ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 137

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 63
29 Aibreán 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/582 ón gComhairle an 28 Aibreán 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/583 ón gComhairle an 25 Márta 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór maidir le léiriú, de bhun Airteagal 16.1(4)(d), Airteagail 10.17 agus 10.22 den Chomhaontú sin i dtaca le hathruithe ar chosaint na dtásc geografach le haghaidh fíonta, biotáillí, táirgí talmhaíochta agus earraí bia arna gclárú i Singeapór

3

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/584 ón gComhairle an 28 Aibreán 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir

5

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

29.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 137/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/582 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Aibreán 2020

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 an 10 Márta 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 224/2014.

(2)

An 20 Aibreán 2020, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSC) arna bhunú de bhun Rún UNSC 2127 (2013) duine amháin le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Aibreán 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)   IO L 70, 11.3.2014, lch 1.


IARSCRÍBHINN

Sa liosta a leagtar amach i gCuid A (Daoine) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014, cuirtear an duine seo a leanas leis.

A.   Daoine

13. Martin KOUMTAMADJI (ailias: a) Abdoulaye Miskine b) Abdoullaye Miskine c) Martin Nadingar Koumtamadji d) Martin Nkoumtamadji e) Martin Koumta Madji f) Omar Mahamat)

Ainmniú: Uachtarán agus ardcheannasaí an Front Démocratique du Peuple Centrafricain (FDPC)

Dáta breithe: a) 5 Deireadh Fómhair 1965 b) 3 Márta 1965

Áit bhreithe: a) Ndïnaba, Sead b) Kobo, Poblacht na hAfraice Láir (c) Kabo, Poblacht na hAfraice Láir

Náisiúntacht: a) Sead b) Poblacht na hAfraice Láir

Uimhir an phas: 06FBO2262 (Pas taidhleoireachta Phoblacht na hAfraice Láir), a eisíodh an 22 Feabhra 2007, a d'imigh in éag an 21 Feabhra 2012

Seoladh: Am Dafock, Vakaga, Poblacht na hAfraice Láir (an suíomh deiridh is eol)

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 20 Aibreán 2020

Faisnéis eile: Bhunaigh Martin Koumtamadji FDPC in 2005. Chuaigh sé isteach i gcomhghuaillíocht Séléka i mí na Nollag 2012 sular fhág sé é i mí Aibreáin 2013 tar éis do na reibiliúnaigh teacht i gcumhacht in Bangui. Tar éis é a ghabháil i gCamarún, aistríodh chuig Brazzaville i bPoblacht an Chongó é. Bhí sé i gceannas ar a thrúpaí ar an talamh I bPoblacht na hAfraice Láir i gcónaí, fiú nuair a bhí sé in Brazzaville sular fhill sé ar Phoblacht na hAfraice Láir (idir Samhain 2014 agus 2019). Shínigh FDPC an Comhaontú Polaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearas i bPoblacht na hAfraice Láir an 6 Feabhra 2019 ach tá Martin Koumtamadji fós ina bhagairt don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don tslándáil i bPoblacht na hAfraice Láir.

Faisnéis ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Agus é ina uachtarán agus ardcheannasaí ar an Front Démocratique du Peuple Centrafricain (FDPC, grúpa armtha atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí foréigneacha), bhí Martin Koumatamadji ag gabháil do ghníomhaíochtaí a chuir síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na hAfraice Láir i mbaol agus, go háirithe, cur chun feidhme an Chomhaontaithe Pholaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearais a síníodh in Bangui an 6 Feabhra 2019.

Dhiúltaigh sé do dhí-armáil chomhraiceoirí FDPC, i gcomhréir lena ghealltanais mar shínitheoir ar an gComhaontú Polaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearas i bPoblacht na hAfraice Láir, agus bhagair sé an tUachtarán Touadéra a chur as oifig i mí Iúil 2019.

Thosaigh sé ag comhoibriú le Nourredine Adam (CFi.002), duine ar cuireadh smachtbhannaí i bhfeidhm air, i mí an Mheithimh 2019 agus bhí sé ag gabháil do gháinneáil arm le dlúthchomhlach de Nourredine Adam, d'fhonn cur le cumais mhíleata FDPC.

Rinne sé tairiscint freisin do Front Populaire pour la Renaissance de la Centifrique (FPRC) oibríocht mhíleata a dhéanamh lena ghrúpa armtha le linn na troda in Vakaga in 2019.

Lean sé de bhac a chur ar athbhunú údarás an stáit i réimsí oibríochta FPDC trí bhloic mhídhleathacha a choinneáil ar bhóithre chun airgead a bhaint le foréigean d'fheirmeoirí eallach, de ghníomhaithe eacnamaíocha (lena n-áirítear cuideachtaí mianadóireachta óir atá ag feidhmiú in Nana-Mambéré), agus de thaistealaithe.

Faoina cheannaireacht, rinne an CFC gníomhartha in Nana-Mambéré arbh ionann iad agus mí-úsáid nó sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear ionsaithe a díríodh ar shibhialtaigh i mí Aibreáin 2019, fuadach sibhialtach i mí Márta 2019 (gar do Zoukombo) agus gníomhartha foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe i mí Bealtaine 2019 (in Bagary). In 2017, rinne FDPC 14 ghníomh foréigin ghnéasaigh i gcoimhlint.

Idir 2016 agus 2019, d'earcaigh FDPC leanaí chun fónamh mar shaighdiúirí i gcoinbhleacht armtha agus chuir siad iallach ar aon chailín déag pósadh le comhaltaí FDPC.

I mí Márta 2019, bhí baint aige le bac a chur ar sheachadadh na cabhrach daonnúla nuair a rinne FDPC, faoi cheannaireacht Miskine, sraith ionsaithe ar an bpríomhbhóthar go Bangui ó Chamarún.

Ar deireadh, bhí imruagadh idir gnéithe de FDPC agus MINUSCA i mí Aibreáin 2019 gar do Zoukombo (Nana-Mambéré) agus ar ais Bouar-Beleko.”


CINNTÍ

29.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 137/3


CINNEADH (AE) 2020/583 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Thrádáil den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór maidir le léiriú, de bhun Airteagal 16.1(4)(d), Airteagail 10.17 agus 10.22 den Chomhaontú sin i dtaca le hathruithe ar chosaint na dtásc geografach le haghaidh fíonta, biotáillí, táirgí talmhaíochta agus earraí bia arna gclárú i Singeapór

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) ón gComhairle 2019/1875 (1), thug an tAontas Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (2) (“an Comhaontú”) i gcrích, ar comhaontú é a tháinig i bhfeidhm an 21 Samhain 2019.

(2)

Le hAirteagal 16.1 den Chomhaontú, bunaítear Coiste um Thrádáil a dhéanfaidh, inter alia, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a mhaoirsiú agus a éascú.

(3)

De bhun Airteagal 16.1(4)(d) den Chomhaontú, féadfaidh an Coiste um Thrádáil léirithe ar fhorálacha an Chomhaontaithe a ghlacadh. Is léirithe iad sin atá ceangailteach ar na Páirtithe agus ar na comhlachtaí uile a cuireadh ar bun faoin gComhaontú, lena n-áirítear painéil eadrána dá dtagraítear i gCaibidil a Ceathair Déag (Réiteach Díospóidí) den Chomhaontú seo.

(4)

Le hAirteagal 10.17.3 den Chomhaontú, foráiltear go nglacann an Coiste um Thrádáil cinneadh a luaithe agus is féidir tar éis na nósanna imeachta le haghaidh chosaint na dtásc geografach i ngach Páirtí a bheith tugtha i gcrích le haghaidh na n-ainmneacha uile a liostaítear in Iarscríbhinn 10-A (Liosta ainmneacha atá le cur i bhfeidhm le haghaidh cosaint mar Thásca Geografacha i gcríoch na bPáirtithe) a ghabhann leis an gComhaontú, i dtaca leis na hainmneacha ó Iarscríbhinn 10-A a ghabhann leis an gComhaontú a liostú in Iarscríbhinn 10-B (Tásca Geografacha faoi Chosaint) a ghabhann leis an gComhaontú.

(5)

Le hAirteagal 10.18 den Chomhaontú, déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht liosta na dtásc geografach le haghaidh fíonta, biotáillí, táirgí talmhaíochta agus earraí bia a liostaítear in Iarscríbhinn 10-B den Chomhaontú atá le cosaint ag gach Páirtí faoi Fho-Roinn C (Tásca Geografacha) a leasú.

(6)

Le pointí (c) agus (d) den Airteagal 10.17(2), déantar foráil faoi seach maidir le nós imeachta freasúra agus modh dlíthiúil lena gceadaítear iontrálacha sa chlárlann intíre a cheartú agus a chur ar ceal chun gur féidir na leasanna dlisteanacha atá ag tríú páirtithe a chur san áireamh.

(7)

In Airteagal 10.22 den Chomhaontú leagtar amach na rialacha ginearálta maidir le tásca geografacha a chosaint a liostaítear in Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú.

(8)

Is iomchuí an dóigh a n-oibríonn forálacha d’Airteagail 10.17(2) agus 10.22 le chéile a shoiléiriú. Go sonrach, is gá an gaol idir an leibhéal cosanta a bhunaítear faoi Airteagal 10.22 den Chomhaontú, agus an córas le haghaidh clárú agus cosaint tásc geografach arna bhunú ag gach Páirtí faoi Airteagal 10.17 den Chomhaontú ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a shoiléiriú. Ba cheart an méid sin a dhéanamh trí léiriú ceangailteach a ghlacadh.

(9)

Chun soiléiriú agus comhleanúnachas dlíthiúil a áirithiú ba cheart a lua sa léiriú ceangailteach sin, nach féidir aon athruithe a dhéanamh ar chosaint tásc geografach le haghaidh fíonta, biotáillí, táirgí talmhaíochta agus earraí bia arna gclárú i Singeapór agus a liostaítear nó atá le liostú in Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú, a dhéantar ar fhorais a thagann faoi raon feidhme Airteagal 10.22(5) den Chomhaontú nó nach dtagann faoi na rialacha ginearálta a chumhdaítear i míreanna eile Airteagal 10.22 agus a iarrtar tríd an gcóras le haghaidh clárú agus cosaint tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 10.17 den Chomhaontú, mura bhfuil cinneadh dearfach ón gCoiste um Thrádáil ann maidir leis an leasú comhfhreagrach ar Iarscríbhinn 10-B a ghabhann leis an gComhaontú.

(10)

Foráiltear go nglacfaidh an Coiste um Thrádáil cinneadh maidir leis an léiriú, de bhun Airteagal 16.1(4)(d), ar Airteagail 10.17 agus 10.22(5) den Chomhaontú le linn a chéad chruinnithe nó trí nós imeachta i scríbhinn.

(11)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Thrádáil a bhunú, mar go mbeidh an cinneadh ón gCoiste um Thrádáil ceangailteach ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcéad chruinniú den Choiste um Thrádáil arna bhunú faoin gChomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (an “Comhaontú”) nó i scríbhinn ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, i dtaca le léiriú, de bhun Airteagal 16.1(4)(d), Airteagail 10.17 agus 10.22 den Chomhaontú sin i dtaca le hathruithe ar chosaint na dtásc geografach le haghaidh fíonta, biotáillí, táirgí talmhaíochta agus earraí bia arna gclárú i Singeapór, beidh sé bunaithe ar an dréachtChinneadh ón gCoiste sin um Thrádáil. (3) (4)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Márta 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (AE) 2019/1875 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (io L 294, 14.11.2019, lch. 1).

(2)   IO L 294, 14.11.2019, lch. 3).

(3)  Féach doiciméad ST 6568/20 ar http://register.consilium.europa.eu.

(4)  IO: Cuir isteach, le do thoil, an téacs seo a leanas ar an leathanach den leagan GAEILGE den IO a chomhfhreagraíonn don leathanach ar a bhfuil an doiciméad foilsithe sna teangacha eile: “Níl téacs an dréachtChinnidh ann sa Ghaeilge.”.


29.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 137/5


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2020/584 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Aibreán 2020

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (1), agus go háirithe Airteagal 2c de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Nollaig 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/798/CBES.

(2)

An 20 Aibreán 2020, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSC) arna bhunú de bhun Rún UNSC 2127 (2013) duine amháin le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Aibreán 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)   IO L 352, 24.12.2013, lch. 51.


IARSCRÍBHINN

Sa liosta a leagtar amach i gCuid A (Daoine) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES, cuirtear an duine seo a leanas leis:

A.   Daoine

“13.

Martin KOUMTAMADJI (ailias: a) Abdoulaye Miskine b) Abdoullaye Miskine c) Martin Nadingar Koumtamadji d) Martin Nkoumtamadji e) Martin Koumta Madji f) Omar Mahamat)

Ainmniú: Uachtarán agus ardcheannasaí an Front Démocratique du Peuple Centrafricain (FDPC)

Dáta breithe: a) 5 Deireadh Fómhair 1965 b) 3 Márta 1965

Áit bhreithe: a) Ndïnaba, Sead b) Kobo, Poblacht na hAfraice Láir (c) Kabo, Poblacht na hAfraice Láir

Náisiúntacht: a) Sead b) Poblacht na hAfraice Láir

Uimhir an phas: 06FBO2262 (Pas taidhleoireachta Phoblacht na hAfraice Láir), a eisíodh an 22 Feabhra 2007, a d’imigh in éag an 21 Feabhra 2012

Seoladh: Am Dafock, Vakaga, Poblacht na hAfraice Láir (an suíomh deiridh is eol)

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 20 Aibreán 2020

Faisnéis eile: Bhunaigh Martin Koumtamadji FDPC in 2005. Chuaigh sé isteach i gcomhghuaillíocht Séléka i mí na Nollag 2012 sular fhág sé é i mí Aibreáin 2013 tar éis do na reibiliúnaigh teacht i gcumhacht in Bangui. Tar éis é a ghabháil i gCamarún, aistríodh chuig Brazzaville i bPoblacht an Chongó é. Bhí sé i gceannas ar a thrúpaí ar an talamh i bPoblacht na hAfraice Láir i gcónaí, fiú nuair a bhí sé in Brazzaville sular fhill sé ar Phoblacht na hAfraice Láir (idir Samhain 2014 agus 2019). Shínigh FDPC an Comhaontú Polaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearas i bPoblacht na hAfraice Láir an 6 Feabhra 2019 ach tá Martin Koumtamadji fós ina bhagairt don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don tslándáil i bPoblacht na hAfraice Láir.

Faisnéis ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Agus é ina uachtarán agus ardcheannasaí ar an Front Démocratique du Peuple Centrafricain (FDPC, grúpa armtha atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí foréigneacha), bhí Martin Koumatamadji ag gabháil do ghníomhaíochtaí a chuir síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na hAfraice Láir i mbaol agus, go háirithe, cur chun feidhme an Chomhaontaithe Pholaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearais a síníodh in Bangui an 6 Feabhra 2019.

Dhiúltaigh sé do dhí-armáil chomhraiceoirí FDPC, i gcomhréir lena ghealltanais mar shínitheoir ar an gComhaontú Polaitiúil um Shíocháin agus Athmhuintearas i bPoblacht na hAfraice Láir, agus bhagair sé an tUachtarán Touadéra a chur as oifig i mí Iúil 2019.

Thosaigh sé ag comhoibriú le Nourredine Adam (CFi.002), duine ar cuireadh smachtbhannaí i bhfeidhm air, i mí an Mheithimh 2019 agus bhí sé ag gabháil do gháinneáil arm le dlúthchomhlach de Nourredine Adam, d’fhonn cur le cumais mhíleata FDPC.

Rinne sé tairiscint freisin do Front Populaire pour la Renaissance de la Centifrique (FPRC) oibríocht mhíleata a dhéanamh lena ghrúpa armtha le linn na troda in Vakaga in 2019.

Lean sé de bhac a chur ar athbhunú údarás an stáit i réimsí oibríochta FPDC trí bhloic mhídhleathacha a choinneáil ar bhóithre chun airgead a bhaint le foréigean d’fheirmeoirí eallach, de ghníomhaithe eacnamaíocha (lena n-áirítear cuideachtaí mianadóireachta óir atá ag feidhmiú in Nana-Mambéré), agus de thaistealaithe.

Faoina cheannaireacht, rinne an CFC gníomhartha in Nana-Mambéré arbh ionann iad agus mí-úsáid nó sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear ionsaithe a díríodh ar shibhialtaigh i mí Aibreáin 2019, fuadach sibhialtach i mí Márta 2019 (gar do Zoukombo) agus gníomhartha foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe i mí Bealtaine 2019 (in Bagary). In 2017, rinne FDPC 14 ghníomh foréigin ghnéasaigh i gcoimhlint.

Idir 2016 agus 2019, d’earcaigh FDPC leanaí chun fónamh mar shaighdiúirí i gcoinbhleacht armtha agus chuir siad iallach ar aon chailín déag pósadh le comhaltaí FDPC.

I mí Márta 2019, bhí baint aige le bac a chur ar sheachadadh na cabhrach daonnúla nuair a rinne FDPC, faoi cheannaireacht Miskine, sraith ionsaithe ar an bpríomhbhóthar go Bangui ó Chamarún.

Ar deireadh, bhí imruagadh idir gnéithe de FDPC agus MINUSCA i mí Aibreáin 2019 gar do Zoukombo (Nana-Mambéré) agus ar ais Bouar-Beleko.”