ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 204 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
63 |
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
* |
|
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
|
TREORACHA |
|
|
* |
||
|
|
RIALACHA NÓS IMEACHTA |
|
|
* |
GA |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
26.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 204/1 |
RIALACHÁN (AE) 2020/872 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2020
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar ráig COVID-19
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 42 agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá feirmeoirí agus gnólachtaí tuaithe buailte go trom le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Na mórshrianta maidir le gluaiseacht a cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit, chomh maith le siopaí, margaí faoin aer, bialanna agus gnólachtaí fáilteachais eile a bheith á ndúnadh ar bhonn riachtanach, chruthaigh siad mícshocracht eacnamaíoch san earnáil talmhaíochta agus sna pobail tuaithe agus d’eascair fadhbanna leachtacha agus sreafa airgid d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí beaga a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta astu. Mar gheall air sin cruthaíodh staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi. |
(2) |
Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime ag eascairt as ráig COVID-19 (“an ghéarchéim”), ba cheart go nglacfaí beart nua eisceachtúil sealadach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna leachtacha a chuireann leanúnachas ghníomhaíochtaí feirmeoireachta agus ghnólachtaí beaga i mbaol, gnólachtaí a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta. |
(3) |
Ba cheart go gcuirfeadh an beart sin ar chumas na mBallstát na cistí atá ar fáil a úsáid faoina gcláir forbartha tuaithe atá ann cheana d’fhonn tacú le feirmeoirí agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a dtéann an ghéarchéim go mór i bhfeidhm orthu. An tacaíocht, a bhfuil sé d’aidhm aici iomaíochas ghnólachtaí talmhaíochta agus inmharthanacht feirmeacha a chosaint, d’fhonn na hacmhainní atá ar fáil a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá ag fulaingt de bharr na géarchéime, ba cheart iad a dheonú ar bhonn critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha. I gcás na bhfeirmeoirí, ar na critéir a d’fhéadfaí a chur san áireamh, tá earnálacha táirgthe, cineálacha feirmeoireachta, struchtúir feirme, cineálacha margaíochta a dhéantar ar tháirgí feirmeoireachta agus líon na n-oibrithe séasúracha a fhostaítear; i gcás FBManna, féadfar a áireamh sna critéir sin cineálacha earnálacha, cineálacha gníomhaíochta, cineálacha réigiún, agus srianta sonracha eile. |
(4) |
De dheasca na práinne agus toisc go bhfuil gné eisceachtúil ag an mbeart sin, ba cheart íocaíocht aonuaire agus teorainn ama le haghaidh chur i bhfeidhm an bhirt a shocrú, agus ní mór an prionsabal lena bhfuil íocaíochtaí ón gCoimisiún le déanamh i gcomhréir le leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir chistithe atá ar fáil a choinneáil i gcuimhne. |
(5) |
Chun tacaíocht níos airde a thabhairt do na feirmeoirí agus do na FBManna is mó atá buailte, is iomchuí a cheadú do Bhallstáit coigeartú a dhéanamh ar leibhéal na gcnapshuimeanna le haghaidh catagóirí áirithe de thairbhithe incháilithe, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. |
(6) |
Chun a áirithiú go ndéanfar an beart nua a mhaoiniú go leordhóthanach gan cuspóirí eile na gclár forbartha tuaithe a chur i mbaol, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart uaschion a shocrú do ranníocaíocht an Aontais leis an mbeart sin. |
(7) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon freagairt do thionchar na géarchéime trí bheart sonrach a thabhairt isteach chun tacaíocht shealadach eisceachtúil a sholáthar faoi CETFT, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a leasú dá réir. |
(9) |
I bhfianaise na práinne maidir le aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim, measadh gurbh iomchuí a fhoráil d’eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. |
(10) |
I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann leis an ngéarchéim, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 39b Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá buailte go trom ag géarchéim COVID-19 1. Leis an tacaíocht faoin mbeart sin, cuirfear cabhair éigeandála ar fáil d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag géarchéim COVID-19, dírithe ar leanúnachas i leith a gcuid gníomhaíochta gnó, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. 2. Deonófar tacaíocht d’fheirmeoirí agus do FBManna a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta arna gcumhdach le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE nó cadás, seachas táirgí iascaigh. D’fhéadfadh sé gur táirge nach gcumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin a bheadh in aschur an phróisis táirgeachta. 3. Déanfaidh na Ballstáit an tacaíocht a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte le géarchéim COVID-19, trí choinníollacha incháilitheachta agus, i gcás go measann an Ballstát lena mbaineann gurb iomchuí, critéir roghnúcháin a bheidh oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chinneadh, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil. 4. Beidh an tacaíocht i bhfoirm íocaíochta cnapshuime a íocfar faoin 30 Meitheamh 2021, bunaithe ar iarratais ar thacaíocht arna gceadú ag an údarás inniúil faoin 31 Nollaig 2020. Déanfar an aisíocaíocht ina dhiaidh sin ón gCoimisiún i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Féadfar leibhéal na híocaíochta a idirdhealú de réir catagóirí tairbhithe, i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. 5. Ní rachaidh uasmhéid na tacaíochta thar EUR 7 000 in aghaidh an fheirmeora agus EUR 50 000 in aghaidh an FBM. 6. Agus tacaíocht a dheonú faoin Airteagal seo, áireoidh na Ballstáit an tacaíocht a dheonaítear faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do thionchar ghéarchéim COVID-19.”; |
(2) |
in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Áiritheoidh údarás an Bhallstáit atá freagrach as roghnú na n-oibríochtaí, cé is moite de na hoibríochtaí faoi phointe (b) d’Airteagal 18(1), faoi phointe (d) d’Airteagal 24(1) agus Airteagail 28 go 31, 33, 34 agus 36 go 39b, go roghnófar oibríochtaí i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus de réir nós imeachta trédhearcach a mbeidh doiciméadú maith ann ina leith.”; |
(3) |
in Airteagal 59, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “6a. Ní rachaidh tacaíocht CETFT arna soláthar faoi Airteagal 39b thar 2 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an gclár forbartha tuaithe.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2020.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. BRNJAC
(1) Tuairim an 11 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Meitheamh 2020.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
26.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 204/4 |
RIALACHÁN (AE) 2020/873Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2020
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876 a mhéid a bhaineann le coigeartuithe áirithe mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), bunaítear an creat rialála stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (“institiúidí”) atá ag oibriú san Aontas. Leis an gcreat rialála stuamachta sin, a glacadh i ndiaidh na géarchéime airgeadais a tháinig chun cinn in 2007-2008, agus a bhí bunaithe, den chuid is mó, ar chaighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) in 2010, a dtugtar creat Basel III air, rannchuidíodh le feabhas a chur ar athléimneacht na n-institiúidí a oibríonn san Aontas agus iad a dhéanamh níos ullmhaithe chun déileáil le deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear deacrachtaí a eascraíonn as géarchéimeanna amach anseo. |
(2) |
Ó tháinig sé i bhfeidhm, rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú roinnt uaireanta chun aghaidh a thabhairt ar laigí atá ann fós sa chreat rialála stuamachta agus chun roinnt eilimintí den athchóiriú domhanda ar sheirbhísí airgeadais atá fós gan réiteach agus atá fíor-riachtanach a chur chun feidhme chun athléimneacht na n-institiúidí a áirithiú. Ar na hathruithe sin, le Rialachán (AE) 2017/2395 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) tugadh isteach socruithe idirthréimhseacha i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun an tionchar a bhí ag tabhairt isteach na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais— Ionstraimí Airgeadais (IFRS 9) ar chistí dílse a mhaolú. Le Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ceanglas i gcomhair cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha, an cúlstop stuamachta mar a thugtar air. |
(3) |
Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 roinnt de na heilimintí deireanacha de chuid chreat Basel III. Áirítear ar na heilimintí sin, i measc nithe eile, sainiú nua ar an gcóimheas luamhánaithe agus maolán cóimheasa luamhánaithe, dhá rud a chuireann cosc ar institiúidí luamhánú a mhéadú an iomarca, chomh maith le forálacha le haghaidh láimhseáil stuamachta níos fabhraí i gcás sócmhainní bogearraí áirithe agus le haghaidh láimhseáil stuamachta níos fabhraí i gcás iasachtaí áirithe atá cumhdaithe ag pinsin nó ag tuarastail, fachtóir tacaíochta athbhreithnithe le haghaidh iasachtaí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) (“fachtóir tacaíochta FBM”), agus coigeartú nua ar cheanglais cistí dílse maidir le priacal creidmheasa le haghaidh risíochtaí ar eintitis a oibríonn nó a mhaoiníonn struchtúir fhisiciúla nó áiseanna, córais agus líonraí a chuireann seirbhísí poiblí ríthábhachtacha ar fáil nó a thugann tacaíocht dóibh (an “fachtóir tacaíochta bonneagair”). |
(4) |
Tá tionchar leitheadach imeartha ar an ngeilleagar ag an tuairt thromchúiseach gheilleagrach arbh iad paindéim COVID-19 agus na bearta srianta eisceachtúla ba chúis léi. Tá aghaidh á thabhairt ag gnólachtaí ar shuaitheadh i slabhraí soláthair, ar dhúnadh sealadach agus ar éileamh laghdaithe, agus tá teaghlaigh ag dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus le laghdú ioncaim san am céanna. Ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, tá gníomhaíocht chinntitheach déanta ag údaráis phoiblí chun tacú le teaghlaigh agus le gnóthais shócmhainneacha chun an fód a sheasamh in aghaidh an mhoillithe ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch, rud atá géar ach sealadach, agus in aghaidh na nganntanas leachtachta a tháinig chun cinn dá bharr. |
(5) |
Beidh príomhról ag na hinstitiúidí ó thaobh rannchuidiú leis an téarnamh. San am céanna, is dócha go mbeidh siad féin buailte ag an staid eacnamaíoch a bheith ag dul in olcas. Tá faoiseamh caipitil sealadach, faoiseamh leachtachta sealadach agus faoiseamh oibríochtúil sealadach curtha ar fáil ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus ag na húdaráis inniúla chun a áirithiú gur féidir leis na hinstitiúidí leanúint dá ról a chomhlíonadh i dtaca leis an bhfíorgheilleagar a mhaoiniú ainneoin an timpeallacht atá níos dúshlánaí. Go háirithe, tá soiléireacht tugtha ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag ÚBE i dtaca le cur i bhfeidhm na solúbthachta atá leabaithe cheana féin i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí léirithe agus treoir a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm an chreata stuamachta i gcomhthéacs COVID-19. Áirítear leis an treoir sin teachtaireacht léiritheach ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2020 maidir le cur i bhfeidhm na gcreataí cuntasaíochta agus stuamachta chun iasachtaí bainc AE a éascú - Chun tacú le gnólachtaí agus teaghlaigh le linn COVID-19. Mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, thug CBMB roinnt solúbthachta freisin i dtaca le cur i bhfeidhm caighdeán idirnáisiúnta. |
(6) |
Tá sé tábhachtach go n-úsáidfidh na hinstitiúidí a gcaipiteal san áit is mó a mbeidh sé de dhíth agus go n-éascófar an méid sin le linn dóibh déanamh amhlaidh le creat rialála an Aontais agus é á áirithiú leis, san am céanna, go ngníomhóidh na hinstitiúidí go stuama. De bhreis ar an tsolúbthacht a thugtar cheana féin sna rialacha atá ann cheana, le hathruithe spriocdhírithe ar Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876, d’áiritheofaí go n-idirghníomhódh an creat rialála stuamachta go réidh leis na bearta éagsúla a thugann aghaidh ar phaindéim COVID-19. |
(7) |
Imthosca urghnácha phaindéim COVID-19 agus méid na ndúshlán a ghabhann léi, dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, ba iad a spreag glaonna ar ghníomhaíocht láithreach chun a áirithiú go bhfuil na hinstitiúidí in ann cistí a dhíriú ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh ar bhealach éifeachtach agus chun an tuairt gheilleagrach arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi a mhaolú. |
(8) |
Na ráthaíochtaí arna soláthar i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 ag rialtais náisiúnta nó ag eintitis phoiblí eile, a meastar gur comhionann a n-acmhainneacht creidmheasa faoin gCur Chuige Caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasaa leagtar amach i gCuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tá siad inchomparáide a mhéid a bhaineann lena gcuid éifeachtaí maolaithe priacail le ráthaíochtaí arna soláthar ag gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 47c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá bhrí sin, tá bonn cirt leis na ceanglais cumhdaigh íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha a thairbhíonn de ráthaíochtaí arna ndeonú ag rialtais náisiúnta nó ag eintitis phoiblí eile a ailíniú leis na ráthaíochtaí do risíochtaí neamhthuillmheacha a thairbhíonn de ráthaíochtaí arna ndeonú ag gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúla. |
(9) |
Ón bhfianaise atá tagtha chun cinn i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, is léir go bhféadfadh an fhéidearthacht risíochtaí áirithe ar bhainc cheannais a eisiamh go sealadach ó ríomh an tomhais risíochta iomláin atá ag institiúid, mar a leagtar síos in Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna leasú le Rialachán (AE) 2019/876, go bhféadfadh an fhéidearthacht sin a bheith fíor-riachtanach le linn géarchéime. Mar sin féin, ní thiocfaidh an lánrogha risíochtaí den sórt sin a eisiamh chun bheith infheidhme go dtí an 28 Meitheamh 2021. Dá bhrí sin, roimh an dáta sin, ní bheadh na húdaráis inniúla in ann úsáid a bhaint as an ionstraim sin chun aghaidh a thabhairt ar an méadú a bhfuiltear ag súil leis ar risíochtaí ar bhainc cheannais i ngeall ar bhearta beartais airgeadaíochta arna n-úsáid chun tionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19 a mhaolú. Dealraíonn sé, ina theannta sin, go bhfuil bac ar éifeachtacht na hionstraime sin sin mar gheall ar an tsolúbthacht laghdaithe a eascraíonn as an sásra fritháirimh a ghabhann le heisiaimh shealadacha den sórt sin, rud a chuirfeadh srian ar chumas na n-institiúidí risíochtaí ar bhainc cheannais a mhéadú i gcás géarchéime. D’fhéadfaídh sé sa deireadh, mar thoradh ar an méid sin, go ndéanfaí iachall a chur ar institiúid a leibhéal iasachtaithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí a laghdú. Dá bhrí sin, chun aon iarmhairtí neamh-inmhianaithe a bhaineann leis an sásra fritháirimh a sheachaint agus chun éifeachtacht an eisiaimh sin a áirithiú i gcoinne tuairteanna agus éigeandálaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, ba cheart an sásra fritháirimh a mhodhnú. Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh an lánrogha sin ar fáil le linn phaindéim reatha COVID-19, ba cheart an fhéidearthacht risíochtaí áirithe ar bhainc cheannais a eisiamh go sealadach a bheith ar fáil cheana féin sula dtiocfaidh an ceanglas cóimheasa luamhánaithe a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun bheith infheidhme an 28 Meitheamh 2021. Go dtí go gcuirfear i bhfeidhm na forálacha leasaithe maidir le ríomh an chóimheasa luamhánaithe mar a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/876, ba cheart Airteagal 429a leanúint d’fheidhm a bheith aige san fhoclaíocht a tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/62 ón gCoimisiún (11). |
(10) |
In 2017, rinne CBMB athbhreithniú ar ríomh luach risíochta an chóimheasa luamhánaithe atá ag gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá fós le socrú chun a áirithiú go léiríonn an láimhseáil mar is ceart an luamhánú bunúsach a bhaineann leis na trádálacha sin agus nach bhfuil tionchar ag difríochtaí cuntasaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann ar an ríomh i measc institiúidí a bhfuil suíomhanna inchomparáide acu. San Aontas, tugadh an t-athbhreithniú isteach le Rialachán (AE) 2019/876. Mar sin féin, is ar an 28 Meitheamh 2021 amháin a thiocfaidh an láimhseáil níos fabhraí sin chun bheith infheidhme. Dá bhrí sin, ós rud é go ndéanfadh an ríomh athbhreithnithe sin fíorluamhánú idirbhirt a léiriú ar bhealach níos iomchuí agus, ag an am céanna, go méadódh sé cumas institiúide iasachtaí a thabhairt agus caillteanais a ionsú le linn phaindéim COVID-19, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag institiúidí cheana féin an ríomh athbhreithnithe a chur i bhfeidhm go sealadach sula dtiocfaidh an fhoráil a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/876 chun bheith infheidhme ar gach institiúid san Aontas. |
(11) |
Tá líon mór institiúidí a oibríonn san Aontas faoi réir IFRS 9 ón 1 Eanáir 2018 i leith. I gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta a ghlac CBMB, le Rialachán (AE) 2017/2395 tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 socruithe idirthréimhseacha chun maolú a dhéanamh ar an tionchar mór diúltach a d’fhéadfadh a bheith ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 institiúidí a eascraíonn as cuntasaíocht um chaillteanas creidmheasa ionchasach faoi IFRS 9. |
(12) |
Mar thoradh ar chur i bhfeidhm IFRS 9 le linn an chúlaithe eacnamaíoch arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leis, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh méadú suntasach tobann ar sholáthairtí le haghaidh chaillteanais chreidmheasa ionchasacha, mar, i gcás cuid mhór de na risíochtaí, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis na caillteanais ionchasacha sin ar feadh a saolré a ríomh. Shoiléirigh CBMB, ÚBE agus ÚEUM go bhfuiltear ag súil nach ndéanfaidh na hinstitiúidí a gcur chuige maidir le caillteanas creidmheasa ionchasach atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm go meicniúil i staideanna eisceachtúla amhail paindéim COVID-19 ach, ina ionad sin, go n-úsáidfidh siad an tsolúbthacht atá go dlúth in IFRS 9, mar shampla chun béim chuí a chur ar threochtaí eacnamaíocha fadtéarmacha. Chomhaontaigh CBMB an 3 Aibreán 2020 níos mó solúbthachta a cheadú maidir le cur chun feidhme na socruithe idirthréimhseacha lena gcéimnítear isteach tionchar IFRS 9. Chun teorainn a chur leis an luaineacht a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcaipiteal rialála má thagann méadú suntasach ar sholáthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha mar thoradh ar phaindéim COVID-19, is gá síneadh a chur leis na socruithe idirthréimhseacha i ndlí an Aontais freisin. |
(13) |
Chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag méadú tobann i soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar chumas institiúidí iasachtaí a thabhairt do chliaint an tráth is mó a bheidh gá leo, ba cheart síneadh dhá bhliain a chur leis na socruithe idirthréimhseacha, agus ba cheart cead a bheith ag institiúidí aon mhéadú ar na soláthairtí nua le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a aithníonn siad in 2020 agus in 2021 le haghaidh a gcuid sócmhainní airgeadais, nach bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, a chur ar ais go hiomlán lena gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Thabharfaí, leis na hathruithe sin, faoiseamh breise ón tionchar a bheadh ag paindéim COVID-19 ar an méadú a d’fhéadfadh teacht ar riachtanais soláthair na n-institiúidí faoi IFRS 9, agus san am céanna choinneofaí ar bun na socruithe idirthréimhseacha le haghaidh mhéideanna na gcaillteanas creidmheasa ionchasach arna mbunú roimh phaindéim COVID-19. |
(14) |
Na hinstitiúidí a chinn roimhe sin na socruithe idirthréimhseacha a úsáid nó gan iad a úsáid, ba cheart dóibh a bheith in ann an cinneadh sin a fhreaschur tráth ar bith le linn na hidirthréimhse nua, faoi réir an cead a fháil roimh ré óna n-údarás inniúil. Ba cheart don údarás inniúil a áirithiú nach ndéanfar freaschur den sórt sin mar gheall ar bhreithnithe arbatráiste rialála. Ina dhiaidh sin, agus faoi réir an cead a fháil roimh ré ón údarás inniúil, ba cheart an deis a bheith ag na hinstitiúidí cinneadh a dhéanamh éirí as na socruithe idirthréimhseacha a úsáid. |
(15) |
Braitear tionchar as cuimse phaindéim COVID-19 i dtaca leis na leibhéil ollmhóra luaineachta sna margaí airgeadais, as a dtagann, in éineacht leis an éiginnteacht, torthaí méadaithe le haghaidh fiachais phoiblí as a n-eascraíonn, mar thoradh, caillteanais neamhréadaithe ar shealúchais fiachais phoiblí na n-institiúidí. Chun maolú a dhéanamh ar thionchar diúltach suntasach na luaineachta i margaí fiachais na rialtas láir le linn phaindéim COVID-19 ar chaipiteal rialála na n-institiúidí agus dá bhrí sin ar chumas na n-institiúidí iasachtaí a thabhairt do chliaint, ba cheart scagaire stuamachta sealadach a athbhunú, ar scagaire é a dhéanfadh an tionchar sin a neodrú. |
(16) |
Ceanglaítear ar na hinstitiúidí a samhlacha inmheánacha a chúltástáil gach lá chun measúnú a dhéanamh an ngineann na samhlacha sin ceanglais chaipitil leordhóthanacha chun caillteanais leabhair trádála a ionsú. Mar thoradh ar mhainneachtainí sa cheanglas cúltástála, ar a dtugtar róluaineachtaí freisin, más os cionn líon áirithe in aghaidh na bliana iad, bheadh iolraitheoir cainníochtúil breise á chur i bhfeidhm ar na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh arna ríomh trí shamhlacha inmheánacha a úsáid. Tá an ceanglas cúltástála an-chomhthimthriallach i dtréimhse luaineachta ollmhóire, amhail an tréimhse arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi. Mar thoradh ar an ngéarchéim, tá méadú suntasach tagtha ar an iolraitheoir cainníochtúil ar phriacal margaidh a chuirtear i bhfeidhm ar shamhlacha inmheánacha. Faoi chreat Basel III, cé go bhféadfaidh údaráis inniúla imeachtaí urghnácha den sórt sin i samhlacha inmheánacha i leith priacal margaidh a mhaolú, níl an lánrogha mhaoirseachta sin ar fáil ina hiomláine faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá bhrí sin, ba cheart solúbthacht bhreise a thabhairt isteach d’údaráis inniúla chun éifeachtaí diúltacha na luaineachta ollmhóire margaidh a chonacthas le linn phaindéim COVID-19 a mhaolú chun na róluaineachtaí a tharla idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2021 nach dtagann as easnaimh i samhlacha inmheánacha a eisiamh. Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó phaindéim COVID-19, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cheart solúbthacht den sórt sin a chur ar fáil freisin tráth a dtarlódh teagmhais luaineachta ollmhóire margaidh amach anseo. |
(17) |
I Márta 2020, rinne Grúpa na nGobharnóirí Bainc Ceannais agus na gCeann Maoirseachta athbhreithniú ar amlíne chur chun feidhme na n-eilimintí deireanacha de chreat Basel III. Cé gur gá an chuid is mó de na heilimintí deireanacha a chur chun feidhme go fóill i ndlí an Aontais, rinneadh an ceanglas maoláin cóimheasa luamhánaithe le haghaidh institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo a chur chun feidhme cheana féin trí na leasuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/876. Dá bhrí sin, agus chun cothrom na féinne a áirithiú go hidirnáisiúnta d’institiúidí atá bunaithe san Aontas agus a oibríonn lasmuigh den Aontas freisin, ba cheart an dáta cur i bhfeidhm le haghaidh an cheanglais maidir le maolán cóimheasa luamhánaithe a leagtar amach sa Rialachán sin a chur siar bliain amháin go dtí an 1 Eanáir 2023. Agus cur i bhfeidhm an cheanglais maidir le maolán cóimheasa luamhánaithe curtha ar athló, ní bheadh, le linn na tréimhse sin, aon iarmhairtí ann a d’eascródh as mainneachtain an ceanglas sin mar a leagtar amach in Airteagal 141c de Threoir 2013/36/AE é a chomhlíonadh agus ní bheadh aon srian gaolmhar ar dháileacháin a leagtar amach in Airteagal 141b den Treoir sin ann. |
(18) |
I dtaca le hiasachtaí arna ndeonú ag institiúidí creidmheasa do phinsinéirí nó d’fhostaithe a bhfuil conradh buan acu i gcoinne aistriú neamhchoinníollach cuid de phinsean nó de thuarastal an iasachtaí chuig an institiúid creidmheasa sin, leasaíodh Airteagal 123 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2019/876 ionas go bhféadfaí iasachtaí den sórt sin a láimhseáil ar bhonn níos fabhraí. Le cur i bhfeidhm láimhseála den sórt sin, i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, dhreasófaí institiúidí chun iasachtú d’fhostaithe agus do phinsinéirí a mhéadú. Is gá, dá bhrí sin, dáta chur i bhfeidhm na forála sin a thabhairt chun tosaigh ionas gur féidir le hinstitiúidí í a úsáid cheana féin le linn phaindéim COVID-19. |
(19) |
Ó tharla go gceadaítear le fachtóir tacaíochta FBM agus leis an bhfachtóir tacaíochta bonneagair láimhseáil níos fabhraí a dhéanamh ar risíochtaí áirithe ar FBManna agus ar bhonneagar, trí bhíthin a gcur i bhfeidhm i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 dhreasófaí institiúidí chun iasachtú a bhfuil géarghá leis a mhéadú. Is gá, dá bhrí sin, dáta chur i bhfeidhm an dá fhachtóir thacaíochta a thabhairt chun tosaigh ionas gur féidir le hinstitiúidí iad a úsáid cheana féin le linn phaindéim COVID-19. |
(20) |
Le Rialachán (AE) 2019/876, leasaíodh láimhseáil stuamachta sócmhainní bogearraí áirithe chun tacaíocht bhreise a thabhairt don aistriú i dtreo earnáil baincéireachta a bheidh níos digitithe. Sa chomhthéacs inar glacadh seirbhísí digiteacha ar bhonn luathaithe de bharr bearta poiblí a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, ba cheart dáta chur i bhfeidhm na n-athruithe sin a thabhairt chun tosaigh. |
(21) |
D’fheadfadh sé go mbeadh maoiniú poiblí trí eisiúint bannaí rialtais atá ainmnithe in airgeadra intíre Ballstáit eile a bheith riachtanach chun tacú le bearta chun iarmhairtí phaindéim COVID-19 a chomhrac. Chun nach mbeidh srianta neamhriachtanacha ann ar institiúidí a infheistíonn i mbannaí den sórt sin, is iomchuí na socruithe idirthréimhseacha a thabhairt isteach arís le haghaidh risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais i gcás ina bhfuil na risíochtaí sin ainmnithe in airgeadra intíre Ballstáit eile i ndáil le láimhseáil na risíochtaí sin faoin gcreat priacail creidmheasa agus fad a chur leis na socruithe idirthréimhseacha i ndáil le láimhseáil na risíochtaí sin faoi na teorainneacha do risíochtaí móra. |
(22) |
Sna himthosca eisceachtúla a spreag paindéim COVID-19, táthar ag súil go rannchuideoidh geallsealbhóirí leis na hiarrachtaí chun téarnamh a bhaint amach. Tá ÚBE, an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis inniúla eile tar éis moltaí a eisiúint d’institiúidí íocaíochtaí díbhinní agus aischeannach scaireanna a chur ar fionraí i rith phaindéim COVID-19. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na moltaí sin a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla leas iomlán a bhaint as a gcuid cumhachtaí maoirseachta, lena n-áirítear cumhachtaí chun srianta ceangailteacha a fhorchur ar dháileacháin d’institiúidí nó teorainneacha a fhorchur ar luach saothair inathraithe, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE. Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó phaindéim COVID-19, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cheart cumhachtaí ceangailteacha breise a thabhairt d’údaráis inniúla chun srianta a fhorchur ar dháileacháin in imthosca eisceachtúla. |
(23) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cumas institiúidí iasachtaí a thabhairt agus caillteanais a bhaineann le paindéim COVID-19 a ionsú a uasmhéadú, agus athléimneacht institiúidí den sórt sin á háirithiú san am céanna, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(24) |
Chun go mbeadh na bearta tacaíochta urghnácha arna nglacadh chun tionchar phaindéim COVID-19 a mhaolú iomlán éifeachtach i dtaca leis an earnáil baincéireachta a choimeád níos athléimní agus dreasacht a sholáthar do na hinstitiúidí le leanúint den iasachtú, is gá éifeacht mhaolaithe na mbeart sin a léiriú láithreach bonn ar an mbealach ina gcinntear ceanglais caipitil rialála. Ag féachaint don phráinn atá leis na coigeartuithe sin ar an gcreat rialála stuamachta, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(25) |
I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na himthosca eisceachtúla arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leo, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. |
(26) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 47c(4), cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad an fhrása réamhráitigh: “4. De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas maidir leis an gcuid den risíocht neamhthuillmheach arna ráthú nó arna hárachú ag gníomhaireacht creidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil nó arna ráthú nó arna frithráthú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 201(1), risíochtaí neamhurraithe a sannfaí ualú priacail 0 % dóibh faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí:”; |
(2) |
in Airteagal 114, scriostar mír 6; |
(3) |
in Airteagal 150(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii) de phointe (d) den chéad fhomhír:
|
(4) |
leasaítear Airteagal 429a, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/876, mar a leanas:
|
(5) |
scriostar Airteagal 467; |
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 468: “Airteagal 468 Láimhseáil shealadach gnóthachan agus caillteanas neamhréadaithe arna dtomhas ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i bhfianaise phaindéim COVID-19 1. De mhaolú ar Airteagal 35, féadfaidh na hinstitiúidí, le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022 (‘tréimhse na láimhseála sealadaí’), méid A, arna chinneadh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, a bhaint ó ríomh a gcuid ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1:
nuair:
2. Cuirfidh na institiúidí na fachtóirí seo a leanas i bhfeidhm chun méid A dá dtagraítear i mír 1 a ríomh:
3. I gcás ina gcinneann institiúid an láimhseáil shealadach a leagtar amach i mír 1 a chur i bhfeidhm, cuirfidh an institiúid sin a cinneadh in iúl don údarás inniúil ar a laghad 45 lá roimh an dáta cur isteach le haghaidh thuairisciú na faisnéise bunaithe ar an láimhseáil sin. Faoi réir réamhchead an údaráis inniúil, féadfaidh an institiúid a céad chinneadh a fhreaschur uair amháin le linn thréimhse na láimhseála sealadaí. Nochtfaidh institiúidí go poiblí an gcuireann siad an láimhseáil sin i bhfeidhm. 4. I gcás ina mbaineann institiúid méid caillteanas neamhréadaithe óna hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh sí na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2013/36/AE a ríomhtar agus aon cheann de na hítimí seo a leanas á úsáid a athríomh:
Le linn di an ceanglas ábhartha a athríomh, ní chuirfidh an institiúid san áireamh na héifeachtaí a bheidh ag soláthairtí le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha maidir le risíochtaí ar rialtais láir, ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 115(2) den Rialachán seo agus ar eintitis san earnáil phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 116(4) den Rialachán seo ar na hítimí sin, cé is moite de na sócmhainní airgeadais sin a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu mar a shainmhínítear in Aguisín A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 9. 5. Le linn na dtréimhsí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear i gCuid a hOcht a nochtadh, nochtfaidh na hinstitiúidí a chinn an láimhseáil shealadach a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm na méideanna cistí dílse, caipiteal Ghnáthchothromais Leibhéal 1 agus caipiteal Leibhéal 1, an cóimheas caipitil iomlán, cóimheas caipitil Ghnáthchothromais Leibhéal 1, cóimheas caipitil Leibhéal 1 agus an cóimheas luamhánaithe a bheadh acu i gcás nach gcuirfidís an láimhseáil sin i bhfeidhm.”; |
(7) |
leasaítear Airteagal 473a mar a leanas:
|
(8) |
in Airteagal 495, scriostar mír 2; |
(9) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 500a Láimhseáil shealadach fiachais phoiblí arna eisiúint in airgeadra Ballstáit eile 1. De mhaolú ar Airteagal 114(2), go dtí an 31 Nollaig 2024, do risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais na mBallstát, i gcás inar risíochtaí iad sin atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre Ballstáit eile, tá feidhm ag an méid seo a leanas:
2. De mhaolú ar Airteagail 395(1) agus 493(4), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí na risíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhú, suas go dtí na teorainneacha seo a leanas:
Beidh feidhm ag na teorainneacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo maidir le luachanna risíochta tar éis éifeacht an mhaolaithe priacail creidmheasa a chur i gcuntas i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403. 3. De mhaolú ar phointe (ii) de phointe (d) d’Airteagal 150(1), tar éis an cead a fháil roimh ré ó na húdaráis inniúla agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 150, féadfaidh institiúidí an Cur Chuige Caighdeánaithe a chur i bhfeidhm freisin maidir le risíochtaí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, i gcás ina sanntar ualú priacail 0 % do na risíochtaí sin faoi mhír 1 den Airteagal seo. Airteagal 500b Risíochtaí áirithe ar bhainc cheannais a eisiamh go sealadach ón tomhas iomlán risíochta i bhfianaise phaindéim COVID-19 1. De mhaolú ar Airteagal 429(4), go dtí an 27 Meitheamh 2021, féadfaidh institiúid na risíochtaí seo a leanas ar bhanc ceannais na hinstitiúide a eisiamh óna tomhas iomlán risíochta, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo:
Ní mó an méid a eisiann an institiúid ná meánmhéid laethúil na risíochtaí a liostaítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír thar thréimhse cothabhála cúltaca iomlán is déanaí bhanc ceannais na hinstitiúide. 2. Féadfaidh institiúid na risíochtaí a liostaítear i mír 1 a eisiamh i gcás inar chinn údarás inniúil na hinstitiúide, tar éis dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais ábhartha, agus inar fhógair sé go poiblí go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a fhágann go bhfuil bonn leis an eisiamh, chun cur chun feidhme beartas airgeadaíochta a éascú. Comhlíonfaidh na risíochtaí atá le heisiamh faoi mhír 1 an dá choinníoll seo a leanas:
Institiúid a eisiann risíochtaí ar a banc ceannais óna tomhas iomlán risíochta i gcomhréir le mír 1, nochtfaidh sí freisin an cóimheas luamhánaithe a bheadh aici mura ndéanfadh sí na risíochtaí sin a eisiamh. Airteagal 500c Róluaineachtaí a eisiamh ó ríomh na suiminne cúltástála i bhfianaise phaindéim COVID-19 De mhaolú ar Airteagal 366(3), féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúidí, in imthosca eisceachtúla agus i gcásanna aonair, na róluaineachtaí atá fianaithe le cúlthástáil na hinstitiúide ar athruithe hipitéiseacha nó iarbhír a eisiamh ó ríomh na suiminne a leagtar amach in Airteagal 366(3), ar choinníoll nach dtagann na róluaineachtaí sin as easnaimh sa tsamhail inmheánach agus ar choinníoll gur tharla siad idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2021. Airteagal 500d Luach risíochta gnáthcheannach agus gnáthdhíolachán atá le socrú a ríomh go sealadach i bhfianaise phaindéim COVID-19 1. De mhaolú ar Airteagal 429(4), go dtí an 27 Meitheamh 2021, féadfaidh institiúidí luach risíochta gnáthcheannach agus gnáthdhíolachán atá le socrú a ríomh i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo. 2. Láimhseálfaidh institiúidí airgead tirim a bhaineann le gnáthdhíolacháin agus urrúis a bhaineann le gnáthcheannaigh a fhanann ar an gclár comhardaithe go dtí an dáta socraíochta mar shócmhainní i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 429(4). 3. Déanfaidh institiúidí, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, a chuireann cuntasaíocht dáta trádála i bhfeidhm maidir le gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá le socrú aon fhritháireamh a fhreaschur idir airgead tirim infhála i leith gnáthdhíolacháin atá le socrú agus airgead tirim iníoctha i leith gnáthcheannaigh atá le socrú a cheadaítear faoin gcreat cuntasaíochta sin. Tar éis do na hinstitiúidí an fritháireamh cuntasaíochta a fhreaschur, féadfaidh siad an t-airgead tirim infhála sin agus an t-airgead tirim iníoctha sin araon a fhritháireamh i gcás ina socraítear na gnáthdhíolacháin agus na gnáthcheannaigh ábhartha araon ar bhonn seachadta in aghaidh íocaíochta. 4. Áireoidh institiúidí, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, a chuireann cuntasaíocht dáta trádála i bhfeidhm maidir le gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá le socrú, luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh sa tomhas risíochta iomlán. Féadfaidh institiúidí luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh a fhritháireamh le luach ainmniúil iomlán an airgid thirim infhála a bhaineann le gnáthdhíolacháin atá le socrú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
5. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán’ ceannach nó díolachán urrúis faoi chonradh a n-éilíonn na téarmaí a ghabhann leis go ndéanfar an t-urrús a sheachadadh laistigh den tréimhse ama arna bhunú go ginearálta le dlí nó le gnás sa mhargadh lena mbaineann.”; |
(10) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 518b Tuarascáil maidir le róluaineachtaí agus cumhachtaí maoirseachta chun teorainn a chur le dáileacháin Faoin 31 Nollaig 2021, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle á rá an dtugann imthosca eisceachtúla lena spreagtar suaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach i bhfeidhmiú ordúil agus i sláine na margaí airgeadais bonn cirt don mhéid seo a leanas:
Breithneoidh an Coimisiún bearta breise, más iomchuí.”. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/876
Leasaítear Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/876 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 27 Meitheamh 2020.
D’ainneoin an dara mír den Airteagal seo, beidh feidhm ag pointe (4) d’Airteagal 1 ón 28 Meitheamh 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2020.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. BRNJAC
(1) IO C 180, 29.5.2020, lch. 4.
(2) Tuairim an 10 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúíl) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Meitheamh 2020.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(5) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(6) Rialachán (AE) 2017/2395 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na socruithe idirthréimhseacha leis an tionchar a bheidh ag tabhairt isteach IFRS 9 ar chistí dílse a mhaolú agus le haghaidh láimhseáil risíochtaí móra i gcás risíochtaí áirithe san earnáil phoiblí atá ainmnithe in airgeadra intíre aon Bhallstáit (IO L 345, 27.12.2017, lch. 27).
(7) Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha (IO L 111, 25.4.2019, lch. 4).
(8) Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/62 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóimheas luamhánaithe (IO L 11, 17.1.2015, lch. 37).
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
26.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 204/18 |
RIALACHÁN (AE) 2020/874 ÓN GCOMHAIRLE
an 15 Meitheamh 2020
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013 lena ndéantar na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialaitheacha ar tháirgí áirithe talmhaíochta agus tionsclaíocha a chur ar fionraí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun soláthar leordhóthanach gan bhriseadh táirgí áirithe talmhaíochta agus tionsclaíocha a áirithiú, ar táirgí iad nach dtáirgtear san Aontas, agus dá bhrí sin chun aon suaitheadh sa mhargadh i gcás na dtáirgí sin a sheachaint, rinneadh na dleachtanna Comhtharaife Custaim (CCT) ar na táirgí sin, dleachtanna den sórt dá dtagraítear in Airteagal 56(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (“dleachtanna CCT”) a chur ar fionraí le Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013 ón gComhairle (2). Is féidir na táirgí sin a allmhairiú isteach san Aontas ag rátaí laghdaithe dleachta nó ag rátaí nialasacha dleachta. |
(2) |
I gcás táirgí áirithe nach liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013, ní tháirgtear méid leordhóthanach díobh nó ní tháirgtear in aon chor iad san Aontas. Dá bhrí sin, tá sé chun leas an Aontais fionraí iomlán ar na dleachtanna CCT a dheonú ar na táirgí sin. |
(3) |
Chun táirgeadh comhtháite ceallraí san Aontas a chur chun cinn i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2018 dar teideal “An Eoraip ag Gluaiseacht - Soghluaisteacht Inbhuanaithe don Eoraip: slán, nasctha agus glan”, ba cheart fionraí pháirteach ar dhleachtanna CCT a dheonú i gcás táirgí áirithe nach liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013. Ina theannta sin, níor cheart ach fionraí pháirteach ardhleachtanna CCT a dheonú maidir le táirgí áirithe atá faoi réir fionraithe iomlána faoi láthair. Is é an 31 Nollaig 2020 an dáta ba cheart a bheith ann le haghaidh an athbhreithnithe shainordaithigh ar na fionraíochtaí sin chun go mbeifear in ann an t-athbhreithniú sin a dhéanamh, ag féachaint d’éabhlóid na hearnála ceallraí san Aontas. |
(4) |
Maidir leis na táirgí ar liosta na n-iarrthóirí dá dtagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), níor cheart ach fionraí pháirteach na ndleachtanna CCT a dheonú. Is é an 31 Nollaig 2021 an dáta ba cheart a bheith ann le haghaidh an athbhreithnithe shainordaithigh ar na fionraithe sin, chun go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha in ann táirgí malartacha a chur in ionad táirgí den sórt sin. |
(5) |
Is gá tuairisc an táirge, an t-aicmiú agus an ceanglas maidir le húsáid deiridh a leasú i gcás fionraíochtaí dleachta CCT áirithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013 chun forbairtí táirgí teicniúla agus treochtaí eacnamaíocha sa mhargadh a chur san áireamh. |
(6) |
Níl sé chun leas an Aontais a thuilleadh fionraíochtaí dleachtanna CCT a choinneáil ar bun i gcás táirgí áirithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013. Dá bhrí sin, ba cheart fionraíochtaí na dtáirgí sin a tharraingt siar. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013 a leasú dá réir. |
(8) |
Chun nach gcuirfear isteach ar chur i bhfeidhm scéim na fionraíochta uathrialaithí agus chun na treoirlínte sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2011 maidir le fionraíochtaí agus cuótaí taraifí uathrialaitheacha a chomhlíonadh, ba cheart na hathruithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le fionraíochtaí na dtáirgí lena mbaineann a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2020. Ba cheart an Rialachán seo a thabhairt i bhfeidhm ar bhonn práinne, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013 ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena ndéantar na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialaitheacha i gcás táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe a chur ar fionraí agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1344/2011 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 201).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013 mar a leanas:
(1) |
scriostar gach réiltín (*) agus an iarnóta gaolmhar le gach réiltín a bhfuil an téacs seo a leanas ann “Beart nua a tugadh isteach le déanaí nó beart a bhfuil coinníollacha leasaithe aige. I gcás ina liostaítear níos mó ná cód CN amháin mar chód atá faoi raon feidhme an bhirt, baineann an réiltín leis an mbeart ina iomláine.”; |
(2) |
scriostar na hiontrálacha leis na sraithuimhreacha 0.2706, 0.2972, 0.3650, 0.3886, 0.3894, 0.3895, 0.4004, 0.4039, 0.4177, 0.4647, 0.4648, 0.4751, 0.5504, 0.5615, 0.5929, 0.6601, 0.6745, 0.7784 and 0.7803; |
(3) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach in ionad na hiontrálacha a bhfuil na sraithuimhreacha céanna acu:
|
(4) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach de réir ord uimhriúil na gcód CN agus TARIC sa dara colún agus sa tríú colún:
|
(1) Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).;
(2) Tá fionraíocht na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
26.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 204/34 |
RIALACHÁN (AE) 2020/875 ÓN GCOMHAIRLE
an 15 Meitheamh 2020
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun soláthar leordhóthanach gan bhriseadh táirgí áirithe talmhaíochta agus tionsclaíocha a áirithiú, ar táirgí iad nach dtáirgtear cainníocht leordhóthanach díobh san Aontas, agus dá bhrí sin chun aon suaitheadh sa mhargadh i gcás na dtáirgí sin a sheachaint, osclaíodh taraif-chuótaí uathrialaitheacha le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 (1) ón gComhairle. Laistigh de na taraif-chuótaí sin, féadfar táirgí a allmhairiú isteach san Aontas ag rátaí laghdaithe dleachta nó ag rátaí nialasacha dleachta. |
(2) |
Ó tharla gur chun leas an Aontais é soláthar leordhóthanach táirgí tionsclaíocha áirithe a áirithiú, agus ós rud é nach ndéantar cainníochtaí leordhóthanacha de tháirgí comhionanna, coibhéiseacha ná ionadacha a tháirgeadh laistigh den Aontas, is gá taraif-chuótaí nua a oscailt d’uimhreacha ordaithe 09.2580, 09.2581 agus 09.2583 ag rátaí nialasacha dleachta le haghaidh cainníochtaí iomchuí na dtáirgí sin. |
(3) |
Ó tharla gur chun leas an Aontais é soláthar leordhóthanach táirgí tionsclaíocha áirithe a áirithiú, ba cheart méideanna taraif-chuótaí d’uimhreacha ordaithe 09.2634 agus 09.2668 a mhéadú. |
(4) |
Toisc nach leordhóthanach a thuilleadh raon feidhme an taraif-cuóta d’uimhir ordaithe 09.2652 chun freastal ar riachtanais oibreoirí eacnamaíocha laistigh den Aontas, ba cheart tuairisc an táirge seo a chumhdaítear leis an taraif-cuóta sin a leasú. |
(5) |
I gcás taraif-cuóta d’uimhir ordaithe 09.2588, ba cheart síneadh ama go dtí an 31 Nollaig 2020 a chur le tréimhse an chuóta, toisc nach raibh an taraif-chuóta sin ar oscailt ach ar feadh tréimhse sé mhí ach go bhfuil sé fós chun leas an Aontais é a choinneáil ar bun. |
(6) |
Na substaintí Sulfáit Démheitile (CAS RN 77-78-1) ag a bhfuil íonacht 99 % ar a laghad, 2-Meitiolanailín (CAS RN 95-53-4) ag a bhfuil íonacht 99 % ar a laghad de réir meáchain agus 4,4’-Meatáindé-ildé-anailín (CAS RN 101-77-9) ag a bhfuil íonacht 97 % ar a laghad de réir meáchain, cuirtear san áireamh iad ar an liosta iarrthóirí dá dtagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus cuirtear an tsubstaint le CAS RN 101-77-9 san áireamh le hIarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin. Ar an mbonn sin, ba cheart taraif-chuótaí atá ann cheana le haghaidh na substaintí sin a dhúnadh de réir a chéile agus ba cheart feidhm a bheith ag aon taraif-chuóta a osclófar as an nua ar feadh tréimhse theoranta. Dá bhrí sin, na taraif-chuótaí a bhfuil uimhreacha ordaithe 09.2648 agus 09.2730 acu ba cheart feidhm a bheith acu go dtí an 31 Nollaig 2020 agus ráta caighdeánach dleachta 2 % a bheith acu. Ina theannta sin, ba cheart an taraif-chuóta a bhfuil uimhir ordaithe 09.2590 aige a dhúnadh agus ba cheart taraif-chuóta nua a bhfuil uimhir ordaithe 09.2582 aige a oscailt go dtí an 31 Nollaig 2020 a mbeidh ráta caighdeánach dleachta 2 % aige. |
(7) |
Agus na leasuithe atá le déanamh á gcur san áireamh, agus ar mhaithe leis an tsoiléire, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 a ionadú. |
(8) |
Chun nach gcuirfear isteach ar chur i bhfeidhm scéim na dtaraif-chuótaí, agus chun na treoirlínte sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2011 maidir le fionraithe agus cuótaí taraifí uathrialaitheacha a chomhlíonadh, ba cheart na hathruithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le taraif-chuótaí le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2020. Ba cheart an Rialachán seo a thabhairt i bhfeidhm ar bhonn práinne, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 7/2010 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 319).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN
Uimhir ordaithe |
Cód CN |
TARIC |
Tuairisc |
Tréimhse an chuóta |
Méid an chuóta |
Dleacht an chuóta (%) |
||||||||||||||||
09.2637 |
ex 0710 40 00 ex 2005 80 00 |
20 30 |
Diasa arbhair (Zea mays var. saccharata), bídís gearrtha nó ná bídís, atá ar a laghad 10 mm, ach nach bhfuil níos mó ná 20 mm, ar trastomhas, atá lena núsáid i monarú táirgí de chuid thionscal an bhia atá lena gcóireáil ar shlí seachas trí athphacáil amháin (1) (2) (3) |
1.1.-31.12. |
550 tonna |
0 % (3) |
||||||||||||||||
09.2849 |
ex 0710 80 69 |
10 |
Beacáin den speiceas Auricularia polytricha (iad neamhchócaráilte nó cócaráilte trína ngalbhruith nó trína mbruith), iad reoite, le haghaidh monarú béilí réamhullmhaithe (1) (2) |
1.1.-31.12. |
700 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2664 |
ex 2008 60 39 |
30 |
Silíní milse a bhfuil biotáille bhreise curtha leo, ina bhfuil cion siúcra nach mó ná 9 % de réir meáchain, nach bhfuil níos mó ná 19,9 mm ar trastomhas, ina bhfuil clocha, agus atá lena núsáid i dtáirgí seacláide (2) |
1.1.-31.12. |
1 000 tonna |
10 % |
||||||||||||||||
09.2740 |
ex 2309 90 31 |
87 |
Tiúchán próitéine pónairí soighe ina bhfuil, de réir meáchain:
atá lena núsáid i monarú táirgí beatha ainmhithe (2) |
1.1.-31.12. |
30 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2913 |
ex 2401 10 35 ex 2401 10 70 ex 2401 10 95 ex 2401 10 95 ex 2401 10 95 ex 2401 20 35 ex 2401 20 70 ex 2401 20 95 ex 2401 20 95 ex 2401 20 95 |
91 10 11 21 91 91 10 11 21 91 |
Tobac nádúrtha neamh-mhonaraithe, bíodh sé gearrtha de réir gnáthmhéid nó ná bíodh, ag a bhfuil luach custaim ar a laghad EUR 450 in aghaidh an 100 kg de ghlanmheáchan, atá lena úsáid mar cheanglóir nó mar chumhdach le haghaidh monarú táirgí atá faoi fho-cheannteideal 2402 10 00 (2) |
1.1.-31.12. |
6 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2587 |
ex 2710 19 81 ex 2710 19 99 |
20 40 |
Bonn-ola atá hidrea-isiméirithe agus díchiartha go catalaíoch ó hidreacarbóin shár-iseapairifíneacha, ina bhfuil:
agus ag a bhfuil
|
1.7.-31.12. |
200 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2828 |
2712 20 90 |
|
Céir phairifín ina bhfuil níos lú ná 0,75 % ola de réir meáchain |
1.4.-31.10. |
60 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2600 |
ex 2712 90 39 |
10 |
Céir ola (CAS RN 64742-61-6) |
1.1.-31.12. |
100 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2928 |
ex 2811 22 00 |
40 |
Líonach silice i bhfoirm gráinníní ag a bhfuil íonacht dé-ocsaíde sileacain atá ar a laghad 97 % ná sin de réir meáchain |
1.1.-31.12. |
1 700 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2806 |
ex 2825 90 40 |
30 |
Trí-ocsaíd tungstain, lena náirítear ocsaíd ghorm tungstain (CAS RN 1314-35-8 nó CAS RN 39318-18-8) |
1.1.-31.12. |
12 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2872 |
ex 2833 29 80 |
40 |
Sulfáit chaeisiam (CAS RN 10294-54-9) i bhfoirm sholadach nó ina tuaslagán uiscí ina bhfuil ar a laghad 48 % ach méid nach mó ná 52 % sulfáit chaeisiam |
1.1.-31.12. |
200 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2837 |
ex 2903 79 30 |
20 |
Brómaclóraimeatán (CAS RN 74-97-5) |
1.1.-31.12. |
600 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2933 |
ex 2903 99 80 |
30 |
1,3-Déchlóraibeinséin (CAS RN 541-73-1) |
1.1.-31.12. |
2 600 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2700 |
ex 2905 12 00 |
10 |
Própán-1-ól (alcól próipile) (CAS RN 71-23-8) |
1.1.-31.12. |
15 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2830 |
ex 2906 19 00 |
40 |
Cioglapróipilmeatanól (CAS RN 2516-33-8) |
1.1.-31.12. |
20 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2851 |
ex 2907 12 00 |
10 |
o-Créasól (CAS RN 95-48-7) ag a bhfuil íonacht de réir meáchain ar a laghad 98,5 % |
1.1.-31.12. |
20 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2704 |
ex 2909 49 80 |
20 |
2,2,2’,2’-Teitricis(hiodrocsaimeitiol)-3,3’-ocsaidéphrópán-1-ól (CAS RN 126-58-9) |
1.1.-31.12. |
500 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2624 |
2912 42 00 |
|
Eitiolfanailin (3-eatocsai-4-hiodrocsaibeansaildéad) (CAS RN 121-32-4) |
1.1.-31.12. |
1 950 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2683 |
ex 2914 19 90 |
50 |
Aicéitiolaicéatónáit chailciam (CAS RN 19372-44-2) atá lena húsáid i monarú córas cobhsaitheoirí i bhfoirm taibléid (2) |
1.1.-31.12. |
200 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2852 |
ex 2914 29 00 |
60 |
Cioglapróipilmeitilcéatón (CAS RN 765-43-5) |
1.1.-31.12. |
300 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2638 |
ex 2915 21 00 |
10 |
Aigéad aicéiteach (CAS RN 64-19-7) ag a bhfuil íonacht atá ar a laghad 99 % de réir meáchain |
1.1.-31.12. |
1 000 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2972 |
2915 24 00 |
|
Ainhidríd aicéiteach (CAS RN 108-24-7) |
1.1.-31.12. |
50 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2679 |
2915 32 00 |
|
Aicéatáit vinile (CAS RN 108-05-4) |
1.1.-31.12. |
400 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2728 |
ex 2915 90 70 |
85 |
Trífhluaraicéatáit eitile (CAS RN 383-63-1) |
1.1.-31.12. |
400 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2665 |
ex 2916 19 95 |
30 |
(E,E)-heicsi-2,4-dé-eanóáit photaisiam (CAS RN 24634-61-5) |
1.1.-31.12. |
8 250 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2684 |
ex 2916 39 90 |
28 |
Clóiríd 2,5-Démheitilfeiniolaicéitile (CAS RN 55312-97-5) |
1.1.-31.12. |
400 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2599 |
ex 2917 11 00 |
40 |
Ocsaláit dé-eitile (CAS RN 95-92-1) |
1.1.-31.12. |
500 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2769 |
ex 2917 13 90 |
10 |
Seabacáit dé-mheitile (CAS RN 106-79-6) |
1.1.-31.12. |
1 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2634 |
ex 2917 19 80 |
40 |
Aigéad dóideacáindé-óch (CAS RN 693-23-2) ar mó ná 98,5 % a íonacht de réir meáchain |
1.7.-31.12. |
4 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2808 |
ex 2918 22 00 |
10 |
Aigéad O-Aicéitiolsalaicileach (CAS RN 50-78-2) |
1.1.-31.12. |
120 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2646 |
ex 2918 29 00 |
75 |
3-(3,5-déthreasbhúitil-4-hiodrocsaifeiniol)próipianáit ochtaideicile (CAS RN 2082-79-3):
atá lena húsáid i monarú cobhsaitheoirí aon phaca ar meascáin púdar (púdair nó gráinníní) is bonn dóibh le haghaidh próiseáil PVC (2) |
1.1.-31.12. |
380 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2647 |
ex 2918 29 00 |
80 |
Teitricis(3-(3,5-déthreasbhúitil-4-hiodrocsaifeiniol)próipianáit) peinteiritríotóil (CAS RN 6683-19-8):
atá lena húsáid i monarú cobhsaitheoirí aon phaca ar meascáin púdar (púdair nó gráinníní) is bonn dóibh le haghaidh próiseáil PVC (2) |
1.1.-31.12. |
140 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2975 |
ex 2918 30 00 |
10 |
Dé-ainhidríd bheinseafeanóin-3,3’,4,4’-teitreacarbocsaileach (CAS RN 2421-28-5) |
1.1.-31.12. |
1 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2688 |
ex 2920 29 00 |
70 |
Foisfít tris(2,4-déthreasbhúitilfeinile) (CAS RN 31570-04-4) |
1.1.-31.12. |
6 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2648 |
ex 2920 90 10 |
75 |
Sulfáit démheitile (CAS RN 77-78-1) ar a laghad 99 % a híonacht |
1.7.-31.12. |
9 000 tonna |
2 % |
||||||||||||||||
09.2598 |
ex 2921 19 99 |
75 |
Ochtaideiciolaimín (CAS RN 124-30-1) |
1.1.-31.12. |
400 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2649 |
ex 2921 29 00 |
60 |
Bis(2-démheitiolaimíneitil)(meitiol)aimín (CAS RN 3030-47-5) |
1.1.-31.12. |
1 700 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2682 |
ex 2921 41 00 |
10 |
Anailín (CAS RN 62-53-3) ag a bhfuil íonacht ar a laghad 99 % de réir meáchain |
1.1.-31.12. |
150 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2617 |
ex 2921 42 00 |
89 |
4-Fluarai-N-(1-meitileitil)beinséanaimín (CAS RN 70441-63-3) |
1.1.-31.12. |
500 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2582 |
ex 2921 43 00 |
80 |
2-Meitiolanailín (CAS RN 95-53-4) ar a laghad 99 % a íonacht |
1.7.-31.12. |
1 999 tonna |
2 % |
||||||||||||||||
09.2602 |
ex 2921 51 19 |
10 |
o-Feiniléindé-aimín (CAS RN 95-54-5) |
1.1.-31.12. |
1 800 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2730 |
ex 2921 59 90 |
85 |
4,4’-Meatáindé-ildé-anailín (CAS RN 101-77-9) ar a laghad 97 % a íonacht de réir meáchain, i bhfoirm gráinníní, lena úsáid i monarú réamhpholaiméirí (2) |
1.7.-31.12. |
100 tonna |
2 % |
||||||||||||||||
09.2591 |
ex 2922 41 00 |
10 |
Hidreaclóiríd L-lísín (CAS RN 657-27-2) |
1.1.-31.12. |
445 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2592 |
ex 2922 50 00 |
25 |
L-Tréóinín (CAS RN 72-19-5) |
1.1.-31.12. |
166 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2854 |
ex 2924 19 00 |
85 |
N-búitiolcarbamáit 3-iadapróip-2-inile (CAS RN 55406-53-6) |
1.1.-31.12. |
250 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2874 |
ex 2924 29 70 |
87 |
Paraicéiteamól (CAS RN 103-90-2) |
1.1.-31.12. |
20 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2742 |
ex 2926 10 00 |
10 |
Aicrilinítríl (CAS RN 107-13-1), lena húsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 55 agus faoi Cheannteideal 6815 (2) |
1.1.-31.12. |
60 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2583 |
ex 2926 10 00 |
20 |
Aicrilinítríl (CAS RN 107-13-1), lena húsáid i monarú earraí atá faoi Cheannteidil 2921, 2924, 3906 agus 4002 (2) |
1.7.-31.12. |
20 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2856 |
ex 2926 90 70 |
84 |
2-Nítri-4-(trífhluaraimeitil)beinsinítríl (CAS RN 778-94-9) |
1.1.-31.12. |
900 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2708 |
ex 2928 00 90 |
15 |
Monaimeitilhiodraisín (CAS RN 60-34-4) ina thuaslagán uiscí inarb é 40 % (± 5 %) an cion monaimeitilhiodraisín de réir meáchain |
1.1.-31.12. |
900 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2581 |
ex 2929 10 00 |
25 |
Dé-isicianáit 1,5-naiftiléin (CAS RN 3173-72-6) ar a laghad 90 % a híonacht |
1.7.-31.12. |
205 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2685 |
ex 2929 90 00 |
30 |
Nítreaguainidín (CAS RN 556-88-7) |
1.1.-31.12. |
6 500 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2597 |
ex 2930 90 98 |
94 |
Bis[3-(trí-eatocsaisiliol)próipil]déshuilfíd (CAS RN 56706-10-6) |
1.1.-31.12. |
6 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2596 |
ex 2930 90 98 |
96 |
Aigéad beansóch 2-clórai-4-(meitiolsulfóinil)-3-((2,2,2-trífhluarifluaireatocsai)meitile) (CAS RN 120100-77-8) |
1.1.-31.12. |
300 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2580 |
ex 2931 90 00 |
75 |
Heicsideiciltrímheatocsaisiolán (CAS RN 16415-12-6) ar a laghad 95 % a íonacht de réir meáchain lena úsáid i monarú poileitiléine (2) |
1.7.-31.12. |
83 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2842 |
2932 12 00 |
|
2-Fúraildéad (fúrfúraildéad) |
1.1.-31.12. |
10 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2955 |
ex 2932 19 00 |
60 |
Fluartamón (ISO) (CAS RN 96525-23-4) |
1.1.-31.12. |
300 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2696 |
ex 2932 20 90 |
25 |
Deacán-5-óilíd (CAS RN 705-86-2) |
1.1.-31.12. |
6 000 cileagram |
0 % |
||||||||||||||||
09.2697 |
ex 2932 20 90 |
30 |
Dóideacán-5-óilíd (CAS RN 713-95-1) |
1.1.-31.12. |
6 000 cileagram |
0 % |
||||||||||||||||
09.2812 |
ex 2932 20 90 |
77 |
Heacsán-6-óilíd (CAS RN 502-44-3) |
1.1.-31.12. |
4 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2858 |
2932 93 00 |
|
Pipearóinil (CAS RN 120-57-0) |
1.1.-31.12. |
220 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2673 |
ex 2933 39 99 |
43 |
2,2,6,6-Teitrimeitilpipiridín-4-ól (CAS RN 2403-88-5) |
1.1.-31.12. |
1 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2674 |
ex 2933 39 99 |
44 |
Clóirpireafos (ISO) (CAS RN 2921-88-2) |
1.1.-31.12. |
9 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2880 |
ex 2933 59 95 |
39 |
Iobrúitinib (INN) (CAS RN 936563-96-1) |
1.1.-31.12. |
5 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2860 |
ex 2933 69 80 |
30 |
1,3,5-Tris[3-(démheitiolaimínea)próipil]heacsaihidri-1,3,5-trí-aisín (CAS RN 15875-13-5) |
1.1.-31.12. |
600 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2595 |
ex 2933 99 80 |
49 |
1,4,7,10-Teatrasaiciogladóideacán (CAS RN 294-90-6) |
1.1.-31.12. |
40 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2658 |
ex 2933 99 80 |
73 |
5-(Aicéataicéitiolaimíni)beinsimíodasólón (CAS RN 26576-46-5) |
1.1.-31.12. |
400 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2593 |
ex 2934 99 90 |
67 |
Aigéad 5-clóraitiaifín-2-carbocsaileach (CAS RN 24065-33-6) |
1.1.-31.12. |
45 000 cileagram |
0 % |
||||||||||||||||
09.2675 |
ex 2935 90 90 |
79 |
Clóiríd 4-[[(2-meatocsaibeansóil)aimínea]sulfóinil]beansóile (CAS RN 816431-72-8) |
1.1.-31.12. |
1 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2710 |
ex 2935 90 90 |
91 |
(3R,5S,6E)-7-(4-(4-fluaraifeinil)-6-iseapróipil-2-(N-meitiolsulfónaimídi)pirimidín-5-il)-3,5-déhiodrocsaiheapt-6-anóáit 2,4,4-Trímheitilpeantán-2-aiminiam (CAS RN 917805-85-7) |
1.1.-31.12. |
5 000 cileagram |
0 % |
||||||||||||||||
09.2945 |
ex 2940 00 00 |
20 |
D-Xiolós (CAS RN 58-86-6) |
1.1.-31.12. |
400 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2686 |
ex 3204 11 00 |
75 |
Dathán C.I. Disperse Yellow 54 (CAS RN 7576-65-0) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin ag a bhfuil cion den dathán C.I. Disperse Yellow 54 atá ar a laghad 99 % de réir meáchain |
1.1.-31.12. |
250 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2676 |
ex 3204 17 00 |
14 |
Ullmhóidí atá bunaithe ar an dathán C.I. Pigment Red 48:2 (CAS RN 7023-61-2) ag a bhfuil cion den dathán sin atá ar a laghad 60 % ach gan bheith níos mó ná 85 % de réir meáchain |
1.1.-31.12. |
50 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2698 |
ex 3204 17 00 |
30 |
Dathán C.I. Pigment Red 4 (CAS RN 2814-77-9) agus ullmhóidí atá bunaithe air sin ag a bhfuil cion den dathán C.I. Pigment Red 4 atá cothrom le ar a laghad 60 % de réir meáchain |
1.1.-31.12. |
150 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2659 |
ex 3802 90 00 |
19 |
Cré ionfúsórach arna cailcíniú le flosc sóide |
1.1.-31.12. |
35 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2908 |
ex 3804 00 00 |
10 |
Ligneasulfáit sóidiam (CAS RN 8061-51-6) |
1.1.-31.12. |
40 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2889 |
3805 10 90 |
|
Tuirpintín sulfáite |
1.1.-31.12. |
25 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2935 |
ex 3806 10 00 |
10 |
Aigéid róisín agus roisín ó olaroisíní úra |
1.1.-31.12. |
280 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2832 |
ex 3808 92 90 |
40 |
Ullmhóid ina bhfuil cion since piritióin (CAS RN 13463-41-7) ina heasrán uiscí atá cothrom le ar a laghad 38 % ach gan bheith níos mó ná 50 % de réir meáchain |
1.1.-31.12. |
500 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2876 |
ex 3811 29 00 |
55 |
Breiseáin arb é atá iontu táirgí imoibriúcháin défheiniolaimín agus nóinéiní brainseacha ina bhfuil, de réir meáchain:
a úsáidtear le haghaidh monarú olaí bealaithe (2) |
1.1.-31.12. |
900 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2814 |
ex 3815 90 90 |
76 |
Catalaíoch arb é atá ann dé-ocsaíd tíotáiniam agus trí-ocsaíd tungstain |
1.1.-31.12. |
3 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2820 |
ex 3824 79 00 |
10 |
Meascáin ina bhfuil, de réir meáchain:
|
1.1.-31.12. |
6 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2644 |
ex 3824 99 92 |
77 |
Ullmhóid ina bhfuil, de réir meáchain:
|
1.1.-31.12. |
10 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2681 |
ex 3824 99 92 |
85 |
Meascán de bhis [3-(trí-eatocsaisiliol)próipil]suilfídí (CAS RN 211519-85-6) |
1.1.-31.12. |
9 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2650 |
ex 3824 99 92 |
87 |
Aicéitifeanón (CAS RN 98-86-2) ag a bhfuil íonacht ar a laghad 60 % ná sin ach gan bheith níos mó ná 90 % de réir meáchain |
1.1.-31.12. |
2 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2888 |
ex 3824 99 92 |
89 |
Meascán d’aimíní ailcildémheitile treasacha ina bhfuil, de réir meáchain:
|
1.1.-31.12. |
25 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2829 |
ex 3824 99 93 |
43 |
Úsc soladach ón iarmhar, agus é dothuaslagtha i dtuaslagóirí alafatacha, a fuarthas le linn úscadh róisín as adhmad, agus na saintréithe seo a leanas ag baint leis:
|
1.1.-31.12. |
1 600 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2907 |
ex 3824 99 93 |
67 |
Meascán d’fhítistéaróil, i bhfoirm púdair, ina bhfuil, de réir meáchain:
atá lena húsáid i monarú stanól/stéaról nó eistear stanóil/stéaróil (2) |
1.1.-31.12. |
2 500 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2639 |
3905 30 00 |
|
Alcól polaivinile, bíodh grúpaí aicéatáite neamh-hidrealaithe ann nó ná bíodh |
1.1.-31.12. |
15 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2671 |
ex 3905 99 90 |
81 |
Bútaral polaivinile (CAS RN 63148-65-2):
|
1.1.-31.12. |
12 500 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2846 |
ex 3907 40 00 |
25 |
Cumasc polaiméireach de pholacarbanáit agus polai(meataicrioláit mheitile) ag a bhfuil cion polacarbanáite ar a laghad 98,5 % de réir meáchain, i bhfoirm millíní nó gráinníní, agus tarchuras solais ar a laghad 88,5 % arna thomhas le sampla tástála atá ar tiús 4 mm ag an tonnfhad λ = 400 nm (de réir ISO 13468-2) |
1.1.-31.12. |
2 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2723 |
ex 3911 90 19 |
10 |
Pola(ocsai-1,4-feiniléinsulfóinil-1,4-feiniléinocsai-4,4’-défheiniléin) |
1.1.-31.12. |
5 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2816 |
ex 3912 11 00 |
20 |
Calóga aicéatáite ceallalóis |
1.1.-31.12. |
75 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2864 |
ex 3913 10 00 |
10 |
Ailgionáit sóidiam a úscadh as feamainn rua (CAS RN 9005-38-3) |
1.1.-31.12. |
10 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2641 |
ex 3913 90 00 |
87 |
Hialúrónáit sóidiam neamhsteiriúil:
|
1.1.-31.12. |
200 cileagram |
0 % |
||||||||||||||||
09.2661 |
ex 3920 51 00 |
50 |
Leatháin de pholaimeitilmeataicrioláit atá i gcomhréir leis na caighdeáin:
|
1.1.-31.12. |
100 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2645 |
ex 3921 14 00 |
20 |
Bloc ceallach de cheallalós athghinte atá tuilithe le huisce ina bhfuil clóiríd mhaignéisiam agus comhdhúile amóiniam cheathartha ar mhéid 100 cm (± 10 cm) x 100 cm (± 10 cm) x 40 cm (± 5 cm) |
1.1.-31.12. |
1 700 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2848 |
ex 5505 10 10 |
10 |
Dramhaíl as snáithíní sintéiseacha (lena náirítear scothanna, dramhaíl as snáth, agus stoc gairnéadaithe) as níolón nó polaimídí eile (PA6 agus PA66) |
1.1.-31.12. |
10 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2721 |
ex 5906 99 90 |
20 |
Fabraic theicstíle rubaraithe atá fite lannaithe agus na saintréithe seo a leanas ag baint léi:
úsáidtear í le haghaidh monarú díonta inardaithe mótarfheithiclí (2) |
1.1.-31.12. |
375 000 méadair chearnacha |
0 % |
||||||||||||||||
09.2594 |
ex 6909 19 00 |
55 |
Cartús ionsúite carbóin ceirmigh:
de chineál a úsáidtear lena chur in ionsúirí gal breosla i gcórais bhreosla mótarfheithiclí |
1.1.-31.12. |
1 000 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2866 |
ex 7019 12 00 ex 7019 12 00 |
06 26 |
Stratifils gloine S (caisirníní):
atá lena n-úsáid i monarú san aerloingseoireacht (2) |
1.1.-31.12. |
1 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2628 |
ex 7019 52 00 |
10 |
Mogall gloine atá fite as snáithín gloine atá cumhdaithe le plaisteach, arb é 120 g/m2 (± 10 g/m2) an meáchan atá ann, de chineál a úsáidtear i sciatha feithidí inchorntha ina bhfuil frámaí suite |
1.1.-31.12. |
3 000 000 méadair chearnacha |
0 % |
||||||||||||||||
09.2799 |
ex 7202 49 90 |
10 |
Fearóchróimiam ina bhfuil ar a laghad 1,5 % ach méid nach mó ná 4 % carbón agus méid nach mó ná 70 % cróimiam de réir meáchain |
1.1.-31.12. |
50 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2652 |
ex 7409 11 00 ex 7410 11 00 |
30 40 |
Scragall agus bandaí copair mhínghlanta arna monarú go leictrealaíoch ar a laghad 0,015 mm ar tiús |
1.1.-31.12. |
1 020 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2734 |
ex 7409 19 00 |
20 |
Plátaí nó leatháin arb é atá iontu:
|
1.1.-31.12. |
7 000 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2662 |
ex 7410 21 00 |
55 |
Plátaí:
|
1.1.-31.12. |
80 000 méadair chearnacha |
0 % |
||||||||||||||||
09.2834 |
ex 7604 29 10 |
20 |
Slata cómhiotal alúmanaim atá ar a laghad 200 mm, ach gan bheith níos mó ná 300 mm, ar trastomhas |
1.1.-31.12. |
2 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2835 |
ex 7604 29 10 |
30 |
Slata cóimhiotal alúmanaim atá ar a laghad 300,1 mm, ach gan bheith níos mó ná 533,4 mm, ar trastomhas |
1.1.-31.12. |
1 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2736 |
ex 7607 11 90 |
83 |
Stiall nó scragall de chóimhiotal alúmanaim agus maignéisiam:
atá lena núsáid i monarú lataí le haghaidh dallóg (2) |
1.1.-31.12. |
600 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2722 |
8104 11 00 |
|
Maignéisiam neamhshaoirsithe ina bhfuil 99,8 % maignéisiam ar a laghad de réir meáchain |
1.1.-31.12. |
120 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2840 |
ex 8104 30 00 |
20 |
Púdar maignéisiam:
|
1.1.-31.12. |
2 000 tonna |
0 % |
||||||||||||||||
09.2629 |
ex 8302 49 00 |
91 |
Hanla teileascópach alúmanaim atá lena úsáid i monarú bagáiste (2) |
1.1.-31.12. |
1 500 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2720 |
ex 8413 91 00 |
50 |
Ceann caidéil le haghaidh caidéal ardbhrú dhá shorcóir atá déanta as cruach ghaibhnithe ina bhfuil:
de chineál a úsáidtear i gcórais insteallta díosail |
1.1.-31.12. |
65 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2738 |
ex 8482 99 00 |
30 |
Cásanna práis
de chineál a úsáidtear i monarú grán iompair |
1.1.-31.12. |
50 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2763 |
ex 8501 40 20 ex 8501 40 80 |
40 30 |
Mótar cómhalartáin leictreach srutha ailtéarnaigh a bhfuil a chumhacht aschuir cothrom le ar a laghad 250 W, a bhfuil a chumhacht ionchuir cothrom le ar a laghad 700 W gan bheith níos má nó 2 700 W, atá 120 mm (±0,2 mm), ach nach bhfuil níos mó ná 135 mm (±0,2 mm), ar trastomhas seachtrach, ar tapúla ná 30 000 isn ach nach tapúla ná 50 000 isn a luas rátaithe, ar a bhfuil aerthóir ionsaithe aeir feistithe agus atá lena úsáid i monarú folúsghlantóirí (2) |
1.1.-31.12. |
2 000 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2588 |
ex 8529 90 92 |
56 |
Scáileán LCD:
lena úsáid i monarú mótarfheithiclí atá faoi Chaibidil 87 (2) |
1.7.-31.12. |
450 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2672 |
ex 8529 90 92 ex 9405 40 39 |
75 70 |
Clár ciorcaid phriontáilte ar a bhfuil dé-óidí LED:
a úsáidtear i monarú aonad cúlsolais le haghaidh earraí atá faoi Cheannteideal 8528 (2) |
1.1.-31.12. |
115 000 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2003 |
ex 8543 70 90 |
63 |
Gineadóir minicíochta rialaithe voltais arb é atá ann eilimintí gníomhacha agus éighníomhacha atá feistithe ar chiorcad priontáilte agus é i gcásáil nach mó ná 30 mm x 30 mm |
1.1.-31.12. |
1 400 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2910 |
ex 8708 99 97 |
75 |
Brac taca cóimhiotail alúmanaim ar a bhfuil poill feistiúcháin, bíodh cnónna teannta air nó ná bídís, chun an giarbhosca a cheangal go hindíreach le cabhail an chairr lena úsáid i monarú earraí atá faoi Chaibidil 87 (2) |
1.1.-31.12. |
200 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2694 |
ex 8714 10 90 |
30 |
Teanntáin acastóra, cásálacha, droichid foirc agus píosaí teanntála, as cóimhiotal alúmanaim de chineál a úsáidtear le haghaidh gluaisrothar |
1.1.-31.12. |
1 000 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2668 |
ex 8714 91 10 ex 8714 91 10 ex 8714 91 10 |
21 31 75 |
Fráma rothair arna dhéanamh as snáithíní carbóin agus roisín saorga, lena úsáid i monarú rothar (lena n-áirítear rothair leictreacha)(2) |
1.7.-31.12. |
250 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2589 |
ex 8714 91 10 ex 8714 91 10 ex 8714 91 10 |
23 33 70 |
Fráma atá déanta as alúmanam nó as snáithíní alúmanaim agus carbóin agus atá lena úsáid i monarú rothar (lena náirítear rothair leictreacha) (2) |
1.1.-31.12. |
8 000 000 píosa |
0 % |
||||||||||||||||
09.2631 |
ex 9001 90 00 |
80 |
Lionsaí, priosmaí agus eilimintí dlúite as gloine, iad neamhfheistithe, atá lena núsáid i monarú nó i ndeisiú earraí atá faoi na cóid AC 9002, 9005, 9013 10 agus 9015 (2) |
1.1.-31.12. |
5 000 000 píosa |
0 % |
(1) Maidir le dleachtanna taraife a chur ar fionraí, áfach, níl sin infheidhme i gcás ina ndéanann gnóthais mhiondíola nó lónadóireachta an phróiseáil.
(2) Tá fionraí na ndleachtanna faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(3) Ní chuirtear ar fionraí ach an dleacht ad valorem. Leanann an dleacht shonrach de bheith infheidhme.
TREORACHA
26.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 204/46 |
TREOIR (AE) 2020/876 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2020
lena leasaítear Treoir 2011/16/AE chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarghá atá ann teorainneacha áirithe ama, faoi nach mór faisnéis a chomhdú agus a mhalartú i réimse an chánachais, a chur siar de dheasca phaindéim COVID-19
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 113 agus 115 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bharr na rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí agus bacainní eile arb í paindéim COVID-19 is cúis leo, agus de bharr na mbeart dianghlasála a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun féachaint leis an bpaindéim a shrianadh, táthar ag cur as go mór d'acmhainneacht gnólachtaí agus d'údaráis chánacha na mBallstát a gcuid oibleagáidí de bhun Threoir 2011/16/AE ón gComhairle (3) a chur i gcrích. |
(2) |
D'iarr roinnt de na Ballstáit agus roinnt daoine atá faoi dhliteanas faisnéis a thuairisciú d'údaráis inniúla na mBallstát faoi Threoir 2011/16/AE go gcuirfí siar teorainneacha ama áirithe a leagtar síos sa Treoir sin. Baineann na teorainneacha ama sin le huathmhalartú faisnéise faoi chuntais airgeadais a bhfuil a dtairbhithe ina gcónaí i mBallstát eile chun críoch cánach agus le socruithe intuairiscithe trasteorann ina sonraítear ceann amháin, ar a laghad, de na sainmharcanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/16/AE (“socruithe intuairiscithe trasteorann”). |
(3) |
Tá an mórshuaitheadh sna ghníomhaíochtaí a dhéanann cuid mhór institiúidí airgeadais agus daoine atá faoi dhliteanas socruithe trasteorann a thuairisciú, agus arb í paindéim COVID-19 is cúis leis, ag cur bac ar chomhlíonadh tráthúil a n-oibleagáidí tuairiscithe de bhun Threoir 2011/16/AE. I láthair na huaire, ní mór do na hinstitiúidí airgeadais aghaidh a thabhairt ar thascanna práinneacha a bhaineann le paindéim COVID-19. |
(4) |
Ina theannta sin, i gcás institiúidí airgeadais agus daoine atá faoi dhliteanas tuairisciú tá suaití móra ina gcuid dálaí oibre, go príomha mar gheall ar an teilea-obair arb í an dianghlasáil i bhformhór na mBallstát is cúis léi. Ar an gcaoi chéanna, tá tionchar diúltach ag an méid sin ar acmhainneacht chórais riaracháin cánach na mBallstát i mbailiú agus i bpróiseáil na sonraí. |
(5) |
I ngeall air sin, teastaíonn freagairt phráinneach agus, a mhéid is féidir, comhordaithe laistigh den Aontas. Chuige sin, is gá an rogha a thabhairt do na Ballstáit an teorainn ama, faoi nach mór faisnéis a mhalartú faoi chuntais airgeadais a bhfuil a dtairbhithe ina gcónaí chun críoch cánach i mBallstát eile, a chur siar chun gur féidir leis na Ballstáit na teorainneacha ama sin dá gcuid, faoi nach mór do na hInstitiúidí Airgeadais Tuairiscithe an fhaisnéis a chomhadú, a choigeartú. Ina theannta sin, ba cheart an rogha a sholáthar do na Ballstáit go gcuirfí siar na teorainneacha ama faoi nach mór faisnéis a chomhdú agus a mhalartú i ndáil le socruithe intuairiscithe trasteorann. |
(6) |
Is é is aidhm do chur siar na dteorainneacha ama (“cur siar”) aghaidh a thabhairt ar chás eisceachtúil agus níor cheart don chur siar sin cur isteach ar an struchtúr bunaithe ná ar fheidhmiú Threoir 2011/16/AE. Dá réir sin, is gá teorainn a chur leis an gcur siar agus go leanfadh sé de bheith comhréireach leis na deacrachtaí praiticiúla a ghabhann le comhdú agus malartú faisnéise, arb í paindéim COVID-19 is cúis leo. |
(7) |
Ag féachaint don éiginnteacht atá ann i láthair na huaire maidir lena bhfuil i ndán don phaindéim COVID-19, agus os rud é go bhféadfadh na himthosca is údar le glacadh na Treorach seo a leanúint ar aghaidh gan athrú, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht síneadh roghnach amháin eile a chur leis an gcur siar sin. Níor cheart síneadh ama den chineál sin a bheith ann ach sa chás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. |
(8) |
I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d'imir an suaitheadh eacnamaíoch, arb í paindéim COVID-19 is cúis leis, ar bhuiséid, acmhainní daonna agus feidhmiú údaráis chánacha na mBallstát, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Chomhairle cinneadh a dhéanamh d'aon toil, ar thogra ón gCoimisiún, chun tréimhse an chur siar a shíneadh a thuilleadh. |
(9) |
Níor cheart d'aon chur siar difear a dhéanamh do na gnéithe bunriachtanacha a ghabhann leis an oibleagáid faisnéis a thuairisciú agus a mhalartú faoi Treoir 2011/16/AE agus ba cheart é a áirithiú nach bhfágtar gan tuairisciú gan mhalartú aon fhaisnéis den sórt sin a thiocfaidh chun bheith intuairiscithe i rith thréimhse an chur siar. |
(10) |
I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúinsí eisceachtúla, arb í paindéim COVID-19 is cúis leo, i bhfianaise na práinne atá i gceist le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte phoiblí a bhaineann léi, agus i bhfianaise a hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha, measadh gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le Conradh an Aontais Eorpaigh, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. |
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/16/AE a leasú dá réir sin. |
(12) |
Os rud é gur gá do na Ballstáit gníomhú laistigh de thréimhse an-ghearr, chun teorainneacha ama a chur siar, ar teorainneacha ama iad a thiocfadh chun bheith infheidhme de bhun Threoir 2011/16/AE murach sin, ba cheart an Treoir seo a thabhairt i bhfeidhm mar ábhar práinne, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I dTreoir 2011/16/AE, cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:
“Airteagal 27a
Teorainneacha ama a chur siar ar bhonn roghnach atá ann de dheasca phaindéim COVID-19
1. D'ainneoin na dteorainneacha ama i dtaca le faisnéis a chomhdú maidir le socruithe intuairiscithe trasteoran mar a shonraítear in Airteagal 8ab(12), féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun go gceadófar d'idirghabhálaithe agus do cháiníocóirí ábhartha, faoin 28 Feabhra 2021, faisnéis a chomhdú maidir le socruithe intuairiscithe trasteorann ar cuireadh an chéad chéim de chun feidhme idir an 25 Meitheamh 2018 agus an 30 Meitheamh 2020.
2. I gcás ina nglacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh siad na bearta is gá freisin chun an méid seo a leanas a cheadú:
(a) |
d'ainneoin Airteagal 8ab(18), cuirfear an chéad fhaisnéis in iúl faoin 30 Aibreán 2021; |
(b) |
cuirfear tús leis an tréimhse 30 lá chun faisnéis a leagtar síos in Airteagal 8ab(1) agus (7) a chomhdú, faoin 1 Eanáir 2021 i gcás an mhéid seo a leanas:
|
(c) |
i gcás socruithe indíolta, cuirfidh an t-idirghabhálaí an chéad tuarascáil thréimhsiúil i dtoll a chéile faoin 30 Aibreán 2021 i gcomhréir le hAirteagal 8ab (2). |
3. D'ainneoin na teorann ama a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 8(6), féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun go gceadófar, maidir leis an bhfaisnéis a dá dtagraítear in Airteagal 8(3a) a bhaineann leis an mbliain féilire 2019, nó le tréimhse tuairiscithe iomchuí eile, an fhaisnéis sin a chur in iúl laistigh de 12 mhí i ndiaidh dheireadh na bliana féilire 2019, nó i ndiaidhna tréimhse tuairiscithe iomchuí eile.
Airteagal 27b
Síneadh ama a chur leis an tréimhse a mhairfidh an cur siar
1. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh chun síneadh a chur le cur siar na dteorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 27a trí mhí eile, ar choinníoll go mbíonn rioscaí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí, bacainní agus suaitheadh eacnamaíoch, arb í paindéim COVID-19 is cúis le, ann i gcónaí agus go gcuireann na Ballstáit bearta dianghlasála chun feidhme.
2. Cuirfear an togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle faoi bhráid na Comhairle mí amháin ar a laghad sula rachaidh na spriocdhátaí ábhartha in éag.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Tuairim an 19 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Tuairim an 14 Meitheamh 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
RIALACHA NÓS IMEACHTA
26.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 204/49 |
CINNEADH ÓN MAOIRSEOIR EORPACH AR CHOSAINT SONRAÍ
an 15 Bealtaine 2020
ag glacadh rialacha Nós Imeachta an MECS
TÁ AN MAOIRSEOIR EORPACH AR CHOSAINT SONRAÍ
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1), agus go háirithe Airteagal 57(1)(q) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh comhlíonadh na rialacha a bhaineann le daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leo faoi réir rialú ag údarás neamhspleách. |
(2) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/1725 bunú údaráis neamhspleách dá ngairtear an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), atá freagrach as a áirithiú go n-urramaíonn institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, agus go háirithe a gceart chun cosaint sonraí, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. |
(3) |
Déantar foráil freisin i Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le dualgais agus cumhachtaí an MECS agus maidir leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a cheapadh. |
(4) |
Foráiltear freisin i Rialachán (AE) 2018/1725 gur cheart do Rúnaíocht cúnamh a thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus go leagtar síos roinnt forálacha maidir le cúrsaí foirne agus buiséid. |
(5) |
Foráiltear freisin le forálacha eile dlí an Aontais maidir le cúraimí agus cumhachtaí don MECS, go háirithe, Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
(6) |
Tar éis dul i gcomhairle le Coiste Foirne an MECS, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
MISEAN, SAINMHÍNITHE, TREOIRPHRIONSABAIL AGUS EAGRAÍOCHT
CAIBIDIL I
Misean agus sainmhínithe
Airteagal 1
An MECS
Gníomhóidh an MECS i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2018/1725, aon ghníomh dlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus an Chinnidh seo, agus leanfaidh sé na tosaíochtaí straitéiseacha a d’fhéadfadh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a leagan amach.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
a) |
Ciallaíonn “an Rialachán” Rialachán (AE) 2018/1725; |
b) |
Ciallaíonn “RGCS” Rialachán (AE) 2016/679; |
c) |
Ciallaíonn “foras” institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais atá faoi réir an Rialacháin nó aon ghníomh dlí eile de chuid an Aontais lena bhforáiltear do chúraimí agus do chumhachtaí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí; |
d) |
Ciallaíonn “MECS” an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar chomhlacht de chuid an Aontais; |
e) |
Ciallaíonn “Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí” an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 53 den Rialachán; |
f) |
Ciallaíonn “BECS” an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí mar chomhlacht de chuid an Aontais arna bhunú le hAirteagal 68(1) den RGCS; |
g) |
Ciallaíonn “rúnaíocht BECS” rúnaíocht an BECS arna bhunú le hAirteagal 75 den RGCS. |
CAIBIDIL II
Treoirphrionsabail
Airteagal 3
Dea-rialachas, ionracas agus dea-iompar riaracháin
1. Gníomhóidh an MECS ar mhaithe le leas an phobail mar shaineolaí chomh maith le comhlacht neamhspleách, iontaofa, réamhghníomhach agus údarásach i réimse an chosaint príobháideachta agus sonraí pearsanta.
2. Gníomhóidh an MECS i gcomhréir le Creat Eitice an MECS.
Airteagal 4
Cuntasacht agus trédhearcacht
1. Foilseoidh an MECS a thosaíochtaí straitéiseacha agus Tuarascáil Bhliantúil go tréimhsiúil.
2. Beidh an MECS, ina cháil mar rialtóir sonraí, ag treorú trí eiseamláir i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú.
3. Beidh an MECS i dteagmháil leis na meáin agus na páirtithe leasmhara go hoscailte agus go trédhearcach agus míneoidh sé a chuid gníomhaíochtaí don phobal i dteanga shoiléir.
Airteagal 5
Éifeachtúlacht agus éifeachtacht
1. Úsáidfidh an MECS modhanna riaracháin agus teicniúla úrscothacha chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht a uasmhéadú agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, lena n-áirítear cumarsáid inmheánach agus tarmligean iomchuí cúraimí.
2. Cuirfidh an MECS sásraí agus uirlisí iomchuí i bhfeidhm chun an leibhéal is airde bainistíochta cáilíochta a áirithiú, amhail caighdeáin rialaithe inmheánaigh, próiseas bainistithe riosca agus an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíocht.
Airteagal 6
Comhoibriú
Cuirfidh an MECS comhar chun cinn i measc údaráis mhaoirseachta cosanta sonraí agus le haon údarás poiblí eile a bhféadfadh tionchar a bheith ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phríobháideacht agus ar chosaint sonraí pearsanta.
Caibidil III
Eagraíocht
Airteagal 7
Ról an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí
Cinnfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tosaíochtaí straitéiseacha an MECS agus glacfaidh sé na doiciméid bheartais a chomhfhreagraíonn do chúraimí agus do chumhachtaí an MECS.
Airteagal 8
Rúnaíocht MECS
Cinnfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí struchtúr eagraíochtúil rúnaíocht an MECS. Gan dochar don Mheabhrán Tuisceana idir an MECS agus an BECS an 25 Bealtaine 2018, go háirithe maidir le rúnaíocht BECS, léireoidh an struchtúr na tosaíochtaí straitéiseacha a leagfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí síos.
Airteagal 9
An Stiúrthóir agus an tÚdarás Ceapacháin
1. Gan dochar don Mheabhrán Tuisceana idir an MECS agus an BECS an 25 Bealtaine 2018, go háirithe pointe VI(5) de, feidhmeoidh an Stiúrthóir na cumhachtaí atá dílsithe don Údarás Ceapacháin de réir bhrí Airteagail 2 de Rialacháin Foirne oifigigh an Aontais Eorpaigh a leagtar síos le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (7) agus na cumhachtaí atá dílsithe don té atá údaraithe conarthaí fostaíochta de réir bhrí Airteagail 6 de na Coinníollacha Fostaíochta seirbhíseach eile den Aontas Eorpach a dhéanamh a leagtar síos le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 agus le cumhachtaí gaolmhara eile a eascraíonn as cinntí rialacháin eile, laistigh de raon feidhme an MECS agus de chineál idir-institiúideach araon, sa mhéid nach bhforáiltear a mhalairt le cinneadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir le feidhmiú na gcumhachtaí atá dílsithe san Údarás Ceapacháin agus sa té atá údaraithe conarthaí fostaíochta a dhéanamh.
2. Féadfaidh an Stiúrthóir feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 a tharmligean chuig an oifigeach atá freagrach as bainistiú acmhainní daonna.
3. Is é an Stiúrthóir an t-oifigeach tuairiscithe don Oifigeach Cosanta Sonraí, don Oifigeach Slándála Áitiúil, don Oifigeach Slándála Faisnéise Áitiúil, don Oifigeach Trédhearcachta, don Oifigeach Seirbhíse Dlí, don Oifigeach Eitice agus don Chomhordaitheoir Rialaithe Inmheánaigh maidir leis na cúraimí a bhaineann leis na feidhmeanna sin.
4. Cabhróidh an Stiúrthóir leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí comhsheasmhacht agus comhordú foriomlán an MECS a áirithiú agus maidir le haon chúraimí eile a tharmligfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí dó nó di.
5. Féadfaidh an Stiúrthóir cinntí an MECS a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na srianta bunaithe ar rialacha inmheánacha an MECS lena gcuirtear Airteagal 25 den Rialachán i bhfeidhm.
Airteagal 10
Cruinniú Bainistíochta
1. Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, an Stiúrthóir agus na Cinn Aonad agus Rannóige ar an gCruinniú Bainistíochta agus áiritheoidh sé maoirseacht straitéiseach ar obair an MECS.
2. I gcás ina mbaineann an Cruinniú Bainistíochta le saincheisteanna a bhaineann le hacmhainní daonna, buiséad, cúrsaí airgeadais nó riaracháin is ábhartha don BECS nó do rúnaíocht an BECS, beidh Ceann rúnaíocht an BECS ann freisin.
3. Is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bheidh ina chathaoirleach ar an gCruinniú Bainistíochta, nó i gcásanna nach mbeidh sé nó sí in ann freastal ar an gcruinniú, beidh an Stiúrthóir sa chathaoir. De ghnáth, beidh an Cruinniú Bainistíochta ar siúl uair sa tseachtain.
4. Áiritheoidh an Stiúrthóir feidhmiú cuí rúnaíocht an Chruinnithe Bainistíochta.
5. Ní bheidh na cruinnithe poiblí. Beidh an plé faoi rún.
Airteagal 11
Tarmligean cúraimí agus údarú
1. Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an chumhacht a tharmligean don Stiúrthóir, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis an Rialachán, cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí de a ghlacadh agus a shíniú, agus a bhfuil a substaint arna cinneadh cheana féin ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
2. Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an chumhacht doiciméid eile a ghlacadh agus a shíniú a tharmligean freisin, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis an Rialachán, don Stiúrthóir nó don Cheann Aonaid nó don Cheann rannóige lena mbaineann.
3. I gcás ina mbeidh cumhachtaí tarmligthe chuig an Stiúrthóir de bhun mhír 1 nó mhír 2, féadfaidh an Stiúrthóir iad a fho-tharmligean don Cheann Aonaid nó don Cheann Rannóige lena mbaineann.
4. I gcás ina gcoiscfear ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú nó go bhfuil an post folamh agus nach bhfuil aon Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ceaptha, comhlíonfaidh an Stiúrthóir, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis an Rialachán, cúraimí agus dualgais an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí atá riachtanach agus práinneach chun leanúnachas gnó a áirithiú.
5. I gcás ina gcoiscfear ar an Stiúrthóir a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú nó go bhfuil an post folamh nach bhfuil aon oifigeach ainmnithe ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, feidhmeoidh an Ceann Aonaid nó an Ceann Rannóige ag a bhfuil an grád is airde feidhmeanna an Stiúrthóra, nó, más grád comhionann atá i gceist, feidhmeoidh an ceann Aonaid nó an Ceann Rannóige ag a bhfuil an tsinsearacht is airde laistigh den ghrád iad nó, i gcás sinsearachta comhionann, feidhmeoidh an duine is sine iad.
6. Mura bhfuil aon Cheann Aonaid nó Ceann Rannóige ar fáil chun dualgais an Stiúrthóra mar a shonraítear faoi mhír 5 a fheidhmiú agus mura bhfuil aon oifigeach ainmnithe ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, is é an t-oifigeach ag a bhfuil an ngrád is airde nó, más grád comhionann atá i gceist, an t-oifigeach ag a bhfuil an tsinsearacht is airde laistigh den ghrád nó, i gcás sinsearachta comhionann, an duine is sine, a dhéanfaidh ionadaíocht.
7. I gcás ina gcoiscfear ar aon duine atá ar chéim níos airde de réir céimlathais a dhualgais nó a dualgais a fheidhmiú, agus nach bhfuil aon oifigeach ainmnithe ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ainmneoidh an Stiúrthóir oifigeach i gcomhaontú leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Mura bhfuil aon duine a ghabhfaidh a ionad ainmnithe ag an Stiúrthóir, gabhfaidh an t-oifigeach san Aonad nó sa Rannóg lena mbaineann ag a bhfuil an grád is airde, nó más grád comhionann atá i gceist, an t-oifigeach ag a bhfuil an tsinsearacht is airde sa ghrád nó, i gcás sinsearachta comhionann, an duine is sine, a ionad.
8. Beidh mír 1 go mír 7 gan dochar do na rialacha a bhaineann leis an tarmligean i ndáil leis na cumhachtaí a thugtar don Údarás Ceapacháin nó leis na cumhachtaí a bhaineann le cúrsaí airgeadais de réir mar a fhoráiltear in Airteagail 9 agus 12.
Airteagal 12
Oifigeach Údarúcháin agus Oifigeach Cuntasaíochta
1. Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí cumhachtaí an Oifigigh Údarúcháin a tharmligean don Stiúrthóir i gcomhréir leis an gcairt chúraimí agus freagrachtaí a bhaineann le buiséad agus riaradh an MECS dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 72(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).
2. Maidir le cúrsaí buiséid a bhaineann leis an BECS, feidhmeoidh an tOifigeach Údarúcháin a fheidhm nó a feidhm de réir an Mheabhráin Tuisceana idir an MECS agus an BECS.
3. Déanfaidh Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin feidhm Oifigeach Cuntasaíochta an MECS, i gcomhréir le Cinneadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí an 1 Márta 2017 (9).
TEIDEAL II
FAIREACHÁN AGUS CUR I bhFEIDHM AN RIALACHÁIN A ÁIRITHIÚ
Airteagal 13
Faireachán agus cur i bhfeidhm an Rialacháin a áirithiú
Ráthóidh an MECS cearta agus saoirsí daoine aonair a chosaint go héifeachtach trí fhaireachán agus forfheidhmiú an Rialacháin agus trí aon ghníomh dlí eile de chuid an Aontais lena bhforáiltear do chúraimí agus do chumhachtaí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Chuige sin, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí imscrúdaitheacha, ceartaitheacha, údaraithe agus comhairleacha, féadfaidh an MECS cuairteanna comhlíontachta, suirbhéanna, cuairteanna démhíosúla agus comhairliúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh nó socruithe cairdiúla gearán a éascú.
Airteagal 14
Trédhearcacht freagraí ar chomhairliúcháin ag institiúidí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le hiarrataí ar údaruithe
Féadfaidh an MECS na freagraí ar chomhairliúchán ó institiúidí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil a fhoilsiú ina n-iomláine nó i bpáirt, agus na ceanglais maidir le rúndacht agus slándáil faisnéise is infheidhme á gcur san áireamh. Foilseofar cinntí ar údarú, agus na ceanglais maidir le rúndacht agus slándáil faisnéise is infheidhme á gcur san áireamh.
Airteagal 15
Oifigigh Chosanta Sonraí ar thug na hinstitiúidí fógra dóibh
1. Coimeádfaidh an MECS clár de cheapacháin na nOifigeach Cosanta Sonraí a chuirfidh na hinstitiúidí in iúl don MECS i gcomhréir leis an Rialachán.
2. Foilseofar liosta nuashonraithe d’Oifigigh Chosanta Sonraí na n-institiúidí ar shuíomh gréasáin an MECS.
3. Tabharfaidh an MECS treoir d’Oifigigh Chosanta Sonraí, go háirithe trí pháirt a ghlacadh sna cruinnithe a eagraíonn líonra Oifigeach Cosanta Sonraí na n-institiúidí.
Airteagal 16
Gearáin a láimhseáil
1. Ní dhéileálfaidh an MECS le gearáin gan ainm.
2. Déileálfaidh an MECS le gearáin a chuirtear isteach i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, in aon teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus ina soláthrófar sonraí is gá chun go dtuigfear an gearán.
3. I gcás ina bhfuil gearán a bhaineann leis na fíorais chéanna curtha isteach ag an ngearánach chuig an Ombudsman Eorpach, scrúdóidh an MECS inghlacthacht an ghearáin i gcomhréir leis an Meabhrán Tuisceana idir an MECS agus an tOmbudsman Eorpach.
4. Cinnfidh an MECS conas gearán a láimhseáil agus an méid seo a leanas á chur san áireamh aige:
a) |
cineál agus tromchúis na sáruithe líomhnaithe ar rialacha cosanta sonraí; |
b) |
tábhacht an damáiste a d’fhulaing nó a d’fhéadfadh a bheith fulaingthe ag duine is ábhar do na sonraí nó ag daoine is ábhar do na sonraí mar thoradh ar an sárú; |
c) |
tábhacht fhoriomlán fhéideartha an cháis, i ndáil le leasanna poiblí agus príobháideacha eile lena mbaineann freisin; |
d) |
an dóchúlacht go ndeimhneofar gur tharla an sárú; |
e) |
an dáta cruinn ar tharla na himeachtaí bunúsacha, stop an t-iompar i gceist éifeachtaí a ghiniúint, baineadh na héifeachtaí nó cuireadh ráthaíocht iomchuí ar fáil maidir le hiad a bhaint. |
5. I gcás inarb iomchuí, éascóidh an MECS réiteach cairdiúil ar an ngearán.
6. Déanfaidh an MECS imscrúdú ar ghearán a chur ar fhionraí go dtí go mbeidh rialú déanta ag cúirt nó cinneadh ó chomhlacht breithiúnach nó riaracháin eile ar fáil ar an ábhar céanna.
7. Ní nochtfaidh an MECS céannacht an ghearánaigh ach a mhéid is gá chun an t-imscrúdú a sheoladh go cuí. Ní nochtfaidh an MECS aon doiciméad a bhaineann leis an ngearán, ach amháin sleachta nó achoimrí anaithnidithe ar an gcinneadh críochnaitheach, ach amháin má thugann an duine lena mbaineann toiliú don nochtadh sin.
8. Má cheanglaítear sin trí imthosca an ghearáin, comhoibreoidh an MECS leis na húdaráis mhaoirseachta inniúla, lena n-áirítear údaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla atá ag gníomhú faoi raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach.
Airteagal 17
Torthaí na ngearán
1. Cuirfidh an MECS an gearánach ar an eolas a luaithe is féidir faoi thoradh gearáin agus faoin ngníomh a rinneadh.
2. I gcás ina bhfaighfear amach nach bhfuil gearán inghlactha nó ina scoirtear den imscrúdú, cuirfidh an MECS, i gcás inarb iomchuí, comhairle ar an ngearánach é a chur isteach chuig údarás inniúil eile.
3. Féadfaidh an MECS cinneadh a dhéanamh deireadh a chur le himscrúdú nuair a iarrann an gearánach é. Ní chuirfidh sé sin cosc ar an MECS ábhar an ghearáin a imscrúdú tuilleadh.
4. Féadfaidh an MECS imscrúdú a dhúnadh i gcás inar theip ar an ngearánach an fhaisnéis a iarradh a sholáthar. Cuirfidh an MECS an gearánach ar an eolas faoin gcinneadh seo.
Airteagal 18
Athbhreithniú ar ghearáin agus réitigh bhreithiúnacha
1. Sa chás go n-eisíonn an MECS cinneadh maidir le gearán, féadfaidh an gearánach nó an institiúid lena mbaineann a iarraidh go ndéanfadh an MECS athbhreithniú ar a chinneadh. Déanfar iarraidh den sórt sin laistigh de mhí amháin ón gcinneadh. Déanfaidh an MECS athbhreithniú ar a chinneadh i gcás ina gcuireann an gearánach nó an institiúid fianaise fhíorasach nua nó argóintí dlíthiúla chun cinn.
2. Ar a chinneadh maidir le gearán a eisiúint, cuirfidh an MECS an gearánach agus an institiúid lena mbaineann ar an eolas go bhfuil sé de cheart acu athbhreithniú a iarraidh ar a chinneadh agus agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
3. Más rud é go n-eisíonn an MECS cinneadh nua athbhreithnithe ar iarratas athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh maidir le gearán, cuirfidh an MECS an gearánach agus an institiúid lena mbaineann ar an eolas gur féidir leo agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 19
Fógra chuig an MECS maidir le sárú sonraí pearsanta ag institiúidí
1. Cuirfidh an MECS ardán slán ar fáil chun fógra a thabhairt faoi shárú sonraí pearsanta ag institiúid agus cuirfidh sé bearta slándála i bhfeidhm chun faisnéis a mhalartú maidir le sárú sonraí pearsanta.
2. Ar fhógra a fháil admhóidh an MECS go bhfuarthas é chuig an institiúid lena mbaineann.
TEIDEAL III
COMHAIRLIÚCHÁN REACHTACH, FAIREACHÁN TEICNEOLAÍOCHTA, TIONSCADAIL TAIGHDE, IMEACHTAÍ CÚIRTE
Airteagal 20
Comhairliúchán reachtach
1. Mar fhreagra ar iarrataí ón gCoimisiún de bhun Airteagail 42(1) den Rialachán, eiseoidh an MECS tuairimí nó barúlacha foirmiúla.
2. Foilseofar na tuairimí ar shuíomh gréasáin an MECS i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Foilseofar achoimrí ar chinntí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (Sraith C). Foilseofar barúlacha foirmiúla ar shuíomh gréasáin an MECS.
3. Féadfaidh an MECS diúltú freagairt do chomhairliúchán i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 42 den Rialachán, rud lena n-áirítear cás nach mbeidh aon tionchar ar chosaint chearta agus shaoirsí daoine aonair maidir le cosaint sonraí.
4. Mura féidir tuairim chomhpháirteach ón MECS agus ón BECS a eisiúint de bhun Airteagal 42(2) den Rialachán laistigh den spriocdháta atá leagtha síos d’ainneoin dian-iarracht a dhéanamh féadfaidh an MECS tuairim a eisiúint maidir leis an ábhar céanna.
5. I gcás ina ngiorróidh an Coimisiún spriocdháta is infheidhme maidir le comhairliúchán reachtach de bhun Airteagal 42(3) den Rialachán, féachfaidh an MECS leis an spriocdháta a leagtar síos a urramú a mhéid is réasúnach agus is indéanta, agus go háirithe castacht an ábhair, fad na doiciméadachta agus iomláine na faisnéise a sholáthraíonn an Coimisiún á gcur san áireamh aige.
Airteagal 21
Faireachán teicneolaíochta
Cuirfidh an MECS, agus faireachán á dhéanamh aige ar fhorbairt teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a mhéid a bhíonn tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta, feasacht a chur chun cinn agus tabharfaidh sé comhairle go háirithe maidir le prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus cosaint sonraí de réir réamhshocraithe.
Airteagal 22
Tionscadail taighde
Féadfaidh an MECS a chinneadh rannchuidiú le Creatchláir an Aontais agus fónamh ar choistí comhairleacha na dtionscadal taighde.
Airteagal 23
Gníomh i gcoinne institiúidí mar gheall ar shárú an Rialacháin
Féadfaidh an MECS an t-ábhar a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcás nach gcomhlíonann institiúid an Rialachán, go háirithe i gcás nár chuathas i gcomhairle leis an MECS i gcásanna dá bhforáiltear in Airteagal 42(1) den Rialachán agus mura bhfreagraítear go héifeachtach do ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin arna glacadh ag an MECS faoi Airteagal 58 den Rialachán.
Airteagal 24
Idirghabháil MECS i ngníomhartha a tugadh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
1. Féadfaidh an MECS idirghabháil a dhéanamh i gcaingne a thionscnaítear os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 58(4) den Rialachán, Airteagal 43(3)(i) de Rialachán (AE) 2016/794, Airteagal 85(3)(g) de Rialachán (AE) 2017/1939, agus Airteagal 40(3)(g) de Rialachán (AE) 2018/1727.
2. Agus cinneadh á dhéanamh an n-iarrfaidh sé cead idirghabháil a dhéanamh nó glacadh le cuireadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh déanamh amhlaidh, cuirfidh an MECS san áireamh go háirithe:
a. |
an raibh nó nach raibh baint dhíreach ag an MECS le fíorais an cháis agus a chúraimí maoirseachta á gcomhlíonadh aige; |
b. |
an ardaíonn an cás saincheisteanna maidir le cosaint sonraí atá substaintiúil iontu féin nó cinntitheach maidir lena thoradh; agus |
c. |
an dócha nó nach dócha go ndéanfaidh idirghabháil an MECS difear do thoradh na n-imeachtaí. |
TEIDEAL IV
COMHAR LEIS NA hÚDARÁIS MHAOIRSEACHTA NÁISIÚNTA AGUS COMHAR IDIRNÁISIÚNTA
Airteagal 25
MECS mar bhall den Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí
Beidh sé d’aidhm ag an MECS mar bhall den BECS peirspictíocht an Aontais a chur chun cinn, agus go háirithe na luachanna comhroinnte dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chonradh an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 26
Comhar le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta faoi Airteagal 61 den Rialachán
1. Comhoibreoidh an MECS le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus leis an údarás maoirseachta comhpháirteach arna bhunú faoi Airteagal 25 de Chinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle (10) chun, go háirithe:
a) |
an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú, lena n-áirítear dea-chleachtais, chomh maith le faisnéis i ndáil le hiarrataí chun faireachán, cumhachtaí imscrúdaitheacha agus forfheidhmithe a chur i bhfeidhm trí údaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla; |
b) |
teagmháil a fhorbairt agus a choinneáil le comhaltaí ábhartha agus le foireann na n-údarás maoirseachta náisiúnta. |
2. I gcás inarb ábhartha, beidh an MECS i mbun cúnaimh fhrithpháirtigh agus glacfaidh sé páirt in oibríochtaí comhpháirteacha le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, gach ceann acu ag gníomhú faoi raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach mar a leagtar amach sa Rialachán, in RGCS agus i ngníomhartha ábhartha eile de dhlí an Aontais.
3. Féadfaidh an MECS páirt a ghlacadh, ar cuireadh a fháil, in imscrúdú trí údarás maoirseachta nó iarraidh ar údarás maoirseachta páirt a ghlacadh in imscrúdú i gcomhréir leis na rialacha dlíthiúla agus nós imeachta is infheidhme don pháirtí a thugann an cuireadh.
Airteagal 27
Comhar idirnáisiúnta
1. Cuirfidh an MECS dea-chleachtais, cóineasú agus sineirgí chun cinn maidir le cosaint sonraí pearsanta idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear rannpháirteach i líonraí agus imeachtaí ábhartha réigiúnacha agus idirnáisiúnta.
2. I gcás inarb iomchuí, beidh an MECS i mbun cúnaimh fhrithpháirtigh i ngníomhaíochtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe de chuid údaráis mhaoirseachta tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta.
TEIDEAL V
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 28
Comhairliúchán leis an gCoiste Foirne
1. Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Foirne, a dhéanann ionadaíocht ar fhoireann an MECS, lena n-áirítear rúnaíocht BECS, in am trátha maidir le dréachtchinntí a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialacháin Foirne d’oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta do sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos le Rialachán (CEE, Euratom, ECSC) Uimh. 259/68 agus is féidir dul i gcomhairle leo maidir le ceist ar bith eile faoi chúrsaí ginearálta a bhaineann leis an bhfoireann. Cuirfear an Coiste Foirne ar an eolas faoi aon cheist a bhaineann le feidhmiú a chuid cúraimí. Eiseoidh sé a chuid tuairimí laistigh de 10 lá oibre tar éis dul i gcomhairle leo.
2. Rannchuideoidh an Coiste Foirne le dea-fheidhmiú an MECS, rúnaíocht BECS san áireamh, trí mholtaí a dhéanamh maidir le cúrsaí eagraíochtúla agus dálaí oibre.
3. Beidh an Coiste Foirne comhdhéanta de thriúr comhaltaí agus triúr ionadaithe, agus toghfaidh foireann uile an MECS, an BECS san áireamh, iad go ceann tréimhse dhá bhliain.
Airteagal 29
Oifigeach Cosanta Sonraí
1. Is é an MECS a cheapfaidh Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS).
2. Rachfar i gcomhairle leis an OCS go háirithe nuair a bheartaíonn an MECS mar rialaitheoir srian a úsáid, bunaithe ar na rialacha inmheánacha lena gcuirtear Airteagal 25 den Rialachán i bhfeidhm.
3. I gcomhréir le pointe IV(2)(viii) den Mheabhrán Tuisceana idir an MECS agus an BECS, tá OCS ar leith ag an BECS. I gcomhréir le pointe IV(4) den Mheabhrán Tuisceana idir an MECS agus an BECS, tiocfaidh OCS an MECS agus an BECS le chéile go rialta chun a áirithiú go mbeidh a gcuid cinntí comhsheasmhach an t-am ar fad.
Airteagal 30
Rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus Oifigeach Trédhearcachta an MECS
Ainmneoidh an MECS Oifigeach Trédhearcachta chun a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), gan dochar don tslí a láimhseáiltear rochtain phoiblí ar iarrataí ar dhoiciméid ó rúnaíocht an BECS de réir pointe IV(2)(iii) den Meabhrán Tuisceana idir an MECS agus an BECS.
Airteagal 31
Teangacha
1. Tá an MECS tiomanta do phrionsabal an ilteangachais, toisc go bhfuil éagsúlacht chultúrtha agus teanga ar cheann de bhunchlocha agus sócmhainní an Aontais Eorpaigh. Déanann an MECS a dhícheall cothromaíocht a aimsiú idir prionsabal an ilteangachais agus an oibleagáid bainistiú fónta airgeadais agus coigilteas fónta a áirithiú do bhuiséad an Aontais Eorpaigh, agus, dá bhrí sin, úsáid phragmatach a bhaint as a chuid acmhainní teoranta.
2. Freagróidh an MECS d’aon duine a bheidh ag dul i dteagmháil leis ar ábhar a thagann faoina inniúlacht i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh sa teanga chéanna a úsáidtear chun teagmháil a dhéanamh leis. Féadfar gach gearán, iarratas ar fhaisnéis agus aon iarrataí eile a sheoladh chuig an MECS in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus tabharfar freagra sa teanga chéanna.
3. Beidh suíomh gréasáin an MECS ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Foilseofar doiciméid straitéiseacha an MECS, amhail an straitéis do shainordú an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis.
Airteagal 32
Seirbhísí tacaíochta
Féadfaidh an MECS comhaontuithe comhair nó comhaontuithe leibhéal seirbhíse a dhéanamh le hinstitiúidí eile, agus féadfaidh sé a bheith rannpháirteach i nglaonna idirinstitiúideacha ar thairiscintí a mbíonn conarthaí creata le tríú páirtithe mar thoradh orthu chun seirbhísí tacaíochta a sholáthar don MECS agus don BECS. Féadfaidh an MECS conradh a shíniú le soláthraithe seirbhíse seachtracha i gcomhréir leis na rialacha soláthair is infheidhme do na hinstitiúidí.
Airteagal 33
Cinntí a fhíordheimhniú
1. Fíordheimhneofar cinntí an MECS trí shíniú an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí nó an Stiúrthóra mar a fhoráiltear sa Chinneadh seo. Féadfaidh an síniú sin a bheith lámhscríofa nó i bhfoirm leictreonach.
2. I gcás tarmligin nó ionadaithe i gcomhréir le hAirteagal 11, fíordheimhneofar na cinntí trí shíniú an duine ar tarmligeadh an chumhacht dó nó an duine atá ag déanamh ionadaíochta. Féadfaidh an síniú sin a bheith lámhscríofa nó i bhfoirm leictreonach.
Airteagal 34
Cianobair ag MECS agus doiciméid leictreonacha
1. Le cinneadh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, féadfaidh an MECS córas cianoibre a chur i bhfeidhm don bhfoireann go léir nó do chuid dá fhoireann. Cuirfear an cinneadh sin in iúl don bhfoireann agus foilseofar é ar shuíomhanna gréasáin an MECS agus an BECS.
2. Le cinneadh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, féadfaidh an MECS coinníollacha bailíochta doiciméad leictreonach, nósanna imeachta leictreonacha agus modhanna leictreonacha tarchuir doiciméad a chinneadh chun críocha an MECS. Cuirfear an cinneadh sin in iúl don bhfoireann agus foilseofar é ar shuíomh gréasáin an MECS.
3. Rachfar i gcomhairle le Cathaoirleach an BECS i gcás ina mbaineann na cinntí sin le Rúnaíocht BECS.
Airteagal 35
Rialacha maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama a ríomh
Cuirfidh an MECS na rialacha i bhfeidhm maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama arna mbunú faoi Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle a ríomh (12).
TEIDEAL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 36
Bearta bainistíochta
Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí forálacha an Chinnidh seo a shonrú tuilleadh trí rialacha um chur i bhfeidhm agus bearta forlíontacha a bhaineann le feidhmiú an MECS a ghlacadh.
Airteagal 37
Aisghairm Chinneadh 2013/504/AE ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Aisghairtear Cinneadh 2013/504/AE ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (13) agus cuirtear an Cinneadh seo ina ionad.
Airteagal 38
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá i ndiaidh lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2020
Thar ceann an MECS
Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
(1) IO L 295, 21.11.2018, p. 39.
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(3) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(4) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(5) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinnidh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an Cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).
(6) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(7) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (Coinníolllacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile) (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).
(8) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(9) Cinneadh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) an 1 Márta 2017 maidir le hOifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin Eorpaigh a cheapadh mar Oifigeach Cuntasaíochta an MECS.
(10) Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim (IO L 323, 10.12.2009, lch. 20).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(12) Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).
(13) Cinneadh 2013/504/AE ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an 17 Nollaig 2012 maidir le Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh (IO L 273, 15.10.2013, lch. 41).