ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 63 |
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
CINNTÍ |
|
|
* |
||
|
* |
|
|
Ceartúchán |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
CINNTÍ
24.3.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89/1 |
CINNEADH (CBES) 2020/434 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Márta 2020
lena leasaítear Cinneadh 2013/34/CBES maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Eanáir 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/34/CBES (1) maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali). |
(2) |
An 14 Bealtaine 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/716 (2), lenar oiriúnaigh sí agus lenar chuir sí síneadh le sainordú EUTM Mali agus lenar leag sí méid tagartha don sainordú sin síos don tréimhse ón 19 Bealtaine 2018 go dtí an 18 Bealtaine 2020. |
(3) |
I Rúin 2391 (2017) agus 2480 (2019) uaithi, dhearbhaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a tiomantas láidir do cheannasacht, do neamhspleáchas agus d’iomláine chríochach thíortha an Ghrúpa de Chúig thír na Saiheile (G5 na Saiheile), eadhon Buircíne Fasó, Sead, Mailí, an Mháratáin agus an Nígir; mhol an Chomhairle Slándála rannchuidiú na gcomhpháirtithe déthaobhacha agus iltaobhacha in acmhainneachtaí slándála sa tSaiheil a neartú, go háirithe an ról a bhíonn ag misin de chuid an Aontais Eorpaigh (EUTM Mali, EUCAP Sahel Mali agus EUCAP Sahel Niger) maidir leis an oiliúint agus leis an gcomhairle straitéiseach atá á gcur ar fáil d'fhórsaí slándála náisiúnta sa tSaiheil; ba dhíol sásaimh don Chomhairle Slándála na hiarrachtaí atá ar bun ag fórsaí na Fraince chun tacú le hoibríochtaí Fhórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile agus d'iarr sí comhordú leordhóthanach, malartú faisnéise agus, nuair is infheidhme, tacaíocht a bheith ann idir MINUSMA, Fórsaí Armtha Mhailí, Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile, Fórsaí na Fraince agus misin de chuid an Aontais Eorpaigh i Mailí. |
(4) |
Mar thoradh ar an Athscrúdú Straitéiseach ar an Misean, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go leasófaí sainordú EUTM Mali agus go gcuirfí síneadh leis go dtí an 18 Bealtaine 2024 agus go ndéanfaí Athscrúdú Straitéiseach Eatramhach tráth nach déanaí ná tar éis dhá bhliain. |
(5) |
Is gá a leagan síos freisin an mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le EUTM Mhailí a chlúdach don tréimhse ón 19 Bealtaine 2020 go dtí an 18 Bealtaine 2024. |
(6) |
Ba cheart Cinneadh 2013/34/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2013/34/CBES ón gComhairle mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: "Airteagal 1 Misean 1. Stiúrfaidh an tAontas misean le haghaidh oiliúint mhíleata i Mailí (EUTM Mali) chun cuidiú le Fórsaí Armtha Mhailí (MAF) a n-acmhainn mhíleata a athbhunú d'fhonn iad a chur ar a gcumas oibríocht mhíleata a stiúradh lena ndíreofar ar iomláine chríochach Mhailí a athbhunú agus an bhagairt a bhaineann le grúpaí sceimhlitheoireachta a laghdú agus d'fhonn cúnamh míleata a chur ar fáil do Fhórsaí Comhpháirteacha G5 na Saiheile chomh maith le fórsaí armtha náisiúnta i gCúig thír na Saiheile. Ní ghlacfaidh EUTM Mali páirt in oibríochtaí comhraic. 2. Ar chuspóirí straitéiseacha EUTM Mali beidh:
3. Chun críche an chuspóra dá dtagraítear i bpointe a) de mhír 2, cuirfidh EUTM Mali comhairle agus oiliúint mhíleata, lena n-áirítear oiliúint réamh-mhisin, oideachas agus meantóireacht ar fáil do MAF, trí thionlacan neamhfheidhmiúcháin suas go dtí an leibhéal oirbheartaíochta ionas go mbeidh EUTM Mali in ann obair leantach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí MAF agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht agus ar a iompar, lena n-áirítear i ndáil leis an urraim do chearta an duine agus don dlí daonnúil idirnáisiúnta. 4. Chun críche an chuspóra dá dtagraítear i bpointe b) de mhír 2, cuirfidh EUTM Mali comhairle mhíleata, oiliúint agus meantóireacht ar fáil d’Fhórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile agus do na fórsaí armtha náisiúnta, trí ghníomhaíocht neamhfheidhmiúcháin suas go dtí an leibhéal oirbheartaíochta. 5. Chun tacú le G5 na Saiheile, leanfaidh EUTM Mali de chur chuige comhleanúnach modúlach maidir le gníomhaíochtaí lasmuigh de Mhailí. 6. Déanfar gníomhaíochtaí EUTM Mali a dhéanamh i ndlúthchomhar agus i ndlúthcomhoibriú le Ballstáit agus institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, i gcomhréir le Cur Chuige Comhtháite an AE, agus le gníomhaithe eile a bhfuil baint acu le tacaíocht a thabhairt do MAF, go háirithe na Náisiúin Aontaithe (NA), oibríocht Barkhane agus Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) chun comhleanúnachas na ngníomhaíochtaí a fheabhsú, chun an díchoinbhleachtú a áirithiú agus chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní agus aird chuí á tabhairt ar chreat institiúideach an Aontais.. Leis na gníomhaíochtaí sin, tacóidh an tAonad Réigiúnach um Chomhairle agus Comhordú in EUCAP Sahel Mali.". |
(2) |
In Airteagal 10, cuirtear an mhír seo leis: "3. 133 711 059 EUR a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais do chostais choiteanna EUTM Mali don tréimhse ón 19 Bealtaine 2020 go dtí an 18 Bealtaine 2024. 15 % a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha sin dá dtagraítear in Airteagal 25(1) de Chinneadh (CBES) 2015/528 agus 0 % a bheidh sa chéatadán d'íocaíochtaí.". |
(3) |
In Airteagal 12, cuirtear an méid seo in ionad mhír 2: "2. Tiocfaidh deireadh le sainordú EUTM Mali an 18 Bealtaine 2024.". |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh 2013/34/CBES ón gComhairle an 17 Eanáir 2013 maidir le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha an Mhailí (EUTM Mailí) (IO L 14, 18.1.2013, lch 19).
(2) Cinneadh (CBES) ón gComhairle an 14 Bealtaine 2018 lena leasaítear agus lena gcuirtear síneadh le Cinneadh 2013/34/CBES maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali) (IO L 120, 16.5.2018, lch 8).
24.3.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89/4 |
CINNEADH (CBES) 2020/435 ÓN GCOMHAIRLE
an 23 Márta 2020
lena leasaítear Cinneadh 2011/173/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 21 Márta 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/173/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin. |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/173/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 31 Márta 2021. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/173/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 6 de Chinneadh 2011/173/CBES:
“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Márta 2021.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Márta 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh 2011/173/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (IO L 76, 22.3.2011, lch. 68).
Ceartúchán
24.3.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89/5 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2020/213 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 maidir le bearta sriantacha áirithe i leith na Siombáibe
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 45 Eagrán Speisialta Gaeilge an 18 Feabhra 2020 )
Ar leathanach 1, in Airteagal 1(1):
in ionad:
“(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib’.”, |
léitear:
“(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib’.”. |
24.3.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89/6 |
Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2020/215 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siombáibe
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 45 Eagrán Speisialta Gaeilge an 18 Feabhra 2020 )
Ar leathanach 4, in Airteagal 1, pointe 1:
in ionad:
“(1) |
cuirtear an méid a leanas in ionad an teidil:
‘Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib’.”, |
léitear:
“(1) |
cuirtear an méid a leanas in ionad an teidil:
‘Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib’.”. |
24.3.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89/7 |
Ceartúchán ar Cinneadh (AE) 2020/409 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 maidir le haontachas Oileáin Sholomón leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 85 an 20 Márta 2020 )
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 20 Márta 2020)
Sa leagan Gaeilge, i ndiaidh leathanach 2, cuirtear isteach leathanach 3 mar a leanas:
‘IARSCRÍBHINN
Níl téacs an doiciméid ann sa Ghaeilge.