ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 409

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
4 Nollaig 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE ( 1 )

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1829 ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir le tograí a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt lena meas ag an gcúigiú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe, agus maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcruinniú sin a mhéid a bhaineann le tograí ó Pháirtithe eile sa Choinbhinsiún sin chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II, VIII agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú

28

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1830 ón gComhairle an 27 Samhain 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an daicheadú cruinniú de Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (Coinbhinsiún Bern)

34

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1831. ón gComhairle an 30 Samhain 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh den Chomhairle Chomhpháirteach a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit atá in SADC EPA, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cainníochtaí tagartha áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gComhaontú sin a choigeartú

36

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (athmhúnlú) ( IO L 58, 27.2.2020 ) (IO L Eagrán Speisialta Gaeilge an 27 Feabhra 2020, lch. 31)

38

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

TREORACHA

4.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 409/1


TREOIR (AE) 2020/1828 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2020

maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá méadú tagtha ar an mbaol go ndéanfaidh an domhandú agus an digiteáil díobháil do líon mór tomhaltóirí leis an gcleachtas neamhdhleathach céanna. Is féidir le sárúithe ar dhlí an Aontais bheith ina gcúis díobhála don tomhaltóir. Gan modhanna éifeachtacha chun deireadh a chur le cleachtais neamhdhleathacha agus chun sásamh a fháil do thomhaltóirí, laghdaítear muinín na dtomhaltóirí sa mhargadh inmheánach.

(2)

Ina theannta sin, d’fhéadfadh saobhadh ar iomaíocht chóir idir trádálaithe déanta sáraithe agus trádálaithe comhlíontacha a oibríonn ar bhonn intíre nó trasteorann a bheith mar thoradh ar an easpa modhanna éifeachtacha forfheidhmithe dhlí an Aontais lena gcosnaítear tomhaltóirí. Féadfaidh saobhadh den sórt sin cur isteach ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(3)

De réir Airteagal 26(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is éard atá le bheith sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina bhfuil saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí á háirithiú. Ba cheart don mhargadh inmheánach breisluach a sholáthar do thomhaltóirí i bhfoirm cáilíocht níos fearr, éagsúlacht níos mó, praghsanna réasúnta agus caighdeáin arda sábháilteachta maidir le hearraí agus seirbhísí, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí á chur chun cinn sa chaoi sin.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 169(1) agus le pointe (a) d’Airteagal 169(2) CFAE go bhfuil an tAontas chun rannchuidiú le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach trí bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 114 CFAE. Foráiltear le hAirteagal 38 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”) go bhfuil ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí le háirithiú le beartais an Aontais.

(5)

A bhuí le Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuireadh ar chumas eintiteas cáilithe caingne ionadaíocha a thabhairt arb é is aidhm dóibh go príomha go scoirfí de sháruithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh atá díobhálach do chomhleasanna tomhaltóirí nó go ndéanfaí iad a thoirmeasc. Níor thug an Treoir sin aghaidh go leordhóthanach, áfach, ar na dúshláin a bhaineann le forfheidhmiú dhlí na dtomhaltóirí. Chun an díspreagadh maidir le cleachtais neamhdhleathacha a fheabhsú agus chun an díobháil do thomhaltóirí a laghdú i láthair margaidh ina bhfuil an domhandú agus an digiteáil níos tábhachtaí ná riamh, tá sé riachtanach sásraí nós imeachta le haghaidh cosaint comhleasanna na dtomhaltóirí a neartú chun bearta urghaire mar aon le bearta sásaimh a chumhdach. I bhfianaise na n-athruithe iomadúla is gá, is iomchuí Treoir 2009/22/CE a aisghairm agus an Treoir seo a chur ina hionad.

(6)

Maidir le caingne ionadaíocha, ní bhíonn na sásraí nós imeachta céanna ann ó cheann ceann an Aontais i gcás bearta urghaire agus bearta sásaimh araon agus tugtar leibhéil éagsúla cosanta do thomhaltóirí. Ina theannta sin, níl aon sásraí nós imeachta maidir le comhchaingne le haghaidh bearta sásaimh ann i mBallstáit áirithe faoi láthair. Laghdaítear, mar thoradh ar an gcás sin, an mhuinín atá ag tomhaltóirí agus gnólachtaí sa mhargadh inmheánach agus a gcumas oibriú sa mhargadh inmheánach. Saobhtar an iomaíocht leis an gcás sin freisin agus cuirtear bac ar fhorfheidhmiú éifeachtach dhlí an Aontais sa réimse maidir le cosaint tomhaltóirí.

(7)

Dá bhrí sin, is é is aidhm leis an Treoir seo a áirithiú go mbeadh sásra nós imeachta amháin ar a laghad, atá éifeachtach agus éifeachtúil maidir le caingne ionadaíocha le haghaidh bearta urghaire agus le haghaidh bearta sásaimh, ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais do thomhaltóirí sna Ballstáit uile. Mar thoradh ar shásra nós imeachta amháin maidir le caingne ionadaíocha, ar a laghad, a bheith ar fáil, chuirfí borradh faoi mhuinín tomhaltóirí, chumasófaí tomhaltóirí chun a gcearta a fheidhmiú, rannchuideofaí le hiomaíocht níos cothroime agus bhainfí amach cothrom na Féinne do thrádálaithe atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach.

(8)

Is é is aidhm don Treoir seo cur le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach trí chur ar chumas eintiteas cáilithe, a dhéanann ionadaíocht do chomhleasanna tomhaltóirí, caingne ionadaíocha a thabhairt le haghaidh beart urghaire agus beart sásaimh araon in aghaidh trádálaithe a sháraíonn forálacha dhlí an Aontais. Ba cheart na heintitis cháilithe sin a bheith in ann a iarraidh go ndéanfaí iompar sáraitheach den sórt sin a scor nó é a thoirmeasc agus bearta sásaimh a lorg, de réir mar is iomchuí agus de réir mar atá ar fáil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, amhail cúiteamh, deisiú nó laghdú praghsanna.

(9)

Ba cheart caingean ionadaíoch a bheith ina bealach éifeachtach agus éifeachtúil chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint. Ba cheart go gcuirfeadh an chaingean sin ar a gcumas d’eintitis cháilithe gníomhú chun a áirithiú go gcomhlíonann trádálaithe forálacha ábhartha dhlí an Aontais agus chun na constaicí a bhíonn ar thomhaltóirí le linn caingne aonair a shárú, amhail na constaicí a bhaineann le héiginnteacht maidir lena gcearta agus maidir le cén sásraí nós imeachta atá ar fáil, leisce shíceolaíoch caingean a thabhairt agus an comhardú diúltach idir na costais a mbeifí ag súil leo agus na tairbhí ionchasacha a bhainfeadh le caingean aonair.

(10)

Tá sé tábhachtach an chothromaíocht riachtanach a áirithiú idir rochtain tomhaltóirí ar an gceartas a fheabhsú agus coimircí iomchuí a chur ar fáil do thrádálaithe le dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint, ar rud é a chuirfeadh bac gan údar cuí ar chumas gnólachtaí feidhmiú sa mhargadh inmheánach. Chun mí-úsáid caingne ionadaíocha a chosc, ba cheart dámhachtain damáistí pionósacha a sheachaint agus ba cheart rialacha a leagan síos maidir le gnéithe áirithe nós imeachta, amhail eintitis cháilithe a ainmniú agus a chistiú.

(11)

Níor cheart an Treoir seo a chur in ionad sásraí náisiúnta nós imeachta atá ann cheana chun comhleasanna tomhaltóirí nó leasanna tomhaltóirí aonair a chosaint. Ag cur a dtraidisiúin dlí san áireamh, ba cheart é a bheith faoi dhiscréid na mBallstát an sásra nós imeachta le haghaidh caingne ionadaíocha a cheanglaítear leis an Treoir seo a dhearadh mar chuid de shásra nós imeachta atá ann cheana nó mar chuid de shásra nós imeachta nua le haghaidh comhbhearta urghaire nó comhbhearta sásaimh, nó mar shásra nós imeachta ar leith, ar choinníoll go gcloíonn sásra náisiúnta nós imeachta amháin le haghaidh caingne ionadaíocha ar a laghad leis an Treoir seo. Mar shampla, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit leis an Treoir seo dlíthe a ghlacadh maidir le caingne ina n-iarrtar cinntí dearbhaitheacha ó chúirt nó ó údarás riarachán cé nach ndéantar foráil léi maidir le rialacha i dtaca le caingne den sórt sin. Dá mbeadh sásraí nós imeachta ann ar an leibhéal náisiúnta sa bhreis ar an sásra nós imeachta a cheanglaítear leis an Treoir seo, ba cheart don eintiteas cáilithe bheith in ann rogha a dhéanamh cé acu sásra nós imeachta a úsáid.

(12)

I gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta de, níor cheart forálacha a bheith sa Treoir seo maidir le gach gné d’imeachtaí i gcaingne ionadaíocha. Dá réir sin, is faoi na Ballstáit atá sé rialacha a leagan síos, mar shampla, maidir le hinghlacthacht, le fianaise nó leis na modhanna achomhairc atá infheidhme maidir le caingne ionadaíocha. Mar shampla, ba cheart gur faoi na Ballstáit a d’fhágfaí cinneadh a dhéanamh maidir le méid na cosúlachta idir éilimh aonair is gá nó maidir leis an líon íosta tomhaltóirí lena mbaineann caingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh chun go nglacfaí le cás lena éisteacht mar chaingean ionadaíoch. Níor cheart go gcuirfeadh rialacha náisiúnta den sórt sin isteach ar fheidhmiú éifeachtach an nóis imeachta le haghaidh caingne ionadaíocha a cheanglaítear leis an Treoir seo. I gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, níor cheart difríocht a bheith ann idir na ceanglais inghlacthachta is infheidhme maidir le caingne ionadaíocha trasteorann sonracha agus na ceanglais a chuirtear i bhfeidhm maidir le caingne ionadaíocha intíre sonracha. Níor cheart do chinneadh a dhearbhaíonn go bhfuil caingean ionadaíoch neamh-inghlactha difear a dhéanamh do chearta na dtomhaltóirí lena mbaineann an chaingean.

(13)

Ba cheart go léireodh raon feidhme na Treorach seo an dul chun cinn a rinneadh le déanaí maidir le cosaint tomhaltóirí. Ós rud é go bhfuil na tomhaltóirí ag feidhmiú anois i láthair margaidh atá níos leithne agus ina bhfuil an digiteáil níos forleithne ná riamh, is gá réimsí éagsúla amhail cosaint sonraí, seirbhísí airgeadais, taisteal agus turasóireacht, fuinneamh, agus teileachumarsáid a chumhdach faoin Treoir seo, sa bhreis ar dhlí ginearálta na dtomhaltóirí, chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach. Go háirithe, ó tharla go bhfuil méadú mór tagtha ar éileamh na dtomhaltóirí ar sheirbhísí airgeadais agus infheistíochta, is den tábhacht forfheidhmiú dhlí na dtomhaltóirí a fheabhsú sna réimsí sin. Tá athrú tagtha freisin ar mhargadh na dtomhaltóirí i réimse na seirbhísí digiteacha, agus tá méadú tagtha ar an ngá atá ann dlí na dtomhaltóirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtúla, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí.

(14)

Ba cheart sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, a chumhdach faoin Treoir seo, a mhéid go gcosnaíonn na forálacha sin leasanna na dtomhaltóirí, gan beann ar cibé acu an dtagraítear do na tomhaltóirí sin mar thomhaltóirí, taistealaithe, úsáideoirí, custaiméirí, infheisteoirí miondíola, cliaint mhiondíola, ábhair sonraí nó ainm eile. Mar sin féin, ba cheart don Treoir seo cosaint a dhéanamh ar leasanna daoine nádúrtha má rinne na sáruithe sin díobháil dóibh nó más rud é go bhféadfaidh na sáruithe sin díobháil a dhéanamh dóibh sa chás gur tomhaltóirí iad faoin Treoir seo, agus sa chás sin amháin. Níor cheart sáruithe a dhéanann díobháil do dhaoine nádúrtha a cháilíonn mar thrádálaithe faoin Treoir seo a chumhdach léi.

(15)

Ba cheart nár dhochar an Treoir seo do na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus, dá bhrí sin, níor cheart don Treoir seo na sainmhínithe a leagtar síos sna gníomhartha dlí sin a athrú ná a leathnú, nó aon sásra forfheidhmithe a d’fhéadfadh a bheith sna gníomhartha dlí sin a ionadú. Mar shampla, d’fhéadfaí na sásraí forfheidhmithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) nó atá bunaithe ar an Rialachán sin a úsáid fós, i gcás inarb infheidhme, chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint.

(16)

Chun amhras a sheachaint, ba cheart raon feidhme na Treorach seo a leagan amach chomh beacht agus is féidir in Iarscríbhinn I. Sa chás go bhfuil sna gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I forálacha nach mbaineann le cosaint tomhaltóirí, ba cheart tagairt a bheith in Iarscríbhinn I do na forálacha sonracha lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí. Ní féidir i gcónaí, áfach, na tagairtí sin a dhéanamh mar gheall ar struchtúr gníomhartha áirithe dlí, go háirithe i réimse na seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear réimse na seirbhísí infheistíochta.

(17)

Chun freagairt leordhóthanach ar sháruithe ar dhlí an Aontais a áirithiú, dlí a bhfuil a fhoirm agus a scála ag athrú go tapa, ba cheart don reachtóir a mheas, gach uair a ghlactar gníomh nua de chuid an Aontais atá ábhartha do chosaint comhleasanna tomhaltóirí, ar cheart Iarscríbhinn I a leasú chun an gníomh nua de chuid an Aontais a áireamh faoi raon feidhme na Treorach seo.

(18)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith inniúil forálacha na Treorach seo a dhéanamh infheidhme maidir le réimsí sa bhreis ar na réimsí a thagann faoina raon feidhme. Mar shampla, ba cheart do na Ballstáit bheith ábalta reachtaíocht náisiúnta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach a chomhfhreagraíonn d’fhorálacha de chuid na Treorach seo i ndáil le díospóidí atá lasmuigh de raon feidhme Iarscríbhinn I.

(19)

Ós rud é go bhféadfadh imeachtaí breithiúnacha agus imeachtaí riaracháin freastal go héifeachtach agus go héifeachtúil ar chosaint comhleasanna tomhaltóirí, is faoi dhiscréid na mBallstát atá sé a chinneadh an féidir caingean ionadaíoch a thabhairt in imeachtaí breithiúnacha nó in imeachtaí riaracháin, nó sa dá cheann, ag brath ar réimse ábhartha an dlí nó ar an earnáil eacnamaíoch ábhartha. Ba cheart nár dhochar an méid sin don cheart chun leigheas éifeachtach a fháil faoi Airteagal 47 den Chairt, lena bhfuil na Ballstáit le háirithiú go bhfuil an ceart ag tomhaltóirí agus ag trádálaithe chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse, in aghaidh aon chinneadh riaracháin a dhéanfar de bhun bearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo. Ba cheart a áireamh air sin an deis do pháirtí i gcaingean cinneadh a fháil lena n-ordaítear go gcuirfear forfheidhmiú an chinnidh faoi dhíospóid ar fionraí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(20)

Ag cur le Treoir 2009/22/CE, ba cheart sáruithe intíre agus trasteorann araon a chumhdach leis an Treoir seo, go háirithe nuair atá na tomhaltóirí a ndéanann sárú difear dóibh ina gcónaí i mBallstát nach é an Ballstát é ina bhfuil an trádálaí a rinne an sárú bunaithe. Ina theannta sin, ba cheart sáruithe a chumhdach léi ar scoireadh díobh sular tugadh an chaingean ionadaíoch nó sular tugadh i gcrích í, ós rud é go bhféadfadh sé a bheith fós riachtanach cosc a chur leis an gcleachtas a theacht chun cinn an athuair trí thoirmeasc a chur ar an gcleachtas sin, chun a bhunú gur sárú a bhí i gcleachtas áirithe nó chun sásamh tomhaltóirí a éascú.

(21)

Níor cheart, leis an Treoir seo, difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh i dtaca le dlínse, aithint agus forfheidhmiú breithiúnas nó an dlí is infheidhme, ná níor cheart rialacha den sórt sin a bhunú léi. Ba cheart feidhm a bheith ag ionstraimí atá ann cheana i ndlí an Aontais maidir leis an sásra nós imeachta le haghaidh caingne ionadaíocha a cheanglaítear leis an Treoir seo. Ba cheart feidhm a bheith, go háirithe, ag Rialacháin (CE) Uimh. 864/2007 (6), (CE) Uimh. 593/2008 (7) agus (AE) Uimh. 1215/2012 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sásra nós imeachta le haghaidh caingne ionadaíocha a cheanglaítear leis an Treoir seo.

(22)

Ba cheart a thabhairt ar aire nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 inniúlacht na n-údarás riaracháin ná aithint nó forfheidhmiú cinntí ag na húdaráis sin. Ba cheart na ceisteanna sin a fhágáil ina n-ábhar don dlí náisiúnta.

(23)

I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh eintiteas cáilithe, i gcomhréir le rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh caingean ionadaíoch a thabhairt sa Bhallstát inar ainmníodh é i mBallstát eile chomh maith. Ag cur le Treoir 2009/22/CE, ba cheart idirdhealú a dhéanamh leis an Treoir seo idir an dá chineál caingne ionadaíche sin. Sa chás go dtugann eintiteas cáilithe caingean ionadaíoch i mBallstát eile nach é an Ballstát é inar ainmníodh é, ba cheart a mheas gur caingean ionadaíoch trasteorann í an chaingean ionadaíoch sin. I gcás go dtugann eintiteas cáilithe caingean ionadaíoch sa Bhallstát inar ainmníodh é, ba cheart a mheas gur caingean ionadaíoch intíre í an chaingean ionadaíoch sin, fiú má thugtar an chaingean ionadaíoch sin in aghaidh trádálaí a bhfuil sainchónaí air i mBallstát eile agus fiú má tá ionadaíocht ag tomhaltóirí ó roinnt Ballstát faoi chuimsiú na caingne ionadaíche sin. Chun an cineál caingne ionadaíche a bheidh á tabhairt a chinneadh, is é an Ballstát ina dtabharfar an chaingean ionadaíoch an critéar cinniúna. Ar an gcúis sin, níor cheart é bheith indéanta caingean ionadaíoch trasteorann teacht chun bheith ina caingean ionadaíoch intíre le linn na n-imeachtaí, nó vice versa.

(24)

Ba cheart d’eagraíochtaí tomhaltóirí, go sonrach, ról gníomhach a ghlacadh chun a áirithiú go ndéantar forálacha ábhartha dhlí an Aontais a chomhlíonadh. Ba cheart a mheas go bhfuil ar a gcumas uile cur isteach ar stádas eintitis cháilithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ag brath ar thraidisiúin dhlíthiúla náisiúnta, d’fhéadfadh comhlachtaí poiblí ról gníomhach a ghlacadh chun a áirithiú go ndéantar forálacha ábhartha dhlí an Aontais a chomhlíonadh trí chaingne ionadaíocha amhail dá bhforáiltear sa Treoir seo a thabhairt.

(25)

Chun críocha caingne ionadaíocha trasteorann, ba cheart d’eintitis cháilithe bheith faoi réir na gcritéar céanna maidir le hainmniú ar fud an Aontais. Go háirithe, ní mór gur daoine dlítheanacha iad atá bunaithe go cuí i gcomhréir le dlí náisiúnta Bhallstát an ainmnithe, a bhfuil leibhéal áirithe buaine agus leibhéal áirithe gníomhaíochta poiblí ag baint leo, is de chineál neamhbhrabúsach, agus a bhfuil leas dlisteanach, i bhfianaise a gcuspóra reachtúil, acu maidir le leas na dtomhaltóirí a chosaint amhail mar a fhoráiltear faoi dhlí an Aontais. Níor cheart d’eintitis cháilithe a bheith ina n-ábhar d’imeachtaí dócmhainneachta nó a bheith dearbhaithe bheith dócmhainneach. Ba cheart dóibh a bheith neamhspleách agus níor cheart dóibh a bheith faoi thionchar daoine seachas tomhaltóirí a bhfuil leas eacnamaíoch acu i gcaingean ionadaíoch a thabhairt, go háirithe trádálaithe nó cistí fálaithe, lena n-áirítear i gcás cistiú ag tríú páirtithe. Ba cheart nósanna imeachta a bheith bunaithe ag eintitis cháilithe lena ndéantar tionchar mar sin a chosc chomh maith le coinbhleachtaí leasa idir iad féin, a soláthraithe cistiúcháin agus leasanna tomhaltóirí a chosc. Ba cheart dóibh faisnéis a chur ar fáil go poiblí, i bhfriotal simplí agus intuigthe, trí mhodh iomchuí ar bith, go háirithe ar a shuíomhanna gréasáin, lena léirítear go gcomhlíonann siad na critéir maidir le hainmniúchán mar eintiteas cáilithe agus faisnéis ghinearálta faoina bhfoinsí cistiúcháin i gcoitinne, faoina struchtúr eagraíochtúil, bainistíochta agus ballraíochta, faoina gcuspóir reachtúil agus faoina ngníomhaíochtaí.

(26)

Ba cheart srian a bheith ar na Ballstáit na critéir a bhunú le haghaidh eintitis cháilithe a ainmniú chun críche caingne ionadaíche intíre i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na critéir le haghaidh ainmniúcháin a leagtar síos sa Treoir seo maidir le heintitis cháilithe a ainmniú chun críocha caingne ionadaíocha trasteorann a chur i bhfeidhm freisin i ndáil le heintitis cháilithe atá ainmnithe chun críche caingne ionadaíocha intíre amháin.

(27)

Le haon chritéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le heintitis cháilithe a ainmniú i gcaingne ionadaíocha intíre nó trasteorann, níor cheart bac a chur ar fheidhmiú éifeachtach na gcaingne ionadaíocha dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(28)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na heintitis cháilithe a ainmniú roimh ré chun críche caingne ionadaíocha a thabhairt. Níor cheart na Ballstáit a spreagadh, leis an Treoir seo, leis an bhféidearthacht a thabhairt isteach eintitis cháilithe a ainmniú ar bhonn ad hoc. Chun críche caingne ionadaíocha intíre, áfach, ba cheart do na Ballstáit bheith ábalta, anuas air sin nó de rogha air sin, eintitis cháilithe a ainmniú ar bhonn ad hoc do chaingean ionadaíoch intíre shonrach. Ba cheart freisin an chúirt nó an t-údarás riaracháin ar os a comhair nó os a chomhair a thugtar é bheith ábalta ainmniúchán den sórt sin a dhéanamh, lena n-áirítear trí ghlacadh leis, i gcás inarb infheidhme. Mar sin féin, ní mór coimircí comhchoiteanna a bheith ann chun críche caingne ionadaíocha trasteorann. Dá bhrí sin, níor cheart cead a bheith ag na heintitis cháilithe atá ainmnithe ar bhonn ad hoc caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt.

(29)

Ba cheart gur faoin mBallstát ainmniúcháin a bheadh sé a bheith in ann a áirithiú go gcomhlíonann eintiteas na critéir le haghaidh ainmniúchán mar eintiteas cáilithe chun críche caingne ionadaíocha trasteorann, a mheasúnú cibé acu an bhfuil an t-eintiteas cáilithe ag comhlíonadh na gcritéar le haghaidh ainmniúcháin go fóill nó nach bhfuil agus, más gá, ainmniúchán an eintitis cháilithe sin a chúlghairm. Ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh, ar a laghad gach cúig bliana, féachaint an bhfuil na critéir le haghaidh ainmniúcháin á gcomhlíonadh go fóill ag na heintitis cháilithe.

(30)

Más amhlaidh go dtagann ábhair imní chun cinn maidir le cibé an bhfuil na critéir le haghaidh ainmniúcháin á gcomhlíonadh ag eintiteas cáilithe, ba cheart don Bhallstát sin a d’ainmnigh an t-eintiteas cáilithe sin na hábhair imní a fhiosrú agus, más iomchuí, ainmniúchán an eintitis cháilithe sin a chúlghairm. Ba cheart do na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta a ainmniú chun críche iarrataí ar imscrúduithe a tharchur agus a fháil.

(31)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le heintitis cháilithe atá ainmnithe chun críche caingne ionadaíocha trasteorann i mBallstát eile caingne ionadaíocha mar sin a thabhairt os comhair a gcúirteanna nó a n-údarás riaracháin. Thairis sin, ba cheart eintitis cháilithe ó Bhallstáit éagsúla a bheith in ann dul i gcomhar le chéile in aon chaingean ionadaíoch amháin i bhfóram amháin, faoi réir na rialacha ábhartha maidir le dlínse. Ba cheart nár dhochar an méid sin do cheart na cúirte nó an údaráis riaracháin ar os a comhair nó os a chomhair a thugtar í féachaint cibé acu an bhfuil an chaingean ionadaíoch oiriúnach le héisteacht mar chaingean ionadaíoch aonair nó nach bhfuil.

(32)

Ba cheart an t-aitheantas frithpháirteach a thugtar do sheasamh dlíthiúil na n-eintiteas cáilithe atá ainmnithe chun críche caingne ionadaíocha trasteorann a áirithiú. Ba cheart céannacht na n-eintiteas cáilithe sin a chur in iúl don Choimisiún, agus ba cheart don Choimisiún liosta de na heintitis cháilithe sin a chur le chéile agus an liosta sin a chur ar fáil don phobal. Dá gcuirfí eintiteas cáilithe ar an liosta, ba cheart an méid sin a bheith ina chruthúnas ar sheasamh dlíthiúil na heagraíochta nó an chomhlachta phoiblí ag a mbeidh an chaingean ionadaíoch á tabhairt. Ba cheart nár dhochar an méid sin do cheart na cúirte nó an údaráis riaracháin scrúdú a dhéanamh féachaint an dtugann cuspóir reachtúil an eintitis cháilithe bonn cirt leis an gcaingean i gcás sonrach.

(33)

Is é is aidhm do bhearta urghaire comhleasanna tomhaltóirí a chosaint beag beann ar ar bhain aon chaillteanas nó aon díobháil iarbhír do thomhaltóirí aonair. D’fhéadfadh sé go n-éileodh bearta urghaire ar thrádálaithe gníomhaíocht shonrach a dhéanamh, amhail an fhaisnéis a fágadh ar lár roimhe sin de shárú ar oibleagáid dhlíthiúil í a sholáthar do thomhaltóirí. Níor cheart cinneadh maidir le beart urghaire a bheith ag brath ar an gcleachtas a bheith in úsáid d’aon ghnó nó mar thoradh ar fhaillí.

(34)

Agus caingean ionadaíoch á tabhairt, ba cheart don eintiteas cáilithe faisnéis leordhóthanach a sholáthar don chúirt nó don údarás riaracháin faoi na tomhaltóirí lena mbaineann an chaingean ionadaíoch. A bhuí leis an bhfaisnéis sin, ba cheart go gceadófaí don chúirt nó don údarás riaracháin a bheith in ann a chinneadh an bhfuil dlínse aici nó aige agus an dlí is infheidhme a chinneadh. I gcás a bhaineann le tort, de bharr na hoibleagáide sin, ba ghá, leis an oibleagáid sin, cúirt nó údarás riaracháin na háite inar tharla an teagmhas díobhálach a rinne difear do na tomhaltóirí nó ina bhféadfadh an teagmhas díobhálach sin tarlú, a chur ar an eolas faoin méid sin. D’fhéadfadh leibhéal an mhionsonraithe a bhaineann leis an bhfaisnéis a éilítear a bheith éagsúil, ag brath ar an mbeart atá á lorg ag an eintiteas cáilithe agus an bhfuil sásra um rogha a bheith páirteach nó sásra um rogha gan a bheith páirteach i bhfeidhm. Ina theannta sin, le linn caingean ionadaíoch le haghaidh bearta urghaire a thabhairt, toisc go bhféadfaí na tréimhsí teorann is infheidhme maidir le héilimh ar bhearta sásaimh ina dhiaidh sin a chur ar fionraí nó a bhriseadh, bheadh ar an eintiteas cáilithe faisnéis leordhóthanach a chur ar fáil maidir leis an ngrúpa tomhaltóirí lena mbaineann an chaingean ionadaíoch.

(35)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil eintitis cháilithe in ann bearta urghaire agus bearta sásaimh a lorg. D’fhonn éifeachtacht nós imeachta na gcaingne ionadaíocha a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh go bhféadfaidh eintitis cháilithe bearta urghaire agus bearta sásaimh a lorg laistigh d’aon chaingean ionadaíoch aonair nó laistigh de chaingne ionadaíocha leithleacha. Má lorgaítear a leithéid laistigh de chaingean ionadaíoch aonair, ba cheart d’eintitis cháilithe a bheith in ann gach beart ábhartha a lorg an tráth a thugtar an chaingean ionadaíoch nó ba cheart bearta urghaire ábhartha a lorg ar dtús agus ina dhiaidh sin bearta sásaimh a lorg, más iomchuí.

(36)

Ba cheart d’eintiteas cáilithe a thugann caingean ionadaíoch faoin Treoir seo na bearta ábhartha a lorg, lena n-áirítear bearta sásaimh, chun leasanna na dtomhaltóirí a ndearna an sárú difear dóibh agus thar a gceann. Ba cheart na cearta agus oibleagáidí nós imeachta a bhíonn ag an bpáirtí is éilitheoir a bheith ag an eintiteas cáilithe sna himeachtaí sin. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit cearta áirithe sa chaingean ionadaíoch a thabhairt do na tomhaltóirí aonair sin a mbaineann an chaingean ionadaíoch leo, ach níor cheart do na tomhaltóirí sin a bheith ina bpáirtithe is éilitheoirí sna himeachta. Níor cheart do thomhaltóirí aonair a bheith in ann, i gcás ar bith, cur isteach ar chinntí nós imeachta a ghlacfaidh eintitis cháilithe, fianaise a iarraidh, ar bhonn aonair, mar chuid de na himeachtaí, ná achomharc a dhéanamh, ar bhonn aonair, maidir le cinntí nós imeachta na cúirte nó an údaráis riaracháin a bhfuil an chaingean ionadaíoch á tabhairt os a comhair nó os a chomhair. Anuas air sin, níor cheart d’oibleagáidí nós imeachta bheith ar thomhaltóirí aonair laistigh den chaingean ionadaíoch agus níor cheart dóibh costais na n-imeachtaí a iompar, seachas in imthosca eisceachtúla.

(37)

Mar sin féin, ba cheart do na tomhaltóirí a bhfuil caingean ionadaíoch ag baint leo bheith i dteideal tairbhe a bhaint as an gcaingean ionadaíoch sin. Maidir le caingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh, is i bhfoirm leigheasanna, amhail cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh ba cheart do na tairbhí sin teacht. Maidir le caingne ionadaíocha le haghaidh bearta urghaire, is scor de chleachtas, nó toirmeasc a chur ar chleachtas, arb ionann é agus sárú an tairbhe a bheadh i gceist do na tomhaltóirí lena mbaineann.

(38)

I gcás caingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh, ba cheart don pháirtí nár éirigh leis costais na n-imeachtaí a thabhaigh an páirtí ar éirigh leis a íoc, i gcomhréir leis na coinníollacha agus na heisceachtaí dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta. Níor cheart don chúirt ná don údarás riaracháin, áfach, ordú a thabhairt don pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc a mhéid a tabhaíodh na costais sin gan ghá. Níor cheart do thomhaltóirí aonair lena mbaineann caingean ionadaíoch costais na n-imeachtaí a íoc. In imthosca eisceachtúla, áfach, ba cheart go bhféadfaí ordú a thabhairt do thomhaltóirí aonair lena mbaineann caingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh costais na n-imeachtaí a íoc, ar costais iad a tabhaíodh mar thoradh ar iompar d’aon ghnó nó iompar faillíoch na dtomhaltóirí sin, mar shampla trí fhad a chur leis na himeachtaí de bharr iompar neamhdhleathach. Ba cheart a áireamh i gcostais na n-imeachtaí, mar shampla, aon chostais a eascraíonn as dlíodóir nó gairmí eile dlí ionadaíocht a dhéanamh do cheachtar den dá pháirtí, nó aon chostais a eascraíonn as doiciméid a sheirbheáil nó a aistriú.

(39)

Chun dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit rialacha nua a ghlacadh nó rialacha atá ann cheana faoin dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm ionas gur féidir leis an gcúirt nó leis an údarás riaracháin a chinneadh cásanna ar follasach nach bhfuil bunús leo a dhíbhe a luaithe a bheidh an fhaisnéis is gá chun údar cuí a thabhairt leis an gcinneadh sin faighte ag an gcúirt nó ag an údarás riaracháin. Níor cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit rialacha speisialta a thabhairt isteach a mbeidh feidhm acu maidir le caingne ionadaíocha agus ba cheart dóibh bheith ábalta rialacha ginearálta nós imeachta a chur i bhfeidhm, sa chás go gcomhlíonann na rialacha sin an cuspóir maidir le dlíthíocht mí-úsáideach a sheachaint.

(40)

Ba cheart bearta cinntitheacha agus sealadacha a áireamh i mbearta urghaire. Le bearta sealadacha, d’fhéadfaí bearta eatramhacha, bearta réamhchúraim agus coisctheacha a chumhdach chun deireadh a chur le cleachtas leanúnach nó cleachtas leanúnach a thoirmeasc sa chás nach raibh an cleachtas in úsáid ach i gcás go bhfuil an baol ann go ndéanfaí díobháil thromchúiseach nó do-aisiompaithe do thomhaltóirí. D’fhéadfaí a áireamh i mbearta urghaire freisin bearta lena ndearbhaítear gurb ionann cleachtas ar leith agus sárú, i gcásanna ina bhfuil deireadh tagtha leis an gcleachtas sin sular tugadh na caingne ionadaíocha, ach i gcás ina mbeidh gá ann fós lena shuí gur sárú a bhí sa chleachtas, d’fhonn, cuir i gcás, caingne leantacha le haghaidh bearta sásaimh a éascú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na bearta urghaire bheith i bhfoirm oibleagáid ar thrádálaí déanta an tsáraithe an cinneadh arna ghlacadh ag an gcúirt nó ag an údarás riaracháin maidir leis an mbeart a fhoilsiú go hiomlán nó go páirteach, i cibé foirm a mheastar a bheith iomchuí, nó ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú.

(41)

Ag cur le Treoir 2009/22/CE, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a éileamh go rachadh eintiteas cáilithe a bhfuil sé beartaithe aige caingean ionadaíoch a thabhairt le haghaidh bearta urghaire i mbun comhairliúchán roimh ré d’fhonn deis a thabhairt don trádálaí lena mbaineann clabhsúr a chur leis an sárú a bheadh ina ábhar don chaingean ionadaíoch. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a éileamh go rachfaí i mbun an chomhairliúcháin roimh ré sin i gcomhpháirt le comhlacht poiblí neamhspleách atá ainmnithe acu. I gcás ina bhfuil sé leagtha síos ag na Ballstáit gur cheart dul i mbun comhairliúcháin roimh ré, ba cheart spriocdháta coicíse tar éis an iarraidh ar chomhairliúchán a fháil a shocrú agus, ina dhiaidh sin, más rud é nár scoireadh den sárú, ba cheart don iarratasóir a bheith i dteideal caingean ionadaíoch a thabhairt láithreach, le haghaidh beart urghaire os comhair na cúirte inniúla nó an údaráis riaracháin. D’fhéadfaí na ceanglais sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le caingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh freisin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(42)

Ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo maidir le sásra nós imeachta nach ndéanann difear do na rialacha lena mbunaítear cearta substainteacha tomhaltóirí do leigheasanna conarthacha agus neamhchonarthacha i gcásanna ina ndéanann sárú díobháil dá leasanna, amhail an ceart chun cúitimh ar dhamáistí, foirceannadh conartha, aisíocaíocht, athsholáthar, deisiú nó praghsanna a laghdú mar is iomchuí agus de réir mar atá ar fáil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Níor cheart go bhféadfaí caingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh faoin Treoir seo a thabhairt ach i gcás ina ndéanann dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta foráil maidir le cearta substainteacha den sórt sin. Leis an Treoir seo, níor cheart a fhágáil gur féidir damáistí pionósacha a fhorchur ar thrádálaí déanta an tsáraithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(43)

Ba cheart deiseanna leordhóthanacha a bheith ag tomhaltóirí lena mbaineann caingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh tar éis an chaingean ionadaíoch a thabhairt a chur in iúl gur mian leo nó nach mian leo go ndéanfadh an t-eintiteas cáilithe ionadaíocht orthu sa chaingean ionadaíoch shonrach sin agus a chur in iúl gur mian leo nó nach mian leo go mbainfeadh siad tairbhe as torthaí ábhartha na caingne ionadaíche sin. Chun freagairt ar an mbealach is fearr dá dtraidisiúin dlíthiúla féin, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le sásra um rogha a bheith páirteach nó sásra um rogha gan a bheith páirteach nó meascán den dá cheann. Le sásra um rogha a bheith páirteach, ba cheart a cheangal ar thomhaltóirí a chur in iúl go sainráite gur mian leo go ndéanfadh an t-eintiteas cáilithe ionadaíocht orthu sa chaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh. Le sásra um rogha gan a bheith páirteach, ba cheart a cheangal ar thomhaltóirí a chur in iúl go sainráite nach mian leo go ndéanfadh an t-eintiteas cáilithe ionadaíocht orthu sa chaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann céim na n-imeachtaí ag a bhféadfadh na tomhaltóirí aonair bheith ábalta a gceart páirt a ghlacadh sa chaingean ionadaíoch nó gan páirt a ghlacadh inti a chinneadh.

(44)

Ballstáit a dhéanann foráil do shásra um rogha a bheith páirteach, ba cheart dóibh a bheith in ann a cheangal go roghnódh cuid de na tomhaltóirí a bheith páirteach sa chaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh sula dtugtar an chaingean ionadaíoch, ar an gcoinníoll go mbeadh an deis ag tomhaltóirí eile freisin roghnú a bheith páirteach tar éis an chaingean ionadaíoch a bheith tugtha.

(45)

Mar sin féin, chun an dea-riarachán ceartais a áirithiú agus chun breithiúnais ar neamhréir a sheachaint, ba cheart ceanglas a bheith ann maidir le sásra um rogha a bheith páirteach i gcás caingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh i gcás nach bhfuil gnáthchónaí ar na tomhaltóirí dá ndéanann an sárú difear i mBallstáit na cúirte nó an údaráis riaracháin a dtugtar an chaingean ionadaíoch os a comhair nó os a chomhair. I gcásanna den sórt sin, ba cheart a cheangal ar thomhaltóirí a chur in iúl go sainráite gur mian leo go ndéanfaí ionadaíocht orthu sa chaingean ionadaíoch sin chun go mbeidh siad faoi cheangal ag toradh na caingne ionadaíche.

(46)

Sa chás go léiríonn tomhaltóirí go sainráite nó go hintuigthe gur mian leo go ndéanfadh eintiteas cáilithe ionadaíocht thar a gceann i gcaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh, beag beann ar cibé acu i gcomhthéacs sásra um rogha a bheith páirteach nó sásra um rogha gan a bheith páirteach a thugtar an chaingean ionadaíoch sin, níor cheart go mbeifí in ann ionadaíocht a dhéanamh orthu a thuilleadh i gcaingne ionadaíocha eile leis an gcúis chéanna chaingne in aghaidh an trádálaí chéanna chun caingne aonair a thabhairt leis an gcúis chéanna chaingne in aghaidh an trádálaí chéanna. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an méid sin má roghnaíonn tomhaltóir, tar éis dó nó di a chur in iúl go sainráite gur mian leis nó léi go ndéanfaí ionadaíocht air nó uirthi i gcaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh, gan a bheith páirteach sa chaingean ionadaíoch sin ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cuir i gcás, sa chás go ndiúltaíonn tomhaltóir ina dhiaidh sin a bheith faoi cheangal ag socraíocht.

(47)

Ar mhaithe le luas agus éifeachtúlacht, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, bheith in ann an deis a thabhairt do thomhaltóirí tairbhe dhíreach a bhaint as beart sásaimh i ndiaidh eisiúint an bhirt, gan bheith faoi réir aon cheanglais maidir le rannpháirtíocht roimh ré sa chaingean ionadaíoch.

(48)

Ba cheart do Bhallstáit rialacha a leagan síos do chomhordú na gcaingean ionadaíoch, na caingne aonair a thugann tomhaltóirí agus aon chaingne eile chun leasanna aonair agus comhleasanna tomhaltóirí a chosaint mar a fhoráiltear faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta. Ba cheart nár dhochar bearta urghaire a eisítear faoin Treoir seo do chaingne aonair le haghaidh bearta sásaimh arna dtabhairt ag tomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca an chleachtais is ábhar do na bearta urghaire.

(49)

Ba cheart do na Ballstáit ceangal a chur ar eintitis cháilithe faisnéis leordhóthanach a sholáthar chun tacú le caingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh, lena n-áirítear tuairisc ar an ngrúpa tomhaltóirí a ndéanann an sárú difear dóibh agus na ceisteanna fíorais agus dlí a bhfuiltear le déileáil leo sa chaingean ionadaíoch sin. Níor cheart ceangal a bheith ar an eintiteas cáilithe gach tomhaltóir ar leith a mbaineann an chaingean ionadaíoch leo a shainaithint chun an chaingean ionadaíoch a thabhairt. I gcaingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh, ba cheart don chúirt nó don údarás riaracháin a fhíorú ag an gcéim is luaithe is féidir de na himeachtaí an bhfuil an cás oiriúnach lena thabhairt mar chaingean ionadaíoch, i bhfianaise chineál an tsáraithe agus shaintréithe na díobhála a bhain do na tomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh.

(50)

Le bearta sásaimh, ba cheart na tomhaltóirí aonair a shainaithint, nó ar a laghad cur síos a dhéanamh ar an ngrúpa tomhaltóirí atá i dteideal na leigheasanna a sholáthraítear leis na bearta sásaimh sin agus, más infheidhme, an modh cainníochtaithe i leith na díobhála, mar aon leis na céimeanna ábhartha atá le glacadh ag tomhaltóirí agus trádálaithe chun na leigheasanna sin a chur chun feidhme, a lua. Ba cheart do thomhaltóirí atá i dteideal leigheasanna a bheith in ann tairbhe a bhaint as na leigheasanna sin gan iallach a bheith orthu imeachtaí ar leithligh a thabhairt. Mar shampla, tugann ceanglas maidir le himeachtaí ar leithligh le tuiscint go mbeadh oibleagáid ar an tomhaltóir caingean aonair a thabhairt os comhair cúirte nó údarás riaracháin chun cainníochtú a dhéanamh ar dhíobháil. Os a choinne sin, chun go bhfaigheadh tomhaltóir a leigheasanna, ba cheart bheith in ann a cheangal ar thomhaltóirí faoin Treoir seo céimeanna áirithe a ghlacadh, amhail iad féin a chur in aithne d’eintiteas atá i gceannas ar fhorfheidhmiú an bhirt sásaimh.

(51)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos nó a choinneáil ar bun maidir le teorainneacha ama, amhail tréimhsí teorann nó teorainneacha ama eile, chun go bhfeidhmeodh tomhaltóirí aonair a gceart chun tairbhe a bhaint as na bearta sásaimh. Ba cheart do na Ballstáit bheith ábalta rialacha a leagan síos maidir le ceann scríbe aon chistí sásaimh a fágadh gan íoc agus nár aisghabhadh laistigh de na teorainneacha ama a leagadh síos.

(52)

Ba cheart eintitis cháilithe a bheith go hiomlán trédhearcach i leith na gcúirteanna nó i leith údaráis riaracháin maidir le foinse cistiúcháin a ngníomhaíochtaí i gcoitinne agus maidir le foinse na gcistí a thacaíonn le caingean ionadaíoch shonrach le haghaidh bearta sásaimh. Is gá sin chun a chur ar chumas cúirteanna nó údaráis riaracháin measúnú a dhéanamh an gcomhlíonann cistiú tríú páirtí, a mhéid a cheadaítear sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na coinníollacha dá bhforáiltear sa Treoir seo, an bhfuil coinbhleacht leasa ann idir an soláthraí cistiúcháin tríú páirtí agus an t-eintiteas cáilithe, rud a chiallaíonn go bhfuil baol dlíthíochta mí-úsáidí ann, agus an ndéanfadh an cistiú ó thríú páirtí, tríú páirtí a bhfuil leas eacnamaíoch aige i dtabhairt nó i dtoradh na caingne ionadaíche le haghaidh bearta sásaimh, an chaingean ionadaíoch a atreorú ó chosaint comhleasanna tomhaltóirí. Leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn an t-eintiteas cáilithe don chúirt nó don údarás riaracháin, ba cheart don chúirt nó don údarás riaracháin a bheith in ann a mheas an bhféadfadh an tríú páirtí tionchar míchuí a imirt ar chinntí nós imeachta an eintitis cháilithe i gcomhthéacs na caingne ionadaíche, lena n-áirítear cinntí maidir le socraíocht, ar bhealach a bheadh díobhálach do chomhleasanna na dtomhaltóirí lena mbaineann agus measúnú a dhéanamh an bhfuil an tríú páirtí ag cur cistiú ar fáil do chaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh i gcoinne cosantóir ar iomaitheoir de chuid sholáthraí cistiúcháin tríú páirtí é nó i gcoinne cosantóir a bhfuil soláthraí cistiúcháin tríú páirtí spleách air. Ba cheart a mheas go dtugann cistiú díreach ar chaingean ionadaíoch shonrach ó thrádálaí atá ag oibriú sa mhargadh céanna leis an gcosantóir le fios gurb ann do choinbhleacht leasa ós rud é go bhféadfadh leas eacnamaíoch a bheith ag an iomaitheoir i dtoradh na caingne ionadaíche, rud nárbh ionann í agus leas na dtomhaltóirí.

Ba cheart a mheas go bhfuil cistiú indíreach caingne ionadaíche ag eagraíochtaí arna gcistiú trí ranníocaíochtaí comhionanna óna gcomhaltaí nó trí thabhartais, lena n-áirítear tabhartais trádálaithe faoi chuimsiú tionscnaimh freagrachta sóisialta corparáidí nó sluachistiúcháin, incháilithe do chistiú tríú páirtí, ar choinníoll go gcomhlíonann an cistiú tríú páirtí na ceanglais maidir le trédhearcacht, neamhspleáchas agus easpa coinbhleachtaí leasa. Má dheimhnítear aon choinbhleachtaí leasa, ní mór an chumhacht a thabhairt don chúirt nó don údarás riaracháin bearta iomchuí a ghlacadh, amhail ceangal a chur ar an eintiteas cáilithe an cistiú ábhartha a dhiúltú nó a athrú agus, más gá, seasamh dlíthiúil an eintitis cháilithe a dhiúltú nó a dhearbhú go bhfuil caingean ionadaíoch shonrach le haghaidh bearta sásaimh neamh-inghlactha. Ní dhéanfaidh diúltú nó dearbhú den sórt sin difear do chearta na dtomhaltóirí a mbaineann an chaingean ionadaíoch leo.

(53)

Ba cheart comhshocraíochtaí arb é is aidhm dóibh sásamh a sholáthar do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh a spreagadh i gcaingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh.

(54)

Ba cheart don chúirt nó don údarás riaracháin a bheith in ann iarraidh ar an trádálaí agus ar an eintiteas cáilithe a thionscain an chaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh dul i mbun caibidlíochta arb é is aidhm di teacht ar shocraíocht maidir leis an sásamh atá le soláthar do na tomhaltóirí lena mbaineann an chaingean ionadaíoch.

(55)

Aon socraíocht a dhéantar i gcomhthéacs caingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh, ba cheart í a bheith formheasta ag an gcúirt ábhartha nó ag an údarás riaracháin ábhartha mura rud é nach féidir coinníollacha na socraíochta a fhorfheidhmiú nó dá mbeadh an tsocraíocht contrártha le forálacha sainordaitheacha den dlí náisiúnta, is infheidhme maidir le cúis na caingne, nach féidir maolú a dhéanamh air trí bhíthin conartha ar bhealach ina ndéantar díobháil do thomhaltóirí. Mar shampla, socraíocht a d’fhágfadh téarma conarthach gan athrú go sainráite agus a thugann ceart eisiach don trádálaí aon téarma eile den chonradh sin a léiriú, d’fhéadfadh sé sin in aghaidh fhorálacha sainordaitheacha den dlí náisiúnta.

(56)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha a leagan síos lena gceadaítear do chúirt nó d’údarás riaracháin diúltú socraíocht a fhormheas freisin i gcás ina measfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin go bhfuil an tsocraíocht éagórach.

(57)

Ba cheart socraíochtaí formheasta a bheith ina gceangal ar an eintiteas cáilithe, ar an trádálaí agus ar na tomhaltóirí aonair lena mbaineann. Ba cheart do na Ballstáit bheith ábalta rialacha a leagan síos, áfach, faoina dtugtar an deis do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann glacadh le socraíocht nó diúltú do bheith faoi cheangal ag an tsocraíocht sin.

(58)

Le go n-éireoidh le caingean ionadaíoch, ní mór a áirithiú go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas fúithi. Ba cheart d’eintitis cháilithe eolas a thabhairt, ar a suíomhanna gréasáin, do thomhaltóirí faoi na caingne ionadaíocha a bhfuil cinneadh déanta acu iad a thabhairt os comhair cúirte nó údarás riaracháin, faoi stádas na gcaingne ionadaíocha a thug siad agus torthaí na gcaingne ionadaíocha sin, d’fhonn a chur ar chumas tomhaltóirí cinneadh feasach a dhéanamh cibé acu ar mhaith leo páirt a ghlacadh i gcaingean ionadaíoch agus na céimeanna riachtanacha a ghlacadh go tráthúil. An fhaisnéis a cheanglaítear ar na heintitis cháilithe í a sholáthar do thomhaltóirí, de réir mar is ábhartha agus iomchuí, ba cheart míniú, i bhfriotal intuigthe, a áireamh ar ábhar na caingne ionadaíche agus ar iarmhairtí dlí iarbhír nó na hiarmhairtí dlí a d’fhéadfadh a bheith ag an gcaingean ionadaíoch chomh maith le hintinn an eintitis cháilithe an chaingean a thabhairt, tuairisc ar an ngrúpa tomhaltóirí lena mbaineann an chaingean ionadaíoch agus na céimeanna riachtanacha atá le tabhairt ag na tomhaltóirí lena mbaineann, lena n-áirítear an fhianaise riachtanach a choimirciú, chun gur féidir leis an tomhaltóir tairbhe a bhaint as na bearta urghaire, na bearta sásaimh nó na socraíochtaí formheasta mar a fhoráiltear leis an Treoir seo. Le bheith éifeachtach, ba cheart an fhaisnéis sin a bheith leordhóthanach agus comhréireach le himthosca an cháis.

(59)

Gan dochar don oibleagáid atá ar eintitis cháilithe faisnéis a chur ar fáil, ba cheart na tomhaltóirí lena mbaineann a chur ar an eolas faoin gcaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh atá ar siúl chun a léiriú go sainráite nó go hintuigthe gur mian leo go ndéanfaí ionadaíocht thar a gceann sa chaingean ionadaíoch. Ba cheart do na Ballstáit a chur ar a gcumas an méid sin a dhéanamh trí rialacha iomchuí a leagan síos maidir le faisnéis faoi chaingne ionadaíocha a scaipeadh ar thomhaltóirí. Ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé a chinneadh cé a bheidh freagrach as scaipeadh na faisnéise sin.

(60)

Ba cheart do thomhaltóirí a bheith ar an eolas chomh maith faoi chinntí críochnaitheacha ina ndéantar foráil maidir le bearta urghaire, bearta sásaimh nó socraíochtaí formheasta, faoina gcearta nuair a chinntear gur tharla sárú, agus faoi aon chéimeanna nach mór do na tomhaltóirí lena mbaineann an chaingean ionadaíoch a thabhairt ina dhiaidh sin, go háirithe maidir le sásamh a fháil. An riosca dá gclú a ghabhann le faisnéis faoi shárú a scaipeadh, tá sin tábhachtach freisin maidir le trádálaithe a dhíspreagadh ó chearta tomhaltóirí a shárú.

(61)

Le bheith éifeachtach, ba cheart an fhaisnéis faoi na caingne ionadaíocha atá ar siúl agus faoi na caingne ionadaíocha a tugadh i gcrích a bheith leordhóthanach agus comhréireach le himthosca an cháis. D’fhéadfaí faisnéis den sórt sin a sholáthar, mar shampla, ar shuíomh gréasáin an eintitis cháilithe nó an trádálaí, i mbunachair sonraí náisiúnta leictreonacha, ar na meáin shóisialta, ar láithreacha margaidh ar líne, nó i nuachtáin mhóréilimh, lena n-áirítear nuachtáin a fhoilsítear trí mhodh leictreonach cumarsáide amháin. I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, ba cheart gach tomhaltóir ar leith a chur ar an eolas le litir a tharchuirfear ar bhonn leictreonach i bhfoirm páipéir. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar arna iarraidh sin i bhformáidí atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

(62)

Ba cheart gurbh ar an trádálaí a rinne an sárú a bheadh sé, ar chostas an trádálaí, na tomhaltóirí uile lena mbaineann a chur ar an eolas faoi na bearta críochnaitheacha urghaire agus faoi na bearta críochnaitheacha sásaimh. Ba cheart don trádálaí na tomhaltóirí a chur ar an eolas freisin faoi aon socraíocht a d’fhormheas cúirt nó údarás riaracháin freisin. Ba cheart do na Ballstáit bheith ábalta rialacha a leagan síos faoina mbraithfeadh oibleagáid den chineál sin ar iarraidh ón eintiteas cáilithe. Más rud é, faoin dlí náisiúnta, go bhfuil an t-eintiteas cáilithe nó an chúirt nó an t-údarás riaracháin leis an bhfaisnéis a bhaineann le cinntí críochnaitheacha agus le socraíochtaí formheasta a thabhairt do na tomhaltóirí lena mbaineann an chaingean ionadaíoch, níor cheart é a chur de cheangal ar an trádálaí an fhaisnéis sin a sholáthar an dara huair. Ba cheart gur faoin eintiteas cáilithe a bheadh sé na tomhaltóirí lena mbaineann a chur ar an eolas faoi chinntí críochnaitheacha maidir le diúltú do chaingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh nó na chaingne sin a dhíbhe.

(63)

Ba cheart do na Ballstáit bheith ábalta bunachair sonraí náisiúnta leictreonacha a bhunú a bheadh inrochtana don phobal trí bhíthin suímh gréasáin ina gcuirfí faisnéis ar fáil faoi na heintitis cháilithe atá ainmnithe roimh ré chun críche caingne ionadaíocha intíre agus caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt agus chun críche faisnéise ginearálta faoi chaingne ionadaíocha atá ar siúl agus atá tugtha i gcrích.

(64)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaidh gach páirtí an cinneadh críochnaitheach ó chúirt nó ó údarás riaracháin de chuid aon Bhallstáit a bhaineann le sárú a bheith ann lena ndéantar díobháil do chomhleasanna na dtomhaltóirí a úsáid mar fhianaise i gcomhthéacs aon chaingean eile na mBallstát sin lena lorgaítear bearta sásaimh in aghaidh an trádálaí chéanna maidir leis an gcleachtas céanna os comhair a gcúirteanna nó a n-údaráis riaracháin. I gcomhréir le neamhspleáchas na breithiúnachta agus saormheastóireacht ar fhianaise, ba cheart nár dhochar an méid sin don dlí náisiúnta maidir le meastóireacht a dhéanamh ar fhianaise.

(65)

De ghnáth, cuirtear tréimhsí teorann ar fionraí nuair a thugtar caingean. Mar sin féin, ní gá go mbeadh éifeacht fionraíochta ag caingne le haghaidh bearta urghaire i gcás bearta sásaimh a dhéanfar ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh eascairt as an sárú céanna. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé d’éifeacht ag caingean ionadaíoch atá ar feitheamh le haghaidh bearta urghaire tréimhsí teorann is infheidhme a fhionraí nó a bhriseadh i ndáil leis na tomhaltóirí a mbaineann an chaingean ionadaíoch leo ionas nach gcuirfear cosc ar na tomhaltóirí sin, beag beann ar an ngníomhaíonn siad ina gcáil féin nó trí eintiteas cáilithe i gcáil ionadaí, caingean le haghaidh bearta sásaimh a thabhairt ina dhiaidh sin maidir leis an sárú a líomhnaítear mar gheall ar dhul in éag na dtréimhsí teorann le linn na caingne ionadaíche sin le haghaidh bearta urghaire. Agus caingean ionadaíoch le haghaidh beart urghaire á tabhairt, ba cheart don eintiteas cáilithe an grúpa tomhaltóirí a ndéantar difear dá leasanna leis an sárú a líomhnaítear a shainiú go leordhóthanach, chomh maith le tomhaltóirí a bhféadfadh éileamh a bheith acu mar thoradh ar an sárú sin agus a bhféadfadh dul in éag na dtréimhsí teorann difear a dhéanamh dóibh le linn na caingne ionadaíche. Chun amhras a sheachaint, ba cheart freisin go mbeadh sé d’éifeacht ag caingean ionadaíoch ar bheart sásaimh atá ar feitheamh na tréimhsí teorann is infheidhme a fhionraí nó a bhriseadh i ndáil leis na tomhaltóirí a mbaineann an chaingean ionadaíoch sin leo.

(66)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is i gcás éilimh le haghaidh sásaimh atá bunaithe ar sháruithe a rinneadh ar an 25 Meitheamh 2023 nó ina dhiaidh sin amháin ba cheart na tréimhsí teorann a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Treoir seo a fhionraí nó a bhriseadh. Níor cheart cosc a chur, leis sin, ar chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta maidir le tréimhsí teorann a fhionraí nó a bhriseadh, a raibh feidhm acu roimh an 25 Meitheamh 2023 maidir le héilimh ar shásamh a bhaineann le sáruithe a tharla roimh an dáta sin.

(67)

Ba cheart déileáil le caingne ionadaíocha le haghaidh bearta urghaire le luas cuí nós imeachta. Más rud é go bhfuil sárú fós ar siúl, d’fhéadfadh gá níos mó a bheith leis an luas. Ba cheart déileáil le caingne ionadaíocha le haghaidh bearta urghaire a bhfuil éifeacht shealadach acu, mar is iomchuí, trí nós imeachta achomair chun aon díobháil nó díobháil bhreise a d’eascródh as an sárú a chosc, i gcás inarb iomchuí.

(68)

Tá an fhianaise riachtanach chun a shuí an bhfuil bunús le caingean ionadaíoch le haghaidh bearta urghaire nó bearta sásaimh. Ach is minic, áfach, gur saintréith den chaidreamh idir an gnólacht agus an tomhaltóir í éagothroime faisnéise, agus d’fhéadfadh sé gur i seilbh an trádálaí amháin a bheadh an fhianaise riachtanach, rud a d’fhágfadh nach mbeadh rochtain ag an eintiteas cáilithe uirthi. Dá bhrí sin, ba cheart an ceart a bheith ag eintitis cháilithe a iarraidh ar an gcúirt nó ar an údarás riaracháin ordú a thabhairt don trádálaí fianaise atá ábhartha dá n-éileamh a nochtadh. Ar an taobh eile, agus aird á tabhairt ar phrionsabal chomhionannas na n-arm, ba cheart ceart den chineál céanna a bheith ag an trádálaí fianaise atá faoi rialú an eintitis cháilithe a iarraidh. Ba cheart don chúirt nó don údarás riaracháin a thugtar an chaingean ionadaíoch os a comhair nó os a chomhair, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nós imeachta, measúnú cúramach a dhéanamh ar an ngá atá leis na horduithe fianaise a nochtadh, agus ar a raon feidhme agus ar a chomhréireacht, ag féachaint do chosaint leasanna dlisteanacha tríú páirtithe agus faoi réir rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht.

(69)

Chun éifeachtacht caingne ionadaíocha a áirithiú, ba cheart pionóis éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha a ghearradh ar thrádálaithe a rinne sárú as mainneachtain nó diúltú beart urghaire a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhféadfadh na pionóis sin a bheith i bhfoirm fíneálacha, mar shampla, fíneálacha coinníollacha, íocaíochtaí tréimhsiúla nó íocaíochtaí pionósacha. Ba cheart pionóis a bheith ann freisin mar gheall ar mhainneachtain nó diúltú ordú a chomhlíonadh chun faisnéis a sholáthar do na tomhaltóirí lena mbaineann maidir le cinntí críochnaitheacha nó socraíochtaí nó maidir le mainneachtain nó diúltú fianaise a nochtadh. Ba cheart é a bheith indéanta freisin cineálacha eile pionóis, amhail bearta nós imeachta, a chur i bhfeidhm i gcásanna ina ndiúltófar ordú a chomhlíonadh a bhaineann le nochtadh fianaise.

(70)

Ós rud é go ndéanann caingne ionadaíocha leas an phobail a chur chun cinn trí comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, ba cheart do na Ballstáit bearta a choinneáil ar bun nó a ghlacadh arb é is aidhm dóibh a áirithiú nach gcuirfear cosc ar eintitis cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt faoin Treoir seo de dheasca na gcostas a bhaineann leis na nósanna imeachta. D’fhéadfaí a áireamh ar na modhanna sin teorainn a chur leis na táillí cúirte nó riaracháin is infheidhme, rochtain ar chúnamh dlíthiúil a thabhairt do na heintitis cháilithe, i gcás inar gá, nó cistiú poiblí a sholáthar d’eintitis cháilithe chun caingne ionadaíocha a thabhairt, lena n-áirítear tacaíocht struchtúrach nó modhanna eile tacaíochta. Níor cheart, áfach, a cheangal ar na Ballstáit caingne ionadaíocha a mhaoiniú.

(71)

Chonacthas cheana go bhfuil an comhar agus an malartú faisnéise idir eintitis cháilithe ó Bhallstáit éagsúla úsáideach, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe trasteorann. Ní mór leanúint de bhearta neartaithe acmhainní agus comhair, agus iad a leathnú chuig líon níos mó eintiteas cáilithe ar fud an Aontais chun úsáid caingne ionadaíocha a bhfuil impleachtaí trasteorann acu a mhéadú.

(72)

Chun críocha na meastóireachta a dhéanfar ar an Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit sonraí a sholáthar don Choimisiún maidir le caingne ionadaíocha a thugtar faoin Treoir seo. Ba cheart faisnéis a sholáthar maidir le líon agus cineál na gcaingne ionadaíocha a tugadh i gcrích os comhair aon cheann dá gcúirteanna nó dá n-údaráis riaracháin. Ba cheart faisnéis a sholáthar faoi thoradh na gcaingne ionadaíocha freisin, amhail an raibh siad inghlactha, agus ar éirigh leo, nó an raibh socraíocht fhormheasta mar thoradh orthu. Chun an t-ualach riaracháin a bhíonn ar na Ballstáit agus na hoibleagáidí sin á gcomhlíonadh acu a éascú, ba cheart gur leor an fhaisnéis ghinearálta maidir le cineál na sáruithe agus maidir leis na páirtithe, go háirithe i gcás bearta urghaire, a sholáthar don Choimisiún. A mhéid a bhaineann le páirtithe, mar shampla, ba cheart gur leor an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le cé acu comhlacht poiblí nó eagraíocht tomhaltóirí a bhí san eintiteas cáilithe, agus maidir le réimse gnó an trádálaí, mar shampla, seirbhísí airgeadais. De rogha air sin, ba cheart do na Ballstáit bheith in ann cóipeanna de na cinntí ábhartha nó socraíochtaí ábhartha a sholáthar don Choimisiún. Níor cheart faisnéis a thabhairt faoi chéannacht shonrach na dtomhaltóirí a mbaineann na caingne ionadaíocha leo.

(73)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur i dtoll a chéile, lena ngabhfaidh togra reachtach más iomchuí, ina measúnófar arbh fhearr aghaidh a thabhairt ar chaingne ionadaíocha trasteorann ar leibhéal an Aontais trí Ombudsman Eorpach a bhunú le haghaidh caingne ionadaíocha le haghaidh bearta urghaire agus bearta sásaimh.

(74)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt. Dá réir sin, ba cheart an Treoir seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin, lena n-áirítear na cearta agus na prionsabail a bhaineann leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, chomh maith leis an gceart chun cosanta.

(75)

I ndáil leis an dlí comhshaoil, cuirtear san áireamh sa Treoir seo Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip an 25 Meitheamh 1998 maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (“Coinbhinsiún Aarhus”).

(76)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon a áirithiú go mbeidh sásra caingne ionadaíche le comhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar fáil i ngach Ballstát chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú agus rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr impleachtaí trasteorann na sáruithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(77)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (9), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an caidreamh idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(78)

Is iomchuí foráil a dhéanamh do rialacha do chur i bhfeidhm na Treorach seo ó thaobh ama de.

(79)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/22/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

1.   Leis an Treoir seo, leagtar amach rialacha chun a áirithiú go mbeidh sásra caingne ionadaíche le comhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar fáil i ngach Ballstát, agus go dtugtar na coimircí iomchuí chun dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint. Is é is cuspóir don Treoir seo, trí ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach, rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí ghnéithe áirithe de dhlíthe, de rialacháin agus d’fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le caingne ionadaíocha a chomhfhogasú. Chuige sin, is é is aidhm don Treoir seo freisin feabhas a chur ar rochtain tomhaltóirí ar an gceartas.

2.   Ní chuireann an Treoir seo cosc ar na Ballstáit modhanna nós imeachta a ghlacadh nó a choinneáil i bhfeidhm le comhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar an leibhéal náisiúnta. Mar sin féin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh sásra nós imeachta amháin ar a laghad lena gceadaítear d’eintitis cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt chun críche bearta urghaire agus bearta sásaimh araon, an Treoir seo a chomhlíonadh. Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo ina fhoras chun laghdú a dhéanamh ar chosaint tomhaltóirí sna réimsí a chumhdaítear faoi raon feidhme na ngníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I.

3.   Beidh cead ag eintitis cháilithe aon mhodhanna nós imeachta atá ar fáil dóibh faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, le comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, a roghnú.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le caingne ionadaíocha a thugtar in aghaidh sáruithe ag trádálaithe ar na forálacha de chuid dhlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear na forálacha sin mar a trasuitear iad sa dlí náisiúnta, a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí nó a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh. Ní dochar an Treoir seo d’fhorálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. Tá feidhm aici maidir le sáruithe intíre agus trasteorann, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil deireadh tagtha leis na sáruithe sula mbeidh an chaingean ionadaíoch tugtha nó cásanna ina bhfuil deireadh tagtha leis na sáruithe sula mbeidh an chaingean ionadaíoch tugtha i gcrích.

2.   Ní dhéanann an Treoir seo difear do na rialacha faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta lena mbunaítear leigheasanna conarthacha agus neamhchonarthacha atá ar fáil do thomhaltóirí maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i mír 1.

3.   Ní dochar an Treoir seo do rialacha an Aontais maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach, go háirithe na rialacha a bhaineann le dlínse agus le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála agus na rialacha a bhaineann leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críoch nach mbaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm bheatha an duine sin;

(2)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha, nó aon duine dlítheanach gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, a ghníomhaíonn, lena n-áirítear trí dhuine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine sin nó thar ceann an duine sin, chun críoch a bhfuil baint acu le trádáil, gnó, ceird nó gairm bheatha an duine sin;

(3)

ciallaíonn “comhleasanna tomhaltóirí” leas ginearálta na dtomhaltóirí agus, go háirithe chun críocha beart sásaimh, leasanna grúpa tomhaltóirí;

(4)

ciallaíonn “eintiteas cáilithe” aon eagraíocht nó comhlacht poiblí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí atá ainmnithe ag Ballstát mar eintiteas atá cáilithe chun caingne ionadaíocha a thabhairt i gcomhréir leis an Treoir seo;

(5)

ciallaíonn “caingean ionadaíoch” caingean chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint arna tabhairt ag eintiteas cáilithe mar pháirtí is éilitheoir thar ceann tomhaltóirí le beart urghaire, beart sásaimh, nó an dá cheann, a lorg;

(6)

ciallaíonn “caingean ionadaíoch intíre” caingean ionadaíoch arna tabhairt ag eintiteas cáilithe sa Bhallstát inar ainmníodh an t-eintiteas cáilithe;

(7)

ciallaíonn “caingean ionadaíoch trasteorann” caingean ionadaíoch arna tabhairt ag eintiteas cáilithe i mBallstát seachas an Ballstát inar ainmníodh an t-eintiteas cáilithe;

(8)

ciallaíonn “cleachtas” aon ghníomh nó aon neamhghníomh de chuid trádálaí;

(9)

ciallaíonn “cinneadh críochnaitheach” cinneadh ó chúirt nó ó údarás riaracháin Ballstáit nach féidir a athbhreithniú nó nach féidir a athbhreithniú a thuilleadh trí ghnáthmhodhanna achomhairc;

(10)

ciallaíonn “beart sásaimh” beart lena gceanglaítear ar thrádálaí leigheasanna amhail cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh a chur ar fáil do na tomhaltóirí lena mbaineann, mar is iomchuí agus mar a bheidh fáil air faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

CAIBIDIL 2

CAINGNE IONADAÍOCHA

Airteagal 4

Eintitis cháilithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé indéanta d’eintitis cháilithe atá ainmnithe ag na Ballstáit chuige sin caingne ionadaíocha dá bhforáiltear leis an Treoir seo a thabhairt.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis, go háirithe eagraíochtaí tomhaltóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar chomhaltaí ó níos mó ná aon Bhallstát amháin, incháilithe le bheith ainmnithe mar eintitis cháilithe chun críche caingne ionadaíocha intíre, nó caingne ionadaíocha trasteorann, nó an dá cheann, a thabhairt.

3.   Ainmneoidh na Ballstáit eintiteas dá dtagraítear i mír 2 a rinne iarraidh le bheith ainmnithe mar eintiteas cáilithe chun críche caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt, más rud é go gcomhlíonann an t-eintiteas sin gach ceann de na critéir seo a leanas:

(a)

is duine dlítheanach é atá bunaithe i gcomhréir le dlí náisiúnta Bhallstát a ainmnithe agus is féidir leis rannpháirtíocht 12 mhí a léiriú i ngníomhaíocht phoiblí iarbhír a bhain le leasanna tomhaltóirí a chosaint sula ndearna sé iarratas a chur isteach ar ainmniúchán;

(b)

léirítear lena chuspóir reachtúil go bhfuil leas dlisteanach aige i leasanna tomhaltóirí a chosaint mar a fhoráiltear dó sna forálacha de dhlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I;

(c)

is de charachtar neamhbhrabúis é;

(d)

níl sé ina ábhar d’imeachtaí dócmhainneachta agus níl dearbhú ann go bhfuil sé dócmhainneach;

(e)

tá sé neamhspleách agus níl sé faoi thionchar daoine nach tomhaltóirí iad, go háirithe trádálaithe, a bhfuil leas eacnamaíoch acu in aon chaingean ionadaíoch a thabhairt, lena n-áirítear i gcás cistiú ó thríú páirtithe, agus, chuige sin, tá nósanna imeachta bunaithe aige le tionchar den sórt sin a chosc chomh maith le coinbhleachtaí leasa idir é féin, a sholáthraithe cistiúcháin agus leasanna tomhaltóirí a chosc;

(f)

cuireann sé faisnéis ar fáil go poiblí, i bhfriotal simplí intuigthe trí mhodh iomchuí ar bith, go háirithe ar a shuíomh gréasáin, lena léirítear go gcomhlíonann an t-eintiteas na critéir a liostaítear i bpointí (a) go (e), chomh maith le faisnéis faoina fhoinsí cistiúcháin i gcoitinne, faoina struchtúr eagraíochtúil bainistíochta agus ballraíochta, a chríoch reachtúil agus a chuid gníomhaíochtaí.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na critéir a úsáideann siad chun eintiteas a ainmniú mar eintiteas cáilithe chun críche caingne ionadaíocha intíre a thabhairt comhsheasmhach le cuspóirí na Treorach seo chun go bhfeidhmeoidh na caingne ionadaíocha sin go héifeachtach agus go héifeachtúil.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil feidhm ag na critéir a liostaítear i mír 3 freisin maidir le heintitis cháilithe a ainmniú chun críche caingne ionadaíocha intíre a thabhairt.

6.   Féadfaidh na Ballstáit eintiteas a ainmniú mar eintiteas cáilithe ar bhonn ad hoc, chun críche caingne ionadaíche intíre áirithe a thabhairt, arna iarraidh sin don eintiteas, má chomhlíonann sé na critéir maidir le hainmniú mar eintiteas cáilithe dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta.

7.   D’ainneoin mhíreanna 3 agus 4, féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí a ainmniú mar eintitis cháilithe chun críche caingne ionadaíocha a thabhairt. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil comhlachtaí poiblí atá ainmnithe cheana mar eintitis cháilithe de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2009/22/CE le leanúint de bheith ina n-eintitis ainmnithe chun críocha na Treorach seo.

Airteagal 5

Faisnéis agus faireachán ar eintitis cháilithe

1.   Tabharfaidh gach Ballstát liosta don Choimisiún de na heintitis cháilithe a d’ainmnigh sé roimh ré chun críche caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt, lena n-áirítear ainm agus críoch reachtúil na n-eintiteas cáilithe sin, faoin 26 Nollaig 2023. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún aon uair a thiocfaidh athrú ar an liosta sin. Déanfaidh na Ballstáit an liosta sin a chur ar fáil don phobal.

Tiomsóidh an Coimisiún liosta achomair de na heintitis cháilithe sin agus cuirfidh sé é ar fáil don phobal. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta aon uair a chuirfear aon athruithe a dhéanfar ar liostaí eintitis cháilithe na mBallstát in iúl don Choimisiún.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis faoi na heintitis cháilithe arna n-ainmniú roimh ré chun críche caingne ionadaíocha intíre a thabhairt a chur ar fáil don phobal.

3.   Gach cúig bliana, ar a laghad, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an bhfuil na critéir a liostaítear in Airteagal 4(3) fós á gcomhlíonadh ag na heintitis cháilithe. Áiritheoidh na Ballstáit go gcaillfidh an t-eintiteas cáilithe a stádas mura gcomhlíonann sé a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na critéir sin.

4.   Má thugann Ballstát nó an Coimisiún ábhair imní ar aird faoi cibé acu an bhfuil na critéir a liostaítear in Airteagal 4(3) á gcomhlíonadh ag eintiteas cáilithe, déanfaidh an Ballstát a d’ainmnigh an t-eintiteas cáilithe sin na hábhair imní a scrúdú. Más iomchuí, déanfaidh na Ballstáit ainmniúchán an eintitis cháilithe sin a chúlghairm mura bhfuil ceann amháin nó níos mó de na critéir sin á gcomhlíonadh aige a thuilleadh. Beidh an ceart ag an trádálaí is cosantóir i gcaingean ionadaíoch ábhair imní a bhfuil bonn cirt leo a thabhairt ar aird chuig an gcúirt nó an údarás riaracháin faoi cibé acu an bhfuil na critéir a liostaítear in Airteagal 4(3) á gcomhlíonadh ag eintiteas cáilithe.

5.   Ainmneoidh na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta chun críocha mhír 4 agus cuirfidh siad ainm agus sonraí teagmhála na bpointí teagmhála sin in iúl don Choimisiún. Tiomsóidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála sin agus cuirfidh sé ar fáil do na Ballstáit é.

Airteagal 6

Caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le heintitis cháilithe atá ainmnithe roimh ré i mBallstát eile chun críche caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt caingne ionadaíocha den sórt sin a thabhairt os comhair a gcúirteanna nó a n-údarás riaracháin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh an sárú a líomhnaítear ar dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(1) difear do thomhaltóirí i mBallstáit éagsúla nó más dócha go ndéanfaidh sé difear do thomhaltóirí i mBallstáit éagsúla, féadfaidh roinnt eintiteas cáilithe ó roinnt Ballstát an chaingean ionadaíoch a thabhairt os comhair cúirt nó údarás riaracháin Ballstáit d’fhonn comhleasanna tomhaltóirí i mBallstáit éagsúla a chosaint.

3.   Glacfaidh cúirteanna agus údaráis riaracháin leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) mar chruthúnas ar sheasamh dlíthiúil an eintitis cháilithe chun caingean ionadaíoch a thabhairt, gan dochar do cheart na cúirte nó an údaráis riaracháin ar os a comhair nó os a chomhair a thugtar é chun a scrúdú an bhfuil cuspóir reachtúil an eintitis cháilithe ina bhonn cirt leis an eintiteas sin caingean a thabhairt i gcás sonrach.

Airteagal 7

Caingne ionadaíocha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le heintitis cháilithe arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4 caingne ionadaíocha faoi mar a fhoráiltear dóibh leis an Treoir seo a thabhairt os comhair a gcúirteanna náisiúnta nó a n-údarás riaracháin.

2.   Agus caingean ionadaíoch á tabhairt, déanfaidh an t-eintiteas cáilithe faisnéis leordhóthanach faoi na tomhaltóirí lena mbaineann an chaingean ionadaíoch a chur ar fáil don chúirt nó don údarás riaracháin.

3.   Déanfaidh na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin measúnú ar inghlacthacht caingne ionadaíche sonraí i gcomhréir leis an Treoir seo agus leis an dlí náisiúnta.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis cháilithe i dteideal na bearta seo a leanas ar a laghad a lorg:

(a)

bearta urghaire;

(b)

bearta sásaimh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a chur ar a gcumas d’eintitis cháilithe na bearta dá dtagraítear i mír 4 a lorg laistigh d’aon chaingean ionadaíoch amháin, i gcás inarb iomchuí. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin go bhfuil na bearta sin le cur in aon chinneadh amháin.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis cháilithe ionadaíocht ar leasanna na dtomhaltóirí i gcaingne ionadaíocha, agus go mbeidh ag na heintitis cháilithe sna himeachtaí sin na cearta agus na hoibleagáidí a bhíonn ag páirtí is éilitheoir sna himeachtaí. Beidh na tomhaltóirí lena mbaineann caingean ionadaíoch i dteideal tairbhe a bhaint as na bearta dá dtagraítear i mír 4.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh cúirteanna nó údaráis riaracháin ábalta cásanna ina bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon bhunús leo a dhíbhe ag an gcéim is luaithe is féidir de na himeachtaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 8

Bearta urghaire

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta urghaire dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(4) ar fáil sna foirmeacha seo a leanas:

(a)

beart sealadach chun go scoirfí de chleachtas nó, i gcás inarb iomchuí, chun toirmeasc a chur ar chleachtas, sa chás gur measadh gur sárú mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) é an cleachtas sin;

(b)

beart cinntitheach chun go scoirfí de chleachtas nó, i gcás inarb iomchuí, toirmeasc a chur ar chleachtas, sa chás gur measadh gur sárú mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) é an cleachtas sin.

2.   Féadfar a áireamh ar bheart dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, má fhoráiltear dó sa dlí náisiúnta:

(a)

beart lena suitear gur sárú mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) é an cleachtas; agus

(b)

oibleagáid an cinneadh faoin mbeart a fhoilsiú go hiomlán nó go páirteach, i cibé foirm a mheasann an chúirt nó an t-údarás riaracháin a bheith leordhóthanach, nó oibleagáid ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú.

3.   Chun go lorgóidh eintiteas cáilithe beart urghaire, ní bheidh de cheangal ar thomhaltóirí aonair a rá gur mian leo go ndéanfaidh an t-eintiteas cáilithe sin ionadaíocht orthu. Ní bheidh de cheangal ar an eintiteas cáilithe cruthúnas a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

caillteanas nó díobháil iarbhír ar thaobh na dtomhaltóirí aonair a ndearna an sárú mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) difear dóibh; nó

(b)

intinn nó faillí ar thaobh an trádálaí.

4.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta nó a choinneáil ar bun ann, faoinarb amhlaidh nach gceadaítear d’eintiteas cáilithe an beart urghaire dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a lorg ach amháin tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin leis an trádálaí lena mbaineann agus é mar aidhm aige a chur faoi deara go scoirfidh an trádálaí sin den sárú faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1). I gcás nach scoireann an trádálaí den sárú sin laistigh de dhá sheachtain tar éis dó an iarraidh ar chomhairliúchán a fháil, féadfaidh an t-eintiteas cáilithe caingean ionadaíoch a thabhairt ar bheart urghaire láithreach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh aon fhorálacha den sórt sin de chuid an dlí náisiúnta. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 9

Bearta sásaimh

1.   Ceanglófar ar an trádálaí, i ngeall ar bheart sásaimh, leigheasanna amhail cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh a chur ar fáil do na tomhaltóirí lena mbaineann, de réir mar is iomchuí agus de réir mar a bheidh fáil ar na leigheasanna sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

2.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le conas agus ag cén chéim de chaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh a dhéanfaidh na tomhaltóirí aonair a mbaineann an chaingean ionadaíoch sin leo a chur in iúl, go sainráite nó go hintuigthe, laistigh de theorainn ama iomchuí, tar éis an chaingean ionadaíoch sin a thabhairt, gur mian leo go ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh an t-eintiteas cáilithe ionadaíocht orthu sa chaingean ionadaíoch sin agus a bheith nó gan a bheith faoi cheangal ag toradh na caingne ionadaíche sin.

3.   In ainneoin mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit nach mór do thomhaltóirí aonair nach bhfuil gnáthchónaí orthu i mBallstát na cúirte nó an údaráis riaracháin ar tugadh caingean ionadaíoch os a comhair nó os a chomhair a chur in iúl go sainráite gur mian leo go ndéanfaí ionadaíocht orthu sa chaingean ionadaíoch sin chun go mbeidh na tomhaltóirí sin faoi cheangal ag toradh na caingne ionadaíche sin.

4.   Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos le háirithiú, i gcás na dtomhaltóirí a léirigh go sainráite nó go hintuigthe gur mian leo go ndéanfaí ionadaíocht orthu i gcaingean ionadaíoch, nach féidir ionadaíocht a dhéanamh orthu i gcaingne ionadaíocha eile leis an gcúis caingne chéanna agus i gcoinne an trádálaí chéanna ná nach féidir leo caingean a thabhairt ar bhonn aonair leis an gcúis caingne chéanna agus i gcoinne an trádálaí chéanna. Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos freisin le háirithiú nach bhfaighidh tomhaltóirí cúiteamh níos mó ná aon uair amháin don chúis caingne chéanna i gcoinne an trádálaí chéanna.

5.   Sa chás nach sonraítear i mbeart sásaimh tomhaltóirí aonair atá i dteideal tairbhe a bhaint as leigheasanna arna gcur ar fáil faoin mbeart sásaimh, tabharfar tuairisc ann ar a laghad ar an ngrúpa tomhaltóirí atá i dteideal tairbhe a bhaint as na leigheasanna sin.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh beart sásaimh teideal do thomhaltóirí tairbhiú de na leigheasanna a thugtar leis an mbeart sásaimh sin gan an gá caingean ar leith a thabhairt iad féin.

7.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos nó a choinneáil ar bun maidir le teorainneacha ama do thomhaltóirí aonair chun tairbhe a bhaint as bearta sásaimh. Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le ceann scríbe aon chistí sásaimh a fágadh gan íoc agus nach n-aisghabhtar laistigh de na teorainneacha ama a leagadh síos.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis cháilithe in ann caingne ionadaíocha le haghaidh beart sásaimh a thabhairt gan é a bheith riachtanach do chúirt nó d’údarás riaracháin bheith tar éis sárú mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) a shuí roimh ré in imeachtaí ar leithligh.

9.   Maidir le leigheasanna a chuirtear ar fáil trí bhíthin bearta sásaimh mar chuid de chaingean ionadaíoch, ní dochar iad d’aon leigheasanna breise atá ar fáil do thomhaltóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, ar leigheasanna iad nach raibh ina n-ábhar don chaingean ionadaíoch sin.

Airteagal 10

Caingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh a mhaoiniú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcisteoidh tríú páirtí caingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh, a mhéid a cheadaítear sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go gcoiscfear coinbhleachtaí leasa agus nach mbeidh sé mar thoradh ar chistiú ó thríú páirtithe a bhfuil leas eacnamaíoch acu i gcaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh a thabhairt nó i dtoradh na caingne ionadaíche le haghaidh bearta sásaimh go n-atreorófar an chaingean ionadaíoch ó chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint.

2.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit an méid a leanas go háirithe:

(a)

nach n-imreoidh tríú páirtí tionchar míchuí ar chinntí an eintitis cháilithe i gcomhthéacs caingean ionadaíoch, lena n-áirítear cinntí maidir le socraíocht, ar bhealach a bheadh díobhálach do chomhleasanna na dtomhaltóirí a mbaineann an chaingean ionadaíoch leo;

(b)

nach dtabharfar an chaingean ionadaíoch in aghaidh cosantóir ar iomaitheoir de chuid an tsoláthraí cistiúcháin é nó in aghaidh cosantóir a bhfuil an soláthraí cistiúcháin spleách air.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh de chumhacht ag cúirteanna nó ag údaráis riaracháin i gcaingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh measúnú a dhéanamh á rá an amhlaidh go gcomhlíontar míreanna 1 agus 2 i gcásanna ina dtagann aon amhras a bhfuil bonn cirt leis chun cinn maidir leis an gcomhlíonadh sin. Chuige sin, nochtfaidh eintitis cháilithe don chúirt nó don údarás riaracháin forléargas airgeadais ina liostófar foinsí maoinithe arna n-úsáid chun tacú leis an gcaingean ionadaíoch.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh de chumhacht ag cúirteanna nó údaráis riaracháin, chun críocha mhíreanna 1 agus 2, bearta iomchuí a ghlacadh, amhail ceangal a chur ar an eintiteas cáilithe an cistiú ábhartha a dhiúltú nó athruithe a dhéanamh ina leith agus, más gá, chun seasamh dlíthiúil an eintitis cháilithe a dhiúltú i gcaingean ionadaíoch ar leith. Má dhiúltaítear do sheasamh dlíthiúil an eintitis cháilithe i gcaingean ionadaíoch ar leith, ní dhéanfaidh an diúltú sin difear do chearta na dtomhaltóirí a mbaineann an chaingean ionadaíoch sin leo.

Airteagal 11

Socraíochtaí sásaimh

1.   Chun críche socraíochtaí a fhormheas, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo i gcaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh:

(a)

féadfaidh an t-eintiteas cáilithe agus an trádálaí go comhpháirteach socrú i ndáil le sásamh do na tomhaltóirí lena mbaineann a mholadh don chúirt nó don údarás riaracháin; nó

(b)

féadfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin, tar éis di nó dó dul i gcomhairle leis an eintiteas cáilithe agus leis an trádálaí, a iarraidh ar an eintiteas cáilithe agus ar an trádálaí teacht ar shocraíocht maidir le sásamh laistigh de theorainn ama réasúnta.

2.   Beidh na socraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir ghrinnscrúdú na cúirte nó an údaráis riaracháin. Déanfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin measúnú ar cé acu an bhfuil uirthi nó air diúltú socraíocht a fhormheas atá contrártha le forálacha den dlí náisiúnta sainordaitheach nó a bhfuil coinníollacha nach féidir a fhorfheidhmiú ar áireamh inti, ag cur san áireamh chearta agus leasanna na bpáirtithe uile, agus go háirithe leasanna na dtomhaltóirí lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos a cheadóidh don chúirt nó don údarás riaracháin diúltú formheas a thabhairt ar na forais go bhfuil an tsocraíocht éagórach.

3.   Mura bhformheasann an chúirt nó an t-údarás riaracháin an tsocraíocht, leanfaidh sí nó sé den chaingean ionadaíoch lena mbaineann a éisteacht.

4.   Beidh socraíochtaí formheasta ina gceangal ar an eintiteas cáilithe, ar an trádálaí agus ar na tomhaltóirí aonair lena mbaineann.

Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena dtabharfar do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann caingean ionadaíoch agus lena mbaineann an tsocraíocht a dhéanfar dá héis an fhéidearthacht glacadh le bheith faoi cheangal socraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 nó diúltú a bheith faoi cheangal amhlaidh.

5.   Ní dochar an sásamh a gheofar trí bhíthin socraíocht fhormheasta i gcomhréir le mír 2 d’aon leigheasanna breise a bheidh ar fáil do thomhaltóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta agus nárbh ábhar don tsocraíocht sin iad.

Airteagal 12

Costais caingne ionadaíche le haghaidh beart sásaimh a leithdháileadh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar an bpáirtí nár éirigh leis i gcaingean ionadaíoch le haghaidh beart sásaimh costais na n-imeachtaí arna n-iompar ag an bpáirtí a n-éireoidh leis a íoc, i gcomhréir le coinníollacha agus eisceachtaí dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta is infheidhme maidir le himeachtaí cúirte i gcoitinne.

2.   Ní íocfaidh tomhaltóirí aonair lena mbaineann caingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh costais na n-imeachtaí.

3.   De mhaolú ar mhír 2, in imthosca eisceachtúla féadfaidh sé go n-ordófar do thomhaltóir aonair lena mbaineann caingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh costais imeachtaí a íoc, ar costais iad a tabhaíodh mar thoradh ar iompar intinneach nó faillíoch an tomhaltóra aonair.

Airteagal 13

Faisnéis maidir le caingne ionadaíocha

1.   Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena n-áiritheofar go gcuirfidh eintitis cháilithe faisnéis ar fáil, go háirithe ar a suíomh gréasáin, faoin méid seo a leanas:

(a)

na caingne ionadaíocha a bhfuil cinneadh déanta acu iad a thabhairt os comhair cúirte nó údaráis riaracháin;

(b)

stádas na gcaingne ionadaíocha atá tugtha acu os comhair cúirte nó údaráis riaracháin; agus

(c)

torthaí na gcaingne ionadaíocha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

2.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha chun a áirithiú go dtabharfar eolas do na tomhaltóirí lena mbaineann caingean ionadaíoch ar bhearta sásaimh atá ar siúl faoin gcaingean ionadaíoch go pras agus go hiomchuí, chun go mbeidh ar chumas na dtomhaltóirí sin a léiriú go sainráite nó go hintuigthe gur mian leo go ndéanfar ionadaíocht orthu sa chaingean ionadaíoch sin de bhun Airteagal 9(2).

3.   Gan dochar don fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ceanglóidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin ar an trádálaí na tomhaltóirí lena mbaineann an chaingean ionadaíoch a chur ar an eolas, ar chostas an trádálaí, maidir le haon chinntí críochnaitheacha lena bhforáiltear do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus maidir le haon socraíochtaí formheasta dá dtagraítear in Airteagal 11, ar bhealach is iomchuí d’imthosca an cháis agus laistigh de theorainneacha ama sonracha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí gach tomhaltóir ar leith lena mbaineann a chur ar an eolas. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid seo más ar bhealach éigin eile a chuirtear na tomhaltóirí lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh críochnaitheach nó faoin tsocraíocht fhormheasta.

Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos ar fúthu nach mbeadh sé de cheangal ar an trádálaí an t-eolas sin a chur ar fáil do thomhaltóirí ach amháin dá n-iarrfadh an t-eintiteas cáilithe air déanamh amhlaidh.

4.   Beidh feidhm ag na ceanglais faisnéise dá dtagraítear i mír 3 mutatis mutandis maidir le heintitis cháilithe i ndáil le cinntí críochnaitheacha faoi dhiúltú do chaingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh nó na caingne sin a dhíbhe.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis an bpáirtí a n-éireoidh leis na costais a bhaineann le faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí i gcomhthéacs an chaingean ionadaíoch a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 12(1).

Airteagal 14

Bunachair sonraí leictreonacha

1.   Féadfaidh na Ballstáit bunachair sonraí náisiúnta leictreonacha a chur ar bun a bheidh inrochtana don phobal trí shuímh ghréasáin agus a chuireann faisnéis ar fáil faoi eintitis cháilithe atá ainmnithe roimh ré chun críche ginearálta caingne ionadaíocha intíre agus trasteorann agus faisnéis ghinearálta faoi chaingne ionadaíocha atá ar siúl agus atá tugtha chun críche a thabhairt.

2.   I gcás ina gcuireann Ballstát bunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear i mír 1 ar bun, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir leis an seoladh idirlín ag a bhfuil an bunachar sonraí leictreonach inrochtana.

3.   Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí leictreonach a chur ar bun agus a choimeád ar bun chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

gach cumarsáid idir na Ballstáit agus an Coimisiún dá dtagraítear in Airteagail 5(1), 5(4) agus 5(5) agus Airteagal 23(2); agus

(b)

an comhar idir na heintitis cháilithe dá dtagraítear in Airteagal 20(4).

4.   Beidh an bunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo inrochtana go díreach, a mhéid is ábhartha, faoi seach, díobh seo a leanas:

(a)

na pointí teagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 5(5);

(b)

cúirteanna agus údaráis riaracháin, más gá faoin dlí náisiúnta;

(c)

na heintitis cháilithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun críche caingne ionadaíocha intíre agus caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt; agus

(d)

an Coimisiún.

Cuirfear ar fáil don phobal faisnéis arna roinnt ag na Ballstáit laistigh den bhunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin maidir le heintitis cháilithe arna n-ainmniú chun críche caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

Airteagal 15

Éifeachtaí cinntí críochnaitheacha

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh gach páirtí an cinneadh críochnaitheach ó chúirt nó ó údarás riaracháin de chuid aon Bhallstáit a bhaineann le sárú lena ndéantar díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí a bheith ann a úsáid mar fhianaise i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le meastóireacht a dhéanamh ar fhianaise, i gcomhthéacs aon chaingean eile os comhair a gcúirteanna náisiúnta nó a n-údaráis riaracháin chun bearta sásaimh a lorg in aghaidh an trádálaí céanna maidir leis an glceachtas céanna, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le meastóireacht a dhéanamh ar fhianaise.

Airteagal 16

Tréimhsí teorann

1.   I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d’éifeacht ag caingean ionadaíoch ar bheart urghaire dá dtagraítear in Airteagal 8 atá ar feitheamh tréimhsí teorann is infheidhme a fhionraí nó a bhriseadh i ndáil leis na tomhaltóirí a mbaineann an chaingean ionadaíoch sin leo, ionas nach gcoisctear ar na tomhaltóirí sin caingean le haghaidh bearta sásaimh a thabhairt ina dhiaidh sin maidir leis an sárú a líomhnaítear mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) toisc go ndeachaigh na tréimhsí teorann is infheidhme in éag le linn na caingne ionadaíche le haghaidh na mbeart urghaire sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh sé d’éifeacht ag caingean ionadaíoch ar bheart sásaimh atá ar feitheamh dá dtagraítear in Airteagal 9(1) tréimhsí teorann is infheidhme a fhionraí nó a bhriseadh i ndáil leis na tomhaltóirí a mbaineann an chaingean ionadaíoch sin leo.

Airteagal 17

Luas an nós imeachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéileálfar leis na caingne ionadaíocha le haghaidh bearta urghaire dá dtagraítear in Airteagal 8 leis an luas cuí.

2.   Más iomchuí, is trí bhíthin nós imeachta achomair a dhéileálfar le caingne ionadaíocha le haghaidh bearta urghaire dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 8(1).

Airteagal 18

Fianaise a nochtadh

Sa chás gur sholáthair eintiteas cáilithe fianaise atá ar fáil go réasúnta agus ar leor í chun tacú le caingean ionadaíoch, agus má shonraigh an t-eintiteas sin go bhfuil fianaise bhreise faoi rialú an chosantóra nó tríú páirtí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin in ann a ordú, arna iarraidh sin don eintiteas cáilithe sin, go nochtfaidh an cosantóir nó an tríú páirtí an fhianaise sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nós imeachta, faoi réir na rialacha de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht agus comhréireacht. Áiritheoidh na Ballstáit, ar iarraidh a fháil ón gcosantóir, go mbeidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin in ann a ordú freisin don eintiteas cáilithe nó don tríú páirtí fianaise ábhartha a nochtadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta um nósanna imeachta.

Airteagal 19

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás ina mainneofar nó ina ndiúltófar na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

beart urghaire dá dtagraítear in Airteagal 8(1) nó i bpointe (b) d’Airteagal 8(2); nó

(b)

oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 13(3) nó in Airteagal 18.

Déanfaidh na Ballstáit cibé bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na pionóis a bheith, inter alia, i bhfoirm fíneálacha.

Airteagal 20

Cúnamh d’eintitis cháilithe

1.   Glacfaidh na Ballstáit bearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú nach gcuirfidh costais na n-imeachtaí a bhaineann le caingne ionadaíocha cosc ar eintitis cháilithe a gceart ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 7 a lorg a fheidhmiú go héifeachtach.

2.   I measc na mbeart dá dtagraítear i mír 1, d’fhéadfadh siad a bheith i bhfoirm cistiú poiblí„ mar shampla, lena n-áirítear tacaíocht struchtúrtha d’eintitis cháilithe, teorainn a chur leis na táillí cúirte nó riaracháin is infheidhme, nó rochtain a thabhairt ar chúnamh dlíthiúil.

3.   Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena gceadófar d’eintitis cháilithe a cheangal ar thomhaltóirí a chuir in iúl gur mian leo go ndéanfadh eintiteas cáilithe ionadaíocht orthu i gcaingean ionadaíoch ar leith le haghaidh bearta sásaimh táille bheag iontrála nó muirear den chineál céanna a íoc chun a bheith rannpháirteach sa chaingean ionadaíoch sin.

4.   Tacóidh na Ballstáit agus an Coimisiún leis an gcomhar idir eintitis cháilithe agus malartú agus scaipeadh a ndea-chleachtas agus a dtaithí maidir le bheith ag déileáil le sáruithe intíre agus le sáruithe trasteorann mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(1), agus éascóidh siad an méid sin.

CAIBIDIL 3

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2009/22/CE le héifeacht ón 25 Meitheamh 2023 gan dochar d’Airteagal 22(2) den Treoir seo.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 22

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena dtrasuitear an Treoir seo, cuirfidh na Ballstáit iad i bhfeidhm maidir le caingne ionadaíocha a thugtar ar an 25 Meitheamh 2023 nó ina dhiaidh sin.

2.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena dtrasuitear Treoir 2009/22/CE, cuirfidh na Ballstáit iad i bhfeidhm maidir le caingne ionadaíocha a thugtar roimh an 25 Meitheamh 2023.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin náisiúnta maidir le tréimhsí teorann lena dtrasuitear Airteagal 16 a fhionraí nó a bhriseadh infheidhme ach amháin maidir le héilimh ar shásamh atá bunaithe ar na sáruithe mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(1) a tharla ar an 25 Meitheamh 2023 nó ina dhiaidh sin. Ní chuirfear cosc, leis sin, ar chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta maidir le tréimhsí teorann a fhionraí nó a bhriseadh, ar tréimhsí iad a bhí i bhfeidhm roimh an 25 Meitheamh 2023 maidir le héilimh ar shásamh atá bunaithe ar sháruithe faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(1) a tharla roimh an dáta sin.

Airteagal 23

Faireachán agus meastóireacht

1.   Tráth nach luaithe ná an 26 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr. Sa tuarascáil, déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar raon feidhme na Treorach seo a leagtar síos in Airteagal 2 agus in Iarscríbhinn I agus ar fheidhmiú agus éifeachtacht na Treorach seo i gcásanna trasteorann, lena n-áirítear i dtéarmaí deimhneachta dlíthiúla.

2.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún, den chéad uair faoin 26 Meitheamh 2027 agus go bliantúil ina dhiaidh sin, an fhaisnéis seo a leanas atá riachtanach chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú:

(a)

líon agus cineál na gcaingean ionadaíoch a tugadh chun críche os comhair aon cheann dá gcúirteanna nó dá n-údaráis riaracháin;

(b)

cineál na sáruithe faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(1) agus na páirtithe sna caingne ionadaíocha sin;

(c)

torthaí na gcaingean ionadaíoch sin.

3.   Faoin 26 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht i dtaobh arbh fhearr aghaidh a thabhairt ar chaingne ionadaíocha trasteorann ar leibhéal an Aontais trí Ombudsman Eorpach um chaingne ionadaíocha le haghaidh bearta urghaire agus bearta sásaimh a bhunú agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar a phríomhthorthaí chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus beidh togra reachtach, ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

Airteagal 24

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 25 Nollaig 2022. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 25 Meitheamh 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs bhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 26

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 66.

(2)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 232.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 4 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30).

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) (IO L 199, 31.7.2007, lch. 40).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(9)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA D’FHORÁLACHA DHLÍ AN AONTAIS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(1)

(1)

Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).

(2)

Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(3)

Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1997 maidir le dliteanas aeriompróirí i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d’aer (IO L 285, 17.10.1997, lch. 1).

(4)

Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(5)

Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).

(6)

Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1): Airteagail 5-7, 10 agus 11.

(7)

Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir le Cód an Chomhphobail i dtaca le táirgí íocshláinte atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67): Airteagail 86-90, 98 agus 100.

(8)

Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4): Airteagail 3 agus 5.

(9)

Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 51): Airteagal 10 agus Caibidil IV.

(10)

Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37): Airteagail 4–8 agus 13.

(11)

Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoracha 97/7/CE agus 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16).

(12)

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(13)

Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).

(14)

Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Treoir maidir le Cleachtais Trádála Éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(15)

Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21).

(16)

Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36): Airteagail 20 agus 22.

(17)

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.7.2006, lch. 1).

(18)

Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).

(19)

Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(20)

Treoir 2008/122/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le tomhaltóirí a chosaint i ndáil le gnéithe áirithe de chonarthaí amroinnte, de chonarthaí um tháirgí saoire fadtéarmacha, de chonarthaí athdhíola agus de chonarthaí malairte (IO L 33, 3.2.2009, lch. 10).

(21)

Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3): Airteagal 23.

(22)

Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1): Airteagail 1-35.

(23)

Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(24)

Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55): Airteagal 3 agus Iarscríbhinn I.

(25)

Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94): Airteagal 3 agus Iarscríbhinn I.

(26)

Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus an gnó sin a shaothrú agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

(27)

Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10): Airteagal 14 agus Iarscríbhinn I.

(28)

Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú, (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1): Airteagail 183-186.

(29)

Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 24).

(30)

Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266, 9.10.2009, lch. 11).

(31)

Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlachta breosla agus paraiméadar riachtanach eile (IO L 342, 22.12.2009, lch. 46): Airteagail 4-6.

(32)

Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59): Airteagail 3-8 agus 19-21.

(33)

Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1): Airteagail 9–-11, 19–26 agus 28b.

(34)

Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1): Airteagail 9-10.

(35)

Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

(36)

Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(37)

Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(38)

Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

(39)

Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(40)

Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1): Airteagail 9-11a.

(41)

Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).

(42)

Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 172, 30.6.2012, lch. 10).

(43)

Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63): Airteagal 13.

(44)

Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóide ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1): Airteagal 14.

(45)

Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(46)

Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107).

(47)

Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

(48)

Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 2002/92/CE agus 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349): Airteagail 23-29.

(49)

Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

(50)

Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(51)

Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).

(52)

Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(53)

Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1).

(54)

Treoir 2015/2366 (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(55)

Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19): Airteagail 17-24 agus 28-30.

(56)

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(57)

Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002 agus (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1): Caibidil II.

(58)

Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176): Caibidil II.

(59)

Rialachán (AE) 2017/1128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 168, 30.6.2017, lch. 1).

(60)

Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

(61)

Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).

(62)

Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1): Airteagail 3-6.

(63)

Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60I, 2.3.2018, lch. 1): Airteagail 3-5.

(64)

Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36): Airteagail 88 agus 98-116 agus Iarscríbhinní VI agus VIII.

(65)

Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).

(66)

Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun earraí a dhíol, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2009/22/CE

An Treoir seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(1)

-

Airteagal 2(2)

-

Airteagal 3

Airteagal 2(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(4), pointe (a)

-

Airteagal 7(2) agus (3)

Airteagal 7(4), pointe (b)

Airteagal 7(5), (6) agus (7)

Airteagal 2(1), pointe (a)

Airteagal 7(4), pointe (a)

Airteagal 8(1)

Airteagal 17

Airteagal 2(1), pointe (b)

Airteagal 7(4), pointe (a)

Airteagal 8(2), pointe (b)

Airteagal 13(1), pointe (c)

Airteagal 13(3)

-

Airteagal 8(2), pointe (a)

-

Airteagal 8(3)

Airteagal 2(1), pointe (c)

Airteagal 19

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 3

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 4(3), pointí (a) agus (b)

Airteagal 4(6) agus (7)

-

Airteagal 4(3), pointí (c), (d), (e) agus (f)

Airteagal 4(4) agus (5)

-

Airteagal 5(2), (3), (4) agus (5)

Airteagal 4(1)

Airteagal 6

Airteagail 4(2) agus 4(3)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5

Airteagal 8(4)

-

Airteagal 9

-

Airteagal 10

-

Airteagal 11

-

Airteagal 12

-

Airteagal 13(1), pointí (a) agus (b)

Airteagal 13(2), (4) agus (5)

-

Airteagal 14

-

Airteagal 15

-

Airteagal 16

-

Airteagal 18

Airteagal 6

Airteagal 23

Airteagal 7

Airteagal 1(2) agus (3)

Airteagal 8

Airteagal 24

-

Airteagal 20

Airteagal 9

Airteagal 21

-

Airteagal 22

Airteagal 10

Airteagal 25

Airteagal 11

Airteagal 26


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

4.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 409/28


CINNEADH (AE) 2020/1829 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2020

maidir le tograí a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt lena meas ag an gcúigiú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe, agus maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcruinniú sin a mhéid a bhaineann le tograí ó Pháirtithe eile sa Choinbhinsiún sin chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II, VIII agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (“an Coinbhinsiún”) i bhfeidhm in 1992 agus thug an tAontas i gcrích é trí bhíthin Cinneadh 93/98/CEE ón gComhairle (1).

(2)

Is le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a chuirtear chun feidhme an Coinbhinsiún agus Cinneadh C(2001)107/FINAL ó Chomhairle na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) i dtaca le hathbhreithniú Chinneadh C(92)39/FINAL maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha atá ceaptha d’oibríochtaí aisghabhála (“Cinneadh ECFE”) laistigh den Aontas. Tagraítear do na hoibríochtaí diúscartha atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún i roinnt gníomhartha de chuid an Aontais, amhail Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)

De bhun an Choinbhinsiúin, déanfaidh Comhdháil na bPáirtithe, de réir mar is gá, leasuithe ar an gCoinbhinsiún, agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis, a mheas agus a ghlacadh. Tá leasuithe ar an gCoinbhinsiún le glacadh ag cruinniú de chuid Chomhdháil na bPáirtithe.

(4)

Le linn a 15ú cruinniú atá beartaithe do mhí Iúil 2021, déanfaidh Comhdháil na bPáirtithe, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 18 den Choinbhinsiún, tograí arna dtíolacadh ag an Aontas nó ag aon Pháirtí eile sa Choinbhinsiún chun leasuithe ar Iarscríbhinní II, IV, VIII agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a mheas.

(5)

Ba cheart togra chun Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú a thíolacadh, thar ceann an Aontais, d’fhonn: réamhrá ginearálta a chur isteach lena ndéanfar idirdhealú soiléir idir na téarmaí “neamh-aisghabháil” agus “aisghabháil”, soiléiriú a dhéanamh go gcumhdófar gach oibríocht diúscartha a tharlaíonn nó a d’fhéadfadh tarlú i gcleachtas cibé stádas dlíthiúil atá aici agus cibé acu a mheastar nó nach meastar go bhfuil siad fónta ó thaobh an chomhshaoil de, agus go gcumhdófar gach oibríocht a tharlaíonn sula ndéanfar oibríochtaí eile a thíolacadh; teidil agus téacsanna réamhráiteacha a chur isteach freisin lena mínítear cad go díreach atá i gceist le “hoibríochtaí neamh-aisghabhála” (Iarscríbhinn IVA) agus le “hoibríochtaí aisghabhála” (Iarscríbhinn IVB); tuairiscithe na n-oibríochtaí a uasdátú agus a shoiléiriú i gcomhréir le forbairtí eolaíocha, teicniúla agus eile, forbairtí a tharla ó glacadh an Coinbhinsiún in 1989; agus chun a áirithiú, trí bhíthin forálacha uileghabhálacha a thabhairt isteach, go gcumhdófar le ceanglais an Choinbhinsiúin gach oibríocht nach luaitear go sonrach.

(6)

Is tuairiscí ginearálta ar “oibríochtaí diúscartha” na tuairiscí atá in Iarscríbhinn IV, b’fhiú tuilleadh soiléireachta a thabhairt ina leith. Mar sin, ba cheart don Aontas a mholadh go bhforbródh Comhdháil na bPáirtithe míniúcháin nó treoir chun soiléiriú breise a thabhairt faoi ábhar na n-oibríochtaí sin in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, nó go dtacódh sé le togra den chineál sin ó Pháirtithe eile. Ba cheart soiléirithe agus samplaí den sórt sin maidir leis na hoibríochtaí a chumhdaítear a bheith sna míniúcháin nó sa treoir sin, agus níor cheart iad a chur san áireamh i dtéacs an Choinbhinsiúin. B’fhearr go nglacfaí mínithe nó treoir den sórt sin sula dtiocfadh na leasuithe d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún de bheith éifeachtach.

(7)

Is iad na cuspóirí atá ag na tograí a bhaineann le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún: chun a áirithiú go mbeidh sásraí rialaithe iomchuí an Choinbhinsiúin iomlán infheidhme, agus gurbh amhlaidh, dá nglacfaí iad, go bhfeabhsódh siad rialuithe ar loingsithe dramhaíola; toirmeasc ar loingsithe neamhdhleathacha a éascú; soiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú agus tuiscint agus léiriú coiteann i measc na bPáirtithe sa Choinbhinsiún a bhunú maidir le hoibríochtaí; agus tacú le bainistiú dramhaíola atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ar an leibhéal domhanda agus rannchuidiú leis an aistriú i dtreo geilleagair chiorclaigh dhomhanda.

(8)

De thoradh an togra chun Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú, ba cheart tograí a thíolacadh, thar ceann an Aontais, chun iontrálacha maidir le dramhaíl phlaisteach in Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú, toisc go dtagraíonn siad d’oibríocht diúscartha áirithe atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(9)

Ba cheart don Aontas tacú, i bprionsabal, le leasuithe a mholann Páirtithe eile sa Choinbhinsiún dá éis sin maidir leis an liosta d’oibríochtaí diúscartha in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, na hiontrálacha maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach atá liostaithe faoi láthair in Iarscríbhinní VIII agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus na hiontrálacha nua atá beartaithe le haghaidh dramhaíl den sórt sin in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún (catagóirí dramhaíola ar gá iad a mheas ar bhealach speisialta), ar choinníoll go bhféadfadh siad na cuspóirí céanna a bhaint amach leis na cuspóirí atá laistiar de thograí an Aontais a bhaineann le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(10)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe maidir le tograí ó Pháirtithe eile a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II, VIII agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leagan amach, ós rud é go mbeidh an gníomh atá beartaithe (leasuithe ar Iarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún) ina cheangal ar an Aontas agus go mbeidh tionchar aige ar raon feidhme agus ar inneachar dhlí an Aontais, agus go háirithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2008/98/CE.

(11)

Is iomchuí an staid mar atá maidir le loingsithe dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh neamhghuaisigh laistigh den Aontas agus de Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a choinneáil ar bun, agus dá bhrí sin gan an córas rialaithe a úsáid a eascraíonn as an bhféidearthacht go gcuirfear iontrálacha breise le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le loingsithe den sórt sin. Chuige sin, ba cheart don Aontas, oiread agus is gá, úsáid a bhaint as na nósanna imeachta a leagtar amach i gCinneadh ECFE, gan dochar don fhógra a tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 den Choinbhinsiún, chun a áirithiú nach bhforchuirtear rialú breise ar loingsithe dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh neamhghuaisigh laistigh den Aontas agus de LEE, de thoradh leasuithe ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a ghlacadh.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ag féachaint do na tograí chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (“an Coinbhinsiún”) a leasú chomh maith le tograí lena leasaítear Iarscríbhinní II, VIII agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún i dtaca le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, saothróidh an tAontas na cuspóirí seo a leanas:

(a)

a áirithiú go mbeidh sásraí rialaithe an Choinbhinsiúin iomlán infheidhme, chun rialuithe ar loingsithe dramhaíola a fheabhsú agus chun toirmeasc loingsithe dramhaíola neamhdhleathacha a éascú;

(b)

tacú le bainistiú dramhaíola atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ar leibhéal domhanda agus rannchuidiú leis an aistriú i dtreo geilleagair chiorclaigh dhomhanda; agus

(c)

soiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú chomh maith le tuiscint choiteann agus léirmhíniú coiteann a bhunú i measc na bPáirtithe ar na hoibríochtaí diúscartha a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún;.

2.   Chun na cuspóirí a liostaítear i mír 1 a shaothrú, tíolacfaidh an tAontas togra ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

réamhrá ginearálta a chur isteach in Iarscríbhinn IV lena ndéanfar idirdhealú soiléir idir na téarmaí “neamh-aisghabháil” agus “aisghabháil”, agus soiléiriú a dhéanamh go gcumhdófar gach oibríocht diúscartha a tharlaíonn nó a d’fhéadfadh tarlú i gcleachtas cibé stádas dlíthiúil atá aici agus cibé acu a mheastar nó nach meastar go bhfuil siad fónta ó thaobh an chomhshaoil de, agus freisin go gcumhdófar freisin gach oibríocht a tharlaíonn roimh oibríochtaí eile;

(b)

teidil agus téacsanna réamhráiteacha a chur isteach in Iarscríbhinn IV, téacsanna a mhíníonn cad is ciall le “hoibríochtaí neamh-aisghabhála” (Iarscríbhinn IVA) agus le “hoibríochtaí aisghabhála” (Iarscríbhinn IVB); agus

(c)

tuairiscí na n-oibríochtaí in Iarscríbhinn IV a uasdátú agus a shoiléiriú i gcomhréir le forbairtí eolaíocha, teicniúla agus eile, forbairtí a tharla ó glacadh an Coinbhinsiún in 1989, agus, trí fhorálacha uileghabhálacha a thabhairt isteach in Iarscríbhinn IV, go gcumhdófar le ceanglais an Choinbhinsiúin gach oibríocht nach luaitear go sonrach.

I gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo tá togra mionsonraithe lena leasófar Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

3.   Tíolacfaidh an tAontas togra ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe lena leasófar iontrálacha in Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le dramhaíl phlaisteach. I gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo tá tograí mionsonraithe a bhaineann leis na leasuithe sin.

4.   Cuirfidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, na tograí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 in iúl do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin.

5.   Molfaidh an tAontas go bhforbróidh Comhdháil na bPáirtithe míniúcháin nó treoir nach bhfuil le cur isteach sa Choinbhinsiún féin, lena dtugtar soiléirithe agus samplaí faoi na hoibríochtaí diúscartha in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, nó tacóidh sé le togra den chineál sin ó Pháirtithe eile.

Airteagal 2

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe a mhéid bhaineann le tograí a mholann Páirtithe eile sa Choinbhinsiún chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II, VIII agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún go bhféadfaidh an tAontas tacú le leasuithe a mholann Páirtithe eile sa Choinbhinsiún, ar choinníoll go rannchuidíonn siad le cuspóirí an Aontais a bhaint amach mar a liostaítear iad in Airteagal 1(1), a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

oibríochtaí diúscartha atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún;

(b)

iontrálacha nua-mholta le haghaidh dramhthrealamh leictreach agus leictreonach in Iarscríbhinn II (catagóirí dramhaíola ar gá iad a mheas ar bhealach speisialta) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, agus

(c)

iontrálacha le haghaidh dramhthrealamh leictreach agus leictreonach atá liostaithe faoi láthair in Iarscríbhinní VIII agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún,

Airteagal 3

Féadfar mionchoigeartú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a chomhaontú, i bhfianaise forbairtí ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, idir ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, gan aon chinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 4

I gcás ina nglacfar iontrálacha nua maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach neamhghuaiseach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, déanfaidh an tAontas, a mhéid is gá, na bearta is gá faoi Chinneadh ECFE, gan dochar don fhógra arna thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 den Choinbhinsiún chun a áirithiú go leanfar de gan difear a dhéanamh do na rialuithe reatha maidir le loingsithe dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh neamhghuaisigh laistigh den Aontas agus de LEE.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 93/98/CEE ón gComhairle an 1 Feabhra 1993 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (Coinbhinsiún Basel) (IO L 39, 16.2.1993, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

(3)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).


IARSCRÍBHINN

CUID I

Togra, thar ceann an Aontais Eorpaigh, le haghaidh leasuithe ar Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt

(togra le haghaidh téacs nua i gcomhair Iarscríbhinn IV)

IARSCRÍBHINN IV (1)

Oibríochtaí Diúscartha

Tá dhá chatagóir oibríochtaí diúscartha ann, is iad sin oibríochtaí aisghabhála agus oibríochtaí neamh-aisghabhála. Oibríochtaí neamh-aisghabhála a chuimsítear i roinn A agus oibríochtaí aisghabhála a chuimsítear i roinn B.

Cumhdaítear freisin i ranna A agus B araon den Iarscríbhinn seo oibríochtaí diúscartha a dhéantar sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí a luaitear sna ranna sin faoi seach (2).

Cumhdaítear san Iarscríbhinn seo gach oibríocht diúscartha, cibé stádas dlíthiúil atá aici agus cibé acu a mheastar nó nach meastar go bhfuil siad fónta ó thaobh an chomhshaoil de.

A.   Oibríochtaí neamh-aisghabhála

Is oibríocht neamh-aisghabhála aon oibríocht nach oibríocht aisghabhála í fiú i gcás ina mbeidh gnóthú substaintí nó fuinnimh ina thoradh tánaisteach uirthi.

D20

Cur i líonadh talún os cionn talún a ndearnadh innealtóireacht air agus atá scartha amach ón gcomhshaol

D21

Locadh dromchla (e.g. leacht nó sloda a chur i gcairn, taiscumair nó dambaí fuíll)

D22

Cur ar thalamh seachas talamh a chumhdaítear faoi D 20 agus D 21 (e.g. buanstóráil os cionn talún)

D23

Buanstóráil faoi thalamh (e.g. coimeádáin a chur i mianach)

D24

Cur i dtalamh seachas talamh a chumhdaítear faoi D 23 (e.g. instealladh isteach i dtoibreacha, i gcruinneacháin salainn de stórtha a bhíonn ann go nádúrtha)

D25

Cóireáil talún in situ (e.g. bith-dhíghrádú nó cóireáil bhitheolaíoch nó cheimiceach)

D26

Scaoileadh isteach i ndobharlach seachas i bhfarraigí/in aigéan

D27

Scaoileadh isteach i bhfarraigí/aigéin lena n-áirítear ionsá ar ghrinneall na farraige

D28

Scaoileadh isteach san atmaisféar (e.g. gáis atá comhbhrúite nó leachtaithe a scaoileadh)

D29

Cóireáil theirmeach seachas cóireáil theirmeach a chumhdaítear faoi R 24 i roinn B (e.g. loisceadh)

D30

Neamh-aisghabháil seachas neamh-aisghabháil a chumhdaítear faoi D 20 go D 29

D31

Cóireáil bhitheolaíoch sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí i roinn A

D32

Meascadh, lena n-áirítear cumasc, sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí i roinn A

D33

Cóireáil de láimh (e.g scaradh), cóireáil fhisiceach/mheicniúil nach cóireáil fhisiceach/mheicniúil a chumhdaítear faoi D32 (e.g. scaradh, laghdú méide, galú, triomú, uathchlábhú), cóireáil fhisiceach/cheimiceach (e.g. eastóscadh leachta), cóireáil cheimiceach (e.g. neodrúchán, deascadh ceimiceach) nó bac gluaiseachta (e.g. cobhsú, soladú) sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí i roinn A

D34

Athphacáistiú sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí i roinn A

D35

Cóireáil eile nach cóireáil í a chumhdaítear faoi D 31 go D 34 sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí i roinn A

D36

Stóráil shealadach sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí i roinn A

B.   Oibríochtaí aisghabhála

Is é atá in oibríocht aisghabhála aon oibríocht arb é a príomhthoradh go mbaintear úsáid fhónta as dramhaíl trína cur in ionad ábhair eile a mbainfí feidhm ar leith astu murach sin, nó go n-ullmhaítear dramhaíl chun an fheidhm sin a bhaint aisti, sa ghléasra nó sa gheilleagar i gcoitinne.

R20

Ullmhú le haghaidh athúsáide (m.sh. seiceáil, glanadh, deisiú, athchóiriú)

R21

Athchúrsáil substaintí orgánacha (m.sh. cóireáil fhisiceach/mheicniúil, cóireáil cheimiceach)

R22

Athchúrsáil ar mhiotal agus ar chumaisc mhiotail (e.g. bruithniú, hidri-mhiotaleolaíocht, cóireáil fhisiceach/mheicniúil)

R23

Athchúrsáil ábhar neamhorgánach nach ábhar neamhorgánach é a chumhdaítear faoi R22 (e.g. cóireáil fhisiceach/mheicniúil, cóireáil cheimiceach)

R24

Cóireáil theirmeach arb é an príomhthoradh atá uirthi fuinneamh a ghiniúint (e.g. loisceadh)

R25

Aisghabháil nach aisghabháil í a chumhdaítear faoi R 20 go R 24

R26

Cóireáil bhitheolaíoch sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí i roinn B

R27

Meascadh, lena n-áirítear cumasc, sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí i roinn B

R28

Cóireáil de láimh (e.g scaradh), cóireáil fhisiceach/mheicniúil nach cóireáil fhisiceach/mheicniúil a chumhdaítear faoi R27 (e.g. scaradh, laghdú méide, galú, triomú, uathchlábhú), cóireáil fhisiceach/cheimiceach (e.g. eastóscadh leachta) nó cóireáil cheimiceach (e.g. neodrúchán, deascadh) sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí i roinn B

R29

Athphacáistiú sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí i roinn B

R30

Cóireáil eile nach cóireáil í a chumhdaítear faoi R 26 go R 29 sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí i roinn B

R31

Stóráil shealadach sula gcuirtear an t-ábhar faoi aon cheann de na hoibríochtaí i roinn B

CUID II

Tograí, thar ceann an Aontais Eorpaigh,le haghaidh leasuithe ar Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt

In dhá fhonóta den iontráil Y48 in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus i dhá fhonóta den iontráil B3011 in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, cuirfear “Athchúrsáil ábhar orgánach (e.g. cóireáil fhisiceach/mheicniúil, cóireáil cheimiceach) (R21 in Iarscríbhinn IV, Roinn B)” in ionad an téacs “Athchúrsáil/aisghabháil substaintí orgánacha nach n-úsáidtear mar thuaslagóirí (R21 in Iarscríbhinn IV, Roinn B)” agus cuirfear “oibríocht R21” in ionad an téacs “oibríocht R3”.

Tiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm tráth a thiocfaidh an leasú ar Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún i bhfeidhm.


(1)  Tiocfaidh na leasuithe ar an Iarscríbhinn sin i bhfeidhm an [dáta atá [trí][ceithre] bliana tar éis do Chomhdháil na bPáirtithe iad a ghlacadh].

(2)  Féach oibríochtaí D31 go D36 i roinn A agus oibríochtaí R26 go R31 i roinn B.


4.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 409/34


CINNEADH (AE) 2020/1830 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an daicheadú cruinniú de Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (Coinbhinsiún Bern)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (“an Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh 82/72/CEE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 1982.

(2)

De bhun an Choinbhinsiúin, féadfaidh an Buanchoiste arna bhunú leis an gCoinbhinsiún (“an Buanchoiste”) leasuithe ar Airteagail 13 go 24 den Choinbhinsiún a ghlacadh lena gcur faoi bhráid Choiste Airí Chomhairle na hEorpa (“Coiste na nAirí”) lena bhformheas agus, dá éis, faoi bhráid na bPáirtithe Conarthacha (“Páirtithe”) le go nglacfaí leo.

(3)

De bhun an Choinbhinsiúin, tá an Buanchoiste freagrach as cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin a leanúint, agus féadfaidh sé, go háirithe, aon mholtaí a dhéanamh maidir le héifeachtacht an Choinbhinsiúin a fheabhsú.

(4)

Le linn an 40ú cruinniú den Bhuanchoiste ón 30 Samhain go dtí an 4 Nollaig 2020, tá an Buanchoiste chun cinntí maidir leis an gCoinbhinsiún a leasú a ghlacadh chun clásail airgeadais a thabhairt isteach agus chun comhaontú páirteach méadaithe a bhunú i dtaca leis an gciste chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme.

(5)

Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh laistigh den Bhuanchoiste thar ceann an Aontais, mar gur gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu iad a chinntí.

(6)

Tá Rúnaíocht an Choinbhinsiúin (“An Rúnaíocht”) tar éis togra a thíolacadh chun an Coinbhinsiún a leasú chun sásra airgeadais a thabhairt isteach lena gcinnfeadh an Buanchoiste an scála ranníocaíochtaí éigeantacha airgeadais ó Pháirtithe chun gnáth-leithdháileadh buiséid Chomhairle na hEorpa a chomhlánú.

(7)

Faoin gCoinbhinsiún, tá leasuithe ar an gCoinbhinsiún le formheas a fháil ar dtús ó Choiste na nAirí agus tagann siad i bhfeidhm dá éis sin ar an 30ú lá tar éis do na Páirtithe uile fógra a thabhairt gur ghlac siad iad.

(8)

Tá an Rúnaíocht tar éis togra a thíolacadh freisin chun comhar idir-rialtasach a neartú chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme trí chomhaontú páirteach méadaithe a bhunú, comhaontú ina mbeadh ranníocaíocht éigeantach airgeadais leis an gcomhaontú páirteach méadaithe sin do na Páirtithe.

(9)

I gcomhréir le Reacht Chomhairle na hEorpa agus le Treoir Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le Nósanna Imeachta agus Modhanna Oibre, tar éis cinneadh ón mBuanchoiste, thiocfadh an comhaontú páirteach méadaithe atáthar a mholadh i bhfeidhm i gcás gach Páirtí sa Chomhaontú sin tar éis do Choiste na nAirí glacadh le tromlach dhá thrian de na hIonadaithe a bhfuil vóta acu agus tromlach na nIonadaithe atá i dteideal suí ar Choiste na nAirí, agus dá éis sin tar éis tairseach na sínitheoirí a bhaint amach.

(10)

A luaithe a bhunófar an comhaontú páirteach méadaithe, is faoi na Páirtithe sa Choinbhinsiún a bheidh sé a chinneadh an dtiocfaidh siad chun bheith ina bPáirtí ann.

(11)

Ní dochar an Cinneadh seo d’aon chinneadh ón gComhairle a dhéanfar amach anseo maidir lena oiriúnaí a bheadh sé go dtiocfadh an tAontas chun bheith ina pháirtí sa chomhaontú páirteach méadaithe atáthar a mholadh.

(12)

Tá géarghá ann foinse shlán iontaofa airgeadais a bhunú d’fheidhmiú an Choinbhinsiúin, i bhfianaise laghdú an mhaoinithe a chuirtear ar fáil trí ghnáth-ranníocaíocht Chomhairle na hEorpa, chomh maith leis an laghdú ar ranníocaíochtaí deonacha na bPáirtithe.

(13)

Le leasú ar an gCoinbhinsiún chun sásra airgeadais a thabhairt isteach, ailínítear é leis an gcaoi a maoinítear comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha eile agus d’áiritheofaí leis ranníocaíocht chothrom ó gach Páirtí sa Choinbhinsiún. Le téacs an leasaithe atá á mholadh ag an Rúnaíocht fágtar éiginnteacht, áfach, maidir leis an sásra airgeadais atá le bunú, go háirithe maidir leis an idirdhealú idir buiséid lárnacha agus buiséid chlárbhunaithe, agus maidir leis an leibhéal ranníocaíochtaí a bheidh ag teastáil.

(14)

Bheadh tacaíocht ón Aontas do leasú ar an gCoinbhinsiún chun sásra airgeadais a thabhairt isteach faoi réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 218, míreanna 2 go 4, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(15)

I bhfianaise an mhéid ama a theastaíonn chun leasú ar an gCoinbhinsiún a chaibidil agus chun go dtiocfadh sé i bhfeidhm, is léir go bhfuil gá le réiteach airgeadais níos láithrí le go bhféadfadh an Coinbhinsiún leanúint de bheith ag feidhmiú ar bhealach éifeachtach san idirthréimhse. Shásófaí an gá sin tríd an gcomhaontú páirteach méadaithe atáthar a mholadh.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart gurbh é an seasamh ón gComhairle rún a mholadh chun cinneadh maidir leis an gCoinbhinsiún a leasú a chur siar agus tacú le comhaontú páirteach méadaithe a bhunú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, i dtaca le hábhair a thagann faoina inniúlacht, ag an 40ú cruinniú de Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa rún a mholadh chun an vótáil ar an togra le haghaidh an Coinbhinsiún a leasú d’fhonn clásail airgeadais a chur san áireamh a chur siar go dtí an 41ú cruinniú den Bhuanchoiste, agus tacú le bunú comhaontaithe pháirtigh mhéadaithe lena mbunaítear ciste tacaíochta chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme, ar bhonn an dréachta a cuireadh faoi bhráid an Bhuanchoiste.

Airteagal 2

I bhfianaise ar ar tharla ag an 40ú cruinniú den Bhuanchoiste, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, comhaontú le mionchoigeartú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 le linn cruinnithe comhordúcháin ar an láthair, gan aon chinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 82/72/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1981 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (IO L 38, 10.2.1982, lch. 1).


4.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 409/36


CINNEADH (AE) 2020/1831. ÓN GCOMHAIRLE

an 30 Samhain 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh den Chomhairle Chomhpháirteach a bunaíodh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit atá in SADC EPA, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cainníochtaí tagartha áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gComhaontú sin a choigeartú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Shínigh an tAontas agus a Bhallstáit an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit atá in SADC EPA, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”), an 10 Meitheamh 2016.

(2)

Agus iad ag feitheamh lena theacht i bhfeidhm, tá an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Bhotsuáine, Ríocht Leosóta, Poblacht na Namaibe, Poblacht na hAfraice Theas agus Ríocht na Suasalainne mar a bhí, arb í Ríocht Eswatini anois, den pháirt eile, ón 10 Deireadh Fómhair 2016, agus idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Mósaimbíc, den pháirt eile, ón 4 Feabhra 2018.

(3)

De bhun Airteagal 102(1) den Chomhaontú, tá an chumhacht ag Comhairle Chomhpháirteach Stáit SADC EPA - AE (“an Chomhairle Chomhpháirteach”) cinntí a dhéanamh i dtaca leis na hábhair uile a chumhdaítear leis an gComhaontú.

(4)

Le hAirteagal 35 den Chomhaontú foráiltear don fhéidearthacht go gcuirfidh Aontas Custaim Dheisceart na hAfraice (“SACU”) beart coimirce i bhfeidhm i bhfoirm dleacht allmhairiúcháin más rud é, go dtéann, le linn aon tréimhse 12 mhí, méid na n-allmhairí de tháirge talmhaíochta isteach in Aontas Custaim Dheisceart na hAfraice atá liostaithe in Iarscríbhinn IV den Chomhaontú agus ar de thionscnamh an Aontais é, thar an gcainníocht tagartha a léirítear le haghaidh an táirge sin san Iarscríbhinn sin.

(5)

Déantar foráil i bhfonóta 1 a ghabhann le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an gComhaontú go ndéanfar na cainníochtaí tagartha le haghaidh na línte taraife a léirítear le réiltín a choigeartú go comhréireach, más rud é go bhfuil dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe ann tar éis 2015.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Chomhpháirteach a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ón gComhairle Chomhpháirteach maidir le cainníochtaí tagartha áirithe a choigeartú a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gComhaontú ina cheangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhpháirteach Stáit SADC EPA - AE (“an Chomhairle Chomhpháirteach”) a bunaíodh leis gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit atá in SADC EPA, den pháirt eile (“an Comhaontú”), a mhéid a bhaineann le cainníochtaí tagartha áirithe de na táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gComhaontú agus a léirítear le réiltín, chun críocha Airteagal 35 den Chomhaontú, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh comhfhreagrach ón gComhairle Chomhpháirteach (2).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 250, 16.9.2016, lch. 3.

(2)  Féach doiciméad ST 12376/20 ag http://register.consilium.europa.eu.


Ceartúcháin

4.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 409/38


Ceartúchán ar Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (athmhúnlú)

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 58 an 27 Feabhra 2020 )

(IO L Eagrán Speisialta Gaeilge an 27 Feabhra 2020, lch. 31)

Ar leathanach 31, in Airteagal 43(1):

in ionad:

“... agus inneachar na ndoiciméad cúltaca dá dtagraítear in Airteagail 38, 39 agus 41 ...”,

léitear:

“... agus inneachar na ndoiciméad cúltaca dá dtagraítear in Airteagail 38, 39 agus 40 ...”.