ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 77

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
5 Márta 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (Euratom) 2021/390 ón gComhairle an 20 Feabhra 2020 lena bhformheastar go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Rialtas Phoblacht na hIndia maidir leis an gcomhar i ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha i réimse úsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach a thabhairt i gcrích

1

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/391 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

2

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1014/2010, (AE) Uimh. 293/2012, (AE) 2017/1152 agus (AE) 2017/1153 ( 1 )

8

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/393 ón gComhairle an 1 Márta 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh I gComhchoiste LEE arna bhunú leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a mhéid a bhaineann le leasuithe ar Chaibidil IIa de Phrótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus ar Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Prótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú sin, maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar

27

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/394 ón gComhairle an 4 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

29

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/395 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le hairíonna leictreastatacha éadaí cosanta, éadaí cosanta do chomhraiceoirí dóiteáin agus tiománaithe gluaisrothar, éadaí cosanta atá le húsáid sa chlársciáil agus a chaitheann oibreoirí a chuireann lotnaidicídí amach, éadaí cosanta d’oibrithe athiontrála, trealaimh infheictheachta feabhsaithe le haghaidh cásanna meánriosca, trealaimh sléibhteoireachta agus éadaí cosanta ar na guaiseanna teirmeacha a bhaineann le stua leictreach

35

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

5.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 77/1


CINNEADH (Euratom) 2021/390 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Feabhra 2020

lena bhformheastar go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Rialtas Phoblacht na hIndia maidir leis an gcomhar i ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha i réimse úsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach a thabhairt i gcrích

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 101 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá caibidlíocht déanta ag an gCoimisiún Eorpach, i gcomhréir le Treoracha an 3 Iúil 2009 ón gComhairle, i ndáil leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Rialtas Phoblacht na hIndia maidir leis an gcomhar i ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha i réimse úsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach,

(2)

Rinneadh an chaibidlíocht sin a thabhairt i gcrích go rathúil,

(3)

Ba cheart formheas a thabhairt don Choimisiún Eorpach an Comhaontú a thabhairt i gcrích,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo go dtabharfaidh an Coimisiún Eorpach i gcrích an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Rialtas Phoblacht na hIndia maidir leis an gcomhar taighde agus forbartha maidir le húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach. (*1)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. DIVJAK


(*1)  Comhaontú arna fhoilsiú in IO L 440, 30.12.2020, lch. 1.


RIALACHÁIN

5.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 77/2


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/391 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Márta 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle an 5 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 208/2014.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú a rinne an Chomhairle, ba cheart na hiontrálacha do bheirt a scriosadh agus ba cheart an fhaisnéis in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 208/2014 a bhaineann leis na cearta chun cosanta agus leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 66, 6.3.2014, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES mar a leanas:

(1)

i roinn A. (“Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanach, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1”), scriostar na hiontrálacha do na daoine seo a leanas:

13.

Dmytro Volodymyrovych Tabachnyk;

15.

Serhiy Hennadiyovych Arbuzov;

(2)

i roinn B. (“Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil”), cuirtear an méid seo thíos isteach ina hionad:

“B.

Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil

Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil faoi Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil

Foráiltear le hAirteagal 42 de Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil (‘an Cód um Nós Imeachta Coiriúil’) go bhfuil cearta chun cosanta ag an uile dhuine atá faoi dhrochamhras nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla chomh maith leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Áirítear orthu sin: an ceart go n-inseofar do dhuine faoin gcion coiriúil a bhfuil drochamhras ina leith faoi nó a cuireadh ina leith; an ceart go n-inseofar, go sainráite agus gan mhoill, do dhuine faoi na cearta atá aige faoin gCód um Nós Imeachta Coiriúil; an ceart chun dlíodóir cosanta a fháil, nuair a iarrtar ar dtús é; an ceart chun achainíocha a thíolacadh le haghaidh caingne nós imeachta; agus an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha an imscrúdaitheora, an ionchúisitheora phoiblí agus an bhreithimh imscrúdaithe.

Déantar idirdhealú in Airteagal 303 de Chód an Nós Imeachta Choiriúil idir cinntí agus neamhghníomhartha ar féidir agóid a dhéanamh ina gcoinne le linn na n-imeachtaí réamhthrialach (an chéad mhír) agus cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha is féidir a bhreithniú sa chúirt le linn imeachtaí ullmhúcháin (an dara mír). Foráiltear le hAirteagal 306 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil nach mór do bhreitheamh imscrúdaithe de chuid Cúirte áitiúla gearáin i gcoinne chinntí, ghníomhartha nó neamhghníomhartha an imscrúdaitheora nó an ionchúisitheora phoiblí a bhreithniú i láthair an ghearánaigh nó a dhlíodóra cosanta nó a ionadaí dlíthiúil. Foráiltear le hAirteagal 308 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil go bhféadfar gearáin i gcoinne imscrúdaitheora nó ionchúisitheoir poiblí maidir le mainneachtain tréimhse réasúnach ama a urramú le linn an imscrúdaithe réamhthrialach, go bhféadfar iad a thaisceadh le hionchúisitheoir poiblí uachtarach agus nach mór iad a bhreithniú laistigh de thrí lá ón uair a thaisctear iad. Lena chois sin, sonraítear in Airteagal 309 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil na cinntí ó bhreithiúna imscrúdaithe a bhféadfar agóid a dhéanamh ina gcoinne le hachomharc, agus sonraítear ann freisin go bhféadfadh cinntí eile a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach le linn imeachtaí ullmhúcháin sa Chúirt. Anuas air sin, ní féidir caingne áirithe imscrúdaitheacha nós imeachta a thabhairt ach amháin faoi réir rialú ón mbreitheamh imscrúdaithe nó ó Chúirt (e.g. maoin a urghabháil faoi Airteagail 167-175, agus bearta coinneála faoi Airteagail 176-178, den Chód um Nós Imeachta Coiriúil).

Cur i bhfeidhm na gceart chun cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil i gcás gach duine de na daoine a liostaítear

1.

Viktor Fedorovych Yanukovych

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Yanukovych chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinneadh High Anti-Corruption Court (Ard-Chúirt Frith-Éillithe) na hÚcráine an 11 Lúnasa 2020 inar scrúdaigh an Chúirt achainí an National Anti-Corruption Bureau (Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe) na hÚcráine agus inar thug sí cead an tUasal Yanukovych a ghabháil. Sa rialú ón gCúirt sin, dheimhnigh an breitheamh imscrúdaithe, go bhfuil amhras réasúnach ann go raibh an tUasal Yanukovych rannpháirteach i gcion coiriúil maidir le míleithreasú agus deimhníodh freisin stádas an Uasail Yanukovych sna himeachtaí coiriúla mar dhuine atá faoi amhras.

Shuigh an Ard-Chúirt Frith-Éillithe freisin go bhfuil an tUasal Yanukovych ina chónaí lasmuigh den Úcráin ó 2014 i leith. Chinn an Chúirt gurbh ann d’fhorais leordhóthanacha lena chreidiúint go raibh an tUasal Yankovych á cheilt féin ar na comhlachtaí imscrúdaithe réamhthrialacha.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn a bhfuil imscrúdú á sheachaint ag an Uasal Yanukovych a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chúirt, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ó Ard-Chúirt Frith-Éillithe agus a chuirtear i leith an Uasail Yanukovych.

2.

Vitalii Yuriyovych Zakharchenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Zakharchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe leis na cinntí ón mbreitheamh imscrúdaithe an 21 Bealtaine 2018, an 23 Samhain 2018 agus an 27 Samhain 2019 lena dtugtar cead an tUasal Zakharchenko a choinneáil.

Ina theannta sin, tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun an tUasal Zakharechenko a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe an tUasal Zakharchenko a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé an iarraidh ar aghaidh chuig an Department of International Police Cooperation of the National Police of Ukraine (an Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine) le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol.

Filleadh ar an imscrúdú réamhthrialach an 28 Feabhra 2020 agus rinneadh gníomhartha nós imeachta agus imscrúdaithe. Chuir an comhlacht imscrúdaithe an t-imscrúdú réamhthrialach ar fionraí an 3 Márta 2020 agus chinn sé go bhfuil an tUasal Zakharchenko á cheilt féin ón gcomhlacht imscrúdaithe agus ón gCúirt chun dliteanas coiriúil a sheachaint, nach eol cá bhfuil sé agus go ndearnadh gach gníomh imscrúdaitheach (cuardaigh) agus nós imeachta a d’fhéadfaí a dhéanamh in éagmais daoine atá faoi amhras. D’fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin maidir le fionraí.

Ní féidir a fháil amach go ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an an Uasal Zakharchenko an t-imscrúdú a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith an Uasail Zakharchenko.

3.

Viktor Pavlovych Pshonka

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Pshonka chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe leis an bhfíric gur seachadadh fógra i scríbhinn an 22 Nollaig 2014 faoi dhrochamhras a bheith ann faoi, leis an bhfíric go raibh an deis ann achomharc a dhéanamh i leith chinneadh an 16 Meitheamh 2017 imeachtaí coiriúla a chur ar fionraí agus le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 12 Márta 2018, an 13 Lúnasa 2018 agus an 5 Meán Fómhair 2019 lena dtugtar cead an tUasal Pshonka a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht.

Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun an tUasal Pshonka a chuardach. An 24 Iúil 2020, seoladh iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig údaráis inniúla Chónaidhm na Rúise chun áit an Uasail Pshonka a fháil amach agus chun é a dhiancheistiú. Tá an iarraidh fós sin ar feitheamh. Cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach ar fionraí an 24 Iúil 2020 de bharr an gá atá le gníomhartha nós imeachta a dhéanamh i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta.

Dhiúltaigh údaráis na Rúise d’iarrataí ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta a cuireadh chucu in 2016 agus in 2018.

Sa chinneadh uaithi an 2 Deireadh Fómhair 2020, dhíbh an High Anti-Corruption Court of Ukraine (Ard-Chúirt Frith-Éillithe na hÚcráine),, an t-achomharc a thíolaic dlíodóir Viktor Pshonka chun an fógra amhrais dar dáta an 23 Nollaig 2014 a chur ar ceal. Chinn an Chúirt gur seirbheáladh an fógra amhrais i gcomhréir le Cód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine agus dhearbhaigh sí stádas an Uasail Pshonka sna himeachtaí coiriúla.

An 7 Bealtaine 2020 agus an 9 Samhain 2020, dhiúltaigh High Anti-Corruption Court of Ukraine (Ard-Chúirt Frith-Éillithe na hÚcráine) iarratas chun tús a chur le himeachtaí a dhéanadh de bhonn gearán dlíodóirí maidir le neamhghníomhaíocht an National Anti-Corruption Bureau of Ukraine (Bhiúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine) sna himeachtaí coiriúla. Dhearbhaigh an Appellate Chamber of the High Anti-Corruption Court (Dlísheomra Achomhairc na hArd-Chúirte Frith-Éillithe) na cinntí sin an 1 Meitheamh 2020 agus an 26 Samhain 2020 faoi seach.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an Uasal Pshonka a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ón Ard-Chúirt Frith-Éillithe agus a chuirtear i leith an Uasail Pshonka agus, roimhe sin, de bharr neamh-fhorghníomhú na n-iarrataí ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.

6.

Viktor Ivanovych Ratushniak

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Ratushniak chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 21 Bealtaine 2018, an 23 Samhain 2018 agus an 4 Nollaig 2019 lena dtugtar cead an tUasal Ratushniak a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht.

Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun an tUasal Ratushniak a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe an tUasal Ratushniak a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé an iarraidh ar aghaidh chuig an Department of International Police Cooperation of the National Police of Ukraine (an Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine) le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol.

An 28 Feabhra 2020, tosaíodh arís ar an imscrúdú réamhthrialach d’fhonn gníomhaíochtaí nós imeachta agus imscrúdaithe a dhéanamh. Chuir an comhlacht imscrúdaithe an t-imscrúdú réamhthrialach ar fionraí an 3 Márta 2020 agus chinn sé go bhfuil an tUasal Ratusniak á cheilt féin ó na comhlachtaí imscrúdaithe agus ón gCúirt chun dliteanas coiriúil a sheachaint, nach eol cá bhfuil sé agus go ndearnadh gach gníomh imscrúdaitheach (cuardaigh) agus nós imeachta a d’fhéadfaí a dhéanamh in éagmais daoine atá faoi amhras. D’fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin maidir le fionraí.

Ní féidir a fháil amach go ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an Uasal Ratusniak a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measannan Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith an Uasail Ratushniak.

7.

Oleksandr Viktorovych Yanukovych

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Yanukovych chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chunan tUasal Yanukovych, atá ina chónaí i gCónaidhm na Rúise agus ag éalú ón imscrúdú, a chuardach.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an UasalYanukovych a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith an Uasail Yanukovych.

9.

Artem Viktorovych Pshonka

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Pshonka chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe leis an bhfíric gur seachadadh fógra i scríbhinn an 29 Nollaig 2014 faoi dhrochamhras a bheith ann faoi, leis an bhfíric go raibh an deis ann achomharc a dhéanamh i leith chinneadh an 16 Meitheamh 2017 imeachtaí coiriúla a chur ar fionraí agus le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 12 Márta 2018, an 13 Lúnasa 2018 agus an 5 Meán Fómhair 2019 lena dtugtar cead an tUasal Pshonka a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht.

Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun an tUasalPshonka a chuardach. An 24 Iúil 2020, seoladh iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig údaráis inniúla Chónaidhm na Rúise chun áit an duine atá faoi amhras a fháil amach agus chun é a dhiancheistiú. Tá an iarraidh sin fós ar feitheamh. Cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach ar fionraí an 24 Iúil 2020 de bharr an gá atá le gníomhartha nós imeachta a dhéanamh i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta.

Dhiúltaigh údaráis na Rúise don iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta a cuireadh chucu in 2018.

Sa chinneadh uaithi an 8 Iúil 2020, dhíbh an High Anti-Corruption Court of Ukraine (Ard-Chúirt Frith-Éillithe na hÚcráine),, an t-achomharc a thíolaic an dlíodóir atá ag Artem Pshonka chun an cinneadh - an t-imscrúdú réamhthrialach a chur ar fionraí - a chur ar ceal. Chinn an Chúirt freisin gur seirbheáladh an fógra amhrais i gcomhréir le Cód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine agus dhearbhaigh sí stádas an Uasail Pshonka sna himeachtaí coiriúla.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ina ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an UasalPshonka a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ón Ard-Chúirt Frith-Éillithe agus a chuirtear i leith an Uasail Pshonka agus, roimhe sin, de bharr neamh-fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.

12.

Serhiy Vitalyovych Kurchenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Kurchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinneadh an bhreithimh imscrúdaithe an 7 Márta 2018 lena gceadaítear imscrúdú speisialta a dhéanamh in absentia. Ina theannta sin, tugadh fógra don chosaint gur tugadh chun críche an t-imscrúdú réamhthrialach an 28 Márta 2019 agus tugadh rochtain ar na hábhair dóibh chun taithíochta. Tá faisnéis ag an gComhairle go bhfuil taithíocht na cosanta ar bun i gcónaí.

Sa chinneadh uaithi an 29 Aibreán 2020, cheadaigh Cúirt Achomhairc Odessa achomharc an ionchúisitheora agus d’fhorchuir sí beart coisctheach coinneála faoi choimeád ar an Uasal Kurchenko. Dúirt an Chúirt freisin gur fhág an tUasal Kurchenko an Úcráin in 2014 agus nach eol cá bhfuil sé. Chinn an Chúirt go bhfuil an tUasal Kurchenko á cheilt féin ó na comhlachtaí imscrúdaithe réamhthrialach chun dliteanas coiriúil a sheachaint.

Cuireadh in iúl don Chomhairle an 29 Aibreán 2020 gur chuir údaráis na hÚcráine iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise, a cuireadh ar ais an 28 Iúil 2020 gan forghníomhú.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an Uasal Kurchenko a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ó Chúirt Achomhairc Odessa agus a chuirtear i leith an Uasail Kurchenko agus de bharr neamh-fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.

17.

Oleksandr Viktorovych Klymenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag an Uasal Klymenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe leis na cinntí ón mbreitheamh imscrúdaithe an 1 Márta 2017 agus an 5 Deireadh Fómhair 2018 lena gceadaítear imscrúdú speisialta a dhéanamh in absentia. Tugann an Chomhairle faoi deara gur cuireadh an chosaint ar an eolas faoi thabhairt chun críche na n-imscrúduithe réamhthrialach in 2017 agus 2018, faoi seach agus gur cuireadh ábhair faoi na himeachtaí coiriúla ar fáil di ina dhiaidh sin ar mhaithe le taithíocht. Tá athbhreithniú agus scrúdú á dhéanamh i gcónaí, ag an gcosaint, ar an líon mór ábhar atá ar fáil i ndáil leis an imscrúdú réamhthrialach ar imeachtaí coiriúla. Measann an Chomhairle go bhfuil sé inchurtha i leith na cosanta an tréimhse taithíochta a bheith chomh fada sin.”.


5.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 77/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/392 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Márta 2021

maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1014/2010, (AE) Uimh. 293/2012, (AE) 2017/1152 agus (AE) 2017/1153

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (1), agus go háirithe Airteagail 7(7), 12(4), 13(4) agus 15(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá faireachán agus tuairisciú ar shonraí maidir le gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma arna gclárú san Aontas bunriachtanach d’fheidhmiú na gcaighdeán feidhmíochta astaíochtaí CO2 a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/631. Ós rud é gur thosaigh an Rialachán sin d’fheidhm a bheith aige an 1 Eanáir 2020, is iomchuí na forálacha a leagtar amach i Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1014/2010 (2) agus (AE) Uimh. 293/2012 (3) ón gCoimisiún a shimpliú agus a shoiléiriú, agus na forálacha sin a thabhairt isteach in aon Rialachán Cur Chun Feidhme amháin. Maidir le tuairisciú ar shonraí don bhliain féilire 2020, áfach, is iomchuí go lamhálfaí na forálacha nua agus na forálacha atá ann cheana a fhorluí ar a chéile go dtí an 28 Feabhra 2021.

(2)

Is gá go leagfaí amach nósanna imeachta um fhaireachán agus tuairisciú ar shonraí a bhaineann le gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua, ar nósanna imeachta iad a bheidh le leanúint ag údaráis inniúla na mBallstát, ag na monaróirí, agus freisin ag an gCoimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA).

(3)

Tá trí phríomhchéim sa timthriall faireacháin agus tuairiscithe dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/631: na sonraí sealadacha, atá bunaithe ar chlárúcháin feithiclí nua sa bhliain féilire roimhe sin, a bheith á dtuairisciú don Choimisiún, ar bhonn bliantúil, ag údaráis na mBallstát. na sonraí sealadacha sin a bheith á dtarchur ag an gCoimisiún, le tacaíocht ó EEA, chuig na monaróirí lena mbaineann; na sonraí sin a bheith á bhfíorú ag na monaróirí agus, i gcás inar gá, fógra a bheith á thabhairt don Choimisiún faoi cheartúcháin ar na sonraí sin.

(4)

Ba cheart na bearta a bheidh le glacadh ag na gníomhaithe éagsúla, mar chuid de na trí chéim sin laistigh de na teorainneacha ama ábhartha, a shonrú go soiléir, agus é mar chuspóir leis sin stóinseacht agus iontaofacht an tacair sonraí deiridh arna fhoilsiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/631, ar ar a bhonn a chinntear meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra agus comhlíonadh a sprice sonraí i leith astaíochtaí CO2, a áirithiú.

(5)

De bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/631, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún, ó 2021, sonraí a bhailiú maidir le fíorídiú breosla nó fuinnimh gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a thaifeadtar le feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4a de Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún (4).

(6)

Ba cheart na fíorshonraí sin a bhailiú a luaithe a bheidh siad ar fáil, óir tá sé bunriachtanach go sainaithneofaí, a luaithe is féidir, conas a thagann forás ar an difríocht idir na fíorastaíochtaí agus ídiú breosla nó fuinnimh agus na luachanna cineálcheadaithe comhfhreagracha le himeacht ama, chun faireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí atá caighdeáin astaíochtaí CO2 i ndáil le hastaíochtaí CO2 feithiclí a laghdú, agus chun an pobal a chur ar an eolas.

(7)

Chun a áirithiú gur féidir sonraí faoi fhíorídiú breosla agus fuinnimh a rochtain chomh luath agus is féidir, ba cheart a cheangal ar na monaróirí na sonraí sin a bhailiú ó ghluaisteáin nua paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma nua arna gclárú ón 1 Eanáir 2021. Féadfar na sonraí sin a bhailiú trí aistrithe díreacha sonraí ó fheithiclí chuig na monaróirí, nó trína ndéileálaithe údaraithe nó trína ndeisitheoirí údaraithe nuair a thugtar feithiclí isteach le haghaidh seirbhíse nó le haghaidh deisiúchán agus nuair atá sonraí ar bord le léamh amach chun críoch eile. I gcás ina gcuirtear na sonraí sin ar fáil do mhonaróir, ba cheart iad a thuairisciú don Choimisiún, ag tosú le sonraí a bhaineann le feithiclí nua arna gclárú san Aontas den chéad uair in 2021.

(8)

De bhun Rialachán (AE) 2017/1151, níl feidhm ag an oibleagáid feithiclí a fheistiú le feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla nó fuinnimh maidir le monaróirí ísealtáirgeachta áirithe, agus is iomchuí, dá bhrí sin, iad a dhíolmhú freisin ón oibleagáid fíorshonraí a bhailiú agus a thuairisciú. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh sé sin cosc ar mhonaróirí ísealtáirgeachta fíorshonraí a sholáthar más mian leo é.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit sonraí faoi fhíorídiú breosla agus fuinnimh a bhailiú mar chuid de na tástálacha ródacmhainneachta arna ndéanamh i gcomhréir le Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Chun an cúram sin a éascú, is iomchuí go n-ailíneofaí an oibleagáid na fíorshonraí a bhailiú leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/45/AE, a mhéid a bhaineann leis na tráthchláir náisiúnta i gcomhair na dtástálacha ródacmhainneachta agus le haghaidh sonraí a léamh amach ó phort srathach diagnóisice ar bord na bhfeithiclí. Ba cheart, dá bhrí sin, go dtosódh an bailiú sonraí ó na chéad tástálacha ródacmhainneachta agus níor cheart go mbeadh gá leo roimh an 20 Bealtaine 2023, arb in é an dáta óna mbeidh na comhlachtaí agus na bunaíochtaí atá ag déanamh na dtástálacha sin le bheith feistithe leis na feistí is gá, amhail uirlisí scanacháin, de bhun na Treorach sin. Níor cheart go mbeadh cosc ar na Ballstáit, áfach, sonraí a sholáthar roimh an dáta sin, más mian leo é.

(10)

Ba cheart go ndéanfadh na monaróirí agus na Ballstáit fíorshonraí arna mbailiú le linn bliain féilire a thuairisciú don Choimisiún agus do EEA, trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta um tharchur sonraí arna soláthar ag EEA. Sa chás nach mbeadh na sonraí sin ar fáil, rud a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh go háirithe sna chéad bhlianta féilire i ndiaidh 2021, ba cheart do mhonaróirí agus do na Ballstáit an méid sin a chur in iúl don Choimisiún agus na cúiseanna atá leis sin a sholáthar.

(11)

Ba cheart sonraí faoi fhíorídiú breosla agus fuinnimh a bhailiú in éineacht leis an uimhir aitheantais feithicle (VIN). Meastar gur sonraí pearsanta atá sa VIN ón uair a chláraítear an fheithicil agus, dá bhrí sin, tá sé faoi réir na gceanglas a leagtar síos maidir le cosaint na sonraí sin i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart go measfaí go bhfuil próiseáil VINanna chun críocha Rialachán (AE) 2019/631 dleathach de bhun Airteagal 6(1)(c) de Rialachán (AE) 2016/679. Thairis sin, ba cheart go sonrófaí freisin go bhfuil na heintitis atá rannpháirteach i mbailiú, tuairisciú agus próiseáil VINanna le meas mar rialaitheoirí ar na sonraí sin de réir bhrí phointe 7 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, a mhéid a bhaineann le EEA agus leis an gCoimisiún, de réir bhrí Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart go n-áiritheofaí freisin go mbaileofar VINanna trí úsáid a bhaint as modhanna slána cumarsáide, agus go ndéanfar na hábhair sonraí, eadhon úinéirí na bhfeithiclí, a chur ar an eolas go leormhaith i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679.

(12)

Ba cheart go sonrófaí freisin conas a bheidh na fíorshonraí agus VINanna le húsáid, mar aon leis an tréimhse ama ar lena linn a bheidh na sonraí sin le coinneáil ag na heintitis éagsúla atá rannpháirteach sa bhailiú agus sa tuairisciú. Ós rud é gurb é an cuspóir atá ann forás fhíorfheidhmíocht na feithicle i rith a saolré measta a leanúint, ba cheart sonraí a bhailiú go ceann tréimhse 15 bliana i gcás na feithicle céanna agus ba cheart do EEA iad a choinneáil go ceann tréimhse 20 bliain. Maidir le heintitis eile atá ag bailiú agus ag tuairisciú sonraí, áfach, níor cheart dóibh na sonraí a shealbhú ach ar feadh an ama is gá chun na sonraí a ullmhú don tarchur chuig EEA.

(13)

Ba cheart bailiú fíorshonraí agus VINanna a bheith iomlán trédhearcach, agus ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh deis ag úinéirí na feithicle diúltú na sonraí a chur ar fáil do na monaróirí nó le linn na dtástálacha ródacmhainneachta. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil ceart diúltaithe úinéir na feithicle bunaithe ar Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/679 agus níor cheart go measfaí an diúltú a bheith bailí ach maidir leis na sonraí sin arna mbailiú chun críocha an Rialacháin seo.

(14)

Níor cheart go bhfágfadh na sonraí a bheidh le foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/631 go mbeifí in ann feithiclí nó tiománaithe aonair a shainaithint, ach níor cheart iad a fhoilsiú ach mar thacar sonraí anaithnidithe agus comhiomlánaithe gan aon tagairt do VINanna.

(15)

Bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2019/631, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de na forálacha maidir le faireachán, tuairisciú agus foilsiú sonraí i ndáil le fíorídiú breosla nó fuinnimh, á chur san áireamh dó, inter alia, infhaighteacht aistrithe díreacha sonraí ó fheithiclí.

(16)

Chun a áirithiú go mbeidh sonraí cineálcheadaithe ar fáil chun nós imeachta a bhunú chun astaíochtaí CO2 gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma inseirbhíse a fhíorú, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/631, ba cheart leanúint de na sonraí sin a bhailiú faoi Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 (8) agus (AE) 2017/1153 (9) ón gCoimisiún freisin agus an oibleagáid na sonraí sin a bhailiú faoi na Rialacháin sin scortha d’fheidhm a bheith aici an 1 Eanáir 2021.

(17)

Ba cheart d’údaráis chineálcheadaithe a áirithiú, dá bhrí sin, go leanfaí de shonraí a bhaineann leis na tástálacha arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151 a thaifeadadh agus a tharchur chuig Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, trí úsáid a bhaint as an nós imeachta um tharchur slán arna sholáthar aige.

(18)

Ón 1 Eanáir 2021, ní gá a thuilleadh astaíochtaí CO2 a chinneadh le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma i gcomhréir leis an tSraith Nua Eorpach Tiomána (NEDC) amhail dá bhforáiltear i Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 agus (AE) 2017/1153, cé is moite de ghluaisteáin paisinéirí leictreacha hibrideacha luchtaithe sheachtraigh arna gcur ar an margadh go dtí an 31 Nollaig 2022, i gcás inar mian le monaróir tairbhiú de shárchreidmheasanna mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/631.

(19)

Ós rud é nach ndéanfar an t-aistriú ó chaighdeáin astaíochtaí CO2 atá bunaithe ar NEDC go caighdeáin atá bunaithe ar an Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda d’Fheithiclí Éadroma a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1151 a thabhairt chun críche go hiomlán ach faoi dheireadh 2023, agus go ndéanfar tuairisciú ar an aistriú sin faoi dheoidh mar chuid den phróiseas bliantúil faireacháin sonraí CO2 in 2024, agus i bhfianaise, go háirithe, na bhforálacha maidir le héiceanuálaíochtaí agus feithiclí ceann sraithe, ba cheart go bhfanfadh Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 agus (AE) 2017/1153 i bhfeidhm go dtí deireadh 2024.

(20)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a bharúlacha uaidh an 14 Eanáir 2021.

(21)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Athrú Aeráide,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Sa Rialachán seo, leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta um fhaireachán agus tuairisciú ag na Ballstáit agus ag monaróirí ar shonraí a bhaineann le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus ar shonraí maidir le fíorastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla nó fuinnimh na bhfeithiclí sin.

2.   Chun an nós imeachta um astaíochtaí CO2 feithiclí inseirbhíse a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/631 a bhunú, déantar foráil sa Rialachán seo freisin maidir le sonraí áirithe arna dtaifeadadh mar chuid de na tástálacha cineálcheadaithe arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151 a bheith á dtuairisciú ag údaráis inniúla na mBallstát.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Sa bhreis ar na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/631, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “sonraí faireacháin mionsonraithe” na sonraí faireacháin mionsonraithe a shonraítear do ghluaisteáin paisinéirí i Roinn 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 agus d’fheithiclí tráchtála éadroma i Roinn 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin;

(b)

ciallaíonn “sonraí faireacháin comhiomlánaithe” na sonraí faireacháin comhiomlánaithe a shonraítear do ghluaisteáin paisinéirí i Roinn 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 agus d’fheithiclí tráchtála éadroma i Roinn 1 de Chuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin;

(c)

ciallaíonn “fíorshonraí” na sonraí dá dtagraítear i bpointe 3.1(a) agus (b) agus pointe 3.2(a) go (g) agus (l) d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 a fuarthas ó fheistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.

CAIBIDIL 2

TUAIRISCIÚ SONRAÍ I GCOMHRÉIR LE HAIRTEAGAL 7 DE RIALACHÁN (AE) 2019/631

Airteagal 3

Sonraí faireacháin comhiomlánaithe agus mionsonraithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na sonraí faireacháin comhiomlánaithe agus mionsonraithe a chothabháil, a bhailiú, a rialú, a fhíorú, agus a tharchur go tráthúil chuig an gCoimisiún agus chuig an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA).

Maidir le hiarrataí ó EEA ar shoiléirithe nó ceartúcháin ar na sonraí arna dtarchur, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh a ndaoine teagmhála ainmnithe aghaidh orthu gan mhoill.

2.   Déanfar na sonraí faireacháin comhiomlánaithe agus mionsonraithe a thuairisciú in dhá thacar sonraí ar leith i gcás gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma, faoi seach, i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 agus le Cuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí faireacháin comhiomlánaithe agus mionsonraithe a tharchur trí aistriú leictreonach sonraí chuig an Stór Sonraí Lárnach (CDR) arna bhainistiú ag EEA. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún nuair a bheidh na sonraí tarchurtha.

Airteagal 4

Ríomh sealadach agus sonraí sealadacha

1.   Áiritheoidh an Coimisiún, in éineacht le EEA, i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2019/631, go dtabharfar fógra do gach monaróir agus díorma monaróirí atá freagrach as gluaisteáin nua paisinéirí nó feithiclí tráchtála éadroma nua arna gclárú san Aontas faoi ríomh sealadach a sprice sonraí i leith astaíochtaí agus a mheánastaíochtaí sonracha CO2 agus faoi na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit.

2.   Na ríomhanna sealadacha agus na sonraí dá dtagraítear i mír 1, tabharfar fógra fúthu ar leithligh i gcás gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma, agus áireofar orthu na taifid is féidir, ar bhonn ainm an mhonaróra agus an Aitheantóra Monaróra Dhomhanda, a shannadh don mhonaróir sin.

3.   Sa lárchlár sonraí dá dtagraítear in Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2019/631, áireofar na hiontrálacha sonraí go léir arna dtuairisciú ag na Ballstáit, diomaite de na huimhreacha aitheantais feithicle (VINanna).

Coinneoidh EEA VINanna go ceann tréimhse 20 bliain ón dáta a rinneadh iad a uaslódáil a chéaduair chuig CDR nó chuig Stór Sonraí Gnó (BDR) EEA.

Airteagal 5

Mionsonraí an mhonaróra

Monaróirí a dhéanfaidh gluaisteáin paisinéirí nó feithiclí tráchtála éadroma a thagann faoi raon feidhme de Rialachán (AE) 2019/631 a chur ar mhargadh an Aontais, nó a bhfuil sé de rún acu iad a chur ar mhargadh an Aontais, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoin bhfaisnéis seo a leanas agus faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis sin:

(a)

ainm an mhonaróra a shonróidh siad ar na deimhnithe comhréireachta, nó a bhfuil sé de rún acu é a shonrú orthu;

(b)

an tAitheantóir Monaróra Domhanda, a chomhfhreagróidh do na chéad trí charachtar den VIN, a shonróidh siad ar na deimhnithe comhréireachta, nó a bhfuil sé de rún acu é a shonrú orthu;

(c)

chun críche an fhógra dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2019/631, ainm agus seoladh an duine teagmhála a dhéanann ionadaíocht ar an monaróir ar a mbeidh an fógra faoi na ríomhanna sealadacha agus na sonraí le díriú.

Measfar na hainmneacha agus na seoltaí dá dtagraítear i bpointe (c) a bheith ina sonraí pearsanta de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 6

Fógra faoi earráidí sna sonraí arna n-úsáid le haghaidh na ríomhanna sealadacha

1.   I gcás ina bhfíoróidh monaróir na sonraí sealadacha i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2019/631, úsáidfidh sé an tacar sonraí arna sholáthar ag EEA chun na críche sin.

2.   I gcás ina sainaithneofar earráid sa tacar sonraí, déanfaidh an monaróir, i gcás inar féidir, í a cheartú agus sonróidh sé, trí iontráil ar leith sa tacar sonraí do gach taifead feithicle, dar teideal “Barúlacha an mhonaróra”, ceann amháin de na cóid seo a leanas:

(a)

Cód A, má athraigh an monaróir an taifead;

(b)

Cód B, mura féidir leis an monaróir an fheithicil a shainaithint;

(c)

Cód C, má thagann an fheithicil lasmuigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2019/631;

(d)

Cód D, más rud é gurb é an monaróir dár sannadh feithicil de chatagóir N1 monaróir na feithicle lánchríochnaithe ach nach é monaróir na bonnfheithicle neamhiomláine nó iomláine é.

Chun críocha phointe (b), meastar feithicil a bheith do-aitheanta i gcás ina bhfuil VIN in easnamh nó inar léir go bhfuil sé mícheart.

3.   Tabharfaidh monaróirí fógra don Choimisiún faoi aon earráidí i gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2019/631 tríd an tacar sonraí ceartaithe iomlán a uaslódáil chuig BDR. Cuirfidh siad cóip leictreonach den fhógra i gcomhair faisnéise chuig na seoltaí ríomhphoist seo a leanas freisin:

EC-CO2-LDV-implementation@ec.europa.eu

agus

CO2-monitoring@eea.europa.eu

4.   Maidir le hiarrataí ar shoiléirithe ar na ceartúcháin ag an gCoimisiún nó ag EEA, áiritheoidh monaróirí go ndéanfaidh a ndaoine teagmhála arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 5(c) den Rialachán seo aghaidh a thabhairt orthu gan mhoill.

5.   I gcás nach dtabharfaidh monaróir fógra don Choimisiún faoi aon earráidí roimh dhul in éag don tréimhse 3 mhí dá bhforáiltear in Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2019/631, measfar na luachanna sealadacha a dtabharfar fógra fúthu i gcomhréir le hAirteagal 7(4) den Rialachán sin a bheith ina luachanna críochnaitheacha.

Airteagal 7

Tuairisciú sonraí a bhaineann le feithiclí tráchtála éadroma críochnaithe

Déanfaidh monaróirí bonnfheithicle amhail dá dtagraítear i bpointe 1.2.2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 na sonraí dá dtagraítear sa phointe sin a tharchur trí aistriú leictreonach sonraí chuig BDR ar a dhéanaí laistigh de 3 mhí tar éis dóibh fógra a fháil faoi na sonraí sealadacha i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 8

Tuairisciú astaíochtaí CO2 NEDC chun críocha Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/631

1.   Déanfaidh monaróir gluaisteán nua paisinéirí arna gclárú sna blianta féilire 2021 nó 2022 agus ag a bhfuil luachanna CO2 NEDC arna dtomhas is lú ná 50 g CO2/km, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153, na luachanna CO2 NEDC arna dtomhas sin a thuairisciú don Choimisiún in éineacht leis an bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an monaróir na deimhnithe comhréireachta ábhartha agus na deimhnithe cineálcheadaithe lena dtacaítear leis na luachanna astaíochtaí CO2 arna dtuairisciú a sholáthar.

CAIBIDIL 3

BAILIÚ AGUS TUAIRISCIÚ FÍORSHONRAÍ

Airteagal 9

Bailiú agus tuairisciú fíorshonraí ag monaróirí

1.   Baileoidh monaróirí fíorshonraí in éineacht le VINanna gluaisteán nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua arna gclárú ón 1 Eanáir 2021 agus atá feistithe le feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 4a de Rialachán (AE) 2017/1151, mura rud é go ndiúltóidh úinéir na feithicle go sainráite na sonraí sin a chur ar fáil don mhonaróir nó dá dhéileálaí údaraithe nó dá dheisitheoir údaraithe.

2.   I gcás nach mbaileoidh an monaróir na fíorshonraí agus VINanna trí aistriú díreach sonraí ón bhfeithicil, áiritheoidh an monaróir go ndéanfaidh a dhéileálaí údaraithe nó a dheisitheoir údaraithe na sonraí a bhailiú agus a tharchur chuige gach uair a thugtar an fheithicil isteach le haghaidh seirbhíse nó le haghaidh deisiúchán nó le haghaidh aon idirghabháil eile agus gach uair a bhíonn sonraí le léamh amach ó phort srathach diagnóisice ar bord na feithicle. Beidh an fheiste nó an uirlis scanacháin a úsáidfear in ann na sonraí a léamh amach agus iad á dtaifeadadh ar an bhfeiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh. Is saor in aisce a bheidh léamh amach na sonraí agus ní bheidh sé faoi réir aon choinníollacha sonracha.

Áiritheoidh an monaróir agus, i gcás inarb infheidhme, a dhéileálaí údaraithe nó a dheisitheoir údaraithe, go n-úsáidfear modhanna slána cumarsáide chun VINanna a bhailiú.

3.   An 1 Aibreán gach bliain, le héifeacht ó 2022, déanfaidh monaróir aon fhíorshonraí agus VINanna a bailíodh sa bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún, mar a shonraítear i dTábla 1 den Iarscríbhinn, trína n-uaslódáil chuig BDR.

I gcás ina ndéanfaidh monaróir roinnt taifead a thagraíonn don VIN céanna a bhailiú sa bhliain féilire chéanna, is iad na fíorshonraí a bheidh le tuairisciú ná an taifead lena léirítear an fad iomlán is airde arna thaisteal. Baileofar fíorshonraí i gcomhair feithicil ar leith go ceann uastréimhse 15 bliana ón dáta a rinneadh na sonraí i leith na feithicle sin a thuairisciú a chéaduair do EEA.

I gcás ina maífidh monaróir nach féidir fíorshonraí a thuairisciú, nó nach féidir iad a thuairisciú ach go páirteach, déanfaidh sé ráiteas sa chiall sin leis an gCoimisiún agus soláthróidh sé na cúiseanna atá leis sin. Déanfar an ráiteas agus an bonn cirt a uaslódáil chuig BDR.

4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le monaróirí ísealtáirgeachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(11) de Rialachán (AE) 2017/1151.

Airteagal 10

Bailiú agus tuairisciú fíorshonraí ag na Ballstáit

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileoidh na comhlachtaí nó na bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Threoir 2014/45/AE fíorshonraí agus VINanna gluaisteán nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua arna gclárú ón 1 Eanáir 2021 agus atá feistithe le feistí ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 4a de Rialachán (AE) 2017/1151.

Le héifeacht ón 20 Bealtaine 2023, baileofar na fíorshonraí maille le VINanna nuair a dhéanfar tástálacha ródacmhainneachta ar na feithiclí i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2014/45/AE, mura rud é go ndiúltóidh úinéir na feithicle go sainráite na sonraí sin a chur ar fáil.

Léifear na fíorshonraí amach trí fheiste a úsáid chun nascadh le comhéadan leictreonach na feithicle, amhail uirlis scanacháin amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/45/AE. Beidh an fheiste a úsáidfear in ann na sonraí a léamh amach agus iad á dtaifeadadh ar an bhfeiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.

2.   Le héifeacht ó 2022, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na fíorshonraí maille leis na VINanna, mar a shonraítear i dTábla 1 den Iarscríbhinn, a bailíodh sa bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú don Choimisiún go bliantúil an 1 Aibreán, trí na sonraí sin a uaslódáil chuig CDR. I gcás nach bhfuil na sonraí sin ar fáil, déanfar ráiteas chuige sin, lena n-áirítear na cúiseanna nach bhfuil na sonraí ar fáil, a uaslódáil chuig CDR.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na fíorshonraí i gcomhair feithicil ar leith a bhailiú go ceann uastréimhse 15 bliana ón dáta a rinneadh na sonraí sin i leith na feithicle a thuairisciú a chéaduair do EEA.

Áiritheoidh an Ballstát agus na comhlachtaí agus na bunaíochtaí atá freagrach as bailiú VINanna go n-úsáidfear modhanna slána cumarsáide don bhailiú sin.

Airteagal 11

Oibleagáidí a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta

1.   Maidir leis na heintitis seo a leanas atá freagrach as VINanna, in éineacht leis na fíorshonraí, a bhailiú go díreach ó na feithiclí, measfar, i dtaca le bailiú agus próiseáil VINanna, gur rialaitheoirí ar na sonraí ábhartha iad de réir bhrí phointe 7 d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679:

(a)

monaróirí i gcás aistrithe díreacha sonraí ó na feithiclí chuig an monaróir;

(b)

déileálaithe údaraithe nó deisitheoirí údaraithe;

(c)

comhlachtaí nó bunaíochtaí atá freagrach as tástáil ródacmhainneachta.

Áiritheoidh na heintitis sin go gcomhlíonfaidh siad an oibleagáid chun faisnéis a sholáthar d’úinéirí na feithicle ina gcáil mar ábhair sonraí, mar a leagtar amach in Airteagal 13 den Rialachán sin.

2.   I gcás ina bhfuarthas VINanna go hindíreach ó úinéir na feithicle chun críoch Airteagal 3, 9 nó 10, áiritheoidh na Ballstáit, agus, i gcás inarb infheidhme, na monaróirí, ina gcáil mar rialaitheoirí sonraí, go gcomhlíonfaidh siad an oibleagáid faisnéis a sholáthar d’úinéirí na feithicle mar a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/679.

3.   Measfar EEA agus an Coimisiún, i dtaca le bailiú agus próiseáil VINanna chun críoch an Rialacháin seo, a bheith ina rialaitheoirí sonraí faoi réir na bhforálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725.

4.   Ní fhéadfar na VINanna agus na fíorshonraí arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10 den Rialachán seo a úsáid chun aon chríche seachas chun na críche sin a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/631

5.   Ní fhéadfar na VINanna agus na fíorshonraí arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10 a choinneáil ach go ceann na dtréimhsí seo a leanas:

(a)

ag monaróirí, go dtí go mbeidh tuarascáil tugtha ar na sonraí sin i gcomhréir le hAirteagal 9(3);

(b)

ag déileálaithe údaraithe agus deisitheoirí údaraithe, go dtí go mbeidh na sonraí sin tarchurtha chuig an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 9(2);

(c)

ag comhlachtaí agus bunaíochtaí atá freagrach as tástálacha ródacmhainneachta, go dtí go mbeidh na sonraí sin tarchurtha chuig EEA, nó chuig an údarás arna ainmniú ag na Ballstáit chun na sonraí a thuairisciú do EEA, i gcomhréir le hAirteagal 10(2);

(d)

ag na húdaráis arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun na fíorshonraí a thuairisciú do EEA, go dtí go mbeidh tuarascáil tugtha ar na sonraí sin i gcomhréir le hAirteagal 10(2);

(e)

ag EEA, go dtí 20 bliain tar éis an dáta a rinneadh na sonraí a uaslódáil a chéaduair chuig BDR i gcomhréir le hAirteagal 9(3) nó chuig CDR i gcomhréir le hAirteagal 10(2).

Airteagal 12

Foilsiú fíorshonraí

Le héifeacht ó mhí na Nollag 2022, foilseoidh an Coimisiún tacair sonraí anaithnidithe agus chomhiomlánaithe a bheidh roinnte idir gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma arna gcumhachtú ag innill dócháin inmheánaigh, agus feithiclí leictreacha hibrideacha luchtaithe sheachtraigh (OVC-HEVanna) de na catagóirí céanna, lena n-áirítear na sonraí seo a leanas in aghaidh an mhonaróra:

(a)

an meánídiú breosla (l/100 km) bunaithe ar na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 9 agus 10;

(b)

an meánídiú fuinnimh leictrigh (kWh/100 km) bunaithe ar na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 9 agus 10;

(c)

meánastaíochtaí CO2 (g/km) arna ríomh ar bhonn na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 9 agus 10;

(d)

an difríocht idir an meánídiú breosla dá dtagraítear i bpointe (a) agus meán na luachanna ídithe breosla arna dtaifeadadh i ndeimhnithe comhréireachta na bhfeithiclí céanna leo siúd ar tuairiscíodh fíorshonraí ina leith;

(e)

an difríocht idir an meánídiú fuinnimh leictrigh dá dtagraítear i bpointe (b) agus meán na luachanna ídithe fuinnimh leictrigh arna dtaifeadadh i ndeimhnithe comhréireachta na bhfeithiclí céanna leo siúd ar tuairiscíodh fíorshonraí ina leith;

(f)

an difríocht idir meánastaíochtaí CO2 (g/km) arna ríomh i gcomhréir le pointe (c) agus meán luachanna astaíochta CO2 arna dtaifeadadh i ndeimhnithe comhréireachta na bhfeithiclí céanna leo siúd ar tuairiscíodh fíorshonraí ina leith;

Ní bheidh feidhm ag pointí (b) agus (e) ach maidir le OVC-HEVanna.

Airteagal 13

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2019/631, athbhreithniú ar Airteagail 9 go 12 den Rialachán seo agus na nithe seo a leanas á mbreithniú aige:

(a)

an líon feithiclí atá feistithe le feistí aistrithe dhírigh sonraí;

(b)

an gá atá le faireachán agus tuairisciú leanúnach ar fhíorshonraí a bheith á ndéanamh ag monaróirí;

(c)

an tréimhse ama ar lena linn is gá faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar fhíorshonraí;

(d)

an leibhéal iomchuí comhiomlánaithe sonraí a bheidh le foilsiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo.

CAIBIDIL 4

FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ AR SHONRAÍ Ó THÁSTÁLACHA ARNA NDÉANAMH I GCOMHRÉIR LE RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2017/1151

Airteagal 14

Sonraí tástála

1.   Áiritheoidh na húdaráis chineálcheadaithe go ndéanfar na sonraí a shonraítear i dTábla 2 den Iarscríbhinn a thaifeadadh do gach tástáil de Chineál 1 a dhéantar i gcomhréir le hIarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151.

2.   Déanfar na sonraí a bheidh taifeadta a uaslódáil i bhformáid chriptithe chuig freastalaí tiomnaithe an Choimisiúin. I gcás ina mbeidh na sonraí uaslódáilte i gceart, cuirfear admháil ó fhreastalaí an Choimisiúin chuig an eintiteas uaslódála.

3.   Ní fhoilseofar na sonraí tástála.

Airteagal 15

Aisghairm

1.   Déantar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1014/2010 agus (AE) Uimh. 293/2012 a aisghairm le héifeacht ón 1 Márta 2021.

2.   Déantar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 agus (AE) 2017/1153 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2025.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 111, 25.4.2019, lch. 13.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1014/2010 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2010 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí i dtaca le clárú gluaisteán nua paisinéirí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 293, 11.11.2010, lch. 15).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 293/2012 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2012 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí i dtaca le clárú feithiclí tráchtála éadroma nua de bhun Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 98, 4.4.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus cothabháil feithiclí lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1).

(5)  Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena leagtar amach modheolaíocht chun na paraiméadair chomhghaolaithe a chinneadh is gá chun an t-athrú ar nós imeachta na tástála rialála a léiriú maidir le feithiclí tráchtála éadroma agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 293/2012 (IO L 175, 7.7.2017, lch. 644).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena leagtar amach modheolaíocht chun na paraiméadair chomhghaolaithe a chinneadh is gá chun an t-athrú ar nós imeachta na tástála rialála a léiriú maidir le feithiclí tráchtála éadroma agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1014/2010 (IO L 175, 7.7.2017, lch. 679).


IARSCRÍBHINN

1.   Bailiú agus tuairisciú fíorshonraí agus VINanna i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10

Tábla 1

– Sonraí a bheidh le tuairisciú i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10

Paraiméadar

Aonad

Feithiclí i gcatagóirí M1 agus N1.

 

 

Feithiclí innill glandócháin inmheánaigh agus feithiclí leictreacha hibrideacha luchtaithe neamhsheachtraigh  (1)

Feithiclí leictreacha hibrideacha luchtaithe sheachtraigh  (2)

Uimhir aitheantais feithicle

-

Breosla iomlán a ídítear (saolré)

l

Fad iomlán a thaistealaítear (saolré)

km

Breosla iomlán a ídítear in oibríocht ídithe luchtaithe (saolré)

l

_

Breosla iomlán a ídítear in oibríocht méadaithe luchtaithe atá inroghnaithe ag an tiománaí (saolré)

l

_

Fad iomlán a thaistealaítear in oibríocht ídithe luchtaithe agus an t-inneall múchta (saolré)

km

_

Fad iomlán a thaistealaítear in oibríocht ídithe luchtaithe agus an t-inneall ar siúl (saolré)

km

_

Fad iomlán a thaistealaítear in oibríocht méadaithe luchtaithe atá inroghnaithe ag an tiománaí (saolré)

km

_

Fuinneamh iomlán eangaí isteach sa cheallra (saolré)

kWh

_

2.   Tuairisciú sonraí i gcomhréir le hAirteagal 14

Déanfar na paraiméadair seo a leanas a thuairisciú le haghaidh gach fine idirshuímh, i.e. le haghaidh uasphointe feithicle (VH) agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh íosphointe feithicle (VL) nó fheithicil M, i gcás thástálacha Chineál 1 arna ndéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151.

Seachas i gcás ina léirítear a mhalairt i dTábla 2, i gcás ina ndéantar ceann amháin nó níos mó de thástálacha Chineál 1 ar uasphointe feithicle nó ar íosphointe feithicle, déanfar na sonraí tástála a thuairisciú i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

i gcás dhá cheann de thástálacha Chineál 1, na sonraí tástála le haghaidh thástáil Chineál 1 ag a bhfuil na hastaíochtaí CO2 is airde arna dtomhas (comhcheangailte);

(b)

i gcás trí cinn de thástálacha Chineál 1, na sonraí tástála le haghaidh thástáil Chineál 1 ag a bhfuil airmheán na n-astaíochtaí CO2 arna dtomhas (comhcheangailte).

Tábla 2

– sonraí thástáil Chineál 1

Uimhir

Paraiméadair

Aonad

Foinse (mura sonraítear a mhalairt, is ag tagairt do Rialachán (AE) 2017/1151 atá na tagairtí uile)

Barúlacha

1

Sainaitheantóir na fine idirshuímh

-

Pointe 0, Roinn II den deimhniú ar chineálcheadú, Foscríbhinn 4 a ghabhann le hIarscríbhinn I.

Soláthrófar sonraí le haghaidh gach fine idirshuímh cineálcheadaithe

2

Sainaitheantóir na máthairfhine idirshuímh (i gcás inarb infheidhme)

-

-

Sonraigh sainaitheantóir na máthairfhine idirshuímh, más rud é gur cinneadh na sonraí tástála le haghaidh fine eile idirshuímh

3

Síneadh le cineálcheadú

-

Deimhniú AE ar chineálcheadú

0 = Níl | 1 = Tá – má tá an tástáil á déanamh chun síneadh a chur le cineálcheadú

4

Cineál tiomána

-

 

ICEV glan, OVC-HEV, NOVC-HEV

5

Catagóir agus aicme feithicle

 

Pointe 0.4, Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

M1 nó N1 Aicme 1, 2 nó 3

6

Cineál adhainte

 

Pointe 3.2.1.1., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

Adhaint dheimhneach nó adhaint comhbhrú

7

Líon sorcóirí

-

Pointe 3.2.1.2., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

Ceithre cinn atá ann, mar réamhshocrú, mura soláthraítear an líon

8

Buille innill

mm

Pointe 3.2.1.2.2., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

 

9

Toilleadh innill

cm3

Pointe 3.2.1.3., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

 

10

Cumhacht rátaithe innill

kW

Pointe 3.2.1.8., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

 

11

Luas innill ag cumhacht rátaithe innill

min-1

Pointe 3.2.1.8., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

Luas innill ag glanchumhacht uasta

12

Cineál breosla

-

Pointe 3.2.2.1. d’Fhoscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

Díosal/Peitreal/GPL/NG nó Bithmheatán/Eatánól(E85)/Bithdhíosal/Hidrigin

13

Feithicil dhá fhoinse breosla

-

Pointe 3.2.2.4., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

0 = Níl | 1 = Tá

I gcás feithiclí dhá fhoinse breosla, soláthrófar torthaí tástála le haghaidh an dá chineál breosla (dhá theimpléad ionchuir)

14

Aschur uasta cumhachta gach meaisín leictrigh (P0, P1, P2, P2 pláinéadach, P3, nó P4) (*1)

kW

Pointe 3.3.1.1.1., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

OVC-HEV agus NOVC-HEV

15

Líon chealla REESS

-

Pointe 3.3.2.1., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

OVC-HEV agus NOVC-HEV

16

Toilleadh ceallra seirbhíse

Ah

Pointe 3.4.4.5., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

Toilleadh ceallra ísealvoltais

17

Voltas ainmniúil an ailtéarnóra

V

Pointe 3.4.4.5., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

Voltas ainmniúil an ailtéarnóra (éigeantach i gcás ICEV glan)

18

Toisí boinn (tosaigh/cúil)

-

Pointe 3.5.7.1.,

Paraiméadair feithicle tástála, Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

Cód boinn (e.g. P195/55R1685H) bhoinn na feithicle tástála

19

Comhéifeacht ualaigh friotaíochta bóthair F0

N

Pointe 3.5.7.1., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

VH agus VL (más infheidhme)

20

Comhéifeacht ualaigh friotaíochta bóthair F1

N/(km/h)

Pointe 3.5.7.1., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

VH agus VL (más infheidhme)

21

Comhéifeacht ualaigh friotaíochta bóthair F2

N/(km/h)2

Pointe 3.5.7.1., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

VH agus VL (más infheidhme)

22

Cineál giarbhosca

-

Pointe 4.5.1., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

uathoibríoch/lámhoibrithe/CVT/pláinéadach

23

Cóimheasa inmheánacha giarbhosca

-

Pointe 4.6., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

Le haghaidh gach giair ar leithligh

24

Cóimheas(a) tiomána deiridh

-

Pointe 4.6., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

Má tá níos mó ná tiomáint deiridh amháin ag an bhfeithicil, tabhair isteach luachanna le haghaidh gach giair ar leithligh

25

Luachanna lamhála breise sábháilteachta (ASM)

%

Pointe 4.6.1.7.1., Foscríbhinn 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I

Tuairiscigh luachanna nuair a bhaintear úsáid astu chun giarathrú a ríomh

26

Rothaí tiomána

-

Pointe 1.7., Foscríbhinn 4 a ghabhann le hIarscríbhinn I

Tiomáint dhá roth, tiomáint ceithre roth.

27

Astaíochtaí CO2 ídithe luchtaithe (comhcheangailte)

gCO2/km

Pointe 2.5.3.2., Foscríbhinn 4 a ghabhann le hIarscríbhinn I

OVC-HEV amháin

I gcás dhá nó trí thástáil, soláthrófar na torthaí ar fad.

28

Astaíochtaí CO2 ualaithe carntha (tomhaiste)

gCO2/km

2.5.3.3., Foscríbhinn 4 a ghabhann le hIarscríbhinn I

OVC-HEV amháin.

I gcás dhá nó trí thástáil, soláthrófar na torthaí ar fad.

29

Astaíochtaí CO2 ualaithe carntha (dearbhaithe)

gCO2/km

Pointe 2.5.3.3., Foscríbhinn 4 a ghabhann le hIarscríbhinn I

OVC-HEV amháin

30

Raon uile leictreach coibhéiseach (EAER) comhcheangailte

km

Pointe 2.5.3.7.2., (EAER), Foscríbhinn 4 a ghabhann le hIarscríbhinn I

OVC-HEV amháin

31

Luas réchasta innill

min-1

Pointe 1.1.2., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Luas réchasta faoi dhálaí te

32

Fachtóirí Willans i gcás ICE le haghaidh astaíochtaí CO2

gCO2/MJ

Pointe 1.1.3., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Luach de réir Thábla A6.App2/3 a úsáidtear chun RCB a cheartú

33

Toilleadh tharraingt REESS

Ah

Pointe 1.1.10., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

OVC-HEV agus NOVC-HEV

34

Cineál teicneolaíochta tharraingt REESS

-

Pointe 1.1.10., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

OVC-HEV agus NOVC-HEV

35

Voltas ainmniúil nó amshraith tharraingt REESS

V

Pointe 1.1.10., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

OVC-HEV agus NOVC-HEV

Luachanna ainmniúla nó amshraithe a úsáidtear don tástáil (20Hz)

36

Mais tástála

kg

Pointe 1.2.1. i gcás VH agus Pointe 1.3.1. i gcás VL, Foscríbhinn 8a, Iarscríbhinn I

VH agus VL (más infheidhme)

37

Líon na n-aiseanna dinimiméadair le linn na tástála

-

Pointe 2.1., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Cumraíocht an dinimiméadair fonnaidh i rith thástáil Chineál 1 (acastóir amháin, dhá acastóir) i gcás VH/VL

38

Sruth ailtéarnóra (tiontaire DC/DC - taobh ísealvoltais – i gcás NOVC-HEVanna agus OVC-HEVanna)

A

Mar a thomhaistear i dtástáil Chineál 1

Eagar: 1Hz, taifeach 0,1A, feiste sheachtrach thomhais a shoncronaítear le dinimiméadar an fhonnaidh

39

Fachtóir Athghiniúnach Ki

iolraíoch/suimitheach

-

Pointe 2.1.1.2.1., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Astaíochtaí CO2; Is ionann agus 1 an luach seo i gcás feithiclí nach bhfuil córais a athghineann go tréimhsiúil acu

40

Luach tomhaiste ísealchéime CO2

gCO2/km

Pointe 2.1.1.2.1., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Luach MCO2.p.1 tomhaiste neamhcheartaithe ísealchéime (luach cothaithe luchtaithe i gcás NOVC-HEVanna agus OVC-HEVanna).

41

Luach tomhaiste meánchéime CO2

gCO2/km

Pointe 2.1.1.2.1., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Luach MCO2.p.1 tomhaiste neamhcheartaithe meánchéime (luach cothaithe luchtaithe i gcás NOVC-HEVanna agus OVC-HEVanna)

42

Luach tomhaiste ardchéime CO2

gCO2/km

Pointe 2.1.1.2.1., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Luach MCO2.p.1 tomhaiste neamhcheartaithe ardchéime (luach cothaithe luchtaithe i gcás NOVC-HEVanna agus OVC-HEVanna).

43

Luach tomhaiste fíor-ardchéime CO2

gCO2/km

Pointe 2.1.1.2.1., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Luach MCO2.p.1 tomhaiste neamhcheartaithe fíor-ardchéime (luach cothaithe luchtaithe i gcás NOVC-HEVanna agus OVC-HEVanna).

44

Luach tomhaiste CO2 (comhcheangailte)

gCO2/km

Pointe 2.1.1.2.1., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Luach MCO2.c.1 tomhaiste neamhcheartaithe timthrialla iomláin (luach cothaithe luchtaithe i gcás NOVC-HEVanna agus OVC-HEVanna). I gcás dhá agus trí thástáil, soláthrófar na torthaí tomhaiste ar fad.

45

CO2 tomhaiste ceartaithe (comhcheangailte)

gCO2/km

Pointe 2.1.1.2.1., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Astaíochtaí CO2 tomhaiste comhcheangailte i gcás VH agus VL tar éis na gceartúchán uile is infheidhme, MCO2,C,5. I gcás dhá agus trí thástáil, soláthrófar na torthaí ceartaithe ar fad. I gcás OVC-HEVanna agus NOVC-HEVanna, is ionann sin agus mód cothaithe luchtaithe

46

Luach dearbhaithe CO2 (comhcheangailte)

gCO2/km

Pointe 2.1.1.2.1., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Luach dearbhaithe an mhonaróra

47

Fachtóir ceartaithe fhine ATCT

-

Pointe 2.1.1.2.2., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Fachtóir ceartaithe fhine ATCT (Ceartúchán 14 °C)

48

Ídiú breosla feadh thástáil Chineál 1 mar a thaifeadtear ar an bhfeiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla (OBFCM)

1

Pointe 2.1.1.3.1., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Breosla a ídítear i rith na tástála (luach cothaithe luchtaithe i gcás NOVC-HEVanna agus OVC-HEVanna). I gcás dhá agus trí thástáil, soláthrófar na torthaí ar fad.

49

Uimhir innéacs thimthriall an aistrithe

-

Pointe 2.1.1.4.1.4., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

i gcás OVC-HEVanna, sonraigh uimhir innéacs thimthriall an aistrithe

50

Voltas REESS ainmniúil

V

Pointe 1.1.10., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

I gcás ceallra ísealvoltais mar a thuairiscítear i bhFoscríbhinn 2 a ghabhann le Fo-Iarscríbhinn 6 a ghabhann le hIarscríbhinn XXI

51

Ceartúchán RCB

 

 

An ndearnadh an ceartúchán?

0 = Ní dhearnadh | 1 = Rinneadh

52

Comhéifeacht cheartúcháin RCB

(g/km)/(Wh/km)

Pointe 2.1.1.2.1., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

NOVC-HEV agus OVC-HEV

53

Ídiú breosla

l/100km

Arna chinneadh i gcomhréir le Pointe 6 d’Fho-Iarscríbhinn 7 a ghabhann le hIarscríbhinn XXI agus úsáid á baint as torthaí le haghaidh critéir maidir le hastaíochtaí agus le haghaidh astaíochtaí CO2 ó Chéim 2 i dTábla A7/1

Ídiú neamhchothromaithe breosla i rith thastáil Chineál 1 le haghaidh VH agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh VL. I gcás dhá nó trí thástáil, tuairisceofar na luachanna ar fad.

54

Am

soicind

Mar a thomhaistear i dtástáil Chineál 1

Eagar: Sonraí maidir le OBD agus le dinimiméadar an fhonnaidh, 1Hz

55

Próifíl treoluais (teoiriciúil)

(km/h)

Mar a chuirtear i bhfeidhm i dtástáil Chineál 1

Eagar: 1Hz, taifeach 0,1km/h. Mura soláthraítear é, tá feidhm ag an bpróifíl luais a shainmhínítear i bPointe 6 d’Fho-Iarscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn XXI agus go háirithe le táblaí A1/7-A1/9, A1/11, agus A1/12

56

Próifíl treoluais (iarbhír)

(km/h)

Mar a thomhaistear i dtástáil Chineál 1

Eagar: Sonraí maidir le OBD agus le dinimiméadar an fhonnaidh, 1Hz agus 10Hz, taifeach 0,1km/h

57

Giar (teoiriciúil)

-

Mar a chuirtear i bhfeidhm i dtástáil Chineál 1 bunaithe ar na ríomhanna a shainmhínítear i bhFo-Iarscríbhinn 2 a ghabhann le hIarscríbhinn XXI

Eagar: 1Hz. Éigeantach d’fheithiclí traiseolta lámhoibrithe

58

Luas innill

rpm

Mar a thomhaistear i dtástáil Chineál 1

Eagar: 1Hz, taifeach 10 rpm ó OBD

59

Teocht fuartháin innill

°C

Mar a thomhaistear i dtástáil Chineál 1

Eagar: Sonraí OBD, 1Hz, taifeach 1 °C

60

Sruth ceallra seirbhíse

A

Mar a thomhaistear i dtástáil Chineál 1

Eagar: 1Hz, taifeach 0,1A, feiste sheachtrach thomhais a shoncronaítear le dinimiméadar an fhonnaidh

61

Lód ríofa

-

Mar a thomhaistear i dtástáil Chineál 1

Eagar: Sonraí OBD, tomhas tástála 1Hz ar a laghad (is féidir minicíochtaí is airde a bheith ann, taifeach 1 %)

62

Sruth tharraingt REESS

A

Mar a thomhaistear i dtástáil Chineál 1

Luachanna amshraithe 20Hz a úsáidtear le haghaidh na tástála/le haghaidh na dtástálacha agus a athshampláiltear go dtí 1Hz

éigeantach le haghaidh NOVC-HEVanna agus OVC-HEVanna

63

Ráta breosla innill

g/s

Mar a thomhaistear i dtástáil Chineál 1

Comhartha meandrach a thaifeadtar le haghaidh tástála (luach cothaithe luchtaithe i gcás NOVC-HEVanna agus OVC-HEVanna).

64

Ráta breosla innill

l/h

Mar a thomhaistear i dtástáil Chineál 1

Idem

65

Ráta breosla feithicle

g/s

Mar a thomhaistear i dtástáil Chineál 1

Idem

66

Cuar cumhachta an lánlóid i gcás ICEVanna

kW vs. rpm

Dearbhú an mhonaróra

Cuar cumhachta an lánlóid roinnte ar raon luais an innill ó n idle go dtí n rated nó n max, nó n dv (n gvmax) × v max, cibé acu is airde

67

staid tosaigh luchtaithe tharraingt REESS

%

Dearbhú an mhonaróra

SOC tosaigh tharraingt REESS faoi dháil cothaithe luchtaithe (i gcás OVC-HEVanna agus NOVC-HEVanna)

68

Ídiú réchasta breosla an innill

g/s

Dearbhú an mhonaróra

Ídiú réchasta breosla faoi dháil the

69

Cumhacht uasta an ailtéarnóra

kW

Dearbhú an mhonaróra

 

70

Éifeachtúlacht an ailtéarnóra

-

Dearbhú an mhonaróra

Luach réamhshocraithe = 0,67

71

Tiontaire casmhóiminte

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl, 1 = Tá; An bhfuil úsáid á baint as tiontaire casmhóiminte san fheithicil seo?

72

Giar atá tíosach ar fhuinneamh le haghaidh traiseoladh uathoibríoch

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl, 1 = Tá

73

Turbaluchtaire nó Sárluchtaire

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl | 1 = Tá - An bhfuil an t-inneall feistithe le haon chineál córais luchtaithe?

74

Tosaigh-stop

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl | 1 = Tá - An bhfuil córas tosaigh-stop ag an bhfeithicil?

75

Athghabháil fuinnimh coscáin

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl | 1 = Tá - An bhfuil teicneolaíochtaí athghabhála fuinnimh ag an bhfeithicil?

76

Gníomhú athraitheach comhla

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl | 1 = Tá - An bhfuil gníomhú athraitheach comhla ina ghné den inneall?

77

Bainistiú teirmeach

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl | 1 = Tá - An bhfuil teicneolaíochtaí ag an bhfeithicil lena ndéantar an teocht ag an ngiarbhosca a bhainistiú go gníomhach?

78

Instealladh díreach/instealladh breosla béalóige

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = PFI | 1 = DI

79

Ísealdó

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl | 1 = Tá - An bhfuil úsáid á baint as ísealdó san inneall?

80

Díghníomhachtú socróra

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl | 1 = Tá - An bhfuil úsáid á baint as córas díghníomhachtaithe sorcóra san inneall? Soláthair cóimheasa na sorcóirí gníomhacha freisin, má tá

81

Ath-imshruthú gáis sceite

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl | 1 = Tá - An bhfuil córas seachtrach EGR ag an bhfeithicil?

82

Scagaire cáithníní

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl | 1 = Tá - An bhfuil scagaire cáithníní ag an bhfeithicil?

83

Dí-ocsaídiú catalaíoch roghnaitheach

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl | 1 = Tá - An bhfuil córas SCR ag an bhfeithicil?

84

Asúiteoir NOx caol

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl | 1 = Tá - An bhfuil asúiteoir NOx caol ag an bhfeithicil?

85

Cumraíocht feithicle hibridí (P0, P1, P2, P2 pláinéadach, P3, nó P4) (*1)

-

Dearbhú an mhonaróra

An bhfuil meaisín leictreach ag an bhfeithicil a mbaintear úsáid as chun an fheithicil a thiomáint agus chun fuinneamh leictreach a ghiniúint i suíomh P0, P1, P2, P2 pláinéadach, P3, nó P4, nó i dteaglam díobh?

86

Aschur uasta casmhóiminte gach meaisín leictrigh (P0, P1, P2, P2 pláinéadach, P3, nó P4) (*1)

Nm

Dearbhú an mhonaróra

 

87

Le haghaidh gach meaisín leictrigh, an cóimheas idir luas rothlach an mheaisín leictrigh agus an luas rothlach tagartha (P0, P1, P2, P2 pláinéadach, P3, nó P4)  (*1)

-

Dearbhú an mhonaróra

 

88

Feidhm saor-rothlaithe agus an t-inneall ar siúl

-

Dearbhú an mhonaróra

Tá/Níl. An bhfuil feidhm saor-rothlaithe innill réchasta ag an bhfeithicil (an féidir an t-inneall a réchasadh le linn don fheithicil a bheith ag saor-rothlú chun breosla a shábháil)?

89

Feidhm saor-rothlaithe agus an t-inneall múchta

-

Dearbhú an mhonaróra

Tá/Níl. An bhfuil feidhm saor-rothlaithe innill stoptha ag an bhfeithicil (an féidir an t-inneall a mhúchadh le linn don fheithicil a bheith ag saor-rothlú chun breosla a shábháil)?

90

Tá an fheithicil neamhiomlán

-

Dearbhú an mhonaróra

0 = Níl | 1 = Tá - An bhfuil an fheithicil neamhiomlán?

91

Mais na feithicle in ord reatha

kg

Pointe 1.1., Foscríbhinn 4 a ghabhann le hIarscríbhinn I

MRO i gcás VH agus VL (más infheidhme)

92

Luas caidhpeáilte na feithicle

(km/h)

Pointe 1.2.3., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I maidir le paraiméadair um roghnú timthrialla

Sonraigh más rud é gur úsáideadh an luas caidhpeáilte (mar aon leis an luach) i dtástáil Chineál 1 i gcás VH agus VL (más infheidhme)

93

Luas uasta na feithicle

(km/h)

Pointe 1.2.3., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I maidir le paraiméadair um roghnú timthrialla

Sonraigh luas uasta na feithicle i gcás VH agus VL (más infheidhme)

94

Faisnéis bhreise chun giarathrú a ríomh

min-1

Giarathrú, Pointe 1.2.4., Foscríbhinn 8a a ghabhann le hIarscríbhinn I

Le haghaidh feithiclí traiseolta lámhoibrithe amháin. Faisnéis maidir le tiomáint n_min.

P1: tá an meaisín leictreach nasctha le cromfhearsaid an innill agus, dá bhrí sin, is é luas an innill is luas tagartha aige;

P2: déantar an meaisín leictreach a fheistiú díreach taobh thuas den traiseoladh (giarbhosca nó traiseoladh athraitheach leanúnach) agus, dá bhrí sin, is é luas ionchur an traiseolta is luas tagartha aige;

P2 pláinéadach: tá an meaisín leictreach nasctha leis an ngiar de thacar giaranna pláinéadacha nach bhfuil nasctha leis an inneall dócháin inmheánaigh ná le taobhanna na tiomána deiridh, a dtagraítear dó anseo mar an taobh pláinéadach. Sa chás sin, is é an cóimheas luais a bheidh le sonrú ná an cóimheas idir an meaisín leictreach agus luas rothlach an taoibh phláinéadaigh (an luas tagartha) lena dtugtar léiriú ar an éifeacht iolraithe/laghdaithe luais atá ag giar laghdaithe;

P3: tá an meaisín leictreach díreach taobh thuas den tiomáint deiridh d’acastóir arna thiomáint agus, dá bhrí sin, is é luas rothlach ionchur na tiomána deiridh is luas tagartha aige (áirítear leis sin meaisíní leictreacha a fheistítear ar an ngiar de chuid tacar giaranna pláinéadacha a shocraítear ar thaobh na tiomána deiridh). Is féidir suas le dhá mheaisín P3 a bheith ag feithicil (ceann amháin don acastóir tosaigh (P3a) agus ceann amháin don acastóir cúil (P3b);

P4: tá an meaisín leictreach taobh thíos den tiomáint deiridh agus, dá bhrí sin, is é luas an rotha is luas tagartha aige. Is féidir suas le ceithre mhótar P4 a bheith ag feithicil (ceann amháin an roth, i gcás ina léirítear rothaí tosaigh le P4a agus ina léirítear rothaí cúil le P4b).


(1)  Arna chumhachtú go heisiach le díosal mianrach, bithdhíosal, peitreal, eatánól nó aon teaglam de na breoslaí sin

(2)  Arna chumhachtú le leictreachas agus díosal mianrach, bithdhíosal, peitreal nó eatánól

(*1)  P0: tá an meaisín leictreach nasctha le crios seirbhíse an innill agus, dá bhrí sin, is é luas an innill is luas tagartha aige;


CINNTÍ

5.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 77/27


CINNEADH (AE) 2021/393 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Márta 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh I gComhchoiste LEE arna bhunú leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a mhéid a bhaineann le leasuithe ar Chaibidil IIa de Phrótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus ar Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Prótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú sin, maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Prótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1) (“Comhaontú LEE”) maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus maidir le bearta slándála custaim (“an Prótacal”) a leasú le Cinneadh Uimh. 76/2009 ó Chomhchoiste LEE (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2009.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh an Comhchoiste arna bhunú le Comhaontú LEE (“Comhchoiste LEE”) cinneadh lena leasaítear Caibidil IIa den Phrótacal, agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal, a ghlacadh le linn an chéad seisiúin eile dá chuid nó trí mhalartú litreacha.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 9h(3) den Phrótacal, is gá leasuithe a dhéanamh ar Chaibidil IIa den Phrótacal, agus ar Iarscríbhínní I agus II a ghabhann leis an bPrótacal, chun forbairt reachtaíocht an Aontais a chur san áireamh maidir le nithe a chumhdaítear leis an gCaibidil sin agus leis na hIarscríbhinní sin. Ina theannta sin, mura féidir cinneadh a ghlacadh le haghaidh chur chun feidhme comhuaineach na leasuithe ar an bPrótacal agus na leasuithe ar reachtaíocht an Aontais, tá na leasuithe dá bhforáiltear sa Dréachtchinneadh a tíolacadh le go bhformheasfadh na Páirtithe Conarthacha iad le cur i bhfeidhm go sealadach i gcás inar féidir ón 15 Márta 2021, le lánurraim do nósanna imeachta inmheánacha na bPáirtithe Conarthacha. Beidh an dáta sin i gcomhthráth leis an gcéad eisiúint de Chóras Rialaithe Allmhairí 2, rud ar chomhaontaigh an Iorua páirt a ghlacadh ann.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar Chaibidil IIa den Phrótacal agus ar Iarscríbhínní I agus II den Phrótacal a bhunú, toisc go mbeidh na leasuithe sin ina cheangal ar an Aontas.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcéad chruinniú eile de chuid an Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, nó trí mhalartú litreacha, a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar Chaibidil IIa de Phrótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú sin, agus ar Iarscríbhínní I agus II de Phrótacal 10 a ghabhann leis an gComhaontú sin, is ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (3) a bheidh sé bunaithe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(2)  Cinneadh Uimh. 76/2009 ó Chomhchoiste LEE an 30 Meitheamh 2009 lena leasaítear Prótacal 10 maidir le cigireachtaí agus foirmiúlachtaí a shimpliú i leith earraí a iompar agus Prótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 (IO L 232, 3.9.2009, lch. 40).

(3)  Féach doiciméad ST 5661/21 ar http://register.consilium.europa.eu


5.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 77/29


CINNEADH (CBES) 2021/394 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Márta 2021

lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/119/CBES (1).

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2014/119/CBES, ba cheart síneadh a chur, go dtí an 6 Meán Fómhair 2021 i ndáil le duine amháin agus go dtí an 6 Márta 2022 i ndáil le seachtar, le cur i bhfeidhm beart sriantach atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe, agus ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le beirt a scriosadh. Ba cheart an fhaisnéis san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES maidir leis na cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, lena n-áirítear an ceart bunúsach chun éisteacht chóir phoiblí a fháil laistigh de thréimhse réasúnach ama ó bhinse neamhspleách neamhchlaonta arna bhunú roimhe sin le dlí, a nuashonrú.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/119/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 6 Márta 2022. I dtaca le hiontráil 17 den Iarscríbhinn, beidh feidhm ag na bearta in Airteagal 1 go dtí an 6 Meán Fómhair 2021.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Cinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle an 5 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO L 66, 6.3.2014, lch. 26).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES mar a leanas:

(1)

i roinn A. (“Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1”), scriostar na hiontrálacha do na daoine seo a leanas:

13.

Dmytro Volodymyrovych Tabachnyk;

15.

Serhiy Hennadiyovych Arbuzov;

(2)

i roinn B. (“Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil”), cuirtear an méid seo thíos isteach ina hionad:

“B.

Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil

Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil faoi Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil

Foráiltear le hAirteagal 42 de Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil (“an Cód um Nós Imeachta Coiriúil”) go bhfuil cearta chun cosanta ag an uile dhuine atá faoi dhrochamhras nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla chomh maith leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Áirítear orthu sin: an ceart go n-inseofar do dhuine faoin gcion coiriúil a bhfuil drochamhras ina leith faoi nó a cuireadh ina leith; an ceart go n-inseofar, go sainráite agus gan mhoill, do dhuine faoi na cearta atá aige faoin gCód um Nós Imeachta Coiriúil; an ceart chun dlíodóir cosanta a fháil, nuair a iarrtar ar dtús é; an ceart chun achainíocha a thíolacadh le haghaidh caingne nós imeachta; agus an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha an imscrúdaitheora, an ionchúisitheora phoiblí agus an bhreithimh imscrúdaithe.

Déantar idirdhealú in Airteagal 303 de Chód an Nós Imeachta Choiriúil idir cinntí agus neamhghníomhartha ar féidir agóid a dhéanamh ina gcoinne le linn na n-imeachtaí réamhthrialach (an chéad mhír) agus cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha is féidir a bhreithniú sa chúirt le linn imeachtaí ullmhúcháin (an dara mír). Foráiltear le hAirteagal 306 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil nach mór do bhreitheamh imscrúdaithe de chuid Cúirte áitiúla gearáin i gcoinne chinntí, ghníomhartha nó neamhghníomhartha an imscrúdaitheora nó an ionchúisitheora phoiblí a bhreithniú i láthair an ghearánaigh nó a dhlíodóra cosanta nó a ionadaí dlíthiúil. Foráiltear le hAirteagal 308 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil go bhféadfar gearáin i gcoinne imscrúdaitheora nó ionchúisitheoir poiblí maidir le mainneachtain tréimhse réasúnach ama a urramú le linn an imscrúdaithe réamhthrialach, go bhféadfar iad a thaisceadh le hionchúisitheoir poiblí uachtarach agus nach mór iad a bhreithniú laistigh de thrí lá ón uair a thaisctear iad. Lena chois sin, sonraítear in Airteagal 309 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil na cinntí ó bhreithiúna imscrúdaithe a bhféadfar agóid a dhéanamh ina gcoinne le hachomharc, agus sonraítear ann freisin go bhféadfadh cinntí eile a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach le linn imeachtaí ullmhúcháin sa Chúirt. Anuas air sin, ní féidir caingne áirithe imscrúdaitheacha nós imeachta a thabhairt ach amháin faoi réir rialú ón mbreitheamh imscrúdaithe nó ó Chúirt (e.g. maoin a urghabháil faoi Airteagail 167-175, agus bearta coinneála faoi Airteagail 176-178, den Chód um Nós Imeachta Coiriúil).

Cur i bhfeidhm na gceart chun cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil i gcás gach duine de na daoine a liostaítear

1.

Viktor Fedorovych Yanukovych

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Yanukovych Uasal chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinneadh High Anti-Corruption Court (Ard-Chúirt Frith-Éillithe) na hÚcráine an 11 Lúnasa 2020 inar scrúdaigh an Chúirt achainí an National Anti-Corruption Bureau (Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe) na hÚcráine agus inar thug sí cead an tUasal Yanukovych a ghabháil. Sa rialú ón gCúirt sin, dheimhnigh an breitheamh imscrúdaithe, go bhfuil amhras réasúnach ann go raibh an tUasal Yanukovych rannpháirteach i gcion coiriúil maidir le míleithreasú agus deimhníodh freisin stádas an Uasail Yanukovych sna himeachtaí coiriúla mar dhuine atá faoi amhras.

Shuigh an Ard-Chúirt Frith-Éillithe freisin go bhfuil an tUasal Yanukovych ina chónaí lasmuigh den Úcráin ó 2014 i leith. Chinn an Chúirt gurbh ann d’fhorais leordhóthanacha lena chreidiúint go raibh an tUasal Yankovych á cheilt féin ar na comhlachtaí imscrúdaithe réamhthrialacha.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn a bhfuil imscrúdú á sheachaint ag Yanukovych Uasal a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chúirt, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ó Ard-Chúirt Frith-Éillithe agus a chuirtear i leith an Uasail Yanukovych.

2.

Vitalii Yuriyovych Zakharchenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Zakharchenko Uasal chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe leis na cinntí ón mbreitheamh imscrúdaithe an 21 Bealtaine 2018, an 23 Samhain 2018 agus an 27 Samhain 2019 lena dtugtar cead an tUasal Zakharchenko a choinneáil.

Ina theannta sin, tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun an tUasal Zakharechenko a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe an tUasal Zakharchenko a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé an iarraidh ar aghaidh chuig an Department of International Police Cooperation of the National Police of Ukraine (an Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine) le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol.

Filleadh ar an imscrúdú réamhthrialach an 28 Feabhra 2020 agus rinneadh gníomhartha nós imeachta agus imscrúdaithe. Chuir an comhlacht imscrúdaithe an t-imscrúdú réamhthrialach ar fionraí an 3 Márta 2020 agus chinn sé go bhfuil an tUasal Zakharchenko á cheilt féin ón gcomhlacht imscrúdaithe agus ón gCúirt chun dliteanas coiriúil a sheachaint, nach eol cá bhfuil sé agus go ndearnadh gach gníomh imscrúdaitheach (cuardaigh) agus nós imeachta a d’fhéadfaí a dhéanamh in éagmais daoine atá faoi amhras. D’fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin maidir le fionraí.

Ní féidir a fháil amach go ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Zakharchenko an t-imscrúdú a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith an Uasail Zakharchenko.

3.

Viktor Pavlovych Pshonka

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Pshonka Uasal chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe leis an bhfíric gur seachadadh fógra i scríbhinn an 22 Nollaig 2014 faoi dhrochamhras a bheith ann faoi, leis an bhfíric go raibh an deis ann achomharc a dhéanamh i leith chinneadh an 16 Meitheamh 2017 imeachtaí coiriúla a chur ar fionraí agus le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 12 Márta 2018, an 13 Lúnasa 2018 agus an 5 Meán Fómhair 2019 lena dtugtar cead an tUasal Pshonka a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht.

Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun an tUasal Pshonka a chuardach. An 24 Iúil 2020, seoladh iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig údaráis inniúla Chónaidhm na Rúise chun áit an Uasail Pshonka a fháil amach agus chun é a dhiancheistiú. Tá an iarraidh fós sin ar feitheamh. Cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach ar fionraí an 24 Iúil 2020 de bharr an gá atá le gníomhartha nós imeachta a dhéanamh i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta.

Dhiúltaigh údaráis na Rúise d’iarrataí ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta a cuireadh chucu in 2016 agus in 2018.

Sa chinneadh uaithi an 2 Deireadh Fómhair 2020, dhíbh an High Anti-Corruption Court of Ukraine (Ard-Chúirt Frith-Éillithe na hÚcráine),, an t-achomharc a thíolaic dlíodóir Viktor Pshonka chun an fógra amhrais dar dáta an 23 Nollaig 2014 a chur ar ceal. Chinn an Chúirt gur seirbheáladh an fógra amhrais i gcomhréir le Cód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine agus dhearbhaigh sí stádas an Uasail Pshonka sna himeachtaí coiriúla.

An 7 Bealtaine 2020 agus an 9 Samhain 2020, dhiúltaigh High Anti-Corruption Court of Ukraine (Ard-Chúirt Frith-Éillithe na hÚcráine) iarratas chun tús a chur le himeachtaí a dhéanadh de bhonn gearán dlíodóirí maidir le neamhghníomhaíocht an National Anti-Corruption Bureau of Ukraine (Bhiúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine) sna himeachtaí coiriúla. Dhearbhaigh an Appellate Chamber of the High Anti-Corruption Court (Dlísheomra Achomhairc na hArd-Chúirte Frith-Éillithe) na cinntí sin an 1 Meitheamh 2020 agus an 26 Samhain 2020 faoi seach.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag an Uasal Pshonka a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ón Ard-Chúirt Frith-Éillithe agus a chuirtear i leith an Uasail Pshonka agus, roimhe sin, de bharr neamh-fhorghníomhú na n-iarrataí ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.

6.

Viktor Ivanovych Ratushniak

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Ratushniak Uasal chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 21 Bealtaine 2018, an 23 Samhain 2018 agus an 4 Nollaig 2019 lena dtugtar cead Ratushniak Uasal a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht.

Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Ratushniak Uasal a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe Ratushniak Uasal a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé an iarraidh ar aghaidh chuig an Department of International Police Cooperation of the National Police of Ukraine (an Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine) le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol.

An 28 Feabhra 2020, tosaíodh arís ar an imscrúdú réamhthrialach d’fhonn gníomhaíochtaí nós imeachta agus imscrúdaithe a dhéanamh. Chuir an comhlacht imscrúdaithe an t-imscrúdú réamhthrialach ar fionraí an 3 Márta 2020 agus chinn sé go bhfuil an tUasal Ratusniak á cheilt féin ó na comhlachtaí imscrúdaithe agus ón gCúirt chun dliteanas coiriúil a sheachaint, nach eol cá bhfuil sé agus go ndearnadh gach gníomh imscrúdaitheach (cuardaigh) agus nós imeachta a d’fhéadfaí a dhéanamh in éagmais daoine atá faoi amhras. D’fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin maidir le fionraí.

Ní féidir a fháil amach go ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Ratusniak Uasal a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measannan Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith Ratushniak Uasail.

7.

Oleksandr Viktorovych Yanukovych

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Yanukovych Uasal chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Yanukovych Uasal, atá ina chónaí i gCónaidhm na Rúise agus ag éalú ón imscrúdú, a chuardach.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Yanukovych Uasal a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith Yanukovych Uasail.

9.

Artem Viktorovych Pshonka

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Pshonka Uasal chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe leis an bhfíric gur seachadadh fógra i scríbhinn an 29 Nollaig 2014 faoi dhrochamhras a bheith ann faoi, leis an bhfíric go raibh an deis ann achomharc a dhéanamh i leith chinneadh an 16 Meitheamh 2017 imeachtaí coiriúla a chur ar fionraí agus le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 12 Márta 2018, an 13 Lúnasa 2018 agus an 5 Meán Fómhair 2019 lena dtugtar cead Pshonka Uasal a choinneáil d’fhonn é a thabhairt chun na Cúirte chun an achainí maidir le cur i bhfeidhm coinneála faoi choimeád a éisteacht.

Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Pshonka Uasal a chuardach. An 24 Iúil 2020, seoladh iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig údaráis inniúla Chónaidhm na Rúise chun áit an duine atá faoi amhras a fháil amach agus chun é a dhiancheistiú. Tá an iarraidh sin fós ar feitheamh. Cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach ar fionraí an 24 Iúil 2020 de bharr an gá atá le gníomhartha nós imeachta a dhéanamh i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta.

Dhiúltaigh údaráis na Rúise don iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta a cuireadh chucu in 2018.

Sa chinneadh uaithi an 8 Iúil 2020, dhíbh an High Anti-Corruption Court of Ukraine (Ard-Chúirt Frith-Éillithe na hÚcráine), an t-achomharc a thíolaic an dlíodóir atá ag Artem Pshonka chun cinneadh an 30 Aibreán 2015 - an t-imscrúdú réamhthrialach a chur ar fionraí - a chur ar ceal. Chinn an Chúirt freisin gur seirbheáladh an fógra amhrais i gcomhréir le Cód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine agus dhearbhaigh sí stádas Pshonka Uasail sna himeachtaí coiriúla.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ina ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Pshonka Uasal a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ón Ard-Chúirt Frith-Éillithe agus a chuirtear i leith Pshonka Uasail agus, roimhe sin, de bharr neamh-fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.

12.

Serhiy Vitalyovych Kurchenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Kurchenko Uasal chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinneadh an bhreithimh imscrúdaithe an 7 Márta 2018 lena gceadaítear imscrúdú speisialta a dhéanamh in absentia. Ina theannta sin, tugadh fógra don chosaint gur tugadh chun críche an t-imscrúdú réamhthrialach an 28 Márta 2019 agus tugadh rochtain ar na hábhair dóibh chun taithíochta. Tá faisnéis ag an gComhairle go bhfuil taithíocht na cosanta ar bun i gcónaí.

Sa chinneadh uaithi an 29 Aibreán 2020, cheadaigh Cúirt Achomhairc Odessa achomharc an ionchúisitheora agus d’fhorchuir sí beart coisctheach coinneála faoi choimeád ar Kurchenko Uasal. Dúirt an Chúirt freisin gur fhág Kurchenko Uasal an Úcráin in 2014 agus nach eol cá bhfuil sé. Chinn an Chúirt go bhfuil Kurchenko Uasal á cheilt féin ó na comhlachtaí imscrúdaithe réamhthrialach chun dliteanas coiriúil a sheachaint.

Cuireadh in iúl don Chomhairle an 29 Aibreán 2020 gur chuir údaráis na hÚcráine iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise, a cuireadh ar ais an 28 Iúil 2020 gan forghníomhú.

I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Kurchenko Uasal a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ó Chúirt Achomhairc Odessa agus a chuirtear i leith an Uasail Kurchenko agus de bharr neamh-fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.

17.

Oleksandr Viktorovych Klymenko

Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Klymenko Uasal chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe leis na cinntí ón mbreitheamh imscrúdaithe an 1 Márta 2017 agus an 5 Deireadh Fómhair 2018 lena gceadaítear imscrúdú speisialta a dhéanamh in absentia. Tugann an Chomhairle faoi deara gur cuireadh an chosaint ar an eolas faoi thabhairt chun críche na n-imscrúduithe réamhthrialach in 2017 agus 2018, faoi seach agus gur cuireadh ábhair faoi na himeachtaí coiriúla ar fáil di ina dhiaidh sin ar mhaithe le taithíocht. Tá athbhreithniú agus scrúdú á dhéanamh i gcónaí, ag an gcosaint, ar an líon mór ábhar atá ar fáil i ndáil leis an imscrúdú réamhthrialach ar imeachtaí coiriúla. Measann an Chomhairle go bhfuil sé inchurtha i leith na cosanta an tréimhse taithíochta a bheith chomh fada sin.”.


5.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 77/35


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/395 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Márta 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le hairíonna leictreastatacha éadaí cosanta, éadaí cosanta do chomhraiceoirí dóiteáin agus tiománaithe gluaisrothar, éadaí cosanta atá le húsáid sa chlársciáil agus a chaitheann oibreoirí a chuireann lotnaidicídí amach, éadaí cosanta d’oibrithe athiontrála, trealaimh infheictheachta feabhsaithe le haghaidh cásanna meánriosca, trealaimh sléibhteoireachta agus éadaí cosanta ar na guaiseanna teirmeacha a bhaineann le stua leictreach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh cosanta pearsanta atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna de na caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a chumhdaítear faoi na caighdeáin sin nó faoi chodanna díobh.

(2)

Le litir M/031, dar teideal “sainordú caighdeánaithe do CEN/CENELEC maidir le caighdeáin le haghaidh trealamh cosanta pearsanta”, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt agus a tharraingt suas chun tacú le Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (3)..

(3)

Ar bhonn iarraidh M/031 ar chaighdeánú, dhréachtaigh CEN roinnt caighdeán nua agus rinne sé athbhreithniú ar roinnt caighdeán comhchuibhithe a bhí ann cheana.

(4)

An 19 Samhain 2020, chuaigh iarraidh M/031 ar chaighdeánú in éag agus cuireadh iarraidh nua ar chaighdeánú ina hionad faoi mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 ón gCoimisiún (4).

(5)

Ós rud é go ndeachaigh Rialachán (AE) 2016/425 i mbun na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta is infheidhme maidir le trealamh cosanta pearsanta a leagtar síos le Treoir 89/686/CEE, dréachtchaighdeáin chomhchuibhithe a forbraíodh faoi iarraidh M/031 ar chaighdeánú, cumhdaítear iad faoin iarraidh ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924. Dá bhrí sin, ba cheart a dtagairtí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is féidir glacadh leis go heisceachtúil nach bhfuil tagairt shainráite don iarraidh ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, nach bhfuil tagairt shainráite di i gcaighdeáin den sórt sin a d’fhorbair agus a d’fhoilsigh CEN agus CENELEC le linn na hidirthréimhse idir iarraidh M/031 ar chaighdeánú agus an iarraidh ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924.

(6)

Ar bhonn iarraidh M/031 ar chaighdeánú agus ar bhonn na hiarrata ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, dhréachtaigh CEN agus CENELEC na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas: EN 17109:2020 maidir le córais sábháilteachta aonair le haghaidh cúrsaí rópa, EN ISO 20320:2020 maidir le cosantóirí rostaí atá le húsáid sa chlársciáil, leasú darb ainm EN ISO 27065:2017/A1:2019 ar chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 27065:2017 maidir le ceanglais feidhmíochta le haghaidh éadaí cosanta a chaitheann oibreoirí agus lotnaidicídí á gcur síos acu agus le haghaidh oibrithe athiontrála, agus EN 61482-2:2020 maidir le héadaí cosanta i gcoinne guaiseanna teirmeacha stua leictrigh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425.

(7)

Ar bhonn iarraidh M/031 ar chaighdeánú agus ar bhonn na hiarrata ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 469:2005, faoi mar a leasaíodh le EN 469:2005/A1:2006 agus a ceartaíodh le EN 469:2005/AC:2006 agus EN 1149-5:2008, ar foilsíodh a dtagairtí i sraith C d' Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5). Is é an toradh a bhí ar an athbhreithniú sin gur glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN 469:2020 maidir le ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta do ghníomhaíochtaí comhraic dóiteáin, agus EN 1149-5:2018 maidir le hairíonna leictreastatacha éadaí cosanta.

(8)

Ar bhonn iarraidh M/031 ar chaighdeánú agus ar bhonn na hiarrata ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 13595:-1:2002 agus EN 13595-3:2002, ar foilsíodh a dtagairtí i sraith C d' Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6). Is é an toradh a bhí ar an athbhreithniú sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas – EN 17092-2:2020 maidir le baill éadaí chosanta aicme AAA do ghluaisrothaithe, EN 17092-3:2020 maidir le baill éadaí chosanta aicme AA do ghluaisrothaithe, EN 17092-4:2020 maidir le baill éadaí chosanta aicme A do ghluaisrothaithe, EN 17092-5:2020 maidir le baill éadaí chosanta aicme B do ghluaisrothaithe, agus EN 17092-6:2020 maidir le baill éadaí chosanta aicme C do ghluaisrothaithe.

(9)

Ar bhonn iarraidh M/031 ar chaighdeánú agus ar bhonn na hiarrata ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 1150:1999 agus EN 13356:2001, ar foilsíodh a dtagairtí i sraith C d' Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (7). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 17353:2020 maidir le trealamh infheictheachta feabhsaithe le haghaidh cásanna meánriosca.

(10)

Na caighdeáin a rinne CEN agus CENELEC a dhréachtú agus a athbhreithniú, rinne an Coimisiún in éineacht le CEN agus CENELEC measúnú ar cé acu a chomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh ar chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 nó nach gcomhlíonann.

(11)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN 17109:2020, EN ISO 20320:2020, EN ISO 27065:2017/A1:2019, EN 469:2020, EN 1149-5:2018, EN 17092-2:2020, EN 17092-3:2020, EN 17092-4:2020, EN 17092-5:2020, EN 17092-6:2020, EN 17353:2020, EN 61482-2:2020, agus an leasú darb ainm EN ISO 27065:2017/A1:2019 a rinneadh ar EN ISO 27065:2017, comhlíonann siad na ceanglais a bhfuil sé d’aidhm acu iad a chumhdach agus a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/425. Dá bhrí sin, is iomchuí tagairtí na gcaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(12)

Dá bhrí sin, tagairtí chaighdeáin chomhchuibhithe EN 469:2005, faoi mar a leasaíodh le EN 469:2005/A1:2006 agus a ceartaíodh le EN 469:2005/AC:2006, EN 1149-5:2008, EN 13595-1:2002, EN 13595-3:2002, EN 1150:1999, EN 13356:2001 agus EN ISO 27065:2017, is gá iad a tharraingt siar ó shraith C d' Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é go ndearnadh athbhreithniú ar na caighdeáin sin.

(13)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 ón gCoimisiún (8) liostaítear tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425, agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 liostaítear tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 atá tarraingthe siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ó na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 a leasú dá réir.

(15)

Tarraingt siar thagairtí na gcaighdeán éagsúla a liostaítear in Iarscríbhinn II, is gá é sin a chur siar ar mhaithe lena ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm na gcaighdeán athbhreithnithe leasaithe.

(16)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuiltear comhréireach leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeáin den chineál sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).

(3)  Treoir 89/686/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta (IO L 399, 30.12.1989, lch. 18).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 ón gCoimisiún an 19.11.2020 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú i ndáil le trealamh cosanta pearsanta chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)  IO C 113, 27.3.2018, lch. 41.

(6)  IO C 113, 27.3.2018, lch. 41.

(7)  IO C 113, 27.3.2018, lch. 41.

(8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2020 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh cosanta pearsanta a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 156, 19.5.2020, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

Tagairt an chaighdeáin

“20.

EN 1149-5:2018

Éadaí cosanta - Airíonna leictreastatacha – Cuid 5: Ceanglais maidir le feidhmíocht agus dearadh éadaigh

21.

EN 17092-2:2020

Baill éadaí chosanta do ghluaisrothaithe – Cuid 2: Baill éadaí Aicme AAA - Ceanglais

22.

EN 17092-3:2020

Baill éadaí chosanta do ghluaisrothaithe – Cuid 3: Baill éadaí Aicme AA - Ceanglais

23.

EN 17092-4:2020

Baill éadaí chosanta do ghluaisrothaithe – Cuid 4: Baill éadaí Aicme A - Ceanglais

24.

EN 17092-5:2020

Baill éadaí chosanta do ghluaisrothaithe – Cuid 5: Baill éadaí Aicme B - Ceanglais

25.

EN 17092-6:2020

Baill éadaí chosanta do ghluaisrothaithe – Cuid 6: Baill éadaí Aicme C - Ceanglais

26.

EN 17109:2020

Trealamh sléibhteoireachta - Córais sábháilteachta aonair le haghaidh cúrsaí rópa - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

27.

EN 61482-2:2020

Oibriú beo - Éadaí cosanta i gcoinne guaiseanna teirmeacha stua leictrigh – Cuid 2: Ceanglais

28.

EN ISO 20320:2020

Éadaí cosanta atá le húsáid i gClársciáil - Cosantóirí Rostaí - Ceanglais agus modhanna tástála (ISO 20320:2020)

29.

EN 17353:2020

Éadaí cosanta - Trealamh infheictheachta feabhsaithe le haghaidh cásanna meánriosca - Modhanna tástála agus ceanglais

30.

EN 469:2020

Éadaí cosanta do chomhraiceoirí dóiteáin - Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta do ghníomhaíochtaí comhraic dóiteáin

31.

EN ISO 27065:2017

Éadaí cosanta - Ceanglais feidhmíochta le haghaidh éadaí cosanta a chaitheann oibreoirí agus lotnaidicídí á gcur síos acu agus le haghaidh oibrithe athiontrála (ISO 27065:2017)

EN ISO 27065:2017/A1:2019”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

Tagairt an chaighdeáin

Dáta an tarraingt siar

“15.

EN 469:2005

Éadaí cosanta do chomhraiceoirí dóiteáin - Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta do ghníomhaíochtaí comhraic dóiteáin

EN 469:2005/A1:2006

EN 469:2005/AC:2006

5 Meán Fómhair 2022

16.

EN 1149-5:2008

Éadaí cosanta - Airíonna leictreastatacha – Cuid 5: Ceanglais maidir le feidhmíocht agus dearadh éadaigh

5 Meán Fómhair 2022

17.

EN 13595-1:2002

Éadaí cosanta do ghluaisrothaithe gairmiúla — Seaicéid, brístí agus cultacha aonphíosa nó cultacha roinnte — Cuid 1: Ceanglais ghinearálta

5 Meán Fómhair 2022

18.

EN 13595-3:2002

Éadaí cosanta do ghluaisrothaithe gairmiúla - Seaicéid, brístí agus cultacha aonphíosa nó cultacha roinnte — Cuid 3: Modh tástála le haghaidh neart pléasctha a chinneadh

5 Meán Fómhair 2022

19.

EN 1150:1999

Éadaí cosanta — Éadaí infheictheachta d’úsáid neamhghairmiúil — Modhanna tástála agus ceanglais

5 Meán Fómhair 2022

20.

EN 13356:2001

Oiriúintí infheictheachta d’úsáid neamhghairmiúil — Modhanna tástála agus ceanglais

5 Meán Fómhair 2022

21.

EN ISO 27065:2017

Éadaí cosanta - Ceanglais feidhmíochta le haghaidh éadaí cosanta a chaitheann oibreoirí agus lotnaidicídí á gcur síos acu agus le haghaidh oibrithe athiontrála (ISO 27065:2017)

5 Meán Fómhair 2022”.