ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 321

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
12 Nollaig 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2019/2121 Ó Pharlaimint Na Heorpa Agus Ón Gcomhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann ( 1 )

1

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

TREORACHA

12.12.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/1


TREOIR (AE) 2019/2121 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(1) agus (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) rialaítear comhshónna trasteorann de chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta. Maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, is cloch mhíle shuntasach do chuideachtaí agus do ghnólachtaí iad na rialacha cumaisc trasteorann toisc go gcumasaítear iad a saoirse bhunaíochta a fheidhmiú. De thoradh meastóireachta ar na rialacha sin, áfach, léirítear gur gá iad a athrú. Anuas air sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rialacha lena rialaítear comhshónna agus deighiltí trasteorann, ós rud é nach bhforáiltear le Treoir (AE) 2017/1132 ach do rialacha maidir le deighiltí intíre cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta.

(2)

Tá an tsaoirse bhunaíochta ar cheann de bhunphrionsabail dhlí an Aontais. Faoin dara mír d'Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 54 CFAE, áirítear inter alia sa tsaoirse bhunaíochta do chuideachtaí agus do ghnólachtaí an ceart chun cuideachtaí nó gnólachtaí den chineál sin a fhoirmiú nó a bhainistiú faoi na coinníollacha a leagtar síos i reachtaíocht Bhallstát na bunaíochta. Tá sé léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go gcumhdaítear leis sin an ceart atá ag cuideachta nó gnólacht a cruthaíodh i gcomhréir le dlí Ballstáit í féin nó é féin a chomhshó ina cuideachta nó ina ghnólacht faoi rialú dlí Ballstáit eile, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos le reachtaíocht an Bhallstáit eile sin agus, go háirithe, go sásófar an tástáil atá glactha ag an mBallstát sin chun an nasc idir cuideachta nó gnólacht agus a dlíchóras lena dhlíchóras náisiúnta a chinneadh.

(3)

In éagmais chomhchuibhiú dhlí an Aontais, maidir le sainmhíniú a dhéanamh ar an nascfhachtóir lena gcinntear an dlí is infheidhme maidir le cuideachta nó gnólacht, titeann sé, i gcomhréir le hAirteagal 54 CFAE, faoi inniúlacht gach Ballstáit. Le hAirteagal 54 CFAE, cuirtear nascfhachtóirí na hoifige cláraithe, an riaracháin lárnaigh agus phríomháit ghnó na cuideachta nó an ghnólachta ar chomhcéim. Dá bharr sin, mar a shoiléirítear sa chásdlí, toisc nach n‐aistrítear ach an oifig chláraithe (agus ní an riarachán lárnach ná an phríomháit ghnó), ní eisiatar ar an mbonn sin infheidhmeacht na saoirse bunaíochta faoi Airteagal 49 CFAE.

(4)

Le forbairtí sa chásdlí, tá deiseanna nua curtha ar fáil do chuideachtaí sa mhargadh inmheánach chun fás eacnamaíoch, iomaíocht éifeachtach agus táirgiúlacht a chothú. San am céanna, ní mór an cuspóir maidir le margadh inmheánach gan teorainneacha inmheánacha a bheith ann do chuideachtaí a thabhairt i gcomhréir le cuspóirí eile an chomhtháthaithe Eorpaigh, amhail cosaint shóisialta mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 9 CFAE, mar aon le hidirphlé sóisialta a chur chun cinn mar a leagtar amach in Airteagal 151 agus Airteagal 152 CFAE. Na cearta atá ag cuideachtaí comhshó, cumasc agus deighilt trasna teorannacha, ba cheart go rachadh sé i dteannta, agus i gcothromaíocht chuí, leis an gcosaint d'fhostaithe, do chreidiúnaithe agus do chomhaltaí.

(5)

Is é a thagann as an easpa creata dhlíthiúil maidir le comhshónna agus deighiltí trasteorann ná ilroinnt dhlíthiúil agus éiginnteacht dhlíthiúil agus, ar an gcaoi sin, bacainní ar fheidhmiú na saoirse bunaíochta. Tagann as freisin nach dtugtar an chosaint is fearr d'fhostaithe, creidiúnaithe agus comhaltaí mionlaigh laistigh den mhargadh inmheánach.

(6)

Tá sé iarrtha ag Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún rialacha comhchuibhithe a ghlacadh maidir le comhshónna agus deighiltí trasteorann. Leis an creat dlíthiúil comhchuibhithe, rannchuideofaí tuilleadh leis na srianta atá leis an tsaoirse bhunaíochta a bhaint agus, san am céanna, sholáthrófaí cosaint leormhaith do gheallsealbhóirí amhail fostaithe, creidiúnaithe agus comhaltaí.

(7)

D'fhógair an Coimisiún ina Theachtaireacht an 28 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal “An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí” (Upgrading the Single Market: more opportunities for people and business), go ndéanfadh sé meastóireacht ar an ngá atá ann leis na rialacha atá ann cheana maidir le cumaisc trasteorann a thabhairt cothrom le dáta le go mbeadh sé ní b'éasca ag FBManna na straitéisí gnó is fearr leo a roghnú agus iad féin a oiriúnú d'athruithe i ndálaí an mhargaidh, ach gan an chosaint fostaíochta atá ann cheana a lagú. Ina Theachtaireacht an 25 Deireadh Fómhair 2016 dar teideal “Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2017: Eoraip ag caomhnú, ag cumhachtú agus ag cosaint” (Commission Work Programme 2017: Delivering a Europe that protects, empowers and defends), d'fhógair an Coimisiún tionscnamh maidir le cumaisc trasteorann a éascú.

(8)

Mar aon leis na rialacha nua sa Treoir seo maidir le comhshónna, leagtar síos rialacha maidir le deighiltí trasteorann, idir dheighiltí páirteacha agus deighiltí iomlána, ach ní bhaineann na rialacha sin ach amháin le deighiltí trasteorann a bhaineann le bunú cuideachtaí nua. Leis an Treoir seo, ní chuirtear creat comhchuibhithe ar fáil le haghaidh deighiltí trasteorann ina n‐aistríonn cuideachta sócmhainní agus dliteanais chuig cuideachta amháin atá ann cheana nó níos mó, toisc go raibh an tuairim ann go raibh na cásanna sin an-chasta, go mbeadh gá le rannpháirteachas údarás inniúil ó roinnt Ballstát i gceist leo agus gur mhó na rioscaí a bheadh ann maidir le teacht timpeall ar rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta. Leis an bhféidearthacht cuideachta a fhoirmiú le deighilt trí scaradh amhail dá bhforáiltear sa Treoir seo, cuirtear nós imeachta comhchuibhithe nua ar fáil do chuideachtaí sa mhargadh inmheánach. Ba cheart, áfach, go mbeadh cuideachtaí saor chun fochuideachtaí a bhunú go díreach i mBallstáit eile.

(9)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le cuideachtaí atá faoi leachtú i gcás ina bhfuil tús curtha le dáileadh sócmhainní. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit bheith in ann cuideachtaí atá faoi réir imeachtaí leachtaithe eile a eisiamh ó chur i bhfeidhm na Treorach seo. Ba cheart freisin go mbeadh na Ballstáit in ann gan an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá faoi réir imeachtaí dócmhainneachta mar a shainítear faoin dlí náisiúnta, nó maidir le creataí coisctheacha um athstruchtúrú mar a shainítear faoin dlí náisiúnta, gan beann ar cibé acu na himeachtaí sin a bheith ina gcuid de chreat náisiúnta dócmhainneachta nó iad a bheith á rialú lasmuigh de. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann an rogha a dhéanamh gan an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do Threoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(10)

I ngeall ar a chasta atá comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann (i dteannta a chéile, “oibríochtaí trasteorann”) agus an iliomad leasanna atá i gceist, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht na noibríochtaí trasteorann sula ngabhfaidh éifeacht leo, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar. Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a áirithiú go ndéanfar cinneadh maidir le hoibríocht trasteorann a fhormheas ar chaoi chothrom, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach agus ar bhonn na ngnéithe ábhartha uile a cheanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

(11)

Ba cheart go mbeadh an Treoir seo gan dochar do na cumhachtaí atá ag na Ballstáit cosaint neartaithe a sholáthar d'fhostaithe, i gcomhréir leis an acquis sóisialta atá ann cheana.

(12)

Le gur féidir leasanna dlisteanacha na ngeallsealbhóirí uile a chur san áireamh sa nós imeachta lena rialaítear oibríocht trasteorann, ba cheart don chuideachta dréacht-téarmaí na hoibríochta atá beartaithe, ina mbeidh an fhaisnéis is tábhachtaí ina leith, a tharraingt suas agus a nochtadh. Ba cheart don chomhlacht riaracháin nó bainistíochta, i gcás ina bhforáiltear dó faoin dlí náisiúnta nó i gcomhréir le cleachtas náisiúnta, nó iad araon, ionadaí na bhfostaithe ar leibhéal an bhoird a áireamh sa chinneadh maidir le dréacht-téarmaí oibríochta trasteorann. Ba cheart go n‐áireofaí san fhaisnéis sin ar a laghad an fhoirm dhlíthiúil atá beartaithe don chuideachta nó do na cuideachtaí, an ionstraim chomhdhéanaimh i gcás inarb infheidhme, na reachtanna, an tráthchlár táscach atá molta don oibríocht agus mionsonraí aon choimircí a chuirfear ar fáil do chomhaltaí agus do creidiúnaithe. Ba cheart fógra a nochtadh sa chlár lena gcuirfí in iúl do na comhaltaí, do na creidiúnaithe agus d'ionadaithe na bhfostaithe, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha a chur isteach i ndáil leis an oibríocht atá beartaithe. D'fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh freisin nach foláir go nochtfar an tuarascáil ón saineolaí neamhspleách a éilítear leis an Treoir seo.

(13)

Chun faisnéis a chur ar fáil dá comhaltaí agus dá fostaithe, ba cheart don chuideachta a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aici tuarascáil a ullmhú dóibh. Leis an tuarascáil, ba cheart gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha na hoibríochta trasteorann atá beartaithe agus na himpleachtaí a bheidh aici d'fhostaithe a mhíniú agus bunús a thabhairt maidir leo. Go háirithe, ba cheart míniú a thabhairt sa tuarascáil ar impleachtaí na hoibríochta trasteorann maidir le gnó na cuideachta sa todhchaí, lena n‐áiritear gnó a fochuideachtaí. A mhéid a bhaineann sé leis na comhaltaí, ba cheart go n‐áireofaí sa tuarascáil leigheasanna a bheadh ar fáil dóibh, go háirithe faisnéis faoina gceart imeacht ón gcuideachta. Maidir leis na fostaithe, ba cheart míniú a thabhairt sa tuarascáil ar impleachtaí na hoibríochta trasteorann atá beartaithe maidir le staid na fostaíochta. Go háirithe, ba cheart míniú a thabhairt sa tuarascáil i dtaobh an dtiocfadh aon athrú ábhartha ar na coinníollacha fostaíochta a leagtar síos leis an dlí, ar chomhaontuithe comhchoiteanna nó ar chomhaontuithe cuideachtaí trasnáisiúnta, agus ar shuíomhanna áiteanna gnó na gcuideachtaí, amhail suíomh na ceannoifige. De bhreis air sin, ba cheart a áireamh sa tuarascáil faisnéis faoin gcomhlacht bainistíochta agus, i gcás inarb infheidhme, faoin bhfoireann, trealamh, áitreabh agus sócmhainní a bhí ann roimh an oibríocht trasteorann agus a bheidh ann ina diaidh agus faoi na hathruithe is dócha a thiocfaidh ar eagrú na hoibre, an pá, na tuarastail, suíomh post sonrach agus na hiarmhairtí a bhfuiltear ag súil leo maidir leis na fostaithe atá sna poist sin, agus maidir leis an idirphlé sóisialta ar leibhéal na cuideachta, lena n‐áirítear, i gcás inarb infheidhme, ionadaíocht na bhfostaithe ar leibhéal an bhoird. Ba cheart míniú a thabhairt sa tuarascáil ar conas a dhéanfadh na hathruithe sin difear d'aon fhochuideachtaí de chuid na cuideachta.

Níor cheart go n‐éileofaí aon roinn d'fhostaithe i gcás nach mbeidh i gcomhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta ach fostaithe na cuideachta. Anuas air sin, chun an chosaint a thugtar d'fhostaithe a fheabhsú, ba cheart go mbeadh na fostaithe nó a n‐ionadaithe in ann a dtuairim ar roinn na tuarascála a thabhairt, agus na himpleachtaí dóibh féin a bheidh ag an oibríocht trasteorann á leagan amach acu. Ba cheart soláthar na tuarascála agus aon tuairime a bheith gan dochar do na nósanna imeachta faisnéise is comhairliúcháin infheidhme dá bhforáiltear ar an leibhéal náisiúnta lena n‐áirítear iad sin a tharla tar éis chur chun feidhme Threoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), nó Threoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ba cheart an tuarascáil nó, i gcás ina tarraingíodh suas ar leithligh iad, na tuarascálacha, a bheith ar fáil do na comhaltaí agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta a dhéanfaidh an oibríocht trasteorann nó, i gcás nach mbeidh ionadaithe dá leithéid ann, do na fostaithe féin.

(14)

Ba cheart saineolaí atá neamhspleách ar an gcuideachta scrúdú a dhéanamh ar dhréacht-téarmaí na hoibríochta trasteorann, ar an tairiscint cúitimh airgid a rinne an cuideachta do na comhaltaí sin ar mian leo imeacht ón gcuideachta agus, i gcás inarb infheidhme, ar an gcóimheas malartaithe scaireanna lena n‐áirítear aon íocaíocht comhlántach airgid a d'fhéadfadh a áireamh sna dréacht-téarmaí. Maidir le neamhspleáchas an tsaineolaí, ba cheart do na Ballstáit na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 22 agus in Airteagal 22b de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a chur san áireamh.

(15)

Ba cheart an fhaisnéis a nochtfaidh an chuideachta a bheith cuimsitheach agus ba cheart geallsealbhóirí a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar impleachtaí na hoibríochta trasteorann atá beartaithe. Níor cheart, áfach, go mbeadh oibleagáid ar chuideachtaí faisnéis rúnda a nochtadh, ar faisnéis í a ndéanfadh a nochtadh dochar dá seasamh gnó, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Níor cheart don neamhnochtadh sin an bonn a bhaint ó cheanglais eile dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(16)

Ar bhonn na ndréacht-téarmaí agus na dtuarascálacha, ba cheart do cruinniú ginearálta de chomhaltaí na cuideachta nó na gcuideachtaí cinneadh a dhéanamh maidir leis na dréacht-téarmaí sin a fhormheas nó gan iad a fhormheas agus na leasuithe is gá ar na hionstraimí comhdhéanaimh, lena n‐áirítear na reachtanna, a fhormheas nó gan iad a fhormheas. Tá sé tábhachtach go mbeidh an tromlach a cheanglófar le haghaidh an vóta mór go leor chun a áirithiú go nglacfaidh tromlach láidir an cinneadh. Ina theannta sin, ba cheart an ceart a bheith ag comhaltaí vóta a chaitheamh maidir le haon cheann de na socruithe a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe, i gcás ina bhfuil an ceart sin forchoimeádta acu ag an gcruinniú ginearálta.

(17)

Tá an easpa comhchuibhithe ar choimircí do chomhaltaí aitheanta mar chonstaic ar oibríochtaí trasteorann. Bíonn ar chuideachtaí agus a gcomhaltaí deileáil le réimse leathan d'fhoirmeacha éagsúla cosanta, rud is cúis le castacht agus éiginnteacht dhlíthiúil. Ba cheart, dá bhrí sin, an t‐íosleibhéal cosanta céanna a thairiscint do chomhaltaí gan beann ar an mBallstát ina bhfuil an chuideachta lonnaithe. Ba cheart go bhféadfadh Ballstáit, dá bhrí sin, rialacha breise cosanta a choinneáil nó a thabhairt isteach do chomhaltaí, ach amháin má bhíonn na rialacha sin ar neamhréir leo sin dá bhforáiltear faoin Treoir seo nó má bhíonn siad ar neamhréir leis an tsaoirse bhunaíochta. Ní dhéantar aon difear do chearta aonair na gcomhaltaí faisnéis a fháil.

(18)

Mar thoradh ar oibríocht trasteorann, is minic a bhíonn comhaltaí i staid ina dtagann athrú ar an dlí is infheidhme maidir lena gcearta, ar an ábhar go ndéanfaí comhaltaí díobh de chuideachta atá á rialú le dlí Ballstáit eile, seachas an dlí a bhí infheidhme maidir leis an gcuideachta roimh an oibríocht. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstát, ar a laghad, foráil a dhéanamh don cheart a bheith ag comhaltaí a bhfuil scaireanna ina seilbh acu a bhfuil cearta vótála acu agus a chaith vóta in éadan fhormheas na ndréacht‐téarmaí imeacht ón gcuideachta agus cúiteamh airgid a fháil as a scaireanna, cúiteamh atá coibhéiseach le luach na scaireanna sin. Ba cheart é a bheith de shaoire ag na Ballstáit a chinneadh, áfach, an ceart sin a thabhairt do chomhaltaí eile freisin, mar shampla do chomhaltaí a bhfuil scaireanna ina seilbh acu ach nach bhfuil cearta vótála acu nó do chomhaltaí, mar thoradh ar dheighilt trasteorann, a gheobhadh scaireanna sa chuideachta is faighteoir i gcionmhaireachtaí atá éagsúil lena raibh ina seilbh acu roimh an oibríocht nó do chomhaltaí nach mbeadh aon athrú ina leith tagtha ar an dlí is infheidhme ach ar ina leith ar thiocfadh athrú ar chearta áirithe mar gheall ar an oibríocht. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta maidir le bailíocht conarthaí le haghaidh scaireanna a dhíol agus a aistriú i gcuideachtaí ná do cheanglais speisialta maidir le foirm dhlíthiúil. Mar shampla, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann gníomhas nótaire nó deimhniú sínithe a éileamh.

(19)

Ba cheart go mbeadh cuideachtaí in ann, a mhéid is féidir, meastachán a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis an oibríocht. Ba cheart, dá bhrí sin, ceanglas a bheith ar chomhaltaí a dhearbhú don chuideachta an bhfuil an cinneadh déanta acu a gcearta a fheidhmiú chun a gcuid scaireanna a dhiúscairt. Ba cheart an ceanglas sin a bheith gan dochar d'aon ceanglais fhoirmiúla arna leagan síos leis an dlí náisiúnta. D'fhéadfaí a cheangal ar chomhaltaí freisin a léiriú, i dteannta leis an dearbhú sin nó laistigh de theorainn ama shonrach, an bhfuil sé beartaithe acu an cúiteamh airgid atá á thairiscint a dhíospóid agus cúiteamh airgid breise a éileamh.

(20)

Ba cheart ríomh na tairsceana cúitimh airgid a bheith bunaithe ar mhodhanna luachála a nglactar go ginearálta leo. Ba cheart an ceart a bheith ag comhaltaí an ríomh a dhíospóid agus leordhóthanacht an chúitimh airgid a cheistiú os comhair údaráis inniúla riaracháin nó bhreithiúnacha nó os comhair comhlachtaí a bhfuil sainordú acu faoin dlí náisiúnta lena n‐áirítear binsí eadrána. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh go mbeidh comhaltaí a dhearbhaigh a gcinneadh an ceart a scaireanna a dhiúscairt a fheidhmiú i dteideal a bheith rannpháirteach sna himeachtaí sin. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit freisin in ann teorannacha ama a bhunú sa dlí náisiúnta maidir le bheith rannpháirteach sna himeachtaí.

(21)

A mhéid a bhaineann le cumaisc nó deighiltí trasteorann, maidir le comhaltaí nach raibh ceart imeachta ón gcuideachta acu nó nár fheidhmigh an ceart sin, ba cheart go mbeadh ceart acu mar sin féin an cóimheaa malartaithe scaireanna a dhíospóid. Agus measúnú á dhéanamh aige ar leormhaitheas an chóimheasa mhalartaithe scaireanna, ba cheart don údarás inniúil riaracháin nó breithiúnach nó comhlacht a bhfuil sainordú aige faoin dlí náisiúnta aird a thabhairt freisin ar mhéid aon íocaíochta comhlántaí airgid a d'fhéadfadh a bheith sna dréacht-téarmaí

(22)

Tar éis oibríocht trasteorann, d'fhéadfaí difear a dhéanamh d'éilimh iarchreidiúnaithe na cuideachta nó na gcuideachtaí a bhfuil an oibríocht sin á déanamh acu i gcás ina bhfuil an chuideachta atá faoi dhliteanas an fhéich faoi rialú dlí Ballstáit eile i ndiaidh na hoibríochta sin. Faoi láthair, tá éagsúlacht mhór idir na rialacha cosanta do chreidiúnaithe ó Bhallstát go Ballstát, rud a chuireann castacht shuntasach le próiseas na hoibríochta trasteorann agus, mar thoradh air sin, bíonn neamhchinnteacht ann do na cuideachtaí lena mbaineann agus dá gcreidiúnaithe araon i dtaca lena n‐éileamh a ghnóthú nó a shásamh.

(23)

Chun cosaint iomchuí a áirithiú do chreidiúnaithe i gcásanna nach bhfuil siad sásta leis an gcosaint atá á tabhairt ag an gcuideachta i ndréacht-téarmaí agus i gcás go bhféadfadh sé nach bhfuil réiteach sásúil faighte acu laistigh den chuideachta, ba cheart creidiúnaithe a bhfuil fógra tugtha acu don chuideachta roimh ré, bheith in ann coimircí a iarraidh ar an údarás iomchuí. Agus measúnú á dhéanamh aige ar na coimircí sin, ba cheart don údarás inniúil a chur san áireamh an bhfuil éileamh an chreidiúnaí i gcoinne na cuideachta nó tríú páirtí ar luach atá coibhéiseach ar a laghad leis an luach a bhí ann roimh an oibríocht trasteorann agus an bhfuil sé ar cháilíocht chreidmheasa atá i gcomhréir leis an gcáilíocht a bhí ann roimh an oibríocht trasteorann agus an bhféadfar an t‐éileamh a dhéanamh sa dlínse chéanna.

(24)

Ba cheart do na Ballstáit cosaint leormhaith a áirithiú do na creidiúnaithe a chuaigh i mbun caidreamh leis an gcuideachta sula raibh sé poiblithe ag an gcuideachta go raibh sé ar intinn aici oibríocht trasteorann a dhéanamh. Tar éis do dhréacht-téarmaí na hoibríochta trasteorann a bheith nochta, ba cheart go mbeadh creidiúnaithe in ann an t‐athrú a d'fhéadfadh teacht ar dhlínse agus ar an dlí is infheidhme mar thoradh ar an gcomhshó trasteorann a chur san áireamh. D'fhéadfadh sé freisin go gcuimseofaí fostaithe reatha agus iarfhostaithe a bhfuil cearta dílsithe pinsin gairme agus daoine a fhaigheann socair phinsin ghairme sna creidiúnaithe a bheidh le cosaint. Sa bhreis ar na rialacha ginearálta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh don cheart a bheith ag na creidiúnaithe sin éileamh a chomhdú sa Bhallstát imeachta ar feadh tréimhse dhá bhliain tar éis a tharla an comhshó trasteorann. Maidir leis an tréimhse cosanta dhá bhliain dá bhforáiltear leis an Treoir seo i ndáil leis an dlínse a bhfeádfaidh feidhm a bheith aici maidir le creidiúnaithe a rinne a n‐éilimh roimh dháta nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, ba cheart é a bheith gan dochar don dlí náisiúnta lena gcinntear na tréimhsí teorann maidir le héilimh.

(25)

Ina theannta sin, chun na creidiúnaithe sin a chosaint ón riosca maidir le dócmhainneacht na cuideachta a thiocfaidh as oibríocht trasteorann, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar an gcuideachta nó ar na cuideachtaí dearbhú sócmhainneachta a dhéanamh á rá nach eol dóibh aon chúis nach mbeadh an chuideachta nó na cuideachtaí a thiocfaidh as an oibríocht trasteorann in ann a ndliteanais a chomhlíonadh. Sna himthosca sin, ba cheart na Ballstát a bheith in ann comhaltaí an chomhlachta bainistíochta a chur faoi dhliteanas pearsanta as cruinneas an dearbhaithe sin. Ós rud é go bhfuil traidisiúin dhlíthiúla éagsúla sna Ballstáit i ndáil le dearbhuithe sócmhainneachta a úsáid agus na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann dá mbarr, ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé na hiarmhairtí iomchuí a chinneadh i gcás dearbhuithe bréagacha nó míthreoracha a dhéanamh, lenar cheart go n-áireofaí pionóis agus dliteanais éifeachtacha comhréireacha i gcomhréir le dlí an Aontais.

(26)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go dtabharfaí lánurraim do na cearta atá ag fostaithe go gcuirfí ar an eolas iad agus go rachfaí i gcomhairle leo i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann. Ba cheart faisnéis a thabhairt d'fhostaithe agus dul i gcomhairle leo i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil dá bhforáiltear i dTreoir 2002/14/CE, agus, i gcás inarb infheidhme maidir le gnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó grúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE mar aon le, i gcás ina measfar gurb ionann an cumasc trasteorann nó an deighilt trasteorann agus aistriú gnóthais de réir bhrí Threoir 2001/23/CE ón gComhairle (10), i gcomhréir le Treoir 2001/23/CE. Ní dhéanann an Treoir seo difear do Threoir 98/59/CE ón gComhairle (11), do Threoir 2001/23/CE, do Threoir 2002/14/CE ná do Threoir 2009/38/CE. Ós rud é, áfach, go leagtar síos sa Treoir seo nós imeachta comhchuibhithe d'oibríochtaí trasteorann, is iomchuí, go háirithe, an creat ama lena linn ar cheart an fhaisnéis a thabhairt d'fhostaithe agus dul i gcomhairle leo maidir leis an oibríocht trasteorann a shonrú.

(27)

Ba cheart go n‐áireofaí ar ionadaithe na bhfostaithe dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta nó, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta aon chomhlachtaí ábhartha freisin arna mbunú i gcomhréir le dlí an Aontais, amhail Comhairle Oibreacha Eorpacha arna bunú i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE agus an comhlacht ionadaíoch arna bhunú i gcomhréir le Treoir 2001/86/CE ón gComhairle (12).

(28)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh ag ionadaithe na bhfostaithe, agus á bhfeidhmeanna á gcur i gcrích acu, cosaint agus ráthaíochtaí leormhaithe i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2002/14/CE chun iad a chumasú na cúraimí atá sannaithe orthu a chomhlíonadh go cuí.

(29)

Chun anailís a dhéanamh ar an tuarascáil d'fhostaithe, ba cheart do chuideachta a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aici na hacmhainní is gá a thabhairt d'ionadaithe na bhfostaithe chun go mbeidh siad in ann na cearta a thagann as an Treoir seo a fheidhmiú ar bhealach iomchuí.

(30)

Chun a áirithiú nach ndéanfar dochar míchuí do rannpháirtíocht fostaithe mar thoradh ar oibríocht trasteorann, i gcás ina mbeidh an chuideachta a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aici tar éis córas rannpháirtíochta fostaithe a chur chun feidhme, ba cheart oibleagáid a bheith ar an gcuideachta nó ar na cuideachtaí a thagann as an oibríocht trasteorann foirm dhlíthiúil a ghabháil lena gceadófar cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú, lena n‐áirítear trí ionadaithe na bhfostaithe a bheith ar chomhlacht iomchuí bhainistíochta agus mhaoirseachta na cuideachta nó na gcuideachtaí. Thairis sin, i gcás den chineál sin, i gcás ina dtarlóidh caibidlíocht bona fide idir an chuideachta agus a cuid fostaithe, ba cheart í a dhéanamh de réir an nós imeachta dá bhforáiltear i dTreoir 2001/86/CE, d'fhonn teacht ar chomhréiteach cairdiúil idir an ceart atá ag an gcuideachta oibríocht trasteorann a dhéanamh agus cearta rannpháirtíochta na bhfostaithe. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, ba cheart feidhm a bheith ag réiteach saincheaptha nó réiteach comhaontaithe nó, in éagmais comhaontaithe, ag na rialacha caighdeánacha, mutatis mutandis, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/86/CE. Chun an réiteach a comhaontaíodh nó cur i bhfeidhm na rialacha caighdeánacha sin a chosaint, ba cheart nach bhféadfadh an chuideachta deireadh a chur leis na cearta rannpháirtíochta trí chomhshó, cumasc nó deighilt, cibé acu intíre nó trasteorann, a dhéanamh ina dhiaidh sin go ceann 4 bliana.

(31)

Chun cosc a chur le teacht timpeall ar chearta rannpháirtíochta fostaithe, i gcás ina bhfuil cuideachta cláraithe i mBallstát ina ndéantar foráil maidir leis na cearta sin, ba cheart nach mbeadh an chuideachta sin in ann comhshó nó deighilt trasteorann a dhéanamh gan dul i mbun caibidlíochta ar dtús lena fostaithe nó lena n‐ionadaithe sa chás go mbíonn meánlíon na bhfostaithe atá fostaithe ag an gcuideachta sin coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairseach náisiúnta do rannpháirtíocht fostaithe.

(32)

Rannchuidíonn rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile in oibríochtaí trasteorann, go háirithe rannpháirtíocht fostaithe, le cur chuige fadtéarmach agus inbhuanaithe a bheith á nglacadh ag cuideachtaí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Maidir leis sin, tá ról tábhachtach ag cearta rannpháirtíochta fostaithe ar bhord cuideachta a choimirciú agus a chur chun cinn, go háirithe nuair a aistreoidh siad nó a dhéanfaidh siad athstruchtúrú trasna teorainneacha. Dá bhrí sin, tá cur i gcrích rathúil caibidlíochtaí maidir le cearta rannpháirtíochta i gcomhthéacs oibríochtaí buntábhachtach agus ba cheart í a spreagadh.

(33)

Chun sannadh iomchuí cúraimí idir na Ballstáit agus rialú ex ante éifeachtúil éifeachtach ar oibríochtaí trasteorann a áirithiú, ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis inniúla Bhallstáit na cuideachta nó na gcuideachtaí a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh acu réamh-chomhshó, réamhchumasc nó réamhdheighilt a eisiúint (dá ngairtear “dheimhniú réamhoibríochta” anseo feasta). Níor cheart go mbeadh údaráis inniúla Bhallstáit na cuideachta nó na gcuideachtaí a thagann as an oibríocht trasteorann in ann an oibríocht trasteorann a chur i gcrích gan deimhniú den sórt sin.

(34)

Chun deimhniú réamhoibríochta a eisiúint, ba cheart do Bhallstáit na cuideachta nó na gcuideachtaí a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh acu údarás inniúil nó údaráis inniúla a ainmniú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na hoibríochta. D'fhéadfadh cúirteanna, nótairí nó údaráis eile, údarás cánach nó údarás seirbhíse airgeadais a bheith san údarás inniúil. Sa chás gurb ann do níos mó ná aon údarás inniúil amháin, ba cheart go mbeadh an chuideachta in ann iarratas ar dheimhniú réamhoibríochta a dhéanamh chuig aon údarás inniúil aonair, arna ainmniú ag na Ballstáit, agus ba cheart don údarás inniúil sin comhordú a dhéanamh leis na húdaráis inniúla eile. Ba cheart don údarás inniúil measúnú a dhéanamh an bhfuil na coinníollacha uile á gcomhlíonadh agus an bhfuil na nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí uile sa Bhallstát sin á gcur i gcrích go cuí, agus ba cheart dóibh a chinneadh an ndéanfaidh siad deimhniú réamhoibríochta a eisiúint laistigh de thrí seachtaine ó rinne an chuideachta an t‐iarratas, ach amháin má bhíonn amhras tromchúiseach ar an údarás inniúil lena léirítear go bhfuil an oibríocht trasteorann curtha ar bun chun críocha míúsáide nó calaoise nó go bhfuil sé mar aidhm aici dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sheachaint nó teacht timpeall air, nó chun críocha coiriúla eile, agus gur gá faisnéis bhreise a mheas nó gníomhaíochtaí breise imscrúdaitheacha a dhéanamh i dteannta an mheasúnaithe.

(35)

In imthosca áirithe, maidir leis an gceart atá ag cuideachtaí oibríocht trasteorann a dhéanamh, d'fhéadfaí úsáid a bhaint as chun críocha míúsáide nó calaoise amhail teacht timpeall ar chearta fostaithe, íocaíochtaí slándála sóisialta nó oibleagáidí cánach nó chun críocha coiriúla. Go háirithe, tá sé tábhachtach gníomhú i gcoinne cuideachtaí “caocha” arna gcur ar bun chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sheachaint, chun teacht timpeall air nó chun é a shárú. I gcás, le linn dó an grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht oibríochta trasteorann, go bhfaighidh an t‐údarás amach, lena n‐áirítear trí dhul i gcomhairle le húdaráis ábhartha, go bhfuil an oibríocht trasteorann curtha ar bun chun críocha míúsáide nó calaoise, críocha a mbeidh sé mar toradh orthu nó a bhfuil sé mar aidhm leo teacht timpeall ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta, nó chun críocha coiriúla, níor cheart dó an deimhniú réamhoibríochta a eisiúint. Ba cheart na nósanna imeachta ábhartha, lena n‐áirítear aon mheasúnú, a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go bhféadfadh an t‐údarás inniúil síniú ama trí mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse measúnaithe.

(36)

I gcás ina bhfuil amhras tromchúiseach ar an údarás inniúil lena léirítear go bhfuil an oibríocht trasteorann curtha ar bun chun críocha míúsáide nó calaoise, ba cheart gach fíric agus imthoisc ábhartha a mheas leis an measúnú, agus ba cheart aird a thabhairt, in gcás inarb ábhartha, ar a laghad, ar fhachtóirí táscacha a bhaineann le saintréithe an bhunaithe sa Bhallstát ina bhfuil an chuideachta nó na cuideachtaí le clárú tar éis na hoibríochta trasteorann, lena n‐áirítear intinn na hoibríochta, an earnáil, an infheistíocht, an glanláimhdeachas agus brabús nó caillteanas, comhdhéanamh an chláir comhardaithe, an sainchónaí cánach, na sócmhainní agus a suíomh, trealamh, úinéirí tairbhiúla na cuideachta, gnátháiteanna oibre fostaithe agus grúpaí sonracha fostaithe, an áit a bhfuil rannaíochtaí sóisialta dlite, líon na bhfostaithe arna bpostú le linn na bliana roimh an oibríocht trasteorann de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus de Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), líon na bhfostaithe atá ag obair go comhuaineach i níos mó ná Ballstát amháin de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, agus na rioscaí tráchta arna nglacadh uirthi féin nó orthu féin ag an gcuideachta nó ag na chuideachtaí roimh an oibríocht trasteorann nó ina diaidh.

Ba cheart aird a thabhairt leis an measúnú ar na fíricí agus imthosca ábhartha a bhaineann le cearta rannpháirtíochta fostaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le caibidlíochtaí maidir leis na cearta sin i gcás nach bhfuil na caibidlíochtaí sin i bhfeidhm de bharr nár sroicheadh ceithre chúigiú den tairseach náisiúnta is infheidhme. Níor cheart na gnéithe sin uile a mheas ach mar thosca táscacha sa mheasúnú foriomlán agus, dá bharr sin, níor cheart iad a mheas ina n‐aonair. Féadfaidh an t‐údaras inniúil a mheas gur léiriú nach ann do mhíúsáid ná do chalaois más rud é, mar thoradh ar an oibríocht trasteorann, go mbeadh a suíomh bhainistíocht éifeachtúil nó suíomh ghníomhaíocht eacnamaíoch na cuideachta ann sa Bhallstát ina mbeidh an chuideachta nó na cuideachtaí le clárú tar éis na hoibríochta trasteorann.

(37)

Ba cheart freisin go mbeadh an t‐údarás inniúil in ann an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha uile a fháil ón gcuideachta a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aici, nó ó údaráis inniúla eile, lena n‐áirítear údaráis an Bhallstáit chinn scríbe, d'fhonn grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na hoibríochta trasteorann laistigh den chreat nós imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann na hiarmhairtí a shonrú a d'fhéadfadh a bheith ag na nósanna imeachta arna dtionscnamh ag comhaltaí agus creidiúnaithe i gcomhréir leis an Treoir seo maidir le heisiúint an deimhnithe réamhoibríochta.

(38)

Sa mheasúnú is gá le deimhniú réamhoibríochta a fháil, ba cheart go bhféadfadh an t‐údarás inniúil bheith in ann dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos chun a áirithiú, maidir leis an saineolaí, nó leis an duine dlítheanach a bhfuil an saineolaí ag oibriú thar a cheann nó thar a ceann, go bhfuil sé nó sí neamhspleách ar an gcuideachta atá ag déanamh iarratas ar an deimhniú réamhoibríochta. Ba cheart gurbh é an t‐údarás inniúil a cheapfaidh an saineolaí agus ba cheart nach mbeadh aon nasc reatha acu, ná aon nasc roimhe seo, leis an gcuideachta i dtrácht, ar nasc é a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do neamhspleáchas an tsaineolaí.

(39)

Chun a áirithiú nach ndéanfaidh an chuideachta a mbeidh an oibríocht trasteorann á déanamh aice dochar dá creidiúnaithe, ba cheart go mbeadh an t‐údarás inniúil in ann a sheiceáil, go háirithe, an bhfuil á hoibleagáidí comhlíonta ag an gcuideachta maidir le creidiúnaithe poiblí agus an bhfuil aon oibleagáidí oscailte urraithe go leordhóthanach. Go háirithe, ba cheart go mbeadh an t‐údarás inniúil in ann a sheiceáil an bhfuil an chuideachta faoi réir aon imeachtaí cúirte leanúnacha a bhaineann, mar shampla, le sárú ar an dlí sóisialta, ar dhlí an tsaothair nó ar dhlí an chomhshaoil, a bhféadfadh sé a bheith mar thoradh orthu go bhforchuirfí tuilleadh oibleagáidí ar an gcuideachta, lena n‐áirítear maidir le saoránaigh agus eintitis phríobháideacha.

(40)

Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do choimircí nós imeachta i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta maidir le rochtain ar an gceartas, lena n‐áirítear foráil a dhéanamh don fhéidearthacht athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí na n‐údarás inniúil sna himeachtaí a bhaineann le hoibríochtaí trasteorann, an fhéidearthacht moill a chur ar am theacht in éifeacht deimhnithe réamhoibríochta chun go mbeidh páirtithe in ann caingean a thabhairt os comhair na cúirte inniúla agus an fhéidearthacht deonú bearta idirthréimhseacha a fháil, i gcás inarb iomchuí.

(41)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le cur i gcrích céimeanna áirithe nós imeachta, eadhon, nochtadh na ndréacht-téarmaí, an t‐iarratas ar dheimhniú réamhoibríochta mar aon le tíolacadh aon fhaisnéise agus doiciméad le haghaidh grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na hoibríochta trasteorann ag an mBallstát cinn scríbe, go bhféadfar na céimeanna uile a chur i gcrích ar líne ina iomláine, gan an gá an bheith ann d'iarratasóirí teacht i láthair iad féin os comhair údaráis inniúil sna Ballstáit. De réir mar is iomchuí, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha i ndlí na gcuideachtaí maidir le húsáid uirlisi digiteacha agus próiseas digiteach, lena n‐áirítear na coimircí ábhartha. Ba cheart go mbeadh an t‐údarás inniúil in ann an t‐iarratas ar an deimhniú réamhoibríochta ar líne, lena n‐áirítear tíolacadh aon fhaisnéise agus doiciméad, ach amháin, i gcásanna eisceachtúla, ina mbeadh sé dodhéanta ó thaobh na teicneolaíochta de don údarás inniúil déanamh amhlaidh.

(42)

Chun laghdú a dhéanamh ar chostais agus ar fhad na nósanna imeachta agus ar an ualach riaracháin do chuideachtaí, ba cheart do na Ballstáit prionsabal “na haonuaire” a chur i bhfeidhm i réimse dhlí na gcuideachtaí, ar prionsabal é lena mbaineann gan a éileamh ar chuideachtaí an fhaisnéis chéanna a thíolacadh chuig níos mó ná údarás poiblí amháin. Mar shampla, níor cheart é a bheith d'oibleagáid ag cuideachtaí an fhaisnéis chéanna a thíolacadh don chlár náisiúnta agus don iris náisiúnta.

(43)

Chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal trédhearcachta iomchuí agus maidir le húsáid uirlisí digiteacha agus próiseas digiteach, ba cheart na deimhnithe réamhoibríochta arna n‐eisiúint ag na húdaráis inniúla i mBallstáit éagsúla a chomhroinnt trí chóras idirnasctha na gclár agus a chur ar fáil go poiblí. I gcomhréir leis an bprionsabal is bun le Treoir (AE) 2017/1132, ba cheart go mbeadh an malartú faisnéise sin i gcónaí saor in aisce.

(44)

Is éard atá i gceist le comhshó trasteorann a dhéanamh an fhoirm dhlíthiúil a athrú do chuideachta gan a pearsantacht dhlítheanach a chailleadh ag an gcuideachta sin. Mar sin féin, níor cheart gurbh é an toradh a bheadh ar chomhshó trasteorann ná ar chumasc nó deighilt trasteorann go dtiocfaí timpeall ar na ceanglais maidir le corprú sa Bhallstát ina mbeidh an chuideachta le clárú tar éis na hoibríochta trasteorann sin. Ba cheart do chuideachta na coinníollacha sin, lena n‐áirítear na ceanglais an cheannoifig a bheith sa Bhallstát cinn scríbe agus iad sin maidir le stiúrthóirí a dhícháiliú, a urramú go hiomlán. Mar sin féin, maidir le comhshónna trasteorann, níor cheart difear a dhéanamh le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin ag an mBallstát cinn scríbe do leanúnachas phearsantacht dhlíthiúil na cuideachta comhshóite.

(45)

Nuair a fhaigheann siad deimhniú réamhoibríochta, agus tar éis dóibh comhlíonadh cheanglais dhlíthiúla an Bhallstáit ina mbeidh an chuideachta le clárú tar éis na hoibríochta trasteorann, lena n‐áirítear an tseiceáil a d'fhéadfadh tarlú i dtaobh an bhfuil an oibríocht trasteorann ina theacht timpeall ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta a fhíorú, ba cheart do na húdaráis inniúla an chuideachta a chlárú i gclár an Bhallstáit sin. Is tar éis an chláraithe sin amháin is ceart d'údarás inniúil iar-Bhallstát na cuideachta nó na gcuideachtaí a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aici nó acu an chuideachta a bhaint dá chlár féin. Ba cheart nach mbeadh údaráis inniúla an Bhallstáit ina mbeidh an chuideachta nó na cuideachtaí le clárú tar éis na hoibríochta trasteorann, in ann an fhaisnéis a chuirfear ar fáil sa deimhniú réamhoibríochta a dhíospóid.

(46)

Chun an trédhearcacht maidir leis na hoibríochtaí trasteorann a fheabhsú, tá sé tábhachtach an fhaisnéis riachtanach ó chláir eile maidir leis na cuideachtaí atá rannpháirteach sna hoibríochtaí sin a bheith i gcláir na mBallstát lena mbaineann, chun gur féidir stair na gcuideachtaí sin a rianú siar. Go háirithe, ba cheart an uimhir chlárúcháin nua a tugadh don chuideachta tar éis na hoibríochta trasteorann a bheith sa chomhad sa chlár inar cláraíodh an chuideachta roimh an oibríocht trasteorann. Ar an gcuma chéanna, ba cheart an uimhir chlárúcháin tosaigh a tugadh don chuideachta roimh an oibríocht trasteorann a bheith sa chomhad sa chlár ina gcláraítear an chuideachta tar éis na hoibríochta trasteorann.

(47)

Mar thoradh ar an gcomhshó trasteorann, ba cheart don chuideachta a eascraíonn ón gcomhshó (an “cuideachta chomhshóite”) a pearsantacht dhlíthiúil, a sócmhainní agus a dliteanais, agus a cearta agus a hoibleagáidí uile, lena n‐áirítear aon chearta agus oibleagáidí a eascraíonn as conarthaí, gníomhartha nó neamhghníomhartha, ba cheart di an méid sin a choinneáil. Go háirithe, ba cheart don chuideachta chomhshóite urraim a thabhairt d'aon chearta agus oibleagáidí a thagann as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta, lena n‐áirítear aon chomhaontuithe comhchoiteanna.

(48)

Mar thoradh ar an gcumasc trasteorann, ba cheart na sócmhainní agus dliteanais agus na cearta agus oibleagáidí uile, lena n‐áirítear aon chearta agus oibleagáidí a thagann as conarthaí, as gníomhartha nó as neamhghníomhartha, a aistriú chuig an gcuideachta éadála nó chuig an gcuideachta nua agus ba cheart do comhaltaí de chuid na cuideachta éadála nó na cuideachta nua faoi seach a dhéanamh de chomhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc, nach bhfeidhmeoidh a gcearta imeachta. Go háirithe, ba cheart don chuideachta éadála nó an chuideachta nua urraim a thabhairt d'aon chearta agus oibleagáidí a thagann as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta lena n‐áirítear aon chomhaontuithe comhchoiteanna.

(49)

Mar thoradh ar an deighilt trasteorann, ba cheart sócmhainní agus dliteanais agus na cearta agus oibleagáidí uile, lena n‐áirítear aon chearta agus oibleagáidí a thagann as conarthaí, as gníomhartha nó as neamhghníomhartha, a aistriú chuig na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir leis an gcionroinnt a shonraítear sna dréacht-téarmaí deighilte, agus ba cheart comhaltaí na cuideachta atá á deighilt nach bhfeidhmeoidh a gcearta imeachta a bheith ina gcomhaltaí de na cuideachtaí is faighteoir, ba cheart dóibh leanúint de bheith ina gcomhaltaí den chuideachta atá á deighilt, nó ba cheart iad a bheith ina gcomhaltaí den dá rud in éineacht. Go háirithe, ba cheart do chuideachtaí is faighteoir urraim a thabhairt d'aon chearta agus oibleagáidí a thagann as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta lena n‐áirítear aon chomhaontuithe comhchoiteanna.

(50)

Chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, níor cheart gurbh fhéidir oibríocht trasteorann ar ghabh éifeacht léi i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Treoir seo a chur ar neamhní. Ba cheart an srianadh sin a bheith gan dochar do chumhachtaí na mBallstát, inter alia, maidir leis an dlí choiriúil, mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, an dlí shóisialta, forfheidhmiú an chánachais agus an dlí faoi dhlíthe náisiúnta, go háirithe i gcás ina suífidh an t‐údarás inniúil nó údaráis ábhartha eile, tar éis éifeacht a ghabháil leis an oibríocht trasteorann, go háirithe trí fhaisnéis shubstainteach nua, gur cuireadh an oibríocht trasteorann ar bun chun críocha míúsáide nó calaoise a bhfuil sé mar thoradh leo nó mar aidhm leo dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sheachaint nó teacht timpeall air, nó gur cuireadh ar bun í chun críocha coiriúla. Sa chomhthéacs sin, d'fhéadfadh na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin i dtaobh an ndearnadh an tairseach náisiúnta is infheidhme maidir le rannpháirtíocht fhostaithe Bhallstát na cuideachta a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aice a chomhlíonadh, nó an ndeachthas thairis, le linn na mblianta tar éis na hoibríochta trasteorann.

(51)

Ba cheart aon oibríocht trasteorann a bheith gan dochar do dhliteanas i leith oibleagáidí cánach a bhaineann le gníomhaíocht cuideachta roimh an oibríocht sin.

(52)

Chun cearta fostaithe cé is moite de chearta chun rannpháirtíochta a ráthú, ní dhéanann an Treoir seo difear do Threoracha 98/59/CE, 2001/23/CE, 2002/14/CE agus 2009/38/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag dlíthe náisiúnta maidir le hábhair atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo amhail cáin agus slándáil shóisialta.

(53)

Leis an Treoir seo, ní dhéantar difear d'fhorálacha dlí nó riaracháin an dlí náisiúnta i dtaca le bearta cánach na mBallstát nó a bhforanna críche agus riaracháin, lena n‐áirítear forfheidhmiú na rialacha cánach a bhaineann le hoibríochtaí trasteorann.

(54)

Ní dochar an Treoir seo do Threoracha 2009/133/CE (15), (AE) 2015/2376 (16), (AE) 2016/881 (17), (AE) 2016/1164 (18) agus (AE) 2018/822 (19) ón gComhairle.

(55)

Ní dochar an Treoir seo d'fhorálacha Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) a thugann aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, go háirithe na hoibleagáidí da bhforáiltear inti a bhaineann leis na bearta iomchuí díchill chuí do chustaiméirí a dhéanamh ar bhonn riosca-íogair agus na cinn a bhaineann le húinéir tairbhiúil aon eintitis arna chruthú le gairid a aithint agus a chlárú i mBallstát a chorpraithe.

(56)

Ní dheanann an Treoir seo difear do dhlí an Aontais maidir le trédhearcacht agus cearta scarshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe nó do rialacha náisiúnta arna leagan síos nó arna dtabhairt isteach de bhun dhlí sin an Aontais.

(57)

Ní dhéanann an Treoir seo difear do dhlí an Aontais lena rialaítear idirghabhálaithe creidmheasa agus gnóthais airgeadais eile, nó rialacha náisiúnta a leagtar síos nó a thugtar isteach de bhun dhlí sin an Aontais.

(58)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon comhshónna, cumaisc agus deighiltí a éascú agus a rialáil, a ghnóthú go leordhóthanach ach de bharr a scála agus a éifeachtaí gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach d'fhonn na cuspóirí sin a ghnóthú.

(59)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(60)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (21), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‐ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.

(61)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo lena n‐áirítear meastóireacht ar chur chun feidhme na bhforálacha maidir le soláthair faisnéise d'fhostaithe, ar chomhairliúchán agus ar rannpháirtíocht i gcomhthéacs na n‐oibríochtaí trasteorann. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an meastóireacht sin, go háirithe, measúnú a dhéanamh ar na hoibríochtaí trasteorann i gcás gur de bharr ceithre chúigiú den tairseach náisiúnta is infheidhme a bhaint amach a spreagadh an chaibidlíocht maidir le rannpháirtíocht fostaithe, agus a fháil amach cibé, tar éis na hoibríochta trasteorann, an ndearna na cuideachtaí sin, an tairseach is infheidhme maidir le rannpháirtíocht fhostaithe Bhallstát na cuideachta a bhfuil an oibríocht trasteorann á déanamh aice a chomhlíonadh, nó an ndeachaidh siad thairsti. De bhun mhír 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (22) (an “Comhaontú Idirinstitiúideach”), ba cheart an mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar chúig chritéar mar atá éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach, agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

(62)

Ba cheart faisnéis a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht fhorálacha na Treorach seo maidir le na cuspóirí a shaothraítear inti agus chun bonn a sholáthar do mheastóireacht ar Threoir (AE) 2017/1132 i gcomhréir le mír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

(63)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2017/1132 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir (AE) 2017/1132

Leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fleasc:

“–

comhshónna trasteorann, cumaisc trasteorann agus deighiltí trasteorann de chuid cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta,”;

(2)

in Airteagal 18(3), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(aa)

na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 86g, 86n, 86p, 123, 127a, 130, 160g, 160n agus 160p;”;

(3)

leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

liosta mionsonraithe na sonraí atá le tarchur chun críche faisnéis a mhalartú idir na cláir, amhail dá dtagraítear in Airteagail 20, 28a, 28c, 30a agus 34;”;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(ea)

liosta mionsonraithe na sonraí atá le tarchur chun críche faisnéis a mhalartú idir na cláir agus chun críche nochta, amhail dá dtagraítear in Airteagail 86g, 86n, 86p, 123, 127a,, 130, 160g, 160n, agus 160g”;

(c)

sa tríú mír, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

“Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (ea) faoi 2 Iúil 2020”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad teideal Theideal II:

COMHSHÓNNA, CUMAISC AGUS DEIGHILTÍ CUIDEACHTAÍ FAOI DHLITEANAS TEORANTA”;

(5)

i dTeideal II, cuirtear méid seo a leanas isteach roimh Chaibidil I:

CAIBIDIL -I

Comhshónna trasteorann

Airteagal 86a

Raon feidhme

1.   Maidir le cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, arna bhfoirmiú i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a n‐oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomhionad gnó laistigh den Aontas, beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na cuideachtaí sin a chomhshó ina gcuideachtaí faoi dhliteanas teoranta atá faoi rialú ag dlí Ballstáit eile.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le comhshónna trasteorann a bhaineann le cuideachta arb é an cuspóir atá léi comhinfheistíocht chaipitil arna soláthar ag an bpobal, a oibríonn ar phrionsabal an scaipthe riosca, agus ina ndéantar na haonaid aici a athcheannach nó a fhuascailt, arna iarraidh sin ag na sealbhóirí, go díreach nó go hindíreach, as sócmhainní na cuideachta sin. Gníomh a dhéanann cuideachta den sórt sin chun a áirithiú nach ann d'éagsúlacht mór idir luach stocmhalartáin a n‐aonad agus a glanluach sócmhainní, measfar é sin a bheith cóibhéiseachle hathcheannach nó fuascailt den sórt sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cuideachtaí i gceachtar de na himthosca seo a leanas:

(a)

tá an chuideachta faoi leachtú agus tús curtha aici lena sócmhainní a dháileadh ar a comhaltaí;

(b)

tá an chuideachta faoi réir ag uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá:

(a)

faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó faoi réir creataí um athstruchtúrú coisctheach;

(b)

faoi réir imeachtaí leachtaithe seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3, nó

(c)

faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear i bpointe (101) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE.

Airteagal 86b

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

(1)

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta faoi dhliteanas teoranta faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a bhfuil comhshó trasteorann á chur i gcrích aici;

(2)

ciallaíonn “comhshó trasteorann” oibríocht ina gcomhshónn cuideachta, gan a bheith díscaoilte ná foirceanta ná leachtaithe, an fhoirm dhlíthiúil faoina bhfuil sí cláraithe i mBallstát imeachta go foirm dhlíthiúil de chuid an Bhallstáit chinn scríbe agus mar a liostaítear in Iarscríbhinn II agus ina ndéanann sí a hoifig chláraithe ar a laghad a aistriú chuig an mBallstát cinn scríbe, agus a pearsantacht dhlíthiúil á coimeád aici fós;

(3)

ciallaíonn “Ballstát imeachta” Ballstát ina raibh cuideachta cláraithe roimh comhshó trasteorann;

(4)

ciallaíonn “Ballstát cinn scríbe” Ballstát ina bhfuil cuideachta chomhshóite cláraithe mar gheall ar comhshó trasteorann;

(5)

ciallaíonn “cuideachta chomhshóite” cuideachta a cuireadh ar bun sa Bhallstát cinn scríbe mar thoradh ar chomhshó trasteorann.

Airteagal 86c

Nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí:

I gcomhréir le dlí an Aontais, rialófar le dlí an Bhallstáit imeachta na coda sin de na nósanna imeachta agus de na foirmiúlachtaí ar gá iad a chomhlíonadh i dtaca leis an gcomhshó trasteorann chun an deimhniú réamh-chomhshó a fháil, agus rialófar le dlí an Bhallstáit cinn scríbe na coda sin de na nósanna imeachta agus de na foirmiúlachtaí nach mór iad a chomhlíonadh tar éis an deimhniú réamh-chomhshó a fháil.

Airteagal 86d

Dréacht-téarmaí na gcomhshónna trasteorann

Déanfaidh comhlacht bainistíochta nó riaracháin na cuideachta na dréacht-téarmaí comhshó trasteorann a tharraingt suas. Áireofar na sonraí seo a leanas ar a laghad i ndréacht-téarmaí comhshó trasteorann:

(a)

foirm dhlíthiúil agus ainm na cuideachta sa Bhallstát imeachta agus suíomh a hoifig chláraithe sa Bhallstát sin;

(b)

an fhoirm dhlíthiúil agus an ainm faoi mar atá beartaithe don chuideachta chomhshóite sa Bhallstát cinn scríbe agus suíomh beartaithe a hoifig chláraithe sa Bhallstát sin;

(c)

ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta sa Bhallstát cinn scríbe, i gcás inarb infheidhme, agus reachtanna na cuideachta más in ionstraim ar leithligh atá siad;

(d)

an t‐amchlár táscach atá molta don chomhshó trasteorann;

(e)

na cearta a thabharfaidh an chuideachta chomhshóite do chomhaltaí a bhfuil cearta speisialta acu nó do shealbhóirí urrús seachas scaireanna ar ionann iad agus caipiteal na cuideachta, nó na bearta atá molta ina leith;

(f)

aon choimircí a dtairgtear do chreidiúnaithe, amhail ráthaíochtaí nó gealltanais;

(g)

aon bhuntáistí speisialta a thabharfar do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na cuideachta;

(h)

Más rud é go bhfuair an chuideachta aon dreasachtaí nó fhóirdheontais sa Bhallstát imeachta sna 5 bliana roimhe sin;

(i)

mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 86i;

(j)

impleachtaí dóchúla an chomhshó trasteorann ar an bhfostaíocht;

(k)

i gcás inarb iomchuí, is faisnéis faoi na nósanna imeachta lena ndéanfar socruithe a chinneadh i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe agus a gcearta maidir le rannpháirtíocht sa chuideachta chomhshóite á sainmhiniú de bhun Airteagal 861.

Airteagal 86e

Tuarascáil na comhlachta bainistíochta nó riaracháin chuig comhaltaí agus chuig fostaithe

1.   Déanfaidh comhlacht bainistíochta nó riaracháin na cuideachta tuarascáil a tharraingt suas do chomhaltaí agus d'fhostaithe ina dtugtar míniú agus bonn cirt le gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chomhshó trasteorann, agus ina dtugtar míniú ar impleachtaí an chomhshó trasteorann d'fhostaithe.

Míneoidh sí, ach go háirithe, impleachtaí an chomhshó trasteorann do ghnó na cuideachta amach anseo.

2.   Áireofar roinn do chomhaltaí agus roinn d'fhostaithe sa tuarascáil freisin.

Féadfaidh an chuideachta a chinneadh aon tuarascáil amháin a tharraingt suas ina mbeidh an dá roinn sin nó tuarascálacha ar leithligh a tharraingt suas do chomhaltaí agus d'fhostaithe, faoi seach, ina mbeidh an roinn ábhartha.

3.   Sa roinn den tuarascáil do chomhaltaí, míneofar an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

an cúiteamh airgid agus an modh a úsáideadh leis an cúiteamh airgid a ríomh;

(b)

impleachtaí an chomhshó trasteorann do chomhaltaí;

(c)

na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 86i.

4.   Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil do chomhaltaí i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe ag comhaltaí uile na gcuideachta an ceanglas sin a tharscaoileadh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.

5.   Sa roinn den tuarascáil d'fhostaithe míneofar go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

impleachtaí an chomhshó trasteorann ar chaidrimh fostaíochta, mar aon le, i gcás inarb infheidhme, aon bheart chun na caidrimh sin a choimirciú;

(b)

aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta is infheidhme nó ar shuíomh láithreacha gnó na cuideachta;

(c)

conas freisin a dhéanann na tosca a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) difear d'fhochuideachtaí ar bith de chuid na cuideachta.

6.   Cuirfear an tuarascáil nó na tuarascálacha ar fáil in aon chás go leictreonach, in éineacht le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, má tá fáil orthu, do na comhaltaí agus d'ionadaithe na bhfostaithe nó, sa chás nach bhfuil ionadaithe ar bith dá leithéid ann, do na fostaithe iad féin, nach lú ná sé seachtaine roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h.

7.   I gcás ina bhfaighidh comhlacht bainistíochta nó comhlacht riaracháin na cuideachta tuairim ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5 in am iomchuí ó ionadaithe na bhfostaithe nó, i gcás nach ann d'aon ionadaí den sórt sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoi réir dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil í.

8.   Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil a bhaineann le fostaithe i gcás nach bhfuil aon fhostaithe ag cuideachta ná ag a fochuideachtaí, más ann dóibh, cé is moite díobh sin ar cuid den chomhlacht bainistíochta nó riaracháin iad.

9.   I gcás ina ndéanfar an roinn den tuarascáil do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 3 agus nach bhfuil gá leis an roinn d'fhostaithe dá dtagraítear i mír 5 faoi mhír 7, ní bheidh gá leis an tuarascáil.

10.   Beidh míreanna 1 go 9 den Airteagal seo gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus do chearta comhairliúcháin agus do nósanna imeachta dá bhforáiltear ar leibhéal náisiúnta tar éis Threoir 2002/14/CE agus Threoir 2009/38/CE a thrasuí.

Tuarascáil ó

shaineolaí neamhspleách

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh saineolaí neamhspleách dréacht-téarmaí chomhshó trasteorann a scrúdú agus tuarascáil a tharraingt suas do chomhaltaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil do na comhaltaí nach lú ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h. Ag brath ar dhlí an Bhallstáit, d'fheadfadh sé gur duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bheadh sa saineolaí.

2.   Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, áireofar tuairim an tsaineolaí in aon chás maidir le cibé an bhfuil an cúiteamh airgid leordhóthanach. Agus an cúiteamh airgid á mheasúnú, tabharfaidh an saineolaí aird ar phraghas margaidh ar bith ar na scaireanna sa chuideachta roimh fhógairt an togra comhshó nó ar luach na cuideachta gan éifeacht an chomhshó atá beartaithe san áireamh, de réir mar a chinntear i gcomhréir le modhanna luachála a nglactar leo go ginearálta. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:

(a)

léiriú ar an modh nó na modhanna ar baineadh leas as nó astu chun an cúiteamh airgid a mholtar a ríomh;

(b)

maíomh an bhfuil an modh nó na modhanna sin ar baineadh leas as nó astu leordhóthanach do mheasúnú an chúitimh airgid, léiriú ar an luach ar thángthas air trí leas a bhaint as na modhanna sin agus tuairim a thabhairt maidir leis an tábhacht choibhneasta a sannadh don mhodh nó do na modhanna sin i dtaca le teacht ar an gcúiteamh airgid a cinneadh; agus

(c)

cur síos ar aon deacrachtaí luachála speisialta a tháinig chun cinn;

Beidh an saineolaí i dteideal an fhaisnéis uile a aimsiú ón gcuideachta ar gá leis chun dualgais an tsaineolaí a urscaoileadh.

3.   Ní cheanglófar scrúdú ar na dréacht-téarmaí comhshó trasteorann ó shaineolaí neamhspleách ná tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách má chomhaontaigh comhaltaí uile na cuideachta amhlaidh.

Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aon bhaill a eisiamh ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 86g

Nochtadh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an chuideachta na doiciméid a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí i gclár an Bhallstát imeachta, aon mhí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h:

(a)

dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann; agus

(b)

fógra lena chuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a chur faoi bhráid na cuideachta, laistigh de cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí sa chlár.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh thuarascáil an tsaineolaí neamhspleách.

Beidh teacht ar na doiciméid arna nochtadh i gcomhréir leis an mír seo trí chóras idirnascadh na gclár.

2.   Is féidir leis na Ballstáit cuideachta a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, más rud é, ar feadh tréimhse leanúnach dar tús tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, go gcuirfidh an chuideachta sin na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal.

Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin, áfach, faoi réir aon cheanglas ná srianta seachas na cinn sin atá riachtanach chun slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, atá i gcomhréir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.   I gcás ina gcuireann an chuideachta dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann ar fáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh sí isteach i gclár an Bhallstáit imeachta an fhaisnéis seo a leanas tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h:

(a)

an fhoirm dhlíthiúil agus ainm na cuideachta agus suíomh a hoifige cláraithe sa Bhallstát imeachta agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm atá beartaithe don chuideachta chomhshóite sa Bhallstát cinn scríbe agus suíomh beartaithe a hoifige cláraithe sa Bhallstát sin;

(b)

an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir leis an gcuideachta agus a huimhir chláraithe sa chlár sin;

(c)

léiriú ar na socruithe atá déanta maidir le cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú; agus

(d)

mionsonraí an tsuímh ghréasáin ónar féidir teacht ar líne agus saor in aisce ar dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 agus ar thuarascáil an tsaineolaí agus ar fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo.

Cuirfidh clár an Bhallstáit imeachta an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír ar fáil go poiblí.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a chomhlíonadh ar líne go hiomlán gan ar na hiarrthóirí a bheith i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil sa Bhallstát imeachta, i gcomhréir le forálacha ábhartha Chaibidil III de Theideal I.

5.   D'fhéadfadh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, a cheangal go ndéanfar dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fhoilsiú ina n‐iris náisiúnta nó trí ardán lárnach leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16(3). Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta nó chuig ardán lárnach leictreonach.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 nó go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 trí chóras idirnascadh na gclár.

Maidir le haon táillí a ghearrfaidh na cláir um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ar an gcuideachta agus, i gcás arb infheidhme, i leith an fhoilsithe dá dtagraítear i mír 5, áiritheoidh na Ballstáit freisin nach mbeidh na táillí sin níos mó ná aisghabháil an chostais as seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil.

Airteagal 86h

Formheas ag an gcruinniú ginearálta

1.   Tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 86e agus in Airteagal 86f, i gcás inarb infheidhme, tuairimí na bhfostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 86e agus barúlacha na bhfostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 86g, déanfaidh cruinniú ginearálta na cuideachta cinneadh le rún, cibé ar cheart dréacht-téamaí an chomhshó trasteorann a fhormheas agus cibé ar cheart an ionstraim chomhdhéanaimh, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad a ghlacadh.

2.   Féadfaidh cruinniú ginearálta na cuideachta an ceart a choimeád chun go mbeidh cur chun feidhme an chomhshó trasteorann coinníollach ar dhaingniú sainráite an chruinnithe ar na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 86l.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil móramh nach lú ná dhá thrian ach gan a bheith níos mó ná 90% de na vótaí atá ceangailte leis na scaireanna nó leis an gcaipiteal suibscríofa arna ionadú ag an gcruinniú ginearálta, ceangailte leis an bhformheas ar dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann agus ar aon leasú ar na dréacht-théarmaí sin. Ar aon chuma, ní bheidh an tairseach vótála níos airde ná an tairseach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta maidir le cumaisc thrasteorann a fhormheas.

4.   I gcás ina dtiocfaidh méadú ar oibleagáidí eacnamaíocha comhalta i leith na cuideachta nó tríú páirtithe mar thoradh ar chlásal i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann nó mar thoradh ar aon leasú ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta chomhshóite, féadfaidh na Ballstáit a éileamh, i gcás imthosca sonracha dá sórt, go ndéanfaidh an comhalta lena mbaineann an clásal sin nó an leasú ar an ionstraim chomhdhéanaimh a fhormheas, ar choinníoll nach bhfuil ar chumas an chomhalta sin na cearta a leagtar síos in Airteagal 86i a fheidhmiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh formheas an chomhshó trasteorann ag an gcruinniú ginearálta a dhíospóid ar na cúiseanna seo a leanas amháin:

(a)

níor socraíodh an cúiteamh airgid dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 86d go leordhóthanach; nó

(b)

ní dhearna an fhaisnéis a tugadh maidir leis an gcúiteamh airgid dá dtagraítear i bpointe (a) na ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh.

Airteagal 86i

Cosaint na gcomhaltaí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar a laghad an ceart ag na comhaltaí a vótáil i gcoinne fhormheas dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a scaireanna a dhiúscairt i gcomhair cúiteamh airgid leordhóthanach, de réir na gcoinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 5.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil freisin go dtabharfar ceart dá shórt do chomhaltaí eile na cuideachta freisin.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar cur i gcoinne follasach i leith dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, rúin na gcomhaltaí a gceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt, nó iad ar aon, go ndéanfar e sin a dhoiciméadú go hiomchuí ar a dhéanaí ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go n‐áireofar taifeadadh chur i gcoinne dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann mar dhoiciméadú cuí ar vóta diúltach.

2.   Bunóidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn nach mór do na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1 a gcinneadh a dhearbhú don chuideachta an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt. Ní rachaidh an tréimhse sin thar aon mhí amháin tar éis an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an chuideachta seoladh leictreonach ar fáil chun an dearbhú leictreonach sin a fháil.

3.   Bunóidh na Ballstáit freisin an tréimhse ina ndéanfar an cúiteamh airgid arna shonrú i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a íoc. Ní thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin níos déanaí ná dhá mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chomhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 86q.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhaltaí ar bith a dhearbhaigh a gcinneadh an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt, ach a mheasann nár socraíodh go leordhóthanach an cúiteamh airgid a thairg an chuideachta, go mbeidh na comhaltaí sin i dteideal cúiteamh airgid breise a éileamh os comhair an údaráis inniúil nó an chomhlachta inniúil arna sainordú faoin dlí náisiúnta. Bunóidh na Ballstáit teorainn ama i ndáil leis an éileamh maidir le cúiteamh airgid breise.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh an cinneadh críochnaitheach ina ndéanfar cúiteamh airgid breise a sholáthar, bailí do na comhaltaí uile a dhearbhaigh a gcinneadh an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt i gcomhréir le mír 2.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go rialóidh dlí an Bhallstáit imeachta na cearta dá dtagraítear i mír1 go mír 4 agus gur laistigh de dhlínse an Bhallstáit imeachta sin a bheidh an inniúlacht eisiach chun aon díospóidí a bhaineann leis na cearta sin a réiteach.

Airteagal 86j

Creidiúnaithe a chosaint

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras leordhóthanach cosanta maidir le leasanna creidiúnaithe, a ndearnadh a n‐éilimh roimh nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann agus nach mbeidh dlite ag tráth an nochta sin.

Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le creidiúnaithe nach bhfuil sásta leis na coimircí arna dtairiscint i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, dá bhforáiltear i bpointe (f) d'Airteagal 86d iarratas a chur isteach, laistigh de thrí mhí ó nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 86g, chuig an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach i gcomhair coimircí leordhóthanacha ar an gcoinníoll gur féidir leis na creidiúnaithe sin a léiriú go hinchreidte go bhfuil sásamh a n‐éileamh i dtreis agus nach bhfuair siad aon choimircí leordhóthanacha ón gcuideachta, de bharr an chomhshó thrasteorann.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na coimircí ag brath ar theacht i bhfeidhm an chomhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 86q.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh comhlacht bainistíochta nó riaracháin na cuideachta dearbhú ar fáil ina léireofar go cruinn a stádas airgeadais ag dáta nach mbeidh níos luaithe ná aon mhí amháin roimh nochtadh an dearbhaithe sin. Luafar sa dearbhú, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil do chomhlacht bainistíochta nó riaracháin na cuideachta ar dháta an dearbhaithe sin, agus tar éis fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, nach eol don chomhlacht bainistíochta nó riaracháin cúis ar bith nach mbeadh an chuideachta, tar éis theacht i bhfeidhm an chomhshó, in ann a dliteanais a chomhlíonadh tráth a bheadh na dliteanais sin iníoctha. Déanfar an dearbhú a nochtadh mar aon le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 86g.

3.   Beidh míreanna 1 agus 2 gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Bhallstáit imeachta maidir le sásamh nó daingniú i dtaobh na na n‐oibleagáidí airgid nó neamhairgid atá dlite do chomhlachtaí poiblí.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh creidiúnaithe a ndearnadh a n‐éilimh roimh nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, imeachtaí a thionscnamh i gcoinne na cuideachta atá sa Bhallstát imeachta freisin laistigh de dhá bhliain ón dáta a tháinig an comhshó i bhfeidhm, gan dochar do na rialacha dlínse a eascróidh ó dhlí an Aontais nó ó dhlí náisiúnta nó ó chomhaontú conarthach. Beidh an rogha chun imeachtaí dá sórt a thionscnaimh sa bhreis ar rialacha eile maidir leis an rogha dlínse is infheidhme de bhun dhlí an Aontais

Airteagal 86k

Faisnéis agus comhairliúchán fostaithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta faisnéise agus comhairliúcháin fostaithe a urramú i ndáil leis an gcomhshó trasteorann agus go ndéanfar iad a fheidhmiú i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil dá bhforáiltear i dTreoir 2002/14/CE agus, i gcás inarb infheidhme do ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó do ghrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil feidhm ag cearta faisnéise agus comhairliúcháin maidir le fostaithe cuideachtaí eile seachas na cuideachtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2002/14/CE.

2.   D'ainneoin Airteagal 86e(7) agus phointe (b) d'Airteagal 86h(1), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta fostaithe i ndail le faisnéis agus comhairliúchán a urramú, ar a laghad sula ndéanfar dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann nó an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 86e a chinneadh, cibé acu is luaithe, sa chaoi go bhfaighidh na fostaithe freagra réasúnaithe roimh an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h.

3.   Gan dochar d'aon fhorálacha nó do chleachtais atá i bhfeidhm agus atá níos fabhraí d'fhostaithe, déanfaidh na Ballstáit cinneadh i leith na socruithe praiticiúla i ndáil leis an gceart chun faisnéis agus comhairliúchán a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2002/14/CE.

Airteagal 86l

Rannpháirtíocht fostaithe

1.   Gan dochar do mhír 2, beidh an chuideachta chomhshóite faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht na bhfostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát cinn scríbe.

2.   Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát cinn scríbe i gcás ina bhfuil meánlíon fostaithe coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairseach is infheidhme, mar atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit imeachta, ag an gcuideachta sna sé mhí roimh nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, rud a éileodh rannpháirtíocht fostaithe de réir bhrí phointe (k) d’Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, nó sa chás nach ndéanann dlí an Bhallstáit cinn scríbe sin:

(a)

foráil a dhéanamh maidir leis an leibhéal céanna rannpháirtíochta fostaithe ar a laghad agus a bhí sa chuideachta roimh an gcomhshó trasteorann, arna thomhas trí thagairt a dhéanamh don chion ionadaithe fostaithe i measc chomhaltaí an chomhlachta riaracháin nó maoirseachta nó a gcoistí nó an ghrúpa bainistíochta a chumhdaíonn aonaid bhrabúis na cuideachta, faoi réir ionadaíocht fostaithe; nó

(b)

foráil a dhéanamh maidir leis an teidlíocht chéanna cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú agus atá ag fostaithe atá fostaithe sa Bhallstát cinn scríbe a thabhairt d’fhostaithe bhunaíochtaí na cuideachta comhshóite atá suite i mBallstáit eile.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh rannpháirtíocht na bhfostaithe sa chuideachta chomhshóite agus a rannpháirteachas i sainmhíniú na gceart sin á rialú ag na Ballstáit, mutatis mutandis agus faoi réir mhír 4 go mír 7 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 12(2) in Airteagal 12(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus na forálacha seo a leanas de Threoir 2001/86/CE:

(a)

Airteagal 3(1), pointí (a)(i) agus (b) d'Airteagal 3(2), Airteagal(3), an chéad dá abairt d'Airteagal 3(4), agus Airteagal 3(5), agus (7);

(b)

Airteagal 4(1), pointí (a), (g) agus (h) d'Airteagal 4(2), agus Airteagal 4(3) agus (4);

(c)

Airteagal 5;

(d)

Airteagal 6;

(e)

Airteagal 7(1) seachas an dara fleasc de phointe (b);

(f)

Airteagail 8, 10, 11 agus 12; agus

(g)

pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn.

4.   Agus iad i mbun rialála ar na prionsabail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

bronnfaidh siad ar an gcomhlacht caibidlíochta speisialta an ceart chun cinneadh a dhéanamh, faoi réir ag móramh de dhá thrian dá chomhaltaí arb ionann é sin agus dhá thrian de na fostaithe, gan caibidlíochtaí a thionscnamh nó caibidlíochtaí atá tionscanta cheana féin a fhoirceannadh agus chun brath ar na rialacha rannpháirtíochta atá i bhfeidhm sa Bhallstát cinn scríbe;

(b)

i gcás ina bhfuil feidhm, tar éis caibidlíocht roimh ré, ag rialacha caighdeánacha le haghaidh rannpháirtíochta agus in ainneoin rialacha den sórt sin, féadfar cinneadh a dhéanamh maidir le teorainn a chur le cion na n‐ionadaithe fostaithe i gcomhlacht riaracháin na cuideachta comhshóite. Mar sin féin, más ionadaithe fostaithe ar a laghad aon trian de bhord riaracháin nó de bhord maoirseachta na cuideachta ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh riamh ar an teorannú sin go mbeidh cion ionadaithe fostaithe níos lú ná aon trian sa chomhlacht riaracháin;

(c)

áiritheofar go bhfeidhmeofar go fóill na rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe a bhí i bhfeidhm roimh an gcomhshó trasteorann go dtí dáta feidhmithe aon cheann de na rialacha arna gcomhaontú ina dhiaidh sin nó, in éagmais rialacha comhaontaithe, go dtí feidhmiú na rialacha caighdeánacha i gcomhréir le pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/86/EC.

5.   Ní chuimseoidh síneadh cearta rannpháirtíochta d'fhostaithe na cuideachta comhshóite a fhostaítear i mBallstáit eile, mar a thagraítear i bpointe (b) de mhír 2, aon oibleagáid ar na Ballstáit a roghnaíonn é sin a dhéanamh na fostaithe sin a chur san áireamh agus na tairseacha lucht saothair as a dtiocfaidh cearta rannpháirtíochta faoin dlí náisiúnta á ríomh.

6.   I gcás ina mbeidh an chuideachta chomhshóite le rialú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 2, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin foirm dhlíthiúil a ghabháil lena gceadaítear cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú.

7.   I gcás ina bhfuil an chuideachta chomhshóite ag oibriú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid uirthi bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcosnófar cearta rannpháirtíochta fostaithe i gcás comhshó, cumaisc nó deighilte, cibé acu trasteorann nó intíre, ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 4 bliana tar éis an dáta ar ghabh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann, trí na rialacha a leagtar síos i mír1 go mír 6 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.

8.   Cuirfidh cuideachta in iúl dá fostaithe nó dá n‐ionadaithe toradh na gcaibidlíochtaí maidir le rannpháirtíocht fostaithe gan moill mhíchuí.

Airteagal 86m

Deimhniú réamh-chomhshó

1.   Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t‐údarás nó na húdaráis eile atá inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcomhshónna trasteorann maidir leis na coda sin den nós imeachta a rialaítear ag dlí an Bhallstáit imeachta agus chun deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha go léir agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí sa Bhallstát imeachta (“an t-údarás inniúil”).

D'fhéadfadh amhail cur i gcrích na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí an bonn a bhaint de shástacht nó de dhaingniú oibleagáidí airgid nó neamhairgid atá dlite do chomhlachtaí poiblí nó do chomhlíonadh na gceanglas earnálach sonracha, lena n‐áirítear oibleagáidí a eascraíonn as imeachtaí leanúnacha a dhaingniú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta ar dheimhniú réamh-chomhshó a fháil:

(a)

dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann;

(b)

an tuarascáil agus an tuairim i gceangal, más ann di, dá dtagraítear in Airteagal 86e, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 86f, ach iad a bheith ar fáil;

(c)

aon bharúlacha a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 86g(1); agus

(d)

faisnéis maidir le formheas an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh faisnéis bhreise ag gabháil leis an iarratas ón gcuideachta ar dheimhniú réamh-chomhshó a fháil, amhail, go háirithe:

(a)

ar líon na bhfostaithe tráth ina ndéanfar dréacht-téarmaí an chomhshó thrasteorann a tharraingt suas;

(b)

fochuideachtaí a bheith ann, más ann dóibh, agus a suíomhanna geografacha faoi seach;

(c)

faisnéis maidir le sásamh na n‐oibleagáidí atá dlite do chomhlachtaí poiblí ag an gcuideachta.

Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin a iarraidh ar údaráis ábhartha eile, mura ndéanfar í a chur ar fáil ag an gcuideachta.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an t‐iarratas dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, go bhféadfar an t‐iarratas sin a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá do na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil, i gcomhréir le forálacha ábhartha Chaibidil III de Theideal 1.

5.   Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 861, déanfaidh an t‐údarás inniúil sa Ballstát imeachta a fhíorú go n‐áireofar i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann faisnéis maidir leis na nósanna imeachta trína ndéanfar na socruithe ábhartha a chinneadh agus maidir leis na roghanna féideartha le haghaidh socruithe dá leithéid.

6.   Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t‐údarás inniúil an fhaisnéis a leanas:

(a)

doiciméid agus faisnéis uile arna dtíolacadh chuig an údarás inniúil i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3;

(b)

tásc ón gcuideachta go bhfuil an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86l(3) agus in Airteagal 86l(4) tionscanta, nuair is ábhartha.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích faoi cheann trí mhí tar éis dháta fála na ndoiciméad agusna faisnéise maidir le formheas an chomhshó trasteorann ag cruinniú ginearálta na cuideachta. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an grinnscrúdú sin:

(a)

i gcás ina gcinnfear go ndéanann an comhshó trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamh-chomhshó;

(b)

i gcás ina gcinnfear nach ndéanann an comhshó trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh agus nach bhfuil na nósanna imeachta agus/nó na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamh-chomhshó agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t‐údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint nuair a chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a bunaíodh tá an comhshó trasteorann a bhfuil mar aidhm leis nó arb as a n‐eascraíonn bealaí chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sheachaint nó a dhul timpeall orthu, nó chun críocha coiriúla.

9.   Más rud é, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil móramhras ar an údarás inniúil lena léireofar gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais bunaíodh an comhshó trasteorann, a bhfuil mar aidhm leis nó arb as a n‐eascraíonn bealaí chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sheachaint nó a dhul timpeall orthu, nó chun críocha coiriúla, déanfaidh sé fíorais agus cúinsí ábhartha a chur san áireamh, amhail, i gcás inarb ábhartha tosca táscacha nach ndéanfar a bhreithniú ina n‐aonar agus a bhfuil an t‐údarás inniúil ar an eolas ina dtaobh, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír1, lena n‐áirítear trí chomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha. Déanfar an measúnú ar bhonn cás ar chás chun críocha na míre seo, trí nós imeachta arna rialú faoin dlí náisiúnta.

10.   I gcás inar gá chun críocha an mheasúnaithe faoi mhíreanna 8 agus 9 faisnéis bhreise a chur san áireamh nó gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha breise a dhéanamh, féadfar síneadh ama trí mhí bhreise ar a mhéid a chur leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear i mír 7.

11.   I gcás nach féidir an measúnú a dhéanamh faoin spriocdháta dá bhforáiltear i míreanna 7 agus 10 de bharr chastacht nós imeachta an chomhshó trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an t‐iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna maidir le haon mhoill roimh dhul in éag na spriocdhátaí sin.

12.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t‐údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla a bhaineann leis an gcomhshó trasteorann, lena n‐áirítear iad sin ón mBallstát cinn scríbe, agus faisnéis agus doiciméid a fháil ó na húdaráis sin agus ón gcuideachta atá riachtanach chun an grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann a chur i gcrích, laistigh den chreat nós imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta. Chun críocha an mheasúnaithe, féadfaidh an t‐údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách.

Airteagal 86n

Tarchur an deimhnithe réamh-chomhshó

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go roinnfear an deimhniú réamh-chomhshó leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 86o(1) trí chóras idirnasctha na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar an deimhniú réamh-chomhshó trí chóras idirnasctha na gclár.

2.   Beidh rochtain saor in aisce ar an deimhniú réamh-chomhshó ag na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 86o(1) agus ag na cláir.

Airteagal 86o

Grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chomhshó thrasteorann ag an mBallstát cinn scríbe

1.   Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó údarás eile atá inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chomhshó thrasteorann maidir leis an gcuid sin den nós imeachta a rialaítear ag dlí an Bhallstáit cinn scríbe. Beidh an t‐údarás sin inniúil chun an comhshó trasteorann a fhormheas.

Áiritheoidh an t‐údarás sin go háirithe go gcomhlíonfaidh an chuideachta chomhshóite forálacha an dlí náisiúnta maidir le corprú agus clárú cuideachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh na socruithe maidir le rannpháirtíocht fostaithe cinntithe i gcomhréir le hAirteagal 86l.

2.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an chuideachta dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann arna bhformheas ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát gur féidir aon iarratas chun críocha mhír 1 ón gcuideachta, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, go bhféadfaidh an chuideachta sin an t‐iarratas a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá do na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le forálacha ábhartha Chaibidil III de Theideal I.

4.   Formheasfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 an comhshó trasteorann a luaithe a chinnfidh sé gur comhlíonadh na coinníollacha ábhartha uile go cuí agus gur cuireadh na foirmiúlachaí uile go cuí sa Bhallstát cinn scríbe.

5.   Glacfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 an deimhniú réamh-chomhshó, a fhianóidh go cinntitheach cur i gcrích cuí na nósanna imeachta réamh-chomhshó agus na bhfoirmiúlachtaí réamh-chomhshó sa Bhallstát imeachta, nach bhfuil formheas an chomhshó trasteorann indéanta gan é.

Airteagal 86p

Clárú

1.   Cinnfear le dlíthe an Bhallstáit imeachta agus an Bhallstáit cinn scríbe, maidir lena gcríoch faoi seach, na socruithe, i gcomhréir le hAirteagal 16, chun cur i gcrích an chomhshó trasteorann a nochtadh ina gcláir.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear isteach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ina gcláir:

(a)

i gclár an Bhallstáit cinn scríbe, gur de thoradh comhshó trasteorann é clárú na cuideachta comhshóite;

(b)

i gclár an Bhallstáit cinn scríbe, dáta cláraithe na cuideachta comhshóite;

(c)

i gclár an Bhallstáit imeachta, gur de thoradh comhshó trasteorann é baint na cuideachta den chlár;

(d)

i gclár an Bhallstáit imeachta, dáta bhaint na cuideachta den chlár;

(e)

i gcláir an Bhallstáit imeachta agus an Bhallstáit cinn scríbe faoi seach, uimhir chláraithe, ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta agus uimhir chláraithe, ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta comhshóite.

Cuirfidh na cláir an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil go poiblí agus inrochtana trí chóras idirnascadh na gclár.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an clár sa Bhallstát cinn scríbe fógra chuig an gclár sa Bhallstát imeachta trí chóras idirnascadh na gclár go bhfuil an comhshó trasteorann i bhfeidhm le héifeacht. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbainfear cuideachta den chlár nó go ndíchlárófar an chuideachta láithreach tar éis don fhógra sin a bheith faighte.

Airteagal 86q

An dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann

Is le dlí an Bhallstáit cinn scríbe a chinnfear an dáta ar a ngabhfaidh éifeacht leis an gcomhshó trasteorann. Beidh an dáta sin i ndiaidh an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 86m agus o a chur i gcrích.

Airteagal 86r

Iarmhairtí an chomhshó trasteorann

Beidh na hiarmhairtí seo a leanas i gceist le comhshó trasteorann ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 86q:

(a)

sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta, lena n‐áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, is leis an gcuideachta comhshóite a bheidh siad;

(b)

leanfaidh comhaltaí na cuideachta ina gcomhaltaí den chuideachta chomhshóite, mura bhfuil a gcuid scaireanna diúscartha acu mar a thagraítear in Airteagal 86i(1);

(c)

cearta agus oibleagáidí na cuideachta a eascraíonn as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus atá ann ag an dáta ina dtagann an comhshó trasteorann in éifeacht, is leis an gcuideachta comhshóite a bheidh siad.

Airteagal 86s

Saineolaithe neamhspleácha

1.   Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena rialófar ar a laghad dliteanas sibhialta an saineolaí neamhspleách atá freagrach as an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 86f a tharraingt suas.

2.   Beidh rialacha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú go bhfuil:

(a)

an saineolaí nó an duine dleathach ar thar a cheann atá an saineolaí ag obair, go bhfuil sé neamhspleách ón gcuideachta atá ag déanamh iarratas ar an deimhniú réamh-chomhshó agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa aige leis an gcuideachta sin; agus

(b)

tuairim an tsaineolaí neamhchlaonta agus oibiachtúil, agus tugtha d'fhonn cúnamh a chur ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis na ceanglais neamhchlaontachta agus neamhspleáchais faoin dlí agus na caighdeáin ghairmiúla ar faoina réir atá an saineolaí.

Airteagal 86t

Bailíocht

Ní fhéadfar comhshó trasteorann a tháinig i bhfeidhm i gcomhlíonadh na nósanna imeachta lena dtrasuitear an Treoir seo a chur ar neamhní.

Ní dhéanann an chéad mhír difear do chumhachtaí na mBallstát, inter alia maidir leis an dlí choiriúil, maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, maidir leis an dlí sóisialta, maidir le forfheidhmiú an chánachais agus an dlí, chun bearta agus pionóis a fhorchur, faoin dlí náisiúnta, tar éis an dáta ar a dtáinig an chomhshó trasteorann i bhfeidhm.”;

(6)

in Airteagal 119, leasaítear pointe (2) mar a leanas:

(a)

ag deireadh phointe (c) cuirtear “; nó” leis;

(b)

cuirtear isteach an pointe a leanas:

“(d)

aistríonn aon chuideachta amháin nó níos mó ná sin, tar éis di a bheith díscaoilte gan a bheith leachtaithe, a sócmhainní agus a dliteanais go léir chuig cuideachta eile, an chuideachta éadála, gan an chuideachta éadála scaireanna nua a eisiúint, ar choinníoll go bhfuil seilbh go díreach nó go hindíreach ag duine amháin ar na scaireanna go léir sna cuideachtaí atá ag cumasc nó tá seilbh ag comhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc de réir an chion chéanna i ngach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc.”;

(7)

leasaítear Airteagal 120 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil baint ag an gCaibidil seo le cuideachtaí i gceachtar de na himthosca a leanas:

(a)

tá an chuideachta faoi leachtú, agus tús curtha aige lena sócmhainní a leithdháileadh ar a chomhaltaí;

(b)

tá an chuideachta faoi réir ag uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Caibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá:

(a)

faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó faoi réir creataí um athstruchtúrú coisctheach

(b)

faoi réir imeachtaí leachtaithe seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4, nó

(c)

faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhinítear iad i bpointe (101) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE.”;

(8)

leasaítear Airteagal 121 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar pointe (a);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Áireofar, go háirithe, sna forálacha agus sna foirmiúlachtaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo na forálacha agus sna foirmiúlachtaí sin a bhaineann leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir leis an gcumasc agus le cosaint na bhfostaithe ó thaobh ceart de cé is moite de na cinn a rialaítear le hAirteagal 133.”;

(9)

leasaítear Airteagal 122 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

maidir le gach ceann de na cuideachtaí cumaisc, a foirm dhlíthiúil agus a hainm, agus suíomh a hoifige cláraithe, agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm beartaithe don chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann agus an suíomh beartaithe dá hoifig chláraithe;

(b)

an cóimheas is infheidhme maidir le malartú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta agus méid aon íocaíochta airgid, i gcás inarb iomchuí;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (h) agus (i):

“(h)

aon bhuntáistí speisialta a thabharfar do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na gcuideachtaí atá ag cumasc;

(i)

ionstraim comhdhéanaimh na cuideachta atá ann de thoradh an chumaisc trasteorann, i gcás inarb infheidhme, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad;”;

(c)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(m)

mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 126a;

(n)

aon choimircí a thairgtear do chreidiúnaithe, amhail ráthaíochtaí nó gealltanais.”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 123 agus Airteagal 124:

Airteagal 123

Nochtadh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na doiciméid a leanas a nocht an chuideachta agus a chur ar fáil go poiblí i gcláir Bhallstát gach cuideachta atá ag cumasc, aon mhí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126:

(a)

dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann; agus

(b)

fógra lena chuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá ag cumasc, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann a chur faoi bhráid na cuideachta lena mbaineann, laistigh de cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí sa chlár.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh na tuarascála ó shaineolaí neamhspleách.

Beidh teacht ar na doiciméid arna nochtadh i gcomhréir leis an mír seo trí chóras idirnascadh na gclár.

2.   Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí atá ag cumasc a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, más rud é, ar feadh tréimhse leanúnach dar tús tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126 agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, go gcuirfidh na cuideachtaí sin na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal.

Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin, áfach, faoi réir aon cheanglas ná srianta seachas na cinn sin atá riachtanach chun slándáil an tsuímh ghréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú agus atá comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.   I gcás ina gcuirfidh na cuideachtaí atá ag cumasc dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann ar fáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach sa chlár lena mbaineann tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126:

(a)

maidir le gach ceann de na cuideachtaí atá cumasc, a foirm dhlíthiúil agus a hainm agus suíomh a hoifige cláraithe agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm atá beartaithe le haghaidh aon chuideachta nua-thionscanta agus suíomh beartaithe a hoifige cláraithe;

(b)

an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir le gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, agus uimhir chlárúcháin na cuideachta lena mbaineann sa chlár sin;

(c)

tásc, le haghaidh gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, de na socruithe arna ndéanamh chun cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú;

(d)

mionsonraí an tsuímh gréasáin ónar féidir dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, an fógra dá dtagraítear i mír 1, agus an tuarascáil ón saineolaí agus an fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a fháil ar líne agus saor in aisce.

Cuirfidh clár Bhallstát gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír ar fáil go poiblí.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a chomhlíonadh go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil i mBallstáit na gcuideachtaí atá ag cumasc, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.

5.   I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála i gcomhréir le hAirteagal 126(3), déanfar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo aon mhí ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile/na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.

6.   Féadfaidh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, a cheangal go bhfoilseofar dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ina n‐iris náisiúnta nó trí ardán lárnach leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16(3). Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta nó chuig ardán leictreonach lárnach..

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 nó ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 trí chóras idirnascadh na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach rachaidh aon táillí a ghearrfaidh na cláir um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ar an gcuideachta agus, i gcás arb infheidhme, i leith an fhoilsithe dá dtagraítear i mír 6, nach mbeidh na táillí sin níos mó ná aisghabháil an chostais as seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil.

Airteagal 124

Tuarascáil an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta chuig na comhaltaí agus chuig na fostaithe

1.   Déanfaidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta gach cuideachta atá ag cumasc tuarascáil a tharraingt suas do chomhaltaí agus d'fhostaithe ina dtugtar míniú agus bonn cirt le gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chumaisc trasteorann. agus ina dtugtar míniú ar impleachtaí an chumaisc trasteorann d'fhostaithe.

Déanfar, go háirithe, míniú a thabhairt inti ar impleachtaí an chumaisc trasteorann do ghnó na cuideachta amach anseo.

2.   Áireofar roinn do chomhaltaí agus roinn d'fhostaithe sa tuarascáil freisin.

Féadfaidh an chuideachta cinneadh a dhéanamh cibé acu aon tuarascáil amháin a tharraingt suas ina mbeidh an dá roinn sin nó tuarascálacha ar leith a tharraingt suas do chomhaltaí agus d'fhostaithe faoi seach ina mbeidh an roinn ábhartha.

3.   Sa roinn den tuarascáil do chomhaltaí, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

an cúiteamh airgid agus an modh a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid a ríomh;

(b)

an cóimheas malartaithe scaireanna agus an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna a ríomh, i gcás inarb infheidhme;

(c)

impleachtaí an chumaisc trasteorann do chomhaltaí;

(d)

na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 126a.

4.   Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil do chomhaltaí i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe ag comhaltaí uile na cuideachta an ceanglas sin a tharscaoileadh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.

5.   Sa roinn den tuarascáil d'fhostaithe, míneofar go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

impleachtaí an chumaisc trasteorann ar chaidrimh fostaíochta, mar aon le, i gcás inarb infheidhme, aon bhearta chun na caidrimh sin a choimirciú;

(b)

aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta is infheidhme nó ar shuíomh láithreacha gnó na cuideachta;

(c)

conas a dhéanann na tosca a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) difear d'fhochuideachtaí ar bith de chuid na cuideachta.

6.   Cuirfear an tuarascáil nó na tuarascálacha ar fáil in aon chás go leictreonach, in éineacht le dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, má tá fáil orthu, do na comhaltaí agus d'ionadaithe fhostaithe gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc nó, sa chás nach bhfuil ionadaí ar bith dá leithéid ann, do na fostaithe iad féin, nach lú ná sé seachtaine roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126.

I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála, i gcomhréir le hAirteagal 126(3), áfach, cuirfear an tuarascáil ar fáil sé seachtaine ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile nó na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.

7.   I gcás ina bhfaighidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá ag cumasc tuairim ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5 in am iomchuí ó ionadaithe na bhfostaithe nó, i gcás nach ann d'aon ionadaí den sórt sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoi réir dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil í.

8.   Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil a bhaineann le fostaithe i gcás nach bhfuil aon fhostaithe ag cuideachta atá ag cumasc ná ag a fochuideachtaí, más ann dóibh, cé is moite díobh sin ar cuid den chomhlacht riaracháin nó bainistíochta iad.

9.   I gcás ina ndéantar an roinn den tuarascáil do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 4 agus nach bhfuil an roinn d'fhostaithe dá dtagraítear i mír 5 ag teastáil faoi mhír 8, ní bheidh gá leis an tuarascáil.

10.   Beidh míreanna 1 go 9 den Airteagal seo gan dochar do na cearta faisnéise agus na cearta comhairliúcháin is infheidhme agus do na nósanna imeachta dá bhforáiltear ar leibhéal náisiúnta tar éis Threoir 2002/14/CE agus Threoir 2009/38/CE a thrasuí.”;

(11)

leasaítear Airteagal 125 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an fomhír seo a leanas isteach:

“I gcás nach gceanglaítear formheas an chumaisc ag cruinniú ginearálta na cuideachta éadála, i gcomhréir le hAirteagal 126(3), áfach, cuirfear an tuarascáil ar fáil aon mhí ar a laghad roimh dháta chruinniú ginearálta na cuideachta eile nó na gcuideachtaí eile atá ag cumasc.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 in aon chás tuairim an tsaineolaí maidir le cibé an bhfuil an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna leormhaith. Agus an cúiteamh airgid á mheasúnú, tabharfaidh an saineolaí aird ar aon phraghas margaidh de chuid na scaireanna sna cuideachtaí atá ag cumasc roimh fhógairt an togra cumaisc nó luach na gcuideachtaí gan éifeacht an chumaisc atá beartaithe a bheith san áireamh, de réir mar a chinntear i gcomhréir le modhanna luachála a nglactar leo go ginearálta. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:

(a)

léiriú ar an modh nó ar na modhanna a úsáideadh chun an cúiteamh airgid arna mholadh a ríomh;

(b)

an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna arna mholadh a ríomh a léiriú;

(c)

a chur in iúl an leormhaith an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna a mheasúnú, an luach a ríomhadh trí na modhanna sin a úsáid a lua agus tuairim a thabhairt ar thábhacht choibhneasta na modhanna sin i ndáil leis an luach a cinneadh a ríomh, agus sa chás gur úsáideadh modhanna difriúla i gcumasc na gcuideachtaí, chomh maith leis an méid sin, a lua an raibh údar le modhanna difriúla a úsáid; agus

(d)

cur síos ar aon deacrachtaí luachála speisialta a tháinig chun cinn.

Beidh na saineolaí i dteideal an fhaisnéis uile is gá a fháil ó na cuideachtaí atá ag cumasc chun dualgais an tsaineolaí a urscaoileadh.”;

(c)

i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ón Airteagail seo.”;

(12)

Leasaítear Airteagal 126 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 124 agus in Airteagal 125, i gcás inarb infheidhme, tuairimí fostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 124 agus barúlacha na bhfostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 123, déanfar cinneadh i gcruinniú ginearálta gach cuideachta atá ag cumasc, trí bhíthin rúin, cibé ar cheart dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann a fhormheas agus ar cheart an ionstraim chomhdhéanaimh, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad, a oiriúnú.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh an cruinniú ginearálta formheas an chumaisc trasteorann a dhíospóid ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas amháin:

(a)

níor socraíodh an cóimheas malartaithe scaireanna dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 122 go leormhaith;

(b)

socraíodh an cúiteamh airgid dá dtagraítear i bpointe (m) d'Airteagal 122 ar bhealach neamhleor; nó

(c)

níor chomhlíon an fhaisnéis a tugadh maidir leis an gcóimheas malartaithe scaireanna dá dtagraítear i bpointe (a) nó an cúiteamh airgid dá dtagraítear i bpointe (b) na ceanglais dhlíthiúla.”;

(13)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

Airteagal 126a

Cosaint na gcomhaltaí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag comhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc a vótáil in aghaidh fhormheas dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, agus acu siúd ar a laghad, a gcuid scaireanna a dhiúscairt le haghaidh cúiteamh leormhaith airgid agus sin a dhéanamh faoi na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 6 ar choinníoll, mar thoradh ar an gcumasc, go bhfaighidís scaireanna sa chuideachta a thiocfadh as an gcumasc a bheadh faoi rialú ag dlí Ballstáit nach é Ballstát na cuideachta lena mbaineann atá ag cumasc.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil freisin do chomhaltaí eile de na cuideachtaí atá ag cumasc go dtabharfar an ceart dá dtagraítear sa chéad fhomhír dóibh.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar cur i gcoinne sainráite i leith dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, rúin na gcomhaltaí a gceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt, nó iad araon, a dhoiciméadú go hiomchuí ar a dhéanaí ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go measfar taifeadadh chur i gcoinne dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann mar dhoiciméadú cuí ar vóta diúltach.

2.   Bunóidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn is gá do na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1 dearbhú a thabhairt don chuideachta atá ag cumasc gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir leis na scaireanna a dhiúscairt. Ní rachaidh an tréimhse sin thar aon mhí amháin tar éis an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 126. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na cuideachtaí atá ag cumasc seoladh leictreonach ar fáil chun an dearbhú leictreonach sin a fháil.

3.   Ina theannta sin, bunóidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn a dhéanfar an cúiteamh airgid a shonraítear i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann a íoc. Ní thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin níos déanaí ná dhá mhí tar éis an chumaisc trasteorann a theacht in éifeacht i gcomhréir le hAirteagal 129.

4.   Maidir le haon chomhaltaí a bhfuil sé dearbhaithe acu gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt, ach a mheasann nár socraíodh go leormhaith an cúiteamh airgid atá an chuideachta atá ag cumasc lena mbaineann a thairiscint, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad i dteideal cúiteamh breise airgid a éileamh os comhair údarás nó comhlacht inniúil arna sainordú faoin dlí náisiúnta. Bunóidh na Ballstáit teorainn ama don éileamh maidir le cúiteamh breise airgid.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh an cinneadh críochnaitheach lena ndéanfar cúiteamh breise airgid a sholáthar bailí do na comhaltaí uile den chuideachta atá ag cumasc lena mbaineann a bhfuil sé dearbhaithe acu gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt i gcomhréir le mír 2.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar le dlí an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta atá ag cumasc faoina réir, na cearta dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 a rialú agus gur laistigh de dhlínse an Bhallstáit sin a bheidh an inniúlacht eisiach réiteach a aimsiú ar aon díospóidí a bhaineann leis na cearta sin.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh comhaltaí sin na cuideachta atá ag cumasc nach raibh sé de cheart acu a gcuid scaireanna a dhiúscairt nó nach ndearna an ceart sin a fheidhmiú, ach atá den tuairim nach bhfuil an cóimheas malartaithe scaireanna atá leagtha amach i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann an cóimheas sin a dhíospóid agus íocaíocht airgid a éileamh. Tionscnófar imeachtaí i ndáil leis sin os comhair an údaráis nó an chomhlachta inniúil arna shainordú faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta ábhartha atá ag cumasc faoina réir, laistigh den teorainn ama a leagtar síos sa dlí náisiúnta sin, agus ní chuirfidh na himeachtaí sin cosc ar chlárú an chumaisc trasteorann. Beidh an cinneadh sin ina cheangal ar an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh an cóimheas malartaithe scaireanna a bhunófar sa chinneadh sin bailí d'aon chomhaltaí den chuideachta atá ag cumasc lena mbaineann nach raibh sé de cheart acu a gcuid scaireanna a dhiúscairt nó nach ndearna an ceart sin a fheidhmiú.

7.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin gur féidir leis an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann scaireanna nó cúiteamh eile a sholáthar seachas íocaíocht airgid.

Airteagal 126b

Na creidiúnaithe a chosaint

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras leormhaith cosanta do leas na gcreidiúnaithe, a rinne a n‐éilimh sular nochtadh dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann agus nach raibh dlite tráth an nochta sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh creidiúnaithe atá míshásta leis na coimircí atá i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, amhail dá bhforáiltear i bpointe (n) d'Airteagal 122, iarratas a dhéanamh, laistigh de thrí mhí ó nochtadh dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 123, leis an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach ar choimircí leormhaithe ar an gcoinníoll gur féidir leis na creidiúnaithe sin a léiriú go hinchreidte go bhfuil, mar gheall ar an gcumasc trasteorann, sásamh a n‐éileamh i dtreis agus nach bhfuair siad aon choimircí leormhaithe ó na cuideachtaí atá ag cumasc.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na coimircí ag brath ar theacht in éifeacht an chumaisc trasteorann a bheith i gcomhréir le hAirteagal 129.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc dearbhú ar fáil ina léireofar go cruinn a stádas airgeadais reatha ag dáta nach luaithe ná aon mhí amháin roimh thráth nochtadh an dearbhaithe sin. Luafar sa dearbhú, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil do chomhlacht bainistíochta nó riaracháin na gcuideachtaí atá ag cumasc ar dháta an dearbhaithe, agus tar éis dó fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, nach eol don chomhlacht riaracháin nó bainistíochta sin cúis ar bith nach mbeadh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc in ann a dhliteanais a chomhlíonadh tráth a bheidh na dliteanais sin iníoctha. Déanfar an dearbhú a nochtadh mar aon le dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 123.

3.   Beidh míreanna 1 agus 2 gan dochar do chur i bhfeidhm dhlíthe Bhallstáit na gcuideachtaí atá ag cumasc maidir le hoibleagáidí airgid nó neamhairgid atá dlite do chomhlachtaí poiblí a shásamh nó a dhaingniú.

Airteagal 126c

Faisnéis agus comhairliúchán na bhfostaithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta faisnéise agus comhairliúcháin fostaithe a urramú i ndáil leis an gcumasc trasteorann agus go bhfeidhmeofar iad i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil dá bhforáiltear i dTreoir 2002/14/CE, agus le Treoir 2001/23/CE i gcás ina meastar gurb ionann an cumasc trasteorann agus aistriú gnóthais de réir bhrí Threoir 2001/23/CE, agus, i gcás inarb infheidhme i leith ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó i leith grúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil feidhm ag cearta faisnéise agus comhairliúcháin fostaithe maidir le fostaithe cuideachtaí nach iad na cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2002/14/CE iad.

2.   D'ainneoin phointe (b) d'Airteagal 123(1) agus Airteagal 124(7), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta fostaithe ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a urramú, ar a laghad sula ndéanfar dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann nó an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 124 a chinneadh, cibé acu is luaithe, sa chaoi go dtabharfar freagra réasúnaithe ar na fosaithe roimh an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126.

3.   Gan dochar d'aon fhorálacha ná d'aon chleachtais atá i bhfeidhm agus atá níos fabhraí d'fhostaithe, cinnfidh na Ballstáit na socruithe praiticiúla chun an ceart ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2002/14/CE.”;

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 127:

Airteagal 127

Deimhniú réamhchumaisc

1.   Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t‐údarás nó na húdaráis eile atá inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht cumasc trasteorann maidir leis na codanna sin den nós imeachta a rialaítear le dlí Bhallstát na cuideachta atá ag cumasc agus chun deimhniú réamhchumaisc a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha go léir agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí i mBallstát an chuideachta atá ag cumasc (“an t‐údarás inniúil”).

Féadfar sásamh nó daingniú oibleagáidí airgid agus neamhairgid a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí nó comhlíonadh ceanglas sonrach earnálach, lena n‐áirítear oibleagáidí a eascróidh as imeachtaí leanúnacha a dhaingniú, a chuimsiú le cur i gcrích sin na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta atá ag cumasc ar dheimhniú réamhchumaisc a fháil:

(a)

na dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann;

(b)

an tuarascáil agus an tuairim i gceangal, más ann di, dá dtagraítear in Airteagal 124, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 125, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

(c)

aon bharúlacha a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 123(1); agus

(d)

faisnéis maidir leis an bhformheas tríd an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160k.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeadh faisnéis bhreise ag gabháil leis an iarratas ar dheimhniú réamhchumaisc a fháil ón gcuideachta atá ag cumasc, amhail an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

ar an líon fostaithe tráth a rinneadh dréacht-téarmaí an chumaisc trasteorann a tharraingt suas;

(b)

fochuideachtaí a bheith ann agus a suíomhanna geografacha faoi seach;

(c)

faisnéis maidir le hoibleagáidí a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí arna sásamh ag an gcuideachta atá ag cumasc.

Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, mura soláthrófar í ag an gcuideachta atá ag cumasc, a iarraidh ar údaráis ábhartha eile.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an t‐iarratas dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan an gá do hiarratasóirí a theacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.

5.   Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 133, fíoróidh údarás inniúil Bhallstát na cuideachta atá ag cumasc go n‐áirítear i ndréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, faisnéis maidir leis na nósanna imeachta trína ndéantar na socruithe ábhartha a chinntiú agus maidir leis na roghanna féideartha le haghaidh socruithe dá leithéid.

6.   Mar chuid den ghrinnscrúdú ar an dlíthiúlacht dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t‐údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)

na doiciméid agus an fhaisnéis uile arna dtíolacadh don údarás inniúil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3;

(b)

tásc ó na cuideachtaí atá ag cumasc go bhfuil tús curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 133(3) agus (4), i gcás inarb ábhartha.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích laistigh de thrí mhí ón dáta a gheofar na doiciméid agus an fhaisnéis maidir le cruinniú ginearálta na cuideachta atá ag cumasc an cumasc trasteorann a fhormheas. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an grinnscrúdú sin:

(a)

i gcás ina gcinnfear go gcomhlíontar leis an gcumasc trasteorann na coinníollacha ábhartha uile agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc;

(b)

i gcás ina gcinnfear nach gcomhlíontar leis an gcumasc trasteorann na coinníollacha ábhartha uile nó nach bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t‐údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhchumaisc a eisiúint, nuair a chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun cumasc trasteorann arbh é ba thoradh leis gur seachnaíodh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm leis gurbh é sin an toradh a bheadh air, nó gur ann dó chun críocha coiriúla.

9.   I gcás, tríd an ngrinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil móramhras ar an údarás inniúil lena léireofar gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun an cumasc trasteorann, arbh é ba thoradh leis gur seachnaíodh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm leis gurbh é sin an toradh a bheadh air, nó gur chun críocha coiriúla atá sé, déanfaidh sé fíorais agus cúinsí ábhartha a chur san áireamh, amhail, i gcás inarb ábhartha agus gan iad a bhreithniú ina n‐aonar, tosca táscacha a bhfuil an t‐údarás inniúil ar an eolas fúthu, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, lena n‐áirítear trí chomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha. Is ar bhonn cás ar chás, trí nós imeachta arna rialú leis an dlí náisiúnta, a dhéanfar an measúnú chun críocha na míre seo.

10.   I gcás inar gá chun críocha an mheasúnaithe faoi mhíreanna 8 agus 9 faisnéis bhreise a chur san áireamh nó gníomhaíochtaí breise imscrúdaitheacha a dhéanamh, féadfar síneadh trí mhí ar a mhéid a chur leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear i mír 7.

11.   I gcás nach féidir an measúnú a dhéanamh laistigh de na spriocdhátaí amhail dá bhforáiltear i míreanna 7 agus 10 de bharr chastacht nós imeachta an chumaisc trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an t‐iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna le haon mhoill sula rachaidh an spriocdháta sin in éag.

12.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t‐údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla lena mbaineann an cumasc trasteorann, lena n‐áirítear iad sin de chuid Bhallstát na gcuideachtaí a thiocfaidh as an gcumasc, agus faisnéis agus doiciméid a fháil ó na húdaráis sin agus ón gcuideachta atá ag cumasc atá riachtanach chun an grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chumaisc trasteorann a chur i gcrích, faoi chuimsiú an chreata nós imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Chun críocha an mheasúnaithe, féadfaidh an t‐údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách.”;

(15)

cuirtear isteach an t‐airteagal seo a leanas:

Airteagal 127a

An deimhniú réamhchumaisc a tharchur

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go roinnfear an deimhniú réamhchumaisc leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 128(1) trí chóras idirnasctha na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar an deimhniú réamhchumaisc trí chóras idirnasctha na gclár.

2.   Beidh rochtain saor in aisce ar an deimhniú réamhchumaisc ag na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 128(1) agus ag na cláir.”;

(16)

Leasaítear Airteagal 128 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh gach cuideachta atá ag cumasc faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann arna bhformheas ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 126 nó, i gcás nach bhfuil formheas ón gcruinniú ginearálta ag teastáil i gcomhréir le hAirteagal 132(3), dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann arna bhformheas ag gach cuideachta atá ag cumasc i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“3.   Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar aon iarratas chun críocha mhír 1, ó aon cheann de na cuideachtaí atá ag cumasc, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a thíolacadh, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.

4.   Formheasfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 an cumasc trasteorann a luaithe a bheidh an cinneadh déanta aige gur comhlíonadh na coinníollacha ábhartha go léir.

5.   Glacfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 leis an deimhniú réamhchumaisc mar fhianú cinntitheach ar chomhlánú ceart na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí réamhchumaisc is infheidhme ina Bhallstát faoi seach, nach féidir an cumasc trasteorann a fhormheas ina n‐éagmais.”;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 130:

Airteagal 130

Clárú

“1.   Is iad dlíthe na mBallstát a bhfuil na cuideachtaí atá ag cumasc agus an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc faoina réir a chinnfidh, i ndáil lena gcríocha faoi seach, na socruithe, i gcomhréir le hAirteagal 16, maidir le tabhairt chun críche an chumaisc trasteorann a nochtadh ina gcláir phoiblí.”

“2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear isteach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ina gcláir:

(a)

i gclár Bhallstát na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc – gur toradh ar chumasc trasteorann é clárú na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc;

(b)

i gclár Bhallstát na gcuideachtaí a thiocfaidh as an gcumasc – dáta clárúcháin na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc;

(c)

i gclár Bhallstát gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, gur toradh ar chumasc trasteorann é an chuideachta atá ag cumasc a scriosadh nó a bhaint den chlár;

(d)

i gclár Bhallstát gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc, dáta scriosadh nó bhaint na cuideachta atá ag cumasc den chlár;

(e)

i gcláir Bhallstát gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc agus Bhallstát na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc faoi seach – uimhir chlárúcháin, ainm agus foirm dhlíthiúil gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc agus uimhreacha clárúcháin, ainmneacha agus foirm dhlíthiúil na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc.”

Cuirfidh na cláir an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil go poiblí agus inrochtana trí chóras idirnascadh na gclár.

“3.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an clár i mBallstát na cuideachta a thig as an gcumasc trasteorann fógra don chlár i mBallstát na cuideachta atá ag cumasc, trí chóras idirnascadh na gclár agus gan mhoill, go bhfuil éifeacht glactha ag an gcumasc trasteorann. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfar clárú na cuideachta atá ag cumasc a scriosadh nó a bhaint den chlár láithreach tar éis an fógra sin a fháil.”;

(18)

leasaítear Airteagal 131 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag cumasc trasteorann a dhéantar mar a leagtar síos i bhfophointe (a), (c) agus (d) de phointe (2) d'Airteagal 119, ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 129:

(a)

aistrítear sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta atá á fáil, lena n‐áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, chuig an gcuideachta éadála;

(b)

tiocfaidh comhaltaí na cuideachta a bheith ina gcomhaltaí den chuideachta éadála, mura bhfuil a gcuid scaireanna diúscartha acu mar a thagraítear in Airteagal 126a(1);

(c)

scoirfidh an chuideachta atá á fáil de bheith ann.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

aistreofar sócmhainní agus dliteanais uile na gcuideachtaí atá ag cumasc, lena n‐áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, chuig an gcuideachta nua;

(b)

déanfar comhaltaí den chuideachta nua de chomhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc, mura bhfuil a gcuid scaireanna diúscartha acu mar a thagraítear in Airteagal 126a (1);”;

(19)

leasaítear Airteagal 132 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina ndéanfaidh cuideachta a shealbhaíonn na scaireanna uile agus urrúis eile a thugann an ceart vótála ag cruinnithe ginearálta na cuideachta atá á fáil nó na gcuideachtaí atá á bhfáil nó i gcás ina ndéanfaidh duine a shealbhaíonn ar dhóigh dhíreach nó ar dhóigh indíreach na scaireanna uile sa chuideachta éadála agus sa chuideachta nó cuideachtaí atá á bhfáil, i gcás ina ndéanfaidh an chuideachta nó an duine sin cumasc trasteorann trí éadáil a chur i gcrích agus nach gcionroinnfidh an chuideachta éadála aon scaireanna faoin gcumasc:

ní bheidh feidhm ag pointí (b), (c), (e) agus (m) d'Airteagal 122, Airteagal 125 agus pointe (b) d'Airteagal 131(1);

ní bheidh feidhm ag Airteagal 124 ná ag Airteagal 126(1) maidir leis an gcuideachta atá á fáil nó na cuideachtaí atá á bhfáil.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   I gcás ina bhforálfar le dlíthe Bhallstáit na gcuideachtaí uile atá ag cumasc maidir leis an díolúine ón bhformheas ag an gcruinniú ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 126(3) agus mír 1 den Airteagal seo, cuirfear ar fáil dréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann nó an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 123(1) go (3) faoi seach agus na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 124 agus Airteagal 125 tráth nach déanaí ná aon mhí amháin sula ndéanfaidh an chuideachta an cinneadh maidir leis an gcumasc i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”;

(20)

leasaítear Airteagal 133 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

“2.   Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh oifig chláraithe na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann i gcás, sna sé mhí roimh nochtadh dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, ina mbeidh meánlíon fostaithe atá coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairiseach is infheidhme, mar a leagtar síos i ndlí an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta atá ag cumasc faoi réir a dhlínse, chun rannpháirtíocht fostaithe a spreagadh de réir bhrí phointe (k) d'Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, ná i gcás nach ndéantar leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann na nithe seo a leanas:”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

an ceart a thabhairt do chomhlachtaí ábhartha na gcuideachtaí atá ag cumasc, i gcás ina mbeidh ar a laghad ceann amháin de na cuideachtaí atá ag cumasc ag feidhmiú faoi réir córas rannpháirtíochta fostaithe de réir bhrí phointe (k) d'Airteagal 2 de Threoir 2001/86/EC, roghnú gan caibidlíocht roimh ré a bheith go díreach faoi réir na rialacha caighdeánacha maidir le rannpháirtíocht dá dtagraítear i bpointe (b) de Chuid 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, mar a leagtar síos i reachtaíocht an Bhallstáit ina mbeidh oifig chláraithe na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann, agus cloí leis na rialacha sin ó dháta an chláraithe;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   I gcás ina mbeidh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann ag feidhmiú faoi réir córas rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar cearta rannpháirtíochta fostaithe i gcás cumasc, deighilte nó comhshó, cibé acu trasteorann nó intíre, ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 4 bliana tar éis an dáta ar ghabh éifeacht leis an gcumasc trasteorann, trí na rialacha a leagtar síos i mír 1 go mír 6 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.”;

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“8.   Cuirfidh cuideachta in iúl dá fostaithe nó d'ionadaithe a fostaithe cé acu an roghnaíonn sí rialacha caighdeánacha maidir le rannpháirtíocht dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 3 a chur i bhfeidhm nó an ndeachaigh sí i mbun caibidlíochta faoi chuimsiú an chomhlachta caibidlíochta speisialta. Sa dara cás sin, cuirfidh an chuideachta in iúl dá fostaithe nó d'ionadaithe a fostaithe toradh na gcaibidlíochtaí gan moill mhíchuí.”;

(21)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

Airteagal 133a

Saineolaithe neamhspleácha

1.   Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena rialófar ar a laghad dliteanas sibhialta an tsaineolaí neamhspleách a bheidh freagrach as an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 125 a tharraingt suas.

2.   Beidh rialacha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh:

(a)

an saineolaí, nó an duine dlítheanach ar thar a cheann a bheidh an saineolaí ag obair, neamhspleách ón gcuideachta a bhfuil iarratas á dhéanamh aici ar an deimhniú réamhchumaisc agus nach mbeidh aon choinbhleacht leasa aige leis an gcuideachta sin; agus

(b)

tuairim an tsaineolaí neamhchlaonta agus oibiachtúil, agus tugtha d'fhonn cúnamh a thabhairt don údarás inniúil i gcomhréir leis na ceanglais neamhchlaontachta agus neamhspleáchais faoin dlí agus na caighdeáin ghairmiúla a bhfuil an saineolaí faoina réir.”;

(22)

in Airteagal 134, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“Ní dhéanann an chéad mhír difear do chumhachtaí na mBallstát maidir leis an dlí choiriúil, maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, maidir leis an dlí shóisialta, maidir le forfheidhmiú an chanachais agus an dlí, chun bearta agus pionóis a fhorchur, faoin dlí náisiúnta, tar éis an dáta a ghabh éifeacht leis an gcumasc trasteorann.”;

(23)

i dTeideal II, cuirtear an Chaibidil seo a leanas leis:

CAIBIDIL IV

Deighiltí trasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta

Airteagal 160a

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le deighiltí trasteorann cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, arna fabhrú i gcomhréir le dlí Ballstáit agus a bhfuil a n‐oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a príomhionad gnó laistigh den Aontas, ar choinníoll go bhfuil ar a laghad dhá cheann de na cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta atá rannpháirteach sa deighilt faoi rialú ag dlí Ballstát difriúil (dá ngairtear “deighilt trasteorann” anseo feasta).

2.   D'ainneoin phointe 4 d'Airteagal 160b, beidh feidhm ag an gCaibidil seo freisin maidir le deighiltí trasteorann i gcás ina gceadófar le dlí Ballstáit amháin lena mbaineann ar a laghad an íocaíocht airgid dá dtagraítear i bpointí (a) agus pointe (b) de phointe 4 d'Airteagal 160b 10 % den luach ainmniúil a shárú, nó, murab nach ann do luach ainmniúil, 10 % de pharluach cuntasaíochta na n‐urrús nó na scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí is faighteoir.

3.   Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le deighiltí trasteorann a bhaineann le cuideachta arb é an cuspóir atá léi an chomhinfheistíocht chaipitil arna soláthar ag an bpobal, a oibríonn ar phrionsabal an scaipthe riosca, agus ina ndéantar na haonaid aici a athcheannach nó a fhuascailt, arna iarraidh sin do na sealbhóirí, go díreach nó go hindíreach, as sócmhainní na cuideachta sin. Gníomh a dhéanann cuideachta den sórt sin chun a áirithiú nach n‐éagsúlaíonn luach stocmhalartáin a n‐aonad go sonrach ón nglanluach sócmhainní, measfar é sin a bheith comhionann le hathcheannach nó fuascailt.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil baint ag an gCaibidil le cuideachtaí i gceachtar de na himthosca a leanas:

(a)

tá an chuideachta faoi leachtú agus tús curtha aici lena sócmhainní a dháileadh ar a chomhaltaí;

(b)

tá an chuideachta faoi réir ag uirlisí, cumhachtaí agus sásraí réitigh dá bhforáiltear i dTeideal IV de Threoir 2014/59/AE.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí atá:

(a)

faoi réir imeachtaí dócmhainneachta nó faoi réir creataí um athstruchtúrú coisctheach

(b)

faoi réir imeachtaí leachtaithe seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4, nó

(b)

faoi réir bearta coiscthe géarchéime mar a shainmhínítear i bpointe (101) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE.

Airteagal 160b

Sainmhínithe

Chun críocha na Caibidle seo:

(1)

ciallaíonn “cuideachta”, cuideachta faoi dhliteanas teoranta'de chineál faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(2)

ciallaíonn “cuideachta atá á deighilt” cuideachta a aistríonn, mar chuid de phróiseas deighilte trasteorann, a sócmhainní agus a dliteanais uile chuig dhá chuideachta nó níos mó nó i gcás deighilt iomlán, nó a aistríonn cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais go cuideachta amháin nó níos mó i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh;

(3)

ciallaíonn “cuideachta is faighteoir” cuideachta a fhoirmítear as an nua le linn deighilt trasteorann;

(4)

ciallaíonn “deighilt” oibríocht lena ndéantar ceann amháin de na roghanna seo a leanas:

(a)

aistríonn cuideachta atá á deighilt, ar a díscaoileadh gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus a dliteanais uile chuig dhá chuideachta nó níos mó is faighteoirí de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a eisiúint do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus, más infheidhme, íocaíocht airgid nach mó ná 10% den luach ainmniúil nó, murab ann do luach ainmniúil, íocaíocht airgid nach mó ná 10% de pharluach cuntasaíochta na n‐urrús nó na scaireanna sin (“deighilt iomlán”);

(b)

aistríonn cuideachta atá á deighilt cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais chuig cuideachta is faighteoir amháin nó níos mó de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir, sa chuideachta atá á deighilt, nó sna cuideachtaí is faighteoir agus sa chuideachta atá á deighilt araon, a eisiúint do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus, más infheidhme, íocaíocht airgid nach mó ná 10 % den luach ainmniúil nó, murab ann do luach ainmniúil, íocaíocht airgid nach mó ná 10 % de pharluach cuntasaíochta na n‐urrús nó na scaireanna sin (“deighilt pháirteach”); nó

(c)

aistríonn cuideachta atá á deighilt cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais chuig cuideachta is faighteoir amháin nó níos mó, de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a eisiúint don chuideachta atá á deighilt (“deighilt trí scaradh”).

Airteagal 160c

Nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí

I gcomhréir le dlí an Aontais, is le dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt a rialófar na coda sin de na nósanna imeachta agus de na foirmiúlachtaí atá le comhlíonadh i dtaca leis an deighilt trasteorann chun an deimhniú réamhdheighilte a fháil, agus is le dlíthe Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir a rialófar na coda sin de na nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí atá le comhlíonadh tar éis an deimhniú réamhdheighilte a fháil.

Airteagal 160d

Dréacht-téarmaí deighiltí trasteorann

Déanfaidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí deighilte trasteorann a tharraingt suas. Áireofar, ar a laghad, na sonraí seo a leanas sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann:

(a)

foirm dhlíthiúil agus ainm na cuideachta atá á deighilt agus suíomh a hoifige cláraithe, agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm a mholtar don chuideachta nó do na cuideachtaí nua a thiocfaidh as an deighilt trasteorann agus suíomh beartaithe a n‐oifigí cláraithe;

(b)

i gcás inarb iomchuí, an cóimheas is infheidhme maidir le malartú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí agus méid aon íocaíochta airgid;

(c)

na téarmaí i ndáil le leithroinnt na n‐urrús nó na scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí is faighteoir nó na cuideachta atá á deighilt;

(d)

an t‐amchlár táscach atá molta don deighilt trasteorann;

(e)

impleachtaí dóchúla na deighilte trasteorann ar an bhfostaíocht;

(f)

an dáta óna dtabharfaidh an sealbhú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí teidlíocht do na sealbhóirí brabúis a roinnt, agus aon choinníollacha speisialta lena ndéanfar difear don teidlíocht sin;

(g)

an dáta nó na dátaí óna gcaithfear le hidirbhearta na cuideachta atá á deighilt, chun críocha cuntasaíochta, mar idirbhearta na gcuideachtaí is faighteoir;

(h)

aon bhuntáistí speisialta a dheonófar do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na cuideachta atá á deighilt;

(i)

na cearta a thabharfaidh na cuideachtaí is faighteoir do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt a bhfuil cearta speisialta acu nó do shealbhóirí urrús seachas scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta atá á deighilt, nó na bearta a bheartaítear maidir leo;

(j)

ionstraimí comhdhéanaimh na gcuideachtaí is faighteoir, i gcás inarb ábhartha, agus a reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad, agus aon athruithe ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta atá á deighilt i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh;

(k)

i gcás inarb iomchuí, is de bhun Airteagal 160l a chinnfear faisnéis faoi na nósanna imeachta lena ndéanfar socruithe i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe i sainmhíniú a gceart maidir le rannpháirtíocht sa chuideachta is faighteoir;

(l)

tuairisc bheacht ar shócmhainní agus dliteanais na cuideachta atá á deighilt agus ráiteas faoin gcaoi atá na sócmhainní agus na dliteanais sin le cionroinnt idir na cuideachtaí is faighteoir, nó le coimeád ag an gcuideachta atá á deighilt i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh, lena n‐áirítear forálacha maidir le caitheamh le sócmhainní nó dliteanais nach bhfuil cionroinnte ar dhóigh shonrach sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, amhail sócmhainní nó dliteanais nach eol iad a bheith ann ar an dáta a tharraingeofar suas na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann;

(m)

faisnéis faoin meastóireacht ar na sócmhainní agus ar na dliteanais atá le cionroinnt ar gach cuideachta atá páirteach sa deighilt trasteorann;

(n)

dáta chuntais na cuideachta atá á deighilt a úsáidtear chun coinníollacha na deighilte trasteorann a bhunú;

(o)

i gcás inarb iomchuí, cionroinnt na scaireanna agus na n‐urrús sna cuideachtaí is faighteoir, sa chuideachta atá á deighilt, nó iontu araon, ar chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus na critéir ar a bhfuil an chionroinnt sin bunaithe;

(p)

mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 160i;

(q)

aon choimircí, a dtairgtear do chreidiúnaithe, amhail ráthaíochtaí nó gealltanais.

Airteagal 160e

Tuarascáil an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta do chomhaltaí agus d'fhostaithe

1.   Déanfaidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá á deighilt tuarascáil a tharraingt suas do na chomhaltaí agus d'fhostaithe, ina míneofar gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha na deighilte trasteorann, agus ina dtabharfar bonn cirt leo, agus ina míneofar impleachtaí na deighilte trasteorann do na fostaithe.

Míneofar inti ach go háirithe impleachtaí na deighilte trasteorann do ghnó na gcuideachtaí amach anseo.

2.   Áireofar sa tuarascáil freisin roinn do chomhaltaí agus roinn d'fhostaithe.

Féadfaidh an chuideachta cinneadh a dhéanamh aon tuarascáil amháin a tharraingt suas ina mbeidh an dá roinn sin nó tuarascálacha ar leith a tharraingt do chomhaltaí agus d'fhosaithe, faoi seach, ina mbeidh an roinn ábhartha.

3.   Sa roinn den tuarascáil do chomhaltaí, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

an cúiteamh airgid agus an modh a úsáideadh chun an cúiteamh airgid a ríomh;

(b)

an cóimheas malartaithe scaireanna agus an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna a ríomh, i gcás inarb infheidhme;

(c)

impleachtaí na deighilte trasteorann do chomhaltaí;

(d)

na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 160i.

4.   Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil do chomhaltaí i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe ag comhaltaí na cuideachta an ceanglas sin a tharscaoileadh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí aon bhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.

5.   Sa roinn den tuarascáil d'fhostaithe, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

impleachtaí na deighilte trasteorann do chaidrimh fostaíochta, agus, i gcás inarb infheidhme, aon bheart chun na caidrimh sin a choimirciú;

(b)

aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta is infheidhme nó ar shuíomh áiteanna gnó na cuideachta;

(c)

an chaoi a ndéanann na tosca a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) difear d'aon fhochuideachtaí den chuideachta.

6.   Déanfar an tuarascáil nó na tuarascálacha, maille le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, má bhíonn siad ar fáil, a chur ar fáil in aon chás go leictreonach do na comhaltaí agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá á deighilt nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, tráth nach lú ná sé seachtaine roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h.

7.   I gcás ina bhfaighidh comhlacht riaracháin nó na cuideachta atá á deighilt tuairim ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5 in am trátha, agus an tuairim sin a theacht ó ionadaithe na bhfostaithe, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoin dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 í.

8.   Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil a bhaineann le fostaithe i gcás nach bhfuil fostaithe ag an gcuideachta atá á deighilt agus a fochuideachtaí, más ann dóibh, diomaite díobh siúd ar cuid den chomhlacht riaracháin nó bainistíochta iad.

9.   I gcás ina ndéantar an roinn den tuarascáil do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 4 agus nach bhfuil an roinn d'fhostaithe dá dtagraítear i mír 5 ag teastáil faoi mhír 8, ní bheidh gá leis an tuarascáil.

10.   I gcás ina ndéantar an roinn den tuarascáil do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 4 agus nach bhfuil an roinn d'fhostaithe dá dtagraítear i mír 5 ag teastáil faoi mhír 8, ní bheidh gá leis an tuarascáil.

11.   Beidh míreanna 1 go 9 den Airteagal seo gan dochar do na cearta faisnéise agus comhairliúcháin is infheidhme agus do na nósanna imeachta dá bhforáiltear ar leibhéal náisiúnta tar éis Treoir 2002/14/EC agus Treoir 2009/38/EC a thrasuí.

Airteagal 160f

Tuarascáil ó na saineolaithe neamhspleácha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh saineolaí seachtrach scrúdú ar na dréacht-téarmaí sin na deighilte trasteorann agus go dtarraingeoidh sé suas tuarascáil do chomhaltaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil do na comhaltaí tráth nach lú ná mí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h. Ag brath ar dhlí an Bhallstáit, féadfaidh gur duine nádúrtha nó dlítheanach an saineolaí sin.

2.   Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 in aon chás tuairim an tsaineolaí maidir le cé acu atá an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna leormhaith nó nach bhfuil. Agus an cúiteamh airgid á mheasúnú, breithneoidh an saineolaí aon phraghas margaidh de chuid na scaireanna sa chuideachta atá á deighilt roimh fhógairt an togra maidir leis an deighilt nó luach na cuideachta seachas éifeacht na deighilte molta, arna cinneadh i gcomhréir leis na modhanna luachála a bhfuil glacadh coitianta leo. Déanfar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:

(a)

an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcúiteamh airgid molta a ríomh, an modh nó na modhanna sin a léiriú;

(b)

an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna molta a ríomh, an modh nó na modhanna sin a léiriú;

(c)

luafar cé acu atá nó nach bhfuil an modh nó na modhanna leormhaith chun an cúiteamh airgid agus an cóimheas malartaithe scaireanna a mheas agus léireofar an luach a ríomhadh trí na modhanna sin a úsáid agus tabharfar tuairim ar thábhacht choibhneasta na modhanna sin i ndáil leis an luach ar ar cinneadh a ríomh; agus

(d)

tabharfar tuairisc ar aon deacrachtaí luachála speisialta atá tagtha chun cinn.

Beidh an saineolaí i dteideal gach faisnéis a fháil ón gcuideachta atá á deighilt atá riachtanach chun dualgais an tsaineolaí a chomhlíonadh.

3.   Ní cheanglófar an saineolaí neamhspleách dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a scrúdú ná tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách más rud é go mbeidh an méid sin comhaontaithe ag comhaltaí uile na cuideachta. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí aonbhaill a eisiamh ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 160g

Nochtadh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann an chuideachta na doiciméid seo a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí i gclár Bhallstát na cuideachta atá á deighilt mí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h:

(a)

dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann; agus

(b)

fógra lena gcuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá á deighilt, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a thíolacadh don chuideachta, cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí an tuarascáil ón saineolaí neamhspleách a nochtadh agus go gcuirfí ar fáil don phobal í sa chlár.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh na thuarascála ón saineolaí neamhspleách.

Beidh teacht freisin ar na doiciméid a nochtófar i gcomhréir leis an mír seo trí chóras idirnascadh na gclár.

2.   Féadfaidh na Ballstáit cuideachta atá á deighilt a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás ina ndéanfaidh an chuideachta sin, go ceann tréimhse leanúnach dar tús aon mhí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal.

Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin faoi réir aon cheanglais ná srianta, áfach, seachas iad siúd atá riachtanach chun slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, atá comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.   I gcás ina ndéanfaidh an chuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a chur ar fáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh sí an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach sa chlár tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h:

(a)

foirm dhlíthiúil agus ainm na cuideachta atá á deighilt agus suíomh a hoifige cláraithe, agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm beartaithe don chuideachta nó do na cuideachtaí nuachruthaithe a thiocfaidh as an deighilt trasteorann agus suíomh beartaithe a n‐oifige chláraithe;

(b)

an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir leis an gcuideachta atá á deighilt, agus a huimhir clárúcháin sa chlár sin;

(c)

léiriú ar na socruithe atá déanta maidir le cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú; agus

(d)

mionsonraí an tsuímh gréasáin ónar féidir dréacht‐téarmaí na deighilte trasteorann, an fógra dá dtagraítear i mír 1 agus an tuarascáil ó na saineolaithe agus an fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a fháil ar líne agus saor in aisce.

Cuirfidh an clár an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír ar fáil go poiblí.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a chomhlíonadh ar líne ina n‐iomláine gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.

5.   Féadfaidh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, a cheangal go bhfoilseofaí dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ina n‐iris náisiúnta nó trí ardán lárnach leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16(3). Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta nó chuig ardán leictreonach lárnach.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 nó ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 trí chóras idirnascadh na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit ina theannta sin nach dtéann aon táillí a ghearrfaidh na cláir ar an gcuideachta as an nochtadh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 agus, i gcás inarb infheidhme, as an bhfoilseachán dá dtagraítear i mír 5, thar aisghabháil an chostais a ghabhann leis na seirbhísí sin a sholáthar.

Airteagal 160h

Formheas ag an gcruinniú ginearálta

1.   Tar éis aird a thabhairt ar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 160e, agus in Airteagal 160f, i gcás inarb infheidhme, ar thuairimí na bhfostaithe arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 160e agus ar na barúlacha arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 160g, déanfar cinneadh, trí bhíthin rúin, ag cruinniú ginearálta na cuideachta atá á deighilt i dtaobh cibé acu a fhormheasfar nó nach bhformheasfar dréact-téarmaí na deighilte trasteorann agus i dtaobh cibé acu a oiriúnófar nó nach n‐oiriúnófar an ionstraim chomhdhéanaimh, agus na reachtanna más in ionstraim ar leith atá siad.

2.   Féadfaidh cruinniú ginearálta na cuideachta atá á deighilt an ceart a choimeád é a chur de choinníoll le cur chun feidhme na deighilte trasteorann go ndéanfadh sé na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 160l a dhaingniú go sainráite.

3.   Maidir le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, agus aon leasú ar na dréacht-téarmaí sin, a fhormheas, áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ina leith tromlach nach lú ná dhá thrian ach nach mó ná 90 % de na vótaí a ghabhann leis na scaireanna nó leis an gcaipiteal suibscríofa a ndéantar ionadaíocht orthu ag an gcruinniú ginearálta. Ar aon chuma, ní bheidh an tairseach vótála níos airde ná an tairseach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta maidir le comhshónna trasteorann a fhormheas.

4.   I gcás ina dtagann de chlásal i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann nó d'aon leasú ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta atá á deighilt go mór na hoibleagáidí eacnamaíocha atá ar an comhalta i leith na cuideachta nó i leith na dtríú páirtithe, féadfaidh na Ballstáit a cheangal sna cúinsí sonracha sin go bhformheasfaidh an comhalta lena mbaineann an clásal sin nó an leasú sin ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta atá á deighilt, ar choinníoll nach bhfuil an comhalta sin in ann na cearta a leagtar síos in Airteagal 160i a fheidhmiú.

5.   Maidir leis an deighilt trasteorann a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta, áiritheoidh na Ballstáit nach féidir an méid sin a dhíospóid ar na forais seo a leanas:

(a)

níor socraíodh go leormhaith an cóimheas malartaithe scaireanna dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 160d;

(b)

níor socraíodh go leormhaith an cúiteamh airgid dá dtagraítear i bpointe (p) d'Airteagal 160d; nó

(c)

níor comhlíonadh na ceanglais dhlíthiúla san fhaisnéis a tugadh maidir leis an gcóimheas malartaithe scaireanna dá dtagraítear i bpointe (a) nó an cúiteamh airgid dá dtagraítear i bpointe (b).

Airteagal 160i

Cosaint na gcomhaltaí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag comhaltaí na cuideachta atá á deighilt a vótáil in aghaidh fhormheas dhréacht-téarmaí dheighilt trasteorann, agus acu siúd ar a laghad, a gcuid scaireanna a dhiúscairt le haghaidh cúiteamh leormhaith airgid agus sin a dhéanamh faoi na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 6, ar choinníoll, mar thoradh ar an deighilt trasteorann, go bhfaighidís scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a rialófaí le dlí Ballstáit nach é Ballstát na cuideachta atá á deighilt é.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil freisin go mbeidh an ceart dá dtagraítear sa chéad fhomhír agag comhaltaí eile de chuid na cuideachta atá á deighilt.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí freasúra sainráite in aghaidh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, rún na gcomhaltaí a gceart a fheidhmiú maidir lena gcuid scaireanna a dhiúscairt, nó iad araon, go ndéanfaí é sin a dhoiciméadú go hiomchuí ar a dhéanaí ag an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú ina theannta sin go measfaí taifead ar fhreasúra in aghaidh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a bheith ina dhoiciméadú cuí ar vóta diúltach.

2.   Cinnfidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn is gá do na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1 dearbhú a thabhairt don chuideachta atá á deighilt gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt. Ní rachaidh an tréimhse sin thar aon mhí amháin tar éis an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an chuideachta atá á deighilt seoladh leictreonach a sholáthar chun an dearbhú sin a fháil go leictreonach.

3.   Ina theannta sin, cinnfidh na Ballstáit an tréimhse ar lena linn a dhéanfar an cúiteamh airgid a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a íoc. Ní thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin níos déanaí ná dhá mhí tar éis don deighilt trasteorann teacht i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 160q.

4.   Maidir le haon chomhaltaí a bhfuil sé dearbhaithe acu gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt, ach a mheasann nár socraíodh go leormhaith an cúiteamh airgid atá an chuideachta atá á deighilt á thairiscint, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad i dteideal cúiteamh breise airgid a éileamh os comhair an údaráis nó an chomhlachta inniúla arna shainordú faoin dlí náisiúnta. Bunóidh na Ballstáit teorainn ama don éileamh ar chúiteamh breise airgid.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh an cinneadh críochnaitheach cúiteamh breise airgid a sholáthar bailí do chomhaltaí uile na cuideachta atá á deighilt a bhfuil sé dearbhaithe acu gurb é a gcinneadh é an ceart a fheidhmiú maidir lena scaireanna a dhiúscairt i gcomhréir le mír 2.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar le dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt na cearta dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 a rialú agus gur laistigh de dhlínse an Bhallstáit a bheidh an inniúlacht eisiach réiteach a aimsiú ar aon díospóidí a bhaineann leis na cearta sin.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh comhaltaí sin na cuideachta atá á deighilt nach raibh sé de cheart acu a gcuid scaireanna a dhiúscairt nó nach ndearna an ceart sin a fheidhmiú, ach atá den tuairim nach bhfuil an cóimheasa mhalartaithe scaireanna atá leagtha amach i ndréacht-théarmaí na deighilte trasteorann leormhaith, go bhféadfaidh siad an cóimheas sin a dhíospóid agus íocaíocht airgid a éileamh. Tionscnófar na himeachtaí maidir leis sin os comhair an údaráis nó an chomhlachta inniúil arna shainordú faoi dhlí an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta atá á deighilt faoina réir, laistigh den teorainn ama a leagtar síos sa dlí náisiúnta sin agus ní chuirfidh na himeachtaí sin cosc ar an deighilt trasteorann a chlárú. Beidh an cinneadh ina cheangal ar na cuideachtaí is faighteoir agus, i gcás deighilt pháirteach, ar an gcuideachta atá á deighilt freisin.

7.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin gur féidir leis an gcuideachta is faighteoir lena mbaineann agus, i gcás deighilt pháirteach, an chuideachta atá á deighilt chomh maith, foráil a dhéanamh do scaireanna nó do chúiteamh eile seachas íocaíocht airgid.

Airteagal 160j

Creidiúnaithe a chosaint

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras leormhaith le haghaidh cosaint leasanna na gcreidiúnaithe a rinne a n‐éilimh sular nochtadh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann agus nach raibh dlite tráth an nochta sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh creidiúnaithe atá míshásta leis na coimircí atá i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, amhail dá bhforáiltear i bpointe (q) d'Airteagal 160d, iarratas a dhéanamh, laistigh de thrí mhí ó nochtadh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 160g, leis an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach ar choimircí leormhaithe ar an gcoinníoll gur féidir leis na creidiúnaithe sin a léiriú go hinchreidte go bhfuil, mar gheall ar an deighilt trasteorann, sásamh a n‐éileamh i dtreis agus nach bhfuair siad aon choimircí leormhaithe ón gcuideachta.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na coimircí ag brath ar an deighilt trasteorann a theacht in éifeacht i gcomhréir le hAirteagal 160q.

2.   I gcás nach bhfaighidh creidiúnaí de chuid na cuideachta atá á deighilt sásamh ón gcuideachta a gcionroinnfear an dliteanas uirthi, beidh na cuideachtaí is faighteoir eile agus, i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh, an chuideachta atá á deighilt, faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach leis an gcuideachta a gcionroinnfear an dliteanas uirthi i leith na hoibleagáide sin. Beidh uasmhéid dliteanais chomhpháirtigh agus leithligh aon chuideachta atá rannpháirteach sa deighilt teoranta, áfach, do luach, ar an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an deighilt, na nglansócmhainní a leithdháilfear ar an gcuideachta sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfadh comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá á deighilt dearbhú a sholáthar ina léireofaí go cruinn a stádas airgeadais reatha ag dáta nach luaithe ná aon mhí amháin roimh nochtadh an dearbhaithe sin. Luafar sa dearbhú nach eol dó, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil do chomhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá á deighilt dáta an dearbhaithe sin, agus tar éis fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, nach eol don chomhlacht riaracháin nó bainistíochta sin cúis ar bith nach mbeadh aon chuideachta is faighteoir agus, i gcás deighilt pháirteach, an chuideachta atá á deighilt, in ann, ón uair a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt, na dliteanais a leithdháilfear orthu faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a chomhlíonadh tráth a bheidh na dliteanais sin dlite. Déanfar an dearbhú a nochtadh maille le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 160j.

4.   Beidh mír 1, mír 2 agus mír 3 gan dochar d'fheidhmiú dhlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt maidir le sásamh nó daingniú oibleagáidí airgid nó neamhairgid atá dlite do chomhlachtaí poiblí.

Airteagal 160k

Faisnéis agus comhairliúchán fostaithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta faisnéise agus comhairliúcháin fostaithea urramú i ndáil leis an deighilt trasteorann agus go bhfeidhmeofar iad i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil dá bhforáiltear i dTreoir 2002/14/CE, agus Treoir 2001/23/CE i gcás ina meastar gurb ionann an deighilt trasteorann agus aistriú gnóthais de réir bhrí Threoir 2001/23/CE, agus, i gcás inarb infheidhme i leith ghnóthais ar leibhéal an Chomhphobail nó i leith grúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail, i gcomhréir le Treoir 2009/38/CE. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil feidhm ag cearta faisnéise agus comhairliúcháin fostaithe maidir le fostaithe cuideachtaí nach iad na cuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 mír 1 de Threoir 2002/14/CE iad.

2.   D'ainneoin Airteagal 160e(7) agus pointe (b) d'Airteagal 160g(1), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cearta fostaithe ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a urramú, ar a laghad sula ndéanfar dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann nó an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 160e a chinneadh, cibé acu is luaithe, sa chaoi go dtabharfar freagra réasúnaithe ar na fosaithe roimh an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h.

3.   Gan dochar d'aon fhorálacha nó cleachtais leanúnacha atá i bhfeidhm agus atá níos fabhraí d'fhostaithe, cinnfidh na Ballstáit na socruithe praiticiúla chun an ceart ar fhaisnéis agus ar chomhairliúchán a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2002/14/CE.

Airteagal 160l

Rannpháirtíocht fostaithe

1.   Gan dochar do mhír 2, beidh gach cuideachta is faighteoir faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh a hoifig chláraithe.

2.   Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh oifig chláraithe na cuideachta a thiocfaidh as an deighilt trasteorann i gcás, sna sé mhí roimh nochtadh dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, ina mbeidh meánlíon fostaithe sa chuideachta atá á deighilt atá coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairiseach is infheidhme, mar a leagtar síos i ndlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt, chun rannpháirtíocht fostaithe a spreagadh de réir bhrí phointe (k) d'Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, ná i gcás nach ndéantar leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le gach cuideachta is faighteoir na nithe seo a leanas:

(a)

foráil don leibhéal céanna rannpháirtíochta fostaithe ar a laghad agus a bhí sa chuideachta atá á deighilt roimh a deighilt trasteorann, arna thomhas trí thagairt a dhéanamh do chion na n‐ionadaithe fostaithe i measc chomhaltaí an chomhlachta riaracháin nó maoirseachta nó a gcoistí nó an ghrúpa bainistíochta a chumhdaíonn aonaid bhrabúis na cuideachta, faoi réir ionadaíocht fostaithe; nó

(b)

foráil don teidlíocht chéanna cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú a bheith ag fostaithe i mbunaíochtaí de chuid na gcuideachtaí is faighteoir agus atá ag na fostaithe sin atá fostaithe sa Bhallstát ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta is faighteoir.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh rannpháirtíocht na bhfostaithe sna cuideachtaí a thiocfaidh as an deighilt trasteorann agus a rannpháirtíocht i sainmhíniú na gceart sin á rialú ag na Ballstáit, mutatis mutandis, agus faoi réir mhír 4 go mír 7 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 12(2) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 agus leis na forálacha seo a leanas de Threoir 2001/86/CE:

(a)

Airteagal 3(1), pointí (a)(i) agus (b) d'Airteagal 3(2), Airteagal 3(3), an chéad dá abairt d'Airteagal 3(4), agus Airteagal 3(5) agus (7);

(b)

Airteagal 4(1), pointí (a), (g) agus (h) d'Airteagal 4(2), agus Airteagal 4(3) agus (4);

(c)

Airteagal 5;

(d)

Airteagal 6;

(e)

Airteagal 7(1) cé is moite den dara fleasc de phointe (b);

(f)

Airteagail 8, 10, 11 agus 12; agus

(g)

pointe (a) de Cuid 3 den Iarscríbhinn.

4.   Agus iad i mbun rialála ar na prionsabail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

an ceart a thabhairt don chomhlacht speisialta caibidlíochta cinneadh a dhéanamh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar dhá thrian de na fostaithe ar a laghad, gan tús a chur le caibidlíochtaí nó caibidlíochtaí ar cuireadh tús leo cheana a fhoirceannadh agus brath ar na rialacha maidir le rannpháirtíocht atá i bhfeidhm i mBallstáit gach cuideachta is faighteoir;

(b)

i gcás ina mbeidh feidhm, tar éis caibidlíocht roimh ré, ag rialacha caighdeánacha le haghaidh rannpháirtíochta agus d'ainneoin na rialacha sin, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh teorainn a chur le cion na n‐ionadaithe fostaithe i gcomhlacht riaracháin na gcuideachtaí is faighteoir. Más ionadaithe fostaithe ar a laghad aon trian de chomhlacht riaracháin nó de chomhlacht maoirseachta na cuideachta atá á deighilt, áfach, ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh riamh ar an teorannú sin go mbeidh cion ionadaithe fostaithe níos ísle ná aon trian sa chomhlacht riaracháin;

(c)

áiritheoidh siad go leanfaidh na rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe a raibh feidhm acu roimh an deighilt trasteorann d'fheidhm a bheith acu go dtí an dáta a gcuirfear i bhfeidhm aon rialacha a chomhaontófar ina dhiaidh sin nó, murab ann do rialacha comhaontaithe, go dtí go gcuirfear i bhfeidhm rialacha caighdeánacha i gcomhréir le pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/86 / CE.

5.   Ní bheidh sé mar thoradh ar chearta rannpháirtíochta a shíneadh chuig fostaithe na gcuideachtaí is faighteoir atá fostaithe i mBallstáit eile, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, go mbeidh oibleagáid ar bith ar na Ballstáit a roghnóidh sin a dhéanamh na fostaithe sin a chur san áireamh agus ríomh á dhéanamh ar na tairseacha lucht saothair as a dtiocfaidh cearta rannpháirtíochta faoin dlí náisiúnta.

6.   I gcás ina mbeidh aon chuideachta is faighteoir le rialú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 2, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin foirm dhlíthiúil a ghabháil lena gceadaítear cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú.

7.   I gcás ina bhfuil an chuideachta is faighteoir ag oibriú faoi chóras rannpháirtíochta fostaithe, beidh oibleagáid ar an gcuideachta sin bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcosnófar cearta rannpháirtíochta fostaithe i gcás aon chomhshó, cumasc nó deighilt, cibé acu trasteorann nó intíre, ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 4 bliana tar éis an dáta a mbeidh éifeacht gafa leis an deighilt trasteorann, trí na rialacha a leagtar síos i míreanna 1 go 6 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.

8.   Déanfaidh cuideachta toradh na gcaibidlíochtaí maidir le rannpháirtíocht fostaithe a chur in iúl dá fostaithe nó dá n‐ionadaithe gan moill mhíchuí.

Airteagal 160m

Deimhniú réamhdheighilte

1.   Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t‐údarás nó na húdaráis eile a bheidh inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht deighiltí trasteorann a mhéid a bhaineann leis na coda sin den nós imeachta a rialaítear le dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt, agus chun deimhniú réamhdheighilte a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha uile agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí uile sa Bhallstát sin (“an t‐údarás inniúil”).

Féadfar sásamh nó daingniú oibleagáidí airgid nó neamhairgid a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí a chur faoi urrús nó comhlíonadh ceanglas sonracha earnálach, lena n‐áirítear daingniú oibleagáidí a eascróidh as imeachtaí leanúnacha, a chuimsiú le cur i gcrích sin na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta atá á deighilt ar dheimhniú réamhdheighilte a fháil:

(a)

dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;

(b)

an tuarascáil agus an tuairim i gceangal, más ann di, dá dtagraítear in Airteagal 160e, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 160f, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

(c)

aon bharúlacha a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 160g(1); agus

(d)

faisnéis maidir leis an bhformheas tríd an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeadh faisnéis bhreise ag gabháil leis an iarratas ar dheimhniú réamhdheighilte a fháil ón gcuideachta atá á deighilt, amhail, go háirithe:

(a)

an líon fostaithe tráth a rinneadh dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a tharraingt suas;

(b)

fochuideachtaí a bheith ann agus a suíomhanna geografacha faoi seach;

(c)

faisnéis maidir leis na hoibleagáidí a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí ag an gcuideachta atá á deighilt a shásamh;

Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, mura soláthróidh an chuideachta atá á deighilt í, a iarraidh ar údaráis ábhartha eile.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an t‐iarratas dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan an gá do na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.

5.   Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar a leagtar síos in Airteagal 160n, fíoróidh údarás inniúil Bhallstát na cuideachta atá á deighilt go n‐áireofar i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann faisnéis maidir leis na nósanna imeachta lena ndéantar na socruithe ábhartha a shocrú agus maidir leis na roghanna is féidir a bheith ann le haghaidh na socruithe sin.

6.   Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t‐údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)

na doiciméid agus an fhaisnéis uile arna dtíolacadh don údarás inniúil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3;

(b)

tásc ón gcuideachta atá á deighilt go bhfuil tús curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 160l(3) agus (4), i gcás inarb ábhartha.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích laistigh de thrí mhí ón dáta a gheofar na doiciméid agus an fhaisnéis maidir le cruinniú ginearálta na cuideachta atá á deighilt an deighilt trasteorann a fhormheas. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an grinnscrúdú sin:

(a)

i gcás ina gcinnfear go ndéanann an deighilt trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte;

(b)

i gcás ina gcinnfear nach ndéanann an deighilt trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh nó nach bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t‐údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte a eisiúint, má chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun deighilt trasteorann arbh é ba thoradh léi gur seachnaíodh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm léi gurb in é an toradh a bheadh uirthi, nó gur chun críocha coiriúla atá sí.

9.   Sa chás, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil móramhras ar an údarás inniúil lena léireofar gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun an deighilt trasteorann, arbh é ba thoradh léi gur seachnaíodh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm léi gurb in é an toradh a bheadh uirthi, nó gur chun críocha coiriúla atá sí, déanfaidh sé fíorais agus cúinsí ábhartha a chur san áireamh, amhail, i gcás inarb ábhartha agus gan iad a bhreithniú ina n‐aonar, tosca táscacha a bhfuil an t‐údarás inniúil ar an eolas fúthu, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, lena n‐áirítear trí chomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha. Is ar bhonn cás ar chás, trí nós imeachta arna rialú leis an dlí náisiúnta, a dhéanfar an measúnú chun críocha na míre seo.

10.   I gcás inar gá chun críocha an mheasúnaithe faoi mhíreanna 8 agus 9 faisnéis bhreise a chur san áireamh nó gníomhaíochtaí breise imscrúdaitheacha a dhéanamh, féadfar síneadh trí mhí ar a mhéid a chur leis an tréimhse trí mhí amhail dá bhforáiltear i mír 7.

11.   I gcás nach féidir an measúnú a dhéanamh laistigh de na spriocdhátaí amhail dá bhforáiltear i míreanna 7 agus 10 den Airteagal seo de bharr chastacht nós imeachta na deighilte trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an t‐iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna le haon mhoill sula rachaidh na spriocdhátaí sin in éag.

12.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t‐údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla lena mbaineann an deighilt trasteorann, lena n‐áirítear iad sin de chuid Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoir, agus faisnéis agus doiciméid a fháil ó na húdaráis sin agus ón gcuideachta atá á deighilt atá riachtanach chun dlíthiúlacht na deighilte trasteorann a ghrinnscrúdú, faoi chuimsiú an chreata nós imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Chun críocha an mheasúnaithe, féadfaidh an t‐údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách.

Airteagal 160n

An deimhniú réamhdheighilte a tharchur

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go roinnfear an deimhniú réamhdheighilte leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 160o(1) trí chóras idirnasctha na gclár.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar an deimhniú réamhdheighilte trí chóras idirnasctha na gclár.

2.   Beidh rochtain ar deimhniú réamhdheighilte dá dtagraítear i mír 1 saor in aisce do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 160o(1) agus do na cláir.

Airteagal 160o

Grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht deighilte trasteorann

1.   Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t‐údarás eile a bheidh inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na deighilte trasteorann a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin den nós imeachta a bhaineann le cur i gcrích na deighilte trasteorann a rialaítear le dlí Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir agus chun an deighilt trasteorann a fhormheas.

Áiritheoidh an t‐údarás nó na húdaráis sin go háirithe go ndéanfaidh na cuideachtaí is faighteoir forálacha sin an dlí náisiúnta maidir le hionchorprú agus clárú cuideachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh na socruithe maidir le rannpháirtíocht fostaithe socraithe i gcomhréir le hAirteagal 160l.

2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an chuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann arna bhformheas tríd an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h a chur faoi bhráid gach údarás dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar aon iarratas chun críocha mhír 1, ón gcuideachta atá á deighilt, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a thíolacadh, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.

4.   Déanfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 an deighilt trasteorann a fhormheas a luaithe a ríomhfaidh sé gur comhlíonadh na coinníollacha ábhartha uile go cuí agus gur cuireadh na foirmiúlachtaí uile i gcríoch go cuí i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoirí.

5.   Glacfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 leis an deimhniú réamhdheighilte, a bheith ina fhianú doshéanta ar chur i gcrích ceart nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí na réamhdheighilte is infheidhme i mBallstát na cuideachta atá á deighilt, nach féidir an deighilt trasteorann a fhormheas dá íonais.

Airteagal 160p

Clárú

1.   Le dlíthe Bhallstáit na cuideachta atá á deighilt agus na gcuideachtaí is faighteoir, cinnfear, i ndáil lena gcríocha faoi seach, na socruithe, i gcomhréir le Airteagal 16, chun cur i gcrích na deighilte trasteorann a nochtadh ina gcláir.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a chur isteach ina gcláir:

(a)

i gclár Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir – gur toradh ar dheighilt trasteorann é clárú na cuideachta is faighteoir;

(b)

i gclár Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoir – dátaí clárúcháin na gcuideachtaí is faighteoir;

(c)

i gclár Bhallstáit na cuideachta atá á deighilt – gur toradh ar dheighilt trasteorann é an chuideachta atá á deighilt a scriosadh nó a bhaint;

(d)

i gclár Bhallstát na cuideachta atá á deighilt – i gcás deighilt iomlán, an dáta a dhéantar an chuideachta atá á deighilt a scrios ón gclár nó an dáta a dhéantar an chuideachta atá á deighilt a bhaint den chlár;

(e)

i gcláir Bhallstát na cuideachta atá á deighilt agus Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir, faoi seach, uimhir chlárúcháin, ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta atá á deighilt agus na gcuideachtaí is faighteoir.

Cuirfidh na cláir an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil go poiblí agus beidh sé inrochtana trí chóras idirnascadh na gclár.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na cláir i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoir fógra chuig an gclárlann i mBallstát na cuideachta atá á deighilt, trí chóras idirnascadh na gclár, go bhfuil na cuideachtaí is faighteoir cláraithe. Áiritheoidh na Ballstáit freisin, i gcás deighilt iomlán, go ndéanfar an chuideachta atá deighilt a scriosadh as an gclár nó a bhaint den chlár láithreach ar na fógraí sin go léir a fháil.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an clár i mBallstáit na cuideachta atá á deighilt fógra chuig an gclárlann i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoir, trí chóras idirnascadh na gclár, go bhfuil éifeacht leis an deighilt trasteorann.

Airteagal 160q

An dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann

Is le dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt a shocrófar an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an deighilt trasteorann. Beidh an dáta sin i ndiaidh an grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 160m, agus Airteagal 160o a chur i gcrích agus tar éis don chlár na fógraí uile dá dtagraítear in Airteagal 160p(3) a fháil.

Airteagal 160r

Iarmhairtí deighilte trasteorann

1.   Amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 160q, beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt trasteorann iomlán:

(a)

aistreofar sócmhainní agus dliteanais uile na cuideachta atá á deighilt, lena n‐áirítear gach conradh, gach creidmheas, gach ceart agus gach oibleagáid, chuig na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir leis an leithdháileadh a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;

(b)

tiocfaidh comhaltaí na cuideachta atá á deighilt chun bheith ina gcomhaltaí de na cuideachtaí is faighteoir i gcomhréir le leithdháileadh na scaireanna a shonraítear i dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, mura rud é go bhfuil na scaireanna sin diúscartha ag na comhaltaí sin mar a thagraítear in Airteagal 160i(1);

(c)

cearta agus oibleagáidí sin na cuideachta atá á deighilt a eascróidh as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus a bheidh ann an tráth a thiocfaidh an deighilt trasteorann in éifeacht, aistreofar chuig na cuideachtaí is faighteoir iad.

(d)

an chuideachta atá á deighilt, scoirfidh sí de bheith ann;

2.   Amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 160q, beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt pháirteach:

(a)

aistreofar roinnt de na sócmhainní agus dliteanais sin na cuideachta atá á deighilt, lena n‐áirítear conarthaí, creidmheasanna, cearta agus oibleagáidí, chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir agus is ag an gcuideachta atá á deighilt a mbeidh an fuílleach i gcónaí i gcomhréir leis an leithdháileadh a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;

(b)

tiocfaidh ar a laghad roinnt de chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt chun bheith ina gcomhaltaí den chuideachta is faighteoir nó de na cuideachtaí is faighteoir agus fanfaidh ar a laghad roinnt de na comhaltaí sa chuideachta atá á deighilt nó tiocfaidh siad chun bheith ina gcomhaltaí díobh araon i gcomhréir leis an leithdháileadh scaireanna a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, mura rud é go bhfuil na scaireanna sin diúscartha ag na comhaltaí sin mar a thagraítear in Airteagal 160i(1);

(c)

cearta agus oibleagáidí sin na cuideachta atá á deighilt a eascróidh as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus a bheidh ann an tráth a thiocfaidh an deighilt trasteorann in éifeacht, agus a leithdháilfear ar an gcuideachta is faighteoir nó ar na cuideachtaí is faighteoir faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, aistreofar iad chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir faoi seach.

3.   Amhail ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 160q, beidh na hiarmhairtí seo a leanas ag deighilt trasteorann trí scaradh:

(a)

déanfar an chuid de na sócmhainní agus dliteanais sin na cuideachta atá á deighilt, lena n‐áirítear conarthaí, creidmheasanna, cearta agus oibleagáidí, a aistriú chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir, agus is ag an gcuideachta atá á deighilt a bheidh an fuílleach i gcónaí, i gcomhréir leis an leithdháileadh a shonraítear i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;

(b)

déanfar scaireanna na cuideachta is faighteoir nó na gcuideachtaí is faighteoir a leithdháileadh ar an gcuideachta atá á deighilt.

(c)

cearta agus oibleagáidí sin na cuideachta atá á deighilt a eascróidh as conarthaí fostaíochta nó as caidrimh fostaíochta agus a bheidh ann an tráth a thiocfaidh an deighilt trasteorann in éifeacht, agus a leithdháilfear ar an gcuideachta is faighteoir nó ar na cuideachtaí is faighteoir faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, aistreofar iad chuig an gcuideachta is faighteoir nó chuig na cuideachtaí is faighteoir faoi seach.

4.   Gan dochar d'Airteagal 160(j)2, i gcás nach ndéanfar sócmhainn nó dliteanas de chuid na cuideachta atá á deighilt a leithdháileadh go sainráite faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann amhail dá dtagraítear i bpointe (l) d'Airteagal 160e agus i gcás ina bhfágfaidh léirmhíniú ar na téarmaí sin nach féidir cinneadh a dhéanamh maidir lena leithdháileadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an tsócmhainn, an cúiteamh ina leith nó an dliteanas a leithdháileadh ar na cuideachtaí is faighteoir uile nó, i gcás deighilt pháirteach nó deightilt trí scaradh, ar na cuideachtaí is faighteoir uile agus ar an gcuideachta atá á deighilt i gcoibhneas le sciar na nglansócmhainní a leithdháilfear ar gach ceann de na cuideachtaí sin faoi dhréacht-téarmaí na deighilte trasteorann.

5.   Má cheanglaítear le dlíthe na mBallstát, i gcás deighilt trasteorann, foirmiúlachtaí speisialta a chomhlánú sula ngabhfaidh éifeacht le haistriú sócmhainní, ceart agus oibleagáidí áirithe ag an gcuideachta atá á deighilt amhail in aghaidh tríú páirtithe, an chuideachta atá á deighilt nó na cuideachtaí is faighteoir, de réir mar is iomchuí, is ea a dhéanfaidh na foirmiúlachtaí sin.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar scaireanna i gcuideachta is faighteoir a mhalartú ar scaireanna sa chuideachta atá á deighilt, ar scaireanna iad atá i seilbh na cuideachta féin nó trí bhíthin duine atá ag gníomhú ina ainm féin ach thar ceann na cuideachta.

Airteagal 160s

Foirmiúlachtaí simplithe

I gcás ina ndéanfar deighilt trasteorann mar dheighilt trí scaradh, ní bheidh feidhm ag pointí (b), (c), (f), (i), (o) agus (p) d'Airteagal 160d, agus Airteagail 160e, 160f agus 160i.

Airteagal 160t

Na saineolaithe neamhspleácha

1.   Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena rialófar ar a laghad dliteanas sibhialta an tsaineolaí neamhspleách a bheidh freagrach as an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 160i a tharraingt suas.

2.   Beidh rialacha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú:

(a)

go mbeidh an saineolaí nó an duine dleathach ar thar a cheann a bheidh an saineolaí ag obair, neamhspleách ón gcuideachta a bhfuil iarratas á dhéanamh aici ar an deimhniú réamhdheighilte agus nach mbeidh aon choinbhleacht leasa aige leis an gcuideachta sin; agus

(b)

go mbeidh tuairim an tsaineolaí neamhchlaonta agus oibiachtúil, agus tugtha d'fhonn cúnamh a thabhairt don údarás inniúil i gcomhréir leis na ceanglais neamhchlaontachta agus neamhspleáchais faoin dlí agus na caighdeáin ghairmiúla a bhfuil an saineolaí faoina réir.

Airteagal 160u

Bailíocht

Ní dhéanfar deighilt trasteorann ar ghabh éifeacht léi i gcomhréir leis na forálacha lena dtrasuitear an Treoir seo a chur ar neamhní.

Ní dhéantar difear leis an chéad fhomhír do chumhachtaí na mBallstát, inter alia, maidir leis an dlí choiriúil, maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, maidir leis an dlí shóisialta, maidir le forfheidhmiú an chánachais agus an dlí, chun bearta agus pionóis a fhorchur, faoin dlí náisiúnta, tar éis an dáta a ghabh éifeacht leis an deighilt trasteorann.”

(24)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn II:

“Cineálacha cuideachtaí dá dtagraítaear in Airteagail 7(1), 13, 29(1), 36(1), 67(1), i bpointí (1) and (2) d'Airteagal 86b, i bpointe (a) d'Airteagal 119(1), agus i bpointe (1) d'Airteagal 160b”.

Airteagal 2

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na bearta agus na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Féadfaidh Ballstáit foráil do phionóis choiriúla i leith sáruithe tromchúiseacha.

Beidh na bearta agus na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 3

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Eanáir 2023. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir sin nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis an 1 Feabhra 2027, meastóireacht ar an Treoir seo, lena n‐áirítear meastóireacht fhorálacha maidir le faisnéis d'fhostaithe, comhairliúchán le fostaithe agus rannpháirtíocht fostaithe a chur chun feidhme i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann, lena n‐áirítear measúnú ar na rialacha maidir leis an sciar d'ionadaithe na bhfostaithe i gcomhlacht riaracháin na cuideachta a thiocfaidh as an oibríocht trasteorann, agus ar a éifeachtaí atá na coimircí maidir leis an gcaibidlíocht i dtaobh chearta rannpháirtíochta na bhfostaithe, agus mianach dinimiciúil na gcuideachtaí a bhfuil forás ag teacht orthu i gcomhthéacs trasteorann á chur san áireamh, agus déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar na tátail ón meastóireacht sin, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann le creat comhchuibhithe a thabhairt isteach i ndlí an Aontais maidir le hionadaíocht na bhfostaithe ar leibhéal an bhoird, a mbeidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach ag gabháil léi.

Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú, go háirithe trí shonraí a sholáthar maidir le líon na gcomhshónna, na gcumasc agus na ndeighiltí trasteorann, a bhfad ama agus a gcostais ghaolmhara, trí shonraí a sholáthar maidir leis na cásanna inar obadh deimhniú réamhoibríochta mar aon le sonraí staidrimh comhiomlánaithe a sholáthar maidir le líon na gcaibidlíochtaí i dtaobh chearta rannpháirtíochta na bhfostaithe in oibríochtaí trasteorann. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún freisin sonraí maidir le feidhmiú agus éifeachtaí rialacha dlínse is infheidhme in oibríochtaí trasteorann.

2.   Sa tuarascáil, déanfar meastóireacht go háirithe ar na nósanna imeachta dá dtagraítear i gCaibidlí -I go IV de Theideal II de Threoir (AE) 2017/1132, go mór mór maidir lena bhfad ama agus leis na costais a bhaineann leo.

3.   Beidh sa tuarascáil measúnú ar a indéanta atá sé rialacha a sholáthar i gcomhair cineálacha deighiltí trasteorann nach gcumhdaítear leis an Treoir seo, lena n‐áirítear, go háirithe, deighiltí trasteorann trí éadáil.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6

Seolaithe

Is faoi bhráid na mBallstát a chuirtear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 24.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 18 Samhain 2019.

(3)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(4)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/24/CE, Treoir 2002/47/CE, Treoir 2004/25/CE, Treoir 2005/56/CE, Treoir 2007/36/CE, Treoir 2011/35/AE, Treoir 2012/30/AE agus Treoir 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(5)  Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí coisctheacha um athstruchtúrú, maidir le hurscaoileadh fiachais agus dícháilíochtaí, agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) (IO L 172, 26.6.2019, lch. 18).

(6)  Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).

(7)  Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhunú chun críocha fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28).

(8)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas i leith ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(10)  Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cosaint chearta na bhfostaithe i gcás aistriú gnóthas, gnóthaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnóthaí (IO L 82, 22.3.2001, lch. 16.).

(11)  Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna (IO L 225, 12.8.1998, lch. 16).

(12)  Treoir 2001/86/CE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 lena bhforlíontar an Reacht do chuideachta Eorpach (SE) maidir le rannpháirtíocht fostaithe (IO L 294, 10.11.2001, lch. 22).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(14)  Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

(15)  Treoir 2009/133/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar chumaisc, deighiltí, páirtdeighiltí, aistrithe sócmhainní agus malartuithe scaireanna i dtaobh cuideachtaí Ballstát éagsúil agus ar aistriú oifige cláraithe SE nó SCE idir Bhallstáit (IO L 310, 25.11.2009, lch. 34).

(16)  Treoir 2015/2376/AE ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais IO L 332, 18.12.2015, lch. 1).

(17)  Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le malartú faisnéise uathoibríoch éigeantach i réimse na cánach (IO L. 146, 3.6.2016, lch. 8).

(18)  Treoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (IO L 193, 19.7.2016, lch. 1).

(19)  Treoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann (IO L 139, 5.6.2018, lch. 1).

(20)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(21)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(22)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.