ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 435

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
23 Nollaig 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) ( 1 )

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2020/2185 ón gComhairle an 18 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí

63

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/2186 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann leis na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na gceart atá ag ionadaithe den Aontas

65

 

*

Cinneadh (AE) 2020/2187 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2021 a ghlacadh

73

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/2188 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh,a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile

74

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 ( IO L 284, 12.11.2018 )

79

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2020/1312 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir ( IO L 308, 22.9.2020 ) ( IO L 0, 22.9.2020 )

80

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

TREORACHA

23.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 435/1


TREOIR (AE) 2020/2184 Ó PHARLAIMINT NA h EORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2020

maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Treoir 98/83/CE ón gComhairle (4) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (5). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart í a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Le Treoir 98/83/CE, leagadh síos an creat dlíthiúil chun sláinte an duine a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a ghabhann le haon éilliú uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine trína áirithiú go mbeadh an t-uisce glan folláin. Leis an Treoir seo, ba cheart an cuspóir céanna a shaothrú agus ba cheart rochtain ar an uisce sin a fheabhsú do gach aon duine san Aontas. Chuige sin, ní mór a leagan síos ar leibhéal an Aontais na híoscheanglais ar cheart don uisce atá beartaithe chun na críche sin a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú go mbeadh an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine saor ó aon mhiocrorgánaigh agus aon seadáin agus ó aon substaintí a d’fhéadfadh, de bharr a lín nó a dtiúchana, i gcásanna áirithe, sláinte an duine a chur i mbaol, agus go gcomhlíonfadh sé na híoscheanglais sin.

(3)

Ní mór uiscí mianraí nádúrtha agus uiscí ar táirgí íocshláinte iad a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo toisc go gcumhdaítear cineálacha den sórt sin uisce le Treoracha 2009/54/CE (6) agus 2001/83/CE (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi seach. Tá baint, áfach, ag Treoir 2009/54/CE le huiscí mianraí nádúrtha agus le fíoruiscí araon, agus níor cheart ach an chéad chatagóir díobh a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 9(4) de Threoir 2009/54/CE, ba cheart d’fhíoruiscí an Treoir seo a chomhlíonadh agus, i ndáil le ceanglais mhicribhitheolaíocha, ba cheart d’fhíoruisce Treoir 2009/54/CE a chomhlíonadh. I gcás uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin atá sé beartaithe a dhíol, nó a úsáid chun bia a mhonarú, a ullmhú nó a chóireáil, ba cheart d’uisce den sórt sin, mar phrionsabal, leanúint den Treoir seo a chomhlíonadh go dtí an pointe comhlíontachta, eadhon an buacaire, agus ba cheart glacadh leis, tar éis an phointe sin, má bheartaítear, nó má táthar ag súil leis go réasúnta, go n-ionghabhfaidh daoine é, gur bia é i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

Ina theannta sin, maidir le hoibreoirí gnó bia a bhfuil a bhfoinse uisce féin acu a úsáideann siad chun críocha sonracha a ngnó, ba cheart a bheith in ann iad a dhíolmhú ón Treoir seo ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad oibleagáidí ábhartha, go háirithe maidir le prionsabail na hanailíse guaise agus na bpointí rialúcháin criticiúla agus gníomhaíochtaí feabhais faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le bia. Ba cheart d’oibreoirí gnó bia a bhfuil a bhfoinse uisce féin acu agus a gníomhaíonn mar sholáthróirí uisce an Treoir seo a chomhlíonadh ar an mbealach céanna le haon soláthróir uisce eile.

(4)

Tar éis don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh maidir leis an gceart ar uisce (“tionscnamh Right2Water”) a bheith tugtha i gcrích, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí uile-Aontais agus rinne sé Meastóireacht um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) ar Threoir 98/83/CE. Leis an mbeart sin, léiríodh gur ghá forálacha áirithe na Treorach sin a thabhairt cothrom le dáta. Aithníodh ceithre réimse a d’fhéadfaí a fheabhsú, eadhon an liosta de luachanna paraiméadracha cáilíochtbhunaithe, an spleáchas teoranta ar chur chuige rioscabhunaithe, na forálacha neamhbheachta maidir le faisnéis do thomhaltóirí, agus na difríochtaí idir córais formheasa d’ábhair a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus na himpleachtaí atá ag baint le difríochtaí den sórt sin do shláinte an duine. Ina theannta sin, aithníodh i dtionscnamh Right2Water gur fadhb ar leith é nach bhfuil rochtain ag sciar den daonra, go háirithe grúpaí imeallaithe, ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, agus gur tiomantas é an rochtain sin a chur ar fáil faoi Sprioc 6 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Saincheist eile a aithníodh is ea an easpa feasachta i gcoitinne i dtaobh sceitheadh uisce, rud a tharlaíonn nuair nach leor an méid a infheistítear i gcothabháil agus in athnuachan an bhonneagair uisce, mar a luadh freisin i dTuarascáil Speisialta Uimh. 12/2017 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 5 Iúil 2017 dar teideal “Implementing the Drinking Water Directive: water quality and access to it improved in Bulgaria, Hungary and Romania, but investment needs remain substantial” [An Treoir maidir le hUisce Óil a chur chun feidhme: cáilíocht uisce agus rochtain air feabhsaithe sa Bhulgáir, san Ungáir agus sa Rómáin, ach infheistíocht shuntasach fós ag teastáil].

(5)

In 2017, rinne an Oifig Réigiúnach don Eoraip de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) athbhreithniú mionsonraithe ar an liosta de na paraiméadair agus na luachanna paraiméadracha a leagtar síos i dTreoir 98/83/CE chun a shuíomh an bhfuil nó nach bhfuil gá an liosta sin a oiriúnú i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. I bhfianaise thorthaí an athbhreithnithe sin, ba cheart pataiginí eintreacha agus Legionella a rialú agus ba cheart sé pharaiméadar cheimiceacha nó sé ghrúpa de pharaiméadair cheimiceacha a chur leis. I gcás ceithre cinn de na sé pharaiméadar nua nó de na sé ghrúpa de pharaiméadair nua, ba cheart luachanna paraiméadracha atá níos déine ná na luachanna sin atá molta ag EDS, ach atá indéanta mar sin féin, a leagan síos i bhfianaise tuairimí eolaíocha eile a nochtadh le déanaí agus i bhfianaise phrionsabal an réamhchúraim. I gcás ceann amháin de na paraiméadair nua sin, ba cheart líon na substaintí ionadaíocha a laghdú agus an luach a oiriúnú. I gcás cróimiam, tá an luach fós á athbhreithniú ag EDS agus ba cheart, mar sin, feidhm a bheith ag idirthréimhse 15 bliana sula dtabharfaí isteach luach níos déine. Ina theannta sin, mhol EDS go bhféadfar trí chomhdhúil ionadaíocha lena suaitear an córas inchríneach a mheas mar thagarmharcanna, chun measúnú a dhéanamh ar tharlú na gcomhdhúl lena suaitear an córas inchríneach agus éifeachtúlacht cóireála na gcomhdhúl sin i gcás inar gá, agus na luachanna seo a leanas ag gabháil leo: 0,1 μg/l i gcás Bhisfeanól A, 0,3 μg/l i gcás Naoinilfeanóil agus 1 ng/l i gcás Béite-éastraidé-óil.

Mar sin féin, bunaithe ar thuairim ó 2015 ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), cinneadh gur cheart ceann amháin de na trí chomhdhúil sin, Bisfeanól A, a chur leis an Treoir seo agus luach paraiméadrach sláintebhunaithe 2,5 μg/l ag gabháil leis. Thairis sin, ba cheart Naoinilfeanól agus Béite-éastraidé-ól a chur leis an liosta faire atá le bunú ag an gCoimisiún de bhun na Treorach seo.

(6)

Maidir le luaidhe, mhol EDS an luach paraiméadrach reatha a choinneáil, ach thug sé dá aire gur cheart na tiúchana a bheith chomh híseal is indéanta le réasún. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta luach reatha 10 μg/l a choinneáil ar feadh 15 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Faoi dheireadh na hidirthréimhse seo, ar a dhéanaí, ba cheart luach paraiméadrach 5 μg/l i gcás luaidhe a bheith ann. Anuas air sin, ós rud é gur saincheist leanúnach iad na píobáin luaidhe atá i dtithe agus i bhfoirgnimh cheana féin agus ós rud é nach mbíonn an t-údarás riachtanach ag na Ballstáit i gcónaí chun athrú na bpíobán sin a fhorchur, níor cheart a bheith i luach 5 μg/l ach mian ó thaobh na n-oibleagáidí a bhaineann le córais dáileacháin baile. I gcás na n-ábhar nua go léir a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, áfach, beag beann ar cé acu a úsáidfear i gcórais soláthair nó dáileacháin baile iad nó nach n-úsáidfear, atá le húdarú i gcomhréir leis an Treoir seo, ba cheart feidhm a bheith ag luach 5 μg/l ag an mbuacaire maidir leo.

(7)

Chun aghaidh a thabhairt ar an imní mhéadaitheach atá ar an bpobal maidir le héifeachtaí comhdhúl atá ag teacht chun cinn, amhail comhdhúile lena suaitear an córas inchríneach, earraí cógaisíochta agus micreaphlaistigh, ar shláinte an duine trí úsáid a bhaint as uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, agus chun aghaidh a thabhairt ar chomhdhúile nua atá ag teacht chun cinn sa slabhra soláthair, ba cheart sásra liosta faire a thabhairt isteach sa Treoir seo. Leis an sásra liosta faire, beifear in ann freagairt, ar bhealach dinimiciúil solúbtha, do na hábhair imní atá ag dul i méid. Ina theannta sin, beifear in ann leis obair leantach a dhéanamh ar eolas nua faoi ábharthacht na gcomhdhúl sin atá ag teacht chun cinn maidir le sláinte an duine, agus ar eolas nua faoi na cineálacha cur chuige faireacháin is iomchuí agus faoi na modheolaíochtaí faireacháin is iomchuí. Is cuid den fhreagairt ar bheartais ábhartha éagsúla de chuid an Aontais é an sásra liosta faire sin maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 dar teideal “European Union Strategic Approach to Pharmaceuticals in the Environment” [Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le hEarraí Cógaisíochta sa Timpeallacht], i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Samhain 2018 dar teideal “Towards a comprehensive European Union framework on endocrine disruptors” [I dtreo creat cuimsitheach de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le suaiteoirí inchríneacha] agus i gConclúidí ón gComhairle an 26 Meitheamh 2019 dar teideal “I dTreo Straitéis an Aontais do Bheartas Inbhuanaithe Ceimiceán”.

(8)

Mhol EDS freisin trí luach pharaiméadracha a dhéanamh níos solúbtha agus cúig pharaiméadar eile a bhaint den liosta de na paraiméadair agus na luachanna paraiméadracha a leagtar síos i dTreoir 98/83/CE. Meastar nach gá, áfach, na hathruithe sin ar fad a dhéanamh mar go bhfágann an cur chuige rioscabhunaithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2015/1787 ón gCoimisiún (9) go gceadaítear do sholáthróirí uisce paraiméadar a bhaint, faoi dhálaí áirithe, den liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu. Tá teicnící cóireála i bhfeidhm cheana chun na luachanna paraiméadracha sin a bhaint amach.

(9)

Tá na luachanna paraiméadracha a leagtar síos sa Treoir seo bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíoch atá ar fáil agus ar phrionsabal an réamhchúraim agus roghnaítear iad chun a áirithiú gur féidir uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a thomhailt go sábháilte ar feadh an tsaoil, agus ar an gcuma sin, áirithítear ardleibhéal cosanta sláinte.

(10)

Ba cheart cothromaíocht a bhaint amach chun cosc a chur ar rioscaí micribhitheolaíocha agus ceimiceacha araon agus, chuige sin agus i bhfianaise athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar na luachanna paraiméadracha, ba cheart bunú luachanna paraiméadracha is infheidhme maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a bheith bunaithe ar mheasúnaithe sláinte poiblí agus ar mhodh i ndáil le measúnú riosca.

(11)

Níl aon tionchar díreach ag paraiméadair táscaire ar shláinte phoiblí. Tá siad tábhachtach, áfach, mar mhodh chun a chinneadh cé chomh maith is atá saoráidí táirgthe agus dáileacháin le haghaidh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ag feidhmiú, agus chun cáilíocht an uisce a mheas. Paraiméadair den sórt sin, is féidir leo a bheith ina gcuidiú chun easnaimh sa chóireáil uisce a shainaithint agus is féidir ról tábhachtach a bheith acu ó thaobh cur le muinín na dtomhaltóirí i gcáilíocht an uisce agus í a chothabháil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar faireachán ar pharaiméadair den sórt sin.

(12)

I gcás inar gá sin a dhéanamh chun sláinte an duine a chosaint laistigh dá gcríocha, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit luachanna a shocrú le haghaidh paraiméadair bhreise nach bhfuil san áireamh in Iarscríbhinn I, bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim.

(13)

Ní hamháin go gciallaíonn uisce sábháilte atá beartaithe lena thomhailt ag an duine uisce gan miocrorgánaigh dhochracha agus substaintí dochracha a bheith ann, ach ciallaíonn sé freisin méid áirithe mianraí nádúrtha agus comhdhúile riachtanacha a bheith ann, ag cur san áireamh gur féidir dochar a dhéanamh do shláinte an duine má thomhlaítear go fadtéarmach uisce dímhianraithe nó uisce ina bhfuil méid íseal comhdhúile riachtanacha amhail cailciam agus maignéisiam. Tá méid áirithe de mhianraí den sórt sin ríthábhachtach freisin chun a áirithiú nach bhfuil uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ionsaitheach ná creimneach agus chun blas uisce den sórt sin a fheabhsú. D’fhéadfaí tiúchana ísle de mhianraí den sórt sin in uisce bogtha nó dímhianraithe a mheas i gcomhréir le dálaí áitiúla.

(14)

Níor cuireadh eilimintí pleanála sábháilteachta coiscthí ná eilimintí rioscabhunaithe san áireamh ach go pointe áirithe i dTreoir 98/83/CE. Tugadh isteach na chéad eilimintí de chur chuige rioscabhunaithe in 2015 i dTreoir (AE) 2015/1787, a lig do na Ballstáit maolú a dhéanamh ar na cláir faireacháin a bhí bunaithe acu, ar choinníoll go ndéanfaí measúnuithe riosca inchreidte a d’fhéadfaí a bheith bunaithe ar na Treoirlínte ó EDS maidir le Cáilíocht Uisce Óil (Treoirlínte EDS). Treoirlínte EDS, lena leagtar síos cur chuige an “Phlean Sábháilteachta Uisce”, mar a thugtar air, lena n-áirítear do chomhphobail bheaga, in éineacht le caighdeán EN 15975-2 a bhaineann le slándáil an tsoláthair uisce óil, tá siad ina bprionsabail a aithnítear go hidirnáisiúnta ar dá réir a bhunaítear táirgeadh agus dáileadh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus an faireachán agus anailís a dhéantar ar pharaiméadair in uisce den sórt sin. Ba cheart na chéad eilimintí sin de chur chuige rioscabhunaithe a choinneáil sa Treoir seo.

(15)

Chun a áirithiú nach bhfuil na heilimintí de chur chuige rioscabhunaithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2015/1787 teoranta do ghnéithe faireacháin amháin, chun am agus acmhainní a dhíriú ar rioscaí ábhartha agus ar bhearta costéifeachtacha atá dírithe ar an bhfoinse, agus chun a sheachaint go ndéanfaí anailísí ar shaincheisteanna neamhábhartha agus nach gcuirfí acmhainní amú ar na saincheisteanna sin, is iomchuí cur chuige cuimsitheach rioscabhunaithe maidir le sábháilteacht uisce a thabhairt isteach, lena gcumhdaítear an slabhra soláthair ina iomláine ón dobharcheantar, astarraingt, cóireáil, stóráil agus dáileadh an uisce go dtí an pointe comhlíontachta. Ba cheart an cur chuige sin a bheith bunaithe ar an eolas a gnóthaíodh agus na bearta a rinneadh faoi Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus ba cheart a chur san áireamh leis, ar bhealach níos éifeachtaí, an tionchar atá ag an athrú aeráide ar acmhainní uisce. Ba cheart trí chomhpháirt a bheith sa chur chuige rioscabhunaithe sin. Ar an gcéad dul síos, na guaiseacha a bhaineann leis na dobharcheantair do phointí astarraingthe a shainaithint (“measúnú riosca agus bainistiú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine”), i gcomhréir le Treoirlínte EDS agus Lámhleabhar EDS an Phlean Sábháilteachta Uisce. Ar an dara dul síos, an deis a bheith ag an soláthróir uisce an faireachán a dhéanfar a chur in oiriúint do na príomhrioscaí atá ann agus na bearta riachtanacha a dhéanamh chun na rioscaí a shainaithnítear sa slabhra soláthair a bhainistiú ó astarraingt, cóireáil, stóráil agus dáileadh an uisce (“measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthair”). Ar an tríú dul síos, measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht as córais dáileacháin baile, amhail Legionella nó luaidhe (“measúnú riosca ar an gcóras dáileacháin baile”), agus béim ar leith ar na háitribh thosaíochta. Ba cheart na measúnuithe sin a athbhreithniú go rialta, inter alia, i bhfianaise bagairtí de dheasca eachtraí adhaimsire a bhaineann leis an aeráid, athruithe aitheanta ar ghníomhaíocht an duine sa limistéar astarraingthe nó teagmhas a bhaineann leis an bhfoinse. Ba cheart a áirithiú leis an gcur chuige rioscabhunaithe go mbeidh faisnéis á malartú ar bhonn leanúnach idir na húdaráis inniúla agus na soláthróirí uisce.

(16)

Chun an t-ualach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ar sholáthróirí uisce a sholáthraíonn idir 10 m3 agus 100 m3 in aghaidh an lae mar mheán nó a fhreastalaíonn ar idir 50 agus 500 duine, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na soláthróirí uisce sin a dhíolmhú ó mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair a dhéanamh ar an gcoinníoll go ndéantar faireachán rialta i gcomhréir leis an Treoir seo. Mar eisceacht, ba cheart cur chun feidhme an chur chuige rioscabhunaithe a chur in oiriúint do na srianta sonracha a bhíonn ar shoithí muirí a dhéanann díshalannú ar uisce agus a iompraíonn paisinéirí. Comhlíonann soithí muirí a mbíonn bratach an Aontais ar foluain acu an creat rialála idirnáisiúnta agus iad ag seoladh in uiscí idirnáisiúnta. Ba cheart a áirithiú go dtabharfar tús áite do rialacháin idirnáisiúnta atá ann cheana nó do chaighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta, amhail clár sláintíochta soithí a d’fhorbair Seirbhís Sláinte Phoiblí na Stát Aontaithe, atá níos mionsonraithe agus níos déine agus a bhfuil feidhm acu maidir le longa in uiscí idirnáisiúnta.

(17)

Ba cheart cur chuige iomlánaíoch a bheith ag measúnú riosca agus bainistiú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe agus ba cheart dóibh a bheith dírithe ar laghdú a dhéanamh ar leibhéal na cóireála is gá chun an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a tháirgeadh, mar shampla trí laghdú a dhéanamh ar na brúnna is cúis le truailliú nó le riosca truailliúcháin na ndobharlach a úsáidtear chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit na dobharcheantair de phointí astarraingthe a thréithriú, agus guaiseacha agus eachtraí guaiseacha a shainaithint a d’fhéadfadh cáilíocht an uisce a mheath, amhail foinsí truailliúcháin a bhféadfadh baint a bheith acu leis na dobharcheantair sin.

Nuair is gá i bhfianaise guaiseacha a shainaithint, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na truailleáin sin atá aitheanta acu mar thruailleáin ábhartha amhail níotráití, lotnaidicídí nó earraí cógaisíochta a shainaithnítear faoi Threoir 2000/60/CE, nó ós rud é go bhfuil siad i láthair ó nádúr sa limistéar astarraingthe, amhail i gcás arsanaice, nó mar gheall ar fhaisnéis a fuarthas ó sholáthróirí uisce, mar shampla maidir le méadú tobann ar thiúchan paraiméadair shonraigh in amhuisce. I gcás ina n-úsáidtear uiscí dromchla mar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt, agus measúnú riosca á dhéanamh acu, ar mhicreaphlaistigh agus ar chomhdhúile lena suaitear an córas inchríneach, amhail Naoinilfeanól agus Béite éastraidé-ól, agus ba cheart dóibh, i gcás inar gá, a cheangal ar sholáthróirí uisce faireachán a dhéanamh ar na paraiméadair sin agus ar pharaiméadair eile atá ar an liosta faire agus, i gcás inar gá, cóireáil a dhéanamh orthu, má mheastar go bhféadfaidís sláinte an duine a chur i mbaol. Bunaithe ar an measúnú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe, ba cheart bearta bainistithe a dhéanamh chun na rioscaí sainaitheanta a chosc nó a rialú chun cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chosaint. I gcás ina bhfionnann Ballstát, trí ghuaiseacha agus eachtraí guaiseacha a shainaithint, nach bhfuil paraiméadar ann i ndobharcheantair do phointí astarraingthe, mar shampla toisc nach mbíonn an tsubstaint sin ann riamh i ndobharlaigh screamhuisce nó i ndobharlaigh dhromchla, ba cheart don Bhallstát sin na soláthróirí uisce ábhartha a chur ar an eolas agus ba cheart dó a bheith in ann an deis a thabhairt dóibh laghdú a dhéanamh ar mhinicíocht an fhaireacháin don pharaiméadar sin, nó an paraiméadar sin a bhaint ar fad ón liosta de pharaiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu, gan measúnú riosca ar an gcóras soláthair a dhéanamh.

(18)

Le Treoir 2000/60/CE, cuirtear de cheangal ar na Ballstáit dobharlaigh a shainaithint a úsáidtear chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt, chun faireachán a dhéanamh orthu, agus chun na bearta is gá a dhéanamh ionas nach dtiocfadh meath ar cháilíocht na ndobharlach sin d’fhonn an leibhéal íonghlanta is gá a laghdú chun uisce atá oiriúnach do thomhaltas an duine a tháirgeadh. Ionas nach dtarlódh aon dúbailt sna hoibleagáidí, ba cheart do na Ballstáit, agus guaiseacha agus eachtraí guaiseacha á sainaithint acu, leas a bhaint as torthaí faireacháin atá ionadaíoch ó thaobh na ndobharcheantar de agus atá ar fáil agus a fhaightear faoi Airteagail 7 agus 8 de Threoir 2000/60/CE nó faoi reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais. Ina ainneoin sin, i gcásanna nach bhfuil sonraí faireacháin den sórt sin ar fáil, d’fhéadfaí faireachán ar pharaiméadair, substaintí nó truailleáin ábhartha a chur ar bun chun tacú le tréithriú na ndobharcheantar agus chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart faireachán den chineál sin a chur ar bun agus cásanna áitiúla agus foinsí truailliúcháin á gcur san áireamh.

(19)

Na luachanna paraiméadracha a leagtar síos sa Treoir seo chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, is gá iad a chomhlíonadh ag an bpointe ina dtagann an t-uisce as na buacairí a úsáidtear de ghnáth chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a sholáthar. Is féidir, áfach, leis na córais dáileacháin baile difear a dhéanamh do cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Tá sé tugtha faoi deara ag EDS gur Legionella is cúis leis an ualach is mó ó thaobh na sláinte de, san Aontas, as na pataiginí uisce-iompartha uile. Tarchuirtear é i gcórais uisce the trí ionanálú, mar shampla le linn cithfholcadh. Tá nasc soiléir idir é agus na córais dáileacháin baile, dá bhrí sin. Toisc go dtiocfadh costais atá i bhfad ró-ard as oibleagáid a fhorchur faireachán a dhéanamh ar gach áitreabh príobháideach agus poiblí i leith na pataigine sin, b’oiriúnaí measúnú riosca ar na córais dáileacháin baile chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin. Ina theannta sin, ba cheart na rioscaí a d’fhéadfadh teacht as táirgí agus ábhair a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a mheas, freisin, sa mheasúnú riosca sin. Ba cheart a áireamh, dá bhrí sin, sa mheasúnú riosca ar na córais dáileacháin baile, inter alia, béim ar fhaireachán a dhéanamh ar áitribh thosaíochta a aithníonn na Ballstáit, amhail ospidéil, institiúidí cúram sláinte, tithe scoir, áiseanna cúram leanaí, scoileanna, institiúidí oideachais, foirgnimh a bhfuil lóistín le fáil iontu, bialanna, beáir, ionaid spóirt agus siopadóireachta, saoráidí fóillíochta, áineasa agus taispeántas, forais phionóis agus láithreacha campála, agus measúnú ar na rioscaí a thagann as na córais dáileacháin baile agus táirgí gaolmhara agus ábhair ghaolmhara. Ar bhonn an mheasúnaithe riosca, ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú, inter alia, go bhfuil bearta rialaithe agus bainistithe iomchuí i bhfeidhm, mar shampla i gcás ráigeanna, i gcomhréir le treoir ó EDS, agus nach gcuirfidh ascnamh na substaintí a d’fhéadfadh a bheith dochrach as táirgí foirgníochta sláinte an duine i mbaol.

(20)

Le forálacha Threoir 98/83/CE maidir le dearbhú cáilíochta na cóireála, an trealaimh agus na n-ábhar, níor éirigh leo ceanglais sláinteachais aonfhoirmeacha a chruthú i gcás táirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Dá thoradh sin, tá formheasanna náisiúnta táirgí i bhfeidhm, agus ceanglais iontu atá difriúil ó Bhallstát go Ballstát. Fágann sin gur deacair agus gur costasach ag monaróirí a dtáirgí a mhargú ar fud an Aontais agus is costasach do na Ballstáit é freisin. Ina theannta sin, fágann sé gur deacair ag tomhaltóirí agus ag soláthróirí uisce óil a fhios a bheith acu an gcomhlíonann na táirgí ceanglais sláinte. Trí íoscheanglais chomhchuibhithe maidir le hábhair a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a bhunú sa Treoir seo, rannchuideofar le leibhéal aonfhoirmeach cosanta sláinte a bhaint amach ar fud an Aontais, chomh maith le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh. Thairis sin, le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), leagtar síos sásra faireachais margaidh ginearálta uile-Aontais le haghaidh táirgí, d’fhonn a áirithiú nach gcuirfear ar fáil ar mhargadh an Aontais ach táirgí comhlíontacha a chomhlíonann ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta leasanna poiblí ar fáil, amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht i gcoitinne, an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, cosaint an chomhshaoil agus na slándála poiblí. Sa Rialachán sin, luaitear, má ghlacann an tAontas reachtaíocht nua um chomhchuibhiú amach anseo, gur sa reachtaíocht sin a bheidh foráil le déanamh maidir le cé acu a bheidh nó nach mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis an reachtaíocht sin freisin. Chun a áirithiú gur féidir bearta cuí faireachais margaidh a dhéanamh a mhéid a bhaineann le táirgí nach gcumhdaítear cheana féin le Rialachán (AE) 2019/1020 ach a ndéanfaí difear dóibh leis an Treoir seo, is iomchuí foráil a dhéanamh do chur i bhfeidhm an Rialacháin sin maidir leis na táirgí sin.

(21)

Is féidir le cineál na n-ábhar a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine tionchar a bheith aige ar cháilíocht an uisce sin trí ascnamh substaintí a d’fhéadfadh a bheith dochrach, trí chur le fás miocróbach nó trí thionchar a imirt ar bholadh, dath nó blas an uisce sin. Leis an measúnú ar Threoir 98/83/CE, fuarthas amach go raibh an iomarca den tsolúbthacht dhlíthiúil i gceist leis na forálacha maidir le dearbhú cáilíochta na cóireála, an trealaimh agus na n-ábhar, rud as ar tháinig córais formheasa náisiúnta éagsúla ar fud an Aontais le haghaidh ábhair a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Dá bhrí sin, is gá íoscheanglais sláinteachais níos sonraí a bhunú d’ábhair atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh astarraingt, chóireáil, stóráil, nó dháileadh an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i suiteálacha nua nó i suiteálacha atá ann cheana i gcás oibreacha deisiúcháin nó atógála, chun a áirithiú nach gcuireann siad isteach ar shláinte an duine go díreach ná go hindíreach, nach ndéanann siad dochar díobhálach do dhath, boladh nó blas an uisce, nach gcuireann siad le fás miocróbach san uisce nó nach mbíonn siad ina gcúis le héilleáin a láisteadh isteach san uisce ar leibhéil is airde ná is gá i bhfianaise an chuspóra a bheartaítear leo. Chun na críche sin, ba cheart a leagan amach leis an Treoir seo íoscheanglais shonracha sláinteachais d’ábhair, trí mhodheolaíochtaí a bhunú chun substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a thástáil agus glacadh leo, trí liostaí dearfacha Eorpacha de shubstaintí tosaithe, de chomhdhéanaimh agus de chomhábhair a bhunú, trí mhodhanna agus nósanna imeachta a bhunú chun substaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair a chur ar na liostaí dearfacha Eorpacha nó chun athbhreithniú a dhéanamh ar na substaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair sin a bheith curtha ar na liostaí sin, agus trí nósanna imeachta agus modhanna a bhunú i ndáil le tástáil a dhéanamh ar ábhair dheiridh mar a úsáidtear iad i dtáirge a dhéantar as meascán de shubstaintí tosaithe, de chomhdhéanaimh nó de chomhábhair ar na liostaí dearfacha Eorpacha nó chun glacadh le hábhair den sórt sin.

Ionas nach gcuirfear bac ar an nuálaíocht, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh nósanna imeachta den sórt sin comhréireach, agus nach gcuirfidh siad ualach míchuí ar oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide. A mhéid is féidir, ba cheart nósanna imeachta den sórt sin a ailíniú le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana maidir le táirgí, chun ualach dúbailte a sheachaint lena gcuirfí oibleagáid ar oibreoirí eacnamaíocha measúnuithe comhréireachta éagsúla a dhéanamh ar an aon táirge amháin.

(22)

Is é atá i gceist leis na liostaí dearfacha Eorpacha liostaí de na substaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair, ag brath ar chineál na n-ábhar, eadhon ábhair orgánacha, ábhair stroighniúla, ábhair mhiotalacha, cruain agus ábhair cheirmeacha nó ábhair neamhorgánacha eile, a údaraítear le húsáid chun ábhair a mhonarú, agus ba cheart a áireamh ar na liostaí sin, i gcás inarb iomchuí, coinníollacha lena n-úsáid agus teorainneacha ascnaimh. Chun substaint tosaithe, comhdhéanamh nó comhábhar a chur ar na liostaí dearfacha Eorpacha, ba cheart measúnú riosca a dhéanamh ar an tsubstaint tosaithe féin, ar an gcomhdhéanamh féin, nó ar an gcomhábhar féin agus ar eisíontais ábhartha agus ar tháirgí imoibriúcháin agus díghrádúcháin a d’fhéadfaí a thuar maidir leis an úsáid a bheartaítear. Ba cheart a chumhdach sa mheasúnú riosca a dhéanfaidh an t-iarrthóir nó an t-údarás náisiúnta rioscaí sláinte a eascraíonn as ascnamh a d’fhéadfadh tarlú faoi na coinníollacha úsáide is measa is féidir a thuar agus as an tocsaineacht. Bunaithe ar an measúnú riosca, ba cheart a leagan amach sna liostaí dearfacha Eorpacha, más gá, sonraíochtaí maidir leis an tsubstaint tosaithe, an comhdhéanamh nó an comhábhar, agus srianta ar úsáid, srianta cainníochtúla nó teorainneacha ascnaimh don tsubstaint tosaithe, an comhdhéanamh, nó an comhábhar, eisíontais a d’fhéadfadh a bheith ann agus táirgí imoibriúcháin nó comhábhair chun sábháilteacht an ábhair deiridh a bheidh le húsáid i dtáirge a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a áirithiú.

Chun críche na chéad liostaí dearfacha Eorpacha a bhunú, ba cheart an méid a leanas a chur ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (“ECHA”): liostaí dearfacha náisiúnta de shubstaintí tosaithe, de chomhdhéanaimh agus de chomhábhair, nó forálacha náisiúnta eile, na modheolaíochtaí as ar eascair bunú na liostaí náisiúnta agus na bhforálacha náisiúnta sin, agus na measúnuithe riosca a ghabhann le gach ceann de na substaintí tosaithe, na comhdhéanaimh agus na comhábhair. Ba cheart do ECHA, ar an mbonn sin, liostaí tiomsaithe a mholadh don Choimisiún. Ba cheart do ECHA athbhreithniú a dhéanamh ar na substaintí, ar na comhdhéanaimh agus ar na comhábhair atá ar na chéad liostaí dearfacha Eorpacha agus tuairim a thabhairt ina leith in am trátha ionas gur féidir leis an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na liostaí tráth nach déanaí ná 15 bliana tar éis a nglactha. Chun na críche na liostaí dearfacha Eorpacha a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart do ECHA tuairimí a thabhairt maidir le substaintí, comhdhéanaimh nó comhábhair a chur ar na liostaí nó a bhaint díobh.

(23)

Chun tástáil aonfhoirmeach ar tháirgí a éascú lena sheiceáil go bhfuil ceanglais na Treorach seo á gcomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún a iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) caighdeáin a fhorbairt don tástáil aonfhoirmeach agus don mheasúnú ar tháirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Agus na liostaí dearfacha Eorpacha á mbunú agus á dtabhairt cothrom le dáta aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh aon ghníomhartha ábhartha, nó sainorduithe um chaighdeánú, a ghlacfaidh sé de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais comhsheasmhach leis an Treoir seo.

(24)

Ina theannta sin, tráth nach déanaí ná 9 mbliana tar éis an dáta deiridh maidir leis an Treoir seo a thrasuí, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais a thugtar isteach leis an Treoir seo chun a mheas an gcosnaítear nó nach gcosnaítear sláinte an duine ar fud an Aontais agus an gcosnaítear nó nach gcosnaítear mar is ceart feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ó thaobh táirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a úsáideann comhábhair atá formheasta. Sa bhreis air sin, ba cheart a mheas an bhfuil nó nach bhfuil gá le haon togra reachtach breise maidir leis an ábhar, agus toradh na meastóireachta ar Rialacháin (CE) Uimh. 1935/2004 (13) agus (AE) Uimh. 305/2011 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á cur san áireamh ach go háirithe.

(25)

Maidir le táirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, is éard ba cheart a bheith iontu ábhar, nó cumasc ábhar, atá formheasta i gcomhréir leis an Treoir seo. Mar sin féin, ní thugtar aghaidh sa Treoir seo ach ar ghnéithe sláinte agus sláinteachais na n-ábhar agus na substaintí a úsáidtear i dtáirgí ó thaobh a dtionchair ar cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, agus ar na rialacha maidir le tástáil chomhréireachta agus rialú cáilíochta na dtáirgí deiridh. Ní thugtar aghaidh inti ar cheanglais eile, amhail rialacha maidir le conas feidhmíocht táirgí a chur in iúl nó amhail rialacha maidir le sábháilteacht struchtúrach, ar féidir iad a rialáil le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú nó a eascraíonn as reachtaíocht den sórt sin, amhail Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 nó Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Bíodh is go mbeadh gnéithe riosca sláinte agus sláinteachais arna gcomhchuibhiú faoin Treoir seo ina suí le gnéithe sábháilteachta nó gnéithe riosca eile a dtugtar aghaidh orthu faoi reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, ní chruthódh sin aon choinbhleachtaí eatarthu, a fhad is nach mbeadh aon fhorluí ann idir na rioscaí a chumhdaítear sa dá réimse sin faoi seach. D’fhéadfadh sé go mbeadh coinbhleacht idir Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus an Treoir seo ós rud é go liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, mar cheann de na buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta, nach mór sceitheadh substaintí contúirteacha isteach in uisce óil nó sceitheadh substaintí a bhfuil tionchar diúltach acu ar uisce óil a sheachaint. Mar sin féin, ní thiocfaidh an forluí sin chun cinn más rud é nach n-eisítear sainordú um chaighdeánú faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 maidir le gnéithe sláinte agus sláinteachais táirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.

(26)

Is gá a áirithiú ar leibhéal an Aontais go ndéanfar cinnteoireacht, comhordú agus bainistiú éifeachtach, ar leibhéal an Aontais, ar na gnéithe teicniúla, eolaíocha agus riaracháin de chuid na Treorach seo a bhaineann le hábhair a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Ba cheart do ECHA cúraimí a shonraítear sa Treoir seo a chur i gcrích maidir le meastóireacht a dhéanamh ar shubstaintí agus ar chomhdhéanaimh le haghaidh ábhair a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Dá bharr sin, ba cheart don Choiste um Measúnú Riosca de ECHA, a cuireadh ar bun de bhun phointe (c) d’Airteagal 76(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, éascú a dhéanamh ar chur i gcrích cúraimí áirithe a thugtar do ECHA faoin Treoir seo trí thuairimí a sholáthar.

(27)

D’fhéadfaí ceimiceáin chóireála agus meáin scagaire a úsáid chun an t-amhuisce a chóireáil d’fhonn uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a fháil. Is féidir rioscaí do shábháilteacht uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a bheith ag baint le ceimiceáin chóireála agus meáin scagaire, áfach. Dá bhrí sin, leis na nósanna imeachta maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chóireáil agus a dhífhabhtú, ba cheart a áirithiú go n-úsáidtear ceimiceáin chóireála agus meáin scagaire atá éifeachtach agus slán agus a bhainistítear go cuí chun éifeachtaí dochracha ar shláinte an tomhaltóra a sheachaint. Is gá, dá bhrí sin, ceimiceáin chóireála agus meáin scagaire a mheas i ndáil leis na tréithe agus na ceanglais sláinteachais atá acu, agus i ndáil lena n-íonacht, agus níor cheart iad a úsáid níos mó ná a bhfuil gá leo chun rioscaí do shláinte an duine a sheachaint. Le ceimiceáin chóireála agus meáin scagaire, níor cheart cur le fás miocróbach ach i gcás inarb amhlaidh a bhí i gceist a dhéanamh, amhail maidir le dínítriginiú miocróbach a fheabhsú.

Ba cheart do na Ballstáit dearbhú cáilíochta na gceimiceán cóireála agus na meán scagaire a ráthú gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus trí úsáid a bhaint as caighdeáin Eorpacha atá ann cheana, nuair is ann dóibh. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh marcáil shoiléir, dhoscriosta atá éasca le léamh ar gach táirge, agus ar choimeádáin d’imoibrithe ceimiceáin agus meáin scagaire, a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine nuair a chuirtear ar an margadh iad, agus leis an marcáil sin go gcuirtear in iúl do thomhaltóirí, do sholáthróirí uisce, do shuiteálaithe, d’údaráis agus do rialtóirí go bhfuil an ítim oiriúnach lena húsáid i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Thairis sin, tá cead ag na Ballstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, srian nó toirmeasc a chur ar úsáid táirgí bithicídeacha i soláthar uisce óil don phobal, lena n-áirítear i soláthairtí aonair.

(28)

Agus é mar aidhm aige sin an méid luaidhe a d’fhéadfadh a bheith in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a laghdú, is féidir comhchodanna luaidhe i gcórais dáileacháin baile a ionadú, go háirithe i gcás oibreacha deisiúcháin nó atógála i suiteálacha atá ann cheana. Ba cheart na comhchodanna sin a ionadú le hábhair a chomhlíonann na híoscheanglais d’ábhair a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, mar a bhunaítear leis an Treoir seo. Chun luas a chur leis an bpróiseas sin, ba cheart do na Ballstáit bearta a mheas agus, nuair is ábhartha, a ghlacadh chun comhchodanna luaidhe i gcórais reatha dáileacháin baile a ionadú, más indéanta go heacnamaíoch agus go teicniúil.

(29)

Ba cheart do gach Ballstát a áirithiú go mbunaítear cláir faireacháin chun a sheiceáil cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ceanglais na Treorach seo. Is soláthróirí uisce a dhéanfaidh formhór an fhaireacháin atá le déanamh chun críocha na Treorach seo. Ba cheart solúbthacht áirithe a thabhairt do sholáthróirí uisce a mhéid a bhaineann leis na paraiméadair a ndéanann siad faireachán orthu chun críocha an mheasúnaithe riosca agus an bhainistithe riosca ar an gcóras soláthair. Mura ndéantar paraiméadar áirithe a bhrath, ba cheart do sholáthróirí uisce a bheith in ann minicíocht an fhaireacháin a ísliú nó deireadh a chur leis an bhfaireachán ar an bparaiméadar sin trí chéile. Ba cheart measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthair a dhéanamh maidir le formhór na bparaiméadar. Mar sin féin, ba cheart faireachán a dhéanamh ar chroípharaiméadar ag minicíocht íosta sonraithe i gcónaí. Is é a leagtar síos leis an Treoir seo, den chuid is mó, forálacha maidir leis an minicíocht faireacháin chun críoch seiceálacha comhlíontachta, agus ní leagtar síos léi ach forálacha teoranta maidir leis an bhfaireachán chun críoch oibríochtúil. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le faireachán breise chun críoch oibríochtúil lena áirithiú go mbeidh an chóireáil uisce ag feidhmiú i gceart. Ba cheart faireachán breise den sórt sin a dhéanamh faoi lánrogha na soláthróirí uisce. Ina leith sin, d’fhéadfadh na soláthróirí uisce féachaint ar Threoirlínte EDS agus Lámhleabhar EDS an Phlean Sábháilteachta Uisce.

(30)

Ba cheart do na soláthróirí uisce ar fad, lena n-áirítear mionsoláthróirí uisce, an cur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm, ós rud é gur léiríodh leis an meastóireacht a rinneadh ar Threoir 98/83/CE go raibh easnaimh ann sa chaoi a gcuirtear chun feidhme í maidir leis na soláthróirí sin, arb é an costas a bhaineann le feidhmeanna faireacháin neamhriachtanacha a dhéanamh is cúis leis uaireanta. Ba cheart aon ábhar imní slándála atá ann a chur san áireamh agus an cur chuige rioscabhunaithe á chur i bhfeidhm.

(31)

I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a fhorchuirtear leis an Treoir seo, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann imscrúdú a dhéanamh ar an gcúis leis an neamhchomhlíonadh láithreach agus a áirithiú go ndéantar an ghníomhaíocht feabhais is gá a luaithe is féidir chun an cháilíocht uisce arna sholáthar a athbhunú. I gcásanna ina bhféadfadh an soláthar uisce sláinte an duine a chur i mbaol, ba cheart soláthar an uisce sin a thoirmeasc nó srian a chur lena úsáid. Ina theannta sin, i gcás ina dtarlaíonn mainneachtain na híoscheanglais maidir leis na luachanna a bhaineann leis na paraiméadair mhicribhitheolaíocha agus cheimiceacha a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit an mhainneachtain sin a mheas mar rud a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol, ach amháin i gcás ina meastar nach bhfuil i gceist ach neamhchomhlíonadh fánach. I gcásanna ina bhfuil gá le gníomhaíocht feabhais chun cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a athbhunú, i gcomhréir le hAirteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht lena gceartaítear an fhadhb ag an bhfoinse.

(32)

Ba cheart údarás a thabhairt do na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe agus faoi choinníollacha a bhfuil údar cuí leo, leanúint de mhaoluithe ar an Treoir seo a dheonú agus i ndáil leis an méid sin is gá creat cuí a bhunú le haghaidh maoluithe den sórt sin, ar an gcoinníoll nach ionann iad agus baol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus ar an gcoinníoll nach féidir an soláthar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine sa réimse lena mbaineann a choinneáil ar bun ar aon bhealach réasúnta eile. Ba cheart na maoluithe sin a bheith teoranta do chásanna sonracha. Maidir le maoluithe a dheonaigh Ballstáit de bhun Threoir 98/83/CE agus atá fós i bhfeidhm ar an dáta deiridh maidir leis an Treoir seo a thrasuí, ba cheart dóibh leanúint de bheith i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an maolú, agus níor cheart iad a athnuachan faoin Treoir seo ach amháin i gcás nár deonaíodh an dara maolú go fóill.

(33)

Ina theachtaireacht an 19 Márta 2014 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh “Water and sanitation are a human right! Water is a public good, not a commodity!” [Tá an ceart ag cách ar uisce agus ar shláintíocht! Tá uisce ann ar mhaithe leis an phobal, ní haon tráchtearra é!], d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag gach saoránach ar sholáthar íosta uisce, i gcomhréir le moltaí EDS. Thug sé gealltanas freisin leanúint “to improve access to safe drinking water […] for the whole population through environmental policies” [d’fheabhas a chur ar an rochtain ar uisce óil sábháilte […] don daonra ar fad trí bheartais comhshaoil]. Tá sé sin i gcomhréir le SFI 6 agus leis an sprioc ghaolmhar chun “achieve universal and equitable access to safe and affordable drinking water for all” [rochtain uilíoch chothrom ar uisce óil sábháilte atá ar phraghas réasúnta a bhaint amach do chách]. Chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sin den rochtain ar uisce a bhaineann le cáilíocht agus infhaighteacht agus mar chuid den fhreagra a tugadh ar thionscnamh Right2Water, agus chun rannchuidiú le cur chun feidhme Phrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ina luaitear “everyone has the right to access essential services of good quality, including water” [go bhfuil ag cách an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí riachtanacha ar ardchaighdeán, lena n-áirítear an t-uisce], ba cheart do na Ballstáit dul i ngleic le saincheist na rochtana ar uisce ar an leibhéal náisiúnta ach discréid áirithe a bheith acu, mar sin féin, maidir leis na bearta sonracha a bheidh le cur chun feidhme. Ba cheart sin a dhéanamh trí bhíthin gníomhaíochtaí darb aidhm an rochtain ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a fheabhsú do chách, go háirithe trí threalamh a shuiteáil i spásanna poiblí lasmuigh agus laistigh nuair is indéanta go teicniúil, agus trí bhíthin gníomhaíochtaí darb aidhm úsáid an uisce buacaire a chur chun cinn, trína chur chun cinn, mar shampla, go gcuirfí ar fáil saor in aisce i riaracháin phoiblí agus i bhfoirgnimh phoiblí uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, nó go gcuirfí ar fáil é saor in aisce nó ar tháille íseal do chustaiméirí i mbialanna, ceaintíní agus aonaid seirbhíse lónadóireachta.

(34)

Tá an tAontas agus na Ballstáit tiomanta, faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, do na SFInna a bhaint amach, agus ag an am céanna, aithníonn siad príomhfhreagracht na mBallstát san obair leantach agus san athbhreithniú, ar na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus dhomhanda, ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin. Ní thagann cuid de na SFInna agus an ceart ar uisce faoi chuimsiú bheartas comhshaoil an Aontais nó bheartas sóisialta an Aontais, ar de chineál teoranta agus comhlántach é. Agus teorainneacha inniúlacht an Aontais á gcur san áireamh, is iomchuí mar sin féin a áirithiú go bhfuil tiomantas leanúnach na mBallstát don cheart ar uisce i gcomhréir leis an Treoir seo, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta. I ndáil leis sin, déanann na Ballstáit sár-iarrachtaí faoi láthair chun feabhas a chur ar an rochtain ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Sa bhreis air sin, leis an bPrótacal maidir le hUisce agus Sláinte de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) agus Oifig Réigiúnach ESD do Phrótacal na hEorpa maidir le hUisce agus Sláinte a ghabhann le Coinbhinsiún 1992 maidir le Cosaint agus Úsáid Sruthchúrsaí Trasteorann agus Lochanna Idirnáisiúnta, a bhfuil go leor Ballstát páirtithe ann freisin, féachtar le sláinte an duine a chosaint trí bhainistiú dramhaíola níos fearr agus trí ghalair a bhaineann le huisce a laghdú. D’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as na doiciméid treorach a fhorbraítear faoi réimeas an Phrótacail sin chun an cúlra beartais agus an cás bunlíne maidir le rochtain ar uisce a mheas agus chun na gníomhaíochtaí riachtanacha a shainiú chun feabhas a chur ar rochtain chothrom do chách ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.

(35)

Ina rún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le hobair a leanann as tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh Right2Water (17), d’iarr Parlaimint na hEorpa go dtabharfadh na Ballstáit aird speisialta ar na riachtanais atá ag grúpaí leochaileacha sa tsochaí. I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2014 dar teideal “Tuarascáil ar chur chun feidhme Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach” agus i Moladh ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha chun Romaigh a lánpháirtiú sna Ballstáit, aithníodh cás sonrach cultúr mionlaigh, amhail Romaigh agus an Lucht Siúil, is cuma aistreach nó neamhaistreach iad, agus go háirithe an easpa rochtana a bhíonn acu ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. I bhfianaise an chomhthéacs ghinearálta sin, is iomchuí go dtabharfadh na Ballstáit aird faoi leith ar ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe trí na bearta riachtanacha a dhéanamh chun an rochtain atá ag na grúpaí sin ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a fheabhsú. Gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit na grúpaí sin a shainiú, ba den tábhacht a áireamh ar ghrúpaí den sórt sin teifigh, pobail fáin, daoine gan dídean agus cultúir mhionlaigh amhail Romaigh agus an Lucht Siúil, is cuma aistreach nó neamhaistreach iad. Mar shampla, d’fhéadfadh a bheith san áireamh i mbearta den sórt sin chun rochtain a fheabhsú, agus a bheidh na Ballstáit féin in ann a mheas, córais soláthair mhalartacha a sholáthar, amhail gléasanna cóireála indibhidiúla, uisce a sholáthar trí thancaeir a úsáid, amhail trucailí agus sistéil, agus an bonneagar cuí a áirithiú do champaí.

(36)

Ionas go mbeidh tomhaltóirí níos mó ar an eolas faoi na himpleachtaí atá ag an tomhaltas uisce, ba cheart faisnéis a chur ar fáil dóibh ar bhealach so-rochtana, mar shampla ar a sonraisc nó trí bhíthin feidhmchlár cliste, faoin toirt uisce arna thomhailt in aghaidh na bliana, athruithe ar thomhaltas, comparáid le meántomhaltas teaghlaigh i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil don soláthróir uisce, mar aon leis an bpraghas ar lítear uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, chun gur féidir comparáid a dhéanamh le praghas an uisce buidéil.

(37)

Leis an seachtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol go dtí 2020 dar teideal “Living well, within the limits of our planet” [Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid] (18), ceanglaítear go mbeidh rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis shoiléir faoin gcomhshaol ar an leibhéal náisiúnta. Níor foráladh le Treoir 98/83/CE ach go mbeadh rochtain éighníomhach ann ar fhaisnéis, rud a chiallaíonn nach raibh ar na Ballstáit ach a áirithiú go raibh faisnéis ar fáil. Ba cheart na forálacha sin a ionadú, dá bhrí sin, chun a áirithiú go bhfuil rochtain ar bhealach saincheaptha is furasta a úsáid ag tomhaltóirí ar líne ar fhaisnéis atá cothrom le dáta. Ina theannta sin, ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann rochtain a iarraidh ar an bhfaisnéis sin ar bhealaí eile, ach údar maith a bheith leis an iarraidh.

(38)

Ba cheart a bheith san fhaisnéis cothrom le dáta atá le soláthar faoin Treoir seo torthaí ó na cláir faireacháin, faisnéis faoi chineálacha cóireála uisce agus dífhabhtaithe a chuirtear i bhfeidhm, faisnéis faoi shárú ar na luachanna paraiméadracha is ábhartha do shláinte an duine, faisnéis ábhartha faoi mheasúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthair, comhairle faoin gcaoi a laghdaítear tomhaltas uisce agus a seachnaítear rioscaí sláinte de dheasca bodharuisce, ach freisin faisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith úsáideach don phobal, faisnéis faoi tháscairí amhail iarann, cruas agus mianraí, a mbíonn tionchar acu go minic ar na dearcthaí a bhíonn ag tomhaltóirí ar uisce buacaire. Ina theannta sin, mar fhreagairt do leas tomhaltóirí maidir le saincheisteanna uisce, ba cheart rochtain a thabhairt do thomhaltóirí, arna iarraidh sin, ar shonraí stairiúla atá ar fáil faoi thorthaí faireacháin agus faoi sháruithe.

(39)

Maidir le soláthróirí uisce a sholáthraíonn 10 000 m3 ar a laghad in aghaidh an lae nó a fhreastalaíonn ar 50 000 duine ar a laghad, ba cheart faisnéis bhreise, inter alia, maidir le héifeachtúlacht feidhmíochta, rátaí sceite, struchtúr úinéireachta agus struchtúr taraife a bheith ar fáil do thomhaltóirí ar líne freisin.

(40)

An cuspóir ba cheart a bheith le heolas níos fearr don tomhaltóir ar fhaisnéis ábhartha agus trédhearcacht fheabhsaithe ná cur le muinín na saoránach san uisce a sholáthraítear dóibh, agus i seirbhísí uisce, agus ba cheart a bheith mar thoradh air sin go méadófar an úsáid a bhaintear as uisce buacaire mar uisce óil, a d’fhéadfadh cur le laghdú ar úsáid plaisteach agus ar dhramhaíl ó phlaisteach agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus go mbeidh tionchar dearfach ann ar an maolú ar an athrú aeráide agus ar an gcomhshaol i gcoitinne.

(41)

De réir mar a thagann feabhas ar na teicnící faireacháin, is follasaí na rátaí sceite. Chun éifeachtúlacht an bhonneagair uisce a fheabhsú, lena n-áirítear ró-shaothrú acmhainní ganna uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a sheachaint, ba cheart do gach Ballstát na leibhéil sceite uisce a mheas agus a laghdú i gcás ina sáraíonn siad tairseach áirithe.

(42)

Is é is aidhm do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) an ceart rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a ráthú sna Ballstáit i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus 1998 maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (20) (“Coinbhinsiún Aarhus”). Le Coinbhinsiún Aarhus, cuimsítear oibleagáidí leathana a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil, arna hiarraidh sin, agus faisnéis den sórt sin a scaipeadh ar bhealach gníomhach. Tá raon feidhme leathan freisin le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), agus cuimsítear léi faisnéis spásúil a roinnt, lena n-áirítear tacair sonraí maidir le hábhair éagsúla chomhshaoil. Tá sé tábhachtach go ndéanann forálacha na Treorach seo a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis agus le socruithe malartaithe sonraí na Treoracha sin a chomhlánú agus nach gcruthóidh siad córas dlí ar leith. Níor cheart, dá bhrí sin, gur dhochar forálacha na Treorach seo maidir le faisnéis don phobal agus faisnéis faoin bhfaireachán ar chur chun feidhme do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE.

(43)

I dTreoir 98/83/CE, níor leagadh amach oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh mionsoláthróirí uisce. Chun an cás sin a leigheas agus chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le faisnéis ar chur chun feidhme agus ar chomhlíonadh, ba cheart córas nua a thabhairt isteach leis an Treoir seo trína gceanglófaí ar na Ballstáit tacair sonraí nach bhfuil iontu ach sonraí ábhartha amháin, amhail sáruithe ar luachanna paraiméadracha agus teagmhais a bhfuil tábhacht áirithe ag baint leo, a chur ar bun, a choinneáil cothrom le dáta agus a chur ar fáil don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (“EEA”). D’fhágfadh sin go mbeadh an t-ualach riaracháin ar na heintitis uile chomh teoranta agus ab fhéidir. Chun a áirithiú gurb ann don bhonneagar iomchuí le haghaidh rochtain phoiblí, tuairiscithe agus malartú sonraí idir na húdaráis phoiblí, ba cheart do na Ballstáit na sonraíochtaí sonraí a bhunú ar Threoir 2007/2/CE agus ar na gníomhartha cur chun feidhme a ghabhann léi.

(44)

Ní hamháin chun comhlíonadh a sheiceáil a theastaíonn na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit, ach is ríthábhachtach iad freisin le gur féidir leis an gCoimisiún faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an Treoir seo i dtaca leis na cuspóirí a shaothraítear léi, rud a bheidh mar bhonn eolais le haon mheastóireacht a dhéanfar amach anseo ar an Treoir seo i gcomhréir le mír 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (22). Sa chomhthéacs sin, tá gá le sonraí ábhartha a fhágfaidh gur féidir measúnú níos fearr a dhéanamh ar éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht agus breisluach Aontais na Treorach seo, agus is é sin an fáth a bhfuil gá lena áirithiú gurb ann do shásraí iomchuí tuairiscithe ar féidir leo a bheith ina dtáscairí, freisin, le haghaidh meastóireachtaí a dhéanfar ar an Treoir seo amach anseo.

(45)

De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo laistigh de thréimhse áirithe ón dáta a shocraítear chun í a thrasuí. Ba cheart don mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar thaithí a fuarthas agus ar shonraí a bailíodh le linn don Treoir seo a bheith á cur chun feidhme, maidir le haon mholtaí atá ar fáil ó EDS, agus maidir le sonraí ábhartha eolaíochta, anailíseacha agus eipidéimeolaíochta.

(46)

Sa Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Féachtar, go háirithe, leis an Treoir seo na prionsabail a chur chun cinn a bhaineann le cúram sláinte, rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe leis an leas ginearálta eacnamaíoch, cosaint an chomhshaoil agus cosaint tomhaltóirí.

(47)

Éilíonn éifeachtacht na Treorach seo agus a haidhm sláinte an duine a chosaint mar chuid de bheartas comhshaoil an Aontais go mbeadh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó i gcás inarb iomchuí a n-eagraíochtaí atá comhdhéanta go cuí, in ann brath uirthi in imeachtaí dlíthiúla agus go mbeadh na cúirteanna náisiúnta in ann an Treoir seo a chur san áireamh mar ghné de dhlí an Aontais chun, inter alia, athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí de chuid údaráis náisiúnta i gcás inarb iomchuí. Ina theannta sin, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, faoi phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is faoi chúirteanna na mBallstát cosaint bhreithiúnach ar chearta duine faoi dhlí an Aontais a áirithiú. Sa bhreis air sin, ceanglaítear le hAirteagal 19(1) CAE ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais.

Tá feidhm aige sin, go háirithe, maidir le Treoir dar cuspóir sláinte an duine a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a ghabhann le haon éilliú uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Anuas air sin, i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus, ba cheart rochtain ar an gceartas a bheith ag baill den phobal lena mbaineann d’fhonn cur le cosaint an chirt chun cónaí i dtimpeallacht atá sásúil do shláinte agus d’fholláine an duine. Le Cinneadh (AE) 2018/881 ón gComhairle (23), iarradh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh faoin 30 Meán Fómhair 2019 agus, dá mba iomchuí i bhfianaise an staidéir, togra a thíolacadh faoin 30 Meán Fómhair 2020 chun Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) a leasú, chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gcás ACCC/C/2008/32. Thíolaic an Coimisiún an staidéar faoin spriocdháta sin agus chuir sé in iúl, ina theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 maidir le Margadh Glas na hEorpa, “go ndéanfadh sé a mharana maidir le Rialachán Aarhus a athbhreithniú chun an rochtain ar athbhreithniú riaracháin agus breithiúnach ar leibhéal AE a fheabhsú do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil imní orthu faoi dhlíthiúlacht cinntí a mbíonn éifeacht acu ar an gcomhshaol”. Is den tábhacht go ngníomhódh an Coimisiún freisin chun feabhas a chur ar an rochtain a bhíonn ag saoránaigh agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ar an gceartas os comhair na gcúirteanna náisiúnta sna Ballstáit uile.

(48)

Chun an Treoir seo a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le tairseach a shocrú maidir le sceitheadh, an nós imeachta um measúnú comhréireachta a chinneadh do tháirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, nós imeachta a leagan síos maidir le hiarratais a chuirtear chuig ECHA chun substaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair a chur leis na liostaí dearfacha Eorpacha nó chun iad a bhaint díobh, marcáil a bhunú do tháirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce, modheolaíocht a ghlacadh chun micreaphlaistigh a thomhas, Iarscríbhinn III a leasú agus an luach paraiméadrach do Bhisfeanól A i gCuid B d’Iarscríbhinn I a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ina theannta sin, an cumhachtú a leagtar síos i Nóta 10 de Chuid C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/83/CE maidir le minicíochtaí faireacháin agus modhanna faireacháin a shocrú i gcomhair substaintí radaighníomhacha, tá sé imithe i léig ó glacadh Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle (25) agus ba cheart é a scriosadh dá bhrí sin. Níl gá a thuilleadh leis an gcumhachtú a leagtar síos sa dara fomhír de Chuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 98/83/CE agus a bhaineann le leasuithe ar an Treoir sin agus ba cheart é a scriosadh.

(49)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun modheolaíochtaí a ghlacadh maidir le substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a thástáil agus glacadh leo, chun liostaí dearfacha Eorpacha de shubstaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a ghlacadh agus chun nósanna imeachta agus modhanna a ghlacadh i ndáil le hábhair dheiridh a dhéantar as na substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair sin a thástáil agus glacadh leo. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin maidir le glacadh fhormáid na faisnéise, agus glacadh na rialacha mionsonraithe chun an fhaisnéis sin a chur i láthair, atá le soláthar ag na Ballstáit agus le tiomsú ag EEA i ndáil le cur chun feidhme na Treorach seo, mar aon le liosta faire a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

(50)

Gan dochar do Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta a ghlactar de bhun na Treorach seo agus ba cheart dóibh gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(51)

Ionas go mbeidh tacar iomlán sonraí ar fáil do na soláthróirí uisce nuair a chuireann siad tús leis an measúnú riosca agus an bainistiú riosca ar an gcóras soláthair a dhéanamh, ba cheart idirthréimhse nua de 3 bliana a thabhairt isteach do pharaiméadair nua. Leis sin, beidh na Ballstáit in ann sainaithint guaiseacha agus eachtraí guaiseacha a dhéanamh le linn na chéad 3 bliana sin tar éis an dáta deiridh maidir leis an Treoir seo a thrasuí, agus beidh siad in ann sonraí a sholáthar do sholáthróirí uisce maidir leis na paraiméadair nua agus, ar an gcaoi sin, seachnófar aon fhaireachán neamhriachtanach ó na soláthróirí uisce má chinntear nach gá faireachán a dhéanamh ar pharaiméadar tríd an gcéad shainaithint sin maidir le guaiseacha agus eachtraí guaiseacha. Le linn na 3 bliana tosaithe sin, ba cheart fós féin do sholáthróirí uisce an measúnú riosca ar an gcóras soláthair a dhéanamh, nó measúnuithe riosca a rinneadh cheana faoi Threoir (AE) 2015/1787 a úsáid, do na paraiméadair sin a bhí mar chuid d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/83/CE, ó tharla go mbeidh sonraí ar fáil cheana do na paraiméadair sin nuair a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm.

(52)

Le Treoir 2013/51/Euratom, leagtar síos socruithe sonracha maidir le faireachán a dhéanamh ar shubstaintí radaighníomhacha in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Dá bhrí sin, níor cheart luachanna paraiméadracha maidir leis an radaighníomhaíocht a leagan amach sa Treoir seo.

(53)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon sláinte an duine a chosaint agus rochtain ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(54)

Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis na Treoracha a bhí ann roimhe seo. Is ann don oibleagáid chun na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar na Treoracha a bhí ann roimhe seo.

(55)

Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VI a thrasuí sa dlí náisiúnta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóirí

1.   Baineann an Treoir seo le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine do chách san Aontas.

2.   Is iad cuspóirí na Treorach seo sláinte an duine a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a ghabhann le haon éilliú uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine trína áirithiú go mbeidh an t-uisce glan folláin, agus rochtain ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a fheabhsú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine”:

(a)

gach cineál uisce, ina riocht bunaidh nó tar éis cóireáil a bheith déanta air, atá beartaithe chun críoch óil, cócaireachta, ullmhúcháin bia nó críoch eile tís in áitribh phoiblí agus phríobháideacha araon, gan beann ar a bhunús nó ar cé acu a sholáthraítear as gréasán dáileacháin é, a sholáthraítear as tancaer é nó a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin é, lena n-áirítear fíoruiscí;

(b)

gach cineál uisce a úsáidtear in aon ghnó bia chun táirgí nó substaintí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine a mhonarú, a phróiseáil, a chaomhnú nó a mhargú;

(2)

ciallaíonn “córas dáileacháin baile” an phíbobair, na feistis agus na fearais atá suiteáilte idir na buacairí a úsáidtear de ghnáth chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a sholáthar in áitribh phoiblí agus phríobháideacha araon agus an gréasán dáileacháin, i gcás nach bhfuil na nithe sin de fhreagracht ar an soláthróir uisce, ina cháil mar sholáthróir uisce, faoin dlí náisiúnta iomchuí, agus sa chás sin amháin;

(3)

ciallaíonn “soláthróir uisce” eintiteas a sholáthraíonn uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine;

(4)

ciallaíonn “áitreabh tosaíochta” áitreabh mór neamhtheaghlaigh ina bhfuil a lán úsáideoirí a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann le huisce, go háirithe áitreabh mór d’úsáid phoiblí, arna shainaithint ag na Ballstáit;

(5)

ciallaíonn “gnó bia” gnó bia mar a shainmhínítear é i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(6)

ciallaíonn “oibreoir gnó bia” oibreoir gnó bia mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(7)

ciallaíonn “guais” oibreán bitheolaíoch, ceimiceach, fisiciúil nó raideolaíoch in uisce, nó gné eile maidir le riocht an uisce, lena bhféadfaí dochar a dhéanamh do shláinte an duine;

(8)

ciallaíonn “eachtra ghuaiseach” eachtra lena dtugtar isteach guaiseacha don chóras soláthair uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, nó eachtra nach n-éiríonn léi na guaiseacha sin a bhaint den chóras;

(9)

ciallaíonn “riosca” meascán den dóchúlacht go dtarlódh eachtra ghuaiseach agus déine na n-iarmhairtí dá dtarlódh an ghuais agus an eachtra ghuaiseach sa chóras soláthair uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine;

(10)

ciallaíonn “substaint tosaithe” substaint a cuireadh isteach d’aon ghnó i dtáirgeadh ábhar orgánach nó meascán le haghaidh ábhair stroighniúla;

(11)

ciallaíonn “comhdhéanamh” an comhdhéanamh ceimiceach atá ag miotal, cruan, ceirmeach nó ábhar neamhorgánach eile.

Airteagal 3

Díolúintí

1.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

uiscí mianraí nádúrtha atá aitheanta mar uiscí mianraí nádúrtha ag an údarás freagrach, dá dtagraítear i dTreoir 2009/54/CE; nó

(b)

uiscí ar táirgí íocshláinte iad de réir bhrí Threoir 2001/83/CE.

2.   Is faoi réir Airteagail 1 go 6 agus Airteagail 9, 10, 13 agus 14 den Treoir seo agus na nIarscríbhinní ábhartha a ghabhann léi, agus iad sin amháin, a bheidh soithí muirí a dhéanann díshalannú ar uisce, a iomraíonn paisinéirí agus a ghníomhaíonn mar sholáthróirí uisce.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas a dhíolmhú ón Treoir seo:

(a)

uisce atá beartaithe chun na gcríoch sin ar chucu is deimhin leis na húdaráis inniúla nach bhfuil aon tionchar díreach ná indíreach ag cáilíocht an uisce sin ar shláinte na dtomhaltóirí lena mbaineann, agus chun na gcríoch sin amháin;

(b)

uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine as soláthar aonair lena soláthraítear níos lú ná 10 m3 sa lá, ar an meán, nó lena gcuirtear soláthar uisce ar fáil do níos lú ná 50 duine, ach amháin i gcás ina soláthraítear an t-uisce mar chuid de ghníomhaíocht tráchtála nó phoiblí.

4.   Na Ballstáit sin a théann ar iontaoibh na ndíolúintí dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 3, áiritheoidh siad go gcuirfear an daonra lena mbaineann ar an eolas faoi dhul ar iontaoibh na ndíolúintí sin agus faoi aon bheart is féidir a dhéanamh chun sláinte an duine a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a ghabhann le haon éilliú uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Ina theannta sin, tabharfar comhairle iomchuí go pras don daonra lena mbaineann i gcás inar léir go bhféadfaí sláinte an duine a chur i mbaol mar gheall ar cháilíocht uisce den sórt sin.

5.   Féadfaidh na Ballstáit oibreoirí gnó bia a dhíolmhú ón Treoir seo a mhéid a bhaineann leis an uisce a úsáidtear chun críocha sonracha an ghnó bia, má tá na húdaráis náisiúnta inniúla sásta nach féidir le cáilíocht an uisce sin difear a dhéanamh do shábháilteacht an earra bia agus é ina fhoirm chríochnaithe agus ar an gcoinníoll go gcomhlíonann soláthar uisce na n-oibreoirí gnó bia sin na hoibleagáidí ábhartha, go háirithe faoi na nósanna imeachta maidir le prionsabail na hanailíse guaise agus na bpointí rialúcháin criticiúla agus gníomhaíochtaí feabhais faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le bia.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh táirgeoirí uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, ar uisce é a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin, Airteagail 1 go 5 agus Codanna A agus B d’Iarscríbhinn I.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag na híoscheanglais a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn I maidir le fíoruisce dá dtagraítear i dTreoir 2009/54/CE.

6.   Maidir le soláthróirí uisce a sholáthraíonn níos lú ná 10 m3 sa lá ar an meán nó a fhreastalaíonn ar níos lú ná 50 duine mar chuid de ghníomhaíocht tráchtála nó phoiblí, ní bheidh siad ach faoi réir Airteagail 1 go 6 agus Airteagail 13, 14 agus 15 den Treoir seo agus na nIarscríbhinní ábhartha a ghabhann léi.

Airteagal 4

Oibleagáidí ginearálta

1.   Gan dochar dá n-oibleagáidí faoi dhlí eile de chuid an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur glan folláin a bheidh an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Chun críocha íoscheanglais na Treorach seo, is glan folláin a bheidh an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

tá an t-uisce sin saor ó aon mhiocrorgánaigh agus aon seadáin agus ó aon substaintí a d’fhéadfadh, de bharr a lín nó a dtiúchana, sláinte an duine a chur i mbaol;

(b)

comhlíonann an t-uisce sin na híoscheanglais a leagtar amach i gCodanna A, B agus D d’Iarscríbhinn I;

(c)

tá na bearta uile is gá déanta ag na Ballstáit chun Airteagail 5 go 14 a chomhlíonadh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta a dhéanfar chun an Treoir seo a chur chun feidhme bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim agus nach dtarlóidh sé in aon chás go gceadófar, dá mbarr, go díreach nó go hindíreach, aon mheath ar cháilíocht láithreach an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ná aon mhéadú ar thruailliú na n-uiscí a úsáidtear chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a tháirgeadh.

3.   I gcomhréir le Treoir 2000/60/CE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú ar leibhéil sceite uisce laistigh dá gcríoch agus ar na feabhsuithe féideartha maidir le sceitheadh uisce a laghdú trí úsáid a bhaint as modh rátála an innéacs um sceitheadh bonneagair nó as modh iomchuí eile. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin gnéithe ábhartha sláinte poiblí, comhshaoil, teicniúla agus eacnamaíocha agus cumhdófar ann, ar a laghad, soláthróirí uisce a sholáthraíonn 10 000 m3 in aghaidh an lae nó a fhreastalaíonn ar 50 000 duine ar a laghad.

Cuirfear torthaí an mheasúnaithe in iúl don Choimisiún faoin 12 Eanáir 2026.

Faoin 12 Eanáir 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 21 chun an Treoir seo a fhorlíonadh, trí thairseach a leagan amach, bunaithe ar an innéacs um sceitheadh bonneagair nó ar aon mhodh iomchuí eile, ar os a cionn a thíolacfaidh na Ballstáit plean gníomhaíochta. Dréachtófar an gníomh tarmligthe sin trí úsáid a bhaint as measúnaithe na mBallstát agus as meánráta sceite an Aontais arna chinneadh ar bhonn na measúnuithe sin.

Laistigh de 2 bhliain ó ghlacadh an ghnímh tarmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, déanfaidh na Ballstáit sin ina bhfuil ráta sceite a sháraíonn an tairseach a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe plean gníomhaíochta a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfar síos sraith beart atá le déanamh chun a ráta sceite a laghdú.

Airteagal 5

Caighdeáin cháilíochta

1.   Socróidh na Ballstáit luachanna is infheidhme maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine do na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.   Ní bheidh na luachanna paraiméadracha a shocraítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo chomh dian céanna leis na luachanna a leagtar amach i gCodanna A, B, C agus D d’Iarscríbhinn I. Maidir leis na paraiméadair a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn I, ní shocrófar na luachanna ach amháin chun críoch faireacháin agus ar mhaithe lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 14.

3.   Socróidh Ballstát luachanna do pharaiméadair bhreise nach bhfuil san áireamh in Iarscríbhinn I, i gcás inar gá déanamh amhlaidh chun sláinte an duine a chosaint laistigh dá chríoch náisiúnta nó laistigh de chuid de. Leis na luachanna arna socrú, comhlíonfar ceanglais phointe (a) d’Airteagal 4(1) ar a laghad.

Airteagal 6

Pointe comhlíontachta

1.   Maidir leis na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 do na paraiméadair a liostaítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I, comhlíonfar na luachanna sin:

(a)

i gcás uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a sholáthraítear ó ghréasán dáileacháin, ag an bpointe, laistigh d’áitreabh nó de bhunaíocht, ina dtagann an t-uisce as na buacairí a úsáidtear de ghnáth chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a sholáthar;

(b)

i gcás uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a sholáthraítear ó thancaer, ag an bpointe ina dtagann an t-uisce as an tancaer;

(c)

i gcás uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin, ag an bpointe a gcuirtear an t-uisce isteach sna buidéil nó sna coimeádáin;

(d)

i gcás uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a úsáidtear i ngnó bia, ag an bpointe ag a bhfuil an t-uisce in úsáid sa ghnó sin.

2.   I gcás uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chumhdaítear le pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, measfar go mbeidh a n-oibleagáidí faoin Airteagal seo agus faoi Airteagal 4 agus Airteagal 14(2) comhlíonta ag na Ballstáit i gcás inar féidir a shuí nach gcomhlíontar na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 mar gheall ar an gcóras dáileacháin baile nó cothabháil an chórais sin gan dochar d’Airteagal 10 a mhéid a bhaineann le háitreabh tosaíochta.

3.   I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2 den Airteagal seo agus i gcás inarb ann do riosca nach gcomhlíonfadh an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chumhdaítear le pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5, fós féin, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfar bearta iomchuí chun an riosca nach gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha a laghdú nó chun deireadh a chur leis, amhail comhairle a thabhairt d’úinéirí maoine faoi aon ghníomhaíocht feabhais a d’fhéadfaidís a dhéanamh, agus, más gá, go ndéanfar bearta eile, amhail teicnící iomchuí cóireála, chun nádúr nó airíonna an uisce a athrú sula soláthrófar é ionas go laghdófar an riosca nach gcomhlíonfaidh an t-uisce na luachanna paraiméadracha tar éis é a sholáthar nó go gcuirfear deireadh leis an riosca sin; agus

(b)

go gcuirfear na tomhaltóirí lena mbaineann ar an eolas go cuí agus go dtugtar comhairle dóibh faoi aon ghníomhaíocht feabhais bhreise fhéideartha ba cheart dóibh a dhéanamh.

Airteagal 7

Cur chuige rioscabhunaithe i leith sábháilteacht uisce

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a sholáthar, a chóireáil agus a dháileadh faoi réir cur chuige rioscabhunaithe lena gcumhdaítear an slabhra soláthair iomlán ó dhobharcheantar, astarraingt, cóireáil, stóráil agus dáileadh an uisce go dtí an pointe comhlíontachta a shonraítear in Airteagal 6.

Beidh na heilimintí seo a leanas mar chuid den chur chuige rioscabhunaithe:

(a)

measúnú riosca agus bainistiú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i gcomhréir le hAirteagal 8;

(b)

measúnú riosca agus bainistiú riosca i gcás gach córais soláthair lena n-áirítear astarraingt, cóireáil, stóráil agus dáileadh an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine go dtí an pointe soláthair a dhéanann na soláthróirí uisce i gcomhréir le hAirteagal 9; agus

(c)

measúnú riosca ar na córais dáileacháin baile i gcomhréir le hAirteagal 10.

2.   Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme an chur chuige rioscabhunaithe a oiriúnú, gan cur isteach ar chuspóir na Treorach seo maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus le sláinte tomhaltóirí, i gcás ina mbeidh srianta ar leith de bharr cúinsí geografacha amhail iargúltacht nó teorainn ar inrochtaineacht ar an gcrios soláthair uisce.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na freagrachtaí a dháileadh go soiléir agus go hiomchuí idir geallsealbhóirí, mar atá sainithe ag na Ballstáit, maidir leis an gcur chuige rioscabhunaithe a chur chun feidhme. Déanfar dáileadh na bhfreagrachtaí sin a chur in oiriúint dá gcreat institiúideach agus dlíthiúil.

4.   Déanfar an measúnú riosca agus bainistiú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine den chéad uair faoin 12 Iúil 2027. Déanfar an measúnú riosca agus bainistiú riosca sin a athbhreithniú ag eatraimh rialta nach faide ná 6 bliana, agus na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Threoir 2000/60/CE á gcur san áireamh, agus tabharfar cothrom le dáta iad más gá.

5.   Déanfar an measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthair den chéad uair faoin 12 Eanáir 2029. Déanfar an measúnú riosca agus bainistiú riosca sin a athbhreithniú ag eatraimh rialta nach faide ná 6 bliana, agus tabharfar cothrom le dáta iad más gá.

6.   Déanfar an measúnú riosca ar na córais dáileacháin baile den chéad uair faoin 12 Eanáir 2029. Déanfar an measúnú riosca sin a athbhreithniú gach 6 bliana, agus tabharfar cothrom le dáta é más gá.

7.   Leis na spriocdhátaí a shonraítear i míreanna 4, 5 agus 6, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit a áirithiú go nglacfar na bearta a luaithe is féidir, a luaithe a aithnítear rioscaí agus a dhéantar iad a mheas.

Airteagal 8

Measúnú riosca agus bainistiú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine

1.   Gan dochar d’Airteagail 4 go 8 de Threoir 2000/60/CE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú riosca agus bainistiú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na heilimintí seo a leanas sa mheasúnú riosca:

(a)

tréithriú na ndobharcheantar do phointí astarraingthe lena n-áirítear:

(i)

sainaithint agus mapáil na ndobharcheantar do phointí astarraingthe;

(ii)

mapáil ar na criosanna faoi choimirce, nuair is amhlaidh a bunaíodh na criosanna sin i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Threoir 2000/60/CE;

(iii)

geoshuíomhanna le haghaidh gach pointe astarraingthe sna dobharcheantair; ós rud é go bhféadfadh na sonraí sin a bheith íogair, go háirithe ó thaobh na sláinte poiblí agus na slándála poiblí de, áiritheoidh na Ballstáit go gcosnófar na sonraí sin agus gur chuig na húdaráis ábhartha agus na soláthróirí uisce, agus chucusan amháin, a chuirfear in iúl iad;

(iv)

cur síos ar phróisis úsáid na talún, leachtaithe, agus athmhuirearaithe sna dobharcheantair do phointí astarraingthe;

(b)

guaiseacha agus eachtraí guaiseacha a shainaithint sna dobharcheantair do phointí astarraingthe agus measúnú ar an riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo do cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine; leis an measúnú sin, déanfar measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le cáilíocht an uisce a mheath an oiread sin go bhféadfadh sé a bheith ina riosca do shláinte an duine;

(c)

faireachán iomchuí in uisce dromchla nó screamhuisce, nó sa dá cheann, sna dobharcheantair do phointí astarraingthe, nó in amhuisce, ar na paraiméadair, na substaintí nó na truailleáin ábhartha a roghnaítear ón méid seo a leanas:

(i)

paraiméadair i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I nó a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Treoir seo;

(ii)

truailleáin screamhuisce in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), agus truailleáin agus táscairí truailliúcháin ar bhunaigh na Ballstáit luachanna tairseacha ina leith i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin;

(iii)

substaintí tosaíochta agus truailleáin áirithe eile in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);

(iv)

truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantrach atá bunaithe ag na Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE;

(v)

truailleáin eile is ábhartha d’uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine atá bunaithe ag na Ballstáit ar bhonn na faisnéise a bhailítear i gcomhréir le pointe (b) den fhomhír seo;

(vi)

substaintí arb ann dóibh go nádúrtha a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol trí úsáid uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine;

(vii)

substaintí agus comhdhúl a áirítear sa liosta faire a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 13(8) den Treoir seo.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as faisnéis a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 7 de Threoir 2000/60/CE.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an athbhreithniú ar thionchar ghníomhaíocht an duine arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2000/60/CE agus as faisnéis faoi bhrúnna suntasacha a bailíodh i gcomhréir le pointí 1.4, 1.5 agus 2.3 go 2.5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.

Na paraiméadair, na substaintí nó na truailleáin a mheastar a bheith ábhartha d’fhaireachán i bhfianaise na nguaiseacha agus na n-eachtraí guaiseacha a sainaithnítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír nó i bhfianaise na faisnéise a thug na soláthróirí uisce i gcomhréir le mír 3, roghnóidh na Ballstáit iad as pointí (c)(i) go (c)(vii) den chéad fhomhír.

Chun críoch an fhaireacháin iomchuí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír, lena n-áirítear chun substaintí nua atá díobhálach do shláinte an duine a bhrath trí úsáid uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an bhfaireachán arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Threoir 2000/60/CE nó reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus atá ábhartha maidir leis na dobharcheantair do phointí astarraingthe.

3.   Soláthróirí uisce a dhéanfaidh faireachán ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe nó in amhuisce, ceanglófar orthu na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoi threochtaí a bhaineann leis na paraiméadair, na substaintí nó na truailleáin a ndearnadh faireachán orthu agus faoi líon neamhghnách nó tiúchana neamhghnácha díobh.

4.   Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe riosca a rinneadh i gcomhréir le mír 2, áiritheoidh na Ballstáit go nglacfar na bearta bainistithe riosca seo a leanas chun na rioscaí sainaitheanta a chosc nó a rialú, de réir mar is ábhartha, ag tosú leis na bearta coisctheacha:

(a)

bearta coisctheacha a shainiú agus a chur chun feidhme sna dobharcheantair do phointí astarraingthe de bhreis ar na bearta dá bhforáiltear nó a glacadh i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 11(3) de Threoir 2000/60/CE, i gcás ina gceanglaítear sin chun cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chosaint; i gcás inarb iomchuí, cuirfear na bearta coisctheacha sin san áireamh sna cláir beart dá dtagraítear in Airteagal 11 den Treoir sin; i gcás inarb iomchuí, áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh na truaillitheoirí, i gcomhar le soláthróirí uisce agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, bearta coisctheacha den sórt sin i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE;

(b)

bearta maolaitheacha a shainiú agus a chur chun feidhme sna dobharcheantair do phointí astarraingthe de bhreis ar na bearta dá bhforáiltear nó a glacadh i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 11(3) de Threoir 2000/60/CE, i gcás ina gceanglaítear sin chun cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chosaint; i gcás inarb iomchuí, cuirfear na bearta maolaitheacha sin san áireamh sna cláir beart dá dtagraítear in Airteagal 11 den Treoir sin; i gcás inarb iomchuí, áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh na truaillitheoirí, i gcomhar le soláthróirí uisce agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, bearta maolaitheacha den sórt sin i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE;

(c)

faireachán iomchuí ar pharaiméadair, substaintí nó truailleáin in uisce dromchla nó screamhuisce, nó sa dá rud, a áirithiú sna dobharcheantair do phointí astarraingthe, nó in amhuisce, a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do shláinte an duine trí thomhaltas uisce nó a bhféadfadh meath doghlactha ar cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine teacht as agus nár cuireadh san áireamh san fhaireachán a rinneadh i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Threoir 2000/60/CE; i gcás inarb iomchuí, cuirfear an faireachán sin san áireamh sna cláir faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 8 den Treoir sin;

(d)

meastóireacht ar an ngá criosanna faoi choimirce a bhunú nó a oiriúnú do screamhuisce nó uisce dromchla, dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Threoir 2000/60/CE, chomh maith le haon chrios ábhartha eile.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar athbhreithniú ar éifeachtacht aon bheart dá dtagraítear sa mhír seo ag eatraimh iomchuí.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na soláthróirí uisce agus na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3. Go háirithe, beidh rochtain ag na soláthróirí uisce ábhartha ar na torthaí faireacháin a fhaightear faoi phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2.

Ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a chur de cheangal ar na soláthróirí uisce faireachán breise nó cóireáil bhreise a dhéanamh ar pharaiméadair áirithe;

(b)

cead a thabhairt do sholáthróirí uisce minicíocht an fhaireacháin a dhéantar ar pharaiméadar a laghdú, nó paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a bhfuil ar an soláthróir uisce faireachán a dhéanamh orthu i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 13(2), gan a chur de cheangal orthu measúnú riosca a dhéanamh ar an gcóras soláthair, ar choinníoll:

(i)

nach croípharaiméadar an paraiméadar de réir bhrí phointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn II, agus

(ii)

nach ann d’aon toisc ar féidir a bheith ag súil léi le réasún gur dóigh go dtiocfadh meath ar cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine mar gheall uirthi.

6.   I gcás ina bhfuil cead tugtha do sholáthróir uisce minicíocht an fhaireacháin a dhéantar ar pharaiméadar a laghdú nó paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu, dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 5, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán iomchuí ar na paraiméadair sin nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh acu ar an measúnú riosca agus bainistiú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe, i gcomhréir le hAirteagal 7(4).

Airteagal 9

Measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthair

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an soláthróir uisce measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthair.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an méid a leanas sa mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair:

(a)

cuirfear san áireamh ann torthaí an mheasúnaithe riosca agus an bhainistithe riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8;

(b)

áireofar ann cur síos ar an gcóras soláthair ó phointe astarraingthe, cóireáil, stóráil agus dáileadh an uisce go dtí an pointe soláthair; agus

(c)

sainaithneofar leis na guaiseacha agus eachtraí guaiseacha sa chóras soláthair agus áireofar ann measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo sin do shláinte an duine trí úsáid uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, ag cur san áireamh rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide, as sceitheadh agus as píobáin a bhíonn ag sceitheadh uisce.

3.   Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe riosca a dhéantar i gcomhréir le mír 2, áiritheoidh na Ballstáit go nglacfar na bearta bainistithe riosca seo a leanas:

(a)

go ndéanfar bearta rialála a shainiú agus a chur chun feidhme chun na rioscaí sin a shainaithnítear sa chóras soláthair a d’fhéadfadh cur as do cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chosc agus a mhaolú;

(b)

go ndéanfar bearta rialála sa chóras soláthair a shainiú agus a chur chun feidhme de bhreis ar na bearta dá bhforáiltear nó a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 8(4) den Treoir seo nó Airteagal 11(3) de Threoir 2000/60/CE chun rioscaí a thagann ó na dobharcheantair do phointí astarraingthe a d’fhéadfadh cur as do cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a mhaolú;

(c)

go ndéanfar clár faireacháin oibríochtúil atá dírithe go sonrach ar sholáthar a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 13;

(d)

go n-áiritheofar, i gcás ina mbíonn dífhabhtú mar chuid d’ullmhú agus de dháileadh an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, go ndéanfar bailíochtú ar éifeachtúlacht na cóireála dífhabhtaithe a rinneadh, go gcoinneofar aon éilliú de bharr seachtháirgí dífhabhtúcháin a ísle is féidir, gan cur as don chóireáil dífhabhtaithe, go gcoinneofar aon éilliú de bharr ceimiceáin chóireála a ísle is féidir, agus nach gcuirfear comhlíonadh na n-oibleagáidí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 4 i mbaol mar gheall ar aon substaint a bheidh fágtha san uisce;

(e)

go fíorófar go gcomhlíonfar Airteagail 11 agus 12 leis na hábhair, na ceimiceáin chóireála agus na meáin scagaire a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus a úsáidtear sa chóras soláthair.

4.   Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe riosca ar an gcóras soláthair a dhéantar i gcomhréir le mír 2, déanfaidh na Ballstáit an méid a leanas:

(a)

ceadóidh siad an deis a bheith ann minicíocht an fhaireacháin a dhéantar ar pharaiméadar a laghdú nó paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu, cé is moite de na croípharaiméadair dá dtagraítear i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn II, má tá an t-údarás inniúil sásta nach gcuirfí as do cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine dá ndéanfaí amhlaidh:

(i)

ar bhonn paraiméadar a bheith in amhuisce, i gcomhréir leis an measúnú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe a leagtar amach in Airteagal 8(1) agus (2);

(ii)

i gcás nach féidir paraiméadar a bheith ann ach amháin mar thoradh ar theicníc cóireála nó modh dífhabhtaithe áirithe a bheith in úsáid, agus nach bhfuil an teicníc nó modh sin in úsáid ag an soláthróir uisce; nó

(iii)

ar bhonn na sonraíochtaí a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn II;

(b)

áiritheoidh siad go leathnófar an liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i gcomhréir le hAirteagal 13 nó go méadófar minicíocht an fhaireacháin:

(i)

ar bhonn paraiméadar a bheith in amhuisce, i gcomhréir leis an measúnú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe a leagtar amach in Airteagal 8(1) agus (2); nó

(ii)

ar bhonn na sonraíochtaí a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn II.

5.   Bainfidh an measúnú riosca ar an gcóras soláthair le paraiméadair a liostaítear i gCodanna A, B agus C d’Iarscríbhinn I, paraiméadair a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5(3) agus substaintí nó comhdhúil atá san áireamh ar an liosta faire a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 13(8).

6.   Féadfaidh na Ballstáit soláthróirí uisce a sholáthraíonn idir 10 agus 100 m3 in aghaidh an lae ar an meán nó a fhreastalaíonn ar idir 50 agus 500 duine a dhíolmhú ón gceanglas maidir le measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthar a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil an t-údarás inniúil sásta nach gcuirfí as do cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine le díolúine den sórt sin.

I gcás díolúine den sórt sin, déanfaidh na soláthróirí uisce sin arna ndíolmhú faireachán rialta i gcomhréir le hAirteagal 13.

Airteagal 10

Measúnú riosca ar na córais dáileacháin baile

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú riosca ar na córais dáileacháin baile. Beidh na heilimintí seo a leanas sa mheasúnú riosca:

(a)

anailís ghinearálta ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann atá bainteach le córais dáileacháin baile, agus le táirgí gaolmhara agus ábhair ghaolmhara, agus ar cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann na rioscaí sin a d’fhéadfadh a bheith ann difear do cháilíocht an uisce ag an bpointe ina dtagann sé as na buacairí a úsáidtear de ghnáth d’uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine; ní bheidh anailís ar airíonna aonair i gceist leis an anailís ghinearálta sin; agus

(b)

faireachán ar na paraiméadair a liostaítear i gCuid D d’Iarscríbhinn I in áitribh ina ndearnadh rioscaí sonracha maidir le cáilíocht an uisce agus sláinte an duine a shainaithint agus an anailís ghinearálta á déanamh faoi phointe (a).

Maidir le Legionella nó luaidhe, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an faireachán dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a dhíriú ar áitribh thosaíochta.

2.   I gcás ina mbainfidh na Ballstáit de thátal, ar bhonn na hanailíse ginearálta a rinneadh faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, gurb ann do riosca do shláinte an duine a thagann as córais dáileacháin baile nó as na táirgí gaolmhara agus na hábhair ghaolmhara, nó i gcás inar léir san fhaireachán a rinneadh i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 nár comhlíonadh na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid D d’Iarscríbhinn I, áiritheoidh na Ballstáit go nglacfar bearta iomchuí chun an riosca nach gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid D d’Iarscríbhinn I a dhíchur nó a laghdú.

Maidir le Legionella, díreofar leis na bearta sin ar áitribh thosaíochta ar a laghad.

3.   Chun na rioscaí a bhaineann le dáileadh baile a laghdú i ngach ceann de na córais dáileacháin baile, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach ceann de na bearta seo a leanas a mheas agus go ndéanfar na bearta sin a mheastar a bheith ábhartha:

(a)

spreagadh a thabhairt d’úinéirí áitribh phoiblí agus phríobháidigh chun measúnú riosca ar an gcóras dáileacháin baile a dhéanamh;

(b)

tomhaltóirí agus úinéirí áitribh phoiblí agus phríobháidigh a chur ar an eolas faoi bhearta atá ann chun díchur nó laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le neamhchomhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta le haghaidh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i ngeall ar an gcóras dáileacháin baile;

(c)

comhairle a chur ar thomhaltóirí faoi dhálaí tomhaltais agus faoi úsáid an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, agus faoi aon ghníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh chun a sheachaint go dtarlófaí na rioscaí sin arís;

(d)

oiliúint a chur chun cinn maidir le pluiméirí agus gairmithe eile a bhíonn ag déileáil le córais dáileacháin baile agus le suiteáil táirgí foirgníochta agus ábhar foirgníochta a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine;

(e)

maidir le Legionella, a áirithiú go bhfuil bearta éifeachtacha rialaithe agus bainistithe atá comhréireach leis an riosca i bhfeidhm chun ráigeanna féideartha an ghalair a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu; agus

(f)

maidir le luaidhe, más indéanta go heacnamaíoch agus go teicniúil, bearta a chur chun feidhme chun rudaí eile a úsáid in áit comhchodanna atá déanta as luaidhe sna córais dáileacháin baile atá ann cheana.

Airteagal 11

Íoscheanglais sláinteachais d’ábhair a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine

1.   Chun críocha Airteagal 4, maidir le hábhair atá beartaithe lena n-úsáid i suiteálacha nua nó, i gcás oibreacha deisiúcháin nó atógála, i suiteálacha atá ann cheana chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt, a chóireáil, a stóráil nó a dháileadh agus a thagann i dteagmháil leis an uisce sin, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na hábhair sin an méid seo a leanas:

(a)

cur isteach go díreach nó go hindíreach ar chosaint shláinte an duine dá bhforáiltear leis an Treoir seo;

(b)

dul chun dochair do dhath, do bholadh nó do bhlas an uisce;

(c)

cur le fás miocróbach;

(d)

éilleáin a láisteadh isteach san uisce ar leibhéil níos airde ná is gá i bhfianaise an chuspóra a bheartaítear leis an ábhar.

2.   Chun chur chun feidhme aonfhoirmeach mhír 1 a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na híoscheanglais shonracha sláinteachais d’ábhair a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a bhunú ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, leagfar síos an méid seo a leanas:

(a)

faoin 12 Eanáir 2024, modheolaíochtaí i ndáil le substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a thástáil agus glacadh leo a bheidh le háireamh ar na liostaí dearfacha Eorpacha de na substaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair, lena n-áirítear teorainneacha sonracha ascnaimh agus réamhchoinníollacha eolaíocha a bhaineann le substaintí nó ábhair;

(b)

faoin 12 Eanáir 2025, ar bhonn na liostaí lena n-áirítear dátaí éaga arna dtiomsú ag ECHA, liostaí dearfacha Eorpacha de shubstaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair do gach grúpa ábhar, eadhon ábhair orgánacha, ábhair stroighniúla, ábhair mhiotalacha, cruain agus ábhair cheirmeacha nó ábhair neamhorgánacha eile, a údaraítear le húsáid chun ábhair nó táirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a mhonarú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, coinníollacha lena n-úsáid agus do theorainneacha ascnaimh, atá le cinneadh ar bhonn na modheolaíochtaí arna nglacadh de bhun phointe (a) den fhomhír seo, agus míreanna 3 agus 4 á gcur san áireamh;

(c)

faoin 12 Eanáir 2024, nósanna imeachta agus modhanna i ndáil le hábhair dheiridh a thástáil agus glacadh leo, ar ábhair iad a úsáidtear i dtáirge atá déanta as ábhair nó meascáin de shubstaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair ar na liostaí dearfacha Eorpacha, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

substaint ábhartha agus paraiméadair eile a shainaithint, amhail moirtiúlacht, blas, boladh, dath, iomlán an charbóin orgánaigh, sceitheadh substaintí nach rabhthas ag súil leo agus cur le fás miocróbach, atá le tástáil in uisce ascnaimh;

(ii)

modhanna i ndáil leis na héifeachtaí ar cháilíocht an uisce a thástáil, ag féachaint d’aon chaighdeáin Eorpacha ábhartha;

(iii)

critéir pas/teip do thorthaí na tástála, lena gcuirtear san áireamh, inter alia, fachtóirí comhshó d’ascnamh na substaintí go dtí leibhéil mheasta ag an mbuacaire, agus coinníollacha cur i bhfeidhm nó úsáide, i gcás inarb iomchuí.

Déanfar na gníomhartha chur chun feidhme dá bhforáiltear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22.

3.   Beidh na chéad liostaí dearfacha Eorpacha atá le glacadh i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2 bunaithe, inter alia, ar liostaí dearfacha náisiúnta atá ann cheana, ar fhorálacha náisiúnta eile atá ann agus ar na measúnuithe riosca as ar tháinig bunú na liostaí náisiúnta sin. Chun na críche sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra do ECHA faoi aon liostaí dearfacha náisiúnta atá ann cheana, faoi fhorálacha eile agus faoi aon doiciméid mheasúnaithe atá ar fáil faoin 12 Iúil 2021.

Cuirfear san áireamh sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe d’ábhair orgánacha an liosta a bhunaigh an Coimisiún de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.

4.   Ní bheidh ar na liostaí dearfacha Eorpacha ach substaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair a údaraítear lena n-úsáid dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2.

Sna liostaí dearfacha Eorpacha, beidh dátaí éaga arna socrú ar bhonn moladh ó ECHA. Socrófar na dátaí éaga go sonrach ar bhonn airíonna guaiseacha na substaintí, ar bhonn cháilíocht na measúnuithe riosca foluiteacha, agus ar a mhéid atá na measúnuithe riosca sin cothrom le dáta. Féadfar forálacha idirthréimhseacha a bheith sna liostaí dearfacha Eorpacha freisin.

Ar bhonn na dtuairimí ó ECHA dá dtagraítear i mír 6, déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2 a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta, i gcás inar gá, i gcomhréir leis na forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha is déanaí.

Cuirfear an chéad athbhreithniú i gcrích laistigh de 15 bliana ó glacadh an chéad liosta dearfach Eorpach.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh aon ghníomhartha ábhartha, nó sainorduithe um chaighdeánú, a ghlacfaidh sé de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais comhsheasmhach leis an Treoir seo.

5.   Chun substaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair a chur ar na liostaí dearfacha Eorpacha nó iad a bhaint de na liostaí sin, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha nó údaráis ábhartha iarratais a chur faoi bhráid ECHA.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 21, chun an Treoir seo a fhorlíonadh, trí nós imeachta maidir leis an bpróiseas iarratais, lena n-áirítear ceanglais maidir le faisnéis, a leagan síos. Leis an nós imeachta, áiritheofar go mbeidh measúnuithe riosca i gceangal le hiarratais agus go soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha nó na húdaráis ábhartha an fhaisnéis is gá don mheasúnú riosca i bhformáid shonrach.

6.   Déanfaidh an Coiste um Measúnú Riosca de ECHA, a bunaíodh de bhun phointe (c) d’Airteagal 76(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tuairim a eisiúint maidir le haon iarratas a chuirtear isteach de bhun mhír 5 laistigh de theorainn ama a leagfar amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír sin. Féadfar tuilleadh forálacha nós imeachta maidir leis an bpróiséas iarratais agus maidir le heisiúint tuairimí ag an gCoiste um Measúnú Riosca de ECHA a chur san áireamh sna gníomhartha tarmligthe sin freisin.

7.   Maidir le táirgí arna bhformheas i gcomhréir le híoscheanglais shonracha sláinteachais dá bhforáiltear i mír 2, measfaidh na Ballstáit go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach i mír 1.

Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir a chur ar an margadh chun críocha na Treorach seo ach táirgí den sórt sin a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a úsáideann ábhair dheiridh arna bhformheas i gcomhréir leis an Treoir seo.

Ní chuirfidh sin bac ar aon Bhallstát, go háirithe nuair a éilítear sin de bharr cháilíocht an amhuisce áitiúil shonraigh, bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach maidir le húsáid ábhar deiridh i gcúinsí sonracha nó a bhfuil údar cuí leo, i gcomhréir le hAirteagal 193 CFAE. Cuirfear bearta den sórt sin in iúl don Choimisiún.

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na táirgí a chumhdaítear faoin Airteagal seo.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 21, chun an Treoir seo a fhorlíonadh, tríd an nós imeachta um measúnú comhréireachta iomchuí is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear faoin Airteagal seo a chinneadh ar bhonn na modúl in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30). Agus cinneadh á dhéanamh faoin nós imeachta um measúnú comhréireachta atá le húsáid, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir seo, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh aige. Chun na críche sin, beidh mar thúsphointe ag an gCoimisiún Córas 1+ measúnaithe agus fíoraithe seasmhachta feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, nó nós imeachta atá coibhéiseach tríd is tríd, ach amháin i gcás ina mbeadh sé díréireach. Beidh rialacha sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo freisin maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ainmniú, i gcás ina mbeidh baint ag comhlachtaí den sórt sin leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta faoi seach.

9.   Go dtí go nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, beidh sé de chead ag na Ballstáit bearta náisiúnta a choinneáil nó a ghlacadh maidir le híoscheanglais shonracha sláinteachais do na hábhair dá dtagraítear i mír 1, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na bearta sin rialacha CFAE.

10.   Iarrfaidh an Coimisiún ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó ar roinnt díobh caighdeán Eorpach a dhréachtú do thástáil agus measúnú aonfhoirmeach táirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), chun comhlíonadh an Airteagail seo a éascú.

11.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 21 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí shonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú do mharcáil fheiceálach inléite shoiléir agus dhoscriosta atá le húsáid chun a léiriú go bhfuil táirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i gcomhréir leis an Airteagal seo.

12.   Tráth nach déanaí ná an 12 Eanáir 2032, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an chórais mar a leagtar amach san Airteagal seo é agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, bunaithe go háirithe ar thaithí a fuarthas trí Rialacháin (CE) Uimh. 1935/2004 agus (AE) Uimh. 305/2011 a chur i bhfeidhm, ina measfar an méid seo a leanas:

(a)

cé acu a dhéantar nó nach ndéantar sláinte an duine a chosaint go leordhóthanach ar fud an Aontais a mhéid a bhaineann le hábhair a chumhdaítear faoin Airteagal seo;

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil an margadh inmheánach do tháirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ag feidhmiú go cuí;

(c)

cé acu atá nó nach bhfuil gá le haon togra reachtach breise ar na hábhair a chumhdaítear leis an Airteagal seo.

Airteagal 12

Íoscheanglais do cheimiceáin chóireála agus meáin scagaire a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine

1.   Chun críocha Airteagal 4, maidir le ceimiceáin chóireála agus meáin scagaire a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

cur isteach go díreach nó go hindíreach ar chosaint shláinte an duine dá bhforáiltear leis an Treoir seo;

(b)

dul chun dochair do dhath, do bholadh nó do bhlas an uisce;

(c)

cur le fás miocróbach go neamhbheartaithe;

(d)

an t-uisce a éilliú ar leibhéil níos airde ná is gá i bhfianaise an chuspóra a bheartaítear leo.

2.   Maidir le cur chun feidhme náisiúnta cheanglais an Airteagail seo, beidh feidhm ag Airteagal 4(2) dá réir sin.

3.   De bhun mhír 1 den Airteagal seo, agus gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus trí úsáid a bhaint as caighdeáin ábhartha Eorpacha do cheimiceáin chóireála shonracha nó do mheáin scagaire shonracha, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú ar íonacht na gceimiceán cóireála agus na meán scagaire agus go ndéanfar cáilíocht ceimiceán agus meán scagaire den sórt sin a ráthú.

Airteagal 13

Faireachán

1.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le Codanna A agus B d’Iarscríbhinn II, chun a sheiceáil cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-uisce atá ar fáil do thomhaltóirí ceanglais na Treorach seo agus, go háirithe, na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5. Déanfar samplaí d’uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a thógáil atá ionadaíoch ar cháilíocht an uisce sin le linn na bliana.

2.   Chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear i mír 1 a chomhlíonadh, cuirfear cláir faireacháin iomchuí ar bun i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn II maidir leis an uisce ar fad atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Beidh na cláir faireacháin sin dírithe go sonrach ar sholáthar, agus torthaí an mheasúnaithe riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe agus ar na córais soláthair á gcur san áireamh leo, agus beidh na gnéithe seo i leanas i gceist leo:

(a)

faireachán a dhéanamh ar na paraiméadair a liostaítear i gCodanna A, B agus C d’Iarscríbhinn I agus ar na paraiméadair a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5(3), i gcomhréir le hIarscríbhinn II, agus, i gcás ina ndéanfar measúnú riosca ar an gcóras soláthair, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Cuid C d’Iarscríbhinn II, mura gcinnfidh Ballstát gur féidir ceann de na paraiméadair sin a bhaint, i gcomhréir le pointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 8(5) nó pointe (a) d’Airteagal 9(4), den liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu;

(b)

faireachán a dhéanamh ar na paraiméadair a liostaítear i gCuid D d’Iarscríbhinn I, chun críocha an mheasúnaithe riosca ar na córais dáileacháin baile, dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 10(1);

(c)

faireachán a dhéanamh ar na substaintí agus na comhdhúile a áirítear sa liosta faire, i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír de mhír 8 den Airteagal seo;

(d)

faireachán a dhéanamh, chun guaiseacha agus eachtraí guaiseacha a shainaithint, dá bhforáiltear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 8(2);

(e)

faireachán oibríochtúil a dhéantar i gcomhréir le pointe 3 de Chuid A d’Iarscríbhinn II.

3.   Is iad na húdaráis inniúla a chinnfidh na pointí samplála agus comhlíonfaidh na pointí samplála sin na ceanglais ábhartha a leagtar amach i gCuid D d’Iarscríbhinn II.

4.   Comhlíonfaidh na Ballstáit na sonraíochtaí maidir leis an anailís ar pharaiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn III, i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

féadfar modhanna anailíse seachas na modhanna sin a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn III a úsáid ar choinníoll gur féidir a thaispeáint go bhfuil na torthaí a gheofar chomh hiontaofa, ar a laghad, leis na torthaí sin a gheofar a bhuí leis na modhanna a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn III, tríd an bhfaisnéis ábhartha ar fad a bhaineann le modhanna den sórt sin agus faoina gcoibhéis a thabhairt don Choimisiún;

(b)

i gcás na bparaiméadar sin a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn III, féadfar aon mhodh anailíse a úsáid ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar amach inti.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán breise, cás ar chás, ar shubstaintí agus miocrorgánaigh nár socraíodh aon luach paraiméadrach maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 5, más rud é go bhfuil cúis amhrais ann go bhféadfadh líon nó tiúchana díobh a bheith ann a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol.

6.   Faoin 12 Eanáir 2024, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a ghlacadh chun micreaphlaistigh a thomhas d’fhonn iad a áireamh ar an liosta faire dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo tráth a chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach faoin mír sin.

7.   Faoin 12 Eanáir 2024, déanfaidh an Coimisiún, treoirlínte teicniúla a bhunú maidir leis na modhanna anailíse chun faireachán a dhéanamh ar na substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile faoi na paraiméadair “Iomlán PFAS” agus “Suim PFAS”, lena n-áirítear teorainneacha braite, luachanna paraiméadracha agus minicíocht na samplála.

8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun liosta faire a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta lena dtugtar aghaidh ar shubstaintí nó comhdhúile is ábhar imní don phobal nó do chomhphobal na heolaíochta ar fhorais sláinte (“an liosta faire”), amhail earraí cógaisíochta, comhdhúile lena suaitear an córas inchríneach agus micreaphlaistigh.

Cuirfear substaintí agus comhdhúile leis an liosta faire i gcás inar dócha go mbeidh siad in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus go bhféadfadh riosca a bheith ag baint leo do shláinte an duine. Chuige sin, bainfidh an Coimisiún úsáid, go háirithe, as taighde eolaíoch EDS. Tabharfar údar cuí le haon substaint nó comhdhúil nua a chur leis an liosta faire faoi Airteagail 1 agus 4.

Beidh Béite éastraidé-ól agus Naoinilfeanól san áireamh ar an gcéad liosta faire ós rud é go bhfuil airíonna iontu lena suaitear an córas inchríneach agus go bhfuil riosca do shláinte an duine ag gabháil leo. Bunófar an chéad liosta faire faoin 12 Eanáir 2022.

Leis an liosta faire, léireofar treoirluach do gach substaint nó comhdhúil agus, i gcás inar gá, modh anailíse a d’fhéadfadh a bheith ann nach bhfuil costais iomarcacha ag baint leis.

Cuirfidh na Ballstáit ceanglais faireacháin i bhfeidhm maidir le láithreacht fhéideartha substaintí nó comhdhúl atá san áireamh ar an liosta faire, ag pointí ábhartha den slabhra soláthair d’uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.

Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis arna bailiú faoi Airteagal 8(1), (2) agus (3) den Treoir seo a chur san áireamh agus féadfaidh siad úsáid a bhaint as na sonraí faireacháin arna mbailiú i gcomhréir le Treoracha 2000/60/CE agus 2008/105/CE, nó reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais, chun forluí na gceanglas faireacháin a sheachaint.

Áireofar torthaí an fhaireacháin sna tacair sonraí, a bhunaítear i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 18(1), mar aon le torthaí an fhaireacháin a rinneadh faoi phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 8(2).

I gcás ina mbraithfear substaint nó comhdhúil a áirítear sa liosta faire, faoi Airteagal 8(2) nó faoin gcúigiú fomhír den mhír seo, i dtiúchana a sháraíonn na treoirluachanna a leagtar amach sa liosta faire, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta seo a leanas ar fad a mheas agus go ndéanfar na bearta sin a mheastar a bheith ábhartha:

(a)

bearta coisctheacha, bearta maolaitheacha nó faireachán iomchuí sna dobharcheantair do phointí astarraingthe nó san amhuisce mar a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 8(4);

(b)

ceangal a chur ar sholáthróirí uisce faireachán a dhéanamh ar na substaintí nó na comhdhúile sin, i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 8(5);

(c)

ceangal a chur ar sholáthróirí uisce a sheiceáil an leor an chóireáil chun an treoirluach a bhaint amach agus, i gcás inar gá, chun an chóireáil a optamú; agus

(d)

gníomhaíochtaí feabhais i gcomhréir le hAirteagal 14(6) i gcás ina measfaidh na Ballstáit gur gá sin chun sláinte an duine a chosaint.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22.

Airteagal 14

Gníomhaíocht feabhais agus srianta ar úsáid

1.   I gcás aon mhainneachtana na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar imscrúdú láithreach chun an chúis leis an mainneachtain a shainaithint.

2.   Más rud é, d’ainneoin na mbeart a rinneadh chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear in Airteagal 4(1) a chomhlíonadh, nach gcomhlíonann uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5, agus gan dochar d’Airteagal 6(2), áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go ndéanfar an ghníomhaíocht feabhais is gá a luaithe is féidir chun cáilíocht an uisce sin a athbhunú agus tabharfaidh sé tosaíocht dá forfheidhmiú, ag féachaint, inter alia, don mhéid a sáraíodh an luach paraiméadrach ábhartha agus don bhaol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine mar gheall air sin.

I gcás nach gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid D d’Iarscríbhinn I, beidh na bearta a leagtar amach in Airteagal 10(3) ina gcuid den ghníomhaíocht feabhais.

3.   Gan beann ar cé acu a bhí nó nach raibh aon mhainneachtain ann na luachanna paraiméadracha a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go dtoirmiscfear aon soláthar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol nó áiritheoidh siad go gcuirfear srian ar úsáid an uisce sin agus go ndéanfar aon ghníomhaíocht feabhais eile is gá chun sláinte an duine a chosaint.

I gcás mainneachtain na híoscheanglais maidir le luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit an mhainneachtain sin a mheas mar bhaol a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol, ach amháin i gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil nach bhfuil i neamhchomhlíonadh an luacha pharaiméadraigh ach neamhchomhlíonadh fánach.

4.   Sna cásanna a bhfuil tuairisc orthu i míreanna 2 agus 3, i gcás ina measfar go bhféadfadh neamhchomhlíonadh na luachanna paraiméadracha sláinte an duine a chur i mbaol, déanfaidh na Ballstáit, a luaithe is féidir, na bearta uile seo a leanas:

(a)

fógra a thabhairt do na tomhaltóirí uile a ndearnadh difear dóibh faoin mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus an chúis leis an mbaol sin, faoin sárú ar luach paraiméadrach agus faoi na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, lena n-áirítear toirmeasc nó srian ar úsáid nó gníomhaíocht eile;

(b)

an chomhairle is gá a chur ar thomhaltóirí, agus iad a choinneáil ar an eolas go rialta, faoi dhálaí tomhaltais agus úsáid an uisce, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí den daonra a bhfuil rioscaí ardaithe a bhaineann le huisce ann dóibh; agus

(c)

na tomhaltóirí a chur ar an eolas a luaithe a shuífear nach bhfuil baol ann a thuilleadh a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol agus iad a chur ar an eolas go bhfuil an tseirbhís ar ais mar is gnách arís.

5.   Cinnfidh na húdaráis inniúla nó comhlachtaí ábhartha eile an ghníomhaíocht atá le déanamh faoi mhír 3, agus aird á tabhairt acu ar na rioscaí do shláinte an duine a thiocfadh as cur isteach ar an soláthar nó as srian a chur ar úsáid uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.

6.   I gcás nach gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha nó na sonraíochtaí a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn I, measfaidh na Ballstáit an bhfuil aon riosca do shláinte an duine ag eascairt as an neamhchomhlíonadh sin. Déanfaidh siad gníomhaíocht feabhais chun cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a thabhairt ar ais i gcás inar gá sin chun sláinte an duine a chosaint.

Airteagal 15

Maoluithe

1.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I, nó a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5(3), suas le luach uasta a chinnfidh siad, ar choinníoll nach ionann maoluithe den sórt sin agus baol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus ar choinníoll nach féidir an soláthar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine sa limistéar lena mbaineann a choinneáil ar bun ar aon bhealach réasúnach eile. Beidh maoluithe den sórt sin teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

dobharcheantar nua chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt;

(b)

foinse nua thruailliúcháin a bhraitear ag an dobharcheantar chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt nó paraiméadair a cuardaíodh le déanaí nó a braitheadh le déanaí; nó

(c)

staid eisceachtúil gan choinne i ndobharcheantar atá ann cheana chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a astarraingt as a bhféadfadh sáruithe sealadacha teoranta ar na luachanna paraiméadracha teacht.

Beidh na maoluithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír teoranta don tréimhse is giorra is féidir agus ní sháróidh siad 3 bliana. I dtreo dheireadh thréimhse an mhaolaithe, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú chun a chinneadh an ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Ballstát an dara maolú a dheonú i leith phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát an dara maolú sin a dheonú, cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe sin, in éineacht leis na forais lena chinneadh maidir leis an dara maolú, chuig an gCoimisiún. Ní sháróidh an dara maolú sin 3 bliana.

2.   In aon mhaolú a dheonaítear i gcomhréir le mír 1, sonrófar an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

na forais leis an maolú;

(b)

an paraiméadar lena mbaineann, torthaí ábhartha ón bhfaireachán roimh ré, agus an luach uasta paraiméadrach is incheadaithe faoin maolú;

(c)

an limistéar geografach, cainníocht an uisce a sholáthraítear gach lá, an daonra lena mbaineann agus cibé acu a dhéanfaí difear d’aon oibreoir ábhartha gnó bia;

(d)

scéim faireacháin iomchuí, in éineacht le faireachán níos minice i gcás inar gá sin;

(e)

achoimre ar an bplean le haghaidh na gníomhaíochta feabhais is gá, lena n-áirítear amchlár don obair agus meastachán ar an gcostas agus forálacha maidir le hathbhreithniú a dhéanamh; agus

(f)

ré an mhaolaithe.

3.   Má mheasann na húdaráis inniúla nach bhfuil i neamhchomhlíonadh an luacha pharaiméadraigh ach neamhchomhlíonadh fánach, agus má tá an ghníomhaíocht a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14(2) leordhóthanach chun an fhadhb a réiteach laistigh de 30 lá, ní gá an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo a shonrú sa mhaolú.

Sa chás sin, ní shocróidh na húdaráis inniúla ná na comhlachtaí ábhartha eile lena mbaineann sa mhaolú ach an luach uasta incheadaithe don pharaiméadar lena mbaineann agus an t-am a cheadaítear chun an fhadhb a réiteach.

4.   Más ann do mhainneachtain aon cheann de na luachanna paraiméadracha do sholáthar uisce ar leith a chomhlíonadh ar feadh tréimhse is faide ná 30 lá ina iomláine i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin, ní fhéadfar dul ar iontaoibh mhír 3 a thuilleadh.

5.   Déanfaidh aon Bhallstát a dheonaigh maolú dá bhforáiltear san Airteagal seo a áirithiú go gcuirfear eolas maidir leis an maolú agus maidir leis na coinníollacha lena rialaítear é chuig an daonra dá mbaineann an maolú sin go pras agus go hiomchuí. Sa bhreis air sin, áiritheoidh an Ballstát, i gcás inar gá, go gcuirfear comhairle ar ghrúpaí ar leith den daonra a bhféadfadh an maolú a bheith ina riosca ar leith dóibh.

Na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm acu maidir leis na cúinsí a bhfuil tuairisc orthu i mír 3, ach amháin má chinneann na húdaráis inniúla a mhalairt.

6.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus a chuirtear i mbuidéil ná i gcoimeádáin.

Airteagal 16

Rochtain ar an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine

1.   Gan dochar d’Airteagal 9 de Threoir 2000/60/CE ná do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, agus na peirspictíochtaí áitiúla, réigiúnacha agus cultúrtha agus na cúinsí maidir le dáileadh uisce á gcur san áireamh ag an am céanna, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an rochtain atá ag cách ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a fheabhsú nó a choimeád, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe, mar atá sainmhínithe ag na Ballstáit.

Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit:

(a)

daoine a shainaithint nach bhfuil rochtain acu, nó ag a bhfuil rochtain theoranta, ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha agus imeallaithe, agus cúiseanna le heaspa rochtana den sórt sin;

(b)

measúnú a dhéanamh ar na féidearthachtaí chun an rochtain atá ag daoine den sórt sin a fheabhsú;

(c)

daoine den sórt sin a chur ar an eolas maidir leis na féidearthachtaí chun nascadh leis an ngréasán dáileacháin nó maidir le modhanna eile chun rochtain a fháil ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine; agus

(d)

bearta a dhéanamh a mheasann siad is gá agus is iomchuí chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag grúpaí leochaileacha agus imeallaithe ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.

2.   Chun úsáid uisce buacaire atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chur chun cinn, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar trealamh amuigh faoin aer agus laistigh a chur ar bun in áiteanna poiblí, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ar bhealach atá comhréireach leis an ngá atá le bearta den sórt sin agus dálaí áitiúla sonracha á gcur san áireamh, amhail an aeráid agus an tíreolaíocht.

Féadfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas a dhéanamh freisin chun úsáid uisce buacaire atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a chur chun cinn:

(a)

feasacht a ardú maidir leis an trealamh amuigh faoin aer nó laistigh is cóngaraí;

(b)

feachtais a sheoladh chun na saoránaigh a chur ar an eolas faoi cháilíocht uisce den sórt sin;

(c)

soláthar uisce den sórt sin a chur chun cinn i riaracháin phoiblí agus i bhfoirgnimh phoiblí;

(d)

soláthar uisce den sórt sin, saor in aisce nó ar tháille íseal seirbhíse, a spreagadh do chustaiméirí i mbialanna, i gceaintíní, agus i seirbhísí lónadóireachta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-éascófar an cúnamh is gá, arna shainiú ag na Ballstáit, d’údaráis inniúla chun na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 17

Faisnéis don phobal

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis leordhóthanach, cothrom le dáta ar fáil maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, agus na rialacha cosanta sonraí is infheidhme á gcomhlíonadh acu.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh gach duine a soláthraítear uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine dóibh an fhaisnéis seo a leanas ar bhonn rialta agus uair sa bhliain ar a laghad, gan call dóibh an fhaisnéis sin a iarraidh, agus san fhoirm is iomchuí agus is inrochtana, mar shampla ar shonraisc nó trí mhodhanna digiteacha amhail trí fheidhmchláir chliste:

(a)

faisnéis faoi cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, lena n-áirítear na paraiméadair táscaire;

(b)

praghas an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a sholáthraítear, in aghaidh an lítir agus an mhéadair chiúbaigh;

(c)

an toirt arna tomhailt ag an teaghlach, in aghaidh na bliana nó in aghaidh na tréimhse billeála ar a laghad, mar aon le treochtaí bliantúla thomhaltas an teaghlaigh, má tá sé indéanta go teicniúil agus ar an gcoinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil don soláthróir uisce;

(d)

comparáidí idir tomhaltas bliantúil uisce an teaghlaigh agus meántomhaltas teaghlaigh sa chatagóir chéanna, nuair is infheidhme i gcomhréir le pointe (c);

(e)

nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

3.   Ní dochar míreanna 1 agus 2 do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE.

Airteagal 18

Faisnéis maidir leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme

1.   Gan dochar do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE, déanfaidh na Ballstáit, le cúnamh ó EEA, na nithe seo a leanas:

(a)

tacar sonraí a bhunú faoin 12 Eanáir 2029, agus a thabhairt cothrom le dáta gach 6 bliana ina dhiaidh sin, ina bhfuil faisnéis faoi na bearta a glacadh chun rochtain ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a fheabhsú agus úsáid an uisce sin a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 16, agus faoin sciar den daonra a bhfuil rochtain aige ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine; ní áirítear uisce a chuirtear i mbuidéil nó coimeádáin leis sin;

(b)

tacar sonraí a bhunú faoin 12 Iúil 2027, agus a thabhairt cothrom le dáta gach 6 bliana ina dhiaidh sin, ina bhfuil faisnéis a bhaineann leis an measúnú riosca agus an bainistiú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8, agus tacar sonraí a bhunú faoin 12 Eanáir 2029, agus a thabhairt cothrom le dáta gach 6 bliana ina dhiaidh sin, ina bhfuil faisnéis a bhaineann leis an measúnú riosca ar na córais dáileacháin baile arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10, lena n-áirítear na heilimintí seo a leanas:

(i)

faisnéis faoi dhobharcheantair do phointí astarraingthe faoi phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 8(2);

(ii)

na torthaí ar an bhfaireachán arna dhéanamh faoi phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 8(2) agus pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 10(1); agus

(iii)

faisnéis bheacht faoi na bearta arna ndéanamh de bhun Airteagal 8(4) agus Airteagal 10(2) agus (3), lena n-áirítear faisnéis faoi na cineálacha beart a rinneadh agus an dul chun cinn a rinneadh, faoi phointe (f) d’Airteagal 10(3);

(c)

tacar sonraí a bhunú, agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, ina bhfuil na torthaí ar an bhfaireachán, i gcásanna sáruithe ar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I, a bailíodh i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 13 agus faisnéis faoi na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14;

(d)

tacar sonraí a bhunú, agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, ina bhfuil faisnéis faoi theagmhais maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a bhí ina gcúis le riosca a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine, gan beann ar aon mhainneachtain na luachanna paraiméadracha a chomhlíonadh, agus a mhair níos faide ná 10 lá i ndiaidh a chéile agus a rinne difear do 1 000 duine ar a laghad, lena n-áirítear na cúiseanna leis na teagmhais sin agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14; agus

(e)

tacar sonraí a bhunú, agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, ina bhfuil faisnéis faoi gach maolú a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 15(1), lena n-áirítear an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 15(2).

I gcás inar féidir, úsáidfear seirbhísí sonraí spásúla mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Threoir 2007/2/CE chun na tacair sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i láthair.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar na tacair sonraí dá dtagraítear i mír 1 ag an gCoimisiún, ag EEA agus ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

3.   Déanfaidh EEA forléargas ar an Aontas ina iomláine a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn na sonraí a bhailíonn na Ballstáit ar bhonn rialta nó arna iarraidh sin don Choimisiún.

Beidh ar áireamh san fhorléargas ar an Aontas ina iomláine, de réir mar is iomchuí, táscairí le haghaidh aschur, torthaí agus thionchar na Treorach seo, mapaí forléargais ar an Aontas ina iomláine agus tuarascálacha forléargais ar na Ballstáit.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear formáid na faisnéise atá le tabhairt faoi mhíreanna 1 agus 3, agus na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis sin a chur i láthair, lena n-áirítear ceanglais mhionsonraithe maidir leis na táscairí, na mapaí forléargais ar an Aontas ina iomláine agus na tuarascálacha forléargais ar na Ballstáit dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22.

5.   Féadfaidh Ballstáit maolú ón Airteagal seo ar cheann ar bith de na forais dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Threoir 2007/2/CE.

Airteagal 19

Meastóireacht

1.   Faoin 12 Eanáir 2035, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo. Beidh an mheastóireacht sin bunaithe, inter alia, ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

an taithí a fuarthas tríd an Treoir seo a chur chun feidhme;

(b)

na tacair sonraí ó na Ballstáit a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) agus na forléargais ar an Aontas ina iomláine arna dtiomsú ag EEA i gcomhréir le hAirteagal 18(3);

(c)

sonraí eolaíocha, anailíseacha agus eipidéimeolaíocha ábhartha;

(d)

moltaí ó EDS, i gcás ina mbeidh siad ar fáil.

2.   I gcomhthéacs na meastóireachta, tabharfaidh an Coimisiún aird faoi leith ar na gnéithe seo a leanas:

(a)

an cur chuige rioscabhunaithe a leagtar amach in Airteagal 7;

(b)

forálacha maidir leis an rochtain ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, a leagtar amach in Airteagal 16;

(c)

forálacha maidir leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil don phobal faoi Airteagal 17 agus Iarscríbhinn IV.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 12 Eanáir 2029, agus ina dhiaidh sin i gcás inarb iomchuí, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an mbagairt a d’fhéadfadh a bheith ann d’fhoinsí uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ó mhicreaphlaistigh, ó earraí cógaisíochta agus, más gá, ó éilleáin eile ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad, agus maidir leis na rioscaí ábhartha gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte.

Airteagal 20

Iarscríbhinní a athbhreithniú agus a leasú

1.   Gach 5 bliana ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Iarscríbhinní I agus II i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus i bhfianaise chur chuige rioscabhunaithe na mBallstát i leith sábháilteacht uisce atá sna tacair sonraí a bunaíodh de bhun Airteagal 18 agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun an Treoir seo a leasú.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun Iarscríbhinn III a leasú más gá chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun luach paraiméadrach Bhisfeanól A i gCuid B d’Iarscríbhinn I a leasú, a mhéid is gá chun é a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, bunaithe go bunúsach ar an athbhreithniú leanúnach a dhéanann EFSA.

Airteagal 21

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(3), 11(5), 11(8), 11(11), 13(6) agus 20(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 12 Eanáir 2021. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4(3), 11(5), 11(8), 11(11), 13(6) agus 20(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4(3), 11(5), 11(8), 11(11), 13(6) agus 20(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 22

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 23

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin faoin 12 Eanáir 2023 agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 24

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 1 go 18, Airteagal 23 agus Iarscríbhinní I go V a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 12 Eanáir 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 25

Idirthréimhse

1.   Faoin 12 Eanáir 2026, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go gcomhlíonfaidh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I do Bhisfeanól A, Clóráit, Clóirít, Aigéid Halaicéiteacha, Micricistín-LR, Iomlán PFAS, Suim PFAS agus Úráiniam.

2.   Go dtí an 12 Eanáir 2026, ní bheidh sé d’oibleagáid ar sholáthróirí uisce faireachán a dhéanamh ar uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine i gcomhréir le hAirteagal 13 do na paraiméadair a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 26

Aisghairm

1.   Aisghairtear Treoir 98/83/CE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn VI, le héifeacht ón 13 Eanáir 2023, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VI a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VII.

2.   Maidir le maoluithe a dheonaigh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Threoir 98/83/CE agus atá fós i bhfeidhm an 12 Eanáir 2023, beidh feidhm fós acu go dtí go dtiocfaidh deireadh le ré na maoluithe sin. Ní fhéadfar iad a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 15 den Treoir seo ach i gcás nach mbeidh an dara maolú deonaithe go fóill. An ceart chun an tríú maolú a iarraidh ar an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Threoir 98/83/CE, beidh feidhm fós aige maidir le gach dara maolú atá fós i bhfeidhm an 12 Eanáir 2021.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 28

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2020

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 107.

(2)  IO C 361, 5.10.2018, lch. 46.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 23 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).

(5)  Féach Iarscríbhinn VI, Cuid A.

(6)  Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí nádúrtha a shaothrú agus a mhargú (IO L 164, 26.6.2009, lch. 45).

(7)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2015/1787 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Treoir 98/83/CE ón gComhairle maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 260, 7.10.2015, lch. 6).

(10)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).

(15)  Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(17)  IO C 316, 22.9.2017, lch. 99.

(18)  Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 ar Chlár Ginearálta Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais go dtí 2020 dar teideal “Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéad” (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).

(19)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(20)  IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

(21)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(22)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(23)  Cinneadh (AE) 2018/881 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2018 lena n-iarrtar ar an gCoimisiún staidéar a thíolacadh faoi roghanna an Aontais maidir le haghaidh a thabhairt ar thorthaí Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gcás ACCC/C/2008/32 agus, más iomchuí i bhfianaise thorthaí an staidéir, togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a thíolacadh (IO L 155, 19.6.2018, lch. 6).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).

(25)  Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint i ndáil le substaintí radaighníomhacha in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 296, 7.11.2013, lch. 12).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(27)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

(28)  Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).

(29)  Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).

(30)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

(31)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LEIS NA LUACHANNA PARAIMÉADRACHA A ÚSÁIDTEAR CHUN CÁILÍOCHT AN UISCE ATÁ BEARTAITHE LENA THOMHAILT AG AN DUINE A MHEAS

Cuid A

Paraiméadair mhicribhitheolaíocha

Paraiméadar

Luach paraiméadrach

Aonad

Nótaí

Eintreacocas stéigeach

0

líon/100 ml

I gcás uisce a chuirtear i mbuidéil nó coimeádáin, is é líon/250 ml an t-aonad.

Escherichia coli (E. coli)

0

líon/100 ml

I gcás uisce a chuirtear i mbuidéil nó coimeádáin, is é líon/250 ml an t-aonad.

Cuid B

Paraiméadair cheimiceacha

Paraiméadar

Luach paraiméadrach

Aonad

Nótaí

Aicriolaimíd

0,10

μg/l

Tagraíonn luach paraiméadrach 0,10 μg/l don tiúchan iarmharach de mhonaiméirí san uisce arna ríomh de réir sonraíochtaí den mhéid uasta is ceadmhach a scaoileadh ón bpolaiméir chomhfhreagrach atá i dteagmháil leis an uisce.

Antamón

10

μg/l

 

Arsanaic

10

μg/l

 

Beinséin

1,0

μg/l

 

Beinsi[a]piréin

0,010

μg/l

 

Bisfeanól A

2,5

μg/l

 

Bórón

1,5

mg/l

Cuirfear luach paraiméadrach 2,4 mg/l i bhfeidhm nuair is é uisce díshalannaithe príomhfhoinse uisce an chórais soláthair lena mbaineann nó i réigiúin ina bhféadfadh ardleibhéil bóróin a bheith sa screamhuisce i ngeall ar dhálaí geolaíocha.

Brómáit

10

μg/l

 

Caidmiam

5,0

μg/l

 

Clóráit

0,25

mg/l

Cuirfear luach paraiméadrach 0,70 mg/l i bhfeidhm i gcás ina mbaintear úsáid as modh dífhabhtaithe a ghineann clóirít, go háirithe dé-ocsaíd clóirín, chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a dhífhabhtú. I gcás inar féidir déanamh amhlaidh, gan cur as don dífhabhtú, féachfaidh na Ballstáit le luach níos ísle ná sin a bhaint amach. Ní dhéanfar an paraiméadar seo a thomhas ach amháin má bhaintear úsáid as modhanna dífhabhtaithe den sórt sin.

Clóirít

0,25

mg/l

Cuirfear luach paraiméadrach 0,70 mg/l i bhfeidhm i gcás ina mbaintear úsáid as modh dífhabhtaithe a ghineann clóirít, go háirithe dé-ocsaíd clóirín, chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a dhífhabhtú.

I gcás inar féidir déanamh amhlaidh, gan cur as don dífhabhtú, féachfaidh na Ballstáit le luach níos ísle ná sin a bhaint amach.

Ní dhéanfar an paraiméadar seo a thomhas ach amháin má bhaintear úsáid as modhanna dífhabhtaithe den sórt sin.

Cróimiam

25

μg/l

Déanfar luach paraiméadrach 25 μg/l a chomhlíonadh, ar a dhéanaí, faoin 12 Eanáir 2036. Is é 50 μg/l an luach paraiméadrach a bheidh ann i gcás cróimiam go dtí an dáta sin.

Copar

2,0

mg/l

 

Ciainíd

50

μg/l

 

1,2-déchlóireatán

3,0

μg/l

 

Eipeaclóraihidrin

0,10

μg/l

Tagraíonn luach paraiméadrach 0,10 μg/l don tiúchan iarmharach de mhonaiméirí san uisce arna ríomh de réir sonraíochtaí den mhéid uasta is ceadmhach a scaoileadh ón bpolaiméir chomhfhreagrach atá i dteagmháil leis an uisce.

Fluairíd

1,5

mg/l

 

Aigéid halaicéiteacha (HAAnna)

60

μg/l

Ní dhéanfar an paraiméadar seo a thomhas ach amháin nuair a úsáidtear modhanna dífhabhtaithe lenar féidir HAAnna a ghiniúint chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a dhífhabhtú. Is é suim na gcúig substaintí ionadaíocha seo a leanas: aigéad monaclóraicéiteach, déchlóraicéiteach, agus tríchlóraicéiteach, agus aigéad monabrómaicéiteach agus débhrómaicéiteach.

Luaidhe

5

μg/l

Déanfar luach paraiméadrach 5 μg/l a chomhlíonadh, ar a dhéanaí, faoin 12 Eanáir 2036. Is é 10 μg/l an luach paraiméadrach a bheidh ann i gcás luaidhe go dtí an dáta sin.

 

 

 

Tar éis an dáta sin, comhlíonfar luach paraiméadrach 5 μg/l ar a laghad ag an bpointe soláthair don chóras dáileacháin baile.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2), beidh feidhm ag luach paraiméadrach 5 μg/l ag an mbuacaire.

Mearcair

1,0

μg/l

 

Micricistín-LR

1,0

μg/l

Ní dhéanfar an paraiméadar seo a thomhas ach i gcás blúmáin a d’fhéadfadh a bheith in uisce foinse (rud a chuireann le dlús na gceall cianabaictéireach nó leis an bhféidearthacht go gcruthófaí blúmáin).

Nicil

20

μg/l

 

Níotráit

50

mg/l

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an coinníoll [níotráit]/50 + [nítrít]/3 ≤ 1, áit a gciallaíonn na lúibíní cearnacha an tiúchan níotráite (NO3) agus nítríte (NO2) in mg/l, a chomhlíonadh agus go gcomhlíonfar luach paraiméadrach 0,10 mg/l i gcás nítrítí lasmuigh de na hoibreacha cóireála uisce.

Nítrít

0,50

mg/l

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an coinníoll [níotráit]/50 + [nítrít]/3 ≤ 1, áit a gciallaíonn na lúibíní cearnacha an tiúchan níotráite (NO3) agus nítríte (NO2) in mg/l, a chomhlíonadh agus go gcomhlíonfar luach paraiméadrach 0,10 mg/l i gcás nítrítí lasmuigh de na hoibreacha cóireála uisce.

Lotnaidicídí

0,10

μg/l

Ciallaíonn “Lotnaidicídí”:

feithidicídí orgánacha,

luibhicídí orgánacha,

fuingicídí orgánacha,

néimeataicídí orgánacha,

acairicídí orgánacha,

ailgicídí orgánacha,

creimiricídí orgánacha

slaimicídí orgánacha,

táirgí gaolmhara (inter alia, rialaitheoirí fáis),

agus a gcuid meitibilítí, mar a shainmhínítear i bpointe (32) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), a mheastar a bheith ábhartha d’uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.

Measfar go bhfuil meitibilít lotnaidicíd ábhartha d’uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine má tá cúis ann lena cheapadh go bhfuil airíonna intreacha aici is inchomparáide leis na cinn atá sa mháthairshubstaint ó thaobh a spriocghníomhaíochta lotnaidicíde nó go ngineann sí féin nó a táirgí trasfhoirmithe riosca do shláinte na dtomhaltóirí.

 

 

 

Beidh feidhm ag luach paraiméadrach 0,10 μg/l maidir le gach lotnaidicíd ar leith.

I gcás aildrine, dé-eildrine, heipteaclóir agus eapocsaíd heipteaclóir, is é 0,030 μg/l a bheidh sa luach paraiméadrach.

Saineoidh na Ballstáit treoirluach chun bainistiú a dhéanamh ar mheitibilítí lotnaidicídí neamhábhartha a bheadh i láthair in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.

Ní gá faireachán a dhéanamh ach ar lotnaidicídí ar dócha go mbeidh siad i láthair i soláthar ar leith.

Bunaithe ar na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún bunachar sonraí a bhunú de lotnaidicídí agus a meitibilítí ábhartha, á chur san áireamh go bhféadfaidís a bheith i láthair in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.

Iomlán Lotnaidicídí

0,50

μg/l

Ciallaíonn “Iomlán Lotnaidicídí” suim iomlán na lotnaidicídí ar leith go léir, mar a shainmhínítear sa ró roimhe seo, a braitheadh agus a cainníochtaíodh sa nós imeachta faireacháin.

Iomlán PFAS

0,50

μg/l

Ciallaíonn “Iomlán PFAS” iomlán na substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile.

Ní bheidh feidhm ag an luach paraiméadrach seo ach amháin nuair a fhorbrófar treoirlínte teicniúla maidir le faireachán a dhéanamh ar an bparaiméadar seo i gcomhréir le hAirteagal 13(7). Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ansin ceann amháin nó an dá cheann de na paraiméadair “Iomlán PFAS” nó “Suim PFAS” a úsáid.

Suim PFAS

0,10

μg/l

Ciallaíonn “Suim PFAS” suim na substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile a meastar gur ábhar imní iad a mhéid a bhaineann le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, ar substaintí iad a liostaítear i bpointe 3 de Chuid B d’Iarscríbhinn III. Is fo-thacar é seo de shubstaintí “Iomlán PFAS” ina bhfuil páirt shárfhluarailcile le trí charbón nó níos mó (i.e. –CnF2n–, n ≥ 3) nó páirt shárfhluarailcile le dhá charbón nó níos mó (i.e. –CnF2nOCmF2m–, n agus m ≥ 1).

Hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha

0,10

μg/l

Suim thiúchana na gcomhdhúl sonraithe seo a leanas: beinsea(b)fluaraintéin, beinsea(k)fluaraintéin, beinsi(ghi)peiriléin, agus indéini(1,2,3-cd)piréin.

Seiléiniam

20

μg/l

Cuirfear luach paraiméadrach 30 μg/l i bhfeidhm maidir le réigiúin ina bhféadfadh ardleibhéil seiléiniam a bheith sa screamhuisce i ngeall ar dhálaí geolaíocha.

Teitreaclóireitéin agus Tríchlóireitéin

10

μg/l

Suim thiúchana an dá pharaiméadar sin.

Iomlán Tríhalaimeatán

100

μg/l

I gcás inar féidir déanamh amhlaidh, gan cur as don dífhabhtú, féachfaidh na Ballstáit le luach paraiméadrach is ísle ná sin a bhaint amach.

Is é suim thiúchana na gcomhdhúl sonraithe seo a leanas: clóraform, brómaform, débhrómaclóraimeatán agus brómaidhéchlóraimeatán.

Úráiniam

30

μg/l

 

Clóiríd vinile

0,50

μg/l

Tagraíonn luach paraiméadrach 0,50 μg/l don tiúchan iarmharach de mhonaiméirí san uisce arna ríomh de réir sonraíochtaí den mhéid uasta is ceadmhach a scaoileadh ón bpolaiméir chomhfhreagrach atá i dteagmháil leis an uisce.

Cuid C

Paraiméadair táscaire

Paraiméadar

Luach paraiméadrach

Aonad

Nótaí

Alúmanam

200

μg/l

 

Amóiniam

0,50

mg/l

 

Clóiríd

250

mg/l

Níor cheart an t-uisce a bheith creimneach.

Clostridium perfringens lena n-áirítear spóir

0

líon/100 ml

Déanfar an paraiméadar seo a thomhas má léirítear sa mheasúnú riosca gurb iomchuí déanamh amhlaidh.

Dath

Sásúil do thomhaltóirí agus gan athrú mínormálta

 

 

Seoltacht

2 500

μS cm-1 ag 20 °C

Níor cheart an t-uisce a bheith ionsaitheach.

Tiúchan ian hidrigine

≥ 6,5 agus ≤ 9,5

aonaid pH

Níor cheart an t-uisce a bheith ionsaitheach.

I gcás uisce gan súilíní a chuirtear i mbuidéil nó coimeádáin, féadfar an t-íosluach a laghdú go 4,5 aonad pH. I gcás uisce a chuirtear i mbuidéil nó coimeádáin atá lán le dé-ocsaíd nítriúil go nádúrtha nó atá saibhrithe go saorga le dé-ocsaíd charbóin, féadfar an t-íosluach a bheith níos lú ná sin.

Iarann

200

μg/l

 

Mangainéis

50

μg/l

 

Boladh

Sásúil do thomhaltóirí agus gan athrú mínormálta

 

 

Inocsaídeacht

5,0

mg/l O2

Ní gá an paraiméadar sin a thomhas ach amháin má tá anailís déanta ar pharaiméadar TOC.

Sulfáit

250

mg/l

Níor cheart an t-uisce a bheith creimneach.

Sóidiam

200

mg/l

 

Blas

Sásúil do thomhaltóirí agus gan athrú mínormálta

 

 

Áireamh coilíneachtaí ag 22 °C

Gan athrú mínormálta

 

 

Baictéir dhrólannacha

0

líon/100 ml

I gcás uisce a chuirtear i mbuidéil nó coimeádáin, is é líon/250 ml an t-aonad.

Iomlán an charbóin orgánaigh (TOC)

Gan athrú mínormálta

 

Ní gá an paraiméadar seo a thomhas i gcás soláthairtí is lú ná 10 000 m3 in aghaidh an lae.

Moirtiúlacht

Sásúil do thomhaltóirí agus gan athrú mínormálta

 

 

Níor cheart uisce a bheith ionsaitheach ná creimneach. Is fíor sin go háirithe i gcás uisce a bhfuil cóireáil á déanamh air (dímhianrú, bogadh, cóireáil scannáin, cúlosmóis, etc.).

I gcás ina bhfaightear uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ó chóireáil a dhímhianraíonn nó a bhogann an t-uisce go suntasach, d’fhéadfaí cailciam agus salainn mhaignéisiam a chur leis chun an t-uisce a riochtú chun aon tionchar diúltach sláinte a d’fhéadfadh a bheith aige a laghdú, chomh maith le creimeadh nó ionsaitheacht an uisce a laghdú, agus an blas a fheabhsú. D’fhéadfaí tiúchana ísle de chailciam agus maignéisiam nó solaid tuaslagtha in uisce bogtha nó dímhianraithe a bhunú agus tréithe an uisce a gcuirtear faoi na próisis sin é á gcur san áireamh.

Cuid D

Paraiméadair is ábhartha maidir leis an measúnú riosca ar chórais dáileacháin baile

Paraiméadar

Luach paraiméadrach

Aonad

Nótaí

Legionella

< 1 000

CFU/l

Socraítear an luach paraiméadrach seo chun críocha Airteagail 10 agus 14. D’fhéadfaí na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sna hAirteagail sin a mheas fiú nuair atá an luach faoi bhun an luacha pharaiméadraigh, e.g. i gcás ionfhabhtuithe agus ráigeanna. I gcásanna den sórt sin, ba cheart foinse an ionfhabhtaithe a dhaingniú agus ba cheart an speiceas Legionella a shainaithint.

Luaidhe

10

μg/l

Socraítear an luach paraiméadrach seo chun críocha Airteagail 10 agus 14.

Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh an luach níos lú de 5 μg/l a bhaint amach faoin 12 Eanáir 2036.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

FAIREACHÁN

Cuid A

Cuspóirí ginearálta agus cláir faireacháin maidir leis an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine

1.

Na cláir faireacháin a bhunaítear de bhun Airteagal 13(2) maidir le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

a fhíorú go bhfuil na bearta atá i bhfeidhm chun rioscaí do shláinte an duine a rialú feadh an tslabhra soláthair uisce ina iomláine, ón limistéar astarraingthe, le linn chóireáil agus stóráil an uisce, go dtí dáileadh an uisce, ag feidhmiú go héifeachtach agus a fhíorú gur glan folláin atá an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine ag an bpointe comhlíontachta;

(b)

faisnéis a sholáthar faoi cháilíocht an uisce arna sholáthar do thomhaltas an duine chun a thaispeáint go bhfuiltear ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4 agus na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5;

(c)

an chaoi is oiriúnaí a shainaithint chun an riosca do shláinte an duine a mhaolú.

2.

Na cláir faireacháin a bhunaítear de bhun Airteagal 13(2), áireofar orthu ceann de na nithe seo a leanas nó meascán díobh:

(a)

samplaí scoite den uisce a bhailiú agus a anailísiú;

(b)

tomhais arna dtaifeadadh trí phróiseas leanúnach faireacháin.

Ina theannta sin, féadfar na nithe seo a leanas a bheith i gceist le cláir faireacháin:

(a)

cigireachtaí ar thaifid ar fheidhmiúlacht agus stádas cothabhála an trealaimh;

(b)

cigireachtaí ar an limistéar astarraingthe, agus ar an mbonneagar cóireála, stórála agus dáileacháin, gan dochar do na ceanglais faireacháin dá bhforáiltear faoi phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 8(2) agus pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 10(1).

3.

Áireofar freisin ar na cláir faireacháin clár faireacháin oibríochtúil lena dtugtar léargas mear ar fheidhmíocht oibríochtúil agus fadhbanna cáilíochta uisce agus lenar féidir gníomhaíocht mhear feabhais réamhphleanáilte a dhéanamh. Beidh cláir faireacháin oibríochtúil den sórt sin dírithe go sonrach ar sholáthar, agus cuirfear san áireamh leo torthaí shainaithint na nguaiseacha agus na n-eachtraí guaiseacha agus torthaí an mheasúnaithe riosca ar an gcóras soláthair, agus beidh sé mar aidhm acu a éifeachtaí atá na bearta rialaithe uile le linn chéimeanna na hastarraingthe, na cóireála, an dáileacháin agus na stórála a dheimhniú.

Áireofar ar an gclár faireacháin oibríochtúil faireachán ar an bparaiméadar darb ainm “moirtiúlacht ag gléasra an tsoláthair uisce” chun rialú rialta a dhéanamh ar éifeachtúlacht na bpróiseas scagtha i dtaca le rudaí a bhaint go fisiciúil, i gcomhréir leis na luachanna tagartha agus na minicíochtaí a léirítear sa tábla seo a leanas (níl sin infheidhme maidir le foinsí screamhuisce ina dtarlaíonn moirtiúlacht de bharr iarainn agus mangainéise):

Paraiméadar oibríochtúil

Luach tagartha

moirtiúlacht ag gléasra an tsoláthair uisce

0,3 NTU i 95 % de shamplaí agus gan aon cheann acu a bheith níos airde ná 1 NTU

An toirt (m3) uisce a dháiltear nó a tháirgtear gach lá laistigh de chrios soláthair

Minicíocht íosta samplála agus anailíse

≤ 1 000

Go seachtainiúil

> 1 000 go ≤ 10 000

Go laethúil

> 10 000

Leanúnach

Áireofar freisin ar an gclár faireacháin oibríochtúil faireachán ar na paraiméadair seo a leanas san amhuisce chun rialú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na bpróiseas cóireála i gcoinne rioscaí micribhitheolaíocha:

Paraiméadar oibríochtúil

Luach tagartha

Aonad

Nótaí

Baictéarafagach sómatach drólannach

50 (le haghaidh amhuisce)

Aonaid Déanta Plaice (PFU)/100 ml

Déanfar an paraiméadar seo a thomhas má léirítear sa mheasúnú riosca gurb iomchuí déanamh amhlaidh. Má tá sé le fáil in amhuisce ag tiúchana > 50 PFU/100 ml, ba cheart anailís a dhéanamh air tar éis chéimeanna na traenach cóireála chun baint logartaim ag na bacainní atá i bhfeidhm a mheas agus chun a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil smacht leordhóthanach ar an riosca go dtiocfaidh víris phataigineacha chun tosaigh.

4.

Áiritheoidh na Ballstáit go n-athbhreithneofar na cláir faireacháin ar bhonn leanúnach agus go ndéanfar iad a thabhairt cothrom le dáta nó a dheimhniú gach 6 bliana ar a laghad.

Cuid B

Paraiméadair agus minicíochtaí samplála

1.

Liosta de pharaiméadair

Grúpa A

Déanfar faireachán ar na paraiméadair seo a leanas (Grúpa A) i gcomhréir leis na minicíochtaí faireacháin a leagtar amach i dTábla 1 de phointe 2:

(a)

Escherichia coli (E. coli), eintreacocas stéigeach, baictéir dhrólannacha, áireamh coilíneachtaí ag 22 °C, dath, moirtiúlacht, blas, boladh, pH agus seoltacht;

(b)

paraiméadair eile a shainaithnítear a bheith ábhartha sa chlár faireacháin, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) agus, i gcás inarb ábhartha, trí mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair mar a leagtar amach in Airteagal 9 agus Cuid C den Iarscríbhinn seo.

Faoi imthosca sonracha, cuirfear na paraiméadair seo a leanas le paraiméadair Ghrúpa A:

(a)

amóiniam agus nítrít, má úsáidtear clóraimíniú;

(b)

alúmanam agus iarann, má úsáidtear iad mar cheimiceáin cóireála uisce.

Glactar leis gur “croípharaiméadair” iad Escherichia coli (E. coli) agus eintreacocas stéigeach agus ní thiocfaidh laghdú ar mhinicíochtaí an fhaireacháin a dhéantar orthu mar gheall ar mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Cuid C den Iarscríbhinn seo. Déanfar faireachán orthu i gcónaí ar a laghad ag na minicíochtaí a leagtar amach i dTábla 1 de phointe 2.

Grúpa B

Chun comhlíonadh na luachanna paraiméadracha uile a leagtar amach sa Treoir seo a chinneadh, déanfar faireachán ar gach paraiméadar eile nach ndéantar anailís air faoi Ghrúpa A agus a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5, seachas na paraiméadair atá i gCuid D d’Iarscríbhinn I, ag na minicíochtaí a leagtar amach i dTábla 1 de phointe 2 ar a laghad, murab é go gcinntear minicíocht eile samplála bunaithe ar mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Cuid C den Iarscríbhinn seo.

2.

Minicíochtaí samplála

Tábla 1. Minicíocht íosta samplála agus anailíse chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bparaiméadar

An toirt uisce a dháiltear nó a tháirgtear gach lá laistigh de chrios soláthair

(Féach Nótaí 1 agus 2) m3

Paraiméadar Ghrúpa A

an líon samplaí sa bhliain

Paraiméadar Ghrúpa B

an líon samplaí sa bhliain

 

< 10

> 0 (Féach Nóta 4)

> 0 (Féach Nóta 4)

≥ 10

≤ 100

2

1 (Féach Nóta 5)

≥ 100

≤ 1 000

4

1

≥ 1 000

≤ 10 000

4 don chéad 1 000 m3/l [l = lá]

+ 3 le haghaidh gach 1 000 m3/l breise agus cuid den toirt iomlán

(Féach Nóta 3)

1 don chéad 1 000 m3/l [l = lá]

+ 1 le haghaidh gach 4 500 m3/l breise agus cuid den toirt iomlán

(Féach Nóta 3)

≥ 10 000

≤ 100 000

3 don chéad 10 000 m3/l [l = lá]

+ 1 le haghaidh gach 10 000 m3/l breise agus cuid den toirt iomlán

(Féach Nóta 3)

≥ 100 000

 

12 don chéad 100 000 m3/l [l = lá] + 1 le haghaidh gach 25 000 m3/l

breise agus cuid den toirt iomlán

(Féach Nóta 3)

Nóta 1:

Is é is crios soláthair ann limistéar atá sainithe go geografach arb as foinse amháin nó níos mó laistigh de a fhaightear an t-uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus ar féidir glacadh leis gur cáilíocht aonfhoirmeach, den chuid is mó, atá i gcáilíocht an uisce atá laistigh de.

Nóta 2:

Ríomhtar na toirteanna mar mheáin a thógtar thar bhliain féilire amháin. Féadfar an líon áitritheoirí i gcrios soláthair a úsáid in ionad na toirte uisce chun an mhinicíocht íosta a shocrú, ar bhonn na tuisceana gur 200 l/(lá*capita) atá sa tomhaltas uisce.

Nóta 3:

Is mar seo a leanas a ríomhtar an mhinicíocht a léirítear: e.g. 4 300 m3/l = 16 shampla do pharaiméadair Ghrúpa A (ceithre cinn don chéad 1 000 m3/l + 12 do 3 300 m3/l breise).

Nóta 4:

Maidir le soláthróirí uisce, i gcás nár tugadh díolúine faoi phointe (b) d’Airteagal 3(3), leagfaidh na Ballstáit síos an mhinicíocht íosta samplála do pharaiméadair Ghrúpaí A agus B, ar choinníoll go ndéanfar faireachán ar chroípharaiméadair uair sa bhliain ar a laghad.

Nóta 5:

Féadfaidh na Ballstáit an mhinicíocht samplála a laghdú, ar choinníoll go ndéanfar faireachán uair gach 6 bliana ar a laghad ar na paraiméadair uile a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 agus go ndéanfar faireachán orthu i gcásanna ina gcomhtháthaítear foinse nua uisce sa chóras soláthair uisce nó ina ndéantar athruithe ar an gcóras sin, a mbíonn de thoradh orthu go mbeifí ag súil le héifeacht dhíobhálach ar an uisce a bheith ann.

Cuid C

Measúnú riosca agus bainistiú riosca ar an gcóras soláthair

1.

Bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe riosca ar an gcóras soláthair dá dtagraítear in Airteagal 9, cuirfear leis an liosta de na paraiméadair a ndearnadh faireachán orthu agus ardófar na minicíochtaí samplála a leagtar amach i gCuid B i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní leor an liosta de na paraiméadair ná na minicíochtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn seo chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi Airteagal 13(1) a chomhlíonadh;

(b)

is gá faireachán breise chun críocha Airteagal 13(5);

(c)

is gá na dearbhuithe a leagtar amach i bpointe (a) de phointe 1 de Chuid A a sholáthar;

(d)

is gá na minicíochtaí samplála a ardú de bhun phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 8(4).

2.

Mar thoradh ar mheasúnú riosca ar an gcóras soláthair, féadfar liosta de na paraiméadair a ndearnadh faireachán orthu a ghiorrú, agus na minicíochtaí samplála a leagtar amach i gCuid B a laghdú, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cinntear an suíomh samplála agus an mhinicíocht samplála i gcoibhneas le bunús an pharaiméadair, agus le hinathraitheacht a thiúchana agus an treocht fhadtéarmach a bhaineann lena thiúchan, agus aird á tabhairt ar Airteagal 6;

(b)

maidir leis an minicíocht íosta samplála a laghdú i gcás paraiméadair, níos lú ná 60 % den luach paraiméadrach gach ceann de na torthaí a fuarthas ó shamplaí a bailíodh ag eatraimh rialta thar thréimhse 3 bliana ar a laghad ó phointí samplála atá ionadaíoch ar an gcrios soláthair ina iomláine;

(c)

maidir le paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu, níos lú ná 30 % den luach paraiméadrach gach ceann de na torthaí a fuarthas ó shamplaí a bailíodh ag eatraimh rialta thar thréimhse 3 bliana ar a laghad ó phointí samplála atá ionadaíoch ar an gcrios soláthair ina iomláine;

(d)

maidir le paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu, tá an cinneadh bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe riosca lena gcuirtear san áireamh torthaí an fhaireacháin ar fhoinsí an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine agus lena ndeimhnítear go gcosnaítear sláinte an duine ar na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le haon éilliú uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, mar a leagtar síos in Airteagal 1;

(e)

maidir le minicíocht samplála paraiméadair a laghdú nó paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu, deimhnítear sa mheasúnú riosca nach ann d’aon toisc ar féidir a bheith ag súil leis le réasún gur dóigh go mbainfidh sí ó cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine.

I gcás ina bhfuil torthaí an fhaireacháin, lena léirítear gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (2)(b) go (2)(e), ar fáil cheana faoin 12 Eanáir 2021, féadfar torthaí an fhaireacháin sin a úsáid, amhail ón dáta sin, chun an faireachán a oiriúnú tar éis an mheasúnaithe riosca ar an gcóras soláthair.

I gcás inar cuireadh coigeartuithe faireacháin chun feidhme cheana tar éis measúnú riosca ar an gcóras soláthair i gcomhréir, inter alia, le Cuid C d’Iarscríbhinn II de Threoir 98/83/CE, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh don fhéidearthacht a mbailíocht a dheimhniú gan gá a bheith le faireachán i gcomhréir le pointí 2(b) agus 2(c) le linn tréimhse bhreise 3 bliana ar a laghad ó phointí atá ionadaíoch ar an gcrios soláthair ina iomláine.

Cuid D

Modhanna samplála agus pointí samplála

1.

Cinnfear pointí samplála chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 6(1). I gcás gréasán dáileacháin, féadfaidh Ballstát samplaí a thógáil laistigh den chrios soláthair nó ag na hoibreacha cóireála i gcás paraiméadair ar leith más féidir a léiriú nach mbeadh aon athrú díobhálach ann ar luach tomhaiste na bparaiméadar lena mbaineann. A mhéid is féidir, dáilfear an líon samplaí go cothrom ó thaobh ama agus suímh de.

2.

Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas le linn sampláil ag an bpointe comhlíontachta:

(a)

is ag buacaire na dtomhaltóirí, gan é a shruthlú roimh ré, a thógfar samplaí comhlíontachta maidir le paraiméadair cheimiceacha áirithe, go háirithe copar, luaidhe, agus nicil. Tógfar sampla lae randamaigh de thoirt lítir amháin. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as modhanna samplála ar thréimhsí seasta lonnaithe uisce lena dtugtar léiriú níos fearr ar an gcás náisiúnta, amhail meán-iontógáil sheachtainiúil na dtomhaltóirí, ar choinníoll gurb amhlaidh, ar leibhéal an chreasa soláthair, nach é an toradh a bheadh air sin gur lú an líon cásanna de neamhchomhlíonadh ná an líon a bheadh ann dá n-úsáidfí modh an lae randamaigh;

(b)

is i gcomhréir le EN ISO 19458, cuspóir samplála B, a dhéanfar samplaí comhlíontachta a thógáil agus a láimhseáil maidir le paraiméadair mhicribhitheolaíocha ag an bpointe comhlíontachta.

3.

Tógfar samplaí le haghaidh Legionella i gcórais dáileacháin baile ag pointí riosca maidir le leathadh Legionella, pointí atá ionadaíoch ar nochtadh sistéamach do Legionella, nó an dá rud. Bunóidh na Ballstáit treoirlínte maidir le modhanna samplála le haghaidh Legionella.

4.

Is de réir ISO 5667-5 a dhéanfar an tsampláil sa ghréasán dáileacháin, cé is moite den tsampláil a dhéanfar ag buacaire an tomhaltóra. I gcás paraiméadair mhicribhitheolaíocha, is i gcomhréir le EN ISO 19458, cuspóir samplála A, a dhéanfar samplaí a thógáil agus a láimhseáil sa ghréasán dáileacháin.

IARSCRÍBHINN III

SONRAÍOCHTAÍ MAIDIR LEIS AN ANAILÍS AR PHARAIMÉADAIR

Áiritheoidh na Ballstáit gur de réir EN ISO/IEC 17025, nó de réir caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta, a dhéanfar bailíochtú agus doiciméadú ar na modhanna anailíse a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar an Treoir seo agus chun comhlíonadh na Treorach seo a léiriú, cé is moite de mhoirtiúlacht. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh saotharlanna nó páirtithe atá ar conradh ag saotharlanna cleachtais córais bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025 nó caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Chun críocha measúnú a dhéanamh ar choibhéis modhanna malartacha leis na modhanna a leagtar síos san Iarscríbhinn seo, féadfaidh na Ballstáit caighdeán EN ISO 17994, a bunaíodh mar an caighdeán maidir le coibhéis modhanna micribhitheolaíocha, nó caighdeán EN ISO 16140 nó aon phrótacail chomhchosúla eile a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta a úsáid chun coibhéis modhanna bunaithe ar phrionsabail seachas ar shaothrú, atá thar raon feidhme EN ISO 17994, a bhunú.

I gcás nach ann do mhodh anailíse lena gcomhlíontar na critéir feidhmíochta íosta a leagtar amach i gCuid B, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an faireachán trí leas a bhaint as na teicnící is fearr atá ar fáil gan costais iomarcacha a thabhú.

Cuid A

Paraiméadair mhicribhitheolaíocha a sonraítear modhanna anailíse ina leith

Is iad seo a leanas na modhanna anailíse le haghaidh paraiméadair mhicribhitheolaíocha:

(a)

Escherichia coli (E. coli) agus baictéir dhrólannacha (EN ISO 9308-1 nó EN ISO 9308-2);

(b)

eintreacocas stéigeach (EN ISO 7899-2);

(c)

áireamh coilíneachtaí nó áirimh coilíneachtaí heitreatrófacha ag 22 °C (EN ISO 6222);

(d)

Clostridium perfringens, lena n-áirítear spóir (EN ISO 14189);

(e)

Legionella (EN ISO 11731 maidir leis an luach i gCuid D d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh);

i gcás faireachán fíoraithe rioscabhunaithe agus chun modhanna saothrúcháin a chomhlánú, ina theannta sin, is féidir modhanna a úsáid, amhail ISO/TS 12869, modhanna mearsaothrúcháin, modhanna nach bhfuil bunaithe ar chultúr, agus modhanna móilínbhunaithe, go háirithe qPCR;

(f)

baictéarafagach sómatach drólannach;

i gcás faireachán oibríochtúil, is féidir Cuid A d’Iarscríbhinn II, EN ISO 10705-2, agus EN ISO 10705-3 a úsáid.

Cuid B

Paraiméadair cheimiceacha agus táscaire a sonraítear saintréithe feidhmíochta ina leith

1.   Paraiméadair cheimiceacha agus táscaire

I gcás na bparaiméadar a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn seo, beidh an modh anailíse a úsáidtear ábalta, ar a laghad, tiúchana a thomhas atá cothrom leis an luach paraiméadrach nuair atá teorainn cainníochtaithe, mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/90/CE ón gCoimisiún (1), 30 % nó níos ísle den luach paraiméadrach ábhartha, agus neamhchinnteacht tomhais mar a shonraítear i dTábla 1 den Iarscríbhinn seo, ag dul leis. Sloinnfear an toradh trí úsáid a bhaint, ar a laghad, as an líon céanna figiúirí suntasacha a úsáidtear sa luach paraiméadrach dá dtagraítear i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.

Ní bhainfear úsáid as an neamhchinnteacht tomhais a leagtar síos i dTábla 1 mar lamháltas breise ar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Tábla 1. An tsaintréith feidhmíochta íosta ‘Neamhchinnteacht tomhais’

Paraiméadair

Neamhchinnteacht tomhais

(Féach Nóta 1)

% den luach paraiméadrach (seachas pH)

Nótaí

Alúmanam

25

 

Amóiniam

40

 

Aicriolaimíd

30

 

Antamón

40

 

Arsanaic

30

 

Beinsi[a]piréin

50

Féach Nóta 2

Beinséin

40

 

Bisfeanól A

50

 

Bórón

25

 

Brómáit

40

 

Caidmiam

25

 

Clóiríd

15

 

Clóráit

40

 

Clóirít

40

 

Cróimiam

30

 

Copar

25

 

Ciainíd

30

Féach Nóta 3

1,2-déchlóireatán

40

 

Eipeaclóraihidrin

30

 

Fluairíd

20

 

Aigéid halaicéiteacha (HAAnna)

50

 

Tiúchan pH ian hidrigine

0,2

Féach Nóta 4

Iarann

30

 

Luaidhe

30

 

Mangainéis

30

 

Mearcair

30

 

Micricistín-LR

30

 

Nicil

25

 

Níotráit

15

 

Nítrít

20

 

Inocsaídeacht

50

Féach Nóta 5

Lotnaidicídí

30

Féach Nóta 6

PFAS

50

 

Hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha

40

Féach Nóta 7

Seiléiniam

40

 

Sóidiam

15

 

Sulfáit

15

 

Teitreaclóireitéin

40

Féach Nóta 8

Tríchlóireitéin

40

Féach Nóta 8

Tríhalaimeatáin — iomlán

40

Féach Nóta 7

Iomlán an charbóin orgánaigh (TOC)

30

Féach Nóta 9

Moirtiúlacht

30

Féach Nóta 10

Úráiniam

30

 

Clóiríd vinile

50

 

2.   Nótaí a ghabhann le Tábla 1

Nóta 1

:

Is é is neamhchinnteacht tomhais ann paraiméadar neamhdhiúltach a bhfuil de shaintréith aige scaipeadh na luachanna cainníochta a shanntar do thomhasán, bunaithe ar an bhfaisnéis a úsáidtear. Tá an critéar feidhmíochta le haghaidh na neamhchinnteachta tomhais (k = 2) cothrom leis an gcéatadán den luach paraiméadrach a luaitear sa tábla nó le haon luach eile is déine ná sin. Mura sonraítear a mhalairt, measfar gur ar leibhéal an luacha pharaiméadraigh a thomhaisfear an neamhchinnteacht tomhais.

Nóta 2

:

Mura féidir luach na neamhchinnteachta tomhais a chomhlíonadh, ba cheart an teicníc is fearr atá ar fáil a roghnú (suas le 60 %).

Nóta 3

:

Leis an modh seo, déantar iomlán na ciainíde sna foirmeacha go léir ina mbíonn sí a chinneadh.

Nóta 4

:

In aonaid pH a shloinntear luach na neamhchinnteachta tomhais.

Nóta 5

:

Modh tagartha: EN ISO 8467.

Nóta 6

:

Is mar threoir amháin a thugtar na saintréithe feidhmíochta a bhaineann le lotnaidicídí aonair. A fhad a bhaineann leis an neamhchinnteacht tomhais, is féidir luachanna atá chomh híseal le 30 % a bhaint amach i gcás roinnt lotnaidicídí, agus is féidir go gceadófar luachanna is airde ná sin, suas le 80 %, i gcás lotnaidicídí áirithe.

Nóta 7

:

Tá feidhm ag na saintréithe feidhmíochta maidir le gach substaint ar leith, a shonraítear mar 25 % den luach paraiméadrach atá i gCuid B d’Iarscríbhinn I.

Nóta 8

:

Tá feidhm ag na saintréithe feidhmíochta maidir le gach substaint ar leith, a shonraítear mar 50 % den luach paraiméadrach atá i gCuid B d’Iarscríbhinn I.

Nóta 9

:

Ba cheart an neamhchinnteacht tomhais a mheas ag leibhéal 3 mg/l d’iomlán an charbóin orgánaigh (TOC). Úsáidfear Treoirlínte EN 1484 i ndáil le TOC agus carbón orgánach tuaslagtha (DOC) a chinneadh i dtaobh sonraíocht neamhchinnteacht an mhodha tástála.

Nóta 10

:

Ba cheart an neamhchinnteacht tomhais a mheas ag leibhéal 1,0 NTU (aonaid moirtiúlachta neifiliméadraí), i gcomhréir le EN ISO 7027 nó modh caighdeánach comhchosúil eile.

3.   Suim PFAS

Déanfar anailís ar na substaintí seo a leanas bunaithe ar na treoirlínte teicniúla a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 13(7):

Aigéad sárfhluarabútánóch (PFBA)

Aigéad sárfhluarapeantánóch (PFPA)

Aigéad sárfhluaraiheacsánóch (PFHxA)

Aigéad sárfhluaraiheaptánóch (PFHpA)

Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA)

Aigéad sárfhluaranaonánóch (PFNA)

Aigéad sárfhluaradóideacánóch (PFDA)

Aigéad sárfhluaraondeacánóch (PFUnDA)

Aigéad sárfhluaradóideacánóch (PFDoDA)

Aigéad sárfhluaraitrídeacánóch (PFTrDA)

Aigéad sárfhluarabútánachsulfónach (PFBS)

Aigéad sárfhluaraipeantánsulfónach (PFPS)

Aigéad sárfhluaraiheacsáinsulfónach (PFHxS)

Aigéad sulfónach sárfhluaraiheaptán (PFHpS)

Aigéad sárfhluarochtáinsulfónach (PFOS)

Aigéad sulfónach sárfhluaranaonáin (PFNS)

Aigéad sulfónach sárfhluaradeacáin (PFDS)

Aigéad sulfónach sárfhluaraondeacáin

Aigéad sulfónach sárfhluaradóideacáin

Aigéad sulfónach sárfhluaraitrídeacáin

Déanfar faireachán ar na substaintí sin nuair a bhaintear de thátal as an measúnú riosca agus bainistiú riosca ar na dobharcheantair do phointí astarraingthe a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 8 gur dócha go bhfuil na substaintí sin i soláthar uisce ar leith.


(1)  Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún an 31 Iúil 2009 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce (IO L 201, 1.8.2009, lch. 36).


IARSCRÍBHINN IV

FAISNÉIS DON PHOBAL

Beidh rochtain ag tomhaltóirí ar an bhfaisnéis sna pointí seo a leanas ar líne, ar bhealach saincheaptha is furasta a úsáid, agus féadfaidh tomhaltóirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin ar bhealaí eile ach údar maith a bheith leis an iarraidh:

(1)

an soláthróir uisce ábhartha, an limistéar ina ndearnadh an soláthar agus líon na ndaoine atá i gceist leis an soláthar, agus an modh táirgthe uisce a shainaithint, lena n-áirítear faisnéis ghinearálta maidir leis na cineálacha cóireála agus dífhabhtaithe uisce a cuireadh i bhfeidhm; féadfaidh na Ballstáit maolú ón gceanglas sin i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Threoir 2007/2/CE;

(2)

na torthaí is déanaí ar fhaireachán ar na paraiméadair a liostaítear i gCodanna A, B agus C d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear minicíocht faireacháin mar aon leis an luach paraiméadrach a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5; ní bheidh torthaí an fhaireacháin níos sine ná 1 bhliain amháin, ach amháin i gcás ina gceadaítear a mhalairt leis an minicíocht faireacháin a shocraítear leis an Treoir seo;

(3)

faisnéis faoi na paraiméadair seo a leanas nach bhfuil liostaithe i gCuid C d’Iarscríbhinn I agus luachanna gaolmhara:

(a)

cruas;

(b)

mianraí, ainiain/caitiain atá tuaslagtha in uisce:

cailciam Ca;

maignéisiam Mg;

potaisiam K;

(4)

i gcás baol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine arna chinneadh ag údaráis inniúla nó comhlachtaí ábhartha eile tar éis sárú ar na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5, faisnéis faoin mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus an chomhairle sláinte agus tomhaltais a bhaineann léi nó hipearnasc a thugann rochtain ar an bhfaisnéis sin;

(5)

faisnéis ábhartha faoin measúnú riosca ar an gcóras soláthair;

(6)

comhairle do thomhaltóirí, lena n-áirítear comhairle faoi conas an tomhaltas uisce a laghdú, i gcás inarb iomchuí, conas uisce a úsáid ar bhealach freagrach de réir dálaí áitiúla agus conas rioscaí sláinte de dheasca bodharuisce a sheachaint;

(7)

i gcás soláthróirí uisce a sholáthraíonn ar a laghad 10 000 m3 in aghaidh an lae nó a fhreastalaíonn ar 50 000 duine ar a laghad, faisnéis bhliantúil faoin méid seo a leanas:

(a)

feidhmíocht fhoriomlán an chórais uisce ó thaobh éifeachtúlachta de agus rátaí sceite, a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil agus ar a dhéanaí ar an dáta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 4(3);

(b)

struchtúr úinéireachta an tsoláthair uisce atá ag an soláthróir uisce;

(c)

i gcás ina n-aisghabhtar costais trí chóras taraife, faisnéis maidir le struchtúr na taraife in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d’uisce, lena n-áirítear costais sheasta agus inathraithe agus costais a bhaineann le bearta chun críocha Airteagal 16, i gcás ina ndearna soláthróirí uisce na bearta sin;

(d)

i gcás ina mbeidh siad ar fáil, achoimre agus staitisticí a bhaineann le gearáin ó thomhaltóirí a fhaigheann na soláthróirí uisce maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo;

(8)

ar iarraidh a bhfuil údar maith léi a fháil, tabharfar rochtain do thomhaltóirí ar shonraí stairiúla le haghaidh faisnéis faoi phointí (2) agus (3), ag dul siar suas le 10 mbliana, má tá na sonraí sin ar fáil, agus tráth nach luaithe ná an 13 Eanáir 2023.


IARSCRÍBHINN V

NA PRIONSABAIL MAIDIR LE MODHEOLAÍOCHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11 A SHOCRÚ

Grúpaí ábhar

1.

Ábhair orgánacha

Is déanta as an méid seo a leanas agus an méid sin amháin a bheidh ábhair orgánacha:

(a)

na substaintí tosaithe a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe atá le bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2); agus

(b)

substaintí nach bhfuil aon fhéidearthacht ann ina leith go bhfuil an tsubstaint sin agus a táirgí imoibriúcháin i láthair ag leibhéil is airde ná 0,1 μg/l in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, ach amháin má theastaíonn luach níos déine ó shubstaintí sonracha agus a dtocsaineacht á cur san áireamh.

Déanfar ábhair orgánacha a thástáil i gcomhréir le Tábla 1 i gcomhréir le modhanna i ndáil le tástáil a dhéanamh a shonraítear i gcaighdeáin Eorpacha ábhartha nó, ina n-éagmais siúd, i gcomhréir le modh a aithnítear go hidirnáisiúnta nó go náisiúnta agus comhlíonfaidh siad na ceanglais a shonraítear iontu. Chun na críche sin, déanfar torthaí na dtástálacha i dtéarmaí ascnamh substainte a chomhshó ina leibhéil mheasta ag an mbuacaire.

2.

Ábhair mhiotalacha

Ní úsáidfear ach ábhair mhiotalacha a áirítear ar an liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh atá le bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2). Comhlíonfar na teorannacha a leagtar síos sa liosta dearfach Eorpach i ndáil le comhdhéanamh na n-ábhar sin, an úsáid atá acu i dtaobh táirgí áirithe agus úsáid na dtáirgí sin.

Déanfar ábhair mhiotalacha a thástáil i gcomhréir le Tábla 1 i gcomhréir le modhanna i ndáil le tástáil a dhéanamh a shonraítear i gcaighdeáin Eorpacha ábhartha nó, ina n-éagmais sin, i gcomhréir le modh a aithnítear go hidirnáisiúnta nó go náisiúnta agus comhlíonfaidh siad na ceanglais a shonraítear iontu.

3.

Ábhair stroighniúla

Is déanta as ceann amháin nó níos mó den mhéid seo a leanas agus astu amháin a bheidh ábhair stroighniúla:

(a)

comhábhair orgánacha a liostaítear sa liosta dearfach Eorpach de shubstaintí atá le bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2);

(b)

comhábhair orgánacha nach bhfuil aon fhéidearthacht ann ina leith go bhfuil na comhábhair agus a dtáirgí imoibriúcháin i láthair ag leibhéil is mó ná 0,1 μg/l in uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine; nó

(c)

comhábhair neamhorgánacha.

Déanfar ábhair stroighniúla a thástáil i gcomhréir le Tábla 1 i gcomhréir le modhanna i ndáil le tástáil a dhéanamh a shonraítear i gcaighdeáin Eorpacha ábhartha nó, ina n-éagmais sin, i gcomhréir le modh a aithnítear go hidirnáisiúnta nó go náisiúnta agus comhlíonfaidh siad na ceanglais a shonraítear iontu. Chun na críche sin, déanfar torthaí na dtástálacha i dtéarmaí ascnamh substainte a chomhshó ina leibhéil mheasta ag an mbuacaire.

4.

Cruain agus ábhair cheirmeacha

Is déanta as substaintí tosaithe ón liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh atá le bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2), tar éis measúnú a dhéanamh ar na heilimintí a úsáidtear i gcomhdhéanamh na n-ábhar sin, agus astu amháin a bheidh cruain agus ábhair cheirmeacha.

Déanfar cruain agus ábhair cheirmeacha a thástáil i gcomhréir le Tábla 1 i gcomhréir le modhanna i ndáil le tástáil a dhéanamh a shonraítear i gcaighdeáin Eorpacha ábhartha nó, ina n-éagmais sin, i gcomhréir le modh a aithnítear go hidirnáisiúnta nó go náisiúnta agus comhlíonfaidh siad na ceanglais a shonraítear iontu. Chun na críche sin, déanfar torthaí na dtástálacha i dtéarmaí ascnamh substainte a chomhshó ina leibhéil mheasta ag an mbuacaire.

5.

Eisceachtaí i ndáil le measúnú ábhar a úsáidtear i mion-chomhpháirteanna cóimeáilte

I gcás táirgí cóimeáilte: tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar mhion-chomhpháirteanna, ar mhionchodanna agus ar mhionábhair agus laghdófar an tástáil dá réir. Chun na críche sin, tagraíonn “mion! do leibhéal tionchair ar cháilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine nach dteastaíonn an tástáil iomlán ina leith.

Tábla 1. Tástáil maidir le cineálacha ábhair

Na critéir

Orgánach (Féach Nóta 1)

Miotalach (Féach Nóta 2)

Stroighniúil

Cruain agus ábhair cheirmeacha

Liostaí dearfacha Eorpacha

 

 

 

 

Liosta dearfach Eorpach de shubstaintí tosaithe le haghaidh ábhair orgánacha

X

N.N.

X

N.N.

Liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh mhiotalacha a bhfuil glacadh leo

N.N.

X

N.N.

N.N.

Liosta dearfach Eorpach de chomhábhair le haghaidh ábhair stroighniúla

N.N.

N.N.

X

N.N.

Liosta dearfach Eorpach de chomhdhéanaimh le haghaidh cruan agus ábhair cheirmeacha

N.N.

N.N.

N.N.

X

Tástálacha orgánaileipteacha

 

 

 

 

Boladh agus blas

X

N.N.

X

N.N.

Dath agus Moirtiúlacht

X

N.N.

X

N.N.

Measúnuithe sláinteachais ghinearálta

 

 

 

 

Láisteadh an charbóin orgánaigh iomláin

X

N.N.

X

N.N.

Iarmhair dromchla (miotail)

N.N.

X

N.N.

N.N.

Tástáil ascnaimh

 

 

 

 

Paraiméadair ábhartha na Treorach seo

X

X

X

X

MTCtap de shubstaintí PL

X

N.N.

X (Féach Nóta 3)

N.N.

Substaintí nach rabhthas ag súil leo (GCMS)

X

N.N.

X (Féach Nóta 3)

N.N.

Comhlíonadh liostaí de chomhdhéanaimh

N.N.

X

N.N.

X

Cur le fás miocróbach

X

N.N.

X (Féach Nóta 3)

N.N.

N.N.:

Ní gá

MTCtap:

An t-uastiúchan is inghlactha ag an mbuacaire (bíodh sé sin bunaithe ar thuairim ECHA chun na gcríoch an tsubstaint a chur ar an liosta dearfach Eorpach, nó bunaithe ar theorainn ascnaimh shonrach a shocraítear i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún () agus aird á tabhairt ar fhachtóir leithdháilte 10 % agus ar thomhaltas uisce 2 lítear in aghaidh an lae)

GCMS:

Crómatagrafaíocht Gháis - Mais-Speictriméadracht (modh scagtha)

Nóta 1:

Eisceachtaí sonracha le cinneadh i gcomhréir le pointe 5 den Iarscríbhinn seo.

Nóta 2:

Ní bheidh miotail faoi réir tástáil orgánaileipteach toisc go nglactar leis i gcoitinne gur beag seans go mbeidh fadhbanna orgánaileipteacha ann má chomhlíontar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Nóta 3:

Ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil substaintí orgánacha sa chomhdhéanamh.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN VI

Cuid A

An Treoir Aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi

(dá dtagraítear in Airteagal 26)

Treoir 98/83/CE ón gComhairle

(IO L 330, 5.12.1998, lch. 32)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 284, 31.10.2003, lch. 1)

Pointe 29 d’Iarscríbhinn II amháin

Rialachán (CE) Uimh. 596/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 188, 18.7.2009, lch. 14)

Pointe 2.2 den Iarscríbhinn amháin

Treoir (AE) 2015/1787 ón gCoimisiún

(IO L 260, 7.10.2015, lch. 6)

 

Cuid B

Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta

(dá dtagraítear in Airteagal 26)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

98/83/CE

25 Nollaig 2000

(AE) 2015/1787

27 Deireadh Fómhair 2017


IARSCRÍBHINN VII

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 98/83/CE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2, pointí (3) go (11)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(5) agus (6)

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 7(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 13(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 13(2), pointí (a) go (e)

Airteagal 7(3)

Airteagal 13(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 7(5) agus (6)

Airteagal 13(4) agus (5)

Airteagal 13(6) go (8)

Airteagal 8(1)

Airteagal 14(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 14(2), an chéad fhomhír

Airteagal 14(2), an dara fomhír

Airteagal 8(3)

Airteagal 14(3), an chéad fhomhír

Airteagal 14(3), an dara fomhír

Airteagal 8(4)

Airteagal 14(5)

Airteagal 8(5)

Airteagal 8(6)

Airteagal 14(6)

Airteagal 8(7)

Airteagal 14(4), an fhoclaíocht réamhráiteach, pointe (a)

Airteagal 14(4), pointí (b) agus (c)

Airteagal 9(1), an chéad abairt

Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (c)

Airteagal 9(1), an dara habairt

Airteagal 15(1), an dara fomhír

Airteagal 9(1), an tríú habairt

Airteagal 15(1), an tríú fomhír

Airteagal 9(2)

Airteagal 9(3) go (6)

Airteagal 15(2) go (5)

Airteagal 9(7)

Airteagal 18(1), pointe (e)

Airteagal 9(8)

Airteagal 15(6)

Airteagal 16

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 20

Airteagal 12

Airteagal 22

Airteagal 13(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 17(2) agus (3)

Airteagal 13(2) go (6)

Airteagal 18(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d)

Airteagal 18(1), an dara fomhír

Airteagal 18(2) go (5)

Airteagal 19

Airteagal 21

Airteagal 23

Airteagal 25

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 26

Airteagal 17

Airteagal 24

Airteagal 18

Airteagal 27

Airteagal 19

Airteagal 28

Iarscríbhinn I, Cuid A

Iarscríbhinn I, Cuid A

Iarscríbhinn I, Cuid B

Iarscríbhinn I, Cuid B

Iarscríbhinn I, Cuid C

Iarscríbhinn I, Cuid C

Iarscríbhinn I, Cuid D

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointí (1) agus (2)

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointí (1) agus (2)

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (3)

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (3)

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (4)

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (4)

Iarscríbhinn II, Cuid B, pointe (1)

Iarscríbhinn II, Cuid B, pointe (2)

Iarscríbhinn II, Cuid B, pointe (1)

Iarscríbhinn II, Cuid B, pointe (3)

Iarscríbhinn II, Cuid B, pointe (2)

Iarscríbhinn II, Cuid C

Iarscríbhinn II, Cuid C

Iarscríbhinn II, Cuid D, pointí (1) agus (2)

Iarscríbhinn II, Cuid D, pointí (1) agus (2)

Iarscríbhinn II, Cuid D, pointe (3)

Iarscríbhinn II, Cuid D, pointe (3)

Iarscríbhinn II, Cuid D, pointe (4)

Iarscríbhinn III, an chéad fhomhír

Iarscríbhinn III, an chéad fhomhír

Iarscríbhinn III, an dara fomhír

Iarscríbhinn III, an dara fomhír

Iarscríbhinn III, an tríú fomhír

Iarscríbhinn III, Cuid A, an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Iarscríbhinn III, Cuid A, an tríú fomhír, pointí (a) go (f)

Iarscríbhinn III, Cuid A

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (1), an chéad fhomhír

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (1), an chéad fhomhír

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (1), an dara fomhír

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (1), an tríú fomhír agus Tábla 1

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (1), an dara fomhír agus Tábla 1

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (1), Tábla 2

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (2)

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (2)

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (3)

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

23.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 435/63


CINNEADH (AE) 2020/2185 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Nollaig 2020

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I mBealtaine 2003, ghlac an Coimisiún teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal “Forest Law Enforcement, Governance and Trade (FLEGT): Proposal for an EU Action Plan [Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT): Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE]”. Leis an bPlean Gníomhaíochta a leagtar amach sa teachtaireacht sin (“Plean Gníomhaíochta FLEGT”), iarradh bearta chun aghaidh a thabhairt ar logánú neamhdhleathach trí Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Saorálaí a fhorbairt le tíortha táirgthe adhmaid. Glacadh conclúidí ón gComhairle maidir le Plean Gníomhaíochta FLEGT i nDeireadh Fómhair 2003 agus glacadh rún ó Pharlaimint na hEorpa ar an ábhar 11 Iúil 2005.

(2)

An 5 Nollaig 2005, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht ar chomhaontuithe comhpháirtíochta le tíortha táirgthe adhmaid chun Plean Gníomhaíochta FLEGT a chur chun feidhme.

(3)

An 20 Nollaig 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 (1), lenar bunaíodh scéim ceadúnúcháin FLEGT i gcás allmhairí adhmaid isteach san Aontas Eorpach ó thíortha lenar thug an tAontas comhaontuithe comhpháirtíochta saorálaí i gcrích.

(4)

Tugadh i gcrích go rathúil an chaibidlíocht le Poblacht Hondúras i ngeall ar thabhairt i gcrích Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí (“an Comhaontú”) le hinisealú an Chomhaontaithe an 14 Meitheamh 2018.

(5)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích (2) an chomhaontaithe sin.

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 347, 30.12.2005, lch. 1).

(2)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


CINNTÍ

23.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 435/65


CINNEADH (AE) 2020/2186 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann leis na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na gceart atá ag ionadaithe den Aontas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas i gcrích an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) trí bhíthin Chinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (1) an 30 Eanáir 2020 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)

Le hAirteagal 166 den Chomhaontú um Tharraingt Siar tugtar de chumhacht don Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar (“an Comhchoiste”) cinntí a ghlacadh maidir leis na hábhair uile dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. Tá an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”) ina dhlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar.

(3)

Bunaítear le hAirteagal 12(2) den Phrótacal an ceart ag ionadaithe den Aontas a bheith i láthair i rith aon ghníomhaíochtaí de chuid na Ríochta Aontaithe a bhaineann le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal, mar aon le gníomhaíochtaí a bhaineann le hAirteagal 5 a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm. Foráiltear go sonrach leis don cheart chun faisnéis a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin a iarraidh ó údaráis na Ríochta Aontaithe agus chun iarraidh ar na húdaráis sin bearta rialaithe a dhéanamh.

(4)

Foráiltear in Airteagal 12(3) den Phrótacal do chinneadh ón gComhchoiste lena leagtar amach na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na gceart a dheonaítear leis an bPrótacal i ndáil leis sin. Ba cheart a áirithiú leis na socruithe oibre sin go mbeidh ionadaithe an Aontais in ann na cearta a leagtar síos in Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú go héifeachtach.

(5)

Is gá na cúinsí uathúla atá ar oileán na hÉireann a chur san áireamh maidir le láithreacht an Aontais dá bhforáiltear sa Phrótacal, agus ba cheart cearta ionadaithe den Aontas a fheidhmiú agus aird chuí á tabhairt ar cheannasacht eachtrach a urramú, agus go háirithe, ar Chomhaontú Aoine an Chéasta nó Comhaontú Bhéal Feirste an 10 Aibreán 1998 a urramú freisin.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú le hAirteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar a mhéid a bhaineann leis na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na gceart atá ag ionadaithe den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Phrótacal a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Foilseofar Cinneadh an Chomhchoiste in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. SCHULZE


(1)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch.1).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. …/2020 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an ...

lena ndéantar forail maidir leis na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú chearta ionadaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann atá i gceangal leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 12(3) de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leagtar amach sa Chinneadh seo na socruithe oibre praiticiúla a bhaineann le feidhmiú chearta an Aontais, trína ionadaithe, dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”).

2.   Chun críocha an Chinnidh seo, ciallaíonn “gníomhaíochtaí cumhdaithe” aon ghníomhaíocht de chuid údaráis na Ríochta Aontaithe a bhaineann le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm fhorálacha dhlí an Aontais a dtugtar feidhm dóibh leis an bPrótacal, chomh maith le gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Airteagal 5 den Phrótacal, lena n-áirítear cinntí ón gComhchoiste a ghlactar faoi sin, de bhun Airteagal 12(2) den Phrótacal.

Airteagal 2

Ionadaithe an Aontais

1.   Áiritheoidh an tAontas go ngníomhóidh a chuid ionadaithe, a fheidhmíonn na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal, de mheon macánta agus go rachaidh siad i ndlúthchomhar le húdaráis na Ríochta Aontaithe a dhéanfaidh gníomhaíochtaí cumhdaithe, agus áiritheoidh sé freisin go gcoinneoidh siad ndlúth-chumarsáid ar bun leo.

2.   Ní bheidh ionadaithe an Aontais a fheidhmíonn na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal páirteach in aon ghníomhaíocht nach mbaineann le feidhmiú na gceart sin.

3.   Agus a gceart chun bheith i láthair á fheidhmiú acu, cuirfidh ionadaithe an Aontais san áireamh an treoraíocht a thug údaráis na Ríochta Aontaithe dóibh maidir lena sábháilteacht agus le sábháilteacht daoine eile. Urramóidh siad aon cheanglas arna fhorchur go dleathach ag údaráis na Ríochta Aontaithe atá freagrach as forfheidhmiú an dlí, faoi réir Theideal XII agus Theideal XIII (Airteagail 120 agus 121) de Chuid a Trí den Chomhaontú um Tharraingt Siar.

4.   Áiritheoidh an tAontas nach bhféadfaidh a chuid ionadaithe faisnéis a nochtadh, a bhfuil eolas acu uirthi de bharr cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú, ach amháin d'institiúidí, do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus chomh maith leis sin d'údaráis na Ríochta Aontaithe, mura rud é go bhfuil siad údaraithe ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil an Aontais.

5.   Tá sé de cheart ag ionadaithe an Aontais a bheith i láthair le linn na gníomhaíochtaí cumhdaithe sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear i ngach áit ina dtagann earraí nó ainmhithe isteach nó ina n-imíonn siad amach as Tuaisceart Éireann trí na calafoirt nó na haerfoirt. Ní fhéadfaidh ionadaithe an Aontais rochtain a fháil ar shaoráidí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) ach amháin nuair atá ionadaithe údaráis na Ríochta Aontaithe i láthair agus nuair atá na saoráidí á n-úsáid chun gníomhaíochtaí cumhdaithe a dhéanamh, nó nuair a bheidh saoráid oibríochtúil ar shlí eile chun na críche sin. Féadfaidh ionadaithe an Aontais a bheith in éineacht le haon ionadaí ó údaráis na Ríochta Aontaithe aon uair a bheidh aon cheann de na gníomhaíochtaí cumhdaithe á dhéanamh ag ionadaithe na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear le haghaidh cigireachtaí ar láithreáin seachas na cinn dá dtagraítear san abairt roimhe seo.

6.   Éascóidh an Ríocht Aontaithe láithreacht na n-ionadaithe de chuid an Aontais a fheidhmíonn na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal agus soláthróidh sí aon trealamh, áiseanna agus saoráidí eile is gá, amhail stáisiúin oibre atá feistithe go leordhóthanach agus naisc TF leormhaithe, chun a gcúraimí a dhéanamh.

7.   Beidh cartlann an Aontais maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le haon ghníomhaíocht cumhdaithe dosháraithe.

8.   Ní chuirfear bac ar ionadaithe an Aontais atá i láthair sa Ríocht Aontaithe gluaiseacht faoi shaoirse sa Ríocht Aontaithe chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú.

9.   Agus na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal á bhfeidhmiú ag ionadaithe an Aontais, beidh cárta aitheantais fótagrafach ag gabháil leo ina ndeimhneofar a n-ainm, a bhfeidhm, agus institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais a mbaineann siad leo. Eiseoidh an tAontas cártaí aitheantais den sórt sin trí úsáid a bhaint as samplach a roinnfidh an tAontas leis an Ríocht Aontaithe laistigh de mhí amháin ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

10.   Agus na háiteanna ina bhfeidhmeofar na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal bainte amach ag ionadaí an Aontais, cuirfidh sé an cárta aitheantais dá dtagraítear i mír 9 ar fáil. Faoi réir mhír 3 agus a luaithe a bheidh sé sainaitheanta go cuí, deonófar rochtain ar an tsaoráid láithreach d'ionadaí an Aontais.

11.   Beidh ionadaithe an Aontais i dteideal taisteal chuig an Ríocht Aontaithe gan fógra nó formheas a thabhairt roimh ré chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú. Féadfaidh siad taisteal chuig an Ríocht Aontaithe tríd an laissez-passer arna eisiúint ag an Aontas a úsáid.

12.   Maidir le hionadaithe an Aontais sa Ríocht Aontaithe chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú, in éineacht lena gcéilí agus le baill chleithiúnacha dá dteaghlaigh, ní bheidh siad faoi réir srianta inimirce ná foirmiúlachtaí ó thaobh eachtrannaigh a chlárú de.

13.   Fad a bheidh siad sa Ríocht Aontaithe chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú, tabharfar na saoráidí céanna d'ionadaithe an Aontais maidir le rialacháin airgeadra nó mhalairte is gnách a thabhairt d'oifigigh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe agus beidh siad díolmhaithe ó chánachas náisiúnta ar a dtuarastail, a bpá agus a ndíolaíochtaí arna n-íoc ag an Aontas nó ag na Ballstáit. Ní bheidh feidhm ag pribhléidí ná díolúintí cánach den sórt sin maidir le hionadaí de chuid an Aontais más náisiúnach Briotanach é (seachas náisiúnach Briotanach ar náisiúnach é freisin de Bhallstát den Aontas agus nach bhfuil cónaí air sa Ríocht Aontaithe tráth an cheapacháin) nó más cónaitheoir buan den Ríocht Aontaithe é.

14.   Fad a bheidh siad sa Ríocht Aontaithe chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú, beidh an ceart ag ionadaithe an Aontais a dtroscán agus a maoin phearsanta, lena n-áirítear mótarfheithiclí, a allmhairiú agus a athonnmhairiú saor ó dhleacht.

15.   Measfar, chun críocha Theideal XII agus Theideal XIII (Airteagail 120 agus 121) de Chuid a Trí den Chomhaontú um Tharraingt Siar, gur gníomhaíochtaí de chuid an Aontais de bhun an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar iad gníomhaíochtaí ionadaithe an Aontais sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 12(2) den Phrótacal.

Airteagal 3

Pointí teagmhála

1.   Cuirfidh an Ríocht Aontaithe liosta ar fáil don Aontas de na húdaráis a dhéanfaidh gníomhaíochtaí cumhdaithe agus dá saoráidí.

Ainmneoidh an Ríocht Aontaithe pointe teagmhála le haghaidh gach ceann de na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus cuirfidh sí na sonraí teagmhála ábhartha ar fáil don Aontas.

2.   Cuirfidh an Ríocht Aontaithe aon leasú ar an liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, nó aon athrú ar phointe nó sonraí teagmhála, in iúl don Aontas go pras.

3.   Ainmneoidh an tAontas pointe teagmhála chun críoch mhír 2.

Airteagal 4

Módúlachtaí a bhaineann le faisnéis a iarraidh

1.   Freagróidh ionadaí nó pointe teagmhála na Ríochta Aontaithe, de réir mar a bheidh, d'aon iarraidh ar fhaisnéis go gasta, agus ar an gcaoi sin tabharfaidh sé am leordhóthanach d'ionadaí an Aontais measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú.

2.   Má mheasann údaráis na Ríochta Aontaithe nach bhfuil iarraidh ar fhaisnéis nó ábharthacht na hiarrata sin soiléir, nó go mbeadh ualach rómhór ag baint le hiarraidh a chomhlíonadh mar gheall ar raon feidhme na faisnéise a iarradh, féadfaidh siad a iarraidh ar ionadaí an Aontais a rinne an iarraidh a raon feidhme a shoiléiriú nó a bheachtú.

3.   Agus na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal á bhfeidhmiú acu, agus aird chuí á tabhairt ar a n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Chinneadh seo, beidh sé de cheart ag ionadaithe an Aontais scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid agus taifid atá i seilbh údaráis na Ríochta Aontaithe agus, i gcás inar gá, iad sin a chóipeáil, ar doiciméid agus taifid iad ina bhfuil faisnéis atá ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí cumhdaithe. Cosnóidh an tAontas an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 2(4).

4.   Féadfaidh ionadaithe an Aontais a iarraidh ar údaráis na Ríochta Aontaithe a dhéanann gníomhaíochtaí cumhdaithe faisnéis ábhartha a chur ar fáil faoi na gníomhaíochtaí sin.

Airteagal 5

Rochtain leictreonach ar chórais faisnéise, bunachair sonraí agus líonraí is infheidhme

1.   Arna iarraidh sin ag an Aontas, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe rochtain leictreonach leanúnach d'ionadaithe an Aontais ar bhonn fíor-ama ar fhaisnéis ábhartha atá i líonraí, i gcórais faisnéise agus i mbunachair sonraí na Ríochta Aontaithe, agus i modúil náisiúnta na Ríochta Aontaithe de chórais an Aontais (dá ngairfear anseo feasta: “córais TF”) a liostaítear in Iarscríbhinn 1, a mhéid is gá le go bhféadfaidh ionadaithe an Aontais na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú. Áiritheoidh an tAontas go gcosnóidh a chuid ionadaithe an fhaisnéis sin i gcomhréir le míreanna 3 agus 4.

2.   Arna iarraidh sin ag an Aontas, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe rochtain leictreonach d'ionadaithe an Aontais ar fhaisnéis ábhartha atá sna córais TF dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2, a mhéid is gá d'ionadaithe an Aontais chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú. Áiritheoidh an tAontas go gcosnóidh a chuid ionadaithe an fhaisnéis sin i gcomhréir le míreanna 3 agus 4.

3.   Is féidir an rochtain a dheonaítear a fheidhmiú go cianda freisin agus tá an rochtain sin faoi réir ionadaithe an Aontais ag comhlíonadh riachtanais slándála agus riachtanais úsáideora eile gach ceann de na córais TF sin.

4.   Áiritheoidh an tAontas nach bhféadfaidh a chuid ionadaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a úsáid ach amháin chun na cearta faoi Airteagal 12(2) den Phrótacal a fheidhmiú. Áiritheoidh an tAontas nach nochtfaidh a chuid ionadaithe aon fhaisnéis a bhfuarthas rochtain uirthi de bhun mhír 1 agus mhír 2 ach amháin d'institiúidí, do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus d'údaráis na Ríochta Aontaithe, mura mbeidh siad údaraithe amhlaidh ag údaráis chustaim na Ríochta Aontaithe agus ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil an Aontais. Ní fhéadfaidh údaráis chustaim na Ríochta Aontaithe diúltú nochtadh den sórt sin a údarú ach amháin ar chúiseanna a shonraítear go cuí.

5.   Cuirfidh an Ríocht Aontaithe in iúl don Aontas, in am trátha, aon athrú maidir leis na córais TF a liostaítear in Iarscríbhinn 1 agus in Iarscríbhinn 2 a bheith ann, maidir lena raon feidhme nó lena n-oibriú, sula dtiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm.

Airteagal 6

Módúlachtaí a bhaineann le bearta rialaithe a iarraidh

1.   Féadfaidh ionadaithe an Aontais bearta rialaithe a iarraidh i gcásanna aonair, ó bhéal agus i scríbhinn araon. Sonrófar go cuí in iarrataí den sórt sin na cúiseanna leis an mbeart rialaithe sonrach a iarraidh. Treorófar iarrataí chuig an duine teagmhála ábhartha de chuid údarás na Ríochta Aontaithe de ghnáth, ach féadfar iarrataí ó bhéal a dhíriú freisin ar ionadaí de chuid údaráis na Ríochta Aontaithe.

2.   Déanfaidh údaráis na Ríochta Aontaithe an beart rialaithe iarrtha go gasta.

3.   Má mheasann údaráis na Ríochta Aontaithe nach bhfuil na cúiseanna a thug ionadaithe an Aontais dá n-iarraidh leordhóthanach nó go bhfuil siad doiléir, féadfaidh údaráis na Ríochta Aontaithe a iarraidh ar ionadaithe an Aontais a gcuid cúiseanna a shoiléiriú nó a mhíniú ar bhealach níos mionsonraithe.

Airteagal 7

Déanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú ar an gCinneadh seo ar a dhéanaí [3] bliana tar éis a theacht i bhfeidhm agus tar éis iarraidh a fháil ón Aontas nó ón Ríocht Aontaithe.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.

Arna dhéanamh sa...,

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh


IARSCRÍBHINN 1

Córais TF ina bhfuil faisnéis atá de dhíth chun reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 5(3) den Phrótacal agus d'Airteagal 5(1) agus (2) den Phrótacal a chur chun feidhme

An tSeirbhís um Dhearbhuithe Custaim (CDS), lena n-áirítear próifílí riosca agus faisnéis maidir le taispeáint agus stóráil shealadach na n-earraí, i gcás ina bhfuil sin ar fáil

Seirbhís um Fheithiclí Earraí a Ghluaiseacht (GVMS)

Córas um Dhíriú ar Lastais, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú ar bhealaí malartacha i ndáil le dearbhú na Ríochta Aontaithe maidir le dearbhuithe onnmhairíochta

Córas Rialaithe Allmhairí (ICS) d'fhearann náisiúnta Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear próifílí riosca

Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais (NCTS) d'fhearann náisiúnta Thuaisceart Éireann

Córais eile a úsáideann údaráis na Ríochta Aontaithe chun Airteagal 5(2) agus (4) agus Airteagal 6(1) den Phrótacal a chur chun feidhme, lena n-áirítear faisnéis maidir le húdaruithe (Údaruithe agus cinntí atá ábhartha maidir le CCA agus leis an bPrótacal).


IARSCRÍBHINN 2

Córais TF eile ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun na gníomhaíochtaí cumhdaithe a dhéanamh

An Córas um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS) d'Fhearann Náisiúnta

Córas Malartaithe Faisnéise CBL (VIES) d'Fhearann Náisiúnta agus aon bhunachar sonraí de chuid na Ríochta Aontaithe atá ábhartha go díreach, chun sonraí clárúcháin thrádálaithe Thuaisceart Éireann a cheadú mar aon leis an bhfaisnéis a chuireann trádálaithe Thuaisceart Éireann ar fáil d'údarás cánach na Ríochta Aontaithe maidir le hidirbhearta inchánacha i ndáil le fáil earraí laistigh den Aontas a dhéantar i dTuaisceart Éireann agus ar gá do thrádálaithe de chuid Thuaisceart Éireann iad a dhearbhú.

Ionad Ilfhreastail (IOSS agus OSS) d'Fhearann Náisiúnta (Allmhairiú)

Aisíocaíocht CBL d'Fhearann Náisiúnta


23.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 435/73


CINNEADH (AE) 2020/2187 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Nollaig 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2021 a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Shínigh an tAontas an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (“TCT”) i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle (1). An 4 Márta 2019, rinne an tAontas é a fhormheas trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle (2). Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.

(2)

De bhun Airteagal 35 TCT, tá Coiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobal Iompair (“an Coiste Stiúrtha”) le buiséad an Chomhphobail Iompair a ghlacadh gach bliain. De réir Airteagal 35 TCT, tugtar de chumhacht freisin don Choiste Stiúrtha cinntí a ghlacadh lena sonraítear an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme.

(3)

Tá an Coiste Stiúrtha le cinneadh a ghlacadh maidir le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2021 le linn an chruinnithe a bheidh aige i mí na Nollag 2020 nó, mura dtugtar aghaidh ar an mír sin den chlár oibre le linn an chruinnithe sin, le linn an chruinnithe ina dhiaidh sin.

(4)

Tá gá le buiséad an Chomhphobail Iompair le haghaidh 2021 atá beartaithe ionas go bhfeidhmeoidh comhlachtaí an Chomhphobail Iompair go cuí. Cumhdaítear leis na costais le haghaidh acmhainní daonna, taistil, trealamh agus bogearraí TF, chomh maith le caiteachas oibríochtúil amhail staidéir, cúnamh teicniúil agus eagrú comhdhálacha agus cruinnithe.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha a bhunú, ós rud é go bhfuil cinneadh den sórt sin riachtanach d'fheidhmiú Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, agus beidh éifeachtaí dlíthiúla aige i leith an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le buiséad an Chomhphobail Iompair don bhliain 2021 bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Stiúrtha (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 278, 27.10.2017, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1).

(3)  Féach doiciméad ST 11356/20 ar http://register.consilium.europa.eu


23.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 435/74


CINNEADH (CBES) 2020/2188 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Nollaig 2020

lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh,a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Samhain 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES (1) lena mbunaítear oibríocht Atalanta, oibríocht mhíleata de chuid AE.

(2)

An 30 Iúil 2018, le Cinneadh (CBES) 2018/1083 ón gComhairle (2), leasaíodh Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES agus cuireadh síneadh le Atalanta go dtí an 31 Nollaig 2020.

(3)

Foráiltear le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha, a síníodh an 20 Nollaig 1988, go bhfuil na Páirtithe le comhoibriú a oiread is féidir chun trácht aindleathach ar muir a chosc, i gcomhréir le dlí idirnáisiúnta na farraige.

(4)

An 15 Samhain 2019, d’athdhearbhaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSC), i Rún 2498 (2019) uaithi, go bhfuil na Stáit uile, chun críocha síocháin agus cobhsaíocht a bhunú sa tSomáil, chun an trádbhac ar airm agus ar threalamh míleata, a forchuireadh i dtosach le mír 5 de Rún 733 (1992) uaithi agus le míreanna 1 agus 2 de Rún 1425 (2002) uaithi, a chur chun feidhme.

(5)

I Rún 2498 (2019) uaithi, cháin UNSC aon onnmhairí fioghuail ón tSomáil de shárú ar an toirmeasc iomlán ar onnmhairiú fioghuail chomh maith agus d’athdhearbhaigh sí a cinneadh maidir leis an toirmeasc ar fhioghual Somálach a allmhairiú agus a onnmhairiú, mar a leagtar amach i mír 22 de Rún 2036 (2012) uaithi agus i míreanna 11 go 21 de Rún 2182 (2014) uaithi.

(6)

An 4 Nollaig 2019, i Rún 2500 (2019) uaithi, d’iarr UNSC an athuair ar Stáit agus ar eagraíochtaí réigiúnacha darb acmhainn déanamh amhlaidh páirt a ghlacadh sa chomhrac i gcoinne na píoráideachta agus na robála armtha ar muir amach ó chósta na Somáile, d’iarr sí ar gach Stát comhoibriú chun imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar gach duine atá freagrach as gníomhartha den sórt sin nó a bhfuil baint acu leo agus d’aithin sí an t-ionchúiseamh rathúil a rinneadh sna Séiséil ar chásanna píoráideachta.

(7)

I Rún 2500 (2019) uaithi, chuir UNSC in iúl freisin gur cúis mhór imní di na tuairiscí ar iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) i Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Somáile agus d’aithin sí go bhféadfadh iascaireacht NNN cur leis an díchobhsú i measc na bpobal cois cósta.

(8)

An 25 Feabhra 2020, rinne Oibríocht Agénor – an chuid mhíleata den tionscnamh um Fheasacht ar Staid Mhuirí i gCaolas Hormuz faoi stiúir na hEorpa (EMASOH) – acmhainneacht iomlán oibríochtúil a bhaint amach.

(9)

An 12 Samhain 2020, rinne UNSC, i Rún 2551 (2020) uaithi, athnuachan ar na húdaruithe a deonaíodh i Rún 2182 (2014) uaithi chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go docht an trádbhac arm ar an tSomáil agus an toirmeasc ar fhioghual na Somáile a allmhairiú agus a onnmhairiú, agus spreag sé Atalanta a rannchuidiú leis an gcomhar réigiúnach a fheabhsú maidir le freagairt a thabhairt ar shreabha aindleathacha muirí agus maidir le cur isteach ar gach cineál gáinneála ar earraí dleathacha agus aindleathacha a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta sa tSomáil a mhaoiniú.

(10)

Sa chomhthéacs sin, baineadh de thátal as an Athbhreithniú Straitéiseach ar Atalanta a rinneadh in 2020 gur cheart sainordú na hoibríochta a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2022 agus gur cheart í a leasú chun cúram neamhfheidhmiúcháin tánaisteach a thabhairt isteach maidir le faireachán a dhéanamh ar an ngáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha, ar an ngáinneáil ar airm, ar iascaireacht NNN agus ar an trádáil aindleathach i bhfioghual amach ó chósta na Somáile.

(11)

Baineadh de thátal as an Athbhreithniú Straitéiseach ar Atalanta a rinneadh in 2020 freisin gur cheart na cúraimí feidhmiúcháin tánaisteacha lena gcuirfear i gcoinne gáinneáil ar dhrugaí agus gáinneáil ar airm a thabhairt isteach i sainordú na hoibríochta, i gcomhréir leis an gcreat dlí is infheidhme, a luaithe a shaineofar an méid sin. Chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an 1 Nollaig 2020 go bhfeidhmeoidh Atalanta na cúraimí sin agus go ndéanfar na socruithe riachtanacha a shainiú sna doiciméid phleanála don oibríocht.

(12)

Ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES a leasú dá réir.

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú ná i gcur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a mbíonn impleachtaí acu in ábhair cosanta. Níl an Danmhairg rannpháirteach i gcur chun feidhme an Chinnidh seo agus, dá bhrí sin, ní ghlacann sí páirt i maoiniú oibríocht Atalanta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Ina theannta sin, rannchuideoidh Atalanta, mar chúraimí feidhmiúcháin tánaisteacha le cur chun feidhme thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an tSomáil i gcomhréir le Rún 2182 (2014) ó UNSC agus le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile i gcomhthéacs Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha an 20 Nollaig 1988.

4.   Ina theannta sin, déanfaidh Atalanta faireachán, mar chúram neamhfheidhmiúcháin tánaisteach, ar gháinneáil ar dhrugaí támhshuanacha, ar gháinneáil ar airm, ar iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) agus ar thrádáil aindleathach fioghuail amach ó chósta na Somáile i gcomhréir le Rúin 2498 (2019) agus 2500 (2019) ó UNSC agus i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha an 20 Nollaig 1988.

5.   Féadfaidh Atalanta rannchuidiú, mar chúram neamhfheidhmiúcháin tánaisteach, de réir acmhainne agus cumais agus arna iarraidh sin, leis an gcur chuige comhtháite de chuid AE i leith na Somáile agus le gníomhaíochtaí ábhartha an chomhphobail idirnáisiúnta, ionas go gcuideofar ar an gcaoi sin le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na píoráideachta agus a líonra.

6.   Tacóidh an Fhoireann Mhíleata de chuid an Aontais le Atalanta trí bhagairtí a shainaithint agus réamhphleanáil a dhéanamh maidir le tosca cinntitheacha a d‘fhéadfadh difear a dhéanamh don oibríocht, d’fhonn an Coiste Polaitiúil agus Míleata a choinneáil ar an eolas faoi na bagairtí agus na tosca sin.”;

(2)

cuirtear “Cur i gcoinne na píoráideachta agus na robála armtha amach ó chósta na Somáile agus loingseoireacht leochaileach a chosaint” in ionad theideal Airteagal 2;

(3)

cuirtear isteach an t-airteagal nua seo a leanas, arb ionann an téacs de agus Airteagal 12 de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, faoi mar a scriostar é leis an gCinneadh seo:

Airteagal 2a

Aistriú daoine a ghabhtar agus a choinnítear d’fhonn iad a ionchúiseamh

1.   Ar an mbonn go nglacann an tSomáil le feidhmiú dlínse ag na Ballstáit nó ag tríú Stáit, ar thaobh amháin, agus le hAirteagal 105 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, ar an taobh eile, déanfar daoine a bhfuil amhras ann go bhfuil sé ar intinn acu, mar a thagraítear in Airteagail 101 agus 103 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, gníomhartha píoráideachta nó robála armtha a dhéanamh, go bhfuil siad á ndéanamh acu nó go ndearna siad iad, in uiscí teorann nó inmheánacha na Somáile nó ar an mórmhuir, agus a ngabhtar agus a gcoinnítear iad, d'fhonn iad a ionchúiseamh, mar aon le cibé maoin a úsáideadh chun na gníomhartha sin a dhéanamh, déanfar iad a aistriú:

chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó an tríú Stát atá rannpháirteach san oibríocht, a bhfuil a bhratach ar foluain ag an soitheach a chuir i mbraighdeanas iad, nó

mura féidir leis an Stát sin a dhlínse a fheidhmiú, nó mura mian leis í a fheidhmiú, chuig Ballstát nó chuig aon tríú Stát ar mian leis a dhlínse a fheidhmiú ar na daoine agus ar an maoin réamhráite.

2.   Daoine a bhfuil amhras ann go bhfuil sé ar intinn acu, mar a thagraítear in Airteagail 101 agus Airteagal 103 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, gníomhartha píoráideachta nó robála armtha a dhéanamh, go bhfuil siad á ndéanamh acu nó go ndearna siad iad, a ngabhann agus a gcoinníonn Atalanta iad, d'fhonn iad a ionchúiseamh, in uiscí teorann, uiscí inmheánacha, nó in uiscí oileánacha Stát eile sa réigiún i gcomhaontú leis na Stáit sin, mar aon le cibé maoin a úsáideadh chun na gníomhartha sin a dhéanamh, féadfar iad a aistriú chuig údaráis inniúla an Stáit lena mbaineann, nó, le toiliú an Stáit lena mbaineann, chuig údaráis inniúla Stáit eile.

3.   Ní fhéadfar aon daoine dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a aistriú chuig tríú Stát murar comhaontaíodh coinníollacha an aistrithe leis an tríú Stát sin ar bhealach atá comhchuí leis an dlí idirnáisiúnta is ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, chun a ráthú go háirithe nach gcuirfear aon duine faoi phionós an bháis, faoi chéastóireacht ná faoi aon íde chruálach, mhídhaonna nó tháireach.”;

(4)

cuirtear isteach an t-airteagal nua seo a leanas:

“Airteagal 2b

Cuidiú le trádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an tSomáil a chur chun feidhme agus le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile

1.   Chun rannchuidiú le cur chun feidhme thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an tSomáil i gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó UNSC, go háirithe Rún 2182 (2014), déanfaidh Atalanta, mar a leagtar amach sna doiciméid phleanála agus laistigh de Limistéar comhaontaithe na nOibríochtaí ar an mórmhuir amach ó chósta na Somáile, cigireachtaí ar shoithí atá faoi cheangal chun na Somáile agus uaithi, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil airm nó trealamh míleata á n-iompar ag soithí den sórt sin go dtí an tSomáil, go díreach nó go hindíreach, de shárú ar an trádbhac arm ar an tSomáil nó go bhfuil airm nó trealamh míleata ar iompar acu chuig daoine aonair nó eintitis arna n-ainmniú ag an gCoiste a bunaíodh de bhun Rúin 751 (1992) agus 1907 (2009) ó UNSC. Urghabhálfaidh Atalanta na nithe sin, déanfaidh sé iad a thaifeadadh agus a dhiúscairt, agus féadfaidh sé soithí den sórt sin agus a bhfoirne a atreorú chuig calafort oiriúnach chun an diúscairt sin a éascú, i gcomhréir le Rúin ábhartha ó UNSC, lena n-áirítear Rún 2182 (2014), agus le socruithe atá leagtha amach sa Phlean Oibríochta.

2.   Chun rannchuidiú le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile, gníomhóidh Atalanta i gcomhréir leis na socruithe agus laistigh de limistéar comhaontaithe na nOibríochtaí ar an mórmhuir amach ó chósta na Somáile, mar a leagtar amach sna doiciméid phleanála:

(a)

a mhéid a bhaineann le soithí atá faoi bhratach naisiúnta, i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann le creidiúint go bhfuil soitheach den sórt sin á úsáid don gháinneáil ar dhrugaí támhshuanacha, rachaidh Atalanta, má údaraíonn an Stát brataí amhlaidh go sainráite, ar bord na soithí sin, déanfaidh sé cuardach ar dhrugaí támhshuanacha agus, má aimsítear fianaise go ndearnadh gáinneáil aindleathach, déanfaidh sé gníomhaíocht iomchuí i ndáil leis an soitheach sin agus an lastas atá ar bord. Maidir le daoine a bhfuil baint acu le gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha a ghabháil, a choinneáil, a aistriú chuig tríú Stát nó a ionchúiseamh, féadfaidh Ballstáit thoilteanacha déanamh amhlaidh ar bhonn a ndlí náisiúnta;

(b)

a mhéid a bhaineann le soithí nach bhfuil bratach náisiúnta acu, déanfaidh Atalanta gníomhaíocht, lena n-áirítear bordáil agus cuardach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an long idirghabhálach agus leis an dlí idirnáisiúnta, trí úsáid a bhaint as na sócmhainní sin amháin arna gcur ar fáil ag na Ballstáit sin a chuir in iúl go bhfuil siad in ann gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh. Ina gcáil náisiúnta ar bhonn a ndlí náisiúnta, féadfaidh Ballstáit thoilteanacha gníomhaíocht bhreise a dhéanamh, amhail drugaí a urghabháil agus soitheach den sórt sin a atreorú, mar aon le daoine a bhfuil baint acu le gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha a ghabháil, a choinneáil, a aistriú chuig tríú Stát agus a ionchúiseamh.

3.   A luaithe a bheidh an Plean Oibríochta leis na socruithe riachtanacha formheasta, gníomhachtóidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála na cúraimí feidhmiúcháin tánaisteacha nuair a thuairisceoidh an Ceannasaí Oibríochta de chuid AE go bhfuil na sócmhainní is gá ag Atalanta chun na cúraimí sin a chomhlíonadh agus, a mhéid a bhaineann le trádbhac arm na Náisiún Aontaithe, nuair a thuairisceoidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí go ndearnadh na fógraí a cheanglaítear faoi mhír 15 de Rún 2182 (2014) ó UNSC.

4.   Maidir le fianaise a fuarthas a bhaineann le hiompar ítimí a thoirmisctear faoin trádbhac arm ar an tSomáil agus drugaí támhshuanacha, go háirithe le linn cigireachtaí arna ndéanamh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, féadfaidh Atalanta iad a stóráil a mhéid a bhaineann le hiompar arm agus féadfaidh na Ballstáit atá toilteanach agus ábalta déanamh amhlaidh a mhéid a bhaineann le drugaí támhshuanacha a iompar. I gcomhréir leis an dlí is infheidhme, féadfar sonraí pearsanta, go háirithe, a bhailiú agus a stóráil maidir le daoine a bhfuil baint acu le hiompar arm nó drugaí támhshuanacha, ar sonraí iad a bhaineann le saintréithe ar dócha go gcabhróidís leis na daoine sin a shainaithint, lena n-áirítear méarloirg, mar aon leis na sonraí seo a leanas, cé is moite de shonraí pearsanta eile: sloinne, sloinne roimh phósadh, túsainmneacha agus aon ailiasanna nó ainmneacha bréige; dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht, inscne, áit chónaithe, gairm agus an áit a bhfuil an duine atá i gceist; ceadúnais tiomána, doiciméid aitheantais agus sonraí pas. Féadfar sonraí den sórt sin, chomh maith le sonraí a bhaineann leis na soithí agus leis an trealamh a úsáideann na daoine sin, agus an fhaisnéis ábhartha a fuarthas agus na cúraimí faoin Airteagal seo á gcomhlíonadh acu, a chur in iúl d’údaráis ábhartha forfheidhmithe dlí na mBallstát. Féadfaidh Atalanta, a mhéid a bhaineann le hairm a iompar, agus féadfaidh Ballstáit thoilteanacha, a mhéid a bhaineann le hiompar drugaí támhshuanacha, é sin a chur in iúl freisin do thríú Stáit ar mian leo a ndlínse a fheidhmiú ar na daoine agus ar an maoin sin, agus do chomhlachtaí inniúla de chuid AE i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

5.   Féadfar comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú Stáit, ar bhonn údaruithe arna ndeonú cás ar chás ag an gComhairle, chun aistriú na ndaoine a ghabhtar agus a choinnítear faoina dhlí náisiúnta, as páirt a ghlacadh i sáruithe ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an tSomáil nó as gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile, a éascú do Bhallstát, d’fhonn daoine den sórt sin a ionchúiseamh. Áireofar sna comhaontuithe sin coinníollacha maidir le daoine den sórt sin a aistriú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, chun a áirithiú go háirithe nach gcuirfear na daoine lena mbaineann faoi phionós an bháis, faoi chéastóireacht ná faoi aon íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach.”;

(5)

in Airteagal 8, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“Comhordóidh Atalanta go dlúth le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile (EUTM Somalia) agus le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta sa tSomáil (EUCAP Somalia). Tacóidh sé, de réir acmhainne agus cumais, le cláir ábhartha de chuid AE.

Forbróidh Atalanta, de réir acmhainne agus cumais, comhar sonrach le hoibríocht Agénor.”;

(6)

in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Tacóidh Atalanta, de réir acmhainne agus cumais, go háirithe trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, leis an Lárionad Réigiúnach um Chomhleá Faisnéise Muirí (RMIFC) i Madagascar agus leis an Lárionad Comhordúcháin Oibríochtúil Réigiúnach (ROCC) sna Séiséil.”;

(7)

scriostar Airteagal 12;

(8)

in Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   EUR 9 930 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh na gcostas coiteann a bhaineann le hoibríochtaí míleata an Aontais ar feadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022. Is é 0 % an céatadán den mhéid tagartha dá dtagraítear in Airteagal 25(1) de Chinneadh (CBES) 2015/528.”;

(9)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

“4.   Leis seo, údaraítear do Atalanta faisnéis arna bailiú le linn a chuid oibríochtaí faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó neamhúdaraithe, seachas sonraí pearsanta, a chomhroinnt leis an bPainéal Saineolaithe maidir leis an tSomáil, le hOifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Choireacht, le CMF, le RMIFC agus le ROCC.

5.   Leis seo, údaraítear do Atalanta faisnéis ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha seachas an phíoráideacht a bhailítear le linn a chuid oibríochtaí a scaoileadh chuig INTERPOL, i gcomhréir le hAirteagal 2(h), agus chuig EUROPOL, i gcomhréir le hAirteagal 2(i).”;

(10)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tiocfaidh deireadh leis an oibríocht de chuid AE an 31 Nollaig 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (IO L 301, 12.11.2008, lch. 33).

(2)  Cinneadh 2018/1083 (CBES) ón gComhairle an 30 Iúil 2018 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (IO L 194, 31.7.2018, lch. 142).


Ceartúcháin

23.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 435/79


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 284 an 12 Samhain 2018 ) (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 12 Samhain 2018)

Ar leathanach 18, an chéad fhómhír d’Airteagal 19(1):

in ionad:

“1.

Faoin 3 Nollaig 2021 agus gach 5 bliana as sin amach, ...”,

léitear:

“1.

Faoin 3 Meitheamh 2024, agus gach 5 bliana as sin amach, ...”.

23.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 435/80


Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2020/1312 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 308 an 22 Meán Fómhair 2020 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 22 Meán Fómhair 2020)

Ar leathanach 3, Airteagal 1:

in ionad:

“(h)

airm nó trealamh marfach gaolmhar eile nach liostaítear i bpointe (g) d’Airteagal 2(1) a dhíol, a sholáthar, a onnmhairiú, agus cúnamh gaolmhar a thabhairt, d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n-áirítear institiúidí sibhialta forfheidhmithe dlí an stáit, i gcás ina mbeidh na hairm agus an trealamh sin beartaithe go heisiach lena n-úsáid i bpróiseas athchóirithe earnáil slándála Phoblacht na hAfraice Láir nó chun tacú leis an bpróiseas sin, faoi mar a d’fhormheas an Coiste roimh ré; nó’.”,

léitear:

“(h)

airm nó trealamh marfach gaolmhar eile nach liostaítear i bpointe (g) d’Airteagal 2(1) a dhíol, a sholáthar, a aistriú, nó a onnmhairiú, agus cúnamh gaolmhar a thabhairt, d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n-áirítear institiúidí sibhialta forfheidhmithe dlí an stáit, i gcás ina mbeidh na hairm agus an trealamh sin beartaithe go heisiach lena n-úsáid i bpróiseas athchóirithe earnáil slándála Phoblacht na hAfraice Láir nó chun tacú leis an bpróiseas sin, faoi mar a d’fhormheas an Coiste roimh ré; nó’.”.