|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 24 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
26.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 24/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/56 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Eanáir 2021
lena leagtar síos bearta bainistithe, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme maidir le limistéar an Choinbhinsiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhealach ina soláthrófar dálaí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta atá inbhuanaithe. |
|
(2) |
Trí bhíthin Chinneadh 98/392/CE ón gComhairle (4), d’fhormheas an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Mara an 10 Nollaig 1982 agus an Comhaontú maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin sin i ndáil le Caomhnú agus Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach (5), ina bhfuil prionsabail agus rialacha a bhaineann le caomhnú agus bainistiú bheo-acmhainní na mara. I gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach in iarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta chun stoic éisc a chaomhnú. |
|
(3) |
Trí bhíthin Chinneadh 2006/539/CE ón gComhairle (6), d’fhormheas an tAontas an Coinbhinsiún chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha a Neartú, arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce (“an Coinbhinsiún”). |
|
(4) |
Tá an t-údarás ag an gCoimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha (IATTC) chun cinntí (“Rúin”) a ghlacadh chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh a áirithiú i limistéar an Choinbhinsiúin. Tá Rúin ceangailteach ar na Páirtithe Conarthacha. Is ar na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún go háirithe a bhíonn Rúin dírithe, ach cuireann siad oibleagáidí ar oibreoirí príobháideacha (e.g. máistrí soithí) chomh maith. Tagann Rúin i bhfeidhm 45 lá tar éis a nglactha agus, i gcás an Aontais, ní mór iad a chur chun feidhme i ndlí an Aontais a luaithe is féidir. |
|
(5) |
Trí bhíthin Chinneadh 2005/938/CE ón gComhairle (7), d’fhormheas an tAontas an Comhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (“an Comhaontú”), lenar bunaíodh an Clár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (IDCP). |
|
(6) |
Faoi Airteagal XIV den Chomhaontú, beidh ról lárnach ag IATTC i dtaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a chomhordú agus i dtaca le cur chun feidhme na mbeart a ghlacfar laistigh de chreat IATTC. |
|
(7) |
Laistigh de IDCP, tá Cruinniú na bPáirtithe freagrach as bearta a ghlacadh atá ceaptha laghdú a dhéanamh de réir a chéile ar bhásmhaireacht theagmhasach deilfeanna in iascach tuinníní le heangach peas-saighne i Limistéar an Chomhaontaithe go dtí leibhéil atá ag déanamh ar náid, trí theorainneacha bliantúla a leagan síos. Beidh bearta den sórt sin ina gceangal ar an Aontas. |
|
(8) |
Is le Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (8) a rinneadh an cur chun feidhme is déanaí de na Rúin. |
|
(9) |
Ag cur san áireamh gurb é is dóichí go leasófar na Rúin ag cruinnithe bliantúla IATTC, agus chun iad a ionchorprú go tapa i ndlí an Aontais, chun cothrom na Féinne a atreisiú agus tacú tuilleadh le bainistiú fadtéarmach inbhuanaithe na stoc, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na ngnéithe seo a leanas: na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh doruithe siorca, tréimhsí coiscthe, amlínte tuairiscithe maidir le feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna), forálacha maidir le dearadh agus imscaradh FADanna, spriocdhátaí maidir le bailiú sonraí, limistéir agus bearta maolaithe chun éanlaith mhara a chosaint, cumhdach breathnóirí eolaíochta, faisnéis i ndáil le Clár na Soithí Réigiúnacha, tagairt don tábla maidir le soláthar sonraí agus i dtaca leis na logleabhair agus leis na cuntais díluchtúcháin, an doiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha, roinnt spriocdhátaí tuairiscithe agus treoirlínte i dtaca le básmhaireacht na dturtar. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(10) |
Ba cheart tarmligean na gcumhachtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith gan dochar do Rúin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais amach anseo tríd an ngnáthnós imeachta reachtach. |
|
(11) |
Ós rud é, leis an Rialachán seo, go gcuirtear chun feidhme na bearta uile ó IATTC, ba cheart Airteagal 3(3), Airteagal 4(3) agus Teideal IV de Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 a scriosadh. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta bainistithe, caomhnaithe agus rialaithe a bhaineann le hiascaireacht sa limistéar a chumhdaítear faoin gCoinbhinsiún agus i ndáil le stoic tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinnín, speicis éisc eile a ghlacann soithí a bhíonn ag iascach tuinníní agus speicis eile cosúil le tuinnín agus speicis ar leis an éiceachóras céanna iad dá ndéantar difear trí iascaireacht le haghaidh stoic éisc, nó atá ag brath ar stoic éisc nó a bhfuil baint acu le stoic éisc, a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta an Aontais a úsáidtear nó atá beartaithe lena n-úsáid chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar a chumhdaítear faoin gCoinbhinsiún.
2. Mura gcuirtear a mhalairt in iúl sa Rialachán seo, tá feidhm aige gan dochar do na Rialacháin atá ann cheana san earnáil iascaigh, go háirithe Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialacháin (CE) Uimh. 1005/2008 (11), (CE) Uimh. 1224/2009 (12) agus (CE) Uimh. 1185/2003 (13) ón gComhairle.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha a Neartú arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce; |
|
(2) |
ciallaíonn “limistéar an Choinbhinsiún” an limistéar geografach a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis mar a thuairiscítear in Airteagal III den Choinbhinsiún; |
|
(3) |
ciallaíonn “speiceas IATTC” stoic tuinníní agus speicis cosúil le tuinníní agus speicis éisc eile a ghabhann soithí atá ag iascaireacht tuinníní agus speiceas atá cosúil le tuinníní i limistéar an Choinbhinsiúin; |
|
(4) |
ciallaíonn “soitheach iascaireachta an Aontais” aon soitheach a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain air, a úsáidtear, nó a bheartaítear a úsáid, chun acmhainní iascaigh a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena n-áirítear soithí tacaíochta, soithí próiseála éisc, soithí a ghabhann don trasloingsiú agus soithí iompair atá feistithe chun táirgí iascaigh a iompar, seachas soithí coimeádán; |
|
(5) |
ciallaíonn “Páirtí Conarthach” na páirtithe conarthacha sa Choinbhinsiúin; |
|
(6) |
ciallaíonn “peas-saighne” aon líon ciorclaithe a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdín íochtair ag bun na heangaí, agus an braighdín sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill, i dtreo is gur féidir an eangach a fháscadh agus a dhúnadh; |
|
(7) |
ciallaíonn “tuinníní teochreasacha” tuinníní mórshúileacha, tuinníní buí agus boiníotónna aigéanacha; |
|
(8) |
ciallaíonn “baoithe sonraí” gairis atá ar snámh agus a ghluaiseann uathu féin nó atá ar ancaire, a ndéanann eagraíochtaí nó eintitis eolaíochta aitheanta nó rialtais iad a imscaradh chun sonraí comhshaoil a bhailiú go leictreonach, agus nach dtacaíonn le gníomhaíochtaí iascaigh, agus ar ina leith a tugadh fógra do Rúnaíocht IATTC; |
|
(9) |
ciallaíonn “feiste um chomhbhailiú éisc” nó “FAD” nithe ar ancaire, ar snámh nó faoi uisce a ndéanann soithí iad a imscaradh nó a rianú, trí raidió nó trí bhaoite satailíte a úsáid, chun comhbhailiú a dhéanamh ar spriocspeicis tuinníní le haghaidh oibríochtaí peas-saighneoireachta; |
|
(10) |
áirítear le “idirghníomhaíocht” le baoithe sonraí, ach níl sé teoranta dó, an baoi a chiorclú le trealamh iascaireachta, an soitheach, trealamh iascaireachta, nó aon pháirt nó aon chuid den soitheach a fheistiú le baoi sonraí nó a cheangal leis, nó a líne ancaire a ghearradh; |
|
(11) |
ciallaíonn “oibreoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn aon ghnóthas atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le haon chéim de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, leithdháilte agus miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe; |
|
(12) |
ciallaíonn “CCE” an Coiste Comhairleach Eolaíoch arna bhunú faoi Airteagal XI den Choinbhinsiún; |
|
(13) |
ciallaíonn “trasloingsiú” na táirgí iascaigh go léir nó aon chuid díobh atá ar bord soithigh a dhíluchtú chuig soitheach eile; |
|
(14) |
ciallaíonn “Clár na Soithí Réigiúnacha” clár soithí IATTC; |
|
(15) |
ciallaíonn “Rún” na bearta ceangailteacha arna nglacadh ag IATTC faoi Airteagal VII den Choinbhinsiún; |
|
(16) |
ciallaíonn “foirm dhearbhaithe trasloingsithe IATTC” an doiciméad atá in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Rún C-12-07; |
|
(17) |
ciallaíonn “breathnóir” duine atá údaraithe agus deimhnithe ag Ballstát nó Páirtí Conarthach chun breathnóireacht agus faireachán a dhéanamh agus faisnéis a bhailiú ar bord soithí iascaireachta; |
|
(18) |
ciallaíonn “spiléar” trealamh iascaireachta atá déanta de phríomhdhorú ar a bhfuil cuid mhaith duán ar fhodhoruithe (snúdaí) ar féidir a bhfad agus a spásáil a athrú ag brath ar an spriocspeiceas; |
|
(19) |
ciallaíonn “doruithe siorca” doruithe aonair atá ceangailte leis an dorú snámháin nó go díreach leis na snámháin, agus a úsáidtear chun siorcanna a spriocdhíriú, mar a léirítear i bhFigiúr 1 de Rún C-16-05; |
|
(20) |
ciallaíonn “duáin mhóra chiorclacha” duán a bhfuil pointe aige atá casta siar go hingearach i gcoinne na lorga chun cruth ciorclach nó ubhchruthach, de ghnáth, a dhéanamh, agus gan frithchúiteamh is mó ná 10 gcéim déanta ar phointe an duáin; |
|
(21) |
ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú maidir leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (AIDCP); |
|
(22) |
ciallaíonn “tobair shéalaithe” aon spás ar bord soithigh, beartaithe chun iasc a reo, a choinneáil nó a stóráil, a bhfuil rochtain air blocáilte chun cosc a chur ar a n-úsáid chun na gcríoch sin; |
|
(23) |
ciallaíonn “WCPFC” an Coimisiún Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC), arna bhunú faoin gCoinbhinsiún maidir le stoic éisc mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú (14); |
|
(24) |
ciallaíonn “limistéar forluí” an limistéar inniúlachta forluiteacha idir limistéir gheoghrafacha IATTC agus WCPFC. Is é an limistéar sin an chuid den Aigéan Ciúin a bhfuil na línte seo a leanas mar theorainn aige: an líne dhomhanleithid 50°D óna pointe trasnaithe le fadlíne 150°I chomh fada leis an bpointe trasnaithe le fadlíne 130°I, agus an líne dhomhanleithid 4°D óna pointe trasnaithe le fadlíne 150°I chomh fada leis an bpointe trasnaithe le fadlíne 130°I. |
CAIBIDIL II
Bearta caomhnaithe agus bainistithe
Airteagal 4
Tréimhsí coiscthe le haghaidh soithí peas-saighne le haghaidh tuinníní teochreasacha
1. Chun an cosc iascaireachta le haghaidh soithí peas-saighne a chur chun feidhme, déanfaidh gach Ballstát mar a leanas:
|
(a) |
an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 15 Meitheamh gach bliain i dtaca le cé acu den dá thréimhse choiscthe ón 29 Iúil go dtí an 8 Deireadh Fómhair, nó ón 9 Samhain go dtí an 19 Eanáir, a mbeidh feidhm aici maidir lena soithí féin. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht IATTC ar an eolas maidir leis an tréimhse choiscthe is infheidhme faoin 15 Iúil gach bliain; |
|
(b) |
na páirtithe leasmhara go léir ina thionscal tuinnín a chur ar an eolas faoin gcosc; |
|
(c) |
an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 15 Meitheamh gach bliain go bhfuil na bearta sin déanta; |
|
(d) |
a áirithiú, ó thús deireadh na tréimhse coiscthe, nach ndéanann na soithí peas-saighne uile a chuireann a mbratach ar foluain iascaireacht i limistéar an Choinbhinsiúin. |
2. I gcás nach féidir le soitheach iascaireachta an Aontais gabháil amach ar an bhfarraige lasmuigh den tréimhse choiscthe is infheidhme dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, mar gheall ar theagmhas force majeure ina ndéantar an soitheach iascaireachta a dhíchumasú le linn oibríochtaí iascaireachta de bharr cliseadh meicniúil nó struchtúrach, tine nó pléascadh, le linn tréimhse nach lú ná 75 lá i ndiaidh a chéile, féadfaidh an Ballstát iarraidh díolúine a sheoladh chuig an gCoimisiún le haghaidh na tréimhse coiscthe, mar aon leis an bhfianaise is gá chun a léiriú nár ghabh an soitheach amach ar an bhfarraige de bharr theagmhas force majeure. Seolfar an iarraidh chuig an gCoimisiún 2 sheachtain ar a dhéanaí tar éis do dheireadh teacht ar an gcúis a bhí leis an force majeure. Déanfaidh an Coimisiún measúnú agus, i gcás inarb infheidhme, an iarraidh a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC lena scrúdú ag IATTC mí amháin ar a dhéanaí tar éis do dheireadh teacht ar an gcúis a bhí leis an force majeure.
3. I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát maidir le formheas IATTC ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 2:
|
(a) |
i gcás nár chloígh an soitheach le tréimhse choiscthe sa bhliain chéanna inar tharla an force majeure, cloífidh an soitheach le tréimhse choiscthe laghdaithe de 40 lá i ndiaidh a chéile i gceann de dhá thréimhse choiscthe den bhliain sin seachas cloí leis an gcosc iomlán a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 1 agus tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaíocht IATTC maidir leis an tréimhse choiscthe a roghnófar; nó |
|
(b) |
i gcás inar chloígh an soitheach cheana féin le tréimhse choiscthe sa bhliain chéanna inar tharla cúis an force majeure, cloífidh sé le tréimhse choiscthe laghdaithe de 40 lá as a chéile an bhliain ina dhiaidh sin i gceann den dá thréimhse choiscthe le haghaidh na bliana sin, ar ina leith nach mór fógra a thabhairt don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 15 Iúil den bhliain sin. |
4. Aon soitheach a thairbhíonn de dhíolúine dá bhforáiltear i mír 3, beidh breathnóir údaraithe aige ar bord.
5. Sa bhreis ar chosc dá dtagraítear i mír 1, beidh cosc ar iascach le haghaidh tuinníní teochreasacha laistigh de limistéar 96° agus 110°I agus idir 4°T agus 3°D ón 9 Deireadh Fómhair agus go dtí an 8 Samhain gach bliain.
Airteagal 5
Toirmeasc ar iascach ar bhaoite sonraí
1. Áiritheoidh máistrí soithí nach ndéanfaidh a soithí idirghníomhaíocht le baoithe sonraí i limistéar an Choinbhinsiúin.
2. Beidh toirmeasc ar threalamh iascaireachta a imscaradh laistigh de mhuirmhíle amháin ó bhaoi sonraí ar ancaire i limistéar an Choinbhinsiúin.
3. Beidh toirmeasc ar bhaoi sonraí a thabhairt ar bord, mura n-údaraíonn Ballstát, Páirtí Conarthach nó an t-úinéir atá freagrach as an mbaoi é sin go sonrach nó mura n-iarrann sé é.
4. Má théann trealamh iascaireachta i bhfostú i mbaoi sonraí, bainfear an trealamh atá i bhfostú ar bhealach a ndéanfar a laghad díobháil is féidir don bhaoi sonraí.
5. Cláir taighde eolaíochta ar ina leith a thugtar fógra foirmiúil do IATTC, féadfaidh siad soithí iascaireachta an Aontais a oibriú laistigh de mhuirmhíle amháin ón mbaoi sonraí, ar choinníoll nach ndéanann na soithí sin idirghníomhaíocht leis an mbaoi sonraí nó trealamh iascaireachta a imscaradh, mar a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.
Airteagal 6
Feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna)
1. Déanfar FADanna a ghníomhachtú go heisiach ar bord shoithí peas-saighne an Aontais.
2. Measfar FAD a bheith gníomhach nuair a dhéantar é a imscaradh san fharraige, nuair a thosaíonn sé ag tarchur a shuímh, agus nuair atá sé á rianú ag an soitheach, ag a úinéir nó ag a oibreoir.
3. Tuairisceoidh soithí iascaireachta an Aontais faisnéis laethúil maidir le FADanna gníomhacha chuig an gCoimisiún ag eatraimh a chuirfear isteach le tréimhse mhoille de 60 lá ar a laghad, ach le tréimhse mhoille nach mó na 90 lá idir na tuarascálacha. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh láithreach chuig Rúnaíocht IATTC.
4. Baileoidh oibreoirí shoithí iascaireachta an Aontais aon idirghníomhaíocht le FADanna agus tuairisceoidh siad é sin chuig na Ballstáit. I gcás gach idirghníomhaíochta, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh:
|
(a) |
suíomh FAD; |
|
(b) |
dáta agus uair imscartha FAD; |
|
(c) |
Sainaithint FAD IATTC (i.e. marcáil nó sainaithint rabhcháin FAD; cineál baoi; nó aon fhaisnéis lena bhféadfaí an t-úinéir a shainaithint); |
|
(d) |
cineál FAD (amhail FAD ar ancaire, FAD nádúrtha le sruth, FAD saorga le sruth); |
|
(e) |
tréithe deartha FAD (toisí agus ábhar na páirte a bhíonn ar snámh agus an struchtúir a bhíonn ar crochadh faoi uisce); |
|
(f) |
cineál gníomhaíochta (socrú eangaí, imscaradh, tarlú, aisghabháil, cailliúint, idirghabháil maidir le trealamh leictreonach, etc.); |
|
(g) |
más socrú eangaí í an ghníomhaíocht, torthaí shocraithe na lín i dtéarmaí gabhála agus foghabhála; agus |
|
(h) |
tréithe aon bhaoi ceangailte nó trealamh ionadaithe (córas ionadaithe, cé acu an bhfuil sé feistithe le sonóir nó nach bhfuil, etc.). |
5. Cuirfidh na Ballstáit na sonraí a bailíodh le haghaidh na bliana féilire roimhe sin isteach chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 75 lá roimh gach cruinniú rialta de chuid CCE. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC tráth nach déanaí ná 60 lá roimh chruinniú CCE.
6. Maidir le sainaithint agus dearadh agus imscaradh FADanna ag soithí iascaireachta an Aontais, comhlíonfaidh siad Iarscríbhinní I agus II faoi seach a ghabhann le Rún C-19-01.
Airteagal 7
Trasloingsithe i gcalafort
Is i gcalafort a dhéanfar gach trasloingsiú i limistéar an Choinbhinsiún de chuid speicis IATTC.
CAIBIDIL III
SPEICIS MHUIRÍ A CHOSAINT
Airteagal 8
Siorcanna bána aigéanacha
1. Beidh toirmeasc ar aon pháirt de chonablach nó conablach iomlán siorcanna bána aigéanacha (Carcharhinus longimanus) a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol, nó a thairiscint lena ndíol.
2. Déanfar siorcanna bána a scaoileadh go pras gan ghortú, a mhéid is féidir, tráth a tugadh isteach go taobh an tsoithigh iad.
3. Déanfaidh na Ballstáit, inter alia trí na cláir breathnóirí, líon na n-iasc aischurtha agus scaoiltí na siorcanna bána a thaifeadadh, an stádas á léiriú (beo nó marbh), lena n-áirítear iad siúd a scaoileadh faoi mhír 2.
Airteagal 9
Roic de chineál Mobulidae
1. Beidh toirmeasc ar aon pháirt de chonablach nó conablach iomlán de roic de chineál Mobulidae (ar a n-áirítear roic Manta agus roic Mobula) a ghabhtar i limistéar an Choinbhinsiúin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol, nó a thairiscint lena ndíol.
2. Má dhéantar roic de chineál Mobulidae a ghabháil go neamhintinneach agus a reo mar chuid d’oibríocht soithigh peas-saighne, tabharfaidh an soitheach an roc de chineál Mobulidae ina iomláine suas do na húdaráis fhreagracha ag an bpointe tabhairt i dtír. Roic de chineál Mobulidae a thugtar suas ar an mbealach sin, ní dhéanfar iad a dhíol ná a mhalartú ach is féidir iad a bhronnadh lena chaitheamh ag an duine sa bhaile.
3. Roic de chineál Mobulidae a ghabhtar go neamhintinneach, scaoilfear iad go pras gan ghortú, a mhéid is féidir, a luaithe a fheicfear iad san eangach, ar an duán, nó ar an deic. Déanfar an scaoileadh ar bhealach a ndéanfar a laghad díobháil is féidir do na roic de chineál Mobulidae a ghabhtar gan sábháilteacht aon duine a chur i mbaol, de réir na dtreoirlínte a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rún C-15-04 ó IATTC.
4. Déanfaidh na Ballstáit, inter alia trí na cláir breathnóirí, líon na n-iasc aischurtha agus scaoiltí na roc de chineál Mobulidae a thaifeadadh, an stádas á léiriú (beo nó marbh), lena n-áirítear iad siúd a tugadh suas faoi mhír 2.
Airteagal 10
Síodsiorcanna
1. Beidh toirmeasc ar aon pháirt de chonablach nó conablach iomlán siorcanna bána (Carcharhinus falciformis) a ghabhann soithí peas-saighne i limistéar an Choinbhinsiúin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol, nó a thairiscint lena ndíol.
2. Má dhéantar na síodsiorcanna a ghabháil go neamhintinneach agus a reo mar chuid d’oibríocht soithigh peas-saighne, agus má tá na húdaráis rialtais i láthair ag an bpointe tabhairt i dtír, déanfar an síodsiorc iomlán a thabhairt suas dóibh. Mura bhfuil na húdaráis rialtais ar fáil, ní dhéanfar an síodsiorc iomlán a dhíol nó a mhalartú ach is féidir é a bhronnadh lena chaitheamh ag an duine sa bhaile. Síodsiorcanna a thugtar suas ar an mbealach sin, tuairisceofar iad chuig Rúnaíocht IATTC.
3. Maidir le soithí spiléireachta a ghabhann siorcanna go teagmhasach, cuirfidh siad teorainn le foghabháil síodsiorcanna le haghaidh méid nach mó ná 20 % den ghabháil iomlán in aghaidh an turais iascaireachta de réir meáchain.
4. Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta an Aontais aon iascaireacht i limistéir phórbhreithe na síodsiorcanna arna sainaithint ag IATTC.
Airteagal 11
Míolsiorcanna
1. Ní chuirfidh soithí iascaireachta an Aontais peas-saighean ar scoil tuinníní a bhfuil míolsiorc beo ina measc (Rhincodon typus), má fheictear an t-ainmhí sula dtosaíonn an socrú eangaí.
2. I gcás nach ndéanfar an míolsiorc a chiorclú sa pheas-saighean d’aon ghnó, déanfaidh máistir an tsoithigh mar a leanas:
|
(a) |
áiritheoidh sé go ndéanfar gach beart réasúnach chun a áirithiú go scaoilfear go sábháilte é; agus |
|
(b) |
tuairisceoidh sé an teagmhas don Bhallstát, lena n-áirítear líon na ndaoine lena mbaineann, sonraí maidir le conas agus cathain a tharla an ciorclú, cén áit inar tharla sé, na bearta a rinneadh chun a áirithiú go scaoilfear go sábháilte é, agus measúnú i dtaca le stádas saoil an ainmhí/na n-ainmhithe nuair a scaoiltear iad (lena n-áirítear má scaoileadh aon cheann acu beo ach a fuair bás ina dhiaidh sin). |
3. Ní dhéanfar míolsiorcanna a tharraingt amach as peas-saighean.
Airteagal 12
Soithí peas-saighne ag scaoileadh siorcanna go sábháilte
1. Scaoilfidh soithí iascaireachta an Aontais go pras siorcanna (cé acu atá beo nó marbh) a ghabhtar agus nach gcoinnítear gan ghortú, a mhéid is féidir, a luaithe a fheicfear iad san eangach nó ar an deic, gan sábháilteacht aon duine a chur i mbaol.
2. Más beo atá siorc nuair a ghabhann soithí peas-saighne é agus mura gcoinnítear é, scaoilfear an siorc trí leas a bhaint as na nósanna imeachta seo a leanas, nó trí mheán atá chomh héifeachtach céanna:
|
(a) |
scaoiltear siorcanna as eangach trína scaoileadh go díreach ón mbrailéir isteach san aigéan; |
|
(b) |
siorcanna nach féidir a scaoileadh gan sábháilteacht na ndaoine a chur i mbaol sula dtugtar i dtír iad ar an deic, déantar iad a chur ar ais san uisce a luaithe is féidir, trí leas a bhaint as rampa ón deic atá ceangailte le hoscailt ar thaobh an tsoithigh, nó trí haistí éalaithe; agus |
|
(c) |
mura mbíonn rampaí nó haistí éalaithe ar fáil, íslítear na siorcanna le crochán nó le heangach lasta, agus crann tógála nó trealamh comhchosúil á úsáid, má tá sé ar fáil. |
Beidh toirmeasc ar gheafanna, dhuáin nó uirlisí comhchosúla a úsáid chun siorcanna a láimhsiú. Ní cheadaítear aon siorc a ardú leis an gceann, eireaball, scoilteanna geolbhaigh, nó poill anála, nó trí leas a bhaint as sreang ceangail i gcoinne an choirp nó atá curtha tríd an gcorp, agus ní cheadaítear aon pholl a tholladh trí choirp na siorcanna (e.g. chun cábla a chur tríd chun siorc a ardú).
Airteagal 13
Toirmeasc ar shoithí spiléireachta leas a bhaint as doruithe siorca
Ní bhainfidh soithí iascaireachta spiléireachta an Aontais úsáid as doruithe siorca.
Airteagal 14
Bailiú sonraí maidir le speicis siorcanna
1. Baileoidh máistrí shoithí iascaireachta an Aontais sonraí le haghaidh síodsiorcanna agus siorcanna ceann casúir agus cuirfidh siad iad faoi bhráid na mBallstát, a sheolfaidh na sonraí sin chuig an gCoimisiún agus a chuirfidh iad faoina bhráid faoin 31 Márta gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún na sonraí sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC.
2. Déanfaidh breathnóirí ar shoithí iascaireachta an Aontais taifead ar líon agus ar stádas (beo nó marbh) na síodsiorcanna agus ar na siorcanna ceann casúir a ghabhtar agus a scaoiltear.
Airteagal 15
Éanlaith mhara
1. Soithí spiléireachta a bhaineann leas as córais hiodrálacha, mheicniúla nó leictreacha agus a bhíonn ag iascaireacht speiceas a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiúin sa limistéar lastuaidh de 23°T agus laisteas de 30°D, agus an limistéar a bhfuil teorainn aige leis an imeallbhord ag 2°T, siar go 2°T-95°I, agus ó dheas go 15°D-95°I, agus soir go 15°-85°I, agus ó dheas go 30°D, cuirfidh siad i bhfeidhm ar a laghad dhá cheann de na bearta maolaithe atá sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo lena n-áirítear ar a laghad ceann amháin ó Cholún A. Ní bhainfidh soithí leas as an mbeart céanna ó Cholún A agus ó Cholún B.
2. D’ainneoin mhír 1, ní dhéanfar duáin a chur go cliathánach le cuirtíní éanlaithe agus fodhoruithe meáite ach amháin sa limistéar lastuaidh de 23°T go dtí go mbunófar le taighde go bhfuil an beart sin fóinteach in uiscí laisteas de 30°D. Measfar gur dhá bheart mhaolaithe a bheidh i gceist le duáin a chur go cliathánach le cuirtíní éanlaithe agus fodhoruithe meáite ó cholún A.
3. Má roghnaítear an líne tori ó Cholún A agus ó Cholún B, is ionann sin agus dhá líne tori (i.e. línte péireáilte) a úsáid go comhuaineach.
Airteagal 16
Turtair mhara
1. Déanfaidh soithí iascaireachta an Aontais, ar bhealach a ndéanann a laghad díobháil is féidir, gach turtar mara a scaoileadh go pras, gan sábháilteacht aon duine a chur i mbaol. Beidh comhalta amháin den chriú ó shoitheach iascaireachta an Aontais, ar a laghad, oilte i dteicnící chun turtair mhara a láimhsiú agus a scaoileadh chun gur mó an deis a bheidh acu teacht slán tar éis a scaoilte.
2. Leanfaidh na Ballstáit de bheith ag glacadh páirte i dtaighde chun teicnící a shainaithint chun foghabháil na dturtar mara a laghdú tuilleadh i ngach cineál trealaimh a úsáidtear in oirthear an Aigéin Chiúin.
3. Déanfaidh máistir soithigh peas-saighne mar a leanas:
|
(a) |
ciorclú na dturtar mara a sheachaint a mhéid is féidir agus, i gcás inarb iomchuí, uirlisí láimhsithe sábháilte a iompar ar bord agus a úsáid chun turtair mhara a scaoileadh, agus gach beart réasúnach a ghlacadh, má fheictear turtar mara i bpeas-saighean, chun a áirithiú go scaoiltear go sábháilte é; |
|
(b) |
na bearta iomchuí is gá a ghlacadh chun faireachán a dhéanamh ar FADanna maidir le turtair mhara i bhfostú iontu, agus a áirithiú go scaoiltear na turtair mhara go léir atá i bhfostú in FADanna; |
|
(c) |
taifead a dhéanamh ar gach idirghníomhaíocht bhreathnaithe le turtair mhara le linn oibríochtaí peas-saighneoireachta agus an fhaisnéis sin a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta. |
4. Déanfaidh máistrí na soithí spiléireachta mar a leanas:
|
(a) |
an trealamh is gá a iompar ar bord (e.g. uirlisí bainte duáin, gearrthóirí dorú, agus eangacha scúip) chun turtair mhara a ghabhtar go teagmhasach a scaoileadh go pras, nuair a tharlaíonn idirghníomhaíochtaí le turtair mhara, an trealamh sin a úsáid; |
|
(b) |
nuair a dhéantar iascaireacht le tromlach na nduán i ndoimhneacht is éadoimhne ná 100 méadar, bainfear leas as ceann amháin den dá bheart mhaolaithe a leanas: duáin mhóra chiorclacha nó iasc eite amháin a úsáid mar bhaoite; |
|
(c) |
aon idirghníomhaíocht a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta. |
5. Tacóidh na Ballstáit le taighde agus le forbairt ar dhearaí FAD modhnuithe chun dul i bhfostú na dturtar mara a laghdú mar aon le bearta a dhéanamh d’fhonn úsáid dearaí a chur chun cinn ar dearaí iad a n-éiríonn leo laghdú den sórt sin a dhéanamh.
Airteagal 17
Deilfeanna a chosaint
Is soithí iascaireachta an Aontais a oibríonn faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú, agus a bhfuil Teorainn Básmhaireachta Deilfeanna (DML) sannta dóibh, agus iad sin amháin, a bheidh údaraithe le scoileanna nó grúpaí deilfeanna a chiorclú le peas-saighne agus iascaireacht le haghaidh tuinníní buí i limistéar an Choinbhinsiúin.
CAIBIDIL IV
Breathnóirí eolaíocha
Airteagal 18
Breathnóirí eolaíocha ar shoithí spiléireachta
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh breathnóir eolaíoch ar bord ag soithí spiléireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu chun ar a laghad 5 % den iarracht iascaireachta a dhéanann a soithí ar mó ná 20 méadar ar a bhfad iomlán iad a chumhdach.
2. Déanfaidh breathnóirí eolaíocha taifead ar ghabhálacha na spriocspeiceas éisc, ar chomhdhéanamh na speiceas agus ar aon fhaisnéis bhitheolaíoch eile atá ar fáil mar aon le haon idirghníomhaíocht eile le speicis nach spriocspeicis iad amhail turtair mhara, éanlaith mhara agus siorcanna.
3. Breathnóirí eolaíocha ar bord shoithí iascaireachta an Aontais, cuirfidh siad tuarascáil faoi bhráid údaráis an Bhallstáit maidir leis na barúlacha sin tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis dheireadh gach turas iascaireachta. Seolfar an tuarascáil chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 25(5).
Airteagal 19
Sábháilteacht na mbreathnóirí eolaíocha ar muir
1. Beidh an tAirteagal seo gan dochar d’oibleagáidí na mbreathnóirí agus do fhreagrachtaí mháistir an tsoithigh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú.
2. Déanfaidh máistir an tsoithigh mar a leanas:
|
(a) |
gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh breathnóirí in ann a ndualgais a chomhlíonadh ar bhealach inniúil agus sábháilte; |
|
(b) |
iarracht a dhéanamh a áirithiú go gcaithfidh breathnóirí tréimhsí ar shoithí éagsúla le linn a sainchúraimí a chur i gcrích; |
|
(c) |
a áirithiú go soláthrófar, ar an soitheach ar a gcuirfear an breathnóir, bia agus lóistín oiriúnach don bhreathnóir le linn imlonnú an bhreathnóra ar an leibhéal céanna leis na hoifigigh, nuair is féidir; |
|
(d) |
a áirithiú go dtugtar an comhar uile is gá do na breathnóirí chun gur féidir leo a ndualgais a chomhlíonadh go sábháilte, lena n-áirítear rochtain a sholáthar, de réir mar is gá, ar an ngabháil a choinnítear agus ar an ngabháil a bhfuil sé beartaithe é a aschur. |
3. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun sábháilteacht breathnóirí agus comhaltaí criú a áirithiú i gcomhréir le Rún C-11-08 ó IATTC maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht breathnóirí ar muir, mar aon le caighdeáin saothair ábhartha an Aontais agus idirnáisiúnta, go háirithe Treoir 89/391/CEE ón gComhairle (15), Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle (16), Coinbhinsiún 2007 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht (Uimh. 188) agus Coinbhinsiún 2019 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foréigean agus Ciapadh (Uimh. 190).
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na breathnóirí na critéir cháilíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú.
5. I gcás ina bhfaighidh breathnóir bás, nó go mbeidh sé ar iarraidh nó go dtoimhdeofar é bheith tite thar bord, déanfaidh máistir an tsoithigh an méid seo a leanas:
|
(a) |
a áirithiú go gcuirfidh soitheach iascaireachta an Aontais deireadh le gach oibríocht iascaireachta láithreach; |
|
(b) |
a áirithiú go gcuirfidh soitheach iascaireachta an Aontais tús le hoibríocht chuardaigh agus tarrthála láithreach má tá an breathnóir ar iarraidh nó má thoimhdítear go bhfuil sé tite thar bord, agus an cuardach a dhéanamh ar feadh ar a laghad 72 uair an chloig, ach amháin má deir an Ballstát brataí leis leanúint leis an gcuardach; |
|
(c) |
fógra a thabhairt don Bhallstát brataí agus do sholáthraí an bhreathnóra láithreach; |
|
(d) |
foláireamh a thabhairt láithreach do shoithí eile ar na cóngair trí leas a bhaint as na modhanna cumarsáide go léir atá ar fáil; |
|
(e) |
comhoibriú go hiomlán le haon oibríocht chuardaigh agus tarrthála agus nuair a bheidh deireadh leis an oibríocht chuardaigh agus tarrthála sin, ordú a thabhairt don soitheach dul chuig an gcalafort is cóngaraí le haghaidh tuilleadh imscrúdú, mar a chomhaontaigh an Ballstát brataí agus an soláthraí breathnóra; |
|
(f) |
an tuarascáil ar an teagmhas a sholáthar don soláthraí breathnóra agus d’údaráis an Bhallstáit brataí; agus |
|
(g) |
comhoibriú go hiomlán le haon imscrúdú oifigiúil ar an teagmhas, agus aon fhianaise fhéideartha agus maoin phearsanta agus ceathrúna de chuid an duine éagtha nó an duine atá ar iarraidh a chaomhnú. |
6. I gcás ina bhfaighidh breathnóir bás, áiritheoidh máistir an tsoithigh go gcoinneofar an corp dea-chaomhnaithe, a mhéid is féidir, chun críocha scrúdú iarbháis agus imscrúdú.
7. I gcás ina mbeidh tinneas nó gortú tromchúiseach ar bhreathnóir atá ina bhagairt dá bheata/beatha nó dá shláinte/sláinte nó shábháilteacht/sábháilteacht fhadtéarmach, déanfaidh máistir an tsoithigh an méid seo a leanas:
|
(a) |
a áirithiú go gcuirfidh soitheach iascaireachta an Aontais deireadh le hoibríochtaí iascaireachta láithreach; |
|
(b) |
fógra a thabhairt don Bhallstát brataí agus don soláthraí breathnóra láithreach; |
|
(c) |
gach beart réasúnach a dhéanamh chun cúram a dhéanamh den bhreathnóir agus aon chóir leighis atá ar fáil agus indéanta ar bord an tsoithigh a sholáthar, agus i gcás inarb iomchuí, comhairle leighis sheachtrach a chuardach; |
|
(d) |
i gcás ina dtreoraíonn an soláthraí breathnóra é, murar threoraigh an Ballstát brataí cheana é, éascú a dhéanamh ar dhíbhordáil agus ar iompar an bhreathnóra chuig saoráid leighis atá feistithe chun an cúram is gá a sholáthar mar a threoraíonn an Ballstát brataí nó an soláthraí breathnóra é, a luaithe is féidir; agus |
|
(e) |
comhoibriú go hiomlán le haon imscrúdú oifigiúil ar chúis an tinnis nó an ghortaithe. |
8. Gan dochar do na hoibleagáidí is infheidhme maidir le máistir an tsoithigh, chun críocha mhíreanna 5 go 7, áiritheoidh an Ballstát brataí go dtabharfar fógra láithreach don Lárionad Comhordúcháin Tarrthála Muirí iomchuí, don soláthraí breathnóra, agus do Rúnaíocht IATTC agus go soláthrófar tuarascáil dóibh maidir leis na bearta a dhéanfar.
9. I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann lena chreidiúint gur ionsaíodh, imeaglaíodh, bagraíodh, nó gur ciapadh breathnóir sa chaoi go bhfuil a sláinte nó sábháilteacht i mbaol agus go n-iarrfaidh an breathnóir nó an soláthraí breathnóra go ndéanfaidh an Ballstát brataí an breathnóir a bhaint ó shoitheach iascaireachta an Aontais, déanfaidh máistir an tsoithigh sin mar a leanas:
|
(a) |
beart a dhéanamh láithreach chun sábháilteacht an bhreathnóra a chaomhnú agus an cás ar bord a réiteach; |
|
(b) |
fógra maidir leis an gcás a thabhairt don Bhallstát brataí agus don soláthraí breathnóra láithreach, lena n-áirítear stádas agus suíomh an bhreathnóra; |
|
(c) |
díbhordáil shábháilte an bhreathnóra a éascú ar bhealach agus in áit, mar a chomhaontaigh an Ballstát brataí agus an soláthraí breathnóra, a thabharfaidh rochtain ar aon chóir leighis atá ag teastáil; agus |
|
(d) |
comhoibriú go hiomlán le haon imscrúdú oifigiúil ar an teagmhas. |
10. I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann lena chreidiúint gur ionsaíodh, imeaglaíodh, bagraíodh, nó gur ciapadh breathnóir sa chaoi go bhfuil a sláinte nó sábháilteacht i mbaol ach nach n-iarrfaidh an breathnóir nó an soláthraí breathnóra an breathnóir a bhaint ón soitheach iascaireachta, déanfaidh máistir an tsoithigh sin mar a leanas:
|
(a) |
beart a dhéanamh láithreach chun sábháilteacht an bhreathnóra a chaomhnú agus an cás ar bord a réiteach; |
|
(b) |
fógra maidir leis an gcás a thabhairt láithreach don Bhallstát brataí agus don soláthraí breathnóra; agus |
|
(c) |
comhoibriú go hiomlán le haon imscrúdú oifigiúil ar an teagmhas. |
11. I gcás ina ndéanfaidh soláthraí breathnóra, tar éis dó díbhordáil ó shoitheach iascaireachta breathnóra, amhail i rith fhaisnéisiú an bhreathnóra, teagmhas féideartha a aithint a bhfuil ionsaí nó ciapadh an bhreathnóra i gceist leis agus é ar bord an tsoithigh iascaireachta, tabharfaidh an soláthraí breathnóra fógra, i scríbhinn, don Bhallstát brataí agus do Rúnaíocht IATTC.
12. Ar an bhfógra dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 10 a fháil, déanfaidh an Ballstát brataí mar a leanas:
|
(a) |
imscrúdú a dhéanamh ar an teagmhas bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh an soláthraí breathnóra, tuarascáil teagmhais a ullmhú ar an mbonn sin agus aon bheart iomchuí a dhéanamh mar fhreagairt ar thorthaí an imscrúdaithe; |
|
(b) |
comhoibriú go hiomlán le haon imscrúdú oifigiúil a dhéanfaidh an soláthraí breathnóra, lena n-áirítear an tuarascáil teagmhais maidir lena imscrúdú a sholáthar don soláthraí breathnóra agus do na húdaráis iomchuí; agus |
|
(c) |
fógra a thabhairt don soláthraí breathnóra agus do IATTC faoi thorthaí an imscrúdaithe agus aon bheart a dhéanfar. |
13. Déanfaidh soláthraithe breathnóra náisiúnta mar a leanas:
|
(a) |
fógra a thabhairt láithreach don Bhallstát brataí i gcás ina bhfaighidh breathnóir bás, ina mbeidh sé ar iarraidh nó ina dtoimhdeofar é bheith tite thar bord le linn cúraimí breathnóra; |
|
(b) |
comhoibriú go hiomlán le haon oibríocht chuardaigh agus tarrthála; |
|
(c) |
comhoibriú go hiomlán le haon imscrúdú oifigiúil ar aon teagmhas a bhaineann le breathnóir; |
|
(d) |
é a dhéanamh níos éasca breathnóir a dhíbhordáil agus duine nua a chur ina ionad i gcás ina mbeidh tinneas nó gortú tromchúiseach ar an mbreathnóir sin a luaithe is féidir; |
|
(e) |
é a dhéanamh níos éasca breathnóir a dhíbhordáil in aon chás a bhaineann le hionsaí, imeaglú, bagairtí, nó ciapadh ar an mbreathnóir sin sa mhéid is gur mian leis an mbreathnóir go mbainfear é ón soitheach, a luaithe is féidir; agus |
|
(f) |
cóip de thuarascáil an bhreathnóra maidir le teagmhais líomhnaithe a bhaineann le hionsaí nó ciapadh ar an mbreathnóir a sholáthar don Bhallstát arna hiarraidh sin. |
14. Rachaidh soláthraithe breathnóra agus na Ballstáit i gcomhar lena chéile maidir le himscrúduithe a chéile, lena n-áirítear a dtuarascálacha le haghaidh aon teagmhas dá dtagraítear i míreanna 5 go 11 chun aon imscrúdú a éascú de réir mar is iomchuí.
CAIBIDIL V
Ceanglais ar shoithí
Airteagal 20
Clár na Soithí Réigiúnacha
1. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún maidir le gach soitheach faoina dhlínse atá le cur san áireamh i gClár na Soithí Réigiúnacha:
|
(a) |
ainm shoitheach iascaireachta an Aontais, uimhir chlárúcháin, ainmneacha roimhe sin (más eol), agus calafort clárúcháin; |
|
(b) |
grianghraf den soitheach ar a léirítear a uimhir clárúcháin; |
|
(c) |
bratach roimhe sin (más eol agus más ann dó); |
|
(d) |
Glao-chomhartha Idirnáisiúnta Raidió (más ann dó); |
|
(e) |
ainm agus seoladh an úinéara nó na n-úinéirí; |
|
(f) |
dáta agus ionad an fhoirgnimh; |
|
(g) |
fad, léas, agus doimhneacht mhúnlaithe; |
|
(h) |
an cineál reoiteora agus an toilleadh reoiteora, i méadair chiúbacha; |
|
(i) |
líon agus toilleadh na mbolg éisc, i méadair chiúbacha agus, i gcás soithí peas-saighne, miondealú toillte de réir na boilge éisc más féidir; |
|
(j) |
Ainm agus seoladh an oibreora/na n-oibreoirí agus an bhainisteora/na mbainisteoirí (más ann dóibh); |
|
(k) |
cineál soithigh; |
|
(l) |
cineál modha iascaireachta nó cineál modhanna iascaireachta; |
|
(m) |
olltonnáiste; |
|
(n) |
cumhacht an phríomhinnill nó cumhacht na bpríomhinneall; |
|
(o) |
na príomh-spriocspeicis; agus |
|
(p) |
Uimhir na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO). |
2. Tabharfaidh gach Ballstát fógra go pras don Choimisiún faoi aon mhodhnú ar an bhfaisnéis maidir le heilimintí a liostaítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill.
3. Tabharfaidh gach Ballstát fógra freisin don Choimisiún faoin méid a leanas:
|
(a) |
aon rud breise a chuirtear leis an taifead; |
|
(b) |
aon rud a scriostar ón taifead mar gheall ar an méid seo a leanas:
|
|
(c) |
aon scriosadh eile nach liostaítear i bpointe (b). |
4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 30 Bealtaine gach bliain maidir le soithí iascaireachta an Aontais ar Chlár na Soithí Réigiúnacha a bhfuil a mbratach ar foluain acu a bhí i mbun iascaireachta i limistéar an Choinbhinsiúin le haghaidh speiceas a chumhdaítear faoin gCoinbhinsiún ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig ón mbliain roimhe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill.
5. Iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit sonraí iomlána a sholáthar maidir leis na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu i gcomhréir le mír 1 mura soláthraíonn na Ballstáit sin an fhaisnéis go léir atá ag teastáil.
Airteagal 21
Tobair shéalaithe
1. Déanfar tobar atá séalaithe a shéalú go fisiceach ar bhealach crioscaíldíonach, agus sa chaoi nach mbeidh bealach ann idir é agus aon spás eile ar an soitheach agus go gcoiscfear é a úsáid le haghaidh aon stórála eile.
2. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun na tobair atá séalaithe den chéad uair a iniúchadh agus a fhíorú.
3. Aon soitheach a bhfuil ceann amháin nó níos mó dá dtoibreacha séalaithe chun toilleadh an tobair arna thaifeadadh ar Chlár na Soithí Réigiúnacha a laghdú, beidh de cheangal ar an soitheach sin breathnóir ó AIDCP a iompar ar bord.
4. Ní fhéadfar tobar séalaithe a oscailt ach amháin i gcás éigeandála. Má osclaítear tobar séalaithe ar muir, beidh an breathnóir i láthair nuair a osclófar an tobar agus nuair a dhéanfar é a athshéalú.
5. Cuirfear an trealamh cuisnithe go léir sa tobar séalaithe ó mhaith.
6. Tabharfaidh máistir an tsoithigh fógra do na breathnóirí faoi aon tobar séalaithe ar bord. Tuairisceoidh breathnóirí do Rúnaíocht IATTC maidir le haon chásanna de thobair shéalaithe a úsáidtear chun iasc a stóráil.
CAIBIDIL VI
Sonraí agus doiciméad staidrimh
Airteagal 22
Soláthar sonraí
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear gach faisnéis ghabhála ábhartha ar fáil don Choimisiún ar bhonn bliantúil, le haghaidh a soithí go léir atá ag iascaireacht speiceas faoi chúram an Choinbhinsiúin.
2. Cuirfidh na Ballstáit sonraí ar fáil, de réir speicis agus trealamh iascaireachta, más praiticiúil, trí logleabhair shoithigh agus trí thaifid díluchtúcháin, agus seachas sin i bhfoirm chomhbhailithe mar a leagtar amach i Rún C-03-05 ó IATTC, agus sonraí faoi ghabháil agus iarracht ó Leibhéal 3 mar íoscheanglas, agus, aon uair is féidir, sonraí faoi ghabháil agus iarracht agus sonraí ó Leibhéil 1 agus 2 agus sonraí maidir le fad-minicíocht.
3. Cuirfear an tábla sonraí comhbhailithe dá dtagraítear i mír 2 le haghaidh gach bliana ar fáil don Choimisiún faoin 31 Bealtaine an bhliain ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC faoin 30 Meitheamh.
Airteagal 23
Doiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha
1. Gach tuinnín mórshúileach a allmhairítear chuig críoch an Aontais, ba cheart an doiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha nó deimhniú ath-onnmhairiúcháin maidir le tuinníní mórshúileacha IATTC bheith ag gabháil leis, de réir mar is iomchuí, arna bhunú ag IATTC (17). Tuinníní mórshúileacha a ghabhann soithí peas-saighne agus báid bhaoite, tuinníní atá beartaithe go príomha do thuilleadh próiseála ag monarchana cannadóireachta tuinníní, ní bheidh siad faoi réir an cheanglais sin maidir leis an doiciméad staidrimh.
2. Déanfaidh údaráis Bhallstáit brataí an tsoithigh a ghabh an tuinnín an doiciméad staidrimh IATTC maidir le tuinníní mórshúileacha a bhailíochtú. Déanfaidh údaráis an Bhallstáit a d’athonnmhairigh na tuinníní deimhniú ath-onnmhairiúcháin IATTC maidir le tuinníní mórshúileacha a bhailíochtú.
3. Na Ballstáit a allmhairíonn tuinníní mórshúileacha, tuairisceoidh siad na sonraí trádála don Choimisiún, sonraí a bhailíonn a n-údaráis gach bliain faoin 1 Aibreán don tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin agus faoin 1 Deireadh Fómhair don tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh sa bhliain reatha. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill.
4. Na Ballstáit a onnmhairíonn tuinníní mórshúileacha, déanfaidh siad scrúdú ar na sonraí trádála ar na sonraí allmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 3 a fháil agus tuairisceoidh siad na torthaí don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC gan mhoill.
5. Bailíochtóidh na Ballstáit doiciméid staidrimh a bhaineann le trasloingsiú ag calafort a dhéanfaidh soithí spiléireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu i gcás ina ndearnadh an trasloingsiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ar bhonn na faisnéise a gheofar trí chlár breathnóirí IATTC.
6. Na Ballstáit a bhailíochtóidh doiciméad staidrimh a bhaineann le trasloingsithe a dhéanfaidh soitheach spiléireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu, áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis comhsheasmhach leis na gabhálacha a thuairisceoidh gach soitheach spiléireachta.
7. Na tuinníní agus na speicis go léir cosúil le tuinníní a thabharfar i dtír nó a allmhaireofar chuig an Aontas, bídís neamhphróiseáilte nó tar éis a bheith próiseáilte ar bord, agus a bheidh trasloingsithe, beidh foirm dhearbhaithe trasloingsithe IATTC ag gabháil leo go dtí go mbeidh an chéad díolachán ann.
CAIBIDIL VII
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 24
Limistéar forluí
1. Maidir le soithí iascaireachta an Aontais a liostaítear go heisiach i gclár IATTC, cuirfidh siad bearta caomhnaithe agus bainistithe IATTC i bhfeidhm nuair a bheidh siad ag iascaireacht sa limistéar forluí.
2. I gcás soithí atá liostaithe i gcláir shoithigh WCPFC agus IATTC araon, sula ndéanfaidh siad iascaireacht sa limistéar forluí, tabharfaidh na Ballstáit brataí fógra don Choimisiún maidir le cé acu den dá bheart chaomhnaithe agus bhainistithe arna nglacadh ag na heagraíochtaí sin a fheidhmeoidh a soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu nuair a bheidh siad ag iascaireacht sa limistéar forluí. Beidh an fógra bailí go ceann tréimhse nach lú ná 3 bliana.
Airteagal 25
Tuairisciú
1. Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Meitheamh gach bliain don bhliain roimhe sin, tuarascáil náisiúnta maidir lena scéim comhlíontachta agus maidir leis na bearta a rinneadh chun bearta IATTC a chur chun feidhme, lena n-áirítear aon rialuithe a d’fhorchuir siad ar a gcabhlaigh agus aon bhearta faireacháin, rialúcháin agus comhlíontachta a bhunaigh siad chun comhlíontacht leis na rialuithe sin a áirithiú.
2. Tuairisceoidh na Ballstáit go bliantúil faoin 15 Aibreán don bhliain roimhe sin, sonraí maidir le gabhálacha, iarracht de réir cineál trealaimh, thabhairt i dtír agus thrádáil na siorcanna de réir speicis, sonraí maidir le siorcanna bána dá dtagraítear in Airteagal 8(3), roic de chineál Mobulidae dá dtagraítear in Airteagal 9(4) agus síodsiorcanna dá dtagraítear in Airteagal 10. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC faoin 1 Bealtaine.
3. Tuairisceoidh na Ballstáit go bliantúil faoin 15 Meitheamh don bhliain roimhe sin, maidir le cur chun feidhme Airteagal 15 agus maidir le hidirghníomhaíochtaí le héanlaith mhara le linn gníomhaíochtaí iascaireachta arna mbainistiú faoin gCoinbhinsiún, lena n-áirítear foghabhálacha na héanlaithe mara, mionsonraí faoi speiceas na héanlaithe mara, agus an fhaisnéis ábhartha go léir atá ar fáil ó bhreathnóirí agus ó chláir faireacháin eile. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC faoin 30 Meitheamh.
4. Tuairisceoidh na Ballstáit go bliantúil faoin 15 Meitheamh don bhliain roimhe sin, maidir le cur chun feidhme Airteagal 16 agus maidir le Treoirlínte Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe chun Ráta Básmhaireachta na dTurtar mara i dtaca le hOibríochtaí Iascaireachta (2009) a laghdú (18) le haghaidh na dturtar, lena n-áirítear faisnéis a bhaileofar maidir le hidirghníomhaíocht le turtair le linn gníomhaíochtaí iascaireachta arna mbainistiú faoin gCoinbhinsiún. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC faoin 30 Meitheamh.
5. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil breathnóra eolaíoch isteach faoi shoithí spiléireachta dá dtagraítear in Airteagal 18(3) faoin 15 Márta don bhliain roimhe sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC faoin 30 Márta.
Airteagal 26
Neamhchomhlíontacht líomhnaithe arna tuairisciú ag IATTC
1. Má fhaigheann an Coimisiún aon fhaisnéis ó Rúnaíocht IATTC ina léireofar amhras nár chomhlíon Ballstát nó soithí iascaireachta an Aontais an Coinbhinsiún nó Rúin, tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill.
2. Seolfaidh an Ballstát imscrúdú i ndáil leis na líomhaintí i dtaca le neamhchomhlíontacht agus déanfaidh sé fionnachtana an imscrúdaithe sin agus aon bheart eile atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar nithe is ábhar imní ó thaobh neamhchomhlíontachta de, a chur in iúl don Choimisiún ar a laghad 75 lá roimh an gcruinniú bliantúil den Choiste um Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme na mBeart (“Coiste Comhlíontachta”).
3. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht IATTC ar a laghad 60 lá roimh chruinniú an Choiste Comhlíontachta.
Airteagal 27
Rúndacht
I dteannta na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 112 agus 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, áiritheoidh na Ballstáit, máistrí soithí agus breathnóirí gur i modh rúin a dhéileálfar leis na tuarascálacha leictreonacha agus leis na teachtaireachtaí leictreonacha a tharchuirfear chuig Rúnaíocht IATTC agus a gheofar uaidh de bhun Airteagal 10(2), Airteagal 19(5) agus (8) agus Airteagal 21(6) den Rialachán seo.
Airteagal 28
Cumhachtú leasuithe a dhéanamh
1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun é a chur in oiriúint do bhearta arna nglacadh ag IATTC a chuireann ceangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
an fhoirm dearbhaithe trasloingsithe dá dtagraítear i bpointe (16) d’Airteagal 3; |
|
(b) |
an tagairt do léiriú doruithe siorca i bpointe (19) d’Airteagal 3; |
|
(c) |
tréimhsí coiscthe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) agus in Airteagal 4(5); |
|
(d) |
amlínte tuairiscithe FADanna dá dtagraítear in Airteagal 6(3); |
|
(e) |
faisnéis atá le bailiú nuair atáthar ag iascaireacht le FADanna a liostaítear in Airteagal 6(4); |
|
(f) |
forálacha maidir le dearadh agus imscaradh FAD dá bhforáiltear in Airteagal 6(6); |
|
(g) |
spriocdháta an bhailiúcháin sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1); |
|
(h) |
limistéir agus bearta maolaithe chun éanlaith mhara a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 15(1) agus (2); |
|
(i) |
cumhdach breathnóra eolaíoch de 5 % dá dtagraítear in Airteagal 18(1); |
|
(j) |
faisnéis i ndáil le Clár na Soithí Réigiúnacha a liostaítear in Airteagal 20(1); |
|
(k) |
an tagairt don tábla chun sonraí a chur ar fáil do na logleabhair agus do na taifid díluchtúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 22(2); |
|
(l) |
an tagairt don doiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha in Airteagal 23(1); |
|
(m) |
spriocdhátaí tuairiscithe dá bhforáiltear in Airteagal 25; |
|
(n) |
an tagairt do threoirlínte básmhaireachta turtar in Airteagal 25(4); |
|
(o) |
an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
2. Beidh leasuithe i gcomhréir le mír 1 teoranta go docht do leasuithe a chur chun feidhme nó do Rúin nua a chur i ndlí an Aontais.
Airteagal 29
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 28 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 15 Feabhra 2021. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 28 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 28 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 30
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 520/2007
Scriostar Airteagal 3(3), Airteagal 4(3) agus Teideal IV de Rialachán (CE) Uimh. 520/2007.
Airteagal 31
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Eanáir 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Tuairim an 2 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Eanáir 2021.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(4) Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le dlí na mara an 10 Nollaig 1982 agus Chomhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).
(5) Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir leis an gComhaontú maidir le cur chun feidhme fhorálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le dlí na mara an 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mórimirceach a chur chun feidhme arna dhaingniú ag an gComhphobal Eorpach (IO L 189, 3.7.1998, lch. 14).
(6) Cinneadh 2006/539/CE ón gComhairle an 22 Bealtaine 2006 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin chun an Coimisiún Idir-Mheiriceánach um Thuinníní Teochreasacha a neartú arna bhunú le Coinbhinsiún 1949 idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Poblacht Chósta Ríce (IO L 224, 16.8.2006, lch. 22).
(7) Cinneadh 2005/938/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2005 maidir le formheas a thabhairt thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Chomhaontú i dtaca leis an gClár Idirnáisiúnta um Chaomhnú Deilfeanna (IO L 348, 30.12.2005, lch. 26).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena leagtar síos bearta teicniúla chun caomhnú a dhéanamh ar stoic áirithe de speicis mhórimirceacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO L 123, 12.5.2007, lch. 3).
(9) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(10) Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO L 167, 4.7.2003, lch. 1).
(14) Cinneadh 2005/75/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a chaomhnú agus a bhainistiú (IO L 32, 4.2.2005, lch. 1).
(15) Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).
(16) Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme Choinbhinsiún 2007 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht, a tugadh i gcrích an 21 Bealtaine 2012 idir an Coiste Ginearálta um Chomhar Talmhaíochta san Aontas Eorpach (Cogeca), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) agus Comhlachas Eagraíochtaí Náisiúnta na bhFiontar Iascaireachta san Aontas Eorpach (Europêche) (IO L 25, 31.1.2017, lch. 12).
(17) Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann le Rún C-03-01 maidir leis an doiciméad staidrimh maidir le tuinníní mórshúileacha agus an deimhniú ath-onnmhairiúcháin maidir le tuinníní mórshúileacha, faoi seach.
(18) http://www.fao.org/docrep/012/i0725e/i0725e.pdf
IARSCRÍBHINN
Tábla 1: Bearta maolaithe
|
Colún A |
Colún B |
|
Doruithe a chur go cliathánach le cuirtíní éanlaithe agus fodhoruithe meáite |
Líne Tori |
|
Doruithe a chur le linn na hoíche gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá |
Fodhoruithe meáite |
|
Líne Tori |
Baoite a bhfuil dath gorm air |
|
Fodhoruithe meáite |
Lámhachóir a chuireann doruithe go domhain faoi uisce |
|
|
Siúit a chuireann doruithe faoi uisce |
|
Sceitheadh scairtí thar bord a bhainistiú |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
26.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 24/19 |
RIALACHÁN (AE) 2021/57 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Eanáir 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) i dtaca le luaidhe in urchair ghunna i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán, (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE (1) ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 68 (1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 srianta maidir le substaintí, meascáin agus earraí contúirteacha áirithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid. In iontráil 63 den Iarscríbhinn sin tá srianta maidir le luaidhe (Uimh. CAS 7439-92-1, CE Uimh. 231-100-4) agus maidir le comhdhúile luaidhe. |
|
(2) |
Tá an tAontas agus 23 Bhallstát ina bPáirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú (2) (AEWA). Ceanglaítear ar Pháirtithe Conarthacha faoi mhír 4.1.4 den Phlean Gníomhaíochta atá i gceangal le AEWA féachaint le deireadh a chur de réir a chéile le hurchair ghunna luaidhe a úsáid le haghaidh fiach i mbogaigh a luaithe is féidir i gcomhréir le tráthchláir atá féin-fhochurtha agus foilsithe. |
|
(3) |
Le hAirteagal 4(2) de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ceanglaítear ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar chosaint na mbogach, agus go háirithe ar chosaint na mbogach a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo, maidir le bearta caomhnúcháin a dhéanamh i ndáil le speicis imirceacha a fhaightear go rialta. |
|
(4) |
An 3 Nollaig 2015, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 sainchomhad a ullmhú d’fhonn síneadh a chur leis an srian ar luaidhe agus ar chomhdhúile luaidhe in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán sin d’fhonn rialú a dhéanamh ar an riosca don chomhshaol agus do shláinte an duine a eascraíonn as úsáid a bhaint as luaidhe nó as comhdhúile luaidhe in urchair ghunna a úsáidtear le haghaidh lámhach i mbogaigh (“sainchomhad Iarscríbhinn XV”). Ag an am céanna, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht freisin tús a chur le faisnéis a bhailiú maidir le húsáidí eile armlóin luaidhe, lena n-áirítear fiach i dtír-raonta seachas bogaigh agus lámhach targaidí, agus maidir le meáchain luaidhe a úsáid le haghaidh iascaireachta. |
|
(5) |
An 21 Meitheamh 2017, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht sainchomhad (4) Iarscríbhinn XV ina moltar go dtabharfaí isteach srian ar luaidhe agus ar chomhdhúile luaidhe a úsáid in urchair ghunna chun gránghunna a lámhach laistigh de bhogach nó i gcás ina dtitfeadh urchair ghunna chaite laistigh de bhogach. Mhol an Ghníomhaireacht freisin srian a chur ar sheilbh a bheith ag duine ar urchair ghunna ina bhfuil tiúchan luaidhe 1 % nó níos mó ná sin (“urchair ghunna luaidhe”) i mbogaigh chun gur fearr a bheifear in ann an srian atá beartaithe ar úsáid luaidhe in urchair ghunna le haghaidh lámhaigh a chur i bhfeidhm. Maidir le luaidhe a úsáid in urchair ghunna, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gur baol atá sa luaidhe chaite d’éin uisce a shlogann urchair ghunna, agus go bhféadfadh éifeachtaí tocsaineolaíocha a bheith ann dá bharr, lena n-áirítear bás. |
|
(6) |
Milliún in aghaidh na bliana líon na n-éan uisce a mheastar a fhaigheann bás san Aontas de nimhiú luaidhe. Nuair a úsáidtear luaidhe in urchair ghunna, is baol freisin do speicis a bheathaíonn iad féin le héin atá éillithe le hurchair ghunna luaidhe, agus is baol do dhaoine a itheann éin uisce a lámhachtar le hurchair ghunna luaidhe, cé nach ndearna an Ghníomhaireacht an baol deireanach sin a mheas ach go cáilíochtúil. Tá baint ag nochtadh don luaidhe i gcás an duine le héifeachtaí néarfhorbartha, le feidhm dhuánach agus torthúlacht lagaithe, le hipirtheannas, le torthaí díobhálacha toirchis agus leis an mbás. |
|
(7) |
Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid go bhfuil roghanna malartacha urchar gunna atá saor ó luaidhe, amhail urchair ghunna chruaiche agus bhiosmait, atá ar fáil go forleathan, indéanta go teicniúil agus níos fearr i dtaca le sláinte an duine agus le guais chomhshaoil agus le próifílí riosca ná mar atá urchair ghunna luaidhe. Thairis sin, tá urchair ghunna chruaiche, an rogha mhalartach is dóichí a úsáidfear, ar fáil ar phraghas atá inchomparáide le praghas na n-urchar gunna luaidhe. |
|
(8) |
I dtromlach na mBallstát, is ann d’fhorálacha lena dtoirmisctear nó lena sriantar luaidhe a úsáid in urchair ghunna i mbogaigh, ach bíonn leibhéil dhifriúla laghdaithe riosca ann de thoradh na n-éagothromaíochtaí eatarthu. Ina theannta sin, is gnách go dtrasnaíonn bealaí imirce na n-éan imirceach roinnt Ballstát agus dá bhrí sin d’fhéadfadh na héin urchair ghunna luaidhe chaite a shlogadh sna Ballstáit nach bhfuil aon bhearta teoranta i bhfeidhm iontu nó ina bhfuil bearta níos teoranta i bhfeidhm iontu. Léiríodh i sainchomhad Iarscríbhinn XV go bhfuil gníomhaíocht ar fud an Aontais ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar bhealach comhchuibhithe ar na rioscaí a bhaineann le luaidhe a úsáid in urchair ghunna i mbogaigh. Ba cheart reachtaíocht um chomhchuibhiú a bhunú, áfach, ar ardleibhéal cosanta. Níor cheart, dá bhrí sin, é a bheith de thoradh ar an gcomhchuibhiú oibleagáid a chur ar na Ballstáit a bhfuil forálacha náisiúnta níos déine acu maidir le luaidhe a bheith in urchair ghunna, deireadh a chur leis na forálacha sin, ós é a thiocfadh as sin go mbeadh laghdú ann ar leibhéal cosanta an chomhshaoil agus na sláinte sna Ballstáit sin. |
|
(9) |
Mhol an Ghníomhaireacht tréimhse 3 bliana chun an srian a thabhairt isteach. |
|
(10) |
An 9 Márta 2018, ghlac Coiste um Measúnú Riosca (RAC) na Gníomhaireachta tuairim de bhun Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le sainchomhad Iarscríbhinn XV. De réir na tuairime sin, d’aontaigh RAC le conclúid na Gníomhaireachta go mbíonn éifeachtaí tocsaineolaíocha ann, lena n-áirítear bás, de thoradh éin a bheith ag slogadh urchair ghunna luaidhe chaite. I dtaca le sláinte an duine, chinn RAC go bhfuil an luaidhe an-tocsaineach agus nár bunaíodh aon tairseach maidir leis na héifeachtaí néarafhorbartha atá aige i gcás leanaí ná maidir leis na héifeachtaí brú fola nó na héifeachtaí duánacha atá aige i gcás daoine fásta, agus dá bhrí sin, is riosca é aon nochtadh do luaidhe. Tháinig RAC ar an gconclúid gur beart uile-Aontais iomchuí é an srian atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta. |
|
(11) |
Thacaigh RAC go láidir le tréimhse níos giorra ná na 3 bliana a mhol an Ghníomhaireacht. Ba é an chúis a tugadh go scaoilfí thart ar 4 000 tona luaidhe breise isteach i limistéir bhogaigh le gach bliain mhoille, rud a d’fhágfadh go bhfaigheadh thart ar aon mhilliún éan bás. |
|
(12) |
An 14 Meitheamh 2018, ghlac Coiste na Gníomhaireachta um Anailís Shocheacnamaíoch (SEAC) tuairim de bhun Airteagal 71(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 inar cinneadh gur beart iomchuí uile-Aontais é an srian atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta, agus é á chur san áireamh go mbeadh sochair shocheacnamaíocha an bhirt i gcomhréir leis an gcostas socheacnamaíoch. Ina theannta sin, bhain SEAC de thátal gurb iad sealgairí is mó a sheasfadh costas an tsriain atá beartaithe, agus go raibh an méadú ar chostas na sealgairí réasúnta. |
|
(13) |
Mheas SEAC go bhféadfadh tréimhse níos giorra ná na 3 bliana a mholtar i sainchomhad Iarscríbhinn XV a bheith ina dhúshlán ó thaobh cur chun feidhme de i gcás na mBallstát sin nach bhfuil ach toirmeasc teoranta nó nach bhfuil aon toirmeasc acu ar urchair ghunna luaidhe a úsáid i mbogaigh faoi láthair, cé gur admhaigh SEAC freisin go bhféadfadh idirthréimhse níos giorra a bheith indéanta, ós rud é go bhfuil urchair ghunna atá saor ó luaidhe ar fáil ar an margadh cheana féin agus, i dtaca le costas méadaithe i gcás gunnaí a athsholáthar go luath, nach mbeadh ach tionchar beag ag tréimhse níos giorra. |
|
(14) |
Chuathas i gcomhairle leis an bhFóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú le linn an phróisis srianta i gcomhréir le hAirteagal 77(4)(h) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus cuireadh a mholtaí san áireamh. |
|
(15) |
An 17 Lúnasa 2018, chuir an Ghníomhaireacht tuairimí RAC agus SEAC (5) faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(16) |
Agus sainchomhad Iarscríbhinn XV, tuairimí RAC agus SEAC, an tionchar socheacnamaíoch agus infhaighteacht roghanna malartacha á gcur san áireamh, measann an Coimisiún go bhfuil riosca do-ghlactha ann don chomhshaol agus go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine de thoradh scaoileadh na n-urchar gunna luaidhe i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh, ar riosca é nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais. Is iomchuí, dá bhrí sin, srian a thabhairt isteach ar scaoileadh na n-urchar gunna luaidhe i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh. |
|
(17) |
I bhfianaise a dheacra atá sé do na húdaráis fhorfheidhmithe breith ar shealgairí le linn dóibh a bheith ag scaoileadh urchair ghunna go hiarbhír, ba cheart a chur san áireamh leis an srian urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine le linn dó a bheith ag lámhach. Leis sin, beifear in ann an srian ar scaoileadh urchair ghunna a fhorfheidhmiú ar bhealach i bhfad níos éifeachtaí agus, dá bhrí sin, áiritheofar leis éifeachtacht an tsriain ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a shainaithnítear don chomhshaol agus do shláinte an duine. Níor cheart an srian a nascadh le cearta úinéireachta. Ba cheart, dá bhrí sin, an téarma “iompar” a úsáid in ionad “seilbh”, arbh é an téarma a mhol an Ghníomhaireacht é. |
|
(18) |
Ba cheart, áfach, feidhm a bheith ag srian ar urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine go háirithe maidir le hurchair ghunna a bheith ar iompar aige le linn dó a bheith ag lámhach, murab ionann agus urchair a bheith ar iompar aige i gcomhthéacs éigin eile, agus urchair ghunna á n-iompar trasna na mbogach chun iad a sheachadadh in áit eile, cuir i gcás. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart nasc díreach a bheith idir an srian ar urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine agus an cineál áirithe lámhaigh a thagann faoi raon feidhme an tsriain (lámhach i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh). Is amhlaidh atá ós rud é gur léiríodh, leis na tuairimí a cuireadh isteach le linn an chomhairliúcháin phoiblí maidir le sainchomhad Iarscríbhinn XV, gur dócha, i roinnt Ballstát, i gcás sealgairí a bhfuil baint acu le cineálacha eile lámhaigh, go siúlfaidh siad trí chineálacha éagsúla tír-raoin, bogaigh chomh maith le tír-raonta eile san áireamh, le linn gnáthlá lámhaigh. Chun cabhrú leis an bhforfheidhmiú, measann an Coimisiún freisin gur cheart go gcumhdófaí leis an srian ar urchair ghunna a bheith ar iompar ag duine ní hamháin na hurchair sin a bheith ar iompar aige le linn dó a bheith ag lámhach i mbogach, ach iad a bheith ar iompar aige le linn dó a bheith ag dul ag lámhach i mbogach freisin, i bhfocail eile i gcás ina mbeidh dlúthnasc idir é agus an lámhach iarbhír. Chumhdódh sé sin, mar shampla, urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine agus é ag dul chun lá lámhaigh a dhéanamh sa bhogach, nó le linn dó a bheith ag filleadh abhaile ó lá lámhaigh, nó na hurchair sin a bheith ar iompar ag duine éigin atá ag cabhrú le sealgairí ar thuras lámhaigh. |
|
(19) |
I bhfianaise na ndeacrachtaí praiticiúla a bhaineann leis an gcineál áirithe lámhaigh a bhfuil sé ar intinn a dhéanamh ag duine a dtagtar air agus urchair ghunna luaidhe ar iompar aige, is iomchuí toimhde dhlíthiúil a bhunú, i dtaca le haon duine a dtagtar air i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh agus urchair ghunna luaidhe ar iompar aige le linn dó a bheith ag lámhach nó ag dul ag lámhach, toimhdítear go bhfuil na hurchair sin ar iompar aige le linn dó a bheith ag lámhach i mbogach, nó le linn dó a bheith ag dul ag lámhach i mbogach. I bhfocail eile, bheadh ar an duine sin a léiriú go raibh sé ar intinn aige dul ag lámhach áit éigin eile agus nach raibh sé ach ag gabháil tríd an mbogach chun dul ag lámhach áit éigin eile. |
|
(20) |
Maidir leis an raon feidhme geografach, mhol an Ghníomhaireacht gur cheart feidhm a bheith ag an srian ar urchair ghunna luaidhe a scaoileadh ní hamháin i mbogaigh ach i limistéir “ina dtitfeadh urchair ghunna chaite laistigh de bhogach”. Tugann an Coimisiún dá aire go raibh roinnt tacaíochta i RAC chun crios maolánach seasta a shainiú go cainníochtúil timpeall ar bhogaigh seachas brath ar thástáil bunaithe ar an áit ina dtitfeadh urchair chaite. Aontaíonn an Coimisiún gur dócha go mbeidh sé níos éasca an srian a chomhlíonadh agus é a fhorfheidhmiú de thoradh crios maolánach seasta. Ba cheart feidhm a bheith ag an srian maidir le hurchair ghunna luaidhe a scaoileadh ní hamháin i mbogaigh ach i gcrios maolánach seasta timpeall ar bhogaigh freisin, arna shainmhíniú go cainníochtúil. Agus an gá le comhréireacht a áirithiú á chur san áireamh, ba cheart méid an chreasa mhaolánaigh sheasta a shocrú ag 100 méadar thart ar bhogaigh. |
|
(21) |
I bhfianaise na mbuntáistí forfheidhmiúcháin agus éifeachtacht an tsriain toisc nach gá breith ar shealgairí le linn dóibh a bheith ag scaoileadh urchair ghunna luaidhe, measann an Coimisiún gurb iomchuí an srian a chur i bhfeidhm ar urchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine, ní hamháin maidir le hurchair ghunna luaidhe a bheith ar iompar ag duine i mbogaigh ach maidir le hiad a bheith ar iompar ag duine i gcrios maolánach seasta timpeall ar bhogaigh freisin. |
|
(22) |
Ós rud é nach ndéantar urchair ghunna a dhearadh ná a chur ar an margadh go sonrach nó go heisiach lena n-úsáid i mbogaigh nó i ngiorracht dóibh, dhéanfadh an srian ar luaidhe in urchair ghunna a chur ar an margadh difear don lámhach i ngach tír-raon. Dá bhrí sin, ba cheart an srian a bheith teoranta d’urchair ghunna luaidhe a scaoileadh agus é a bheith ar iompar ag duine. |
|
(23) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an srian seo maidir le hurchair ghunna ina bhfuil tiúchan luaidhe le 1 % nó níos mó ná sin. Is é 1 % an teorainn tiúchain a chuirtear i bhfeidhm chun críocha an phróisis ceadúcháin maidir le hurchair ghunna “neamhthocsaineacha” i Stáit Aontaithe Mheiriceá chun baol suntasach tocsaineachta d’éin imirceacha agus d’fhiadhúlra eile, nó dá ngnáthóga, a sheachaint. Thairis sin, meastar gur leor tairseach tiúchain 1 % le haghaidh an tsriain chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le hábhar urchar gunna ina bhfuil luaidhe, rud is féidir le táirgeoirí urchar gunna malartach a bhaint amach go héasca freisin ós rud é gur dócha go mbeidh luaidhe ina neamhíonacht i roinnt de na roghanna malartacha sin. |
|
(24) |
Is iomchuí léiriú a thabhairt ar an sainmhíniú ar “bhogaigh” a úsáidtear sa Choinbhinsiún maidir le Bogaigh a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo (Coinbhinsiún Ramsar) a síníodh i Ramsar an 2 Feabhra 1971 chun críocha an tsriain, mar a mhol an Ghníomhaireacht agus mar a dearbhaíodh i dtuairimí RAC agus SEAC, ós rud é go bhfuil an sainmhíniú sin cuimsitheach agus go gcumhdaíonn sé gach cineál bogaigh (lena n-áirítear tailte portaigh, áit a bhfuil go leor éan uisce le fáil freisin), agus ós rud é go bhfuil córas aicmithe le haghaidh cineálacha bogaigh forbartha ag an gCoinbhinsiún Ramsar chun cuidiú le bogaigh a aithint. |
|
(25) |
Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do gheallsealbhóirí bearta iomchuí a dhéanamh chun an srian a chomhlíonadh agus ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit ullmhú dá fhorfheidhmiú. Agus na tuairimí a chuir RAC agus SEAC in iúl maidir le hindéantacht agus oiriúnacht tréimhse níos giorra ná na 3 bliana a mhol an Ghníomhaireacht á gcur san áireamh, agus aird ar leith á tabhairt ar an tionchar measta a bheadh ann gach bliain dá dtabharfaí isteach níos mó luaidhe i mbogaigh trí úsáid a bhaint as urchair ghunna luaidhe, ba cheart cur i bhfeidhm an tsriain a chur siar go ceann 24 mhí. |
|
(26) |
I mí Mheán Fómhair 2018, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht torthaí tuarascáil (6) imscrúdaithe ina ndearnadh athbhreithniú ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil faoi úsáidí éagsúla luaidhe, lena n-áirítear, i measc nithe eile, in urchair ghunna a úsáidtear i tír-raonta lasmuigh de bhogaigh, eadhon timpeallachtaí talún. Ós rud é gur léiríodh sa tuarascáil imscrúdaithe, inter alia, gur tugadh le fios san fhaisnéis a bhí ar fáil gur baol do shláinte an duine agus don chomhshaol araon urchair ghunna luaidhe a úsáid i dtimpeallachtaí talún, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht in 2019 sainchomhad Iarscríbhinn XV a ullmhú ionas go bhféadfaí srian a chur ar luaidhe a chur ar an margadh agus a úsáid san armlón agus i bhfearas iascaireachta (7). |
|
(27) |
Thairis sin, ina dtuairimí ar shainchomhad Iarscríbhinn XV maidir le luaidhe a úsáid le haghaidh lámhach i mbogaigh, chuir RAC agus SEAC in iúl go gcomhaontaíonn siad le dearcadh na Gníomhaireachta go mbeadh leibhéal níos airde cosanta comhshaoil ann dá ndéanfaí toirmeasc ar urchair luaidhe a chur ar an margadh agus a úsáid i ngach tír-raon agus go mbeadh sé níos éifeachtaí ó thaobh praiticiúlachta agus in-fhorfheidhmitheachta de. |
|
(28) |
I roinnt Ballstát, d’fhéadfadh deacrachtaí ar leith eascairt as an srian a thugtar isteach leis an Rialachán seo de thoradh na ndálaí geografacha sonracha sna Ballstáit sin. I gcás na mBallstát a bhfuil cion suntasach bogaigh ina gcríoch, d’fhéadfadh éifeacht chomhchosúil iarbhír a bheith ag toirmeasc ar urchair ghunna luaidhe a scaoileadh agus iad a bheith ar iompar ag duine i mbogaigh agus ina ngiorracht le toirmeasc iomlán ar gach lámhach ar fud na críche go léir, ós rud é gur rídhócha go dtarlódh sé sealgairí de gach cineál a bheith i mbogaigh nó gar do bhogaigh go minic. Ina theannta sin, maidir leis na hacmhainní a chaithfí a úsáid chun srian a fhorfheidhmiú nach bhfuil dírithe ach ar limistéir i mbogaigh agus i ngiorracht dóibh, d’fhéadfadh sé nach mbeidís i bhfad níos lú, agus go deimhin, d’fhéadfadh sé gur mó a bheidís ná na hacmhainní a theastaíonn chun srian lena gcumhdaítear a gcríoch ina hiomláine a fhorfheidhmiú. |
|
(29) |
I bhfianaise na ndeacrachtaí a thuairiscítear, an gá atá leis an mbeart ní hamháin a bheith éifeachtach ach freisin a bheith simplí agus cothrom ar an bpobal fiaigh ina iomláine, agus i bhfianaise thorthaí thuarascáil imscrúdaithe na Gníomhaireachta agus tuairimí RAC agus SEAC freisin, measann an Coimisiún gur cheart an rogha a thabhairt do na Ballstáit sin ar dócha go n-eascróidh deacrachtaí den sórt sin iontu srian éagsúil a chur ar a gcríoch, ar srian é lena gcuirfí toirmeasc ar urchair ghunna luaidhe a chur ar an margadh in áit éigin eile, agus ar scaoileadh urchar gunna luaidhe freisin agus ar urchair ghunna a bheith ar iompar ag duine ar fud a gcríche, cibé acu i mbogaigh nó in aon áit eile, maidir le haon chineál lámhaigh. |
|
(30) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, tá sé tábhachtach na Ballstáit atá le bheith incháilithe chun leas a bhaint as an rogha sin a shainaithint go soiléir. Ba cheart an rogha a bheith ar fáil do na Ballstáit sin a bhfuil ar a laghad 20 % dá gcríoch comhdhéanta de limistéir bhogaigh. Le tairseach 20 %, ba cheart go gcumhdófaí na Ballstáit sin ar dócha go mbeidh deacrachtaí acu de thoradh na gcoinníollacha geografacha sonracha. |
|
(31) |
Ós rud é go mbeadh an srian a d’fhéadfadh na Ballstáit sin a fhorchur níos déine ná an srian a bheadh teoranta do limistéir i mbogaigh agus i ngiorracht dóibh, is iomchuí tréimhse níos faide a shocrú chun an srian sin a thabhairt isteach. Ba cheart an tréimhse sin a shocrú ag 36 mhí, rud a chomhfhreagraíonn don tréimhse a mhol an Ghníomhaireacht ar dtús i sainchomhad Iarscríbhinn XV. |
|
(32) |
Ar chúiseanna trédhearcachta agus deimhneachta dlíthiúla, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a bhaineann úsáid as an rogha fógra a thabhairt don Choimisiún maidir lena rún agus na bearta a ghlacfaidh siad chun éifeacht a thabhairt dó a chur in iúl laistigh de sprioc-amanna áirithe, agus ba cheart don Choimisiún na fógraí maidir le rún chomh maith le téacsanna na mbeart náisiúnta a ghlacfaidh siad a chur ar fáil go poiblí gan mhoill. |
|
(33) |
Tá forálacha náisiúnta i bhfeidhm ag roinnt Ballstát lena dtoirmisctear nó lena sriantar luaidhe in urchair ghunna chun an comhshaol nó sláinte an duine a chosaint ar bhealach níos déine ná mar a leagtar síos sa Rialachán seo. Dá gcuirfí iallach ar na Ballstáit sin an leibhéal cosanta atá ann cheana a laghdú chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, d’fhéadfadh sé go méadófaí ar úsáid luaidhe in urchair ghunna sna Ballstáit sin. Ní bheadh an toradh sin ag luí leis an ardleibhéal cosanta a cheanglaítear le hAirteagal 114(3) den Chonradh. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit forálacha níos déine den sórt sin a choinneáil. |
|
(34) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin. |
|
(35) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) https://www.unep-aewa.org/sites/default/files/basic_page_documents/agreement_text_english_final.pdf
(3) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(4) https://echa.europa.eu/documents/10162/6ef877d5-94b7-a8f8-1c49-8c07c894fff7
(5) https://echa.europa.eu/documents/10162/b092e670-3266-fb5d-6296-544eaccb5d4a
(6) https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/lead_ammunition_investigation_report_en.pdf/efdc0ae4-c7be-ee71-48a3-bb8abe20374a
(7) https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/rest_lead_ammunition_COM_request_en.pdf/f607c957-807a-3b7c-07ae-01151001d939
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, in iontráil 63, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach sa dara colún:
|
|
|