|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 139I |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 63 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
4.5.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 139/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/606 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Bealtaine 2020
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1716 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (1) agus go háirithe Airteagal 13(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1716. |
|
(2) |
An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle conclúidí freisin, inar mheabhraigh di gur cúis imní di an staid pholaitiúil agus shóisialta atá ag dul in olcas i Nicearagua agus gur cháin sí go láidir an cur faoi chois atá á dhéanamh ag na fórsaí slándála agus grúpaí armtha atá ar son an rialtais ar an lucht freasúra polaitiúil, ar léirsitheoirí, ar na meáin neamhspleácha agus ar eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta atá ag tarlú go leanúnach ó mhí Aibreáin 2018 i leith. Dhearbhaigh an tAontas freisin go bhfuil rún daingean aige a cuid ionstraimí uile a úsáid chun tacú le réiteach síochánta, trí mheán na caibidlíochta, ar an ngéarchéim agus an rún atá aige faireachán géar a dhéanamh ar an staid sa tír chun frithghníomhú in aghaidh aon mheathlaithe eile ar chearta an duine agus ar an smacht reachta. |
|
(3) |
Agus béim á cur ag an gComhairle ar a cuid ábhar imní maidir le staid fhoriomlán chearta an duine agus an rialachais dhaonlathaigh, ghlac sí bearta sriantacha agus thug sí dá haire go n‐úsáidfí na bearta sin ar bhealach céimnithe solúbtha agus go bhféadfaí ainmníochtaí sonracha a chur leo i gcás go leanfaí leis an tsáinn agus go dtiocfadh tuilleadh meathlaithe ar chearta an duine agus ar an smacht reachta. |
|
(4) |
I bhfianaise na staide tromchúisí leanúnaí i Nicearagua, ba cheart seisear a áireamh i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GRLIĆ RADMAN
IARSCRÍBHINN
Cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas faoin teideal “Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2” in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
“1. |
Ramón Antonio AVELLÁN MEDAL |
Dáta breithe: 11 Samhain 1954 Áit bhreithe: Jinotepe, Nicearagua Uimhir an phas: A0008696 Eisithe: 17 Deireadh Fómhair 2011 Rachaidh sé in éag: 17 Deireadh Fómhair 2021 Inscne: fireann |
Leas-Ard-Stiúrthóir Phóilíní Náisiúnta Nicearagua agus iarcheannaire na bpóilíní in Masaya. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach i Nicearagua a chur faoi chois, lena n‐áirítear trí chomhordú a dhéanamh ar chur faoi chois agóideoirí in Masaya in 2018. |
4.5.2020 |
|
2. |
Sonia CASTRO GONZÁLEZ |
Dáta breithe: 29 Meán Fómhair 1967 Áit bhreithe: Carazo, Nicearagua Uimhir an phas: A00001526 Eisithe: 19 Samhain 2019 Rachaidh sé in éag: 19 Samhain 2028 Uimhir aitheantais: 0422909670000N Inscne: baineann |
Comhairleoir speisialta d’Uachtarán Nicearagua maidir le saincheisteanna sláinte agus iar-Aire Sláinte. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach i Nicearagua a chur faoi chois, lena n‐áirítear trí bhac a chur ar rochtain ar chúnamh leighis éigeandála do shibhialtaigh ghortaithe a bhfuil baint acu le léirsithe agus trí ordú a thabhairt d’fhoireann ospidéil léirsitheoirí a thug na póilíní iad chuig an ospidéal a thuairisciú. |
4.5.2020 |
|
3. |
Francisco Javier DÍAZ MADRIZ |
Dáta breithe: 3 Lúnasa 1961 Inscne: fireann |
Ard-Stiúrthóir Phóilíní Náisiúnta Nicearagua (NNP) ón 23 Lúnasa 2018 agus iar-Leas-Ard-Stiúrthóir NNP. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach i Nicearagua a chur faoi chois, lena n‐áirítear bheith i gceannas ar fhórsaí póilíneachta a bhfuil baint acu le foréigean i gcoinne sibhialtach, lena n‐áirítear úsáid iomarcach an fhornirt, gabháil agus coinneáil threallach agus céastóireacht. |
4.5.2020 |
|
4. |
Néstor MONCADA LAU |
Dáta breithe: 2 Márta 1954 Inscne: fireann |
Comhairleoir pearsanta d’Uachtarán Nicearagua maidir le cúrsaí slándála náisiúnta. Ina cháil sa ról sin, bhí baint dhíreach aige agus bhí sé freagrach as cinnteoireacht maidir le hábhair slándála náisiúnta agus as bunú beartas cur faoi chois a rinne Stát Nicearagua i gcoinne daoine a ghlac páirt i léirsithe, ionadaithe freasúra agus iriseoirí i Nicearagua ó mhí Aibreáin 2018 ar aghaidh. |
4.5.2020 |
|
5. |
Luís PÉREZ OLIVAS |
Dáta breithe: 8 Eanáir 1956 Inscne: fireann |
Ard-Choimisinéir agus Príomhoifigeach Cúnaimh Dhlíthiúil (DAEJ) i bpeannadlann ‘El Chipote’. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n‐áirítear céastóireacht, úsáid iomarcach an fhornirt, drochíde a thabhairt do dhaoine atá á gcoinneáil agus cineálacha íde tháireach eile. |
4.5.2020 |
|
6. |
Justo PASTOR URBINA |
Dáta breithe: 29 Eanáir 1956 Inscne: fireann |
Ceann an Aonaid Oibríochtaí Speisialta Póilíní (DOEP). Bhí baint dhíreach aige le cur chun feidhme na mbeartas cur faoi chois i gcoinne léirsitheoirí agus i gcoinne an fhreasúra i Nicearagua, go háirithe i Managua. Sa chomhthéacs sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois i Nicearagua. |
4.5.2020”. |
CINNTÍ
|
4.5.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 139/4 |
CINNEADH (CBES) 2020/607 ÓN GCOMHAIRLE
an 4 Bealtaine 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1720 (1) maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua. |
|
(2) |
An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle conclúidí freisin, inar mheabhraigh sí di féin gur cúis imní di an staid pholaitiúil agus shóisialta atá ag dul in olcas i Nicearagua agus gur cháin sí go láidir an cur faoi chois atá á dhéanamh ag na fórsaí slándála agus grúpaí armtha atá ar son an rialtais ar an lucht freasúra polaitiúil, ar léirsitheoirí, ar na meáin neamhspleácha agus ar eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta atá ag tarlú go leanúnach ó mhí Aibreáin 2018 i leith. Dhearbhaigh an tAontas freisin go bhfuil rún daingean aici a cuid ionstraimí uile a úsáid chun tacú le réiteach síochánta, trí mheán na caibidlíochta, ar an ngéarchéim agus an rún atá aige faireachán géar a dhéanamh ar an staid sa tír chun frithghníomhú in aghaidh aon mheathlaithe eile ar chearta an duine agus ar an smacht reachta. |
|
(3) |
Agus béim á cur ag an gComhairle ar a cuid ábhar imní maidir leis an staid fhoriomlán i leith chearta an duine agus an rialachais dhaonlathaigh, ghlac sí bearta sriantacha agus thug sí dá haire go n‐úsáidfí na bearta sin ar bhealach céimnithe solúbtha agus go bhféadfaí ainmníochtaí sonracha a chur leo i gcás go leanfaí leis an tsáinn agus go dtiocfadh tuilleadh meathlaithe ar chearta an duine agus ar an smacht reachta. |
|
(4) |
I bhfianaise na staide tromchúisí leanúnaí i Nicearagua, ba cheart seisear a áireamh i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GRLIĆ RADMAN
(1) Cinneadh (CBES) 2019/1720 an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (IO L 262, 15.10.2019, lch. 58).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na hiontrálaithe seo a leanas isteach faoin gceannteideal ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 agus 2 san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720: