ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
64 |
|
|
Ceartúcháin |
|
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/1 |
CINNEADH (AE) 2021/524 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Márta 2021
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 15 Meitheamh 2018, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 maidir le cionroinnt na gcuótaí ráta taraife a chuimsítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. |
(2) |
Tugadh an chaibidlíocht leis an bPacastáin i gcrích agus inisilíodh Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 an 25 Eanáir 2021, a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (an “Comhaontú”). |
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a shíniú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Pacastáine de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (1).
Airteagal 2
Údaraítear leis seo d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú atá cumhachtaithe an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Foilseofar téacs an Chomhaontuithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.
RIALACHÁIN
26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/525 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Deireadh Fómhair 2020
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid.
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha (1) a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe Airteagal 85 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 na ceanglais faisnéise le haghaidh substaintí gníomhacha agus táirgí bithicídeacha faoi seach, ar ceanglais iad is gá a chomhlíonadh in iarratas ar fhormheas substainte gníomhaí agus in iarratas ar údarú táirge bhithicídigh. |
(2) |
Is gá na ceanglais faisnéise maidir le substaintí gníomhacha agus táirgí bithicídeacha a mhodhnú chun go gcuirfear san áireamh modhanna nua chun faisnéis níos fearr a ghiniúint faoi airíonna tocsaineolaíocha (amhail greannú, néarthocsaineacht, géineatocsaineacht, etc.), straitéisí tástála nua lena gcuirtear béim ar thástálacha in vitro in ionad tástálacha in vivo chun tástálacha ar ainmhithe veirteabracha a laghdú, agus straitéis tástála agus modhanna chun airíonna réabtha inchrínigh substaintí a chinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún (2). |
(3) |
Ba cheart a mheas go bhfuil sainchomhad iomlán má chomhlíonann sé ceanglais Airteagail 6(1) agus 20(1), agus go háirithe na ceanglais maidir le faisnéis atá in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Maidir le comhairliúcháin réamhiarratais idir an t-iarratasóir ar shubstaint ghníomhach a fhormheas nó ar tháirge bithicídeach a údarú agus an t-údarás inniúil meastóireachta, cuireann na comhairliúcháin sin le cáilíocht an tsainchomhaid agus leis an dul chun cinn sa phróiseas meastóireachta. Chun oibriú rianúil an nós imeachta meastóireachta a áirithiú, ba cheart téacs mhíreanna 5 agus 7, faoi seach, de phointe 2 de na codanna tosaigh d’Iarscríbhinní II agus III a mhodhnú chun a áirithiú go gcuirfidh na hiarratasóirí conclúidí an chomhairliúcháin sin san iarratas. |
(4) |
I gcomhréir le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, maidir le tástálacha a chuirtear isteach chun substaint ghníomhach a fhormheas nó chun táirge bithicídeach a údarú, faoi seach, ní mór iad a dhéanamh i gcomhréir leis na modhanna a thuairiscítear i Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún (3). Ós rud é go bhféadfadh tréimhse a bheith ann idir bailíochtú modha tástála a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 440/2008, ba cheart pointe 5 de na codanna tosaigh d’Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a leasú le go mbeidh iarratasóirí in ann an leagan is nuashonraithe de na modhanna tástála a chur i bhfeidhm. |
(5) |
Tá rialacha sonracha maidir le hoiriúnú na gceanglas faisnéise a liostaítear sa chéad cholún de na táblaí i dTeidil 1 agus 2 d’Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 teoranta d’ábhair imní a bhaineann le dul i muinín na dtástálacha ar veirteabraigh. Ós rud é nach n-áirítear tástálacha ar veirteabraigh i gcuid de na ceanglais atá liostaithe sa chéad cholún sin, ba cheart raon feidhme na n-oiriúnuithe atá liostaithe sa tríú colún de na táblaí atá liostaithe i dTeidil 1 agus 2 d’Iarscríbhinní II agus III a leathnú chun go gcumhdófar cásanna nach mbeidh tástálacha ar veirteabraigh i gceist. |
(6) |
Leagtar amach i bpointe 2 de Theideal 1 d’Iarscríbhinn II na ceanglais faisnéise chun an tsubstaint ghníomhach a shainaithint. Is gá na ceanglais sin a oiriúnú chun gur féidir substaintí gníomhacha a ghintear in situ a shainaithint. |
(7) |
Leagtar amach i bpointe 6 de Theideal 1 d’Iarscríbhinní II agus III na ceanglais maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht substainte gníomhaí nó táirge bhithicídigh, faoi seach, i gcoinne spriocorgánach. Ba cheart an éifeachtacht sin a léiriú freisin maidir le gníomhaíocht substainte gníomhaí in éagmais substaintí eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don éifeachtacht. I gcás earraí cóireáilte, ba cheart éifeachtacht na n-airíonna bithicídeacha a thugtar don earra a léiriú. Ina theannta sin, ní shonraítear sna forálacha reatha maidir le fo-iarmhairtí neamhbheartaithe i bpointe 6 cén cineál orgánach nó réad ar cheart faisnéis a sholáthar fúthu. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil aon bhreathnóireacht ar fho-iarmhairtí míchuibhiúla nó neamhbheartaithe le bheith teoranta d’orgánaigh nach spriocorgánaigh iad nó do réada agus d’ábhar atá le cosaint ag an tsubstaint ghníomhach nó ag an táirge bithicídeach. |
(8) |
Le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ceanglaítear nach ndéanfar tástálacha ar ainmhithe veirteabracha ach mar rogha dheireanach. Agus ceanglais sonraí á leagan síos maidir le substaintí gníomhacha a fhormheas agus maidir le táirgí bithicídeacha a údarú, ba cheart tosaíocht a thabhairt do mhodhanna iontaofa in vitro in ionad modhanna in vivo a éilíonn úsáid ainmhithe veirteabracha. Dá bhrí sin, is gá na straitéisí tástála atá san áireamh in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a oiriúnú do threoirlínte tástála in vitro na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus do chaighdeáin idirnáisiúnta eile, ar treoirlínte iad a bailíochtaíodh le déanaí. |
(9) |
An tástáil in vivo sintéise DNA neamhsceidealta (“UDS”), tástáil a bhfuil teorainneacha bunúsacha agus íogaireacht íseal aici, is í sin an chéad cheanglas sainordaitheach faoi láthair chun obair leantach a dhéanamh ar thástáil dhearfach in vitro ar shóchán géinte. Tháinig Coiste Eolaíoch an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (4) ar an gconclúid, i dtuairim a foilsíodh i mí na Samhna 2017, nach cruthúnas iad torthaí diúltacha UDS nach spreagann substaint sóchán géinte. Ba cheart, dá bhrí sin, an tagairt don tástáil UDS a bhaint agus tagairt do staidéar iomchuí in vivo ar ghéineatocsaineacht i gcealla sómacha a chur ina hionad. |
(10) |
Éilíonn na ceanglais reatha maidir le sonraí in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go n-úsáidfí staidéar tocsaineachta ar atáirgeadh thar dhá ghlúin (“TGRTS”) chun tocsaineacht atáirgthe substainte a imscrúdú. Sonraítear san Iarscríbhinn sin freisin gur féidir an staidéar tocsaineachta leathnaithe ar atáirgeadh thar ghlúin amháin (“EOGRTS”) a mheas mar chur chuige malartach i leith TGRTS. Cuireann EOGRTS roinnt buntáistí ar fáil i gcomparáid le TGRTS mar, anuas ar an measúnú a dhéantar leis ar na héifeachtaí ar an gcóras atáirgthe fireann agus baineann, déantar measúnú leis ar na héifeachtaí a bhfuil níos mó tocsaineolaíochta ag baint leo agus a bhaineann le modh gníomhaíochtaí réabtha inchrínigh. Dá bhrí sin, mura bhfuil aon TGRTS ar fáil, ba cheart EOGRTS a dhéanamh ina ionad. |
(11) |
Is féidir le nochtadh do néaratocsainí sa bhroinn nó le linn na hóige cur le neamhoird néarafhorbartha agus néareolaíocha éagsúla nach dtagann chun solais go dtí go n-éiríonn an duine níos sine, agus a d’fhéadfadh cur le galair néarmheathlúcháin, galar Parkinson nó galar Alzheimer, mar shampla. Chun aghaidh a thabhairt ar an imní sin, ba cheart treoirlínte tástála a bheith in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar treoirlínte iad chun substaintí gníomhacha, a d’fhéadfadh a bheith tocsaineach don inchinn atá ag forbairt, a scagadh go leordhóthanach agus a saintréithe a léiriú. |
(12) |
Mar gheall ar struchtúr reatha na gceanglas faisnéise a bhaineann le sonraí sláinte agus cóireáil leighis i bpointí 8.12.1 go 8.12.8 de Theideal 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, d’fhéadfaí faisnéis fhorluiteach a thíolacadh faoi roinnt de na pointí sin. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais sonraí a chuíchóiriú chun costais chomhlíonta a laghdú agus chun moilleanna neamhriachtanacha sa mheastóireacht ar iarratais a laghdú. |
(13) |
Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag substaintí ar an gcóras imdhíonachta. Ós rud é, áfach, nach bhfuil aon staidéar sonrach tocsaineachta imdhíonachta forbartha ar fáil i dtreoirlíne tástála ECFE, ba cheart a cheangal go gcuirfí sonraí ábhartha ar fáil mar thacar sonraí breise. |
(14) |
Is dúbláil é pointe 8.18 de Theideal 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar ábhar phointe 13 den Teideal sin agus ba cheart, dá bhrí sin, é a scriosadh. |
(15) |
Ba cheart pointe 9.1.1 de Theideal 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a leasú d’fhonn a shoiléiriú cathain a bheidh tástáil le déanamh ar thocsaineacht fhadtéarmach in éisc. Ba cheart liosta mhodhanna tástála ECFE i bpointe 9.1.6.1 a ionadú chun go gcuirfí san áireamh na forbairtí leanúnacha maidir leis na ceanglais faisnéise atá ar staidéir ar thocsaineacht fhadtéarmach in éisc. |
(16) |
Tá roinnt ceanglas faisnéise do mhiocrorgánaigh atá i dTeideal 2 d’Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 forluiteach le forálacha eile sna hIarscríbhinní nó níl siad ábhartha maidir le miocrorgánaigh. Ba cheart, dá bhrí sin, Teideal 2 d’Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a leasú chun forluí den sórt sin agus ceanglais faisnéise neamhábhartha a dhíothú. |
(17) |
Leis an gceathrú mír de phointe 2 den chuid réamhráiteach d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, maidir le substaintí neamhghníomhacha, foráiltear go n-úsáidfidh na hiarratasóirí an fhaisnéis a sholáthraítear dóibh i gcomhthéacs Theideal IV de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart an mhír sin a leasú chun a shoiléiriú go bhféadfadh sé go mbeidh ar iarratasóirí faisnéis bhreise a sholáthar maidir le substaintí ar údar imní iad i dtáirgí bithicídeacha go háirithe chun tacar sonraí a thíolacadh lena bhféadfar a n-airíonna réabtha inchrínigh a shainaithint. |
(18) |
Chun nach gcuirfear ualach díréireach ar oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart a mheas gurb iomchuí tástálacha áirithe, tástálacha a cheanglaítear le hIarscríbhinní II nó III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a tionscnaíodh cheana nó a rinneadh roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun aghaidh a thabhairt ar na ceanglais faisnéise. |
(19) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a cheadú sula dtiocfaidh na ceanglais maidir le sonraí, arna modhnú leis an Rialachán Tarmligthe seo, chun a bheith infheidhme ionas gur féidir leis na hiarratasóirí na socruithe is gá a dhéanamh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. Ar mhaithe le sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus an comhshaol a chosaint, áfach, ba cheart cead a bheith ag na hiarratasóirí na hathruithe a tugadh isteach leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhonn deonach roimh dháta a chur i bhfeidhm. |
(20) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
D’ainneoin dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leagtar síos in Airteagal 3, maidir le hiarratais ar shubstaint ghníomhach a fhormheas agus maidir le hiarratais ar údarú táirge bhithicídigh a cuireadh isteach roimh an 15 Aibreán 2022, déanfar meastóireacht orthu bunaithe ar na ceanglais faisnéise is infheidhme an lá a chuirfear isteach na hiarratais sin.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 15 Aibreán 2022.
De mhaolú air sin, féadfaidh iarratasóirí a roghnú na ceanglais sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ón 15 Aibreán 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Deireadh Fómhair 2020
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 lena leagtar amach critéir eolaíocha chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 301, 17.11.2017, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 142, 31.5.2008, lch. 1).
(4) Tuairim Eolaire maidir le roinnt gnéithe a bhaineann le measúnú ar ghéineatocsaineacht a shoiléiriú. Iris EFSA 2017;15(12):5113, 25 pp.https://doi. org/10.2903/j.efsa.2017,5113.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena gcobhsaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 mar a leanas:
(1) |
leasaítear an chuid tosaigh mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear an tábla i dTeideal 1 mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear an tábla i dTeideal 2 mar a leanas:
|
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clárú, meastóireacht, údarú agus srianadh ceimiceán (REACH) (IO L 142, 31.5.2008, lch. 1).””
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 mar a leanas:
(1) |
leasaítear an chuid tosaigh mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear an tábla i dTeideal 1 mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear an tábla i dTeideal 2 mar a leanas:
|
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clárú, meastóireacht, údarú agus srianadh ceimiceán (REACH) (IO L 142, 31.5.2008, lch. 1).””
26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/29 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/526 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Deireadh Fómhair 2020
lena gceartaítear an leagan Seicise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (1), agus go háirithe Airteagal 111(1), pointe (c), Airteagal 234, Airteagal 241, pointí (a) agus (c), Airteagal 245(4), Airteagal 248(7) agus Airteagal 260(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Sa leagan Seicise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún (2), tá earráidí in Airteagal 182(1), in Airteagal 190(1) agus (2), in Airteagal 331(1), pointe (a), in Airteagal 332(1), an abairt tosaigh agus pointe (a), in Airteagal 333(1), an abairt tosaigh agus pointe (a), in Airteagal 335(1), pointí (a), (b) agus (d), in Airteagal 343(5), pointe (a)(iv), in Airteagal 346(1), pointe (a), in Airteagal 350(1), pointe (a), in Airteagal 351(1), in Airteagal 351(2), pointe (c), in Airteagal 352(2), in Airteagal 355(4), pointe (b), in Airteagal 377(1) agus in Airteagal 380, pointe (b)(i), a athraíonn brí an téacs. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Seicise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Deireadh Fómhair 2020
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 335, 17.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1).
26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/30 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/527 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Nollaig 2020
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na tairseacha le haghaidh tuairisciú suímh sheachtainiúil
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 58(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún (2), in Airteagal 83 de, bunaítear na híostairseacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 58(1) de Threoir 2014/65/AE, ar os a gcionn a cheanglaítear ar ionaid trádála tuarascálacha seachtainiúla dá dtagraítear in Airteagal 58(1)(a) den Threoir sin a chur ar fáil don phobal. |
(2) |
Ba cheart an íostairseach maidir le méid na suíomhanna oscailte a leasú chun trédhearcacht a sholáthar do pháirtithe leasmhara i ndáil le raon níos leithne díorthach tráchtearraí. Níor cheart go mbeadh foilsiú tuarascálacha suímh seachtainiúla ag brath a thuilleadh ar mhéid an leasa oscailte i gcomparáid le méid an tsoláthair inseachadta, seachas sin ba cheart é a bheith bunaithe ar chritéir níos simplí, eadhon méid an leasa oscailte sa díorthach tráchtearraí sin. |
(3) |
Maidir le tairseach leasa oscailte, ba cheart tuarascálacha suímh seachtainiúla a fhoilsiú ina bhfuil an leas oscailte foriomlán i spotchonarthaí agus i gconarthaí míonna eile cothrom le, nó níos mó ná, 10 000 beart, chun a áirithiú go bhfuil leas leordhóthanach i ndíorthach tráchtearraí chun údar a thabhairt le foilsiú tuairiscí suímh seachtainiúla. |
(4) |
Chun an riosca go ndéanfaí sárú rúndachta i leith sealbhóirí suímh a laghdú, i gcás conarthaí ina n-áirítear níos lú ná cúig shealbhóir suímh ghníomhaigh i gcatagóir daoine, níor cheart aon fhaisnéis maidir leis an gcatagóir daoine sin a áireamh sa tuarascáil suímh sheachtainiúil a fhoilsítear. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 a leasú dá réir sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 83 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 mar a leanas:
(1) |
leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcás conarthaí ina bhfuil níos lú ná cúig shealbhóir suímh i gcatagóir daoine ar leith, ní fhoilseofar na suíomhanna fada agus gearra comhiomlána, na hathruithe a ndearnadh orthu ón tuarascáil roimhe sin, an céatadán den leas oscailte iomlán sa chatagóir sin ná líon na sealbhóirí suímh sa chatagóir sin.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2020.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla agus coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainithe chun críoch na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).
26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/32 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/528 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Nollaig 2020
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híosmhéid faisnéise an doiciméid atá le foilsiú le haghaidh díolúine ó réamheolaire i dtaca le táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe, cumasc nó deighilt
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (1), agus go háirithe Airteagal 1(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun na caighdeáin is airde i dtaca le cosaint infheisteoirí a sholáthar ar fud an Aontais agus chun cabhrú le hinfheisteoirí cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh, sa doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 1(4), i bpointe (f) agus i bpointe (g) d’Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, i bpointe (e) agus i bpointe (f), de Rialachán (AE) 2017/1129 (“doiciméad díolúine”) ba cheart go mbeadh faisnéis leordhóthanach, oibiachtúil agus intuigthe maidir leis na cuideachtaí atá páirteach san idirbheart, na cearta a ghabhann leis na hurrúis chothromais sin, ionchais eisitheoir na n-urrús cothromais sin agus, ag brath ar chineál idirbheart na cuideachta is táirgí, nó na cuideachta atá á fáil nó na cuideachta atá á deighilt. |
(2) |
Chun a áirithiú go soláthrófar an fhaisnéis is gá d’infheisteoirí chun cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh, ba cheart doiciméad díolúine níos cuimsithí a bheith ina cheangal i gcás táthcheangail trí bhíthin tairiscint mhalartaithe a chomhlíonann coinníoll Airteagal 1(6ú), pointe (b) de Rialachán (AE) 2017/1129 i gcás nach bhfuil na hurrúis chothromais a thairgtear idirmhalartach le hurrúis ar ann dóibh cheana a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte roimh an táthcheangal agus an t-idirbheart atá gaolmhar leis, nó i ngcás ina meastar gur idirbheart éadála droim ar ais an táthcheangal. I gcás den sórt sin, ba cheart inneachar leathnaithe an doiciméid díolúine a shonrú. |
(3) |
Chun costais ar infheisteoirí nach gá a theorannú, ba cheart doiciméad díolúine a bheith níos éadroime, i gcás, i ndáil le hidirbheart, ina bhfuil na hurrúis chothromais a thairgtear don phobal nó atá le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte idirmhalartach le hurrúis chothromais a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus nach bhfuil iontu ach céatadán beag de na hurrúis chothromais sin. I gcás den sórt sin, ba cheart inneachar leathnaithe an doiciméid díolúine a shonrú. Mar sin féin, i gcás den sórt sin, níor cheart cosc a chur ar eisitheoir leas a bhaint as na díolúintí a leagtar síos sa chéad fhomhír d’ Airteagal 1(5), i bpointe (a) nó i bpointe (b) de Rialachán (AE) 2017/1129. |
(4) |
Chun dréachtú an doiciméid díolúine a shimpliú agus chun laghdú a dhéanamh ar na costais a bhaineann lena tháirgeadh, ba cheart cead a bheith ag eisitheoirí faisnéis áirithe a foilsíodh cheana i bhfoirm leictreonach a chorprú sa doiciméad sin de réir tagairtí, ar choinníoll go bhfuil rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin agus go bhfuil sí scríofa sa teanga chéanna leis an doiciméad díolúine. |
(5) |
Ba cheart go dtuigfeadh infheisteoirí do chás eisitheora a bhfuil stair chasta airgeadais aige nó a thug tiomantas suntasach airgeadais, agus sa chás sin d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le faisnéis a nochtadh faoi eintiteas eile seachas an t-eisitheoir. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh sé d’oibleagáid ar eisitheoirí tuairisc a thabhairt ar a stair chasta airgeadais nó ar éifeachtaí an tiomantais shuntasaigh airgeadais a tugadh ar an eisitheoir nó ar ghnó an eisitheora sa doiciméad díolúine. |
(6) |
D’fhonn a áirithiú gur doiciméad inúsáidte ag infheisteoirí a bheidh i ndoiciméad díolúine, is gá a shonrú gur faoin údarás inniúil náisiúnta atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an teanga ina ndréachtófar an doiciméad sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
Ciallaíonn “idirbheart” táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe, cumasc nó roinnt dá dtagraítear in Airteagal 1(4), i bpointe (f) nó i bpointe (g) d’Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, i bpointe (e) nó i bpointe (f) de Rialachán (AE) 2017/1129, idirbheart ar comhlíonadh na coinníollacha a leagadh síos ina leith in Airteagal 1(6a) nó in Airteagal 1(6b) den Rialachán sin; |
(b) |
Ciallaíonn “doiciméad díolúine” doiciméad atá le cur ar fáil don phobal i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2017/1129 a bheidh i dteideal díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcás idirbhirt; |
(c) |
ciallaíonn “cuideachta is táirgí” cuideachta is táirgí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); |
(d) |
Ciallaíonn “cuideachta atá á fáil” cuideachta a aistríonn sócmhainní agus dliteanais chuig cuideachta éadála de thoradh aon chumasc ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos ina leith in Airteagal 1(6b) de Rialachán (AE) 2017/1129; |
(e) |
Ciallaíonn “cuideachta atá á deighilt” cuideachta a aistríonn sócmhainní agus dliteanais chuig cuideachta a fhaigheann ranníocaíochtaí de thoradh aon chumasc ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos ina leith in Airteagal 1(6b) de Rialachán (AE) 2017/1129; |
(f) |
ciallaíonn “tuairisceoir” tairgeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(i) de Rialachán (AE) 2017/1129. |
Airteagal 2
Íosmhéid faisnéise an doiciméid díolúine
1. I ndoiciméad díolúine beidh an fhaisnéis ábhartha is gá chun cabhrú le hinfheisteoirí na nithe seo a leanas a thuiscint:
(a) |
ionchais eisitheoir na cuideachta, agus, ag brath ar chineál an idirbhirt, ionchais na cuideachta is táirgí, na cuideachta atá á fáil nó na cuideachta atá á deighilt, agus aon athrú suntasach ar staid ghnó agus airgeadais gach ceann de na cuideachtaí sin a tharla ó dheireadh na bliana airgeadais roimhe sin; |
(b) |
na cearta a théann leis na hurrúis chothromais; |
(c) |
tuairisc ar an idirbheart agus an tionchar a bheidh aige ar an eisitheoir. |
Déanfar an fhaisnéis atá i ndoiciméad díolúine a scríobh agus a chur i láthair i bhfoirm atá éasca a anailísiú, gonta agus sothuigthe agus cabhróidh sí le hinfheisteoirí cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh.
I ndoiciméad díolúine beidh an t-íosmhéid fhaisnéise dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
San áireamh i ndoiciméad díolúine, áfach, beidh an t-íosmhéid faisnéise dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
baineann an doiciméad díolúine le táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos ina leith in Airteagal 1(6a), pointe (b) de Rialachán (AE) 2017/1129; |
(b) |
níl na hurrúis chothromais idirmhalartach le hurrúis ar ann dóibh cheana a ligeadh isteach cheana féin chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte roimh an táthcheangal nó an t-idirbheart atá gaolmhar leis, nó ní mheastar gur idirbheart éadála droim ar ais an táthcheangal de réir bhrí mhír B19 de na caighdeáin idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais (IFRS) 3, Comhcheangail Ghnó, arna ghlacadh ag Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (3). |
2. De mhaolú ar mhír 1 agus gan dochar do phointe (a) ná do phointe (b) Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, Rialachán (AE) 2017/1129, i gcás, i ndáil le hidirbheart, ina dtairgtear na hurrúis chothromais don phobal nó ina bhfuil siad le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus go bhfuil siad idirmhalartach le hurrúis chothromais a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus nach mó ná 10 % de na hurrúis chothromais iad, ní bheidh sa doiciméad díolúine ach an t-íosmhéid faisnéise dá dtagraítear i roinn 1, i roinn 3 agus i roinn 5 agus i míreanna 2.2 agus 4.2 d’iarscríbhinn I.
Airteagal 3
Corprú de réir tagairtí
1. Féadfar faisnéis a chorprú de réir tagairtí i ndoiciméad díolúine i gcás inár foilsíodh an fhaisnéis sin go leictreonach cheana nó ina bhfoilsítear go leictreonach í an tráth céanna, inár tarraingíodh suas í i dteanga a chomhlíonann ceanglais Airteagal 5 den Rialachán seo agus i gcás ina bhfuil sí le fáil i gceann de na doiciméid seo a leanas:
(a) |
doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/1129; |
(b) |
doiciméid a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 2004/25/CE; |
(c) |
doiciméid a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta lena dtrasuítear Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4); |
(d) |
doiciméid eile a fhoilsítear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás ina bhfuil na doiciméid sin ábhartha don idirbheart. |
Is í an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil don eisitheoir, don chuideachta is táirgí, don chuideachta atá á fáil nó don chuideachta atá á deighilt.
2. I gcás nach ndéantar ach míreanna áirithe faisnéise a chorprú de réir tagairtí, beidh ráiteas sa doiciméad díolúine á rá nach bhfuil na codanna neamhchorpraithe ábhartha don infheisteoir nó go bhfuil siad san áireamh in áit eile sa doiciméad díolúine.
3. Áiritheoidh na daoine atá freagrach as an doiciméad díolúine go mbeidh rochtain éasca ar fhaisnéis a corpraíodh sa doiciméad díolúine sin de réir tagairtí.
4. I ndoiciméad díolúine ina bhfuil faisnéis a corpraíodh de réir tagairtí, beidh liosta crostagartha a chabhróidh le hinfheisteoirí míreanna sonracha faisnéise a shainaithint go héasca agus beidh hipearnaisc ann chuig gach doiciméad ina bhfuil faisnéis a corpraíodh de réir tagairtí.
Airteagal 4
Stair chasta airgeadais agus tiomantas suntasach airgeadais
1. I gcás ina bhfuil stair chasta airgeadais ag eisitheoir na n-urrús cothromais dá dtagraítear in Airteagal 18(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún (5), nó más rud é gur thug sé tiomantas suntasach airgeadais dá dtagraítear in 18(4) den Rialachán, is í an fhaisnéis uile dá dtagraítear is in Iarscríbhinn I a bheidh sa doiciméad díolúine seo nó, i gcás i gcás inarb infheidhme, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an eintiteas seachas an t-eisitheoir amhail gurbh é an t-eintiteas sin eisitheoir na n-urrús cothromais, a mhéid go dteastaíonn an fhaisnéis sin ó na hinfheisteoirí chun cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo.
San fhaisnéis bhreise sin sonrófar na héifeachtaí a mheastar a bheidh ag an idirbheart, mar a shainítear in Airteagal 1(a) den Rialachán seo, ar an eisitheoir nó ar ghnólacht an eisitheora, agus na héifeachtaí a bheidh ag an stair chasta airgeadais ag an tiomantas suntasach airgeadais ar an eisitheoir nó ar ghnó an eisitheora.
2. Beidh míniú soiléir ag gabháil leis an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 1 ar an bhfáth a bhfuil an fhaisnéis sin de dhíth ar infheisteoirí chun cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh.
3. Eisitheoir nach bhfuil in ann an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, míneoidh sé an chúis atá leis sin sa doiciméad díolúine.
Airteagal 5
Teangacha atá le húsáid
Déanfar doiciméad díolúine a tharraingt suas i dteanga a nglacann an t-údarás inniúil léi mar a shainítear i bpointe (o) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/1129.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2020.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 168, 30.6.2017, lch. 12.
(2) Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12).
(3) Rialachán (CE) Uimh 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).
(4) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169 30.6.2017, lch. 46).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid, inneachar, grinnscrúdú agus formheas an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 (IO L 166, 21.6.2019, lch. 26).
IARSCRÍBHINN I
ÍOSMHÉID FAISNÉISE AN DOICIMÉID DÍOLÚINE
Airteagal 2(1), tríú fomhír, agus Airteagal 2(2)
ROINN 1 |
DAOINE ATÁ FREAGRACH AS AN DOICIMÉAD DÍOLÚINE, FAISNÉIS TRÍÚ PÁIRTÍ AGUS TUARASCÁIL Ó SHAINEOLAITHE A THARRAINGT SUAS |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 1.1 |
Sainaithint na ndaoine atá freagrach as an doiciméad díolúine a tharraingt suas Na daoine uile atá freagrach as an bhfaisnéis nó as aon chuid di, a thugtar sa doiciméad díolúine, a shainaithint, agus, sa chás sin, léiriú ar na codanna sin. I gcás daoine nádúrtha, lena n-áirítear comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an eisitheora, ainm agus feidhm an duine a shainaithint; i gcás daoine dlítheanacha, an t-ainm agus an oifig chláraithe a shainaithint. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 1.2 |
Ráiteas freagrachta Dearbhú uathu siúd atá freagrach as an doiciméad díolúine go bhfuil an fhaisnéis atá sa doiciméad díolúine, chomh fada lena n-eolas, i gcomhréir leis na fíorais agus nach bhfuil aon easnamh sa doiciméad díolúine a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí. I gcás inarb infheidhme, dearbhú uathu siúd atá freagrach as codanna áirithe den doiciméad díolúine go bhfuil an fhaisnéis sna codanna sin den doiciméad díolúine a bhfuil siad freagrach astu, chomh fada lena n-eolas, i gcomhréir leis na fíorais agus nach bhfuil aon easnamh sna codanna sin den doiciméad díolúine a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 1.3 |
Ráiteas nó tuarascáil ó shaineolaí I gcás ina bhfuil ráiteas nó tuarascáil a luaitear le duine mar shaineolaí san áireamh sa doiciméad díolúine, na mionsonraí a leanas a sholáthar i leith an duine sin:
I gcás inar táirgeadh an ráiteas nó an tuarascáil arna iarraidh sin don eisitheoir, luafar ann gur cuireadh an ráiteas nó an tuarascáil sin san áireamh sa doiciméad díolúine le toiliú an duine a d’údaraigh a bhfuil sa chuid sin den doiciméad díolúine. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 1.4 |
Faisnéis a fuair tríú páirtí I gcás ina bhfuarthas faisnéis ó thríú páirtí, deimhniú a thabhairt gur atáirgeadh an fhaisnéis sin go cruinn agus a mhéid is eol don eisitheoir agus gur féidir leis a fháil amach ó fhaisnéis a d’fhoilsigh an tríú páirtí sin, nár fágadh aon fhíoras ar lár a d’fhágfadh go mbeadh an fhaisnéis a atáirgeadh míchruinn nó míthreorach. Ina theannta sin, foinse nó foinsí na faisnéise a shainaithint. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 1.5 |
Ráitis rialála Ráiteas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ROINN 2 |
FAISNÉIS FAOIN EISITHEOIR AGUS FAOIN gCUIDEACHTA IS TAIRGÍ, FAOIN gCUIDEACHTA ATÁ Á FÁIL NÓ FAOIN gCUIDEACHTA ATÁ Á DEIGHILT |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mura luaitear a mhalairt, soláthrófar na míreanna a liostaítear i Roinn 2 don eisitheoir agus, ag brath ar chineál an idirbhirt, don chuideachta is tairgí, don chuideachta atá á fáil nó don chuideachta atá á deighilt. I gcás gur grúpa é ceann de na heintitis réamhluaite agus inar foilsíodh na ráitis airgeadais chomhdhlúite cheana, cuirfear an fhaisnéis a liostaítear sa roinn seo i láthair ar bhonn comhdhlúite. I gcás urrúis chothromais seachas scaireanna, cuirfear na míreanna a liostaítear i Roinn 2 ar fáil freisin d’eisitheoir na scaireanna foluiteacha, i gcás nach ionann iad agus eisitheoir na n-urrús cothromais. I gcás táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe, mura bhfuil an fhaisnéis a iarradh faoin gcuideachta is tairgí ar fáil, cuirfear ráiteas á rá sin ar fáil. |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.1 |
Faisnéis ghinearálta |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.1.1 |
An t-ainm dlítheanach agus tráchtála |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.1.2 |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.1.3 |
Ainmneacha na n-iniúchóirí le haghaidh na tréimhse a chumhdaítear leis na ráitis airgeadais agus ainm an chomhlachta ghairmiúil nó na gcomhlachtaí gairmiúla ar comhaltaí de nó díobh iad. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.2 |
Forléargas gnó |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.2.1 |
Na príomhghníomhaíochtaí, lena n-áirítear na príomhchatagóirí táirgí a díoladh agus/nó seirbhísí a rinneadh sa bhliain airgeadais dheireanach. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.2.2 |
Aon athrú suntasach a bhfuil tionchar aige ar na hoibríochtaí agus ar na príomhghníomhaíochtaí ó dheireadh na tréimhse a chumhdaítear leis na ráitis airgeadais iniúchta is déanaí a foilsíodh. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.2.3 |
Tuairisc ghairid ar na príomh-mhargaí, lena n-áirítear miondealú ar an ioncam iomlán de réir deighleog oibriúcháin agus de réir margadh geografach don bhliain airgeadais dheireanach. I gcás deighilte, tagróidh an tuairisc dá dtagraítear sa chéad mhír do na príomh-mhargaí ina bhfuil sócmhainní príomha agus dliteanais príomha na cuideachta atá á deighilt lonnaithe. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.3 |
Infheistíochtaí Tuairisc ar na hinfheistíochtaí ábhartha a rinneadh ón dáta ar foilsíodh na ráitis airgeadais dheireanacha agus atá ar siúl agus/nó a bhfuil gealltanais dhaingne déanta cheana ina leith, mar aon le foinse na gcistí réamh-mheasta. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.4 |
Rialachas corparáideach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.4.1 |
Ainmneacha, seoltaí gnó agus feidhmeanna laistigh den eisitheoir nó, ag brath ar chineál an idirbhirt, an fhaisnéis sin faoin gcuideachta is tairgí, faoin gcuideachta atá á fáil nó faoin gcuideachta atá á deighilt, faoi chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta agus, i gcás comhpháirtíocht theoranta le scairchaipiteal, faoi chomhpháirtithe ag a mbeidh dliteanas neamhtheoranta. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.4.2 |
Céannacht na scairshealbhóirí móra |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.4.3 |
Líon na bhfostaithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.5 |
Faisnéis airgeadais |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.5.1 |
Ráitis airgeadais Ráitis airgeadais (ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla) a foilsíodh sna 12 mhí roimh fhoilsiú an doiciméid díolúine. I gcás inar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla araon, ní theastóidh ach na ráitis bhliantúla i gcás ina n-iardhátaíonn siad na ráitis airgeadais leathbhliantúla. Beidh na tuarascálacha iniúchóireachta ar áireamh sna ráitis airgeadais. I gcás inar dhiúltaigh iniúchóirí reachtúla tuarascálacha iniúchóireachta ar na ráitis airgeadais nó ina bhfuil cáilíochtaí, modhnuithe tuairime, séantaí nó béim ar ábhar iontu, ní mór an chúis atá leis sin a thabhairt, agus ní mór na cáilíochtaí, modhnuithe, séantaí nó an bhéim ar ábhar sin a atáirgeadh ina n-iomláine. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.5.1.a (Cumaisc amháin) |
De mhaolú ar mhír 2.5.1, i gcás nach bhfuil urrúis chothromais ag an gcuideachta atá á fáil a ligeadh isteach chun a dtrádála cheana féin ar mhargadh rialáilte, soláthróidh an chuideachta na ráitis airgeadais iniúchta (na cinn bhliantúla agus leathbhliantúla) a glacadh thar na 12 mhí roimh fhoilsiú an doiciméid díolúine. I gcás inar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla araon, ní theastóidh ach na ráitis bhliantúla i gcás ina n-iardhátaíonn siad na ráitis airgeadais leathbhliantúla. Beidh na tuarascálacha iniúchóireachta ar áireamh sna ráitis airgeadais. I gcás inar dhiúltaigh iniúchóirí reachtúla tuarascálacha iniúchóireachta ar na ráitis airgeadais nó ina bhfuil cáilíochtaí, modhnuithe tuairime, séantaí nó béim ar ábhar iontu, ní mór an chúis atá leis sin a thabhairt, agus ní mór na cáilíochtaí, modhnuithe, séantaí nó an bhéim ar ábhar sin a atáirgeadh ina n-iomláine. I gcás nach mbeidh ráitis airgeadais iniúchta ag an gcuideachta atá á fáil, soláthróidh sí ráitis airgeadais a ullmhaíodh le 12 mhí anuas agus ráiteas diúltach á rá nach ndearnadh athbhreithniú ná iniúchadh ar na ráitis airgeadais. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.5.2 |
Caighdeáin chuntasaíochta Ullmhófar an fhaisnéis airgeadais i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais mar a formhuiníodh san Aontas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). I gcás nach bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, déanfar an fhaisnéis airgeadais a ullmhú i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.5.3 |
Ina theannta sin, cuirfear san áireamh tuairisc ar aon athrú suntasach ar an riocht airgeadais atá tarlaithe ó dheireadh na tréimhse airgeadais deireanaí ar ina leith a foilsíodh ráitis airgeadais iniúchta nó faisnéis airgeadais eatramhach, nó i gcás nár tharla aon athrú suntasach den sórt sin, ráiteas á rá sin. I gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi aon treocht, neamhchinnteacht, éileamh, gealltanas nó teagmhas aitheanta ar dócha le réasún go mbeadh éifeacht ábhartha acu ar an eisitheoir agus, ag brath ar chineál an idirbhirt, ar an gcuideachta is tairgí, ar an gcuideachta atá á fáil nó ar an gcuideachta atá á deighilt don bhliain airgeadais reatha ar a laghad. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.5.4 |
I gcás inarb infheidhme, an tuarascáil bainistíochta dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 29 de Threoir 2013/34/AE. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.6 |
Imeachtaí dlí agus eadrána Faisnéis faoi aon imeachtaí rialtasacha, dlíthiúla nó eadrána (lena n-áirítear aon imeachtaí den sórt sin atá ar feitheamh nó faoi bhagairt, a bhfuil an t-eisitheoir, an chuideachta is tairgí, an chuideachta atá á fáil nó an chuideachta atá á deighilt ar an eolas fúthu), le linn tréimhse a chuimsíonn ar a laghad na 12 mhí roimhe sin a bhféadfadh éifeachtaí suntasacha a bheith acu, nó a raibh éifeachtaí suntasacha acu sa tréimhse a chuaigh thart le déanaí, ar an eisitheoir, ar an gcuideachta is tairgí, ar an gcuideachta atá á fáil, ar an gcuideachta atá á deighilt nó ar riocht nó brabúsacht an ghrúpa, nó ráiteas diúltach iomchuí a sholáthar. I gcás deighilte, san fhaisnéis faoi imeachtaí dlíthiúla agus eadrána tagrófar do na sócmhainní agus do na dliteanais ar cuspóir na deighilte iad. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 2.7 |
Achoimre na faisnéise a nochtar faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) I gcás eintitis a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, achoimre ar an bhfaisnéis a nochtadh faoin Rialachán sin le 12 mhí anuas, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha ar dháta an doiciméid díolúine. Cuirfear an achoimre i láthair i bhfoirm atá éasca a anailísiú, gonta agus sothuigthe agus ní bheidh sí ina macasamhlú ar fhaisnéis a foilsíodh cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014. Cuirfear an achoimre i láthair i líon teoranta catagóirí, ag brath ar a n-ábhar. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ROINN 3 |
TUAIRISC AR AN IDIRBHEART |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.1 |
Feidhm agus cuspóirí an idirbhirt |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.1.1 |
Cuspóir an idirbhirt don eisitheoir agus dá scairshealbhóirí. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.1.2 |
Cuspóir an idirbhirt don chuideachta is tairgí, don chuideachta atá á fáil nó don chuideachta atá á deighilt agus dá scairshealbhóirí. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.1.3 |
Tuairisc ar aon sochar a mheastar a eascróidh as an idirbheart. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.2 |
Coinníollacha an idirbhirt |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.2.1 |
Faisnéis faoi nósanna imeachta agus faoi théarmaí an idirbhirt agus faoi dhlí rialaithe an chomhaontaithe lena bhforghníomhaítear an t-idirbheart. I gcás táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe, beidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 6(3) de Threoir 2004/25/CE sa doiciméad díolúine, sin nó léiriú ar an áit a bhféadfar teacht ar an bhfaisnéis sin chun í a léamh. I gcás cumaisc, beidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 91(2) nó le hAirteagal 122 de Threoir (AE) 2017/1132, ag brath ar an gcineál cumaisc, sin nó léiriú ar an áit a bhféadfar teacht ar an bhfaisnéis sin chun í a léamh. I gcás deighilte, beidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 137(2) de Threoir (AE) 2017/1132 sa doiciméad díolúine, sin nó léiriú ar an áit a bhféadfar teacht ar an bhfaisnéis sin chun í a léamh. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.2.2 |
I gcás inarb infheidhme, aon choinníoll a bhfuil éifeachtacht an idirbhirt faoina réir, lena n-áirítear aon ráthaíocht. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.2.3 |
I gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis maidir le táillí briste nó pionóis eile a d’fhéadfadh a bheith iníoctha mura gcuirtear an t-idirbheart i gcrích. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.2.4 |
I gcás ina mbeidh an t-idirbheart faoi réir aon fhógra agus/nó aon iarraidh ar údaruithe, tuairisc ar na fógraí sin agus/nó iarrataí ar údaruithe. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.2.5 |
I gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis uile is gá chun struchtúr maoinithe an idirbhirt a thuiscint ina hiomláine. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.2.6 |
Tráthchlár an idirbhirt. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.3 |
Fachtóirí priacail Tuairisc, i líon teoranta catagóirí, ar na priacail ábhartha a bhaineann go sonrach leis an idirbheart, i roinn dar ceannteideal “Fachtóirí priacail a bhaineann leis an idirbheart”. I ngach catagóir, luafar ar dtús na fachtóirí priacail is ábhartha agus measúnú á dhéanamh ar an eisitheoir, an tionchar diúltach ar an eisitheoir agus dóchúlacht a dtarlaithe á gcur san áireamh. Comhthacófar leis na fachtóirí priacail le hinneachar an doiciméid díolúine. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.4 |
Coinbhleacht leasa Mionsonraí faoi aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ag an eisitheoir, ag an gcuideachta is tairgí, ag an gcuideachta atá á fáil nó ag an gcuideachta atá á deighilt agus aon cheann dá scairshealbhóirí i leith an idirbhirt. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.5 |
Comaoin tairisceana |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.5.1 |
Seolaithe na tairisceana nó leithroinnt na n-urrús cothromais a bhaineann leis an idirbheart. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.5.2 |
An chomaoin a tairgeadh le haghaidh gach urrús cothromais nó aicme urrús cothromais, agus go háirithe an cóimheas malairte agus méid aon íocaíochta airgid. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.5.3 |
Faisnéis maidir le haon chomaoin theagmhasach a comhaontaíodh i gcomhthéacs an idirbhirt, lena n-áirítear, i gcás cumaisc, aon oibleagáid atá ar an gcuideachta atá á fáil chun urrúis bhreise nó airgead tirim a aistriú chuig iar-úinéirí na cuideachta atá á fáil má tharlaíonn teagmhais amach anseo nó má chomhlíontar coinníollacha. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.5.4 |
Na modhanna luachála agus na toimhdí a úsáideadh chun an chomaoin atá á tairiscint i leith gach urrúis chothromais nó i leith gach aicme urrús cothromais a chinneadh, agus go háirithe maidir leis an gcóimheas malairte. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 3.5.5 |
Léiriú ar aon mheastóireacht nó tuarascáil a d’ullmhaigh saineolaithe neamhspleácha agus faisnéis faoin áit a bhféadfar teacht ar na meastóireachtaí nó na tuarascálacha sin chun iad a léamh. I gcás cumaisc, beidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagail 96 nó 125 de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sa doiciméad díolúine, ag brath ar an gcineál cumaisc, sin nó léiriú ar an áit a bhféadfar teacht ar an bhfaisnéis sin chun í a léamh. I gcás deighilte, beidh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 142 de Threoir (AE) 2017/1132 sa doiciméad díolúine, sin nó léiriú ar an áit a bhféadfar teacht ar an bhfaisnéis sin chun í a léamh. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ROINN 4 |
URRÚIS CHOTHROMAIS A THAIRGTEAR DON PHOBAL NÓ A LIGTEAR ISTEACH CHUN A dTRÁDÁLA AR MHARGADH RIALÁILTE CHUN CRÍOCH AN IDIRBHIRT |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
I gcás urrúis chothromais seachas scaireanna, beidh an fhaisnéis a thabharfar cuimsitheach agus áireofar inti an fhaisnéis a liostaítear thíos maidir leis na scaireanna foluiteacha. |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.1 |
Fachtóirí priacail Tuairisc ar na priacail ábhartha a bhaineann go sonrach leis na hurrúis chothromais atá á dtairiscint agus/nó á ligean isteach chun a dtrádála i líon teoranta catagóirí, i roinn dar ceannteideal “Fachtóirí priacail a bhaineann leis na hurrúis chothromais”. I ngach catagóir de na priacail is ábhartha, sa mheasúnú ar an eisitheoir, ar an tairgeoir nó ar an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, leagfar amach ar dtús iad, agus an tionchar diúltach ar an eisitheoir agus ar na hurrúis chothromais agus dóchúlacht a dtarlaithe á gcur san áireamh. Comhthacófar leis na fachtóirí priacail le hinneachar an doiciméid díolúine. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.2 |
Ráiteas caipitil oibre Ráiteas ón eisitheoir gurb é a thuairim gur leor an caipiteal oibre do cheanglais reatha an eisitheora nó, murar leor, conas a bheartaíonn sé an caipiteal oibre breise is gá a sholáthar. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.3 |
Faisnéis faoi na hurrúis chothromais atá le tairiscint agus/nó le ligean isteach chun a dtrádála |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.3.1 |
Faisnéis ghinearálta atá le cur ar fáil:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.3.2 |
Ráiteas maidir leis na rúin, na húdaruithe agus na formheasanna ar dá mbua a cruthaíodh nó a eisíodh na hurrúis chothromais, nó ar dá mbua a dhéanfar sin. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.3.3 |
Tuairisc ar aon srian ar inaistritheacht shaor na n-urrús cothromais. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.3.4 |
Léiriú ar thairiscintí táthcheangail poiblí a rinne tríú páirtithe i leith chothromas an eisitheora a tharla le linn na bliana airgeadais deireanaí agus na bliana airgeadais reatha. Luafar na téarmaí praghais nó malartaithe a ghabhann leis na tairiscintí sin agus an toradh a bheidh orthu. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.4 |
Cead trádála agus socruithe um dhéileáil |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.4.1 |
Ráiteas á thabhairt le fios an bhfuil nó an mbeidh na hurrúis chothromais a tairgeadh ina n-ábhar iarratais chun iad a ligean isteach chun a dtrádála, d’fhonn iad a dháileadh ar mhargadh rialáilte, nó ar mhargaí coibhéiseacha eile tríú páirtí mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún (4), ina bhfuil léiriú ar na margaí atá i gceist. I gcás inar fios sin, na dátaí is luaithe ar a ligfear na hurrúis chothromais isteach chun a dtrádála. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.4.2 |
Na margaí rialáilte uile, nó margaí coibhéiseacha tríú tír mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, ina bhfuil, chomh fada le heolas an eisitheora, urrúis chothromais den aicme chéanna de na hurrúis chothromais atá le tairiscint nó le ligean isteach chun a dtrádála ligthe isteach cheana chun a dtrádála lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, admhálacha taisclainne agus scaireanna foluiteacha. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.4.3 |
Mionsonraí faoi na heintitis a thug gealltanas daingean gníomhú mar idirghabhálaithe i dtrádáil thánaisteach, agus leachtacht á soláthar trí rátaí tairisceana agus ofrála agus tuairisc ar phríomhthéarmaí a ngealltanais. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.4.4 |
Comhaontuithe glasála:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.5 |
Caolú |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.5.1 |
Comparáid idir glanluach sócmhainní na scaire ó dháta an chláir chomhardaithe is déanaí roimh an idirbheart agus praghas eisiúna na scaire san idirbheart sin. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.5.2 |
Faisnéis bhreise i gcás ina ndéantar urrúis chothromais den aicme chéanna a thairiscint nó a ligean isteach chun a dtrádála san am céanna nó beagnach san am céanna. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.5.3 |
Tábla ina léirítear líon na n-urrús cothromais agus na gceart vótála mar aon leis an scairchaipiteal roimh an idirbheart agus ina dhiaidh araon. Léiriú ar an gcaolú (lena n-áirítear an caolú i gcearta vótála) a tharlóidh i leith scairshealbhóirí reatha an eisitheora de dheasca na tairsceana. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 4.6 |
Comhairleoirí I gcás ina dtagraítear do chomhairleoirí a bhfuil baint acu le saincheist sa doiciméad díolúine, ráiteas maidir leis an gcáil inar ghníomhaigh na comhairleoirí. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ROINN 5 |
TIONCHAR AN IDIRBHIRT AR AN EISITHEOIR |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.1 |
Straitéis agus cuspóirí Tabharfaidh an t-eisitheoir tuairisc ar a bhfuil ar intinn aige maidir leis an ngnó todhchaí tar éis an idirbhirt, lena n-áirítear léiriú ar aon athrú suntasach lena n-imrítear tionchar ar na hoibríochtaí, ar na príomhghníomhaíochtaí chomh maith leis na táirgí agus seirbhísí de thoradh an idirbheart. I gcás inarb infheidhme, áireofar san fhaisnéis sin tuairisc ar na hionchais ghnó agus ar aon athstruchtúrú agus/nó atheagrú. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.2 |
Conarthaí tábhachtacha Achoimre ghairid ar chonarthaí tábhachtacha uile an eisitheora, na cuideachta is tairgí, na cuideachta atá á fáil nó na cuideachta atá á deighilt, seachas conarthaí a rinneadh i ngnáthchúrsa gnó, a ndéanann an t-idirbheart difear ábhartha dóibh. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.3 |
Dí-infheistiú |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.3.1 |
A mhéid is eol sin, faisnéis faoi dhí-infheistíochtaí ábhartha amhail díolacháin ábhartha fochuideachtaí nó aon phríomhréim gnó tar éis don idirbheart teacht in éifeacht, mar aon le tuairisc ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar ghrúpa an eisitheora. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.3.2 |
Faisnéis faoi aon chealú ábhartha ar infheistíochtaí nó dí-infheistíochtaí amach anseo a fógraíodh roimhe sin. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.4 |
Rialachas corparáideach
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.5 |
Scairshealbhaíocht An struchtúr scairshealbhaíochta díreach tar éis an idirbhirt. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.6 |
Faisnéis airgeadais pro forma |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.6.1 |
I gcás athrú comhlán suntasach mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, tuairisc ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag an idirbheart ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar thuillimh an eisitheora, i gcás ina ndearnadh an t-idirbheart tráth thús na tréimhse a bhfuiltear a thuairisciú nó ar an dáta a tuairiscíodh. Comhlíonfar an ceanglas sin de ghnáth trí fhaisnéis airgeadais pro forma a áireamh. Cuirfear an fhaisnéis airgeadais pro forma sin i láthair mar a leagtar amach i míreanna 5.7 go 5.9 agus áireofar inti an fhaisnéis a luaitear iontu. Beidh tuarascáil a d’ullmhaigh cuntasóirí nó iniúchóirí neamhspleácha ag gabháil le faisnéis airgeadais pro forma. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.6.2 |
I gcás nach bhfuil faisnéis airgeadais pro forma infheidhme, soláthróidh an t-eisitheoir insint agus faisnéis airgeadais maidir leis an tionchar tábhachtach a bheidh ag an idirbheart ar ráitis airgeadais an eisitheora. Ní gá iniúchadh a dhéanamh ar an insint ná ar an bhfaisnéis airgeadais sin. Ullmhófar an insint agus an fhaisnéis airgeadais ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis an gcreat tuairiscithe airgeadais is infheidhme agus leis na beartais chuntasaíochta atá glactha ag an eisitheoir ina ráitis airgeadais dheireanacha nó ina chéad ráitis airgeadais eile. I gcás ina ndéantar iniúchadh ar an bhfaisnéis sin, nochtfar sa doiciméad díolúine go ndearnadh iniúchadh ar an bhfaisnéis sin chomh maith le faisnéis faoi na hiniúchóirí a thug faoin iniúchadh sin. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.7 |
Ábhar na faisnéise airgeadais pro forma Is éard a bheidh i bhfaisnéis airgeadais pro forma:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.8 |
Prionsabail maidir le faisnéis airgeadais pro forma a ullmhú agus a chur i láthair |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.8.1 |
Sainaithneofar an fhaisnéis airgeadais pro forma chun idirdhealú a dhéanamh idir í agus an fhaisnéis airgeadais stairiúil. Ullmhófar an fhaisnéis airgeadais pro forma ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na beartais chuntasaíochta atá glactha ag an eisitheoir ina ráitis airgeadais dheireanacha nó ina chéad ráitis airgeadais eile. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.8.2 |
Ní fhéadfar faisnéis pro forma a fhoilsiú ach i leith ceachtar de na nithe seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.8.3 |
Maidir le coigeartuithe pro forma:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 5.9 |
Ceanglais maidir le cuntasóir/tuarascáil iniúchóra Áireofar sa doiciméad díolúine tuarascáil a d’ullmhaigh cuntasóirí nó iniúchóirí neamhspleácha ina luafar a dtuairim maidir leis an méid seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ROINN 6 |
DOICIMÉID ATÁ AR FÁIL |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mír 6.1 |
Faisnéis faoin áit inar féidir na doiciméid seo a leanas a léamh sna 12 mhí tar éis fhoilsiú an doiciméid díolúine, i gcás inarb infheidhme:
Léiriú maidir leis an suíomh gréasáin ar a bhféadfar na doiciméid a léamh. |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).
(2) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún, Treoir 2003/125/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid, inneachar, grinnscrúdú agus formheas an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) ón gCoimisiún Uimh. 809/2004 (IO L 166, 21.6.2019, lch. 26).
IARSCRÍBHINN II
ÍOSMHÉID FAISNÉISE AN DOICIMÉID DÍOLÚINE
Airteagal 2(1), an ceathrú fomhír
ROINN 1 |
FAISNÉIS ÓN EISITHEOIR |
||||
|
Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:
Forléireofar aon tagairt do “doiciméad clárúcháin” nó do “réamheolaire” atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 mar thagairt do dhoiciméad díolúine dá dtagraítear sa Rialachán seo. |
||||
ROINN 2 |
FAISNÉIS FAOIN gCUIDEACHTA IS TAIRGÍ, FAOIN gCUIDEACHTA ATÁ Á FÁIL NÓ FAOIN gCUIDEACHTA ATÁ Á DEIGHILT |
||||
|
Cuirfear an fhaisnéis a cheanglaítear le Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar fáil, ag brath ar an gcineál idirbhirt, don chuideachta is tairgí, don chuideachta atá á fáil nó don chuideachta atá á deighilt. I gcás gur grúpa é ceann de na heintitis réamhluaite, agus inar foilsíodh na ráitis airgeadais chomhdhlúite cheana, cuirfear an fhaisnéis a liostaítear sa roinn seo i láthair ar bhonn comhdhlúite. I gcás táthcheangal trí bhíthin tairiscint malartaithe, mura bhfuil an fhaisnéis a iarradh faoin gcuideachta is tairgí ar fáil, cuirfear ráiteas á rá sin ar fáil. |
||||
ROINN 3 |
FAISNÉIS FAOI NA hURRÚIS CHOTHROMAIS A THAIRGTEAR DON PHOBAL NÓ A LIGTEAR ISTEACH CHUN A dTRÁDÁLA AR MHARGADH RIALÁILTE CHUN CRÍOCH AN IDIRBHIRT |
||||
Mír 3.1 |
Soláthrófar an fhaisnéis a cheanglaítear le hIarscríbhinn 11 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, cé is moite de Roinn 1 den Iarscríbhinn sin. I gcás inarb infheidhme, soláthrófar an fhaisnéis sin freisin maidir leis na scaireanna foluiteacha. Forléireofar aon tagairt do “nóta urrús” nó do “réamheolaire” atá in Iarscríbhinn 11 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 mar thagairt don doiciméad díolúine dá dtagraítear sa Rialachán seo. |
||||
Mír 3.2 |
De mhaolú ar mhír 3.1, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas ar fáil sna cásanna seo a leanas:
Déanfar aon tagairt do ‘nóta urrús’ nó do ‘réamheolaire’ atá sna hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 a fhorléiriú mar thagairt do dhoiciméad díolúine dá dtagraítear sa Rialachán seo. |
||||
ROINN 4 |
TUAIRISC AR AN IDIRBHEART |
||||
|
Soláthrófar an fhaisnéis a cheanglaítear le Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
||||
ROINN 5 |
TIONCHAR AN IDIRBHIRT AR AN EISITHEOIR |
||||
|
Soláthrófar an fhaisnéis a cheanglaítear le Roinn 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/47 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/529 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Nollaig 2020
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla rialála lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 a mhéid a bhaineann le coigeartú tairseacha leachtachta agus peircintílí trádála a úsáidtear chun an méid atá sonrach don ionstraim is infheidhme maidir le hionstraimí neamhchothromais áirithe a chinneadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 9(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 (2) ón gCoimisiún na ceanglais trédhearcachta is infheidhme maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh. D’fhonn cur chun feidhme rianúil na gceanglas sin a áirithiú, tugadh isteach leis an Rialachán Tarmligthe seo céimniú isteach bliantúil maidir le cur i bhfeidhm tairseacha trédhearcachta áirithe thar thréimhse 4 bliana, ó 2019 ar aghaidh. Leis an gcéimniú isteach sin, is féidir cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí trédhearcachta comhfhreagracha a leathnú de réir a chéile. Baineann sé sin go háirithe leis an gcritéar maidir le “meánlíon laethúil na dtrádálacha” a úsáidtear chun bannaí a chinneadh a bhfuil margadh leachtach ann ina leith agus chun na peircintílí trádála a chinneadh a úsáidtear chun an méid atá sonrach don ionstraim a chinneadh lena gceadaítear oibleagáidí trédhearcachta réamhthrádála a tharscaoileadh. |
(2) |
Faoin gcur chuige céimnithe sin, ní théitear ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile go huathoibríoch. Ceanglaítear ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a mheasúnú bliantúil ar a oiriúnaí a bheadh sé dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ní mór go ndéanfar anailís trí mheasúnú ESMA ar éabhlóid méideanna trádála i gcás na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann faoin gcéim reatha agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile ar an leachtacht atá ar fáil agus ar rannpháirtithe margaidh araon a thuar. Má tá údar cuí leis, ceanglaítear ar ESMA caighdeán rialála athbhreithnithe a chur isteach, mar aon lena thuarascáil, chun go bhféadfaidh sé dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile. |
(3) |
Chuir ESMA a mheasúnú agus a chaighdeáin rialála athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin an 23 Iúil 2020. Tháinig ESMA ar an gconclúid gur measadh gur bannaí leachtacha iad idir 0,15 % agus 0,31 % de na bannaí arna dtrádáil idir an ceathrú ráithe de 2018 agus an tríú ráithe de 2019, de réir na gcritéar a bhfuil feidhm leo i gcéim S1. Bheadh méadú thart ar 50 % i gceist le dul ar aghaidh chuig céim S2. Maidir leis an méid atá sonrach don ionstraim, tháinig ESMA ar an gconclúid gur tharla 16 % de mhéid barúlach trádála na mbannaí ceannasacha agus 6 % de bhannaí eile faoin tarscaoileadh a bhaineann le méid atá sonrach don ionstraim i gcéim S1. Leis an aistriú chuig céim S2, ba cheart go n-áiritheofaí go mbeadh níos lú trádálacha bannaí incháilithe don tarscaoileadh sin. |
(4) |
Agus an measúnú a rinne ESMA á chur san áireamh, is iomchuí dul ar aghaidh chuig céim S2 chun bannaí a chinneadh a bhfuil margadh leachtach ann ina leith agus chun an méid atá sonrach don ionstraim le haghaidh bannaí a chinneadh. Leis an aistriú chuig céim S2, ba cheart go méadófaí an leibhéal trédhearcachta atá ar fáil sa mhargadh bannaí gan aon tionchar diúltach a bheith ar leachtacht. Mar sin féin, ós rud é nár foilsíodh na chéad ríomhanna trédhearcachta bliantúla a rinne ESMA ach i mbliana amháin i gcás ionstraimí neamhchothromais eile seachas bannaí, ní raibh dóthain fianaise ann chun dul ar aghaidh chuig céim S2 i gcás aicmí eile d’ionstraimí airgeadais. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 a leasú dá réir sin, |
(6) |
Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ESMA atá an Rialachán seo bunaithe. |
(7) |
Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ESMA maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583
Leasaítear Airteagal 17 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/583 mar a leanas:
(a) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Chun na bannaí nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith a chinneadh chun críocha Airteagal 6 agus de réir na modheolaíochta a shonraítear i bpointe (b) d’Airteagal 13(1), glacfar leis an gcur chuige i leith an chritéir leachtachta “meánlíon laethúil na dtrádálacha” agus “meánlíon laethúil na dtrádálacha” a chomhfhreagraíonn do chéim S2 (deich dtrádáil laethúil) á chur i bhfeidhm.”; |
(b) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Chun an méid atá sonrach don ionstraim airgeadais a chinneadh chun críocha Airteagal 5 agus de réir na modheolaíochta a shonraítear faoi phointe (b)(i) d’Airteagal 13(2), úsáidfear an cur chuige maidir leis an bpeircintíl trádála a chuirfear i bhfeidhm agus an pheircintíl trádála a chomhfhreagraíonn do chéim S2 (an daicheadú peircintíl) á cur i bhfeidhm. Chun an méid atá sonrach don ionstraim airgeadais a chinneadh chun críocha Airteagal 5 agus de réir na modheolaíochta a shonraítear faoi phointí (b)(ii), (iii) agus (iv) d’Airteagal 13(2), úsáidfear an cur chuige don pheircintíl trádála a chuirfear i bhfeidhm agus an pheircintíl trádála a chomhfhreagraíonn do chéim S1 (an tríochadú peircintíl) á cur i bhfeidhm.”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Nollaig 2020
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 84.
(2) IO L 87, 31.3.2017, lch. 229.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/49 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/530 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Márta 2021
maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(2) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm. |
(3) |
De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin. |
(4) |
Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir, ar feadh tréimhse áirithe, leanúint air ag agairt na faisnéise sin i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin. |
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad a aicmeofar faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.
Airteagal 2
Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is faisnéis í is féidir a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
Gerassimos THOMAS
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Tuairisc ar na hearraí |
Aicmiú (Cód AC) |
Cúiseanna |
(1) |
(2) |
(3) |
Fearas láimhe leictrimeicniúil iniompartha le haghaidh cúram cnis pearsanta. Déanamh ubhchruthach atá ar an bhfearas agus tá sé faoi thuairim 75 × 80 × 30 mm ar a thoisí. Tá sé faoi fheireadh uiscedhíonach agus tá mótar ionsuite ann a ghineann tonnchreathanna (dá ngairtear bíoga sonacha). As sileacan atá dromchla amuigh an fhearais déanta, agus scuaba sileacain hiopailléirginigh ar a dhá thaobh. Tá dromchla an fhearais ina thrí roinn, agus gach roinn acu faoi scuaba nach ionann tiús dóibh. Ar thosach an fhearais, tá cnaipe ann-as agus cnaipe lena méadaítear nó lena laghdaítear déine an bhíogtha. Dearadh an fearas lena úsáid chun craiceann an éadain a ghlanadh le glantóir agus scuaba creathacha. Agus an craiceann á ghlanadh leis an bhfearas, déanann sé suathaireacht ar an éadan, suathaireacht arb é atá inti éifeacht bhreise a imríonn bíogadh an fhearais. Is fearas é de chineál a úsáideann daoine go coitianta ina n-áitreabh féin, a bhíonn le daoine agus iad ag taisteal etc. |
8509 80 00 |
Déantar an t-aicmiú a chinneadh de réir rialacha 1 agus 6 le haghaidh léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, de réir Nóta 3 a ghabhann le Roinn XVI i dteannta Nóta 3 a ghabhann le Caibidil 90, de réir Nóta 4 (b) a ghabhann le Caibidil 85 agus de réir fhoclaíocht chóid AC 8509 agus 8509 80 00 . Is ionann feidhm don fhearas agus do ghlantóirí éadain den chineál a úsáidtear san áitreabh baile (féach freisin Nóta Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe (NMCC) a ghabhann le ceannteideal 8509 , an chéad mhír) chomh maith le feidhm suathaireachta, ach níl sa dara feidhm acu sin ach feidhm choimhdeach. De bhua Nóta 3 a ghabhann le Roinn XVI, is ar bhonn a bpríomhfheidhme a aicmítear meaisíní a dearadh chun dhá fheidhm chomhlántacha, nó breis agus dhá fheidhm chomhlántacha, a oibriú. Dá bhrí sin, eisiatar an fearas óna aicmiú mar ghaireas suathaireachta faoi cheannteideal 9019 . Dá thoradh sin, is faoi chód AC 8509 80 00 mar fhearas tís leictrimeicniúil, ina bhfuil mótar leictreach ionsuite, atá an fearas le haicmiú. |
26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/52 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/531 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Márta 2021
maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(2) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm. |
(3) |
De bhun na rialacha ginearálta sin, ba cheart na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn a aicmiú faoin gcód CN a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin. |
(4) |
Is iomchuí a fhoráil i ndáil le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhféadfaidh an sealbhóir, ar feadh tréimhse áirithe, leanúint den fhaisnéis sin a agairt i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Ba cheart an tréimhse sin a shocrú ag 3 mhí. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, déanfar iad a aicmiú faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód CN a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.
Airteagal 2
Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
Gerassimos THOMAS
Ard-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Tuairisc ar na hearraí |
Aicmiú (Cód-CN) |
Cúiseanna |
(1) |
(2) |
(3) |
Feiste lionsa ceamara de dhéanamh miotail agus plaistigh ag a bhfuil cónasc beaignite, agus toisí thart ar 92 × 86 × 35,1 mm. Tá an t-earra ceaptha le bheith ceangailte le héadan an taifeadáin físcheamara dhigitigh, idir an taifeadán físcheamara agus an réadlionsa. Tá sé ceaptha chun go bhféadtar réadlionsaí a úsáid le taifeadáin físcheamara dhigiteacha ag a bhfuil snáithmhéid feistiúcháin éagsúil, agus soláthraíonn sé rialú imrisc meicniúil tríd an gcoigeartú imrisc a bhogadh. |
9002 11 00 |
Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, nóta 1(m) a ghabhann le Roinn XVI, nóta 2 (b) a ghabhann le Caibidil 90 agus le foclaíocht na gcód CN 9002 agus 9002 11 00 . Eisiatar an t-aicmiú faoi cheannteideal 8529 , mar pháirt atá oiriúnach le húsáid le fearais faoi cheannteidil 8525 go 8528 amháin nó leis na bhfearais sin go príomha, ós rud é nach bhfuil an t-earra fíor-riachtanach le haghaidh fheidhmiú an taifeadáin físcheamara digiteach. Ós rud é go bhfágann an t-earra gur féidir réadlionsaí a úsáid le taifeadáin físcheamara dhigiteacha ag a bhfuil snáithmhéid feistiúcháin éagsúil, cuireann sé le raon oibríochtaí na réadlionsaí. Dá bhrí sin, tá sé le meas gur gabhálas é an t-earra atá oiriúnach le húsáid le réadlionsaí faoi cheannteideal 9002 amháin nó leis na réadlionsaí sin go príomha (féach breithiúnas na Cúirte an 16 Meitheamh 2011, Unomedical, C-152/10, ECLI:EU: C:2011:402, míreanna 29, 30 agus 34). Dá réir sin, eisiatar an t-aicmiú faoi cheannteideal 8479 mar mheaisín ag a bhfuil feidhm aonair, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile i gCaibidil 84 ós rud é go gcumhdaítear an t-earra ar bhealach níos sonraí le ceannteideal i gcaibidil eile den Ainmníocht (féach freisin Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe ar cheannteideal 8479 , an dara mír (b)). Dá bhrí sin, tá an t-earra le haicmiú faoi chód CN 9002 11 00 mar ghabhálas le haghaidh réadlionsaí faoi cheannteideal 9002 . |
26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/55 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/532 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Márta 2021
maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(2) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm. |
(3) |
De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin. |
(4) |
Is iomchuí foráil i ndáil le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, faisnéis nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhféadfaidh an sealbhóir, ar feadh tréimhse áirithe, leanúint air ag agairt na faisnéise sin i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad a dhéanfar a aicmiú faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.
Airteagal 2
Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is faisnéis í is féidir a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
Gerassimos THOMAS
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Tuairisc ar na hearraí |
Aicmiú (Cód AC) |
Cúiseanna |
||||||||
(1) |
(2) |
(3) |
||||||||
Gaireas (dá ngairtear “fearas stáisiúin ceamara” nó “taifeadán ilfheidhme”) i gcásáil aonair arb é is toise dó thart ar 33 × 23 × 8 cm, ina bhfuil na comhpháirteanna seo a leanas:
Níl aon tiúnóir teilifíse sa ghaireas. Tá na feistí comhéadain seo a leanas sa ghaireas: RJ45, USB, VGA, SPF agus HDMI agus lasc comhtháite ocht bport ag a bhfuil acmhainn PoE (Cumhacht thar Ethernet). Tá córas oibriúcháin ann den chineál “meaisín próiseála sonraí uathoibríoch caighdeánach”. Tá sé réamhchumraithe agus réamhlódáilte le “bogearra bainistithe ceamara” freisin agus cuimsítear ann ceadúnais le haghaidh ocht gcainéal. Dearadh an gaireas chun sonraí fuaime agus físe a ghlacadh, trí bhíthin comhéadan teileachumarsáide (agus Prótacal Idirlín (IP)), ó ocht gceamara faireachais (ceamaraí IP) ar a mhéad. Is féidir na sonraí a stóráil ar an gcruadhiosca inmheánach, nó i stóras seachtrach (trí bhíthin comhéadan USB) nó tá an gaireas in ann na sonraí a sheoladh trí na líonraí teileachumarsáide chuig seoladh IP eile (chuig freastalaí, lasc nó fón póca, cuir i gcás, nó chuig meaisín próiseála sonraí uathoibríoch). Is féidir an gaireas a nascadh le monatóir nó aonad taispeána agus le rialtán eochairchláir. Cuireadh ar an margadh é lena úsáid mar chuid de chóras slándála agus faireachais. |
8521 90 00 |
Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, nóta 3 a ghabhann le Roinn XVI, nóta 5 (E) a ghabhann le Caibidil 84 agus le foclaíocht na gcód AC 8521 agus 8521 90 00 . I bhfianaise a shaintréithe oibiachtúla, is gaireas é a bhfuil de chuspóir leis é a chur ag oibriú le hocht gceamara ar a mhéad chun críoch físfhaireachais. Meaisín, chun críoch den chineál sin, a dhéanann comharthaí ó cheamaraí a thaifeadadh agus atá in ann iad a sheoladh chuig seoladh IP eile, é sin nó iad a atáirgeadh ar aonad taispeána nó ar mhonatóir, oibríonn sé feidhm shonrach nach ionann agus feidhm próiseála sonraí de réir bhrí nóta 5(E) a ghabhann le Caibidil 84. (Féach freisin an breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Márta 2005, Ikegami Electronics, C-467/03, ECLI:EU:C:2005:182). Eisiatar é, dá bhrí sin, óna aicmiú faoi cheannteideal 8471 mar mheaisín próiseála sonraí uathoibríoch. Is den dearadh atá ar an ngaireas go bhfuil sé in ann dhá fheidhm chomhlántacha, nó níos mó, a oibriú, de réir bhrí nóta 3 a ghabhann le Roinn XVI, eadhon tarchur agus glacadh sonraí faoi cheannteideal 8517 agus taifeadadh físe agus atáirgeadh físe faoi cheannteideal 8521 . I bhfianaise shaintréithe oibiachtúla an ghairis, is é is príomhfheidhm dó taifeadadh físe a dhéanamh mar chuid de chóras slándála agus faireachais. Níl san fheidhm tarchurtha agus glactha sonraí ach feidhm choimhdeach a bhfuil de chuspóir léi feabhas a chur ar oibriú an chórais ina n-ionsuitear an gaireas. Eisiatar é, dá bhrí sin, óna aicmiú faoi cheannteideal 8517. (Féach freisin an breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 25 Feabhra 2016, G. E. Security, C-143/15, ECLI:EU:C:2016:115, míreanna 55 go 57). Dá bhrí sin, is faoi ghairis eile taifeadta nó atáirgthe físe, bíodh tiúnóir físe ina chuid díobh nó ná bíodh, faoi chód AC 8521 90 00 , atá an gaireas le haicmiú. |
26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/58 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/533 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Márta 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183(b) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar den toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5(6)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe. |
(2) |
Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin. |
(4) |
Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiún,
Ar son an Uachtaráin,
Wolfgang BURTSCHER
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) IO L 150, 20.5.2014, lch. 1.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus chun praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
Cód AC |
Tuairisc ar na hearraí |
Praghas ionadaíoch (EUR/100 kg) |
An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 (EUR/100 kg) |
Tionscnamh (1) |
0207 14 10 |
Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite |
164,8 146,2 163,7 |
48 57 48 |
AR BR TH |
0207 27 10 |
Gearrthacha gan chnámh ó thurcaithe, iad reoite |
284,2 |
4 |
BR |
(1) Ainmníocht na dtíortha arna socrú le Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).”
CINNTÍ
26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/60 |
CINNEADH (AE) 2021/534 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Márta 2021
lena gcinntear faoi Airteagal 39(1) de Threoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an bhfuil údar le beart a rinne an Ghearmáin chun cosc a chur ar mhúnla ardaitheora arna mhonarú ag Orona a chur ar an margadh nó nach bhfuil údar leis
(tugtar fógra faoi dhoiciméad C(2021) 1863)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí (1), agus go háirithe Airteagal 39(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
(1) |
An 10 Márta 2016, thug an Ghearmáin fógra don Choimisiún faoi bheart a rinne sí an 26 Samhain 2015 de bhun Airteagal 7(1) de Threoir 95/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (“an beart náisiúnta”). Chuir an beart sin cosc ar mhúnla ardaitheoir M33v3 a chur ar an margadh, múnla a tháirg Orona Sociedad Cooperativa, Hernani, an Spáinn (“ardaitheoir M33v3”) agus thug sé isteach coinníollacha maidir le trealamh a chur ar an margadh. |
(2) |
Bhí údar na Gearmáine maidir leis an mbeart náisiúnta a ghlacadh bunaithe ar réamhghníomhaíochtaí faireachais margaidh a rinne Údarás Lárnach Länder um Theicneolaíocht Sábháilteachta (“údarás na Gearmáine”). Chinn údarás na Gearmáine go raibh an t-ardaitheoir M33v3 ag sárú na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i roinn 2.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 95/16/CE (“na ceanglais riachtanacha”). |
(3) |
Chuir Orona Sociedad Cooperativa (“Orona”) a agóidí i gcoinne an bhirt náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin cheana féin an 11 Nollaig 2015, agus é á áitiú acu go bhfuil córais mhalartacha sábháilteachta ag an ardaitheoir M33v3 nuálach a bheadh comhionann ar a laghad le leibhéal sábháilteachta aon ardaitheora a dearadh de réir na gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha agus, ar an gcaoi sin, go comhlíonann sé na ceanglais riachtanacha agus go gcuirtear ceangal ar údarás na Gearmáine fógra a thabhairt don Choimisiún faoin mbeart náisiúnta. |
(4) |
In Aibreán 2016, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus le Orona chun meastóireacht a dhéanamh ar an mbeart náisiúnta. |
(5) |
Rinneadh Treoir 95/16/CE a athmhúnlú agus a aisghairm ina dhiaidh sin le Treoir 2014/33/AE le héifeacht ón 20 Aibreán 2016. |
(6) |
I litir an 20 Aibreán 2016, d’iarr an Coimisiún ar Orona a chuid barúlacha maidir leis an mbeart náisiúnta a chur isteach, rud a rinne Orona i litir an 18 Bealtaine 2016, inar áiríodh barúlacha fairsinge agus doiciméid tacaíochta. Tionóladh cruinniú leantach idir an Coimisiún agus Orona an 9 Meitheamh 2016. |
(7) |
I litir eile an 20 Aibreán 2016, d’iarr an Coimisiún ar Liftinstituut, an comhlacht dá dtugtar fógra arna roghnú ag Orona, comhlacht a dheimhnigh in 2012 gur comhlíon an t-ardaitheoir M33v3 Treoir 95/16/CE, a chuid barúlacha a chur isteach freisin. Mar sin féin, os rud é gur sheol Liftinstituut barúlacha fairsinge agus doiciméid tacaíochtaí chuig an gCoimisiún cheana féin i litir an 20 Eanáir 2016 i gcomhréir le barúlacha Orona, níor tugadh aon trácht suntasach eile. |
(8) |
Ag cruinniú a bhí ag an Meitheal um Chomhair Riaracháin in Earnáil na nArdaitheoirí an 16 Meitheamh 2016, a raibh na Ballstáit ina gcathaoirligh uirthi, chuir údarás na Gearmáine an beart náisiúnta faoi bhráid údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát. D’fhreastail an Coimisiún ar an gcruinniú mar chomhalta den mheitheal sin. |
(9) |
Rinne an Coimisiún staidéar neamhspleách saineolaithe freisin (“staidéar neamhspleách”). Rinneadh conradh chun an staidéar neamhspleách a dhéanamh i dtús an 29 Samhain 2016, agus an 9 Feabhra 2017 d’fhreastail údarás na Gearmáine, Orona, an saineolaí neamhspleách agus an Coimisiún ar chigireacht ar an láthair ar ardaitheoir M33v3. Cuireadh deireadh leis an gconradh ina dhiaidh sin, áfach, agus fostaíodh an dara saineolaí. Rinne an saineolaí sin an staidéar neamhspleách agus d’eisigh sé tuarascáil chríochnaitheach (3) an 10 Nollaig 2018. Sa tuarascáil chríochnaitheach sin, thángthas ar an gconclúid “go gcomhlíonann an t-ardaitheoir Ceanglas Riachtanach 2.2 ar bhealach cinntitheach trí leibhéal coibhéiseach sábháilteachta ar a laghad, tráth na suiteála, a bhaint amach maidir leis an gcaighdeán comhchuibhithe lenar tugadh toimhde na comhréireachta le EHSR 2.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 95/16/CE. “An 17 Nollaig 2018, d’iarr an Coimisiún ar údarás na Gearmáine, Orona agus Liftinstituut barúlacha a chur isteach maidir leis an staidéar neamhspleách. Fuair an Coimisiún barúlacha ó Liftinstituut an 14 Eanáir 2019, ó Orona an 15 Eanáir 2019 agus ó údarás na Gearmáine an 28 Feabhra 2019. |
(10) |
An 16 Bealtaine 2019, tionóladh cruinniú leis an gCoimisiún, údarás na Gearmáine, Orona agus Liftinstituut chun na barúlacha a fuarthas maidir leis an staidéar neamhspleách a shoiléiriú. Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, sheol údarás na Gearmáine na soiléirithe ar na barúlacha a rinneadh maidir leis an staidéar neamhspleách trí ríomhphost an 28 Bealtaine 2019. Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis na soléirithe sin ó Orona an 12 Iúil 2019 agus ó Liftinstituut an 19 Iúil 2019. |
(11) |
An 14 Aibreán 2020, d’iarr an Coimisiún ar Orona agus ar údarás na Gearmáine barúil a thabhairt ar achoimre ar sheasaimh na bpáirtithe agus ar mheasúnú trialach an Choimisiúin. Fuarthas na barúlacha uile an 29 Bealtaine 2020. |
2. SEASAIMH AGUS ARGÓINTÍ NA bPÁIRTITHE
2.1. Seasamh agus argóintí údarás na gearmáine
(12) |
Chuir údaráis áitiúla faireachais margaidh na Gearmáine tús le himscrúduithe ar an ardaitheoir M33v3 i mí Dheireadh Fómhair 2014. Ina dhiaidh sin, ghlac údarás na Gearmáine an t-imscrúdú chuige féin. |
(13) |
Mar a luaitear san fhógra chuig an gCoimisiún maidir leis an mbeart náisiúnta, tar éis seiceáil a dhéanamh ar na doiciméid in Eanáir agus Feabhra 2015 agus tástáil a dhéanamh ar shuiteáil ardaitheora in München an 23 Márta 2015, chinn údarás na Gearmáine nár chomhlíon an t-ardaitheoir ceanglais na gcaighdeán comhchuibhithe EN 81-1:1998+A3:2009 (4) (“EN 81-1”) agus EN 81-21:2009 (5) (“EN 81-21”) (“na caighdeáin chomhchuibhithe”). Is éard is cúis leis sin nach leor an spás cloiginn 0,5 m atá beartaithe san ardaitheoir M33v3, toisc go bhfuil fad 1 m ag teastáil faoi EN 81-1. Níor chinn údarás na Gearmáine go raibh na bearta sábháilteachta malartacha a glacadh i ndearadh agus i dtógáil ardaitheoir M33v3 coibhéiseach leis an úrscothacht a léirítear leis na caighdeáin chomhchuibhithe, agus dá bhrí sin go raibh an t-ardaitheoir ag sárú na gceanglas riachtanach. |
(14) |
Go háirithe, de réir údarás na Gearmáine, cé go laghdaítear dóchúlacht tionóisce (eadhon gluaiseacht neamhbheartaithe an chábáin ardaitheora go dtí an suíomh uachtarach) leis na bearta malartacha a ghlac an monaróir, laghdaítear an t-íosfhad ceartingearach a cheanglaítear leis na caighdeáin chomhchuibhithe ó dhíon an chábáin go dtí síleáil an loig ardaitheora faoina leath, rud a chuireann go mór le déine na ngortuithe a d’fhéadfadh tarlú. Dá ainneoin sin, i gcás éigeandála, is féidir le duine atá ar dhíon an chábáin a shábháilteacht a chinntiú trína shíneadh amach sa limistéar cosanta atá fágtha, cé go dtógfadh sé i bhfad níos mó ama é sin a dhéanamh in ardaitheoir M33v3 ná in ardaitheoir eile a chomhlíonann ceanglais na gcaighdeán comhchuibhithe. Níor chuir an monaróir ná Liftinstituut an ghné ama sin san áireamh i gcomhthéacs an mheasúnaithe comhréireachta don scrúdú cineáil CE. Bheadh go leor spás saor nó tearmainn chun cromadh síos in ardaitheoir a dearadh tar éis gur cuireadh ceanglais na gcaighdeán comhchuibhithe chun feidhme, mar thoradh ar an limistéar cosanta níos airde, d’fhonn sábháilteacht daoine a úsáideann an t-ardaitheoir a áirithiú. |
(15) |
Le linn an chomhairliúcháin leis na páirtithe lena mbaineann, shoiléirigh údarás na Gearmáine na hargóintí a tugadh san fhógra don Choimisiún maidir leis an mbeart náisiúnta agus sa bheart náisiúnta féin. |
(16) |
Maidir leis an spás saor nó tearmann dá dtagraítear sna ceanglais fhíor-riachtanacha, chinn údarás na Gearmáine go bhfuil an chosaint i gcoinne brú in ardaitheoir M33v3 bainte amach go heisiach tríd an dídean atá cosanta go meicniúil, ag a bhfuil na toisí 0,5 m × 0,7 m × 1 m (airde × leithead × fad). Tugann údarás na Gearmáine dá aire freisin go measann Orona go bhfuil an réiteach sin comhionann leis an réiteach a leagtar amach sa chaighdeán comhchuibhithe, toisc go seach-chuirtear an laghdú 0,5 m ar an bhfad ceartingearach le méadú 0,1 m agus 0,2 m faoi seach ar leithead agus ar fhad an spáis chosanta. Mar sin féin, measann údarás na Gearmáine nach é an spás saor laghdaithe per se an t-easnamh atá ar ardaitheoir M33v3 ach an t-am a thógann sé ar dhuine a shábháilteacht a chinntiú (is é sin suíomh a ghlacadh ina bhfuil sé ina luí sínte amach) mar gheall ar an spás níos lú sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le gortuithe tromchúiseacha. Dar le húdarás na Gearmáine, níor chuir Orona fianaise ar fáil, sular glacadh an beart náisiúnta, nach raibh ról ag an ngné ama i sábháilteacht ardaitheoir M33v3 nó go raibh go leor ama chun suíomh sábháilte a ghlacadh. |
(17) |
Shonraigh údarás na Gearmáine sna barúlacha a sheol sé trí ríomhphost an 28 Bealtaine 2019 nach dtiteann an fad ceartingearach idir díon an chábáin agus síleáil an loig ach go 0,5 m i gcás ina dteipeann ar choscán an ardaitheora. Seachas sin, nuair a théann duine éigin isteach sa log, bheadh an t-ardaitheoir blocáilte nó stoptha cheana féin ag fad ceartingearach 1,8 m idir díon an chábáin agus síleáil an loig nó, má theipeann ar an dá lasc theorann cosanta sa chóras leictreach, ag fad ceartingearach 1 m. Mar sin féin, chuir údarás na Gearmáine in iúl ina dhiaidh sin i mbarúlacha breise an 29 Bealtaine 2020 go raibh na barúlacha an 28 Bealtaine 2019 ar na faid cheartingearacha mícheart. Ina ionad sin, tagraíonn údarás na Gearmáine do mheasúnú riosca Orona, ina ndearnadh foráil do roinnt hipitéisí féideartha bunaithe ar theagmhais éagsúla (eadhon teip choscáin, teip rialaithe, teip ar an lasc slándála) agus dá réir sin is iad na teagmhais sin go léir le chéile, agus ní hamháin an teip choscáin, a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis an bhfad ceartingearach a bheith laghdaithe go 0,5 m. Thairis sin, tagraíonn údarás na Gearmáine dá bharúlacha féin maidir leis an staidéar neamhspleách a rinneadh an 28 Feabhra 2019, inar shonraigh sé go raibh trí chúis fhéideartha ar a laghad le teagmhas de bharr teip ar an gcóras stoptha leictreonaigh: (i) earráid dhaonna (mar shampla, teipeann ar an bhfoireann cigireachta an modh cigireachta a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú fiú má tá duine fós ar dhíon an chábáin ardaitheora), (ii) teip ar an lasc theorann agus (iii) teip ar an gcoscán. Mar sin féin, maidir leis an earráid dhaonna, deimhníonn údarás na Gearmáine an chonclúid sa staidéar neamhspleách nach dtiocfadh giorrú ar an bhfad ceartingearach go 0,5 m mar thoradh ar earráid den sórt sin. |
(18) |
Maidir le teip ar an lasc theorann, deir údarás na Gearmáine ina chuid barúlacha ar an staidéar neamhspleách an 28 Feabhra 2019 nach dócha go dtarlódh a leithéid de chás ach nach féidir é a chur as an áireamh ina iomláine. Maidir leis an gcúis a bheadh le teip ar an gcoscán, aithníonn údarás na Gearmáine nach dtarlódh teip den sórt sin ach go fíor-annamh san ardaitheoir, ós rud é gur dhear Orona an coscán mar chomhpháirt sábháilteachta (coscán iomarcach, is é sin le rá, coscán ar feiste cosanta é ar ghluaiseacht neamhbheartaithe an chábáin agus ar ardú thar luas an chábáin), agus é á chur san áireamh nach mór do na comhpháirteanna sábháilteachta na ceanglais riachtanacha a chomhlíonadh agus dul tríd an measúnú comhréireachta agus an mharcáil CE go neamhspleách ar an ardaitheoir. Ina theannta sin, tá sé ráite ag údarás na Gearmáine go bhfuil an coscán in ardaitheoir M33v3 níos sábháilte ná an ceann sna hardaitheoirí a chuireann na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in EN 81-1 i bhfeidhm, mar de réir an chaighdeáin chomhchuibhithe ní gá coscáin a dheimhniú mar chomhpháirteanna sábháilteachta d’ardaitheoirí ach i gcásanna áirithe. |
(19) |
Agus measúnú á dhéanamh ar ardaitheoir M33v3, mheas údarás na Gearmáine, i bhfabhar Orona, nár theip ar choscán an ardaitheora chomh minic céanna le coscán neamhiomarcach in ardaitheoir atá i gcomhréir le EN 81-1. Mar sin féin, measann údarás na Gearmáine, in ainneoin go bhfuil dóchúlacht íseal ann go dteipfidh ar an gcoscán, nach gcomhlíonann ardaitheoir M33v3 na ceanglais fhíor-riachtanacha, toisc nach gcomhlíonann sé prionsabail an chomhtháthaithe sábháilteachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, roinn 1.1, an abairt dheireanach, de Threoir 95/16/CE. De réir na bprionsabal sin, is léir gur cheart tús áite a thabhairt do rioscaí a chosc seachas iad a íoslaghdú, agus dó sin amháin. |
(20) |
Ar deireadh, sna soiléirithe breise a seoladh chuig an gCoimisiún trí ríomhphost an 28 Bealtaine 2019, dúirt údarás na Gearmáine, i gcás ina dteipeann ar an gcoscán, nach féidir stop a chur le hardaitheoir M33v3 ná le hardaitheoir atá i gcomhréir le EN 81-1 agus go bhféadfadh teip ar na maoláin a bheith chomh dóchúil céanna don dá ardaitheoir. |
2.2. Seasamh agus argóintí orona
(21) |
Le linn na gcomhairliúchán, dúirt Orona, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Threoir 95/16/CE, go ndearna sé measúnú ar chomhréireacht an ardaitheora leis na ceanglais fhíor-riachtanacha tríd an gcomhlacht dá dtugtar fógra, Liftinstitut. I gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, rinne Liftinstituut scrúdú cineál CE chun sábháilteacht an ardaitheora a mheasúnú. Is éard atá i gceist le scrúdú cineáil CE an nós imeachta trína bhfionnann agus trína ndeimhníonn comhlacht dá dtugtar fógra go gcomhlíonann múnla ardaitheora, nó ardaitheoir nach bhfuil aon fhoráil ann maidir le síneadh ná le malairt dó, ceanglais Threoir 95/16/CE. D’eisigh Liftinstituut an deimhniú ar scrúdú cineáil CE an 17 Iúil 2012, agus rinne sé é a athbhreithniú an 15 Márta 2013. |
(22) |
I gcomhréir le hAirteagal 8(2)(ii) de Threoir 95/16/CE agus le roinn 4 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir sin, déanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra, arna roghnú ag suiteálaí an ardaitheora, an chigireacht deiridh ar an ardaitheoir nó a chur á ndéanamh sula gcuirfear ar an margadh é. Déanfaidh an comhlacht sin dá dtugtar fógra na tástálacha agus na seiceálacha iomchuí a leagtar amach sna caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 95/16/CE, nó tástálacha coibhéiseacha, chun comhréireacht an ardaitheora leis na ceanglais riachtanacha a áirithiú. Roghnaigh Orona an comhlacht dá dtugtar fógra TÜV SÜD chun an chigireacht deiridh a dhéanamh ar ardaitheoir M33v3, dheimhnigh TÜV SÜD comhréireacht ardaitheoir M33v3 agus d’eisigh sé an deimhniú cigireachta deiridh an 7 Lúnasa 2014. |
(23) |
D’iarr Orona ar na húdaráis faireachais margaidh san Ísiltír cigireacht a dhéanamh ar ardaitheoir M33v3 i gcathair s-Hertogenbosch an 20 Lúnasa 2015 agus chinn siad gur chomhlíon na bearta teicniúla sonracha a ghlac Orona na ceanglais fhíor-riachtanacha. |
(24) |
Áitíonn Orona gur mhainnigh údarás na Gearmáine fógra a thabhairt don Choimisiún láithreach faoin mbeart náisiúnta, rud atá i gcontrárthacht leis an gceanglas é sin a dhéanamh faoi Airteagal 7(1) de Threoir 95/16/CE. Cé gur glacadh an beart náisiúnta an 26 Samhain 2015, ní raibh an Coimisiún ar an eolas faoi ach amháin trí ghearán ó Orona an 11 Nollaig 2015. Níor chuir údarás na Gearmáine an beart in iúl don Choimisiún go dtí an 10 Márta 2016. Tá Orona den tuairim go raibh drochthionchar ar chearta cosanta agus ar chlú Orona i ngeall ar an moill sin. |
(25) |
Maidir le cuspóir an bhirt náisiúnta, mheabhraigh Orona gur mhínigh údarás na Gearmáine do Orona “nach raibh amhras air faoi scrúdú cineáil CE go ginearálta, ach amháin an leagan ina raibh an spás cloiginn is lú mar aon leis an ardaitheoir is lú”. Choinnigh údarás na Gearmáine an seasamh sin go dtí gur glacadh an beart náisiúnta roinnt míonna ina dhiaidh sin, arbh é a bhí ann toirmeasc a chur ar aon mhúnla d’ardaitheoir M33v3 le spás cloiginn laghdaithe, gan beann ar mhéid an chábáin ardaitheora. Measann Orona, dá bhrí sin, nach raibh údar leis an mbeart náisiúnta, agus gur sháraigh sé prionsabal na comhréireachta freisin. |
(26) |
Mheabhraigh Orona ina chuid barúlacha an 18 Bealtaine 2016, seachas díriú ar na difríochtaí idir múnla M33v3 agus na caighdeáin chomhchuibhithe a bhaineann le spás cloiginn ceartingearach, nach bhfuil ann ach fachtóir amháin chun sábháilteacht ardaitheora a mheas, go bhfuil gá le measúnú sábháilteachta foriomlán. Maidir leis sin, rinne Orona tagairt do pháipéar seasaimh NB-L, grúpa comhordúcháin na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra i ndáil le Treoir 95/16/CE an 3 Samhain 2009, dar teideal “Crushing danger, free space, criteria” (Contúirt bhrúite, spás saor, critéir), lena leagtar síos critéir maidir le spás saor inghlactha atá coibhéiseach leis na critéir a leagtar amach i gclásal 5.7 de EN 81-1. Tá na critéir a leagtar amach sa pháipéar seasaimh sin bunaithe ar mheascán den spás ceartingearach saor, ar thoirt spáis shaoir (ciúb) agus ar chomhtháthú na spásanna sin sa limistéar spásúil. Tá liosta neamh-uileghabhálach de chritéir bhreise sa pháipéar seasaimh céanna nach mór a chur san áireamh le linn measúnú riosca. Áirítear ar na critéir bhreise sin rabhaidh, prionsabail eirgeanamaíocha, minicíocht na cothabhála agus imthosca gan choinne. |
(27) |
Maidir leis an spás ceartingearach saor idir díon an chábáin agus síleáil an loig, dúirt Liftinstsitutt, i litir chuig Orona an 10 Iúil 2015, ag tacú le breithnithe Orona, “go nglactar leis go ginearálta go bhfuil íos-spás saor ráthaithe 0,5 m leordhóthanach chun an baol a sheachaint go gcuirfí brú ar chorp an duine […]. Tá sé sin inghlactha freisin in ardaitheoirí, tá sé le feiceáil i EN 81-1:1998+A3:2009, clásal 5.7.3.3 b)”. I gcás ar bith, luaigh Orona ina chuid barúlacha an 18 Bealtaine 2016 go bhfuil an glanspás ceartingearach céanna (0,5 m) ag an mbloc os cionn chábán ardaitheoir M33v3 agus atá ag an nglanspás ceartingearach atá ag teastáil faoi EN 81-1 le haghaidh an spáis tarrthála faoi bhun an chábáin (sa log). Maidir le toirt an spáis shaoir (ciúb), mar a thuairiscítear i sonraíochtaí teicniúla ardaitheoir M33v3, tá toirt an bhloic atá os cionn an chábáin ardaitheora (0,5 m × 0,7 m × 1,0 m) níos mó ná an toirt íosta is gá faoi EN 81-1 don spás tarrthála os cionn an chábáin (0,5 m × 0,6 m × 0,8 m) agus don spás tarrthála faoi bhun an chábáin (0,5 m × 0,6 m × 1,0 m). Léirítear i staidéar a d’iarr Orona agus a seoladh chuig an gCoimisiún an 15 Márta 2016, arna dhéanamh ag ionad teicneolaíochta a dhéanann speisialú i nuálaíocht táirgí, próiseas agus seirbhísí, darbh ainm IK4-Ikerlan (“staidéar IK4-Ikerlan”) go raibh spás don phearsanra cothabhála ar fad a tástáladh (ionadaí ar an ngnáthchineál pearsanra cothabhála, idir 18 agus 65 bliana d’aois, agus fireann) laistigh den chiúb os cionn an chábáin ardaitheora, cé nárbh amhlaidh a bhí sa chiúb arna thoisiú i gcomhréir le EN 81-1. |
(28) |
De réir bharúlacha Orona an 18 Bealtaine 2016, agus mar a thuairiscítear sna sonraíochtaí teicniúla a seoladh chuig údarás na Gearmáine sular glacadh an beart náisiúnta, tá roinnt gnéithe sábháilteachta breise agus sonracha in ardaitheoir M33v3 lena n-eisiatar go mór an earráid dhaonna. Áirítear ar na gnéithe sin, ní hamháin an chomhpháirt sábháilteachta a dheimhnítear mar choscán iomarcach cineáil CE, ach roinnt gnéithe sábháilteachta eile a fhágann, le chéile, go bhfuil an t-ardaitheoir níos sábháilte fós ná ardaitheoirí a dearadh i gcomhréir le EN 81-1. Maidir leis sin, tá an méid a seo a leanas san ardaitheoir (i) comhartha rabhaidh á rá nach gceadaítear ach d’aon duine amháin ar díon an chábáin, agus gurb é duine ina luí sínte amach an suíomh ceart sábháilteachta chun an riosca brúite a sheachaint, (ii) comhpháirt sábháilteachta chun an ghnáthoibriú a mhúchadh nuair atá duine éigin ar dhíon an chábáin (lasc bhraite) chun nach rachaidh an cábán in airde agus duine éigin ar an díon, (iii) córas rialaithe a choinníonn an t-ardaitheoir neamhghníomhach, nuair a bhraitear go bhfuil duine éigin sa log, go dtí go n-athraítear an lasc chigireachta ar bharr an chábáin go dtí an modh cigireachta (iv) lasc slándála teorainn eile maidir le cigireacht a chuireann cosc ar an ardaitheoir nuair atá an cábán 1,8 m ó shíleáil an loig, (v) lasc theorann deiridh a chuireann cosc ar ghluaiseacht an chábáin agus (vi) balastráid teileascópach, a chuirfidh cosc ar an oibríocht normálta más rud é nach bhfuil an bhalastráid aistarraingthe go hiomlán agus cuirfidh sé cosc ar an oibríocht chigireachta mura bhfuil an bhalastráid sínte go hiomlán. |
(29) |
Dúirt Orona ina chuid barúlacha an 18 Bealtaine 2016 go n-áitíonn údarás na Gearmáine sa bheart náisiúnta go dtógfadh sé “i bhfad níos mó ama” do theicneoir ar dhíon an chábáin é féin a shíneadh amach, rud is gá chun sábháilteacht san ardaitheoir a chinntiú, i gcodarsnacht le cromadh síos. Deir Orona nach bhfuil bunús ar bith leis sin san fhianaise a chuir údarás na Gearmáine isteach agus nach ceanglas sonrach faoi Threoir 95/16/CE é an gá le suíomh sábháilte a ghlacadh. Ina theannta sin, tar éis cruinniú idir údarás na Gearmáine agus Orona an 15 Nollaig 2015, comhaontaíodh, i gcomhréir leis an mbeart náisiúnta, go ndéanfadh Orona roinnt trialacha breise chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do dhearadh sábháilte ardaitheoir M33v3. Cuireadh béim ar leith ar an tionchar a bhí ag méid dhíon an ardaitheora ar an am le frithghníomhú. Maidir leis sin, fuarthas amach sa staidéar IK4-Ikerlan nach bhfuil suíomh an phearsanra cothabhála agus méid ardaitheoirí M33v3 ina fhachtóir a bhfuil tionchar aige ar an am le frithghníomhú. Chomh maith leis sin, léirítear nach bhfuil aon éifeacht ag aois agus innéacs corpmhaise ar an am le frithghníomhú. Ina theannta sin, thángthas ar an gconclúid sa staidéar IK4-Ikerlan nach raibh ach 1,26 soicind ar an meán-am le frithghníomhú chun cromadh síos in ardaitheoirí de réir EN 81-20, agus ní dhéanann sé sin difear don riosca sonrach féideartha, ós rud é go bhfreagraíonn an difríocht ama seo do 0,9 m amháin le luas cigireachta 0,6 m/s. Ní fhéadfadh an difríocht sna hamanna le frithghníomhú a bheith ábhartha ach amháin i gcás ina dteipfeadh ar an gcóras sábháilteachta, an córas coscánaithe iomarcaigh, cuir i gcás. Sa chás sin, áfach, ní bheadh an difríocht ó thaobh airde tábhachtach, ós rud é go mbeadh tionóisc marfach in ardaitheoir M33v3 agus in ardaitheoir a chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe chomh maith. |
(30) |
Maidir leis an ngné ama, dúirt Orona, mar a thuairiscítear sa chomhad teicniúil, go bhfuil díon chábán ardaitheoir M33v3 cothrom agus saor ó chonstaicí, agus mar gheall ar sin is féidir le pearsanra cothabhála suíomh sábháilte a ghlacadh níos tapúla agus iad sínte amach ar an díon. Chuir Orona in iúl go háirithe, ar dhíon cábáin ardaitheora a chomhlíonann EN 81-1, gur féidir le go leor comhpháirteanna a bheith ag cur isteach ar an suíomh atá ann chun síneadh amach, mar shampla rópaí agus a gcuid ceangaltán, rud a d’fhéadfadh moill a chur ar an am chun an suíomh sábháilte sínte a ghlacadh. Thairis sin, chuir Orona in iúl go láidir nach bhfuil i EN 81-1 ach go gcaithfidh an spás sábháilteachta a bheith inrochtana ón spás oibre. Mar sin féin, in ardaitheoir M33v3, is ionann an spás oibre agus an spás sábháilteachta, rud a chiallaíonn, sa chás go dtéann rud éigin amú agus nach mór do dhuine síneadh amach, go bhfuil an duine san áit cheart cheana féin, rud a laghdaíonn an t-am is gá chun an suíomh sábháilte a ghlacadh. Rinneadh soiléiriú breise ar na difríochtaí idir na sonraíochtaí teicniúla (eadhon na constaicí ar dhíon an chábáin agus rochtain ar an spás sábháilteachta) idir ardaitheoir M33v3 agus ardaitheoir atá i gcomhréir le EN 81-1 i litir ó Orona chuig an gCoimisiún an 20 Eanáir 2016 agus ina ríomhphost chuig an gCoimisiún an 12 Iúil 2019. |
(31) |
Maidir leis an teip coscáin, mhínigh Liftinstituut i litir a seoladh chuig Orona an 21 Aibreán 2015 go dtarlódh gluaiseacht neamhrialaithe suas chábán folamh an ardaitheora mar thoradh ar theip coscáin, rud a d’fhágfadh, laistigh d’achar gearr taistil, go mba é an luas ba chúis leis an gcábán ag léim isteach sa spás saor arb é is aidhm dó a chur ar an riosca brúite idir díon an chábáin ardaitheora agus síleáil an loig, is é sin le rá, go leanfadh an cábán de bheith ag gluaiseacht sa log cé gur bhuail an frithmheáchan na maoláin. Maidir le hardaitheoir a bhfuil luas rátaithe 1 m/s aige, bheadh spás cloiginn 1 m, de réir mar is gá in EN 81-1, á chaitheamh ag an léim i gcás inar thaistil an cábán ardaitheora gan smacht thar achar 4 m, is é sin le rá, níl ach fad gearr taistil ag teastáil. Ní bheadh aon spás saor fágtha a thabharfadh le tuiscint go mbeadh brú marfach ar dhuine ar dhíon an chábáin. Ós rud é nach bhfuil ach fad gearr taistil ag teastáil chun dlús níos mó ná 115 % de luas rátaithe an ardaitheora a chur leis an ardaitheoir, tugann sé sin le tuiscint gur dócha go dteipfeadh ar na maoláin, toisc nach ráthaítear a sláine ag luasanna is mó ná 115 % den luas rátaithe (EN 81-1, ní mór do mhaoláin tionchar de luas nach mó ná 115 % den luas rátaithe a sheasamh). |
(32) |
Ina theannta sin, dúirt Orona, i gcás ar bith, nach bhfuil an spás saor a chuirtear ar fáil (0,5 m achar ceartingearach) agus an ghné ama ábhartha chun comparáid a dhéanamh idir an leibhéal sábháilteachta idir ardaitheoir M33v3 agus na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in EN 81-1. Mar a míníodh i ríomhphost Orona chuig údarás na Gearmáine an 22 Aibreán 2015, ina raibh an seasamh a chuir Liftinstituut in iúl ina litir an 21 Aibreán 2015, ní tharlódh an riosca brúite ach amháin i gcás ina dteipfeadh ar an gcoscán. Chinn Orona, i gcás ina dtarlódh sé sin, nach gcuirfeadh dearadh ardaitheoir M33v3 ná dearadh ardaitheora atá i gcomhréir le EN 81-1 cosc ar an riosca brúite. |
(33) |
Dúirt Orona ina chuid barúlacha chuig an gCoimisiún an 12 Iúil 2019 go bhfuil córas coscánaithe iomarcach ardaitheoir M33v3 i bhfad níos sábháilte ná córas coscánaithe ardaitheora atá i gcomhréir le EN 81-1, rud a d’aithin údarás na Gearmáine ina bharúlacha an 28 Bealtaine 2019. Is fíorbheag an dóchúlacht go dteipfeadh ar an gcoscán in ardaitheoir M33v3, murab ionann is in ardaitheoir atá i gcomhréir le EN 81-1, toisc gur comhpháirt sábháilteachta dheimhnithe cineál CE é an coscán chun cosaint i gcoinne ghluaiseacht neamhbheartaithe an chábáin agus chun cosaint i gcoinne ghluaiseacht in airde an chábáin. Dá bhrí sin, is beag an seans fós go mbeadh cás ann, de bharr teip choscáin in ardaitheoir M33v3, ina dtiocfadh duine ar an spás tearmainn sábháilte ar dhíon an chábáin go tobann agus go neamhthoiliúil. |
(34) |
Dúirt Orona freisin gur dhírigh na hábhair imní a bhí ag údarás na Gearmáine in 2015 ar cheist an riosca. Chuir Orona measúnú riosca ar fáil d’údarás na Gearmáine, arna dhéanamh ag Orona de réir chaighdeán ISO/DIS 14798 (6) (“an measúnú riosca”), an 16 Feabhra 2015, 9 mí sular glacadh an beart náisiúnta. Sa mheasúnú riosca, thángthas ar an gconclúid, ag féachaint do na bearta cosanta a chuir Orona i bhfeidhm, go raibh ardaitheoir M33v3 sábháilte agus nach raibh gá aon bheart breise a dhéanamh chun na rioscaí a laghdú ós rud é, ar bhonn dhóchúlacht na díobhála (a ghrádaítear A-F, arb é F an cás is lú dóchúlacht) agus ar bhonn a thromchúisí is atá an gortú (a ghrádaítear 1-4, arb é 4 an gortú is lú tábhacht), ba é “2F” an toradh a fuarthas. |
(35) |
Go háirithe, thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú riosca go raibh an dóchúlacht go dteipfeadh ar an gcoscán (mar chomhpháirt sábháilteachta dheimhnithe cineáil CE) chomh híseal sin go raibh leibhéal an riosca inghlactha. Dúirt Orona nach minic teip ar chomhpháirteanna sábháilteachta deimhnithe cineáil CE a mheas in anailís riosca mar gheall ar a n-ardleibhéal sábháilteachta. |
(36) |
Mar a léiríodh sa mheasúnú riosca, níl aon difríocht idir ardaitheoir M33v3 agus ardaitheoirí atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe. Sa chás teoiriciúil ina dtarlaíonn teip choscáin, is deireadh marfach a bhíonn i ndán don teicneoir i gcónaí mar gheall ar an mbrú gan srian agus mar sin is cuma má tá spás tarrthála 0,5 m nó 1 m os cionn an chábáin. |
(37) |
Ar deireadh, chuir Orona i bhfios go láidir ina chuid barúlacha chuig an gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 nach gá aon riosca a d’fhéadfadh a bheith ann a dhíothú go hiomlán le Treoir 95/16/CE – rud nach féidir a dhéanamh – ní gá ach na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach sa Treoir sin a chomhlíonadh, rud a ráthaítear trí chaighdeáin chomhchuibhithe nó trí bhearta sábháilteachta coibhéiseacha. Thairis sin, dúirt Orona nach mór a chruthú go bhfuil na bearta sábháilteachta coibhéiseacha chomh sábháilte céanna leo siúd a léirítear sna caighdeáin chomhchuibhithe, rud nach bhfuil an caighdeán cruthúnais céanna i gceist leis agus easpa riosca iomlán a léiriú. |
3. MEASÚNÚ
(38) |
Ar bhonn an chomhairliúcháin fhairsing leis na páirtithe uile lena mbaineann, rinne an Coimisiún meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. |
(39) |
Le hAirteagal 2(1) de Threoir 95/16/CE, mar a bhí sé i bhfeidhm nuair a glacadh an beart náisiúnta, ceanglaíodh ar na Ballstáit gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach bhféadfar ardaitheoirí a chumhdaítear leis an Treoir sin a chur ar an margadh ná a chur i seirbhís ach amháin más rud é nach dóigh go gcuirfear sláinte nó sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, sábháilteacht maoine i mbaol, nuair a dhéantar iad a shuiteáil agus a chothabháil i gceart agus a úsáid chun na críche atá beartaithe dóibh. |
(40) |
Foráladh le hAirteagal 3 de Threoir 95/16/CE go gcomhlíonfaidh ardaitheoirí a chumhdaítear leis an Treoir sin na ceanglais fhíor-riachtanacha. |
(41) |
Le hAirteagal 7(1) de Threoir 95/16/CE, ceanglaíodh ar Bhallstát a chinntíonn gur dócha go gcuirfidh ardaitheoir sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb infheidhme, sábháilteacht maoine i mbaol, gach beart iomchuí a ghlacadh chun é a tharraingt siar ón margadh, toirmeasc a chur ar é a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís nó a shaorghluaiseacht a shrianadh. Tá sé le tuiscint as an dara fomhír den Airteagal sin go raibh ar an mBallstát an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach maidir le haon bheart den sórt sin, agus na cúiseanna a bhí lena chinneadh a léiriú agus go háirithe cibé ar tharla an neamh-chomhréireacht toisc nach ndearnadh na ceanglais fhíor-riachtanacha a chomhlíonadh, na caighdeáin a chur i bhfeidhm go mícheart nó easnaimh sna caighdeáin féin. |
(42) |
Ceanglaíodh le hAirteagal 8(2) de Threoir 95/16/CE gur cuireadh ardaitheoir, sular cuireadh ar an margadh é, faoi réir measúnú comhréireachta ag comhlacht dá dtugtar fógra. |
(43) |
Leagadh amach na ceanglais fhíor-riachtanacha i roinn 2.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 95/16/CE, ina bhforáladh go raibh an t-ardaitheoir le dearadh agus le tógáil chun cosc a chur ar an riosca brúite nuair a bhíonn an cábán i gceann dá shuíomhanna foircneacha agus go raibh an cuspóir sin le baint amach trí spás saor nó tearmann lasmuigh de na suíomhanna foircneacha. |
(44) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Treoir, thug EN 81-1 toimhde comhréireachta le roinn 2.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 95/16/CE tráth a cuireadh ardaitheoir M33v3 ar an margadh. |
(45) |
Níor bhraith Orona ar chaighdeáin chomhchuibhithe chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhaint amach. Ina ionad sin, chuir Orona réiteach teicniúil malartach faoi bhráid údarás na Gearmáine, arna dheimhniú ag Liftinstituut sa nós imeachta scrúdúcháin cineáil CE, agus a shoiléirigh Liftinstituut tuilleadh i litir chuig údarás na Gearmáine an 12 Samhain 2014. Cé go n-imíonn an t-íos-spás saor sa spás cloiginn ó na ceanglais a leagtar amach i gclásal 5.7.1.1 a) de EN 81-1, i gcomhréir leis an deimhniú ar scrúdú cineáil CE NL12-400-1002-035-30 rev.2, arna eisiúint ag Liftinstituut, tá an spás saor ar dhíon an chábáin níos mó ná an t-íos-spás saor (toirt dronuilleogach) atá ag teastáil mar íos-spás saor sa pholl de réir EN 81-1, chun cosc a chur ar an riosca brúite i suíomhanna foircneacha an chábáin. Dúirt Liftinstituut ina litir an 12 Samhain 2014 i gcás ina sleamhnóidh na rópaí nuair a bheidh an síobh tarraingthe ag rothlú aníos, go ráthófar an spás saor leis an maolán frithmheáchain atá feistithe go buan. Ina theannta sin, dúirt an comhlacht dá dtugtar fógra go bhfuil toisí Orona maidir leis an spás saor, atá de rogha ar na toisí a leagtar amach in EN 81-1, comhoiriúnach freisin leis na ceanglais fhíor-riachtanacha nuair a chuireann modhanna iontaofa breise spás sealadach níos mó ar fáil le toisí a chomhlíonann ceanglais EN 81-1 agus EN 81-21, ar choinníoll go gcumhdaítear an riosca brúite i gcónaí leis an spás saor buan atá ar fáil. Áirítear trí phríomhghné leis na modhanna breise sin, lena n-áirithítear spás sealadach níos mó. Ar an gcéad dul síos, déantar cur i bhfeidhm dhá theagmháil sábháilteachta bhreise a ghníomhaíonn go díreach i gciorcad sábháilteachta an ardaitheora a sheiceáil, le haghaidh iontaofacht bhreise, le córas tomhaiste suite an ardaitheora. Ar an dara dul síos, coscán iomarcach iontaofa cineáil CE a dheimhnítear mar chomhpháirt sábháilteachta le haghaidh cosanta, i gcoinne ghluaiseacht neamhbheartaithe an chábáin agus i gcoinne ghluaiseacht in airde an chábáin thar luas lena gcuirtear stop leis an ardaitheoir. Ar an tríú dul síos, monatóireacht ar rochtain ar dhíon an chábáin, a chuireann stop go díreach le gnáthoibriú an ardaitheora nuair a théann duine ar dhíon an chábáin trí aon doras léibhinn. |
(46) |
I gcomhréir le hAirteagal 8(2)(ii) de Threoir 95/16/CE agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin, chinn agus dheimhnigh Liftinstituut (7) go bhfuil iontaofacht an chórais chosanta i ndáil leis an riosca brúite ar bharr an chábáin cruthaithe ag an scrúdú cineáil CE le haghaidh ardaitheoir M33v3 a bheith comhionann ar a laghad le hardaitheoir a chomhlíonann ceanglais EN 81-1. Ní imíonn ardaitheoir M33v3 ach ó na toisí ceartingearacha spáis saoire a leagtar amach i gclásal 5.7.1.1 a) de EN 81-1. Chloígh Orona leis an nós imeachta um scrúdú cineáil CE atá leagtha amach i gcuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 95/16/CE. Sa nós imeachta sin, mhínigh Orona conas a bhí na réitigh theicniúla mhalartacha coibhéiseach le ceanglais EN 81-1 maidir le sábháilteacht. Leanann an deimhniú ar scrúdú cineáil CE arna eisiúint ag Liftinstituut páipéar seasaimh NB-L ina leagtar amach na critéir theicniúla ghinearálta maidir leis an gcaoi ar féidir le hardaitheoirí a bhfuil toisí spáis saoire iontu a imíonn ó chlásal 5.7 de EN 81-1 a bheith fós i gcomhréir go hiomlán leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i dTreoir 95/16/CE. |
(47) |
I gcomhréir le hAirteagal 8(2)(ii) de Threoir 95/16/CE agus le roinn 4 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir sin, d’eisigh TÜV SÜD deimhniú cigireachta críochnaitheach a dhearbhaíonn gur chomhlíon an t-ardaitheoir na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 95/16/CE, tar éis tástálacha agus seiceálacha iomchuí a dhéanamh ar an ardaitheoir sular cuireadh ar an margadh é. |
(48) |
De réir údarás na Gearmáine, ní chomhlíonann an réiteach teicniúil arna sholáthar ag Orona na ceanglais fhíor-riachtanacha go príomha toisc go n-imíonn an t-ardaitheoir ó EN 81-1 sa mhéid is nach gcuireann sé ach fad ceartingearach 0,5 m ar fáil seachas fad 1 m ó dhíon an chábáin go dtí síleáil an loig. Measann údarás na Gearmáine nach dtugann sé sin go leor ama do dhuine suíomh sábháilte a ghlacadh i gcás ina dteipeann ar bhearta réamhchúraim eile stop a chur leis an ardaitheoir ag fad níos faide. Níor shonraigh údarás na Gearmáine, áfach, sa bheart náisiúnta, na cásanna ina mbeadh an fad ceartingearach in ardaitheoir M33v3 cothrom le 0,5 m agus, dá bhrí sin, na cásanna ina mbeadh riosca brúite ann. |
(49) |
De réir údarás na Gearmáine, ní chuirtear leibhéal coibhéiseach sábháilteachta ar fáil leis na sonraíochtaí teicniúla malartacha arna gcur i bhfeidhm ag Orona, mar, fiú amháin má laghdaíonn siad dóchúlacht tionóisce (cábán ardaitheora ag gluaiseacht go neamhdheonach go dtí an suíomh foircneach is airde), méadaítear déine na ngortuithe féideartha agus an t-íos-spás ceartingearach laghdaithe faoina leath. Is féidir le duine atá ar dhíon an chábáin ardaitheora a shábháilteacht a chinntiú más gá trína shíneadh amach sa spás tearmainn atá fágtha, ach tá níos mó ama ag teastáil ná i gcás ardaitheora a fhreagraíonn do na caighdeáin chomhchuibhithe. |
(50) |
Maidir leis an spás saor nó an tearmann, measann údarás na Gearmáine go n-éilíonn EN 81-1 fad ceartingearach 1 m sa spás saor nó tearmann ó dhíon an chábáin go dtí síleáil an loig. Ní aontaíonn Orona, Liftinstituut agus an Coimisiún leis an méid sin, a leanann conclúidí an staidéir neamhspleách ina leith sin. Mar sin féin, ós rud é go measann údarás na Gearmáine nach é an fad ceartingearach 0,5 m é féin atá ar neamhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha, ach an t-am a thógann sé suíomh sábháilte a ghlacadh, ní gá an ghné maidir le fad ceartingearach a mhionsaothrú a thuilleadh maidir leis an léirmhíniú ar cheanglais EN 81-1. |
(51) |
Maidir leis an spás saor nó tearmann in ardaitheoir M33v3, aon uair go bhfuil sé sa mhodh cigireachta tá íos-spás oibre 1,8 m (spás tarrthála barr) ag an teicneoir. Mar sin féin, chuir údarás na Gearmáine in iúl, le linn chéim chomhairliúcháin an Choimisiúin, na trí chúis fhéideartha a d’fhéadfadh a bheith le teagmhas san ardaitheoir a d’fhéadfadh a bheith mar chúis leis an bhfad ceartingearach a thitim go 0,5 m in ionad 1,8 m agus an t-ardaitheoir ag oibriú i gceart. I measc na dtrí chúis sin, ní aithníonn Orona ach an chúis maidir le teip choscáin. Fiú amháin sa chás sin, measann Orona go bhfuil caolsheans ann go dteipfeadh ar an gcoscán. Maidir le cúis na hearráide daonna, níor chuir údarás na Gearmáine an chúis sin san áireamh agus an beart náisiúnta á ghlacadh aige. Maidir leis sin, mhínigh Orona ina chuid barúlacha an 15 Eanáir 2019 nach bhfuil aon dreasacht ann d’innealtóir seirbhíse taistil san ardaitheoir ag gnáthluas oibriúcháin seachas i modh luas cothabhála. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh smacht iomlán ag an innealtóir seirbhíse ar ghluaiseacht an chábáin chun a chuid oibre a dhéanamh. Má tá an t-ardaitheoir sa ghnáthmhodh oibríochta, ní féidir an t-ardaitheoir a stopadh ag aon suíomh inmhianaithe seachas ag urlár chun na hoibríochtaí cothabhála a dhéanamh. Ar aon chuma, i gclásal 0.3.8 de EN 81-1, tá sé ráite go nglactar leis go n-ordaítear an pearsanra cothabhála agus go n-oibríonn sé de réir na dtreoracha, rud a chiallaíonn nach bhfuil sé intuartha i ndáiríre a bheith ag taisteal san ardaitheoir ag gnáthluas oibriúcháin. Ina theannta sin, meastar sa staidéar neamhspleách nach dócha go rachadh pearsanra cothabhála timpeall d’aon turas ar na gnéithe sábháilteachta a bhfuil tuairisc orthu sna treoracha oibriúcháin. |
(52) |
Maidir leis an tríú cúis fhéideartha a chuir údarás na Gearmáine in iúl a bhféadfadh an fad ceartingearach titim go dtí 0,5 mar thoradh uirthi, mar gheall ar theip a d’fhéadfadh a bheith ar an lasc theorann, mhínigh Orona ina chuid barúlacha an 18 Bealtaine 2016 go seasann an teicneoir ar dhíon an chábáin, go gcuireann sé an modh cigireachta ar an rialaitheoir ar siúl agus dá bhrí sin go mbeidh smacht iomlán aige ar an ardaitheoir. Ansin bogann an teicneoir an cábán i dtreo bharr an loig. D’fhéadfadh sé go dteipfeadh ar an gcóras rialaithe. Mar gheall ar an teip seo, leanann an t-ardaitheoir ag bogadh ach fós ag luas 0,6 m/s (luas cigireachta). Fiú i gcás gluaiseacht neamhrialaithe in airde (“UCMP”), ní shárófaí an luas 1 m/s (modh gnáthluais). Níl aon athrú ar an bhféidearthacht go stopfaidh an teicneoir an t-ardaitheoir láithreach i gcás contúirte trí bhíthin an dá theorainn éigeandála ar an rialaitheoir. Fiú mura n-oibríonn an teicneoir an stad éigeandála ar chúiseanna neamhshonraithe, cinnteoidh an lasc theorann deiridh go stopfaidh an t-ardaitheoir le híos-spás saor 1 m, gan aon riosca brúite. Dá bhrí sin, ach sa chás seo freisin, tá dóchúlacht fhoriomlán na díobhála tromchúisí in ardaitheoir M33v3 gar do nialas agus is ionann an riosca agus i gcás ardaitheora atá i gcomhréir le EN 81-1. Ar na cúiseanna sin, ní féidir le hearráid dhaonna agus teip ar an lasc theorann a mheas mar chúiseanna lena dtitfeadh an fad ceartingearach go dtí 0,5 m seachas go dtí 1,8 m nuair atá ardaitheoir M33v3 ag oibriú i gceart. |
(53) |
Maidir le teip iomlán ar an gcóras coscánaithe, is feiste sábháilteachta meicniúla cineáil CE é an coscán a dheimhnítear mar chomhpháirt sábháilteachta UCMP. Is coscán sábháilteachta iomarcach a ndéantar faireachán air é an coscán agus tá a dhóthain cumhachta ag gach coscán chun stop a chur leis an ardaitheoir leis féin. Coscánaíonn an dá chiorcad coscánaithe nuair a úsáidtear na spriongaí, is é sin le rá, go bhfuil an coscán leictreamaighnéadach ar oscailt i riocht oibrithe fuinniúil. I gcás teip cumhachta nach féidir a thuar, dúnann an dá chiorcad coscánaithe go huathoibríoch, déantar iad a chur ar siúl le fórsa na spriongaí, agus dá bhrí sin áirithíonn sé go hiontaofa gabháltas statach nó luasmhoilliú dinimiciúil an chábáin ardaitheora atá ag gluaiseacht in aon staid oibríochta. Dá bhrí sin, tá sé beagnach dodhéanta go dteipfeadh ar an gcóras coscánaithe in ardaitheoir M33v3 ina iomláine. |
(54) |
Thairis sin, dúirt NB-L go bhfuil na critéir maidir le spás saor inghlactha atá coibhéiseach leis na critéir sin a leagtar amach i gclásal 5.7 de EN 81-1 bunaithe ar mheascán de spás ceartingearach saor, de thoirt spáis shaoir (ciúb) agus ar chomhtháthú na spásanna sin sa limistéar spásúil. |
(55) |
Maidir leis an am a thógann sé ar dhuine suíomh sábháilte a ghlacadh, de réir an bhirt náisiúnta, is cosúil gurb é easpa ama chun suíomh sábháilte a ghlacadh nuair is é 0,5 m an fad ceartingearach is cúis leis an riosca brúite. Mar sin féin, mar a mhínítear in aithris 32, ní bheadh fad ceartingearach 0,5 m ag an spás saor nó tearmann in ardaitheoir M33v3 ach i gcás ina dteipfidh ar an gcoscán. Ós rud é gur chuir Orona an míniú teicniúil sin ar fáil d’údarás na Gearmáine sular glacadh an beart náisiúnta, go háirithe ina ríomhphost an 22 Aibreán 2015, is é an cás ina dteipeann ar an gcoscán an t-aon chás a ndéanfar tuilleadh machnaimh air. |
(56) |
Ní féidir an leibhéal sábháilteachta a sholáthraítear leis na sonraíochtaí teicniúla in EN 81-1 agus le hardaitheoir M33v3 a chur i gcomparáid ach amháin trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcás céanna in ardaitheoir atá i gcomhréir le EN 81-1 agus in ardaitheoir M33v3. Ciallaíonn sé sin, mar a mhínítear thuas, gurb é an t-aon chás amháin atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an riosca brúite é an cás ina dteipfeadh ar an gcoscán sa dá ardaitheoir. Bunaithe ar an bhfianaise a chuir Orona ar fáil d’údarás na Gearmáine sular glacadh an beart, agus go háirithe an litir ó Liftinstituut chuig Orona an 21 Aibreán 2015, má theipeann ar an gcoscán, bheadh sé le tuiscint cheana féin le luas an tsaor-luasghéaraithe de cúpla méadar go mbeadh sé dodhéanta do na maoláin stop a chur leis an gcábán ardaitheora agus gur dócha go dteipfeadh ar na maoláin de bharr luas taistil an ardaitheora, i gcás an dá ardaitheoirí. Sa chás sin, bhuailfeadh an cábán síleáil an loig agus bhrúfadh sé aon duine ar dhíon an chábáin gan beann ar an bhfad ceartingearach. Mar a mhínigh Liftinstituut ina litir, má theipeann ar an gcoscán, tá riosca brúite ann sa dá ardaitheoir, toisc go bhfuil dóchúlacht an-bheag ann go bhféadfadh an spás tearmainn tionóisc a sheachaint, gan beann ar an am a thógann sé glacadh le suíomh áirithe ar dhíon an chábáin. Maidir leis sin, chuir údarás na Gearmáine in iúl sa ríomhphost a sheol sé chuig an gCoimisiún an 28 Bealtaine 2019, nach féidir stop a chur le hardaitheoir M33v3 ná le hardaitheoir atá i gcomhréir le EN 81-1 má theipeann ar an gcoscán agus go bhfuil an dóchúlacht chéanna ann go dteipfeadh ar na maoláin sa dá ardaitheoir. |
(57) |
Dá bhrí sin, is é an tátal is féidir a bhaint as nach bhfuil ról ag an ngné ama, eadhon an t-am is gá chun suíomh sábháilteachta a ghlacadh a bhaineann leis an bhfad ceartingearach i ndíon an chábáin, maidir leis an riosca brúite a chosc. |
(58) |
Ina theannta sin, mar a mhínigh Orona agus a d’admhaigh údarás na Gearmáine, tá an coscán iomarcach a úsáideann Orona in ardaitheoir M33v3, ar comhpháirt sábháilteachta dheimhnithe cineáil CE i gcónaí é, níos sábháilte ná an coscán a úsáidtear in ardaitheoirí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in EN 81-1, agus ní gá don choscán a bheith ina chomhpháirt sábháilteachta dheimhnithe cineáil CE i bhformhór na gcásanna. |
(59) |
Go deimhin, faoi Airteagal 3 de Threoir 95/16/CE, ní mór do chomhpháirt sábháilteachta na ceanglais fhíor-riachtanacha a chomhlíonadh nó a chumasú do na hardaitheoirí ina bhfuil siad suiteáilte na ceanglais fhíor-riachtanacha a chomhlíonadh. Ciallaíonn sé sin go ndearnadh nós imeachta críochnúil neamhspleách um measúnú comhréireachta ar an gcóras coscánaithe dá dtagraítear in Airteagal 8.1 (ii) de Threoir 95/16/CE agus go bhfuil comhartha CE feistithe air leis sin, sa bhreis ar an measúnú comhréireachta ar an ardaitheoir iomlán. Níl aon riosca ag baint le teip ar chomhpháirt sábháilteachta, ós rud gur beag baol atá ann mar a luaitear i gcaighdeán ISO 14798, dá dtagraítear in aithris 33. Ós rud é gurb é teip ar an gcoscán an t-aon chás ina laghdófaí an spás sábháilte idir díon an chábáin agus an log go dtí níos lú ná mar a éilíonn EN 81-1 mar fhad ceartingearach, agus go bhfuil teip ar an gcóras coscánaithe beagnach dodhéanta, tá an t-ardaitheoir níos sábháilte ná ardaitheoir atá i gcomhréir le EN 81-1, toisc nach gá coscán iomarcach a bheith feistithe in ardaitheoir den sórt sin, ar comhpháirt sábháilteachta é. |
(60) |
Maidir le prionsabail an chomhtháthaithe sábháilteachta, ar an gcéad dul síos, níor thagair údarás na Gearmáine do na prionsabail sin sa bheart náisiúnta. Ar an dara dul síos, ní coincheap teibí iad prionsabail an chomhtháthaithe sábháilteachta ach tá siad nasctha leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta agus leis an úrscothacht tráth ar cuireadh an t-ardaitheoir ar an margadh. Ciallaíonn sé sin nach mór don mhonaróir aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis an ardaitheoir i bhfianaise na n-eilimintí sin. Ar an tríú dul síos, ní mór a mheas go bhfuil prionsabail an chomhtháthaithe sábháilteachta infheidhme go comhionann maidir le haon ardaitheoir. Sa chás sin, is é teip ar an gcoscán an t-aon chás amháin a mheasfar a bheith ann chun an leibhéal sábháilteachta a chur i gcomparáid agus is fíorbheag go deo an riosca go mbeidh teip dá sórt ann i dtaca leis an ardaitheoir M33v3, murab ionann agus i gcás ardaitheoir atá i gcomhréir le EN 81-1. |
(61) |
Maidir leis na rioscaí nach mbaineann leis an gcóras coscánaithe, chomh maith leis an measúnú riosca arna dhéanamh ag Orona agus conclúidí an mheasúnaithe sin, sa staidéar neamhspleách tá measúnú riosca bunaithe ar EN 81-1 agus ar an réiteach teicniúil a úsáidtear in ardaitheoir M33v3 chun comparáid a dhéanamh idir an leibhéal sábháilteachta a bhain ardaitheoir M33v3 amach agus ardaitheoir atá i gcomhréir le EN 81-1 maidir leis an riosca brúite. Le comparáid idir leibhéal an riosca bhrúite agus na bearta a leagtar amach in EN 81-1 á gcur i bhfeidhm agus na bearta malartacha a chuir Orona in iúl maidir le hardaitheoir M33v3 á gcur i bhfeidhm, thángthas ar an gconclúid sa staidéar neamhspleách, “go mbaineann na bearta malartacha arna soláthar ag Orona leibhéal sábháilteachta amach atá i bhfad níos fearr ná an leibhéal a fhoráiltear le cur i bhfeidhm EN 81-1” (8) nuair a choimeádtar an t-ardaitheoir mar a bhí beartaithe. Thairis sin, thángthas ar an gconclúid sa staidéar neamhspleách, fiú sa chás go mbainfí mí-úsáid as an ardaitheoir (mar gheall ar imeacht d’aon ghnó ó na treoracha cothabhála ag an bpearsanra cothabhála), “go mbaineann t-ardaitheoir amach an leibhéal céanna sábháilteachta ar a laghad leis an ardaitheoir caighdeánach” (9). |
4. CONCLÚID
(62) |
Bunaithe ar an anailís in aithrisí 38 go 60, agus torthaí an staidéir neamhspleách lena ndeimhnítear an anailís sin á gcur san áireamh, is é an tátal is féidir a bhaint as go raibh ardaitheoir M33v3 i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha. Tá an leibhéal sábháilteachta atá bainte amach ag ardaitheoir M33v3 coibhéiseach, ar a laghad, leis an leibhéal sábháilteachta a bhaineann le hardaitheoir atá i gcomhréir le EN 81-1, rud a chuir toimhde comhréireachta ar fáil tráth a cuireadh ardaitheoir M33v3 ar an margadh. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas go bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Níl údar leis an mbeart a rinne an Ghearmáin, a ghlac Údarás Lárnach Länder um Theicneolaíocht Sábháilteachta an 26 Samhain 2015 agus a cuireadh in iúl don Choimisiún an 10 Márta 2016, chun cosc a chur ar mhúnla ardaitheoir M33v3 arna mhonarú ag Orona, Sociedad Cooperativa, Hernani, an Spáinn, a chur ar an margadh.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
Thierry BRETON
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 96, 29.3.2014, lch. 251.
(2) Treoir 95/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 1995 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hardaitheoirí (IO L 213, 7.9.1995, lch. 1).
(3) Tuarascáil chríochnaitheach an 10 Nollaig 2018, Comhlíonadh, “Tacaíocht theicniúil a bhaineann leis an Treoir um Ardaitheoirí 95/16/CE agus comhlíonadh ardaitheoir M33v3 Orona, ag díriú ar an gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta 2.2 d’Iarscríbhinn I.”
(4) IO C 52, 2.3.2010, lch. 5.
(5) IO C 263, 5.11.2009, lch. 3.
(6) ISO 14798, ardaitheoirí, staighrí beo agus siúlóidí gluaisteacha – modheolaíocht measúnaithe agus laghdaithe riosca, caighdeán idirnáisiúnta, an chéad eagrán, 1.3.2009.
(7) Deimhniú ar scrúdú cineáil CE NL12-400-1002-035-30 rev.2
(8) Cúram 3 – “Anailís chomparáideach ar shonraíochtaí teicniúla na gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha”, roinn 7.1.1
(9) Cúram 3 – “Anailís chomparáideach ar shonraíochtaí teicniúla na gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha”, roinn 7.1.2.
Ceartúcháin
26.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/71 |
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/453 ón gCoimisiún an 15 Márta 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir leis na ceanglais shonracha tuairiscithe le haghaidh priacal margaidh
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 89 an 16 March 2021)
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 16 March 2021)
Cuirfear Iarscríbhinn III seo a leanas isteach i ndiaidh Iarscríbhinn II den Rialachán:“IARSCRÍBHINN III
Cuid I : Samhail Pointe Sonraí Aonair
Na hítimí sonraí ar fad dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II, déanfar samhail pointe sonraí aonair díobh, ar bunús é le haghaidh chórais aonfhoirmeacha TF na n-institiúidí agus na n-údarás inniúil.
Leis an tsamhail pointe sonraí aonair:
(a) |
soláthrófar ionadaíocht struchtúrtha ar na hítimí sonraí ar fad a leagtar amach in Iarscríbhinn I; |
(b) |
sainaithneofar na coincheapa gnó go léir a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II; |
(c) |
soláthrófar foclóir sonraí ina sainaithneofar na lipéid seo a leanas:
|
(d) |
déanfar méadracht a sholáthar lena saineofar an mhaoin nó líon na bpointí sonraí; |
(e) |
soláthrófar sainmhínithe ar phointe sonraí a shloinnfear mar chomhdhéanamh de na saintréithe lena sainaithneofar an coincheap gan aon débhrí; |
(f) |
beidh na sonraíochtaí teicniúla ábhartha go léir is gá ann chun réitigh tuairiscithe TF a fhorbairt lena soláthrófar sonraí maoirseachta aonfhoirmeacha. |
Cuid II : Rialacha maidir le bailíochtú
Na hítimí dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II, beidh siad faoi réir rialacha maidir le bailíochtú lena n-áiritheofar cáilíocht agus comhsheasmhacht sonraí.
Leis na rialacha maidir le bailíochtú:
(a) |
saineofar na caidrimh loighciúla idir pointí sonraí ábhartha; |
(b) |
áireofar scagairí agus réamhchoinníollacha lena saineofar tacar sonraí a mbeidh feidhm ag riail bhailíochtúcháin maidir leis; |
(c) |
seiceálfar comhsheasmhacht na sonraí tuairiscithe; |
(d) |
seiceálfar cruinneas na sonraí tuairiscithe; |
(e) |
leagfar síos luachanna réamhshocraithe le cur i bhfeidhm i gcás nár tuairiscíodh an fhaisnéis ábhartha. |