ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 104

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
25 Márta 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2021/515 ón gComhairle an 22 Márta 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe I bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas na hAstráile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le lamháltais a mhodhnú ar na cuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

27

 

*

Cinneadh (AE) 2021/516 ón gComhairle an 22 Márta 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIndinéise de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994, comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

29

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/517 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 a mhéid a bhaineann leis na socruithe maidir le ranníocaíochtaí a íoc le caiteachais riaracháin an Bhoird Réitigh Aonair

30

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/518 ón gCoimisiún an 18 Márta 2021 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin, Vasi vadkörte pálinka

34

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/519 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 maidir le tástáil le haghaidh Trichinella i ndlúthchrúbaigh agus maolú na Ríochta Aontaithe ar thástáil le haghaidh Trichinella i mucra clóis ( 1 )

36

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe ar coimeád ( 1 )

39

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena ndéantar socruithe sonracha maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird

52

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

TREORACHA

25.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/1


TREOIR (AE) 2021/514 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Márta 2021

lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 113 agus 115 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun freastal ar thionscnaimh nua an Aontais i réimse na trédhearcachta cánach, rinneadh sraith leasuithe ar Threoir 2011/16/AE (3) ón gComhairle le blianta beaga anuas. Leis na hathruithe sin tugadh isteach go príomha oibleagáidí maidir le tuairisciú, agus ina dhiaidh sin cumarsáid le Ballstáit eile, a bhaineann le cuntais airgeadais, réamhrialuithe trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre agus socruithe intuairiscithe trasteorann. Mar sin, leathnaíodh raon feidhme an mhalartaithe faisnéise uathoibríoch leis na leasuithe sin. Tá tacar níos leithne uirlisí comhair ar fáil ag údaráis chánach na mBallstát anois chun cineálacha calaoise cánach, imghabhála cánach agus seachanta cánach a bhrath agus a chomhrac.

(2)

Le blianta beaga anuas, tá an Coimisiún ag déanamh faireacháin ar an gcur i bhfeidhm agus chuir sé an mheastóireacht ar Threoir 2011/16/AE i gcrích in 2019. Cé go bhfuil feabhsuithe suntasacha déanta i réimse an mhalartaithe faisnéise uathoibríoch, is gá fós feabhas a chur ar fhorálacha a bhaineann le gach cineál malartaithe faisnéise agus comhair riaracháin.

(3)

De bhun Airteagal 5 de Threoir 2011/16/AE, tá ar an údarás iarrtha le cur in iúl don údarás iarrthach aon fhaisnéis dá bhfuil ina sheilbh aige, nó aon fhaisnéis a fhaigheann sé mar thoradh ar fhiosruithe riaracháin, faisnéis atá ábhartha go hintuartha maidir le dlíthe náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a riar agus a fhorfheidhmiú. Chun éifeachtacht na malartuithe faisnéise a áirithiú agus chun diúltuithe d’iarrataí gan údar maith a chosc, agus chun gurb ann don deimhneacht dhlíthiúil chomh maith le haghaidh riaracháin chánach agus cáiníocóirí araon, ba cheart an caighdeán ábharthachta intuartha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a shainiú agus a chódú go soiléir.

(4)

Is gá uaireanta dul i ngleic le hiarrataí ar fhaisnéis a bhaineann le grúpaí cáiníocóirí nach féidir a shainaithint go haonarach agus ní féidir cur síos a dhéanamh ar ábharthacht intuartha na faisnéise a iarrtar ach amháin ar bhonn tacar tréithe comónta. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart do riaracháin chánach leanúint d’úsáid a bhaint as iarrataí ó ghrúpaí ar fhaisnéis faoi chreat dlíthiúil soiléir.

(5)

Tá sé tábhachtach go malartaíonn Ballstáit faisnéis a bhaineann le hioncam a fhaightear ó mhaoin intleachtúil, toisc go mbíonn socruithe aistrithe brabúis sa réimse seo den gheilleagar go minic de thoradh a sócmhainní foluiteacha fíor-shoghluaiste. Dá bhrí sin, ba cheart ríchíosanna mar a shainítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Threoir 2003/49/CE (4) ón gComhairle a áireamh i gcatagóirí ioncaim faoi réir malartú faisnéise uathoibríoch sainordaitheach chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac ar bhealach níos fearr. Ba cheart do na Ballstáit gach iarracht is féidir agus is réasúnta a dhéanamh chun uimhir aitheantais chánach (TIN) cónaitheoirí arna heisiúint ag an mBallstát cónaithe a áireamh agus na catagóirí ioncaim agus caipitil atá faoi réir malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach á gcur in iúl.

(6)

Tá fás as cuimse ag teacht ar dhigitiú an gheilleagair le blianta beaga anuas. Dá dheasca sin, tá líon méadaithe cásanna casta maidir le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach tagtha chun cinn. Fágann gné thrasteorann na seirbhísí a sholáthraítear trí oibreoirí ardán go bhfuil timpeallacht chasta ann inar féidir leis a bheith dúshlánach rialacha cánach a fhorfheidhmiú agus comhlíonadh cánach a áirithiú. Tá easpa comhlíonadh cánach agus tá luach mór ar an ioncam neamhthuairiscithe. Tá easpa faisnéise ag riaracháin chánach na mBallstát chun measúnú agus rialú ceart a dhéanamh ar an ollioncam a thuilltear ina dtír ó ghníomhaíochtaí tráchtála a dhéantar trí ardáin dhigiteacha a idirghabháil. Baineann fadhbanna ar leith leis sin i gcás ina bhfuil sreabha an ioncaim nó an mhéid inchánach ag dul trí ardáin dhigiteacha arna mbunú i ndlínse eile.

(7)

Is minic a iarrann riaracháin chánach faisnéis ó oibreoirí ardán. Fágann sé sin costais shuntasacha riaracháin agus chomhlíonta d’oibreoirí ardán. Ag an am céanna, tá roinnt Ballstát tar éis oibleagáid tuairiscithe aontaobhach a fhorchur, rud a fhágann ualach breise riaracháin ar oibreoirí ardán, toisc go gcaithfidh siad a lán caighdeán náisiúnta tuairiscithe a chomhlíonadh. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, ceanglas tuairiscithe chaighdeánaithe a thabhairt isteach a mbeadh feidhm aici ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

(8)

Ós rud é go mbíonn sreabhadh trasteorann ag formhór ioncam agus méideanna inchánacha na ndíoltóirí ar ardáin dhigiteacha, bheadh torthaí dearfacha breise ann ar thuairisciú na faisnéise a bhaineann leis an ngníomhaíocht ábhartha dá gcuirfí an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit incháilithe chun cáin a ghearradh ar an ioncam a thuilltear. Go háirithe, tá malartú faisnéise uathoibríoch idir na húdaráis chánach ríthábhachtach chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil do na húdaráis chánach sin chun cur ar a gcumas cánacha ioncaim dlite agus cáin bhreisluacha (CBL) dlite a mheasúnú i gceart.

(9)

Chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart na rialacha tuairiscithe a bheith éifeachtach agus simplí araon. Agus na deacrachtaí a bhaineann le teagmhais inchánach a bhrath a aithint, deacrachtaí a tharlaíonn le linn gníomhaíocht tráchtála a éascaítear trí ardáin dhigiteacha, agus an t-ualach breise riaracháin a mbeadh ar riaracháin chánach aghaidh a thabhairt orthu i gcásanna den sórt sin á chur san áireamh, is gá oibleagáid tuairiscithe a fhorchur ar oibreoirí ardán. Maidir leis an bhfaisnéis is gá i dtaca le gach díoltóir i mbun gníomhaíochta ar ardán sonrach nó a bhaineann úsáid as ardán digiteach sonrach, tá oibreoirí ardán i riocht níos fearr chun an fhaisnéis sin a bhailiú agus a fhíorú.

(10)

Ba cheart go gcumhdódh an oibleagáid tuairiscithe gníomhaíochtaí trasteorann agus gníomhaíochtaí nach gníomhaíochtaí trasteorann iad araon, chun éifeachtúlacht na rialacha tuairiscithe, dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, cothrom iomaíochta agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe a áirithiú. Ina theannta sin, laghdófaí an t-ualach riaracháin ar na hardáin dhigiteacha ach na rialacha tuairiscithe a chur i bhfeidhm sa tslí sin.

(11)

Ós rud é go mbaineann daoine aonair agus eintitis araon úsáid fhorleathan as ardáin dhigiteacha chun gníomhaíochtaí tráchtála a dhéanamh, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe beag beann ar chineál dlíthiúil an díoltóra. Mar sin féin, ba cheart eisceacht a dhéanamh d’eintitis rialtais, ar eintitis iad nár cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe.

(12)

Leis an tuairisciú ar ioncam a thuilltear trí ghníomhaíochtaí den sórt sin, ba cheart faisnéis chuimsitheach a chur ar fáil do riaracháin chánach atá riachtanach chun measúnú ceart a dhéanamh ar an gcáin ioncaim atá dlite.

(13)

Ar mhaithe le simpliú agus le maolú na gcostas comhlíonta, bheadh sé réasúnta ceangal a chur ar oibreoirí ardán an t-ioncam a thuill na díoltóirí tríd an ardán digiteach a úsáid in aon Bhallstát amháin a thuairisciú.

(14)

I bhfianaise nádúr agus solúbthacht na n-ardán digiteach, ba cheart chomh maith an oibleagáid tuairiscithe a leathnú chuig na hoibreoirí ardán sin a dhéanann gníomhaíocht tráchtála san Aontas ach nach cónaitheoirí iad chun críocha cánach, ná nach bhfuil ionchorpraithe ná bainistithe ná nach bhfuil buanbhunaíocht acu i mBallstát (“oibreoirí ardán eachtrach”). D’áiritheofaí leis sin cothrom iomaíochtai measc na n-ardán digiteach uile agus cosc ar iomaíocht éagórach. Chun gur fusa an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart ceangal a chur ar oibreoirí ardán eachtrach clárú agus tuairisciú in aon Bhallstát amháin chun críche oibriú sa mhargadh inmheánach. Tar éis clárú oibreora ardán eachtraigh a chúlghairm, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sé de cheangal ar oibreoir ardán eachtrach den sórt sin dearbhuithe iomchuí a sholáthar don Bhallstát lena mbaineann, amhail mionnscríbhinní nó taiscí ráthaíochta, agus athchlárú san Aontas ag an am céanna.

(15)

Mar sin féin, is iomchuí bearta a leagan síos lena laghdófaí an t-ualach riaracháin ar oibreoirí ardán eachtrach agus ar údaráis chánach na mBallstát, i gcásanna ina bhfuil socruithe leordhóthanacha ann, chun a áirithiú go malartófar faisnéis choibhéiseach idir dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus Ballstát. Sna cásanna sin, bheadh sé iomchuí oibreoirí ardán a thuairiscigh i ndlínse nach dlínse de chuid an Aontais í a scaoileadh ó oibleagáid tuairisciú i mBallstát, a mhéid a bhaineann an fhaisnéis a fhaigheann an Ballstát leis na gníomhaíochtaí faoi raon feidhme na Treorach seo agus go bhfuil an fhaisnéis coibhéiseach leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi na rialacha tuairiscithe a leagtar amach sa Treoir seo. Chun comhar riaracháin a chothú sa réimse seo le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad agus an gá atá le solúbthacht sa chaibidlíocht faoi chomhaontuithe idir na Ballstáit agus dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad á aithint, ba cheart leis an Treoir seo cead a thabhairt d’oibreoir ardáin cáilithe de chuid dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í gan faisnéis choibhéiseach a thuairisciú ach amháin maidir le díoltóirí intuairiscithe chuig údaráis chánach dhlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, agus dá réir sin, a chuirfeadh an fhaisnéis sin chuig riaracháin chánach na mBallstát. I ngach cás inarb iomchuí, ba cheart an sásra sin a úsáid ionas nach ndéanfar faisnéis choibhéiseach a thuairisciú agus a tharchur níos mó ná aon uair amháin.

(16)

Ós rud é go bhfuil ar údaráis chánach ar fud an domhain aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá nasctha le geilleagar na n-ardán digiteach atá ag fás i gcónaí, tá Rialacha Samhla forbartha ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Tuairisciú ag Oibreoirí Ardán maidir le Díoltóirí sa Gheilleagar Comhroinnte agus Poistíneachta (“Rialacha Samhla”). Ós rud é go bhfuil gníomhaíochtaí trasteorann á ndéanamh ag ardáin dhigiteacha chomh maith leis na díoltóirí atá gníomhach orthu, is féidir a bheith ag súil leis go réasúnta go mbeidh dreasachtaí leordhóthanacha ag dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad chun eiseamláir an Aontais a leanúint agus bailiú agus malartú frithpháirteach faisnéise uathoibríoch maidir le díoltóirí intuairiscithe a chur chun feidhme de réir na Rialacha Samhla. Cé nach ionann é agus raon feidhme na Treorach seo i dtéarmaí na ndíoltóirí nach mór faisnéis a thuairisciú ina leith agus na n-ardán digiteach trína gcaithfear faisnéis a thuairisciú, táthar ag súil go ndéanfar foráil leis na Rialacha Samhla maidir le tuairisciú faisnéise coibhéisí i ndáil le gníomhaíochtaí ábhartha a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus na Rialacha Samhla araon, agus ar féidir iad a leathnú a thuilleadh chun gníomhaíochtaí ábhartha breise a chumhdach.

(17)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ar bhonn níos sonraí, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh an bhfuil faisnéis is gá a mhalartú de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear sa Treoir seo. Ós rud é go bhfuil sé fós faoi inniúlacht na mBallstát comhaontuithe a thabhairt i gcrích le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais, d’fhéadfaí gníomhaíocht an Choimisiúin a chur i ngníomh freisin le hiarraidh ó Bhallstát. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an nós imeachta riaracháin sin maidir le deimhneacht dhlíthiúil i dtaca le comhghaolú na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo agus aon chomhaontuithe maidir le malartú faisnéise a d’fhéadfadh a bheith ag na Ballstáit le dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad, gan raon feidhme ná coinníollacha na Treorach seo a athrú. Chun na críche sin, féadfar cinneadh na coibhéise a dhéanamh freisin, tar éis iarraidh a fháil ó Bhallstát sula mbeartaítear comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích. I gcás ina mbeidh malartú faisnéise den sórt sin bunaithe ar ionstraim iltaobhach, ba cheart an cinneadh maidir le coibhéis a dhéanamh i ndáil leis an gcreat ábhartha ina iomláine a chumhdaítear le hionstraim den sórt sin. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfaí fós an cinneadh a dhéanamh maidir le coibhéis, i gcás inarb iomchuí, i ndáil le hionstraim dhéthaobhach nó i ndáil leis an gcaidreamh malartaithe le dlínse aonair nach dlínse de chuid an Aontais í.

(18)

Chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc, is iomchuí go n-áirítear sa tuairisciú ar ghníomhaíocht tráchtála cíos ar mhaoin dhochorraithe, seirbhísí pearsanta, díolachán earraí agus cíos ar aon mhodh iompair. Níor cheart do ghníomhaíochtaí a dhéanann díoltóir atá ag feidhmiú mar fhostaí de chuid oibreora ardáin teacht faoi raon feidhme tuairiscithe den sórt sin.

(19)

Ar mhaithe le laghdú a dhéanamh ar chostais chomhlíonta neamhriachtanacha do dhíoltóirí a bhíonn i mbun eastát réadach a ligean ar cíos, amhail slabhraí óstáin nó tionscnóirí turas, ba cheart tairseach a bheith ann maidir le líon cíosanna in aghaidh an liostaithe mhaoine, agus ní bheadh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le cíosanna in aghaidh an liostaithe mhaoine thar an tairseach sin. Mar sin féin, ba cheart coimircí iomchuí a thabhairt isteach chun an riosca a sheachaint go rachadh idirghabhálaithe timpeall ar na hoibleagáidí tuairiscithe, agus go mbeadh siad le feiceáil ar na hardáin dhigiteacha mar dhíoltóir aonair cé go mbeadh líon mór aonad maoine á bhainistiú acu.

(20)

D’fhéadfaí an cuspóir maidir le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chosc a áirithiú trí cheangal a chur ar oibreoirí ardán ioncam a thuilltear trí ardáin dhigiteacha a thuairisciú go luath, sula ndéanfaidh údaráis chánach na mBallstát a measúnuithe cánach bliantúla. Chun obair údaráis chánach na mBallstát a éascú, ba cheart an fhaisnéis tuairiscithe a bheith malartaithe laistigh d’aon mhí amháin tar éis an tuairiscithe. Chun an malartú faisnéise uathoibríoch a éascú agus an úsáid éifeachtúil acmhainní a fheabhsú, ba cheart malartuithe faisnéise a dhéanamh go leictreonach tríd an líonra cumarsáide coiteann (CCN) arna fhorbairt ag an Aontas.

(21)

I gcás ina dtuairiscíonn oibreoirí ardán eachtrach faisnéis choibhéiseach maidir le díoltóirí intuairiscithe do na húdaráis chánach ar leith i ndlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad, meastar go ndéanfaidh údaráis chánach na ndlínsí sin cur chun feidhme éifeachtach nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus ceanglais tuairiscithe a fhorchinntiú. I gcásanna nach amhlaidh an cás áfach, ba cheart oibleagáid a bheith ar oibreoirí ardán eachtrach clárú agus tuairisciú san Aontas, agus ba cheart do na Ballstáit oibleagáidí clárúcháin, díchill chuí agus tuairiscithe na n-oibreoirí ardán eachtrach sin a fhorfheidhmiú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis a bheadh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus ba cheart dóibh na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear na pionóis sin chun feidhme. Ba cheart na pionóis sin dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ach fós féin is faoin mBallstát atá sé an rogha a dhéanamh cén pionóis a bheadh i gceist. Ós rud é gur minic a bhíonn raon geografach leathan ag ardáin dhigiteacha, is iomchuí go ndéanfaidh na Ballstáit a ndícheall gníomhú ar bhealach comhordaithe agus é mar aidhm acu comhlíonadh na gceanglas clárúcháin agus tuairiscithe is infheidhme maidir le hardáin dhigiteacha a oibríonn ó dhlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear na hardáin dhigiteacha a chosc ó bheith in ann oibriú laistigh den Aontas mar rogha dheiridh. Laistigh de theorainneacha a inniúlachta, ba cheart don Choimisiún comhordú ghníomhaíochtaí na mBallstát sin a éascú, agus, ar an gcaoi sin, aon chomhbhearta i dtreo ardán digiteach a bheidh ann amach anseo a chur san áireamh mar aon le difríochtaí sna bearta a d’fhéadfadh a bheith ar fáil do na Ballstáit.

(22)

Is gá forálacha Threoir 2011/16/AE a neartú maidir le hoifigigh i mBallstát amháin a bheith i láthair ar chríoch Ballstáit eile agus maidir le rialuithe comhuaineacha a bheith á ndéanamh ag dhá Bhallstát nó níos mó chun cur i bhfeidhm éifeachtach na bhforálacha sin a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart d’údarás inniúil sa Bhallstát iarrtha freagraí ar iarrataí ar oifigigh ó Bhallstát eile a bheith i láthair agus a sholáthar laistigh de thréimhse shonraithe. I gcás ina bhfuil oifigigh ó Bhallstát amháin i láthair ar chríoch Ballstáit eile le linn fiosrúcháin riaracháin, nó rannpháirteach i bhfiosrúchán riaracháin trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid, ba cheart iad a bheith faoi réir socruithe nós imeachta arna leagan síos ag an mBallstát iarrtha daoine aonair a chur faoi agallamh go díreach agus taifid a scrúdú.

(23)

Ba cheart a cheangal ar Bhallstát a bhfuil sé ar intinn aige rialú comhuaineach a dhéanamh sin a chur in iúl do na Ballstáit eile lena mbaineann. Ar chúiseanna éifeachtúlachta agus deimhneachta dlíthiúla, is iomchuí a fhoráil go mbeidh oibleagáid ar údarás inniúil gach Ballstáit lena mbaineann freagra a thabhairt laistigh de thréimhse shonraithe.

(24)

Le rialuithe iltaobhacha a rinneadh le tacaíocht ón gclár Fiscalis 2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), léiríodh an tairbhe a bhaineann le rialuithe comhordaithe ar cháiníocóir amháin nó níos mó atá ina leas coiteann nó comhlántach ag údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó. Faoi láthair, ní dhéantar gníomhaíochtaí comhpháirteacha den sórt sin ach amháin ar bhonn chur i bhfeidhm cónasctha na bhforálacha atá ann cheana maidir le hoifigigh ó Bhallstát amháin a bheith i gcríoch Ballstáit eile agus ar rialuithe comhuaineacha. Mar sin féin, tá sé léirithe ag an gcleachtas sin in go leor cásanna go bhfuil gá le feabhsuithe breise chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú.

(25)

Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndéanfar Treoir 2011/16/AE a fhorlíonadh le roinnt forálacha lena soiléirítear a thuilleadh an creat agus na príomhphrionsabail ar cheart feidhm a bheith acu nuair a roghnaíonn údaráis inniúla na mBallstát dul i muinín iniúchadh comhpháirteach. Ba cheart d’iniúchtaí comhpháirteacha a bheith ina n-uirlis bhreise le haghaidh comhar riaracháin idir na Ballstáit i réimse an chánachais, lena bhforlíonfaí an creat atá ann cheana lena bhforáiltear do fhéidearthachtaí maidir le hoifigigh ó Bhallstát eile a bheith i láthair in oifigí riaracháin, do rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin agus do rialuithe comhuaineacha. Bheadh iniúchtaí comhpháirteacha i bhfoirm fiosrúcháin riaracháin a dhéanann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó go comhpháirteach, agus iad nasctha le duine amháin nó níos mó a bhfuil leas coiteann nó comhlántach ag údaráis inniúla na mBallstát sin iontu. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag iniúchtaí comhpháirteacha chun cur le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh. Le struchtúr iniúchtaí comhpháirteacha, ba cheart deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do cháiníocóirí trí rialacha nós imeachta soiléire, lena n-áirítear bearta chun an riosca maidir le cánachas dúbailte a mhaolú.

(26)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart a bheith i bhforálacha Threoir 2011/16/AE maidir le hiniúchtaí comhpháirteacha na príomhghnéithe de shonraí breise na huirlise sin, amhail tréimhse shonraithe chun freagairt d’iarraidh ar iniúchadh comhpháirteach, raon feidhme chearta agus oibleagáidí na n-oifigeach atá rannpháirteach in iniúchadh comhpháirteach agus an próiseas a mbeidh tuarascáil chríochnaitheach ar iniúchadh comhpháirteach mar thoradh air. Níor cheart na forálacha sin maidir le hiniúchtaí comhpháirteacha a léirmhíniú mar réamhbhreithniúnas ar aon phróisis a tharlódh i mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta mar thoradh ar an iniúchadh comhpháirteach nó obair leantach ina dhiaidh, amhail cáin a ghearradh nó a mheasúnú le cinneadh ó údaráis chánach na mBallstát, próiseas achomhairc nó socraíocht a bhaineann leis nó réitigh atá ar fáil do cháiníocóirí a eascraíonn as na próisis sin. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart na torthaí a chomhaontaigh na húdaráis inniúla lena mbaineann a léiriú i dtuarascáil chríochnaitheach ar iniúchadh comhpháirteach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na húdaráis inniúla lena mbaineann teacht ar chomhaontú freisin go n-áireofaí sa tuarascáil chríochnaitheach ar iniúchadh comhpháirteach aon saincheisteanna nárbh fhéidir teacht ar chomhaontú ina leith. Ba cheart torthaí na tuarascála críochnaithí ar iniúchadh comhpháirteach, arna gcomhaontú go frithpháirteach, a chur san áireamh sna hionstraimí ábhartha arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach tar éis an iniúchta chomhpháirtigh sin.

(27)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is iomchuí a fhoráil gur cheart iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh ar bhealach réamhaontaithe agus comhordaithe, agus i gcomhréir le dlíthe agus le ceanglais nós imeachta an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí iniúchta chomhpháirtigh. Féadfar a áireamh sna ceanglais sin freisin oibleagáid chun a áirithiú go nglacfaidh oifigigh de chuid Ballstáit a ghlac páirt san iniúchadh comhpháirteach i mBallstát eile páirt, más gá, in aon phróiseas gearáin, athbhreithnithe nó achomhairc sa Bhallstát sin.

(28)

Ba cheart cearta agus oibleagáidí na n-oifigeach a ghlacann páirt san iniúchadh comhpháirteach, nuair atá siad i mbun gníomhaíochtaí arna ndéanamh i mBallstát eile, a chinneadh i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí an iniúchta chomhpháirtigh. Ag an am céanna, agus dlíthe an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí iniúchta chomhpháirtigh á chomhlíonadh acu, níor cheart d’oifigigh de chuid Ballstáit eile aon chumhachtaí a fheidhmiú a rachadh thar raon feidhme na gcumhachtaí a thugtar dóibh faoi dhlíthe a mBallstáit.

(29)

Ós rud é gurb é cuspóir na bhforálacha maidir le hiniúchtaí comhpháirteacha uirlis úsáideach a sholáthar le haghaidh comhar riaracháin i réimse an chánachais, níor cheart aon ní sa Treoir seo a fhorléiriú mar ní atá ag teacht salach ar na rialacha bunaithe maidir le comhar na mBallstát in ábhair bhreithiúnacha.

(30)

Tá sé tábhachtach ar bhonn prionsabail go n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirtear in iúl faoi Threoir 2011/16/AE chun cánacha a chumhdaítear faoi raon feidhme ábhartha na Treorach sin a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú. Cé nár cuireadh bac ar an méid sin go dtí seo, tháinig éiginnteachtaí maidir le húsáid faisnéise chun cinn mar gheall ar chreat doiléir. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise a shuntasaí atá CBL maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir faisnéis a chuirtear in iúl idir na Ballstáit a úsáid freisin chun CBL agus cánacha indíreacha eile a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú.

(31)

Ba cheart do Bhallstát a chuireann faisnéis in iúl do Bhallstát eile chun críoch cánach cead a thabhairt an fhaisnéis sin a úsáid chun críoch eile a mhéid a cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta an dá Bhallstát. Is féidir le Ballstát é sin a dhéanamh tríd an úsáid éagsúil a cheadú tar éis iarraidh éigeantach a fháil ón mBallstát eile, nó trí liosta de chríocha ceadaithe eile a chur in iúl do na Ballstáit uile.

(32)

Chun cúnamh a thabhairt do riaracháin chánach atá rannpháirteach i malartú faisnéise faoin Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún, socruithe praiticiúla, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí, comhaontú comhpháirteach maidir le rialaitheoir sonraí, comhaontú maidir le próiseálaí sonraí – rialaitheoir sonraí nó samhlacha dá leithéid, a dhréachtú. Is iad na daoine atá cuí-chreidiúnaithe ag Údarás um Chreidiúnú Slándála an Choimisiúin amháin a mbeidh rochtain acu ar an bhfaisnéis a cuireadh in iúl de bhun Threoir 2011/16/AE agus a chuirtear ar fáil trí mhodhanna leictreonacha trí CCN a úsáid, agus a mhéid is gá amháin, ar mhaithe le cúram, cothabháil agus forbairt an eolaire lárnaigh maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus CCN. Tá an Coimisiún freagrach freisin as slándáil an eolaire lárnaigh maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus CCN a áirithiú.

(33)

Chun sáruithe i ndáil le sonraí a chosc agus damáiste a d’fhéadfadh tarlú a theorannú, tá sé ríthábhachtach slándáil na sonraí uile a fheabhsú, arna malartú idir údaráis inniúla na mBallstát faoi chuimsiú Threoir 2011/16/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí an Treoir sin a fhorlíonadh le rialacha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún i gcás sárú i ndáil le sonraí i mBallstát agus, chomh maith leis sin, i gcásanna ina ndéantar an sárú ar CCN. I bhfianaise íogaireacht na sonraí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir sárú i ndáil le sonraí, bheadh sé iomchuí foráil a dhéanamh do bhearta amhail iarraidh a dhéanamh malartú faisnéise leis an mBallstát nó leis na Ballstáit inar tharla an sárú a chur ar fionraí, nó rochtain ar CCN i gcás Ballstát amháin nó níos mó a chur ar fionraí go dtí go leigheasfar an sárú i ndáil le sonraí. I bhfianaise chineál teicniúil na bpróiseas a bhaineann le malartú sonraí, ba cheart do na Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún, teacht ar chomhaontú maidir leis na socruithe praiticiúla a bhfuil gá leo do chur chun feidhme na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás sárú i ndáil le sonraí agus na mbeart atá le déanamh chun sáruithe i ndáil le sonraí a d’fhéadfadh tarlú amach anseo a chosc.

(34)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2011/16/AE a chur chun feidhme agus go háirithe maidir le malartú faisnéise uathoibríoch idir na húdaráis inniúla, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún foirm chaighdeánach a ghlacadh ina bhfuil líon teoranta gnéithe, lena n-áirítear na socruithe teanga. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(35)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(36)

Ba cheart d’aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú Threoir 2011/16/AE leanúint de Rialachán (AE) 2016/679 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh. Is chun freastal ar leas poiblí ginearálta, agus chuige sin amháin, a leagtar próiseáil sonraí amach i dTreoir 2011/16/AE, eadhon cúrsaí cánachais agus chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac, ioncaim chánach a chosaint agus cánachas cothrom a chur chun cinn, lena neartaítear deiseanna do chuimsiú sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch sna Ballstáit. Dá bhrí sin, i dTreoir 2011/16/AE, ba cheart na tagairtí do dhlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus a leathnú chuig na rialacha a thugtar isteach leis an Treoir seo. Tá sé sin tábhachtach go háirithe ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do rialaitheoirí sonraí agus do phróiseálaithe sonraí de réir bhrí Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus cosaint chearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a áirithiú ag an am céanna.

(37)

Urramaítear leis an Treoir seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Treoir seo lena áirithiú go n-urramófar go hiomlán an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint chomh maith leis an gceart chun saoirse fiontraíochta.

(38)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon comhar éifeachtúil riaracháin idir na Ballstáit faoi choinníollacha atá comhoiriúnach le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a ghnóthú go leordhóthanach, toisc gurb é aidhm na Treorach rialacha aonfhoirmeacha a d’fhéadfadh a bheith éifeachtach i gcásanna trasteorann chun an comhar idir riaracháin chánach a fheabhsú, is é sin is aidhm don Treoir seo, agus dá bhrí sin is fearr is féidir an méid sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(39)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2011/16/AE mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i bpointe (9), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

chun críocha Airteagal 8(1) agus Airteagail 8 ago 8ac, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach do Bhallstát eile, gan réamhiarraidh, ag eatraimh thráthrialta réamhbhunaithe. Chun críocha Airteagal 8(1), baineann tagairt don fhaisnéis atá ar fáil le faisnéis i gcomhaid chánach an Bhallstáit a bhfuil an fhaisnéis á cur in iúl aige, ar faisnéis í is féidir a aisghabháil i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil sa Bhallstát sin;”;

(b)

i bpointe (9), sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

chun críocha fhorálacha na Treorach seo seachas Airteagal 8(1) agus Airteagal (3a) agus Airteagail 8a go 8ac, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach, faisnéis dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír den phointe seo.”;

(c)

i bpointe (9), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcomhthéacs Airteagail 8(3a), 8(7a), 21(2) agus Iarscríbhinn IV, beidh le haon téarma caipitlithe an bhrí atá leis faoi na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. I gcomhthéacs Airteagal 25(3) agus (4), beidh ag aon téarma faoi cheannlitreacha an bhrí atá aige faoi na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó V. I gcomhthéacs Airteagal 8aa agus Iarscríbhinn III, beidh ag aon téarma caipitlithe an bhrí atá aige faoi na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn III. I gcomhthéacs Airteagal 8ac agus Iarscríbhinn V, beidh ag aon téarma faoi cheannlitreacha an bhrí atá aige faoi na sainmhínithe comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn V.”;

(d)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“26.

ciallaíonn ‘iniúchadh comhpháirteach’ fiosrúchán riaracháin a chuireann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó i gcrích go comhpháirteach, agus atá nasctha le duine amháin nó níos mó a bhfuil leas coiteann nó comhlántach acu le húdaráis inniúla na mBallstát sin;

27.

Ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí’ sárú slándála as a dtiocfaidh milleadh, caillteanas, athrú nó aon teagmhas rochtana míchuí nó neamhúdaraithe, nochtadh nó úsáid faisnéise, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do shonraí pearsanta a tarchuireadh, a stóráladh nó a phróiseáladh ar bhealach eile, mar thoradh ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha d’aon ghnó, faillí nó timpistí. Féadfaidh baint a bheith ag sárú i ndáil le sonraí le rúndacht, infhaighteacht agus sláine sonraí.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 5a

Ábharthacht intuartha

1.   Chun críche iarrata dá dtagraítear in Airteagal 5, beidh an fhaisnéis a iarrtar ábhartha intuartha i gcás ina measann an t-údarás iarrthach, tráth a dhéantar iarraidh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, go bhfuil féidearthacht réasúnta ann go bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ábhartha do ghnóthaí cánach cáiníocóra amháin nó do ghnóthaí cánach roinnt cáiníocóirí éagsúla, is cuma má shainaithnítear iad de réir ainm nó ar bhealach eile, agus go bhfuil údar maith leis an iarraidh imscrúdú a dhéanamh.

2.   D’fhonn ábharthacht intuartha na faisnéise a iarrtar a léiriú, cuirfidh an t-údarás iarrthach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don údarás iarrtha:

(a)

an cuspóir cánach ar dá réir a lorgaítear an fhaisnéis; agus

(b)

sonrú ar an bhfaisnéis is gá chun a dhlí náisiúnta a riar nó a fhorfheidhmiú.

3.   I gcás ina mbaineann iarraidh, dá dtagraítear in Airteagal 5, le grúpa cáiníocóirí nach féidir a shainaithint ina n-aonar, cuirfidh an t-údarás iarrthach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don údarás iarrtha:

(a)

cur síos mionsonraithe ar an ngrúpa;

(b)

míniú ar an dlí is infheidhme agus ar na fíorais lena dtugtar le tuiscint nár chomhlíon na cáiníocóirí sa ghrúpa an dlí is infheidhme;

(c)

míniú ar an gcaoi a gcuideodh an fhaisnéis a iarrtar lena chinneadh an bhfuil a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh ag na cáiníocóirí sa ghrúpa; agus

(d)

i gcás inarb ábhartha, fíricí agus cúinsí a bhaineann le rannpháirtíocht tríú páirtí a chuir go gníomhach le neamhchomhlíonadh féideartha an dlí is infheidhme ag na cáiníocóirí sa ghrúpa.”;

(3)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Féadfaidh iarraidh réasúnaithe ar fhiosrúchán riaracháin a bheith san iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 5. Má bhíonn an t-údarás iarrtha den tuairim nach bhfuil gá le fiosrúchán riaracháin, cuirfidh sé an t-údarás iarrthach ar an eolas láithreach maidir leis na cúiseanna atá leis sin.”;

(4)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirfidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 ar fáil a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná trí mhí ón dáta a fuarthas an iarraidh. Mura féidir leis an údarás iarrtha freagra a thabhairt ar an iarraidh faoin teorainn ama ábhartha, áfach, cuirfidh sé an t-údarás iarrthach ar an eolas láithreach agus laistigh de 3 mhí tar éis dó an iarraidh a fháil, faoi na cúiseanna ar mhainnigh sé é sin a dhéanamh, agus an dáta faoina measann sé go mbeadh sé in ann freagra a thabhairt. Ní bheidh an teorainn ama níos faide ná 6 mhí ón dáta a bhfaighfear an iarraidh.

I gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin i seilbh an údaráis iarrtha cheana féin, áfach, déanfar an fhaisnéis a tharchur laistigh de 2 mhí ón dáta sin.”;

(5)

in Airteagal 7, scriostar mír 5;

(6)

Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Cuirfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát, trí mhalartú uathoibríoch, gach faisnéis atá ar fáil in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le cónaitheoirí an Bhallstáit eile sin, maidir leis na catagóirí sonracha ioncaim agus caipitil seo a leanas de réir mar a thuigfear iad faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a chuireann an fhaisnéis in iúl:

(a)

ioncam ó fhostaíocht;

(b)

táillí stiúrthóra;

(c)

táirgí árachais saoil nach gcumhdaítear in ionstraimí dlí eile de chuid an Aontais maidir le malartú faisnéise agus bearta eile den chineál céanna;

(d)

pinsin;

(e)

úinéireacht maoine dochorraithe agus ioncam ón maoin sin;

(f)

ríchíosanna.

Maidir leis na tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin, féachfaidh na Ballstáit le hUimhir Aitheantais Chánach (TIN) na gcónaitheoirí arna heisiúint ag an mBallstáit chónaithe a áireamh agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír á tabhairt.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gach bliain faoi ar a laghad dhá chatagóir ioncaim agus caipitil a liostaítear sa chéad fhomhír, catagóirí faisnéise faoina gcuireann na Ballstáit faisnéis maidir le cónaitheoirí in iúl do Bhallstát eile.

2.   Roimh an 1 Eanáir 2024, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le ceithre chatagóir ar a laghad a liostaítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a gcuirfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát, trí mhalartú uathoibríoch, faisnéis, i ndáil leis na catagóirí sin, in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le cónaitheoirí an Bhallstáit eile sin. Bainfidh faisnéis den sórt sin le tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2025 nó ina dhiaidh sin.”;

(b)

scriostar an dara fomhír i mír 3;

(7)

Leasaítear Airteagal 8a mar a leanas:

(a)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

maidir leis an bhfaisnéis a mhalartaítear de bhun mhír 1 – gan mhoill tar éis eisiúint, leasú nó athnuachan na réamhrialuithe trasteorann nó na réamh-chomhaontuithe praghsála agus laistigh de thrí mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh leath na bliana féilire ar eisíodh, ar leasaíodh nó ar athnuadh na réamhrialuithe trasteorann nó na réamh-chomhaontuithe praghsála lena linn;”;

(b)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

achoimre ar réamhrialú trasteorann nó ar réamh-chomhaontaithe praghsála, lena n-áirítear tuairisc ar na gníomhaíochtaí nó ar na hidirbhearta gnó ábhartha nó ar an tsraith idirbheart agus aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh cuidiú leis an údarás inniúil riosca cánach a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas, gan rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála a nochtadh dá bharr ná faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí.”;

(8)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 8ac

Raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann le malartú faisnéise uathoibríoch sainordaitheach a thuairiscíonn Oibreoirí Ardán

1.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá a cheanglóidh ar Oibreoirí Ardán Tuairiscithe na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Ranna II agus III d’Iarscríbhinn V a chomhlíonadh. Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go gcuirfear bearta den sórt sin chun feidhme go héifeachtach, agus go gcomhlíonfar iad go héifeachtach, i gcomhréir le Roinn IV d’Iarscríbhinn V.

2.   De bhun na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe is infheidhme atá le fáil i Ranna II agus III d’Iarscríbhinn V, déanfaidh údarás inniúil Bhallstáit, ina ndearnadh an tuairisciú i gcomhréir le mír 1 trí bhíthin malartú faisnéise uathoibríoch, agus laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 3 an fhaisnéis a leanas maidir le gach Díoltóir Intuairiscithe a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí mar a chinntear de bhun mhír D de Roinn II d’Iarscríbhinn V agus, i gcás ina soláthraíonn an Díoltóir Intuairiscithe seirbhísí cíosa maoine dochorraithe, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an mhaoin dhochorraithe lonnaithe:

(a)

ainm, seoladh oifige cláraithe, TIN agus, i gcás inarb ábhartha, uimhir aitheantais aonair arna leithdháileadh de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4, an Oibreora Ardán Tuairiscithe chomh maith le hainm gnó an Ardáin nó ainmneacha gnó na nArdán a bhfuil an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe ag tuairisciú ina leith;

(b)

ainm agus sloinne an Díoltóra Intuairiscithe ar duine aonair é, agus ainm dlíthiúil an Díoltóra Intuairiscithe is eintiteas;

(c)

an Príomhsheoladh;

(d)

aon TIN an Díoltóra Intuairiscithe, lena n-áirítear gach Ballstát eisiúna, nó in éagmais aon TIN, áit bhreithe an Díoltóra Intuairiscithe ar duine aonair é;

(e)

uimhir chláraithe ghnó an Díoltóra is Eintiteas;

(f)

uimhir aitheantais CBL an Díoltóra Intuairiscithe, i gcás ina bhfuil sí ar fáil;

(g)

dáta breithe an Díoltóra Intuairiscithe ar duine aonair é;

(h)

Aitheantóir an Chuntais Airgeadais lena n-íoctar an Chomaoin nó a dtéann an Chomaoin chun a shochair, a mhéid agus atá sé ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe agus nach bhfuil fógra tugtha ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí de réir bhrí mhír D de Roinn II d’Iarscríbhinn V d’údaráis inniúla na mBallstát eile, nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;

(i)

i gcás nach ionann é agus ainm an Díoltóra Intuairiscithe, chomh maith le hAitheantóir an Chuntais Airgeadais, ainm shealbhóir an chuntais airgeadais lena n-íoctar an Chomaoin nó a dtéann an Chomaoin chun a shochair, a mhéid atá sé ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe chomh maith le haon fhaisnéis sainaitheantais eile atá ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe i ndáil leis an sealbhóir cuntais;

(j)

gach Ballstát inar cónaitheoir é an Díoltóir Intuairiscithe a chinntítear de bhun mhír D de Roinn II d’Iarscríbhinn V;

(k)

an Chomaoin iomlán a íoctar nó a théann chun sochair cuntais le linn gach ráithe den Tréimhse Intuairiscithe agus líon na nGníomhaíochtaí Ábhartha inar íocadh an Chomaoin nó inar cuireadh chun sochair í;

(l)

aon táille, aon choimisiún nó aon cháin a choinníonn an tArdán Tuairiscithe siar nó a ghearrann sé le linn gach ráithe den Tréimhse Intuairiscithe.

I gcás ina soláthraíonn an Díoltóir Intuairiscithe seirbhísí cíosa do mhaoin dhochorraithe, cuirfear an fhaisnéis bhreise seo a leanas in iúl:

(a)

seoladh gach Liostú Maoine, a chinntear ar bhonn na nósanna imeachta a leagtar amach i mír E de Roinn II d’Iarscríbhinn V agus cláruimhir talún faoi seach nó a choibhéis faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe, i gcás ina bhfuil sí ar fáil;

(b)

an Chomaoin iomlán a íoctar nó a théann chun sochair cuntais le linn gach ráithe den Tréimhse Intuairiscithe agus líon na nGníomhaíochtaí Ábhartha dá bhforáiltear i leith gach Liostú Maoine;

(c)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, líon na laethanta a raibh gach Liostú Maoine ar cíos le linn na Tréimhse Intuairiscithe agus cineál gach Liostú Maoine.

3.   Cuirfear an teachtaireacht in iúl de bhun mhír 2 den Airteagal seo leis an bhformáid chaighdeánach ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 20(4) laistigh de dhá 2 tar éis dheireadh na Tréimhse Intuairiscithe lena mbaineann ceanglais maidir le tuairisciú an Oibreora Ardán Tuairiscithe. Cuirfear an chéad fhaisnéis in iúl le haghaidh na dTréimhsí Intuairiscithe amhail ón 1 Eanáir 2023.

4.   Chun na ceanglais maidir le tuairisciú de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, leagfaidh gach Ballstát síos na rialacha is gá a cheangal ar Oibreoir Ardáin Tuairiscithe de réir bhrí phointe (b) d’fhomhír A(4) de Roinn I d’Iarscríbhinn V clárú laistigh den Aontas. Leithdháilfidh údarás inniúil Bhallstát an chláraithe uimhir aitheantais aonair ar an Oibreoir Ardáin Tuairiscithe sin.

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha ar dá mbun a fhéadfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe an rogha a dhéanamh clárú le húdarás inniúil Ballstáit aonair i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i mír F de Roinn IV d’Iarscríbhinn V. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a cheangal nach féidir le hOibreoir Ardáin Tuairiscithe, de réir bhrí phointe (b) d’fhomhír A(4) de Roinn I d’Iarscríbhinn V, i gcás inar cúlghaireadh a chlárú i gcomhréir le fomhír F(7) de Roinn IV d’Iarscríbhinn V, athchlárú ach ar an gcoinníoll go dtugann sé dearbhuithe iomchuí d’údaráis Ballstáit lena mbaineann maidir lena ghealltanas na ceanglais tuairiscithe laistigh den Aontas a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon cheanglais maidir le tuairisciú atá fós gan réiteach agus nach bhfuil comhlíonta.

Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla is gá chun Oibreoirí Ardáin Tuairiscithe a chlárú agus a shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

5.   I gcás ina measfar Oibreoir Ardáin a bheith ina Oibreoir Ardáin Eisiata, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar soláthraíodh an léiriú i gcomhréir le fomhír A(3) de Roinn I d’Iarscríbhinn V fógra d’údaráis inniúla gach Ballstáit eile dá réir sin, lena n-áirítear aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin.

6.   Bunóidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2022, clár lárnach ina dtaifeadfar faisnéis atá le tabhairt i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo agus atá le cur in iúl i gcomhréir le fomhír F(2) de Roinn IV d’Iarscríbhinn V. Beidh an clár lárnach sin ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát go léir.

7.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis iarraidh réasúnaithe ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, an bhfuil an fhaisnéis is gá a mhalartú go huathoibríoch de bhun comhaontaithe idir údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann sin agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, de réir bhrí fhomhír A(7) de Roinn I d’Iarscríbhinn V, coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i mír B de Roinn III d’Iarscríbhinn V. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Cuirfidh Ballstát a iarrfaidh an beart dá dtagraítear sa chéad fhomhír iarraidh réasúnaithe chuig an gCoimisiún.

Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis ar fad aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh, rachaidh sé i dteagmháil leis an mBallstát lena mbaineann laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil agus sonróidh sé cén fhaisnéis bhreise atá de dhíth air. A luaithe a bheidh an fhaisnéis uile ag an gCoimisiún a mheasann sé a bheith riachtanach, tabharfaidh sé fógra don Bhallstát iarrthach laistigh de mhí amháin agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Agus é ag gníomhú ar a thionscnamh féin, ní ghlacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin tar éis do Bhallstát comhaontú údaráis inniúil a thabhairt i gcrích le dlínse nach dlínse de chuid an Aontais é lena gceanglaítear malartú faisnéise uathoibríoch faoi dhíoltóirí a fhaigheann ioncam ó ghníomhaíochtaí arna n-éascú ag Ardáin.

Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil faisnéis choibhéiseach de réir bhrí na chéad fhomhíre maidir le Gníomhaíocht Ábhartha, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go cuí an méid a chomhfhreagraíonn an córas, ar a bhfuil an fhaisnéis sin bunaithe, don chóras a leagtar amach in Iarscríbhinn V, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

sainmhínithe ar Oibreoir Ardáin Tuairiscithe, Díoltóir Intuairiscithe, Gníomhaíocht Ábhartha;

(ii)

na nósanna imeachta is infheidhme chun críocha Díoltóirí Intuairiscithe a shainaithint;

(iii)

na ceanglais tuairiscithe; agus

(iv)

na rialacha agus nósanna imeachta riaracháin atá le bheith i bhfeidhm sna dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad le cur chun feidhme éifeachtach na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach sa chóras sin, agus comhlíonadh na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe sin, a áirithiú.

Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna chun a chinneadh nach bhfuil an fhaisnéis coibhéiseach a thuilleadh.”;

(9)

leasaítear Airteagal 8b mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tabharfaidh na Ballstáit staitisticí don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir le líon na malartuithe faisnéise uathoibríoch faoi Airteagail 8(1), 8(3a), 8aa agus 8ac, agus faisnéis maidir leis na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile a bhaineann le malartuithe a tharla agus aon athruithe a d’fhéadfadh tarlú, i gcás riaracháin chánach agus tríú páirtithe araon.”;

(b)

scriostar mír 2;

(10)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   D’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a mhalartú, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile, maidir le hoifigigh arna n-údarú ag an mBallstát eile agus i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta arna leagan síos ag Ballstát eile:

(a)

a bheith i láthair sna hoifigí ina gcuireann údaráis riaracháin an Bhallstáit iarrtha a gcuid dualgas i gcrích;

(b)

a bheith i láthair nuair a bhíonn fiosruithe riaracháin á ndéanamh i gcríoch an Bhallstáit iarrtha;

(c)

a bheith rannpháirteach sna fiosrúcháin riaracháin a dhéanann an Ballstát iarrtha trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide, i gcás inarb iomchuí.

Freagróidh údarás iarrtha d’iarraidh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír laistigh de 60 lá ón lá a fhaightear an iarraidh chun a dheimhniú go n-aontaíonn sé nó chun a chinneadh diúltaithe, a bheidh réasúnaithe, a chur in iúl don údarás iarrthach.

I gcás ina mbeidh an fhaisnéis a iarrtar i ndoiciméadacht a bhfuil rochtain ag oifigigh an údaráis iarrtha uirthi, tabharfar cóipeanna de sin d’oifigigh an údaráis iarrthaigh.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“I gcás ina bhfuil oifigigh an údaráis iarrthaigh i láthair le linn fiosrúcháin riaracháin, nó rannpháirteach sna himscrúduithe riaracháin trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid, féadfaidh siad daoine aonair a chur faoi agallamh agus taifid a scrúdú faoi réir na socruithe nós imeachta arna leagan síos ag an mBallstát iarrtha.”;

(11)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Cinnfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát lena mbaineann cibé is mian leis a bheith páirteach i rialuithe comhuaineacha nó nach mian. Deimhneoidh sé go n-aontaíonn sé nó cuirfidh sé a chinneadh diúltaithe, a bheidh réasúnaithe, in iúl don údarás a mhol an rialú comhuaineach laistigh de 60 lá tar éis an togra a fháil.”.

(12)

cuirtear an Roinn seo a leanas isteach:

“ROINN IIa

iniúchtaí comhpháirteacha

Airteagal 12a

Iniúchtaí comhpháirteacha

1.   Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit amháin nó níos mó a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile (nó de Bhallstáit eile) iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh. Tabharfaidh na húdaráis inniúla iarrtha freagra ar an iarraidh chun iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh laistigh de 60 lá ón iarraidh a fháil. Féadfaidh na húdaráis inniúla iarrtha iarraidh ar iniúchadh compháirteach a rinne údarás inniúil Ballstáit a dhiúltiú ar fhorais a bhfuil údar maith leo.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit iarrthaigh agus an Bhallstáit iarrtha iniúchtaí comhpháirteacha ar bhealach réamhaontaithe agus comhordaithe, lena n-áirítear socruithe teanga, agus i gcomhréir le dlíthe agus le ceanglais nós imeachta an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí iniúchta chomhpháirtigh. I ngach Ballstát ina ndéantar gníomhaíochtaí iniúchta chomhpháirtigh, ceapfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin ionadaí a bheidh freagrach as maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar an iniúchadh comhpháirteach sa Bhallstát sin.

Déanfar cearta agus oibleagáidí oifigigh Ballstát a ghlacann páirt san iniúchadh comhpháirteach, nuair a bheidh siad i láthair i ngníomhaíochtaí arna ndéanamh i mBallstát eile, a chinneadh i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí iniúchta chomhpháirtigh. Agus dlíthe an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí iniúchta chomhpháirtigh á gcomhlíonadh acu, ní fheidhmeoidh oifigigh de chuid Ballstáit eile aon chumhachtaí a rachadh thar raon feidhme na gcumhachtaí a thugtar dóibh faoi dhlíthe a mBallstáit.

3.   Gan dochar do mhír 2, déanfaidh Ballstát ina ndéanfar gníomhaíochtaí an iniúchta chomhpháirtigh na bearta is gá chun an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

cead a thabhairt d’oifigigh Ballstát eile a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí an iniúchta chomhpháirtigh daoine aonair a chur faoi agallamh agus taifid a scrúdú le chéile le hoifigigh an Bhallstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí an iniúchta chomhpháirtigh, faoi réir na socruithe nós imeachta arna leagan síos ag an mBallstát ina ndéantar na gníomhaíochtaí sin;

(b)

a áirithiú go bhféadfar fianaise arna bailiú le linn na ngníomhaíochtaí sin den iniúchadh comhpháirteach a mheasúnú, lena n-áirítear i ndáil lena hinghlacthacht, faoi na dálaí dlíthiúla céanna a bhaineann le hiniúchadh arna dhéanamh sa Bhallstát sin nach nglacann ach oifigigh an Bhallstáit sin páirt ann, lena n-áirítear le linn aon phróisis gearáin, athbhreithnithe nó achomhairc; agus

(c)

a áirithiú go mbeidh na cearta céanna ag an duine (nó na ndaoine)atá faoi réir iniúchta chomhpháirtigh nó a ndéanann an t-iniúchadh comhpháirteach difear dóibh agus go mbeidh na hoibleagáidí céanna orthu agus atá orthu i gcás iniúchta nuair nach nglacann ach oifigigh an Bhallstáit sin páirt, lena n-áirítear le linn aon phróisis gearáin, athbhreithnithe nó achomhairc.

4.   I gcás ina ndéanann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó iniúchadh comhpháirteach, féachfaidh siad le teacht ar chomhaontú maidir leis na fíorais agus na himthosca is ábhartha don iniúchadh comhpháirteach agus féachfaidh siad le teacht ar chomhaontú maidir le seasamh cánach an duine (nó na ndaoine) a ndearnadh iniúchadh air nó orthu bunaithe ar thorthaí an iniúchta chomhpháirtigh. Ní mór torthaí an iniúchta chomhpháirtigh a ionchorprú i dtuarascáil chríochnaitheach. Déanfar na saincheisteanna a dtagann na húdaráis inniúla ar chomhaontú fúthu a léiriú sa tuarascáil chríochnaitheach agus cuirfear san áireamh iad sna hionstraimí ábhartha arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach tar éis an iniúchta chomhpháirtigh sin.

Faoi réir na chéad fhomhíre, déanfar na gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis inniúla Ballstáit nó aon oifigeach dá chuid tar éis iniúchadh comhpháirteach agus aon phróisis bhreise a tharlóidh sa Bhallstát sin, amhail cinneadh na n-údarás cánach, próiseas achomhairc nó socraíochta a bhaineann leis sin, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.

5.   Cuirfear an duine (nó na daoine) a ndéantar iniúchadh orthu ar an eolas faoi thoradh an iniúchta chomhpháirtigh, lena n-áirítear cóip den tuarascáil chríochnaitheach laistigh de 60 lá ó eisiúint na tuarascála críochnaithí.”;

(13)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Déanfar faisnéis a chuirfear in iúl idir Ballstáit in aon fhoirm de bhun na Treorach seo a chumhdach le hoibleagáid na rúndachta oifigiúla agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í. Féadfar faisnéis den sórt sin a úsáid chun dlí náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha dá dtagraítear in Airteagal 2, chomh maith le CBL agus cánacha indíreacha eile, a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Le cead ó údarás inniúil an Bhallstáit a chuireann faisnéis in iúl de bhun na Treorach seo, ach amháin a mhéid a cheadaítear faoi dhlí náisiúnta Bhallstát an údaráis inniúil a fhaigheann an fhaisnéis seo, is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear de bhun na Treorach seo a úsáid chun críocha eile seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1. Tabharfar an cead sin más féidir an fhaisnéis a úsáid chun críoch comhchosúil i mBallstát an údaráis inniúil a chuireann an fhaisnéis in iúl.

Féadfaidh údarás inniúil gach Ballstáit liosta a chur in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát uile maidir leis na húsáidí a d’fhéadfaí a bhaint as faisnéis agus doiciméid, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, cé is moite díobh sin dá dtagraítear i mír 1. Maidir leis an údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis, is féidir an fhaisnéis agus na doiciméid a fhaightear a úsáid le haghaidh aon cheann de na críocha atá liostaithe ag an mBallstát a dhéanfaidh an chumarsáid gan an cead dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.”.

(14)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2.   Áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad, a bheidh le cur ar fáil ag an údarás iarrthach, ar an bhfoirm chaighdeánach dá dtagraítear i mír 1:

(a)

céannacht an duine faoi scrúdú nó imscrúdú agus, i gcás ina bhfuil iarrataí ó ghrúpaí dá dtagraítear in Airteagal 5a(3), cur síos mionsonraithe ar an ngrúpa;

(b)

an cuspóir cánach ar dá réir a lorgaítear an fhaisnéis.”.

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3.   Seolfar faisnéis gan choinne agus a hadmháil de bhun Airteagail 9 agus 10 faoi seach, iarrataí ar fhógraí riaracháin de bhun Airteagal 13, faisnéis aiseolais de bhun Airteagal 14 agus cumarsáid de bhun Airteagal 16(2), (3) agus Airteagal 24(2), leis na foirmeacha caighdeánacha arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

4.   Déanfar an malartú faisnéise uathoibríoch de bhun Airteagail 8 agus 8ac tríd an bhformáid chaighdeánach ríomhairithe a bhfuil sé d’aidhm léi malartú uathoibríoch den chineál sin a éascú, arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).”;

(15)

in Airteagal 21, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil agus lóistíochúil a sholáthar le haghaidh comhéadan lárnach daingean um chomhar riaracháin i réimse an chánachais i gcás ina ndéanann Ballstáit cumarsáid trí fhoirmeacha caighdeánacha de bhun Airteagal 20(1) agus (3). Beidh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát uile ar an gcomhéadan sin. Chun staitisticí a bhailiú, beidh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis maidir le malartuithe arna dtaifeadadh ar an gcomhéadan agus ar féidir a asbhaint go huathoibríoch. Ní bheidh rochtain ag an gCoimisiún ach ar shonraí anaithnide agus comhiomlánaithe amháin. Ní dochar é rochtain an Choimisiúin d’oibleagáid na mBallstát staitisticí a chur ar fáil maidir le malartuithe faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 23(4).

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme na socruithe praiticiúla is gá a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).”;

(16)

in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:

“1a.   Chun dlíthe na mBallstát lena dtugtar éifeacht don Treoir seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an comhar riaracháin a bhunaítear leis, déanfaidh na Ballstáit foráil de réir dlí do rochtain údarás cánach ar na sásraí, nósanna imeachta, doiciméid agus faisnéis dá dtagraítear in Airteagail 13, 30, 31, 32a agus 40 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).”;"

(17)

In Airteagal 23a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 23, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha sin a chumhdach le hoibleagáid rúndachta oifigiúla agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.

Ní féidir leis na Ballstáit tuarascálacha agus doiciméid a chuireann an Coimisiún le chéile, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a úsáid ach chun críocha anailíseacha, agus ní fhoilseofar ná ní chuirfear ar fáil d’aon duine ná comhlacht eile iad seachas le comhaontú sainráite ón gCoimisiún.

D’ainneoin an chéad agus an dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún achoimrí anaithnidithe a fhoilsiú go bliantúil maidir leis na sonraí staidrimh a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 23(4).”;

(18)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

“Airteagal 25

Cosaint Sonraí

1.   Beidh gach malartú faisnéise de bhun na Treorach seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).Mar sin féin, déanfaidh na Ballstáit, chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm mar is cuí, raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagal 13, Airteagal 14(1) agus Airteagal 15, de Rialachán (AE) 2016/679, a shrianadh a mhéid is gá chun na leasanna dá dtagraítear in Airteagal 23(1)(e) den Rialachán sin a choimirciú.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais faoin Treoir seo. Mar sin féin, chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm mar is cuí, déanfar raon feidhme na n-oibleagáidí agus na gceart dá bhforáiltear in Airteagal 15, Airteagal 16(1) agus Airteagail 17 go 21, de Rialachán (AE) 2018/1725, a shrianadh a mhéid is gá chun na leasanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 25(1) den Rialachán sin a choimirciú.

3.   Measfar gur rialaitheoirí sonraí iad Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe, idirghabhálaithe, Oibreoirí Ardán Tuairiscithe agus údaráis inniúla na mBallstát, nuair a chinneann siad, ag gníomhú dóibh ina n-aonair nó go comhpháirteach, na críocha agus na modhanna maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679.

4.   D’ainneoin mhír 1, áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh gach Institiúid Airgeadais Tuairiscithe nó idirghabhálaí nó Oibreoir Ardáin Tuairiscithe, de réir mar a bheidh, atá faoina dhlínse:

(a)

gach duine aonair lena mbaineann a chur ar an eolas go mbaileofar faisnéis a bhaineann leis an duine aonair sin agus go n-aistreofar an fhaisnéis sin i gcomhréir leis an Treoir seo; agus

(b)

an fhaisnéis uile a chur ar fáil do gach duine aonair lena mbaineann a bhfuil sé ina teideal ón rialaitheoir sonraí in am trátha le go mbeidh deis ag an duine aonair sin a chearta cosanta sonraí a fheidhmiú agus, i gcás ar bith, sula dtuairisceofar an fhaisnéis.

D’ainneoin phointe (b) den chéad fhomhír, leagfaidh gach Ballstát síos rialacha lena gcuirfear oibleagáid ar Oibreoirí Ardán Tuairiscithe Díoltóirí Intuairiscithe a chur ar an eolas maidir leis an gComaoin arna tuairisciú.

5.   Ní dhéanfar faisnéis a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Treoir seo a choimeád ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse atá riachtanach chun críocha na Treorach seo a bhaint amach, agus, i gcás ar bith, i gcomhréir le rialacha intíre gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí.

6.   Ballstát ina ndearnadh sárú i ndáil le sonraí, déanfaidh sé an sárú sin agus aon ghníomhaíocht feabhais a dhéanfar ina dhiaidh sin a thuairisciú don Choimisiún gan mhoill. Cuirfidh an Coimisiún gach Ballstát ar an eolas, gan mhoill, faoin sárú i ndáil le sonraí a tuairiscíodh dó nó a bhfuil sé ar an eolas faoi agus faoi aon ghníomhaíocht feabhais.

Féadfaidh gach Ballstát an malartú faisnéise leis an mBallstát nó leis na Ballstáit ina ndearnadh an sárú i ndáil le sonraí a chur ar fionraí trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Choimisiún agus don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann. Beidh éifeacht láithreach ag fionraí den sórt sin.

Déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit ina ndearnadh an sárú i ndáil le sonraí an sárú sin a imscrúdú, a srian a choimeád air agus é a leigheas agus iarrfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Choimisiún, go gcuirfí rochtain CCN chun críocha na Treorach seo ar fionraí, mura féidir srian a choimeád ar an sárú i ndáil le sonraí láithreach agus go hiomchuí. Arna iarraidh den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún rochtain CCN an Bhallstáit nó na mBallstát sin ar fionraí chun críocha na Treorach seo.

Tar éis fógra a bheith tugtha ag an mBallstát ina ndearnadh sárú i ndáil le sonraí, a fháil faoin sárú i ndáil le sonraí a leigheas, tabharfaidh an Coimisiún rochtain CCN an athuair don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann chun críocha na Treorach seo. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát amháin nó níos mó ar an gCoimisiún a fhíorú go comhpháirteach ar éirigh le leigheas na sonraí, tabharfaidh an Coimisiún rochtain CCN an athuair don Bhallstát nó na Ballstáit sin arna fhíorú sin chun críocha na Treorach seo.

I gcás ina dtarlaíonn sárú i ndáil le sonraí ar an eolaire lárnach nó ar CCN chun críocha na Treorach seo agus i gcás ina bhféadfaí difear a dhéanamh do mhalartuithe na mBallstát trí CCN, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin sárú i ndáil le sonraí agus faoi aon ghníomhaíochtaí feabhais a rinneadh gan moill mhíchuí. Féadfar a áireamh ar ghníomhaíochtaí feabhais den sórt sin rochtain ar an eolaire lárnach nó ar CCN a chur ar fionraí chun críocha na Treorach seo go dtí go leigheasfar an sárú i ndáil le sonraí.

7.   Tiocfaidh na Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún, ar chomhaontú maidir leis na socruithe praiticiúla is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme; lena n-áirítear próisis bainistithe sáruithe i ndáil le sonraí atá ailínithe le dea-chleachtais a aithnítear go hidirnáisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, comhaontú comhpháirteach maidir leis an rialaitheoir sonraí, comhaontú idir an próiseálaí sonraí agus an rialaitheoir sonraí, nó samhlacha díobh sin.

(*2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;"

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25a:

“Airteagal 25a

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo i dtaca le hAirteagail 8aa, 8ab agus 8ac a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.”;

(20)

cuirtear isteach Iarscríbhinn V, leagtar téacs na hIarscríbhinne sin amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2022. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit, na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun cloí le pointe (1)(d) d’Airteagal 1 den Treoir seo a mhéid a bhaineann le pointe (26) d’Airteagal 3 de Threoir 2011/16/AE agus le pointe (12) d’Airteagal 1 den Treoir seo a mhéid a bhaineann le Roinn IIa de Threoir 2011/16/AE a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2023. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024, ar a dhéanaí.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar tagairt den sórt sin.

3.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. do C. ANTUNES


(1)  Níor foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(2)  Níor foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(3)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

(4)  Treoir 2003/49/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil (IO L 157, 26.6.2003, lch. 49).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN V

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE DÍCHEALL CUÍ, CEANGLAIS TUAIRISCITHE, AGUS RIALACHA EILE LE hAGHAIDH OIBREOIRÍ ARDÁN

Leagtar síos leis an Iarscríbhinn seo na rialacha maidir le nósanna imeachta maidir le dícheall cuí, ceanglais tuairiscithe agus rialacha eile a chuirfidh Oibreoirí Ardán Tuairiscithe i bhfeidhm chun go mbeidh na Ballstáit in ann an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8ac den Treoir seo a chur in iúl, trí mhalartú faisnéise uathoibríoch.

Leagtar síos leis an Iarscríbhinn seo freisin ar na rialacha agus nósanna imeachta riaracháin a bheidh i bhfeidhm sna Ballstáit le cur chun feidhme éifeachtach nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach san Iarscríbhinn, agus comhlíonadh na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe sin, a áirithiú.

ROINN I

TÉARMAÍ SAINMHÍNITHE

Tá an bhrí a leagtar amach thíos ag na Téarmaí seo a leanas:

A.

Oibreoirí Ardán Tuairiscithe

1.

Ciallaíonn ‘Ardán’ aon bhogearraí lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de, agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, inrochtana ag úsáideoirí agus a fhágann gur féidir le Díoltóirí a bheith nasctha le húsáideoirí eile chun Gníomhaíocht Ábhartha a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, agus le díoltóirí eile. Áirítear leis chomh maith aon socrú maidir le Comaoin a bhailiú nó a íoc i leith Gníomhaíocht Ábhartha.

Ní áirítear leis an téarma ‘Ardán’ bogearraí, ar bogearraí iad lenár féidir an méid seo a leanas a dhéanamh go heisiach mura ndéantar breis idirghabhála agus Gníomhaíocht Ábhartha á déanamh::

(a)

próiseáil íocaíochtaí maidir le Gníomhaíocht Ábhartha;

(b)

Gníomhaíocht Ábhartha a liostú nó a fhógairt ag úsáideoirí;

(c)

úsáideoirí a aistriú nó a atreorú chuig Ardán.

2.

Ciallaíonn ‘Oibreoir Ardáin’ Eintiteas a dhéanann conradh le Díoltóirí chun an tArdán uile nó cuid de a chur ar fáil do na díoltóirí sin.

3.

Ciallaíonn ‘Oibreoir Ardáin Eisiata’ Oibreoir Ardáin a bhfuil sé léirithe aige roimh ré agus ar bhonn bliantúil chun sástachta údarás inniúil an Bhallstáit, a mbeadh ar an Oibreoir Ardáin, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i míreanna A(1) go A(3) de Roinn III, a thuairisciú, ina mhalairt de chás, don Bhallstát sin gurb amhlaidh samhail ghnó iomlán an Ardáin sin, nach bhfuil Díoltóirí Intuairiscithe aige.

4.

Ciallaíonn ‘Oibreoir Ardáin Tuairiscithe’ Oibreoir Ardáin, seachas Oibreoirí Ardáin Eisiata, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá sé ina chónaitheoir chun críoch cánach i mBallstát nó i gcás nach bhfuil Oibreoir den sórt sin ina chónaí chun críoch cánach i mBallstát, comhlíonann sé aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

tá sé ionchorpraithe faoi dhlíthe Ballstáit;

(ii)

tá a áit bhainistíochta (lena n-áirítear bainistíocht éifeachtach) lonnaithe i mBallstát;

(iii)

tá buanbhunaíocht aige i mBallstát agus ní Oibreoir Ardáin Cáilithe nach Oibreoir Ardáin de chuid an Aontais é;

(b)

níl sé ina chónaí chun críoch cánach i mBallstát, ná ionchorpraithe nó bainistithe ann, nó níl buanbhunaíocht aige i mBallstát, ach éascaíonn sé Gníomhaíocht Ábhartha Díoltóirí Intuairiscithe nó Gníomhaíocht Ábhartha a bhaineann le ligean ar cíos maoine dochorraithe i mBallstát agus ní Oibreoir Ardáin Cáilithe nach Oibreoir Ardáin de chuid an Aontais é.

5.

Ciallaíonn ‘Oibreoir Ardáin Cáilithe nach Oibreoir Ardáin de chuid an Aontais é’ Oibreoir Ardáin ar Gníomhaíochtaí Ábhartha Cáilithe freisin iad na Gníomhaíochtaí Ábhartha uile a éascaíonn sé agus a bhfuil cónaí air chun críoch cánach i nDlínse Cháilithe Nach Dlínse de chuid an Aontais í nó, i gcás nach bhfuil áit chónaithe ag Oibreoir Ardáin den sórt sin chun críoch cánach i nDlínse Cháilithe Nach Dlínse de chuid an Aontais í, go bhfuil aon cheann de na coinníollacha seo a leanas á chomhlíonadh aige:

(a)

tá sé ionchorpraithe faoi dhlíthe Dlínse Cháilithe Nach Dlínse de chuid an Aontais í; nó

(b)

tá a áit bhainistíochta (lena n-áirítear bainistíocht éifeachtach) lonnaithe i nDlínse Cháilithe Nach Dlínse de chuid an Aontais í.

6.

Ciallaíonn ‘Dlínse Cháilithe Nach Dlínse de chuid an Aontais í’ dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í a rinne Comhaontú Éifeachtach Cáilitheach idir Údaráis Inniúla le húdaráis inniúla na mBallstát uile a shainaithnítear mar dhlínsí intuairiscithe i liosta a d’fhoilsigh an dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í.

7.

Ciallaíonn ‘Comhaontú Éifeachtach Cáilitheach idir Údaráis Inniúla’ comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í lena gceanglaítear go ndéantar malartú faisnéise uathoibríoch, atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i mír B de Roinn III den Iarscríbhinn seo, mar a dheimhnítear le gníomh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 8ac(7).

8.

Ciallaíonn ‘Gníomhaíocht Ábhartha’ gníomhaíocht a dhéantar le haghaidh Comaoine iad seo a leanas san áireamh:

(a)

maoin dochorraithe a ligean ar cíos, lena n-áirítear maoin chónaithe agus maoin tráchtála araon, mar aon le maoin dhochorraithe ar bith eile agus spásanna páirceála;

(b)

Seirbhís phearsanta;

(c)

díolachán Earraí;

(d)

ligean ar cíos aon mhodha iompair.

Ní áirítear leis an téarma ‘Gníomhaíocht Ábhartha’ gníomhaíocht a dhéanann Díoltóir ag feidhmiú mar fhostaí de chuid an Oibreora Ardáin Tuairiscithe nó Eintiteas a bhaineann leis an Oibreoir Ardáin.

9.

Ciallaíonn ‘Gníomhaíochtaí Ábhartha Cáilithe’ aon Ghníomhaíocht Ábhartha a chumhdaítear leis an malartú uathoibríoch de bhun Comhaontú Éifeachtach Cáilitheach idir Údaráis Inniúla.

10.

Ciallaíonn ‘Comaoin’ cúiteamh in aon fhoirm, glan i ndiaidh d’aon táille, coimisiúin nó cánacha a bheith coinnithe siar nó gearrtha ag an Oibreoir Ardáin Tuairiscithe, is é sin cúiteamh a íoctar le Díoltóir nó a chuirtear chun sochair do Dhíoltóir maidir leis an nGníomhaíocht Ábhartha, ar méid é arb eol don Oibreoir Ardáin nó arb eol go réasúnta don Oibreoir Ardáin.

11.

Ciallaíonn ‘Seirbhís Phearsanta’ seirbhís a chuireann duine aonair nó daoine ar fáil ar bhonn ama nó ar bhonn tascanna, duine nó daoine a bhíonn ag feidhmiú go neamhspleách nó ag feidhmiú thar ceann Eintitis, obair a dhéantar ar iarraidh ó úsáideoir, bíodh an obair sin ar líne nó as líne go fisiciúil tar éis an obair sin a éascú ar Ardán.

B.

Díoltóirí Intuairiscithe

1.

Ciallaíonn ‘Díoltóir’ úsáideoir Ardáin, bíodh duine nó Eintiteas i gceist, atá cláraithe agus a dhéanann Gníomhaíocht Ábhartha aon tráth le linn na Tréimhse Intuairiscithe ar an Ardán.

2.

Ciallaíonn ‘Díoltóir Gníomhach’ aon Díoltóir a sholáthraíonn Gníomhaíocht Ábhartha le linn na Tréimhse Intuairiscithe nó a íoctar Comaoin leis nó a chuirtear Comaoin chun sochair dó maidir le Gníomhaíocht Ábhartha le linn na Tréimhse Intuairiscithe.

3.

Ciallaíonn ‘Díoltóir Intuairiscithe’ aon Díoltóir Gníomhach, seachas Díoltóir Eisiata, atá ina chónaí i mBallstát nó a bhfuil maoin dhochorraithe atá suite i mBallstát ligthe ar cíos aige.

4.

Ciallaíonn ‘Díoltóir Eisiata’ aon Díoltóir

(a)

ar Eintiteas Rialtais é;

(b)

ar Eintiteas é a ndéantar a stoc a thrádáil go rialta ar mhargadh urrús bunaithe nó Eintiteas a bhaineann le hEintiteas a ndéantar a stoc a thrádáil go rialta ar mhargadh urrús bunaithe;

(c)

ar Eintiteas é ar éascaigh an tOibreoir Ardáin níos mó ná 2 000 Gníomhaíocht Ábhartha lena aghaidh trí mhaoin dhochorraithe a fháil ar cíos i ndáil le Liostú Maoine le linn na Tréimhse Tuairiscithe; nó

(d)

ar éascaigh an tOibreoir Ardáin níos lú ná 30 Gníomhaíocht Ábhartha lena aghaidh trí Earraí a dhíol agus nár mhó méid iomlán na Comaoine a íocadh nó a creidiúnaíodh ina leith ná EUR 2 000 le linn na Tréimhse Tuairiscithe.

C.

Sainmhínithe eile

1.

Ciallaíonn ‘Eintiteas’ duine dlítheanach nó comhshocrú dlíthiúil, amhail corparáid, comhpháirtíocht, iontaobhas nó fondúireacht. Is Eintiteas a bhaineann le hEintiteas eile é Eintiteas má rialaíonn ceachtar de na hEintitis an ceann eile, nó má tá an dá Eintiteas faoi chomhrialú. Chun na críche sin, áirítear le rialú úinéireacht dhíreach nó indíreach ar bhreis is 50 % den vóta agus den luach in Eintiteas. I gcás rannpháirtíocht indíreach, cinnfear comhlíonadh an cheanglais maidir le níos mó ná 50 % den cheart úinéireachta i gcaipiteal an Eintitis eile a shealbhú trí na rátaí sealúchais a iolrú trí na sraitheanna comhleanúnacha. Measfar go bhfuil 100 % de na cearta vótála ag duine ag a bhfuil níos mó ná 50 % de na cearta sin.

2.

Ciallaíonn ‘Eintiteas Rialtais’ rialtas Ballstáit nó dlínse eile, foroinn pholaitiúil ar bith de Bhallstát nó de dhlínse eile (lena n-áirítear stát, cúige, contae, nó bardas), nó aon ghníomhaireacht nó ionstraimeacht faoi lánúinéireacht de chuid Ballstáit nó dlínse eile nó ceann amháin nó níos mó de na nithe thuasluaite (ar ‘Eintiteas Rialtais’ iad go léir).

3.

Ciallaíonn ‘TIN’ Uimhir Aitheantais an Cháiníocóra, arna heisiúint ag Ballstát, nó a coibhéis fheidhmiúil in éagmais Uimhir Aitheantais Chánach.

4.

Ciallaíonn ‘uimhir aitheantais CBL’ an uimhir uathúil lena sainaithnítear duine inchánach nó eintiteas dlíthiúil neamh-inchánach atá cláraithe chun críoch cánach breisluach.

5.

Ciallaíonn ‘Príomhsheoladh’ an seoladh arb é príomháit chónaithe an Díoltóra is duine aonair, chomh maith le seoladh oifige cláraithe Díoltóra is Eintiteas.

6.

Ciallaíonn ‘Tréimhse Intuairiscithe’ an bhliain féilire a ndéantar tuairisciú ina leith de bhun Roinn III.

7.

Ciallaíonn ‘Liostú Maoine’ gach aonad maoine dochorraithe atá suite in aon seoladh sráide amháin, faoi úinéireacht ag an úinéir céanna agus a chuireann an Díoltóir céanna ar fáil ar cíos iad ar Ardán.

8.

Ciallaíonn “Aitheantóir Cuntais Airgeadais” uimhir uathúil shainaitheanta nó tagairt uathúil shainaitheanta atá ar fáil d’Oibreoir Ardáin an chuntais bainc nó cuntas seirbhísí íocaíochta eile comhchosúil lena n-íoctar an Chomaoin nó lena gcuirtear an Chomaoin chun a sochair di.

9.

Ciallaíonn “Earraí” aon mhaoin inláimhsithe.

ROINN II

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE DÍCHEALL CUÍ

Tá feidhm ag na nósanna imeachta seo a leanas chun Díoltóirí Intuairiscithe a shainaithint.

A.

Díoltóirí nach bhfuil faoi réir athbhreithnithe

Chun a chinneadh an bhfuil Díoltóir is Eintiteas cáilithe mar Dhíoltóir Eisiata a shainítear i bpointí (a) agus (b) d’fhomhír B(4) de Roinn I, féadfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe brath ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí nó ar dheimhniú ón Díoltóir is Eintiteas.

Chun críche a chinneadh an gcáilíonn Díoltóir mar Dhíoltóir Eisiata a shainítear i bpointí (c) agus (d) d’fhomhír B(4) de Roinn I, féadfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe brath ar na taifid atá ar fáil dó.

B.

Bailiú faisnéise Díoltóra

1.

Baileoidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas ar fad maidir le gach Díoltóir is duine aonair agus nach Díoltóir Eisiata é:

(a)

an t-ainm agus an sloinne;

(b)

an Príomhsheoladh;

(c)

aon TIN arna eisiúint chuig an Díoltóir sin, lena n-áirítear gach Ballstát eisiúna, nó in éagmais aon TIN, áit bhreithe an Díoltóra sin;

(d)

uimhir aitheantais CBL an Díoltóra sin, i gcás ina bhfuil sí ar fáil;

(e)

an dáta breithe.

2.

Baileoidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas ar fad maidir le gach Díoltóir is Eintiteas agus nach Díoltóir Eisiata é:

(a)

an t-ainm dlíthiúil;

(b)

an Príomhsheoladh;

(c)

aon TIN a eisítear don Díoltóir sin, lena n-áirítear gach Ballstát ina n-eisítear é;

(d)

uimhir aitheantais CBL an Díoltóra sin, i gcás ina bhfuil sí ar fáil;

(e)

uimhir chlárúcháin ghnó;

(f)

buanbhunaíocht ar bith a bheith ann trína ndéantar Gníomhaíochtaí Ábhartha san Aontas, i gcás inar féidir, lena léirítear gach Ballstát faoi seach, áit a bhfuil buanbhunaíocht dá leithéid lonnaithe.

3.

D’ainneoin fhomhíreanna B(1) agus B(2), ní cheanglófar leis an Oibreoir Ardáin Tuairiscithe faisnéis dá dtagraítear i bpointí (b) go (e) d’fhomhír B(1) agus i bpointí (b) go (f) d’fhomhír B(2) a bhailiú i gcás ina bhfuil sé ag brath ar dheimhniú díreach ar shainaitheantas agus ar chónaí an Díoltóra trí sheirbhís shainaitheantais a chuireann Ballstát nó an tAontas ar fáil chun sainaitheantas agus áit chónaithe an Díoltóra chun críoch cánach a dhéanamh amach.

4.

D’ainneoin phointe (c) d’fhomhír B(1) agus phointí (c) agus (e) d’fhomhír B(2), ní gá don Oibreoir Ardán Tuairiscithe an TIN ná uimhir chlárúcháin ghnó, de réir an cháis, a bhailiú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

ní eisíonn Ballstát cónaithe an Díoltóra TIN ná uimhir chlárúcháin ghnó chuig an Díoltóir;

(b)

ní éilíonn Ballstát cónaithe an Díoltóra TIN a eisítear chuig an Díoltóir.

C.

Fíorú faisnéise Díoltóra

1.

Cinnfidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis a bailíodh de bhun mhír A, fomhír B(1), pointí (a) go (e) d’fhomhír B(2) agus mír E iontaofa, trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis agus as na doiciméid ar fad a bheidh ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe ina chuid taifead, agus as aon chomhéadan leictreonach a chuireann an Ballstát nó an tAontas ar fáil saor in aisce chun a dhéanamh amach an bhfuil TIN agus/nó uimhir aitheantais CBL bailí.

2.

D’ainneoin fhomhír C(1), chun nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a chur i gcrích de bhun fhomhír F(2), féadfaidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis a bailíodh de bhun mhír A, fomhír B(1), pointí (a) go (e) d’fhomhír B(2) agus mír E iontaofa, trí úsáid a bhaint as faisnéis agus as doiciméid a bheidh ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe ina chuid taifead ar féidir cuardach leictreonach a dhéanamh orthu.

3.

Agus pointe (b) d’fhomhír F(3) á cur i bhfeidhm agus d’ainneoin fhomhíreanna C(1) agus C(2), i gcásanna ina mbeadh cúis ann go mbeadh a fhios ag an Oibreoir Ardáin Tuairiscithe go mbeadh aon cheann de na míreanna faisnéise, a dtugtar tuairisc orthu i míreanna B nó E, míchruinn mar gheall ar fhaisnéis arna cur ar fáil ag údarás inniúil de chuid Ballstáit de bhun iarraidh maidir le Díoltóir sonrach, iarrfaidh sé ar an Díoltóir na míreanna faisnéise a ndearnadh amach go raibh siad míchruinn a chur ina gceart agus doiciméid tacaíochta, sonraí nó faisnéis a bheadh iontaofa agus ó fhoinse neamhspleách a chur ar fáil, amhail:

(a)

doiciméad aitheantais bailí arna eisiúint ag an rialtas,

(b)

deimhniú cónaitheachta chun críoch cánach a eisíodh le déanaí.

D.

Cinneadh Ballstáit nó Cinneadh Ballstát cónaithe an Díoltóra chun críocha na Treorach seo

1.

Déanfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe Díoltóir a mheas a bheith ina chónaitheoir i mBallstát Phríomhsheoladh an Díoltóra. I gcás nach ionann é agus Ballstát Phríomhsheoladh an Díoltóra, measfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe an Díoltóir a bheith ina chónaitheoir sa Bhallstát eisiúna TIN freisin. I gcás ina gcuirfidh an Díoltóir faisnéis ar fáil maidir le buanbhunaíocht a bheith ann de bhun phointe (f) d’fhomhír B(2), measfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe an Díoltóir a bheith ina chónaí freisin sa Bhallstát faoi seach faoi mar atá sonraithe ag an Díoltóir.

2.

D’ainneoin fhomhír D(1), measfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe Díoltóir a bheith ina chónaitheoir i ngach Ballstát arna dheimhniú trí sheirbhís shainaitheantais leictreonach a chuirfidh Ballstát nó an tAontas ar fáil de bhun fhomhír B(3).

E.

Bailiú faisnéise maidir le maoin dhochorraithe ar cíos

I gcás ina bhfuil Díoltóir ag gabháil do Ghníomhaíocht Ábhartha a bhaineann le maoin dhochorraithe a ligean ar cíos, baileoidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe seoladh gach Liostú Maoine agus, i gcás inar eisíodh í, an cláruimhir talún a ghabhann leis nó a coibhéis faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe. I gcás inar éascaigh Oibreoir Ardán Tuairiscithe níos mó ná 2 000 Gníomhaíocht Ábhartha trí bhíthin Liostú Maoine a ligean ar cíos leis an díoltóir céanna ar Eintiteas é, baileoidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe doiciméid tacaíochta, sonraí nó faisnéis a léireoidh go bhfuil an Liostú Maoine faoi úinéireacht an úinéara chéanna.

F.

Uainiú agus bailíocht nósanna imeachta maidir le dícheall cuí

1.

I dtaca leis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach i míreanna A go E, cuirfidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe i gcrích iad faoin 31 Nollaig sa Tréimhse Intuairiscithe.

2.

D’ainneoin fhomhír F(1), i gcás díoltóirí a cláraíodh ar an Ardán ón 1 Eanáir 2023 i leith cheana nó ó dháta ar a n-iompóidh Eintiteas ina Oibreoir Ardáin Tuairiscithe, is gá na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach i míreanna A go E a chomhlíonadh faoin 31 Nollaig sa dara Tréimhse Intuairiscithe le haghaidh an Oibreora Ardáin Tuairiscithe.

3.

D’ainneoin fhomhír F(1), féadfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe brath ar nósanna imeachta maidir le dícheall cuí arna ndéanamh i leith Tréimhsí Intuairiscithe roimhe sin, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

maidir le faisnéis an Díoltóra a éilítear i bhfomhír B(1) agus i B(2), bailíodh agus fíoraíodh í nó deimhníodh í le 36 mhí anuas; agus

(b)

níl cúis ann fios a bheith ag an Oibreoir Ardáin Tuairiscithe go bhfuil an fhaisnéis arna bailiú de bhun mhíreanna A, B agus E neamhiontaofa nó míchruinn nó tar éis éirí neamhiontaofa nó míchruinn.

G.

Cur i bhfeidhm nósanna imeachta maidir le dícheall cuí i leith Díoltóirí Gníomhacha amháin

Féadfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe a roghnú go gcuirfidh sé i gcrích na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí de bhun mhíreanna A go F i leith Díoltóirí Gníomhacha amháin.

H.

Cur i gcrích na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí ag tríú páirtithe

1.

Féadfaidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe brath ar sheirbhís tríú páirtí chun na hoibleagáidí maidir le dícheall cuí, a leagtar síos sa Roinn seo, a chomhlíonadh, ach beidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe fós freagrach as na hoibleagáidí sin.

2.

I gcás ina gcomhlíonann Oibreoir Ardáin na hoibleagáidí d’Oibreoir Ardáin Tuairiscithe maidir le dícheall cuí i leith an Ardán chéanna de bhun fhomhír H(1), déanfaidh an tOibreoir Ardáin sin na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí de bhun na rialacha a leagtar síos sa Roinn seo. Beidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe fós freagrach as na hoibleagáidí díchill chuí.

ROINN III

CEANGLAIS TUAIRISCITHE

A.

Am agus bealach an tuairiscithe

1.

Tuairisceoidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe de réir bhrí phointe (a) d’fhomhír A(4) de Roinn I d’údarás inniúil an Bhallstáit arna chinneadh i gcomhréir le pointe (a) d’fhomhír A(4) de Roinn I an fhaisnéis a leagtar amach i mír B den Roinn sin i leith na Tréimhse Intuairiscithe tráth nach déanaí ná 31 Eanáir na bliana tar éis na bliana féilire inar aithníodh an Díoltóir a bheith ina Dhíoltóir Intuairiscithe. I gcás ina bhfuil níos mó ná aon Oibreoir Ardáin Tuairiscithe amháin ann, beidh aon cheann de na hOibreoirí Ardáin Tuairiscithe sin díolmhaithe ón bhfaisnéis a thuairisciú má tá cruthúnas aige, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go bhfuil an fhaisnéis chéanna tuairiscithe ag Oibreoir Ardáin Tuairiscithe eile.

2.

Má chomhlíonann Oibreoir Ardáin Tuairiscithe de réir bhrí phointe (a) d’fhomhír A(4) de Roinn I aon cheann de na coinníollacha a liostaítear ann i níos mó ná Ballstát amháin, roghnóidh sé ceann de na Ballstáit sin, ina gcomhlíonfaidh sé na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa Roinn seo. Tuairisceoidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe sin an fhianaise a liostaítear i mír B den Roinn seo i leith na Tréimhse Intuairiscithe d’údarás inniúil an Bhallstáit arna roghnú, tráth a chinnfear é sin i gcomhréir le fomhír E de Roinn IV tráth nach déanaí ná 31 Eanáir na bliana tar éis na bliana féilire ina n-aithnítear an Díoltóir mar Dhíoltóir Intuairiscithe. I gcás ina bhfuil níos mó ná aon Oibreoir Ardáin Tuairiscithe amháin ann, beidh aon cheann de na hOibreoirí Ardáin Tuairiscithe sin díolmhaithe ón bhfaisnéis a thuairisciú má tá cruthúnas aige, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go bhfuil an fhaisnéis chéanna tuairiscithe ag Oibreoir Ardáin Tuairiscithe i mBallstát eile.

3.

Tuairisceoidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe de réir bhrí phointe (b) d’fhomhír A(4) de Roinn I, tuairisceoidh sé an fhianaise a leagtar amach i mír B den Roinn sin i leith na Tréimhse Intuairiscithe d’údarás inniúil Bhallstát an chlárúcháin, tráth a chinnfear é sin i gcomhréir le fomhír F(1) de Roinn IV, tráth nach déanaí ná 31 Eanáir na bliana tar éis na bliana féilire ina n-aithnítear an Díoltóir mar Dhíoltóir Intuairiscithe.

4.

D’ainneoin fhomhír A(3) den Roinn seo, ní cheanglófar ar Oibreoir Ardáin Tuairiscithe de réir bhrí phointe (b) d’fhomhír A(4) de Roinn I an fhaisnéis a leagtar amach i mír B den Roinn seo a chur ar fáil maidir le Gníomhaíochtaí Ábhartha Cáilitheacha, a chumhdaítear le Comhaontú Éifeachtach Cáilitheach idir Údaráis Inniúla, lena ndéantar foráil cheana féin do mhalartú faisnéise uathoibríoch coibhéisí le Ballstát maidir le Díoltóirí Intuairiscithe a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin.

5.

Soláthróidh Oibreoir Ardáin Tuairiscithe an fhaisnéis a leagtar amach i bhfomhír B(2) agus i bhfomhír B(3) don Díoltóir Intuairiscithe, a ndéantar tagairt dó inti, tráth nach déanaí ná 31 Eanáir na bliana féilire dá éis sin ina n-aithnítear an Díoltóir mar Dhíoltóir Intuairiscithe.

6.

Maidir leis an bhfianaise i leith na Comaoine a íoctar nó a chuirtear chun sochair in airgeadra fiat, déanfar an fhianaise sin a thuairisciú san airgeadra inar íocadh í nó inar cuireadh chun sochair í. I gcás inar íocadh an Chomaoin, nó i gcás inar cuireadh an Chomaoin chun sochair, i bhfoirm eile seachas in airgeadra fiat, déanfar í a thuairisciú san airgeadra áitiúil, í comhshóite nó luacháilte ar bhealach a chinnfidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe ar bhonn seasta.

7.

Tuairisceofar an fhaisnéis maidir leis an gComaoin agus gach méid eile i leith ráithe na Tréimhse Intuairiscithe ina n-íocfar an Chomaoin nó ina gcuirfear chun sochair í.

B.

Faisnéis a bheidh le tuairisciú

Déanfaidh gach Oibreoir Ardáin Tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú:

1.

Ainm, seoladh oifige cláraithe, TIN agus, i gcás inarb ábhartha, uimhir aitheantais aonair, arna leithdháileadh de bhun fhomhír F(4) de Roinn IV an Oibreora Ardáin Tuairiscithe chomh maith le hainm gnó an Ardáin nó ainmneacha gnó na nArdán a bhfuil an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe ag tuairisciú ina leith.

2.

Maidir le gach Díoltóir Intuairiscithe a bhí i mbun Gníomhaíochta Ábhartha, seachas maoin dhochorraithe ligean ar cíos:

(a)

na míreanna faisnéise atá le bailiú de bhun mhír B de Roinn II;

(b)

Aitheantóir an Chuntais Airgeadais, a mhéid agus atá sé ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe agus nach bhfuil sé foilsithe, de réir bhrí mhír D de Roinn II, ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;

(c)

i gcás nach ionann é agus ainm an Díoltóra Intuairiscithe, chomh maith le hAitheantóir an Chuntais Airgeadais, ainm shealbhóir an chuntais airgeadais lena n-íoctar an Chomaoin nó a dtéann an Chomaoin chun a shochair, a mhéid atá sé ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe chomh maith le haon fhaisnéis chéannachta eile ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe i ndáil leis an sealbhóir cuntais;

(d)

gach Ballstát ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí chun críocha na Treorach sin arna chinneadh de bhun mhír D de Roinn II;

(e)

an Chomaoin iomlán a íoctar nó a théann chun sochair cuntais le linn gach ráithe den Tréimhse Intuairiscithe agus an líon Gníomhaíochtaí ábhartha inar íocadh an Chomaoin nó inar cuireadh chun sochair í;

(f)

aon táille, aon choimisiún nó aon cháin a choinníonn an tOibreoir Ardán Tuairiscithe siar nó a ghearrann sé le linn gach ráithe den Tréimhse Intuairiscithe.

3.

Maidir le gach Díoltóir Intuairiscithe a rinne Gníomhaíocht Ábhartha a bhaineann le cíos maoine dochorraithe:

(a)

na míreanna faisnéise atá le bailiú de bhun mhír B de Roinn II;

(b)

Aitheantóir an Chuntais Airgeadais, a mhéid agus atá sé ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe agus nach bhfuil sé foilsithe, de réir bhrí mhír D de Roinn II, ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;

(c)

i gcás nach ionann é agus ainm an Díoltóra Intuairiscithe, chomh maith le hAitheantóir an Chuntais Airgeadais, ainm shealbhóir an chuntais airgeadais lena n-íoctar an Chomaoin nó a dtéann an Chomaoin chun a shochair, a mhéid atá sé ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe chomh maith le haon fhaisnéis chéannachta eile atá ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe i ndáil leis an sealbhóir cuntais;

(d)

gach Ballstát ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí chun críocha na Treorach sin arna chinneadh de bhun fhomhír D de Roinn II;

(e)

seoladh gach Liostú Maoine, a chinntear ar bhonn na nósanna imeachta a leagtar amach i mír E de Roinn II, agus cláruimhir talún faoi seach nó a choibhéis faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe, i gcás ina bhfuil sí ar fáil;

(f)

an Chomaoin iomlán a íoctar nó a théann chun sochair cuntais le linn gach ráithe den Tréimhse Intuairiscithe agus líon na nGníomhaíochtaí Ábhartha dá bhforáiltear i leith gach Liostú Maoine;

(g)

aon táille, aon choimisiún nó aon cháin a choinníonn an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe siar nó a ghearrann sé le linn gach ráithe na Tréimhse Intuairiscithe;

(h)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, líon na laethanta a raibh gach Liostú Maoine ligthe ar cíos le linn na Tréimhse Intuairiscithe agus cineál gach Liostú Maoine.

ROINN IV

CUR CHUN FEIDHME ÉIFEACHTACH

De bhun Airteagal 8ac, beidh rialacha agus nósanna imeachta riaracháin i bhfeidhm sna Ballstáit chun cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas tuairiscithe agus nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Roinn II agus Roinn III den Iarscríbhinn seo, agus comhlíonadh na gceanglas tuairiscithe agus nósanna imeachta maidir le dícheall cuí, a áirithiú.

A.

Rialacha chun na ceanglais bailithe agus fíoraithe a leagtar síos i Roinn II a fhorfheidhmiú

1.

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá a cheanglóidh ar Oibreoirí Ardáin Tuairiscithe na ceanglais bailithe agus fíoraithe faoi Roinn II i leith Díoltóirí a fhorfheidhmiú.

2.

I gcás nach gcuirfidh Díoltóir an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Roinn II ar fáil tar éis dhá mheabhrúchán i ndiaidh an chéad iarrata ón Oibreoir Ardáin Tuairiscithe, ach tráth nach luaithe ná 60 lá a bheith caite, dúnfaidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe cuntas an Díoltóra agus cuirfidh sé cosc ar an Díoltóir athchlárú ar an Ardán nó coimeádfaidh sé siar íocaíocht na Comaoine leis an Díoltóir fad is nach soláthraíonn an Díoltóirí an fhaisnéis a iarrtar.

B.

Rialacha lena gceanglaítear ar Oibreoirí Ardáin Tuairiscithe taifid a choimeád ar na bearta a ghlactar agus ar aon fhaisnéis ar a mbraitear le haghaidh fheidhmiú na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe agus bearta leordhóthanacha a dhéanamh chun na taifid sin a fháil

1.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá le ceangal a chur ar Oibreoirí Ardáin Tuairiscithe taifid a choimeád ar na bearta a ghlactar agus ar aon fhaisnéis ar a mbraitear le haghaidh fheidhmiú na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach i Ranna II agus III. Beidh na taifid sin fós ar fáil le haghaidh tréimhse a bheidh fada go leor agus in aon chás; le haghaidh tréimhse nach lú na 5 bliana ach nach faide ná 10 mbliana tar éis dheireadh na Tréimhse Intuairiscithe lena mbaineann.

2.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá, lena n-áireofar an fhéidearthacht ordú tuairiscithe a sheoladh chuig Oibreoirí Ardáin Tuairiscithe, chun a áirithiú go dtuairisceofar an fhaisnéis uile is gá d’údarás inniúil chun gur féidir leis an údarás sin an oibleagáid maidir le faisnéis a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 8ac(2) a chomhlíonadh.

C.

Nósanna imeachta riaracháin chun a fhíorú go gcomhlíonann Oibreoirí Ardáin Tuairiscithe na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus ceanglais tuairiscithe

Leagfaidh na Ballstát síos nósanna imeachta riaracháin chun a fhíorú go gcomhlíonann Oibreoirí Ardáin Tuairiscithe nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus ceanglais tuairiscithe a leagtar amach i Ranna II agus III.

D.

Nósanna imeachta riaracháin leantacha maidir le hOibreoir Ardáin Tuairiscithe i gcás ina dtuairiscítear faisnéis mhíchruinn nó easnamhach

Leagfaidh na Ballstáit síos nósanna imeachta leantacha maidir le hOibreoirí Ardáin Tuairiscithe i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a thuairisceofar míchruinn nó easnamhach.

E.

Nós imeachta maidir le Ballstát amháin a roghnú chun tuairisciú a dhéanamh ann

Má chomhlíonann Oibreoir Ardáin Tuairiscithe de réir bhrí phointe (a) d’fhomhír A(4) de Roinn I aon cheann de na coinníollacha a liostaítear ann i níos mó ná Ballstát amháin, roghnóidh sé ceann de na Ballstáit sin chun na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa Roinn seo a chomhlíonadh de bhun Roinn III. Tabharfaidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe fógra d’údaráis inniúla uile na mBallstát sin maidir lena roghnú.

F.

Nós imeachta riaracháin maidir le clárúchán aonair Oibreora Ardáin Tuairiscithe

1.

A. Maidir le hOibreoir Ardáin Tuairiscithe de réir bhrí phointe (b) d’fhomhír A(4) de Roinn I den Iarscríbhinn seo, cláróidh sé le húdarás inniúil aon Bhallstáit de bhun Airteagal 8ac(4) tráth a chuirfidh sé tús lena ghníomhaíocht mar Oibreoir Ardáin.

2.

Cuirfidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas in iúl do Bhallstát a chlárúcháin aonair:

(a)

ainm;

(b)

seoladh poist;

(c)

seoltaí ríomhphoist, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin;

(d)

aon uimhir TIN a eisítear don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe;

(e)

ráiteas ina bhfuil faisnéis faoi shainaithint an Oibreora Ardán Tuairiscithe sin chun críocha CBL laistigh den Aontas, de bhun Theideal XII, Caibidil 6, Ranna 2 agus 3 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (*1);

(f)

na Ballstáit ina bhfuil Díoltóirí Intuairiscithe ina gcónaitheoirí de réir bhrí mhír D de Roinn II.

3.

Tabharfaidh an tOibreoir Ardáin Tuairiscithe fógra do Bhallstát an chlárúcháin aonair maidir le haon athrú ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear faoi fhomhír F(2).

4.

Déanfaidh Ballstát an chlárúcháin aonair uimhir aitheantais aonair a leithdháileadh ar an Oibreoir Ardáin Tuairiscithe agus tabharfaidh sé fógra ina leith d’údaráis inniúla na mBallstát uile trí mheáin leictreonacha.

5.

Iarrfaidh Ballstát an chlárúcháin aonair ar an gCoimisiún Oibreoir Ardáin Tuairiscithe a bhaint den chlár lárnach sna cásanna seo a leanas:

(a)

tugann an tOibreoir Ardáin fógra don Bhallstát nach ndéanann sé aon ghníomhaíocht a thuilleadh mar Oibreoir Ardáin;

(b)

in éagmais fógra de bhun phointe (a), tá forais ann glacadh leis go bhfuil gníomhaíocht an Oibreora Ardáin scortha;

(c)

ní chomhlíonann an tOibreoir Ardán a thuilleadh na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) d’fhomhír A(4) de Roinn I;’

(d)

chúlghair na Ballstáit an clárú lena údarás inniúil de bhun fhomhír F(7).

6.

Tabharfaidh gach Ballstát fógra láithreach don Choimisiún maidir le haon Oibreoir Ardáin Tuairiscithe de réir bhrí phointe (b) d’fhomhír A(4) de Roinn I, a chuirfidh tús lena ghníomhaíocht mar Oibreoir Ardáin gan é féin a chlárú de bhun na míre sin.

I gcás nach gcomhlíonann Oibreoir Ardáin Tuairiscithe an oibleagáid maidir le clárú nó i gcás inar cúlghaireadh a chlárú i gcomhréir le fomhír F7 den Roinn seo, déanfaidh na Ballstáit, gan dochar d’Airteagal 25a, bearta a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chun comhlíonadh laistigh dá ndlínse a fhorfheidhmiú. Leanfaidh rogha na mbeart sin de bheith faoi rogha na mBallstát. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chomh maith a gcuid gníomhaíochtaí, a chomhordú, arb é is aidhm dóibh comhlíontacht a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear, mar rogha deiridh, cosc a chur ar Oibreoir Ardáin Tuairiscithe a bheith in ann oibriú laistigh den Aontas.

7.

I gcás nach gcomhlíonann Oibreoir Ardáin Tuairiscithe an oibleagáid maidir le tuairisciú i gcomhréir le fomhír A(3) de Roinn III den Roinn seo tar éis dhá mheabhrúchán ó Bhallstát an chlárúcháin aonair, déanfaidh an Ballstát, gan dochar d’Airteagal 25a, na bearta is gá chun clárú an Oibreora Ardáin Tuairiscithe a rinneadh de bhun Airteagal 8ac(4) a chúlghairm. Cúlghairfear an clárú tráth nach déanaí ná tar éis 90 lá a bheith caite ach tráth nach luaithe ná 30 lá tar éis an dara meabhrúchán a bheith caite.


(*1)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle na 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11. 12.2006, lch. 1).’


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

25.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/27


CINNEADH (AE) 2021/515 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Márta 2021

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe I bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas na hAstráile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le lamháltais a mhodhnú ar na cuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Meitheamh 2018 thug an Chomhairle údarú don Choimisiún caibidlíocht a thosú de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 maidir le cionroinnt na gcuótaí rátaí taraife a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(2)

Tugadh an chaibidlíocht leis an Astráil i gcrích agus cuireadh inisealacha le Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas na hAstráile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le lamháltais a mhodhnú ar na cuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (“an Comhaontú”) an 18 Nollaig 2020.

(3)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo thar ceann an Aontais an Comhaontú a shíniú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas na hAstráile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le lamháltais a mhodhnú ar na cuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (1).

Airteagal 2

Údaraítear leis seo d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a bhfuil sé de chumhacht acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh nuair a chuirtear i gcrích é.


25.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/29


CINNEADH (AE) 2021/516 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Márta 2021

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIndinéise de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994, comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Meitheamh 2018, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 maidir le cionroinnt na gcuótaí ráta taraife a áirítear i Sceideal XVIII an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(2)

An 28 Eanáir 2021 tugadh an chaibidlíocht leis an Indinéis i gcrích agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIndinéise de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (“an Comhaontú”).

(3)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIndinéise de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (1).

Airteagal 2

Údaraítear leis seo d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú atá cumhachtaithe an Comhaontú a shíniú.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh tráth a thabhairt i gcrích.


RIALACHÁIN

25.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/30


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/517 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 a mhéid a bhaineann leis na socruithe maidir le ranníocaíochtaí a íoc le caiteachais riaracháin an Bhoird Réitigh Aonair

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (1), go háirithe Airteagal 65(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Agus na ranníocaíochtaí bliantúla aonair dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 ón gCoimisiún (2) á ríomh, bíonn an Bord Réitigh Aonair (“an Bord”) ag brath go háirithe ar na sonraí maidir le sócmhainní iomlána agus neamhchosaintí iomlána riosca a bhailíonn an Banc Ceannais Eorpach (BCE) ó na heintitis atá faoi réir an tSásra Réitigh Aonair chun na táillí maoirseachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach a ríomh (3). Chun na críche sin, agus de bhun Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361, déanann BCE na sonraí maidir le gach féichiúnaí ranníocaíochta a bhailíonn BCE sa bhliain sin a tharchur chuig an mBord ar bhonn bliantúil. Tá na sonraí sin le tarchur laistigh de chúig lá oibre ón tráth a eiseofar fógraí táillí BCE agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig den bhliain a n-eisítear na fógraí táille ina leith.

(2)

Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 le Rialachán (AE) 2019/2155 ón mBanc Ceannais Eorpach (4), chun, inter alia, athrú a dhéanamh ar an gcóras trína mbailíonn BCE na sonraí chun na táillí maoirseachta a chinneadh. Roimh an leasú sin, rinneadh foráil le Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 maidir le réamhíocaíocht na dtáillí maoirseachta bliantúla le BCE. Tar éis an leasaithe, ní dhéantar foráil le Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 maidir le táillí maoirseachta a thobhach go dtí tar éis dheireadh na tréimhse táille ábhartha, a luaithe a chinnfear an caiteachas bliantúil iarbhír, agus ceanglaítear ar BCE fógra táille a eisiúint do gach féichiúnaí táille gach bliain, laistigh de shé mhí ó thús na tréimhse táille ina dhiaidh sin.

(3)

Ós rud é anois nach gcruinníonn BCE na táillí maoirseachta go dtí go mbíonn tús le bliain airgeadais an Bhoird, ní féidir leis na sonraí is déanaí a tharchur chuig an mBord ach ina dhiaidh sin. Mar thoradh air sin, leis na spriocdhátaí a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 maidir le tarchur sonraí ó BCE chuig an mBord, ní chuirtear ar a chumas don Bhord a thuilleadh na ranníocaíochtaí bliantúla aonair atá dlite i mbliain airgeadais ar leith a ríomh agus a chruinniú roimh ré. Chun comhleanúnachas a choinneáil idir córas an Bhoird maidir le ranníocaíochtaí a thobhach roimh ré agus córas nua BCE, agus chun é a chur ar a chumas don Bhord leanúint de na ranníocaíochtaí bliantúla a ríomh agus a chruinniú roimh ré, ní mór leasú a dhéanamh ar na spriocdhátaí maidir le tarchur na sonraí agus eisiúint na bhfógraí ranníocaíochta faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361. De bharr gurb é deireadh mhí an Mheitheamh gach bliain an spriocdháta atá ag BCE chun na táillí maoirseachta a shonrasc, ba cheart an Bord a bheith i dteideal réamh-tráthchodanna ar ranníocaíochtaí a chruinniú chun caiteachais a chumhdach i leith na coda sin dá bhliain airgeadais atá roimh an dáta sin. Chun an t-ualach riaracháin ar na heintitis agus na grúpaí lena mbaineann agus ar an mBord a íoslaghdú, níor cheart tráthchodanna a chruinniú ach ó eintitis agus ó ghrúpaí a thagann faoi fhreagracht dhíreach an Bhoird.

(4)

Is léir ón taithí a fuarthas agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 á chur i bhfeidhm go bhfuil sé tábhachtach a léiriú i ríomh bliantúil na ranníocaíochtaí riaracháin ar bhealach tráthúil go ndéanfar athruithe ar chomhdhéanamh an ghrúpa eintiteas a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2 de Rialachán (AE) 806/2014, agus a bhfuil sé de cheangal orthu dá bhrí sin ranníocaíocht a dhéanamh le caiteachais riaracháin an Bhoird. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhord an fhaisnéis is déanaí maidir le comhdhéanamh ghrúpa na n-eintiteas sin a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart do BCE, do na húdaráis réitigh náisiúnta agus do na húdaráis inniúla náisiúnta cúnamh a thabhairt don Bhord maidir leis an bhfaisnéis ábhartha ar fad chun a mheas an bhfuil oibleagáid ar eintiteas ranníocaíocht a dhéanamh le caiteachais riaracháin an Bhoird. Thairis sin, is gá soiléiriú a thabhairt ar an gcaoi a gcaithfidh an Bord le cásanna ina dtarlaíonn iontrálacha sa ghrúpa eintiteas atá faoi cheangal ranníocaíocht a dhéanamh le caiteachais riaracháin an Bhoird ag tráth den bhliain nach gcinneann BCE na sonraí comhfhreagracha a thuilleadh.

(5)

Ar chúiseanna oibríochtúla, is gá don Bhord scoithdháta soiléir a bheith aige chun comhdhéanamh an ghrúpa eintiteas a chuirfidh isteach ríomh na ranníocaíochtaí bliantúla i mbliain ar leith a chinneadh. Ba cheart don Bhord an ríomh sin a athbhreithniú an bhliain dár gcionn chun aon athrú a d’fhéadfadh tarlú tar éis an scoithdháta sin a ionchorprú.

(6)

Mar thoradh ar aistriú BCE ó chóras eisiúna táillí ex ante go córas eisiúna táillí ex post, tá bearna idir tarchur sonraí ó BCE chuig an mBord le haghaidh na tréimhse ó mhí na Nollag 2019 go mí an Mheithimh 2021. Chun a áirithiú go mbeidh an Bord in ann na hacmhainní a bhailiú chun a chaiteachas riaracháin le haghaidh 2021 a chumhdach leis na sonraí atá ar fáil dó ag tús na bliana sin, tá gá le socruithe idirthréimhseacha le haghaidh bhliain airgeadais 2021. Chun staid na n-eintiteas a rinne ranníocaíocht a léiriú níos gaire don bhliain airgeadais 2021, áfach, ba cheart don Bhord na ranníocaíochtaí sin a athríomh in 2022 ar bhonn sonraí níos déanaí a bheidh ar fáil dó idir an dá linn. Ba cheart an difríocht idir méid na ranníocaíochta bliantúla aonair atá dlite le haghaidh bhliain airgeadais 2021 a dhéanfar a athríomh sa bhliain 2022 agus méid na ranníocaíochta sin a dhéanfar a ríomh sa bhliain 2021 a shuimiú le méid na ranníocaíochta bliantúla aonair atá dlite le haghaidh bhliain airgeadais 2022 nó a dhealú ón méid sin.

(7)

Ós rud é gur gá don Bhord na socruithe idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm chun na ranníocaíochtaí a chruinniú maidir lena chaiteachas riaracháin le haghaidh bhliain airgeadais 2021 a luaithe is féidir tar éis thús na bliana, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. Ní bheidh aon tionchar ag an teacht i bhfeidhm luath sin ar na heintitis atá faoi réir na ranníocaíochtaí, mar go bhfuil an riail ghinearálta go bhféadfaidh an Bord na sonraí is déanaí atá ar fáil a úsáid chun na ranníocaíochtaí a ríomh, i gcás nach mbeidh na sonraí is déanaí curtha ar fáil ag BCE don Bhord in am, bunaithe cheana le hAirteagal 6(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361. Dá bhrí sin, ní gá do na heintitis lena mbaineann aon ullmhúchán a dhéanamh.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an tAirteagal 4a seo a leanas leis:

“Airteagal 4a

Réamh-thráthchodanna maidir leis na ranníocaíochtaí bliantúla aonair

1.   Gach bliain airgeadais, sula bhfaighidh sé na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 6(1), féadfaidh an Bord réamh-thráthchodanna a chruinniú maidir leis na ranníocaíochtaí bliantúla aonair le haghaidh méid suas le 75 % de mhéid na ranníocaíochtaí bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1) ó na heintitis agus ó na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a) le haghaidh na bliana airgeadais sin. Déanfar réamh-thráthchuid gach eintitis agus grúpa a ríomh i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí bliantúla aonair a ríomhadh le haghaidh an eintitis nó an ghrúpa sin sa bhliain airgeadais díreach roimhe sin.

2.   Déanfaidh an Bord íocaíocht na réamh-thráthchoda a asbhaint as ranníocaíocht bhliantúil aonair an eintitis nó an ghrúpa don bhliain airgeadais sin.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gach bliain, laistigh de chúig lá oibre tar éis don BCE fógraí táillí a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014, agus in aon chás tráth nach déanaí ná an 7 Iúil den bhliain ina n-eiseofar na fógraí táille, soláthróidh BCE don Bhord na sonraí maidir le gach féichiúnaí ranníocaíochta arna n-úsáid ag BCE an bhliain sin chun na táillí maoirseachta a chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014.”;

(b)

cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

“2a.   I gcás ina mbeidh féichiúnaí ranníocaíochta bunaithe i mbliain airgeadais ar leith agus nach eintiteas faoi mhaoirseacht ná grúpa faoi mhaoirseacht é dá dtagraítear in Airteagal 10(3), pointe (bc) de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014, déanfar na ranníocaíochtaí bliantúla aonair atá dlite ag an bhféichiúnaí ranníocaíochta sin le haghaidh na bliana airgeadais sin agus don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin a ríomh trí na fachtóirí táille a shocrú ag nialas. Sa tríú bliain airgeadais ina bhfuil ranníocaíocht bhliantúil aonair dlite ag an bhféichiúnaí ranníocaíochta sin, déanfar an ranníocaíocht bhliantúil riaracháin aonair atá dlite don dá bhliain airgeadais roimhe sin a athríomh bunaithe ar na fachtóirí táille a úsáideadh le haghaidh na bliana airgeadais sin, agus socrófar an difríocht dá réir sin.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Más rud é, chun críocha an Rialacháin seo, gur gá don Bhord a shainaithint an bhfuil eintiteas mar chuid den ghrúpa a d’ainmnigh féichiúnaí ranníocaíochta áirithe, nó chun a fhíorú an bhfuil oibleagáid ar eintiteas ranníocaíocht a dhéanamh le caiteachas riaracháin an Bhoird, tabharfaidh BCE, údaráis réitigh náisiúnta agus údaráis inniúla náisiúnta cúnamh don Bhord maidir leis an bhfaisnéis ábhartha ar fad.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Chun na ranníocaíochtaí bliantúla aonair atá dlite le haghaidh bliain airgeadais ar leith a ríomh, úsáidfidh an Bord na sonraí arna n-úsáid ag BCE an bhliain sin chun na táillí maoirseachta le haghaidh na bliana roimhe sin a chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014, sonraí a chuirfear ar fáil don Bhord i gcomhréir leis an Airteagal seo.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír 4a seo a leanas isteach:

“4a.   Chun ranníocaíochtaí bliantúla aonair atá dlite le haghaidh bliain airgeadais ar leith a ríomh, cuirfidh an Bord aon cheann de na hathruithe dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a tharlaíonn amhail ón 1 Eanáir den bhliain sin san áireamh sa chéad bhliain airgeadais eile.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 6(2a), ní choigeartófar ranníocaíochtaí bliantúla aonair eintiteas nó grúpaí nach bhfuil faoi réir na n-athruithe dá dtagraítear i míreanna 1, 2 nó 3 den Airteagal seo.”;

(4)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 go 8:

“3.   Sonrófar san fhógra ranníocaíochta méid na ranníocaíochta bliantúla aonair, nó na réamh-tráthchoda dá dtagraítear in Airteagal 4a, agus an chaoi a n-íocfar an ranníocaíocht bhliantúil nó an réamh-tráthchuid. Beidh an fógra ranníocaíochta réasúnaithe go cuí maidir le gnéithe fíorasacha agus dlíthiúla an chinnidh i ndáil leis an ranníocaíocht aonair nó an chinnidh maidir le réamh-thráthchuid.

4.   Díreoidh an Bord aon chumarsáid eile maidir leis an ranníocaíocht bhliantúil aonair, lena n-áirítear aon chinneadh réitigh a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 10(8), agus, i gcás inarb infheidhme, maidir leis an réamh-thráthchuid, chuig an bhféichiúnaí ranníocaíochta.

5.   Beidh an ranníocaíocht bhliantúil aonair nó an réamh-thráthchuid bhliantúil aonair iníoctha in euro.

6.   Íocfaidh an féichiúnaí ranníocaíochta méid na ranníocaíochta bliantúla aonair nó na réamh-thráthchoda laistigh de 35 lá féilire ó eisiúint an fhógra ranníocaíochta. Comhlíonfaidh an féichiúnaí ranníocaíochta na ceanglais a leagtar amach san fhógra ranníocaíochta i ndáil le híocaíocht na ranníocaíochta bliantúla aonair nó na réamh-thráthchoda. Is é dáta na híocaíochta an dáta a chreidiúnófar cuntas an Bhoird.

7.   An ranníocaíocht bhliantúil aonair agus, i gcás inarb infheidhme, an réamh-thráthchuid atá dlite ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 atá ina gcomhaltaí den ghrúpa céanna, baileofar iad ó fhéichiúnaí ranníocaíochta an ghrúpa sin.

8.   Gan dochar d’aon leigheas eile atá ar fáil don Bhord, i gcás íocaíocht pháirteach, neamhíocaíochta nó neamhchomhlíontacht na gcoinníollacha íocaíochta a shonraítear san fhógra ranníocaíochta, fabhróidh ús ar bhonn laethúil ar mhéid na ranníocaíochta bliantúla atá gan íoc agus, i gcás inarb infheidhme, ar mhéid na réamh-thráthchoda de réir ráta úis phríomhráta athmhaoiniúcháin BCE móide ocht bpointe céatadáin ón dáta a raibh an íocaíocht dlite.”;

(5)

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh íocaíochtaí na ranníocaíochtaí bliantúla aonair agus na réamh-thráthchodanna atá dlite agus aon ús ar íocaíocht dhéanach de bhun Airteagal 8(8) infhorfheidhmithe.”;

(6)

Cuirtear an tAirteagal 14a seo a leanas leis:

“Airteagal 14a

Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh bhliain airgeadais 2021

In 2021, ríomhfaidh an Bord na ranníocaíochtaí bliantúla aonair atá dlite la haghaidh bhliain airgeadais 2021 ar bhonn na sonraí a chuir BCE ar fáil don Bhord in 2019 agus ar bhonn aon nuashonrú ar na ranníocaíochtaí sin ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 6. In 2022, déanfaidh an Bord na ranníocaíochtaí bliantúla aonair atá dlite le haghaidh bhliain airgeadais 2021 a athríomh ar bhonn na sonraí a chuirfidh BCE ar fáil don Bhord in 2021 i gcomhréir le hAirteagal 6. Socrófar aon difríocht idir an méid a ríomhadh i dtosach le haghaidh bhliain airgeadais 2021 agus an méid athríofa nuair a bheidh na ranníocaíochtaí bliantúla aonair atá dlite le haghaidh bhliain airgeadais 2022 á ríomh.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 225, 30.7.2014, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2017 maidir leis an gcóras deiridh ranníocaíochtaí le caiteachais riaracháin an Bhoird Réitigh Aonair (IO L 337, 19.12.2017, lch. 6).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le táillí maoirseachta (BCE/2014/41) (IO L 311, 31.10.2014, lch. 23).

(4)  Rialachán (AE) 2019/2155 ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 maidir le táillí maoirseachta (BCE/2019/37) (IO L 327, 17.12.2019, lch. 70).


25.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/34


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/518 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Márta 2021

lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin,

“Vasi vadkörte pálinka”

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáille, úsáid ainmneacha deochanna biotáille i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáille, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 30(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hUngáire an 14 Deireadh Fómhair 2016 maidir le clárú an táisc gheografaigh “Vasi vadkörte pálinka”.

(2)

Rialachán (AE) 2019/787 a thagann in ionad Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tháinig sé i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2019. I gcomhréir le hAirteagal 49(1) den Rialachán sin, déantar Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, maidir le tásca geografacha, a aisghairm le héifeacht ón 8 Meitheamh 2019.

(3)

Ar chinneadh don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, d’fhoilsigh sé príomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar a fhoráiltear le hAirteagal 17(6) den Rialachán sin, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 50(4) de Rialachán (AE) 2019/787.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787, níor tugadh aon fhógra freasúra don Choimisiún.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart an tásc “Vasi vadkörte pálinka” a chlárú mar thásc geografach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an tásc geografach “Vasi vadkörte pálinka” cláraithe. I gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Rialachán (AE) 2019/787, an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán sin, deonaítear leis an Rialachán seo í don ainm “Vasi vadkörte pálinka”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Ar son an Uachtaráin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(3)  IO C 417, 2.12.2020, lch. 59.


25.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/36


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/519 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Márta 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 maidir le tástáil le haghaidh Trichinella i ndlúthchrúbaigh agus maolú na Ríochta Aontaithe ar thástáil le haghaidh Trichinella i mucra clóis

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 18(8) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos rialacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh, agus le haghaidh gníomhaíocht a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le táirgeadh táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine.

(2)

Seadán is ea Trichinella a d’fhéadfadh a bheith ar fheoil speiceas soghabhálach, amhail muca agus capaill, agus is cúis le tinneas bia-iompartha i ndaoine nuair a itear feoil ionfhabhtaithe. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 (2) ón gCoimisiún, leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla le haghaidh Trichinella i bhfeoil, lena n-áirítear coinníollacha maidir le maolú ar thástáil Trichinella tráth a thagann feoil mucra clóis isteach san Aontas.

(3)

An 6 Meitheamh 2013, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia tuairim eolaíoch maidir le guaiseacha do shláinte an duine a chumhdófar le cigireacht ar fheoil (dlúthchrúbaigh) (3). Molann an tuairim sin rialú a dhéanamh ar Trichinella i ngach dlúthchrúbach (ní hamháin capaill ach asail agus miúileanna chomh maith) mar ardtosaíocht. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 (4) ón gCoimisiún, leagtar síos, dá bhrí sin, tástáil éigeantach Trichinella i gconablaigh na ndlúthchrúbach go léir. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375, leagtar síos tástáil éigeantach ar chapaill agus ar speicis shoghabhálacha eile. Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus chun aon débhrí a sheachaint, ba cheart tagairt a dhéanamh freisin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 do dhlúthchrúbaigh in ionad capall.

(4)

Le Rialachán (AE) Uimh. 206/2010 (5) ón gCoimisiún údaraítear feoil mucra clóis ón Ríocht Aontaithe a theacht isteach san Aontas. Liostaítear sa Rialachán sin an Ríocht Aontaithe agus maolú i bhfeidhm aici ar thástáil Trichinella ar chonablaigh agus ar fheoil mucra clóis nach bhfuil bainte den diúl faoi bhun 5 seachtaine d’aois i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375.

(5)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 (6) ón gCoimisiún aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 206/2010 le héifeacht ón 21 Aibreán 2021. I bhfianaise na haisghairme sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1478 (7) ón gCoimisiún, cuirtear Iarscríbhinn VII le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 le héifeacht ón 21 Aibreán 2021, ina liostaítear na tríú tíortha a bhfuil maolú ar thástáil Trichinella, dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375, á chur i bhfeidhm acu.

(6)

An 12 Eanáir 2021, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis ar fáil go dtugann sonraí stairiúla, maidir le tástáil leanúnach arna déanamh ar dhaonra mucra clóis maraithe, muinín 95 % ar a laghad nach leitheadúla Trichinella ná ceann as gach milliún sa daonra sin i gcomhréir le hAirteagal 3(3)(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375. Ina theannta sin, chuir an Ríocht Aontaithe in iúl don Choimisiún go raibh sé ar intinn aici maolú a chur i bhfeidhm ar thástáil Trichinella ar chonablaigh agus ar fheoil mucra clóis i gcás ina dtagann na hainmhithe ó ghabháltas a n-aithnítear go hoifigiúil go gcuireann sé dálaí tithíochta rialaithe i bhfeidhm i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart an Ríocht Aontaithe a liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375, gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin.

(8)

Ba cheart Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 a leasú chun cur i bhfeidhm na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) agus (3) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin ag an Ríocht Aontaithe a léiriú.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 a leasú dá réir.

(10)

Ós rud é go n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 206/2010 le héifeacht ón 21 Aibreán 2021 agus go gcuireann Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1478 Iarscríbhinn VII le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 le héifeacht ón dáta sin, ba cheart feidhm a bheith ag liostú na Ríochta Aontaithe san Iarscríbhinn sin ón dáta céanna.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2015/1375 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

“Déanfar conablaigh dlúthchrúbach, torc allta agus speiceas eile ainmhithe feirme agus fiáine atá soghabhálach i leith inmhíolú Trichinella a shampláil go córasach i seamlais nó i mbunaíochtaí láimhseála géim mar chuid den scrúdú iarbháis.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Go dtí go bhfaighfear torthaí scrúdú Trichinella agus ar choinníoll go ráthóidh an t-oibreoir gnó bia inrianaitheacht iomlán, féadfar conablaigh mucra clóis agus conablaigh dlúthchrúbach a ghearradh suas ina gcodanna go huasmhéid sé chuid i seamlas nó i monarcha gearrtha san áitreabh céanna.”;

(2)

in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása tosaigh agus phointe (a) agus phointe (b):

“Ní mór feoil dlúthchrúbaigh, feoil géime fiáine agus feoil eile a bhféadfadh seadáin Trichinella a bheith inti a scrúdú i gcomhréir le ceann de na modhanna díleá a shonraítear i gCaibidil I nó i gCaibidil II d’Iarscríbhinn I, leis na hathruithe seo a leanas:

(a)

tógfar eiseamail a bhfuil meáchan 10 g ar a laghad iontu ó mhatán teangach nó ó mhatán géill na ndlúthchrúbach agus ó chos tosaigh, ó theanga nó ó dhiaphragma na dtorc allta;

(b)

i dtaca le dlúthchrúbaigh, i gcás nach ann do na matáin sin nó nach leor iad, tógfar eiseamal is mó ó cholún den diaphragma áit a n-athraíonn sé go cuid an teannáin. Ní mór don mhatán a bheith glan ar fhíochán tacaíochta agus ar shaill;”;

(3)

in Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) de Chaibidil II:

“(b)

Déanfar líon na dtástálacha agus torthaí na tástála le haghaidh Trichinella i mucra clóis, toirc allta, dlúthchrúbaigh, géim agus aon ainmhí soghabhálach eile a thíolacadh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/99/CE. Soláthrófar sna sonraí maidir le mucra clóis, ar a laghad, faisnéis shonrach maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

tástálacha ar ainmhithe a tógadh faoi dhálaí tithíochta rialaithe;

(ii)

tástálacha ar chránacha pórúcháin, ar thoirc agus ar mhuca atá á ramhrú.”;

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VII:

IARSCRÍBHINN VII

Tríú tíortha nó réigiúin díobh a bhfuil na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 13(2) á gcur i bhfeidhm acu

Cód ISO na tíre

Tríú tír nó réigiúin di

Tráchtanna

GB

An Ríocht Aontaithe (*1)

Cur i bhfeidhm na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) agus (3)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(4) ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2015 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla le haghaidh Trichinella i bhfeoil (IO L 212, 11.8.2015, lch. 7).

(3)  Iriseán EFSA 2013; 11(6):3263.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún maidir le rialuithe oifigiúla (IO L 131, 17.5.2019, lch. 51).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 206/2010 ón gCoimisiún an 12 Márta 2010 lena leagtar síos liostaí de thríú tíortha, de chríocha díobh nó de chodanna díobh atá údaraithe chun ainmhithe áirithe agus feoil úr a thabhairt isteach san Aontas Eorpach agus na ceanglais deimhniúcháin tréidliachta (IO L 73, 20.3.2010, lch. 1).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1478 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 maidir le sampláil, an modh tagartha le haghaidh coinníollacha braite agus allmhairiúcháin a bhaineann le rialú Trichinella (IO L 338, 15.10.2020, lch. 7).

(*1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann..


25.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/39


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/520 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Márta 2021

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe ar coimeád

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 120(1) agus Airteagal 120(2)(c), (d) agus (f) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos ceanglais inrianaitheachta maidir le hainmhithe talún ar coimeád agus maidir le táirgí geirmeacha agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leith sin.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 trí rialacha mionsonraithe a chur ar fáil maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád agus uibheacha goir.

(3)

Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha inrianaitheachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a áirithiú san Aontas, ba cheart rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin an Rialacháin seo.

(4)

Le hAirteagail 112, 113 agus 115 de Rialachán (AE) 2016/429, leagtar síos oibleagáidí ar oibreoirí a choimeádann ainmhithe den speiceas buaibheach, caorach, gabhair agus mucach faisnéis a bhaineann lena n-ainmhithe a tharchur chuig na bunachair sonraí ríomhaireachta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 109(1) den Rialachán sin. Chun a áirithiú go dtarchuirfear gach nuashonrú chuig na bunachair sonraí sin go rialta, is gá na spriocdhátaí chun an fhaisnéis sin a tharchur a shonrú sa Rialachán seo.

(5)

Thairis sin, an fhaisnéis a tharchuir oibreoirí bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád, ba cheart rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis sin i leith a n-ainmhithe agus a mbunaíochtaí tar éis an tarchurtha. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha maidir le rochtain aonfhoirmeach ar shonraí sna bunachair sonraí ríomhaireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 109(1) de Rialachán (AE) 2016/429 a leagan síos sa Rialachán seo.

(6)

Chomh maith leis sin, ba cheart sonraí agus formáidí teicniúla agus oibríochtúla áirithe eile de bhunachair sonraí ríomhaireachta le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád a leagan síos sa Rialachán seo chun cáilíocht inchomparáide bunachar sonraí ar fud an Aontais a áirithiú.

(7)

Faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 110(1)(b) agus i bpointe (b) d’Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2016/429, féadfar an malartú sonraí leictreonacha idir na Ballstáit a chur in ionad eisiúint na ndoiciméad sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe nuair a aistrítear na hainmhithe sin idir na Ballstáit. Ceapadh an prótacal BOVEX, arna bhunú ag an gCoimisiún, chun sonraí leictreonacha a mhalartú idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát maidir le bó-ainmhithe. Ba cheart don Choimisiún a aithint go bhfuil na malartuithe sonraí leictreonacha sin idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát ag feidhmiú go hiomlán de réir an phrótacail seo.

(8)

Cé go gcinntear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 na modhanna sainaitheantais atá le húsáid le haghaidh speicis éagsúla ainmhithe talún, go háirithe bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí ar coimeád, ba cheart na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh na modhanna sainaitheantais sin a leagan amach sa Rialachán seo.

(9)

I Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 leagtar amach ceanglais maidir le sainaithint leictreonach bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí ar coimeád. Ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit ina gcoimeádtar na hainmhithe na haitheantóirí leictreonacha sin a fhormheas. Chun inléiteacht na n-aitheantóirí leictreonacha sin a áirithiú nuair a aistrítear ainmhithe idir na Ballstáit, ba cheart na rialacha agus na coinníollacha faoinar féidir leis an údarás inniúil na haitheantóirí leictreonacha sin a fhormheas a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart caighdeáin ábhartha ISO/IEC a chur san áireamh sna ceaduithe sin freisin.

(10)

Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an tsainaitheantais agus na hinrianaitheachta a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart na tréimhsí ina gcuirtear na modhanna sainaitheantais i bhfeidhm maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí ar coimeád a leagan amach sa Rialachán seo.

(11)

Go dtí dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429, áirítear i rialacha an Aontais maidir leis an inrianaitheacht díolúintí éagsúla ón gcóras sainaitheantais agus clárúcháin i ndáil le roinnt catagóirí ainmhithe, ainmhithe a choimeádtar faoi dhálaí fairsinge, cuir i gcás. Is iomchuí na rialacha sin a athbhreithniú agus cur chuige cothrom comhchuibhithe a chur i bhfeidhm maidir leis na díolúintí ón gcóras sainaitheanta agus clárúcháin, agus na rioscaí ábhartha ar thaobh amháin agus comhréireacht agus éifeachtúlacht na mbeart ar an taobh eile á gcur san áireamh. Ba cheart rialacha nua lena léirítear an cur chuige sin a leagan síos sa Rialachán seo.

(12)

Tá sé fíor-riachtanach inrianaitheacht iomlán bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí ar coimeád a chaomhnú aon tráth agus aon oibríocht a d’fhéadfadh an inrianaitheacht sin a chur i mbaol a sheachaint. Is oibríochtaí a d’fhéadfadh an inrianaitheacht a chur i mbaol iad baint, modhnú agus athsholáthar na modhanna sainaitheantais. Dá bhrí sin, ní dhéanfar na hoibríochtaí sin go dtí go mbeidh cead tugtha ag an údarás inniúil d’oibreoirí é sin a dhéanamh. Leagtar síos rialacha áirithe maidir le haistrithe, modhnuithe agus athsholáthar i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035. Tá gá le forálacha breise le haghaidh na n-oibríochtaí sin chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sonracha, lena n-áirítear spriocdhátaí na n-oibríochtaí sin, agus ba cheart iad a leagan síos sa Rialachán seo.

(13)

Chun aistriú rianúil chuig an gcreat dlíthiúil nua a áirithiú, ba cheart oibreoirí sna Ballstáit a bheith in ann leanúint de na modhanna sainaitheantais a fhormheastar roimh an 21 Aibreán 2021 a úsáid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle (4) agus Treoir 2008/71/CE ón gComhairle (5), chomh maith leis na gníomhartha a ghlactar ar bhonn na Rialachán agus na Treorach sin ar feadh idirthréimhse nach faide ná 2 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(14)

Ós rud é go mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin ón dáta sin.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(1)

na spriocdhátaí le haghaidh tarchur faisnéise ag oibreoirí chun bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád a chlárú i mbunachair sonraí ríomhaireachta;

(2)

rochtain aonfhoirmeach ar na sonraí atá i mbunachair sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád agus sonraíochtaí teicniúla agus rialacha oibríochtúla na mbunachar sonraí sin;

(3)

na coinníollacha teicniúla agus na módúlachtaí maidir le sonraí leictreonacha a mhalartú i leith bó-ainmhithe ar coimeád idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát agus inoibritheacht iomlán an chórais um malartú sonraí a aithint;

(4)

na sonraíochtaí teicniúla, formáidí agus dearadh modhanna chun bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád a shainaithint;

(5)

na ceanglais theicniúla maidir leis na modhanna chun pearóidí ar coimeád a shainaithint;

(6)

na tréimhsí ama maidir le cur i bhfeidhm modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád a rugadh san Aontas nó tar éis do na hainmhithe sin teacht isteach san Aontas;

(7)

cumraíocht cóid sainaitheantais bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád;

(8)

baint, modhnú agus athsholáthar na modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád agus na spriocdhátaí maidir leis na hoibríochtaí sin;

(9)

bearta idirthréimhseacha maidir le ceadú modhanna sainaitheantais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035.

CAIBIDIL 2

BUNACHAIR SONRAÍ RÍOMHAIREACHTA

Airteagal 3

Spriocdhátaí agus nósanna imeachta le haghaidh tarchur faisnéise ag oibreoirí chun bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád a chlárú

1.   Oibreoirí a choimeádann bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe, tarchuirfidh siad an fhaisnéis maidir le gluaiseachtaí, breitheanna agus básanna dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2016/429 agus maidir le gluaiseachtaí dá dtagraítear in Airteagal 113(1)(c) den Rialachán sin agus i bpointe (b) d’Airteagal 56 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 atá le clárú sna bunachair sonraí ríomhaireachta arna mbunú le haghaidh na speiceas sin laistigh de thréimhse ama chun an fhaisnéis a tharchur atá le cinneadh ag na Ballstáit. Ní bheidh an uastréimhse ama chun an fhaisnéis a tharchur níos faide ná 7 lá tar éis ghluaiseacht, bhreith nó bhás na n-ainmhithe, de réir mar is infheidhme.

2.   I gcás breitheanna, agus an uastréimhse ama chun an fhaisnéis a tharchur á cinneadh, féadfaidh na Ballstáit an dáta ar a gcuirfear na modhanna sainaitheantais i bhfeidhm maidir leis an ainmhí a úsáid mar thúsphointe na tréimhse ama lena mbaineann, ar choinníoll nach mbeidh aon bhaol mearbhaill ann idir an dáta sin agus dáta breithe an ainmhí.

3.   De mhaolú ar mhír 1, an uastréimhse ama chun an fhaisnéis maidir leis na gluaiseachtaí dá dtagraítear i mír 1 a tharchur, féadfaidh an t-údarás inniúil í a shíneadh suas le 14 lá tar éis gluaiseachtaí bó-ainmhithe laistigh den Bhallstát céanna ó na bunaíochtaí tionscnaimh go dtí bunaíochtaí féaraigh cláraithe atá suite i limistéir sléibhe chun innilt a dhéanamh. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh glacadh le liostaí de na bó-ainmhithe atá faoi réir gluaiseachtaí go dtí bunaíochtaí féaraigh cláraithe, liostaí a chuirfidh oibreoirí na mbunaíochtaí sin ar fáil. Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis na liostaí sin:

(a)

cláruimhir uathúil na bunaíochta féaraigh cláraithe;

(b)

cód sainaitheantais na n-ainmhithe;

(c)

cláruimhir uathúil na bunaíochta tionscnaimh;

(d)

an dáta a thabharfar na hainmhithe go dtí an bhunaíocht féaraigh chláraithe;

(e)

an dáta a mheastar a imeoidh na hainmhithe ón mbunaíocht féaraigh chláraithe.

Airteagal 4

Rochtain aonfhoirmeach ar shonraí atá i mbunachair sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag oibreoirí a choimeádann bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe, arna iarraidh sin dóibh agus saor in aisce, rochtain inléite ar a laghad ar fhaisnéis a bhaineann lena mbunaíochtaí atá sna bunachair sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 109(1)(a) go (c) de Rialachán (AE) 2016/429.

Airteagal 5

Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh bunachair sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bunachair sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 109(1)(a) go (c) de Rialachán (AE) 2016/429 a chur ar bun ar bhealach gur féidir an fhaisnéis arna taifeadadh sna bunachair sonraí sin a mhalartú idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát san fhormáid a leagtar amach sa tríú colún den tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Rialacha oibríochtúla na mbunachar sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád

Cuirfidh na Ballstáit bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme chun a áirithiú go leanfaidh na bunachair sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 109(1)(a) go (c) de Rialachán (AE) 2016/429 de bheith ag feidhmiú d’ainneoin suaití a d’fhéadfadh a bheith ann. Ráthófar leis na bearta sin slándáil, sláine agus barántúlacht na faisnéise arna taifeadadh sna bunachair sonraí sin freisin.

Airteagal 7

Coinníollacha teicniúla agus módúlachtaí maidir le malartú leictreonach sonraí doiciméid sainaitheantais i leith bó-ainmhithe ar coimeád idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát

1.   Nuair a dhéanann na Ballstáit sonraí i leith bó-ainmhithe ar coimeád dá dtagraítear i bpointí (a) go pointe (c) d’Airteagal 44 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a mhalartú go leictreonach le Ballstáit eile, déanfar na sonraí sin a mhalartú i bhformáid Sainiú ar Scéimre XML arna chur ar fáil ag an gCoimisiún don údarás inniúil.

2.   An t-údarás inniúil i mBallstát tionscnaimh na mbó-ainmhithe ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a aistriú, áiritheoidh sé go dtarchuirfear sonraí an doiciméid sainaitheantais go leictreonach chuig an mBallstát cinn scríbe sula n-imeoidh na hainmhithe, agus áiritheoidh sé go soláthrófar stampa ama le gach tarchur.

Airteagal 8

Aitheantas a thabhairt d’inoibritheacht iomlán an chórais chun sonraí doiciméid sainaitheantais i leith bó-ainmhithe ar coimeád a mhalartú go leictreonach idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát

1.   Na Ballstáit a bhfuil sonraí doiciméid sainaitheantais á malartú acu go leictreonach trí chóras arna bhunú ag an gCoimisiún agus arna cheapadh chun sonraí i leith bó-ainmhithe ar coimeád a mhalartú idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát, aithneofar go bhfuil córas ag na Ballstáit sin a fheidhmíonn go hiomlán.

2.   Bunóidh an Coimisiún liosta na mBallstát a mhalartaíonn sonraí doiciméid sainaitheantais tríd an gcóras sin agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí é ar a shuíomh gréasáin.

CAIBIDIL 3

MODHANNA SAINAITHEANTAIS

Airteagal 9

Sonraíochtaí teicniúla, formáidí agus dearadh modhanna chun bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád a shainaithint

1.   Ní fhormheasfaidh an t-údarás inniúil úsáid gnáthchlibeanna cluaise nó gnáthbhandaí cinn crúibe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 mar mhodhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád ach amháin má chomhlíonann na modhanna sainaitheantais sin an tsonraíocht theicniúil a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Ní fhormheasfaidh an t-údarás inniúil úsáid tatúnna dá dtagraítear i bpointe (g) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 mar mhodhanna sainaitheantais le haghaidh ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád, mar a fhoráiltear in Airteagal 46(2) agus (3) agus in Airteagail 52(1)(b), 73(2)(c) agus 76(1)(c) den Rialachán Tarmligthe sin, ach amháin má áirithíonn na tatúnna sin marcáil dhoscriosta agus léamh ceart.

3.   Ní fhormheasfaidh an t-údarás inniúil úsáid aitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 mar mhodhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád, ach amháin má chomhlíonann na modhanna sainaitheantais sin na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Chomh maith leis sin, na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointí (c) agus (f) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, comhlíonfaidh siad an tsonraíocht theicniúil a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an t-údarás inniúil úsáid clibeanna cluaise leictreonacha a fhormheas mar mhodhanna sainaitheantais le haghaidh muc-ainmhithe ar coimeád, má chomhlíonann na modhanna sainaitheantais sin na sonraíochtaí teicniúla arna leagan síos ag an mBallstát ina gcoimeádtar na muc-ainmhithe, agus má thaispeánann siad go feiceálach, go soléite agus go doscriosta uimhir chlárúcháin uathúil na nithe seo a leanas:

(a)

an bhunaíocht inar rugadh na hainmhithe; nó

(b)

bunaíocht dheireanach an tslabhra soláthair dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, nuair a aistrítear na hainmhithe sin go bunaíocht lasmuigh den slabhra soláthair sin.

Airteagal 10

Sonraíochtaí teicniúla, formáidí agus dearadh modhanna chun pearóidí ar coimeád a shainaithint

1.   Áiritheoidh oibreoirí a choimeádann pearóidí an méid seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonfaidh an fáinne coise dá dtagraítear in Airteagal 76(1)(a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

go n-áirithítear leis an tatú dá dtagraítear in Airteagal 76(1)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 marcáil dhoscriosta agus an léamh ceart.

2.   Ní fhormheasfaidh an t-údarás inniúil úsáid trasfhreagróirí in-insteallta dá dtagraítear in Airteagal 76 (1)(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 mar mhodhanna sainaitheantais le haghaidh pearóidí ar coimeád, ach amháin má chomhlíonann na modhanna sainaitheantais sin na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i bpointe 2 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 11

Rialacha oibríochtúla maidir le formheas aitheantóirí leictreonacha maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí ar coimeád

1.   Agus formheas á thabhairt aige ar na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí ar coimeád, áiritheoidh an t-údarás inniúil go mbeidh fianaise curtha ar fáil ag monaróirí na n-aitheantóirí leictreonacha go ndearnadh na tástálacha comhréireachta agus feidhmíochta dá dtagraítear i bpointe 4 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo i lárionaid tástála atá creidiúnaithe i gcomhréir le caighdeán ISO/IEC 17025 “Ceanglais ghinearálta maidir le hinniúlacht saotharlann tástála agus calabrúcháin”.

2.   Agus formheas á dhéanamh aige ar na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal go ndéanfaidh monaróirí na n-aitheantóirí leictreonacha tástálacha breise chun críocha stóinseachta agus buanseasmhachta chun a bhfeidhmiúlacht a áirithiú i ndálaí sonracha geografacha nó aeráide an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir leis na caighdeáin arna leagan síos ag an mBallstát sin.

Airteagal 12

Cumraíocht cóid sainaitheantais bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád

Is mar seo a leanas a bheidh cód sainaitheantais bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád:

(a)

cód tíre an Bhallstáit inar cuireadh an modh sainaitheantais i bhfeidhm ar na hainmhithe den chéad uair a bheidh sa chéad eilimint den chód sainaitheantais, i bhformáid ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

an cód dhá litir i gcomhréir le caighdeán ISO 3166-1 alfa-2, cé is moite den Ghréig a n-úsáidfear an cód dhá litir “EL” ina leith; nó

(ii)

an cód tíre trí dhigit i gcomhréir le caighdeán uimhriúil ISO 3166-1;

(b)

cód uathúil le haghaidh gach ainmhí nach mó ná 12 charachtar uimhriúla a bheidh sa dara heilimint den chód sainaitheantais.

Airteagal 13

Tréimhsí ama chun modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe ar coimeád a chur i bhfeidhm

1.   Áiritheoidh na hoibreoirí go gcuirfear na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2016/429 i bhfeidhm maidir le bó-ainmhithe ar coimeád sula rachaidh uastréimhse ama i ndiaidh breithe in éag, uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát inar rugadh na hainmhithe. Déanfar an uastréimhse ama a ríomh ó dháta breithe na n-ainmhithe agus ní rachaidh an tréimhse sin thar 20 lá.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt d’oibreoirí síneadh suas le 60 lá a chur leis an uastréimhse ama chun an dara modh sainaitheantais a chur i bhfeidhm tar éis dháta breithe na n-ainmhithe, ar chúiseanna a bhaineann le forbairt shíceolaíoch na n-ainmhithe, más bólas cogansaí é an dara modh sainaitheantais.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt d’oibreoirí síneadh suas le 9 mí a chur leis an uastréimhse ama dá dtagraítear i mír 1, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás na n-ainmhithe:

(i)

go ndéanfar iad a thógáil i ndálaí fairsinge, agus go bhfanfaidh laonna lena máithreacha;

(ii)

nach mbeidh taithí acu ar theagmháil rialta le daoine;

(b)

go n-áiritheofar, de thoradh an limistéir ina gcoimeádtar na hainmhithe, go mbeidh na hainmhithe leithlisithe go mór;

(c)

nach gcuirfidh an síneadh sin isteach ar hinrianaitheacht na n-ainmhithe.

Féadfaidh na Ballstáit an t-údarú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a theorannú do réigiúin gheografacha áirithe nó speicis shonracha nó pórtha sonracha de bhó-ainmhithe ar coimeád.

4.   Áiritheoidh oibreoirí nach bhfágfaidh aon bhó-ainmhí ar coimeád an bhunaíocht bhreithe ach amháin má tá na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2016/429 curtha i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin.

Airteagal 14

Tréimhsí ama chun modhanna sainaitheantais le haghaidh ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair ar coimeád a chur i bhfeidhm

1.   Áiritheoidh na hoibreoirí go gcuirfear na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 113(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/429 i bhfeidhm maidir le hainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair ar coimeád sula rachaidh an uastréimhse i ndiaidh breithe in éag, uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát inar rugadh na hainmhithe. Déanfar an uastréimhse a ríomh ó dháta breithe an ainmhí agus ní rachaidh an tréimhse sin thar 9 mí.

2.   Áiritheoidh na hoibreoirí nach bhfágfaidh aon ainmhí de chineál caorach nó ainmhí de chineál gabhair ar coimeád an bhunaíocht bhreithe ach amháin má tá na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 113(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/429 curtha i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin.

Airteagal 15

Tréimhsí ama chun modhanna sainaitheantais le haghaidh muc-ainmhithe ar coimeád a chur i bhfeidhm

1.   Áiritheoidh na hoibreoirí go gcuirfear na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 115 de Rialachán (AE) 2016/429 i bhfeidhm maidir le muc-ainmhithe ar coimeád sula rachaidh uastréimhse ama i ndiaidh breithe in éag, uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát inar rugadh na hainmhithe. Déanfar an uastréimhse a ríomh ó dháta breithe an ainmhí agus ní rachaidh an tréimhse sin thar 9 mí.

2.   Áiritheoidh na hoibreoirí nach bhfágfaidh aon mhuc-ainmhí ar coimeád an bhunaíocht bhreithe nó an slabhra soláthair ach amháin má tá na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 115 de Rialachán (AE) 2016/429 curtha i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin.

Airteagal 16

Tréimhsí ama chun modhanna sainaitheantais le haghaidh hainmhithe de chineál camaill agus de chineál fia ar coimeád a chur i bhfeidhm

1.   Áiritheoidh na hoibreoirí go gcuirfear na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 73(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 i bhfeidhm maidir le hainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád sula rachaidh uastréimhse ama i ndiaidh breithe in éag, uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát inar rugadh na hainmhithe. Déanfar an uastréimhse a ríomh ó dháta breithe an ainmhí agus ní rachaidh an tréimhse sin thar 9 mí.

2.   Áiritheoidh na hoibreoirí nach bhfágfaidh aon ainmhí de chineál camaill nó ainmhí de chineál fia ar coimeád an bhunaíocht bhreithe nó bunaíocht an chéad teacht isteach más rud é gur aistríodh na hainmhithe sin go dtí an bhunaíocht sin ón ngnáthóg inar fhan siad mar ainmhithe fiáine, ach amháin má tá na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 73(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 curtha i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil oibreoirí a choinníonn réinfhianna a dhíolmhú ó na ceanglais i míreanna 1 agus 2, ar choinníoll nach gcuireann an díolúine sin isteach ar inrianaitheacht na n-ainmhithe.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit údarú oibreoirí a choinníonn ainmhithe de chineál fia a dhíolmhú ó na ceanglais i mír 1, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás na n-ainmhithe:

(i)

go ndéanfar iad a thógáil i ndálaí fairsinge;

(ii)

nach mbeidh taithí acu ar theagmháil rialta le daoine;

(b)

go n-áiritheofar, de thoradh an limistéir ina gcoimeádtar na hainmhithe. go mbeidh na hainmhithe leithlisithe go mór;

(c)

nach gcuirfidh an díolúine sin isteach ar inrianaitheacht na n-ainmhithe.

Airteagal 17

Tréimhsí ama chun modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád a chur i bhfeidhm tar éis teacht isteach san Aontas dóibh

1.   Tar éis teacht isteach san Aontas do bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád, áiritheoidh na hoibreoirí go gcuirfear na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 81 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin laistigh de 20 lá tar éis teacht isteach dóibh i mbunaíocht an chéad teachta.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstáit an chéad teachta údarú a thabhairt d’oibreoirí síneadh suas le 60 lá a chur leis an uastréimhse ama chun an dara modh sainaitheantais a chur i bhfeidhm tar éis dháta breithe na n-ainmhithe, ar chúiseanna a bhaineann le forbairt shíceolaíoch na n-ainmhithe, más bólas cogansaí é an dara modh sainaitheantais.

3.   Áiritheoidh na hoibreoirí nach bhfágfaidh aon bhó-ainmhí, ainmhí de chineál caorach, ainmhí de chineál gabhair, ainmhí de chineál camaill nó ainmhí de chineál fia ar coimeád an bhunaíocht bhreithe ach amháin má tá na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 81 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 curtha i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin.

Airteagal 18

Baint agus modhnú modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád

Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil oibreoirí a údarú chun modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád a bhaint nó a mhodhnú ach amháin mura gcuireann an baint nó an modhnú isteach ar inrianaitheacht na n-ainmhithe, lena n-áirítear inrianaitheacht na bunaíochta inar rugadh iad, agus más féidir i gcónaí na hainmhithe a shainaithint ar bhonn indibhidiúil, más infheidhme.

Airteagal 19

Athsholáthar modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád agus spriocdhátaí na n-oibríochtaí sin

1.   Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil oibreoirí a údarú leis na modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád a athsholáthar ach amháin mura gcuireann an t-athsholáthar isteach ar inrianaitheacht na n-ainmhithe, lena n-áirítear inrianaitheacht na bunaíochta inar rugadh iad, agus más féidir i gcónaí na hainmhithe a shainaithint ar bhonn indibhidiúil, más infheidhme.

2.   Féadfar an t-athsholáthar dá dtagraítear i mír 1 a údarú mar a leanas:

(a)

i gcás inar sainaithníodh ainmhithe trí dhá mhodh sainaitheantais agus go bhfuil ceann amháin de na modhanna sainaitheantais sin éirithe doléite nó go bhfuil sé caillte, ar choinníoll nach dtiocfaidh aon athrú ar chód sainaitheantais na n-ainmhithe agus go leanfaidh sé de bheith ag teacht leis an gcód atá ar an modh sainaitheantais eile;

(b)

i gcás inar sainaithníodh ainmhithe trí mhodh sainaitheantais amháin nó trí dhá mhodh sainaitheantais ina dtaispeántar cód sainaitheantais na n-ainmhithe agus go bhfuil na modhanna sainaitheantias sin éirithe doléite nó go bhfuil siad caillte, ar choinníoll gur féidir cód sainaitheantais na n-ainmhithe a chinneadh le cinnteacht réasúnach agus nach dtiocfaidh aon athrú ar chód sainaitheantais na n-ainmhithe;

(c)

i gcás inar sainaithníodh ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair nó muc-ainmhithe ar coimeád trí mhodh sainaitheantais ina dtaispeántar uimhir chlárúcháin uathúil bunaíochta agus go bhfuil an modh sainaitheantais sin éirithe doléite nó go bhfuil sé caillte, ar choinníoll gur féidir fós suíomh breithe na n-ainmhithe nó, más infheidhme, bunaíocht dheireanach an tslabhra soláthair a chinneadh le cinnteacht réasúnach, agus go dtaispeántar leis an modh sainaitheantais a athsholáthraítear uimhir chlárúcháin uathúil na bunaíochta sin nó, más infheidhme, an bhunaíocht dheireanach sin.

(d)

i gcás ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair ar coimeád, féadfar modh nua sainaitheantais ina dtaispeántar cód nua sainaitheantais a údarú in ionad an mhodha sainaitheantais dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), ar choinníoll nach ndéanfar dochar don inrianaitheacht.

3.   Déanfar an modh sainaitheantais dá dtagraítear i mír 1 a athsholáthar a luaithe is féidir agus roimh dhul in éag na huastréimhse ama, uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát arb é a údarás inniúil a d’údaraigh na hoibreoirí leis an modh sainaitheantais a athsholáthar, agus sula n-aistreofar na hainmhithe go bunaíocht eile.

4.   I gcás nach féidir cód sainaitheantais bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád a thaispeántar ar na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a atáirgeadh ar aitheantóir leictreonach de bharr teorainneacha teicniúla, ní cheadóidh an t-údarás inniúil aitheantóir leictreonach nua a chur i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin ach amháin má thaifeadtar an dá chód sainaitheantais sna bunachair sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 109(1) de Rialachán (AE) 2016/429.

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20

Bearta idirthréimhseacha maidir le modhanna sainaitheantais a cheadú

De mhaolú ar Airteagail 9, 10 agus 11 den Rialachán seo, ar feadh idirthréimhse a chríochnóidh an 20 Aibreán 2023, féadfaidh na Ballstáit leanúint de na modhanna sainaitheantais a formheasadh roimh an 21 Aibreán 2021 a úsáid i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 1760/2000 agus (CE) Uimh. 21/2004 agus Treoir 2008/71/CE, chomh maith leis na gníomhartha a glacadh ar bhonn na Rialachán agus na Treorach sin.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe ar coimeád agus uibheacha goir (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle an 17 Nollaig 2003 lena mbunaítear córas chun ainmhithe caorach agus gabhair a shainaithint agus a chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Treoracha 92/102/CEE agus 64/432/CEE (IO L 5, 9.1.2004, lch. 8).

(5)  Treoir 2008/71/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le muca a shainaithint agus a chlárú (IO L 213, 8.8.2008, lch. 31).


IARSCRÍBHINN I

Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh formáidí faisnéise i mbunachair sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád

An cineál faisnéise

Tuairisc

Formáid

Cód aitheantais an ainmhí

Cód tíre

Ceann de na roghanna seo a leanas:

Cód litreach: Cód ISO 3166-1 alpha-2 (1)

Cód uimhriúil: Cód uimhriúil ISO 3166-1

Cód uathúil le haghaidh gach ainmhí

12 charachtar uimhriúla

Aitheantóir leictreonach (roghnach)

 

Ceann de na roghanna seo a leanas:

Clib cluaise leictreonach

Bólas cogansaí

Trasfhreagróir in-insteallta

Banda cinn crúibe leictreonach

Uimhir uathúil chlárúcháin na bunaíochta

 

Cód tíre agus 12 charachtar alfa-uimhriúla ina dhiaidh

Ainm oibreoir na bunaíochta

 

140 carachtar alfa-uimhriúla

Seoladh oibreoir na bunaíochta

Ainm na sráide agus uimhir an tí

140 carachtar alfa-uimhriúla

Cód poist

10 gcarachtar alfa-uimhriúla

Cathair

35 charachtar alfa-uimhriúla

Dáta

 

Dáta (BBBB-MM-LL)

Líon iomlán na n-ainmhithe

 

15 charachtar uimhriúla


(1)  Cé is moite den Ghréig a n-úsáidfear an cód dhá litir “EL” ina leith.


IARSCRÍBHINN II

CUID 1

Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh modhanna chun bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí a shainaithint

1.

Na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (f) agus (h) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí, beidh siad:

(a)

neamh-inathúsáide;

(b)

d’ábhar neamh-indíghrádaithe;

(c)

crioscaíldíonach;

(d)

soléite ar feadh shaol na n-ainmhithe;

(e)

deartha sa chaoi is go bhféadfaidh siad fanacht ceangailte go daingean leis na hainmhithe gan dochar a dhéanamh dóibh;

(f)

éasca a bhaint ón mbiashlabhra.

2.

Beidh ceann amháin díobh seo a leanas le feiceáil go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta sna modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe 1:

(a)

an chéad agus an dara heilimint de chód aitheantais na n-ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b)

cláruimhir uathúil bhunaíocht na n-ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035; nó

(c)

an cód sainaitheantais alfa-uimhriúil dá dtagraítear in Airteagal 76(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035.

3.

Féadfaidh faisnéis eile a bheith sna modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe 1, má tá sí údaraithe ag an údarás inniúil, agus ar choinníoll go gcomhlíonann na modhanna sainaitheantais ceanglais phointe 2.

CUID 2

Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh aitheantóirí leictreonacha bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia

1.

Na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, taispeánfaidh siad an chéad eilimint de chód sainaitheantais na n-ainmhithe i bhfoirm an chóid tíre trí dhigit agus an dara heilimint de chód sainaitheantais na n-ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 12.

2.

Na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointe 1, beidh siad:

(a)

ina dtrasfhreagróirí éighníomhacha inléite amháin a chuireann teicneolaíocht HDX nó FDX-B i bhfeidhm agus a chomhlíonann caighdeáin ISO 11784 agus 11785; agus

(b)

inléite ag feistí a chomhlíonann caighdeán ISO 11785 agus atá in ann trasfhreagróirí HDX agus FDX-B a léamh.

3.

Na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointe 1, beidh siad inléite ag achar léitheoireachta íosta mar a leanas:

(a)

i gcás bó-ainmhithe ar coimeád:

(i)

12 cheintiméadar, i gcás clibeanna cluaise nuair a léitear le léitheoir iniompartha iad;

(ii)

15 cheintiméadar, i gcás trasfhreagróirí in-insteallta nuair a léitear le léitheoir iniompartha iad;

(iii)

25 cheintiméadar, i gcás bólais chogansaí nuair a léitear le léitheoir iniompartha iad;

(iv)

80 ceintiméadar, i gcás sainaitheantóirí leictreonacha nuair a léitear le léitheoir do-aistrithe iad;

(b)

i gcás ainmhithe ar coimeád de chineál caorach agus de chineál gabhair:

(i)

12 cheintiméadar, i gcás clibeanna cluaise agus bandaí cinn crúibe nuair a léitear le léitheoir iniompartha iad;

(ii)

20 ceintiméadar, i gcás bólais chogansaí agus trasfhreagróirí in-insteallta nuair a léitear le léitheoir iniompartha iad;

(iii)

50 ceintiméadar, i gcás sainaitheantóirí leictreonacha nuair a léitear le léitheoir do-aistrithe iad.

4.

Déanfar na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointe 1 a thástáil agus bainfear torthaí dearfacha amach maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

comhréireacht le caighdeáin ISO 11784 agus 11785 i gcomhréir leis an modh dá dtagraítear i bpointe 7 de chaighdeán ISO 24631-1; agus

(b)

an fheidhmíocht íosta maidir leis na hachair léitheoireachta dá dtagraítear i bpointe 3 den Chuid seo i gcomhréir leis an modh dá dtagraítear i bpointe 7 de chaighdeán ISO 24631-3.


25.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/52


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/521 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Márta 2021

lena ndéantar socruithe sonracha maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (1), agus go háirithe Airteagal 5 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Eanáir 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/111 (2) lena gcuirtear onnmhairiú vacsaíní COVID-19 mar aon le substaintí gníomhacha, lena n-áirítear máistir-chillbhainc agus cillbhainc infheidhme, a úsáidtear chun na vacsaíní sin a mhonarú, faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/479. Ag deireadh na tréimhse 6 seachtaine tar éis dháta theacht i bhfeidhm na mbeart sin, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 (3) lena gcuirtear onnmhairiú na dtáirgí céanna faoi réir údarú onnmhairiúcháin go dtí an 30 Meitheamh 2021, de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/479.

(2)

Tá ganntanas soláthair domhanda na vacsaíní COVID-19 fós ann agus tá sé ag méadú fiú i bhfianaise na moilleanna ar tháirgeadh.

(3)

I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442, ní mór do na Ballstáit údaruithe onnmhairiúcháin a dhiúltú i gcás ina gcuirfidh na honnmhairí lena mbaineann forghníomhú na gComhaontuithe Réamhcheannaigh idir an tAontas agus monaróirí vacsaíní i mbaol i bhfianaise a méide nó imthosca ábhartha eile, amhail líon na vacsaíní a bheidh seachadta chuig an Aontas tráth an iarratais.

(4)

Tá easpa trédhearcachta fós ann chomh maith le srianta leanúnacha ar tháirgeadh vacsaíní COVID-19 agus moilleanna ar a seachadadh san Aontas, rud a d’fhéadfadh cinnteacht an tsoláthair laistigh den Aontas a chur i mbaol i gcás na n-earraí a chumhdaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442. Ba cheart, dá bhrí sin, eilimintí breise a chur san áireamh freisin sa chinneadh chun údarú onnmhairiúcháin a dheonú nó a dhiúltú.

(5)

An fhaisnéis a bhailigh an Coimisiún tríd an sásra údaraithe onnmhairiúcháin a cuireadh ar bun le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/111 agus a buanaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 agus trí shonraí custaim, léiríodh go bhféadfar na honnmhairí atá faoi réir an tsásra údaraithe a sheoladh trí thíortha atá díolmhaithe go dtí seo ón gceanglas maidir le húdarú onnmhairiúcháin, rud a fhágann nach féidir an leibhéal trédhearcachta is gá a bhaint amach. Ba cheart, dá bhrí sin, na díolúintí sin a chur ar fionraí go sealadach.

(6)

Ba cheart an díolúine a choimeád i gcás cuid de na tíortha agus de na críocha a luaitear in Airteagal 1(9) (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442, eadhon na tíortha agus na críocha sin atá thar a bheith spleách ar shlabhraí soláthair cathrach na mBallstát a bhfuil siad ceangailte díobh nó ar shlabhraí soláthair na mBallstát comharsanachta, faoi seach.

(7)

Léiríodh leis an bhfaisnéis a luaitear in aithris (5) gur onnmhairigh monaróirí an Aontais cainníochtaí móra earraí a chumhdaítear leis an sásra údaraithe onnmhairiúcháin chuig tíortha a bhfuil acmhainneacht mhór táirgeachta dá gcuid féin acu, agus na tíortha sin ag cur srian ar a n-onnmhairí féin chuig an Aontas ag an am céanna, leis an dlí nó le socruithe conarthacha nó socruithe eile a tugadh i gcrích le monaróirí vacsaíní atá bunaithe ar a gcríoch. Bíonn ganntanas soláthair laistigh den Aontas ann de thoradh na míchothromaíochta sin.

(8)

Thairis sin, léiríodh leis an bhfaisnéis chéanna gur onnmhairigh monaróirí an Aontais cainníochtaí móra earraí a chumhdaítear leis an sásra údaraithe onnmhairiúcháin chuig tíortha áirithe nach bhfuil acmhainneacht táirgthe acu, ach a bhfuil ráta vacsaínithe níos airde acu ná mar atá san Aontas nó chuig tíortha nach bhfuil an staid eipidéimeolaíoch reatha chomh tromchúiseach leis an staid san Aontas. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh onnmhairí chuig na tíortha sin cinnteacht an tsoláthair laistigh den Aontas a chur i mbaol.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit údaruithe onnmhairiúcháin a dhiúltú dá réir sin.

(10)

Ba cheart don Choimisiún na heilimintí breise céanna a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar an dréachtchinneadh ar thug údarás inniúil an Bhallstáit fógra ina leith de bhun Airteagal 2(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442.

(11)

I ngeall ar phráinn na staide, ba cheart na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2015/479.

(12)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach. Ag féachaint d’Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2015/479, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar feadh 6 seachtaine,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear cur i bhfeidhm phointe (a) d’Airteagal 1(9) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 ar fionraí.

Ní bheidh feidhm ag an gcur ar fionraí, áfach, maidir leis na tíortha agus na críocha seo a leanas:

Andóra,

Oileáin Fharó,

San Mairíne,

Cathair na Vatacáine,

na tíortha agus na críocha thar lear a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Büsingen,

Helgoland,

Livigno,

Ceuta agus Melilla.

Airteagal 2

1.   Deonóidh údarás inniúil Ballstáit údarú onnmhairiúcháin a iarradh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 ar choinníoll:

(a)

go gcomhlíonann an t-údarú onnmhairiúcháin coinníoll Airteagal 1(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442;

(b)

nach gcuireann an t-údarú cinnteacht sholáthair na n-earraí laistigh den Aontas a chumhdaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 i mbaol.

2.   Chun a chinneadh an gcomhlíontar an coinníoll i bpointe (b) de mhír 1, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit measúnú ar na fachtóirí seo a leanas:

(a)

cé acu a chuireann nó nach gcuireann tír cinn scríbe an onnmhairithe srian ar a honnmhairí féin chuig an Aontas i gcás na n-earraí a chumhdaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442, nó i gcás na n-amhábhar as a ndéantar iad, leis an dlí nó ar aon bhealach eile, lena n-áirítear le socruithe conarthacha a tugadh i gcrích le monaróirí na n-earraí sin;

(b)

na coinníollacha ábhartha atá ann i dtír cinn scríbe an onnmhairithe, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch, an ráta vacsaínithe agus infhaighteacht na n-earraí atá ann cheana agus a chumhdaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442.

3.   Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dréachtchinneadh ar thug údarás inniúil an Bhallstáit fógra ina leith de bhun Airteagal 2(4) de Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2021/442, déanfaidh sé meastóireacht chomh maith féachaint an gcomhlíontar an coinníoll i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, ag féachaint do na tosca a liostaítear i mír 2.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí 6 seachtaine tar éis a theacht i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 83, 27.3.2015, lch. 34.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/111 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2021 lena gcuirtear onnmhairiú táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairithe a thabhairt ar aird (IO L 31 I, 30.1.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 ón gCoimisiún an 11 Márta 2021 lena gcuirtear onnmhairiú táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird (IO L 85, 12.3.2021, lch. 190).