ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 107

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
26 Márta 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (Clár EU4Health) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017

30

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

26.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 107/1


RIALACHÁN (AE) 2021/522 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Márta 2021

lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De réir Airteagal 3(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), i measc na n-aidhmeanna atá ag an Aontas tá dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn.

(2)

De réir Airteagail 9 agus 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Airteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá ardleibhéal cosanta le haghaidh shláinte an duine le háirithiú agus beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais á sainiú agus á gcur chun feidhme.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 168 CFAE go bhfuil sé de dhualgas ar an Aontas beartais sláinte náisiúnta a chomhlánú agus tacú leo, comhar idir na Ballstáit a spreagadh agus comhordúchán idir a gcláir a chur chun cinn, le lánurraim d’fhreagrachtaí na mBallstát as a mbeartas sláinte a shainiú agus as seirbhísí sláinte agus cúram sláinte a eagrú, a bhainistiú agus a sholáthar.

(4)

Go háirithe, rinneadh gníomhaíochtaí faoi na cláir ghníomhaíochta Aontais a bhí ann roimhe i réimse na sláinte poiblí, eadhon iad sin dá bhforáiltear le Cinneadh Uimh. 1786/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus le Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus le Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 168 CFAE a chomhlíonadh.

(5)

An 11 Márta 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur paindéim dhomhanda a bhí i ráig an choróinvíris úrnua (COVID-19). Is í an phaindéim sin is cúis le géarchéim sláinte dhomhanda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo as ar eascair iarmhairtí socheacnamaíocha fíordhíobhálacha agus fulaingt an duine, ar nithe iad lena mbuailtear daoine le riochtaí ainsealacha go háirithe. Ina theannta sin bhí na baill foirne i suíomhanna cúraim sláinte, a bhí bunriachtanach le linn ghéarchéim COVID-19, neamhchosanta ar mhór-rioscaí sláinte.

(6)

Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a mbeartais sláinte, ba cheart dóibh an tsláinte phoiblí a chosaint de réir mheon na dlúthpháirtíochta Eorpaí, mar a iarradh i dTeachtaireacht an 13 Márta 2020 ón gCoimisiún maidir le freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar ráig COVID-19. Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéim leanúnach COVID-19 go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise ar leibhéal an Aontais chun tacú leis an gcomhar agus leis an gcomhordú idir na Ballstáit. Ba cheart leis an gcomhar sin go gcuirfí feabhas ar ullmhacht, cosc agus ar rialú i ndáil le leathadh ionfhabhtuithe agus galar tromchúiseach daonna thar theorainneacha, chun bagairtí tromchúiseacha eile trasteorann ar an tsláinte a chomhrac, agus chun sláinte agus dea-bhail gach duine san Aontas a choimirciú agus a fheabhsú. Is í an ullmhacht an eochair chun athléimneacht i leith bagairtí sa todhchaí a fheabhsú. I ndáil leis an méid sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit tástálacha struis a dhéanamh ar bhonn deonach chun feabhas a chur ar ullmhacht agus chun athléimneacht a mhéadú.

(7)

Is iomchuí, dá bhrí sin, clár nua agus atreisithe a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte, clár ar a dtabharfar “Clár EU4Health” (“an Clár”) don tréimhse 2021-2027. I gcomhréir le cuspóirí ghníomhaíocht an Aontais agus le hinniúlachtaí an Aontais i réimse na sláinte poiblí, ba cheart , leis an gClár, béim a leagan ar ghníomhaíochtaí a bhfuil buntáistí agus gnóthachain éifeachtúlachta iontu a eascróidh as comhoibriú agus comhar ar leibhéal an Aontais, agus ar ghníomhaíochtaí a bhfuil tionchar acu ar an margadh inmheánach.

(8)

Ba cheart an Clár a bheith ina mhodh chun gníomhaíochtaí a chur chun cinn i réimsí ina bhfuil breisluach Aontais is féidir a thaispeáint. Ba cheart a áirithiú ar ghníomhaíochtaí den sórt sin, inter alia, malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a neartú, tacú le líonraí um chomhroinnt eolais nó um fhoghlaim fhrithpháirteach, aghaidh a thabhairt ar bhagairtí trasteorann ar an tsláinte chun na rioscaí de bhagairtí den sórt sin a laghdú agus chun a n-iarmhairtí a mhaolú, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe a bhaineann leis an margadh inmheánach ar féidir leis an Aontas réitigh ardcháilíochta ar fud an Aontais a bhaint amach i ndáil leo, agus ar an gcaoi sin acmhainneacht na nuálaíochta sa tsláinte a scaoileadh, agus éifeachtúlacht a fheabhsú trí dhúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint agus úsáid acmhainní airgeadais a bharrfheabhsú. Ba cheart don Chlár tacú freisin le gníomhaíochtaí um fhorbairt acmhainneachta chun pleanáil straitéiseach, rochtain ar mhaoiniú ilfhoinsí agus an acmhainneacht infheistiú i ngníomhaíochtaí an Chláir agus iad a chur chun feidhme a neartú. Chuige sin, ba cheart leis an gClár cúnamh saincheaptha tírshonrach a chur ar fáil do na Ballstáit, nó do ghrúpaí Ballstát, a bhfuil na riachtanais is mó acu.

(9)

Leagtar síos sa Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil (7), de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach. Is é atá san imchlúdach airgeadais suim dar luach EUR 500 000 000 i bpraghsanna 2018 i gcomhréir leis an dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cláir shonracha a threisiú agus gníomhartha bunúsacha an 22 Nollaig 2020 a oiriúnú (8).

(10)

Chun go mbeidh an Clár cothrom agus dírithe, ba cheart sciartha íosta agus uasta den bhuiséad foriomlán a leagan síos sa Rialachán seo, le haghaidh réimsí gníomhaíochta áirithe, d’fhonn treoir a thabhairt maidir le leithdháileadh acmhainní i ndáil le cur chun feidhme an Chláir.

(11)

Mar gheall ar a thromchúisí atá na bagairtí trasteorann ar an tsláinte, ba cheart don Chlár tacú le bearta comhordaithe sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de bhagairtí den sórt sin. D’fhonn cur leis an gcumas san Aontas chun ullmhú d’aon ghéarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo, freagairt orthu agus iad a bhainistiú, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú na sásraí agus na struchtúr a bhunaítear faoi Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus do shásraí agus do struchtúir ábhartha eile dá dtagraítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 dar teideal “Aontas Sláinte de chuid na hEorpa a chur ar bun: Athléimneacht an Aontais a threisiú i leith bagairtí sláinte trasteorann”, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin atá dírithe ar phleanáil ullmhachta agus cumas freagartha a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, ar ról an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus na Gníomhaireacht Leigheasra Eorpaí (EMA) a threisiú, agus ar udarás um ullmhacht agus fhreagairt d’éigeandáil sláinte a bhunú. D’fhéadfaí a bheith san áireamh leis na gníomhaíochtaí sin forbairt acmhainneachta chun freagairt ar ghéarchéimeanna, bearta coisctheacha a bhaineann le vacsaíniú agus imdhíonadh, cláir faireachais neartaithe, faisnéis sláinte a sholáthar, agus ardáin chun na cleachtais is fearr a roinnt. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, cumas na ngníomhaithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun cabhrú le cosc, ullmhacht agus faireachas, bainistiú acmhainne agus acmhainn freagartha na ngníomhaithe i dtaca le géarchéim thrasearnálach, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach agus cleachtaí ullmhachta, i gcomhréir leis na cuir chuige “Aon Sláinte Amháin” agus “An tSláinte a Chuimsiú i ngach Beartas” a chothú. Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, bunú chreat trasghearrthach comhtháite cumarsáide maidir le riosca do gach céim de ghéarchéim sláinte, eadhon cosc, ullmhacht agus freagairt, a éascú.

(12)

D’fhonn na cumais san Aontas chun géarchéimeanna sláinte a chosc, ullmhú dóibh, freagairt dóibh agus iad a bhainistiú a neartú, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú na sásraí agus na struchtúr a bhunaítear faoi chuimsiú reachtaíocht ábhartha an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh sa tacaíocht sin forbairt acmhainneachta chun freagairt ar ghéarchéimeanna sláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach agus ullmhacht, bearta coisctheacha amhail na bearta sin a bhaineann le vacsaíniú agus imdhíonadh, cláir faireachais neartaithe agus comhordú agus comhar feabhsaithe.

(13)

I gcomhthéacs géarchéimeanna sláinte poiblí, is féidir le trialacha cliniciúla agus measúnú ar theicneolaíocht sláinte (HTA) rannchuidiú le dlús a chur le frithbhearta leighis éifeachtacha a fhorbairt agus a shainaithint. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfaí leis an gClár tacaíocht a sholáthar chun gníomhaíochtaí sna réimsí sin a éascú.

(14)

D’fhonn daoine atá i staideanna leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil meabhairghalair orthu agus iad siúd atá ag maireachtáil le galair theagmhálacha nó neamhtheagmhálacha agus galair ainsealacha nó iad siúd is mó atá thíos leo, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, gníomhaíochtaí a chur chun cinn freisin lena dtabharfar aghaidh agus lena gcuirtear cosc ar thionchar chomhthaobhacha géarchéimeanna sláinte ar dhaoine ar de ghrúpaí leochaileacha den sórt sin iad agus gníomhaíochtaí lena gcuirtear feabhas ar mheabhairshláinte.

(15)

Géarchéim COVID-19, is rud é a chuir i bhfáth dúshláin iomadúla lena n-áirítear spleáchas an Aontais ar thríú tíortha, chun go n-áiritheofaí soláthar amhábhar, comhábhar gníomhach cógaisíochta, táirgí íocshláinte, feistí leighis agus trealaimh chosanta phearsanta a theastaíonn san Aontas le linn géarchéimeanna sláinte agus go háirithe le linn paindéimí. Dá bhrí sin, ba cheart, leis an gClár, tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí lena gcothaítear táirgeadh, soláthar agus bainistiú táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime laistigh den Aontas chun an riosca ganntanas a mhaolú, agus comhlántacht le hionstraimí eile an Aontais á háirithiú san am céanna.

(16)

D’fhonn na hiarmhairtí don tsláinte phoiblí ó bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a íoslaghdú, ba cheart a bheith in ann le gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár feabhas a chur ar idir-inoibritheacht chórais sláinte na mBallstát trí chomhar agus trí dhea-chleachtais a mhalartú agus freisin trí líon na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha a mhéadú. Ba cheart a áirithiú leis na gníomhaíochtaí sin go mbeidh na Ballstáit in ann freagairt d’éigeandálaí sláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach, cleachtaí ullmhachta agus uas-sciliú baill foirne cúraim sláinte agus baill foirne sláinte poiblí a dhéanamh chomh maith le sásraí a bhunú, i gcomhréir le straitéisí náisiúnta, le haghaidh faireachán éifeachtúil agus dáileadh nó leithdháileadh a dhéanamh ar earraí agus seirbhísí atá bunaithe ar riachtanais agus a bhfuil gá leo le linn géarchéime.

(17)

Tá ról tábhachtach ag an soláthar faisnéise do dhaoine aonair maidir le galair a chosc agus freagairt dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart go dtacódh an clár le gníomhaíochtaí cumarsáide atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne nó ar ghrúpaí sonracha daoine nó gairmithe, d’fhonn cosc galar agus stíl shláintiúil mhaireachtála a chur chun cinn, chun cur i gcoinne mífhaisnéise agus bréagaisnéise maidir le cosc, cúis agus cóireáil galar, chun aghaidh a thabhairt ar dhrogall roimh an vacsaíniú agus chun tacú le hiarrachtaí chun an t-iompar altrúíoch a neartú, amhail deonacháin orgán agus fola, i mbealach a chomhlánaíonn feachtais náisiúnta ar na hábhair sin.

(18)

I sineirgíocht le cláir eile de chuid an Aontais, amhail an clár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240, an Fhís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (“an Fhís Eorpach”), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (“CFRE”) arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Clár InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), d’fhéadfaí tacú faoin gClár le gníomhaíochtaí lena gcuirtear claochlú digiteach seirbhísí sláinte chun cinn agus lena méadaítear idir-inoibritheacht na seirbhíse sin, lena n-áirítear trí spás Eorpach sonraí sláinte a fhorbairt.

(19)

Is infheistíocht í an tsláinte agus ba cheart an coincheap sin a bheith i gcroílár an Chláir. Trí dhaoine a choinneáil folláin agus gníomhach níos faide agus é a chur ar a gcumas ról gníomhach a bheith acu i mbainistiú a sláinte, trína litearthacht sláinte a fheabhsú, déanfar tairbhe ó thaobh na sláinte, na neamhionannais sláinte agus na n-éagothromaíochtaí sláinte, na rochtana ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe, chaighdeán na beatha, sláinte oibrithe, na táirgiúlachta, an iomaíochais agus na cuimsitheachta, agus laghdófar an brú ar na córais sláinte náisiúnta agus ar na buiséid sláinte náisiúnta. Ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíochtaí freisin chun neamhionannais i soláthar cúraim sláinte a laghdú, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, chun críocha fás cuimsitheach a bhaint amach. Thug an Coimisiún gealltanas cuidiú leis na Ballstáit a spriocanna forbartha inbhuanaithe a leagtar amach i Rún na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal “Ar ndomhan a chlaochlú: Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe” (“Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe”) a bhaint amach, go háirithe Sprioc 3 “Beatha shláintiúil a áirithiú agus dea-bhail a chur cinn do chách ag gach aois”. Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, dá bhrí sin, rannchuidiú leis na bearta a dhéantar chun na spriocanna sin a bhaint amach.

(20)

Is toradh iad galair neamhtheagmhálacha ar theaglaim gnéithe géiniteacha, fiseolaíocha, comhshaoil agus iompraíochta go minic. Galair neamhtheagmhálacha amhail galar chardashoithíocha, ailse, meabhairghalar, neamhoird néareolaíocha, galar riospráide ainsealach, agus diaibéiteas, is mórchúiseanna iad le míchumas, drochshláinte, scor de dheasca drochshláinte, agus bás anabaí san Aontas agus is iad is cúis le tionchar suntasach ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar. Chun tionchar na ngalar neamhtheagmhálach ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí san Aontas a laghdú agus chun Sprioc 3 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, go háirithe ach gan a bheith teoranta do Sprioc 3.4 den Sprioc sin, eadhon chun an mhortlaíocht anabaí de bharr galair ainsealacha neamhtheagmhálacha a laghdú aon trian faoi 2030, is ríthábhachtach an rud é freagairt chomhtháite a sholáthar lena ndíreofar ar an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc ar fud na n-earnálacha ábhartha.

(21)

Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár tacú leis an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc agus leis an meabhairshláinte a fheabhsú le linn shaolré an duine aonair trí aghaidh a thabhairt ar fhachtóirí riosca sláinte, agus ar dheitéarmanaint sláinte, rud a rannchuideodh freisin le Sprioc 3 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú freisin le gnóthú chuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal “An Comhaontú Glas don Eoraip” (an “Comhaontú Glas don Eoraip”).

(22)

Ba cheart go leanfadh an Clár de bheith ag tacú le gníomhaíochtaí i réimse na díobhála a bhaineann le halcól a laghdú agus a chosc, agus béim ar leith á cur ar dhaoine óga a chosaint.

(23)

Is suntasach é ualach na ngalar ainsealach san Aontas. Aithnítear go forleathan go bhfuil cosc agus luathbhrath tábhachtach ina leith sin. Ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíochtaí sna réimsí sin agus ba cheart dó tacú le treoirlínte sonracha Aontais a fhorbairt maidir le galair a chosc agus a bhainistiú agus, dá bhrí sin, díriú ar ualach na mBallstát a laghdú trí oibriú le chéile chun bainistiú níos fearr agus níos éifeachtaí ar ghalair ainsealacha a bhaint amach. Cuireann athruithe déimeagrafacha, go háirithe an tsochaí atá ag dul in aois, dúshlán roimh inbhuanaitheacht na gcóras sláinte. Is gá aird ar leith a thabhairt ar ghalair agus ar neamhoird a bhaineann le haois, amhail néaltrú, agus míchumais a bhaineann le haois.

(24)

I ndiaidh galair chardashoithíocha is í an ailse an dara trúig mhortlaíochta is mó sna Ballstáit. Chomh maith leis sin, tá sí ar cheann de na galair neamhtheagmhálacha a bhfuil gnéithe riosca coiteanna aici, galar a rachadh sé chun tairbhe d’fhormhór na saoránach ach í a chosc agus a rialú. Is tosca riosca iad droch-chothú, neamhghníomhaíocht choirp, otracht, úsáid tobac agus mí-úsáid alcóil atá coiteann do ghalair ainsealacha eile, amhail galair chardashoithíocha, agus dá bhrí sin ba cheart cláir coiscthe ailse a chur chun feidhme i gcomhthéacs cur chuige comhtháite um chosc ar ghalair ainsealacha. Ba cheart go mbainfeadh bearta ábhartha i “Plean Sáraithe Ailse na hEorpa” ón gCoimisiún a leagtar amach i dTeachtaireacht an 3 Feabhra 2021 ón gCoimisiún leas as an gClár agus as Misean Ailse an chláir Fís Eorpach, agus ba cheart go rannchuideoidh sé le cur chuige comhtháite a chothú, lena gcumhdaítear cosc, scagthástáil, diagnóisiú luath, faireachán, cóireáil agus cúram, chomh maith le feabhas a chur ar cháilíocht beatha othar agus marthanóirí.

(25)

Ba cheart go mbeadh sé indéanta tacú le staidéir ar thionchar inscne ar shaintréithe galair d’fhonn rannchuidiú le feabhas a chur ar eolas agus oideachas sa réimse sin, agus ar an gcaoi sin cosc, diagnóis, faireachán agus cóireáil a fheabhsú.

(26)

Ba cheart go n-oibreodh an Clár i sineirgíocht le beartais, le cláir agus le cistí eile de chuid an Aontais agus ar bhealach lena gcomhlánaítear iad, amhail an Clár don Eoraip Dhigiteach, an Fhís Eorpach, cúlchiste rescEU faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta arna bhunú le Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (“stoc-charn rescEU”), an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála arna bunú le Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle (13), CSE+, a bhfuil an tsnáithe um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta cuid de, lena n-áirítear maidir le sineirgí i dtaca le sláinte agus sábháilteacht na milliún oibrithe a chosaint san Aontas, lena n-áirítear an tSraith, Clár InvestEU, Clár an Mhargaidh Aonair arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár don mhargadh aonair, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, don réimse plandaí, ainmhithe, bia agus beatha, agus don staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 652/2014, an CFRE, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Erasmus+ arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014,

agus ionstraimí eile de chuid an Aontais le haghaidh bearta seachtracha, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta arna bhunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta - Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III arna bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) . I gcás inarb iomchuí, ba cheart go mbunófaí rialacha coiteanna d’fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht idir na beartais, na cláir agus na cistí sin de chuid an Aontais a áirithiú agus san am céanna, a chinntiú go ndéanfar sainiúlachtaí na mbeartas sin a urramú, agus d’fhonn riachtanais straitéiseacha na mbeart, na gclár agus na gcistí sin a ailíniú, amhail na coinníollacha cumasúcháin faoi CFRE agus CSE+. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar na sineirgí agus na comhlántachtaí sin agus na cláir oibre bhliantúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo á ndréachtú acu.

(27)

Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit trí “Grúpa Stiúrtha EU4Health” atá le bunú leis an Rialachán seo maidir le tosaíochtaí agus treoshuímh straitéiseacha an Chláir, chun comhsheasmhacht agus comhlántacht a áirithiú idir an Clár agus beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais, chomh maith le cur chun feidhme an Chláir.

(28)

Ba cheart don Chlár rannchuidiú le cúltaca a bhunú do tháirgí bunriachtanacha atá ábhartha i ngéarchéim, i sineirgíocht agus i gcomhlántacht le cúlchiste rescEU, leis an tacaíocht éigeandála a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2016/369, an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála, leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le hionstraimí, cláir agus cistí eile de chuid an Aontais, lena gcomhlánaítear stoc-chairn náisiúnta ar leibhéal an Aontais i gcás inar gá.

(29)

I bhfianaise go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar chúram sláinte, tá dúshláin roimh chórais cúraim sláinte na mBallstát maidir le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte. Chun cosaint sláinte poiblí níos fearr a áirithiú chomh maith le sábháilteacht agus cumhachtú othar san Aontas a áirithiú, is rud fíor-riachtanach é go mbeadh rochtain ag othair agus ag córais sláinte ar tháirgí íocshláinte inbhuanaithe, éifeachtúil, cothromasach, inacmhainne agus ar ardcháilíocht, lena n-áirítear sa chomhthéacs trasteorann, agus gur féidir leo tairbhe iomlán a bhaint as na táirgí íocshláinte sin, bunaithe ar fhaisnéis leighis atá trédhearcach, comhleanúnach agus dírithe ar an othar.

(30)

Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar chúram sláinte, inter alia, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le córas faireacháin, tuairiscithe agus fógra Aontais a fhorbairt do ghanntanais táirgí íocshláinte agus feistí leighis, chun ilroinnt an mhargaidh imheánaigh a sheachaint, agus chun a áirithiú gur mó rochtain atá ar na táirgí íocshláinte agus feistí leighis sin agus go bhfuil siad níos inacmhainne agus spleáchas ar shlabhraí soláthair i dtríú tíortha á theorannú ag an am céanna. Ba cheart leis an gClár, dá bhrí sin, forbairt táirgí íocshláinte agus feistí leighis a spreagadh laistigh den Aontas. Go háirithe, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu, ba cheart don Chlár tacú le giniúint fianaise cliniciúil agus fianaise san fhíorshaol chun go gcumasófaí forbairt, údarú agus meastóireacht ar tháirgí íocshláinte éifeachtacha agus rochtain orthu, lena n-áirítear rochtain ar tháirgí íocshláinte cineálacha agus bithshamhlacha, ar fheistí leighis, agus ar chóireáil, taighde agus forbairt maidir le táirgí íocshláinte nua a chur chun cinn, agus aird ar leith le tabhairt ar fhrithmhiocróbaigh agus ar vacsaíní chun dul i ngleic le hábhair fhrithmhiocróbacha agus galair inchoiscthe trí vacsaíniú, faoi seach, ba cheart dó dreasachtaí a chur ar fáil chun dlús a chur leis an acmhainneacht táirgeachta d’fhrithmhiocróbaigh, do chóireáil phearsantaithe agus do vacsaíniú agus ba cheart dó an claochlú digiteach a chothú i dtaca le táirgí íocshláinte agus ardáin lena ndéantar faireachán ar tháirgí íocshláinte agus lena mbailítear sonraí fúthu. Ba cheart don Chlár freisin an chinnteoireacht ar tháirgí íocshláinte a neartú trí rochtain agus anailís ar shonraí cúraim sláinte san fhíorshaol a chumasú. Ba cheart don Chlár freisin cuidiú lena áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr as torthaí taighde agus go n-éascófar glacadh, uas-scálú agus imlonnú nuálaíochtaí sláinte i gcórais cúraim sláinte agus sa chleachtas cliniciúil.

(31)

Ós rud é go dtéann seachadadh agus úsáid táirgí íocshláinte agus go háirithe ábhair fhrithmhiocróbacha ar an mbealach is fearr is féidir chun tairbhe do dhaoine aonair agus do chórais sláinte, ba cheart don Chlár úsáid stuama agus éifeachtúil na dtáirgí sin a chur chun cinn i gcomhréir leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin agus le “Plean Gníomhaíochta Eorpach na hAon Sláinte Amháin i gcoinne na Frithsheasmhachta in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha (AMR)” a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2017 agus le Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2019.Ba cheart don Chlár bearta a chothú freisin chun measúnú agus bainistiú iomchuí na rioscaí comhshaoil a bhaineann le táirgeadh, úsáid agus diúscairt táirgí íocshláinte a neartú.

(32)

Bíonn tionchar láithreach ag reachtaíocht an Aontais ar an tsláinte phoiblí, ar shaol na ndaoine, ar éifeachtúlacht agus athléimneacht na gcóras sláinte agus ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. An creat rialála atá ann do tháirgí agus teicneolaíochtaí leighis, lena n-áirítear táirgí íocshláinte, feistí leighis agus substaintí de bhunús daonna, agus na creataí rialála maidir le tobac, cearta othar i gcúram sláinte trasteorann agus bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, is den bhunriachtanas iad chun an tsláinte a chosaint san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht sláinte an Aontais agus, i gcomhar le comhlachtaí ábhartha amhail EMA agus ECDC, ba cheart dó sonraí ardcháilíochta, neamhchlaonta, inchomparáide agus iontaofa a sholáthar, lena n-áirítear sonraí cúraim sláinte san fhíorshaol, chun tacú le ceapadh beartas agus faireachán, spriocanna a leagan síos agus uirlisí a fhorbairt chun dul chun cinn a thomhas.

(33)

Maidir leis na Líonraí Tagartha Eorpacha (ERNanna), a bunaíodh de bhun Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), is líonraí soláthraithe fíorúla cúraim sláinte ar fud na hEorpa iad. Is é is aidhm dóibh plé a éascú maidir le galair aimpléiseacha nó galair neamhchoitianta agus maidir le riochtaí a dteastaíonn cóireáil ardspeisialaithe agus ard-dlús eolais agus acmhainní lena n-aghaidh. Ós rud é gur féidir le ERNanna feabhas a chur ar an rochtain ar fháthmheas agus ar sholáthar cúraim sláinte ar ardchaighdeán d’othair a bhfuil riochtaí neamhchoitianta orthu agus gur féidir leo a bheith ina bpointí fócais maidir le hoiliúint leighis agus taighde agus scaipeadh faisnéise, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú leis an líonrú a mhéadú trí ERNanna, agus trí líonraí trasnáisiúnta eile.

(34)

Líonraí Tagartha Eorpacha (ERNanna) agus an comhar trasteorann maidir le cúram sláinte a sholáthar d’othair a aistríonn idir Ballstáit, is samplaí iad de réimsí ina bhfuil sé léirithe go ngabhann breisluach mór agus an-acmhainneacht de thairbhe obair chomhtháite idir na Ballstáit chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gcóras sláinte agus, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an tsláinte phoiblí i gcoitinne. Is réimse eile é Comhoibriú a mhéid a bhaineann le HTA a thugann breisluach do na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le gníomhaíochtaí chun gur féidir obair chomhtháite mharthanach agus chomhordaithe den sórt sin a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad lena gcothaítear ar an mbealach sin cur chun feidhme dea-chleachtais arb é is aidhm dóibh na hacmhainní atá ar fáil a dháileadh ar an bpobal agus ar na réimsí lena mbaineann ar an mbealach is éifeachtaí is féidir chun a dtionchar a uasmhéadú.

(35)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais, agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(36)

Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí lena mbaineann a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart go n-áireofar sa rogha sin breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, ar mhaoiniú ar rátaí comhréidhe agus costais aonaid, chomh maith le húsáid maoiniú nach mbaineann le costais mar atá beartaithe in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. I ndáil leis na ceanglais maidir le tuairisciú teicniúil agus airgeadais ar na tairbhithe, ba cheart go mbeadh na ceanglais sin amhail is go ndéanfaí comhlíonadh na bhforálacha airgeadais is infheidhme a áirithiú leo agus an t-ualach riaracháin a íoslaghdú leo ag an am céanna.

(37)

D’fhonn an breisluach agus an tionchar is fearr a fháil ó infheistíochtaí a chistítear go hiomlán nó go páirteach trí bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg go háirithe idir an Clár agus cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na sineirgí sin atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Chun an úsáid is mó is fearr a bhaint as na sineirgí sin, agus dúbláil a sheachaint, ba cheart go bhforáiltear do phríomhshásraí cumasúcháin iomchuí, lena n-áirítear cistiú carnach i ngníomhaíocht ón gClár agus ó chlár eile de chuid an Aontais, chomh fada agus nach mó an cistiú carnach sin ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Chun na críche sin, ba cheart rialacha iomchuí a leagan amach leis an Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht an costas nó an caiteachas céanna a dhearbhú ar bhonn pro rata faoin gClár agus faoi chlár eile de chuid an Aontais, d’fhonn a áirithiú go bhfuil tuairisciú mionsonraithe agus trédhearcach ann.

(38)

I bhfianaise chineál sonrach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gClár, is iad údaráis inniúla na mBallstát is fearr a bheidh in ann i gcásanna áirithe na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gClár a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, maidir leis na húdaráis sin , arna n-ainmniú ag na Ballstáit, ba cheart a mheas gur tairbhithe sainaitheanta iad chun críche Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais agus ba cheart, dá bhrí sin, deontais a dhámhachtain ar na húdaráis sin gan glao ar thograí a fhoilsiú roimh ré. Ba cheart infheistíochtaí faoin gClár a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

(39)

Faoi Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht, atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní costais incháilithe iad na costais arna dtabhú roimh an dáta faoina dtíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach ar thacaíocht an Aontais a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais a sheachaint, ba cheart go bhféadfaí foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin d’incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ó thús bhliain airgeadais 2021, le linn tréimhse theoranta ag tús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus i gcásanna cuí-réasúnaithe amháin, , fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme na gníomhaíochtaí sin agus gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

(40)

Is é an Bord de Bhallstáit na ERNanna a fhormheasann na ERNanna, i gcomhréir leis an nós imeachta um fhormheas a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2014/287/AE ón gCoimisiún (16). Dá bhrí sin, chun críche Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais, ba cheart a mheas gur tairbhithe sainaitheanta na líonraí tagartha Eorpacha agus, dá bhrí sin, ba cheart na deontais do na ERNanna a dhámhachtain gan glao ar thograí a fhoilsiú roimh ré. Ba cheart deontais dhíreacha a dhámhachtain freisin d’eintitis eile atá ainmnithe i gcomhréir le rialacha an Aontais, mar shampla saotharlanna tagartha agus lárionaid tagartha, ionaid barr feabhais agus líonraí trasnáisiúnta.

(41)

Toisc luachanna coiteanna na dlúthpháirtíochta maidir le cumhdach cothrom uilíoch a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte ar ardchaighdeán a bheith mar bhonn do bheartais an Aontais sa réimse sin agus toisc ról lárnach a bheith ag an Aontas maidir le dlús a chur leis an dul chun cinn a dhéanfar i dtaca le dúshláin dhomhanda sláinte, comhordú agus comhar maidir le aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda sláinte sin mar a leagtar amach sna Conclúidí ón gComhairle an 10 Bealtaine 2010 maidir le ról an Aontais Eorpaigh sa tSláinte Dhomhanda, agus mar a tugadh le fios i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár 2030 na Náisiún Aontaithe, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht an Aontais do thionscnaimh sláinte idirnáisiúnta agus dhomhanda d’fhonn an tsláinte, go háirithe do thionscnaimh ó EDS, a atreisiú, d’fhonn feabhas a chur ar sláinte, aghaidh a thabhairt ar neamhionannais sláinte agus cosaint i gcoinne bagairtí sláinte domhanda a neartú.

(42)

Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a uasmhéadú, ba cheart comhar a fhorbairt le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail na Náisiúin Aontaithe agus an Banc Domhanda, chomh maith le Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), agus an Clár a chur chun feidhme. D’fhonn an tionchar a mhéadú, ba cheart sineirgí a lorg freisin le heagraíochtaí náisiúnta na mBallstát atá gníomhach i sláinte dhomhanda. I gcomhréir le Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (17), ba cheart go mbeadh daoine agus eintitis atá lonnaithe i dTíortha agus Críocha Thar Lear (TCLanna) incháilithe do chistiú faoin gClár faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát a bhfuil na tíortha agus na críocha thar lear nasctha leis.

(43)

Ba cheart tacú le cur chun feidhme an Chláir trí ghníomhaíochtaí forleathana for-rochtana chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chuí ar thuairimí agus riachtanais na sochaí sibhialta agus go gcuirfear san áireamh iad. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún aiseolas maidir le tosaíochtaí agus treoshuímh straitéiseacha an chláir agus maidir leis na riachtanais a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu trína ghníomhaíochtaí a lorg ó gheallsealbhóirí ábhartha uair sa bhliain, lena n-áirítear ionadaithe ón tsochaí sibhialta agus ó chomhlachais othar, lucht acadúil agus eagraíochtaí gairmithe cúraim sláinte. Gach bliain, roimh dheireadh na hoibre ullmhúcháin do na cláir oibre, ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas maidir le dul chun cinn na hoibre ullmhúcháin sin agus maidir leis an toradh a bheidh ar a chuid gníomhaíochtaí for-rochtana i leith geallsealbhóirí.

(44)

Tá tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) in ann a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (18), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha a ghlacann páirt sa Chlár na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(45)

Ba cheart an comhar le tríú tíortha a neartú i dtaca le malartú eolais agus dea-chleachtas chun feabhas a chur ar acmhainneacht ullmhachta agus freagartha na gcóras sláinte.

(46)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (20), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (21) agus (AE) 2017/1939 (22) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, faoi mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(47)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na Ballstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha..

(48)

Tá feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus socraítear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin ar na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(49)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár 2030 na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, ba cheart don Chlár seo rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an sprioc fhoriomlán 30 % ar a laghad de mhéid iomlán chaiteachas bhuiséad an Aontais agus chaiteachas Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh , arna bhunú le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (24), a bheith ina dtacaíocht do chuspóirí aeráide. Ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófaí caighdeáin agus tosaíochtaí an Aontais ó thaobh na haeráide agus an chomhshaoil de agus an prionsabal “gan dochar a dhéanamh” ón gComhaontú Glas don Eoraip. Ba cheart gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid den mheastóireacht eatramhach air.

(50)

De réir Airteagal 8 CFAE, beidh sé d’aidhm ag an Aontas, ina chuid gníomhaíochtaí uile, neamhionannais idir fir agus mná a dhíothú agus comhionannas eatarthu a chur chun cinn. Ba cheart comhionannas inscne, chomh maith le cearta agus comhdheiseanna do chách, agus príomhshruthú na gcuspóirí sin, a chur san áireamh agus a chur chun cinn i rith mheasúnú, ullmhú, chur chun feidhme agus fhaireachán an Chláir.

(51)

Ba cheart go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar chuspóirí beartais an Chláir freisin trí ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha faoi Chiste InvestEU dá bhforáiltear le Clár InvestEU. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh agus cásanna infheistíochta fo-optamacha, ar bhealach comhréireach. Níor cheart do ghníomhaíochtaí arna maoiniú ag an gClár maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach. Go ginearálta, ba cheart breisluach Aontais a bheith ag gníomhaíochtaí.

(52)

Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ar bhealach lena n-urramófaí na freagrachtaí atá ar na Ballstáit a mbeartais sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar. Ba cheart rannpháirtíocht láidir na mBallstát i rialachas agus cur chun feidhme an Chláir a áirithiú.

(53)

I bhfianaise chineál agus scála féideartha na mbagairtí trasteorann ar shláinte an duine, i dtaca leis na gcuspóirí maidir le daoine san Aontas a chosaint ar bhagairtí den sórt sin agus maidir le cosc agus ullmhacht ar ghéarchéimeanna sláinte a fheabhsú, ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, féadfar gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais freisin chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí a bhaint amach, chun feabhas a chur ar infhaighteacht, inbhuanaitheacht, inghlacthacht, inrochtaineacht, sábháilteacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte, feistí leighis agus táirgí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime san Aontas, chun tacú leis an nuálaíocht, chun tacú le hobair chomhtháite chomhordaithe agus cur chun feidhme dea-chleachtas i measc na mBallstát, agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais agus ar éagothromaíochtaí maidir le rochtain ar chúram sláinte ar fud an Aontais ar bhealach lena gcruthaítear gnóthachain éifeachtúlachta agus tionchair bhreisluacha nach bhféadfaí a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, agus inniúlacht agus freagracht na mBallstát sna réimsí sin atá cumhdaithe ag an gClár á n-urramú. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(54)

D’fhonn a lamháil d’aon choigeartuithe a d’fhéadfadh a bheith ann a mbeadh gá leo chun cuspóirí an Chláir a ghnóthú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hathbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus i dtaca le cur leis na táscairí sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (25). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

(55)

Tá Pointí Fócasacha Náisiúnta ainmnithe ag na Ballstáit agus ag na tíortha rannpháirteacha chun cabhrú leis an gCoimisiún maidir leis an tríú Clár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 a chur chun cinn agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le scaipeadh thorthaí an chláir agus na faisnéise atá ar fáil faoin tionchar atá aige sna Ballstáit agus sna tíortha rannpháirteacha. I bhfianaise a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí den sórt sin, is iomchuí tacú leis na gníomhaíochtaí sin faoin gClár d’fhonn leanúint leo.

(56)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear cláir bhliantúla oibre i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo, lena bhformheastar gníomhaíochtaí incháilithe áirithe agus lena mbunaítear rialacha maidir leis na socruithe teicniúla agus riaracháin is gá chun gníomhaíochtaí an Chláir a chur chun feidhme agus maidir leis na teimpléid aonfhoirmeacha i ndáil le bailiú na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh ós rud é go mbaineann siad le clár a bhfuil impleachtaí substaintiúla aige.

(57)

Ba cheart dlúthfhaireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar luach agus ar thionchar an Chláir go tráthrialta. Ba cheart go ndíreofaí ar spriocanna an Chláir sa mheastóireacht agus go gcuirfí san áireamh go bhféadfadh sé go mbeadh gá le tréimhse ar faide í ná ré an Chláir chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart tuarascáil eatramhach mheastóireachta a tharraingt suas, chomh maith le tuarascáil mheastóireachta ag deireadh an Chláir, chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme thosaíochtaí an Chláir.

(58)

Ós rud é go bhfuil deireadh tagtha leis an tríú Clár maidir le gníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020), tá Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 imithe i léig agus ba cheart é a aisghairm.

(59)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar i réimse na sláinte agus chun go mbeifear in ann tús a chur le cur chun feidhme an Chláir ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINÉARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo Clár EU4Health (“an Clár”), do thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021 go 2027. Déantar ré an Chláir a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Leis an Rialachán seo, leagtar síos freisin cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse ó 2021 go 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann le cistiú den sórt sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “tír chomhlachaithe” tríú tír ar páirtí í i gcomhaontú leis an Aontas lena gceadaítear di páirt a ghlacadh sa Chlár, i gcomhréir le hAirteagal 6;

(2)

ciallaíonn “oibríochtaí mheasctha” gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun phointe (6) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha tacaíochta neamh-inaisíoctha agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus ó infheisteoirí tráchtála;

(3)

ciallaíonn “géarchéim sláinte” géarchéim nó teagmhas tromchúiseach a eascraíonn as bagairt de bhunús daonna, ainmhíoch, plandaí, bia, bitheolaíoch, ceimiceach, comhshaoil nó anaithnid, a mbaineann gné sláinte poiblí leis agus ar gá do na húdaráis beart práinneach a dhéanamh dá barr;

(4)

ciallaíonn “táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime” táirgí, uirlisí agus substaintí a bhfuil gá leo, i gcomhthéacs géarchéim sláinte, chun galar agus na hiarmhairtí a bhaineann leis a chosc, a dhiagnóisiú nó a chóireáil, nó chun faireachán, agus faireachas eipidéimeolaíoch, a dhéanamh ar ghalair agus ionfhabhuithe lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: táirgí íocshláinte, amhail vacsaíní, agus a n-idirmheánaigh, a gcomhábhair chógaisíochta ghníomhacha agus a n-amhábhair, chomh maith le táirgí íocshláinte agus trealamh ospidéil agus leighis, amhail aerálaithe, éadaí agus trealamh cosanta, ábhair agus uirlisí diagnóiseacha, trealamh cosanta pearsanta, díghalráin agus a dtáirgí idirmheánacha, agus na hamhábhair a bhfuil gá leo chun iad a tháirgeadh;

(5)

ciallaíonn “cur chuige na hAon Sláinte Amháin” cur chuige ilearnálach lena n-aithnítear go bhfuil sláinte an duine nasctha le sláinte ainmhithe agus leis an gcomhshaol, agus nach mór na trí ghné sin a chur san áireamh le gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le bagairtí don tsláinte;

(6)

ciallaíonn “Líonraí Tagartha Eorpacha” (ERNanna) na líonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 de Threoir 2011/24/AE;

(7)

ciallaíonn “eintiteas dlíthiúil” duine nádúrtha, nó duine dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus atá in ann, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige faoi mar a thagraítear dó i bpointe (c) d’Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais;

(8)

ciallaíonn “tríú tír” tír nach Ballstát den Aontas Eorpach;

(9)

ciallaíonn “bagairt thromchúiseach thrasteorann ar an tsláinte” guais atá ina bagairt ar an mbeatha nó atá ina bagairt thromchúiseach ar bhealach eile ar an tsláinte ar de bhunús bitheolaíoch, ceimiceach nó na timpeallachta nó anaithnid í a scaipeann thar theorainneacha náisiúnta na mBallstát nó a bhfuil baol mór ann go scaipfidh sé tharstu agus a bhféadfadh sé gur ghá comhordú a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbeidh ardleibhéal cosanta ann ó thaobh shláinte an duine de;

(10)

ciallaíonn “An tSláinte a Chuimsiú i nGach Beartas” cur chuige maidir le beartais phoiblí a fhorbairt, a chur chun feidhme agus athbhreithniú a dhéanamh orthu, gan beann ar an earnáil, trína gcuirtear na himpleachtaí sláinte atá ag cinntí san áireamh, agus lena bhféachtar le sineirgí a bhaint amach, agus tionchair dhíobhálacha sláinte a d’fheadfadh a bheith mar thoradh ar bheartais den sórt sin a sheachaint, chun sláinte an daonra agus cothroma sláinte a fheabhsú;

(11)

ciallaíonn “deitéarmanant sláinte” raon tosca a mbíonn tionchar acu ar stádas sláinte duine, amhail tosca a bhaineann le hiompar, tosca bitheolaíocha, socheacnamaíocha agus comhshaoil;

(12)

ciallaíonn “tacaíocht éigeandála” freagairt éigeandála atá bunaithe ar riachtanais, ar freagairt í lena gcomhlánaítear freagairt na mBallstát atá buailte agus arb é is aidhm di an bheatha a chaomhnú, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú agus dínit an duine a chaomhnú in aon chás a mbeidh gá leis sin mar thoradh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte.

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta

Beidh breisluach Aontais ag gabháil leis an gClár agus beidh sé ina chomhlánú ar bheartais na mBallstát chun feabhas a chur ar shláinte an duine ar fud an Aontais agus chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú i mbeartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais. Saothrófar leis na cuspóirí ginearálta seo a leanas i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, i gcás inarb infheidhme:

(a)

an tsláinte san Aontas a fheabhsú agus a chothú chun ualach na ngalar teagmhálach agus neamhtheagmhálach a laghdú, trí thacú le cur chun cinn na sláinte agus le galair a chosc, trí neamhionannais sláinte a laghdú, trí stíleanna maireachtála sláintiúla a chothú agus trí rochtain ar chúram sláinte a chur chun cinn;

(b)

daoine san Aontas a chosaint ó bhagairtí tromchúiseacha sláinte trasteorann agus neartú a dhéanamh ar fhreagrúlacht córas sláinte agus ar chomhordú i measc na mBallstát chun déileáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte;

(c)

feabhas a chur ar infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte agus feistí leighis, agus táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, san Aontas, agus tacú le nuálaíocht maidir leis na táirgí sin;

(d)

córais sláinte a neartú trí fheabhas a chur ar a n-athléimneacht agus ar a n-éifeachtúlacht acmhainne, go háirithe ar na bealaí seo a leanas:

(i)

tacú le hobair chomhtháite agus chomhordaithe idir na Ballstáit;

(ii)

cur chun feidhme dea-chleachtas a chur chun cinn agus comhroinnt sonraí a chur chun cinn;

(iii)

baill foirne cúraim sláinte a threisiú;

(iv)

dul i ngleic leis na himpleachtaí a bhaineann le dúshláin dhéimeagrafacha; agus

(v)

an claochlú digiteach a chur chun cinn.

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha

Déanfar na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 a shaothrú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas, rud a áiritheoidh ardleibhéal cosanta do shláinte an duine i mbeartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais i gcomhréir le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, i gcás inarb infheidhme:

(a)

i sineirgíocht le gníomhaíochtaí ábhartha eile de chuid an Aontais tacú le gníomhaíochtaí chun galair a chosc, chun an tsláinte a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar dheitéarmanaint sláinte, lena n-áirítear trí laghdú a dhéanamh ar dhamáiste don tsláinte mar thoradh ar úsáid aindleathach drugaí agus andúil i ndrugaí, tacú le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais sa tsláinte, chun feabhas a chur ar fheasacht maidir leis an tsláinte, chun feabhas a chur ar chearta na n-othar, sábháilteacht na n-othar, ar chaighdeán an chúraim agus ar chúram sláinte trasteorann, agus tacú le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar fhaireachas, diagnóis agus cóireáil galar teagmhálach agus neamhtheagmhálach, go háirithe ailse agus ailse phéidiatrach i sineirgíocht le gníomhaíochtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, chomh maith le tacú le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar mheabhairshláinte, agus aird ar leith á tabhairt ar shamhlacha cúraim nua agus ar na dúshláin a bhaineann le cúram fadtéarmach, chun athléimneacht na gcóras sláinte san Aontas a neartú;

(b)

neartú a dhéanamh ar acmhainn an Aontais maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt ghasta i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais, agus feabhas a chur ar bhainistíocht géarchéimeanna sláinte, go háirithe trí acmhainn an chúraim sláinte éigeandála a chomhordú, a sholáthar agus a imlonnú, tacú le bailiú sonraí, malartú faisnéise, faireachas, tástáil struis dheonach na gcóras cúraim sláinte náisiúnta a chomhordú, agus caighdeáin cháilíochta cúraim sláinte a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta;

(c)

tacú le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte, feistí leighis agus táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime trí tháirgeacht agus slabhraí soláthair inbhuanaithe agus nuálaíocht a spreagadh san Aontas, agus tacaíocht á tabhairt d’úsáid stuama agus éifeachtúil táirgí íocshláinte, go háirithe frithmhiocróbach, agus gníomhaíochtaí chun tacú le forbairt táirgí íocshláinte nach bhfuil chomh díobhálach don chomhshaol, chomh maith le táirgí íocshláinte agus feistí leighis a tháirgeadh agus a dhiúscairt ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;

(d)

i sineirgíocht le hionstraimí, cláir agus cistí eile an Aontais, gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát, agus i ndlúthchomhar le comhlachtaí ábhartha an Aontais, tacú le gníomhaíochtaí lena gcomhlánaítear stoc-charnadh náisiúnta táirgí riachtanacha atá ábhartha i gcás géarchéime, ar leibhéal an Aontais, i gcás inar gá;

(e)

i sineirgíocht le hionstraimí, cláir agus cistí eile an Aontais, gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus i ndlúthchomhar le ECDC, struchtúr agus acmhainní oiliúna a bhunú ar mhaithe le cúltaca ball foirne leighis, ball foirne cúraim sláinte agus ball foirne tacaíochta arna leithdháileadh go deonach ag na Ballstáit lena shlógadh i gcás géarchéim sláinte;

(f)

úsáid agus athúsáid sonraí sláinte a neartú chun cúram sláinte a sholáthar agus le haghaidh taighde agus nuálaíochta, glacadh uirlisí agus seirbhísí digiteacha chomh maith le claochlú digiteach córas sláinte a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thacú le spás Eorpach sonraí sláinte a chruthú;

(g)

feabhas a chur ar rochtain ar chúram sláinte agus seirbhísí cúraim gaolmhara ar ardchaighdeán atá dírithe ar an othar agus bunaithe ar thorthaí, agus é mar aidhm leis cumhdach sláinte uilíoch a bhaint amach;

(h)

tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú agus, i gcás inar gá, athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais ar an tsláinte phoiblí agus tacú le soláthar sonraí bailí, iontaofa agus inchomparáide ar ardcháilíocht le haghaidh cinnteoireacht agus le haghaidh faireachán a bhfuil bonn fianaise fúthu, agus úsáid measúnuithe tionchair sláinte ar bheartais eile ábhartha an Aontais a chur chun cinn;

(i)

tacú le hobair chomhtháite i measc na mBallstát, agus go háirithe a gcórais sláinte, lena n-áirítear cur chun feidhme cleachtas coisctheach ardtionchair, tacú le hobair ar HTA, agus neartú agus uas-scálú a dhéanamh ar líonrú tríd na ERNanna agus líonraí trasnáisiúnta eile, lena n-áirítear i ndáil le galair nach galair neamhchoitianta iad, chun méadú a dhéanamh ar chumhdach na n-othar agus chun feabhas a chur ar an bhfreagairt ar ghalair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha íseal-leitheadúlachta agus casta;

(j)

tacú le gealltanais agus tionscnaimh sláinte dhomhanda trí thacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a threisiú, go háirithe gníomhaíochtaí ag EDS, agus comhar le tríú tíortha a chothú.

Airteagal 5

Buiséad

1.   Is é EUR 2 446 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021– 2027.

2.   Mar thoradh ar an gcoigeartú Clárshonrach dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (27), déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú trí leithdháileadh breise EUR 2 900 000 000 i bpraghsanna 2018 mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

3.   Féadfar na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a úsáid freisin le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

4.   Le dáileadh na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus 2, comhlíonfar an méid seo a leanas:

(a)

déanfar íosmhéid 20% na méideanna a fhorchoimeád le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le sláinte a chur chun cinn agus galair a chosc amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4;

(b)

déanfar uasmhéid 12,5 % na méideanna a fhorchoimeád le haghaidh soláthar lena gcomhlánaítear stoc-charnadh náisiúnta táirgí bunriachtanacha atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 4;

(c)

déanfar uasmhéid 12,5 % na méideanna a fhorchoimeád chun tacú le gealltanais agus tionscnaimh sláinte dhomhanda amhail dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 4;

(d)

déanfar uasmhéid 8 % na méideanna a fhorchoimeád chun costais riaracháin amhail dá dtagraítear i mír 3 a chumhdach.

5.   Is é a bheidh i leithreasuithe a bhaineann le gníomhaíochtaí faoi phointe (c) d’Airteagal 9(1) den Rialachán seo ná ioncam sannta de réir bhrí phointe (a) de mhír 3, agus mhír 5, d’Airteagal 21 den Rialachán Airgeadais.

6.   Na gealltanais bhuiséadacha a shíneann thar bhreis agus aon bhliain airgeadais amháin, féadfar iad a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla thar thréimhse roinnt blianta.

7.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, ar feadh tréimhse theoranta i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin, féadfar gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán seo agus a gcostais fholuiteacha a mheas a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme na gníomhaíochtaí sin agus gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

8.   Más gá, féadfar leithreasuithe a chur isteach sa bhuiséad tar éis an 31 Nollaig 2027 chun na speansais dá dtagraítear i mír 3 a chumhdach, ionas go mbeifear in ann bainistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027.

Airteagal 6

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.   Féadfaidh na tríú tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Chlár:

(a)

comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla , agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)

tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)

tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

(i)

go n-áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sa Chlár de chuid an Aontais;

(ii)

go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sa Chlár de chuid an Aontais, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus a gcostais riaracháin;

(iii)

nach dtugtar leis cumhacht cinnteoireachta don tríú tír i ndáil leis an gClár de chuid an Aontais;

(iv)

go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

2.   Is ioncam shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír de mhír 1.

CAIBIDIL II

CISTIÚCHÁN

Airteagal 7

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach leis na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán sin.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe i bhfoirm deontas, duaiseanna agus soláthair.

3.   Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus féadfar a mheas gur ráthaíocht leordhóthanach iad faoin Rialachán Airgeadais. Déanfaidh an Coimisiún rialacha sonracha a leagan síos i ndáil le hoibriú an tsásra.

4.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún oibríochtaí tacaíochta éigeandála chun feidhme trí eagraíocht neamhrialtasach, measfar na critéir a bhaineann le cumas airgeadais agus oibríochtúil a bheith comhlíonta más rud é go bhfuil creat-chomhaontú comhpháirtíochta i bhfeidhm idir an eagraíocht sin agus an Coimisiún de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle (28).

Airteagal 8

Deontais

1.   Bronnfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfar deontais a úsáid in éineacht le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ó bhainc náisiúnta le haghaidh spreagadh nó ó institiúidí airgeadais forbartha nó poiblí eile, agus in éineacht le maoiniú ó institiúidí airgeadais san earnáil phríobháideach agus ó infheisteoirí san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí-poiblí nó poiblí-príobháideacha.

3.   Ní sháróidh deontais a íocfaidh an tAontas 60 % de na costais incháilithe ar ghníomhaíocht a bhaineann le cuspóir de chuid an Chláir nó i ndáil le feidhmiú comhlachta neamhrialtasaigh. I gcásanna fóntas eisceachtúil, féadfaidh ranníocaíocht an Aontais a bheith suas le 80 % de na costais incháilithe. Maidir leis na gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach soiléir acu don Aontas, measfar fóntas eisceachtúil a bheith ag baint leo, inter alia, sna cásanna seo a leanas:

(a)

cásanna ina leithdháiltear 30 % ar a laghad de bhuiséad na gníomhaíochta atá beartaithe ar Bhallstáit ar lú a OIN in aghaidh an chónaitheora ná 90 % de mheán an Aontais; nó

(b)

cásanna ina bhfuil comhlachtaí ó 14 Bhallstát rannpháirteach ar a laghad páirteach sa ghníomhaíocht, agus ar Ballstáit iad ceithre cinn acu ar a laghad ar lú a OIN in aghaidh an chónaitheora ná 90 % de mheán an Aontais.

4.   I gcás na ndeontas díreach dá dtagraítear in Airteagal 13(6) agus (7), féadfaidh suas le 100 % de na costais incháilithe a bheith i ndeontais den sórt sin.

Airteagal 9

Soláthar i staideanna éigeandála sláinte

1.   I gcásanna ina dtugtar fógra maidir le teacht chun cinn nó forbairt bagartha tromchúisí trasteorann ar an tsláinte faoi Airteagal 9 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE, nó i gcás ina n-aithnítear gurb ann do staid éigeandála sláinte poiblí faoi Airteagal 12 den Chinneadh sin, féadfar soláthar faoin Rialachán seo a dhéanamh in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

soláthar comhpháirteach leis na Ballstáit amhail dá dtagraítear in Airteagal 165(2) den Rialachán Airgeadais trína bhféadfaidh na Ballstáit na hacmhainní arna soláthar go comhpháirteach a fháil, a fháil ar cíos, nó a fháil ar léas ina n-iomláine;

(b)

soláthar arna dhéanamh ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát ar bhonn comhaontú idir an Coimisiún agus na Ballstáit;

(c)

soláthar arna dhéanamh ag an gCoimisiún ag gníomhú mar mhórdhíoltóir trí sholáthairtí agus seirbhísí, lena n-áirítear cíosanna, a cheannach, a stocáil agus a athdhíol nó a dheonú, chun leasa na mBallstát nó na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta arna roghnú ag an gCoimisiún.

2.   I gcás go n-úsáidtear an nós imeachta soláthair dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, is ceann den dá pháirtí seo a leanas a thabharfaidh na conarthaí a leanfaidh as i gcrích:

(a)

an Coimisiún, i gcás ina bhfuil na seirbhísí nó na hearraí le soláthar nó le seachadadh do na Ballstáit nó d’eagraíochtaí comhpháirtíochta arna roghnú ag an gCoimisiún;

(b)

na Ballstáit rannpháirteacha, i gcás ina bhfuil siad chun na hacmhainní a sholáthair an Coimisiún dóibh a fháil, a fháil ar cíos nó a fháil ar léas, go díreach.

3.   I gcás go n-úsáidtear na nósanna imeachta soláthair dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1, comhlíonfaidh an Coimisiún an Rialachán Airgeadais le haghaidh a sholáthair féin.

Airteagal 10

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha faoin gClár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523 agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 11

Cistiú carnach

1.   Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna.

2.   Beidh feidhm ag rialacha an Chláir ábhartha de chuid an Aontais maidir leis an ranníocaíocht comhfhreagrach leis an ngníomhaíocht.

3.   Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht. Féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

CAIBIDIL III

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Airteagal 12

Gníomhaíochtaí incháilithe

Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí a liostaítear in Airteagail 3 agus 4, go háirithe na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I, incháilithe chun cistiú a fháil.

Airteagal 13

Eintitis dhlíthiula incháilithe

1.   Chun a bheith incháilithe chun cistiú a fháil, sa bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh na heintitis dhlíthiúla:

(a)

bunaithe in aon cheann acu seo a leanas:

(i)

Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)

tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár; nó

(iii)

tríú tír a liostaítear sa chlár oibre bliantúil arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 17 (“clár oibre bliantúil”) faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 2 agus 3; nó

(b)

ina n-eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó ina n-eagraíocht idirnáisiúnta.

2.   I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár i gcás ina bhfuil an rannpháirtíocht sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach. Déanfar an measúnú ar an riachtanas sin a léiriú go cuí sa chinneadh cistiúcháin.

3.   Eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, íocfaidh siad costais a rannpháirtíochta.

4.   Ní bheidh daoine nádúrtha incháilithe do dheontais faoin gClár.

5.   Faoin gClár, féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain gan glao ar thograí chun gníomhaíochtaí a chistiú más rud é go bhfuil údar cuí leis na deontais sin, agus más rud é go bhfuil breisluach soiléir don Aontas ag na gníomhaíochtaí sin dá bhforáiltear go sainráite sna cláir oibre bhliantúla agus más rud é go bhfuil siad cómhaoinithe ag na húdaráis inniúla atá freagrach as gnóthaí sláinte sna Ballstáit nó i tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta sláinte ábhartha nó ag comhlachtaí san earnáil phoiblí nó ag comhlachtaí neamhrialtasacha, a dtugann na húdaráis inniúla sin sainordú dóibh beag beann ar na comhlachtaí sin a bheith ag gníomhú dóibh ina n-aonar nó mar líonra.

6.   Faoin gClár, déanfar deontais dhíreacha a dhámhachtain gan glao ar thograí do ERNanna. Féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain freisin do líonraí trasnáisiúnta eile a leagtar amach i gcomhréir le dlí an Aontais.

7.   Faoin gClár, féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain gan glao ar thograí chun gníomhaíochtaí EDS a chistiú i gcás ina bhfuil gá le tacaíocht airgeadais chun ceann amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha an Chláir a chur chun feidhme, a bhfuil breisluach Aontais acu dá bhforáiltear go sainráite sna cláir oibre bhliantúla.

8.   Faoin gClár, féadfar deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí chun feidhmiú comhlachtaí neamhrialtasacha a chistiú i gcás ina bhfuil gá le tacaíocht airgeadais chun ceann amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha an Chláir a chur chun feidhme, a bhfuil breisluach Aontais acu dá bhforáiltear go sainráite sna cláir oibre bhliantúla, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na comhlachtaí sin na critéir uile seo a leanas:

(a)

is comhlachtaí iad atá neamhbhrabúsach agus neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó nó ar leasanna coinbhleachta eile;

(b)

is comhlachtaí iad a oibríonn i réimse na sláinte poiblí, tá cuspóir sonrach amháin ar a laghad den Chlár á shaothrú acu agus tá ról éifeachtach á imirt acu ar leibhéal an Aontais;

(c)

tá siad gníomhach ar leibhéal an Aontais agus i leath na mBallstát ar a laghad, a bhfuil cumhdach geografach cothromúil ar an Aontas acu.

Léireoidh an Coimisiún go cuí an anailís ar chomhlíonadh na gcritéar sin sa chinneadh cistiúcháin.

Airteagal 14

Costais incháilithe

1.   Faoi réir Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais, agus phointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán sin, na costais sin a thabhófar roimh an dáta faoina gcuirfear iarratas ar dheontas isteach, is costais incháilithe iad i dtaca le gníomhaíochtaí:

(a)

lena gcuirfear chun feidhme an cuspóir dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3 den Rialachán seo; nó

(b)

lena gcuirfear chun feidhme cuspóirí seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe, ar choinníoll go bhfuil na costais sin nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht.

2.   Costais incháilithe faoi phointe (a) de mhír 1 costais a bhaineann le bearta atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar ghalar a mheastar a bheith ann a d’fhéadfadh a bheith ina bhunsiocair le bagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte, beidh siad incháilithe ón dáta a thabharfar fógra don Choimisiún go bhfuil drochamhras ann i dtaobh an galar sin a bheith ann, ar choinníoll go ndearbhaítear ina dhiaidh sin an galar sin a bheith ann.

3.   I gcásanna eisceachtúla, le linn géarchéim sláinte arb í is cúis léi bagairt thromchúiseach trasteorann ar an tsláinte mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Chinneadh 1082/2013/AE, féadfar a mheas go bhfuil na costais sin a thabhóidh eintitis atá bunaithe i dtíortha neamhchomhlachaithe incháilithe má tá bonn cuí leo ar chúiseanna a bhaineann le cosc a chur ar leathadh an riosca ar mhaithe le sláinte shaoránaigh an Aontais a chosaint.

CAIBIDIL IV

RIALACHAS

Airteagal 15

Cur chun feidhme beartais chomhpháirtigh

1.   Bunófar Grúpa Stiúrtha EU4Health.

2.   Is iad an Coimisiún agus na Ballstáit na Comhaltaí de Ghrúpa Stiúrtha EU4Health. Ceapfaidh gach Ballstát comhalta amháin agus comhalta malartach amháin ar Ghrúpa Stiúrtha EU4Health. Is é an Coimisiún a chuirfidh rúnaíocht Ghrúpa Stiúrtha EU4Health ar fáil.

3.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Grúpa Stiúrtha EU4Health maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

obair ullmhúcháin an Choimisiúin maidir leis na cláir oibre bliantúla;

(b)

tosaíochtaí agus treoshuíomhanna straitéiseacha an chláir oibre bhliantúil, agus déanfar an méid sin gach bliain, 6 mhí ar a laghad roimh thíolacadh an dréachtchláir oibre don choiste dá dtagraítear in Airteagal 23(1).

4.   Déanfaidh Grúpa Stiúrtha EU4Health an méid seo a leanas:

(a)

oibriú chun a áirithiú go bhfuil comhsheasmhacht agus comhlántacht idir beartais sláinte na mBallstát agus idir an Clár agus beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha do ghníomhaireachtaí an Aontais;

(b)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir agus na coigeartuithe is gá a mholadh ar bhonn meastóireachtaí;

(c)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh, ina mbeidh forálacha chun a áirithiú go dtiocfaidh an grúpa le chéile, ar a laghad 3 huaire sa bhliain, ina ndaoine i gcás inarb iomchuí, sa chaoi gur féidir tuairimí a mhalartú go rialta agus go trédhearcach idir na Ballstáit.

Airteagal 16

Comhairliúchán le geallsealbhóirí agus faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa

1.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí othar, chun a dtuairimí a lorg maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tosaíochtaí agus treoshuíomh straitéiseach an chláir oibre bhliantúil;

(b)

na riachtanais ar a ndíreofar sa chlár oibre bliantúil agus na torthaí a bhainfear amach sa chlár oibre sin.

2.   Chun críocha mhír 1, eagróidh an Coimisiún comhairliúchán leis na geallsealbhóirí agus cur ar fáil faisnéise dóibh uair sa bhliain, sna sé mhí ar a laghad roimh thíolacadh an dréachtchláir oibre don choiste dá dtagraítear in Airteagal 23(1).

3.   Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith tuairimí a lorg ó ghníomhaireachtaí díláraithe ábhartha agus ó shaineolaithe neamhspleácha i réimse na sláinte maidir le gnóthaí teicniúla nó eolaíocha atá ábhartha do chur chun feidhme an Chláir.

4.   Gach bliain, roimh an gcruinniú deireanach de Ghrúpa Stiúrtha EU4Health, tíolacfaidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa torthaí imeachtaí Ghrúpa Stiúrtha EU4Health agus torthaí an chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 17

Cur chun feidhme an Chláir

1.   Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme trí chláir oibre bhliantúla a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Glacfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

na cláir oibre bhliantúla, ina leagfar amach an méid seo a leanas, go háirithe:

(i)

na gníomhaíochtaí a bhfuiltear le tabhairt fúthu, lena n-áirítear leithdháileadh táscach acmhainní airgeadais;

(ii)

an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha;

(iii)

gníomhaíochtaí incháilithe a thagann faoi Airteagal 7(3) agus (4);

(iv)

gníomhaíochtaí incháilithe ag eintitis dhlítheanacha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 13(1);

(v)

gníomhaíochtaí incháilithe eintitis dhlítheanacha ó thríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár ach atá liostaithe sa chlár oibre bliantúil faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(2) agus (3);

(b)

cinntí lena bhformheastar gníomhaíochtaí a bhfuil costas EUR 20 000 000 nó níos mó ag baint leo;

(c)

rialacha lena mbunaítear:

(i)

na socruithe teicniúla agus riaracháin is gá chun gníomhaíochtaí an Chláir a chur chun feidhme;

(ii)

teimpléid aonfhoirmeacha lena mbailítear na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Airteagal 18

Cosaint sonraí

Agus an Clár á bhainistiú agus á chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go ndéanfar na forálacha dlíthiúla ábhartha uile maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh agus, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar sásraí a thabhairt isteach chun rúndacht agus sábháilteacht sonraí den sórt sin a áirithiú.

CAIBIDIL V

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 19

Faireachán agus tuairisciú

1.   Is in Iarscríbhinn II a leagtar amach na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag an gClár maidir le gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a liostaítear in Airteagail 3 agus 4.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 chun Iarscríbhinn II a leasú maidir leis na táscairí i gcás ina measfar gá a bheith leis sin.

3.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar ceanglais chomhréireacha tuairiscithe d’fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb iomchuí, do na Ballstáit.

Airteagal 20

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 34(3) den Rialachán Airgeadais ar bhealach sách tráthúil ionas go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an gClár a thíolacadh tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2024. Beidh an mheastóireacht eatramhach ina bunús le coigeartú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir de réir mar is iomchuí.

3.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht dheiridh a thíolacadh ag deireadh an Chláir agus tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 1.

4.   Déanfaidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí eatramhacha agus críochnaitheacha ar aon chomh maith lena bharúlacha féin a fhoilsiú agus a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 21

Iniúchtaí

Is iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochtaí ón Aontas, lena n-áirítear iniúchtaí a rinne daoine nó eintitis seachas iad sin a bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó comhlachtaí an Aontais, a bheidh ina mbonn leis an gcinnteacht fhoriomlán dá dtagraítear in Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 22

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF, agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, amhail dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Airteagal 23

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste Chlár EU4Health cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 24

Comhsheasmhacht agus comhlántacht le beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhsheasmhacht, sineirgíocht agus comhlántacht fhoriomlán a áirithiú idir an Clár agus beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha do ghníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear trína gcuid oibre comhchoitinne i nGrúpa Stiúrtha EU4Health.

Airteagal 25

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana ón 26 Márta 2021.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus leis na torthaí a baineadh amach.

3.   Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagail 3 agus 4.

Airteagal 27

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, gan dochar d’Airteagal 28 den Rialachán seo.

Airteagal 28

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 282/2014, ar Rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Leis an imchlúdach airgeadais don Chlár, féadfar na speansais is gá maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin chun an t-aistriú idir na bearta a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 agus an Clár a áirithiú.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 251.

(2)  IO C 440, 18.12.2020, lch. 131.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Márta 2021.

(4)  Cinneadh Uimh. 1786/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 lena mbunaítear an dara clár gníomhaíochta Comhphobail i réimse na sláinte (2003-2008) (IO L 271, 9.10.2002, lch. 1).

(5)  Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear an dara clár gníomhaíochta Comhphobail i réimse na sláinte (2008-2013) (IO L 301, 20.11.2007, lch. 3).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le tríú Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch. 1).

(7)  OJ L 433I , 22.12.2020, lch. 28.

(8)  IO C 444I, 22.12.2020, lch. 1.

(9)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU (Féach an leathanach seo den Iris Oifigiúil30).

(11)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(12)  Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 77I , 20.3.2019, lch. 1)

(13)  Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle an 15 Márta 2016 maidir le tacaíocht éigeandála a chur ar fáil laistigh den Aontas (IO L 70, 16.3.2016, lch. 1).

(14)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(15)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(16)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/287/AE ón gCoimisiún an 10 Márta 2014 lena leagtar amach critéir maidir le bunú agus meastóireacht líonraí tagartha Eorpacha agus a gcuid ball agus maidir le héascaíocht a dhéanamh do mhalartú faisnéise agus saineolais faoi bhunú agus meastóireacht líonraí den sórt sin (IO L 147, 17.5.2014, lch. 79).

(17)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (“an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(18)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(19)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(21)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(22)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ("OIPE") (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(23)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(24)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch 23).

(25)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú na mBallstát ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(27)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 IO L 433I , 22.12.2020, lch. 11).

(28)  Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cúnamh daonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ INCHÁILITHE FÉIDEARTHA DÁ bhFORÁILTEAR IN AIRTEAGAL 12

1.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 4

(a)

Tacú le cláir a bhunú agus a chur chun feidhme lena dtabharfar cúnamh do na Ballstáit agus tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun cur chun cinn na sláinte agus cosc ar ghalair a fheabhsú;

(b)

Tacú le suirbhéanna, staidéir, bailiú sonraí agus staidrimh inchomparáide a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh, i gcás inarb ábhartha lena n-áirítear sonraí imdhealaithe de réir inscne agus aoise, modheolaíochtaí, aicmithe, micrea-ionsamhlaithe, staidéir phíolótacha, táscairí, bróicéireacht eolais agus cleachtaí tagarmharcanna;

(c)

Tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun timpeallachtaí uirbeacha, oibre agus scoile a chruthú a bheidh sláintiúil agus sábháilte, chun roghanna saoil sláintiúla a chumasú, chun aistí bia folláine agus gníomhaíocht choirp rialta a chur chun cinn, agus riachtanais grúpaí leochaileacha ag gach céim dá saol, á gcur san áireamh leis an aidhm sláinte ar feadh an tsaoil a chur chun cinn;

(d)

Tacú leis na Ballstáit chun gur féidir freagairt go héifeachtach ar ghalair theagmhálacha, agus chun na galair sin a chosc, a fhaire, a dhiagnóisiú agus a chóireáil;

(e)

Tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát maidir leis an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc le linn saol duine aonair agus trí aghaidh a thabhairt ar thosca riosca sláinte, amhail an murtall, aistí bia mífholláine agus neamhghníomhaíocht choirp;

(f)

Tacú le gníomhaíochtaí chun an mheabhairshláinte a fheabhsú;

(g)

Tacú le gníomhaíochtaí chun bearta na mBallstát a chomhlánú chun damáiste don tsláinte de dheasca úsáid drugaí aindleathacha agus andúil a laghdú, lena n-áirítear faisnéis agus cosc;

(h)

Tacú le beartais agus gníomhaíochtaí cur chun feidhme chun neamhionannais Sláinte agus éagothromaíochtaí sláinte agus i dtaca le cúram sláinte a laghdú;

(i)

Tacú le gníomhaíochtaí chun feasacht maidir leis an tsláinte a fheabhsú;

(j)

Tacú le cur chun cinn agus cur chun feidhme mholtaí an Chóid Eorpaigh i gCoinne na hAilse agus tacú le hathbhreithniú ar eagrán reatha an Chóid sin;

(k)

Gníomhaíochtaí chun tacú le cur chun feidhme na gclárlann ailse sna Ballstáit uile;

(l)

Comhar a fhorbairt tuilleadh i measc comhlachtaí ábhartha náisiúnta ó na Ballstáit rannpháirteacha d’fhonn tacú le líonra fíorúil Eorpach barr feabhais a chur ar bun chun an taighde a dhéanfar ar gach cineál ailse a neartú, lena n-áirítear ailse phéidiatrach, agus treisiú a dhéanamh ar bhailiú agus malartú sonraí cliniciúla, agus ar thorthaí taighde a chur i ngníomh sa chúram laethúil agus sa chóireáil a chuirtear ar othair ailse;

(m)

Tacú le gníomhaíochtaí chun cáilíocht an chúraim ailse a fheabhsú, lena n-áirítear i dtaca le cosc, scagthástáil, faireachán agus cóireáil diagnóisithe luaith, cúram tacaíochta agus maolaitheach, i gcur chuige comhtháiteach atá dírithe ar an othar agus tacú le scéimeanna dearbhaithe cáilíochta a bhunú d’ionaid ailse nó d’ionaid eile ina gcuirtear cóireáil ar othair ailse, lena n-áirítear sna cinn ina ndéantar ailse phéidiatrach a chóireáil;

(n)

Tacú le scéimeanna dearbhaithe cáilíochta a bhunú le haghaidh ionaid ailse agus ionaid ina gcuirtear cóireáil ar othair ailse;

(o)

Tacú le sásraí le haghaidh forbairt acmhainneachta tras-speisialtachtaí agus oideachas leanúnach, go háirithe i réimse an chúraim ailse;

(p)

Gníomhaíochtaí chun tacú le cáilíocht saoil na ndaoine a tháinig slán ón ailse agus le cáilíocht saoil cúramóirí, lena n-áirítear tacaíocht shíceolaíoch, bainistiú péine agus gnéithe sláinte d’athimeascadh gairmiúil a sholáthar;

(q)

Comhar a neartú maidir le cearta othar, sábháilteacht othar agus cáilíocht an chúraim;

(r)

Tacú le gníomhaíochtaí maidir le faireachas eipidéimeolaíochta, agus dá réir sin, lena rannchuidítear le measúnú ar thosca a dhéanann difear nó a chinneann sláinte na ndaoine;

(s)

Tacú, i sineirgíocht le cláir eile, le gníomhaíochtaí chun dáileadh geografach ball foirne cúraim sláinte a fheabhsú agus gníomhaíochtaí “fásaigh leighis” a sheachaint, , gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát;

(t)

Tacú le treoirlínte a bhunú chun galair i réimse na ngalar teagmhálach agus neamhtheagmálach araon a chosc agus a bhainistiú, agus le huirlisí agus líonraí a bhunú chun dea-chleachtais sa réimse sin a mhalartú;

(u)

Tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar dheitéarmanaint sláinte, lena n-áirítear laghdú ar dhochar a bhaineann le halcól agus úsáid tobac;

(v)

Tacú le huirlisí agus ardáin chun fíorfhianaise a bhailiú maidir le sábháilteacht, éifeachtacht agus tionchar vacsaíní tar éis úsáid a bhaint astu;

(w)

Tacú le tionscnaimh chun feabhas a chur ar rátaí cumhdaithe vacsaínithe sna Ballstáit;

(x)

Gníomhaíochtaí cumarsáide atá dírithe ar an bpobal agus geallsealbhóirí chun gníomhaíocht an Aontais a chur chun cinn sna réimsí a luaitear san Iarscríbhinn seo;

(y)

Feachtais múscailte feasachta agus gníomhaíochtaí cumarsáide don phobal i gcoitinne agus do spriocghrúpaí, a bhfuil sé mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar dhrogall roimh an vacsaíniú, an mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis agus iad a chosc maidir le galair a chosc, cúiseanna le galair agus galair a chóireáil, ar bhealach lena ndéantar feachtais náisiúnta agus gníomhaíochtaí cumarsáide faoi na nithe sin a chomhlánú;

(z)

Gníomhaíochtaí cumarsáide a dhírítear ar an bpobal maidir le rioscaí sláinte agus deitéarmanaint sláinte;

(za)

Tacú le gníomhaíochtaí chun an riosca a laghdú maidir le hionfhabhtuithe a fhaightear i gcúram sláinte.

2.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 4

(a)

An bonneagar sláinte criticiúil a neartú, chun go mbeidh sé in ann déileáil le géarchéimeanna sláinte, trí thacú le huirlisí faireachais, réamhaisnéise, coiscthe agus bainistithe ráigeanna a bhunú;

(b)

Tacú le gníomhaíochtaí chun cosc agus ullmhacht uile-Aontais i dtaca le géarchéim sláinte agus acmhainn bainistithe agus acmhainn freagartha na ngníomhaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chothú, lena n-áirítear tástálacha struis deonacha, an phleanáil theagmhasach, agus cleachtaí ullmhachta; tacú le caighdeáin cháilíochta sláinte a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta, sásraí le haghaidh comhordú éifeachtúil ullmhachta agus freagartha, agus comhordú na ngníomhaíochtaí sin ar leibhéal an Aontais;

(c)

Tacú le gníomhaíochtaí chun creat trasearnála comhtháite cumarsáide a chur ar bun maidir le riosca lena gcumhdófar gach céim de ghéarchéim shláinte, eadhon cosc, ullmhacht, freagairt agus téarnamh;

(d)

Tacú le gníomhaíochtaí coisctheacha chun grúpaí leochaileacha a chosaint ar bhagairtí sláinte agus gníomhaíochtaí chun an fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus bainistiú géarchéimeanna a oiriúnú chun freastal ar riachtanais na ngrúpaí leochaileacha sin amhail gníomhaíochtaí chun cúram bunúsach a áirithiú d’othair a bhfuil galair ainsealacha nó neamhchoitianta orthu;

(e)

Tacú le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí sláinte comhthaobhacha a bhaineann le géarchéim sláinte, go háirithe na hiarmhairtí i leith na meabhairshláinte, i leith othair ar a bhfuil ailse, ar a bhfuil galair ainsealacha agus i leith staideanna leochaileacha eile lena n-áirítear daoine a bhfuil andúil acu, a bhfuil VEID/SEIF orthu, nó a bhfuil heipitíteas agus eitinn orthu;

(f)

Tacú, i sineirgíocht le cláir eile, le cláir oiliúna agus oideachais chun baill foirne cúraim sláinte agus sláinte phoiblí a uas-sciliú, agus le cláir chun baill foirne a mhalartú ar bhonn sealadach, go háirithe chun feabhas a chur ar a scileanna digiteacha;

(g)

Tacú le Saotharlanna agus Ionaid Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh, Ionaid Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh agus Ionaid Barr feabhais a bhunú agus a chomhordú;

(h)

Iniúchadh a dhéanamh ar ullmhacht na mBallstát agus ar a socruithe maidir le freagairt, mar shampla bainistiú géarchéime sláinte, frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus vacsaíniú;

(i)

Cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal i gcomhthéacs an bhainistithe riosca agus na hullmhachta i gcomhair géarchéimeanna sláinte;

(j)

Tacú le feidhmíocht na gcóras náisiúnta a chóineasú aníos, trí tháscairí sláinte a fhorbairt, trí anailísiú agus bróicéireacht eolais agus trí thástálacha struis deonacha a dhéanamh ar chórais cúraim sláinte náisiúnta;

(k)

Tacú le hobair imscrúdúcháin, measúnaithe riosca agus bainistithe riosca ar an nasc idir sláinte ainmhithe, tosca comhshaoil, agus galair an duine, lena n-áirítear le linn géarchéimeanna sláinte.

3.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 4

(a)

Tacú le gníomhaíochtaí chun acmhainneacht saotharlainne agus táirgeadh, taighde, forbairt, agus imlonnú táirgí sláinte agus táirgí nideoige atá ábhartha i gcás géarchéime laistigh den Aontas;

(b)

Tacú le gníomhaíochtaí agus le huirlisí idir-inoibritheacha TF chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais táirgí íocshláinte agus feistí leighis, chun na ganntanais sin a chosc, a bhainistiú agus a thuairisciú agus fógra a thabhairt ina leith, agus rannchuidiú lena n-inacmhainneacht ag an am céanna;

(c)

Tacú, i sineirgíocht le cláir eile, le trialacha cliniciúla chun dlús a chur le táirgí íocshláinte agus vacsaíní nuálacha, sábháilte agus éifeachtacha a fhorbairt, agus a chur ar fáil, agus le húdarú margaíochta ina leith;

(d)

Tacú le gníomhaíochtaí chun forbairt táirgí íocshláinte agus vacsaíní nuálacha a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin cúraim sláinte atá ag dul i méid agus ar riachtanais othar, agus le táirgí nach bhfuil chomh brabúsach céanna ó thaobh na tráchtála de, amhail ábhair fhrithmhiocróbacha;

(e)

Tacú le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar tháirgeadh agus diúscairt táirgí íocshláinte agus feistí leighis ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus gníomhaíochtaí chun tacú le forbairt táirgí íocshláinte ar lú an dochar a dhéanfaidh siad don chomhshaol;

(f)

Tacú le gníomhaíochtaí chun úsáid stuama agus éifeachtúil táirgí íocshláinte, go háirithe ábhair fhrithmhiocróbacha, a chur chun cinn;

(g)

Tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu méadú a spreagadh i dtáirgeadh comhábhair ghníomhacha chógaisíochta agus táirgí íocshláinte atá bunriachtanach san Aontas, lena n-áirítear trí shlabhraí soláthair a éagsúlú i dtáirgeadh comhábhar ghníomhacha chógaisíochta agus cógas cineálach laistigh den Aontas, chun spleáchas na mBallstát ar thríú tíortha áirithe a laghdú;

(h)

Tacú le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte agus feistí leighis;

(i)

Tacú le gníomhaíochtaí chun nuálaíocht a chothú ó thaobh cógais iarphaitinne a athphróifíliú, a athmhúnlú agus a chomhcheangal, i sineirgíocht le cláir eile;

(j)

Gníomhaíochtaí chun measúnú riosca don chomhshaol, ó tháirgí íocshláinte, a neartú;

(k)

Tacú le sásra um chomhordú trasearnála a bhunú agus a oibriú i gcomhréir leis an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin”.

4.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (d) d’Airteagal 4

(a)

Faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí stoc-charntha náisiúnta i ndáil leis na táirgí bunriachtanacha atá ábhartha i gcás géarchéime chun riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le stoc-charnadh breise ar leibhéal an Aontais a shainaithint;

(b)

A áirithiú go ndéanfar bainistiú comhsheasmhach ar stoc-charnadh na dtáirgí bunriachtanacha atá ábhartha i gcás géarchéime ar leibhéal an Aontais, ar bhealach lena gcomhlánaítear ionstraimí, cláir agus cistí eile de chuid an Aontais agus i ndlúthchomhar le comhlachtaí ábhartha an Aontais;

(c)

Tacú le gníomhaíochtaí chun táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime atá bunriachtanach a fháil agus a sholáthar, ar táirgí iad lena ndéantar rannchuidiú le hinacmhainneacht na dtáirgí sin, ar bhealach a chomhlánaíonn gníomhaíochtaí stoc-charntha na mBallstát.

5.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (e) d’Airteagal 4

Tacú le gníomhaíochtaí le haghaidh na hoibre ullmhúcháin ionas go bhféadfar baill foirne leighis, cúraim sláinte agus tacaíochta a shlógadh agus a oiliúint ar leibhéal an Aontais i gcás géarchéim sláinte, i ndlúthchomhar le ECDC, i sineirgíocht le hionstraimí eile de chuid an Aontais, agus lánurraim á tabhairt d’inniúlachtaí na mBallstát; malartú dea-chleachtas idir cúltacaí náisiúnta foirne leighis, cúraim sláinte agus tacaíochta a éascú.

6.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (f) d’Airteagal 4

(a)

Tacú le creat de chuid an Aontais agus leis na huirlisí digiteacha idir-inoibritheacha faoi seach le haghaidh comhar idir na Ballstáit agus comhar i líonraí, lena n-áiritear na cinn sin is gá chun críche comhar HTA;

(b)

Tacú le bonneagar seirbhísí digiteacha aibí, slán agus idir-inoibritheacha imlonnú, a oibriú agus a chothabháil, chomh maith le próisis dearbhaithe cáilíochta sonraí le haghaidh malartú sonraí, rochtain ar shonraí, agus úsáid agus athúsáid sonraí; tacú le líonrú trasteorann, lena n-áirítear trí úsáid agus idir-inoibritheacht ríomhthaifead, clárlanna agus bunachar sonraí eile; forbairt a dhéanamh ar struchtúir rialachais iomchuí agus ar chórais idir-inoibritheacha faisnéise sláinte;

(c)

Tacú le claochlú digiteach an chúraim sláinte agus na gcóras sláinte lena n-áirítear trí thagarmharcáil agus forbairt acmhainne chun dul i muinín uirlisí agus teicneolaíochtaí nuálacha; agus tacú le huas-sciliú digiteach na ngairmithe cúraim sláinte;

(d)

Tacú leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an teilileigheas agus as an teileashláinte, lena n-áirítear trí chumarsáid satailíte le haghaidh ceantair iargúlta, lena gcothaítear nuálaíocht eagraíochtúil dhigiteach i saoráidí cúraim sláinte agus lena gcuirtear chun cinn uirlisí digiteacha a thacaíonn le cumhachtú an tsaoránaigh agus le cúram atá dírithe ar an othar;

(e)

Tacú le bunachair sonraí agus uirlisí digiteacha a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil agus idir-inoibritheacht na nithe sin, lena n-áirítear tionscadail atá bunaithe cheana, le teicneolaíochtaí braistinte eile i gcás inarb iomchuí, mar shampla teicneolaíochtaí spásbhunaithe agus an intleacht shaorga;

(f)

Tacú le gníomhaíochtaí chun rochtain agus smacht na saoránach ar a sonraí sláinte a neartú;

(g)

Tacú le himlonnú agus idir-inoibritheacht uirlisí agus bonneagair digiteach laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, agus le hInstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais;

(h)

Tacú le gníomhaíochtaí agus tionscadail ullmhúcháin don spás Eorpach um shonraí sláinte;

(i)

Gníomhaíochtaí chun tacú le r-shláinte, amhail an t-aistriú chuig an teilileigheas, agus cógas a thabhairt sa bhaile;

(j)

Tacú le ríomhthaifid sláinte idir-inoibritheacha a bhunú, i gcomhréir le formáid Eorpach do mhalartú ríomhthaifead sláinte chun úsáid r-shláinte a mhéadú agus inbhuanaitheacht agus athléimneacht córas cúraim sláinte a fheabhsú.

7.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (g) d’Airteagal 4

(a)

Gníomhaíochtaí lena ndéantar rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte agus saoráidí a bhaineann leo agus ar chúram do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn;

(b)

Tacú le cúraim príomhúil a neartú agus comhtháthú an chúraim a threisiú, d’fhonn cumhdach sláinte uilíoch a bhaint amach agus rochtain chomhionann ar chúram sláinte ar ardchaighdeán a chur ar fáil;

(c)

Tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun rochtain ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe a chur chun cinn, agus tacú le cuir chuige chomhtháite agus trasnacha maidir le cosc, diagnóisiú, cóireáil agus cúram;

8.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (h) d’ Airteagal 4

(a)

Tacú le bonneagar eolais agus faisnéise sláinte a bhunú agus a oibriú;

(b)

Tacú le reachtaíocht agus gníomhaíocht sláinte an Aontais a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh orthu; agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do chur chun feidhme na gceanglas dlíthiúil;

(c)

Tacú le staidéir agus anailís, measúnú córasach ar an tionchar ar an tsláinte atá ag gníomhaíochtaí beartais eile de chuid an Aontais agus comhairle eolaíoch a chur ar fáil chun tacú le ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise;

(d)

Tacú le grúpaí agus painéil saineolaithe a chuireann comhairle, sonraí agus faisnéis ar fáil chun tacú le beartais sláinte a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear measúnuithe leantacha ar chur chun feidhme na mbeartas sláinte;

(e)

Tacú le pointí teagmhála agus fócasacha chun treoir, faisnéis agus cúnamh a sholáthar a bhaineann le reachtaíocht sláinte an Aontais agus an Clár a chur chun cinn agus a chur chun feidhme;

(f)

Obair iniúchóireachta agus measúnaithe i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, i gcás inarb infheidhme;

(g)

Tacú le beartas agus reachtaíocht rialaithe tobac an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh;

(h)

Tacú le forbairt acmhainní a mhéid a bhaineann le córais náisiúnta chun reachtaíocht maidir le substaintí de bhunús daonna a chur chun feidhme, agus a mhéid a bhaineann le soláthar inbhuanaithe agus sábháilte na substaintí sin a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí líonraithe;

(i)

Tacú leis na Ballstáit chun acmhainn riaracháin a gcóras sláinte a neartú trí chomhar agus dea-chleachtais a mhalartú;

(j)

Tacú le gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus comhar ar leibhéal an Aontais chun cúnamh a thabhairt do phróisis athchóirithe náisiúnta lena ngabhfar i dtreo feabhsú ar éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht na gcóras sláinte, agus cistiú an Aontais atá ar fáil a nascadh ag an am céanna;

(k)

Tacú le forbairt acmhainní le haghaidh infheistíocht in athchóirithe ar na córais sláinte, lena n-áirítear pleanáil straitéiseach agus rochtain ar mhaoiniú ilfhoinsithe agus na hathchóirithe sin a chur chun feidhme;

9.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (i) d’Airteagal 4

(a)

Tacú le haistriú, oiriúnú agus cur i bhfeidhm dea-chleachtas agus réiteach nuálach ag a bhfuil breisluach cinnte ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit, agus go háirithe cúnamh shaincheaptha thírshonrach do na Ballstáit, nó do ghrúpaí Ballstát, ina bhfuil an ganntanas is mó a chur ar fáil, trí thionscadail shonracha a chistiú lena n-áirítear nascadh, comhairle ó shaineolaithe agus tacaíocht piaraí;

(b)

Tacú le comhar agus comhpháirtíochtaí trasteorann, lena n-áirítear réigiúin trasteorann, d’fhonn réitigh nuálacha a aistriú agus a mhéadú ó thaobh scála;

(c)

Comhar agus comhordú trasearnálach a neartú;

(d)

Tacú le feidhmiú na ERNanna agus le bunú agus oibriú líonraí nua trasnáisiúnta dá bhforáiltear le reachtaíocht sláinte an Aontais, agus tacú leis an méid a dhéanfaidh na Ballstáit chun gníomhaíochtaí líonraí den sórt sin a chomhordú le hoibriú na gcóras sláinte náisiúnta;

(e)

Tacú le ERNanna a chur chun feidhme tuilleadh sna Ballstáit agus rannchuidiú lena neartú freisin, inter alia, trí mheasúnú, faireachán, meastóireacht agus feabhsú leanúnach;

(f)

Tacú le ERNanna nua a chruthú, chun galair neamhchoitianta aimpléiseacha agus galair íseal-leitheadúlachta a chumhdach, i gcás inarb iomchuí, agus tacú le gníomhaíochtaí le haghaidh comhoibriú idir ERNanna chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais ilchórais a thagann ó ghalair íseal-leitheadúlachta agus ó ghalair neamhchoitianta agus chun líonrú trasnánach idir speisialtachtaí agus disciplíní éagsúla a éascú;

(g)

Tacú leis na Ballstáit chun clárlanna ERN a fheabhsú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh;

(h)

Gníomhaíochtaí comhairliúcháin le geallsealbhóirí.

10.   

Gníomhaíochtaí lena gcomhlíontar an cuspóir a leagtar síos i bpointe (j) d’Airteagal 4

(a)

Tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí an chláir arna chur i láthair ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, ina cáilíocht mar an t-údarás stiúrtha agus comhordúcháin don tsláinte laistigh de na Náisiúin Aontaithe;

(b)

Tacú le comhar idir institiúidí an Aontais, gníomhaireachtaí an Aontais, agus eagraíochtaí agus líonraí idirnáisiúnta, agus tacú le rannchuidiú an Aontais le tionscnaimh dhomhanda;

(c)

Tacú le comhoibriú le tríú tíortha a mhéid a bhaineann leis na réimsí a chumhdaíonn an Clár;

(d)

Tacú le gníomhaíochtaí chun cóineasú rialála idirnáisiúnta a chothú i dtaobh táirgí íocshláinte agus feistí leighis.


IARSCRÍBHINN II

TÁSCAIRÍ CHUN MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR AN gCLÁR

Táscairí an chláir:

1.

Pleanáil ullmhachta agus freagartha an Aontais agus na mBallstát i gcomhair bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte

2.

Rochtain ar tháirgí íocshláinte arna n-údarú go lárnach, mar shampla, líon na n-údaruithe dílleachtaí atá ann cheana agus atá nua agus, táirgí íocshláinte ardteiripe (ATMPanna), táirgí íocshláinte le haghaidh úsáid phéidiatrach nó vacsaíní, le haghaidh riachtanais nach bhfuil comhlíonta

3.

Líon na ngníomhaíochtaí lena rannchuidítear le mortlaíocht inseachanta i réimse na ngalar neamhtheagmhálach agus na dtosca riosca a laghdú

4.

Líon na mBallstát a chuireann dea-chleachtais chun feidhme maidir le cur chun cinn na sláinte, maidir le galair a chosc agus a thugann aghaidh ar neamhionannais sláinte

5.

Líon na mBallstát atá rannpháirteach sa spás Eorpach sonraí sláinte

6.

Líon na mBallstát a bhfuil pleanáil ullmhachta agus freagartha fheabhsaithe acu

7.

Cumhdach vacsaínithe de réir aoise do ghalair inchoiscthe trí vacsaíniú, amhail an bhruitíneach, an fliú, HPV agus COVID-19

8.

Innéacs acmhainne Shaotharlanna AE (EULabCap)

9.

Glanráta marthanais 5 bliana caighdeánaithe ó thaobh aoise de i gcomhair ailse phéidiatrach de réir cineáil, aoise, inscne agus Ballstáit (a mhéid a bheidh fáil air sin)

10.

Cumhdach scagthástála na gclár scagthástála le haghaidh ailse chíche, ailse i mbéal na broinne agus ailse chalaireicteach, de réir cineáil, spriocphobail, agus Ballstáit

11.

An céatadán den daonra a chumhdaítear le Clárlanna Ailse agus líon na mBallstát a thuairiscíonn faisnéis maidir le hailse i mbéal na broinne, ailse chíche, ailse chalaireicteach agus ailse phéidiatrach ag céim na diagnóise

12.

Líon na ngníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar leitheadúlacht mórghalar ainsealach in aghaidh an Bhallstáit, de réir galar, inscne agus aoise

13.

Líon na ngníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar leitheadúlacht aoise a bhaineann le húsáid tobac, idirdhealaithe, más féidir, de réir inscne

14.

Líon na ngníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar leitheadúlacht a bhaineann le mí-úsáid alcóil, idirdhealaithe, más féidir, de réir inscne agus aoise

15.

Líon ganntanais táirgí íocshláinte sna Ballstáit mar a thuairiscítear tríd an líonra teagmhála aonair

16.

Líon na ngníomhaíochtaí atá dírithe ar shlándáil agus leanúnachas na slabhraí soláthair domhanda a mhéadú, agus ar aghaidh a thabhairt ar spleáchais ar allmhairí ó thríú tíortha i dtaobh comhábhair chógasaíochta ghníomhacha atá bunriachtanach agus táirgí íocshláinte atá bunriachtanach a tháirgeadh san Aontas

17.

Líon na n-iniúchtaí arna ndéanamh san Aontas agus i dtríú tíortha chun dea-chleachtais mhonaraíochta agus dea-chleachtais chliniciúla a áirithiú (rialú an Aontais)

18.

Tomhailt ábhar frithmhiocróbach chun críche úsáide sistéamaí ATC (grúpa J01) de réir Ballstáit

19.

Líon na n-aonad cúraim sláinte atá páirteach in ERNanna agus líon na n-othar a fhaigheann diagnóisiú agus cóir ó bhaill de líonraí ERN

20.

Líon na dtuarascálacha HTA a rinneadh go comhpháirteach

21.

Líon na measúnuithe tionchair sláinte ar bheartais an Aontais

22.

Líon na ngníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar an gcomhrac i gcoinne galair theagmhálacha

23.

Líon na ngníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar thosca riosca comhshaoil don tsláinte


26.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 107/30


RIALACHÁN (AE) 2021/523 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Márta 2021

lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173 agus an tríú mír d’Airteagal 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is mór an suaitheadh í paindéim COVID-19 don gheilleagar domhanda agus do gheilleagar an Aontais agus tá tionchar mór sóisialta agus eacnamaíoch aici ar fud na mBallstát agus na réigiún. De dheasca na mbeart imshrianta riachtanacha, tháinig laghdú suntasach ar ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas. Meastar go mbeidh crapadh thart ar 7,4 % ar OTI an Aontais in 2020, crapadh i bhfad níos déine ná mar a bhí ann le linn na géarchéime airgeadais in 2009. Tá laghdú suntasach tagtha ar ghníomhaíocht infheistíochta. Ní mór aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí amhail róspleáchas ar fhoinsí soláthair seachtracha neamhéagsúlaithe agus easpa bonneagar criticiúil, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéid (FBManna), lena n-áirítear micrifhiontair, mar shampla trí shlabhraí luacha straitéiseacha a éagsúlú agus a neartú, chun freagairt éigeandála an Aontais chomh maith le hathléimneacht an gheilleagair ina iomláine a fheabhsú, agus a oscailteacht ó thaobh iomaíochta agus trádála de á coinneáil i gcomhréir lena rialacha ag an am céanna. Fiú sa tréimhse roimh an bpaindéim, cé go raibh téarnamh ar chóimheasa infheistíochta de réir OTI san Aontas le sonrú, d’fhan sé faoi bhun an mhéid lena mbeifí ag súil i dtréimhse téarnaimh láidir agus níor leor é chun blianta na tearcinfheistíochta i ndiaidh na géarchéime in 2009 a chúiteamh. Níos tábhachtaí fós, ní chumhdaítear, leis na leibhéil infheistíochta agus leis na réamhaisnéisí atá ann faoi láthair, riachtanais an Aontais le haghaidh infheistíocht struchtúrach chun fás fadtéarmach a atosú agus a chothú d’ainneoin athrú teicneolaíoch agus iomaíochas domhanda a bheith ann, lena n-áirítear le haghaidh na nuálaíochta, scileanna, bonneagair, FBManna agus an ghá aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thábhachtacha shochaíocha amhail inbhuanaitheacht agus aosú an daonra. Dá thoradh sin, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach agus chun tacú le téarnamh eacnamaíoch gasta, inbhuanaithe, cuimsitheach, marthanach agus folláin, teastaíonn tacaíocht chun dul i ngleic le clistí margaidh agus cásanna infheistíochta fo-optamaí agus chun an bhearna infheistíochta in earnálacha spriocdhírithe a laghdú.

(2)

Cuireadh i bhfios i meastóireachtaí gur fhág an raon éagsúil d’ionstraimí airgeadais a tugadh isteach faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 go raibh roinnt forluí ann ó thaobh a raoin feidhme de. Mar gheall ar an éagsúlacht sin, bhí castacht ann d’idirghabhálaithe agus faighteoirí deiridh a raibh orthu déileáil le rialacha incháilitheachta agus tuairiscithe difriúla. Mar gheall ar easpa rialacha comhoiriúnacha, cuireadh bac freisin ar mheascán roinnt cistí de chuid an Aontais, cé go mbeadh meascáin den sórt sin tairbheach chun tacú le tionscadail a bhfuil gá acu le cineálacha difriúla cistiúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart ciste aonair, Ciste InvestEU, a chuireann le taithí an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) a cuireadh ar bun faoin bPlean Infheistíochta don Eoraip, a chur ar bun chun tacaíocht lena mbaineann feidhmiú níos éifeachtúla a sholáthar d’fhaighteoirí deiridh tríd an maoiniú arna thairiscint faoi scéim ráthaíochta buiséadaí aonair a chomhtháthú agus a shimpliú, rud a chuirfeadh, ar an gcaoi sin, feabhas ar thionchar na tacaíochta ón Aontas, agus an costas ar an Aontas is iníoctha ón mbuiséad á laghdú ag an am céanna.

(3)

Le blianta beaga anuas, ghlac an tAontas straitéisí uaillmhianacha chun an margadh inmheánach a chur i gcrích agus chun fás agus poist a bheidh inbhuanaithe agus cuimsitheach a spreagadh. Áirítear ar straitéisí den sórt sin ‘Europe 2020 – A strategy for smart, sustainable and inclusive growth’ [Eoraip 2020 - Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach] an 3 Márta 2010, ‘Action Plan on Building a Capital Markets Union’ [Plean Gníomhaíochta chun Aontas Margaí Caipitil a Thógáil] an 30 Meán Fómhair 2015, ‘Closing the loop – An EU action plan for the Circular Economy’ [An Ciorcal a shlánú - Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach] an 2 Nollaig 2015, ‘A European Strategy for Low-Emission Mobility’ [Straitéis Eorpach don tSoghluaisteacht i dtaca le hAstaíochtaí Ísle] an 20 Iúil 2016, ‘Space Strategy for Europe’ [An Straitéis Spáis don Eoraip] an 26 Deireadh Fómhair 2016, ‘Clean Energy for all Europeans’ [Fuinneamh Glan do gach Eorpach] an 30 Samhain 2016, ‘European Defence Action Plan’ [Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint] an 30 Samhain 2016, ‘Launching the European Defence Fund’ [Seoladh an Chiste Eorpaigh Cosanta] an 7 Meitheamh 2017, Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta an 13 Nollaig 2017, ‘A new European Agenda for Culture’ [An Clár Oibre Eorpach nua don Chultúr] an 22 Bealtaine 2018, ‘European Green Deal’ [Comhaontú Glas don Eoraip] an 11 Nollaig 2019, ‘European Green Deal Investment Plan’ [Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip] an 14 Eanáir 2020, ‘Strong Social Europe for Just Transitions’ [Eoraip Láidir Shóisialta d’Aistrithe Córa] an 14 Eanáir 2020, an straitéis ‘Shaping Europe’s digital future’ [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú], ‘A European Strategy for Data’ [Straitéis Eorpach le haghaidh Sonraí] agus an Páipéar Bán ‘On Artificial Intelligence - A European approach to excellence and trust’ [Maidir leis an Intleacht Shaorga - Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín] an 19 Feabhra 2020, ‘A New Industrial Strategy for Europe’ [Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip] an 10 Márta 2020 agus ‘SME Strategy for a sustainable and digital Europe’ [Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach] an 10 Márta 2020. Ba cheart do Chiste InvestEU sineirgíochtaí a shaothrú agus a threisiú idir na straitéisí sin a threisíonn a chéile trí thacaíocht a thabhairt le haghaidh infheistíochta agus trí rochtain a thabhairt ar an maoiniú. Ina theannta sin, tá Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) glactha ag an Aontas.

(4)

Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch an creat chun tosaíochtaí athchóiriúcháin náisiúnta a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. Forbraíonn na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a straitéisí infheistíochta ilbhliantúla náisiúnta féin chun tacú leis na tosaíochtaí athchóiriúcháin sin. Ba cheart na straitéisí sin a chur i láthair in éineacht leis na cláir náisiúnta bhliantúla um athchóiriú mar bhealach chun na tionscadail infheistíochta tosaíochta atá le tacaíocht a fháil ó chistiú náisiúnta, ó chistiú ón Aontas, nó ón dá chineál cistithe sin, a achoimriú agus a chomhordú. Ba cheart do na straitéisí sin leas a bhaint freisin as cistiú ón Aontas ar dhóigh chomhleanúnach agus ba cheart dóibh a oiread tairbhe is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta airgeadais atá le fáil go háirithe ó chistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa, ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus ó Chlár InvestEU.

(5)

Le Ciste InvestEU, ba cheart rannchuidiú le hiomaíochas agus cóineasú socheacnamaíoch an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear i réimsí na nuálaíochta agus an digitithe, le húsáid éifeachtach acmhainní i gcomhréir leis an ngeilleagar ciorclach, le hinbhuanaitheacht agus cuimsitheacht fhás eacnamaíoch an Aontais agus le hathléimneacht shóisialta agus comhtháthú mhargaí caipitil de chuid an Aontais, lena n-áirítear trí bhíthin réitigh a thugann aghaidh ar ilroinnt mhargaí caipitil an Aontais agus a dhéanann foinsí maoinithe d’fhiontair san Aontas a éagsúlú. Chuige sin, ba cheart do Chiste InvestEU tacú le tionscadail atá inmharthana go teicniúil agus ó thaobh na heacnamaíochta de trí chreat a chur ar fáil ar mhaithe le hionstraimí fiachais, ionstraimí roinnte riosca agus ionstraimí cothromais agus cuasachothromais a úsáid faoina gcuirfear taca le ráthaíocht ó bhuiséad an Aontais agus le ranníocaíochtaí airgeadais ó chomhpháirtithe cur chun feidhme de réir mar is ábhartha. Ba cheart do Chiste InvestEU a bheith dírithe ar an éileamh, agus ag an am céanna ba cheart dó díriú ar thairbhí straitéiseacha fadtéarmacha a sholáthar i ndáil le príomhréimsí de bheartas an Aontais nach ndéanfaí cistiú orthu nó nach ndéanfaí cistiú leordhóthanach orthu murach sin, agus ba cheart dó, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Le tacaíocht ó Chiste InvestEU, ba cheart raon leathan earnálacha agus réigiún a chumhdach, ach níor cheart dó díriú an iomarca ar aon earnáil ná ar aon réigiún geografach agus ba cheart dó rochtain a éascú ar mhaoiniú tionscadal atá comhdhéanta d’eintitis chomhpháirtíochta i roinnt réigiún ar fud an Aontais, lena n-áirítear tionscadail lena gcothaítear forbairt gréasán, braislí agus mol nuálaíochta digiteach.

(6)

Is é atá in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ná earnálacha ríthábhachtacha atá ag fás go tapa san Aontas agus ar féidir ról tábhachtach a bheith acu maidir le téarnamh inbhuanaithe a áirithiú, rud a chruthódh luach eacnamaíoch agus cultúrtha ó mhaoin intleachtúil agus ó chruthaitheacht aonair. Mar sin féin, d’imir srianta ar theagmhálacha sóisialta a cuireadh i bhfeidhm le linn ghéarchéim COVID-19 tionchar eacnamaíoch diúltach nach beag ar na hearnálacha sin. Ina theannta sin, cuireann nádúr doláimhsithe na sócmhainní sna hearnálacha sin teorainn ar theacht FBManna agus eagraíochtaí ó na hearnálacha sin ar mhaoiniú príobháideach atá ríthábhachtach ionas gur féidir infheistíocht agus uas-scálú a dhéanamh agus dul san iomaíocht ar leibhéal idirnáisiúnta. Ba cheart do Chlár InvestEU leanúint de bheith ag éascú teacht ar mhaoiniú do FBManna agus d’eagraíochtaí ó na hearnálacha sin. Tá earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, an chlosamhairc agus na meán ríthábhachtach don tsaoirse cainte agus don éagsúlacht chultúrtha agus chun sochaithe daonlathacha agus comhtháite a fhorbairt sa ré dhigiteach, agus is dlúthchuid dár gceannasacht agus dár neamhspleáchas iad. Le hinfheistíocht sna hearnálacha sin, chinnfí a n-iomaíochas agus a n-acmhainneacht fhadtéarmach ábhar ardcháilíochta a tháirgeadh agus é a dháileadh ar lucht féachana agus éisteachta fairsing thar theorainneacha náisiúnta.

(7)

D’fhonn fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, infheistíocht inbhuanaithe agus chuimsitheach agus fostaíocht inbhuanaithe agus chuimsitheach a chothú agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le folláine níos fearr, le dáileadh ioncaim níos cothroime agus le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach níos fearr san Aontas, ba cheart do Chiste InvestEU tacú le hinfheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha. Ba cheart do thionscadail arna gcistiú ag Ciste InvestEU caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta an Aontais, lena n-áirítear caighdeáin i dtaca le cearta saothair, a chomhlíonadh. Le hidirghabhálacha de dhroim Chiste InvestEU, ba cheart tacaíocht ón Aontas arna soláthar trí dheontais a chomhlánú.

(8)

D’fhormhuinigh an tAontas na cuspóirí a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (‘Clár Oibre 2030’), na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) lena mbaineann agus Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (5) (Comhaontú Pháras) mar aon le Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, mar aon leis na cuspóirí a leagtar amach i mbeartais chomhshaoil an Aontais, ní mór dlús suntasach a chur le gníomhaíocht lena saothraítear an fhorbairt inbhuanaithe. Dá bhrí sin, ba cheart prionsabail na forbartha inbhuanaithe a bheith ina ngné shoiléir i ndearadh Chiste InvestEU.

(9)

Ba cheart do Chlár InvestEU rannchuidiú le córas airgeadais inbhuanaithe a thógáil san Aontas, ar córas é a thacóidh le hatreorú an chaipitil phríobháidigh chuig infheistíochtaí inbhuanaithe i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2018 dar teideal ‘Action Plan: Financing Sustainable Growth’ [Plean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú] agus i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 dar teideal ‘European Green Deal Investment Plan’ [Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip].

(10)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, agus i gcomhréir leis an tiomantas do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, chomh maith leis an gcuspóir aeráidneodracht AE a bhaint amach faoi 2050 agus spriocanna nua aeráide an Aontais do 2030, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo rannchuidiú le sprioc a bhaint amach ina gcaithfí 30 % de chaiteachas uile CAI ar chuspóirí aeráide a phríomhshruthú agus leis an uaillmhian go mbeadh caiteachas bithéagsúlachta á léiriú in 7,5 % den bhuiséad in 2024, agus in 10 % de in 2026 agus in 2027, agus an forluí atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus spriocanna bithéagsúlachta á chur san áireamh ag an am céanna. Le gníomhaíochtaí faoi Chlár InvestEU, meastar go rannchuideofar 30 % ar a laghad d’imchlúdach airgeadais foriomlán Chlár InvestEU do chuspóirí aeráide.

(11)

Rianófar rannchuidiú Chiste InvestEU le baint amach na sprice aeráide le córas rianaithe aeráide de chuid an Aontais atá le forbairt ag an gCoimisiún i gcomhar le comhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha, agus úsáid á baint ar bhealach iomchuí as na critéir arna mbunú le Rialachán (AE) 2020/852 chun a chinneadh cé acu atá gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó nach bhfuil. Ba cheart do Chlár InvestEU rannchuidiú freisin le cur chun feidhme ghnéithe eile na SDGanna.

(12)

De réir Thuarascáil Rioscaí Domhanda 2018 arna heisiúint ag an bhFóram Domhanda Eacnamaíoch, is leis an gcomhshaol a bhaineann cúig den deich riosca is criticiúla atá ag bagairt an gheilleagair dhomhanda. Áirítear ar rioscaí den sórt sin truailliú aeir, ithreach, uiscí intíre agus aigéan, teagmhais adhaimsire, caillteanais na bithéagsúlachta agus teipeanna an mhaolaithe ar an athrú aeráide agus teipeanna an oiriúnaithe don athrú aeráide. Is gnéithe lárnacha de na Conarthaí agus de mhórán de bheartais an Aontais iad prionsabail chomhshaoil. Dá bhrí sin, ba cheart príomhshruthú cuspóirí comhshaoil a chur chun cinn in oibríochtaí a bhaineann le Ciste InvestEU. Ba cheart cosaint an chomhshaoil agus bearta coiscthe agus bainistithe riosca a bhaineann léi a chomhtháthú in ullmhú agus i gcur chun feidhme infheistíochtaí. Ba cheart don Aontas a chaiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le rialú an truaillithe aeir a rianú freisin chun na hoibleagáidí maidir le tuairisciú a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (6) agus faoi Threoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Dá bhrí sin, ba cheart an infheistíocht a leithdháiltear ar chuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil a rianú trí úsáid a bhaint as modhanna comhchoiteanna atá comhleanúnach leis na modhanna sin arna bhforbairt faoi chláir eile de chuid an Aontais a bhfuil feidhm acu maidir le bainistiú aeráide, bithéagsúlachta agus truaillithe aeir chun gur féidir an tionchar aonair agus an tionchar comhcheangailte atá ag infheistíochtaí ar phríomh-chomhpháirteanna an chaipitil nádúrtha, eadhon an t-aer, an t-uisce, an talamh agus an bhithéagsúlacht, a mheas.

(13)

Ba cheart don chomhpháirtí cur chun feidhme tionscadail infheistíochta a fhaigheann tacaíocht shuntasach ón Aontas, go háirithe i réimse an bhonneagair, a iniúchadh chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an imríonn siad tionchar ar an gcomhshaol, ar an aeráid nó ar chúrsaí sóisialta. Ba cheart tionscadail infheistíochta a bhfuil tionchar den sórt sin acu a bheith faoi réir measúnú inbhuanaitheachta i gcomhréir le treoir ar cheart don Choimisiún í a fhorbairt i ndlúthchomhar le comhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha faoi Chlár InvestEU. Ba cheart don treoir sin úsáid a bhaint ar bhealach iomchuí as na critéir a bhunaítear le Rialachán (AE) 2020/852 chun a chinneadh an bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear an prionsabal arb é ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, agus an bhfuil sí comhsheasmhach leis na treoracha arna bhforbairt le haghaidh cláir eile de chuid an Aontais. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart a áireamh sa treoir sin forálacha leordhóthanacha maidir le hualaí riaracháin míchuí a sheachaint, agus ba cheart tionscadail faoi bhun méid áirithe atá le sainiú sa treoir a eisiamh ón measúnú inbhuanaitheachta. I gcás ina gcinneann comhpháirtí cur chun feidhme nach bhfuil aon mheasúnú inbhuanaitheachta le déanamh, ba cheart dó bonn cirt a thabhairt don choiste infheistíochta arna bhunú do Chiste InvestEU (‘an Coiste Infheistíochta’). Níor cheart oibríochtaí nach bhfuil i gcomhréir le baint amach na gcuspóirí aeráide a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht faoin Rialachán seo.

(14)

Mar gheall ar rátaí ísle infheistíochta bonneagair san Aontas le linn na géarchéime airgeadais agus arís eile le linn ghéarchéim COVID-19, tá an bonn bainte ó chumas an Aontais borradh a chur faoin bhfás inbhuanaithe, faoina iarrachtaí i dtreo na haeráidneodrachta, faoina iomaíochas agus cóineasú agus faoi chruthú post. Leis an méid sin, cruthaítear riosca freisin go ndéanfaí míchothromaíochtaí agus éagsúlachtaí agus neamhionannais laistigh de na Ballstáit agus eatarthu a chomhdhlúthú, rud a mbeadh tionchar aige ar fhorbairt fhadtéarmach ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Tá sé bunriachtanach infheistíochtaí measartha mór a dhéanamh i mbonneagar an Aontais, go háirithe maidir le hidirnascadh agus éifeachtúlacht fuinnimh agus chun Limistéar Iompair Eorpach Aonair a chruthú, chun spriocanna inbhuanaitheachta an Aontais, lena n-áirítear gealltanais an Aontais i leith SDGanna, agus spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030, a chomhlíonadh. Dá réir sin, ba cheart tacaíocht ó Chiste InvestEU a spriocdhíriú ar infheistíochtaí in iompar, fuinneamh, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí fuinnimh in-athnuaite agus foinsí fuinnimh astaíochtaí ísle eile atá sábháilte agus inbhuanaithe, bonneagar comhshaoil, bonneagar a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide, bonneagar muirí agus bonneagar digiteach, lena n-áirítear nascacht leathanbhanda ghasta agus shárghasta ar fud an Aontais, chun dlús a chur le claochlú digiteach gheilleagar an Aontais. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag Clár InvestEU tosaíocht a thabhairt do réimsí atá gann ar infheistíocht, agus ina bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta. Chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag tacaíocht mhaoiniúcháin an Aontais agus as an mbreisluach a bheidh ag an tacaíocht sin, is iomchuí próiseas infheistíochta cuíchóirithe a chur chun cinn lena gcumasaítear infheictheacht na píblíne tionscadal agus lena ndéantar uasmhéadú ar shineirgíochtaí thar chláir ábhartha de chuid an Aontais i réimsí amhail iompar, fuinneamh agus digitiú.

Agus aird á tabhairt ar bhagairtí sábháilteachta agus slándála, ba cheart bearta maidir le hathléimneacht bonneagair, lena n-áirítear cothabháil agus sábháilteacht bonneagair, a áireamh i dtionscadail infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ón Aontas agus ba cheart prionsabail maidir le saoránaigh a chosaint i spásanna poiblí a chur san áireamh leo. Ba cheart an méid sin a bheith comhlántach leis na hiarrachtaí arna ndéanamh ag cistí eile de chuid an Aontais lena dtugtar tacaíocht do chomhpháirteanna slándála infheistíochtaí i spásanna poiblí, san iompar, san fhuinneamh agus i mbonneagar criticiúil eile, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

(15)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart do Chlár InvestEU rannchuidiú le cuspóirí Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus le cuspóirí Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus ba cheart dó éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn i gcinntí infheistíochta.

(16)

Is deis í an fhíor-ilmhódúlacht chun gréasán iompair a bheidh éifeachtúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a chruthú, a bhainfidh feidhm as acmhainneacht uasta gach modha iompair agus a chruthóidh sineirgíochtaí eatarthu. Ba cheart do Chlár InvestEU tacú le hinfheistíochtaí i moil iompair ilmhódúla, ar rudaí iad – in ainneoin a n-acmhainneachta suntasaí eacnamaíche agus a gcásanna gnó – a bhfuil riosca suntasach ag baint leo d’infheisteoirí príobháideacha. Ba cheart do Chlár InvestEU rannchuidiú freisin le Córas Iompair Chliste (CICanna) a fhorbairt agus a chur chun úsáide. Ba cheart do Chlár InvestEU cabhrú le borradh a chur faoi iarrachtaí chun teicneolaíochtaí a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, ar teicneolaíochtaí iad a chabhraíonn le sábháilteacht feithiclí agus an bhonneagair bóthair a fheabhsú.

(17)

Ba cheart do Chlár InvestEU rannchuidiú le beartais an Aontais maidir le farraigí agus aigéin trí fhorbairt a dhéanamh ar thionscadail agus fiontair i réimse an gheilleagair ghoirm, agus Prionsabail Airgeadais an Gheilleagair Ghoirm Inbhuanaithe. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí idirghabhálacha leis sin i réimse na fiontraíochta agus tionsclaíochta muirí, tionscal muirí nuálach agus iomaíoch, chomh maith le fuinneamh in-athnuaite muirí agus an geilleagar ciorclach.

(18)

Cé go raibh méadú ag teacht ar leibhéal na hinfheistíochta foriomláine san Aontas roimh ghéarchéim COVID-19, ní raibh an infheistíocht i ngníomhaíochtaí ardriosca amhail taighde agus nuálaíocht leormhaith agus meastar anois nach foláir gur fhulaing siad buille trom de dheasca na géarchéime. Tá ról ríthábhachtach ag an taighde agus ag an nuálaíocht chun an ghéarchéim a shárú, athléimneacht an Aontais a chomhdhlúthú chun dul i ngleic le dúshláin a bheidh ann amach anseo, agus na teicneolaíochtaí is gá a chruthú chun beartais agus spriocanna an Aontais a bhaint amach. Ba cheart do Chiste InvestEU rannchuidiú leis an sprioc fhoriomlán de 3 % ar a laghad d’OTI an Aontais a infheistiú i dtaighde agus i nuálaíocht a bhaint amach. Chun an sprioc sin a bhaint amach, bheadh ar na Ballstáit agus ar an earnáil phríobháideach leanúint lena ngníomhaíochtaí infheistíochta treisithe féin sa taighde, san fhorbairt agus sa nuálaíocht, chun an tearcinfheistíocht sa taighde agus nuálaíocht a sheachaint, rud a dhéanann dochar d’iomaíochas tionsclaíoch agus eacnamaíoch an Aontais agus do cháilíocht saoil a chuid saoránach. Ba cheart do Chiste InvestEU na táirgí airgeadais iomchuí a sholáthar chun na céimeanna éagsúla de thimthriall na nuálaíochta agus raon leathan geallsealbhóirí a chumhdach, go háirithe chun go bhféadfar réitigh a mhéadú agus a chur chun úsáide ar scála tráchtála san Aontas chun go mbeidh na réitigh sin iomaíoch ar mhargaí domhanda agus chun barr feabhas Aontais a chur chun cinn maidir le teicneolaíochtaí inbhuanaithe ar leibhéal domhanda, i sineirge le Fís Eorpach atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (an ‘Rialachán maidir le Fís Eorpach’), lena n-áirítear an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach. I ndáil leis sin, an taithí a fhaightear ó na hionstraimí airgeadais, amhail InnovFin – Maoiniú ó AE do Nuálaithe, arna gcur chun úsáide faoi Fhís 2020 chun rochtain ar mhaoiniú a éascú agus luas a chur léi i gcás gnólachtaí nuálacha, ba cheart don taithí sin a bheith ina bonn láidir chun an tacaíocht spriocdhírithe sin a sheachadadh.

(19)

Réimse a bhfuil an-tábhacht ag baint léi do gheilleagar an Aontais is ea an turasóireacht, lena n-áirítear tionscal an fháilteachais, agus tá crapadh an-tromchúiseach á dhéanamh ar an réimse i láthair na huaire mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Déanann an crapadh sin dochar go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí teaghlaigh agus é ina chúis le dífhostaíocht mhórscála. Ba cheart do Chlár InvestEU rannchuidiú le neartú théarnamh, iomaíochas fadtéarmach agus inbhuanaitheacht na hearnála, agus a slabhraí luacha, trí thacú le hoibríochtaí a chuireann turasóireacht inbhuanaithe, nuálach agus dhigiteach chun cinn, lena n-áirítear bearta nuálacha chun lorg na hearnála ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a laghdú.

(20)

Tá géarghá le hiarracht shuntasach a dhéanamh chun infheistiú sa chlaochlú digiteach, agus borradh a chur faoi, agus na tairbhí uile a bhainfear as sin a dháileadh ar shaoránaigh agus gnólachtaí uile an Aontais. Ba cheart creat beartais láidir na Straitéise maidir le Margadh Aonair Digiteach a mheaitseáil le hinfheistíocht atá chomh huaillmhianach céanna, lena n-áirítear san intleacht shaorga, i gcomhréir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240.

(21)

Is FBManna iad os cionn 99 % de ghnólachtaí san Aontas agus baineann suntas agus ríthábhacht lena luach eacnamaíoch. Tá dúshláin rompu, áfach, nuair a iarrann siad rochtain ar mhaoiniú mar gheall ar an ardriosca a bhraitear leo agus an easpa comhthaobhacht leormhaith. Bíonn dúshláin bhreise ann mar gheall ar an ngá atá ag FBManna agus fiontair an gheilleagair shóisialta le leanúint de bheith iomaíoch trí dhul i mbun digitithe, idirnáisiúnaithe, claochlú de réir loighic an gheilleagair chiorclaigh, agus gníomhaíochtaí nuálaíochta, agus trína lucht saothair a uas-sciliú. Ba dhona go mór mór an buille a buaileadh ar FBManna mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19. Ina theannta sin, tá rochtain ag FBManna agus ag fiontair an gheilleagair shóisialta ar shraith níos teoranta d’fhoinsí maoinithe ná mar atá ag fiontair níos mó, toisc nach n-eisíonn siad bannaí de ghnáth, agus níl ach rochtain theoranta acu ar stocmhalartáin agus ar infheisteoirí institiúideacha móra. Tá réitigh nuálacha amhail sealbhú gnólachta nó leas úinéireachta i ngnólacht ag fostaithe ag éirí níos coitianta freisin i measc FBManna agus fhiontair an gheilleagair shóisialta. Is mó fós an dúshlán atá roimh na FBManna sin a dhíríonn a ngníomhaíochtaí ar shócmhainní doláimhsithe chun rochtain a fháil ar mhaoiniú. Bíonn FBManna san Aontas ag brath cuid mhór ar bhainc agus ar mhaoiniú fiachais i bhfoirm rótharraingtí bainc, iasachtaí bainc nó léasaithe. Is gá tacú le FBManna a bhfuil na dúshláin sin thuas rompu trína dhéanamh níos éasca dóibh rochtain a fháil ar mhaoiniú agus trí fhoinsí maoinithe éagsúlaithe a sholáthar chun cur le cumas FBManna a gcruthú, a bhfás, a nuálaíocht agus a bhforbairt inbhuanaithe a mhaoiniú, a n-iomaíochas a áirithiú agus seasamh i gcoinne suaití eacnamaíocha chun an geilleagar agus an córas airgeadais a dhéanamh níos athléimní le linn sleabhcadh eacnamaíoch agus an cumas atá ag FBManna poist agus folláine shóisialta a chruthú a choinneáil ar siúl. Tá an Rialachán seo comhlántach freisin leis na tionscnaimh a cuireadh i gcrích cheana féin i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil.

Dá bhrí sin, le Ciste InvestEU, ba cheart tógáil ar chláir rathúla an Aontais, amhail an Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (COSME); tacaíocht a sholáthar do ghnólachtaí digiteacha nuathionscanta agus do FBManna nuálacha chun a chur ar a gcumas dul san iomaíocht agus uas-scálú a dhéanamh ar bhealach níos fearr; caipiteal oibre agus infheistíocht a sholáthar i rith saolré chuideachta; maoiniú a sholáthar d’idirbhearta léasaithe; agus deis a sholáthar chun díriú ar tháirgí airgeadais sonracha agus níos spriocdhírithe. Chomh maith leis sin, ba cheart dó cur le neart na modhanna cistiúcháin poiblí/príobháideacha, amhail Ciste TTP FBM (Tairiscint Tosaigh don Phobal), a bhíonn ag iarraidh tacú le FBManna trí thuilleadh cothromais phoiblí agus phríobháidigh a threorú.

(22)

Mar a leagtar amach i bpáipéar machnaimh an Choimisiúin maidir le gné shóisialta na hEorpa an 26 Aibreán 2017, sa teachtaireacht maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcreat an Aontais maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus i dteachtaireacht an 14 Eanáir 2020 dar teideal ‘Strong Social Europe for Just Transitions’ [Eoraip Láidir Shóisialta d’Aistrithe Córa], is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é Aontas atá níos cuimsithí agus níos cothroime a thógáil chun dul i ngleic leis an éagothromaíocht agus beartais maidir le cuimsiú sóisialta san Eoraip a chothú. Tá tionchar ag an neamhionannas deiseanna go háirithe ar rochtain ar an oideachas, ar an oiliúint, ar an gcultúr, ar an bhfostaíocht, ar an tsláinte agus ar sheirbhísí sóisialta. Má dhéantar infheistíocht sa gheilleagar sóisialta agus scileanna agus sa gheilleagar a bhaineann le caipiteal daonna, mar aon le pobail leochaileacha a lánpháirtiú sa tsochaí, is féidir deiseanna eacnamaíocha a fheabhsú, go háirithe má dhéantar iad a chomhordú ar leibhéal an Aontais. Tá sé nochtaithe le géarchéim COVID-19 go bhfuil gá suntasach le hinfheistíocht sa bhonneagar sóisialta. Ba cheart úsáid a bhaint as Ciste InvestEU chun tacú le hinfheistíocht in oideachas agus in oiliúint, lena n-áirítear athsciliú agus uas-sciliú oibrithe, inter alia i réigiúin atá i dtuilleamaí geilleagar atá dian ar charbón agus a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin difear dóibh. Ba cheart úsáid a bhaint as chun tacú le tionscadail a ghineann tionchair dheimhneacha shóisialta agus a chuireann feabhas ar chuimsiú sóisialta trí chabhrú le fostaíocht a mhéadú ar fud na réigiún go léir, go háirithe i measc daoine neamhoilte agus daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, agus chun feabhas a chur ar an staid maidir le comhionannas inscne, comhionannas deiseanna, neamh-idirdhealú, inrochtaineacht, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta, earnáil na sláinte agus na seirbhísí sóisialta, tithíocht shóisialta, easpa dídine, cuimsitheacht dhigiteach, forbairt pobail, ról agus ionad daoine óga sa tsochaí mar aon le daoine leochaileacha, lena n-áirítear náisiúnaigh tríú tíortha. Ba cheart do Chlár InvestEU tacú freisin le cultúr agus cruthaitheacht Eorpach lena mbaineann cuspóir sóisialta.

(23)

Bhí tionchar an-tromchúiseach ag géarchéim COVID-19 ar mhná, ó thaobh cúrsaí sóisialta agus eacnamaíocha araon de. Agus é sin á thabhairt faoi deara, ba cheart do Chlár InvestEU rannchuidiú le beartais an Aontais maidir le comhionannas idir mná agus fir a bhaint amach, inter alia, trí aghaidh a thabhairt ar an mbearna dhigiteach atá eatarthu agus trí chabhrú le cruthaitheacht agus le hacmhainneacht fiontraíochta na mban a spreagadh.

(24)

Chun cur i gcoinne na n-éifeachtaí diúltacha a bhíonn ag claochluithe móra ar na sochaithe san Aontas agus ar mhargadh an lucht saothair sna deich mbliana atá amach romhainn, is gá infheistiú i gcaipiteal daonna, i mbonneagar sóisialta, i micreamhaoiniú, i maoiniú fiontar eiticiúil agus sóisialta agus i samhlacha gnó nua an gheilleagair shóisialta, lena n-áirítear infheistíocht a bhfuil tionchar sóisialta aici agus conraitheoireacht shóisialta de réir torthaí. Ba cheart do Chlár InvestEU éiceachóras margaidh shóisialta nuaghinte a neartú chun méadú a dhéanamh ar sholáthar an mhaoinithe do mhicrifhiontair agus fiontair shóisialta agus ar rochtain na bhfiontar sin ar mhaoiniú, chun freastal ar éileamh na bhfiontar sin is mó a bhfuil gá acu leis. Sa tuarascáil ón Tascfhórsa Ardleibhéil um Infheistiú sa Bhonneagar Sóisialta san Eoraip i mí Eanáir 2018 dar teideal ‘Boosting Investment in Social Infrastructure in Europe’ [Infheistíocht i mBonneagar Sóisialta san Eoraip a Neartú], sainaithníodh bearna infheistíochta iomlán de EUR 1,5 trilliún ar a laghad sa bhonneagar sóisialta agus sna seirbhísí sóisialta don tréimhse idir 2018 agus 2030, lena n-áirítear an t-oideachas, an oiliúint, an tsláinte agus tithíocht. Tá gá le tacaíocht lena aghaidh sin, lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart lántairbhe a bhaint as an gcomhchumhacht atá ag caipiteal poiblí, tráchtála agus daonchairdiúil, mar aon le tacaíocht ó fhondúireachtaí agus ó chineálacha malartacha soláthraithe airgeadais amhail gníomhaithe eiticiúla, sóisialta agus inbhuanaithe, chun tacú le forbairt an tslabhra luacha margaidh shóisialta agus le hAontas a bheidh níos athléimní.

(25)

Sa ghéarchéim eacnamaíoch a ghabhann le paindéim COVID-19, níl leithdháileadh acmhainní an mhargaidh go hiomlán éifeachtúil agus cuireann riosca a mheastar a bheith ann isteach go mór ar shreabhadh infheistíochta príobháidí. Faoi na himthosca sin, tá an phríomhghné de Chiste InvestEU, is é sin an riosca a mhaolú i gcás tionscadail atá inmharthana go heacnamaíoch chun airgeadas príobháideach a phlódú isteach thar a bheith luachmhar, inter alia chun cur i gcoinne an riosca go mbeidh téarnamh neamhshiméadrach ann. Ba cheart do Chlár InvestEU a bheith in ann tacaíocht ríthábhachtach a chur ar fáil do chuideachtaí le linn na céime téarnaimh, lena n-áirítear tacaíocht chaipitil do FBManna a raibh drochthionchar ag géarchéim COVID-19 orthu agus nach raibh i gcruachás cheana féin ó thaobh Státchabhrach de ag deireadh 2019, agus san am céanna fócas láidir infheisteoirí a áirithiú ar thosaíochtaí beartais an Aontais sa mheántéarma agus san fhadtéarma, amhail an Comhaontú Glas don Eoraip, Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an Straitéis maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú, an Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip agus an Eoraip Shóisialta Láidir d’Aistrithe Córa, agus an prionsabal arb é ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ á chur san áireamh. Leis sin, ba cheart cur go mór le cumas glactha riosca Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus na mbanc agus na n-institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh agus comhpháirtithe cur chun feidhme eile chun tacú le téarnamh eacnamaíoch.

(26)

Leis an gcrapadh domhain ar OTI an Aontais a eascraíonn as géarchéim COVID-19, beidh drochéifeachtaí sóisialta dosheachanta. Le paindéim COVID-19, léiríodh gur gá aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí straitéiseacha den sórt sin go práinneach agus go héifeachtúil chun feabhas a chur ar fhreagairt éigeandála an Aontais agus ar athléimneacht agus ar inbhuanaitheacht an gheilleagair ina iomláine. Ní féidir ach le geilleagar Aontais atá athléimneach, inbhuanaithe, cuimsitheach agus comhtháite sláine an mhargaidh inmheánaigh agus an machaire comhréidh a chaomhnú, rud a rachaidh chun tairbhe na mBallstát agus na réigiún is mó atá buailte freisin.

(27)

Ba cheart do Chiste InvestEU feidhmiú trí cheithre réimse bheartais lena léirítear príomhthosaíochtaí beartais an Aontais, eadhon, bonneagar inbhuanaithe; taighde, nuálaíocht agus digitiú; FBManna; agus infheistíocht shóisialta agus scileanna.

(28)

Cé gur cheart don réimse bheartais i ndáil le FBManna díriú go príomha ar nithe a rachadh chun tairbhe FBManna, ba cheart cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a bheith incháilithe faoi freisin. Ba cheart cuideachtaí meánchaipitlithe a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht faoi na trí réimse bheartais eile.

(29)

Mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i bPlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, tá Sásra um Aistriú Cóir le bheith bunaithe chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann le sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus lena sprioc chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Bheadh an sásra sin comhdhéanta de thrí cholún, eadhon Ciste um Aistriú Cóir atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (‘an Rialachán maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir’) (colún 1), scéim thiomnaithe um aistriú cóir faoi Chlár InvestEU (colún 2) agus saoráid iasachta don earnáil phoiblí atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir (‘an Rialachán maidir leis an tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí le haghaidh 2021-2027’) (colún 3). Leis an sásra sin, ba cheart díriú ar na réigiúin sin ar mó a ndéanann an t-aistriú difear dóibh i ngeall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise, lena n-áirítear gual, móin agus scealla ola nó ar phróisis thionsclaíocha atá dian ar ghás ceaptha teasa, agus a bhfuil acmhainneacht níos lú acu na hinfheistíochtaí riachtanacha a mhaoiniú. Leis an scéim um aistriú cóir, ba cheart tacaíocht a sholáthar don mhaoiniú chun infheistíocht a ghiniúint chun tairbhe na gcríoch a dhéanann aistriú cóir. Ba cheart foráil a dhéanamh i Mol Comhairleach InvestEU don fhéidearthacht go mbainfeadh na críocha faoi seach tairbhe as cúnamh teicniúil.

(30)

Chun colún 2 a chur chun feidhme faoin Sásra um Aistriú Cóir, ba cheart scéim thiomnaithe um aistriú cóir faoi Chlár InvestEU a bhunú go cothrománach ar fud na réimsí beartais uile, ag tacú le hinfheistíocht bhreise chun tairbhe na gcríoch sin arna sainaithint i bpleananna críochacha um aistriú cóir, arna mbunú i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir. Leis an scéim sin, ba cheart infheistíochtaí a chumasú i raon leathan tionscadal, i gcomhréir le critéir incháilitheachta Chlár InvestEU. Maidir le tionscadail i gcríocha arna sainaithint i bpleananna críochacha um aistriú cóir, nó tionscadail a théann chun tairbhe aistriú na gcríoch sin, fiú mura bhfuil siad suite sna críocha féin, féadfaidh siad tairbhe a bhaint as an scéim, ach díreach nuair atá cistiú lasmuigh de na críocha um aistriú cóir riachtanach don aistriú sna críocha sin.

(31)

Ba cheart é a bheith indéanta tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha, lena n-áirítear tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa, faoi aon réimse bheartais, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus an ghá iomaíochas agus athléimneacht a fheabhsú, fiontraíocht agus cruthú post a chur chun cinn agus slabhraí luacha straitéiseacha a neartú..

(32)

Ba cheart dhá urrann a bheith ann do gach réimse bheartais, is é sin le rá urrann AE agus urrann an Bhallstáit. Ba cheart d’urrann AE dul i ngleic, ar bhealach comhréireach, le clistí margaidh sonracha ar fud an Aontais nó sna Ballstáit nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí. Ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith ag oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht. Ba cheart d’urrann an Bhallstáit an deis a thabhairt do na Ballstáit agus do na húdaráis réigiúnacha trína mBallstáit sciar dá n-acmhainní ó chistí faoi bhainistíocht roinnte a ranníoc le soláthar do ráthaíocht AE agus an deis a thabhairt dóibh ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta chun dul i ngleic le clistí margaidh sonracha nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí ina gcríoch féin, lena n-áirítear i gceantair leochaileacha agus iargúlta amhail na réigiúin is forimeallaí den Aontas, atá le leagan amach sa chomhaontú ranníocaíochta, chun cuspóirí na gcistí faoi bhainistíocht roinnte a bhaint amach. Chomh maith leis sin, ba cheart d’urrann an Bhallstáit an deis a thabhairt do na Ballstáit méideanna breise eile a ranníoc, lena n-áirítear iad siúd a chuirtear ar fáil de bhun Rialachán (AE) 2021/241 le soláthar do ráthaíocht AE agus an deis a thabhairt dóibh ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh ibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta chun na gcríoch a leagtar síos sa chomhaontú ranníocaíochta, ar cheart a bheith ar áireamh ann, i gcás inarb ábhartha, críocha beart faoi phlean téarnaimh agus athléimneachta. Leis sin, d’fhéadfaí, inter alia, tacaíocht chaipitil a bheith ann le haghaidh FBManna a raibh drochthionchar ag géarchéim COVID-19 orthu agus nach raibh i gcruachás cheana féin ó thaobh Státchabhrach de ag deireadh 2019. Le hoibríochtaí dá dtugtar tacaíocht ó Chiste InvestEU trí urrann AE nó trí urrann an Bhallstáit, níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná níor cheart an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach.

(33)

Ba cheart d’urrann an Bhallstáit a bheith saincheaptha chun go bhféadfaí cistí faoi bhainistíocht roinnte nó méideanna breise eile arna ranníoc ag Ballstáit, lena n-áirítear iad siúd a chuirtear ar fáil de bhun Rialachán (AE) 2021/241 a úsáid chun soláthar do ráthaíocht arna heisiúint ag an Aontas. Leis an deis sin, mhéadófaí breisluach ráthaíocht AE trí thacaíocht faoin ráthaíocht sin a sholáthar do réimse níos leithne faighteoirí deiridh agus tionscadal agus trí éagsúlú a dhéanamh ar na modhanna chun cuspóirí na gcistí faoi bhainistíocht roinnte nó cuspóirí pleananna téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach, agus bainistiú riosca comhsheasmhach ar na dliteanais theagmhasacha á áirithiú ag an am céanna trí ráthaíocht AE a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach. Ba cheart don Aontas na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá bhforáiltear sna comhaontuithe ráthaíochta a tugadh i gcrích idir an Coimisiún agus comhpháirtithe cur chun feidhme faoi urrann an Bhallstáit a ráthú. Leis na cistí faoi bhainistíocht roinnte nó le méideanna breise eile arna ranníoc ag na Ballstáit, lena n-áirítear iad siúd a chuirtear ar fáil ó Rialachán (AE) 2021/241, ba cheart an soláthar don ráthaíocht a chur ar fáil, de réir ráta soláthair arna chinneadh ag an gCoimisiún agus a leagtar amach sa chomhaontú ranníocaíochta arna thabhairt i gcrích leis an mBallstát, bunaithe ar chineál na n-oibríochtaí agus ar na caillteanais ionchasacha a bheidh mar thoradh orthu. Ghlacfadh an Ballstát caillteanais air féin os cionn na gcaillteanas a mbeifí ag dréim leo trí ráthaíocht chomhuaineach i bhfabhar an Aontais a eisiúint, ar ráthaíocht í ba cheart a bheith i bhfeidhm fad a bheidh aon oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi urrann an Bhallstáit sin gan íoc. Ba cheart socruithe den sórt sin a thabhairt i gcrích laistigh de chomhaontú ranníocaíochta aonair le gach Ballstát a dhéanfaidh an rogha sin go deonach.

Ba cheart don chomhaontú ranníocaíochta aon chomhaontú ráthaíochta sonrach amháin nó níos mó ná sin atá le cur chun feidhme laistigh den Bhallstát lena mbaineann a chuimsiú ar bhonn rialacha Chiste InvestEU, agus aon imfhálú réigiúnach a chuimsiú. Chun an ráta soláthair a leagan amach ar bhonn cás ar chás, is gá maolú ó Airteagal 211(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (‘an Rialachán Airgeadais’). Leis an leagan amach sin, soláthraítear tacar aonair rialacha freisin do ráthaíochtaí buiséadacha dá dtugtar tacaíocht ó chistí atá á mbainistiú go lárnach nó ó chistí faoi bhainistíocht roinnte a d’éascódh iad a chomhcheangal. Ba cheart gur ioncam sannta seachtrach a bheadh sa soláthar le haghaidh ráthaíocht AE a bhaineann le hurrann Bhallstáit, agus méideanna breise eile arna ranníoc ag na Ballstáit mar bhonn taca léi, lena n-áirítear iad siúd a chuirtear ar fáil de bhun Rialachán (AE) 2021/241.

(34)

Ba cheart comhpháirtíocht idir an Coimisiún agus Grúpa BEI a bhunú, ag tarraingt ar na láidreachtaí coibhneasta atá ag gach comhpháirtí chun an tionchar beartais uasta, éifeachtúlacht imlonnaithe, agus maoirseacht bhuiséadach agus bainistithe riosca iomchuí a áirithiú, agus ba cheart don chomhpháirtíocht tacú le rochtain dhíreach éifeachtach agus chuimsitheach ar ráthaíocht AE.

(35)

Ba cheart don Aontas, a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht dó, a bheith in ann a bheith rannpháirteach i méadú caipitil ar an gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI) chun go mbeidh CEI in ann leanúint de thacaíocht a thabhairt do gheilleagar na hEorpa agus dá théarnamh. Ba í príomhaidhm an mhéadaithe cur ar chumas CEI rannchuidiú le cur chun feidhme Chlár InvestEU. Ba cheart don Aontas a bheith in ann a sciar foriomlán i gcaipiteal CEI a choinneáil. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le himchlúdach airgeadais leordhóthanach chuige sin sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh 2021-2027. An 3 Nollaig 2020, chinn Bord Stiúrthóirí CEI méadú ar chaipiteal údaraithe CEI a mholadh do na scairshealbhóirí, rud a mbeadh instealladh airgid EUR 1 250 000 000 in CEI mar thoradh air. Tá praghas na scaireanna nua bunaithe ar an bhfoirmle le haghaidh glanluach sócmhainní arna comhaontú i measc scairshealbhóirí CEI agus is éard atá ann an chuid a íoctar isteach agus an scairbhiseach. I gcomhréir le hAirteagal 7 de Reachtanna CEI, i gcás gach scaire suibscríofa, ní mór 20 % den luach ainmniúil a íoc isteach.

(36)

Ba cheart don Choimisiún tuairimí a lorg ó chomhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha eile agus ó Ghrúpa BEI maidir le treoirlínte infheistíochta, an córas rianaithe aeráide, na treoirdhoiciméid maidir le measúnú inbhuanaitheachta agus modheolaíochtaí coitianta, de réir mar is iomchuí, d’fhonn cuimsitheacht agus oibríochtúlacht a áirithiú go dtí go gcuirfear na comhlachtaí rialachais ar bun, agus ina dhiaidh sin ba cheart rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe cur chun feidhme a bheith faoi chuimsiú an Bhoird Chomhairligh agus Bhord Stiúrtha Chlár InvestEU.

(37)

Ba cheart Ciste InvestEU a bheith oscailte do ranníocaíochtaí ó thríú tíortha ar comhaltaí iad de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a aontaíodh idir an tAontas agus na tíortha sin, go háirithe i bhfianaise thionchar dearfach na hoscailte sin ar gheilleagair na mBallstát. Leis sin, ba cheart a bheith in ann leanúint den chomhar leis na tíortha ábhartha, i gcás inarb iomchuí, go háirithe i réimsí an taighde agus na nuálaíochta, mar aon le FBManna.

(38)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do bhearta eile de Chlár InvestEU le hais soláthar do ráthaíocht an Aontais, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (11), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(39)

Ba cheart soláthar do shuim EUR 2 672 292 573 i bpraghsanna reatha de ráthaíocht AE le hacmhainní ón leithdháileadh breise a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (12) agus le hIarscríbhinn II a ghabhann leis a chomhfhreagraíonn do mhéid EUR 1 000 000 000 i bpraghsanna 2018. Ba cheart suim EUR 63 800 000 i bpraghsanna reatha den leithdháileadh iomlán ar Mhol Comhairleach InvestEU de EUR 430 000 000 i bpraghsanna reatha a sholáthar ón uasmhéid sin.

(40)

Le ráthaíocht AE de EUR 26 152 310 073 i bpraghsanna reatha le haghaidh urrann AE, meastar go slógfar breis agus EUR 372 000 000 000 d’infheistíocht bhreise ar fud an Aontais agus ba cheart í a leithdháileadh go táscach ar na réimsí beartais.

(41)

An 18 Aibreán 2019, dhearbhaigh an Coimisiún “gan dochar do shainchumais na Comhairle i gcur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh ranníocaíochtaí aon uaire a dhéanann Ballstáit, cibé acu Ballstát nó bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh atá aicmithe in earnáil ghinearálta an rialtais nó ag gníomhú thar ceann Ballstáit, d’ardáin infheistíochta théamacha nó iltíre arna mbunú le haghaidh chur chun feidhme an Phlean Infheistíochta, in ann cáiliú mar bhearta aon uaire, de réir bhrí Airteagail 5(1) agus 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (13) agus Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (14). Ina theannta sin, gan dochar do shainchumais na Comhairle i gcur chun feidhme CCF, déanfaidh an Coimisiún a mheas cá mhéad is féidir an chóireáil chéanna a dhéantar do CEIS, i gcomhthéacs na teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le solúbthacht, a chur i bhfeidhm freisin i leith Chlár InvestEU, mar an ionstraim is comharba ar CEIS, a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí aon uaire arna soláthar ag na Ballstáit in airgead tirim chun maoiniú a dhéanamh ar mhéid breise de ráthaíocht AE chun críocha urrann an Bhallstáit”.

(42)

Maidir le ráthaíocht AE lena gcuirtear bonn taca faoi Chiste InvestEU, ba cheart don Choimisiún an ráthaíocht sin a chur chun feidhme ar bhealach indíreach trí dhul i muinín comhpháirtithe cur chun feidhme a bhfuil for-rochtain acu ar idirghabhálaithe airgeadais, i gcás inarb infheidhme, agus ar fhaighteoirí deiridh. Ba cheart do roghnú na gcomhpháirtithe cur chun feidhme a bheith trédhearcach agus saor ó aon choinbhleacht leasa. Ba cheart don Choimisiún comhaontú ráthaíochta a thabhairt i gcrích ina leithdháilfí acmhainneacht ráthaíochta ó Chiste InvestEU do gach comhpháirtí cur chun feidhme chun tacú lena oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chomhlíonann critéir incháilitheachta Chiste InvestEU agus a chuireann le baint amach na gcuspóirí lena mbaineann. Níor cheart don bhainistiú riosca a bhaineann le ráthaíocht AE bac a chur ar rochtain dhíreach na gcomhpháirtithe cur chun feidhme ar ráthaíocht AE. A luaithe a dheonófar ráthaíocht AE faoi urrann AE do chomhpháirtithe cur chun feidhme, ba cheart dóibh a bheith freagrach go hiomlán as an bpróiseas infheistíochta ar fad agus as an dícheall cuí a bhaineann leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta. Ba cheart do Chiste InvestEU tacaíocht a thabhairt do thionscadail ar iondúil dóibh próifíl riosca níos airde a bheith acu ná tionscadail eile a fhaigheann tacaíocht ó ghnáthoibríochtaí na gcomhpháirtithe cur chun feidhme agus nach bhféadfaí a chur i gcrích sa tréimhse ar lena linn is féidir ráthaíocht AE a úsáid, nó nárbh fhéidir le foinsí poiblí nó príobháideacha eile iad a chur i gcrích, a mhéid céanna, gan tacaíocht ó Chiste InvestEU.

(43)

Ba cheart struchtúr rialachais a thabhairt do Chiste InvestEU ar cheart go mbeadh a fheidhm i gcomhréir lena sprioc aonair, is é sin a áirithiú go mbainfear úsáid iomchuí as ráthaíocht AE, i gcomhréir le neamhspleáchas polaitiúil cinntí infheistíochta a áirithiú. Ba cheart an struchtúr rialachais sin a bheith comhdhéanta de Bhord Comhairleach, Bord Stiúrtha agus Coiste Infheistíochta a bheidh iomlán neamhspleách. Maidir le ballraíocht fhoriomlán an struchtúir rialachais, ba cheart gach iarracht a dhéanamh cothromaíocht inscne a bhaint amach ina leith. Níor cheart don struchtúr rialachais a bheith ag tarraingt de nó ag cur isteach ar chinnteoireacht Ghrúpa BEI nó cinnteoireacht na gcomhpháirtithe cur chun feidhme eile, agus níor cheart dó teacht in ionad ar a gcomhlachtaí rialaithe faoi seach.

(44)

Ba cheart Bord Comhairleach a bhunú, ar a mbeadh ionadaithe na gcomhpháirtithe cur chun feidhme, ionadaithe na mBallstát, saineolaí amháin arna cheapadh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus saineolaí amháin arna cheapadh ag Coiste na Réigiún, chun faisnéis a mhalartú agus barúlacha a mhalartú i dtaca leis an úsáid a bhainfear as táirgí airgeadais a chuirfear chun úsáide faoi Chiste InvestEU agus chun plé a dhéanamh ar riachtanais atá ag teacht chun cinn agus táirgí nua, lena n-áirítear bearnaí sonracha sa mhargadh i gcás críocha áirithe.

(45)

Ionas gur féidir an Bord Comhairleach a bhunú ón tús, ba cheart don Choimisiún ionadaithe na gcomhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha a cheapadh ar feadh tréimhse shealadach bliana. Ina dhiaidh sin, ghlacfadh na comhpháirtithe cur chun feidhme an fhreagracht sin ar shíniú na gcomhaontuithe ráthaíochta dóibh.

(46)

Ba cheart do Bhord Stiúrtha, a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún, d’ionadaithe comhpháirtithe cur chun feidhme agus de shaineolaí amháin gan vóta arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa, an treoir straitéiseach agus oibríochtúil a chinneadh do Chiste InvestEU.

(47)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna dtíolacadh ag na comhpháirtithe cur chun feidhme le dlí agus beartais uile an Aontais. Sa deireadh thiar, ba cheart gurb é comhpháirtí cur chun feidhme a dhéanfadh na cinntí maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta.

(48)

Ba cheart don Choiste Infheistíochta, a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha, teacht ar chonclúid maidir le tacaíocht a thabhairt ó ráthaíocht AE d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chomhlíonann critéir incháilitheachta Chiste InvestEU, agus, ar an gcaoi sin, saineolas seachtrach a sholáthar le linn measúnuithe infheistíochta i dtaca le tionscadail. Ba cheart foirmíochtaí éagsúla a bheith ag an gCoiste Infheistíochta chun na réimsí agus na hearnálacha beartais difriúla a chumhdach ar an mbealach is fearr is féidir.

(49)

Ba cheart do rúnaíocht neamhspleách arna hóstáil ag an gCoimisiún agus a mbeidh uirthi freagairt do Chathaoirleach an Choiste Infheistíochta cúnamh a thabhairt don Choiste Infheistíochta.

(50)

Agus comhpháirtithe cur chun feidhme á roghnú chun Ciste InvestEU a chur chun úsáide, ba cheart don Choimisiún a gcumas a mheas cuspóirí Chiste InvestEU a chomhlíonadh agus a n-acmhainní féin a rannchuidiú, chun cumhdach geografach leordhóthanach agus éagsúlú leordhóthanach a áirithiú, chun infheisteoirí príobháideacha a phlódú isteach agus chun éagsúlú riosca leordhóthanach agus réitigh nua a sholáthar chun dul i ngleic le clistí margaidh agus le cásanna infheistíochta fo-optamaí. I ngeall ar an ról atá ag Grúpa BEI faoi na Conarthaí, ar a chumas oibriú sna Ballstáit uile agus ar an taithí atá aige cheana faoi na hionstraimí airgeadais reatha agus faoi CEIS, ba cheart do Ghrúpa BEI leanúint de bheith ina chomhpháirtí cur chun feidhme den chéad tábhacht faoi urrann AE de Chiste InvestEU. Sa bhreis ar Ghrúpa BEI, ba cheart é a bheith ar a gcumas ag bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh réimse táirgí airgeadais comhlántacha a sholáthar, ar an ábhar go bhféadfadh an taithí agus na hinniúlachtaí atá acu ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach a bheith ina gcuidiú chun tionchar na gcistí poiblí ar chríoch iomlán an Aontais a mhéadú a oiread is féidir. Ba cheart Clár InvestEU a chur chun feidhme ar bhealach a chuirfidh machaire comhréidh do bhainc agus institiúidí le haghaidh spreagadh atá níos lú nó níos óige chun cinn. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith indéanta comhpháirtithe cur chun feidhme a dhéanamh d’institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, go háirithe nuair a bhíonn buntáiste comparáideach ann dá mbarr ó thaobh saineolas agus taithí ar leith i mBallstáit áirithe agus nuair a léiríonn siad tromlach Aontais sa scairshealbhóireacht. Chomh maith leis sin, ba cheart é a bheith indéanta comhpháirtithe cur chun feidhme a dhéanamh d’eintitis eile a chomhlíonann na critéir a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais.

(51)

D’fhonn éagsúlú geografach níos fearr a chur chun cinn, féadfar ardáin infheistíochta a bhunú, rud a thabharfadh le chéile iarrachtaí agus saineolas na gcomhpháirtithe cur chun feidhme le bainc agus institiúidí náisiúnta eile le haghaidh spreagadh a bhfuil taithí theoranta acu maidir le húsáid ionstraimí airgeadais. Ba cheart struchtúir den sórt sin a spreagadh, lena n-áirítear le tacaíocht atá ar fáil ó Mhol Comhairleach InvestEU. Is iomchuí comhinfheisteoirí, údaráis phoiblí, saineolaithe, institiúidí oideachais, oiliúna agus taighde, na comhpháirtithe sóisialta ábhartha agus ionadaithe na sochaí sibhialta agus gníomhaithe ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach a thabhairt le chéile chun úsáid na n-ardán infheistíochta sna hearnálacha ábhartha a chur chun cinn.

(52)

Ba cheart ráthaíocht AE faoi urrann an Bhallstáit a leithdháileadh ar aon chomhpháirtí cur chun feidhme incháilithe i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear bainc nó institiúidí náisiúnta nó réigiúnacha le haghaidh spreagadh, BEI, CEI agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile. Agus comhpháirtithe cur chun feidhme faoi urrann an Bhallstáit á roghnú ag an gCoimisiún, ba cheart dó na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát a chur san áireamh, faoi mar a léirítear sa chomhaontú ranníocaíochta. I gcomhréir le hAirteagal 154 den Rialachán Airgeadais, tá an Coimisiún le measúnú a dhéanamh ar rialacha agus nósanna imeachta an chomhpháirtí cur chun feidhme chun a dheimhniú go soláthraíonn siad leibhéal cosanta do leas airgeadais an Aontais atá coibhéiseach leis an leibhéal cosanta arna sholáthar ag an gCoimisiún.

(53)

Ba cheart, sa deireadh, don chomhpháirtí cur chun feidhme oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a shocrú ag gníomhú dó ina ainm féin, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhréir lena rialacha, beartais agus nósanna imeachta inmheánacha, agus ba cheart cuntas a thabhairt orthu ina ráitis airgeadais féin nó, i gcás inarb infheidhme, ba cheart iad a nochtadh sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, agus don Choimisiún amháin, cuntas a thabhairt ar aon dliteanas airgeadais a thagann as ráthaíocht AE agus an t-uasmhéid ráthaíochta a nochtadh, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an ráthaíocht arna soláthar.

(54)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart do Ciste InvestEU meascadh rianúil, gan uaim agus éifeachtúil a chumasú maidir le deontais nó ionstraimí airgeadais nó iad araon, arna gcistiú as buiséad an Aontais nó as cistí eile, amhail an Ciste don Nuálaíocht le haghaidh Chóras AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (ETS), le ráthaíocht AE i gcásanna inar gá sin chun an bonn taca is fearr a chur faoi infheistíochtaí chun dul i ngleic le clistí margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí ar leith.

(55)

Ba cheart tionscadail arna dtíolacadh ag comhpháirtithe cur chun feidhme le haghaidh tacaíocht faoi Chlár InvestEU, ina n-áirítear tacaíocht ó Chiste InvestEU a mheascadh le tacaíocht ó chláir eile de chuid an Aontais, a bheith comhsheasmhach le cuspóirí agus le critéir incháilitheachta na gclár ábhartha eile de chuid an Aontais. Ba cheart an úsáid a bhaintear as ráthaíocht AE a shocrú faoi Chlár InvestEU.

(56)

Ba cheart do Mhol Comhairleach InvestEU tacaíocht a thabhairt do phíblíne stóinseach tionscadal infheistíochta i ngach réimse bheartais trí thionscnaimh chomhairleacha a chuirtear chun feidhme ag Grúpa BEI nó ag comhpháirtithe comhairleacha eile, nó a chuirtear chun feidhme go díreach ag an gCoimisiún. Ba cheart do Mhol Comhairleach InvestEU éagsúlú geografach a chur chun cinn d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Aontais maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach agus éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú. Ba cheart do Mhol Comhairleach InvestEU aird ar leith a thabhairt ar thionscadail bheaga a chomhiomlánú ina bpunanna níos mó. Ba cheart don Choimisiún, do Ghrúpa BEI agus do na comhpháirtithe comhairleacha eile oibriú i ndlúthchomhar le chéile d’fhonn éifeachtúlacht, sineirgíochtaí agus cumhdach geografach éifeachtach a áirithiú i ndáil le tacaíocht ar fud an Aontais, agus aird chuí á tabhairt acu ar shaineolas agus acmhainneacht áitiúil na gcomhpháirtithe cur chun feidhme áitiúla, chomh maith leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Maidir le torthaí Thuarascáil Speisialta Uimh. 12/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘An Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht: Arna sheoladh chun borradh a chur faoin infheistíocht san Aontas, ach tá tionchar an Mhoil teoranta i gcónaí’ (16), ba cheart iad a mheas go cúramach chun éifeachtacht agus tionchar Mhol Comhairleach InvestEU a uasmhéadú. Ba cheart do Mhol Comhairleach InvestEU pointe lárnach iontrála a sholáthar le haghaidh cúnamh forbartha tionscadail arna thabhairt faoi Mhol Comhairleach InvestEU d’údaráis agus le haghaidh tionscnóirí tionscadail.

(57)

Ba cheart don Choimisiún Mol Comhairleach InvestEU a bhunú le Grúpa BEI mar an príomh-chomhpháirtí, ag tógáil ar an taithí a fuarthas tríd an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht. Ba cheart don Choimisiún a bheith freagrach as stiúradh beartais Mhol Comhairleach InvestEU agus as bainistíocht a dhéanamh ar an bpointe lárnach iontrála. Ba cheart do Ghrúpa BEI tionscnaimh chomhairleacha a sheachadadh faoi na réimsí beartais. Ina theannta sin, ba cheart do Ghrúpa BEI seirbhísí oibríochtúla a sholáthar don Choimisiún, lena n-áirítear trí ionchur a sholáthar maidir leis na treoirlínte straitéiseacha agus beartais a bhaineann le tionscnaimh chomhairleacha, trí thionscnaimh chomhairleacha atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn a mhapáil, trí mheasúnú a dhéanamh ar riachtanais chomhairleacha agus trí chomhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le bealaí optamacha chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin trí thionscnaimh chomhairleacha atá ann cheana nó trí thionscnaimh chomhairleacha nua.

(58)

Chun for-rochtain gheografach leathan na seirbhísí comhairleacha ar fud an Aontais a áirithiú agus chun eolas áitiúil faoi Chiste InvestEU a ghiaráil go rathúil, ba cheart láithreacht áitiúil Mhol Comhairleach InvestEU a áirithiú, i gcás inar gá, agus scéimeanna tacaíochta atá ann cheana agus láithreacht comhpháirtithe áitiúla á gcur san áireamh, d’fhonn cúnamh atá inláimhsithe, réamhghníomhach agus saincheaptha a sholáthar ar an talamh. Chun soláthar na tacaíochta comhairlí a éascú ar an leibhéal áitiúil agus chun éifeachtúlacht, sineirgíochtaí agus cumhdach geografach éifeachtach a áirithiú i ndáil le tacaíocht ar fud an Aontais, ba cheart do Mhol Comhairleach InvestEU comhoibriú le bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, agus ba cheart dó tairbhe agus úsáid a bhaint as a gcuid saineolais.

(59)

Ba cheart do Mhol Comhairleach InvestEU tacaíocht chomhairleach a sholáthar do thionscadail bheagmhéide agus do thionscadail le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta, go háirithe nuair a fhéachann gnólachtaí nuathionscanta lena gcuid infheistíochtaí taighde agus nuálaíochta a chosaint trí theidil maoine intleachtúla a fháil, amhail paitinní, agus seirbhísí eile atá in ann na gníomhaíochtaí sin a chumhdach á gcur san áireamh agus sineirgíochtaí leis na seirbhísí sin á lorg.

(60)

I gcomhthéacs Chiste InvestEU, is gá tacaíocht a sholáthar le haghaidh forbairt tionscadal agus fothú acmhainneachta chun na hacmhainneachtaí eagraíochtúla agus gníomhaíochtaí forbartha margaidh a fhorbairt, ar nithe iad atá ag teastáil chun tionscadail ar ardchaighdeán a thionscnamh. Le tacaíocht den sórt sin, ba cheart díriú freisin ar idirghabhálacha airgeadais atá ríthábhachtach chun cuidiú le FBManna rochtain a fháil ar mhaoiniú agus lán a n-acmhainneachta a bhaint amach. Ina theannta sin, is é an aidhm atá leis an tacaíocht chomhairleach ná na dálaí a chruthú chun go dtiocfaidh méadú ar líon na bhfaighteoirí incháilithe a d’fhéadfadh a bheith ann i ndeighleoga nuaghinte margaidh, go háirithe i gcás ina dtiocfaidh ardú mór ar chostas an idirbhirt ar leibhéal an tionscadail de thoradh a lú is atá méid na dtionscadal aonair, amhail i gcás an éiceachórais maoinithe shóisialta, lena n-áirítear eagraíochtaí daonchairdiúla, nó i gcás earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Ba cheart an tacaíocht fothaithe acmhainneachta a bheith comhlántach agus sa bhreis ar ghníomhaíochtaí a dhéantar faoi chláir eile an Aontais lena gcumhdaítear réimsí beartais sonracha. Ba cheart iarracht a dhéanamh freisin chun tacú le fothú acmhainneachta na dtionscnóirí tionscadal ionchasach, go háirithe eagraíochtaí agus údaráis áitiúla.

(61)

Ba cheart Tairseach InvestEU a bhunú chun bunachar sonraí tionscadail a chur ar fáil a bhfuil rochtain éasca air agus atá éasca a úsáid chun go ndéanfar infheictheacht tionscadal infheistíochta, a bhfuil maoiniú á lorg acu, a chur chun cinn, agus lena ndíreofar ar phíblíne fhéideartha tionscadal infheistíochta, atá i gcomhréir le dlí agus beartais an Aontais, a sholáthar do chomhpháirtithe cur chun feidhme.

(62)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (17) agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní a leithdháiltear ann, ba cheart bearta téarnaimh agus athléimneachta faoi Chlár InvestEU a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19, ar géarchéim í nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Ba cheart acmhainní breise den sórt sin a úsáid ar bhealach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/2094.

(63)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar Chlár InvestEU ar bhonn na faisnéis arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil á sheachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí Chlár InvestEU ar an talamh.

(64)

Ba cheart creat stóinseach faireacháin, atá bunaithe ar tháscairí aschuir, táscairí toraidh agus táscairí tionchair, a chur chun feidhme chun an dul chun cinn maidir le cuspóirí an Aontais a rianú. Chun cuntasacht do shaoránaigh an Aontais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil i dtaca le dul chun cinn, tionchar agus oibríochtaí Chlár InvestEU.

(65)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhairí airgeadais. Áirítear freisin ar na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(66)

Tá feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir le Clár InvestEU. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le ráthaíochtaí buiséadacha.

(67)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (20), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (21) agus (AE) 2017/1939 (22) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme chistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(68)

Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (24), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí airgeadais eile. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(69)

De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (25), tá daoine aonair agus eintitis arna mbunú i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe chun cistiú a fháil faoi réir rialacha agus chuspóirí Chlár InvestEU agus aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát a bhfuil an tír nó an chríoch ábhartha thar lear bainteach leis.

(70)

Chun na heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh le treoirlínte infheistíochta agus le scórchlár táscairí, chun go n-éascófar oiriúnú pras agus solúbtha na dtáscairí feidhmíochta agus chun coigeartú a dhéanamh ar an ráta soláthair, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le treoirlínte infheistíochta a tharraingt suas maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi réimsí beartais difriúla, leis an scórchlár, le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú agus leis an gcoigeartú ar an ráta soláthair. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart forálacha leormhaithe a áireamh ar na treoirlínte infheistíochta sin chun ualach riaracháin míchuí a sheachaint. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(71)

Maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a shíníonn nó a dhéanann comhpháirtí cur chun feidhme le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí go síneofar a gcomhaontuithe ráthaíochta faoi seach, ba cheart iad a bheith incháilithe le haghaidh ráthaíocht AE ar choinníoll go bhfuil oibríochtaí den sórt sin sonraithe sa chomhaontú ráthaíochta, gur éirigh leo sa tseiceáil bheartais nó gur tugadh tuairim fhabhrach ina leith faoi chuimsiú an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Phrótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE (Reacht BEI) agus go bhfuil siad formheasta ag an gCoiste Infheistíochta sa dá chás.

(72)

Chun úsáid acmhainní buiséadacha a bharrfheabhsú, ba cheart é a bheith indéanta punanna ábhartha d’ionstraimí airgeadais arna mbunú faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 agus ráthaíocht AE faoi Rialachán (AE) 2015/1017 a chomhcheangal le ráthaíocht AE faoin Rialachán seo. Leis an acmhainneacht rioscúil mhéadaithe a bhunaítear tríd an gcomhcheangal sin, ba cheart feabhas a chur ar éifeachtúlacht ráthaíocht AE faoin Rialachán seo agus ligean do níos mó tacaíochta d’fhaighteoirí deiridh. Ba cheart na rialacha mionsonraithe maidir leis an gcomhcheangal a shainiú sa chomhaontú ráthaíochta idir an Coimisiún agus BEI nó CEI. Ba cheart coinníollacha an chomhcheangail a bheith comhsheasmhach leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (26).

(73)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon dul i ngleic le clistí margaidh sonracha ar fud an Aontais nó sna Ballstáit nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí agus foráil a dhéanamh maidir le tástáil mhargaidh táirgí airgeadais nuálacha arna ndearadh chun dul i ngleic le clistí margaidh nua nó casta nó cásanna infheistíochta fo-optamaí nua nó casta agus córas chun táirgí den sórt sin a leathadh, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(74)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus ionas gur féidir tús a chur leis an gcur chun feidhme ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear Ciste InvestEU, lena bhforálfar do ráthaíocht AE chun tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a dhéanann na comhpháirtithe cur chun feidhme a rannchuidíonn le cuspóirí bheartais inmheánacha an Aontais.

Leis an Rialachán seo, bunaítear sásra tacaíochta comhairlí freisin chun tacaíocht a sholáthar maidir le tionscadail a fhorbairt inar féidir infheistíocht a dhéanamh agus maidir le rochtain ar mhaoiniú agus chun cúnamh a sholáthar don fhothú acmhainneachta a bhaineann leis sin (‘Mol Comhairleach InvestEU’). De bhreis air sin, bunaítear bunachar sonraí leis lena dtugtar infheictheacht do thionscadail a mbíonn tionscnóirí tionscadail ag lorg maoiniú ina leith agus lena soláthraítear faisnéis d’infheisteoirí maidir le deiseanna infheistíochta (‘Tairseach InvestEU’).

Leis an Rialachán seo, bunaítear cuspóirí Chlár InvestEU, buiséad an chláir sin agus an méid a bheidh i ráthaíocht AE don tréimhse ó 2021 go 2027, cineálacha cistithe ón Aontas agus na rialacha maidir leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘Clár InvestEU’ Ciste InvestEU, Mol Comhairleach InvestEU agus Tairseach InvestEU agus oibríochtaí measctha, i dteannta a chéile;

(2)

ciallaíonn ‘ráthaíocht AE’ ráthaíocht bhuiséadach fhoriomlán neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar éileamh a sholáthraítear le buiséad an Aontais faoina ngabhann éifeacht leis na ráthaíochtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 219(1) den Rialachán Airgeadais trí bhíthin teacht i bhfeidhm comhaontuithe ráthaíochta aonair le comhpháirtithe cur chun feidhme;

(3)

ciallaíonn ‘réimse bheartais’ réimse spriocdhírithe le haghaidh tacaíocht ó ráthaíocht AE a leagtar síos in Airteagal 8(1);

(4)

ciallaíonn ‘urrann’ cuid de ráthaíocht AE arna sainiú i dtéarmaí thionscnamh na n-acmhainní atá ina tacú léi;

(5)

ciallaíonn ‘oibríocht mheasctha’ oibríocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais lena gcomhcheanglaítear cineálacha neamh-iníoctha tacaíochta, cineálacha inaisíoctha tacaíochta, nó an dá rud, ó bhuiséad an Aontais le cineálacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, nó ó institiúidí airgeadais tráchtála agus ó infheisteoirí; chun críocha an tsainmhínithe seo, féadfaidh cláir de chuid an Aontais a mhaoinítear ó fhoinsí eile seachas buiséad an Aontais, amhail an Ciste don Nuálaíocht le haghaidh EU ETS, a bheith ina gcuid de chláir de chuid an Aontais a fhaigheann maoiniú ó bhuiséad an Aontais;

(6)

ciallaíonn ‘Grúpa BEI’ BEI, a fhochuideachtaí agus eintitis eile a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) de Phrótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta atá i gceangal le CAE agus le CFAE (Reacht BEI);

(7)

ciallaíonn ‘ranníocaíocht airgeadais’ ranníocaíocht a dhéanann comhpháirtí cur chun feidhme i bhfoirm a chumais glactha riosca féin, a sholáthraítear ar bhonn pari passu le ráthaíocht AE nó i bhfoirm eile lenar féidir Clár InvestEU a chur chun feidhme go héifeachtúil agus á áirithiú ag an am céanna go ndéantar ailíniú iomchuí ar ús;

(8)

ciallaíonn ‘comhaontú ranníocaíochta’ ionstraim dlí lena sonraíonn an Coimisiún agus Ballstát amháin nó níos mó coinníollacha ráthaíocht AE faoi urrann an Bhallstáit, mar a leagtar síos in Airteagal 10;

(9)

ciallaíonn ‘táirge airgeadais’ sásra nó socrú airgeadais ar faoina théarmaí a sholáthraíonn an comhpháirtí cur chun feidhme maoiniú díreach nó idirghafa d’fhaighteoirí deiridh trí aon cheann de na cineálacha maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 a úsáid;

(10)

ciallaíonn ‘oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta’ nó ‘oibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta’ oibríochtaí chun maoiniú a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’fhaighteoirí deiridh trí tháirgí airgeadais, ar oibríochtaí iad a dhéanann comhpháirtí cur chun feidhme ag gníomhú dó ina ainm féin, a sholáthraíonn an comhpháirtí cur chun feidhme i gcomhréir lena rialacha, lena bheartais agus lena nósanna imeachta inmheánacha agus a dtugtar cuntas orthu i ráitis airgeadais an chomhpháirtí cur chun feidhme nó, i gcás inarb infheidhme, atá nochta sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais sin;

(11)

ciallaíonn ‘cistí faoi bhainistíocht roinnte’ cistí lena bhforáiltear don fhéidearthacht sciar de na cistí sin a leithdháileadh ar sholáthar do ráthaíocht bhuiséadach faoi urrann an Bhallstáit de Chiste InvestEU, eadhon Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe do na blianta 2021-2027, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) (‘Rialachán CSE+ le haghaidh 2021-2027’), an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) atá le bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Rialachán na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT’);

(12)

ciallaíonn ‘comhaontú ráthaíochta’ ionstraim dlí lena sonraíonn an Coimisiún agus comhpháirtí cur chun feidhme na coinníollacha maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a mholadh chun go ndeonófaí tairbhe ráthaíocht AE dóibh, maidir le ráthaíocht AE a sholáthar do na hoibríochtaí sin agus maidir le hiad a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialacháin seo;

(13)

ciallaíonn ‘comhpháirtí cur chun feidhme’ contrapháirtí incháilithe amhail institiúid airgeadais nó idirghabhálaí airgeadais eile a bhfuil comhaontú ráthaíochta tugtha i gcrích ag an gCoimisiún leis;

(14)

ciallaíonn ‘tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne’ tionscadal a chomhlíonann na critéir uile a leagtar síos sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Criteria for the analysis of the compatibility with the internal market of State aid to promote the execution of important projects of common European interest’ [Critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá Státchabhair chun tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn] nó aon athbhreithniú a dhéanfar ar an teachtaireacht sin ina dhiaidh sin;

(15)

ciallaíonn ‘comhaontú comhairleach’ ionstraim dlí lena sonraíonn an Coimisiún agus an comhpháirtí comhairleach na coinníollacha maidir le Mol Comhairleach InvestEU a chur chun feidhme;

(16)

ciallaíonn ‘tionscnamh comhairleach’ cúnamh teicniúil agus seirbhísí comhairleacha a thacaíonn le hinfheistíocht, lena n-áirítear gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, arna soláthar ag comhpháirtithe comhairleacha, ag soláthraithe seirbhíse seachtracha atá ar conradh leis an gCoimisiún, nó ag gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

(17)

ciallaíonn ‘comhpháirtí comhairleach’ contrapháirtí incháilithe amhail institiúid airgeadais nó eintiteas eile a bhfuil comhaontú comhairleach tugtha i gcrích ag an gCoimisiún leis chun tionscnamh comhairleach amháin nó níos mó a chur chun feidhme, cé is moite de thionscnaimh chomhairleacha arna gcur chun feidhme trí sholáthraithe seirbhíse seachtracha atá ar conradh leis an gCoimisiún nó trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

(18)

ciallaíonn ‘ardán infheistíochta’ meán sainchuspóireach, cuntas bainistithe, cómhaoiniú conradh-bhunaithe nó socrú roinnte riosca nó socrú a bhunaítear ar aon bhealach eile trína dtarchuireann eintitis ranníocaíocht airgeadais chun roinnt tionscadail infheistíochta a mhaoiniú, agus a bhféadfadh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh iontu:

(a)

ardán náisiúnta nó fonáisiúnta lena ndéantar roinnt tionscadail infheistíochta ar chríoch Ballstáit ar leith a ghrúpáil le chéile;

(b)

ardán trasteorann, iltíre, réigiúnach nó macrairéigiúnach lena ndéantar comhpháirtithe ó roinnt Ballstát, réigiún nó tríú tíortha a ghrúpáil le chéile a bhfuil suim acu i dtionscadail infheistíochta i limistéar geografach ar leith;

(c)

ardán téamach lena ndéantar tionscadail infheistíochta in earnáil ar leith a ghrúpáil le chéile;

(19)

ciallaíonn ‘micreamhaoiniú’ micreamhaoiniú mar a shainmhínítear sna forálacha ábhartha de Rialachán CSE+ le haghaidh 2021-2027;

(20)

ciallaíonn ‘banc nó institiúid náisiúnta le haghaidh spreagadh’ eintiteas dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí airgeadais ar bhonn gairmiúil ar thug Ballstát nó eintiteas Ballstáit sainordú dó ar leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil chun dul i mbun gníomhaíochtaí forbartha nó spreagtha;

(21)

ciallaíonn ‘fiontar beag agus meánmhéide’ nó ‘FBM’ micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (27);

(22)

ciallaíonn ‘cuideachta meánchaipitlithe bheag’ eintiteas nach FBM é agus ina bhfuil suas le 499 bhfostaí;

(23)

ciallaíonn ‘fiontar sóisialta’ fiontar sóisialta mar a shainmhínítear sna forálacha ábhartha de Rialachán CSE+ le haghaidh 2021-2027;

Airteagal 3

Cuspóirí Chlár InvestEU

1.   Is é cuspóir ginearálta Chlár InvestEU tacú le cuspóirí beartais an Aontais trí bhíthin oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a rannchuidíonn leis na nithe seo a leanas:

(a)

iomaíochas an Aontais, lena n-áirítear taighde, nuálaíocht agus digitiú;

(b)

fás agus forbairt i ngeilleagar an Aontais, inbhuanaitheacht gheilleagar an Aontais agus a ghnéithe comhshaoil agus aeráide lena rannchuidítear le gnóthú SDGanna agus chuspóirí Chomhaontú Pháras agus le cruthú post ar ardcháilíocht;

(c)

athléimneacht shóisialta, cuimsitheacht agus nuálaíocht an Aontais;

(d)

dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch, cultúr, oideachas agus oiliúint a chur chun cinn;

(e)

comhtháthú mhargaí caipitil an Aontais agus neartú an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear réitigh chun dul i ngleic le hilroinnt mhargaí caipitil an Aontais, chun foinsí maoinithe d’fhiontair san Aontas a éagsúlú agus chun maoiniú inbhuanaithe a chur chun cinn;

(f)

comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn; nó

(g)

téarnamh inbhuanaithe agus cuimsitheach gheilleagar an Aontais tar éis ghéarchéim COVID-19, lena n-áirítear trí thacaíocht chaipitil a sholáthar do FBManna a raibh tionchar diúltach ag géarchéim COVID-19 orthu agus nach raibh i gcruachás cheana féin ó thaobh Státchabhrach de ag deireadh 2019, buanú agus neartú luachshlabhraí straitéiseacha ar ann dóibh cheana i dtaca le sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, forbairt a dhéanamh ar luachshlabhraí nua, agus cothabháil agus atreisiú á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhfuil tábhacht straitéiseach don Aontas ag baint leo, lena n-áirítear tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne, i ndáil le bonneagar criticiúil, bídís fisiceach nó fíorúil, teicneolaíochtaí claochlaitheacha, nuálaíochtaí ceannródaíocha agus ionchuir do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí agus tacaíocht a thabhairt d’aistriú inbhuanaithe.

2.   Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag Clár InvestEU:

(a)

tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a bhaineann le bonneagar inbhuanaithe sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 8(1);

(b)

tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a bhaineann le taighde, nuálaíocht agus digitiú, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh uas-scálú cuideachtaí nuálacha agus cur i bhfeidhm céimneach teicneolaíochtaí sa mhargadh, sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 8(1);

(c)

méadú a dhéanamh ar an rochtain agus ar an bhfáil ar mhaoiniú i gcás FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus feabhas a chur ar iomaíochas domhanda na FBManna sin;

(d)

méadú a dhéanamh ar an rochtain agus ar an bhfáil ar mhicreamhaoiniú agus ar mhaoiniú i gcás fiontair shóisialta, chun tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a bhaineann le hinfheistíocht shóisialta, inniúlachtaí agus scileanna agus chun forbairt agus comhdhlúthú a dhéanamh ar mhargaí infheistíochta sóisialta, sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 8(1).

Airteagal 4

Buiséad agus méid ráthaíocht AE

1.   Is é EUR 26 152 310 073 i bpraghsanna reatha a bheidh i ráthaíocht AE chun críocha urrann AE dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9(1). Déanfar soláthar dó ar ráta 40 %. Cuirfear an méid dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 35(3) san áireamh freisin i dtaca le rannchuidiú leis an soláthar a eascraíonn as an ráta soláthair sin.

Féadfar méid breise de ráthaíocht AE a sholáthar chun críocha urrann an Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 9(1) den Rialachán seo, faoi réir leithdháileadh na méideanna comhfhreagracha ag na Ballstáit, de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CEMID arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais don bhainistiú teorainneacha agus do víosaí (‘Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027’) agus de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CETFT arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

Féadfaidh na Ballstáit méid breise de ráthaíocht AE a sholáthar freisin i bhfoirm airgead tirim nó ráthaíochta chun críocha urrann an Bhallstáit. Ioncam sannta seachtrach a bheidh sa mhéid a sholáthraítear in airgead tirim i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.

Leis na ranníocaíochtaí ó thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo, tiocfaidh méadú freisin ar ráthaíocht AE dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rud a dhéanfaidh soláthar iomlán in airgead tirim a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 218(2) den Rialachán Airgeadais.

2.   Déanfar suim EUR 14 825 000 000 i bpraghsanna reatha den mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo a leithdháileadh le haghaidh oibríochtaí lena gcuirtear chun feidhme bearta dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/2094 i leith na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

Déanfar suim EUR 11 327 310 073 i bpraghsanna reatha den mhéid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo a leithdháileadh i leith na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

Maidir leis na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh fáil orthu ach amháin ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2020/2094.

Déantar an dáileadh táscach ar ráthaíocht AE chun críocha urrann AE a leagan amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún imeacht ó na méideanna dá dtagraítear in Iarscríbhinn I suas go dtí 15 % i ndáil le gach cuspóir dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d'Airteagal 3(2). Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le haon imeacht den sórt sin.

3.   Is é EUR 430 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCaibidlí VI agus VII.

4.   Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 3 a úsáid freisin le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun Clár InvestEU a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear maidir le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

Airteagal 5

Tríú tíortha atá comhlachaithe le Ciste InvestEU

Féadfaidh urrann AE de Chiste InvestEU dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 9(1) den Rialachán seo agus gach ceann de na réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Rialachán seo ranníocaíochtaí a fháil ó na tríú tíortha seo a leanas chun bheith rannpháirteach i dtáirgí airgeadais áirithe de bhun Airteagal 218(2) den Rialachán Airgeadais:

(a)

comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad de LEE, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)

tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)

tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhaontú:

(i)

áirithítear leis cothromaíocht chóir a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais;

(ii)

leagtar síos leis coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus costais riaracháin na gclár;

(iii)

ní thugtar don tríú tír leis aon chumhacht chinnteoireachta i ndáil le clár an Aontais;

(iv)

ráthaítear leis cearta an Aontais chun bainistíocht fónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Ioncaim shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír den Airteagal seo.

Airteagal 6

Cur chun feidhme agus cineálacha cistithe ón Aontas

1.   Cuirfear ráthaíocht AE chun feidhme trí bhíthin bainistíocht indíreach in éineacht le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (c)(ii), (c)(iii), (c)(v) agus (c)(vi) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais. Déanfar cineálacha eile cistithe ón Aontas faoin Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhíthin bainistíocht dhíreach nó indíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear deontais a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais agus oibríochtaí measctha a chuirtear chun feidhme i gcomhréir leis an Airteagal seo ar an mbealach is rianúla agus is féidir, ar shlí a áiritheoidh tacaíocht éifeachtúil agus chomhleanúnach do bheartais an Aontais.

2.   Maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear le ráthaíocht AE ar cuid den oibríocht mheasctha iad lena gcomhcheanglaítear tacaíocht faoin Rialachán seo le tacaíocht a sholáthraítear faoi cheann amháin nó níos mó de chláir an Aontais nó a chumhdaítear leis an gCiste don Nuálaíocht le haghaidh EU ETS, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a)

beidh siad comhsheasmhach leis na cuspóirí beartais agus comhlíonfaidh siad na critéir incháilitheachta a leagtar amach i rialacha an chláir de chuid an Aontais faoina ndéantar cinneadh maidir leis an tacaíocht;

(b)

comhlíonfaidh siad an Rialachán seo.

3.   Maidir le hoibríochtaí measctha ina n-áirítear ionstraim airgeadais atá maoinithe go hiomlán le cláir eile de chuid an Aontais nó leis an gCiste don Nuálaíocht le haghaidh EU ETS gan úsáid a bhaint as an ráthaíocht AE faoin Rialachán seo, beidh siad comhsheasmhach leis na cuspóirí beartais agus comhlíonfaidh siad na critéir incháilitheachta a leagtar amach i rialacha an chláir de chuid an Aontais faoina soláthraítear an tacaíocht.

4.   I gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfar na cineálacha neamh-iníoctha tacaíochta agus na hionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais ar cuid den oibríocht mheasctha iad dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a chinneadh faoi rialacha an chláir ábhartha de chuid an Aontais agus déanfar iad a chur chun feidhme laistigh den oibríocht measctha i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

Cumhdófar freisin, mar chuid tuairisciú a bhaineann le hoibríochtaí measctha den sórt sin, comhsheasmhacht na n-oibríochtaí sin leis na cuspóirí beartais agus leis na critéir incháilitheachta a leagtar amach i rialacha an chláir de chuid an Aontais faoina ndéantar cinneadh maidir leis an tacaíocht agus cumhdófar ann freisin a mhéid a chomhlíonann na hoibríochtaí sin an Rialachán seo.

Airteagal 7

Comhcheangal na bpunann

1.   Féadfar tacaíocht ó ráthaíocht AE faoin Rialachán seo, tacaíocht ón Aontas a sholáthraítear trí na hionstraimí airgeadais a bunaíodh leis na cláir le linn chlárthréimhse 2014-2020 agus tacaíocht ón Aontas a thagann ó ráthaíocht AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1017 a chomhcheangal i dtáirgí airgeadais atá le cur chun feidhme ag BEI nó ag CEI faoin Rialachán seo.

2.   De mhaolú ar Airteagal 19(2) agus an dara fomhír d’Airteagal 16(1), féadfaidh ráthaíocht AE faoin Rialachán seo caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a chumhdach freisin maidir leis an bpunann iomlán d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ó na táirgí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

D’ainneoin chuspóirí na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, maidir leis na soláthairtí a rinneadh chun na dliteanais airgeadais a eascraíonn as ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a chumhdach, féadfar iad a úsáid chun caillteanais a chumhdach i ndáil leis an bpunann iomlán d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ó na táirgí airgeadais dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfar caillteanais, ioncaim agus aisíocaíochtaí ó aon táirge airgeadais dá dtagraítear i mír 1, mar aon le gnóthuithe féideartha, a leithdháileadh ar bhonn pro rata idir na hionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí AE dá dtagraítear sa mhír sin lena soláthraítear an tacaíocht chomhcheangailte ón Aontas don táirge airgeadais sin.

4.   Leagfar amach téarmaí agus coinníollacha na dtáirgí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear scaireanna pro rata faoi seach de chaillteanais, ioncaim, aisíocaíochtaí agus gnóthuithe sa chomhaontú ráthaíochta dá dtagraítear in Airteagal 17.

CAIBIDIL II

Ciste InvestEU

Airteagal 8

Réimsí beartais

1.   Oibreoidh Ciste InvestEU trí bhíthin na gceithre réimse bheartais seo a leanas lena rachfar i ngleic le clistí margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí faoina raon feidhme sonrach:

(a)

réimse bheartais um bonneagar inbhuanaithe lena gcuimsítear infheistíocht inbhuanaithe i réimsí an iompair, lena n-áirítear an t-iompar ilmhódúil, an tsábháilteacht ar bhóithre, lena n-áirítear i gcomhréir le cuspóir an Aontais deireadh a chur le timpistí marfacha agus gortuithe tromchúiseacha ar bhóithre faoi 2050, athnuachan agus cothabháil an bhonneagair iarnróid agus bóthair, fuinneamh, go háirithe fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh i gcomhréir le creat fuinnimh 2030, tionscadail athnuachana foirgneamh atá dírithe ar choigiltis fuinnimh agus comhtháthú foirgneamh le córais nasctha fuinnimh, stórála, dhigiteacha agus iompair, feabhas a chur ar leibhéil idirnascachta, nascacht dhigiteach agus rochtain, lena n-áirítear i limistéir thuaithe, soláthar agus próiseáil amhábhar, spás, farraigí, uisce, lena n-áirítear uiscebhealaí intíre, bainistiú dramhaíola i gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola agus an geilleagar ciorclach, an dúlra agus bonneagar comhshaoil eile, an oidhreacht chultúrtha, an turasóireacht, trealamh, sócmhainní soghluaiste agus cur chun úsáide teicneolaíochtaí nuálacha a rannchuidíonn le cuspóirí athléimneachta aeráide nó comhshaoil nó cuspóirí inbhuanaitheachta sóisialta an Aontais agus a chomhlíonann caighdeáin chomhshaoil nó inbhuanaitheachta sóisialta an Aontais;

(b)

réimse bheartais taighde, nuálaíochta agus digitithe lena gcuimsítear gníomhaíochtaí taighde, forbartha táirgí agus nuálaíochta, aistriú teicneolaíochtaí agus torthaí taighde chun an mhargaidh chun tacú le cumasóirí margaidh agus leis an gcomhar idir fiontair, taispeáint agus cur chun úsáide réiteach nuálach agus tacaíocht don uas-scálú ar chuideachtaí nuálacha, mar aon le digitiú thionscal an Aontais;

(c)

réimse bheartais i ndáil le FBManna lena gcuimsítear rochtain ar airgeadas agus infhaighteacht airgeadais go príomha do FBManna, lena n-áirítear FBManna nuálacha agus FBManna a bhíonn ag feidhmiú in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, chomh maith le cuideachtaí meánchaipitlithe beaga;

(d)

réimse bheartais i ndáil le hinfheistíocht shóisialta agus scileanna, lena gcuimsítear an micreamhaoiniú, maoiniú na bhfiontar sóisialta, an geilleagar sóisialta agus bearta chun an comhionannas inscne a chur chun cinn, scileanna, oideachas, oiliúint agus seirbhísí gaolmhara, an bonneagar sóisialta, lena n-áirítear an bonneagar sláinte agus oideachais agus an tithíocht shóisialta agus an tithíocht do mhic léinn, an nuálaíocht shóisialta, an tsláinte agus an cúram fadtéarmach, an cuimsiú agus an inrochtaineacht, gníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha a bhfuil cuspóir sóisialta leo, agus lánpháirtiú daoine leochaileacha, lena n-áirítear náisiúnaigh tríú tír.

2.   Bunófar scéim um aistriú cóir go cothrománach ar fud na réimsí beartais uile. Is éard a bheidh sa scéim sin infheistíochtaí lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a eascraíonn as an bpróiseas aistrithe i dtreo sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus as a sprioc aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus a rachaidh chun tairbhe na gcríoch arna sainaithint i bplean um aistriú cóir arna ullmhú ag Ballstát i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Rialachán maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir.

3.   Féadfar infheistíochtaí straitéiseacha a chur san áireamh i ngach réimse bheartais, lena n-áirítear tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne, chun tacú le faighteoirí deiridh a ngabhann tábhacht straitéiseach don Aontas lena gcuid gníomhaíochtaí, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, na hathléimneachta feabhsaithe agus slabhraí luacha straitéiseacha a neartú.

I gcás infheistíochtaí straitéiseacha in earnálacha na cosanta agus an spáis agus sa chibearshlándáil, agus i gcineálacha sonracha tionscadal a bhfuil impleachtaí iarbhír agus díreacha slándála acu in earnálacha criticiúla, leagfar amach teorainneacha sna treoirlínte infheistíochta arna nglacadh i gcomhréir le mír 9 den Airteagal seo (‘na treoirlínte infheistíochta’) maidir leis na faighteoirí deiridh atá á rialú ag tríú tír nó ag eintitis tríú tír agus le faighteoirí deiridh a bhfuil a mbainistíocht feidhmiúcháin lasmuigh den Aontas acu d’fhonn slándáil an Aontais agus a Bhallstát a chosaint. Leagfar amach na teorainneacha sin i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le heintitis incháilithe a leagtar amach sna forálacha ábhartha de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 agus sna forálacha ábhartha de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE.

Leagfar amach sna treoirlínte infheistíochta aon cheanglais riachtanacha a bhaineann le rialú agus bainistiú feidhmiúcháin na bhfaighteoirí deiridh i gcás réimsí eile, agus aon cheanglais riachtanacha a bhaineann le rialú na n-idirghabhálaithe, i bhfianaise aon imthosca is infheidhme a bhaineann leis an ord poiblí nó le cúrsaí slándála. Agus na ceanglais sin á gcur san áireamh, déanfaidh an Bord Stiúrtha aon cheanglas breise is gá a leagan amach.

4.   I gcás ina dtagann oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta a mholtar don Choiste Infheistíochta faoi níos mó ná réimse bheartais amháin, déanfar í a shannadh don réimse bheartais faoina dtagann a príomhchuspóir nó príomhchuspóir fhormhór a fothionscadal, mura bhforáiltear a mhalairt leis na treoirlínte infheistíochta.

5.   Déanfar scagadh ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta chun a chinneadh an bhfuil tionchar comhshaoil, aeráide nó sochaíoch ag gabháil leo. Más rud é gur oibríochtaí iad a mbeidh tionchar den sórt sin acu, beidh siad faoi réir measúnú inbhuanaitheachta aeráide, comhshaoil agus sóisialta d’fhonn na drochthionchair a íoslaghdú agus na tairbhí a uasmhéadú, a mhéid a bhaineann le gnéithe aeráide, comhshaoil agus sóisialta. Chun na críche sin, i dtaca le tionscnóirí tionscadail a iarrann maoiniú, cuirfidh siad faisnéis iomchuí ar fáil bunaithe ar an treoir dá dtagraítear i mír 6. Déanfar tionscadail ar lú iad ná méid áirithe a shonrófar sa treoir a eisiamh ón measúnú. Ní bheidh tionscadail nach bhfuil i gcomhréir leis na cuspóirí aeráide incháilithe le haghaidh tacaíocht faoin Rialachán seo. I gcás ina dtiocfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme ar an gconclúid nach bhfuil aon mheasúnú inbhuanaitheachta le déanamh, cuirfidh sé údar cuí ina leith sin ar fáil don Choiste Infheistíochta.

6.   Forbróidh an Coimisiún treoir inbhuanaitheachta a fhágfaidh go mbeifear in ann, i gcomhréir le cuspóirí comhshaoil agus sóisialta agus caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta an Aontais, agus aird chuí á tabhairt ar an bprionsabal arb é ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a mhéid a bhaineann le hoiriúnú, athléimneacht in aghaidh thionchar díobhálach féideartha an athraithe aeráide a áirithiú trí bhíthin measúnú riosca agus leochaileachta aeráide, lena n-áirítear trí bhíthin bearta oiriúnaithe ábhartha, agus, a mhéid a bhaineann le maolú, costas astaíochtaí gáis ceaptha teasa agus éifeachtaí deimhneacha na mbeart maolaithe aeráide a chomhtháthú san anailís chostais agus tairbhe;

(b)

tionchar comhdhlúthaithe na dtionscadal a chur san áireamh i dtéarmaí phríomh-chomhpháirteanna an chaipitil nádúrtha, eadhon an t-aer, an t-uisce, an talamh agus an bhithéagsúlacht;

(c)

meastachán a dhéanamh ar thionchar sóisialta na dtionscadal, lena n-áirítear an tionchar ar an gcomhionannas inscne, ar chuimsiú sóisialta limistéar áirithe nó daonraí áirithe agus ar fhorbairt eacnamaíoch na limistéar agus na n-earnálacha a mbíonn éifeacht ag dúshláin struchtúracha orthu amhail an gá atá ann an geilleagar a dhícharbónú;

(d)

tionscadail a shainaithint nach bhfuil i gcomhréir le gnóthú na gcuspóirí aeráide;

(e)

treoir a sholáthar do chomhpháirtithe cur chun feidhme chun críoch an scagtha dá bhforáiltear faoi mhír 5.

7.   Soláthróidh na comhpháirtithe cur chun feidhme an fhaisnéis is gá chun gur féidir rianú a dhéanamh ar infheistíocht a rannchuidíonn le cuspóirí an Aontais maidir leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a bhaint amach, ar bhonn treoir atá le soláthar ag an gCoimisiún.

8.   Cuirfidh na comhpháirtithe cur chun feidhme sprioc i bhfeidhm arb é a bheidh inti ná 60 % ar a laghad den infheistíocht faoin réimse bheartais um bonneagar inbhuanaithe lena rannchuidítear le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach.

Féachfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na comhpháirtithe cur chun feidhme, lena áirithiú, maidir leis an gcuid sin de ráthaíocht AE a mbaintear úsáid aisti i dtaca leis an réimse bheartais um bonneagar inbhuanaithe, go leithdháilfear í le haidhm cothromaíocht a bhaint amach idir na réimsí éagsúla dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.

9.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí threoirlínte infheistíochta a shainiú do gach ceann de na réimsí beartais. Leagfar amach freisin sna treoirlínte infheistíochta na socruithe le haghaidh chur chun feidhme na scéime um aistriú cóir, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na treoirlínte infheistíochta a ullmhú i ndlúth-idirphlé le Grúpa BEI agus le comhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha eile.

10.   I gcás oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta straitéiseacha i réimsí na cosanta agus an spáis agus sa chibearshlándáil, féadfar teorainneacha a leagan amach sna treoirlínte infheistíochta i ndáil le cearta maoine intleachtúla a aistriú go teicneolaíochtaí criticiúla agus go teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach maidir le slándáil an Aontais agus a Bhallstát a choimirciú, agus i ndáil le ceadúnú na gceart sin do na teicneolaíochtaí céanna, agus urraim á tabhairt ag an am céanna d’inniúlacht na mBallstát maidir le rialú onnmhairiúcháin.

11.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar chur i bhfeidhm agus léirmhíniú na dtreoirlínte infheistíochta ar fáil do na comhpháirtithe cur chun feidhme, don Choiste Infheistíochta agus do na comhpháirtithe comhairleacha.

Airteagal 9

Urranna

1.   Is é a bheidh sna réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 8(1) urrann AE agus urrann Bhallstáit. Leis na hurranna sin, rachfar i ngleic le clistí margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí mar a leanas:

(a)

le hurrann AE, rachfar i ngleic le haon cheann de na cásanna seo a leanas:

(i)

clistí margaidh nó cásanna infheistíochta fo-optamaí a bhaineann le tosaíochtaí beartais an Aontais;

(ii)

clistí margaidh sonracha ar fud an Aontais nó sna Ballstáit nó cásanna infheistíochta fo-optamaí; nó

(iii)

clistí margaidh nó cásanna infheistíochta fo-optamaí, lena n-éilítear go bhforbrófaí réitigh nuálacha airgeadais agus struchtúir mhargaidh nuálacha, go háirithe clistí margaidh nua nó casta nó cásanna infheistíochta fo-optamaí nua nó casta;

(b)

le hurrann an Bhallstáit, rachfar i ngleic le clistí margaidh sonracha nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí i gceann amháin de na réigiúin nó de na Ballstáit, nó i roinnt díobh, chun cuspóirí beartais na gcistí ranníocaíochta faoi bhainistíocht roinnte a chur i gcrích, nó chun cuspóirí beartais an mhéid bhreise arna sholáthar ag Ballstát faoin tríú fomhír d’Airteagal 4(1) a chur i gcrích, go háirithe chun an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas a neartú trí dhul i ngleic le míchothromaíochtaí idir a réigiúin.

2.   I gcás inarb iomchuí, déanfar na hurranna dá dtagraítear i mír 1 a úsáid ar bhealach comhlántach chun tacú le hoibríocht áirithe mhaoiniúcháin nó infheistíochta, lena n-áirítear trí thacaíocht ón dá urrann a chomhcheangal.

Airteagal 10

Forálacha sonracha is infheidhme maidir le hurrann an Bhallstáit

1.   Maidir le méideanna a leithdháileann Ballstát ar bhonn deonach de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CEMID arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CETFT arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT nó méideanna a sholáthraítear in airgead tirim i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 4(1) den Rialachán seo, úsáidfear iad i ndáil le soláthar don chuid de ráthaíocht AE faoi urrann an Bhallstáit lena gcumhdaítear oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta sa Bhallstát lena mbaineann nó chun ranníocaíocht fhéideartha a dhéanamh ó chistí faoi bhainistíocht roinnte do Mhol Comhairleach InvestEU. Úsáidfear na méideanna sin chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí beartais a shonraítear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta dá dtagraítear sna forálacha maidir le hullmhú agus tíolacadh an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027, sna cláir nó i bPlean Straitéiseach CBT a rannchuidíonn le Clár InvestEU, chun bearta ábhartha a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2021/241 a chur chun feidhme nó, i gcásanna eile, chun na gcríoch a leagtar síos sa chomhaontú ranníocaíochta, ag brath ar thionscnamh an mhéid arna ranníoc.

2.   Beidh bunú na coda de ráthaíocht AE a bheidh faoi urrann an Bhallstáit faoi réir comhaontú ranníocaíochta a thabhairt i gcrích idir Ballstát agus an Coimisiún.

Ní bheidh feidhm ag an gceathrú fomhír den mhír seo ná ag mír 5 den Airteagal seo maidir le méid breise arna sholáthar ag Ballstát faoin tríú fomhír d’Airteagal 4(1).

I ndáil leis na forálacha san Airteagal seo a bhaineann le méideanna a leithdháiltear de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CEMID arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CETFT arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, níl siad infheidhme maidir le comhaontú ranníocaíochta a bhaineann le méid breise a sholáthraíonn Ballstát, dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

Déanfaidh an Ballstát agus an Coimisiún comhaontú ranníocaíochta, nó leasú air, a thabhairt i gcrích laistigh de 4 mhí tar éis an Chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an Comhaontú Comhpháirtíochta de bhun na bhforálacha maidir le formheas an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó Plean Straitéiseach CBT faoi Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT nó i gcomhuain leis an gCinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear clár i gcomhréir leis na forálacha maidir le húsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CEMID arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó Plean Straitéiseach CBT i gcomhréir leis na forálacha maidir leis an leasú ar Phlean Straitéiseach CBT a leagtar síos i Rialachán na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT.

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó comhaontú ranníocaíochta comhpháirteach a thabhairt i gcrích leis an gCoimisiún.

De mhaolú ar Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, socrófar ráta soláthair ráthaíocht AE faoi urrann an Bhallstáit ag 40 % agus féadfar é a ísliú nó a ardú i ngach comhaontú ranníocaíochta chun na rioscaí a ghabhann leis na táirgí airgeadais atá beartaithe a úsáid a chur san áireamh.

3.   Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa chomhaontú comhpháirtíochta:

(a)

méid foriomlán na coda de ráthaíocht AE faoi urrann an Bhallstáit a bhaineann leis an mBallstát lena mbaineann, a ráta soláthair, méid na ranníocaíochta ó chistí faoi bhainistíocht roinnte nó arna soláthar i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 4(1), an chéim ina bhfuil an soláthar á chur le chéile i gcomhréir le plean airgeadais bliantúil agus méid an dliteanais theagmhasaigh a thagann as sin a bheidh le cumhdach le ráthaíocht chomhuaineach a sholáthróidh an Ballstát lena mbaineann;

(b)

straitéis an Bhallstáit, lena gcuimsítear na táirgí airgeadais agus a ngiaráil íosmhéide, an cumhdach geografach, lena n-áirítear cumhdach réigiúnach más gá, cineálacha na dtionscadal, an tréimhse infheistíochta agus, i gcás inarb infheidhme, na catagóirí d’fhaighteoirí deiridh agus idirghabhálaithe incháilithe;

(c)

an comhpháirtí cur chun feidhme ionchasach nó na comhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha arna mholadh nó arna moladh i gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 15(1), agus an oibleagáid atá ar an gCoimisiún an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas maidir leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme nó na comhpháirtithe cur chun feidhme atá roghnaithe;

(d)

aon ranníocaíocht ó chistí faoi bhainistíocht roinnte nó ó mhéideanna arna soláthar i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 4(1) le Mol Comhairleach InvestEU;

(e)

na hoibleagáidí tuarascálacha bliantúla a thabhairt don Bhallstát, lena n-áirítear tuairisc a thabhairt faoi na táscairí ábhartha a bhaineann leis na cuspóirí beartais a chumhdaítear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta, sa chlár, i bPlean Straitéiseach CBT nó sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta agus a dtagraítear dóibh sa chomhaontú ranníocaíochta;

(f)

forálacha maidir le luach saothair i gcomhair na coda de ráthaíocht AE faoi urrann an Bhallstáit;

(g)

aon chomhcheangal le hacmhainní faoi urrann AE i gcomhréir le hAirteagal 9(2), lena n-áirítear aon chomhcheangal de réir struchtúr cisealach chun cumhdach riosca níos fearr a bhaint amach.

4.   Déanfaidh an Coimisiún na comhaontuithe ranníocaíochta a chur chun feidhme trí bhíthin comhaontuithe ráthaíochta arna dtabhairt i gcrích le comhpháirtithe cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 17 agus trí bhíthin comhaontuithe comhairleacha arna dtabhairt i gcrích le comhpháirtithe comhairleacha i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 25(1).

I gcás nach dtabharfar aon chomhaontú ráthaíochta i gcrích laistigh de 9 mí ó thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ranníocaíochta, déanfar an comhaontú ranníocaíochta a fhoirceannadh nó cuirfear síneadh ama leis de chomhaontú frithpháirteach. I gcás nach ndéanfar an méid de chomhaontú ranníocaíochta a ghealladh go hiomlán faoi chomhaontú ráthaíochta amháin nó níos mó laistigh de 9 mí ó thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ranníocaíochta, déanfar an méid sin a leasú dá réir. Maidir le méid an tsoláthair nár úsáideadh is inchurtha i leith méideanna arna leithdháileadh ag na Ballstáit de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CEMID arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CETFT arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, déanfar é a athúsáid i gcomhréir leis na Rialacháin sin. Maidir le méid an tsoláthair nár úsáideadh is inchurtha i leith méideanna arna leithdháileadh ag Ballstát faoin tríú fomhír d’Airteagal 4(1) den Rialachán seo, déanfar é a aisíoc leis an mBallstát.

I gcás nach ndéantar comhaontú ráthaíochta a chur chun feidhme go cuí laistigh den tréimhse a shonraítear sna forálacha maidir le húsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CEMID arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó sna forálacha maidir le húsáid CETFT arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, nó, i gcás comhaontú ráthaíochta a bhaineann le méideanna arna soláthar i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 4(1) den Rialachán seo, sa chomhaontú ranníocaíochta ábhartha, déanfar an comhaontú ranníocaíochta a leasú. Maidir le méid an tsoláthair nár úsáideadh is inchurtha i leith méideanna arna leithdháileadh ag na Ballstáit de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CEMID arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 nó de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CETFT arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, déanfar é a athúsáid i gcomhréir leis na Rialacháin sin. Maidir le méid an tsoláthair nár úsáideadh is inchurtha i leith méideanna arna leithdháileadh ag Ballstát faoin tríú fomhír d’Airteagal 4(1) den Rialachán seo, déanfar é a aisíoc leis an mBallstát.

5.   Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an soláthar don chuid de ráthaíocht AE faoi urrann an Bhallstáit a bhunaítear le comhaontú ranníocaíochta:

(a)

tar éis na céime ina bhfuil an soláthar á chur le chéile dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo, déanfar aon bharrachas soláthairtí bliantúil, a ríomhtar trí chomparáid a dhéanamh idir méid na soláthairtí is gá de réir an ráta soláthair arna shocrú sa chomhaontú ranníocaíochta agus méid iarbhír na soláthairtí, a athúsáid de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CEMID arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 agus de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CETFT arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT;

(b)

de mhaolú ar Airteagal 213(4) den Rialachán Airgeadais, tar éis na céime ina bhfuil an soláthar á chur le chéile dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo, ní thiocfaidh aon athsholáthairtí bliantúla as an soláthar le linn don chuid sin de ráthaíocht AE faoi urrann an Bhallstáit a bheith ar fáil;

(c)

cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas láithreach i gcás ina dtitfidh an leibhéal soláthairtí don chuid sin de ráthaíocht AE faoi bhun 20 % den soláthar tosaigh de thoradh glaonna ar an gcuid sin de ráthaíocht AE faoi urrann an Bhallstáit;

(d)

má thiteann an leibhéal soláthairtí don chuid sin de ráthaíocht AE faoi urrann an Bhallstáit lena mbaineann go 10 % den soláthar tosaigh, soláthróidh an Ballstát lena mbaineann suas le 5 % den soláthar tosaigh don chiste don soláthar coiteann dá dtagraítear in Airteagal 212 den Rialachán Airgeadais arna iarraidh sin don Choimisiún.

6.   Maidir le méideanna dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 4(1), saineofar bainistiú na mbarrachas bliantúil agus na n-athsholáthairtí tar éis na céime ina bhfuil an soláthar á chur le chéile sa chomhaontú ranníocaíochta.

CAIBIDIL III

Comhpháirtíocht idir an Coimisiún agus Grúpa BEI

Airteagal 11

Raon feidhme na comhpháirtíochta

1.   Bunóidh an Coimisiún agus Grúpa BEI comhpháirtíocht faoin Rialachán seo agus é mar chuspóir leis an gcomhpháirtíocht sin tacú le cur chun feidhme Chlár InvestEU agus cothú a dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht, ar an gcuimsitheacht, ar an mbreisíocht agus ar an gcur chun úsáide éifeachtúil. I gcomhréir leis an Rialachán seo agus mar a shonraítear tuilleadh sna comhaontuithe dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh Grúpa BEI na nithe seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé an chuid de ráthaíocht AE a shonraítear in Airteagal 13(4) chun feidhme;

(b)

tacóidh sé le cur chun feidhme urrann AE de Chiste InvestEU, agus, i gcás inarb infheidhme, le cur chun feidhme urrann an Bhallstáit, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

rannchuidiú, i gcomhar leis na comhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha, leis na treoirlínte infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 8(9), rannchuidiú le dearadh an Scórchláir i gcomhréir le hAirteagal 22 agus rannchuidiú le doiciméid eile ina leagtar amach an treoir oibríochtúil do Chiste InvestEU;

(ii)

sainiú a dhéanamh, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le comhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha, ar an modheolaíocht riosca agus ar an gcóras mapála riosca a bhaineann le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcomhpháirtithe cur chun feidhme chun go mbeifear in ann na hoibríochtaí sin a mheasúnú ar scála rátála comhchoiteann;

(iii)

arna iarraidh sin don Choimisiún agus i gcomhaontú leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme ionchasach lena mbaineann, measúnú a dhéanamh ar chórais an chomhpháirtí cur chun feidhme ionchasaigh sin agus comhairle spriocdhírithe theicniúil a sholáthar maidir leis na córais sin, i gcás ina n-éilíonn conclúidí an iniúchta ar an gcolún-mheasúnú é sin, agus a mhéid a éilíonn siad é sin, i bhfianaise chur chun feidhme na dtáirgí airgeadais atá beartaithe ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme ionchasach sin;

(iv)

tuairim neamhcheangailteach a sholáthar maidir leis na gnéithe a bhaineann le baincéireacht, go háirithe maidir leis an riosca airgeadais agus leis na téarmaí airgeadais a bhaineann leis an gcuid de ráthaíocht AE atá le leithdháileadh ar an gcomhpháirtí cur chun feidhme, seachas ar Ghrúpa BEI, mar a shainítear sa chomhaontú ráthaíochta atá le tabhairt i gcrích leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme sin;

(v)

ionsamhlúcháin agus réamh-mheastacháin a dhéanamh ar an riosca airgeadais agus luach saothair na punainne comhiomláine ar bhonn toimhdí arna gcomhaontú leis an gCoimisiún;

(vi)

riosca airgeadais na punainne comhiomláine a thomhas agus tuarascálacha airgeadais a sholáthar maidir leis an bpunann chomhiomlán; agus

(vii)

seirbhísí athstruchtúraithe agus gnóthaithe a sholáthar don Choimisiún mar atá leagtha amach sa chomhaontú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo arna iarraidh sin don Choimisiún agus i gcomhaontú leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 17(2) i gcás nach bhfuil an comhpháirtí cur chun feidhme sin freagrach a thuilleadh as tabhairt faoi ghníomhaíochtaí athstruchtúraithe agus gnóthaithe faoin gcomhaontú ráthaíochta ábhartha;

(c)

féadfaidh sé fothú acmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 25(2) a sholáthar do bhanc nó institiúid náisiúnta le haghaidh spreagadh agus seirbhísí eile, i ndáil le cur chun feidhme táirgí airgeadais a dtacaíonn ráthaíocht AE leo, má iarrann an banc nó an institiúid náisiúnta le haghaidh spreagadh sin amhlaidh;

(d)

i ndáil le Mol Comhairleach InvestEU:

(i)

leithdháilfear méid suas le EUR 300 000 000 air le haghaidh na dtionscnamh comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 25 agus le haghaidh na gcúraimí oibríochtúla dá dtagraítear i bpointe (ii) den phointe seo amach as an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(3);

(ii)

cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún agus déanfaidh sé cúraimí oibríochtúla a leagtar amach sa chomhaontú dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3, trí bhíthin:

tacaíocht a sholáthar don Choimisiún i ndearadh, bunú agus oibriú Mhol Comhairleach InvestEU;

measúnú a sholáthar ar iarrataí ar thacaíocht chomhairleach ar dóigh leis an gCoimisiún nach dtagann siad faoi thionscnaimh chomhairleacha atá ann cheana, d’fhonn tacú leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir le leithdháileadh i ndáil le hiarrataí ar chomhairle arna bhfáil faoin bpointe lárnach iontrála a shainítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(2);

tacaíocht a sholáthar do bhainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh tríd an bhfothú acmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 25(2) a sholáthar i ndáil le forbairt a gcumas comhairleach chun a chur ar a gcumas páirt a ghlacadh i dtionscnaimh chomhairleacha, arna iarraidh sin do bhainc nó institiúidí den sórt sin;

arna iarraidh sin don Choimisiún agus do chomhpháirtí comhairleach ionchasach, agus faoi réir chomhaontú Ghrúpa BEI, comhaontú a thabhairt i gcrích, thar ceann an Choimisiúin, leis an gcomhpháirtí comhairleach le haghaidh tionscnaimh chomhairleacha a chur i gcrích.

Áiritheoidh Grúpa BEI go ndéanfar a chúraimí dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír go hiomlán neamhspleách ar a ról mar chomhpháirtí comhairleach.

De réir mar is iomchuí, rachaidh an Coimisiún i gcomhar leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme ar bhonn thorthaí na tuairime ó Ghrúpa BEI dá dtagraítear i bpointe (b)(iv) den chéad fhomhír. Cuirfidh an Coimisiún Grúpa BEI ar an eolas faoi thoradh a chinnteoireachta.

2.   Maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann le baincéireacht, arna tarchur ag an gCoimisiún chuig Grúpa BEI i gcomhréir le pointí (b)(ii), (b)(iv), (b)(v) agus (b)(vi) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh sí teoranta d’fhaisnéis a bhfuil dianghá ag Grúpa BEI léi chun a oibleagáidí faoi na pointí sin a chomhlíonadh. Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúth-idirphlé le Grúpa BEI agus le comhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha, nádúr agus raon feidhme na faisnéise sin a bhaineann le baincéireacht a shainiú, ag cur san áireamh dó na ceanglais maidir le bainistíocht fhónta airgeadais ráthaíocht AE, leasanna dlisteanacha an chomhpháirtí cur chun feidhme i dtaca le faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus riachtanais Ghrúpa BEI i ndáil lena oibleagáidí faoi na pointí sin a chomhlíonadh.

3.   Leagfar síos téarmaí na comhpháirtíochta i gcomhaontuithe, lena n-áirítear:

(a)

maidir le deonú agus cur chun feidhme na coda de ráthaíocht AE a shonraítear in Airteagal 13(4):

(i)

comhaontú ráthaíochta idir an Coimisiún agus Grúpa BEI; nó

(ii)

comhaontuithe ráthaíochta ar leithligh idir an Coimisiún agus BEI agus a fhochuideachtaí nó eintitis eile a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) de Reacht BEI, de réir mar is infheidhme;

(b)

comhaontú idir an Coimisiún agus Grúpa BEI i ndáil le pointí (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1;

(c)

comhaontú idir an Coimisiún agus Grúpa BEI i ndáil le Mol Comhairleach InvestEU;

(d)

comhaontuithe seirbhíse idir Grúpa BEI agus bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh i ndáil le fothú acmhainneachta agus seirbhísí eile dá bhforáiltear faoi phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1.

4.   Gan dochar d’Airteagail 18(3) agus 25(4) den Rialachán seo, beidh na costais arna dtabhú ag Grúpa BEI i gcomhlíonadh na gcúraimí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo agus féadfar iad a chumhdach ó aisíocaíochtaí nó ioncaim is inchurtha i leith ráthaíocht AE, nó ón soláthar, i gcomhréir le hAirteagal 211(4) agus (5) den Rialachán Airgeadais, nó féadfar iad a mhuirearú ar an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo, tar éis do Ghrúpa BEI údar cuí a thabhairt leis na costais sin, faoi réir uasteorainn fhoriomlán de EUR 7 000 000.

5.   Maidir leis na costais arna dtabhú ag Grúpa BEI mar gheall ar chomhlíonadh na gcúraimí oibríochtúla dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír de mhír 1, déanfar iad a chumhdach go hiomlán leis an méid dá dtagraítear i bpointe (d)(i) den chéad fhomhír de mhír 1, agus íocfar iad as an méid sin, tar éis do Ghrúpa BEI údar cuí a thabhairt leis na costais sin, faoi réir uasteorainn fhoriomlán de EUR 10 000 000.

Airteagal 12

Coinbhleachtaí leasa

1.   Faoi chuimsiú na comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 11, déanfaidh Grúpa BEI gach beart agus réamhchúram is gá chun coinbhleachtaí leasa le comhpháirtithe cur chun feidhme eile a sheachaint, lena n-áirítear trí fhoireann thiomnaithe agus neamhspleách a chur ar bun le haghaidh na gcúraimí dá dtagraítear i bpointí (b)(iii) go (vi) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(1). Beidh an fhoireann sin faoi réir rialacha dochta rúndachta, a mbeidh feidhm fós acu maidir le baill den fhoireann tar éis dóibh an fhoireann a fhágáil.

2.   Déanfaidh Grúpa BEI agus comhpháirtithe cur chun feidhme eile an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon chás atá ina choinbhleacht leasa nó ar dócha é go mbeadh coinbhleacht leasa ann dá dheasca. I gcás amhrais, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá coinbhleacht leasa ann nó nach bhfuil agus cuirfidh sé Grúpa BEI ar an eolas faoina thátal. I gcás coinbhleacht leasa, déanfaidh Grúpa BEI bearta iomchuí. Cuirfidh Grúpa BEI an Bord Stiúrtha ar an eolas faoi na bearta sin agus a dtorthaí.

3.   Glacfaidh Grúpa BEI na réamhchúraimí is gá chun cásanna a sheachaint ina bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann i gcur chun feidhme Mhol Comhairleach InvestEU, go háirithe i ndáil lena chúraimí oibríochtúla sa ról atá aige maidir le tacaíocht a thabhairt don Choimisiún dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(1). I gcás coinbhleacht leasa, déanfaidh Grúpa BEI bearta iomchuí.

CAIBIDIL IV

Ráthaíocht AE

Airteagal 13

Ráthaíocht AE

1.   Déanfar ráthaíocht AE a dheonú mar ráthaíocht neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar éileamh do na comhpháirtithe cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 219(1) den Rialachán Airgeadais agus déanfar í a chur chun feidhme i mbainistíocht indíreach i gcomhréir le Teideal X den Rialachán sin.

2.   Beidh an luach saothair i leith ráthaíocht AE nasctha le saintréithe agus próifíl riosca na dtáirgí airgeadais, agus cineál na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta foluiteacha agus comhlíonadh na gcuspóirí beartais ar a ndírítear leis na táirgí airgeadais á gcur san áireamh.

I gcás ina mbeidh bonn cirt cuí leis i ngeall ar chineál na gcuspóirí beartais ar a ndírítear leis an táirge airgeadais agus ar an ngá atá leis na táirgí airgeadais a bheith inacmhainne do na faighteoirí deiridh a ndírítear orthu, féadfar costas an mhaoinithe arna sholáthar don fhaighteoir deiridh a laghdú nó féadfar feabhas a chur ar théarmaí an mhaoinithe sin, tríd an luach saothair le haghaidh ráthaíocht AE a laghdú, nó, i gcás inar gá, trí na costais riaracháin gan íoc arna seasamh ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme a chumhdach trí bhuiséad an Aontais, go háirithe:

(a)

i gcás ina gcuirfeadh dálaí struis sa mhargadh airgeadais cosc ar oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta a chur i gcrích faoi phraghsáil mhargadh-bhunaithe; nó

(b)

i gcás inar gá chun oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a spreagadh in earnálacha nó i réimsí ina bhfuil cliseadh suntasach sa mhargadh nó cás infheistíochta fo-optamaí nó chun bunú ardán infheistíochta a éascú.

An laghdú ar an luach saothair le haghaidh ráthaíocht AE nó cumhdach na gcostas riaracháin gan íoc arna seasamh ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme, dá dtagraítear sa dara fomhír, ní fhéadfar é a dhéanamh ach sa mhéid nach mbeidh tionchar suntasach aige ar an soláthar do ráthaíocht AE.

Rachaidh an laghdú ar an luach saothair i leith ráthaíocht AE chun tairbhe iomlán faighteoirí deiridh.

3.   Beidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 219(4) den Rialachán Airgeadais maidir le gach comhpháirtí cur chun feidhme ar bhonn punainne.

4.   Déanfar 75 % de ráthaíocht AE faoi urrann AE dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(1), is cothrom le EUR 19 614 232 554, a dheonú do Ghrúpa BEI. Soláthróidh Grúpa BEI ranníocaíocht airgeadais chomhiomlán is cothrom le EUR 4 903 558 139. Soláthrófar an ranníocaíocht sin ar bhealach agus i bhfoirm lena n-éascófar cur chun feidhme Chiste InvestEU agus baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 15(2).

5.   Déanfar 25 % iarmhair ráthaíocht AE faoi urrann AE a dheonú do chomhpháirtithe cur chun feidhme eile, a sholáthróidh ranníocaíocht airgeadais freisin a bheidh le cinneadh sna comhaontuithe ráthaíochta.

6.   Déanfar sár-iarrachtaí chun a áirithiú go ndéanfar, ag deireadh na tréimhse infheistíochta, raon leathan earnálacha agus réigiún a chumhdach agus comhchruinniú earnála nó geografach iomarcach a sheachaint. Áireofar ar na hiarrachtaí sin dreasachtaí do bhainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh beaga nó do bhainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh nach bhfuil chomh sofaisticiúil sin a bhfuil buntáiste comparáideach acu mar gheall ar a láithreacht áitiúil, ar a n-eolas agus ar a n-inniúlachtaí infheistíochta. Forbróidh an Coimisiún cur chuige comhleanúnach chun tacú leis na hiarrachtaí sin.

7.   Tacaíocht faoi ráthaíocht AE dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(2) den Rialachán seo, deonófar í faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(6) de Rialachán (AE) 2020/2094. I gcásanna eile, féadfar tacaíocht faoi ráthaíocht AE a dheonú i leith oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo go ceann tréimhse infheistíochta dar críoch an 31 Nollaig 2027.

Maidir le conarthaí idir an comhpháirtí cur chun feidhme agus an faighteoir deiridh nó an t-idirghabhálaí airgeadais nó eintiteas eile dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1) faoi ráthaíocht AE dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(2), síneoidh an comhpháirtí cur chun feidhme iad aon bhliain amháin, ar a dhéanaí, tar éis fhormheas na hoibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta ábhartha. I gcásanna eile, déanfar conarthaí idir an comhpháirtí cur chun feidhme agus an faighteoir deiridh nó an t-idirghabhálaí airgeadais nó eintiteas eile dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1) a shíniú faoin 31 Nollaig 2028.

Airteagal 14

Oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta incháilithe

1.   Le Ciste InvestEU, ní thacófar ach le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta:

(a)

a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais, go háirithe maidir le clistí sa mhargadh, cásanna infheistíochta fo-optamaí agus breisíocht mar a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb iomchuí, lena ndéanfar uasmhéadú ar infheistíocht phríobháideach i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais;

(b)

a rannchuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais agus a thagann faoi raon feidhme na réimsí atá incháilithe d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoin réimse bheartais iomchuí i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

nach soláthraíonn tacaíocht airgeadais do na gníomhaíochtaí eisiata a leagtar amach i roinn B d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo; agus

(d)

atá comhsheasmhach leis na treoirlínte infheistíochta.

2.   Sa bhreis ar thionscadail atá lonnaithe san Aontas, nó i dtír nó críoch thar lear atá nasctha le Ballstát mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CFAE, féadfaidh Ciste InvestEU tacú leis na tionscadail agus na hoibríochtaí seo a leanas trí oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta :

(a)

tionscadail a bhaineann le heintitis atá lonnaithe nó bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó a shíneann chuig tríú tír amháin nó níos mó, lena n-áirítear tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, tíortha a thagann faoi raon feidhme Bheartas Comharsanachta na hEorpa, LEE nó CSTE, chuig tír nó críoch thar lear mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CFAE, nó chuig tríú tír chomhlachaithe, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil comhpháirtí sna tríú tíortha sin nó sna tíortha nó sna críocha thar lear sin;

(b)

oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 5 a rannchuidigh le táirge airgeadais sonrach.

3.   Féadfaidh Ciste InvestEU tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta lena soláthraítear maoiniú d’fhaighteoirí deiridh atá ina n-eintitis dhlítheanach atá bunaithe in aon cheann de na tíortha nó na críocha seo a leanas:

(a)

Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá nasctha le Ballstát mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CFAE;

(b)

tríú tír atá comhlachaithe le Clár InvestEU i gcomhréir le hAirteagal 5;

(c)

tríú tír dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, i gcás inarb infheidhme;

(d)

tríú tíortha eile, i gcás inár gá chun tionscadal a mhaoiniú i dtír nó críoch dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c).

Airteagal 15

Roghnú comhpháirtithe cur chun feidhme seachas Grúpa BEI

1.   Roghnóidh an Coimisiún comhpháirtithe cur chun feidhme seachas Grúpa BEI i gcomhréir le hAirteagal 154 den Rialachán Airgeadais.

Féadfaidh comhpháirtithe cur chun feidhme grúpa a chur ar bun. Féadfaidh comhpháirtí cur chun feidhme a bheith mar chomhalta de ghrúpa amháin nó níos mó.

I gcás urrann AE, beidh a spéis léirithe ag na contrapháirtithe incháilithe maidir leis an gcuid de ráthaíocht AE dá dtagraítear in Airteagal 13(5).

I gcás urrann an Bhallstáit, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann contrapháirtí amháin nó níos mó a mholadh mar chomhpháirtithe cur chun feidhme as measc na gcontrapháirtithe sin a mbeidh a spéis léirithe acu. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann Grúpa BEI a mholadh mar chomhpháirtí cur chun feidhme freisin agus féadfaidh sé, ar a chostas féin, Grúpa BEI a chonrú chun na seirbhísí a liostaítear in Airteagal 11 a sholáthar.

I gcás nach molfaidh an Ballstát lena mbaineann comhpháirtí cur chun feidhme, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh i gcomhréir leis an tríú fomhír den mhír seo agus roghnóidh sé mar chomhpháirtithe cur chun feidhme contrapháirtithe incháilithe atá in ann na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta sna limistéir gheografacha lena mbaineann a chumhdach.

2.   Agus comhpháirtithe cur chun feidhme á roghnú aige, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh an phunann de tháirgí airgeadais faoi Chiste InvestEU na cuspóirí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

cumhdach na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 a uasmhéadú;

(b)

tionchar ráthaíocht AE a uasmhéadú trí na hacmhainní dílse a gheall an comhpháirtí cur chun feidhme;

(c)

infheistíocht phríobháideach a uasmhéadú, i gcás inarb iomchuí;

(d)

réitigh riosca agus airgeadais nuálacha a chur chun cinn chun dul i ngleic le clistí margaidh agus le cásanna infheistíochta fo-optamaí;

(e)

éagsúlú geografach a bhaint amach trí ráthaíocht AE a leithdháileadh de réir a chéile, agus maoiniú miontionscadal a cheadú;

(f)

éagsúlú riosca leordhóthanach a sholáthar.

3.   Agus na comhpháirtithe cur chun feidhme á roghnú aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh freisin:

(a)

an costas a d’fhéadfadh a bheith ar bhuiséad an Aontais, agus an luach saothair a d’fhéadfaí a íoc le buiséad an Aontais;

(b)

acmhainneacht an chomhpháirtí cur chun feidhme chun ceanglais Airteagal 155(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais a bhaineann le seachaint cánach, calaois chánach, imghabháil cánach, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus dlínsí neamh-chomhoibríocha a chur chun feidhme go críochnúil.

4.   Féadfar bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh a roghnú mar chomhpháirtithe cur chun feidhme, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo.

Airteagal 16

Cineálacha maoiniúcháin incháilithe

1.   Féadfar ráthaíocht AE a úsáid i leith cumhdach riosca le haghaidh na gcineálacha maoiniúcháin seo a leanas arna soláthar ag na comhpháirtithe cur chun feidhme:

(a)

iasachtaí, ráthaíochtaí, frithráthaíochtaí, ionstraimí margaidh caipitil, aon chineál eile cistiúcháin nó feabhsaithe creidmheasa, lena n-áirítear fofhiachas, nó infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, a sholáthraítear go díreach nó go hindíreach trí idirghabhálaithe airgeadais, cistí, ardáin infheistíochta nó meáin eile a bheidh le tarchur chuig faighteoirí deiridh;

(b)

cistiú nó ráthaíochtaí ag comhpháirtí cur chun feidhme chuig institiúid airgeadais eile lena gcuirtear ar chumas na hinstitiúide sin maoiniúchán dá dtagraítear i bpointe (a) a dhéanamh.

Chun a bheith cumhdaithe ag ráthaíocht AE, déanfar an maoiniú dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír den mhír seo a dheonú, a fháil nó a eisiúint chun leasa oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(1), i gcás ina ndearnadh an maoiniú ón gcomhpháirtí cur chun feidhme a dheonú i gcomhréir le comhaontú nó idirbheart maoiniúcháin a shínigh nó a rinne comhpháirtí cur chun feidhme tar éis shíniú an chomhaontaithe ráthaíochta agus nár imigh in éag ná nár cuireadh ar ceal.

2.   Maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta trí chistí nó trí struchtúir idirmheánacha eile, tacófar leo le ráthaíocht AE i gcomhréir le forálacha atá le leagan síos sna treoirlínte infheistíochta, fiú má infheistíonn struchtúir den sórt sin cuid mhionlach dá méideanna infheistithe lasmuigh den Aontas agus i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 14(2) nó má infheistíonn siad cuid mhionlach dá méideanna infheistithe i sócmhainní seachas na sócmhainní sin atá incháilithe faoin Rialachán seo.

Airteagal 17

Comhaontuithe ráthaíochta

1.   Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú ráthaíochta i gcrích le gach comhpháirtí cur chun feidhme maidir le ráthaíocht AE a dheonú suas le méid atá le cinneadh ag an gCoimisiún.

I gcás ina gcuirfidh comhpháirtithe cur chun feidhme grúpa ar bun, tabharfar comhaontú ráthaíochta aonair i gcrích idir an Coimisiún agus gach comhpháirtí cur chun feidhme sa ghrúpa nó le comhpháirtí cur chun feidhme amháin thar ceann an ghrúpa.

2.   Beidh an méid seo a leanas sa chomhaontú ráthaíochta:

(a)

méid agus téarmaí na ranníocaíochta airgeadais atá le soláthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme;

(b)

téarmaí an chistithe nó na ráthaíochtaí atá le soláthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme d’eintiteas dlítheanach eile atá rannpháirteach sa chur chun feidhme, nuair is amhlaidh an cás;

(c)

rialacha mionsonraithe maidir le ráthaíocht AE a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 19, lena n-áirítear maidir le punanna de chineálacha sonracha ionstraimí a chumhdach agus maidir leis na teagmhais faoi seach is siocair le glaonna féideartha ar ráthaíocht AE;

(d)

an luach saothair le haghaidh dul i riosca atá le leithdháileadh i gcomhréir le sciar faoi seach an Aontais agus an chomhpháirtí cur chun feidhme den dul i riosca nó arna laghdú i gcásanna cuí-réasúnaithe de bhun Airteagal 13(2);

(e)

na coinníollacha maidir le híocaíocht;

(f)

gealltanas an chomhpháirtí cur chun feidhme glacadh leis na cinntí ón gCoimisiún agus ón gCoiste Infheistíochta maidir le húsáid ráthaíocht AE chun leasa oibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta arna moladh, gan dochar do chinnteoireacht an chomhpháirtí cur chun feidhme i leith na hoibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta arna moladh in éagmais ráthaíocht AE;

(g)

forálacha agus nósanna imeachta a bhaineann le gnóthú éileamh atá le cur ar iontaoibh an chomhpháirtí cur chun feidhme;

(h)

tuairisciú agus faireachán airgeadais agus oibríochtúil ar na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi ráthaíocht AE;

(i)

príomhtháscairí feidhmíochta, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáid ráthaíocht AE, le comhlíonadh na gcuspóirí agus na gcritéar a leagtar síos in Airteagail 3, 8 agus 14, agus le slógadh caipitil phríobháidigh;

(j)

i gcás inarb infheidhme, forálacha agus nósanna imeachta a bhaineann le hoibríochtaí measctha;

(k)

forálacha ábhartha eile i gcomhréir le ceanglais Airteagal 155(2) agus Theideal X den Rialachán Airgeadais;

(l)

sásraí leormhaithe a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ionchasacha infheisteoirí príobháideacha.

3.   Déanfar foráil le comhaontú ráthaíochta freisin go bhfuil luach saothair is inchurtha i leith an Aontais ó oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo le soláthar tar éis asbhaint na n-íocaíochtaí atá dlite de bharr glaonna ar ráthaíocht AE.

4.   Sa bhreis air sin, déanfar foráil le comhaontú ráthaíochta go ndéanfar aon mhéid atá dlite don chomhpháirtí cur chun feidhme a bhaineann le ráthaíocht AE a asbhaint de mhéid foriomlán an luacha saothair, na n-ioncam agus na n-aisíocaíochtaí atá dlite ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme don Aontas ó oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo. I gcás nach leor an méid sin chun an méid atá dlite don chomhpháirtí cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 18(3) a chumhdach, déanfar an méid gan íoc a tharraingt ón soláthar do ráthaíocht AE.

5.   I gás ina dtabharfar an comhaontú ráthaíochta i gcrích faoi urrann an Bhallstáit, féadfar foráil a dhéanamh ann maidir le rannpháirtíocht ionadaithe ón mBallstát nó na réigiúin lena mbaineann san fhaireachán ar chur chun feidhme an chomhaontaithe ráthaíochta sin.

Airteagal 18

Ceanglais chun ráthaíocht AE a úsáid

1.   Beidh deonú ráthaíocht AE faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe ráthaíochta leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme ábhartha.

2.   Ní chumhdófar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta le ráthaíocht AE ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna treoirlínte infheistíochta ábhartha, agus i gcás inar tháinig an Coiste Infheistíochta ar an tátal go gcomhlíonann na hoibríochtaí sin na ceanglais maidir le tairbhe a bhaint as ráthaíocht AE. Leanfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme de bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta an Rialachán seo agus na treoirlínte infheistíochta ábhartha.

3.   Ní bheidh aon chostais ná táillí riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi ráthaíocht AE dlite ag an gCoimisiún don chomhpháirtí cur chun feidhme mura rud é go bhfágfaidh nádúr na gcuspóirí beartais ar a ndírítear leis an táirge airgeadais atá le cur chun feidhme agus an inacmhainneacht do na faighteoirí deiridh a ndírítear orthu nó an cineál maoinithe arna sholáthar go mbeidh an comhpháirtí cur chun feidhme in ann an gá atá le heisceacht a chuí-réasúnú don Choimisiún. Beidh cumhdach costas den sórt sin le buiséad an Aontais teoranta don mhéid is fíorghá chun na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta ábhartha a chur chun feidhme, agus ní sholáthrófar é ach a mhéid nach gcumhdófar na costais le hioncaim arna bhfáil ag na comhpháirtithe cur chun feidhme ó na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta lena mbaineann. Leagfar síos na socruithe táillí sa chomhaontú ráthaíochta agus comhlíonfaidh siad Airteagal 17(4) den Rialachán seo agus pointe (g) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais.

4.   Sa bhreis air sin, féadfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme ráthaíocht AE a úsáid chun an sciar ábhartha d’aon chostais ghnóthúcháin a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 16(4), mura rud é gur asbhaineadh na costais sin as fáltais ghnóthúcháin.

Airteagal 19

Cumhdach agus téarmaí ráthaíocht AE

1.   Déanfar an luach saothair i leith dul i riosca a leithdháileadh idir an tAontas agus comhpháirtí cur chun feidhme i gcoibhneas lena sciar faoi seach den dul i riosca i ndáil le punann d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta nó, i gcás inarb iomchuí, i ndáil le hoibríochtaí aonair maoiniúcháin agus infheistíochta. Féadfar an luach saothair i leith ráthaíocht AE a laghdú i gcásanna cuí-réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Beidh neamhchosaint iomchuí ag an gcomhpháirtí, ar a riosca féin, ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ó ráthaíocht AE, mura rud é, i gcás eisceachtúil, go bhfuil na cuspóirí beartais ar a ndírítear leis an táirge airgeadais atá le cur chun feidhme de chineál a fhágann nach bhféadfadh an comhpháirtí cur chun feidhme rannchuidiú leis go réasúnta lena acmhainneacht rioscúil féin.

2.   Le ráthaíocht AE, cumhdófar:

(a)

i gcás táirgí fiachais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1):

(i)

an phríomhshuim agus an t-ús go léir agus na méideanna uile a bheidh dlite don chomhpháirtí cur chun feidhme ach gan a bheith faighte aige i gcomhréir le téarmaí na n-oibríochtaí maoiniúcháin roimh thráth na mainneachtana;

(ii)

caillteanais a eascraíonn as athstruchtúrú;

(iii)

caillteanais a eascraíonn as luaineachtaí airgeadraí seachas an euro i margaí inar beag féidearthachtaí atá ann chun fálú fadtéarmach a dhéanamh;

(b)

i gcás na n-infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1): na méideanna arna n-infheistiú agus a gcostais chistiúcháin ghaolmhara agus caillteanais a eascraíonn as luaineachtaí airgeadraí seachas an euro;

(c)

i gcás cistiú nó ráthaíochtaí a thabharfaidh comhpháirtí cur chun feidhme d’institiúid airgeadais eile i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 16(1): na méideanna arna n-úsáid agus a gcostais chistiúcháin ghaolmhara.

Chun críocha phointe (a)(i) den chéad fhomhír, i gcás fofhiachais, measfar gur teagmhas mainneachtana é iarchur, laghdú, nó scor riachtanach.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an tAontas íocaíocht leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme de thoradh glao i leith ráthaíocht AE, déanfar an tAontas a sheachú i gcearta ábhartha an chomhpháirtí cur chun feidhme, ar cearta iad a bhaineann le haon cheann dá oibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta a chumhdaítear faoi ráthaíocht AE, a mhéid a leanann na cearta sin de bheith ann.

Tabharfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme faoi na héilimh i leith na méideanna seachaithe a ghnóthú thar ceann an Aontais agus aisíocfaidh sé an tAontas as na méideanna a ghnóthóidh sé.

CAIBIDIL V

Rialachas

Airteagal 20

Bord Comhairleach

1.   Tabharfaidh bord comhairleach (‘an Bord Comhairleach’) comhairle don Choimisiún agus don Bhord Stiúrtha arna bhunú de bhun Airteagal 21.

2.   Déanfaidh an Bord Comhairleach a dhícheall cothromaíocht inscne a áirithiú agus beidh na comhaltaí seo a leanas air:

(a)

ionadaí amháin ó gach comhpháirtí cur chun feidhme;

(b)

ionadaí amháin ó gach Ballstát;

(c)

saineolaí amháin a cheapfaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa;

(d)

saineolaí amháin a cheapfaidh Coiste na Réigiún.

3.   Is ionadaí ón gCoimisiún a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an mBord Comhairleach. Is é nó is í ionadaí Ghrúpa BEI a bheidh ina leas-chathaoirleach air.

Tiocfaidh an Bord Comhairleach le chéile go rialta, dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad, arna iarraidh sin don Chathaoirleach.

4.   Déanfaidh an Bord Comhairleach an méid seo a leanas:

(a)

comhairle a thabhairt don Choimisiún agus don Bhord Stiúrtha maidir le dearadh na dtáirgí airgeadais atá le cur chun úsáide faoin Rialachán seo;

(b)

comhairle a thabhairt don Choimisiún agus don Bhord Stiúrtha maidir le forbairtí margaidh, dálaí margaidh, clistí margaidh agus cásanna infheistíochta fo-optamaí;

(c)

barúlacha a mhalartú maidir le forbairtí margaidh agus dea-chleachtais a chomhroinnt.

5.   Tar éis dul i gcomhairle le comhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha, ainmneoidh an Coimisiún na chéad chomhaltaí den Bhord Comhairleach a dhéanfaidh ionadaíocht ar na comhpháirtithe cur chun feidhme seachas Grúpa BEI. Ní rachaidh a dtéarma thar aon bhliain amháin.

6.   Ina theannta sin, eagrófar cruinnithe d’ionadaithe na mBallstát i bhformáid ar leithligh dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad agus faoi chathaoirleacht an Choimisiúin.

7.   Féadfaidh an Bord Comhairleach agus na cruinnithe d’ionadaithe na mBallstát dá dtagraítear i mír 6 moltaí maidir le cur chun feidhme agus oibriú Chlár InvestEU a eisiúint chuig an mBord Stiúrtha, chun go measfadh sé iad.

8.   Cuirfear miontuairiscí mionsonraithe ar chruinnithe an Bhoird Chomhairligh ar fáil go poiblí a luaithe agus is féidir tar éis a bhformheasta ag an mBord Comhairleach.

Is é an Coimisiún a leagfaidh síos na rialacha agus na nósanna imeachta oibríochta le haghaidh an Bhoird Chomhairligh agus a dhéanfaidh rúnaíocht an Bhoird Chomhairligh a bhainistiú. Cuirfear an doiciméadacht agus an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil don Bhord Comhairleach ionas go bhféadfaidh sé a chúraimí a fheidhmiú.

9.   Roghnóidh na bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh a bhfuil ionadaithe acu ar an mBord Comhairleach, as a measc féin, ionadaithe na gcomhpháirtithe cur chun feidhme, seachas Grúpa BEI, ar an mBord Stiúrtha arna bhunú de bhun Airteagal 21. Beidh sé mar aidhm ag na bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh ionadaíocht chothrom a bhaint amach ar an mBord Stiúrtha ó thaobh méide agus suíomh geografach de. Déanfaidh na hionadaithe a roghnófar ionadaíocht ar chomhsheasamh comhaontaithe na gcomhpháirtithe cur chun feidhme uile seachas Grúpa BEI.

Airteagal 21

Bord Stiúrtha

1.   Cuirfear bord stiúrtha le haghaidh Chlár InvestEU (‘an Bord Stiúrtha’) ar bun. Beidh sé comhdhéanta de cheathrar ionadaithe ón gCoimisiún, triúr ionadaithe ó Ghrúpa BEI agus beirt ionadaithe ó na comhpháirtithe cur chun feidhme seachas Grúpa BEI agus saineolaí amháin arna cheapadh mar chomhalta gan vóta ag Parlaimint na hEorpa. Ní dhéanfaidh an saineolaí arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa mar chomhalta gan ceart vótála treoracha a lorg ná a ghlacadh ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí ná gníomhaireachtaí an Aontais, ó rialtas aon Bhallstáit ná ó aon chomhlacht poiblí ná príobháideach eile agus gníomhóidh sé nó sí le neamhspleáchas iomlán. Déanfaidh an saineolaí sin a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh go neamhchlaonta agus chun leasa Chlár InvestEU.

Ceapfar comhaltaí an Bhoird Stiúrtha le haghaidh téarma 4 bliana, a bheidh in-athnuaite uair amháin, cé is moite de na hionadaithe ó na comhpháirtithe cur chun feidhme seachas Grúpa BEI, a cheapfar le haghaidh téarma 2 bhliain.

2.   Roghnóidh an Bord Stiúrtha Cathaoirleach as measc ionadaithe an Choimisiúin le haghaidh téarma 4 bliana, a bheidh in-athnuaite uair amháin. Déanfaidh an Cathaoirleach tuairisciú ar bhonn leathbhliantúil d’ionadaithe na mBallstát ar an mBord Comhairleach maidir le cur chun feidhme agus oibriú Chlár InvestEU.

Cuirfear miontuairiscí mionsonraithe ar chruinnithe an Bhoird Stiúrtha ar fáil go poiblí a luaithe a bheidh siad formheasta ag an mBord Stiúrtha.

3.   Maidir leis an mBord Stiúrtha:

(a)

soláthróidh sé treorú straitéiseach agus oibríochtúil do na comhpháirtithe cur chun feidhme, lena n-áirítear treorú maidir le dearadh na dtáirgí airgeadais agus maidir le beartais agus nósanna imeachta oibríochta eile is gá le haghaidh oibriú Chiste InvestEU;

(b)

glacfaidh sé an creat modheolaíochta riosca arna fhorbairt ag an gCoimisiún i gcomhar le Grúpa BEI agus na comhpháirtithe cur chun feidhme eile;

(c)

déanfaidh sé formhaoirseacht ar chur chun feidhme Chlár InvestEU;

(d)

rachfar i gcomhairle leis, agus léiriú á thabhairt ar bharúlacha a chomhaltaí uile, maidir le gearrliosta na n-iarrthóirí don Choiste Infheistíochta sula roghnófar iad i gcomhréir le hAirteagal 24(2);

(e)

glacfaidh sé rialacha nós imeachta rúnaíocht an Choiste Infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 24(4);

(f)

glacfaidh sé na rialacha is infheidhme maidir leis na hoibríochtaí le hardáin infheistíochta.

4.   Bainfidh an Bord Stiúrtha leas as cur chuige comhthoiliúil ina phléití, agus seasaimh a chomhaltaí uile á gcur san áireamh a mhéid is féidir dá bhrí sin. Mura féidir leis na comhaltaí teacht ar aon intinn i ndáil lena seasaimh, déantar cinntí an Bhoird Stiúrtha trí thromlach cáilithe a chomhaltaí vótála, ina mbeidh seacht vóta ar a laghad.

Airteagal 22

Scórchlár

1.   Bunófar scórchlár táscairí (‘an Scórchlár’) chun a áirithiú go mbeidh an Coiste Infheistíochta in ann measúnú neamhspleách, trédhearcach, comhchuibhithe a dhéanamh i dtaca le hiarrataí ar úsáid ráthaíocht AE le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna moladh ag comhpháirtithe cur chun feidhme.

2.   Comhlánóidh comhpháirtithe cur chun feidhme an Scórchlár i ndáil lena dtograí le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta.

3.   Cumhdófar na gnéithe seo a leanas sa Scórchlár:

(a)

tuairisc ar an oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta arna moladh;

(b)

an chaoi a rannchuideoidh an oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta arna moladh le cuspóirí beartais an Aontais;

(c)

tuairisc ar an mbreisíocht;

(d)

tuairisc ar an gcliseadh margaidh nó ar an gcás infheistíochta fo-optamaí;

(e)

an rannchuidiú airgeadais agus teicniúil a thabharfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme;

(f)

tionchar na hinfheistíochta;

(g)

próifíl airgeadais na hoibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta;

(h)

táscairí comhlántacha.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghnéithe breise den Scórchlár a bhunú, lena n-áirítear rialacha mionsonraithe le haghaidh an Scórchláir a bheidh le húsáid ag na comhpháirtithe cur chun feidhme.

Airteagal 23

Seiceáil beartais

1.   Déanfaidh an Coimisiún seiceáil chun a dheimhniú go gcomhlíonann na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna moladh ag na comhpháirtithe cur chun feidhme seachas BEI dlí agus beartais an Aontais.

2.   I gcás oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta BEI a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ní chumhdófar iad le ráthaíocht AE i gcás ina dtugann an Coimisiún tuairim neamhfhabhrach uaidh faoi chuimsiú an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Reacht BEI.

Airteagal 24

Coiste Infheistíochta

1.   Cuirfear coiste infheistíochta lán-neamhspleách ar bun le haghaidh Chiste InvestEU (‘an Coiste Infheistíochta’). Déanfaidh an Coiste Infheistíochta an méid seo a leanas:

(a)

scrúdóidh sé na tograí le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna dtíolacadh ag comhpháirtithe cur chun feidhme i gcomhair cumhdach faoi ráthaíocht AE, ar tograí iad ar éirigh leo sa tseiceáil beartais dá dtagraítear in Airteagal 23(1) den Rialachán seo nó ar léiríodh tuairim fhabhrach fúthu faoi chuimsiú an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Reacht BEI;

(b)

fíoróidh sé go gcomhlíonann na tograí dá dtagraítear i bpointe (a) an Rialachán seo agus na treoirlínte infheistíochta ábhartha; agus

(c)

seiceálfaidh sé an gcomhlíonann na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a bhainfeadh tairbhe as tacaíocht ráthaíocht AE gach ceanglas ábhartha.

Agus na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á ndéanamh aige, tabharfaidh an Coiste Infheistíochta aird ar leith ar na ceanglais bhreisíochta a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus leis an gceanglas infheistíocht phríobháideach a phlódú isteach a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais.

2.   Tiocfaidh an Coiste Infheistíochta le chéile i gceithre fhoirmíocht éagsúla a chomhfhreagraíonn do na ceithre réimse bheartais dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

I ngach foirmíocht den Choiste Infheistíochta, beidh seisear saineolaithe seachtracha a fhaigheann luach saothair. Roghnóidh an Coimisiún na saineolaithe agus ceapfaidh sé iad, de réir mholadh an Bhoird Stiúrtha. Ceapfar na saineolaithe le haghaidh téarma suas le 4 bliana, a bheidh in-athnuaite uair amháin. Gheobhaidh siad luach saothair ón Aontas. Féadfaidh an Coimisiún, arna mholadh sin don Bhord Stiúrtha, cinneadh a dhéanamh téarma oifige comhalta atá ar an gCoiste Infheistíochta a athnuachan gan an nós imeachta a leagtar síos sa mhír seo a leanúint.

Beidh ardleibhéal taithí ábhartha margaidh ag na saineolaithe ar thionscadail a struchtúrú agus a mhaoiniú nó ar FBManna nó corparáidí a mhaoiniú.

Le comhdhéanamh an Choiste Infheistíochta, áiritheofar go mbeidh eolas leathan aige faoi na hearnálacha a chumhdaítear leis na réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus eolas leathan faoi na margaí geografacha san Aontas, agus áiritheofar go mbeidh cothromaíocht inscne, ar an iomlán, sa Choiste Infheistíochta.

Beidh ceathrar comhaltaí den Choiste Infheistíochta ina gcomhaltaí buana de gach ceann de cheithre fhoirmíocht an Choiste Infheistíochta. Beidh saineolas ar an infheistíocht inbhuanaithe ag duine amháin ar a laghad de na comhaltaí buana. Ina theannta sin, i ngach ceann de na ceithre fhoirmíocht, beidh beirt saineolaithe a mbeidh taithí acu ar infheistíocht in earnálacha a chumhdaítear leis an réimse bheartais chomhfhreagrach. Sannfaidh an Bord Stiúrtha comhaltaí an Choiste Infheistíochta don fhoirmíocht nó do na foirmíochtaí iomchuí. Toghfaidh an Coiste Infheistíochta cathaoirleach as measc a chomhaltaí buana.

3.   Nuair a bheidh siad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Choiste Infheistíochta, feidhmeoidh a chuid comhaltaí a ndualgais go neamhchlaonta chun leasa Chiste InvestEU agus chun na leasa sin amháin. Ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó na comhpháirtithe cur chun feidhme, ó institiúidí an Aontais, ó na Ballstáit, ná ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile.

Déanfar curricula vitae agus dearbhuithe leasa gach comhalta den Choiste Infheistíochta a chur ar fáil go poiblí agus a choimeád cothrom le dáta. Déanfaidh gach comhalta den Choiste Infheistíochta gach faisnéis a chur in iúl don Choimisiún agus don Bhord Stiúrtha gan aon mhoill, ar faisnéis í a theastaíonn chun go bhféadfar a dheimhniú ar bhonn leanúnach nach ann d’aon choinbhleacht leasa.

Féadfaidh an Bord Stiúrtha a mholadh don Choimisiún a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a bhaint de chomhalta mura n-urramóidh an comhalta sin na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo nó ar chúiseanna cuí-réasúnaithe eile.

4.   Ag gníomhú dó i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh rúnaíocht cúnamh don Choiste Infheistíochta. Beidh an rúnaíocht neamhspleách agus beidh uirthi freagairt do chathaoirleach an Choiste Infheistíochta. Beidh an rúnaíocht lonnaithe ar bhonn riaracháin sa Choimisiún. Áiritheofar le rialacha nós imeachta na rúnaíochta rúndacht na malartuithe faisnéise agus doiciméad idir comhpháirtithe cur chun feidhme agus na comhlachtaí rialaithe faoi seach. Féadfaidh Grúpa BEI a thograí le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thíolacadh díreach don Choiste Infheistíochta agus déanfaidh sé iad a chur in iúl don rúnaíocht.

I dtaca leis an doiciméadacht atá le soláthar ag na comhpháirtithe cur chun feidhme, beidh san áireamh inti foirm iarrata chaighdeánaithe, an Scórchlár dá dtagraítear in Airteagal 22 agus aon doiciméad eile a mheasann an Coiste Infheistíochta a bheith ábhartha, go háirithe cur síos ar nádúr an chliste margaidh nó an cháis infheistíochta fo-optamaí agus conas a mhaolófar é tríd an oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta, mar aon le measúnú iontaofa ar an oibríocht lena léireofar breisíocht na hoibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta. Déanfaidh an rúnaíocht seiceáil ar chríochnúlacht na doiciméadachta arna soláthar ag comhpháirtithe cur chun feidhme seachas Grúpa BEI. Féadfaidh an Coiste Infheistíochta soiléirithe a lorg ón gcomhpháirtí cur chun feidhme lena mbaineann maidir le togra le haghaidh oibríocht infheistíochta nó mhaoiniúcháin, lena n-áirítear trína iarraidh go mbeadh ionadaí ón gcomhpháirtí cur chun feidhme lena mbaineann i láthair, go díreach, le linn an phlé faoin oibríocht thuasluaite. Aon mheasúnú tionscadail a dhéanfaidh comhpháirtí cur chun feidhme, ní bheidh sé ceangailteach ar an gCoiste Infheistíochta chun na gcríoch cumhdach oibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta a dheonú faoi ráthaíocht AE.

Úsáidfidh an Coiste Infheistíochta an Scórchlár dá dtagraítear in Airteagal 22 sa mheasúnú agus san fhíorú a dhéanfaidh sé ar na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna moladh.

5.   Glacfaidh an Coiste Infheistíochta conclúidí trí thromlach simplí de na comhlachtaí uile, ar choinníoll go bhfuil duine amháin ar a laghad de chomhaltaí neamhbhuana na foirmíochta a bhaineann leis an réimse bheartais faoina ndéantar an togra san áireamh sa tromlach simplí sin. I gcás comhionannas vótaí, beidh an vóta réitigh ag cathaoirleach an Choiste Infheistíochta.

Beidh rochtain ag an bpobal ar chonclúidí an Choiste Infheistíochta lena bhformheasfar cumhdach ráthaíocht AE i gcomhair oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta agus beidh réasúnaíocht an fhormheasta sin iontu mar aon le faisnéis maidir leis an oibríocht, go háirithe cur síos uirthi, céannacht na dtionscnóirí nó na n-idirghabhálaithe airgeadais, agus cuspóirí na hoibríochta. Tagrófar freisin sna conclúidí don mheasúnú foriomlán a eascraíonn as an Scórchlár.

Tabharfar rochtain phoiblí ar an Scórchlár ábhartha tar éis an oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta nó an fothionscadal a shíniú, i gcás inarb infheidhme.

Maidir le faisnéis a bhfuiltear le rochtain a thabhairt don phobal uirthi faoin dara fomhír agus faoin tríú fomhír, ní bheidh faisnéis inti atá íogair ó thaobh na tráchtála de ná sonraí pearsanta nach bhfuil le nochtadh faoi rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí. Déanfaidh an Coimisiún codanna de chonclúidí an Choiste Infheistíochta atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle arna iarraidh sin dóibh, faoi réir ceanglais rúndachta dhochta.

Dhá uair in aghaidh na bliana, tíolacfaidh an Coiste Infheistíochta liosta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de chonclúidí uile an Choiste Infheistíochta sna 6 mhí roimhe sin, chomh maith leis na Scórchláir fhoilsithe a bhaineann leo sin. Áireofar ar an tíolacadh sin aon chinneadh lenar diúltaíodh úsáid ráthaíocht AE. Beidh na cinntí sin faoi réir ceanglais rúndachta dhochta.

Déanfaidh rúnaíocht an Choiste Infheistíochta conclúidí an Choiste Infheistíochta a chur ar fáil go tráthúil don chomhpháirtí cur chun feidhme lena mbaineann.

I dtaca le gach faisnéis a bhaineann le tograí le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a sholáthrófar don Choiste Infheistíochta agus i dtaca leis na conclúidí ón gCoiste Infheistíochta maidir leis na tograí sin, déanfaidh rúnaíocht an Choiste Infheistíochta iad a thaifeadadh i dtaisclann lárnach.

6.   I gcás ina n-iarrtar ar an gCoiste Infheistíochta úsáid ráthaíocht AE a fhormheas maidir le hoibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta ar saoráid, clár nó struchtúr í a bhfuil fothionscadail fholuiteacha ag gabháil léi, beidh na fothionscadail fholuiteacha sin san áireamh san fhormheas sin, mura rud é go gcinneann an Coiste Infheistíochta an ceart a choinneáil formheas a dhéanamh orthu go leithleach. Ní bheidh sé de cheart ag an gCoiste Infheistíochta fothionscadail dar méid níos lú ná EUR 3 000 000 a fhormheas ar leithligh.

7.   I gcás ina measfaidh sé gur gá, féadfaidh an Coiste Infheistíochta aon saincheist oibríochtúil a bhaineann le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú na dtreoirlínte infheistíochta a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

CAIBIDIL VI

Mol Comhairleach InvestEU

Airteagal 25

Mol Comhairleach InvestEU

1.   Bunóidh an Coimisiún Mol Comhairleach InvestEU. Le Mol Comhairleach InvestEU, soláthrófar tacaíocht chomhairleach maidir le tionscadail infheistíochta a shainaithint, a ullmhú, a fhorbairt, a struchtúrú, a sholáthar nó a chur chun feidhme, agus maidir le feabhas a chur ar acmhainneacht tionscnóirí tionscadal agus idirghabhálaithe airgeadais i dtaobh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chur chun feidhme. Féadfar aon chéim de shaolré de thionscadal nó de mhaoiniú de chuid eintitis a dtugtar tacaíocht dó a chumhdach le tacaíocht den sórt sin.

Tabharfaidh an Coimisiún comhaontuithe comhairleacha i gcrích le Grúpa BEI agus le comhpháirtithe comhairleacha ionchasacha eile agus cuirfidh sé de chúram orthu tacaíocht chomhairleach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Coimisiún tionscnaimh chomhairleacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí sholáthraithe seirbhíse seachtracha a fháil ar conradh. Bunóidh an Coimisiún pointe lárnach iontrála chuig Mol Comhairleach InvestEU agus leithdháilfidh sé na hiarrataí ar thacaíocht chomhairleach a bhfuiltear le déileáil leo faoin tionscnamh comhairleach iomchuí. Oibreoidh an Coimisiún, Grúpa BEI agus na comhpháirtithe comhairleacha eile i ndlúthchomhar le chéile d’fhonn éifeachtúlacht, sineirgíochtaí agus cumhdach geografach éifeachtach a áirithiú i ndáil le tacaíocht ar fud an Aontais, agus aird chuí á tabhairt acu ar struchtúir agus obair arb ann dóibh cheana.

Beidh tionscnaimh chomhairleacha ar fáil mar chomhpháirt faoi gach réimse bheartais dá dtagraítear in Airteagal 8(1), lena gcumhdófar earnálacha faoin réimse sin. Ina theannta sin, beidh tionscnaimh chomhairleacha ar fáil faoi chomhpháirt tras-earnálach.

2.   Déanfaidh Mol Comhairleach InvestEU an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

soláthróidh sé pointe lárnach iontrála, a ndéanfaidh an Coimisiún bainistiú agus óstáil air, chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí agus do thionscnóirí tionscadail faoi Mhol Comhairleach InvestEU i dtaca le forbairt tionscadail;

(b)

déanfaidh sé gach faisnéis bhreise atá ar fáil maidir leis na treoirlínte infheistíochta a scaipeadh ar údaráis phoiblí agus ar thionscnóirí tionscadail, lena n-áirítear faisnéis maidir lena gcur i bhfeidhm nó maidir leis an léirmhíniú arna sholáthar ag an gCoimisiún;

(c)

i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé cúnamh do thionscnóirí tionscadail a dtionscadail a fhorbairt chun go gcomhlíonfaidh siad na cuspóirí a leagtar amach in Airteagail 3 agus 8 agus na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 14, agus éascóidh sé forbairt tionscadal tábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne agus comhbhailitheoirí le haghaidh tionscadail bheaga, i measc nithe eile, lena n-áirítear trí ardáin infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (f) den mhír seo, ar choinníoll nach mbeidh cúnamh den sórt sin ina chúis le haon réamhbhreith i gconclúidí an Choiste Infheistíochta i ndáil le cumhdach ráthaíocht AE le haghaidh tionscadail den sórt sin;

(d)

tacóidh sé le gníomhaíochtaí agus bainfidh sé leas as eolas áitiúil chun úsáid na tacaíochta ó Chiste InvestEU a éascú ar fud an Aontais agus rannchuideoidh sé go gníomhach, i gcás inar féidir, leis an gcuspóir éagsúlú earnála agus geografach a dhéanamh ar Chiste InvestEU trí thacú le comhpháirtithe cur chun feidhme oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thionscnamh agus a fhorbairt;

(e)

déanfaidh sé éascú ar bhunú ardán comhoibríoch le haghaidh malartuithe ó phiara go piara agus le haghaidh sonraí, fios gnó agus dea-chleachtais a chomhroinnt chun tacú le forbairt píblíne tionscadal agus earnála;

(f)

soláthróidh sé tacaíocht chomhairleach réamhghníomhach maidir le hardáin infheistíochta a chur ar bun, lena n-áirítear ardáin infheistíochta trasteorann agus mhacrairéigiúnacha agus ardáin infheistíochta lena gcarntar tionscadail bheaga agus mheánmhéide le chéile i mBallstát amháin nó níos mó de réir téama nó réigiúin;

(g)

tacóidh sé le húsáid an mheasctha le deontais nó ionstraimí airgeadais arna gcistiú le buiséad an Aontais nó le foinsí eile chun sineirgíochtaí agus comhlántachtaí a neartú idir ionstraimí an Aontais agus chun giaráil agus tionchar Chlár InvestEU a uasmhéadú;

(h)

tacóidh sé le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta chun acmhainneachtaí, scileanna agus próisis eagraíochtúla a fhorbairt agus chun dlús a chur le hullmhacht eagraíochtaí i dtaca le hinfheistíocht ionas gur féidir le húdaráis phoiblí agus tionscnóirí tionscadal píblínte tionscadal infheistíochta a chur le chéile, sásraí maoiniúcháin agus ardáin infheistíochta a fhorbairt, agus tionscadail a bhainistiú agus ionas gur féidir le hidirghabhálaithe airgeadais oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chur chun feidhme ar mhaithe le heintitis a mbíonn deacrachtaí acu rochtain a fháil ar mhaoiniú, lena n-áirítear trí thacaíocht chun acmhainneacht bainistithe riosca nó eolas earnáilsonrach a fhorbairt;

(i)

soláthróidh sé tacaíocht chomhairleach do ghnólachtaí nuathionscanta, go háirithe nuair a fhéachann siad lena gcuid infheistíochtaí taighde agus nuálaíochta a chosaint trí theidil maoine intleachtúla a fháil, amhail paitinní.

3.   Cuirfear Mol Comhairleach InvestEU ar fáil do thionscnóirí tionscadail phoiblí agus phríobháidigh, lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, d’údaráis phoiblí agus do bhainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, agus d’idirghabhálaithe airgeadais agus neamhairgeadais.

4.   Déanfaidh an Coimisiún comhaontú comhairleach a thabhairt i gcrích le gach comhpháirtí comhairleach maidir le tionscnamh comhairleach amháin nó níos mó a chur chun feidhme. Féadfaidh Mol Comhairleach InvestEU táillí a ghearradh as na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 chun cuid de na costais a bhaineann le soláthar na seirbhísí sin a chumhdach, seachas na seirbhísí a sholáthraítear do thionscnóirí tionscadail phoiblí nó d’institiúidí neamhbhrabúis, a bheidh saor in aisce, nuair a bheidh údar cuí leis sin. Socrófar uasteorainn ag an tríú cuid de chostas sholáthar na seirbhísí sin dá dtagraítear i mír 2 i gcás na dtáillí a ghearrfar ar FBManna as na seirbhísí sin.

5.   Chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh agus chun soláthar tacaíochta comhairlí a éascú, cuirfidh Mol Comhairleach InvestEU leis an saineolas atá ag an gCoimisiún, ag Grúpa BEI agus ag na comhpháirtithe comhairleacha eile.

6.   Beidh sásra um chomhroinnt costas idir an Coimisiún agus an comhpháirtí comhairleach i ngach tionscnamh comhairleach, ach amháin i gcás ina dtoilíonn an Coimisiún le costais uile an tionscnaimh chomhairligh a chumhdach i gcás cuí-réasúnaithe ina n-éilíonn sainairíonna an tionscnaimh chomhairligh amhlaidh agus ina n-áirithítear go mbeidh déileáil chomhleanúnach chothrom le fáil ag na comhpháirtithe comhairleacha lena mbaineann.

7.   Beidh láithreacht áitiúil ag Mol Comhairleach InvestEU i gcás inar gá. Bunófar láithreacht áitiúil go háirithe i mBallstáit nó i réigiúin ina bhfuil deacrachtaí maidir le tionscadail a fhorbairt faoi Chiste InvestEU. Tabharfaidh Mol Comhairleach InvestEU cúnamh le linn eolas a aistriú chuig an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil d’fhonn acmhainneacht agus saineolas réigiúnach agus áitiúil a fhothú chun go bhféadfar tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, lena n-áirítear tacú le tionscadail bheaga a chur chun feidhme agus a riar.

8.   Chun an tacaíocht chomhairleach dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar agus chun soláthar na tacaíochta comhairlí sin a éascú ar an leibhéal áitiúil, oibreoidh Mol Comhairleach InvestEU i gcomhar, i gcás inar féidir, leis na bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh agus bainfidh sé buntáiste as a saineolas. I gcás inarb iomchuí, tabharfar comhaontuithe comhair le bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh i gcrích faoi Mhol Comhairleach InvestEU, le banc nó institiúid náisiúnta le haghaidh spreagadh amháin ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit.

9.   Molfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, do thionscnóirí tionscadal a chuireann isteach ar mhaoiniú, lena n-áirítear tionscadail bheaga go háirithe, a iarraidh ar Mhol Comhairleach InvestEU tacú lena dtionscadail, i gcás inarb iomchuí, chun feabhas a chur ar ullmhú a dtionscadal agus chun deis a thabhairt measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht i dtaca le tionscadail a chuachadh.

Chomh maith leis sin, i gcás inarb ábhartha, cuirfidh na comhpháirtithe cur chun feidhme agus na comhpháirtithe comhairleacha na tionscnóirí tionscadail ar an eolas faoin bhféidearthacht a dtionscadail a liostú ar Thairseach InvestEU dá dtagraítear in Airteagal 26.

CAIBIDIL VII

Tairseach InvestEU

Airteagal 26

Tairseach InvestEU

1.   Bunóidh an Coimisiún Tairseach InvestEU. Is é a bheidh i dTairseach InvestEU bunachar sonraí tionscadal a mbeidh teacht air go héasca agus a bheidh furasta le húsáid, lena soláthrófar faisnéis ábhartha maidir le gach tionscadal.

2.   Le Tairseach InvestEU, soláthrófar bealach do thionscnóirí a dtionscnaimh a bhfuil siad ag iarraidh maoiniú ina leith a dhéanamh níos feiceálaí d’infheisteoirí. Ní dochar áireamh tionscadal i dTairseach InvestEU do chinntí maidir leis na tionscadail deiridh a roghnófar chun tacaíocht a fháil faoin Rialachán seo nó faoi aon ionstraim eile de chuid an Aontais, ná do chinntí maidir le cistiú poiblí. Ní listeofar ar Thairseach InvestEU ach tionscadail atá ag luí le dlí agus beartais an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tionscadail atá ag luí le dlí agus beartais an Aontais a tharchur chuig na comhpháirtithe cur chun feidhme ábhartha. I gcás inarb iomchuí agus i gcás inarb ann do thionscnamh comhairleach, déanfaidh an Coimisiún na tionscadail sin a tharchur chuig Mol Comhairleach InvestEU freisin.

4.   Scrúdóidh comhpháirtithe cur chun feidhme tionscadail a thagann faoina raon feidhme geografach agus gníomhaíochta.

CAIBIDIL VIII

Cuntasacht, faireachán agus tuairisciú, meastóireacht agus rialú

Airteagal 27

Cuntasacht

1.   Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha tuairisciú ar fheidhmíocht Chiste InvestEU don institiúid iarrthach, ar a n-áirítear trína bheith rannpháirteach in éisteacht os comhair Pharlaimint na hEorpa.

2.   Tabharfaidh Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha freagra, ó bhéal nó i scríbhinn, ar cheisteanna a dhíreoidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar Chiste InvestEU agus déanfaidh sé sin laistigh de 5 seachtaine ón dáta a bhfuarthas iad.

Airteagal 28

Faireachán agus tuairisciú

1.   Leagtar amach in Iarscríbhinn III na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn Chlár InvestEU maidir le gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos in Airteagal 3.

2.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí Chlár InvestEU ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, agus go lamhálfar leis na sonraí sin go bhféadfar faireachán leormhaith a dhéanamh ar phunanna riosca agus ráthaíochta. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar na comhpháirtithe cur chun feidhme, ar na comhpháirtithe comhairleacha agus ar fhaighteoirí eile de chistí an Aontais, de réir mar is iomchuí.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme Chlár InvestEU i gcomhréir le hAirteagail 241 agus 250 den Rialachán Airgeadais. I gcomhréir le hAirteagal 41(5) den Rialachán Airgeadais, soláthrófar, sa tuarascáil bhliantúil, faisnéis maidir le leibhéal chur chun feidhme an Chláir i dtaca lena chuspóirí agus lena tháscairí feidhmíochta. Chun na críche sin, soláthróidh gach comhpháirtí cur chun feidhme faisnéis ar bhonn bliantúil a bhfuil gá léi chun go bhféadfaidh an Coimisiún a oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis faoi oibriú ráthaíocht AE.

4.   Gach 6 mhí, déanfaidh gach comhpháirtí cur chun feidhme tuarascáil a thíolacadh don Choimisiún ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus í miondealaithe de réir urrann AE agus urrann an Bhallstáit, de réir mar is iomchuí. Sa bhreis air sin, déanfaidh gach comhpháirtí cur chun feidhme faisnéis maidir le hurrann an Bhallstáit a thíolacadh do Bhallstát na hurrainne a chuireann sé chun feidhme. Beidh measúnú sa tuarascáil ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid ráthaíocht AE agus na bpríomhtháscairí feidhmíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh sonraí oibríochtúla, staidrimh, airgeadais agus cuntasaíochta sa tuarascáil freisin maidir le gach oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta agus meastachán ar na sreafaí airgid ionchasacha, ar leibhéal na hurrainne, ar leibhéal na réimse beartais agus ar leibhéal Chiste InvestEU. Uair sa bhliain, áireofar faisnéis freisin sa tuarascáil ó Ghrúpa BEI agus, i gcás inarb iomchuí, ó chomhpháirtithe cur chun feidhme eile, ar faisnéis í maidir le bacainní ar infheistíocht ar thángthas orthu agus oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna gcumhdach leis an Rialachán seo á ndéanamh. Beidh an fhaisnéis nach mór do na comhpháirtithe cur chun feidhme a sholáthar faoi phointe (a) d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais sna tuarascálacha.

5.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn Chlár InvestEU maidir le gnóthú a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 34, chun Iarscríbhinn III a leasú i ndáil leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

Airteagal 29

Meastóireacht

1.   Déanfar meastóireachtaí ar Chlár InvestEU ionas go mbeidh siad ar fáil go tráthúil mar ionchur sa phróiseas cinnteoireachta.

2.   Faoin 30 Meán Fómhair 2024, cuirfidh an Coimisiún meastóireacht neamhspleách eatramhach ar Chlár InvestEU faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, go háirithe ar an úsáid a bhaintear as ráthaíocht AE, ar chomhlíonadh oibleagáidí Ghrúpa BEI faoi phointí (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(1), ar leithdháileadh ráthaíocht AE dá bhforáiltear in Airteagal 13(4) agus (5), ar chur chun feidhme Mhol Comhairleach InvestEU, ar an leithdháileadh buiséadach dá bhforáiltear i bpointe (d)(i) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(1), agus ar Airteagal 8(8). Léireofar sa mheastóireacht, go háirithe, conas a rannchuidigh áireamh na gcomhpháirtithe cur chun feidhme agus na gcomhpháirtithe comhairleacha i gcur chun feidhme Chlár InvestEU le spriocanna Chlár InvestEU a shroicheadh mar aon le cuspóirí beartais AE, go háirithe maidir le breisluach agus cothromaíocht gheografach agus earnálach na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht. Déanfar measúnú freisin, tríd an meastóireacht, maidir le measúnú inbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 8(5) agus maidir leis an bhfócas ar FBManna a fuarthas faoin réimse bheartais i ndáil le FBManna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 8(1).

3.   Ag deireadh chur chun feidhme Chlár InvestEU, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2031, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta deiridh neamhspleách ar Chlár InvestEU faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, go háirithe maidir leis an úsáid a bhaintear as ráthaíocht AE.

4.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí, chomh maith lena bharúlacha féin, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

5.   Rannchuideoidh na comhpháirtithe cur chun feidhme agus na comhpháirtithe comhairleacha leis an bhfaisnéis is gá chun na meastóireachtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a thabhairt i gcrích agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin don Choimisiún.

6.   I gcomhréir le hAirteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, gach trí bliana, cuirfidh an Coimisiún athbhreithniú san áireamh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 250 den Rialachán Airgeadais, ar athbhreithniú é ar leormhaitheas an ráta soláthair a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Rialachán seo i dtaca le próifíl riosca iarbhír na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear le ráthaíocht AE. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a leasú tríd an ráta soláthair a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a choigeartú suas le 15 % ar bhonn an athbhreithnithe sin.

Airteagal 30

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear daoine nó eintitis seachas iad sin ar thug institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais sainordú dóibh, sin é a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 31

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach i gClár InvestEU trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

CAIBIDIL IX

Trédhearcacht agus infheictheacht

Airteagal 32

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh comhpháirtithe cur chun feidhme agus comhpháirtithe comhairleacha aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe sin, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

I dtaca leis na ceanglais faoin gcéad fhomhír a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail i réimsí na cosanta agus an spáis agus sa chibearshlándáil, beidh an cur i bhfeidhm sin faoi réir aon oibleagáidí rúndachta nó sicréideachta a urramú.

2.   Cuirfidh na comhpháirtithe cur chun feidhme agus na comhpháirtithe comhairleacha na faighteoirí deiridh, lena n-áirítear FBManna, ar an eolas faoin tacaíocht atá ar fáil faoi Chlár InvestEU, nó cuirfidh siad iallach ar idirghabhálaithe airgeadais eile faighteoirí deiridh den sórt sin a chur ar an eolas faoin tacaíocht sin, tríd an bhfaisnéis sin a léiriú ar dhóigh shoiléir infheicthe sa chomhaontú ábhartha lena soláthraítear tacaíocht faoi Chlár InvestEU, go háirithe i gcás FBManna, chun go méadófar feasacht an phobail agus go bhfeabhsófar an infheictheacht.

3.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le Clár InvestEU, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun Chlár InvestEU agus leis na torthaí a baineadh amach. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar Chlár InvestEU ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

CAIBIDIL X

Rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh i méadú caipitil an Chiste Eorpaigh Infheistíochta

Airteagal 33

Rannpháirtíocht i méadú caipitil CEI

Sa bhreis ar na scaireanna atá aige in CEI an 3 Nollaig 2020, suibscríobhfaidh an tAontas suas le 853 scair in CEI, a mbeidh luach ainmniúil EUR 1 000 000 ar gach ceann acu, ionas go bhfanfaidh an sciar coibhneasta caipitil atá aige ar leibhéal atá coibhéiseach le leibhéal an 3 Nollaig 2020. I dtaca le suibscríobh na scaireanna agus an íocaíocht suas le EUR 375 000 000 i leith na páirte láníoctha de na scaireanna agus i leith an scairbhisigh, déanfar an suibscríobh agus an íocaíocht sin i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha a ndéanfaidh Cruinniú Ginearálta CEI iad a fhormheas agus roimh an 31 Nollaig 2021. An pháirt shuibscríofa ach neamhíoctha de na scaireanna arna bhfáil faoin Airteagal seo a thiocfaidh as sin, ní rachaidh sí thar EUR 682 400 000.

CAIBIDIL XI

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 34

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. I gcás ina mbaineann gníomhartha tarmligthe le gníomhaíochtaí atá le déanamh ag Grúpa BEI agus ag comhpháirtithe cur chun feidhme eile, nó le gníomhaíochtaí a bhaineann le Grúpa BEI agus le comhpháirtithe cur chun feidhme eile, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Grúpa BEI agus leis na comhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha eile sula n-ullmhóidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8(9), 22(4), 28(5) agus 29(6) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh an dáta sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8(9), 22(4), 28(5) agus 29(6) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8(9), 22(4), 28(5) agus 29(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 35

Forálacha idirthréimhseacha

1.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 209(3) den Rialachán Airgeadais, féadfar aon ioncaim, aisíocaíochtaí agus gnóthuithe ó ionstraimí airgeadais a bhunaítear leis na cláir dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid le haghaidh an tsoláthair do ráthaíocht AE faoin Rialachán seo, agus na forálacha ábhartha a bhaineann leis an mbuiséad a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí le haghaidh 2021-2027 á gcur san áireamh.

2.   De mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 213(4) den Rialachán Airgeadais, i dtaca le haon bharrachas soláthairtí le haghaidh ráthaíocht AE a bhunaítear le Rialachán (AE) 2015/1017, féadfar an barrachas sin a úsáid le haghaidh an tsoláthair do ráthaíocht AE faoin Rialachán seo, agus na forálacha ábhartha a bhaineann leis an mbuiséad a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí le haghaidh 2021-2027 á gcur san áireamh.

3.   I dtaca leis an tsuim EUR 6 074 000 000 i bpraghsanna reatha dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/2094, úsáidfear é mar a leanas:

(a)

le haghaidh an tsoláthair do ráthaíocht AE faoin Rialachán seo le suim EUR 5 930 000 000 i bpraghsanna reatha, de bhreis ar na hacmhainní a luaitear sa chéad fhomhír d’Airteagal 211(4) den Rialachán Airgeadais;

(b)

le haghaidh chur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCaibidlí VI agus VII den Rialachán seo agus na mbeart dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 1(3) de Rialachán (AE) 2020/2094, faoi réir Airteagal 3(4) agus (8) den Rialachán sin, le suim EUR 142 500 000 i bpraghsanna reatha.

Ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sa tsuim sin.

4.   De mhaolú ar an dara fomhír d’Airteagal 16(1) den Rialachán seo, maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a shíneoidh nó a dhéanfaidh comhpháirtí cur chun feidhme le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí go síneofar a gcomhaontuithe ráthaíochta faoi seach, féadfar iad a chumhdach le ráthaíocht AE ar choinníoll go bhfuil na hoibríochtaí sin sonraithe sa chomhaontú ráthaíochta, gur éirigh leo sa tseiceáil beartais dá dtagraítear in Airteagal 23(1) den Rialachán seo nó gur tugadh tuairim fhabhrach ina leith faoi chuimsiú an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Reacht BEI agus go bhfuil siad formheasta ag an gCoiste Infheistíochta sa dá chás i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo.

Airteagal 36

Leasú ar Rialachán (AE) 2015/1017

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i Rialachán (AE) 2015/1017:

‘Airteagal 11a

Punann CEIS a chomhcheangal le punanna eile

De mhaolú ar Airteagal 11(6) den Rialachán seo agus ar an dara fomhír d’Airteagal 10(2) den Rialachán seo, féadfar caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 11(6) den Rialachán seo a chumhdach le ráthaíocht AE i ndáil leis an bpunann iomlán d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ó na táirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO C 364, 28.10.2020, lch. 139.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Márta 2021.

(3)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(4)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Théarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(5)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(6)  IO L 309, 13.12.1993, lch. 3.

(7)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(11)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(12)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).

(15)  Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 – an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1).

(16)  IO C 170, 18.5.2020, lch. 22.

(17)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I , 22.12.2020, lch. 23).

(18)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(19)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(21)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(22)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(23)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(24)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(25)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir leis na tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(26)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(27)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).


IARSCRÍBHINN I

MÉIDEANNA RÁTHAÍOCHT AE IN AGHAIDH AN CHUSPÓRA SHONRAIGH

Maidir leis an dáileadh táscach d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear sa cheathrú fomhír d’Airteagal 4(2), seo a leanas a bheidh ann:

(a)

suas le EUR 9 887 682 891 le haghaidh cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2);

(b)

suas le EUR 6 575 653 460 le haghaidh cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2);

(c)

suas le EUR 6 906 732 440 le haghaidh cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(2);

(d)

suas le EUR 2 782 241 282 le haghaidh cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2).


IARSCRÍBHINN II

RÉIMSÍ ATÁ INCHÁILITHE LE hAGHAIDH OIBRÍOCHTAÍ MAOINIÚCHÁIN AGUS INFHEISTÍOCHTA

Féadfar infheistíocht straitéiseach a áireamh leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta chun tacú le faighteoirí deiridh a bhfuil tábhacht straitéiseach don Aontas lena gcuid gníomhaíochtaí, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, na hathléimneachta feabhsaithe agus neartú na slabhraí luacha straitéiseacha. Féadfar tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a áireamh leo. Féadfaidh na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta teacht faoi cheann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(1)

an earnáil fuinnimh a fhorbairt i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais Fuinnimh, lena n-áirítear slándáil an tsoláthair fuinnimh, aistriú i dtreo fuinneamh glan agus na gealltanais a rinneadh faoi Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Comhaontú Pháras, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

an méadú ar ghiniúint, soláthar nó úsáid foinsí agus réiteach fuinnimh in-athnuaite atá glan agus inbhuanaithe agus foinsí agus réiteach fuinnimh eile atá sábháilte agus inbhuanaithe a bhfuil astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ag baint leo;

(b)

éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh (agus fócas ar éileamh a laghdú trí bhainistiú ar éileamh agus trí athchóiriú foirgneamh);

(c)

an bonneagar fuinnimh inbhuanaithe a fhorbairt, a dhéanamh níos cliste agus a nuachóiriú, go háirithe teicneolaíochtaí stórála, idirnaisc leictreachais idir Ballstáit agus eangacha cliste, ag an leibhéal tarchuir agus dáileacháin araon;

(d)

córais nuálacha soláthair teasa as a dtagann astaíochtaí ísle agus nialasacha agus comhghiniúint leictreachais agus teasa a fhorbairt;

(e)

táirgeadh agus soláthar breoslaí sintéiseacha inbhuanaithe ó fhoinsí in-athnuaite nó atá neodrach ó thaobh carbóin de, agus ó fhoinsí sábháilte agus inbhuanaithe astaíochtaí ísle agus nialasacha eile, bithbhreoslaí, breoslaí bithmhaise agus breoslaí malartacha, lena n-áirítear breoslaí le haghaidh gach modha iompair, i gcomhréir le cuspóirí Threoir (AE) 2018/2001;

(f)

bonneagar le haghaidh carbón a ghabháil, agus le haghaidh carbón a stóráil i bpróisis thionsclaíocha, gléasraí bithfhuinnimh agus i saoráidí monaraíochta i dtreo an aistrithe fuinnimh; agus

(g)

bonneagar criticiúil, bíodh sé fisiceach nó fíorúil, lena n-áirítear eilimintí bonneagair a n-aithnítear gur cinn chriticiúla iad mar aon le talamh agus eastát réadach a bhfuil ríthábhacht leo in úsáid an bhonneagair chriticiúil sin agus soláthar earraí agus seirbhísí a mbaintear feidhm astu chun an bonneagar criticiúil a oibriú agus a chothabháil.

(2)

bonneagair iompair inbhuanaithe agus shábháilte agus réitigh shoghluaisteachta, trealamh agus teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt i gcomhréir le tosaíochtaí iompair an Aontais agus na gealltanais a rinneadh faoi Chomhaontú Pháras, trí bhíthin an mhéid seo a leanas go háirithe:

(a)

tionscadail lena dtacaítear leis an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) a fhorbairt, lena n-áirítear cothabháil agus sábháilteacht bonneagair, nóid uirbeacha TEN-T, calafoirt mhuirí agus intíre, aerfoirt, críochfoirt ilmhódacha agus nascadh na gcríochfort ilmhódach sin le gréasáin TEN-T, agus na feidhmchláir theileamaitice dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(b)

tionscadail bhonneagair TEN-T lena mbeartaítear úsáid a bhaint as dhá mhodh iompair éagsúla ar a laghad, go háirithe críochfoirt lasta ilmhódúla agus moil iompair paisinéirí;

(c)

tionscadail soghluaisteachta uirbeacha chliste agus inbhuanaithe a bheidh dírithe ar mhodhanna iompair uirbeacha astaíochtaí ísle, lena n-áirítear iompar ar bhealaí uisce intíre agus réitigh shoghluaisteachta nuálacha, rochtain neamh-idirdhealaitheach, aerthruailliú agus torann laghdaithe, tomhaltas fuinnimh, gréasáin cathracha cliste, cothabháil, agus leibhéil sábháilteachta a ardú agus minicíocht tionóiscí a laghdú, lena n-áirítear do rothaithe agus do choisithe;

(d)

tacú le sócmhainní soghluaiste iompair a athnuachan agus a iarfheistiú d’fhonn réitigh shoghluaisteachta astaíochtaí ísle agus nialasacha a chur chun úsáide, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as breoslaí malartacha i bhfeithiclí de gach modh iompair;

(e)

bonneagar iarnróid, tionscadail iarnróid eile, bonneagar uiscebhealaí intíre, tionscadail oll-idirthurais agus calafoirt mhuirí agus mótarbhealaí na farraige;

(f)

bonneagar breosla mhalartaigh le haghaidh gach modha iompair, lena n-áirítear bonneagar luchtaithe leictrigh;

(g)

tionscadail soghluaisteachta chliste agus inbhuanaithe eile, atá dírithe ar na nithe seo a leanas:

(i)

sábháilteacht ar bhóithre;

(ii)

inrochtaineacht;

(iii)

astaíochtaí a laghdú; nó

(iv)

teicneolaíochtaí agus seirbhísí iompair nua a fhorbairt agus a chur chun úsáide, amhail seirbhísí a bhaineann le modhanna iompair ceangailte agus féinrialaitheacha nó ticéadú comhtháite;

(h)

tionscadail chun bonneagar iompair atá ann cheana a chothabháil nó a uasghrádú, lena n-áirítear mótarbhealaí ar TEN-T i gcás inar gá an tsábháilteacht ar bhóithre a uasghrádú, a chothabháil nó a fheabhsú, seirbhísí Córas Cliste Iompair (CCI) a fhorbairt nó caighdeáin agus sláine an bhonneagair a ráthú, limistéir shábháilte pháirceála agus saoráidí sábháilte páirceála, stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha a fhorbairt; agus

(i)

bonneagar criticiúil lena n-áirítear eilimintí bonneagair a n-aithnítear gur cinn chriticiúla iad mar aon le talamh agus eastát réadach a bhfuil ríthábhacht leo in úsáid an bhonneagair chriticiúil sin agus soláthar earraí agus seirbhísí a mbaintear feidhm astu chun an bonneagar criticiúil a oibriú agus a chothabháil.

(3)

an comhshaol agus acmhainní, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

uisce, lena n-áirítear soláthar agus sláintíocht uisce óil, agus éifeachtacht gréasáin, laghdú ar sceitheadh, bonneagar chun fuíolluisce a bhailiú agus a chóireáil, bonneagar cósta agus bonneagar glas eile a bhaineann le huisce;

(b)

bonneagar bainistithe dramhaíola;

(c)

tionscadail agus fiontair i réimse na bainistíochta acmhainní comhshaoil agus i réimse na dteicneolaíochtaí inbhuanaithe;

(d)

éiceachórais agus a gcuid seirbhísí a fheabhsú agus a athchóiriú, lena n-áirítear tríd an dúlra agus an bhithéagsúlacht a fheabhsú trí bhíthin tionscadail bonneagair ghlasa agus ghorma;

(e)

forbairt inbhuanaithe uirbeach, tuaithe agus cósta;

(f)

gníomhaíochtaí maidir leis an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear laghdú ar riosca tubaistí guaiseacha nádúrtha;

(g)

tionscadail agus fiontair lena gcuirtear an geilleagar ciorclach chun feidhme trí ghnéithe éifeachtachta acmhainne a chomhtháthú sa táirgeadh agus i saolré táirgí, lena n-áirítear soláthar inbhuanaithe amhábhar príomhúil agus tánaisteach;

(h)

tionscail dianfhuinnimh a dhícharbónú agus astaíochtaí i dtionscail den sórt sin a laghdú go suntasach, lena n-áirítear léiriú ar theicneolaíochtaí nuálacha astaíochtaí ísle agus ar a gcur chun úsáide;

(i)

an slabhra táirgthe agus dáilte fuinnimh a dhícharbónú tríd an úsáid a bhaintear as gual agus ola a chéimniú amach; agus

(j)

tionscadail lena gcuirtear an oidhreacht chultúrtha inbhuanaithe chun cinn.

(4)

bonneagar nascachta digití, bíodh sé fisiceach nó fíorúil, a fhorbairt, go háirithe trí bhíthin tionscadail lena dtacaítear le gréasáin dhigiteacha fhíor-ardacmhainneachta nó nascacht 5G a chur chun úsáide, nó lena bhfeabhsaítear an nascacht dhigiteach agus an rochtain dhigiteach, go háirithe i gceantair thuaithe agus réigiúin imeallacha.

(5)

taighde, forbairt agus nuálaíocht, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

tionscadail taighde agus nuálaíochta a rannchuidíonn le cuspóirí an chláir ‘Fís Eorpach’, lena n-áirítear bonneagar taighde agus tacaíocht don lucht léinn;

(b)

tionscadail chorparáideacha, lena n-airítear oiliúint agus cruthú braislí agus gréasáin ghnó a chur chun cinn;

(c)

tionscadail agus cláir taispeána, mar aon le bonneagair, teicneolaíochtaí agus próisis lena mbaineann a chur chun úsáide;

(d)

tionscadail taighde chomhoibríocha agus nuálaíochta a bhfuil an lucht léinn, eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta agus an tionscal rannpháirteach iontu; comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

(e)

aistriú eolais agus teicneolaíochta;

(f)

taighde i réimse na n-eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin (KETanna) agus a bhfeidhmeanna tionsclaíocha, lena n-áirítear ábhair nua agus ardfhorbartha; agus

(g)

táirgí cúraim sláinte éifeachtacha agus inrochtana nua, lena n-áirítear táirgí cógaisíochta, feistí leighis, diagnóisic agus táirgí íocshláinte ardteiripe agus frithmhiocróbáin nua a fhorbairt, a nuáil agus a mhonarú, agus taighde a dhéanamh orthu, agus próisis forbartha nuálacha nua lena seachnaítear an tástáil ar ainmhithe.

(6)

teicneolaíochtaí agus seirbhísí digiteacha a fhorbairt, a chur chun úsáide agus a uas-scálú, go háirithe teicneolaíochtaí agus seirbhísí digiteacha, lena n-áirítear na meáin, ardáin seirbhíse ar líne agus cumarsáid dhigiteach shlán, a rannchuidíonn le cuspóirí an chláir don Eoraip Dhigiteach, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

an intleacht shaorga;

(b)

an teicneolaíocht chandamach;

(c)

bonneagair chibearshlándála agus cosanta gréasáin;

(d)

idirlíon na rudaí nithiúla;

(e)

blocshlabhra agus teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte eile;

(f)

ardscileanna digiteacha;

(g)

an róbataic agus an t-uathoibriú;

(h)

an fhótónaic;

(i)

ardteicneolaíochtaí agus seirbhísí digiteacha eile a rannchuidíonn le digitiú thionscal an Aontais agus comhtháthú na dteicneolaíochtaí, na seirbhísí agus na scileanna digiteacha in earnáil iompair an Aontais; agus

(j)

saoráidí athchúrsála agus monaraíochta le haghaidh comhpháirteanna agus gléasanna theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide a tháirgeadh san Aontas.

(7)

tacaíocht airgeadais d’eintitis ina bhfuil suas le 499 bhfostaí, agus fócas ar leith ar FBManna, agus ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

caipiteal oibre agus infheistíocht a sholáthar;

(b)

maoiniú riosca a sholáthar ó shíol go céimeanna leathnúcháin chun a gceannaireacht theicneolaíoch in earnálacha nuálacha agus inbhuanaithe a áirithiú lena n-áirítear trína ndigitiú agus a n-acmhainneacht nuálaíochta, agus a n-iomaíochas domhanda a fheabhsú;

(c)

maoiniú a sholáthar le haghaidh éadáil gnólachta ag fostaithe nó rannpháirtíocht fostaithe in úinéireacht gnólachta.

(8)

earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, an oidhreacht chultúrtha, na meáin, earnáil an chlosamhairc, an iriseoireacht agus an preas, go háirithe trí theicneolaíochtaí nua a fhorbairt, teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid agus bainistiú teicneolaíoch a dhéanamh ar chearta maoine intleachtúla.

(9)

an turasóireacht.

(10)

láithreáin thionsclaíocha a athshlánú (lena n-áirítear láithreáin éillithe) agus a athbhunú i gcomhair úsáid inbhuanaithe.

(11)

talmhaíocht inbhuanaithe, foraoiseacht, iascach, dobharshaothrú agus gnéithe eile den bhithgheilleagar inbhuanaithe i gcoitinne.

(12)

infheistíochtaí sóisialta, lena n-áirítear na cinn a thacaíonn le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe trí na nithe seo a leanas:

(a)

micreamhaoiniú, maoiniú eiticiúil, maoiniú na bhfiontar sóisialta agus an geilleagar sóisialta;

(b)

an t-éileamh ar scileanna agus a soláthar;

(c)

an t-oideachas, oiliúint agus seirbhísí gaolmhara, lena n-áirítear do dhaoine fásta;

(d)

an bonneagar sóisialta, go háirithe:

(i)

oideachas cuimsitheach agus oiliúint chuimsitheach, lena n-áirítear oideachas agus cúram luathóige, agus an bonneagar oideachasúil agus na saoráidí oideachasúla lena mbaineann, cúram leanaí malartach, tithíocht do mhic léinn agus trealamh digiteach atá inrochtana do chách;

(ii)

tithíocht shóisialta inacmhainne (2);

(iii)

cúram sláinte agus cúram fadtéarma, lena n-áirítear clinicí, ospidéil, cúram sláinte príomhúil, cúram baile agus seirbhísí pobalbhunaithe;

(e)

an nuálaíocht shóisialta, lena n-áirítear réitigh shóisialta nuálacha agus scéimeanna sóisialta nuálacha arb é is aidhm dóibh tionchair shóisialta agus torthaí sóisialta sna réimsí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus (f) go (j) a chur chun cinn;

(f)

gníomhaíochtaí cultúrtha a bhfuil cuspóir sóisialta leo;

(g)

bearta chun an comhionannas inscne a chur chun cinn;

(h)

daoine leochaileacha a lánpháirtiú, lena n-áirítear náisiúnaigh tríú tír;

(i)

réitigh nuálacha sláinte, lena n-áirítear ríomhsheirbhísí sláinte, seirbhísí sláinte agus samhlacha cúraim nua;

(j)

cuimsiú agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

(13)

tionscal na cosanta a fhorbairt chun rannchuidiú le huathriail straitéiseach an Aontais, go háirithe trí thacú leis an méid seo a leanas:

(a)

slabhra soláthair thionscal cosanta an Aontais, go háirithe trí thacaíocht airgeadais a thabhairt do FBManna agus d’fhiontair mheánchaipitlithe;

(b)

cuideachtaí a bhíonn rannpháirteach i dtionscadail nuálaíochta shuaiteacha in earnáil na cosanta agus teicneolaíochtaí dé-úsáide dlúthghaolmhara;

(c)

slabhra soláthair earnáil na cosanta nuair a bhíonn tionscadail chomhoibríocha taighde agus forbartha á ndéanamh i réimse na cosanta, lena n-áirítear tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Cosanta;

(d)

bonneagar le haghaidh taighde agus oiliúint i réimse na cosanta.

(14)

an spás, go háirithe i ndáil le hearnáil an spáis a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí na Straitéise Spáis don Eoraip:

(a)

na buntáistí do shochaí agus geilleagar an Aontais a uasmhéadú;

(b)

iomaíochas na gcóras agus na dteicneolaíochtaí spáis a chothú, agus aghaidh á tabhairt go háirithe ar leochaileacht na slabhraí soláthair;

(c)

bonn taca a chur faoin bhfiontraíocht spáis, lena n-áirítear an fhorbairt iartheachtach;

(d)

uathriail an Aontais i dtaca le rochtain shlán agus shábháilte ar an spás a chothú, lena n-áirítear gnéithe dé-úsáide.

(15)

farraigí agus aigéin, trí thionscadail agus fiontair i réimse an gheilleagair ghoirm, agus Prionsabail Airgeadais an Gheilleagair Ghoirm Inbhuanaithe, a fhorbairt, go háirithe tríd an bhfiontraíocht agus an tionsclaíocht mhuirí, an fuinneamh in-athnuaite muirí agus an geilleagar ciorclach.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(2)  Ní mór a thuiscint go bhfuil an tithíocht shóisialta dírithe ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste nó grúpaí nach bhfuil na buntáistí sóisialta céanna acu, ar daoine nó grúpaí iad atá ag maireachtáil, de dheasca srianta sócmhainneachta, faoi dhiandíothacht tithíochta nó nach bhfuil in ann tithíocht a fháil faoi dhálaí an mhargaidh.


IARSCRÍBHINN III

EOCHAIRTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA AGUS TÁSCAIRÍ FAIREACHÁIN

1.   

Méid an mhaoinithe a dtugtar tacaíocht dó faoi Chiste InvestEU (arna mhiondealú de réir réimse bheartais)

1.1

Méid na n-oibríochtaí a síníodh

1.2

An infheistíocht a slógadh

1.3

Méid an mhaoinithe phríobháidigh a slógadh

1.4

An éifeacht ghiarála agus an éifeacht iolraitheora a baineadh amach

2.   

Clúdach geografach an mhaoinithe a dtugtar tacaíocht dó faoi Chiste InvestEU (arna mhiondealú de réir réimse bheartais, tíre agus réigiúin ag leibhéal 2 d’aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS))

2.1

Líon na dtíortha (Ballstáit agus tríú tíortha) a chumhdaítear leis na hoibríochtaí

2.2

Líon na réigiún atá cumhdaithe ag na hoibríochtaí

2.3

Méid na n-oibríochtaí de réir tíre (Ballstát agus tríú tír) agus de réir réigiúin

3.   

Tionchar an mhaoinithe a fhaigheann tacaíocht ó Chiste InvestEU

3.1

Líon na bpost a cruthaíodh nó ar tugadh tacaíocht dóibh

3.2

An infheistíocht lena dtugtar tacaíocht do chuspóirí aeráide agus, i gcás inarb infheidhme, arna miondealú de réir réimse bheartais

3.3

An infheistíocht lena dtugtar tacaíocht don digitiú

3.4

An infheistíocht lena dtugtar tacaíocht don aistriú tionsclaíoch

3.5

An infheistíocht lena dtugtar tacaíocht don aistriú cóir

3.6

Infheistíocht straitéiseach

Líon agus méid na n-oibríochtaí lena rannchuidítear le bonneagar criticiúil a sholáthar

Líon agus méid na n-oibríochtaí lena rannchuidítear le hinfheistíocht sa chibearshlándáil, sa spás agus sa chosaint

4.   

Bonneagar inbhuanaithe

4.1

Fuinneamh: Acmhainneacht bhreise a shuiteáiltear maidir le fuinneamh in-athnuaite agus fuinneamh sábháilte inbhuanaithe eile a bhfuil astaíochtaí ísle agus nialasacha ag baint leis a ghiniúint (i meigeavatanna (MW))

4.2

Fuinneamh: Líon na dteaghlach, líon na n-áitreabh poiblí agus tráchtála a bhfuil aicmiú ídithe fuinnimh feabhsaithe acu

4.3

Fuinneamh: Coigilteas fuinnimh measta a ghintear leis na tionscadail (i gcileavatuair (kWh))

4.4

Fuinneamh: Astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh na bliana a laghdaítear nó a sheachnaítear i gcoibhéis tona CO2

4.5

Fuinneamh: Méid na hinfheistíochta a dhéantar i mbonneagar fuinnimh inbhuanaithe a fhorbairt, a dhéanamh níos cliste agus a nuachóiriú

4.6

Gnóthaí digiteacha: Teaghlaigh bhreise, fiontair bhreise nó foirgnimh phoiblí bhreise a bhfuil rochtain leathanbhanda 100 Mbps ar a laghad acu a fhéadtar a uasghrádú go luas gigighiotáin, nó líon na mol Wi-Fi a chruthaítear

4.7

Iompar: An infheistíocht a shlógtar, go háirithe in TEN-T

Líon na dtionscadal trasteorann agus líon na dtionscadal lena ndírítear ar naisc in easnamh (lena n-áirítear tionscadail a bhaineann le nóid uirbeacha, naisc iarnróid thrasteorann réigiúnacha, ardáin ilmhódacha, calafoirt mhuirí, calafoirt intíre, naisc go haerfoirt agus críochfoirt iarnróid atá ar chroíghréasán TEN-T agus ar an ngréasán cuimsitheach)

Líon na dtionscadal lena rannchuidítear leis an iompar a dhigitiú, go háirithe trí Chóras Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) a chur chun úsáide, an Córas um Fhaisnéis Abhann (RIS), an Córas Cliste Iompair (CCI), córas faireacháin agus faisnéise um thrácht árthach (VTMIS) / ríomhsheirbhísí muirí agus taighde um bainistíocht aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR)

Líon na bpointí soláthair breoslaí malartacha a thógtar nó a ndéantar uasghrádú orthu

Líon na dtionscadal lena rannchuidítear le sábháilteacht an iompair

4.8

An comhshaol: An infheistíocht lena rannchuidítear le pleananna agus cláir a chur chun feidhme a cheanglaítear faoi acquis an Aontais maidir le cáilíocht an aeir, uisce, dramhaíl agus an dúlra

5.   

Taighde, nuálaíocht agus digitiú

5.1

Rannchuidiú leis an gcuspóir 3 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais a infheistiú sa taighde, san fhorbairt agus sa nuálaíocht

5.2

Líon na bhfiontar a dtugtar tacaíocht dóibh de réir a méide, ar fiontair iad a dhéanann tionscadail taighde agus nuálaíochta

6.   

FBManna

6.1

Líon na bhfiontar a dtugtar tacaíocht dóibh de réir a méide (micrifhiontair, fiontair bheaga, fiontair mheánmhéide agus fiontair mheánchaipitlithe)

6.2

Líon na bhfiontar a dtugtar tacaíocht dóibh de réir a leibhéil forbartha (luathfhorbairt, fás/leathnú)

6.3

Líon na bhfiontar a dtugtar tacaíocht dóibh de réir Ballstáit agus de réir réigiún ar leibhéal NUTS 2

6.4

Líon na bhfiontar a dtugtar tacaíocht dóibh de réir earnálacha de réir cód aicmithe staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach (NACE)

6.5

Céatadán na méide infheistíochta faoin réimse bheartais i ndáil le FBManna a dhírítear i dtreo FBManna

7.   

Infheistíocht shóisialta agus scileanna

7.1

Bonneagar sóisialta: Acmhainneacht agus rochtain ar bhonneagar sóisialta a dtugtar tacaíocht dó de réir earnála: tithíocht, an t-oideachas, an tsláinte agus eile

7.2

Micreamhaoiniú agus maoiniú fiontair shóisialta: Líon na bhfaighteoirí micreamhaoinithe agus na bhfiontar sóisialta a dtugtar tacaíocht dóibh

7.3

Scileanna: Líon na ndaoine aonair atá ag sealbhú scileanna nua nó ar bailíochtaíodh nó ar deimhníodh a gcuid scileanna: cáilíocht fhoirmiúil, oideachais agus oiliúna

8.   

Mol Comhairleach InvestEU

8.1

Líon rannpháirtíochtaí Mhol Comhairleach InvestEU chun tacaíocht chomhairleach a sholáthar, de réir earnála agus Ballstáit


IARSCRÍBHINN IV

CLÁR INVESTEU - NA hIONSTRAIMÍ A BHÍ ANN ROIMHE

A.   

Ionstraimí cothromais:

An tSaoráid Eorpach Teicneolaíochta (ETF98): Cinneadh 98/347/CE ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le bearta cúnaimh airgeadais le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá nuálach agus a chruthaíonn poist – an tionscnamh fáis agus fostaíochta (IO L 155, 29.5.1998, lch. 43)

Treoirthionscadal um Aistriú Teicneolaíochta (TTP): Cinneadh ón gCoimisiún lena nglactar cinneadh comhlántach maoinithe i ndáil le gníomhaíochtaí a mhaoiniú don ghníomhaíocht ‘An margadh inmheánach in earraí agus beartais earnálacha’ de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Fiontraíochta agus na Tionsclaíochta do 2007 agus lena nglactar an cinneadh réime maidir le maoiniú an réamhghníomhaíocht ‘An ról atá le himirt ag an Aontas Eorpach sa saol domhandaithe’ agus maidir le maoiniú na gceithre threoirthionscadal ‘Fiontraithe óga Erasmus’, ‘Bearta chun comhar agus comhpháirtíochtaí idir micrifhiontair agus FBManna a chur chun cinn’, ‘An tAistriú Teicneolaíoch’ agus ‘Cinn Scríbe Eorpacha Sármhaitheasa’ de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Fiontraíochta agus na Tionsclaíochta do 2007

An tSaoráid Eorpach Teicneolaíochta (ETF01): Cinneadh 2000/819/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2000 maidir le clár ilbhliantúil le haghaidh fiontair agus fiontraíochta, agus go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) (2001-2005) (IO L 333, 29.12.2000, lch. 84)

Saoráid um FBManna Ardfháis agus Nuálacha de chuid an Chláir um Iomaíochas agus um Nuálaíocht (CIP GIF): Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime um Iomaíochas agus Nuálaíocht (2007 go 2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15)

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE): Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129), arna leasú le Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1)

Saoráid Chothromais d’Fhás de chuid COSME (COSME EFG): Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33)

Cothromas InnovFin:

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104);

Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i “Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)” agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81);

Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965)

An Ghné de chuid EaSI ‘Infheistíochtaí Fothaithe Acmhainneachta’: Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (‘EaSI’) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238)

B.   

Ionstraimí ráthaíochta:

Saoráid Ráthaíochta FBManna ’98 (SMEG98): Cinneadh 98/347/CE ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le bearta cúnaimh airgeadais le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá nuálach agus a chruthaíonn poist – an tionscnamh fáis agus fostaíochta (IO L 155, 29.5.1998, lch. 43)

Saoráid Ráthaíochta FBManna ’01 (SMEG01): Cinneadh 2000/819/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2000 maidir le clár ilbhliantúil le haghaidh fiontair agus fiontraíochta, agus go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) (2001-2005) (IO L 333, 29.12.2000, lch. 84)

Saoráid Ráthaíochta le haghaidh FBManna ’07 an Chláir um Thaighde agus um Nuálaíocht (CIP SMEG07): Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime um Iomaíochas agus Nuálaíocht (2007 go 2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15)

Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach – Ráthaíocht (EPMF-G): Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 87, 7.4.2010, lch. 1)

Ionstraim Roinnte Riosca na Saoráide Airgeadais Roinnte Riosca (RSI):

Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin (2007-2013) Ráitis ón gCoimisiún (IO L 412, 30.12.2006, lch. 1)

Cinneadh 2006/971/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gComhar Cláir Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin (2007 go 2013) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 86)

Cinneadh 2006/974/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gClár Sonrach: Acmhainní lena gcuirtear chun feidhme Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin (2007 go 2013) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 299)

Ionstraim Ráthaíochta EaSI: Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (‘EaSI’) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238)

Saoráid Ráthaíochta Iasachta COSME (COSME LGF): Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33)

Fiachas InnovFin:

Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i “Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)” agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81)

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104)

Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965)

Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta (CCS GF): Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 221)

Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn (SLGF): Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50)

Maoiniú príobháideach le haghaidh Éifeachtúlacht Fuinnimh (PF4EE): Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185)

C.   

Ionstraimí roinnte riosca:

An tSaoráid Airgeadais Roinnte Riosca (RSFF): Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin (2007-2013) Ráitis ón gCoimisiún (IO L 412, 30.12.2006, lch. 1)

InnovFin:

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104)

Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i “Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)” agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81)

Ionstraim Fiachais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (CEF DI): Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129)

An tSaoráid Mhaoiniúcháin um Chaipiteal Nádúrtha (NCFF): Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185)

D.   

Meáin infheistíochta thiomanta:

An tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach – Fonds commun de placement – fonds d’investissement spécialisé (EPMF FCP-FIS): Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 87, 7.4.2010, lch. 1)

Ciste Marguerite:

Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh (IO L 162, 22.6.2007, lch. 1)

Cinneadh C(2010)0941 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2010 maidir le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh i gCiste Eorpach 2020 le haghaidh Fuinnimh, an Athraithe Aeráide agus Bonneagair (Ciste Marguerite)

An Ciste Eorpach um Éifeachtúlacht Fuinnimh (CEEF): Rialachán (AE) Uimh. 1233/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh (IO L 346, 30.12.2010, lch. 5)


IARSCRÍBHINN V

CLISTÍ MARGAIDH, CÁSANNA INFHEISTÍOCHTA FO-OPTAMAÍ, BREISÍOCHT AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ EISIATA

A.   

Clistí margaidh, cásanna infheistíochta fo-optamaí agus breisíocht

I gcomhréir le hAirteagal 209 den Rialachán Airgeadais, le ráthaíocht AE, rachfar i ngleic le clistí margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí (pointe (a) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais) agus bainfear breisíocht amach trí chosc a chur ar ionadú tacaíochta agus infheistíochta féideartha ó fhoinsí poiblí nó príobháideacha eile (pointe (b) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais).

Chun pointe (a) agus (b) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh, déanfaidh na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a bhaineann tairbhe as ráthaíocht AE na ceanglais seo a leanas a leagtar síos i bpointí 1 agus 2 a chomhlíonadh:

1.

Clistí margaidh agus cásanna infheistíochta fo-optamaí

Chun dul i ngleic le clistí margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamaí amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais, beidh ceann amháin de na gnéithe seo a leanas ag na hinfheistíochtaí ar a ndírítear leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta:

(a)

Gné den leas poiblí a bheith ag baint leo, nach féidir an t-oibreoir nó an chuideachta sochair airgeadais leordhóthanacha a ghabháil ina leith (amhail oideachas agus scileanna, cúram sláinte agus inrochtaineacht, slándáil agus cosaint, agus bonneagar atá ar fáil gan aon chostas nó ar chostas fánach).

(b)

Seachtrachtaí a mhainníonn an t-oibreoir nó an chuideachta a inmheánú i gcoitinne, amhail infheistíocht taighde agus forbartha, éifeachtúlacht fuinnimh, cosaint na haeráide nó an chomhshaoil.

(c)

Neamhshiméadracht faisnéise, go háirithe i gcás FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, lena n-áirítear leibhéil riosca níos airde i ndáil le cuideachtaí luathchéime, le cuideachtaí a bhfuil sócmhainní neamhnithiúla acu go príomha nó nach bhfuil comhthaobhacht leordhóthanach acu, nó le cuideachtaí a dhíríonn ar ghníomhaíochtaí ardriosca.

(d)

Tionscadail bhonneagair trasteorann agus seirbhísí gaolmhara nó cístí a infheistítear ar bhonn trasteorann chun dul i ngleic le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus chun comhordú laistigh den mhargadh inmheánach a fheabhsú.

(e)

Nochtadh do leibhéil riosca níos airde in earnálacha, tíortha nó réigiúin áirithe atá thar na leibhéil a bhfuil gníomhaithe príobháideacha airgeadais in ann nó toilteanach glacadh leo, lena n-áirítear i gcás nach ndéanfaí an infheistíocht nó nach ndéanfaí í a mhéid céanna de bharr a húrnuachta nó na rioscaí a bhaineann le nuálaíocht nó teicneolaíocht neamhchruthaithe.

(f)

Clistí margaidh nua nó casta nó cásanna infheistíochta fo-optamaí nua nó casta i gcomhréir le pointe (a)(iii) d’Airteagal 9(1) den Rialachán seo.

2.

Breisíocht

Comhlíonfaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta an dá ghné den bhreisíocht dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais. Ciallaíonn sé sin nach mbeadh na hoibríochtaí á ndéanamh nó nach mbeidís á ndéanamh a mhéid céanna ag foinsí poiblí nó príobháideacha eile gan tacaíocht ó Chiste InvestEU. Chun críocha an Rialacháin seo, is é a thuigfear leis sin ná go gcaithfidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta an dá chritéar seo a leanas a chomhlíonadh:

(1)

chun a mheas gur sa bhreis iad ar na foinsí príobháideacha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais, tacóidh Ciste InvestEU le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcomhpháirtithe cur chun feidhme trí dhíriú ar infheistíochtaí nach féidir leo, mar gheall ar a ngnéithe (gné den leas poiblí, seachtrachtaí, neamhshiméadracht faisnéise, breithnithe comhtháthaithe shocheacnamaíocha nó breithnithe eile), torthaí airgeadais leordhóthanacha ar leibhéal an mhargaidh a ghiniúint nó a meastar go bhfuil ró-riosca ag baint leo (i gcomparáid le leibhéil an riosca a bhfuil na heintitis phríobháideacha ábhartha toilteanach glacadh leo). De bharr na ngnéithe sin, ní féidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta den sórt sin rochtain a fháil ar mhaoiniú margaidh ar choinníollacha réasúnacha ó thaobh praghsála, ceanglais chomhthaobhachta, chineál an mhaoinithe, aibíocht an mhaoinithe a soláthraítear nó coinníollacha eile de agus nach ndéanfaí san Aontas iad in aon chor nó nach ndéanfaí iad a mhéid céanna gan tacaíocht phoiblí;

(2)

chun a mheas gur sa bhreis iad ar thacaíocht atá ann cheana ó fhoinsí eile poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais, ní thacóidh Ciste InvestEU ach leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a bhfuil feidhm ag na coinníollacha seo a leanas ina leith:

(a)

nach mbeadh na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta á ndéanamh nó nach mbeidís á ndéanamh a mhéid céanna ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme gan tacaíocht ó Chiste InvestEU; agus

(b)

nach ndéanfaí na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta nó nach ndéanfaí iad a mhéid céanna san Aontas faoi ionstraimí poiblí eile atá ann cheana, amhail ionstraimí airgeadais faoi bhainistíocht roinnte a fheidhmítear ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal náisiúnta, cé nach mór gur féidir Ciste InvestEU agus foinsí poiblí eile a úsáid go comhlántach, go háirithe i gcás inar féidir breisluach an Aontais a bhaint amach agus inar féidir optamú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as foinsí poiblí chun cuspóirí beartais a bhaint amach ar bhealach éifeachtúil.

Chun a léiriú go bhfuil na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a bhaineann sochar as ráthaíocht AE sa bhreis ar thacaíocht mhargaidh atá ann cheana agus tacaíocht phoiblí eile atá ann, cuirfidh na comhpháirtithe cur chun feidhme faisnéis ar fáil lena léirítear gurb ann do cheann amháin de na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

tacaíocht trí sheasaimh thánaisteacha i ndáil le hiasachtóirí poiblí nó príobháideacha eile nó laistigh den struchtúr cistiúcháin;

(b)

tacaíocht trí chothromas nó cuasachothromas nó trí fhiachas le haibíochtaí fada, praghsáil, ceanglais chomhthaobhachta nó coinníollacha eile nach bhfuil ar fáil go leordhóthanach ar an margadh nó ó fhoinsí poiblí eile;

(c)

tacaíocht d’oibríochtaí a bhfuil próifíl riosca níos airde acu ná an riosca a nglactar go ginearálta leis ag gníomhaíochtaí caighdeánacha na gcomhpháirtithe cur chun feidhme nó tacaíocht do chomhpháirtithe cur chun feidhme agus iad ag gabháil thar a n-acmhainneacht féin chun tacú le hoibríochtaí den sórt sin;

(d)

rannpháirtíocht i sásraí roinnte riosca lena ndírítear ar réimsí beartais a dhéanann an comhpháirtí cur chun feidhme a nochtadh do leibhéil riosca níos airde i gcomparáid leis na leibhéil a nglactar leo go ginearálta ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme nó a bhfuil gníomhaithe príobháideacha airgeadais in ann nó toilteanach a ghlacadh;

(e)

tacaíocht a dhéanann maoiniú príobháideach nó poiblí breise a spreagadh nó a phlódú isteach agus atá ina comhlánú ar fhoinsí príobháideacha agus tráchtála eile, go háirithe ó aicmí infheistíochtaí nó infheistíochtaí institiúideacha a mbíonn col riosca acu go traidisiúnta, mar thoradh ar thionchar comharthaíochta na tacaíochta ó Chiste InvestEU;

(f)

tacaíocht trí tháirgí airgeadais nach bhfuil ar fáil nó nach gcuirtear ar fáil ar leibhéal leordhóthanach sna tíortha nó réigiúin spriocdhírithe de bharr margaí easnaimh, tearcfhorbartha nó neamhiomlána.

I gcás oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta idirghafa, go háirithe i gcomhair tacaíocht FBM, déanfar an bhreisíocht a fhíorú ar leibhéal an idirghabhálaí seachas ar leibhéal an fhaighteora deiridh. Measfar breisíocht a bheith ann i gcás ina dtacaíonn Ciste InvestEU le hidirghabhálaí airgeadais punann nua a chur ar bun ag a bhfuil leibhéal riosca níos airde nó méadú á dhéanamh ar líon na ngníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal riosca acu cheana i gcomparáid leis na leibhéil riosca a bhfuil gníomhaithe airgeadais príobháideacha agus poiblí in ann nó toilteanach glacadh leo sna tíortha nó réigiúin a ndírítear orthu.

Ní dheonófar ráthaíocht AE chun tacú le hoibríochtaí athmhaoiniúcháin (amhail comhaontuithe iasachta atá ann cheana a ionadú nó cineálacha tacaíochta airgeadais eile do thionscadail atá tagtha chun cinn go páirteach nó go hiomlán cheana féin), ach amháin in imthosca eisceachtúla sonracha agus a bhfuil údar cuí leo ina bhfuil sé léirithe leis an oibríocht faoi ráthaíocht AE go ndéanfar infheistíocht nua a chumasú i réimse beartais incháilithe le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi Iarscríbhinn II, ar méid é, sa bhreis ar líon na gníomhaíochta is gnách ón gcomhpháirtí cur chun feidhme nó idirghabhálaí airgeadais, atá comhionann ar a laghad le méid na hoibríochta a chomhlíonann na critéir incháilitheachta a leagtar amach sa Rialachán seo. Le hoibríochtaí athmhaoiniúcháin den sórt sin, urramófar na ceanglais a leagtar amach i roinn A den Iarscríbhinn seo maidir le clistí margaidh, cásanna infheistíochta fo-optamaí agus breisíocht.

B.   

Gníomhaíochtaí eisiata

Ní thacóidh Ciste InvestEU leis an méid seo a leanas:

(1)

gníomhaíochtaí lena gcuirtear srian le cearta agus saoirse aonair nó lena sáraítear cearta an duine

(2)

táirgí nó teicneolaíochtaí, i réimse ghníomhaíochtaí na cosanta, a bhfuil a gcur chun úsáide, a bhforbairt nó a dtáirgeadh toirmiscthe faoin dlí idirnáisiúnta is infheidhme

(3)

táirgí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le tobac (táirgeadh, dáileadh, próiseáil, agus trádáil)

(4)

gníomhaíochtaí a eisiatar ó mhaoiniú de bhun na bhforálacha ábhartha de Rialachán Fís Eorpach: taighde ar chlónáil daoine chun críoch atáirgthe; gníomhaíochtaí taighde atá beartaithe chun oidhreacht ghéiniteach daoine a athrú ar bhealach a bhféadfadh athruithe den sórt sin teacht in oidhreacht; agus gníomhaíochtaí chun suthanna daonna a chruthú chun críoch taighde agus chun na críche sin amháin, nó chun gaschealla a sholáthar, lena n-áirítear trí aistriú núicléas cille sómaí

(5)

cearrbhachas (gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeadh, tógáil, dáileadh, próiseáil, trádáil nó bogearraí)

(6)

trádáil an ghnéis agus bonneagar, seirbhísí agus meáin lena mbaineann

(7)

gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu le hainmhithe beo chun críoch turgnaimh nó eolaíochta a mhéid nach féidir comhlíonadh an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le Cosaint Ainmhithe Veirteabracha a úsáidtear chun críoch Turgnaimh nó chun críoch eile Eolaíochta (1) a ráthú

(8)

gníomhaíochtaí maidir le forbairt eastáit réadaigh, amhail gníomhaíocht arb é an t-aon chuspóir atá léi foirgnimh atá ann cheana a athchóiriú agus a athléasú nó a athdhíol mar aon le tionscadail nua a thógáil; gníomhaíochtaí in earnáil an eastáit réadaigh, áfach, a bhfuil baint acu le cuspóirí sonracha Chlár InvestEU de réir mar a sonraítear in Airteagal 3(2) iad, agus leis na réimsí incháilithe le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi Iarscríbhinn II, amhail infheistíochtaí i dtionscadail éifeachtúlachta fuinnimh nó tithíocht shóisialta, beidh siad incháilithe

(9)

gníomhaíochtaí airgeadais amhail ceannach nó trádáil ionstraimí airgeadais. Go háirithe, idirghabhálacha lena ndírítear ar an gceannach thar barr amach ina bhfuil scamhadh sócmhainní beartaithe leo nó athsholáthar caipitil le haghaidh scamhadh sócmhainní beartaithe leo, déanfar iad a eisiamh

(10)

gníomhaíochtaí toirmiscthe faoin reachtaíocht náisiúnta is infheidhme

(11)

stáisiúin cumhachta núicléiche a dhíchoimisiúnú, a oibriú, a oiriúnú, nó a thógáil

(12)

infheistíochtaí a bhaineann le mianadóireacht nó le heastóscadh, próiseáil, dáileadh, stóráil nó dóchán breoslaí iontaise soladacha agus ola, mar aon le hinfheistíochtaí a bhaineann le heastóscadh gáis. Níl feidhm ag an eisiamh sin i leith na nithe seo a leanas:

(a)

tionscadail i gcás nach ann d’aon teicneolaíocht mhalartach inmharthana;

(b)

tionscadail a bhaineann le truailliú a chosc agus a rianú;

(c)

tionscadail ag a bhfuil fearais chun carbón a ghabháil agus a stóráil, nó chun carbón a ghabháil agus a úsáid; tionscadail thionsclaíocha nó taighde as a n-eascraíonn laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid leis na tagarmharcanna is infheidhme faoi Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí

(13)

infheistíochtaí i saoráidí i gcomhair dhiúscairt na dramhaíola i líonadh talún. Níl feidhm ag an eisiamh sin i leith infheistíochtaí sna nithe seo a leanas:

(a)

saoráidí líonadh talún ar an láthair ar gné choimhdeach iad de thionscadail infheistíochta tionsclaíochta nó mianadóireachta agus i gcás ina bhfuil sé léirithe gurb é an líonadh talún an t-aon rogha inmharthana chun cóireáil a dhéanamh ar an dramhaíl tionsclaíochta nó mianadóireachta a ghintear ag an ngníomhaíocht lena mbaineann féin;

(b)

saoráidí líonta talún atá ann cheana chun úsáid gáis líonta talún a áirithiú agus chun mianadóireacht líonta talún agus athphróiseáil dramhaíola mianadóireachta a chur chun cinn

(14)

infheistíochtaí i ngléasraí cóireála bitheolaíche meicniúla (CBM). Níl feidhm ag an eisiamh sin maidir le hinfheistíochtaí chun saoráidí CBM atá ann cheana a iarfheistiú chun críoch aisghabhála fuinnimh nó oibríochtaí athchúrsála i dtaca le dramhaíl scartha amhail múiríniú agus díleá anaeróbach

(15)

infheistíochtaí i loisceoirí chun dramhaíl a chóireáil. Níl feidhm ag an eisiamh sin i leith infheistíochtaí sna nithe seo a leanas:

(a)

gléasraí atá dírithe ar dhramhaíl ghuaiseach do-athchúrsáilte a chóireáil agus air sin amháin;

(b)

gléasraí atá ann cheana ina ndéantar infheistíocht chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, gáis ídithe a ghabháil lena stóráil nó lena n-úsáid, nó ábhair a aisghabháil ó luaithreach ó loisceoirí ar choinníoll nach mbeidh méadú ar acmhainneacht próiseála dramhaíola an ghléasra mar thoradh ar na hinfheistíochtaí sin.

Leanfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme de bheith freagrach as comhlíonadh na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a áirithiú leis na critéir eisiata a leagtar amach san Iarscríbhinn seo tráth shíniú an chomhaontaithe ábhartha, as faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin le linn an tionscadal a chur chun feidhme agus as gníomhaíochtaí feabhais iomchuí a dhéanamh i gcás inarb ábhartha.


(1)  IO L 222, 24.8.1999, lch. 31.