPT ó Dhaon-Phoblacht na Síne sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, i gcomparáid le scair 13,8 % den mhargadh sa chéad imscrúdú. Sonraíodh scair íseal (0,03 %) den mhargadh freisin san athbhreithniú éaga roimhe seo. I ndearbhthéarmaí, tháinig laghdú ollmhór ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ó bheagnach 184 887 tona i rith na chéad tréimhse imscrúdaithe go dtí 118 tona san athbhreithniú éaga roimhe seo agus 559 tona san athbhreithniú éaga reatha.

(89)

Mar a luadh in aithris (22), níor chomhoibrigh aon duine de na honnmhaireoirí/táirgeoirí ó Dhaon-Phoblacht na Síne san imscrúdú. Dá bhrí sin, níor thug na táirgeoirí onnmhairiúcháin freagraí ar an gceistneoir, lena n-áirítear aon sonraí ar phraghsanna agus costais onnmhairí, praghsanna agus costais intíre, ídiú ionchur sa phróiseas táirgthe, forchostais mhonaraíochta, acmhainneacht, táirgeadh, infheistíochtaí, etc. Ar an gcaoi chéanna, níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin aghaidh ar an bhfianaise maidir le comhad an cháis, lena n-áirítear an “Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála” (13) (“an Tuarascáil”).

(90)

Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhoibriú, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí a bhaineann le Daon-Phoblacht na Síne. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil.

(91)

Dá dheasca sin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den bhun-Rialachán, bhí na torthaí i ndáil leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go dtosófaí arís í maidir le Daon-Phoblacht na Síne bunaithe ar na fíorais a bhí le fáil, go háirithe an fhaisnéis san iarratas ar an athbhreithniú éaga agus sna haighneachtaí ó na páirtithe leasmhara, i gcomhar le foinsí eile faisnéise, amhail staitisticí maidir le trádáil eachtrach i ndáil le hallmhairí agus le honnmhairí (Eurostat agus GTA), sonraí staitisticí ó shuíomhanna gréasáin údarás cánach agus custaim na Síne (14), tuarascálacha ón mBanc Domhanda agus ECFE, agus soláthraithe neamhspleácha faisnéise praghsála, nuachta, sonraí, anailís agus comhdhálacha don tionscal iarainn agus cruach amhail Deloitte (15), Transcustoms (16), Global Trade Alert (17) agus Huajing Industry Research Institute (18).

3.2.2.   Leanúint de dhumpáil allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

3.2.2.1.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(92)

Ós rud é go raibh fianaise leordhóthanach ar fáil nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú agus go bhféadfaí a thaispeáint, maidir le Daon-Phoblacht na Síne, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú maidir leis an tír sin ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(93)

D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé go mba ghá dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, thug an Coimisiún cuireadh do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am.

(94)

Shonraigh an Coimisiún freisin i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go raibh Meicsiceo roghnaithe go sealadach aige mar thír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun críche an gnáthluach a chinneadh bunaithe ar phraghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Luaigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(95)

An 11 Bealtaine 2020, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (“an Chéad Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún liosta ar fáil de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a d’fhéadfaí a úsáid chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Ina theannta sin, bunaithe ar na critéir a threoraíonn an rogha praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún tíortha ionadaíocha féideartha (mar atá an Bhrasaíl, an Mhalaeisia, Meicsiceo, an Téalainn agus an Tuirc). Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis an gCéad Nóta.

(96)

An 4 Meitheamh 2020, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta (“an Dara Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus gurb í an Téalainn an tír ionadaíoch (19). Chuir sé in iúl freisin do pháirtithe leasmhara go leagfadh sé síos costais díolacháin, costais ghinearálta agus costais riaracháin (“costais SGA”) agus an brabús bunaithe ar fhaisnéis a bhí ar fáil ó tháirgeoirí sa tír ionadaíoch – Pacific Pipe Co., Ltd. agus Asia Metal Co., Ltd. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an Dara Nóta.

3.2.2.2.   Gnáthluach

(97)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, “beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoi r”.

(98)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “i gcás ina gcinntear […] nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais a úsáid sa tír is onnmhaireoir i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn costas táirgthe agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaof a”, agus “áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnach de chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus i gcomhair brabú s” (“costais SGA” a thugtar anseo feasta ar “costais díola, ghinearálta agus riarachái n”).

(99)

Mar a mhínítear thíos a thuilleadh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sa imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus ag féachaint don éagmais comhoibrithe ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(a)    Saobhadh suntasach a bheith ann

(1)   Réamhrá

(100)

In Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán is éard atá i “saobhadh suntasach an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird, inter alia, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, nó faoi mhaoirseacht beartais, nó faoi stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir;

an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas;

beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir;

maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá;

rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar chaoi eile nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stá t”.

(101)

De réir Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, sa mheasúnú ar an ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) cuirfear san áireamh, i measc nithe eile, liosta neamh-uileghabhálach gnéithe san fhoráil roimhe sin. De bhun Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, agus measúnú á dhéanamh ar an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo ar phraghsanna agus ar chostais sa tír is onnmhaireoir den táirge faoi athbhreithniú. Go deimhin, toisc gur liosta neamhcharnach é an liosta sin, ní gá aird a thabhairt ar na gnéithe go léir chun toradh de shaobhadh suntasach a fháil. Thairis sin, féadfar na tosca fíorasacha céanna a úsáid chun a thaispeáint gurb ann do cheann amháin nó níos mó de na gnéithe ar an liosta. Mar sin féin, ní mór aon chonclúid maidir le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) a dhéanamh ar bhonn na fianaise go léir atá idir lámha. Féadfaidh an measúnú foriomlán ar an ann do shaobhadh comhthéacs ginearálta agus an cás sa tír is onnmhaireoir a chur san áireamh freisin, go háirithe i gcás ina dtugann na gnéithe bunúsacha de chomhdhéanamh eacnamaíoch agus riaracháin na tíre is onnmhaireoir cumhachtaí substainteacha don rialtas chun idirghabháil a dhéanamh sa gheilleagar ar bhealach a fhágfaidh nach torthaí ar shaor-fhorbairt fhórsaí an mhargaidh iad na praghsanna ná na costais.

(102)

Foráiltear in Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán “(i) gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dát a”.

(103)

De bhun na forála sin, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil de réir tíre (20) maidir le Daon-Phoblacht na Síne, ina dtaispeántar gurb ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais ar go leor leibhéal den gheilleagar, lena n-áirítear saobhadh sonrach i gcuid mhaith príomhthosca táirgeachta (amhail talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhar agus saothar) chomh maith le hearnálacha sonracha (amhail cruach agus ceimiceáin). Tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara an fhianaise a bhí sa chomhad imscrúdaithe ag tráth an tionscnaimh a fhrisnéis, barúil a thabhairt ina leith nó an fhianaise a fhorlíonadh. Cuireadh an Tuarascáil sa chomhad imscrúdaithe ag an gcéim thionscnaimh.

(104)

Soláthraíodh fianaise bhreise san iarraidh freisin gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) dá dtagraítear thuas, a chomhlánaíonn an Tuarascáil.

(105)

Go háirithe, thagair an t-iarratasóir do chleachtais a dhéanann difear do na costais agus na praghsanna in earnáil WPT agus in earnáil na cruach (is iad cornaí cruach teorollta príomhionchur WPT):

i measc na gcúig tháirgeoir cruach is mó sa tSín, is fiontair faoi úinéireacht an Stáit iad ceithre cinn díobh agus, mar sin, bíonn na cuideachtaí sin ag feidhmiú faoi úinéireacht, faoi rialú agus faoi mhaoirseacht bheartais Rialtas na Síne;

ní torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad costais amhábhar agus fuinnimh i nDaon-Phoblacht na Síne toisc go ndéanann idirghabhálacha substainteacha rialtais difear dóibh, faoi mar a deimhníodh in imscrúdú frith-fhóirdheontais le déanaí a bhain le táirgí comhréidhe teorollta (21);

tairbhíonn na táirgeoirí cruach teorollta d’iasachtú fabhrach ar fóirdheontais iad, rud a deimhníodh freisin leis an nós imeachta frith-fhóirdheontais a luaitear thuas.

(106)

Mar a shonraítear in aithris (93), níor thug Rialtas na Síne aon fhreagra ar an gceistneoir a seoladh chuige. Mar a luaitear in aithrisí (22) agus (89), ní bhfuarthas aon chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin agus níor sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise ach oiread chun tacú leis an bhfianaise reatha maidir le comhad an cháis, nó chun í a fhrisnéis, lena n-áirítear an Tuarascáil, agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir, ar saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó ar a iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás seo.

(107)

Scrúdaigh an Coimisiún cibé an raibh nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i ngeall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún é sin ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil ar an gcomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí sa Tuarascáil, a bhíonn ag brath ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais i ngeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú.

(2)   Saobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne

(108)

Tá córas eacnamaíoch na Síne bunaithe ar an gcoincheap maidir le “geilleagar margaidh sóisialach”. Cumhdaítear an coincheap sin i mBunreacht na Síne agus cinntear rialachas eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne leis. Is é an príomhphrionsabal “úinéireacht phoiblí shóisialach ar na modhanna táirgthe, eadhon, úinéireacht an phobail uile agus comhúinéireacht ag an lucht oibr e”. Is é an geilleagar faoi úinéireacht an Stáit “fórsa ceannasach an gheilleagair náisiúnta” agus tá sainordú ag an Stát maidir le “comhdhlúthú agus fás an gheilleagair a áirithi ú” (22). Dá dhroim sin, ní hamháin go bhfágann comhdhéanamh foriomlán gheilleagar na Síne gur féidir idirghabhálacha substainteacha rialtais a dhéanamh sa gheilleagar, ach déantar idirghabhálacha den sórt sin a shainordú go sainráite. Tá an coincheap maidir le ceannas na húinéireachta poiblí ar an duine príobháideach leata ar fud an chórais dlíthiúil fhoriomláin agus cuirtear béim air mar phrionsabal ginearálta i ngach píosa lárnaigh reachtaíochta. Sampla maith de sin is ea dlí maoine na Síne: tagraíonn sé do phríomhchéim an tsóisialachais agus cuireann sé ar iontaoibh an Stáit seasamh leis an gcóras eacnamaíoch bunúsach faoina bhfuil ról ceannasach ag an úinéireacht phoiblí. Glactar le foirmeacha eile úinéireachta, agus tugtar cead dóibh de réir dlí forbairt taobh le taobh leis an úinéireacht Stáit (23).

(109)

Ina theannta sin, faoi dhlí na Síne, forbraítear an geilleagar margaidh sóisialach faoi cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne. Tá struchtúir Stát na Sine agus Pháirtí Cumannach na Síne fite fuaite ina chéile ar gach leibhéal (dlíthiúil, institiúideach, pearsanta), rud lena gcruthaítear forstruchtúr nach féidir róil an Pháirtí agus an Stáit a idirdhealú óna chéile iontu. Tar éis leasú a dhéanamh ar Bhunreacht na Síne i mí an Mhárta 2018, tugadh suntasacht níos mó fós do ról ceannasach Pháirtí Cumannach na Síne trína athdhearbhú i dtéacs Airteagal 1 den Bhunreacht. Tar éis na chéad abairte atá cheana féin san fhoráil: “(i)s é an córas sóisialach córas bunúsach Dhaon-Phoblacht na Sín e” cuireadh dara habairt nua isteach ina léitear: “[i]s é gné shainithe an tsóisialachais le saintréithe Síneacha ná ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne.” (24) Léiríonn sé sin an smacht gan cheist agus atá ag fás de shíor atá ag an bPáirtí Cumannach ar chóras eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne. Is gné dhílis de chóras na Síne í an cheannaireacht agus an smacht sin agus gabhann sé thar an ngnáth-chás i dtíortha eile ina mbíonn smacht maicreacnamaíoch ginearálta ag na rialtais laistigh de na teorainneacha ina mbíonn fórsaí an mhargaidh shaoir ag feidhmiú.

(110)

Bíonn Stát na Síne ag gabháil do bheartas eacnamaíoch crioscaíolach de bhun spriocanna, a thagann leis an gclár oibre polaitiúil arna leagan síos ag Páirtí Cumannach na Síne in ionad a bheith ag léiriú na gcoinníollacha eacnamaíocha atá i réim i margadh saor (25). Tá an iliomad uirlisí eacnamaíocha crioscaíolacha in úsáid ag údaráis na Síne, lena n-áirítear an córas a bhaineann le pleanáil thionsclaíoch, an córas airgeadais, chomh maith le leibhéal na timpeallachta rialála.

(111)

Ar an gcéad dul síos, ar an leibhéal maidir le smacht riaracháin foriomlán, rialaítear treo gheilleagar na Síne trí chóras casta pleanála tionsclaíche a dhéanann difear do na gníomhaíochtaí eacnamaíocha uile laistigh den tír. Cumhdaíonn iomláine na bpleananna sin maitrís chuimsitheach agus chasta earnálacha agus beartais trasearnála agus tá sé i láthair ar gach leibhéal den rialtas. Bíonn na pleananna ar leibhéal cúige mionsonraithe agus leagtar spriocanna níos leithne síos sna pleananna náisiúnta. Sonraítear sna pleananna freisin na bealaí a úsáidtear chun tacú leis na tionscail/hearnálacha ábhartha chomh maith leis na tréimhsí ama ina gcaitear na cuspóirí a bhaint amach. Tá spriocanna follasacha aschuir i roinnt pleananna i gcónaí cé gur ghné thráthrialta de thimthriallta pleanála roimhe seo a bhíodh ansin. Faoi na pleananna, tá aird ar leith á tabhairt ar earnálacha tionsclaíocha aonair agus/nó ar thionscadail mar thosaíochtaí (dearfacha nó diúltacha) i gcomhréir le tosaíochtaí rialtais agus déantar spriocanna forbartha sonracha (uasghrádú tionsclaíoch, fairsingiú idirnáisiúnta etc.) a shannadh dóibh. Ní mór do na hoibreoirí eacnamaíocha, idir chinn phríobháideacha agus chinn faoi úinéireacht an Stáit araon, a ngníomhaíochtaí gnó a choigeartú go héifeachtach de réir an méid a fhorchuirtear leis an gcóras pleanála i ndáiríre. Ní hamháin go bhfuil sé sin fíor mar gheall ar chineál ceangailteach na bpleananna ach freisin toisc go gcloíonn údaráis ábhartha na Síne ar gach leibhéal den rialtas leis an gcóras pleananna agus toisc go n-úsáideann siad a gcumhachtaí dílse dá réir sin, rud lena gcuirtear faoi deara dá bhrí sin do na hoibreoirí eacnamaíocha na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna a chomhlíonadh (féach freisin Roinn 3.2.2.2(a)(5) thíos) (26).

(112)

Ar an dara dul síos, ar an leibhéal a ndéantar acmhainní airgeadais a leithdháileadh, tá an lámh in uachtar ag na bainc thráchtála faoi úinéireacht an Stáit ar chóras airgeadais Dhaon-Phoblacht na Síne. Ní mór do na bainc sin, le linn dóibh a mbeartas iasachtaithe a bhunú agus a chur chun feidhme, iad féin a ailíniú leis na cuspóirí i mbeartas tionsclaíoch an rialtais seachas measúnú a dhéanamh go príomha ar fhiúntais eacnamaíocha tionscadail ar leith (féach freisin Roinn 3.2.2.2(a)(8) thíos) (27). Tá an rud céanna fíor maidir leis na comhpháirteanna eile de chóras airgeadais na Síne, amhail na stocmhargaí, na margaí bannaí, na margaí cothromais phríobháideacha, etc. Chomh maith leis sin, tá na codanna sin den earnáil airgeadais seachas earnáil na baincéireachta bunaithe ar bhonn institiúide agus oibríochta ar bhealach nach bhfuil giaráilte i dtreo fheidhmiú éifeachtúil na margaí airgeadais a uasmhéadú ach i dtreo smacht a áirithiú agus idirghabháil de chuid an Stáit agus Pháirtí Cumannach na Síne a cheadú (28).

(113)

Ar an tríú dul síos, maidir le leibhéal na timpeallachta rialála, tá roinnt foirmeacha ag baint le hidirghabhálacha an Stáit sa gheilleagar. Mar shampla, úsáidtear na rialacha maidir le soláthar poiblí go tráthrialta in iarracht spriocanna beartais seachas éifeachtúlacht eacnamaíoch a bhaint amach, rud dá réir sin a bhaineann an bonn de na prionsabail mhargadhbhunaithe sa réimse. Foráiltear go sonrach sa reachtaíocht is infheidhme go ndéanfar an soláthar poiblí d’fhonn baint amach na spriocanna arna gceapadh trí bheartais an Stáit a éascú. Mar sin féin, níl an cineál spriocanna atá i gceist sainithe go fóill, rud a fhágann dá bhrí sin corrlach breithmheasa ag na comhlachtaí cinnteoireachta (29). Ar an gcaoi chéanna, sa réimse infheistíochta, coimeádann Rialtas na Síne smacht suntasach agus tá tionchar suntasach aige ar cheann scríbe agus ar dhearbhmhéid na hinfheistíochta Stáit agus príobháidí araon. Úsáideann na húdaráis scagadh infheistíochta chomh maith le dreasachtaí, srianta, agus coisc éagsúla a bhaineann le hinfheistiú mar uirlis thábhachtach chun tacaíocht a thabhairt do spriocanna beartais tionsclaíocha, amhail smacht an Stáit a choimeád ar phríomh-earnálacha nó borradh a chur faoin tionscal intíre (30).

(114)

Mar sin, tá samhail eacnamaíoch na Síne bunaithe ar aicsímí bunúsacha áirithe, lena ndéantar foráil maidir leis an iliomad idirghabháil rialtais agus a spreagann iad. Tagann idirghabhálacha substainteacha rialtais den sórt sin salach ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh, agus déantar leithdháileadh éifeachtach acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh a shaobhadh dá bharr sin (31).

(3)   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán: an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, nó faoi mhaoirseacht beartais, nó faoi stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir

(115)

I nDaon-Phoblacht na Síne, léiríonn fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht agus/nó faoi mhaoirseacht beartais nó faoi threoraíocht an Stáit cuid fhíor-riachtanach den gheilleagar.

(116)

Coinníonn Rialtas na Síne agus Páirtí Cumannach na Síne struchtúir lena n-áirithítear go mbeidh tionchar leanúnach acu ar fhiontair, agus go háirithe fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit. Ní hamháin go ndéanann an Stát (agus Páirtí Cumannach na Síne freisin ar go leor bealaí) beartais eacnamaíocha ghinearálta fiontar ar leith atá faoi úinéireacht an Stáit a cheapadh agus go ndéanann sé maoirseacht ar a gcur chun feidhme, ach éilíonn sé a chearta freisin le bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht oibríochta fiontar atá faoi úinéireacht an Stáit. Déantar é sin de ghnáth tríd an meánbhainistíocht a rothlú idir údaráis an rialtais agus fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, trí chomhaltaí an pháirtí a bheith rannpháirteach i gcomhlachtaí feidhmiúcháin fiontar atá faoi úinéireacht an Stáit agus cealla páirtí i gcuideachtaí (féach freisin Roinn 3.2.2.2(a)(4)), chomh maith lena dhéanamh trí struchtúr corparáideach na hearnála a mhúnlú (32). Mar chúiteamh air sin, baineann fiontair faoi úinéireacht an Stáit leas as stádas ar leith laistigh de gheilleagar na Síne, ina gcuimsítear roinnt buntáistí eacnamaíocha, go háirithe cosaint ó iomaíochas agus rochtain tosaíochta ar ionchuir ábhartha, lena n-áirítear maoiniú (33). Déantar forbairt bhreise i Roinn 3.2.2.2(a)(4) thíos ar na gnéithe lena léirítear an smacht atá ag an rialtas ar fhiontair in earnáil WPT.

(117)

Go sonrach, is ann do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne in earnáil na cruach, arb í an t-amhábhar príomha í chun WPT a tháirgeadh. Cé go meastar go bhfuil an deighilt ainmniúil beagnach cothrom idir an líon fiontar faoi úinéireacht an Stáit agus an líon cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach, as na cúig tháirgeoir cruach ón tSín a aicmítear sna deich dtáirgeoir cruach is mó ar domhan, is fiontair faoi úinéireacht an Stáit iad ceithre cinn díobh (34). An tráth céanna, cé nár bhain ach thart ar 36 % d’aschur iomlán an tionscail in 2016 leis na deich dtáirgeoir is mó, leag Rialtas na Síne sprioc amach sa bhliain chéanna chun idir 60 % agus 70 % den táirgeadh cruach a chomhdhlúthú thart ar dheich bhfiontar mhóra nó mar sin faoi 2025 (35). Chuir Rialtas na Síne an rún sin in iúl arís i mí Aibreáin 2019, agus d’fhógair eisiúint treoirlínte maidir le comhdhlúthú an tionscail cruach (36). D’fhéadfadh a bheith i gceist leis an gcomhdhlúthú sin cumaisc éigeantacha de chuideachtaí príobháideacha brabúsacha agus fiontair atá ag tearcfheidhmiú faoi úinéireacht an Stáit (37).

(118)

Mar a míníodh thuas, tá scair ard fiontar faoi úinéireacht an Stáit san earnáil cruach, arb í an príomhsholáthraí í den amhábhar chun WPT a tháirgeadh. Ó tharla nach bhfuarthas aon chomhoibriú ó onnmhaireoirí WPT sa tSín, níorbh fhéidir cóimheas cruinn na dtáirgeoirí WPT príobháideacha agus faoi úinéireacht an Stáit a dhearbhú. Mar sin féin, léiríodh san imscrúdú go mbíonn fiontair phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach in earnáil WPT faoi réir maoirseacht agus treoraíocht beartais freisin mar a leagtar amach i Roinn 3.2.2.2(a)(5) thíos.

(4)   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán: An stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas;

(119)

Seachas smacht a chur i bhfeidhm ar an ngeilleagar trí bhíthin úinéireachta ar fhiontair faoi úinéireacht an Stáit agus uirlisí eile, tá sé ar chumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí. Cé go bhféadfaí an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomh-phearsanra bainistíochta i bhfiontair atá faoi úinéireacht an Stáit a cheapadh agus a chur as a bpoist, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, a mheas mar rud a léiríonn na cearta úinéireachta a chomhfhreagraíonn dó sin (38), léiríonn cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir chinn atá faoi úinéireacht an stáit agus chinn phríobháideacha araon, modh tábhachtach eile trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne (39)) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na héilimh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don “tírghrá” agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh (40). In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach (41). Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, thar gach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí WPT agus soláthraithe a gcuid ionchuir.

(120)

Déanann go leor táirgeoirí WPT gníomhaíochtaí neartaithe páirtí a chur i dtábhacht go sainráite ar a suíomh gréasáin, bíonn comhaltaí den pháirtí ar fhoireann bainistíochta na cuideachta, agus cuireann siad a gceangal le Páirtí Cumannach na Síne i dtábhacht. Léiríodh san imscrúdú gníomhaíochtaí neartaithe páirtí i roinnt táirgeoirí WPT, lena n-áirítear Jinghua Steel Pipe Group, Kingland Group agus Jiangsu Guoqiang Zinc-plating Industrial Co. Ltd. I bhfianaise maidir le haon táirgeoir amháin den táirge faoi athbhreithniú, léiríodh gur cuimsíodh leis na gníomhaíochtaí sin, inter alia, rannpháirtíocht comhaltaí Pháirtí Cumannach na Síne chun an cás, samhail ghnó agus straitéis forbartha cuideachta a phlé, earcú comhaltaí den pháirtí a éascú; léachtaí, siompóisiamaí agus gníomhaíochtaí oideachais eile ar théama Pháirtí Cumannach na Síne, na fealsúnachta cumannaí etc.; imeachtaí foirmiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne; etc. Thairis sin, shuigh an Coimisiún i rith an imscrúdaithe ceangail phearsanta idir táirgeoirí WPT agus an Páirtí, amhail comhaltaí an Pháirtí sa bhainistíocht shinsearach nó ar an mbord stiúrthóirí i roinnt cuideachtaí a mbíonn WPT á mhonarú acu, lena n-áirítear Jinghua Steel Pipe Group, Kingland Group, Fubo Group, Weifang East Steel Pipe Co. Ltd agus Huludao City Steel Pipe Industrial Co. Ltd.

(121)

Is í an earnáil cruach an t-amhábhar is mó chun WPT a tháirgeadh, agus tá go leor de na táirgeoirí is mó faoi úinéireacht an Stáit. Tagraítear go sonrach do chuid díobh sin in “Steel Industry Adjustment and Upgrading plan for 2016-2020” (42). Mar shampla, luann Shanxi Taiyuan Iron & Steel Co. Ltd. (“TISCO”), cuideachta Shíneach atá faoi úinéireacht an Stáit, ar a shuíomh gréasáin gur “mórchuideachta iarainn agus cruac h” atá ann “a d’fhorbair ina chóras ollmhór iarainn agus cruach ar mhórscála, atá comhtháite le gnó na mianadóireachta iarainn, an táirgthe iarainn agus cruach, na próiseála, an tseachadta agus na trádál a” (43). Fiontar Síneach eile faoi úinéireacht an Stáit is ea Baosteel a bhíonn ag gabháil don mhonarú cruach agus atá ina chuid de China Baowu Steel Group Co. Ltd., cuideachta a comhdhlúthaíodh le déanaí (ar a dtugtaí Baosteel Group agus Wuhan Iron & Steel roimhe seo) (44).

(122)

Tá éifeachtaí saofa breise ag láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais (féach freisin Roinn 3.2.2.2.(a)(7) thíos) chomh maith le soláthar amhábhar agus ionchur ar an margadh (45). Dá réir sin, de bharr láithreacht an Stáit i ngnólachtaí, lena n-áirítear fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, san earnáil cruach agus in earnálacha eile (amhail na hearnálacha airgeadais agus ionchuir), faigheann Rialtas na Síne deis cur isteach i dtaca le praghsanna agus earraí.

(5)   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an tríú fhleasc den bhun-Rialachán: beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir;

(123)

Déantar treo gheilleagar na Síne a chinneadh a bheag nó a mhór le córas mionléirithe pleanála ina leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na spriocanna nach mór do na rialtais láir agus na rialtas áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal den rialtas agus cumhdaítear gach earnáil eacnamaíoch, nach mór. Tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála de chineál ceangailteach agus déanann na húdaráis ar gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna a bhíonn ag an leibhéal comhfhreagrach is ísle den rialtas. Ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne fágann sé go mbíonn acmhainní á leithdháileadh ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile ag an rialtas, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (46).

(124)

Bíodh is gur tionscal speisialaithe é WPT agus nárbh fhéidir aon doiciméid bheartais shonracha ina raibh treoraíocht shonrach maidir le forbairt an tionscail WPT a shainaithint san imscrúdú, tá an tionscal WPT ag tairbhiú de threoraíocht agus d’idirghabháil rialtais sa phríomh-amhábhar chun WPT a tháirgeadh, mar atá cruach. Léirítear iarmhairtí saobhacha idirghabháil an rialtais ar an tionscal WPT le fadhb na ró-acmhainneachta móire. Deimhnítear sa tuarascáil ar staid thionscal na bhfeadán cruach táite in 2018 gurb ann do ró-acmhainneacht thromchúiseach (féach an sliocht iomlán in aithris (209)) (47)

(125)

Thairis sin, measann Rialtas na Síne gur príomhthionscal é an tionscal cruach (48). Deimhnítear é sin sna pleananna, treoracha agus doiciméid iomadúla eile ina ndírítear ar an gcruach, a eisítear ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach amhail “Steel Industry Adjustment and Upgrading plan for 2016-2020”. Luaitear sa Phlean sin gurb “earnáil bhunúsach thábhachtach de gheilleagar na Síne, cloch choirnéil náisiúnt a” (49) é an tionscal cruach. Cumhdaítear leis na príomhthascanna agus na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean seo gach gné d’fhorbairt an tionscail (50).

(126)

Beartaítear sa 13ú Plean Cúig Bliana maidir leis an bhForbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta (51) go dtabharfaí tacaíocht d’fhiontair a mbíonn cineálacha táirge cruach ardleibhéil á dtáirgeadh acu (52). Dírítear ann freisin ar cháilíocht, marthanacht agus iontaofacht táirge a bhaint amach trí thacú le cuideachtaí a mbíonn teicneolaíochtaí in úsáid acu a bhaineann le táirgeadh glan cruach, beacht-rollú, agus feabhas ar cháilíocht (53).

(127)

In “Catalogue for Guiding Industry Restructuring (2011 Version) (2013 Amendment)” (54) (“an Chatalóg”), liostaítear cruach mar thionscal spreagtha.

(128)

Déanann Rialtas na Síne treorú breise ar fhorbairt na hearnála i gcomhréir le raon leathan uirlisí agus treoracha beartais a bhaineann, inter alia, leo seo a leanas: comhdhéanamh agus athstruchtúrú an mhargaidh, amhábhair, infheistíocht, díothú acmhainneachta, raon táirgí, athshocrú, uasghrádú, etc. Tríothu sin agus trí bhealaí eile, déanann Rialtas na Síne gach gné, nach mór, d’fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála a stiúradh agus a rialú (55). D’fhéadfaí a áitiú gurb í fadhb reatha na ró-acmhainneachta an léiriú is soiléire ar impleachtaí bheartais Rialtas na Síne agus ar an saobhadh a eascraíonn astu.

(129)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, lena n-áirítear cruach a tháirgeadh mar an príomh-amhábhar a úsáidtear i monaraíocht an táirge faoi athbhreithniú. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

(6)   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán: maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

(130)

De réir na faisnéise atá ar chomhad, déanann córas féimheachta na Síne seachadadh neamhleor ar a phríomhchuspóirí féin amhail éilimh agus fiachais a shocrú go cóir agus cearta agus leasanna dleathacha creidiúnaithe agus féichiúnaithe a choimirciú. Dealraítear go bhfuil sé sin fréamhaithe ar dhlí féimheachta na Síne atá bunaithe go foirmiúil ar phrionsabail atá cosúil leo sin a chuirtear i bhfeidhm i ndlíthe comhfhreagracha i dtíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne, áit ina bhfuil tearc-fhorfheidhmiú á dhéanamh ar chóras na Síne. Tá an líon féimheachtaí fós fíor-íseal i ndáil le méid gheilleagar na tíre, ní hamháin toisc go bhfuil roinnt easnamh ag baint leis na himeachtaí dócmhainneachta, a fheidhmíonn go bunúsach mar dhídhreasacht i gcás comhduithe féimheachta. Thairis sin, tá ról an Stáit sna himeachtaí dócmhainneachta láidir agus gníomhach i gcónaí, agus bíonn tionchar díreach acu go minic ar thoradh na n-imeachtaí (56).

(131)

Ina theannta sin, is léir go háirithe easnaimh an chórais maidir le cearta maoine i ndáil le húinéireacht talún agus cearta úsáide talún i nDaon-Phoblacht na Síne (57). Is le Stát na Síne an talamh ar fad (talamh thuaithe atá faoi chomhúinéireacht agus talamh uirbeach faoi úinéireacht an Stáit). Tá a leithdháileadh ag brath go hiomlán ar an Stát. Is forálacha dlíthiúla iad sin a bhfuil sé mar aidhm acu cearta úsáide talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ag praghsanna an mhargaidh, mar shampla trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach. Mar sin féin, ní urramaítear na forálacha sin go tráthrialta, agus faigheann ceannaitheoirí áirithe a gcuid talún saor in aisce nó faoi rátaí an mhargaidh (58). Thairis sin, saothraíonn na húdaráis spriocanna polaitiúla sonracha lena n-áirítear na pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme nuair a bhíonn talamh á leithdháileadh (59).

(132)

Amhail earnálacha eile i ngeilleagar na Síne, tá táirgeoirí WPT faoi réir ghnáthrialacha dhlíthe féimheachta, corparáideacha, agus maoine na Síne. Tá sé d’éifeacht aige sin go mbíonn na cuideachtaí sin, freisin, faoi réir an tsaofa ón mbarr anuas ag eascairt as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta agus maoine. Níor tugadh aon rud le fios san imscrúdú reatha a tharraingeodh amhras ar na torthaí sin. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an réamhchonclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart, rud a chruthaíonn saobhadh dá réir sin trí ghnólachtaí dócmhainneacha a choimeád sócmhainneach agus trí chearta úsáide talún a leithdháileadh i nDaon-Phoblacht na Síne. Dealraítear go bhfuil na breithnithe sin, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, infheidhme go hiomlán freisin in earnáil WPT.

(133)

I bhfianaise an méid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh dlíthe féimheachta agus maoine á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó go rabhthas á bhforfheidhmiú go neamhleor in earnáil WPT, lena n-áirítear i dtaca leis an táirge faoi athbhreithniú.

(7)   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán: saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá

(134)

Ní féidir córas pá margadhbhunaithe a fhorbairt go hiomlán i nDaon-Phoblacht na Síne toisc go gcuirtear bac ar oibrithe agus ar fhostóirí lena gcearta maidir le comheagrú. Níor dhaingnigh Daon-Phoblacht na Síne roinnt de choinbhinsiúin riachtanacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, go háirithe iad sin a bhaineann le saoirse comhlachais agus cómhargáil (60). Faoin dlí náisiúnta, níl ach eagraíocht ceardchumainn amháin gníomhach. Mar sin féin, níl an eagraíocht sin neamhspleách ar na húdaráis Stáit agus tá an obair a dhéanann sí maidir le cómhargáil agus cosaint do chearta oibrithe fós bunúsach (61). Thairis sin, cuirtear srian ar shoghluaisteacht lucht saothair na Síne de bharr an chórais clárúcháin teaghlaigh, rud a chuireann teorainn leis an rochtain ar an raon iomlán slándála sóisialta agus ar shochair eile d’áitritheoirí áitiúla i limistéar riaracháin ar leith. Fágann sé sin oibrithe nach bhfuil an clárú cónaitheachta áitiúil ina seilbh acu iad féin i staid leochaileach fostaíochta agus faigheann siad ioncam níos ísle ná na daoine a bhfuil an clárú cónaitheachta acu (62). Fágann na torthaí sin go ndéantar costais pá a shaobhadh i nDaon-Phoblacht na Síne.

(135)

Níor cuireadh aon fhianaise isteach a thabharfadh le fios nach bhfuil earnáil WPT faoi réir chóras dlí saothair na Síne mar a thugtar tuairisc air thuas. Déanann an saobhadh ar chostais pá difear go díreach dá réir sin d’earnáil WPT (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú nó an príomh-amhábhar lena tháirgeadh á dhéanamh) agus go hindíreach (le linn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne).

(8)   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán: rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile

(136)

Tá an rochtain a fhaigheann gníomhairí corparáideacha ar chaipiteal i nDaon-Phoblacht na Síne faoi réir saobhadh éagsúil.

(137)

Ar an gcéad dul síos, tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht an Stáit i gcóras airgeadais na Síne (63), agus cuireann siad critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh le linn dóibh rochtain a dheonú ar mhaoiniú. Ar an gcaoi chéanna le fiontair neamhairgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit, tá nasc fós ag na bainc leis an Stát ní hamháin trí úinéireacht ach freisin trí chaidreamh pearsanta (is é Páirtí Cumannach na Síne go bunúsach a cheapann na feidhmeannaigh is airde sna hinstitiúidí móra airgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit) (64) agus, arís ach an oiread le fiontair neamhairgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit, cuireann na bainc beartais phoiblí arna gceapadh ag an rialtas chun feidhme go tráthrialta. Agus iad á dhéanamh sin, comhlíonann na bainc sainoibleagáid dhlíthiúil maidir lena ngnó a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais na forbartha eacnamaíche agus sóisialta náisiúnta agus faoi threoraíocht bheartais thionsclaíocha an Stáit (65).

(138)

Cé go n-aithnítear go dtagraíonn forálacha dlíthiúla éagsúla don ghá atá le gnáth-iompraíocht baincéireachta agus rialacha stuamachta a urramú amhail an gá atá le himscrúdú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtóra, tugtar le fios i bhformhór na fianaise, lena n-áirítear na torthaí a rinneadh in imscrúduithe cosanta trádála, nach bhfuil ag na forálacha sin ach ról tánaisteach maidir leis na hionstraimí dlí éagsúla.

(139)

Ina theannta sin, déantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh go minic ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear go mbíonn tionchar ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne ar an measúnú riosca agus neart aon ráthaíochta intuigthe a thugann an rialtas. Tugtar le fios go láidir i meastacháin go gcomhfhreagraíonn rátálacha creidmheasa na Síne go córasach do rátálacha idirnáisiúnta níos ísle (66).

(140)

Is measa fós iad na saincheisteanna sin de bharr rialacha breise, a dhíríonn maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha spreagtha nó atá tábhachtach ar shlí eile (67). Bíonn claonadh ann dá bharr sin i bhfabhar iasachtaí a thabhairt d’fhiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, do gnólachtaí príobháideacha dea-nasctha agus do ghnólachtaí in earnálacha tionsclaíocha tábhachtacha, rud a thugann le fios nach ionann infhaighteacht agus costas an chaipitil do gach gníomhaí ar an margadh.

(141)

Ar an dara dul síos, coinníodh costais iasachtaithe íseal go saorga chun fás infheistíochta a spreagadh. Mar thoradh air sin tá úsáid iomarcach á baint as infheistíocht chaipitil le torthaí níos ísle ar an infheistíocht. Léirítear é sin leis an bhfás le déanaí ar ghiaráil chorparáideach in earnáil an stáit d’ainneoin titim ghéar ar bhrabúsacht, rud a thugann le fios nach leanann na sásraí atá i bhfeidhm sa chóras baincéireachta na gnáthfhreagairtí tráchtála.

(142)

Ar an tríú dul síos, cé gur baineadh amach léirscaoileadh sna rátaí ainmniúla úis i mí Dheireadh Fómhair 2015, níl na comharthaí praghais ann de bharr fhórsaí an mhargaidh shaoir fós, ach bíonn tionchar ag saobhadh a thagann chun cinn ón rialtas orthu. Go deimhin, léiríonn an scair iasachtaithe ag an tagarmharc nó faoina bhun 45 % den iasachtú go léir fós agus tá dlús curtha faoi na hiarrachtaí dul i muinín creidmheasa spriocdhírithe, toisc gur tháinig méadú mór orthu sin ó 2015 in ainneoin dálaí eacnamaíocha a bheith imithe in olcas. Tarlaíonn praghsáil ró-íseal de thoradh rátaí úis a bheith níos ísle ná mar atá réasúnach, agus dá dheasca sin, baintear úsáid iomarcach as caipiteal.

(143)

Léirítear leis an bhfás foriomlán ar chreidmheas i nDaon-Phoblacht na Síne go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh a éifeachtaí a leithdháiltear caipiteal gan aon chomhartha ann go bhfuil creidmheas ag éirí níos doichte, rud lena mbeifí ag súil i dtimpeallacht mhargaidh neamhshaofa. Dá thoradh sin, tá líon na n-iasachtaí neamhthuillmheacha tar éis dul i méid go tapa le blianta beaga anuas. Agus staid ann ina bhfuil líon na bhfiach atá i mbaol ag dul i méid, roghnaigh Rialtas na Síne mainneachtain a sheachaint. Dá dheasca sin, láimhsíodh saincheisteanna drochfhiachais trí fhiacha a thar-rolladh, rud lena gcruthaítear cuideachtaí “zombaí” mar a thugtar orthu, nó trí úinéireacht na bhfiach a aistriú (e.g. trí chumaisc nó trí bhabhtálacha fiachais ar chothromas), rud nach ionann agus deireadh a chur le fadhb fhoriomlán na bhfiach ná aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na faidhbe.

(144)

Go bunúsach, d’ainneoin na mbeart a rinneadh le déanaí chun an margadh a léirscaoileadh, déanann saobhadh suntasach, de thoradh ról forleatach leanúnach an stáit sna margaí caipitil, difear don chóras creidmheasa chorparáidigh i nDaon-Phoblacht na Síne i gcónaí.

(145)

Níor tíolacadh aon fhianaise lenar léiríodh go bhfuil earnáil WPT díolmhaithe ó idirghabháil an rialtais sa chóras airgeadais mar a thuairiscítear thuas. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais.

(9)   An nádúr sistéamach a bhaineann leis an saobhadh a thuairiscítear

(146)

Thug an Coimisiún dá aire gur saintréithe de gheilleagar na Síne an saobhadh a thuairiscítear sa Tuarascáil. Léirítear san fhianaise atá ar fáil gurb infheidhme fíorais agus gnéithe chóras na Síne mar a thuairiscítear thuas i Ranna 3.2.2.2(a)(1)- 3.2.2.2(a)(5) agus i gCuid A den Tuarascáil chomh maith, maidir leis an tír ar fad agus ar fud earnálacha an gheilleagair. Is ionann an scéal maidir leis an tuairisc ar na tosca táirgeachta mar a leagtar amach thuas i Ranna 3.2.2.2(a)(6)-3.2.2.2(a)(8) thuas agus i gCuid B den Tuarascáil.

(147)

Meabhraíonn an Coimisiún gur gá raon leathan ionchur chun WPT a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí WPT na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthraithe na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha.

(148)

Dá dheasca sin, ní hamháin nach iomchuí na praghsanna díola intíre de WPT le húsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) freisin toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna A agus B den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh i nDaon-Phoblacht na Síne trí raon tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de. Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

(10)   Conclúid

(149)

Leis an anailís a leagtar amach i Ranna 3.2.2.2(a)(2) go 3.2.2.2(a)(9), lena n-áirítear scrúdú ar an bhfianaise uile dá bhfuil ar fáil a bhaineann le hidirghabháil Dhaon-Phoblacht na Síne ina geilleagar i gcoitinne agus in earnáil WPT chomh maith (lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú), léiríodh nach bhfuil praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an lucht saothair, mar thoradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir toisc go ndéanann idirghabháil shubstainteach an rialtais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán difear dóibh mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó leis an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha dá liostaítear ann. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne, mheas an Coimisiún sa deireadh nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin.

(150)

Dá dheasca sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh chun an gnáthluach a ríomh ar bhonn na gcostas táirgeachta agus díola amháin, rud lena léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, is é sin, sa chás sin, ar bhonn na gcostas táirgeachta agus díola comhfhreagrach i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a phléitear sa roinn seo a leanas. Mheabhraigh an Coimisiún nár maíodh go mbeadh costais intíre áirithe neamhshaofa faoin tríú fleasc d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(b)    Tír ionadaíoch

(1)   Barúlacha ginearálta

(151)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (68);

Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (69);

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch;

I gcás inarb ann do níos mó ná aon tír ionadaíoch fhéideartha amháin, tugadh tús áite, i gcás inarbh iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leormhaith cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(152)

Mar a mhínítear in aithrisí (95) agus (96), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta an 11 Bealtaine agus an 4 Meitheamh 2020 a ghabhann leis an gcomhad faoi na foinsí chun an gnáthluach agus tosca táirgeachta a chinneadh (“an Chéad Nóta” agus “an Dara Nóta”). Sa Dara Nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas i dtaobh a chonclúide gur tír ionadaíoch iomchuí í an Téalainn sa chás seo.

(2)   Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne

(153)

Sa Chéad Nóta, shainaithin an Coimisiún an Bhrasaíl, an Mhalaeisia, Meicsiceo, an Téalainn agus an Tuirc mar thíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir mar thíortha “ard-mheánioncaim” ar bhonn ollioncam náisiúnta.

(154)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an leibhéal forbartha eacnamaíche tar éis an nóta sin.

(3)   Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír ionadaíoch

(155)

Sa Chéad Nóta, léirigh an Coimisiún gur sainaithníodh táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa Bhrasaíl, sa Mhalaeisia, i Meicsiceo, sa Téalainn agus sa Tuirc. Mar sin féin, cuireadh an Mhalaeisia as an áireamh mar thír ionadaíoch fhéideartha, toisc nár sainaithníodh ach aon táirgeoir amháin den táirge faoi athbhreithniú, agus ní raibh aon ráiteas airgeadais ar fáil go poiblí don tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(156)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú i dtíortha ionadaíocha féideartha tar éis an Chéad Nóta.

(4)   Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(157)

Maidir leis na tíortha a bhreithnítear agus a luaitear thuas, rinne an Coimisiún fíorú breise ar infhaighteacht na sonraí poiblí, agus go háirithe sonraí airgeadais poiblí ó tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú.

(158)

Lorg an Coimisiún táirgeoirí WPT lena mbaineann sonraí airgeadais atá ar fáil go poiblí a bhféadfaí iad a úsáid chun méideanna neamhshaofa réasúnta a shuí le haghaidh chostais SGA agus brabúis. Theorannaigh an Coimisiún an cuardach do chuideachtaí a raibh ráitis bhrabúis agus chaillteanais acu a bhí ar fáil go poiblí i gcomhair na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus a bhí ina gcuideachtaí brabúsacha sa tréimhse sin. Thairis sin, tugadh tús áite do tháirgeoirí WPT a raibh a ráitis airgeadais ar fáil go poiblí ar leibhéal cuideachta seachas ar leibhéal comhdhlúite don ghrúpa iomlán faoi seach. Dá bhrí sin, níor cuimsíodh leis an Dara Nóta ach dhá chuideachta sa Téalainn agus aon chuideachta amháin sa Tuirc.

(159)

Bunaithe ar cháilíocht agus ar mhionsonraí na sonraí airgeadais atá ar fáil go poiblí sa Téalainn agus sa Tuirc, agus infhaighteacht agus ionadaíochas na dtagarmharcanna le haghaidh tosca táirgeachta (70) á gcur san áireamh freisin, mheas an Coimisiún gur thír ionadaíoch iomchuí í an Téalainn

(160)

Rinne an Coimisiún anailís chúramach ar na sonraí ábhartha uile dá raibh ar fáil sa chomhad maidir leis na tosca táirgeachta sa Téalainn agus thug an méid a leanas dá aire:

Rinne an Coimisiún anailís ar staitisticí allmhairí gach toisce táirgeachta a liostaítear sa Chéad Nóta, mar a thugtar cothrom le dáta iad leis an Dara Nóta, agus tháinig ar an gconclúid go raibh allmhairí ann de na tosca táirgeachta riachtanacha go léir chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe;

Bhí staitisticí fuinnimh (praghsanna ar an leictreachas agus ar an ngás nádúrtha) i gcomhair na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ar fáil go héasca i bhfoirm sonraí a sholáthair an tÚdarás Leictreachais Cathrach agus an Aireacht Fuinnimh faoi seach;

Bhí staitisticí ar an gcostas saothair le fáil ar shuíomh gréasáin na hOifige Staidrimh Náisiúnta.

(161)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus i gcomhair na mbrabús. Mar a luadh in aithris (96), mheas an Coimisiún go raibh ráitis airgeadais a bhí ar fáil go poiblí ag na táirgeoirí Pacific Pipe Co., Ltd. agus Asia Metal Co., Ltd. sa Téalainn a d’fhéadfaí a úsáid mar ionadú chun méid neamhshaofa agus réasúnach a chinneadh i gcomhair costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus na mbrabús.

(5)   Leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil

(162)

Tar éis don Choimisiún a shuí gur thír ionadaíoch iomchuí í an Téalainn ar bhonn na ngnéithe sin, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt deiridh d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(6)   An chonclúid ar thír ionadaíoch

(163)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Téalainn na critéir go léir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán, le go measfar í mar thír ionadaíoch iomchuí. Go háirithe, bhí an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh ar leibhéal substaintiúil sa Téalainn agus bhí tacar iomlán sonraí ann maidir le gach toisc tháirgeachta, costas SGA agus brabús.

(c)    Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a bhunú

(164)

Sa Dara Nóta, shonraigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch.

(165)

Shonraigh an Coimisiún lena chois sin go n-úsáidfí staitisticí na hOifige Idirnáisiúnta Saothair agus staitisticí náisiúnta chun costais neamhshaofa saothair sa tír ionadaíoch a shuí; agus go n-úsáidfí staitisticí náisiúnta, dá dtagraítear in aithris (160), chun costais neamhshaofa fuinnimh a shuí.

(166)

Chuir an Coimisiún ar áireamh sa ríomh luach ar fhorchostais mhonaraíochta chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. Chun an méid sin a shuí, bhain sé úsáid as sonraí airgeadais ceann de na táirgeoirí san Aontas a chomhoibrigh i gcreat an imscrúdaithe dumpála agus a sholáthair faisnéis shonrach chun na críche sin (71), Arcelor Mittal Tubular Products, An Pholainn (“AMTP”). Mínítear an mhodheolaíocht sin go hiomchuí i Roinn 3.2.2.2(e).

(167)

Ar deireadh, mar a shonraítear sa Dara Nóta, bhain an Coimisiún úsáid as na sonraí airgeadais ó chuideachtaí roghnaithe sa Téalainn, a liostaítear in aithris (161) chun costais SGA agus brabúis a shuí.

(d)    Costais neamhshaofa agus tagarmharcanna

(168)

Leis an dá nóta ar thosca táirgeachta, d’fhéach an Coimisiún le liosta a bhunú de thosca táirgeachta agus d’fhoinsí a mbeartaítear iad a úsáid le haghaidh gach toisce táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú ag na táirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis an liosta tosca táirgeachta a chomhroinntear le páirtithe leasmhara sna nótaí sin.

(169)

In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín i nós imeachta an athbhreithnithe, b’éigean don Choimisiún brath ar AMTP, táirgeoir san Eoraip, chun na tosca táirgeachta a úsáidtear i dtáirgeadh WPT a shuí. Bunaithe ar shonraí a bailíodh ó na cuideachtaí sa tSín sa chéad imscrúdú agus ar fhaisnéis atá ar fáil ar shuíomhanna gréasáin táirgeoirí WPT sa tSín, dealraíonn sé go bhfuil a bpróiseas táirgeachta agus na hábhair a úsáidtear cosúil leo siúd a sholáthair AMTP.

(170)

In éagmais comhoibriú, ní raibh cóid taraife ní ba mhionsonraithe ná na cóid 6 dhigit HS ag an gCoimisiún le haghaidh gach toisce táirgeachta. Bhí na cóid HS a úsáideadh comhoiriúnaithe go hiomlán le cóid taraife na Téalainne.

(171)

Ag féachaint don fhaisnéis go léir a sholáthair AMTP agus don easpa barúlacha ar an dá nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a bhaineann leis na tosca táirgeachta a chinneadh, sainaithníodh na tosca táirgeachta agus na cóid taraife seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:

Tábla 1

Tosca táirgeachta WPT

Toisc tháirgeachta

Cód HS

Foinsí sonraí

Luach aonaid neamhshaofa

Amhábhar

 

 

 

Táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail, ar leithead >=600 mm, i gcornaí, teo-rollta go simplí, nach bhfuil cumhdaithe, plátáilte, ná brataithe, ar tiús >=4,75 mm ach < 10 mm, nach bhfuil picilte, gan patrúin rilífe

7208 37

GTA

4,34 CNY/kg

Táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail, ar leithead >=600 mm, i gcornaí, teo-rollta go simplí, nach bhfuil cumhdaithe, plátáilte, ná brataithe, ar tiús >=3 mm ach < 4,75 mm, nach bhfuil picilte, gan patrúin rilífe

7208 38

GTA

3,96 CNY/kg

Táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail, ar leithead >=600 mm, i gcornaí, teo-rollta go simplí, nach bhfuil cumhdaithe, plátáilte, ná brataithe, ar tiús < 3 mm, nach bhfuil picilte, gan patrúin rilífe

7208 39

GTA

4,05 CNY/kg

Sinc

7901 11

GTA

20,69 CNY/kg

Aigéad Sulfarach

2807 00

GTA

0,56 CNY/kg

Lucht saothair

Costais saothair phá san earnáil monaraíochta

[N/BH]

Féach Roinn 3.2.2.2.(d)(2)

19,91 CNY/uair an chloig

Fuinneamh

Leictreachas

[N/BH]

Féach Roinn 3.2.2.2.(d)(3)

0,88 CNY/kWh

Gás Nádúrtha

[N/BH]

Féach Roinn 3.2.2.2.(d)(4)

2,73 CNY/m3

Seachtháirgí

 

 

 

Iarmhar de chruach neamh-chóimhiotail

7204 41

GTA

3,12 CNY/kg

Sliseanna d’iarmhar de chruach neamh-chóimhiotail

7204 41

GTA

3,12 CNY/kg

Iarmhar de screamh cruach neamh-chóimhiotail

7204 49

GTA

2,11 CNY/kg

Bearrthaí Since

2620 19

GTA

8,11 CNY/kg

Sinc chrua

2620 11

GTA

14,74 CNY/kg

(1)   Amhábhair agus seachtháirgí

(172)

Chun praghsanna neamhshaofa ábhar mar a sheachadtar ag geata mhonarcha an táirgeora a shuí mar a fhoráiltear le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, agus de bhrí nárbh ann d’aon táirgeoir comhoibritheach i nDaon-Phoblacht na Síne, bhain an Coimisiún úsáid as na praghsanna allmhairí isteach sa tír ionadaíoch le haghaidh gach ábhair a úsáideann AMTP chun WPT a tháirgeadh. D’fhíoraigh an Coimisiún na hamhábhair thuairiscithe a úsáidtear, na seachtháirgí a ghintear, agus na cóimheasa ídithe ábhartha i monaraíocht an táirge faoi athbhreithniú.

(173)

Maidir le gach amhábhar agus seachtháirge, bhí an Coimisiún ag brath ar phraghsanna allmhairí sa tír ionadaíoch. Cinneadh an praghas allmhairí sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe de phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan Daon-Phoblacht na Síne a áireamh. Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (149) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann lena léirítear nach ndéanann an saobhadh céanna difear comhionann do tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndéanann an saobhadh céanna difear do phraghsanna onnmhairí. Níor shuntasach na méideanna a eisiadh ó allmhairí ón tSín, ach amháin i gcás aigéad sulfarach, a chuimsigh 4,7 % d’iomlán allmhairí na tíre ionadaíche. Idir nialas agus 0,3 % a bhí i gceist le scaireanna ábhartha na n-allmhairí le haghaidh gach amhábhair eile agus na seachtháirgí.

(174)

Go hiondúil, ní chuirfí san áireamh ach oiread méideanna allmhairí sa tír ionadaíoch ó thíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755. Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh. Mar sin féin, sa chás seo níor taifeadadh aon allmhairí amhábhar ná seachtháirgí ó na tíortha sin sa Téalainn sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(175)

Chun praghas neamhshaofa amhábhar, arna seachadadh ag geata mhonarcha an táirgeora onnmhairiúcháin mar a fhoráiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(a)den bhun-Rialachán, a shuí, chuir an Coimisiún dleacht allmhairí na tíre ionadaíche i bhfeidhm, ar na leibhéil faoi seach, ag brath ar thír thionscnaimh na méideanna allmhairithe. Thairis sin, chuir an Coimisiún costais iompair intíre isteach, arna ríomh in aghaidh an kg ar bhonn na tairisceana i gcomhair seachadtaí ó chalafort Laem Chabang go Bangkok, seachadtaí dá bhforáiltear sa tuarascáil ón mBanc Domhanda (72).

(2)   Lucht saothair

(176)

Chun an tagarmharc le haghaidh costais saothair a shuí, bhain an Coimisiún úsáid as staitisticí na hOifige Idirnáisiúnta Saothair i gcomhar le staitisticí náisiúnta na Téalainne atá ar fáil go poiblí agus faisnéis ó KPMG maidir le cánacha agus tobhaigh sa Téalainn (73).

(177)

Soláthraíodh le staitisticí na hOifige Idirnáisiúnta Saothair sonraí ar an meánlíon uaireanta an chloig oibre iarbhír in aghaidh an duine fhostaithe san earnáil monaraíochta sa Téalainn i rith na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (74).

(178)

Cé gur soláthraíodh le staitisticí na hOifige Idirnáisiúnta Saothair sonraí ar thuilleamh míosúil fostaithe san earnáil monaraíochta chomh maith, chinn an Coimisiún tagairt do staitisticí ó Oifig Staidrimh Náisiúnta na Téalainne inar soláthraíodh faisnéis ní ba mhionsonraithe ar phá agus ar shochair neamhthuarastail neamhphá in earnálacha eacnamaíocha éagsúla in aghaidh na ráithe (75).

(179)

Ar deireadh, bhain an Coimisiún úsáid as faisnéis a sholáthair KPMG chun an cháin slándála sóisialta a d’íoc an fostóir a shuí.

(180)

Leis na sonraí sin, ríomh an Coimisiún pá in aghaidh na huaire sa mhonaraíocht, agus cuireadh costais bhreise saothair arna n-íoc ag an bhfostóir leis an bpá sin.

(3)   Leictreachas

(181)

Chun an tagarmharc don leictreachas a shuí, bhain an Coimisiún úsáid as an luachan maidir le praghas an leictreachais le haghaidh gnólachtaí, agus fiontair tionscail agus stáit atá le fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis Leictreachais Cathrach (76).

(182)

Agus an éagmais comhoibrithe ó na táirgeoirí Síneacha á cur san áireamh, bhí na paraiméadair eile ar fad a raibh gá leo chun meánphraghas tagarmhairc neamhshaofa an leictreachais a ríomh amhail raon voltais, buaicuaireanta/uaireanta seachbhuaice agus éileamh buaicuaireanta, bunaithe ar na sonraí a sholáthair AMTP.

(4)   Gás nádúrtha

(183)

Chun an tagarmharc le haghaidh an gháis nádúrtha a shuí, bhain an Coimisiún úsáid as an tuarascáil staitisticí ón Oifig um Beartas agus Pleanáil Fuinnimh (Aireacht Fuinnimh) (77). Cuimsíodh an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe go léir sa tuarascáil sin, ach soláthraíodh inti figiúirí iomlána do chainníocht agus luach an tomhaltais gáis nádúrtha beag beann ar an gcineál úsáideora (teaghlaigh, tionscal, iompar) agus i ngach foirm. Mar sin féin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún aon fhoinse a shainaithint lena bhféadfaí na figiúirí sin a chúngú don earnáil monaraíochta amháin. I dtuarascáil bhliantúil níos mionsonraithe ón Roinn Forbartha agus Éifeachtúlachta Fuinnimh Mhalartaigh (Aireacht Fuinnimh) (78), ní sholáthraítear sonraí tomhaltais ach amháin i dtéarmaí méideanna agus dá bhrí sin ní féidir praghas an gháis nádúrtha a ríomh ar an mbonn sin. Bunaithe ar an tuarascáil dheireanach sin, bhain 44 % den tomhaltas iomlán gáis nádúrtha sa Téalainn i rith na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe leis an earnáil monaraíochta.

(e)    Forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus brabús

(184)

I dtaca leis na tosca táirgeachta a bhfuil achoimre orthu faoi aithris (171) thuas, ríomhadh forchostais mhonaraíochta I bhfianaise na héagmaise comhoibrithe ó tháirgeoirí na Síne, bhí ríomh na bhforchostas monaraíochta sin bunaithe ar an gcóimheas d’fhorchostais mhonaraíochta arna roinnt ar chostas na monaraíochta a thuairiscigh AMTP. Cuireadh an céatadán sin chun feidhme maidir le costais neamhshaofa na monaraíochta.

(185)

Maidir le costais SGA agus brabús, bhain an Coimisiún úsáid as sonraí airgeadais Pacific Pipe Co., Ltd (79). agus Asia Metal Co., Ltd (80), táirgeoirí sa Téalainn. Ríomh an Coimisiún a gcéatadán faoi seach de chostais SGA agus de bhrabús i gcomparáid le costas na n-earraí a díoladh (“COGS”) le haghaidh gach ceann den dá chuideachta ar dtús. Ansin, suíodh meánchostas SGA agus meánbhrabús sa tír ionadaíoch (ualaithe de réir láimhdeachas na gcuideachtaí). Rinneadh cuntais iniúchta na gcuideachtaí sin a bhí ar fáil go poiblí a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara mar cheangaltán leis an Dara Nóta.

(f)    Ríomh an ghnáthluacha

(186)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an bhuntáirge ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(187)

Ar an gcéad dul síos, bhunaigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais comhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an AMTP ar thomhaltas gach toisce táirgeachta (amhábhair, lucht saothair agus fuinneamh) chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Rinneadh na méideanna tomhaltais sin a iolrú faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid arna bhunú sa Téalainn, faoi mar a thuairiscítear i roinn d) thuas.

(188)

Rinneadh an ríomh ar leithligh i gcomhair dhá chineál bhunúsacha WPT, i.e. i gcomhair píopaí dubha/feadán dubh agus píopaí/feadán galbhánaithe. Is píopaí/feadáin ghalbhánaithe iad píopaí/feadáin dhubha ar cuireadh próiseas galbhánaithe orthu ina dhiaidh sin, ina gcuirtear brat since ar an bpíopa nó ar an bhfeadán. Dá bhrí sin, is gá fuinneamh agus saothair a ídiú sa bhreis air sin chun an táirge galbhánaithe a mhonarú chomh maith le húsáid bhreise since agus aigéid shulfaraigh, nach n-ídítear ar chor ar bith i monarú píopaí dubha/feadán dubh.

(189)

An dara rud, chun teacht ar na costais táirgeachta neamhshaofa, chuir an Coimisiún céatadán na bhforchostas monaraíochta arna gcinneadh mar a thuairiscítear in aithris (184) leis na costais mhonaraíochta neamhshaofa.

(190)

Ar deireadh, i dteannta an chostais táirgeachta arna shuíomh mar a thuairiscítear in aithris (189), chuir an Coimisiún na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an brabús chun feidhme sa tír ionadaíoch arna suíomh mar a mhínítear in aithris (185). Maidir leis na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an brabús arna sloinneadh mar chéatadán de COGS agus arna gcur chun feidhme maidir leis na costais táirgeachta neamhshaofa, b’ionann na costais sin agus an brabús agus 4,3 % agus 3,0 % faoi seach.

(191)

Laghdaíodh na gnáthluachanna i gcomhair an dá chineál táirge, arna ríomh mar a thuairiscítear in aithrisí (187) go dtí (190), de réir luachanna neamhshaofa na seachtháirgí, bunaithe ar liosta na seachtháirgí a sholáthair AMTP. Suíodh luachanna neamhshaofa na seachtháirgí trí na cainníochtaí a díoladh sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, mar a thuairiscigh AMTP, a iolrú faoina gcostais neamhshaofa in aghaidh an aonaid arna suíomh sa Téalainn, mar a thuairiscítear i roinn d) thuas. Ní dhearnadh an coigeartú i gcomhair seachtháirgí áirithe (luaith shince, sinc chrua) ach amháin maidir leis an ngnáthluach arna shuíomh i gcomhair táirgí galbhánaithe toisc go bhfaightear na seachtháirgí sin sa phróiseas galbhánaithe.

(192)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais dhírigh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Mar gheall nár chomhoibrigh aon duine de na táirgeoirí onnmhairiúcháin, suíodh an gnáthluach ar bhonn lenar áiríodh an tír ar fad.

3.2.2.3.   An praghas onnmhairí

(193)

In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, cinneadh an praghas onnmhairí bunaithe ar shonraí CAL Eurostat arna gceartú chuig leibhéal an phraghais dhírigh. Dá bhrí sin, is de réir na gcostas last-táille mara agus árachais (81) agus an chostais iompair intíre sa tSín (82) a laghdaíodh an praghas onnmhairí CAL. Suíodh praghas onnmhairí ar leithligh le haghaidh táirgí dubha agus táirgí galbhánaithe.

3.2.2.4.   Comparáid agus corrlach dumpála

(194)

Chuir an Coimisiún an gnáthluach ríofa arna shuíomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán i gcomparáid, in aghaidh chineál an táirge, leis an bpraghas onnmhairí mar a shuitear thuas.

(195)

I gcomhair táirgí áirithe, cuireann Daon-Phoblacht na Síne beartas chun feidhme gan ach cuid de CBL a aisíoc ar onnmhairiú an táirge. Chun a áirithiú go sloinnfear an gnáthluach ar an leibhéal céanna cánachais agus a shloinntear an praghas onnmhairí, déantar an gnáthluach a choigeartú aníos de ghnáth de réir na coda sin de CBL a ghearrtar ar onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú nár aisíocadh le táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne. Tugadh le fios le sonraí staitisticí ó shuíomh idirlín riaracháin cánach agus custaim na Síne agus le sonraí Transcustoms (83) gur aisíocadh an CBL a gearradh ar onnmhairí WPT go hiomlán le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Dá bhrí sin, níor cuireadh aon choigeartú CBL chun feidhme.

(196)

Ar an mbonn sin, fuarthas amach go raibh an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas ag an teorainn ó thaobh chostas, árachas agus last-táille (CAL) an Aontais de, agus an dleacht neamhíoctha, diúltach.

3.2.2.5.   Conclúid

(197)

Mheas an Coimisiún sa deireadh nár dumpáladh onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón tSín le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Bhí méid na n-allmhairí a bhí i gceist an-teoranta, áfach, arb é 0,2 % d’allmhairí an Aontais Eorpaigh san iomlán é agus scair 0,1 % de mhargadh an Aontais, agus measadh nárbh ionadaíoch iad na praghsanna mar gheall air sin. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún imscrúdú freisin ar an dóchúlacht go dtosófaí arís ar dhumpáil.

3.2.3.   An dóchúlacht go dtosófaí arís ar dhumpáil dá ndéanfaí na bearta a aisghairm.

(198)

Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas amach nárbh ann don dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú ar an dóchúlacht go dtosófaí arís ar dhumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: arbh ann don onnmhairiú dumpáilte chuig tríú tíortha, an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, infhaighteacht margaí eile agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.2.3.1.   Onnmhairí chuig tríú tíortha

(199)

Bunaithe ar staitisticí allmhairí GTA, shainaithin an Coimisiún na cúig allmhaireoir WPT ba mhó ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe: na hOileáin Fhilipíneacha, Hong Cong, Peiriú, an Indinéis agus Singeapór (84). Chinn an Coimisiún Hong Cong a fhágáil amach as a anailís toisc gur sainaithníodh neamhréireachtaí móra sna méideanna trádála a tuairiscíodh idir Daon-Phoblacht na Síne agus Hong Cong nuair a bhí tuarascálacha allmhairí agus onnmhairí GTA faoi seach á gcur i gcomparáid agus toisc nach cosúil gurb é Hong Cong an ceann scríbe críochnaitheach i gcomhair onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón tSín. Maidir le honnmhairí WPT na Síne chuig na ceithre mhargadh atá fágtha, rinneadh na ríomhanna dumpála agus an mhodheolaíocht a thuairiscítear thíos á leanúint.

(a)    Gnáthluach

(200)

Chun dumpáil ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig tríú tíortha a mheasúnú, d’úsáid an Coimisiún an gnáthluach céanna agus a úsáidtear i leith ríomh dumpála a bhaineann le margadh an Aontais, arna ríomh mar a thuairiscítear in aithrisí (168) go dtí (192).

(b)    An praghas onnmhairí

(201)

Toisc nach raibh aon chomhoibriú ó tháirgeoirí na Síne, measadh an praghas onnmhairí ba dhócha a bheadh ar tháirge onnmhairithe chuig an Aontas trí anailís a dhéanamh ar phraghsanna onnmhairí reatha na Síne chuig tríú tíortha, bunaithe ar staitisticí allmhairí ábhartha GTA a bhaineann le tíortha go sonrach.

(202)

Thuairiscigh na ceithre thír ar fad lena mbaineann a luach allmhairí ar leibhéal CAL. Dá bhrí sin, choigeartaigh an Coimisiún na praghsanna a tuairiscíodh chun an praghas onnmhairí a ríomh ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha trí na costais last-táille mara agus árachais (85) agus an costas iompair intíre sa tSín (86) a asbhaint.

(203)

I gcás Pheiriú, níor soláthraíodh na costais last-táille mara agus árachais i gcomhair seachadtaí ó Dhaon-Phoblacht na Síne san fhoinse thuas. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún tairiscint a úsáid i gcomhair seachadtaí ó Dhaon-Phoblacht na Síne – an tSile a bhí ar fáil ó bhfoinse chéanna.

(c)    Comparáid agus Corrlaigh dhumpála

(204)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach ríofa agus na praghsanna onnmhairí chuig tríú tíortha ar bhonn an phraghais dhírigh. I gcás inarbh fhéidir (87), rinneadh an chomparáid in aghaidh chineál an táirge (dubh/galbhánaithe) agus suíodh meánmhéid dumpála ualaithe.

(205)

Léiríodh sa chomparáid thuas corrlach dumpála ar fud na tíre le haghaidh onnmhairí na Síne chuig na ceithre thír, arna shloinneadh mar chéatadán dá luach CAL faoi seach mar a leanas:

Tír

% d’allmhairí iomlána “domhanda” an táirge faoi athbhreithniú ó Dhaon-Phoblacht na Síne

Corrlach dumpála (%)

Na hOileáin Fhilipíneacha

19,3

71,7

Peiriú

5,3

25,6

An Indinéis

4,4

21,4

Singeapór

4,2

18,9

3.2.3.2.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne

(206)

Mar gheall ar neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne agus tháirgeoirí na Síne, suíodh an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil agus go háirithe ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir agus Huajing Industry Research Institute (88) (“HIRI”), i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(207)

De réir an dá fhoinse sin, sáraíonn an acmhainneacht táirgeachta i nDaon-Phoblacht na Síne na méideanna táirgeachta reatha agus an t-éileamh inmheánach reatha ar mhargadh na Síne go substaintiúil. Baineann na figiúirí a sholáthraítear in aithrisí (208) agus (209) thíos le táirgeacht iomlán na bpíopaí táite agus na bhfeadán táite d’iarann agus de chruach. Mheas an t-iarratasóir gur “píopaí beaga agus feadáin bheaga” thart faoi 80 % den táirgeacht sin, ar trastomhas forimeallach is ionann agus 406,4 mm é nó nach lú ná sin é, a chomhfhreagraíonn don táirge faoi athbhreithniú. Deimhníodh an meastachán sin le tuarascáil ó HIRI. Cé nach soláthraítear aon fhigiúirí beachta, tugtar le fios sa tuarascáil “gur táirgí ar trastomhas beag iad a bhfuil ballaí tiubha orthu formhór na bpíopaí táite arna dtáirgeadh ag tionscal na bpíopaí táite sa tSí n”. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh ionadaíoch i gcomhair an táirge faoi athbhreithniú í an neamhréireacht idir an acmhainneacht táirgeachta agus an táirgeacht iarbhír agus an t-éileamh iarbhír ar mhargadh na Síne mar a léirítear thíos.

(208)

De réir na sonraí a sholáthraítear san iarraidh, agus a tugadh cothrom le dáta dá éis sin le linn an imscrúdaithe, b’ionann táirgeacht na bpíopaí táite agus na bhfeadán táite laistigh de Dhaon-Phoblacht na Síne agus 60 milliún tona sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Soláthraítear figiúr 56 milliún tona i dtuarascáil HIRI, atá beagán níos ísle ná sin. Thairis sin, tugtar le fios sa tuarascáil dheireanach sin go sáraíonn an méid táirgeachta sin, fiú gan acmhainneacht bhreise a chur san áireamh, an t-éileamh inmheánach i nDaon-Phoblacht na Síne cheana féin, éileamh a mheastar gurb ionann é agus 52,4 milliún tona.

(209)

De réir an iarratasóra, thart ar 10 milliún tona atá i gceist le hacmhainneacht táirgeachta bhreise an táirge faoi athbhreithniú i nDaon-Phoblacht na Síne. Ní sholáthraítear aon sonraí acmhainneachta iarbhír sa tuarascáil ó HIRI. Cuirtear i dtábhacht go soiléir leis sin áfach gurb ann do rótháirgeacht de phíopaí táite i nDaon-Phoblacht na Síne agus gurb ann do ró-acmhainneacht thromchúiseach. Luaitear sa tuarascáil i measc nithe eile “…leis an bhforbairt atá déanta ar thionscal na Síne go tapa, cé go ndeachaigh éileamh na Síne ar phíopaí táite i méid go suntasach, tá ráta fáis a n-éilimh fós réasúnta íseal, níos ísle ná ráta aschuir na bpíopaí táite. Is é sin ba chúis le staid reatha na ró-acmhainneachta de phíopaí táite. Níl sé fabhrach do fhorbairt thionscal na bpíopaí táite. Ina theannta sin, is é ceann amháin de na cúiseanna leis an ró-acmhainneacht go bhfuil ceanglais níos airde ag roinnt tionscal intíre le haghaidh píopaí táite, lena n-áirítear ceanglais maidir le cáilíocht, trastomhais agus ballaí píopaí. Ní féidir le píopaí táite na Síne freastal ar riachtanais na dtionscal sin agus is gá iad a cheannach ó thíortha eachtracha. Is é an staid reatha ina bhfuil laghdú ar an éileamh a thoradh sin, rud a d’fhág gur measa fós an ró-acmhainneacht intíre” (89).

(210)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh go bhfuil acmhainneachtaí breise suntasacha ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, a d’fhéadfaidís a úsáid chun WPT a tháirgeadh chun a onnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag.

3.2.3.3.   Infhaighteacht margaí eile

(211)

Tá raon leathan beart cosanta trádála agus srianta allmhairí eile i bhfeidhm in aghaidh onnmhairí WPT ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad. De réir Global Trade Alert (90), cuirtear bearta den sórt sin chun feidhme san Astráil (dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh), i gCeanada (dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh), sa Cholóim (bearta frithdhumpála), Meicsiceo (bearta frithdhumpála), sa Phacastáin (cosc allmhairí), sa Téalainn (bearta frithdhumpála), sa Tuirc (coimirce) agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá (bearta frithdhumpála agus bearta faoi roinn 232). Ní hamháin go gcuirtear teorainn leis na bearta sin ar rochtain tháirgeoirí na Síne ar na margaí a liostaítear thuas ach deimhnítear leo cleachtais trádála éagothroma leanúnacha tháirgeoirí WPT na Síne.

(212)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún sa deireadh, dá n-aisghairfí na bearta reatha, gur dócha go ndéanfadh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne onnmhairiú a athdhíriú ar an Aontas ar phraghsanna dumpáilte.

3.2.3.4.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(213)

De réir shonraí GTA, d’onnmhairigh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne chuig a bpríomh-thríú margaí ar phraghsanna a bhí idir 8 % agus 21 % ní b’ísle i gcomparáid le meánphraghsanna díola tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais. Agus an leibhéal praghsanna sin á gcur san áireamh, d’fhéadfadh onnmhairiú chuig an Aontas a bheith i bhfad níos tarraingtí d’onnmhaireoirí na Síne ná onnmhairiú chuig gach tír eile, nach mór.

(214)

Tá margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí na Síne freisin i bhfianaise a mhéide, le tomhaltas iomlán de bhreis is 540 000 tona.

3.2.3.5.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go dtosófar arís ar dhumpáil

(215)

I bhfianaise a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh, beag beann ar cibé acu arbh ann don dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe nó nárbh ann, gur dócha go dtosófaí arís ar dhumpáil tháirgí na Síne i dtreo an Aontais dá rachadh na bearta in éag.

3.2.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtosófar arís uirthi

(216)

Cé nár léiríodh leis an imscrúdú gur lean allmhairí na Síne de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, ní fhágann sé sin gur féidir a mheas nach dtosódh cleachtais phraghsála éagothroma tháirgeoirí WPT na Síne arís dá rachadh na bearta in éag.

(217)

Go deimhin, bhí cleachtais dumpála leanúnacha i gceist le honnmhairí de chuid na Síne chuig na príomh-thríú tíortha ar dhírigh táirgeoirí WPT na Síne orthu. Agus méideanna substaintiúla na n-onnmhairí chuig na tíortha sin á gcur san áireamh (ó 20 000 go dtí 93 000 tona i gcomparáid le méid bheag de 559 tona a onnmhairítear chuig an Aontas), meastar go bhfuil praghsanna na n-onnmhairí sin níos ionadaíche chun cleachtais dumpála féideartha a shuíomh. Deimhnítear cleachtais phraghsála éagothroma leanúnacha freisin leis na bearta cosanta trádála éagsúla atá i bhfeidhm in aghaidh onnmhairí WPT na Síne i dtíortha eile.

(218)

Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar fhianaise eile gur dhócha go dtosófaí arís ar dhumpáil dá rachadh na bearta in éag.

(219)

Tá an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne an-suntasach agus tá breis is a dheich oiread de thomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe i gceist leis an acmhainneacht sin. Thairis sin fiú, tugadh le fios le tuarascáil ó HIRI nár méadaíodh acmhainneacht táirgeachta na Síne de phíopaí táite agus de fheadáin tháite faoi 10 milliún tona ach i gcaitheamh na mblianta 2018-2019 agus go bhfuiltear ag súil le méadú eile fós.

(220)

Ar deireadh, léirítear le tarraingteacht mhargadh an Aontais i dtéarmaí méide agus praghsanna, agus ós rud é go bhfuil margaí eile fós dúnta mar gheall ar bhearta cosanta, gur dhócha go ndéanfaí onnmhairí agus acmhainneacht bhreise na Síne a (ath)dhíriú ar an Aontas, dá ligfí do na bearta dul in éag.

(221)

Dá dheasca sin, mheas an Coimisiún sa deireadh gur dhócha go dtosófaí arís ar dhumpáil, mura gcuirfí síneadh leis na bearta.

3.3.   An Rúis

3.3.1.   Réamhbharúlacha

(222)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, leanadh d’allmhairiú an táirge faoi athbhreithniú ón Rúis, cé go raibh na hallmhairí ar leibhéal cuid mhaith ní b’ísle ná mar a bhí i dtréimhse imscrúdaithe an chéad imscrúdaithe (i.e. ó mhí Iúil 2006 go dtí mí an Mheithimh 2007). De réir staitisticí Comext (Eurostat), bhí níos lú ná 2 000 tona i gceist le hallmhairí WPT ón Rúis sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, i gcomparáid le níos mó ná 36 000 tona le linn na chéad tréimhse imscrúdaithe (ó mhí Iúil 2006 go dtí mí an Mheithimh 2007). Sonraíodh leibhéal allmhairí chomh híseal céanna san athbhreithniú éaga roimhe seo. Bhí thart ar 0,4 % de mhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí WPT ón Rúis sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, i gcomparáid le scair 2,7 % den mhargadh sa chéad tréimhse imscrúdaithe agus 0,7 % le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe a bhain leis an athbhreithniú éaga roimhe.

(223)

Tháinig beirt táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Rúise, PAO Severstal agus TMK, chun tosaigh ag tionscnamh an imscrúdaithe agus chuir in iúl go raibh siad toilteanach comhoibriú. Chuir Grúpa TMK in iúl don Choimisiún níos déanaí, áfach, nach raibh sé i gceist acu ceistneoir na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a fhreagairt.

(224)

Thairis sin, le linn na cros-seiceála cianda ar an bhfaisnéis a sholáthair PAO Severstal, a tharla ó 11 go dtí 13 Samhain 2020, shainaithin an Coimisiún easnaimh shubstaintiúla thromchúiseacha i dtuairisciú dhíolacháin intíre an táirge faoi athbhreithniú. Chuir na heasnaimh sin bac suntasach ar ghnáthphróiseas an imscrúdaithe i gcomhair na roinne sin den fhreagra ar an gceistneoir. Go háirithe, sholáthair PAO Severstal faisnéis mhícheart maidir le líon na n-idirbheart a tuairiscíodh, cainníocht na ndíolachán iomlán, luach iomlán na ndíolachán agus na liúntais a tuairiscíodh i gcomhair dhíolacháin intíre an táirge faoi athbhreithniú le custaiméirí neamhghaolmhara.

(225)

Amach san iarnóin an 13 Samhain, sholáthair an chuideachta leagan de dhíolacháin intíre a tugadh cothrom le dáta. Mar gheall ar easnamh ama, áfach, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún an leagan athbhreithnithe sin a chros-seiceáil agus a réiteach leis an bhfaisnéis eile a soláthraíodh.

(226)

Thairis sin, leithdháileadh an brabús a tuairiscíodh don táirge faoi athbhreithniú agus chuig sreafaí díola éagsúla an táirge faoi athbhreithniú go comhréireach bunaithe ar an láimhdeachas. Níorbh inghlactha sin, toisc go dtéann an costas monaraíochta, a bhíonn difriúil idir táirgí agus cineálacha táirgí, i bhfeidhm ar an mbrabús go díreach. Thairis sin, mar gheall go ndearna na hearráidí a luaitear thuas in aithris (224) difear do láimhdeachas tuairiscithe an táirge faoi athbhreithniú freisin, ba cheart athbhreithniú a bheith déanta ar fhigiúirí an bhrabúis freisin bunaithe ar thoradh na hanailíse ar na díolacháin intíre.

(227)

Mheas an Coimisiún gur chuir na heasnaimh shubstaintiúla thromchúiseacha sin bac suntasach ar ghnáthphróiseas an imscrúdaithe, i gcomhair na roinne sin den cheistneoir. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl do PAO Severstal go raibh faoi fíorais a bhí ar fáil a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den bhun-Rialachán, sa mhéid a bhaineann leis na díolacháin intíre agus ríomh an ghnáthluacha.

(228)

Toisc nár chomhoibrigh aon táirgeoir eile a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú sa Rúis ná nár sholáthair freagra ar an gceistneoir, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis Chónaidhm na Rúise go raibh faoi fíorais atá ar fáil a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán sa mhéid a bhaineann sé le ríomh an ghnáthluacha agus go mbunódh an Coimisiún a thorthaí, faoin dumpáil agus faoin dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus/nó go dtosófar arís uirthi, i leith na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa Rúis, ar fhíorais atá ar fáil.

(229)

Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin.

(230)

Dá dheasca sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí i ndáil leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go gcuirfí tús léi arís bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, agus rinneadh an gnáthluach go háirithe a ríomh tríd an bhfaisnéis a úsáid a sholáthair PAO Severstal a rinneadh a chros-seiceáil agus a fuarthas amach a bheith tuairiscithe i gceart.

3.3.2.   Leanúint de dhumpáil allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

3.3.2.1.   Gnáthluach

(231)

Mar a luaitear in aithris (230) thuas, thug an neamh-chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa Rúis ar an gCoimisiún fíorais atá ar fáil a úsáid chun an gnáthluach a shuíomh. Chun na críche sin, úsáideadh an fhaisnéis a thíolaic an táirgeoir páirt-chomhoibritheach ón Rúis.

(232)

I gcomhréir le hAirteagal 2(3) den bhun-Rialachán, rinneadh an gnáthluach a ríomh tríd an méid seo a leanas a chur leis an meánchostas táirgeachta ualaithe in aghaidh an PCN a bhain le táirge comhchosúil an táirgeora onnmhairiúcháin páirt-chomhoibritheach le linn na tréimhse imscrúdaithe:

na meánchostais díola, ghinearálta agus riaracháin (“DGR”) ualaithe a thabhaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibritheach ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, i ngnáthchúrsa na trádála, le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe; agus

an meánbhrabús ualaithe a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibritheach ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, i ngnáthchúrsa na trádála, le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(233)

In éagmais aon bhrabúis eile a bhí iontaofa agus fíoraithe, d’úsáid an Coimisiún an brabús a d’fhógair an chuideachta, fiú i gcás ina bhfuarthas amach gur leithdháileadh go mícheart é, mar a mhínítear in aithris (226) thuas. Comhfhreagraíonn an corrlach brabúis a úsáidtear do bhrabús iomlán na cuideachta (i gcomhair gach táirge) mar a thuairiscítear sna cuntais iniúchta, agus measadh gurbh é sin an tagarmharc ab iontaofa dá bhrí sin. Thairis sin, ba ghá go mbeadh an brabús ceart ní b’airde ná an brabús a d’fhógair an chuideachta. Sa chás i dtrácht, mar gheall go raibh an corrlach dumpála, mar a mhínítear in aithris (238) thíos, chomh hard cheana féin sa mhéid gur deimhníodh gurbh ann don dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, ní ábhartha méadú ar an gcorrlach dumpála de thoradh an choigeartaithe sin maidir le toradh an athbhreithnithe seo, dá bhrí sin.

(234)

Rinneadh an costas táirgeachta a choigeartú, cibé cás ina bhfuarthas amach gur ghá amhlaidh a dhéanamh.

3.3.2.2.   An praghas onnmhairí

(235)

Mar gheall ar an neamh-chomhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Rúis, bhí ar an gCoimisiún fíorais atá ar fáil a úsáid chun an praghas onnmhairí a shuíomh. Níorbh fhéidir faisnéis ó aon táirgeoir páirt-chomhoibritheach amháin de chuid na Rúise a úsáid toisc nár onnmhairigh an táirgeoir sin an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(236)

Dá réir sin, cinneadh an praghas onnmhairí bunaithe ar shonraí CAL Eurostat arna gceartú chuig leibhéal an phraghais dhírigh. Dá bhrí sin, is de réir na gcostas last-táille mara agus árachais (91) agus an chostais iompair intíre sa Rúis (92) a laghdaíodh an praghas onnmhairí CAL.

3.3.2.3.   Comparáid

(237)

Rinne an Coimisiún comparáid idir gnáthluach agus staitisticí onnmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar bhonn an phraghais dhírigh.

(238)

Léiríodh sa chomparáid thuas corrlach dumpála ar fud na tíre le haghaidh onnmhairí na Rúise chuig an Aontas, arna shloinneadh mar chéatadán de luach CAL 12,4 %. Measadh dá bhrí sin sa deireadh gur leanadh den dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

3.3.2.4.   Conclúid

(239)

Mheas an Coimisiún sa deireadh gur leanadh den dumpáil ón Rúis le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Toisc go raibh méid na n-allmhairí a bhí i gceist an-teoranta, áfach, agus gurbh ionann iad agus 0,7 % d’allmhairí an Aontais san iomlán agus scair 0,4 % de mhargadh an Aontais, rinne an Coimisiún imscrúdú freisin ar an dóchúlacht go dtosófaí arís ar dhumpáil.

(240)

Tar éis an nochta d’áitigh údaráis Chónaidhm na Rúise nach féidir an dóchúlacht a shuíomh go dearfa go leanfadh onnmhaireoirí Rúiseacha den dumpáil ós rud é go raibh cinneadh na dumpála a rinneadh san athbhreithniú éaga roimhe seo agus san imscrúdú bunaidh araon ar neamhréir le rialacha EDT.

(241)

Ina mbarúlacha, mhaígh údaráis na Rúise go bhfuil an coigeartú ar chostas an gháis nádúrtha, a chuir an Coimisiún i bhfeidhm san athbhreithniú éaga roimhe seo agus san imscrúdú bunaidh, ar neamhréir le hAirteagail 2.2.1.1, 2.2.1 agus Airteagal 2.2 ADA agus leis na torthaí a fuarthas sna cásanna seo a leanas de chuid EDT: An tAontas – Bithdhíosal (an Airgintín), an Úcráin – Níotráit Amóiniam agus an tAontas – Modheolaíochtaí Coigeartaithe Costas. Déanann na páirtithe seo tagairt shonrach do thorthaí sa tuarascáil réamhluaite a eisíodh an 24 Iúil 2020 (93) (“Tuarascáil DS494”), is é sin nárbh fhoras leordhóthanach é an idirghabháil rialtais/saobhadh margaidh a cuireadh i leith Rialtas na Rúise chun conclúid a dhéanamh nach léiriú réasúnta a bhí i dtaifid na dtairgeoirí onnmhairiúcháin ar na costais a bhaineann le táirgeacht agus díol an táirgthe lena mbaineann.

(242)

Níor mhór an bharúil sin a dhiúltú ar na cúiseanna seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, tá torthaí Thuarascáil DS494 faoi réir imeachtaí achomhairc agus dá bhrí sin, níl torthaí an phainéil críochnaitheach go fóill. Ar an dara dul síos, mar a leagtar amach in aithris (232), san imscrúdú seo bhunaigh an Coimisiún an gnáthluach ag baint úsáide as costas táirgthe an táirge chomhchosúil faoi mar a thuairiscigh táirgeoir onnmhairiúcháin Rúiseach páirt-chomhoibritheach le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithnithe, gan aon choigeartú costais a chur i bhfeidhm.

3.3.3.   An dóchúlacht go dtosófaí arís ar dhumpáil dá ndéanfaí bearta a aisghairm

(243)

Rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go dtosófaí arís ar dhumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: arbh ann don onnmhairiú dumpáilte chuig tríú tíortha, an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Rúis agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.3.3.1.   Onnmhairí chuig tríú tíortha

(a)    Gnáthluach

(244)

Rinneadh an gnáthluach a ríomh mar a mhínítear thuas in aithris (232).

(b)    An praghas onnmhairí

(245)

Suíodh an praghas onnmhairí ar bhonn praghsanna díola tháirgeoir páirt-chomhoibritheach na Rúise chuig tríú tíortha eile.

(c)    Comparáid agus Corrlach dumpála

(246)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach ríofa agus na meánphraghsanna onnmhairí chuig tríú tíortha ar bhonn an phraghais dhírigh. Rinneadh an chomparáid in aghaidh chineál an táirge agus suíodh meánmhéid dumpála ualaithe.

(247)

Léiríodh sa chomparáid thuas corrlach dumpála ar fud na tíre i gcomhair onnmhairí na Rúise chuig tríú tíortha, arna shloinneadh mar chéatadán de luach CAL 4,3 %.

3.3.3.2.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa Rúis

(248)

Mar gheall nach bhfuarthas ach comhoibriú teoranta ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise, suíodh an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Rúis ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil agus go háirithe ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir agus an t-aon táirgeoir amháin sa Rúis a chomhoibrigh le páirt den imscrúdú.

(249)

De réir na faisnéise arna foilsiú in Metal Expert a sholáthair an t-iarratasóir, tá acmhainneacht táirgeachta iomlán an táirge faoi athbhreithniú sa Rúis os cionn 8 milliún tona. Mheas an t-iarratasóir go bhfuil acmhainneacht bhreise de thart ar 1 mhilliún tona ag na táirgeoirí Rúiseacha nach féidir leis an margadh intíre a ghlacadh. Thairis sin, tá 11 tháirgeoir ann ar a laghad a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú sa Rúis agus ag an aon táirgeoir comhoibritheach amháin, tá acmhainneacht táirgeachta ainmniúil aige is mó ná tomhaltas iomlán an Aontais.

(250)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh go bhfuil acmhainneachtaí breise suntasacha ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise, a d’fhéadfaidís a úsáid chun WPT a tháirgeadh le honnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag.

3.3.3.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(251)

Nochtadh leis an imscrúdú gur onnmhairigh an táirgeoir onnmhairiúcháin sa Rúis chuig a phríomh-thríú margaí ar phraghsanna a bhí thart ar 29 % ní b’ísle agus iad i gcomparáid le meánphraghsanna díola tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais. Agus an leibhéal praghsanna sin á gcur san áireamh, d’fhéadfadh onnmhairiú chuig an Aontas a bheith i bhfad níos tarraingtí d’onnmhaireoirí na Rúise ná onnmhairiú chuig gach tír eile, nach mór.

(252)

Tá margadh an Aontais tarraingteach freisin i bhfianaise a ghiorrachta geografaí agus a mhéide, le tomhaltas iomlán 541 000 tona.

(253)

Tar éis an nochta, chuir údaráis na Rúise i gcoinne thuairim an Choimisiúin maidir le tarraingteacht mhargadh an Aontais d’onnmhaireoirí na Rúise. Is é tuairim an Choimisiúin go ndíríonn táirgeoirí na Rúise níos mó ar an margadh inmheánach atá ag fás agus ar a bpríomh-mhargaí onnmhairí, na tíortha CIS (94), atá tarraingteach mar gheall ar éagmais dleachtanna ar allmhairí.

(254)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an tuairim sin. Ar an gcéad dul síos, mar a mhínítear in aithrisí (238) agus (251), tá praghsanna díolacháin ar mhargadh an Aontais i bhfad níos tarraingtí do tháirgeoirí na Rúise ná na praghsanna intíre agus onnmhairí chuig tríú tíortha eile. Ar an dara dul síos, mar a chomhaontaigh údaráis na Rúise iad féin, méadaítear tarraingteacht an mhargaidh onnmhairí mar gheall ar éagmais dleachtanna, agus dá bhrí sin, beidh dreasacht láidir ag táirgeoirí na Rúise a n-onnmhairiú a atreorú chuig margadh an Aontais i gcás ina ndéanfaí an beart aisghairm.

3.3.3.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtosófaí arís uirthi

(255)

Léiríodh leis an imscrúdú gur lean onnmhairí na Rúise de bheith ag teacht isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(256)

Thairis sin, cruthaíodh leis an imscrúdú gurbh ann do chleachtais dumpála freisin maidir le honnmhairí na Rúise chuig a bpríomh-mhargaí tríú tíre.

(257)

Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar fhianaise eile gur dhócha go dtosófaí arís ar dhumpáil dá rachadh na bearta in éag.

(258)

Tá an acmhainneacht bhreise sa Rúis an-suntasach agus is mó í ná tomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Ina theannta sin, de réir na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir, tháinig méadú 1 mhilliún tona nach mór ar acmhainneacht táirgeachta WPT na Rúise idir 2018 agus 2019.

(259)

Chuir údaráis na Rúise i gcoinne an mheastacháin ar an acmhainneacht bhreise sa Rúis faoi mar a chuir an t-iarratasóir ar fáil é mar is é an tuairim a bhí aige nár chuir an Coimisiún san áireamh na fíricí go bhfuil roinnt gléasraí in ann táirgí seachas an táirge lena mbaineann a tháirgeadh, agus is amhlaidh a úsáidtear iad, rud a laghdaíonn an acmhainneacht bhreise go suntasach.

(260)

Maidir leis sin, chuir an Coimisiún san áireamh na táirgí eile is féidir a tháirgeadh ar an líne chéanna tháirgthe. Dearbhaítear, áfach, go bhfuil acmhainneacht ainmniúil iomlán an táirge lena mbaineann, sa Rúis, ar na leibhéil atá measta thuas in aithris (258). Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i bhfianaise tharraingteacht mhargadh an Aontais, gur dócha go n-athródh táirgeoirí na Rúise meascán na dtáirgí acu, rud a chuirfeadh lena n-acmhainneacht táirgeachta le haghaidh an táirge faoi athbhreithniú, i gcás ina gceadófaí do na bearta in éag.

(261)

Ar deireadh, díríonn tarraingteacht mhargadh an Aontais i dtéarmaí méide agus praghsanna mar a léirítear thuas, ar an dóchúlacht go ndéanfaí onnmhairí agus acmhainneacht bhreise na Rúise a (ath)dhíriú ar an Aontas, dá ligfí do na bearta dul in éag.

(262)

Dá dheasca sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dhócha go dtosófaí ar dhumpáil arís, mura gcuirfí síneadh leis na bearta.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar an tionscal de chuid an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(263)

Rinne 12 tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse a measadh agus rinne 11 tháirgeoir san Aontas amhlaidh le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Is ionann na táirgeoirí sin agus an “tionscal de chuid an Aontais” de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(264)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe ag thart ar 291 704 milliún tona. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir leis an tionscal de chuid an Aontais, amhail sonraí a sholáthair an t-iarratasóir (95). Mar a léirítear in aithris (15), roghnaíodh trí tháirgeoir ón Aontas sa sampla is ionann agus thart ar 40 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil san Aontas.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(265)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn mhéideanna díola tháirgeacht thionscal an Aontais féin a bhí le dul chuig margadh an Aontais agus ar shonraí na méideanna allmhairí ar mhargadh an Aontais a fuarthas ó staitisticí Eurostat.

(266)

Rinneadh tomhaltas an Aontais a fhorbairt mar a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (tonaí)  (96)

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

499 998

505 443

577 397

541 409

Innéacs

100

101

115

108

Foinse: Eurostat

(267)

Le linn na tréimhse a measadh, tháinig méadú ar thomhaltas an Aontais. Tháinig méadú 15 phointe céatadáin air in 2018 sular tháinig laghdú 7 bpointe céatadáin air sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe i gcomparáid le 2018. Ar an iomlán, tháinig méadú 8 % idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ar thomhaltas an Aontais.

4.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

4.3.1.   Méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus a scair den mhargadh

(268)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar bhonn staitisticí Eurostat. Bunaíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí de réir thomhaltas an Aontais mar a leagtar amach in aithris (266).

(269)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus ar a scair den mhargadh:

Tábla 3

Méid na n-allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh  (97)

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ón Rúis (tonaí)

1 235

883

1 732

1 912

Innéacs

100

72

140

155

Scair den mhargadh ag allmhairí ón Rúis (%)

0,25

0,17

0,30

0,35

Innéacs

100

71

121

143

Méid na n-allmhairí ón mBealarúis

18

0

0

4

Innéacs

100

0

0

19

Scair den mhargadh ag allmhairí ón mBealarúis

0 %

0 %

0 %

0 %

Innéacs

100

0

0

18

Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

478

589

424

559

Innéacs

100

123

89

117

Sciar den mhargadh ag allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne (%)

0,10

0,12

0,07

0,10

Innéacs

100

122

77

108

Méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

1 731

1 472

2 156

2 475

Innéacs

100

85

125

143

Scair den mhargadh ag allmhairí ó na tíortha lena mbaineann (%)

0,35

0,29

0,37

0,45

Innéacs

100

84

108

132

Foinse: Eurostat

(270)

D’fhan allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó na tíortha lena mbaineann íseal le linn na tréimhse a measadh agus na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Cé go ndeachaigh allmhairí ón Rúis agus ó Dhaon-Phoblacht na Síne i méid idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, d’fhan an scair den mhargadh ag an dá thír sin an-íseal (faoi bhun 1 %), agus bhí an scair den mhargadh ag allmhairí ón mBealarúis faoi bhun 0,0033 % le linn na tréimhse a measadh.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

4.3.2.1.   Praghsanna

(271)

Shuigh an Coimisiún meánphraghsanna na n-allmhairí ar bhonn staitisticí Eurostat.

(272)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann:

Tábla 4

Praghsanna allmhairí (EUR/tona)  (98)

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Praghsanna allmhairí ón Rúis

410,52

499,74

475,80

540,37

Innéacs

100

122

116

132

Praghsanna allmhairí ón mBealarúis

101,65

0

0

531,43

Innéacs

100

0

0

523

Praghsanna allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

1 429,16

2 562,52

1 954,28

1 515,58

Innéacs

100

179

137

106

Foinse: Eurostat

(273)

Maidir le hallmhairí ón Rúis, tugadh méadú faoi deara ar mheánphraghas an aonaid idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tá an fhorbairt sin ar phraghsanna comhsheasmhach le forbairt fhoriomlán phraghas an táirge faoi athbhreithniú (féach freisin Táblaí 5 agus 9 thíos).

(274)

I bhfianaise mhéid an-íseal na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón mBealarúis, níorbh fhéidir anailís fhóinteach a dhéanamh ar phraghsanna na n-allmhairí sin.

4.3.2.2.   Sladghearradh praghsanna

(275)

Toisc nach raibh aon chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne, agus i bhfianaise na gcainníochtaí an-íseal arna n-allmhairiú san Aontas ó Dhaon-Phoblacht na Síne, níorbh fhéidir aon phraghsanna allmhairí iontaofa a shuíomh le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Sna himthosca sin, chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais a bhí á dhéanamh ag allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

(1)

na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh chineál táirge (WPT dubh nó WPT galbhánaithe) na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil, a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú do leibhéal an phraghais dhírigh; agus

(2)

na meánphraghsanna ualaithe in aghaidh chineál táirge an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh i nDaon-Phoblacht na Síne agus arna dhíol leis an gcuid eile den domhan, arna suíomh ar bhonn costais, árachais, last-táille (CAL), le coigeartuithe iomchuí le haghaidh dleachtanna custaim agus costais iar-allmhairiúcháin. In éagmais aon fhaisnéise eile, measadh gur 1 % den luach CAL iad na costais sin (99).

(276)

Chomh fada agus a bhaineann le hallmhairí ón Rúis, measadh gur leordhóthanach méid na n-allmhairí sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe chun léiriú cothrom a thabhairt ar iompraíocht maidir le praghsanna amach anseo dá ligfí do na bearta dul in éag. I bhfianaise na héagmaise é comhoibrithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa Rúis mar a mhínítear in aithris (235), d’úsáid an Coimisiún sonraí CAL de chuid Eurostat chun an praghas allmhairí a chinneadh. Níor tháirg an táirgeoir onnmhairiúcháin páirt-chomhoibritheach sa Rúis ach WPT dubh agus is é WPT dubh amháin a bhíonn i gceist leis na honnmhairí ar fad nach mór chuig an Aontas in Eurostat. Dá bhrí sin, is i gcomhair an WPT dubh amháin a rinneadh an chomparáid. Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais a rinne allmhairí ón Rúis le linn na tréimhse imscrúdaithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

(1)

meánphraghsanna díola ualaithe WPT dubh de chuid na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil, a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú chuig leibhéal an phraghais dhírigh; agus

(2)

meánphraghsanna ualaithe allmhairí an WPT dubh ón Rúis, arna suíomh ar bhonn costais, árachais, last-táille (CAL), le coigeartuithe iomchuí le haghaidh dleachtanna custaim agus costas iar-allmhairiúcháin. In éagmais aon fhaisnéise eile, measadh gur 1 % den luach CAL iad na costais sin.

(277)

Maidir le hallmhairí ón mBealarúis, i bhfianaise na gcainníochtaí an-íseal arna n-allmhairiú chuig an Aontas, níorbh fhéidir aon phraghsanna allmhairí iontaofa chuig an Aontas a shuíomh le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Dá bhrí sin, d’úsáid an Coimisiún praghsanna na dtáirgí faoi athbhreithniú a tháirgtear sa Bhealarúis agus a dhíoltar le tríú margaí, go háirithe leis an Rúis, arb é sin an príomh-mhargadh onnmhairí. Mar a mhínítear in aithris (60), cainníochtaí teoranta a bhí i gceist le honnmhairí an WPT galbhánaithe agus léiríodh treocht dhoiléir maidir le praghsanna. Dá bhrí sin, is maidir le WPT neamhghalbhánaithe amháin a rinneadh an chomparáid, agus áirítear WPT dubh agus WPT eile leis sin. Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

(1)

meánphraghsanna díola ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil ar WPT neamhghalbhánaithe a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú chuig leibhéal an phraghais dhírigh; agus

(2)

meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha an WPT neamhghalbhánaithe arna tháirgeadh sa Bhealarúis agus arna dhíol leis an Rúis, arna suíomh ar bhonn costais, árachais, last-táille (CAL), le coigeartuithe iomchuí le haghaidh dleachtanna custaim agus costas iar-allmhairiúcháin. In éagmais aon fhaisnéise eile, measadh gur 1 % den luach CAL iad na costais sin.

(278)

Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse imscrúdaithe. Léiríodh meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 6,2 % agus 23,5 % leis i gcomhair na dtíortha lena mbaineann.

4.4.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas an Rúis, an Bhealarúis agus Daon-Phoblacht na Síne

(279)

Is ón Tuirc, ón India agus ó Phoblacht na Macadóine Thuaidh go príomha a tháinig allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha seachas an Rúis, an Bhealarúis agus Daon-Phoblacht na Síne.

(280)

Is mar a leanas a forbraíodh méid (comhiomlánaithe) na n-allmhairí chomh maith leis an scair den mhargadh agus treochtaí praghais i gcomhair allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha eile:

Tábla 5

Allmhairí ó thríú tíortha  (100)

Tír

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An Tuirc

Méid (tonaí)

76 782

105 062

147 155

151 189

 

Innéacs

100

137

192

197

 

An scair den mhargadh (%)

15

21

25

28

 

Meánphraghas (EUR/tona)

547

643

702

626

 

Innéacs

100

117

128

114

An India

Méid (tonaí)

59 483

51 718

53 545

48 903

 

Innéacs

100

87

90

82

 

An scair den mhargadh (%)

12

10

9

9

 

Meánphraghas (EUR/tona)

540

683

758

740

Poblacht na Macadóine Thuaidh

Innéacs

100

126

140

137

 

Méid (tonaí)

22 239

24 472

29 702

21 040

 

Innéacs

100

110

134

95

 

An scair den mhargadh (%)

4

5

5

4

 

Meánphraghas (EUR/tona)

494

607

626

574

 

Innéacs

100

123

127

116

Tríú tíortha eile

Méid (tona)

51 179

49 700

64 076

51 956

 

Innéacs

100

97

125

102

 

An scair den mhargadh (%)

10

10

11

10

 

Meánphraghas (EUR/tona)

794

884

907

917

 

Innéacs

100

111

114

115

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas na tíortha lena mbaineann

Méid (tona)

209 683

230 951

294 478

273 088

 

Innéacs

100

110

140

130

 

An scair den mhargadh

42

46

51

50

 

Meánphraghas (EUR/tona)

600

700

749

698

 

Innéacs

100

117

125

116

Foinse: Eurostat

(281)

Tháinig méadú substaintiúil ar allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón Tuirc le linn na tréimhse a measadh. Tháinig méadú 13 phointe céatadáin nó thart faoi 100 % ar an scair den mhargadh a bhain leis na hallmhairí sin idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig laghdú ar allmhairí ón India le linn na tréimhse a measadh; bhí a scair den mhargadh fós tábhachtach áfach, i.e. 9 %, le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. D’fhan allmhairí ó Phoblacht na Macadóine Thuaidh seasmhach agus b’ionann a scair agus 4 % den mhargadh. Tháinig méadú 30 % ar na hallmhairí iomlána ó thríú tíortha seachas na tíortha lena mbaineann idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe go dtí gur baineadh 50 % amach mar a scair den mhargadh sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe i gcomparáid le 42 % in 2016.

(282)

Tháinig méadú ar mheánphraghsanna díola allmhairí ó thríú tíortha seachas na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse a measadh. Tá an treocht sin comhsheasmhach leis an treocht a tugadh faoi deara i gcomhair allmhairí ó na tíortha lena mbaineann i dTábla 4 thuas agus leis an treocht praghsanna a tugadh faoi deara i gcomhair dhíolacháin an tionscail de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais i dTábla 9 thíos.

4.5.   Staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(283)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar an tionscal de chuid an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse a measadh.

(284)

Mar a luaitear in aithris (15), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais a mheasúnú.

(285)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí a bhain le gach táirgeoir ón Aontas a sholáthair an t-iarratasóir. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí a bhain leis na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil sna freagraí ceistneora. Fuarthas amach go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais.

(286)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, an úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, an scair den mhargadh, an fás, an fhostaíocht, an táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin.

(287)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: na meánphraghsanna aonaid, an costas aonaid, na costais saothair, na fardail, an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha (101)

4.5.2.1.   An táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(288)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht iomlán, acmhainneacht táirgeachta iomlán agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse mar a leanas:

Tábla 6

An táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An méid táirgeachta (tonaí)

319 525

286 386

305 907

291 704

Innéacs

100

90

96

91

An méid táirgeachta (tonaí)

804 342

803 896

799 426

791 354

Innéacs

100

100

99

98

Úsáid acmhainneachta (%)

40

36

38

37

Innéacs

100

90

96

93

Foinse: Faisnéis a sholáthair an t-iarratasóir, faisnéis a sholáthair na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil

(289)

Cé gur tháinig méadú 8 bpointe céatadáin ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse a measadh mar a luaitear in aithris (267), tháinig laghdú ar mhéid táirgeachta an táirge chomhchosúil le linn na tréimhse céanna ó 319 525 tona in 2016 go dtí 291 704 tona sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, rud is ionann agus laghdú 9 bpointe céatadáin. Dá bhrí sin, ní dheachaigh méadú thomhaltais an Aontais chun leasa an tionscail de chuid an Aontais.

(290)

Is é an méadú ar an iomaíocht a bhíonn roimh an tionscal de chuid an Aontais, ó allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh tríú tíortha iad seachas na tíortha lena mbaineann, is mó is cúis leis an laghdú ar an méid táirgeachta. Mar a mhínítear in aithrisí (281) agus (282), tháinig méadú suntasach ar mhéideanna na n-allmhairí ó thríú tíortha, go háirithe ón Tuirc, le linn na tréimhse a measadh. Tá méadú 8 bpointe céatadáin idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe tagtha ar an scair den mhargadh atá ag allmhairí ó thríú tíortha seachas na tíortha lena mbaineann. Ba é 273 088 tona méid iomlán na n-allmhairí ó na tíortha sin sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, rud is ionann agus scair 50 % den mhargadh, agus ní raibh i gceist le méid iomlán na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann sa tréimhse chéanna ach 2 475 tona, rud is ionann agus scair den mhargadh faoi bhun 0,5 %.

(291)

Cé gur fhan an acmhainneacht táirgeachta cobhsaí le linn na tréimhse a measadh, tháinig laghdú ar an úsáid acmhainneachta ó 40 % go dtí 37 % agus an treocht chéanna á leanúint agus a lean an méid táirgeachta.

4.5.2.2.   An méid díolachán agus an scair den mhargadh

(292)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid díolachán an tionscail de chuid an Aontais agus ar a scair den mhargadh le linn na tréimhse a measadh:

Tábla 7

An méid díolachán agus an scair den mhargadh

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An méid díolachán iomlán ar mhargadh an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara (tonaí)

288 584

273 020

280 763

265 846

Innéacs

100

95

97

92

An scair den mhargadh

58

54

49

49

Innéacs

100

94

84

85

Foinse: Faisnéis a sholáthair an t-iarratasóir, faisnéis a sholáthair na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil

(293)

Lean méideanna díolachán an tionscail de chuid an Aontais maidir lena tháirgeacht féin le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas an treocht chéanna agus a lean an méid táirgeachta agus tháinig laghdú ar bhealach cosúil leis air, mar a bhí, 8 bpointe céatadáin idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig laghdú ar an scair den mhargadh a bhí ag an tionscal de chuid an Aontais freisin ó 58 % in 2016 go dtí 49 % sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, rud a chomhfhreagraíonn don mhéadú ar an scair den mhargadh a bhain le hallmhairí ó thríú tíortha seachas na tíortha lena mbaineann, arbh é 8 bpointe céatadáin a bhí i gceist leis sin.

(294)

Dá bhrí sin, ba é an méadú ar allmhairí ó thríú tíortha seachas na tíortha lena mbaineann ba chúis leis an laghdú ar mhéid díolachán an tionscail de chuid an Aontais agus ar a scair den mhargadh.

4.5.2.3.   An fás

(295)

Cé gur tháinig méadú 8 % ar thomhaltas an Aontais idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, tháinig laghdú 8 % freisin ar an méid díolachán le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas, rud a d’fhág gur cailleadh scair 9 bpointe céatadáin den mhargadh i gcomhair an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse a measadh. Dá dheasca sin, níorbh ann d’aon fhás ar an tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse a measadh.

4.5.2.4.   An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

(296)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 8

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An líon fostaithe

628

630

624

608

Innéacs

100

100

99

97

An táirgiúlacht (tona/fostaí)

508

455

491

480

Innéacs

100

89

96

94

Foinse: Faisnéis a sholáthair an t-iarratasóir, faisnéis a sholáthair na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil.

(297)

Tháinig laghdú 3 % ar líon na bhfostaithe sa tionscal de chuid an Aontais a bhí i mbun tháirgeadh an táirge faoi athbhreithniú idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Lean táirgiúlacht lucht saothair an tionscail de chuid an Aontais, arna tomhas de réir an aschuir (tonaí) in aghaidh an fhostaí, an treocht chéanna le laghdú 6 % uirthi le linn na tréimhse a measadh.

(298)

Is mar gheall ar an laghdú ar an méid táirgeachta, rud atá nasctha freisin leis an laghdú ar dhíolacháin agus ar an éileamh ar tháirgí an tionscail de chuid an Aontais freisin, a tharla an laghdú ar líon na bhfostaithe. Mínítear an laghdú ar an táirgiúlacht leis an laghdú níos airde ar an méid táirgeachta i gcomparáid leis an laghdú ar líon na bhfostaithe.

4.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(299)

Mheas an Coimisiún sa deireadh in aithris (239) gur leanadh den dumpáil ón Rúis le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Mheas an Coimisiún sa deireadh freisin gur dhócha go dtosófaí arís ar dhumpáil ón mBealarúis agus ó Dhaon-Phoblacht na Síne, mura gcuirfí síneadh leis na bearta.

(300)

An tráth céanna, bhí leibhéal na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe an-teoranta, agus b’ionann iad agus díreach 0,45 % de thomhaltas an Aontais. Dá bhrí sin, bhí an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar an tionscal de chuid an Aontais cuíosach teoranta.

(301)

Léirítear leis na táscairí maicreacnamaíocha a scrúdaítear thuas, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm ó 2008 i leith, gur fhan staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais leochaileach agus díobhálach go maith. Dá réir sin, níorbh fhéidir aon téarnamh ón dumpáil roimhe a shuíomh agus tá an tionscal de chuid an Aontais iontach soghonta fós i dtaobh éifeachtaí díobhálacha aon allmhairí dumpáilte ar bith i margadh an Aontais.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha (102)

4.5.3.1.   Praghsanna agus fachtóirí lena ndéantar difear do phraghsanna

(302)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 9

Praghsanna díola san Aontas

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán (EUR/tona)

662

763

825

778

Innéacs

100

115

125

118

Costas aonaid na táirgeachta (EUR/tona)

731

875

913

912

Innéacs

100

120

125

125

Foinse: freagraí ceistneora ó na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil

(303)

Tháinig méadú ar mheánphraghsanna díola aonaid an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse a measadh. Tháinig méadú 18 % idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ar na praghsanna. Tráchtearra is ea an táirge faoi athbhreithniú agus téann praghas an phríomh-amhábhair – cornaí teorollta – i bhfeidhm ar an bpraghas díola – rud is ionann agus breis is 50 % den chostas táirgeachta. Lean an méadú ar na praghsanna díola an fhorbairt a tháinig ar an gcostas táirgeachta go pointe, rud ar ar tháinig méadú 25 % idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Níor tháinig méadú ag an ráta céanna ar an meánphraghas díola is a tháinig ar chostas aonaid na táirgeachta, áfach, rud a d’fhan, ina theannta sin, os cionn an mheánphraghais díola go seasta le linn na tréimhse a measadh. Is mar gheall ar an méadú ar phraghas na n-amhábhar agus an méadú ar iomaíocht ó allmhairí a tharla an treocht sin, toisc gur chuir na nithe sin brú ar phraghsanna díola an tionscail de chuid an Aontais.

4.5.3.2.   Costais saothair

(304)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 10

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

40 005

36 579

39 466

43 066

Innéacs

100

91

99

108

Foinse: freagraí ceistneora ó na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil

(305)

Tháinig laghdú ar na meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí ó 2016 go dtí 2017 ar dtús sular tháinig méadú de réir a chéile orthu in 2018 agus sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, tháinig méadú 8 % ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí.

4.5.3.3.   Fardail

(306)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 11

Fardail

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Stoic deiridh (tonaí)

20 722

12 356

14 952

17 600

Innéacs

100

60

72

85

Foinse: freagraí ceistneora ó na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil

(307)

Tháinig laghdú ar fhardail an tionscail de chuid an Aontais idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig laghdú 40 % orthu ó 2016 go dtí 2017 ar dtús sular tháinig méadú de réir a chéile orthu in 2018 agus sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ach d’fhan siad ar leibhéal ab ísle ná 2016. Ar an iomlán, tháinig laghdú 15 % idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ar fhardail.

4.5.3.4.   An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú

(308)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí de chuid na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 12

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

-6

-5

-4

-11

Innéacs

-100

-76

-70

-177

An sreabhadh airgid (EUR)

-4 874 323

2 363 932

-3 670 718

-8 123 363

Innéacs

-100

48

-75

-167

Infheistíochtaí (EUR)

2 457 649

1 647 452

1 301 235

2 095 539

Innéacs

100

67

53

85

An toradh ar infheistíochtaí (%)

-18 %

-17 %

-17 %

-41 %

Innéacs

-100

-96

-96

-228

Foinse: freagraí ceistneora ó na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil

(a)    An Bhrabúsacht

(309)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil trí ghlanbhrabús roimh cháin dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(310)

In 2016, bhí corrlach brabúis diúltach de – 6 % ag an tionscal de chuid an Aontais, agus tháinig laghdú eile go dtí – 11 % air le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Is mar gheall ar chostas aonaid na táirgeachta, a bheith i gcónaí níos airde ná meánphraghas díola an táirge faoi athbhreithniú, a bhain corrlach brabúis diúltach leis an tionscal de chuid an Aontais i gcaitheamh na tréimhse a measadh. Mar a fheictear i dTábla 9 thuas, tháinig méadú eile ar an mbearna idir costas aonaid na táirgeachta agus an meánphraghas díola sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Mínítear an staid sin leis an bhfíoras, toisc gur tráchtearra atá i gceist leis an táirge faoi athbhreithniú, go mbíonn an praghas díola ag brath ar phraghas an phríomh-amhábhair (cornaí teorollta) agus ar an iomaíocht atá sa mhargadh. Tugtar faoi deara, mar gheall ar iomaíocht mhéadaithe ó allmhairí ó thríú tíortha i dtéarmaí méideanna agus praghsanna ísle, nárbh fhéidir leis an tionscal de chuid an Aontais praghsanna díola a shocrú ar leibhéal a d’fhágfadh go mbeadh sé in ann an costas táirgeachta a chumhdach ar a laghad.

(b)    An sreabhadh airgid

(311)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig feabhas i dtosach báire ar an sreabhadh airgid glan in 2017 sular tháinig meath air arís in 2018 agus sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe nuair a shroich sé – EUR 8 milliún. Mínítear an laghdú sin go príomha leis an laghdú ar an mbrabúsacht, mar a thuairiscítear in aithris (310).

(c)    Na hInfheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

(312)

Tháinig laghdú 15 % idir 2016 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ar infheistíochtaí, rud atá ina fhianaise bhreise ar staid na deacrachta airgeadais a bhaineann leis an tionscal de chuid an Aontais. Thit an toradh ar infheistíochtaí, a shloinntear mar an brabús i gcéatadán an ghlanluacha infheistíochtaí de réir na leabhar, ó – 18 % go dtí – 41 % le linn na tréimhse a measadh agus lean sé an treocht chéanna agus a lean an bhrabúsacht mar sin.

4.6.   An chonclúid ar dhíobháil

(313)

Léirítear leis an bhforbairt atá tagtha ar na maicreatháscairí agus ar na micreatháscairí le linn na tréimhse a measadh gur tháinig meath ar an staid airgeadais i gcomhair an tionscail de chuid an Aontais. Ar an iomlán, chuaigh treochtaí na dtáscairí eacnamaíocha uile in olcas le linn na tréimhse a measadh.

(314)

Tháinig laghdú ar an méid táirgeachta agus ar na méideanna díolacháin, rud a d’imir éifeacht dhiúltach ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht agus ar an mbrabúsacht chomh maith. Ba é an méadú ar an iomaíocht agus an brú ó thaobh praghsanna de ó allmhairí ó thríú tíortha ba chúis leis an meath breise a tháinig ar an staid ó thaobh na brabúsachta de a bhain leis an tionscal de chuid an Aontais. D’fhág sin go raibh corrlach brabúis diúltach de – 11 % i gceist i gcomhair an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig meath ar an sreabhadh airgid, ar na hinfheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí freisin, rud a d’fhág gur dheacair don tionscal de chuid an Aontais caipiteal a chruinniú agus infheistíocht a dhéanamh.

(315)

Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(316)

Rinne an Coimisiún measúnú ar cibé acu an bhfuil nasc cúisíoch idir allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil a bhain don tionscal de chuid an Aontais, nó nach bhfuil.

(317)

Bhí méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann an-íseal le linn na tréimhse a measadh, agus ní raibh i gceist leis an scair den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ó na tíortha sin le chéile ach 0,43 % le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(318)

An tráth céanna, chuir borradh a tháinig faoi allmhairí ar phraghas íseal ó thríú tíortha seachas na tíortha lena mbaineann, amhail an Tuirc, an India agus Poblacht na Macadóine Thuaidh, brú láidir ó thaobh praghsanna agus méideanna de ar dhíolacháin an tionscail de chuid an Aontais. Mar léaráid, ba é 778 EUR/tona meánphraghas díola an tionscail de chuid an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus ba é 626 EUR/tona an meánphraghas díola ar tháirgí arna n-allmhairiú ón Tuirc agus 574 EUR/tona an meánphraghas díola ar tháirgí arna n-allmhairiú ó Phoblacht na Macadóine Thuaidh. Ina theannta sin, tháinig méadú ar an scair den mhargadh a bhain le hallmhairí ó thíortha seachas na tíortha lena mbaineann ó 42 % go dtí 50 % idir 2016 agus 2019.

(319)

Agus an méid atá thuas á mheas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain don tionscal de chuid an Aontais, mar gheall ar mhéid na n-allmhairí sin a bheith an-teoranta.

(320)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún tuilleadh scrúdaithe ar an dóchúlacht go dtarlódh díobháil arís arbh iad allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ba chúis leis an díobháil i dtosach báire, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm.

5.   DÓCHÚLACHT GO dTARLÓDH DÍOBHÁIL ARÍS ARBH IAD ALLMHAIRÍ DUMPÁILTE Ó NA TÍORTHA LENA mBAINEANN BA CHÚIS LEIS AN DÍOBHÁIL I dTOSACH BÁIRE, DÁ nDÉANFAÍ NA BEARTA A AISGHAIRM.

(321)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (315) gur bhain díobháil ábhartha le haghaidh an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. In aithris (319), chinn an Coimisiún freisin nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain don tionscal de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, cibé acu a bheadh an dóchúlacht ann go dtarlódh díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ba chúis leis an díobháil i dtosach báire dá ligfí do na bearta in éag, nó nach mbeadh.

(322)

Chun a shuíomh cibé acu atá dóchúlacht ann go dtarlódh díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ba chúis leis an díobháil i dtosach báire, nó nach bhfuil, mheas an Coimisiún na heilimintí seo a leanas: (1) an acmhainneacht bhreise sna tíortha lena mbaineann agus tarraingteacht mhargadh an Aontais, agus (2) an tionchar ag allmhairí a d’fhéadfadh teacht isteach agus ag leibhéal praghsanna na n-allmhairí sin ó na tíortha sin ar staid an tionscail de chuid an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag.

5.1.   Acmhainneacht bhreise sna tíortha lena mbaineann agus tarraingteacht mhargadh an Aontais

(323)

Mar a thuairiscítear cheana féin in aithrisí (78), (210) agus (250), tá acmhainneachtaí breise suntasacha ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Bhealarúis, i nDaon-Phoblacht na Síne agus sa Rúis, lena sáraítear le chéile na méideanna táirgeachta reatha agus an t-éileamh inmheánach sna tíortha sin go substaintiúil (103) agus d’fhéadfaí an acmhainneacht bhreise sin a úsáid chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag.

(324)

Mar a thuairiscítear in aithrisí (205) agus (213), d’onnmhairigh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne chuig a bpríomh-thríú margaí ar phraghsanna dumpáilte, a bhíonn idir 8 % agus 21 % níos ísle ar an meán i gcomparáid le meánphraghsanna díola tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais. Mar is léir ón gconclúid in aithris (251), fuarthas go raibh praghsanna onnmhairí na Rúise chuig tríú tíortha thart faoi 29 % ní b’ísle ná praghsanna tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais. Ar deireadh, suíodh in aithris (82) gur onnmhairigh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Bealarúise chuig a bpríomh-thríú margadh, an Rúis, ar phraghsanna a bhí thart faoi 5 % ní b’ísle i gcomparáid le meánphraghsanna díola tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, agus leibhéal praghsanna na n-onnmhairí ón mBealarúis, ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Rúis chuig margaí tríú tíortha eile á gcur san áireamh, d’fhéadfadh onnmhairiú chuig an Aontas a bheith i bhfad níos tarraingtí d’onnmhaireoirí na Bealarúise, na Síne agus na Rúise. Dá dheasca sin, is féidir a bheith ag súil leis go réasúnta, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm, go dtosódh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Bealarúise, na Síne agus na Rúise ar méideanna arda an táirge faoi athbhreithniú a onnmhairiú chuig an Aontas arís. Treisítear an t-ionchas sin a thuilleadh le hinfhaighteacht na hacmhainneachta breise substaintiúla sna tíortha sin.

5.2.   Tionchar allmhairí féideartha ó na tíortha lena mbaineann ar staid an tionscail de chuid an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag.

(325)

Mar a mhínítear i Roinn 4.3.2.2, rinne an Coimisiún anailís ar an sladghearradh gan bhearta frithdhumpála chun an bealach, a d’fhéadfadh na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann difear a dhéanamh don tionscal de chuid an Aontais dá ndéanfaí na bearta a fhoirceannadh, a shuíomh.

(326)

Thug an Coimisiún faoi deara in aithris (278) gur léiríodh, le ríomh an tsladghearrtha, meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 6,2 % agus 23,5 % i gcomhair na dtíortha lena mbaineann.

(327)

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún ionsamhlúchán chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar an tionchar gur dhócha a bheadh ag allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar staid airgeadais an tionscail de chuid an Aontais. Ar an gcaoi sin, ghlac an Coimisiún go n-onnmhaireodh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ó na tíortha lena mbaineann na cainníochtaí céanna chuig an Aontas agus a rinne sula forchuireadh na bearta (i.e. 250 559 tona le chéile), agus go bhfanfadh tomhaltas an Aontais mar a bhí le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (i.e. 541 409 tona). Ghlac an Coimisiún freisin go ndéanfadh 50 % de na hallmhairí iomlána ó na tíortha sin difear don tionscal de chuid an Aontais agus go ndéanfadh an 50 % eile difear d’allmhairí ó thríú tíortha eile toisc go bhfuil scaireanna an mhargaidh ar an leibhéal méadaíochta comhchosúil. Ar deireadh, ghlac an Coimisiún go gcoinneodh an tionscal de chuid an Aontais na praghsanna díola céanna agus a bhí acu le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe toisc go bhfuil an tionscal neamhbhrabúsach cheana féin.

(328)

Léirítear le toradh an ionsamhlúcháin sin gur dhócha go gcaillfidh an tionscal de chuid an Aontais méid díolachán agus scair den mhargadh ar mhargadh an Aontais. Bheadh tionchar aige sin ar bhrabúsacht fhoriomlán an tionscail, a rachadh i laghad ó -11 % go dtí -25 %.

(329)

Anailís choimeádach is ea é sin lena gcuirtear san áireamh go bhfuil meánphraghsanna díola na n-allmhairí ó thríú tíortha eile faoi bhun mheánphraghsanna díola an tionscail de chuid an Aontais. Ciallaíonn sé sin gurb é is dóichí a tharlódh go bhfaigheadh allmhairí dumpáilte an táirge faoi athbhreithniú ó na tíortha lena mbaineann scair den mhargadh chun aimhleasa an tionscail de chuid an Aontais ar dtús, sula nglacfaidís an scair den mhargadh atá ag na honnmhairí ó thríú tíortha eile chuig an Aontas. D’fhágfadh sé sin go dtiocfadh meath eile fós ar bhrabúsacht an tionscail de chuid an Aontais.

(330)

Tar éis an nochta, d’áitigh Rialtas na Bealarúise nach ndéanfar, de réir Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán, an méid seo a leanas a mheas: “I gcás ina bhfuil allmhairí táirge ó níos mó ná tír amháin faoi réir imscrúduithe frithdhumpála go comhuaineach, ní dhéanfar éifeachtaí na n-allmhairí sin a mheasúnú go carnach ach amháin má chinntear an méid seo a leanas (…) nach diomaibhseach na hallmhairí ó ga ch tír” agus gur dhiomaibhseach na hallmhairí ón mBealarúis, ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Rúis in 2019, ba cheart conclúidí an chleachta ionsamhlúcháin a bhaint as an Rialachán seo.

(331)

Thug an Coimisiún dá aire go mbaineann Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán leis an measúnú ar éifeachtaí na n-allmhairí iarbhír ar thionscal an Aontais chun díobháil a chinneadh faoi chuimsiú imscrúdú frithdhumpála, agus ag an am céanna, baineann an t-ionsamhlúchán a rinne an Coimisiún in aithrisí (327) go (329) leis an dóchúlacht go dtarlódh an díobháil arbh iad allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ba chúis leo i dtosach a chinneadh i gcás ina gceadaítear do na bearta dul in éag. Chun na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag allmhairí den sórt sin ar thionscal an Aontais a mheas, is éard atá san ionsamhlúchán ná hipitéis sa chás go nglactar leis go n-onnmhaireodh na tíortha lena mbaineann na cainníochtaí céanna agus a d’onnmhairigh siad roimh fhorchur na mbeart. Ní raibh na cainníochtaí sin diomaibhseach (104). Dá bhrí sin, ós rud é nach bhfuil feidhm ag Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán maidir leis an ionsamhlúchán arna dhéanamh agus nach diomaibhseach na méideanna allmhairí a d’fhéadfadh a bheith ann ó gach tír a mheastar san ionsamhlúchán, diúltaíodh don mhaíomh.

(332)

I bhfianaise a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh gurb é is dóichí a tharlódh go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ar phraghsanna lena ndéanfaí sladghearradh ar phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais dá ndéanfaí na bearta a aisghairm, rud a chuirfeadh leis an díobháil a bhainfeadh don tionscal de chuid an Aontais. Dá thoradh sin, bheadh inmharthanacht an tionscail de chuid an Aontais i mbaol mór.

(333)

Tar éis an nochta, mhaígh Rialtas na Rúise go bhfuil éagmais ann i dtaobh nasc cúisíoch idir allmhairí ón Rúis agus staid thionscal an Aontais. Maidir leis sin, chuir an Coimisiún in iúl nach gceanglaítear le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún anailís ar an gcúisíocht a dhéanamh idir allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais le linn athbhreithnithe éaga. Maidir leis na torthaí gur dhócha go leanfaí leis an díobháil nó go ndéanfaí díobháil arís dá rachadh na bearta in éag, tá siad leordhóthanach chun údar a thabhairt leis go leanfaí leis na bearta. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (332) gur dhócha de dheasca aisghairm na mbeart go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann a dhéanfadh praghsanna thionscal an Aontais a shladghearradh, agus dá bhrí sin go rachadh an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais in olcas a thuilleadh agus léiríodh ar an gcaoi sin an dóchúlacht go dtarlódh an díobháil arís arbh iad allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineanna tharla ba chúis léi i dtosach báire, lena n-áirítear an Rúis, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

6.   LEAS AN AONTAIS

(334)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún cibé acu an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear an tionscal de chuid an Aontais, allmhaireoirí, dáileoirí agus úsáideoirí.

(335)

Tugadh an deis do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl de bhun hAirteagal 21(2) den bhun-Rialachán.

6.1.   Leas an tionscail de chuid an Aontais

(336)

Cé gur chuir na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm bac ar allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann teacht isteach i margadh an Aontais den chuid is mó, bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus tá a staid leochaileach, mar a dheimhnítear le treochtaí diúltacha na dtáscairí díobhála.

(337)

D’ainneoin an mhéid an-íseal d’allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó na tíortha lena mbaineann, shuigh an Coimisiún go bhfuil dóchúlacht láidir ann go dtarlódh díobháil arís arbh iad allmhairí ó na tíortha sin ba chúis léi i dtosach báire dá rachadh na bearta in éag. Bheadh rabharta de mhéideanna substaintiúla d’allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ina chúis le tuilleadh díobhála don tionscal de chuid an Aontais. D’fhágfadh sé sin go rachadh staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais, atá an-leochaileach cheana féin, in olcas a thuilleadh agus go mbeadh a inmharthanacht faoi bhagairt.

(338)

Mheas an Coimisiún sa deireadh dá bhrí sin go mbeadh sé chun leas an tionscail de chuid an Aontais na bearta frithdhumpála in aghaidh na dtíortha lena mbaineann a choinneáil ar bun.

6.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara, trádálaithe neamhghaolmhara agus úsáideoirí neamhghaolmhara

(339)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na hallmhaireoirí neamhghaolmhara, na trádálaithe neamhghaolmhara agus na húsáideoirí neamhghaolmhara aitheanta uile. Níor sholáthair ach aon dáileoir amháin táblaí a bhí líonta isteach, ach ní raibh freagra tugtha ar an téacs míniúcháin den cheistneoir.

(340)

San athbhreithniú éaga roimhe agus san imscrúdú tosaigh, níor léiríodh leis an anailís ar leas an Aontais éifeacht dhiúltach na mbeart ar allmhaireoirí neamhghaolmhara, ar thrádálaithe neamhghaolmhara ná ar úsáideoirí neamhghaolmhara ach oiread.

(341)

Ar an mbonn sin, ní raibh aon chomhartha ann lenar léiríodh go mbeadh tionchar diúltach suntasach ag na bearta dá gcoinneofaí ar bun iad ar na hallmhaireoirí neamhghaolmhara agus ar na húsáideoirí neamhghaolmhara, ar mhó é ná tionchar dearfach na mbeart ar thionscal an Aontais.

(342)

Tar éis an nochta, d’áitigh Rialtas na Rúise go mbeadh tionchar diúltach ann dá leanfaí de na bearta ar thionscail iartheachtacha an Aontais. I ndáil leis sin, chuir an Coimisiún in iúl go raibh deis ag tionscail iartheachtacha an Aontais páirt a ghlacadh san imscrúdú agus barúil a thabhairt ar an nochtadh. Ní bhfuair an Coimisiún barúlacha ar bith ó allmhaireoirí neamhghaolmhara, ó thrádálaithe neamhghaolmhara ná ó úsáideoirí neamhghaolmhara. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

6.3.   An chonclúid ar leas an Aontais

(343)

Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann é, a choinneáil ar bun.

7.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(344)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir le leanúint den dumpáil ón Rúis, atosú na dumpála ón mBealarúis agus ó Dhaon-Phoblacht na Síne, atarlú na díobhála arbh iad allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ba chúis léi i dtosach báire, agus de réir leas an Aontais, cinneann an Coimisiún gur cheart na bearta frithdhumpála ar allmhairí d’fheadáin tháite áirithe agus de phíopaí táite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ón mBealarúis, ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Rúis, a choinneáil ar bun.

(345)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, tá siad infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Rúise é arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach sa chuid oibriúcháin den Rialachán seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(346)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (105). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar fógra maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(347)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a raibh sé beartaithe ar an mbonn sin a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana ar bun maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón mBealarúis, ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Rúis. Deonaíodh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis dóibh an nochtadh sin a dhéanamh. Rinne an Coimisiún na barúlacha go léir a fuarthas a mheas.

(348)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (106), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart go mbeadh an t-ús atá le híoc ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(349)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déantar dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí de fheadáin tháite áirithe agus de phíopaí táite áirithe, d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, ar trasghearradh ciorclach agus ar trastomhas seachtrach nach mó é ná 168,3 mm, gan a chur san áireamh píopaí líne de chineál a úsáidtear le haghaidh píblínte ola nó gáis, cásáil agus feadánra de chineál a úsáidtear chun ola agus gás a dhruileáil, beachtfheadáin agus feadáin agus píopaí le feistis cheangailte atá oiriúnach chun gáis nó leachtanna a iompar lena n-úsáid in aerárthaí sibhialta, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 7306 30 41, ex 7306 30 49, ex 7306 30 72 agus ex 7306 30 77 (cóid TARIC 7306304120, 7306304920, 7306307280 agus 7306307780) ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Gach cuideachta eile

90,6 %

 

An Rúis

TMK Group (Seversky Pipe Plant Open Joint Stock Company agus Joint Stock Company Taganrog Mettalurgical Works)

16,8 %

A892

OMK Group (Open Joint Stock Company Vyksa Steel Works agus Joint Stock Company Almetjvesk Pipe Plant)

10,1 %

A893

Gach cuideachta eile

20,5 %

A999

An Bhealarúis

Gach cuideachta eile

38,1 %

 

3.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1256/2008 ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheadáin tháite agus de phíopaí táite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis nós imeachta de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 384/96, ar de thionscnamh na Téalainne iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán céanna, ar de thionscnamh na hÚcráine iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) agus athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(3) den Rialachán céanna, agus lena gcuirtear deireadh leis na himeachtaí i ndáil le hallmhairí den táirge céanna ar de thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus na Tuirce iad (IO L 343, 19.12.2008, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/110 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheadáin tháite agus de phíopaí táite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad agus lena gcuirtear deireadh leis na himeachtaí maidir le hallmhairí d’fheadáin tháite agus de phíopaí táite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na hÚcráine iad, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 20, 27.1.2015, lch. 6).

(4)  IO C 166, 15.5.2019, lch. 7.

(5)  IO C 24, 24.1.2020, lch. 17

(6)  IO C 86/6, 16.3.2020

(7)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

(8)  Is píopaí/feadáin ghalbhánaithe iad píopaí/feadáin dhubha ar cuireadh próiseas galbhánaithe orthu ina dhiaidh sin, ina gcuirtear brat since ar an bpíopa nó ar an bhfeadán.

(9)  http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm

(10)  https://www.doingbusiness.org/

(11)  https://stats.oecd.org/

(12)  Ar bhonn Thacar Sonraí ECFE: Costais Iompair agus Árachais Idirnáisiúnta na Trádála Marsantais (ITIC), an Bhealarúis – an Rúis. https://stats.oecd.org/Index.aspx?DataSetCode=CIF_FOB_ITIC

(13)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2.

(14)  http://www.gov.cn/zhengce/content/2017-12/01/content_5243734.htm

http://www.chinatax.gov.cn/n810341/n810755/c3377945/content.html

http://www.gov.cn:8080/gongbao/content/2019/content_5416183.htm

(15)  https://www2.deloitte.com/content/dam/Deloitte/cn/Documents/tax/deloitte-cn-tax-changes-to-vat-regulations-zh-171205.pdf

(16)  http://www.transcustoms.cn/index.asp

(17)  https://www.globaltradealert.org/

(18)  https://m.huaon.com/detail/407989.html

https://m.huaon.com/detail/617918.html

(19)  Faoi mar a leagtar síos in aithrisí (144) go (152)

(20)  Amhail dá dtagraítear in aithris (82) thuas

(21)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969.

(22)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 6-7.

(23)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 10.

(24)  Le fáil ar http://www.fdi.gov.cn/1800000121_39_4866_0_7.html (rochtain deiridh an 15 Iúil 2019).

(25)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 20-21.

(26)  Tuarascáil – Caibidil 3, lch. 41, 73-74.

(27)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 120-121.

(28)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 122-135.

(29)  Tuarascáil – Caibidil 7, lgh. 167-168.

(30)  Tuarascáil – Caibidil 8, lgh. 169-170, 200-201.

(31)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 15-16, Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 50, lch. 84, Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 108-9.

(32)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 22-24 agus Caibidil 5, lgh. 97-108.

(33)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 104-9.

(34)  Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 358: 51 % de chuideachtaí príobháideacha agus 49 % d’fhiontair faoi úinéireacht Stáit i dtéarmaí táirgthe, agus 44 % d’fhiontair faoi úinéireacht Stáit agus 56 % de chuideachtaí príobháideacha i dtéarmaí acmhainneachta.

(35)  Le fáil ar: www.gov.cn/zhengce/content/2016-02/04/content_5039353.htm (léite den uair dheireanach an 2 Márta 2020); https://policycn.com/policy_ticker/higher-expectations-for-large-scale-steel enterprise/?iframe=1&secret=c8uthafuthefra4e (léite den uair dheireanach an 2 Márta 2020), agus www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (léite den uair dheireanach an 2 Márta 2020).

(36)  Le fáil ar http://www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (léite den uair dheireanach an 2 Márta 2020) agus http://www.jjckb.cn/2019-04/23/c_137999653.htm (léite den uair dheireanach an 2 Márta 2020).

(37)  Faoi mar a tharla i gcás an chumaisc idir Rizhao, cuideachta phríobháideach, agus Shandong Iron and Steel, fiontar faoi úinéireacht an Stáit, in 2009. Féach an tuarascáil ar chruach Bhéising, lch. 58, agus an leas tromlaigh de China Baowu Steel Group a shealbhaigh Magang Steel i mí an Mheithimh 2019, féach https://www.ft.com/content/a7c93fae-85bc-11e9-a028-86cea8523dc2 (léite den uair dheireanach an 2 Márta 2020)

(38)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 100-1.

(39)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 26

(40)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 31-2.

(41)  Le fáil ar https://www.reuters.com/article/us-china-congress-companies-idUSKCN1B40JU (léite den uair dheireanach an 15 Iúil 2019).

(42)  Tá téacs iomlán an phlean le fáil ar shuíomh gréasáin MIIT:

http://www.miit.gov.cn/n1146295/n1652858/n1652930/n3757016/c5353943/content.html (léite den uair dheireanach an 2 Márta 2020)

(43)  TISCO, “Próifíl cuideachta”, http://en.tisco.com.cn/CompanyProfile/20151027095855836705.html (léite den uair dheireanach an 2 Márta 2020)

(44)  Baowu, “Próifíl cuideachta”, http://www.baowugroup.com/en/contents/5273/102759.html (léite den uair dheireanach an 2 Márta 2020)

(45)  Tuarascáil – Caibidlí 14.1 go 14.3.

(46)  Tuarascáil – Caibidil 4, lgh. 41-42, 83.

(47)  Anailís ar thionscal na bpíopaí cruach táite sa tSín in 2018, Huajing Information Network, foilsithe an 5.3.2019 https://m.huaon.com/detail/407989.html

(48)  Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, lgh. 346 ff.

(49)  Réamhrá le The Plan for Adjusting and Upgrading the Steel Industry.

(50)  Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 347.

(51)  The 13th Five-Year Plan for Economic and Social Development of the People’s Republic of China (2016-2020), le fáil ar

https://en.ndrc.gov.cn/newsrelease_8232/201612/P020191101481868235378.pdf (léite den uair dheireanach an 2 Márta 2020)

(52)  Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 349.

(53)  Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 352.

(54)  Catalogue for Guiding Industry Restructuring (2011 Version) (2013 Amendment) arna eisiúint le hOrdú Uimh. 9 den Choimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú an 27 Márta 2011, arna leasú i gcomhréir le Cinneadh an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú maidir le Leasú na gClásal Ábhartha de Catalogue for Guiding Industry Restructuring (2011 Version) arna eisiúint le hOrdú Uimh. 21 ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú an 16 Feabhra 2013.

(55)  Tuarascáil – Caibidil 14, lgh. 375-376.

(56)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 138-149.

(57)  Tuarascáil – Caibidil 9, lch. 216.

(58)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 213-215.

(59)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 209-211.

(60)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 332-337.

(61)  Tuarascáil – Caibidil 13, lch. 336.

(62)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 337-341.

(63)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 114-117.

(64)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 119.

(65)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 120.

(66)  Féach Páipéar Oibre an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta “Resolving China’s Corporate Debt Problem”, le Wojciech Maliszewski, Serkan Arslanalp, John Caparusso, José Garrido, Si Guo, Joong Shik Kang, W. Raphael Lam, T. Daniel Law, Wei Liao, Nadia Rendak, Philippe Wingender, Jiangyan, Deireadh Fómhair 2016, WP/16/203

(67)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

(68)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income

(69)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar táirgeadh táirge san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna den táirge faoi athbhreithniú a bhreithniú.

(70)  Sa Tuirc, i rith na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, níorbh ann d’aon sonraí allmhairí maidir le toisc tháirgeachta thábhachtach – an príomh-sheachtháirge (iarmhar de chruach neamh-chóimhiotail). Thairis sin, bhí srianta onnmhairí i bhfeidhm maidir le haigéad sulfarach. Sa Téalainn, bhí sonraí allmhairí ar fáil le haghaidh na n-amhábhar agus na seachtháirgí go léir, agus níor sainaithníodh aon srian onnmhairí/allmhairí a bhain le haon toisc tháirgeachta.

(71)  Rinneadh na figiúirí a soláthraíodh do na costais mhonaraíochta a chros-seiceáil go cianda agus a réiteach le cuntais na cuideachta

(72)  https://www.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/t/thailand/THA.pdf lch. 48

(73)  https://home.kpmg/xx/en/home/insights/2011/12/thailand-other-taxes-levies.html

(74)  https://www.ilo.org/shinyapps/bulkexplorer17/?lang=en&segment=indicator&id=HOW_TEMP_SEX_ECO_NB_A

(75)  http://www.nso.go.th/sites/2014en/Pages/Statistical%20Themes/Population-Society/Labour/Labour-Force.aspx (Ráithe 1 go 4, Comhad Excel - Fillteán 1-19 Wk, Tábla 15)

(76)  http://www.mea.or.th/en/profile/109/114 - úsáideadh taraif thionsclaíoch tráth a úsáide

(77)  http://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/energy-economy-static tábla 7.2.4

(78)  https://www.dede.go.th/ewt_news.php?nid=42079

(79)  https://www.pacificpipe.co.th/EN/investor.html#financial_information

(80)  https://asiametal.co.th/Investor/index.php?page=fin_data&lang=0

(81)  Ar bhonn Thacar Sonraí ECFE: Costais Iompair agus Árachais Idirnáisiúnta na Trádála Marsantais (ITIC) – an tSín – an Ísiltír. https://stats.oecd.org/Index.aspx?DataSetCode=CIF_FOB_ITIC

(82)  Ar bhonn na dtairiscintí i gcomhair seachadtaí ó chalafort Tianjin go Béising, seachadtaí dá bhforáiltear leis an mBanc Domhanda https://www.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/c/china/CHN.pdf lch. 88

(83)  http://www.transcustoms.cn/index.asp

(84)  Liostaítear tíortha de réir mhéideanna na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne.

(85)  Ar bhonn Thacar Sonraí ECFE: Costais Iompair agus Árachais Idirnáisiúnta na Trádála Marsantais (ITIC) – an tSín – tír atá i gceist. https://stats.oecd.org/Index.aspx?DataSetCode=CIF_FOB_ITIC

(86)  Ar bhonn na dtairiscintí i gcomhair seachadtaí ó chalafort Tianjin go Béising, seachadtaí dá bhforáiltear leis an mBanc Domhanda https://www.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/c/china/CHN.pdf lch. 88

(87)  I gcás Pheiriú, ní cheadaítear le cóid chustaim na dtíortha idirdhealú a dhéanamh idir na táirgí dubha agus na táirgí galbhánaithe. Dá bhrí sin, áiríodh na píopaí/feadáin ar fad atá faoi athbhreithniú mar aon chineál táirge amháin sa ríomh.

(88)  https://m.huaon.com/detail/407989.html; https://m.huaon.com/detail/617918.html

(89)  Anailís ar thionscal na bpíopaí cruach táite sa tSín in 2018, Huajing Information Network, arna foilsiú an 5.3.2019 https://m.huaon.com/detail/407989.html

(90)  https://www.globaltradealert.org/

https://www.globaltradealert.org/data_extraction

https://www.globaltradealert.org/latest/state-acts

(91)  Ar bhonn Thacar Sonraí ECFE: Costais Iompair agus Árachais Idirnáisiúnta na Trádála Marsantais (ITIC) – an Rúis – an Laitvia. https://stats.oecd.org/Index.aspx?DataSetCode=CIF_FOB_ITIC#

(92)  Ar bhonn na dtairiscintí i gcomhair seachadtaí ó Mhoscó – Cathair Pheadair dá bhforáiltear leis an mBanc Domhanda: https://www.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/r/russia/RUS.pdf lch. 85

(93)  An tAontas Eorpach – Modheolaíochtaí Coigeartaithe Costas agus Bearta Fiithdhumpála Áirithe maidir le hallmhairí ón Rúis, Tuarascáil ón bPainéal an 24 Iúil 2020, WT/DS494/R.

(94)  An Asarbaiseáin, an Airméin, an Bhealarúis, an Chasacstáin, Poblacht na Cirgise, an Mholdóiv, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin, an Úisbéiceastáin agus an Úcráin.

(95)  Tá an méid táirgeachta bunaithe ar shonraí ó 27 mBallstát an Aontais toisc gur scoir an Ríocht Aontaithe de bheith ina páirt den Aontas Eorpach amhail ón 1 Feabhra 2020 agus gur tháinig deireadh an 31 Nollaig 2020 leis an idirthréimhse i gcomhair na Ríochta Aontaithe chun tarraingt amach as an Aontas.

(96)  Tá an tomhaltas bunaithe ar shonraí 27 mBallstát an Aontais, gan sonraí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a áireamh

(97)  Tá méid na n-allmhairí bunaithe ar shonraí 27 mBallstát an Aontais, gan sonraí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a áireamh

(98)  Tá méid na n-allmhairí bunaithe ar shonraí 27 mBallstát an Aontais, gan sonraí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a áireamh

(99)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/566 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadáin agus píopaí ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise, Phoblacht na Cóiré agus Mhalaeisia iad agus lena gcuirtear deireadh leis an imscrúdú a bhain le hallmhairí an táirge céanna ar de thionscnamh Phoblacht na Tuirce é, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 99, 10.4.2019, lch. 9), aithris 128.

(100)  Tá allmhairí ó thríú tíortha bunaithe ar shonraí 27 mBallstát an Aontais, gan sonraí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a áireamh ach lena n-áirítear sonraí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe mar thríú tír.

(101)  Tá na táscairí maicreacnamaíocha bunaithe ar shonraí 27 mBallstát an Aontais, gan sonraí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a áireamh

(102)  Tá táscairí micreacnamaíocha bunaithe ar shonraí 28 mBallstát an Aontais, agus an Ríocht Aontaithe san áireamh. Bunaithe ar mhéid íseal na ndíolachán ag na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil sa Ríocht Aontaithe (thart ar 3 % de mheándíolacháin san Aontas Eorpach ag na táirgeoirí sin sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe), ba chosúil gur fíorbheag tionchar na n-idirbheart a bhaineann leis an Ríocht Aontas ar na torthaí maidir le díobháil, agus ní bheadh na conclúidí maidir le díobháil ábhartha athraithe mar sin agus sonraí ó 27 mBallstát an Aontais á n-úsáid.

(103)  Tá breis is a dheich oiread de thomhaltas iomlán an Aontais i gceist leis an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, agus tá acmhainneacht táirgeachta ainmniúil ag an aon táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibritheach amháin de chuid na Rúise a sháraíonn tomhaltas iomlán an Aontais. Is ionann an acmhainneacht bhreise sa Bhealarúis agus 9 % de thomhaltas an Aontais.

(104)  184 887 tonna ó Dhaon-Phoblacht na Síne, 36 057 tonna ón Rúis agus 29 615 tonna ón mBealarúis

(105)  Commission européenne, Direction générale du commerce, Direction H, Rue de la Loi/Wetstraat 170 1040 Bruxelles/Brussel BELGIQUE/BELGIË.

(106)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


CINNTÍ

19.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/194


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/636 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2021

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (1), agus go háirithe Airteagal 2c de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Nollaig 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/798/CBES.

(2)

An 22 Feabhra 2021, nuashonraigh Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 2127 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, an fhaisnéis a bhaineann le duine amháin atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 352, 24.12.2013, lch. 51.


IARSCRÍBHINN

Sa liosta a leagtar amach i gCuid A (Daoine) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES, cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil 14:

“14.

Bi Sidi SOULEMAN (aliais: a) Sidiki b) ‘General’ Sidiki c) Sidiki Abbas d) Souleymane Bi Sidi e) Bi Sidi Soulemane)

Ainmniú: Uachtarán agus ‘Ginearál’ (féinfhógartha) Retour, Réclamation et Réhabilitation (3R)

Dáta breithe: an 20 Iúil 1962

Áit bhreithe: Bocaranga, Poblacht na hAfraice Láir

Náisiúntacht: Poblacht na hAfraice Láir

Uimhir phas: Laissez-passer uimh. N°235/MISPAT/DIRCAB/DGPC/DGAEI/SI/SP, arna eisiúint an 15 Márta 2019 (arna eisiúint ag Aire Gnóthaí Baile Phoblacht na hAfraice Láir)

Seoladh: Koui, Ouham-Pendé prefecture, Poblacht na hAfraice Láir

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 5 Lúnasa 2020

Faisnéis eile:

Is é Bi Sidi Souleman atá i gceannas ar an ngrúpa mílíste Retour, Réclamation, Réhabilitation (3R) atá lonnaithe i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL) a bhfuil sibhialtaigh maraithe agus easáitithe aige agus a bhfuil céasadh agus éigniú déanta aige orthu agus a bhí ag gabháil do gháinneáil arm, do ghníomhaíochtaí cánachais neamhdhleathacha agus a bhí i mbun cogaidh le mílístí ó bunaíodh é in 2015. Ina theannta sin, bhí baint ag Bi Sidi Souleman féin le céasadh. An 6 Feabhra 2019, shínigh 3R an Comhaontú Polaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearas i bPoblacht na hAfraice Láir ach bhí sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí a sháraíonn an Comhaontú agus tá sé fós ina bhagairt don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don tslándáil i bPoblacht na hAfraice Láir. Mar shampla, an 21 Bealtaine 2019, mharaigh 3R 34 shibhialtach a bhí gan airm i dtrí shráidbhaile agus, dá bharr, cuireadh na fir fhásta chun báis go hachomair. Cé gur dheimhnigh Bi Sidi Souleman go hoscailte d’Eintiteas de chuid na Náisiún Aontaithe gur thug sé ordú do bhaill de chuid 3R dul chomh fada leis na sráidbhailte tráth na n-ionsaithe, níor admhaigh sé gur thug sé orduithe do 3R na sibhialtaigh a mharú. I mí na Nollag 2020, tar éis dó dul isteach i gcomhghuaillíocht de ghrúpaí armtha a bunaíodh chun cur isteach ar an bpróiseas toghchánach, tuairiscíodh gur maraíodh Bi Sidi Souleman le linn troda.

Faisnéis ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Liostaíodh Bi Sidi Souleman an 5 Lúnasa 2020 de bhun mhíreanna 20 agus 21 (b) de rún 2399 (2018), arna shíneadh le mír 5 de rún 2507 (2020), as páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí nó tacú le gníomhaíochtaí lena raibh an bonn á bhaint de shíocháin, cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na hAfraice Láir, lena n-áirítear gníomhartha a chuireann próiseas na cobhsaíochta agus an athmhuintearais i mbaol, nó a chuireann bac ar na próisis sin, nó a spreagann foréigean; a bheith páirteach i bpleanáil, i stiúradh, nó i ndéanamh gníomhartha i bPoblacht na hAfraice Láir lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó an dlí daonnúil idirnáisiúnta, de réir mar is infheidhme, nó ar mí-úsáid nó sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear gníomhartha lena ngabhann díriú ar shibhialtaigh, ionsaithe ar bhonn eitneach nó reiligiúnach, ionsaithe ar nithe sibhialta, lena n-áirítear ionaid riaracháin, tithe cúirte, scoileanna agus ospidéil, agus fuadach agus easáitiú éigeantach.

Faisnéis bhreise

Uachtarán agus ‘ginearál’ (féinfhógartha) an ghrúpa armtha Retour, Réclamation et Réhabilitation (3R) bhí Bi Sidi Souleman ag gabháil do ghníomhaíochtaí a chuir síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na hAfraice Láir i mbaol agus, go háirithe, cur chun feidhme an Chomhaontaithe Pholaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearais i bPoblacht na hAfraice Láir a síníodh in Bangui an 6 Feabhra 2019.

Rinne sé féin agus trodairí faoina cheannas gníomhartha arbh ionann iad agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. An 21 Bealtaine 2019, mharaigh 3R 34 shibhialtach a bhí gan airm i dtrí shráidbhaile (Koundjili, Lemouna agus Bohong) agus, dá bharr, cuireadh na fir fhásta chun báis go hachomair.

Faoina cheannaireacht, rinne baill de chuid 3R gníomhaíochtaí lena ngabhann foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe. I mí Mheán Fómhair 2017, le linn ionsaithe in aghaidh Bocaranga, rinne baill de chuid 3R éigniú ar roinnt ban agus cailíní. Idir mí an Mhárta agus mí Aibreáin 2020, bhí baint ag baill de chuid 3R le seacht gcás d'fhoréigean gnéasach i dtrí shráidbhaile in Ouham-Pendé.

Faoina cheannaireacht, lean 3R de bhac a chur ar athbhunú údarás an stáit ina réimsí oibríochta trí chórais chánachais mhídhleathacha a chothabháil, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí buailteachais agus maidir le taistealaithe agus bhí baint aige le dúshaothrú mídhleathach óir in Mambéré-Kadéï agus Nana-Mambéré.

In 2019, faoina cheannaireacht rinne 3R na chéad sáruithe ar an gComhaontú Síochána. Ar dtús, dhiúltaigh Bi Sidi Souleman tús a chur le dí-armáil agus le díshlógadh trodaithe 3R a bhí ceaptha páirt a ghlacadh sa chéad aonad slándála measctha speisialta in iarthar Phoblacht na hAfraice Láir agus lean 3R dá smacht ar chríocha a mhéadú, rud a d'fhág gur chuir MINUSCA oibríocht ar bun in Ouham-Pendé, Nana-Mambéré agus Mambéré-Kadéï i mí Mheán Fómhair 2019. Lean sé freisin d'airm a gháinneáil chun cur lena chumais mhíleata agus de throdaithe a earcú ó thar lear.

In 2020, lean 3R, faoina cheannaireacht, de sháruithe a dhéanamh ar an gcomhaontú síochána agus lean sé dá smacht ar chríocha san Iarthar a mhéadú. I mí na Bealtaine 2020, ghabh baill de chuid 3R seilbh ar an gendarmerie in Besson in Nana-Mambéré agus thréig iarchodanna de 3R USMS Bouar. An 5 Meitheamh 2020, d’fhógair Bi Sidi Souleman go gcuirfí rannpháirtíocht 3R i sásraí leantacha an Chomhaontaithe ar fionraí go dtí go bhfógrófar a mhalairt. An 9 Meitheamh 2020, rinne grúpa, a mheastar gur baill de chuid 3R iad, ionsaí ar champa traenála USMS Bouar agus ar sheicphointe comhpháirteach de chuid MINUSCA agus na bhfórsaí náisiúnta in Pougol. An 21 Meitheamh 2020, rinne baill de chuid 3R ionsaí ar phatról comhpháirteach de chuid MINUSCA agus na bhfórsaí náisiúnta gar do Besson agus maraíodh triúr saighdiúirí as Poblacht na hAfraice Láir.”