ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
31 Iúil 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann suíomh le tacagraif

1

 

*

Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 chun go n-oiriúnófar iad d’fhorbairtí in earnáil an iompair de bhóthar

17

 

*

Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais ( 1 )

33

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

49

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 249 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2020/1054 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2020

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann suíomh le tacagraif

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is den ríthábhacht é dálaí maithe oibre a bheith ag tiománaithe agus dálaí cothroma gnó a bheith ag gnóthais iompair de bhóthar chun earnáil iompair de bhóthar atá slán, éifeachtúil, agus cuntasach i dtéarmaí sóisialta a chruthú ar mhaithe leis an neamh-idirdhealú a áirithiú agus chun oibrithe cáilithe a mhealladh. Chun an próiseas sin a éascú, tá sé bunriachtanach rialacha sóisialta an Aontais maidir le hiompar de bhóthar a bheith soiléir, comhréireach, oiriúnach don chuspóir, agus éasca iad a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach agus comhsheasmhach ar fud an Aontais.

(2)

Tar éis meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtaí agus a éifeachtúla a bhí cur chun feidhme na sraithe reatha de rialacha sóisialta an Aontais san iompar de bhóthar, agus go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), sainaithníodh laigí áirithe i gcur chun feidhme an chreata dhlíthiúil sin. Mar gheall ar rialacha doiléire ó thaobh thréimhsí scíthe seachtainiúla, áiseanna scíthe agus sosanna le linn sealaíochta, mar aon le easpa rialacha maidir le tiománaithe ag filleadh ar an mbaile, bíonn léirmhínithe agus cleachtais forfheidhmiúcháin éagsúla ann ó Bhallstát go Ballstát. Ghlac roinnt Ballstát bearta aontaobhacha le déanaí, rud a chuir leis an éiginnteacht dhlíthiúil agus leis an gcóir neamh-chomhionann do thiománaithe agus d’oibreoirí. Mar sin féin, tá éifeacht ag na huastréimhsí tiomána in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine ó thaobh feabhas a chur ar dhálaí sóisialta na dtiománaithe agus ar an tsábháilteacht ar bhóithre i gcoitinne. Is gá leanúint gan stad de na hiarrachtaí chun comhlíonadh a áirithiú.

(3)

Chun sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn, is den tábhacht gnóthais iompair a spreagadh cultúr sábháilteachta a ghlacadh chucu féin, cultúr sábháilteachta a gcloífear leis ar gach leibhéal. Go háirithe, chun sáruithe ar rialacha tiomána agus scíthe a sheachaint, nó le nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol, níor cheart go gceadófaí pá ar bhonn feidhmíochta a nascadh leis an am is gá chun paisinéirí a iompar chuig a gcinn scríbe nó chun earraí a sheachadadh.

(4)

Sa mheasúnú ex-post ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, dearbhaíodh gurb é is mó ba chúis le forfheidhmiú neamh-chomhsheasmhach agus mí-éifeachtach rialacha sóisialta an Aontais go raibh na rialacha doiléir, gur úsáideadh na huirlisí rialaithe ar bhealach mí-éifeachtúil neamh-chomhionann agus nár leor an comhar riaracháin idir na Ballstáit.

(5)

D’fhonn an tsoiléireacht agus an chomhsheasmhacht a fheabhsú, ba cheart an díolúine a thugtar d’úsáid neamhthráchtála feithicle ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a shainmhíniú.

(6)

Chomh maith leis sin, tá rialacha atá soiléir, oiriúnach, comhréireach agus a fhorfheidhmítear go cothrom, ríthábhachtach ó thaobh cuspóirí beartais áirithe a bhaint amach, mar atá dálaí oibre na dtiománaithe a fheabhsú agus, go háirithe, iomaíocht atá gan saobhadh agus atá cothrom a áirithiú idir oibreoirí agus rannchuidiú le sábháilteacht ar bhóithre do úsáideoirí uile na mbóithre.

(7)

Tharla sé nach raibh na ceanglais atá ann cheana maidir le sosanna oiriúnach ná praiticiúil i leith tiománaithe atá ag tiomáint mar chuid d’fhoireann. Dá bhrí sin, is iomchuí an ceanglas maidir le taifeadadh sosanna a oiriúnú do shonraíocht na n-oibríochtaí iompair a dhéanann tiománaithe a bhíonn ag tiomáint mar chuid d’fhoireann, gan sábháilteacht an tiománaí agus an tsábháilteacht ar bhóithre a chur i mbaol.

(8)

Caitheann tiománaithe atá i mbun oibríochtaí cian-iompair idirnáisiúnta earraí tréimhsí fada as a mbailte. Féadfar go gcuirfidh na ceanglais atá ann faoi láthair maidir leis an scíth sheachtainiúil fad nach gá leis na tréimhsí sin. Dá bhrí sin, ba mhaith an rud é an fhoráil maidir le tréimhsí scíthe seachtainiúla a oiriúnú sa chaoi gur fusa do thiománaithe oibríochtaí idirnáisiúnta iompair a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha agus a mbaile a shroicheadh i gcomhair a dtréimhse scíthe seachtainiúil rialta, agus cúiteamh iomlán a fháil as na tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe. I bhfianaise na ndifríochtaí idir iompar paisinéirí agus iompar earraí, níor cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin maidir le tiománaithe atá ag gabháil d’iompar paisinéirí.

(9)

Ba cheart aon solúbthacht maidir le sceidealú thréimhsí scíthe na dtiománaithe a bheith trédhearcach agus intuartha don tiománaí agus níor cheart an tsolúbthacht sin sábháilteacht ar bhóithre a chur i mbaol ar bhealach ar bith, trí thuirse na dtiománaithe a mhéadú, nó na dálaí oibre a mheath. Leis an tsolúbthacht sin, mar sin, níor cheart go dtiocfadh aon athrú ar am oibre reatha an tiománaí ná ar an uastréimhse choicísiúil thiomána agus ba cheart í a bheith faoi réir rialacha níos déine maidir leis an gcúiteamh as scíth laghdaithe.

(10)

Chun a áirithiú nach mbaintear mí-úsáid as an solúbthacht sin, is den bhunriachtanas é raon feidhme na forála a shainiú go soiléir, agus foráil a dhéanamh maidir le rialuithe iomchuí chomh maith. Ba cheart, dá bhrí sin, an raon feidhme a theorannú do na tiománaithe sin a chaitheann a dtréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe, le linn na tréimhse tagartha, lasmuigh de Bhallstáit an ghnóthais agus lasmuigh de thír áit chónaithe an tiománaí. Is féidir é sin a sheiceáil trí na taifid tacagraif a cheadú cois bóthair agus ag an áitreabh an ghnóthais iompair, toisc go bhfuil suíomh thús agus dheireadh na scíthe iontu agus faisnéis maidir le tiománaithe aonair.

(11)

Chun forfheidhmiú éifeachtach a ráthú, tá sé bunriachtanach go mbeadh na húdaráis inniúla ábalta, agus seiceálacha cois bóthair á ndéanamh acu, a fhionnadh go rabhthas ag cloí go cuí le tréimhsí tiomána agus le tréimhsí scíthe ar lá déanta na seiceála agus i rith na 56 lá roimhe sin.

(12)

Leis an dul chun cinn mear sa teicneolaíocht, tá uathoibriú á dhéanamh de réir a chéile ar chórais tiomána sa chaoi gur lú ionchuir díreach an tiománaí nó nach gá an t-ionchuir sin ar chor ar bith. Chun aghaidh a thabhairt ar na hathruithe sin, d’fhéadfadh sé gur ghá an reachtaíocht reatha, lena n-áirítear rialacha maidir le hamanna tiomána agus scíthe, a oiriúnú chun sábháilteacht ar bhóithre agus cothrom na Féinne a ráthú agus dálaí oibre a fheabhsú, agus é a chur ar chumas an Aontais, ag an am céanna, a bheith ina cheannródaí ó thaobh nuatheicneolaíochtaí agus nuachleachtais nuálacha de. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil lena ndéantar meastóireacht ar úsáid córas tiomána uathrialaí sna Ballstáit, lena n-áirítear na tairbhí a bhaineann le teicneolaíochtaí tiomána uathrialaí. Ba cheart togra reachtach, más iomchuí, a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin.

(13)

D’fhonn forás sóisialta a chur chun cinn, is iomchuí an áit a shonrú inar féidir tréimhsí scíthe seachtainiúla a ghlacadh, le háirithiú go mbaineann tiománaithe leas as dálaí scíthe leordhóthanacha. Tá tábhacht ar leith le cáilíocht na cóiríochta le linn na dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta, agus ba cheart don tiománaí an scíth sin a chaitheamh lasmuigh de chábán na feithicle i gcóiríocht oiriúnach, ar chostas an ghnóthais iompair mar fhostóir. Chun dea-dhálaí oibre agus sábháilteachta na dtiománaithe a áirithiú, is iomchuí go soiléireofaí an ceanglas ar thiománaithe go gcuirfear cóiríocht ardchaighdeáin atá oiriúnach do gach inscne ar fáil dá dtréimhsí scíthe seachtainiúla rialta má ghlactar as baile iad.

(14)

Is gá freisin a fhoráil a dhéanamh do ghnóthais iompair obair na dtiománaithe a eagrú sa chaoi nach mbeidh na tréimhsí as baile níos faide ná mar is gá agus go bhféadfaidh tiománaithe tairbhe a bhaint as tréimhsí scíthe fada arna nglacadh mar chúiteamh as tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe. Ba cheart, agus an filleadh á eagrú, go bhféadfaí ionad oibríochtúil an ghnóthais ina Bhallstát bunaíochta a shroicheadh nó áit chónaithe an tiománaí agus go mbeadh saoirse ag na tiománaithe an áit a roghnú ina gcaitheann siad a dtréimhse scíthe. Chun a léiriú go bhfuil a oibleagáidí maidir le heagrú an fhillte rialta á gcomhlíonadh ag an ngnóthas iompair, ba cheart go mbeadh sé in ann taifid tacagraif, uainchláir dualgais na dtiománaithe nó doiciméadacht eile a úsáid. Ba cheart go mbeadh fianaise den sórt sin ar fáil ag a áitreabh lena cur i láthair má iarrann na húdaráis rialaithe í.

(15)

Cé nach féidir tréimhsí scíthe sheachtainiúla rialta agus tréimhsí scíthe níos faide a thógáil san fheithicil nó i limistéar páirceála, ach amháin i gcóiríocht oiriúnach, a d’fhéadfadh a bheith in aice le limistéar páirceála, is den ríthábhacht tiománaithe a chur ar a gcumas limistéir pháirceála a aimsiú atá slán sábháilte agus a bhfuil leibhéil iomchuí slándála agus saoráidí cuí ar fáil iontu. Tá staidéar déanta ag an gCoimisiún cheana féin le féachaint cén chaoi a bhféadfaí forbairt limistéar páirceála ar ardchaighdeán a spreagadh, lena n-áirítear na híoscheanglais is gá. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún caighdeáin a fhorbairt i ndáil le limistéir pháirceála shábháilte shlána. Leis na caighdeáin sin, ba cheart go gcuirfí limistéir pháirceála shábháilte shlána chun cinn. Féadfar na caighdeáin a athbhreithniú chun rochtain níos fearr ar bhreoslaí malartacha a chur san áireamh, i gcomhréir le beartais lena ndéantar an bonneagar sin a fhorbairt. Is den tábhacht freisin limistéir pháirceála a choinneáil saor ó oighear agus sneachta.

(16)

Ba cheart go mbeadh limistéir pháirceála shábháilte shlána faoi réir nósanna imeachta iniúchóireachta lena ndéanfaí iad a dheimhniú i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. Ba cheart a áirithiú freisin, leis na nósanna imeachta iniúchóireachta sin, go ndéantar na caighdeáin sin a chomhlíonadh i gcónaí. Ba cheart, dá bhrí sin, a chur de chúram ar an gCoimisiún nós imeachta deimhniúcháin a ullmhú chun limistéir pháirceála shábháilte shlána a fhorbairt san Aontas.

(17)

Is chun leasa na sábháilteachta agus an fhorfheidhmiúcháin ar bhóithre go mbeadh gach tiománaí go hiomlán ar an eolas faoi na rialacha maidir le tréimhsí tiomána agus scíthe agus faoin gcontúirt a bhaineann le tuirse. I dtaca leis sin, is den tábhacht go mbeadh teacht éasca ar fhaisnéis faoi na saoráidí scíthe atá ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faisnéis a chur ar fáil maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána trí láithreán gréasáin atá áisiúil don úsáideoir. Ba cheart an fhaisnéis sin a choinneáil cothrom le dáta.

(18)

Chun sábháilteacht agus slándáil leanúnach na limistéar pairceála a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh de réir Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i ndáil le caighdeáin a bhunú don leibhéal seirbhíse i limistéir pháirceála shábháilte shlána agus nósanna imeachta chun sábháilteacht agus slándáil na limistéar páirceála a dheimhniú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(19)

Leis na treoirlínte athbhreithnithe TEN-T arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), beartaítear limistéir pháirceála a fhorbairt ar mhótarbhealaí tuairim is gach 100 km chun spás páirceála ina bhfuil leibhéal iomchuí sábháilteachta agus slándála a chur ar fáil d’úsáideoirí tráchtála bóthair. Chun dlús a chur le tógáil bonneagair páirceála leordhóthanaigh agus chun an tógáil sin a chur chun cinn, is den tábhacht go mbeadh deiseanna leordhóthanacha ar fáil don chómhaoiniú ón Aontas i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo lena mbunaítear na coinníollacha don tacaíocht airgeadais sin.

(20)

Baineann iompar ar bhád farantóireachta nó ar iarnród maidir le cuid den turas le roinnt mhaith oibríochtaí iompair bóthair laistigh den Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, forálacha iomchuí soiléire maidir le tréimhsí scíthe agus sosanna a leagan síos le haghaidh na n-oibríochtaí sin.

(21)

Uaireanta, bíonn imthosca gan choinne ann do thiománaithe a chiallaíonn nach féidir leo, gan rialacha an Aontais a shárú, an ceann scríbe a shroicheadh a rabhthas ag súil tréimhsí scíthe seachtainiúla a ghlacadh ann. Tá sé inmhianaithe é a dhéanamh níos fusa do thiománaithe na himthosca a láimhseáil agus é a chur ar a gcumas an ceann scríbe le haghaidh tréimhse scíthe seachtainiúla a shroicheadh. Is ionann imthosca eisceachtúla agus imthosca meara atá dosheachanta agus nárbh fhéidir a thuar roimh ré, rud a fhágann – gan choinne – nach féidir forálacha an Rialacháin a chur i bhfeidhm ina n-iomláine ar feadh tréimhse ghearr. Dá bhrí sin, ní féidir tagairt a dhéanamh, ar mhodh córasach, do na himthosca sin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a sheachaint. D’fhonn forfheidhmiú cuí a áirithiú, ba cheart don tiománaí na himthosca eisceachtúla a dhoiciméadú ar imthosca iad is cúis le himeacht ó na rialacha. Ina theannta sin, ba cheart beart cosanta a bheith ann chun a áirithiú nach bhfuil an tréimhse tiomána iomarcach.

(22)

Chun neamhréireachtaí idir na cleachtais forfheidhmiúcháin a laghdú agus a chosc agus chun feabhas breise a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an fhorfheidhmithe trasteorann, tá sé ríthábhachtach rialacha soiléire a chur ar bun le haghaidh comhar riaracháin tráthrialta idir na Ballstáit.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha náisiúnta maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur chun feidhme ar bhealach a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Is den tábhacht go n-áiritheofaí rochtain éasca ag gairmithe ar fhaisnéis maidir le pionóis a bhfuil feidhm acu i ngach Ballstát. D’fhéadfadh an tÚdarás Eorpach Saothair, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), é sin a éascú tríd an bhfaisnéis a chur ar fáil tríd an suíomh gréasáin aonair uile-Aontais atá mar thairseach aonair chun rochtain a fháil ar fhoinsí agus ar sheirbhísí faisnéise ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(24)

Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann maidir le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun aon fhoráil sa Rialachán sin a shoiléiriú agus chun modhanna comhchoiteanna a bhunú maidir lena gcur i bhfeidhm agus a bhforfheidhmiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa (10).

(25)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na hoibleagáide i dtaca le taifead agus stóráil sonraí a bhaineann le haon trasnú teorann a dhéanfaidh an fheithicil, agus na gníomhaíochtaí agus forálacha mionsonraithe is gá maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na bhforálacha maidir le ceanglais sonraí agus feidhmeanna agus maidir le tacagraif a shuiteáil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(26)

Chun feabhas a chur ar chost-éifeachtúlacht fhorfheidhmiú na rialacha sóisialta, ba cheart na córais tacagraif atá ann faoi láthair agus na córais tacagraif chliste a shaothrú go hiomlán agus ba cheart na tacagraif chliste a dhéanamh éigeantach freisin le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma os cionn meáchain áirithe a oibríonn in iompar idirnáisiúnta ar fruiliú agus ar luaíocht. Dá bhrí sin, ba cheart feidhmiúlachtaí an tacagraif a fheabhsú chun gur féidir suíomh a aimsiú ar bhealach níos cruinne.

(27)

Le cost-éifeachtúlacht fhorfheidhmiú na rialacha sóisialta, forbairt ghasta teicneolaíochtaí nua, an digitiú ar fud gheilleagar an Aontais agus an gá le cothrom na Féinne idir cuideachtaí san iompar idirnáisiúnta de bhóthar, is gá an idirthréimhse do shuiteáil na dtacagraf cliste i bhfeithiclí cláraithe a ghiorrú. Le tacagraif chliste, rannchuideofar le rialuithe simplithe agus, ar an dóigh sin, éascófar obair na n-údarás náisiúnta.

(28)

D’fhonn a áirithiú go mbaineann na tiománaithe, na hoibreoirí agus na húdaráis rialaithe, a luaithe agus is féidir, leas as na buntáistí a bhaineann le tacagraif chliste, lena n-áirítear an taifeadadh uathoibrithe a dhéanann siad ar thrasnuithe teorann, ba cheart gléasanna den sórt sin a shuiteáil sna flíteanna feithiclí atá ann cheana, laistigh de thréimhse ama iomchuí tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe teicniúla. Le tréimhse ama den sórt sin, beidh leordhóthain ama ann don ullmhúchán.

(29)

I gcás na bhfeithiclí sin nach bhfuil tacagraif chliste iontu, ba cheart trasnú teorainneacha Ballstát a thaifeadadh sa tacagraf ag an gcéad áit ar féidir stopadh ag an teorainn nó tar éis na teorann.

(30)

Is cuid thábhachtach d’obair na dtiománaithe é gníomhaíochtaí a thaifeadadh sa tacagraf. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear an oiliúint chuí ar fáil do thiománaithe maidir le conas gnéithe nua de thacagraif atá á dtabhairt isteach sa mhargadh a úsáid. Mar fhostóirí, ba cheart do ghnóthais iompair na costais a bhaineann leis an oiliúint sin a íoc.

(31)

Le héagsúlacht na ngléasanna tacagraif atá in úsáid agus mearfhorbairt na dteicnící ionramhála sofaisticiúla, is dúshlán é ag oifigigh rialaithe a bhíonn comhlíonadh dhlí ábhartha an Aontais in earnáil an iompair de bhóthar á sheiceáil acu. Is fíor sin go háirithe sa chás ina ndéantar na seiceálacha sin cois bóthair. Is den ríthábhacht, dá bhrí sin, go gcuirfí oiliúint iomchuí ar oifigigh rialaithe chun a áirithiú go dtuigeann siad go maith na forbairtí teicneolaíochta agus na teicnící ionramhála is déanaí.

(32)

D’fhonn an t-ualach atá ar oibreoirí agus ar údaráis rialaithe a laghdú i gcás ina mbaineann an t-oifigeach rialaithe an séala de thacagraf chun críocha rialaithe, ba cheart an t-athshéalú á dhéanann oifigeach rialaithe a cheadú faoi imthosca áirithe a bhfuil doiciméadú maith déanta orthu.

(33)

Agus na forbairtí leanúnacha maidir leis an teicneolaíocht á gcur san áireamh, tá an Coimisiún ag féachaint an bhféadfaí réitigh theicniúla nua a fhorbairt a mbeadh na tairbhí céanna agus an tslándáil chéanna ag roinnt leo agus atá ag roinnt leis an tacagraf cliste, ar an gcostas céanna nó níos ísle.

(34)

Tá sé tábhachtach go mbeadh oibreoirí iompair de bhóthar atá bunaithe i dtríú tíortha faoi réir rialacha atá coibhéiseach le rialacha an Aontais agus iad i mbun oibríochtaí iompair de bhóthair ar chríoch an Aontais Eorpaigh. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phrionsabail seo ar leibhéal an Aontais agus réitigh oiriúnacha a mholadh a bheidh le caibidil ag an Aontas i gcomhthéacs an Chomhaontuithe Eorpaigh maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar (“Comhaontú AETR”).

(35)

Tá difear idir iompar earraí agus iompar daoine. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún a mheas ar cheart rialacha níos iomchuí a mholadh, go háirithe maidir le seirbhísí ócáideacha mar a shainítear iad i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(36)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an tsábháilteacht ar bhóithre agus dálaí oibre a fheabhsú do thiománaithe laistigh den Aontas trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le hamanna tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe agus trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le húsáid agus forfheidhmiú tacagraf a ghnóthú go leordhóthanach agus, mar gheall ar nádúr na gcuspóirí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(37)

Ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 mar leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(aa)

ón 1 Iúil 2026, maidir le hiompar earraí de bhóthar in oibríochtaí iompair idirnáisiúnta nó in oibríochtaí cabatáiste, i gcás inar mó ná 2,5 tona an uasmhais incheadaithe don fheithicil, lena n-áirítear aon leantóir, nó leath-leantóir; nó”;

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (aa):

“(aa)

feithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó ná 7,5 tona a n-uasmhais incheadaithe, a úsáidtear:

(i)

le hábhair, trealamh nó innealra a iompar, a bhféadfaidh an tiománaí úsáid a bhaint astu le linn oibre an tiománaí, nó

(ii)

le haghaidh seachadadh earraí a táirgeadh ar bhonn ceirde;

laistigh de raon 100 km ó bhunáit an ghnóthais amháin agus ar choinníoll nach í tiomáint na feithicle príomhghníomhaíocht an tiománaí agus nach ndéantar an t-iompar ar fuiliú nó ar luaíocht;”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(ha)

feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar agus a bhfuil uasmhais incheadaithe a bhfuil níos mó ná 2,5 tona agus nach mó ná 3,5 tona air, lena n-áirítear aon leantóir nó leathleantóir, i gcás nach ndéantar an t-iompar ar fruiliú nó ar luaíocht, ach ar chuntas féin na cuideachta nó an tiománaí, agus i gcás nach í tiomáint príomhghníomhaíocht an duine a bhfuil an fheithicil á tiomáint aige;”;

(3)

in Airteagal 4, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(r)

ciallaíonn ‘iompar neamhthráchtála’ aon iompar de bhóthar, seachas iompar ar fruiliú nó ar luaíocht nó iompar ar a chuntas féin, nach bhfaightear aon luach saothair díreach nó indíreach ar a shon agus nach ngineann aon ioncam díreach nó indíreach do thiománaí na feithicle ná do dhaoine eile agus nach bhfuil aon nasc le gníomhaíocht ghairmiúil ná le gníomhaíocht tráchtála ann.”;

(4)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Taifeadfaidh tiománaí mar obair eile aon am a caitheadh atá de réir na tuairisce i bpointe (e) d’Airteagal 4 mar aon le haon am a caitheadh ag tiomáint feithicil a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí tráchtála nach bhfuil faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus taifeadfaidh sé aon tréimhsí infhaighteachta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3 de Threoir 2002/15/CE, i gcomhréir le pointe (b)(iii) d’Airteagal 34(5) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Iontrálfar an taifead sin de láimh ar leathanach taifid nó ar asphrionta nó le saoráidí ionchuir láimhe ar threalamh taifeadta.”;

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).”;"

(5)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 7:

“Féadfaidh tiománaí atá páirteach i sealaíocht sos 45 nóiméad a ghlacadh i bhfeithicil atá á tiomáint ag tiománaí eile ar choinníoll nach bhfuil an tiománaí atá ag glacadh an tsosa páirteach sa chúnamh don tiománaí atá ag tiomáint na feithicle.”;

(6)

Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Le linn aon 2 sheachtain i ndiaidh a chéile, glacfaidh an tiománaí, ar a laghad:

(a)

dhá thréimhse scíthe seachtainiúla rialta; nó

(b)

tréimhse scíthe seachtainiúla rialta amháin agus tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe amháin de 24 uair an chloig ar a laghad.

Cuirfear tús le tréimhse scíthe seachtainiúla tráth nach déanaí ná an uair a thagann deireadh le sé thréimhse de 24 uair an chloig ó dheireadh na tréimhse scíthe seachtainiúla deiridh.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh tiománaí atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí, lasmuigh den Bhallstát bunaíochta, dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile a ghlacadh, ar choinníoll go nglacann an tiománaí, ceithre thréimhse scíthe seachtainiúla ar a laghad, in aon tréimhse de 4 seachtaine as a chéile, agus gur tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta iad dhá cheann díobh sin ar a laghad.

Chun críoch na míre seo, measfar tiománaí a bheith ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta i gcás ina dtosaíonn an tiománaí an dá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil an fostóir bunaithe agus lasmuigh den tír ina bhfuil áit chónaithe an tiománaí.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6b.   Cúiteofar aon laghdú ar an tréimhse scíthe seachtainiúla le tréimhse choibhéiseach scíthe a ghlacfar en bloc roimh dheireadh an tríú seachtain tar éis na seachtaine i gceist.

I gcás go dtógtar dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 6, glacfar tréimhse scíthe roimh an gcéad tréimhse scíthe seachtainiúla eile mar chúiteamh ar an dá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe sin.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Na tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta agus aon tréimhse scíthe seachtainiúla os cionn 45 uair an chloig a ghlacfar mar chúiteamh as tréimhsí scíthe seachtainiúla laghdaithe a bhí ann roimhe sin, ní ghlacfar iad i bhfeithicil. Glacfar iad i gcóiríocht oiriúnach atá oiriúnach do gach inscne, ina mbeidh saoráidí leordhóthanacha codlata agus sláintíochta.

Aon chostais ar chóiríocht lasmuigh den fheithicil, is ar an bhfostóir a chuirfear iad.”;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“8a.   Eagróidh gnóthais iompair obair na dtiománaithe sa chaoi gur féidir le tiománaithe filleadh ar ionad oibríochtúil an fhostóra ina bhfuil an tiománaí bunaithe de ghnáth agus ina dtosaíonn tréimhse scíthe seachtainiúla an tiománaí, i mBallstát bunaíochta an fhostóra, nó filleadh ar áit chónaithe an tiománaí laistigh de gach tréimhse de cheithre sheachtaine as a chéile, d’fhonn tréimhse scíthe seachtainiúla rialta nó tréimhse scíthe seachtainiúla ar faide ná 45 uair an chloig í a chaitheamh mar chúiteamh as tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe.

Mar sin féin, i gcás ina mbeidh dhá thréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe as a chéile tógtha ag an tiománaí i gcomhréir le mír 6, eagróidh an gnóthas iompair obair an tiománaí sa chaoi go mbeidh an tiománaí in ann filleadh roimh thús na tréimhse scíthe seachtainiúla rialta de níos mó ná 45 uair an chloig a ghlacfar mar chúiteamh.

Déanfaidh an gnóthas an chaoi a gcomhlíontar an oibleagáid sin a dhoiciméadú agus coimeádfaidh sé an doiciméadacht sin ag a áitreabh ionas gur féidir í a thabhairt do na húdaráis rialaithe arna iarraidh sin dóibh.”;

(e)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“10.   Tráth nach déanaí ná 21 Lúnasa 2022, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus tuairisceoidh sé don Pharlaimint agus don Chomhairle an féidir rialacha níos iomchuí a ghlacadh maidir le tiománaithe atá i mbun seirbhísí ócáideacha le haghaidh iompar paisinéirí, mar a shainmhínítear i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009.”;

(7)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 8a

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain éasca ag tiománaithe atá ag gabháil d’iompar earraí agus paisinéirí de bhóthar ar fhaisnéis faoi limistéir pháirceála shábháilte shlána. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na limistéir pháirceála go léir atá deimhnithe, le gur féidir an méid thíos a chur ar fáil do thiománaithe ar bhealach leordhóthanach:

ionradh a bhrath agus a chosc;

soilsiú agus infheictheacht;

pointe teagmhála agus nósanna imeachta i gcás éigeandála;

saoráidí sláintíochta atá oiriúnach do gach inscne;

roghanna maidir le bia agus deochanna a cheannach;

naisc lena gcumasaítear an chumarsáid;

soláthar cumhachta.

Cuirfear liosta na limistéir pháirceála sin ar fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil amháin, a nuashonraítear go rialta.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23a chun caighdeáin a bhunú lena soláthrófar tuilleadh sonraí i dtaca le leibhéal na seirbhíse agus na slándála maidir leis na limistéir a liostaítear i mír 1 agus maidir leis na nósanna imeachta chun limistéir pháirceála a dheimhniú.

3.   Féadfaidh gach limistéar páirceála atá deimhnithe a chur in iúl go bhfuil siad deimhnithe i gcomhréir le caighdeáin agus nósanna imeachta an Aontais.

I gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), déanfaidh na Ballstáit cruthú limistéar páirceála d’úsáideoirí tráchtála bóthair a spreagadh.

4.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hinfhaighteacht saoráidí oiriúnacha scíthe do thiománaithe agus maidir le hinfhaighteacht saoráidí páirceála slána, agus maidir le forbairt limistéar páirceála slán sábháilte arna ndeimhniú i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2. Féadfar bearta a liostú sa tuarascáil sin chun líon agus cáilíocht na limistéir páirceála sábháilte slán a mhéadú.

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).”;"

(8)

leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   De mhaolú ar Airteagal 8, i gcás ina mbíonn tiománaí ag tionlacan feithicil atá á hiompar ag bád farantóireachta nó ag traein agus ina nglacann sé tréimhse scíthe laethúla rialta nó tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe, ní fhéadfar an tréimhse sin a bhriseadh dhá uair ar a mhéad le haghaidh gníomhaíochtaí eile nach mairfidh níos mó ná aon uair an chloig san iomlán. Le linn na tréimhse scíthe laethúla rialta nó na tréimhse scíthe seachtainiúla laghdaithe sin, beidh fáil ag an tiománaí ar chábán codlata, ar bhunc nó ar leaba shuíocháin.

Maidir le tréimhsí scíthe seachtainiúla rialta, ní bheidh feidhm ag an maolú sin ach amháin maidir le turais ar bhád farantóireachta nó le turais traenach sna cásanna seo a leanas:

(a)

go mbeidh an turas sceidealta ar feadh 8 uair an chloig nó os a chionn; agus

(b)

go mbeidh rochtain ag an tiománaí ar chábán codlata sa bhád farantóireachta nó ar an traein.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   An t-am a chaitear ag taisteal chuig suíomh chun teacht i gceannas ar fheithicil a thagann faoi réim feidhme an Rialacháin seo, nó chun teacht ar ais ón suíomh sin, nuair nach bhfuil an fheithicil ag áit chónaithe an tiománaí ná ag ionad oibríochtúil an fhostaí mar a mbíonn an tiománaí bunaithe de ghnáth, ní áireofar mar scíth nó sos é sin mura bhfuil an tiománaí ar bhád farantóireachta nó traein agus rochtain aige ar chábán codlata, ar bhunc nó ar couchette.”;

(9)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh meastóireacht ar úsáid córas tiomána uathrialaí sna Ballstáit. Díreoidh an tuarascáil sin go háirithe ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na córais sin ar rialacha maidir le hamanna tiomána agus scíthe. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú.”;

(10)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ní dhéanfaidh gnóthas iompair aon íocaíocht a thabhairt do thiománaithe atá fostaithe aige ná a cuireadh ar fáil dó, fiú íocaíocht i bhfoirm bónais nó forlíonadh pá, sa chás ina mbaineann an íocaíocht sin le hachair taistil, leis an luas seachadta agus/nó le méid na n-earraí arna n-iompar, i gcás gur íocaíocht í de chineál a chuirfeadh sábháilteacht ar bhóithre i mbaol agus/nó a spreagfadh sárú ar an Rialachán sin.”;

(11)

cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 12:

“Ar choinníoll nach gcuirfear sábháilteacht ar bhóithre i mbaol dá dheasca, i gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh an tiománaí imeacht ó Airteagail 6(1) agus (2) agus ó Airteagal 8(2) i gcás ina dtéann sé suas go dtí aon uair an chloig thar an teorainn ama tiomána laethúil agus sheachtainiúil chun ionad oibríochtúil an fhostóra nó áit chónaithe an tiománaí a shroicheadh chun tréimhse scíthe seachtainiúla a ghlacadh.

Faoi na coinníollacha céanna, féadfaidh an tiománaí dul suas le dhá uair an chloig thar an tréimhse tiomána laethúil agus sheachtainiúil, ar choinníoll gur glacadh sos gan bhriseadh 30 nóiméad díreach roimh an tiomáint bhreise chun ionad oibríochtúil an fhostóra nó áit chónaithe an tiománaí a shroicheadh chun tréimhse scíthe sheachtainiúla rialta a ghlacadh.

Scríobhfaidh an tiománaí síos de láimh cúis na himeachta sin ar leathanach taifid an trealaimh taifeadta, nó ar asphrionta ón trealamh taifeadta nó san uainchlár dualgas, ar theacht go ceann scríbe nó go dtí an áit stadta oiriúnach, ar a dhéanaí.

Cúiteofar aon tréimhse fhadaithe le tréimhse choibhéiseach scíthe, a thógfar en bloc, faoi dheireadh an tríú seachtain tar éis na seachtaine i gceist.”;

(12)

in Airteagal 13, leasaítear mír 1 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

feithiclí a oibríonn go heisiach ar oileáin nó i réigiúin atá scartha amach ón gcuid eile den chríoch náisiúnta, nach mó ná 2 300 ciliméadar cearnach iad ó thaobh achair de agus nach bhfuil nasctha leis an gcuid eile den chríoch náisiúnta le droichead, áth ná tollán atá ar oscailt lena úsáid ag mótarfheithicil, agus nach bhfuil teorainn acu le Ballstát eile;”;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(q)

feithiclí nó cónaisc feithiclí a iompraíonn innealra tógála do ghnóthas tógála suas le raon 100 km ó bhunáit an ghnóthais, ar choinníoll nach í tiomáint na feithicle príomhghníomhaíocht an tiománaí;

(r)

feithiclí a úsáidtear le coincréit réamh-mheasctha a sheachadadh.”;

(13)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcásanna práinne, ina mbíonn imthosca eisceachtúla, féadfaidh na Ballstáit eisceacht shealadach a dheonú ar feadh tréimhse nach mó ná 30 lá. Tabharfar údar cuí le heisceachtaí den sórt sin agus déanfar fógra ina leith a thabhairt láithreach don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin gan mhoill ar shuíomh gréasáin poiblí.”;

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tiománaithe na bhfeithiclí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(a) faoi réir na rialacha náisiúnta lena dtugtar cosaint leordhóthanach i leith tréimhsí tiomána ceadaithe agus sosanna agus tréimhsí scíthe éigeantacha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na rialacha náisiúnta ábhartha is infheidhme maidir le tiománaithe den chineál sin.”;

(15)

in Airteagal 16(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

beidh na sonraí uile ann arna sonrú i mír 2 le haghaidh íostréimhse lena gcumhdaítear na sonraí ón lá a rinneadh rialú agus ó na 56 lá roimhe sin; ní mór na sonraí sin a thabhairt cothrom le dáta ag tréimhsí rialta nach faide óna chéile iad ná 1 mhí;”;

(16)

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach agus comhréireach le tromchúis na sáruithe, mar a léirítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), agus, chomh maith leis sin, beidh siad athchomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach. Ní bheidh aon sárú ar an Rialachán seo ná ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ** faoi réir níos mó ná aon phionós amháin ná níos mó ná aon nós imeachta amháin. Déanfaidh na Ballstáitfógra a thabhairt don Choimisiúin maidir leis na rialacha agus na bearta sin, mar aon leis an modh agus na critéir a roghnófar ar an leibhéal náisiúnta chun a gcomhréireacht a mheas. Déanfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt gan mhoill maidir le haon leasú a imreoidh tionchar orthu. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis na rialacha agus na bearta sin, agus maidir le haon leasuithe a dhéanfar orthu sin. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar an fhaisnéis sin ar shuíomh gréasáin tiomnaithe poiblí i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, ina mbeidh faisnéis mhionsonraithe maidir leis na pionóis sin is infheidhme sna Ballstáit.

(*3)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Threoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35)”."

(17)

leasaítear Airteagal 22 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Oibreoidh na Ballstáit i ndlúthchomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile gan moill mhíchuí chun chur i bhfeidhm seasmhach agus forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a éascú, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2006/22/CE.”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas le mír 2:

“(c)

faisnéis shonrach eile, lena n-áirítear rátáil riosca an ghnóthais, ar féidir go mbeidh iarmhairtí aici i leith chomhlíonadh an Rialacháin seo.”;

(c)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“3a.   Chun críoch an mhalartaithe faisnéise faoi chuimsiú an Rialacháin seo, úsáidfidh na Ballstáit na comhlachtaí le haghaidh idirchaidreamh laistigh den chomhphobal arna n-ainmniú de bhun Airteagal 7 de Threoir 2006/22/CE.

3b.   Cuirfear comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach ar fáil saor in aisce.”;

(18)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 23a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 20 Lúnasa 2020.

Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*4).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*4)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(19)

in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

“2a.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí lenar féidir le Ballstáit feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a rialú (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(20)

in Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcásanna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach modhanna comhchoiteanna.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2a).”.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 mar seo a leanas:

(1)

In Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Sa Rialachán seo, leagtar síos na hoibleagáidí agus na ceanglais maidir le déanamh, suiteáil, úsáid, tástáil agus rialú tacagraf le húsáid in iompar de bhóthar chun comhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009 (*6), (CE) Uimh. 1072/2009 (*7), (CE) Uimh. 1073/2009 (*8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle (*9) agus Treoracha 92/6/CEE (*10), agus 92/106/CEE ón gComhairle (*11) agus, a fhad is a bhaineann sé le hoibrithe a phostú in iompar de bhóthar, Treoreacha 96/71/CE (*12) 2014/67/AE (*13) agus (AE) 2020/1057 (*14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhíorú.

(*6)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51)."

(*7)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72)."

(*8)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88)."

(*9)  Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre na ndaoine a théann i mbun gníomhaíochtaí iompair shoghluaiste ar bhóthar (IO L 80, 23.3.2002. lch. 35)."

(*10)  Treoir 92/6/CEE ón gComhairle an 10 Feabhra 1992 maidir le feistí teorannaithe luais le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí sa Chomhphobal a shuiteáil agus a úsáid (IO L 57, 2.3.1992, lch. 27)."

(*11)  Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38)."

(*12)  Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 i dtaca le hoibrithe a chur i gceann poist faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch.1)."

(*13)  Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘Rialachán IMI’) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11)."

(*14)  Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i ndáil le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais fhorfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 249, 31.7.2020, lch. 49).”;"

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Tráth nach déanaí ná 3 bliana ó dheireadh na bliana sin a dtiocfaidh i bhfeidhm na forálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 11 lena leagtar síos catagóirí feithiclí a leanas a fheidhmíonn i mBallstát eile seachas Ballstát a cláraithe, déanfar iad a fheistiú le tacagraf cliste dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9 agus 10 den Rialachán seo:

(a)

feithiclí a mbeidh tacagraf analógach feistithe orthu;

(b)

feithiclí atá feistithe le tacagraf digiteach a chomhlíonann na sonraíochtaí in Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 is infheidhme go dtí 30 Meán Fómhair 2011;

(c)

feithiclí atá feistithe le tacagraf digiteach a chomhlíonann na sonraíochtaí in Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 is infheidhme ón 1 Deireadh Fómhair 2011; agus

(d)

feithiclí atá feistithe le tacagraf digiteach a chomhlíonann na sonraíochtaí in Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 is infheidhme ón 1 Deireadh Fómhair 2012.

4a.   Tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 11, maidir le feithiclí atá feistithe le tacagraf cliste agus a fheidhmíonn i mBallstát eile seachas Ballstát a cláraithe agus a chomhlíonann Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 (*15), déanfar iad a fheistiú le tacagraf cliste dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9 agus 10 den Rialachán seo.

(*15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais chun tacagraif agus comhpháirteanna tacagraif a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 139, 26.5.2016, lch. 1).”;"

(3)

in Airteagal 4(2), i ndiaidh an ceathrú fleasc, cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas:

“—

go bhfuil go leor acmhainneacht cuimhne acu chun na sonraí uile a cheanglaítear faoin Rialachán seo a stóráil;”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Cosaint sonraí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs an Rialacháin seo ach amháin chun a fhíorú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006, (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009, (CE) Uimh. 1073/2009, Treoracha 2002/15/CE, 92/6/CEE agus 92/106/CEE, agus a mhéid a bhaineann le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar, Treoracha 96/71/CE, 2014/67/AE agus (AE) 2020/1057.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, go háirithe, go gcosnófar sonraí pearsanta ar úsáidí eile seachas iad siúd a bhfuil dlúthbhaint acu leis na gníomhartha dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 1, i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a)

córas domhanda loingseoireachta satailíte (GNSS) a úsáid chun sonraí suímh a thaifeadadh mar a thagraítear dó in Airteagal 8;

(b)

cianchumarsáid a úsáid chun críoch rialaithe mar a thagraítear dó in Airteagal 9, tacagraif a bhfuil comhéadan acu mar a thagraítear dóibh in Airteagal 10 a úsáid, malartú leictreonach na faisnéise ar chártaí tiománaí mar a thagraítear dó in Airteagal 31, agus go háirithe malartuithe trasteorann na sonraí sin le tríú tíortha; agus

(c)

taifid á gcoimeád ag gnóthais iompair mar a thagraítear dó in Airteagal 33.

3.   Déanfar tacagraif dhigiteacha a dhearadh ar bhealach ina n-áirithítear príobháideacht. Ní dhéanfar ach na sonraí atá riachtanach chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil.

4.   Comhlíonfaidh úinéirí feithiclí, úinéirí gnóthas iompair agus úinéirí aon eintiteas eile lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme, na forálacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta.”;

(5)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Le gur fusa a fhíorú go bhfuil an reachtaíocht ábhartha á comhlíonadh, déanfar suíomh na feithicle a thaifeadadh go huathoibríoch ag na pointí a leanas, nó ag an bpointe is gaire don áit ina bhfuil an comhartha satailíte ar fáil:

an áit ina gcuirtear tús leis an tréimhse oibre laethúil;

gach uair a thrasnóidh an fheithicil teorainn Ballstáit;

gach uair a dhéanann an fheithicil gníomhaíochtaí luchtaithe nó díluchtaithe;

gach trí uair an chloig tiomána carntha; agus

an áit ina gcuirtear deireadh leis an tréimhse oibre laethúil.

Le gur fusa do na húdaráis rialála comhlíonadh a fhíorú, taifeadfaidh an tacagraf cliste freisin ar úsáideadh an fheithicil le haghaidh paisinéirí nó earraí a iompar, mar a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

Chun na gcríoch sin, déanfar feithiclí a cláraíodh den chéad uair 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 11 a fheistiú le tacagraf atá ceangailte le córas suite atá bunaithe ar chóras um loingseoireacht satailíte.

Mar sin féin, maidir leis an taifeadadh ar an thrasnú teorann agus ar ghníomhaíochtaí breise dá dtagraítear sa dara fleasc agus sa tríú fleasc den chéad fhomhír agus sa dara fomhír, beidh feidhm aige maidir le feithiclí a cláraíodh i mBallstát den chéad uair níos mó ná 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 11, gan dochar don oibleagáid feithiclí áirithe a iarfheistiú níos déanaí i gcomhréir le hAirteagal 3(4).”;

(6)

leasaítear Airteagal 9 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 11, déanfaidh na Ballstáit a n-údaráis rialaithe a fheistiú a mhéid is iomchuí leis an trealamh cian-luathbhrathadóireachta is gá chun gur féidir an chumarsáid sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh, agus a gceanglais shonracha agus a straitéisí sonracha maidir le forfheidhmiú á gcur san áireamh. Go dtí an t-am sin, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir lena n-údarás rialaithe a fheistiú le trealamh cian-luathbhrathadóireachta den sórt sin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Ní bhunófar an chumarsáid dá dtagraítear i mír 1 leis an tacagraf ach amháin arna iarraidh sin le trealamh na n-údarás rialála. Déanfar an chumarsáid sin a shlánú chun sláine sonraí agus fíordheimhniúchán an trealaimh taifeadta agus rialaithe a áirithiú. Ní bheidh rochtain ar na sonraí a tharchuirtear ach amháin ag na húdaráis rialála atá údaraithe chun seiceáil a dhéanamh ar sháruithe ar ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7(1), agus ar an Rialachán seo, agus ag ceardlanna sa mhéid is gá chun feidhmiú ceart an tacagraif a fhíorú.”;

(c)

cuirtear an fhleasc seo a leanas le mír 4:

“—

dul thar an teorainn ama tiomána.”;

(7)

in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Feisteofar tacagraif na bhfeithiclí sin a cláraíodh den chéad uair i mBallstát níos mó ná 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 11, leis an gcomhéadan dá dtagraítear i mír 1.”;

(8)

leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Lena áirithiú go ndéantar na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh le tacagraif chliste, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe is gá a ghlacadh chun Airteagail 8, 9 agus 10 a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, gan na forálacha sin lena bhforálfaí don tacagraf sonraí breise a thaifeadadh.

“Faoin 21 Lúnasa 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos forálacha mionsonraithe maidir leis an oibleagáid taifead a dhéanamh ar aon trasnú teorann a dhéanfaidh an fheithicil agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa dara agus tríú fleasc den chéad fhomhír d’Airteagal 8(1) agus sa dara fomhír d’Airteagal 8(1).

Faoin 21 Feabhra 2022, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na forálacha mionsonraithe is gá maidir le ceanglais sonraí agus feidhmeanna a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, lena n-áirítear Airteagail 8, 9 agus 10 den Rialachán seo, agus suiteáil na dtacagraf le haghaidh feithiclí dá dtagraítear i bpointe (aa) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).”;

(b)

sa dara mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

“Déanfar leis na forálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa chéad, dara agus triú mír den Airteagal seo:”;

(9)

in Airteagal 22, mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú agus an ceathrú fomhír:

“Cuirfidh feisteoir ceadaithe nó ceardlann cheadaithe séalaí nua isteach in ionad séalaí a baineadh nó a briseadh gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de 7 lá ó baineadh nó briseadh iad. I gcás inar baineadh nó inar briseadh na séalaí chun críoch rialaithe, féadfaidh an t-oifigeach rialaithe ag a bhfuil trealamh séalaithe agus marc speisialta ar leith, cinn nua a chur ina n-ionad, gan mhoill mhíchuí.

I gcás ina mbaineann oifigeach rialaithe séala, cuirfear an cárta rialaithe isteach sa tacagraf an nóiméad a bhaintear an séala agus coinneofar ann é go dtí go mbeidh an t-iniúchadh déanta, lena n-áirítear sa chás ina gcuirtear séala nua air. Eiseoidh an t-oifigeach ráiteas i scríbhinn ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

uimhir aitheantais na feithicle;

ainm an oifigigh;

an t-údarás rialaithe agus an Ballstát;

uimhir an chárta rialaithe;

uimhir an tséala a baineadh;-

dáta agus am a baineadh an séala;

uimhir an tséala nua, i gcás inar chuir an t-oifigeach rialaithe séala nua isteach.

Sula gcuirtear séalaí nua isteach, déanfaidh ceardlann cheadaithe an tacagraf a sheiceáil agus a chalabrú, ach amháin i gcás inar baineadh an séala nó inar briseadh é chun críoch rialaithe agus inar chuir oifigeach rialaithe séala nua isteach ina ionad.”;

(10)

in Airteagal 26, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“7a.   Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna ceanglas a chur ar thiománaí cárta nua tiománaí a chur in ionad an tseanchárta más gá é sin a dhéanamh le sonraíochtaí teicniúla ábhartha a chomhlíonadh.”;

(11)

leasaítear Airteagal 34 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Úsáidfidh na tiománaithe na leathanaigh taifid nó na cártaí tiománaí gach lá a mbeidh siad ag tiomáint, ón nóiméad a nglacfaidh siad stiúir ar an bhfeithicil. Ní tharraingeofar an leathanach taifid nó an cárta tiománaí siar roimh dheireadh na tréimhse oibre laethúla mura n-údarófar é a tharraingt siar ar shlí eile nó i gcás inar gá chun siombail na tíre a chur isteach tar éis teorainn a thrasnú. Ní fhéadfar aon leathanach taifid nó aon chárta tiománaí a úsáid chun tréimhse is faide ná an tréimhse dá bhfuil sé beartaithe a chumhdach.”;

(b)

i mír (5), leasaítear pointe (b) mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad phointe (iv):

“(iv)

faoin gcomhartha Image 1 : sosanna, scíth, saoire bhliantúil nó saoire bhreoiteachta,”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(v)

faoin gcomhartha le haghaidh ‘bád farantóireachta/traein’: Sa bhreis ar an gcomhartha Image 2 : an tréimhse scíthe á caitheamh ar bhád farantóireachta nó ar thraein mar a cheanglaítear le Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.”;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas le mír 6:

“(f)

siombailí na dtíortha inar cuireadh tús agus deireadh leis an tréimhse oibre laethúil. Cuirfidh an tiománaí isteach siombail na tíre a dtéann an tiománaí isteach inti tar éis dó teorainn de chuid Ballstáit a thrasnú ag tús an chéad stad a dhéanann an tiománaí sa Bhallstát sin. Is ag an áit stadta is gaire is féidir don teorainn, nó an taobh thall den teorann, a dhéanfar an chéad stop sin. I gcás ina dtrasnaítear teorainn Ballstáit i mbád farantóireachta nó i dtraein, cuirfidh an tiománaí isteach siombail na tíre sin ag an gcalafort nó ag an stáisiún ceann scríbe.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Cuirfidh an tiománaí isteach sa tacagraf digiteach siombail na dtíortha inar cuireadh tús agus deireadh leis an tréimhse oibre laethúil.

Ón 2 Feabhra 2022, cuirfidh an tiománaí isteach siombail na tíre a dtéann an tiománaí isteach inti tar éis dó teorainn Ballstáit a thrasnú ag tús an chéad stad a dhéanann an tiománaí sa Bhallstát sin. Is ag an áit stadta is gaire is féidir don teorainn, nó an taobh thall den teorann, a dhéanfar an chéad stop sin. I gcás ina dtrasnaítear teorann Ballstáit i mbád farantóireachta nó i dtraein, cuirfidh an tiománaí isteach siombail na tíre ag an gcalafort nó ag an stáisiún ceann scríbe.

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, a cheangal ar thiománaithe feithiclí a bheidh ag gabháil d’oibríochtaí iompair laistigh dá gcríoch, sonraíochtaí geografacha níos mionsonraithe a chur le siombail na tíre, ar choinníoll go mbeidh na sonraíochtaí geografacha mionsonraithe sin curtha in iúl ag na Ballstáit sin don Choimisiún roimh an 1 Aibreán 1998.

Ní gá do thiománaithe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur isteach i gcás ina ndéanann an tacagraf sonraí suímh a thaifeadadh go huathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 8.”;

(12)

leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

leathanaigh taifid an lae sin agus na 56 lá roimhe sin,”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

“(iii)

aon taifid de láimh agus aon asphriontaí arna ndéanamh an lá sin agus na 56 lá roimhe sin.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

“(ii)

aon taifid de láimh agus aon asphriontaí arna ndéanamh an lá sin agus na 56 lá roimhe sin,”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm, áfach, ag pointe (15) d’Airteagal 1 agus pointe (12) d’Airteagal 2 ón 31 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Iúil 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. KLOECKNER


(1)  IO C 197, 8.6.2018, lch. 45.

(2)  IO C 176, 23.5.2018, lch. 57.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón Chomhairle ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2020 (IO C 151, 6.5.2020, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014), lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).


31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

17


RIALACHÁN (AE) 2020/1055 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2020

lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 chun go n-oiriúnófar iad d’fhorbairtí in earnáil an iompair de bhóthar

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an taithí a fuarthas maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nochtadh go bhféadfaí feabhas a chur ar na rialacha dá bhforáiltear sna rialacháin sin i dtaca le roinnt pointí.

(2)

Go dtí seo, agus mura ndéantar foráil dóibh sa dlí náisiúnta, ní bhíonn feidhm ag na rialacha i dtaca le rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar maidir le gnóthais atá ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar amháin trí bhíthin feithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3,5 tonna nó cónaisc feithiclí nach dtéann thar sin. Tá méadú tagtha ar líon na ngnóthas sin atá gníomhach in oibríochtaí iompair náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. De thoradh air sin, tá cinneadh déanta ag roinnt Ballstát na rialacha i dtaca le rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bóthar, dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, a chur i bhfeidhm maidir leis na gnóthais sin. Chun aon lúb ar lár a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus chun íosleibhéal gairmiúlachta a áirithiú in earnáil a úsáideann mótarfheithiclí atá ceaptha go heisiach chun earraí a iompar agus nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3,5 tonna i bhfoirm rialacha comhchoiteanna, agus dá bhrí sin le gur cosúla lena chéile na coinníollacha iomaíochta idir na hoibreoirí ar fad, ba cheart an Rialachán sin a leasú. Ba cheart na ceanglais chun rochtain a fháil ar an ngairm a bheith éigeantach d’oibreoirí a úsáideann mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí atá ceaptha go heisiach chun earraí a iompar agus a bhfuil mais ualaithe ceadaithe acu atá níos mó ná 2,5 tonna agus nach mó ná 3,5 tonna agus atá rannpháirteach san iompar idirnáisiúnta.

(3)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, tá gníomhaíochtaí áirithe tarlaithe idirnáisiúnta díolmhaithe ón ngá le ceadúnas Comhphobail chun dul isteach sa mhargadh Eorpach tarlaithe de bhóthar. Faoi chuimsiú eagrú an mhargaidh sin, gnóthais tarlaithe de bhóthar atá ag iompar earraí i mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 2,5 tonna, ba cheart na gnóthais sin a dhíolmhú ón ngá le ceadúnas Comhphobail nó údarú eile iompair a bheith acu.

(4)

Cé go bhfuil feithiclí a bhfuil a mais ualaithe ceadaithe faoi leibhéal áirithe díolmhaithe ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, tugtar an fhéidearthacht do na Ballstáit, leis an Rialachán sin, cuid de na forálacha nó na forálacha uile atá ann a chur i bhfeidhm maidir le feithiclí den sórt sin.

(5)

Faoi láthair, tá na Ballstáit i dteideal ceanglais eile atá sa bhreis ar na ceanglais a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 a chur ar rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar. Níor léiríodh go raibh gá leis an bhféidearthacht seo chun freagairt do riachtanais ríthábhachtacha agus mar gheall air sin bhí éagsúlachtaí ann maidir le rochtain den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur léi.

(6)

Chun feiniméan na “cuideachtaí caocha”, mar a thugtar orthu, a chomhrac, agus iomaíocht chóir agus cothrom na Féinne sa mhargadh inmheánach a ráthú, ní mór a áirithiú go bhfuil fíorláithreacht leanúnach ag oibreoirí iompair de bhóthar atá bunaithe i mBallstát sa Bhallstát sin agus gur as an áit sin a dhéanann siad a gcuid gnó. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise na taithí a fuarthas, is gá na forálacha maidir le bunaíocht éifeachtach agus chobhsaí a bheith ann a shoiléiriú agus a neartú, agus forchur ualach riaracháin díréireach a sheachaint san am céanna.

(7)

Ba cheart fíorláithreacht leanúnach sa Bhallstát bunaíochta a cheangal ar an ngnóthas, go háirithe, oibríochtaí iompair a dhéanamh leis an trealamh teicniúil iomchuí suite sa Bhallstát sin.

(8)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, ceanglaítear ar ghnóthais a n-oibríochtaí a dhéanamh go héifeachtach agus go leanúnach leis an trealamh agus na saoráidí teicniúla iomchuí ag lárionad oibríochta atá suite sa Bhallstát bunaíochta, agus ceadaítear, leis an Rialachán sin, ceanglais bhreise ar an leibhéal náisiúnta, arb é an ceann is coitianta díobh spásanna páirceála a bheith ar fáil sa Bhallstát bunaíochta. Mar sin féin, níor leor na ceanglais sin a cuireadh i bhfeidhm go héagothrom chun fíornasc a áirithiú leis an mBallstát sin d’fhonn cuideachtaí caocha a chomhrac go héifeachtúil agus chun an baol an chabatáiste chórasaigh agus tiománaithe fáin a laghdú, ar tiománaithe iad a eagraítear ag gnóthas chuig nach bhfilleann na feithiclí. Ós rud é go bhféadfadh sé go dteastódh rialacha sonracha maidir leis an gceart bunaíochta agus soláthar seirbhísí chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh i réimse an iompair a áirithiú, is iomchuí na ceanglais bhunaíochta a chomhchuibhiú tuilleadh agus na ceanglais a bhaineann le láithreacht na bhfeithiclí a úsáideann an t-oibreoir iompair sa Bhallstát bunaíochta a neartú. Trí íostréimhse shoiléir a shainiú faoi nach mór don fheithicil teacht ar ais, rannchuidítear lena áirithiú gur féidir na feithiclí sin a chothabháil mar is ceart leis an trealamh teicniúil atá suite sa Bhallstát bunaíochta, agus éascaítear rialuithe.

Ba cheart an timthriall a leagtar síos don fhilleadh sin a shioncrónú le hoibleagáid an ghnóthais iompair faoi Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le hoibríochtaí a eagrú ar bhealach a chuireann ar chumas an tiománaí filleadh abhaile gach 4 seachtaine, ar a laghad, ionas gur féidir an dá oibleagáid a chomhlíonadh má fhilleann an tiománaí leis an bhfeithicil gach dara timthriall dar fad 4 seachtaine ar a laghad. Leis an sioncronú sin, neartaítear ceart fillte an tiománaí agus laghdaítear an baol nach dtabharfar an fheithicil ar ais ach ar mhaithe leis an gceanglas bunaíochta nua sin a chomhlíonadh. Níor cheart, áfach, go bhfágfadh an ceanglas maidir le filleadh ar an mBallstát bunaíochta go gcaithfí líon sonrach oibríochtaí a dhéanamh sa Bhallstát bunaíochta ná go gcuirfí teorainn ar shlí eile leis an bhféidearthacht a bhíonn ag oibreoirí seirbhísí a sholáthar ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

(9)

Sa mhéid go mbraitheann rochtain ar ghairm an oibreora iompair de bhóthar ar dea-cháil an ghnóthais lena mbaineann, is gá soléirithe a dhéanamh maidir leis na daoine nach mór a gcuid iompair a chur san áireamh, maidir leis na nósanna imeachta riaracháin nach mór iad a leanúint agus na tréimhsí feithimh maidir le hathshlánú i gcás ina gcailleann bainisteoir iompair a dhea-cháil.

(10)

I bhfianaise an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar na coinníollacha maidir le hiomaíocht chóir sa mhargadh iompair de bhóthar, ba cheart sáruithe tromchúiseacha ar rialacha náisiúnta cánach a chur leis na gnéithe ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar dhea-cháil.

(11)

I bhfianaise an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an margadh iompair de bhóthar agus ar an gcosaint shóisialta oibreoirí, ba cheart sáruithe tromchúiseacha ar dhlí an Aontais maidir le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar, cabatáiste agus ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha a chur leis na gnéithe ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar dhea-cháil.

(12)

Mar gheall ar thábhacht na hiomaíochta córa sa mhargadh inmheánach, ba cheart sáruithe ar dhlí an Aontais atá ábhartha don cheist seo, lena n-áirítear rialacha maidir le rochtain ar an margadh amhail rialacha cabatáiste, a chur san áireamh sa mheasúnú ar dhea-cháil na mbainisteoirí iompair agus na ngnóthas iompair. Ba cheart téarmaí an chumhachtaithe a shoiléiriú dá réir sin, ar dá mbun a bhfuil an Choimisiúin chun leibhéal tromchúise na sáruithe ábhartha a shainiú.

(13)

Bhí deacrachtaí ag údaráis inniúla náisiúnta maidir le sainaithint na ndoiciméad a bhféadfaidh gnóthais a chur isteach chun a seasamh airgeadais a chruthú, go háirithe in éagmais cuntais dheimhnithe bhliantúla. Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir leis an bhfianaise a theastaíonn chun seasamh airgeadais a chruthú.

(14)

Maidir le gnóthais atá ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthair trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí atá ceaptha go heisiach chun earraí a iompair, atá rannpháirteach san iompar idirnáisiúnta agus ar mó ná 2,5 tonna a mais ualaithe ceadaithe ach nach mó ná 3,5 tonna í, ba cheart leibhéal íosta seasaimh airgeadais a bheith ag na gnóthais sin, chun a áirithiú go bhfuil na modhanna acu oibríochtaí a chur i gcrích ar bhonn cobhsaí agus fadtéarmach. Ós rud é, áfach, go mbíonn teorainn ar mhéid na n-oibríochtaí a dhéantar leis na feithiclí sin de ghnáth, níor cheart na ceanglais chomhfhreagracha maidir leis an seasamh airgeadais a bheith chomh crua céanna leis na ceanglais atá i bhfeidhm maidir le hoibreoirí a úsáideann feithiclí thar an teorainn sin. Ba cheart cónaisc feithiclí a chur san áireamh agus an seasamh airgeadais a cheanglaítear á chinneadh. Ba cheart don údarás inniúil an leibhéal níos airde den cheanglas airgeadais a chur i bhfeidhm i gcás gur mó mais ualaithe ceadaithe an chónaisc feithiclí ná 3,5 tonna.

(15)

Chun caighdeáin arda a choinneáil agus a chruthú do ghnóthais gan tionchair dhiúltacha a chruthú ar an margadh inmheánach san iompar de bhóthar, ba cheart a cheadú do na Ballstáit na ceanglais airgeadais lena dtagraítear d’úsáid feithiclí troma a cur i bhfeidhm maidir leis na gnóthais atá bunaithe ar a gcríocha i leith feithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3,5 tonna.

(16)

Chun earnáil iontaofa an iompair de bhóthar a áirithiú agus chun feabhas a chur ar bhailiú fiach chuig comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit comhlíonadh a cheangal i ndáil le hoibleagáidí íocaíochta i gcás eintiteas poiblí, mar shampla fiachais chánach breisluacha agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta, agus a cheangal nach mbeidh gnóthais faoi réir imeachtaí a tugadh isteach chun a gcuid sócmhainní a chosaint.

(17)

Ba cheart an fhaisnéis faoi oibreoirí iompair atá sna cláir leictreonacha náisiúnta a bheith chomh hiomlán agus chomh cothrom le dáta agus is féidir d’fhonn léargas leordhóthanach a bheith ag na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar fhorfheidhmiú na rialacha ábhartha maidir leis na hoibreoirí atá faoi imscrúdú. Go háirithe, le faisnéis maidir le cláruimhir na bhfeithiclí atá ar fáil do na hoibreoirí agus grádú riosca na n-oibreoirí, ba cheart go mbeadh forfheidhmiú náisiúnta agus trasteorann níos fearr i gcás forálacha Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009 agus (CE) Uimh. 1072/2009. Ba cheart na rialacha ar an gclár leictreonach náisiúnta a leasú dá réir.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na nósanna imeachta teicniúla faoina gceadaítear go leictreonach cláir leictreonacha náisiúnta na mBallstát eile, inter alia, a ghlacadh. I measc na nósanna imeachta sin, d’fhéadfadh nósanna imeachta a bheith i gceist chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla rochtain a fháil, le linn seiceálacha cois bóthair, ar an rátáil chomhchuibhithe riosca atá ag gnóthas faoi Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(19)

Ní théann an sainmhíniú maidir leis an sárú is tromchúisí a bhaineann le dul thar an teorainn tiomána laethúil, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, leis an bhforáil ábhartha atá ann cheana a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 561/2006. Leis an neamhréireacht sin, cruthaítear éiginnteacht agus cleachtais éagsúla i measc údaráis náisiúnta agus, mar thoradh air sin, cruthaítear deacrachtaí maidir le forfheidhmiú na rialacha atá i gceist. Ba cheart an sainmhíniú sin a shoiléiriú dá bharr sin chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an dá Rialachán.

(20)

I dtaca leis na rialacha maidir le hiompar náisiúnta a dhéanann tarlóirí neamhchónaitheacha ar bhonn sealadach i mBallstát óstach (“cabatáiste”), ba cheart go mbeidís soiléir, simplí agus éasca a fhorfheidhmiú, agus ag an am céanna an leibhéal léirscaoilte atá bainte amach go dtí seo á choimeád.

(21)

Ba cheart d’oibríochtaí cabatáiste cuidiú le lódfhachtóir feithiclí tromshaothair a mhéadú agus turais fholmha a laghdú, agus ba cheart iad a cheadú fad is nach dtéitear ina mbun ar shlí a chruthaíonn gníomhaíocht bhuan nó leanúnach laistigh den Bhallstát lena mbaineann. Chun a áirithiú nach ndéantar oibríochtaí cabatáiste ar shlí a chruthaíonn gníomhaíocht bhuan nó leanúnach, níor cheart cead a thabhairt do tharlóirí oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh sa Bhallstát céanna laistigh de thréimhse áirithe ama tar éis deireadh thréimhse oibríochtaí cabatáiste.

(22)

Cé gur baineadh tairbhe as an léirscaoileadh breise a bunaíodh in Airteagal 4 de Threoir 92/106/CEE ón gComhairle (9) i gcomparáid le cabatáiste faoi Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 maidir le hiompar comhcheangailte a chur chun cinn agus cé gur chóir, i bprionsabal, é sin a choinneáil ar bun, is gá a áirithiú nach mbaintear mí-úsáid as. Is léir ón taithí a fuarthas, i gcodanna áirithe den Aontas, go bhfuiltear tar éis úsáid chórasach a bhaint as an bhforáil sin chun dul timpeall ar chineál sealadach an chabatáiste agus mar bhonn le láithreacht leanúnach feithiclí i mBallstát seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais. Tá an baol ann gurb í an dumpáil shóisialta a bheidh mar thoradh ar chleachtais éagóracha den sórt sin agus go gcuirfear i mbaol an urraim nach mór a thabhairt don chreat dlíthiúil a bhaineann le cabatáiste. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfadh Ballstát maolú ó Airteagal 4 de Threoir 92/106/CEE agus na forálacha a bhaineann le cabatáiste i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna den sórt sin, trí theorainn chomhréireach a thabhairt isteach maidir le láithreacht leanúnach feithiclí laistigh dá gcríoch.

(23)

Is réamhriachtanas é d’iomaíocht chóir sa mhargadh inmheánach go ndéanfaí na rialacha a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil. Tá sé riachtanach tuilleadh digitithe a dhéanamh ar an bhforfheidhmiú chun an acmhainn forfheidhmithe a mhéadú, chun laghdú a dhéanamh ar ualaigh riaracháin neamhriachtanacha ar oibreoirí iompair idirnáisiúnta agus, go háirithe, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, chun díriú ar bhealach níos fearr ar oibreoirí iompair ardriosca agus chun cleachtais chalaoiseacha a bhrath. Ba cheart na modhanna a shoiléiriú lenar féidir le hoibreoirí iompair de bhóthar a chruthú go bhfuil siad ag comhlíonadh na gceanglas maidir le hoibríochtaí cabatáiste. Ba cheart seiceálacha cois bóthair a bheith bunaithe ar dhoiciméid iompair agus ar thaifid tacagraif, má tá fáil orthu. Chun go mbeadh sé níos simplí do na húdaráis inniúla faisnéis ábhartha agus a láimhseáil a chur ar fáil dá réir, ba cheart úsáid agus tarchur faisnéis leictreonach maidir le hiompar a aithint mar mhodh chun comhlíonadh a chruthú. Ba cheart go ndéanfaí an fhormáidiú a úsáidfear chun na críche sin iontaofacht agus barántúlacht a áirithiú. Agus breithniú á dhéanamh ar mhalartú éifeachtach leictreonach faisnéise a bheith ag tarlú níos minice i gcúrsaí iompair agus lóistíochta, tá sé tábhachtach comhleanúnachas a áirithiú sna creata rialála agus forálacha a bhunú lena dtugtar aghaidh ar shimpliú na nósanna imeachta rialacháin.

(24)

Is iad gnóthais iompair seolaithe na rialacha ar iompar idirnáisiúnta agus mar sin, tá siad faoi réir iarmhairtí aon sáruithe a dhéanann siad. Chun mí-úsáid a dhéanfadh gnóthais a dhéanann conarthaí le hoibreoirí tarlaithe maidir le seirbhísí iompair de bhóthar a chosc, áfach, ba cheart do Bhallstáit foráil a dhéanamh do rialacha soiléire agus intuartha maidir le smachtbhannaí i gcoinne coinsíneoirí, seoltóirí lasta, conraitheoirí agus fochonraitheoirí i gcás ina raibh a fhios acu, nó, i bhfianaise na n-imthosca ábhartha uile gur cheart a fhios a bheith acu, go mbaineann sáruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 leis na seirbhísí a choimisiúnaigh siad.

(25)

Beidh ról tábhachtach maidir le cuidiú leis na Ballstáit rialacha an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú go leordhóthanach ag an Údarás Eorpach Saothair, Údarás a chumhdaíonn Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 faoina raon feidhme gníomhaíochtaí mar a leagtar amach in Airteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Bainfidh an ról seo go háirithe le seiceálacha comhbheartaithe, le héascú an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit, le cur chun cinn agus comhroinnt an dea-chleachtais, le tacú le fothú acmhainní, le hoiliúint agus le feachtais ardaithe feasachta.

(26)

Chun forbairtí ar an margadh agus dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus chun Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(27)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon leibhéal comhchuibhiúcháin a thabhairt isteach i gcásanna áirithe nach bhfuil comhchuibhithe go fóill le dlí an Aontais, go háirithe maidir le hiompar le feithiclí tráchtála éadroma agus cleachtais forfheidhmiúcháin, agus chun coinníollacha iomaíochta a mheas agus chun forfheidhmiú a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach ach mar gheall ar nádúr na gcuspóirí arna saothrú in éineacht le cineál trasteorann an iompair de bhóthar, gur fearr is féidir na cuspóirí a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú.

(28)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, leasaítear mír 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

gnóthais nach mbíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar ach amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe incheadaithe ná 3,5 tonna agus a bhíonn ag gabháil go heisiach d’oibríochtaí iompair náisiúnta ina mBallstát bunaíochta;”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(aa)

gnóthais nach mbíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar ach amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe incheadaithe ná 2,5 tonna;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

gnóthais a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar chun críoch neamhthráchtála go heisiach, nó a bhfuil príomhghairm acu seachas gairm an oibreora iompair phaisinéirí de bhóthar;”;

(d)

cuirtear an fomhír seo a leanas leis:

“Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, déanfar aon iompar de bhóthar, seachas iompar ar fruiliú nó ar airgead nó iompar ar a chuntas féin, nach bhfaightear aon luach saothair díreach nó indíreach ar a shon agus nach ngineann aon ioncam díreach nó indíreach do thiománaí na feithicle ná do dhaoine eile agus gan aon nasc ann le gníomhaíocht iompair ghairmiúil, measfar sin mar iompar chun críoch neamhthráchtála.”;

(2)

in Airteagal 3, scriostar mír 2;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas bunaíochta

1.   Chun an ceanglas a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) a chomhlíonadh, déanfaidh an ghnóthas, sa Bhallstát bunaíochta, an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

beidh áitreabh ag an ngnóthas ag a mbeidh rochtain aige ar chóipeanna bunaidh a phríomhdhoiciméad gnó, bídís i bhfoirm leictreonach nó in aon fhoirm eile, go háirithe a chonarthaí iompair, doiciméid maidir leis na feithiclí atá ar fáil don ghnóthas, a dhoiciméid chuntasaíochta, a dhoiciméid uile maidir le bainistíocht foirne, a chonarthaí fostaíochta, a dhoiciméid slándála sóisialta, doiciméid a bhfuil sonraí iontu maidir le seoladh agus postú tiománaithe, a dhoiciméid uile ina bhfuil sonraí maidir le cabatáiste, am tiomána agus tréimhsí sosa agus aon doiciméad eile a gcaithfidh rochtain a bheith ag an údarás inniúil air chun a fhíorú go gcomhlíonfaidh na gnóthais na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

eagróidh an gnóthas gníomhaíocht a fhlít feithiclí ar bhealach lena n-áiritheofaí go bhfillfidh feithiclí atá ar fáil don ghnóthas agus a úsáidtear in iompar idirnáisiúnta ar cheann de na lárionaid oibríochtúla sa Bhallstát sin laistigh de 8 seachtaine, ar a laghad, tar éis di é a fhágáil;

(c)

beidh an gnóthas cláraithe ar chlár na gcuideachtaí tráchtála sa Bhallstát sin nó ar chlár atá comhchosúil leis nuair is gá sin faoin dlí náisiúnta;

(d)

beidh an gnóthas faoi réir cáin ar ioncaim agus, nuair is gá sin faoin dlí náisiúnta, beidh uimhir chláraithe bhailí cáin bhreisluacha aige;

(e)

a luaithe a dheonófar údarú don ghnóthas, beidh feithicil amháin nó níos mó ná feithicil amháin ar fáil don ghnóthas a bheidh cláraithe nó a chuirfear i gcúrsaíocht agus a bheidh údaraithe lena n-úsáid i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann ar fáil aige sa Bhallstát sin, is cuma cé acu atá de na feithiclí sin atá faoi lánúinéireacht nó, mar shampla, faoi chonradh fruilcheannaigh, faoi chonradh fruilithe nó faoi chonradh léasúcháin;

(f)

déanfaidh an gnóthas a ghníomhaíochtaí riaracháin agus tráchtála ar mhodh éifeachtach agus leanúnach leis an trealamh agus na saoráidí iomchuí, dá dtagraítear i bpointe (a), ag áitreabh atá lonnaithe sa Bhallstát sin, agus déanfaidh sé bainistiú éifeachtach leanúnach ar a oibríochtaí iompair leis na feithiclí dá dtagraítear i bpointe (g) leis an trealamh riaracháin iomchuí, sa Bhallstát sin;

(g)

beidh líon feithiclí ar fáil don ghnóthas, ar bhonn leanúnach, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (e), agus tiománaithe a bhíonn bunaithe de ghnáth ag ionad oibríochtúil sa Bhallstát sin, sa dá chás i gcomhréir le líon na n-oibríochtaí iompair a dhéanann an gnóthas.

2.   De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i mír 1, féadfaidh Ballstáit a cheangal ar ghnóthas an méid seo a leanas a bheith aige sa Bhallstát bunaíochta:

(a)

i gcomhréir le méid gníomhaíochta an ghnóthais, foireann riaracháin atá cáilithe go cuí ag áitreabh an ghnóthais nó an bainisteoir iompair a bheith insroichte le linn gnáthuaireanta gnó;

(b)

i gcomhréir le méid gníomhaíochta an ghnóthais, bonneagar oibríochtúil seachas an trealamh riaracháin dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 ar chríoch an Bhallstáit sin, lena n-áirítear oifig atá oscailte le linn gnáthuaireanta gnó.”;

(4)

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil an ceanglas sin maidir le dea-cháil comhlíonta ag an ngnóthas sin, cuirfidh na Ballstáit iompraíocht an ghnóthais, a bhainisteoirí iompair, a stiúrthóirí feidhmiúcháin agus aon duine ábhartha eile san áireamh, de réir mar a fhéadfaidh an Ballstát a chinneadh. Aon tagairt atá san Airteagal seo do chiontuithe, pionóis nó sáruithe, cuimseoidh sí ciontuithe, pionóis nó sáruithe an ghnóthais féin, a bhainisteoirí iompair, a stiúrthóirí feidhmiúcháin agus aon duine ábhartha eile de réir mar a fhéadfaidh an Ballstát a chinneadh.”;

(ii)

i bpointe (vi) de phointe (a) den tríú fomhír, scriostar an focal “agus”;

(iii)

i bpointe (a) den tríú fomhír cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(vii)

an dlí cánach; agus”;

(iv)

i bpointe (b) den tríú fomhír cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(xi)

oibrithe a phostú san iompar de bhóthar;

(xii)

an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha;

(xiii)

cabatáiste.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Chun críocha phointe (b) den tríú fomhír de mhír 1, i gcás inar ciontaíodh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair i gcion coiriúil tromchúiseach nó i gcás inar tabhaíodh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair pionós i mBallstát amháin nó i níos mó ná Ballstát amháin mar gheall ar cheann de na sáruithe is tromchúisí ar rialacha an Aontais, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhunaíochta faoi nós imeachta riaracháin a dhéanamh agus a chur i gcrích ar dhóigh atá iomchuí agus tráthúil, lena n-áireofar, más iomchuí, seiceáil a dhéanamh ar áitreabh an ghnóthais lena mbaineann.

Le linn an nós imeachta riaracháin, tabharfar an ceart do bhainisteoir iompair an ghnóthais iompair nó ionadaithe dlí eile an ghnóthais iompair, de réir an cháis, chun a gcuid argóintí agus mínithe a chur i láthair.

Le linn an nós imeachta riaracháin, déanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an freagairt dhíréireach a bheadh ann, de bharr imthosca sonracha, dea-cháil a chailliúint sa chás sin ar leith. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an t-údarás inniúil san áireamh an líon sáruithe tromchúiseacha ar rialacha náisiúnta agus ar rialacha an Aontais dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1, mar aon le líon na sáruithe is tromchúisí ar rialacha an Aontais, faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV iad, a ndearnadh an bainisteoir iompair nó an gnóthas iompair a chiontú i gcion nó ar gearradh pionóis orthu ina leith. Beidh réasúnú cuí ag aon chinneadh den sórt sin agus bonn cirt leis.

I gcás ina gcinnfeadh an t-údarás inniúil go mbeadh sé díréireach dea-cháil a chailliúint, cinnfidh sé go leanann dea-cháil de bheith ar an ngnóthas lena mbaineann. Déanfar na cúiseanna leis an gcinneadh sin a thaifeadadh sa chlár náisiúnta. Sonrófar líon na gcinntí sin sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 26(1).

Má mheasann an t-údarás inniúil nach mbeadh sé díréireach dea-cháil a chailliúint, caillfear dea-cháil de thoradh an chiontaithe nó an phionóis.”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos liosta de chatagóirí, cineálacha agus leibhéil tromchúise maidir le sáruithe tromchúiseacha ar rialacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír de mhír 1, sáruithe, mar aon leo sin a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, lena bhféadfaí dea-cháil a chailleadh dá mbarr. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh faisnéis faoi na sáruithe sin, lena n-áirítear faisnéis a gheofar ó Bhallstáit eile, nuair a bheidh siad ag socrú na dtosaíochtaí le haghaidh seiceálacha de bhun Airteagal 12(1).

Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún:

(a)

na catagóirí agus na cineálacha sáruithe is minice a gcastar orthu a leagan síos;

(b)

leibhéal tromchúise na sáruithe a shainiú de réir a gcumais chun baol báis nó baol maidir le gortú tromchúiseach a chruthú agus a gcumais chun iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh iompair de bhóthair, lena n-áirítear tríd an mbonn a bhaint ó dhálaí oibre oibrithe iompair;

(c)

an mhinicíocht a sholáthar lena bhféachfar ar shraith sáruithe a théann thar an minicíocht sin mar sháruithe níos tromchúisí, ag cur san áireamh an líon feithiclí a úsáidfear le haghaidh na ngníomhaíochtaí iompair a bhainisteoidh bainisteoir iompair.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(3).”;

(5)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   D’fhonn an ceanglas a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 3(1) a chomhlíonadh, beidh gnóthas in ann a chuid oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh i gcónaí i rith na bliana cuntasaíochta bliantúla. Taispeánfaidh an gnóthas, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe mar is iomchuí, go bhfuil aige gach bliain caipiteal agus cúlchistí caipitil arb ionann iad agus na suimeanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

EUR 9 000, don chéad mhótarfheithicil a úsáidtear;

(b)

EUR 5 000 do gach mótarfheithicil bhreise nó cónasc feithiclí a úsáidtear ar mó a mhais ualaithe incheadaithe agus 3,5 tonna; agus

(c)

EUR 900 do gach mótarfheithicil bhreise nó cónasc feithiclí a úsáidtear ar mó a mhais ualaithe incheadaithe agus 2,5 tonna ach nach mó ná 3,5 tonna í.

Taispeánfaidh gnóthais a bhíonn ag gabháil do ghairm an oibreora tarlaithe de bhóthar amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí ar mó ná 2,5 tonna a mais ualaithe incheadaithe ach nach mó ná 3,5 tonna í, ar bhonn na gcuntas bliantúil arna ndeimhniú ag iniúchóir nó ag duine atá creidiúnaithe faoi mar is iomchuí, go bhfuil caipiteal agus cúlchistí caipitil ar fáil acu arb ionann iad agus na suimeanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

EUR 1 800, don chéad fheithicil a úsáidtear; agus

(b)

EUR 900 do gach feithicil bhreise a úsáidtear.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na gnóthais atá bunaithe ar a gcríocha go mbeidh na méideanna céanna caipitil agus cúlchistí caipitil ar fáil acu do na feithiclí seo agus do na feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas dá réir, agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   Anuas ar na ceanglais a leagtar amach i mír 1, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an ngnóthas, ar an mbainisteoir iompair nó ar aon duine ábhartha eile, de réir mar a fhéadfaidh na Ballstáit a chinneadh, nach mbeidh fiachais neamhphearsanta gan íoc atá dlite do chomhlachtaí atá faoi rialú an dlí phoiblí, agus nach mbeidh an gnóthas, an bainisteoir iompair nó an duine ábhartha eile féimheach nó faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí foirceanta.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil a aontú nó a cheangal go léireodh gnóthas a sheasamh airgeadais trí bhíthin teastas arna chinneadh ag an údarás inniúil, amhail ráthaíocht bainc nó árachas, lena n-áirítear árachas slánaíochta gairmiúla ó bhanc amháin nó níos mó ná banc amháin nó ó institiúidí airgeadais eile lena n-áirítear cuideachtaí árachais nó doiciméad eile atá ceangailteach, lena gcuirtear ráthaíocht chomhpháirteach agus leithleach ar fáil don ghnóthas maidir leis na méideanna a shonraítear i mír 1.”;

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   De mhaolú ar mhír 1, in éagmais cuntais bhliantúla dheimhnithe do bhliain cláraithe an ghnóthais, aontóidh an t-údarás inniúil go léireoidh gnóthas a sheasamh airgeadais trí mheán deimhnithe amhail ráthaíocht bhainc, doiciméad arna eisiúint ó institiúid airgeadais lena mbunaítear rochtain ar chreidmheas in ainm an ghnóthais, nó doiciméad eile atá ceangailteach arna chinneadh ag an údarás inniúil lena gcruthaítear go bhfuil na méideanna a shonraítear i mír 1 ar fáil aige.”;

(6)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Féadfaidh na Ballstát oiliúint thréimhsiúil ar na hábhair a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur chun cinn ag eatraimh 3 bliana chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain eolais ag an duine nó na daoine dá dtagraítear i mír 1 ar fhorbairtí san earnáil.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24a lena leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí margaidh agus don dul chun cinn teicniúil.”;

(7)

in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Chun ceadúnas a dheonú do ghnóthas tarlaithe de bhóthar nach n-úsáideann ach mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó ná 3,5 tonna a mais ualaithe incheadaithe, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh daoine a chuireann fianaise ar fáil gur bhainistigh siad gnóthas den chineál céanna, go comhleanúnach, don tréimhse 10 mbliana roimh an 20 Lúnasa 2020, a dhíolmhú ó na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1).”;

(8)

in Airteagal 11(4), scriostar an tríú fomhír;

(9)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán rialta lena sheiceáil go leanfaidh na gnóthais a údaraíonn siad chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair ag áitreabh an ghnóthais lena mbaineann, lena ndíreofar ar na gnóthais sin a aicmítear mar ghnóthais a bhfuil riosca breise ag baint leo. Chun na críche sin, leathnóidh na Ballstáit an córas rátála rioscaí arna bhunú acu de bhun Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) a chur chun feidhme chun na sáruithe uile a shonraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo a chumhdach.

(*1)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Treoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar, agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).”;"

(b)

i mír 2, scriostar an dara fomhír;

(10)

in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

teorainn ama nach faide ná 6 mhí i gcás nach raibh an ceanglas maidir le seasamh airgeadais comhlíonta, d’fhonn a thaispeáint go gcomhlíonfar an ceanglas sin arís ar bhonn buan.”;

(11)

leasaítear Airteagal 14 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Ní athshlánóidh an t-údarás inniúil an bainisteoir iompair tráth níos luaithe ná 1 bhliain ón dáta a gcailltear an dea-cháil agus, i gcás ar bith, sula dtaispeánfaidh an bainisteoir iompair gur lean sé nó sí an oiliúint iomchuí ar feadh tréimhse 3 mhí ar a laghad nó sula n-éireoidh leis nó léi i scrúdú ar na hábhair a liostaítear i gcuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Mura ndéanfar agus go dtí go ndéanfar beart athshlánúcháin i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta agus le mír 1 den Airteagal seo, ní bheidh deimhniú inniúlachta gairmiúla an bhainisteora iompair a dearbhaíodh a bheith mí-oiriúnach, dá dtagraítear in Airteagal 8(8), bailí a thuilleadh i mBallstát ar bith.”;

(12)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)

“(c)

ainmneacha na mbainisteoirí iompair a ainmneofar chun na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 a bhaineann le dea-cháil agus inniúlacht ghairmiúil a chomhlíonadh nó, de réir mar is iomchuí, ainm ionadaí dlíthiúil;”;

(ii)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(g)

cláruimhreacha na bhfeithiclí atá ar fáil don ghnóthas de bhun phointe (g) d’Airteagal 5(1);

(h)

an líon daoine a bhí fostaithe sa ghnóthas ar an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin, agus déanfar é a thaifeadadh sa chlár náisiúnta faoin 31 Márta gach bliain;

(i)

grádú riosca an ghnóthais de bhun Airteagal 9(1) de Threoir 2006/22/CE.”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír:

“Beidh rochtain phoiblí ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (e) go (i) den chéad fhomhír a choimeád i gcláir ar leithligh. I gcásanna den sórt sin, cuirfear ar fáil na sonraí dá dtagraítear i bpointí (e) agus (f) arna n-iarraidh sin nó beidh siad inrochtana go díreach ag údaráis inniúla uile an Bhallstáit a bheidh i gceist. Cuirfear an fhaisnéis a iarrfar ar fáil laistigh de 5 lá oibre ón iarraidh a fháil.

Beidh na sonraí dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (i) den chéad fhomhír ar fáil do na húdaráis inniúla le linn seiceálacha cois bóthair tráth nach déanaí ná 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme, arna ghlacadh de bhun mhír 6, lena sonraítear na feidhmiúlachtaí lenar féidir na sonraí a sholáthar do na húdaráis inniúla le linn seiceálacha cois bóthair.

Ní bheidh rochtain ag údaráis seachas na húdaráis inniúla ar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (e) go (i) den chéad fhomhír ach i gcás ina mbeidh cumhachtaí bronnta go cuí ar na húdaráis sin a bhaineann le maoirseacht agus le forchur pionós in earnáil an iompair de bhóthar agus má tá a gcuid feidhmeannach faoi mhionn rúndachta nó faoi oibleagáid fhoirmiúil rúndachta.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcoimeádfar na sonraí go léir sa chlár náisiúnta leictreonach cothrom le dáta agus cruinn.”;

(c)

i mír 6, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

“Faoi cheann 14 mhí tar éis gníomh cur chun feidhme a ghlacadh maidir le foirmle choiteann chun an rátáil riosca dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Treoir 2006/22/CE a ríomh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena sonraítear na feidhmiúlachtaí lenar féidir na sonraí dá dtagraítear i bpointí (g), (h) agus (i) den chéad fhomhír de mhír 2 a chur ar fáil do na húdaráis inniúla le linn seiceálacha cois bóthair.

Glacfar leis na gníomhartha chur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).”;

(d)

scriostar mír 7.

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

Comhar riaracháin idir Ballstáit

1.   Déanfaidh na Ballstáit pointe teagmhála náisiúnta a ainmniú a bheidh freagrach as malartú faisnéise leis na Ballstáit eile i dtaca le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí a bpointí teagmhála náisiúnta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún faoin 4 Nollaig 2011. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála go léir a chur le chéile agus cuirfidh sé an liosta sin ar aghaidh chuig na Ballstáit.

2.   Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát i ndlúthchomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach agus aon fhaisnéis ábhartha eile dá chéile gan mhoill chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a éascú.

3.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú faoi chiontuithe agus pionóis maidir le sáruithe tromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 6(2). Ballstát a gheobhaidh fógra faoi shárú tromchúiseach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) ar tháinig ciontú nó pionós i mBallstát eile dá thoradh le linn an 2 bhliain roimhe sin, déanfaidh sé an sárú sin a thaifeadadh ina chlár náisiúnta leictreonach.

4.   Freagróidh na Ballstáit na hiarrataí ar fhaisnéis ó údaráis inniúla uile Bhallstáit eile agus déanfaidh siad seiceálacha, cigireachtaí agus imscrúduithe a bhaineann le comhlíonadh an cheanglais a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) ag oibreoirí iompair de bhóthar atá bunaithe ina gcríoch. Féadfar a áireamh sna hiarrataí sin ar fhaisnéis rochtain ar dhoiciméid a cheanglaítear chun a chruthú gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5. Aon iarrataí ar fhaisnéis a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát, beidh údar cuí leo agus beidh siad réasúnaithe. Chun na críche sin, áireofar le hiarrataí léirithe inchreidte ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar phointe (a) d’Airteagal 3(1), cuirfear cuspóir na hiarrata in iúl, agus léireofar le mionsonraí leordhóthanacha an fhaisnéis agus na doiciméid atá á n-iarraidh acu.

5.   Tíolacfaidh na Ballstáit an fhaisnéis arna hiarraidh ag Ballstáit eile de bhun mhír 4 laistigh de 30 lá oibre tar éis dóibh an iarraidh a fháil. Féadfar teorainn ama níos giorra a chomhaontú go frithpháirteach idir na Ballstáit.

6.   I gcás ina measfaidh an Ballstát iarrtha nach bhfuil an iarraidh réasúnaithe go leor, cuirfidh sé an Ballstát iarrthach ar an eolas dá réir laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil. Tabharfaidh an Ballstát iarrthach bunús breise leis an iarraidh. I gcás nach féidir leis an mBallstát iarrthach bunús breise a thabhairt leis an iarraidh, féadfaidh an Ballstát iarrtha an iarraidh sin a dhiúltú.

7.   I gcás inar deacair iarraidh ar fhaisnéis a chomhlíonadh nó seiceálacha, cigireachtaí nó imscrúduithe a dhéanamh, cuirfidh an Ballstát iarrtha an Ballstát iarrthach ar an eolas dá réir laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil, agus tabharfaidh sé cúiseanna ina thaobh. Beidh plé ag na Ballstáit lena mbaineann d’fhonn réiteach a fháil maidir le haon deacracht a thagann chun cinn. I gcás ina mbeidh moill leanúnach ann agus faisnéis á cur ar fáil don Bhallstát iarrthach, cuirfear an Coimisiún ar an eolas agus déanfaidh sé na bearta iomchuí.

8.   Déanfar an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 3 tríd an gcóras malartaithe teachtaireachtaí, eadhon an Clár Eorpach de Ghnóthais Iompair de Bhóthar (ERRU) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1213/2010 ón gCoimsiúin (*2). Déanfar an comhar riaracháin agus an cúnamh frithpháirteach idir údaráis inniúla na mBallstát dá bhforáiltear i míreanna 4 go 7 a chur chun feidhme trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). Chun na críche sin, féadfaidh gach Ballstát an pointe teagmhála dá dtagraítear i mír 1 a ainmniú mar an t-údarás inniúil agus cuirfidh siad sin in iúl don Choimisiún trí IMI.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirfear ar fáil dóibh de bhun an Airteagail seo ach maidir leis an ábhar/na hábhair ar iarradh í ina leith. Aon phróiseáil a dhéanfar ar shonraí pearsanta, is chun críoch choinníollacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh amháin a dhéanfar í agus beidh an phróiseáil sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

10.   Cuirfear comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach ar fáil saor in aisce.

11.   Ní chuirfidh iarraidh ar fhaisnéis bac ar na húdaráis inniúla beartais a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha agus le dlí ábhartha an Aontais chun sáruithe líomhainte ar an Rialachán seo a imscrúdú agus a chosc.

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 1213/2010 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2010 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le hidirnascadh na gclár náisiúnta leictreonach ar ghnóthais iompair de bhóthar (IO L 335, 18.12.2010, lch. 21)."

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1)."

(*4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).”;"

(14)

in Airteagal 23, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“De mhaolú ar Airteagal 1(2), go dtí an 21 Bealtaine 2022, aon ghnóthas tarlaithe de bhóthar atá rannpháirteach in oibríochtaí iompair idirnáisiúnta amháin trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe incheadaithe ná 3,5 tonna, agus beidh na gnóthais sin díolmhaithe ó fhorálacha an Rialacháin seo mura bhforáiltear a mhalairt i ndlí an Bhallstáit bhunaíochta.

De mhaolú ar Airteagal 16(2), beidh feidhm ag an gceanglas chun grádú riosca na ngnóthas a áireamh sna cláir náisiúnta leictreonacha ó 14 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme maidir le foirmle choiteann chun an rátáil riosca dá dtagraítear dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir 2006/22/CE a ríomh.”;

(15)

scriostar Airteagal 24;

(16)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 24a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 20 Lúnasa 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(9) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*5).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar faoi Airteagal 8(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(17)

leasaítear Airteagal 25 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí lenar féidir le Ballstáit feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a rialú (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”;

(18)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Tuairisciú agus athbhreithniú”;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

líon na n-údaruithe a deonaíodh faoin Rialachán seo, de réir bliana agus de réir cineáil, líon na n-údaruithe a fionraíodh, líon na n-údaruithe a tarraingíodh siar, líon na ndearbhuithe mí-oiriúnachta mar aon leis na cúiseanna a bhí leis na cinntí sin. Áireofar i dtuarascálacha a bhaineann leis an tréimhse tar éis an 21 Bealtaine 2022 miondealú ar na gnéithe sin de réir:

(i)

oibreoirí iompair paisinéirí de bhóthar;

(ii)

oibreoirí tarlaithe de bhóthar a úsáideann go heisiach mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí nach mó a mais ualaithe incheadaithe ná 3,5 tonna; agus

(iii)

gach oibreoir tarlaithe de bhóthar eile;”;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“3.   Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach dara bliain maidir leis na hiarrataí atá déanta acu faoi Airteagal 18(4) go (9), na freagraí a fuair siad ó Bhallstáit eile agus na gníomhaíochtaí atá déanta acu ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh.

4.   Faoin 21 Lúnasa 2023, ar bhonn na faisnéise arna bailiú ag an gCoimisiún faoi mhír 3 agus ar bhonn tuilleadh fianaise, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mhionsonraithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar mhéid an chomhair riaracháin idir na Ballstáit, ar aon easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis sin agus ar bhealaí a d’fhéadfaí an comhar a fheabhsú. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh sé measúnú arís an gá bearta breise a mholadh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo faoin 21 Lúnasa 2023 agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

6.   Mar thoradh ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta ar an Treoir seo agus cuirfidh sé na torthaí meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

7.   I gcás inarb iomchuí, beidh tograí ábhartha ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6.”;

(19)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

cuiretar an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Sáruithe is tromchúisí chun críoch airteagal 6(2)”;

(b)

i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

dul 50 % nó níos mó thar an uasteorainn tiomána laethúil le linn tréimhse laethúla oibre.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Gan tacagraf agus/nó sriantóir luais a bheith feistithe nó gaireas calaoiseach lena ndéantar taifid an trealaimh taifeadta agus/nó an tsriantóra luais a mhodhnú a bheith san fheithicil agus/nó úsáid a bhaint as, nó bileoga taifeadta nó sonraí a íoslódáiltear ón tacagraf agus/nó an cárta tiomána a fhalsú.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, leasaítear mír 5 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

go dtí an 20 Bealtaine 2022: iompar earraí i bhfeithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 3,5 tonna;”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(ca)

ón 21 Bealtaine 2022: iompar earraí i bhfeithiclí nach mó a mais ualaithe ceadaithe ná 2,5 tonna;”;

(2)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 2, scriostar an tríú fomhír;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Beidh an ceadúnas Comhphobail agus na fíorchóipeanna deimhnithe i gcomhréir leis an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ina leagtar síos freisin na coinníollacha lena rialaítear a úsáid. Beidh ar a laghad dhá cheann de na gnéithe slándála a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu.

I gcás feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar, nach mó ná 3,5 tonna a mais ualaithe ceadaithe agus a gcuirtear na ceanglais airgeadais níos ísle arna mbunú sa dara fomhír d’Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 i bhfeidhm ina leith, scríobhfaidh an t-údarás eisiúna sa roinn ‘nótaí sonracha’ den cheadúnas Comhphobail, nó den chóip dhílis dheimhnithe de: ‘≤ 3,5 t’.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14b chun Iarscríbhinní I agus II a leasú chun go n-oiriúnófar iad don dul chun cinn teicniúil.”;

(3)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14b chun Iarscríbhinn III a leasú d’fhonn í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

(4)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Ní cheadaítear do tharlóirí oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh sa Bhallstát céanna leis an bhfeithicil chéanna, nó más de chónasc cúpláilte í an fheithicil, leis an mótarfheithicil den fheithicil chéanna sin, laistigh de 4 lá ó dheireadh na hoibríochta cabatáiste sa Bhallstát sin.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Ní mheastar seirbhísí tarlaithe de bhóthar náisiúnta arna ndéanamh sa Bhallstát óstach ag tarlóir neamhchónaitheach a bheith ag cloí leis an Rialachán seo ach amháin má tá an tarlóir in ann fianaise shoiléir a thabhairt faoin iompar idirnáisiúnta a rinneadh roimhe agus faoi gach oibríocht chabatáiste a rinneadh as a chéile. Más rud é go raibh an fheithicil ar chríoch an Bhallstáit óstaigh laistigh de thréimhse 4 lá roimh an iompar idirnáisiúnta, cuirfidh an tarlóir fianaise shoiléir ar fáil maidir leis na hoibríochtaí ar fad a rinneadh le linn na tréimhse sin.”;

(c)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4a.   Déanfar an fhianaise dá dtagraítear i mír 3 a chuir faoi bhráid oifigeach údaraithe cigireachta an Bhallstáit óstaigh nó a tharchur chuige arna iarraidh sin agus le linn na seiceála cois bóthair. Féadfar í a chuir faoina bhráid nó a tharchur chuige go leictreonach, trí úsáid formáid struchtúrtha is féidir a athbhreithniú agus is féidir a úsáid go díreach le haghaidh stórála agus próiseála ar ríomhairí, amhail nóta coinsíneachta leictreonach (e-CMR) faoi Phrótacal Breise na Ginéive a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an gConradh maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) a bhaineann le Nóta Coinsíneachta Leictreonach an 20 Feabhra 2008. Le linn na seiceála cois bóthair, ceadófar don tiománaí dul i dteagmháil leis an gceannoifig, leis an mbainisteoir iompair nó le haon duine nó eintiteas eile chun fianaise ar bith dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil roimh dheireadh na seiceála cois bóthair.”;

(d)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

“5.   Maidir le haon tarlóir atá i dteideal, sa Bhallstát bunaíochta, na hoibríochtaí tarlú de bhóthar a dhéanamh ar fruiliú nó ar luaíocht, arna sonrú i bpointí (a) go (ca) d’Airteagal 1(5) i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin, ceadaítear dóibh, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo, oibríochtaí cabatáiste den chineál céanna nó oibríochtaí cabatáiste le feithiclí sa chatagóir chéanna, de réir mar a bheidh, a chur i gcrích.”;

(5)

leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Scrúdóidh an Coimisiún an staid, ar bhonn na sonraí ábhartha go háirithe agus, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste arna bhunú de bhun Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) cinnfidh sé laistigh de mhí ón iarratas a fháil ón mBallstát cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le bearta coimirce agus, más gá leo, glacfaidh sé iad.

(*7)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   Féadfaidh na Ballstáit, sa bhreis ar an méid a fhoráiltear i míreanna 1 go 6 den Airteagal seo agus de mhaolú ar Airteagal 4 de Threoir 92/106/CEE, i gcás inar gá chun mí-úsáid na forála deireanaí sin a sheachaint trí sheirbhísí neamhtheoranta agus leanúnacha a sholáthar arb é atá iontu céimeanna bóthair tosaigh nó deiridh laistigh de Bhallstát óstach atá mar chuid d’oibríochtaí iompair chomhcheangailte idir na Ballstáit, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh feidhm ag Airteagal 8 den Rialachán seo maidir le tarlóirí i gcás ina ndéanann siad céimeanna bóthair tosaigh agus/nó deiridh den sórt sin laistigh den Bhallstát sin. Maidir le céimeanna tarlaithe de bhóthar den sórt sin, féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh do thréimhse atá níos faide ná an tréimhse 7 lá dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) den Rialachán seo agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh do thréimhse níos giorra ná an tréimhse 4 lá dá dtagraítear in Airteagal 8(2a) den Rialachán seo. Beidh cur i bhfeidhm Airteagal 8(4) den Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iompair den sórt sin gan dochar do na ceanglais a eascraíonn as Treoir 92/106/CEE. Tabharfaidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as an maolú dá bhforáiltear sa mhír seo fógra ina leith don Choimisiún sula gcuirfidh siad a mbearta náisiúnta ábhartha i bhfeidhm. Déanfaidh siad athbhreithniú ar na bearta sin gach 5 bliana agus tabharfaidh siad fógra faoi thorthaí an athbhreithnithe sin don Choimisiún. Déanfaidh siad na rialacha, lena n-áirítear fad na dtréimhsí faoi seach, a chur ar fáil go poiblí ar bhealach trédhearcach.”;

(6)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 10a

Seiceálacha

1.   Chun na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chaibidil seo a fhorfheidhmiú tuilleadh, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear straitéis forfheidhmithe náisiúnta chomhleanúnach i bhfeidhm ar a gcríoch. Sa straitéis sin díreofar ar ghnóthais lena mbaineann rátáil ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go n-áireofar seiceáil ar oibríochtaí cabatáiste, i gcás inarb ábhartha, ar na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Threoir 2006/22/CE.

3.   Ar a laghad dhá uair sa bhliain, déanfaidh na Ballstáit seiceálacha comhbheartaithe cois bóthair ar oibríochtaí cabatáiste. Déanfar na seiceálacha ag an am céanna ag na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar rialacha i réimse iompar de bhóthar a fhorfheidhmiú i dhá Bhallstát nó níos mó, gach údarás náisiúnta acu ag feidhmiú ar a gcríoch féin. Féadfaidh Ballstáit na gníomhaíochtaí sin a chomhcheangal leis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Threoir 2006/22/CE. Maidir leis na pointí teagmhála náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, déanfaidh siad faisnéis a mhalartú maidir le líon agus cineál na sáruithe arna mbrath i ndiaidh na seiceálacha comhbheartaithe cois bóthair.

(*8)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Threoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).”;"

(7)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 14a

Dliteanas

Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí i gcoinne coinsíneoirí, seoltóirí lasta, conraitheoirí agus fochonraitheoirí mura gcomhlíonann siad Caibidlí II agus III, i gcás inarbh eol dóibh, nó, i bhfianaise na gcúinsí ábhartha uile inar cheart gurbh eol dóibh, go mbaineann sáruithe ar an Rialachán seo leis na seirbhísí iompair atá coimisiúnaithe acu.

Airteagal 14b

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus Airteagal 5(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 20 Lúnasa 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus Airteagal 5(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*9).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar faoi Airteagail 4(4) agus 5(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(8)

scriostar Airteagal 15;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Airteagal 17

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Faoin 31 Márta gach dara bliain, ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún líon na dtarlóirí a raibh ceadúnais Chomhphobail ina seilbh acu an 31 Nollaig an 2 bhliain roimhe sin agus líon na bhfíorchóipeanna deimhnithe a fhreagraíonn do na feithiclí a bhí i gcúrsaíocht an dáta sin. Áiritheofar i dtuarascálacha a thagraíonn don tréimhse tar éis an 20 Bealtaine 2022 miondealú ar na gnéithe sin de réir na n-oibreoirí tarlaithe de bhóthar atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta amháin trí bhíthin feithiclí nach mó ná 3,5 tonna a mais ualaithe ceadaithe agus de réir na n-oibreoirí tarlaithe de bhóthar eile.

2.   Faoin 31 Márta gach dara bliain, ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún líon na bhfianuithe tiománaithe arna n-eisiúint chuig tiománaithe an 2 bhliain féilire roimhe sin maille le líon iomlán na bhfianuithe tiománaithe a bhí i gcúrsaíocht an 31 Nollaig an 2 bhliain roimhe sin. Áiritheofar i dtuarascálacha a thagraíonn don tréimhse tar éis an 20 Bealtaine 2022 miondealú ar na gnéithe sin de réir na n-oibreoirí tarlaithe de bhóthar atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta amháin trí bhíthin feithiclí nach mó ná 3,5 tonna a mais ualaithe ceadaithe, agus de réir na n-oibreoirí tarlaithe de bhóthar eile.

3.   Faoin 21 Lúnasa 2022, ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit a straitéis forfheidhmithe náisiúnta arna glacadh de bhun Airteagal 10a ar aghaidh chuig an gCoimisiúin. Faoin 31 Márta gach bliain, ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na hoibríochtaí forfheidhmithe a rinneadh sa bhliain féilire roimhe sin de bhun Airteagal 10a, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, líon na seiceálacha a rinneadh. Beidh líon na bhfeithiclí a ndearnadh seiceáil orthu san fhaisnéis sin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le staid mhargadh iompar de bhóthar an Aontais roimh an 21 Lúnasa 2024. Sa tuarascáil sin beidh anailís ar staid an mhargaidh, lena n-áirítear meastóireacht ar éifeachtacht rialuithe agus ar éabhlóid coinníollacha fostaíochta sa ghairm.

5.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe tionchar na leasuithe ar Airteagal 8 a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10), faoin 21 Lúnasa 2023 agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

6.   Mar thoradh ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé na torthaí meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

7.   I gcás inarb iomchuí, beidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6.

(*10)  Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí in earnáil an iompair de bhóthar (IO L 249, 31.7.2020, lch 17).”."

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“15.

Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (*11): Airteagal 18(8).

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Feabhra 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Iúil 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. KLOECKNER


(1)  IO C 197, 8.6.2018, lch. 38.

(2)  IO C 176, 23.5.2018, lch. 57.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2020 (IO C 153, 7.5.2020, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(7)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus Treoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar, agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).

(10)  Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).


31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

33


RIALACHÁN (AE) 2020/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2020

maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, agus Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá éifeachtacht an iompair agus na lóistíochta lastais ríthábhachtach d’iomaíochas gheilleagar an Aontais agus don fhás a thiocfaidh air, d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus do chomhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch gach réigiúin de chuid an Aontais.

(2)

Is é is aidhm don Rialachán seo digitiú iompair agus lóistíochta lastais a spreagadh chun costais riaracháin a laghdú, cumas forfheidhmiúcháin na n-údarás inniúil a fheabhsú, agus éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht an iompair a fheabhsú.

(3)

Maidir le gluaiseacht earraí, lena n-áirítear dramhaíl, déantar méid mór faisnéise a mhalartú, agus é sin ar pháipéar go fóill, i measc gnóthaí, agus idir gnóthaí agus údaráis inniúla. Is ualach suntasach riaracháin ar oibreoirí lóistíochta doiciméid pháipéir a úsáid agus is costas breise é ar oibreoirí lóistíochta agus tionscail ghaolmhara (amhail trádáil agus monarú), go háirithe ar FBManna, agus bíonn tionchar diúltach aige ar an gcomhshaol.

(4)

Meastar gur de bharr gan aon chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a bheith ann ar leibhéal an Aontais lena gceanglófaí ar údaráis inniúla glacadh le faisnéis ábhartha iompair lastais, arna ceangal le reachtaíocht, i bhfoirm leictreonach, an phríomhchúis leis an easpa dul chun cinn i dtreo an tsimplithe agus na héifeachtachta níos mó a bheadh ann dá mbeadh modh leictreonach ar fáil. Dá nglacfadh údaráis inniúla le faisnéis i bhfoirm leictreonach lena raibh sonraíochtaí comhchoiteanna, ní hamháin gurbh fhusa an chumarsáid idir na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí eacnamaíocha ach, go hindíreach, b’fhusa freisin cumarsáid leictreonach aonfhoirmeach shimplithe idir gnó amháin agus gnó eile a fhorbairt ar fud an Aontais. Bheadh coigilteas suntasach ar chostais riaracháin ann freisin d’oibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe do FBManna, a dhéanann suas tromlach mór na gcuideachtaí iompair agus lóistíochta laistigh den Aontas.

(5)

I roinnt réimsí de dhlí iompair an Aontais, ceanglaítear ar údaráis inniúla glacadh le faisnéis dhigitithe, ach ní bhaineann sé sin le gníomhartha dlí ábhartha uile an Aontais ná baol air. Ba cheart go bhféadfaí úsáid a bhaint as modh leictreonach chun faisnéis rialála faoi iompar earraí a chur ar fáil d’údaráis inniúla ar fud chríoch an Aontais maidir le gach céim ábhartha d’oibríochtaí iompair a dhéantar laistigh den Aontas. Lena chois sin, ba cheart feidhm a bheith ag an bhféidearthacht sin maidir leis an bhfaisnéis rialála ar fad, agus maidir le gach modh iompair.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar údaráis inniúla glacadh le faisnéis a chuirtear ar fáil go leictreonach i gcás ina mbíonn oibleagáid ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a chur ar fáil mar fhianaise go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais arna gcumhdach ag an Rialachán seo, á gcomhlíonadh. Ina theannta sin, ba cheart a chumhdach leis an gceanglas sin faisnéis a iarrann na húdaráis mar fhaisnéis bhreise i gcomhréir le forálacha na ngníomhartha dlí sin de chuid an Aontais, mar shampla, nuair atá faisnéis áirithe ar iarraidh. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin freisin i gcás ina gceanglaítear le dlí náisiúnta go soláthraítear faisnéis rialála arb ionann í, go hiomlán nó i bpáirt, agus an fhaisnéis atá le cur ar fáil de bhun na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart d’údaráis iarracht a dhéanamh freisin cumarsáid leictreonach a dhéanamh leis na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann maidir leis an bhfaisnéis sin. Ba cheart cumarsáid den sórt sin a bheith gan dochar do na forálacha ábhartha de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais agus den dlí náisiúnta a bhaineann le bearta leantacha le linn seiceálacha faisnéise rialála nó ina ndiaidh. Maidir leis an oibleagáid atá ar údaráis inniúla glacadh le faisnéis a chuireann oibreoirí eacnamaíocha ar fáil go leictreonach, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin freisin aon uair a cheanglaítear le forálacha de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais nó dlí náisiúnta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faisnéis dá dtagraítear freisin i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha amhail na coinbhinsiúin lena rialaítear na conarthaí idirnáisiúnta iompair sna modhanna éagsúla iompair, mar shampla Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an gConradh maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar, an Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF), Rún 672 an Comhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta maidir le R-bhille Aeriompair, an Coinbhinsiún maidir le hAontú Rialacha Áirithe i dtaca le hIompar Idirnáisiúnta d’Aer (Coinbhinsiún Montréal) agus Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir leis an gConradh um Iompar Earraí ar Uiscebhealaí Intíre.

(7)

Ós rud é nach bhfuil sé beartaithe leis an Rialachán seo ach an soláthar faisnéise idir na hoibreoirí eacnamaíocha agus na húdaráis inniúla a éascú agus a spreagadh trí mhodh leictreonach, ba cheart é a bheith gan dochar d’fhorálacha de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais ná den dlí náisiúnta lena gcinntear ábhar na faisnéise rialála agus níor cheart, go háirithe, aon cheanglas breise um fhaisnéis rialála nó ceanglas breise teanga a fhorchur leis. Cé go bhfuil sé beartaithe leis an Rialachán seo go bhféadfar an ceanglas um fhaisnéis rialála a chomhlíonadh trí mhodh leictreonach seachas trí bhíthin doiciméid pháipéir, tá sé gan dochar don fhéidearthacht atá ag na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhaisnéis sin a chur i láthair i bhformáid páipéir, mar a fhoráiltear dó i bhforálacha ábhartha de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais nó sa dlí náisiúnta, agus ba cheart é a bheith gan dochar do cheanglais ábhartha de chuid an Aontais i ndáil leis na doiciméid is gá a úsáid chun an fhaisnéis a chur i láthair ar bhealach struchtúrtha. Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar, freisin, d’fhorálacha Rialacháin (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le nós imeachta maidir le loingsithe dramhaíola agus do na forálacha a thagraíonn do rialuithe atá le déanamh ag oifigí custaim. Lena chois sin, ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar do na forálacha maidir le hoibleagáidí tuairiscithe, lena n-áirítear i ndáil le hinniúlachtaí custaim nó le hinniúlachtaí údarás eile, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó i ngníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe a glacadh faoin Rialacháin sin nó i Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(8)

Is féidir costais riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú agus éifeachtúlacht údarás inniúil a fheabhsú trí mhodh leictreonach a úsáid chun faisnéis rialála a mhalartú. Bheadh ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar údaráis inniúla araon na bearta is gá a dhéanamh, le go bhféadfaí malartuithe leictreonacha a dhéanamh ar fhaisnéis rialála faoi iompar lastais (eFTI) i bhformáid atá meaisín-inléite trí ardáin atá bunaithe ar fhaisnéis agus cumarsáid teicneolaíochta (ardáin eFTI), lena n-áirítear an trealamh is gá a fháil. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, áfach, leanúint de bheith freagrach as faisnéis a sholáthar i bhformáid atá inléite ag an duine nuair a iarrann údaráis inniúla orthu go sonrach sin a dhéanamh chun go bhféadfadh údaráis inniúla a ndualgais a chomhlíonadh i gcásanna nach bhfuil rochtain ar ardán eFTI ar fáil.

(9)

Chun gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha faisnéis ábhartha a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach ar an dóigh chéanna i ngach Ballstát, is gá brath ar shonraíochtaí comhchoiteanna agus ba cheart don Choimisiún na sonraíochtaí comhchoiteanna sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa Rialachán seo.

(10)

Le sonraíochtaí comhchoiteanna, maidir le sainiú agus tréithe teicniúla na n-eilimintí sonraí, ba cheart idir-inoibritheacht sonraí a áirithiú trí thacar cuimsitheach amháin sonraí a bhunú a d’úsáidfí chun an fhaisnéis a chur in iúl go leictreonach. Ba cheart na heilimintí sonraí uile a chomhfhreagraíonn do na ceanglais faisnéise atá sna forálacha ábhartha de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais agus den dlí náisiúnta a bheith sa tacar cuimsitheach sonraí sin, i gcás nach n-áirítear gach eilimint sonraí atá coiteann do cheann amháin nó níos mó fothacar ach an t-aon uair amháin.

(11)

Le sonraíochtaí comhchoiteanna, ba cheart nósanna imeachta comhchoiteanna agus rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le rochtain ag údaráis inniúla ar an bhfaisnéis sin agus an phróiseáil a dhéanann siad uirthi, lena n-áirítear aon chumarsáid ghaolmhar idir údaráis inniúla agus na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, amhail iarrataí ar fhaisnéis bhreise, atá riachtanach chun gur féidir le húdaráis inniúla a n-inniúlachtaí forfheidhmithe rialála faoi seach a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de ghníomhartha dlí de chuid an Aontais agus an dlí náisiúnta.

(12)

Agus na sonraíochtaí comhchoiteanna sin á leagan síos, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na sonraíochtaí ábhartha um malartú sonraí a leagtar síos i ngníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais, agus atá sna caighdeáin ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le malartú sonraí, lena n-áirítear caighdeáin ilmhódacha na bprionsabal agus na moltaí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2017 dar teideal “An Creat Eorpach Idir-Inoibritheachta - Straitéis um Chur chun Feidhme”, ina soláthraítear cur chuige maidir le seachadadh seirbhísí poiblí digiteacha Eorpacha arna chomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit. Ina theannta sin, ba cheart cúram cuí a dhéanamh go mbeadh na sonraíochtaí seo i gcónaí neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus oscailte do theicneolaíochtaí nuálacha.

(13)

D’fhonn costais a íoslaghdú ar údaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíocha araon, d’fhéadfaí bunú pointí rochtana do na húdaráis inniúla a mheas. Is mar idirghabhálaithe idir na hardáin eFTI agus údaráis inniúla, agus mar sin amháin, a d’fheidhmeodh na pointí rochtana sin agus, dá bhrí sin, na sonraí eFTI a mbíonn an rochtain orthu á láimhseáil ag na pointí rochtana sin, níor cheart dóibh na sonraí sin a stóráil ná a phróiseáil ach amháin i gcás meiteashonraí a bhaineann le próiseáil sonraí eFTI, amhail logaí oibriúcháin atá riachtanach chun críoch faireacháin nó staidrimh. D’fhéadfadh Ballstáit a chomhaontú pointí rochtana comhpháirteacha a bhunú dá gcuid údarás inniúil faoi seach freisin.

(14)

Ba cheart, leis an Rialachán seo, na ceanglais fheidhmiúla is infheidhme a bhunú maidir le hardáin eFTI ar cheart d’oibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint astu chun an fhaisnéis rialála faoi iompar lastais a chur ar fáil d’údaráis inniúla i bhfoirm leictreonach chun na coinníollacha a chomhlíonadh le go mbeadh ceangal ar údaráis inniúla glacadh leis an bhfaisnéis sin, mar a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart ceanglais a bhunú chomh maith do sholáthraithe seirbhísí ardáin tríú páirtí (soláthraithe seirbhísí eFTI). Leis na ceanglais sin, ba cheart a áirithiú, go sonrach, nach féidir sonraí eFTI ar fad a phróiseáil ach amháin i gcomhréir le córas cuimsitheach cearta-bhunaithe um rialú rochtana lena sanntar feidhmiúlachtaí, gur féidir rochtain láithreach a bheith ag gach údarás inniúil ar na sonraí sin i gcomhréir lena n-inniúlachtaí forfheidhmithe rialála faoi seach, gur cheart próiseáil sonraí pearsanta trí mhodh leictreonach, ar sonraí iad a éilítear mar chuid den fhaisnéis rialála faoi iompar lastais, a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus nuair a bhíonn faisnéis tráchtála íogair á próiseáil, go ndéantar an phróiseáil sin ar bhealach ina n-urramaítear rúndacht na faisnéise sin.

(15)

Ba cheart don Choimisiún sonraíochtaí a ghlacadh maidir leis na ceanglais fheidhmiúla maidir le hardáin eFTI. Agus na sonraíochtaí sin á nglacadh ag an gCoimisiún, ba cheart dó féachaint le hidir-inoibritheacht ardáin eFTI a áirithiú, chun malartú sonraí idir na hardáin sin a éascú agus chun deis a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha an t-ardán eFTI is rogha leo a úsáid. Chun cur chun feidhme a éascú agus na costais a íoslaghdú, ba cheart don Choimisiún na réitigh theicniúla ábhartha agus na caighdeáin arna n-úsáid ag córais TFC atá ann cheana a chur san áireamh freisin. Ag an am céanna, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh na sonraíochtaí sin fós neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a mhéid is féidir, chun nuálaíocht leanúnach a spreagadh agus chun gaibhniú teicneolaíochta a sheachaint.

(16)

Chun muinín na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na n-údarás inniúil araon a fhorbairt maidir le comhlíonadh na gceanglas feidhmiúil sin ag ardáin eFTI agus ag soláthraithe seirbhísí eFTI, ba cheart do na Ballstáit córas deimhniúcháin a chur i bhfeidhm a mbeadh taca curtha faoi ag creidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Chun leas a bhaint as na tairbhí deimhnithe, moltar do sholáthraithe córas TFC atá in úsáid cheana a áirithiú go gcomhlíonann na córais sin na ceanglais maidir le hardáin eFTI a leagtar síos sa Rialachán seo a lorg, agus iarratas a dhéanamh ar dheimhniú. Ba cheart go ndéanfaí an deimhniú ar chórais TFC gan mhoill.

(17)

A bhuí le hardáin eFTI a úsáid, tugtar ráthaíochtaí d’oibreoirí eacnamaíocha go nglacfar le faisnéis rialála agus tugtar rochtain iontaofa shlán ar an bhfaisnéis sin d’údaráis inniúla. Mar sin féin, d’ainneoin na hoibleagáide ar gach údarás inniúil glacadh leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil trí ardán eFTI deimhnithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart go bhféadfaí úsáid a bhaint as córais TFC eile má roghnaíonn an Ballstát déanamh amhlaidh. Ag an am céanna, níor cheart de thoradh an Rialacháin seo cosc a chur ar úsáid ardáin eFTI idir gnó amháin agus gnó eile, nó cosc a chur ar fheidhmiúlachtaí breise ar ardáin eFTI, ar choinníoll nach ndéanann sé sin difear dochrach do phróiseáil na faisnéise rialála a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha i dtaca le cur chun feidhme na hoibleagáide glacadh le faisnéis rialála a chuirtear ar fáil i bhfoirm leictreonach de bhun an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Go sonrach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun nósanna imeachta comhchoiteanna agus rialacha mionsonraithe a bhunú d’údaráis inniúla maidir le rochtain a fháil agus próiseáil a dhéanamh ar an bhfaisnéis rialála sin i gcás ina gcuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhaisnéis sin ar fáil go leictreonach, lena n-áirítear rialacha mionsonraithe agus sonraíochtaí teicniúla, chun rialacha sonraíochtaí mionsonraithe a bhunú le haghaidh chur chun feidhme na gceanglas maidir le hardáin eFTI agus soláthraithe seirbhísí eFTI. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(19)

Chun cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le Cuid A d’Iarscríbhinn I a leasú, chun aon ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún agus lena mbunaítear ceanglais nua an Aontais um fhaisnéis rialála i dtaca le hiompar earraí a chur san áireamh; agus i ndáil le Cuid B d’Iarscríbhinn I a leasú, chun liostaí na gceanglas um fhaisnéis rialála i ndlí náisiúnta dar thug na Ballstáit fógra don Choimisiún ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur san áireamh, agus chun aon fhoráil nua den dlí náisiúnta ábhartha a chur san áireamh lena dtugtar isteach athruithe ar na ceanglais náisiúnta um fhaisnéis rialála, nó lena leagtar síos ceanglais nua ábhartha um fhaisnéis rialála a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus dar thug na Ballstáit fógra don Choimisiún ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo; agus i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thacar comhchoiteann sonraí agus fothacair chomhchoiteanna sonraí a bhunú agus a leasú i ndáil leis na ceanglais ábhartha um fhaisnéis rialála a chumhdaítear leis an Rialachán seo; agus trí ghnéithe teicniúla áirithe den Rialachán seo a chomhlánú, is é sin maidir leis na rialacha i ndáil le deimhniú agus úsáid mharc deimhniúcháin na n-ardán eFTI agus i ndáil le deimhniú agus úsáid mharc deimhniúcháin na soláthraithe seirbhísí eFTI. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9).

Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach maidir le forbairt agus ullmhú na ngníomhartha sin go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach sna fóraim iomchuí, amhail an grúpa saineolaithe a bunaíodh le Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2018 ina gcuirtear ar bun “an Fóram Digiteach Iompair agus Lóistíochta”.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon cur chuige aonfhoirmeach a áirithiú maidir le glacadh ag údaráis inniúla le faisnéis faoi iompair lastais a chuirtear ar fáil go leictreonach agus, de bharr an ghá atá le ceanglais chomhchoiteanna a bhunú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)

Ba cheart an próiseáil sonraí pearsanta trí mhodhanna leictreonacha a bhfuil gá leis mar chuid den fhaisnéis rialála maidir le hiompair lasta a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(22)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart faisnéis a bhailiú chun bonn eolais a chur faoin meastóireacht sin, agus chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Rialacháin seo i gcoinne an cuspóir atá á shaothrú léi.

(23)

Ar mhaithe le forfheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil, ní mór rochtain dhíreach agus fíor-ama a bheith ag gach údarás inniúil ar fhaisnéis rialála ábhartha i bhfoirm leictreonach. Chuige sin, agus i gcomhréir leis an bprionsabal “digiteach mar réamhshocrú”, mar a luadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2016 dar teideal “Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016-2020 – Dlús a chur le claochlú digiteach rialtais”, ba cheart tús áite a thabhairt d’úsáid an mhodha leictreonaigh chun faisnéis rialála a mhalartú idir na hoibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thionscnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann d’fhonn oibleagáid a bhunú ar oibreoirí eacnamaíocha modh leictreonach a úsáid chun faisnéis rialála a chur ar fáil d’údaráis inniúla. Ba cheart don Choimisiún tionscnaimh chomhfhreagracha a mholadh, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán seo agus ar ghníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais. D’fhonn feabhas a chur ar chumas forfheidhmiúcháin na n-údarás inniúla agus d’fhonn costais a íoslaghdú ar na húdaráis inniúla agus ar na hoibreoirí eacnamaíocha araon, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh freisin ar bhearta breise amhail idir-inoibritheacht fheabhsaithe chórais agus ardáin TFC agus pointe rochtana comhchoiteann ar na córais agus na hardáin sin a úsáidtear chun faisnéis rialála a thaifeadadh agus a phróiseáil dá bhforáiltear i ndlí éagsúil iompair de chuid an Aontais.

(24)

Ní féidir an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go héifeachtúil go dtí go gcuirfear na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá bhforáiltear ann i bhfeidhm. Ar an gcúis sin, tá oibleagáid dhlíthiúil ar an gCoimisiún na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme sin a ghlacadh agus ba cheart dó tosú láithreach ag obair orthu chun a áirithiú go nglacfar na sonraíochtaí ábhartha go tráthúil, i gcás inar féidir, roimh na spriocdhátaí faoi seach a leagtar síos sa Rialachán seo. Is den riachtanas é na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme sin a ghlacadh go tráthúil chun go mbeidh go leor ama ag na Ballstáit agus ag na hoibreoirí eacnamaíocha na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhsí cur i bhfeidhm éagsúla sa Rialachán seo a leagan amach dá réir.

(25)

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart oibleagáid na mBallstát fógra a thabhairt, faoin Rialachán seo, a dhéanamh laistigh de 1 bhliain ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, chun gur féidir leis an gCoimisiún an chéad ghníomh tarmligthe de bhun an Rialacháin seo, a ghlacadh go tráthúil.

(26)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat dlíthiúil maidir le faisnéis rialála a chur in iúl go leictreonach idir oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus údaráis inniúla i ndáil le hiompar earraí ar chríoch an Aontais.

Chun na críche sin, déantar an méid seo a leanas leis an Rialachán:

(a)

leagtar síos leis na coinníollacha ar bunaithe orthu go gceanglaítear ar údaráis inniúla glacadh le faisnéis rialála nuair a chuireann na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an fhaisnéis sin ar fáil go leictreonach;

(b)

leagtar síos leis rialacha le haghaidh soláthar seirbhísí a bhaineann le faisnéis rialála a chur ar fáil go leictreonach d’údaráis inniúla ag na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar amach i:

(i)

Airteagal 6(1) de Rialachán CEE ón gComhairle Uimh. 11 (11);

(ii)

Airteagal 3 de Threoir 92/106/CEE ón gComhairle (12);

(iii)

Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

(iv)

pointe (c) d’Airteagal 16 agus Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006; tá an Rialachán seo gan dochar do rialuithe ag oifigí custaim, dá bhforáiltear sna forálacha ábhartha de ghníomhartha dlí an Aontais;

(v)

Caibidil 5.4 de Chuid 5 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR) a cuireadh i gcrích sa Ghinéiv an 30 Meán Fómhair 1957, dá dtagraítear i Roinn I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14); Caibidil 5.4 de Chuid 5 de na Rialacháin maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), atá mar Aguisín C a ghabhann le COTIF a cuireadh i gcrích ag Vilnias an 3 Meitheamh 1999, dá dtagraítear i Roinn II.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin; agus Caibidil 5.4 de Pháirt 5 de na Rialacháin atá i gceangal leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN), a cuireadh i gcrích sa Ghinéiv an 26 Bealtaine 2000, dá dtagraítear i Roinn III.1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin;

(b)

na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe nó i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun gníomh dlí de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo nó de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) nó de bhun Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Liostófar na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme i gcuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

na ceanglais um fhaisnéis rialála a leagtar amach sna forálacha den dlí náisiúnta a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Faoin 21 Lúnasa 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi fhorálacha an dlí náisiúnta agus na ceanglais chomhfhreagracha um fhaisnéis rialála ina gceanglaítear go soláthraítear faisnéis atá comhionann, go hiomlán nó i bpáirt, leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil de bhun na gceanglas um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1.

De bhun an fhógra sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le haon fhorálacha sa dlí náisiúnta:

(a)

lena dtugtar isteach athruithe ar na ceanglais um fhaisnéis mar a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I; nó

(b)

lena leagtar síos ceanglais nua ábhartha um fhaisnéis rialála lena gceanglaítear soláthar faisnéise atá comhionann, go hiomlán nó i bpáirt, leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil de bhun na gceanglas um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1.

Cuirfidh na Ballstáit na fógraí sin in iúl laistigh de 1 mhí ó ghlacadh na bhforálacha sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14, lena leasaítear:

(a)

Cuid A d’Iarscríbhinn I d’fhonn tagairtí a ionchorprú d’aon cheanglais um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo;

(b)

Cuid B d’Iarscríbhinn I d’fhonn tagairtí a chuimsiú nó a scriosadh do dhlí náisiúnta agus do cheanglais um fhaisnéis rialála i gcomhréir leis na fógraí a dhéantar de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “faisnéis rialála” faisnéis, bíodh sí curtha i láthair i bhfoirm doiciméid nó ná bíodh, a bhaineann le hiompar earraí ar chríoch an Aontais, lena n-áirítear earraí ar idirthuras, nach mór d’oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann a chur ar fáil i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 2(1) chun comhlíonadh cheanglais ábhartha na ngníomhartha lena leagtar síos na forálacha sin a chruthú;

(2)

ciallaíonn “ceanglas um fhaisnéis rialála” ceanglas faisnéis rialála a chur ar fáil;

(3)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile atá inniúil chun cúraimí a chomhlíonadh, amhail comhlíonadh ar chríoch Ballstáit a sheiceáil, a fhorfheidhmiú, a bhailíochtú nó faireachán a dhéanamh air, de bhun na ngníomhartha dlí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus ag a bhfuil rochtain ar an bhfaisnéis rialála ag teastáil maidir leis na cúraimí sin a dhéanamh;

(4)

ciallaíonn “faisnéis leictreonach faoi iompar lastais” nó “eFTI” tacar eilimintí sonraí a phróiseáiltear trí mhodh leictreonach chun críocha faisnéis rialála a mhalartú i measc na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus idir na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus na húdaráis inniúla;

(5)

ciallaíonn “fothacar sonraí eFTI” tacar eilimintí sonraí struchtúrtha a chomhfhreagraíonn don fhaisnéis rialála a cheanglaítear de bhun ghníomh dlí sonrach de chuid an Aontais nó de bhun dlí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 2(1);

(6)

ciallaíonn “tacar comhchoiteann sonraí eFTI” tacar cuimsitheach na n-eilimintí sonraí struchtúrtha a chomhfhreagraíonn do gach fothacar sonraí eFTI, i gcás nach gcuimseofar ach aon uair amháin na heilimintí sonraí is coiteann d’fhothacair éagsúla eFTI;

(7)

ciallaíonn “eilimint sonraí” an t-aonad faisnéise is lú a bhfuil sainiú uathúil agus tréithe teicniúla beachta aige ar nós formáide, faid agus cineáil saintréithe;

(8)

ciallaíonn “próiseáil” oibríocht nó sraith oibríochtaí a fheidhmítear ar eFTI, trí mhodhanna uathoibrithe nó modhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó mionathrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, scaipeadh nó trí eFTI a chur ar fáil ar shlí eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, glanadh nó scriosadh;

(9)

ciallaíonn “loga oibriúcháin” taifead uathoibrithe an phróiseáil leictreonach eFTI;

(10)

ciallaíonn “ardán eFTI” réiteach bunaithe ar an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), amhail córas oibriúcháin, timpeallacht oibriúcháin, nó bunachar sonraí, a bheartaítear a úsáid chun eFTI a phróiseáil;

(11)

ciallaíonn “forbróir ardán eFTI” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil ardán eFTI forbartha nó faighte acu chun críocha faisnéis rialála a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch féin a phróiseáil nó chun an t-ardán sin a chur ar an margadh;

(12)

ciallaíonn “seirbhís eFTI” seirbhís lena ndéantar próiseáil eFTI trí ardán eFTI, as féin nó i gcomhcheangal le réitigh TFC eile, lena n-áirítear ardáin eFTI eile;

(13)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí eFTI”- aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís eFTI do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar bhonn conartha;

(14)

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann” oibreoir iompair nó lóistíochta, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile, atá freagrach as faisnéis rialála a chur ar fáil d’údaráis inniúla lena mbaineann i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha um fhaisnéis rialála;

(15)

ciallaíonn “formáid atá inléite ag an duine” bealach chun na sonraí a léiriú i bhfoirm leictreonach ar féidir le duine nádúrtha a úsáid mar fhaisnéis gan tuilleadh próiseála a bheith de dhíth;

(16)

ciallaíonn “formáid atá meaisín-inléite” bealach chun na sonraí a léiriú i bhfoirm leictreonach ar féidir a úsáid le haghaidh uathphróiseáil ag meaisín;

(17)

ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht um measúnú comhréireachta laistigh de bhrí Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008, atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin chun an measúnú comhréireachta a dhéanamh ar ardáin eFTI nó ar sholáthraithe seirbhísí eFTI;

(18)

ciallaíonn “loingsiú” tacar socraithe earraí, lena n-áirítear, dramhaíl, a iompar idir an chéad áit bailithe agus an áit deiridh seachadta faoi théarmaí conartha aonair iompair nó faoi théarmaí conarthaí iomadúla iompair as a chéile lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an t-aistriú idir modhanna éagsúla iompair, gan beann ar chainníocht ná ar líon na gcoimeádán, na bpacáistí, nó na bpíosaí a n-iompraítear lena mbaineann.

CAIBIDIL II

FAISNÉIS RIALÁLA A CHUIRTEAR AR FÁIL GO LEICTREONACH

Airteagal 4

Ceanglais ar oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann

1.   Chun críocha Airteagal 5(1), (2) agus (3) comhlíonfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   I gcás ina gcuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann faisnéis rialála ar fáil go leictreonach d’údarás inniúil, déanfaidh siad amhlaidh ar bhonn sonraí arna bpróiseáil ar ardán eFTI deimhnithe agus, más infheidhme, is soláthraí seirbhísí eFTI deimhnithe a dhéanfaidh sin. Cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis rialála sin ar fáil i bhformáid atá meaisín-inléite agus, má iarrann an t-údarás inniúil é, i bhformáid atá inléite ag an duine.

3.   Cuirfear faisnéis san fhormáid atá meaisín-inléite ar fáil trí nasc fíordheimhnithe agus slán le foinse sonraí ardáin eFTI. Cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann in iúl an nasc leictreonach uathúil sainaitheanta dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 9(1) lenar féidir leis an údarás inniúil an fhaisnéis rialála a bhaineann leis an loingsiú a shainaithint go uathúil.

4.   Cuirfear faisnéis i bhformáid atá inléite ag an duine, arna iarraidh sin ag údaráis inniúla, ar fáil láithreach lom, ar scáileán gléas leictreonach ar leis an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann an gléas leictreonach sin.

Airteagal 5

Ceanglais d’údaráis inniúla

1.   Amhail ó 30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na chéad ghníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8, glacfaidh na húdaráis inniúla le faisnéis rialála a chuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar fáil go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 4, lena n-áirítear i gcás ina n-iarrfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis rialála sin mar fhaisnéis bhreise.

2.   I gcás ina mbeidh faisnéis rialála curtha ar fáil go leictreonach ag an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialacháin seo, ar faisnéis í a cheanglaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, glacfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an fhaisnéis rialála sin freisin gan an comhaontú dá dtagraítear in Airteagail 26(3) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

3.   I gcás ina n-áireofar bailíochtú oifigiúil, amhail stampaí nó deimhnithe, i bhfaisnéis rialála a éilítear de bhun ghníomh dlí sonrach de chuid an Aontais nó ghníomh dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), cuirfidh an t-údarás faoi seach an bailíochtú sin ar fáil go leictreonach, i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8.

4.   Chun go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 3 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit bearta chun go bhféadfaidh a n-údaráis inniúla uile an fhaisnéis rialála a chuireann na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 4 a rochtain agus a phróiseáil. Comhlíonfaidh na bearta sin na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8.

Airteagal 6

Faisnéis tráchtála rúnda

Údaráis inniúla, soláthraithe seirbhísí eFTI agus na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, déanfaidh siad bearta chun go n-áiritheofar an rúndacht faisnéise tráchtála a phróiseáiltear agus a mhalartaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus áiritheoidh siad nach bhféadfar an fhaisnéis sin a rochtain agus a phróiseáil ach amháin nuair a údaraítear sin.

Airteagal 7

Tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus fothacair sonraí eFTI

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an tacar comhchoiteann eFTI agus fothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI a bhunú agus a leasú i ndáil leis na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach, dá dtagraítear in Airteagal 2(1), lena n-áirítear sonraíochtaí comhfhreagracha maidir le sainiú agus tréithe teicniúla le haghaidh gach eilimint sonraí a áirítear sa tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus sna fothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI.

2.   Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha agus dlí an Aontais a chur san áireamh; agus

(b)

féachaint lena áirithiú go mbeidh tacar comhchoiteann sonraí eFTI agus fothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI idir-inoibritheach le samhlacha ábhartha sonraí a nglactar leo go hidirnáisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear samhlacha sonraí ilmhódacha.

3.   Cumhdóidh an chéad ghníomh tarmligthe den sórt sin na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 agus déanfar é a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 21 Feabhra 2023.

Airteagal 8

Nósanna imeachta comhchoiteanna agus rialacha maidir le rochtain

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos nósanna imeachta comhchoiteanna agus rialacha mionsonraithe lena n-áirítear sonraíochtaí teicniúla comhchoiteanna, maidir le rochtain na n-údarás inniúil ar ardáin eFTI, lena n-áirítear nósanna imeachta chun faisnéis rialála a phróiseáil agus maidir le cumarsáid idir údaráis inniúla agus na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann i ndáil leis an bhfaisnéis sin.

2.   Agus na gníomhartha cur chun feidhme, dá dtagraítear i mír 1, á nglacadh, féachfaidh an Coimisiún le héifeachtúlacht na nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú agus le costais an chomhlíonta a íoslaghdú i gcás na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus na n-údarás inniúil araon.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Cumhdóidh an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus déanfar é a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 21 Feabhra 2023.

CAIBIDIL III

ARDÁIN eFTI AGUS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ eFTI

ROINN 1

Ceanglais maidir le hardáin eFTI agus soláthraithe seirbhísí eFTI

Airteagal 9

Ceanglais fheidhmiúla maidir le hardáin eFTI

1.   Leis na hardáin eFTI a úsáidtear chun faisnéis rialála a phróiseáil, soláthrófar feidhmiúlachtaí lena n-áirithítear an méid seo a leanas:

(a)

gur féidir sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679;

(b)

gur féidir sonraí tráchtála a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)

go bhféadfaidh údaráis inniúla sonraí a rochtain agus a phróiseáil i gcomhréir leis na sonraíochtaí a ghlactar trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8;

(d)

go bhféadfaidh oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann faisnéis a chur ar fáil d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 4;

(e)

gur féidir nasc leictreonach uathúil sainaitheanta a bhunú idir loingsiú agus na gnéithe gaolmhara sonraí, lena n-áirítear tagairt struchtúrtha don ardán eFTI ar a gcuirtear na sonraí ar fáil, amhail aitheantóir tagartha uathúil;

(f)

nach féidir sonraí a phróiseáil ach ar bhonn rochtain údaraithe agus fhíordheimhnithe amháin;

(g)

go dtaifeadfar gach próiseáil sonraí go cuí trí logaí oibriúcháin chun go bhféadfar, ar a laghad, gach oibríocht phróiseála ar leith, an duine nádúrtha nó dlítheanach a rinne an oibríocht agus seicheamhú na n-oibríochtaí ar gach eilimint sonraí aonair a shainaithint; má bhaineann oibríocht leis an eilimint sonraí atá ann cheana a mhionathrú nó a ghlanadh, caomhnófar an bhuneilimint sonraí;

(h)

gur féidir sonraí a chur i gcartlann agus go mbeidh siad inrochtana ag údaráis inniúla i gcomhréir le gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála ábhartha;

(i)

go ndéanfar na logaí oibriúcháin dá dtagraítear i bpointe (g) den mhír seo a chur i gcartlann agus go mbeidh siad inrochtana ag údaráis inniúla, chun críoch iniúchóireachta ar feadh na tréimhse ama a shonraítear i ngíomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais agus sa dlí náisiúnta ábhartha lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach agus, chun críoch faireacháin, ar feadh na dtréimhsí ama dá dtagraítear in Airteagal 17;

(j)

go bhfuil na sonraí cosanta ar éillitheacht agus ar ghadaíocht;

(k)

go bhfreagraíonn na heilimintí sonraí a phróiseáiltear do thacar comhchoiteann sonraí eFTI agus d’fhothacair chomhchoiteanna sonraí eFTI a bhunaítear leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7 agus gur féidir iad a phróiseáil in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais mar a fhoráiltear le gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais, agus leis an dlí náisiúnta ábhartha, lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos mionsonraíochtaí maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Agus na sonraíochtaí á nglacadh, déanfaidh an Coimisiún an méid a leanas:

(a)

féachaint le hidir-inoibritheacht ardáin eFTI a áirithiú;

(b)

na réitigh agus na caighdeáin theicniúla ábhartha atá ann cheana a chur san áireamh;

(c)

a áirithiú go mbeidh na sonraíochtaí sin fós neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, a oiread is mó is féidir.

Cumhdóidh an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus déanfar é a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 21 Lúnasa 2023.

Airteagal 10

Ceanglais maidir le soláthraithe seirbhísí eFTI

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí eFTI an méid seo a leanas:

(a)

nach ndéanann ach úsáideoirí údaraithe próiseáil ar na sonraí agus go ndéanann siad amhlaidh i gcomhréir le cearta próiseála a bheidh sainithe agus sannta go soiléir laistigh den ardán eFTI, i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha um fhaisnéis rialála;

(b)

go stórálfar na sonraí agus go mbeidh siad inrochtana i gcomhréir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta lena leagtar síos na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach;

(c)

go bhfuil rochtain láithreach ag údaráis inniúla ar fhaisnéis rialála maidir le hoibríocht iompair lastais a phróiseáiltear trína n-ardáin eFTI, saor ó aon mhuirir nó táillí;

(d)

go bhfuil sonraí slánaithe go hiomchuí, lena n-áirítear i gcoinne próiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus i gcoinne caillteanais de thimpiste, i gcoinne scriosta nó i gcoinne damáiste.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin lena gcumhdaítear na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 21 Lúnasa 2023.

ROINN 2

Deimhniú

Airteagal 11

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta

1.   Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta creidiúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 chun deimhniú ardáin eFTI agus soláthraithe seirbhísí eFTI a fheidhmiú faoi mar a leagtar amach in Airteagail 12 agus 13 den Rialachán seo.

2.   Chun críoch creidiúnaithe, comhlíonfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II. Déanfaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta seoladh an tsuímh gréasáin ar a gcuireann siad an fhaisnéis ar fáil don phobal faoi na comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe a chur in iúl don údarás náisiúnta a ainmnítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear liosta de na comhlachtaí sin agus é cothrom le dáta.

3.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás a choimeádfaidh liosta cothrom le dáta de na comhlachtaí um measúnú comhréireachta atá creidiúnaithe, de na hardáin eFTI agus de na soláthraithe seirbhísí eFTI ag a mbeidh deimhniú bailí ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun mhír (2) den Airteagal seo agus d’Airteagal 12(2) agus d’Airteagal 13(2), ar liosta é a bheidh cothrom le dáta. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta ainmnithe sin an liosta sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin oifigiúil an rialtais.

4.   Faoin 31 Márta gach bliain, déanfaidh na húdaráis náisiúnta ainmnithe an liosta dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt don Choimisiún mar aon le seoladh an tsuímh gréasáin ar a bhfuil an liosta sin ar fáil don phobal. Foilseoidh an Coimisiún seoltaí na suíomhanna gréasáin sin ar a shuíomh gréasáin oifigiúil.

Airteagal 12

Deimhniú ardáin eFTI

1.   Ar iarratas ó fhorbróir ardáin eFTI, déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta measúnú ar chomhlíontacht an ardáin eFTI leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 9(1). I gcás measúnú dearfach, eiseoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta deimhniú um chomhlíonadh don ardán eFTI sin. I gcás measúnú diúltach, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na cúiseanna lena mheasúnú diúltach ar fáil don iarratasóir.

2.   Coimeádfaidh gach comhlacht um measúnú comhréireachta liosta cothrom le dáta de na hardáin eFTI a bheidh deimhnithe aige agus díobh sin a ndearna sé an deimhniú ina leith a tharraingt siar nó a chur ar fionraí. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé an nasc chuig seoladh an tsuímh gréasáin sin in iúl don údarás náisiúnta ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

3.   Beidh marc deimhniúcháin ag gabháil le faisnéis a chuirtear ar fáil d’údaráis inniúla trí ardán eFTI deimhnithe.

4.   Déanfaidh forbróir an ardáin eFTI iarratas ar athmheasúnú ar a dheimhniú má athbhreithnítear na sonraíochtaí teicniúla arna leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(2).

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagadh síos maidir le deimhniú na n-ardán eFTI agus maidir le húsáid an mhairc dheimhniúcháin, lena n-áirítear rialacha maidir le hathnuachan, fionraí agus tarraingt siar deimhniú.

Airteagal 13

Deimhniú soláthraithe seirbhísí eFTI

1.   Ar iarratas ó sholáthraí seirbhísí eFTI, déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta measúnú ar chomhlíontacht an tsoláthraí seirbhísí eFTI leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10(1). I gcás measúnú dearfach, eiseoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta deimhniú um chomhlíonadh. I gcás measúnú diúltach, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na cúiseanna lena mheasúnú diúltach ar fáil don iarratasóir.

2.   Coimeádfaidh gach comhlacht um measúnú comhréireachta liosta cothrom le dáta de na soláthraithe seirbhísí eFTI a bheidh deimhnithe aige agus díobh sin a ndearna sé an deimhniú ina leith a tharraingt siar nó a chur ar fionraí. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé seoladh an tsuímh gréasáin sin in iúl don údarás náisiúnta ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le deimhniú na soláthraithe seirbhísí eFTI, lena n-áirítear rialacha maidir le hathnuachan, fionraí agus tarraingt siar deimhniú.

CAIBIDIL IV

TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 7, Airteagal 12(5) agus Airteagal 13(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 20 Lúnasa 2020. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 7, Airteagal 12(5), Airteagal 13(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(3), Airteagal 7, Airteagal 12(5) agus Airteagal 13(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Athbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná an 21 Feabhra 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar thionscnaimh a d’fhéadfaí a dhéanamh d’fhonn an méid seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh:

(a)

an oibleagáid ar oibreoirí eacnamaíocha a bhunú maidir le faisnéis rialála a chur ar fáil go leictreonach d’údaráis inniúla, i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b)

idir-inoibritheacht agus idirnascthacht bhreise a bhunú idir timpeallacht eFTI agus na córais agus ardáin TFC éagsúla a úsáidtear chun faisnéis rialála a thaifeadadh agus a phróiseáil mar a fhoráiltear i ndlíthe eile de chuid an Aontais a bhaineann le hiompar.

Cuimseofar sna measúnuithe sin, go háirithe, leasú ar an Rialachán seo agus leasú ar ghníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus beidh togra reachtach ag gabháil leis, i gcás inarb iomchuí.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá a leagtar amach in Airteagal 17 chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a thabhairt don Choimisiún.

Airteagal 17

Faireachán

Faoin 21 Lúnasa 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an méid uaireanta a rinne údaráis inniúla rochtain agus próiseáil ar an bhfaisnéis rialála a chuir na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann ar fáil go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 4, agus déanfaidh siad an méid sin bunaithe ar na logaí oibriúcháin dá dtagraítear i bpointí (g) agus (i) d’Airteagal 9(1).

Soláthrófar an fhaisnéis sin maidir le gach bliain atá cumhdaithe faoin tréimhse tuairiscithe.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh sé i bhfeidhm ón 21 Lúnasa 2024.

3.   Beidh feidhm, áfach, ag Airteagail 2(2), Airteagal 5(4), Airteagal 7, Airteagal 8, Airteagal 9(2) agus Airteagal 10(2), ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Iúil 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. KLOECKNER


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 265.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2020 (IO C 157, 8.5.2020, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 64).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(11)  Comhairle CEE: Rialachán Uimh. 11 maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79 (3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO P 52, 16.8.1960, lch. 1121).

(12)  Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir Bhallstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(14)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

(15)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).


IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS RIALÁLA A THAGANN FAOI RAON FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO

CUID A – Ceanglais um fhaisnéis rialála dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1)

Liosta na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1):

1.

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún (1) lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta: Iarscríbhinn 6.3.2.6 (a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (g).

CUID B – dlí náisiúnta

Na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta lena gceanglaítear soláthar na faisnéise atá comhionann, go hiomlán nó i bpáirt, leis an bhfaisnéis a shonraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 2(1), liostaítear thíos iad.

[Ballstát]

1.

Gníomh dlí: [foráil]


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe chun na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna maidir le slándáil eitlíochta a chur chun feidhme (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS A BHAINEANN LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

1.   

Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2.   

Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí a bheidh neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an ardán eFTI nó ar an soláthraí seirbhísí ardáin ar a ndéanfaidh sé measúnú.

Comhlacht ar le cumann gnó nó cónaidhm ghairmiúil é a dhéanann ionadaíocht ar son gnóthas atá bainteach i ndearadh, monaraíocht, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil ardán eFTI nó soláthraí seirbhísí ardáin ar a ndéanann sé measúnú, d’fhéadfaí a mheas, ar choinníoll go léireofar a neamhspleáchas agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ag baint leis, gur comhlacht den sórt sin atá ann.

3.   

Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta barrleibhéil agus an pearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh ina dhearthóir, ina mhonaróir, ina sholáthróir, ina shuiteálaí, ina cheannaitheoir, ina úinéir, ina úsáideoir ná ina chothabhálaí den ardán eFTI nó den soláthraí seirbhísí ardáin, nó ní bheidh sé ina ionadaí ar son aon cheann de na páirtithe sin.

Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta barrleibhéil agus an pearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh bainteach go díreach le dearadh, monarú nó tógáil, margaíocht, suiteáil, úsáid nó cothabháil an ardáin eFTI nó an tsoláthraí seirbhísí ardáin, nó ní dhéanfaidh sé ionadaíocht ar son na bpáirtithe a dhéanann na gníomhaíochtaí sin. Ní bheidh siad páirteach in aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar a neamhspleáchas breithiúnais nó ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a dtugtar creidiúnaithe dóibh ina leith. Beidh feidhm ag an méid sin go háirithe maidir le seirbhísí sainchomhairleoireachta.

Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach rachaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí nó a bhfochonraitheoirí i gcion ar rúndacht, oibiacht nó neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta.

4.   

Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta le hionracas gairmiúil den scoth agus leis an gcumas teicniúil riachtanach sa réimse sonrach agus beidh siad saor ó gach brú agus gach dreasacht, go háirithe ó thaobh airgeadais de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, go háirithe i ndáil le daoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

5.   

Beidh ar chumas an chomhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí measúnaithe comhréireachta go léir a chur i gcrích a shanntar dó faoi Airteagail 12 agus 13 den Rialachán seo, cibé acu a dhéanann an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin a chur i gcrích nó a dhéantar thar a cheann agus faoina fhreagracht iad.

Beidh an méid seo a leanas ar fáil do chomhlacht um measúnú comhréireachta:

(a)

pearsanra ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí dhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

(b)

cur síos ar na nósanna imeachta a ndéantar an measúnú comhréireachta dá réir;

(c)

nósanna imeachta maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí ina dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr agus ar a chasta atá an teicneolaíocht lena mbaineann.

Beidh an acmhainn ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh ar mhodh iomchuí.

6.   

Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh:

(a)

oiliúint fhónta theicniúil agus ghairme a chumhdóidh na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta uile;

(b)

eolas sásúil faoi cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c)

eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 9 agus 10 den Rialachán seo;

(d)

an cumas deimhnithe um chomhlíonadh, taifid agus tuarascálacha ina léirítear go ndearnadh na measúnuithe a dhréachtú.

7.   

Ráthófar neamhchlaontacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta barrleibhéil agus a bpearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh.

Ní bhraithfidh luach saothair an lucht bainistíochta barrleibhéil agus an phearsanra atá freagrach as cúraimí measúnaithe comhréireachta de chuid comhlachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar líon na measúnuithe a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

8.   

Glacfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta árachas dliteanais mura bhfuil dliteanas glactha ag an Stát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó más é an Ballstát féin atá freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

9.   

Cloífidh pearsanra an chomhlachta um measúnú comhréireachta le rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an bhfaisnéis ar fad a gheofar agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu faoi Airteagail 12 agus 13 den Rialachán seo nó faoi aon fhoráil den dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht dóibh, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar na gníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint.

10.   

Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí caighdeánaithe ábhartha agus sna gníomhaíochtaí rialála ábhartha nó áiritheoidh siad go gcuirfear a bpearsanra atá freagrach as na cúraimí measúnaithe gníomhaíochtaí ar an eolas fúthu.


TREORACHA

31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

49


TREOIR (AE) 2020/1057 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2020

lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun earnáil iompair de bhóthar atá sábháilte, éifeachtúil agus freagrach go sóisialta a chruthú, is gá dálaí oibre leordhóthanacha agus cosaint shóisialta a áirithiú do thiománaithe, ar thaobh amháin, agus dálaí oiriúnacha a áirithiú do ghnólachtaí agus don iomaíocht chóir d’oibreoirí iompair de bhóthar (“oibreoirí”), ar an taobh eile. I bhfianaise ardleibhéal shoghluaisteacht an lucht saothair in earnáil an iompair de bhóthar, tá gá le rialacha earnáilsonracha chun a áirithiú go mbainfear amach an chothromaíocht idir saoirse na n-oibreoirí chun seirbhísí trasteorann a sholáthar, saorghluaiseacht earraí, dálaí oibre leordhóthanacha agus cosaint shóisialta do thiománaithe.

(2)

I bhfianaise ardleibhéal na soghluaisteachta a bhaineann go dúchasach le seirbhísí iompair de bhóthar, ní mór aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú go mbainfidh tiománaithe leas as na cearta a bhfuil siad ina dteideal agus nach mbeidh ar oibreoirí, ar fiontair bheaga iad a bhformhór, déileáil le bacainní riaracháin díréireacha nó le rialuithe idirdhealaitheacha a chuirfeadh bac míchuí ar an tsaoirse atá acu seirbhísí trasteorann a sholáthar. Ar an gcúis chéanna, ní mór aon rialacha náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm maidir le hiompar de bhóthar a bheith comhréireach agus údar cuí a bheith leo, á chur san áireamh gur gá dálaí leordhóthanacha oibre agus cosaint shóisialta do thiománaithe a áirithiú agus feidhmiú na saoirse seirbhísí iompair de bhóthar a sholáthar atá bunaithe ar an iomaíocht chóir idir oibreoirí náisiúnta agus oibreoirí coigríche a éascú.

(3)

An chothromaíocht idir dálaí sóisialta agus oibre do thiománaithe a fheabhsú agus éascú a dhéanamh ar fheidhmiú na saoirse seirbhísí iompair de bhóthar a sholáthar atá bunaithe ar an iomaíocht chóir idir oibreoirí náisiúnta agus oibreoirí ón gcoigríoch, tá an chothromaíocht sin ríthábhachtach d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

(4)

Tar éis meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht reachtaíocht shóisialta an Aontais mar atá faoi láthair in earnáil an iompair de bhóthar, sainaithníodh lúba áirithe ar lár sna forálacha atá ann cheana agus easnaimh áirithe ina bhforfheidhmiú, amhail na cinn a bhaineann le húsáid a bhaint as cuideachtaí caocha. Ina theannta sin, tá roinnt neamhréireachtaí i léirmhíniú, cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na bhforálacha sin idir na Ballstáit, rud a chruthaíonn ualach trom riaracháin do thiománaithe agus oibreoirí. Cruthaíonn sé sin éiginnteacht dhlíthiúil, rud atá díobhálach do dhálaí oibre agus sóisialta tiománaithe agus do na dálaí iomaíochta córa d’oibreoirí san earnáil.

(5)

Chun a áirithiú go ndéanfar Treoracha 96/71/CE (4) agus 2014/67/AE (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm mar is ceart, ba cheart na rialuithe agus an comhar ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le calaois i ndáil le tiománaithe a phostú a neartú.

(6)

D’aithin an Coimisiún, sa togra uaidh an 8 Márta 2016 le haghaidh athbhreithniú ar Threoir 96/71/CE, go dtarraingnítear anuas le cur chun feidhme na Treorach sin ceisteanna agus deacrachtaí sonracha dlíthiúla in earnáil an iompair de bhóthar atá fíor-shoghluaiste agus léirigh sé gurbh fhearr aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí bhíthin reachtaíocht earnáilsonrach maidir le hiompar de bhóthar.

(7)

Chun cur chun feidhme éifeachtach comhréireach Threoir 96/71/CE in earnáil an iompair de bhóthar a áirithiú, is gá rialacha earnáilsonracha a bhunú lena léireofar sainiúlachtaí an lucht saothair atá fíor-shoghluaiste in earnáil an iompair de bhóthar agus lena gcruthófar cothromaíocht idir cosaint shóisialta na dtiománaithe agus saoirse na n-oibreoirí seirbhísí iompair trasteorann a sholáthar. Tá feidhm ag na forálacha maidir le hoibrithe a phostú, i dTreoir 96/71/CE, agus ag na forálacha maidir le forfheidhmiú na bhforálacha sin, i dTreoir 2014/67/AE, i leith earnáil an iompair de bhóthar agus ba cheart iad a chur faoi réir na rialacha sonracha a leagtar síos sa Treoir seo.

(8)

Mar gheall ar nádúr fíor-shoghluaiste na hearnála iompair, ní dhéantar, de ghnáth, tiománaithe a phostú faoi chonarthaí seirbhíse chuig Ballstát eile ar feadh tréimhsí fada, rud a tharlaíonn in amanna in earnálacha eile. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú go sainráite cé na himthosca nach mbeidh feidhm, maidir leis na tiománaithe sin, ag na rialacha maidir le postú fadtéarmach i dTreoir 96/71/CE.

(9)

Ba cheart rialacha earnáil sonracha cothromaithe maidir le postú a bheith bunaithe ar nasc leordhóthanach a bheith idir an tiománaí agus an tseirbhís a sholáthraítear, agus críoch Ballstáit óstaigh. Le héascú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na rialacha sin, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla oibríochtaí iompair ag brath ar a mhéid atá siad nasctha le críoch an Bhallstáit óstaigh.

(10)

I gcás ina dtéann tiománaí i mbun oibríochtaí iompair déthaobhacha ón mBallstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe (“Ballstát bunaíochta”) go dtí críoch Ballstáit eile nó go dtí tríú tír nó ar ais go dtí an Ballstát bunaíochta, bíonn dlúthnasc idir cineál na seirbhíse agus an Ballstát bunaíochta. D’fhéadfadh sé go ndéanfadh tiománaí roinnt oibríochtaí iompair déthaobhacha le linn aon turais amháin. Srian díréireach ar an tsaoirse a bheadh ann seirbhísí iompair de bhóthar trasteorann a sholáthar dá mbeadh feidhm ag na rialacha maidir le postú, agus ar an gcaoi sin ag na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a ráthaítear sa Bhallstát óstach, i leith na n-oibríochtaí déthaobhacha sin.

(11)

Ba cheart a shoiléiriú nach ionann iompar idirnáisiúnta idirthurais trí chríoch Bhallstáit agus postú. Is saintréithe de chuid oibríochtaí den sórt sin go dtrasnaíonn an tiománaí an Ballstát gan lasta a lódáil nó a dhílódáil agus gan paisinéirí a phiocadh suas ná a ligean amach agus, dá bhrí sin, níl aon nasc suntasach idir gníomhaíochtaí an tiománaí agus an Ballstát trína ndéantar idirthuras. Dá bhrí sin, ní dhéanann stadanna a bhaineann, mar shampla, le cúiseanna sláinteachais difear do cháiliú láithreacht an tiománaí i mBallstát mar idirthuras.

(12)

Nuair a bhíonn tiománaí i mbun oibríocht iompair chomhcheangailte, bíonn dlúthnasc idir cineál na seirbhíse a sholáthraítear le linn na céime bóthair tosaigh nó deiridh leis an mBallstát bunaíochta más oibríocht iompair dhéthaobhach an chéim bhóthair inti féin. Os a choinne sin, nuair a dhéantar an oibríocht iompair le linn na céime bóthair sa Bhallstát óstach nó nuair is oibríocht idirnáisiúnta iompair neamh-dhéthaobhach í, is leor an nasc idir críoch an Bhallstáit óstaigh agus ar an ábhar sin ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le postú.

(13)

I gcás ina ndéanann tiománaí cineálacha eile oibríochtaí, go háirithe oibríochtaí cabatáiste nó oibríochtaí iompair idirnáisiúnta neamh-dhéthaobhacha, is leor an nasc le críoch an Bhallstáit óstaigh. Is ann don nasc i gcás oibríochtaí cabatáiste mar a shainmhínítear i Rialacháin (CE) Uimh. 1072/2009 (6) agus (CE) Uimh. 1073/2009 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ós rud é go mbíonn an oibríocht iompair ina hiomláine á déanamh i mBallstát óstach agus dá bhrí sin go mbíonn dlúthnasc idir an tseirbhís agus críoch an Bhallstáit óstaigh. Is saintréith a bhaineann le hoibríocht iompair idirnáisiúnta neamh-dhéthaobhach go mbíonn an tiománaí i mbun iompar idirnáisiúnta lasmuigh de Bhallstát bunaíochta an ghnóthais a dhéanann an postú. Bíonn nasc idir na seirbhísí a chuirtear ar fáil dá bharr leis na Ballstáit óstacha lena mbaineann seachas leis an mBallstát bunaíochta féin. Sna cásanna sin, ní bhíonn rialacha earnáilsonracha de dhíth ach amháin maidir le riachtanais riaracháin agus bearta rialaithe.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir le Treoir 2014/67/AE, go gcuirfear ar fáil ar bhealach inrochtana agus trédhearcach do ghnóthais iompair ó Bhallstáit eile agus do thiománaithe ar postú na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 96/71/CE, ar téarmaí agus coinníollacha iad a leagtar síos le forálacha náisiúnta reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin, nó le comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtain eadrána ar fógraíodh iad a bheith infheidhme ina gcríocha go huilíoch nó atá infheidhme ar bhealach eile i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus (8) de Threoir 96/71/CE. Ba cheart a áireamh leis sin, i gcás inarb ábhartha, na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta sin a leagtar síos le comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go ginearálta maidir le gach gnóthas comhchosúil sa limistéar geografach lena mbaineann. Ba cheart a chumhdach leis an bhfaisnéis ábhartha, go háirithe, na comhghnéithe den luach saothair atá éigeantach faoi na hionstraimí sin. I gcomhréir le Treoir 2014/67/AE, caithfear rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta a lorg.

(15)

Bíonn dúshlán roimh oibreoirí an Aontais i bhfoirm iomaíocht mhéadaitheach ó oibreoirí atá bunaithe i dtríú tíortha. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach ndéanfar leithcheal ar oibreoirí an Aontais. De réir Airteagal 1(4) de Threoir 96/71/CE, ní ceadmhach caitheamh ar bhonn níos fabhraí le gnóthais atá bunaithe i Stát nach Ballstát é ná mar a chaitear le gnóthais atá bunaithe i mBallstát. Ba cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal sin freisin maidir leis na rialacha sonracha maidir le postú dá bhforáiltear sa Treoir seo. Go háirithe, ba cheart feidhm a bheith aige i gcás ina ndéanann oibreoirí tríú tír oibríochtaí iompair faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha lena ndeonaítear rochtain ar mhargadh an Aontais.

(16)

Tá córas cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (“ECMT”) ar cheann de na príomhionstraimí lena rialaítear an rochtain a bhíonn ag oibreoirí tríú tír ar mhargadh an Aontais agus an rochtain a bhíonn ag oibreoirí an Aontais ar mhargaí tríú tír. Déantar líon na gceadanna a shanntar do gach Ballstát in ECMT a chinneadh ar bhonn bliantúil. Ní mór do na Ballstáit a n-oibleagáid a chomhlíonadh gan leithcheal a dhéanamh ar ghnóthais de chuid an Aontais, lena n-áirítear nuair a bheidh coinníollacha á gcomhaontú acu maidir le rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais laistigh de ECMT.

(17)

Is ag an Aontas atá an chumhacht, mar chuid dá inniúlachtaí seachtracha eisiacha, an Comhaontú Eorpach maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar (“AETR”) a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích. I gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart don Aontas na sásraí rialaithe sin is féidir a úsáid chun rialú a dhéanamh ar urramú na rialacha sóisialta náisiúnta agus rialacha sóisialta an Aontais a dhéanann gnóthais tríú tír a ailíniú leis na sásra rialaithe lena mbíonn feidhm maidir le gnóthais de chuid an Aontais.

(18)

Chonacthas go raibh deacrachtaí i ndáil leis na rialacha maidir le hoibrithe a phostú a shonraítear i dTreoir 96/71/CE agus na rialacha maidir leis na ceanglais riaracháin a leagtar síos i dTreoir 2014/67/AE a chur i bhfeidhm i leith earnáil an iompair de bhóthar atá fíor-shoghluaiste. Gineadh éiginnteacht dhlíthiúil agus ualach trom riaracháin d’oibreoirí neamhchónaitheacha an Aontais leis na bearta náisiúnta neamh-chomhordaithe maidir leis na forálacha i dtaca le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. As sin, tháinig srianta míchuí ar an tsaoirse seirbhísí iompair trasteorann a sholáthar, maille le fo-éifeachtaí diúltacha ar phoist agus ar iomaíochas na n-oibreoirí. Dá bhrí sin, is gá ceanglais riaracháin agus bearta rialaithe a chomhchuibhiú. D’fhágfadh sin nach gcuirfí moilleanna neamhriachtanacha ar oibreoirí.

(19)

Chun forfheidhmiú éifeachtach éifeachtúil na rialacha earnáilsonracha maidir le hoibrithe a phostú a áirithiú agus chun ualach riaracháin míréireach ar oibreoirí neamhchónaitheacha an Aontais a sheachaint, ba cheart ceanglais shonracha riaracháin agus bearta sonracha rialaithe a bhunú in earnáil an iompair de bhóthar, agus leas iomlán á bhaint as uirlisí rialaithe amhail an tacagraf digiteach. Chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo agus i dTreoir 96/71/CE, agus, ag an am céanna, chun castacht an chúraim sin a laghdú, níor cheart na Ballstáit a bheith a fhorchur ar oibreoirí ach na ceanglais riaracháin agus na bearta rialaithe a shonraítear sa Treoir seo, ar ceanglais agus bearta iad atá curtha in oiriúint d’earnáil an iompair de bhóthar.

(20)

Bíonn gá ag gnóthais iompair le cinnteacht dhlíthiúil maidir leis na rialacha agus na ceanglais nach mór dóibh iad a chomhlíonadh. Ba cheart do na rialacha agus na ceanglais sin a bheith soiléir, intuigthe agus inrochtana go héasca ag gnóthais iompair, agus ba cheart a bheith in ann, mar gheall orthu, seiceálacha éifeachtacha a dhéanamh. Tá sé tábhachtach nach dtabharfar isteach ualach riaracháin nach gá le rialacha nua agus go gcuirfear san áireamh iontu leasanna fiontar beag agus meánmhéide.

(21)

Ba cheart an t-ualach riaracháin agus na cúraimí bainistithe doiciméad a bheidh ar thiománaithe a bheith réasúnta. Dá bhrí sin, cé gur cheart roinnt doiciméad a bheith ar fáil san fheithicil le cigireacht a dhéanamh orthu le linn seiceálacha cois bóthair, ba cheart do na hoibreoirí agus, i gcás inar gá, údaráis inniúla Bhallstát bunaíochta an oibreora doiciméid eile a chur ar fáil tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid a bhaint as an gcreat le haghaidh cúnamh frithpháirteach idir Ballstáit a leagtar amach i dTreoir 2014/67/AE.

(22)

Chun an rialú ar chomhlíonadh na rialacha maidir le postú a leagtar amach sa Treoir seo a éascú, ba cheart d’oibreoirí iompair de bhóthar dearbhú maidir le postú a chur faoi bhráid údaráis inniúla na mBallstát ina ndéanann siad tiománaithe a phostú.

(23)

Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí a laghdú, is gá simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas lena seoltar agus lena nuashonraítear dearbhuithe maidir le postú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún comhéadan poiblí ilteangach a fhorbairt, comhéadan ar a mbeidh rochtain ag oibreoirí agus trínar féidir leo faisnéis maidir le postú a thíolacadh agus a nuashonrú agus doiciméid ábhartha eile a chur faoi bhráid IMI, de réir mar is gá.

(24)

Ós rud é go mbíonn ról ríthábhachtach ag comhpháirtithe sóisialta maidir le reachtaíocht shóisialta in earnáil an iompair de bhóthar a fhorfheidhmiú i roinnt Ballstát, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a roinneadh trí IMI a sholáthar do chomhpháirtithe sóisialta náisiúnta chun comhlíonadh na rialacha maidir le postú a sheiceáil, agus chun na críche sin amháin, agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) á urramú ag an am céanna. Ba cheart an fhaisnéis ábhartha a sholáthar do na comhpháirtithe sóisialta trí mhodhanna eile seachas trí IMI.

(25)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun feidhmiúlachtaí an chomhéadain poiblí atá nasctha leis an IMI a shonrú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(26)

Tá sé ríthábhachtach na rialacha maidir le ham oibre agus am scíthe a fhorfheidhmiú go hiomchuí, go héifeachtach agus go comhsheasmhach chun feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre, chun dálaí oibre tiománaithe a chosaint agus chun saobhadh iomaíochta de thoradh neamh-chomhlíontachta a chosc. Dá bhrí sin, tá sé inmhianaithe raon feidhme na gceanglas forfheidhmithe aonfhoirmeach atá ann cheana a leagtar amach i dTreoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a leathnú ionas go gcumhdófaí rialú chomhlíonadh na bhforálacha ama oibre a leagtar amach i dTreoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(27)

I bhfianaise na sraithe sonraí atá riachtanach chun rialuithe ar chomhlíonadh na rialacha maidir le ham oibre a leagtar amach i dTreoir 2002/15/CE a dhéanamh, braitheann méid na seiceálacha cois bóthair ar theicneolaíocht chumasúcháin a fhorbairt agus a thabhairt isteach, rud a fhágann gur féidir tréimhsí ama leordhóthanacha a chumhdach. Ba cheart seiceálacha cois bóthair a bheith teoranta do na gnéithe sin is féidir a sheiceáil go héifeachtúil tríd an tacagraf agus an trealamh taifeadta gaolmhar ar bord, agus níor cheart seiceálacha cuimsitheacha a dhéanamh ach ar an áitreabh amháin.

(28)

Ba cheart seiceálacha cois bóthair a dhéanamh go héifeachtúil agus go gasta, d’fhonn na seiceálacha sin a chur i gcrích sa tréimhse ama is giorra is féidir agus leis an moill is lú is féidir don tiománaí. Ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir oibleagáidí na n-oibreoirí agus oibleagáidí na dtiománaithe.

(29)

Ba cheart an comhar idir údaráis forfheidhmithe na mBallstát a chur chun cinn a thuilleadh trí sheiceálacha comhbheartaithe; ba cheart do na Ballstáit féachaint leis na seiceálacha comhbheartaithe sin a dhéanamh ar an áitreabh chomh maith. D’fhéadfadh ról tábhachtach maidir le cúnamh a thabhairt do na Ballstáit seiceálacha comhbheartaithe a dhéanamh a bheith ag an Údarás Eorpach Saothair, a chumhdaíonn raon feidhme a ghníomhaíochtaí, mar a leagtar amach in Airteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) Treoir 2006/22/CE.

(30)

Is léir go bhfuil an comhar riaracháin idir na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na rialacha sóisialta in earnáil an iompair de bhóthar neamh-leordhóthanach, rud a fhágann go bhfuil an forfheidhmiú trasteorann níos deacra, neamhéifeachtúil agus neamh-chomhsheasmhach. Dá bhrí sin, is gá creat a bhunú le haghaidh cumarsáid éifeachtach agus cúnamh frithpháirteach, lena n-áirítear sonraí a mhalartú maidir le sáruithe agus faisnéis a mhalartú maidir le dea-chleachtais forfheidhmiúcháin.

(31)

D’fhonn comhar éifeachtach riaracháin agus malartú éifeachtach faisnéise a chothú, le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), ceanglaítear ar na Ballstáit a gcláir leictreonacha náisiúnta a idirnascadh trí chóras Chlár Eorpach na nGnóthas Iompair de Bhóthar (ERRU). Ba cheart raon na faisnéise is féidir a rochtain tríd an gcóras sin agus na seiceálacha cois bóthair á ndéanamh a mhéadú.

(32)

Chun an chumarsáid idir na Ballstáit a éascú agus a fheabhsú, chun a áirithiú go gcuirtear rialacha sóisialta i bhfeidhm ar bhealach níos aonfhoirmí in earnáil an iompair de bhóthar agus chun comhlíonadh riachtanas riaracháin arna dhéanamh ag oibreoirí agus tiománaithe á bpostú acu a éascú, ba cheart don Choimisiún modúl nua amháin nó níos mó a fhorbairt do IMI. Tá sé tábhachtach go gceadaítear le IMI seiceálacha bailíochta a dhéanamh ar dhearbhuithe maidir le postú le linn seiceálacha cois bóthair.

(33)

Ba cheart an malartú faisnéise i gcomhthéacs an chomhair riaracháin éifeachtaigh agus an chúnaimh fhrithpháirtigh idir na Ballstáit a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ba cheart an malartú faisnéise trí IMI Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a chomhlíonadh chomh maith.

(34)

Chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht an fhorfheidhmithe a fheabhsú, is inmhianaithe gnéithe na gcóras rátála riosca náisiúnta atá ann cheana a fhorbairt agus úsáid na gcóras sin a mhéadú. Le rochtain ar na sonraí atá i gcórais rátála riosca rialuithe, is fearr a bheadh údaráis rialaithe inniúla na mBallstát lena mbaineann in ann seiceálacha a dhíriú ar oibreoirí neamhchomhlíontacha. Le foirmle chomhchoiteann chun an rátáil riosca atá ag gnóthas iompair a ríomh, ba cheart rannchuidiú le cóir níos cothroime d’oibreoirí le linn seiceálacha.

(35)

Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart na cumhachtaí a tugadh don Choimisiún faoi Threoir 2006/22/CE a ailíniú le hAirteagail 290 agus 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(36)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2006/22/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun íoschéadatán na laethanta arna n-oibriú ag tiománaithe seiceáilte ag na Ballstáit a mhéadú go 4 %; chun sainmhínithe chatagóirí an staidrimh atá le bailiú a shoiléiriú tuilleadh; chun comhlacht a ainmniú maidir le malartú sonraí, taithí agus faisnéise idir na Ballstáit a chur chun cinn ar bhealach gníomhach; chun foirmle chomhchoiteann a bhunú chun an rátáil riosca atá ag gnóthas a ríomh; chun treoirlínte a bhunú ar an gcleachtas forfheidhmiúcháin is fearr; chun cur chuige comhchoiteann a bhunú maidir le tréimhsí oibre eile a thaifeadadh agus a rialú agus maidir le taifeadadh agus rialú tréimhsí seachtaine ar a laghad ina mbeidh an tiománaí ar shiúl ón bhfeithicil agus neamhábalta tabhairt faoi aon ghníomhaíochtaí leis an bhfeithicil sin; chun cur chuige comhchoiteann a chur chun cinn maidir leis an Treoir sin a chur chun feidhme; agus chun comhleanúnachas sa chur chuige idir údaráis forfheidhmithe agus léirmhíniú comhchuibhithe ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 idir údaráis forfheidhmithe a spreagadh agus chun an t-idirphlé idir an earnáil iompair agus na húdaráis forfheidhmithe a éascú. Go háirithe, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige maidir le foirmle chomhchoiteann a bhunú chun an rátáil riosca atá ag gnóthas a ríomh, ba cheart don Choimisiún cóir chomhionann do ghnóthais a áirithiú agus na critéir a shonraítear sa Treoir seo á gcur san áireamh. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(37)

Chun forbairtí sa dea-chleachtas a léiriú i dtaca le seiceálacha agus trealamh caighdeánach a bheith ar fáil d’aonaid forfheidhmithe agus chun ualú tromchúiseachta na sáraithe i Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nó (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEopa agus ón gComhairle (17) a leagan síos nó a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní I agus II agus Iarscríbhinn III de Threoir 2006/22/CE, faoi seach, a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(38)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2006/22/CE a leasú dá réir sin.

(39)

Is iad seolaithe na rialacha áirithe speisialta maidir le postú iad gnóthais iompair agus glacann siad le hiarmhairtí aon sáruithe ar na rialacha sin a dhéanann siad. Mar sin féin, chun cosc a chur ar mhí-úsáid a dhéanfadh gnóthais a dhéanann conarthaí le hoibreoirí tarlaithe maidir le seirbhísí iompair de bhóthar, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha soiléire intuartha maidir le smachtbhannaí i gcoinne coinsíneoirí, seoltóirí lasta, conraitheoirí agus fochonraitheoirí i gcásanna ina raibh a fhios acu, nó, i bhfianaise na n-imthosca ábhartha uile gur cheart a fhios a bheith acu, go mbaineann sáruithe ar rialacha speisialta maidir le postú leis na seirbhísí a choimisiúnaigh siad.

(40)

Chun dálaí iomaíochta córa agus cothrom na Féinne a áirithiú d’oibrithe agus do ghnólachtaí, is gá dul chun cinn a dhéanamh i dtreo forfheidhmiú cliste agus an tacaíocht go léir is gá a sholáthar do thabhairt isteach iomlán agus úsáid córas rátála riosca.

(41)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar thionchar chur i bhfeidhm agus fhorfheidhmiú na rialacha maidir le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus tuarascáil ar thorthaí na meastóireachta sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maille le togra reachtach i gcás inarb iomchuí.

(42)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon dálaí oibre leordhóthanacha agus cosaint shóisialta do thiománaithe a áirithiú, ar thaobh amháin, agus dálaí oiriúnacha do ghnólachtaí agus d’iomaíocht chóir d’oibreoirí, ar an taobh eile, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na Treorach seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(43)

Ba cheart feidhm a bheith ag na bearta náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo ón dáta 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Tá feidhm le bheith ag Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) maidir le hearnáil an iompair de bhóthar, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) den Treoir sin, ón 2 Feabhra 2022,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Rialacha sonracha i dtaca le tiománaithe a phostú

1.   Leis an Airteagal seo, bunaítear rialacha mionsonraithe a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe de Threoir 96/71/CE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus de Threoir 2014/67/AE maidir le ceanglais riaracháin agus bearta rialaithe i dtaca leis na tiománaithe sin a phostú.

2.   Tá feidhm ag na rialacha sonracha sin maidir le tiománaithe atá fostaithe ag gnóthais atá bunaithe i mBallstát a dhéanann an beart trasnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(3) de Threoir 96/71/CE.

3.   D’aineoinn Airteagal 2(1) de Threoir 96/71/CE, ní mheasfar gur tiománaí ar postú é tiománaí chun críoch Threoir 96/71/CE agus oibríochtaí iompair déthaobhacha á ndéanamh ag an tiománaí sin i dtaca le hearraí.

Chun críche na Treorach seo, ciallaíonn oibríocht iompair dhéthaobhach i dtaca le hearraí earraí a bhogadh, bunaithe ar chonradh iompair, ón mBallstát bunaíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 é, chuig Ballstát eile nó chuig tríú tír, nó ó Bhallstát eile nó tríú tír eile chuig an mBallstát bunaíochta.

Ón 2 Feabhra 2022, arb é an dáta óna ndéanfaidh tiománaithe sonraí trasnaithe teorann a thaifeadadh de láimh, de bhun Airteagal 34(7) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, cuirfidh na Ballstáit an díolúine i leith oibríochtaí iompair déthaobhacha maidir le hearraí a iompar a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo i bhfeidhm freisin i gcás ina ndéanfaidh an tiománaí a bhfuil oibríocht iompair dhéthaobhach á feidhmiú aige aon ghníomhaíocht amháin luchtaithe agus/nó díluchtaithe de bhreis ar an oibríocht iompair dhéthaobhach sin sna Ballstáit nó sna tríú tíortha a thrasnóidh sé, ar choinníoll nach ndéanfaidh sé earraí a lódáil agus na hearraí sin a dhílódáil sa Bhallstát céanna.

I gcás oibríocht iompair dhéthaobhach a thosóidh sa Bhallstát bunaíochta nach ndéanfar gníomhaíocht bhreise lena linn agus leantar uirthi sin le hoibríocht iompair dhéthaobhach go dtí an Ballstát bunaíochta, beidh feidhm ag an díolúine sin ar gníomhaíochtaí breise a leagtar amach sa tríú fomhír maidir le dhá ghníomhaíocht lódála agus/nó dílódála ar a mhéad, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa tríú fomhír.

Ní bheidh feidhm ag an díolúine ar ghníomhaíochtaí breise a leagtar amach sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír den mhír seo ach amháin go dtí an dáta óna ndéanfar an tacagraf cliste a dhéanann taifeadadh ar ghníomhaíochtaí trasnaithe teorann agus gníomhaíochta breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 8(1) d’fhomhír 1 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a shuiteáil sna feithiclí atá cláraithe i mBallstát den chéad uair, faoin gceathrú fomhír d’Airteagal 8(1) den Rialachán sin. Ón dáta sin amach ní bheidh feidhm ag an díolúine ar ghníomhaíochtaí breise a leagtar amach sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír den mhír seo ach amháin i leith tiománaithe a úsáideann feithiclí ina bhfuil tacagraif chliste suiteáilte, amhail dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9 agus 10 den Rialachán sin.

4.   D’aineoinn Airteagal 2(1) de Threoir 96/71/CE, ní mheasfar gur tiománaí ar postú é tiománaí chun críoch Threoir 96/71/CE agus oibríochtaí iompair déthaobhacha á bhfeidhmiú aige i dtaca le paisinéirí.

Chun críoch na Treorach seo, is é is oibríocht iompair dhéthaobhach in iompair idirnáisiúnta paisinéirí ócáideach agus rialta, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, oibríocht ina ndéanfaidh tiománaí aon cheann de na hoibríochtaí seo a leanas:

(a)

paisinéirí a bhailiú i mBallstát na bunaíochta agus iad a ligean amach i mBallstát eile nó i dtríú tír;

(b)

paisinéirí a bhailiú i mBallstát nó i dtríú tír agus iad a ligean amach sa Bhallstát bunaíochta; nó

(c)

paisinéirí a bhailiú agus a ligean amach sa Bhallstát bunaíochta chun turais áitiúla a dhéanamh i mBallstát eile nó i dtríú tír, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009.

Ón 2 Feabhra 2022, an dáta óna mbeidh ceangal ar thiománaithe, de bhun Airteagal 34(7) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, sonraí trasnaithe teorann a taifeadadh de láimh, cuirfidh na Ballstáit an díolúine ar oibríochtaí iompair déthaobhacha i ndáil le paisinéirí a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo i bhfeidhm chomh maith i gcás, sa bhreis ar oibríocht iompair déthaobhach á dhéanamh ag tiománaí, ina mbailíonn an tiománaí paisinéirí uair amháin; agus/nó i gcás ina ligeann na tiománaí paisinéirí amach uair amháin i mBallstáit nó i dtríú tíortha a thrasnaíonn an tiománaí, ar an gcoinníoll nach gcuirfidh an tiománaí seirbhísí iompair paisinéirí ar fáil idir dhá shuíomh laistigh den Bhallstát a thrasnaítear. Beidh feidhm ag an méid céanna maidir leis an turas fillte.

Ní bheidh feidhm ag an díolúine ar ghníomhaíochtaí bhreise a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo ach amháin go dtí an dáta óna ndéanfar an ceanglas maidir le an tacagraf cliste a dhéanann taifeadadh ar ghníomhaíochtaí trasnaithe teorann agus gníomhaíochta breise dá dtagraítear in Airteagal 8(1) fomhír 1 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a shuiteáil sna feithiclí arna gclárú i mBallstát den chéad uair, faoin gceathrú fomhír d’Airteagal 8(1) den Rialachán sin. Ón dáta sin amach ní bheidh feidhm ag an díolúine ar ghníomaíochtaí bhreise a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo ach amháin maidir le tiománaithe a úsáideann feithiclí ina bhfuil tacagraif chliste suiteáilte, amhail dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9 agus 10 den Rialachán sin.

5.   D’ainneoin Airteagal 2(1) de Threoir 96/71/CE, ní mheasfar go mbeidh tiománaí ar postú chun críoch Threoir 96/71/CE i gcás ina dtrasnaíonn an tiománaí trí chríoch Bhallstáit gan lasta a lódáil nó a dhílódáil agus gan paisinéirí a bhailiú nó a ligean amach.

6.   D’aineoinn Airteagal 2(1) de Threoir 96/71/CE, ní mheasfar go mbeidh an tiománaí ar postú chun críoch Threoir 96/71/CE i gcás ina bhfeidhmeoidh an tiománaí an chéim bhóthair thosaigh nó dheiridh d’oibríocht iompair chomhcheangailte mar a shainítear i dTreoir 92/106/CEE ón gComhairle (20), más oibríochtaí iompair déthaobhacha a bheidh sa chéim bhóthair ina haonar mar a shainítear i mír 3 den Airteagal seo.

7.   Measfar tiománaí atá ag déanamh oibríochtaí cabatáiste, mar a shainmhínítear i Rialacháin (CE) Uimh. 1072/2009 agus (CE) Uimh. 1073/2009 é, a bheith postaithe faoi Threoir 96/71/CE.

8.   Chun críoch Airteagal 3(1a) de Threoir 96/71/CE, measfar go gcríochnóidh postú ar fhágáil an Bhallstáit óstaigh don tiománaí agus é i mbun paisinéirí nó earraí a iompar go hidirnáisiúnta. Ní dhéanfar an tréimhse ar postú sin a charnadh le tréimhsí ar postú roimhe sin i gcomhthéacs oibríochtaí idirnáisiúnta den sórt sin a bhí ar siúl ag an tiománaí céanna nó le tréimhsí ar postú tiománaí eile a ngabhfaidh sé nó sí a ionad nó a hionad.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 2014/67/AE, go gcuirfear ar fáil ar bhealach inrochtana agus trédhearcach do ghnóthais iompair ó Bhallstáit eile agus do thiománaithe ar postú, na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 96/71/CE, a leagtar síos le foráil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin, nó trí chomhaontuithe comhchoiteanna nó trí dhámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh iad, ina gcríoch, a bheith infheidhme go huilíoch nó atá infheidhme ar bhealach eile i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus (8) de Threoir 96/71/CE. Cumhdófar go háirithe san fhaisnéis ábhartha, na heilimintí ar cuid den luach saothair iad atá éigeantach faoi na hionstraimí sin, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, trí chomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go ginearálta maidir le gach gnóthas comhchosúil sa limistéar geografach lena mbaineann.

10.   Ní chaithfear ar bhonn níos fabhraí le gnóthais iompair arna mbunú i stát nach Ballstát é ná mar a chaithfear le gnóthais arna mbunú i mBallstát, lena n-áirítear nuair a dhéanfaidh siad oibríochtaí iompair faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha lena ndeonaítear rochtain ar mhargadh an Aontais nó ar pháirteanna de.

11.   De mhaolú ar Airteagal 9(1) agus (2) de Threoir 2014/67/AE, ní fhéadfaidh na Ballstáit ach na ceanglais riaracháin agus na bearta rialaithe seo a leanas a fhorchur i ndáil le tiománaithe a phostú:

(a)

oibleagáid ar an oibreoir iompair de bhóthar atá bunaithe i mBallstát eile dearbhú maidir le postú a chur faoi bhráid údaráis náisiúnta inniúla de chuid Ballstáit ina bhfuil an tiománaí ar postú ag tús an phostaithe ar a dhéanaí, agus úsáid á baint as foirm chaighdeánach ilteangach den chomhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012; beidh an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú maidir le postú:

(i)

céannacht an oibreora, i bhfoirm uimhir an cheadúnais Comhphobail ar a laghad, i gcás ina mbeidh an uimhir sin ar fáil;

(ii)

sonraí teagmhála an bhainisteora iompair nó an duine/na ndaoine teagmhála eile sa Bhallstát bunaíochta a dhéanfaidh idirchaidreamh le húdaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ina gcuirtear na seirbhísí ar fáil agus a dhéanfaidh doiciméid agus fógraí a chur amach agus glacadh leo;

(iii)

céannacht, seoladh áit chónaithe agus uimhir cheadúnas tiomána an tiománaí;

(iv)

dáta tosaithe chonradh fostaíochta an tiománaí, agus an dlí is infheidhme ina leith;

(v)

dáta tosaithe beartaithe agus dáta críochnaithe beartaithe an phostaithe;

(vi)

uimhirphlátaí na mótarfheithiclí;

(vii)

cibé acu na seirbhísí iompair a fheidhmítear, bíodh siad iompar earraí, iompar paisinéirí, iompar idirnáisiúnta nó oibríochtaí chabatáiste;

(b)

oibleagáid ar an oibreoir a áirithiú go mbeidh ar láimh ag an tiománaí, i bhfoirm pháipéir nó i bhfoirm leictreonach, agus go gcoimeádfaidh an tiománaí agus go gcuirfidh sé nó sí ar fáil, arna iarraidh sin cois bóthair, an méid seo a leanas:

(i)

cóip den dearbhú maidir le postú arna tíolacadh trí IMI;

(ii)

fianaise d’oibríochtaí iompair atá ag tarlú sa Bhallstát óstach, amhail nóta coinsíneachta leictreonach (e-CMR) nó fianaise dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009;

(iii)

na taifid tacagraif agus go háirithe siombailí tíre na mBallstát ina raibh an tiománaí i láthair chun oibríochtaí iompair idirnáisiúnta de bhóthar nó oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh, i gcomhréir le ceanglais chlárúcháin agus leis na ceanglais maidir le taifid a choinneáil faoi Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014;

(c)

oibleagáid ar an oibreoir cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (b) (ii) agus (iii) den mhír seo a sheoladh, tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI, tar éis thréimhse an phostaithe, arna iarraidh sin go díreach ag údaráis inniúla na mBallstát inar tharla an postú, mar aon le doiciméadacht a bhaineann le luach saothair an tiománaí ar postú i ndáil le tréimhse an phostaithe, an conradh fostaíochta nó doiciméad coibhéiseach laistigh de bhrí Airteagal 3 de Threoir 91/533/CEE ón gComhairle (21), bileoga ama a bhaineann le hobair an tiománaí agus cruthúnas ar íocaíochtaí.

Seolfaidh an t-oibreoir an doiciméadacht tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na hiarrata. Má theipeann ar an oibreoir an doiciméadacht a iarradh a thíolacadh laistigh den tréimhse ama a socraíodh, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an postú, i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7 de Threoir 2014/67/AE, cúnamh ó údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta a iarraidh trí IMI. I gcás ina ndéanfar iarraidh den sórt sin ar chúnamh frithpháirteach, beidh rochtain ag údaráis inniúla Bhallstáit bhunaíochta an oibreora ar an dearbhú maidir le postú agus ar fhaisnéis ábhartha eile arna tíolacadh ag an oibreoir tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI.

Áiritheoidh údaráis inniúla Bhallstáit bhunaíochta an oibreora go soláthróidh sé an doiciméadacht d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an postú arna hiarraidh sin trí IMI laistigh de 25 lá oibre ó dháta na hiarrata ar chúnamh frithpháirteach.

Lena chinneadh nach measfar tiománaithe a bheith ar postú de bhun mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit oibleagáid a fhorchur mar bheart rialaithe ar an tiománaí ach fianaise faoin iompar idirnáisiúnta ábhartha amhail nóta coinsíneachta leictreonach (e-CMR) nó fianaise dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus taifid tacagraif dá dtagraítear i bpointe (b) (iii) den mhír seo a choinneáil agus a chur ar fáil i bhfoirm pháipéir nó leictreonach, arna iarraidh sin ag an seiceáil cois bóthair.

12.   Chun críoch rialaithe, coimeádfaidh an t-oibreoir iompair na dearbhuithe maidir le postú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 11 cothrom le dáta sa chomhéadan poiblí atá nasctha le IMI.

13.   Déanfar an fhaisnéis ó na dearbhuithe a shábháil i stór IMI ar feadh tréimhse 24 mhí chun críche seiceálacha.

Féadfaidh Ballstát cead a thabhairt don údarás inniúil an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil in IMI a chur ar fáil do chomhpháirtithe sóisialta náisiúnta ar bhealaí eile seachas trí IMI a mhéid is gá chun comhlíonadh na rialacha maidir le postú a sheiceáil agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbainfidh an fhaisnéis le postú i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann;

(b)

nach n-úsáidfear an fhaisnéis ach amháin chun críche fhorfheidhmiú na rialacha maidir le postú; agus

(c)

go mbeidh próiseáil d’aon shonraí a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

14.   Faoin 2 Feabhra 2021, sonróidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, feidhmiúlachtaí an chomhéadain phoiblí atá nasctha le IMI. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

15.   Seachnóidh na Ballstáit aon mhoilleanna gan ghá i gcur chun feidhme na mbeart rialaithe a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar fhad agus ar dhátaí an phostaithe.

16.   Oibreoidh údaráis inniúla sna Ballstáit i ndlúthchomhar lena chéile agus cuirfidh siad cúnamh frithpháirteach agus gach faisnéis ábhartha ar fáil dá chéile, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i dTreoir 2014/67/AE agus i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009.

Airteagal 2

Leasú ar Threoir 2006/22/CE

Leasaítear Treoir 2006/22/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus Threoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Treoir seo coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (*1) agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 (*2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Threoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1)."

(*3)  Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).”;"

(3)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Leis na seiceálacha sin, cumhdófar gach bliain trasghearradh mór ionadaíoch d’oibrithe, de thiománaithe, de ghnóthais agus d’fheithiclí soghluaiste atá faoi raon feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus d’oibrithe agus tiománaithe soghluaiste atá faoi raon feidhme Threoir 2002/15/CE. Beidh seiceálacha cois bóthair ar chomhlíonadh Threoir 2002/15/CE teoranta do ghnéithe ar féidir iad a sheiceáil go héifeachtúil trí thacagraf agus trealamh gaolmhar taifeadta. Ní fhéadfar seiceáil chuimsitheach a dhéanamh ar chomhlíonadh Threoir 2002/15/CE ach amháin san áitreabh.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

“Déanfaidh gach Ballstát seiceálacha a eagrú ar chaoi a ndéanfar seiceáil ar 3 % ar a laghad de na laethanta arna n-oibriú ag tiománaithe feithiclí a thagann faoi raon feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014. Le linn na seiceála cois bóthair, ceadófar don tiománaí dul i dteagmháil leis an gceannoifig, leis an mbainisteoir iompair nó le haon duine nó eintiteas eile, roimh dheireadh na seiceála cois bóthair, chun aon fhianaise in easnamh ar bord a chur ar fáil; tá an méid sin gan dochar d’oibleagáid an tiománaí úsáid chuí an trealaimh tacagraif a áirithiú.

Ón 1 Eanáir 2012 féadfaidh an Coimisiúin, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an céatadán íosta a mhéadú go 4 %, ar choinníoll go léirítear leis na staidreamh arna mbailiú de bhun Airteagal 3, go bhfuil tacagraf digiteach ag níos mó ná 90 %, ar an meán, de na feithiclí uile a dhéantar seiceáil orthu. Le linn an chinneadh a dhéanamh, cuirfidh an Coimisiúin éifeachtacht na mbeart forfheidmithe atá ann cheana a chur san áireamh, go háirithe infhaighteacht sonraí faoi thacagraf digiteach ar áitreabh gnóthas. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Ba cheart do gach Ballstát seiceálacha ar chomhlíonadh Threoir 2002/15/CE a eagrú ag cur san áireamh an córas rátála riosca dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Treoir seo. Díreofar na seiceálacha sin ar ghnóthas i gcás ina mbeidh sárú á dhéanamh go leanúnach nó sárú tromchúiseach á dhéanamh ag tiománaí amháin nó níos mó dá chuid ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nó (AE) Uimh. 165/2014.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ar an bhfaisnéis a chuirfear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus le hAirteagal 13 de Threoir 2002/15/CE beidh an líon tiománaithe arna sheiceáil cois bóthair, an líon seiceálacha a dhéanfar ar áitreabh gnóthas, an líon laethanta oibre arna sheiceáil, agus líon agus cineál na sáruithe arna dtuairisciú, agus léireofar, leis an bhfaisnéis sin, cé acu paisinéirí nó lasta a bhí á iompar.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú mír d’Airteagal 3:

“Tabharfaidh an Coimisiúin soiléiriú breise, más gá, trí ghníomhartha cur chun feidhme, ar shainmhínithe na gcatagóir a liostaítear faoi phointí (a) agus (b) den chéad mhír. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Seiceálacha comhbheartaithe

Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha comhbheartaithe cois bóthair, sé huaire sa bhliain ar a laghad, ar thiománaithe agus ar fheithiclí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nó (AE) Uimh. 165/2014. Ina theannta sin, féachfaidh na Ballstáit le seiceálacha comhbheartaithe a eagrú in áitribh gnóthas.

Déanfaidh údaráis forfheidhmithe dhá Bhallstát nó níos mó, iad ag feidhmiú ina gcríoch féin, na seiceálacha comhbheartaithe sin ag an am céanna.”;

(6)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfar seiceálacha in áitribh a phleanáil i bhfianaise na taithí a bhí ann cheana i dtaca leis na cineálacha éagsúla iompair agus gnóthas. Déanfar na seiceálacha sin freisin má bhraitear cois bóthair sáruithe tromchúiseacha ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nó (AE) Uimh. 165/2014 nó Treoir 2002/15/CE.”;

(7)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

na tuairisceáin staitistiúla dhébhliantúla a chur ar aghaidh chun an Choimisiúin faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(d)

malartú faisnéise leis na Ballstát eile a áirithiú de bhun Airteagal 8 den Treoir seo i ndáil le cur i bhfeidhm forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus Treoir 2002/15/CE.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Maidir le sonraí, taithí agus faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit, déanfar iad a chur chun cinn ar bhealach gníomhach, go príomha, ach ní go heisceach, tríd an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus trí aon chomhlacht den chineál sin a fhéadfaidh an Coimisiúin a ainmniú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Malartú Faisnéise

1.   Déanfar faisnéis a chuirfear ar fáil go déthaobhach faoi Airteagal 22(3) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhalartú freisin idir na comhlachtaí ainmnithe a dtugtar fógra don Choimisiún ina leith i gcomhréir le hAirteagal 7 den Treoir seo:

(a)

gach sé mhí ar a laghad tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo;

(b)

arna iarraidh sin go réasúnaithe ag Ballstát i gcásanna ar leith.

2.   Déanfaidh Ballstát an fhaisnéis a sholáthar arna iarraidh sin ag Ballstáit eile de bhun phointe (b) de mhír 1 laistigh de 25 lá oibre tar éis dó an iarraidh sin a fháil. Féadfar teorainn ama níos giorra a chomhaontú idir na Ballstáit. I gcásanna práinneacha nó i gcásanna nach gá ach cláir a cheadú, amhail cláir córas rátála riosca, déanfar an fhaisnéis arna iarraidh a sholáthar laistigh de thrí lá oibre.

I gcás ina measfaidh an Ballstát iarrtha nach bhfuil an iarraidh réasúnaithe go leor, cuirfidh sé an Ballstát iarrthach ar an eolas faoi sin faoi cheann 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh sin a fháil. Tabharfaidh an Ballstát iarrthach bunús breise leis an iarraidh. I gcás nach féidir leis an mBallstát an bunús breise sin leis an iarraidh a thabhairt, féadfaidh an Ballstát iarrtha an iarraidh sin a dhiúltú.

I gcás ina mbeidh sé deacair nó dodhéanta glacadh le hiarraidh ar fhaisnéis nó seiceálacha, cigireachtaí nó imscrúduithe a dhéanamh, cuirfidh an Ballstát iarrtha an Ballstát iarrthach ar an eolas faoi sin laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil agus tabharfaidh sé cúiseanna leis sin chun cuí-réasúnú a dhéanamh ar an deacracht nó ar an dodhéantacht sin. Beidh plé ag na Ballstáit lena mbaineann lena chéile d’fhonn réiteach a fháil.

I gcás ina mbeidh moill leanúnach ann maidir le faisnéis a chur ar fáil don Bhallstát a ndéantar an t-oibrí a chur ar postú ar a chríoch, cuirfear an Coimisiún ar an eolas agus déanfaidh sé bearta iomchuí.

3.   Cuirfear an malartú faisnéise dá bhforáiltear san Airteagal seo chun feidhme trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4). Ní bheidh feidhm aige sin maidir le faisnéis a mhalartóidh na Ballstáit trí na cláir leictreonacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 16(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) a cheadú go díreach.

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1)."

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).”;"

(9)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tabharfaidh na Ballstáit córas rátála riosca isteach do ghnóthais agus beidh sin bunaithe ar líon coibhneasta agus ar thromchúiseacht choibhneasta aon sáruithe a dhéanfaidh gnóthas aonair ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nó ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 nó ar fhorálacha lena dtrasuítear Treoir 2002/15/CE.

Faoin 2 Meitheamh 2021 déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, foirmle chomhchoiteann a bhunú chun an rátáil riosca atá ag gnóthas a ríomh. Leis an bhfoirmle chomhchoiteann sin, cuirfear san áireamh líon, tromchúiseacht agus minicíocht na sáruithe agus torthaí na rialuithe i gcás nár braitheadh aon sárú nó nár braitheadh, agus an raibh tacagraf cliste á úsáid ag gnóthas iompair de bhóthar, de bhun Chaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, ar a fheithiclí go léir. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir seo.”;

(b)

i mír 2, scriostar an dara habairt;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Leagtar amach liosta tosaigh de sháruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus a n-ualú tromchúiseachta in Iarscríbhinn III.

D’fhonn ualú thromchúiseacht na sáruithe ar Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 nó (AE) Uimh. 165/2014 a bhunú nó a nuashonrú, tugtar de chumhacht don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 15a den Treoir seo chun Iarscríbhinn III a leasú d’fhonn forbairtí rialála agus an tsábháilteacht ar bhóithre á gcur san áireamh.

Ba cheart go n-áireofaí ar an gcatagóir don sárú is tromchúisí na sáruithe lena gcruthaítear baol mór báis nó gortaithe phearsanta i gcás nach gcomhlíontar forálacha ábhartha Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014.”;

(d)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   Chun seiceálacha spriocdhírithe cois bóthair a éascú, beidh rochtain, tráth an rialaithe, ar na sonraí atá sa chóras rátála riosca ag údaráis rialúcháin inniúla an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis atá sa chóras rátála riosca náisiúnta ar fáil go díreach trí chláir leictreonacha idir-inoibritheacha náisiúnta amhail dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 d’údaráis inniúla na mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Rialachán sin.”;

(10)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh an Coimisiúin, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, treoirlínte maidir le dea-chleachtas forfheidhmithe a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

Foilseofar na treoirlínte sin i dtuarascáil dhébhliantúil ón gCoimisiúin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cur chuige comhchoiteann a bhunú maidir le tréimhsí oibre eile a thaifeadadh agus a rialú, mar a shainítear i bpointe (e) d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 é, lena n-áirítear foirm an taifeadta agus na cásanna sonracha ina bhfuil sé le tarlú agus maidir le taifeadadh agus rialú tréimhsí seachtaine ar a laghad ina mbeidh an tiománaí ar shiúl ón bhfeithicil, agus neamhábalta tabhairt faoi aon ghníomhaíochtaí leis an bhfeithicil sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir seo.”;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 12 go 15:

“Airteagal 12

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 13

Bearta Chur Chun Feidhme

Arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme go háirithe agus ceann de na haidhmeanna seo a leanas leo:

(a)

cur chuige comhchoiteann a chur chun cinn maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme;

(b)

chun comhleanúnachas sa chur chuige idir údaráis forfheidhmithe agus léirmhíniú comhchuibhithe ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 idir údaráis forfheidhmithe a spreagadh;

(c)

chun an t-idirphlé idir an earnáil iompair agus na húdaráis forfheidhmithe a éascú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir seo.

Airteagal 14

Caibidlíocht le tríú tíortha

Nuair a bheidh an Treoir seo i bhfeidhm, tosóidh an tAontas caibidlíocht leis na tríú tíortha ábhartha d’fhonn na rialacha atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos sa Treoir seo a chur i bhfeidhm.

Go dtí go gcuirfear an chaibidlíocht sin i gcrích, áireoidh na Ballstáit sonraí ar sheiceálacha a dhéantar ar fheithiclí ó thríú tíortha ina dtuairisceáin chun an Choimisiúin mar a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

Airteagal 15

Na hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a chun Iarscríbhinní I agus II a leasú chun oiriúnuithe riachtanacha a thabhairt isteach chun forbairtí sa dea-chleachtas a léiriú.

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(12)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 15a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 1 Lúnasa 2020. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus Airteagal 15 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*7).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(3) agus Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(13)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

leasaítear Cuid A mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (1) agus (2):

“(1)

amanna tiomána laethúla agus seachtainiúla, sosanna agus tréimhsí sosa laethúla agus seachtainiúla; agus bileoga taifid na laethanta roimhe sin a chaithfear a iompar ar bhord na feithicle i gcomhréir le hAirteagal 36(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus/nó na sonraí a stóráiltear don tréimhse chéanna ar an gcárta tiománaí agus/nó i gcuimhne an trealaimh thaifeadta i gcomhréir le hIarscríbhinn ΙΙ a ghabhann leis an Treoir seo agus/nó ar asphriontaí;

(2)

don tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 36 de mhíreanna (1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 aon chás ina sárófar luas údaraithe na feithicle, arna shainiú mar aon tréimhsí is mó ná nóiméad amháin ar lena linn is mó luas na feithicle ná 90 km/h le haghaidh feithiclí chatagóir N3 nó 105 km/h le haghaidh feithiclí chatagóir M3 (catagóirí N3 agus M3 mar a shainítear i dTreoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8));

(*8)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a cheadú, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a ceapadh do na feithiclí sin (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).”;"

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

“(4)

feidhmiú ceart an trealaimh taifeadta (cinneadh ar mhí-úsáid féideartha an trealaimh agus/nó chárta an tiománaí agus/nó na mbileog taifid) nó, i gcás inarb iomchuí, láithreacht na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 16(2) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006;”;

(iii)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(6)

uastréimhse oibre sheachtainiúil sínte 60 uair mar a leagtar amach in Airteagal 4 pointe (a) de Threoir 2002/15/CE; tréimhsí oibre seachtainiúla eile mar a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 de Threoir 2002/15/CE, i gcás ina gcumasaíonn an teicneolaíocht sin seiceálacha éifeachtacha a dhéanamh.”;

(b)

leasaítear Cuid B mar seo a leanas:

(i)

cuirtear na pointí seo a leanas leis an gcéad fhomhír:

“(4)

ceanglais maidir le meán-uastréimhsí oibre seachtainiúla, sosanna agus obair oíche mar a leagtar amach in Airteagail 4, 5 agus 7 de Threoir 2002/15/CE a chomhlíonadh.

(5)

comhlíonadh oibleagáidí gnóthas maidir le híocaíocht le haghaidh lóistíní tiománaithe agus eagrú oibre tiománaithe, i gcomhréir le hAirteagal 8(8) agus (8a) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Féadfaidh na Ballstáit, más iomchuí, dliteanas comhchéimeoirí nó gabhálais eile a sheiceáil sa slabhra iompair, amhail seoltóirí, seoltóirí lasta nó conraitheoirí, má bhraitear sárú, lena n-áirítear fíorú go gceadaítear le conarthaí chun iompar a sholáthar comhlíonadh Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014.”.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“13.

Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus Threoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE (*9) ón gComhairle: Airteagal 8.

14.

Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonrach a i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (*10): Airteagal 1(14).

Airteagal 4

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 5

Pionóis agus smachtbhannaí

1.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí i gcoinne coinsíneoirí, seoltóirí lasta, conraitheoirí agus fochonraitheoirí mura gcomhlíonfaidh siad forálacha náisiúnta a ghlactar de bhun Airteagal 1, i gcás ina raibh a fhios acu, nó i bhfianaise na n-imthosca ábhartha uile gur cheart a fhios a bheith acu, go mbaineann sáruithe ar na forálacha sin leis na seirbhísí iompair atá coimisiúnaithe acu.

2.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis is infheidhme i ndáil le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta a ghlactar de bhun Airteagal 1 agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach.

Airteagal 6

Forfheidhmiú cliste

Gan dochar do Threoir 2014/67/AE agus chun forfheidhmiú sa bhreis a dhéanamh ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 1 den Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar straitéis chomhréireach forfheidhmithe náisiúnta a chur i bhfeidhm ina gcríoch. Díreoidh an straitéis sin ar ghnóthais a bhfuil rátáil ard riosca ag baint leo, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE.

Airteagal 7

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach seo, go háirithe ar thionchar Airteagal 1, faoin 31 Nollaig 2025 agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

2.   Mar thoradh ar an tuarascáil dá dtagraítear in mír 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta ar an Treoir seo agus na torthaí meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tograí ábhartha ag gabháil le torthaí na meastóireachta, más iomchuí.

Airteagal 8

Oiliúint

Comhoibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile maidir le hoideachas agus oiliúint a chur ar fáil d’údaráis forfheidhmithe, ag cur le scéimeanna forfheidhmithe atá ann cheana.

Beidh fostóirí freagrach as a áirithiú go bhfaighidh a dtiománaithe eolas faoina gcearta agus a n-oibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo.

Airteagal 9

Trasuí

1.   Na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 2 Feabhra 2022. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 2 Feabhra 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 11

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Iúil 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. KLOECKNER


(1)  IO C 197, 8.6.2018, lch. 45.

(2)  IO C 176, 23.5.2018, lch. 57.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2020 (IO C 149, 5.5.2020, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

(5)  Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú soláthar seirbhísí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“an Rialachán IMI”) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).

(13)  Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

(14)  Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

(16)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(18)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(19)  Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 173, 9.7.2018, lch. 16).

(20)  Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).

(21)  Treoir 91/533/CEE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1991 maidir le hoibleagáid ar fhostóir a chuid fostaithe a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta (IO L 288, 18.10.1991, lch. 32).