ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 352

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
22 Deireadh Fómhair 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/1530 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Treoir (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann le rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid a chur i bhfeidhm laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 lena gcumhachtaítear an Fhrainc chun comhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar forlíonadh ar an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le Tógáil agus Oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann Lamháltóirí Príobháideacha a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích

4

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1532 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, le linn an 66ú seisiún den Choiste um an gCóras Comhchuibhithe san Eagraíocht Dhomhanda Chustaim i ndáil le glacadh beartaithe Thuairimí maidir le Rangú, cinntí maidir le Rangú, leasuithe ar Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe nó comhairle eile maidir le léiriú an Chórais Chomhchuibhithe agus maidir le moltaí chun aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léiriú an Chórais Chomhchuibhithe faoin gCoinbhinsiún ar an gCóras Comhchuibhithe

7

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

22.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 352/1


RIALACHÁN (AE) 2020/1530 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Treoir (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann le rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid a chur i bhfeidhm laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ceanglaítear ar gach Ballstát údarás náisiúnta sábháilteachta a bhunú a bhfuil cúraimí a shonraítear maidir le sábháilteacht iarnróid le cur de chúram air. I gcomhréir leis an Treoir sin, féadfaidh údarás náisiúnta sábháilteachta a bheith ina chomhlacht arna bhunú go haontaobhach ag an mBallstát lena mbaineann nó, de rogha air sin, ina chomhlacht a gcuireann roinnt Ballstát de chúram air na cúraimí sin a dhéanamh chun córas sábháilteachta aontaithe a áirithiú.

(2)

Leis an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le Tógáil agus Oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann Lamháltóirí Príobháideacha a síníodh in Canterbury an 12 Feabhra 1986 (“Conradh Canterbury”), bunaíodh Coimisiún Idir-Rialtasach chun maoirseacht a dhéanamh ar na hábhair uile a bhaineann le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht (“an Coimisiún Idir-Rialtasach”).

(3)

Go dtí deireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (4) (“an idirthréimhse”), is é an Coimisiún Idir-Rialtasach an t‐údarás náisiúnta sábháilteachta de réir bhrí Threoir (AE) 2016/798 atá freagrach as Nasc Seasta Mhuir nIocht.

(4)

Ag deireadh na hidirthréimhse, tiocfaidh an Coimisiún Idir-Rialtasach chun bheith ina chomhlacht arna bhunú trí chomhaontú idirnáisiúnta idir Ballstát, eadhon an Fhrainc, agus tríú tír, eadhon Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”). Mura bhforálfar a mhalairt le comhaontú idirnáisiúnta a bheidh ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe, ní bheidh sé ina údarás náisiúnta sábháilteachta a thuilleadh faoi dhlí an Aontais agus ní bheidh dlí an Aontais infheidhme a thuilleadh maidir leis an gcuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe.

(5)

Chun oibriú sábháilte agus éifeachtúil Nasc Seasta Mhuir nIocht a áirithiú, is iomchuí an Coimisiún Idir-Rialtasach a choimeád mar an t‐údarás sábháilteachta aonair atá freagrach as an mbonneagar sin ina iomláine.

(6)

Chun na críche sin, le Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), cumhachtaítear an Fhrainc, faoi choinníollacha áirithe, comhaontú idirnáisiúnta, lena ndéantar forlíonadh ar Chonradh Canterbury, a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích, faoina gcoinneofar an Coimisiún Idir-Rialtasach mar an t‐údarás sábháilteachta aonair atá inniúil chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht.

(7)

Chuige sin, ba cheart rialacha sonracha a bhunú maidir le húdaráis sábháilteachta shonracha, agus maidir le dualgais an Bhallstáit lena mbaineann na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfidh an t‐údarás sábháilteachta sonrach dlí an Aontais i bhfeidhm i gcónaí nó, ina éagmais sin, go gcuirfidh údarás sábháilteachta an Bhallstáit sin dlí an Aontais i bhfeidhm.

(8)

D’fhéadfadh sé, le réiteach díospóidí idir an Ballstát lena mbaineann agus an tríú tír i réimse na sábháilteachta iarnróid, go dtabharfaí ceisteanna ar aird maidir le léiriú dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dhéanamh inniúil chun réamhrialuithe a thabhairt maidir leis na ceisteanna sin.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2016/798 a leasú dá réir.

(10)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon oibiriú sábháilte agus éifeachtúil Nasc Seasta Mhuir nIocht ag deireadh na hidirthréimhse a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(11)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2016/798

Leasaítear Treoir (AE) 2016/798 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (7):

“7.

ciallaíonn ‘údarás náisiúnta sábháilteachta’:

(a)

an comhlacht náisiúnta a gcuirtear de chúram air na cúraimí a bhaineann le sábháilteacht iarnróid i gcomhréir leis an Treoir seo;

(b)

aon chomhlacht a gcuireann roinnt Ballstát de chúram air na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (a) chun córas sábháilteachta aontaithe a áirithiú;

(c)

aon chomhlacht a gcuireann Ballstát agus tríú tír de chúram air na cúraimí dá dtagaraítear i bpointe (a) chun córas sábháilteacht aontaithe a áirithiú, ar choinníoll go mbeidh comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas chuige sin leis an tríú tír lena mbaineann nó go mbeidh comhaontú den sórt sin tugtha i gcrích ag an mBallstát sin i gcomhréir le cumhachtú arna dheonú ag an Aontas chuige sin;”;

(2)

in Airteagal 16, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.

I gcás ina mbeidh píosa aonair de struchtúr innealtóireachta suite i bpáirt i dtríú tír agus i bpáirt i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin, de bhreis ar an údarás náisiúnta sábháilteachta atá inniúil dá chríoch ar shlí eile, agus i gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (7), pointe (c), agus le comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas nó a bhfuil a thabhairt i gcrích údaraithe ag an Aontas, údarás sábháilteachta a ainmniú a bheidh inniúil go sonrach don struchtúr innealtóireachta sin agus gach aon ghné eile de chuid an bhonneagair iarnróid atá nasctha leis (‘an t‐údarás sábháilteachta sonrach’). I gcomhréir leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin, féadfaidh an t‐údarás náisiúnta sábháilteachta inniúlacht a ghlacadh go sealadach as an gcuid sin den struchtúr innealtóireachta atá suite sa Bhallstát sin.

I gcomhthéacs aon chomhaontaithe idirnáisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, glacfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta ar fad atá ar fáil dó faoin gcomhaontú idirnáisiúnta sin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t‐údarás sábháilteachta sonrach dlí an Aontais. Chuige sin, agus i gcás inar gá, ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht iarnróid, bainfidh an Ballstát lena mbaineann úsáid gan mhoill as an gceart a thugtar leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin, ar trína bhíthin a bheidh an t‐údarás náisiúnta sábháilteachta i dteideal inniúlacht eisiach a ghlacadh air féin i dtaobh na coda den struchtúr innealtóireachta atá suite sa Bhallstát sin.

5.

I gcás díospóid a chuirfear chun eadrána i gcomhréir le comhaontú idirnáisiúnta ina dtugtar ceist ar aird faoi léiriú dhlí an Aontais, beidh an dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) réamhrialú a thabhairt maidir leis an gceist sin arna iarraidh sin ag an mbinse eadrána arna chur ar bun chun díospóidí a réiteach faoin gcomhaontú idirnáisiúnta sin.

Na forálacha i ndlí an Aontais lena rialaítear imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le hiarrataí ar réamhrialú ón gCúirt Bhreithiúnais arna ndéanamh de bhun na chéad fhomhíre.

I gcás ina mainníonn an binse eadrána aon rialú ón gCúirt Bhreithiúnais arna thabhairt i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a chomhlíonadh, bainfidh an Ballstát lena mbaineann úsáid gan mhoill as an gceart a thugtar leis an gcomhaontú idirnáisiúnta, ar trína bhíthin a bheidh an t‐údarás náisiúnta sábháilteachta i dteideal inniúlacht eisiach a ghlacadh air féin i dtaobh na coda den struchtúr innealtóireachta atá suite sa Bhallstát sin.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 16 Meán Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020.

(3)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

(4)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(5)  Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 lena gcumhachtaítear an Fhrainc chun comhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar forlíonadh ar an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le Tógáil agus Oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann Lamháltóirí Príobháideacha a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích (féach leathanach 4 den Iris Oifigiúil seo)


CINNTÍ

22.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 352/4


CINNEADH (AE) 2020/1531 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Deireadh Fómhair 2020

lena gcumhachtaítear an Fhrainc chun comhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar forlíonadh ar an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le Tógáil agus Oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann Lamháltóirí Príobháideacha a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le Tógáil agus Oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann Lamháltóirí Príobháideacha, a síníodh in Canterbury an 12 Feabhra 1986 (“Conradh Canterbury”), bunaíodh Coimisiún Idir-Rialtasach chun maoirseacht a dhéanamh ar gach ceist a bhaineann le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht (“an Coimisiún Idir-Rialtasach”).

(2)

Go dtí deireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (“an idirthréimhse”), is é atá sa Choimisiún Idir-Rialtasach comhlacht ar a gcuireann roinnt Ballstát cúraimí maidir le sábháilteacht iarnróid i leith Nasc Seasta Mhuir nIocht. Chuige sin, is é atá sa Choimisiún Idir-Rialtasach dá bhrí sin an t‐údarás náisiúnta sábháilteachta de réir bhrí Threoir (AE) 2016/798 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Sa cháil sin, cuireann sé i bhfeidhm forálacha de chuid dhlí an Aontais is ábhartha do shábháilteacht iarnróid agus, faoi Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), idir-inoibritheacht iarnróid.

(3)

Ag deireadh na hidirthréimhse, tiocfaidh an Coimisiún Idir-Rialtasach chun bheith ina chomhlacht a bhunaítear trí chomhaontú idirnáisiúnta idir Ballstát, eadhon an Fhrainc, agus tríú tír, eadhon Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“An Ríocht Aontaithe”). Ina theannta sin, agus mura bhforálfar a mhalairt i gcomhaontú idirnáisiúnta atá ceangailteach ar an Ríocht Aontaithe, ní bheidh dlí an Aontais infheidhme a thuilleadh maidir leis an gcuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe.

(4)

Maidir le comhaontú idirnáisiúnta le tríú tír i ndáil le rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid a chur i bhfeidhm i gcásanna trasteorann, d’fhéadfadh comhaontú den chineál sin difear a dhéanamh do limistéar a chumhdaítear de chuid mhaith le dlí an Aontais agus go háirithe le Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798. Dá bhrí sin, tagann aon chomhaontú den chineál sin faoi inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais. Ní fhéadfaidh na Ballstáit comhaontú den chineál sin a chaibidliú, ná a thabhairt i gcrích, ach amháin má chumhachtaíonn an tAontas iad déanamh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Mar gheall ar an idirghníomhaíocht le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, tá sé riachtanach freisin gurb é an reachtóir de chuid an Aontais a thabharfaidh an cumhachtú sin i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE.

(5)

I litir uaithi dar dáta an 16 Iúil 2020, d’iarr an Fhrainc cumhachtú ar an Aontas chun comhaontú idirnáisiúnta leis an Ríocht Aontaithe a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena ndéantar forlíonadh ar Conradh Canterbury.

(6)

Chun a áirithiú go mbeidh oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht sábháilte éifeachtúil, is iomchuí an Coimisiún Idir-Rialtasach a choimeád mar an t‐údárás sábháilteachta aonair a bheidh freagrach as an mbonneagar sin ar fad. I bhfianaise stádas speisialta Nasc Seasta Mhuir nIocht, ar nasc iarnróid é a bhaineann le struchtúr innealtóireachta aonair casta agus é lonnaithe go páirteach i gcríoch na Fraince agus go páirteach i gcríoch tríú tír, is iomchuí an Fhrainc a chumhachtú chun comhaontú idirnáisiúnta leis an Ríocht Aontaithe maidir le rialacha sábháilteachta iarnróid an Aontais a chur i bhfeidhm i ndáil le Nasc Seasta Mhuir nIocht a shíniú, a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích chun córas sábháilteachta aontaithe a choinneáil, faoi réir coinníollacha áirithe.

(7)

Tá an Coimisiún Idir-Rialtasach in ann ról an údaráis náisiúnta sábháilteachta a bheadh freagrach as an gcuid sin de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Fraince a chomhlíonadh, ar choinníoll go ndéantar Treoir (AE) 2016/798 a leasú agus go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe.

(8)

Ba cheart don Choimisiún Idir-Rialtasach na rialacha céanna a chur i bhfeidhm maidir le Nasc Seasta Mhuir nIocht ar fad. Is é ba cheart a bheith sna rialacha sin forálacha ábhartha dhlí an Aontais, agus go háirithe Rialachán (AE) 2016/796 agus Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798, arna leasú nó arna n‐ionadú, chomh maith leis na gníomhartha a glacadh ar bhonn na ngníomhartha dlí sin.

(9)

I gcomhréir le Conradh Canterbury, is trí bhíthin binse eadrána atá díospóidí idir an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe a bhaineann leis an gConradh sin a léiriú nó a chur i bhfeidhm le réiteach. I gcásanna ina dtugtar ar aird le díospoidí den sórt sin ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais, chun cur i bhfeidhm ceart dhlí an Aontais a áirithiú, ba cheart don bhinse eadrána a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) réamhrialú a thabhairt ar na ceisteanna sin agus ba cheart dó a bheith faoi cheangal ag an rialú ón gCúirt.

(10)

Is gá rialacha sonracha a leagan síos maidir le cur chun feidhme dhlí an Aontais i ndáil leis an gcuid sin de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Fraince, chun a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais chun feidhme mar is ceart i gcónaí agus chun gur féidir leis an gCoimisiún maoirseacht a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm faoi rialú na Cúirte Breithiúnais, lena n‐áirítear in imthosca práinne nó i gcás ina mainneoidh an Coimisiún Idir-Rialtasach cinneadh ón mbinse eadrána a chomhlíonadh. Chuige sin, ba cheart don Fhrainc an ceart a choimeád chun gníomhú go haontaobhach, i gcás inar gá, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm go hiomlán, i gceart agus go gasta sa chuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoina dlínse.

(11)

Chun cosaint dlí éifeachtach sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais a áirithiú, ba cheart do chúirteanna nó do bhinsí a bhfuil feidhm ag Airteagal 19(1) de Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) maidir leo a bheith inniúil go heisiach i ndáil le hiarratais a dhéanfaidh lamháltóirí agus úsáideoirí Nasc Seasta Mhuir nIocht in aghaidh cinntí ón gCoimisiún Idir-Rialtasach.

(12)

Ba cheart na gnéithe a thuairiscítear in Aithrisí (8) go (11) a léiriú sna comhaontuithe idirnáisiúnta idir an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe maidir le Nasc Seasta Mhuir nIocht. Ba cheart na comhaontuithe idirnáisiúnta sin a bheith comhoiriúnach le dlí an Aontais ar gach bealach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach leis an gCinneadh seo na coinníollacha ar dá mbun a chumhachtaítear an Fhrainc chun comhaontú idirnáisiúnta (“an Comhaontú Forlíontach”) leis an Ríocht Aontaithe lena ndéantar forlíonadh ar an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le Tógáil agus Oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht (“Conradh Canterbury”) a dhéanann Lamháltóirí Príobháideacha a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm rialacha sábháilteachta iarnróid laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht.

Tiocfaidh comhaontú idirnáisiúnta den sórt sin i bhfeidhm tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus comhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas:

(a)

chun córas sábháilteachta aontaithe i leith Nasc Seasta Mhuir nIocht ar fad a choimeád, áiritheoidh an Coimisiún Idir-Rialtasach go gcuirfear i bhfeidhm, maidir le Nasc Seasta Mhuir nIocht, na forálacha de dhlí an Aontais, arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”), is ábhartha do chúraimí an údaráis náisiúnta sábháilteachta de réir bhrí Airteagal 3, pointe (7), de Threoir (AE) 2016/798, agus go háirithe de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/796 agus Threoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798, faoi mar a leasaítear nó a ionadaítear iad, chomh maith leis na gníomhartha arna nglacadh ar bhonn na ngníomhartha dlí sin;

(b)

i gcás díospóid a chuirfear chun eadrána i gcomhréir le hAirteagal 19 de Chonradh Canterbury ina dtabharfar ar aird ceist maidir le léiriú dhlí an Aontais, ní bheidh an chumhacht ag an mbinse eadrána cinneadh a dhéanamh maidir le haon cheist den chineál sin. I gcás den chineál sin, iarrfaidh an binse eadrána ar an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt ar an gceist. Beidh an réamhrialú ón gCúirt Bhreithiúnais ina cheangal ar an mbinse eadrána;

(c)

i gcás inar gá, go háirithe in imthosca práinne nó i gcás ina mainneoidh an Coimisiún Idir-Rialtasach cinneadh ón mbinse eadrána a chomhlíonadh, coimeádfaidh an Fhrainc an ceart chun gníomhú go haontaobhach d’fhonn a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm go hiomlán, go ceart agus go gasta sa chuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoina dlínse;

(d)

beidh cúirteanna nó binsí a bhfuil feidhm ag Airteagal 19(1) CAE maidir leo inniúil go heisiach i ndáil le cinneadh a dhéanamh faoi na leigheasanna atá á lorg ag lamháltóirí agus ag úsáideoirí Nasc Seasta Mhuir nIocht in aghaidh cinntí a bheidh déanta ag an gCoimisiún Idir-Rialtasach ina cháil mar údarás náisiúnta sábháilteachta de réir bhrí phointe (7) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/798;

(e)

ní mór dó a bheith comhoiriúnach le dlí an Aontais ar gach bealach.

Airteagal 2

Coimeádfaidh an Fhrainc an Coimisiún ar an eolas go tráthrialta faoin gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir leis an gComhaontú Forlíontach agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an Fhrainc ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach sa chaibidlíocht mar bhreathnóir.

Ar chríochnú na caibidlíochta, cuirfidh an Fhrainc an dréacht-Chomhaontú Forlíontach a éireoidh as sin faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin.

Laistigh de mhí amháin ón bhfógra faoin dréacht-Chomhaontú Forlíontach a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi cé acu atá na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 1 den Chinneadh seo á gcomhlíonadh nó nach bhfuil. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil siad á gcomhlíonadh, féadfaidh an Fhrainc an Comhaontú Forlíontach a shíniú agus a thabhairt i gcrích.

Cuirfidh an Fhrainc cóip den Chomhaontú Forlíontach ar fáil don Choimisiún laistigh de mhí amháin tar éis a theacht i bhfeidhm nó, i gcás ina mbeidh an Comhaontú Forlíontach le cur i bhfeidhm go sealadach, laistigh de mhí amháin ó thosach a chur i bhfeidhm sealadach.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo ar Phoblacht na Fraince.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 16 Meán Fómhair 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020.

(3)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(4)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

(5)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach, (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

(6)  Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004, (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

22.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 352/7


CINNEADH (AE) 2020/1532 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Deireadh Fómhair 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, le linn an 66ú seisiún den Choiste um an gCóras Comhchuibhithe san Eagraíocht Dhomhanda Chustaim i ndáil le glacadh beartaithe Thuairimí maidir le Rangú, cinntí maidir le Rangú, leasuithe ar Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe nó comhairle eile maidir le léiriú an Chórais Chomhchuibhithe agus maidir le moltaí chun aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léiriú an Chórais Chomhchuibhithe faoin gCoinbhinsiún ar an gCóras Comhchuibhithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31, Airteagal 43(2) agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle (1) d’fhormheas an tAontas an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (2), agus an Prótacal lena ndéantar leasú air (Coinbhinsiún CC) (3), rud a bhunaigh an Coiste um an gCóras Comhchuibhithe (CCC).

(2)

De bhun phointí (b) agus (c) d’Airteagal 7(1) de Choinbhinsiún CC, tá CCC freagrach, inter alia, as Nótaí Míniúcháin, Tuairimí maidir le Rangú, comhairle eile faoi léiriú an Chórais Chomhchuibhithe a ullmhú agus as moltaí chun aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chórais Chomhchuibhithe a ullmhú.

(3)

Táthar ag súil go bhfuil CCC chun cinneadh a dhéanamh i ndáil le Tuairimí maidir le Rangú, cinntí maidir le rangú, leasuithe ar na Nótaí Míniúcháin nó comhairle eile maidir le léiriú an Chórais Chomhchuibhithe agus moltaí a chinneadh chun aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léiriú an Chórais Chomhchuibhithe faoi Choinbhinsiún CC le linn a sheisiún i mí Mheán Fómhair 2020.

(4)

Tá sé tábhachtach a mheabhrú go bhfuiltear chun an critéar cinntitheach maidir le rangú earraí, chun críche custaim, a lorg, i gcoitinne, ina ngnéithe agus a sainghnéithe oibiachtúla mar a shainítear i bhfoclaíocht na gceannteideal ábhartha san ainmníocht chustaim agus i nótaí na roinne agus na caibidle ábhartha, de réir cásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus fíorú réidh.

(5)

I bhfianaise na dTuairimí maidir le Rangú, na gcinntí maidir le rangú, na leasuithe ar na Nótaí Míniúcháin nó na comhairle eile maidir le léiriú an Chórais Chomhchuibhithe, agus moltaí chun aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léiriú an Chórais Chomhchuibhithe faoin gCoinbhinsiún ar CC, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú, mar, a luaithe a ghlacfar leo, foilseofar na Tuairimí maidir le Rangú agus cuid áirithe de na cinntí sin agus de na leasuithe sin maidir le rangú ar na Nótaí Míniúcháin i dTeachtaireacht ón gCoimisiún faoi phointe (a)(iii) d’Airteagal 34 de Rialachán (AE) 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus tiocfaidh siad chun bheith infheidhme maidir le Ballstáit. Cuirfear an seasamh in iúl sa CCC.

(6)

Déantar Cinneadh (AE) 2020/1410 (5) a fhorlíonadh leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, le linn an 66ú seisiún den Choiste um an gCóras Comhchuibhithe den Eagraíocht Dhomhanda Chustaim i ndáil le Nótaí Míniúcháin, Tuairimí maidir le Rangú nó comhairle eile faoi léiriú an Chórais Chomhchuibhithe agus moltaí chun aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léiriú CC faoin gCoinbhinsiún ar CC a fhormheas leagtar amach é san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Féadfaidh ionadaithe an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 gan an Chomhairle cinneadh eile a dhéanamh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Lucsamburg, an 12 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 maidir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, agus an Prótacal lena ndéantar leasú air, a thabhairt i gcrích (IO L 198, 20.7.1987, lch. 1).

(2)  IO L 198, 20.7.1987, lch. 3.

(3)  Prótacal lena ndéantar Leasú ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (O L 198, 20.7.1987, lch. 11).

(4)  Rialachán (AE) uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(5)  Cinneadh (AE) 2020/1410 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, le linn an 66ú seisiún den Choiste um an gCóras Comhchuibhithe san Eagraíocht Dhomhanda Chustaim i ndáil le glacadh beartaithe Thuairimí maidir le Rangú, cinntí maidir le Rangú, leasuithe ar Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe nó comhairle eile maidir le léiriú an Chórais Chomhchuibhithe agus maidir le moltaí chun aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léiriú an Chórais Chomhchuibhithe faoin gCoinbhinsiún ar an gCóras Comhchuibhithe (IO L 327, 8.10.2020, lth. 1)


IARSCRÍBHINN

Níl ann do théacs na hIarscríbhinne sa Ghaeilge.