ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 21

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
22 Eanáir 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/47 ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 lena gcuirtear ionadaí in ionad comhalta den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

1

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

22.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 21/1


CINNEADH (AE) 2021/47 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Eanáir 2021

lena gcuirtear ionadaí in ionad comhalta den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 255 de,

Ag féachaint don tionscnamh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 2 Nollaig 2020,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun na chéad mhíre d’Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuireadh painéal ar bun chun tuairim a thabhairt ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun feidhmeanna Breithimh agus Abhcóide Ghinearálta den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú sula ndéanfaidh rialtais na mBallstát na ceapacháin (“an painéal”).

(2)

Tá ar an bpainéal seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, comhaltaí de chúirteanna uachtaracha náisiúnta agus dlíodóirí a n-aithnítear a n-inniúlacht, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa duine amháin acu a mholadh.

(3)

Le Cinntí (AE, Euratom) 2017/2262 (1) agus (AE) 2020/539 (2) uaithi, cheap an Chomhairle seachtar comhaltaí an phainéil go ceann tréimhse dar críoch an 28 Feabhra 2022.

(4)

I litir uaidh an 11 Feabhra 2020, chuir Simon BUSUTTIL, comhalta den phainéal arna mholadh ag Parlaimint na hEorpa, in iúl don Chomhairle go raibh sé ag éirí as oifig.

(5)

An 26 Samhain 2020, chuir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa in iúl d’Uachtarán na Cúirte Breithiúnais gur mian le Parlaimint na hEorpa Julia LAFFRANQUE a cheapadh ina comhalta den phainéal.

(6)

I litir uaidh an 2 Nollaig 2020, mhol Uachtarán na Cúirte Breithiúnais go gceapfaí Julia LAFFRANQUE in ionad Simon BUSUTTIL ina comhalta den phainéal fad an téarma oifige seo, i gcomhréir le pointe 3 de rialacha oibriúcháin an phainéil mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2010/124/AE ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Julia LAFFRANQUE ina comhalta den phainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go ceann tréimhse dar críoch an 28 Feabhra 2022.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  Cinneadh (AE, Euratom) 2017/2262 ón gComhairle an 4 Nollaig 2017 lena gceaptar comhaltaí an phainéil dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 324, 8.12.2017, lch. 50).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/539 ón gComhairle an 15 Aibreán 2020 le hionadaí a chur isteach in áit Chathaoirleach an phainéil dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 122, 20.4.2020, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2010/124/AE ón gComhairle an 25 Feabhra 2010 maidir le rialacha oibriúcháin an phainéil dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 50, 27.2.2010, lch. 18).