ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
64 |
|
|
Ceartúcháin |
|
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
11.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/424 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Nollaig 2019
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach i gcomhair riosca margaidh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 461a de:
(1) |
In 2019, d’fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) na “Ceanglais chaipitil íosta i gcomhair riosca margaidh”, inar tugadh aghaidh ar na laigí i láimhseáil stuamachta ghníomhaíochtaí leabhair trádála na mbanc (2). |
(2) |
Níl an cur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar síos i gCaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lánoibríochtúil faoi láthar, de cheal sonraíochtaí teicniúla. Ba cheart na sonraíochtaí sin a ailíniú le ceanglais íosta chaipitil CBMB i gcomhair riosca margaidh. |
(3) |
Sonraítear i gceanglais íosta chaipitil CBMB i gcomhair riosca margaidh ríomh na gceanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire i gcás ionstraimí lena ngabhann roghnaíocht. Is éard atá sa ríomh sin roinnt céimeanna, lena n-áirítear conas turraingí a chur i bhfeidhm maidir le fachtóirí riosca agus conas riosca cuaire a chomhiomlánú thar fhachtóirí riosca. Maidir le fachtóirí riosca malairte eachtraí, is gá an ríomh a choigeartú chun comhaireamh dúbailte ar rioscaí cuaire a sheachaint. Gan an coigeartú sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh comhaireamh dúbailte den sórt sin ann toisc, i gcás CBMB, go sloinntear fachtóirí riosca malairte eachtraí trí úsáid a bhaint as airgeadra tuairiscithe institiúide. |
(4) |
Níor cheart ionstraimí gan roghnaíocht a bheith faoi réir ceanglas cistí dílse i gcomhair riosca deilte ach amháin i gcás ionstraim fholuiteach choimhthíoch/ionstraimí foluiteacha coimhthíocha na n-ionstraimí, ach ní i gcás riosca cuaire. Le ceanglais íosta chaipitil CBMB le haghaidh riosca margaidh, áfach, tugtar an rogha d’institiúidí gach ionstraim, lena n-áirítear iad siúd gan roghnaíocht, a chur faoi réir ceanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire. Is féidir leis an rogha sin a bheith ina chuidiú d’institiúidí a mbíonn suíomhanna le roghnaíocht agus suíomhanna gan roghnaíocht á mbainistiú agus á bhfálú le chéile acu. Chun nach mbainfear úsáid as an rogha sin go príomha chun ceanglais cistí dílse a laghdú, áfach, ba cheart a chur de cheangal ar institiúid ar mian léi an rogha sin a fheidhmiú fógra a thabhairt dá húdarás inniúil go bhfuil rún aici an rogha sin a úsáid, agus ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag an údarás inniúil sin úsáid na rogha sin a dhiúltú. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna i gcás nach mian le hinstitiúid an rogha sin a úsáid a thuilleadh. |
(5) |
Maidir le láimhseáil suíomhanna i ngnóthais chomhinfheistíochta (GCanna), is é an cur chuige trébhreathnaitheach an cur chuige is cruinne chun ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh suíomhanna in GCanna toisc go mbraitheann an cur chuige sin ar chomhdhéanamh iarbhír na GCanna seachas ar chomhdhéanamh ionadach. Chun cur chuige na trédhearcachta a bheith ar fáil, áfach, is gá dianchoinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag institiúidí cineálacha cur chuige eile a úsáid, ar choinníoll go bhfuil siad ar an eolas faoi inneachar shainordú an GC agus gur féidir leo praghsanna luaite laethúla a fháil. Sa chás sin, is féidir le hinstitiúidí punann hipitéiseach a bhunú chun na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh an tsuímh sa GC a ríomh. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na hinstitiúidí sin freisin ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca coigeartaithe luachála creidmheasa na suíomhanna díorthach a áirítear sa GC a ríomh trí chur chuige simplithe a úsáid i gcás nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ann chun ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca coigeartaithe luachála creidmheasa a ríomh bunaithe ar na cineálacha cur chuige atá ann cheana. Ba cheart an fhéidearthacht sin a ailíniú leis an gcur chuige simplithe is infheidhme maidir le suíomhanna díorthach a áirítear sna GCanna a leithdháiltear ar an leabhar neamhthrádála. I ngeall ar líon na dtoimhdí a chaithfidh institiúidí a dhéanamh agus an cur chuige sin á úsáid acu, ba cheart a úsáid a bheith faoi réir fhormheas an údaráis inniúil ar leibhéal gach GC aonair. |
(6) |
Thairis sin, ba cheart an rogha a bheith ag institiúidí suíomh GC a rianaíonn innéacs a láimhseáil mar shuíomh díreach san innéacs sin chun críocha na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh a ríomh. Ba cheart an cur chuige sin a lamháil i gcás ina bhfanfaidh an difríocht idir an GC agus an t-innéacs a rianaíonn sé faoi bhun 1 % thar thréimhse 12 mhí. I gcás ina bhfuil níos lú ná 12 mhí sonraí ar fáil, ba cheart d’institiúidí cead a lorg óna n-údarás inniúil an cur chuige sin a úsáid. |
(7) |
I ngach cás eile, ba cheart suíomhanna in GCanna a shannadh don leabhar neamhthrádála agus ba cheart iad a láimhseáil dá réir sin chun críocha ceanglais cistí dílse na suíomhanna sin a ríomh. |
(8) |
Moltar cur chuige “bunairgeadra” i gceanglais caipitil íosta CBMB i gcomhair riosca margaidh mar chur chuige breise chun na ceanglais cistí dílse a chinneadh i gcomhair rioscaí deilte agus cuaire a ghabhann le fachtóirí riosca malairte eachtraí. I gcomhréir leis an gcur chuige sin, ba cheart go mbeadh institiúidí in ann, agus ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh á ríomh acu, airgeadra eile seachas a n-airgeadra tuairiscithe a roghnú chun na fachtóirí riosca malairte eachtraí a shloinneadh. Ba cheart an cur chuige sin a lamháil i gcás ina gcomhlíonann an institiúid roinnt coinníollacha a bhaineann le bainistiú riosca malairte eachtraí na hinstitiúide agus ba cheart é a bheith faoi réir formheas maoirseachta. |
(9) |
Sonraítear le ceanglais íosta chaipitil CBMB i gcomhair riosca margaidh na hualaí riosca is infheidhme maidir le híogaireachtaí na bhfachtóirí riosca ráta saor ó riosca, íogaireachtaí an bhoilscithe agus íogaireachtaí ar fhachtóirí riosca trasairgeadra-bhunaithe, ar na fachtóirí riosca um raon difríochta i gcomhair neamhurrúsúcháin de bhuicéad 11 i dTábla 4 d’Airteagal 325ah de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, íogaireachtaí fachtóirí riosca um bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha, íogaireachtaí fachtóirí riosca um raon difríochta creidmheasa i gcás urrúsuithe a áirítear san ACTP, íogaireachtaí fachtóirí riosca um raon difríochta creidmheasa i gcomhair urrúsúchán nach n-áirítear san ACTP, íogaireachtaí fachtóirí riosca cothromais agus íogaireachtaí fachtóirí riosca tráchtearraí. Ba cheart na hualuithe riosca is infheidhme maidir le híogaireachtaí na bhfachtóirí riosca sin sa chur chuige caighdeánaithe malartach a ailíniú le ceanglais íosta chaipitil CBMB i gcomhair riosca margaidh. |
(10) |
Sonraítear i gceanglais íosta caipitil CBMB i gcomhair riosca margaidh na comhghaolta laistigh de bhuicéad i gcomhair fachtóirí riosca bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha, na comhghaolta laistigh de bhuicéad le haghaidh riosca cothromais, agus na comhghaolta idir buicéid i gcomhair riosca cothromais. Ba cheart na comhghaolta is infheidhme maidir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach a ailíniú le híoscheanglais chaipitil CBMB i gcomhair riosca margaidh. |
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir sin. |
(12) |
Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt d’institiúidí na hathruithe ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach maidir le riosca margaidh a thugtar isteach leis an Rialachán Tarmligthe seo a chur chun feidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe seo a chur siar, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 325e mar a leanas:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 325g: “Airteagal 325g Ceanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire 1. Déanfaidh institiúidí na ríomhanna a leagtar síos i mír 2 maidir le fachtóirí riosca uile na n-ionstraimí atá faoi réir an cheanglais cistí dílse i gcomhair riosca cuaire, cé is moite de na fachtóirí riosca dá dtagraítear i mír 3. Maidir le fachtóir riosca ar leith, déanfaidh institiúidí na ríomhanna sin ar bhonn glan thar shuíomhanna uile na n-ionstraimí atá faoi réir an cheanglais cistí dílse i gcomhair riosca cuaire a bhfuil an fachtóir riosca sin ann. 2. Maidir le fachtóir riosca k ar leith a áirítear in ionstraim amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh institiúidí suíomh riosca cuaire aníos an fhachtóra riosca sin () agus glansuíomh riosca cuaire síos an fhachtóra riosca sin a ríomh () mar a leanas:
arna shloinneadh mar a leanas:
3. De mhaolú ar mhír 2, maidir le cuar fachtóirí riosca a bhaineann le riosca ráta úis ginearálta (GIRR), riosca um raon difríochta creidmheasa (CSR) agus aicmí riosca tráchtearraí, déanfaidh institiúidí na ríomhanna a leagtar síos i mír 6 ar leibhéal an chuair iomláin seachas ar leibhéal gach fachtóra riosca a bhaineann leis an gcuar. Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i mír 2, i gcás inar cuar d’fhachtóirí riosca é xk a leithdháiltear ar aicmí riosca GIRR, CSR agus ar aicmí tráchtearraí, is é a bheidh ann sik ná suim na n-íogaireachtaí deilte ar fhachtóir riosca an chuair thar aibíochtaí uile an chuair. 4. Chun ceanglas cistí dílse ar leibhéal an bhuicéid i gcomhair riosca cuaire a chinneadh, déanfaidh institiúidí na suíomhanna riosca cuaire aníos agus anuas, arna ríomh i gcomhréir le mír 2, a chomhiomlánú, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, maidir leis na fachtóirí riosca uile arna sannadh don bhuicéad sin i gcomhréir le FoRoinn 1 de Roinn 3:
arna shloinneadh mar a leanas:
; ; ;
5. De mhaolú ar mhír 4, maidir leis na ceanglais cistí dílse ar leibhéal an bhuicéid maidir le riosca cuaire bhuicéad 18 d’Airteagal 325ah, de bhuicéad 18 d’Airteagal 325ak, de bhuicéad 25 d’Airteagal 325am agus de bhuicéad 11 d’Airteagal 325ap, úsáidfear an fhoirmle seo a leanas:
6. Déanfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse ó aicmí riosca i gcomhair riosca cuaire (RCCR) a ríomh trí na ceanglais cistí dílse uile ar leibhéal an bhuicéid i gcomhair riosca cuaire a chomhiomlánú mar a leanas:
arna shloinneadh mar a leanas:
; ;
7. Is é a bheidh sa cheanglas cistí dílse i gcomhair riosca cuaire ná suim na gceanglas cistí dílse d’aicme riosca i gcomhair riosca cuaire arna ríomh i gcomhréir le mír 6 thar gach aicme riosca lena mbaineann fachtóir riosca amháin ar a laghad de na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1.”; |
(3) |
in Airteagal 325h(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 325i agus 325j: “Airteagal 325i Ionstraimí innéacs agus ionstraimí il-fholuiteacha eile a láimhseáil 1. Úsáidfidh institiúidí cur chuige trébhreathnaitheach le haghaidh ionstraimí innéacs agus ionstraimí il-fholuiteacha eile i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
2. De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh institiúidí íogaireacht aonair ar shuíomh i gcothromas nó in innéacs creidmheasa liostaithe a ríomh chun críocha na gceanglas cistí dílse i gcomhair rioscaí deilte agus cuaire a ríomh ar choinníoll go gcomhlíonann an cothromas liostaithe nó an t-innéacs creidmheasa na coinníollacha a leagtar amach i mír 3. Sa chás sin, déanfaidh institiúidí an íogaireacht aonair a shannadh don bhuicéad ábhartha mar a leagtar amach i bhFoRoinn 1 de Roinn 6 mar a leanas:
3. Féadfaidh institiúidí an cur chuige a leagtar amach i mír 2 a úsáid maidir le hionstraimí lena ndéantar tagairt do chothromas liostaithe nó d’innéacs creidmheasa i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
4. Ní úsáidfidh aon institiúid, go comhsheasmhach le himeacht ama, ach an cur chuige a leagtar amach i mír 1 nó an cur chuige a leagtar amach i mír 2 le haghaidh na n-ionstraimí uile lena ndéantar tagairt do chothromas liostaithe nó d’innéacs creidmheasa a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 3. Beidh ar institiúid cead a fháil roimh ré ón údarás inniúil sula n-aistreoidh sí ó chur chuige amháin go ceann eile. 5. Maidir le hinnéacs nó ionstraim il-fholuiteach eile, bainfear leas as ionchuir íogaireachta comhsheasmhacha i gcomhair rioscaí deilte agus cuaire a ríomh, gan beann ar na cineálacha cur chuige a úsáidfear i gcomhair na hionstraime sin. 6. Beidh innéacs nó ionstraimí il-fholuiteacha a iompraíonn rioscaí iarmharacha eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 325u(5) faoi réir an fhorlíontáin riosca iarmharaigh dá dtagraítear i Roinn 4. Airteagal 325j Láimhseáil gnóthas comhinfheistíochta 1. Déanfaidh institiúid a ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh suímh in GC a ríomh, agus ceann amháin de na cineálacha cur chuige seo a leanas á úsáid aici:
Aon institiúid a úsáideann ceann de na cineálacha cur chuige a leagtar amach i bpointe (b), cuirfidh sí i bhfeidhm an ceanglas cistí dílse i gcomhair an riosca mainneachtana a leagtar amach i Roinn 5 den Chaibidil seo agus an forlíontán riosca iarmharaigh a leagtar amach i Roinn 4 den Chaibidil seo i gcás ina dtugtar le tuiscint le sainordú an GC go mbeidh roinnt neamhchosaintí sa GC faoi réir na gceanglas cistí dílse sin. Aon institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i bpointe (ii) de phointe (b), féadfaidh sí na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca creidmheasa contrapháirtí agus na ceanglais cistí dílse i gcomhair riosca coigeartaithe luachála creidmheasa maidir le suíomhanna díorthach an GC a ríomh, agus úsáid á baint as an gcur chuige simplithe a leagtar amach i mír 3 d’Airteagal 132a. 2. De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina bhfuil suíomh in GC ag institiúid ar GC é a rianaíonn tagarmharc innéacs ionas go mbeidh an difríocht toraidh bhliantúlaithe idir an GC agus tagarmharc an innéacs rianaithe thar an 12 mhí roimhe sin faoi bhun 1 % i ndearbhthéarmaí, gan beann ar tháillí agus ar choimisiúin, féadfaidh an institiúid sin an suíomh sin a láimhseáil mar shuíomh sa tagarmharc innéacs rianaithe. Déanfaidh institiúid comhlíonadh an choinníll sin a fhíorú nuair a rachaidh an institiúid i mbun an tsuímh agus, ina dhiaidh sin, uair amháin sa bhliain ar a laghad. I gcás nach bhfuil sonraí don 12 mhí dheireanacha ar fáil ina n-iomláine, áfach, féadfaidh institiúid, ach cead a fháil ó údarás inniúil na hinstitiúide, difríocht toraidh bhliantúlaithe ó thréimhse is giorra ná 12 mhí a úsáid. 3. Féadfaidh institiúid úsáid a bhaint as teaglaim de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1 le haghaidh a cuid suíomhanna in GCanna. Ní úsáidfidh institiúid, áfach, ach ceann amháin de na cineálacha cur chuige sin i gcomhair na suíomhanna uile sa GC céanna. 4. Chun críocha phointe (b) de mhír 1, déanfaidh institiúid na ríomhanna faoi na forálacha seo a leanas:
Déanfar na ceanglais cistí dílse maidir le gach suíomh sa GC céanna a n-úsáidtear na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina leith a ríomh ar bhonn aonair mar phunann ar leithligh, agus úsáid á baint as an gcur chuige a leagtar amach sa Chaibidil seo. 5. Ní fhéadfaidh institiúid na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 a úsáid ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an GC na coinníollacha go léir a leagtar amach in Airteagal 132(3) agus i bpointe (a) d’Airteagal 132(4).”; |
(5) |
leasaítear Airteagal 325q mar a leanas:
|
(6) |
in Airteagal 325ae, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: “1. Maidir le hairgeadraí nach n-áirítear i bhfochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 325bd(7), is mar seo a leanas a bheidh ualaí riosca na n-íogaireachtaí ar na fachtóirí riosca ráta saor ó riosca: Tábla 3
2. Cuirfidh institiúidí ualú riosca 1,6 % i bhfeidhm maidir le híogaireachtaí uile an bhoilscithe agus maidir le fachtóirí riosca trasairgeadra-bhunaithe.”; |
(7) |
I mír 1 d’Airteagal 325ah, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 4: “Tábla 4:
|
(8) |
In Airteagal 325aj, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 5: “Tábla 5
|
(9) |
In Airteagal 325ak, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 6: “Tábla 6
|
(10) |
I mír 1 d’Airteagal 325am, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 7: “Tábla 7
|
(11) |
I mír 1 d’Airteagal 325ap, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 8: “Tábla 8
|
(12) |
leasaítear Airteagal 325aq mar a leanas:
|
(13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 325ar agus 325as: “Airteagal 325ar Comhghaolta idir buicéid i gcomhair riosca cothromais Beidh feidhm ag an bparaiméadar comhghaoil c maidir le comhiomlánú íogaireachtaí idir buicéid éagsúla. Socrófar é maidir le buicéid Thábla 8 in Airteagal 325ap mar a leanas:
Airteagal 325as Ualuithe riosca i gcomhair riosca tráchtearraí Is mar a leanas a bheidh na hualuithe riosca maidir le híogaireachtaí ar fhachtóirí riosca tráchtearraí: Tábla 9
|
(14) |
In Airteagal 325av, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Cuirfear ualú riosca 15 % i bhfeidhm ar íogaireachtaí uile na bhfachtóirí riosca malairte eachtraí.”; |
(15) |
I mír 3 d’Airteagal 325ax, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 11: “Tábla 11
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón af 30. september 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2019.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, na Ceanglais chaipitil íosta i gcomhair riosca margaidh. Tá an foilseachán seo ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (www.bis.org).
11.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/16 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/425 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Márta 2021
lena gcuirtear bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fionraí, ar bearta iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Samhain 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 (2) maidir le bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (na Stáit Aontaithe) tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí lena bhforáiltear do chur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí isteach san Aontas de tháirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe. |
(2) |
Foráiltear le haithris 9 de Rialachán (AE) 2020/1646 go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin a chur ar fionraí i gcás ina gcuirfidh na Stáit Aontaithe frithbhearta i gcoinne allmhairiú táirgí áirithe ón Aontas Eorpach ar fionraí, i ndáil le díospóidí EDT maidir le mór-aerárthaí sibhialta. |
(3) |
An 4 Márta 2021, thángthas ar chomhthuiscint leis na Stáit Aontaithe chun na bearta uile a chur ar fionraí go frithpháirteach ar feadh tréimhse 4 mhí, ionas go bhféadfaí réiteach cothrom ar dhíospóidí EDT maidir le mór-aerárthaí sibhialta a chaibidliú, a luaithe a chuirfear nósanna imeachta inmheánacha i gcrích ar an dá thaobh. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) Uimh. 654/2014, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach a ghlacadh lena gcuirfear bearta beartais tráchtála ar fionraí ar fhorais phráinne, nuair a bhaineann an fhionraí sin le modhnú bheart an tríú tír lena mbaineann, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 ar fionraí leis seo ar feadh tréimhse 4 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, gan dochar d’aon fhionraí ná modhnú breise, beidh feidhm arís ag na dleachtanna dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 le héifeacht ón 11 Iúil 2021 agus an dáta sin san áireamh.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 189, 27.6.2014, lch. 50; arna leasú le Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1) agus le Rialachán (AE) 2021/167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 (IO L 49, 12.2.2021, lch. 1).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2020 maidir le bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí (IO L 373, 9.11.2020, lch. 1).
11.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/18 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/426 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Márta 2021
lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011 maidir le Lactococcus lactis (NCIMB 30160) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011 ón gCoimisiún (2) údaraíodh úsáid a bhaint as ullmhóid Lactococcus lactis NCIMB 30160 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch go ceann tréimhse 10 mbliana. |
(2) |
Rinneadh an t-údarú a mhodhnú ina dhiaidh sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1092 ón gCoimisiún (3) i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, maidir le foirmliú an bhreiseáin. |
(3) |
Ní raibh baint ag an modhnú beartaithe leis an tréimhse údaraithe a leagadh síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011 a bhí le reáchtáil go dtí an 26 Nollaig 2021. San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1092, áfach, cuireadh in iúl trí dhearmad go mairfeadh an tréimhse údaraithe maidir le Lactococcus lactis NCIMB 30160 go dtí an 16 Lúnasa 2030. Dá bhrí sin, cuireadh an earráid sin isteach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011 trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1092. |
(4) |
Dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, is gá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011 a cheartú a mhéid a bhaineann le deireadh na tréimhse údaraithe maidir le Lactococcus lactis NCIMB 30160. |
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1092 foráiltear nach mbeidh baint ag an modhnú a bhí le tabhairt ar théarmaí údaraithe an bhreiseáin Lactococcus lactis NCIMB 30160 ach le foirmliú an bhreiseáin. Ní dhearnadh aon tagairt don ghá atá le modhnú thréimhse údaraithe an bhreiseáin sin. Ina theannta sin, forordaítear le hAirteagal 9(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go ndeonófar údaruithe go ceann tréimhse 10 mbliana agus nach bhféadfar maolú a dhéanamh ar riail den sórt sin trí mhodhnú ar théarmaí an údaraithe. Thairis sin, luadh i gClár na mbreiseán beathaithe gurb é an 26 Nollaig 2021 an dáta i gcónaí a rachadh údarú an bhreiseáin Lactococcus lactis NCIMB 30160 in éag, fiú tar éis Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1092 a ghlacadh. In éagmais éifeacht cúlghabhálaí an cheartúcháin atá beartaithe, bheadh sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe idir oibreoirí, ós rud é nach mbeadh ach oibreoirí atá ag margú Lactococcus lactis NCIMB 30160 nó atá ag baint úsáid as, ag tairbhiú go míchuí de thréimhse údaraithe shínithe a bheith deonaithe ón dáta a dtiocfaidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1092 i bhfeidhm le haghaidh an bhreiseáin sin. Thairis sin, sa chás seo ní mheastar go ndéanfaidh cúlghabhálacht difear d’ionchais dhlisteanacha na n-oibreoirí lena mbaineann. Faoi dheireadh, is i gcomhthéacs neamhchoiriúla a thugtar an ceartúcháin atá beartaithe, ós rud é gur botún ba chúis le deireadh earráideach na dtréimhse údaraithe a luaitear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1092. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1092. |
(6) |
Chun ionchais dhlisteanacha na bpáirtithe leasmhara a chaomhnú agus de bharr chur i bhfeidhm cúlghabhálach an cheartúcháin atá beartaithe, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011 mar a leagtar amach í san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 16 Lúnasa 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2011 maidir le Lactobacillus buchneri (DSM 16774), Lactobacillus buchneri (DSM 12856), Lactobacillus paracasei (DSM 16245), Lactobacillus paracasei (DSM 16773), Lactobacillus plantarum (DSM 12836), Lactobacillus plantarum (DSM 12837), Lactobacillus brevis (DSM 12835), Lactobacillus rhamnosus (NCIMB 30121), Lactococcus lactis (DSM 11037), Lactococcus lactis (NCIMB 30160), Pediococcus acidilactici (DSM 16243) agus Pediococcus pentosaceus (DSM 12834) a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 322, 6.12.2011, lch. 3).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1092 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011 a mhéid a bhaineann le Lactococcus lactis (NCIMB 30160) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 241, 27.7.2020, lch. 10).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1263/2011, an iontráil i dtaca leis an mbreiseán Lactococcus lactis NCIMB 30160 a bhfuil an uimhir aitheantais 1k2082 aige, ceartaítear í mar a leanas:
|
Sa cholún “Deireadh na tréimhse údaraithe”, in ionad an dáta “16.8.2030”, cuirtear isteach “26.12.2021”. |
11.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/21 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/427 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Márta 2021
lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach 24-eipeabraisinióilíd mar shubstaint a mbaineann riosca íseal léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 chuir Suntton GmbH iarratas faoi bhráid na hOstaire an 28 Aibreán 2017 ar fhormheas na substainte gníomhaí 24-eipeabraisinióilíd. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Rialachán sin, thug an Ostair, mar Bhallstát is rapóirtéir, fógra maidir le hinghlacthacht an iarratais don iarratasóir, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 30 Bealtaine 2017. |
(3) |
An 6 Meitheamh 2018, chuir an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil mheasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin agus cóip de faoi bhráid an Údaráis, ina ndearnadh measúnú i dtaobh an féidir a bheith ag súil leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach sin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(4) |
Chomhlíon an tÚdarás Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. I gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’iarr sé ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Údarás. An measúnú ar an bhfaisnéis bhreise ag an mBallstát is rapóirtéir, cuireadh é sin faoi bhráid an Údaráis i bhformáid dréacht-tuarascála measúnaithe nuashonraithe an 22 Deireadh Fómhair 2019. |
(5) |
An 4 Bealtaine 2020, rinne an tÚdarás a chonclúid (2) i dtaobh an féidir a bheith ag súil leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach 24-eipeabraisinióilíd na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, a chur in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún. Chuir an tÚdarás a chonclúid ar fáil don phobal. |
(6) |
An 17 Iúil 2020, chuir an Coimisiún an tuarascáil athbhreithnithe le haghaidh 24-eipeabraisinióilíd faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha agus an 4 Nollaig 2020, chuir sé dréacht-Rialachán faoina bhráid lena bhforáiltear go bhformheasfar 24-eipeabraisinióilíd. |
(7) |
Tugadh an deis don iarratasóir barúlacha a chur isteach maidir leis an tuarascáil athbhreithnithe. |
(8) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach, agus go háirithe na húsáidí a scrúdaíodh agus a sonraíodh sa tuarascáil athbhreithnithe, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(9) |
Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur substaint ghníomhach a mbaineann riosca íseal léi í 24-eipeabraisinióilíd de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ní substaint ar údar imní í 24-eipeabraisinióilíd agus comhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 5.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(10) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, 24-eipeabraisinióilíd a fhormheas mar shubstaint a mbaineann riosca íseal léi. |
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3) a leasú dá réir. |
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí
Déantar an tsubstaint ghníomhach 24-eipeabraisinióilíd, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I í, a fhormheas mar atá leagtha síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(2) EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí 24-eipeabraisinióilíd; Iris EFSA 2020;6123 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6132. Ar fáil ar líne: www.efsa.europa.eu
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Gnáthainm, Uimhreacha Céannachta |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag formheasa |
Forálacha sonracha |
24-eipeabraisinióilíd Uimh. CAS: 78821-43-9 Uimh. CIPAC: Ní bhaineann le hábhar |
(3aS,5R,6S,7aR,7bS,9aS,10R,12aS,12bS)-10((2S,3R,4R,5R)-3,4-déhiodrocsai-5,6-démheitilheaptán-2-yl)5,6-déhiodrocsai-7a,9a-démheitilheacsaideacaihidrea-3H-beinsi[c]indéinea[5,4-e]ocsaipín-3-ón |
≥ 900 g/kg |
31 Márta 2021 |
31 Márta 2036 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithnithe an 4 Nollaig 2020, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis. |
(1) Tugtar sa tuarascáil athbhreithnithe sonraí breise faoi chéannacht agus faoi shonraíocht na substainte gníomhaí.
IARSCRÍBHINN II
I gCuid D den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
Uimhir |
Gnáthainm, Uimhreacha Céannachta |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag formheasa |
Forálacha sonracha |
“27 |
24-eipeabraisinióilíd Uimh. CAS: 78821-43-9 Uimh. CIPAC: Ní bhaineann le hábhar |
(3aS,5R,6S,7aR,7bS,9aS,10R,12aS,12bS)-10((2S,3R,4R,5R)-3,4-déhiodrocsai-5,6-démheitilheaptán-2-yl)5,6-déhiodrocsai-7a,9a-démheitilheacsaideacaihidrea-3H-beinsi[c]indéinea[5,4-e]ocsaipín-3-ón |
≥ 900 g/kg |
31 Márta 2021 |
31 Márta 2036 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithnithe an 4 Nollaig 2020, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis.” |
(1) Tugtar sa tuarascáil athbhreithnithe sonraí breise faoi chéannacht agus faoi shonraíocht na substainte gníomhaí.
11.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/25 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/428 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Márta 2021
lena nglactar formáidí caighdeánacha sonraí maidir le cur isteach iarratas ar fhormheas nó ar leasú ar na coinníollacha formheasa le haghaidh substaintí gníomhacha, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (1) agus go háirithe Airteagal 39f(2)(b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I measc Rialacháin eile a leasaíodh le Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú riosca an Aontais a neartú i ngach réimse den bhiashlabhra ina ndéanann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú riosca eolaíoch. |
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 gur cheart iarratas ar fhormheas substainte gníomhaí nó iarratas ar leasú ar choinníollacha formheasa, a dhéanamh i gcomhréir le formáidí caighdeánacha sonraí. |
(3) |
Tá dréachtfhormáidí caighdeánacha sonraí bunaithe ar phacáiste bogearraí IUCLID, curtha le chéile ag an Údarás, chun críocha na n-iarratas ar fhormheas agus d’fhonn leasú a dhéanamh ar na coinníollacha formheasa le haghaidh substaintí gníomhacha, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus ar na hiarrataí ábhartha ar aschur eolaíoch. |
(4) |
Chun ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú i ngníomhaíochtaí an Údaráis, is iomchuí próiseáil éifeachtúil ar na hiarrataí ar aschur eolaíoch a gheobhaidh an tÚdarás a chumasú agus deis a thabhairt doiciméid a thíolacadh, a chuardach, a chóipeáil agus a chur i gcló, agus a áirithiú ag an am céanna go gcomhlíonfar na ceanglais rialála a leagtar amach i ndlí an Aontais. Dá réir sin, ba cheart formáidí caighdeánacha sonraí a ghlacadh i dtaca le cur isteach iarratas de réir bhrí Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(5) |
Ós rud é go gcuirtear forálacha Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 chun feidhme leis an Rialachán seo, a bhfuil feidhm acu ón 27 Márta 2021, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Rialachán seo, glactar formáidí caighdeánacha sonraí i dtaca le cur isteach iarratas ar fhormheas nó ar leasú ar choinníollacha formheasa le haghaidh substaintí gníomhacha, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin.
2. Beidh feidhm aige maidir leis na hiarratais dá dtagraítear i mír 1, a chuirtear isteach an 27 Márta 2021 nó dá éis sin.
Airteagal 2
Formáidí caighdeánacha sonraí a ghlacadh
Glactar leis seo na formáidí caighdeánacha sonraí i dtaca le formheas substainte gníomhaí agus i dtaca leis an leasú ar choinníollacha an fhormheasa sin, mar a mholann an tÚdarás, bunaithe ar phacáiste bogearraí IUCLID agus atá nasctha leis an lárchóras tíolactha atá le bunú i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (4).
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 27 Márta 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, Rialachán (AE) 2015/2283 agus Treoir 2001/18/CE (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).
Ceartúcháin
11.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 84/27 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 130 an 19 Bealtaine 2017 )
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 19 Bealtaine 2017)
Ar leathanach 6, Airteagal 2, pointe (l):
in ionad:
“(l) |
ciallaíonn ‘allmhaireoir de chuid an Aontais’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhearbhaíonn mianraí nó miotail lena scaoileadh chun saorchúrsaíochta de réir bhrí Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar thar a cheann a dhéantar an dearbhú sin, mar a léirítear in eilimintí sonraí 3/15 agus i mír sonraí 3/16 i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún ( 2 );”, |
léitear:
“(l) |
ciallaíonn ‘allmhaireoir de chuid an Aontais’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhearbhaíonn mianraí nó miotail lena scaoileadh chun saorchúrsaíochta de réir bhrí Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar thar a cheann a dhéantar an dearbhú sin, mar a léirítear in eilimintí sonraí 3/15 agus 3/16 i gcomhréir le hIarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún( 2 );”. |
Ar leathanach 6, Airteagal 2, pointe (n):
in ionad:
“(n) |
ciallaíonn ‘údaráis inniúla Ballstáit’ an t-údarás nó na húdaráis ainmnithe atá ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10 a bhfuil saineolas acu maidir le hamhábhair, próisis thionsclaíocha agus iniúchóireacht;”, |
léitear:
“(n) |
ciallaíonn ‘údaráis inniúla na mBallstát’ an t-údarás nó na húdaráis ainmnithe atá ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10 a bhfuil saineolas acu maidir le hamhábhair, próisis thionsclaíocha agus iniúchóireacht;”. |
Ar leathanach 7, Airteagal 3(2):
in ionad:
“2. |
Beidh na Ballstáit freagrach as seiceálacha iomchuí ex post de bhun Airteagal 11 a dhéanamh.”, |
léitear:
“2. |
Beidh údaráis inniúla na mBallstát freagrach as seiceálacha iomchuí ex post de bhun Airteagal 11 a dhéanamh.”. |
Ar leathanach 10, Airteagal 7(1):
in ionad:
“1. |
Maidir leis na tuarascálacha d'aon iniúchóireacht tríú páirtí a chuirtear i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 6 nó fianaise chomhréireachta le scéim dhíchill chuí i slabhra soláthair arna aithint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 8, cuirfidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí nó de mhiotail ar fáil iad d'údaráis inniúla an Bhallstáit,.”, |
léitear:
“1. |
Maidir leis na tuarascálacha d'aon iniúchóireacht tríú páirtí a chuirtear i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 6 nó fianaise chomhréireachta le scéim dhíchill chuí i slabhra soláthair arna haithint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 8, cuirfidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de mhianraí nó de mhiotail ar fáil iad d'údaráis inniúla na mBallstát.”. |
Ar leathanach 11, Airteagal 8(4):
in ionad:
“4. |
Fíoróidh an Coimisiún freisin ar bhonn tréimhsiúil, de réir mar is iomchuí, go leanann scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair de bheith ag comhlíonadh na gcritéar a raibh aitheantas ar chinneadh coibhéise de bhun mhír 3 mar thoradh orthu.”, |
léitear:
“4. |
Fíoróidh an Coimisiún freisin ar bhonn tréimhsiúil, de réir mar is iomchuí, go leanann scéimeanna aitheanta díchill chuí sa slabhra soláthair de bheith ag comhlíonadh na gcritéar a raibh aitheantas ar chinneadh coibhéise de bhun mhír 3 mar thoradh orthu.”. |
Ar leathanach 13, Airteagal 11(5):
in ionad:
“5. |
Chun soiléireacht tascanna agus comhleanúnachas gníomhaíochta i measc údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú, ullmhóidh an Coimisiún treoirlínte neamhcheangailteacha i bhfoirm lámhleabhair ina dtugtar na céimeanna atá le leanúint ag údaráis inniúil na mBallstát agus iad ag déanamh na seiceálacha ex post dá dtagraítear i mír 1. Déanfar teimpléid doiciméad chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú a chur san áireamh sna treoirlínte sin, de réir mar is cuí.”, |
léitear:
“5. |
Chun soiléireacht tascanna agus comhleanúnachas gníomhaíochta i measc údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú, ullmhóidh an Coimisiún treoirlínte neamhcheangailteacha i bhfoirm lámhleabhair ina dtugtar na céimeanna atá le leanúint ag údaráis inniúla na mBallstát agus iad ag déanamh na seiceálacha ex post dá dtagraítear i mír 1. Déanfar teimpléid doiciméad chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú a chur san áireamh sna treoirlínte sin, de réir mar is cuí.”. |
Ar leathanach 13, Airteagal 12, an chéad mhír:
in ionad:
“Coimeádfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit taifid de na seiceálacha ex post dá dtagraítear in Airteagal 11(1), agus luafar iontu, go háirithe, cineál agus torthaí seiceálacha den sórt sin, chomh maith le taifid d'aon fhógra faoi ghníomhaíochtaí feabhais arna eisiúint faoi Airteagal 16(3).”,
léitear:
“Coimeádfaidh údaráis inniúla na mBallstát taifid de na seiceálacha ex post dá dtagraítear in Airteagal 11(1), agus luafar iontu, go háirithe, cineál agus torthaí seiceálacha den sórt sin, chomh maith le taifid d'aon fhógra faoi ghníomhaíochtaí feabhais arna eisiúint faoi Airteagal 16(3).”.
Ar leathanach 14, Airteagal 17(1):
in ionad:
“1. |
Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe, ar fhógraí i dtaobh gníomhaíochtaí feabhais arna n-eisiúint ag údaráis inniúla an Bhallstáit de bhun Airteagal 16(3) agus ar na tuarascálacha iniúchóireachta tríú páirtí arna gcur ar fáil de bhun Airteagal 7(1).”, |
léitear:
“1. |
Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe, ar fhógraí i dtaobh gníomhaíochtaí feabhais arna n-eisiúint ag a n-údaráis inniúla de bhun Airteagal 16(3) agus ar na tuarascálacha iniúchóireachta tríú páirtí arna gcur ar fáil de bhun Airteagal 7(1).”. |