ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 118 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
64 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
7.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 118/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/566 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Márta 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) straidhn QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS-1857 agus straidhn GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis straidhn AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS 351, straidhn PB 54, straidhn SA 11, straidhn SA12 agus straidhn EG 2348, Beauveria bassiana straidhn ATCC 74040 agus straidhn GHA, clóidineafop, clóipirilid, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cipróidinil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, meapainipiri, Metarhizium anisopliae (var. anisopliae) straidhn BIPESCO 5/F52, meatconasól, meitrifeanón, pirimicharb, Pseudomonas chlororaphis straidhn MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “S. Griseoviridis” roimhe seo), Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn ICC012, straidhn T25 agus straidhn TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí “T. Viride” roimhe seo) straidhn ICC080, Trichoderma harzianum straidhn T-22 agus straidhn ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE (1) ón gComhairle, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 17 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (2) ón gCoimisiún na substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/421 ón gCoimisiún (3) cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) straidhn QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS-1857 agus straidhn GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis straidhn AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS 351, straidhn PB 54, straidhn SA 11, straidhn SA12 agus straidhn EG 2348, Beauveria bassiana straidhn ATCC 74040 agus straidhn GHA, clóidineafop, clóipirilid, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cipróidinil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, meapainipiri, Metarhizium anisopliae (var. anisopliae) straidhn BIPESCO 5/F52, meatconasól, meitrifeanón, pirimicharb, Pseudomonas chlororaphis straidhn MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “S. Griseoviridis” roimhe seo), Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn ICC012, straidhn T25 agus straidhn TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí “T. Viride” roimhe seo) straidhn ICC080, Trichoderma harzianum straidhn T-22 agus straidhn ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram go dtí an 30 Aibreán 2021. |
(3) |
Cuireadh isteach iarratais ar athnuachan fhormheas na substaintí sin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (4). |
(4) |
Ós rud é gur cuireadh moill ar mheasúnú na substaintí sin ar chúiseanna nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí orthu, is dócha go n-éagfaidh na formheasanna atá ag na substaintí gníomhacha sin sula mbeidh cinneadh déanta maidir lena n-athnuachan. Is gá, dá bhrí sin, síneadh a chur lena dtréimhsí formheasa. |
(5) |
Thairis sin, is gá síneadh a chur leis an tréimhse formheasa i gcás na substaintí gníomhacha cipróidinil, déchlórpróp-P, foiseitil, meapainipiri, meitrifeanón, pirimicharb, pirimeiteanail, spionasad, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram d’fhonn an t-am is gá a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh i ndáil le hairíonna suaite inchríneach na substaintí gníomhacha sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 13 agus 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. |
(6) |
A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le socrú ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna sin a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar le haghaidh athnuachan substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a shocrú, de réir mar is iomchuí sna himthosca. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/421 ón gCoimisiún an 18 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) straidhn QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS-1857 agus straidhn GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis straidhn AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS 351, straidhn PB 54, straidhn SA 11, straidhn SA12 agus straidhn EG 2348, Beauveria bassiana straidhn ATCC 74040 agus straidhn GHA, clóidineafop, clóipirilid, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cipróidinil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, Lecanicillium muscarium (ar a dtugtaí “Verticillium lecanii” roimhe seo) straidhn Ve6, meapainipiri, Metarhizium anisopliae (var. Anisopliae) straidhn BIPESCO 5/F52, meatconasól, meitrifeanón, Phlebiopsis gigantea straidhn FOC PG 410.3, straidhn VRA 1835 agus straidhn VRA 1984, pirimicharb, Pseudomonas chlororaphis straidhn MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “S. Griseoviridis” roimhe seo), Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn ICC012, straidhn T25 agus straidhn TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn IMI 206040 agus straidhn T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí “T. Viride” roimhe seo) straidhn ICC080, Trichoderma harzianum straidhn T-22 agus straidhn ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (IO L 84, 20.3.2020, lch. 7).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh. (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
(1) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 74, Sioram, cuirtear ‘30 Aibreán 2022’ in ionad an dáta; |
(2) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 89, Pseudomonas chlororaphis straidhn MA 342, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(3) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 90, Meapainipiri, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(4) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 123, Clóidineafop, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(5) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 124, Pirimicharb, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(6) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 125, Riomsulfúrón, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(7) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 127, Tríthiaconasól, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(8) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 129, Clóipirilid, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(9) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 130, Cipróidinil, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(10) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 131, Foiseitil, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(11) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 132, Tríneicseapac, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(12) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 133, Déchlórpróp-P, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(13) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 134, Meatconasól, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(14) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 135, Pirimeiteanail, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(15) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 136, Tríchlóipir, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(16) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 137, Meitrifeanón, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(17) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 138, Bacillus subtilis (Cohn 1872) straidhn QST 713, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(18) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 139, Spionasad, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(19) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 193, fospeiceas aizawai de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS-1857 agus straidhn GC-91, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(20) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 194, fospeiceas israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis straidhn AM65-52, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(21) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 195, fospeiceas kurstaki de Bacillus thuringiensis straidhn ABTS 351, straidhn PB 54, straidhn SA 11, straidhn SA 12 agus straidhn EG 2348, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(22) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 197, Beauveria bassiana straidhn ATCC 74040 agus straidhn GHA, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(23) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 198, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(24) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 200, Metarhizium anisopliae var. anisopliae (ar a dtugtaí “Metahizium anisopliae” roimhe seo) straidhn BIPESCO 5/F52, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(25) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 202, Pythium oligandrum straidhn M1, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(26) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 203, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “S. Griseoviridis” roimhe seo), cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(27) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 204, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn T11, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(28) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 206, Trichoderma harzianum Rifai straidhn T-22 agus straidhn ITEM 908, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(29) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 207, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí “T. Harzianum” roimhe seo) straidhn ICC012, straidhn T25 agus straidhn TV1, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(30) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 208, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí “T. Viride” roimhe seo) straidhn ICC080, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(31) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 210, Abaimeictin, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta; |
(32) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 213, Feinpiorocsamáit, cuirtear “30 Aibreán 2022” in ionad an dáta. |
7.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 118/6 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/567 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Aibreán 2021
lena bhformheastar eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, substaint ghníomhach a bhfuil riosca íseal ag baint léi, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chuir CEV SA iarratas faoi bhráid na hÍsiltíre an 7 Meitheamh 2016 ar fhormheas na substainte gníomhaí, eadhon eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, an 18 Eanáir 2017 thug an Ísiltír, an Ballstát rapporteur, fógra don iarratasóir, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) faoi inghlacthacht an iarratais. |
(3) |
An 1 Aibreán 2019, chuir an Ballstát rapporteur dréacht-tuarascáil mheasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin agus cóip faoi bhráid an Údaráis, féachaint an dóigh nó a mhalairt go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach sin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(4) |
Rinne an tÚdarás Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chomhlíonadh. I gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Rialachán sin, d’iarr sé ar an iarratasóir faisnéis bhreise a thabhairt do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Údarás. An measúnú ar an bhfaisnéis bhreise a rinne an Ballstát rapporteur, cuireadh faoi bhráid an Údaráis é an 3 Márta 2020 i bhformáid dréacht-tuarascála measúnaithe a bhí cothrom le dáta. |
(5) |
An 19 Meitheamh 2020, chuir an tÚdarás a chonclúid (2) in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún, maidir le cé acu ba dhóigh nó a mhalairt go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach, eadhon eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Chuir an tÚdarás a chonclúid ar fáil don phobal. |
(6) |
An 23 Deireadh Fómhair 2020, thíolaic an Coimisiún tuarascáil athbhreithniúcháin agus dréacht-rialachán don Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha maidir le heastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis. |
(7) |
Tugadh deis don iarratasóir a bharúil a chur in iúl maidir leis an tuarascáil athbhreithniúcháin. |
(8) |
Maidir le haon úsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as, ar a laghad, táirge cosanta plandaí amháin ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach, agus go háirithe na húsáidí a scrúdaíodh agus a sonraíodh sa tuarascáil athbhreithniúcháin, is éard a suíodh gurbh amhlaidh a comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(9) |
Measann an Coimisiún thairis sin gur substaint a bhfuil riosca íseal ag baint léi é an t-eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh 1107/2009. Ní substaint atá ina hábhar imní é an t-eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis agus comhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 5.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(10) |
Dá bhrí sin, is iomchuí eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis a fhormheas. |
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá coinníollacha agus srianta áirithe a chur san áireamh. Is iomchuí go háirithe faisnéis bhreise deimhniúcháin a éileamh. |
(12) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3) a leasú dá réir. |
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí
An tsubstaint ghníomhach, eadhon eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, faoi mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin a dhéantar é a fhormheas.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Is i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2020. Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar mheasúnú riosca lotnaidicídí i ndáil leis an tsubstaint ghníomhach, eadhon eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis; Irisleabhar EFSA 2020;18(7):6190, 45 lgh.; https://doi:10.2903/j.efsa.2020.6190. Ar fáil ar líne: (www.efsa.europa.eu).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag formheasa |
Forálacha sonracha |
||||
Eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis Uimh. CAS: Níl sí ar fáil don eastóscán Próitéin BLAD: 1219521-95-5 Uimh. CIPAC: Níl sí sannta |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní ábhartha an t-íosmhéid íonachta i gcás an eastóscáin. Cion próitéine BLAD: 195 – 210 g/kg. Sainaithníodh na heisíontais ábhartha seo a leanas (ar ábhar imní tocsaineolaíoch, éiceatocsaineolaíoch nó comhshaoil iad) sa tsubstaint ghníomhach mar a mhonaraítear í: Alcalóidigh chuineoilisidín iomlána (QA): (lúpainín, 13α-OH-lúpainín, 13α-aingealóiolocsalúpainín, lúipínín, ailbín, angastafóilín, 13α-tioglóiolocsalúpainín, α-isealúpainín, teitrihidreahoimdhéfhóilín, ilfhlóirín, spairtéin) Uaschion: suite go sealadach ag 0,05 g/kg |
27 Aibreán 2021 |
27 Aibreán 2036 |
Chun na prionsabail aonfhoirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur chun feidhme, tabharfar aird ar chonclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le heastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na treoracha lipéadaithe riachtanacha maidir le bearta i ndáil le cúradh agus cobhsaíocht chaolúcháin an fhoirmlithe. Déanfaidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise deimhniúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis maidir leis an méid seo a leanas:
Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 isteach faoin 27 Deireadh Fómhair 2021. |
(1) Tá tuilleadh sonraí maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí le fáil sa tuarascáil athbhreithniúcháin.
IARSCRÍBHINN II
I gCuid D den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
Uimh. |
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag formheasa |
Forálacha sonracha |
||||
‘28 |
Eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis Uimh. CAS: Níl sí ar fáil don eastóscán Próitéin BLAD: 1219521-95-5 Uimh. CIPAC: Níl sí sannta |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní ábhartha an t-íosmhéid íonachta i gcás an eastóscáin. Cion próitéine BLAD: 195 – 210 g/kg. Sainaithníodh na heisíontais ábhartha seo a leanas (ar ábhar imní tocsaineolaíoch, éiceatocsaineolaíoch nó comhshaoil iad) sa tsubstaint ghníomhach mar a mhonaraítear í: Alcalóidigh chuineoilisidín iomlána (QA): (lúpainín, 13α-OH-lúpainín, 13α-aingealóiolocsalúpainín, lúipínín, ailbín, angastafóilín, 13α-tioglóiolocsalúpainín, α-isealúpainín, teitrihidreahoimdhéfhóilín, ilfhlóirín, spairtéin) Uaschion: suite go sealadach ag 0,05 g/kg |
27 Aibreán 2021 |
27 Aibreán 2036 |
Chun na prionsabail aonfhoirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur chun feidhme, tabharfar aird ar chonclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le heastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na treoracha lipéadaithe riachtanacha maidir le bearta i ndáil le cúradh agus cobhsaíocht chaolúcháin an fhoirmlithe. Déanfaidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise deimhniúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis maidir leis an méid seo a leanas:
Cuirfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 isteach faoin 27 Deireadh Fómhair 2021.” |
(1) Tá tuilleadh sonraí maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí le fáil sa tuarascáil athbhreithniúcháin.
7.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 118/10 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/568 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Aibreán 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na Ríochta Aontaithe ar an liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2002/99/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha maidir le sláinte ainmhithe lena rialaítear táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine (1), agus go háirithe an frása réamhráiteach d’Airteagal 8, an chéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 8, mír 4 d’Airteagal 8 agus Airteagal 9(4) de,
Ag féachaint do Threoir 2009/158/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha i dtaca le sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil in éanlaith chlóis agus uibheacha goir laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh as tríú tíortha (2), agus go háirithe Airteagail 23(1), 24(2) agus 25(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún (3) leagtar síos ceanglais deimhniúcháin tréidliachta maidir le héanlaith chlóis agus táirgí éineola (“na tráchtearraí”) a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd, lena n-áirítear iad a stóráil le linn an idirthurais. Foráiltear leis nach ndéanfar na tráchtearraí a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd ach ó na tríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga a liostaítear i gcolúin 1 agus 3 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis. |
(2) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, leagtar síos freisin na coinníollacha maidir le tríú tír, críoch, crios nó deighleog a mheastar a bheith saor ó fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI). |
(3) |
I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag Treoracha 2002/99/CE agus 2009/158/CE, agus gníomhartha de chuid an Choimisiúin atá bunaithe orthu, maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. |
(4) |
Dá bhrí sin, liostaítear an Ríocht Aontaithe, gan Tuaisceart Éireann san áireamh, sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 mar thríú tír óna n-údaraítear tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd ó chodanna áirithe dá críoch, ag brath ar HPAI a bheith ann. Leagtar réigiúnú sin na Ríochta Aontaithe amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/256 ón gCoimisiún (4). |
(5) |
An 29 Márta 2021, dheimhnigh an Ríocht Aontaithe go raibh HPAI d’fhochineál H5N8 i ngabháltas éanlaithe clóis in Staffordshire Thoir. |
(6) |
Chuir údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe crios rialaithe 10 km timpeall ar an ngabháltas atá buailte agus chuir siad beartas díbeartha chun feidhme chun láithreacht HPAI a rialú agus leathadh an ghalair sin a theorannú. Thairis sin, dhearbhaigh údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe gur chuir siad deimhnithe tréidliachta ar fionraí láithreach bonn le haghaidh coinsíneachtaí tráchtearraí a bhí beartaithe a onnmhairiú chuig an Aontas ó chríoch iomlán na Ríochta Aontaithe, cé is moite de Thuaisceart Éireann. |
(7) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina críoch agus na bearta atá glactha aici chun leathadh HPAI, a bhfuil meastóireacht déanta ag an gCoimisiún air anois, a chosc. Ar bhonn na meastóireachta sin, is iomchuí srianta a chur ar thráchtearraí a thabhairt isteach san Aontas ón limistéar atá curtha faoi shrianta ag údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe mar gheall ar an ráig reatha HPAI in Staffordshire Thoir. |
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, iontráil na Ríochta Aontaithe sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá sa tríú tír sin faoi láthair a chur san áireamh. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 a leasú dá réir. |
(10) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 18, 23.1.2003, lch. 11.
(2) IO L 343, 22.12.2009, lch. 74.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2008 lena leagtar síos liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar éanlaith chlóis agus táirgí éineola a allmhairiú isteach sa Chomhphobal agus a bheith faoi bhealach tríd agus na ceanglais deimhniúcháin tréidliachta (IO L 226, 23.8.2008, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/256 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na Ríochta Aontaithe ar an liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach (IO L 58, 19.2.2021, lch. 36).
IARSCRÍBHINN
I gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Ríochta Aontaithe:
‘GB — An Ríocht Aontaithe (*1) |
GB-0 |
An tír iomlán |
SPF |
|
|
|
|
|
|
|
EP, E |
|
|
|
|
|
|
|
|||
GB-1 |
Tír iomlán na Ríochta Aontaithe, cé is moite de limistéar GB-2 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N |
|
|
A |
|
|
|
WGM |
|
|
|
|
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N |
|
|
|
|
|
|||
GB-2 |
Críoch na Ríochta Aontaithe a chomhfhreagraíonn don mhéid seo a leanas: |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
GB-2.1 |
Contae Yorkshire Thuaidh: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.30 agus W1.47 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
1.1.2021 |
6.1.2021 |
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
1.1.2021 |
6.1.2021 |
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
1.1.2021 |
6.1.2021 |
|
|
|
|||
GB-2.2 |
Contae Yorkshire Thuaidh: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.29 agus W1.45 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
1.1.2021 |
8.1.2021 |
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
1.1.2021 |
8.1.2021 |
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
1.1.2021 |
8.1.2021 |
|
|
|
|||
GB-2.3 |
Contae Norfolk: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.49 agus E0.95 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
1.1.2021 |
10.1.2021 |
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
1.1.2021 |
10.1.2021 |
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
1.1.2021 |
10.1.2021 |
|
|
|
|||
GB-2.4 |
Contae Norfolk: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.72 agus E0.15 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
1.1.2021 |
11.1.2021 |
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
1.1.2021 |
11.1.2021 |
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
1.1.2021 |
11.1.2021 |
|
|
|
|||
GB-2.5 |
Contae Derbyshire: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.93 agus W1.57 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
1.1.2021 |
17.1.2021 |
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
1.1.2021 |
17.1.2021 |
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
1.1.2021 |
17.1.2021 |
|
|
|
|||
GB-2.6 |
Contae Yorkshire Thuaidh: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.37 agus W2.16 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
1.1.2021 |
19.1.2021 |
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
1.1.2021 |
19.1.2021 |
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
1.1.2021 |
19.1.2021 |
|
|
|
|||
GB-2.7 |
Inse Orc: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N59.28 agus W2.44 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
1.1.2021 |
20.1.2021 |
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
1.1.2021 |
20.1.2021 |
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
1.1.2021 |
20.1.2021 |
|
|
|
|||
GB-2.8 |
Contae Dorset: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N51.06 agus W2.27 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
1.1.2021 |
20.1.2021 |
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
1.1.2021 |
20.1.2021 |
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
1.1.2021 |
20.1.2021 |
|
|
|
|||
GB-2.9 |
Contae Norfolk: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.52 agus E0.96 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
1.1.2021 |
23.1.2021 |
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
1.1.2021 |
23.1.2021 |
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
1.1.2021 |
23.1.2021 |
|
|
|
|||
GB-2.10 |
Contae Norfolk: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.52 agus E0.95 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
1.1.2021 |
28.1.2021 |
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
1.1.2021 |
28.1.2021 |
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
1.1.2021 |
28.1.2021 |
|
|
|
|||
GB-2.11 |
Contae Norfolk: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10.4 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.53 agus E0.66 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
1.1.2021 |
7.2.2021 |
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
1.1.2021 |
7.2.2021 |
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
1.1.2021 |
7.2.2021 |
|
|
|
|||
GB-2.12 |
Contae Devon: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N50.70 agus W3.36 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
1.1.2021 |
31.1.2021 |
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
1.1.2021 |
31.1.2021 |
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
1.1.2021 |
31.1.2021 |
|
|
|
|||
GB-2.13 |
Gar do Amlwch, Inis Món, an Bhreatain Bheag: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N53.38 agus W4.30 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
27.1.2021 |
|
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
27.1.2021 |
|
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
27.1.2021 |
|
|
|
|
|||
GB-2.14 |
Gar do Redcar, Redcar agus Cleveland, Sasana: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.57 agus W1.07 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
8.2.2021 |
|
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
8.2.2021 |
|
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
8.2.2021 |
|
|
|
|
|||
GB-2.15 |
Glenrothes, Fife, Albain: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N56.23 agus W3.02 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
12.2.2021 |
|
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
12.2.2021 |
|
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
12.2.2021 |
|
|
|
|
|||
GB-2.16 |
Contae Staffordshire, Contae Derbyshire: An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.99 agus W1.85 |
BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20 |
|
N P2 |
29.3.2021 |
|
A |
|
|
|
WGM |
|
P2 |
29.3.2021 |
|
|
|
|
|||
POU, RAT |
|
N P2 |
29.3.2021 |
|
|
|
|
(*1) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.’.