ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 45

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
18 Feabhra 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/213 ón Gcomhairle an 17 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 maidir le bearta sriantacha áirithe i leith na Siombáibe

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/214 ón Gcomhairle an 17 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise

3

 

*

Cinneadh (CBES) 2020/215 ÓN Gcomhairle an 17 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siombáibe

4

 

*

Cinneadh cur chun Feidhme (AE) 2020/216 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 maidir leis an Leas-Chathaoirleach agus beirt chomhaltaí lánaimseartha eile a cheapadh ar an mBord Réitigh Aonair

8

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2019/1817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2019 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ostair, don Iodáil agus don Rómáin ( IO L 287, 7.11.2019 )

10

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n‐aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle ( IO L 309, 24.11.2009 )

11

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

18.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 45/1


RIALACHÁN (AE) 2020/213 ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2020

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 maidir le bearta sriantacha áirithe i leith na Siombáibe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/215 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES maidir le bearta sriantacha áirithe i gcoinne na Siombáibe (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do roinnt beart dá bhforáiltear le Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle (3), lena n‐áirítear reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas agus comhlachtaíáirithe.

(2)

An 17 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/215 lenar leasaíodh teideal Chinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle agus lenar cuireadh ar fionraí na bearta sriantacha maidir le haon duine amháin.

(3)

Ba cheart, Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib”.

(2)

cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Féach leathanach 4 den Iris Oifigiúil seo.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le bearta sriantacha áirithe i leith na Siombáibe (IO L 55, 24.2.2004, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siombáibe (IO L 42, 16.2.2011, lch. 6).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN IV

Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 6(4)

Daoine

 

Ainm (agus aon ailias)

3.

Chiwenga, Constantine

4.

Shiri, Perence (dá ngairtear freisin Bigboy) Samson Chikerema

5.

Sibanda, Phillip Valerio (dá ngairtear freisin Valentine)

6.

Mugabe, Grace.

”.

CINNTÍ

18.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 45/3


CINNEADH (CBES) 2020/214 ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2020

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ar an 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise a fhadú go dtí an 28 Feabhra 2021.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 8 de Chinneadh 2012/642/CBES:

Airteagal 8

1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 28 Feabhra 2021.

2.   Déanfar athbhreithniú leanúnach ar an gCinneadh seo agus déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nach bhfuil a chuspóirí comhlíonta.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).


18.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 45/4


CINNEADH (CBES) 2020/215 ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2020

lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siombáibe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Feabhra 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/101/CBES (1).

(2)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar Chinneadh 2011/101/CBES, agus an staid pholaitiúil sa tSiombáib á cur san áireamh.

(3)

Ba cheart na bearta sriantacha a fhadú go dtí an 20 Feabhra 2021. Ba cheart don Chomhairle athbhreithniú leanúnach a dhéanamh orthu i bhfianaise fhorbairtí polaitiúla agus slándála sa tSiombáib.

(4)

Agus an staid sa tSiombáib á cur san áireamh, is iomchuí teideal Chinneadh 2011/101/CBES a leasú.

(5)

Ba cheart an iontráil do dhuine éagtha amháin a scriosadh ó liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas atá ainmnithe in Iarscríbhinn I de Chinneadh 2011/101/CBES. Ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan do cheathrar agus d’eintiteas amháin atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2011/101/CBES. Ba cheart na bearta sriantacha a chur ar fionraí do dhuine amháin. Ba cheart fionraí na mbeart sriantach a athnuachan i gcás triúir atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2011/101/CBES.

(6)

Ba cheart, Cinneadh 2011/101/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an méid a leanas in ionad an teidil:

“Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

Airteagal 10

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 20 Feabhra 2021.

3.   Déanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus Airteagal 5(1) agus (2), a mhéid a bhaineann siad le daoine a liostaítear in Iarscríbhinn II, a chur ar fionraí go dtí an 20 Feabhra 2021.

4.   Déanfar an Cinneadh seo a choimeád faoi athbhreithniú leanúnach agus déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2011/101/CBES an 15 Feabhra 2011 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siombáibe (IO L 42, 16.2.2011, lch. 6).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2011/101/CBES, scriostar an iontráil maidir leis an duine seo a leanas:

“1.

Mugabe, Robert Gabriel”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2011/101/CBES, cuirtear isteach iontráil maidir leis an duine seo a leanas:

“6.

Mugabe, Grace”.


18.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 45/8


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/216 ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2020

maidir leis an Leas-Chathaoirleach agus beirt chomhaltaí lánaimseartha eile a cheapadh ar an mBord Réitigh Aonair

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (1), go háirithe Airteagal 56(4) agus (6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 13 Samhain 2019, ghlac an Coimisiún, tar éis dó an Bord Réitigh Aonair (“an Bord”) a éisteacht ina sheisiún iomlánach, gearrliostaí iarrthóirí le haghaidh cheapadh an Leas-Chathaoirligh agus beirt chomhaltaí lánaimseartha eile ar an mBord, agus chuir sé na gearrliostaí sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa.

(2)

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi na gearrliostaí sin an 14 Samhain 2019.

(3)

De bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, 5 bliana a mhaireann téarma oifige an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí lánaimseartha breise ar an mBord.

(4)

An 14 Eanáir 2020, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Jan Reinder DE CARPENTIER, Uas. a cheapadh ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord, agus Jesús SAURINA, Uas. agus Pedro MACHADO, Uas. a cheapadh ina gcomhaltaí lánaimseartha breise ar an mBord agus chuir sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa an togra sin lena cheadú.

(5)

D’fhormheas Parlaimint na hEorpa an togra sin an 30 Eanáir 2020.

(6)

Comhlíonann na hiarrthóirí arna moladh na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 56(4) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceaptar leis seo na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí lánaimseartha ar an mBord Réitigh Aonair ar feadh téarma oifige cúig bliana amhail ón 1 Márta 2020:

Jan Reinder DE CARPENTIER, Uas. mar Leas-Chathaoirleach,

Jesús SAURINA, Uas. mar Stiúrthóir Pleanála agus Cinntí Réitigh,

Pedro MACHADO, Uas. mar Stiúrthóir Pleanála agus Cinntí Réitigh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 225, 30.07.2014, lch. 1.


Ceartúchán

18.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 45/10


Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2019/1817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2019 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ostair, don Iodáil agus don Rómáin

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 287 Eagrán Speisialta Gaeilge an 7 Samhain 2019 )

Ar leathanach 1, aithris 1:

in ionad:

“Tá sé d’aidhm ag Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) a chur ar chumas an Aontais freagairt thapa, éifeachtúil agus sholúbtha a thabhairt ar staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na réigiún a bheadh thíos le tubaistí nádúrtha iad a léiriú.”,

léitear:

“Tá sé d’aidhm ag Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) a chur ar chumas an Aontais freagairt thapa, éifeachtúil agus sholúbtha a thabhairt ar staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na réigiún a bheadh thíos le tubaistí nádúrtha.”.


18.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 45/11


Ceartúchán ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n‐aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 309 Eagrán Speisialta Gaeilge an 24 Samhain 2009 )

Ar leathanach 45, Iarscríbhinn II, pointe 4, an seachtú fleiscín:

in ionad:

“más rud é, ar bhonn measúnaithe ar threoirlínte tástála an Chomhphobail nó ar threoirlínte tástála arna n-aontú go hidirnáisiúnta nó ar shonraí agus faisnéis eile atá ar fáil, arna athbhreithniú ag an Údarás, go meastar go bhfuil airíonna réabtha iontálaigh aici nó aige a d’fheadfadh a bheith ina gcúis le hiarmhairtí dochracha i ndaoine más rud é nár eisiadh an tsubstaint i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i bpointe 3.6.5.”,

léitear:

“más rud é, ar bhonn an mheasúnaithe ar threoirlínte tástála an Chomhphobail nó ar threoirlínte tástála arna n‐aontú go hidirnáisiúnta nó ar shonraí agus faisnéis eile atá ar fáil, arna n-athbhreithniú ag an Údarás, go meastar go bhfuil airíonna réabtha iontálaigh aici nó aige a d’fheadfadh a bheith ina gcúis le hiarmhairtí dochracha i ndaoine más rud é nár eisiadh an tsubstaint i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i bpointe 3.6.5.”.