ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 261I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 62
14 Deireadh Fómhair 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

RIALACHÁN (AE) 2019/1700 ó pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle ( 1 )

1

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

14.10.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 261/1


RIALACHÁN (AE) 2019/1700 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 10 Deireadh Fómhair 2019

lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sonraí agus táscairí staidrimh ina gcnámh droma ag beartais stuama fhianaise-bhunaithe. I gcomhthéacs na straitéise Eoraip 2020 agus i gcomhthéacs rialachas eacnamaíoch a neartú, tá ról ríthábhachtach ag táscairí sóisialta maidir le bonn eolais a chur faoi phríomhthosaíochtaí an Aontais agus maidir le tacú leis na tosaíochtaí sin. Baineann na tosaíochtaí sin go háirithe le fás agus cruthú post atá cuimsitheach, inbhuanaithe; le comhtháthú sóisialta, le bochtaineacht, neamhionannais agus eisiamh sóisialta a laghdú; le cuimsiú daoine faoi mhíchumas, agus le cóir chomhionann; agus le scileanna, le soghluaisteacht agus leis an ngeilleagar digiteach. Go háirithe, tá gá le táscairí sóisialta chun bonn fónta staidrimh a chur ar fáil lenar féidir forbairt agus faireachán a dhéanamh ar na beartais a thugann an tAontas gona Bhallstáit isteach chun aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin. Tá gá le staidreamh sóisialta ardcháilíochta chun athléimneacht an Aontais agus a spriocanna comhtháite a fheabhsú, agus chun a leibhéil leasa shóisialta a choimeád. Tá sonraí fónta fíor-thábhachtach mar sciath cosanta ar an mífhaisnéis.

(2)

spriocanna sóisialta sa seimeastar Eorpach a neartú, tá ról an-tábhachtach ag staidreamh sóisialta, agus ní mór infhaighteacht na dtáscairí sóisialta a fheabhsú d’fhonn a áirithiú go gcuirfear ar fáil iad in am trátha le haghaidh na gcreataí beartas ábhartha. Dá gcuirfí feabhas ar ghné shóisialta an tseimeastair Eorpaigh chuirfí feabhas freisin ar athléimneacht an Aontais agus a spriocanna comhtháthaithe agus d’áireofaí go gcoinneofaí leibhéil leasa.

(3)

I gcomhréir leis an tionscnamh “Beyond GDP” (Thar OTI), is den tábhacht aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta an dul chun cinn le táscairí láidre a dhíríonn ar staid na saoránach, a chuireann síos ar dháiltí na ndálaí ábhartha maireachtála agus éagothromaíochtaí chomh maith le hilghnéithe éagsúla na cáilíochta beatha a fhiosrú.

(4)

Ba cheart staidreamh sóisialta Eorpach a chur ar fáil ar bhonn cóir chomhionann do gach cineál úsáideora, amhail lucht ceaptha beartas, riaracháin phoiblí, taighdeoirí, ceardchumainn, mic léinn, ionadaithe ón tsochaí shibhialta lena n‐áirítear ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus saoránaigh, ar cheart dóibh bheith in ann rochtain a fháil gan bhac agus go héasca ar staidreamh trí bhunachair sonraí de chuid an Choimisiúin (Eurostat) ar a shuíomh gréasáin agus ina chuid foilseachán. I ndáil leis an méid sin, ba cheart tráthúlacht agus áisiúlacht úsáideora shuíomh gréasáin an Choimisiúin (Eurostat) a fheabhsú a thuilleadh.

(5)

Is den ríthábhacht dá bhrí sin táscairí sóisialta a bheith den ardcháilíocht is gá, go háirithe i dtéarmaí a chruinne, a thráthúla, a inúsáidte agus a inrochtana atá siad, a ábhartha, a inoiriúnaithe atá siad d’iarrataí ó úsáideoirí nua, agus a inchomparáide, a chomhleanúnaí agus a éifeachtúla atá siad freisin. Tá sé fíor-riachtanach tráthúlacht na dtáscairí sóisialta a fheabhsú ionas go mbeidh siad ar fáil in am trátha do na creataí beartas ábhartha, lena n‐áirítear an Seimeastar Eorpach. Ina theannta sin, mar thoradh ar tháscairí níos cruinne agus níos tráthúla d’fhéadfadh tairbhe suntasach a bheith ann maidir le faireachán a dhéanamh ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

(6)

D’fhonn measúnú a dhéanamh ar staid teaghlach agus daoine, tá sé tábhachtach ioncam a thomhas agus meastachán a dhéanamh ar an leibhéal íosta acmhainní atá riachtanach chun bheith rannpháirteach ar bhealach leordhóthanach sa tsochaí. Ní mór mar sin bailiú sonraí agus modheolaíocht na dtáscairí caighdeánaithe a fheabhsú chun meastacháin tagartha buiséid a chur ar fáil ar bhonn réigiúnach, chomh maith le hiarracht a dhéanamh cumhdach níos fearr a bhaint amach do na daonraí lena mbaineann. Ba cheart do na sonraí staidrimh bunús láidir a thabhairt chun táscairí a bhunú atá oiriúnaithe d’éagsúlacht na n‐úsáideoirí a d’fhéadfadh a bheith ann.

(7)

Is ar bhonn an ioncaim a bhíonn acu a dhéantar an measúnú ar staid na dteaghlach. Is den tábhacht é freisin, áfach, tomhaltas, saibhreas agus fiachais, lena n‐áirítear fiachais a d’fheadfadh a bheith ann in airgeadra eachtrach, a thomhas, ó pheirspictíocht teaghlaigh agus ó pheirspictíocht mhaicreacnamaíoch araon. Ina theannta sin, is feiniméan ilghnéitheach í an bhochtaineacht, go háirithe an bhochtaineacht leanaí, nach iad dálaí maireachtála ábhartha amháin atá i gceist léi (amhail an leibhéal ioncaim, tomhaltais, saibhris agus fiachais), ach sláinte, oideachas agus rochtain ar sheirbhísí agus úsáid na seirbhísí sin freisin. Sa bhreis air sin, d’fhonn aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an dífhostaíocht, go háirithe dífhostaíocht i measc na hóige, agus ar threochtaí nua fostaíochta, go háirithe i gcomhthéacs an gheilleagair dhigitigh, tá sé tábhachtach sonraí staidrimh a bheith ann atá forleathan, fónta agus inchomparáide.

(8)

Faoi láthair bailítear staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh ar bhonn roinnt gníomhartha reachtacha lena gcumhdaítear suirbhéanna ar dhaoine agus ar theaghlaigh, staidreamh déimeagrafach, daonáirimh agus áirimh thithíochta chomh maith le sonraí a bhailítear den chuid is mó ó fhoinsí riaracháin. Ina theannta sin bailítear roinnt sonraí ó shuirbhéanna gnó. In ainneoin feabhsuithe suntasacha a rinneadh le blianta beaga anuas is gá bailiú sonraí don staidreamh a chomhtháthú agus a chuíchóiriú a thuilleadh agus é sin a dhéanamh ar bhealach níos iomláine. D’fhonn sonraí fónta a fháil do thaighde agus do cheapadh beartas, ní mór infheistíocht a mhéadú i mbailiúcháin sonraí ardcháilíochta atá níos cruinne agus níos iomláine, mar gur réamhchoinníoll don cheapadh beartas freagrach iad sonraí fónta.

(9)

Chun feabhas a chur ar cháilíocht agus éifeachtúlacht na sonraí, ba cheart úsáid taifead riaracháin a spreagadh a mhéid is féidir. A bhuí le dul chun cinn sa teicneolaíocht, tá méadú mór tagtha cheana féin ar an úsáid is féidir a bhaint as foinsí riaracháin chun críocha staidrimh. Ba cheart úsáid foinsí riaracháin a chur chun cinn go gníomhach a thuilleadh i réimse an staidrimh shóisialta agus ba cheart freisin cáilíocht, agus go háirithe cruinneas, tráthúlacht agus inchomparáideacht an staidrimh sin a áirithiú. Foinsí sonraí eile atá oiriúnaithe do dhaoine nó d’ábhair ábhartha nach féidir rochtain a fháil orthu trí thaifid riaracháin, ba cheart iad a choinneáil, agus an ceart sonraí pearsanta a bheith cosanta á chaomhnú ag an am céanna.

(10)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2009 maidir le modh táirgthe staidreamh an Aontais Eorpaigh: Fís do na deich mbliana atá Romhainn, leagtar béim ar an méadú atá tagtha ar úsáid ilfhoinsí sonraí agus ar úsáid modhanna nuálacha bailithe sonraí chomh maith lena thábhachtaí atá sé, níos mó ná riamh, coincheapa staidrimh agus modhanna staidrimh a chomhchuibhiú ar fud na bhfearann. Iarradh san Fhís dlí nua staidrimh a thionscnamh lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar réimsí níos leithne.

(11)

In 2011 d’fhormhuinigh an Coiste um an Chóras Staidrimh Eorpach (CSE) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) Meabhrán Wiesbaden maidir le Dearadh Nua Coincheapúil don Staidreamh Teaghlaigh agus don Staidreamh Sóisialta inar dúradh gur cheart cuíchóiriú a dhéanamh ar na suirbhéanna Eorpacha lena gcuirtear sonraí ar fáil a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh agus mar aon leis sin gur cheart úsáid a bhaint as bailiúcháin micreashonraí nach mbailítear chomh minic sin chun na bunsuirbhéanna sóisialta sin a chomhlánú. Ina theannta sin, ba cheart feabhas a chur ar an rochtain ar shonraí riaracháin agus ba cheart forbairt a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ar athúsáid foinsí sonraí atá ann cheana agus ar rochtain ar fhoinsí nua sonraí.

(12)

Tá an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) tiomanta do dhul i dteagmháil le gach úsáideoir, ar bhealach réamhghníomhach, trína gcuid éileamh a chomhlíonadh ar bhealach freagrúil agus don chomhar a neartú idir an Coimisiún (Eurostat), na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta (ISNanna), na bainc cheannais náisiúnta, an Coiste Comhairleach Eorpach um Staidreamh agus Gníomhaireachtaí an Aontais. Tá sé fíorthábhachtach dá bharr sin go gcuirfí san áireamh go cuí, agus na suirbhéanna sóisialta á n‐oiriúnú agus á nuachóiriú, gach ionchur ó gheallsealbhóirí, lena n‐áirítear ionchur ó lucht ceaptha beartas, taighdeoirí agus acadóirí, ó tháirgeoirí sonraí, ón tsochaí shibhialta agus ó ghrúpaí leasmhara eile.

(13)

Is gá na forbairtí sin a chuíchóiriú de réir a chéile agus is gá dlí staidrimh i réimse an staidrimh shóisialta a nuachóiriú d’fhonn a áirithiú go ndéantar na táscairí sóisialta ardcháilíochta a tháirgeadh ar bhealach atá níos comhtháite, níos inoiriúnaithe, níos solúbtha, níos éifeachtúla agus níos tráthúla d’fhonn freagairt d’fhorbairtí sa tsochaí. Ag an am céanna, ní mór an aird chuí a thabhairt ar riachtanais na n‐úsáideoirí, ar an ualach ar fhreagróirí, ar chumais agus ar acmhainní na mBallstát, ar iontaofacht agus cruinneas na modhanna a úsáidtear, ar an bhféidearthacht theicniúil a bhaineann le staidreamh a chur ar fáil, ar an tréimhse inar féidir staidreamh a chur ar fáil agus ar iontaofacht na dtorthaí.

(14)

Go háirithe, níor cheart, le haon bheart a dhéanfaí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, costais shuntasacha bhreise a fhorchur lena mbeadh ualach díréireach nó gan údar á chur ar na freagróirí agus ar na Ballstáit.

(15)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, tugtar an creat dlíthiúil ginearálta do Staidreamh Eorpach agus, in Airteagal 13 de, bunaítear an clár staidrimh Eorpach. Leis an Rialachán seo, bunaítear creat sonrach don staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí. Sonraítear ann na sonraí agus an fhaisnéis atá le bailiú ag na Ballstáit agus le tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) agus na buncheanglais cháilíochta nach mór a chomhlíonadh. Déantar foráil ann maidir le sonraíochtaí teicniúla níos mionsonraithe a bheith sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. Leis an Rialachán is féidir na bailiúcháin éagsúla sonraí a chomhtháthú le chéile agus a chomhtháthú le húsáid taifead riaracháin agus, ag an am céanna, agus an dlí atá ann cheana á chomhdhlúthú agus á shimpliú, i gcomhréir leis an gclár staidrimh Eorpach.

(16)

Rinneadh dlí an Aontais maidir le staidreamh sóisialta bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair a oiriúnú chun freagairt do riachtanais áirithe beartas tráth a ghlactha. Réadúlachtaí nua, mear-athraitheacha, áfach, is saintréithe don réimse sóisialta. Tá dálaí agus feiniméin nua shóisialta ag teacht chun cinn agus mar gheall orthu sin ní mór an creat dlíthiúil reatha a nuashonrú ar leibhéal an Aontais. Leis an Rialachán seo mar sin ba cheart bunús fónta staidrimh a chur ar fáil lena gcumhdófaí agus lena léireofaí riachtanais reatha agus lena bhféadfaí sonraí staidrimh a fhorbairt agus a tháirgeadh a bheadh freagrúil do riachtanais lucht ceaptha beartas, úsáideoirí agus an phobail i gcoitinne amach anseo, agus inchomparáideacht staidrimh ar an leibhéal idirnáisiúnta á cur san áireamh. Ba cheart, leis an rialachán seo, foráil a dhéanamh, go háirithe d’ard-solúbthacht i ndáil le forbairtí breise i réimse an staidrimh a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh. Tá sé ríthábhachtach freisin go ndéanfaí bailiú sonraí agus na hathruithe teicneolaíocha is déanaí á n‐úsáid.

(17)

Chun an creat tagartha don staidreamh sóisialta Eorpach bunaithe ar shonraí arna mbailiú ó shamplaí a chuíchóiriú agus a réasúnú ar bhealach níos fearr, ba cheart an staidreamh Eorpach atá ann cheana, a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh agus atá bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair, a thabhairt le chéile in aon chreat amháin. Chinnteofaí dá bharr sin go ndéanfaí an staidreamh sóisialta Eorpach bunaithe ar shonraí arna mbailiú ó shamplaí agus lena n‐áirítear na fearainn arb iad lucht saothair, ioncam agus dálaí maireachtála, sláinte, oideachas agus oiliúint, úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, úsáid ama agus tomhaltas, go ndéanfaí sin a tháirgeadh ar bhealach níos comhsheasmhaí agus níos comhordaithe.

(18)

I gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún staidéir féidearthachta agus staidéir phíolótacha a bhunú a mbeadh sé mar aidhm acu cáilíocht na dtacar sonraí agus na dtáscairí sóisialta a fheabhsú. Ba cheart do na staidéir sin inchomparáide sonraí a chumhdach, modheolaíochtaí nua a fhorbairt, bailiú sonraí a nuachóiriú agus éilimh na n‐úsáideoirí a chomhlíonadh, go háirithe aghaidh a thabhairt ar dhaonraí a bhfuil sé deacair teagmháil a dhéanamh leo, sonraí maidir le fo-dhaonraí áirithe, go háirithe maidir leo siúd atá leochaileach, sonraí a chur ar fáil ar leibhéil críochach NUTS 2 agus sonraí a tháirgeadh ar leibhéal mionsonraithe áitiúil ar bhealach costéifeachtach freagrúil. Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar lena chéile maidir leis na staidéir féidearthachta agus na staidéir phíolóta sin agus ba cheart don Choimisiún a bheith ábalta tacaíocht airgeadais a thabhairt lena gcur chun feidhme.

(19)

Le fearainn an lucht saothair, an ioncaim agus na ndálaí maireachtála, d’fhonn oiriúint do riachtanais agus ionchais nua na n‐úsáideoirí, ba cheart é a bheith indéanta sonraí a bhailiú ar ábhair ad hoc ag tráth sonrach ionas gur féidir na hathróga a bhailítear ar bhonn rialta a fhorlíonadh le hathróga comhlántacha, agus ar an dóigh sin gnéithe den lucht saothair, den ioncam agus de dhálaí maireachtála nár scrúdaíodh fós a thabhairt chun solais. I gcásanna lena bhfuil údar cuí, ba cheart é a bheith indéanta topaicí nach ndéantar foráil dóibh sa Rialachán seo a chumhdach sna sonraí sin freisin.

(20)

Ba cheart croí-thacar d’athróga comhchuibhithe a sholáthar le haghaidh gach fearainn, d’fhonn na sonraí atá ar fáil don Coimisiún (Eurostat) a shaothrú agus a scaipeadh ar bhealach níos fearr agus, go háirithe, mar réamhchoinníoll don mheaitseáil sonraí agus don anailís tras-earnálach. Is dócha go mbeidh an cleachtas sin ina chabhair chun acmhainneacht anailíseach na dtacar sonraí a mhéadú trí theicníochtaí samhaltaithe a chur i bhfeidhm agus barainneachtaí scála a bhaint amach.

(21)

Le bailiú sonraí i bhfearainn na húsáide ama agus an tomhaltais ar leibhéal an Aontais, cuirtear sonraí ilchuspóireacha tábhachtacha ar fáil le haghaidh beartas de chuid an Aontais a mbeidh tionchar acu ar shaol na saoránach. Cruthaíodh a thábhachtaí atá sonraí úsáide ama chun comhionannas inscne a mheas, inter alia, ó thaobh freagrachtaí oibre agus cúraim leanaí a bheith á gcomhroinnt nó chun obair gan íocaíocht a thomhas. Is gné thábhachtach de dhálaí maireachtála ábhartha na saoránach é an tomhaltas freisin. Faoi láthair is go deonach a bhailíonn líon mór Ballstát sonraí sa dá fhearann sin, ar bhonn comhaontuithe agus treoirlínte ginearálta, agus ba cheart an méid sin a fhorbairt agus a nuachóiriú a thuilleadh. Ba cheart an bailiú sonraí a bheith éigeantach i ndáil le fearann an tomhaltais, agus roghnach i ndáil le fearann na húsáide ama. I gcás ina gcuirfear sin chun feidhme, ba cheart bailiú den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, chun inchomparáideacht a áirithiú. San fhadtéarma ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit uile páirt a ghlacadh sa bhailiú sonraí maidir le fearann na húsáide ama. I gcás inar féidir, ba cheart tacaíocht airgeadais ón Aontas a chur ar fáil chun tacair sonraí a nuachóiriú agus a chur chun feidhme i bhfearainn na húsáide ama agus an tomhaltais.

(22)

I ngeall ar na sainiúlachtaí a bhaineann leo, ní chumhdaíonn an Rialachán seo staidreamh déimeagrafach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), daonáirimh agus áirimh thithíochta de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), suirbhéanna gnó ná staidreamh atá bunaithe den chuid is mó ar fhoinsí riaracháin, agus ba cheart mar sin iad a rialú ar leithligh le creataí sainiúla atá curtha in oiriúint dá dtréithe.

(23)

Measadh tráth nach raibh sa staidreamh ach foinse amháin i measc na bhfoinsí iomadúla faisnéise chun críocha beartais a dhéanamh ach bíonn ról lárnach aige sa phróiseas cinnteoireachta anois. Chun cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh, teastaíonn staidreamh lena gcomhlíontar critéir ardcháilíochta, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, i gcomhréir leis na sainchuspóirí a bhfuil siad ag freastal orthu.

(24)

Ní hamháin go bhfuil táscairí sóisialta ardcháilíochta riachtanach chun críocha beartais ach tá siad riachtanach freisin chun críocha taighde agus mar chuid de bhonneagar fónta faisnéise. Maidir le taighdeoirí a bhfuil rochtain uathu ar mhicreashonraí chun críocha eolaíocha, rochtain a dheonaítear dóibh ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 557/2013 ón gCoimisiún (5) i ndáil le rochtain ar shonraí rúnda gan aitheantóirí díreacha chun críocha eolaíocha, rachadh sé go mór chun a leasa dá mbeadh acu tacair sonraí staidrimh atá nasctha ar bhealach níos fearr.

(25)

Trí ghné lena gcinntear folláine ábharach na dteaghlach is ea ioncam, tomhaltas agus saibhreas. Is den tábhacht é a áirithiú gur fearr a dhéanfar tuairisciú ar na gnéithe sin, ar a ndáileadh agus ar a gcomhdháileadh ar fud na dteaghlach, ar an dóigh sin cuirfear san áireamh ar bhealach níos cruinne gurb ann do níos mo ná foinse sonraí amháin agus féachfar lena gcomhúsáid a neartú. Dá bharr sin, ba cheart, leis an Rialachán seo, fearann an tomhaltais a áireamh agus a fheabhsú, agus an nascacht idir na trí cinn sin de ghnéithe a áireamh agus a fheabhsú freisin.

(26)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ceanglaítear ar na Ballstáit na prionsabail staidrimh agus na critéir cháilíochta a shonraítear sa Rialachán sin a chomhlíonadh. Tá tuarascálacha cáilíochta ríthábhachtach chun cáilíocht measúnú a dhéanamh ar an staidreamh Eorpach a mheasúnú, agus é a fheabhsú agus a chur in iúl. Rinne CCSE caighdeán CSE do Struchtúr na dTuarascálacha Cáilíochta a fhormhuiniú i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin. Tá Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh ina chnámh droma ag creat coiteann cáilíochta CSE, lena mbunaítear caighdeáin d’fhorbairt, do tháirgeadh agus do scaipeadh an staidrimh Eorpaigh. Ba cheart go rannchuideodh an Cód sin chun an tuairisciú cáilíochta a dhéantar faoin Rialachán seo a chomhchuibhiú.

(27)

Áirítear i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 rialacha maidir le tarchur sonraí ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) agus maidir le húsáid na sonraí sin, lena n‐áirítear maidir le tarchur agus cosaint sonraí rúnda. Le bearta a ghlactar i gcomhréir leis an Rialachán seo ba cheart a áirithiú go ndéanfar sonraí rúnda a tharchur agus a úsáid chun críocha staidrimh amháin i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(28)

Tá feidhm ag Rialacháin (AE) 2016/679 (6) agus (AE) 2018/1725 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ag Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) i ndáil le sonraí pearsanta a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Go háirithe, sonraí staidrimh a bhfuil gá leo chun críche forbairt agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus straitéisí de chuid an Aontais agus ar ghníomhaíochtaí agus straitéisí náisiúnta i réimsí na sláinte poiblí agus i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair, ba cheart a mheas gur sonraí arna bpróiseáil ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail iad.

(29)

Tá gá le staidreamh iontaofa ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach freisin nuair atá inchomparáideacht níos fearr ag teastáil. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí sonraí comhiomlánaithe a chur ar fáil le haonaid chríochacha inchomparáide amhail NUTS 2, agus ag an am céanna costas á chur san áireamh agus na hacmhainní iomchuí á gcur ar fáil do na Ballstáit. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart gurbh é aicmiú NUTS a d’úsáidfí i dtaca le staidreamh uile na mBallstát a tharchuirtear chuig an gCoimisiún (Eurostat) agus a mhiondealaítear de réir aonaid chríochacha. Dá thoradh sin, d’fhonn staidreamh réigiúnach inchomparáide a bhunú, ba cheart sonraí faoi na haonaid chríochacha a chur ar fáil i gcomhréir le haicmiú NUTS. Sa téarma is faide anonn, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh sonraí áitiúla níos mionsonraithe a bhaint amach, bunaithe ar an mbonneagar a cuireadh ar bun le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(30)

D’fhonn forbairtí eacnamaíocha, sóisialta agus teicniúla a chur san áireamh ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na topaicí mionsonraithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I a leasú, an phleanáil rollach ilbhliantúil 8 mbliana a chur ar bun nó a chur in oiriúint le haghaidh sonraí a bhailiú a chumhdaítear leis an Rialachán seo i gcomhréir leis an tréimhsiúlacht a shonraítear in Iarscríbhinn IV, agus líon agus teideal na n-athróg a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agus na saineolaithe náisiúnta na doiciméid uile ag an am céanna, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(31)

D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le tuairisciú na n-athróg, le sonraíochtaí teicniúla na dtacar sonraí ar leith, leis na míreanna teicniúla nuair a bhíonn siad i bpáirt ag roinnt tacar sonraí, leis na formáidí teicniúla is gá chun tarchur na faisnéise ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) a éascú, leis na creataí samplála ina leagtar amach, go háirithe íoscheanglais na gcreataí samplála, leis na socruithe maidir leis na tuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta, agus le haon mhaoluithe a dhéanfaí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(32)

I gcás ina mbeadh gá le hoiriúnuithe móra ar chóras náisiúnta staidrimh de chuid Ballstáit dá gcuirfí an Rialachán seo chun feidhme, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, i gcásanna lena bhfuil údar cuí agus ar feadh tréimhse theoranta, maoluithe a dheonú do na Ballstáit lena mbaineann. Is féidir oiriúnuithe móra den sórt sin teacht chun cinn go háirithe i gcás inarb éigean tráthúlacht a fheabhsú, dearadh na mbailiúchán sonraí a oiriúnú, lena n‐áirítear rochtain ar fhoinsí riaracháin, nó inarb éigean uirlisí nuálacha nua a cheapadh chun sonraí a tháirgeadh. I gcás inarb iomchuí, ba cheart ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ar deontais iad a chur ar fáil do na Ballstáit, go háirithe le haghaidh fothú acmhainní i gcomhréir le hAirteagal (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(33)

Ba cheart an comhar agus an comhordú idir na húdaráis faoi chuimsiú CSE a threisiú chun comhleanúnachas agus inchomparáideacht an staidrimh shóisialta Eorpaigh a áirithiú i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 338(2) CFAE. Déanann comhlachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, chomh maith leis an bpobal acadúil, bailiú sonraí freisin, amach ó na cinn sin dá dtagraítear sa Rialachán seo. Ba cheart, dá bharr sin, comhar idir gníomhaithe den chineál sin agus iad siúd atá páirteach in CSE a threisiú d’fhonn leas a bhaint as sineirgí.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat comhchoiteann a bhunú le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh agus atá bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr an chomhchuibhithe, cáilíocht sonraí agus inchomparáideacht sonraí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, agus ós rud é go gcuirtear breisluach mór le ceapadh beartas ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát trí staidreamh d’ardcháilíocht a bhailítear ar bhealach comhchuibhithe, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(35)

Ba cheart go dtiocfadh an staidreamh sóisialta Eorpach bunaithe ar shonraí arna mbailiú ó shamplaí agus go dtiocfadh an próiseas bailithe sonraí chun bheith níos éifeachtúla agus níos ábhartha. Faoi láthair is le roinnt gníomhartha reachtacha ar leith, ar cheart an Rialachán seo a chur ina n-áit, a rialaítear staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí. Is gá, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (14) agus Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a aisghairm agus codanna ábhartha de Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004 (16), (CE) Uimh. 452/2008 (17), agus (CE) Uimh. 1338/2008 (18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú.

(36)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus thug sé tuairim uaidh an 1 Márta 2017 (20).

(37)

Chuathas i gcomhairle le CCSE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí de na daoine agus na teaghlaigh sin.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na daonáirimh agus maidir leis na háirimh thithíochta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 763/2008.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “micreashonraí” breathnóireachtaí nó tomhais neamh-chomhiomlánaithe ar shaintréithe d’aonaid aonair, gan aitheantóirí díreacha;

(2)

ciallaíonn “sonraí comhiomlánaithe réamhsheiceáilte” nó “micreashonraí réamhsheiceáilte” sonraí nó micreashonraí gan aitheantóirí díreacha arna bhfíorú ag na Ballstáit ar bhonn comhrialacha bailíochtaithe, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

(3)

ciallaíonn “fearann” tacar sonraí nó roinnt tacar sonraí a chumhdaíonn topaicí ar leith;

(4)

ciallaíonn “aonad breathnóireachta” eintiteas in-sainaitheanta ar féidir sonraí a fháil ina thaobh;

(5)

ciallaíonn “topaic” inneachar na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid bhreathnóireachta; cumhdaíonn gach topaic roinnt topaicí mionsonraithe;

(6)

ciallaíonn “topaic mhionsonraithe” inneachar mionsonraithe na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid bhreathnóireachta a bhaineann le topaic; cumhdaíonn gach topaic mhionsonraithe roinnt athróg;

(7)

ciallaíonn “athróg” airí aonaid breathnóireachta a bhféadfadh níos mó ná luach amháin de thacar luachanna a bheith ag gabháil leis;

(8)

Ciallaíonn “taifid riaracháin” sonraí arna nginiúint ag foinse nach foinse staidrimh í, ach ar comhlacht poiblí í de ghnáth, agus nach é is príomhaidhm di staidreamh a chur ar fáil;

(9)

ciallaíonn “ábhair ad hoc” téamaí arb ábhar spéise ar leith d’úsáideoirí iad ag tráth sonrach ach nach n‐áirítear sna gnáth-thacair sonraí;

(10)

ciallaíonn “táscaire ceannlíne” faisnéis arna húsáid ar bhonn forleathan atá ceaptha faireachán a dhéanamh ar phríomhchuspóir beartais de chuid an Aontais;

(11)

ciallaíonn “gnátháit chónaithe” an áit a gcaitheann duine an tréimhse laethúil scíthe go hiondúil, is cuma an duine sin a bheith as láthair go sealadach chun críocha áineasa, saoire, cuairteanna ar chairde agus ar ghaolta, gnó, cóireáil leighis nó oilithreacht reiligiúnach. Is iad na daoine seo a leanas agus iad seo amháin a mheastar a bheith ina ngnáthchónaitheoirí i gceantar geografach sonrach:

(a)

na daoine a bhfuil cónaí orthu ina ngnátháit chónaithe le tréimhse leanúnach 12 mhí ar a laghad roimh an am tagartha;

(b)

na daoine a tháinig chun a ngnátháit chónaithe sa 12 mhí roimh an am tagartha agus é ar intinn acu fanacht ann ar feadh bliana ar a laghad.

I gcás nach féidir na himthosca mar a thuairiscítear i bpointe (a) nó (b) a shuíomh, is féidir glacadh leis go gciallaíonn “gnáthchónaí” áit cónaithe dhlíthiúil nó chláraithe.

(12)

ciallaíonn “meiteashonraí” an fhaisnéis is gá chun staidreamh a úsáid agus a léiriú agus a chuireann síos ar shonraí ar bhealach struchtúrtha;

(13)

ciallaíonn “tuarascáil cháilíochta” tuarascáil ina gcuirtear faisnéis in iúl maidir le cáilíocht táirge staidrimh nó próisis staidrimh;

(14)

ciallaíonn “creataí samplála” liosta, mapa nó sonraíocht eile de na haonaid lena gcinntear daonra atá le háireamh nó le sampláil go hiomlán;

(15)

ciallaíonn “teaghlach príobháideach” duine a chónaíonn ina aonar nó grúpa daoine a chónaíonn le chéile agus a chuireann bunriachtanais na beatha ar fáil di nó dó nó dóibh féin.

Airteagal 3

Fearainn agus tacair sonraí

1.   An bailiú sonraí dá dtagraítear in Airteagal 1, arna dhéanamh ag na Ballstáit, roinnfear é sna fearainn seo a leanas:

(a)

lucht saothair;

(b)

ioncam agus dálaí maireachtála;

(c)

sláinte;

(d)

oideachas agus oiliúint;

(e)

úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(f)

úsáid ama;

(g)

tomhaltas.

2.   Maidir le fearann na húsáide ama, is ar bhonn roghnach a dhéanfaidh na Ballstáit an bailiú sonraí dá dtagraítear in Airteagal 1, arna dhéanamh ag na Ballstáit. I gcás ina mbailíonn Ballstát sonraí maidir le fearann na húsáide ama, déanfaidh sé sin i gcomhréir leis an Rialachán seo chun inchomparáideacht a áirithiú. San fhadtéarma, beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit uile bailiú sonraí a dhéanamh maidir le fearann na húsáide ama.

3.   I ndáil leis na fearainn uile dá dtagraítear i mír 1, cumhdóidh na tacair sonraí na topaicí comhchoiteanna seo a leanas, a ndéantar tuairisc mhionsonraithe orthu a leagan amach in Iarscríbhinn I:

(a)

míreanna teicniúla;

(b)

tréithe daoine agus tréithe teaghlaigh;

(c)

sláinte: stádas agus míchumas, rochtain ar chúram sláinte agus deitéarmanaint sláinte agus infhaighteacht agus úsáid an chúraim sláinte agus na ndeitéarmanant sláinte sin;

(d)

rannpháirtíocht sa mhargadh saothair;

(e)

gnóthachtáil oideachais agus cúlra oideachais;

I ndáil le roinnt fearann, déanfaidh na tacair sonraí cur síos níos mine ar na topaicí comhchoiteanna sin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

4.   I dteannta na dtopaicí atá i bpáirt ag na fearainn uile dá dtagraítear i mír 3, cumhdóidh na tacair sonraí na topaicí seo a leanas, a ndéantar tuairisc mhionsonraithe orthu a leagan amach in Iarscríbhinn I:

(a)

tionacht fostaíochta, beathaisnéis oibre agus taithí oibre;

(b)

dálaí oibre lena n-áirítear uaireanta oibre agus socruithe maidir le ham oibre;

(c)

rannpháirtíocht san oideachas agus san oiliúint;

(d)

ioncam, tomhaltas agus gnéithe rachmais, lena n‐áirítear fiacha;

(e)

dálaí maireachtála, lena n‐áirítear díth maoine, tithíocht, timpeallacht mhaireachtála agus rochtain ar sheirbhísí;

(f)

mianach saoil, lena n-áirítear rannpháirtíocht shóisialta, shibhialta, eacnamaíoch agus chultúrtha, cuimsiú agus folláine;

(g)

rannpháirtíocht sa tsochaí faisnéise; agus

(h)

leithdháileadh ama (roghnach).

5.   Na ceanglais bheachtais agus saintréithe na samplaí a úsáidfear le haghaidh na bhfearann éagsúla, beidh siad mar a shonraítear iad, faoi seach, in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III.

6.   Áireofar sa bhailiú sonraí arna dhéanamh de bhun an Airteagail seo faisnéis lena bhféadfar miondealú a dhéanamh chun cur síos a dhéanamh ar fho-dhaonraí leasa agus cuirfear neamhionannais in iúl, i gcás inarb ábhartha.

Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún (Eurostat) faisnéis a tháirgeadh freisin, seachas i gcásanna a mbeadh údar cuí leo ar chúiseanna cáilíochta, lena gceadófar faisnéis a dhíorthú atá bailí ag leibhéal críochach NUTS 2, d’fhonn inchomparáideacht sonraí níos fearr a chur ar fáil ar fud na mBallstát, agus costais á gcur san áireamh.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 ar bhonn staidéar féidearthachta chun na topaicí mionsonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a leasú chun forbairtí ábhartha reachtacha, teicniúla, sóisialta, beartais agus eacnamaíocha a léiriú agus chun freagairt do riachtanais nua na n‐úsáideoirí. Agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

nach gcuirfear le gníomhartha tarmligthe den sórt sin ualach suntasach breise ar na Ballstáit nó ar na freagróirí;

(b)

mura bhfuil údar cuí leis de bharr imthosca eisceachtúla, nach n‐athrófar níos mó ná 5 % de na topaicí mionsonraithe a liostaítear in Iarscríbhinn I i ndáil le fearann an lucht saothair agus fearann an ioncaim agus dálaí maireachtála i gcás gach fearainn in aon tréimhse 4 bliana;

(c)

le haghaidh fearainn dá dtagraítear i mír 1, ach ní i bpointe (b) den fhomhír seo, ní athrófar níos mó ná 10 % de liosta na dtopaicí mionsonraithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I i gcás gach fearainn sa tréimhse idir dhá bhailiú leantacha sonraí.

(d)

maidir le haon topaicí mionsonraithe nach liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfar measúnú cuí orthu i leith a indéanta atá siad trí bhíthin treoirstaidéir a dhéanfaidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14;

(e)

ní rachaidh líon iomlán na n‐athróg a bheidh le cur ar fáil thar na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus (3);

Maidir le pointí (b) agus (c) den chéad fhomhír, slánófar líon na dtopaicí mionsonraithe a fhéadfar a athrú suas go dtí an tslánuimhir is gaire.

Airteagal 4

Pleanáil rollach ilbhliantúil

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí phleanáil rollach ilbhliantúil a bhunú nó a oiriúnú.

2.   Maidir leis an bpleanáil rollach ilbhliantúil:

(a)

glacfar í ar feadh tréimhse 8 mbliana;

(b)

beidh feidhm aici maidir leis an mbailiú sonraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(c)

comhlíonfaidh sí an tréimhsiúlacht a shonraítear in Iarscríbhinn IV;

(d)

sonrófar léi an tréimhse ina mbaileofar sonraí le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(i)

na topaicí mionsonraithe a ghabhann leis na fearainn mar a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(ii)

ábhair ad hoc a iarrann na húsáideoirí, i bhfearann an lucht saothair agus i bhfearainn an ioncaim agus na ndálaí maireachtála, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV.

Maidir le pointe (d)(ii) den chéad fhomhír seo, i gcásanna a mbeidh údar leo, féadfaidh na hábhair ad hoc sin topaicí mionsonraithe a chumhdach seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I.

3.   Na coigeartuithe ar an bpleanáil rollach ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 1, tiocfaidh siad i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 24 mhí roimh thús gach tréimhse bailithe sonraí, mar a shonraítear sa phleanáil, i ndáil le bailiú bliantúil nó fobhliantúil sonraí, agus tráth nach déanaí ná 36 mhí roimh thús na tréimhse bailithe sonraí sin i ndáil le haon bhailiú eile sonraí. Is éard a bheidh mar aidhm leis na hoiriúnaithe sin a áirithiú go mbeidh an phleanáil éifeachtach agus comhshesmhach le riachtanais na n‐úsáideoirí.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo prionsabal na comhréireachta agus nach gcuirfear ualach nó costas suntasach breise leo ar na Ballstáit nó ar na freagróirí.

Airteagal 5

Daonraí staidrimh agus aonaid bhreathnóireachta

1.   Is éard a bheidh sa daonra staidrimh na daoine uile i ngach Ballstát ag a bhfuil a ngnátháit chónaithe i dteaghlaigh phríobháideacha.

2.   Déanfar na sonraí a bhailiú i ngach Ballstát le haghaidh sampla d’aonaid bhreathnóireachta arb é a bheidh iontu teaghlaigh phríobháideacha nó daoine a bhaineann le teaghlaigh phríobháideacha a bhfuil a ngnátháit chónaithe acu sa Bhallstát sin.

3.   Beidh sé mar aidhm ag gach Ballstát síneadh a chur, laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, le cumhdach na mbailiúchán sonraí go haonaid bhreathnóireachta nach le teaghlaigh phríobháideacha iad, ar choinníoll go gceadaítear sainaithint na n‐aonad breathnóireachta agus sainaithint na ndaoine lena mbaineann agus ag a bhfuil a ngnátháit chónaithe sa Bhallstát sin.

Airteagal 6

Sonraíochtaí na dtacar sonraí

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le Airteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd na míreanna seo a leanas de na tacair sonraí éagsúla a shonrú, lena n‐áirítear nuair a bhíonn na míreanna sin i bpáirt ag roinnt tacar sonraí, d’fhonn na riachtanais a chumhdach a shainaithnítear sna topaicí mionsonraithe ábhartha:

(a)

líon na n‐athróg; agus

(b)

teideal na n‐athróg.

2.   Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun phointe (a) de mhír 1, ní rachaidh líon na n‐athróg thar 5 % de líon na n‐athróg do gach fearann atá á éileamh cheana féin ag an gCoimisiún (Eurostat) ar bhonn éigeantach, an 3 Samhain 2019.

3.   Maidir le fearann an tomhaltais, ní rachaidh líon na n‐athróg níos mó ná 5 % thar líon na n‐athróg a leagtar amach sa chéad ghníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcás an fhearainn sin de bhun mhír 1.

4.   D’fhonn freagairt do riachtanais úsáideoirí agus leibhéal áirithe solúbthachta a chur ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, i gcás ina bhfuil gá le sonraí nua, líon na n‐athróg a éilítear a athrú faoi fhachtóir dar uasmhéid 10 %, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, maidir le gach fearann a liostaítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh an Coimisiún na hathróga a éilítear i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a athrú faoi fhachtóir atá níos mó ná 10 % i gcás an fhearainn “úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide” ar choinníoll go mbeidh na hathruithe sin i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 roimh 1 Eanáir 2021.

Beidh feidhm ag an ráta uasta céatadáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo maidir le fearann an lucht saothair agus fearann an ioncaim agus na ndálaí maireachtála ar feadh aon tréimhse 4 bliana agus beidh feidhm aige maidir leis na fearainn eile le linn na tréimhse idir dhá bhailiú leantacha sonraí. Ní rachaidh líon na n‐athróg thar na tairseacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 i gcás ar bith

Airteagal 7

Sonraíochtaí teicniúla na dtacar sonraí

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na míreanna teicniúla seo a leanas de chuid na dtacar sonraí aonair:

(a)

tuairisc ar na hathróga;

(b)

na haicmiúcháin staidrimh;

(c)

saintréithe na dtiomsuithe staidrimh daonra, na n-aonad breathnóireachta agus na rialacha do fhreagróirí;

(d)

na tréimhsí tagartha agus na dátaí tagartha;

(e)

na ceanglais a bhaineann le cuimsiú geografach, tréithe mionsonraithe na samplaí, lena n‐áirítear foshampláil, i gcomhréir le hIarscríbhinn III, tréimhsí coiteanna bailithe sonraí, caighdeáin choiteanna le haghaidh eagarthóireachta agus iontráil bharúlach, ualaithe, meastacháin agus meastachán ar athraitheas;

(f)

an mhodheolaíocht lena bhforáiltear d’inchomparáideacht na sonraí a bhailítear, ina bhféadfar sreabhchairteacha faoi ord na gceisteanna a áireamh, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, d’fhonn an cuspóir comhchoiteann a bhaint amach, nuair is gá, is é sin ardleibhéal inchomhparáideachta idir na sonraí fostaíochta agus dífhostaíochta i bhfearann an lucht saothair.

2.   I gcás ina mbíonn na míreanna céanna i bpáirt ag roinnt tacar sonraí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na tréithe teicniúla seo a leanas a ghabhann leis na tacair sonraí:

(a)

tuairisc ar na hathróga;

(b)

na haicmiúcháin staidrimh;

(c)

saintréithe na dtiomsuithe staidrimh daonra agus na n‐aonad breathnóireachta.

3.   I gcás tacair sonraí maidir le fostaíocht mhíosúil a bhaineann le fearann an lucht saothair, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun cur síos a dhéanamh ar na hathróga agus fad, ceanglais cháilíochta agus leibhéal mionsonraí na n‐amshraitheanna atá le tarchur.

4.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Glacfar iad 12 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse bailithe sonraí, seachas i gcás fhearann úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, a nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme ina leith sé mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse bailithe sonraí.

Airteagal 8

Formáidí le haghaidh faisnéis a tharchur

1.   Déanfar formáidí teicniúla a chur i bhfearas chun tarchur faisnéise ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) a éascú, go háirithe chun tacú le bainistiú cáilíochta agus doiciméadú na bpróiseas a bhaineann leis an staidreamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   Cumhdófar leis na formáidí teicniúla sin coincheapa staidrimh, próisis staidrimh agus táirgí staidrimh, lena n‐áirítear sonraí agus meiteashonraí.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear na formáidí teicniúla dá dtagraítear i mír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme 12 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse bailithe sonraí, seachas i gcás fhearann úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, a nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme ina leith 6 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse bailithe sonraí.

Airteagal 9

Foinsí sonraí agus modhanna

1.   Baileoidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 1 a bheidh le cur ar fáil don Choimisiún (Eurostat) trí úsáid a bhaint as ceann de na foinsí seo a leanas nó as meascán díobh, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 13 leis na foinsí sin:

(a)

faisnéis arna cur ar fáil go díreach ag na freagróirí;

(b)

taifid riaracháin agus foinsí eile, modhanna eile, nó aon chur chuige nuálach eile a mhéid a cheadaítear leo sonraí a tháirgeadh atá inchomparáide agus i gcomhréir leis na saincheanglais is infheidhme a leagtar síos leis an Rialachán;

Féadfar meastacháin ar limistéir bheaga a áireamh ar na modhanna dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, lena mbeartaítear an éagsúlacht chríochach a chumhdach, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais bheachtais a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

2.   Déanfaidh na Ballstáit faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil don Choimisiún (Eurostat) faoi na foinsí agus na modhanna a úsáideadh i gcomhréir le Airteagal 13(5).

Airteagal 10

Tréimhsiúlacht

Baileoidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcomhréir leis an tréimhsiúlacht a shonraítear in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 11

Tarchur sonraí agus spriocdhátaí

1.   Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 1 chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir le hIarscríbhinn V

2.   Maidir le gach tacar sonraí, déanfaidh na Ballstáit micreashonraí réamhsheiceáilte nach bhfuil aitheantóirí díreacha iontu a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) trí bhealaí slána tarchurtha.

3.   Déanfar sonraí comhiomlánaithe réamhsheiceáilte a tharchur chun críche staidreamh dífhostaíochta míosúla a thiomsú.

4.   Ó 2021 ar aghaidh, déanfaidh na Ballstáit sonraí a bhailiú agus a tharchur i gcomhréir leis an Rialachán seo.

5.   Foilseoidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit, na sonraí comhiomlánaithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (Eurostat), ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir, a thúisce is féidir agus faoi cheann sé mhí ón spriocdháta do tharchur na mbailiúchán bliantúil agus fobhliantúil sonraí, agus faoi cheann 12 mhí ón spriocdháta do tharchur na mbailiúchán eile sonraí, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

Airteagal 12

Creataí samplála

1.   Bunófar na sonraí a bhaileofar faoin Rialachán seo ar shamplaí ionadaíocha a thógfar as creataí samplála a chuirfear ar bun ar an leibhéal náisiúnta lena bhféadtar daoine nó teaghlaigh a roghnú go randamach, ar roghnúchán é sin lena ngabhfaidh dóchúlacht aitheanta. Beidh sé d’aidhm ag na creataí samplála an spriocdhaonra a shainaithint agus a chumhdach ar bhealach uileghabhálach leis an ngnáthearráid cumhdaigh is inghlactha agus déanfar an creat a nuashonrú go tráthrialta. Is éard a bheidh sna creataí samplála an fhaisnéis uile is gá chun an sampla a dhearadh amhail faisnéis a theastaíonn chun críocha srathúcháin agus chun teagmháil a dhéanamh le daoine agus le teaghlaigh. Cuirfear san áireamh sa chreat samplála freisin an fhaisnéis a theastaíonn chun daoine a nascadh le taifid riaracháin eile a mhéid atá nascadh den chineál sin le taifid eile riachtanach agus comhréireach agus ceadmhach go sonrach faoin dlí is infheidhme de chuid an Aontais, nó de chuid an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoi mar a shainmhínítear é i Rialachán (AE) 2016/679 faoina réir agus lena leagtar síos freisin bearta iomchuí chun cearta, saoirsí agus leas dlisteanach na n-ábhar sonraí a chosaint.

2.   I gcás nach mbeidh creat samplála den sórt sin ar fáil sa Bhallstát sin, úsáidfear creataí samplála eile a chomhlíonfaidh na critéir seo a leanas. Maidir leis na creataí samplála sin:

(a)

sainaithneofar leo na haonaid samplála, ar féidir gur daoine, teaghlaigh, teaghaisí nó seoltaí iad;

(b)

beidh sé ar a gcumas an dóchúlacht roghnúcháin a chur ar fáil;

(c)

tabharfar cothrom le dáta iad go tráthrialta.

I gcásanna eisceachtúla a mbeidh údar cuí leo, ar chúiseanna cáilíochta, féadfar scéimeanna samplála eile a úsáid i ndáil le fearainn na húsáide ama agus an tomhaltais, mar shampla sampláil cuótaí.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh na gcreataí samplála, agus lena leagfar síos íoscheanglais go háirithe, lena n‐áirítear an ghnáthearráid chumhdaigh is inghlactha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Airteagal 13

An cháilíocht

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a tharchuirfear a áirithiú.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a shainmhínítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

3.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht mheiteashonraí na sonraíochtaí, ar cháilíocht na sonraí tarchurtha agus ar cháilíocht na gcreataí samplála, d’fhonn, inter alia, iad a fhoilsiú ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (Eurostat).

4.   Chun críocha mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit, i leith na sonraí agus na micreashonraí dá dtagraítear in Airteagal 11, na nithe seo a leanas a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat):

(a)

meiteashonraí lena dtugtar tuairisc ar an modheolaíocht a úsáideadh, lena n‐áirítear na foinsí sonraí agus na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 9, agus an chaoi ar baineadh amach na sonraíochtaí teicniúla trí thagairt a dhéanamh do na sonraíochtaí a leagtar síos leis an Rialachán seo;

(b)

faisnéis maidir le comhlíonadh na n‐íoscheanglas a ghabhann leis na creataí samplála a úsáideadh, lena n‐áirítear iad a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta, mar a leagtar síos leis an Rialachán seo;

(c)

faisnéis faoi na fodhaonraí nár éiríodh sonraí a bhailiú uathu.

5.   Déanfaidh na Ballstáit na meiteashonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a tharchur laistigh de thrí mhí, i ndiaidh an spriocdháta do tharchur na sonraí agus na micreashonraí. Cuirfear an fhaisnéis bhreise sin ar fáil i bhfoirm tuarascálacha cáilíochta a léiríonn go háirithe an chaoi a gcomhlíontar na ceanglais cháilíochta leis na sonraí tarchurtha agus leis na micreashonraí tarchurtha, agus leis na meiteashonraí agus leis an bhfaisnéis. Cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear socruithe agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta, lena n‐áirítear tásca maidir leis an modh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas beachtais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2). Ní fhorchuirfidh siad ualach ná costas suntasach breise ar na Ballstáit leo.

7.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas a luaithe is féidir faoi aon fhaisnéis ábhartha nó aon athrú i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo a mbeadh tionchar aige ar cháilíocht na sonraí tarchurtha.

8.   Ar iarraidh ón gCoimisiún (Eurostat), a mbeidh údar cuí leis, tabharfaidh na Ballstáit soiléiriú riachtanach breise chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.

Airteagal 14

Staidéir féidearthachta agus treoirstaidéir

1.   Agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcomhlíonadh aige, agus d’fhonn feabhas a chur ar na tacair sonraí agus ar na táscairí sóisialta, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), staidéir féidearthachta agus treoirstaidéir a sheoladh, nuair is gá, ina bhféadfaidh na Ballstáit a bheith rannpháirteach.

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún (Eurostat), gur staidéir ionadaíocha a bheidh iontu ar leibhéal an Aontais. Beidh sé d’aidhm ag na staidéir meastóireacht a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí malartacha agus iad a fhorbairt, agus forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh, chun an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

cáilíocht agus inchomparáideacht na dtacar sonraí a fheabhsú;

(b)

cumhdach an bhailithe sonraí a shíneadh chuig daoine nach bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh phríobháideacha nó chuig fodhaonraí atá deacair a shroicheadh;

(c)

teicnící a fhorbairt, a mheasúnú agus a chur chun feidhme lena gceadófaí cumhdach níos fearr a dhéanamh ar an éagsúlacht chríochach ar leibhéal NUTS 2 agus ar an leibhéal áitiúil;

(d)

obair leantach a dhéanamh maidir le cumhdach staidrimh i dtaobh saoránaigh ar imirce a athraíonn a dtír chónaithe;

(e)

forbairt agus tástáil a dhéanamh ar thopaicí mionsonraithe nua chun sonraí a bhailiú;

(f)

rannchuidiú le fearann na húsáide ama agus an tomhaltais a nuachóiriú, lena n‐áirítear sonraí faoi mhéid an tomhaltais;

(g)

bealaí nua a fhiosrú agus a chur chun feidhme lena bhféadfar feabhas a chur ar fhreagrúlacht do riachtanais na n-úsáideoirí ;

(h)

comhtháthú níos fearr a dhéanamh ar bhailiú sonraí agus ar úsáid foinsí eile sonraí; agus

(i)

bailiú sonraí sna Ballstáit a dhéanamh níos éifeachtúla agus ionstraimí bailithe sonraí a fheabhsú le go bhféadfadh daoine faoi mhíchumas a bheith lán-rannpháirteach.

Soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) maoiniú iomchuí do na Ballstáit a dhéanfaidh na staidéir féidearthachta nó na treoirstaidéir i gcomhréir le Airteagal 16.

2.   I gcás inarb ábhartha, tabharfaidh an Coimisiún (Eurostat) cuireadh do ghníomhaireachtaí an Aontais a dhéanann suirbhéanna sóisialta Eorpacha nach mbaineann le CSE an saineolas atá acu a rannchuidiú chun táscairí nua a fhorbairt agus sonraí píolótacha a bhailiú maidir le hábhair ad hoc dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, nó maidir le hábhair ina mbeidh suim ag CSE amach anseo

3.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit agus le príomhúsáideoirí na dtacar sonraí, .meastóireacht ar thorthaí na staidéar féidearthachta agus na dtreoirstaidéar dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 15

Rochtain ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha

Féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) rochtain ar shonraí rúnda ar a áitreabh a dheonú agus féadfaidh sé tacair micreashonraí anaithnidithe a scaoileadh ó thacair sonraí maidir leis na fearainn dá dtagraítear in Airteagal 3, chun críocha eolaíochta agus faoi na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 557/2013.

Airteagal 16

Maoiniú

1.   Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, déanfaidh an tAontas deontais a chur ar fáil do ISNanna agus d’údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 223/2009 ar mhaithe leis na nithe seo a leanas:

(a)

bailiú sonraí, modhanna bailithe sonraí, creataí samplála agus próiseáil sonraí le haghaidh staidreamh faoin Rialachán seo a cheapadh agus/nó a chur chun feidhme, agus a dtráthúlacht a fheabhsú, don chéad 4 bliana de bhailiú tacair sonraí i ndáil le gach fearann a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(b)

modheolaíochtaí a fhorbairt maidir le staidreamh faoin Rialachán seo, lena n‐áirítear rannpháirtíocht na mBallstát sna staidéir ionadaíocha féidearthachta agus sna treoirstaidéir dá dtagraítear in Airteagal 14;

(c)

staidreamh a bhailiú agus a tháirgeadh maidir le hábhair ad hoc atá de dhíth ar na húsáideoirí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IV, tacair athróg agus tréithe, bíodh siad nua nó leasaithe, arna gcur chun feidhme den chéad uair;

I gcás ina dtugtar cúraimí leis an Rialachán seo do ISNanna agus d’údaráis náisiúnta eile nach ndearna siad roimhe, deonófar acmhainní airgeadais leordhóthanacha dóibh ón Aontas chun na cúraimí sin a dhéanamh. Déanfar athmheastóireacht ar na hacmhainní airgeadais i bhfianaise forbairtí maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

2.   Ranníocaíocht airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014 go 2020, cuirfear ar fáil iad í i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), pointe (a) d’Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), nó Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

3.   Ní rachaidh an ranníocaíocht airgeadais seo ón Aontas thar 90 % de na costais incháilithe.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(7), Airteagal 4(1) agus Airteagal 6(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 3 Samhain 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(7), Airteagal 4(1) agus Airteagal 6(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‐ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr .

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(7), Airteagal 4(1) agus Airteagal 6(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh CCSE, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 19

Maoluithe agus údaruithe

1.   I gcás inar ghá coigeartuithe móra a dhéanamh chun an Rialachán seo, nó na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun, a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maolú suas le trí bliana a dheonú. Áiritheofar go mbeidh sonraí na mBallstát inchomparáide, agus go ríomhfar na comhiomláin ionadaíocha iontaofa Eorpacha a theastaíonn ar bhealach tráthúil, lena n‐áirítear na táscairí ceannlíne. Ní bhunófar maoluithe den sórt sin ar na forais chéanna ar a mbunaítear na húdaruithe dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4.

2.   I gcás ina mbeidh fianaise leordhóthanach ann go bhfuil bonn cirt fós le maolú dá dtagraítear i mír 1 ag deireadh na tréimhse dár deonaíodh é, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maolú eile a dheonú ina dhiaidh sin ar feadh uastréimhse 2 bhliain.

3.   I gcás nach féidir le Ballstát na tacair sonraí a theastaíonn a chur ar fáil ach amháin trí úsáid a bhaint as modhanna seachas iad sin a leagtar síos sa Rialachán seo ná sna gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun, féadfaidh an Coimisiún úsáid na modhanna sin a údarú, ar bhonn eisceachtúil, ar feadh uastréimhse 5 bliana trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Ní bhunófar údaruithe den sórt sin ar na forais chéanna ar a mbunaítear na maoluithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

4.   I gcás ina mbeidh fianaise leordhóthanach ann go bhfuil bonn cirt fós leis an údarú dá dtagraítear i mír 3 ag deireadh na tréimhse dár deonaíodh é, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, údarú eile a dheonú ina dhiaidh sin ar feadh uastréimhse 3 bliana

5.   Chun críocha maolú nó údarú dá dtagraítear i mír 1 go mír 4, cuirfidh Ballstát iarraidh chuí-réasúnaithe chuig an gCoimisiún faoin 4 Feabhra 2020 laistigh de 3 mhí ón dáta a nglacfar an gníomh tarmligthe nó cur chun feidhme lena mbaineann, nó sé mhí roimh dheireadh na tréimhse dár deonaíodh maolú nó údarú atá ann faoi láthair. Agus an t‐údarú dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 á iarraidh aige, tabharfaidh an Ballstát lena mbainfidh tuairisc mhionsonraithe ar na modhanna a úsáideadh agus léireoidh sé go dtiocfaidh torthaí inchomparáide astu.

6.   Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in 18(2).

Airteagal 20

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 808/2004

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfar an staidreamh a ghrúpáil i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

Airteagal 4

Fearann

Cumhdóidh an Rialachán seo fearann na ngnóthas agus an tsochaí faisnéise, mar a shainítear iad san Iarscríbhinn.”;

(3)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Na bearta maidir le cur chun feidhme an fhearainn a shainítear san Iarscríbhinn í, bainfidh siad le roghnú, sonrú, coigeartú agus modhnú na n‐ábhar agus a saintréithe, le cumhdach, tréimhsí tagartha agus miondealuithe na saintréithe, le tréimhsiúlacht agus uainiú an tsoláthair sonraí agus leis na sprioc-amanna le haghaidh tharchur na dtorthaí.”;

(4)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

sa cheannteideal cuirtear “Iarscríbhinn” in ionad “Iarscríbhinn I” agus sa teideal cuirtear “Fearann: gnóthais agus an tsochaí faisnéise” in ionad “Modúl 1: gnóthais agus an tsochaí faisnéise”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (1) agus (2):

“1.

Aidhmeanna

Is é is aidhm do bhailiú sonraí faoin bhfearann sin staidreamh i ndáil le gnóthais agus an tsochaí faisnéise a sholáthar go tráthúil. Le bailiú sonraí den chineál sin, soláthraítear creat le haghaidh na gceanglas i dtaca le cumhdach, le fad agus le tréimhsiúlacht, leis na hábhair atá cumhdaithe, le miondealú ar an soláthar sonraí, le cineál an tsoláthair sonraí agus le haon treoirstaidéir nó staidéir féidearthachta atá riachtanach.

2.

Cumhdach

Cumhdaíonn an fearann seo gníomhaíochtaí gnó faoi Ranna C go N agus R agus Rannán 95 den aicmiúchán staidrimh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (NACE REV. 2).”;

(5)

scriostar Iarscríbhinn II.

Airteagal 21

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 452/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 452/2008 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

Airteagal 3

Fearainn

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgeadh staidrimh in dhá fhearann:

(a)

cumhdóidh Fearann 1 staidreamh maidir le córais oideachais agus oiliúna;

(b)

cumhdóidh Fearann 2 staidreamh eile maidir le hoideachas agus maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil, amhail staidreamh maidir le caipiteal daonna agus maidir leis an leas sóisialta agus eacnamaíoch a thagann as an oideachas, ar staidreamh é nach gcumhdaítear le Fearann 1 ná le Rialachán (AE)2019./1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Táirgfear staidreamh sna fearainn sin i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

(*1)  Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

“(a)

déanfaidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an oideachas agus leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a sheachadadh go rialta faoi na spriocdhátaí arna sonrú d’Fhearann 1;

(b)

bainfear úsáid as córais eile faisnéise staidrimh agus as suirbhéanna staidrimh chun athróga agus táscairí breise a sholáthar maidir le hoideachas agus maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil, a bheidh ag freagairt d’Fhearann 2;”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(2):

“2.   Leis na bearta dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird ar na nithe seo a leanas:

(a)

i ndáil leis an dá Fhearann, an t‐ualach a d’fhéadfaí a chur ar institiúidí oideachais agus ar dhaoine aonair;

(b)

i ndáil leis an dá Fhearann, torthaí na dtreoirstaidéar dá dtagraítear in Airteagal 4(3);

(c)

i ndáil le Fearann 1, na comhaontuithe is deireanaí idir ISU, ECFE agus an Coimisiún (Eurostat) maidir le coincheapa, sainmhínithe, formáid bhailithe na sonraí, próiseáil na sonraí, tréimhsiúlacht agus na spriocdhátaí do tharchur na dtorthaí;

(d)

i ndáil le Fearann 2, infhaighteacht, oiriúnacht agus comhthéacs dlíthiúil fhoinsí sonraí an Chomhphobail atá ann cheana tar éis scrúdú iomlán a dhéanamh ar na foinsí sonraí uile atá ann.”;

(4)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:

(a)

scriostar an roinn dar teideal: “Fearann 2: Rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim ar feadh an tsaoil”;

(b)

leasaítear an roinn dar teideal:“Fearann 3: Staidreamh eile maidir le hoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil” mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Fearann 2: Staidreamh eile maidir le hoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Aidhm

Is é aidhm an bhailiúcháin sonraí seo sonraí inchomparáide breise a chur ar fáil maidir le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil chun tacú le beartais shonracha ar leibhéal an Chomhphobail nach n‐áirítear i bhFearann 1.”.

Airteagal 22

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008

I Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008, leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

Raon feidhme

Cumhdaítear leis an bhfearann seo an staidreamh maidir le stádas sláinte agus le deitéarmanaint sláinte a bhunaítear ar fhéinmheasúnú agus a thiomsaítear as suirbhéanna daonra seachas iad siúd a thiomsaítear as bailiúcháin sonraí i dtaca le teaghlaigh agus daoine aonair dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019 /1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) mar aon le staidreamh eile a thiomsaítear as foinsí riaracháin amhail sonraí maidir le galracht nó maidir le tionóiscí agus maidir le gortuithe. Beidh daoine a bhfuil cónaí orthu in institiúidí, chomh maith le leanaí suas go 14 bliana d’aois, ar áireamh, nuair is iomchuí, agus ag na heatraimh ad hoc ábhartha, faoi réir treoirstaidéir rathúla a dhéanfar roimh ré.

(*2)  Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1).”;"

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

Tréimhsí tagartha, eatraimh agus teorainneacha ama do sholáthar sonraí

Na bearta a bhaineann leis an gcéad bhliain tagartha, leis an eatramh agus leis an teorainn ama do sholáthar na sonraí, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 10(2).”;

(3)

i bpointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

“Beidh cur chun feidhme na Suirbhéanna Scrúduithe Sláinte roghnach i gcomhthéacs an Rialacháin seo. Ní rachaidh meánfhad an agallaimh in aghaidh an teaghlaigh thar 20 nóiméad do na modúil suirbhé.”.

Airteagal 23

Socruithe idirthréimhseacha do bhearta cur chun feidhme

Maidir leis na bearta cur chun feidhme arna nglacadh roimh an 1 Eanáir 2021 de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go dtí go rachaidh siad in éag nó go dtí go n‐ionadófar nó go dtí go n‐aisghairfear iad.

Maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach sna Rialacháin sin maidir le tarchur sonraí agus meiteashonraí, lena n‐áirítear tuarascálacha cáilíochta, a bhaineann le tréimhsí tagartha a thagann, go hiomlán nó go páirteach, roimh an 1 Eanáir 2021, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu.

Airteagal 24

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 577/98 agus Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 le héifeacht ón 31 Nollaig 2020, gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach sna Rialacháin sin maidir le tarchur sonraí agus meiteashonraí, lena n‐áirítear tuarascálacha cáilíochta, a bhaineann le tréimhsí tagartha a thagann, go hiomlán nó go páirteach, roimh an dáta sin.

2.   Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Mar sin féin, beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025 i gcás na bhfearann a leagtar amach i bpointí (f) agus (g) d’Airteagal 3(1).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach (IO L 330, 10.12.2013, lch. 39).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le daonáirimh agus maidir le háirimh thithíochta (IO L 218, 13.8.2008, lch. 14).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 557/2013 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2013 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Staidreamh Eorpach i ndáil le rochtain ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 831/2002 ón gCoimisiún (IO L 164, 18.6.2013, lch. 16).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)(IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críochach le haghaidh staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(10)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle an 9 Márta 1998 maidir le suirbhé samplach ar an bhfórsa saothair a eagrú sa Chomhphobal (IO L 77, 14.3.1998, lch. 3).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 i ndáil le staidreamh an Chomhphobail maidir le hioncam agus dálaí maireachtála (AE-SDIM) (IO L 165, 3.7.2003, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le staidreamh an Chomhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise (IO L 143, 30.4.2004, lch. 49).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 452/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 i ndáil le staidreamh maidir le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil a tháirgeadh agus a fhorbairt (IO L 145, 4.6.2008, lch. 227).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (IO L 354, 31.12.2008, lch. 70).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí ag comhlachtaí agus ag institiúidí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(20)  IO C 87, 21.3.2017, lch. 1.

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-17 (IO L 39, 9.2.2013, lch 12).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch 238).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 — An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch 104).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le tríú Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch 1).

(26)  Rialachán (AE) 2017/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlean 17 Bealtaine 2017 maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (IO L 129, 19.5.2017, lch 1).


IARSCRÍBHINN I

Na topaicí a chumhdófar

Fearann

Topaic

Topaicí mionsonraithe

I ndáil leis na fearainn uile

Míreanna teicniúla

Faisnéis maidir le bailiú sonraí

Aitheantas

Ualuithe

Tréithe an agallaimh

Logánú

Tréithe daoine agus tréithe teaghlaigh

Déimeagrafaíocht

Saoránacht agus stádas imirce

Comhdhéanamh teaghlaigh

Sláinte: stádas agus míchumas, rochtain ar chúram sláinte agus ar dheitéarmanaint sláinte, infhaighteacht agus úsáid an chúraim agus na ndeitéarmanant sláinte sin

Míchumas agus gnéithe eile den Mhodúl Eorpach Íosta maidir le Sláinte

Rannpháirtíocht sa mhargadh saothair

Stádas príomhghníomhaíochta (féin-sainmhínithe)

Saintréithe poist bunúsacha

Gnóthachtáil oideachais agus cúlra oideachais

Leibhéal gnóthachtála oideachais

Lucht saothair

Tréithe daoine agus tréithe teaghlaigh

Comhdhéanamh teaghlaigh — sonraí sonracha breise

Tréimhse fanachta sa tír

Údar na himirce

Rannpháirtíocht sa mhargadh saothair

Stádas fostaíochta

Fad an chonartha

Mionsonraí an chonartha

Stádas lánaimseartha nó páirtaimseartha — an chúis atá leis sin

Féinfhostaíocht spleách

Freagrachtaí maoirseachta

Méid na bunaíochta

An tIonad Oibre

Obair sa bhaile

Cuardach fostaíochta

Toilteanas chun obair a dhéanamh

Infhaighteacht

Dara post nó iliomad post

Post eile a lorg

Tearcfhostaíocht

Saol na hoibre agus saol an teaghlaigh a thabhairt chun réitigh

Daoine óga ar margadh an saothair

An staid ina bhfuil imircigh agus a neasghaolta ar mhargadh an tsaothair

Rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus pinsin

Riachtanais maidir le cúram

Tionacht fostaíochta, beathaisnéis oibre agus taithí oibre roimhe seo

Am tosaithe thréimhse an phoist

An dóigh a bhfuarthas an post

Leanúnachas gairme agus sosanna gairme

Saintréithe bunúsacha an phoist roimhe seo

Dálaí oibre lena n‐áirítear uaireanta oibre agus socruithe maidir le ham oibre

Uaireanta oibre

Socruithe maidir le ham oibre

Eagrú na hoibre agus socruithe maidir le ham oibre

Gnóthachtáil oideachais agus cúlra oideachais

Gnóthachtáil oideachais — mionsonraí, lena n‐áirítear oideachas a stopadh nó a tréigeadh

Rannpháirtíocht san oideachas agus san oiliúint

Rannpháirtíocht san oideachas foirmiúil agus seachfhoirmiúil agus san oiliúint fhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil (4 seachtaine)

Rannpháirtíocht san oideachas foirmiúil agus seachfhoirmiúil agus san oiliúint fhoirmiúil agus sheachfhoirmiúil (12 mhí)

Sláinte: stádas agus míchumas, rochtain ar chúram sláinte agus ar dheitéarmanaint sláinte, infhaighteacht agus úsáid an chúraim sláinte agus na ndeitéarmanant sláinte sin

Tionóiscí ag an obair agus fadhbanna sláinte eile a bhaineann leis an obair

Gnéithe den Mhodúl Eorpach Íosta maidir le Sláinte

Ioncam, tomhaltas agus gnéithe rachmais, lena n-áirítear fiacha

Ioncam ó obair

Ioncam ó liúntais dífhostaíochta

Ioncam agus dálaí maireachtála

Tréithe daoine agus tréithe teaghlaigh

Comhdhéanamh teaghlaigh — sonraí sonracha breise

Fad tréimhse fanachta sa tír

Rannpháirtíocht san oideachas agus san oiliúint

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oideachasúla foirmiúla (faoi láthair)

Gnóthachtáil oideachais agus cúlra oideachais

Gnóthachtáil oideachais — mionsonraí, lena n‐áirítear oideachas a stopadh nó a tréigeadh

Rannpháirtíocht sa mhargadh saothair

Saintréithe an ionaid oibre

Fad an chonartha

Stádas fostaíochta

Tuairisc mhionsonraithe ar staid an mhargaidh saothair

Freagrachtaí maoirseachta

Tionacht fostaíochta, beathaisnéis oibre agus taithí oibre

Taithí oibre roimhe seo

Dálaí oibre lena n‐áirítear uaireanta oibre agus socruithe maidir le ham oibre

Féilire gníomhaíochtaí

Uaireanta oibre

Sláinte: stádas agus míchumas, rochtain ar chúram sláinte agus ar dheitéarmanaint sláinte, infhaighteacht agus úsáid an chúraim sláinte agus na ndeitéarmanant sláinte sin

Modúl Eorpach Íosta maidir le Sláinte

Mionsonraí maidir le stádas sláinte agus míchumas

Sláinte leanaí

Rochtain ar chúram sláinte

Cúram sláinte

Rochtain ar chúram sláinte (leanaí)

Deitéarmanaint sláinte

Mianach saoil, lena n‐áirítear rannpháirtíocht shóisialta, shibhialta, eacnamaíoch agus chultúrtha, cuimsiú agus folláine

Mianach saoil

Rannpháirtíocht shóisialta agus chultúrtha

Folláine

Dálaí maireachtála, lena n‐áirítear díth maoine, tithíocht, timpeallacht maireachtála agus rochtain ar sheirbhísí

Díth maoine

Díth leanbhshonrach

Príomh-shaintréithe tithíochta

Mionsonraí ar dhálaí tithíochta, lena n‐áirítear díothacht agus cíos barúlach

Costais tithíochta lena n‐áirítear costais laghdaithe fóntais

Timpeallacht maireachtála

Deacrachtaí tithíochta (lena n‐áirítear deacrachtaí cíosa) agus cúiseanna

Úsáid seirbhísí, lena n‐áirítear seirbhísí cúraim agus seirbhísí le haghaidh maireachtáil neamhspleách

Inacmhainneacht seirbhísí

Riachtanais nach bhfuil comhlíonta agus na cúiseanna atá leis sin

Cúram leanaí

Ioncam, tomhaltas agus gnéithe rachmais, lena n-áirítear fiacha

Ioncam ó obair

Ioncam ó aistrithe sóisialta

Ioncam ó phinsin

Ioncaim eile, lena n‐áirítear ioncam ó mhaoin agus aistrithe caipitil agus idirtheaghlaigh

Cánacha agus ranníocaíochtaí a íocadh go hiarbhír tar éis laghduithe

Ioncam bliantúil iomlán ag leibhéal na ndaoine agus na dteaghlach

Rófhéichiúnas, lena n‐áirítear cúiseanna

Riaráistí

Gnéithe rachmais, lena n‐áirítear úinéireacht teaghaise

Gnéithe tomhaltais

Tarchur buntáistí agus míbhuntáistí ó ghlúin go glúin

Measúnú ar a riachtanais féin

Sláinte

Sláinte: stádas agus míchumas, rochtain ar chúram sláinte agus ar dheitéarmanaint sláinte, infhaighteacht agus úsáid an chúraim sláinte agus na ndeitéarmanant sláinte sin

Modúl Eorpach Íosta maidir le Sláinte

Galair agus riochtaí ainsealacha

Tionóiscí agus gortuithe

Pian

Meabhairshláinte, lena n‐áirítear andúile

Srianta feidhmiúla

Deacrachtaí le gníomhaíochtaí cúraim phearsanta

Deacrachtaí le gníomhaíochtaí teaghlaigh

Srian sealadach ar ghníomhaíocht (de dheasca fadhbanna sláinte)

Bacainní ar dhaoine páirt a ghlacadh i sainfhearainn den saol

Úsáid cúraim sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh

Úsáid cógas leighis

Cúram sláinte coisctheach

Rochtain ar chúram sláinte

Airde agus meáchan

Gníomhaíocht fhisiciúil

Nósanna cothaithe

Caitheamh tobac

Ól alcóil

Tosca sóisialta agus tosca timpeallachta

Ioncam, tomhaltas agus gnéithe rachmais, lena n-áirítear fiacha

Ioncamiomlán míosúil teaghlaigh

Oideachas agus oiliúint

Tréithe daoine agus tréithe teaghlaigh

Fad tréimhse fanachta sa tír

Tionachr fostaíochta, beathaisnéis saothair agus taithí oibre roimhe seo

Am tosaithe thréimhse an phoist

Rannpháirtíocht sa mhargadh saothair

Méid na bunaíochta

Gnóthachtáil oideachais agus cúlra oideachais

Gnóthachtáil oideachais — mionsonraí, lena n‐áirítear oideachas a stopadh nó a tréigeadh

Cúlra oideachais

Scileanna a ndéanfar féintuairisciú orthu

Rannpháirtíocht san oideachas agus san oiliúint

Rochtain ar fhaisnéis faoi dheiseanna foghlama agus ar shaintreoir (12 mhí)

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oideachasúla foirmiúla (12 mhí)

An ghníomhaíocht oideachais fhoirmiúil is déanaí a rinneadh — sonraí (12 mhí)

An úsáid a baineadh as teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide sa ghníomhaíocht oideachais fhoirmiúil is déanaí a rinneadh (12 mhí)

Cúiseanna leis an ngníomhaíocht oideachais fhoirmiúil is déanaí a rinneadh (12 mhí)

Táillí agus uaireanta teagaisc na gníomhaíochta oideachais foirmiúla is déanaí a rinneadh (12 mhí)

Torthaí na gníomhaíochta oideachais fhoirmiúil is déanaí a rinneadh agus an úsáid scileanna a d’eascair aisti (12 mhí)

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oideachais sheachfhoirmiúil (12 mhí)

Gníomhaíochtaí oideachais sheachfhoirmiúil — sonraí (12 mhí)

An úsáid a baineadh as teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide i ngníomhaíochtaí oideachais sheachfhoirmiúil (12 mhí)

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oideachais sheachfhoirmiúil (12 mhí)

Táillí agus uaireanta an chloig na ngníomhaíochtaí oideachais sheachfhoirmiúil (12 mhí)

Torthaí na ngníomhaíochtaí oideachais sheachfhoirmiúil is déanaí a rinneadh agus úsáid na scileanna a d’eascair astu (12 mhí)

Bacainní ar rannpháirtíocht san oideachas agus san oiliúint (12 mhí)

Foghlaim neamhfhoirmiúil

Ioncam, tomhaltas agus gnéithe rachmais, lena n-áirítear fiacha

Ioncam iomlán míosúil teaghlaigh

Úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide

Rannpháirtíocht sa tsochaí faisnéise

Rochtain ar theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide

Úsáid teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus minicíocht na húsáide sin

Bacainní agus fadhbanna a bhaineann lena húsáid

Toradh na húsáide

Slándáil, príobháideachas, muinín

Nasc leis an idirlíon áit ar bith

Scileanna digiteacha

Gníomhaíochtaí idirlín

Ríomhthráchtáil

Plé le húdaráis phoiblí

Ioncam, tomhaltas agus gnéithe rachmais, lena n-áirítear fiacha

Ioncam iomlán míosúil teaghlaigh

Úsáid ama

Tréithe daoine agus tréithe teaghlaigh

Comhdhéanamh teaghlaigh — sonraí

Rannpháirtíocht san oideachas agus san oiliúint

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oideachais fhoirmiúil (faoi láthair)

Sláinte: stádas agus míchumas, rochtain ar chúram sláinte agus ar dheitéarmanaint sláinte, infhaighteacht agus úsáid an chúraim sláinte agus na ndeitéarmanant sláinte sin

Modúl Eorpach Íosta maidir le Sláinte

Dálaí maireachtála, lena n-áirítear díth maoine, tithíocht, timpeallacht maireachtála agus rochtain ar sheirbhísí

Seilbh ar earraí marthanacha

Cúram leanaí

Cúram daoine breoite agus seandaoine

Dálaí oibre lena n-áirítear uaireanta oibre agus socruithe maidir le ham oibre

Uaireanta oibre

Socruithe maidir le ham oibre

Ioncam, tomhaltas agus gnéithe rachmais, lena n-áirítear fiacha

Táirgeadh le haghaidh féintomhaltas dílis agus le haghaidh díolta, cúiteamh

Ioncam ó obair

Ioncamiomlán míosúil teaghlaigh

Leithdháileadh ama

Úsáid ama, cineálacha gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí comhthreomhara

Ionad gníomhaíochta

Daoine eile i láthair le linn na gníomhaíochta

Measúnú ar an ngníomhaíocht

Tomhaltas

Tréithe daoine agus tréithe teaghlaigh

Comhdhéanamh teaghlaigh — sonraí sonracha breise

Dálaí maireachtála, lena n-áirítear díth maoine, tithíocht, timpeallacht maireachtála agus rochtain ar sheirbhísí

Príomh-shaintréithe tithíochta

Rannpháirtíocht san oideachas agus san oiliúint

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí oideachasúla foirmiúla (faoi láthair)

Rannpháirtíocht sa mhargadh saothair

Fad an chonartha

Ioncam, tomhaltas agus gnéithe rachmais, lena n-áirítear fiacha

Ioncam bliantúil iomlán ag leibhéal na ndaoine agus na dteaghlach

Príomhchodanna ioncaim

Cánacha agus ranníocaíochtaí

Ioncam comhchineáil ó ghníomhaíochtaí nach n‐íoctar tuarastal dóibh

Cíos barúlach

Príomhfhoinse ioncaim

Gnéithe rachmais, lena n‐áirítear úinéireacht teaghaise

Fiacha

Riaráistí

Tomhaltas de réir aicmiú tomhaltais aonair de réir cuspóra (COICOP)

Caiteachas trasteorann ar thomhaltas de réir COICOP

Tomhaltas dílis


IARSCRÍBHINN II

Ceanglais bheachtais

1.

Déanfar na ceanglais bheachtais a bheidh le cur i bhfeidhm ar na tacair sonraí go léir a shloinneadh in earráidí caighdeánacha agus a shainmhíniú mar fheidhmeanna leanúnacha de na meastacháin iarbhír agus de mhéid an tiomsaithe staidrimh daonra i mBallstát nó i réigiún de chuid NUTS 2.

2.

Ní bheidh an earráid chaighdeánach a mheastar do mheastacháin ar leith
Image 1
níos mó ná an méid seo a leanas:

Image 2

3.

Is san fhoirm f(N)=a√N+b a bheidh an fheidhm f(N)

4.

Úsáidfear na luachanna seo a leanas le haghaidh paraiméadair N, a agus b:

Image 3

N

a

b

Fearann an lucht saothair: ceanglais bheachtais

Cóimheas ráithiúil (náisiúnta) measta idir dífhostaíocht agus daonra (aoisghrúpa: 15-74)

Daonra náisiúnta idir 15 bliana agus 74 bliana d’aois a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh phríobháideacha, ina mhilliúin agus slánaithe go trí ionad dheachúla

7800

-4500

Cóimheas ráithiúil (náisiúnta) measta idir dífhostaíocht agus daonra (aoisghrúpa: 15-74)

Daonra náisiúnta idir 15 bliana agus 74 bliana d’aois a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh phríobháideacha, ina mhilliúin agus slánaithe go trí ionad dheachúla

7800

-4500

Cóimheas ráithiúil (náisiúnta) measta idir dífhostaíocht agus daonra (aoisghrúpa 15-74) i ngach réigiún de chuid NUTS 2

Daonra idir 15 bliana agus 74 bliana d’aois i réigiún NUTS 2 a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh phríobháideacha, ina mhilliúin agus slánaithe go trí ionad dheachúla

Féach pointe 6

Fearann ioncaim agus dálaí maireachtála

An cóimheas idir daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiata sóisialta agus an daonra

An líon teaghlach príobháideach sa tír ina mhilliúin agus slánaithe go trí ionad dheachúla

900

2600

An cóimheas idir daoine atá i mbaol síorbhochtaineacht in imeacht 4 bliana agus an daonra

An líon teaghlach príobháideach sa tír ina mhilliúin agus slánaithe go trí ionad dheachúla

350

1000

An cóimheas idir daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiata sóisialta agus an daonra i ngach réigiún de chuid NUTS 2 (féach pointe 7)

An líon teaghlach príobháideach i réigiún NUTS 2 ina mhilliúin agus slánaithe go trí ionad dheachúla

600

0

Fearann na sláinte

An céatadán den daonra a bhfuil srian mór ar a gcuid gnáthghníomhaíochtaí de dheasca fadhbanna sláinte (aoisghrúpa: 15 bliana nó os a chionn sin)

Daonra náisiúnta atá 15 bliana d’aois nó os a chionn sin a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh phríobháideacha, ina mhilliúin agus slánaithe go trí ionad dheachúla

1200

2800

Fearann an oideachais agus na hoiliúna

Ráta rannpháirtíochta san oideachas foirmiúil agus san oiliúint fhoirmiúil (aoisghrúpa: 18-24)

Daonra náisiúnta atá idir 18 mbliana agus 24 bliana d’aois a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh phríobháideacha, ina mhilliúin agus slánaithe go trí ionad dheachúla

200

1500

Ráta rannpháirtíochta san oideachas seachfhoirmiúil agus san oiliúint sheachfhoirmiúil (aoisghrúpa: 25-69)

Daonra náisiúnta atá idir 25 bliana agus 69 mbliana d’aois a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh phríobháideacha, ina mhilliúin duine agus slánaithe go trí ionad dheachúla

400

2000

Fearann úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide

An céatadán de dhaoine a d’ordaigh earraí nó seirbhísí ar an Idirlíon le haghaidh úsáid phríobháideach le bliain anuas

Daonra náisiúnta idir 16 bliana agus 74 bliana d’aois a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh phríobháideacha, ina mhilliúin agus slánaithe go trí ionad dheachúla

400

1300

Fearann na húsáide ama

An céatadán den phobal atá 15 bliana d’aois nó os a chionn a chaitheann, ar an meán, níos mó ná 10 % dá gcuid ama go laethúil ag gabháil d’obair íoctha

Daonra náisiúnta atá 15 bliana d’aois nó os a chionn sin a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh phríobháideacha, ina mhilliúin agus slánaithe go trí ionad dheachúla

900

3500

Fearann an tomhaltais

An céatadán de theaghlaigh ar mó ná 50 % dá gcaiteachas iomlán an méid a chaitheann siad ar chatagóirí a bhaineann le tithíocht lena n‐áirítear uisce, leictreachas, gás agus breoslaí eile (Féach pointe 8)

An líon de theaghlaigh phríobháideacha sa tír, ina mhilliúin slánaithe go trí ionad dheachúla

600

1600

5.

I gcás ina bhfaighidh tíortha luachanna diúltacha f(N) de réir na bparaiméadar a luaitear thuas, díolmhófar iad ón gceanglas comhfhreagrach.

6.

Maidir leis an gcóimheas measta idir dífhostaíocht agus daonra (aoisghrúpa: 15-74) i ngach réigiún de chuid NUTS 2, sainítear an fheidhm f(N) mar a leanas:

Image 4

7.

Maidir leis an gcóimheas idir daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiata sóisialta agus an daonra i ngach réigiún de chuid NUTS 2, ní bheidh na ceanglais sin éigeantach maidir le réigiúin NUTS 2 ar lú a ndaonra ná 0,500 milliún duine, ar choinníoll go mbeidh an ceanglas sin á chomhlíonadh ag an réigiún comhfhreagrach de chuid NUTS 1. Díolmhaítear ón gceanglas réigiúin NUTS 1 a bhfuil níos lú ná 100 000 áitritheoir iontu.

8.

Maidir le fearinn na húsáide ama agus an tomhaltais, féadfar na ceanglais bheachtais a chomhlíonadh trí mhicreashonraí a chomhthiomsú i leith 3 bliana i ndiaidh a chéile de bhreathnóireachtaí, ar a mhéid. I gcás na bhfearann sin, féadfaidh beachtas a mheas agus a mheasúnú ach úsáid a bhaint as modhanna malartacha ábhartha.

IARSCRÍBHINN III

Saintréithe na samplaí

1.

Áireofar an méid seo a leanas i saintréithe na samplaí a bhaineann le fearann an lucht saothair:

(a)

dáilfear an sampla náisiúnta don ráithe thagartha (comhiomlánú na seachtainí tagartha comhleantacha) ar bhonn aonfhoirmeach ar sheachtainí eile na ráithe. Dáilfear an sampla don ráithe thagartha (i ngach réigiún de chuid NUTS 2) ar na trí mhí ar bhonn comhréireach leis an líon seachtainí i ngach mí;

(b)

beidh scéim uainíochta fhobhliantúil ag an sampla. Ní mór forluí íosta samplála 20 %, ar a laghad, a bheith idir na ráithí céanna i mblianta leantacha agus forluí íosta samplála 50 %, ar a laghad, idir ráithí leantacha, gan creimeadh a chur san áireamh .

Gan dochar do phointe (e) d’Airteagal 7(1), cuirfear sonraí ar fáil don sampla iomlán.

2.

Áireofar an méid seo a leanas i saintréithe an tsampla a bhaineann le fearann an Ioncaim agus na nDálaí Maireachtála:

(a)

beidh scéim uainíochta íosta 4 bliana ag an sampla. Beidh scéim uainíochta 6 bliana nó níos mó ag an sampla, má mheasann an Ballstáit go bhfuil sé sin indéanta.

(b)

gan creimeadh a chur san áireamh, dáilfear an sampla ar bhonn cothrom ar bhlianta na scéime uainíochta, ach amháin le linn na dtréimhsí ina n‐athrófar méid an tsampla.

3.

Áireofar an méid seo a leanas ar shaintréithe na samplála a bhaineann le fearann na húsáide ama: déanfar an méid a leanas i ndáil leis na tréimhsí tuairiscithe a leithdháilfear ar na haonaid samplála:

(a)

dáilfear iad ar thréimhse chomhleantach 12 mhí;

(b)

áireofar na laethanta nach laethanta oibre leo;

(c)

agus bunófar ar shampla randamach iad.

4.

Áireofar an méid seo a leanas ar shaintréithe an tsampla a bhaineann le fearann an tomhaltais: dáilfear na tréimhsí tuairiscithe a leithdháilfear ar na haonaid sampla ar thréimhse chomhleantach 12 mhí.

IARSCRÍBHINN IV

Tréimhsiúlacht

1.

Maidir le fearann an lucht saothair, baileofar na sonraí go ráithiúil, go bliantúil, gach 2 bhliain agus gach 8 mbliana. Baileofar sonraí ar athróga a bhaineann le hábhair ad hoc gach 4 bliana.

2.

Maidir le fearann an ioncaim agus ndálaí maireachtála, baileofar na sonraí go bliantúil, gach 3 bliana agus gach 6 bliana. Baileofar sonraí ar athróga a bhaineann le hábhair ad hoc gach 2 bhliain.

3.

Maidir le fearann na sláinte, baileofar na sonraí gach 6 bliana.

4.

Maidir le fearann an oideachais agus na hoiliúna, baileofar na sonraí gach 6 bliana.

5.

Maidir le fearann úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, baileofar na sonraí go bliantúil.

6.

Maidir le fearann na húsáide ama, baileofar na sonraí gach 10 mbliana.

7.

Maidir le fearann an tomhaltais, baileofar na sonraí gach 5 bliana.

8.

Chun ró-ualach le linn tréimhsí áirithe bailithe sonraí a sheachaint, imeoidh an phleanáil rollach ilbhliantúil a bhunaítear in Airteagal 4, i gcás inarb ábhartha, agus ar feadh bliain amháin ar a mhéad, ó na tréimhsí bailithe sonraí do na fearainn a luaitear i bpointí 3, 4, 6 agus 7 den Iarscríbhinn seo.

IARSCRÍBHINN V

Spriocdháta do tharchur na sonraí

Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí is gá chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis na spriocdhátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.

1.

Maidir le fearann an lucht saothair:

(1)

tarchuirfidh na Ballstáit micreashonraí réamhsheiceáilte gan aitheantóirí díreacha, de réir an nós imeachta seo a leanas ina bhfuil dhá chéim:

(a)

le linn na chéad 3 bliana de chur chun feidhme an Rialacháin seo, dá bhforáiltear in Airteagal 11(4):

i gcás sonraí ráithiúla: faoi cheann 10 seachtaine tar éis dheireadh na tréimhse tagartha;

i gcás sonraí eile: faoin 31 Márta den bhliain dár gcionn;

(b)

ón 4 bliain den chur chun feidhme, mar a leanas:

i gcás sonraí ráithiúla: faoi cheann 8 seachtaine tar éis dheireadh na tréimhse tagartha,

i gcás sonraí eile a tharchuirtear go rialta: faoin 15 Márta den bhliain dár gcionn,

i gcás sonraí eile maidir le hábhair ad hoc: faoin 31 Márta den bhliain dar gcionn.

I gcás ina mbíonn na spriocdhátaí sin ar an Satharn nó ar an Domhnach, is é an Luan dár gcionn an spriocdháta éifeachtach.

Féadfar an topaic mhionsonraithe “ioncam ó obair” a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoi cheann 15 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha.

(2)

tarchuirfidh na Ballstáit na torthaí comhiomlánaithe do thiomsú an staidrimh dífhostaíochta mhíosúil laistigh de 25 lá tar éis na míosa tagartha nó na míosa féilire, de réir mar is iomchuí. Má dhéantar na sonraí a tharchur i gcomhréir le sainmhíniú EIS, féadfar an spriocdháta sin a shíneadh go 27 lá.

2.

Maidir le fearann an ioncaim agus na ndálaí maireachtála, tarchuirfidh na Ballstáit micreashonraí réamhsheiceáilte gan aitheantóirí díreacha, i gcomhréir leis na spriocdhátaí seo a leanas:

(a)

maidir leis na hathróga a bhaineann le bailiú sonraí don bhliain N, déanfar an tarchur faoi dheireadh na bliana N, ach i gcásanna eisceachtúla, féadfar micreashonraí sealadacha maidir le hioncam a tharchur faoi dheireadh na bliana N, agus féadfar na sonraí athbhreithnithe a tharchur faoin 28 Feabhra den bhliain N+1;

(b)

maidir leis na hathróga a bhaineann leis an mbreathnóireacht lena gcumhdaítear blianta na scéime uainíochta a dtagann deireadh léi sa bhliain N, déanfar an tarchur faoin 31 Deireadh Fómhair den bhliain N+1.

3.

Maidir le fearann na sláinte, tarchuirfidh na Ballstáit na micreashonraí réamhsheiceáilte gan aitheantóirí díreacha faoi cheann naoi mí tar éis dheireadh na tréimhse náisiúnta bailithe sonraí.

4.

Maidir le fearann an oideachais agus na hoiliúna, tarchuirfidh na Ballstáit na micreashonraí réamhsheiceáilte gan aitheantóirí díreacha faoi cheann 6 mhí tar éis dheireadh na tréimhse náisiúnta bailithe sonraí.

5.

Maidir le fearann úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, tarchuirfidh na Ballstáit na micreashonraí réamhsheiceáilte gan aitheantóirí díreacha faoin 5 Deireadh Fómhair den bhliain suirbhé N.

6.

Maidir le fearann na húsáide ama, tarchuirfidh na Ballstáit na micreashonraí réamhsheiceáilte gan aitheantóirí díreacha laistigh de 15 mhí tar éis don obair allamuigh a bheith críochnaithe.

7.

Maidir le fearann an tomhaltais, tarchuirfidh na Ballstáit na micreashonraí réamhsheiceáilte gan aitheantóirí díreacha faoi cheann 15 mhí tar éis dheireadh na bliana tagartha.