ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 130

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
24 Aibreán 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19

1

 

*

Rialachán (AE) 2020/559 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic le ráig COVID-19

7

 

*

Rialachán (AE) 2020/560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 agus (AE) Uimh. 1379/2013a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 a mhaolúin earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe

11

 

*

Rialachán (AE) 2020/561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis, a mhéid a bhaineann le dátaí cur i bhfeidhm forálacha áirithe de ( 1 )

18

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/562 ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 maidir le bearta sriantacha i dtaca le Maenmar/Burma

23

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/563 ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Bhurma

25

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/564 ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/298 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) d’fhonn a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh na nArm Ollscriosta

27

 

 

RIALACHA NÓS IMEACHTA

 

*

Cinneadh ó Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta um Thacaíocht do BEREC (OIFIG BEREC) an 10 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le srianta ar chearta áirithe na n-ábhar sonraí a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag Oifig BEREC

28

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

24.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/1


RIALACHÁN (AE) 2020/558 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2020

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 177, 178 agus pointe (a) d’Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iarmhairtí ráig COVID-19 dulta i bhfeidhm ar na Ballstáit ar shlí gan fasach. Tá an ghéarchéim sláinte poiblí atá ann faoi láthair ag cur bac ar fhás sna Ballstáit agus, mar thoradh air sin, tá an easpa leachtachta thromchúiseach ag dul in olcas, easpa arb é is cúis léi an t‐ardú tobann agus suntasach atá tagtha ar na hinfheistíochtaí poiblí is gá a dhéanamh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair. Tháinig de sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

(2)

Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí, rinneadh Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 (3) agus (AE) Uimh. 1303/2013 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú cheana féin, le Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), chun níos mó solúbthachta a thabhairt maidir le cur chun feidhme na gclár arna dtacú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (“CFRE”), ag Ciste Sóisialta na hEorpa (“CSE”) agus an Ciste Comhtháthaithe (a dtugtar na “Cistí” orthu le chéile) agus ag an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (“CEMI”). Chun rannchuidiú le freagairt éifeachtach ar an ngéarchéim sláinte poiblí atá ann faoi láthair, leathnaíodh raon feidhme na tacaíochta ó CFRE go mór.

(3)

Is ag dul in olcas atá na héifeachtaí diúltacha tromchúiseacha ar gheilleagair an Aontais agus ar shochaithe an Aontais, áfach. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh do sholúbthacht eisceachtúil bhreise do na Ballstáit chun cur ar a gcumas freagairt a thabhairt ar an ngéarchéim gan fasach sin trí fheabhas a chur ar an bhféidearthacht atá acu slógadh a dhéanamh ar an tacaíocht uile ó na Cistí nár baineadh leas aisti.

(4)

D'fhonn an t‐ualach ar bhuiséid phoiblí atá ag freagairt don ghéarchéim sláinte poiblí a mhaolú, ba cheart an deis eisceachtúil a thabhairt do na Ballstáit ráta cómhaoinithe 100 % a iarraidh, le haghaidh cláir bheartas comhtháthaithe a bheidh le cur i bhfeidhm le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2020-2021, i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Bunaithe ar mheasúnú ar chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe eisceachtúil sin, d’fhéadfadh an Coimisiún a mholadh go gcuirfí síneadh leis an mbeart seo.

(5)

Chun solúbthacht bhreise a sholáthar do na Ballstáit le haghaidh ath-leithdháileadh acmhainní d’fhonn freagairtí saincheaptha ar an ngéarchéim sláinte poiblí a sholáthar, ba cheart deiseanna le haghaidh aistrithe airgeadais faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post idir CRFE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe a thabhairt isteach nó a fheabhsú. Anuas air sin, ba cheart deiseanna aistrithe idir catagóirí réigiún a mhéadú go heisceachtúil le haghaidh na mBallstát, i bhfianaise tionchar forleathan na géarchéime sláinte poiblí, agus cuspóirí an Chonartha maidir le beartas comhtháthaithe á n-urramú san am céanna. Leis na haistrithe sin, níor cheart difear a dhéanamh d’acmhainní faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, do na leithdháiltí breise ar na réigiúin is forimeallaí, don tacaíocht don Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg ná don Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.

(6)

Chun a chur ar chumas na mBallstát acmhainní atá ar fáil a shlógadh go tapa chun freagairt a thabhairt ar ráig COVID-19 agus ag tabhairt san áireamh, i bhfianaise cur chun feidhme chlárthréimhse 2014-2020 a bheith ag teacht chun deiridh, nach bhféadfaidh baint a bheith ag ath-leithdháileadh acmhainní ach leis na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh chlársceidealú na bliana 2020, tá údar maith ann na Ballstáit a dhíolmhú, ar bhonn eisceachtúil, ón ngá atá le ceanglais maidir le díriú téamach a chomhlíonadh ar feadh a bhfuil fágtha den chlárthréimhse.

(7)

Chun a chur ar chumas na mBallstát díriú ar an bhfreagairt riachtanach ar ráig COVID-19 agus chun ualaí riaracháin a laghdú, ba cheart simpliú a dhéanamh ar cheanglais nós imeachta áirithe a bhaineann le cur chun feidhme clár agus le hiniúchtaí. Go háirithe, níor cheart Comhaontuithe Comhpháirtíochta a leasú a thuilleadh ar feadh a bhfuil fágtha den chlárthréimhse, chun athruithe roimhe sin i gcláir oibríochtúla a chur san áireamh nó chun aon athruithe eile a thabhairt isteach. Ba cheart na spriocdhátaí chun na tuarascálacha chur chun feidhme bliantúla a thabhairt isteach le haghaidh na bliana 2019 agus tarchur na tuarascála achoimre bunaithe ar na tuarascálacha chur chun feidhme sin a chur ar athlá. Maidir leis na Cistí agus CEMI, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite maidir le deis níos mó d’údaráis iniúchta chun leas a bhaint as modh samplála neamhstaidrimh i leith na bliana cuntasaíochta 2019-2020.

(8)

Is iomchuí a shonrú gur cheart incháilitheacht caiteachais a cheadú go heisceachtúil le haghaidh oibríochtaí atá tugtha chun críche nó atá curtha chun feidhme ina n‐iomláine, ar oibríochtaí iad lena gcothaítear acmhainneachtaí freagartha ar an ngéarchéim i gcomhthéacs ráig COVID-19. Ba cheart é a bheith indéanta oibríochtaí den sórt sin a roghnú fiú sula bhformheasann an Coimisiún an leasú riachtanach ar chlár. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le socruithe sonracha i gcás ina n‐agrófar ráig COVID-19 mar chúis force majeure i gcomhthéacs an tsaortha.

(9)

Chun laghdú a dhéanamh ar ualaí riaracháin agus ar mhoilleanna ar chur chun feidhme i gcás ina bhfuil gá le hathruithe ar ionstraimí airgeadais chun freagairt éifeachtach a sholáthar ar ghéarchéim sláinte poiblí, níor cheart go mbeadh gá a thuilleadh ar feadh a bhfuil fágtha den chlárthréimhse leis an athbhreithniú agus uasdátú ar an measúnú ex ante ná le pleananna gnó nuashonraithe ná doiciméid choibhéiseacha, mar chuid de na doiciméid tacaíochta lena léirítear gur baineadh leas as an tacaíocht a soláthraíodh chun na críche a beartaíodh dó. Ba cheart leathnú a dhéanamh ar na deiseanna chun tacú le caipiteal oibre trí ionstraimí airgeadais faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

(10)

Chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann lánúsáid a bhaint as tacaíocht ó na Cistí agus ó CEMI, ba cheart solúbthacht bhreise a sholáthar chun íocaíocht an iarmhéid deiridh a ríomh ag deireadh na clárthréimhse.

(11)

Chun na haistrithe a údaraítear faoin Rialachán seo a éascú, níor cheart feidhm a bheith ag an gcoinníoll i leith aistrithe a mholtar faoin Rialachán seo agus a leagtar síos i bpointe (f) d’Airteagal 30(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le leithreasuithe a úsáid chun na críche céanna.

(12)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an cur chuige a ghlactar faoi Chreat Sealadach maidir le bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig COVID-19 atá ann faoi láthair agus cabhair de minimis, ar thaobh amháin, agus na coinníollacha chun tacaíocht a sholáthar do ghnóthais atá i gcruachás faoi CFRE, ar an taobh eile, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 a leasú chun gur féidir tacaíocht a dheonú do na gnóthais sin sna cúinsí sonracha sin.

(13)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí trí bhearta solúbthachta a thabhairt isteach sa réimse a bhaineann le tacaíocht a sholáthar ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (“Cistí SIE”), a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(14)

I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le ráig COVID-19, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

I bhfianaise ráig COVID-19 agus an gá práinneach atá le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí a bhaineann leis agus a iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(16)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) d'Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013:

“(d)

maidir le gnóthais a bhfuil deacracht acu mar a shainmhínítear i rialacha an Aontais a bhaineann le Státchabhair; gnóthais a fhaigheann tacaíocht i gcomhréir leis an gCreat Sealadach maidir le bearta Státchabhrach (*1) nó Rialacháin (AE) Uimh. 1407/2013 (*2), (AE) Uimh. 1408/2013 (*3) agus (AE) Uimh. 717/2014 (*4) ón gCoimisiún, ní mheasfar gur gnóthais iad a bhfuil deacracht acu chun críoch an phointe seo;

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an Chaibidil seo a leanas le Cuid a Dó, Teideal II:

Caibidil v

Bearta eisceachtúla chun Cistí SIE a úsáid mar fhreagairt ar ráig COVID-19

Airteagal 25a

Bearta eisceachtúla chun Cistí SIE a úsáid mar fhreagairt ar ráig COVID-19

1.   De mhaolú ar Airteagal 60(1) agus ar an gcéad fhomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 120(3), arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir le caiteachas a dhearbhófar in iarratais ar íocaíocht le linn na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2020 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2021 le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó i gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, CSE nó ón gCiste Comhtháthaithe.

Déanfar iarrataí ar mhodhnú ar an ráta cómhaoinithe a thíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le leasú clár a leagtar amach in Airteagal 30 agus beidh clár athbhreithnithe nó cláir athbhreithnithe ag gabháil leo. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má dhéanann an Coimisiún an leasú ábhartha ar an gclár oibríochtúil a fhormheas sula gcuirfear isteach an t‐iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 135(2).

Sula gcuirfidh na Ballstáit isteach an chéad iarratas ar íocaíocht le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021, déanfaidh siad an tábla dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) d’Airteagal 96(2) a chur in iúl ina ndearbhófar an ráta cómhaoinithe a bhí infheidhme le linn na bliana cuntasaíochta dar críoch an 30 Meitheamh 2020 maidir leis na tosaíochtaí lena mbaineann an méadú sealadach go 100 %.

2.   Mar fhreagairt ar ráig COVID-19, féadfar, arna iarraidh sin do Bhallstát, na hacmhainní atá ar fáil lena gclársceidealú don bhliain 2020 le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a aistriú idir CFAE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe, gan beann ar na céatadáin dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 92(1).

Chun críoch na n‐aistrithe sin, ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92(4).

Ní dhéanfaidh aistrithe difear d’acmhainní a leithdháileadh ar an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg i gcomhréir le hAirteagal 92(5) ná don chabhair do na daoine is díothaí faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post i gcomhréir le hAirteagal 92(7).

Déanfar acmhainní a aistreofar idir CFRE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe faoin mír seo a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Chiste a n‐aistreofar acmhainní chuige.

3.   De mhaolú ar Airteagal 93(1) agus sa bhreis ar an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 93(2), féadfar acmhainní atá ar fáil le haghaidh clársceidealú don bhliain 2020, arna iarraidh sin do Bhallstát, a aistriú idir catagóirí réigiún mar fhreagairt ar ráig COVID-19.

4.   Déanfar iarrataí ar aistrithe faoi mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a thíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le leasú clár, a leagtar amach in Airteagal 30, beidh údar cuí leo agus beidh an clár nó na cláir athbhreithnithe ina léireofar na méideanna a aistreofar de réir Ciste agus catagóir réigiúin ag gabháil leo, i gcás inarb ábhartha.

5.   De mhaolú ar Airteagal 18 den Rialachán seo agus ar na Rialacháin Chiste-shonracha, maidir le leithreasuithe airgeadais a leagfar amach in iarrataí ar leasuithe cláir a thíolacfar nó aistrithe a fhógrófar de bhun Airteagal 30(5) den Rialachán seo ar an 24 Aibreán 2020 nó dá éis, ní bheidh siad faoi réir na gceanglas maidir le díriú téamach a leagtar amach sa Rialachán seo nó sna Rialacháin Chiste-shonracha.

6.   De mhaolú ar Airteagal 16, ón 24 Aibreán 2020, ní dhéanfar Comhaontuithe Comhpháirtíochta a leasú agus ní bheidh aon leasú ar Chomhaontuithe Comhpháirtíochta sna leasuithe cláir.

De mhaolú ar Airteagail 26(1), 27(1), 30(1) agus 30(2), ón 24 Aibreán 2020 ní dhéanfar comhsheasmhacht clár ná a gcur chun feidhme leis an gComhaontú Comhpháirtíochta a fhíorú.

7.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 65(6) maidir le hoibríochtaí lena gcothaítear acmhainneachtaí freagartha ar an ngéarchéim i gcomhthéacs ráig COVID-19 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 65(10).

De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 125(3), féadfar na hoibríochtaí sin a roghnú le haghaidh tacaíocht ó CFRE nó ó CSE sula nglacfar an clár leasaithe.

8.   Chun críocha phointe (b) d’Airteagal 87(1), i gcás ina n‐agrófar ráig COVID-19 mar chúis force majeure, cuirfear an fhaisnéis maidir le méideanna nárbh fhéidir iarratas ar íocaíocht a dhéanamh ina leith ar fáil ar leibhéal comhiomlán de réir tosaíochta le haghaidh oibríochtaí ar lú a gcostas iomlán incháilithe ná EUR 1 000 000.

9.   Déanfar an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an chláir dá dtagraítear in Airteagal 50(1) don bhliain 2019 a thíolacadh faoin 30 Meán Fómhair 2020 i gcás Chistí uile SIE, de mhaolú ar na spriocdhátaí a leagtar amach sna Rialacháin Chiste-shonracha. Féadfar tarchur na tuarascála achoimre a bheidh le hullmhú ag an gCoimisiún in 2020, i gcomhréir le hAirteagal 53(1), a chur ar athlá dá réir sin.

10.   De mhaolú ar phointe (g) d’Airteagal 37(2), ní cheanglófar na measúnuithe ex ante a athbhreithniú nó a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá athruithe a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ráig COVID-19.

11.   I gcás ina gcuirfear ar fáil le hionstraimí airgeadais tacaíocht i bhfoirm caipitil oibre do FBManna de bhun an dara fomhír d’Airteagal 37(4) den Rialachán seo, ní cheanglófar go gcuirfear isteach pleananna gnó nua nó nuashonraithe ná doiciméid choibhéiseacha ná fianaise choibhéiseach lenar féidir a fhíorú, mar chuid de na doiciméid tacaíochta, gur úsáideadh an tacaíocht a soláthraíodh trí bhíthin na n‐ionstraimí airgeadais don chuspóir a bhí beartaithe di.

De mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, féadfaidh CETFT an tacaíocht sin a sholáthar freisin faoi bhearta dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus atá ábhartha maidir le cur chun feidhme na n‐ionstraimí airgeadais. Ní rachaidh an caiteachas incháilithe sin thar EUR 200 000.

12.   Chun críocha an dara fomhír d’Airteagal 127(1), beidh i ráig COVID-19 cás cuí-réasúnaithe a fhéadfaidh údaráis iniúchóireachta a agairt, bunaithe ar a mbreithiúnas gairmiúil, chun modh samplála neamhstaidrimh a úsáid don bhliain chuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2019 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2020.

13.   Chun críocha chur chun feidhme phointe (f) d’Airteagal 30(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), maidir leis an gcoinníoll go bhfuil leithreasuithe ar fáil don chuspóir céanna, ní bheidh feidhm aige i dtaca le haistrithe faoi mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

(*5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 130, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   De mhaolú ar mhír 2, maidir leis an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI trí bhíthin íocaíochtaí an iarmhéid deiridh i leith gach tosaíochta de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún sa bhliain chuntasaíochta deiridh, ní bheidh sin níos mó ná 10 % níos mó ar a mhéid den ranníocaíocht as na Cistí nó as CEMI maidir le gach tosaíocht de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil.

Ní bheidh an ranníocaíocht as na Cistí ná as CEMI trí bhíthin íocaíochtaí an iarmhéid deiridh i leith gach tosaíochta de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún sa bhliain chuntasaíochta deiridh níos mó ná an caiteachas poiblí incháilithe a dhearbhófar ná an ranníocaíocht as gach Ciste agus ó gach catagóir réigiún le gach clár oibríochtúil mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil, cibé acu is ísle.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Tuairim an 14 Aibreán 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Aibreán 2020.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(5)  Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas) (IO L 99, 31.3.2020, lch. 5).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


24.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/7


RIALACHÁN (AE) 2020/559 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic le ráig COVID-19

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leagtar síos rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (an “Ciste”).

(2)

Chuaigh ráig COVID-19 i bhfeidhm ar na Ballstáit ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Baineann rioscaí níos airde leis an ngéarchéim do na daoine is leochailí, amhail na daoine is díothaí, go háirithe trí chur isteach ar an tacaíocht a sholáthraíonn an Ciste.

(3)

Chun foráil a dhéanamh d'fhreagairt láithreach ar thionchar na géarchéime ar na daoine is díothaí, ba cheart an caiteachas ar oibríochtaí d’fhonn acmhainneachtaí freagartha chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19 a chothú a bheith incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.

(4)

D'fhonn an t‐ualach a mhaolú ar bhuiséid phoiblí atá ag tabhairt freagairt ar ráig COVID-19, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, ráta cómhaoinithe 100 % a iarraidh le cur i bhfeidhm le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2020 go 2021 i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Bunaithe ar mheasúnú ar chur chun feidhme an ráta cómhaoinithe eisceachtúil sin, féadfaidh an Coimisiún leathnú ar an ráta sin a mholadh.

(5)

Chun a áirithiú gur féidir leis na daoine is díothaí cúnamh a fháil fós faoin gCiste i dtimpeallacht shábháilte, is gá foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht leordhóthanach do na Ballstáit chun a scéimeanna tacaíochta a mhodhnú don chomhthéacs reatha, bunaithe ar chomhairliúcháin le heagraíochtaí comhpháirtíochta, lena n‐áirítear trí scéimeanna seachadta malartacha a cheadú, amhail trí dhearbháin nó cártaí i bhfoirm leictreonach nó i bhforim eile, agus trí chead a thabhairt do na Ballstáit eilimintí áirithe den chlár oibríochtúil a leasú gan a cheangal gur gá cinneadh ón gCoimisiún a ghlacadh. D’fhonn cúnamh sábháilte a chinntiú do na daoine is leochailí, ba cheart é a bheith indéanta freisin an t‐ábhar agus an trealamh cosanta a sholáthar d'eagraíochtaí comhpháirtíochta atá lasmuigh den bhuiséad um chúnamh teicniúil.

(6)

Is iomchuí rialacha sonracha um chinneadh na gcostas incháilithe a iompróidh tairbhithe a leagan síos i gcás ina mbeidh moill ar oibríochtaí, nó ina mbeidh siad curtha ar fionraí nó nach gcuirfear chun feidhme go hiomlán iad mar thoradh ar ráig COVID-19.

(7)

Chun é a chur ar chumas na mBallstát díriú ar bhearta a thabhairt isteach chun freagairt a thabhairt ar ráig COVID-19 agus chun cur isteach ar sholáthar tacaíochta do na daoine is díothaí mar gheall ar rioscaí éillithe a sheachaint, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bearta sonracha chun an t‐ualach riaracháin ar údaráis a laghdú agus chun solúbthacht a chur ar fáil maidir le comhlíonadh ceanglas reachtach áirithe, go háirithe na ceanglais a bhaineann le faireachán, le rialú agus le hiniúchadh.

(8)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bearta sonracha a thabhairt isteach chun a áirithiú go gcuirfear an Ciste i bhfeidhm go héifeachtach le linn ráig COVID-19, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(9)

I bhfianaise phráinn na tacaíochta atá ag teastáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(10)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na cúinsí eisceachtúla de dheasca ráig COVID-19, na práinne atá i gceist le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte phoiblí a bhaineann léi, agus i bhfianaise a iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 4:

“4.   Níl feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 chun críocha eilimintí de chlár oibríochtúil atá faoi fhoranna 3.5 agus 3.6 agus roinn 4, faoi seach, eilimintí de na teimpléid do chláir oibríochtúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) go (e) agus (g) d'Airteagal 7(2) a mhodhnú i gcás ina modhnófar iad mar thoradh ar an bhfreagairt ar an ngéarchéim ráig COVID-19.”;

(2)

in Airteagal 13(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, is é an 30 Meán Fómhair 2020 an spriocdháta chun an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme don bhliain 2019 a chur isteach.”;

(3)

in Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   De mhaolú ar mhír 1, ar iarraidh ó Bhallstát, féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas poiblí arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht le linn na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2020 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2021.

Iarratais ar mhodhnú ar an ráta cómhaoinithe, déanfar iad a thíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta maidir le cláir oibríochtúla a leasú a leagtar amach in Airteagal 9 agus beidh clár athbhreithnithe ag gabháil leo. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má bhíonn an leasú ábhartha ar an gclár oibríochtúil formheasta ag an gCoimisiún roimh an t‐iarratas críochnaitheach ar íocaíocht eatramhach a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 45(2).

Sula gcuirfear an chéad iarratas ar íocaíocht isteach don bhliain chuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021, fógróidh na Ballstáit an tábla dá dtagraítear i roinn 5.1 de na teimpléid do chláir oibríochtúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I, lena ndeimhneofar an ráta cómhaoinithe ab infheidhme le linn na bliana cuntasaíochta dar críoch an 30 Meitheamh 2020.”;

(4)

in Airteagal 22(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh caiteachas ar oibríochtaí maidir le hacmhainneachtaí freagartha chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19 a chothú incháilithe ón 1 Feabhra 2020.”;

(5)

in Airteagal 23, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   Is féidir bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar do na daoine is díothaí go díreach nó go hindíreach, amhail trí dhearbháin nó cártaí, i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm eile, ar choinníoll nach féidir na dearbháin, na cártaí ná na hionstraimí eile sin a mhalartú ach amháin le haghaidh bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach.”;

(6)

in Airteagal 26, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

na costais a bhaineann le bia agus/nó cúnamh ábhartha bunúsach a cheannach agus na costais a bhaineann le hábhar agus trealamh cosanta pearsanta a cheannach d'eagraíochtaí comhpháirtíochta,”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

na costais riaracháin, iompair agus stórála a iompróidh na heagraíochtaí comhpháirtíochta ag ráta comhréidh 5 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (a); nó 5 % de luach na dtáirgí bia arna ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;”;

(7)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

Airteagal 26a

Incháilitheacht caiteachais d’oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Chlár Oibríochtúil I le linn dóibh a bheith ar fionraí mar thoradh ar ráig COVID-19

Ní thiocfaidh laghdú ar na costais incháilithe a iompróidh an comhlacht ceannaigh nó eagraíochtaí comhpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 26(2) de thoradh moilleanna ar sheachadadh bia agus/nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh mar thoradh ar ráig COVID-19. Féadfar na costais seo a dhearbhú don Choimisiún ina n-iomláine i gcomhréir le hAirteagal 26(2) sula seachadfar an bia agus/nó an cúnamh ábhartha bunúsach chuig na daoine is díothaí ar choinníoll go gcuirfear tús le seachadadh arís nuair a bheidh deireadh leis an ngéarchéim a bhaineann le ráig COVID-19.

I gcás ina mbeidh bia lofa mar gheall ar an seachadadh a bheith curtha ar fionraí mar thoradh ar ráig COVID-19, ní laghdófar na costais a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 26(2).

Airteagal 26b

Incháilitheacht caiteachais ar oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Chlár Oibríochtúil II nó ar chúnamh teicniúil le linn dóibh a bheith ar fionraí mar thoradh ar ráig COVID-19

1.   I gcás ina gcuirtear cur chun feidhmne oibríochtaí ar fionraí mar thoradh ar ráig COVID-19, féadfaidh Ballstát an caiteachas a tabhaíodh le linn dóibh a bheith ar fionraí a mheas mar chaiteachas incháilithe fiú murar soláthraíodh aon seirbhís, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go gcuirfear cur chun feidhme na hoibríochta ar fionraí tar éis an 31 Eanáir 2020;

(b)

gurb í ráig COVID-19 is cúis leis an oibríocht a bheith ar fionraí;

(c)

gur tabhaíodh an caiteachas agus gur íocadh as;

(d)

gur fíorchostas don tairbhí é an caiteachas nach féidir a aisghabháil nó a chúiteamh; maidir le haisghabhálacha agus cúiteamh nach soláthraíonn an Ballstát, féadfaidh an Ballstát a mheas go léireofar comhlíonadh an choinníoll sin ar bhonn dearbhú ón tairbhí; bainfear aisghabhálacha agus cúiteamh den chaiteachas;

(e)

go bhfuil an caiteachas teoranta do thréimhse fionraí na hoibríochta.

2.   Maidir le hoibríochtaí a dtugtar aisíocaíocht don tairbhí maidir leo ar bhonn roghanna costas simplithe agus nuair a chuirtear cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí is bonn le haisíocaíocht a chur i gcrích ar fionraí mar thoradh ar ráig COVID-19, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann aisíocaíocht a thabhairt don tairbhí ar bhonn an aschuir beartaithe le haghaidh thréimhse na fionraí, fiú mura soláthrófar aon ghníomhaíocht, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go gcuirfear cur chun feidhme na ngníomhachtaí ar fionraí tar éis an 31 Eanáir 2020;

(b)

gurb í ráig COVID-19 is cúis leis na gníomhachtaí a bheith ar fionraí;

(c)

go gcomhfhreagróidh na roghanna costas simplithe d'fhíorchostas a iompróidh an tairbhí, agus a léireoidh sé agus nach féidir iad a aisghabháil ná a chúiteamh; maidir le haisghabhálacha agus cúiteamh nach soláthraíonn an Ballstát, féadfaidh an Ballstát a mheas go gcomhlíontar an coinníoll seo ar bhonn dearbhú ón tairbhí; bainfear aisghabhálacha agus cúiteamh den mhéid a chomhfhreagraíonn don rogha chostais shimplithe;

(d)

go mbeidh an aisíocaíocht leis an tairbhí teoranta do thréimhse fionraí na ngníomhachtaí.

Maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Ballstát aisíocaíocht a thabhairt don tairbhí ar bhonn na gcostas dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1), ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

I gcás ina dtugann Ballstát aisíocaíocht don tairbhí ar bhonn na chéad fhomhíre agus an dara fomhír araon, áiritheoidh sé nach n‐aisíocfar an caiteachas ach aon uair amháin.

Airteagal 26c

Incháilitheacht caiteachais ar oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi Chlár Oibríochtúil II nó ar chúnamh teicniúil nach bhfuil curtha chun feidhme go hiomlán mar thoradh ar ráig COVID-19

1.   Féadfaidh Ballstát an caiteachas ar oibríochtaí nach mbeidh curtha chun feidhme go hiomlán mar thoradh ar ráig COVID-19 a mheas mar chaiteachas incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go gcuirfear deireadh le cur chun feidhme na hoibríochta tar éis an 31 Eanáir 2020;

(b)

gurb í ráig COVID-19 is cúis le deireadh a bheith curtha le cur chun feidhme na hoibríochta;

(c)

gur thabhaigh an tairbhí an caiteachas sular cuireadh deireadh le cur chun feidhme na hoibríochta agus gur íoc sé as.

2.   Maidir le hoibríochtaí as a n‐aisíocfar tairbhí ar bhonn roghanna costas simplithe, féadfaidh Ballstát an caiteachas ar oibríochtaí nach bhfuil curtha chun feidhme go hiomlán mar thoradh ar ráig COVID-19 a mheas mar chaiteachas incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go gcuirfear deireadh le cur chun feidhme na hoibríochta tar éis an 31 Eanáir 2020;

(b)

gurb í ráig COVID-19 is cúis le deireadh a bheith curtha le cur chun feidhme na hoibríochta;

(c)

go mbeidh na gníomhaíochtaí a chumhdófar leis na roghanna costais simplithe curtha i gcrích, go páirteach ar a laghad, sular cuireadh deireadh le cur chun feidhme na hoibríochta.

Maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Ballstát aisíocaíocht a thabhairt don tairbhí ar bhonn na gcostas dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1), ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

I gcás ina dtugann an Ballstát aisíocaíocht don tairbhí ar bhonn na chéad fhomhíre agus an dara fomhír araon, áiritheoidh sé nach n‐aisíocfar an caiteachas céanna ach aon uair amháin.”;

(8)

in Airteagal 30, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Ar bhonn na hanailíse ar na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann, féadfaidh na Ballstáit ceanglais níos éadroime maidir le rialú agus taifead iniúchóireachta a bhunú maidir le dáileadh bia agus / nó cúnaimh ábhartha bhunúsaigh ar na daoine is díothaí le linn ráig COVID-19.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Aibreán 2020.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).


24.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/11


RIALACHÁN (AE) 2020/560 Ó PHARLAIMINT NAHEORPA AGUS ÓNGCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2020

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 agus (AE) Uimh. 1379/2013a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 a mhaolúin earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43(2) agus 175 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an suaitheadh ar an margadh mar gheall ar an laghdú suntasach atá tagtha ar an éileamh de dheasca ráig COVID-19 tar éis earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a bhualadh go suntasach. Tháinig laghdú suntasach ar phraghsanna agus ar mhéideanna mar gur dúnadh ionaid díolacháin, margaí, asraonta agus bealaí dáileacháin. Mar gheall ar an laghdú ar an éileamh agus ar phraghsanna, chomh maith le leochaileacht castacht an tslabhra soláthair, bhíothas ag déanamh caillteanais in oibríochtaí na gcabhlach iascaireachta agus oibríochtaí táirgthe bia mara. Dá dheasca sin, bhí ar iascairí fanacht sa chalafort agus beidh ar fheirmeoirí éisc táirgí a dhiúscairt nó a scriosadh laistigh de roinnt seachtainí.

(2)

Ba cheart an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a bheith in ann tacú le bearta sonracha go dtí an 31 Nollaig 2020 chun tionchar ráig COVID-19 in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a mhaolú. Sna bearta sin, ba cheart tacú le scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, lena n‐áirítear scor sealadach d’iascaireacht intíre agus d'iascairí de chois, agus do chaillteanais eacnamaíocha áirithe i ndáil le táirgeoirí dobharshaothraithe agus le fiontair phróiseála agus sna réigiúin is forimeallaí, ar choinníoll gurb é ráig COVID-19 is cúis leo. Sna bearta sonracha sin, ba cheart freisin caipiteal oibre a sholáthar do tháirgeoirí dobharshaothraithe agus d’fhiontair phróiseála agus ba ceart tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí chun táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a stóráil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ba cheart caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na bearta seo a bheith incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.

(3)

Ba cheart na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh gealltanais ó CEMI atá faoi bhainistíocht roinnte a mhiondealú ar shlí a n‐áiritheofar go mbunófar méideanna socraithe le haghaidh rialú iascaigh agus le haghaidh sonraí eolaíocha a bhailiú, ach a gceadófar, ag an am céanna, 10 % de na méideanna sin a úsáid maidir le bearta a bhaineann le ráig COVID-19 a mhaolú, agus le haghaidh costais bhreise sna réigiún is forimeallaí a chúiteamh. Ba cheart do na Ballstáit na hacmhainní eile atá faoi bhainistíocht roinnte a leithdháileadh ar bhonn na riachtanas atá acu féin.

(4)

I bhfianaise iarmhairtí socheacnamaíocha suntasacha ráig COVID-19 agus an ghá atá le leachtacht sa gheilleagar, ba cheart a bheith in ann tacú leis an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, arb í géarchéim ráig COVID-19 is cúis leis, agus ráta uasta cómhaoinithe 75 % de chaiteachas poiblí incháilithe a úsáid.

(5)

I bhfianaise an ghá atá le solúbthacht maidir le hacmhainní airgeadais a ath-leithdháileadh chun dul i ngleic le hiarmhairtí ráig COVID-19, níor cheart soláthar na tacaíochta don scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta arb í an ráig sin is cúis leis a bheith faoi réir caidhpeáil airgeadais. Níor cheart gur dhochar an méid sin don chaidhpeáil airgeadais atá ann cheana le haghaidh cásanna eile a bhaineann le scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta. An oibleagáid i dtaobh tacaíocht a deonaíodh don scor sealadach a asbhaint de thacaíocht a deonaíodh don scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an soitheach céanna, ba cheart an oibleagáid sin leanúint de bheith i bhfeidhm. Maidir le bearta a bhaineann le ráig COVID-19 a mhaolú, ba cheart an ceanglas maidir le 120 lá de ghníomhaíocht a laghdú go comhréireach i gcás úinéirí soithí atá cláraithe ar feadh tréimhse is giorra ná dhá bhliain agus i gcás iascairí a thosaigh ag obair tráth is giorra ná dhá bhliain roimh an iarratas ar thacaíocht.

(6)

I bhfianaise chomh práinneach atá sé an tacaíocht a sholáthar, ba cheart a bheith in ann raon feidhme an nós imeachta shimplithe a leathnú ionas go gcuirfear san áireamh leasuithe ar chláir oibríochtúla a bhaineann leis na bearta sonracha agus ath-leithdháileadh na n-acmhainní airgeadais a ghabhann leo chun dul i ngleic le hiarmhairtí ráig COVID-19. Ba cheart na leasuithe uile is gá a bheith cumhdaithe leis an nós imeachta simplithe sin chun na bearta lena mbaineann a chur chun feidhme ina n‐iomláine, lena n‐áirítear iad a thabhairt isteach agus an tuairisc ar na modhanna chun tacaíocht a ríomh.

(7)

I bhfianaise an phríomhróil a bhí ag eagraíochtaí táirgeoirí chun an ghéarchéim a bhainistiú, ba cheart an uasteorainn i leith na tacaíochta don táirgeacht agus do phleananna margaíochta a mhéadú go dtí 12 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin réamhíocaíochtaí de suas go dtí 100 % den tacaíocht airgeadais a dheonú d’eagraíochtaí táirgeoirí i dtaobh na tacaíochta sin.

(8)

Tar éis do ráig COVID-19 cur isteach ar ghníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe go tobann agus, dá dheasca sin, an riosca a bhaineann le margaí le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chur i mbaol, is iomchuí sásra a chur ar bun chun táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag daoine a stóráil. Beidh sé d’aidhm ag an méid sin breis cobhsaíochta sa mhargadh a chothú, an riosca a bhaineann le táirgí den sórt sin a chur amú nó a athúsáid chun críoch bia nach do dhaoine é a mhaolú, agus cuidiú le tionchar na géarchéime ar bhrabús na dtáirgí a mhaolú chomh maith. Leis an sásra sin, ba cheart do tháirgeoirí iascaigh agus dobharshaothraithe a bheith in ann úsáid a bhaint as na teicnící céanna cosanta agus caomhnúcháin do speicis chomhionanna chun a áirithiú go gcoinneofar iomaíochas cothrom idir na táirgeoirí.

(9)

I bhfianaise chomh tobann agus chomh mór atá an laghdú ar éileamh tar éis teacht ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca ráig COVID-19, ba cheart a bheith in ann na cainníochtaí atá incháilithe do chúnamh stórála a mhéadú go dtí 25 % de chainníochtaí bliantúla na dtáirgí lena mbaineann a chuireann an eagraíocht táirgeoirí lena mbaineann ar díol.

(10)

Le go mbeidh sé ar chumas na mBallstát freagairt go pras ar thobainne ráig COVID-19 nárbh fhéidir a thuar, ba cheart dóibh a bheith i dteideal truicearphraghsanna a shocrú dá n‐eagraíochtaí táirgeoirí chun an sásra stórála a chur ar obair. Ba cheart na truicearphraghsanna sin a shocrú sa tslí go gcoinneofar iomaíochas cothrom idir na hoibreoirí.

(11)

Ba cheart tacaíocht ó CEMI a bheith ar fáil freisin do bhearta chun na caillteanais eacnamaíocha de dheasca COVID-19 a chúiteamh d’oibreoirí agus táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí á n-iascaireacht, á dtógáil, á bpróiseáil agus á margú acu, go háirithe na caillteanais a thagann as meath ar phraghas iasc nó as costais stórála mhéadaithe. Ba cheart don Choimisiún bearta den sórt sin atá beartaithe ag na Ballstáit a fhormheas gan mhoill.

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon tionchar sóisialta agus eacnamaíoch ráig COVID-19 ar earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a mhaolú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(13)

I bhfianaise na práinne atá leis an tacaíocht is gá a sholáthar, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(14)

I bhfianaise ráig COVID-19 agus na práinne atá le dul i ngleic leis an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch atá aici ar earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 agus (AE) Uimh. 1379/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

Airteagal 13

Acmhainní buiséadacha faoi bhainistíocht roinnte

1.   Is ionann na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh gealltanais ó CEMI don tréimhse ó 2014 go 2020 faoi bhainistíocht roinnte agus EUR 5 749 331 600 i bpraghsanna reatha, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Leithdháilfear EUR 580 000 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar na bearta rialaithe agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 76.

3.   Leithdháilfear EUR 520 000 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar bhearta maidir le sonraí a bhailiú dá dtagraítear in Airteagal 77.

4.   Leithdháilfear EUR 192 500 000 de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i mír 1 ar chúiteamh na réigiún is forimeallaí faoi Chaibidil V de Theideal V. Leis an gcúiteamh sin, ní shárófar na suimeanna seo a leanas in aghaidh na bliana:

(a)

EUR 6 450 000 i gcomhair na nAsór agus Mhaidéara;

(b)

EUR 8 700 000 i gcomhair na nOileán Canárach;

(c)

EUR 12 350 000 do réigiúin Fhrancacha is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE.

5.   Beidh an fhéidearthacht ag na Ballstáit na hacmhainní atá ar fáil faoi mhíreanna 2 agus 3 a úsáid go hidirmhalartach.

6.   Féadfar 10 % de na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a leithdháileadh ar bhearta a bhaineann le ráig COVID-19 a mhaolú.”;

(2)

in Airteagal 16(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“1.   I gcás na n‐acmhainní atá ar fáil le haghaidh gealltanais ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 13(1) don tréimhse ó 2014 go 2020, mar a leagtar amach iad sa tábla in Iarscríbhinn II, cinnfear iad ar bhonn na gcritéar oibiachtúil seo a leanas:”;

(3)

leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)

i bpointe 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(e)

leasuithe ar chláir oibríochtúla a bhaineann leis an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 33(1), Airteagal 35, Airteagal 44(4a), pointe (b) d’Airteagal 55(1), Airteagail 57, 66 agus 67 agus Airteagal 69(3), lena n‐áirítear acmhainní airgeadais a ath-leithdháileadh chun dul i ngleic le hiarmhairtí ráig COVID-19.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 33(1), Airteagal 34 agus Airteagal 41(2).”;

(4)

in Airteagal 25(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“3.   Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, ní sháróidh an ranníocaíocht airgeadais iomlán ó CEMI do na bearta dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 33(1) agus in Airteagal 34 agus d’athsholáthar nó nuachóiriú na bpríomhinneall ná na n‐inneall coimhdeach dá dtagraítear in Airteagal 41 an tairseach is airde den dá thairseach seo a leanas:”;

(5)

leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Le CEMI, féadfar tacú le bearta le haghaidh an scoir shealadaigh de ghníomhaíochtaí iascaireachta sna cásanna seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme bhearta an Choimisiúin nó bhearta éigeandála na mBallstát dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 13, faoi seach, de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó na mbeart caomhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin, lena n‐áirítear tréimhsí téarnaimh ó thaobh na bitheolaíochta;

(b)

ní dhéantar Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nó na prótacail a ghabhann leo a athnuachan;

(c)

i gcás ina bhforáiltear don scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta i bplean bainistíochta a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle (*1) nó i bplean ilbhliantúil a ghlactar faoi Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás ina bhfuil gá, bunaithe ar chomhairle eolaíoch, le laghdú san iarracht iascaireachta chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus i bpointe (a) d’Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach;

(d)

i gcás ina dtarlaíonn an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta idir an 1 Feabhra agus an 31 Nollaig 2020 mar thoradh ar ráig COVID-19, lena n‐áirítear do shoithí a oibríonn faoi Chomhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe.

I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír de, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.

2.   An tacaíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfar í a dheonú ar feadh fad uasta sé mhí in aghaidh an tsoithigh le linn na tréimhse ó 2014 go 2020. Ní bheidh feidhm ag an bhfad uasta sin maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) den fhomhír sin.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).”;"

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Chun críoch phointe (d) de mhír 1, beidh feidhm ag na maolaithe seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar phointe (a) de mhír 3, i gcás soitheach iascaireachta a bheith cláraithe i gclár cabhlaigh iascaireachta an Aontais ar feadh tréimhse is giorra ná dhá bhliain ar dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht, féadfaidh na Ballstáit líon íosta na laethanta de ghníomhaíochtaí iascaireachta a bheidh ag teastáil don soitheach sin a ríomh mar chion de 120 lá sa dá bhliain féilire dheireanacha;

(b)

de mhaolú ar phointe (b) de mhír 3, i gcás iascaire a thosaigh ag obair ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais tráth is giorra ná dhá bhliain roimh dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht, féadfaidh na Ballstáit líon íosta na laethanta oibre a bheidh ag teastáil don iascaire sin a ríomh mar chion de 120 lá sa dá bhliain féilire dheireanacha;

(c)

de mhaolú ar mhír 3, deonófar tacaíocht freisin d’iascairí de chois a d’oibrigh 120 lá ar a laghad le linn an dá bhliain féilire roimh dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht. I gcás iascaire de chois a thosaigh ag obair tráth is giorra ná dhá bhliain roimh dháta tíolactha an iarratais ar thacaíocht, féadfaidh na Ballstáit líon íosta na laethanta oibre a bheidh ag teastáil don iascaire sin a ríomh mar chion de 120 lá sa dá bhliain féilire dheireanacha.”;

(6)

leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   Le CEMI, féadfar tacú le scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta arb í ráig COVID-19 is cúis leis, mar a fhoráiltear i bpointe (d) d’Airteagal 33(1), faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 33.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 4a:

(a)

tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagail 30, 32, 33, 38, 39, 41 agus 42 do shoithí iascaireachta tagairtí do shoithí a oibríonn go heisiach in uisce intíre;

(b)

tuigfear gurb é atá sna tagairtí a dhéantar in Airteagal 38 don mhuirthimpeallacht tagairtí don timpeallacht ina n‐oibríonn an soitheach iascaireachta intíre.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 55:

“Airteagal 55

Bearta sláinte poiblí

1.   Le CEMI, féadfar tacú leis na scéimeanna cúitimh seo a leanas:

(a)

cúiteamh a thabhairt d’fheirmeoirí moileasc as buaint na moileasc feirme a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach, i gcás ina dtarlaíonn an fionraí sin ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí amháin;

(b)

caipiteal oibre agus cúiteamh a dheonú d’fheirimeoirí dobharshaothraithe.

Féadfar cúiteamh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a dheonú i gcás táirgeacht agus díolacháin a bheith ar fionraí ar bhonn sealadach nó laghdaithe nó costais stórála mhéadaithe a tharlaíonn idir an 1 Feabhra agus an 31 Nollaig 2020 mar thoradh ar ráig COVID-19.

2.   Ní fhéadfar tacaíocht faoi phointe (a) de mhír 1 a dheonú ach amháin sa chás ina gcuirtear buaint ar fionraí i ngeall ar éilliú moileasc mar thoradh ar an iomadú planctón ginte tocsain nó de bharr planctón ina bhfuil biotocsain a bheith ann, agus ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:

(a)

maireann an t-éilliú níos faide ná ceithre mhí as a chéile; nó

(b)

tá an caillteanas a thig as cur ar fionraí na buainte níos mó ná 25 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais lena mbaineann, arna ríomh ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sin sna trí bliana féilire roimh an mbliain inar cuireadh an bhuaint ar fionraí.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit rialacha speisialta ríomha a bhunú i ndáil le cuideachtaí atá i mbun gníomhaíochta tráth is giorra ná lú ná trí bliana.

3.   Is é 12 mhí thar an tréimhse chlársceidealaithe ar fad an uastréimhse a fhéadfar cúiteamh a thabhairt ina leith faoi phointe (a) de mhír 1. I gcásanna a bhfuil údar maith leo, féadfar síneadh 12 mhí eile a chur leis an tréimhse sin, go huastréimhse 24 mí san iomlán.

I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír de, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.”;

(8)

in Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3.   Ní bheidh tacaíocht a dheonófar in aghaidh na heagraíochta táirgeoirí in aghaidh na bliana faoin Airteagal seo níos mó ná 12 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag an eagraíocht táirgeoirí sin sna trí bliana féilire roimhe sin. I gcás eagraíocht táirgeoirí nua-aitheanta, ní bheidh an tacaíocht sin níos mó ná 12 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag baill na heagraíochta sin sna trí bliana féilire roimhe sin.”;

4.   Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann airleacan idir 50 % agus 100 % den tacaíocht airgeadais a dheonú tar éis fhormheas an phlean táirgthe agus margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.”;

(9)

in Airteagal 67, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   I gcás ina bhfuil gá leis seo chun freagairt do ráig COVID-19, le CEMI, féadfar tacú le cúiteamh a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann na táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 nó táirgí a thagann faoi chód AC 0302 mar a liostaítear i bpointe (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ar choinníoll go stóráiltear na táirgí sin i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 den Rialachán sin agus faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní méid an chúnaimh stórála níos mó ná méid na gcostas teicniúil agus airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí is gá chun na táirgí atá i gceist a chobhsú agus a stóráil;

(b)

níl na cainníochtaí atá incháilithe do chúnamh stórála níos mó ná 25 % de chainníochtaí bliantúla na dtáirgí lena mbaineann a chuireann an eagraíocht táirgeoirí ar díol;

(c)

níl an tacaíocht airgeadais in aghaidh na bliana níos mó ná 20 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag baill na heagraíochta táirgeoirí sa tréimhse ó 2017 go 2019.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, i gcás nár chuir ball den eagraíocht táirgeoirí aon táirgeacht ar an margadh sa tréimhse ó 2017 go 2019, cuirfear san áireamh meánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh sna chéad trí bliana táirgeachta den bhall sin.

2.   Tiocfaidh deireadh leis an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 an 31 Nollaig 2020.

I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír de, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Airteagal seo incháilithe amhail ón 1 Feabhra 2020.”;

(10)

in Airteagal 69, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Le CEMI, féadfar tacú le caipiteal agus cúiteamh a dheonú d’fhiontair phróiseála faoin raon feidhme a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 55(1) le haghaidh feirmeoirí dobharshaothraithe.”;

(11)

in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Le CEMI, féadfar tacú le cúiteamh na gcostas breise a thabhaíonn oibreoirí agus táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE á n-iascaireacht, á dtógáil, á bpróiseáil agus á margú acu.

Le CEMI, féadfar tacú freisin le bearta chun caillteanais eacnamaíocha de dheasca ráig COVID-19 a chúiteamh, go háirithe na caillteanais sin a thagann as meath ar phraghas iasc nó as costais stórála mhéadaithe.”;

(12)

in Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Féadfaidh na Ballstáit ábhar an phlean cúitimh dá dtagraítear i mír 1 a leasú. Cuirfidh na Ballstáit leasuithe den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach a chinneadh i dtaobh na leasuithe sin a formheas nó gan iad a fhormheas. I gcás ina mbaineann na leasuithe le bearta chun caillteanais eacnamaíocha de dheasca ráig COVID-19 faoin dara fomhír d’Airteagal 70(1) a chúiteamh, déanfaidh a Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh laistigh de 15 lá ón leasú a bheith tíolactha. D'ainneoin mhír 4 den Airteagal seo, leagfar amach leis na gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le bearta chun caillteanais eacnamaíocha de dheasca ráig COVID-19 a chúiteamh modhanna ríofa na gcostas breise agus na modhanna cur chun feidhme atá ag na Ballstáit.”;

(13)

in Airteagal 79, scriostar mír 2;

(14)

in Airteagal 94(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

50 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh na tacaíochta dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 33(1), Airteagal 34 agus Airteagal 41(2);”;

(15)

in Airteagal 95(2), cuirtear an méid a leanas isteach in ionad phointe (e):

“(e)

go mbaineann an oibríocht le tacaíocht faoi Airteagal 33 nó 34 nó le cúiteamh faoi Airteagal 54, Airteagal 55 nó Airteagal 56 nó Airteagal 69(3);”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8(3), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(f)

stóráil shealadach do tháirgí dobharshaothraithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 den Rialachán seo.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

Airteagal 30

Sásra stórála

Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh agus dobharshaothraithe tacaíocht airgeadais a fháil chun táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II nó táirgí a thagann faoi chód AC 0302 mar a liostaítear i bpointe (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a stóráil, ar choinníoll:

(a)

go gcomhlíontar na coinníollacha a bhaineann le cúnamh stórála a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(b)

gur chuir eagraíochtaí táirgeoirí na táirgí ar an margadh agus nach bhfuarthas aon cheannaitheoir dóibh ag an truicearphraghas dá dtagraítear in Airteagal 31;

(c)

i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann na táirgí na comhchaighdeáin mhargaíochta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 33 agus gur de cháilíocht ard go leor iad lena gcaitheamh ag an duine;

(d)

go ndéantar na táirgí a chobhsú nó a phróiseáil agus a stóráil in umair nó i gcaighin, nó trína reo, ar bord soitheach nó i saoráidí ar tír, trína sailleadh, trína dtriomú, trína maranáidiú nó, más ábhartha, trína mbruith agus trína bpaistéaradh, cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar na táirgí a fhilléadú nó a ghearradh nó, i gcás inarb iomchuí, sciotadh cinn orthu, de bhreis ar na próisis sin;

(e)

nach stóráiltear beo na táirgí dobharshaothraithe;

(f)

go ndéantar na táirgí a thabhairt isteach sa mhargadh arís ón stóráil níos faide anonn lena gcaitheamh ag an duine, agus

(g)

go bhfanann na táirgí sa stóráil ar feadh cúig lá ar a laghad.

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).”;"

(3)

leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Roimh thús gach bliana, féadfaidh gach eagraíocht táirgeoirí moladh dá cuid féin a dhéanamh maidir le praghas a gcuirfeadh an sásra stórála dá dtagraítear in Airteagal 30 ag obair i gcás na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II nó na táirgí a thagann faoi chód AC 0302 mar a liostaítear i bpointe (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   I gcás nár chinn Ballstát na truicearphraghsanna de bhun mhír 4 sula raibh ráig COVID-19 ann, cinnfidh an Ballstát sin, gan aon mhoill, na truicearphraghsanna lena mbaineann ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3. Cuirfear na praghsanna ar fáil go poiblí.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Aibreán 2020.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).


24.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/18


RIALACHÁN (AE) 2020/561 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis, a mhéid a bhaineann le dátaí cur i bhfeidhm forálacha áirithe de

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus pointe (c) d’Airteagal 168(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear creat rialála nua chun a áirithiú go bhfeidhmeodh an margadh inmheánach a mhéid a bhaineann le feistí leighis atá cumhdaithe leis an Rialachán sin ar bhealach rianúil, agus ardleibhéal cosanta sláinte d’othair agus d’úsáideoirí mar bhonn aige agus na fiontair bheaga agus mheánmhéide atá gníomhach san earnáil sin á gcur san áireamh. Ag an am céanna, socraítear le Rialachán (AE) 2017/745 ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta d’fheistí leighis chun déileáil le gnáth-údair imní sábháilteachta a mhéid a bhaineann le feistí den sórt sin. Thairis sin, le Rialachán (AE) 2017/745, déantar mórdhaingniú ar phríomhghnéithe den chur chuige rialála atá ann cheana i dTreoracha 90/385/CEE (3) agus 93/42/CEE (4) ón gComhairle, amhail maoirseacht ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, imscrúduithe cliniciúla agus meastóireacht chliniciúil, aireachas agus faireachas margaidh, agus, san am céanna, forálacha á dtabhairt isteach lena n-áirithítear go mbeidh trédhearcacht agus inrianaitheacht ann maidir le feistí leighis, chun an tsláinte agus an tsábháilteacht a fheabhsú.

(2)

Is dúshlán faoi na Ballstáit nach raibh a leithéid ann riamh iad ráig COVID-19 agus an ghéarchéim sláinte poiblí a bhaineann léi agus is ualach ollmhór iad ar na húdaráis náisiúnta, ar na hinstitiúidí leighis, ar shaoránaigh an Aontais agus ar na hoibreoirí eacnamaíocha. Leis an ngéarchéim sláinte poiblí, cruthaíodh dálaí urghnácha, dálaí nárbh fhéidir a thuar go réasúnta nuair a glacadh Rialachán (AE) 2017/745, a dteastaíonn acmhainní breise substainteacha lena n-aghaidh chomh maith le méadú ar infhaighteacht feistí leighis ríthábhachtacha. Is mór an tionchar atá ag na dálaí urghnácha sin ar réimsí éagsúla atá cumhdaithe le Rialachán (AE) 2017/745, amhail ainmniú agus obair na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra agus feistí leighis a chur ar an margadh agus a chur ar fáil ar an margadh san Aontas.

(3)

Tá ról ríthábhachtach ag feistí leighis, amhail lámhainní leighis, maisc máinliacha, trealamh le haghaidh dianchúraim agus trealamh leighis eile, i gcomhthéacs ráig COVID-19 agus na géarchéime sláinte poiblí a bhaineann léi chun sláinte agus sábháilteacht shaoránaigh an Aontais a áirithiú agus chun cur ar chumas na mBallstát an chóireáil leighis is gá a thabhairt d’othair a bhfuil cóireáil den sórt sin de dhíth orthu go práinneach.

(4)

Ós rud é go bhfuil na dúshláin atá ann faoi láthair níos mó ná mar a bhí riamh, agus castacht Rialachán (AE) 2017/745 á cur san áireamh, tá dóchúlacht mhór ann nach mbeidh na Ballstáit, na hinstitiúidí leighis, na hoibreoirí eacnamaíocha agus páirtithe ábhartha eile in ann a áirithiú go ndéanfaí an Rialachán sin a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go cuí ón 26 Bealtaine 2020 mar a leagtar síos ann.

(5)

Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach ar bhealach rianúil, go mbeidh ardleibhéal cosanta sláinte poiblí agus sábháilteachta othar ann, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh a sheachaint, is gá cur i bhfeidhm forálacha áirithe de chuid Rialachán (AE) 2017/745 a chur siar. Agus ráig COVID-19 agus an ghéarchéim sláinte poiblí a bhaineann léi, forbairt eipidéimeolaíoch an víris, agus na hacmhainní breise a theastaíonn ó na Ballstáit, ó na hinstitiúidí leighis, ó na hoibreoirí eacnamaíocha agus ó pháirtithe ábhartha eile á gcur san áireamh, is iomchuí cur i bhfeidhm na bhforálacha sin de chuid Rialachán (AE) 2017/745 a chur siar bliain amháin.

(6)

Ba cheart an cur i bhfeidhm a chur siar maidir leis na forálacha de chuid Rialachán (AE) 2017/745 a thosódh d’fheidhm a bheith acu an 26 Bealtaine 2020 mura ndéanfaí an méid sin. Chun a áirithiú go mbeidh feistí leighis ar fáil go leanúnach ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear feistí leighis atá ríthábhachtach i gcomhthéacs ráig COVID-19 agus na géarchéime sláinte poiblí a bhaineann léi, is gá freisin forálacha idirthréimhseacha áirithe de chuid Rialachán (AE) 2017/745 a oiriúnú, forálacha nach mbeadh feidhm acu a thuilleadh mura ndéanfaí an méid sin.

(7)

Le Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE araon, agus le Rialachán (AE) 2017/745, tugtar de chumhacht do na húdaráis náisiúnta inniúla, ar iarraidh a fháil a bhfuil bonn cirt cuí léi, údarú a thabhairt feistí leighis a chur ar an margadh nach ndearnadh na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta orthu, ach a úsáidtear ar mhaithe le cosaint na sláinte, nó ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí nó le sábháilteacht na n-othar faoi seach (“maolú náisiúnta”). Lena chois sin, le Rialachán (AE) 2017/745, tugtar cead don Choimisiún an bhailíocht atá ag maolú náisiúnta a shíneadh, i gcásanna eisceachtúla, ar feadh tréimhse theoranta chuig críoch an Aontais (“maolú ar fud an Aontais”). Agus ráig COVID-19 agus an ghéarchéim sláinte poiblí a bhaineann léi á gcur san áireamh, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann maoluithe ar fud an Aontais a ghlacadh mar fhreagairt ar mhaoluithe náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar bhealach éifeachtúil ar ghanntanais feistí leighis ríthábhachtacha is féidir a bheidh ann ar fud an Aontais. Is iomchuí, ar an gcúis sin, go mbeadh feidhm ag an bhforáil ábhartha de chuid Rialachán (AE) 2017/745 ar an dáta is luaithe is féidir agus go ndéanfaí forálacha comhfhreagracha Threoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE a aisghairm ón dáta sin. Ag cur san áireamh go bhfuil an fhéidearthacht maoluithe ar fud an Aontais a ghlacadh, ar feadh idirthréimhse, le tabhairt don Choimisiún maidir le maoluithe náisiúnta ar Threoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE, is gá leasuithe áirithe a dhéanamh ar fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2017/745.

(8)

Chun aon mhaoluithe náisiúnta a chumhdach a bheidh deonaithe ag na Ballstáit i gcomhréir le Treoir 90/385/CEE nó 93/42/CEE i gcomhthéacs ráig COVID-19 roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht a bheith ag na Ballstáit fógra a thabhairt faoi na maoluithe náisiúnta sin agus a bheith ag an gCoimisiún bailíocht na maoluithe sin a shíneadh chuig críoch an Aontais.

(9)

Chun a áirithiú go mbeidh creat rialála ann go leanúnach le haghaidh feistí leighis, ar creat é atá ag feidhmiú agus atá éifeachtach, is gá cur i bhfeidhm na forála lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE a chur siar.

(10)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cur i bhfeidhm forálacha áirithe de chuid Rialachán (AE) 2017/745 a chur siar agus an deis a thabhairt an bhailíocht atá le maoluithe náisiúnta, arna n-údarú faoi Threoir 90/385/CEE nó 93/42/CEE, a shíneadh chuig críoch an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(11)

Táthar ag glacadh an Rialacháin seo faoi dhálaí eisceachtúla a thagann as ráig COVID-19 agus as an ngéarchéim sláinte poiblí a bhaineann léi. Chun an éifeacht a bhaint amach atáthar a iarraidh, mar atá Rialachán (AE) 2017/745 a leasú a mhéid a bhaineann le dátaí cur i bhfeidhm forálacha áirithe, is gá go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm roimh an 26 Bealtaine 2020. Measadh, dá bhrí sin, gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(12)

Ós rud é gurb é an gá sáraitheach atá ann aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí a bhaineann le ráig COVID-19 láithreach, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/745 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/745 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(2), leasaítear an dara fomhír mar a leanas:

(a)

sa chéad abairt, cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”;

(b)

sa dara habairt, cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”;

(2)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

sa chéad abairt, cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”;

(ii)

sa tríú habairt, cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”;

(b)

i mír 6, cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”;

(3)

in Airteagal 34(1), cuirtear “25 Márta 2021” in ionad an dáta “25 Márta 2020”;

(4)

leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.

De mhaolú ar Airteagal 52 den Rialachán seo nó, ar feadh na tréimhse ón 24 Aibreán 2020 go dtí an 25 Bealtaine 2021, de mhaolú ar Airteagal 9(1) agus (2) de Threoir 90/385/CEE nó ar Airteagal 11(1) go (6) de Threoir 93/42/CEE, féadfaidh aon údarás inniúil údarú a thabhairt, ar iarraidh a fháil a bhfuil bonn cirt cuí léi, feiste shonrach a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann nach ndearnadh na nósanna imeachta is infheidhme dá dtagraítear sna hAirteagail sin uirthi ach a úsáidtear ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí nó le sábháilteacht nó sláinte na n-othar.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Féadfaidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 9(9) de Threoir 90/385/CEE nó le hAirteagal 11(13) de Threoir 93/42/CEE roimh an 24 Aibreán 2020.”;

(c)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Tar éis dó fógra a fháil de bhun mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, i gcásanna eisceachtúla a bhaineann leis an tsláinte phoiblí nó le sábháilteacht nó sláinte na n-othar, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bailíocht údaraithe a dheonaigh Ballstát i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo nó, nuair a deonaíodh an bhailíocht roimh an 24 Aibreán 2020, i gcomhréir le hAirteagal 9(9) de Threoir 90/385/CEE nó le hAirteagal 11(13) de Threoir 93/42/CEE, a shineadh ar feadh tréimhse theoranta chuig críoch an Aontais agus na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfar an fheiste a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 114(3).”;

(5)

in Airteagal 113, cuirtear “25 Feabhra 2021” in ionad an dáta “25 Feabhra 2020”;

(6)

leasaítear Airteagal 120 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.

De mhaolú ar Airteagal 5 den Rialachán seo, féadfar feiste ar feiste in aicme I í de bhun Threoir 93/42/CEE, a ndearnadh an dearbhú comhréireachta ina leith a tharraingt suas roimh an 26 Bealtaine 2021 agus a bhfuil ceangal ar chomhlacht dá dtugtar fógra a bheith rannpháirteach ina leith de bharr an nós imeachta um measúnú comhréireachta de bhun an Rialacháin seo, nó ag a bhfuil deimhniú a eisíodh i gcomhréir le Treoir 90/385/CEE nó le Treoir 93/42/CEE agus atá bailí de bhua mhír 2 den Airteagal seo, a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís go dtí an 26 Bealtaine 2024, ar choinníoll go leanann sí, ón 26 Bealtaine 2021, de cheachtar den dá Threoir sin a chomhlíonadh, agus ar choinníoll nach bhfuil aon athruithe suntasacha ar an dearadh agus ar an gcríoch beartaithe. Mar sin féin, beidh feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo maidir le faireachas iarmhargaidh, le faireachas margaidh, le haireachas, le clárú oibreoirí eacnamaíocha agus feistí in ionad na gceanglas comhfhreagrach sna Treoracha sin.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.

Maidir le feistí a chuirtear ar an margadh go dlíthiúil de bhun Threoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE roimh an 26 Bealtaine 2021, agus maidir le feistí a chuirtear ar an margadh ón 26 Bealtaine 2021 de bhun mhír 3 den Airteagal seo, féadfar leanúint de bheith á gcur ar fáil ar an margadh nó á gcur i seirbhís go dtí an 26 Bealtaine 2025.”;

(d)

i mír 5, cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.

De mhaolú ar Threoracha 90/385/CEE agus ar Threoir 93/42/CEE, féadfar comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chomhlíonann an Rialachán seo a ainmniú agus féadfar fógra a thabhairt ina leith roimh an 26 Bealtaine 2021. Féadfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra a ainmnítear agus a dtugtar fógra ina leith i gcomhéir leis an Rialachán seo na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i gcrích agus féadfaidh siad deimhnithe a eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo roimh an 26 Bealtaine 2021.”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

“10.

Maidir le feistí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 1(6) agus a cuireadh go dleathach ar an margadh nó a cuireadh i seirbhís i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm sna Ballstáit roimh an 26 Bealtaine 2021, féadfar leanúint de bheith á gcur ar an margadh agus á gcur i seirbhís sna Ballstáit lena mbaineann.”;

(g)

leasaítear mír 11 mar a leanas:

(i)

sa chéad abairt, cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”;

(ii)

sa dara habairt, cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”

(7)

in Airteagal 122, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

(a)

sa chuid réamhráiteach, cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”;

(b)

cuirtear an fhleasc seo a leanas léi:

“—

Airteagal 9(9) de Threoir 90/385/CEE agus Airteagal 11(13) de Threoir 93/42/CEE, a aisghairtear le héifeacht ón 24 Aibreán 2020.”;

(8)

leasaítear Airteagal 123 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”;

(b)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

i bpointe (a), cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”;

(ii)

sa chéad abairt de phointe (d), cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

i ndáil le feistí in-athúsáidte a bhfuil sé ceangailte go mbeidh iompróir SFU ar an bhfeiste féin, beidh feidhm ag Airteagal 27(4) maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

feistí so-ionchlannaithe agus feistí in aicme III ón 26 Bealtaine 2023;

(ii)

feistí in aicme IIa agus in aicme IIb ón 26 Bealtaine 2025;

(iii)

feistí in aicme I ón 26 Bealtaine 2027;”;

(iv)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(j)

beidh feidhm ag Airteagal 59 ón 24 Aibreán 2020.”;

(9)

i bpointe (h) de Roinn 5.1 d’Iarscríbhinn IX, cuirtear “26 Bealtaine 2021” in ionad an dáta “26 Bealtaine 2020”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Aibreán 2020.

(2)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

(3)  Treoir 90/385/CEE ón gComhairle an 20 Meitheamh 1990 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le feistí leighis gníomhacha so-ionchlannaithe (IO L 189, 20.7.1990, lch. 17).

(4)  Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí leighis (IO L 169, 12.7.1993, lch. 1).


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

24.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/23


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/562 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2020

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 maidir le bearta sriantacha i dtaca le Maenmar/Burma

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 an 2 Bealtaine 2013 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i dtaca le Maenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 194/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 4i de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 401/2013.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 4i de Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Tá faisnéis nuashonraithe faighte maidir le duine amháin atá ar an liosta.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  IO L 121, 3.5.2013, lch. 1


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil 3 ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“3.

Than Oo

Dáta breithe: 12 Deireadh Fómhair 1973

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais mhíleata: BC 25723

Ba é an Briogáidire-Ghinearál Than Oo Ceannasaí an 99ú Roinn Coisithe Éadroma de chuid Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) go dtí mí na Bealtaine 2018. Os amhlaidh atá, is eisean atá freagrach as na hainghníomhartha agus na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an 99ú Roinn Coisithe Éadroma in aghaidh phobal Rohingya i Stát Rakhine sa dara leath de 2017. Orthu sin bhí marú neamhdhleathach, foréigean gnéasach, agus an loscadh córasach a rinneadh ar thithe agus ar fhoirgnimh in Rohingya.

25.6.2018”


CINNTÍ

24.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/25


CINNEADH (CBES) 2020/563 ÓN GCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2020

lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Bhurma

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Aibreán 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/184/CBES (1), maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2013/184/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 30 Aibreán 2021.

(3)

Tá faisnéis nuashonraithe faighte maidir le duine amháin atá ar an liosta.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/184/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

Airteagal 12

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Aibreán 2021. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Cinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/232/CBES (IO L 111, 23.4.2013, lch. 75).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil 3 ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“3.

Than Oo

Dáta breithe: 12 Deireadh Fómhair 1973

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais mhíleata: BC 25723

Ba é an Briogáidire-Ghinearál Than Oo Ceannasaí an 99ú Roinn Coisithe Éadroma de chuid Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) go dtí mí na Bealtaine 2018. Os amhlaidh atá, is eisean atá freagrach as na hainghníomhartha agus na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an 99ú Roinn Coisithe Éadroma in aghaidh phobal Rohingya i Stát Rakhine sa dara leath de 2017. Orthu sin bhí marú neamhdhleathach, foréigean gnéasach, agus an loscadh córasach a rinneadh ar thithe agus ar fhoirgnimh in Rohingya.

25.6.2018”


24.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/27


CINNEADH (CBES) 2020/564 ÓN GCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2020

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/298 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) d’fhonn a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh na nArm Ollscriosta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Feabhra 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/298 (1).

(2)

Leis an dara mír d'Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2018/298, foráiltear do thréimhse cur chun feidhme 24 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

(3)

Síníodh an comhaontú maoinithe le Coimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) an 28 Aibreán 2018 agus, dá bhrí sin, tá sé le dul in éag an 27 Aibreán 2020.

(4)

An 19 Márta 2020, d’iarr an Dr Lassina ZERBO, Rúnaí Feidhmiúcháin Choimisiún Ullmhúcháin CTBTO, go gcuirfí síneadh, go dtí an 30 Samhain 2020, leis an tréimhse cur chun feidhme dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/298, mar gheall ar ghéarchéim dhomhanda COVID-19 a bheith ag teacht chun cinn agus mar gheall ar fhionraí shealadach ghaolmhar ghníomhaíochtaí neamh-chriticiúla CTBTO.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2018/298 a leasú.

(6)

Maidir leis an síneadh a chuirtear leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/298 go dtí an 30 Samhain 2020, ní dochar é d'acmhainní,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2018/298:

“Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 30 Samhain 2020.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/298 ón gComhairle an 26 Feabhra 2018 maidir le tacaíocht an Aontais do ghníomhaíochtaí Choimisiún Ullmhúcháin Eagraíocht an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBTO) d’fhonn a chumais faireacháin agus fíoraithe a neartú agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh na n-Arm Ollscriosta (IO L 56, 28.2.2018, lch. 34).


RIALACHA NÓS IMEACHTA

24.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/28


CINNEADH Ó BHORD BAINISTÍOCHTA NA GNÍOMHAIREACHTA UM THACAÍOCHT DO BEREC (OIFIG BEREC)

an 10 Meán Fómhair 2019

lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le srianta ar chearta áirithe na n-ábhar sonraí a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag Oifig BEREC

AN BORD BAINISTÍOCHTA.

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1211/2009 (1), agus go sonrach Airteagal 36(4) de,

Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (2) (“an Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 25 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Féadfaidh Oifig BEREC, i gcomhthéacs a feidhmiúcháin, fiosrúcháin riaracháin, imeachtaí réamharaíonachta, araíonachta agus fionraí a sheoladh, ar bhonn Iarscríbhinn IX ar Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile an Aontais Eorpaigh (3) agus i gcomhréir le Cinneadh MC/2012/3 ag Coiste Bainistíochta Oifig Chomhlacht na Rialtóirí Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (Oifig BEREC) lena leagtar síos forálacha ginearálta cur chun feidhme maidir le fiosrúcháin riaracháin agus nósanna imeachta araíonachta a sheoladh, rud a thugann le fios próiseáil faisnéise lena n-áirítear sonraí pearsanta.

(2)

Tá sé de dhualgas ar chomhaltaí foirne Oifig BEREC gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a d'fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú, lena n-áirítear calaois nó éilliú, a dhéanfaidh dochar do leasanna an Aontais, nó d'iompar a bhaineann le dualgais ghairmiúla a chomhlíonadh, a bhféadfadh teip thromchúiseach a bheith orthu maidir le hoibleagáidí chomhaltaí foirne an Aontais. Rialaítear é seo le Cinneadh Uimh. MC/2018/11 ó Choiste Bainistíochta Oifig Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (Oifig BEREC) lena leagtar síos treoirlínte maidir le sceithireacht Oifig BEREC.

(3)

Tá beartas leagtha amach ag Oifig BEREC chun cosc a chur ar agus chun déileáil go héifeachtach le cásanna iarbhír nó féideartha ciaptha síceolaíochta nó gnéis san ionad oibre, mar a fhoráiltear le Cinneadh Uimh. MC/2016/15 ó Choiste Bainistíochta Oifig Chomhlacht na Rialtóirí Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (Oifig BEREC) ar an bpolasaí maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus ciapadh gnéasach a chosc.

(4)

I gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí thuasluaite, bailíonn agus próiseálann Oifig BEREC faisnéis ábhartha agus roinnt catagóirí sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí aitheantais duine nádúrtha, faisnéis teagmhála, róil agus tascanna gairmiúla, faisnéis faoi iompar agus feidhmíocht phríobháideach agus ghairmiúil, agus sonraí airgeadais. Feidhmíonn Oifig BEREC mar rialaitheoir sonraí.

(5)

Tá cosaintí leordhóthanacha i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a chosaint agus iad a chosc ó rochtain nó aistriú de thaisme nó neamhdhleathach, má stóráiltear iad i dtimpeallacht fhisiceach nó i dtimpeallacht leictreonach. Tar éis próiseála, coimeádtar na sonraí i gcomhréir le rialacha coinneála infheidhme Oifig BEREC, mar a shainítear iad i dtaifid chosanta sonraí bunaithe ar Airteagal 31 den Rialachán. Ag deireadh na tréimhse coinneála, scriostar an fhaisnéis a bhaineann le cásanna, lena n-áirítear sonraí pearsanta, déantar anaithnid é nó é a aistriú chuig na cartlanna stairiúla.

(6)

Laistigh den chomhthéacs seo, tá ceangal ar Oifig BEREC a hoibleagáid a chomhlíonadh maidir le faisnéis a sholáthar do na hábhair sonraí maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála thuasluaite agus cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí, mar atá leagtha síos sa Rialachán, a urramú.

(7)

D'fhéadfadh sé a bheith riachtanach cearta na n-ábhar sonraí a réiteach de bhun an Rialacháin le riachtanais na ngníomhaíochtaí thuasluaite, agus cearta agus saoirsí bunúsacha na n-ábhar sonraí eile á n-urramú go hiomlán. Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 25 den Rialachán, faoi choinníollacha dochta, go bhféadfar cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 20, 35 agus 36, chomh maith le hAirteagal 4, a shrianadh a mhéid a chomhfhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20. Sa chás sin, is gá rialacha inmheánacha a ghlacadh faoina bhféadfaidh Oifig BEREC na cearta sin a shrianadh i gcomhréir leis an Airteagal céanna den Rialachán.

(8)

D'fhéadfadh sé sin a bheith go sonrach nuair a sholáthraítear faisnéis faoi phróiseáil sonraí pearsanta don duine is ábhar do na sonraí ag an gcéim réamh-mheasúnaithe fiosrúcháin riaracháin nó le linn an fhiosrúcháin féin, roimh dhíbhe an cháis nó ag céim réamhdhisciplíneach. In imthosca áirithe, d'fhéadfadh sé go gcuirfeadh faisnéis den sórt sin isteach go mór ar chumas Oifig BEREC an fiosrúchán a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, nuair a bhíonn baol ann, mar shampla, go scriosann an duine lena mbaineann fianaise nó go gcuireann sé isteach ar fhinnéithe féideartha sula gcuirtear faoi agallamh iad. Ina theannta sin, d'fhéadfadh go mbeadh ar Oifig BEREC a gcearta agus a saoirsí a chosaint chomh maith le cearta agus saoirsí daoine eile atá i gceist.

(9)

B'fhéidir go mbeadh sé riachtanach rúndacht finné nó sceithire a chosaint a d'iarr gan a bheith aitheanta. I gcás den sórt sin, féadfaidh Oifig BEREC a chinneadh rochtain ar chéannacht, ar ráitis agus ar shonraí pearsanta eile an sceithire agus daoine eile atá i gceist a shrianadh, d'fhonn a gcearta agus a saoirsí a chosaint.

(10)

D'fhéadfadh sé a bheith riachtanach rúndacht ball foirne a chosaint a chuaigh i dteagmháil le comhairleoirí rúnda Oifig BEREC i gcomhthéacs nós imeachta ciaptha. I gcás den sórt sin, féadfaidh Oifig BEREC a chinneadh rochtain ar chéannacht, ar ráitis agus ar shonraí pearsanta eile an íospartaigh líomhnaithe, an chiapóra líomhnaithe agus dhaoine eile atá i gceist a shrianadh, d’fhonn a gcearta agus a saoirsí a chosaint.

(11)

Níor cheart go gcuirfeadh Oifig BEREC srianta i bhfeidhm ach amháin nuair a urramaíonn siad bunéirim na gceart agus na saoirsí bunúsacha, agus go bhfuil siad fíor-riachtanach agus ina mbeart comhréireach i sochaí dhaonlathach. Ba cheart go dtabharfadh Oifig BEREC údar maith leis na cúiseanna a bhaineann leis na srianta sin a mhíniú.

(12)

Bunaithe ar phrionsabal na cuntasachta, ba cheart d'Oifig BEREC taifead a choinneáil ar chur i bhfeidhm na srianta.

(13)

Cuireann Airteagal 25(6) den Rialachán oibleagáid ar an rialaitheoir na príomhchúiseanna ar a bhfuil cur i bhfeidhm an tsrianta bunaithe a chur in iúl do na hábhair sonraí agus a chur in iúl dóibh faoin gceart atá acu gearán a dhéanamh le MECS.

(14)

De bhun Airteagal 25(8) den Rialachán, féadfaidh Oifig BEREC soláthar faisnéise a chur siar, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú maidir leis na cúiseanna le srianadh a chur i bhfeidhm ar an ábhar sonraí dá gcuirfeadh sé sin éifeacht an tsriain ar ceal. Ba cheart go ndéanfadh Oifig BEREC measúnú ar bhonn cás ar chás a dhéanamh cibé an gcuirfeadh cumarsáid faoin srianadh a éifeacht a chealú.

(15)

Ba cheart d'Oifig BEREC an srian a chur i leataobh a luaithe is nach mbeidh feidhm ag na coinníollacha a thug údar leis an srian a thuilleadh, agus na coinníollacha sin a mheas ar bhonn rialta.

(16)

Chun cosaint dhomhain chearta agus shaoirsí na n-ábhar sonraí ráthú agus i gcomhréir le hAirteagal 44(1) den Rialachán, ba cheart OCS a chur ar an eolas in am trátha maidir le haon srianta atá á gcur i bhfeidhm agus ba cheart a fhíorú go bhfuiltear ag comhlíonadh an Chinnidh sin.

(17)

Tá cur i bhfeidhm na srianta thuasluaite gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha fhorálacha Airteagal 16(5) agus 17(4) den Rialachán, a bhaineann, faoi seach, leis an gceart chun faisnéise nuair nach bhfuarthas sonraí ón ábhar sonraí, agus ceart rochtana an ábhair sonraí.

(18)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (“MECS”) an 27 Bealtaine 2019.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos leis an gCinneadh seo rialacha a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh Oifig BEREC cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 20, Airteagal 35 agus Airteagal 36, chomh maith le hAirteagal 4 de, a shrianadh bunaithe ar Airteagal 25 den Rialachán.

Airteagal 2

Srianta

1.   I gcomhréir le hAirteagal 25(1) den Rialachán, féadfaidh Oifig BEREC cur i bhfeidhm Airteagal 14 go hAirteagal 20, Airteagal 35 agus Airteagal 36, agus Airteagal 4 de, a shrianadh a mhéid a chomhfhreagraíonn a forálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20, sna cúinsí a leanas:

(a)

le linn fiosrúchán riaracháin, imeachtaí réamharaíonachta, araíonachta agus fionraí a sheoladh, ar bhonn Iarscríbhinn IX ar Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le Cinneadh MC/2012/3 ag Coiste Bainistíochta Oifig Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (Oifig BEREC) lena leagtar síos forálacha cur chun feidhme ginearálta maidir le fiosrúcháin riaracháin agus nósanna imeachta araíonachta a sheoladh, rud a thugann le fios go ndéantar próiseáil faisnéise lena n-áirítear sonraí pearsanta. Féadfar srianta ábhartha a bheith bunaithe ar Airteagal 25(1) (c), (g), (h) den Rialachán;

(b)

ag cinntiú go bhféadfadh baill foirne BEREC fíricí a thuairisciú go rúnda nuair a chreideann siad go bhfuil neamhrialtachtaí tromchúiseacha i gcomhréir le Cinneadh Uimh. MC/2018/11 ó Choiste Bainistíochta Oifig Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (Oifig BEREC) lena leagtear síos treoirlínte maidir le sceithireacht Oifig BEREC. Féadfar srianta ábhartha a bhunú ar Airteagal 25(1) (h) den Rialachán;

(c)

ag cinntiú go bhféadfadh baill foirne BEREC tuairisc rúnda a thabhairt do chomhairleoirí rúnda i gcomhthéacs nós imeachta ciaptha i gcomhréir le Cinneadh Uimh. MC/2016/15 ó Choiste Bainistíochta Oifig Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (Oifig BEREC) ar an mbeartas maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus ciapadh gnéasach a chosc. Féadfar srianta ábhartha a bhunú ar Airteagal 25(1) (h) den Rialachán;

2.   I measc na gcatagóirí sonraí tá sonraí aitheantais duine nádúrtha, faisnéis teagmhála, róil agus tascanna gairmiúla, faisnéis faoi iompar agus feidhmíocht phríobháideach agus ghairmiúil, agus sonraí airgeadais.

3.   Urramóidh aon srian croílár na gceart agus na saoirsí bunúsacha agus beidh sé riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach.

4.   Déanfar tástáil riachtanais agus comhréireachta ar bhonn cás ar chás sula gcuirfear srianta i bhfeidhm. Beidh srianta ar an méid atá fíor-riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha síos a bhaint amach agus na rioscaí do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí á gcur san áireamh.

5.   Déanfaidh Oifig BEREC taifead a chomhdú, chun críocha cuntasachta, ina ndéantar cur síos ar na cúiseanna atá leis na srianta a cuireadh i bhfeidhm, agus beidh feidhm ag na forais sin i measc na bhforas a liostaítear i mír 1 agus toradh na tástála riachtanais agus comhréireachta. Beidh na taifid sin mar chuid de chlár ad hoc, a chuirfear ar fáil ar iarratas chuig MECS. Cuirfear tuarascáil ar chur i bhfeidhm Airteagal 25 den Rialachán ar fáil go tréimhsiúil.

Airteagal 3

Rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí

Déantar tagairt do mheasúnú na rioscaí do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí a bhféadfadh a gcuid sonraí pearsanta a bheith faoi réir srianta, mar aon lena dtréimhse choinneála, i dtaifead na ngníomhaíochtaí próiseála ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán agus, más infheidhme, i measúnuithe tionchair ábhartha ar chosaint sonraí bunaithe ar Airteagal 39 den Rialachán.

Airteagal 4

Tréimhsí stórála agus cosaintí

Cuirfidh Oifig BEREC cosaintí i bhfeidhm chun mí-úsáid nó rochtain neamhdhleathach nó aistriú sonraí pearsanta a d'fhéadfadh a bheith faoi réir srianta a chosc. Áireofar leis na coimircí sin bearta teicniúla agus eagraíochtúla agus beidh siad mionsonraithe, de réir mar is gá, i gcinntí, nósanna imeachta agus rialacha cur chun feidhme inmheánacha Oifig BEREC. Áireofar ar na coimircí:

(a)

sainmhíniú leordhóthanach ar róil, freagrachtaí agus céimeanna nós imeachta;

(b)

má tá sé infheidhme, timpeallacht leictreonach shlán a choisceann rochtain neamhdhleathach nó de thaisme ar shonraí leictreonacha chuig daoine neamhúdaraithe;

(c)

stóráil agus próiseáil shábháilte doiciméad páipéarbhunaithe, más infheidhme.

(d)

faireachán cuí a dhéanamh ar shrianta agus athbhreithniú tréimhsiúil, a dhéanfar gach sé mhí ar a laghad. Ní mór athbhreithniú a dhéanamh freisin nuair a athraíonn gnéithe riachtanacha an cháis atá i gceist. Déanfar na srianta a chur i leataobh a luaithe is nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúinsí a thug údar leo.

Airteagal 5

Faisnéis agus athbhreithniú ag an Oifigeach Cosanta Sonraí

1.   Cuirfear OCS Oifig BEREC ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí aon uair a shrianfar cearta na n-ábhar sonraí i gcomhréir leis an gCinneadh sin agus cuirfear rochtain ar an taifead ar fáil dóibh agus aon doiciméid is bun le gnéithe fíorasacha agus dlíthiúla.

2.   Féadfaidh OCS de chuid Oifig BEREC a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an tsrianta. Cuirfidh Oifig BEREC a OCS ar an eolas i scríbhinn faoi thoradh an athbhreithnithe iarrtha.

3.   Déanfar rannpháirtíocht OCS de chuid Oifig BEREC i nós imeachta na srianta, lena n-áirítear malartuithe faisnéise, a dhoiciméadú san fhoirm chuí.

Airteagal 6

Faisnéis d’ábhair sonraí maidir le srianta ar a gcearta

1.   Áireoidh Oifig BEREC, i bhfógraí cosanta sonraí a fhoilseofar ar a láithreán gréasáin, faisnéis ghinearálta do na hábhair sonraí a bhaineann le srianta féideartha chearta gach ábhair sonraí a thuairiscítear in Airteagal 2(1) den Chinneadh seo. Cumhdófar san fhaisnéis na cearta a fhéadfar a shrianadh, na cúiseanna leis sin agus an fad a d'fhéadfadh a bheith leis an srianadh.

2.   Ina theannta sin, cuirfidh Oifig BEREC ábhair sonraí ar an eolas ina n-aonar maidir le srianta reatha nó amach anseo ar a gcearta gan moill mhíchuí agus i bhfoirm scríofa, mar a shonraítear a thuilleadh in Airteagail 7, 8 agus 9 den Chinneadh seo.

Airteagal 7

An ceart chun faisnéise a bheith curtha ar fáil d'ábhair sonraí agus cumarsáid maidir le sáruithe sonraí

1.   I gcás ina gcuireann Oifig BEREC srian, go hiomlán nó go páirteach, ar a gcearta a luaitear in Airteagail 14 go 16 agus in Airteagal 35 den Rialachán, i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí a luaitear sa Chinneadh seo, cuirfear na hábhair sonraí ar an eolas faoi na príomhchúiseanna an t-iarratas ar shrianadh bunaithe, agus a gceart gearán a dhéanamh le MECS chomh maith le leigheas breithiúnach a lorg os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.   Féadfaidh Oifig BEREC soláthar faisnéise a chur siar, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú maidir leis na cúiseanna atá leis an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhad is a chuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal. Déanfar an measúnú sin ar bhonn cás ar chás.

Airteagal 8

Ceart ar rochtain, ar cheartú, ar léirscriosadh agus ar phróiseáil a shrianadh maidir le hábhair sonraí

1.   I gcás ina gcuireann Oifig BEREC, i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí a luaitear sa Chinneadh seo, ceart rochtana ar shonraí pearsanta, go hiomlán nó go páirteach, an ceart chun próiseáil a cheartú, a scriosadh, agus a shrianadh, dá dtagraítear in Airteagail 17 go 20 faoi seach den Rialachán, cuirfidh sé in iúl don duine is ábhar do na sonraí, ina fhreagra ar a n-iarraidh, na príomhchúiseanna ar a bhfuil cur i bhfeidhm an tsrianta bunaithe, agus an fhéidearthacht gearán a dhéanamh le MECS nó leigheas breithiúnach a lorg os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.   Féadfaidh Oifig BEREC soláthar faisnéise a chur siar, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú maidir leis na cúiseanna atá leis an srian dá dtagraítear i mír 1 dá gcuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal. Déanfar an measúnú sin ar bhonn cás ar chás.

Airteagal 9

Rúndacht na cumarsáide leictreonaí

1.   Féadfaidh Oifig BEREC, faoi imthosca eisceachtúla, agus i gcomhréir le forálacha agus réasúnaíocht Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an ceart ar rúndacht na cumarsáide leictreonaí, dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán, a shrianadh. Sa chás seo, déanfaidh Oifig BEREC na himthosca, na forais, na rioscaí ábhartha agus na cosaintí gaolmhara a shonrú i rialacha sonracha inmheánacha.

2.   I gcás ina gcuireann Oifig BEREC an ceart ar rúndacht cumarsáide leictreonaí i bhfeidhm, cuirfidh sí in iúl don ábhar sonraí, ina freagra ar a n-iarraidh, maidir leis na príomhchúiseanna ar a bhfuil cur i bhfeidhm an tsriain bunaithe, agus an fhéidearthacht gearán a thaisceadh le MECS nó le leigheas breithiúnach a lorg os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

3.   Féadfaidh Oifig BEREC soláthar faisnéise a chur siar, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú maidir leis na cúiseanna atá leis an srian dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a fhad is a chuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal. Déanfar an measúnú sin ar bhonn cás ar chás.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Ríge, 10 Meán Fómhair 2019.

Do Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC

Jeremy GODFREY

Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta


(1)  IO L 321, 17.12.2018, lch. 1.

(2)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(3)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 an 29 Feabhra 1968 ón gComhairle lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus ag tionscnamh beart speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(4)  Treoir 2002/58/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37)