ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 32

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

63
4 Feabhra 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2020/142 Ón Gcomhairle an 21 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise, i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

1

 

*

Prótacal Idir an Taontas Eorpach, Cónaidhm na Heilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, a Ghabhann leis an Gcomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Heilvéise, i Ndáil leis na Critéir Agus na Sásraí Lena Gcinntear cé acu Stát a Bheidh Freagrach as Scrúdú a Dhéanamh ar Iarraidh ar Thearmann Arna Taisceadh i Mballstát nó san Eilvéis i Dtaca le rochtain ar Eurodac Chun Críocha Fhorfheidhmiú an dlí

3

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/143 ón Gcomhairle an 28 Eanáir 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Riaracháin don Coinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR a mhéid a bhaineann leis an gCoinbhinsiún a leasú

8

 

*

Cinneadh (AE) 2020/144 ón Gcomhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025

16

 

 

Ceartúchán

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/1797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus oibríochtaí iascaireachta soithí iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais ( IO L 279I, 31.10.2019 )

20

 

*

Ceartúchán ar an bhFógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ( IO L 029, 31.1.2020 )

21

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

4.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 32/1


CINNEADH (AE) 2020/142 ÓN GCOMHAIRLE

an 21 Eanáir 2020

maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise, i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d’Airteagal 87(2) agus pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 88(2), i gcomhar le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/393 (2) ón gComhairle, síníodh an Prótacal idir an tAontas Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise, i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí ("an Prótacal”) ar an 27 Meitheamh 2019, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(2)

Chun tacú agus treisiú leis an gcomhar póilíneachta idir údaráis inniúla na mBallstát agus údaráis inniúla na hEilvéise agus Lichtinstéin chun críche cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, tá gá le rannpháirtíocht an Aontais chun a chur ar a gcumas don Eilvéis agus do Lichtinstéin a bheith rannpháirteach sna gnéithe sin de Eurodac a bhaineann le forfheidhmiú an dlí.

(3)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas.

(4)

Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus dá bhrí sin tá siad rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.

(5)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Prótacal idir an tAontas Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise, i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí a fhormheas thar ceann an Aontais (4).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) den Phrótacal.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. MARIĆ


(1)  Toiliú an 17 Nollaig 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/393 ón gComhairle an 7 Márta 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise, i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis i dtaca le rochtain ar Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí (IO L 71, 13.3.2019, lch. 5).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComirle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).

(4)  Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo.


4.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 32/3


Prótacal

Idir an Taontas Eorpach, Cónaidhm na Heilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, a Ghabhann leis an Gcomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Heilvéise, i Ndáil leis na Critéir Agus na Sásraí Lena Gcinntear cé acu Stát a Bheidh Freagrach as Scrúdú a Dhéanamh ar Iarraidh ar Thearmann Arna Taisceadh i Mballstát nó san Eilvéis i Dtaca le rochtain ar Eurodac Chun Críocha Fhorfheidhmiú an dlí

THE EUROPEAN UNION

and

THE SWISS CONFEDERATION

and

THE PRINCIPALITY OF LIECHTENSTEIN,

hereinafter jointly referred to as ‘the Parties’,

CONSIDERING that on 26 October 2004 the Agreement between the European Community and the Swiss Confederation concerning the criteria and mechanisms for establishing the State responsible for examining a request for asylum lodged in a Member State or in Switzerland (1) (hereinafter referred to as ‘the Agreement of 26 October 2004’) was signed;

CONSIDERING that on 28 February 2008 the Protocol between the European Community, the Swiss Confederation and the Principality of Liechtenstein on the accession of the Principality of Liechtenstein to the Agreement between the European Community and the Swiss Confederation concerning the criteria and mechanisms for establishing the State responsible for examining a request for asylum lodged in a Member State or in Switzerland (2) (hereinafter referred to as ‘the Protocol of 28 February 2008’) was signed;

RECALLING that on 26 June 2013 the European Union (hereinafter referred to as ‘the Union’) adopted Regulation (EU) No 603/2013 of the European Parliament and of the Council (3);

RECALLING that the procedures for comparison and data transmission for law enforcement purposes as laid down in Regulation (EU) No 603/2013 do not constitute a development amending or building upon the provisions of the Eurodac acquis within the meaning of the Agreement of 26 October 2004 and the Protocol of 28 February 2008;

CONSIDERING that a protocol should be concluded between the Union and the Swiss Confederation (hereinafter referred to as ‘Switzerland’) and the Principality of Liechtenstein (hereinafter referred to as ‘Liechtenstein’) to enable Switzerland and Liechtenstein to participate in the law-enforcement-related aspects of Eurodac and therefore enable designated law enforcement authorities in Switzerland and Liechtenstein to request the comparison of fingerprint data transmitted to the Central System of Eurodac by the other participating States;

CONSIDERING that the application of Regulation (EU) No 603/2013 for law enforcement purposes to Switzerland and Liechtenstein should also enable designated law enforcement authorities of the other participating States and Europol to request the comparison of fingerprint data transmitted to the Central System of Eurodac by Switzerland and Liechtenstein;

CONSIDERING that the processing of personal data by the designated law enforcement authorities of the participating States for the purposes of the prevention, detection or investigation of terrorist offences or of other serious criminal offences pursuant to this Protocol should be subject to a standard of protection of personal data under their national law which complies with Directive (EU) 2016/680 of the European Parliament and of the Council (4);

CONSIDERING that the further conditions set out in Regulation (EU) No 603/2013 as regards the processing of personal data by the designated authorities of the participating States, as well as by Europol, for the purposes of the prevention, detection or investigation of terrorist offences or of other serious criminal offences should also apply;

CONSIDERING that access for the designated authorities of Switzerland and Liechtenstein should be allowed only on condition that comparisons with the national fingerprint databases of the requesting State and with the automated fingerprinting identification systems of all other participating States under Council Decision 2008/615/JHA (5) did not lead to the establishment of the identity of the data subject. That condition requires the requesting State to conduct comparisons with the automated fingerprinting identification systems of all other participating States under that Decision which are technically available, unless that requesting State can demonstrate that there are reasonable grounds to believe that it would not lead to the establishment of the identity of the data subject. Such reasonable grounds exist in particular where the specific case does not present any operational or investigative link to a given participating State. That condition requires prior legal and technical implementation of that Decision by the requesting State with regard to dactyloscopic data, as it should not be permitted to conduct a Eurodac check for law enforcement purposes where those above steps have not first been taken;

CONSIDERING that prior to searching Eurodac, designated authorities of Switzerland and Liechtenstein should also, provided that the conditions for a comparison are met, consult the Visa Information System under Council Decision 2008/633/JHA (6);

CONSIDERING that the mechanisms regarding new legislation and new acts or measures as provided for in the Agreement of 26 October 2004 and the Protocol of 28 February 2008, including the role of the Mixed Committee established under the Agreement of 26 October 2004, should apply to all new legislation and new acts or measures regarding access to Eurodac for law enforcement purposes,

HAVE AGREED AS FOLLOWS:

Article 1

1.   Regulation (EU) No 603/2013 shall be implemented by Switzerland as regards the comparison of fingerprint data with those stored in the Central System of Eurodac for law enforcement purposes, and shall apply in Switzerland's relations with Liechtenstein and with the other participating States.

2.   Regulation (EU) No 603/2013 shall be implemented by Liechtenstein as regards the comparison of fingerprint data with those stored in the Central System of Eurodac for law enforcement purposes, and shall apply in Liechtenstein's relations with Switzerland and with the other participating States.

3.   The Member States of the Union except Denmark shall be considered to be participating States within the meaning of paragraphs 1 and 2 of this Article. They shall apply the provisions of Regulation (EU) No 603/2013 which relate to law enforcement access to Switzerland and Liechtenstein.

4.   Denmark, Iceland and Norway shall be considered to be participating States within the meaning of paragraphs 1 and 2 to the extent that agreements similar to this Protocol are applied between them and the Union which recognise Switzerland and Liechtenstein as participating States.

Article 2

1.   This Protocol shall not enter into force with regard to Switzerland before the provisions of Directive (EU) 2016/680 regarding the processing of personal data, as well as the conditions set out in Regulation (EU) No 603/2013 as regards such processing, are implemented and applied by Switzerland in relation to the processing of personal data by its designated authorities for the purposes laid down in Article 1(2) of that Regulation.

2.   This Protocol shall not enter into force with regard to Liechtenstein before the provisions of Directive (EU) 2016/680 regarding the processing of personal data, as well as the conditions set out in Regulation (EU) No 603/2013 as regards such processing, are implemented and applied by Liechtenstein in relation to the processing of personal data by its designated authorities for the purposes laid down in Article 1(2) of that Regulation.

Article 3

The provisions of the Agreement of 26 October 2004 and of the Protocol of 28 February 2008 regarding new legislation and new acts or measures, including those concerning the Mixed Committee established under the Agreement of 26 October 2004, shall apply to all new legislation and new acts or measures related to access to Eurodac for law enforcement purposes.

Article 4

1.   This Protocol shall be ratified or approved by the Parties. Ratification or approval shall be notified to the Secretary-General of the Council of the European Union, who shall be the depositary of this Protocol.

2.   This Protocol shall enter into force on the first day of the month following receipt, by the depositary, of the notification referred to in paragraph 1 by the Union and at least one of the other Parties.

3.   This Protocol shall not apply with regard to Switzerland before Chapter 6 of Decision 2008/615/JHA has been implemented by Switzerland and the evaluation procedures under Chapter 4 of the Annex to Council Decision 2008/616/JHA (7) have been completed with regard to dactyloscopic data with regard to Switzerland.

4.   This Protocol shall not apply with regard to Liechtenstein before Chapter 6 of Decision 2008/615/JHA has been implemented by Liechtenstein and the evaluation procedures under Chapter 4 of the Annex to Decision 2008/616/JHA have been completed with regard to dactyloscopic data with regard to Liechtenstein.

Article 5

1.   Each Party may withdraw from this Protocol by sending a declaration in writing to the depositary. That declaration shall take effect six months after being deposited.

2.   This Protocol shall cease to be effective if either the Union or both Switzerland and Liechtenstein withdraw from it.

3.   This Protocol shall cease to be effective with respect to Switzerland if the Agreement of 26 October 2004 ceases to be effective with respect to Switzerland.

4.   This Protocol shall cease to be effective with respect to Liechtenstein if the Protocol of 28 February 2008 ceases to be effective with respect to Liechtenstein.

5.   A withdrawal from this Protocol by one Party or its suspension or termination with respect to one Party shall affect neither the Agreement of 26 October 2004 nor the Protocol of 28 February 2008.

Article 6

This Protocol shall be drawn up in a single original in the Bulgarian, Croatian, Czech, Danish, Dutch, English, Estonian, Finnish, French, German, Greek, Hungarian, Italian, Latvian, Lithuanian, Maltese, Polish, Portuguese, Romanian, Slovak, Slovenian, Spanish and Swedish languages, each of these texts being equally authentic.

The original shall be deposited with the depositary, who shall establish a certified true copy for each of the Parties.

Съставено в Брюксел на двадесет и седми юни две хиляди и деветнадесета година.

Hecho en Bruselas, el veintisiete de junio de dos mil diecinueve.

V Bruselu dne dvacátého sedmého června dva tisíce devatenáct.

Udfærdiget i Bruxelles den syvogtyvende juni to tusind og nitten.

Geschehen zu Brüssel am siebenundzwanzigsten Juni zweitausendneunzehn.

Kahe tuhande üheksateistkümnenda aasta juunikuu kahekümne seitsmendal päeval Brüsselis.

Έγινε στις Βρυξέλλες, στις είκοσι εφτά Ιουνίου δύο χιλιάδες δεκαεννέα.

Done at Brussels on the twenty seventh day of June in the year two thousand and nineteen.

Fait à Bruxelles, le vingt sept juin deux mille dix-neuf.

Sastavljeno u Bruxellesu dvadeset sedmog lipnja godine dvije tisuće devetnaeste.

Fatto a Bruxelles, addì ventisette giugno duemiladiciannove.

Briselē, divi tūkstoši deviņpadsmitā gada divdesmit septītajā jūnijā.

Priimta du tūkstančiai devynioliktų metų birželio dvidešimt septintą dieną Briuselyje.

Kelt Brüsszelben, a kétezer-tizenkilencedik év június havának huszonhetedik napján.

Magħmul fi Brussell, fis-sebgħa u għoxrin jum ta’ Ġunju fis-sena elfejn u dsatax.

Gedaan te Brussel, zevenentwintig juni tweeduizend negentien.

Sporządzono w Brukseli dnia dwudziestego siódmego czerwca roku dwa tysiące dziewiętnastego.

Feito em Bruxelas, em vinte e sete de junho de dois mil e dezanove.

Întocmit la Bruxelles la douăzeci și șapte iunie două mii nouăsprezece.

V Bruseli dvadsiateho siedmeho júna dvetisícdevätnásť.

V Bruslju, dne sedemindvajsetega junija leta dva tisoč devetnajst.

Tehty Brysselissä kahdentenakymmenentenäseitsemäntenä päivänä kesäkuuta vuonna kaksituhattayhdeksäntoista.

Som skedde i Bryssel den tjugosjunde juni år tjugohundranitton.

Image 1


(1)  OJ L 53, 27.2.2008, p. 5.

(2)  OJ L 160, 18.6.2011, p. 39.

(3)  Regulation (EU) No 603/2013 of the European Parliament and of the Council of 26 June 2013 on the establishment of ‘Eurodac’ for the comparison of fingerprints for the effective application of Regulation (EU) No 604/2013 establishing the criteria and mechanisms for determining the Member State responsible for examining an application for international protection lodged in one of the Member States by a third-country national or a stateless person and on requests for the comparison with Eurodac data by Member States' law enforcement authorities and Europol for law enforcement purposes, and amending Regulation (EU) No 1077/2011 establishing a European Agency for the operational management of large-scale IT systems in the area of freedom, security and justice (OJ L 180, 29.6.2013, p. 1).

(4)  Directive (EU) 2016/680 of the European Parliament and of the Council of 27 April 2016 on the protection of natural persons with regard to the processing of personal data by competent authorities for the purposes of the prevention, investigation, detection or prosecution of criminal offences or the execution of criminal penalties, and on the free movement of such data, and repealing Council Framework Decision 2008/977/JHA (OJ L 119, 4.5.2016, p. 89).

(5)  Council Decision 2008/615/JHA of 23 June 2008 on the stepping up of cross-border cooperation, particularly in combating terrorism and cross-border crime (OJ L 210, 6.8.2008, p. 1).

(6)  Council Decision 2008/633/JHA of 23 June 2008 concerning access for consultation of the Visa Information System (VIS) by designated authorities of Member States and by Europol for the purposes of the prevention, detection and investigation of terrorist offences and of other serious criminal offences (OJ L 218, 13.8.2008, p. 129).

(7)  Council Decision 2008/616/JHA of 23 June 2008 on the implementation of Decision 2008/615/JHA on the stepping up of cross-border cooperation, particularly in combating terrorism and cross-border crime (OJ L 210, 6.8.2008, p. 12).


CINNTÍ

4.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 32/8


CINNEADH (AE) 2020/143 ÓN GCOMHAIRLE

an 28 Eanáir 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Riaracháin don Coinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR a mhéid a bhaineann leis an gCoinbhinsiún a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Coinbhinsiún Custaim um Iompar Idirnáisiúnta Earraí faoi Carnets TIR an 14 Samhain 1975 ("Coinbhinsiún TIR") a thabhairt i gcrích le Rialachán (CEE) Uimh. 2112/78 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm san Aontas an 20 Meitheamh 1983 (2).

(2)

De bhun Airteagal 59 de Choinbhinsiún TIR, féadfaidh an Coiste Riaracháin leasuithe ar an gcoinbhinsiún sin a ghlacadh trí thromlach dhá thrian de na Páirtithe Conarthacha a bheidh i láthair agus i mbun vótála.

(3)

Le linn seisiún i mí Feabhra 2020, tá an Coiste Riaracháin le hIarscríbhinn 11 nua agus leasuithe gaolmhara ar Choinbhinsiún TIR a ghlacadh.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Riaracháin a bhunú, ós rud é go mbeidh feidhm ag na leasuithe ar Choinbhinsiún TIR san Aontas.

(5)

Tugann an tAontas tacaíocht d'Iarscríbhinn 11 nua a ghabhann le Coinbhinsiún TIR agus leis na leasuithe is gá a dhéanamh ar théacs Choinbhinsiún TIR mar leanann siad an beartas a leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ar dá réir gur go leictreonach, i bprionsabal, atá gach cumarsáid le húdaráis chustaim le déanamh.

(6)

Le mír nua (s) d'Airteagal 1 de Choinbhinsiún TIR, táthar le sainmhíniú a dhéanamh ar "nós imeachta eTIR", nós imeachta is infheidhme maidir le malartú leictreonach sonraí idir údaráis chustaim.

(7)

Le hAirteagal 58 quater nua de Choinbhinsiún TIR, táthar chun comhlacht um chur chun feidhme teicniúil a bhunú atá le sonraíocht theicniúil an chórais idirnáisiúnta eTIR a ghlacadh, gan dochar do chreat substainteach institiúideach Choinbhinsiún TIR atá ann cheana.

(8)

Le hAirteagal 60 bis nua, táthar chun an nós imeachta speisialta maidir le teacht i bhfeidhm Iarscríbhinn 11 nua a ghabhann le Coinbhinsiún TIR agus aon leasuithe a dhéanfar air amach anseo a leagan síos.

(9)

Leis na leasuithe ar Airteagail 43, 59 agus 61 de Choinbhinsiún TIR, táthar na hoiriúnuithe is gá chun Iarscríbhinn 11 nua a thabhairt isteach a dhéanamh.

(10)

Le hIarscríbhinn 11 nua a ghabhann le Coinbhinsiún TIR, tátharchun a chur ar chumas na bPáirtithe Conarthacha atá faoin cheangal na hIarscríbhinne sin oibríochtaí eTIR a úsáid. Tá sí chun a chur ar chumas an Aontais agus a Bhallstát a roghnú an tráth a dhéanfar a gcórais a cheangal le córas idirnáisiúnta eTIR.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais sa Choiste Riaracháin a bhunú ar na dréachtleasuithe a ghabhann leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Choiste Riaracháin sa dara seisiún is seachtó nó ag seisiún ina dhiaidh sin bunaithe ar na dréachtleasuithe a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Déanfaidh Ballstáit an Aontais, ar comhaltaí iad den Choiste Riaracháin, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur in iúl.

Airteagal 3

Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Choiste Riaracháin mionathruithe teicniúla ar na dréacht-leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 a chinneadh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Eanáir 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2112/78 ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Custaim um iompar idirnáisiúnta earraí faoi Carnets TIR (Coinbhinsiún TIR) an 14 Samhain 1975 sa Ghinéiv (IO L 252, 14.9.1978, lch. 1).

(2)  IO L 31, 2.2.1983, lch. 13.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


Leasuithe ar Choinbhinsiún Custaim um iompar idirnáisiúnta earraí faoi Carnets TIR (Coinbhinsiún TIR 1975)

A.   Leasuithe ar Choinbhinsiún TIR

1.   Airteagal 1, mír (s) nua

(s)

Ciallóidh an téarma "nós imeachta eTIR" an nós imeachta TIR, a chuirtear chun feidhme trí bhíthin malartú sonraí leictreonacha, lena soláthraítear comhionann feidhmiúil Carnet TIR. De bhrí go bhfuil feidhm ag forálacha Choinbhinsiún TIR, sainmhínítear sonraíochtaí an nós imeachta eTIR in Iarscríbhinn 11.

1bis.   Airteagal 3(b)

(b)

ní mór oibríochtaí iompair a bheith ráthaithe ag comhlachais atá údaraithe i gcomhréir le forálacha Airteagal 6. Ní mór iad a dhéanamh faoi Carnet TIR, a bheidh i gcomhréir leis an múnla a atáirgtear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo nó iad a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta eTIR.

2.   Airteagal 43

Tugtar léiriú ar fhorálacha áirithe an Choinbhinsiúin seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis sna Nótaí Míniúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn 6, in Iarscríbhinn 7, Cuid III, agus in Iarscríbhinn 11, Cuid II. Tugtar tuairisc iontu chomh maith ar chleachtais áirithe a mholtar.

3.   Airteagal nua 58 quarter

Bunófar Comhlacht um Chur Chun Feidhme Teicniúil. Leagtar amach comhdhéanamh, feidhmeanna agus rialacha nós imeachta an Chomhlachta sin in Iarscríbhinn 11.

4.   Airteagal 59

1.

Féadfar an Coinbhinsiún seo, agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis, a leasú ar thogra ó Pháirtí Conarthach de réir an nós imeachta a shonraítear san Airteagal seo.

2.

Seachas mar a fhoráiltear faoi Airteagal 60 bis, déanfaidh an Coiste Riaracháin, ar a mbeidh na Páirtithe Conarthacha uile, aon leasú a bhreithnítear i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn 8 a mheas. Aon leasú den sórt sin a bhreithnítear nó a mholtar le linn cruinnithe den Choiste Riaracháin agus arna ghlacadh ag tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bheidh i láthair agus i mbun vótála, cuirfidh Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe é in iúl do na Páirtithe Conarthacha lena ghlacadh.

3.

Seachas mar a fhoráiltear faoi Airteagail 60 agus 60 bis, aon leasú a mholtar agus a chuirtear in iúl i gcomhréir leis an mír thuas, tiocfaidh sé i bhfeidhm maidir leis na Páirtithe Conarthacha uile trí mhí tar éis dhul in éag thréimhse dhá mhí déag ón dáta a cuireadh an leasú in iúl, ar tréimhse í nár chuir aon Stát is Páirtí Conarthach é aon agóid ina choinne in iúl lena linn d'Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe.

4.

Má chuirtear agóid in iúl i gcoinne an leasaithe a mholtar i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, measfar nár glacadh leis an leasú agus ní bheidh feidhm ar bith leis.

5.   Airteagal nua 60 bis

Nós imeachta urghnách le haghaidh theacht i bhfeidhm Iarscríbhinn 11 agus na nIarscríbhinní a ghabhann leis

1.

Tiocfaidh Iarscríbhinn 11, arna bhreithniú i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 d'Airteagal 59, i bhfeidhm maidir leis na Páirtithe Conarthacha uile trí mhí tar éis dhul in éag thréimhse dhá mhí déag ón dáta a chuir Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an leasú in iúl do na Páirtithe Conarthacha, seachas i gcás na bPáirtithe Conarthacha sin a bhfuil fógra tugtha i scríbhinn acu don Ardrúnaí, laistigh den tréimhse trí mhí a luaitear thuas, nach bhfuil siad ag glacadh le hIarscríbhinn 11. I gcás Páirtithe Conarthacha a tharraingíonn siar an fógra maidir le gan í a ghlacadh, tiocfaidh Iarscríbhinn 11 i bhfeidhm dóibh siúd sé mhí ón dáta a fuair an taiscí fógra faoi tharraingt siar an fhógra sin.

2.

Déanfaidh an Coiste Riaracháin aon leasú a mholtar ar Iarscríbhinn 11 a mheas. Is é tromlach na bPáirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11 agus a bheidh i láthair agus i mbun vótála a ghlacfaidh aon leasuithe den sórt sin.

3.

Cuirfidh Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe na leasuithe ar Iarscríbhinn 11 a bhreithneofar agus a ghlacfar i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo in iúl do na Páirtithe Conarthacha mar eolas dóibh nó, i gcás na bPáirtithe Conarthacha sin atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11, le go nglacfar leo.

4.

Is tromlach na bPáirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11 agus a bheidh i láthair agus i mbun vótála a chinnfidh dáta teacht i bhfeidhm aon leasuithe den sórt sin an tráth a ghlacfar iad.

5.

Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo mura ndéanann an cúigiú cuid nó cúig cinn de na Stáit ar Páirtithe Conarthacha iad atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11, cibé líon acu is ísle, fógra a thabhairt don Ardrúnaí faoina n-agóid i gcoinne na leasuithe, faoi dháta roimhe sin a chinnfear tráth a nglactha.

6.

Ar theacht i bhfeidhm dó, cuirfear aon leasú a glacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go dtí 5 den Airteagal seo in ionad, agus gabhfaidh sé ionad, aon fhorálacha a bhí ann roimhe sin dá dtagraíonn an leasú i gcás gach Páirtí Chonarthaigh atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11.

6.   Airteagal 61

Cuirfidh Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe gach Páirtí Conarthach agus gach Stát dá dtagraítear in Airteagal 52, mír 1 den Choinbhinsiún seo, ar an eolas faoi aon iarraidh, aon chumarsáid nó aon agóid faoi Airteagail 59, 60 agus 60 bis thuas, agus faoi dháta teacht i bhfeidhm aon leasaithe.

7.   Iarscríbhinn 9, Cuid I, mír 3, fomhír nua (xi)

(xi)

daingneofar, i gcás nós imeachta cúltaca a dtugtar tuairisc air in Airteagal 10, mír 2 d'Iarscríbhinn 11, do na Páirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11, arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla, go bhfuil an ráthú bailí, go ndéantar iompar TIR de réir an nós imeachta eTIR agus go soláthrófar aon fhaisnéis ábhartha eile don iompar TIR.

B.   Iarscríbhinn 11 – an nós imeachta eTIR

1.   Cuid I

Airteagal 1

An raon feidhme

1.   Le forálacha na hIarscríbhinne seo, rialaítear cur chun feidhme an nós imeachta eTIR mar a shainmhínítear in Airteagal 1, mír (s) den Choinbhinsiún agus beidh feidhm acu sa chaidreamh idir na Páirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag an Iarscríbhinn seo, mar a fhoráiltear in Airteagal 60 bis, mír 1.

2.   Ní féidir an nós imeachta eTIR a úsáid i gcás iompair a bhíonn ar siúl i bpáirt i gcríoch Páirtí Chonarthaigh nach bhfuil faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11 agus ar comhalta d'aontas custaim nó eacnamaíoch é a bhfuil críoch chustaim aonair aige.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na hIarscríbhinne seo:

(a)

Ciallóidh an téarma "córas idirnáisiúnta eTIR" an córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide arna cheapadh chun malartú faisnéise leictreonaí idir na gníomhaithe a bhfuil baint acu leis an nós imeachta eTIR a chumasú.

(b)

Ciallóidh an téarma "sonraíochtaí eTIR" sonraíochtaí coincheapúla, feidhmiúla teicniúla an nós imeachta eTIR arna nglacadh agus arna leasú i gcomhréir le forálacha Airteagal 5 den Iarscríbhinn seo.

(c)

Ciallóidh an téarma "réamhshonraí TIR" na sonraí arna gcur faoi bhráid na n-údarás inniúil sa tír imeachta, i gcomhréir leis na sonraíochtaí eTIR, i dtaobh rún an tsealbhóra earraí a chur faoi réir an nós imeachta eTIR.

(d)

Ciallóidh an téarma "réamhshonraí don leasú" na sonraí arna gcur faoi bhráid údarás inniúla na tíre ina n-iarrtar an leasú ar na sonraí dearbhaithe, i gcomhréir leis na sonraíochtaí eTIR, i dtaobh rún an tsealbhóra na sonraí dearbhaithe a leasú.

(e)

Ciallóidh an téarma "sonraí dearbhaithe" na réamhshonraí TIR agus na réamhshonraí don leasú atá glactha ag na húdaráis inniúla.

(f)

Ciallóidh an téarma "dearbhú" an gníomh lena léiríonn an sealbhóir, nó ionadaí an tsealbhóra, i gcomhréir leis na sonraíochtaí eTIR, rún an tsealbhóra earraí a chur faoi réir an nós imeachta eTIR. Ón uair a ghlacann na húdaráis inniúla leis an dearbhú, bunaithe ar réamhshonraí eTIR nó ar na réamhshonraí don leasú, agus ar aistriú na sonraí dearbhaithe chuig an gcóras idirnáisiúnta eTIR, is coibhéis dlí den Carnet TIR lena nglactar a bheidh sa dearbhú.

(g)

Ciallóidh an téarma "doiciméad tionlacain" an doiciméad i gcló arna ghiniúint go leictreonach ag an gcóras custaim, tar éis glacadh an dearbhaithe, i gcomhréir leis na treoirlínte atá i sonraíochtaí teicniúla eTIR. Is féidir an doiciméad tionlacain a úsáid chun eachtraí ar an tslí a thaifeadadh agus cuirtear in ionad na tuarascála deimhnithe é de bhun Airteagal 25 den Choinbhinsiún seo agus don nós imeachta cúltaca.

(h)

Ciallóidh an téarma "fíordheimhniú" an próiseas leictreonach lenar féidir duine nádúrtha nó duine dlítheanach a shainaithint, nó foinse agus sláine ríomhshonraí a dheimhniú.

Nóta Míniúcháin a ghabhann le hAirteagal 2(h)

11.2 (h)-1

Go dtí go suífear cur chuige comhchuibhithe agus go dtabharfar tuairisc air sna sonraíochtaí eTIR, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11 an sealbhóir a fhíordheimhniú le haon phróiseas dá bhforáiltear ina ndlí náisiúnta, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, ainm úsáideora/pasfhocal nó sínithe leictreonacha.

11.2. (h)-2

Is trí naisc shlána, mar a shainmhínítear sna sonraíochtaí teicniúla eTIR iad, a áiritheofar sláine na sonraí a mhalartaítear idir an córas idirnáisiúnta eTIR agus na húdaráis inniúla agus sláine fíordheimhniú na gcóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide.

Airteagal 3

An nós imeachta eTIR a chur chun feidhme

1.   Ceanglóidh na Páirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11 a gcórais chustaim leis an gcóras idirnáisiúnta eTIR i gcomhréir leis na sonraíochtaí eTIR.

2.   Tá saoirse ag gach Páirtí Conarthach an dáta a shocrú faoina gceanglófar a chórais chustaim leis an gcóras idirnáisiúnta eTIR. Cuirfear dáta an cheangail in iúl do na Páirtithe Conarthacha eile go léir atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11, sé mhí ar a laghad roimh dháta teacht i bhfeidhm an cheangail.

Nóta Míniúcháin a ghabhann le hAirteagal 3, mír 2

11.3.2

Moltar do na Páirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11 go nuashonrófaí a gcóras custaim náisiúnta agus go n-áiritheofaí a gceangal leis an gcóras idirnáisiúnta eTIR a luaithe agus a thiocfaidh Iarscríbhinn 11 i bhfeidhm ina leith. Féadfaidh aontais chustaim nó eacnamaíocha dáta níos déanaí a chinneadh, rud a thabharfaidh am dóibh córais chustaim náisiúnta a gcuid Ballstát uile a cheangal leis an gcóras idirnáisiúnta eTIR.

Airteagal 4

Comhdhéanamh, feidhmeanna agus rialacha nós imeachta an Chomhlachta um Chur Chun Feidhme Teicniúil

1.   Is comhaltaí den Chomhlacht um Chur Chun Feidhme Teicniúil a bheidh sna Páirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11. Déanfar a chuid seisiún a chomóradh go tráthrialta nó arna iarraidh sin don Choiste Riaracháin, de réir mar a cheanglaítear chun na sonraíochtaí eTIR a chothabháil. Cuirfear an Coiste Riaracháin ar an eolas go rialta faoi ghníomhaíochtaí agus breithnithe an Chomhlachta um Chur Chun Feidhme Teicniúil.

2.   Páirtithe Conarthacha nár ghlac le hIarscríbhinn 11 mar a fhoráiltear in Airteagal 60 bis, mír 1 agus ionadaithe d'eagraíochtaí idirnáisiúnta, féadfaidh siad freastal ar sheisiúin an Chomhlachta um Chur Chun Feidhme Teicniúil mar bhreathnóirí.

3.   Déanfaidh an Comhlacht um Chur Chun Feidhme Teicniúil faireachán ar na gnéithe teicniúla agus feidhmiúla a bhaineann leis an nós imeachta eTIR a chur chun feidhme, mar aon le malartú faisnéise faoi ábhair a thagann laistigh dá inniúlacht a chomhordú agus a chothú.

4.   Ag an gcéad seisiún dá chuid, déanfaidh an Comhlacht um Chur Chun Feidhme Teicniúil a rialacha nós imeachta a ghlacadh agus iad a chur faoi bhráid an Choiste Riaracháin lena bhformhuiniú ag na Páirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11.

Airteagal 5

Nósanna imeachta glactha agus leasaithe do na sonraíochtaí eTIR

Déanfaidh an Comhlacht um Chur Chun Feidhme Teicniúil an méid seo a leanas:

(a)

sonraíochtaí teicniúla an nós imeachta eTIR agus na leasuithe a ghabhann leo a ghlacadh, lena áirithiú go mbeidh siad ailínithe le sonraíochtaí feidhmiúla an nós imeachta eTIR. Tráth an ghlactha, cinnfidh sé an idirthréimhse iomchuí lena gcur chun feidhme.

(b)

sonraíochtaí feidhmiúla an nós imeachta eTIR agus na leasuithe a ghabhann leo a ullmhú, lena áirithiú go mbeidh siad ailínithe le sonraíochtaí coincheapúla an nós imeachta eTIR. Tarchuirfear iad chuig an gCoiste Riaracháin lena nglacadh ag tromlach na bPáirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11, agus a bheidh i láthair agus i mbun vótála, agus déanfar iad a chur chun feidhme agus, nuair is gá, a fhorbairt ina sonraíochtaí teicniúla ar dháta a chinnfear tráth a nglactha.

(c)

leasuithe ar shonraíochtaí coincheapúla an nós imeachta eTIR a bhreithniú má iarann an Coiste Riaracháin amhlaidh. Is tromlach na bPáirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11, agus a bheidh i láthair agus i mbun vótála, a ghlacfaidh sonraíochtaí coincheapúla an nós imeachta eTIR agus na leasuithe a ghabhann leo agus agus a dhéanfaidh iad a chur chun feidhme agus, nuair is gá, a fhorbairt ina sonraíochtaí feidhmiúla ar dháta a chinnfear tráth a nglactha.

Airteagal 6

Réamhshonraí TIR agus réamhshonraí don leasú a thíolacadh

1.   Déanfaidh an sealbhóir, nó ionadaí an tsealbhóra, réamhshonraí TIR agus réamhshonraí don leasú a chur faoi bhráid údaráis inniúla na tíre imeachta agus na tíre ina n-iarrfar leasú ar na sonraí dearbhaithe. A luaithe a ghlacfar leis an dearbhú nó leis an leasú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cuirfidh na húdaráis inniúla na sonraí dearbhaithe, nó an leasú a ghabhann leo, ar aghaidh chuig an gcóras idirnáisiúnta eTIR.

2.   Féadfar réamhshonraí TIR agus na réamhshonraí don leasú a luaitear i mír 1 a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil go díreach nó trí mheán an chórais idirnáisiúnta eTIR.

3.   Glacfaidh na Páirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11 le tíolacadh réamhshonraí TIR agus réamhshonraí don leasú trí mheán an chórais idirnáisiúnta eTIR.

Nóta Míniúcháin a ghabhann le hAirteagal 6, mír 3

11.6.3

Moltar do na Páirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11 tíolacadh réamhshonraí TIR agus réamhshonraí don leasú, a dhéantar trí mhodhanna a léirítear sna sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla, a aithint a mhéid is féidir.

4.   Foilseoidh na húdaráis inniúla liosta na meán leictreonach go léir trínar féidir réamhshonraí TIR agus réamhshonraí don leasú a thíolacadh.

Airteagal 7

An sealbhóir a fhíordheimhniú

1.   Agus iad ag glacadh leis an dearbhú sa tír imeachta nó le leasú ar na sonraí dearbhaithe in aon tír feadh an chúrsa taistil, déanfaidh na húdaráis inniúla na réamhshonraí TIR, nó na réamhshonraí don leasú, agus an sealbhóir, a fhíordheimhniú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.   Glacfaidh na Páirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11 le fíordheimhniú an tsealbhóra a dhéanfar trí mheán an chórais idirnáisiúnta eTIR.

Nóta Míniúcháin a ghabhann le hAirteagal 7, mír 2

11.7.2

Áirithítear leis an gcóras idirnáisiúnta eTIR, trí mheáin a thuairiscítear i sonraíochtaí eTIR, sláine réamhshonraí eTIR, sláine réamhshonraí TIR nó na réamhshonraí don leasú, agus gurbh é an sealbhóir a sheol na sonraí.

3.   Foilseoidh na húdaráis inniúla liosta de shásraí fíordheimhnithe seachas an sásra a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo, a fhéadfar a úsáid chun críocha fíordheimhnithe.

4.   Glacfaidh na Páirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11 leis na sonraí dearbhaithe a gheofar ó údaráis inniúla na tíre imeachta agus na tíre ina n-iarrtar leasú ar na sonraí dearbhaithe trí mheán an chórais idirnáisiúnta eTIR mar choibhéis dlí le Carnet TIR lena nglactar.

Nóta Míniúcháin a ghabhann le hAirteagal 7, mír 4

11.7.4

Áirithítear le córas idirnáisiúnta eTIR, trí mheáin a thuairiscítear i sonraíochtaí eTIR, sláine na sonraí dearbhaithe agus gurbh údaráis inniúla na dtíortha a bhí rannpháirteach san iompar a sheol na sonraí.

Airteagal 8

Fíordheimhniú an tsealbhóra a aithint go frithpháirteach

Fíordheimhniú an tsealbhóra a dhéanfaidh údaráis inniúla na bPáirtithe Conarthacha atá faoi cheangal ag Iarscríbhinn 11, a ghlacann leis an dearbhú nó le hathruithe ar na sonraí dearbhaithe, aithneoidh údaráis inniúla na bPáirtithe Conarthacha go léir a thiocfaidh ina dhiaidh sin é, ar páirtithe iad a bheidh faoi cheangal Iarscríbhinn 11, ar fud an iompair TIR.

Nóta Míniúcháin a ghabhann le hAirteagal 8

11.8

Áirithítear leis an gcóras idirnáisiúnta eTIR, trí mheáin a thuairiscítear i sonraíochtaí eTIR, sláine na sonraí dearbhaithe, lena n-áirítear an tagairt don sealbhóir, a fhíordheimhníonn na húdaráis inniúla a ghlacann leis an dearbhú a fuarthas ó údaráis inniúla agus a tarchuireadh chucu.

Airteagal 9

Ceanglais bhreise maidir le sonraí

1.   De bhreis ar na sonraí a shonraítear sna sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla, féadfaidh údaráis inniúla sonraí breise arna sonrú sa reachtaíocht náisiúnta a iarraidh.

2.   Ba cheart d'údaráis inniúla, a mhéid is féidir, ceanglais i ndáil le sonraí a theorannú chuig na ceanglais atá sna sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla agus a ndícheall a dhéanamh tíolacadh sonraí breise a éascú ionas nach gcuirfear bac ar iompar TIR a dhéanfar i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo.

Airteagal 10

Nós imeachta cúltaca

1.   I gcás nach féidir tús a chur leis an nós imeachta eTIR ar chúiseanna teicniúla ag an oifig custaim imeachta, féadfaidh sealbhóir Carnet TIR filleadh ar an nós imeachta TIR.

2.   I gcás ina mbeidh tús curtha le nós imeachta eTIR ach go gcuirfear bac air leanúint ar aghaidh ar chúiseanna teicniúla, glacfaidh na húdaráis inniúla leis an doiciméad tionlacain agus próiseálfaidh siad é i gcomhréir leis an nós imeachta a thuairiscítear sna sonraíochtaí eTIR, faoi réir infhaighteacht faisnéise breise ó chórais leictreonacha mhalartacha mar a thuairiscítear sna sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla.

3.   Tá údaráis inniúla na bPáirtithe Conarthacha i dteideal iarraidh ar chomhlachais náisiúnta ráthaíochta freisin a dhaingniú go bhfuil an ráthaíocht bailí, go ndéantar iompar TIR faoin nós imeachta eTIR agus faisnéis eile is ábhartha d'iompar TIR a sholáthar.

4.   Bunófar an nós imeachta a thuairiscítear i mír 3 i gcomhaontú idir na húdaráis inniúla agus an comhlachas náisiúnta ráthaíochta, mar a shonraítear in Iarscríbhinn 9, Cuid I, mír 1 (d).

Airteagal 11

An córas idirnáisiúnta eTIR a óstáil

1.   Déanfar an córas idirnáisiúnta eTIR a óstáil agus a riaradh faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (ECE).

2.   Tabharfaidh ECE cúnamh do thíortha agus a gcórais chustaim á nascadh leis an gcóras idirnáisiúnta eTIR, lena n-áirítear trí mheán tástálacha comhréireachta d'fhonn a áirithiú go mbeidh siad ag feidhmiú go cuí roimh an nascadh oibríochtúil.

3.   Cuirfear na hacmhainní riachtanacha ar fáil do ECE chun na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh. Mura maoineofar an córas idirnáisiúnta eTIR le hacmhainní ó ghnáthbhuiséad na Náisiún Aontaithe, beidh na hacmhainní riachtanacha faoi réir na rialacha agus na rialachán airgeadais do chistí agus tionscnaimh sheachbhuiséadacha na Náisiún Aontaithe. Is é an Coiste Riaracháin a dhéanfaidh an sásra maoinithe le haghaidh oibriú an chórais idirnáisiúnta eTIR ag ECE a chinneadh agus a fhormheas.

Nóta Míniúcháin a ghabhann le hAirteagal 11, mír 3

11.11.3

Más gá, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha a chinneadh costais oibríochtúla an chórais idirnáisiúnta eTIR a mhaoiniú trí mhéid áirithe in aghaidh an iompair TIR. Sna cásanna sin, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha cinneadh faoin am iomchuí chun sásraí malartacha maoinithe a thabhairt isteach agus faoina módúlachtaí. Ullmhóidh ECE an buiséad is gá, déanfaidh an Comhlacht um Chur Chun Feidhme Teicniúil athbhreithniú air agus formheasfaidh an Coiste Riaracháin é.

Airteagal 12

An córas idirnáisiúnta eTIR a riaradh

1.   Déanfaidh ECE na socruithe iomchuí chun na sonraí a stóráil agus a chartlannú sa chóras idirnáisiúnta eTIR go ceann tréimhse 10 mbliana ar a laghad.

2.   Féadfaidh ECE na sonraí uile a stóráiltear sa chóras idirnáisiúnta eTIR a úsáid thar ceann chomhlachtaí inniúla an Choinbhinsiúin seo chun críocha staidreamh comhiomlánaithe a bhaint astu.

3.   Maidir le húdaráis inniúla Páirtithe Conarthacha a mbíonn iompar TIR ar siúl ar a gcríoch, faoin nós imeachta eTIR, agus a thagann chun bheith ina n-ábhar d'imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a bhaineann le hoibleagáid íocaíochta an duine nó na ndaoine atá faoi dhliteanas go díreach nó an chomhlachais náisiúnta ráthaíochta, féadfaidh siad a iarraidh ar ECE agus faisnéis atá á stóráil sa chóras idirnáisiúnta eTIR a fháil, ar faisnéis í a bhaineann leis an éileamh atá faoi dhíospóid chun críocha fíoraithe. Féadfar an fhaisnéis sin a úsáid mar fhianaise in imeachtaí náisiúnta riaracháin nó breithiúnacha.

4.   I gcásanna seachas na cásanna a shonraítear san Airteagal seo, toirmeascfar scaipeadh nó nochtadh faisnéise arna stóráil sa chóras idirnáisiúnta eTIR ar dhaoine nó eintitis neamhúdaraithe.

Airteagal 13

Foilsiú na n-oifigí custaim atá in ann eTIR a láimhseáil

Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh liosta na n-oifigí custaim imeachta, na n-oifigí custaim ar an tslí agus na n-oifigí custaim cinn scríbe arna bhformheas chun oibríochtaí TIR a chomhlíonadh faoin nós imeachta eTIR, i gcónaí cruinn agus cothrom le dáta sa bhunachar sonraí leictreonach d'oifigí custaim formheasta, arna fhorbairt agus arna chothabháil ag Bord Feidhmiúcháin TIR.

Airteagal 14

Ceanglais dhlíthiúla do thíolacadh sonraí

Meastar na ceanglais dhlíthiúla do thíolacadh sonraí, mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn 10, míreanna 1, 3 agus 4 den Choinbhinsiún seo, a bheith comhlíonta tríd an nós imeachta eTIR a chur chun feidhme. faoi Iarscríbhinn 10 de Choinbhinsiún TIR


4.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 32/16


CINNEADH (AE) 2020/144 ÓN GCOMHAIRLE

an 3 Feabhra 2020

lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 300(3) agus Airteagal 305 de,

Ag féachaint don Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint do na tograí arna ndéanamh ag Rialtais na Spáinne agus na Fionlainne,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 300(3) den Chonradh gur cheart Coiste na Réigiún a bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 305 den Chonradh go ndéanfadh an Chomhairle comhaltaí Choiste na Réigiún mar aon lena chomhlíon de mhalartaigh a cheapadh go ceann téarma cúig bliana i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát.

(3)

Ós rud é go ndeachaigh téarma oifige chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha Choiste na Réigiún in éag ar an 25 Eanáir 2020, ba cheart comhaltaí nua agus comhaltaí malartacha nua a cheapadh.

(4)

Ar an 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2). Leis an gCinneadh sin, ceapadh, don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais Phoblacht na Seice, na Danmhairge, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, Lucsamburg, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice agus na Sualainne. Ceapadh le Cinneadh (AE) 2019/2157 chomh maith agus don tréimhse chéanna, triúr comhaltaí arna moladh ag Rialtas na Beilge, 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach arna moladh ag Rialtas na Gearmáine, ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na hÉireann, 16 chomhalta agus 16 chomhalta mhalartach arna moladh ag Rialtas na Spáinne, ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na hÉireann, 10 gcomhalta agus 14 chomhalta mhalartach arna moladh ag Rialtas na hIodáile, ceathrar comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas Mhálta agus ochtar comhaltaí agus ochtar comhaltaí malartacha arna moladh ag Rialtas na Fionlainne. Níorbh fhéidir comhaltaí agus comhaltaí malartacha nach bhfuair an Chomhairle aon togra ina leith óna mBallstát faoin 15 Samhain 2019 a áireamh i gCinneadh (AE) 2019/2157.

(5)

Ar an 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (3). Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse chéanna, ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha a mhol Rialtais na Gréige, na Fraince, na Cróite, na Liotuáine, na hUngáire agus na Portaingéile, mar aon le ceathrar chomhalta agus ceathrar chomhalta mhalartacha a mhol Rialtas na Beilge, comhalta amháin a mhol Rialtas na Bulgáire, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na hÉireann, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Spáinne, 14 chomhalta agus 10 gcomhalta mhalartacha a mhol Rialtas na hIodáile, agus 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach a mhol Rialtas na Polainne. Níorbh fhéidir comhaltaí agus comhaltaí malartacha nach bhfuair an Comhairle aon togra ina leith óna Bhallstát faoin 20 Nollaig 2019 a áireamh i gCinneadh (AE) 2020/102.

(6)

Mhol an Spáinn agus an Fhionlainn a n‐iarrthóirí ar shuíocháin a gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha a bhí fágtha. Ba cheart go gceapfaí na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha sin don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo ón 26 Eanáir 2020.

(7)

Is ag céim níos déanaí a cheapfar na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha eile sin nach bhfuil aon togra ina leith faighte ag an gComhairle go fóill,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar na daoine a leanas, leis seo, a cheapadh ar Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025:

mar chomhaltaí, na daoine a liostaítear de réir Ballstáit in Iarscríbhinn I;

mar chomhaltaí malartacha, na daoine a liostaítear de réir Ballstáit in Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 26 Eanáir 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

ПРИЛОЖЕНИЕ I - ANEXO I - PŘÍLOHA I - BILAG I - ANHANG I - I LISA - ΠΑΡΑΡΤΗΜΑ Ι - ANNEX I - ANNEXE I - PRILOG I - ALLEGATO I - I PIELIKUMS - I PRIEDAS - I. MELLÉKLET - ANNESS I - BIJLAGE I - ZAŁĄCZNIK I - ANEXO I - ANEXA I - PRÍLOHA I - PRILOGA I - LIITE I - BILAGA I

Членове/Miembros/Členové/Medlemmer/Mitglieder/Liikmed/Μέλη/ Members/Membres/Članovi/Membri/Locekļi/Nariai/Tagok/Membri/Leden/ Członkowie/Membros/Membri/Členovia/Člani/Jäsenet/Ledamöter

ESPAÑA

Mr Jorge Antonio AZCÓN NAVARRO

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Zaragoza

Mr Abel Ramón CABALLERO ÁLVAREZ

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Vigo (Pontevedra)

Mr Juan ESPADAS CEJAS

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Sevilla

Mr José María GARCÍA URBANO

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Estepona (Málaga)

SUOMI

Mr Bert HÄGGBLOM

Member of a Regional Assembly: the Parliament of Åland


IARSCRÍBHINN II

ПРИЛОЖЕНИЕ II - ANEXO II - PŘÍLOHA II - BILAG II - ANHANG II - II LISA - ΠΑΡΑΡΤΗΜΑ ΙΙ - ANNEX II - ANNEXE II - PRILOG II - ALLEGATO II - II PIELIKUMS - II PRIEDAS - II. MELLÉKLET - ANNESS II - BIJLAGE II - ZAŁĄCZNIK II - ANEXO II - ANEXA II - PRÍLOHA II - PRILOGA II - LIITE II - BILAGA II

Заместник-членове/Suplentes/Náhradníci/Suppleanter/Stellvertreter/Asendusliikmed/ Αναπληρωτές/Alternate members/Suppléants/Zamjenici članova/Supplenti/Aizstājēji/ Pakaitiniai nariai/Póttagok/Membri Supplenti/Plaatsvervangers/Zastępcy członków/ Suplentes/Supleanți/Náhradníci/Nadomestni člani/Varajäsenet/Suppleanter

ESPAÑA

Mr José Francisco BALLESTA GERMÁN

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Murcia

Mr Manuel GARCÍA FÉLIX

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de La Palma del Condado (Huelva)

Mr Carlos MARTÍNEZ MÍNGUEZ

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Soria

Ms Lidia MUÑOZ CÁCERES

Member of a Local Executive: Ayuntamiento de Sant Feliu de Llobregat (Barcelona)

SUOMI

Ms Annette BERGBO

Member of a Regional Assembly: the Parliament of Åland


Ceartúchán

4.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 32/20


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/1797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus oibríochtaí iascaireachta soithí iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 279I Eagrán Speisialta Gaeilge an 31 Deireadh Fómhair 2019 )

1.

Ar leathanach 1, an brollach:

in ionad:

“Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,”,

léitear:

“Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),”.

2.

Ar leathanach 1, na fonótaí:

Mar thoradh ar an athrú thuas i bpointe 1., beidh uasdhátú ar uimhreacha na bhfonótaí eile le déanamh ar leathanach 1, chomh maith le folíniú a chur faoi na huimhreacha uasdátaithe.

3.

Ar leathanach 1, pointe 2:

in ionad:

“Tar éis di iarraidh a fháil ón Ríocht Aontaithe, dheonaigh an Chomhairle Eorpach an chéad síneadh an 22 Márta 2019 ( 1 ). An 11 Aibreán 2019, tar éis di iarraidh a fháil ón Ríocht Aontaithe, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú ( 2 ) síneadh breise go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019 a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE. Mura rud é go bhfuil comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tagtha i bhfeidhm faoin lá tar éis an lá a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, nó mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d’aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE don tríú huair, tiocfaidh deireadh leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) an 31 Deireadh Fómhair 2019, agus tarraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas gan chomhaontú agus tiocfaidh sí chun bheith ina tríú tír an 1 Samhain 2019.”,

léitear:

“Tar éis di iarraidh a fháil ón Ríocht Aontaithe, dheonaigh an Chomhairle Eorpach an chéad síneadh an 22 Márta 2019 ( 1 ). An 11 Aibreán 2019, tar éis di iarraidh a fháil ón Ríocht Aontaithe, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú ( 2 ) síneadh breise go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019 a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE. Mura rud é go bhfuil comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tagtha i bhfeidhm faoin lá tar éis an lá a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, nó mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d’aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE den tríú huair, tiocfaidh deireadh leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) an 31 Deireadh Fómhair 2019, agus tarraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas gan chomhaontú agus tiocfaidh sí chun bheith ina tríú tír an 1 Samhain 2019.”.


4.2.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 32/21


Ceartúchán ar an bhFógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 29 Eagrán Speisialta Gaeilge an 31 Eanáir 2020 )

Ar leathanach 189:

in ionad:

“ (1)

Féach leathanach 189 den Iris Oifigiúil seo.”,

léitear:

“ (1)

Féach leathanach 7 den Iris Oifigiúil seo.”.