ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 177

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
5 Meitheamh 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009

1

 

*

Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce ( 1 )

32

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2020/742 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2019

56

 

 

Ceartúchán

 

*

ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/510 ón gComhairle an 7 Aibreán 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin ( IO L 113, 8.4.2020 ) ( IO L 0, 8.4.2020 )

58

 

*

ar Chinneadh (AE) 2020/511 ón gComhairle an 26 Márta 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025( IO L 113, 8.4.2020 ) ( IO L 0, 8.4.2020 )

59

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/730 an 3 Meitheamh 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré ( IO L 172 I, 3.6.2020 ) ( IO L 0, 3.6.2020 )

61

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

5.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 177/1


RIALACHÁN (AE) 2020/740 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an tAontas tiomanta d'Aontas Fuinnimh a thógáil a mbeidh beartas aeráide forásach aige. Dlúthchuid de chreat beartais 2030 an Aontais don aeráid agus don fhuinneamh is ea an éifeachtúlacht breosla agus tá sí ríthábhachtach má tá an t-éileamh ar fhuinneamh le maolú.

(2)

Tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún ar Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus d'aithin sé nach mór forálacha an Rialacháin sin a nuashonrú chun a éifeachtacht a fheabhsú.

(3)

Is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 a ionadú, chun roinnt dá fhorálacha a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta, agus an dul chun cinn teicneolaíoch atá bainte amach maidir le boinn á chur san áireamh.

(4)

Is san earnáil iompair a dhéantar aon trian d'ídiú fuinnimh an Aontais. Iompar de bhóthar ba chúis le tuairim is 22 % d'astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa an Aontais in 2015. Mar gheall ar a bhfriotaíocht rollta go príomha, is boinn is cúis le 20 go 30 % d'ídiú breosla feithiclí. Dá bhrí sin, ach friotaíocht rollta na mbonn a laghdú, rannchuideofaí go mór le héifeachtúlacht breosla an iompair de bhóthar agus, dá bharr sin, le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus le dícharbónú na hearnála iompair.

(5)

Chun dul i ngleic leis an dúshlán maidir le hastaíochtaí CO2 ó iompar de bhóthar a laghdú, is iomchuí go ndéanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, foráil do dhreasachtaí chun a bheith nuálaíoch maidir le boinn C1, boinn C2 agus boinn C3 atá éifeachtúil ó thaobh breosla de agus atá sábháilte.

(6)

Tá roinnt paraiméadar idirghaolmhar i gceist le boinn. D'fhéadfadh sé, dá bhfeabhsófaí aon pharaiméadar ar leith, amhail friotaíocht rollta, go mbeadh tionchar dochrach aige sin ar pharaiméadair eile, amhail fliuchghreim agus, ag an am céanna, trí fheabhas a chur ar fheidhmíocht fliuchghreama, d'fhéadfadh sé go mbeadh tionchar dochrach aige sin ar thorann seachtrach rollta. Ba cheart monaróirí bonn a spreagadh chun na paraiméadair go léir a bharrfheabhsú sa bhreis ar na caighdeáin atá ann cheana.

(7)

Féadfaidh boinn atá éifeachtúil ó thaobh breosla de a bheith éifeachtach ó thaobh costais de freisin ós rud é go ndéantar na coigiltis breosla a ghineann siad an praghas méadaithe ceannaigh a fhritháireamh, agus fiú níos mó ná é a fhritháireamh, ar praghas ceannaigh é a méadaítear de thoradh ar chostais táirgeachta níos airde na mbonn sin.

(8)

Le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) leagtar síos na ceanglais íosta maidir le friotaíocht rollta bonn. A bhuí le forbairtí teicneolaíocha, is féidir na caillteanais fuinnimh arb í an fhriotaíocht rollta bonn is cúis leo a laghdú go suntasach sa bhreis ar na ceanglais íosta sin. Chun an tionchar atá ag iompar de bhóthar ar an gcomhshaol a laghdú, is iomchuí, dá bhrí sin, na forálacha maidir le lipéadú bonn a nuashonrú le húsáideoirí deiridh a spreagadh chun boinn atá níos éifeachtúla ó thaobh breosla de a cheannach, trí fhaisnéis chomhchuibhithe faoin bparaiméadar friotaíocht rollta a sholáthar dóibh.

(9)

Is é a bheidh mar thoradh ar fheabhas a chur ar lipéadú bonn go mbeidh tomhaltóirí in ann teacht ar fhaisnéis maidir le héifeachtúlacht breosla, sábháilteacht agus torann atá níos ábhartha agus níos inchomparáide, agus cinntí atá costéifeachtach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh agus boinn á gceannach acu.

(10)

Is núis shuntasach é torann tráchta agus bíonn éifeacht dhochrach aige ar an tsláinte. Le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009, leagtar síos na ceanglais íosta maidir le torann seachtrach rollta bonn. A bhuí le forbairtí teicneolaíocha, is féidir an torann seachtrach rollta a laghdú go suntasach sa bhreis ar na ceanglais íosta sin. Chun an torann tráchta a laghdú, is iomchuí, dá bhrí sin, na forálacha maidir le lipéadú bonn a nuashonrú le húsáideoirí deiridh a spreagadh chun boinn a cheannach ag a bhfuil torann seachtrach rollta íseal, trí fhaisnéis chomhchuibhithe faoin bparaiméadar torann seachtrach rollta a sholáthar dóibh.

(11)

Dá soláthrófaí faisnéis chomhchuibhithe faoi thorann seachtrach rollta, d'éascófaí freisin cur chun feidhme beart chun torann tráchta a theorannú agus chuideofaí chun feasacht a ardú faoin éifeacht a bhíonn ag boinn ar thorann tráchta faoi chuimsiú Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(12)

Chomh maith leis sin, le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009, leagtar síos na ceanglais íosta maidir le fliuchghreim bonn. A bhuí le forbairtí teicneolaíocha, is féidir fliuchghreim a fheabhsú go suntasach sa bhreis ar na ceanglais íosta sin agus, ar an dóigh sin, na hachair choscánaithe ar dhromchla fliuch a ghiorrú. Chun an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, is iomchuí, dá bhrí sin, na forálacha maidir le lipéadú bonn a nuashonrú le húsáideoirí deiridh a spreagadh chun boinn a cheannach ag a bhfuil feidhmíocht fliuchghreama níos fearr, trí fhaisnéis chomhchuibhithe faoin bparaiméadar fliuchghreama a sholáthar dóibh.

(13)

Lena áirithiú go bhfuiltear ag teacht leis an gcreat idirnáisiúnta, tagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 do Rialachán Uimh. 117 den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de chuid na Náisiún Aontaithe (UNECE) (6), ina leagtar amach na modhanna ábhartha tomhais le haghaidh friotaíocht rollta, torann seachtrach rollta, agus feidhmíocht fliuchghreama agus greama sneachta bonn.

(14)

Ba cheart faisnéis maidir le feidhmíocht bonn atá deartha go sonrach lena n-úsáid i ndálaí diana sneachta agus oighir a áireamh ar an lipéad boinn. Ba cheart faisnéis maidir le feidhmíocht greama sneachta a bheith bunaithe ar Rialachán Uimh. 117 den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de chuid na Náisiún Aontaithe (UNECE), sa leagan is cothroime le dáta agus is infheidhme maidir leis an Aontas (Rialachán UNECE Uimh 117), agus ba cheart an picteagram “Siombail Alp” atá sa Rialachán sin a áireamh ar an lipéad boinn ar bhonn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach sa Rialachán sin. Nuair a ghlacfar an caighdeán go foirmiúil, ba cheart faisnéis faoi fheidhmíocht greama oighir a bheith bunaithe ar chaighdeán ISO 19447 agus ba cheart an picteagram greama oighir a áireamh ar lipéad boinn ar bhonn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama oighir a leagtar amach sa chaighdeán ISO sin. Go dtí go nglacfar caighdeán ISO 19447, ba cheart feidhmíocht greama oighir a mheasúnú de réir modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe lena gcuirtear san áireamh na modhanna úrscothacha tomhais agus ríomha a aithnítear go ginearálta. Ba cheart do lipéad boinn ar bhonn a chomhlíonann na caighdeáin íosta maidir le feidhmíocht greama oighir an picteagram greama oighir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a léiriú.

(15)

Is foinse shuntasach micreaphlaisteach, a dhéanann dochar don chomhshaol agus do shláinte an duine, é scríobadh bonn le linn a n-úsáide. Mar sin, luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy an gá aghaidh a thabhairt ar scaoileadh neamhbheartaithe micreaphlaisteach ó bhoinn, inter alia, trí bhíthin bearta faisnéise amhail lipéadú agus trí cheanglais íosta i dtaca le boinn. Tá dlúthbhaint ag scríobadh bonn le coincheap an mhíleáiste, is é sin le rá an líon ciliméadar a mhairfeadh bonn sula gcaithfí ceann nua a fháil mar gheall ar chaitheamh tráchta. Anuas ar an scríobadh bonn agus ar an gcaitheamh tráchta, braitheann saolré boinn ar go leor rudaí eile, amhail seasmhacht an bhoinn in aghaidh caithimh, lena n-áirítear an cumasc, an pátrún tráchta agus an struchtúr, dálaí bóthair, cothabháil, brú an bhoinn agus iompraíocht tiomána.

(16)

Níl modh iomchuí tástála ann faoi láthair, áfach, le scríobadh bonn agus míleáiste a thomhas. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún sainordú a thabhairt modh tástála den chineál sin a fhorbairt, agus an úrscothacht agus na caighdeáin agus rialacháin arna bhforbairt nó arna moladh go hidirnáisiúnta á gcur san áireamh, chomh maith leis an obair atá déanta ag tionscal, chun modh iomchuí tástála a bhunú.

(17)

Is cuid shuntasach den mhargadh le haghaidh boinn d'fheithiclí tromshaothair iad boinn atráchta. Trí thrácht nua a chur ar bhoinn, déantar a saolré a shíneadh agus tagann sin le cuspóirí de chuid an gheilleagair chiorclaigh, amhail laghdú dramhaíola. Dá gcuirfí ceanglais faoi lipéadú i bhfeidhm maidir leis na boinn sin, bhainfí amach coigiltis shuntasacha fuinnimh. Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo chun modh iomchuí tástála, nach bhfuil ann faoi láthair, a chur san áireamh amach anseo chun feidhmíocht bonn atráchta a thomhas.

(18)

Maidir leis an lipéad fuinnimh dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena rangaítear ídiú fuinnimh táirgí ar scála ó “A” go “G”, aithníonn níos mó ná 85 % de thomhaltóirí an Aontais é mar uirlis faisnéise atá soiléir agus trédhearcach agus léiríodh go bhfuil sé éifeachtach ó thaobh táirgí níos éifeachtúla a chur chun cinn. Ba cheart don lipéad boinn a bheith den dearadh céanna a mhéid is féidir, agus sainiúlachtaí na bparaiméadar boinn á n-aithint ag an am céanna.

(19)

Maidir le faisnéis inchomparáide faoi pharaiméadair bonn a sholáthar i bhfoirm lipéid boinn chaighdeánaigh, is dóigh go rachaidh sé sin i gcion ar na roghanna ceannacháin a dhéanfaidh úsáideoirí deiridh i bhfabhar boinn atá níos éifeachtúla ó thaobh breosla de, níos buanseasmhaí, níos sábháilte, agus níos ciúine. Is dóigh, dá bharr sin, go spreagfaí monaróirí bonn chun na paraiméadair bonn a bharrfheabhsú, rud a réiteodh an bealach roimh thomhaltas agus tháirgeadh níos inbhuanaithe bonn.

(20)

Tá gá ag gach úsáideoir deiridh, lena n-áirítear ceannaitheoirí bonn ionadaithe, ceannaitheoirí bonn arna bhfeistiú ar fheithiclí nua, agus bainisteoirí flít agus gnóthais iompair, le tuilleadh faisnéise faoi éifeachtúlacht ó thaobh breosla de agus ó thaobh paraiméadair eile de mar nach féidir leo comparáid a dhéanamh go héasca idir paraiméadair brandaí éagsúla bonn de cheal córais lipéadaithe agus córais chomhchuibhithe tástála. Is iomchuí, mar sin, a cheangal go ndéanfar lipéad a sholáthar i gcónaí i gcomhair gach bonn a sholáthraítear le feithiclí nó a shuiteáiltear ar fheithiclí.

(21)

Faoi láthair, ceanglaítear lipéid boinn do bhoinn le haghaidh gluaisteán (boinn C1) agus le haghaidh veaineanna (boinn C2) ach ní cheanglaítear iad le haghaidh feithiclí tromshaothair (boinn C3). Ídíonn boinn C3 níos mó breosla agus taistealaíonn siad níos mó de chiliméadair in aghaidh na bliana ná mar a dhéanann boinn C1 nó boinn C2 agus, dá bhrí sin, níor bheag an rud é dá bhféadfaí laghdú a dhéanamh ar ídiú breosla agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fheithiclí tromshaothair. Ba cheart, dá bhrí sin, boinn C3 a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ina theannta sin, trí bhoinn C3 a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo, táthar ag teacht le Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) lena bhforáiltear d'fhaireachán agus do thuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair, agus le Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) lena leagtar amach caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 d'fheithiclí nua tromshaothair.

(22)

Déanann cuid mhór úsáideoirí deiridh cinntí faoi bhoinn a cheannach gan an bonn féin a fheiceáil agus mar sin de ní fheiceann siad an lipéad boinn atá greamaithe air. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an lipéad boinn a thaispeáint do na húsáideoirí deiridh sula ndéantar a gcinntí deiridh faoi cheannach. Ach an lipéad boinn a chur ar taispeáint ar bhoinn ag an bpointe díola, agus san ábhar fógraíochta teicniúil freisin, ba cheart go n-áiritheofaí go bhfaigheadh na dáileoirí agus na húsáideoirí ionchasacha deiridh faisnéis chomhchuibhithe faoi na paraiméadair ábhartha bonn, an tráth agus san áit a ndéantar an cinneadh faoi cheannach.

(23)

I gcás roinnt úsáideoirí deiridh, déanann siad cinntí faoi bhoinn a cheannach sula sroicheann siad an pointe díola nó ceannaíonn siad na boinn trí phostdíol nó ar an idirlíon. Chun a áirithiú go mbeidh na húsáideoirí deiridh sin in ann rogha eolasach a dhéanamh freisin ar bhonn faisnéis chomhchuibhithe faoi, inter alia, éifeachtúlacht ó thaobh breosla de, faoi fhliuchghreim agus faoi thorann seachtrach rollta, ba cheart lipéid bonn a chur ar taispeáint ar an ábhar fógraíochta teicniúil go léir agus ar gach fógra amhairc le haghaidh cineálacha sonracha boinn, lena n-áirítear cásanna ina gcuirtear an t-ábhar sin ar fáil ar an idirlíon. I gcás ina mbainfidh na fógraí amhairc le réimse bonn, agus ní le cineál sonrach boinn amháin, ní gá an lipéad boinn a chur ar taispeáint.

(24)

Ba cheart faisnéis a sholáthar do na húsáideoirí ionchasacha deiridh ar faisnéis í lena míneofar gach comhpháirt ar leith den lipéad boinn agus ábharthacht gach comhpháirte. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar san ábhar fógraíochta teicniúil go léir, mar shampla ar shuíomhanna gréasáin na soláthróirí, ach níor cheart go mbeadh sí de cheangal sna fógraí amhairc. Níor cheart go dtuigfí as ábhar fógraíochta teicniúil go n-áirítear air fógráin trí bhíthin cláir fógraí, nuachtán, irisí, ná trí chraoltóireacht raidió nó teilifíse.

(25)

Gan dochar d'oibleagáidí faireachais margaidh na mBallstát ná d'oibleagáid soláthróirí comhréireacht táirge a sheiceáil, ba cheart do sholáthróirí an fhaisnéis atá riachtanach maidir le comhlíonadh táirge a chur ar fáil go leictreonach sa bhunachar sonraí táirgí. Ba cheart an fhaisnéis atá ábhartha do thomhaltóirí agus do dháileoirí a chur ar fáil go poiblí sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil mar shonraí oscailte ionas go mbeidh deis ag forbróirí feidhmchlár móibíleach agus ag uirlisí comparáide úsáid a bhaint aisti. Ba cheart rochtain dhíreach fhurasta ar an gcuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí a éascú le huirlisí atá dírithe ar an úsáideoir a bheith san áireamh ar an lipéad boinn clóite, amhail cód mearfhreagartha (cód QR) dinimiciúil.

(26)

Ba cheart an chuid sin den bhunachar sonraí táirgí a bhaineann le comhlíonadh a bheith faoi réir rialacha déine maidir le cosaint sonraí. Na codanna sonracha riachtanacha den doiciméadacht theicniúil den chuid a bhaineann le comhlíonadh den bhunachar sonraí táirgí, ba cheart iad a chur ar fáil d'údaráis faireachais margaidh agus don Choimisiún araon. I gcás faisnéis theicniúil a bheith ann atá ró-íogair í a chur san áireamh i gcatagóir na doiciméadachta teicniúla, ba cheart d'údaráis faireachais margaidh rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin nuair is gá, i gcomhréir leis an dualgas comhair atá ar sholáthróirí nó trí mheán codanna breise den doiciméadacht theicniúil a uaslódáiltear sa bhunachar sonraí táirgí ar bhonn deonach.

(27)

Tá fás ag teacht ar dhíol bonn trí bhíthin ardán díolacháin idirlín, seachas go díreach ó sholáthróirí. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú gur faoi na soláthraithe seirbhísí óstála a bheidh sé féachaint chuige go dtaispeánfar an lipéad boinn agus bileog faisnéise faoin táirge, arna sholáthar ag an soláthróir, gar don phraghas. Ba cheart dóibh an dáileoir a chur ar an eolas i leith na hoibleagáide an lipéad boinn agus bileog faisnéise faoin táirge a thaispeáint, ach níor cheart go mbeidís freagrach as cruinneas ná ábhar an lipéid boinn sin ná as an mbileog faisnéise faoin táirge . Ba cheart na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí óstála faoin Rialachán seo a bheith fós teoranta don mhéid atá réasúnach agus níor cheart gurb ionann iad agus oibleagáid ghinearálta chun faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a stórálann siad ná fíorais nó imthosca a lorg go gníomhach, lena léireofaí gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo. Mar sin féin, foráiltear le hAirteagal 14(1) de Treoir 2000/31/CE ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le tráchtáil leictreonach, go bhfuil sé de cheangal ar na soláthraithe seirbhísí óstála, ar mian leo leas a bhaint as an díolúine ó dhliteanas atá san fhoráil sin, gníomhú go gasta, chun faisnéis a stórálann siad a bhaint nó rochtain ar an bhfaisnéis sin a dhíchumasú arna iarraidh sin d'fhaighteoirí a seirbhísí agus i gcás nach gcomhlíonann an t-eolas sin ceanglais an Rialacháin seo, amhail na ceanglais sin a bhaineann le lipéid boinn nó bileoga faisnéise táirge a bheith ar iarraidh, neamhiomlán nó mícheart. Ba cheart dóibh sin a dhéanamh a luaithe a fhaigheann siad eolas iarbhír ar an bhfaisnéis sin nó, maidir le héilimh ar dhamáistí, ba cheart dóibh sin a dhéanamh a luaithe a fhaigheann siad amach faoin bhfaisnéis sin, mar shampla trí bhíthin faisnéis shonrach a chuireann údarás um fhaireachas margaidh ar fáil. Beidh soláthraithe a dhíolann go díreach le húsáideoirí deiridh trína suíomh gréasáin féin, faoi réir na n-oibleagáidí ciandíolacháin céanna is atá dáileoirí.

(28)

Ba cheart friotaíocht rollta, fliuchghreim, torann seachtrach rollta agus paraiméadair eile a thomhas i gcomhréir le modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe lena gcuirtear san áireamh na modhanna úrscothacha tomhais agus ríomha a aithnítear go ginearálta. Ba cheart gnáthiompraíocht tomhaltóirí a chur san áireamh a mhéid is féidir sna modhanna sin agus ba cheart iad a bheith stóinsithe chun stop a chur le haon dul timpeall orthu a tharlaíonn, bíodh sé sin d'aon ghnó nó go neamhbheartaithe. Ba cheart feidhmíocht chomparáideach na mbonn le linn úsáid iarbhír a léiriú ar lipéid bonn, laistigh de na srianta a eascraíonn as an ngá atá le tástáil saotharlainne atá iontaofa, cruinn agus in-atáirgthe, chun cur ar chumas úsáideoirí deiridh boinn éagsúla a chur i gcomparáid le chéile agus chun teorainn a chur le costais tástála do mhonaróirí.

(29)

I gcás ina mbeidh cúiseanna leordhóthanacha acu lena chreidiúint nach ndearna an soláthróir cruinneas an lipéid boinn a áirithiú agus chun muinín bhreise a thabhairt do thomhaltóirí, ba cheart d'údaráis náisiúnta mar a shainítear iad i bpointe (37) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a sheiceáil an bhfuil na haicmí a bhaineann le friotaíocht rollta, fliuchghreim agus torann seachtrach rollta a thaispeántar ar an lipéad boinn, chomh maith leis na picteagraim do pharaiméadair eile, i gcomhréir lena bhfuil sa doiciméadacht arna soláthar ag an soláthróir bunaithe ar thorthaí tástálacha agus ar ríomhanna. Féadfar na seiceálacha sin a dhéanamh le linn an phróisis cineálcheadaithe, agus ní gá tástáil fhisiciúil ar an mbonn a bheith i gceist.

(30)

Is den riachtanas é go gcomhlíonfaidh soláthróirí, mórdhíoltóirí, déileálaithe agus dáileoirí eile na forálacha a bhaineann le lipéadú bonn chun cothrom na féinne a áirithiú san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin trí rialuithe ex post rialta agus trí fhaireachas margaidh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(31)

Chun faireachán ar chomhlíonadh a éascú, chun uirlis úsáideach a chur ar fáil d'úsáideoirí deiridh agus chun bealaí malartacha a thabhairt do dháileoirí bileoga faisnéise faoi tháirgí a fháil, ba cheart boinn a chur san áireamh sa bhunachar sonraí táirgí arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2017/1369. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán sin a leasú dá réir sin.

(32)

Chun go mbeadh muinín ag úsáideoirí deiridh as an lipéad boinn, níor cheart lipéid eile a dhéanann aithris ar an lipéad boinn a cheadú. Ar an gcúis chéanna, níor cheart lipéid eile, marcanna, siombailí ná inscríbhinní breise a cheadú ar dócha go gcuirfí úsáideoirí deiridh ar míthreoir leo nó go gcuirfí mearbhall orthu maidir leis na paraiméadair a chumhdaítear leis an lipéad boinn.

(33)

Na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun, ba cheart iad a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(34)

Chun éifeachtúlacht fuinnimh, maolú ar an athrú aeráide, sábháilteacht ar bhóithre agus cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dreasachtaí a chruthú maidir le húsáid bonn atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá sábháilte. Is faoi na Ballstáit atá sé cineál na ndreasachtaí sin a chinneadh. Ba cheart na dreasachtaí sin a bheith i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair agus níor cheart iad a bheith ina mbacainní gan údar ar an margadh. Ní dochar an Rialachán seo do thoradh aon nósanna imeachta maidir le Státchabhair a d'fhéadfaí a chur ar bun i gcomhréir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i ndáil leis na dreasachtaí sin.

(35)

Chun ábhar agus formáid an lipéid boinn a leasú, ceanglais a thabhairt isteach i dtaca le boinn atráchta, scríobadh bonn agus míleáiste, agus na hIarscríbhinní a chur in oiriúint don dul chun cinn teicneolaíoch, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(36)

Nuair a bheidh modhanna iontaofa, cruinn agus in-atáirgthe ar fáil chun scríobadh bonn agus míleáiste a thástáil agus a thomhas, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé faisnéis maidir le scríobadh bonn agus míleáiste a chur leis an lipéad boinn. Agus gníomh tarmligthe á mholadh aige chun scríobadh bonn agus míleáiste a chur ar fáil ar an lipéad bonn, ba cheart don Choimisiún an measúnú sin a chur san áireamh, agus ba cheart dó oibriú i ndlúthchomhar leis an tionscal, le heagraíochtaí ábhartha um chaighdeánú, amhail an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) nó an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO), agus le hionadaithe geallsealbhóirí eile a bhfuil suim acu i bhforbairt modhanna iomchuí tástála. Ba cheart gan aon débhrí a bheith leis an bhfaisnéis maidir le scríobadh bonn agus míleáiste agus níor cheart tionchar diúltach a bheith ag an bhfaisnéis sin ar intuigtheacht shoiléir agus ar éifeachtacht an lipéid boinn ina iomláine i dtaca le húsáideoirí deiridh. Ach an fhaisnéis sin a bheith acu, bheadh úsáideoirí deiridh in ann cinneadh eolasach a dhéanamh a mhéid a bhaineann le boinn, saolré agus scaoileadh neamhbheartaithe micreaphlaisteach. Chuideodh sé seo leis an gcomhshaol a chosaint agus, ag an am céanna, d'fhágfadh sé go mbeadh úsáideoirí deiridh in ann meastachán a dhéanamh ar chostais oibriúcháin bonn thar thréimhse níos sia.

(37)

Maidir le boinn a cuireadh ar an margadh roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, níor ghá iad a lipéadú le lipéad boinn nua.

(38)

Ba cheart gurb ionann méid an lipéid boinn i gcónaí agus an méid sin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009. Ba cheart sonraí maidir le greim sneachta agus greim oighir agus an cód QR a bheith san áireamh ar an lipéad boinn.

(39)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. I gcomhréir le mír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart an mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach agus ba cheart an mheastóireacht sin a bheith ina bonn do mheasúnuithe tionchair ar na roghanna atá ann chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh.

(40)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon sábháilteacht, cosaint na sláinte agus an éifeachtúlacht eacnamaíoch agus comhshaoil an iompair de bhóthar a mhéadú trí fhaisnéis ábhartha a sholáthar d'úsáideoirí deiridh chun go bhféadfaidh siad boinn níos éifeachtúla ó thaobh breosla de, níos buanseasmhaí, níos sábháilte agus níos ciúine, a roghnú, a ghnóthú go leordhóthanach toisc go dteastaíonn leis faisnéis chomhchuibhithe d'úsáideoirí deiridh, ach, de bharr an ghá atá le creat rialúcháin comhchuibhithe agus le cothrom na Féinne do mhonaróirí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Is é Rialachán an ionstraim iomchuí dlí go fóill mar go gcuirtear rialacha soiléire mionsonraithe i bhfeidhm leis lena gcuirfí cosc ar na Ballstáit iad a thrasuí ar shlite éagsúla agus, dá bhrí sin, lena n-áiritheofaí leibhéal níos airde comhchuibhithe ar fud an Aontais. Le creat rialála atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais seachas ar leibhéal na mBallstát, laghdaítear na costais ar sholáthróirí, áirithítear cothrom na Féinne agus áirithítear saorghluaiseacht earraí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(41)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 a aisghairm le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear creat chun faisnéis chomhchuibhithe faoi pharaiméadair bonn a sholáthar trí lipéadú, rud a ligfidh d'úsáideoirí deiridh rogha eolasach a dhéanamh agus boinn á gceannach acu chun críche sábháilteacht, cosaint na sláinte agus éifeachtúlacht eacnamaíoch agus comhshaoil an iompair de bhóthar a mhéadú, trí bhoinn a chur chun cinn atá éifeachtúil ó thaobh breosla de, atá buanseasmhach, atá sábháilte agus ag a bhfuil leibhéil ísle torainn.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le boinn C1, boinn C2 agus boinn C3 a chuirfear ar an margadh.

Beidh feidhm ag ceanglais maidir le boinn atráchta tráth a bheidh modh iomchuí tástála ann chun feidhmíocht na mbonn sin a thomhas i gcomhréir le Airteagal 13.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:

(a)

boinn ghairmiúla eisbhóthair;

(b)

boinn arna ndearadh lena bhfeistiú ar fheithiclí a cláraíodh den chéad uair roimh an 1 Deireadh Fómhair 1990, agus orthu sin amháin;

(c)

boinn spártha de chineál T le haghaidh úsáid shealadach;

(d)

boinn a bhfuil a rátáil luais níos lú ná 80 km/h acu;

(e)

boinn nach mó ná 254 mm, nó ar 635 mm nó níos mó, trastomhas ainmniúil a n-imill;

(f)

boinn atá feistithe le feistí breise chun a n-airíonna tarraingthe a fheabhsú, amhail boinn bhocóideacha;

(g)

boinn arna ndearadh lena bhfeistiú ar fheithiclí arna mbeartú go heisiach le haghaidh rásaíochta, agus ar na feithiclí sin amháin;

(h)

boinn athláimhe, ach amháin más boinn den sórt sin iad a allmhairíodh ó thríú tír.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “boinn C1”, “boinn C2” agus “boinn C3” na boinn a bhaineann leis na haicmí faoi seach a leagtar amach in Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 661/2009;

(2)

ciallaíonn “bonn atráchta” bonn réchaite atá athchóirithe trí ábhar nua a chur in ionad an tráchta chaite;

(3)

ciallaíonn “bonn spártha de chineál T le haghaidh úsáid shealadach” aon bhonn spártha le haghaidh úsáid shealadach atá ceaptha lena úsáid ag brúnna teannta atá níos airde ná na brúnna teannta arna mbunú i gcomhair boinn chaighdeánacha agus boinn threisithe;

(4)

ciallaíonn “bonn gairmiúil eisbhóthair” bonn úsáide speisialta a úsáidtear go príomha i ndiandálaí eisbhóthair;

(5)

ciallaíonn “lipéad boinn” léaráid ghrafach, i bhfoirm chlóite nó leictreonach, lena n-áirítear i bhfoirm ghreamáin, ar a bhfuil siombailí chun úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas maidir le feidhmíocht boinn nó feidhmíocht baisce bonn, i dtaca leis na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(6)

ciallaíonn “pointe díola” aon áit a dtaispeántar agus a stóráiltear boinn agus a dtairgtear iad lena ndíol, lena n-áirítear seomraí taispeántais gluaisteán ina ndéantar boinn nach bhfuil feistithe ar na feithiclí a thairiscint lena ndíol le húsáideoirí deiridh;

(7)

ciallaíonn “ábhar fógraíochta teicniúil” doiciméadacht i bhfoirm chlóite nó leictreonach arna cur ar fáil ag soláthróir chun ábhar fógraíochta a fhorlíonadh, leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

(8)

ciallaíonn “bileog faisnéise faoi tháirge” doiciméad caighdeánach ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III i bhfoirm chlóite nó i bhfoirm leictreonach;

(9)

ciallaíonn “doiciméadacht theicniúil” doiciméadacht atá leordhóthanach chun a chur ar chumas na n-údarás faireachais margaidh measúnú a dhéanamh ar chruinneas lipéid boinn agus bileoige faisnéise táirge, lena n-áirítear cruinneas na faisnéise a leagtar amach i bpointe (2) d'Iarscríbhinn VII;

(10)

ciallaíonn “bunachar sonraí táirgí” an bunachar sonraí arna bhunú de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1369;

(11)

ciallaíonn “ciandíolachán” an díol, fruiliú nó fruilcheannach trí phostdíol, trí chatalóg, ar líne, trí theileamhargaíocht nó trí mhodh ar bith eile nuair nach féidir a bheith ag súil leis go bhfeicfeadh an t-úsáideoir ionchasach deiridh an bonn ar taispeáint;

(12)

ciallaíonn “monaróir” monaróir mar a shainmhínítear i bpointe (8) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020;

(13)

ciallaíonn “allmhaireoir” allmhaireoir mar a shainmhínítear i bpointe (9) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020;

(14)

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar cheann an mhonaróra i ndáil le cúraimí atá sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoi cheanglais an Rialacháin seo;

(15)

ciallaíonn “soláthróir” monaróir atá bunaithe san Aontas, ionadaí údaraithe monaróra nach bhfuil bunaithe san Aontas, nó allmhaireoir, a chuireann táirge ar mhargadh an Aontais;

(16)

ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an soláthróir, a chuireann táirge ar fáil ar an margadh;

(17)

ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” cur ar fáil ar an margadh mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020;

(18)

ciallaíonn “cur ar an margadh” cur ar an margadh mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020;

(19)

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” aon tomhaltóir, bainisteoir flít nó gnóthas iompair de bhóthar a cheannaíonn bonn, nó a bhfuiltear ag súil go gceannóidh sé bonn;

(20)

ciallaíonn “paraiméadar” saintréith bonn a mbíonn tionchar mór aige ar an gcomhshaol, ar shábháilteacht ar bhóithre nó ar an tsláinte le linn an bonn a úsáid, amhail scríobadh bonn, míleáiste, friotaíocht rollta, fliuchghreim, torann seachtrach rollta, greim sneachta agus nó greim oighir;

(21)

ciallaíonn “cineál boinn” leagan de bhonn arb ionann do gach aonad den leagan sin na saintréithe teicniúla ar an lipéad boinn, an bhileog faisnéise faoin táirge, agus an t‐aitheantóir cineáil boinn;

(22)

ciallaíonn “lamháltas fíoraithe” an diallas uasta is inghlactha idir an tomhas agus na torthaí ríofa de thástálacha fíoraithe a rinne údaráis faireachais margaidh, nó a rinneadh thar a gceann, agus luachanna na bparaiméadar dearbhaithe nó foilsithe, lena léirítear diallas a thagann as inathraitheacht idirshaotharlainne;

(23)

ciallaíonn “aitheantóir cineáil boinn” cód, atá alfa-uimhriúil de ghnáth, lena ndéantar dealú idir cineál sonrach boinn agus cineálacha bonn eile a bhfuil an trádainm céanna nó trádmharc céanna orthu is atá ag an soláthróir;

(24)

ciallaíonn “cineál boinn comhionann” cineál boinn a chuireann an soláthróir céanna ar an margadh é mar chineál boinn eile nach ionann a aitheantóir cineáil boinn agus arb ionann a shaintréithe teicniúla, atá ábhartha don lipéad, agus an bhileog faisnéise táirge chéanna.

Airteagal 4

Oibleagáidí soláthróirí bonn

1.   Áiritheoidh soláthróirí go bhfuil an méid seo a leanas ag gabháil, saor in aisce, le boinn C1, boinn C2 agus boinn C3 a chuirfear ar an margadh:

(a)

maidir le gach bonn aonair, lipéad boinn, i bhfoirm ghreamáin, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena gcuirfear in iúl faisnéis agus aicme gach ceann de na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus bileog faisnéise faoin táirge; nó

(b)

maidir le gach baisc d'aon bhonn amháin nó níos mó bonn atá comhionann, lipéad boinn clóite, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena gcuirfear in iúl faisnéis agus aicme gach ceann de na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus bileog faisnéise faoin táirge.

2.   Maidir le boinn a dhíoltar nó a thairgtear lena ndíol trí chiandíolachán, áiritheoidh na soláthróirí go mbeidh an lipéad boinn ar taispeáint gar don léiriú praghais, agus gur féidir teacht ar an mbileog faisnéise faoin táirge i bhfoirm chlóite, lena n-áirítear teacht air ar iarratas ón úsáideoir deiridh. Beidh an lipéad boinn ar mhéid a chiallóidh go mbeidh sé le feiceáil go soiléir agus go mbeidh sé inléite agus comhréireach leis an méid a shonraítear i bpointe 2.1 d'Iarscríbhinn II.

Maidir le boinn a dhíoltar ar an idirlíon nó a thairgtear lena ndíol ar an idirlíon, féadfaidh soláthróirí an lipéad boinn a chur ar fáil do chineál boinn sonrach i dtaispeántas neadaithe.

3.   Áiritheoidh na soláthróirí go mbeidh an lipéad boinn ar taispeáint in aon fhógra amhairc le haghaidh cineál sonrach boinn. Má léiríonn an fógra amhairc an praghas don chineál boinn sin, beidh an lipéad boinn ar taispeáint gar don léiriú praghais.

Maidir le fógraí amhairc ar líne, féadfaidh na dáileoirí an lipéad boinn a chur ar fáil i dtaispeántas neadaithe.

4.   Áiritheoidh soláthróirí go mbeidh an lipéad boinn den chineál sin boinn ar thaispeáint ar aon ábhar fógraíochta teicniúil a bhaineann le cineál boinn faoi leith, agus go n-áirítear san ábhar fógraíochta sin an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV .

5.   Soláthróidh soláthróirí d'údarás náisiúnta ábhartha, mar a shainítear i bpointe (37) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/858 iad, na luachanna a úsáidtear chun na haicmí gaolmhara a chinneadh agus aon fhaisnéis bhreise faoi fheidhmíocht a dhearbhóidh an soláthróir ar lipéad boinn na gcineálacha bonn, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, chomh maith leis an lipéad boinn a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Cuirfear an fhaisnéis sin faoi bhráid an údaráis náisiúnta ábhartha ar bhonn Airteagal 5(1) agus (2) den Rialachán seo sula gcuirfear na cineálacha bonn atá i gceist ar an margadh, ionas go bhféadfaidh an t‐údarás cruinneas an lipéid boinn a fhíorú.

6.   Áiritheoidh soláthróirí go mbeidh na lipéid boinn agus na bileoga faisnéise faoi tháirge a sholáthraíonn siad cruinn.

7.   Féadfaidh soláthróirí doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil d'údaráis na mBallstát, seachas na húdaráis sin a luaitear i mír 5, nó do chomhlachtaí creidiúnaithe ábhartha náisiúnta ar iarratas.

8.   Oibreoidh na soláthróirí i gcomhar le húdaráis faireachais margaidh agus gníomhóidh siad gan mhoill chun aon chás de neamhchomhlíonadh, arb é a chúram é, an Rialacháin seo, a leigheas ar a gconlán féin nó nuair a éileoidh údaráis faireachais margaidh orthu é.

9.   Ní dhéanfaidh na soláthróirí lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile a sholáthar ná a chur ar taispeáint nach gcomhlíonann an Rialachán seo, ar dóigh go mbeadh mar thoradh air go gcuirfeadh siad úsáideoirí deiridh ar míthreoir nó go gcuirfeadh siad mearbhall orthu maidir leis na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I dá ndéanfaidís amhlaidh.

10.   Ní dhéanfaidh na soláthróirí lipéid a chur ar fáil ná a chur ar taispeáint a dhéanann aithris ar an lipéad boinn dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.

Airteagal 5

Oibleagáidí soláthróirí bonn i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí

1.   Ón 1 Bealtaine 2021, déanfaidh soláthróirí an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí sula gcuirfidh siad bonn arna tháirgeadh ar an margadh tar éis an dáta sin.

2.   Maidir le boinn a tháirgtear idir 25 Meitheamh 2020 agus an 30 Aibreán 2021, déanfaidh an soláthróir, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII i ndáil leis na boinn sin a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí faoin 30 Samhain 2021.

3.   Maidir le boinn a chuirfear ar an margadh roimh 25 Meitheamh 2020, féadfaidh an soláthróir an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII i ndáil leis na boinn sin a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí.

4.   Go dtí go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí, cuirfidh an soláthróir leagan leictreonach den doiciméadacht theicniúil ar fáil lena hiniúchadh laistigh de 10 lá oibre tar éis iarraidh a fháil ó údarás faireachais margaidh.

5.   I gcás ina bhfuil gá ag na húdaráis chineálcheadaithe nó ag na húdaráis faireachais margaidh le faisnéis seachas an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn VII chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích, soláthróidh an soláthróir an fhaisnéis sin dóibh arna iarraidh sin dóibh.

6.   Measfar gur cineál nua boinn é bonn ar a ndéantar athruithe atá ábhartha don lipéad boinn nó don bhileog faisnéise faoin táirge. Cuirfidh an soláthróir in iúl sa bhunachar sonraí táirgí nuair nach mbeidh aonaid de chineál áirithe boinn á gcur ag an soláthróir ar an margadh níos mó.

7.   Nuair a chuirfear an t-aonad deiridh de chineál boinn ar an margadh, coimeádfaidh an soláthróir an fhaisnéis maidir leis an gcineál sin boinn sa chuid den bhunachar sonraí táirgí a bhaineann le comhlíonadh ar feadh tréimhse cúig bliana.

Airteagal 6

Oibleagáidí dáileoirí bonn

1.   Áiritheoidh na dáileoirí an méid seo a leanas:

(a)

ag an bpointe díola, go mbeidh lipéad boinn ar bhoinn, i bhfoirm ghreamáin, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, arna soláthar ag an soláthróir i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 4(1), in áit a mbeidh sé le feiceáil go soiléir agus é go hiomlán inléite, agus go mbeidh an bhileog faisnéise faoin táirge ar fáil, lena n-áirítear, ar iarratas, i bhfoirm chlóite; nó

(b)

sula ndíolfar bonn ar cuid é de bhaisc d'aon bhonn amháin nó níos mó bonn atá comhionann, go dtaispeánfar an lipéad boinnclóite, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, don úsáideoir deiridh, agus go cuirfear ar taispeáint go soiléir é gar don bhonn ag an bpointe díola, agus go mbeidh an bhileog faisnéise faoin táirge ar fáil.

2.   Áiritheoidh na dáileoirí go mbeidh an lipéad boinn ar taispeáint in aon fhógra amhairc le haghaidh cineál sonrach boinn. Má léiríonn an fógra amhairc an praghas don chineál bonn sin, beidh an lipéad boinn ar taispeáint gar don léiriú praghais.

Maidir le fógraí amhairc ar líne do chineál sonrach boinn, féadfaidh na dáileoirí an lipéad boinn a chur ar fáil i dtaispeántas neadaithe.

3.   Áiritheoidh dáileoirí go mbeidh an lipéad boinn den chineál sin boinn ar thaispeáint ar aon ábhar fógraíochta teicniúil a bhaineann le cineál boinn faoi leith, agus go n-áirítear san ábhar fógraíochta sin an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

4.   Áiritheoidh na dáileoirí go gcuirfear cóip den lipéad ar fáil don úsáideoir deiridh roimh an díolachán i gcás nach mbeidh lipéad boinn a sholáthraítear lena ndíol le feiceáil ag an úsáideoir deiridh tráth an díolacháin.

5.   Áiritheoidh na dáileoirí nach mór d'aon chiandíolachán ar pháipéar an lipéad boinn a chur ar taispeáint, agus go mbeidh rochtain ag úsáideoirí deiridh ar an mbileog faisnéise faoin táirge ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain saor in aisce air, agus go bhféadfaidh an t‐úsáideoir deiridh cóip chlóite den bhileog faisnéise faoin táirge a iarraidh.

6.   Déanfaidh na dáileoirí a bhaineann úsáid as ciandíolachán atá bunaithe ar theileamhargaíocht na haicmí do gach ceann de na paraiméadair atá ar an lipéad boinn a chur in iúl do na húsáideoirí deiridh, agus cuirfidh siad in iúl do na húsáideoirí deiridh freisin go bhféadfaidh siad rochtain a bheith acu ar an lipéad boinn agus ar an mbileog faisnéise faoin táirge ar shuíomh gréasáin ar a bhfuil rochtain saor in aisce, agus trí chóip chlóite a iarraidh.

7.   I dtaca le boinn a dhíoltar nó a thairgtear lena ndíol ar an idirlíon, áiritheoidh dáileoirí go mbeidh an lipéad boinn ar taispeáint gar don léiriú praghais, agus gur féidir teacht ar an mbileog faisnéise faoin táirge. Beidh an lipéad boinn ar mhéid a chiallóidh go mbeidh sé le feiceáil go soiléir agus go mbeidh sé inléite agus comhréireach leis an méid a shonraítear i bpointe 2.1 d'Iarscríbhinn II.

Féadfaidh na dáileoirí an lipéad boinn le haghaidh cineál boinn faoi leith a chur ar fáil i dtaispeántas neadaithe.

Airteagal 7

Oibleagáidí soláthróirí feithiclí agus dáileoirí feithiclí

I gcás ina mbeidh sé i gceist ag úsáideoirí deiridh feithicil nua a cheannach, cuirfidh na soláthróirí feithiclí agus na dáileoirí feithiclí, roimh an díolachán, an lipéad boinn do na boinn a sholáthraítear leis nó a shuiteáiltear ar an bhfeithicil, agus aon ábhar fógraíochta teicniúil ábhartha ar fáil do na húsáideoirí deiridh sin, agus áiritheoidh siad go mbeidh an bhileog faisnéise faoin táirge ar fáil.

Airteagal 8

Oibleagáidí na soláthraithe seirbhísí óstála

I gcás ina gceadaíonn soláthraí seirbhísí amhail dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2000/31/CE, boinn a dhíol trína shuíomh idirlín nó trína suíomh idirlín, is faoin soláthraí seirbhísí sin a bheidh sé an lipéad boinn a chur ar taispeáint agus an bhileog faisnéise faoin táirge arna soláthar ag an soláthróir a thaispeáint gar don léiriú phraghais agus cuirfidh sé an dáileoir ar an eolas faoin oibleagáid atá ann an lipéad boinn agus an bhileog faisnéise a thaispeáint.

Airteagal 9

Modhanna tástála agus tomhais

Gheofar an fhaisnéis atá le soláthar faoi Airteagail 4, 6 agus 7 maidir leis na paraiméadair a léirítear ar an lipéad boinn i gcomhréir leis na modhanna tástála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus leis an nós imeachta ailínithe saotharlainne dá dtagraítear in Iarscríbhinn V.

Airteagal 10

An nós imeachta fíorúcháin

Maidir le gach ceann de na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, déanfaidh na Ballstáit an nós imeachta fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a chur i bhfeidhm agus comhréireacht na n-aicmí dearbhaithe leis an Rialachán seo á mheas acu..

Airteagal 11

Oibleagáidí na mBallstát

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit bac ar bhoinn a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar an margadh nó i seirbhís, laistigh dá gcríocha i gcás ina gcomhlíonann na boinn sin an Rialachán seo.

2.   I gcás ina ndéanann na Ballstáit dreasachtaí a sholáthar maidir le boinn, níor cheart go ndíreofaí dreasachtaí den sórt sin ach ar bhoinn atá in aicmí A nó B maidir le friotaíocht rollta nó fliuchghreim de réir bhrí Chodanna A agus B d'Iarscríbhinn I. Chun críoch an Rialacháin seo, ní dreasachtaí a bheidh i mbearta cánachais ná bearta fioscacha.

3.   Gan dochar do Rialachán (AE) 2019/1020, i gcás ina mbeidh cúis leordhóthanach ag údarás náisiúnta mar a shainítear i bpointe (37) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/858 lena chreidiúint nach ndearna soláthróir cruinneas an lipéid boinn a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 4(6) den Rialachán seo, fíoróidh sé go bhfuil na haicmí agus aon fhaisnéis feidhmíochta bhreise a dhearbhaítear ar an lipéad i gcomhréir leis na luachanna agus leis an doiciméadacht a thíolaic an soláthróir, i gcomhréir le hAirteagal 4(5) den Rialachán seo.

4.   I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na húdaráis faireachais margaidh náisiúnta córas iniúchtaí simplí agus ad hoc ar dhíolphointí chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

5.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis agus sásraí forfheidhmiúcháin is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun a leagan síos, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, faoin 1 Bealtaine 2021, faoi na rialacha sin agus na bearta sin nár tugadh fógra don Choimisiún roimhe sin fúthu, agus tabharfaidh siad fógra, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 12

Faireachas Aontais ar an margadh agus rialú ar tháirgí a thagann isteach ar mhargadh an Aontais

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na boinn a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus leis na gníomhartha tarmligthe ábhartha arna nglacadh dá bhun.

2.   Spreagfaidh an Coimisiún comhar agus malartú faisnéise faoi fhaireachas margaidh i dtaca le lipéadú bonn, agus tacóidh sé leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise sin idir údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as faireachas margaidh, nó atá i gceannas ar rialú na mbonn a thagann isteach ar mhargadh an Aontais, agus idir na húdaráis sin agus an Coimisiún, go háirithe trí pháirt níos mó a thabhairt don Ghrúpa Comhoibrithe Riaracháin maidir leis an Lipéadú Bonn.

3.   Áireofar i straitéisí náisiúnta faireachais margaidh na mBallstát arna mbunú de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020 gníomhaíochtaí le forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

4.   Beidh an ceart ag údaráis faireachais margaidh na costais a bhaineann le doiciméid a iniúchadh agus le tástáil fhisiciúil a dhéanamh ar tháirgí a aisghabháil ó sholáthróir i gcásanna nach gcomhlíonann an soláthróir an Rialachán seo nó na ngníomhartha tarmligthe ábhartha a glacadh dá bhun.

Airteagal 13

Gníomhartha tarmligthe

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 d'fhonn an méid seo a leanas a leasú:

(a)

Iarscríbhinn II maidir le hábhar agus formáid an lipéid boinn;

(b)

Cuid D agus Cuid E d'Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinní II, III, IV, V, VI agus VII, a leasú trí na luachanna, modhanna ríofa agus ceanglais a leagtar amach iontu a oiriúnú don dul chun cinn teicneolaíoch.

2.   Faoi 26 Meitheamh 2022, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí cheanglais nua faisnéise a thabhairt isteach i gcomhair boinn atráchtaithe sna hIarscríbhinní, ar choinníoll go bhfuil modh tástála oiriúnach ar fáil.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 14 chun paraiméadair nó ceanglais faisnéise maidir le scríobadh bonn agus míleáiste a áireamh, a luaithe a bheidh modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe chun scríobadh bonn agus míleáiste a thástáil agus a thomhas ar fáil lena n-úsáid ag eagraíochtaí caighdeánaithe Eorpacha nó idirnáisiúnta, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go ndearna an Coimisiún measúnú tionchair críochnúil; agus

(b)

go ndearna an Coimisiún comhairliúchán cuí leis na geallsealbhóirí iomchuí.

4.   I gcás inarb iomchuí, nuair a bheidh gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú ag an gCoimisiún, déanfaidh an Coimisiún ábhar agus formáid na lipéad boinn shonracha a thástáil le grúpaí ionadaíocha de chustaiméirí an Aontais lena n-áirithiú go bhfuil na lipéid boinn soiléir sothuigthe agus foilseoidh an Coimisiún na torthaí.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó 25 Meitheamh 2020. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15

Meastóireacht agus tuairisciú

Faoin 1 Meitheamh 2025 déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Leis an tuarascáil sin, déanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun maidir le húsáideoirí deiridh a chumasú chun boinn ar mó a bhfeidhmíocht a roghnú, lena gcuirfear san áireamh tionchar an Rialacháin seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun ar ghnóthais, ídiú fuinnimh, sábháilteacht, astaíochtaí gás ceaptha teasa, feasacht tomhaltóirí agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh. Déanfaidh an tuarascáil measúnú freisin ar na costais agus ar na sochair a bhaineann le fíorú éigeantach neamhspleách ag tríú páirtí ar an bhfaisnéis a thugtar ar an lipéad boinn, agus an taithí a fuarthas maidir leis an gcreat réime níos leithne a cuireadh ar fáil le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 á cur san áireamh.

Airteagal 16

Leasú ar Rialachán (AE) 2017/1369

In Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2017/1369, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

tacú le húdaráis faireachais margaidh na cúraimí atá orthu faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha a chur i gcrích, lena n-áirítear an céanna a fhorfheidhmiú, agus faoi Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Airteagal 17

Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 a aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 a aisghairm le héifeacht ón 1 Bealtaine 2021.

Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 280.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 25 Feabhra 2020 (IO C 105, 31.3.2020, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair riachtanacha eile (IO L 342, 22.12.2009, lch. 46).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 200, 31.7.2009, lch. 1).

(5)  Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).

(6)  Rialachán Uimh. 117 den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de chuid na Náisiún Aontaithe (UNECE) - Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le boinn a cheadú i dtaca le hastaíochtaí fuaime ó rolladh bonn agus/nó greamaitheacht ar dhromchlaí fliucha agus/nó friotaíocht rollach [2016/1350] (IO L 218, 12.8.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ídiú breosla na bhfeithiclí sin (IO L 173, 9.7.2018, lch.1).

(9)  Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d'fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).

(10)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir um thráchtáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán CE Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018. lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(13)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

PARAIMÉADAIR BHONN A THÁSTÁIL, A GHRÁDÚ AGUS A THOMHAS

Cuid A: Aicmí éifeachtúlachta breosla agus comhéifeacht friotaíochta rollta

Déanfar an aicme éifeachtúlachta breosla a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad boinn chomhéifeacht na friotaíochta rollta (RRC in N/kN) de réir an scála “A” go “E” a shonraítear sa tábla thíos, arna thomhas i gcomhréir le hIarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117, agus arna ailíniú i gcomhréir leis an nós imeachta ailínithe saotharlainne a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Má bhaineann cineál boinn le níos mó ná aon aicmiú boinn amháin (e.g. C1 agus C2), is é an scála grádaithe sin atá infheidhme maidir leis an aicmiú is airde boinn (e.g. C2, seachas C1) an scála a úsáidfear chun aicme éifeachtúlachta breosla an chineáil sin boinn a chinneadh.

 

Boinn C1

Boinn C2

Boinn C3

Aicme éifeachtúlachta breosla

RRC in N/kN

RRC in N/kN

RRC in N/kN

A

RRC ≤ 6,5

RRC ≤ 5,5

RRC ≤ 4,0

B

6,6 ≤ RRC ≤ 7,7

5,6 ≤ RRC ≤ 6,7

4,1 ≤ RRC ≤ 5,0

C

7,8 ≤ RRC ≤ 9,0

6,8 ≤ RRC ≤ 8,0

5,1 ≤ RRC ≤ 6,0

D

9,1 ≤ RRC ≤ 10,5

8,1 ≤ RRC ≤ 9,0

6,1 ≤ RRC ≤ 7,0

E

RRC ≥ 10,6

RRC ≥ 9,1

RRC ≥ 7,1

Cuid B: Aicmí fliuchghreama

1.

Déanfar an aicme fliuchghreama a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad boinn na treoiruimhreach fliuchghreama (G) de réir an scála “A” go “E” a shonraítear sa tábla thíos, arna ríomh i gcomhréir le pointe 2 agus arna thomhas i gcomhréir le hIarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

2.

An treoiruimhir fliuchghreama (G) a ríomh

G = G(T) –0,03

i gcás:

G(T) = treoiruimhir fliuchghreama an bhoinn iarrthaigh mar a thomhaistear in aon timthriall tástála amháin í

 

Boinn C1

Boinn C2

Boinn C3

Aicme fliuchghreama

G

G

G

A

1,55 ≤ G

1,40 ≤ G

1,25 ≤ G

B

1,40 ≤ G ≤ 1,54

1,25 ≤ G ≤ 1,39

1,10 ≤ G ≤ 1,24

C

1,25 ≤ G ≤ 1,39

1,10 ≤ G ≤ 1,24

0,95 ≤ G ≤ 1,09

D

1,10 ≤ G ≤ 1,24

0,95 ≤ G ≤ 1,09

0,80 ≤ G ≤ 0,94

E

G ≤ 1,09

G ≤ 0,94

G ≤ 0,79

Cuid C: Aicmí torainn sheachtraigh rollta agus luach tomhaiste

Déanfar luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta (N, in dB(A)) a dhearbhú i ndeicibeilí agus a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn 3 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

Déanfar aicme an torainn sheachtraigh rollta a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad boinn mar a leanas, ar bhonn na dteorainnluachanna (LV) a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009:

N ≤ LV – 3

LV – 3 < N ≤ LV

N > LV

Image 1

Image 2

Image 3

Cuid D: Greim sneachta

Déanfar an fheidhmíocht sa sneachta a thástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn 7 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

Rangófar mar bhonn lena úsáid i gcás diandálaí sneachta bonn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greim sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117 agus áireofar an picteagram a leanas ar an lipéad boinn.

Image 4

Cuid E: Greim ar an oighear

Déanfar an fheidhmíocht greama oighir a thástáil i gcomhréir le modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, caighdeáin idirnáisiúnta, lena gcuirtear san áireamh úrscothacht a aithnítear go ginearálta.

Cuirfear san áireamh ar lipéad boinn i gcás boinn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir an picteagram seo a leanas:

Image 5


IARSCRÍBHINN II

ÁBHAR AGUS FORMÁID AN LIPÉID BOINN

1.   

Ábhar an lipéid boinn

1.1   

An fhaisnéis atá le háireamh ar chuid uachtarach an lipéid boinn:

Image 6

1.2   

Faisnéis atá le háireamh i gcuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair gach boinn nach boinn iad a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117, nó na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir, nó a chomhlíonann an dá luach.

Image 7

1.3   

Faisnéis atá le háireamh i gcuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117:

Image 8

1.4   

Faisnéis atá le háireamh i gcuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir.

Image 9

1.5   

Faisnéis atá le háireamh i gcuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117 agus na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama oighir araon:

Image 10

2.   

Formáid an lipéid boinn

2.1.   

Formáid chuid uachtarach an lipéid boinn:

Image 11

2.1.1   

Formáid chuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair gach boinn nach boinn iad a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117, nó na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir, nó a chomhlíonann an dá luach:

Image 12

2.1.2   

Formáid do chuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117:

Image 13

2.1.3   

Formáid do chuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair bonn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir:

Image 14

2.1.4   

Formáid do chuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117 agus na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama oighir araon.

Image 15

2.2   

Chun críocha phointe 2.1:

(a)

Íosmhéid lipéid boinn: 75 mm ar leithead agus 110 mm ar airde. I gcás ina gclóbhuailtear an lipéad boinn i bhformáid atá níos mó ná sin, mar sin féin beidh an t-ábhar atá clóbhuailte ar an lipéad i gcomhréir leis na sonraíochtaí thuas;

(b)

Cúlra an lipéid boinn: 100 % bán;

(c)

Cló-aghaidheanna: Verdana agus Calibri;

(d)

Toisí agus sonraíochtaí na n-eilimintí den lipéad boinn: mar atá sonraithe thuas;

(e)

Comhlíonfaidh na cóid dhaite, lena n-úsáidtear CMYK — cian, maigeanta, buí agus dubh, na ceanglais uile a leanas:

dathanna lógó an Aontais mar a leanas:

cúlra: 100,80/0,0;

réaltaí: 0,0/100,0;

dath an lógó fuinnimh: 100,80/0,0;

Cód QR; 100 % dubh;

trádainm nó trádmharc an tsoláthróra: 100 % dubh agus in Verdana Bold 7 pt;

aitheantóir an chineáil boinn: 100 % dubh agus in Verdana Regular 7 pt;

méid na mbonn a ainmniú, treoiruimhir acmhainne ualaigh agus siombail na catagóire luais: 100 % dubh agus in Verdana Regular 10 pt;

aicme boinn: 100 % dubh agus in Verdana Regular 7 pt, ailínithe ar dheis;

litreacha an scála éifeachtúlachta breosla agus an scála fliuchghreama: 100 % bán agus in Calibri Bold 19 pt; beidh na litreacha láraithe ar ais ag 4.5 mm ón taobh clé de na saigheada;

Cóid dhaite CMYK maidir le saigheada do scála éifeachtúlachta breosla A go E mar a leanas:

Aicme A: 100,0/100,0;

Aicme B: 45,0/100,0;

Aicme C: 0,0/100,0;

Aicme D: 0,30/100,0;

Aicme E: 0,100,100/0;

Cóid dhaite CMYK maidir le saigheada do scála fliuchghreama A go E mar a leanas:

A: 100,60,0,0;

B: 90,40,0,0;

C: 65,20,0,0;

D: 50,10,0,0;

E: 30,0,0,0;

roinnteoirí inmheánacha: meáchan 0,5 pt, beidh an dath 100 % dubh;

litir na haicme éifeachtúlachta breosla: 100 % bán agus in Calibri Bold 33 pt. Déanfar na saigheada maidir le héifeachtúlacht breosla agus aicme fliuchghreama agus na saigheada comhfhreagracha sa scála A go E ar bhealach a mbeidh a gcinn ailínithe. Cuirfear an litir san aicme éifeachtúlachta breosla agus sa tsaighead aicme fliuchghreama ag lár na coda dronuilleogaí den saighead, a bheidh 100 % dubh;

picteagram d'éifeachtúlacht breosla: leithead 16 mm, airde 14 mm, meáchan 1 pt, dath: 100 % dubh;

picteagram de fhliuchghreim: leithead 20 mm, airde 14 mm, meáchan 1 pt, dath: 100 % dubh;

picteagram den torann seachtrach rollta: leithead 24 mm, airde 18 mm, meáchan 1 pt, dath: 100 % dubh. An líon deicibeilí sa challaire in Verdana Bold 12 pt, an t-aonad 'dB' i in Regular 9 pt; raon na n-aicmí torainn seachtrach rollta (A go C) atá láraithe faoin bpicteagram, agus litir na haicme torainn seachtrach rollta is infheidhme in Verdana Bold 16 pt agus litreacha eile na n-aicmí torainn seachtrach rollta in Verdana Regular 10 pt;

picteagram greama sneachta: leithead 15 mm, airde 13 mm, meáchan 1 pt, dath: 100 % dubh;

picteagram greama oighir: leithead 15 mm, airde 13 mm, meáchan 1 pt, meáchan na bhfíarbharraí 0,5 pt, dath: 100 % dubh;

beidh uimhir an rialacháin 100 % dubh agus in Verdana Regular 6 pt.


(1)  Rialachán Uimh. 30 den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de chuid na Náisiún Aontaithe (UNECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le fhormheas aerbhoinn le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí (IO L 201, 30.7.2008, lch. 70).

(2)  Rialachán Uimh. 54 den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de chuid na Náisiún Aontaithe (UNECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le fhormheas aerbhoinn le haghaidh feithiclí tráchtála agus a leantóirí (IO L 183, 11.7.2008, lch. 41).


IARSCRÍBHINN III

BILEOG FAISNÉISE FAOIN TÁIRGE

Beidh an fhaisnéis ar an mbileog faisnéise faoi bhoinn san áireamh i mbróisiúr an táirge nó i ndoiciméid eile a chuirfear ar fáil leis an mbonn agus beidh an méid a leanas san áireamh leis:

(a)

trádainm nó trádmharc an tsoláthróra, nó trádainm nó trádmharc an mhonaróra murab ionann é agus trádainm nó trádmharc an tsoláthróra;

(b)

aitheantóir an chineáil boinn;

(c)

méid na mbonn a ainmniú, treoiruimhir acmhainne ualaigh agus siombail na catagóire luais, mar a léirítear i Rialachán UNECE Uimh. 30 nó i Rialachán UNECE Uimh. 54 maidir le boinn C1, boinn C2 agus boinn C3, de réir mar is infheidhme;

(d)

aicme éifeachtúlachta breosla an bhoinn i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(e)

aicme fliuchghreama an bhoinn i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(f)

an aicme torainn sheachtraigh rollta agus na deicibeilí i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(g)

léiriú ar cibé acu is bonn sneachta é an bonn le haghaidh úsáide i gcás diandálaí sneachta nó nach ea;

(h)

léiriú ar cibé acu is bonn greama oighir é an bonn nó nach ea;

(i)

dáta tosaigh tháirgeadh an chineáil boinn (dhá fhigiúr don tseachtain agus dhá fhigiúr don bhliain);

(j)

dáta deiridh tháirgeadh an chineáil boinn, nuair is eol é (dhá fhigiúr don tseachtain agus dhá fhigiúr don bhliain).


IARSCRÍBHINN IV

FAISNÉIS A SHOLÁTHRÓFAR IN ÁBHAR FÓGRAÍOCHTA TEICNIÚIL

1.   

Is san ord seo a leanas a sholáthrófar faisnéis faoi bhoinn a bheidh san áireamh in ábhar fógraíochta teicniúil:

(a)

an aicme éifeachtúlachta breosla (an litir “A” go “E”);

(b)

an aicme fliuchghreama (an litir “A” go “E”);

(c)

luach tomhaiste agus aicme an torainn sheachtraigh rollta in dB;

(d)

léiriú ar cibé acu is bonn é an bonn lena úsáid i gcás diandálaí sneachta nó nach ea;

(e)

léiriú ar cibé acu is bonn greama oighir é an bonn nó nach ea.

2.   

Comhlíonfaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh sí soléite;

(b)

beidh sí sothuigthe;

(c)

má dhéantar cáiliú éagsúil, laistigh de ghrúpa boinn, ar chineáil áirithe boinn, de réir toise nó saintréithe eile, luafar an raon idir an bonn is ísle feidhmíochta agus an bonn is airde feidhmíochta.

3.   

Ina theannta sin, ní mór do na soláthróirí an méid a leanas a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin:

(a)

nasc leis an leathanach gréasáin ábhartha de chuid an Choimisiúin atá tiomnaithe don Rialachán seo;

(b)

míniú ar na picteagraim atá clóbhuailte ar an lipéad boinn;

(c)

ráiteas ina dtugtar léiriú suntasach á rá go bhfuil spáráil breosla agus sábháilteacht ar bhóithre ag brath go mór ar iompraíocht an tiománaí, agus go háirithe, ar na nithe seo a leanas á léiriú:

is féidir ídiú breosla a laghdú go mór ach a bheith ag tiomáint ar bhealach éiceolaíoch;

is gá brú na mbonn a sheiceáil go rialta chun feidhmíocht éifeachtúlacht breosla agus fliuchghreim a bharrfheabhsú;

ní mór faid stoptha a urramú i gcónaí.

4.   

Ina theannta sin, ní mór do na soláthróirí agus na dáileoirí, i gcás inarb ábhartha, na nithe a leanas a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin: ráiteas ina gcuirtear chun suntais go bhfuil boinn greama oighir deartha go sonrach do dhromchlaí bóthair atá cumhdaithe le hoighear agus le dlúthshneachta, agus nár cheart iad a úsáid ach i ndálaí aeráide an-dian (e.g. teochtaí fuara) agus go bhféadfaí feidhmíocht fho-optamach a bheith mar thoradh ar úsáid a bhaint as boinn greama oighir i ndálaí aeráide nach bhfuil chomh dian céanna (e.g. dálaí fliucha nó teochtaí teo), go háirithe i gcás fliuchghreama, láimhseála agus caithimh.


IARSCRÍBHINN V

NÓS IMEACHTA AILÍNITHE SAOTHARLAINNE LE FRIOTAÍOCHT ROLLTA A THOMHAS

1.   Sainmhínithe

Chun críocha an nós imeachta ailínithe saotharlainne le friotaíocht rollta a thomhas, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(1)

ciallaíonn “saotharlann tagartha” saotharlann ar cuid í de líonra na saotharlann ar foilsíodh a n-ainmneacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun críoch an nós imeachta ailínithe saotharlainne, agus atá in ann cruinneas na dtorthaí tástála a bhaint amach a chinntear i Roinn 3 lena meaisín tagartha;

(2)

ciallaíonn “saotharlann iarrthach” saotharlann a ghlacann páirt sa nós imeachta ailínithe saotharlainne nach saotharlann tagartha í;

(3)

ciallaíonn “bonn ailínithe” bonn arna thástáil chun críoch an nós imeachta ailínithe saotharlainne a fheidhmiú;

(4)

ciallaíonn “tacar bonn ailínithe” tacar de chúig bhonn ailínithe nó níos mó chun aon mheaisín amháin a ailíniú;

(5)

ciallaíonn “luach sannta” luach teoiriciúil chomhéifeacht na friotaíochta rollta (RRC) d'aon bhonn ailínithe mar a thomhaistear é i saotharlann tagartha atá ionadaíoch ar an líonra saotharlann tagartha a úsáidtear don nós imeachta ailínithe saotharlainne;

(6)

ciallaíonn “meaisín” gach fearsaid tástála boinn in aon mhodh sonrach tomhaiste amháin; mar shampla, ní mheasfar gurb aon mheaisín amháin iad dhá fhearsaid ag gníomhú ar an druma céanna.

2.   Forálacha ginearálta

2.1.   Prionsabal

Beidh comhéifeacht thomhaiste (m) na friotaíochta rollta arna bhfáil i saotharlann tagartha (l), (RRCm,l ), ailínithe le luachanna sannta líonra na saotharlann tagartha.

Beidh comhéifeacht thomhaiste (m) na friotaíochta rollta arna fáil trí meaisín i saotharlann iarrthach (c), RRC m,c , ailínithe trí shaotharlann tagartha amháin dá rogha líonra.

2.2.   Ceanglais maidir le bonn a roghnú

Roghnófar tacar bonn ailínithe le haghaidh an nós imeachta ailínithe saotharlainne i gcomhréir leis na critéir seo a leanas. Roghnófar bonn ailínithe amháin le haghaidh boinn C1 agus boinn C2 le chéile, agus bonn ailínithe eile le haghaidh boinn C3:

(a)

roghnófar an tacar bonn ailínithe chun raon na RRCanna éagsúla de bhoinn C1 agus boinn C2 le chéile nó de bhoinn C3 a chumhdach; ar aon chaoi, beidh an difríocht idir an RRCm is airde den tacar bonn ailínithe, agus an RRCm is ísle den tacar bonn ailínithe, roimh ailíniú agus tar éis ailínithe, ar a laghad cothrom leis an méid seo a leanas:

(i)

3 N/kN le haghaidh boinn C1 agus boinn C2; agus

(ii)

2 N/kN le haghaidh boinn C3;

(b)

déanfar an RRC m sna saotharlanna iarrthacha nó sna saotharlanna tagartha (RRCm,c nó RRC m,l ) bunaithe ar luachanna dearbhaithe RRC gach boinn ailínithe sa tacar bonn ailínithe a dháileadh go cothrom.

(c)

cumhdóidh luachanna na treoiruimhreach ualaigh go leordhóthanach raon na mbonn a bheidh le tástáil, rud a chinnteoidh go gcumhdóidh luachanna na friotaíochta rollta raon na mbonn a bheidh le tástáil freisin.

Déanfar gach bonn ailínithe a sheiceáil roimh a úsáide agus déanfar é a ionadú nuair atá an méid seo a leanas i gceist leis:

(a)

léiríonn an bonn ailínithe go bhfuil sé i riocht a fhágann nach féidir é a úsáid le haghaidh tuilleadh tástálacha; nó

(b)

tá diallais de RRC m,c nó RRC m,l ann atá níos mó ná 1,5 % i gcomparáid le tomhais níos luaithe tar éis ceartúchán a dhéanamh i leith aon fhéithiú meaisín.

2.3.   Modh tomhais

Tomhaisfidh an tsaotharlann tagartha gach bonn ailínithe ceithre huaire agus coinneoidh sí na trí thoradh deiridh le haghaidh tuilleadh anailíse, i gcomhréir le mír 4 d'Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 d'Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

Tomhaisfidh an tsaotharlann iarrtha gach bonn ailínithe (n + 1) uair, agus n sonraithe i Roinn 5 den Iarscríbhinn seo, agus coinneoidh sí torthaí deiridh n le haghaidh tuilleadh anailíse, i gcomhréir le mír 4 d'Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus lena gcuirtear i bhfeidhm na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 d'Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.

Gach uair a thomhaisfear bonn ailínithe, bainfear an chóimeáil boinn/rotha ón meaisín agus leanfar an nós imeachta tástála iomlán dá dtagraítear i mír 4 d'Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 arís ón tús.

Déanfaidh an tsaotharlann iarrthach nó an tsaotharlann tagartha an méid seo a leanas a ríomh:

(a)

luach tomhaiste gach boinn ailínithe i leith gach tomhais mar a shonraítear i míreanna 6.2 agus 6.3 d'Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 (i.e. ceartuithe i leith teochta de 25 °C agus trastomhais druma de 2 m);

(b)

meánluach na dtrí luach tomhaiste deiridh do gach bonn ailínithe (i gcás saotharlanna tagartha) nó meánluach luachanna deiridh tomhaiste deiridh n do gach bonn ailínithe (i gcás saotharlanna iarrthacha); agus

(c)

an diallas caighdeánach (σm ) mar seo a leanas:

Image 16 Image 17

i gcás:

gurb é i

an t-áiritheoir ó 1 go p le haghaidh na mbonn ailínithe;

gurb é j

an t-áiritheoir ó 2 go n + 1 don n athdhéanamh deiridh de gach tomhais ar bhonn ailínithe faoi leith

gurb é n

+ 1 líon na n-atomhas ar bhoinn (n + 1=4 le haghaidh saotharlanna tagartha agus n + 1 ≥ 4 le haghaidh saotharlanna iarrthacha);

gurb é p

líon na mbonn ailínithe (p ≥ 5).

2.4.   Formáidí sonraí atá le húsáid le haghaidh ríomhaireachta agus le haghaidh torthaí

Déanfar na luachanna tomhaiste RRC a bheidh ceartaithe i leith trastomhais druma agus i leith teochta a shlánú go dhá dheachúil.

Ansin déanfar an ríomhaireacht leis na digití go léir: ní dhéanfar aon slánú eile ach amháin ar na cothromóidí ailínithe deiridh.

Taispeánfar gach luach a bhaineann le diallas caighdeánach go trí dheachúil.

Taispeánfar gach luach RRC go dhá dheachúil.

Déanfar gach comhéifeacht ailínithe (A1 l , B1 l , A2 c agus B2 c ) a shlánú agus a thaispeáint go ceithre dheachúil.

3.   Ceanglais is infheidhme maidir leis na saotharlanna tagartha agus cinneadh na luachanna sannta

Cinnfidh líonra saotharlann tagartha luachanna sannta gach boinn ailínithe. Déanfaidh an líonra cobhsaíocht agus bailíocht na luachanna sannta a mheas gach dara bliain.

Comhlíonfaidh gach saotharlann tagartha atá páirteach sa líonra sonraíochtaí Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus beidh diallas caighdeánach (σm ) ann mar a leanas:

(a)

nach mó ná 0,05 N/kN le haghaidh boinn d'aicme C1 agus boinn d’aicme C2; agus

(b)

nach mó ná 0,05 N/kN le haghaidh boinn d'aicme C3.

Déanfar tacair na mbonn ailínithe atá roghnaithe i gcomhréir Roinn 2.2 a thomhas i gcomhréir le Roinn 2.3, ag gach saotharlann tagartha sa líonra.

Is ionann luach sannta gach boinn ailínithe agus meán na luachanna tomhaiste arna dtabhairt ag saotharlanna tagartha an líonra don bhonn ailínithe.

4.   An nós imeachta chun saotharlann tagartha a ailíniú leis na luachanna a shanntar

Déanfaidh gach saotharlann (l) tagartha í féin a ailíniú le gach tacar nua luachanna sannta agus i gcónaí tar éis aon athrú suntasach ar an meaisín nó aon fhéithiú sna sonraí faireacháin a bhaineann le bonn rialaithe an mheaisín.

Bainfidh an t-ailíniú úsáid as teicníc cúlchéimnithe línigh le haghaidh gach sonra aonair. Déanfar na comhéifeachtaí cúlchéimnithe, A1 l and B1 l , a ríomh mar seo a leanas:

RRC = A1 l × RRCm,l + B1 l

i gcás:

gurb é RRC

l

luach sannta chomhéifeacht na friotaíochta rollta;

gurb é RRCm,l

l

luach tomhaiste aonair chomhéifeacht na friotaíochta rollta ag an tsaotharlann tagartha “l” (lena n-áirítear ceartúcháin i leith teochta agus trastomhais druma).

5.   Ceanglais is infheidhme maidir le saotharlanna iarrthacha

Déanfaidh saotharlanna iarrthacha an nós imeachta ailínithe ar a laghad uair amháin gach dara bliain i leith gach meaisín agus i gcónaí tar éis aon athrú suntasach ar an meaisín nó aon fhéithiú de shonraí faireacháin a bhaineann le bonn rialaithe an mheaisín.

Déanfar tacar comhchoiteann de chúig bhonn éagsúla, atá roghnaithe i gcomhréir le Roinn 2.2, a thomhas i gcomhréir le Roinn 2.3, ag an tsaotharlann iarrthach ar dtús agus ina dhiaidh sin ag saotharlann tagartha amháin. Is féidir níos mó ná cúig bhonn ailínithe a thástáil má iarrann an tsaotharlann iarrthach é sin.

Soláthróidh an tsaotharlann iarrthach an tacar bonn ailínithe don tsaotharlann tagartha roghnaithe.

Comhlíonfaidh saotharlann iarrthach (c) sonraíochtaí Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 arna ndéanamh air agus b'fhearr go mbeadh diallais chaighdeánacha (σm ) ann mar a leanas:

(a)

nach mó ná 0,075 N/kN le haghaidh boinn d'aicme C1 agus boinn d’aicme C2; agus

(b)

nach mó ná 0,06 N/kN le haghaidh boinn d'aicme C3.

Más rud é go bhfuil diallas caighdeánach (σm) na saotharlainne iarrthaí níos airde ná na luachanna sin i ndiaidh ceithre thomhas, agus go n-úsáidtear na trí cinn dheiridh le haghaidh na ríomhaireachta, ansin méadófar líon n+1 na n-uaireanta a athdhéantar an tomhais mar seo a leanas i ndáil leis an mbaisc iomlán:

 

n + 1 = 1+(σm/γ)2, slánaithe suas go dtí an chéad slánuimhir eile is airde

i gcás:

 

γ = 0,043 N/kN le haghaidh bhoinn C1 agus bhoinn C2;

 

γ = 0,035 N/kN le haghaidh bhoinn C3,

6.   An nós imeachta chun saotharlann iarrthach a ailíniú

Déanfaidh saotharlann tagartha (l) amháin den líonra an fheidhm cúlchéimnithe línigh ar shonraí aonair uile na saotharlainne iarrthaí (c) a ríomh (c). Déanfar na comhéifeachtaí cúlchéimnithe, A2c agus B2c, a ríomh mar seo a leanas:

RRCm,l = A2 c × RRCm,c + B2 c

i gcás:

inarb é RRCm,l

luach tomhaiste aonair chomhéifeacht na friotaíochta rollta ag an tsaotharlann tagartha (l) (lena n-áirítear ceartúcháin i leith teochta agus trastomhais druma);

inarb é RRCm,c

luach tomhaiste aonair chomhéifeacht na friotaíochta rollta ag an tsaotharlann iarrthach (c) (lena n-áirítear ceartúcháin i leith teochta agus trastomhais druma)

Má tá comhéifeacht chinntiúcháin R2 faoi bhun 0,97, ní dhéanfar an tsaotharlann iarrthach a ailíniú.

Déanfar RRC ailínithe bonn arna dtástáil ag an tsaotharlann iarrthach a ríomh mar a leanas:

RRC = (A1 l × A2 c ) × RRCm,c + (A1 l × B2 c + B1 l )


IARSCRÍBHINN VI

AN NÓS IMEACHTA FÍORÚCHÁIN

Déanfar comhréireacht na n-aicmí dearbhaithe maidir le héifeachtúlacht breosla, fliuchghreim agus torann seachtrach rollta leis an Rialachán seo, mar aon leis na luachanna dearbhaithe, agus aon fhaisnéis bhreise maidir le feidhmíocht a bheidh ar an lipéad, a mheasúnú i gcás gach cineáil boinn nó i gcás gach grúpála bonn, mar a chinneann an soláthróir, de réir ceann de na nósanna imeachta seo a leanas:

1.

Tástáiltear aon bhonn amháin nó aon tacar amháin bonn ar dtús. Má tá an luach tomhaiste comhréireach leis an aicme dhearbhaithe nó le luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta dearbhaithe laistigh de na lamháltais fíorúcháin dá dtagraítear sa tábla thíos, measfar an lipéad boinn a bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Más rud é nach bhfuil na luachanna tomhaiste comhréireach leis na haicmí dearbhaithe nó le luach dearbhaithe an torainn sheachtraigh rollta dearbhaithe laistigh de na lamháltais fíorúcháin dá dtagraítear sa tábla thíos, tástáiltear trí bhonn breise nó trí thacar bonn breise; úsáidtear meán na luachanna tomhais a fhaightear ó na trí bhonn breise nó na trí thacar bonn breise a thástáiltear chun fíorú a dhéanamh ar an gcomhréireacht leis an bhfaisnéis a dearbhaíodh agus na lamháltais fíorúcháin dá dtagraítear sa tábla thíos á gcur san áireamh.

2.

I gcás ina ndíorthófar na haicmí nó na luachanna lipéadaithe ar an lipéad boinn ó thorthaí tástála cineálcheadaithe arna bhfáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009, nó i gcomhréir le Rialachán UNECE Uimh. 117, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as sonraí tomhaiste arna bhfáil ó na tástálacha maidir le comhréireacht táirgeachta ar bhoinn, a rinneadh faoin nós imeachta cineálcheadaithe arna mbunú le Rialachán (AE) 2018/858.

San áireamh leis na measúnuithe ar na sonraí tomhais arna bhfáil ó na tástálacha maidir le comhréireacht táirgeachta beidh na lamháltais fíorúcháin dá dtagraítear sa tábla thíos.

An paraiméadar arna thomhas

Na lamháltais fíorúcháin

An RRC (comhéifeacht friotaíochta rollta) (éifeachtúlacht breosla)

Ní rachaidh an luach tomhaiste ailínithe níos mó ná 0.3 N/kN thar uasteorainn (RRC is airde) an aicme dhearbhaithe.

Torann seachtrach rollta

Ní rachaidh an luach tomhaiste níos mó ná 1 dB(A) thar luach dearbhaithe N.

Fliuchghreim

Ní bheidh an luach tomhaiste G(T), níos ísle ná íosteorainn (íosluach G) an aicme dhearbhaithe.

Greim sneachta

Ní bheidh an luach tomhaiste níos ísle ná an treoiruimhir íosta greama sneachta sa sneachta.

Greim oighir

Ní bheidh an luach tomhaiste níos ísle ná an treoiruimhir íosta greama oighir oighear.


IARSCRÍBHINN VII

FAISNÉIS ATÁ LE CUR ISTEACH AG AN SOLÁTHRÓIR SA BHUNACHAR SONRAÍ TÁIRGÍ

1.   

Faisnéis atá le cur isteach sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí:

(a)

trádainm nó trádmharc, seoladh, sonraí teagmhála agus aitheantas dlíthiúil eile an tsoláthróra;

(b)

aitheantóir an chineáil boinn;

(c)

an lipéad boinn i bhformáid leictreonach;

(d)

an aicme/na haicmí agus paraiméadair eile ar an lipéad boinn; agus

(e)

paraiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge i bhfoirm leictreonach.

2.   

Faisnéis atá le cur isteach sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí a bhaineann le comhlíonadh:

(a)

aitheantóir cineáil boinn gach cineáil boinn choibhéisigh a cuireadh ar an margadh cheana;

(b)

tuairisc ghinearálta ar an gcineál boinn, lena n-áirítear toisí an bhoinn, an treoiruimhir ualaigh agus an rátáil luais, tuairisc ar leor í chun an cineál boinn a shainaithint go soiléir agus go héasca;

(c)

prótacail na tástála, grádú agus tomhas na bparaiméadar boinn a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(d)

réamhchúraimí sonracha, más ann dóibh, a ghlacfar nuair a dhéantar an cineál boinn a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;

(e)

paraiméadair thomhaiste theicniúla an chineáil boinn, i gcás inarb ábhartha; agus

(f)

na ríomhanna a dhéantar leis na paraiméadair thomhaiste theicniúla.


IARSCRÍBHINN VIII

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

-

Airteagal 1(2)

Airteagal 1

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 3, pointe (1)

Airteagal 3, pointe (1)

-

Airteagal 3, pointe (2)

Airteagal 3, pointe (2)

Airteagal 3, pointe (3)

-

Airteagal 3, pointe (4)

-

Airteagal 3, pointe (5)

Airteagal 3, pointe (3)

Airteagal 3, pointe (6)

Airteagal 3, pointe (4)

Airteagal 3, pointe (7)

-

Airteagal 3, pointe (8)

Airteagal 3, pointe (5)

Airteagal 3, pointe (9)

-

Airteagal 3, pointe (10)

-

Airteagal 3, pointe (11)

Airteagal 3, pointe (6)

Airteagal 3, pointe (12)

Airteagal 3, pointe (7)

Airteagal 3, pointe (13)

Airteagal 3, pointe (8)

Airteagal 3, pointe (14)

Airteagal 3, pointe (9)

Airteagal 3, pointe (15)

Airteagal 3, pointe (10)

Airteagal 3, pointe (16)

Airteagal 3, pointe (11)

Airteagal 3, pointe (17)

-

Airteagal 3, pointe (18)

Airteagal 3, pointe (12)

Airteagal 3, pointe (19)

Airteagal 3, pointe (13)

Airteagal 3, pointe (20)

-

Airteagal 3, pointe (21)

-

Airteagal 3, pointe (22)

-

Airteagal 3, pointe (23)

-

Airteagal 3, pointe (24)

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1), pointe (a)

Airteagal 4(1)(a)

Airteagal 4(1), pointe (b)

Airteagal 4(1)(b)

Airteagal 4(2)

-

-

Airteagal 4(2)

-

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

-

Airteagal 4(6)

-

Airteagal 4(7)

-

Airteagal 4(8)

-

Airteagal 4(9)

-

Airteagal 4(10)

-

Airteagal 5

Airteagal 5(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 5(1), pointe (a)

Airteagal 6(1), pointe (a)

Airteagal 5(1), pointe (b)

Airteagal 6(1), pointe (b)

-

Airteagal 6(2)

-

Airteagal 6(3)

Airteagal 5(2)

Airteagal 6(4)

Airteagal 5(3)

-

-

Airteagal 6(5)

-

Airteagal 6(6)

-

Airteagal 6(7)

Airteagal 6

Airteagal 7

-

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10

Airteagal 9(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 11(1)

Airteagal 9(2), 2nd sentence

Airteagal 4(5)

Airteagal 10

Airteagal 11(2)

-

Airteagal 11(3)

Airteagal 11, pointe (a)

-

Airteagal 11, pointe (b)

-

Airteagal 11, pointe (c)

Airteagal 13(1), pointe (b)

Airteagal 12

Airteagal 11(4)

-

Airteagal 11(5)

-

Airteagal 12

-

Airteagal 13

-

Airteagal 13(1)

-

Airteagal 13(2)

-

Airteagal 13(3)

-

Airteagal 13(4)

-

Airteagal 14

Airteagal 13

-

Airteagal 14

-

-

Airteagal 15

Airteagal 15

-

-

Airteagal 16

-

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 18

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

-

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn IVa

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn V

-

-

Iarscríbhinn VII

-

Iarscríbhinn VIII


5.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 177/32


RIALACHÁN (AE) 2020/741 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá níos mó agus níos mó brú ag teacht ar acmhainní uisce an Aontais, rud a fhágann ganntanas uisce agus meathlú ar cháilíocht an uisce. Go háirithe, tá athrú aeráide, patrúin aimsire nach féidir a thuar agus triomach ag cur go suntasach leis an mbrú ar infhaighteacht fionnuisce, ar brú é a thagann as forbairt uirbeach agus talmhaíocht.

(2)

D’fhéadfaí feabhas a chur ar chumas an Aontais freagairt do bhrúnna méadaitheacha ar acmhainní uisce trí athúsáid níos leithne a bhaint as fuíolluisce cóireáilte, astarraingt ó dhobharlaigh dromchla agus ó dhobharlaigh screamhuisce a theorannú, tionchar scaoileadh fuíolluisce chóireáilte isteach i ndobharlaigh a laghdú, agus coigilteas uisce a chur chun cinn trí fhuíolluisce uirbeach a úsáid ar an iliomad bealach, agus ag an am céanna ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú. Luaitear i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) athúsáid uisce, in éineacht le cur chun cinn úsáid teicneolaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh uisce de i dtionscail agus i dteicnící uiscithe atá coigilteach ar uisce, mar cheann de na bearta forlíontacha a fhéadfaidh na Ballstáit a roghnú a cur i bhfeidhm chun cuspóirí na Treorach sin maidir le dea-stádas uisce cáilíochtúil agus cainníochtúil le haghaidh dobharlaigh dromchla agus dobharlaigh screamhuisce a bhaint amach. Ceanglaítear le Treoir 91/271/CEE ón gComhairle (5) go ndéanfaí fuíolluisce cóireáilte a athúsáid cibé uair is iomchuí.

(3)

Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Samhain 2012 dar teideal “A Blueprint to Safeguard Europe’s Water Resource s” [“Treoirphlean chun Acmhainní Uisce na hEorpa a Chosaint”], tarraingítear aird ar an ngá atá le hionstraim a chruthú chun caighdeáin a rialáil ar leibhéal an Aontais i ndáil le hathúsáid uisce,chun na bacainní ar úsáid fhorleathan rogha malartaí uisce den sórt sin a sholáthar, eadhon ionstraim lenar féidir rannchuidiú le ganntanas uisce agus leochaileacht córas soláthair uisce a laghdú.

(4)

Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Iúil 2007 dar teideal “Addressing the challenge of water scarcity and droughts in the European Unio n” [“Ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin an ghanntanais uisce agus na dtriomach san Aontas Eorpach”], leagtar amach ordlathas na mbeart ba cheart do na Ballstáit a bhreithniú agus ganntanas uisce agus triomaigh á mbainistiú acu. Deirtear inti, maidir leis na réigiúin inar cuireadh chun feidhme na bearta coisctheacha go léir de réir an ordlathais uisce agus inar mó an t-éileamh ar uisce ná an infhaighteacht go fóill, gur féidir le bonneagar breise um sholáthar uisce, in imthosca áirithe, agus gné an chostais agus tairbhe á cur san áireamh go cuí, a bheith ina chur chuige malartach chun iarmhairtí triomaigh thromchúisigh a mhaolú.

(5)

Ina rún an 9 Deireadh Fómhair 2008 maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshlán an ghanntanais uisce agus na dtriomach san Aontas Eorpach (6), meabhraíonn Parlaimint na hEorpa di féin gur cheart tús áite a thabhairt do chur chuige atá dírithe ar an éileamh nuair a bheidh acmhainní uisce á mbainistiú, ach measann sí gur cheart don Aontas cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh nuair a bheidh acmhainní uisce á mbainistiú, ag cumasc bearta bainistithe éilimh, bearta chun barrfheabhsú a dhéanamh ar na hacmhainní atá ann cheana laistigh den timthriall uisce agus bearta chun acmhainní nua a chruthú, agus gur gá don chur chuige breithnithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a chomhtháthú.

(6)

Ina theachtaireacht an 2 Nollaig 2015 dar teideal “Closing the loop - An EU action plan for the Circular Econom y” [“An Bhearna á dúnadh - plean gníomhaíochta AE don Gheilleagar Ciorclach”], gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé sraith gníomhaíochtaí chun athúsáid fuíolluisce chóireáilte a chur chun cinn, lena n-áirítear togra reachtach a fhorbairt maidir leis na híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce. Ba cheart don Choimisiún uasdátú a dhéanamh ar a phlean gníomhaíochta agus ba cheart acmhainní uisce a bheith ina réimse tosaíochta aige a bhfuil gá le gníomhaíocht ina leith.

(7)

Is é is cuspóir leis an Rialachán seo glacadh athúsáide uisce a éascú nuair is iomchuí agus costéifeachtach, agus creat cumasúcháin á chruthú, leis sin, le haghaidh na mBallstát sin ar mian leo nó gur gá dóibh athúsáid uisce a dhéanamh. Is rogha a d’fhéadfadh a bheith fiúntach í athúsáid uisce do go leor Ballstát, ach go dtí seo níl athúsáid uisce á déanamh ná reachtaíocht nó caighdeáin náisiúnta glactha maidir leis sin ach ag líon beag díobh. Ba cheart don Rialachán seo a bheith solúbtha go leor chun go ligfí leanúint d’athúsáid uisce a dhéanamh agus, ag an am céanna, chun a áirithiú go mbeidh an deis ag Ballstáit eile na rialacha sin a chur i bhfeidhm nuair a chinneann siad an cleachtas sin a thabhairt isteach ag céim níos déanaí. Aon chinneadh a dhéanfaí gan athúsáid uisce a dhéanamh, ba cheart údar cuí a thabhairt leis ar bhonn na gcritéar a leagtar síos sa Rialachán seo agus ba cheart é a athbhreithniú ar bhonn rialta.

(8)

Le Treoir 2000/60/CE, tugtar an tsolúbthacht is gá do na Ballstáit chun bearta forlíontacha a áireamh sna cláir de bhearta a ghlacann siad chun tacú lena gcuid iarrachtaí chun na cuspóirí cáilíochta uisce a bhunaítear leis an Treoir sin a bhaint amach. Tá bearta athúsáide uisce, i measc nithe eile, sa liosta neamheisiach de bhearta forlíontacha dá bhforáiltear i gCuid B d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2000/60/CE. Sa chomhthéacs sin agus i gcomhréir le hordlathas beart a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhreithniú agus ganntanas uisce agus triomach á mbainistiú acu agus lena spreagtar bearta atá sa raon idir coigiltis uisce agus lena dtugtar tosaíocht is ísle do bheartas praghsála uisce agus réitigh mhalartacha, agus aird chuí á tabhairt ar ghné an chostais agus tairbhe, ba cheart na híoscheanglais maidir le hathúsáid uisce, mar a bhunaítear leis an Rialachán seo, a bheith infheidhme aon uair a dhéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a athúsáid, i gcomhréir le Treoir 91/271/CEE, le haghaidh uisciú talmhaíochta.

(9)

Meastar go bhfuil tionchar comhshaoil níos ísle ag baint le hathúsáid fuíolluisce atá cóireáilte mar is ceart, mar shampla ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh, ná modhanna malartacha eile soláthair uisce, amhail aistrithe uisce nó díshalannú. Mar sin féin, le hathúsáid den sórt sin uisce, rud a d’fhéadfadh cur amú uisce a laghdú agus uisce a spáráil, ní dhéantar í ach ar bhonn teoranta san Aontas. Dealraíonn sé go bhfuil sé sin mar thoradh go páirteach ar chostas suntasach na gcóras athúsáide fuíolluisce agus ar chaighdeáin chomhchoiteanna chomhshaoil agus sláinte an Aontais a bheith in easnamh le haghaidh athúsáid uisce, agus, go háirithe, maidir le táirgí talmhaíochta, i ngeall ar na rioscaí ionchasacha sláinte agus comhshaoil agus bacainní ionchasacha a d’fhéadfadh a bheith ann do shaorghluaiseacht na dtáirgí sin a ndearnadh iad a uisciú le huisce athshlánaithe.

(10)

Na caighdeáin sláinte maidir le sláinteachas bia le haghaidh táirgí talmhaíochta a uiscítear le huisce athshlánaithe, ní féidir iad a bhaint amach ach amháin más rud é nach bhfuil na ceanglais cháilíochta d’uisce athshlánaithe atá beartaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta éagsúil go suntasach sna Ballstáit. Rannchuideodh comhchuibhiú ceanglas freisin le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh i ndáil leis na táirgí sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, íosleibhéil chomhchuibhithe a thabhairt isteach trí íoscheanglais don cháilíocht uisce agus don fhaireachán uisce a leagan síos. Ba cheart a bheith sna híoscheanglais sin íospharaiméadair d’uisce athshlánaithe atá bunaithe ar na tuarascálacha teicniúla ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin agus a léiríonn na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hathúsáid uisce, agus ceanglais eile níos déine nó ceanglais bhreise cháilíochta a fhorchuirfidh údaráis inniúla, más gá, mar aon le haon bhearta coisctheacha ábhartha.

(11)

Le hathúsáid uisce le haghaidh uisciú talmhaíochta, is féidir rannchuidiú freisin leis an ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn trí chothaithigh a aisghabháil ón uisce athshlánaithe agus iad a chur ar bharra, trí bhíthin teicnící uiscithe leasaithigh. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí an gá le leasacháin mhianracha bhreise a laghdú trí athúsáid uisce. Ba cheart úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas faoi chion cothaitheach an uisce athshlánaithe.

(12)

D’fhéadfadh athúsáid uisce rannchuidiú le cothaithigh i bhfuíolluisce uirbeach cóireáilte a athshlánú, agus d’fhéadfadh úsáid uisce athshlánaithe chun críoch uisciúcháin sa talmhaíocht nó san fhoraoiseacht a bheith ina bealach chun cothaithigh, amhail nítrigin, fosfar agus potaisiam, a chur ar ais i dtimthriallta bithgheoiceimiceacha nádúrtha.

(13)

Sainaithníodh an infheistíocht mhór a bhfuil gá léi chun gléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh a uasghrádú agus an easpa dreasachtaí airgeadais chun athúsáid uisce a dhéanamh sa talmhaíocht a bheith i measc na gcúiseanna nach nglactar go forleathan le hathúsáid uisce san Aontas. Ba cheart é a bheith indéanta aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí scéimeanna nuálacha agus dreasachtaí eacnamaíocha a chur chun cinn chun na costais agus na tairbhí socheacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann le hathúsáid uisce a chur san áireamh mar is iomchuí.

(14)

Ba cheart comhlíonadh íoscheanglas le haghaidh athúsáid uisce a bheith comhsheasmhach le beartas uisce an Aontais agus ba cheart dó rannchuidiú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, go háirithe Sprioc 6, a bhaint amach, chun a áirithiú go mbeadh rochtain do chách ar uisce agus ar shláintíocht agus go ndéanfaí bainistiú inbhuanaithe orthu a áirithiú chomh maith le méadú suntasach ar athchúrsáil uisce agus athúsáid shábháilte uisce ar fud an domhain d’fhonn rannchuidiú le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach. Ina theannta sin, leis an Rialachán seo, ba cheart féachaint lena áirithiú go gcuirfear Airteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i ndáil le cosaint comhshaoil i bhfeidhm.

(15)

I roinnt cásanna, iompraíonn agus stórálann oibreoirí saoráidí athshlánaithe fós an t-uisce athshlánaithe níos faide ná asraon na saoráide athshlánaithe, sula ndéanann siad é a sheachadadh chuig na chéad ghníomhaithe eile sa slabhra, amhail oibreoir dáileacháin an uisce athshlánaithe, oibreoir stórála an uisce athshlánaithe nó an t-úsáideoir deiridh. Is gá an pointe comhlíonta a shainiú chun a shoiléiriú mar a bhfuil foirceann fhreagracht oibreoir saoráide athshlánaithe agus mar a thosaíonn freagracht an chéad ghníomhaí eile sa slabhra.

(16)

Ba cheart gurbh é a bheadh i mbainistiú riosca rioscaí a shainaithint agus a bhainistiú ar bhealach réamhghníomhach, agus ba cheart a ionchorprú ann an coincheap uisce athshlánaithe a tháirgeadh ar cháilíocht shonrach a cheanglaítear le haghaidh úsáidí ar leith. Ba cheart measúnú riosca a bheith bunaithe ar phríomheilimintí bainistithe riosca agus ba cheart go sainaithneofaí leis aon cheanglas cáilíochta uisce breise is gá chun cosaint leordhóthanach an chomhshaoil, shláinte an duine agus sláinte ainmhithe a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart do na pleananna bainistithe riosca um athúsáid uisce a áirithiú go n-úsáidfear agus go mbainisteofar uisce athshlánaithe go sábháilte agus nach bhfuil aon rioscaí ann don chomhshaol nó do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe. Chun pleananna bainistithe riosca den sórt sin a fhorbairt, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as an treoir nó na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana féin, amhail Treoirlínte ISO 20426:2018 maidir le measúnú riosca sláinte agus bainistiú sláinte le haghaidh athúsáid uisce neamh-inólta, Treoirlínte ISO 16075:2015 maidir le húsáid fuíolluisce chóireáilte le haghaidh tionscadail uiscithe, nó treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS).

(17)

Leagtar síos na ceanglais cháilíochta le haghaidh uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine i dTreoir 98/83/CE ón gComhairle (7). Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach dtiocfaidh meathlú ar cháilíocht an uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine mar thoradh ar ghníomhaíochtaí athúsáide uisce. Ar an gcúis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce ar chosaint na ndobharlach a úsáidtear chun uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine a aistarraingt agus ar chosaint na gcriosanna coimirce ábhartha.

(18)

Ba cheart comhar agus idirghníomhaíocht idir na páirtithe éagsúla a bhaineann le próiseas athshlánaithe an uisce a bheith ina réamhchoinníoll chun nósanna imeachta cóireála athshlánaithe a bhunú i gcomhréir leis na ceanglais is gá d’úsáidí sonracha, agus chun go mbeifí in ann soláthar an uisce athshlánaithe a bheartú de réir éileamh na n-úsáideoirí deiridh.

(19)

Chun an comhshaol agus sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint ar bhealach éifeachtach, ba cheart gurbh iad na hoibreoirí saoráidí athshlánaithe go príomha a bheadh freagrach as cáilíocht an uisce arna athshlánú ag an bpointe comhlíonta. Chun na híoscheanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus aon choinníollacha breise a leagann an t-údarás inniúil síos a chomhlíonadh, ba cheart d’oibreoirí saoráidí athshlánaithe faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an uisce athshlánaithe. Dá bhrí sin, is iomchuí na híoscheanglais maidir le faireachán a shuíomh, arb é a bheidh iontu minicíochtaí an fhaireacháin ghnáthrialta agus na spriocanna uainithe agus feidhmíochta le haghaidh faireachán ar bhailíochtú. Foráiltear do cheanglais áirithe le haghaidh faireachán gnáthrialta le Treoir 91/271/CEE.

(20)

Ba cheart a chumhdach sa Rialachán seo uisce athshlánaithe a fhaightear ó fhuíolluisce a bailíodh i gcórais bhailiúcháin, ar a ndearnadh cóireáil i ngléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh i gcomhréir le Treoir 91/271/CEE agus ar a ndéantar tuilleadh cóireála sa ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó i saoráid athshlánaithe, chun na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a bhaint amach. I gcomhréir le Treoir 91/271/CEE, ní gá córas bailiúcháin a sholáthar do cheirtleáin ar lú coibhéis a ndaonra (p.e.) ná 2 000. Mar sin féin, ba cheart d’fhuíolluisce uirbeach ó cheirtleáin ar lú coibhéis a ndaonra ná 2 000 p.e. a théann isteach i gcóras bailiúcháin a bheith faoi réir cóireáil iomchuí roimh don fhuíolluisce sin a scaoileadh isteach i bhfionnuisce nó inbhir, i gcomhréir le Treoir 91/271/CEE. Sa chomhthéacs sin, níor cheart d’fhuíolluisce ó cheirtleáin ar lú coibhéis a ndaonra ná 2 000 p.e. teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo ach amháin nuair a rachadh sé isteach i gcóras bailiúcháin agus nuair a bheadh sé faoi réir cóireáil i ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh. Ar an dóigh chéanna, níor cheart baint a bheith ag an Rialachán seo le fuíolluisce tionsclaíoch in-bhithdhíghrádaithe ó ghléasraí de chuid na n-earnálacha tionsclaíocha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/271/CEE, ach amháin má théann an fuíolluisce ó na gléasraí sin isteach i gcóras bailiúcháin agus má tá sé faoi réir cóireáil i ngléasra cóireála fuíolluisce uirbigh.

(21)

Is gníomhaíocht faoi thionchar an mhargaidh í athúsáid fuíolluisce uirbigh chóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, atá bunaithe ar éilimh agus riachtanais na hearnála talmhaíochta, go háirithe i mBallstáit áirithe atá thíos le ganntanais acmhainní uisce. Ba cheart do na hoibreoirí saoráidí athshlánaithe agus na húsáideoirí deiridh obair i gcomhar lena chéile chun a áirithiú go bhfreastalóidh an t-uisce athshlánaithe a tháirgtear i gcomhréir leis na híoscheanglais cáilíochta arna mbunú leis an Rialachán seo ar riachtanais na n-úsáideoirí deiridh maidir leis na catagóirí barr. I gcásanna nach mbeidh na haicmí de cháilíocht uisce a tháirgeann na hoibreoirí saoráidí athshlánaithe comhoiriúnach don chatagóir barr agus don mhodh uiscithe atá i bhfeidhm cheana féin sa limistéar atá i gceist, mar shampla i gcóras soláthair chomhchoitinn), d’fhéadfaí ceanglais cáilíochta uisce a bhaint amach trí úsáid a bhaint, ag céim eile ina dhiaidh sin, as roinnt roghanna cóireála uisce astu féin nó i gcomhar le roghanna neamhchóireála le haghaidh an uisce athshlánaithe, i gcomhréir leis an gcur chuige ilbhacainne.

(22)

Chun athúsáid optamach acmhainní fuíolluisce uirbigh a áirithiú, ba cheart úsáideoirí deiridh oiliúint a fháil chun a áirithiú go n-úsáidfidh siad uisce den aicme iomchuí de cháilíocht uisce athshlánaithe. I gcás ina bhfuil ceann scríbe anaithnid nó cinn scríbe iomadúla ag cineál sonrach bairr, ba cheart uisce athshlánaithe den aicme cáilíochta is airde a úsáid, mura gcuirtear bacainní iomchuí i bhfeidhm lena gcumasaítear an cháilíocht is gá a bhaint amach.

(23)

Is gá a áirithiú go bhfuil úsáid uisce athshlánaithe sábháilte, agus ar an gcaoi sin athúsáid uisce ar leibhéal an Aontais a spreagadh agus muinín an phobail ann a fheabhsú. Níor cheart, dá bhrí sin, táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta a cheadú ach ar bhonn cead, arna dheonú ag údaráis inniúla na mBallstát. Chun cur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, inrianaitheacht uisce athshlánaithe agus trédhearcacht a áirithiú, ba cheart na rialacha substainteacha do ceadanna den sórt sin a leagan síos ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit mionsonraí na nósanna imeachta chun ceadanna a dheonú, amhail na húdaráis inniúla a ainmniú agus na sprioc-amanna, a chinneadh. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na nósanna imeachta atá ann cheana a chur i bhfeidhm chun ceadanna a dheonú, agus ba cheart iad a oiriúnú chun na ceanglais a thugtar isteach leis an Rialachán seo a chur san áireamh. Nuair a bheidh na páirtithe atá freagrach as an bplean bainistithe riosca um athúsáid uisce a tharraingt suas agus an t-údarás inniúil chun an cead a dheonú i ndáil le táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe á n-ainmniú acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

(24)

Má tá oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe agus oibreoir stórála uisce athshlánaithe de dhíth, ba cheart é a bheith indéanta a chur de cheangal ar oibreoirí den sórt sin cead a bheith acu. Má chomhlíontar gach ceanglas don chead, ba cheart don údarás inniúil sa Bhallstát cead a dheonú ina bhfuil na coinníollacha agus bearta riachtanacha uile atá bunaithe sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce.

(25)

Chun críoch an Rialacháin seo, ba cheart é a bheith indéanta oibríochtaí cóireála agus oibríochtaí athshlánaithe i dtaca le fuíolluisce uirbeach a dhéanamh san aon láthair fhisiciúil amháin, ag baint feidhm as an tsaoráid chéanna, nó as saoráidí éagsúla ar leithligh. Ina theannta sin, ba cheart an t-oibreoir céanna a bheith in ann a bheith mar oibreoir gléasra cóireála agus oibreoir saoráide athshlánaithe araon.

(26)

Ba cheart do na húdaráis inniúla fíorú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar amach sa chead ábhartha a bheith á gcomhlíonadh ag an uisce athshlánaithe. I gcásanna neamhchomhlíonta, ba cheart do na húdaráis sin a cheangal ar na páirtithe freagracha na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh an uisce athshlánaithe comhlíontach. Ba cheart soláthar an uisce a chur ar fionraí i gcás ina n-eascraíonn riosca suntasach don chomhshaol nó do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe ón neamhchomhlíonadh.

(27)

Tá Rialacháin seo beartaithe a bheith mar chomhlánú ceanglais reachtaíocht eile an Aontais, go háirithe maidir le rioscaí sláinte agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann. Chun cur chuige iomlánaíoch a áirithiú maidir le haghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chomhshaol agus do shláinte an duine agus sláinte ainmhithe, ba cheart do na hoibreoirí saoráidí athshlánaithe agus na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais a chur san áireamh, go háirithe Treoracha 86/278/CEE (8) agus 91/676/CEE (9) ón gComhairle, Treoracha 91/271/CEE, 98/83/CE agus 2000/60/CE, Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002 (10), (CE) Uimh. 852/2004 (11), (CE) Uimh. 183/2005 (12), (CE) Uimh. 396/2005 (13) agus (CE) Uimh. 1069/2009 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2006/7/CE (15), 2006/118/CE (16) , 2008/105/CE (17) agus 2011/92/AE (18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (AE) Uimh. 2073/2005 (19), (CE) Uimh. 1881/2006 (20) agus (AE) Uimh. 142/2011 (21) ón gCoimisiún.

(28)

Le Rialachán Uimh. (CE) Uimh. 852/2004, leagtar síos rialacha ginearálta maidir le hoibreoirí gnólachtaí bia agus cumhdaítear bia a bheartaítear lena thomhailt ag an duine a tháirgeadh, a phróiseáil, a dháileadh agus a chur ar an margadh. Tugtar aghaidh sa Rialachán sin ar cháilíocht sláinte an bhia agus luaitear ar cheann de na prionsabail bhunúsacha gur ar an oibreoir gnólachta bia atá an phríomhfhreagracht as an tsábháilteacht bia. Tá treoir mhionsonraithe ina tacú leis an Rialachán sin freisin. Uime sin, tá tábhacht ar leith leis an bhfógra ón gCoimisiún maidir le treoir i ndáil le haghaidh a thabhairt ar rioscaí micribhitheolaíocha i dtorthaí agus glasraí úra sa táirgeadh príomhúil trí shláinteachas maith ábhartha go háirithe. Ní dhéanann na híoscheanglais le haghaidh uisce athshlánaithe a leagtar síos sa Rialachán seo cosc a chur ar oibreoirí gnólachtaí bia an cháilíocht uisce is gá chun cloí le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a bhaint amach trí roinnt roghanna cóireála uisce a úsáid, ag céim ina dhiaidh sin, astu féin nó i gcomhar le roinnt roghanna neamhchóireála.

(29)

Is mór an fhéidearthacht atá ann fuíolluisce cóireáilte a athchúrsáil agus a athúsáid. D’fhonn athúsáid uisce a chur chun cinn agus a spreagadh, níor cheart, le léiriú úsáidí sonracha laistigh den Rialachán seo, cosc a chur ar na Ballstáit cead a thabhairt úsáid a bhaint as uisce athshlánaithe chun críoch eile, lena n-áirítear críocha tionsclaíochta, críocha a bhaineann le fóillíocht agus críocha comhshaoil, de réir mar a mheastar a bheith riachtanach i bhfianaise dálaí agus riachtanais náisiúnta, ar choinníoll go n-áiritheofaí ardleibhéal cosanta don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe.

(30)

Ba cheart d’údaráis inniúla comhoibriú le húdaráis ábhartha eile, trí fhaisnéis a mhalartú, chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais ábhartha Aontais agus náisiúnta.

(31)

Chun muinín a mhéadú in athúsáid uisce, ba cheart faisnéis a sholáthar don phobal. Trí fhaisnéis shoiléir, chuimsitheach agus uasdátaithe a chur ar fáil maidir le hathúsáid uisce, cheadófaí do thrédhearcacht agus inrianaitheacht mhéadaithe agus d’fhéadfadh sé freisin go mbainfeadh údaráis ábhartha eile a bhfuil impleachtaí ag an úsáid shonrach uisce ina leith úsáid ar leith as. Chun athúsáid uisce a spreagadh agus d’fhonn geallsealbhóirí a chur ar an eolas faoi na tairbhí a bhaineann leis an athúsáid uisce agus, ar an gcaoi sin, an glacadh atá ag na geallsealbhóirí le cleachtais athúsáide uisce a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar feachtais faisnéise agus ardaithe feasachta, atá curtha in oiriúint do scála na hathúsáide uisce, a fhorbairt.

(32)

Tá tábhacht thar na bearta le hoideachas agus oiliúint d’úsáideoirí deiridh mar chomhpháirteanna de bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm agus a choinneáil. Ba cheart bearta coisctheacha sonracha i gcoinne nochtadh don duine a bhreithniú sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce, amhail úsáid trealaimh chosanta phearsanta, níochán lámh agus sláinteachas pearsanta.

(33)

Is é is aidhm do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) an ceart rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a ráthú sna Ballstáit i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (23) (Coinbhinsiún Aarhus). I dTreoir 2003/4/CE, leagtar síos oibleagáidí fairsinge a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil, ach í a iarraidh, agus le faisnéis den sórt sin a scaipeadh ar bhealach gníomhach. Le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), cuimsítear faisnéis spásúil a bheith á roinnt, lena n-áirítear tacair sonraí maidir le hábhair éagsúla chomhshaoil. Tá sé tábhachtach go gcomhlánódh forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis agus le socruithe malartaithe sonraí na Treoracha sin agus nach gcruthóidís córas dlí ar leith. Ba cheart, dá bhrí sin, nár dhochar forálacha an Rialacháin seo maidir le faisnéis don phobal agus maidir le faisnéis faoin bhfaireachán ar chur chun feidhme do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE.

(34)

Tá na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit fíor-riachtanach chun go mbeidh an Coimisiún in ann faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo i gcoibhneas leis na cuspóirí atá á saothrú aige.

(35)

De bhun mhír 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (25), ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart an mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar chúig chritéar na héifeachtachta, na héifeachtúlachta, na hábharthachta, an chomhleanúnachais agus an bhreisluacha don Aontas agus ba cheart an bunús a sholáthar léi le haghaidh measúnuithe tionchair ar bhearta breise a d’fhéadfadh a bheith i gceist amach anseo. Ba cheart an dul chun cinn eolaíoch a chur san áireamh sa mheastóireacht, go háirithe maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag substaintí ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad.

(36)

Leis na híoscheanglais d’athúsáid shábháilte fuíolluisce uirbigh chóireáilte, léirítear an t-eolas eolaíoch atá ar fáil agus caighdeáin agus cleachtais athúsáide uisce a aithnítear go hidirnáisiúnta agus ráthaítear leis na ceanglais sin gur féidir an t-uisce sin a úsáid go sábháilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, agus ar an gcaoi sin áirítear ardleibhéal cosanta don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe. I bhfianaise thorthaí na meastóireachta ar an Rialachán sin nó aon uair a cheanglaíonn forbairtí nua eolaíocha agus dul chun cinn teicniúil é, ba cheart don Coimisiún a bheith in ann scrúdú a dhéanamh ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na híoscheanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó togra reachtach a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú.

(37)

Chun príomheilimintí an bhainistithe riosca a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun príomheilimintí an bhainistithe riosca dá bhforáiltear sa Rialachán seo a leasú. Anuas air sin, chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar príomheilimintí an bhainistithe riosca dá bhforáiltear sa Rialachán seo trí shonraíochtaí teicniúla a leagan síos freisin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(38)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le formáid agus cur i láthair na faisnéise a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo atá le soláthar ag na Ballstáit agus maidir le formáid agus cur i láthair an fhorléargais uile-Aontais arna tharraingt suas ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

(39)

Is é is aidhm leis an Rialachán seo, inter alia, an comhshaol, sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint. Mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais go mion minic, ní bheadh sé i gcomhréir leis an éifeacht cheangailteach a thugtar do Threoir leis an tríú mír d’Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a eisiamh, i bprionsabal, go bhféadfadh daoine lena mbaineann brath ar oibleagáid a fhorchuirtear le Treoir. Tá feidhm ag an mbreithniú sin freisin maidir le Rialachán arb é an cuspóir atá leis sábháilteacht uisce athshlánaithe a ráthú le haghaidh uisciú talmhaíochta.

(40)

Ba cheart do na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh na bearta uile a dhéanamh is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(41)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an comhshaol agus sláinte an duine agus sláinte ainmhithe a chosaint, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(42)

Is gá foráil a dhéanamh do dhóthain ama do na Ballstáit chun an bonneagar riaracháin atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a chur ar bun, agus do na hoibreoirí chun ullmhú chun na rialacha nua a chur i bhfeidhm.

(43)

D’fhonn athúsáid fuíolluisce cóirithe i gceart a fhorbairt agus a chur chun cinn a mhéid is féidir agus chun feabhas suntasach a bhaint amach in iontaofacht fuíolluisce atá cóirithe i gceart agus i modhanna úsáide atá inmharthana, ba cheart don Aontas tacú le taighde agus le forbairt sa réimse seo tríd an gclár arb é an Fhís Eorpach.

(44)

Féachann an Rialachán seo le húsáid inbhuanaithe uisce a spreagadh. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tabhairt air féin úsáid a bhaint as cláir de chuid an Aontais, lena n-áirítear clár LIFE, chun tacú le tionscnaimh áitiúla ina bhfuil athúsáid fuíolluisce atá cóirithe i gceart mar chuid dóibh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

1.   Leagtar síos sa Rialachán seo na híoscheanglais don cháilíocht uisce agus don fhaireachán uisce agus forálacha maidir le bainistiú riosca, chun uisce athshlánaithe a úsáid go sábháilte i gcomhthéacs bainistiú comhtháite uisce.

2.   Is é cuspóir an Rialacháin seo a ráthú go bhfuil an t-uisce athshlánaithe sábháilte le haghaidh uisciú talmhaíochta, rud a fhágfaidh go n-áiritheofar ardleibhéal cosanta don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe, go gcuirfear an geilleagar ciorclach chun cinn, go dtacófar le hoiriúnú don athrú aeráide, agus go gcuirfear le cuspóirí Threoir 2000/60/CE trí aghaidh a thabhairt, ar bhealach comhordaithe ar fud an Aontais, ar ghanntanas uisce agus ar an mbrú mar thoradh air sin ar acmhainní uisce, rud a chuirfidh freisin le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo aon uair a dhéantar fuíolluisce uirbeach cóireáilte a athúsáid, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Threoir 91/271/CEE, le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh nach iomchuí uisce a athúsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta i gceann amháin nó níos mó dá cheantair abhantracha nó i gcodanna de nó díobh, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

dálaí geografacha agus aeráide an cheantair nó codanna de;

(b)

na brúnna atá ar acmhainní eile uisce agus an stádas atá acu, lena n-áirítear stádas cainníochtúil na ndobharlach screamhuisce dá dtagraítear i dTreoir 2000/60/CE;

(c)

na brúnna atá ar dhobharlaigh dhromchla, agus an stádas atá acu, ar dobharlaigh iad ina scaoiltear fuíolluisce uirbeach cóireáilte;

(d)

costais chomhshaoil agus acmhainní an uisce athshlánaithe agus acmhainní uisce eile.

Tabharfar údar cuí le haon chinneadh a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear san fhomhír sin agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é. Déanfar é a athbhreithniú de réir mar is gá, lena gcuirfear san áireamh go háirithe réamh-mheastacháin maidir leis an athrú aeráide agus straitéisí náisiúnta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, agus déanfar é a athbhreithniú gach sé bliana ar a laghad agus pleananna bainistithe abhantracha a bhunaítear de bhun Threoir 2000/60/CE á gcur san áireamh.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar tionscadail taighde nó tionscadail phíolótacha maidir le saoráidí athshlánaithe a dhíolmhú ón Rialachán seo i gcás ina suíonn an t-údarás inniúil go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)

ní dhéanfar an tionscadal taighde nó an tionscadal píolótach laistigh de dhobharlach a úsáidtear chun uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine a astarraingt nó i gcrios coimirce ábhartha arna hainmniú de bhun Threoir 2000/60/CE;

(b)

beidh an tionscadal taighde nó an tionscadal píolótach faoi réir faireachán iomchuí.

Déanfar aon díolúine de bhun na míre seo a theorannú d’uastréimhse cúig bliana.

Na barra go léir a thiocfaidh as tionscadal taighde nó tionscadal píolótach atá díolmhaithe de bhun na míre seo, ní chuirfear ar an margadh iad.

4.   Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus ní fhágann sé go gcuirtear cosc ar oibreoirí gnólachtaí bia an cháilíocht uisce is gá chun an Rialachán sin a chomhlíonadh a bhaint amach trí roinnt roghanna cóireála uisce a úsáid, ag céim eile ina dhiaidh sin, astu féin nó i gcomhar le roghanna neamhchóireála, ag céim eile ina dhiaidh sin, nó go gcuirtear cosc orthu foinsí malartacha uisce a úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás nó comhlacht atá ainmnithe ag Ballstát chun a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh i dtaca le ceadanna a dheonú i ndáil le táirgeadh agus/nó soláthar uisce athshlánaithe, i dtaca le díolúintí do thionscadail taighde nó tionscadail phíolótacha, agus i dtaca le seiceálacha ar chomhlíonadh;

(2)

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” duine nádúrtha nó dlítheanach, cibé an eintiteas poiblí nó príobháideach é, a úsáideann uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta;

(3)

ciallaíonn “fuíolluisce uirbeach” fuíolluisce uirbeach mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir 91/271/CEE;

(4)

ciallaíonn “uisce athshlánaithe” fuíolluisce uirbeach a cóireáladh i gcomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE agus a eascraíonn as cóireáil bhreise i saoráid athshlánaithe i gcomhréir le Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(5)

ciallaíonn “saoráid athshlánaithe” gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh nó saoráid eile a dhéanann cóireáil bhreise ar fhuíolluisce uirbeach ar cóireáil í a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 91/271/CEE chun uisce a tháirgeadh atá oiriúnach le haghaidh úsáid a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(6)

ciallaíonn “oibreoir saoráide athshlánaithe” duine nádúrtha nó dlítheanach, a dhéanann ionadaíocht ar eintiteas príobháideach nó ar údarás poiblí, a oibríonn nó a rialaíonn saoráid athshlánaithe;

(7)

ciallaíonn “guais” oibreán bitheolaíoch, cheimiceach, fhisiceach nó raideolaíoch a bhfuil d’acmhainn aici dochar a dhéanamh do dhaoine, d’ainmhithe, do bharra nó do phlandaí, do bhithraí talún eile, do bhithraí uisceacha, d’ithreacha nó don chomhshaol i gcoitinne;

(8)

ciallaíonn “riosca” an dóchúlacht go ndéanfaidh guaiseacha sainaitheanta dochar i dtréimhse shonraithe, lena n-áirítear déine na n-iarmhairtí;

(9)

ciallaíonn “bainistiú riosca” cineál córasach bainistithe a áirithíonn go comhsheasmhach go bhfuil athúsáid uisce sábháilte i gcomhthéacs sonrach;

(10)

ciallaíonn “beart coisctheach” gníomhaíocht iomchuí is féidir riosca sláinte nó comhshaoil a chosc nó a dhíchur, nó ar féidir léi riosca den sórt sin a laghdú go leibhéal inghlactha;

(11)

ciallaíonn “pointe comhlíonta” an pointe mar a sheachadann oibreoir saoráide athshlánaithe uisce athshlánaithe chuig an gcéad ghníomhaí eile sa slabhra;

(12)

ciallaíonn “bacainn” aon mheán, lena n-áirítear céimeanna fisiciúla nó céimeanna a bhaineann le próiseas nó coinníollacha úsáide, lena ndéantar riosca ionfhabhtaithe don duine a laghdú nó a chosc trí theagmháil a chosc idir uisce athshlánaithe agus táirge atá le hionghabháil agus na daoine atá nochta go díreach, nó meáin eile lena laghdaítear, mar shampla, dlús na miocrorgánach san uisce athshlánaithe nó lena gcuirtear cosc orthu maireachtáil den táirge atá le hionghabháil;

(13)

ciallaíonn “cead” údarú i scríbhinn arna eisiúint ag údarás inniúil chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh nó a sholáthar le haghaidh uisciú talmhaíochta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(14)

ciallaíonn “páirtí freagrach” páirtí a dhéanann ról nó gníomhaíocht sa chóras athúsáide uisce, lena n-áirítear an t-oibreoir saoráide athshlánaithe, an t-oibreoir gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh i gcás nach ionann é agus an t-oibreoir saoráide athshlánaithe, an t-údarás ábhartha seachas an t-údarás inniúil ainmnithe, an t-oibreoir dáileacháin uisce athshlánaithe nó an t-oibreoir stórála uisce athshlánaithe;

(15)

ciallaíonn “córas athúsáide uisce” an bonneagar agus na heilimintí teicniúla eile atá riachtanach chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh, a sholáthar agus a úsáid; is é atá ann na heilimintí go léir ó phointe iontrála an ghléasra cóireála fuíolluisce uirbigh go dtí an pointe a bhaintear úsáid as uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta, lena n-áirítear an bonneagar dáilte agus stórála, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 4

Oibleagáidí ar an oibreoir saoráide athshlánaithe agus oibleagáidí maidir le cáilíocht uisce athshlánaithe

1.   Áiritheoidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe go ndéanfaidh uisce athshlánaithe atá beartaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I an méid seo a leanas a chomhlíonadh ag an bpointe comhlíonta:

(a)

na híoscheanglais don cháilíocht uisce a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;

(b)

aon choinníollacha breise a leagann an t-údarás inniúil síos sa chead ábhartha de bhun phointí (c) agus (d) d’Airteagal 6(3), a mhéid a bhaineann le cáilíocht uisce.

Thar an bpointe comhlíonta, ní bheidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe freagrach a thuilleadh as cáilíocht an uisce.

2.   Chun comhlíontacht a áirithiú i gcomhréir le mír 1, déanfaidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe faireachán ar cháilíocht an uisce i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;

(b)

aon choinníollacha breise a leagann an t-údarás inniúil síos sa chead ábhartha de bhun phointí (c) agus (d) d’Airteagal 6(3), maidir le faireachán.

Airteagal 5

Bainistiú riosca

1.   Chun uisce athshlánaithe a tháirgeadh, a sholáthar agus a úsáid, áiritheoidh an t-údarás inniúil go mbunófar plean bainistithe riosca um athúsáid uisce.

Féadfaidh plean bainistithe riosca um athúsáid uisce córas athúsáide uisce amháin nó níos mó a chumhdach.

2.   Is é an t-oibreoir saoráide athshlánaithe, na páirtithe freagracha eile agus na húsáideoirí deiridh, de réir mar is iomchuí, a ullmhóidh an plean bainistithe riosca um athúsáid uisce. Rachaidh na páirtithe freagracha atá ag ullmhú an phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce i gcomhairle le gach páirtí freagrach ábhartha eile agus le húsáideoirí deiridh, de réir mar is iomchuí.

3.   Beidh an plean bainistithe riosca um athúsáid uisce bunaithe ar phríomheilimintí uile an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus sainaithneofar ann freagrachtaí bainistithe riosca an oibreora saoráide athshlánaithe agus na bpáirtithe freagracha eile.

4.   Leis an bplean bainistithe riosca um athúsáid uisce, déanfar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

aon cheanglais is gá don oibreoir saoráide athshlánaithe a leagan amach, de bhreis ar na ceanglais a shonraítear in Iarscríbhinn I, i gcomhréir le pointe (B) d’Iarscríbhinn II chun aon rioscaí a mhaolú tuilleadh roimh an bpointe comhlíonta;

(b)

guaiseacha, rioscaí agus bearta coisctheacha iomchuí agus/nó bearta ceartaitheacha féideartha a shainaithint i gcomhréir le pointe (C) d’Iarscríbhinn II;

(c)

bacainní breise sa chóras athúsáide uisce a shainaithint agus aon cheanglais bhreise a leagan amach, a bhfuil gá leo tar éis an phointe chomhlíonta chun a áirithiú go mbeidh an córas athúsáide uisce sábháilte, lena n-áirítear coinníollacha a bhaineann le dáileadh, stóráil agus úsáid i gcás inarb iomchuí, agus na páirtithe atá freagrach as na ceanglais sin a chomhlíonadh a shainaithint.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 lena leasaítear an Rialachán seo chun príomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 lena bhforlíontar an Rialachán seo chun sonraíochtaí teicniúla phríomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leagan síos.

Airteagal 6

Oibleagáidí maidir le cead uisce athshlánaithe

1.   Beidh táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe a bheartaítear le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I faoi réir ceada.

2.   Déanfaidh na páirtithe freagracha sa chóras athúsáide uisce, lena n-áirítear an t-úsáideoir deiridh i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, iarratas ar chead, nó iarratas ar chead atá ann cheana a mhodhnú, a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina n-oibríonn an tsaoráid athshlánaithe nó ina bhfuil sí beartaithe oibriú.

3.   Leagfar amach sa chead oibleagáidí an oibreora saoráide athshlánaithe agus, i gcás inarb ábhartha, aon pháirtithe freagracha eile. Beidh an cead bunaithe ar an bplean bainistithe riosca um athúsáid uisce agus sonrófar ann, inter alia, an méid seo a leanas:

(a)

an aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe, nó na haicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe, agus an úsáid talmhaíochta dá gceadaítear an t-uisce athshlánaithe, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, an t-ionad úsáide, na saoráidí athshlánaithe agus méid bliantúil measta an uisce athshlánaithe atá le táirgeadh;

(b)

na coinníollacha i ndáil leis na híoscheanglais don cháilíocht uisce agus don fhaireachán uisce a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;

(c)

aon choinníollacha i ndáil le ceanglais bhreise don oibreoir saoráide athshlánaithe a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce;

(d)

aon choinníollacha eile is gá chun aon rioscaí neamh-inghlactha don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a dhíothú chun go bhfuil aon rioscaí ar leibhéal inghlactha;

(e)

tréimhse bhailíochta an cheada;

(f)

an pointe comhlíonta.

4.   Chun iarratas a mheasúnú, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile, go háirithe na húdaráis uisce agus sláinte murab ionann iad agus an t-údarás inniúil, agus aon pháirtí eile a mheasann an t-údarás inniúil a bheith ábhartha, agus malartóidh sé faisnéis ábhartha leo.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh gan mhoill i dtaobh cead a dheonú. I gcás ina bhfuil gá ag an údarás inniúil, de bharr chastacht an iarratais, le breis agus 12 mhí ó iarratas comhlánaithe a fháil chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh cead a dheonú, déanfaidh sé dáta measta a chinnidh a chur in iúl don iarratasóir.

6.   Déanfar ceadanna a athbhreithniú go rialta, agus déanfar iad a uasdátú i gcás inar is gá, sna cásanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

tháinig athrú substaintiúil ar an dtoilleadh;

(b)

rinneadh trealamh a uasghrádú;

(c)

cuireadh trealamh nó próisis nua leo; nó

(d)

tháinig athruithe i ndálaí aeráide nó i ndálaí eile a dhéanann difear suntasach do stádas éiceolaíochta dobharlach dromchla.

7.   Féadfaidh na Ballstáit a chur de cheangal go mbeidh stóráil, dáileadh agus úsáid an uisce athshlánaithe faoi réir cead sonrach chun na ceanglais bhreise agus na bacainní a shainaithnítear sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce a chur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 5(4).

Airteagal 7

Seiceáil ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil fíorú chun a fháil amach an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chead á gcomhlíonadh. Déanfar seiceálacha ar chomhlíonadh trí bhíthin na modhanna seo a leanas:

(a)

seiceálacha ar an láthair;

(b)

faireachán a dhéanamh ar na sonraí a fuarthas go háirithe de bhun an Rialacháin seo;

(c)

aon mhodh leormhaith eile.

2.   I gcás neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa chead, ceanglóidh an t-údarás inniúil ar an oibreoir saoráide athshlánaithe agus, i gcás inarb ábhartha, ar na páirtithe freagracha eile aon bhearta is gá a dhéanamh chun an comhlíonadh a athbhunú gan mhoill agus na húsáideoirí deiridh dá ndéantar difear a chur ar an eolas láithreach.

3.   I gcás inarb ionann neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa chead agus riosca suntasach don chomhshaol, do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe, déanfaidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe nó aon pháirtithe freagracha eile soláthar an uisce athshlánaithe a chur ar fionraí láithreach go dtí go gcinnfidh an t-údarás inniúil go ndearnadh an comhlíonadh a athbhunú, de réir nósanna imeachta a shainítear sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce, i gcomhréir le pointe (a) de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

4.   Má tharlaíonn teagmhas a dhéanann difear do chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa chead, cuirfidh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe nó aon pháirtithe freagracha eile an t-údarás inniúil agus páirtithe eile a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh ar an eolas láithreach, agus cuirfidh siad in iúl don údarás inniúil an t-eolas is gá chun tionchar an teagmhais sin a mheasúnú.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil a fhíorú go rialta go bhfuil na bearta agus na cúraimí a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce á gcomhlíonadh ag na páirtithe freagracha.

Airteagal 8

Comhar idir na Ballstáit

1.   I gcás ina bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint le hathúsáid uisce, ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála chun críoch comhair le pointí teagmhála agus údaráis inniúla na mBallstát eile, de réir mar is iomchuí, nó úsáidfidh siad struchtúir atá ann cheana a eascraíonn ó chomhaontuithe idirnáisiúnta chun críoch comhair.

Is é an ról a bheidh ag na pointí teagmhála nó na struchtúir atá ann cheana:

(a)

iarratais ar chúnamh a fháil agus a tharchur;

(b)

cúnamh a thabhairt nuair a iarrtar é; agus

(c)

an chumarsáid a chomhordú idir na húdaráis inniúla.

Sula ndéanfaidh siad cead a dheonú, malartóidh na húdaráis inniúla faisnéis maidir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(3) leis an bpointe teagmhála sa Bhallstát ina mbeartaítear uisce athshlánaithe a úsáid.

2.   Freagróidh na Ballstáit iarrataí ar chúnamh gan moill mhíchuí.

Airteagal 9

Faisnéis agus ardú feasachta

Sna Ballstáit ina n-úsáidtear uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta, déanfar feachtais ghinearálta ardaithe feasachta ag díriú ar an gcoigilteas acmhainní uisce a thagann mar thoradh ar athúsáid uisce. Féadfar a áireamh i bhfeachtais den sórt sin tairbhí athúsáid sábháilte uisce a chur chun cinn.

Féadfaidh na Ballstáit sin feachtais faisnéise a chur ar bun d’úsáideoirí deiridh freisin chun úsáid optamach shábháilte an uisce athshlánaithe a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, ardleibhéal cosanta don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a áirithiú.

Féadfaidh na Ballstáit na feachtais faisnéise agus ardaithe feasachta sin a oiriúnú do scála na hathúsáide uisce.

Airteagal 10

Faisnéis don phobal

1.   Gan dochar do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE, i gcás na mBallstát ina n-úsáidtear uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, áiritheoidh siad go mbeidh faisnéis leormhaith agus cothrom le dáta maidir le hathúsáid uisce ar fáil don phobal, ar líne nó ar mhodh eile. Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis sin:

(a)

cainníocht agus cáilíocht an uisce athshlánaithe a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b)

céatadán an uisce athshlánaithe sa Bhallstát a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcomparáid le méid iomlán an fhuíolluisce uirbigh chóireáilte, i gcás ina bhfuil sonraí den sórt sin ar fáil;

(c)

na ceadanna arna ndeonú nó arna modhnú i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na coinníollacha arna leagan síos ag údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialachán seo;

(d)

torthaí aon seiceálacha ar chomhlíonadh a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán seo;

(e)

na pointí teagmhála arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán seo.

2.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a uasdátú gach dhá bhliain.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear aon chinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 2(2) ar fáil don phobal, ar líne nó ar mhodh eile.

Airteagal 11

Faisnéis a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme

1.   Gan dochar do Threoracha 2003/4/CE agus 2007/2/CE, i gcás na mBallstát ina n-úsáidtear uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh siad an méid seo a leanas le cabhair ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil:

(a)

faoin 26 Meitheamh 2026, tacar sonraí a chur ar bun agus a fhoilsiú, agus uasdátú a dhéanamh air gach sé bliana ina dhiaidh sin, ina bhfuil faisnéis maidir le toradh na seiceála ar chomhlíonadh arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán seo agus faisnéis eile atá le cur ar fáil don phobal, ar líne nó ar mhodh eile, i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo;

(b)

tacar sonraí a chur ar bun, a fhoilsiú agus a uasdátú ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin ina bhfuil faisnéis faoi chásanna nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa chead agus a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán seo, agus faisnéis faoi na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus (3) den Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar na tacair sonraí dá dtagraítear i mír 1 ag an gCoimisiún, ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

3.   Ar bhonn na dtacar sonraí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, i gcomhairle leis na Ballstáit, ar bhonn rialta nó tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún, forléargas uile-Aontais a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a uasdátú. Áireofar san fhorléargas sin, de réir mar is iomchuí, táscairí d’aschuir, do thorthaí agus do thionchair an Rialacháin seo, léarscáileanna, agus tuarascálacha Ballstát.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le formáid agus cur i láthair na faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 1 chomh maith leis na rialacha mionsonraithe maidir le formáid agus cur i láthair an fhorléargais uile-Aontais dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14.

5.   Faoin 26 Meitheamh 2022, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, treoirlínte a bhunú chun tacú le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 12

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 26 Meitheamh 2028, meastóireacht ar an Rialachán seo. Beidh an mheastóireacht bunaithe ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an taithí a fuarthas ón Rialachán seo a chur chun feidhme;

(b)

na tacair sonraí arna gcur ar bun ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus an forléargas uile-Aontais arna tharraingt suas ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil i gcomhréir le hAirteagal 11(3);

(c)

sonraí eolaíocha, anailíseacha agus eipidéimeolaíocha ábhartha;

(d)

eolas teicniúil agus eolaíochta;

(e)

moltaí ó EDS, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, nó treoraíocht idirnáisiúnta eile nó caighdeáin ISO.

2.   Agus an mheastóireacht á déanamh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar na gnéithe seo a leanas:

(a)

na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b)

príomheilimintí an bhainistithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(c)

na ceanglais bhreise arna leagan síos ag na húdaráis inniúla de bhun phointí (c) agus (d) d’Airteagal 6(3);

(d)

tionchar na hathúsáide uisce ar an gcomhshaol, ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe, lena n-áirítear tionchar na substaintí ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad.

3.   Mar chuid den mheastóireacht, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an indéantacht maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig uisce athshlánaithe a bheartaítear le húsáidí sonracha eile, lena n-áirítear é a athúsáid chun críoch tionsclaíoch;

(b)

ceanglais an Rialacháin seo a leathnú chun úsáid indíreach fuíolluisce chóireáilte a chumhdach.

4.   Bunaithe ar thorthaí na meastóireachta nó aon uair a éilítear é le heolas nua teicneolaíoch agus eolaíoch, féadfaidh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na híoscheanglais a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.

5.   I gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 13

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 25 Meitheamh 2020. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste a bunaíodh le Treoir 2000/60/CE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin faoin 26 Meitheamh 2024 agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 94.

(2)  IO C 86, 7.3.2019, lch. 353.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2020 (IO C 147, 4.5.2020, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(5)  Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).

(6)  IO C 9 E, 15.1.2010, lch. 33.

(7)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).

(8)  Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus na hithreach go háirithe, nuair a úsáidtear sloda san fheirmeoireacht (IO L 181, 4.7.1986, lch. 6).

(9)  Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos na ceanglais i ndáil le sláinteachas beatha ainmhithe (IO L 35, 8.2.2005, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1)

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(15)  Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 76/160/CEE (IO L 64, 4.3.2006, lch. 37).

(16)  Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheathlú (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).

(17)  Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).

(18)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear leibhéil uasta le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus míreanna áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).

(22)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(23)  IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

(24)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(25)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

ÚSÁIDÍ AGUS ÍOSCHEANGLAIS

Roinn 1.

Úsáidí an uisce athshlánaithe

Uisciú talmhaíochta

Ciallaíonn uisciú talmhaíochta na cineálacha barr seo a leanas a uisciú:

barra bia a thomhlaítear amh, a chiallaíonn barra a bheartaítear lena dtomhailt ag an duine agus iad amh nó i riocht neamhphróiseáilte;

barra bia próiseáilte, a chiallaíonn barra a bheartaítear lena dtomhailt ag an duine, tar éis próiseas cóireála (i.e. cócaráilte nó próiseáilte go tionsclaíoch);

barra neamhbhia, a chiallaíonn barra nach mbeartaítear lena dtomhailt ag an duine (e.g. féaraigh agus barra foráiste, snáithín, ornáideacha, síl, fuinnimh agus scraithe).

Gan dochar do dhlí ábhartha eile an Aontais i réimsí an chomhshaoil agus na sláinte, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as uisce athshlánaithe i gcomhair tuilleadh úsáidí, amhail na cinn seo a leanas:

athúsáid uisce thionsclaíoch; agus

críocha a bhaineann le taitneamhacht agus críocha comhshaoil.

Roinn 2.

Na híoscheanglais

Na híoscheanglais is infheidhme maidir le huisce athshlánaithe a bheartaítear lena úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta

Leagtar amach i dTábla 1 na haicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe agus na húsáidí a cheadaítear agus na modhanna uisciúcháin le haghaidh gach aicme. Leagtar amach i dTábla 2 de phointe (a) na híoscheanglais don cháilíocht uisce. Leagtar amach i dTábla 3 (faireachán gnáthrialta) agus Tábla 4 (faireachán ar bhailíochtú) de phointe (b) na minicíochtaí íosta agus na spriocanna feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar uisce athshlánaithe.

Déanfar na barraí a bhaineann le catagóir áirithe a uisciú le huisce athshlánaithe den aicme chomhfhreagrach de cháilíocht íosta uisce athshlánaithe mar a leagtar amach i dTábla 1, ach amháin má úsáidtear bacainní breise iomchuí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(4), a bhfuil sé mar thoradh orthu go mbaintear amach na ceanglais cháilíochta a leagtar amach i dTábla 2 de phointe (a). Féadfaidh bacainní breise den sórt sin a bheith bunaithe ar liosta táscach na mbeart coisctheach dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn II nó in aon chaighdeáin choibhéiseacha náisiúnta nó idirnáisiúnta eile, e.g. caighdeán ISO 16075-2.

Tábla 1 — Aicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe agus an úsáid talmhaíochta cheadaithe agus an modh uiscithe

Aicme de cháilíocht íosta uisce athshlánaithe

Catagóir barr (*1)

Modh uisciúcháin

A

Na barra bia ar fad a thomhlaítear amh a bhfuil an chuid inite díobh i dteagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe agus barra fréimhe a thomhlaítear amh

Gach modh uisciúcháin

B

Barra bia a thomhlaítear amh a dtáirgtear an chuid inite díobh os cionn talún agus nach bhfuil i dteagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe, barra bia próiseáilte agus barra neamhbhia, lena n-áirítear barra a úsáidtear chun ainmhithe a tháirgeann bainne nó feoil a bheathú

Gach modh uisciúcháin

C

Barra bia a thomhlaítear amh a dtáirgtear an chuid inite díobh os cionn talún agus nach bhfuil i dteagmháil dhíreach le huisce athshlánaithe, barra bia próiseáilte agus barra neamhbhia, lena n-áirítear barra a úsáidtear chun ainmhithe a tháirgeann bainne nó feoil a bheathú

Uisciú silte (*2) nó modh uisciúcháin eile a sheachnaíonn teagmháil dhíreach leis an gcuid inite den bharra

D

Barra tionsclaíocha, fuinnimh agus síl

Gach modh uisciúcháin (*3)

(a)   Na híoscheanglais le haghaidh cáilíocht uisce

Tábla 2 — Ceanglais maidir le cáilíocht an uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta

Aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe

Sprioc tháscach teicneolaíochta

Ceanglais cháilíochta

E. coli

(líon/100 ml)

BOD5

(mg/l)

TSS

(mg/l)g/l)

Moirtiúlacht

(NTU)U)

Eile

A

Cóireáil thánaisteach, scagachán, agus dífhabhtú

≤ 10

≤ 10

≤ 10

≤ 5

Legionella spp.: < 1 000 cfu/l i gcás ina bhfuil riosca aerasólaithe

Néimeatóidí stéigeacha (uibheacha heilminte): ≤ 1 ubh/l chun féaraigh nó foráiste a uisciú

B

Cóireáil thánaisteach, agus dífhabhtú

≤ 100

I gcomhréir le Treoir 91/271/CEE

(Iarscríbhinn I, Tábla 1)

I gcomhréir le Treoir 91/271/CEE

(Iarscríbhinn I, Tábla 1)

-

C

Cóireáil thánaisteach, agus dífhabhtú

≤ 1 000

-

D

Cóireáil thánaisteach, agus dífhabhtú

≤ 10 000

-

Measfar go bhfuil uisce athshlánaithe ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i dTábla 2 i gcás ina gcomhlíonann na bearta le haghaidh an uisce athshlánaithe sin na critéir seo a leanas ar fad:

tá na luachanna a léirítear do E. coli, Legionella spp. agus néimeatóidí stéigeacha comhlíonta in 90 % nó níos mó de na samplaí; ní bhíonn aon cheann de na luachanna os cionn na teorann uasta diallais d’aon aonad loga amháin ón luach a léirítear do E. coli agus Legionella spp. agus 100 % den luach a léirítear do néimeatóidí stéigeacha;

déantar na luachanna a léirítear do BOD5, TSS, agus moirtiúlacht in Aicme A a chomhlíonadh in 90 % nó níos mó de na samplaí; ní bhíonn aon cheann de na luachanna os cionn na teorann uasta diallais de 100 % den luach a léirítear.

(b)   Na híoscheanglais le haghaidh faireacháin

Déanfaidh oibreoirí saoráide athshlánaithe faireachán gnáthrialta chun a fhíorú go bhfuil an t-uisce athshlánaithe ag comhlíonadh na n-íoscheanglas maidir le cáilíocht uisce a leagtar amach i bpointe (a). Cuirfear an faireachán gnáthrialta san áireamh i nósanna imeachta fíoraithe an chórais athúsáide uisce.

Maidir leis na samplaí atá le húsáid chun comhlíonadh na bparaiméadar micribhitheolaíochta a fhíorú ag an bpointe comhlíonta, glacfar iad i gcomhréir le caighdeán EN ISO 19458 nó aon chaighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena n-áirithítear cáilíocht choibhéiseach.

Tábla 3 — Na minicíochtaí íosta le haghaidh faireachán gnáthrialta ar uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta

 

Na minicíochtaí íosta le haghaidh faireachán

Aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe

E. coli

BOD5

TSS

Moirtiúlacht

Legionella spp.

(nuair is infheidhme)

Néimeatóidí stéigeacha

(nuair is infheidhme)

A

Uair sa tseachtain

Uair sa tseachtain

Uair sa tseachtain

Leanúnach

Faoi dhó sa mhí

Faoi dhó sa mhí nó ar mhinicíocht a chinneann an t-oibreoir saoráide athshlánaithe de réir líon na n uibheacha i bhfuíolluisce a thagann isteach go dtí an tsaoráid athshlánaithe

B

Uair sa tseachtain

I gcomhréir le Treoir 91/271/CEE

(Iarscríbhinn I, Roinn D)

I gcomhréir le Treoir 91/271/CEE

(Iarscríbhinn I, Roinn D)

-

C

Faoi dhó sa mhí

-

D

Faoi dhó sa mhí

-

Déanfar an faireachán ar bhailíochtú sula gcuirfear saoráid athshlánaithe nua i bhfeidhm.

Na saoráidí athshlánaithe atá i bhfeidhm cheana agus a chomhlíonann na ceanglais cáilíochta uisce a leagtar amach i dTábla 2 de phointe (a) an 25 Meitheamh 2020, beidh siad díolmhaithe ón oibleagáid sin faireachán a dhéanamh ar bhailíochtú.

Déanfar an faireachán ar bhailíochtú i ngach cás ina ndéantar uasghrádú ar threalamh, agus nuair a thugtar trealamh nó próisis nua isteach, áfach.

Déanfar an faireachán ar bhailíochtú don aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe a bhfuil na ceanglais is déine aici, Aicme A, chun a mheasúnú an bhfuil na spriocanna feidhmíochta (laghdú logartaim10) comhlíonta. Is é atá i gceist le faireachán ar bhailíochtú ná faireachán ar na miocrorgánaigh tháscacha a bhaineann le gach grúpa pataigíní, eadhon baictéir, víris agus protozoa. Is iad na miocrorgánaigh tháscacha atá roghnaithe ná E. coli le haghaidh baictéir phataigineacha, baictéarafagaigh dhrólannacha F-shonracha, baictéarafagaigh shómatacha dhrólannacha nó baictéarafagaigh dhrólannacha le haghaidh víris phataigineacha, agus spóir de Clostridium perfringens nó baictéir sulfáitlaghdaithe spórdhéanta le haghaidh protozoa. Tá na spriocanna feidhmíochta (laghdú logartaim10) le haghaidh an fhaireacháin ar bhailíochtú ar na miocrorgánaigh tháscacha roghnaithe leagtha amach i dTábla 4 agus comhlíonfar iad ag an bpointe comhlíonta, agus dlús an fhuíolluisce amh atá ag teacht isteach go dtí an gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh á bhreithniú. Bainfidh amach nó sáróidh ar a laghad 90 % de na samplaí bailíochtaithe an sprioc feidhmíochta.

Murab ann do chainníocht leordhóthanach de tháscaire bitheolaíoch san fhuíolluisce amh chun laghdú logartaim10 a bhaint amach, ciallóidh neamhláithreacht an táscaire bhitheolaíoch sin san uisce athshlánaithe go bhfuil na ceanglais maidir le bailíochtú á gcomhlíonadh. Féadfar baint amach na sprice feidhmíochta a dheimhniú trí rialú anailíseach, trí shuimiú na bhfeidhmíochta a cheadaítear do chéimeanna cóireála aonair arna bunú ar fhianaise eolaíoch do phróisis chaighdeánacha sheanbhunaithe, amhail sonraí foilsithe ó thuarascálacha tástála nó ó chás-staidéir, nó sonraí a tástáladh i saotharlann faoi dhálaí rialaithe i gcomhair cóireáil nuálach.

Tábla 4 — Faireachán ar bhailíochtú á dhéanamh ar uisce athshlánaithe le haghaidh uisciú talmhaíochta

Aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe

Miocrorgánaigh tháscacha  (*4)

Spriocanna feidhmíochta don slabhra cóireála

(laghdú logartaim10)

A

E. coli

≥ 5,0

Iomlán na mbaictéarafagach drólannach/baictéarafagaigh dhrólannacha F shonracha/baictéarafagaigh shómatacha dhrólannacha/baictéarafagaigh dhrólannacha  (*5)

≥ 6,0

Spóir de Clostridium perfringens/baictéir sulfáitlaghdaithe spórdhéanta  (*6)

≥ 4,0 (i gcás spóir de Clostridium perfringens)

≥ 5,0 (i gcás baictéir sulfáitlaghdaithe spórdhéanta)

Déanfar na modhanna anailíse don fhaireachán a bhailíochtú agus a dhoiciméadú i gcomhréir le EN ISO/IEC-17025 nó caighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena n-áirithítear cáilíocht choibhéiseach.


(*1)  Má thagann an cineál céanna bairr uiscithe faoi chatagóirí iolracha de Thábla 1, beidh feidhm ag ceanglais na catagóire is déine.

(*2)  Is é is uisciú silte ann (ar a dtugtar sil-uisciú freisin) ná córas miocruiscithe ar féidir leis braonta uisce nó srutháin bheaga a sheachadadh go dtí na plandaí trí uisce a shileadh ar an ithir nó go díreach faoina dromchla ar rátaí fíorísle (2-20 lítear san uair) ó chóras píopaí plaisteacha ag a bhfuil trastomhas beag atá feistithe le hasraonta ar a dtugtar astairí nó sileáin.

(*3)  I gcás modhanna uisciúcháin lena ndéantar aithris ar bháisteach, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shláinte oibrithe nó daoine ar an láthair a chosaint. Chun na críche sin, déanfar bearta coisctheacha iomchuí a chur i bhfeidhm.

(*4)  Féadfar úsáid a bhaint freisin as na pataigíní tagartha Campylobacter, Rótavíreas agus Cryptosporidium, seachas na miocrorgánaigh tháscacha atá molta a úsáid, chun faireachán a dhéanamh ar bhailíochtú. Ba cheart, sa chás sin, go mbeadh feidhm ag na spriocanna feidhmíochta seo a leanas atá sloinnte mar laghdú logartaim10: Campylobacter (≥ 5,0), Rótavíreas (≥ 6,0) agus Cryptosporidium (≥ 5,0).

(*5)  Roghnaítear iomlán na mbaictéarafagach drólannach mar an táscaire víreasach is iomchuí. Mura féidir anailís a dhéanamh ar iomlán na mbaictéarafagach drólannach, áfach, déanfar ceann amháin acu (baictéarafagaigh dhrólannacha F-shonracha nó baictéarafagaigh shómatacha dhrólannacha) ar a laghad a anailísiú.

(*6)  Roghnaítear spóir de Clostridium perfringens mar an táscaire protozoa is iomchuí. Is rogha mhalartach iad baictéir sulfáitlaghdaithe spórdhéanta, áfach, mura féidir baint logartaim10 arna iarraidh a bhailíochtú de dheasca dhlús na spór de Clostridium perfringens.


IARSCRÍBHINN II

(A)

Príomheilimintí bainistithe riosca

Le bainistiú riosca, cuimseofar rioscaí a shainaithint agus a bhainistiú ar bhealach réamhghníomhach chun a áirithiú go n-úsáidtear agus go mbainistítear uisce athshlánaithe go sábháilte agus nach ann do riosca don chomhshaol, do shláinte an duine ná do shláinte ainmhithe. Chun na gcríoch sin, bunófar plean bainistíochta riosca um athúsáid uisce ar bhonn na n-eilimintí seo a leanas:

1.

Tuairisc ar an gcóras athúsáide uisce iomlán, ón bpointe a dtagann fuíolluisce isteach go dtí an gléasra cóireála fuíolluisce uirbigh go dtí an pointe úsáide, lena n-áirítear na foinsí fuíolluisce, na céimeanna cóireála agus na teicneolaíochtaí arna n-úsáid ag an tsaoráid athshlánaithe, an bonneagar soláthair, dáilte agus stórála, an úsáid bheartaithe, an t-ionad agus an tréimhse úsáide (e.g. úsáid shealadach nó ad hoc), na modhanna uisciúcháin, an cineál barra, foinsí eile uisce má bheartaítear meascán a úsáid agus cainníochtaí an uisce athshlánaithe atá le soláthar.

2.

Na páirtithe freagracha uile a mbaineann leis an gcóras athúsáide uisce a shainaithint agus tuairisc shoiléir a thabhairt ar a róil agus a bhfreagrachtaí.

3.

Na guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, go háirithe truailleáin agus pataiginí, agus an baol go dtarlódh eachtraí guaiseacha, amhail teip chóireála nó sceitheadh de thimpiste nó éilliú sa chóras athúsáide uisce.

4.

Na comhshaoil agus na daonraí a bhfuil baol ann ina leith a shainaithint mar aon leis na bealaí go nochtfar iad do na guaiseacha sainaitheanta a d’fhéadfadh a bheith ann, agus aird á tabhairt ar na himthosca comhshaoil sonracha, amhail an hidrigeolaíocht, toipeolaíocht, cineál ithreach agus éiceolaíocht áitiúil, agus imthosca a bhaineann le cineál na mbarr agus na cleachtais feirmeoireachta agus uisciúcháin. Éifeachtaí diúltacha fadtéarmacha nó do-athraithe don chomhshaol agus don tsláinte a d’fhéadfadh a bheith ag an oibríocht athshlánaithe uisce, arna tacú le fianaise eolaíoch, a bhreithniú.

5.

Measúnú ar rioscaí don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe, agus aird á tabhairt ar chineál na nguaiseacha sainaitheanta a d’fhéadfadh a bheith ann, fad na n-úsáidí beartaithe, na comhshaoil agus daonraí a sainaithníodh go bhfuil baol ann go nochtfar iad do na guaiseacha sin agus déine na n-éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na guaiseacha, agus prionsabal an réamhchúraim á bhreithniú, mar aon le reachtaíocht ábhartha uile an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta ábhartha uile, na treoirdhoiciméid uile agus na híoscheanglais uile a bhaineann le sábháilteacht bia agus beatha agus sábháilteacht oibrithe. D’fhéadfadh an measúnú riosca a bheith bunaithe ar athbhreithniú ar na staidéir agus na sonraí eolaíocha atá ar fáil.

Is iad na heilimintí seo a leanas a bheidh sa mheasúnú riosca:

(a)

measúnú ar na rioscaí don chomhshaol, lena n-áirítear iad seo uile a leanas:

(i)

deimhniú ar chineál na nguaiseacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an leibhéal tuartha neamhéifeachta;

(ii)

measúnú ar raon féideartha an nochta;

(iii)

saintréithiú na rioscaí.

(b)

measúnú ar na rioscaí do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe, lena n-áirítear iad seo uile a leanas:

(i)

deimhniú ar chineál na nguaiseacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an caidreamh atá bainteach le dáileogacht;

(ii)

measúnú ar raon féideartha an nochta nó na dáileogachta;

(iii)

saintréithiú na rioscaí.

Féadfar an measúnú riosca a dhéanamh trí mheasúnú riosca cáilíochtúil nó leath-chainníochtúil a úsáid. Úsáidfear measúnú riosca cainníochtúil i gcás ina mbeidh go leor sonraí tacaíochta ann nó i dtionscadail a d’fhéadfadh riosca ard a bheith ag baint leo ó thaobh an chomhshaoil nó na sláinte poiblí de.

Cuirfear na ceanglais agus na hoibleagáidí seo a leanas, ar a laghad, san áireamh sa mheasúnú riosca:

(a)

an ceanglas go laghdófaí agus go gcoiscfí truailliú uisce ó níotráití i gcomhréir le Treoir 91/676/CEE;

(b)

an oibleagáid go gcomhlíonfadh limistéir chosanta le haghaidh uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine na ceanglais i dTreoir 98/83/CE;

(c)

an ceanglas go gcomhlíonfaí na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE;

(d)

an ceanglas cosc a chur ar thruailliú screamhuisce i gcomhréir le Treoir 2006/118/CE;

(e)

an ceanglas go gcomhlíonfaí na caighdeáin cháilíochta chomhshaoil le haghaidh substaintí tosaíochta agus truailleáin áirithe eile a leagtar síos i dTreoir 2008/105/CE;

(f)

an ceanglas go gcomhlíonfaí na caighdeáin cháilíochta chomhshaoil le haghaidh truailleán ar ábhar imní náisiúnta iad, eadhon, truailleáin shonracha in abhantracha, a leagtar síos i dTreoir 2000/60/CE;

(g)

an ceanglas go gcomhlíonfaí na caighdeáin cháilíochta uisce a leagtar síos i dTreoir 2006/7/CE;

(h)

na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, nuair a úsáidtear sloda séarachais sa talmhaíocht faoi Threoir 86/278/CEE;

(i)

na ceanglais maidir le sláinteachas earraí bia a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus an treoir a thugtar san fhógra ón gCoimisiún maidir leis an treoirdhoiciméad i ndáil le haghaidh a thabhairt ar rioscaí micribhitheolaíocha i dtorthaí agus glasraí úra sa táirgeadh príomhúil trí shláinteachas maith;

(j)

na ceanglais maidir le sláinteachas beatha ainmhithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 183/2005;

(k)

an ceanglas go gcomhlíonfaí na critéir mhicribhitheolaíocha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005;

(l)

na ceanglais maidir le leibhéil uasta le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006;

(m)

na ceanglais maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha nó ar bhia agus ar bheatha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005;

(n)

na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a leagtar amach i Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (AE) Uimh. 142/2011.

(B)

Coinníollacha i ndáil leis na ceanglais bhreise

6.

Ceanglais maidir le cáilíocht uisce agus faireachán atá sa bhreis ar na ceanglais nó atá níos déine ná na ceanglais a shonraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, nó an dá rud, a bhreithniú, i gcás inar gá agus inarb iomchuí sin chun cosaint leordhóthanach don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a áirithiú, go háirithe nuair a bheidh fianaise shoiléir eolaíoch ann gur de thionscnamh uisce athshlánaithe seachas ó fhoinsí eile é an riosca.

Ag brath ar thoradh an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i bpointe 5, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh na ceanglais bhreise sin leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

miotail throma;

(b)

lotnaidicídí;

(c)

seachtháirgí dífhabhtaithe;

(d)

earraí cógaisaíochta;

(e)

substaintí eile ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad, lena n-áirítear micreathruailleáin agus micreaphlaistigh;

(f)

frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach.

(C)

Bearta coisctheacha

7.

Bearta coisctheacha a shainaithint atá i bhfeidhm cheana féin nó ar cheart iad a dhéanamh chun srian a chur le rioscaí sa chaoi gur féidir na rioscaí sainaitheanta ar fad a bhainistiú go leordhóthanach. Déanfar aird ar leith a thabhairt ar na dobharlaigh a úsáidtear chun uisce a bheartaítear lena thomhailt ag an duine a aistarraingt agus ar na criosanna coimircí ábhartha.

Féadfar a áireamh ar na bearta coisctheacha sin:

(a)

rialú rochtana;

(b)

dífhabhtú breise nó bearta bainte truailleán;

(c)

teicneolaíocht shonrach uiscithe lena maolaítear an riosca aerasólaithe (e.g. uisciú silte);

(d)

ceanglais shonracha le haghaidh uisciú aisréadóra (e.g. uasluas gaoithe, na hachair idir an t-aisréadóir agus limistéir íogaire);

(e)

ceanglais shonracha do pháirceanna talmhaíochta (e.g. claonadh fána, sáithiúchán uisce páirce agus limistéir charstacha);

(f)

tacaíocht básaithe pataiginí roimh an mbuaint;

(g)

Achair íosta shábháilteachta a bhunú (e.g. uisce dromchla, lena n-áirítear foinsí le haghaidh beostoic, nó gníomhaíochtaí amhail dobharshaothrú, feirmeoireacht éisc, dobharshaothrú sliogéisc, snámh agus gníomhaíochtaí eile uisce);

(h)

comharthaíocht ag láithreáin uisciúcháin, lena léirítear go bhfuil uisce athshlánaithe á úsáid agus nach bhfuil sé oiriúnach lena ól.

Leagtar amach i dTábla 1 bearta coisctheacha sonracha a d’fhéadfadh a bheith ábhartha.

Tábla 1 — Bearta coisctheacha sonracha

Aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe

Bearta coisctheacha sonracha

A

Ní mór nach nochtfar muca d’fharae a uiscítear le huisce athshlánaithe ach amháin más ann do shonraí leordhóthanacha a léireodh gur féidir na rioscaí do chás sonrach a bhainistiú.

B

Toirmeasc ar tháirgí uiscithe nó faoi shileadh a bhuain agus iad fós fliuch.

Eallach déiríochta atá ag lachtadh a choinneáil amach ó fhéarach go dtí go bhfuil sé tirim.

Ní mór farae a thriomú nó sadhlas a dhéanamh de sula ndéanfar é a phacáistiú.

Ní mór nach nochtfar muca d’fharae a uiscítear le huisce athshlánaithe ach amháin más ann do shonraí leordhóthanacha a léireodh gur féidir na rioscaí do chás sonrach a bhainistiú.

C

Toirmeasc ar tháirgí uiscithe nó faoi shileadh a bhuain agus iad fós fliuch.

Ainmhithe féaraigh a choinneáil amach ó fhéarach ar feadh cúig lá tar éis an uiscithe deiridh.

Ní mór farae a thriomú nó sadhlas a dhéanamh de sula ndéanfar é a phacáistiú.

Ní mór nach nochtfar muca d’fharae a uiscítear le huisce athshlánaithe ach amháin más ann do shonraí leordhóthanacha a léireodh gur féidir na rioscaí do chás sonrach a bhainistiú.

D

Toirmeasc ar tháirgí uiscithe nó faoi shileadh a bhuain agus iad fós fliuch.

8.

Córais agus nósanna imeachta rialála cáilíochta leordhóthanacha, lena n-áirítear faireachán ar an uisce athshlánaithe le haghaidh paraiméadair ábhartha, agus cláir chothabhála leordhóthanacha do threalamh.

Moltar go mbunódh agus go gcoinneodh an t-oibreoir saoráide athshlánaithe córas bainistithe cáilíochta atá deimhnithe faoi ISO 9001 nó a choibhéis.

9.

Córais faireacháin comhshaoil chun a áirithiú go soláthraítear aiseolas ón bhfaireachán agus go ndéantar gach próiseas agus nós imeachta a bhailíochtú agus a dhoiciméadú ar bhealach iomchuí.

10.

Córas iomchuí chun teagmhais agus éigeandálacha a bhainistiú, lena n-áirítear nósanna imeachta chun na páirtithe ábhartha ar fad a chur ar an eolas faoi theagmhais nó éigeandálacha den sórt sin ar bhealach iomchuí, agus uasdátuithe rialta ar phlean freagartha éigeandála.

D’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana, amhail Treoirlínte ISO 20426:2018 maidir le measúnú riosca sláinte agus bainistiú sláinte le haghaidh uisce neamh-inólta, Treoirlínte ISO 16075:2015 maidir le húsáid fuíolluisce chóireáilte le haghaidh tionscadail uisciúcháin nó caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta, nó treoirlínte EDS, mar ionstraimí chun guaiseacha a shainaithint go córasach, rioscaí a mheas agus a bhainistiú, bunaithe ar chur chuige tosaíochta a chuirtear i bhfeidhm ar an slabhra ar fad (ó chóireáil an fhuíolluisce uirbigh le hathúsáid, go dáileadh agus úsáid le haghaidh uisciú talmhaíochta, go rialú na n-éifeachtaí) agus measúnú sonrach riosca ar an láthair.

11.

A áirithiú go mbunófar sásraí comhordúcháin i measc gníomhaithe éagsúla chun táirgeadh sábháilte agus úsáid shábháilte an uisce athshlánaithe a áirithiú.


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

5.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 177/56


CINNEADH (AE) 2020/742 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Bealtaine 2020

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2019

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 i gcomhar leis an dara fomhír d’Airteagal 218(6), pointe (a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1) ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/1918 ón gComhairle (2) , rinneadh an Comhaontú i bhfoirm malartú litreacha maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2019 (“an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha”), a shíniú an 13 Samhain 2019.

(2)

Is é is cuspóir don Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a chur ar chumas an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht Ioslamach na Máratáine leanúint de bheith ag obair go dlúth le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus acmhainní iascaigh in uiscí na Máratáine a shaothrú ar bhealach fónta, agus ligean do shoithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin.

(3)

Ba cheart an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2019, a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 2

Rachaidh Uachtarán na Comhairle ar aghaidh, thar ceann an Aontais, leis an bhfógra dá bhforáiltear i bpointe 6 den Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha (3).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Formheas an 13 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/1918 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2019 (IO L 297 I, 18.11.2019, lch. 1).

(3)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


Ceartúchán

5.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 177/58


ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/510 ón gComhairle an 7 Aibreán 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 113 an 8 Aibreán 2020 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 8 Aibreán 2020)

Ar leathanach 1, an brollach

in ionad:

“TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:”,

léitear:

“TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:”.


5.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 177/59


ar Chinneadh (AE) 2020/511 ón gComhairle an 26 Márta 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 113 an 8 Aibreán 2020 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 8 Aibreán 2020)

Ar leathanach 18, pointe (4)

in ionad:

“(4)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157(2). Leis an gCinneadh sin, ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais Phoblacht na Seice, na Danmhairge, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, Lucsamburg, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice agus na Sualainne. Ceapadh le Cinneadh (AE) 2019/2157 chomh maith agus don tréimhse chéanna, triúr comhaltaí arna moladh ag Rialtas na Beilge, 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach arna moladh ag Rialtas na Gearmáine, ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na hÉireann, 16 chomhalta agus 16 chomhalta mhalartach arna moladh ag Rialtas na Spáinne, ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na hÉireann, 10 gcomhalta agus 14 chomhalta mhalartach arna moladh ag Rialtas na hIodáile, ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas Mhálta agus ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na Fionlainne. Níorbh fhéidir comhaltaí agus comhaltaí malartacha nach bhfuair an Chomhairle aon togra ina leith óna mBallstát faoi seach faoin 15 Samhain 2019 a áireamh i gCinneadh (AE) 2019/2157.”,

léitear:

“(4)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 ( 2 ). Leis an gCinneadh sin, ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais Phoblacht na Seice, na Danmhairge, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, Lucsamburg, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice agus na Sualainne. Ceapadh le Cinneadh (AE) 2019/2157 chomh maith agus don tréimhse chéanna, triúr comhaltaí arna moladh ag Rialtas na Beilge, 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach arna moladh ag Rialtas na Gearmáine, ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na hÉireann, 16 chomhalta agus 16 chomhalta malartach arna moladh ag Rialtas na Spáinne, ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na hÉireann, 10 gcomhalta agus 14 chomhalta malartach arna moladh ag Rialtas na hIodáile, ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas Mhálta agus ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na Fionlainne. Níorbh fhéidir comhaltaí agus comhaltaí malartacha nach bhfuair an Chomhairle aon togra ina leith óna mBallstát faoi seach faoin 15 Samhain 2019 a áireamh i gCinneadh (AE) 2019/2157.”.

Ar leathanach 1, pointe (5)

in ionad:

“(5)

An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (3). Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse chéanna, ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais na Gréige, na Fraince, na Cróite, na Liotuáine, na hUngáire agus na Portaingéile, mar aon le ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Beilge, comhalta amháin a mhol Rialtas na Bulgáire, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na hÉireann, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Spáinne, 14 chomhalta agus deichniúr comhalta malartach a mhol Rialtas na hIodáile, agus 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach a mhol Rialtas na Polainne. Níorbh fhéidir comhaltaí agus comhaltaí malartacha nach bhfuair an Chomhairle aon togra ina leith óna mBallstát faoi seach faoin 20 Nollaig 2019 a áireamh i gCinneadh (AE) 2020/102.”,

léitear:

“(5)

An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (3). Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais na Gréige, na Fraince, na Cróite, na Liotuáine, na hUngáire agus na Portaingéile, mar aon le ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Beilge, comhalta amháin a mhol Rialtas na Bulgáire, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na hÉireann, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Spáinne, 14 chomhalta agus deichniúr comhalta malartach a mhol Rialtas na hIodáile, agus 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach a mhol Rialtas na Polainne. Níorbh fhéidir comhaltaí agus comhaltaí malartacha nach bhfuair an Chomhairle aon togra ina leith óna mBallstát faoi seach faoin 20 Nollaig 2019 a áireamh i gCinneadh (AE) 2020/102.”.

Ar leathanach 19, pointe 7

in ionad:

“(7)

Mhol an Bheilg a hiarrthóirí ar na suíocháin de chomhaltaí agus de chomhaltaí malartacha atá fágtha aici; mhol an Ghearmáin a hiarrthóir ar chomhalta malartach amháin agus mhol Málta a iarrathóir ar chomhalta amháin. Ba cheart go gceapfaí na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha sin don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo ón 26 Eanáir 2020.”,

léitear:

“(7)

Mhol an Bheilg a hiarrthóirí ar na suíocháin de chomhaltaí agus de chomhaltaí malartacha atá fágtha aici; mhol an Ghearmáin a hiarrthóir ar chomhalta malartach amháin agus mhol Málta a hiarrthóir ar chomhalta amháin. Ba cheart go gceapfaí na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha sin don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo ón 26 Eanáir 2020.”.


5.6.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 177/61


Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/730 an 3 Meitheamh 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 172 I an 3 Meitheamh 2020 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 3 Meitheamh 2020)

Ar an mbrollach agus ar leathanach 1:

in ionad:

“RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/730 an 3 Meitheamh 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré”,

léitear:

“RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/730 an 2 Meitheamh 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré”.

Ar leathanach 1:

in ionad:

“Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2020.”,

léitear:

“Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meitheamh 2020.”.