ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 171 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
63 |
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
CINNTÍ |
|
|
* |
||
|
* |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
CINNTÍ
2.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 171/1 |
CINNEADH (AE) 2020/721 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Bealtaine 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta le linn a 75ú seisiún agus sa Choiste Muir-Shábháilteachta de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta le linn a 102ú seisiún i dtaca le glacadh leasuithe ar rialacháin 2, 14 agus 18 agus foscríbhinní I agus VI d'Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, leasuithe ar Chodanna A-1, B, B-1, B-2 go B-4 de Chaibidil II-1 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, leasuithe ar Chodanna A-1 agus B-1 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile agus leasuithe ar rún A.658(16) maidir le húsáid agus feistiú na n-ábhar ais-fhrithchaiteach ar fhearais tarrthála
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i dteannta Airteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ba cheart gníomhaíocht an Aontais san earnáil mhuiriompair a bheith dírithe ar an gcomhshaol muirí agus sláinte an duine a chosaint agus ar an tsábháilteacht mhuirí a fheabhsú. |
(2) |
Táthar ag súil go nglacfaidh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí (“MEPC 75”) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (“IMO”), le linn a 75ú seisiún, leasuithe ar rialacháin 2, 14 agus 18 agus foscríbhinní I agus VI d'Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (“Iarscríbhinn VI de MARPOL”), mar a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le doiciméad IMO MEPC 75/3. |
(3) |
Táthar ag súil go nglacfaidh Coiste Muir-Shábháilteachta an IMO, le linn an 102ú seisiún dá chuid (“MSC 102”), leasuithe ar Chodanna A-1, B, B-1, B-2 go B-4 de Chaibidil II-1 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (“Caibidil II-1 de SOLAS”), mar a leagtar síos in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le doiciméad IMO MSC 102/3, leasuithe ar chodanna A-1 agus B-1 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile (“Cód IGF”) mar a leagtar síos in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le doiciméad IMO MSC 102/3, agus leasuithe ar rún A.658(16) maidir le húsáid agus feistiú na n-ábhar ais-fhrithchaiteach ar fhearais tarrthála (“Rún A.658(16)”). |
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn MEPC 75 a bhunú, toisc go bhfuil na leasuithe ar rialacháin 2, 14 agus 18 agus foscríbhinní I agus VI de Iarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/253 ón gCoimisiún (2). |
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn MSC 102 a leagan síos, toisc go bhfuil na leasuithe ar Chodanna A-1, B, B-1, B-2 go B-4 de Chaibidil II-1 de SOLAS, ar Chodanna A-1 agus B-1 de Chód IGF agus ar Rún A.658(16) in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Treoracha 2009/45/CE (3) agus 2014/90/AE (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1397 ón gCoimisiún (5). |
(6) |
Dhéanfadh na leasuithe ar rialacháin 2, 14 agus 18 agus Foscríbhinní I agus VI de Iarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL a áirithiú go gcuirfí chun feidhme go comhsheasmhach an teorainn sulfair 0.50 % le haghaidh breoslaí muirí a leagtar amach i rialachán 14. Ba cheart don Aontas tacú dá bhrí sin leis na leasuithe sin chun na tairbhí réamh-mheasta sláinte agus comhshaoil a ghnóthú a thiocfadh as laghdú ar astuithe dé-ocsaíde sulfair ó dhóchán breosla ar bord. |
(7) |
Leis na leasuithe ar Chuid A-1 de Chaibidil II-1 de SOLAS d’fhorálfaí do mhúráil níos sábháilte soithí. Ba cheart don Aontas tacú dá bhrí sin leis na leasuithe sin toisc go ndéantar uasghrádú cuimsitheach leo ar na socruithe múrála atá ann faoi láthair. |
(8) |
Dhéanfadh na leasuithe ar Chodanna B, B-1, B-2 go B-4 de Chaibidil II-1 de SOLAS comhsheasmhacht a áirithiú sna forálacha maidir le sláine uiscedhíonachta soithí. Ba cheart don Aontas tacú dá bhrí sin leis na leasuithe sin toisc go dtugtar isteach leo comhleanúnachas, ar fud chuid B, sna forálacha maidir le sláine uiscedhíonachta, lena n‐áirítear saincheist ríthábhachtach sin na ríomhanna um chobhsaíocht i gcás damáiste don long. |
(9) |
Sna leasuithe ar chodanna A-1 agus B-1 de Chód IGF, chuirfí feabhsaithe ar fáil a bhaineann le himchoimeád breosla, le sábháilteacht ó dhóiteáin agus le tástálacha teannais le haghaidh táthú ábhar miotalach agus tástáil neamhscriosach ar an gcóras coimeádta breosla, agus na feabhsuithe sin bunaithe ar an taithí a fuarthas agus Cód IGF á chur i bhfeidhm. Ba cheart don Aontas tacú dá bhrí sin leis na leasuithe sin toisc go dtugtar breis soiléireachta iontu maidir leis na spásanna a bhfuiltear le córas brú-scaoilte iomchuí a chur ar fáil iontu agus toisc go ndéantar foráil iontu do bhearta sábháilteachta breise i seomraí ullmhúcháin breosla. |
(10) |
Leis na leasuithe ar Rún A.658 (16), scriosfaí na focail “stua carbóin” agus chuirfí ina n‐ionad socruithe tástála nuashonraithe le haghaidh ábhar ais-fhrithchaiteach ar fhearais tarrthála. Ba cheart don Aontas tacú dá bhrí sin leis na leasuithe sin toisc go gceadaítear leo teicneolaíocht úrscothach a úsáid. |
(11) |
Ní comhalta de IMO an tAontas, ná ní páirtí conarthach é sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir ná i gCód IGF. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle na Ballstáit a údarú seasamh an Aontais a chur in iúl. |
(12) |
Ba cheart raon feidhme an Chinnidh seo a theorannú don mhéid atá sna leasuithe beartaithe, a mhéid a d’fhéadfadh na leasuithe sin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais agus a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Níor cheart don Chinneadh seo difear a dhéanamh do roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta le linn a 75ú seisiún tacú le glacadh na leasuithe ar rialacháin 2, 14 agus 18 agus foscríbhinní I agus VI de Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, mar a leagtar síos iad san Iarscríbhinn a ghabhann le doiciméad MEPC 75/3 de chuid IMO. Cumhdaítear leis an seasamh sin na leasuithe lena mbaineann a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a mhéid a d'fhéadfadh na leasuithe sin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais.
Airteagal 2
1. Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Muir‐Shábháilteachta de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta le linn a 102ú seisiún tacú leis na leasuithe ar an méid seo a leanas:
(a) |
Codanna A-1, B, B-1, B-2 go B-4 de Chaibidil II-1 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le doiciméad MSC 102/3 de chuid IMO; |
(b) |
Codanna A-1 agus B-1 den Chód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe Eile, mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le doiciméad MSC 102/3 de chuid IMO; |
(c) |
rún A.658(16) maidir le húsáid agus feistiú na n-ábhar ais‐fhrithchaiteach ar fhearais tarrthála. |
2. Cumhdaítear leis an seasamh dá dtagraítear i mír 1 na leasuithe lena mbaineann a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a mhéid a d’fhéadfadh na leasuithe sin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais.
Airteagal 3
1. Is iad na Ballstáit, ar comhaltaí iad uile de IMO, atá chun na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagail 1 agus 2, a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach ar mhaithe le leasanna an Aontais.
2. Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar na seasaimh dá dtagraítear in Airteagal 1 agus in Airteagal 2 gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 4
Údaraítear leis seo do na Ballstáit a dtoiliú a thabhairt a bheith faoi cheangal, chun leasanna an Aontais, ag na leasuithe dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2, a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Bealtaine 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GRLIĆ RADMAN
(1) Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 a bhaineann le laghdú an chion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58).
(2) Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2015/253 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2015 lena leagtar síos na rialacha a bhaineann le sampláil agus tuairisciú faoi Threoir 1999/32/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcion sulfair i mbreoslaí muirí (IO L 41, 17.2.2015, lch. 55).
(3) Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).
(4) Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1397 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2019 maidir le riachtanais deartha, tógála agus feidhmíochta agus caighdeáin tástála le haghaidh trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/773 (IO L 237, 13.9.2019, lch. 1).
2.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 171/4 |
CINNEADH (AE) 2020/722 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Bealtaine 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i dtionól an Choiste um Rialú Stáit ar Chalafoirt arna bhunú le Meabhrán Comhthuisceana Pháras um rialú Stáit ar chalafoirt, le linn na tréimhse 2020-2024
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) leagtar amach córas dlí an Aontais maidir le rialú Stáit ar chalafoirt agus déantar athfhoirmliú agus athneartú ar an reachtaíocht a bhí roimhe seo ag an Aontas, reachtaíocht sa réimse sin atá i bhfeidhm ó 1995 i leith. Tá córas an Aontais maidir le rialú Stáit ar chalafoirt bunaithe ar an struchtúr atá cheana ar Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stáit ar Chalafoirt (“Meabhrán Comhthuisceana Pháras”), a síníodh i bPáras an 26 Eanáir 1982. |
(2) |
A mhéid a bhaineann le Ballstáit an Aontais, tugtar, le Treoir 2009/16/CE, nósanna imeachta, uirlisí agus gníomhaíochtaí Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, go héifeachtach, faoi raon feidhme dhlí an Aontais. De bhua na Treorach sin, beidh cinntí áirithe arna nglacadh ag coiste um rialú stáit ar chalafoirt arna bhunú faoi Roinn 7 de Mheabhrán Comhthuisceanna Pháras (“PSCC”) ceangailteach ar Bhallstáit an Aontais. |
(3) |
Tagann PSCC le chéile gach bliain. Le linn na bpléití a bhíonn aige déanann sé cinntí maidir le saincheisteanna áirithe a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla leo. |
(4) |
De bhun Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna bhunú le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leo, tá an seasamh sin le glacadh le Cinneadh ón gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún. |
(5) |
Toisc go bhfágann rialacha inmheánacha Mheabhrán Comhthuisceana Pháras gur deacair seasamh a bhunú go tráthúil le haghaidh gach cruinniú bliaitiúil PSCC, ar seasamh é atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE. Mar sin, is éifeachtúil sa chás seo an seasamh sin a bhunú ar bhonn ilbhliantúil, arb é a bheidh ann treoirphrionsabail agus treoshuíomhanna, mar aon le creat dá shonraíocht ó bhliain go bliain. Thairis sin, baineann formhór na n-ábhar a phléitear ag cruinnithe bliaintiúla PSCC le hábhair a bhaineann le rialú Stáit ar chalafoirt agus cumhdaítear iad go ginearálta le gníomh dlíthiúil aonair de chuid an Aontais, eadhon Treoir 2009/16/CE. Sna himthosca ar leith a bhfuil feidhm acu maidir le Meabhrán Comhthuisceana Pháras, is féidir, dá bhrí sin, seasamh ginearálta atá le glacadh a bhunú thar ceann an Aontais le haghaidh roinnt de chruinnithe PSCC. |
(6) |
Ní páirtí conarthach é an tAontas Eorpach i Meabhrán Comhthuisceana Pháras. Ní mór don Chomhairle, dá bhrí sin, a údarú do na Ballstáit gníomhú i gcomhréir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais agus a chur in iúl go dtoilíonn siad a bheith faoi cheangal na gcinntí a ghlacfaidh PSCC. |
(7) |
Tá an-tábhacht ag roinnt le pléití teicniúla agus le comhar teicniúil le comhaltaí tríú tíortha de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras i dtionól PSCC chun éifeachtacht agus dea‐fheidhmiú Mheabhrán Comhthuisceana Pháras a áirithiú. |
(8) |
Ba cheart go gcumhdófaí leis an gCinneadh seo an tréimhse ó 2020 go 2024, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i dtionól chruinniú bliantúil an Choiste um Rialú Stáit ar Chalafoirt (“PSCC”) arna bhunú le Meabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stáit ar Chalafoirt (“Meabhrán Comhthuisceana Pháras”), le linn na tréimhse 2020-2024, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, i gcomhréir leis na prionsabail treoracha agus treoshuíonna ar an seasamh atá le glacadh thar cheann an Aontais i dtionól PSCC (2).
Airteagal 2
Bunófar sonraíochtaí ó bhliain go bliain ar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i dtionól chruinnithe bliantúla PSCC arna bhunú le Meabhrán Comhthuisceana Pháras, le linn na tréimhse 2020-2024, i gcomhréir le rialacha nós imeachta arna mbunú sonraíochtaí ó bhiain go bliain ar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i dtionól PSCC (3).
Airteagal 3
Gníomhóidh na Ballstáit atá faoi cheangal ag Meabhrán Comhthuisceana Pháras i gcomhréir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2, ag gníomhú dóibh i gcomhpháirt ar mhaithe le leasanna an Aontais.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Bealtaine 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GRLIĆ RADMAN
(1) Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).
(2) Féach doic. ST 7465/20, pointe I, ar http://register.consilium.europa.eu.
(3) Féach doic. ST 7465/20, pointe II, ar http://register.consilium.europa.eu.