ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 432

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
21 Nollaig 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/2170 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm

1

 

*

Rialachán (AE) 2020/2171 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hÚdarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

4

 

*

Rialachán (AE) 2020/2172 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

7

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

21.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/1


RIALACHÁN (AE) 2020/2170 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2020

maidir le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugadh an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“An Comhaontú um Tharraing Siar”) i gcrích thar ceann an Aontais le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(2)

In Airteagal 4 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann atá i gceangal leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (an “Prótacal”) athdhearbhaítear gur cuid de críoch chustaim na Ríochta Aontaithe é Tuaisceart Éireann, agus nach gcuireann aon ní sa Phrótacal cosc ar an Ríocht Aontaithe Tuaisceart Éireann a chuimsiú i raon críochach a Sceideal Lamháltas atá i gceangal leis an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil, 1994 (GATT 1994).

(3)

Aon tagairt do chríoch chustaim an Aontais sna forálacha is infheidhme den Phrótacal nó sna forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann leis an bPrótacal, foráiltear le hAirteagal 13(1) den Phrótacal, d’ainneoin aon fhorálacha eile den Phrótacal, go léifear í mar a bheadh críoch talún Thuaisceart Éireann san áireamh.

(4)

Faoi Airteagal 5(3) den Phrótacal, tá feidhm ag reachtaíocht chustaim an Aontais mar a shainmhínítear í i bpointe 2 d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. Is éard is brí leis na forálacha sin, arna léamh i dteannta leis an gcéad agus an dara fomhír d’Airteagal 5(1) den Phrótacal a mhéid a bhaineann le hearraí a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann ó lasmuigh den Aontas, go mbeadh feidhm ag bearta taraife an Aontais, lena n-áirítear cuótaí rátaí taraife faoin gComhtharaif Chustaim nó faoi chomhaontaithe idirnáisiúnta ábhartha, maidir leis na hearraí sin i gcás ina meastar go bhfuil baol ann go n-aistreofar na hearraí sin isteach san Aontas ina dhiaidh sin. Áirítear ar na cuótaí rátaí taraife sin cuótaí rátaí taraife i sceidil ceangaltas an Aontais faoi GATT 1994, cuótaí rátaí taraife arna n-aontú i gcomhaontuithe déthaobhacha idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear cuótaí maolaithe tionscnaimh, cuótaí rátaí taraife ar allmhairí faoi chórais cosanta trádála an Aontais, cuótaí rátaí taraife uathrialacha eile, agus cuótaí rátaí taraife ar onnmhairí dá bhforáiltear i gcomhaontuithe le tríú tíortha.

(5)

Faoi Airteagal 5(4) den Phrótacal, tá feidhm freisin ag dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Áirítear san Iarscríbhinn sin reachtaíocht an Aontais lena ndéantar foráil maidir le cuótaí áirithe ar allmhairí.

(6)

Ní eascraíonn cearta agus oibleagáidí do thríú tíortha as na socruithe déthaobhacha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe faoin bPrótacal. Dá réir sin, aon allmhairí de bhun cuótaí rátaí taraife an Aontais ar allmhairí nó de bhun cuótaí eile ar allmhairí a bhfuil feidhm acu maidir le hearraí de thionscnamh tríú tír a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann, ní féidir iad a áireamh mar chuid de chearta an tríú tír sin i leith an Aontais, mura gcomhaontóidh an tríú tír. Baineann riosca d’fheidhmiú cuí mhargadh inmheánach an Aontais agus do shláine an Chomhbheartais Tráchtála leis an staid sin tríd an fhéidearthacht a bheith ann go ndéanfaí sárú ar chuótaí rátaí taraife an Aontais nó ar chuótaí eile ar allmhairí.

(7)

Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin, níor cheart cuótaí rátaí taraife an Aontais ar allmhairí agus cuótaí eile ar allmhairí a bheith ar fáil ach d’earraí a allmhairítear agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht san Aontas agus ní i dTuaisceart Éireann.

(8)

Aon chomhaontú idir an tAontas agus tríú tír lena ndéantar foráil le haghaidh cuótaí rátaí taraife ar onnmhairí, níl feidhm aige ach maidir le hearraí a allmhairítear isteach san Aontas. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an tríú tír sin diúltú ceadúnais onnmhairithe a eisiúint le haghaidh allmhairí díreacha isteach i dTuaisceart Éireann.

(9)

De bhua Airteagal 5(3) agus (4) den Phrótacal i gcomhar le hAirteagal 13(3) de, tá feidhm freisin ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Earraí a allmhairítear ó lasmuigh den Aontas, ní bheifear in ann caitheamh leo de bhun cuótaí rátaí taraife an Aontais ar allmhairí nó cuótaí eile ar allmhairí nó de bhun cuótaí rátaí taraife ar onnmhairí arna gcur i bhfeidhm ag tríú tíortha ach amháin má scaoiltear na hearraí sin i saorchúrsaíocht sna críocha seo a leanas:

críoch Ríocht na Beilge,

críoch Phoblacht na Bulgáire,

críoch Phoblacht na Seice,

críoch Ríocht na Danmhairge, cé is moite d’Oileáin Fharó agus den Ghraonlainn,

críoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, cé is moite d’Oileán Heligoland agus de chríoch Büsingen (Conradh an 23 Samhain 1964 idir Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Cónaidhm na hEilvéise),

críoch Phoblacht na hEastóine,

críoch na hÉireann,

críoch na Poblachta Heilléanaí,

críoch Ríocht na Spáinne, cé is moite de Ceuta agus de Melilla,

críoch Phoblacht na Fraince, cé is moite de thíortha agus de chríocha thar lear na Fraince a bhfuil feidhm ag forálacha Chuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo, ach lena n-áirítear críoch Mhonacó mar a shainmhínítear í sa Choinbhinsiún Custaim a síníodh i bPáras an 18 Bealtaine 1963 (Journal officiel de la République française an 27 Meán Fómhair 1963, lch. 8679),

críoch Phoblacht na Cróite,

críoch Phoblacht na hIodáile, cé is moite de bhardas Livigno,

críoch Phoblacht na Cipire, i gcomhréir le forálacha Ionstraim Aontachais 2003,

críoch Phoblacht na Laitvia,

críoch Phoblacht na Liotuáine,

críoch Ard-Diúcacht Lucsamburg,

críoch na hUngáire,

críoch Mhálta,

críoch Ríocht na hÍsiltíre san Eoraip,

críoch Phoblacht na hOstaire,

críoch Phoblacht na Polainne,

críoch Phoblacht na Portaingéile,

críoch na Rómáine,

críoch Phoblacht na Slóivéine,

críoch Phoblacht na Slóvaice,

críoch Phoblacht na Fionlainne,

críoch Ríocht na Sualainne, agus

críoch Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia de chuid na Ríochta Aontaithe mar a shainmhínítear iad sa Chonradh maidir le Bunú Phoblacht na Cipire, a síníodh sa Niocóis an 16 Lúnasa 1960.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Nollaig 2020.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


21.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/4


RIALACHÁN (AE) 2020/2171 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hÚdarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir leis an Airteagal sin, rinneadh an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2) (an “Comhaontú um Tharraingt Siar”) a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (3).

(2)

De réir théarmaí an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, níl an Ríocht Aontaithe ina Ballstát den Aontas Eorpach a thuilleadh ón 31 Eanáir 2020 ar aghaidh, agus scoirfidh dlí príomhúil agus dlí tánaisteach an Aontais d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe nuair a thiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse a leagtar amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (4), bunaítear córas coiteann chun onnmhairí earraí dé-úsáide a rialú d’fhonn slándáil an Aontais agus an tslándáil idirnáisiúnta a chur chun cinn agus d’fhonn cothrom iomaíochta a sholáthar d’onnmhaireoirí an Aontais.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, déantar foráil maidir le hÚdaruithe Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas lena n-éascaítear rialuithe ar onnmhairí earraí dé-úsáide, ar riosca íseal é, chuig tríú tíortha áirithe. Faoi láthair, faoi Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas, cumhdaítear an Astráil, Ceanada, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, lena n-áirítear Lichtinstéin, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

(5)

Tá an Ríocht Aontaithe ina páirtí i gconarthaí idirnáisiúnta ábhartha agus tá sí ina comhalta i gcórais idirnáisiúnta neamhiomadaithe, agus comhlíonann sí go hiomlán na hoibleagáidí gaolmhara agus na gealltanais ghaolmhara.

(6)

Cuireann an Ríocht Aontaithe rialuithe comhréireacha leordhóthanacha i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar cheisteanna maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe agus leis an riosca a bhaineann le hatreorú i gcomhréir le forálacha agus cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.

(7)

Dá gcuirfí an Ríocht Aontaithe le liosta na dtíortha a áirítear in Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas, ní dhéanfaí difear diúltach do shlándáil an Aontais ná don tslándáil idirnáisiúnta.

(8)

Ós rud é gur ceann scríbe tábhachtach í an Ríocht Aontaithe i gcomhair earraí dé-úsáide a tháirgtear san Aontas, is iomchuí an Ríocht Aontaithe a chur le liosta na gceann scríbe a chumhdaítear le hÚdarú Ginearálta Onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhsheasmhach na rialuithe a áirithiú ar fud an Aontais, chun cothrom iomaíochta a chur ar fáil i gcomhair onnmhaireoirí an Aontais agus chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint, agus slándáil an Aontais agus an tslándáil idirnáisiúnta á gcosaint ag an am céanna.

(9)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí go leagfar síos rialacha maidir leis an Ríocht Aontaithe a áireamh in Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas chun na bunchuspóirí arb iad go seachnófar cur isteach díréireach ar thrádáil agus go seachnófar ualach riaracháin iomarcach i gcomhair onnmhairí earraí dé-úsáide ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe a ghnóthú. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) CAE.

(10)

I bhfianaise na práinne a bhaineann le cúinsí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(11)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2021 chun a áirithiú go n-áireofar an Ríocht Aontaithe in Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas gan mhoill,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 mar a leanas:

(1)

sa teideal, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta “Onnmhairí chuig an Astráil, Ceanada, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, lena n-áirítear Lichtinstéin, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá”:

“Onnmhairí chuig an Astráil, Ceanada, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, lena n-áirítear Lichtinstéin, an Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá”;

(2)

i gCuid 2, cuirtear an fleasc seo a leanas isteach i ndiaidh an séú fleasc:

“—

an Ríocht Aontaithe (gan dochar do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, i gcomhréir le pointe 47 d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (an “Prótacal”) atá i gceangal leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (*1), lena liostaítear na forálacha de dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 5(4) den Phrótacal)

(*1)  Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7).”."

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Nollaig 2020.

(2)  Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht earraí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).


21.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/7


RIALACHÁN (AE) 2020/2172 Ó PHARLAIMINT NAHEORPA AGUS ÓNGCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2020

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle (2), foráladh maidir le rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar mhargadh an Aontais le haghaidh beagnach gach táirge de thionscnamh na rannpháirtithe sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais a mhéid a tugadh i gcrích comhaontuithe déthaobhacha leis na páirtithe sin is tairbhithe agus go dtí gur tugadh i gcrích comhaontuithe den sórt sin.

(2)

Tá Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais tugtha i gcrích anois leis na sé pháirtí is tairbhithe uile. Is é an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv (*), den pháirt eile, an comhaontú deireanach díobh a tugadh i gcrích agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2016.

(3)

Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1464 ón gCoimisiún (3), lena mbaintear na fabhair dhéthaobhacha a deonaíodh don Chosaiv ach lena gcoinnítear an fabhar aontaobhach a dheonaítear do pháirtithe is tairbhithe uile na mBalcán Thiar ar bun, fabhar a dheonaítear trí bhíthin na dleachta ar tháirgí a chumhdaítear i gCaibidlí 7 agus 8 den Ainmníocht Chomhcheangailte a chur ar fionraí agus trí rochtain a bheith acu ar tharaif-chuóta iomlán 30 000 hl ar fhíon.

(4)

Ag féachaint do dhifríochtaí i raon feidhme na léirscaoilte taraife faoi réir na gcóras dá bhforáiltear faoi na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus na rannpháirtithe uile sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais agus do na fabhair a dheonaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009, is iomchuí síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 go dtí an 31 Nollaig 2025.

(5)

Maidir le síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009, meastar gur ráthaíocht oiriúnach é sin ar rannpháirtíocht fheabhsaithe agus ar thiomantas an Aontais i dtaobh lánpháirtiú trádála na mBalcán Thiar. Is tacaíocht luachmhar i gcónaí do gheilleagair chomhpháirtithe na mBalcán Thiar an córas atá ann faoi láthair maidir le bearta trádála uathrialacha.

(6)

Ina theannta sin, ní mór an ainmníocht atá ar dhá pháirtí is tairbhithe a leasú chun teacht leis an téarmaíocht is déanaí a comhaontaíodh.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 agus 2:

“Airteagal 1

Socruithe fabhracha

1.   Beidh cead táirgí de thionscnamh na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Cosaive (*), Mhontainéagró, na Macadóine Thuaidh, agus na Seirbia (na “páirtithe is tairbhithe”), táirgí a chumhdaítear i gCaibidlí 7 agus 8 den Ainmníocht Chomhcheangailte, a allmhairiú isteach san Aontas gan srianta cainníochtúla ná bearta comhéifeachta, agus iad díolmhaithe ó dhleachtanna custaim agus muirir chomhéifeachta.

2.   Leanfaidh táirgí de thionscnamh na bpáirtithe is tairbhithe de thairbhe a bhaint as forálacha an Rialacháin seo i gcás ina dtabharfar sin le fios ann. Ina theannta sin, bainfidh táirgí den sórt sin tairbhe as aon lamháltas dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar lamháltas é atá níos fabhraí ná an lamháltas dá bhforáiltear faoi chomhaontuithe déthaobhacha idir an tAontas agus na páirtithe is tairbhithe sin.

Airteagal 2

Coinníollacha teidlíochta i leith na socruithe fabhracha

1.   Beidh teidlíocht chun tairbhe a bhaint as na socruithe fabhracha a thugtar isteach le hAirteagal 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

an sainmhíniú ar “táirgí tionscnaimh” dá bhforáiltear i dTeideal II, Caibidil 1, Roinn 2, Foranna 4 agus 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún ((*)) agus i dTeideal II, Caibidil 2, Roinn 2, Foranna 10 agus 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún ((**)) a chomhlíonadh;

(b)

staonadh na bpáirtithe is tairbhithe ó dhleachtanna comhéifeachta nua agus muirir chomhéifeachta nua agus ó shrianta cainníochtúla nó bearta comhéifeachta nua i leith allmhairí de thionscnamh an Aontais a thabhairt isteach, ó mhéadú a dhéanamh ar leibhéal na ndleachtanna nó na muirear atá ann cheana nó ó aon srian eile a thabhairt isteach ón 30 Meán Fómhair 2000;

(c)

rannpháirtíocht na bpáirtithe is tairbhithe i gcomhoibriú riaracháin éifeachtach leis an Aontas chun aon riosca calaoise a sheachaint; agus

(d)

staonadh na bpáirtithe is tairbhithe ó bheith ag déanamh sáruithe tromchúiseacha córasacha ar chearta an duine, lena n-áirítear bunchearta saothair, ar phrionsabail bhunúsacha an daonlathais agus ar an smacht reachta.

2.   Gan dochar do na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, beidh teidlíocht chun tairbhe a bhaint as na socruithe fabhracha dá dtagraítear in Airteagal 1 faoi réir a mhéid a bheidh na páirtithe is tairbhithe ullamh dul i mbun athchóirithe eacnamaíocha éifeachtacha agus i gcomhar réigiúnach le tíortha eile atá rannpháirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh, go háirithe trí limistéir shaorthrádála a bhunú i gcomhréir le hAirteagal XXIV de CGTT 1994 agus le forálacha ábhartha eile EDT.

I gcás neamhchomhlíonadh na chéad fhomhíre, féadfaidh an Chomhairle na bearta iomchuí a ghlacadh le vótáil trí thromlach cáilithe, ar bhonn togra ón gCoimisiún.

3.   I gcás neamhchomhlíonadh phointí (a), (b) nó (c) de mhír 1 nó mhír 2 den Airteagal seo ag páirtí is tairbhí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an teidlíocht chun tairbhí atá ag an bpáirtí is tairbhí lena mbaineann faoin Rialachán seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(4).

(*)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus leis an Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive."

((*))  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 an 28 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1)."

((**))  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“Le   haghaidh táirgí áirithe fíona, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, de thionscnamh na bpáirtithe is tairbhithe, cuirfear na dleachtanna custaim is infheidhme maidir le hallmhairí isteach san Aontas ar fionraí le linn na dtréimhsí, ar na leibhéil, laistigh de theorainneacha tharaif-chuóta an Aontais agus faoi na coinníollacha a léirítear i ndáil le gach táirge agus tionscnamh a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.”;

(b)

scriostar mír 2;

(3)

scriostar Airteagal 4;

(4)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Déanfaidh an Coimisiún na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a riar i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 1, Roinn 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún.”;

(5)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

“(b)

na coigeartuithe is gá tar éis fabhair thrádála a dheonú faoi shocruithe eile idir an tAontas agus na páirtithe is tairbhithe;

(c)

an teidlíocht chun tairbhí atá ag an bpáirtí is tairbhí lena mbaineann faoin Rialachán seo a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, i gcás nach gcomhlíonfaidh an páirtí is tairbhí sin pointe (d) d’Airteagal 2(1).”;

(6)

in Airteagal 8, scriostar mír 3;

(7)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann go ndearnadh calaois nó gur mainníodh comhar riaracháin a sholáthar faoi mar a cheanglaítear chun an cruthúnas ar thionscnamh a fhíorú, nó go bhfuil méadú ollmhór ar onnmhairí isteach san Aontas thar an ngnáthleibhéal táirgthe agus thar an ngnáth-acmhainn onnmhairiúcháin, nó gur mhainnigh na páirtithe is tairbhithe pointí (a), (b) nó (c) d’Airteagal 2(1) a chomhlíonadh, féadfaidh sé bearta a dhéanamh chun na socruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, ar feadh tréimhse 3 mhí, ar choinníoll go mbeidh an méid seo a leanas déanta i dtosach báire aige:

(a)

Coiste Cur Chun Feidhme na mBalcán Thiar a chur ar an eolas;

(b)

iarraidh ar na Ballstáit na bearta réamhchúraim is gá a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus/nó chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na páirtithe is tairbhithe Airteagal 2(1);

(c)

fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh lena gcuirfear in iúl go bhfuil forais le hamhras réasúnach a bheith ann maidir leis na socruithe fabhracha a bheith curtha i bhfeidhm agus/nó le comhlíontacht an pháirtí is tairbhí lena mbaineann le hAirteagal 2(1), ar forais iad a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar an gceart atá ag an bpáirtí is tairbhí leanúint de leas a bhaint as na tairbhí a dheonaítear leis an Rialachán seo.

Is trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(4).”;

(8)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2025.”;

(9)

cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(10)

scriostar Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúíl) agus cinneadh ón gComhairle an 1 Nollaig 2020.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis (IO L 328, 15.12.2009, lch. 1).

(*)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus leis an Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1464 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lamháltais trádála a deonaíodh don Chosaiv * tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile (IO L 209, 12.8.2017, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN I

MAIDIR LEIS NA TARAIF-CHUÓTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(1)

D’ainneoin na rialacha maidir le léiriú na hAinmníochta Comhcheangailte, is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí sa mhéid go gcinntear an scéim fhabhrach le raon feidhme chóid AC i gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo. I gcás ina luaitear cóid AC a bhfuil “ex” rompu, tá an scéim fhabhrach le cinneadh trí bhíthin cód AC agus an tuairisc a chomhfhreagraíonn dó a chur i bhfeidhm i dteannta a chéile.

Uimhir an Ordaithe

Cód AC

Tuairisc

Méid an chuóta in aghaidh na bliana  (1)

Páirtithe is tairbhithe

Ráta dleachta

09.1530

ex 2204 21 94

ex 2204 21 95

ex 2204 21 96

ex 2204 21 97

ex 2204 21 98

ex 2204 22 93

ex 2204 22 94

ex 2204 22 95

ex 2204 29 93

ex 2204 29 94

ex 2204 29 95

Fíon ó fhíonchaora úra, nach mó ná 15 % toirte a neart iarbhír alcóil de réir toirte, cé is moite d’fhíon súilíneach

30 000 hl

An Albáin  (2), an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin  (3), an Chosaiv  (4), Montainéagró  (5), an Mhacadóin Thuaidh  (6), an tSeirbia  (7).

Díolúine


(1)  Aon mhéid foriomlán amháin in aghaidh an taraif-chuóta is inrochtana ag allmhairí de thionscnamh na bpáirtithe is tairbhithe.

(2)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na hAlbáine ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an taraif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an Albáin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1512 agus Uimh. 09.1513.

(3)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1528 agus Uimh. 09.1529.

(4)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Cosaive ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an gCosaiv a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1570 agus Uimh. 09.1572.

(5)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh Mhontainéagró ar an taraif-chuóta iomlán, a mhéid a bhaineann sé le táirgí chód AC 2204 21, tá sí faoi réir an taraif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích le Montainéagró a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1558 agus Uimh. 09.1559.

(6)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Macadóine Thuaidh ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an Macadóin Thuaidh a bheith ídithe. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1558 agus Uimh. 09.1559.

(7)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Seirbia ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an tSeirbia a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1526 agus Uimh. 09.1527.