ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 37

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
3 Feabhra 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/120 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2021 lena n-údaraítear púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún ( 1 )

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/121 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh mar fhreagra ar Litir Stáit ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le Leasú 28 ar Roinn D de Chaibidil 9 d’Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta

6

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

3.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 37/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/120 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Feabhra 2021

lena n-údaraítear púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (2) ón gCoimisiún lena mbunaítear liosta Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 31 Nollaig 2018, chuir an chuideachta Avena Nordic Grain Oy (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó shaothróga ísle (00) Brassica rapa L. agus Brassica napus L, a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir cead an púdar síl ráibe díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. a úsáid i mbarraí gránaigh, múslaí agus gránaigh bricfeasta mheasctha comhchosúla, táirgí gránach bricfeasta easbhrúite, sneaiceanna seachas criospaí agus aráin dhonna den chineál céanna, saor ó ghlútan, arán agus rollaí a bhfuil comhábhair speisialta curtha leo, arán ilghráin agus rollaí, ionadaigh feola agus millíní feola.

(4)

Mhol an t-iarratasóir freisin, de bhrí go bhfuil codán próitéine an phúdair shíl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L agus ó Brassica napus L comhchosúil leis an bpróitéin síl ráibe atá údaraithe mar bhia núíosach le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/424/AE ón gCoimisiún (3) ar tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar chonclúid ina leith (4) nach féidir riosca íograithe a chur as an áireamh agus gur dóchúil go bhféadfadh sé frithghníomhuithe ailléirgeacha i ndaoine a bhfuil ailléirge le mustard orthu a spreagadh, maidir le lipéadú táirgí bia ina bhfuil púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L, go gcumasaíonn an lipéadú sin do dhaoine a bhfuil ailléirge le mustard orthu caitheamh na mbianna sin a sheachaint.

(5)

An 31 Nollaig 2018, chuir an t-iarratasóir iarratas chuig an gCoimisiún freisin go gcosnófaí sonraí dílseánaigh le haghaidh staidéar trialach idirghabhála 4 seachtaine ar ghrúpa comhthreomhar daonna randamaithe dall dúbailte rialaithe, chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar infhulaingt an bhia núíosaigh ag tomhaltóirí sláintiúla (5).

(6)

An 19 Meitheamh 2019, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás measúnú a dhéanamh ar an bpúdar síl ráibe díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus ó Brassica napus L. mar bhia núíosach i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

An 30 Meitheamh 2020, ghlac an t-Údarás a thuairim eolaíoch “Sábháilteacht púdair shíl ráibe ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L mar bhia núíosach de bhun Rialachán (CE) 2015/2283” (6) i gcomhréir le ceanglais Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(8)

Ina thuairim eolaíoch, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Mar sin féin, thángthas ar an gconclúid freisin go bhféadfadh an púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. frithghníomuithe ailléirgeacha a spreagadh i ndaoine a bhfuil ailléirge le mustard orthu. Dá bhrí sin, tugann an tuairim eolaíoch sin forais leordhóthanacha chun a shuí go bhfuil púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L., nuair a úsáidtear é i mbarraí gránaigh, múslaí agus gránaigh mheasctha chomhchosúla, táirgí gránach bricfeasta easbhrúite, sneaiceanna seachas criospaí, aráin dhonna saor ó ghlútan, arán agus rollaí a bhfuil comhábhair speisialta curtha leo, arán ilghráin agus rollaí, ionadaigh feola, agus millíní feola, agus ar choinníoll, leis an gcineál lipéadaithe atá ar bhianna a bhfuil púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L agus ó Brassica napus L iontu go gcumasaítear do dhaoine a bhfuil ailléirge le mustard orthu caitheamh na gcineálacha bia sin a sheachaint, go bhfuil an púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach sin i gcomhréir le ceanglais Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(9)

Le tuairim an Údaráis agus na sonraí maidir le comhdhéanamh agus sonraíocht a chuir an t-iarratasóir isteach tugtar forais leordhóthanacha freisin chun carbaihiodráití iomlána a áireamh sa tsonraíocht bia núíosaigh mar gur comhábhar tábhachtach cothaitheach é sin agus go gcomhlánófar próifíl fhorimeallach an bhia núíosaigh má chuirtear isteach é.

(10)

Ina thuairim eolaíoch, mheas an tÚdarás go bhféadfadh sé teacht ar a chonclúidí maidir le sábháilteacht an phúdair shíl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe gan na sonraí a mhaíonn an t-iarratasóir a bheith dílseánach (Staidéar ar thriail chliniciúil rialaithe ar an duine, is é sin staidéar grúpa comhthreomhar dall dúbailte randamaithe idirghabhála 4 seachtaine, chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar infhulaingt an bhia núíosaigh ag tomhaltóirí sláintiúla).

(11)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nár comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, agus, maidir leis an gcosaint ar na sonraí dílseánaigh arna iarraidh a áirítear san iarratas, nach féidir an chosaint sin a dheonú. Dá bhrí sin, maidir le húdarú púdair shíl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus ó Brassica napus L. mar bhia núíosach agus maidir lena áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha, is iomchuí nach mbeadh ann ach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar é a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Áireofar san iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/424/AE ón gCoimisiún an 1 Iúil 2014 lena n-údaraítear próitéin síl ráibe a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosach faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 196, 3.7.2014, lch. 27.)

(4)  Iriseán EFSA 2013; 11(10):3420.

(5)  Medfiles Ltd, 2018 (nár foilsíodh).

(6)  Iris EFSA 2020;18(7):6197.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

“Púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus

Brassica napus L.

Catagóir shonraithe bia

Uasleibhéil

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is ‘púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach’ an t-ainmniú a bheidh air.

Aon earra bia ina bhfuil ‘púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach’ ó Brassica rapa L. agus ó Brassica napus L.’ beidh ráiteas air go bhféadfadh an comhábhar sin a bheith ina chúis frithghníomhaithe ailléirgigh i gcás tomhaltóirí a bhfuil ailléirge le mustard orthu agus le táirgí a dhéantar as. Beidh an ráiteas sin díreach taobh le liosta na gcomhábhar. “

 

Barraí gránaigh measctha

20 g/100 g

Múslaí agus gránaigh bhricfeasta chomhchosúla

20 g/100 g

Táirgí gránach bricfeasta easbhrúite

20 g/100 g

Sneaiceanna (gan criospaí prátaí a áireamh)

15 g/100 g

Aráin agus rollaí a bhfuil comhábhair speisialta curtha leo (amhail síolta, rísíní, luibheanna)

7 g/100 g

Aráin dhonna a bhfuil ráitis orthu maidir le glútan gan bheith iontu nó níos lú de a bheith iontu i gcomhréir le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 828/2014 ón gCoimisiún

7 g/100 g

Arán agus rollaí ilghráin

7 g/100 g

Ionadaigh feola

10 g/100 g

Liathróidí feola

10 g/100 g

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia Núíosach údaraithe

Sonraíochtaí

“Púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus

Brassica napus L.

Sainmhíniú: Déantar an púdar a tháirgeadh ó shíolta atá díshaillte go páirteach ó shaothróga “nialas dúbáilte” (00) Brassica Rapa L. agus Brassica napus L. neamh-ghéinmhodhnaithe trí shraith céimeanna próiseála chun glúcóisínealáití agus fíotáití a laghdú.

Foinse: Síolta Brassica rapa L. agus Brassica napus L.

Saintréithe/Comhdhéanamh:

Próitéin (N × 6,25): 33,0-43,0 %

Lipidí: 14,0 – 22,0 %

Iomlán Carbaihiodráití (*): 33,0 – 40,0 %

Iomlán Snáithín (**): 33,0 – 43,0 %

Taise: < 7,0 %

Luaith: 2,0–5,0 %

Iomlán Glúcóisínealáití: < 0,3 mmol/kg (≤ 120 mg/kg)

Fiotáit: < 1,5 %

Luach sárocsaíde (i meáchan bia núíosaigh): ≤ 3,0 mEq O2/kg

Miotail Throma:

Luaidhe: < 0,2 mg/kg

Arsanaic (neamhorgánach): < 0,2 mg/kg

Caidmiam: < 0,2 mg/kg

Mearcair: < 0,1 mg/kg

Alúmanam: < 35 0 mg/kg

Critéir mhicribhitheolaíochta:

Áireamh iomlán coilíneachtaí (30 °C): < 5 000 CFU/g

Enterobacteriaceae: < 10 CFU/g

Salmonella sp.: Diúltach/25 g

Giosta agus múscán: < 100 CFU/g

Bacillus cereus: < 100 CFU/g

(*) De réir difríochta: 100 % – [próitéin % + taise % + % saille + % luaith]

(**) AOAC 2011.25 (Modh meá-mhéadrach einsímeach)

CFU: Aonaid déanta coilíneachta: Comhlachas na gCeimiceoirí Oifigiúla Talmhaíochta”


CINNTÍ

3.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 37/6


CINNEADH (AE) 2021/121 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Eanáir 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh mar fhreagra ar Litir Stáit ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le Leasú 28 ar Roinn D de Chaibidil 9 d’Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus pointe (a) d’Airteagal 87(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”) arb é is aidhm dó aeriompar idirnáisiúnta a rialú, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis.

(2)

Is Stáit chonarthacha de Choinbhinsiún Chicago iad Ballstáit an Aontais agus is comhaltaí de ICAO iad, cé gur stádas breathnóra atá ag an Aontas i gcomhlachtaí áirithe de chuid ICAO.

(3)

De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, tá Comhairle ICAO chun caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta (SARPanna) a ghlacadh.

(4)

An 21 Nollaig 2017, chinn Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) sa Rún 2396 (2017) uaidh go bhfuil Ballstáit na Náisiún Aontaithe chun an cumas a fhorbairt sonraí maidir le taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú, ar mhaithe le SARPanna ICAO a chur chun cinn, agus chun a áirithiú go n-úsáideann a n-údaráis inniúla náisiúnta uile na sonraí PNR agus go gcomhroinntear leo iad, agus lánurraim á thabhairt do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, chun cionta sceimhlitheoireachta agus taisteal gaolmhar a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

(5)

D’áitigh Rún 2396 (2017) ó CSNA ar ICAO freisin oibriú leis na Stáit chonarthacha chun caighdeán a bhunú maidir le sonraí PNR a bhailiú, a úsáid, a phróiseáil agus a chosaint.

(6)

Leagtar amach na SARPanna maidir le PNR i Roinn D de Chaibidil 9 d’Iarscríbhinn 9 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Déantar comhlánú ar SARPanna sin le treoir bhreise, go háirithe Doiciméad 9944 ICAO lena leagtar amach treoirlínte maidir le sonraí PNR.

(7)

An 23 Meitheamh 2020, ghlac Comhairle ICAO Leasú 28 ar Roinn D de Chaibidil 9 d’Iarscríbhinn 9 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, ina leagtar amach tacar nua SARPanna do na Stáit chonarthacha chun a gcumas a fhorbairt chun sonraí PNR a bhailiú, a úsáid, a phróiseáil agus a chosaint le haghaidh eitiltí chuig a gcríoch agus óna gcríoch (“Leasú 28”), agus creat iomchuí dlíthiúil agus riaracháin mar thacaíocht léi.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, ach amháin má chláraíonn tromlach de na Stáit chonarthacha a míshástacht, tiocfaidh éifeacht le Leasú 28 3 mhí tar éis an spriocdháta chun míshástacht a chlárú.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát Conarthach caighdeáin nó nósanna imeachta idirnáisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh ar gach bealach nó más dofheidhmithe dó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán le haon chaighdeán nó nós imeachta idirnáisiúnta tar éis leasú ar an gcaighdeán nó nós imeachta idirnáisiúnta sin, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar dhóigh ar bith leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tá an Stát sin le fógra láithreach a thabhairt do ICAO faoi na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta. Tá tionchar ag fógra faoi dhifríocht den sórt sin ar éifeachtaí dlíthiúla na gcaighdeán arna nglacadh ag ICAO. Dá bhrí sin, tá seasamh an Aontais maidir leis an ábhar le bunú i gcomhréir le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(10)

Tugadh fógra do na Stáit chonarthacha faoi Leasú 28 trí bhíthin Litir Stáit CE 6/3-20/71. De réir na litreach Stáit sin, tá fógra le tabhairt faoi aon difríocht i dtaca leis an leasú sin agus faoi chomhlíonadh an leasaithe sin faoin 30 Eanáir 2021.

(11)

Tá comhrialacha maidir le sonraí PNR glactha ag an Aontas i dTreoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), treoir a bhfuil raon feidhme aici a bhfuil forluí mór ann leis an réimse atá cumhdaithe ag SARPanna, arna athbhreithniú le Leasú 28. Tá tacar cuimsitheach rialacha, go háirithe, san áireamh i dTreoir (AE) 2016/681 chun coimirciú a dhéanamh ar na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus chun sonraí pearsanta a chosaint i gcomhthéacs aeriompróirí a bheith ag aistriú sonraí PNR chuig na Ballstáit agus i gcomhthéacs próiseáil sonraí den sórt sin chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

(12)

Tá reachtaíocht maidir le cosaint sonraí pearsanta glactha ag an Aontas freisin, eadhon Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), is infheidhme maidir le próiseáil sonraí PNR ag aeriompróirí agus ag oibreoirí príobháideacha eile agus ag údaráis atá inniúil maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear d’fhonn coimirciú a dhéanamh i gcoinne bagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc.

(13)

Ina theannta sin, tá dhá chomhaontú idirnáisiúnta maidir le próiseáil agus aistriú sonraí PNR i bhfeidhm faoi láthair idir an tAontas agus tríú tíortha, eadhon an Astráil (4) agus na Stáit Aontaithe (5). An 26 Iúil 2017 thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh Tuairim 1/15 maidir leis an gcomhaontú atá beartaithe idir Ceanada agus an tAontas Eorpaigh i ndáil le sonraí PNR a aistriú agus a phróiseáil, a síníodh an 25 Meitheamh (6) (“Tuairim 1/15”).

(14)

Maidir leis na gnéithe a bhaineann le PNR de Roinn D de Chaibidil 9 d’Iarscríbhinn 9 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, arna athbhreithniú le Leasú 28, baineann siad le réimse a bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas ina leith de bhun Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, toisc go bhféadfadh Leasú 28 difear a dhéanamh do na comhrialacha maidir le sonraí PNR a chosaint agus a phróiseáil.

(15)

Dá réir sin, is i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/2107 ón gComhairle (7) a rinneadh seasamh an Aontais maidir leis an ábhar seo, chun Leasú 28 a ullmhú. Léiríonn an seasamh sin ceanglais dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus aistrithe sonraí PNR chuig tríú tíortha, arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679, Treoir (AE) 2016/680 agus Treoir (AE) 2016/681, chomh maith leis na ceanglais sin a eascraíonn as an gCairt/atá mar thoradh ar Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh mar a léirmhíníonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh iad, go háirithe i dTuairim 1/15.

(16)

Is i gcomhréir, den chuid is mó, le seasamh an Aontais a chumhdaítear i gCinneadh (AE) 2019/2107 ón gComhairle atá SARPanna, arna athbhreithniú le Leasú 28, agus leagtar síos iontu coimircí uaillmhianacha maidir le cosaint sonraí, go háirithe maidir le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí, maoirseacht ag údarás neamhspleách, sonraí íogaire, próiseáil uathoibríoch sonraí PNR agus neamh-idirdhealú, cuspóirí a bhféadfar sonraí PNR a phróiseáil ina leith, agus sonraí PNR a choinneáil, a úsáid, a nochtadh agus a aistriú tuilleadh.

(17)

Dá bhrí sin, ós rud é go bhféadfaí dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta le Leasú 28 maidir leis na caighdeáin chun sonraí PNR a chosaint, níor chuir Ballstáit an Aontais aon mhíshásamh in iúl faoi Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago.

(18)

Mar sin féin, tá na ceanglais a eascraíonn as dlí an Aontais i ndáil le haistriú agus próiseáil sonraí PNR níos beaichte ná SARPanna, arna athbhreithniú le Leasú 28.

(19)

Ceanglaíonn Caighdeán 9.34(a), mar a leagtar amach i Leasú 28 é, ar Stáit chonarthacha gan bac ná cosc a chur ar aistriú sonraí PNR chuig Stát conarthach eile a chomhlíonann SARPanna. Cé go gcoinníonn na Stáit chonarthacha, de réir Chaighdeán 9.34(b), mar a leagtar amach i Leasú 28 é, an cumas leibhéil níos airde cosanta a choinneáil nó a thabhairt isteach i gcomhréir lena gcreat dlíthiúil agus riaracháin intíre, agus socruithe breise a dhéanamh le Stáit chonarthacha eile d’fhonn forálacha níos mionsonraithe a bhunú maidir le haistriú sonraí PNR, níl teanga reatha Chaighdeán 9.34 soiléir go leor i dtéarmaí dlíthiúla, ó thaobh an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát de, chun a áirithiú nach gcuirfear cosc ar na Ballstáit na ceanglais níos beaichte sin a fhorchur.

(20)

Sna himthosca sin, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais agus SARPanna, is ceart do na Ballstáit, mar fhreagra ar Litir Stáit CE 6/3-20/71, fógra foirmiúil a thabhairt faoi dhifríocht de réir bhrí Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago. Is ceart aon difríocht den sórt sin a bheith teoranta do Chaighdeán 9.34 i Roinn D de Chaibidil 9 d’Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Chicago, arna athbhreithniú le Leasú 28.

(21)

Is iomchuí, dá bhrí sin, seasamh an Aontais atá le glacadh a bhunú.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit seasamh an Aontais a chur in iúl.

(23)

Tá Éire faoi cheangal ag Treoir (AE) 2016/681 agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.

(24)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfaidh Ballstáit an Aontais an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais mar fhreagra ar Litir Stáit CE 6/3-20/71, a d’eisigh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta an 17 Iúil 2020 (8) a chur in iúl.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Eanáir 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí maidir le taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lch. 132).

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(3)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(4)  Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Astráil maidir le haeriompróirí do phróiseáil agus d’aistriú sonraí taifid ainmneacha paisinéirí (PNR) chuig Seirbhís Custam agus Cosanta Teorann na hAstráile (IO L 186, 14.7.2012, lch. 4).

(5)  Comhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le taifid ainmneacha paisinéirí a úsáid agus a aistriú chuig Roinn Slándála Dúiche na Stát Aontaithe (IO L 215, 11.8.2012, lch. 5).

(6)  Tuairim 1/15 ón gCúirt (Mór-Dhlísheomra) an 26 Iúil 2017 (Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ceanada i dtaca le Taifid Ainmneacha Paisinéirí), ECLI:EU:C:2017:592.

(7)  Cinneadh (AE) 2019/2107 ón gComhairle an 28 Samhain 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i dtaca leis an athbhreithniú ar Chaibidil 9 d’Iarscríbhinn 9 (Saoráil) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta i leith caighdeán agus cleachtas molta i ndáil le sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (IO L 318, 10.12.2019, lch. 117).

(8)  Féach doiciméad ST 5457/21 ar http://register.consilium.europa.eu