ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 165

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
27 Bealtaine 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal, i bhfianaise phaindéim COVID-19 ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2020/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/352, ionas go mbeidh an comhlacht bainistíochta calafoirt nó an t-údarás inniúil in ann solúbthacht a sholáthar i leith thobhach na muirear ar bhonneagar calafoirt i gcomhthéacs ráig COVID-19

7

 

*

Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 agus i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair ( 1 )

10

 

*

Rialachán (AE) 2020/699 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le bearta sealadacha a bhaineann le cruinnithe ginearálta cuideachtaí Eorpacha (SEnna) agus Comharchumann Eorpach (SCEnna)

25

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2020/700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leasaítear Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann lena dtréimhsí trasuí a fhadú ( 1 )

27

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19

31

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/702 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2020 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 agus arna shíneadh le Cinneadh (AE) 2020/556, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas

38

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

27.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/1


RIALACHÁN (AE) 2020/696 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal, i bhfianaise phaindéim COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De dheasca phaindéim COVID-19, tá laghdú géar ar an aerthrácht mar thoradh ar an titim shuntasach ar an éileamh ar iompar agus ar bhearta díreacha amhail dúnadh teorainneacha agus cosc ar aerthrácht a ghlac Ballstáit agus tríú tíortha chun an phaindéim a shrianadh.

(2)

Le figiúirí atá foilsithe ag Eurocontrol, arb é an bainisteoir líonra d’fheidhmeanna bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair, léirítear titim thart ar 90 % san aerthrácht sa réigiún Eorpach ag deireadh mhí an Mhárta 2020, i gcomparáid le mí an Mhárta 2019. Tá titim mhór á tuairisciú ag aeriompróirí sna háirithintí atá le teacht mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus eitiltí á gcur ar ceal acu do thréimhsí sceidealaithe gheimhreadh 2019-2020 agus shamhradh 2020. Mar gheall ar an laghdú tobann ar éileamh agus ar an ráta cealaithe nach bhfacthas riamh cheana, tá fadhbanna móra leachtachta ann d’aeriompróirí. Tá baint dhíreach ag na fadhbanna leachtachta sin le paindéim COVID-19.

(3)

Maidir le haeriompróirí de chuid an Aontais, ar aeriompróirí iad a bhí fónta ó thaobh an airgeadais de roimh phaindéim COVID-19, tá fadhbanna leachtachta acu a d’fhéadfadh a spreagadh a gceadúnas oibríochta a chur ar fionraí, a chúlghairm nó ceadúnas sealadach a chur ina áit, gan gá struchtúrach eacnamaíoch a bheith ann go dtarlódh sé sin. D’fhéadfadh deonú ceadúnais shealadaigh de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) comhartha diúltach a chur chuig an margadh maidir le cumas aeriompróra maireachtáil, rud a chuirfeadh in olcas aon fhadhbanna airgeadais atá aici, ar fadhbanna sealadacha iad seachas sin. Ar bhonn an mheasúnaithe a dhéanfar thar an tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020, is iomchuí, dá bhrí sin, ar choinníoll nach mbeidh an tsábháilteacht i mbaol, agus go bhfuil ionchas réalaíoch ann go ndéanfar atógáil shásúil airgeadais laistigh de 12 mhí, nach ndéanfar ceadúnas oibríochta na n-aeriompróirí sin a chur ar fionraí ná a chúlghairm. Ag deireadh na tréimhse 12 mhí sin, ba cheart an t-aeriompróir de chuid an Aontais a bheith faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008. Maidir leis an oibleagáid dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 i dtaca leis an gCoimisiún a chur ar an eolas, ba cheart feidhm a bheith aici freisin maidir leis na cinntí a dhéantar gan an ceadúnas oibríochta a chur ar fionraí nó a chúlghairm.

(4)

Mar aon le bearta éigeandála a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i gcás fadhbanna tobanna sealadacha gearrthéarmacha, a eascraíonn as imthosca neamh-intuartha dosheachanta, de bhun Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann feidhmiú ceart tráchta a dhiúltú nó a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur ar fheidhmiú ceart tráchta chun déileáil le fadhbanna a eascraíonn as paindéim COVID-19, ar fadhbanna iad a d’fhéadfadh a bheith i gceist ar feadh i bhfad. Leis na bearta éigeandála sin a ghlactar i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, ba cheart prionsabail na comhréireachta agus na trédhearcachta a urramú, agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha a bhfuil feidhm acu i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

(5)

In aerfoirt ina bhfuil teorainn ar líon na soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh de bhun Airteagal 6(2) agus Airteagal 9 de Threoir 96/67/CE ón gComhairle (3), féadfar soláthróirí a roghnú ar feadh uastréimhse seacht mbliana. Dá bharr sin, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag soláthróirí a bhfuil an tréimhse sin ag dul in éag dóibh rochtain a fháil ar mhaoiniú. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh ama a chur leis an tréimhse sin.

(6)

Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, in aerfoirt ina bhfuil teorainn le líon na soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh, d’fhéadfadh soláthróir amháin nó roinnt soláthróirí scor dá seirbhísí a sholáthar ag aerfort ar leith sula bhféadfaí soláthróir nua a roghnú ar bhonn an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 11(1) de Treoir 96/67/CE. Sna himthosca sin, is iomchuí do chomhlacht bainistíochta an aerfoirt a bheith in ann soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh a roghnú chun na seirbhísí a sholáthar go díreach ar feadh uastréimhse sé mhí. Ba cheart a mheabhrú, i gcás inar gá do chomhlacht bainistithe an aerfoirt seirbhísí láimhseála ar an talamh a fháil mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus inar eintiteas conarthach é de réir bhrí Airteagal 4 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá feidhm ag an Treoir sin.

(7)

Ba cheart atógáil shásúil airgeadais a chur i gcrích le plean arb é is aidhm dó asleaganacha a chosc agus ráthaíochtaí nach mbeidh an atógáil airgeadais chun aimhleas chearta oibrithe. Ba cheart a bheith mar aidhm ag na sínte a chuirtear le húdaruithe do sholáthraithe seirbhísí láimhseála ar an talamh poist agus cearta oibrithe a chaomhnú.

(8)

Is deacair a thuar cé na forbairtí breise a thiocfaidh ar phaindéim COVID-19 agus cén tionchar breise a bheidh aici ar an earnáil aeriompair. Ba cheart don Choimisiún anailís leanúnach a dhéanamh ar thionchar phaindéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair agus, dá leanfadh na drochdhálaí ar aghaidh, ba cheart é a bheith de chumas ag an Aontas, gan mhoill mhíchuí, síneadh a chur leis an tréimhse ina mbeidh na bearta atá beartaithe faoin Rialachán seo i bhfeidhm.

(9)

Chun síneadh a chur, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar maith leis, leis an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh na húdaráis cheadúnúcháin inniúla cinneadh a dhéanamh gan na ceadúnais oibríochta a chur ar fionraí nó a chúlghairm, an tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh na Ballstáit coinníollacha maidir le feidhmiú ceart tráchta a dhiúltú, a theorannú nó a fhorchur, agus an tréimhse ar lena linn a fhéadfar síneadh a chur le conarthaí soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh agus a bhféadfaidh comhlacht bainistíochta aerfoirt soláthraí seirbhísí láimhseála ar talamh a roghnú go díreach lena linn, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(10)

I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na cúinsí eisceachtúla a chruthaigh paindéim COVID-19 agus lena dtugtar údar maith do na bearta atá beartaithe, agus go háirithe chun na bearta is gá a ghlacadh go tapa d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna tromchúiseacha atá ag an earnáil faoi láthair, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), le CFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a leasú i bhfianaise phaindéim COVID-19, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge nó a éifeachtaígur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(12)

I ngeall ar ráig thobann COVID-19 nárbh fhéidir a thuar, agus ar na nósanna imeachta reachtacha is gá chun bearta ábhartha a ghlacadh, níorbh fhéidir na bearta sin a ghlacadh in am trátha. Ar an gcúis sin, ba cheart orálacha an Rialacháin seo an tréimhse roimh a theacht i bhfeidhm a chumhdach. I bhfianaise chineál na bhforálacha sin, níl ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann á sárú mar thoradh ar chur chuige den sórt sin.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a leasú dá réir sin.

(14)

I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na cúinsí eisceachtúla a thugann údar maith do na bearta arna mbunú, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Rialaítear leis an Rialachán seo ceadúnú aeriompróirí Comhphobail, ceart aeriompróirí Comhphobail aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal a oibriú agus praghsáil aersheirbhísí laistigh den Chomhphobal. Leagtar síos leis freisin, rialacha sealadacha maidir le soláthar seirbhísí láimhseála ar an talamh ag aerfoirt an Aontais.”.

(2)

in Airteagal 9, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.   Bunaithe ar na measunaithe dá dtagraítear i mír 1, arna ndéanamh idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Nollaig 2020, féadfaidh an t-údarás ceadúnúcháin inniúil a chinneadh roimh dheireadh na tréimhse sin gan ceadúnas oibríochta an aeriompróra de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a chúlghairm ar choinníoll nach mbeidh an tsábháilteacht i mbaol, agus agus go bhfuil ionchas réalaíoch ann go ndéanfar atógáil shásúil airgeadais laistigh den 12 mhí ina dhiaidh sin. Déanfaidh sé athbhreithniú ar fheidhmíocht an aeriompróra de chuid an Aontais ag deireadh na tréimhse 12 mhí agus cinnfidh sé cé acu an ndéanfar an ceadúnas oibríochta a chur ar fionraí nó a chúlghairm agus deonófar ceadúnas sealadach ar bhonn mhír 1.

1b.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, ar bhonn sonraí arna bhfoilsiú ag Eurocontrol, arb é an bainisteoir líonra d’fheidhmeanna bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair, go bhfuil an laghdú ar leibhéal an aerthráchta ag leanúint ar aghaidh i gcomparáid leis an leibhéal le linn na tréimhse comhfhreagraí in 2019 agus gur dócha go leanfaidh sin ar aghaidh, agus ina bhfaigheann an Coimisiún freisin, ar bhonn na sonraí eolaíochta is fearr atá ar fáil, amhail sonraí ón Lárionad Eorpach chun Galair a Chosc agus a Rialú, gur mar thoradh ar thionchar phaindéim COVID-19 an staid sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 25a chun an Rialachán seo a leasú trí shíneadh a chur leis an tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020 dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo dá réir.

1c.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid de réir na gcritéar a leagtar amach i mír 1b. Bunaithe ar an eolas atá ar fáil dó, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil achomairfaoin ábhar seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Comhairle faoin 15 Samhain 2020. I gcás ina gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i mír 1b, glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1b a luaithe is féidir.

1d.   Más rud é, i gcás ina mbeidh tionchar fada ag paindéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair san Aontas, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.”.

(3)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 21a

Bearta éigeandála a bhaineann le paindéim COVID-19

1.   D’ainneoin Airteagal 21, maidir leis an tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020, féadfaidh Ballstáit, gan chomhaontú ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 21(1), feidhmiú ceart tráchta a dhiúltú, a theorannú nó coinníollacha a fhorchur air más gá an beart sin chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19. Le gníomh den sórt sin, urramófar prionsabail na comhréireachta agus na trédhearcachta agus bunófar é ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi ghníomh den sórt sin dá dtagraítear i mír 1 agus a fhad, agus tabharfaidh sé cúiseanna leordhóthanacha dóibh lena dtugtar údar maith don ghníomh sin. Má dhéanann an Ballstát an gníomh sin a mhodhnú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin d’aon Bhallstát nó Ballstáit eile atá i gceist, nó ar a thionscnamh féin, an gníomh dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fionraí mura gcomhlíontar leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 nó má tá sé contrártha do dhlí an Aontais ar bhealach eile.

4.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, ar bhonn an eolais, na fianaise agus na sonraí eolaíocha is fearr, amhail sonraí ón Lárionad Eorpach chun Galair a Chosc agus a Rialú, lena ndeimhnítear go bhfuil paindéim COVID-19 ag leanúint ar aghaidh gur dócha go mbeidh gá le feidhmiú ceart tráchta na mBallstát a dhiúltú, a theorannú, nó coinníollacha a fhorchur air, tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 25a chun an Rialachán seo a leasú trí shíneadh a chur leis an tréimhse sin dá réir.

5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid de réir na gcritéar dá dtagraítear i mír 4. Bunaithe ar an eolas atá ar fáil, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil achomair faoin ábhar seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 15 Samhain 2020. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 a luaithe is féidir.

6.   Más rud é, i gcás ina mbeidh tionchar fada ag paindéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair san Aontas, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.”.

(4)

cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach:

“CAIBIDIL IVa

RIALACHA SEALADACHA MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ LÁIMHSEÁLA AR AN TALAMH

Airteagal 24a

1.   De mhaolú ar phointe (d) d’Airteagal 11(1) de Threoir 96/67/CE ón gComhairle (*1), féadfar conarthaí soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh a roghnaítear ar bhonn an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11(1) den Treoir sin nó údaruithe arna ndeonú do na soláthróirí sin a rachaidh in éag le linn na tréimhse ón 28 Bealtaine 2020 go dtí an 31 Nollaig 2021 a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2022.

2.   De mhaolú ar phointe (e) d’Airteagal 11(1) de Threoir 96/67/CE, maidir leis an tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020, i gcás ina scoirfidh soláthróir seirbhísí láimhseála ar an talamh a ghníomhaíocht roimh dheireadh na tréimhse dar roghnaíodh é, féadfaidh comhlacht bainistithe an aerfoirt nó údarás inniúil an Bhallstáit, soláthróir seirbhíse láimhseála ar an talamh a roghnú go díreach chun na seirbhísí a sholáthar ar feadh uastréimhse sé mhí nó ar feadh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2020, cibé acu is faide.

3.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, ar bhonn sonraí arna bhfoilsiú ag Eurocontrol, go bhfuil an laghdú ar leibhéal an aerthráchta ag leanúint ar aghaidh, i gcomparáid leis an leibhéal le linn na tréimhse comhfhreagraí in 2019, agus gur dócha go leanfaidh sé ar aghaidh, gur mar thoradh ar thionchar phaindéim COVID-19 an staid sin, agus dá dheasca sin go gcuirtear isteach ar sholáthar seirbhísí láimhseála ar an talamh nó go bhfuil deacrachtaí ag soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh ag aerfoirt an Aontais maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 25a chun an Rialachán seo a leasú trí shíneadh a chur leis na tréimhsí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo dá réir.

4.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar an staid de réir na gcritéar a leagtar amach i mír 3. Bunaithe ar an eolas atá ar fáil dó, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil achomair faoin ábhar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 15 Samhain 2020. I gcás inár gá, glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá bhforáiltear i mír 3 a luaithe is féidir.

5.   Más rud é, i gcás ina mbeidh tionchar fada ag paindéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair san Aontas Eorpach, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.

(*1)  Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh na láimhseála ar an talamh in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36).”."

(5)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 25a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 9(1b), 21a(4) agus 24a(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse aon bhliain amháin ón 28 Bealtaine 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 9(1b), 21a(4) agus 24a(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 9(1b), 21a(4) agus 24a(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 25b

Nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25a. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).

(3)  Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar an margadh láimhseála ar talamh ag aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36).

(4)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


27.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/7


RIALACHÁN (AE) 2020/697 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/352, ionas go mbeidh an comhlacht bainistíochta calafoirt nó an t-údarás inniúil in ann solúbthacht a sholáthar i leith thobhach na muirear ar bhonneagar calafoirt i gcomhthéacs ráig COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá tionchar diúltach tromchúiseach á imirt ag ráig COVID-19 ar earnáil an mhuiriompair. Ó thús mhí an Mhárta 2020, tá iarmhairtí tromchúiseacha ann do sheirbhísí muiriompair agus d’úsáid bhonneagair calafoirt agus is dócha gurb amhlaidh a bheidh ann i rith 2020. D’fhéadfadh tarscaoileadh, fionraíocht, laghdú nó iarchur maidir le híocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt rannchuidiú le hinbhuanaitheacht airgeadais na n-oibreoirí loinge sna himthosca eisceachtúla seo.

(2)

Le Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na muirir ar bhonneagar calafoirt a thobhach. Le Rialachán (AE) 2017/352, ní dhéantar foráil maidir le haon eisceacht ón oibleagáid muirir a thobhach.

(3)

I bhfianaise dhéine na n-iarmhairtí a bhaineann le ráig COVID-19, is iomchuí a cheadú do chomhlacht bainistíochta calafoirt nó don údarás inniúil a chinneadh, íocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt atá dlite i rith na tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020 a tharscaoileadh, a chur ar fionraí, a laghdú nó a iarchur. Mar sin féin, níor cheart, leis an Rialachán seo, cur isteach ar eagrú calafort na mBallstát. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo isteach ar eagrúchán calafoirt na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann an chumhacht chun rialáil a dhéanamh ar ghlacadh cinntí den sórt sin ag comhlachtaí bainistíochta calafoirt nó ag na húdaráis inniúla a choinneáil. Ba cheart tarscaoileadh, fionraíocht, laghdú nó iarchur ar íocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt den sórt sin a dheonú ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

(4)

I bhfianaise na práinne, is iomchuí a cheadú freisin do chomhlacht bainistíochta calafoirt, nó don údarás inniúil, maolú ón oibleagáid dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/352, maidir le húsáideoirí an bhonneagair chalafoirt a chur ar an eolas faoi na hathruithe i gcineáil nó leibhéil na muirear ar bhonneagar calafoirt ar a laghad dhá mhí sula dtagann na hathruithe sin i bhfeidhm.

(5)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2017/352, chun freagairt don chás práinne atá cruthaithe ag ráig COVID-19 a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(6)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúinsí eisceachtúla arb í ráig COVID-19 ba chúis leo agus lena dtugtar bonn cirt leis na bearta atá beartaithe, agus go sonrach chun na bearta is gá a ghlacadh go tapa chun rannchuidiú le hinbhuanaitheacht airgeadais na n-oibreoirí loinge, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(7)

Le ráig thobann COVID-19 nárbh fhéidir a thuar agus na nósanna imeachta reachtacha is gá chun bearta ábhartha a ghlacadh, chiallaigh sé go raibh sé dodhéanta bearta den sórt sin a ghlacadh in am. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir leis na muirir ar bhonneagar calafoirt a bhí dlite ar feadh tréimhse roimh a theacht i bhfeidhm. I bhfianaise chineál na bhforálacha sin, níl sárú ar ionchas dlisteanach na ndaoine lena mbaineann mar thoradh ar chur chuige den sórt sin.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/352 a leasú dá réir sin.

(9)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/352, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   D’ainneoin Airteagal 13(1), (3) agus (4), féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt nó an t-údarás inniúil a chinneadh íocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt atá dlite don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020 a tharscaoileadh, a chur ar fionraí, a laghdú nó a iarchur. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go n-urramóidh cinntí den sórt sin na ceanglais a leagtar chun na críche sin sa dlí náisiúnta. Déanfar tarscaoileadh, fionraíocht, laghdú nó iarchur íocaíochtaí na muirear ar bhonneagar calafoirt, a dheonú ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt nó an t-údarás inniúil, go gcuirfear úsáideoirí calafoirt agus ionadaithe nó comhlachais na n-úsáideoirí calafoirt ar an eolas dá réir sin. Ní bheidh feidhm ag an teorainn ama dhá mhí dá dtagraítear in Airteagal 13(5).”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Bealtaine 2020.

(2)  Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).


27.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/10


RIALACHÁN (AE) 2020/698 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 agus i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 91 agus 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ráig COVID-19 agus an ghéarchéim sláinte poiblí a bhaineann léi, is dúshlán do na Ballstáit iad, dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh, agus leagann siad ualach trom iad ar na húdaráis náisiúnta, ar shaoránaigh an Aontais agus ar na hoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe oibreoirí iompair. Tá imthosca urghnácha cruthaithe ag an ngéarchéim sláinte poiblí, imthosca nárbh fhéidir a thuar go réasúnta nuair a glacadh na bearta ábhartha, a dhéanann difear do ghnáthghníomhaíocht na n‐údarás inniúil sna Ballstáit agus d'obair na ngnóthas iompair a mhéid a bhaineann leis na foirmiúlachtaí riaracháin atá le cur i gcrích sna hearnálacha difriúla iompair. Tá tionchar nach beag ag na himthosca urghnácha sin ar réimsí éagsúla a chumhdaítear le dlí iompair an Aontais.

(2)

Go háirithe, is féidir nach mbeidh oibreoirí iompair ná daoine eile lena mbaineann in ann na foirmiúlachtaí ná na nósanna imeachta is gá a chur i gcrích d’fhonn forálacha áirithe de dhlí an Aontais a chomhlíonadh, ar forálacha iad a bhaineann le deimhnithe, ceadúnais nó údaruithe a athnuachan nó a fhadú, nó d’fhonn céimeanna eile a chur i gcrích atá riachtanach lena gcoinneáil bailí. Ar na cúiseanna céanna, is féidir nach mbeidh údaráis inniúla na mBallstát in ann na hoibleagáidí arna mbunú le dlí an Aontais a chomhlíonadh ná a áirithiú go ndéileálfar leis na hiarrataí ábhartha arna dtabhairt isteach ag na hoibreoirí iompair sula rachaidh na sprioc-amanna is infheidhme in éag. Is gá, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh a mbeidh sé de rún leo teacht i dtír ar na fadhbanna sin agus deimhneacht dhlíthiúil agus feidhmiú ceart na ngníomhartha dlí lena mbaineann araon a áirithiú. Ba cheart foráil a dhéanamh chuige sin, go háirithe i leith teorainneacha ama áirithe, mar aon leis an bhféidearthacht don Choimisiún sínte ama a údarú ar bhonn iarraidh arna cur isteach ag Ballstát ar bith.

(3)

Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) lena leagtar síos rialacha is infheidhme maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí nó paisinéirí a iompar. Ní mór deimhniú inniúlachta gairmiúla (CPC) a bheith ag na tiománaithe sin agus ní mór dóibh a chruthú go bhfuil an oiliúint thréimhsiúil déanta acu trí cheadúnas tiomána nó cárta cáilíochta tiománaí a bheith acu, ar a bhfuil an oiliúint thréimhsiúil cláraithe. Ó tharla, de dheasca na ndeacrachtaí do shealbhóir deimhnithe inniúlachta gairmiúla maidir le hoiliúint thréimhsiúil a chur i gcrích agus maidir le CPC, lena ndeimhnítear cur i gcrích na hoiliúna tréimhsiúla sin, a athnuachan, de dheasca na n-imthosca urghnácha a d'eascair as ráig COVID‐19, a bhí tar éis tosú faoin 1 Feabhra 2020 i roinnt Ballstát, is gá síneadh a chur le bailíocht an CPC sin ar feadh tréimhse 7 mí óna dáta éaga, chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le hiompar de bhóthar. Ba cheart bearta a bhaineann leis na nithe sin a rinne Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus (3) de Threoir 2003/59/CE, Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), nó Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2003/59/CE sular tháinig an Rialachan seo i bhfeidhm leanúint de bheith bailí.

(4)

Le Treoir 2006/126/CE, leagtar síos rialacha maidir le ceadúnais tiomána. Déantar foráil sa treoir sin maidir le ceadúnais tiomána arna n‐eisiúint ag na Ballstáit a aithint go frithpháirteach bunaithe ar cheadúnas tiomána de réir mhúnla an Aontais, agus leagtar síos léi sraith íoscheanglas do na ceadúnais sin. Go háirithe, ní mór ceadúnas tiomána bailí a bheith ag tiománaithe mótarfheithiclí, ar ceadúnas tiomána é nach mór a athnuachan nó, i gcásanna áirithe, a mhalartú ar dhul in éag a bhailíochta riaracháin. Ó tharla gur deacair ceadúnais tiomána a athnuachan de dheasca na n‐imthosca urghnácha i ngeall ar ráig COVID-19, a bhí tar éis tosú faoin 1 Feabhra 2020 i roinnt Ballstát, is gá síneadh a chur le bailíocht ceadúnas tiomána áirithe ar feadh tréimhse 7 mí óna ndáta éaga, chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le soghluaisteacht de bhóthar.

(5)

Le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) leagtar síos rialacha maidir le tacagraif san iompar de bhóthar. Tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfar na rialacha maidir le ham tiomána, am oibre agus tréimhsí scíthe, mar a leagtar amach iad i Rialachán (AE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i dTreoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), chun iomaíocht chóir agus sábháilteacht ar bhóithre a áirithiú. Mar gheall ar an ngá atá le leanúnachas i soláthar seirbhísí iompair de bhóthar d'ainneoin na ndeacrachtaí atá ann cigireachtaí rialta ar thacagraif a dhéanamh de dheasca na n‐imthosca urghnácha i ngeall ar ráig COVID-19, ba cheart anois na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, ar chóir iad a bheith déanta idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, a dhéanamh tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta a rabhthas chun iad a dhéanamh faoin Airteagal sin. Ar an gcúis chéanna, fágann deacrachtaí a bhaineann le cártaí tiománaí a athnuachan agus a athsholáthar, de dheasca na n‐imthosca urghnácha i ngeall ar ráig COVID-19, go bhfuil bonn cirt le breis ama a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát chun na gcríoch sin. Sna cásanna sin, ba cheart a chur ar chumas na dtiománaithe, agus ba cheart an oibleagáid a chur orthu, dul i muinín bealaí malartacha inmharthana chun an fhaisnéis is gá a thaifead maidir le ham tiomána, am oibre agus tréimhsí scíthe, go dtí go bhfaigheann siad cárta nua.

(6)

Le Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), leagtar síos rialacha maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta le haghaidh mótarfheithiclí agus a gcuid leantóirí. Cúram casta atá sa tástáil thréimhsiúil ródacmhainneachta, a ceapadh chun a áirithiú go gcoimeádtar bail atá slán agus inghlactha ó thaobh an chomhshaoil de ar fheithiclí fad atá siad in úsáid. Ó tharla gur deacair tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta a dhéanamh de dheasca na n‐imthosca urghnácha i ngeall ar ráig COVID-19, a bhí tar éis tosú faoin 1 Feabhra 2020 i roinnt Ballstát,ba cheart anois na tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta, ar chóir iad a bheith déanta idir an 1 Feabhra 2020 agus 31 Lúnasa 2020, a dhéanamh dáta is sia anonn, ach tráth nach déanaí ná 7 mí tar éis na teorann ama a ceapadh ar dtús agus ba cheart go leanfadh na deimhnithe lena mbaineann de bheith bailí go dtí an dáta sin is déanaí .

(7)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh. Tá iarmhairtí tromchúiseacha ag ráig COVID-19 agus ag an ngéarchéim sláinte poiblí a bhaineann leis do staid airgeadais na hearnála, agus níl an ceanglas maidir le seasamh airgeadais á chomhlíonadh a thuilleadh ag roinnt gnóthas iompair. Ó tharla go bhfuil an leibhéal gníomhaíochta níos ísle de dheasca na géarchéime sláinte poiblí, féadfar a thuar go mbainfidh sé tamall níos faide ná mar is gnáth as gnóthais a léiriú go sásófar an ceanglas maidir le seasamh airgeadais arís ar bhonn buan. Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an uasteorainn ama, arna bunú chun na gcríoch sin in Airteagal 13(1), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, ó 6 mhí go 12 mhí, a mhéid a bhaineann le measúnuithe ar sheasamh airgeadais gnóthas iompair a chumhdaíonn an tréimhse ar fad nó cuid den tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 30 Meán Fómhair 2020. I gcás inar suíodh mainneachtain den sórt sin cheana agus nach bhfuil an teorainn ama arna socrú ag an údarás áitiúil dulta in éag fós, ba cheart go mbeadh an t-údarás inniúil in ann síneadh go 12 mhí san iomlán a chur leis an teorainn ama sin.

(8)

Le Rialacháin (CE) Uimh. 1072/2009 (9) agus (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), leagtar síos rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar agus le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus, faoi seach. Tá iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar agus iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus faoi réir, inter alia, seilbh ar cheadúnas Comhphobail agus, i gcás tiománaithe ar náisiúnaigh tríú tíortha iad a bhfuil oibríochtaí iompair lasta ar bun acu, faoi réir fianaithe tiománaithe. Tá údarú de choinníoll ar sholáthar seirbhísí tráthrialta de bhus agus de chóiste freisin. Féadfar na ceadúnais, na fianuithe agus na húdaruithe sin a athnuachan tar éis a fhíorú go bhfuil na coinníollacha ábhartha fós á gcomhlíonadh. Ó tharla gur deacair na ceadúnais agus na fianuithe a athnuachan de dheasca na n‐imthosca urghnácha i ngeall ar ráig COVID-19, is gá síneadh a chur lena mbailíocht ar feadh 6 mhí óna ndáta éaga, chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le hiompar de bhóthar.

(9)

Le Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), leagtar síos rialacha maidir le sábháilteacht iarnróid. Mar thoradh ar na bearta gaibhniúcháin mar aon leis an ualach oibre breise a bhaineann le ráig COVID-19 a shrianadh, tá deacrachtaí roimh na húdaráis náisiúnta, gnóthais iarnróid agus bainisteoirí bonneagair i gcomhthéacs Airteagail 10 agus 12 den Treoir sin, i ndáil le deimhnithe sábháilteachta aonair a athnuachan agus, i bhfianaise go bhfuiltear ag teannadh le dul in éag na n‐údaruithe sábháilteachta atá ann cheana, i ndáil leis na n‐údaruithe sin a eisiúint le haghaidh tréimhse ina dhiaidh sin a chumhdaítear le hAirteagail 10 agus 12, faoi seach, den Treoir sin. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh 6 mhí a chur leis an teorainn ama a ghabhann le deimhnithe sábháilteachta aonair a athnuachan, agus ba cheart go leanfadh na deimhnithe sábháilteachta aonair lena mbaineann, atá ann cheana, de bheith bailí dá réir. Ar an gcuma chéanna, ba cheart síneadh 6 mhí óna ndáta éaga a chur le bailíocht na n‐údaruithe sábháilteachta sin.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Threoir (AE) 2016/798, chuir Ballstáit áirithe síneadh le tréimhse trasuite na Treorach sin. Dá bhrí sin, leanfaidh rialacha Threoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) de bheith infheidhme sna Ballstáit sin. Is gá, ar an ábhar sin, foráil a dhéanamh freisin maidir le síneadh a chur leis na teorainneacha ama a bhaineann le hathnuachan na ndeimhnithe sábháilteachta agus na n‐údaruithe sábháilteachta arna n‐eisiúint faoi Airteagail 10 agus 11 de Threoir 2004/49/CE agus is gá a shoiléiriú go leanfaidh na deimhnithe agus na húdaruithe sábháilteachta lena mbaineann de bheith bailí dá réir.

(11)

Le Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), leagtar síos rialacha maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n‐oibriú acu i gcóras iarnróid an Aontais. Foráiltear in Airteagail 14(5) agus 16 den Treoir sin go bhfuil teorainn deich mbliana le bailíocht na gceadúnas do thiománaithe traenach agus go bhfuil sí faoi réir seiceálacha tréimhsiúla. Ó tharla gur deacair ceadúnais a athnuachan de dheasca na n‐imthosca urghnácha i ngeall ar ráig COVID-19, is gá sineadh a chur le bailíocht na gceadúnas lena ngabhann dáta éaga idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020 ar feadh tréimhse 6 mhí óna ndáta éaga. Ar an gcuma chéanna, ba cheart tréimhse 6 mhí sa bhreis a thabhairt do thiománaithe traenach chun na seiceálacha tréimhsiúla a chur i gcrích.

(12)

Le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), bunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid. Faoi Airteagal 23(2) den Treoir sin, féadfaidh údaráis cheadunúcháin athbhreithniú rialta a dhéanamh d'fhonn a fhíorú go leanann gnóthas iarnróid de na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III den Treoir sin a bhaineann lena cheadúnas a chomhlíonadh. Faoi Airteagal 24(3) den Treoir sin, féadfaidh na húdaráis cheadúnúcháin náisiúnta ceadúnas a chur ar fionraí nó a chúlghairm, ar fhorais nár comhlíonadh an ceanglas maidir le folláine airgeadais, agus féadfaidh siad ceadúnas sealadach a dheonú go dtí go ndéanfar atheagrú ar an ngnóthas iarnróid ar choinníoll nach gcuirfear an tsábháilteacht i mbaol. De dheasca na n‐imthosca urghnácha i ngeall ar ráig COVID-19, tá deacrachtaí móra ag na húdaráis cheadúnúcháin na hathbhreithnithe rialta a dhéanamh i dtaca le ceadúnais atá ann cheana agus na cinntí ábhartha a ghlacadh maidir le ceadúnais nua a eisiúint tar éis do cheadúnas sealadach dul in éag. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh 6 mhí a chur leis na teorainneacha ama chun na hathbhreithnithe rialta a dhéanamh, arb amhlaidh i gcomhréir leis an Treoir sin, a théann siad in éag idir 1 Márta 2020 agus 31 Lúnasa 2020. Ar an dóigh chéanna, ba cheart síneadh 6 mhí a chur le bailíocht na gceadúnas sealadach lena ngabhann dáta éaga idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020.

(13)

Ceanglaítear le hAirteagal 25(2) de Threoir 2012/34/AE ar na húdaráis cheadúnúcháin cinntí a ghlacadh maidir le hiarratais ar cheadúnais laistigh de 3 mhí tar éis gach faisnéis ábhartha, go háirithe na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, a bheith curtha isteach. Ó tharla gur deacair na cinntí ábhartha a ghlacadh de dheasca na n‐imthosca urghnácha i ngeall ar ráig COVID-19, is gá síneadh 6 mhí a chur leis an teorainn ama sin.

(14)

Tá fadhbanna leachtachta ag gnóthais iarnróid a bhí cobhsaí roimh ráig COVID-19, fadhbanna a d'fhéadfadh a fhágáil go gcuirfí a gceadúnais ar fionraí, go ndéanfaí iad a chúlghairm nó go gcuirfí ceadúnas sealadach ina n‐ionad, gan riachtanas eacnamaíoch struchtúrach a bheith ann go dtarlódh sé sin. I dtaca le ceadúnas sealadach a dheonú de bhun Airteagal 24(3) de Threoir 2012/34/AE, rud é sin a d'fhéadfadh droch‐chuma a chur ar ghnóthais iarnróid, i súile an mhargaidh, i dtaca le cumas na ngnóthas sin teacht slán, agus ar an dóigh sin dhéanfaí fadhbanna airgeadais, nach mbeadh ach ina bhfadhbanna sealadach murach sin, a chur chun donais. Ba cheart a fhoráil dá bhrí sin, nuair a aimsíonn an t-údarás ceadúnúcháin, ar bhonn na seiceála a rinneadh le linn na tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, nach féidir le gnóthas iarnróid na ceanglais a bhaineann le folláine airgeadais a chomhlíonadh a thuilleadh, ba cheart é a bheith in ann cinneadh a dhéanamh, roimh an 31 Lúnasa 2020, gan ceadúnas de chuid an ghnóthais iarnróid lena mbaineann a chur ar fionraí ná a chúlghairm fad agus nach bhfuil an tsábháilteacht i mbaol, agus fad agus gur dócha go réadúil go ndéanfar atógáil shásúil airgeadais laistigh den 6 mhí a leanann sin. Tar éis an 31 Lúnasa 2020, ba cheart an gnóthas iarnróid a bheith faoi réir na rialacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 24(1) den Treoir sin.

(15)

Le Treoir 96/50/CE ón gComhairle (15), leagtar síos na coinníollacha maidir le deimhnithe máistrí báid a fháil chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealaí intíre san Aontas. Ar theacht in aois a 65 bliana dóibh, ceanglaítear ar shealbhóirí deimhnithe máistrí báid dul faoi scrúduithe tréimhsiúla dochtúra. I bhfianaise na mbeart arna nglacadh i ndáil le ráig COVID-19, agus go háirithe an rochtain theoranta ar sheirbhísí dochtúra chun scrúduithe dochtúra a dhéanamh, is féidir nach mbeidh sealbhóirí deimhnithe máistrí báid in ann dul faoi na scrúduithe dochtúra is dlite orthu laistigh den tréimhse lena mbaineann na bearta sin. Dá bhrí sin, le haghaidh cásanna ina mbeadh an teorainn ama chun dul faoi scrúduithe dochtúra dulta in éag murach é sin nó ina rachadh sí in éag murach é sin idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, ba cheart síneadh 6 mhí a chur leis an teorainn ama sin i ngach ceann de na cásanna lena mbaineann. Ba cheart go bhfanfadh na deimhnithe máistrí báid lena mbaineann bailí dá réir.

(16)

Le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), leagtar síos ceanglais theicniúla maidir le soithí uiscebhealaí intíre. Le hAirteagal 10 den Treoir sin, foráiltear do theorainn ar thréimhse bhailíochta deimhnithe Aontais um loingseoireacht intíre. Thairis sin, maidir le hAirteagal 28 de Threoir (AE) 2016/1629 maidir le doiciméid a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin agus a d'eisigh údaráis inniúla na mBallstát roimh an 6 Deireadh Fómhair 2018 faoin Treoir a bhí infheidhme roimhe sin, eadhon Treoir 2006/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), foráiltear san Airteagal sin go leanfaidh na doiciméid sin de bheith bailí go dtí go rachaidh siad in éag. De dheasca na mbeart arna nglacadh i bhfianaise ráig COVID-19, is féidir go mbeidh sé dofheidhmithe, nó dodhéanta ar uairibh, do na húdaráis inniúla cigireachtaí teicniúla a chur ar bun chun síneadh a chur le bailíocht deimhnithe áirithe nó, i gcás na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 28 de Threoir (AE) 2016/1629, doiciméid a chur ina n‐ionad. Dá bhrí sin, chun go bhféadfaidh na soithí uiscebhealaí intíre ábhartha leanúint de bheith ag feidhmiú is iomchuí síneadh ama 6 mhí a chur le bailíocht na ndeimhnithe Aontais um loingseoireacht intíre agus le bailíocht doiciméad a thagann faoi raon feidhme Airteagal 28 de Threoir (AE) 2016/1629, ar doiciméid agus deimhnithe iad a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020.

(17)

Le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), leagtar síos rialacha maidir le slándáil long agus saoráidí calafort a fheabhsú. Le Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), leagtar síos bearta chun slándáil calafoirt a fheabhsú i bhfianaise bagairtí ar theagmhais slándála. Áirithítear léi freisin go rachaidh slándáil fheabhsaithe calafoirt chun tairbhe do na bearta slándála arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 725/2004. Tá an ghéarchéim leanúnach sláinte poiblí tar éis deacrachtaí a chruthú i dtaca leis na cigireachtaí agus na suirbhéanna slándála muirí a dhéanann údaráis na mBallstát d’fhonn doiciméid áirithe a athnuachan sa réimse slándála muirí. Dá bhrí sin, is gá síneadh de thréimhse réasúnta ama a chur le teorainneacha ama le haghaidh na measúnuithe slándála agus na bpleananna slándála a cheanglaítear leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais a athbhreithniú, chun na Ballstáit agus an tionscail loingis a chumasú chun cur chuige solúbtha pragmatach a ghlacadh, gan an tslándáil a chur i mbaol. Ba chóir solúbthacht a chur ar fáil freisin i dtaca le druileanna agus cleachtaí slándála muirí, a gceanglaítear le gníomhartha dlí an Aontais sa réimse slándála muirí iad a dhéanamh laistigh de thréimhsí áirithe ama.

(18)

I gcás ina measann Ballstát gur dócha go bhfanfaidh cur i bhfeidhm na rialacha óna maolaíonn an Rialachán seo, a bhaineann, inter alia, le deimhnithe, ceadúnais nó údaruithe a athnuachan nó a shíneadh, dofheidhmithe tar éis na ndátaí a shonraítear sa Rialachán seo, de bharr bearta a rinne sé chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, ba cheart údarú a thabhairt don Choimisiún, má iarrann an Ballstát sin air, a cheadú don Bhallstát lena mbaineann síneadh breise a chur leis na tréimhsí a shonraítear sa Rialachán seo, de réir mar is ábhartha. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun a áirithiú ag an am céanna nach gcuirtear an tsábháilteacht agus an tslándáil iompair i mbaol, ba cheart síneadh den sórt sin a bheith teoranta don mhéid is gá chun an tréimhse ar dócha go mbeidh cur i gcrích na bhfoirmiúlachtaí, na nósanna imeachta, na seiceálacha agus na hoiliúna dofheidhmithe lena linn a léiriú agus gan a bheith, in aon chás, níos faide ná 6 mhí.

(19)

Tá ráig COVID-19 tar éis difear a dhéanamh don Aontas ar fad ach ní go haonfhoirmeach é. Rinneadh difear do na Ballstáit ar leibhéil éagsúla agus ag amanna éagsúla. Ós rud é gur cheart na maoluithe ar na rialacha a mbeadh feidhm acu de ghnáth a theorannú don mhéid is gá, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, maidir le Treoir 2006/126/CE, Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, Treoir 2014/45/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 agus Treoir 2007/59/CE, leanúint de na gníomhartha dlí sin a chur i bhfeidhm gan na maoluithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil cur i bhfeidhm na ngníomhartha dlí sin fós indéanta. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcéanna i gcás ina raibh deacrachtaí den sórt sin ag tarraingt ar Bhallstát ach inar ghlac sé bearta náisiúnta iomchuí chun iad a mhaolú. Maidir leis na Ballstáit a roghnaíonn leas a bhaint as an bhféidearthacht sin, níor cheart dóibh, áfach, aon ghníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreoir eacnamaíoch ná de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile, a bhacadh, agus ba cheart dóibh aon cheadúnas, deimhniú agus údarú ar cuireadh síneadh lena bhailíocht leis an Rialachán seo a aithint go háirithe.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon síneadh a chur leis na teorainneacha ama a leagtar síos i ndlí an Aontais chun tréimhse bhailíochta deimhnithe, ceadúnas nó údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo, agus seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe a chur siar mar fhreagairt ar na himthosca urghnácha i ngeall ar an ráig COVID-19 i réimse an iompair de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre agus i slándáil mhuirí, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(21)

I bhfianaise na práinne atá mar thoradh ar na cúinsí eisceachtúla i ngeall ar ráig COVID-19, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ón tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(22)

De dheasca chineál tobann gan choinne ráig COVID-19, fágadh nárbh fhéidir bearta ábhartha a ghlacadh in am. Ar an gcúis sin, ba cheart a chumhdach freisin le forálacha an Rialacháin seo an tréimhse sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Ag féachaint do chineál na bhforálacha sin, níl sárú ar ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann ina thoradh ar an gcur chuige sin.

(23)

I bhfianaise an ghá sáraitheach aghaidh a thabhairt gan mhoill ar na himthosca i ngeall ar ráig COVID-19 i réimse an iompair de bhóthar, d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre agus i slándáil mhuirí, agus, i gcás inarb ábhartha, tréimhse réasúnta ama á thabhairt do na Ballstáit chun an Coimisiún a chur ar an eolas má chinneann siad gan díolúintí áirithe a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, d'fhonn a áirithiú go bhfanfaidh an tréimhse ina mbeidh éiginnteacht dhlíthiúil a dhéanann difear do roinnt mhaith údarás agus oibreoirí in earnálacha iompair éagsúla, go háirithe i gcás ina bhfuil na teorainneacha ama ábhartha dulta in éag cheana, chomh gairid agus is féidir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta sonracha agus sealadacha is infheidhme maidir le hathnuachan agus síneadh a chur leis an tréimhse bhailíochta i ndáil le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe agus maidir le seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe a chur ar athlá mar fhreagairt ar na himthosca urghnácha i ngeall ar ráig COVID-19 i réimse an iompair de bhóthar, d'iarnród agus d'uiscebhealaí intíre agus i réimse na slándála muirí.

Airteagal 2

Síneadh a chur le teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2003/59/CE

1.   D'ainneoin Airteagal 8(2) agus (3) de Treoir 2003/59/CE, measfar síneadh 7 mí i ngach cás a bheith curtha leis na teorainneacha ama maidir le hoiliúint thréimhsiúil ag sealbhóir deimhnithe inniúlachta gairmiúla (CPC) a chríochnú, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis na forálacha sin, idir an 1 Feabhra 2020 agus an 31 Lúnasa 2020. Fanfaidh an CPC bailí dá réir sin.

2.   Maidir le bailíocht marcála chód comhchuibhithe “95” an Aontais dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE, arna déanamh ag na húdaráis inniúla ar an gceadúnas nó ar an gcárta cáilíochta tiománaí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Threoir 2003/59/CE ar bhonn an CPC dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin, measfar síneadh 7 mí ón dáta a shonraítear ar an gceadúnas sin nó ar an gcárta cáilíochta tiománaí sin a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

3.   I dtaca le bailíocht cártaí cáilíochta tiománaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2003/59/CE, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Feabhra 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 7 mí ón dáta éaga riaracháin a shonraítear ar gach cárta den sórt sin sin a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

4.   Gan dochar do na gníomhaíochtaí trasteorann dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, na bearta a ghlac Ballstáit i gcomhréir leis na forálacha de Threoracha 2003/59/CE agus 2006/126/CE dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i rith na tréimhse idir an 1 Feabhra 2020 agus an 28 Bealtaine 2020, leanfaidh siad de bheith bailí.

5.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 31 Lúnasa 2020 oiliúint thréimhsiúil a chríochnú nó a dheimhniú, marcáil chód comhchuibhithe “95” an Aontais a dhéanamh, nó cártaí cáilíochta tiománaithe a athnuachan, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad arb é is aidhm dóibh scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir 1 Feabhra 2020 agus 31 Lúnasa 2020 nó na tréimhsí 7 mí a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3, de réir mar is ábhartha, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020.

6.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 5, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3 faoi seach, de réir mar atá bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe an oiliúint thréimhsiúil i gceist a chríochnú nó a dheimhniú, marcáil chód comhchuibhithe “95” an Aontais a dhéanamh, nó cártaí cáilíochta tiománaithe a athnuachan agus ní faide an sineadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Síneadh a chur le teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2006/126/CE

1.   D’ainneoin Airteagal 7 de Threoir 2006/126/CE agus pointe 3(d) d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, i dtaca le ceadúnais a mbeadh a mbailíocht dulta in éag murach é sin nó a rachadh a mbailíocht in éag murach é sin, i gcomhréir leis na forálacha sin, idir an 1 Feabhra 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh a bheith curtha le tréimhse bhailíochta na gceadúnas sin go dtí 7 mí ón dáta éaga dá dtagraítear ar gach ceadúnas den chineál sin.

2.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 31 Lúnasa 2020 ceadúnais a athnuachan, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad arb é is aidhm dóibh scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1, de réir mar is iomchuí. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir 1 Feabhra 2020 agus 31 Lúnasa 2020, nó i dtaca leis an tréimhse 7 mí, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020 ar a dhéanaí.

3.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 2, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát lena mbaineann síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe ceadúnais a athnuachan, agus ní faide an sineadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar an mBallstát a d'fhág gur dhofheidhmithe ceadúnais tiomána a athnuachan le linn na tréimhse idir an 1 Feabhra 2020 agus an 31 Lúnasa 2020 i ngeall ar imthosca urghnácha ráig COVID-19, nó ina ndearna sé bearta naisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm, tar éis dó an Coimisiún a chur ar an eolas ar dtús. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan mír 1 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreoir eacnamaíoch ná de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i mír 1 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 4

Síneadh a chur le teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014

1.   D'ainneoin Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, cuirfear i gcrích na cigireachtaí rialta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal sin nár mhór iad a bheith curtha i gcrích murach é sin nó nár mhór iad a chur i gcrích murach é sin idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020 i gcomhréir leis an mír sin tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an dáta a bheadh siad le cur i gcrích murach é sin de réir an Airteagail sin.

2.   D'ainneoin Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, i gcás ina gcuirfidh tiománaí iarratas isteach ar chárta tiománaí a athnuachan i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, eiseoidh údaráis inniúla na mBallstát cárta nua tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis doibh an t-iarratas a fháil. Go dtí go bhfaighidh an tiománaí cárta nua tiománaí ó na húdaráis eisiúna cártaí, beidh feidhm ag Airteagal 35(2) den Rialachán sin maidir leis an tiománaí mutatis mutandis, ar choinníoll gur féidir leis an tiománaí a chruthú gur iarradh an cárta tiománaí a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den Rialachán sin.

3.   D'ainneoin Airteagal 29(4) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, i gcás ina gcuirfidh tiománaí iarratas isteach ar cárta tiománaí a athsholáthar i gcomhréir le mír 4 den Airteagal sin idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, eiseoidh údaráis inniúla na mBallstát cárta athsholáthair tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dóibh an t-iarratas a fháil. D'ainneoin Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, féadfaidh an tiománaí leanúint de bheith ag tiomáint go dtí go bhfaighfear cárta tiománaí nua ó na húdaráis eisiúna cártaí ar choinníoll gur féidir leis an tiománaí a chruthú gur tugadh an cárta tiománaí ar ais don údarás inniúil nuair a rinneadh díobháil don charta nó nuair a bhí mífheidhm leis agus gur iarradh a athsholáthar.

4.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 31 Lúnasa 2020 na cigireachtaí rialta a dhéanamh, cártaí tiománaí a athnuachan nó cártaí tiománaí a athsholáthar mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh 165/2014 de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, nó i dtaca leis na spriocdhátaí is infheidhme do chárta nua tiománaí a eisiúint, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020.

5.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 4, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 3 faoi seach, de réir mar atá bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe cigireachtaí rialta a dhéanamh, cárta tiománaí a athnuachan nó cártaí tiománaí a athsholáthar, agus ní faide an sineadh, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar an mBallstát a d'fhág gur dhofheidhmithe cigireachtaí rialta a dhéanamh, cártaí tiománaí a athnuachan nó cártaí tiománaí a athsholáthar le linn na tréimhse idir 1 Márta 2020 agus 31 Lúnasa 2020 i ngeall ar imthosca urghnácha ráig COVID-19, nó ina ndearna sé bearta naisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm, tar éis dó an Coimisiún a chur ar an eolas ar dtús. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreoir eacnamaíoch ná de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín maoluithe a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 5

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2014/45/AE

1.   D'ainneoin Airteagal 5(1) agus Airteagal 10(1) de Threoir 2014/45/AE, in éineacht le pointe 8 d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, measfar síneadh tréimhse 7 mí a bheith curtha leis na teorainneacha ama maidir le tástálacha ródacmhainneachta nár mhór iad a bheith curtha i gcrích murach é sin nó nár mhór iad a chur i gcrích murach é sin idir an 1 Feabhra 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, i gcomhréir leis na forálacha sin.

2.   D'ainneoin Airteagal 8 de Threoir 2014/45/AE agus pointe 8 d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, measfar síneadh tréimhse 7 mí a bheith curtha le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta a rachaidh in éag idir an 1 Feabhra 2020 agus an 31 Lúnasa 2020.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 31 Lúnasa 2020 tástálacha ródacmhainneachta a dhéanamh nó a dheimhniú, de bharr bearta a rinne sé chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Feabhra 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, nó i dtaca leis an tréimhse 7 mí, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020 ar a dhéanaí.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, de réir mar atá bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe tástálacha ródacmhainneachta a dhéanamh nó a dheimhniú, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar an mBallstát a d'fhág gur dhofheidhmithe tástálacha ródacmhainneachta a dhéanamh nó a dheimhniú le linn na tréimhse idir an 1 Feabhra 2020 agus an 31 Lúnasa 2020 i ngeall ar imthosca urghnácha ráig COVID-19, nó i gcás ina ndearna an Ballstát bearta iomchuí náisiúnta chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm, tar éis dó an Coimisiún a chur ar an eolas ar dtús. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ballstát a chinn gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreoir eacnamaíoch ná de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 6

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009

1.   D'ainneoin Airteagal 13(1), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, gcás ina suífidh údarás inniúil, ar bhonn na gcuntas bliantúil agus na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagail 7(1) agus 7(2) den Rialachán sin a ghabhann leis na blianta cuntasaíochta a chumhdaíonn an tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 30 Meán Fómhair 2020 ina hiomláine nó i bpáirt, i gcás ina léireoidh measúnuithe arna gcur i gcrích idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Nollaig 2020 nach gcomhlíonfaidh gnóthas iompair an ceanglas maidir le seasamh airgeadais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (c) den Rialachán sin, ní rachaidh an teorainn ama a leagann údarás inniúil síos le linn na tréimhse sin chun críocha Airteagal 13(1), pointe (c) den Rialachán sin thar 12 mhí.

2.   D'ainneoin Airteagal 13(1), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, i gcás ina suífidh an t‐údarás inniúil nach gcomhlíonann gnóthas an ceanglas maidir le seasamh airgeadais a leagtar síos in Airteagal 3(1), pointe (c ) den Rialachán sin roimh an 28 Bealtaine 2020 agus ina bhfuil teorainn ama leagtha síos aige don ghnóthas iompair an staid a leigheas, féadfaidh an t-údarás inniúil, ar choinníoll nach mbeidh an teorainn ama dulta in éag faoin 28 Bealtaine 2020, síneadh a chur leis an teorainn ama sin. Ní mhairfidh an teorainn ama a gcuirfear síneadh léi amhlaidh níos faide ná 12 mhí.

Airteagal 7

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009

1.   D'ainneoin Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 1072/2009, i dtaca le bailíocht na gceadúnas Comhphobail a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 6 mhí a bheith leo, nó a bheith curtha leo. Leanfaidh na cóipeanna dílse deimhnithe de bheith bailí dá réir.

2.   D'ainneoin Airteagal 5(7) de Threoir (AE) 1072/2009, i dtaca le bailíocht fianuithe tiománaí a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 6 mhí a bheith leo, nó a bheith curtha leo.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná 31 Lúnasa 2020 ceadúnais Chomhphobail nó fianuithe tiománaithe a athnuachan de bharr bearta a rinne sé chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, nó i dtaca leis an tréimhse 6 mhí, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, de bhun iarraidh arna tíolacadh i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n-údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1 agus i mír 2, faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, de léiriú ar a fhaide is dóchúil a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe ceadúnais Chomhphobail a athnuachan agus, ar aon chuma, ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar Bhallstát a d'fhág gur dhofheidhmithe ceadúnais Chomhphobail a athnuachan le linn na tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020 de dheasca na n-imthosca urghnácha a d'eascair as ráig COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan na forálacha atá i mír 1 agus 2 a chur i bhfeidhm, tar éis dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas ar dtús. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreoir eacnamaíoch nó de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 8

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009

1.   D'ainneoin Airteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh 1073/2009, i dtaca le bailíocht na gceadúnas Comhphobail a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 6 mhí a bheith curtha leis an mbailíocht sin. Leanfaidh cóipeanna dílse deimhnithe de bheith bailí dá réir.

2.   D'ainneoin Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, glacfaidh an t‐údarás um údarú cinntí faoi iarratais ar údarú do sheirbhísí rialta arna ndéanamh ag iompróirí idir an 12 Nollaig 2019 agus 31 Lúnasa 2020 laistigh de 6 mhí den dáta a dhéanfar an t‐iarratas a chur isteach. D'ainneoin Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát fógra faoina gcinneadh i leith an iarratais don údarás um údarú laistigh de 3 mhí, údaráis inniúla ar iarradh orthu a gcomhaontú i leith an iarratais sin i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin. I gcás nach bhfaighidh an t-údarás inniúil an freagra laistigh de 3 mhí, measfar go mbeidh a dtoiliú tugtha ag na húdaráis a ndeachthas i gcomhairle leo, féadfaidh an t- údarás um údarú an t-údarú a dheonú. Beidh feidhm ag an síneadh go 3 mhí a chuirfear leis an teorann ama, i gcás na mBallstát ar iarradh a gcomhaontú faoi Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh 1073/2009, i dtaca le hiarratais a bheidh faighte tar éis an 27 Márta 2020.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 31 Lúnasa 2020 ceadúnais Chomhphobail a athnuachan, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad arb é is aidhm dóibh scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhsí idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020 nó idir an 12 Nollaig 2019 agus an 31 Lúnasa 2020, nó i dtaca leis an tréimhse 6 mhí, nó i dtaca le haon teaglaim díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe ceadúnais Chomhphobail a athnuachan, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar Bhallstát a d'fhág gur dhofheidhmithe ceadúnais Chomhphobail a athnuachan le linn na tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020 de dheasca na n-imthosca urghnácha a d'eascair as ráig COVID-19, nó ina ndearna sé bearta náisiúnta iomchuí chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm, tar éis dó an Coimisiún a chur ar an eolas ar dtús. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan mír 1 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreoir eacnamaíoch nó de chuid duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar amach i mír 1 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 9

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/798

1.   D'ainneoin Airteagal 10(13) de Threoir (AE) 2016/798, i dtaca le teorainneacha ama maidir le deimhnithe sábháilteachta aonair a athnuachan a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 6 mhí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin. Leanfaidh na deimhnithe sábháilteachta aonair de bheith bailí dá réir sin.

2.   D'ainneoin Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2016/798, i dtaca le bailíocht údaruithe sábháilteachta a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an bhforáil sin, idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 6 mhí a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 31 Lúnasa 2020 deimhnithe sábháilteachta aonair a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 10(8) de Threoir (AE) 2016/798 a athnuachan nó síneadh ama a chur le tréimhse bhailíochta na n‐údaruithe sábháilteachta, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020 nó leis na tréimhsí 6 mhí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, faoi seach, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, de réir mar atá bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe deimhnithe sábháilteachta aonair a athnuachan nó síneadh ama a chur le húdaruithe sábháilteachta, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 10

Síneadh a chur le teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2004/49/CE

1.   D'ainneoin Airteagal 10(5) de Threoir 2004/49/CE, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le hathnuachan deimhnithe sábháilteachta a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an bhforáil sin, idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 6 mhí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin. Leanfaidh na deimhnithe sábháilteachta de bheith bailí dá réir sin.

2.   D'ainneoin Airteagal 11(2) de Threoir 2004/49/CE, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le hathnuachan údaruithe sábháilteachta a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 6 mhí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin. Leanfaidh na húdaruithe sábháilteachta de bheith bailí dá réir sin.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 31 Lúnasa 2020 deimhnithe sábháilteachta nó údaruithe sábháilteachta a athnuachan, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a dhéanamh síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, nó i dtaca leis na tréimhsí 6 mhí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe deimhnithe sábháilteachta nó údaruithe sábháilteachta a athnuachan, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Airteagal 11

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2007/59/CE

1.   D’ainneoin Airteagal 14(5) de Threoir 2007/59/CE, i dtaca le bailíocht ceadúnas a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh ama a bheith curtha leis an mbailíocht sin ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dháta dul in éag gach ceadúnais den sórt sin.

2.   D’ainneoin Airteagal 16 de Threoir 2007/59/CE agus Iarscríbhinní II agus VII a ghabhann le Treoir 2007/59/CE, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le cur i gcrích na seiceálacha tréimhsiúla, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis na forálacha sin, idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh ar feadh treimhse 6 mhí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin i ngach cás. I dtaca leis na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 14 agus na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 15 den Treoir sin, leanfaidh siad de bheith bailí dá réir sin.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 31 Lúnasa 2020 ceadúnais a athnuachan nó seiceálacha tréimhsiúla a chur i gcrích, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar údarú chun síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020 nó leis an dtréimhse 6 mhí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe ceadúnais a athnuachan nó seiceálacha tréimhsiúla a chur i gcrích, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   I gcás nár tarraingíodh, agus nach móide go dtarraingeofar, aon deacrachtaí ar an mBallstát a d'fhág gur dhofheidhmithe ceadúnais tiomána a athnuachan le linn na tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020 i ngeall ar imthosca urghnácha ráig COVID-19, nó i gcás ina ndearna an Ballstát bearta iomchuí náisiúnta chun na deacrachtaí sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin a chinneadh gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm, tar éis dó an Coimisiún a chur ar an eolas ar dtús. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais an Aontais Eorpaigh.

An Ballstát a chinn gan míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm faoi mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír, ní bhacfaidh sé gníomhaíochtaí trasteorann de chuid aon oibreoir eacnamaíoch ná de chuid aon duine aonair a chuaigh i muinín na maoluithe a leagtar i mír 1 a bhfuil feidhm acu i mBallstát eile.

Airteagal 12

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2012/34/AE

1.   D'ainneoin Airteagal 23(2) de Threoir 2012/34/AE, i gcás ina ndearna údarás ceadúnúcháin foráil d'athbhreithniú rialta, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le hathbhreithniú rialta a dhéanamh, i a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis na forálacha sin, idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 6 mhí a bheith leo, nó a bheith curtha leo.

2.   D’ainneoin Airteagal 24(3) de Threoir 2012/34/AE, i dtaca le bailíocht ceadúnas sealadach a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an bhforáil sin, idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh a bheith curtha leis an mbailíocht sin ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis an dáta deiridh bailíochta a luaitear ar an gceadúnas

3.   D’ainneoin Airteagal 25(2) de Threoir 2012/34/AE, déanfaidh an t‐údarás ceadúnúcháin cinneadh, i leith iarratais a rinneadh sa tréimhse idir an 12 Eanáir 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, tráth nach déanaí ná 9 mí ón uair a gheobhaidh siad gach faisnéis ábhartha, go háirithe na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

4.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 31 Lúnasa 2020 athbhreithniú rialta a dhéanamh ar chur ar fionraí ceadúnas a fhoirceannadh nó ceadúnais nua, i gcásanna inar rinneadh cúlghairm ar cheadúnais roimhe sin, a eisiúint, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar údarú chun síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, nó i dtaca leis an tréimhse 6 mhí, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020.

5.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 4, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe cur ar fionraí ceadúnas a fhoirceannadh nó ceadúnais nua, i gcásanna ina ndearnadh cúlghairm ar cheadúnais roimhe sin, a eisiúint, agus ní faide an síneadh sin ná 6 mhí, in aon chás.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 13

An láimhseáil a dhéanfar ar cheadúnais do ghnóthais iarnróid faoi Threoir 2012/34/AE i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais folláine airgeadais

D’ainneoin Airteagal 24(1) de Treoir 2012/34/AE, i gcás inar deimhin le húdarás ceadúnúcháin, ar bhonn seiceáil dá dtagraítear san fhoráíl sin a rinneadh sa tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, nach féidir le gnóthas iarnróid na ceanglais i ndáil le folláine airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 20 den Treoir sin a chomhlíonadh, féadfaidh sé, roimh an 31 Lúnasa 2020, a chinneadh gan ceadúnas an ghnóthais iarnróid lena mbaineann a chur ar fionraí ná a chúlghairm, ar choinníoll nach ann d’aon riosca sábháilteachta agus ar choinníoll gur réalaíoch a bheith ag dréim le hatógáil shásúil airgeadais laistigh den 6 mhí ina dhiaidh sin.

Airteagal 14

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 96/50/CE

1.   D'ainneoin Airteagal 6(2) de Threoir 96/50/CE, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le dul faoi scrúdú dochtúra a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an bhforáil sin, idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 6 mhí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin. Leanfaidh na deimhnithe máistrí báid maidir le daoine atá faoi réir oibleagáide dul faoi scrúduithe dochtúra dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Treoir sin de bheith bailí dá réir sin.

2.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 31 Lúnasa 2020 scrúduithe dochtúra a chur i gcrích de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar údarú chun síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020 nó leis an tréimhse 6 mhí a shonraítear i mír 1, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020.

3.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 2, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i mír 1, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe scrúduithe dochtúra a chur i gcrích, agus ní faide ná 6 mhí é in aon chás.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 15

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/1629

1.   D'ainneoin Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/1629, i dtaca le bailíocht deimhnithe Aontais um loingseoireacht intíre a bheadh dulta in éag nó a rachadh in éag idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh ar feadh tréimhse 6 mhí a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

2.   D’ainneoin Airteagal 28 de Threoir (AE) 2016/1629, i dtaca le bailíocht doiciméad a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin agus a d’eisigh údaráis inniúla na mBallstát faoi Threoir 2006/87/CE roimh an 6 Deireadh Fómhair 2018, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an bhforáil sin, idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh ar feadh tréimhse 6 mhí a bheith curtha leis an mbailíocht sin.

3.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tráth is déanaí ná an 31 Lúnasa 2020 deimhnithe Aontais um loingseoireacht intíre a athnuachan, nó doiciméid eile dá dtagraítear i mír 2 a athnuachan, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar údarú chun síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, nó i dtaca leis na tréimhsí 6 mhí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, nó i dtaca leis an dá cheann díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020.

4.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 3, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe athnuachaint deimhnithe Aontais um loingseoireacht intíre nó athnuachaint doiciméad dá dtagraítear i mír 2 a chur i gcrích agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 16

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 725/2004

1.   D'ainneoin Airteagal 3(6) de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh ar shlándáil saoráidí calafoirt, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an bhforáil sin, idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh go dtí an 30 Samhain 2020 a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin.

2.   De mhaolú ar Cuid B, roinn 13.6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004, más rud é nach féidir, in 2020, druileanna a dhéanamh sna tréimhsí a shonraítear ann, déanfar iad faoi dhó, ar a laghad, le linn 2020 agus gan níos mó ná 6 mhí ar a mhéid a bheith idir na druileanna.

3.   D’ainneoin Cuid B, ranna 13.7 agus 18.6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004, i dtaca leis na teorainneacha ama 18 mí maidir le déanamh na gcineálacha éagsúla freachnaimh, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis na forálacha sin, idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 6 mhí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin i ngach cás ach ní rachaidh an síneadh sin thar an 31 Nollaig 2020 i gcás ar bith.

4.   Chun críocha na gceanglas a leagtar amach i i gCuid B, ranna 13.7 agus 18.6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004, ceanglas a éilíonn go ndéanfar na cineálacha éagsúla freachnaimh uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire, measfar, i dtaca le freachnaimh a dhéanfar in 2021 le linn na tréimhse a chumhdaítear ag údarú a eisíodh de bhun mhír 5 den Airteagal seo, na freachnaimh sin a bheith déanta in 2020 freisin.

5.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tar éis 31 Lúnasa 2020 measúnuithe a dhéanamh ar shlándáil saoráidí calafoirt nó na cineálacha éagsúla freachnaimh a dhéanamh dá dtagraítear i i gCuid B, ranna 13.7 agus 18.6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 725/2004, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar údarú chun síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí agus na sprioc-amanna a shonraítear i míreanna 1 agus 3, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, na spriocamanna nó an tréimhse 6 mhí a shonraítear i míreanna 1 agus 3 faoi seach, nó i dtaca le haon teaglaim díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020.

6.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 5, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí agus na spriocamanna a shonraítear i míreanna 1 agus 3 faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe measúnuithe a dhéanamh ar shlándáil saoráidí calafoirt nó na cineálacha éagsúla freachnaimh a dhéanamh, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 17

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i dTreoir 2005/65/CE

1.   D’ainneoin Airteagal 10 de Threoir 2005/65/CE, i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnuithe slándála calafoirt agus ar phleananna slándála calafoirt, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an Airteagal sin, idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 6 mhí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin i ngach cás ach ní rachaidh an síneadh sin thar an 30 Samhain 2020 i gcás ar bith.

2.   D’ainneoin Airteagal 7(7) agus Iarscríbhinn III de Threoir 2005/65/CE, i dtaca leis na teorainneacha ama 18 mí maidir le freachnaimh oiliúna a chríochnú, a bheadh dulta in éag murach é sin nó a rachadh in éag murach é sin, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin, idir an 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, measfar síneadh 6 mhí a bheith curtha leis na teorainneacha ama sin i ngach cás ach ní rachaidh an síneadh sin thar an 30 Samhain 2020 i gcás ar bith.

3.   Chun críocha an cheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2005/65/CE, ceanglas a éilíonn go ndéanfar na freachnaimh oiliúna uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire, measfar, i dtaca le freachnaimh a dhéanfar in 2021 le linn na tréimhse a chumhdaitear faoi údarú a eisíodh de bhun mhír 4 den Airteagal seo, na freachnaimh sin a bheith déanta in 2020 freisin.

4.   I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go mbeidh sé dofheidhmithe fós tar éis an 31 Lúnasa 2020 an t‐athbhreithniú ar mheasúnuithe slándála calafoirt nó ar phleananna slándála calafoirt a chur i gcrích nó na freachnaimh oiliúna a chríochnú, de bharr bearta a rinne sé, ar bearta iad chun scaipeadh COVID-19 a chosc nó a shrianadh, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar údarú chun síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí agus na spriocamanna a shonraítear i míreanna 1 agus 2, de réir mar is ábhartha. Féadfar an iarraidh sin a dhéanamh i dtaca leis an tréimhse idir 1 Márta 2020 agus an 31 Lúnasa 2020, i dtaca leis na spriocamanna, nó i dtaca leis na tréimhsí 6 mhí a shonraitear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, na sprioc-amanna, nó i dtaca le haon teaglaim díobh sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Lúnasa 2020.

5.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 4, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé cinneadh lena n‐údarófar don Bhallstát i gceist síneadh ama a chur i bhfeidhm i ndáil leis na tréimhsí agus na spriocamanna a shonraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach, de réir mar a bheidh bonn cirt leis sin i ngach cás. Beidh teorainn leis an síneadh sin, teorainn a thabharfaidh san áireamh an fad ama is dócha a leanfaidh sé de bheith dofheidhmithe an t‐athbhreithniú ar mheasúnuithe slándála calafoirt nó ar phleananna slándála calafoirt a chur i gcrích nó an oiliúint a chríochnú, agus ní faide an síneadh sin, in aon chás, ná 6 mhí.

Foilseoidh an Coimisiún a chinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 4 Meitheamh 2020.

Beidh feidhm ag Airteagal 3(4), Airteagal 4(6), Airteagal 5(5), Airteagal 7(5), Airteagal 8(5) agus Airteagal 11(5) ón 28 Bealtaine 2020, áfach.

Ní dhéanann an chéad mhír, an dara mír ná an tríú mír den Airteagal seo difear do na héifeachtaí cúlghabhálacha dá bhforáiltear in Airteagail 2 go 17.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Bealtaine 2020.

(2)  Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil do thiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí agus paisinéirí a iompar, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).

(3)  Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(6)  Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú amanna oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

(7)  Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí agus lena n‐aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n‐aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).

(11)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

(12)  Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus maidir le muirir a ghearradh i leith úsáid bonneagair iarnróid agus deimhniúchán sábháilteachta (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).

(13)  Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n‐oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 315, 3.12.2007, lch. 51).

(14)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

(15)  Treoir 96/50/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha a bhaineann le deimhnithe náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre sa Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 31).

(16)  Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n‐aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 118).

(17)  Treoir 2006/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, agus lena n‐aisghairtear Treoir 82/714/CEE (IO L 389, 30.12.2006, lch. 1).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6).

(19)  Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú (IO L 310, 25.11.2005, lch. 28).


27.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/25


RIALACHÁN (AE) 2020/699 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

maidir le bearta sealadacha a bhaineann le cruinnithe ginearálta cuideachtaí Eorpacha (SEnna) agus Comharchumann Eorpach (SCEnna)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 352 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun ráig COVID-19, ar fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur paindéim í an 11 Márta 2020, a shrianadh, tá sraith beart nár glacadh riamh cheana curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit, go háirithe bearta a bhaineann le gaibhniú agus scaradh sóisialta daoine.

(2)

Is féidir le bearta den sórt sin bac a chur ar chuideachtaí agus ar chomharchumainn a gcuid oibleagáidí dlíthiúla faoi dhlí na gcuideachtaí de chuid na mBallstát agus an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe, trína dhéanamh deacair dóibh, go suntasach, cruinnithe ginearálta a thionól.

(3)

Ar leibhéal náisiúnta, tá bearta éigeandála curtha i bhfeidhm ag Ballstáit chun tacú le cuideachtaí agus comharchumainn agus chun na huirlisí agus an tsolúbthacht is gá a chur ar fáil dóibh sna himthosca eisceachtúla reatha arb í paindéim COVID-19 ba chúis leo. Go háirithe, tá úsáid uirlisí digiteacha agus próisis dhigiteacha chun cruinnithe ginearálta a thionól ceadaithe ag go leor Ballstát agus tá síneadh curtha acu leis na teorainneacha ama chun cruinnithe ginearálta a thionól in 2020.

(4)

Ar leibhéal an Aontais, le Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 (1) ón gComhairle rialaítear cuideachtaí Eorpacha (“SEnna”) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 (2) ón gComhairle rialaítear Comharchumainn Eorpacha (“SCEnna”). Ceanglaíonn an dá Rialachán go ndéanfaí cruinniú ginearálta a thionól laistigh de sé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Ag féachaint do na himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, arb í paindéim COVID-19 ba chúis leo, ba cheart maolú sealadach ón gceanglas sin a dheonú. Ar an ábhar go mbíonn tionól cruinnithe riachtanach chun a áirithiú go ndéantar cinntí a bhfuil ceangal dlí leo nó cinntí atá riachtanach ó thaobh na heacnamaíochta de in am trátha, ba cheart cead a bheith ag SEnna agus ag SCEnna a gcruinnithe ginearálta a thionól laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais ar an gcoinníoll go ndéanfar iad a thionól tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020. Ós beart sealadach é seo mar gheall ar imthosca eisceachtúla arb í paindéim COVID-19 ba chúis leo, níor cheart feidhm a bheith ag an maolú sin ach amháin i leith cruinnithe ginearálta a éilítear iad a thionól in 2020.

(5)

Ní thugtar aon chumhachtaí sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), maidir le glacadh an Rialacháin seo, seachas iad siúd a leagtar amach faoi Airteagal 352.

(6)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon réiteach éigeandála sealadach a chur ar fáil do SEnna agus SCEnna lenar féidir leo maolú ó fhorálacha Rialacháin (CE) Uimh. 2157/2001 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1435/2003 maidir le huainiú na gcruinnithe ginearálta a thionól, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gcuspóirí sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(7)

I bhfianaise go rachaidh an tréimhse sé mhí dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 in éag i mBealtaine nó Meitheamh 2020 agus ar an ábhar go gcaithfear na tréimhsí comórtha a chur san áireamh, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(8)

I bhfianaise na práinne sin, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an CAE, leis an CFAEagus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beart sealadach a bhaineann le cruinnithe ginearálta cuideachtaí Eorpacha (SEnna)

I gcás ina mbeidh cruinniú ginearálta de chuideachta Eorpach le tionól in 2020, i gcomhréir le hAirteagal 54(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001, féadfaidh an chuideachta Eorpach, trí mhaolú ón bhforáil sin, an cruinniú a thionól laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, ar an gcoinníoll go dtionólfar an cruinniú faoin 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Beart sealadach a bhaineann le cruinnithe ginearálta Comharchumann Eorpach (SCEnna)

I gcás ina mbeidh cruinniú ginearálta de chomharchumann Eorpach le tionól in 2020, i gcomhréir le hAirteagal 54(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003, féadfaidh comharchumann Eorpach, trí mhaolú ón bhforáil sin, an cruinniú a thionól laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, ar an gcoinníoll go dtionólfar an cruinniú faoin 31 Nollaig 2020.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 i dtaca leis an Reacht um Chuideachta Eorpach (SE) (IO L 294, 10.11.2001, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 i dtaca leis an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach (SCE) (IO L 207, 18.8.2003, lch. 1).


TREORACHA

27.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/27


TREOIR (AE) 2020/700 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

lena leasaítear Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann lena dtréimhsí trasuí a fhadú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 57(1) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus le hAirteagal 33(1) de Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bhí ar na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a thabhairt i bhfeidhm mar is gá ionas go mbeadh forálacha ábhartha na dTreoracha sin á gcomhlíonadh acu faoin 16 Meitheamh 2019. Mar sin féin, de bhun Airteagal 57(2) de Threoir (AE) 2016/797 agus Airteagal 33(2) de Threoir (AE) 2016/798, bhí an deis ag na Ballstáit an tréimhse thrasuí a fhadú bliain amháin.

(2)

Thug seacht mBallstát déag fógra don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) maidir le spriocdhátaí trasuí Threoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798 a fhadú go dtí an 16 Meitheamh 2020.

(3)

De dheasca na staide urghnáiche gan choinne arb í ráig COVID-19 ba chúis léi, tá deacrachtaí ag cuid de na Ballstáit sin an obair reachtach a thabhairt i gcrích faoi na spriocdhátaí áirithe trasuí agus dá bhrí sin tá baol ann go dteipfidh siad cloí leo. D'fhéadfadh teip den sórt sin a bheith ina cúis le héiginnteacht dhlíthiúil le haghaidh an tionscail iarnróid, na n-údarás náisiúnta agus na Gníomhaireachta i ndáil leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid. Tá iarmhairtí díobhálacha ag neamhábaltacht Ballstát áirithe Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798 a thrasuí de dheasca ráig COVID-19 le haghaidh na hearnála iarnróid.

(4)

Tá sé fíor-riachtanach soiléireacht dhlíthiúil agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt don tionscal iarnróid trí chead a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, do na Ballstáit leanúint, ón 16 Meitheamh 2020 agus go ceann tréimhse theoranta, de Threoracha 2004/49/CE (4) agus 2008/57/CE (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm.

(5)

Ós rud é gur tharla ráig COVID-19 le linn chéim dheireanach ghlacadh na mbeart náisiúnta trasuí de Threoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit tréimhse bhreise a bheith acu chun próiseas an trasuí a thabhairt i gcrích.

(6)

Ba cheart spriocdhátaí trasuí Threoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798 a fhadú go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020. Maidir le dátaí aisghairthe Threoracha 2004/49/CE agus 2008/57/CE, a leagtar amach in Airteagal 58 de Threoir (AE) 2016/797 agus in Airteagal 34 de Threoir (AE) 2016/798 faoi seach, ba cheart iad a choigeartú dá réir.

(7)

Glacadh roinnt gníomhartha tarmligthe ar bhonn Threoir (AE) 2016/798 lena léirítear spriocdhátaí trasuí roimhe sin. I bhfianaise na staide reatha, is gá na gníomhartha tarmligthe sin a ailíniú leis an spriocdháta trasuí nua.

(8)

I bhfianaise na práinne a bhí i gceist leis na cúinsí eisceachtúla arb í ráig COVID-19 ba chúis leo, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798 a leasú i bhfianaise ráig COVID-19, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798 a leasú dá réir sin.

(11)

Chun gur féidir na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Treoir seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Threoir (AE) 2016/797

Leasaítear Treoir (AE) 2016/797 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ar a dhéanaí ón 16 Meitheamh 2019, cuirfidh an Ghníomhaireacht na cúraimí i gcrích, ar cúraimí údaraithe iad de bhun Airteagail 21 agus 24 agus ar cúraimí iad dá dtagraítear in Airteagal 19 maidir le réimsí úsáide sna Ballstáit nár thug fógra don Ghníomhaireacht ná don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 57(2). De mhaolú ar Airteagail 21 agus 24, féadfaidh údaráis náisiúnta sábháilteachta na mBallstát a thug fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 57(2) leanúint de bheith ag eisiúint údaruithe i gcomhréir le Treoir 2008/57/CE go dtí an 16 Meitheamh 2020. De mhaolú ar Airteagail 21 agus 24, féadfaidh údaráis náisiúnta sábháilteachta na mBallstát a thug fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 57(2a) leanúint de bheith ag eisiúint údaruithe i gcomhréir le Treoir 2008/57/CE go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020.”;

(2)

in Airteagal 57, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Maidir leis na Ballstáit a chuir fad leis an tréimhse thrasuí i gcomhréir le mír 2, féadfaidh siad an tréimhse sin a fhadú tuilleadh go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020. Beidh feidhm ag a mbearta trasuí ón dáta sin. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún faoi faoin 29 Bealtaine 2020.”;

(3)

sa chéad mhír d’Airteagal 58, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2020” in ionad an dáta “16 Meitheamh 2020”.

Airteagal 2

Leasú ar Threoir (AE) 2016/798

Leasaítear Treoir (AE) 2016/798 mar a leanas:

(1)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

MCSanna a ailíniú le spriocdhátaí athbhreithnithe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 chun dátaí cur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe a ghlactar faoi Airteagal 6(6) a ailíniú leis an spriocdháta trasuí a leagtar amach in Airteagal 33(2a). Beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 27a maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

in Airteagal 27, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   An chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6a a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í ón 28 Bealtaine 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 27a

Nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.”;

(4)

in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Ar a dhéanaí ón 16 Meitheamh 2019, cuirfidh an Ghníomhaireacht na cúraimí deimhniúcháin i gcrích de bhun Airteagal 10 maidir le réimsí oibríochta sna Ballstáit nár thug fógra don Ghníomhaireacht ná don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 33(2). De mhaolú ar Airteagal 10, féadfaidh údaráis náisiúnta sábháilteachta na mBallstát a thug fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 33(2) leanúint de bheith ag eisiúint deimhnithe i gcomhréir le Treoir 2004/49/CE go dtí an 16 Meitheamh 2020. De mhaolú ar Airteagal 10, féadfaidh údaráis náisiúnta sábháilteachta na mBallstát a thug fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 33(2a) leanúint de bheith ag eisiúint deimhnithe i gcomhréir le Treoir 2004/49/CE go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020.”;

(5)

in Airteagal 33, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Maidir leis na Ballstáit a chuir fad leis an tréimhse thrasuí i gcomhréir le mír 2, féadfaidh siad an tréimhse sin a fhadú tuilleadh go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020. Beidh feidhm ag a mbearta trasuí ón dáta sin. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún faoi faoin 29 Bealtaine 2020.”;

(6)

sa chéad mhír d’Airteagal 34, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2020” in ionad an dáta “16 Meitheamh 2020”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020.

(2)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

(3)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

(4)  Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus muirir ar úsáid bonneagair iarnróid agus ar dheimhniúchán sábháilteachta a ghearradh (Treoir um Shábháilteacht Iarnróid) (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).

(5)  Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (IO L 191, 18.7.2008, lch. 1).


CINNTÍ

27.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/31


CINNEADH (AE) 2020/701 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2020

maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá éifeachtaí an-díobhálacha ag paindéim COVID-19 ar chobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais sna réigiúin um méadú agus sna réigiúin chomharsanachta. Tá comhardú íocaíochtaí agus staid fioscach lag atá ag dul in olcas go tapa le sárú ag Comhpháirtithe, agus an geilleagar ag druidim i dtreo cúlú eacnamaíoch. Tá cás láidir ann le haghaidh gníomhú tapa agus cinntitheach ón Aontas chun tacú leis na geilleagair sin. Dá bhrí sin, cumhdaítear deich gcomhpháirtí leis an gCinneadh seo: Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (*), Montainéagró, Poblacht na Macadóine Thuaidh sa réigiún um méadú; an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin sa chomharsanacht Thoir agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine agus Poblacht na Túinéise sa chomharsanacht Theas (na “comhpháirtithe”).

(2)

Baineann práinn an chúnaimh le riachtanas láithreach na gcomhpháirtithe maidir le cistí chomh maith leis na cistí a chuirfear ar fáil trí ionstraimí eile de chuid an Aontais agus ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, Ballstáit agus deontóirí déthaobhacha eile. Tá gá leis sin chun spás beartais gearrthéarmach a cheadú d’údaráis na gcomhpháirtithe chun bearta a chur chun feidhme chun cur in aghaidh na ndrochthorthaí eacnamaíocha a thiocfaidh as paindéim COVID-19.

(3)

Tá clár a gheobhaidh tacaíocht ó shocrú creidmheasa leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) comhaontaithe cheana féin ag údaráis gach comhpháirtí agus ag CAI nó táthar ag súil go mbeidh clár den sórt sin comhaontaithe acu go luath.

(4)

Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macrairgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú íocaíochtaí, agus é d'aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha maoinithe sheachtraigh an tairbhí in éineacht le socrú creidmheasa le CAI nach socrú réamhchúram é atá faoi réir clár comhaontaithe le haghaidh athchóirithe eacnamaíocha. I gcomhthéacs paindéim COVID-19, ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a bheith ar fáil do chomhpháirtithe a bhaineann leas as cistiú éigeandála ó CAI, a fhéadfar teacht gan réamhghníomhaíochtaí agus/nó coinníollacht, amhail tríd an Ionstraim Mhearmhaoinithe. Dá bhrí sin, ba cheart an cúnamh sin a bheith níos giorra, teoranta do dhá eisíocaíocht agus ba cheart é a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí sraith theoranta de bhearta um athchóiriú i bhfeidhm.

(5)

Tá tacaíocht airgeadais ón Aontas do na comhpháirtithe comhsheasmhach le beartais an Aontais maidir le méadú agus comharsanacht.

(6)

Ós rud é gur comhpháirtithe aontachais nó réamhaontachais, nó comhpháirtithe a chumhdaítear faoi bheartas Comharsanachta na hEorpa iad na comhpháirtithe, tá siad incháilithe chun cúnamh macrairgeadais an Aontais a fháil.

(7)

Os rud é go bhfuiltear ag súil go mbeidh riachtanais maoinithe sheachtraigh na gcomhpháirtithe, ar riachtanais iad atá ag dul in olcas go mór, i bhfad níos airde ná na hacmhainní a soláthróidh CAI agus institiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla reatha, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na gcomhpháirtithe ar thacaíocht do chobhsú eacnamaíoch é don Aontas cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil. Thacódh cúnamh macrairgeadais an Aontais le cobhsú eacnamaíoch, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú creidmheasa CAI á bhforlíonadh.

(8)

Ba cheart é a bheith d'aidhm ag cúnamh macrairgeadais an Aontais staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú do na comhpháirtithe, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta athnuaite.

(9)

Is bunaithe ar réamh-mheasúnú cainníochtúil iomlán ar na riachtanais maoinithe sheachtraigh atá fós ag gach comhpháirtí atá méid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas, agus cuirtear san áireamh inniúlacht an chomhpháirtí sin a acmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil aici, a úsáid chun é féin a mhaoiniú. Ba cheart go gcomhlánódh cúnamh macrairgeadais an Aontais na cláir agus na hacmhainní atá á soláthar ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh, freisin, an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, maille leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoinithe sheachtraigh eile an Aontais agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

(10)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil cúnamh macrairgeadais an Aontais i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí, agus leis na bearta a ghlactar laistigh díobh, agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(11)

Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a thacú le beartas seachtrach an Aontais maidir leis na comhpháirtithe. Ba cheart don Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile le linn oibríocht an chúnaimh macrairgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú, agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(12)

Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a thacú leis an ngealltanas atá tugtha ag comhpháirtithe luachanna atá i gcoiteann aige leis an Aontas a urramú, amhail an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urramú chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha acu maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime atá bunaithe ar rialacha a urramú.

(13)

Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a dheonú don chomhpháirtí nach mór don chomhpháirtí sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n‐áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, agus a ráthú go n‐urramófar cearta an duine. Ina theannta sin, ba cheart na cuspóirí sonracha atá le cúnamh macrairgeadais an Aontais éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sna comhpháirtithe a neartú agus athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn a bhfuil sé d'aidhm acu tacú le fás inbhuanaithe agus comhdhlúthú fioscach. Ba cheart don Choimisiún agus do SEGS faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha agus ar bhaint amach na gcuspóirí sin araon.

(14)

Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha le cúnamh macrairgeadais an Aontais, ba cheart do na comhpháirtithe na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais sin de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gCoimisiún seiceálacha a dhéanamh, maidir leis an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh agus maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chuid inniúlachtaí a fheidhmiú.

(15)

Ní dochar eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcáil mar údarás buiséadach.

(16)

Ba cheart méideanna an tsoláthair a theastaíonn don chúnamh macrairgeadais a bheith i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

(17)

Is é an Coimisiún ar cheart dó cúnamh macrairgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairtí a bhaineann leis an gcúnamh sin, agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(19)

Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch a bheidh le leagan síos i Meabhrán Tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na gcomhpháirtithe faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d'fhéadfadh a bheith ag cúnamh de bhreis agus EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear in Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh macrairgeadais atá an tAontas ag tabhairt do gach comhpháirtí, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta comhairliúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana le Montainéagró, agus ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana leis na comhpháirtithe eile a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, agus dá réir sin, maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh sin a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chinnidh seo, eadhon tacú le geilleagair na gcomhpháirtithe a bhfuil comhardú íocaíochtaí agus staid fioscach lag atá ag dul in olcas go tapa le sárú acu, leis an geilleagar ag druidim i dtreo cúlú eacnamaíoch, mar thoradh ar phaindéim COVID-19, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúinsí eisceachtúla arb í paindéim COVID-19 ba chúis leo agus na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann leo, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(22)

Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an dáta tar éis dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Cuirfidh an tAontas cúnamh macrairgeadais (“cúnamh macrairgeadais an Aontais”) ar fáil do Phoblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Poblacht na Moldóive, Montainéagró, an tSeoirsia, Poblacht na Túinéise agus an Úcráin (na “comhpháirtithe”), ar uasmhéid iomlán de EUR 3 bhilliún d'fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch na gcomhpháirtithe agus le clár substainteach um athchóiriú. Beidh an cúnamh sin ina chuidiú chun riachtanais phráinneacha na gcomhpháirtithe maidir le comhardú íocaíochtaí, mar a aithníodh iad sa chlár a fhaigheann tacaíocht ó CAI, a chumhdach agus cuirfear ar fáil é mar a leanas:

(a)

EUR 180 milliún do Phoblacht na hAlbáine;

(b)

EUR 250 milliún don Bhoisnia agus don Heirseagaivéin;

(c)

EUR 150 milliún don tSeoirsia;

(d)

EUR 200 milliún do Ríocht Haisimíteach na hIordáine;

(e)

EUR 100 milliún don Chosaiv;

(f)

EUR 100 milliún do Phoblacht na Moldóive;

(g)

EUR 60 milliún do Mhontainéagró;

(h)

EUR 160 milliún do Poblacht na Macadóine Thuaidh;

(i)

EUR 600 milliún do Phoblacht na Túinéise;

(j)

EUR 1.2 billiún don Úcráin.

2.   Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar méid iomlán an chúnaimh macrairgeadais do gach comhpháirtí. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, an t‐airgead is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus an t‐airgead sin a thabhairt ar iasacht don chomhpháirtí. Cúig bliana déag an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag na hiasachtaí sin.

3.   Bainisteoidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais ar bhealach atá comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí arna dtabhairt i gcrích idir CAI agus an comhpháirtí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoi aon fhorbairtí maidir le cúnamh macrairgeadais an Aontais, lena n‐áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.

4.   Cuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil ar feadh tréimhse 12 mhí, tréimhse a thosóidh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

5.   Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais á eisíoc, go dtiocfaidh laghdú suntasach ar riachtanais mhaoinithe comhpháirtí i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir le hAirteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú, cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó cuirfidh sé é ar ceal.

Airteagal 2

1.   Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a dheonú don chomhpháirtí nach mór don chomhpháirtí sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n‐áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, maille leis an smacht reachta, agus a ráthú go n‐urramófar cearta an duine.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar síos i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais a thabharfaidh an tAontas.

3.   Cuirfear míreanna 1 agus 2 i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (3).

Airteagal 3

1.   I gcomhréir le hAirteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún, i gcomhar le húdaráis gach comhpháirtí, coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadaisa bheidh sainithe go soiléir agus ina mbeidh an bhéim ar athchóirithe struchtúracha agus ar airgeadas poiblí fónta, a mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais faoina réir. Leagfar síos na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais sin i Meabhrán Tuisceana ina mbeidh tráthchlár ar dá réir nach mór na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena n‐áirítear an coigeartú maicreacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an gcomhpháirtí le tacaíocht ó CAI.

2.   Leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sna comhpháirtithe a fheabhsú, lena n‐áirítear i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a úsáid. Aon dul chun cinn atá déanta i dtaca le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, trádáil chothrom atá bunaithe ar rialacha a fhorbairt, agus tosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais, cuirfear san áireamh go cuí é freisin uair a cheapfar na bearta beartais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.   I gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis gach comhpháirtí ar leithligh (an “Comhaontú Iasachta”), leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann le cúnamh macrairgeadais an Aontais.

4.   Fíoróidh an Coimisiún, go tráthrialta, go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, lena n‐áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha an chomhpháirtí i gcomhréir leis na cuspóirí atá le cúnamh macrairgeadais an Aontais. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Airteagal 4

1.   Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an Coimisiún cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil ina dhá thráthchuid. Leagfar síos méid gach tráthchoda sa Mheabhrán Tuisceana.

2.   Déanfar foráil maidir leis na méideanna de chúnamh macrairgeadais an Aontais, i gcás inar gá, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (4).

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le heisíoc na dtráthchodanna, faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2;

(b)

teist shásúil leanúnach maidir le socrú creidmheasa le CAI nach socrú réamhchúraim é a chur chun feidhme;

(c)

na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a socrófar orthu sa Mheabhrán Tuisceana a chur chun feidhme go sásúil.

Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná trí mhí tar éis an chéad tráthchuid a eisíoc.

4.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna a bhaineann leis an gcur ar fionraí nó an cur ar ceal sin.

5.   Is le banc ceannais an chomhpháirtí a eisíocfar cúnamh macrairgeadais an Aontais. Faoi réir na bhforálacha a socrófar orthu sa Mheabhrán Tuisceana, lena n‐áirítear deimhniú na riachtanas maoinithe sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig an Aireacht Airgeadais ina cáil mar an tairbhí deireanach.

Airteagal 5

1.   Na hoibríochtaí iasachtaí a fháil agus iasachtaí a thabhairt a bhaineann le cúnamh macrairgeadais an Aontais, is in euro a dhéanfar iad agus beidh an dáta luacha céanna orthu, agus ní bhéarfaidh siad go mbeidh aon bhaint ag an Aontas leis an gclaochlú aibíochta, ná ní chuirfidh siad an tAontas i mbaol aon riosca ó thaobh ráta malairte nó ráta úis de, ná aon riosca tráchtála eile.

2.   I gcás inar féidir é sna himthosca, agus má iarann an comhpháirtí amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n‐áireofar clásal luath-aisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go mbeidh clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na n‐oibríochtaí iasachtaíochta.

3.   I gcás inar féidir ráta úis níos fabhraí i leith na hiasachta a bheith ann sna himthosca agus má iarrann an comhpháirtí amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán a iasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchtúrúcháin i gcomhréir le míreanna 1 agus 4, agus ní bheidh sé mar éifeacht leo síneadh a chur le haibíocht na n‐iasachtaí lena mbaineann ná méid an chaipitil atá gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchtúrúcháin a mhéadú.

4.   Is ar an gcomhpháirtí a bheidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

Airteagal 6

1.   Cuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

2.   Is faoi bhainistiú díreach a dhéanfar cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur chun feidhme.

3.   Beidh sa Chomhaontú Iasachta:

(a)

forálacha lena n‐áirithítear go ndearbhóidh an comhpháirtí go tráthrialta gur baineadh úsáid cheart as an maoiniú arna sholáthar ó bhuiséad ginearálta an Aontais, go ndéanfaidh sé bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtabharfaidh sé caingean dlí chun aon chistí míleithreasaithe a soláthraíodh faoin gCinneadh seo a aisghabháil;

(b)

forálacha lena n‐áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus foráil á déanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile a dhéanann dochar do chúnamh macrairgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (6) agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (7) , Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus, do na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (9). Chuige sin, údarófar go sainráite don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‐áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, lena n‐áirítear oibríochtaí agus agallaimh fóiréinsice digití;

(c)

forálacha lena n‐údaraítear go sainráite don Choimisiún, nó dá ionadaithe, seiceálacha a dhéanamh, lena n‐áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;

(d)

forálacha lena n‐údaraítear go sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil, lena n‐áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, ar nós measúnuithe oibríochtúla;

(e)

forálacha lena n‐áirithítear go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíoc na hiasachta i gcás inar suíodh, i ndáil le bainistiú chúnamh macrairgeadais an Aontais, go raibh baint ag an gcomhpháirtí le haon ghníomh calaoise nó éillithe nó le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais; agus

(f)

forálacha lena n‐áirithítear gur ar an gcomhpháirtí a thitfidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.

4.   Sula gcuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar a fhónta atá socruithe airgeadais an chomhpháirtí, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

Airteagal 7

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 maidir le cúnamh macrairgeadais an Aontais do Mhontainéagró, agus beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh 182/2011 maidir le cúnamh macrairgeadais an Aontais do na comhpháirtithe eile a chumhdaítear leis an gCinneadh seo.

Airteagal 8

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n‐áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur chun feidhme;

(b)

déanfar staid eacnamaíoch agus ionchais na gcomhpháirtithe a mheasúnú, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;

(c)

sonrófar an chomhbhaint idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach an chomhpháirtí agus cinntí an Choimisiúin maidir le heisíoc na dtráthchodanna atá i gcúnamh macrairgeadais an Aontais.

2.   Tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dul in éag don tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil, mar a thagraítear di in Airteagal 1(4), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé i dtaca leis na cuspóirí a bhí leis an gcúnamh sin a bhaint amach.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Bealtaine 2020.

(*)  Tá an t‐ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(3)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(4)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(7)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

27.5.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/38


CINNEADH (AE) 2020/702 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2020

lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 agus arna shíneadh le Cinneadh (AE) 2020/556, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2020/430 (1) ón gComhairle, tugadh isteach maolú míosa amháin ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (2) a mhéid a bhaineann le cinntí an gnáthnós imeachta i scríbhinn a úsáid, i gcás ina ndéanfaidh Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) na cinntí sin. Rinneadh foráil don mhaolú sin go dtí an 23 Aibreán 2020.

(2)

Le Cinneadh (AE) 2020/430 foráiltear, más rud é go dtugann na himthosca eisceachtúla leanúnacha bonn cirt dó, go bhféadfaidh an Chomhairle an Cinneadh sin a athnuachan. An 21 Aibreán 2020, le Cinneadh (AE) 2020/556 (3), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430 go ceann tréimhse eile míosa ón 23 Aibreán 2020. Téann an síneadh a cuireadh leis an maolú sin in éag an 23 Bealtaine 2020.

(3)

Ós rud é gur ann fós do na himthosca eisceachtúla a chruthaigh paindéim COVID-19, agus roinnt bearta urghnácha coisctheacha agus srianta arna ndéanamh ag na Ballstáit fós i bhfeidhm, is gá síneadh a chur leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430, arna shíneadh le Cinneadh (AE) 2020/556, go ceann tréimhse theoranta eile go dtí 10 Iúil 2020,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Cinneadh (AE) 2020/430, arna shíneadh le Cinneadh (AE) 2020/556, go dtí 10 Iúil 2020.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a nglacfar é.

Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Cinneadh (AE) 2020/430 ón gComhairle an 23 Márta 2020 maidir le maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 88 I, 24.3.2020, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/556 ón gComhairle an 21 Aibreán 2020 lena gcuirtear síneadh leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 128 I, 23.4.2020, lch. 1).