ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 202

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
25 Meitheamh 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2020/865 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia

1

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

25.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 202/1


CINNEADH (AE) 2020/865 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Bealtaine 2020

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointí (b) agus (d) d’Airteagal 77(2) agus pointe (c) d’Airteagal 79(2), i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/400 (2) ón gComhairle, síníodh an Comhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia (“an Comhaontú”), an 18 agus 19 Samhain 2019, faoi réir a thabhairt i gcrích.

(2)

De bhun Airteagal 54(4) de Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), i gcásanna ina mbeartaítear go n-imscarfar foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach chuig tríú tír i ngníomhaíochtaí ina bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin ag na baill foirne, nó ina gceanglaítear é le gníomhaíochtaí eile i dtríú tíortha, tabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann. I gcomhaontú stádais den sórt sin, ba cheart na gnéithe uile a chumhdach is gá chun dul i mbun na ngníomhaíochtaí.

(3)

Faoin gComhaontú, is féidir foirne den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil, a imscaradh go pras ar chríoch Phoblacht na Seirbia, freagairt ar an athrú atá ag teacht ar shreafaí imirce i dtreo bhealach an chósta, cúnamh a thabhairt maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha, agus smuigleáil imirceach a chomhrac.

(4)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(6)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, formheastar, thar ceann an Aontais, an Comhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia.

Tá téacs an Chomhaontaithe i gceangal (5) leis an gCinneadh seo .

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 14(2) den Chomhaontú. (6)

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Toiliú arna thabhairt an 13 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/400 ón gComhairle an 22 Eanáir 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia (IO L 72, 14.3.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

(4)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(5)  “Níl téacs an Chomhaontaithe ann sa Ghaeilge.”.

(6)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.