ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 247

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
31 Iúil 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1128 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‐aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/19

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1129 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

5

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1130 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

14

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/1131 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena seoltar Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA)

16

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/1132 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n‐eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‐aisghairtear Cinneadh (CBES) 2020/20

18

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/1133 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA)

22

 

*

Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2020/1134 an 30 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/915 maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais lena dtacaítear le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm

24

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/1135 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv

25

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/1136 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/849 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

30

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1137 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

40

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1128 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2020

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‐aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 13 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2020/19 (2) lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001, lena mbunaítear liosta nuashonraithe na ndaoine, na ngrúpaí, agus na n‐eintiteas a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir leo (“an liosta”).

(2)

I gcás inarbh fhéidir go praiticiúil é, chuir an Chomhairle ráitis ar fáil do na daoine, na grúpaí agus na heintitis ar fad ar na cúiseanna ar cuireadh ar an liosta iad.

(3)

Trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chuir an Chomhairle na daoine, na grúpaí agus na heintitis atá ar an liosta ar an eolas gur chinn sí iad a choinneáil ar an liosta sin. Chuir an Chomhairle in iúl do na daoine, na grúpaí agus na heintitis sin lena mbaineann freisin go bhféadfaí ráiteas a iarraidh ar na cúiseanna a bhí ag an gComhairle iad a chur ar an liosta i gcás nár tugadh ráiteas den sórt sin dóibh cheana.

(4)

Tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar an liosta faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001. Agus an t‐athbhreithniú sin á dhéanamh aici, chuir an Chomhairle na barúlacha a chuir na daoine lena mbaineann faoina bráid san áireamh chomh maith leis an bhfaisnéis nuashonraithe a fuarthas ó na húdaráis náisiúnta inniúla maidir le stádas na ndaoine aonair agus na n‐eintiteas atá liostaithe ar an leibhéal náisiúnta.

(5)

Tá an Chomhairle tar éis a fhíorú go bhfuil institiúidí inniúla, dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle (3), tar éis cinntí a dhéanamh i dtaca le gach duine, gach grúpa agus gach eintiteas atá ar an liosta lena léirítear go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(2) agus (3) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES. Tá an Chomhairle tar éis a chinneadh freisin gur cheart go leanfadh na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo de bheith faoi réir na mbeart sriantach sonrach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001.

(6)

Chinn an Chomhairle nach bhfuil forais ann a thuilleadh chun duine amháin a choinneáil ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n‐eintiteas a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo.

(7)

Ba cheart an liosta a nuashonrú dá réir agus ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/19 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach liosta de dhaoine, grúpaí agus eintitis dá bhforáiltear in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Déantar, leis seo, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/19 ón gComhairle a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 344, 28.12.2001, lch. 70.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/19 an 13 Eanáir 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‐aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1337 (IO L 81, 14.1.2020, lch. 1).

(3)  Comhsheasamh 2001/931/CBES an 27 Nollaig 2001 ón gComhairle maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93).


IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA nDAOINE, NA nGRÚPAÍ AGUS NA nEINTITEAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

I.   DAOINE

1.

ABDOLLAHI, Hamed (ar a dtugtar freisin Mustafa Abdullahi) a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Uimhir an phas: D9004878.

2.

AL-NASSER, Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

3.

AL YACOUB, Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4.

ARBABSIAR Manssor (ar a dtugtar freisin Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, uimhir an Phas: C2002515 (an Iaráin); Uimhir an phas: 477845448 (SAM). Uimhir cárta aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

5.

ASADI Assadollah, a rugadh an 22.12.1971 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

6.

BOUYERI, Mohammed (ar a dtugtar freisin Abu ZUBAIR, ar a dtugtar freisin SOBIAR, ar a dtugtar freisin Abu ZOUBAIR), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

7.

EL HAJJ, Hassan Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Uimhir an phas: JX446643 (Ceanada).

8.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9.

IZZ-AL-DIN, Hasan (ar a dtugtar freisin GARBAYA, Ahmed, ar a dtugtar freisin SA-ID, ar a dtugtar freisin SALWWAN, Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

10.

MELIAD, Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Uimhir an phas: M2719127 (an Astráil).

11.

MOHAMMED, Khalid Shaikh (ar a dtugtar freisin ALI, Salem, ar a dtugtar freisin BIN KHALID, Fahd Bin Adballah, ar a dtugtar freisin HENIN, Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin WADOOD, Khalid Adbul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, uimhir an phas 488555.

12.

ŞANLI, Dalokay (ar a dtugtar freisin Sinan), a rugadh an 13.10.1976 in Pülümür (an Tuirc).

13.

SHAHLAI Abdul Reza (ar a dtugtar freisin Abdol Reza Shala’i, ar a dtugtar freisin Abd-al Reza Shalai, ar a dtugtar freisin Abdorreza Shahlai, ar a dtugtar freisin Abdolreza Shahla’i, ar a dtugtar freisin Abdul-Reza Shahlaee, ar a dtugtar freisin Hajj Yusef, ar a dtugtar freisin Haji Yusif, ar a dtugtar freisin, Hajji Yasir, ar a dtugtar freisin Hajji Yusif, ar a dtugtar freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, an Iaráin, (2) Bunáit Mhíleata Mehran, cúige Ilam, an Iaráin.

14.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Tehran na hIaráine.

II.   GRÚPAÍ AGUS EINTITIS

1.

“Abu Nidal Organisation” — “ANO” (ar a dtugtar freisin “Fatah Revolutionary Council”, ar a dtugtar freisin “Arab Revolutionary Brigades”, ar a dtugtar freisin “Black September”, ar a dtugtar freisin “Revolutionary Organisation of Socialist Muslims”).

2.

“Al-Aqsa Martyrs’ Brigade”.

3.

“Al-Aqsa e.V”.

4.

“Babbar Khalsa”.

5.

“Communist Party of the Philippines”, lena n‐áirítear “New People’s Army” — “NPA”, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine.

7.

“Gama’a al-Islamiyya” (ar a dtugtar freisin “Al-Gama’a al-Islamiyya”) (“Islamic Group” — “IG”).

8.

“İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi” — “IBDA-C” (“Great Islamic Eastern Warriors Front”).

9.

“Hamas” lena n‐áirítear “Hamas-Izz al-Din-al-Qassem”.

10.

“Hizballah Military Wing” (ar a dtugtar freisin “Hezbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbullah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hezballah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hisbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbu’llah Military Wing” ar a dtugtar freisin “Hizb Allah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Jihad Council” (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n‐áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

11.

“Hizbul Mujahideen”" — “HM”.

12.

“Khalistan Zindabad Force” — “KZF”.

13.

“Kurdistan Workers’ Party” — “PKK” (ar a dtugtar freisin “KADEK”, ar a dtugtar freisin “KONGRA-GEL”).

14.

“Liberation Tigers of Tamil Eelam” — “LTTE”.

15.

“Ejército de Liberación Nacional” (“an tArm um Shaoradh Náisiúnta”).

16.

“Palestinian Islamic Jihad” — “PIJ”.

17.

“Popular Front for the Liberation of Palestine” — “PFLP”.

18.

“Popular Front for the Liberation of Palestine — General Command” (ar a dtugtar freisin “PFLP — General Command”).

19.

“Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi” — “DHKP/C” (ar a dtugtar freisin “Devrimci Sol” (“Revolutionary Left”), ar a dtugtar freisin “Dev Sol” (“Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party”).

20.

“Sendero Luminoso” — “SL” (“an Chonair Lonrach”).

21.

“Teyrbazen Azadiya Kurdistan” — “TAK” (ar a dtugtar freisin “Kurdistan Freedom Falcons”, ar a dtugtar freisin “Kurdistan Freedom Hawks”).

31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1129 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2020

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (1), agus go háirithe Airteagal 47(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, De bharr an mhéid seo a leanas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 2017/1509.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 47a(1) de Rialachán (AE) 2017/1509, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinní XV, XVI, XVII agus XVIII a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Is é conclúid na Comhairle gur cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus eintitis atá sna liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinn XV agus Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 a choimeád, gur cheart an ráiteas ar na cúiseanna atá leis an naoi nduine dhéag agus an fhaisnéis aitheantais faoi chúigear agus dhá eintiteas a nuashonrú agus gur cheart inscne na ndaoine nádúrtha ar fad a liostaítear in Iarscríbhinn XV a áireamh san fhaisnéis aitheantais.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 224, 31.8.2017, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

(1)   

In Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509, Cuid (a) (“Daoine nádúrtha atá ainmnithe i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 34(4)”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 go 27:

 

Ainm (agus ailiasanna féideartha)

Faisnéis aitheantais

Dáta ainmniúcháin

Cúiseanna

“1.

CHON Chi Bu

(CHON Chi-bu)

Inscne: fireann

22.12.2009

Comhalta den General Bureau of Atomic Energy, iarstiúrthóir teicniúil Yongbyon. Léirigh grianghraif go raibh baint aige le himoibreoir núicléach sa tSiria sular bhuamáil Iosrael é in 2007.

2.

HYON Chol-hae

(ailias HYON Chol Hae)

Dáta Breithe: 13.8.1934

Áit bhreithe: Manchuria, China

Inscne: fireann

22.12.2009

Marascal Airm sa Korean People’s Army ó 2016 i leith. Iar-Leas-Aire an People’s Armed Forces, iar-Leas-Stiúrthóir an General Political Department of the Korean People’s Army (comhairleoir míleata Kim Jong-Il nach maireann). Tofa ina chomhalta ar Workers’ Party of Korea Central Committee i mí na Bealtaine 2016 ag an 7ú Comhdháil den Workers’ Party of Korea, áit ar ghlac WPK cinneadh leanúint de chlár núicléach DPDC.

3.

O Kuk-Ryol

(ailias O Kuk Ryol)

Dáta Breithe: 7.1.1930

Áit bhreithe: Jilin Province, China.

Inscne: fireann

22.12.2009

Iar-Leas-Chathaoirleach an National Defence Commission, a bhí ina chomhlacht lárnach do chúrsaí cosanta náisiúnta i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré sular ndearnadh é a athchóiriú mar an State Affairs Commission (SAC), a rinne maoirseacht ardteicneolaíocht a fháil ó thíortha thar lear do chláir núicléacha agus bhalaistíocha. Iar-chomhalta den Workers’ Party of Korea Central Committee a toghadh i mí na Bealtaine 2016 ag an 7ú Comhdháil den Workers’ Party of Korea, áit ar ghlac WPK cinneadh leanúint de chlár núicléach DPDC.

4.

PAK Jae-gyong

(ailias Chae-Kyong; PAK Jae Gyong)

Dáta Breithe: 10.6.1933

Uimhir an Phas: 554410661

Inscne: fireann

22.12.2009

Ginearál sa Korean People’s Army. Iar-Leas-Stiúrthóir an General Political Department of the People’s Armed Forces agus iar-Leas-Stiúrthóir an General Political Department of the Logistics Bureau of the People’s Armed Forces (comhairleoir míleata Kim Jong-Il nach maireann). I láthair ag iniúchadh GKIM Jong Un ar an Strategic Rocket Force Command. Iar-chomhalta den Central Committee of the Workers’ Party of Korea. Uachtarán an Korean Committee of Veterans against Imperialism.

5.

RYOM Yong

Inscne: fireann

22.12.2009

Stiúrthóir ar an General Bureau of Atomic Energy (eintiteas arna ainmniú ag na Náisiúin Aontaithe), i gceannas ar chaidreamh idirnáisiúnta.

6.

SO Sang-kuk (ailias SO Sang Kuk)

Dáta breithe: idir 1932 agus 1938

Inscne: fireann

22.12.2009

Ceann ar Department of Nuclear Physics, Kim Il Sung University.

7.

Leifteanant-Ghinearál KIM Yong Chol

(ailias: KIM Yong-Chol; KIM Young-Chol; KIM Young-Cheol; KIM Young-Chul)

Dáta Breithe: 1946

Áit bhreithe: Pyongan-Pukto, DPRK

Inscne: fireann

19.12.2011

Comhalta den Workers’ Party of Korea Central Military Commission, den Politburo agus den State Affairs Commission of the Democratic People’s Republic of Korea. Iarcheannasaí an Reconnaissance General Bureau (RGB), eintiteas atá faoi réir smachtbhannaí ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Iar-stiúrthóir an United Front Department.

8.

CHOE Kyong-song

(ailias CHOE Kyong song)

Dáta Breithe: 1945

Inscne: fireann

20.5.2016

Cornal Ginearál sa Korean People’s Army. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

9.

CHOE Yong-ho (ailias CHOE Yong Ho)

Inscne: fireann

20.5.2016

Cornal Ginearál sa Korean People’s Army/Korean People’s Army Air Force General. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ceannasaí an Korean People’s Army Air Force agus an fhórsa Fhrith-aerárthaigh. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

10.

HONG Sung-Mu

(ailias HUNG Sun Mu; HONG Sung Mu)

Dáta Breithe: 1.1.1942

Inscne: fireann

20.5.2016

Leas-stiúrthóir ar an Munitions Industry Department (MID). I gceannas ar fhorbairt clár a bhaineann le gnáthairm agus gnáthdhiúracáin, lena n-áirítear diúracáin bhalaistíocha. Ceann de na daoine is mó atá freagrach as na cláir forbartha tionscail le haghaidh arm núicléach. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. A chonaic an diúracán balaistíoch idir-ilchríochach Hwasong-15 á láinseáladh an 28 Samhain 2017.

11.

JO Kyongchol (ailias JO Kyong Chol

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál sa Korean People’s Army. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Stiúrthóir ar an Military Security Command. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. I dteannta Kim Jong Un don druil dóiteáin airtléire fadraoin is mó riamh.

12.

KIM Chun-sam

(ailias KIM Chun Sam))

Inscne: fireann

20.5.2016

Leifteanant-Ghinearál, iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Iar-Stiúrthóir ar Operations Department of the Military Headquarters of the Korean People’s Army agus an chéad leas-cheannaire ar an gCeanncheathrú Mhíleata. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

13.

KIM Chun-sop

(ailias KIM Chun Sop)

Inscne: fireann

20.5.2016

Iar-Stiúrthóir ar an Munitions Industry Department (MID). Iarchomhalta den National Defence Commission, atá athchóirithe anois ina State Affairs Commission (SAC), ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta i DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Ag seisiún grianghraf dóibh siúd a rannchuidigh le tástáil rathúil diúracáin bhailistíoch a lainseáladh faoi uisce i mí Bealtaine 2015.

14.

KIM Jong-gak

(ailias KIM Jong Gak)

Dáta Breithe: 20.7.1941

Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK

Inscne: fireann

20.5.2016

Iar-Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army. Leas-Mharascal sa Korean People’s Army, reachtaire an Military University of Kim Il-Sung, iar-Aire People’s Armed Forces agus iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

15.

KIM Rak Kyom

(ailias KIM Rak-gyom; KIM Rak Gyom)

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál Ceithre Réalta, Ceannasaí an Strategic Rocket Force, eintiteas a d’ainmnigh na Náisiúin Aontaithe, a thuairiscítear go bhfuil siad i gceannas anois ar cheithre aonad diúracán straitéiseacha agus oirbheartaíochta, lena n-áirítear an bhriogáid KN-08 (ICBM). Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Sainaithníodh i dtuarascálacha na meán go raibh KIM i láthair ag an tástáil innill ICBM i mí Aibreáin 2016 le KIM Jong Un. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Druil lámhaigh roicéid bhalaistíche ordaithe.

16.

KIM Won-hong

(ailias KIM Won Hong)

Dáta Breithe: 7.1.1945

Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK

Uimhir an phas: 745310010

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál. Iar-Chéad-Leas-Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army. Iar-Stiúrthóir ar an State Security Department. Iar-Aire Slándála Stáit. Comhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus den National Defence Commission a bhí ina chomhlacht lárnach do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC sular ndearnadh é a athchóiriú mar an State Affairs Commission (SAC), arb iad na comhlachtaí lárnacha do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

17.

PAK Jong-chon

(ailias PAK Jong Chon)

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál sa Korean People’s Army, Ceannaire ar an bhFoireann Ghinearálta ó mhí Aibreáin 2019 i leith; comhalta den Politburo ó mhí Aibreáin 2020 i leith. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

18.

LI Yong-ju

(ailias RI Yong Ju)

Inscne: fireann

20.5.2016

Aimiréal an Korean People’s Army. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ardcheannasaí ar an Korean People’s Navy, atá rannpháirteach i bhforbairt clár diúracán bailistíoch agus i bhforbairt acmhainneachtaí núicléacha fhórsaí cabhlaigh DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

19.

SON Chol-ju

(ailias SON Chol Ju)

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál sa Korean People’s Army. Leas-Stiúrthóir atá freagrach as an Korea People’s Army a eagrú agus iar-Stiúrthóir Polaitiúil ar an Air and Anti-Air forces, a dhéanann maoirseacht ar fhorbairt roicéad frith-aerárthaigh nuachóirithe. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

20.

YUN Jong-rin

(ailias YUN Jong Rin)

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál, iarcheannasaí ar an Supreme Guard Command. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus comhalta den National Defence Commission, a bhí ina chomhlacht lárnach do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC sular ndearnadh é a athchóiriú mar an State Affairs Commission (SAC), arb iad go léir comhlachtaí lárnacha do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

21.

HONG Yong Chil

Inscne: fireann

20.5.2016

Leas-Stiúrthóir ar an Munitions Industry Department (MID). Tá an Munitions Industry Department — a d’ainmnigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2016— rannpháirteach i ngnéithe lárnacha de chlár diúracán DPDC. Tá MID freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt dhiúracáin bhailistíocha DPDC, lena n-áirítear an Taepo Dong-2, táirgeadh arm agus cláir T&F. Tá an Second Economic Committee agus an Second Academy of Natural Sciences — a ainmníodh freisin i mí Lúnasa 2010 – faoi réir MID. Tá obair déanta ag MID le blianta beaga anuas chun ICBM bóthair KN08 a fhorbairt. Bhí HONG i dteannta KIM Jong Un ag roinnt imeachtaí a bhaineann le cláir diúracán núicléach agus bailistíoch DPDC a fhorbairt agus meastar go raibh ról suntasach aige i dtástáil núicléach DPDC an 6 Eanáir 2016. Leas-Stiúrthóir ar Workers’ Party of Korea Central Committee. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. I láthair ag tástáil talún ar inneall ICBM de chineál nua i mí Aibreáin 2016.

22.

RI Hak Chol

(ailiasanna RI Hak Chul, RI Hak Cheol)

Dáta Breithe: 19.1.1963 nó 8.5.1966

Pas: 381320634; PS-563410163

Inscne: fireann

20.5.2016

Uachtarán ar Green Pine Associated Corporation (‘Green Pine’). De réir an UN Sanctions Committee, ghabh Green Pine chuige féin roinnt mhaith de ghníomhaíochtaí an Korea Mining Development Trading Corporation (KOMID). D’ainmnigh an Coiste KOMID i mí Aibreáin 2009 agus is é príomhdhéileálaí arm DPDC agus príomhonnmhaireoir earraí agus trealaimh a bhaineann le diúracáin bhailistíocha agus le hairm thraidisiúnta. Tá Green Pine freagrach freisin as tuairim is leath na n-arm agus na n-ábhar gaolmhar arna n-onnmhairiú ag DPDC. Sainaithníodh Green Pine le haghaidh smachtbhannaí as ucht airm nó ábhar gaolmhar a onnmhairiú ó DPDC. Is speisialtóireacht de chuid Green Pine é árthach agus armálacha míleata muirí, amhail fomhuireáin, báid mhíleata agus córais diúracán, a tháirgeadh agus d’onnmhairigh sé toirpéid chuig comhlachtaí san Iaráin a bhfuil baint acu le cúrsaí cosanta agus thug sé agus cúnamh teicniúil dóibh. D’ainmnigh CSNA Green Pine.

23.

YUN Chang Hyok

Dáta Breithe: 9.8.1965

Inscne: fireann

20.5.2016

Leas-Stiúrthóir ar an Satellite Control Centre, National Aerospace Development Administration (NADA). Tá NADA faoi réir smachtbhannaí faoi Rún 2270 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ndáil le bheith rannpháirteach i bhforbairt na spáseolaíochta agus na spásteicneolaíochta, lena n-áirítear lainseálacha satailíte agus roicéid iompróra. Le Rún 2270 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe cáineadh lainseáil satailíte DPDC an 7 Feabhra 2016 as teicneolaíocht diúracán balaistíoch a úsáid agus rúin 1718 (2006), 1874 (2009), 2087 (2013) agus 2094 (2013) a shárú go tromchúiseach. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

24.

RI Myong Su

Dáta Breithe: 1937

Áit bhreithe: Myongchon, North Hamgyong, DPRK

Inscne: fireann

7.4.2017

Leas-Mharascal sa Korean People’s Army, an chéad leascheannasaí ar an Korean People’s Army Supreme Command. Go dtí 2018, comhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus Ceann Foirne an People’s Armed Forces. Tá tionchar ag Ri Myong Su i gcónaí i ndáil le cúrsaí cosanta náisiúnta, lena n-áirítear cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile. Is comhalta é Ri le fada den Supreme People’s Assembly (SPA); an 14ú ceann faoi láthair.

25.

SO Hong Chan

Dáta Breithe: 30.12.1957

Áit bhreithe: Kangwon, DPRK

Pas: PD836410105 Dáta éaga an phas: 27.11.2021

Inscne: fireann

7.4.2017

An Chéad Leas-Aire agus Stiúrthóir ar Logistics Bureau of the People’s Armed forces, comhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus an Ginearál sna People’s Armed Forces. Sa cháil sin, tá So Hong Chan freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

26.

WANG Chang Uk

Dáta Breithe: 29.5.1960

Inscne: fireann

7.4.2017

Aire Tionscail agus Fuinnimh Adamhaigh. Sa cháil sin, tá Wang Chang Uk freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

27.

JANG Chol

Dáta Breithe: 31.3.1961

Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK

Uimhir an Phas: 563310042

Inscne: fireann

7.4.2017

Iar-uachtarán an State Academy of Sciences, eagraíocht atá tiomnaithe d’acmhainní teicneolaíochta agus eolaíocha DPDC a fhorbairt. Sa cháil sin, bhí post straitéiseach ag Jang Chol chun gníomhaíochtaí núicléacha DPDC a fhorbairt. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.”.

(2)   

In Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509, Cuid (b) (“Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí atá ainmnithe i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 34(4)”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2:

 

Ainm (agus ailiasanna féideartha)

Suíomh

Dáta ainmniúcháin

Cúiseanna

“2.

Korean Ryengwang Trading Corporation

ar a dtugtar freisin KOREA RYONGWANG TRADING CORPORATION

Rakwon-dong, Pothonggang District, Pyongyang, DPRK

22.12.2009

Fochuideachta den Korea Ryongbong General Corporation (eintiteas arna ainmniú ag CSNA, 24.4.2009).”.

(3)   

In Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509, Cuid (c) (“Daoine nádúrtha atá ainmnithe i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 34(4))”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 go 6:

 

Ainm (agus ailiasanna féideartha)

Faisnéis aitheantais

Dáta ainmniúcháin

Cúiseanna

“1.

JON Il-chun (ailias JON Il Chun)

Dáta Breithe: 24.8.1941

Inscne: fireann

22.12.2010

I mí Feabhra 2010, briseadh KIM Tong-un as a phost mar stiúrthóir ar ‘Office 39’, atá, i measc nithe eile, i gceannas ar earraí a cheannach amach as ionadaíochtaí taidhleoireachta DPDC lena seachnaítear smachtbhannaí. Tháinig JON Il-chun ina ionad. Ionadaí an National Defence Commission, a bhí ina chomhlacht lárnach do chúrsaí cosanta náisiúnta i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré sular athchóiríodh é ina State Affairs Commission (SAC), toghadh é ina ardstiúirtheoir ar an State Development Bank i Márta 2010. Toghadh mar chomhalta malartach den Workers’ Party of Korea Central Committee é i mí na Bealtaine 2016 ag an 7ú Comhdháil den Workers’ Party of Korea, áit ar ghlac WPK cinneadh leanúint de chlár núicléach DPDC.

2.

KIM Tong-un (ailias KIM Tong Un)

Inscne: fireann

22.12.2009

Iar-stiúrthóir ‘Office 39’ den Central Committee of the Workers’ Party of Korea, coiste a bhfuil baint aige le maoiniú iomadaithe. In 2011, tuairiscíodh go raibh sé i gceannas ar ‘Office 38’ chun cistí a thiomsú le haghaidh na ceannaireachta agus na scothaicmí.

3.

KIM Yong Nam (KIM Yong-Nam, KIM Young-Nam, KIM Yong-Gon)

Dáta Breithe: 2.12.1947

Áit bhreithe: Sinuju, DPRK

Inscne: fireann

20.4.2018

Tá KIM Yong Nam sainaitheanta ag an bPainéal Saineolaithe mar ghníomhaire de chuid Reconnaissance General Bureau, eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe. Tá sé sainaitheanta ag an bPainéal Saineolaithe go bhfuil baint aige agus ag a mhac KIM Su Gwang le patrún de chleachtais mhíthreoracha airgeadais a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracán balaistíoch nó le hairm ollscriosta eile. Tá cuntais bainc agus cuntais choigiltis éagsúla oscailte agus KIM Yong Nam san Aontas agus bhí baint aige le roinnt aistrithe móra bainc chuig cuntais bainc san Aontas nó chuig cuntais lasmuigh den Aontas agus é ag obair mar thaidhleoir, lena n-áirítear chuig cuntais in ainm a mhic KIM Su Gwang agus a bhanchliamhain KIM Kyong Hui

4.

DJANG Tcheul Hy

(JANG Tcheul-hy, JANG Cheul-hy, JANG Chol-hy, DJANG Cheul-hy, DJANG Chol-hy, DJANG Tchoul-hy, KIM Tcheul-hy)

Dáta Breithe: 11.5.1950

Áit bhreithe: Kangwon

Inscne: baineann

20.4.2018

Bhí baint ag DJANG Tcheul Hy, in éineacht lena fear céile KIM Yong Nam agus lena mhac KIM Su Gwang agus lena banchliamhain KIM Kyong Hui le patrún de chleachtais míthreoracha airgeadais a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile. Bhí roinnt cuntas bainc aici san Aontas a d’oscail a mac KIM Su Gwang ina hainm. Bhí baint aici freisin le roinnt aistrithe bainc ó chuntais a bhanchliamhain KIM Kyong Hui chuig cuntais lasmuigh den Aontas.

5.

KIM Su Gwang

(KIM Sou-Kwang, KIM Sou-Gwang, KIM Son-Kwang, KIM Su-Kwang, KIM Soukwang, KIM Su-gwang, KIM Son-gwang)

Dáta Breithe: 18.8.1976

Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK

Taidhleoir, DPRK Embassy, Belarus

Inscne: fireann

20.4.2018

Tá KIM Su Gwang sainaitheanta ag an bPainéal Saineolaithe mar ghníomhaire de chuid an Reconnaissance General Bureau, eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe. Tá sé sainaitheanta ag an bPainéal Saineolaithe go bhfuil baint aige féin agus a athair KIM Yong Nam le patrún de chleachtais míthreoracha airgeadais a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile. Tá an iliomad cuntas bainc oscailte ag KIM Su Gwang i roinnt Ballstát, lena n-áirítear faoi ainm daoine muinteartha leis. Bhí baint aige le roinnt aistrithe móra bainc chuig cuntais bainc san Aontas nó chuig cuntais lasmuigh den Aontas agus é ag obair mar thaidhleoir, lena n-áirítear chuig cuntais in ainm a chéile KIM Kyong Hui.

6.

KIM Kyong Hui

Dáta Breithe: 6.5.1981

Áit bhreithe: Pyongyang, DPRK

Inscne: baineann

20.4.2018

Bhí baint ag KIM Kyong Hui, in éineacht lena fear céile KIM Su Gwang, lena hathair céile KIM Yong Nam agus lena máthair chéile DJANG Tcheul Hy le patrún de chleachtais mhíthreoracha airgeadais a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile. Fuair sí roinnt aistrithe bainc óna fear céile KIM Su Gwang agus óna hathair céile KIM Yong Nam agus d’aistrigh sí airgead chuig cuntais lasmuigh den Aontas ina hainm nó in ainm a máthar céile, DJANG Tcheul Hy.”.

(4)   

In Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509, Cuid (a) (“Daoine nádúrtha”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 4 agus 24:

 

Ainm (agus ailiasanna féideartha)

Faisnéis aitheantais

Dáta ainmniúcháin

Cúiseanna

“4.

JON Chol Young

ar a dtugtar freisin: JON Chol Yong

Uimhir an Phas: 563410192

Taidhleoir DPRK Embassy, Angola

Dáta breithe: 30.4.1975

22.1.2018

Iarionadaí Green Pine Associated Corporation in Angóla agus taidhleoir DPDC atá creidiúnaithe chuig Angóla.

Tá Green Pine ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe mar gheall ar ghníomhaíochtaí lena n-áirítear sárú ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe. Rinne Green Pine conarthaí a chaibidil freisin chun soithí cabhlaigh Angóla a athchóiriú de shárú ar na toirmisc a forchuireadh le Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

24.

SO Tong Myong

Dáta Breithe: 10.9.1956

3.7.2015

Iar-Uachtarán Korea National Insurance Corporation (KNIC), iar-Chathaoirleach KNIC Executive Management Committee (Meitheamh 2012); iar-Bhainisteoir Ginearálta KNIC, Meán Fómhair 2013, ag gníomhú thar ceann KNIC nó faoina stiúir.”.

(5)   

In Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509, Cuid (B) (“Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 4:

 

Ainm (agus ailiasanna féideartha)

Suíomh

Dáta ainmniúcháin

Cúiseanna

“4.

Pan Systems Pyongyang

ar a dtugtar freisin Wonbang Trading Co.; Glocom; International Golden Services; International Global System

Seoladh: Room 818, Pothonggang Hotel, Ansan-Dong, Pyongchon district, Pyongyang, DPRK.

16.10.2017

Tá cúnamh tugtha ag Pan Systems chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré.

Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau freisin, eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus oibríonn sé thar a cheann.”.


31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/14


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1130 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2020

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2016/44, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Tá an Chomhairle tagtha ar an tátal gur cheart na bearta sriantacha in aghaidh gach duine agus gach eintitis atá sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a choinneáil ar bun, agus gur cheart an fhaisnéis chéannachta do dhuine amháin a nuashonrú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

I gcuid A (Daoine) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 18:

“18.

GHWELL, Khalifa

ailias AL GHWEIL, Khalifa

AL-GHAWAIL, Khalifa

GHAWIL, Khalifa Mohamed

Dáta breithe: 1 Eanáir 1956 nó 1 Eanáir 1951

Áit bhreithe: Misurata, an Libia

Náisiúntacht: Libiach

Pas: A005465 (an Libia), a eisíodh an 12 Aibreán 2015, a chuaigh in éag an 11 Aibreán 2017

agus

J690P666 (an Libia), a eisíodh an 12 Meitheamh 2016, ag dul in éag an 11 Meitheamh 2024

Inscne: fireann

Seoladh: Qasr Ahmed Street, Misurata, an Libia

Ba é Khalifa Ghwell ‘Príomh-Aire agus Aire Cosanta’, mar a ghairtí de, an Chomhdháil Ghinearálta Náisiúnta (‘GNC’) atá neamhaitheanta go hidirnáisiúnta (ar a dtugtar ‘Rialtas Náisiúnta an tSlánaithe’ freisin), agus dá réir sin, bhí sé freagrach as a ngníomhaíochtaí.

An 7 Iúil 2015, rinne Khalifa Ghwell a chuid tacaíochta do Fhronta na Buanseasmhachta (Alsomood), fórsa míleata nua seacht mbriogáid a bhfuil sé mar aidhm aige cosc a chur le bunú rialtais aontachta i dTripilí, a léiriú nuair a d’fhreastail sé ar shearmanas an tsínithe chun Uachtarán GNC, Nuri Abu Sahmain, a insealbhú san fhórsa.

Ina cháil mar ‘Príomh-Aire’ GNC, bhí ról lárnach ag Ghwell i mbac a chur ar bhunú an GNA a bunaíodh faoin gComhaontú Polaitiúil maidir leis an Libia.

An 15 Eanáir 2016, ina cháil mar ‘Príomh-Aire agus Aire Cosanta’ GNC Thripilí, d’ordaigh Ghwell go ngabhfaí aon bhaill den Fhoireann Slándála nua a cheap Príomh-Aire Ainmnithe an Rialtais Comhaontaithe Náisiúnta, a leagfadh cos i dTripilí.

An 31 Lúnasa 2016, d’ordaigh sé do ‘Príomh-Aire’ agus do ‘Aire Cosanta’ de chuid ‘Rialtas Náisiúnta an tSlánaithe’ filleadh ar an obair i ndiaidh do Theach na nIonadaithe diúltú don GNA.

1.4.2016”.


CINNTÍ

31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/16


CINNEADH (CBES) 2020/1131 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2020

lena seoltar Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2019/2110 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (1),

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/2110 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA).

(2)

An 18 Meitheamh 2020, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) gur cheart an Plean Oibríochta (OPLAN) maidir le EUAM RCA a fhormheas.

(3)

De thoradh ar mholadh ón gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus ar bhaint amach cumas oibriúcháin tosaigh ag EUAM RCA, ba cheart an Misean a sheoladh an 9 Lúnasa 2020 ar feadh tréimhse dhá bhliain.

(4)

Le Cinneadh (CBES) 2019/2110 tugadh méid tagartha airgeadais EUR 7 100 000 chun an caiteachas a bhaineann le EUAM RCA a chumhdach le linn na chéad sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh sin. Le Cinneadh (CBES) 2020/664 (2) ón gComhairle, cuireadh síneadh le bailíocht an mhéid tagartha airgeadais go dtí an 8 Lúnasa 2020. Ba cheart foráil a dhéanamh do mhéid tagartha breise a chumhdóidh an tréimhse ó sheoladh an Mhisin go dtí 8 Lúnasa 2022.

(5)

Ba cheart go mbeadh Aonad Tionscadail ag EUAM RCA chun tionscadail a shainaithint agus a chur chun feidhme i réimsí a bhaineann le EUAM RCA agus chun tacú lena chuspóirí.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/2110 a leasú dá réir sin.

(7)

Cuirfear EUAM RCA i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meath teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar OPLAN maidir le EUAM RCA a fhormheas.

Airteagal 2

Seolfar EUAM RCA an 9 Lúnasa 2020.

Airteagal 3

Leis seo, tugtar údarú don Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha EUAM RCA, le héifeacht láithreach, tús a chur le forghníomhú an Mhisin.

Airteagal 4

Leasaítear, leis seo, Cinneadh (CBES) 2019/2110 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(1):

“1.   Is é EUR 3 0 3 52  481, 10 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe an caiteachas a bhaineann le EUAM RCA a chumhdach don tréimhse ón 9 Nollaig 2019 go dtí an 8 Lúnasa 2022. Is í an Chomhairle a chinnfidh an méid tagartha airgeadais d’aon tréimhse ina dhiaidh sin.”.

(2)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

Airteagal 13a

Aonad Tionscadail

1.   Beidh Aonad Tionscadail ag EUAM RCA chun tionscadail a shainaithint agus a chur chun feidhme. Maidir leis na tionscadail arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag tríú Stáit atá faoina gcúram i réimsí a bhaineann le EUAM RCA, déanfaidh EUAM RCA na tionscadail sin a éascú agus cuirfidh sé comhairle ar fáil i dtaca leo, de réir mar is iomchuí, chun tacú lena chuspóirí.

2.   Faoi réir mhír 3, údarófar EUAM RCA dul i muinín ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit nó ó na tríú Stáit chun tionscadail a chur chun feidhme a shainaithnítear mar thionscadail lena gcomhlánófar gníomhaíochtaí eile EUAM RCA ar bhealach comhsheasmhach, más rud é:

(a)

go bhforáiltear don tionscadal sa ráiteas airgeadais a bhaineann leis an gCinneadh seo; nó

(b)

go ndéantar an tionscadal a chomhtháthú le linn an tsainordaithe trí bhíthin leasú a dhéanamh ar an ráiteas airgeadais arna iarraidh ag an gCeann Misin.

Tabharfaidh EUAM RCA socrú i gcrích leis na Stáit is ranníocóirí iad, socrú lena gcumhdófar na nósanna imeachta sonracha chun déileáil le haon ghearán ó thríú páirtithe maidir le damáiste arna dhéanamh mar thoradh ar ghníomhartha nó ar neamhghníomhartha de chuid EUAM RCA maidir le húsáid na gcistí arna soláthar ag na Stáit sin. Ní fhéadfaidh na Stáit is ranníocóirí iad in imthosca ar bith an tAontas ná an tArdionadaí a chur faoi dhliteanas as gníomhartha nó as neamhghníomhartha arna dhéanamh ag EUAM RCA agus na cistí arna soláthar ag na Stáit sin á n-úsáid acu.

3.   Is faoi réir ghlacadh an Choiste Polaitiúil agus Slándála a thabharfaidh tríú Stáit ranníocaíochtaí don Aonad Tionscadail.”.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 318, 10.12.2019, lch. 141.

(2)  Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2020/664 an 18 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2110 maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Comhairle Shibhialta i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (IO L 157, 19.5.2020, lch. 3).


31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/18


CINNEADH (CBES) 2020/1132 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2020

lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n‐eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‐aisghairtear Cinneadh (CBES) 2020/20

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Nollaig 2001, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2001/931/CBES (1).

(2)

An 13 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/20 (2) lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n‐eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES (“an liosta”).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 1(6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, is gá athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar ainmneacha na ndaoine, na ngrúpaí agus na n‐eintiteas atá ar an liosta chun a áirithiú go bhfuil forais ann lena gcoimeád ar an liosta.

(4)

Leagtar amach sa Chinneadh seo toradh an athbhreithnithe a rinne an Chomhairle i dtaca leis na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo.

(5)

Tá an Chomhairle tar éis a fhíorú go bhfuil údaráis inniúla, dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, tar éis cinntí a dhéanamh i dtaca le gach duine, gach grúpa agus gach eintiteas atá ar an liosta lena léirítear go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(2) agus (3) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES. Tá an Chomhairle tar éis teacht ar an dtátal freisin gur cheart go leanfadh na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 maidir leo de bheith faoi réir na mbeart sriantach sonrach dá bhforáiltear sa Chomhsheasmh 2001/931/CBES.

(6)

Chinn an Chomhairle nach bhfuil forais ann a thuilleadh chun duine amháin a choinneáil ar an liosta.

(7)

Ba cheart an liosta a nuashonrú dá réir sin, agus ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/20 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus n‐eintiteas a bhfuil feidhm ag Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2020/20 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Comhsheasamh 2001/931/CBES an 27 Nollaig 2001 ón gComhairle maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93).

(2)  Cinneadh (CBES) 2019/20 ón gComhairle an 13 Eanáir 2020 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n‐eintiteas atá faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‐aisghairtear Cinneadh (CBES) 2019/1341 (IO L 8I, 14.1.2020, lch. 5).


IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA nDAOINE, NA nGRÚPAÍ AGUS NA nEINTITEAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

I.   DAOINE

1.

ABDOLLAHI, Hamed (ar a dtugtar freisin Mustafa Abdullahi) a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Uimhir an phas: D9004878.

2.

AL-NASSER, Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

3.

AL YACOUB, Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4.

ARBABSIAR Manssor (ar a dtugtar freisin Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, Uimhir an phas: C2002515 (an Iaráin); Uimhir an phas: 477845448 (SAM). Uimhir cárta aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

5.

ASADI Assadollah, a rugadh an 22.12.1971 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

6.

BOUYERI, Mohammed (ar a dtugtar freisin Abu ZUBAIR, ar a dtugtar freisin SOBIAR, ar a dtugtar freisin Abu ZOUBAIR), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

7.

EL HAJJ, Hassan Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Uimhir an phas: JX446643 (Ceanada).

8.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Tehern (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9.

IZZ-AL-DIN, Hasan (ar a dtugtar freisin GARBAYA, Ahmed, ar a dtugtar freisin SA-ID, ar a dtugtar freisin SALWWAN, Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

10.

MELIAD, Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Uimhir an phas: M2719127 (an Astráil).

11.

MOHAMMED, Khalid Shaikh (ar a dtugtar freisin ALI, Salem, ar a dtugtar freisin BIN KHALID, Fahd Bin Adballah, ar a dtugtar freisin HENIN, Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin WADOOD, Khalid Adbul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, uimhir an phas 488555.

12.

ŞANLI, Dalokay (ar a dtugtar freisin Sinan), a rugadh an 13.10.1976 in Pülümür (an Tuirc).

13.

SHAHLAI Abdul Reza (ar a dtugtar freisin Abdol Reza Shala’i, ar a dtugtar freisin Abd-al Reza Shalai, ar a dtugtar freisin Abdorreza Shahlai, ar a dtugtar freisin Abdolreza Shahla’i, ar a dtugtar freisin Abdul-Reza Shahlaee, ar a dtugtar freisin Hajj Yusef, ar a dtugtar freisin Haji Yusif, ar a dtugtar freisin, Hajji Yasir, ar a dtugtar freisin Hajji Yusif, ar a dtugtar freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, an Iaráin, (2) Bunáit Mhíleata Mehran, cúige Ilam, an Iaráin.

14.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Tehran na hIaráine.

II.   GRÚPAÍ AGUS EINTITIS

1.

“Abu Nidal Organisation” — “ANO” (ar a dtugtar freisin “Fatah Revolutionary Council”, ar a dtugtar freisin “Arab Revolutionary Brigades”, ar a dtugtar freisin “Black September”, ar a dtugtar freisin “Revolutionary Organisation of Socialist Muslims”).

2.

“Al-Aqsa Martyrs’ Brigade”.

3.

“Al-Aqsa e.V”.

4.

“Babbar Khalsa”.

5.

“Communist Party of the Philippines”, lena n-áirítear “New People’s Army” — “NPA”, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine.

7.

“Gama’a al-Islamiyya” (ar a dtugtar freisin “Al-Gama’a al-Islamiyya”) (“Islamic Group” — “GI”).

8.

“İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi” — “IBDA-C” (“Great Islamic Eastern Warriors Front”).

9.

“Hamas” lena n-áirítear “Hamas-Izz al-Din-al-Qassem”.

10.

“Huzballah Military Wing” (ar a dtugtar freisin “Hezbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbullah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hezballah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hisbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbu’llah Military Wing” ar a dtugtar freisin “Hizb Allah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Jihad Council” (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n‐áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

11.

“Hizbul Mujahideen” — “HM”.

12.

“Khalistan Zindabad Force” — “KZF”.

13.

“Kurdistan Workers’ Party” — “PKK”, (ar a dtugtar freisin “KADEK”, ar a dtugtar freisin “KONGRA-GEL”).

14.

“Liberation Tigers of Tamil Eelam” — “LTTE”.

15.

“Ejército de Liberación Nacional” (“an tArm um Shaoradh Náisiúnta”).

16.

“Palestinian Islamic Jihad” — “PIJ”.

17.

“Popular Front for the Liberation of Palestine” — “PFLP”.

18.

“Popular Front for the Liberation of Palestine — General Command” (ar a dtugtar freisin “PFLP — General Command”).

19.

“Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi” — “DHKP/C” (ar a dtugtar freisin “Devrimci Sol” (“Revolutionary Left”), ar a dtugtar freisin “Dev Sol”) (“Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party”).

20.

“Sendero Luminoso” — “SL” (“an Chonair Lonrach”).

21.

“Teyrbazen Azadiya Kurdistan” — “TAK” (ar a dtugtar freisin “Kurdistan Freedom Falcons”, ar a dtugtar freisin “Kurdistan Freedom Hawks”).

31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/22


CINNEADH (CBES) 2020/1133 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Aibreán 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/610 (1) lenar bunaíodh Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) le sainordú go dtí 24 mhí tar éis don Mhisean Cumas Oibriúcháin Iomlán a bhaint amach, is é sin le rá go dtí an 19 Meán Fómhair 2018, agus le méid tagartha airgeadais a chumhdaigh an tréimhse sin.

(2)

An 30 Iúil 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1082 (2), lenar cuireadh síneadh le sainordú EUTM RCA go dtí an 19 Meán Fómhair 2020.

(3)

An 28 Bealtaine 2020, ar bhonn Athbhreithniú Straitéiseach ar an Misean, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí síneadh dhá bhliain breise le sainordú EUTM RCA.

(4)

Ba cheart do EUTM RCA comhordú le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA), a luaithe a sheolfar EUAM RCA, agus le gníomhaithe idirnáisiúnta eile, go háirithe Misean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe san Afraic Láir (MINUSCA), d’fhonn a áirithiú go gcuirfear tacaíocht chomhtháite chomhleanúnach ar fáil do rialtas agus d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/610 a leasú dá réir sin.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí acu in ábhair chosanta. Dá bhrí sin, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, agus ní bheidh sí rannpháirteach i maoiniú EUTM RCA,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 mar seo a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar seo a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

comhairle straitéiseach do chomh-aireacht an Uachtaráin, don Aireacht Cosanta, don Fhoireann Mhíleata agus do na fórsaí armtha, lena n-áirítear maidir le comhar míleata sibhialta;”;

(ii)

scriostar pointe (d);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Comhordóidh EUTM RCA le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA), agus le gníomhaithe idirnáisiúnta eile, go háirithe MINUSCA, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear tacaíocht chomhtháite chomhleanúnach ar fáil do Rialtas agus d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir.”;

(2)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfar na socruithe comhordúcháin idir Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh, gníomhaithe an Aontais, go háirithe EUAM RCA, agus comhpháirtithe tábhachtacha straitéiseacha áitiúla atá ábhartha don oibríocht a shainiú sa phlean misin.”;

(3)

in Airteagal 10, cuirtear an mhír a leanas leis:

“4.   EUR 36 960 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chostais choiteanna EUTM RCA ar feadh na tréimhse ón 20 Meán Fómhair 2020 go dtí an 19 Meán Fómhair 2022. 0 % a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha sin dá dtagraítear in Airteagal 25(1) de Chinneadh (CBES) 2015/528 agus 10 % a bheidh sa chéatadán dá dtagraítear in Airteagal 34(3) le haghaidh gealltanas agus 0 % le haghaidh íocaíochtaí.”;

(4)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tiocfaidh deireadh le EUTM RCA an 19 Meán Fómhair 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (CBES) 2016/610 ón gComhairle an 19 Aibreán 2016 maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (IO L 104, 20.4.2016, lch. 21).

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/1082 ón gComhairle an 30 Iúil 2018 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 maidir le misean an Aontais Eorpaigh le haghaidh oiliúint mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (IO L 194, 31.7.2018, lch. 140).


31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/24


CINNEADH (CBES) ÓN gCOMHAIRLE 2020/1134

an 30 Iúil 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/915 maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais lena dtacaítear le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Bealtaine 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/915 (1).

(2)

Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2017/915 do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh sin, ó dháta thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de.

(3)

An 22 agus 29 Meitheamh 2020 faoi seach, d’iarr Oifig Chónaidhm na Gearmáine um Eacnamaíocht agus um Rialú Onnmhairí (BAFA) agus Expertise France, ina gcáil mar ghníomhaireachtaí cur chun feidhme faoi seach, síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2017/915 go dtí an 30 Meitheamh 2021, mar gheall ar dhúshláin a eascraíonn as paindéim leanúnach COVID-19.

(4)

Níl aon impleacht maidir le hacmhainní airgeadais ag leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/915 go dtí an 30 Meitheamh 2021.

(5)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2017/915 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2017/915:

Article 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2021.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (CBES) 2017/915 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2017 maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana de chuid an Aontais chun tacú le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm (IO L 139, 30.5.2017, lch. 38).


31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/25


CINNEADH (CBES) 2020/1135 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2020

lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (*1)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Lúnasa 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1338 (1) lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) sa Chosaiv agus lena gceaptar Nataliya APOSTOLOVA mar ISAE sa Chosaiv. Chuir an Chomhairle síneadh breise leis an sainordú sin le Cinntí (CBES) 2017/348 (2), (CBES) 2018/903 (3) agus (CBES) 2020/249 (4). Tá an sainordú sin le dul in éag an 31 Lúnasa 2020.

(2)

Ba cheart Tomáš SZUNYOG a cheapadh mar ISAE sa Chosaiv don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2021.

(3)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Leis seo, ceaptar Tomáš SZUNYOG mar ISAE sa Chosaiv ón 1 Meán Fómhair 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2021. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (HR).

Airteagal 2

Cuspóirí beartais

Beidh sainordú ISAE bunaithe ar chuspóirí beartais an Aontais sa Chosaiv. Áirítear orthu sin: ról ceannasach a ghlacadh i gCosaiv chobhsaí, inmharthana, shíochánta, dhaonlathach agus il-eitneach a chur chun cinn a chomhoibríonn leis an réigiún; an chobhsaíocht a neartú sa réigiún agus cuidiú leis an gcomhar réigiúnach agus leis an dea-chaidreamh comharsanachta sna Balcáin Thiar; an Chosaiv a chur chun cinn ar bhealach go mbeidh sí tiomanta don smacht reachta agus do mhionlaigh agus oidhreacht chultúrtha agus reiligiúnach a chosaint; tacú le peirspictíocht Eorpach agus rapprochement na Cosaive leis an Aontas atá ag teacht le peirspictíocht an réigiúin agus i gcomhréir leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile (5) (dá ngairtear “an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais” anseo feasta) agus le Cinneadh (AE) 2015/1988 ón gComhairle (6), agus atá ag teacht leis na conclúidí ábhartha ón gComhairle.

Airteagal 3

Sainordú

Chun na cuspóirí beartais a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú ag ISAE:

(a)

comhairle agus tacaíocht an Aontais a thairiscint sa phróiseas polaitiúil;

(b)

comhordú polaitiúil foriomlán an Aontais sa Chosaiv a chur chun cinn;

(c)

láithreacht an Aontais sa Chosaiv a neartú agus a chomhleanúnachas, a éifeachtacht agus a infheictheacht a áirithiú;

(d)

treoir pholaitiúil áitiúil a chur ar fáil don Cheann ar Mhisean Smacht Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX KOSOVO), lena n‐áirítear maidir le gnéithe polaitiúla na saincheisteanna a bhaineann le freagrachtaí feidhmiúcháin;

(e)

comhsheasmhacht agus comhleanúnachas ghníomhaíocht an Aontais sa Chosaiv a áirithiú, lena n‐áirítear maidir le trasdul EULEX KOSOVO a threorú go háitiúil chun gníomhaíochtaí a aistriú chuig ISAE nó chuig Oifig an AE sa Chosaiv agus/nó chuig na húdaráis áitiúla, de réir mar is iomchuí agus má cheadaítear a leithéid le cúinsí áitiúla;

(f)

tacú le peirspictíocht Eorpach agus rapprochement na Cosaive leis an Aontas, atá ag teacht le peirspictíocht an réigiúin agus i gcomhréir leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais agus Cinneadh (AE) 2015/1988, agus atá ag teacht leis na conclúidí ábhartha ón gComhairle, trí chumarsáid phoiblí spriocdhírithe agus gníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais atá ceaptha chun tuiscint agus tacaíocht níos leithne ó phobal na Cosaive a áirithiú maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Aontas, lena n‐áirítear obair EULEX KOSOVO;

(g)

faireachán a dhéanamh, ar gach bealach agus le gach ionstraim atá ar fáil do ISAE agus le tacaíocht ó oifig an AE sa Chosaiv, ar an dul chun cinn maidir le tosaíochtaí polaitiúla, eacnamaíocha agus Eorpacha, cúnamh a thabhairt agus an dul chun cinn sin a éascú, atá ag teacht le hinniúlachtaí agus freagrachtaí institiúideacha faoi seach, agus tacú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais, lena n‐áirítear tríd an gClár Oibre Eorpach um Athchóiriú;

(h)

cuidiú le hurraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha sa Chosaiv a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, lena n‐áirítear maidir le mná agus leanaí agus mionlaigh a chosaint, i gcomhréir le beartas an Aontais um chearta an duine agus le Treoirlínte an Aontais maidir le Cearta an Duine;

(i)

tacú, de réir mar is gá, leis an Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine arna éascú ag an Aontas, lena n‐áirítear cúraimí tacaíochta oibríochtúil nach mór a aistriú faoi dheireadh ó EURLEX KOSOVO, i gcomhar le ISAE don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile na mBalcán Thiar agus béim á cur ar thimpeallacht chuiditheach a chur chun cinn don phróiseas;

(j)

tacú le sainordú na Sain-Dlísheomraí agus Sainoifig an Ionchúisitheora, de réir mar is iomchuí, lena n‐áirítear trí chumarsáid agus trí fhor-rochtain.

Airteagal 4

An sainordú a chur chun feidhme

1.   Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó faoi údarás HR.

2.   Coimeádfaidh PSC nasc pribhléideach le ISAE ar bun agus is é a bheidh ann mar phríomhphointe teagmhála ISAE leis an gComhairle. Soláthróidh PSC treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí HR.

3.   Oibreoidh ISAE i ndlúthchomhordú leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus leis na ranna ábhartha di.

Airteagal 5

Maoiniú

1.   Is é EUR 3 300 000 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2020 go dtí an 31 Lúnasa 2021 a chumhdach.

2.   Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conartha idir ISAE agus an Coimisiún. Beidh ISAE cuntasach don Choimisiún as gach caiteachas.

Airteagal 6

An fhoireann a chur le chéile agus comhdhéanamh na foirne

1.   Laistigh de theorainneacha shainordú ISAE agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar san fhoireann an saineolas maidir le saincheisteanna sonracha beartais de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas in am agus i dtráth faoi chomhdhéanamh na foirne.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí de chuid an Aontais agus SEGS a mholadh go mbeadh foireann ar iasacht ag obair le ISAE. Is é an Ballstát, institiúid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, faoi seach, a chumhdóidh tuarastal an phearsanra sin atá ar iasacht. Féadfar saineolaithe atá ar iasacht ó na Ballstáit chuig institiúidí an Aontais nó chuig SEGS a phostú chun oibriú le ISAE freisin. Beidh náisiúntacht Bhallstáit ag an bhfoireann idirnáisiúnta ar conradh.

3.   Is faoi údarás riaracháin an Bhallstáit seolta, institiúid seolta an Aontais nó SEGS a fhanfaidh an pearsanra uile ar iasacht agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus feidhmeoidh siad chun leas shainordú ISAE.

Airteagal 7

Pribhléidí agus díolúintí ISAE agus foireann ISAE

Déanfar na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá le haghaidh chomhlánú agus dhea-fheidhmiú mhisean ISAE chomh maith le comhaltaí fhoirne ISAE a chomhaontú leis na páirtithe óstacha, de réir mar is iomchuí. Deonóidh na Ballstáit agus SEGS gach tacaíocht is gá chun na críche sin.

Airteagal 8

Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais

1.   Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (7).

2.   Beidh sé d’údarás ag HR faisnéis agus doiciméid rúnaicmithe go leibhéal “CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL”, a ghintear chun críocha na gníomhaíochta, a scaoileadh le ECAT/KFOR EU i gcomhréir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais a chosaint.

3.   Beidh sé d’údarás ag HR faisnéis agus doiciméid rúnaicmithe de chuid AE suas go leibhéal “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” a scaoileadh leis na Náisiúin Aontaithe agus leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla ISAE, faisnéis agus doiciméid a ghintear chun críocha na gníomhaíochta i gcomhréir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid AE a chosaint. Dréachtófar socruithe áitiúla chun na críche sin.

4.   Beidh sé d’údarás ag HR aon doiciméid neamhaicmithe de chuid AE atá bainteach le plé na Comhairle i ndáil leis an ngníomhaíocht agus atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 6(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (8) a scaoileadh le tríú páirtithe a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo.

Airteagal 9

Rochtain ar fhaisnéis agus ar thacaíocht lóistíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.

2.   Cuirfidh oifig an Aontais agus/nó na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta ar fáil sa réigiún.

Airteagal 10

Slándáil

I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir le sainordú ISAE agus le staid na slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n‐áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh di, chomh maith le bainistiú teagmhas slándála agus lena bhforáiltear do phlean teagmhais agus aslonnaithe misin;

(b)

a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca mar a cheanglaítear leis na coinníollacha i réimse na freagrachta;

(c)

a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag foireann ISAE a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n‐áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin;

(d)

a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a chur ar fáil don Chomhairle, do HR agus don Choimisiún maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na tuarascála ar dhul chun cinn agus na tuarascála ar chur chun feidhme an tsainordaithe.

Airteagal 11

Tuairisciú

Cuirfidh ISAE tuarascálacha i scríbhinn agus ó bhéal ar fáil go rialta do HR agus don Choiste Polaitiúil agus Slándála. Cuirfidh ISAE tuarascáil faoi bhráid mheithleacha de chuid na Comhairle freisin de réir mar is gá. Scaipfear tuarascálacha rialta trí líonra COREU. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a chur ar fáil don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. I gcomhréir le hAirteagal 36 den Chonradh, féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach maidir le faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 12

Comhordú

1.   Rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a shaothrú go comhsheasmhach, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Iarrfar idirchaidreamh leis na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú le gníomhaíochtaí an Choimisiúin, chomh maith le gníomhaíochtaí ISAEnna eile atá gníomhach sa réigiún, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh ISAE faisnéis rialta ar fáil do mhisin na mBallstát agus do thoscaireachtaí an Aontais.

2.   Ar an láthair, leanfar d’idirchaidreamh a chothú go dlúth le Cinn thoscaireachtaí an Aontais sa réigiún agus le Ceannairí Misin na mBallstát. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme acu. Cuirfidh ISAE treoir pholaitiúil áitiúil ar fáil do Cheann EULEX KOSOVO, lena n‐áirítear maidir le gnéithe polaitiúla na saincheisteanna a bhaineann le freagrachtaí feidhmiúcháin. Rachaidh ISAE agus Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha i gcomhairle le chéile de réir mar is gá. Déanfaidh ISAE idirchaidreamh freisin le comhlachtaí ábhartha áitiúla agus le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar an láthair.

3.   Áiritheoidh ISAE, in éineacht le gníomhaithe eile de chuid an Aontais ar an láthair, go scaipfear agus go gcomhroinnfear faisnéis i measc ghníomhaithe an Aontais sa limistéar oibríochtaí d’fhonn ardleibhéal a bhaint amach maidir le feasacht agus measúnú comhchoitinn staide.

Airteagal 13

Cúnamh i ndáil le héilimh

Tabharfaidh ISAE agus foireann ISAE cúnamh maidir le gnéithe a chur ar fáil chun freagairt ar aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as sainorduithe ISAEnna a bhí ann roimhe sa Chosaiv agus cuirfidh siad cúnamh riaracháin agus rochtain ar na comhaid ábhartha ar fáil chun na gcríoch sin.

Airteagal 14

Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas leis an réigiún. Cuirfidh ISAE tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid HR, na Comhairle agus an Choimisiúin faoi 31 Deireadh Fómhair 2020 agus cuirfidh sé tuarascáil chuimsitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoina mbráid faoi 31 Bealtaine 2021.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(*1)  Ní dochar an t‐ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  Cinneadh (CBES) 2016/1338 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2016 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/2052 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (IO L 212, 5.8.2016, lch. 109).

(2)  Cinneadh (CBES) 2017/348 ón gComhairle an 27 Feabhra 2017 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (IO L 50, 28.2.2017, lch. 75).

(3)  Cinneadh (CBES) 2018/903 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (IO L 161, 26.6.2018, lch. 7).

(4)  Cinneadh (CBES) 2020/249 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/903 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (IO L 54I, 26.2.2020, lch. 1).

(5)  IO L 71, 16.3.2016, lch. 3.

(6)  Cinneadh (AE) 2015/1988 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile (IO L 290, 6.11.2015, lch. 4).

(7)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(8)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).


31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/30


CINNEADH (CBES) 2020/1136 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/849 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Bealtaine 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/849 (1) maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Chinneadh (CBES) 2016/849, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liostaí na ndaoine agus na n‐eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinní II, III, V agus VI a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(3)

Is é conclúid na Comhairle gur cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintitis atá sna liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 a choimeád ar bun, gur cheart an ráiteas ar na cúiseanna atá leis an 19 nduine agus an fhaisnéis aitheantais don chúigear agus don dá eintiteas a nuashonrú agus gur cheart inscne na ndaoine nádúrtha ar fad a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur san áireamh san fhaisnéis aitheantais.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/849 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear, leis seo, Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2013/183/CBES (IO L 141, 28.5.2016, lch. 79).


IARSCRÍBHINN

(1)   

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, Cuid I(A) (“Daoine”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 go 27:

 

Ainm

Ailias

Faisnéis aitheantais

Dáta ainmniúcháin

Ráiteas ar chúiseanna

“1.

CHON Chi Bu

CHON Chi-bu

Inscne: fireann

22.12.2009

Comhalta den General Bureau of Atomic Energy, iarstiúrthóir teicniúil Yongbyon. Le cabhair ó ghrianghraif, rinneadh nasc idir é agus imoibreoir núicléach sa tSiria sular bhuamáil Iosrael é in 2007.

2.

HYON Chol-hae

HYON Chol Hae

Dáta breithe: 13.8.1934

Áit bhreithe: Manchuria, an tSín

Inscne: fireann

22.12.2009

Marascal sa Korean People’s Army ó Aibreán 2016 i leith. Iar-Leas-Aire ar an People’s Armed Forces, iar-Leas-Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean People’s Army (comhairleoir míleata Kim Jong-Il nach maireann). Toghadh mar chomhalta den Workers’ Party of Korea Central Committee é i mí na Bealtaine 2016 ag an seachtú Comhdháil den Workers’ Party of Korea, áit ar ghlac WPK cinneadh leanúint de chlár núicléach DPDC.

3.

O Kuk-Ryol

O Kuk Ryol

Dáta breithe: 7.1.1930

Áit bhreithe: Cúige Jilin, an tSín.

Inscne: fireann

22.12.2009

Iar-Leas-Chathaoirleach den National Defence Commission, a bhí ina chomhlacht lárnach do chúrsaí cosanta náisiúnta DPDC sular athchóiríodh é ina State Affairs Commission (SAC), a rinne maoirseacht ar ardteicneolaíocht a fháil ó thíortha thar lear do chláir núicléacha agus bhalaistíocha. Iar-chomhalta den Workers’ Party of Korea Central Committee a toghadh i mí na Bealtaine 2016 ag an seachtú Comhdháil den Workers’ Party of Korea, áit ar ghlac WPK cinneadh leanúint de chlár núicléach DPDC.

4.

PAK Jae-gyong

Chae-Kyong

PAK Jae Gyong

Dáta breithe: 10.6.1933

Uimhir an phas: 554410661

Inscne: fireann

22.12.2009

Ginearál sa Korean People’s Army. Iar-Leas-Stiúrthóir an General Political Department den People’s Armed Forces agus iar-Leas-Stiúrthóir an Logistics Bureau of the People’s Armed Forces (comhairleoir míleata Kim Jong-Il nach maireann). I láthair ag iniúchadh KIM Jong Un ar an Strategic Rocket Force Command. Iarchomhalta den Central Committee of the Workers’ Party of Korea. Uachtarán ar an Korean Committee of Veterans against Imperialism.

5.

RYOM Yong

 

Inscne: fireann

22.12.2009

Stiúrthóir an General Bureau of Atomic Energy (eintiteas arna ainmniú ag na Náisiúin Aontaithe), i gceannas ar chaidreamh idirnáisiúnta.

6.

SO Sang-kuk

SO Sang Kuk

Dáta breithe: idir 1932 agus 1938

Inscne: fireann

22.12.2009

Ceann ar an Department of Nuclear Physics, Ollscoil Kim Il Sung.

7.

Leifteanant-Ghinearál KIM Yong Chol

KIM Yong-Chol; KIM Young-Chol; KIM Young-Cheol; KIM Young-Chul

Dáta breithe: 1946

Áit bhreithe: Pyongan-Pukto, DPDC

Inscne: fireann

19.12.2011

Comhalta den Workers’ Party of Korea Central Military Commission, den Politburo agus den State Affairs Commission den DPDC. Iarcheannasaí ar an Reconnaissance General Bureau (RGB), eintiteas arna cheadú ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Iar-Stiúrthóir ar an United Front Department.

8.

CHOE Kyong-song

CHOE Kyong song

Dáta breithe: 1945

Inscne: fireann

20.5.2016

Cornal Ginearál sa Korean People’s Army. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é i gcúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

9.

CHOE Yong-ho

CHOE Yong Ho

Inscne: fireann

20.5.2016

Cornal Ginearálta sa Korean People’s Army/Ginearál sa Korean People’s Army Air Force. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é i gcúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ceannasaí ar an Korean People’s Army Air Force agus an Anti-aircraft force. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

10.

HONG Sung-Mu

HUNG Sun Mu; HONG Sung Mu

Dáta breithe: 1.1.1942

Inscne: fireann

20.5.2016

Leas-stiúrthóir ar an Munitions Industry Department (MID). I gceannas ar fhorbairt clár a bhaineann le gnáthairm agus gnáthdhiúracáin, lena n‐áirítear diúracáin bhalaistíocha. Ceann de na daoine is mó atá freagrach as na cláir forbartha tionscail le haghaidh arm núicléach. Ina cháil sa ról sin, freagrach as cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile. A chonaic an diúracán balaistíoch idir-ilchríochach Hwasong-15 á sheoladh an 28 Samhain 2017.

11.

JO Kyongchol

JO Kyong Chol

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál sa Korean People’s Army. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Stiúrthóir ar an Military Security Command. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. I dteannta Kim Jong Un don druil dóiteáin airtléire fadraoin is mó riamh.

12.

KIM Chun-sam

KIM Chun Sam

Inscne: fireann

20.5.2016

Leifteanant-Ghinearál, iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Iar-Stiúrthóir ar Operations Department of the Military Headquarters of the Korean People’s Army agus an chéad leas-cheannaire ar an gCeanncheathrú Mhíleata. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

13.

KIM Chun-sop

KIM Chun Sop

Inscne: fireann

20.5.2016

Iar-Stiúrthóir ar an Munitions Industry Department (MID). Iarchomhalta den National Defence Commission, atá athchóirithe anois ina State Affairs Commission (SAC), ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Ag seisiún grianghraf dóibh siúd a rannchuidigh le tástáil rathúil diúracáin bhailistíoch a lainseáladh faoi uisce i mí Bealtaine 2015.

14.

KIM Jong-gak

KIM Jong Gak

Dáta breithe: 20.7.1941

Áit bhreithe: Pyongyang, DPDC

Inscne: fireann

20.5.2016

Iar-Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army. Leas-Mharascal sa Korean People’s Army, reachtaire an Military University of Kim Il-Sung, iar-Aire People’s Armed Forces agus iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

15.

KIM Rak Kyom

KIM Rak-gyom; KIM Rak Gyom

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál Ceithre Réalta, Ceannasaí an Strategic Rocket Force, eintiteas a d’ainmnigh na Náisiúin Aontaithe, a thuairiscítear go bhfuil siad i gceannas anois ar cheithre aonad diúracán straitéiseacha agus oirbheartaíochta, lena n‐áirítear an bhriogáid KN-08 (ICBM). Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Sainaithníodh i dtuarascálacha na meán go raibh KIM i láthair ag an tástáil innill ICBM i mí Aibreáin 2016 le KIM Jong Un. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. Druil lámhaigh roicéid bhalaistíoch ordaithe.

16.

KIM Won-hong

KIM Won Hong

Dáta breithe: 7.1.1945

Áit bhreithe: Pyongyang, DPDC

Uimhir an phas: 745310010

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál. Iar-Chéad-Leas-Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army. Iar-Stiúrthóir ar an State Security Department. Iar-Aire Slándála Stáit. Comhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus den National Defence Commission a bhí ina chomhlacht lárnach do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC sula ndearnadh é a athchóiriú mar an State Affairs Commission (SAC), arb iad na comhlachtaí lárnacha do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

17.

PAK Jong-chon

PAK Jong Chon

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál sa Korean People’s Army, Ceannaire ar an bhFoireann Ghinearálta ó mhí Aibreáin 2019; comhalta den Politburo ó mhí Aibreáin 2020 i leith. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

18.

LI Yong-ju

RI Yong Ju

Inscne: fireann

20.5.2016

Aimiréal an Korean People’s Army. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea, ar comhlacht lárnach é do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ardcheannasaí ar an Korean People’s Navy, atá rannpháirteach i bhforbairt clár diúracán bailistíoch agus i bhforbairt acmhainneachtaí núicléacha fhórsaí cabhlaigh DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

19.

SON Chol-ju

SON Chol Ju

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál sa Korean People’s Army. Leas-Stiúrthóir atá freagrach as an Korea People’s Army a eagrú agus iar-Stiúrthóir Polaitiúil ar an Air and Anti-Air forces, a dhéanann maoirseacht ar fhorbairt roicéad frith-aerárthaigh nuachóirithe. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

20.

YUN Jong-rin

YUN Jong Rin

Inscne: fireann

20.5.2016

Ginearál, iarcheannasaí ar an Supreme Guard Command. Iarchomhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus comhalta den National Defence Commission, a bhí ina chomhlacht lárnach do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC sula ndearnadh é a athchóiriú mar an State Affairs Commission (SAC), ar comhlachtaí lárnacha iad go léir do chúrsaí cosanta náisiúnta i DPDC. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

21.

HONG Yong Chil

 

Inscne: fireann

20.5.2016

Leas-Stiúrthóir ar an Munitions Industry Department (MID). Tá an Munitions Industry Department — a d’ainmnigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2016— rannpháirteach i ngnéithe lárnacha de chlár diúracán DPDC. Tá MID freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt dhiúracáin bhailistíocha DPDC, lena n‐áirítear an Taepo Dong-2, táirgeadh arm agus cláir T&F. Tá an Second Economic Committee agus an Second Academy of Natural Sciences — a ainmníodh freisin i mí Lúnasa 2010 – faoi réir MID. Tá obair déanta ag MID le blianta beaga anuas chun ICBM bóthair KN08 a fhorbairt. Bhí HONG i dteannta KIM Jong Un ag roinnt imeachtaí a bhain le cláir diúracán núicléach agus bailistíoch DPDC a fhorbairt agus meastar go raibh ról suntasach aige i dtástáil núicléach DPDC an 6 Eanáir 2016. Leas-Stiúrthóir ar Workers’ Party of Korea Central Committee. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn. I láthair ag tástáil talún ar inneall ICBM de chineál nua i mí Aibreáin 2016.

22.

RI Hak Chol

RI Hak Chul; RI Hak Cheol

Dáta breithe: 19.1.1963 nó 8.5.1966

Uimhreacha na bpasanna: 381320634,

PS- 563410163

Inscne: fireann

20.5.2016

Uachtarán ar Green Pine Associated Corporation (‘Green Pine’). De réir an UN Sanctions Committee, ghabh Green Pine chuige féin roinnt mhaith de ghníomhaíochtaí an Korea Mining Development Trading Corporation (KOMID). D’ainmnigh an Coiste KOMID i mí Aibreáin 2009 agus is é príomhdhéileálaí arm DPDC agus príomhonnmhaireoir earraí agus trealaimh a bhaineann le diúracáin bhailistíocha agus le hairm thraidisiúnta. Tá Green Pine freagrach freisin as tuairim is leath na n‐arm agus na n‐ábhar gaolmhar arna n‐onnmhairiú ag DPDC. Sainaithníodh Green Pine le haghaidh smachtbhannaí as ucht airm nó ábhar gaolmhar a onnmhairiú ó DPDC. Is speisialtóireacht de chuid Green Pine é árthach agus armálacha míleata muirí, amhail fomhuireáin, báid mhíleata agus córais diúracán, a tháirgeadh agus d’onnmhairigh sé toirpéid chuig comhlachtaí san Iaráin a bhfuil baint acu le cúrsaí cosanta agus thug sé agus cúnamh teicniúil dóibh. Green Pine ainmnithe ag CSNA.

23.

YUN Chang Hyok

 

Dáta breithe: 9.8.1965

Inscne: fireann

20.5.2016

Leas-Stiúrthóir ar an Satellite Control Centre, National Aerospace Development Administration (NADA). Tá NADA faoi réir smachtbhannaí faoi Rún 2270 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ndáil le bheith rannpháirteach i bhforbairt na spáseolaíochta agus na spásteicneolaíochta, lena n‐áirítear lainseálacha satailíte agus roicéid iompróra. Le Rún 2270 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe cáineadh lainseáil satailíte DPDC an 7 Feabhra 2016 as teicneolaíocht diúracán balaistíoch a úsáid agus sárú tromhchúiseach a dhéanamh ar Rúin 1718 (2006), 1874 (2009), 2087 (2013) agus 2094 (2013). Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

24.

RI Myong Su

 

Dáta breithe: 1937

Áit bhreithe: Myongchon, North Hamgyong, DPDC

Inscne: fireann

7.4.2017

Leas-Mharascal sa Korean People’s Army, an chéad leascheannasaí ar an KPA Supreme Command. Go dtí 2018, comhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus Ceann Foirne an People’s Armed Forces. Tá tionchar ag Ri Myong Su i gcónaí i ndáil le cúrsaí cosanta náisiúnta, lena n-áirítear cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile. Is comhalta é Ri le fada den Supreme People’s Assembly (SPA); an 14ú ceann faoi láthair.

25.

SO Hong Chan

 

Dáta breithe: 30.12.1957

Áit bhreithe: Kangwon, DPDC

Pas: PD836410105 Dáta éaga an phas: 27.11.2021

Inscne: fireann

7.4.2017

An Chéad Leas-Aire agus Stiúrthóir ar an Logistics Bureau of the People’s Armed Forces, comhalta den Central Military Commission of the Workers’ Party of Korea agus Ginearál sa People’s Armed Forces. Sa cháil sin, tá So Hong Chan freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

26.

WANG Chang Uk

 

Dáta breithe: 29.5.1960

Inscne: fireann

7.4.2017

Aire Tionscail agus Fuinnimh Adamhaigh. Sa cháil sin, tá Wang Chang Uk freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó as na cláir sin a chur chun cinn.

27.

JANG Chol

 

Dáta breithe: 31.3.1961

Áit bhreithe: Pyongyang, DPDC

Uimhir an phas: 563310042

Inscne: fireann

7.4.2017

Iar-uachtarán ar State Academy of Sciences, eagraíocht atá tiomanta d’acmhainneachtaí teicneolaíocha agus eolaíocha DPDC a fhorbairt. Sa cháil sin, bhí ról straitéiseach ag Jang Chol maidir le gníomhaíochtaí núicléacha DPDC a fhorbairt. Ina cháil sa ról sin, freagrach as tacú le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile nó na cláir sin a chur chun cinn.”.

(2)   

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, Cuid I (B) (“Eintitis”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2:

 

Ainm

Ailias

Suíomh

Dáta ainmniúcháin

Faisnéis eile

“2.

Korean Ryengwang Trading Corporation

KOREA RYONGWANG TRADING CORPORATION

Rakwon-dong, Ceantar Pothonggang, Pyongyang, DPDC

22.12.2009

Fochuideachta de Korea Ryongbong General Corporation (eintiteas arna ainmniú ag CSNA, 24.4.2009).”.

(3)   

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, Cuid II (A) (“Daoine”) cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1 go 6:

 

Ainm

Ailias

Faisnéis aitheantais

Dáta ainmniúcháin

Ráiteas ar chúiseanna

“1.

JON Il-Chun

JON Il Chun

Dáta breithe: 24.8.1941

Inscne: fireann

22.12.2010

I mí Feabhra 2010 briseadh KIM Tong-un as a phost mar stiúrthóir ar ‘Office 39’ atá, i measc nithe eile, i gceannas ar earraí a cheannach trí ionadaíochtaí taidhleoireachta DPDC chun na smachtbhannaí a sheachaint. Tháinig JON Il-chun i gcomharbacht air. Ionadaí ar an National Defence Commission, a bhí ina chomhlacht lárnach do chúrsaí cosanta náisiúnta i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré sular athchóiríodh é ina State Affairs Commission (SAC), toghadh é ina ard-stiúrthóir ar an State Development Bank i Márta 2010. Toghadh mar chomhalta malartach den Workers’ Party of Korea Central Committee é i mí na Bealtaine 2016 ag an seachtú Comhdháil de Workers’ Party of Korea, áit ar ghlac WPK cinneadh leanúint de chlár núicléach DPDC.

2.

KIM Tong-un

KIM Tong Un

Inscne: fireann

22.12.2009

Iar-stiúrthóir ar ‘Oifig 39’ den Central Committee of the Workers’ Party of Korea, coiste a bhfuil baint aige le maoiniú iomadaithe. In 2011, tuairiscíodh go raibh sé i gceannas ar ‘Office 38’ chun cistí a thiomsú le haghaidh na ceannaireachta agus na scothaicmí.

3.

KIM Yong Nam

KIM Yong-Nam, KIM Young-Nam, KIM Yong-Gon

Dáta breithe: 2.12.1947

Áit bhreithe: Sinuju, DPDC

Inscne: fireann

20.4.2018

Tá KIM Yong Nam sainaitheanta ag an bPainéal Saineolaithe mar ghníomhaire de chuid Reconnaissance General Bureau, eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe. Tá sainaitheanta ag an bPainéal Saineolaithe go bhfuil baint aige agus ag a mhac KIM Su Gwang le patrún de chleachtais mhíthreoracha airgeadais a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile. Tá roinnt cuntas reatha agus taisce oscailte ag KIM Yong Nam san Aontas agus bhí baint aige le roinnt aistrithe móra bainc chuig cuntais bainc san Aontas nó chuig cuntais lasmuigh den Aontas le linn dó a bheith ag obair mar thaidhleoir, lena n_áirítear chuig cuntais in ainm a mhic KIM Su Gwang agus in ainm a bhanchliamhain KIM Kyong Hui.

4.

DJANG Tcheul Hy

JANG Tcheul-hy, JANG Cheul-hy, JANG Chol-hy, DJANG Cheul-hy, DJANG Chol-hy, DJANG Tchoul-hy, KIM Tcheul-hy

Dáta breithe: 11.5.1950

Áit bhreithe: Kangwon

Inscne: baineann

20.4.2018

Bhí baint ag DJANG Tcheul Hy, in éineacht lena fear céile KIM Yong Nam agus lena mac KIM Su Gwang agus lena banchliamhain KIM Kyong Hui, le patrún de chleachtais mhíthreoracha airgeadais a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile. Bhí roinnt cuntas bainc aici san Aontas a d’oscail a mac KIM Su Gwang ina hainm. Bhí baint aici freisin le roinnt aistrithe bainc ó chuntais a bhanchliamhain KIM Kyong Hui chuig cuntais lasmuigh den Aontas.

5.

KIM Su Gwang

KIM Sou-Kwang, KIM Sou-Gwang, KIM Son-Kwang, KIM Su-Kwang, KIM Soukwang, KIM Su-gwang, KIM Son-gwang

Dáta breithe: 18.8.1976

Áit bhreithe: Pyongyang, DPDC

Taidhleoir, Ambasáid DPDC, an Bhealarúis

Inscne: fireann

20.4.2018

Tá KIM Su Gwang sainaitheanta ag an bPainéal Saineolaithe mar ghníomhaire de chuid an Reconnaissance General Bureau, eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe. Tá sainaitheanta ag an bPainéal Saineolaithe go bhfuil baint aige agus ag a athair KIM Yong Nam le patrún de chleachtais mhíthreoracha airgeadais a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile. Tá roinnt cuntas bainc oscailte ag KIM Su Gwang i roinnt Ballstát, lena n‐áirítear faoi ainmneacha ball teaghlaigh. Bhí baint aige le roinnt aistrithe móra bainc chuig cuntais bainc san Aontas nó chuig cuntais lasmuigh den Aontas agus é ag obair mar thaidhleoir, lena n‐áirítear chuig cuntais in ainm a chéile KIM Kyong Hui.

6.

KIM Kyong Hui

 

Dáta breithe: 6.5.1981

Áit bhreithe: Pyongyang, DPDC

Inscne: baineann

20.4.2018

Bhí baint ag KIM Kyong Hui, in éineacht lena fear céile KIM Su Gwang, lena hathair céile KIM Yong Nam agus lena máthair chéile DJANG Tcheul Hy, le patrún de chleachtais mhíthreoracha airgeadais a d’fhéadfadh cur le cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile. Fuair sí roinnt aistrithe bainc óna fear céile KIM Su Gwang agus óna athair céile KIM Yong Nam agus d’aistrigh sí airgead chuig cuntais lasmuigh den Aontas ina hainm nó in ainm a máthar chéile, DJANG Tcheul Hy.”.

(4)   

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 Cuid (A) (“Daoine”) cuirtear an méid seo a leanas in ionad, iontrálacha 4 agus 24:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Dáta ainmniúcháin

Cúiseanna

“4.

JON Chol Young

ar a dtugtar freisin: JON Chol Yong

Uimhir an phas: 563410192

Taidhleoir Ambasáid DPDC, Angóla

Dáta breithe: 30.4.1975

22.1.2018

Iarionadaí ar Green Pine Associated Corporation in Angóla agus taidhleoir DPDC atá creidiúnaithe chuig Angóla.

Tá Green Pine ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe mar gheall ar ghníomhaíochtaí lena n‐áirítear sárú ar thrádbhac arm na Náisiún Aontaithe. Rinne Green Pine conarthaí a chaibidil freisin chun soithí cabhlaigh Angóla a athchóiriú de shárú ar na toirmisc a forchuireadh le Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

24.

SO Tong Myong

Dáta breithe: 10.9.1956

3.7.2015

Iar-uachtarán ar Korean National Insurance Corporation (KNIC), iar-Chathaoirleach ar an KNIC Executive Management Committee (Meitheamh 2012); iar-Bhainisteoir Ginearálta ar Korean National Insurance Corporation, Meán Fómhair 2013, ag gníomhú thar ceann KNIC nó faoina stiúir.”.

(5)   

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, Cuid (B) (“Eintitis”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 4:

 

Ainm (agus ailiasanna féideartha)

Faisnéis aitheantais

Dáta ainmniúcháin

Cúiseanna

“4.

Pan Systems Pyongyang

ar a dtugtar freisin Wonbang Trading Co.; Glocom; International Golden Services; International Global System

Seoladh: Seomra 818, Pothonggang Hotel, Ansan-Dong, ceantar Pyongchon, Pyongyang, DPDC.

16.10.2017

Tá cúnamh tugtha ag Pan Systems chun smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a sheachaint trí iarracht a dhéanamh airm agus ábhair ghaolmhara a dhíol leis an Eiritré.

Tá Pan Systems á rialú ag Reconnaissance General Bureau freisin, eintiteas atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe agus oibríonn sé thar a cheann,.”.


31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 247/40


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2020/1137 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2020

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 12(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Chinneadh (CBES) 2015/1333, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(3)

Tá an Chomhairle tagtha ar an tátal gur cheart na bearta sriantacha in aghaidh gach duine agus gach eintitis atá sna liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 a choinneáil ar bun, agus gur cheart an fhaisnéis chéannachta do dhuine amháin a nuashonrú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.


IARSCRÍBHINN

(1)   

In gcuid A (Daoine) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 15:

“15.

GHWELL, Khalifa

ailias AL GHWEIL, Khalifa

AL-GHAWAIL, Khalifa

GHAWIL, Khalifa Mohamed

Dáta breithe: 1 Eanáir 1956 nó 1 Eanáir 1951

Áit bhreithe: Misurata, an Libia

Náisiúntacht: Libiach

Pas: A005465 (an Libia), a eisíodh an 12 Aibreán 2015, a chuaigh in éag an 11 Aibreán 2017

agus

J690P666 (an Libia), a eisíodh an 12 Meitheamh 2016, ag dul in éag an 11 Meitheamh 2024

Inscne: fireann

Seoladh: Qasr Ahmed Street, Misurata, an Libia

Ba é Khalifa Ghwell ‘Príomh-Aire agus Aire Cosanta’, mar a ghairtí de, an Chomhdháil Ghinearálta Náisiúnta (‘GNC’) atá neamhaitheanta go hidirnáisiúnta (ar a dtugtar ‘Rialtas Náisiúnta an tSlánaithe’ freisin), agus dá réir sin, bhí sé freagrach as a ngníomhaíochtaí.

An 7 Iúil 2015, rinne Khalifa Ghwell a chuid tacaíochta do Fhronta na Buanseasmhachta (Alsomood), fórsa míleata nua seacht mbriogáid a bhfuil sé mar aidhm aige cosc a chur le bunú rialtais aontachta i dTripilí, a léiriú nuair a d’fhreastail sé ar shearmanas an tsínithe chun ‘Uachtarán’ GNC, Nuri Abu Sahmain, a insealbhú san fhórsa.

Ina cháil mar ‘Príomh-Aire’ GNC, bhí ról lárnach ag Ghwell i mbac a chur ar bhunú an GNA a bunaíodh faoin gComhaontú Polaitiúil maidir leis an Libia.

An 15 Eanáir 2016, ina cháil mar ‘Príomh-Aire agus Aire Cosanta’ GNC Thripilí, d’ordaigh Ghwell go ngabhfaí aon bhaill den Fhoireann Slándála nua, a cheap Príomh-Aire Ainmnithe an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta, a leagfadh cos i dTripilí.

An 31 Lúnasa 2016, d’ordaigh sé do ‘Príomh-Aire’ agus do ‘Aire Cosanta’ de chuid an ‘Rialtas Náisiúnta an tSlánaithe’ filleadh ar an obair i ndiaidh do Theach na nIonadaithe diúltú don GNA.

1.4.2016”;

(2)   

I gcuid A (Daoine) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 20:

“20.

GHWELL, Khalifa

ailias AL GHWEIL, Khalifa

AL-GHAWAIL, Khalifa

GHAWIL, Khalifa Mohamed

Dáta breithe: 1 Eanáir 1956 nó 1 Eanáir 1951

Áit bhreithe: Misurata, an Libia

Náisiúntacht: Libiach

Pas: A005465 (an Libia), a eisíodh an 12 Aibreán 2015, a chuaigh in éag an 11 Aibreán 2017

agus

J690P666 (an Libia), a eisíodh an 12 Meitheamh 2016, ag dul in éag an 11 Meitheamh 2024

Inscne: fireann

Seoladh: Qasr Ahmed Street, Misurata, an Libia

Ba é Khalifa Ghwell ‘Príomh-Aire agus Aire Cosanta’, mar a ghairtí de, an Chomhdháil Ghinearálta Náisiúnta (‘GNC’) atá neamhaitheanta go hidirnáisiúnta (ar a dtugtar ‘Rialtas Náisiúnta an tSlánaithe’ freisin), agus dá réir sin, bhí sé freagrach as a ngníomhaíochtaí.

An 7 Iúil 2015, rinne Khalifa Ghwell a chuid tacaíochta do Fhronta na Buanseasmhachta (Alsomood), fórsa míleata nua seacht mbriogáid a bhfuil sé mar aidhm aige cosc a chur le bunú rialtais aontachta i dTripilí, a léiriú nuair a d’fhreastail sé ar shearmanas an tsínithe chun ‘Uachtarán’ GNC, Nuri Abu Sahmain, a insealbhú san fhórsa.

Ina cháil mar ‘Príomh-Aire’ GNC, bhí ról lárnach ag Ghwell i mbac a chur ar bhunú an GNA a bunaíodh faoin gComhaontú Polaitiúil maidir leis an Libia.

An 15 Eanáir 2016, ina cháil mar ‘Príomh-Aire agus Aire Cosanta’ GNC Thripilí, d’ordaigh Ghwell go ngabhfaí aon bhaill den Fhoireann Slándála nua a cheap Príomh-Aire Ainmnithe an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta, a leagfadh cos i dTripilí.

An 31 Lúnasa 2016, d’ordaigh sé do ‘Príomh-Aire’ agus do ‘Aire Cosanta’ de chuid an ‘Rialtas Náisiúnta an tSlánaithe’ filleadh ar an obair i ndiaidh do Theach na nIonadaithe diúltú don GNA.

1.4.2016”.