ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 120

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
8 Aibreán 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/571 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta de shubstaintí a fhéadfar a chur le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirme leantach, bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte ( 1 )

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/572 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2016/127 a mhéid a bhaineann le dáta chur chun feidhme forálacha áirithe de ( 1 )

4

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/573 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 maidir le coinníollacha allmhairiúcháin le haghaidh seilidí beo, le haghaidh táirgí ilchodacha agus le haghaidh cásálacha a chuirtear ar an margadh lena gcaitheamh ag an duine ( 1 )

6

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/574 ón gCoimisiún an 30 Márta 2021 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/375 agus Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte gníomhaí prósulfúróin ( 1 )

9

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/575 ón gCoimisiún an 30 Márta 2021 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

13

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

8.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 120/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/571 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Eanáir 2021

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta de shubstaintí a fhéadfar a chur le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirme leantach, bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 (1) ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 16 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 leagtar síos liosta de chuid an Aontais de shubstaintí a fhéadfar a chur le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí bia dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán sin.

(2)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 údaraítear faoi láthair gur féidir L-meitiolfóláit chailciam a chur mar fhoinse fóláite le bia chun críoch speisialta míochaine agus mar ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú.

(3)

Tar éis iarratas a dhéanamh ina n-iarrtar go n-údarófar freisin L-meitiolfóláit chailciam a úsáid mar fhoinse fóláite i mbainne foirmle do naíonáin, i mbainne foirmle leantach, i mbia gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbia do naíonáin, ar na leibhéil is gá chun na ceanglais maidir le comhdhéanamh fóláite a chomhlíonadh, ar ceanglais iad a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir leis na hearraí bia sin, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim a thabhairt maidir le sábháilteacht agus bith-infhaighteacht na substainte sin nuair a chuirtear leis na hearraí bia lena mbaineann í. Sa tuairim uaidh an 27 Samhain 2019 (2), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur foinse í L-meitiolfóláit chailciam óna bhfuil fóláit ar fáil go bitheolaíoch agus go bhfuil sí sábháilte faoi na húsáidí atá beartaithe agus faoi na leibhéil úsáide atá beartaithe maidir leis an spriocdhaonra, is é sin naíonáin (<12 mhí) agus leanaí óga (12-<36 mhí).

(4)

Measann an Coimisiún go dtugann tuairim an Údaráis forais leordhóthanacha lena shuí nach ábhar imní í L-meitiolfóláit chailciam mar fhoinse fóláite nuair a úsáidtear í i mbainne foirmle do naíonáin, i mbainne foirmle leantach, i mbia gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbia do naíonáin ar na leibhéil is gá. Dá bhrí sin, ba cheart L-meitiolfóláit chailciam a chur san áireamh sa liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 mar fhoinse fóláite sna catagóirí bia sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 609/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 181, 29.6.2013, lch. 35.

(2)  Painéal ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí (NDA) de chuid NFSA, “Scientific Opinion on Calcium l-methylfolate as a source of folate added for nutritional purposes to infant and follow-on formula, baby food and processed cereal-based food” (Tuairim Eolaíoch maidir le L-meitiolfóláit chailciam mar fhoinse fóláite arna cur le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte chun críoch cothaitheacha), Iris EFSA, doi: 10.2903/j.efsa.2020,5947.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 mar a leanas:

(a)

faoin tsubstaint “Fóláit”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “cailciam-L-meitilfhólach”:

“L-meitiolfóláit chailciam

X

X

X

X”


8.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 120/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/572 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Eanáir 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2016/127 a mhéid a bhaineann le dáta chur chun feidhme forálacha áirithe de

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 (2) ón gCoimisiún, leagtar síos, ceanglais shonracha comhdhéanaimh le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a mhonaraítear as hidrealasáit próitéine. Foráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 go mbeidh feidhm ag a fhorálacha maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine ón 22 Feabhra 2021.

(2)

Ceadaíodh hidrealasáití próitéine a úsáid i mbainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach faoi Threoir 2006/141/CE (3). Sa tuairim ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“Údarás”) maidir le comhdhéanamh fíor-riachtanach bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, mar sin féin, (4), thug an tÚdarás dá aire nach mór sábháilteacht agus oiriúnacht gach foirmle shonrach ina bhfuil hidrealasáití próitéine a bhunú trí bhíthin meastóireacht chliniciúil.

(3)

Ní bhfuair ach foirmle amháin atá ar an margadh faoi láthair measúnú dearfach ón Údarás go dtí seo. Comhfhreagraíonn a chomhdhéanamh do na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127.

(4)

Tá measúnú á dhéanamh ag an Údarás faoi láthair ar shábháilteacht agus oiriúnacht roinnt comhdhéanamh eile, a chomhfhreagraíonn d’fhoirmlí atá curtha ar an margadh go dlíthiúil i gcomhréir le Treoir 2006/141/CE.

(5)

Féadfar na ceanglais dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 a nuashonrú le go bhféadfar foirmle a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine a bhfuil comhdhéanamh ag baint leis atá éagsúil leis an gcomhdhéanamh a ndearnadh measúnú dearfach air a chur ar an margadh, tar éis don Údarás meastóireacht cás ar chás a dhéanamh ar a sábháilteacht agus a n-oiriúnacht

(6)

De dheasca phaindéim COVID-19 agus an ghéarchéim sláinte a bhaineann léi, mar sin féin, bhí moill ar mheasúnuithe eolaíocha a dhéanamh ar an bhfoirmle a bhfuil meastóireacht á déanamh uirthi ag an Údarás faoi láthair.

(7)

Chun míshocrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann sa mhargadh a sheachaint, is gá cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine a chur siar ar feadh tréimhse ama a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtaí phaindéim COVID-19 ar an meastóireacht a rinne an tÚdarás a chúiteamh.

(8)

I bhfianaise an ghá le míshocrachtaí sa mhargadh a sheachaint, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“I gcomhréir le hAirteagal 20(4) de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, aisghairtear Treoir 2006/141/CE le héifeacht ón 22 Feabhra 2020. Beidh feidhm ag Treoir 2006/141/CE, mar sin féin, go dtí an 21 Feabhra 2022 maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine”

(2)

In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige ón 22 Feabhra 2020, ach amháin i leith bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine, a mbeidh feidhm aige ón 22 Feabhra 2022.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 181, 29.6.2013, lch. 35.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais shonracha i ndáil le comhdhéanamh agus faisnéis le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach do naíonáin agus a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le faisnéis a bhaineann le beathú naíonán agus leanaí óga (IO L 25, 2.2.2016, lch. 1).

(3)  Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach agus lena leasaítear Treoir 1999/21/CE (IO L 401, 30.12.2006, lch. 1).

(4)  Painéal NDA EFSA (Painéal EFSA ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí), 2014. Tuairim Eolaíoch maidir le comhdhéanamh riachtanach bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach. Iris EPSA 2014;12(7):3760.


8.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 120/6


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/573 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 maidir le coinníollacha allmhairiúcháin le haghaidh seilidí beo, le haghaidh táirgí ilchodacha agus le haghaidh cásálacha a chuirtear ar an margadh lena gcaitheamh ag an duine

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1) agus go háirithe Airteagal 126(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais maidir le coinsíneachtaí, inter alia, seilidí ullmhaithe a theacht isteach san Aontas.

(2)

De réir Airteagal 1(2)(a)(i) agus (iii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625, ní mór tríú tíortha atá ag onnmhairiú coinsíneachtaí seilidí ullmhaithe chuig an Aontas a liostú, agus ní mór deimhniú oifigiúil a bheith ag gabháil le gach coinsíneacht seilidí ullmhaithe. Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais chomhchosúla freisin maidir le seilidí beo atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine.

(3)

Chun na seilidí atá faoi réir ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas a shainaithint go soiléir, ba cheart sainmhíniú ar sheilidí a thabhairt isteach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625.

(4)

Níor cheart feidhm a bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 maidir le samplaí d’earraí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, a n-allmhairítear chun críche anailíse ar tháirgí agus tástála cáilíochta gan iad a bheith curtha ar an margadh agus, dá bhrí sin, nach riosca iad don tsláinte phoiblí. Ba cheart Airteagal 1(3) a leasú dá réir. Foráiltear le hAirteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 maidir le ceanglais allmhairiúcháin i gcás coinsíneachtaí táirgí ilchodacha dá dtagraítear le cóid Chórais Chomhchuibhithe (“Cóid CC”) faoi cheannteidil áirithe de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (3). Is iomchuí tagairt a dhéanamh do chóid na hAinmníochta Comhcheangailte (AC) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625. Ina theannta sin, tá cóid táirgí ilchodacha áirithe in easnamh in Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625. Is iomchuí, dá bhrí sin, na cóid AC sin a chur leis.

(5)

Ba cheart coinsíneachtaí seilidí beo agus táirgí ilchodacha a chuirtear ar an margadh lena gcaitheamh ag an duine a bheith faoi réir deimhniú aonair maidir le teacht isteach san Aontas chun an riosca nach gcomhlíonfar ceanglais an Aontais maidir le sábháilteacht bia a laghdú. Le deimhniú ar chomhlíonadh cheanglais an Aontais, rannchuidítear freisin le ceanglais infheidhme an Aontais a mheabhrú d’oibreoirí gnó bia agus d’údaráis inniúla tríú tíortha nó réigiún díobh.

(6)

Déantar foráil in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 maidir le ceanglais i dtaca le hamhábhair a mhonarú le haghaidh allmhairiú coinsíneachtaí feola úire, feola mionaithe, ullmhóidí feola, táirgí feola, feola inneall-scartha agus amhábhar atá ceaptha chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh chun riosca féideartha don tsláinte phoiblí a sheachaint. Tá lamhnáin agus inní a úsáidtear chun cásálacha a tháirgeadh faoi réir cóireáil lena ndíothaítear aon riosca don tsláinte phoiblí. Is iomchuí, dá bhrí sin, go gceadófar gur ó sheamlais faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil náisiúnta a thiocfaidh na hamhábhair chun cásálacha a tháirgeadh agus ba cheart Airteagal 7 a leasú dá réir.

(7)

Bunaítear le hAirteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 nach bhféadfaidh aon choinsíneacht de tháirgí liostaithe áirithe teacht isteach san Aontas ach amháin má tá deimhniú oifigiúil ag gabháil leis an gcoinsíneacht. Ní áirítear táirgí ilchodacha i liosta na dtáirgí nach mór deimhniú oifigiúil a bheith ag gabháil leo.

(8)

Braitheann an riosca a bhaineann le catagóirí áirithe táirgí ilchodacha ar an gcineál comhábhar agus ar a ndálaí stórála. Dá bhrí sin, ba cheart coinsíneachtaí na dtáirgí sin a chuirtear ar an margadh lena gcaitheamh ag an duine a bheith faoi réir dheimhniúchán aonair gach coinsíneachta lena dtabhairt isteach san Aontas lena gcur ar an margadh. Le deimhniú ar chomhlíonadh cheanglais an Aontais, féadfar rannchuidiú freisin le ceanglais infheidhme an Aontais a mheabhrú d’oibreoirí gnó bia agus d’údaráis inniúla tríú tíortha nó réigiún díobh.

(9)

Táirgí áirithe ilchodacha fadré nach bhfuil aon táirge feola eile iontu seachas geilitín nó collaigin nó táirgí an-mhínphróiseáilte, ní riosca iad don tsláinte phoiblí ná do shláinte ainmhithe mar gheall ar chineál na cóireála is gá chun táirgí feola den sórt sin a mhonarú. Ba cheart fianú príobháideach, seachas deimhniú oifigiúil, a bheith ag gabháil leis na táirgí ilchodacha sin.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 a leasú dá réir sin.

(11)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Airteagail 12 agus 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón 21 Aibreán 2021, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe ar Airteagail is ábhartha d’Airteagail 12 agus 14 ón dáta sin freisin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(2)(d), cuirtear pointe (v) leis mar a leanas:

“(v)

seilidí beo.”;

(2)

in Airteagal 1(3), cuirtear isteach pointe (c) nua:

“(c)

earraí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine chun críche samplaí chun anailís a dhéanamh ar tháirgí agus chun tástáil cáilíochta a dhéanamh orthu gan iad a chur ar an margadh.”

(3)

in Airteagal 2, cuirtear isteach an pointe 14(a) seo a leanas:

“(14)(a)

ciallaíonn ‘seilidí’ seilidí mar a shainmhínítear iad i bpointe 6.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus aon speiceas eile seilidí d’fhine Helicidae, Hygromiidae nó Sphincterochilidae, atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;”

(4)

in Airteagal 3, cuirtear isteach pointe (c) seo a leanas:

“(c)

seilidí beo dá dtagraítear i gcód AC 0307 60 00 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.”

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(d):

“(d)

feoil inneall-scartha agus táirgí feola seachas cásálacha mar a shainmhínítear i bpointe 45 d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (*1);”

(*1)  IO L 174, 3.6.2020, lch. 379."

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(1):

“1.   Maidir le coinsíneachtaí táirgí ilchodacha dá dtagraítear sna cóid AC faoi cheannteidil 1517, 1518, 1601 00, 1602, 1603 00, 1604, 1605, 1702, 1704, 1806, 1901, 1902, 1904, 1905, 2001, 2004, 2005, 2101, 2103, 2104, 2105 00, 2106, 2202, 2208 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ní thiocfaidh siad isteach san Aontas lena gcur ar an margadh ach amháin más rud é gur táirgeadh gach táirge próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha i mbunaíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha nó i réigiúin díobh agus atá údaraithe chun na táirgí próiseáilte sin de bhunadh ainmhíoch a onnmhairiú chuig an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 5 nó gur táirgeadh i mbunaíochtaí atá lonnaithe sna Ballstáit iad”

(7)

leasaítear Airteagal 13(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach pointe (d) seo a leanas:

“(d)

seilidí beo dá dtagraítear i gcód AC 0307 60 00 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;”

(b)

cuirtear isteach pointe (e) seo a leanas:

“(e)

táirgí ilchodacha dá dtagraítear in Airteagal 12(2)(a) agus (b) seachas táirgí ilchodacha fadré nach bhfuil aon táirge feola eile iontu seachas geilitín, collaigin nó táirgí an-mhínphróiseáilte dá dtagraítear i Roinn XVI d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.”

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(1):

“1.   Beidh fianú príobháideach lena ndeimhnítear go gcomhlíonann na coinsíneachtaí na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 126(2) de Rialachán (AE) 2017/625, arna ullmhú agus arna shíniú ag an oibreoir gnó bia is allmhaireoir, ag gabháil le coinsíneachtaí na dtáirgí ilchodacha dá dtagraítear in Airteagal 12(2)(b) i gcás nach bhfuil aon táirge feola eile sna táirgí ilchodacha seachas geilitín, collaigin nó táirgí an-mhínphróiseáilte dá dtagraítear i Roinn XVI d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, agus in Airteagal 12(2)(c).”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(5), (7)(b) agus (8) ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe, atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, a theacht isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.


8.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 120/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/574 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Márta 2021

lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/375 agus Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte gníomhaí prósulfúróin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2)(c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/375 ón gCoimisiún (2), rinneadh athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí prósulfúrón mar shubstaint atá le hionadú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)

Le formheas na substainte gníomhaí prósulfúrón, mar a leagtar amach i gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3), áiríodh leis sin srian go mbeadh úsáid prósulfúróin teoranta d’aon úsáid amháin gach 3 bliana ar an ngort céanna ag uasdáileog de 20 g de shubstaint ghníomhach in aghaidh an heicteáir.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, an 12 Deireadh Fómhair 2016, chuir Syngenta Crop Protection AG iarratas faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir ainmnithe, an Fhrainc, ag iarraidh leasú ar na coinníollacha maidir le formheas prósulfúróin chun deireadh a chur leis an srian sin. Chinn an Ballstát is rapóirtéir ainmhithe an t-iarratas a bheith inghlactha.

(4)

Rinne an Ballstát is rapóirtéir ainmnithe measúnú ar úsáid leasaithe na substainte gníomhaí prósulfúrón i ndáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol i gcomhréir le forálacha Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus d’ullmhaigh sé tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú ar athnuachan, agus cuireadh an tuarascáil sin faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) agus an Choimisiúin an 5 Aibreán 2018.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, scaip an tÚdarás an tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chun barúlacha a fháil agus chuir sé ar fáil don phobal í. I gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, iarradh faisnéis bhreise ar an iarratasóir. Rinne an Fhrainc meastóireacht ar an bhfaisnéis bhreise agus chuir sí tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú ar athnuachan faoi bhráid an Choimisiúin agus an Údaráis an 28 Feabhra 2019.

(6)

An 15 Meitheamh 2020, chuir an tÚdarás a chonclúidí (4) in iúl don Choimisiún i dtaobh an bhféadfaí a bheith ag súil leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach prósulfúrón na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(7)

Chuir an Coimisiún aguisín a ghabhann leis an tuarascáil athbhreithnithe maidir le prósulfúrón agus dréacht-Rialachán freisin faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 23 Deireadh Fómhair 2020.

(8)

Iarradh ar an iarratasóir barúlacha a chur isteach maidir leis an aguisín a ghabhann leis an tuarascáil athbhreithnithe.

(9)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad a bhfuil an tsubstaint ghníomhach prósulfúrón ann, i gcás ina mbaintear úsáid as an táirge sin go bliantúil, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí deireadh a chur leis an srian lena dteorannaítear úsáid prósulfúróin d’aon úsáid amháin gach 3 bliana ar an ngort céanna ag uasdáileog de 20 g de shubstaint ghníomhach in aghaidh an heicteáir.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/375 agus Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/375

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/375 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/375 ón gCoimisiún an 2 Márta 2017 maidir le hathnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí prósulfúrón, mar shubstaint atá le hionadú, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún. (IO L 58, 4.3.2017, lch. 3).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(4)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2020. Conclúid maidir le hathbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca i gcás na substainte gníomhaí prósulfúrón. Iris EPSA 2020;18(7):6181, 20 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6181


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/375, cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs an cholúin “Forálacha sonracha”:

“Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach, dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, déanfar conclúidí na tuarascála athbhreithnithe maidir le prósulfúrón lena n-áirítear a aguisín, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis, a chur san áireamh.

Sa mheasúnú foriomlán sin, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar an méid seo a leanas:

cosaint screamhuisce, nuair a bhaintear úsáid as an tsubstaint i réigiúin ina bhfuil ithir leochaileach agus/nó dálaí aeráide leochaileacha;

cosaint tomhaltóirí, agus teagmháil le meitibilítí prósulfúróin á cur san áireamh;

an riosca do phlandaí talún agus uisceacha nach spriocphlandaí iad.

Áireofar ar na coinníollacha úsáide na bearta maolaithe riosca, i gcás inarb iomchuí.”


IARSCRÍBHINN II

In ionad an cholúin ‘Forálacha sonracha’ de shraith 6, prósulfúrón i gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear an méid seo a leanas:

‘Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach, dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, déanfar conclúidí na tuarascála athbhreithnithe maidir le prósulfúrón lena n-áirítear a aguisín, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis, a chur san áireamh.

Sa mheasúnú foriomlán sin, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar an méid seo a leanas:

cosaint screamhuisce, nuair a bhaintear úsáid as an tsubstaint i réigiúin ina bhfuil ithir leochaileach agus/nó dálaí aeráide leochaileacha;

cosaint tomhaltóirí, agus teagmháil le meitibilítí prósulfúróin á cur san áireamh;

an riosca do phlandaí talún agus uisceacha nach spriocphlandaí iad.

Áireofar ar na coinníollacha úsáide na bearta maolaithe riosca, i gcás inarb iomchuí.’


8.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 120/13


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/575 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Márta 2021

maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(3)

De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(4)

Is iomchuí foráil i ndáil le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, faisnéis nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhféadfaidh an sealbhóir, ar feadh tréimhse áirithe, leanúint air ag agairt na faisnéise sin i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad a dhéanfar a aicmiú faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2

Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is faisnéis í is féidir a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim


(1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí

Aicmiú

(Cód-AC)

Cúiseanna

(1)

(2)

(3)

Táirge a chuirtear i láthair ina shraith lena mhiondíol, buidéal plaisteach air agus é feistithe le caidéal aeir agus soic (fearas líonta) mar aon le 100 píosa ildaite de bhalúin ildaite atá istigh sa bhuidéal.

An gaireas líonta atá leis, is gaireas é a dearadh le líonadh le huisce agus le huisce a stóráil agus le húsáid chun uisce a phumpáil isteach sna balúin. Nuair atá na balúin líonta le huisce, úsáidtear iad ina bpléascáin uisce ar mhaithe le siamsaíocht amuigh faoin aer do leanaí agus do dhaoine fásta.

(Féach íomhá) (*1)

9503 00 99

Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1, 3(c) agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte agus le foclaíocht na gcód AC 9503 00 agus 9503 00 99 .

Ach an táirge a bhunú ar na saintréithe agus ar na hairíonna oibiachtúla atá ann, is rud é le húsáid ar mhaithe le siamsaíocht na ndaoine nuair atá siad ag fearadh cath uisce ar a chéile le balúin líonta. Tacar le miondíol, sin é atá ann, tacar nach féidir a rá cé acu de na comhpháirteanna is mó tábhacht ó thaobh na mbuntréithe de. An ceannteideal faoina bhfuil sé le haicmiú, is é an ceannteideal deiridh é san ord uimhriúil i measc na gceannteideal a bhfuil cothrom an áirimh ag dul dóibh. Cumhdaítear na balúin faoi cheannteideal 9503 . Dá bhrí sin, an t-aicmiú faoi cheannteideal 8414 nó 8424 , aicmiú de réir an ghairis líonta, sin aicmiú a chuirtear as an áireamh. Dá bhrí sin, is faoi cheannteideal 9503 atá an táirge le haicmiú.

Dá bhrí sin fós, fearacht bréagáin eile, is faoi chód AC 9503 00 99 atá an táirge le haicmiú.

Image 1


(*1)  Níl i gceist leis an íomhá ach rud ar mhaithe le faisnéis.