ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 40

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
4 Feabhra 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/125 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2021 lena gcláraítear ainm i gclár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásca geografacha faoi chosaint Huile de noix du Périgord (STFC)

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/126 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2021 ainm a chlárú i gclár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásca geografacha faoi chosaint Rudarska greblica (TGFC)

2

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/127 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 lena leagtar síos na ceanglais chun ábhar pacáistíochta adhmaid a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais chun tráchtearraí áirithe de thionscnamh tríú tíortha áirithe a iompar agus chun seiceálacha sláinte plandaí a dhéanamh ar ábhar den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1137

3

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 lena socraítear an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT

8

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/129 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún ( 1 )

11

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/130 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na Ríochta Aontaithe ar an liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach ( 1 )

16

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/131 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar chaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic

21

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

4.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 40/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/125 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Eanáir 2021

lena gcláraítear ainm i gclár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásca geografacha faoi chosaint “Huile de noix du Périgord” (STFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), go háirithe Airteagal 52, mír 2, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50, mír 2, pointe (a), de Rialachán (AE) uimh. 1151/2012, foilsíodh an iarraidh ar an ainm “Huile de noix du Périgord”, a thíolaic an Fhrainc, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) uimh. 1151/2012, ós amhlaidh nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas agóide don Choimisiún, rinneadh an t-ainm “Huile de noix du Périgord” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Huile de noix du Périgord” (STFC) cláraithe anois.

An t-ainm a luaitear sa chéad mhír, is é is ainm sainiúil ar tháirgí in Aicme 1.5 Olaí, saill agus geir (im, margairín, olaí, etc.) d’Iarscríbhinn XI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  IO C 308, 17.9.2020, lch. 22.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


4.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 40/2


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/126 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Eanáir 2021

ainm a chlárú i gclár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásca geografacha faoi chosaint “Rudarska greblica” (TGFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an iarraidh ar an ainm “Rudarska greblica”, a thíolaic an Chróit, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós amhlaidh nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas agóide don Choimisiún, ba cheart an t-ainm “Rudarska greblica” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Rudarska greblica” (TGFC) cláraithe anois.

An t-ainm a luaitear sa chéad mhír is ainm sainiúil é ar tháirge de chuid aicme 2.3. Táirgí báicéara, táirgí taosráin, milseogra agus brioscaí in Iarscríbhinn XI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  IO C 309, 18.9.2020, lch. 17.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


4.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 40/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/127 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Feabhra 2021

lena leagtar síos na ceanglais chun ábhar pacáistíochta adhmaid a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais chun tráchtearraí áirithe de thionscnamh tríú tíortha áirithe a iompar agus chun seiceálacha sláinte plandaí a dhéanamh ar ábhar den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1137

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 41(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 22(3) agus Airteagal 52 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1137 ón gCoimisiún (3) do sheiceálacha sláinte plandaí agus do bhearta atá le déanamh maidir le hábhar pacáistíochta adhmaid atá in úsáid in iompar tráchtearraí sonraithe de thionscnamh na Bealarúise agus na Síne agus bhí sé infheidhme go dtí an 30 Meitheamh 2020. Bhí feidhm ag na rialacha sin i dteannta na rialacha atá i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2125 ón gCoimisiún (4) maidir le rialuithe oifigiúla sonracha ar ábhar pacáistíochta adhmaid.

(2)

Maidir le seiceálacha sláinte plandaí arna ndéanamh ag Ballstáit ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1137, tá sé léirithe iontu nach gcomhlíonann an mharcáil ar ábhar pacáistíochta adhmaid, a úsáidtear in iompar tráchtearraí áirithe de thionscnamh na Bealarúise agus na Síne, Rialachán (AE) 2016/2031 i gcónaí. Thairis sin, maidir le seiceálacha sláinte plandaí arna ndéanamh ag Ballstáit ar bhonn a measúnuithe riosca, arna dtaifeadadh in TRACES agus i gcóras gréasáin EUROPHYT-Idircheaptha roimhe seo, tá sé léirithe iontu nach gcomhlíonann an mharcáil ar ábhar pacáistíochta adhmaid a úsáidtear chun tráchtearraí áirithe de thionscnamh na hIndia a iompar an Rialachán sin i gcónaí.

(3)

Is éard a léirítear leis neamhchomhlíonadh ar tháinig na Ballstáit orthu go bhfuil riosca ann go dtabharfar lotnaidí beo isteach leis an ábhar pacáistíochta adhmaid a úsáidtear chun tráchtearraí áirithe ó na trí thír thionscnaimh sin a iompar, eadhon an Bhealarúis, an tSín agus an India, agus gur cheart na tráchtearraí sin a bheith faoi réir seiceálacha sonracha.

(4)

Chun na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh den sórt sin a chosc amach anseo, ba cheart bearta a ghlacadh maidir le hábhar pacáistíochta adhmaid chun tráchtearraí áirithe de thionscnamh na Bealarúise, na Síne agus na hIndia a iompar.

(5)

Chun a áirithiú go n-ullmhófar na húdaráis a dhéanann na seiceálacha sláinte plandaí faoi seach ar bhealach níos fearr, ba cheart do na húdaráis inniúla nó do na hoibreoirí a bhfuil baint acu le hallmhairiú na dtráchtearraí sonraithe, a bhfuil ábhar pacáistíochta adhmaid ag gabháil leo, réamhfhógra ina thaobh sin a thabhairt don údarás inniúil ag post rialaithe teorann an chéad teacht isteach a luaithe is eol dóibh gur tháinig an phacáistíocht adhmaid sin isteach.

(6)

Ba cheart ábhar pacáistíochta adhmaid de choinsíneachtaí na dtráchtearraí sonraithe a bheith faoi réir seiceálacha sláinte plandaí ar bhonn rialta. Bunaithe ar an riosca sainaitheanta do shláinte plandaí, níor cheart ráta na seiceálacha sin a bheith níos lú ná 15 % d’ábhar pacáistíochta adhmaid allmhairithe na dtráchtearraí sonraithe, chun a áirithiú go seiceálfar sampla ionadaíoch.

(7)

Ba cheart an t-ábhar pacáistíochta adhmaid, mar aon leis na coinsíneachtaí sonraithe, a bheith faoi réir rialacha an Aontais maidir le maoirseacht chustaim go dtí go gcuirfear na seiceálacha ar shláinte plandaí i gcrích, chun a áirithiú nach mbeidh aon riosca fíteashláintíochta ann mar thoradh ar a saorghluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais.

(8)

Ba cheart seiceálacha sláinte plandaí a dhéanamh ag post rialaithe teorann an chéad teacht isteach i gcríoch an Aontais nó ag pointí rialaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2017/625, chun a áirithiú go ndéantar na seiceálacha sin sna saoráidí is iomchuí.

(9)

Ar mhaithe leis an tsoiléireacht dhlíthiúil, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1137 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad, chun Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán (AE) 2017/625 is infheidhme ón 14 Nollaig 2019 a chur san áireamh.

(10)

Chun go mbeidh dóthain ama ag na Ballstáit oiriúnú do na ceanglais dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Márta 2021.

(11)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo go dtí an 31 Nollaig 2023 chun am a thabhairt chun faireachán a dhéanamh ar an gcás agus chun comhlíonadh an ábhair pacáistíochta adhmaid agus na gcoinsíneachtaí faoi seach leis an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2016/2031 a chinneadh.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar amach ceanglais maidir le hábhar pacáistíochta adhmaid tráchtearraí áirithe ó thríú tíortha a liostaítear san Iarscríbhinn a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus seiceálacha sláinte plandaí a dhéanamh air, chun a áirithiú go gcomhlíonann sé Rialachán (AE) 2016/2031.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ábhar pacáistíochta adhmaid” aon táirge adhmaid i bhfoirm cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe comhchosúla, sráideoga, sráideoga bosca agus boird ualaigh eile, coiléir sráideoige, starrála, bídís in úsáid in iompar réad de gach cineál nó ná bídís; ní chuirtear san áireamh adhmad amh atá 6 mm nó níos lú ar tiús, adhmad próiseáilte arna tháirgeadh le gliú, teas ná brú, nó meascán díobh sin, ná starráil lena dtacaítear le coinsíneachtaí adhmaid, atá déanta as adhmad den chineál céanna agus den cháilíocht chéanna leis an adhmad atá sa choinsíneacht;

(2)

ciallaíonn “coinsíneachtaí sonraithe” coinsíneachtaí a chomhlíonann gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

is de thionscnamh na dtríú tíortha a liostaítear san Iarscríbhinn iad;

(b)

tacaítear leo le hábhar pacáistíochta adhmaid, cosnaítear iad le hábhar pacáistíochta adhmaid nó iompraítear in ábhar pacáistíochta adhmaid iad go dtí ar a laghad post rialaithe teorann an chéad teacht isteach;

(c)

tá na cóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC) nó cóid TARIC faoi seach acu, agus na tuairiscí faoi seach a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (5), mar a liostaítear san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Ceanglais chun ábhar pacáistíochta adhmaid a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

Ní fhéadfar ábhar pacáistíochta adhmaid a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais ach amháin má chomhlíontar an dá cheanglas seo a leanas:

(1)

maidir leis na húdaráis inniúla nó na hoibreoirí atá freagrach as an ábhar pacáistíochta adhmaid lena mbaineann a thabhairt isteach nó atá ar an eolas gur tháinig an phacáistíocht adhmaid sin isteach i gcríoch an Aontais, go dtabharfaidh siad réamhfhógra don údarás inniúil ag post rialaithe teorann an chéad teacht isteach agus an t-ábhar pacáistíochta adhmaid lena mbaineann á thabhairt isteach i gcríoch an Aontais;

(2)

go léirítear leis na seiceálacha sláinte plandaí dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) den Rialachán seo go gcomhlíonann an t-ábhar pacáistíochta adhmaid lena mbaineann ceanglais phointí (a) agus (b) d’Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2016/2031.

Airteagal 4

Seiceálacha sláinte plandaí

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas:

(a)

seiceálacha sláinte plandaí a dhéanamh, ar bhonn rialta, ar ábhar pacáistíochta adhmaid de choinsíneachtaí na dtráchtearraí sonraithe ag ceann amháin de na pointí seo a leanas:

(i)

post rialaithe teorann an chéad teacht isteach i gcríoch an Aontais;

(ii)

pointí rialaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/625;

(b)

ráta na seiceálacha ar shláinte plandaí dá bhforáiltear i bpointe (a) den mhír seo a shainmhíniú.

2.   Ní bheidh an ráta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 níos lú ná 15 % de choinsíneachtaí na dtráchtearraí sonraithe.

3.   Go dtí go gcuirfear na seiceálacha dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 i gcrích, beidh an t-ábhar pacáistíochta adhmaid agus na coinsíneachtaí faoi seach a shonraítear:

(a)

faoi mhaoirseacht chustaim de bhun Airteagal 134 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013; agus

(b)

faoi mhaoirseacht ag na húdaráis inniúla.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an t-údarás custaim a cheadú nach gcoinneofar tráchtearraí sonraithe faoi mhaoirseacht dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) den mhír sin, má scarann an t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht an t-ábhar pacáistíochta adhmaid ó na tráchtearraí sonraithe sin, nuair is féidir go teicniúil.

Airteagal 5

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1137 a aisghairm

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1137.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus an tréimhse chur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1137 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2018 maidir le maoirseacht, seiceálacha sláinte plandaí agus bearta atá le glacadh i dtaca le hábhar pacáistíochta adhmaid le haghaidh iompar tráchtearraí de thionscnamh tríú tíortha áirithe (IO L 205, 14.8.2018, lch. 54).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2125 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla sonracha a chur i bhfeidhm ar ábhar pacáistíochta adhmaid, fógra a thabhairt faoi choinsíneachtaí áirithe agus bearta a bheidh le déanamh i gcás neamhchomhlíonta (IO L 321, 12.12.2019, lch. 99).

(5)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 faoin ainmníocht taraife agus staitistiúil agus faoin gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Tráchtearraí sonraithe, cóid na hAinmníochta Comhcheangailte (AC) nó cóid TARIC agus an tír thionscnaimh faoi seach

Tuairisc ar an tráchtearra

Cóid na hAinmníochta Comhcheangailte (AC) nó cóid TARIC

Tír thionscnaimh

Slinn, bíodh sí bearrtha go garbh nó go díreach gearrtha, trína sábhadh nó trína gearradh ar bhealach eile, ina bloic nó ina leaca i bhfoirm dhronuilleogach (lena n-áirítear i bhfoirm chearnógach)

2514

An Bhealarúis, an tSín, an India

Marmar, trabhairtín, ecaussine agus cloch chailcreach i gcomhair leac chuimhne nó cloch chailcreach thógála eile ar 2,5 nó níos mó a n-imtharraingt shonrach dhealraitheach, agus albastar, bídís bearrtha go garbh nó go díreach gearrtha, trína sábhadh nó trína ngearradh ar bhealach eile, ina mbloic nó ina leaca i bhfoirm dhronuilleogach (lena n-áirítear i bhfoirm chearnógach)

2515

An Bhealarúis, an tSín, an India

Eibhear, porfaire, basalt, gaineamhchloch agus cloch i gcomhair leac chuimhne nó cloch thógála eile, bídís bearrtha go garbh nó go díreach gearrtha, trína sábhadh nó trína ngearradh ar bhealach eile, ina mbloic nó ina leaca i bhfoirm dhronuilleogach (lena n-áirítear i bhfoirm chearnógach)

2516

An Bhealarúis, an tSín, an India

Connadh, ina spreotaí, ina bhilléid, ina chipíní, ina bhrosna, nó i bhfoirmeacha comhchosúla; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní nó millíní nó i bhfoirmeacha dá samhail, nó ná bíodh

4401

An Bhealarúis, an tSín, an India

Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáiste comhchosúil, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; sráideoga, sráideoga bosca agus boird ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir sráideoige, déanta as adhmad (seachas coimeádáin atá saindeartha agus feisithe le haghaidh modh iompair amháin nó níos mó)

4415

An Bhealarúis, an tSín, an India

Seiteanna, clocha colbha agus leaca, déanta as cloch nádúrtha (seachas slinn)

6801

An Bhealarúis, an tSín, an India

Clocha shaoirsithe ornáidíochta nó tógála (seachas slinn) agus earraí déanta astu sin, seachas táirgí faoi cheannteideal 6801 ; ciúbanna mósáice agus a leithéidí, déanta as cloch nádúrtha (lena n-áirítear slinn), bídís ar ábhar taca nó ná bídís; gráinníní, sliseanna agus púdar déanta as cloch nádúrtha (lena n-áirítear slinn) atá daite go saorga

6802

An Bhealarúis, an tSín, an India

Slinn shaoirsithe agus earraí slinne nó earraí slinne ceirtleánaithe (seachas gráinníní slinn, sliseanna agus púdar, ciúbanna mósáice agus a leithéidí, pinn slinn, agus slinnte nó cláir atá réidh le húsáid agus a bhfuil dromchlaí scríbhneoireachta nó tarraingthe orthu)

6803

An Bhealarúis, an tSín, an India

Leaca agus pábháil, tíleanna teallaigh nó balla ceirmeacha; ciúbanna mósáice ceirmeacha agus a leithéid, bídís ar ábhar taca nó ná bídís (seachas min shiliciúil iontaise nó créanna siliciúla comhchosúla, earraí frithleighis, tíleanna atá oiriúnaithe go sonrach mar mhataí boird, nithe ornáideacha agus tíleanna a mhonaraítear go sonrach le haghaidh sorn)

6907

An Bhealarúis, an tSín, an India

Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim

7606

An Bhealarúis, an tSín, an India


4.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 40/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/128 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Feabhra 2021

lena socraítear an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 16(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, is iad na huasmhéideanna atá socruithe i leith na fo-uasteorann le caiteachas a bhaineann leis an margadh agus le híocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle a bheidh san uasteorainn bhliantúil le caiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (2).

(2)

I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 11(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), thug roinnt Ballstát fógra don Choimisiún faoina gcinneadh maidir leis an laghdú ar mhéid na n-íocaíochtaí díreacha de bhun Airteagal 11(1) den Rialachán sin agus leis an toradh measta ar an laghdú a eascraíonn as i leith na bliana féilire 2020. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán sin, táthar le toradh measta an laghdaithe ar íocaíochtaí a chur ar fáil mar thacaíocht ón Aontas arna maoiniú faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

(3)

I gcomhréir leis an séú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug roinnt Ballstát fógra don Choimisiún maidir lena gcinneadh céatadán áirithe dá n-uasteorainn náisiúnta bhliantúil le híocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2020 a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise faoi CETFT sa bhliain airgeadais 2021.

(4)

I gcomhréir leis an séú fomhír d’Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug roinnt Ballstát fógra don Choimisiún maidir lena gcinneadh méid áirithe den tacaíocht atá le maoiniú faoi CETFT sa bhliain airgeadais 2021 a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2020.

(5)

Rinneadh na huasteorainneacha ábhartha náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a oiriúnú dá réir sin.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, tá an fho-uasteorainn le caiteachas a bhaineann leis an margadh agus le híocaíochtaí díreacha de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin le coigeartú faoin gcoigeartú teicniúil dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Rialachán sin tar éis na n-aistrithe idir CETFT agus na híocaíochtaí díreacha.

(7)

Ní mór, dá bhrí sin, an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT sna blianta airgeadais 2021 go 2027 a choigeartú. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart na méideanna atá le cur ar fáil do CETFT a fhoilsiú freisin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta le haghaidh na mblianta airgeadais 2021 go 2027.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).


IARSCRÍBHINN

Rialachán Cur chun Feidhme ón gCoimisiún lena socraítear an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT

(EUR milliún)

Bliain airgeadais

Méideanna a chuirtear ar fáil do CETFT

Méideanna a aistrítear ar fáil ó CETFT

An t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT

Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

2021

1 099,539

58,165

600,658

40 367,954

2022

 

 

 

41 257,000

2023

 

 

 

41 518,000

2024

 

 

 

41 649,000

2025

 

 

 

41 782,000

2026

 

 

 

41 913,000

2027

 

 

 

42 047,000


4.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 40/11


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/129 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Feabhra 2021

lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún (2) áirítear úsc gairleoige mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

An formheas ar an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Lúnasa 2021.

(4)

Cuireadh isteach iarratas ar an bhformheas ar an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith iomlán.

(6)

Rinne an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan a ullmhú i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) agus an Choimisiúin í an 28 Márta 2019.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chomh maith chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Rinne an tÚdarás na barúlacha a fuarthas a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

An 16 Aibreán 2020, chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don Choimisiún (6) maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh úsc gairleoige na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Chuir an Coimisiún, an 16 agus an 17 Iúil 2020, tuarascáil athnuachana maidir le húsc gairleoige faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha agus chuir sé dréacht-Rialachán faoina bhráid an 4 Nollaig 2020 lena ndéantar foráil maidir leis an athnuachan ar fhormheas ar an tsubstaint ghníomhach sin.

(9)

A mhéid a bhaineann leis na critéir chun airíonna réabtha iontálaigh a aithint, critéir a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (7), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go meastar nach gcomhlíonann úsc gairleoige na critéir maidir le réabadh iontálach i gcás daoine agus orgánaigh nach spriocorgánaigh iad, mar a leagtar síos i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605 faoi seach..

(10)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(11)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(12)

An measúnú riosca maidir le hathnuachan an fhormheasa ar an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige, bunaítear é ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, úsáidí nach gcuireann srian, áfach, ar na húsáidí lena bhféadfar táirgí cosanta plandaí a bhfuil úsc gairleoige iontu a údarú.

(13)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an formheas ar úsc gairleoige a athnuachan.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(15)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1160 ón gCoimisiún (8), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa an úisc gairleoige go dtí an 31 Lúnasa 2021 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an bhformheas a athnuachan roimh an dáta éaga sin ar cuireadh síneadh leis, beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Márta 2021.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An formheas ar an tsubstaint ghníomhach a athnuachan

Déantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach úsc gairleoige a athnuachan mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt substaintí gníomhacha a áireamh (IO L 344, 20.12.2008, lch. 89).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

(6)  Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance garlic extract EFSA Journal 2020;18(6): https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020,6116

(7)  Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena leagtar síos critéir eolaíochta chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1160 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 maidir le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim, min fola, carbónáit chailciam, dé-ocsaíd charbóin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, úsc gairleoige, aigéad gibriline, gibriliní, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, kieselguhr (cré dhiatómúil), olaí planda/ola ráibe, hidrigincharbónáit photaisiam, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill mairteola, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, teabúconasól agus úiré (IO L 257, 6.8.2020 lch. 29).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht  (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Úsc gairleoige

Comhábhair mharcóra:

Suilfíd dé-aillile (DAS1), déshuilfíd dé-aillile (DAS 2),

Tríshuilfíd dé-aillile (DAS3), teitreashuilfíd dé-aillile (DAS 4)

Úsc gairleoige

1 000 g/kg

1 Márta 2021

29 Feabhra 2036

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le húsc gairleoige, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis.

Ar bhonn na n-úsáidí beartaithe agus údaraithe (mar a liostaítear i bhFoscríbhinn II), sainaithníodh gur gá do na Ballstáit uile aird ar leith a thabhairt, agus sin sa ghearrthéarma, ar na saincheisteanna seo a leanas, faoi chuimsiú aon údarú atá le deonú, le hathrú nó le tarraingt siar, de réir mar is iomchuí:

An riosca d’orgánaigh uisceacha.

Uimh. CAS 8000-78-0;

8008-99-9

Uimh. CIPAC 916


(1)  Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 mar a leanas:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 231 maidir le húsc gairleoige;

(2)

i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:

Uimhir

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht  (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

“144

Úsc gairleoige Comhábhair mharcóra: Suilfíd dé-aillile (DAS1), déshuilfíd dé-aillile (DAS 2), Tríshuilfíd dé-aillile (DAS3), teitreashuilfíd dé-aillile (DAS 4)

Úsc gairleoige

1 000 g/kg

1 Márta 2021

29 Feabhra 2036

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le húsc gairleoige, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis.

Ar bhonn na n-úsáidí beartaithe agus údaraithe (mar a liostaítear i bhFoscríbhinn II), sainaithníodh gur gá do na Ballstáit uile aird ar leith a thabhairt, agus sin sa ghearrthéarma, ar na saincheisteanna seo a leanas, faoi chuimsiú aon údarú atá le deonú, le hathrú nó le tarraingt siar, de réir mar is iomchuí:

An riosca d’orgánaigh uisceacha.”

Uimh. CAS 8000-78-0

8008-99-9

Uimh. CIPAC 916


(1)  Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


4.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 40/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/130 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Feabhra 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na Ríochta Aontaithe ar an liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2002/99/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha maidir le sláinte ainmhithe lena rialaítear táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine (1), agus go háirithe an frása réamhráiteach d’Airteagal 8, an chéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 8, mír 4 d’Airteagal 8 agus Airteagal 9(4) de,

Ag féachaint do Threoir 2009/158/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha i dtaca le sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil in éanlaith chlóis agus uibheacha goir laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh as tríú tíortha (2), agus go háirithe Airteagail 23(1), 24(2) agus 25(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún (3) leagtar síos ceanglais deimhniúcháin tréidliachta maidir le héanlaith chlóis agus táirgí éineola (“na tráchtearraí”) a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd, lena n-áirítear iad a stóráil le linn an idirthurais. Foráiltear leis nach ndéanfar na tráchtearraí a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd ach ó na tríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga a liostaítear i gcolúin 1 agus 3 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, leagtar síos freisin na coinníollacha maidir le tríú tír, críoch, crios nó deighleog a mheastar a bheith saor ó fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI).

(3)

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag Treoracha 2002/99/CE agus 2009/158/CE, agus gníomhartha de chuid an Choimisiúin atá bunaithe orthu, maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar.

(4)

Dá bhrí sin, liostaítear an Ríocht Aontaithe, gan Tuaisceart Éireann san áireamh, sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 mar thríú tír óna n-údaraítear tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd ó chodanna áirithe dá críoch, ag brath ar HPAI a bheith ann. Leagtar réigiúnú sin na Ríochta Aontaithe amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/24 (4).

(5)

An 27 Eanáir 2021, dheimhnigh an Ríocht Aontaithe go raibh HPAI d’fhochineál H5N8 i ngabháltas éanlaithe clóis ar Inis Món sa Bhreatain Bheag.

(6)

Chuir údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe crios rialaithe 10 km timpeall ar an ngabháltas atá buailte agus chuir siad beartas díbeartha chun feidhme chun láithreacht HPAI a rialú agus leathadh an ghalair sin a theorannú. Thairis sin, dhearbhaigh údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe gur chuir siad deimhnithe tréidliachta ar fionraí láithreach bonn le haghaidh coinsíneachtaí tráchtearraí a bhí beartaithe a onnmhairiú chuig an Aontas ó chríoch iomlán na Ríochta Aontaithe, cé is moite de Thuaisceart Éireann.

(7)

Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina críoch agus na bearta atá glactha aici chun leathadh HPAI, a bhfuil meastóireacht déanta ag an gCoimisiún air anois, a chosc. Ar bhonn na meastóireachta sin, is iomchuí srianta a chur ar thráchtearraí a thabhairt isteach san Aontas ón limistéar sa Bhreatain Bheag atá buailte ag HPAI, ar tráchtearraí iad atá curtha faoi shrianta ag údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe mar gheall ar an ráig reatha.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, iontráil na Ríochta Aontaithe sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá sa tríú tír sin faoi láthair a chur san áireamh.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 a leasú dá réir.

(10)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 18, 23.1.2003, lch. 11.

(2)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 74.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2008 lena leagtar síos liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar éanlaith chlóis agus táirgí éineola a allmhairiú isteach sa Chomhphobal agus a bheith faoi bhealach tríd agus na ceanglais deimhniúcháin tréidliachta (IO L 226, 23.8.2008, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/24 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na Ríochta Aontaithe ar an liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach (IO L 11, 14.1.2021, lch, 1).


IARSCRÍBHINN

I gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Ríochta Aontaithe:

“GB — An Ríocht Aontaithe (*1)

GB-0

An tír iomlán

SPF

 

 

 

 

 

 

 

EP, E

 

 

 

 

 

 

 

GB-1

Tír iomlán na Ríochta Aontaithe, cé is moite de limistéar GB-2

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

 

 

A

 

 

WGM

 

 

 

 

 

 

 

POU, RAT

 

N

 

 

 

 

 

GB-2

Críoch na Ríochta Aontaithe a chomhfhreagraíonn don mhéid seo a leanas:

 

 

 

 

 

 

 

 

GB-2.1

Contae Yorkshire Thuaidh:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.30 agus W1.47

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

6.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

6.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

6.1.2021

 

 

 

GB-2.2

Contae Yorkshire Thuaidh:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.29 agus W1.45

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

8.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

8.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

8.1.2021

 

 

 

GB-2.3

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.49 agus E0.95

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

10.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

10.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

10.1.2021

 

 

 

GB-2.4

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.72 agus E0.15

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

11.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

11.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

11.1.2021

 

 

 

GB-2.5

Contae Derbyshire:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.93 agus W1.57

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

17.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

17.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

17.1.2021

 

 

 

GB-2.6

Contae Yorkshire Thuaidh:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54.37 agus W2.16

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

19.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

19.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

19.1.2021

 

 

 

GB-2.7

Inse Orc:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N59.28 agus W2.44

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

20.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

20.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

20.1.2021

 

 

 

GB-2.8

Contae Dorset:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N51.06 agus W2.27

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

20.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

20.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

20.1.2021

 

 

 

GB-2.9

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.52 agus E0.96

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

23.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

23.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

23.1.2021

 

 

 

GB-2.10

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.52 agus E0.95

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

28.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

28.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

28.1.2021

 

 

 

GB-2.11

Contae Norfolk:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10,4 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.53 agus E0.66

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

7.2.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

7.2.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

7.2.2021

 

 

 

GB-2.12

Contae Devon:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N50.70 agus W3.36

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

1.1.2021

31.1.2021

A

 

 

WGM

 

P2

1.1.2021

31.1.2021

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

1.1.2021

31.1.2021

 

 

 

GB-2.13

Gar do Amlwch, Inis Món, an Bhreatain Bheag:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N53.38 agus W4.30

BPP, BPR, DOC, DOR, HEP, HER, SRP, SRA, LT20

 

N

P2

27.1.2021

 

A

 

 

WGM

 

P2

27.1.2021

 

 

 

 

POU, RAT

 

N

P2

27.1.2021

 

 

 

 


(*1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.”.


4.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 40/21


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/131 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar chaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (1), agus go háirithe Airteagal 11(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 liostaítear comhlachtaí poiblí, corparáidí agus gníomhaireachtaí agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, comhlachtaí agus eintitis de chuid rialtas na hIaráice a bhí ann roimhe sin, ar comhlachtaí agus eintitis iad a chumhdaítear le reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha a bhí lonnaithe lasmuigh den Iaráic an 22 Bealtaine 2003 faoin Rialachán sin.

(2)

De thoradh athbhreithniú teicniúil ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003, ba cheart eintiteas amháin a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)  IO L 169, 8.7.2003, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003, scriostar an iontráil seo a leanas:

“67.

IRAQI STATE ENTERPRISE FOR FOODSTUFFS TRADING, Seoladh: P.O. Box 548, Baghdad, Iraq.”