ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 49

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
12 Feabhra 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú

1

 

*

Rialachán (AE) 2021/168 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le spot-tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe de chuid tríú tíortha a dhíolmhú agus athsholáthairtí le haghaidh tagarmharcanna ar scor áirithe a ainmniú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ( 1 )

6

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/169 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na Ríochta Aontaithe ar an liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach ( 1 )

18

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

12.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 49/1


RIALACHÁN (AE) 2021/167 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear creat comhchoiteann reachtach maidir le cearta an Aontais faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fheidhmiú i gcásanna sonracha áirithe. Baineann ceann de na cásanna sin leis na sásraí réitigh díospóidí arna gcur ar bun leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus le comhaontuithe idirnáisiúnta trádála eile, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha. Le Rialachán (AE) Uimh. 654/2014, cuirtear ar chumas an Aontais lamháltais nó oibleagáidí eile faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fhionraí tar éis imeachtaí um réiteach díospóidí a bheith tugtha i gcrích.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 654/2014, ní dhéileáiltear le cásanna ina bhfuil ceart caingne ag an Aontas mar fhreagairt ar bheart atá á choinneáil i bhfeidhm ag tríú tír ach ina bhfuil bac curtha ar réiteach díospóidí trí bhreithniú nó nach bhfuil fáil air ar shlí eile toisc nach bhfuil an tríú tír a bhfuil an beart glactha aici ag comhoibriú.

(3)

Ní raibh Comhlacht um Réiteach Díospóidí EDT in ann folúntais a líonadh i gComhlacht Achomhairc EDT (“Comhlacht Achomhairc EDT”). Ní bhíonn Comhlacht Achomhairc EDT in ann a fheidhm a chomhlíonadh a thuilleadh nuair is lú ná triúr líon na gComhaltaí de Chomhlacht Achomhairc EDT atá fágtha. Go dtí go réiteofar an cheist sin agus chun prionsabail shár-riachtanacha agus gnéithe sár-riachtanacha chóras réitigh díospóidí EDT agus cearta nós imeachta an Aontais i ndíospóidí leanúnacha agus i ndíospóidí a bheidh ann amach anseo a chaomhnú, tá iarracht déanta ag an Aontas socruithe eatramhacha a chomhaontú maidir le headráin achomhairc de bhun Airteagal 25 de Chomhaontú EDT maidir le Rialacha agus Nósanna Imeachta lena Rialaítear Réiteach Díospóidí (“Comhaontú EDT um Réiteach Díospóidí”). D’fhormhuinigh an Chomhairle an cur chuige sin an 27 Bealtaine 2019, an 15 Iúil 2019 agus an 15 Aibreán 2020 agus tacaíodh leis i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Samhain 2019 maidir le géarchéim Chomhlacht Achomhairc EDT. Má dhiúltaíonn Comhalta de chuid EDT socrú den sórt sin a dhéanamh, agus má chuireann sé achomharc faoi bhráid Chomhlacht Achomhairc EDT atá neamhfheidhmiúil, is amhlaidh a chuirtear bac ar réiteach na díospóide dá dhroim sin.

(4)

D’fhéadfadh cás comhchosúil teacht chun cinn faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, i gcás nach gcomhoibríonn tríú tír ar an mbealach is gá le go bhfeidhmeoidh réiteach díospóidí, mar shampla i gcás nach gceapann sí eadránaí agus i gcás nach bhforáiltear d’aon sásra chun feidhmiú réitigh díospóidí i gcás den sórt sin a áirithiú.

(5)

Má tá bac ar réiteach díospóidí, níl an tAontas in ann comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú. Is iomchuí, dá bhrí sin, raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 a leathnú chun cásanna den sórt sin a chumhdach.

(6)

Chuige sin, ba cheart don Aontas a bheith in ann lamháltais nó oibleagáidí eile faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, a fhionraí go gasta más rud é nach féidir dul ar iontaoibh réitigh díospóidí cheangailtigh ar bhealach éifeachtach toisc nach gcomhoibríonn an tríú tír chun é a dhéanamh indéanta dul ar iontaoibh réitigh díospóidí den sórt sin.

(7)

Is iomchuí freisin a leagan amach, i gcás ina ndéantar bearta chun srian a chur ar thrádáil le tríú tír, nár cheart do bearta den sórt sin dul thar neamhniú nó lagú leasanna tráchtála an Aontais arb iad bearta an tríú tír sin is cúis leis, i gcomhréir le hoibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta.

(8)

Baineann bearta atá le glacadh de bhun an Rialacháin seo go sonrach leis an trádáil idirnáisiúnta sa mhéid go bhfuil siad ceaptha go bunúsach chun trádáil den sórt sin a rialú agus chun éifeachtaí díreacha agus láithreacha a bheith acu uirthi agus, dá bhrí sin, go dtagann siad faoi raon feidhme inniúlacht eisiach an Aontais de bhun Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (3).

(9)

Is ionann seirbhísí agus cearta maoine intleachtúla agus sciar mór atá ag dul i méid den trádáil dhomhanda agus cumhdaítear iad le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha de chuid an Aontais. Maidir le bearta i réimsí na trádála i seirbhísí agus na ngnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil, ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh i raon feidhme na mbeart beartais trádála atá ar fáil don Aontas chun go mbeidh Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 níos comhsheasmhaí agus níos éifeachtaí.

(10)

Leis an Rialachán seo, ba cheart a áirithiú go gcuirfear an sásra forfheidhmiúcháin i ndíospóidí trádála a bhaineann le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, i bhfeidhm go comhleanúnach. Is dlúthchuid de bheartas trádála an Aontais é sásra forfheidhmiúcháin na gcaibidlí Trádála agus Forbartha Inbhuanaithe de chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta an Aontais agus bheadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le lamháltais nó oibleagáidí eile a fhionraí agus maidir le bearta a ghlacadh mar fhreagairt ar sháruithe ar na caibidlí sin, má cheadaítear, agus a mhéid a cheadaítear, bearta den sórt sin agus má tá, agus a mhéid atá, údar leis na bearta sin sna himthosca.

(11)

Ba cheart do chlásal athbhreithnithe Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 cur i bhfeidhm na leasuithe ar an Rialachán sin a thugtar isteach leis an Rialachán seo a chumhdach freisin.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

lamháltais nó oibleagáidí eile sa chaidreamh trádála le tríú tíortha a athchothromú, nuair a athraítear an chóireáil a thugtar d’earraí nó do sheirbhísí ón Aontas ar bhealach a dhéanann difear do leasanna an Aontais.”;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ciallaíonn ‘lamháltais nó oibleagáidí eile’ lamháltais taraife nó oibleagáidí nó tairbhí eile i réimse na trádála in earraí nó i seirbhísí, nó a bhaineann le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil, a bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas ina leith go gcuirfidh sé i bhfeidhm iad ina thrádáil le tríú tíortha de bhua comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a bhfuil sé ina pháirtí iontu;”;

(3)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa)

tar éis tuarascáil a scaipeadh ó phainéal EDT lena seastar, go hiomlán nó go páirteach, leis na héilimh arna dtabhairt ag an Aontas, murar féidir achomharc faoi Airteagal 17 de Chomhaontú EDT um Réiteach Díospóidí a thabhairt i gcrích agus mura bhfuil an tríú tír tar éis aontú le headráin eatramhach achomhairc faoi Airteagal 25 de Chomhaontú EDT um Réiteach Díospóidí;”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ba)

i ndíospóidí trádála a bhaineann le comhaontuithe trádála idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, murar féidir breithniú a dhéanamh toisc nach bhfuil na bearta is gá á ndéanamh ag an tríú tír chun go bhfeidhmeoidh nós imeachta um réiteach díospóidí, lena n-áirítear moill mhíchuí a chur ar na himeachtaí arb ionann í agus neamh-chomhoibriú sa phróiseas;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

i gcásanna ina modhnaíonn comhalta de chuid EDT lamháltais nó gealltanais faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994 nó faoi Airteagal XXI den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS), i gcás nár comhaontaíodh aon choigeartuithe cúiteacha agus, maidir le seirbhísí, nach ndéantar coigeartuithe cúiteacha i gcomhréir le cinntí na headrána de bhun Airteagal XXI de GATS.”;

(4)

in Airteagal 4, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ba)

i gcás ina ndéantar bearta chun trádáil le tríú tír a shrianadh i gcásanna faoi phointe (aa) nó (ba) d’Airteagal 3, ní rachaidh leibhéal na mbeart sin thar neamhniú nó lagú leasanna tráchtála an Aontais arb iad bearta an tríú tír sin is cúis leis;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

i gcás ina ndéantar lamháltais nó gealltanais a mhodhnú nó a aistarraingt sa trádáil le tríú tír i ndáil le hAirteagal XXVIII de CGTT 1994 agus an Comhaontú gaolmhar (*1), nó le hAirteagal XXI de GATS agus na nósanna imeachta cur chun feidhme gaolmhara, beidh siad coibhéiseach go substaintiúil leis na lamháltais nó na gealltanais arna modhnú nó arna n-aistarraingt ag an tríú tír sin, i gcomhréir leis na téarmaí a bunaíodh in Airteagal XXVIII de CGTT 1994 agus leis an gComhaontú gaolmhar nó le hAirteagal XXI de GATS agus leis na nósanna imeachta cur chun feidhme gaolmhara.;

(*1)  Comhaontú ‘Léirmhíniú agus Cur i bhFeidhm Airteagal XXVIII’.”"

(5)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(ba)

oibleagáidí a fhionraí i ndáil le trádáil i seirbhísí agus srianta a fhorchur ar thrádáil i seirbhísí;

(bb)

oibleagáidí a fhionraí i ndáil le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil arna ndeonú ag institiúid nó gníomhaireacht de chuid an Aontais agus atá bailí ar fud an Aontais, agus srianta a fhorchur ar chosaint na gceart maoine intleachtúla sin nó ar shaothrú tráchtála na gceart maoine intleachtúla sin, i ndáil le sealbhóirí cirt ar náisiúnaigh iad den tríú tír lena mbaineann;”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.

Agus bearta atá le glacadh de bhun phointe (ba) de mhír 1 den Airteagal seo á roghnú aige, déanfaidh an Coimisiún bearta a mheas i gcónaí de réir ordlathas na gcéimeanna seo a leanas:

(a)

bearta a bhaineann le trádáil i seirbhísí ar gá údarú ina leith atá bailí ar fud an Aontais agus atá bunaithe ar reachtaíocht thánaisteach, nó, i gcás nach bhfuil bearta den sórt sin ar fáil,

(b)

bearta a bhaineann le seirbhísí eile i réimsí ina bhfuil reachtaíocht fhairsing de chuid an Aontais ann, nó, i gcás nach bhfuil bearta den sórt sin ar fáil,

(c)

bearta ar léiríodh leis an gcleachtadh bailithe faisnéise a rinneadh de bhun Airteagal 9(1a), dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 5(1b), nach gcuirfeadh siad ualach díréireach ar phróiseas riaracháin na rialachán náisiúnta ábhartha.

1b.

Maidir le bearta a glacadh de bhun phointí (ba) agus (bb) de mhír 1:

(a)

beidh siad faoi réir cleachtadh bailithe faisnéise de bhun Airteagal 9(1a);

(b)

coigeartófar iad, más gá, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 4(1) i gcás, tar éis athbhreithniú arna dhéanamh de bhun Airteagal 9(1a), ina dtagann an Coimisiún ar an tátal nach bhfuil na bearta sách éifeachtach nó go gcuirtear ualach míréasúnta ar phróiseas riaracháin na rialachán náisiúnta ábhartha leo. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú den sórt sin den chéad uair 6 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm na mbeart agus gach 12 mhí ina dhiaidh sin;

(c)

beidh siad faoi réir tuarascáil mheastóireachta, 6 mhí tar éis a bhfoirceanta agus beidh siad bunaithe inter alia ar ionchur ó gheallsealbhóirí, a dhéanfaidh scrúdú ar a n-éifeachtacht agus a n-oibriú, agus a thiocfaidh ar chonclúidí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le bearta a dhéanfar amach anseo.”;

(6)

in Airteagal 6, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.

Maidir le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil, tuigfear an téarma ‘náisiúnaigh’ sa chiall chéanna agus a úsáidtear é i mír 3 d’Airteagal 1 de Chomhaontú EDT maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil.”;

(7)

in Airteagal 7, an chéad fhomhír de mhír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

i gcásanna ina ndéanann comhalta de chuid EDT lamháltais nó gealltanais a aistarraingt siar nó a mhodhnú faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994 nó faoi Airteagal XXI de GATS, nuair a thugann an tríú tír lena mbaineann cúiteamh leordhóthanach agus comhréireach don Aontas tar éis gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 4(1).”;

(8)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.

Lorgóidh an Coimisiún faisnéis agus tuairimí maidir le leasanna eacnamaíocha an Aontais in earnálacha sonracha earraí nó seirbhísí, nó maidir le gnéithe sonracha de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil, i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, trí fhógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó trí mhodhanna cumarsáide poiblí oiriúnacha eile, lena gcuirtear in iúl an tréimhse ina bhfuil ionchur le tíolacadh. Cuirfidh an Coimisiún an t-ionchur arna fháil san áireamh.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.

I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún bearta de bhun phointe (ba) nó (bb) d’Airteagal 5(1), cuirfidh sé geallsealbhóirí, go háirithe comhlachais tionscail, a ndéanann bearta féideartha beartais tráchtála difear dóibh agus údaráis phoiblí na mBallstát a bhfuil baint acu le reachtaíocht lena rialaítear na réimsí lena mbaineann a fhoirmliú nó a chur chun feidhme ar an eolas agus rachaidh sé i mbun comhairliúcháin leo. Gan moill mhíchuí a chur ar ghlacadh beart den sórt sin, lorgóidh an Coimisiún, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

tionchar beart den sórt sin ar sholáthraithe seirbhíse tríú tír nó sealbhóirí cirt ar náisiúnaigh iad den tríú tír lena mbaineann agus ar iomaitheoirí, úsáideoirí nó tomhaltóirí seirbhísí den sórt sin nó sealbhóirí ceart maoine intleachtúla san Aontas;

(b)

idirghníomhú beart den sórt sin le rialacháin ábhartha na mBallstát;

(c)

an t-ualach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar bhearta den sórt sin.

Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar an bhfaisnéis a bhailítear le linn comhairliúcháin den sórt sin.

Cuirfidh an Coimisiún anailís ar fáil do na Ballstáit ar na bearta atá beartaithe agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á mholadh aige de bhun Airteagal 8.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

Airteagal 10

Athbhreithniú

1.

A luaithe is féidir tar éis an 13 Feabhra 2021, ach tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis an dáta sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar raon feidhme an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt go háirithe ar na bearta beartais tráchtála a fhéadfar a ghlacadh, chomh maith lena chur chun feidhme, agus tuairisceoidh sé a thorthaí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.

Ag gníomhú dó de bhun mhír 1, tabharfaidh an Coimisiún faoi athbhreithniú lena ndírítear ar bhearta breise beartais tráchtála a bheartú faoin Rialachán seo lena ndéantar lamháltais nó oibleagáidí eile a fhionraí i réimse na ngnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 13 Feabhra 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Feabhra 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 3 Feabhra 2021.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 189, 27.6.2014, lch. 50).

(3)  Tuairim 2/15 ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Bealtaine 2017, ECLI:EU:C:2017:376, mír 36.


12.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 49/6


RIALACHÁN (AE) 2021/168 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le spot-tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe de chuid tríú tíortha a dhíolmhú agus athsholáthairtí le haghaidh tagarmharcanna ar scor áirithe a ainmniú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun fálú in aghaidh gluaiseachtaí díobhálacha sa ráta malairte eachtraí a bhaineann le hairgeadraí nach féidir a chomhshó go héasca go bunairgeadra nó a bhaineann le hairgeadraí atá faoi réir rialú malairte, déanann cuideachtaí san Aontas díorthaigh airgeadra neamh-inseachadta, amhail réamhchonarthaí agus babhtálacha. Maidir le neamh-infhaighteacht spot-tagarmharcanna malairte eachtraí chun na híocaíochtaí amach atá dlite faoi dhíorthaigh airgeadra a ríomh, bheadh tionchar diúltach aici ar chuideachtaí san Aontas a onnmhairíonn go margaí atá ag teacht chun cinn nó a choinníonn sócmhainní nó dliteanais sna margaí sin, le neamhchosaint dá réir ar luaineacht in airgeadraí margaí atá ag teach chun cinn. Tar éis dhul in éag na tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2021 a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (“an idirthréimhse”), ní bheidh sé indéanta a thuilleadh úsáid a bhaint as spot-tagarmharcanna malairte eachtraí arna soláthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, nach banc ceannais é.

(2)

Chun é a chur ar chumas cuideachtaí san Aontas leanúint dá ngníomhaíochtaí gnó agus riosca malairte eachtraí á mhaolú acu, ba cheart spot-tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe a úsáidtear in ionstraimí airgeadais chun íocaíochtaí amach conarthacha a ríomh agus atá ainmnithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le critéir áirithe a eisiamh ó raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1011.

(3)

Ós rud é gur gá athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1011 agus ar fhorálacha an Rialacháin sin a bhaineann le tagarmharcanna arna soláthair ag riarthóirí atá lonnaithe i dtríú tíortha (“tagarmharcanna tríú tír”), ba cheart síneadh a chur leis an idirthréimhse atá ann faoi láthair le haghaidh tagarmharcanna tríú tír. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún síneadh breise 2 bhliain ar a mhéad a chur leis an idirthréimhse trí bhíthin gníomh tarmligthe má léirítear sa mheasúnú, ar a bhfuil an t-athbhreithniú sin bunaithe, go ndéanfadh dul in éag na hidirthréimhse atá beartaithe dochar d’úsáid leanúnach tagarmharcanna tríú tír san Aontas nó gur bagairt thromchúiseach a bheadh ann don chobhsaíocht airgeadais.

(4)

Dá gcuirfí síneadh leis an idirthréimhse le haghaidh tagarmharcanna tríú tír, d’fhéadfadh sé sin riarthóirí tagarmharcanna de chuid an Aontais a spreagadh lena gcuid gníomhaíochtaí a athlonnú chuig tríú tír chun nach mbeadh siad faoi réir cheanglais Rialachán (AE) 2016/1011. Chun an dul timpeall sin a chosc, níor cheart riarthóirí a athlonnaíonn as an Aontas chuig tríú tír le linn na hidirthréimhse a bheith in ann leas a bhaint as rochtain ar mhargadh an Aontais gan ceanglais Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh.

(5)

Amhail ón 31 Nollaig 2020, ar dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (5), ní cháilíonn an tagarmharc ráta úis Ráta Tairgthe Idirbhainc Londan (LIBOR) a thuilleadh mar thagarmharc criticiúil faoi Rialachán (AE) 2016/1011. Ina theannta sin, d’fhógair Údarás um Iompar Airgeadais (FCA) na Ríochta Aontaithe sa bhliain 2017 nach n-áiteoidh sé ar bhainc thagartha, ná nach gcuirfidh sé iallach orthu, sonraí ionchuir a rannchuidiú le LIBOR i ndiaidh dheireadh 2021. Le fógraí ina dhiaidh sin ó FCA agus ó riarthóir LIBOR, tá sé soiléir gur dóichí go dtiocfaidh LIBOR chun críche sa chuid is mó de na haibíochtaí agus airgeadraí a bhfuil sé ríofa ina leith roimh dheireadh 2021, le haibíochtaí agus airgeadraí eile de chuid LIBOR chun amhlaidh a dhéanamh in 2023. Mar thoradh ar scor nó clabhsúr LIBOR, d’fhéadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith ann a n-eascródh suaitheadh suntasach i bhfeidhmiú na margaí airgeadais san Aontas astu. Tá líon mór conarthaí lena ndéantar difear d’oibreoirí eacnamaíocha san Aontas agus a bhaineann le fiachais, iasachtaí, taiscí téarma, urrúis agus díorthaigh a dhéanann ar fad tagairt do LIBOR, a rachaidh in aibíocht tar éis an 31 Nollaig 2021, agus nach bhfuil forálacha cúltaca láidir go leor acu chun scor nó clabhsúr LIBOR mar atá ríofa a chumhdach san airgeadra ábhartha nó i gcuid dá aibíochtaí. Ní féidir cuid de na conarthaí sin, agus roinnt ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), a athchaibidliú chun foráil maidir le cúltaca conarthach a ionchorprú iontu roimh an 31 Nollaig 2021.

(6)

Chun feidhmiú ordúil leanúnach na gconarthaí atá ann cheana lena dtagraítear do thagarmharc a úsáidtear go forleathan a scor agus a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha cur isteach go suntasach ar fheidhmiú margaí airgeadais san Aontas a bheith ann mar thoradh ar a scor agus i gcás nach féidir na conarthaí sin, nó ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE iad, a athchaibidliú chun foráil maidir le cúltaca conarthach a áireamh faoin am a scoirfear den tagarmharc sin, ba cheart creat a leagan síos le haghaidh scor nó clabhsúir ordúil tagarmharcanna den sórt sin. Ba cheart sásra a chuimsiú sa chreat sin chun conarthaí den sórt sin, nó na hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE iad, a aistriú go hathsholáthar ainmnithe le haghaidh tagarmhairc. Ba cheart a áirithiú le hathsholáthar le haghaidh tagarmhairc go seachnófar dírathú conartha a bhféadfadh cur isteach go suntasach ar fheidhmiú margaí airgeadais san Aontas.

(7)

Is é is dóichí go mbeadh réitigh éagsúla rialála sna Ballstáit mar thoradh ar easpa creata ar leibhéal an Aontais le haghaidh scor nó clabhsúir ordúil tagarmhairc, rud a bheadh ina chúis le geallsealbhóirí an Aontais a bheith neamhchosanta ar rioscaí maidir le héiginnteacht dhlíthiúil agus frustrachas conarthach. Anuas ar mhéid na neamhchosanta ar thagarmharcanna den sórt sin i gconarthaí agus ionstraimí airgeadais atá ann cheana mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE iad, d’fhéadfadh cur isteach suntasach ar fheidhmiú na margaí airgeadais a bheith ann de bharr go bhfuil an riosca méadaithe go mbeidh frustrachas conarthach agus dlíthíocht ann. Sna himthosca neamhghnácha sin agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sistéamacha a bhaineann leo, is gá cur chuige comhchuibhithe a bhunú chun déileáil le scor nó clabhsúr tagarmharcanna áirithe a bhfuil tábhacht shistéamach leo don Aontas. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’inniúlachtaí na mBallstát i ndáil le tagarmharcanna atá thar raon feidhme na gcumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún.

(8)

Le Rialachán (AE) 2016/1011, ceanglaítear ar eintitis faoi mhaoirseacht, nach riarthóirí tagarmharcanna iad, pleananna teagmhais a bheith curtha i bhfeidhm acu i gcás ina n-athraítear tagarmharc go hábhartha nó i gcás ina scoirtear dá sholáthar. Más féidir, ba cheart ceann amháin nó níos mó de thagarmharcanna athsholáthair a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint sna pleananna teagmhais sin. Mar atá léirithe ag an taithí a fuarthas ar LIBOR, tá sé tábhachtach pleananna teagmhais a ullmhú do chásanna ina n-athraítear tagarmharc go hábhartha nó ina scoirtear dá sholáthar. Ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil an oibleagáid sin á comhlíonadh, agus ba cheart dóibh a bheith in ann seiceálacha randamacha a dhéanamh ar chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart d’eintitis faoi mhaoirseacht a bpleananna teagmhais, agus aon nuashonruithe orthu, a choinneáil ar fáil ar bhealach a bhfuil rochtain éasca orthu ionas gur féidir leo iad a chur ar aghaidh, arna iarraidh sin, chuig na húdaráis inniúla gan mhoill.

(9)

Maidir le conarthaí, nach conarthaí airgeadais mar a shainmhínítear in Rialachán (AE) 2016/1011 iad, nó ionstraimí airgeadais nach gcumhdaítear leis an sainmhíniú ar ionstraim airgeadais sa Rialachán sin, ach lena ndéantar tagairt do thagarmharcanna atá á scor nó á ndúnadh freisin, d’fhéadfadh siad cur isteach go suntasach ar fheidhmiú na margaí airgeadais san Aontas freisin. Úsáideann a lán eintiteas tagarmharcanna den sórt sin ach ní cháilíonn siad mar eintitis atá faoi mhaoirseacht. Dá bharr sin, ní bhainfeadh na conarthaí agus na páirtithe i gconarthaí den sórt sin agus sealbhóirí na n-ionstraimí airgeadais sin tairbhe as athsholáthar le haghaidh tagarmhairc. Chun na tionchair a d’fhéadfaí a imirt ar shláine an mhargaidh agus ar an gcobhsaíocht airgeadais a mhaolú a mhéid is féidir agus chun foráil a dhéanamh maidir le cosaint ar an éiginnteacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag sainordú an Choimisiúin ó thaobh athsholáthair le haghaidh tagarmhairc a ainmniú maidir le haon chonradh agus aon ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE iad atá faoi réir dlí Ballstáit. Sa bhreis air sin, ba cheart feidhm a bheith ag an athsholáthar le haghaidh tagarmharc ainmnithe freisin maidir le conarthaí atá faoi réir dlí tríú tír ach a bhfuil na páirtithe ar fad bunaithe san Aontas, i gcásanna ina gcomhlíonann an conradh ceanglais an Rialacháin seo agus nach bhforáiltear i ndlí an tríú tír sin do chlabhsúr ordúil tagarmhairc. Ba cheart an leathnú sin ar raon feidhme a bheith gan dochar do na forálacha de Rialachán (AE) 2016/1011 nach leasaítear leis an Rialachán seo.

10.

Ba cheart athsholáthar reachtúil tagarmhairc a bheith teoranta do chonarthaí, agus d’ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE iad, nach ndearnadh iad a athchaibidliú roimh an dáta a scoirtear an tagarmharc lena mbaineann. I gcás ina n-úsáidtear máistirchonarthaí, ní bheidh feidhm ag an athsholáthar ainmnithe le haghaidh tagarmhairc ach amháin maidir le hidirbhearta arna ndéanamh roimh an dáta ábhartha athsholáthair, cé go bhféadfadh idirbhearta níos déanaí a bheith mar chuid den chonradh céanna go teicniúil. Níor cheart d’ainmniú an t-athsholáthar le haghaidh tagarmhairc difear a dhéanamh do chonarthaí, ná d’ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE iad, ina ndéantar foráil oiriúnach maidir le cúltaca conarthach cheana féin lena dtugtar aghaidh ar scor buan tagarmhairc.

(11)

Níor cheart, le glacadh gníomh chur chun feidhme lena n-ainmnítear athsholáthar le haghaidh tagarmhairc ag an gCoimisiún, cosc a chur ar pháirtithe i gconradh teacht ar chomhaontú athsholáthair difriúil le haghaidh an tagarmhairc sin a chur i bhfeidhm.

(12)

D’fhéadfadh tagarmharcanna agus a rátaí cúltaca a comhaontaíodh de réir conartha imeacht ó chéile go suntasach agus gan choinne le himeacht ama, agus, mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé nach léiriú iad a thuilleadh ar an mbun-fhíorchás eacnamaíoch céanna nó nach mbíonn torthaí orthu a thuilleadh atá inghlactha ó thaobh na tráchtála de. D’fhéadfaí a áireamh i gcásanna den sórt sin an raon idir an tagarmharc agus an fhoráil chúltaca a comhaontaíodh de réir conartha a bheith ag leathnú go suntasach le himeacht ama nó cásanna ina ndéantar athrú leis an ráta cúltaca a comhaontaíodh de réir conartha ar bhonn an tagarmhairc ó ráta athraitheach go ráta seasta. Ós rud é go bhféadfadh an tsaincheist sin teacht chun cinn i roinnt Ballstát, agus ós rud é gur minic a dhéanfaí difear freisin do pháirtithe conartha ó Bhallstáit éagsúla sna cásanna sin, ba cheart aghaidh a thabhairt air ar bhealach comhchuibhithe chun éiginnteacht dhlíthiúil agus dlíthíocht iomarcach a sheachaint agus, dá bharr sin, na tionchair dhiúltacha shuntasacha a d’fhéadfaí a bheith ar an margadh inmheánach nó na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don chobhsaíocht airgeadais i mBallstáit aonair nó san Aontas. Dá réir sin, ba cheart don athsholáthar le haghaidh tagarmharc a bhunaítear leis an ngníomh cur chun feidhme, faoi réamhchoinníollacha áirithe, a bheith ag feidhmiú mar thagarmharc athsholáthair i gcás ina bhfuil sé suite ag na húdaráis náisiúnta ábhartha, mar shampla údaráis mhacrastuamachta, comhairlí um riosca sistéamach nó bainc cheannais, nach léiríonn an fhoráil chúltaca a comhaontaíodh ar dtús an fíorchás eacnamaíoch a thuilleadh a raibh an tagarmharc ar scor ceaptha a thomhas nó go bhféadfadh foráil den sórt sin a bheith ina bagairt don chobhsaíocht airgeadais. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta ábhartha measúnú den sórt sin a dhéanamh nuair a chuireann páirtí leasmhar amháin nó níos mó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh in iúl dóibh go bhféadfadh sé nach bhfuil foráil chúltaca a úsáidtear go coitianta oiriúnach. Níor cheart measúnú den sórt sin a dhéanamh ar bhonn gach conartha aonair, áfach. Ba cheart oibleagáid a bheith ar na húdaráis náisiúnta ábhartha lena mbaineann an Coimisiún agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a chur ar an eolas faoin measúnú sin.

(13)

Tá na páirtithe conarthacha freagrach as anailís a dhéanamh ar a socrú conarthach chun cinneadh a dhéanamh faoi na cásanna a bhfuil sé beartaithe iad a chumhdach le foráil maidir le cúltaca conarthach. Má léiríonn léirmhíniú ar chonradh, nó ar ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE iad, nach raibh sé ar intinn ag na páirtithe scor buan an tagarmhairc roghnaithe a chumhdach, ba cheart go ndéanfadh an t-athsholáthar reachtúil le haghaidh tagarmharc a ainmnítear i gcomhréir leis an Rialacháin seo foráil maidir le cosaint a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar scor buan an tagarmhairc sin.

(14)

Ós rud é, chun gur féidir tagarmharc a athsholáthar, go bhféadfadh athruithe a bheith de dhíth ar chonarthaí, nó ar ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE iad, a dhéanann tagairt do thagarmharcanna den sórt sin a bhfuil gá leis na hathruithe sin chun athsholáthair den sórt sin le haghaidh tagarmharc a úsáid nó a chur i bhfeidhm go praiticiúil, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na hathruithe riachtanacha comhfhreagracha chun críche comhréireachta a leagan síos sa ghníomh cur chun feidhme.

(15)

Maidir leis na tagarmharcanna atá ainmnithe ag an gCoimisiún mar thagarmharcanna criticiúla i mBallstát amháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1011 agus i gcás ina bhféadfadh scor nó clabhsúr tagarmhairc den sórt sin cur isteach go suntasach ar fheidhmiú na margaí airgeadais sa Bhallstát sin, ba cheart don údarás ábhartha inniúil na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun cur isteach den sórt sin a sheachaint i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

(16)

I gcás aontachas Ballstáit leis an limistéar euro agus mar gheall ar easpa sonraí ionchuir chun tagarmharc náisiúnta a ríomh ina dhiaidh sin go gceanglaítear an tagarmharc sin a athsholáthar, ba cheart an Ballstát sin a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir leis an aistriú ón tagarmharc náisiúnta sin go hathsholáthar le haghaidh an tagarmhairc sin. I gcás den sórt sin, ba cheart don Bhallstát sin stádas na dtomhaltóirí mar pháirtithe conarthacha a chur san áireamh agus a áirithiú nach mbeidh thionchar diúltach níos mó ná mar is gá ag aistriú tagarmhairc den sórt sin orthu.

(17)

Chun spot-tagarmharcanna malairte eachtraí i dtríú tír a ainmniú mar spotrátaí atá eisiata ó raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1011, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le díolmhú na spot-tagarmharcanna malairte eachtraí maidir le hairgeadraí nach bhfuil inmhalartaithe nuair a úsáidtear spotráta malairte den sórt sin chun na híocaíochtaí amach a thagann chun cinn faoi chonarthaí díorthach malairte eachtraí neamh-inseachadta a ríomh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún athsholáthar le haghaidh tagarmhairc a ainmniú chun teacht in ionad na dtagairtí ar fad don tagarmharc sin i gconarthaí, nó in ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE iad, nach ndearnadh iad a athchaibidliú faoin dáta a gcuirfear an gníomh cur chun feidhme i bhfeidhm. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Le haghaidh deimhneacht dhlíthiúil, tá ceanglas ar an gCoimisiún na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú tar éis teagmhais truiceartha arna sainmhíniú go beacht lena léirítear go soiléir go dtiocfaidh deireadh buan le riarachán agus foilsiú an tagarmhairc atá le hathsholáthar, agus tar éis na dteagmhas sin amháin.

(19)

Níor cheart don Choimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú ach i gcásanna ina measann sé go bhféadfadh iarmhairtí diúltacha eascairt as scor nó clabhsúr tagarmhairc a chuirfeadh isteach go suntasach ar fheidhmiú na margaí airgeadais nó ar an bhfíorgheilleagar san Aontas. Thairis sin, níor cheart don Choimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú ach i gcás inar léir nach féidir ionadaíochas an tagarmhairc lena mbaineann a athbhunú ná go dtiocfaidh deireadh buan leis an tagarmharc sin.

(20)

Sula bhfeidhmeoidh sé a chumhachtaí cur chun feidhme maidir le hathsholáthar le haghaidh tagarmhairc a ainmniú, ba cheart don Choimisiún comhairliúchán poiblí a chur i gcrích agus moltaí ó gheallsealbhóirí ábhartha agus, go háirithe, ó mheithleacha san earnáil phríobháideach a chur san áireamh, meithleacha a fheidhmíonn faoi choimirce na n-údaráis poiblí nó an bhainc ceannais. Ba cheart na moltaí sin a bheith bunaithe ar chomhairliúcháin phoiblí fhairsinge agus ar shaineolas maidir leis an ráta athsholáthair is iomchuí le haghaidh tagarmharc ráta úis ar scor. Ba cheart don Choimisiún moltaí ó gheallsealbhóirí ábhartha eile a chur san áireamh freisin, lena n-áirítear an t-údarás inniúil don riarthóir tagarmhairc agus ESMA.

(21)

An tráth a glacadh Rialachán (AE) 2016/1011, measadh, faoi dheireadh 2021, go mbunódh tríú tíortha córais rialála chomhchosúla le haghaidh tagarmharcanna airgeadais agus go n-áiritheofaí úsáid tagarmharcanna tríú tír ag eintitis faoi mhaoirseacht san Aontas trí chinntí coibhéise arna nglacadh ag an gCoimisiún nó trí aitheantas nó formhuiniú arna dheonú ag na húdaráis inniúla. Ní dhearnadh ach dul chun cinn teoranta ina leith sin, áfach. Tá difríocht mhór sa raon feidhme atá ann idir córas reachtach na dtagarmharcanna airgeadais san Aontas agus i dtríú tíortha. Dá bhrí sin, chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus infhaighteacht tagarmharcanna tríú tír lena n-úsáid san Aontas tar éis dheireadh na hidirthréimhse a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, faoin 15 Meitheamh 2023, tuarascáil ar an athbhreithniú a thíolacadh ar raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1011, arna leasú leis an Rialachán seo, go háirithe i dtaca leis an tionchar atá aige ar úsáid tagarmharcanna tríú tír san Aontas. Sa tuarascáil sin, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh freisin ar na hiarmhairtí atá ag raon feidhme forleathan na rialála sin ar riarthóirí an Aontais agus úsáideoirí tagarmharcanna i ndáil le húsáid leanúnach na dtagarmharcanna tríú tír. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh an gá Rialachán (AE) 2016/1011 a leasú tuilleadh chun a raon feidhme a theorannú do riarthóirí cineálacha áirithe tagarmharcanna amháin nó do riarthóirí a bhfuil a gcuid tagarmharcanna á n-úsáid go forleathan san Aontas.

(22)

Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a leasú le déanaí chun soiléireacht a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh trína dhearbhú i dtaobh conarthaí a dhéanfar nó a dhéanfar a nuachan sula dtiocfaidh na ceanglais imréitigh nó chorrlaigh i bhfeidhm maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar lena ndéantar tagairt do thagarmharc (“conarthaí leagáide”) nach mbeidh siad faoi réir na gceanglas sin má leasaítear na conarthaí sin i ndáil leis an tagarmharc dá dtagraíonn siad agus má dhéantar na leasuithe sin chun athsholáthar le haghaidh tagarmharc a chur chun feidhme, nó chun ullmhú don chur chun feidhme sin, agus chun na críche sin amháin, nó chun forálacha cúltaca a thabhairt isteach le linn an aistrithe chuig tagarmharc nua mar chuid d’athchóiriú tagarmhairc. Tagann na hathchóirithe tagarmhairc as sruthanna oibre atá comhordaithe go hidirnáisiúnta agus tionscnaimh atá dírithe ar thagarmharcanna a athchóiriú chun cloí le Prionsabail Idirnáisiúnta na dTagarmharcanna Airgeadais arna bhfoilsiú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús. Le Rialachán (AE) 2016/1011, ceanglaítear ar eintitis faoi mhaoirseacht pleananna láidre i scríbhinn a chur ar fáil agus a chothabháil ina leagtar amach na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad i gcás ina n-athraítear tagarmharc go hábhartha nó go scoireann sé de bheith á sholáthar, agus go ndéanfar na pleananna sin a léiriú sa chaidreamh conarthach leis na cliaint. Chun rannpháirtithe sa mhargadh a éascú ó thaobh chomhlíonadh na n-oibleagáidí sin de agus chun tacú le gníomhaíocht ag rannpháirtithe sa mhargadh ó thaobh feabhas a chur ar stóinseacht conarthaí díorthach thar an gcuntar lena ndéantar tagairt do thagarmharcanna a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athchóirithe, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú tuilleadh chun é a shoiléiriú nach mbeidh conarthaí leagáide faoi réir na gceanglas imréitigh agus corrlaigh má leasaítear na conarthaí sin chun na críche amháin go ndéanfaí an tagarmharc lena ndéantar tagairt dó a athsholáthar i gcomhthéacs an athchóirithe tagarmhairc.

Dá bhrí sin, níl feidhm ag an eisceacht sin ach amháin maidir leis na leasuithe conarthacha a bhfuil gá leo chun athsholáthair le haghaidh tagarmharc a chur chun feidhme, nó chun ullmhú don chur chun feidhme sin, de bharr athchóiriú tagarmhairc nó a bhfuil gá leo chun forálacha cúltaca a thabhairt isteach maidir le tagarmharc chun feabhas a chur ar stóinseacht na gconarthaí ábhartha. Ba cheart na leasuithe sin soiléireacht a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh agus ní cheart dóibh difear a dhéanamh do raon feidhme na n-oibleagáidí imréitigh agus corrlaigh maidir le leasuithe ar chonarthaí díorthach thar an gcuntar chun críoch eile nó maidir le hathsholáthar nó nuachan na gconarthaí sin amhail athruithe ar chontrapháirtithe.

(23)

Ba ceart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2016/1011 agus (AE) Uimh. 648/2012 a leasú dá réir sin.

(24)

I bhfianaise nach mbeidh LIBOR ina thagarmharc criticiúil de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/1011 a thuilleadh ón 1 Eanáir 2021, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/1011

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(i)

spot-tagarmharc malairte eachtraí a d’ainmnigh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 18a(1).”;

(2)

in Airteagal 3, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(22a)

ciallaíonn “spot-tagarmharc malairte eachtraí” tagarmharc lena léirítear an praghas, arna shloinneadh in airgeadra amháin, atá ar airgeadra eile nó ar bhascaed airgeadraí eile, le seachadadh ar an dáta luacha is luaithe is féidir;”;

(b)

i bpointe 24(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é nó ionad trádála i dtríú tír a bhfuil an Coimisiún tar éis cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh ina leith á rá go meastar go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat dlíthiúil agus maoirseachta na tíre sin laistigh de bhrí Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) nó Airteagal 25(4) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó chun margadh rialáilte measta a bheith coibhéiseach faoi Airteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ach i ngach cás le tagairt do shonraí idirbhirt a bhaineann le hionstraimí airgeadais, agus leis an tagairt sin amháin;

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).”;"

(3)

i dTeideal III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 2:

“Tagarmharcanna ráta úis agus spot-tagarmharcanna malairte eachtraí”;

(4)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 18a

Spot-tagarmharcanna ráta malairte eachtraí

1.   Féadfaidh an Coimisiún spot-tagarmharc malairte eachtraí a riarann riarthóirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a ainmniú i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas araon:

(a)

leis an spot-tagarmharc malairte eachtraí déantar tagairt do spotráta malairte in airgeadra tríú tír nach féidir a chomhshó go héasca; agus

(b)

úsáidtear an spot-tagarmharc malairte eachtraí ar bhonn rialta, córasach agus tráthrialta chun fálú in aghaidh gluaiseachtaí díobhálacha sa ráta malairte eachtraí

2.   Faoin 31 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí chun na spot-tagarmharcanna malairte eachtraí lena gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i mír 1 a shainaithint.

3.   Faoin 15 Meitheamh 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 chun liosta spot-tagarmharcanna malairte eachtraí lena gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a chruthú. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta mar is iomchuí.”;

(5)

i dTeideal III, cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

CAIBIDIL 4A

Athsholáthar reachtúil tagarmhairc

Airteagal 23a

Raon feidhme athsholáthair reachtúil tagarmhairc

Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

aon chonradh, nó aon ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE iad, lena ndéantar tagairt do thagarmharc agus atá faoi réir an dlí de cheann de na Ballstáit; agus

(b)

aon chonradh, a bhfuil na páirtithe ar fad ann bunaithe san Aontas, lena ndéantar tagairt do thagarmharc agus atá faoi réir dlí tríú tír agus i gcás nach bhforáiltear le dlí an tríú tír sin do chlabhsúr ordúil tagarmhairc.

Airteagal 23b

Athsholáthar tagarmhairc le dlí an Aontais

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tagarmharcanna a ainmnítear a bheith criticiúil ag gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun phointe (a) nó (c) d’Airteagal 20(1);

(b)

tagarmharcanna bunaithe ar rannchuidiú na sonraí ionchuir dá mba rud é go gcuirfí isteach go suntasach ar fheidhmiú na margaí airgeadais san Aontas mar thoradh ar a scor nó a gclabhsúr; agus

(c)

tagarmharcanna tríú tír dá mba rud é go gcuirfí isteach go suntasach ar fheidhmiú na margaí airgeadais nó riosca sistéamach ann d’fheidhmiú na margaí airgeadais san Aontas mar thoradh ar a scor nó a gclabhsúr.

2.   Féadfaidh an Coimisiún athsholáthair le haghaidh tagarmharc amháin nó níos mó a ainmniú ar choinníoll go bhfuil aon cheann de na himeachtaí seo a leanas tar éis tarlú:

(a)

tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin ina bhfógraítear nach léirítear a thuilleadh an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch leis an tagarmharc sin; i gcás tagarmharc arna ainmniú mar chriticiúil ag gníomh cur chun feidhme de bhun phointe (a) nó (c) d’Airteagal 20(1), tabharfaidh údarás inniúil an tagarmharc chriticiúil sin fógra tar éis fheidhmiú na gcumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 23, nach léirítear an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch leis an tagarmharc sin fós, agus sa chás sin amháin;

(b)

tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag riarthóir an tagarmhairc sin, nó ag duine atá ag gníomhú thar ceann an riarthóra sin nó rinneadh ráiteas poiblí den sórt sin nó foilsíodh faisnéis den sórt sin, ina bhfógraítear go dtosóidh an riarthóir clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar nó aibíochtaí áirithe nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin go buan nó go ceann tréimhse éiginnte, ar choinníoll, tráth a eiseofar an ráiteas nó a fhoilseofar an fhaisnéis, nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar;

(c)

tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin nó aon eintiteas ag a bhfuil údarás dócmhainneachta nó réitigh ar riarthóir den sórt sin, ina léirítear go dtosóidh an riarthóir clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar, nó aibíochtaí áirithe an tagarmhairc sin nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte, ar choinníoll, tráth a eiseofar an ráiteas nó a fhoilseofar an fhaisnéis nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar; nó

(d)

déanann an t-údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin an t-údarú a tharraingt siar nó a chur ar fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 35, nó an t-aitheantas a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 32(8) nó ceanglaíonn sé go ndéanfar an formhuiniú a scor i gcomhréir le hAirteagal 33(6), ar choinníoll nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann nuair a dhéanfar an tarraingt siar nó an fhionraíocht, nó formhuiniú an scoir, a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar agus tosóidh riarthóir an tagarmhairc sin clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar, nó aibíochtaí áirithe nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte.

3.   Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, déanfar an t-athsholáthar le haghaidh tagarmharc a chur in ionad na dtagairtí ar fad don tagarmharc i gconarthaí agus in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23a i gcás ina bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leis na hionstraimí agus conarthaí sin:

(a)

nach ann d’fhoráil chúltaca; nó

(b)

nach ann d’fhorálacha cúltaca oiriúnacha;

4.   Chun críoch phointe (b) de mhír 3, measfar forálacha cúltaca bheith mí-oiriúnach sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní dhéantar foráil leo maidir le hathsholáthair buan le haghaidh tagarmharc ar scor; nó

(b)

tá gá le toiliú breise ó thríú páirtithe dá gcur i bhfeidhm, ar toiliú é a diúltaíodh; nó

(c)

déantar foráil leis maidir le hathsholáthar le haghaidh tagarmharc nach léirítear a thuilleadh nó tá difríocht shuntasach ann maidir lena chur i bhfeidhm ar an mbunmhargadh ná ar an bhfíorchás eacnamaíoch a bhfuil an tagarmharc ar scor ceaptha é a thomhas, agus go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag a chur i bhfeidhm ar an gcobhsaíocht airgeadais.

5.   Le hathsholáthair le haghaidh tagarmhairc a comhaontaíodh mar ráta cúltaca conarthach, ní léirítear a thuilleadh nó ímítear go suntasach ón mbunmhargadh nó ón bhfíorchás eacnamaíoch atá an targarmharc ar scor ceaptha a thomhas, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh drochthionchar leis an gcur i bhfeidhm sin ar chobhsaíocht airgeadais sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbunaítear í ag an údarás náisiúnta ábhartha ar bhun mheasúnú cothrománach ar chineál sonrach de shocrú conarthach a cuireadh i gcrích tar éis páirtí leasmhar ar a laghad arna iarraidh sin, agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha;

(b)

tar éis measúnú i gcomhréir le pointe (a), gur chuir ceann de na páirtithe sa chonradh nó ionstraim airgeadais i gcoinne na forála cúltaca a comhaontaíodh de réir conartha 3 mhí ar a dhéanaí roimh scor buan an tagarmhairc; agus

(c)

tar éis cur i gcoinne de bhun phoine (b), níor tháinig na páirtithe sa chonradh nó ionstraim airgeadais ar chomhaontú maidir le hathsholáthar malartach le haghaidh tagarmhairc lá amháin oibre ar a dhéanaí roimh scor buan an tagarmhairc sin.

6.   Chun críocha phointe (c) de mhír 4, cuirfidh an t-údarás náisiúnta ábhartha, gan moill mhíchuí, an Coimisiún agus ESMA ar an eolas faoina mheasúnú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5. I gcás ina bhféadfadh an measúnú difear a dhéanamh d’eintitis i níos mó ná Ballstát amháin, déanfaidh údaráis ábhartha na mBallstát sin ar fad an measúnú i gcomhar le chéile.

7.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás ábhartha a bheidh in ann an measúnú a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 5. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus ESMA ar an eolas maidir le hainmniú na n-údarás inniúil faoin 14 Lúnasa 2021.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun athsholáthar amháin le haghaidh tagarmhairc nó níos mó a ainmniú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) i gcás ina bhfuil ceann ar bith de na himeachtaí a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo tar éis tarlú.

9.   Áireofar i ngníomh cur chun feidhme amhail dá dtagraítear i mír 8 an méid seo a leanas:

(a)

an t-athsholáthar nó na hathsholáthairtí le haghaidh tagarmhairc;

(b)

an coigeartú corrlaigh, lena n-áirítear an modh chun coigeartú corrlaigh den sórt sin a chinneadh, atá le cur i bhfeidhm maidir le hathsholáthar le haghaidh tagarmharc ar scor ar dháta an athsholáthair le haghaidh gach téarma ar leith chun aird a thabhairt ar éifeachtaí an aistrithe nó an athraithe ón tagarmharc atá le scor go dtí an athsholáthar;

(c)

na hathruithe riachtanacha comhfhreagracha chun críche comhréireachta a bhaineann le hathsholáthar le haghaidh tagarmhairc a úsáid nó a chur i bhfeidhm agus a bhfuil gá réasúnta leo chuige sin; agus

(d)

an dáta óna mbeidh feidhm ag athsholáthar nó na hathsholáthairtí le haghaidh tagarmhairc.

10.   Déanfaidh an Coimisiún, agus gníomh cur chun feidhme amhail dá dtagraítear i mír 8 á ghlacadh aige, moltaí maidir le hathsholáthar le haghaidh tagarmhairc, athruithe comhfhreagracha lena mbaineann agus an coigeartú corrlaigh arna ndéanamh ag an mbanc ceannais atá freagrach as an limistéar airgeadra ina bhfuil an tagarmharc ábhartha á scor, nó ag meitheal ráta tagartha mhalartaigh a fheidhmíonn faoi choimirce na n-údarás poiblí nó an bhainc ceannais. Sula nglacfaidh sé an gníomh cur chun feidhme, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán poiblí agus cuirfidh sé na moltaí ó gheallsealbhóirí ábhartha eile san áireamh, lena n-áirítear údarás inniúil don riarthóir tagarmhairc agus ESMA.

11.   D’ainneoin phointe (c) de mhír (5) den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag athsholáthar le haghaidh tagarmhairc arna ainmniú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo i gcás inar chomhaontaigh gach páirtí nó tromlach na bpáirtithe is gá do chonradh nó ionstraim airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23a athsholáthar éagsúil le haghaidh tagarmhairc cibé acu roimh nó tar éis dháta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo.

Airteagal 23c

Athsholáthar tagarmhairc le dlí náisiúnta

1.   Féadfaidh údarás náisiúnta inniúil de chuid Ballstáit, ina bhfuil tromlach na rannchuiditheoirí lonnaithe, tagarmharc athsholáthair amháin nó níos mó amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 20(1) a ainmniú, ar choinníoll go bhfuil aon cheann de na himeachtaí seo a leanas tar éis tarlú:

(a)

tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin, ina bhfógraítear nach léirítear a thuilleadh an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch leis an tagarmharc sin; ní thabharfaidh an t-údarás inniúil fógra den sórt sin ach amháin, tar éis fheidhmiú na gcumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 23, nach léirítear an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch leis an tagarmharc sin fós;

(b)

tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag riarthóir tagarmhairc, nó ag duine atá ag gníomhú thar ceann an riarthóra sin, nó rinneadh ráiteas poiblí den sórt sin nó foilsíodh faisnéis den sórt sin ina bhfógraítear go dtosóidh an riarthóir clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar, nó aibíochtaí áirithe nó airgeadraí áirithe an tagarmhairc sin ina ríomhtar an tagarmharc sin, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte, ar choinníoll, tráth a eiseofar an ráiteas nó a fhoilseofar an fhaisnéis, nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar;

(c)

tá ráiteas poiblí eisithe, nó faisnéis foilsithe ag an údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin nó aon eintiteas ag a bhfuil údarás dócmhainneachta nó réitigh ar riarthóir an tagarmhairc sin ina léirítear go dtosóidh an riarthóir sin clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó go n-éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar, nó aibíochtaí áirithe an tagarmhairc sin nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte, ar choinníoll, tráth a eiseofar an ráiteas nó a fhoilseofar an fhaisnéis, nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar; nó

(d)

déanann an t-údarás inniúil do riarthóir an tagarmhairc sin an t-údarú a tharraingt siar nó a chur ar fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 35, ar choinníoll nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann nuair a tharraingeofar an t-údarú siar é a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar agus tosóidh a riarthóir clabhsúr ordúil an tagarmhairc sin nó éireoidh sé as an tagarmharc sin a sholáthar, nó aibíochtaí áirithe nó airgeadraí áirithe ina ríomhtar an tagarmharc sin, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte.

2.   I gcás ina n-ainmníonn Ballstát athsholáthar amháin le haghaidh tagarmhairc nó níos mó i gcomhréir le mír 1, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin fógra a thabhairt don Choimisiún agus do ESMA láithreach.

3.   Déanfar an t-athsholáthar le haghaidh tagarmharc a chur in ionad na dtagairtí ar fad don tagarmharc sin i gconarthaí agus in ionstraimí airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 23a i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

tagraítear sna conarthaí nó sna ionstraimí airgeadais sin an tagarmharc ar scor ar an dáta a thagann an dlí náisiúnta lena n-ainmnítear an t-athsholáthar le haghaidh tagarmhairc chun bheith infheidhme; agus

(b)

nach bhfuil foráil chúltaca sna conarthaí ná sna hionstraimí airgeadais sin nó go bhfuil foráil chúltaca iontu nach ndéantar foráil maidir le hathsholáthar le haghaidh tagarmharc ar scor.

4.   Ní bheidh feidhm ag athsholáthar le haghaidh tagarmharc arna ainmniú ag údarás inniúil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo i gcás inar chomhaontaigh gach páirtí nó tromlach na bpáirtithe is gá de chonradh nó ionstraim airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 23a athsholáthar éagsúil le haghaidh tagarmhairc cibé acu roimh nó tar éis dháta chur i bhfeidhm na forála ábhartha den dlí náisiúnta.”;

(6)

in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfaidh eintitis faoi mhaoirseacht, nach riarthóir amhail dá dtagraítear i mír 1 iad, a úsáideann tagarmharc, pleananna láidre i scríbhinn a chur ar fáil agus a chothabháil ina leagtar amach na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad i gcás ina n-athraítear tagarmharc go hábhartha nó ina scoireann sé de bheith á sholáthar. I gcás inarb indéanta agus iomchuí sin, déanfar tagarmharc malartach amháin nó roinnt tagarmharcanna malartacha a ainmniú sna pleananna sin, ar tagarmharcanna iad a bhféadfaí tagairt dóibh chun teacht in ionad tagarmharcanna nach mbeadh á soláthar a thuilleadh, ina léirítear na cúiseanna maidir le hoiriúnacht tagarmharcanna malartacha den sórt sin. Soláthróidh na heintitis faoi mhaoirseacht, arna iarraidh sin orthu agus gan moill mhíchuí, na pleananna sin mar aon le haon nuashonruithe don údarás inniúil ábhartha agus déanfar iad a léiriú ina gcaidreamh conarthach leis na cliaint.”;

(7)

in Airteagal 29, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   Féadfaidh eintiteas faoi mhaoirseacht úsáid a bhaint freisin as an athsholáthar le haghaigh tagarmhairc arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 23b nó Airteagal 23c.”;

(8)

leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2b.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 18a(3) agus 54(7) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 13 Feabhra 2021.”

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 18a(3) agus 54(7) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“6a.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 18a(3) nó 54(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(9)

in Airteagal 51, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Mura rud é go mbeidh cinneadh coibhéise amhail dá dtagraítear i mír (2) nó (3) d’Airteagal 30 glactha ag an gCoimisiún, go mbeidh aitheantas tugtha do riarthóir de bhun Airteagal 32 nó go mbeidh tagarmharc formhuinithe de bhun Airteagal 33, ní cheadófar d’eintitis faoi mhaoirseacht úsáid a bhaint san Aontas as tagarmharc tríú tír, ach amháin le haghaidh ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais agus tomhais ar fheidhmíocht ciste infheistíochta a dhéanann tagairt cheana féin don tagarmharc sin nó a chuireann tagairt le tagarmharc den sórt sin roimh an 31 Nollaig 2023.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le tagarmharcanna arna soláthar ag riarthóirí a athlonnaíonn as an Aontas chuig tríú tír le linn na hidirthréimhse. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ESMA i gcomhréir le hAirteagal 35. Déanfaidh ESMA liosta de thagarmharcanna tríú tír nach mbeidh feidhm ag an gcéad fhomhír ina leith a tharraingt suas.”;

(10)

in Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Faoin 15 Meitheamh 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le raon feidhme an Rialacháin seo, go háirithe sa mhéid a bhaineann le húsáid leanúnach tagarmharcanna tríú tír ag eintitis faoi mhaoirseacht agus maidir leis na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith sa chreat reatha. Déanfar leis an tuarascáil sin measúnú go háirithe i dtaobh an bhfuil gá leis an Rialachán seo a leasú chun a raon feidhme a theorannú do sholáthar cineálacha áirithe tagarmharcanna nó do sholáthar tagarmharcanna atá á n-úsáid go forleathan san Aontas agus beidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil sin.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 faoin 15 Meitheamh 2023 chun an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 51(5) a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí, más rud é go léirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, i ngach cás eile, go mbeadh úsáid leanúnach de thagarmharcanna áirithe tríú tír san Aontas ag eintitis faoi mhaoirseacht lagaithe go suntasach nó gur bagairt thromchúiseach a bheadh ann don chobhsaíocht airgeadais.”.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 13a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012:

“Airteagal 13a

Leasuithe ar chonarthaí leagáide chun críche athchóirithe tagarmharcanna a chur chun feidhme

1.   Féadfaidh contrapháirtithe leanúint de na nósanna imeachta bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 11(3) atá i bhfeidhm acu an 13 Feabhra 2021 i dtaca le conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach agus a rinneadh, nó a rinneadh a nuachan, roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an oibleagáid chun nósanna imeachta bainistithe riosca de bhun Airteagal 11(3) a bheith i bhfeidhm i gcás, tar éis 13 Feabhra 2021 ina ndéanfar na conarthaí sin a leasú nó a nuachan ina dhiaidh sin chun tagarmharc a ionadú nó chun foráil chúltaca maidir le haon tagarmharc tagartha sa chonradh sin thabhairt isteach, agus chuige sin amháin.

2.   Na conarthaí a rinneadh, nó a rinneadh a nuachan, roimh an dáta ar a mbeidh éifeacht ag an oibleagáid imréitigh de bhun Airteagal 4 agus a dhéantar a leasú nó a nuachan ina dhiaidh sin, tar éis 13 Feabhra 2021 chun tagarmharc a ionadú nó chun foráil chúltaca maidir le haon tagarmharc tagartha sa chonradh sin thabhairt isteach, agus chuige sin amháin, ní thiocfaidh siad, ar an gcúis sin, faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4.

3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 ach maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a rinneadh a leasú nó a rinneadh a nuachan agus:

(a)

atá riachtanach chun críoch tagarmharc a athsholáthar i gcomhthéacs athchóirithe tagarmharcanna;

(b)

nach n-athraíonn an tábhacht eacnamaíoch ná an toisc riosca a léirítear le tagairt do thagarmharc i gconarthaí den sórt sin; agus

(c)

nach gcuimsíonn athruithe eile ar an gconradh sin a bhaineann le haon téarmaí dlíthiúla atá sa chonradh sin nach mbaineann leis an tagarmharc a bhfuil tagairt déanta dó agus, dá bhrí sin, a bhféadfadh an conradh a leasú ar bhealach gur gá go héifeachtach é a mheas mar chonradh nua.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Feabhra 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO C 366, 30.10.2020, lch. 4.

(2)  IO C 10, 11.1.2021, lch. 35.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Feabhra 2021.

(4)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(5)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(6)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

12.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 49/18


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/169 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Feabhra 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na Ríochta Aontaithe ar an liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2002/99/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha maidir le sláinte ainmhithe lena rialaítear táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine (1), agus go háirithe an frása réamhráiteach d’Airteagal 8, an chéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 8, mír 4 d’Airteagal 8 agus Airteagal 9(4) de,

Ag féachaint do Threoir 2009/158/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha i dtaca le sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil in éanlaith chlóis agus uibheacha goir laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh as tríú tíortha (2), agus go háirithe Airteagal 23(1), Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún (3) leagtar síos ceanglais deimhniúcháin tréidliachta maidir le héanlaith chlóis agus táirgí éineola (“na tráchtearraí”) a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd, lena n-áirítear iad a stóráil le linn an idirthurais. Foráiltear leis nach ndéanfar na tráchtearraí a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd ach ó na tríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga a liostaítear i gcolúin 1 agus 3 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, leagtar síos freisin na coinníollacha maidir le tríú tír, críoch, crios nó deighleog a mheastar a bheith saor ó fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI).

(3)

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag Treoracha 2002/99/CE agus 2009/158/CE, agus gníomhartha de chuid an Choimisiúin atá bunaithe orthu, maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar.

(4)

Dá bhrí sin, liostaítear an Ríocht Aontaithe, gan Tuaisceart Éireann san áireamh, sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 mar thríú tír óna n-údaraítear tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd ó chodanna áirithe dá críoch, ag brath ar HPAI a bheith ann. Leagtar réigiúnú sin na Ríochta Aontaithe amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/130 ón gCoimisiún (4).

(5)

An 8 Feabhra 2021, dheimhnigh an Ríocht Aontaithe go raibh HPAI d’fhochineál H5N8 i ngabháltas éanlaithe clóis in Redcar agus Cleveland i Sasana.

(6)

Chuir údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe crios rialaithe 10 km timpeall ar an ngabháltas atá buailte agus chuir siad beartas díbeartha chun feidhme chun láithreacht HPAI a rialú agus leathadh an ghalair sin a theorannú. Thairis sin, dhearbhaigh údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe gur chuir siad deimhnithe tréidliachta ar fionraí láithreach bonn le haghaidh coinsíneachtaí tráchtearraí a bhí beartaithe a onnmhairiú chuig an Aontas ó chríoch iomlán na Ríochta Aontaithe, cé is moite de Thuaisceart Éireann.

(7)

Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina críoch agus na bearta atá glactha aici chun leathadh HPAI, a bhfuil meastóireacht déanta ag an gCoimisiún air anois, a chosc. Ar bhonn na meastóireachta sin, is iomchuí srianta a chur ar thráchtearraí a thabhairt isteach san Aontas ón limistéar i Sasana atá buailte ag HPAI, ar tráchtearraí iad atá curtha faoi shrianta ag údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe mar gheall ar an ráig reatha.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, iontráil na Ríochta Aontaithe sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá sa tríú tír sin faoi láthair a chur san áireamh.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 a leasú dá réir.

(10)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 18, 23.1.2003, lch. 11.

(2)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 74.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2008 lena leagtar síos liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar éanlaith chlóis agus táirgí éineola a allmhairiú isteach sa Chomhphobal agus a bheith faoi bhealach tríd agus na ceanglais deimhniúcháin tréidliachta (IO L 226, 23.8.2008, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/130 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na Ríochta Aontaithe ar an liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach (IO L 40, 4.2.2021, lch. 16).


IARSCRÍBHINN

I gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Ríochta Aontaithe:

“GB — An Ríocht Aontaithe (*1)

GB-0

An tír iomlán

SPF

 

 

 

 

 

 

 

EP, E

 

 

 

 

 

 

 

GB-1

Tír iomlán na Ríochta Aontaithe, cé is moite de limistéar GB-2

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

 

 

A

 

 

WGM

 

 

 

 

 

 

 

POU, RAT

 

N

 

 

 

 

 

GB-2

Críoch na Ríochta Aontaithe a chomhfhreagraíonn don mhéid seo a leanas:

 

 

 

 

 

 

 

 

GB-2.1

Contae Yorkshire Thuaidh:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.30 agus W1.47

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

6.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

6.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

6.1.2021

 

 

 

GB-2.2

Contae Yorkshire Thuaidh:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.29 agus W1.45

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

8.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

8.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

8.1.2021

 

 

 

GB-2.3

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.49 agus E0.95

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

10.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

10.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

10.1.2021

 

 

 

GB-2.4

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.72 agus E0.15

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

11.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

11.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

11.1.2021

 

 

 

GB-2.5

Contae Derbyshire:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.93 agus W1.57

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

17.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

17.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

17.1.2021

 

 

 

GB-2.6

Contae Yorkshire Thuaidh:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.37 agus W2.16

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

19.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

19.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

19.1.2021

 

 

 

GB-2.7

Inse Orc:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N59.28 agus W2.44

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

20.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

20.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

20.1.2021

 

 

 

GB-2.8

Contae Dorset:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N51.06 agus W2.27

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

20.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

20.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

20.1.2021

 

 

 

GB-2.9

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.52 agus E0.96

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

23.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

23.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

23.1.2021

 

 

 

GB-2.10

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.52 agus E0.95

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

28.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

28.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

28.1.2021

 

 

 

GB-2.11

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10.4 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.53 agus E0.66

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

7.2.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

7.2.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

7.2.2021

 

 

 

GB-2.12

Contae Devon:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N50.70 agus W3.36

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

31.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

31.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

31.1.2021

 

 

 

GB-2.13

Gar do Amlwch, Inis Món, an Bhreatain Bheag:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N53.38 agus W4.30

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

27.1.2021

 

A

 

 

WGM

 

P2

27.1.2021

 

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

27.1.2021

 

 

 

 

GB-2.14

Gar do Redcar, Redcar agus Cleveland, Sasana:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.57 agus W1.07

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

8.2.2021

 

A

 

 

WGM

 

P2

8.2.2021

 

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

8.2.2021

 

 

 

 


(*1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.”.