ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 328

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
18 Nollaig 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2019/2160 ó Pharlaimint na Heorpa Agus ón Gcomhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach ( 1 )

1

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí ( 1 )

7

 

*

Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE ( 1 )

29

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

18.12.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/1


RIALACHÁN (AE) 2019/2160Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tugtar, faoi choinníollacha áirithe, cóir fhabhrach do bhannaí faoi chumhdach. I dTreoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), sonraítear bunghnéithe na mbannaí faoi chumhdach agus déantar foráil do shainmhíniú coiteann ar bhannaí faoi chumhdach.

(2)

An 20 Nollaig 2013, d'iarr an Coimisiún ar an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), tuairim a thabhairt ar a iomchuí atá ualaí priacal le haghaidh bannaí faoi chumhdach a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. De réir thuairim ÚBE an 1 Iúil 2014, is láimhseáil stuamachta iomchuí, i bprionsabal, láimhseáil fhabhrach na n‐ualaí priacal dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Mhol ÚBE, áfach, go ndéanfaí tuilleadh machnaimh ar na ceanglais incháilitheachta le haghaidh láimhseáil fhabhrach na n‐ualaí priacal a chomhlánú chun go gcumhdófaí, ar a laghad, réimsí an mhaolaithe priacal leachtachta agus an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh, ról na n‐údarás inniúil, agus go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar na ceanglais atá ann cheana maidir le nochtadh d'infheisteoirí a fhorbairt tuilleadh.

(3)

I bhfianaise thuairim ÚBE, is iomchuí ceanglais bhreise maidir le bannaí faoi chumhdach a ghlacadh, rud a neartóidh cáilíocht na mbannaí faoi chumhdach atá incháilithe do láimhseáil fhabhrach caipitil faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(4)

Féadfaidh údaráis inniúla cur i bhfeidhm an cheanglais maidir le risíochtaí ar institiúidí creidmheasa laistigh den chomhthiomsú cumhdaigh chun cáiliú do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa agus féadfaidh siad ceadú do risíochtaí suas le huasmhéid 10 % d'iomlán mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid eisiúna cáiliú do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa ina ionad. Mar sin féin, níl feidhm ag tarscaoileadh i bpáirt den sórt sin ach amháin tar éis réamhchomhairliúchán le ÚBE agus i gcás inar féidir fadhbanna suntasacha comhchruinnithe a eascraíonn as cur i bhfeidhm an cheanglais maidir le céim 1 den cháilíocht chreidmheasa sna Ballstáit lena mbaineann a dhoiciméadú. Ós rud é go bhfuil sé ag éirí níos deacra, i bhformhór na mBallstát laistigh den limistéar euro agus lasmuigh de, na ceanglais maidir le risíochtaí a cháiliú do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, arna gcur ar fáil ag institiúidí um measúnú creidmheasa seachtrach, a chomhlíonadh, mheas na Ballstáit sin ina bhfuil na margaí is mó do bhannaí faoi chumhdach gur ghá tarscaoileadh den sórt sin a chur i bhfeidhm. Chun simpliú a dhéanamh ar úsáid risíochtaí ar institiúidí creidmheasa mar chomhthaobhacht le haghaidh bannaí faoi chumhdach agus chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna comhchruinnithe a d'fhéadfadh tarlú, is gá Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú trí riail a bhunú lena gceadófar risíochtaí ar institiúidí creidmheasa suas le huasmhéid 10 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid eisiúna cáiliú do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa in ionad chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa gan ceanglas a bheith ann dul i gcomhairle le ÚBE. Is gá úsáid chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa a cheadú i leith taiscí gearrthéarma agus díorthaigh i mBallstáit shonracha i gcás ina mbeadh sé ródheacair an ceanglas maidir le céim 1 nó 2 den cháilíocht chreidmheasa a chomhlíonadh. Ba cheart d'údaráis inniúla arna n‐ainmniú de bhun Threoir (AE) 2019/2162 a bheith in ann, tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, úsáid chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa a cheadú i gcás conarthaí díorthacha chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna comhchruinnithe a d'fhéadfadh teacht chun cinn.

(5)

Is sócmhainní incháilithe is féidir a úsáid mar chomhthaobhacht le haghaidh bannaí faoi chumhdach suas le huasmhéid 10 % de mhéid ainmniúil eisiúint na mbannaí faoi chumhdach gan íoc (an 'tairseach 10 %') iad iasachtaí arna n‐urrú ag aonaid shinsearacha arna n‐eisiúint ag Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó arna n‐eisiúint ag eintitis choibhéiseacha a urrúsaíonn risíochtaí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe. Le hAirteagal 496 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, áfach, ceadaítear d'údaráis inniúla an tairseach 10 % a tharscaoileadh. Ina theannta sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún le hAirteagal 503(4) den Rialachán sin athbhreithniú a dhéanamh ar a iomchuí atá an maolú lena gceadaítear d'údaráis inniúla an tairseach 10 % a tharscaoileadh. An 22 Nollaig 2013, d'iarr an Coimisiún ar ÚBE tuairim a thabhairt ina leith sin. Sa tuairim uaidh, mhaígh ÚBE go n‐eascródh ábhair imní stuamachta as aonaid shinsearacha, arna n‐eisiúint ag Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó arna n‐eisiúint ag eintitis choibhéiseacha a urrúsaíonn risíochtaí ar mhaoin cónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe, a úsáid mar chomhthaobhacht mar gheall ar an struchtúr dhá shraith atá ag clár bannaí faoi chumhdach a bhfuil aonaid urrúsaithe ina dtaca dó agus, dá bhrí sin, go mbeadh trédhearcacht neamhleor maidir le cáilíocht chreidmheasa an chomhthiomsaithe cumhdaigh mar thoradh air. Dá bharr sin, mhol ÚBE go ndéanfaí, tar éis an 31 Nollaig 2017, deireadh a chur leis an maolú ar an tairseach 10 % i gcomhair aonaid shinsearacha dá bhforáiltear faoi láthair in Airteagal 496 den Rialachán sin.

(6)

Ní cheadaítear urrúis chónaithe nó tráchtála le taca morgáistí a áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh ach i líon teoranta creataí náisiúnta um bannaí faoi chumhdach. Tá laghdú ag teacht ar úsáid na struchtúr sin agus meastar go gcuireann siad castacht nach gá le cláir bannaí faoi chumhdach. Is iomchuí, dá bhrí sin, deireadh a chur le húsáid na struchtúr sin mar shócmhainní incháilithe.

(7)

Úsáideadh bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint laistigh de struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar chomhthaobhacht incháilithe freisin. Níl priacail bhreise ó thaobh na stuamachta ag baint le struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa mar ní chruthaíonn siad na deacrachtaí céanna castachta agus a chruthaíonn úsáid iasachtaí arna n‐urrú ag aonaid shinsearacha arna n‐eisiúint ag Fonds Communs de Titrisation na Fraince nó arna n‐eisiúint ag eintitis choibhéiseacha a urrúsaíonn risíochtaí ar mhaoin chónaithe nó ar mhaoin tráchtála dhochorraithe. De réir thuairim ÚBE, ba cheart comhthaobhú bannaí faoi chumhdach trí bhíthin stuchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa a cheadú gan teorainneacha i dtaca le líon na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna. Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an gceanglas an teorainn 15 % nó 10 % a chur i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar institiúidí creidmheasa i struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa. Is le Treoir (AE) 2019/2162 a rialaítear na struchtúir bannaí faoi chumhdach sin arna gcomhthiomsú in inghrúpa.

(8)

Tá feidhm ag na prionsabail luachála le haghaidh maoin dhochorraithe a chomthaobhaíonn bannaí faoi chumhdach maidir le bannaí faoi chumhdach chun go gcomhlíonfadh na bannaí sin na ceanglais maidir le láimhseáil fhabhrach. Maidir leis na ceanglais incháilitheachta i ndáil le sócmhainní atá ina gcomhthaobhacht le haghaidh bannaí faoi chumhdach, baineann siad leis na gnéithe cáilíochta ginearálta lena n‐áirithítear stóinseacht an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a leagan síos i dTreoir (AE)2019/2162. Dá réir sin, ba cheart na forálacha maidir leis an modheolaíocht luachála a leagan síos sa Treoir sin agus níor cheart feidhm a bheith ag na caighdeáin theicniúla rialála i ndáil leis an measúnú ar an luach iasachta morgáiste maidir leis na critéir incháilitheachta sin le haghaidh bannaí faoi chumhdach.

(9)

Tá teorainneacha iasachta/luacha riachtanach chun cáilíocht chreidmheasa na mbannaí faoi chumhdach a áirithiú. Bunaítear le hAirteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 teorainneacha iasachta/luacha le haghaidh morgáistí agus le haghaidh liain mhuirí ar longa ach ní shonraítear leis conas is ceart na teorainneacha sin a chur i bhfeidhm. D'fhéadfadh éiginnteacht teacht as an méid sin. Ba cheart feidhm a bheith ag teorainneacha iasachta/luacha mar theorainneacha cumhdaigh boga. Ciallaíonn sé sin, cé nach bhfuil aon teorainneacha le méid na bun-iasachta, nach féidir iasacht den sórt sin a áireamh mar chomhthaobhacht ach amháin laistigh de na teorainneacha iasachta/luacha le haghaidh na sócmhainní. Le teorainneacha iasachta/luacha, cinntear sciar céatadáin na hiasachta a chuirtear san áireamh sa cheanglas maidir le cumhdach dliteanas. Dá bhrí sin, is iomchuí a shonrú go gcinntear le teorainneacha iasachta/luacha an sciar den iasacht a chuirtear san áireamh i gcumhdach an bhanna faoi chumhdach.

(10)

Chun soiléireacht níos fearr a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na teorainneacha iasachta/luacha ar feadh aibíocht iomlán na hiasachta. Níor cheart na teorainneacha iasachta/luacha iarbhír a athrú ach ba cheart iad a choinneáil ag 80 % de luach na maoine cónaithe i gcás iasachtaí cónaithe, ag 60 % de luach na maoine tráchtála dochorraithe i gcás iasachtaí tráchtála agus an fhéidearthacht ann go ndéanfaí sin a mhéadú go 70 % den luach sin, agus ag 60 % de luach long. Ba cheart maoin thráchtála dhochorraithe a thuiscint i gcomhréir leis an tuiscint fhorleathan ar an gcineál sin maoine a bheith ina maoin “neamhchónaithe” dhochorraithe, lena n‐áirítear nuair is i seilbh eagraíochtaí neamhbhrabúsacha atá sí.

(11)

Chun cáilíocht na mbannaí faoi chumhdach dá dtugtar láimhseáil fhabhrach amhail a fheabhsú tuilleadh, ba cheart láimhseáil fhabhrach den sórt sin a bheith faoi réir íosleibhéal ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh, rud arb ionann é agus leibhéal comhthaobhachta a bheidh os cionn na gceanglas maidir le cumhdach dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2019/2162. Is é a bheadh mar thoradh ar cheanglas den sórt sin go maolófaí na priacail ab ábhartha a thiocfadh as dócmhainneacht an eisitheora nó a réiteach. Maidir le cinneadh de chuid Ballstáit íosleibhéal níos airde ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh a chur i bhfeidhm maidir le bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá lonnaithe ar a chríoch, níor cheart don chinneadh sin cosc a chur ar institiúidí creidmheasa infheistíocht a dhéanamh i mbannaí faoi chumhdach eile lena ngabhann íosleibhéal níos ísle ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh lena gcomhlíontar an Rialachán seo ná leas a bhaint as a fhorálacha.

(12)

Institiúidí creidmheasa a dhéanann infheistíocht i mbannaí faoi chumhdach, ceanglaítear go soláthraítear faisnéis áirithe dóibh maidir leis na bannaí faoi chumhdach sin ar bhonn leathbhliantúil ar a laghad. Is cuid bhunriachtanach de bhannaí faoi chumhdach iad ceanglais trédhearcachta lena n‐áirithítear leibhéal nochta aonfhoirmeach agus lena gceadaítear d'infheisteoirí an measúnú riosca is gá a dhéanamh, rud a fheabhsaíonn inchomparáideacht, trédhearcacht agus cobhsaíocht mhargaidh. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeidh feidhm ag ceanglais trédhearcachta maidir le gach banna faoi chumhdach trí na ceanglais sin a leagan síos i dTreoir (AE) 2019../2019/2162. Dá réir sin, ba cheart ceanglais den sórt sin a bhaint de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(13)

Is ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha iad bannaí faoi chumhdach, agus, mar sin de, eisítear iad agus aibíocht sceidealaithe roinnt blianta ag gabháil leo. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú nach ndéanfaidh an Rialachán seo difear do bhannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 nó roimh an 8 Iúil 2022. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart díolúine fós a bheith ag bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 ó cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le sócmhainní incháilithe, ró-urrúsú comhthaobhach agus sócmhainní ionadaithe. Sa bhreis air sin, ba cheart díolúine a bheith ag bannaí faoi chumhdach eile a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a eisítear roimh an 8 Iúil 2022 ó na ceanglais maidir le ró-urrúsú comhthaobhach agus sócmhainní ionadaithe, agus ba cheart dóibh leanúint de bheith incháilithe don láimhseáil fhabhrach a leagtar amach sa Rialachán sin go dtí a n‐aibíocht.

(14)

Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhar le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 20192019/2162. Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach an creat nua lena mbunaítear gnéithe struchtúracha i dtaca le bannaí faoi chumhdach a eisiúint agus na ceanglais leasaithe a bhaineann le láimhseáil fhabhrach, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar ionas go gcuirfear i bhfeidhm é i gcomhthráth leis an dáta óna bhfuil na Ballstáit le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin a chur i bhfeidhm.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 129 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“Chun bheith incháilithe don láimhseáil fhabhrach a leagtar amach i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, leis na bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (*1) comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3, 3a agus 3b den Airteagal sin agus déanfar iad a chomhthaobhú le haon cheann de na sócmhainní incháilithe seo a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa nó do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, nó risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa i gcás ina bhfuil na risíochtaí sin sna foirmeacha seo a leanas:

(i)

taiscí gearrthéarma lena ngabhann aibíocht bhunaidh nach mó ná 100 lá, i gcás ina n‐úsáidtear na taiscí sin chun an ceanglas um maolán leachtachta le haghaidh comhthiomsú cumhdaigh in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 a chomhlíonadh; nó

(ii)

conarthaí díorthacha a chomhlíonann ceanglais Airteagal 11(1) den Treoir sin, i gcás ina bhfuil sin ceadaithe ag na húdaráis inniúla;”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

iasachtaí a urraítear le maoin chónaithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 80 % de luach na maoine atá curtha i ngeall;”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

iasachtaí a urraítear le maoin tráchtála dhochorraithe suas go dtí an méid is ísle as méideanna phríomhshuimeanna na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 60 % de luach na maoine atá curtha i ngeall. Tá iasachtaí arna n‐urrú le maoin tráchtála dhochorraithe incháilithe i gcás ina ndéantar cóimheas iasachta/luacha 60 % a shárú suas go dtí uasleibhéal 70 % más mó ná 10 % ar a laghad an sárú a dhéanann luach na sócmhainní iomlána atá curtha i ngeall mar chomhthaobhacht do na bannaí faoi chumhdach ar an méid ainmniúil gan íoc ar an mbanna faoi chumhdach, agus ina gcomhlíonann éileamh na sealbhóirí bannaí na ceanglais maidir le deimhneacht dhlíthiúil atá leagtha amach i gCaibidil 4. Beidh tús áite ag éileamh na sealbhóirí bannaí thar gach éileamh eile a dhéanfar ar an gcomhthaobhacht;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Chun críocha mhír 1a, maidir le risíochtaí a tharla de dhroim tharchur agus bhainistiú íocaíochtaí na n‐oibleagáideoirí i leith iasachtaí arna n‐urrú le maoin gheallta de chuid na n‐urrús fiachais nó de dhroim tharchur agus bhainistiú na bhfáltas leachtachta i dtaca le hiasachtaí den sórt sin, ní chuirfear san áireamh iad i ríomh na dteorainneacha dá dtagraítear sa mhír sin.”;

(iii)

scriostar an tríú fomhír;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.   Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

i gcás risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh an risíocht thar 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna;

(b)

i gcás risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh an risíocht thar 10 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna;

(c)

i gcás risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa a bheidh i bhfoirm taiscí gearrthéarma, dá dtagraítear i bpointe (c)(i) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, nó i bhfoirm conarthaí díorthacha, dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ní rachaidh an risíocht iomlán thar 8 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna; maidir leis na húdaráis inniúla arna n‐ainmniú de bhun Airteagal 18(2) de Threoir (AE) 2019/2019/2162, féadfaidh siad, tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, risíochtaí a cheadú ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa i bhfoirm conarthaí díorthach, ar choinníoll gur féidir doiciméadú a dhéanamh ar fhadhbanna suntasacha comhchruinnithe a d'fhéadfadh teacht chun cinn sna Ballstáit lena mbaineann mar thoradh ar na ceanglais i leith chéim 1 agus 2 den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear sa mhír seo a chur i bhfeidhm;

(d)

maidir leis an risíocht iomlán ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh sí thar 15 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna agus maidir leis an risíocht iomlán ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa, ní rachaidh sí thar 10 % de mhéid ainmniúil na mbannaí faoi chumhdach gan íoc atá ag an institiúid creidmheasa eisiúna.

1b.   Ní bheidh feidhm ag mír 1a den Airteagal seo maidir le húsáid bannaí faoi chumhdach mar chomhthaobhacht incháilithe mar a cheadaítear de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2019/2019/2162.

1c.   Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag an teorainn 80 % ar bhonn iasacht ar iasacht, cinnfear léi an sciar den iasacht a chuirtear san áireamh i gcumhdach na ndliteanas atá nasctha leis an mbanna faoi chumhdach, agus beidh feidhm aici i rith aibíocht iomlán na hiasachta.

1d.   Chun críocha phointí (f) agus (g) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag na teorainneacha 60 % nó 70 % ar bhonn iasacht ar iasacht, cinnfear leo an sciar den iasacht a chuirtear san áireamh i gcumhdach na ndliteanas atá nasctha leis an mbanna faoi chumhdach, agus beidh feidhm acu i rith aibíocht iomlán na hiasachta.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás maoin dhochorraithe agus longa a chomthaobhaíonn bannaí faoi chumhdach a chomhlíonann an Rialachán seo, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 208. An faireachán a dhéantar ar luachanna maoine i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 208(3), déanfar é go minic agus uair sa bhliain ar a laghad i gcás gach maoine dochorraithe agus loinge.”;

(d)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“3a.   Sa bhreis ar na sócmhainní incháilithe a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhthaobhú, beidh bannaí faoi chumhdach faoi réir íosleibhéal ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh 5 % mar a shainmhínítear i bpointe (14) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, beidh méid ainmniúil iomlán na sócmhainní cumhdaigh uile mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 3 den Treoir sin ar aon luach ar a laghad le méid ainmniúil iomlán na mbannaí faoi chumhdach gan íoc (“prionsabal ainmniúil”) agus sócmhainní incháilithe amhail mar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a bheidh iontu.

Féadfaidh na Ballstáit íosleibhéal níos ísle ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh a shocrú maidir le bannaí faoi chumhdach nó féadfaidh siad údarú a thabhairt dá n‐údaráis inniúla leibhéal den sórt sin a shocrú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na forálacha seo a leanas:

(a)

tá ríomh an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh bunaithe ar chur chuige foirmiúil lena ndéantar priacal foluiteach na sócmhainní a chur san áireamh, sin nó tá luacháil na sócmhainní faoi réir an luacha iasachta morgáiste; agus

(b)

níl íosleibhéal an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh níos ísle ná 2 % bunaithe ar an bprionsabal ainmniúil dá dtagraítear in Airteagal 15(6) agus (7) de Threoir (AE) 2019/2019/2162.

Ní bheidh na sócmhainní a chuirtear san áireamh in íosleibhéal ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh faoi réir na dteorainneacha ar mhéid risíochta amhail mar a leagtar amach i mír 1a agus ní áireofar iad faoi chomhair na dteorainneacha sin.

3b.   Féadfar sócmhainní incháilithe a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a chur san áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh mar shócmhainní ionadaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (13) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162, faoi réir na dteorainneacha ar cháilíocht chreidmheasa agus ar mhéid risíochta a leagtar amach i míreanna 1 agus 1a den Airteagal seo.”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

“6.   Ní bheidh bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 31 Nollaig 2007 faoi réir na gceanglas a leagtar síos i míreanna 1, 1a, 3, 3a agus 3b. Beidh siad incháilithe do láimhseáil fhabhrach faoi mhíreanna 4 agus 5 go dtí a n‐aibíocht.

7.   Bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 8 Iúil 2022 a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo is infheidhme ar dháta a n‐eisiúna, ní bheidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar síos i míreanna 3a agus 3b. Beidh siad incháilithe do láimhseáil fhabhrach faoi mhíreanna 4 agus 5 go dtí a n‐aibíocht.”;

(2)

i bpointe (a) d'Airteagal 416(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

“(ii)

is bannaí faoi chumhdach iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (i) den phointe seo;”;

(3)

in Airteagal 425, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tabharfaidh institiúidí tuarascáil ar a n‐insreafaí leachtachta. Déanfar insreafaí leachtachta a uasteorannú ag 75 % d'eis-sreafaí leachtachta. Féadfaidh institiúidí insreafaí leachtachta ó thaiscí a taisceadh le hinstitiúidí eile agus a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 113(6) nó (7) den Rialachán seo a dhíolmhú ón uasteorainn sin.

Féadfaidh institiúidí insreafaí leachtachta ó airgead atá dlite ó iasachtaithe agus ó infheisteoirí bannaí i gcás ina mbaineann na hinsreafaí sin le hiasachtú morgáistí arna chistiú le bannaí atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4), (5) nó (6) den Rialachán seo nó le bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 a dhíolmhú ón uasteorainn sin. Féadfaidh institiúidí insreafaí a dhíolmhú ó iasachtaí spreagtha atá ceadaithe ag na hinstitiúidí. Faoi réir fhaomhadh na n‐údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht ar bhonn aonair a fháil roimh ré, féadfaidh an institiúid insreafaí a dhíolmhú ina n‐iomláine nó i bpáirt i gcás inar máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide, máthairghnólacht infheistíochta nó foghnólacht infheistíochta de chuid na hinstitiúide nó fochuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna nó de chuid an mháthairghnólachta infheistíochta chéanna é an soláthraí leachtachta nó i gcás ina bhfuil gaol aige leis an institiúid de réir mar a leagtar amach in Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE.”;

(4)

i bpointe (b) d'Airteagal 427(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (x):

“(x)

dliteanais a eascraíonn as urrúis arna n‐eisiúint a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) den Rialachán seo nó as bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162;”;

(5)

i bpointe (h) d'Airteagal 428(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

“(iii)

maoinithe le cistiú meaitseála (faoi bhealach) trí bhannaí atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) den Rialachán seo nó trí bhannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162;”;

(6)

scriostar Airteagal 496;

(7)

i bpointe 6 d'Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

is bannaí faoi chumhdach iad mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162 seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (b) den phointe seo.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 8 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 27 Samhain 2019.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. M. SASSOLI (m)

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN(f)


(1)  IO C 382, 23.10.2018, lch. 2.

(2)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 56.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2019/2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (Féach leathanach 29 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‐aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


TREORACHA

18.12.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/7


TREOIR (AE) 2019/2161 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 169(1), agus le pointe (a) d’Airteagal 169(2), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal cosanta tomhaltóirí a ghnóthú trí bhearta a ghlactar de bhun Airteagal 114 CFAE. Foráiltear le hAirteagal 38 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) go bhfuiltear chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú i mbeartais an Aontais.

(2)

Ba cheart an dlí maidir le cosaint tomhaltóirí a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar fud an Aontais. Mar sin féin, thángthas ar an gconclúid sa tSeiceáil Oiriúnachta chuimsitheach a rinne an Coimisiún maidir le dlí na dtomhaltóirí agus maidir leis an dlí margaíochta sna blianta 2016 agus 2017 faoi chuimsiú chreat an chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) go mbaintear an bonn dá éifeachtaí atá dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí mar gheall ar an easpa feasachta atá ann i measc trádálaithe agus tomhaltóirí araon agus gurbh fhéidir leas a bhaint níos minice as na modhanna sásaimh atá ann cheana.

(3)

Rinne an tAontas roinnt beart cheana chun feasacht a mhéadú i measc tomhaltóirí, trádálaithe agus dlíodóirí ar chearta tomhaltóirí agus chun forfheidhmiú ar chearta tomhaltóirí agus ar shásamh tomhaltóirí a fheabhsú. Mar sin féin, tá bearnaí ann fós sa dlí náisiúnta i dtaca le pionóis fhíoréifeachtacha agus fhíor-chomhréireacha chun sáruithe laistigh den Aontas a dhíspreagadh agus pionóis a chur i bhfeidhm dá ndeasca, le neamh-leordhóthanacht leigheasanna aonair do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sáruithe ar an reachtaíocht náisiúnta lenar trasuíodh Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus le heasnaimh maidir leis an nós imeachta urghaire faoi Threoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba cheart díriú ar an nós imeachta urghaire le hionstraim ar leith lena leasófar Treoir 2009/22/CE agus a chuirfear ina hionad.

(4)

Le Treoracha 98/6/CE (5), 2005/29/CE agus 2011/83/AE (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, áirítear ceanglais ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar na forálacha náisiúnta lenar trasuíodh na Treoracha sin. Thairis sin, le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ceanglaítear ar na Ballstáit bearta forfheidhmithe a dhéanamh, lena n‐áirítear pionóis a fhorchur, ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus comhordaithe chun a chur faoi deara go scoirfear de sháruithe forleathana nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmiscfear sáruithe den sórt sin.

(5)

Tá difríochtaí suntasacha ar fud an Aontais idir na rialacha náisiúnta reatha maidir le pionóis. Go háirithe, ní áirithíonn na Ballstáit uile go bhféadfar fíneálacha atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh ar thrádálaithe is cúis leo sáruithe forleathana nó sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha reatha maidir le pionóis i dTreoir 98/6/CE, Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a fheabhsú agus, ag an am céanna, rialacha nua maidir le pionóis i dTreoir 93/13/CEE ón gComhairle (8) a thabhairt isteach.

(6)

Ba cheart go bhfanfadh sé faoi na Ballstáit a roghnú na cineálacha pionós a d’fhéadfaidís a fhorchur agus a leagan síos ina ndlí náisiúnta na nósanna imeachta atá ábhartha chun pionóis a fhorchur i gcás sáruithe ar Threoracha 93/13/CEE, 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE faoi mar a leasaítear iad leis an Treoir seo.

(7)

D’fhonn cur i bhfeidhm pionós níos comhsheasmhaí a éascú, go háirithe pionóis i gcás sáruithe laistigh den Aontas, sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais faoi mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) 2017/2394, ba cheart critéir choiteanna neamh-uileghabhálacha agus táscacha le haghaidh cur i bhfeidhm pionós a áireamh i dTreoracha 93/13/CEE, 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE. Is é ba cheart a áireamh sna critéir sin, mar shampla, nádúr, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe, agus aon sásamh a thug an trádálaí do thomhaltóirí i leith na díobhála a rinneadh. Sárú leantach ag an aon déantóir amháin, is fianaise é sin ar an gclaonadh atá ag an déantóir sáruithe den sórt sin a dhéanamh agus, dá bhrí sin, is léiriú suntasach iad ar thromchúis an iompair agus, dá réir sin, ar an ngá atá ann le leibhéal an phionóis a mhéadú ar mhaithe le díspreagadh éifeachtach a ghnóthú. Ba cheart na tairbhí airgeadais a gnóthaíodh, nó na caillteanais a seachnaíodh, de bharr an tsáraithe a chur san áireamh, má tá na sonraí ábhartha ar fáil. Chomh maith leis sin, is féidir tosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile a bhaineann le himthosca an cháis a chur san áireamh.

(8)

D’fhéadfadh sé nach mbainfeadh na critéir choiteanna neamh-uileghabhálacha agus táscacha sin le haghaidh pionóis a chur i bhfeidhm le hábhar le linn pionóis a chinneadh i leith gach sáraithe, go háirithe i leith sáruithe neamh-thromchúiseacha. Ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt freisin ar na prionsabail ghinearálta eile dlí is infheidhme i leith pionóis a fhorchur, amhail prionsabal non bis in idem.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe, laistigh dá ndlínse, na bearta forfheidhmiúcháin uile is gá i gcoinne an trádálaí is cúis leis an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú sin nó go dtoirmiscfí é. I gcás arb iomchuí, tá siad le pionóis a fhorchur, amhail fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ar an trádálaí is cúis leis an sárú forleathan nó leis an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais. Tá bearta forfheidhmiúcháin le déanamh ar mhodh éifeachtach, éifeachtúil agus comhordaithe chun a chur faoi deara go scoirfí den sárú forleathan nó den sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais nó go dtoirmiscfí é. Tá na húdaráis inniúla lena mbaineann an ghníomhaíocht chomhordaithe chun féachaint le bearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh go comhuaineach sna Ballstáit a bhfuil baint ag an sárú sin leo.

(10)

Chun a áirithiú gur féidir le húdaráis na mBallstát pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais atá faoi réir bearta comhordaithe imscrúdaithe agus forfheidhmithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2394, ba cheart fíneálacha a thabhairt isteach mar eilimint de na pionóis i leith sáruithe den sórt sin. Chun a áirithiú go mbeidh éifeacht díspreagthach ag na fíneálacha, ba cheart do na Ballstáit an fhíneáil uasta i leith sáruithe den sórt sin a shocrú ina ndlí náisiúnta ar leibhéal atá cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. I gcásanna áirithe, is féidir gur grúpa cuideachtaí a bheadh i gceist le trádálaí.

(11)

Mar a leagtar síos in Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2017/2394, nuair a bhíonn pionóis á bhforchur, ba cheart aird chuí a thabhairt, de réir mar is iomchuí, ar nádúr, tromchúis agus ré an tsáraithe atá i gceist. Ba cheart forchur na bpionós a bheith comhréireach agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n‐áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme agus prionsabail na Cairte. Ar deireadh, ba cheart na pionóis a fhorchuirtear a bheith iomchuí do nádúr agus do dhíobháil iarbhír nó ionchasach fhoriomlán an tsáraithe i leith dhlíthe an Aontais a thugann cosaint do leasanna tomhaltóirí. Tá an chumhacht chun pionóis a fhorchur le feidhmiú go díreach ag údaráis inniúla faoina n‐údarás féin, nó, i gcás inarb iomchuí, trí dhul ar iontaoibh údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile, nó trí threoir a thabhairt do chomhlachtaí ainmnithe, más infheidhme, nó trí iarratas a dhéanamh chuig cúirteanna atá inniúil chun an cinneadh is gá a dheonú, lena n‐áirítear, más iomchuí, trí achomharc a dhéanamh, mura n‐éireoidh leis an iarratas ar an gcinneadh a dheonú.

(12)

Más rud é, mar thoradh ar an ngníomhaíocht chomhordaithe faoi Rialachán (AE) 2017/2394, go ngearrfaidh údarás inniúil aonair de réir bhrí an Rialacháin sin fíneáil ar an trádálaí is cúis leis an sárú forleathan nó an sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais, ba cheart don údarás sin a bheith in ann fíneáil a ghearradh atá cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann an ghníomhaíocht forfheidhmithe chomhordaithe.

(13)

Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit fíneálacha uasta níos airde atá bunaithe ar láimhdeachas a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta i leith sáruithe forleathana agus sáruithe forleathana lena mbaineann gné Aontais. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit freisin fíneálacha den sórt sin a bhunú ar láimhdeachas domhanda an trádálaí, nó rialacha maidir le fíneálacha a shíneadh chun go gcuimseofaí leo sáruithe eile nach gcumhdaítear le forálacha na Treorach seo a bhaineann le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394. Maidir leis an gceanglas atá ann an fhíneáil a shocrú ar leibhéal nach lú ná 4 % de láimhdeachas bliantúil an trádálaí, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le haon rialacha Ballstát breise maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, amhail fíneálacha laethúla, i leith mainneachtain comhlíonadh a dhéanamh ar aon chinneadh, aon ordú, aon bheart eatramhach, aon ghealltanas ón trádálaí nó aon bheart eile a bhfuil sé mar aidhm leo deireadh a chur leis an sárú.

(14)

Ba cheart rialacha maidir le pionóis a áireamh i dTreoir 93/13/CEE d’fhonn a héifeacht dhíspreagthach a neartú. Táa ntsaoirse ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an nós imeachta riaracháin nó breithiúnach chun pionóis a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar an Treoir sin. Go háirithe, d’fhéadfadh údaráis riaracháin nó cúirteanna náisiúnta pionóis a fhorchur agus cineál éagórach na dtéarmaí conarthacha á shuíomh acu, lena n‐áirítear ar bhonn imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh ag údarás riaracháin. D’fhéadfadh údaráis riaracháin nó cúirteanna náisiúnta na pionóis a fhorchur freisin nuair a úsáideann an díoltóir nó an soláthraí téarmaí conarthacha a shainítear go sainráite mar théarmaí éagóracha i ngach imthoisc sa dlí náisiúnta, agus nuair a úsáideann an díoltóir nó an soláthraí téarmaí conarthacha a fuarthas éagórach trí chinneadh ceangailteach críochnaitheach. D’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil sé de cheart ag údaráis riaracháin freisin cineál éagórach na dtéarma conarthach a shuíomh. D’fhéadfadh údaráis riaracháin nó cúirteanna náisiúnta pionós a fhorchur freisin tríd an gcinneadh céanna faoinar suíodh cineál éagórach na dtéarmaí conarthacha. D’fhéadfadh na Ballstáit freisin na sásraí comhordúcháin iomchuí a leagan síos le haghaidh aon ghníomhaíochtaí ar leibhéal náisiúntamaidir le sásamh agus pionóis aonair.

(15)

Le linn dóibh an t‐ioncam ó fhíneálacha a leithdháileadh, ba cheart do na Ballstáit smaoineamh ar chur le cosaint leasa ghinearálta tomhaltóirí chomh maith le leasanna poiblí cosanta eile.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh leigheasanna ar fáil do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh chun deireadh a chur le héifeachtaí uile na gcleachtas éagórach sin. D’fhágfadh creat soiléir le haghaidh leigheasanna aonair go mbeadh forfheidhmiú príobháideach níos éasca. Ba cheart rochtain a bheith ag an tomhaltóir ar chúiteamh i leith damáistí agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú ar an bpraghas nó foirceannadh ar an gconradh, ar bhealach comhréireach agus éifeachtach. Níor cheart aon chosc a chur ar na Ballstáit cearta chun leigheasanna eile a chothabháil nó a thabhairt isteach amhail deisiú nó athsholáthar do thomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh chun a áirithiú go gcuirfear deireadh iomlán le héifeachtaí na gcleachtas sin. Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit coinníollacha le haghaidh cur i bhfeidhm agus éifeachtaí leigheasanna do thomhaltóirí a chinneadh. Nuair a bhíonn na leigheasanna á gcur i bhfeidhm, d’fhéadfaí tromchúis agus nádúr an chleachtais tráchtála éagóraigh, na damáistí a bhain don tomhaltóir agus imthosca ábhartha eile, amhail mí-iompar an trádálaí nó sárú an chonartha, a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí.

(17)

Sainaithníodh freisin sa tSeiceáil Oiriúnachta maidir le dlí na dtomhaltóirí agus ar an Treoir maidir leis an dlí margaíochta agus sa mheastóireacht a rinneadh ar Threoir 2011/83/AE i gcomhthráth leis an tSeiceáil Oiriúnachta gurb ann do roinnt réimsí inar cheart na rialacha reatha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí a nuachóiriú. I bhfianaise na forbartha leanúnaí ar uirlisí digiteacha, tá gá le coigeartú buan ar dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí.

(18)

Nuair a thugann soláthraithe feidhmiúlachta cuardaigh ar líne rangú níos airde nó suíomh feiceálach do thairiscintí tráchtála mar chuid de thorthaí cuardaigh ar líne, bíonn tionchar suntasach aige sin ar thomhaltóirí.

(19)

Baineann rangú leis an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do thairiscintí na dtrádálaithe nó don ábharthacht a thugtar do thorthaí cuardaigh, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú agus arna gcur in iúl ag soláthraithe seirbhísí feidhmiúlachta cuardaigh ar líne lena n‐áirítear mar thoradh ar an úsáid a bhaintear as algartam lena mbaineann seicheamhú, rátáil nó sásraí athbhreithniúcháin, buaicphointí atá dírithe ar an tsúil nó uirlisí aireachtála eile, nó cónaisc díobh sin.

(20)

Maidir leis sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE a leasú ionas go mbeidh sé soiléir gur cheart cleachtais a thoirmeasc ina soláthraíonn trádálaí faisnéis do thomhaltóir i bhfoirm torthaí cuardaigh mar fhreagairt ar chuardach ar líne an tomhaltóra, gan aon fhógraíocht íoctha nó aon íocaíocht shonrach as rangú níos airde táirgí a bhaint amach laistigh de na torthaí cuardaigh a nochtadh go soiléir. Nuair a d’íoc trádálaí go díreach nó go hindíreach an soláthraí feidhmiúlachta ar líne as rangú níos airde táirge laistigh de na torthaí cuardaigh, ba cheart do sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas ina thaobh sin i bhfoirm atá beacht, inrochtana go héasca, agus intuigthe. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an íocaíocht indíreach go nglacfadh trádálaí le hoibleagáidí breise i leith sholáthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne a bhfuil rangú níos airde mar thoradh sonrach uirthi. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san íocaíocht indíreach ná coimisiún méadaithe in aghaidh an idirbhirt chomh maith le scéimeanna cúitimh éagsúla a mbeadh rangú níos airde mar thoradh sonrach orthu. Íocaíochtaí ar sheirbhísí ginearálta, amhail táillí liostúcháin nó suibscríbhinní ballraíochta, a dhíríonn ar réimse leathan feidhmiúlachtaí arna dtairgeadh ag soláthraí na feidhmiúlachta cuardaigh ar líne don trádálaí, níor cheart iad a mheas a bheith ina íocaíocht go sonrach chun rangú níos airde táirgí a bhaint amach, ar choinníoll nach bhfuil na híocaíochtaí sin tiomnaithe do rangú níos airde a bhaint amach. Féadfaidh cineálacha éagsúla trádálaithe ar líne feidhmiúlacht chuardaigh ar líne a sholáthar, lena n‐áirítear idirghabhálaithe, amhail margaí ar líne, innill chuardaigh agus suíomhanna gréasáin comparáideacha.

(21)

Tá na ceanglais trédhearcachta i ndáil leis na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh á rialú freisin le Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne. Cuimsíonn na ceanglais trédhearcachta faoin Rialachán sin réimse leathan idirghabhálaithe ar líne, lena n‐áirítear margaí ar líne, ach ní bhíonn feidhm acu ach amháin idir trádálaithe agus idirghabhálaithe ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais thrédhearcachta chomhchosúla a thabhairt isteach i dTreoir 2005/29/CE lena áirithiú go mbeadh trédhearcacht leordhóthanach ann i leith na dtomhaltóirí, ach amháin i gcás soláthraithe inneall cuardaigh ar líne atá faoi cheangal cheana ag an Rialachán sin chun na príomhpharaiméadair a leagan amach, arb iad is suntasaí ina n‐aonar nó i dteannta a chéile agus rangú agus tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin á gcinneadh, trí thuairisc atá ar fáil go héasca agus go poiblí a sholáthar, arna dréachtú i bhfriotal soiléir agus sothuigthe faoi innill chuardaigh ar líne na soláthraithe sin.

(22)

Trádálaithe a chumasaíonn tomhaltóirí le hearraí agus seirbhísí a chuardach, amhail taisteal, cóiríocht agus gníomhaíochtaí áineasa, arna dtairiscint ag trádálaithe éagsúla nó ag tomhaltóirí, ba cheart dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na príomhpharaiméadair réamhshocraithe lena gcinntear rangú tairiscintí a thíolactar don tomhaltóir de thoradh an chuardaigh agus a dtábhacht choibhneasta i gcodarsnacht le paraiméadair eile. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith gonta agus ar fáil go héasca, go feiceálach agus go díreach. Ciallaíonn paraiméadair lena gcinntear an rangú aon chritéir ghinearálta, próisis, comharthaí sonracha a chorpraítear in algartaim nó aon sásraí coigeartaithe nó íslithe a úsáidtear i ndáil leis an rangú.

(23)

Ní dochar an ceanglas faisnéise maidir leis na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh do Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Níor cheart a cheangal ar thrádálaithe feidhmiú mionsonraithe a gcuid sásraí rangaithe, lena n‐áirítear algartaim, a nochtadh. Ba cheart do thrádálaithe tuairisc ghinearálta ar na príomhpharaiméadair maidir le rangú a chinneadh a sholáthar, a mhíníonn na príomhpharaiméadair réamhshocraithe arna n‐úsáid ag an trádálaí agus a dtábhacht choibhneasta i gcodarsnacht le paraiméadair eile, ní gá, áfach, an tuairisc sin a thíolacadh ar bhealach saincheaptha le haghaidh gach cuardaigh ar leith.

(24)

I gcás ina dtairgtear táirgí do thomhaltóirí i margaí ar líne, bíonn ról ag soláthraí an mhargaidh ar líne agus ag an soláthraí tríú páirtí araon i soláthar na faisnéise réamhchonarthaí a cheanglaítear le Treoir 2011/83/AE. Mar sin, bíonn seans ann nach mbeidh tuiscint shoiléir ag na tomhaltóirí a úsáideann an margadh ar líne ar cé na comhpháirtithe conarthacha lena mbaineann agus ar an difear a dhéanann sé sin dá gcearta agus dá n‐oibleagáidí.

(25)

Ba cheart margaí ar líne a shainmhíniú chun críocha Treoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE ar bhealach atá cosúil leis an sainmhíniú i Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus i dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Mar sin féin, ba cheart an sainmhíniú ar “margadh ar line” a thabhairt cothrom le dáta agus a dhéanamh níos neodraí ó thaobh na teicneolaíochta de chun teicneolaíochtaí nua a chumhdach. Is iomchuí, dá bhrí sin, seachas tagairt a dhéanamh do “suíomh gréasáin” go ndéanfaí tagairt do na bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár arna oibriú ag an trádálaí nó thar a cheann, i gcomhréir leis an gcoincheap “comhéadan ar line” mar a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2017/2394 agus Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(26)

Ba cheart ceanglais shonracha faisnéise le haghaidh margaí ar líne a leagan síos i dTreoracha 2005/29/CE agus 2011/83/AE chun tomhaltóirí a úsáideann margaí ar líne a chur ar an eolas faoi na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na dtairiscintí, agus cé acu a dhéanann siad conradh le trádálaí nó le neamhthrádálaí, amhail tomhaltóir eile.

(27)

Ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne na tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cé acu is trádálaí nó neamhthrádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí do na soláthraithe sin. I gcás ina ndéanann an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige a stádas mar neamhthrádálaí a dhearbhú, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ráiteas gearr a sholáthar á chur in iúl nach bhfuil feidhm ag na cearta tomhaltóirí a thagann ó dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí maidir leis an gconradh arna chur i gcrích. Ina theannta sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir tríú páirtithe a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint acu agus soláthraithe margaí ar líne. Ba cheart an fhaisnéis a sholáthair ar bhealach soiléir agus sothuigthe agus ní leor í a sholáthair faoi na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha nó i ndoiciméid chonarthacha den chineál céanna. Ba cheart na ceanglais faisnéise ar sholáthraithe margaí ar líne a bheith comhréireach. Is gá do na ceanglais sin cothromaíocht a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus iomaíochas na soláthraithe margaí ar líne. Níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne cearta sonracha tomhaltóirí a liostú le linn dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina n‐infheidhmeacht. Ní dochar an méid sin do na ceanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoir 2011/83/AE, agus go háirithe in Airteagal 6(1) den Treoir sin. Maidir leis an bhfaisnéis a thabharfar faoin bhfreagracht as cearta tomhaltóirí a áirithiú, beidh sí de réir na socruithe conarthacha idir soláthraithe margaí ar líne agus na trádálaithe ábhartha tríú páirtí. D’fhéadfadh soláthraí an mhargaidh ar líne a léiriú go bhfuil tríú páirtí mar an t‐aon duine amháin atá freagrach as cearta tomhaltóirí a áirithiú, nó d’fhéadfadh sé cur síos a dhéanamh ar a fhreagrachtaí sonracha féin i gcás ina nglacann sé freagracht as gnéithe áirithe den chonradh, mar shampla seachadadh nó feidhmiú an chirt tarraingt siar.

(28)

I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), níor cheart ceangal a chur ar sholáthraithe margaí ar líne an stádas dlíthiúil atá ag soláthraithe tríú páirtí a fhíorú. Ina ionad sin, ba cheart do sholáthraithe margaí ar líne ceangal a chur ar sholáthraithe tríú páirtí táirgí sa mhargadh ar líne an stádas atá acu mar thrádálaithe nó mar sholáthraithe nach trádálaithe iad a chur in iúl chun críocha an dlí maidir le tomhaltóirí agus an fhaisnéis sin a thabhairt don soláthraí margadh ar líne.

(29)

Agus na forbairtí meara teicneolaíochta maidir le margaí ar líne á gcur san áireamh, mar aon leis an ngá atá le hardleibhéal cosanta tomhaltóirí a ghnóthú hardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart é a bheith ar chumas na mBallstát bearta sonracha breise a ghlacadh nó a choimeád ar bun chun na críche sin. Ba cheart na forálacha sin a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus níor cheart gur dhochar iad do Threoir 2000/31/CE.

(30)

Ba cheart na sainmhínithe ar ábhar digiteach agus seirbhísí digiteach i dTreoir 2011/83/AE a ailíniú leo sin atá i dTreoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Maidir le hábhar digiteach arna chumhdach i dTreoir (AE) 2019/770 cumhdaíonn sé gníomh aonair soláthair, sraith gníomhartha aonair soláthair, nó soláthar leanúnach thar thréimhse ama. Níor cheart go mbeadh gá le soláthar fadtéarmach mar gheall ar ghné an tsoláthair leanúnaigh. Ba cheart cásanna amhail sruthú gréasáin ar ghearrthóga físe a mheas mar sholáthar leanúnach thar thréimhse ama, gan beann ar ré iarbhír an chomhaid closamhairc. Dá bhrí sin, d’fheadfadh sé a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha áirithe d’ábhar digiteach agus de sheirbhísí digiteacha, toisc go mbaineann an dá rud le soláthar leanúnach ón trádálaí thar ré an chonartha. Samplaí de sheirbhísí digiteacha is ea seirbhísí comhroinnte físe agus fuaime agus óstáil comhad, próiseáil focal nó cluichí a thairgtear sa néal, néalstóráil, post gréasáin, na meáin shóisialta agus néal-fheidhmchláir. Mar gheall ar rannpháirtíocht leanúnach an tsoláthraí seirbhíse, tá údar le cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar a thugtar i dTreoir 2011/83/AE agus a thugann an deis, go praiticiúil, don tomhaltóir triail a bhaint as an tseirbhís agus a chinneadh, le linn na tréimhse 14 lá ó thabhairt i gcrích an chonartha, cé acu a choinneoidh nó nach gcoinneoidh sé an tseirbhís. Is saintréith de roinnt mhaith conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe is ea gur gníomh aonair soláthair don tomhaltóir de phíosa sonrach nó píosaí sonracha ábhair dhigitigh é, amhail ceol sonrach nó comhaid físe shonracha. Fanann conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach nach ndéantar a sholáthar ar mheán inláimhsithe de bheith faoi réir na heisceachta ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE, ina bhforáiltear go gcailleann an tomhaltóir an ceart tarraingt siar nuair a chuirtear tú le comhlíonadh an chonartha, amhail an t‐ábhar a íoslódáil nó a shruthú, faoi réir réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra an comhlíonadh a thosú le linn na tréimhse tarraingt siar agus admháil á rá go bhfuil a cheart tarraingt siar caillte aige dá réir. I gcás in a bhfuil amhras maidir le cé acu is conradh seirbhíse nó conradh le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe é, ba cheart na rialacha maidir leis an gceart tarraingt siar i leith seirbhísí a chur i bhfeidhm.

(31)

Is minic a sholáthraítear ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha ar líne faoi chonarthaí ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí seachas praghas a íoc. Tá feidhm ag Treoir 2011/83/AE cheana féin maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar (i.e. ábhar digiteach ar líne a sholáthar) gan beann ar cé acu a íocann an tomhaltóir praghas le hairgead nó a thugann sé sonraí pearsanta ina leith. Mar sin féin, níl feidhm ag an Treoir sin ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse, lena n‐áirítear conarthaí le haghaidh seirbhísí digiteacha, ina n‐íocann an tomhaltóir praghas nó ina ngeallann sé praghas a íoc. Dá bharr sin, níl feidhm ag an Treoir sin maidir le conarthaí le haghaidh seirbhísí digiteacha ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí gan praghas a íoc. Mar gheall ar na cosúlachtaí eatarthu agus ar a idirmhalartaithe atá seirbhísí digiteacha íoctha agus seirbhísí digiteacha a thugtar mar mhalairt ar shonraí pearsanta, ba cheart iad a bheith faoi réir na rialacha céanna faoin Treoir sin.

(32)

Ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú idir raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2011/83/AE agus Threoir (AE) 2019/770, rud a bhfuil feidhm aige maidir le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar ar faoina mbun a thugann an tomhaltóir nó a gheallann sé nó sí sonraí pearsanta a thabhairt don trádálaí.

(33)

Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme Threoir 2011/83/AE a leathnú chun go gcumhdófaí léi freisin conarthaí ar faoina mbun a sholáthraíonn trádálaí seirbhís dhigiteach don tomhaltóir, nó a gheallann sé seirbhís dhigiteach a sholáthar dó, agus ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta nó ina ngeallann sé sonraí pearsanta a thabhairt. Cosúil le conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir sin i gcás ina dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó ina ngeallann an tomhaltóir sonraí pearsanta a thabhairt dó, ach amháin i gcás ina ndéanann an trádálaí na sonraí pearsanta a thug an tomhaltóir a phróiseáil go heisiach chun an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a sholáthar agus i gcás nach ndéanann an trádálaí na sonraí sin a phróiseáil chun aon chríche eile ann. Ba cheart Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a chomhlíonadh agus aon sonraí pearsanta á bpróiseáil.

(34)

Chun ailíniú iomlán le Treoir (AE) 2019/770 a áirithiú, i gcás nach soláthraítear ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha mar mhalairt ar phraghas, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2011/83/AE ach oiread maidir le staideanna ina mbailíonn an trádálaí sonraí pearsanta chun críche ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh, a bhfuil an trádálaí faoina réir, agus chun na críche sin amháin. Ar chásanna den sórt sin, is féidir a áireamh, mar shampla, cásanna ina gceanglófar an tomhaltóir a chlárú leis na dlíthe is infheidhme chun críocha slándála agus sainaithint a dhéanamh.

(35)

Níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2011/83/AE ach oiread maidir le cásanna inarb amhlaidh nach mbailíonn an trádálaí ach meiteashonraí amhail faisnéis a bhaineann le gaireas an tomhaltóra nó leis an stair bhrabhsála, ach amháin i gcás ina meastar faoin dlí náisiúnta gur conradh iad cásanna den sórt sin. Níor cheart feidhm a bheith aici ach oiread maidir le cásanna ina gcuirtear an tomhaltóir, gan conradh a bheith tugtha i gcrích aige leis an trádálaí, faoi réir fógraí a bhfuil sé mar aidhm eisiach leo rochtain a ghnóthú ar ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cur i bhfeidhm na Treorach sin a leathnú go fóill chuig cásanna den sórt sin nó rialáil a dhéanamh ar shlí eile ar chásanna den sórt sin nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach sin.

(36)

Ba cheart an coincheap “feidhmiúlacht” a thuiscint mar thagairt don bhealach inar féidir úsáid a bhaint as ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag neamhláithreacht nó láithreacht aon srianta teicniúla amhail cosaint trí Bhainistiú na gCeart Digiteach nó códú réigiúnach ar an bhféidearthacht go gcomhlíonfadh an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach na feidhmeanna uile atá leis nó léi ag féachaint don aidhm atá leis nó léi. Leis an gcoincheap “idir-inoibritheacht”, déantar cur síos i dtaobh an féidir le hábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach feidhmiú le crua-earraí nó bogearraí atá difriúil leis na cinn a úsáidtear de ghnáth le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha den chineál céanna a oibriú agus i dtaobh a mhéid is féidir leis nó léi feidhmiú. D’áireofaí leis an bhfeidhmiú rathúil, mar shampla, cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití faisnéis a mhalartú leis na bogearraí nó na crua-earraí eile sin agus an fhaisnéis mhalartaithe a úsáid. Déantar an coincheap “comhoiriúnacht” a shainmhíniú i dTreoir (AE) 2019/770.

(37)

Ceanglaítear le hAirteagal 7(3) agus le hAirteagal 8(8) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe, i gcás conarthaí seacháitribh agus cianchonarthaí faoi seach, réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil le comhlíonadh a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag. Foráiltear le pointe (a) d’Airteagal 14(4) den Treoir sin do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach bhfuil ar an tomhaltóir íoc as na seirbhísí a soláthraíodh. Dá bhrí sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann toiliú sainráite roimh ré an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás seirbhísí, lena n‐áirítear seirbhísí digiteacha, a sholáthraítear ar phraghas a íoc. Mar sin, tá sé riachtanach Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.

(38)

Foráiltear le pointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE maidir le díolúine ón gceart tarraingt siar maidir le hábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe i gcás inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú sainráite leis an gcomhlíonadh a thosú sula rachaidh an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus inar admhaigh sé go gcaillfeadh sé a cheart tarraingt siar dá bharr sin. Foráiltear le pointe (b) d’Airteagal 14(4) den Treoir sin do smachtbhanna conarthach a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann an trádálaí an ceanglas sin ann, is é sin, smachtbhanna a fhágann nach gceanglófar ar an tomhaltóir íoc as an ábhar digiteach a úsáideadh. Dá réir sin, ní bhaineann an ceanglas atá ann réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil le hábhar ach amháin i gcás ábhar digiteach a sholáthraítear ar phraghas a íoc. Mar sin, tá sé riachtanach pointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 a leasú chun nach mbeidh feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil ach amháin maidir le conarthaí lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh.

(39)

Leagtar amach in Airteagal 7(4) de Threoir 2005/29/CE ceanglais faisnéise le haghaidh cuireadh chun táirge a cheannach ar phraghas sonrach. Tá feidhm ag na ceanglais faisnéise sin ag an gcéim fógraíochta cheana féin agus forchuirtear le Treoir 2011/83/AE na ceanglais faisnéise chéanna agus ceanglais faisnéise eile níos mionsonraithe ag an gcéim réamhchonarthach ina dhiaidh sin (i.e. díreach sula ndéanann an tomhaltóir conradh). Dá bharr sin, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar thrádálaithe an fhaisnéis chéanna a thabhairt ag an gcéim fógraíochta (e.g. i bhfógra ar líne ar shuíomh gréasáin) agus ag an gcéim réamhchonarthach (e.g. ar leathanaigh a siopaí gréasáin ar líne).

(40)

Áirítear leis na ceanglais faisnéise faoi Airteagal 7(4) de Threoir 2005/29/CE fógra a thabhairt don tomhaltóir faoi bheartas láimhseála gearán an trádálaí. Léirítear sna fionnachtana ón tSeiceáil Oiriúnachta maidir le dlí na dtomhaltóirí agus maidir le dlí na margaíochta go bhfuil an tábhacht is mó ag an bhfaisnéis sin ag an gcéim réamhchonarthach, rud a rialaítear le Treoir 2011/83/AE. Ba cheart an ceanglas atá ann faoi Threoir 2005/29/CE an fhaisnéis sin a thabhairt i gcuirí chun ceannach ag an gcéim fógraíochta a scriosadh dá bhrí sin.

(41)

Ceanglaítear le pointe (h) d’Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE ar thrádálaithe faisnéis réamhchonarthach a thabhairt do thomhaltóirí faoin gceart tarraingt siar, lena n‐áirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a ghabhann leis an Treoir sin. Foráiltear le hAirteagal 8(4) den Treoir sin do cheanglais faisnéise réamhchonarthaí níos simplí i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, amhail ar an teileafón, trí chúntóirí siopadóireachta guthoibrithe nó trí SMS. Áirítear leis an bhfaisnéis réamhchonarthaích éigeantach a thabharfar ar an modh nó tríd an modh cianchumarsáide ar leith sin faisnéis maidir leis an gceart tarraingt siar dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 6(1). Dá réir sin, áirítear léi freisin an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) a sholáthar. Mar sin féin, ní féidir an fhoirm tarraingt siar a sholáthar i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích trí mhodhanna amhail ar an teileafón nó trí chúntóirí siopadóireachta guthoibrithe agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta go teicniúil an fhoirm a sholáthar ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir trí mhodhanna cianchumarsáide eile a chumhdaítear le hAirteagal 8(4). Is iomchuí, mar sin, soláthar na foirme samplaí tarraingt siar a eisiamh ón bhfaisnéis nach mór do thrádálaithe a thabhairt in aon chás ar an modh nó tríd an modh cianchumarsáide ar leith a úsáidtear chun conradh a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 8(4).

(42)

Foráiltear le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE maidir le heisceacht ón gceart tarraingt siar i leith conarthaí seirbhíse a comhlíonadh go hiomlán i gcás inar tosaíodh an comhlíonadh tar éis réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil agus tar éis dó a admháil go gcaillfeadh sé an ceart tarraingt siar a luaithe a bheadh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí. Os a choinne sin, le hAirteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) den Treoir sin, ina bpléitear le hoibleagáidí an trádálaí i gcás inar tosaíodh comhlíonadh an chonartha sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag, ní cheanglaítear ar thrádálaithe ach réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra a fháil, gan aon admháil go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh críochnaithe. Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na forálacha sin, is gá oibleagáid a chur le hAirteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a thabharfaidh ar an trádálaí freisin admháil a fháil ón tomhaltóir go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh críochnaithe, má chuirtear, leis an gconradh sin, oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh. Sa bhreis air sin, ba cheart foclaíocht phointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 a leasú d’fhonn a chur san áireamh na hathruithe ar Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(8) a fhágann feidhm ag an gceanglas atá ar thrádálaithe réamhthoiliú agus admháil sainráite an tomhaltóra a fháil maidir le conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh agus maidir leosan amháin. Mar sin féin, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit gan an ceanglas a chur i bhfeidhm maidir le hadmháil a fháil ón tomhaltóir go gcaillfear an ceart tarraingt siar a luaithe a bheidh an comhlíonadh i leith conarthaí seirbhíse críochnaithe i gcás ina n‐iarrann an tomhaltóir go sonrach cuairt a thabhairt ar an trádálaí chun críche deisiúcháin a dhéanamh. Déantar foráil i bpointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 16 den Treoir sin maidir le heisceacht ón gceart tarraingt siar i leith conarthaí i dtaca le soláthar earraí atá déanta de réir shonraíochtaí an tomhaltóra nó ar léir gur cuireadh in oiriúint iad don tomhaltóir. Leis an eisceacht sin, cumhdaítear, mar shampla, monarú agus suiteáil troscáin shaincheaptha ag baile an tomhaltóra nuair a sholáthraítear é faoi chonradh díolacháin amháin.

(43)

Maidir leis an eisceacht ón gceart tarraingt siar dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 16 de Threoir 2011/83/AE, ba cheart a mheas go bhfuil feidhm aici freisin maidir le conarthaí do sheachadtaí aonair d’fhuinneamh neamh-líonra, toisc go bhfuil a phraghas ag brath ar luaineachtaí sna margaí tráchtearraí nó sna margaí fuinnimh nach féidir leis an trádálaí a rialú agus a d’fhéadfadh tarlú le linn na tréimhse tarraingt siar.

(44)

Sonraítear in Airteagal 14(4) de Threoir 2011/83/AE na coinníollacha, i gcás ina bhfeidhmeofar an ceart tarraingt siar, faoina mbeidh an tomhaltóir saor ón gcostas i leith seirbhísí a chomhlíonadh, fóntais phoiblí a sholáthar agus ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar. I gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha sin, ní cheanglófar ar an tomhaltóir íoc as an tseirbhís, as na fóntais phoiblí ná as an ábhar digiteach a fuarthas sular feidhmíodh an ceart tarraingt siar. Maidir le hábhar digiteach, ar na coinníollacha neamhcharnacha sin, eadhon faoi phointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4), tá an mhainneachtain daingniú a sholáthair maidir leis an gconradh arna thabhairt i gcrích, lena n‐áirítear deimhniú go bhfuarthas réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra le comhlíonadh an chonartha a thosú sula dtéann an tréimhse don cheart tarraingt siar in éag agus gur admhaigh sé go gcaillfí an ceart tarraingt siar dá bharr sin. Mar sin féin, ní áirítear an coinníoll sin ar na coinníollacha faoina gcaillfí an ceart tarraingt siar i bpointe (m) den chéad fhomhír d’Airteagal 16 den Treoir sin, rud a chruthaíonn éiginnteacht maidir leis an bhféidearthacht atá ann do thomhaltóirí pointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a agairt nuair a chomhlíontar an dá choinníoll eile dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 14(4) agus, dá thoradh sin go gcailltear an ceart tarraingt siar i gcomhréir le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16. Ba cheart, dá bhrí sin, an coinníoll dá bhforáiltear i bpointe (b)(iii) d’Airteagal 14(4) a chur le pointe (m) den chéad mhír d’Airteagal 16 chun a chur ar a chumas don tomhaltóir an ceart tarraingt siar a fheidhmiú nuair nach gcomhlíontar an coinníoll sin agus dá réir sin na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 14(4) a éileamh.

(45)

Féadfaidh trádálaithe praghas a dtairiscintí a phearsantú do thomhaltóirí sonracha nó do chatagóirí sonracha tomhaltóir bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe agus ar phróifíliú uathoibrithe iompraíochta tomhaltóirí, rud a ligfidh do thrádálaithe measúnú a dhéanamh ar chumhacht ceannaigh an tomhaltóra. Dá bhrí sin, ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas go soiléir nuair a dhéantar an praghas a chuirtear ina láthair a phearsantú ar bhonn cinnteoireacht uathoibrithe, sa chaoi is gur féidir leo a chur san áireamh na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus cinneadh ceannaigh á dhéanamh acu. Dá thoradh sin, ba cheart ceanglas sonrach faisnéise a chur le Treoir 2011/83/AE chun an tomhaltóir a chur ar an eolas nuair a dhéantar an praghas a phearsantú bunaithe ar bhonn cinnteoireacht uathoibrithe. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas faisnéise seo maidir le teicnící amhail praghsáil “dhinimiciúil” nó “fíor-ama”, arb é atá i gceist leis na teicnící sin an praghas a athrú ar bhealach an-solúbtha agus sách tapa mar fhreagairt ar éilimh an mhargaidh nuair nach mbaineann na teicnící sin le pearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe. Ní dochar an ceanglas faisnéise seo do Rialachán (AE) 2016/679, lena bhforáiltear, inter alia, do cheart an duine aonair gan a bheith faoi réir cinnteoireacht uathoibrithe aonair, lena n‐áirítear próifíliú.

(46)

I bhfianaise forbairtí teicneolaíochta, tá sé riachtanach an tagairt d’uimhir facs a bhaint den liosta modhanna cumarsáide i bpointe (c) d’Airteagal 6(1) de Threoir 2011/83/AE ós rud é gurb annamh a úsáidtear an facs sa lá atá inniu ann agus go bhfuil sé imithe i léig den chuid is mó.

(47)

Murab ionann is riamh braitheann tomhaltóirí anois ar léirmheasanna agus ráitis tacaíochta ó thomhaltóirí eile agus cinntí ceannaigh á ndéanamh acu. Dá bhrí sin, i gcás ina dtugann trádálaithe rochtain ar léirmheasanna a rinne tomhaltóirí ar tháirgí, ba cheart dóibh tomhaltóirí a chur ar an eolas má tá próisis nó nósanna imeachta i bhfeidhm lena áirithiú gur ó thomhaltóirí a cheannaigh nó a d’úsáid na táirgí sin i ndáiríre a tháinig na léirmheasanna foilsithe. Más rud é go bhfuil na próisis nó nósanna imeachta sin i bhfeidhm, ba cheart do thrádálaithe eolas a chur ar fáil faoin gcaoi a ndéantar na seiceálacha agus eolas soiléir a chur ar fáil do thomhaltóirí faoin gcaoi a ndéantar na léirmheasanna a phróiseáil, mar shampla, á chur in iúl an ndéantar na léirmheasanna uile, bídís deimhneach nó diúltach, a phostáil nó an ndearnadh urraíocht ar na léirmheasanna sin nó an raibh tionchar ag gaol conarthach le trádálaí orthu. Thairis sin, ba cheart a mheas, dá bhrí sin, gur cleachtas tráchtála éagórach é tomhaltóirí a chur ar míthreoir trína rá gur chuir tomhaltóirí isteach léirmheasanna ar tháirgí a d’úsáid siad nó a cheannaigh siad i ndáiríre ach nach ndearnadh aon bhearta réasúnta ná comhréireacha chun a áirithiú gur ó na tomhaltóirí sin a tháinig na léirmheasanna. D’fhéadfaí a áireamh i gcéimeanna den sórt sin mar shampla modhanna teicniúla chun iontaofacht an duine a fhoilsíonn léirmheas a fhíorú, trí fhaisnéis a iarraidh chun a fhíorú gur úsáid nó gur cheannaigh an tomhaltóir an táirge i ndáiríre.

(48)

Ní dochar forálacha na Treorach seo a thugann aghaidh ar léirmheasanna agus ráitis tacaíochta ó thomhaltóirí don chleachtas fógraíochta coiteann agus dlisteanach ráitis áibhéalacha a dhéanamh nó ráitis a dhéanamh nach ceart a thuiscint go litriúil.

(49)

Ba cheart, freisin, toirmeasc a chur ar thrádálaithe bréagléirmheasanna agus bréagráitis tacaíochta ó thomhaltóirí a chur isteach, mar shampla “is maith liom” a fhágáil ar na meáin shóisialta, nó daoine eile a choimisiúnú chun an méid sin a dhéanamh le hintinn a dtáirgí a chur chun cinn, chomh maith le toirmeasc a chur ar léirmheasanna agus bréagráitis tacaíochta ó thomhaltóirí a fhalsú, amhail gan ach léirmheasanna dearfacha a fhoilsiú agus léirmheasanna diúltacha a scriosadh. D’fhéadfadh cleachtas den sórt sin tarlú freisin trí ráitis tacaíochta ar na meáin shóisialta a eachtarshuí i gcás ina ndéantar idirghníomhaíocht dhearfach úsáideora le hábhar áirithe ar leith a nascadh le hábhar eile atá gaolmhar leis, nó a aistriú chuige, rud a thugann le fios go bhfuil meon dearfach ag an úsáideoir sin i dtreo an ábhair ghaolmhair freisin.

(50)

Ba cheart toirmeasc a chur ar thrádálaithe ticéid a athdhíol le tomhaltóirí le haghaidh imeachtaí cultúir agus spóirt, ar ticéid iad a fuair siad trí bhogearraí amhail “botaí” a úsáid rud a ligeann dóibh líon ticéad a cheannach de bhreis ar na teorainneacha teicniúla arna bhforchur ag an bpríomhdhíoltóir ticéad nó a ligeann dóibh teacht timpeall ar aon mhodhanna teicniúla eile atá i bhfeidhm ag an bpríomhdhíoltóir chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an uile dhuine ar na ticéid. Ní dochar an toirmeasc sin d’aon bhearta náisiúnta eile is féidir leis na Ballstáit a dhéanamh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint, chun beartas cultúrtha a dhaingniú agus chun rochtain leathan ar imeachtaí cultúir agus spóirt a chinntiú do gach duine, amhail rialáil a dhéanamh ar phraghas athdhíola na dticéad.

(51)

Ráthaítear le hAirteagal 16 den Chairt an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta. Mar sin féin, i gcás ina margaítear earraí ar fud na mBallstát mar earraí atá comhionann le hearraí eile cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe na n‐earraí sin, d’fhéadfaí tomhaltóirí a chur ar míthreoir agus tabhairt orthu cinneadh idirbhirt a dhéanamh nach ndéanfaidís murach sin.

(52)

Dá bhrí sin, is féidir breathnú ar chleachtas den sórt sin mar chleachtas atá contrártha do Threoir 2005/29/CE bunaithe ar mheasúnú a dhéanamh de réir an cháis ar na heilimintí ábhartha. Chun gur fusa le húdaráis tomhaltóirí agus údaráis bhia na mBallstát an dlí reatha a chur i bhfeidhm, tugadh comhairle maidir le rialacha reatha an Aontais a chur i bhfeidhm i leith décháilíocht bhia san Fhógra ón gCoimisiún “maidir le dlí bia agus dlí cosanta tomhaltóirí an Aontais a chur i bhfeidhm i leith saincheisteanna Décháilíocht táirgí — Cás sonrach an bhia” an 29 Méan Fómhair 2017. Sa chomhthéacs sin, thíolaic Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin “Creat chun táirgí bia a roghnú agus a thástáil chun saintréithe cáilíochta a bhaineann le cáilíocht a mheasúnú: modheolaíocht tástála comhchuibhithe”, an 25 Aibreán 2018.

(53)

Mar sin féin, léirigh an t‐eispéireas forfheidhmithe gur féidir, in éagmais foráil sonrach, gan foráil fhollasach a bheith ann, go bhféadfadh sé a bheith míshoiléir do thomhaltóirí, trádálaithe agus údaráis inniúla náisiúnta cé na cleachtais tráchtála a d’fhéadfadh a bheith contrártha do Threoir 2005/29/CE. Dá bhrí sin, ba cheart an Treoir sin a leasú chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do thrádálaithe agus d’údaráis forfheidhmithe araon trí aghaidh a thabhairt go sainráite ar mhargú earra mar earra atá comhionann leis an earra céanna a mhargaítear i mBallstáit eile i gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir forfheidhmithe gur féidir, in éagmais foráil sonrach comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an gcleachtas sin agus aghaidh a thabhairt air de réir an cháis i gcomhréir le Treoir 2005/29/CE a leasaítear leis an Treoir seo. Agus an measúnú á dhéanamh aige, ba cheart don údarás inniúil aird a thabhairt ar an gceist an bhfuil an difríocht sin so-aitheanta ag tomhaltóirí, ar an gceart atá ag trádálaí earraí de chuid an aon bhranda amháin a oiriúnú do mhargaí geografacha difriúla ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla, amhail an dlí náisiúnta, infhaighteacht nó séasúracht amhábhar, nó straitéisí deonacha chun rochtain a fheabhsú ar bhia sláintiúil cothaitheach, agus ar an gceart atá ag an trádálaí earraí de chuid an aon bhranda amháin a thairiscint i bpacáistí a bhfuil meáchan difriúil nó toirt dhifriúil iontu i margaí geografacha difriúla. Ba cheart do na húdaráis inniúla a mheas an féidir le tomhaltóirí difreáil den sórt sin a shainaithint go héasca trí scrúdú a dhéanamh ar infhaighteacht agus leormhaitheas na faisnéise. Tá sé tábhachtach go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas faoi dhifreáil earraí ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla. Ba cheart saoirse a bheith ag trádálaithe an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar bhealaí éagsúla a fhágann caoi ag tomhaltóirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá riachtanach. Ar an mórgóir, ba cheart do thrádálaithe tosaíocht a thabhairt do bhealaí eile seachas faisnéis a chur ar fáil ar lipéad earraí. Ba cheart urraim a thabhairt do rialacha earnálacha ábhartha de chuid an Aontais agus do na rialacha maidir le saorghluaiseacht earraí.

(54)

Cé gur bealach díolacháin dlisteanach seanbhunaithe é díolachán seacháitribh, amhail díolachán in áitreabh gnó an trádálaí agus ciandíol, is féidir cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach go háirithe i gcomhthéacs cuairteanna ar theach tomhaltóra nó turais dá dtagraítear i bpointe (8) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE, tomhaltóirí a chur faoi bhrú earraí nó seirbhísí a cheannach nach gceannódh siad murach sin nó earraí nó seirbhísí a cheannach ar phraghsanna iomarcacha, lena mbaineann íocaíocht láithreach go minic. Is minic a dhírítear cleachtais den sórt sin ar thomhaltóirí scothaosta nó ar thomhaltóirí leochaileacha eile. Measann Ballstáit áirithe gur cleachtais neamh-inmhianaithe iad sin agus gur gá srian a chur le cineálacha agus gnéithe áirithe díolacháin seacháitribh de réir bhrí Threoir 2011/83/AE, amhail táirge a mhargú nó a dhíol ar bhealach ionsaitheach agus míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh ar theach tomhaltóra nó turas. I gcás ina nglactar srianta den sórt sin ar fhorais seachas cosaint tomhaltóirí amhail leas an phobail nó ar son meas a thabhairt ar shaol príobháideach tomhaltóirí a chosnaítear le hAirteagal 7 den Chairt, tá siad lasmuigh de raon feidhme Threoir 2005/29/CE.

(55)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus chun forfheidhmiú a éascú, ba cheart a shoiléiriú nach dochar Treoir 2005/29/CE do shaoirse na mBallstát forálacha náisiúnta a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint tuilleadh ar chleachtais tráchtála éagóracha i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh a thabharfadh trádálaí ar a dtithe chun táirgí a thairiscint nó a dhíol nó i gcomhthéacs turais a d’eagródh trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo, i gcás ina bhfuil údar maith le forálacha den sórt sin ar fhorais cosanta tomhaltóirí. Ba cheart aon fhorálacha den sórt sin a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus níor cheart dóibh, mar sin, na bealaí díolacháin sin iontu féin a thoirmeasc. I dtaca le forálacha náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit, d’fhéadfaidís, mar shampla, am an lae a shainiú nuair nach gceadaítear cuairteanna a dhéanamh ar thithe tomhaltóirí gan iarraidh shainráite a fháil uathu nó toirmeasc a chur ar na cuairteanna sin nuair atá sé curtha in iúl go soiléir ag an tomhaltóir nach bhfuil na cuairteanna sin inghlactha nó an nós imeachta íocaíochta a fhorordú. Thairis sin, d’fhéadfaí tuilleadh rialacha cosantacha maidir leis na réimsí arna gcomhchuibhiú le Treoir 2011/83/AE a leagan síos sna forálacha sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/83/AE a leasú chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh chun tréimhse níos faide a chur ar fáil don cheart tarraingt siar agus chun maolú a dhéanamh ar eisceachtaí sonracha ón gceart tarraingt siar. Ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon fhorálacha náisiúnta a ghlacfar ina leith sin ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil do gach páirtí leasmhar agus faireachán a dhéanamh ar chineál comhréireach agus dlíthiúlacht na mbeart sin.

(56)

Maidir le cleachtais ionsaitheacha agus mhíthreoracha i gcomhthéacs imeachtaí a eagraítear in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí, ní dochar Treoir 2005/29/CE d’aon choinníollacha bunaíochta ná coinníollacha maidir le córais údarúcháin is féidir leis na Ballstáit a fhorchur ar thrádálaithe. Ina theannta sin, ní dochar an Treoir sin do dhlí náisiúnta na gconarthaí, agus go háirithe do na rialacha maidir le bailíocht, foirmiú nó éifeacht conartha. Is féidir cleachtais ionsaitheacha mhíthreoracha i gcomhthéacs imeachtaí a eagraítear in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí a thoirmeasc ar bhonn measúnú ar gach cás ar leith faoi Airteagail 5 go 9 den Treoir sin. Sa bhreis air sin, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin tá toirmeasc ginearálta ar chleachtais lena dtugann an trádálaí le fios nach bhfuil an trádálaí ag gníomhú chun críocha a bhaineann le gairm an trádálaí, agus ar chleachtais lena dtugtar le fios nach féidir leis an tomhaltóir an t‐áitreabh a fhágáil go dtí go ndéanfar conradh. Ba cheart don Choimisiún a mheas an dtugtar, leis na rialacha reatha, leibhéal leordhóthanach cosanta do thomhaltóirí agus uirlisí leordhóthanacha do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na cleachtais sin.

(57)

Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do ghnéithe de dhlí náisiúnta na gconarthaí nach rialaítear léi. Dá bhrí sin, ba cheart nár dhochar an Treoir seo do dhlí náisiúnta na gconarthaí lena rialáiltear, mar shampla, tabhairt i gcrích nó bailíocht conartha i gcásanna amhail easpa toilithe nó gníomhaíocht tráchtála neamhúdaraithe.

(58)

Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis atá cothrom le dáta faoina cearta tomhaltóra agus faoi réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, ba cheart an pointe iontrála ar líne atá le forbairt ag an gCoimisiún, a mhéid is féidir, a bheith soláimhsithe, freagrúil do ghléasanna móibíleacha, so-rochtana agus inúsáidte ag an uile dhuine, lena n‐áirítear daoine faoi mhíchumas (“dearadh do chách”).

(59)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (17), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‐ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.

(60)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú an dlí maidir le cosaint tomhaltóirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál uile-Aontais na faidhbe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Threoir 93/13/CEE

I dTreoir 93/13/CEE, cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas:

Airteagal 8b

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithear fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Féadfaidh na Ballstáit pionóis den sórt sin a shrianadh i gcásanna ina sainmhínítear na téarmaíconarthacha go sainráite mar choinníollacha éagóracha i ngach imthosca sa dlí náisiúnta nó i gcás ina leanann díoltóir nó soláthraí ag úsáid téarmaí conartha a bhfuil sé faighte maidir leo i gcinneadh críochnaitheach a glacadh de réir le hAirteagal 7(2) gur téarmaí éagóracha iad.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:

(a)

nádúr, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe;

(b)

aon ghníomh a dhéanann an díoltóir nó an soláthraí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an díoltóir nó an soláthraí roimhe seo;

(d)

na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé nó an soláthraí de bharr an tsáraithe, má tá na sonraí ábhartha ar fáil;

(e)

pionóis a fhorchuirtear ar an díoltóir nó ar an soláthraí as an sárú céanna i mBallstáit eile i gcásanna trasteorann ina bhfuil faisnéis faoi na pionóis sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(f)

aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile is infheidhme maidir le himthosca an cháis.

4.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2394, go n‐áirítear leo an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlí a thionscnamh chun fíneálacha a ghearradh, nó iad araon, agus is é uasmhéid na bhfíneálacha sin 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an díoltóra nó an tsoláthróra sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.

5.   I gcásanna ina bhfuil fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 4, ach nach bhfuil faisnéis maidir le láimhdeachas bliantúil an díoltóra nó an tsoláthróra ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a ghearradh, a mbeidh uasmhéid de EUR 2 milliún ar a laghad acu.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 98/6/CE

Leasaítear Treoir 98/6/CE mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an t‐airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

1.   Léireoidh aon fhógra maidir le laghdú praghais an praghas roimh ré a chuir an trádálaí i bhfeidhm ar feadh tréimhse ama socraithe roimh chur i bhfeidhm an laghdaithe praghais.

2.   Ciallaíonn an praghas roimh ré an praghas is ísle a chuir an trádálaí i bhfeidhm le linn tréimhse ama nach giorra ná 30 lá roimh chur i bhfeidhm an laghdaithe praghais.

3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha difriúla d’earraí a d’fhéadfadh dul in olcas nó dul in éag go gasta.

4.   I gcás ina raibh an táirge ar an margadh ar feadh níos lú ná 30 lá, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin do thréimhse ama níos giorra ná an tréimhse a shonraítear i mír 2.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, nuair a mhéadaítear an laghdú praghais go comhleanúnach, gurb é an praghas roimh ré an praghas gan an laghdú praghais sula gcuirtear an laghdú praghas i bhfeidhm don chéad uair.”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:

(a)

nádúr, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe;

(b)

aon ghníomh a dhéanann an trádálaí chun an damáiste a bhaineann do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an trádálaí roimhe sin;

(d)

na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, má tá na sonraí ábhartha ar fáil;

(e)

pionóis a fhorchuirtear ar an trádálaí as an sárú céanna i mBallstáit eile i gcásanna trasteorann ina bhfuil faisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(f)

aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha eile a bhaineann le himthosca an cháis.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

(*2)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).”."

Airteagal 3

Leasuithe ar Threoir 2005/29/CE

Leasaítear Treoir 2005/29/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear mír 1 d’Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

ciallaíonn ‘táirge’ aon earra nó seirbhís, lena n‐áirítear maoin dhochorraithe, seirbhís dhigiteach agus ábhar digiteach, chomh maith le cearta agus oibleagáidí;”;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(m)

ciallaíonn ‘rangú’ an tsuntasacht choibhneasta a thugtar do tháirgí, arna gcur i láthair, arna n‐eagrú nó arna gcur in iúl ag an trádálaí, beag beann ar na modhanna teicneolaíocha a úsáidtear don chur i láthair, don eagrúchán nó don chumarsáid sin;

(n)

ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís ina n-úsáidtear bogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann chun gur féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile;”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:

“5.   Leis an Treoir seo, ní chuirtear aon chosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo. Beidh forálacha den sórt sin comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon fhorálacha náisiúnta a nglacfar ar bhonn mhír 5 agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach so-rochtana do thomhaltóirí agus do thrádálaithe ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.”;

(3)

in Airteagal 6(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(c)

earra a mhargú mar cheann atá comhionann le hearra a mhargaítear i mBallstáit eile, cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe an earra sin, mura rud é go bhfuil údar maith leis sin ar chúiseanna dlisteanacha agus oibiachtúla.”;

(4)

leasaítear Airteagal 7 is mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

na socruithe le haghaidh íocaíocht a dhéanamh, seachadadh aguscomhlíonadh, i gcás ina n‐imíonn siad ó cheanglais díchill ghairmiúil;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(f)

i gcás táirgí a thairgtear ar mhargaí ar líne, cé acu is trádálaí nó nach trádálaí é an tríú páirtí atá ag tairiscint na dtáirgí, ar bhonn an dearbhaithe atá tugtha ag an tríú páirtí sin do sholáthraí an mhargaidh ar líne.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4a.   Agus an fhéidearthacht á cur ar fáil do thomhaltóirí táirgí a thairgeann trádálaithe éagsúla nó tomhaltóirí a chuardach ar bhonn iarratas cuardaigh i bhfoirm eochairfhocail, natha nó ionchuir eile, gan beann ar an áit ina dtabharfar idirbhearta i gcrích ar deireadh, measfar gur ábhar í faisnéis ghinearálta a chuirtear ar fáil i gcuid ar leith den chomhéadan ar líne atá inrochtana go díreach agus go héasca ón leathanach ar a gcuirtear torthaí an chuardaigh i láthair, ar faisnéis í maidir leis na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú na dtáirgí arna gcur i láthair don tomhaltóir mar thoradh ar an iarratas cuardaigh agus maidir le tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin seachas paraiméadair eile. Níl feidhm ag an mír seo maidir le soláthraithe inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*3)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne ((IO L 186, 11.7.2019, lch. 57.”;"

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“6.   I gcás ina dtugann trádálaí rochtain ar léirmheasanna a rinne tomhaltóirí ar tháirgí, measfar gur ábhar í an fhaisnéis faoi cé acu a áirithíonn nó nach n‐áirithíonn an trádálaí gur tomhaltóirí a d’úsáid an táirge nó a bhfuil an táirge ceannaithe acu i ndáiríre a rinne na léirmheasanna sin agus faoin gcaoi a n‐áirithíonn an trádálaí an méid sin.”;

(5)

cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas:

“Airteagal 11a

Sásamh

1.   Beidh rochtain ag tomhaltóirí a ndearna cleachtais tráchtála éagóracha díobháil dóibh ar leigheasanna comhréireacha agus éifeachtacha, lena n‐áirítear cúiteamh i leith damáiste a bhain don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú ar an bpraghas nó foirceannadh an chonartha. Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm agus éifeachtaí na leigheasanna a chinneadh. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tromchúis agus nádúr an chleachtais tráchtála éagóraigh, an damáiste a bhain don tomhaltóir agus imthosca ábhartha eile a chur san áireamh.

2.   Ní dochar na leigheasanna sin do chur i bhfeidhm leigheasanna eile atá ar fáil do thomhaltóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:

(a)

cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe;

(b)

aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe roimhe sin ag an trádálaí;

(d)

na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, más rud é go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil;

(e)

pionóis arna bhforchur ar an trádálaí i leith an tsáraithe chéanna sna Ballstáit eile i gcásanna trasteorann ina gcuirtear faisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

(f)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.

3.   I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, a mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann. Gan dochar don Rialachán sin, ceadaítear do féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna bunreachtúla náisiúnta, gan fíneálacha a fhorchur ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

sáruithe ar Airteagail 6, 7, 8, 9 agus ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo; agus

(b)

trádálaí a bheith ag baint úsáid leanúnach as cleachtas tráchtála a bhfuair an t‐údarás nó an chúirt inniúil náisiúnta ina leith a bheith ina chleachtas éagórach i gcás nach bhfuil an cleachtas trádála sin ina shárú dá dtagraítear i bpointe (a).

4.   I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil faisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le EUR 2 mhilliún ar a laghad.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 29 Samhain 2021 maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.

(*4)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12. 2017, lch. 1).”;"

(7)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“11a.

Torthaí cuardaigh a thabhairt mar fhreagra ar chuardach ar líne an tomhaltóra agus gan a thabhairt le fios go soiléir más ann d’fhógraí íoctha nó más ann d’íocaíocht chun rangú níos airde a bhaint amach do na táirgí sna torthaí cuardaigh.”;

(b)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“23a.

Ticéid imeachtaí a athdhíol le tomhaltóirí má fuair an trádálaí iad trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid chun dul timpeall ar aon teorainn a forchuirtear an líon ticéad is féidir le duine a cheannach nó dul timpeall ar aon rialacha eile is infheidhme maidir le ticéid a cheannach.

23b.

A lua gur tomhaltóirí a d’úsáid nó a cheannaigh táirge i ndáiríre a d’fhág léirmheasanna ar tháirge gan aon bhearta réasúnta ná comhréireacha a dhéanamh chun a sheiceáil gur ó na tomhaltóirí sin a tháinig na léirmheasanna.

23c.

A áitiú ar dhuine dlítheanach nó ar dhuine nádúrtha, nó é a choimisiúnú, léirmheasanna bréagacha nó ráitis tacaíochta bhréagacha ó thomhaltóirí a chur isteach, nó bréagléiriú a thabhairt ar léirmheasanna tomhaltóirí nó ar ráitis tacaíochta ar na meáin shóisialta, ar mhaithe le táirgí a chur chun cinn.”.

Airteagal 4

Leasuithe ar Threoir 2011/83/AE

Leasaítear Treoir 2011/83/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“(3)

ciallaíonn ‘earraí’ earraí mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Threoir 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

(*5)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun earraí a dhíol, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n‐aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).”;"

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(4a)

ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6)

(*6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (5) agus (6):

“(5)

ciallaíonn ‘conradh díolacháin’ aon chonradh faoina ndéanann an trádálaí úinéireacht earraí a aistriú chuig an tomhaltóir, nó faoina ngeallann sé an méid sin a dhéanamh, lena n‐áirítear aon chonradh a bhfuil idir earraí agus seirbhísí mar ábhar aige;

(6)

ciallaíonn ‘conradh seirbhíse’ aon chonradh seachas conradh díolacháin faoina soláthraíonn an trádálaí seirbhís, nó faoina ngeallann sé seirbhís den chineál sin a sholáthar dó, lena n‐áirítear seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir;”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:

“(11)

ciallaíonn ‘ábhar digiteach’ ábhar digiteach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7);

(*7)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).”;"

(e)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(16)

ciallaíonn ‘seirbhís dhigiteach’ seirbhís dhigiteach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770;

(17)

ciallaíonn ‘margadh ar líne’ seirbhís a úsáideann bogearraí, lena n‐áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár atá á oibriú ag trádálaí nó thar a cheann lenar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó le tomhaltóirí eile;

(18)

ciallaíonn ‘soláthraí margaidh ar líne’ aon trádálaí a sholáthraíonn margadh ar líne do thomhaltóirí;

(19)

ciallaíonn ‘comhoiriúnacht’ comhoiriúnacht mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770;

(20)

ciallaíonn ‘feidhmiúlacht’ feidhmiúlacht mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770;

(21)

ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/770.”;

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo, faoi na coinníollacha agus a mhéid a leagtar amach i bhforálacha na Treorach, maidir le haon chonradh a thugtar i gcrích idir trádálaí agus tomhaltóir i gcás ina n‐íocann an tomhaltóir an praghas atá air nó ina ngeallann sé an praghas a íoc. Beidh feidhm aici maidir le conarthaí le haghaidh soláthar uisce, gáis, leictreachais nó téamh ceantair, lena n‐áirítear conarthaí soláthraithe poiblí, a mhéid a sholáthraítear na tráchtearraí sin ar bhonn conarthach.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   Beidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina soláthraíonn an trádálaí ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe, nó seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir, nó ina ngeallann sé é nó í a sholáthar don tomhaltóir, agus go dtugann an tomhaltóir sonraí pearsanta don trádálaí, nó go ngeallann sé iad a thabhairt don trádálaí, ach amháin sa chás inarb é an trádálaí amháin a phróiseálfaidh na sonraí pearsanta arna dtabhairt ag an tomhaltóir chun críchean t‐ábhar digiteach, ar ábhar digiteach é nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe nó ar sheirbhís dhigiteach i gcomhréir leis an Treoir seo, a sholáthar, nó chun go mbeidh an trádálaí in ann ceanglais dhlíthiúla a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh, agus nach bpróiseálfaidh an trádálaí na sonraí sin ar aon chúis eile.”;

(c)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

“(k)

le haghaidh seirbhísí iompair, cé is moite d’Airteagal 8(2) agus Airteagail 19, 21 agus 22;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(n)

le haghaidh aon earraí a dhíoltar trí fhorghníomhú nó ar dhóigh eile le húdarás an dlí.”;

(3)

in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

sa bhreis ar mheabhrúchán gur ann don ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha, mar aon le seirbhísí iardhíola agus ráthaíochtaí tráchtála, agus na coinníollacha a ghabhann leo, i gcás inarb infheidhme;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h):

“(g)

i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha;

(h)

nuair is infheidhme, aon comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”;

(4)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

an seoladh geografach ag a bhfuil an trádálaí bunaithe, mar aon le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí; sa bhreis air sin, i gcás ina soláthraíonn an trádálaí modhanna eile cumarsáide ar líne lena ráthaítear gur féidir leis an tomhaltóir aon chomhfhreagras i scríbhinn, lena n‐áirítear dáta agus am an chomhfhreagrais sin, a bhíonn aige leis an trádálaí a choinneáil ar mheán marthanach, beidh mionsonraí na modhanna eile sin tugtha san fhaisnéis; fágfaidh na modhanna cumarsáide uile sin arna soláthar ag an trádálaí go mbeidh an tomhaltóir in ann teagmháil a dhéanamh leis an trádálaí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh leis go héifeachtúil; nuair is infheidhme, déanfaidh an trádálaí freisin seoladh geografach agus aitheantas an trádálaí a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann a thabhairt.”;

(ii)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(ea)

i gcás inarb infheidhme, go ndearnadh an praghas a phearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe;”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

“(l)

meabhrúchán gur ann do ráthaíocht dhlíthiúil um chomhréireacht le haghaidh earraí, ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha;”;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (r) agus (s):

“(r)

i gcás inarb infheidhme, feidhmiúlacht, lena n‐áirítear bearta cosanta teicniúla is infheidhme, earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, an ábhair dhigitigh agus na seirbhísí digiteacha;

(s)

i gcás inarb infheidhme, aon chomhoiriúnachtagus idir-inoibritheacht ábhartha a ghabhann le hearraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, le hábhar digiteach agus le seirbhísí digiteacha a bhfuil an trádálaí ar an eolas fúthu nó a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go raibh an trádálaí ar an eolas fúthu.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo a sholáthar trí na treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(A). Beidh na ceanglais faisnéise a leagtar síos i bpointí (h), (i) agus (j) de mhír 1 den Airteagal seo comhlíonta ag an trádálaí i gcás inar thug an trádálaí na treoracha sin don tomhaltóir agus iad líonta isteach i gceart aige. Na tagairtí don tréimhse tarraingt siar 14 lá sna treoracha samplacha tarraingt siar a leagtar síos in Iarscríbhinn I(A), cuirfear tagairtí do thréimhse tarraingt siar 30 lá ina n‐ionad i gcásanna inar ghlac Ballstáit rialacha i gcomhréir le hAirteagal 9(1a).”;

(5)

cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas:

“Airteagal 6a

Ceanglais bhreise shonracha faisnéise le haghaidh conarthaí a thugtar i gcrích i margaí ar líne

1.   Sula gcuirfear tomhaltóir faoi cheangal ag cianchonradh, nó ag aon tairiscint chomhfhreagrach, i margadh ar líne, tabharfaidh soláthraí an mhargaidh ar líne, gan dochar do Threoir 2005/29/CE, an fhaisnéis seo a leanas don tomhaltóir ar bhealach soiléir agus oiriúnach agus atá iomchuí don mhodh cianchumarsáide:

(a)

faisnéis ghinearálta, ar ní í a chuirtear ar fáil i roinn ar leith den chomhéadan ar líne ar féidir é a rochtain go díreach agus go héasca ón leathanach ar a gcuirtear na tairiscintí i láthair, maidir leis na príomhpharaiméadair lena socraítear rangú na dtairiscintí, mar a shainmhínítear i bpointe (m) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2005/29/CE, a chuirtear i láthair an tomhaltóra mar thoradh ar an gcuardach agus tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin i gcodarsnacht le paraiméadair eile;

(b)

cé acu is trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige nó nach ea, bunaithe ar an dearbhú a thug an tríú páirtí sin do sholáthraí an mhargaidh ar líne;

(c)

i gcás nach trádálaí é an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige, nach mbeidh feidhm maidir leis an gconradh ag na cearta tomhaltóirí a eascraíonn as dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí;

(d)

i gcás inarb infheidhme, an chaoi a ndéantar na hoibleagáidí a bhaineann leis an gconradh a roinnt idir an tríú páirtí a bhfuil na hearraí, na seirbhísí nó an t‐ábhar digiteach á dtairiscint aige agus soláthraí an mhargaidh ar líne, agus nach dochar faisnéis den sórt sin d’aon fhreagracht atá ar sholáthraí an mhargaidh ar líne nó ar an trádálaí tríú páirtí maidir leis an gconradh faoi dhlí eile de chuid an Aontais nó faoi dhlí eile náisiúnta.

2.   Gan dochar do Threoir 2000/31/CE, ní chuirtear leis an Airteagal seo aon chosc ar na Ballstáit ceanglais bhreise faisnéise a fhorchur le haghaidh soláthraithe margaí ar líne. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.”;

(6)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais, i gcás nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite den sórt sin ar mheán marthanach agus iarrfaidh sé ar an tomhaltóir a admháil a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí, nach mbeidh an ceart tarraingt siar ag an tomhaltóir a thuilleadh.”;

(7)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Má thugtar an conradh i gcrích trí mhodh cianchumarsáide lena dtugtar méid teoranta spáis nó ama le haghaidh an fhaisnéis a chur ar taispeáint, tabharfaidh an trádálaí, ar an modh áirithe, nó tríd an modh áirithe, sula dtabharfar an conradh sin i gcrích, ar a laghad an fhaisnéis réamhchonarthach maidir le príomh-shaintréithe na n‐earraí nó na seirbhísí, aitheantas an trádálaí, an praghas iomlán, an ceart tarraingt siar, ré an chonartha agus, más ré neamhchinntithe atá sa chonradh, na coinníollacha maidir leis an gconradh a fhoirceannadh, dá dtagraítear faoi seach i bpointí (a), (b), (e), (h) agus (o) d’Airteagal 6(1), seachas an fhoirm shamplach tarraingt siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(B) dá dtagraítear i bpointe (h). Maidir leis an bhfaisnéis eile dá dtagraítear in Airteagal 6(1), lena n‐áirítear an fhoirm shamplach tarraingt siar, tabharfaidh an trádálaí don tomhaltóir í ar bhealach iomchuí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   I gcás ina bhfuil comhlíonadh seirbhísí, nó soláthar uisce, gáis nó leictreachais nach gcuirtear ar díol ina dtoirt theoranta nó ina gcainníocht shocraithe, nó téamh ceantair á iarraidh ag tomhaltóir agus ina bhfuil an méid sin le tosú le linn na tréimhse tarraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), agus i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ceanglóidh an trádálaí go ndéanfaidh an tomhaltóir iarraidh shainráite ina leith, agus go n‐iarrfaidh sé ar an tomhaltóir freisin a admháil, a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí, nach mbeidh an ceart tarraingt siar ag an tomhaltóir a thuilleadh.”;

(8)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   Féadfaidh na Ballstáit rialacha a ghlacadh ar i gcomhréir leo a dhéanfar an tréimhse tarraingt siar 14 lá dá dtagraítear i mír 1 a fhadú go 30 lá maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“2.   Gan dochar d’Airteagal 10, rachaidh an tréimhse tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in éag tar éis 14 lá nó, i gcásanna ina bhfuil rialacha glactha ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo tar éis 30 lá, amhail ón:”:

(9)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Má tá an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tugtha ag an trádálaí don tomhaltóir laistigh de 12 mhí ón lá dá dtagraítear in Airteagal 9(2), rachaidh an tréimhse tarraingt siar in éag 14 lá nó, i gcásanna ina bhfuil rialacha glactha ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(1a), 30 lá tar éis an lá ar a bhfaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis sin.”;

(10)

in Airteagal 13, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“4.   Maidir le sonraí pearsanta an tomhaltóra, comhlíonfaidh an trádálaí na hoibleagáidí is infheidhme faoi Rialachán (AE) 2016/679.

5.   Staonfaidh an trádálaí ó úsáid a bhaint as aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a sholáthair nó a chruthaigh an tomhaltóir le linn dó an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí a úsáid, ach amháin i gcás ábhar:

(a)

nach bhfuil aon fhóntas aige lasmuigh de chomhthéacs an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí;

(b)

nach mbaineann ach le gníomhaíocht an tomhaltóra, agus úsáid á baint aige as an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí;

(c)

nach bhfuil comhiomlánaithe ag an tradálaí le sonraí eile agus nach féidir é a imdhealú, ach amháin trí iarrachtaí díréireacha a dhéanamh; nó

(d)

a ghin an tomhaltóir agus daoine eile i gcomhpháirt, agus ar féidir le tomhaltóirí eile leanúint d’úsáid a bhaint as an ábhar.

6.   Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 5, cuirfidh an trádálaí ar fáil don tomhaltóir, ar iarratas an tomhaltóra, aon ábhar, seachas sonraí pearsanta, a sholáthair nó a chruthaigh an tomhaltóir le linn dó an t‐ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach arna sholáthar nó arna soláthar ag an trádálaí a úsáid.

7.   Beidh an tomhaltóir i dteideal an t‐ábhar digiteach sin a aisghabháil saor in aisce, gan bac ón trádálaí, laistigh de thréimhse réasúnach ama agus ar fhormáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín.

8.   I gcás tarraingt siar ón gconradh, féadfaidh an trádálaí cosc a chur ar an tomhaltóir aon úsáid bhreise a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach, go háirithe trí rochtain ar an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a bhaint den tomhaltóir nó trí chuntas úsáideora an tomhaltóra a dhíchumasú, gan dochar do mhír 6.”;

(11)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   I gcás tarraingt siar ón gconradh, staonfaidh an tomhaltóir ó úsáid a bhaint as an ábhar digiteach nó as an tseirbhís dhigiteach agus ón ábhar nó ón tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(i):

“(i)

níl réamhthoiliú sainráite tugtha ag an tomhaltóir chun tús a chur leis an gcomhlíonadh roimh dheireadh na tréimhse 14 lá nó 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 9;”;

(12)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

leasaítear an chéad mhír mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

conarthaí seirbhíse tar éis an tseirbhís a chomhlíonadh go hiomlán ach, i gcás ina gcuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ach amháin sa chás gur tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra, agus tar éis dó a admháil go gcaillfidh sé a cheart tarraingt siar a luaithe a bheidh an conradh comhlíonta go hiomlán ag an trádálaí;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

“(m)

conarthaí le haghaidh ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar má tosaíodh an comhlíonadh agus, má chuirtear leis an gconradh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, i gcás:

(i)

inar thug an tomhaltóir réamhthoiliú sainráite tús a chur leis an gcomhlíonadh le linn na tréimhse tarraingt siar;

(ii)

inar admhaigh an tomhaltóir go gcaillfidh sé a cheart tarraingt siar dá bharr sin; agus

(iii)

inar sholáthair an trádálaí deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) nó le hAirteagal 8(7).”;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“Féadfaidh na Ballstáit maolú a dhéanamh ar na heisceachtaí ón gceart tarraingt siar a leagtar amach i bpointí (a), (b), (c) agus (e) den chéad mhír maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích i gcomhthéacs cuairteanna gan iarraidh arna dtabhairt ag trádálaí ar theach tomhaltóra nó turais arna n‐eagrú ag trádálaí a bhfuil sé mar aidhm leo nó a bhfuil de thoradh orthu táirgí a chur chun cinn i measc tomhaltóirí nó táirgí a dhíol leo chun leasanna dlisteanacha tomhaltóirí a chosaint i ndáil le cleachtais mhargaíochta nó díolacháin atá ionsaitheach nó míthreorach. Beidh na forálacha sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh údar maith leo ar fhorais cosanta tomhaltóirí.

I gcás conarthaí seirbhíse lena gcuirtear oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh agus i gcás ina ndearna an tomhaltóir cuairt ón trádálaí a iarraidh go sonrach chun críche deisiúcháin a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcaillfidh an tomhaltóir an ceart tarraingt siar tar éis don tseirbhís a bheith comhlíonta go hiomlán, ar choinníoll gur tosaíodh an comhlíonadh le réamhthoiliú sainráite an tomhaltóra,”;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

“Airteagal 24

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na critéir neamh-uileghabhálacha agus tháscacha seo a leanas san áireamh agus pionóis á bhforchur, i gcás inarb iomchuí:

(a)

cineál, tromchúis, scála agus ré an tsáraithe;

(b)

aon ghníomhaíocht a rinne an trádálaí chun an damáiste a bhain do thomhaltóirí a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe roimhe sin ag an trádálaí;

(d)

na tairbhí airgeadais a ghnóthaigh an trádálaí nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, más rud é go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil;

(e)

pionóis arna bhforchur ar an trádálaí i leith an tsáraithe chéanna sna Ballstáit eile i gcásanna trasteorann ina gcuirtear an fhaisnéis faoi phionóis den sórt sin ar fáil tríd an sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8);

(f)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith chúinsí an cháis.

3.   I gcás ina mbeidh pionóis le forchur i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/2934, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar áireamh iontu an fhéidearthacht atá ann fíneálacha a fhorchur trí nósanna imeachta riaracháin nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh maidir le fíneálacha a fhorchur, nó an dá rud, ina mbeidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí sa Bhallstát nó sna Ballstáit lena mbaineann.

4.   I gcásanna ina mbeidh fíneáil le forchur i gcomhréir le mír 3, ach nach bhfuil an fhaisnéis faoi láimhdeachas bliantúil an trádálaí ar fáil, tabharfaidh na Ballstáit isteach an fhéidearthacht fíneálacha a fhorchur, a mbeidh an fhíneáil uasta díobh cothrom le EUR 2 mhilliún ar a laghad.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit, faoin 28 Samhain 2021, fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.

(*8)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12. 2017, lch. 1).”;"

(14)

in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina mbainfidh Ballstát leas as aon cheann de na roghanna rialála dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 6(7), Airteagal 6(8), Airteagal 7(4), Airteagal 8(6), Airteagal 9(1a), Airteagal 9(3) agus sa dara agus sa tríú mír d’Airteagal 16, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin faoin 28 Samhain 2021, agus faoi aon athruithe ina dhiaidh sin.”;

(15)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

leasaítear cuid A mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír faoin teideal “An ceart tarraingt siar”:

“Chun an ceart tarraingt siar a fheidhmiú, ní mór duit fógra a thabhairt dúinn [2] faoin gcinneadh uait tarraingt siar as an gconradh seo le ráiteas soiléir (e.g. litir arna seoladh tríd an bpost nó le ríomhphost). Cé go bhféadfaidh tú an fhoirm shamplach tarraingt siar faoi iamh a úsáid, níl sé éigeantach é sin a dhéanamh. [3]”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2 faoin teideal “Treoracha le haghaidh comhlánú”:

“ [2.] Cuir isteach d’ainm, do sheoladh geografach, d’uimhir theileafóin agus do sheoladh ríomhphoist.”;

(b)

i gcuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fleisce:

“Chuig [cuirfidh an trádálaí isteach anseo a ainm, a sheoladh geografach agus a sheoladh ríomhphoist]:”.

Airteagal 5

Faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh pointe iontrála ar líne ar fáil do shaoránaigh a dteastaíonn faisnéis uathu faoina gcearta tomhaltóirí, nó faoi shochar um réiteach ar dhíospóidí lasmuigh den chúirt, pointe a chuirfear ar fáil tríd an tairseach aonair dhigiteach arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), lena bhféadfaidh siad:

(a)

faisnéis atá cothrom le dáta faoina gcearta tomhaltóirí faoi dhlí an Aontais a rochtain ar bhealach soiléir, intuigthe agus so-rochtana; agus

(b)

gearán a chur isteach tríd an gclár réitigh díospóidí ar líne arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 agus chuig an lárionad de chuid Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí atá inniúil, ag brath ar na páirtithe lena mbaineann.

Airteagal 6

Tuairisciú ag an gCoimisiún agus athbhreithniú

Faoin 28 Bealtaine 2024, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar go háirithe sa tuarascáil sin measúnú ar fhorálacha na Treorach seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

imeachtaí arna n‐eagrú in áiteanna seachas áitreabh an trádálaí; agus

(b)

cásanna ina margaítear earraí mar earraí atá comhionann cé go bhfuil difríocht shuntasach ann idir comhdhéanamh nó saintréithe, lena n‐áirítear faoinar cheart na cásanna sin a bheith faoi réir ceanglais níos déine, lena n‐áirítear an toirmeasc in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE agus faoinar gá forálacha níos mionsonraithe maidir le faisnéis faoi dhifreáil earraí.

Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin nuair is gá.

Airteagal 7

Trasuí

1.   Faoin 28 Samhain 2021, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 28 Bealtaine 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs príomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 9

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 66.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019.

(3)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(4)  Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hurghairí chun leasanna tomhaltóirí a chosaint (IO L 110, 1.5.2009, lch. 30).

(5)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(6)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(7)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(8)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(9)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(10)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1).

(14)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.).

(16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(17)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).


18.12.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/29


TREOIR (AE) 2019/2162 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le ceanglais an-ghinearálta a bhaineann le heilimintí struchtúracha bannaí faoi chumhdach. Ní bhaineann na ceanglais sin ach leis an ngá atá ann go n‐eiseoidh institiúid creidmheasa a bhfuil a hoifig chláraithe i mBallstát na bannaí faoi chumhdach agus go mbeidh siad faoi réir maoirseacht phoiblí speisialta agus faoi réir sásra dé-iontaoibhe. Le creataí náisiúnta bannaí faoi chumhdach, téitear i ngleic leis na fadhbanna sin agus rialáiltear iad i bhfad níos mionsonraithe. Tá forálacha struchtúracha eile sna creataí náisiúnta sin freisin, go háirithe rialacha maidir le comhdhéanamh an chomhthiomsaithe cumhdaigh, critéir incháilitheachta le haghaidh sócmhainní, an deis sócmhainní a chomhthiomsú, na hoibleagáidí trédhearcachta agus tuairiscithe, agus rialacha maidir le maolú priacail leachtachta. Tá difríochtaí idir cur chuige rialála na mBallstát ó thaobh substainte freisin. I roinnt Ballstát, níl aon chreat náisiúnta tiomnaithe le haghaidh bannaí faoi chumhdach. Mar thoradh air sin, níl na príomheilimintí struchtúracha atá le comhlíonadh ag bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint san Aontas leagtha amach fós i ndlí an Aontais.

(2)

In Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá coinníollacha sa bhreis ar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE chun láimhseáil fhabhrach a fháil i leith ceanglais chaipitil lena gceadaítear d’institiúidí creidmheasa a infheistíonn i mbannaí faoi chumhdach níos lú caipitil a bheith ina seilbh ná mar a bhíonn nuair a infheistíonn siad i sócmhainní eile. Cé go méadaítear leibhéal comhchuibhithe na mbannaí faoi chumhdach laistigh den Aontas leis na ceanglais bhreise sin, comhlíonann siad an cuspóir sonrach na coinníollacha a bhunú atá le comhlíonadh ionas go bhfaighidh infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach láimhseáil fhabhrach den sórt sin, agus ní infheidhme na ceanglais sin lasmuigh de chreat Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(3)

I ngníomhartha dhlí eile de chuid an Aontais, amhail Rialacháin Tarmligthe (AE) 2015/61 (5) agus (AE) 2015/35 (6) ón gCoimisiún agus Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tagraítear freisin don sainmhíniú a leagtar amach i dTreoir 2009/65/CE mar thagairt chun na bannaí faoi chumhdach a shainaithint a bhféadfar tairbhiú den láimhseáil fhabhrach le haghaidh infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach faoi na gníomhartha sin. Mar sin féin, bíonn difríochtaí idir foclaíocht na ngníomhartha sin de réir a gcuspóirí agus a n‐ábhar, agus, dá bhrí sin, ní dhéantar an téarma “banna faoi chumhdach” a úsáid go comhsheasmhach.

(4)

Go ginearálta, is féidir glacadh leis go bhfuil láimhseáil bannaí faoi chumhdach comhchuibhithe i leith na gcoinníollacha le haghaidh infheistíocht a dhéanamh i mbannaí faoi chumhdach. Mar sin féin, tá easpa comhchuibhithe san Aontas i leith na gcoinníollacha le haghaidh bannaí faoi chumhdach a eisiúint agus tá roinnt iarmhairtí leis sin. Ar an gcéad dul síos, tugtar láimhseáil fhabhrach go comhionann d’ionstraimí nach ionann a gcineál chomh maith lena leibhéal priacail agus cosanta infheisteoirí. Ar an dara dul síos, le héagsúlachtaí idir creataí náisiúnta nó easpa creata den sórt sin agus easpa sainmhíniú comhaontaithe ar an téarma “banna faoi chumhdach”, d’fhéadfaí bacainní a chruthú roimh fhorbairt margaidh aonair do bhannaí faoi chumhdach atá comhtháite i ndáiríre. Ar an tríú dul síos, leis na héagsúlachtaí idir coimircí a thugtar le rialacha náisiúnta, d’fhéadfaí priacail a chruthú i leith cobhsaíocht airgeadais toisc gur féidir bannaí faoi chumhdach le leibhéil éagsúla cosanta infheisteoirí a cheannach ar fud an Aontais agus is féidir leo tairbhiú de láimhseáil fhabhrach faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais.

(5)

Trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar roinnt gnéithe de chreataí náisiúnta bunaithe ar dhea-chleachtais áirithe, ba cheart, dá bhrí sin, a áirithiú go ndéanfar forbairt rianúil leanúnach ar mhargaí dea-fheidhmeacha i mbannaí faoi chumhdach san Aontas agus go ndéanfar priacail agus leochaileachtaí féideartha i leith cobhsaíocht airgeadais a theorannú. Le comhchuibhiú ar bhonn prionsabal den sórt sin, ba cheart bunlíne chomhchoiteann a bhunú le haghaidh eisiúint na mbannaí faoi chumhdach uile san Aontas. Chun comhchuibhiú a dhéanamh, ní mór do gach Ballstát creataí bannaí faoi chumhdach a bhunú, agus ba cheart gurbh fhusa, dá bharr sin, margaí i mbannaí faoi chumhdach a fhorbairt sna Ballstáit sin nach bhfuil aon cheann ann. Le margadh den sórt sin, chuirfí foinse chobhsaí chistiúcháin ar fáil d’institiúidí creidmheasa arbh fhearr a gcumas, ar an mbonn sin, morgáistí inacmhainne a chur ar fáil do thomhaltóirí agus do ghnóthaí agus chuirfí infheistíochtaí sábháilte malartacha ar fáil d’infheisteoirí.

(6)

Ina moladh an 20 Nollaig 2012 maidir le hinstitiúidí creidmheasa a chistiú (8), d’iarr an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (“BERS”) ar údaráis náisiúnta inniúla agus ar an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (“ÚBE”), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), dea-chleachtais maidir le bannaí faoi chumhdach a shainaithint agus comhchuibhiú na gcreataí náisiúnta a spreagadh. Moladh ann freisin go gcomhordódh ÚBE gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis inniúla náisiúnta, go háirithe i ndáil le cáilíocht agus leithscaradh comhthiomsuithe cumhdaigh, scoiteacht féimheachta na mbannaí faoi chumhdach, na priacail sócmhainne agus dliteanais a mbíonn éifeacht acu ar chomhthiomsuithe cumhdaigh agus nochtadh comhdhéanaimh comhthiomsuithe cumhdaigh. Iarradh sa mholadh freisin ar ÚBE faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú mhargadh na mbannaí faoi chumhdach trí thagairt do na dea-chleachtais arna sainaithint ag ÚBE go ceann dhá bhliain, chun an gá le beart reachtach a mheas agus tuairisciú do BERS agus don Choimisiún dá réir sin.

(7)

I mí na Nollag 2013, d’iarr an Coimisiún comhairle ó ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 503(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(8)

Sa tuarascáil a ghabhann lena thuairim an 1 Iúil 2014, agus freagra á thabhairt aige ar mholadh an 20 Nollaig 2012 ó BERS agus ar iarraidh ón gCoimisiún ar chomhairle Nollaig 2013, mhol ÚBE go ndéanfaí creataí náisiúnta dlí, rialála agus maoirseachta i leith bannaí faoi chumhdach a chóineasú tuilleadh chun níos mó tacaíochta a thabhairt do láimhseáil aonair ualaí priacail fabhracha a bheith ann le haghaidh bannaí faoi chumhdach san Aontas.

(9)

Mar a bheartaigh BERS, rinne ÚBE faireachán ar fheidhmiú mhargadh na mbannaí faoi chumhdach trí thagairt do na dea-chleachtais mar a bhí leagtha amach sa mholadh sin ar feadh dhá bhliain. Ar bhonn an fhaireacháin sin, chuir ÚBE an dara tuairim agus tuarascáil maidir le bannaí faoi chumhdach faoi bhráid BERS, na Comhairle agus an Choimisiúin an 20 Nollaig 2016 (10). Ba é an tátal ar thángthas air sa tuarascáil sin go bhfuil gá tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh breis comhsheasmhachta ann ó thaobh sainmhínithe agus láimhseáil rialála i leith bannaí faoi chumhdach san Aontas. Chomh maith leis sin, ba é an tátal ar thángthas air sa tuarascáil gur cheart comhchuibhiú a bhunú ar mhargaí dea-fheidhmeacha atá ann cheana i roinnt Ballstát.

(10)

Is iad na hinstitiúidí creidmheasa a d’eisíodh bannaí faoi chumhdach go dtí seo. Is é is cuspóir bunúsach do bhannaí faoi chumhdach cistiú a chur ar fáil le haghaidh iasachtaí, agus tá sé ar cheann de phríomhghníomhaíochtaí na n‐institiúidí creidmheasa iasachtaí a thabhairt ar mórscála. Dá réir sin, ionas go mbeidh bannaí faoi chumhdach in ann tairbhiú de láimhseáil fhabhrach faoi dhlí an Aontais, ceanglaítear gur institiúidí creidmheasa a eisíonn iad.

(11)

Áirithítear trí eisiúint na mbannaí faoi chumhdach a fhágáil faoi na hinstitiúidí creidmheasa amháin go mbeidh an t‐eolas is gá ag an eisitheoir chun an priacal creidmheasa a bhainistiú a bhaineann leis na hiasachtaí sa chomhthiomsú cumhdaigh. Lena chois sin, áirithítear ar an dóigh sin go mbeidh an t‐eisitheoir faoi réir ceanglais chaipitil a chosnaíonn infheisteoirí faoin sásra dé-iontaoibhe, sásra a thugann teideal don infheisteoir agus do chontrapháirtí chonartha díorthaigh i leith eisitheoir an bhanna faoi chumhdach agus na sócmhainní cumhdaigh araon. Dá bhrí sin, trí eisiúint bannaí faoi chumhdach a fhágáil faoi na hinstitiúidí creidmheasa amháin, áirithítear go mbeidh na bannaí faoi chumhdach ina n‐uirlis chistiúcháin shábháilte éifeachtúil, rud a chuireann le cosaint infheisteoirí agus leis an gcobhsaíocht airgeadais, dhá chuspóir thábhachtacha de chuid na mbeartas poiblí chun an leasa ghinearálta. Tá an méid sin i gcomhréir freisin le cur chuige margaí dea-fheidhmeacha nach gceadaítear ach d’institiúidí creidmheasa bannaí faoi chumhdach a eisiúint iontu.

(12)

Dá bhrí sin, is iomchuí gan cead bannaí faoi chumhdach a eisiúint faoi dhlí an Aontais a thabhairt ach d’institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus do na hinstitiúidí sin amháin. Is éard atá mar chomhartha sóirt ag institiúidí speisialaithe creidmheasa morgáiste ná nach nglacann siad le taiscí ach, ina n‐ionad sin, go nglacann siad le cistí inaisíoctha eile ón bpobal, agus, sa cháil sin, tagann siad faoin sainmhíniú ar “institiúid creidmheasa” a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Gan dochar do ghníomhaíochtaí coimhdeacha a cheadaítear faoin dlí náisiúnta infheidhme, is institiúidí iad institiúidí speisialaithe creidmheasa morgáiste nach ndéanann ach iasachtaí a chur ar fáil do mhorgáistí agus don earnáil phoiblí, lena n‐áirítear iasachtaí cistiúcháin arna gceannach ó institiúidí creidmheasa eile. Is é is príomhchuspóir don Treoir seo na coinníollacha a rialáil faoinar féidir leis na hinstitiúidí creidmheasa bannaí faoi chumhdach a eisiúint mar uirlis mhaoiniúcháin, trí na ceanglais táirgí a leagan síos agus tríd an maoirseacht ar tháirgí sonracha a bhunú a bhfuil institiúidí creidmheasa faoina réir, chun a áirithiú go mbeidh ardleibhéal cosanta infheisteoirí ann.

(13)

Is coincheap bunriachtanach agus eilimint bhunriachtanach de chuid mhór creataí náisiúnta bannaí faoi chumhdach é gurb ann do shásra dé-iontaoibhe agus is bunghné é de bhannaí faoi chumhdach dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE. Dá bhrí sin, is gá an coincheap sin a shonrú chun a áirithiú go mbeidh teideal ag infheisteoirí agus contrapháirtithe conarthaí díorthacha ar fud an Aontais i leith eisitheoir an bhanna faoi chumhdach agus na sócmhainní cumhdaigh araon faoi choinníollacha comhchuibhithe.

(14)

Ba cheart scoiteacht féimheachta a bheith ina gné riachtanach de bhannaí faoi chumhdach freisin chun a áirithiú go n‐aisíocfar na hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach ar dháta aibíochta an bhanna. Le luasghéarú uathoibríoch aisíocaíochta de dhroim dhócmhainneacht nó réiteach an eisitheora, is féidir cur isteach ar rangú na n‐infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go n‐aisíoctar infheisteoirí i gcomhréir leis an sceideal conarthach, fiú i gcás dócmhainneachta nó réitigh. Dá réir sin, tá baint dhíreach ag an scoiteacht féimheachta leis an sásra dé-iontaoibhe agus mar sin de, is ceart í a bheith ina bunghné de chreat na mbannaí faoi chumhdach.

(15)

Bunghné eile atá le creataí náisiúnta bannaí faoi chumhdach atá ann cheana ná an ceanglas go bhfuil na sócmhainní cumhdaigh ar ardcháilíocht chun stóinseacht an chomhthiomsaithe cumhdaigh a áirithiú. Déantar na sócmhainní cumhdaigh sin a shainaithint trí shaintréithe a bhaineann le héilimh ar íocaíocht agus leis na sócmhainní comhthaobhachta lena ndéantar sócmhainní cumhdaigh den sórt sin a urrúsú. Dá bhrí sin, is iomchuí saintréithe cáilíochta ginearálta na sócmhainní cumhdaigh incháilithe a leagan amach.

(16)

Ba cheart na sócmhainní a liostaítear in Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheith ina sócmhainní cumhdaigh incháilithe laistigh de chreat bannaí faoi chumhdach. Ba cheart na sócmhainní cumhdaigh nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 129(1) den Rialachán sin a thuilleadh leanúint de bheith ina sócmhainní cumhdaigh incháilithe faoi phointe (b) d’Airteagal 6(1) den Treoir seo, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais na Treorach seo. Is féidir le sócmhainní cumhdaigh eile atá ar chaighdeán comhchosúil ardcháilíochta a bheith incháilithe faoin Treoir seo, ar choinníoll go gcomhlíonann sócmhainní cumhdaigh den sórt sin ceanglais na Treorach seo, lena n‐áirítear na ceanglais a bhaineann leis na sócmhainní comhthaobhachta lena n‐urrúsaítear an t‐éileamh ar íocaíocht. I gcás sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta, ba cheart úinéireacht a thaifeadadh i gclár poiblí chun in-fhorfheidhmitheacht a áirithiú. I gcás nach ann do chlár poiblí, ba cheart é a bheith indéanta do na Ballstáit foirm mhalartach deimhniúchán úinéireachta agus éileamh a sholáthar atá inchomparáide leis an gceann sin a sholáthraítear trí chlárú poiblí na sócmhainne fisicí ualaithe. I gcás ina mbainfidh na Ballstáit feidhm as foirm mhalartach dheimhniúcháin den sórt sin, ba cheart dóibh freisin nós imeachta a sholáthar chun athruithe a thabhairt isteach ar thaifeadadh úinéireachta agus teidil. Ba cheart risíochtaí ar institiúidí creidmheasa a bheith ina sócmhainní cumhdaigh incháilithe faoi phointe (a) nó (b) d’Airteagal 6(1) den Treoir seo, ag brath ar cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Chomh maith leis sin, ba cheart risíochtaí ar ghnóthais árachais a bheith ina sócmhainní cumhdaigh incháilithe faoi phointe (b) d’Airteagal 6(1) den Treoir seo. Is féidir le hiasachtaí do ghnóthais phoiblí nó iasachtaí arna ráthú ag gnóthais phoiblí mar a shainmhínítear iad i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/111/CE ón gCoimisiún (11) a bheith ina sócmhainní cumhdaigh incháilithe, ar an gcoinníoll go soláthraíonn na gnóthais phoiblí seirbhísí poiblí ríthábhachtacha chun gníomhaíochtaí criticiúla sochaíocha a chaomhnú.

De bhreis air sin, ba cheart do ghnóthais phoiblí den sórt sin a seirbhísí a sholáthar faoi lamháltas nó faoi údarú ó údarás poiblí, ba cheart dóibh bheith faoi réir maoirseacht phoiblí agus ba cheart go leor cumhachtaí ginte ioncaim a bheith acu lena sócmhainneacht a áirithiú. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit sócmhainní i bhfoirm iasachtaí do ghnóthais phoiblí nó iasachtaí arna ráthú ag gnóthais phoiblí a cheadú ina gcreat náisiúnta, ba cheart dóibh breithniú cuí a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an iomaíocht dá ndéanfaí sócmhainní den sórt sin a cheadú. Ar bhonn neamhspleách óna n‐úinéireacht, níor cheart institiúidí creidmheasa ná gnóthais árachais a mheas mar ghnóthais phoiblí. Thairis sin, ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh ina gcreataí náisiúnta go ndéanfaí sócmhainní áirithe a eisiamh ó bheith curtha isteach sa chomhthiomsú cumhdaigh. Chun infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach a chumasú chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar an bpriacal ar chlár bannaí faoi chumhdach, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin maidir le rialacha faoi éagsúlú priacail maidir le gráinneacht agus tiúchan ábhartha, maidir le líon na n‐iasachtaí nó risíochtaí sa chomhthiomsú cumhdaigh agus maidir le líon na gcontrapháirtithe. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal iomchuí gráinneachta agus tiúchain ábhartha a cheanglaítear faoina ndlí náisiúnta.

(17)

Tá saintréithe struchtúracha sonracha ag bannaí faoi chumhdach arbh é is aidhm leo infheisteoirí a chosaint i gcónaí. Ar na saintréithe sin tá an ceanglas go bhfuil teideal ag infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach ní hamháin i leith an eisitheora ach, chomh maith leis sin, i leith sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh. Ní hionann na ceanglais struchtúracha sin a bhaineann le táirgí agus na ceanglais stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach. Níor cheart na ceanglais struchtúracha a bhaineann le táirgí a bheith dírithe ar shláinte stuamachta na hinstitiúide eisiúna a áirithiú, ach ba cheart iad a bheith dírithe ina ionad sin ar infheisteoirí a chosaint trí cheanglais shonracha a fhorchur ar an mbanna faoi chumhdach féin. Chomh maith leis an gceanglas sonrach sócmhainní cumhdaigh ar ardcháilíocht a úsáid, is iomchuí ceanglais ghinearálta i ndáil le gnéithe an chomhthiomsaithe cumhdaigh a rialáil d’fhonn cosaint infheisteoirí a neartú a thuilleadh. Ba cheart go n‐áireofaí sna ceanglais sin rialacha sonracha a bhfuil mar aidhm leo an comhthiomsú cumhdaigh a chosaint, amhail rialacha maidir le leithscaradh na sócmhainní cumhdaigh. Is féidir leithscaradh a bhaint amach ar bhealaí éagsúla, amhail ar an gclár comhardaithe, trí bhíthin meán sainchuspóireach nó trí mhodhanna eile. Mar sin féin, is é is cuspóir le leithscaradh na sócmhainní cumhdaigh ná chun iad a chur go dlíthiúil thar acmhainn na gcreidiúnaithe cé is moite d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach.

(18)

Ba cheart suíomh na sócmhainní comhthaobhachta a rialáil freisin lena áirithiú go bhforfheidhmítear cearta infheisteoirí. Tá sé tábhachtach freisin go leagfadh na Ballstáit síos rialacha maidir le comhdhéanamh an chomhthiomsaithe cumhdaigh. Ar a bharr sin, ba cheart na ceanglais chumhdaigh a shonrú sa Treoir seo, gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit modhanna éagsúla a cheadú maidir le priacail a mhaolú i ndáil le hairgeadraí agus rátaí úis. Is féidir ríomh an chumhdaigh agus na gcoinníollacha faoinar féidir conarthaí díorthach a chuimsiú sa chomhthiomsú cumhdaigh a shainiú freisin chun a áirithiú go mbeidh comhthiomsuithe cumhdaigh faoi réir comhchaighdeáin ardcháilíochta ar fud an Aontais. Ba cheart an cumhdach a ríomh de réir an phrionsabail ainmniúil don phríomhshuim. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann feidhm a bhaint as modh ríomha seachas an prionsabal ainmniúil, ar choinníoll go bhfuil an modh eile níos stuama, eadhon nach mbeadh cóimheas cumhdaigh níos airde ann mar thoradh air, sa chás gurb é an t‐uimhreoir na sócmhainní cumhdaigh agus gurb é an t‐ainmneoir na dliteanais bhannaí faoi chumhdach. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leibhéal ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh ar bhannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint ag institiúidí creidmheasa lonnaithe sa Bhallstát lena mbaineann atá níos airde ná an ceanglas cumhdaigh a leagtar síos sa Treoir seo a cheangal.

(19)

Tá sé á cheangal ag roinnt Ballstát cheana go ndéanfaidh monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh cúraimí sonracha maidir le cáilíocht na sócmhainní incháilithe agus go n‐áiritheoidh sé go mbeidh ceanglais náisiúnta chumhdaigh á gcomhlíonadh. Dá bhrí sin, d’fhonn láimhseáil na mbannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais a chomhchuibhiú, tá sé tábhachtach go saineofar go soiléir cúraimí agus freagrachtaí an mhonatóra ar chomhthiomsú cumhdaigh, i gcás ina bhfuil sé leagtha síos sa chreat náisiúnta gur gá monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh a bheith ann. Ní chuireann faireachán ar an gcomhthiomsú cumhdaigh freagrachtaí na n‐údarás náisiúnta inniúil maidir le maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach ar ceal, go háirithe i dtaca le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo.

(20)

Leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 roinnt coinníollacha atá le comhlíonadh ag bannaí faoi chumhdach arna gcomhthaobhú le heintitis urrúsúcháin. Baineann ceann de na coinníollacha sin leis an méid is féidir an cineál sócmhainne cumhdaigh sin a úsáid agus cuireann sí teorainn 10 % nó 15 % de mhéid na mbannaí faoi chumhdach gan íoc le húsáid na struchtúr sin. Is féidir leis na húdaráis inniúla an choinníoll sin a tharscaoileadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba é an tátal ar thángthas air in athbhreithniú an Choimisiún ar a iomchuí atá an tarscaoileadh sin nár cheart cead a thabhairt ionstraimí urrúsúcháin ná bannaí faoi chumhdach a úsáid mar shócmhainní cumhdaigh le bannaí faoi chumhdach a eisiúint ach amháin i dtaca le bannaí faoi chumhdach eile (“struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa”) agus gur cheart cead a thabhairt sin a dhéanamh gan teorainn trí thagairt a dhéanamh do mhéid na mbannaí faoi chumhdach gan íoc. Chun leibhéal barrfheabhsaithe trédhearcachta a ráthú, níor cheart bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach ó institiúidí creidmheasa éagsúla laistigh den ghrúpa céanna a bheith i gcomhthiomsuithe cumhdaigh i gcomhair bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go seachtrach. Ina theannta sin, ós rud é go soláthraíonn úsáid struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa díolúine ó na teorainneacha maidir le risíocht institiúide creidmheasa a leagtar síos in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart ceangal a bheith ann go gcáileoidh na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach agus go seachtrach do chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa tráth an eisithe nó, i gcás athrú ina dhiaidh sin sa chéim den cháilíocht chreidmheasa agus faoi réir formheas na n‐údarás inniúil, céim 2 den cháilíocht chreidmheasa. I gcás nach gcomhlíonann na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach nó go seachtrach an ceanglas sin a thuilleadh, ní cháilíonn na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach a thuilleadh mar shócmhainní incháilithe faoi Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus, mar thoradh air sin, ní bhaineann na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go seachtrach ón gcomhthiomsú cumhdaigh ábhartha tairbhe as an díolúine in Airteagal 129(1b) den Rialachán sin.

I gcás nach gcomhlíonann na bannaí sin faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach an ceanglas ábhartha maidir leis an gcéim den cháilíocht chreidmheasa a thuilleadh, ba cheart dóibh, áfach, a bheith ina sócmhainní cumhdaigh incháilithe chun críoch na Treorach seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais go léir a leagtar síos sa Treoir seo, agus, dá bhrí sin, ba cheart do na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go seachtrach agus arna gcomhthaobhú ag na bannaí faoi chumhdach sin arna n‐eisiúint go hinmheánach nó sócmhainní eile a chomhlíonann an Treoir seo a bheith in ann feidhm a bhaint freisin as an lipéad “Banna Eorpach faoi Chumhdach”. Ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit úsáid struchtúir den sórt sin a cheadú. Dá bhrí sin, le go mbeadh an rogha sin ar fáil go héifeachtach d’institiúidí creidmheasa a bhaineann le grúpa atá lonnaithe i mBallstáit dhifriúla, ba cheart an rogha sin a bheith feidhmithe ag na Ballstáit ábhartha uile agus ba cheart an fhoráil ábhartha a bheith trasuite ina ndlí acu.

(21)

Bíonn deacrachtaí ag institiúidí creidmheasa beaga nuair a eisíonn siad bannaí faoi chumhdach mar gur minic a bhíonn réamhchostais arda a bhaineann le bunú clár bannaí faoi chumhdach. Tá tábhacht ar leith le leachtacht i margaí na mbannaí faoi chumhdach freisin, agus is de réir chainníocht na mbannaí gan íoc a shocraítear an leachtacht sin den chuid is mó. Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt do dhá institiúid creidmheasa nó níos mó comhchistiú a dhéanamh chun gur féidir le hinstitiúidí creidmheasa atá níos lú bannaí faoi chumhdach a eisiúint. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh roinnt institiúidí creidmheasa sócmhainní cumhdaigh a chomhthiomsú mar shócmhainní cumhdaigh le haghaidh bannaí faoi chumhdach a d’eiseodh institiúid creidmheasa amháin agus b'fhusa dá bharr sin bannaí faoi chumhdach a eisiúint sna Ballstáit sin nach bhfuil margadh dea-fhorbartha na mbannaí faoi chumhdach iontu faoi láthair. Ba cheart a áirithiú leis na ceanglais maidir le húsáid comhaontuithe comhchistiúcháin go gcomhlíonann sócmhainní cumhdaigh a ndíoltar leis nó, i gcás go bhfuil an rogha sin ceadaithe ag Ballstát, a n‐aistrítear trí bhíthin socrú comhthaobhachta airgeadais de bhun Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) chuig na hinstitiúidí creidmheasa eisiúna, go gcomhlíonann siad na riachtanais incháilitheachta agus leithscartha i gcomhair sócmhainní cumhdaigh faoi dhlí an Aontais.

(22)

Cuid riachtanach den chineál sin ionstraime airgeadais is ea trédhearcacht an chomhthiomsaithe cumhdaigh mar go gcuireann sí leis an inchomparáideacht agus chun gur féidir le hinfheisteoirí dá barr an mheastóireacht priacail is gá a dhéanamh. Tá rialacha i ndlí an Aontais maidir le dréachtú, formheas agus dáileadh na réamheolairí a bheidh le foilsiú nuair a thairgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad i gcomhair trádála ar mhargadh rialáilte atá suite i mBallstát nó atá ag feidhmiú i mBallstát. D’fhorbair reachtóirí náisiúnta agus rannpháirtithe sa mhargadh de réir a chéile roinnt tionscnamh maidir leis an bhfaisnéis atá le nochtadh d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach forlíontach ar dhlí sin an Aontais. Is gá, áfach, a shonrú i ndlí an Aontais cén t‐íosleibhéal coiteann faisnéise ba cheart a chur ar fáil d’infheisteoirí sula gceannóidh siad bannaí faoi chumhdach nó tráth a dhéantar bannaí faoi chumhdach a cheannach. Ba cheart an cead a thabhairt do na Ballstáit na híoscheanglais sin a fhorlíonadh le forálacha breise.

(23)

Buneilimint chun cosaint infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach a áirithiú is ea priacal leachtachta na hionstraime a mhaolú. Tá sin ríthábhachtach chun a áirithiú go n‐aisíocfar go tapa na dliteanais a bhaineann leis an mbanna faoi chumhdach. Is iomchuí, dá bhrí sin, maolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh a thabhairt isteach chun dul i ngleic le priacail ganntanais leachtachta, amhail neamhréireanna in aibíochtaí agus rátaí úis, briseadh ar íocaíochtaí, priacail chóimheasctha, oibleagáidí íocaíochta atá ag gabháil le conarthaí díorthaigh agus dliteanais oibríochtúla eile gan íoc laistigh den chlár bannaí faoi chumhdach. D’fhéadfadh cásanna ina bhfuil sé deacair an ceanglas i leith mhaolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh a chomhlíonadh tarlú don institiúid creidmheasa, mar shampla le linn tráth struis nuair a bhaintear feidhm as an maolán chun eis-sreafaí a chumhdach. Ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun na Treorach seo faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglas mhaolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus, más gá, bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann an institiúid creidmheasa an ceanglas maoláin. Tá difríocht idir an maolán leachtachta le haghaidh an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus na ceanglais leachtachta ginearálta a fhorchuirtear ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, ós rud é go mbaineann an maolán go díreach leis an gcomhthiomsú cumhdaigh agus go bhfuil sé dírithe ar na priacail leachtachta a bhaineann go sonrach leis a mhaolú. Chun ualaí rialála a íoslaghdú, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit idirghníomhaíocht iomchuí a cheadú le ceanglais leachtachta arna bhunú le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena bhfuil cuspóirí seachas maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh, go dtí an dáta a dhéanfaí na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais a leasú, nach bhfuil ceanglas i leith mhaolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh infheidhme ach amháin i gcás nach bhforchuirfear aon cheanglas leachtachta eile ar an institiúid creidmheasa faoi dhlí an Aontais le linn na tréimhse atá cumhdaithe ag na ceanglais eile sin.

Le cinntí den sórt sin, ba cheart a sheachaint go mbeadh institiúidí creidmheasa faoi réir oibleagáide chun na heis-sreafaí a chumhdach le sócmhainní leachtacha éagsúla don tréimhse chéanna. Tugann an ceanglas sin le tuiscint, áfach, gur cheart athmheasúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht do na Ballstáit chun cinneadh a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh i gcomhthéacs athruithe amach anseo ar na ceanglais leachtachta i gcomhair institiúidí creidmheasa faoi dhlí an Aontais, lena n‐áirítear an rialachán tarmligthe is infheidhme a ghlactar de bhun Airteagal 460 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar phriacail leachtachta trí mhodhanna seachas trí shócmhainní leachtacha a sholáthar, mar shampla trí bhannaí faoi chumhdach a eisiúint faoi réir struchtúir aibíochta insínte áit a dtugann na truicir aghaidh ar an nganntanas leachtachta nó strus. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le ríomh an mhaoláin leachtachta a bhunú ar dháta aibíochta deiridh an bhanna faoi chumhdach, ag cur síntí aibíochta féideartha san áireamh, i gcás ina dtabharfaidh na truicir aghaidh ar na priacail leachtachta. Ina theannta sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a cheadú nach mbaineann na ceanglais leachtachta le haghaidh comhthiomsú cumhdaigh i gcás bannaí faoi chumhdach atá faoi réir na gceanglas cistiúcháin meaitseála i gcás ina mbíonn íocaíochtaí isteach dlite go conarthach roimh íocaíochtaí atá ag dul amach agus ina gcuirtear i sócmhainní fíorleachtacha iad idir an dá linn.

(24)

I roinnt Ballstát, ceapadh struchtúir nuálacha i gcomhair próifílí aibíochta d’fhonn aghaidh a thabhairt ar phriacail leachtachta féideartha, neamhréireanna in aibíochtaí san áireamh. Ar na struchtúir sin, tá an deis an aibíocht atá beartaithe don bhanna faoi chumhdach a shíneadh ar feadh tréimhse áirithe ama nó ligean do na sreafaí airgid ó na sócmhainní cumhdaigh a aistriú go díreach chuig infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach. Chun struchtúir aibíochtaí insínte a chomhchuibhiú ar fud an Aontais, tá sé tábhachtach na coinníollacha a bhunú faoina bhfuil na Ballstáit in ann cead a thabhairt na struchtúir sin a bheith ann chun a áirithiú nach bhfuil siad róchasta agus nach gcuireann siad priacail mhéadaithe ar infheisteoirí. Gné thábhachtach de na coinníollacha sin ná a áirithiú nach bhféadfaidh institiúidí creidmheasa síneadh a chur leis an aibíocht de réir a lánrogha féin. Níor cheart a cheadú go gcuirfí síneadh leis an aibíocht ach amháin más rud é go bhfuil tús curtha le heachtraí tucaide oibiachtúla agus atá sainithe go soiléir arna mbunú faoin dlí náisiúnta agus ina bhfuiltear ag súil go mbeidh siad ann amach anseo, nó go meastar go mbeidh siad ann amach anseo. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag truicir den sórt sin mainneachtain a chosc, mar shampla trí aghaidh a thabhairt ar easpa leachtachta, cliseadh margaidh nó suaitheadh sa mhargadh. Chomh maith leis sin, le síntí, d’fhéadfaí foirceannadh ordúil institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach a éascú, lena gceadaítear sintí i gcás dócmhainneachta nó réiteach chun díolachán práinne sócmhainní a sheachaint.

(25)

Is eilimint lena sainítear bannaí faoi chumhdach é creat maoirseachta poiblí ar leith a bheith ann, de réir Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE. Ní shonraítear sa Treoir sin, áfach, cineál agus ábhar na maoirseachta sin ná na húdaráis ba cheart a bheith freagrach aisti. Tá sé ríthábhachtach mar sin go ndéanfar buneilimintí na maoirseachta poiblí sin ar bhannaí faoi chumhdach a chomhchuibhiú agus go leagfar amach go soiléir cúraimí agus freagrachtaí na n‐údarás inniúil náisiúnta a dhéanfaidh í.

(26)

Ós rud é nach bhfuil baint ag an maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach le maoirseacht na n‐institiúidí creidmheasa san Aontas, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit údaráis inniúla náisiúnta a cheapadh chun maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach a dhéanamh, ar údaráis iad atá éagsúil ó na cinn a dhéanann maoirseacht ghinearálta ar an institiúid creidmheasa. Os a choinne sin, d’fhonn a áirithiú go mbeidh cur i bhfeidhm na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais comhsheasmhach, is gá a cheangal go mbeidh na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach ag obair i ndlúthchomhar leis na húdaráis sin a dhéanann maoirseacht ghinearálta ar na hinstitiúidí creidmheasa chomh maith leis an údarás réitigh, i gcás inarb infheidhme.

(27)

Ba cheart a áireamh le maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach cead a dheonú d’institiúidí creidmheasa bannaí faoi chumhdach a eisiúint. Ós rud é nár cheart cead a thabhairt ach do na hinstitiúidí creidmheasa bannaí faoi chumhdach a eisiúint, ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll leis an gcead sin a thabhairt údarú chun gníomhú mar institiúid creidmheasa a bheith ag an institiúid. Cé gurb amhlaidh, i gcás na Ballstáit a ghlacann páirt sa Sásra Maoirseachta Aonair go dtugtar de chúram don Bhanc Ceannais Eorpach institiúidí creidmheasa a údarú i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (13), níor cheart ach na húdaráis a ainmnítear de bhun na Treorach seo amháin a bheith inniúil ar chead a thabhairt bannaí faoi chumhdach a eisiúint agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach a fheidhmiú. Dá réir sin, ba cheart don Treoir seo na coinníollacha a bhunú lena rialaítear na coinníollacha faoinar féidir le hinstitiúidí creidmheasa arna n‐údarú faoi dhlí an Aontais cead a fháil an ghníomhaíocht a shaothrú arb í bannaí faoi chumhdach a eisiúint.

(28)

Ba cheart go mbainfeadh raon feidhme an cheada leis an gclár bannaí faoi chumhdach. Ba cheart don chlár sin a bheith faoi réir maoirseacht faoin Treoir seo. Is féidir le hinstitiúid creidmheasa níos mó ná aon chlár amháin bannaí faoi chumhdach a bheith aici. I gcás den sórt sin, ba cheart cead leithleach do gach clár a bheith de dhíth. Is féidir ceann amháin nó níos mó de chomhthiomsuithe cumhdaigh a bheith san áireamh i gclár bannaí faoi chumhdach. Le hiliomad comhthiomsuithe cumhdaigh nó eisiúintí éagsúla (Uimhreacha éagsúla Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (ISINanna)) faoin gclár bannaí faoi chumhdach, ní gá go léirítear gurb ann d’iliomad clár ar leithligh bannaí faoi chumhdach.

(29)

Níor cheart é a bheith de cheanglas ar na cláir bannaí faoi chumhdach atá ann cheana cead nua a fháil a luaithe a dtiocfaidh forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo chun bheith infheidhme. Maidir le bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint faoi chláir bannaí faoi chumhdach atá ann cheana tar éis dháta chur i bhfeidhm fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo, áfach, ba cheart do na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais uile a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh. Ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmnítear faoin Treoir seo mar chuid de mhaoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach an comhlíonadh sin a mhaoirsiú. D’fhéadfadh na Ballstáit treoir a thabhairt faoin dlí náisiúnta maidir le conas nós imeachta um chomhlíonadh an nós imeachta a reáchtáil i ndiaidh an dáta óna bhfuil na Ballstáit chun na forálacha den dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann clár bannaí faoi chumhdach a athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar an ngá le hathrú ar an gcead maidir leis an gclár sin. Mar thoradh ar an ngá sin athrú a dhéanamh ar an tsamhail ghnó atá ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach, mar shampla tar éis athrú a theacht ar an gcreat náisiúnta bannaí faoi chumhdach nó cinntí arna ndéanamh ag an institiúid creidmheasa. D’fhéadfaí a mheas go bhfuil na hathruithe sin suntasach nuair a éilíonn siad athmheasúnú ar na coinníollacha faoinar deonaíodh cead bannaí faoi chumhdach a eisiúint.

(30)

I gcás ina ndéanfaidh Ballstát foráil chun riarthóir speisialta a cheapadh, ba cheart dó bheith in ann rialacha a leagan síos maidir leis na hinniúlachtaí agus na ceanglais oibríochtúla le haghaidh riarthóirí speisialta den sórt sin. D’fhéadfadh na rialacha sin a eisiamh go bhféadfadh an riarthóir speisialta taiscí nó cistí inaisíoctha eile a bhailiú ó thomhaltóirí agus ó infheisteoirí miondíola, ach is ó infheisteoirí gairmiúla amháin a cheadaítear taiscí nó cistí inaisíoctha eile a bhailiú.

(31)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a forchuireadh ar na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus chun láimhseáil agus comhlíonadh comhchosúla a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a cheapadh a bheidh éifeachtach comhréireach athchomhairleach. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla in ionad pionóis riaracháin. Ba cheart do na Ballstáit a roghnaíonn foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla na forálacha ábhartha den dlí coiriúil a chur in iúl don Choimisiún.

(32)

Ba cheart na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile sin dá bhforáiltear ag na Ballstáit ceanglais sár-riachtanacha áirithe a chomhlíonadh maidir le seolaithe na bpionós nó na mbeart sin, leis na critéir atá le cur san áireamh ina gcur i bhfeidhm, le hoibleagáidí foilsithe na n‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach, leis an gcumhacht pionóis a ghearradh agus le leibhéal na bpionós riaracháin airgid a fhéadfar a fhorchur. Sula ndéanfar aon chinneadh maidir le pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a fhorchur, ba cheart go dtabharfaí an deis don seolaí éisteacht a fháil. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón gceart éisteacht a fháil i ndáil le bearta riaracháin seachas pionóis riaracháin. Ba cheart aon eisceacht den sórt sin a theorannú do chásanna ina bhfuil garchontúirt do ghníomhaíocht phráinneach chun caillteanais shuntasacha a chosc do thríú páirtithe amhail infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach nó chun damáiste suntasach don chóras airgeadais a chosc nó a leigheas. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an deis a thabhairt don seolaí éisteacht a fháil tar éis an beart a fhorchur.

(33)

Ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach na himthosca ábhartha uile san áireamh d’fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach na bpionós riaracháin agus na mbeart eile ar fud an Aontais a áirithiú, agus cinneadh á dhéanamh faoin gcineál pionóis riaracháin nó birt riaracháin eile agus faoi leibhéal na bpionós sin. D’fhéadfadh na Ballstáit bearta riaracháin a áireamh i ndáil le síneadh a chur le haibíocht faoi struchtúir aibíochta insínte. I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir leis na bearta sin, d’fhéadfadh na bearta sin cur ar chumas na n‐údarás inniúil síneadh aibíochta a neamhbhailíochtú agus d’fhéadfaí coinníollacha a leagan síos leo maidir le neamhbhailíochtú den sórt sin chun aghaidh a thabhairt ar an gcás ina ndéanann institiúid creidmheasa an aibíocht a shíneadh de shárú ar na truicir oibiachtúla a leagtar síos sa dlí náisiúnta, nó chun cobhsaíocht airgeadais agus cosaint infheisteoirí a áirithiú.

(34)

Chun sáruithe ionchasacha na gceanglas i gcomhair eisiúint agus margú na mbannaí faoi chumhdach a bhrath, ba cheart na cumhachtaí imscrúdúcháin is gá a bheith ag na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach, agus ba cheart sásraí éifeachtacha a bheith acu chun tuairisciú na sáruithe ionchasacha nó iarbhír a spreagadh. Ba cheart na sásraí sin a bheith gan dochar do chearta cosanta aon duine nó eintitis a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca chur i bhfeidhm na gcumhachtaí agus na sásraí sin.

(35)

Ina theannta sin, ba cheart é a bheith de chumhacht ag na húdaráis inniúla atá i mbun maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach pionóis riaracháin a ghearradh agus bearta riaracháin eile a ghlacadh chun an raon feidhme gníomhaíochta is mó is féidir tar éis sárú a áirithiú agus chun gur fusa tuilleadh sáruithe a chosc, is cuma cé acu atá cáiliú pionóis riaracháin nó birt riaracháin eile faoin dlí náisiúnta ag bearta den chineál sin nó nach bhfuil. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le pionóis bhreise, sa bhreis ar na pionóis dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(36)

Saintréith de chuid na ndlíthe náisiúnta atá ann cheana maidir le bannaí faoi chumhdach an fíoras go bhfuil siad faoi réir rialáil mhionshonraithe ar an leibhéal náisiúnta agus maoirseacht ar eisiúintí agus cláir na mbannaí faoi chumhdach lena áirithiú go gcosnófar cearta infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach i gcónaí. Áirítear leis an maoirseacht sin faireachán leanúnach ar ghnéithe an chláir, ar na ceanglais chumhdaigh agus ar cháilíocht an chomhthiomsaithe cumhdaigh. Eilimint riachtanach de chosaint infheisteoirí is ea leibhéal leordhóthanach faisnéise a bheith ag infheisteoirí faoin gcreat rialála lena rialaítear eisiúint na mbannaí faoi chumhdach. Is iomchuí mar sin a áirithiú go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla faisnéis go rialta a bhaineann leis na forálacha den dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus maidir leis an dóigh a ndéanann siad maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach.

(37)

Faoi láthair, cuirtear bannaí faoi chumhdach ar an margadh san Aontas faoi ainmníochtaí agus lipéid náisiúnta, agus tá cuid acu sin bunaithe le fada, agus cinn eile nach bhfuil. Dá bhrí sin, is cosúil gur iomchuí cead a thabhairt d’institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach san Aontas an lipéad sonrach, “Banna Eorpach faoi Chumhdach”, a úsáid agus iad ag díol bannaí faoi chumhdach le hinfheisteoirí san Aontas agus le hinfheisteoirí tríú tír araon, ar choinníoll go gcomhlíonann na bannaí faoi chumhdach sin na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo. Más rud é go gcomhlíonann bannaí faoi chumhdach den sórt sin freisin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart cead a bheith ag institiúidí creidmheasa úsáid a bhaint as an lipéad “Banna Eorpach faoi Chumhdach (Préimh)”. D’fhéadfadh an lipéad sin, a chuireann in iúl gur comhlíonadh ceanglais shonracha bhreise a bhfuil cáilíocht neartaithe mar thoradh orthu, cáilíocht a thuigtear go maith, a bheith tarraingteach fiú amháin i mBallstáit ina bhfuil lipéid sheanbhunaithe náisiúnta. Is éard is aidhm leis na lipéid “Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach” agus “Bannaí Eorpacha faoi Chumhdach (Préimh)” ná é a dhéanamh níos fusa d’infheisteoirí cáilíochtaí na mbannaí faoi chumhdach a mheas agus, dá bhrí sin, iad a dhéanamh níos tarraingtí mar mheán infheistíochta laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Ba cheart úsáid an dá lipéad sin a bheith roghnach, áfach, agus ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a gcineálacha ainmníochta náisiúnta agus a gcreataí lipéadaithe féin a chothabháil maille leis an dá lipéad sin.

(38)

D’fhonn cur i bhfeidhm na Treorach seo a mheas, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar le ÚBE, faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na mbannaí faoi chumhdach san Aontas Eorpach agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le leibhéal chosaint na n‐infheisteoirí agus forbairt mhargaí na mbannaí faoi chumhdach. Ba cheart an tuarascáil a dhíriú freisin ar na forbairtí i dtaca leis na sócmhainní lena ndéantar eisiúint na mbannaí faoi chumhdach a chomhthaobhú. Ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar úsáid struchtúir aibíochta insínte, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle freisin maidir le feidhmiú bannaí faoi chumhdach a bhfuil struchtúir aibíochta insínte acu agus maidir leis na priacail agus na tairbhí a eascraíonn as bannaí faoi chumhdach den sórt sin a eisiúint.

(39)

Tá aicme nua ionstraimí airgeadais faoi ainm Nótaí Urraithe Eorpacha (NUEnna), cumhdaithe ag sócmhainní atá níos baolaí ná risíochtaí poiblí agus morgáistí agus nach sócmhainní cumhdaigh incháilithe faoin Treoir seo iad, molta ag rannpháirtithe sa mhargadh agus ag dreamanna eile mar ionstraim bhreise do bhainc chun an fíorgheilleagar a mhaoiniú. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le ÚBE an 3 Deireadh Fómhair 2017 i gcomhair measúnú ar an méid a dfhéadfadh NUEnna feidhm a bhaint as na “dea-chleachtais” atá sainithe ag ÚBE i gcomhair bannaí faoi chumhdach traidisiúnta, cóireáil priacail iomchuí NUEnna agus éifeacht fhéideartha shaincheisteanna NUEnna ar leibhéil ualaithe ó chlár comhardaithe bainc. Mar fhreagairt air sin, d’eisigh ÚBE tuarascáil an 24 Iúil 2018. I gcomhthreo le tuarascáil ÚBE, d’fhoilsigh an Coimisiún staidéar an 12 Deireadh Fómhair 2018. Ba é an tátal ar thángthas air sa staidéar ón gCoimisiún agus i dtuarascáil ÚBE go raibh tuilleadh measúnaithe de dhíth maidir le, mar shampla, cóireáil rialúcháin. Ba cheart don Choimisiún dá bhrí sin leanúint de bheith ag measúnú cibé acu an mbeadh nó nach mbeadh creat reachtach iomchuí i gcomhair NUEnna agus tuarascáil a chur faoi bhráid Parlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lena thorthaí, mar aon le togra reachtach, más iomchuí.

(40)

Faoi láthair, níl córas coibhéise ann i leith bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha aitheantas a fháil ón Aontas, ach amháin i gcomhthéacs stuamachta i gcás ina dtugtar láimhseáil fhabhrach ó thaobh leachtachta do roinnt bannaí tríú tír faoi choinníollacha áirithe. Mar sin de, ba cheart don Choimisiún, i ndlúthchomhar le ÚBE, an gá agus an tábhacht a mheas atá le córas coibhéise a thabhairt isteach i gcomhair eisitheoirí tríú tír agus infheisteoirí bannaí faoi chumhdach. Ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an dáta a bheidh na forálacha den dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit, tuarascáil maidir leis sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maille le togra reachtach, más iomchuí, faoin gceist seo.

(41)

Is saintréith de chuid bannaí faoi chumhdach go mbíonn aibíocht roinnt blianta sceidealta acu. Dá bhrí sin, is gá bearta idirthréimhseacha a chur san áireamh chun a áirithiú i leith bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 8 Iúil 2022 nach n‐imreofar tionchar orthu. Dá bhrí sin, ba cheart do bhannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an dáta sin leanúint de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach agus ba cheart dóibh a bheith díolmhaithe ó fhormhór na gceanglas nua leagtha síos sa Treoir seo. Ba cheart do bhannaí faoi chumhdach den sórt sin bheith in ann leanúint de bheith tagartha mar bhannaí faoi chumhdach, ar choinníoll go bhfuil a gcomhlíonadh le hAirteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE, mar is infheidhme ar an dáta a eisíodh iad, agus le ceanglais na Treorach seo atá infheidhme orthu, faoi réir maoirseacht ag na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun na Treorach seo. Leis an maoirseacht sin, níor cheart a chumhdach ceanglais na Treorach seo óna bhfuil díolúine ag bannaí faoi chumhdach den sórt sin. I roinnt Ballstát, bíonn ISINanna ar oscailt ar feadh tréimhse níos faide, rud a cheadaíonn do bhannaí faoi chumhdach de bheith eisithe go leanúnach faoin gcód sin agus é mar aidhm aige méid (méid na heisiúna) na mbannaí faoi chumhdach sin (saincheisteanna sconna) a mhéadú. Ba cheart do na bearta idirthréimhseacha cumhdach a dhéanamh ar shaincheisteanna sconna maidir le bannaí faoi chumhdach faoi ISINanna arna oscailt roimh an 8 Iúil 2022 faoi réir líon teorainneacha.

(42)

Mar thoradh ar chreat aonfhoirmeach bannaí faoi chumhdach a leagan síos, is ceart an cur síos ar bhannaí faoi chumhdach in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE a leasú. Sainmhínítear bannaí faoi chumhdach i dTreoir 2014/59/AE trí thagairt a dhéanamh d’Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE. Ós rud é gur cheart an sainmhíniú sin a leasú, ba cheart Treoir 2014/59/AE a leasú freisin. Anuas air sin, chun nach ndéanfar difear do bhannaí faoi chumhdach a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE roimh an 8 Iúil 2022, ba cheart leanúint de thagairt a dhéanamh do na bannaí faoi chumhdach sin mar bhannaí faoi chumhdach go dtí dáta a n‐aibíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE a leasú dá réir sin.

(43)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (14), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‐ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar leis na doiciméid sin a tharchur.

(44)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon creat coiteann le haghaidh bannaí faoi chumhdach a bhunú chun a áirithiú go gcomhfhreagraíonn tréithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach ar fud an Aontais leis an bpróifíl priacal níos ísle lena dtugtar bonn cirt do láimhseáil fhabhrach an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr an ghá le margadh na mbannaí faoi chumhdach a fhorbairt tuilleadh agus tacú tuilleadh le hinfheistíochtaí trasteorann san Aontas, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(45)

Chuathas i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach agus thug sé tuairim an 22 Lúnasa 2018.

(46)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus thug sé tuairim an 12 Deireadh Fómhair 2018.

(47)

Déanann na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach méideanna móra sonraí pearsanta a phróiseáil. Ba cheart do phróiseáil den sórt sin a bheith i gcomhréir i gcónaí le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ar an gcaoi chéanna, próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann ÚBE nuair a choimeádann sé, mar a éilítear leis an Treoir seo, bunachar sonraí lárnach de phionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a chuireann na húdaráis inniúla náisiúnta in iúl dó ar bun, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17),

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME, AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Treoir seo na rialacha cosanta infheisteoirí a leanas lena mbaineann:

(1)

ceanglais maidir le bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(2)

gnéithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach;

(3)

maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach;

(4)

ceanglais foilsithe i ndáil le bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá bunaithe san Aontas.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “banna faoi chumhdach” oibleagáid fiachais atá eisithe ag institiúid creidmheasa i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear ceanglais éigeantacha na Treorach seo agus atá urrúsaithe ag sócmhainní cumhdaigh ar féidir le hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach dul ina n‐iontaoibh mar chreidiúnaithe tosaíochta;

(2)

ciallaíonn “clár bannaí faoi chumhdach” na gnéithe struchtúracha d’eisiúint bhannaí faoi chumhdach a chinntear le rialacha reachtúla agus le téarmaí conarthacha agus coinníollacha conarthacha, i gcomhréir leis an gcead arna dheonú don institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(3)

ciallaíonn “comhthiomsú cumhdaigh” tacar sócmhainní atá sainithe go soiléir lena n‐urramaítear na hoibleagáidí íocaíochta a ghabhann le bannaí faoi chumhdach agus atá leithscartha ó shócmhainní eile atá i seilbh na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(4)

ciallaíonn “sócmhainní cumhdaigh” sócmhainní a áirítear i gcomhthiomsú cumhdaigh;

(5)

ciallaíonn “sócmhainní comhthaobhachta” sócmhainní fisiceacha agus sócmhainní i bhfoirm risíochtaí lena n‐urramaítear sócmhainní cumhdaigh;

(6)

ciallaíonn “leithscaradh” na gníomhaíochtaí a dhéanann institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach chun sócmhainní cumhdaigh a aithint agus iad a chur go dlíthiúil thar acmhainn na gcreidiúnaithe cé is moite d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus contrapháirtithe conarthaí díorthacha;

(7)

ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(8)

ciallaíonn “institiúid speisialaithe creidmheasa morgáiste” institiúid creidmheasa nach gcistíonn iasachtaí ach amháin trí bhannaí faoi chumhdach a eisiúint, nó a chistíonn iad go príomha trí bhannaí a eisiúint, nach bhfuil ceadaithe de réir an dlí ach amháin chun iasachtaí morgáiste agus earnála poiblí a dhéanamh agus nach bhfuil ceadaithe éarlaisí a ghlacadh, ach a ghlacann cistí in-aisíoctha eile ón bpobal;

(9)

ciallaíonn “luasghéarú uathoibríoch” dáil ina thagann banna faoi chumhdach chun a bheith dlite agus iníoctha láithreach bonn go huathoibríoch ar dhócmhainneacht nó réiteach an eisitheora agus go bhfuil ina leith éileamh in-fhorfheidhmithe ar aisíocaíocht ag am níos luaithe ná an dáta aibíochta bunaidh ag na hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach;

(10)

ciallaíonn “luach margaidh”, chun críoch maoine dochorraithe, luach margaidh mar a shainmhínítear i bpointe (76) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(11)

ciallaíonn “luach iasachta morgáiste”, chun críoch maoine dochorraithe, an luach iasachta morgáiste mar a shainmhínítear i bpointe (74) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(12)

ciallaíonn “sócmhainní príomhúla” sócmhainní cumhdaigh cinsealacha lena socraítear cineál an chomhthiomsaithe cumhdaigh;

(13)

ciallaíonn “sócmhainní ionadaíochta” sócmhainní cumhdaigh a rannchuidíonn le ceanglais chumhdaigh, cé is moite de shócmhainní príomhúla;

(14)

ciallaíonn “ró-urrúsú comhthaobhach” leibhéal reachtach, conarthach nó deonach na comhthaobhachta ina iomláine a sháraíonn an ceanglas cumhdaigh mar a leagtar amach in Airteagal 15;

(15)

ciallaíonn “ceanglais cistiúcháin meaitseála” rialacha lena gceanglaítear nach mór meaitseáil a dhéanamh idir na sreafaí airgid idir dliteanais agus sócmhainní a bhfuil íocaíocht ina leith dlite trína áirithiú i dtéarmaí conarthacha agus coinníollacha conarthacha go mbeidh íocaíochtaí ó iasachtóirí agus contrapháirtithe na gconarthaí díorthach dlite sula ndéanfar íocaíochtaí d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus do chontrapháirtithe na gconarthaí díorthach, go mbeidh na suimeanna a gheofar cothrom ar a laghad le luach na n‐íocaíochtaí atá le híoc le hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus le contrapháirtithe na gconarthaí díorthach, agus go gcuirtear na méideanna a fhaightear ó iasachtaithe agus ó chontrapháirtithe na gconarthaí díorthach san áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 16(3) go dtí go mbeidh na híocaíochtaí dlite do na hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus contrapháirtithe na gconarthaí díorthach;

(16)

ciallaíonn “glan-eis-sreabhadh leachtachta” gach eis-sreabhadh íocaíochta a thiocfaidh chun a bheith iníoctha ar aon lá, lena n-áirítear íocaíochtaí príomhshuime agus úis mar aon le híocaíochtaí faoi chonarthaí díorthach an chláir bannaí faoi chumhdach, glan ó gach insreabhadh íocaíochta a thiocfaidh chun a bheith iníoctha ar an lá céanna le haghaidh na n‐éileamh a bhaineann leis na sócmhainní cumhdaigh;

(17)

ciallaíonn “struchtúr aibíochta insínte” sásra lena soláthraítear deis aibíocht sceidealta bannaí faoi chumhdach a shíneadh ar feadh tréimhse réamhshocraithe ama agus i gcás ina dtarlóidh truicear sonrach;

(18)

ciallaíonn “maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach” maoirseacht ar chláir bannaí faoi chumhdach lena n‐áirítear comhlíonadh agus forfheidhmiú na gceanglas is infheidhme maidir le heisiúint na mbannaí faoi chumhdach;

(19)

ciallaíonn “riarthóir speisialta” an duine nó an t‐eintiteas a ceapadh chun clár bannaí faoi chumhdach a riar i gcás dócmhainneacht institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faoin gclár sin, nó nuair a cinneadh go bhfuil ag cliseadh ar institiúid creidmheasa den sórt sin nó gur dócha go gclisfear air de bhun Airteagal 32(1) de Threoir 2014/59/AE nó, i gcásanna eisceachtúla, i gcás ina gcinneann an t‐údarás ábhartha inniúil go bhfuil feidhmiú cuí na hinstitiúide creidmheasa sin go mór i mbaol;

(20)

ciallaíonn “réiteach” réiteach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;

(21)

ciallaíonn “grúpa” grúpa mar a shainmhínítear i bpointe (138) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(22)

ciallaíonn “gnóthais phoiblí” gnóthais phoiblí mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/111/CE ón gCoimisiún.

TEIDEAL II

GNÉITHE STRUCHTÚRACHA NA mBANNAÍ FAOI CHUMHDACH

CAIBIDIL 1

Dé-iontaoibh agus scoiteacht féimheachta

Airteagal 4

Dé-iontaoibh

1.   Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena dtabharfar teidlíocht do na hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus contrapháirtithe conarthaí díorthach a chomhlíonann Airteagal 11 ar na teidil seo a leanas:

(a)

teideal i leith na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(b)

i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach; teideal céadtosaíochta i leith na príomhshuime agus aon ús fabhraithe agus ús amach anseo ar shócmhainní cumhdaigh;

(c)

i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach agus i gcás nach féidir an teideal céadtosaíochta dá dtagraítear i bpointe (b) a chomhlíonadh go hiomlán, teideal i leith eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa sin, institiúid atá rangaithe pari passu le teidil ghnáthchreidiúnaithe neamhurraithe na hinstitiúide creidmheasa arna gcinneadh i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta lena rialaítear an rangú in imeachtaí dócmhainneachta.

2.   Beidh na teidil dá dtagraítear i mír 1 teoranta do na hoibleagáidí maidir le híocaíocht iomlán a ghabhann leis na bannaí faoi chumhdach.

3.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, i gcás dócmhainneachta de chuid institiúide speisialaithe creidmheasa morgáiste, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena ndeonaítear teideal d’infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach agus contrapháirtithe conarthaí díorthach a chomhlíonann Airteagal 11 atá rangaithe ar leibhéal níos sinsearaí ná teideal ghnáthchreidiúnaithe neamhurraithe na hinstitiúide speisialaithe creidmheasa morgáiste sin, rud a chinnfear de réir na ndlíthe náisiúnta lena rialaítear rangú creidiúnaithe in imeachtaí dócmhainneachta, ach an teideal sin fós rangaithe ar leibhéal níos sóisearaí ná aon cheann de na creidiúnaithe tosaíochta eile.

Airteagal 5

Scoiteacht féimheachta bannaí faoi chumhdach

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na hoibleagáidí íocaíochta a ghabhann le bannaí faoi chumhdach faoi réir luasghéarú uathoibríoch de dhroim dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach.

CAIBIDIL 2

Comhthiomsú cumhdaigh agus cumhdach

Cuid 1

Sócmhainní incháilithe

Airteagal 6

Sócmhainní cumhdaigh incháilithe

1.   Éileoidh na Ballstáit go mbeidh bannaí faoi chumhdach i gcónaí urrúsaithe ag an méid seo a leanas:

(a)

sócmhainní atá incháilithe de bhun Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcomhlíonann an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach ceanglais mhíreanna 1a go 3 d’Airteagal 129 den Rialachán sin;

(b)

sócmhainní cumhdaigh ardcháilíochta lena n‐áirithítear go bhfuil éileamh ar íocaíocht ag an institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach mar a leagtar amach i mír 2 agus atá urrúsaithe ag sócmhainní comhthaobhachta mar a leagtar amach i mír 3; nó

(c)

sócmhainní i bhfoirm iasachtaí atá le tabhairt do ghnóthais phoiblí nó arna ráthú ag gnóthais phoiblí, faoi réir mhír 4 den Airteagal seo.

2.   Beidh an t‐éileamh ar íocaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 faoi réir na gceanglas dlí seo a leanas:

(a)

is ionann an tsócmhainn agus éileamh ar íocaíocht airgid a mbíonn íosluach aige is inchinnte i gcónaí, atá bailí agus in-fhorfheidhmithe de réir dlí, nach bhfuil faoi réir coinníollacha seachas an coinníoll go n‐aibeoidh an t‐éileamh ar dháta éigin amach anseo, agus go bhfuil an t‐éileamh urrúsaithe le morgáiste, muirear, lian nó ráthaíocht eile;

(b)

tá an morgáiste, an táille, an lian nó an ráthaíocht eile lena n‐urrúsaítear an t‐éileamh ar íocaíocht in-fhorfheidhmithe;

(c)

comhlíonadh gach ceanglas dlíthiúil maidir leis an morgáiste, an táille, an lian nó ráthaíocht eile lena n‐urrúsaítear an t‐éileamh ar íocaíocht a bhunú;

(d)

cuireann an morgáiste, an táille, an lian nó an ráthaíocht eile lena n‐urrúsaítear an t‐éileamh ar íocaíocht ar chumas na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach luach an éilimh a aisghabháil gan moill mhíchuí.

Éileoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach measúnú ar in-fhorfheidhmitheacht na n‐éileamh ar íocaíocht agus ar an gcumas sócmhainní comhthaobhachta a réadú sula n‐áireoidh siad sa chomhthiomsú cumhdaigh iad.

3.   Comhlíonfaidh na sócmhainní comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ceann amháin de na ceanglais seo a leanas:

(a)

i gcás sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta, tá caighdeáin luachála ann a nglactar leo i gcoitinne i measc saineolaithe agus atá oiriúnach don tsócmhainn fhisiciúil comhthaobhachta lena mbaineann agus tá clár poiblí ann ina dtaifeadtar úinéireacht na sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta sin agus éilimh orthu; nó

(b)

i gcás sócmhainní i bhfoirm risíochtaí, is intuigthe sábháilteacht agus fóntacht an chontrapháirtí risíochta as cumhachtaí ardaithe cánach nó as bheith faoi réir maoirseacht phoiblí leanúnach ar fhóntacht oibríochtúil agus ar sócmhainneacht airgeadais an chontrapháirtí.

Le sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, rannchuideofar le cumhdach na ndliteanas a ghabhann leis an mbanna faoi chumhdach suas leis an méid is lú de phríomhshuim na lian atá cónasctha le haon lian roimhe sin agus 70 % de luach na sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta sin. Sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo agus ar sócmhainní slána iad mar a thagraítear dóibh i bpointe (a) de mhír 1, ceanglófar go gcomhlíonfaidh siad an teorainn de 70 % nó na teorainneacha atá in Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Más rud é, chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, nach ann d’aon chlár poiblí le haghaidh sócmhainn fhisiciúil comhthaobhachta ar leith, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le foirm mhalartach dheimhniúchán úinéireacht na sócmhainne fisiciúla comhthaobhachta sin agus foirm mhalartach éileamh ar an tsócmhainn fhisiciúil comhthaobhachta sin, a mhéid a sholáthraíonn foirm an deimhniúcháin sin cosaint atá inchomparáide leis an gcosaint a sholáthraítear le clár poiblí sa chiall is go gceadaítear léi, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann, do thríú páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann leis na sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta ualaithe a shainaithint, úinéireacht a chur i leith, doiciméadacht agus cur i leith na n‐ualach agus in-fhorfheidhmeacht na leasanna urrúis.

4.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1, bannaí faoi chumhdach arna n‐urrúsú ag iasachtaí nó arna ráthú mar shócmhainní príomhúla ag gnóthais phoiblí, beidh siad faoi réir íosleibhéal 10 % de ró-urrúsú comhthaobhach beidh siad faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

déanann na gnóthais phoiblí seirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar ar bhonn ceadúnais, conradh lamháltais nó foirm eile iontaoibhe arna deonú ag údarás poiblí;

(b)

tá na gnóthais phoiblí faoi réir maoirseacht phoiblí;

(c)

tá cumhachtaí leordhóthanacha ginte ioncaim ag na gnóthais phoiblí, rud a áirithítear toisc gur fíor an méid seo a leanas i leith na ngnóthas poiblí sin:

(i)

tá solúbthacht leordhóthanach acu i ndáil le táillí, muirir agus infháltais i leith na seirbhíse arna soláthar a bhailiú agus a mhéadú chun a bhfóntacht airgeadais agus a sócmhainneacht airgeadais a áirithiú;

(ii)

faigheann siad deontais leordhóthanacha ar bhonn reachtúil chun a bhfóntacht airgeadais agus a sócmhainneacht airgeadais a áirithiú mar mhalairt ar sheirbhísí poiblí riachtanacha a sholáthar, nó

(iii)

tá comhaontú maidir le brabús agus caillteanas a aistriú déanta acu le húdarás poiblí.

5.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis an modheolaíocht agus leis an bpróiseas chun luacháil a dhéanamh ar shócmhainní fisiciúla comhthaobhachta a urrúsaíonn sócmhainní dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1. Áiritheofar an méid seo a leanas ar a laghad leis na rialacha sin:

(a)

i gcás gach sócmhainne fisiciúla comhthaobhachta, is ann do luacháil reatha arb ionann í agus an luach margaidh nó an luach iasachta morgáiste, nó ar lú í ná an luach margaidh nó an luach iasachta morgáiste, tráth a dhéantar an tsócmhainn chumhdaigh a áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh;

(b)

déanann luachálaí an luacháil, ar luachálaí é nó í ag a bhfuil na cáilíochtaí, an cumas agus an taithí is gá; agus

(c)

tá an luachálaí neamhspleách ar an bpróiseas cinnteoireachta creidmheasa, ní áiríonn sé nó sí eilimintí amhantracha sa mheasúnú ar luach na sócmhainne fisiciúla comhthaobhachta, agus déanann sé nó sí luach na sócmhainne fisiciúla comhthaobhachta a dhoiciméadú ar bhealach trédhearcach agus soiléir.

6.   Éileoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta curtha ar bun ag na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach chun faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil na sócmhainní fisiciúla comhthaobhachta a urrúsaíonn sócmhainní dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo árachaithe a ndóthain in aghaidh priacal damáiste agus go bhfuil an t‐éileamh árachais leithscartha i gcomhréir le hAirteagal 12.

7.   Éileoidh na Ballstáit go ndéanfaidh institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach doiciméadú ar na sócmhainní cumhdaigh dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 agus ar chomhlíonadh a mbeartas maidir le hiasachtaí a thabhairt le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an tAirteagal seo.

8.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena n‐áiritheofar éagsúlú priacail sa chomhthiomsú cumhdaigh i ndáil le gráinneacht agus tiúchan ábhair i gcás sócmhainní nach bhfuil incháilithe faoi phointe (a) de mhír 1.

Airteagal 7

Sócmhainní comhthaobhachta atá lonnaithe lasmuigh den Aontas

1.   Faoi réir mhír 2, féadfaidh na Ballstáit a cheadú d’institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach sócmhainní atá urrúsaithe ag sócmhainní comhthaobhachta atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh.

2.   Nuair a cheadaíonn Ballstáit sócmhainní a áireamh dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh siad cosaint infheisteoirí trí cheangal a chur ar institiúidí creidmheasa a fhíorú go gcomhlíonann na sócmhainní comhthaobhachta sin na ceanglais go léir a leagtar amach in Airteagal 6. Áiritheoidh na Ballstáit go dtairgfear leis na sócmhainní comhthaobhachta sin leibhéal slándála atá cosúil le leibhéal slándála na sócmhainní comhthaobhachta atá lonnaithe san Aontas agus áiritheoidh siad go mbeidh réadú na sócmhainní comhthaobhachta sin in-fhorfheidhmithe le dlí ar dhóigh atá coibhéiseach i ndáiríre le réadú sócmhainní comhthaobhachta atá lonnaithe san Aontas.

Airteagal 8

Struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa

Is féidir le Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le húsáid struchtúr bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa faoina n-úsáidtear bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint ag institiúid creidmheasa ar le grúpa í (“bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach”) mar shócmhainní cumhdaigh le haghaidh eisiúint sheachtrach bannaí faoi chumhdach a rinne institiúid creidmheasa eile ar leis an ngrúpa céanna í (“bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go seachtrach”). Beidh ar áireamh sna rialacha sin na ceanglais seo a leanas:

(a)

go ndíoltar na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach leis an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go seachtrach;

(b)

go n‐úsáidtear na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach mar shócmhainní cumhdaigh sa chomhthiomsú cumhdaigh le haghaidh na mbannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go seachtrach agus go dtaifeadtar iad ar chlár comhardaithe na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach a eisítear go seachtrach;

(c)

nach gcuimsítear sa chomhthiomsú cumhdaigh le haghaidh na mbannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go seachtrach ach bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach ag institiúid creidmheasa aonair laistigh den ghrúpa;

(d)

go bhfuil sé beartaithe ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach iad a dhíol le hinfheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach lasmuigh den ghrúpa;

(e)

go gcáilíonn na bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach agus go seachtrach araon le haghaidh chéim 1 den cháilíocht chreidmheasa dá dtagraítear i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tráth a n‐eisiúna agus go bhfuil siad urrúsaithe ag sócmhainní cumhdaigh incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 6 den Treoir seo;

(f)

i gcás struchtúir trasteorann bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa, go comhlíonann sócmhainní cumhdaigh na mbannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint go hinmheánach ceanglais incháilitheachta agus chumhdaigh na mbannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint go seachtrach.

Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír den Airteagal seo, féadfaidh údaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) a cheadú gur i gcás bannaí faoi chumhdach a cháilíonn do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa tar éis athrú a mbeidh céim níos ísle den cháilíocht chreidmheasa a bhaineann leis na bannaí faoi chumhdach mar thoradh air, go leanfaidís de bheith ina gcuid de struchtúr bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa ar choinníoll go gcinneann na húdaráis inniúla sin nárbh ann don athrú ar an gcéim den cháilíocht chreidmheasa mar thoradh ar shárú ar na ceanglais don cheadú mar a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear Airteagal 19(2). Cuirfidh údaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) aon chinneadh de bhun na fomhíre seo in iúl do ÚBE ina dhiaidh sin.

Airteagal 9

Comhchistiú

1.   Ceadóidh na Ballstáit sócmhainní cumhdaigh incháilithe a thionscain institiúid creidmheasa agus a cheannaigh institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach atá le húsáid mar shócmhainní cumhdaigh le haghaidh eisiúint na mbannaí faoi chumhdach.

Déanfaidh na Ballstáit ceannacháin den sórt sin a rialáil chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 agus 12.

2.   Gan dochar don cheanglas a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit aistrithe a cheadú trí bhíthin socrú comhthaobhachta airgeadais de bhun Threoir 2002/47/CE.

3.   Gan dochar don cheanglas a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 1, maidir le sócmhainní arna dtionscnamh ag gnóthas nach institiúid creidmheasa é, féadfaidh na Ballstáit a n‐úsáid mar shócmhainní cumhdaigh a cheadú. I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit an rogha sin a fheidhmiú, éileoidh siad go ndéanfaidh an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach measúnú ar chaighdeáin deonaithe creidmheasa an ghnóthais ónar tionscnaíodh na sócmhainní cumhdaigh, sin nó go ndéanfaidh an institiúid creidmheasa féin measúnú críochnúil ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtaí.

Airteagal 10

Comhdhéanamh an chomhthiomsaithe cumhdaigh

Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí rialacha a leagan síos maidir le comhdhéanamh an chomhthiomsaithe cumhdaigh. Leis na rialacha sin, leagfar síos, i gcás inarb ábhartha, na coinníollacha maidir le sócmhainní príomhúla a bhfuil saintréithe éagsúla acu i dtéarmaí gnéithe struchtúracha, saolré nó próifíl priacal a bheith á n‐áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh ag institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 11

Conarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí chead a thabhairt conarthaí díorthach a chur sa chomhthiomsú cumhdaigh i gcás ina mbeidh na ceanglais seo a leanas ar a laghad comhlíonta, agus sa chás sin amháin:

(a)

tá na conarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh go heisiach chun críoch fálaithe priacail, déantar a dtoirt a choigeartú i gcás laghdú ar an bpriacal fálaithe agus baintear iad nuair a scoirfidh an priacal fálaithe de bheith ann;

(b)

tá na conarthaí díorthach doiciméadaithe go leordhóthanach;

(c)

tá na conarthaí díorthach leithscartha i gcomhréir le hAirteagal 12;

(d)

ní féidir na conarthaí díorthach a fhoirceannadh de dhroim dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a d’eisigh na bannaí faoi chumhdach;

(e)

tá na rialacha a leagtar síos i gcomhréir le mír 2 comhlíonta sna conarthaí díorthach.

2.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais atá liostaithe i mír 1, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le conarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh. Sonrófar leis na rialacha sin:

(a)

na critéir incháilitheachta le haghaidh na gcontrapháirtithe fálaithe;

(b)

an doiciméadú is gá a sholáthar maidir le conarthaí díorthach.

Airteagal 12

Leithscaradh sócmhainní cumhdaigh

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena rialófar leithscaradh na sócmhainní cumhdaigh. Beidh na ceanglais seo a leanas ar a laghad ar áireamh sna rialacha sin:

(a)

tá na sócmhainní cumhdaigh go léir inaitheanta i gcónaí ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(b)

tá na sócmhainní cumhdaigh go léir sa chomhthiomsú cumhdaigh faoi réir leithscaradh atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorfheidhmithe ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(c)

tá na sócmhainní cumhdaigh go léir cosanta ar éilimh tríú páirtí agus níl aon sócmhainn chumhdaigh ina cuid d’eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach go dtí go sásófar an teideal céadtosaíochta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1).

Chun críocha na chéad fhomhíre, áiritheofar aon chomhthaobhacht a fuarthas maidir le suíomhanna conarthaí díorthach leis na sócmhainní cumhdaigh.

2.   Beidh feidhm ag leithscaradh na sócmhainní cumhdaigh dá dtagraítear i mír 1 freisin i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 13

Monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh

1.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gceapfaidh na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach monatóir chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar an gcomhthiomsú cumhdaigh i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 go 12 agus in Airteagail 14 go 17.

2.   I gcás ina bhfeidhmeoidh na Ballstáit an rogha dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh siad rialacha a leagan síos maidir leis na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

an monatóir ar an gcomhthiomsú cumhdaigh a cheapadh agus a chur as oifig;

(b)

aon chritéir incháilitheachta maidir leis an monatóir ar an gcomhthiomsú cumhdaigh;

(c)

ról agus dualgais an mhonatóra ar an gcomhthiomsú cumhdaigh, lena n‐áirítear i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(d)

an oibleagáid tuairisciú do na húdaráis inniúla atá ainmnithe de bhun Airteagal 18(2);

(e)

an ceart rochtana ar fhaisnéis is gá le haghaidh dualgais an mhonatóra ar an gcomhthiomsú cumhdaigh a dhéanamh.

3.   I gcás ina bhfeidhmeoidh na Ballstáit an rogha dá bhforáiltear i mír 1, beidh monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh scoite agus neamhspleách ón institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus ó iniúchóir na hinstitiúide creidmheasa sin.

Féadfaidh na Ballstáit monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh nach bhfuil ar leithligh ón institiúid creidmheasa (“monatóir inmheánach ar an gcomhthiomsú cumhdaigh”) a cheadú sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá an monatóir inmheánach ar an gcomhthiomsú cumhdaigh neamhspleách ó phróiseas cinnteoireachta creidmheasa na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(b)

gan dochar do phointe (a) de mhír 2, áirithíonn na Ballstáit nach féidir an monatóir inmheánach ar an gcomhthiomsú cumhdaigh a chur as an bpost sin mar mhonatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh gan formheas roimh ré a fháil ón gcomhlacht bainistíochta i mbun a fheidhme maoirseachta ar an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach; agus

(c)

i gcás inar gá, tá rochtain dhíreach ag an monatóir inmheánach ar an gcomhthiomsú cumhdaigh ar an gcomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta.

4.   I gcás ina bhfeidhmeoidh Ballstáit an rogha dá bhforáiltear i mír 1, tabharfaidh siad fógra do ÚBE.

Airteagal 14

Faisnéis don infheisteoir

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis ar fáil faoi na cláir bannaí faoi chumhdach atá acu atá mionsonraithe a ndóthain le gur féidir le hinfheisteoirí próifíl agus priacail an chláir sin a mheas agus dícheall cuí a dhéanamh.

2.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil d’infheisteoirí go ráithiúil ar a laghad, agus go mbeidh an fhaisnéis phunainne seo a leanas ar a laghad san áireamh:

(a)

luach an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus na mbannaí faoi chumhdach gan íoc;

(b)

liosta de na hUimhreacha Aitheantais Idirnáisiúnta Urrús (ISINanna) i ndáil le gach banna faoi chumhdach arna eisiúint faoin gclár sin, a bhfuil ISIN tugtha dó;

(c)

dáileachán geografach agus cineál na sócmhainní cumhdaigh, méid a n‐iasachtaí agus modh luachála na n‐iasachtaí;

(d)

mionsonraí i ndáil le priacal margaidh, lena n‐áirítear priacal ráta úis agus priacal airgeadra, agus priacail chreidmheasa agus leachtachta;

(e)

struchtúr aibíochta na sócmhainní cumhdaigh agus na mbannaí faoi chumhdach, lena n‐áirítear forléargas ar na truicir sínte aibíochta más infheidhme;

(f)

leibhéil an chumhdaigh atá ag teastáil agus atá ar fáil, agus leibhéil an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh reachtúil, chonarthaigh agus dheonaigh;

(g)

céatadán na n‐iasachtaí ina meastar gur tharla mainneachtain de bhun Airteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in aon chás inar mó na hiasachtaí ná 90 lá thar téarma.

I gcás na mbannaí faoi chumhdach a eisítear go seachtrach faoi struchtúir bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 8, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil d’infheisteoirí an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nó nasc chuici sin, i ndáil le gach banna faoi chumhdach den ghrúpa arna eisiúint go hinmheánach. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil d’infheisteoirí ar bhonn comhiomlánaithe ar a laghad.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trína cheangal ar institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach an fhaisnéis a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Ní chuirfidh na Ballstáit ceangal ar na hinstitiúidí creidmheasa sin an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar pháipéar.

Roinn II

Ceanglais maidir le cumhdach agus leachtacht

Airteagal 15

Ceanglais chumhdaigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trína cheangal go gcomhlíonfaidh na cláir bannaí faoi chumhdach na ceanglais chumhdaigh a leagtar síos i míreanna 2 go 8 ar a laghad i gcónaí.

2.   Déanfar dliteanais uile na mbannaí faoi chumhdach a chumhdach in éilimh ar íocaíocht a bheidh ag gabháil leis na sócmhainní cumhdaigh.

3.   Áireofar sna dliteanais dá dtagraítear i mír 2:

(a)

na hoibleagáidí i dtaca le híocaíocht phríomhshuim na mbannaí faoi chumhdach gan íoc;

(b)

na hoibleagáidí i dtaca le híocaíocht aon úis ar bhannaí faoi chumhdach gan íoc;

(c)

na hoibleagáidí íocaíochta a bheidh ag gabháil le conarthaí díorthach atá i seilbh i gcomhréir le hAirteagal 11; agus

(d)

na costais a bhfuiltear ag súil leo a bhaineann le cothabháil agus riar le haghaidh fhoirceannadh na gclár bannaí faoi chumhdach.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit ríomh cnapshuime a cheadú.

4.   Measfar go rannchuideoidh na sócmhainní cumhdaigh seo a leanas leis an gceanglas cumhdaigh:

(a)

sócmhainní príomhúla;

(b)

sócmhainní ionadaíochta;

(c)

sócmhainní leachtacha i seilbh i gcomhréir le hAirteagal 16; agus

(d)

éilimh ar íocaíocht a bheidh ag gabháil le conarthaí díorthach atá i seilbh i gcomhréir le hAirteagal 11.

Ní rannchuidíonn éilimh neamh-chomhthaobhaithe ina meastar gur tharla mainneachtain de bhun Airteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le cumhdach.

5.   Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3 agus phointe (d) den chéad fhomhír de mhír 4, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le luacháil conarthaí díorthach.

6.   Áiritheofar i ríomh mhéid an chumhdaigh atá de dhíth go mbeidh príomhshuim chomhiomlán na sócmhainní cumhdaigh uile cothrom le príomhshuim chomhiomlán na mbannaí faoi chumhdach gan íoc nó níos mó ná an méid sin ('prionsabal ainmniúil').

Féadfaidh na Ballstáit prionsabail ríofa eile a cheadú, ar an gcoinníoll nach gcruthaíonn siad cóimheas níos airde cumhdaigh ná an leibhéal arna ríomh faoin bprionsabal ainmniúil.

Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir le haon ús is iníoctha maidir le bannaí faoi chumhdach gan íoc agus ús is infhaighte maidir le sócmhainní cumhdaigh a ríomh, lena léireofar prionsabail fhónta stuamachta i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme.

7.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 6, féadfaidh na Ballstáit, ar shlí a léireoidh prionsabail fhónta stuamachta agus i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, a cheadú go gcuirfear san áireamh an t‐ús is infhaighte amach anseo ar an tsócmhainn chumhdaigh glan ón ús is iníoctha ar an mbanna faoi chumhdach comhfhreagrach chun cothromaíocht a bhaint amach idir aon ghannchion sa chumhdach i ndáil leis an oibleagáid i dtaca le híoc na príomhshuime a bheidh ag gabháil leis an mbanna faoi chumhdach, i gcás ina mbeidh dlúthchomhar ann faoi mar a shainmhínítear sa rialachán tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

maidir le híocaíochtaí a fuarthas le linn shaolré na sócmhainne cumhdaigh agus atá riachtanach le haghaidh chumhdach na hoibleagáide íocaíochta a bheidh ag gabháil leis an mbanna faoi chumhdach comhfhreagrach, déantar iad a leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 12 nó déantar iad a áireamh sa chomhthiomsú cumhdaigh i bhfoirm sócmhainní cumhdaigh dá dtagraítear in Airteagal 6 go dtí go mbeidh na híocaíochtaí dlite; agus

(b)

ní féidir an tsócmhainn chumhdaigh a réamhíoc ach amháin tríd an rogha seachadta a fheidhmiú, mar a shainmhínítear sa rialachán tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó, i gcás bannaí faoi chumhdach inghlaoite ar par ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach, trí pharmhéid na sócmhainne cumhdaigh ar a laghad a bheith íoctha ag iasachtaí na sócmhainne cumhdaigh.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ríomh na sócmhainní cumhdaigh agus ríomh na ndliteanas bunaithe ar an modheolaíocht chéanna. Féadfaidh na Ballstáit modheolaíochtaí ríofa eile a cheadú le haghaidh ríomh na sócmhainní cumhdaigh ar lámh amháin agus ríomh na ndliteanas ar an lámh eile, ar choinníoll nach gcruthófar, le húsáid modheolaíochtaí éagsúla den sórt sin, cóimheas níos airde cumhdaigh ná an leibhéal arna ríomh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht chéanna le haghaidh ríomh na sócmhainní cumhdaigh agus na ndliteanas araon.

Airteagal 16

Ceanglas i leith maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trína cheangal go mbeidh i gcónaí sa chomhthiomsú cumhdaigh maolán leachtachta ina bhfuil sócmhainní leachtacha atá ar fáil chun glan-eis-sreabhadh leachtachta an chláir bannaí faoi chumhdach a chumhdach.

2.   Le maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh, cumhdófar uasmhéid carnach an ghlan-eis-sreabhaidh leachtachta thar an gcéad 180 lá eile.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuimseofar i maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na cineálacha sócmhainní seo a leanas, arna leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Treoir seo:

(a)

sócmhainní a cháilíonn mar shócmhainní ar leibhéal 1, leibhéal 2A nó leibhéal 2B den rialachán tarmligthe is infheidhme a glacadh de bhun Airteagal 460 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, atá luacháilte i gcomhréir leis an rialachán tarmligthe sin, agus nach bhfuil eisithe ag an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach í féin, a máthairghnóthais, seachas eintiteas earnála poiblí nach institiúid creidmheasa é, a fochuideachta nó fochuideachta eile a máthairghnóthais nó ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin a bhfuil dlúthnaisc ag an institiúid creidmheasa leis;

(b)

risíochtaí gearrthéarmacha ar institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1 nó 2 den cháilíocht chreidmheasa, nó taiscí gearrthéarmacha chuig institiúidí creidmheasa a cháilíonn do chéim 1, 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Féadfaidh na Ballstáit na cineálacha sócmhainní leachtacha atá le húsáid chun críocha phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a shrianadh.

Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir éilimh neamh-chomhthaobhaithe ó risíochtaí a mheasfar a bheith ar mainneachtain de bhun Airteagal 178 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheith ina gcuid de mhaolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh.

4.   I gcás ina bhfuil institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faoi réir ceanglais leachtachta a leagtar amach i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais as a leanfaidh forluí le maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm ar feadh na tréimhse dá foráiltear sna gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais. Ní fhéadfaidh na Ballstáit an rogha sin a fheidhmiú ach amháin go dtí an dáta a dtiocfaidh leasú ar na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais chun an forluí a dhíchur chun bheith infheidhme agus cuirfidh siad an Coimisiún agus ÚBE ar an eolas i gcás ina bhfeidhmíonn siad an rogha sin.

5.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt an phríomhshuim le haghaidh struchtúir aibíochta insínte a ríomh bunaithe ar an dáta aibíochta deiridh i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an bhanna faoi chumhdach.

6.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach mbaineann mír 1 leis na bannaí faoi chumhdach atá faoi réir ceanglais cistiúcháin meaitseála.

Airteagal 17

Coinníollacha le haghaidh struchtúir aibíochta insínte

1.   Féadfaidh na Ballstáit eisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte a cheadú i gcás ina n‐áiritheofar cosaint d’infheisteoirí tríd an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

ní féidir an aibíocht a fhadú ach faoi réir truicir oibiachtúla arna sonrú sa dlí náisiúnta, agus gan faoi réir rogha na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(b)

sonraítear na truicir sínte aibíochta sna téarmaí conarthacha agus i gcoinníollacha an bhanna faoi chumhdach;

(c)

is leor an fhaisnéis a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí faoin struchtúr aibíochta chun iad a chumasú priacal an bhanna faoi chumhdach a chinneadh, agus áirítear léi cur síos mionsonraithe ar an méid a leanas:

(i)

na truicir sínte aibíochta;

(ii)

iarmhairtí i leith síneadh aibíochta i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;

(iii)

ról na n‐údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) agus, i gcás inarb ábhartha, an riarthóra speisialta maidir leis an síneadh aibíochta;

(d)

is inchinnte i gcónaí dáta aibíochta deiridh an bhanna faoi chumhdach;

(e)

i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach, ní dhéanann síntí aibíochta difear do rangú infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach nó ní dhéanann siad seicheamhú sceideal aibíochta bunaidh na gclár bannaí faoi chumhdach a aisiompú;

(f)

ní athraíonn an síneadh aibíochta gnéithe struchtúracha na mbannaí faoi chumhdach maidir leis an dé-iontaoibh dá dtagraítear in Airteagal 4 agus an scoiteacht féimheachta dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.   Na Ballstáit a cheadaíonn eisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte, tabharfaidh siad fógra do ÚBE dá réir sin.

TEIDEAL III

MAOIRSEACHT PHOIBLÍ AR BHANNAÍ FAOI CHUMHDACH

Airteagal 18

Maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí fhoráil a dhéanamh go bhfuil eisiúint bannaí faoi chumhdach faoi réir maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach.

2.   Chun críocha na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach dá dtagraítear i mír 1, ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó. Cuirfidh siad na húdaráis ainmnithe sin in iúl don Choimisiún agus do ÚBE agus léireoidh siad aon roinnt ar fheidhmeanna agus ar dhualgais.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun mhír 2 faireachán ar eisiúint bannaí faoi chumhdach chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcláróidh institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach a gcuid idirbheart go léir maidir leis an gclár bannaí faoi chumhdach agus go bhfuil córais agus próisis doiciméadúcháin leordhóthanacha iomchuí i bhfeidhm acu.

5.   Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na bearta iomchuí i bhfeidhm chun na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun mhír 2 den Airteagal seo a chumasú an fhaisnéis a fháil atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, imscrúdú a dhéanamh ar na sáruithe féideartha ar na ceanglais sin, agus pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 23.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an saineolas, na hacmhainní, an cumas oibríochtúil, na cumhachtaí agus an neamhspleáchas is gá ag na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun mhír 2 chun na feidhmeanna a bhaineann leis an maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach a chomhlíonadh.

Airteagal 19

Cead le haghaidh cláir bannaí faoi chumhdach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit cosaint infheisteoirí trína cheangal go mbeidh cead le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach faighte sula n‐eiseofar bannaí faoi chumhdach faoin gclár sin. Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht cead den sórt sin a thabhairt d’údaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2).

2.   Leagfaidh na Ballstáit na ceanglais síos maidir leis an gcead dá dtagraítear i mír 1, lena n‐áireofar an méid a leanas ar a laghad:

(a)

clár leordhóthanach oibríochtaí lena leagtar amach eisiúint bannaí faoi chumhdach;

(b)

beartais leordhóthanacha, próisis agus modheolaíochtaí dírithe ar chosaint infheisteoirí chun iasachtaí atá san áireamh leis an gcomhthiomsú cumhdaigh a fhormheas, a leasú, a athnuachan agus a athmhaoiniú;

(c)

lucht bainistíochta agus foireann atá tiomnaithe don chlár bannaí faoi chumhdach lena mbaineann cáilíochtaí leordhóthanacha agus eolas leordhóthanach maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus riar an chláir bannaí faoi chumhdach;

(d)

leagan amach riaracháin an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus an faireachán air lena gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo.

Airteagal 20

Maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach i gcás dócmhainneachta nó réitigh

1.   Comhoibreoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) leis an údarás réitigh i gcás réiteach de chuid institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach chun a áirithiú go gcaomhnófar cearta agus leasanna na n‐infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach, lena n‐áirítear ar a laghad trí bhainistiú leanúnach agus fónta an chláir bannaí faoi chumhdach le linn thréimhse an phróisis réitigh a fhíorú.

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh le go gceapfar riarthóir speisialta chun a áirithiú go gcaomhnófar cearta agus leasanna na n-infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach, lena n‐áirítear ar a laghad trí bhainistiú leanúnach agus fónta an chláir bannaí faoi chumhdach le linn na tréimhse riachtanaí a fhíorú.

I gcás ina bhfeidhmeoidh na Ballstáit an rogha sin, féadfaidh siad a cheangal ar a gcuid údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) ceapadh agus dífhostú an riarthóra speisialta a fhormheas, éileoidh na Ballstáit a fheidhmeoidh an rogha sin ar a laghad go rachfar i gcomhairle leis na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) maidir leis an riarthóir speisialta a cheapadh agus a chur as oifig.

3.   I gcás ina ndéanfaidh Ballstáit foráil maidir le riarthóir speisialta a cheapadh i gcomhréir le mír 2, glacfaidh siad rialacha lena leagfar síos cúraimí agus dualgais an riarthóra speisialta sin maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

na dliteanais a bhaineann leis na bannaí faoi chumhdach a urscaoileadh;

(b)

sócmhainní cumhdaigh a bhainistiú agus a réadú, lena n‐áirítear a n‐aistriú i dteannta le dliteanais bannaí faoi chumhdach chuig institiúid creidmheasa eile a eisíonn bannaí faoi chumhdach;

(c)

na hidirbhearta dlíthiúla is gá a dhéanamh le haghaidh riaradh cuí an chomhthiomsaithe cumhdaigh, le haghaidh an fhaireacháin leanúnaigh ar chumhdach na ndliteanas a ghabhann leis na bannaí faoi chumhdach, chun imeachtaí a thionscnamh chun sócmhainní a thabhairt ar ais sa chomhthiomsú cumhdaigh agus chun na sócmhainní atá fágtha a aistriú chuig eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa a d’eisigh na bannaí faoi chumhdach tar éis gach dliteanas banna faoi chumhdach a bheith urscaoilte.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit a cheadú don riarthóir speisialta oibriú, i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach, faoin údarú atá i seilbh na hinstitiúide creidmheasa sin, faoi réir na gceanglas oibríochtúil céanna.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit comhordú agus malartú faisnéise chun críocha an phróisis dócmhainneachta nó réitigh i measc na n‐údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2), an riarthóra speisialta, i gcás inar ceapadh riarthóir den sórt sin, agus, i gcás réitigh, an údaráis réitigh.

Airteagal 21

Tuairisciú do na húdaráis inniúla

1.   Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí cheanglas a chur ar institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2 faoi chláir bannaí faoi chumhdach a thuairisciú do na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2). Déanfar an tuairisciú ar bhonn rialta agus arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla sin. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le minicíocht an tuairiscithe rialta sin.

2.   Na hoibleagáidí tuairiscithe atá le leagan síos de bhun mhír 1, ceanglófar leo go n‐áireofar san fhaisnéis atá le soláthar faisnéis maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

incháilitheacht na gceanglas maidir le sócmhainní agus comhthiomsú cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagail 6 go 11;

(b)

leithscaradh sócmhainní cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(c)

i gcás inarb iomchuí, feidhmiú an mhonatóra ar an gcomhthiomsú cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 13;

(d)

na ceanglais chumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 15;

(e)

maolán leachtachta an chomhthiomsaithe cumhdaigh i gcomhréir le hAirteagal 16;

(f)

i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha le haghaidh struchtúir aibíochta insínte i gcomhréir le hAirteagal 17.

3.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis na rialacha faoin bhfaisnéis atá le soláthar faoi mhír 2 ag na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach do na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i gcás dócmhainneacht nó réiteach institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 22

Cumhachtaí na n-údarás inniúil chun críoch maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit cosaint d’infheisteoirí trí na cumhachtaí uile maoirseachta, imscrúdúcháin agus pionósacha is gá chun cúram na maoirseachta poiblí ar bhannaí faoi chumhdach a dhéanamh a thabhairt d’údaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2).

2.   Áireofar leis na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an chumhacht cead a dheonú nó a dhiúltú de bhun Airteagal 19;

(b)

an chumhacht athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an gclár bannaí faoi chumhdach d’fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo;

(c)

an chumhacht iniúchtaí ar an láithreán agus lasmuigh den láithreán a dhéanamh;

(d)

an chumhacht pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear Airteagal 23;

(e)

an chumhacht treoirlínte maoirseachta maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

Airteagal 23

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.   Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena mbunófar pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a bheidh infheidhme ar a laghad sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá cead faighte ag institiúid creidmheasa le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach trí bhíthin ráitis bhréagacha nó modhanna mírialta eile;

(b)

ní chomhlíonann institiúid creidmheasa na coinníollacha faoinar tugadh cead le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach a thuilleadh;

(c)

eisíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach gan an cead a fháil i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 19;

(d)

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 4 a chomhlíonadh;

(e)

eisíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 5;

(f)

eisíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach nach bhfuil comhthaobhaithe i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 6;

(g)

eisíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach atá comhthaobhaithe ag sócmhainní atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, de shárú ar na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 7;

(h)

comhthaobhaíonn institiúid creidmheasa bannaí faoi chumhdach i struchtúr bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa, de shárú ar na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 8;

(i)

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na coinníollacha le haghaidh comhchistithe a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 9 a chomhlíonadh;

(j)

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais maidir le comhdhéanamh an chomhthiomsaithe cumhdaigh a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 10 a chomhlíonadh;

(k)

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais maidir le conarthaí díorthach sa chomhthiomsú cumhdaigh a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 11 a chomhlíonadh;

(l)

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais maidir le leithscaradh na sócmhainní cumhdaigh i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 12 a chomhlíonadh;

(m)

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis a thuairisciú nó cuireann sí faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn ar fáil, de shárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 14;

(n)

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach, arís agus arís eile nó ar dhóigh leanúnach, maolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh a choimeád, de shárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 16;

(o)

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte na coinníollacha maidir le struchtúir aibíochta insínte a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 17 a chomhlíonadh;

(p)

mainníonn institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach faisnéis a thuairisciú nó cuireann sí faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn ar fáil faoina hoibleagáidí, de shárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 21(2).

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan foráil a dhéanamh maidir le pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile i gcás sáruithe atá faoi réir pionóis choiriúla faoina ndlí náisiúnta. Sna cásanna sin, cuirfidh na Ballstáit forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún.

2.   Beidh na pionóis agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach comhréireach athchomhairleach agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad iontu:

(a)

tarraingt siar ceada le haghaidh clár bannaí faoi chumhdach;

(b)

ráiteas poiblí ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 24;

(c)

ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus gan bheith i mbun na hiompraíochta sin in athuair;

(d)

pionóis airgid riaracháin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfear na pionóis agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme go héifeachtach.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le cineál na bpionós riaracháin nó na mbeart riaracháin eile agus maidir le méid na bpionós airgid riaracháin, go cuirfidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) san áireamh na himthosca seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:

(a)

tromchúis an tsáraithe agus a fhad a mhair sé;

(b)

méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)

acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, lena n‐áirítear faoi threoir láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh nó ioncam bliantúil an duine nádúrtha;

(d)

méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine sin, mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir na brabúis nó na caillteanais sin a chinneadh;

(e)

na caillteanais tríú páirtithe mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir na caillteanais sin a chinneadh;

(f)

an méid a chomhoibrigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú leis na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2);

(g)

aon sárú a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú roimhe sin;

(h)

aon iarmhairtí sistéamacha iarbhír nó féideartha de thoradh an tsáraithe.

5.   I gcás ina bhfuil feidhm ag na forálacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le daoine dlítheanacha, áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirfidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus maidir le daoine aonair eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfar aon chinneadh lena bhforchuirfear pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile mar a leagtar amach i mír 2, go dtabharfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2), an deis don duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann éisteacht a fháil. Féadfar feidhm a bheith ag eisceachtaí ón gceart éisteachta maidir le glacadh na mbeart riaracháin eile sin i gcás ina mbeidh gá le gníomhaíocht phráinneach chun caillteanais shuntasacha do thríú páirtithe nó damáiste suntasach don chóras airgeadais a chosc. I gcásanna den sórt sin, tabharfar an deis don duine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an beart riaracháin sin a bheith glactha agus, i gcás inar gá, déanfar athbhreithniú ar an mbeart sin.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon chinneadh lena bhforchuirfear pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile mar a leagtar amach i mír 2, réasúnaithe mar is ceart agus go mbeidh sé faoi réir cead achomhairc.

Airteagal 24

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhoilsiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n‐áireofar le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo rialacha lena gceanglófar go bhfoilseofar pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile gan moill mhíchuí ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla na n‐údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2). Tá feidhm ag na hoibleagáidí céanna i gcás ina gcinnfidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla de bhun an dara fomhír d’Airteagal 23(1).

2.   Ceanglófar leis na rialacha a ghlactar de bhun mhír 1 go bhfoilseofar ar a laghad aon chinneadh nach féidir achomharc déanta ina leith nó nach féidir achomharc a dhéanamh ina leith a thuilleadh, agus a fhorchuirfear de dheasca sárú ar fhorálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go n‐áireofar leis an bhfoilseachán sin faisnéis faoi chineál agus saghas an tsáraithe agus céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar a bhforchuireadh an pionós nó beart. Faoi réir mhír 4, áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhfoilseofar an fhaisnéis sin gan moill mhíchuí tar éis don seolaí a bheith curtha ar an eolas faoin bpionós nó faoin mbeart sin agus chomh maith leis sin faoi fhoilsiú an chinnidh lena bhforchuirtear an pionós sin nó an beart sin ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla na n‐údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2).

4.   I gcás ina gceadóidh Ballstáit cinneadh a fhoilsiú lena bhforchuirtear pionóis nó bearta eile a bhfuil ábhar achomhairc ina n‐aghaidh ar feitheamh, foilseoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) freisin, gan moill mhíchuí, ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla, faisnéis maidir le stádas an achomhairc agus lena thoradh.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) an cinneadh lena bhforchuirtear pionóis nó bearta a fhoilsiú ar bhonn anaithnid agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina ngearrfar an pionós nó an beart ar dhuine nádúrtha agus go gcinnfear go bhfuil sé díréireach sonraí pearsanta a fhoilsiú;

(b)

i gcás ina gcuirfeadh an foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt;

(c)

i gcás ina mbeadh an foilsiú ina chúis, a mhéid is féidir a chinneadh, le damáiste díréireach do na hinstitiúidí creidmheasa nó do na daoine nádúrtha atá i gceist.

6.   I gcás ina bhfoilseoidh Ballstát cinneadh lena bhforchuirtear pionós nó beart ar bhonn anaithnid, féadfaidh sé a cheadú go gcuirfear foilsiú na sonraí ábhartha siar.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar freisin aon rialú deiridh cúirte lena gcuirtear ar neamhní cinneadh lena bhforchuirtear pionós nó beart.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfanfaidh aon fhoilseachán dá dtagraítear i míreanna 2 go 6 ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla na n‐údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) go ceann cúig bliana tar éis an dáta foilsithe. Sonraí pearsanta a bheidh san fhoilsiú, ní choinneofar ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil iad ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Déanfar tréimhse choinneála den sórt sin a chinneadh agus na tréimhsí teorann dá bhforáiltear i reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann á gcur san áireamh ach, in aon chás, ní bheidh sí níos faide ná deich mbliana.

9.   Cuirfidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) ÚBE ar an eolas faoi aon phionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile arna bhforchur, lena n‐áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon achomharc ina dtaobh agus an toradh a bhí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla sin faisnéis mar aon le sonraí faoin mbreithiúnas críochnaitheach i ndáil le haon phionós coiriúil arna fhorchur, agus cuirfear na húdaráis inniúla sin an méid sin faoi bhráid ÚBE.

10.   Coimeádfaidh ÚBE bunachar sonraí lárnach de phionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a cuireadh in iúl dóibh. Is iad na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2), agus iadsan amháin, a mbeidh rochtain acu ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 9 den Airteagal seo.

Airteagal 25

Oibleagáidí comhair

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla a dhéanann an mhaoirseacht ghinearálta ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais is infheidhme maidir leis na hinstitiúidí sin agus leis an údarás réitigh i gcás réiteach institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach.

2.   Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i ndlúthchomhar le chéile. Beidh soláthar faisnéise dá chéile atá ábhartha d’fheidhmiú chúraimí maoirseachta na n‐údarás eile faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo san áireamh sa chomhoibriú sin.

3.   Chun críocha an dara habairt de mhír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) na nithe seo a leanas a chur in iúl:

(a)

gach faisnéis ábhartha arna iarraidh sin d’údarás inniúil eile a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2); agus

(b)

ar a dtionscnamh féin, aon fhaisnéis atá riachtanach d’údaráis inniúla eile a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i mBallstáit eile.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go n‐oibreoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) i gcomhar le ÚBE nó, i gcás inarb ábhartha, leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), arna bhunú le Rialachán (AE) 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), chun críocha na Treorach seo.

5.   Chun críocha an Airteagail seo, measfar go bhfuil faisnéis ríthábhachtach más rud é go bhféadfadh sí tionchar suntasach a imirt ar an measúnú ar eisiúint bannaí faoi chumhdach i mBallstát eile.

Airteagal 26

Ceanglais maidir le nochtadh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) an fhaisnéis seo a leanas ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla:

(a)

téacsanna a ndlíthe náisiúnta, rialacháin náisiúnta, rialacha riaracháin náisiúnta agus na treorach ginearálta náisiúnta arna nglacadh maidir le bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(b)

liosta na n‐institiúidí creidmheasa a bhfuil cead acu bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(c)

liosta na mbannaí faoi chumhdach atá i dteideal an lipéad “Banna Eorpach faoi Chumhdach” a úsáid agus liosta na mbannaí atá i dteideal an lipéad “Banna Eorpach faoi Chumhdach (Préimh)” a úsáid.

2.   Beidh an fhaisnéis a fhoilseofar i gcomhréir le mír 1 leordhóthanach chun gur féidir comparáid a bhfuil ciall léi a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige éagsúla a ghlacann údaráis inniúla na mBallstát éagsúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2). Nuashonrófar an fhaisnéis sin chun aon athrú a chur san áireamh.

3.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) fógra do ÚBE ar bhonn bliantúil faoi liosta na n-institiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus liostaí na mbannaí faoi chumhdach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1.

TEIDEAL IV

LIPÉADÚ

Airteagal 27

Lipéadú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an lipéad “Banna Eorpach faoi Chumhdach” agus a aistriúchán i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ach amháin le haghaidh bannaí faoi chumhdach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n‐úsáidfear an lipéad “Banna Eorpach faoi Chumhdach (Préimh)” agus a aistriúchán i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ach amháin le haghaidh bannaí faoi chumhdach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo agus a chomhlíonann ceanglais Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/2160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

TEIDEAL V

LEASUITHE AR THREORACHA EILE

Airteagal 28

Leasú ar Threoir 2009/65/CE

Leasaítear Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“4.

Féadfaidh Ballstáit an teorainn 5 % a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 1 a ardú go dtí uasmhéid 25 % i gcás ina mbeidh na bannaí eisithe roimh an 8 Iúil 2022 agus i gcás ina gcomhlíonann na bannaí sin na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo de réir mar is infheidhme ar dháta a n‐eisiúna, nó i gcás ina dtagann na bannaí faoin sainmhíniú ar bhannaí faoi chumhdach i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO L 328, 18.12.2019, lch.29).”."

(2)

scriostar an tríú fomhír.

Airteagal 29

Leasú ar Threoir 2014/59/AE

In Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 96:

“(96)

ciallaíonn ‘banna faoi chumhdach’ banna faoi chumhdach faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2)nó, i dtaca le ionstraim arna heisiúint roimh an 8 Iúil 2022, banna dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), de réir mar is infheidhme ar an dáta a eisítear é;

TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

Bearta idirthréimhseacha

1.   Maidir le bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 8 Iúil 2022 agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE, de réir mar is infheidhme ar dháta a n‐eisiúna, áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil siad faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 5 go 12 agus in Airteagail 15, 16, 17 agus 19 den Treoir seo, ach féadfar leanúint de bheith ag tagairt dóibh mar bhannaí faoi chumhdach i gcomhréir leis an Treoir seo go dtí go mbeidh siad aibí.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) den Treoir seo faireachán ar chomhlíonadh na mbannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 8 Iúil 2022 leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE, de réir mar is infheidhme ar dháta a n‐eisiúna, agus le ceanglais na Treorach seo, a mhéid atá siad infheidhme i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

2.   Féadfaidh na Ballstáit mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le heisiúintí leanúnacha i ndáil le bannaí faoi chumhdach a ndéanfar oscailt ISIN ina leith roimh an 8 Iúil 2022 suas le 24 mhí tar éis an dáta sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na heisiúintí sin na ceanglais seo a leanas ar fad:

(a)

titeann dáta aibíochta an bhanna faoi chumhdach roimh an 8 Iúil 2027;

(b)

ní sháraíonn méid iomlán na n‐eisiúintí leanúnacha arna ndéanamh tar éis an 8 Iúil 2022 dhá oiread de mhéid iomlán na mbannaí faoi chumhdach gan íoc ar an dáta sin;

(c)

ní sháraíonn méid iomlán eisiúna an bhanna faoi chumhdach tráth na haibíochta EUR 6 000 000 000 nó an méid comhionann in airgeadra intíre;

(d)

tá na sócmhainní comhthaobhachta lonnaithe sa Bhallstát a chuireann mír 1 i bhfeidhm maidir le heisiúintí leanúnacha bannaí faoi chumhdach.

Airteagal 31

Athbhreithniú agus tuairisciú

1.   Faoin 8 Iúil 2024, cuirfidh an Coimisiún, i dlúthchomhar le ÚBE, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maille le togra reachtach, más iomchuí, i dtaobh an bhféadfaí córas coibhéise a thabhairt isteach le haghaidh institiúidí creidmheasa tríú tír a eisíonn bannaí faoi chumhdach, agus le haghaidh infheisteoirí sna bannaí faoi chumhdach sin, agus, dá bhféadfaí sin a dhéanamh, i dtaobh na caoi a ndéanfar an córas sin a thabhairt isteach, agus forbairtí idirnáisiúnta i réimse na mbannaí faoi chumhdach, go háirithe forbairt creataí reachtacha i dtríú tíortha, á gcur san áireamh aige.

2.   Faoin 8 Iúil 2024, déanfaidh an Coimisiún, i dlúthchomhar le ÚBE, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur chun feidhme na Treorach seo i dtaca le leibhéal na cosanta infheisteoirí agus leis na forbairtí i ndáil le bannaí faoi chumhdach arna n‐eisiúint san Aontas. Áireofar sa tuarascáil aon mholtaí le haghaidh gníomhaíocht bhreise. Áireofar sa tuarascáil faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

forbairtí maidir le líon na gceadanna chun bannaí faoi chumhdach a eisiúint;

(b)

forbairtí maidir le líon na mbannaí faoi chumhdach a eisíodh i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo agus i gcomhréir le hAirteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

forbairtí maidir leis na sócmhainní lena gcomhthaobhaítear eisiúint na mbannaí faoi chumhdach;

(d)

forbairtí maidir le leibhéal an ró-urrúsaithe chomhthaobhaigh;

(e)

infheistíochtaí trasteorann i mbannaí faoi chumhdach, lena n‐áirítear infheistíocht isteach ó thríú tíortha agus infheistíocht amach chucu;

(f)

forbairtí maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte;

(g)

forbairtí maidir leis na priacail agus na tairbhí a bhaineann le risíochtaí a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 129(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(h)

feidhmiú mhargaí na mbannaí faoi chumhdach.

3.   Faoin 8 Iúil 2024, tarchuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na saincheisteanna a liostaítear i mír 2 chuig an gCoimisiún.

4.   Faoin 8 Iúil 2024, tar éis staidéar a choimisiúnú agus a fháil lena ndéantar measúnú ar na priacail agus tairbhí a eascraíonn as bannaí faoi chumhdach ag a bhfuil struchtúir aibíochta insínte agus tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, glacfaidh an Coimisiún tuarascáil agus cuirfidh sé an staidéar sin agus an tuarascáil sin, maille le togra reachtach, más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

5.   Faoin 8 Iúil 2024, glacfaidh an Coimisiún tuarascáil faoin bhféidearthacht ionstraim dé-iontaoibhe a thabhairt isteach, ar a dtabharfaí “Nótaí Urraithe Eorpacha”. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maille le togra reachtach, más iomchuí.

Airteagal 32

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 8 Iúil 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ar a dhéanaí ón 8 Iúil 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 34

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 56.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019.

(3)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúchán agus riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena ndéantar forlíonadh ar Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1).

(7)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(8)  Moladh ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 20 Nollaig 2012 maidir le hinstitiúidí creidmheasa a chistiú (BERS/2012/2) (IO C 119, 25.4.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(10)  EBA Report on covered bonds — Recommendations on harmonisation of covered bond frameworks in the EU (2016), EBA-Op-2016-23 (Tuarascáil ó ÚBÉ maidir le bannaí faoi chumhdach — Moltaí i dtaca le comhchuibhiú creataí bannaí faoi chumhdach san Aontas Eorpach (2016) ÚBE-Op-2016-230).

(11)  Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le trédhearcacht caidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus chomh maith leis sin maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe (IO L 318, 17.11.2006, lch. 17).

(12)  Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(14)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(19)  Rialachán (AE) 2019/2160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).