ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
25 Iúil 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE

64

 

*

Rialachán (AE) 2019/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú

88

 

*

Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2019/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle

105

 

*

Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus Ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle ( 1 )

202

 

*

Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena ndéantar roinnt gníomhartha dlí lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a oiriúnú d’Airteagail 290 agus 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ( 1 )

241

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 198 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

25.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/1238 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá teaghlaigh de chuid an Aontais ar na coigilteoirí is airde ar domhan, ach coinnítear méid mór den choigilteas sin i gcuntais bhainc a bhfuil aibíochtaí gearra acu. Trí níos mó infheistíochta a dhéanamh i margaí caipitil, is féidir cuidiú le dul i ngleic leis na dúshláin a thagann as aosú an phobail agus rátaí úis ísle.

(2)

Is cuid riachtanach d’ioncam duine atá ar scor iad pinsin seanaoise, agus, i gcás go leor daoine, is ionann soláthar leormhaith pinsin agus an difríocht idir compord sa tseanaois agus an bhochtaineacht. Is réamhchoinníoll iad sin d’fheidhmiú na gceart bunúsach a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear in Airteagal 25 maidir le cearta daoine scothaosta, ina sonraítear an méid seo a leanas: “Aithníonn agus urramaíonn an tAontas cearta daoine scothaosta chun saol faoi dhínit agus neamhspleáchas a bheith acu agus chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha”.

(3)

Tá roinnt dúshlán ann nach mór don Aontas aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear dúshláin dhéimeagrafacha sa mhéid go bhfuil daonra mhór-roinn na hEorpa ag dul in aois. Sa bhreis air sin, tá athruithe radacacha ag teacht ar phatrúin ghairme, ar an margadh saothair agus ar dháileadh an rachmais, go háirithe mar thoradh ar an réabhlóid dhigiteach.

(4)

Soláthraítear cuid shuntasach de phinsin seanaoise faoi scéimeanna poiblí. D’ainneoin na hinniúlachta eisiaiche náisiúnta i ndáil le córais phinsin a eagrú, mar a chinntear sna Conarthaí í, tá leormhaitheas ioncaim agus inbhuanaitheacht airgeadais na gcóras pinsin náisiúnta ríthábhachtach do chobhsaíocht an Aontais ina iomláine. Trí níos mó de choigilteas na nEorpach a threorú ó airgead tirim agus taiscí bainc go táirgí infheistíochta fadtéarmacha, amhail táirgí pinsin deonacha de chineál scoir fhadtéarmaigh, ba thairbheach, dá bhrí sin, an tionchar do dhaoine aonair (a bhainfeadh sochar as torthaí níos airde agus as leormhaitheas feabhsaithe pinsin) agus don gheilleagar i gcoitinne.

(5)

In 2015, bhí 11,3 milliún saoránach de chuid an Aontais a bhí in aois oibre (20 bliain d’aois go 64 bliana d’aois) ina gcónaí i mBallstát nárbh é sin an Ballstát a bhfuil siad ina saoránach de agus bhí 1,3 milliún saoránach de chuid an Aontais ag obair i mBallstát nárbh é a mBallstát cónaithe é.

(6)

Le Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (TPPU) iniompartha de chineál scoir fhadtéarmaigh, méadófar a tharraingteacht mar tháirge, go háirithe do dhaoine óga agus oibrithe soghluaiste, agus cuideofar le ceart shaoránaigh an Aontais cónaí agus oibriú ar fud an Aontais a éascú tuilleadh.

(7)

Is tábhachtach iad na pinsin phearsanta sa mhéid is go nascann siad coigilteoirí fadtéarmacha le deiseanna infheistíochta fadtéarmacha. Má bhíonn margadh Eorpach níos mó i leith pinsin phearsanta ann, tacóidh sé sin le cistí a sholáthar d’infheisteoirí institiúideacha agus le hinfheistíocht a dhéanamh san fhíorgheilleagar.

(8)

Leis an Rialachán seo, féadfar táirge pinsin phearsanta a chruthú, a mbeidh cineál scoir fhadtéarmaigh aige agus a chuirfidh tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) san áireamh, amhail dá dtagraítear sna Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach lena dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe, agus ar táirge é a bheidh, a mhéid is féidir, simplí, sábháilte, ar phraghas réasúnach, trédhearcach, tairbhiúil don tomhaltóir agus iniompartha ar fud an Aontais, agus a bheidh ina chomhlánú ar na córais atá cheana ann sna Ballstáit.

(9)

Faoi láthair, níl an margadh inmheánach le haghaidh táirgí pinsin phearsanta ag feidhmiú go rianúil. I mBallstáit áirithe, ní ann fós do mhargadh le haghaidh táirgí pinsin phearsanta. I mBallstáit eile, tá táirgí pinsin phearsanta ar fáil, ach tá ilroinnt sách mór ann idir na margaí náisiúnta. Mar thoradh air sin, tá iniomparthacht táirgí pinsin phearsanta teoranta. Dá dheasca sin, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag daoine aonair úsáid a bhaint as a saoirsí bunúsacha. Mar shampla, b’fhéidir go gcuirfí cosc orthu dul i mbun poist nó dul ar scor i mBallstát eile. Sa bhreis air sin, tá an easpa caighdeánaithe i leith táirgí pinsin phearsanta atá ann cheana ina constaic maidir leis an bhféidearthacht atá ag soláthraithe úsáid a bhaint as an tsaoirse bhunaíochta agus as an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.

(10)

Ós rud é go bhfuil an margadh inmheánach do tháirgí pinsin phearsanta ilroinnte agus ilchineálach, d’fhéadfadh tionchar TPPUnna a bheith an-éagsúil ar fud na mBallstát, agus d’fhéadfadh an spriocphobal a bheith chomh héagsúil céanna. I mBallstáit áirithe, d’fhéadfadh TPPUnna a bheith ina réiteach do dhaoine nach bhfuil rochtain acu faoi láthair ar sholáthar leormhaith. I mBallstáit eile, d’fhéadfadh TPPUnna leathnú a dhéanamh ar an rogha don tomhaltóir, nó réitigh a sholáthar do shaoránaigh shoghluaiste. Níor cheart, áfach, go mbeadh sé mar aidhm ag TPPUnna teacht in ionad na gcóras pinsin náisiúnta atá cheana ann, ós rud é gur táirge pinsin phearsanta breise agus comhlántach is ea é.

(11)

Trí aontas na margaí caipitil (CMU), cuideofar le caipiteal a chur i gcúrsaíocht san Eoraip agus é a dhíriú ar gach cuideachta, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus tionscadail bhonneagair agus tionscadail inbhuanaithe fhadtéarmacha a bhfuil gá acu leis chun leathnú agus chun poist a chruthú Tá sé ar cheann de phríomhchuspóirí CMU méadú a dhéanamh ar an infheistíocht agus ar roghanna le haghaidh infheisteoirí miondíola trí úsáid níos fearr a bhaint as coigiltis Eorpacha. Chun na críche sin, beidh TPPU ina chéim chun tosaigh ó thaobh feabhas a chur ar chomhtháthú na margaí caipitil toisc go dtacaítear le maoiniú fadtéarmach an fhíorgheilleagair trína bhíthin, agus cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge agus inbhuanaitheacht infheistíochtaí á gcur san áireamh.

(12)

Mar a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin chun CMU a Thógáil an 30 Meán Fómhair 2015, “déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcás i gcomhair creat beartais chun margadh Eorpach rathúil a bhunú do phinsin phearsanta shimplí éifeachtacha agus iomaíocha, agus chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh gá a bheith ann le reachtaíocht AE chun tacú leis an margadh sin.”

(13)

I rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2016 maidir leis an measúnú ar Rialachán Seirbhísí Airgeadais an Aontais agus na dúshláin a ghabhann leis: tionchar agus an bealach chun tosaigh i dtreo chreat AE i gcomhair Rialáil Airgeadais agus Aontas Margaí Caipitil (3), d’áitigh Parlaimint na hEorpa nach “mór timpeallacht a chothú ina gcothófar nuálaíocht táirgí airgeadais agus ina gcruthófar níos mó éagsúlachta agus sochar don fhíorgheilleagar agus ina gcuirfear dreasachtaí méadaithe i gcomhair infheistíochtaí ar fáil, agus timpeallacht a d’fhéadfadh rannchuidiú le pinsin leordhóthanacha shábháilte inbhuanaithe a sholáthar freisin, amhail, mar shampla, Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) a fhorbairt a mbeidh dearadh trédhearcach simplí aige”.

(14)

Ina conclúidí an 28 Meitheamh 2016, d’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí “dul chun cinn gasta agus diongbháilte chun rochtain níos éasca ar mhaoiniú a áirithiú do ghnólachtaí agus chun tacú le hinfheistíocht san fhíorgheilleagar trí bhogadh ar aghaidh leis an gclár oibre le haghaidh Aontas na Margaí Caipitil”.

(15)

I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2016, dar teideal Aontas na Margaí Caipitil — Dlús a chur leis an Athchóiriú, d’fhógair an Coimisiún go ndéanfadh sé “breithniú ar thograí le haghaidh táirge pinsin phearsanta de chuid an Aontais a bheadh simplí, éifeachtúil agus iomaíoch […] Ar na roghanna atá á mbreithniú tá togra reachtach féideartha a d’fhéadfaí a chur síos in 2017”.

(16)

I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017, dar teideal Athbhreithniú Meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil, d’fhógair an Coimisiún “togra reachtach maidir le Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (TPPU) faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2017. Leagfar bonn do mhargadh a bheidh níos sábháilte, níos costéifeachtaí agus níos trédhearcaí, ar margadh coigiltis pinsin phearsanta dheonaigh é a fhéadfar a bhainistiú ar bhonn uile-Eorpach. Beidh sé ag freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag iarraidh cur le leormhaitheas a gcoigiltis scoir, aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach, na táirgí agus na scéimeanna pinsin atá ann cheana a chomhlánú, agus tacú le cost-éifeachtúlacht pinsean pearsanta trí dheiseanna maithe a thairiscint le haghaidh infheistíocht fhadtéarmach coigiltis phearsanta”.

(17)

Trí TPPU a fhorbairt, rannchuideofar leis na roghanna maidir le coigilteas scoir a mhéadú, go háirithe d’oibrithe soghluaiste, agus bunófar margadh de chuid an Aontais i gcomhair soláthraithe TPPUnna. Níor cheart, áfach, go mbeadh sé ina chomhlánú ach amháin ar chórais pinsin phoiblí.

(18)

Is féidir leis an oideachas airgeadais tacú leis an tuiscint agus leis an bhfeasacht ar roghanna coigiltis teaghlach i réimse na dtáirgí pinsin phearsanta deonacha. Ba cheart, freisin, go mbeadh deis chothrom ag coigilteoirí tuiscint iomlán a fháil ar na rioscaí agus ar na gnéithe a bhaineann le TPPU.

(19)

I gcreat reachtach do TPPU, leagfar síos an dúshraith do mhargadh rathúil in infheistíochtaí scoir inacmhainne agus deonacha is féidir a bhainistiú ar scála uile-Eorpach. Trí na scéimeanna agus táirgí pinsin reachtúla agus ceirde atá cheana ann a chomhlánú, rannchuideoidh sé le freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag iarraidh cur le leordhóthanacht a gcoigilteas scoir, le haghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach, agus le sárfhoinse nua chaipitil phríobháidigh a sholáthar don infheistíocht fhadtéarmach. Ní thiocfaidh an creat sin in ionad táirgí ná scéimeanna pinsin phearsanta náisiúnta atá cheana ann ná ní dhéanfaidh sé iad a chomhchuibhiú, ná ní dhéanfaidh sé difear do scéimeanna agus táirgí pinsin reachtúla agus ceirde atá cheana ann.

(20)

Is táirge pinsin neamh-cheirde aonair é TPPU, a shuibscríobhann coigilteoir TPPU leis go deonach ag féachaint don scor. Toisc gur cheart go ndéanfaí foráil le TPPU i gcomhair carnadh caipitil fadtéarmach, ba cheart teorainn a chur le deiseanna i dtaca le haistarraingt luath caipitil agus d’fhéadfaí pionós a ghearradh i gcás mar sin.

(21)

Leis an Rialachán seo, déantar sraith de chroíghnéithe don TPPU a chomhchuibhiú a bhaineann le príomheilimintí amhail dáileadh, inneachar íosta conarthaí, beartas infheistíochta, malartú soláthraithe, nó soláthar agus iniomparthacht trasteorann. Trí na croíghnéithe sin a chomhchuibhiú, cuirfear feabhas ar chothroime iomaíochta do sholáthraithe pinsin phearsanta i gcoitinne agus cuideofar le dlús a chur le cur i gcrích CMU agus le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh do phinsin phearsanta. Is é a leanfaidh as sin ná go gcruthófar táirge uile-Eorpach atá caighdeánaithe den chuid is mó, a bheidh ar fáil sna Ballstáit ar fad, agus a chumasóidh tomhaltóirí chun lánúsáid a bhaint as an margadh inmheánach trína gcearta pinsin a aistriú thar lear agus go dtairgfear rogha níos leithne idir cineálacha difriúla soláthraithe, lena n-áirítear ar bhealach trasteorann. Toisc go laghdófar na bacainní a bheidh ann roimh sholáthar seirbhísí pinsin thar theorainneacha, déanfaidh TPPU an iomaíocht idir soláthraithe a mhéadú ar bhonn uile-Eorpach agus cruthóidh sé barainneachtaí scála ar cheart go rachaidís chun sochair do choigilteoirí.

(22)

Faoi Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is féidir gníomhartha a ghlacadh i bhfoirm rialachán nó treoracha araon. Ba é rogha na tosaíochta rialachán a ghlacadh mar go mbeadh sé sin infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, bhainfí úsáid as TPPU níos gasta i ngeall ar rialachán agus chuirfeadh sé dlús le haghaidh a thabhairt ar an ngá atá le breis coigiltis agus infheistíochtaí pinsin i gcomhthéacs CMU. Ós rud é go bhfuil croíghnéithe TPPUnna á gcomhchuibhiú leis an Rialachán seo, ní gá iad a bheith faoi réir rialacha náisiúnta sonracha agus dealraíonn sé, dá réir, gurb oiriúnaí rialachán ná treoir sa chás seo. Os a choinne sin, tá na gnéithe atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo (e.g, coinníollacha chéim an charntha) faoi réir rialacha náisiúnta.

(23)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go leagfaí síos rialacha aonfhoirmeacha maidir le clárú, soláthar, dáileadh agus maoirseacht i leith TPPUnna. Ba cheart go mbeadh TPPUnna faoi réir na bhforálacha atá sa Rialachán seo, dhlí earnálach ábhartha an Aontais agus gníomhartha comhfhreagracha tarmligthe agus cur chun feidhme freisin. Sa bhreis air sin, ba cheart feidhm a bheith ag na dlíthe arna nglacadh ag na Ballstáit i gcur chun feidhme dhlí earnálach an Aontais. Mura gcumhdaítear iad cheana leis an Rialachán seo nó le dlí earnálach an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag dlíthe faoi seach na mBallstát. Ba cheart freisin go mbeadh TPPU faoi réir conradh arna chur i gcrích idir an coigilteoir TPPU agus an soláthraí TPPUnna (an “conradh TPPU”). Tá tacar príomhghnéithe an táirge ar cheart iad a chur san áireamh sa chonradh TPPU. Ba cheart nár dhochar an Rialachán seo do rialacha an Aontais maidir leis an dlí príobháideach idirnáisiúnta, go háirithe rialacha a bhaineann le dlínse cúirteanna agus an dlí is infheidhme. Ina theannta sin, ba cheart nár dhochar an Rialachán seo don dlí náisiúnta conarthach, sóisialta, saothair agus cánach.

(24)

Ba cheart go mbeadh sé soiléir ón Rialachán seo gur gá do chonradh TPPU gach riail is infheidhme a chomhlíonadh. Thairis sin, ba cheart go ndéanfaí cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe a shocrú agus tacar príomhghnéithe den táirge a áireamh leis an gconradh TPPU. D’fhéadfadh ionadaí ghrúpa coigilteoirí TPPU conradh TPPU a chur i gcrích freisin, amhail comhlachas neamhspleách coigilteoirí, ag gníomhú dó thar ceann an ghrúpa sin, ar choinníoll go ndéantar sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus go bhfaigheann coigilteoirí TPPU a shuibscríobhann leis ar an mbealach sin an fhaisnéis agus an chomhairle chéanna le coigilteoirí TPPU a thugann conradh TPPU i gcrích go díreach le soláthraí TPPUnna nó trí dháileoir TPPUnna.

(25)

Ba cheart go mbeadh soláthraithe TPPUnna in ann margadh iomlán an Aontais a rochtain le clárúchán táirge aonair amháin atá le deonú ar bhonn tacar aonair de rialacha. Chun táirge a mhargú faoin ainmníocht “TPPU”, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna is iarratasóirí iarratas ar chlárúchán a dhéanamh lena n-údaráis inniúla. Ní chuireann an Rialachán seo cosc ar chlárú táirge pinsin phearsanta atá ann cheana agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo. Ba cheart do na húdaráis inniúla cinneadh maidir le clárú a dhéanamh má tá an fhaisnéis uile is gá tugtha ag an soláthraí TPPUnna is iarratasóir agus má tá socruithe oiriúnacha i bhfeidhm chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Tar éis do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le clárú, ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) (ÚEÁPC), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), dá réir sin chun an soláthraí TPPUnna agus an TPPU a chlárú ar an gclár lárnach poiblí. Ba cheart clárú den chineál sin a bheith bailí ar fud an Aontais trí chéile. Chun maoirseacht éifeachtach ar chomhlíonadh na gceanglas aonfhoirmeach arna leagan síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart aon mhodhnú ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis agus ar na doiciméid arna soláthar sa nós imeachta clárúcháin a chur in iúl láithreach do na húdaráis inniúla agus do ÚEÁPC, i gcás inarb infheidhme.

(26)

Ba cheart do ÚEÁPC clár lárnach poiblí a chruthú ina mbeidh faisnéis faoi na TPPUnna ar cláraíodh iad agus a bhféadfaí iad a sholáthar agus a dháileadh san Aontas, mar aon le faisnéis faoi na soláthraithe TPPUnna agus liosta de na Ballstáit ina dtairgtear an TPPU. I gcás nach ndáileann soláthraithe TPPUnna TPPU laistigh de chríoch Bhallstáit ach gur féidir leo fochuntas a oscailt don Bhallstát sin chun iniomparthacht a áirithiú dá gcustaiméirí TPPU, ba cheart go mbeadh faisnéis sa chlár sin freisin maidir leis na Ballstáit dá dtairgeann an soláthraí TPPUnna fo-chuntais.

(27)

Tá éagsúlacht shuntasach idir na Ballstáit maidir leis an mbealach ina n-eagraítear agus a rialáiltear institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). I mBallstáit áirithe, ní cheadaítear do na hinstitiúidí sin ach amháin gníomhaíochtaí pinsin cheirde a dhéanamh ach, i mBallstáit eile, ceadaítear do na hinstitiúidí sin, lena n-áirítear na heintitis údaraithe atá freagrach as a n-oibriú agus as gníomhú ar a son, i gcás nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil ag IORPanna, gníomhaíochtaí pinsin cheirde agus phearsanta a dhéanamh. Ní hamháin go bhfuil strúchtúir eagrúcháin dhifriúla do IORPanna tagtha as sin ach gabhann maoirseacht dhifriúil leis freisin ar an leibhéal náisiúnta. Go háirithe, tá maoirseacht stuamachta IORPanna atá údaraithe chun gníomhaíochtaí pinsin cheirde agus phearsanta a dhéanamh níos leithne ná maoirseacht stuamachta na IORPanna sin nach ndéanann ach gníomhaíochtaí pinsin cheirde.

Chun nach gcuirfí cobhsaíocht airgeadais i mbaol agus go gcuirfí san áireamh an struchtúr eagrúcháin difriúil agus an mhaoirseacht dhifriúil, níor cheart go gceadófaí ach amháin do na IORPanna sin atá údaraithe freisin chun táirgí pinsin phearsanta a sholáthar de bhun an dlí náisiúnta, agus a ndéantar maoirseacht orthu dá bhun sin freisin, TPPUnna a sholáthar. Ina theannta sin, agus chun an chobhsaíocht airgeadais a choimirciú tuilleadh, ba cheart na sócmhainní agus na dliteanais go léir a chomhfhreagraíonn do ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a imfhalú, gan aon fhéidearthacht a bheith ann iad a aistriú chuig gnólacht soláthair scoir eile na hinstitiúide. Maidir le IORPanna a sholáthraíonn TPPUnna, ba cheart dóibh na caighdeáin ábhartha arna socrú le Treoir (AE) 2016/2341 a chomhlíonadh i gcónaí, lena n-áirítear na rialacha infheistíochta níos mionsonraithe arna leagan síos ag na Ballstáit ina bhfuil siad cláraithe nó údaraithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2341 agus an Treoir sin á trasuí, agus forálacha a gcórais rialaithe. Mar a bhíonn i gcás soláthraithe eile TPPUnna, nuair a leagtar síos forálacha níos déine leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin.

(28)

Áiritheofar leis an bpas TPPU aonair go gcruthófar margadh inmheánach le haghaidh TPPU.

(29)

Ba cheart go mbeadh dáileoirí TPPUnna in ann TPPUnna a mhonaraigh siad agus TPPU nár mhonaraigh siad a dháileadh ar choinníoll go mbeadh sé sin i gcomhréir leis an dlí earnálach ábhartha. Ba cheart go mbeadh dáileoirí TPPUnna i dteideal TPPUnna nár mhonaraigh siad a dháileadh. Níor cheart go ndéanfadh dáileoirí TPPUnna ach na táirgí sin ar ina leith atá an t-eolas agus an inniúlacht iomchuí acu a dháileadh i gcomhréir leis an dlí earnálach ábhartha.

(30)

Ba cheart do sholáthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna comhairle a thabhairt do choigilteoirí TPPU sula ndéanfar conradh TPPU a thabhairt i gcrích agus cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, éilimh agus riachtanais aonair an choigilteora TPPU agus an infhuascailteacht theoranta á gcur san áireamh. Ba cheart go mbeadh an chomhairle dírithe go háirithe ar choigilteoir TPPU a chur ar an eolas faoi ghnéithe na roghanna infheistíochta, faoi leibhéal na cosanta caipitil agus faoi fhoirmeacha na n-eisíocaíochtaí.

(31)

Faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta, is féídir le soláthraithe TPPUnna TPPU a sholáthar, agus is féídir le dáileoirí TPPUnna é a dháileadh, laistigh de chríoch an Bhallstáit óstaigh sin tar éis fochuntas a oscailt don Bhallstát óstach sin. Chun seirbhís ar ardcháilíocht agus cosaint éifeachtach do thomhaltóirí a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit bhaile agus óstacha oibriú i ndlúthchomhar le chéile agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo á bhforfheidhmiú. I gcás ina dtéann soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna i mbun gnó i mBallstáit éagsúla faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile a bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, mar go bhfuil naisc níos dlúithe acu leis an soláthraí TPPUnna. Chun comhroinnt chothrom na bhfreagrachtaí idir údaráis inniúla na mBallstát baile agus óstach a áirithiú, más rud é go bhfaigheann údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh fios i dtaobh aon sáraithe ar oibleagáidí a bheith ag tarlú laistigh dá gcríoch, ba cheart dóibh é sin a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar an mBallstát sin bearta iomchuí a dhéanamh ansin. Thairis sin, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a bheith i dteideal idirghabháil a dhéanamh má mhainníonn údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile bearta iomchuí a dhéanamh nó mura bhfuil na bearta a dhéantar leordhóthanach.

(32)

Ba cheart go mbeadh na hacmhainní uile is gá ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát chun a áirithiú go mbeadh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna ag dul i mbun gnó go rianúil ar fud an Aontais, cibé acu atáthar á dhéanamh i gcomhréir leis an tsaoirse bhunaíochta nó i gcomhréir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Chun éifeachtacht na maoirseachta a áirithiú, ba cheart do gach gníomhaíocht a dhéanann na húdaráis inniúla a bheith comhréireach le cineál, scála agus castacht na rioscaí a bhaineann le gnó soláthraí nó dáileora ar leith.

(33)

Is féidir an ghné uile-Eorpach den TPPU a fhorbairt, ní hamháin ar leibhéal an tsoláthraí, trí bhíthin na ndeiseanna dá ghníomhaíocht trasteorann, ach ar leibhéal an choigilteora TPPU freisin trí bhíthin iniomparthacht an TPPU agus na seirbhíse malartaithe, agus rannchuideofar ar an gcaoi sin le coimirciú a dhéanamh ar chearta pinsin phearsanta na ndaoine atá ag feidhmiú a gceart chun saorghluaiseachta faoi Airteagal 21 agus Airteagal 45 CFAE. Is é atá i gceist le hiniomparthacht gur féidir leis an gcoigilteoir TPPU áit chónaithe a athrú go Ballstát eile gan soláthraithe TPPUnna a athrú agus, os a choinne sin, ní gá go mbeadh athrú áit chónaithe i gceist le malartú soláthraithe TPPUnna.

(34)

Ba cheart go gcuimseodh TPPU fochuntais náisiúnta, gach ceann acu ag riar ar ghnéithe táirge pinsin phearsanta lenar féidir ranníocaíochtaí chuig an TPPU nó eisíocaíochtaí a bheith incháilithe chun dreasachtaí a fháil má tá fáil orthu sna Ballstáit ar i ndáil leo a dhéanann an soláthraí TPPUnna fochuntas a chur ar fáil. Ba cheart leas a bhaint as an bhfochuntas chun taifead a choimeád ar na ranníocaíochtaí arna ndéanamh le linn chéim an carntha agus na heisíocaíochtaí arna ndéanamh le linn chéim an dícharntha i gcomhréir le dlí an Bhallstáit dár osclaíodh an fochuntas. Ar leibhéal an choigilteora TPPU aonair, ba cheart an chéad fhochuntas a chruthú nuair a thabharfar conradh TPPU chun críche.

(35)

Chun gur féidir le soláthraithe TPPUnna aistriú go rianúil, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid TPPUnna ina gcuimsítear fochuntais a sholáthar do dhá Bhallstát laistigh de 3 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tráth TPPU a sheoladh, ba cheart don soláthraí TPPUnna faisnéis a sholáthar faoi na fochuntais atá ar fáil láithreach, chun go seachnófaí an fhéidearthacht coigilteoirí TPPU ar chur ar míthreoir. Má aistríonn coigilteoir TPPU go Ballstát eile agus mura bhfuil fochuntas ar fáil don Bhallstát sin, ba cheart go gcuirfeadh an soláthraí TPPUnna ar chumas an choigilteora TPPU malartú gan mhoill agus saor in aisce go soláthraí TPPUnna eile a sholáthraíonn fochuntas don Bhallstát sin. Ina theannta sin, bheadh an coigilteoir TPPU in ann leanúint de ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfochuntas i gcás ina ndearnadh ranníocaíochtaí sular athraíodh áit chónaithe.

(36)

Agus cineál scoir fhadtéarmaigh an TPPU agus an t-ualach riaracháin lena mbaineann á gcur san áireamh, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna agus do dháileoirí TPPUnna faisnéis shoiléir, shothuigthe, agus leormhaith a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha agus do thairbhithe TPPU chun tacú leo nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh acu faoina dtréimhse scoir féin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna agus do dháileoirí TPPUnna ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú freisin ar feadh na gcéimeanna éagsúla de TPPU, lena n-áirítear an chéim réamhchonarthach, críochnú an chonartha, céim an charntha (lena n-áirítear an tréimhse réamhscoir) agus chéim an dícharntha a mhéid a bhaineann leis an gconradh. Go háirithe, ba cheart faisnéis maidir le teidlíochtaí fabhraithe scoir, leibhéil réamh-mheasta sochar scoir TPPU, rioscaí agus ráthaíochtaí, comhtháthú thosca ESG agus costais a thabhairt. I gcás ina mbeidh leibhéil réamh-mheasta sochar scoir TPPU bunaithe ar chásanna eacnamaíocha, ba cheart go n-áireofaí freisin san fhaisnéis sin cás den mheastachán is fear agus cás mífhabhrach a bheadh thar meán ach réadúil.

(37)

Sula ndéanfaidh siad conradh TPPU a thabhairt i gcrích, ba cheart gach faisnéis atá riachtanach chun cinneadh eolasach a dhéanamh a thabhairt do choigilteoirí TPPU ionchasacha. Sula ndéanfar conradh TPPU a thabhairt i gcrích, ba cheart éilimh agus riachtanais a bhaineann le scor a shonrú agus ba cheart comhairle a thabhairt.

(38)

Chun trédhearcacht táirge optamach a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a tharraingt suas do na TPPUnna a mhonaraíonn siad sular féidir na TPPUnna sin a dháileadh ar choigilteoirí TPPU. Ina theannta sin, ba cheart dóibh a bheith freagrach as an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a bheith cruinn. Ba cheart an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a theacht in ionad an doiciméid faisnéise bunriachtanaí do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe agus é a oiriúnú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nach mbeadh gá é a sholáthar, dá thoradh sin, do TPPUnna. Ba cheart doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU neamhspleách a tharraingt suas don TPPU Bunúsach. I gcás ina dtairgeann an soláthraí TPPU roghanna infheistíochta malartacha, ba cheart go soláthrófaí doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU cineálach do na roghanna infheistíochta malartacha a bhféadfadh tagairtí do dhoiciméid eile a bheith ann freisin. De rogha air sin, i gcás nach féidir an fhaisnéis is gá maidir leis na roghanna infheistíochta malartacha a sholáthar laistigh de dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU neamhspleách aonair, ba cheart go soláthrófaí doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU neamhspleách do gach rogha infheistíochta malartach. Níor cheart, áfach, gurbh amhlaidh an cás ach amháin mura mbeadh soláthar doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU chineálaigh do na roghanna infheistíochta malartacha chun leasa chustaiméirí TPPU. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ag na húdaráis inniúla ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, ba cheart dóibh inchomparáideacht optamach roghanna infheistíochta éagsúla a áirithiú, más infheidhme, agus aird á tabhairt go háirithe ar eolas cothrom le dáta faoi anailís ar iompraíocht chun go seachnófaí aon chlaonadh cognaíoch de dheasca chur i láthair na faisnéise.

(39)

Chun a áirithiú go scaipfear doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU go forleathan agus go mbeidh siad ar fáil go forleathan, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo go bhfoilseoidh an soláthraí TPPUnna na doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU ar a shuíomh gréasáin féin. Ba cheart go bhfoilseodh an soláthraí TPPUnna an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU do gach Ballstát ina ndáiltear an TPPU faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta, ina mbeidh an fhaisnéis shonrach i dtaobh na gcoinníollacha a bhaineann le céim an charntha agus céim an dícharntha i gcás an Bhallstáit sin.

(40)

Tá áireamháin do tháirgí pinsin phearsanta á bhforbairt cheana ar an leibhéal náisiúnta. Chun na háireamháin sin a bheith chomh húsáideach agus is féidir do thomhaltóirí, áfach, ba cheart go gcumhdóidís na costais agus na táillí a fhorchuireann soláthraithe TPPUnna éagsúla, mar aon le haon chostais nó táillí breise a fhorchuireann idirghabhálaithe nó aon chodanna eile den slabhra infheistíochta nach bhfuil curtha san áireamh cheana ag na soláthraithe TPPUnna.

(41)

Ba cheart mionsonraí na faisnéise a bheidh le cur san áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU agus cur i láthair na faisnéise sin a chomhchuibhiú tuilleadh trí bhíthin caighdeáin theicniúla rialála agus taighde atá ann cheana agus taighde atá ar siúl faoi láthair ar iompraíocht tomhaltóirí, lena n-áirítear torthaí ar éifeachtacht na mbealaí éagsúla chun faisnéis a chur i láthair na dtomhaltóirí a thástáil, á gcur san áireamh. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeánacha teicniúla rialála a ghlacadh. Ba cheart don ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a fhorbairt tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) eile — leis an Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Údarás Maoirseachta Eorpacha (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcás inarb infheidhme mar aon leis an mBanc Ceannais Eorpach, údaráis inniúla agus tar éis tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena sonraítear mionsonraí an chur i láthair á sonrú, lena n-áirítear fad agus inneachar na faisnéise a bheidh le cur san áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU; na coinníollacha faoinar cheart athbhreithniú agus athcheartú a dhéanamh ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU; na rialacha lena gcinntear na toimhdí ar réamh-mheastacháin sochair pinsin; mionsonraí maidir le cur i láthair na faisnéise a bheidh sa Ráiteas Sochair TPPU; agus na critéir íosta atá le comhlíonadh ag na theicnící maolaithe riosca. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, ba cheart go gcuirfeadh ÚEÁPC san áireamh na cineálacha éagsúla TPPUnna a d’fhéadfadh a bheith ann, cineál fadtéarmach TPPUnna, acmhainneachtaí coigilteoirí TPPU, agus gnéithe TPPUnna. Sula ndéanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a thíolacadh don Choimisiún, ba cheart go ndéanfaí tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail le fíorshonraí, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010. Chomh maith leis sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag an ÚEÁPC maidir leis na mionsonraí le haghaidh comhair agus malartú faisnéise a ghlacadh, mar aon leis na ceanglais is gá chun an fhaisnéis sin a chur i láthair i bhformáid caighdeánach lena bhféadfaí comparáid a dhéanamh, agus tar éis dul i gcomhairle le hUMEnna eile agus na húdaráis inniúla agus tar éis tástáil tionscail, i dtaca le formáid na tuairisciú maoirseachta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

(42)

Ba cheart an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a bheith inaitheanta go soiléir ó aon ábhar margaíochta agus ba cheart é a bheith ar deighilt ón ábhar sin.

(43)

Ba cheart do sholáthraithe TPPUnna ráiteas sochair TPPU, a bheidh dírithe ar choigilteoirí TPPU, a tharraingt suas, chun sonraí bunriachtanacha pearsanta agus sonraí cineálacha faoin TPPU a chur faoina mbráid agus chun faisnéis chothrom le dáta air a áirithiú. Ba cheart don ráiteas sochair TPPU a bheith soiléir agus cuimsitheach agus ba cheart faisnéis ábhartha agus iomchuí a bheith ann ionas go n-éascófar tuiscint ar theidlíochtaí pinsin le himeacht ama agus thar tháirgí pinsin agus ba cheart dó freastal ar shoghluaisteacht lucht saothair. Ba cheart go n-áireofaí freisin sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU faisnéis faoin mbeartas infheistíochta a bhaineann le tosca ESG agus ba cheart go léireofaí ann an áit agus an dóigh ar féidir le coigilteoirí TPPU teacht ar fhaisnéis fhorlíontach maidir le comhtháthú tosca ESG. Ba cheart go ndéanfaí an ráiteas sochair TPPU a sholáthar do choigilteoirí TPPU ar bhonn bliantúil.

(44)

Ba cheart do sholáthraithe TPPUnna coigilteoirí TPPU a chur ar an eolas, 2 mhí roimh na dátaí ar a mbeidh deis ag coigilteoirí TPPU a roghanna eisíocaíochta a mhodhnú, faoin tús a chuirfear go gairid le céim an dícharntha, faoi chineálacha féideartha na n-eisíocaíochtaí agus faoin bhféidearthacht go bhféadfaí modhnú a dhéanamh ar chineál na n-eisíocaíochtaí. I gcás ina bhfuil níos mó ná fochuntas amháin oscailte, ba cheart coigilteoirí TPPU a chur ar an eolas faoin tús a d’fhéadfaí a chur le céim dícharntha gach fochuntais.

(45)

Le linn chéim an dícharntha, ba cheart do thairbhithe TPPU leanúint de bheith ag fáil faisnéise faoina sochair TPPU agus faoina roghanna eisíocaíochta comhfhreagracha. Tá tábhacht ar leith leis sin toisc gur suntasach an leibhéal riosca infheistíochta a bhíonn le hiompar ag tairbhithe TPPU ag céim na heisíocaíochta.

(46)

Chun cearta coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU a chosaint go leormhaith, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna a bheith in ann leithdháileadh sócmhainní a roghnú a oireann do chineál beacht agus tréimhse bheacht a ndliteanas, lena n-áirítear iad sin lena mbaineann ionchas fadtéarmach. Dá bhrí sin, is gá maoirseacht éifeachtúil a dhéanamh agus is gá cur chuige i leith rialacha infheistíochta lena dtugtar go leor solúbthachta do sholáthraithe TPPUnna chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbeartas infheistíochta is sláine agus is éifeachtúla, agus lena gcuirtear d’oibleagáid orthu, ag an am céanna, gníomhú go stuama agus ar mhaithe le leas fadtéarmach is fearr coigilteoirí TPPU i gcoitinne. I dtaca le riail an duine stuama a chomhlíonadh, tá gá, dá bhrí sin, le beartas infheistíochta atá dírithe ar struchtúr custaiméirí an tsoláthraí TPPUnna.

(47)

Trí riail an duine stuama a shocrú mar an bunphrionsabal don infheistíocht chaipitil agus trína chumasú do sholáthraithe TPPUnna feidhmiú thar theorainneacha, déantar atreorú an choigiltis chuig earnáil soláthair scoir phearsanta a spreagadh, rud a chuireann leis an dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta. Ina theannta sin, le riail an duine stuama, ba cheart go gcuirfí san áireamh go follasach an ról atá ag tosca ESG sa phróiseas infheistíochta.

(48)

Ba cheart don Rialachán seo leibhéal iomchuí saoirse infheistíochta a áirithiú do sholáthraithe TPPUnna. Mar infheisteoirí an-fhadtéarmacha a bhfuil rioscaí ísle leachtachta acu, tá soláthraithe TPPUnna in ann cur le forbairt CMU trí infheistiú i sócmhainní neamhleachtacha amhail scaireanna agus in ionstraimí eile a bhfuil próifíl eacnamaíoch fhadtéarmach acu agus nach ndéantar iad a thrádáil ar mhargaí rialáilte, saoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna) nó saoráidí trádála eagraithe (OTFanna) laistigh de theorainneacha stuama. Is féidir leo freisin leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis an éagsúlú idirnáisiúnta. I gcomhréir le riail an duine stuama, níor cheart srian a chur le hinfheistíochtaí i scaireanna in airgeadraí cé is moite díobh sin a bhaineann leis na dliteanais, agus le hinfheistíochtaí in ionstraimí eile a bhfuil próifíl eacnamaíoch fhadtéarmach acu agus nach ndéantar iad a thrádáil ar mhargaí rialáilte, MTFanna ná OTFanna ionas go ndéanfar leas coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU a chosaint, seachas ar fhorais stuamachta.

(49)

I gcomhthéacs CMU a dhoimhniú, is ar bhealach leathan a thuigtear cad is ionstraimí ann a bhfuil próifíl eacnamaíoch fhadtéarmach acu. Is urrúis dho-aistrithe iad na hionstraimí sin agus dá bhrí sin ní bhíonn rochtain acu ar leachtacht na margaí tánaisteacha. Is minic a éilíonn siad gealltanais téarma sheasta lena gcuirtear srian lena n-indíoltacht agus ba cheart a thuiscint ina dtaobh go gcuimsíonn siad rannpháirtíocht i ngnóthais neamhliostaithe chomh maith le hionstraimí fiachais sna gnóthais sin agus iasachtaí a thugtar do na gnóthais sin. Áirítear ar ghnóthais neamhliostaithe tionscadail bhonneagair, cuideachtaí neamhliostaithe atá ag iarraidh fás, eastát réadach nó sócmhainní eile a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach do chuspóirí na hinfheistíochta fadtéarmaí. Is minic gur sócmhainní neamhliostaithe iad tionscadail bhonneagair ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de agus bíonn siad ag brath ar chreidmheasanna fadtéarmacha do mhaoiniú tionscadail. I bhfianaise chineál fadtéarmach a ndliteanas, tugtar spreagadh do sholáthraithe TPPUnna cuid leordhóthanach dá bpunann sócmhainní a shannadh d’infheistíochtaí inbhuanaithe san fhíorgheilleagar a bhfuil sochair fhadtéarmacha eacnamaíocha acu, go háirithe do thionscadail bhonneagair agus do chorparáidí bonneagair.

(50)

Is tábhachtach iad tosca ESG don bheartas infheistíochta agus do chórais bhainistithe riosca soláthraithe TPPUnna. Ba cheart soláthraithe TPPUnna a spreagadh chun aird a thabhairt ar na tosca sin i gcinntí infheistíochta agus an chaoi a bhfuil siad ina gcuid dá gcóras bainistithe riosca a chur san áireamh chun “sócmhainní tréigthe” a sheachaint. Ba cheart an fhaisnéis maidir le tosca ESG a bheith ar fáil do ÚEÁPC, do na húdaráis inniúla agus do choigilteoirí TPPU.

(51)

Ceann de na cuspóirí a bhaineann le TPPUnna a rialú is ea táirge coigiltis scoir sábháilte, cost-éifeachtach agus fadtéarmach a chruthú. De bhrí gur infheistíochtaí fadtéarmacha iad na hinfheistíochtaí a bhaineann le táirgí pinsin phearsanta, ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar iarmhairtí fadtéarmacha leithdháileadh na sócmhainní. Go háirithe, ba cheart tosca ESG a chur san áireamh. Ba cheart coigilteas TPPU a infheistiú agus tosca ESG á gcur san áireamh amhail iad siúd a leagtar amach i gcuspóirí aeráide agus inbhuanaitheachta an Aontais amhail mar a leagtar amach i gComhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide (Comhaontú Pháras), i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, agus i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine.

(52)

Agus iad ag áirithiú go gcomhlíonfar a n-oibleagáid maidir le beartas infheistíochta a fhorbairt i gcomhréir le riail an duine stuama, ba cheart cosc a chur ar sholáthraithe TPPUnna infheistíocht a dhéanamh i ndlínsí neamh-chomhoibríocha arna sainaithint i gconclúidí is infheidhme na Comhairle maidir leis an liosta de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach, ná i dtríú tír ardriosca ina bhfuil easnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag an Rialachán Tarmligthe is infheidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(53)

I bhfianaise chuspóir scoir fhadtéarmaigh TPPU, ba cheart na roghanna infheistíochta a thabharfar do choigilteoirí TPPU a cheapadh ar chaoi a fhágfaidh go gcumhdófar na heilimintí lena gceadaítear d’infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh, lena n-áirítear líon na roghanna infheistíochta as a bhféadfaidh siad rogha a dhéanamh. I ndiaidh na rogha tosaí a dhéanamh ar shuibscríobh TPPU, ba cheart an deis a bheith ag an gcoigilteoir TPPU an rogha sin a mhodhnú tar éis 5 bliana ar a laghad ó TPPU a shuibscríobh, nó i gcás modhnú a rinneadh ina dhiaidh sin, ón modhnú is deireanaí a rinneadh ar an rogha infheistíochta, ionas go dtabharfar cobhsaíocht leordhóthanach do sholáthraithe le haghaidh a straitéise infheistíochta fadtéarmaí agus ionas go n-áiritheofar cosaint infheisteoirí ag an am céanna. Ba cheart, áfach, go bhféadfadh soláthraithe TPPUnna a cheadú do choigilteoirí TPPU an rogha infheistíochta arna roghnú a mhodhnú níos minice.

(54)

Ba cheart gur tháirge sábháilte é an TPPU Bunúsach, agus ba cheart go mbeadh sé ina rogha infheistíochta réamhshocraithe. D’fhéadfadh sé a bheith ina theicníc maolaithe riosca atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ann maidir le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh, nó ina ráthaíocht ar an gcaipiteal arna infheistiú. D’fhéadfadh sé gurbh ionann teicníc maolaithe riosca atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ann maidir le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh agus straitéis infheistíochta choimeádach nó straitéis saolré lena laghdaítear, de réir a chéile, riosca foriomlán neamhchosanta le himeacht aimsire. Leis na ráthaíochtaí a sholáthraítear faoin rogha infheistíochta réamhshocraithe, ba cheart go gcumhdófaí ar a laghad na ranníocaíochtaí le linn chéim an charntha tar éis gach táille agus muirear a aisbhaint. Ina theannta sin, ba cheart go gcumhdófaí na táillí agus na muirir leis na ráthaíochtaí agus d’fhéadfaidís foráil a dhéanamh do chuimsiú iomlán nó páirteach an bhoilscithe. Ba cheart ráthaíocht ar an gcaipiteal arna infheistiú a bheith dlite ag tús chéim an dícharntha agus le linn chéim an dícharntha, i gcás inarb infheidhme.

(55)

Chun cost-éifeachtúlacht agus feidhmíocht leordhóthanach a áirithiú i gcás coigilteoirí TPPU, ba cheart na costais agus na táillí don TPPU Bunúsach a bheith teoranta do chéatadán seasta den chaipiteal carntha. Cé gur cheart an teorainn sin a shocrú ag 1 % den chaipiteal carntha, b’iomchuí tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar na cineálacha costas agus táillí a bheidh le cur san áireamh le caighdeáin theicniúla rialála, chun cothroime iomaíochta a áirithiú idir soláthraithe éagsúla TPPUnna agus cineálacha éagsúla TPPUnna lena struchtúir áirithe costas agus táillí. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeánacha teicniúla rialála den sórt sin, ar cheart dóibh a bheith forbartha ag EIOPA, a ghlacadh. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á dtarraingt suas aige, ba cheart go ndéanfadh ÚEÁPC, go háirithe, breithniú i dtaobh chineál fadtéarmach an TPPU, i dtaobh na gcineálacha éagsúla TPPUnna agus i dtaobh na dtosca is ábhartha do chostais atá nasctha lena ngnéithe sonracha, ionas go n-áiritheofar cóir chothrom agus chomhionann na soláthraithe éagsúla TPPUnna agus a dtáirgí agus go gcuirfear san áireamh, ag an am céanna, gné an TPPU Bhunúsaigh mar tháirge simplí, cost-éifeachtúil agus trédhearcach lena soláthraítear toradh leordhóthanach réadach ar infheistíocht fhadtéarmach. Thairis sin, chun cineál fadtéarmach agus scoir an táirge a chaomhnú, ba cheart foirm na n-eisíocaíochtaí, go háirithe i ndáil le blianachtaí saoil, a mheasúnú go cúramach. Faoina chuimsiú sin, chun a áirithiú go rachaidh cothroime iomaíochta le soláthraithe eile chun sochair do sholáthraithe TPPUnna a thairgeann ráthaíocht chaipitil, ba cheart do ÚEÁPC aird chuí a thabhairt ar struchtúr na gcostas agus na dtáillí. De bhreis air sin, ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na luachanna céatadáin le haghaidh costas agus táillí chun a leormhaitheas leantach a áirithiú agus aon athruithe ar leibhéal na gcostas á gcur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Chun cost-éifeachtúlacht leantach a áirithiú agus chun custaiméirí TPPU a chosaint ar struchtúir chostais ró-achrannacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis an luach céatadáin a leasú, agus a athbhreithnithe á gcur san áireamh, go háirithe an leibhéal iarbhír agus athruithe ar leibhéal iarbhír na gcostas agus na dtáillí agus tionchar na huasteorann costais ar infhaighteacht TPPUnna, agus rochtain iomchuí ar an margadh atá ag soláthraithe éagsúla TPPUnna a sholáthraíonn cineálacha éagsúla TPPUnna.

(56)

Ba cheart do na húdaráis inniúla a gcumhachtaí a fheidhmiú agus é de phríomhchuspóirí acu cearta coigilteoirí TPPU agus tairbhithe TPPU a chosaint agus cobhsaíocht agus fóntacht soláthraithe TPPUnna a áirithiú.

(57)

I gcás inar IORP nó Bainisteoir Cistí Infheistíochta Malartacha AE (AE AIFM) é an soláthraí TPPUnna, ba cheart dó taisclann a cheapadh i dtaca leis na sócmhainní a chomhfhreagraíonn don ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a choinneáil slán. Tá gá le coimircí breise i dtaca leis an eintiteas atá ag gníomhú mar thaisclann agus lena feidhmeanna óir, faoi láthair, tá na rialacha i dtaca leis an taisclann a leagtar amach i dTreoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) dírithe ar chistí a mhargaítear le hinfheisteoirí gairmiúla, agus leo siúd amháin, cé is moite de chistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha faoi Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) arna margú le hinfheisteoirí miondíola agus maidir leis an dlí earnálach is infheidhme i leith IORPanna, ní gá taisclann a cheapadh ina leith siúd i ngach cás. Chun an leibhéal is airde cosanta do thomhaltóirí a áirithiú i dtaca le sócmhainní a chomhfhreagraíonn don ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a choinneáil slán, leis an Rialachán seo, ceanglaítear ar IORPanna agus ar AIFM AE a sholáthraíonn TPPU go gcomhlíonfaidís rialacha Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a mhéid a bhaineann le ceapadh na taisclainne, le forghníomhú a cúraimí agus lena dualgais formhaoirseachta.

(58)

Tá trédhearcacht agus cothroime costas agus táillí bunriachtanach chun muinín coigilteoirí TPPU a fhorbairt agus chun a cheadú dóibh roghanna eolasacha a dhéanamh. Dá réir sin, ba cheart úsáid modhanna praghsála neamh-thrédhearcacha a thoirmeasc.

(59)

Chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na coinníollacha le haghaidh fheidhmiú na gcumhachtaí idirghabhála ag ÚEÁPC agus ag na húdaráis inniúla a shonrú agus na critéir agus na gnéithe atá le glacadh ag EIOPA chun a dheimhniú nuair atá ábhar imní suntasach maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(60)

Gan dochar do cheart custaiméirí TPPU caingean a thionscnamh sna cúirteanna, ba cheart nósanna imeachta maidir le réiteach malartach díospóide (ADR) atá inrochtana go héasca, leormhaith, neamhspleách, neamhchlaonta, trédhearcach agus éifeachtach a bhunú idir soláthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna agus custaiméirí TPPU chun díospóidí a réiteach a eascraíonn as na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

(61)

D’fhonn nós imeachta éifeachtúil agus éifeachtach maidir le réiteach díospóidí a bhunú, ba cheart do sholáthraithe TPPUnna agus do dháileoirí TPPUnna nós imeachta éifeachtach gearán a chur i bhfeidhm a fhéadfaidh a gcustaiméirí a leanúint sula ndéanfar an díospóid a atreorú lena réiteach i nós imeachta ADR nó os comhair cúirte. Ba cheart tréimhsí ama atá gearr agus sainithe go soiléir a bheith sa nós imeachta gearán, ar laistigh díobh ba cheart don soláthraí TPPUnna nó don dáileoir TPPUnna freagra a thabhairt ar ghearán. Ba cheart go mbeadh acmhainneacht leordhóthanach ag comhlachtaí ADR dul i mbun comhoibriú trasteorann ar bhealach leordhóthanach agus éifeachtúil maidir le díospóidí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo.

(62)

Chun dálaí níos fearr a aimsiú le haghaidh a n-infheistíochtaí, agus ar an gcaoi sin iomaíocht a spreagadh freisin i measc soláthraithe TPPUnna, ba cheart an ceart a bheith ag coigilteoirí TPPU athrú go soláthraí TPPU difriúil, atá lonnaithe sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, le linn chéim an charntha trí bhíthin nós imeachta soiléir, tapa agus sábháilte. Níor cheart, áfach, go mbeadh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe TPPUnna an tseirbhís malartaithe a sholáthar le haghaidh TPPUnna, i gcás ina bhfuil eisíocaíochtaí á bhfáil ag coigilteoirí i bhfoirm blianachtaí saoil. Le linn an mhalartaithe, ba cheart go n-aistreodh soláthraithe aistritheacha TPPUnna na méideanna comhfhreagracha nó, i gcás inarb infheidhme, sócmhainní comhchineáil ón gcuntas TPPU agus é a dhúnadh. Ba cheart do choigilteoirí TPPU conarthaí a thabhairt i gcrích le soláthraithe TPPUnna is faighteoirí maidir le hoscailt chuntais TPPU nua. Ba cheart an struchtúr fochuntais céanna leis an iarchuntas TPPU a bheith ag an gcuntas TPPU nua.

(63)

Le linn na seirbhíse malartaithe, féadfaidh coigilteoirí TPPU a roghnú nach n-aistreoidh siad ach sócmhainní comhchineáil agus an malartú á dhéanamh idir soláthraithe TPPUnna, amhail gnólachtaí infheistíochta nó soláthraithe incháilithe eile a bhfuil ceadúnas breise acu atá ag gabháil do bhainistiú punainne do choigilteoirí TPPU. Sa chás sin, is gá toiliú i scríbhinn ón soláthraí is faighteoir. I gcás comhbhainistiú ar infheistíochtaí, ní féidir sócmhainní comhchineáil a mhalartú ar an ábhar nach ann do scaradh sócmhainní i gcás gach coigilteora TPPU.

(64)

Ba cheart don phróiseas malartaithe a bheith sách simplí don choigilteoir TPPU. Dá réir sin, ba cheart don soláthraí TPPUnna is faighteoir a bheith freagrach as an bpróiseas a thionscnamh agus a bhainistiú thar ceann an choigilteora TPPU agus arna iarraidh sin aige. Ba cheart do sholáthraithe TPPUnna a bheith in ann úsáid a bhaint as acmhainní breise, amhail réiteach teicniúil, ar bhonn deonach agus an tseirbhís malartaithe á bunú acu. I ngeall ar chineál uile-Eorpach an táirge, ba cheart go mbeadh coigilteoirí TPPU in ann malartú gan mhoill agus saor in aisce i gcás nach mbeidh fáil ar fhochuntas ar bith sa Bhallstát a n-aistreoidh an coigilteoir TPPU chuige.

(65)

Sula ndéantar an malartú a údarú, ba cheart an coigilteoir TPPU a chur ar an eolas maidir le gach céim den nós imeachta agus na costais is gá chun an malartú a chur i gcrích, chun go bhféadfaidh an coigilteoir TPPU cinneadh eolasach a dhéanamh maidir leis an tseirbhís malartaithe.

(66)

Tá comhoibriú an tsoláthraí TPPUnna aistrithigh riachtanach chun go mbeidh rath ar an malartú. Dá bhrí sin, ba cheart don soláthraí TPPUnna aistritheach gach faisnéis is gá a thabhairt don soláthraí TPPUnna is faighteoir chun go gcuirfear na híocaíochtaí ar ais sa chuntas TPPU eile. Níor cheart, áfach, go rachadh an fhaisnéis sin thar a bhfuil riachtanach chun an malartú a chur i gcrích.

(67)

Níor cheart do choigilteoirí TPPU a bheith faoi réir caillteanais airgeadais, lena n-áirítear muirir agus ús, a tharlaíonn de dheasca aon bhotún a dhéanfaidh ceachtar de na soláthraithe TPPUnna atá rannpháirteach sa phróiseas malartaithe. Go háirithe, níor cheart do choigilteoirí TPPU aon chaillteanas airgeadais a iompar a eascraíonn as táillí breise, ús nó muirir eile a íoc, mar aon le fíneálacha, pionóis nó aon chineál aimhleasa airgeadais de dheasca moill a bheith ar fhorghníomhú an mhalartaithe. Ar an ábhar gur cheart cosaint chaipitil a áirithiú ag tús chéim an dícharntha agus le linn chéim an dícharntha, i gcás inarb infheidhme, níor cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar an soláthraí TPPUnna aistritheach an chosaint chaipitil nó an ráthaíocht chaipitil a áirithiú tráth an mhalartaithe. B’fhéidir freisin go gcinnfeadh an soláthraí TPPUnna an chosaint chaipitil a áirithiú nó an ráthaíocht a sholáthar tráth an mhalartaithe.

(68)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gcoigilteoir TPPU cinneadh eolasach a dhéanamh sula ndéanfaidh sé an malartú. Ba cheart go gcomhlíonfadh an soláthraí TPPUnna is faighteoir na ceanglais dáileacháin agus faisnéise uile, lena n-áirítear soláthar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU, comhairle agus faisnéise leormhaith maidir leis na costais a bhaineann leis an malartú agus na himpleachtaí dochracha a d’fhéadfadh a bheith ar an gcosaint chaipitil agus TPPU lena ngabhann ráthaíocht á mhalartú. Ba cheart na costais don mhalartú a ghearrfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach a choimeád ag méid nach bhfuil ina bhac ar shoghluaisteacht agus in aon chás a bheith teoranta do 0,5 % de na méideanna comhfhreagracha nó luach airgeadaíochta na sócmhainní comhchineáil a bheidh le haistriú.

(69)

Tar éis TPPU a shuibscríobh agus nuair atá fochuntas nua á oscailt acu, ba cheart an tsaoirse a thabhairt do choigilteoirí TPPU cinneadh a dhéanamh faoina rogha eisíocaíochta (blianachtaí, cnapshuim, nó eile) le linn chéim an dícharntha, ach an fhéidearthacht a bheith acu a rogha a athbhreithniú bliain amháin sula gcuirfidh siad tús le céim an dícharntha, ag tús chéim an dícharntha agus tráth an mhalartaithe, chun gur féidir leo a rogha eisíocaíochta a oiriúnú ar an mbealach is fearr dá riachtanais nuair a bhíonn an t-am scoir ag druidim leo. Dá ndéanfadh an soláthraí TPPUnna níos mó ná cineál amháin eisíocaíochta a chur ar fáil, ba cheart go mbeadh an coigilteoir TPPU in ann rogha eisíocaíochta éagsúil a roghnú i gcás gach fochuntais arna oscailt ina chuntas TPPU.

(70)

Ba cheart cead a bheith ag soláthraithe TPPUnna réimse leathan d’fhoirmeacha eisíocaíochta a chur ar fáil do choigilteoirí TPPU. Leis an gcur chuige sin, bhainfí an sprioc amach maidir le húsáid mhéadaithe a bhaint as an TPPU trí sholúbthacht agus rogha mhéadaithe do choigilteoirí TPPU. Cheadófaí do sholáthraithe a TPPUnna a dhearadh ar an gcaoi is cost-éifeachtaí. Tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais agus indéanta ó thaobh na polaitíochta de mar go gcoimeádtar dóthain solúbthachta ann do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé na foirmeacha eisíocaíochta atá siad ag iarraidh a spreagadh. I gcomhréir le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun tosaíocht a thabhairt do chineálacha ar leith eisíocaíochtaí amhail teorainneacha cainníochtúla le haghaidh íocaíochtaí cnapshuime chun blianachtaí saoil agus íocaíochtaí íostarraingthe a spreagadh tuilleadh.

(71)

I bhfianaise ghné uile-Eorpach an TPPU, tá gá le hardleibhéal comhsheasmhach cosanta do choigilteoirí TPPU ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Éilítear uirlisí leormhaithe leis sin chun sáruithe a chomhrac go héifeachtach agus díobháil do thomhaltóirí a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí cumhachtaí ÚEÁPC agus na n-údarás inniúil a chomhlánú le sásra sainráite chun cosc nó srian a chur ar mhargú, ar dháileadh agus ar dhíol aon TPPU is cionsiocair le húdair imní thromchúiseacha maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear i dtaca le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, le feidhmiú ordúil agus sláine an mhargaidh airgeadais, nó le cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine, nó cuid de, mar aon le cumhachtaí comhordaithe agus teagmhasachta iomchuí do ÚEÁPC.

Ba cheart cumhachtaí ÚEÁPC a bheith bunaithe ar Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ionas go n-áiritheofar go bhféadfar sásraí idirghabhála den sórt sin a chur i bhfeidhm i gcás údair imní shuntasacha maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear i dtaca le gné scoir fhadtéarmaigh an TPPU. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha, ba cheart go mbeadh na húdaráis inniúla in ann toirmeasc nó srian a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar TPPU a mhargú, a dháileadh nó a dhíol le coigilteoirí TPPU. Ní shaorann na cumhachtaí sin an soláthraí TPPUnna óna fhreagracht na ceanglais ábhartha uile faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

(72)

Ba cheart trédhearcacht iomlán maidir le costais agus táillí a bhaineann le hinfheistíocht in TPPU a ráthú. Bhunófaí cothroime iomaíochta idir soláthraithe, agus d’áiritheofaí cosaint do thomhaltóirí ag an am céanna. Bheadh faisnéis chomparáideach ar fáil do tháirgí éagsúla agus spreagfaí praghsáil iomaíoch dá réir.

(73)

Cé gurb iad na húdaráis inniúla faoi seach a fheidhmeoidh an mhaoirseacht leanúnach a dhéanfar ar sholáthraithe TPPUnna, ba cheart do ÚEÁPC an mhaoirseacht maidir le TPPUnna a chomhordú, chun a ráthú go gcuirfear modheolaíocht chomhaontaithe mhaoirseachta i bhfeidhm go comhsheasmhach, rud a rannchuideoidh ar an mbealach sin le cineál uile-Eorpach agus scoir fhadtéarmaigh na TPPUnna.

(74)

Chun cearta tomhaltóirí a neartú agus chun rochtain ar nós imeachta gearán a éascú, ba cheart go mbeadh coigilteoirí TPPU in ann, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann, gearáin a thíolacadh d’údaráis inniúla a mBallstáit chónaithe, gan beann ar an áit inar tharla an sárú.

(75)

Ba cheart do ÚEÁPC comhoibriú le húdaráis inniúla agus comhoibriú agus comhsheasmhacht eatarthu a éascú. I ndáil leis sin, ba cheart do ÚEÁPC ról a imirt i gcumhacht na n-údarás inniúil chun bearta maoirseachta a chur i bhfeidhm trí fhianaise a sholáthar faoi sháruithe a bhaineann le TPPUnna. Ba cheart do ÚEÁPC idirghabháil cheangailteach a sholáthar freisin i gcás easaontas idir na húdaráis inniúla i gcásanna trasteorann.

(76)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna an Rialachán seo agus chun a áirithiú go mbeidh siad faoi réir cóireáil chomhchosúil ar fud an Aontais, ba cheart pionóis riaracháin agus bearta eile atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a sholáthar.

(77)

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2010 dar teideal “Córais smachtbhannaí a dhaingniú in earnáil na seirbhísí airgeadais” agus chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfadh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear sáruithe ar an Rialachán seo faoi réir pionóis riaracháin iomchuí agus bearta eile.

(78)

Cé go bhféadfaidh na Ballstáit rialacha maidir le pionóis riaracháin agus choiriúla a leagan síos i ndáil leis na sáruithe céanna, níor cheart go gcuirfí de cheangal ar na Ballstáit rialacha maidir le pionóis riaracháin a leagan síos i gcomhair sáruithe ar an Rialachán seo atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta. Níor cheart, áfach, a bheith mar thoradh ar phionóis choiriúla a choimeád ar bun in ionad pionóis riaracháin i gcomhair sáruithe ar an Rialachán seo, go laghdófaí ná go n-athrófaí ar shlí eile cumas na n-údarás inniúil a bheith ag comhoibriú nó faisnéis a rochtain nó a mhalartú go tráthúil le húdaráis inniúla i mBallstáit eile chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear tar éis sáruithe ábhartha a chur ar aghaidh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla le haghaidh ionchúiseamh coiriúil.

(79)

Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag údaráis inniúla pionóis airgid a fhorchur atá ard go leor chun na brabúis iarbhír nó ionchasacha a fhritháireamh, agus atá athchomhairleach fiú do na gnóthais mhóra airgeadais agus dá mbainisteoirí.

(80)

Chun a áirithiú go gcuirfear pionóis i bhfeidhm go comhleanúnach ar fud an Aontais, ba cheart do na húdaráis inniúla na himthosca ábhartha uile a chur san áireamh nuair a bheidh cineál an phionóis riaracháin nó na mbeart eile agus leibhéal na bpionós airgid á gcinneadh acu.

(81)

Chun a áirithiú, mar thoradh ar chinntí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla faoi sháruithe agus faoi phionóis go mbeidh éifeacht athchomhairleach ar an bpobal i gcoitinne agus chun an chosaint do thomhaltóirí a neartú trí rabhadh a thabhairt dóibh faoi TPPUnna arna ndáileadh de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart na cinntí sin a fhoilsiú mura ndéanfadh an nochtadh sin cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú atá ar siúl a chur i mbaol.

(82)

Chun sáruithe ionchasacha a bhrath, ba cheart go mbeadh na cumhachtaí imscrúdúcháin is gá ag na húdaráis inniúla, agus ba cheart dóibh sásraí éifeachtacha a bhunú chun gur féidir leo sáruithe ionchasacha nó iarbhír a thuairisciú.

(83)

Ba cheart nár dhochar an Rialachán seo d’aon fhorálacha i ndlíthe na mBallstát maidir le cionta cóiriúla.

(84)

Maidir le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, amhail malartú nó tarchur sonraí pearsanta arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla nó próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag soláthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Maidir le haon mhalartú nó tarchur faisnéise arna dhéanamh ag na ÚMEnna, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(85)

I bhfianaise go bhfuil sonraí airgeadais pearsanta ina sonraí íogaire, tá sé ríthábhachtach go mbeadh cosaint sonraí dhaingean ann. Dá bhrí sin, moltar go mbeadh dlúthbhaint ag údaráis cosanta sonraí le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maoirseacht air.

(86)

Níor cheart go dtiocfadh an nós imeachta clárúcháin agus um fhógra a thabhairt a leagtar síos sa Rialachán seo in ionad aon nós imeachta náisiúnta breise atá i bhfeidhm chun an fhéidearthacht a bheith ann tairbhe a bhaint as na buntáistí agus na dreasachtaí arna socrú ar an leibhéal náisiúnta.

(87)

Déanfar meastóireacht ar an Rialachán seo, inter alia, trí fhorbairtí sa margadh a mheasúnú, amhail teacht ann do chineálacha nua TPPUnna, chomh maith le forbairtí i réimsí eile de dhlí an Aontais agus i dtaithí na mBallstát. Ní mór go dtabharfadh meastóireacht den chineál sin aird ar na haidhmeanna agus na cuspóirí difriúla a bhaineann le margadh TPPU a fheidhmíonn go cuí a bhunú, agus go háirithe go ndéanfaí meastóireacht inti ar cé acu atá nó nach bhfuil níos mó saoránaigh Eorpacha ag coigilt do phinsin inbhuanaithe agus leormhaithe mar thoradh air sin. Mar gheall ar a thábhachtaí is atá íoschaighdeáin Eorpacha le haghaidh maoirseacht ar sholáthraithe TPPUnna, tá gá freisin le meastóireacht ar na soláthraithe TPPUnna ó thaobh chomhlíonadh an Rialacháin seo agus an dlí earnálaigh is infheidhme.

(88)

I bhfianaise na n-impleachtaí fadtéarmacha a ghabhann leis an Rialachán seo, tá sé bunriachtanach go ndéanfaí dlúthfhaireachán ar fhorbairtí le linn na chéad chéime den chur i bhfeidhm. Agus an mheastóireacht á déanamh aige, ba cheart don Choimisiún a mhachnamh a dhéanamh freisin ar thaithí ÚEÁPC, taithí geallsealbhóirí, agus taithí saineolaithe, agus aon bharúlacha a d’fhéadfadh a bheith aige a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(89)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go n-áiritheofaí urraim do chearta bunúsacha agus go gcomhlíonfaí ann na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe cearta daoine scothaosta chun saol faoi dhínit agus neamhspleáchas a bheith acu agus chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun maoine, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, prionsabal an chomhionannais idir fir agus mná agus an prionsabal maidir le hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí.

(90)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cosaint do choigilteoirí TPPU agus a muinín i TPPUnna a fheabhsú, lena n–áirítear i gcás ina ndáiltear na táirgí sin thar theorainneacha, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir le clárú, monarú, dáileadh agus maoirsiú táirgí pinsin phearsanta a dháiltear san Aontas faoin ainmníocht “táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach” nó “TPPU”.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “táirge pinsin phearsanta” táirge:

(a)

atá bunaithe ar chonradh idir coigilteoir aonair agus eintiteas ar bhonn deonach agus atá ina chomhlánú ar aon táirge pinsin reachtúil nó cheirde;

(b)

ina ndéantar foráil do charnadh caipitil fadtéarmach leis an gcuspóir sainráite ioncam a sholáthar tráth scoir agus lena ngabhann féidearthachtaí teoranta chun aistarraingt luath a dhéanamh roimh an tráth sin;

(c)

nach táirge pinsin reachtúil ná cheirde é;

(2)

ciallaíonn “Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach” nó “TPPU” táirge pinsin phearsanta coigiltis fhadtéarmaigh, arna sholáthar faoi chonradh TPPU ag gnóthas airgeadais rialáilte atá incháilithe de réir Airteagal 6(1), agus a shuibscríobhann coigilteoir TPPU leis, nó comhlachas neamhspleách coigilteoirí TPPU thar ceann a chomhaltaí, ar mhaithe le dul ar scor, a bhfuil infhuascailteacht luath an-teoranta nó nach bhfuil aon infhuascailteacht luath ag baint leis, agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(3)

ciallaíonn “coigilteoir TPPU” duine nádúrtha a bhfuil conradh tugtha i gcrích aige le soláthraí TPPUnna;

(4)

ciallaíonn “conradh TPPU” conradh idir coigilteoir TPPU agus soláthraí TPPUnna lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4;

(5)

ciallaíonn “cuntas TPPU” cuntas pinsin phearsanta atá á choinneáil in ainm coigilteora TPPU nó tairbhí TPPU a úsáidtear chun idirbhearta a thaifeadadh lena gceadaítear don choigilteoir ranníocaíochtaí a dhéanamh go tréimhsiúil i ndáil lena dhul ar scor agus don tairbhí TPPU sochair TPPU a fháil;

(6)

ciallaíonn “tairbhí TPPU” duine nádúrtha a fhaigheann sochair TPPU;

(7)

ciallaíonn “custaiméir TPPU” coigilteoir TPPU, coigilteoir TPPU ionchasach nó tairbhí TPPU;

(8)

ciallaíonn “dáileadh TPPU2” comhairle a thabhairt i dtaobh, moladh a dhéanamh i dtaobh, nó dul d’obair eile is ullmhúchán do chonarthaí maidir le soláthar TPPU a thabhairt i gcrích, na conarthaí sin a thabhairt i gcrích, nó cuidiú leis na conarthaí sin a riar agus a fheidhmiú, lena n-áirítear faisnéis a sholáthar maidir le conradh TPPU amháin nó níos mó i gcomhréir leis na critéir arna roghnú ag custaiméirí TPPU trí shuíomh gréasáin nó trí mheán eile agus liosta rangaithe TPPU a thiomsú, lena n-áirítear comparáid idir praghsanna agus táirgí, nó lascaine ar phraghas TPPU, i gcás ina bhfuil sé ar chumas an chustaiméara TPPU conradh TPPU a thabhairt i gcrích go díreach nó go hindíreach trí úsáid a bhaint as suíomh gréasáin nó meán eile;

(9)

ciallaíonn “sochair scoir TPPU” sochair a íoctar de bharr aois scoir a bhaint amach, nó de bharr an ionchais go mbainfear é sin amach, i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 58(1);

(10)

ciallaíonn “sochair TPPU” sochair scoir TPPU agus sochair bhreise eile a bhfuil tairbhí TPPU ina dteideal i gcomhréir leis an gconradh TPPU, go háirithe maidir leis na cásanna atá teoranta go docht d’fhuascailt luath nó má sholáthraítear cumhdach rioscaí bithmhéadracha leis an gconradh TPPU;

(11)

ciallaíonn “céim an charntha” an tréimhse ina ndéantar sócmhainní a charnadh i gcuntas TPPU agus arb iondúil go leanann sé ar aghaidh go dtí go dtosóidh céim an dícharntha;

(12)

ciallaíonn “céim an dícharntha” an tréimhse ina bhféadfar tarraingt ar na sócmhainní i gcuntas TPPU chun riachtanais scoir nó riachtanais ioncaim eile a chistiú;

(13)

ciallaíonn “blianacht” suim is féidir a íoc ag eatraimh shonraithe thar thréimhse, amhail saol thairbhí an TPPU nó líon áirithe blianta, i gcomaoin infheistíochta;

(14)

ciallaíonn “íocaíochtaí íostarraingthe” méideanna lánroghnacha a bhféadfaidh tairbhithe TPPU iad a tharraingt faoi réir teorainn áirithe ar bhonn tréimhsiúil;

(15)

ciallaíonn “soláthraí TPPUnna” gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) atá údaraithe chun TPPU a mhonarú agus an TPPU sin a dháileadh;

(16)

ciallaíonn “dáileoir TPPUnna” gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) atá údaraithe chun TPPUnna nár mhonaraigh sé féin a dháileadh, gnólacht infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, nó idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(17)

ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim:

(a)

lena gcuirtear de chumas ar chustaiméir TPPU faisnéis a seoladh chuig an gcustaiméir sin go pearsanta a stóráil ar bhealach inrochtana mar phointe tagartha amach anseo agus go ceann tréimhse atá leordhóthanach chun críocha na faisnéise; agus

(b)

lenar féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;

(18)

ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis náisiúnta arna n-ainmniú ag Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe TPPUnna nó ar dháileoirí TPPUnna, de réir mar a bheidh, nó chun na dualgais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh;

(19)

ciallaíonn “Ballstát baile an tsoláthraí TPPUnna” Ballstát baile mar a shainmhínítear é sa ghníomh reachtach ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(1);

(20)

ciallaíonn “Ballstát baile an dáileora TPPUnna” an méid seo a leanas:

(a)

i gcás inar duine nádúrtha é an dáileoir, an Ballstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi;

(b)

i gcás inar duine dlítheanach é an dáileoir, an Ballstáit ina bhfuil a oifig chláraithe lonnaithe nó, i gcás nach bhfuil oifig chláraithe ag an dáileoir faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig lonnaithe;

(21)

ciallaíonn “Ballstát óstach an dáileora TPPUnna” Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina ndéanann an dáileoir TPPUnna TPPUnna a sholáthar faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta nó ar ina leith atá fochuntas oscailte ag an dáileoir TPPUnna;

(22)

ciallaíonn “Ballstát óstach an dáileora TPPUnna” Ballstát, seachas Ballstát baile an dáileora TPPUnna, ina ndéanann dáileoir an TPPUnna TPPUnna a dháileadh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta;

(23)

ciallaíonn “fochuntas” rannán náisiúnta a osclaítear laistigh de gach aon chuntas TPPU agus a chomhfhreagraíonn do na ceanglais agus coinníollacha dlí chun úsáid a bhaint as dreasachtaí féideartha arna socrú ar an leibhéal náisiúnta maidir le hinfheistiú in TPPU ag an mBallstát ina bhfuil áit chónaithe an choigilteora TPPU; dá réir sin, féadfaidh duine aonair a bheith ina choigilteoir TPPU nó ina thairbhí TPPU i ngach fochuntas, ag brath ar na ceanglais dlí faoi seach do chéim an charntha agus do chéim an dícharntha;

(24)

ciallaíonn “caipiteal” ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána, arna ríomh ar bhonn méideanna in-infheistithe tar éis na táillí, na muirir agus na speansais uile a iompraíonn coigilteoirí TPPU go díreach nó go hindíreach a asbhaint;

(25)

ciallaíonn “ionstraimí airgeadais” na hionstraimí sin a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(26)

ciallaíonn “taisclann” institiúid a bhfuil sé de chúram uirthi sócmhainní a choimeád slán agus comhlíonadh na rialacha maidir le cistí agus an dlí is infheidhme a fhormhaoirsiú:

(27)

ciallaíonn “TPPU bunúsach” rogha infheistíochta mar a leagtar síos in Airteagal 45;

(28)

ciallaíonn “teicnící maolaithe riosca” teicnící chun méid na neamhchosanta ar riosca agus/nó ar an dóchúlacht go dtarlódh sé a mhaolú go córasach;

(29)

ciallaíonn “rioscaí bithmhéadracha” rioscaí atá nasctha le bás, le míchumas agus/nó le fad saoil;

(30)

ciallaíonn “soláthraithe a mhalartú” na méideanna comhfhreagracha, nó i gcás inarb infheidhme na sócmhainní comhchineáil a aistriú, arna iarraidh sin ag coigilteoir TPPU, ó sholáthraí TPPUnna amháin go soláthraí TPPUnna eile i gcomhréir le hAirteagal 52(4), ó chuntas TPPU amháin chuig an gcuntas eile, agus an t-iarchuntas TPPU a dhúnadh gan dochar d’fhorálacha phointe (e) d’Airteagal 53(4);

(31)

ciallaíonn “comhairle” moladh pearsanta arna sholáthar ag an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna do chustaiméir TPPU, i dtaca le conradh TPPU amháin nó níos mó;

(32)

ciallaíonn “comhpháirtíocht” comhar idir soláthraithe TPPUnna chun fochuntais a thairiscint i mBallstáit éagsúla i gcomhthéacs na seirbhíse iniomparthachta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(2);

(33)

ciallaíonn “tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais” nó “tosca ESG” tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais amhail iad siúd dá dtagraítear i gComhaontú Pháras, i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus sna Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach lena dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe.

Airteagal 3

Rialacha is infheidhme

Beidh clárú, monarú, daileadh agus maoirsiú TPPUnna faoi réir an méid seo a leanas:

(a)

an Rialachán seo; agus

(b)

i gcás nithe nach rialáiltear leis an Rialachán seo:

(i)

dlí earnálach ábhartha an Aontais lena n-áirítear na gníomhartha comhfhreagracha tarmligthe agus cur chun feidhme;

(ii)

dlíthe arna nglacadh ag na Ballstáit tráth dlí earnálach ábhartha an Aontais a bheith á chur chun feidhme agus tráth bearta a bhaineann go sonrach le TPPUnna a bheith á gcur chun feidhme;

(iii)

dlíthe náisiúnta eile a bhfuil feidhm acu maidir le TPPUnna.

Airteagal 4

Conradh TPPU

1.   Leagfar síos sa chonradh TPPU na forálacha sonracha le haghaidh an TPPU i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.   Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sa chonradh TPPU:

(a)

tuairisc ar an TPPU Bunúsach, amhail dá dtagraítear in Airteagal 45, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an ráthaíocht ar chaipiteal arna infheistiú nó leis an straitéis infheistíochta atá dírithe ar gcosaint chaipitil a áirithiú;

(b)

tuairisc ar na roghanna infheistíochta malartacha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 42(2), i gcás inarb infheidhme;

(c)

na coinníollacha a bhaineann le modhnú na rogha infheistíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 44;

(d)

i gcás ina dtairgtear cumhdach rioscaí bithmhéadracha leis an TPPU, mionsonraí an chumhdaigh sin, lena n-áirítear na cúinsí lena dtionscnófaí é;

(e)

tuairisc ar shochair scoir an TPPU, go háirithe na cineálacha féideartha eisíocaíochtaí agus an ceart chun athrú a dhéanamh ar an gcineál eisíocaíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 59;

(f)

na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís iniomparthachta amhail dá dtagraítear in Airteagail 17 go 20 lena n-áirítear faisnéis faoi na Ballstáit a bhfuil fochuntas ar fáil ina leith;

(g)

na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís mhalartaithe amhail dá dtagraítear in Airteagial 52 go 55;

(h)

na catagóirí costas agus iomlán na gcostas comhiomlán arna sloinneadh i dtéarmaí céatadáin agus i dtéarmaí airgeadaíochta, i gcás inarb infheidhme;

(i)

na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do Bhallstát cónaithe an choigilteora TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 47;

(j)

na coinníollacha a bhaineann le céim an dícharntha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do Bhallstát cónaithe an choigilteora TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 57;

(k)

i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha faoina mbeidh buntáistí agus dreasachtaí arna ndeonú le haisíoc le Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU.

CAIBIDIL II

CLÁRÚ

Airteagal 5

Clárú

1.   Ní fhéadfar TPPU a sholáthar agus a dháileadh san Aontas ach amháin i gcás ina mbeidh sé cláraithe sa chlár lárnach poiblí a choimeádann ÚEÁPC i gcomhréir le hAirteagal 13.

2.   Beidh clárú TPPU bailí sna Ballstáit uile. Leis sin, tugtar teidlíocht don soláthraí TPPUnna an TPPU a sholáthar agus don dáileoir TPPUnna an TPPU atá cláraithe sa chlár lárnach poiblí dá dtagraítear in Airteagal 13 a dháileadh.

Is i gcomhréir le Caibidil IX a dhéanfar maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach.

Airteagal 6

Iarratas ar TPPU a chlárú

1.   Ní fhéadfaidh ach na gnóthais airgeadais seo a leanas, arna n-údarú nó arna gclárú faoi dhlí an Aontais, iarratas a dhéanamh ar TPPU a chlárú:

(a)

institiúidí creidmheasa arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(b)

gnóthais árachais arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), atá i mbun árachas saoil díreach de réir Airteagal 2(3) de Threoir 2009/138/CE agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin;

(c)

institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2341 agus atá, de bhun an dlí náisiúnta, údaraithe agus faoi mhaoirseacht chun táirgí pinsin phearsanta a sholáthar freisin. Sa chás sin, déanfar na sócmhainní agus na dliteanais go léir a chomhfhreagraíonn do ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a imfhalú, gan aon fhéidearthacht a bheith ann iad a aistriú chuig gnólacht soláthair scoir eile na hinstitiúide;

(d)

gnólachtaí infheistíochta arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE; a sholáthraíonn bainistiú punainne;

(e)

cuideachtaí infheistíochta nó cuideachtaí bainistíochta arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE;

(f)

bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha AE (AIFM AE) arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE.

2.   Déanfaidh gnóthais airgeadais a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo an t-iarratas ar chlárú TPPU a thíolacadh dá n-údaráis inniúla. Beidh an méid seo a leanas san iarratas:

(a)

téarmaí conartha caighdeánacha an chonartha TPPU, a bheidh le moladh do choigilteoirí TPPU, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)

faisnéis faoi chéannacht an iarratasóra;

(c)

faisnéis faoi shocruithe maidir le bainistiú agus riar punainne agus riosca a mhéid a bhaineann leis an TPPU, lena n-áirítear socruithe amhail dá dtagraítear in Airteagail 19(2), 42(5) agus 49(3);

(d)

liosta de na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna is iarratasóir an TPPU a mhargú, i gcás inarb infheidhme;

(e)

faisnéis faoi chéannacht na taisclainne, i gcás inarb infheidhme;

(f)

faisnéis bhunriachtanach TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 26;

(g)

liosta de na Ballstáit ar ina leith a bheidh an soláthraí TPPUnna is iarratasóir in ann oscailt láithreach fochuntais a áirithiú.

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú i dtaobh an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a bheith críochnaithe ina iomláine laistigh de 15 lá oibre ón iarratas a fháil.

Déanfaidh na húdaráis inniúla teorainn ama a shocrú faoina mbeidh breis faisnéise le soláthar ag an iarratasóir, mura mbeidh an t-iarratas críochnaithe ina iomláine. Tar éis a mheas go bhfuil an t-iarratas críochnaithe ina iomláine, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don iarratasóir dá réir.

4.   Laistigh de 3 mhí ón dáta a thíolacfar an t-iarratas críochnaithe faoi mhír 3, glacfaidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir le TPPU a chlárú ach ní dhéanfaidh siad sin, ach amháin má bhíonn an t-iarratasóir incháilithe chun TPPUnna a sholáthar de réir mhír 1 agus má dhéanann an fhaisnéis agus na doiciméid arna dtíolacadh san iarratas ar chlárúchán amhail dá dtagraítear i mír 2 an Rialachán seo a chomhlíonadh.

5.   Laistigh de 5 lá oibre ó chinneadh a ghlacadh maidir leis an TPPU a chlárú, déanfaidh na húdaráis inniúla an cinneadh a chur in iúl do ÚEÁPC mar aon leis an bhfaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d), (f) agus (g) de mhír 2 agus cuirfidh siad an soláthraí TPPU is iarratasóir ar an eolas faoi dá réir.

Ní bheidh ÚEÁPC freagrach as cinneadh maidir le clárúchán ag údaráis inniúil, ná ní bheidh sé faoi dhliteanas ina leith.

I gcás ina ndiúltóidh na húdaráis inniúla clárúchán a dheonú, déanfaidh siad cinneadh réasúnaithe a eisiúint a bheidh faoi réir ceart achomhairc.

6.   I gcás ina mbeidh níos mó ná aon údarás inniúil amháin ann i mBallstát do chineál sonrach gnóthais airgeadais dá dtagraítear i mír 1, ainmneoidh an Ballstát sin údarás aonair inniúil do gach cineál gnóthais airgeadais dá dtagraítear i mír 1 atá le bheith freagrach as an nós imeachta clárúcháin agus as an gcumarsáid le ÚEÁPC.

Aon mhodhnuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfáisnéis agus ar na doiciméid arna soláthar san iarratas dá dtagraítear i mír 2, tabharfar fógra láithreach do na húdaráis inniúla ina dtaobh. I gcás ina mbainfidh na modhnuithe leis an bhfaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d), (f) agus (g) de mhír 2, déanfaidh na húdaráis inniúla na modhnuithe sin a chur in iúl do ÚEÁPC gan moill mhíchuí.

Airteagal 7

Clárú TPPU

1.   Laistigh de 5 lá oibre ón dáta a dhéanfar an cinneadh maidir le clárúchán mar aon leis an bhfaisnéis agus na doiciméid a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 6(5), déanfaidh ÚEÁPC an TPPU a chlárú sa chlár lárnach poiblí amhail dá dtagraítear in Airteagal 13 agus tabharfaidh sé fógra ina thaobh dá réir sin do na húdaráis inniúla gan moill mhíchuí.

2.   Laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra maidir le clárú an TPPU amhail dá dtagraítear i mír 1 a fháil, cuirfidh na húdaráis inniúla an soláthraí TPPUnna is iarratasóir ar an eolas faoi dá réir.

3.   Féadfaidh an soláthraí TPPUnna an TPPU a sholáthar agus féadfaidh an dáileoir TPPUnna an TPPU a dháileadh amhail ón dáta a chlárófar an TPPU sa chlár lárnach poiblí amhail dá dtagraítear in Airteagal 13.

Airteagal 8

Coinníollacha le haghaidh díchlárú TPPU

1.   Eiseoidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir le díchlárú an TPPU nuair is amhlaidh:

(a)

go ndéanann an soláthraí TPPUnna an clárúchán a thréigean go sainráite;

(b)

go ndearna an soláthraí TPPUnna an clárúchán a fháil trí ráitis bhréige a dhéanamh nó trí aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c)

go ndéanann an soláthraí TPPUnna an Rialachán seo a shárú go tromchúiseach nó go córasach; nó

(d)

nach ndéanann an soláthraí TPPUnna nó an TPPU na coinníollacha faoinar deonaíodh an clárúchán a chomhlíonadh a thuilleadh.

2.   Laistigh de 5 lá oibre ó chinneadh a ghlacadh maidir le díchlárú an TPPU, déanfaidh na húdaráis inniúla an cinneadh sin a chur in iúl do ÚEÁPC agus cuirfidh siad an soláthraí TPPUnna ar an eolas faoi dá réir.

3.   Laistigh de 5 lá oibre ón gcinneadh maidir le díchlárú amhail dá dtagraítear i mír 2 a fháil, déanfaidh ÚEÁPC an TPPU a dhíchlárú agus tabharfaidh sé fógra ina thaobh dá réir sin do na húdaráis inniúla.

4.   Laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra maidir le díchlárú an TPPU amhail dá dtagraítear i mír 3 a fháil, lena n-áirítear dáta an díchláraithe, cuirfidh na húdaráis inniúla an soláthraí TPPUnna is iarratasóir ar an eolas faoi dá réir.

5.   Ní dhéanfaidh an soláthraí TPPUnna an TPPU a sholáthar a thuilleadh agus ní dhéanfaidh an dáileoir TPPUnna an TPPU a dháileadh a thuilleadh amhail ón dáta a dhíchlárófar an TPPU sa chlár lárnach poiblí amhail dá dtagraítear in Airteagal 13.

6.   I gcás ina mbeidh faisnéis faighte ag ÚEÁPC maidir le ceann de na himthosca dá dtagraítear i bpointí (b) nó (c) de mhír 1 den Airteagal seo a bheith ann, i gcomhréir leis an dualgas comhair idir na húdaráis inniúla agus ÚEÁPC dá dtagraítear in Airteagal 66, iarrfaidh ÚEÁPC ar údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna a fhíorú gurb ann do na himthosca sin agus déanfaidh na húdaráis inniúla a dtátail agus an fhaisnéis chomhfhreagrach a thíolacadh do ÚEÁPC.

7.   Sula ndéanfaidh siad cinneadh maidir leis an TPPU a dhíchlárú, déanfaidh na húdaráis inniúla agus ÚEÁPC a ndícheall chun a áirithiú go ndéanfar leasanna na gcoigilteoirí TPPU a choimirciú.

Airteagal 9

Ainmniú

Ní fhéadfar an ainmníocht “Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach” nó “TPPU” i dtaca le táirge pinsin phearsanta a úsáid ach amháin i gcás ina mbeidh an táirge pinsin phearsanta cláraithe ag ÚEÁPC lena dháileadh faoin ainmníocht “TPPU” i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 10

Dáileadh TPPUnna

1.   Féadfaidh gnóthais airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) TPPUnna a mhonaraigh siad féin a dháileadh. Féadfaidh siad TPPUnna nár mhonaraigh siad féin a dháileadh freisin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad an dlí earnálach ábhartha ar i gcomhréir leis a fhéadfaidh siad táirgí nár mhonaraigh siad féin a dháileadh.

2.   Idirghabhálaithe árachais arna gclárú i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/97 agus gnólachtaí infheistíochta arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE chun comhairle infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe 4 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE a sholáthar, féadfaidh siad TPPUnna nár mhonaraigh siad féin a dháileadh.

Airteagal 11

An córas stuamachta is infheidhme maidir le cineálacha éagsúla soláthraithe

Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna an Rialachán seo a chomhlíonadh, chomh maith leis an gcóras stuamachta ábhartha is infheidhme maidir leo i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagail 6(1) agus 10(2).

Airteagal 12

Forálacha náisiúnta a fhoilsiú

1.   I gcás inarb infheidhme, maidir le téacsanna na ndlíthe náisiúnta, na rialachán náisiúnta agus na bhforálacha riaracháin náisiúnta lena rialaítear na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha amhail dá dtagraítear in Airteagal 47 agus na coinníollacha a bhaineann le céim an dícharntha amhail dá dtagraítear in Airteagal 57, lena n-áirítear faisnéis maidir le nósanna imeachta náisiúnta breise arna gcur i bhfeidhm chun buntáistí agus dreasachtaí arna socrú ar an leibhéal náisiúnta a chur i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás náisiúnta ábhartha iad a chur ar fáil don phobal agus a choimeád cothrom le dáta.

2.   Déanfaidh gach údarás inniúil i mBallstát nasc chuig na téacsanna dá dtagraítear i mír 1 a choinneáil agus a choimeád cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin.

3.   Is chun críocha faisnéise, agus chun na gcríoch sin amháin, a bheidh foilsiú na dtéacsanna dá dtagraítear i mír 1, agus ní chruthóidh sé oibleagáidí ná dliteanais dhlíthiúla do na húdaráis náisiúnta ábhartha.

Airteagal 13

Clár lárnach poiblí

1.   Coinneoidh ÚEÁPC clár lárnach poiblí ina sainaithneofar gach TPPU a chlárófar faoin Rialachán seo, uimhir chlárúcháin an TPPU, soláthraí TPPUnna an TPPU sin, údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna, dáta cláraithe an TPPU, liosta iomlán de na Ballstáit ina dtairgtear an TPPU sin agus liosta iomlán de na Ballstáit ar ina leith a dhéanann an soláthraí TPPUnna fochuntas a thairiscint. Beidh an clár ar fáil go poiblí i bhformáid leictreonach agus coinneofar cothrom le dáta é.

2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEÁPC ar an eolas faoi na naisc dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus coinneoidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta.

3.   Déanfaidh ÚEÁPC na naisc dá dtagraítear i mír 2 a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta sa chlár lárnach poiblí dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL III

SOLÁTHAR TRASTEORANN AGUS INIOMPARTHACHT TPPU

ROINN I

An tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus an tsaoirse bhunaíochta

Airteagal 14

An tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú ag soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna

1.   Féadfaidh soláthraithe TPPUnna TPPUnna a sholáthar, agus féadfaidh dáileoirí TPPUnna é a dháileadh, laistigh de chríoch Ballstáit óstaigh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta, ar choinníoll go ndéanfaidh siad é sin i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha arna mbunú le dlí sin an Aontais, nó faoi dhlí sin an Aontais, is infheidhme maidir leo dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (d) agus (e) d’Airteagal 6(1) nó in Airteagal 10(2) agus tar éis dóibh fógra a thabhairt go bhfuil rún acu fochuntas a oscailt don Bhallstát óstach sin i gcomhréir le hAirteagal 21.

2.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna amhail dá dtagraítear i bpointí (c) agus (f) d’Airteagal 6(1) na rialacha a leagtar amach in Airteagal 15 chomhlíonadh.

Airteagal 15

An tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus an tsaoirse bhunaíochta a fheidhmiú ag IORPanna agus AIFM AE

1.   Maidir le soláthraithe TPPUnna amhail dá dtagraítear i bpointí (c) agus (f) d’Airteagal 6(1) a bhfuil rún acu TPPUnna a sholáthar do choigilteoirí TPPU laistigh de chríoch Ballstáit óstaigh den chéad uair faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus tar éis dóibh fógra a thabhairt go bhfuil rún acu fochuntas a oscailt don Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 21, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d’údaráis inniúla a mBallstáit baile:

(a)

ainm agus seoladh an tsoláthraí TPPUnna;

(b)

an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna TPPUnna a sholáthar do choigilteoirí TPPU nó a dháileadh orthu.

2.   Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a gheobhaidh siad í, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis a tharchur chuig an mBallstát óstach maille le deimhniú go ndéanann an soláthraí TPPUnna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6(1) a chomhlíonadh. Déanfar an fhaisnéis a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh mura mbeidh cúis ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile a bheith in amhras i dtaobh leormhaitheas an struchtúir riaracháin i ndáil le soláthar an TPPU nó i dtaobh staid airgeadais an tsoláthraí TPPUnna amhail dá dtagraítear i bpointí (c) agus (f) d’Airteagal 6(1).

I gcás ina ndiúltóidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, tabharfaidh siad na cúiseanna leis an diúltú sin don soláthraí TPPUnna lena mbaineann laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fhaisnéis agus na doiciméid uile a fháil. Beidh an diúltú nó aon mhainneachtain freagra a thabhairt faoi réir an chirt achomharc a dhéanamh chun na gcúirteanna i mBallstát baile an tsoláthraí TPPUnna.

3.   Laistigh de 10 lá oibre, admhóidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh go bhfuarthas an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don soláthraí TPPUnna ina dhiaidh sin go bhfuil an fhaisnéis faighte ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus gur féidir leis an soláthraí TPPUnna tosú ar TPPU a sholáthar do choigilteoirí TPPU sa Bhallstát sin.

4.   In éagmais admháil fála amhail dá dtagraítear i mír 3 laistigh de 10 lá oibre ó dháta tharchur na faisnéise amhail dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don soláthraí TPPUnna gur féidir leis an soláthraí TPPUnna tosú ar sheirbhísí a sholáthar sa Bhallstát óstach sin.

5.   I gcás athrú ar aon chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an soláthraí TPPUnna fógra d’údaráis inniúil an Bhallstáit baile maidir leis an athrú sin mí amháin ar a laghad sula gcuirfidh sé an t-athrú chun feidhme. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a chur ar eolas faoin athrú a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 1 mí amháin tar éis dóibh an fógra a fháil.

6.   Féadfaidh na Ballstáit óstacha, chun críocha an nós imeachta sin, údaráis inniúla eile a ainmniú seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe 18 d’Airteagal 2 chun na cumhachtaí a thugtar d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a fheidhmiú. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún agus do ÚEÁPC, agus léireoidh siad aon chionroinnt ar na dualgais sin.

Airteagal 16

Cumhachtaí údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh

1.   I gcás ina mbeidh cúis ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh lena cheapadh go ndáiltear TPPU laistigh dá chríoch nó gur osclaíodh fochuntas don Bhallstát sin de shárú ar aon oibleagáidí a eascraíonn as na rialacha is infheidhme, amhail dá dtagraítear in Airteagal 3, déanfaidh siad a dtátail a tharchur chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna.

2.   Tar éis measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bheidh faighte de bhun mhír 1, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta iomchuí gan mhoill chun an staid a leigheas. Cuirfidh siad údaráis inniúla an Bhallstáit baile ar an eolas faoi aon bhearta den sórt sin.

3.   I gcás, d’ainneoin na mbeart a bheidh glactha ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile nó mar gheall ar na bearta sin a bheith neamhleor nó ar díth, agus ina leanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna de bheith ag dáileadh an TPPU ar bhealach ar léir é a bheith díobhálach do leasanna choigilteoirí TPPU an Bhallstáit óstaigh nó d’fheidhmiú ordúil an mhargaidh i gcomhair táirgí pinsin phearsanta sa Bhallstát sin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, tar éis údaráis inniúla an Bhallstáit baile a chur ar an eolas, bearta iomchuí a dhéanamh chun tuilleadh neamhrialtachtaí a chosc, lena n-áirítear, a mhéid a bheidh fíorghá leis, cosc a chur ar an soláthraí TPPUnna nó ar an dáileoir TPPUnna leanúint de TPPUnna a dháileadh laistigh dá gcríoch.

Sa bhreis air sin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile nó údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÁPC agus cúnamh a iarraidh air i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.   Ní dhéanfaidh mír 1 go mír 3 difear do chumhacht an Bhallstáit óstaigh bearta iomchuí agus neamh-idirdhealaitheacha a dhéanamh chun neamhrialtachtaí arna ndéanamh laistigh dá chríoch a chosc nó a phionósú, i gcásanna ina bhfuil sé fíor-riachtanach gníomhú láithreach chun cearta na dtomhaltóirí sa Bhallstát óstach a chosaint, agus i gcás ina bhfuil bearta coibhéiseacha an Bhallstáit baile neamhleor nó ar díth, nó i gcásanna ina bhfuil na neamhrialtachtaí contrártha d’fhorálacha náisiúnta dlí lena gcosnaítear an leas coiteann, a mhéid is fíorghá sin. Sna cásanna sin, beidh an fhéidearthacht ag na Ballstáit óstaigh cosc a chur ar an soláthraí TPPUnna nó ar an dáileoir TPPUnna gnó nua a sheoladh laistigh dá gcríoch.

5.   Aon bheart a ghlacfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh faoin Airteagal seo, cuirfear in iúl é don soláthraí TPPUnna nó don dáileoir TPPUnna i ndoiciméad dea-réasúnaithe agus tabharfar fógra faoi d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile gan moill mhíchuí.

ROINN II

Iniomparthacht

Airteagal 17

An tseirbhís iniomparthachta

1.   Agus a n-áit chónaithe á haistriú go Ballstát eile acu, beidh sé de cheart ag coigilteoirí TPPU úsáid a bhaint as seirbhís iniomparthachta trína dtugtar dóibh an ceart leanúint de ranníocaíochtaí a dhéanamh lena gcuntas TPPU reatha.

2.   Agus úsáid á baint acu as an tseirbhís iniomparthachta, tá coigilteoirí TPPU i dteideal seilbh a choimeád ar na buntáistí agus na dreasachtaí uile arna ndeonú ag an soláthraí TPPUnna agus a bhfuil nasc idir iad agus infheistíocht leanúnach ina TPPU féin.

Airteagal 18

An tseirbhís iniomparthachta a sholáthar

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an tseirbhís iniomparthachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a sholáthar do choigilteoirí TPPU a bhfuil cuntas TPPU acu leo agus a iarrfaidh an tseirbhís sin.

2.   Agus TPPU á mholadh aige, déanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna faisnéis a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha maidir leis an tseirbhís iniomparthachta agus maidir le cé na fochuntais atá ar fáil láithreach.

3.   Laistigh de 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh gach soláthraí TPPU fochuntais náisiúnta a thairiscint le haghaidh dhá Bhallstát ar a laghad arna iarraidh sin ar an soláthraí TPPUnna.

Airteagal 19

Fochuntais an TPPU

1.   I gcás ina ndéanfaidh soláthraithe TPPUnna seirbhís iniomparthachta a sholáthar do choigilteoirí TPPU i gcomhréir le hAirteagal 17, áiritheoidh soláthraithe TPPUnna, i gcás ina n-osclófar fochuntas nua laistigh de chuntas TPPU, go gcomhfhreagróidh sé do na ceanglais agus coinníollacha dlí, amhail dá dtagraítear in Airteagail 47 agus 57, arna gcinneadh ar an leibhéal náisiúnta i leith an TPPU ag Ballstát cónaithe nua an choigilteora TPPU. Déanfar gach idirbheart sa chuntas TPPU a iontráil i bhfochuntas comhfhreagrach. Na ranníocaíochtaí a dhéanfar leis an bhfochuntas, agus na haistarraingtí as an bhfochuntas, féadfaidh siad a bheith faoi réir téarmaí conartha ar leithligh.

2.   Gan dochar don dlí earnálach is infheidhme, féadfaidh soláthraithe TPPUnna a áirithiú freisin go gcomhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 trí chomhpháirtíocht a bhunú le soláthraí TPPUnna cláraithe eile (an “comhpháirtí”).

Ag féachaint do raon feidhme na bhfeidhmeanna a bheidh le déanamh ag an gcomhpháirtí, beidh an comhpháirtí cáilithe agus in inmhe tabhairt faoi na feidhmeanna tarmligthe. Déanfaidh an soláthraí TPPUnna comhaontú i scríbhinn leis an gcomhpháirtí. Beidh an comhaontú infheidhme le dlí agus saineofar go soiléir ann cearta agus oibleagáidí an tsoláthraí TPPUnna agus an chomhpháirtí. Comhlíonfaidh an comhaontú na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha maidir le tarmligean agus le seachfhoinsiú arna mbunú le dlí sin an Aontais, nó faoi dhlí sin an Aontais, is infheidhme maidir leo, amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1). D’ainneoin an chomhaontú sin, is é an soláthraí TPPUnna, agus eisean amháin, a bheidh faoi dhliteanas i leith a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo.

Airteagal 20

Fochuntas nua a oscailt

1.   Gan mhoill tar éis é a bheith curtha ar an eolas go bhfuil áit chónaithe an choigilteora TPPU aistrithe ag an gcoigilteoir TPPU chuig Ballstát eile, cuirfidh an soláthraí TPPU an coigilteoir TPPU ar an eolas faoin bhféidearthacht fochuntas nua a oscailt laistigh de chuntas TPPU an choigilteora TPPU agus faoin gcreat ama ar laistigh de a d’fhéadfaí an fochuntas sin a oscailt.

Sa chás sin, déanfaidh an soláthraí TPPUnna an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar saor in aisce don choigilteoir TPPU, ina mbeidh na ceanglais shonracha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 28(3) maidir leis an bhfochuntas a chomhfhreagraíonn do Bhallstát cónaithe nua an choigilteora TPPU.

I gcás nach mbeidh fochuntas nua ar fáil, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an coigilteoir TPPU ar an eolas faoin gceart soláthraithe a mhalartú gan mhoill agus saor in aisce, agus faoin bhféidearthacht leanúint de bheith ag coigilt san fhochuntas is deireanaí a osclaíodh.

2.   Má bhíonn rún ag an gcoigilteoir TPPU leas a bhaint as an bhféidearthacht fochuntas nua a oscailt, cuirfidh an coigilteoir TPPU an soláthraí TPPUnna ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

Ballstát cónaithe nua an choigilteora TPPU;

(b)

an dáta óna ndéanfar na ranníocaíochtaí a dhíriú chuig an bhfochuntas nua;

(c)

aon fhaisnéis ábhartha maidir le coinníollacha eile don TPPU.

3.   Féadfaidh an coigilteoir TPPU leanúint de bheith ag ranníoc leis an bhfochuntas is deireanaí a osclaíodh.

4.   Tairgfidh an soláthraí TPPUnna moladh pearsantaithe a sholáthar don choigilteoir TPPU ina míneofar arbh fhabhraí fochuntas nua a oscailt laistigh de chuntas TPPU an choigilteora TPPU agus ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfochuntas nua ná leanúint de bheith ag ranníoc leis an bhfochuntas is deireanaí a osclaíodh.

5.   I gcás nach mbeidh an soláthraí TPPUnna in ann a áirithiú go n-osclófar fochuntas nua a chomhfhreagróidh do Bhallstát Cónaithe nua an choigilteora TPPU, beidh an coigilteoir TPPU in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

soláthraí TPPUnna a mhalartú gan mhoill agus saor in aisce d’ainneoin cheanglais Airteagal 52(3) maidir lena mhinice is féidir malartú; nó

(b)

leanúint de bheith ag ranníoc leis an bhfochuntas is deireanaí a osclaíodh.

6.   Osclófar an fochuntas nua tríd an gconradh TPPU atá ann cheana idir an coigilteoir TPPU agus an soláthraí TPPUnna a leasú, i gcomhréir leis an dlí conarthach is infheidhme. Déanfar dáta na hoscailte a shainiú sa chonradh.

Airteagal 21

Faisnéis maidir le hiniomparthacht a sholáthar do na húdaráis inniúla

1.   An soláthraí TPPUnna ar mian leis fochuntas nua a oscailt do Bhallstát óstach den chéad uair, tabharfaidh sé fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile ina thaobh sin.

2.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis agus na doiciméid seo a leanas a áireamh san fhógra:

(a)

téarmaí conartha caighdeánacha an chonartha TPPU, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4, lena n-áirítear an iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfochuntas nua;

(b)

an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, ina bhfuil na ceanglais shonracha le haghaidh an fhochuntais a chomhfhreagraíonn don fhochuntas nua i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 28(3);

(c)

an Ráiteas Sochair TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 36;

(d)

faisnéis maidir le socruithe conarthacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(2), i gcás inarb infheidhme.

3.   Fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu atá nó nach bhfuil an doiciméadacht arna soláthar comhlánaithe agus déanfaidh siad í a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh laistigh de 10 lá oibre ón doiciméadacht chríochnaithe a fháil.

4.   Gan mhoill, admhóidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, go bhfuarthas an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 2.

5.   Cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don soláthraí TPPUnna ina dhiaidh sin go bhfuil an fhaisnéis faighte ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus gur féidir leis an soláthraí TPPUnna an fochuntas a oscailt don Bhallstát sin.

In éagmais admháil fála amhail dá dtagraítear i mír 4 laistigh de 10 lá oibre ó dháta tharchur na doiciméadachta amhail dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don soláthraí TPPUnna gur féidir an fochuntas don Bhallstát sin a oscailt.

6.   I gcás athrú ar aon chuid den fhaisnéis nó ar aon doiciméid dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh an soláthraí TPPUnna fógra d’údaráis inniúil an Bhallstáit baile maidir leis an athrú sin 1 mhí amháin ar a laghad sula gcuirfidh sé an t-athrú chun feidhme. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a chur ar eolas faoin athrú a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dóibh an fógra a fháil.

CAIBIDIL IV

CEANGLAIS DÁILEACHÁIN AGUS FAISNÉISE

ROINN I

Forálacha ginearálta

Airteagal 22

Prionsabal ginearálta

Agus gníomhaíochtaí dáileacháin á ndéanamh acu le haghaidh TPPUnna, gníomhóidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna go macánta, go cothrom agus go gairmiúil i gcónaí i gcomhréir le leas is fearr a gcustaiméirí TPPU.

Airteagal 23

Córas dáileacháin is infheidhme maidir le cineálacha éagsúla soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna

1.   I gcás dáileadh TPPUnna, déanfaidh na cineálacha éagsúla soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

gnóthais árachais amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(1) den Rialachán seo agus idirghabhálaithe árachais amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo, comhlíonfaidh siad an dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha a leagtar amach i gCaibidil V agus i gCaibidil VI de Threoir (AE) 2016/97, cé is moite d’Airteagail 20, 23, 25 agus Airteagal 30(3) den Treoir sin, maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe a dháileadh, aon dlí de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna glacadh faoi na rialacha sin i ndáil le dáileadh na dtáirgí sin agus an Rialachán seo, cé is moite d’Airteagal 34(4);

(b)

gnólachtaí infheistíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Rialachán seo, comhlíonfaidh siad an dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha maidir le margú agus dáileadh ionstraimí airgeadais a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(3) agus in Airteagail 23, 24 agus 25 de Threoir 2014/65/AE, cé is moite d’Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(3) agus (4) den Treoir sin, aon dlí de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna ghlacadh faoi na forálacha sin, agus an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 34(4);

(c)

comhlíonfaidh gach soláthraí TPPUnna agus dáileoir TPPUnna eile an dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha maidir le margú agus dáileadh ionstraimí airgeadais a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(3) agus in Airteagail 23, 24 agus 35 de Threoir 2014/65/AE, cé is moite d’Airteagal 24(2) agus Airteagal 25(2), (3) agus (4) den Treoir sin, aon dlí de chuid an Aontais is infheidhme go díreach arna glacadh faoi na forálacha sin agus an Rialachán seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 1 ach sa mhéid nach bhfuil aon fhoráil níos déine sa dlí náisiúnta is infheidhme lena dtugtar éifeacht do na rialacha a leagtar amach i gCaibidil V agus i gCaibidil VI de Threoir (AE) 2016/97.

Airteagal 24

Dáileadh leictreonach agus meáin inbhuanaithe eile

Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna na doiciméid agus an fhaisnéis uile faoin gCaibidil seo a sholáthar go leictreonach agus saor in aisce do chustaiméirí TPPU, ar choinníoll go mbeidh an custaiméir in ann an fhaisnéis sin a stóráil ar bhealach inrochtana lena húsáid amach anseo agus go ceann tréimhse ama is leormhaith chun críocha na faisnéise agus gur féidir an fhaisnéis a stórálfar a atáirgeadh leis an uirlis, gan an fhaisnéis sin a athrú.

Arna iarraidh sin, déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna na doiciméid agus an fhaisnéis sin a sholáthar saor in aisce ar mheán marthanach eile freisin, lena n-áirítear páipéar. Cuirfidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna custaiméirí TPPU ar an eolas faoin gceart atá acu a iarraidh go soláthrófaí cóip de na cáipéisí sin ar mheán marthanach eile, lena n-áirítear páipéar, saor in aisce.

Airteagal 25

Ceanglais maidir le formhaoirseacht agus rialachas táirgí

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna próiseas a chothabháil, a fheidhmiú agus a athbhreithniú chun gach TPPU a fhormheas, nó chun oiriúnuithe suntasacha a dhéanamh do TPPU atá ann cheana, sula ndéanfar é a dháileadh ar chustaiméirí TPPU.

Beidh an próiseas chun táirge a fhormheas comhréireach agus comhoiriúnach le cineál an TPPU.

Leis an bpróiseas chun táirge a fhormheas sonrófar spriocmhargadh aitheanta do gach TPPU, áiritheofar go ndéanfar measúnú ar na rioscaí ábhartha uile ar an spriocmhargadh aitheanta sin agus go mbeidh an straitéis dáilte a bheartófar comhsheasmhach leis an spriocmhargadh aitheanta, agus déanfar bearta réasúnacha lena áirithiú go ndéanfar an TPPU a dháileadh ar an spriocmhargadh sainaitheanta.

Tuigfidh an soláthraí TPPUnna na TPPUnna a sholáthróidh sé agus déanfaidh sé iad a athbhreithniú go rialta, agus aon teagmhas a d’fhéadfadh difear ábharach a dhéanamh don riosca ionchasach ar an spriocmhargadh sainaitheanta á chur san áireamh, chun a mheasúnú ar a laghad an leanfaidh na TPPUnna de bheith comhsheasmhach le riachtanais an spriocmhargaidh shainaitheanta agus an leanfaidh an straitéis dáilte a bheartófar de bheith iomchuí.

Cuirfidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis go léir is iomchuí faoin TPPU ar fáil do dháileoirí TPPUnna agus faoin bpróiseas chun táirge a fhormheas, lena n-áirítear spriocmhargadh sainaitheanta an TPPU.

Déanfaidh dáileoirí TPPUnna socruithe leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun an fhaisnéis a fháil dá dtagraítear i bhfomhír 5 agus chun tréithe agus spriocmhargadh sainaitheanta gach TPPU a thuiscint.

2.   Ní dochar na beartais, próisis agus socruithe dá dtagraítear san Airteagal seo do na ceanglais eile go léir faoin Rialachán seo nó is infheidhme dá bhua, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le nochtadh, oiriúnacht nó iomchuibheas, coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a bhainistiú, dreasachtaí agus tosca ESG.

ROINN II

Faisnéis réamhchonarthach

Airteagal 26

An doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.   Sula molfar TPPU do choigilteoirí TPPU, déanfaidh an soláthraí TPPUnna doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a tharraingt suas don táirge TPPU sin i gcomhréir le ceanglais na Roinne seo agus foilseoidh sé an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar a shuíomh gréasáin.

2.   Is éard a bheidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ná faisnéis réamhchonarthach. Beidh sé cruinn, cothrom, soiléir agus ní bheidh sé míthreorach. Soláthrófar faisnéis bhunriachtanach ann agus beidh sé i gcomhréir le haon doiciméid cheangailteacha chonarthacha, leis na codanna ábhartha de na doiciméid tairisceana agus le téarmaí agus coinníollacha an TPPU.

3.   Doiciméad neamhspleách a bheidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, agus beidh sé soiléir go bhfuil sé ar leithligh ó ábhair mhargaíochta. Ní bheidh aon chrostagairtí ann d’ábhair mhargaíochta. Féadfaidh crostagairtí a bheith ann do dhoiciméid eile, lena n-áirítear réamheolaire i gcás inarb infheidhme, ach amháin i gcás ina mbaineann na crostagairtí sin leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a bheith san áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU leis an Rialachán seo.

Déanfar doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar leith a tharraingt suas don TPPU Bunúsach.

4.   I gcás ina ndéanfaidh soláthraí TPPUnna réimse roghanna infheistíochta malartacha a thairiscint do choigilteoir TPPU sa dóigh nach bhféadfar an fhaisnéis uile a cheanglaítear in Airteagal 28(3) maidir leis na roghanna foluiteacha infheistíochta sin a sholáthar laistigh de dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU aonair, gonta agus neamhspleách, déanfaidh soláthraithe TPPUnna ceann amháin díobh seo a leanas a tháirgeadh:

(a)

doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU neamhspleách do gach rogha infheistíochta mhalartach;

(b)

doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU cineálach ina soláthrófar tuairisc chineálach ar a laghad ar na roghanna infheistíochta malartacha agus ina luafar cá háit agus cén chaoi ar féidir teacht ar fhaisnéis réamhchonarthach níos mionsonraithe a bhaineann leis na hinfheistíochtaí atá mar thaca leis na roghanna infheistíochta sin.

5.   I gcomhréir le hAirteagal 24, déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a tharraingt suas mar dhoiciméad gearr a bheidh scríofa ar bhealach gonta. Beidh sé:

(a)

curtha i láthair agus leagtha amach ar bhealach a bheidh éasca lena léamh, ag úsáid carachtar a bheidh inléite ó thaobh méide de;

(b)

ag díriú ar an bhfaisnéis bhunriachtanach atá ag teastáil ó chustaiméirí TPPU;

(c)

léirithe go soiléir agus scríofa i bhfriotal agus i stíl lena bhféadfar an fhaisnéis a thuiscint go héasca agus, go háirithe i bhfriotal a bheidh soiléir, gonta agus sothuigthe.

6.   I gcás ina n-úsáidfear dathanna sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, ní chuirfidh siad isteach ar a shothuigthe atá an fhaisnéis má dhéantar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a chló nó a fhótachóipeáil i ndubh agus bán.

7.   I gcás ina n-úsáidfear brandáil chorparáideach nó lógó an tsoláthraí TPPUnna nó an ghrúpa lena mbaineann sé sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, ní bhainfidh an méid sin aire den fhaisnéis atá sa doiciméad ná ní dhéanfaidh sé aon chuid den téacs a cheilt.

8.   De bhreis ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna tagairtí d’aon tuarascálacha atá ar fáil go poiblí maidir le staid airgeadais an tsoláthraí TPPUnna, lena n-áirítear a shócmhainneacht, a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha, rud a thabharfaidh rochtain éasca do choigilteoirí TPPU ionchasacha ar an bhfaisnéis sin.

9.   Soláthrófar do choigilteoirí TPPU ionchasacha freisin faisnéis maidir le feidhmíocht rogha infheistíochtaí an choigilteora TPPU roimhe sin, lena gcumhdófar feidhmíocht in imeacht 10 mbliana ar a laghad nó, i gcásanna inar soláthraíodh an TPPU ar feadh tréimhse is lú ná 10 mbliana, lena gcumhdófar na blianta go léir inar soláthraíodh an TPPU. Beidh an ráiteas “ní léiriú í feidhmíocht roimhe seo ar fheidhmíocht amach anseo” ag gabháil leis an bhfaisnéis maidir le feidhmíocht roimhe sin.

Airteagal 27

Friotal an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.   Déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a scríobh sna teangacha oifigiúla, nó i gceann amháin de na teangacha oifigiúla ar a laghad, a úsáidtear sa chuid den Bhallstát ina leithdháiltear an TPPU, nó i dteanga eile a nglacann údaráis inniúla an Bhallstáit sin léi, nó, i gcás inar scríobhadh i dteanga eile é, aistreofar go ceann amháin de na teangacha sin é.

Léireoidh an t-aistriúchán inneachar an bhundoiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU go dílis agus go cruinn.

2.   Má dhéantar TPPU a mhargú i mBallstát trí bhíthin ábhair mhargaíochta i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Bhallstáit sin, beidh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar a laghad sna teangacha oifigiúla comhfhreagracha.

3.   Arna iarraidh sin, déanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a chur ar fáil i bhformáid iomchuí do choigilteoirí TPPU a bhfuil lagú amhairc orthu.

Airteagal 28

Inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.   Beidh an teideal “Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí TPPU” le feiceáil go soiléir ar bharr an chéad leathanaigh den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU.

Cuirfear an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU i láthair san ord a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3.

2.   Beidh ráiteas míniúcháin go díreach faoin teideal. Is é a bheidh ann ná:

“Sa doiciméad seo, tugtar duit faisnéis bhunriachtanach faoin Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (TPPU) seo. Ní ábhar margaíochta atá ann. Ceanglaítear leis an dlí an fhaisnéis a thabhairt chun cabhrú leat cineál an táirge, na rioscaí, na costais, na gnóthachain agus na caillteanais fhéideartha a bhaineann leis an táirge pinsin phearsanta seo a thuiscint agus chun cabhrú leat comparáid a dhéanamh idir an táirge sin agus TPPUnna eile.”

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU:

(a)

ag tús an doiciméid: ainm an TPPU, cibé acu an TPPU Bunúsach é nó nach ea, céannacht agus sonraí teagmhála an tsoláthraí TPPUnna, faisnéis faoi údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna, uimhir chlárúcháin an TPPU sa chlár lárnach poiblí agus dáta an doiciméid;

(b)

an ráiteas: “Táirge fadtéarmach ag a bhfuil infhuascailteacht theoranta nach féidir a fhoirceannadh am ar bith is ea an táirge scoir ar a bhfuil tuairisc sa doiciméad seo.”;

(c)

faoi roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?”, cineál an TPPU agus a phríomhghnéithe, lena n-áirítear:

(i)

a chuspóirí fadtéarmacha agus na modhanna lena mbaint amach, go háirithe cibé an mbaintear na cuspóirí amach trí bhíthin neamhchosaint dhíreach nó indíreach ar na sócmhainní foluiteacha infheistíochta, lena n-áirítear tuairisc ar na hionstraimí nó na luachanna tagartha foluiteacha, lena n-áirítear sonrú ar na margaí a ndéanann an soláthraí TPPUnna infheistíocht iontu, chomh maith le míniú ar an mbealach a gcinntear an toradh;

(ii)

tuairisc ar an gcineál coigilteora TPPU dá bhfuil sé beartaithe an TPPU a mhargú, go háirithe ó thaobh chumas an choigilteora TPPU caillteanas infheistíochta a sheasamh agus ó thaobh na tréimhse infheistíochta ionchasaí;

(iii)

ráiteas i dtaobh

an soláthraítear ráthaíocht ar an gcaipiteal leis an TPPU bunúsach nó an teicníc maolaithe riosca atá ann atá i gcomhréir leis an gcuspóir atá ann maidir le cead a thabhairt don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh; nó

an soláthraítear agus a mhéid a sholáthraítear le haon rogha infheistíochta mhalartach, más infheidhme, ráthaíocht nó teicníc maolaithe riosca;

(iv)

tuairisc ar shochair scoir an TPPU, go háirithe na cineálacha féideartha eisíocaíochtaí agus an ceart modhnú a dhéanamh ar chineál na n-eisíocaíochtaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 59(1);

(v)

i gcás ina gcumhdaítear riosca bithmhéadrach leis an TPPU: mionsonraí faoi na rioscaí a chumhdaítear agus faoi na sochair árachais, lena n-áirítear na himthosca ina bhféadfar na sochair sin a éileamh;

(vi)

faisnéis maidir leis an tseirbhís iniomparthachta, lena n-áirítear tagairt don chlár lárnach poiblí dá dtagraítear in Airteagal 13 ina bhfuil faisnéis maidir leis na coinníollacha le haghaidh chéim an charntha agus chéim an dícharntha arna socrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagail 47 agus 57;

(vii)

ráiteas maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann don choigilteoir TPPU i gcás aistarraingt luath ón TPPU, lena n-áirítear na táillí uile is infheidhme, na pionóis, agus an fhéidearthacht go gcaillfí cosaint chaipitil agus buntáistí agus dreasachtaí féideartha eile;

(viii)

ráiteas maidir leis na hiarmhairtí don choigilteoir TPPU má stadann an coigilteoir TPPU de bheith ag ranníoc leis an TPPU;

(ix)

faisnéis faoi na fochuntais a bheidh ar fáil agus faoi chearta an choigilteora TPPU dá dtagraítear in Airteagal 20(5);

(x)

faisnéis faoin gceart atá ag an gcoigilteoir TPPU malartú agus an ceart faisnéis a fháil faoin tseirbhís malartaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 56;

(xi)

na coinníollacha le haghaidh mhodhnú na rogha infheistíochta arna roghnú dá dtagraítear in Airteagal 44;

(xii)

faisnéis, i gcás go bhfuil sí ar fáil, a bhaineann le feidhmíocht infheistíochtaí an tsoláthraí TPPUnna ó thaobh tosca ESG de;

(xiii)

an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh TPPU i gcás nach mbíonn saor-rogha dlí ag na páirtithe nó, i gcás ina bhfuil sé de shaoirse ag na páirtithe an dlí is infheidhme a roghnú, an dlí a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna a roghnú;

(xiv)

i gcás inarb infheidhme, an bhfuil tréimhse mharana nó tréimhse chealúcháin ann maidir leis an gcoigilteoir TPPU;

(d)

faoi roinn dar teideal “Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?”, tuairisc ghearr ar an bpróifíl riosca-luaíochta, ina mbeidh na gnéithe seo a leanas:

(i)

táscaire achomair riosca, a fhorlíonfar le míniú insinte faoin táscaire sin, na príomhtheorainneacha a bhaineann leis agus míniú insinte faoi na rioscaí atá ábhartha don TPPU agus nach n-áirítear go leormhaith faoin táscaire achomair riosca;

(ii)

uaschaillteanas féideartha an chaipitil infheistithe, lena n-áirítear, faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

an bhféadfaidh an coigilteoir TPPU an caipiteal infheistithe uile a chailleadh; nó

an iompróidh an coigilteoir TPPU an riosca maidir le gealltanais nó oibleagáidí breise airgeadais a thabhú;

(iii)

cásanna feidhmíochta iomchuí, agus na boinn tuisceana ar a bhfuil siad bunaithe;

(iv)

i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha i leith torthaí do choigilteoirí TPPU nó uasteorainneacha feidhmíochta ionsuite;

(v)

ráiteas go bhféadfadh tionchar a bheith ag dlí cánach Bhallstát baile an choigilteora TPPU ar an eisíocaíocht iarbhír;

(e)

faoi roinn dar teideal “Cad a tharlaíonn mura bhfuil [ainm an tsoláthraí TPPUnna] in ann an íocaíocht a thabhairt?”, beidh tuairisc ghearr ar cibé acu atá nó nach bhfuil an caillteanas gaolmhar cumhdaithe le cúiteamh infheisteora nó le scéim ráthaíochta agus, más rud é go bhfuil, cén scéim atá i gceist, cad is ainm don ráthóir agus cad iad na rioscaí a chumhdaítear leis an scéim agus na cinn nach gcumhdaítear;

(f)

faoi roinn dar teideal “Cad iad na costais?”, na costais a bhaineann le hinfheistíocht sa TPPU, lena gcuimseofar costais dhíreacha agus indíreacha a bheidh le híoc ag an gcoigilteoir TPPU, lena n-áirítear costais aonuaire agus athfhillteacha, a chuirtear i láthair trí tháscairí achoimre ar na costais sin agus, chun inchomparáideacht a áirithiú, iomlán na gcostas comhiomlán a léireofar i dtéarmaí airgeadaíochta agus céatadáin, chun éifeachtaí iolraithe na gcostas iomlán ar an infheistíocht a léiriú.

Léireofar go soiléir sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU go ndéanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna faisnéis a sholáthar ina mionsonrófar aon chostas dáileacháin nach bhfuil san áireamh cheana sna costais a shonraítear thuas, ionas go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann iarmhairt charnach na gcostas comhiomlán sin ar thoradh na hinfheistíochta a thuiscint;

(g)

faoi roinn dar teideal “Cad iad na ceanglais shonracha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do [mo Bhallstát cónaithe]?”:

(i)

faoi fhoroinn dar teideal: “Ceanglais do chéim na híocaíochta isteach”:

tuairisc ar na coinníollacha do chéim an charntha, arna gcinneadh ag Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU i gcomhréir le hAirteagal 47;

(ii)

faoi fhoroinn dar teideal: “Ceanglais do chéim na híocaíochta amach”:

tuairisc ar na coinníollacha do chéim an dícharntha, arna gcinneadh ag Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU i gcomhréir le hAirteagal 57;

(h)

faoi roinn dar teideal “Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?”: faisnéis faoin mbealach inar féidir le coigilteoir TPPU gearán a dhéanamh agus cé leis a fhéadfaidh sé gearán a dhéanamh maidir leis an TPPU nó le hiompraíocht an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna.

4.   Ceadófar srathú na faisnéise a éilítear faoi mhír 3 i gcás ina soláthrófar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU i bhformáid leictreonach, lenar féidir codanna mionsonraithe den fhaisnéis a chur i láthair trí mhíreanna aníos nó trí naisc chuig sraitheanna a ghabhann léi. Sa chás sin, beifear in ann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a phriontáil mar aon doiciméad amháin.

5.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus tar éis dó tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

mionsonraí an chur i láthair, lena n-áirítear cineál agus fad an doiciméid, agus inneachar gach ceann de na gnéithe faisnéise dá dtagraítear i mír 3;

(b)

an mhodheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta amhail dá dtagraítear i bpointí (d)(i) agus (iii) de mhír 3;

(c)

an mhodheolaíocht chun na costais a ríomh, lena n-áirítear sonrú na dtáscairí achoimre, amhail dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3;

(d)

i gcás ina gcuirfear faisnéis i láthair i bhformáid leictreonach trí shrathú faisnéise, cén fhaisnéis a bheidh sa chéad sraith, agus cén fhaisnéis a fhéadfar a sholáthar i sraitheanna breise an mhionsonraithe.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, cuirfidh ÚEÁPC san áireamh na cineálacha éagsúla TPPUnna a d’fhéadfadh a bheith ann, cineál fadtéarmach an TPPU, acmhainneachtaí coigilteoirí TPPU, agus gnéithe na TPPUnna, chun a cheadú don choigilteoir TPPU rogha a dhéanamh idir roghanna infheistíochtaí éagsúla agus roghanna eile dá bhforáiltear leis an TPPU, lena n-áirítear i gcás ina bhféadfar an rogha sin a dhéanamh ag pointí éagsúla ama, nó ina bhféadfar an rogha a athrú amach anseo.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 29

Ábhair mhargaíochta

Maidir le haon ábhar margaíochta ina bhfuil faisnéis shonrach a bhaineann leis an TPPU, ní áireofar ann aon ráiteas atá contrártha don fhaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU nó a bhaineann de thábhacht an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU. Cuirfear in iúl le hábhair mhargaíochta go bhfuil doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar fáil agus soláthrófar faisnéis leo maidir le conas is féidir teacht air agus cá háit ar féidir teacht air, lena n-áirítear suíomh gréasáin an tsoláthraí TPPUnna.

Airteagal 30

Athcheartú ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU

1.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a athbhreithniú ar bhonn bliantúil ar a laghad agus déanfaidh sé athcheartú ar an doiciméad go pras i gcás ina léirítear san athbhreithniú gur gá athruithe a dhéanamh. Déanfar an leagan athcheartaithe a chur ar fáil go pras.

2.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus tar éis dó tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na coinníollacha faoina ndéanfar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a athbhreithniú agus a athcheartú.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiún faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 31

Dliteanais shibhialta

1.   Ní thabhóidh an soláthraí TPPUnna aon dliteanas sibhialta ar bhonn an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU amháin, lena n-áireofar aon aistriúchán de, mura bhfuil sé míthreorach, míchruinn nó neamhréireach leis na codanna ábhartha de dhoiciméid réamhchonarthacha agus chonarthacha atá ceangailteach ó thaobh an dlí de nó leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 28.

2.   Maidir le coigilteoir TPPU a léiríonn gur bhain caillteanas dó mar gheall ar é a bheith ag brath ar dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU faoi na cúinsí dá dtagraítear i mír 1, agus conradh TPPU á thabhairt i gcrích aige ar táirgeadh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU sin lena aghaidh, féadfaidh sé damáistí a éileamh ón soláthraí TPPUnna i leith an chaillteanais sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

3.   Maidir le gnéithe amhail “caillteanas” nó “damáistí” amhail dá dtagraítear i mír 2 nach sainmhínítear, léirmhíneofar agus cuirfear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme mar a chinntear le rialacha ábhartha an dlí phríobháidigh idirnáisiúnta.

4.   Leis an Airteagal seo, ní dhéantar éilimh bhreise maidir le dliteanas sibhialta a eisiamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

5.   Ní dhéanfar na hoibleagáidí faoin Airteagal seo a theorannú ná a tharscaoileadh le clásail chonarthacha.

Airteagal 32

Conarthaí TPPU lena gcumhdaítear rioscaí bithmhéadracha

I gcás ina mbaineann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU le conradh TPPU lena gcumhdaítear rioscaí bithmhéadracha, is i leith an choigilteora TPPU, agus ina leith siúd amháin, a bheidh oibleagáidí an tsoláthraí TPPUnna faoin roinn seo.

Airteagal 33

An doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar

1.   Agus comhairle á tabhairt acu maidir le TPPU nó TPPU á thairiscint lena dhíol acu, déanfaidh soláthraí TPPU nó dáileoir TPPU gach doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 26 a sholáthar do choigilteoirí TPPU ionchasacha, in am trátha sula mbeidh na coigilteoirí TPPU sin faoi cheangal ag aon chonradh TPPU nó ag aon tairiscint a bhaineann leis an gconradh TPPU sin.

2.   Féadfaidh soláthraí TPPU nó dáileoir TPPU ceanglais mhír 1 a chomhlíonadh tríd an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar do dhuine nádúrtha agus é údaraithe i scríbhinn go bhféadfaidh sé cinntí infheistíochta a dhéanamh thar ceann an choigilteora TPPU i ndáil leis na hidirbhearta a thugtar i gcrích faoin údarás i scríbhinn sin.

3.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile i gcás inarb infheidhme, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar mar a leagtar síos i mír 1.

Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

ROINN III

Comhairle

Airteagal 34

Éilimh agus riachtanais a shonrú agus comhairle a sholáthar

1.   Sula dtabharfar conradh TPPU chun críche, déanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna, ar bhonn na faisnéise a éilíodh ar an gcoigilteoir TPPU ionchasach, agus a fuarthas uaidh, éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU ionchasaigh sin a bhaineann le scor a shonrú, lena n-áirítear an gá a d’fhéadfadh a bheith le táirge a fháil lena dtairgtear blianachtaí, agus soláthróidh sé don choigilteoir TPPU ionchasach faisnéis oibiachtúil maidir leis an TPPU i bhfoirm shothuigthe chun go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann cinneadh eolasach a dhéanamh.

Beidh aon chonradh TPPU a mholfar comhsheasmhach le héilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU a bhaineann le scor, agus a theidlíochtaí nó a teidlíochtaí fabhraithe scoir á gcur san áireamh.

2.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna comhairle a thabhairt don choigilteoir TPPU ionchasach sula ndéanfar an conradh TPPU a thabhairt i gcrích agus soláthrófar moladh pearsantaithe don choigilteoir TPPU ionchasach ina míneofar cén fáth ar fearr a chomhlíonfadh TPPU ar leith, lena n-áirítear rogha infheistíochta ar leith, más infheidhme, éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU.

Ina theannta sin, soláthróidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna réamh-mheastacháin sochair pinsin phearsanta don choigilteoir TPPU ionchasach i leith an táirge arna mholadh bunaithe ar an dáta is luaithe ar a bhféadfar tús a chur le céim an dícharntha agus mar aon le séanadh go bhféadfaidh na meastacháin sin a bheith éagsúil le luach deiridh na sochar a gheofar. Má bhíonn na réamh-mheastacháin sochair pinsin bunaithe ar chásanna eacnamaíocha, áireofar san fhaisnéis sin freisin an cás is fearr de réir na meastachán agus cás neamhfhabhrach, agus cineál sonrach an chonartha TPPU á chur san áireamh;

3.   Má thairgtear TPPU Bunúsach d’uireasa, ar a laghad, ráthaíocht ar an gcaipiteal, míneoidh an soláthraí TPPU nó an dáileoir TPPUnna go soiléir gur ann do TPPUnna lena ngabhann ráthaíocht ar an gcaipiteal, na cúiseanna le TPPU a mholadh bunaithe ar theicníc maolaithe riosca atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ann maidir le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh agus léireoidh sé go soiléir aon rioscaí breise a d’fhéadfadh a bheith i gceist le TPPUnna den chineál sin i gcomparáid le TPPU Bunúsach atá bunaithe ar ráthaíocht chaipitil lena soláthraítear ráthaíocht ar an gcaipiteal. Is i bhformáid scríofa a thabharfar an míniú sin.

4.   Agus comhairle tabhairt aige, iarrfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) den Rialachán seo ar an gcoigilteoir TPPU ionchasach faisnéis a sholáthar maidir le heolas agus taithí an duine sin sa réimse infheistíochta atá ábhartha don TPPU arna thairiscint nó arna éileamh agus le staid airgeadais an duine sin, lena n-áirítear a chumas nó a cumas caillteanais a iompar, agus a chuspóirí nó a cuspóirí infheistíochta, lena n-áirítear a lamháltas riosca, ionas go mbeidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna in ann TPPU amháin nó níos mó a bheidh oiriúnach don duine sin a mholadh don choigilteoir TPPU ionchasach agus, go háirithe, TPPU amháin nó níos mó a bheidh i gcomhréir lena lamháltas nó lena lamháltas riosca agus lena chumas nó a cumas caillteanais a iompar.

5.   Ní laghdófar freagrachtaí an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna mar gheall ar chomhairle a bheith tugtha go hiomlán nó go páirteach trí chóras uathoibrithe nó leath-uathoibríoch.

6.   Gan dochar don dlí earnálach is infheidhme atá níos déine, áiritheoidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna go mbeidh an t-eolas agus an inniúlacht is gá ag daoine nádúrtha a thugann comhairle maidir le TPPUnna chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus léireoidh siad an méid sin do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin. Foilseoidh na Ballstáit na critéir a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar an gcineál sin eolais agus inniúlachta.

ROINN IV

Faisnéis le linn thréimhse an chonartha

Airteagal 35

Forálacha ginearálta

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna doiciméad achomair pearsanta a tharraingt suas, a bheidh le soláthar le linn chéim an charntha, ina mbeidh faisnéis bhunriachtanach do gach coigilteoir TPPU agus aird á tabhairt ar chineál sonrach na gcóras pinsin náisiúnta agus aon dlí ábhartha, lena n-áirítear an dlí náisiúnta sóisialta, saothair agus cánachais (Ráiteas Sochair TPPU). Beidh na focail “Ráiteas Sochair TPPU” i dteideal an doiciméid.

2.   Déanfar an dáta cruinn dá dtagraíonn an fhaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU a lua go feiceálach.

3.   Beidh an fhaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU cruinn agus cothrom le dáta.

4.   Gach bliain, déanfaidh an soláthraí TPPUnna an Ráiteas Sochair TPPU a chur ar fáil do gach coigilteoir TPPU.

5.   Léireofar go soiléir aon athrú ábharach ar an bhfaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU i gcomparáid leis an ráiteas roimhe sin.

6.   Sa bhreis ar an Ráiteas Sochair TPPU, cuirfear an coigilteoir TPPU ar an eolas go pras le linn théarma iomlán an chonartha maidir le haon athrú a bhaineann leis an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

téarmaí an chonartha, lena n-áirítear coinníollacha beartais ginearálta agus speisialta;

(b)

ainm an tsoláthraí TPPUnna, a chineál dlíthiúil nó seoladh a cheannoifige agus, i gcás inarb iomchuí, an brainse inar tugadh an conradh i gcrích;

(c)

faisnéis faoin gcaoi a gcuirfear tosca ESG san áireamh sa bheartas infheistíochta.

Airteagal 36

Ráiteas Sochair TPPU

1.   Beidh sa Ráiteas Sochair TPPU an fhaisnéis bhunriachtanach seo a leanas ar a laghad do choigilteoirí TPPU:

(a)

sonraí pearsanta an choigilteora TPPU agus an dáta is luaithe ar a bhféadfar tús a chur le céim an dícharntha i gcás aon fhochuntais;

(b)

ainm agus seoladh teagmhála an tsoláthraí TPPUnna agus sainaithint an chonartha TPPU;

(c)

an Ballstát ina bhfuil an soláthraí TPPUnna údaraithe nó cláraithe agus ainmneacha na n-údarás inniúil;

(d)

faisnéis maidir le réamh-mheastacháin sochair pinsin bunaithe ar an dáta dá dtagraítear i bpointe (a), agus séanadh go bhféadfadh na réamh-mheastacháin sin a bheith éagsúil le luach deiridh na sochar TPPU a gheofar. Má bhíonn na réamh-mheastacháin sochair pinsin bunaithe ar chásanna eacnamaíocha, áireofar san fhaisnéis sin freisin an cás is fearr de réir na meastachán agus cás neamhfhabhrach, agus cineál sonrach an chonartha TPPU á chur san áireamh;

(e)

faisnéis maidir leis na ranníocaíochtaí a d’íoc an coigilteoir TPPU nó aon tríú páirtí isteach sa chuntas TPPU le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin;

(f)

miondealú ar na costais uile a thabhaigh an coigilteoir TPPU, go díreach agus go hindíreach, le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin, lena léireofar na costais riaracháin, na costais a bhaineann le sócmhainní a choinneáil slán, na costais a bhaineann le hidirbhearta punainne agus costais eile, mar aon le meastachán ar thionchar na gcostas ar na sochair deiridh TPPU; ba cheart na costais sin a shloinneadh i dtéarmaí airgeadaíochta agus mar chéatadán de na ranníocaíochtaí le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin;

(g)

i gcás inarb infheidhme, cineál agus córas na ráthaíochta nó na dteicnící maolaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 46;

(h)

i gcás inarb infheidhme, líon agus luach na n-aonad a chomhfhreagraíonn do ranníocaíochtaí an choigilteora TPPU le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin;

(i)

an tsuim iomlán i gcuntas TPPU an choigilteora TPPU ar dháta an ráitis dá dtagraítear in Airteagal 35;

(j)

faisnéis maidir le feidhmíocht rogha infheistíochta an choigilteora TPPU roimhe sin lena gcumhdaítear feidhmíocht in imeacht 10 mbliana ar a laghad nó, i gcásanna inar soláthraíodh an TPPU ar feadh tréimhse is lú ná 10 mbliana, faisnéis lena gcumhdaítear na blianta go léir inar soláthraíodh an TPPU. Beidh an ráiteas “ní léiriú í feidhmíocht roimhe seo ar an bhfeidhmíocht amach anseo” ag gabháil leis an bhfaisnéis maidir le feidhmíocht roimhe sin;

(k)

i gcás cuntais TPPU ag a bhfuil níos mó ná aon fhochuntas amháin, déanfar an fhaisnéis sa Ráiteas Sochair TPPU a mhiondealú le haghaidh na bhfochuntas uile atá ann cheana;

(l)

faisnéis achomair faoin mbeartas infheistíochta a bhaineann le tosca ESG.

2.   Déanfaidh ÚEÁPC, i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis na húdaráis inniúla, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na rialacha chun na toimhdí i leith réamh-mheastacháin sochair pinsin dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 34(2) a chinneadh. Cuirfidh soláthraithe TPPUnna na rialacha sin i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha, chun ráta bliantúil torthaí infheistíochta ainmniúla, an ráta boilscithe bliantúil agus treocht na dtuarastal todhchaíoch a chinneadh.

Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

Airteagal 37

Faisnéis fhorlíontach

1.   Sonrófar sa Ráiteas Sochair TPPU cén áit ar féidir teacht ar fhaisnéis fhorlíontach agus an chaoi ar féidir teacht uirthi lena n-áirítear:

(a)

tuilleadh faisnéis phraiticiúil faoi chearta agus roghanna an choigilteora TPPU, lena n-áirítear faisnéis maidir le hinfheistíochtaí, céim an dícharntha, an tseirbhís malartaithe agus an tseirbhís iniomparthachta;

(b)

cuntais bhliantúla agus tuarascálacha bliantúla an tsoláthraí TPPUnna atá ar fáil go poiblí;

(c)

ráiteas i scríbhinn maidir le prionsabail bheartas infheistíochta an tsoláthraí TPPUnna ina bhfuil, ar a laghad, faisnéis maidir leis na modhanna le riosca infheistíochta a thomhas, na próisis bainistithe riosca a chuirfear i bhfeidhm agus an leithdháileadh straitéiseach sócmhainní i dtaca le cineál agus tréimhse dliteanas TPPU, mar aon leis an gcaoi a gcuirfear tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais (EGS) san áireamh sa bheartas infheistíochta;

(d)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na toimhdí a úsáidfear do mhéideanna a shloinnfear i mblianachtaí, go háirithe i ndáil leis an ráta blianachtaí, an cineál soláthraí TPPUnna agus fad na blianachta;

(e)

leibhéal na sochar TPPU, i gcás fuascailte roimh an dáta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 36(1).

2.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach Airteagal 36 agus an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus tar éis dó tástáil tomhaltóirí agus tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar na mionsonraí i dtaobh chur i láthair na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 36 agus san Airteagal seo. I ndáil le cur i láthair na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe sin dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 36(1), déanfar na difríochtaí idir na roghanna infheistíochta a chur san áireamh, go háirithe má iompraíonn an coigilteoir TPPU riosca infheistíochta nó má tá an rogha infheistíochta spleách ar aois nó má tá comhoiriúnú marthanachta ar áireamh inti.

Cuirfidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

3.   Gan dochar d’Airteagal 34(2) ná do phointe (d) d’Airteagal 36(1), chun go bhféadfaí comparáid a dhéanamh le táirgí náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar sholáthraithe TPPUnna breis réamh-mheastacháin sochair pinsin a sholáthar do choigilteoirí TPPU i gcás ina socróidh na Ballstáit faoi seach na rialacha chun na toimhdí a chinneadh.

Airteagal 38

Faisnéis a bheidh le tabhairt do choigilteoirí TPPU le linn na céime réamhscoir agus do thairbhithe TPPU le linn chéim an dícharntha

1.   Sa bhreis ar an Ráiteas Sochair TPPU, soláthróidh soláthraithe TPPUnna do gach coigilteoir TPPU, 2 mhí roimh na dátaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 59(1) nó arna iarraidh sin ag an gcoigilteoir TPPU, faisnéis maidir leis an tús a chuirfear go gairid le céim an dícharntha, maidir le cineálacha féideartha na n-eisíocaíochtaí agus maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfadh an coigilteoir TPPU modhnú a dhéanamh ar chineál na n-eisíocaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 59(1).

2.   Le linn chéim an dícharntha, déanfaidh soláthraithe TPPUnna, ar bhonn bliantúil, faisnéis maidir leis na sochair TPPU a bheidh dlite agus leis an bhfoirm eisíocaíochtaí comhfhreagracha a sholáthar do thairbhithe TPPU.

I gcás ina leanfaidh an coigilteoir TPPU de ranníocaíochtaí a dhéanamh nó de riosca infheistíochta a iompar le linn chéim an dícharntha, leanfaidh an soláthraí de bheith ag soláthar an Ráitis Sochair TPPU ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha.

Airteagal 39

Faisnéis a bheidh le tabhairt do choigilteoirí TPPU agus do thairbhithe TPPU, arna iarraidh sin acu

Ar iarraidh ó choigilteoir TPPU, ó thairbhí TPPU nó óna n-ionadaithe, soláthróidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis fhorlíontach dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus faisnéis fhorlíontach maidir leis na toimhdí a úsáidfear chun na meastacháin dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 36(1) a ghiniúint.

ROINN V

Tuairisciú chuig údaráis náisúnta

Airteagal 40

Forálacha ginearálta

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis is gá chun críocha maoirseachta a thíolacadh dá n-údaráis inniúla, sa bhreis ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoin dlí earnálach ábhartha. San fhaisnéis bhreise sin beidh, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis is gá chun na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh agus próiseas athbhreithnithe maoirseachta ar siúl:

(a)

measúnú a dhéanamh ar an gcóras rialála a chuirfidh soláthraithe TPPUnna i bhfeidhm, an gnó a bhfuil siad ina bhun, na prionsabail luachála a chuirfear i bhfeidhm chun críche sócmhainneachta, na rioscaí a rachfar i ngleic leo agus na córais bainistithe riosca, agus a strúchtúr caipitil, a riachtanais chaipitil agus a mbainistíocht chaipitil;

(b)

cinntí oiriúnacha a dhéanamh a thiocfaidh as feidhmiú a gceart agus a gcúraimí maoirseachta.

2.   Sa bhreis ar na cumhachtaí a tharmligtear chucu de réir an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí seo a leanas ag na húdaráis inniúla:

(a)

cineál, raon feidhme agus formáid na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh, ar faisnéis í a chuireann siad de cheangal ar sholáthraithe TPPUnna í a thíolacadh ag eatraimh réamhshainithe, tráth a tharlódh teagmhais réamhshainithe nó le linn fiosruithe maidir le staid soláthraí TPPUnna;

(b)

chun aon fhaisnéis a fháil ó na soláthraithe TPPUnna maidir le conarthaí atá á gcoinneáil ag soláthraithe TPPUnna nó maidir le conarthaí a dhéanfar le tríú páirtithe; agus

(c)

faisnéis a éileamh ó shaineolaithe seachtracha, amhail iniúchóirí agus achtúirí.

3.   Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:

(a)

gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla, nó aon teaglaim iomchuí díobh sin;

(b)

gnéithe stairiúla, reatha nó ionchasacha, nó aon teaglaim iomchuí díobh sin;

(c)

sonraí ó fhoinsí inmheánacha nó seachtracha, nó aon teaglaim iomchuí díobh sin;

4.   Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:

(a)

déanfaidh sí cineál, scála agus castacht ghnó an tsoláthraí TPPUnna lena mbaineann a léiriú, go háirithe na rioscaí a bhaineann leis an ngnó sin;

(b)

beidh sí inrochtana, iomlán ó thaobh na ngnéithe ábhartha de, inchomparáide agus comhleanúnach thar am;

(c)

beidh sí ábhartha iontaofa agus intuigthe.

5.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis seo a leanas a thíolacadh chuig na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil:

(a)

cad iad na Ballstáit a ndéanfaidh an soláthraí TPPUnna fochuntais a thairiscint ina leith;

(b)

líon na bhfógraí i gcomhréir le hAirteagal 20(1) a gheofar ó choigilteoirí TPPU a bhfuil a n-áit chónaithe athraithe acu go Ballstát eile;

(c)

líon na n-iarrataí ar fhochuntas a oscailt agus líon na bhfochuntas arna n-oscailt i gcomhréir le hAirteagal 20(2);

(d)

líon na n-iarrataí ó choigilteoirí TPPU ar mhalartú agus líon na n-aistrithe iarbhír a dhéanfar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 20(5);

(e)

líon na n-iarrataí ó choigilteoirí TPPU ar mhalartú agus líon na n-aistrithe iarbhír a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 52(3).

Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig ÚEÁPC.

6.   Beidh córais agus struchtúir iomchuí i bhfeidhm ag soláthraithe TPPUnna chun na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 go 5 a chomhlíonadh, mar aon le beartas i scríbhinn, a bheidh formheasta ag comhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an tsoláthraí TPPUnna, ar córais agus struchtúir iad lena n-áiritheofar, ar bhonn leanúnach, a iomchuí atá an fhaisnéis a thíolacfar.

7.   Arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla agus chun na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích, beidh rochtain ag ÚEÁPC ar an bhfaisnéis arna tíolacadh ag soláthraithe TPPUnna.

8.   I gcás ina mbeidh ranníocaíochtaí agus sochair TPPUnna incháilithe do bhuntáistí nó do dhreasachtaí, déanfaidh an soláthraí TPPUnna, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha, an fhaisnéis uile is gá chun na buntáistí agus na dreasachtaí sin a fuarthas maidir leis na ranníocaíochtaí agus na sochair sin a sholáthar nó a aisghabháil, a thíolacadh chuig an údarás náisiúnta ábhartha, i gcás inarb infheidhme.

9.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear i míreanna 1 go dtí 5 den Airteagal seo a shonrú, d’fhonn cóineasú sa tuairisciú maoirseachta a áirithiú a mhéid is iomchuí.

Déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile agus leis na húdaráis inniúla agus tar éis tástáil tionscail a bheith déanta, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt maidir le formáid an tuairiscithe maoirseachta.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

CAIBIDIL V

CÉIM AN CHARNTHA

ROINN I

Rialacha infheistíochta do sholáthraithe TPPUnna

Airteagal 41

Rialacha infheistíochta

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna na sócmhainní a chomhfhreagraíonn don TPPU a infheistiú i gcomhréir le riail “an duine stuama” agus go háirithe i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

déanfar na sócmhainní a infheistiú chun leasanna fadtéarmacha is fearr na gcoigilteoirí TPPU i gcoitinne. I gcás coinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, áiritheoidh an soláthraí TPPUnna, nó an t-eintiteas a bhainistíonn a phunann, go ndéanfar an infheistíocht chun leasa na gcoigilteoirí TPPU agus chun an leasa sin amháin;

(b)

laistigh de riail an duine stuama, cuirfidh soláthraithe TPPUnna san áireamh na rioscaí a bhaineann le cinntí infheistíochta agus an tionchar fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le tosca ESG;

(c)

déanfar na sócmhainní a infheistiú sa chaoi go n-áiritheofar slándáil, cáilíocht, leachtacht agus brabúsacht na punainne ina hiomláine;

(d)

déanfar na sócmhainní a infheistiú go príomha i margaí rialáilte. Déanfar an infheistíocht i sócmhainní nach ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh airgeadais rialáilte a choinneáil ar leibhéil stuama;

(e)

féadfar infheistiú a dhéanamh in ionstraimí díorthacha a mhéid is a rannchuidíonn ionstraimí den chineál sin le rioscaí infheistíochta a laghdú nó le bainistiú punainne éifeachtúil a éascú. Déanfar na hionstraimí sin a luacháil ar bhonn stuama, agus an tsócmhainn fholuiteach á cur san áireamh, agus áireofar iad i luacháil sócmhainní soláthraí TPPUnna. Déanfaidh soláthraithe TPPUnna riosca neamhchosanta iomarcach ar chontrapháirtí aonair agus ar oibríochtaí díorthacha eile a sheachaint freisin;

(f)

déanfar na sócmhainní a éagsúlú go cuí chun go seachnófar an spleáchas iomarcach ar aon sócmhainn, eisitheoir nó grúpa gnóthas ar leith agus carnadh riosca sa phunann ina hiomláine. Ní dhéanfaidh infheistíochtaí i sócmhainní a eiseoidh an t-eisitheoir céanna nó eisitheoirí a bhaineann leis an ngrúpa céanna soláthraí TPPUnna a neamhchosaint ar chomhchruinniú riosca iomarcacha;

(g)

ní dhéanfar na sócmhainní a infheistiú i ndlínse neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach arna sainaithint i gconclúidí is infheidhme na Comhairle maidir leis an liosta de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach, ná i dtríú tír ardriosca ina bhfuil easnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag an Rialachán Tarmligthe is infheidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849;

(h)

ní dhéanfaidh an soláthraí TPPUnna é féin ná na sócmhainní a chomhfhreagraíonn don TPPU a chur ar neamhchosaint ar rioscaí a thagann as luamhánú iomarcach agus as claochlú aibíochta iomarcach.

2.   Ní bheidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i bpointí (a) go (h) de mhír 1 ach amháin sa mhéid nach bhfuil aon fhoráil níos déine sa dlí earnálach ábhartha is infheidhme maidir leis an soláthraí TPPUnna.

ROINN II

Roghanna infheistíochta do choigilteoirí TPPU

Airteagal 42

Forálacha ginearálta

1.   Féadfaidh soláthraithe TPPUnna suas le sé rogha infheistíochta a thairiscint do choigilteoirí TPPU.

2.   Beidh an TPPU bunúsach san áireamh sna roghanna infheistíochta agus féadfaidh roghanna infheistíochta malartacha a bheith san áireamh iontu freisin.

3.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna na roghanna infheistíochta uile a cheapadh ar bhonn ráthaíochta nó teicníc maolaithe riosca lena n-áiritheofar cosaint leordhóthanach do choigilteoirí TPPU.

4.   Beidh soláthar na ráthaíochtaí faoi réir an dlí earnálaigh ábhartha is infheidhme maidir leis an soláthraí TPPUnna.

5.   Ní fhéadfaidh soláthraithe TPPUnna dá dtagraítear i bpointí (c), (d), (e) agus (f) d’Airteagal 6(1) TPPU a bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis a thairiscint ach amháin trí chomhoibriú le hinstitiúidí creidmheasa nó le gnóthais árachais ar féidir leo ráthaíochtaí den sórt sin a sholáthar de réir an dlí earnálaigh is infheidhme maidir leo. Is iad na hinstitiúidí nó na gnóthais sin, agus iad sin amháin, a bheidh faoi dhliteanas i leith na ráthaíochta.

Airteagal 43

Roghnú na rogha infheistíochta ag an gcoigilteoir TPPU

Tar éis don choigilteoir TPPU an fhaisnéis agus an chomhairle ábhartha a fháil, roghnóidh sé nó sí rogha infheistíochta, agus an conradh TPPU á thabhairt i gcrích aige nó aici.

Airteagal 44

Coinníollacha maidir le modhnú na rogha infheistíochta a roghnaíodh

1.   Má chuireann an soláthraí TPPUnna roghanna infheistíochta malartacha ar fáil, beidh an coigilteoir TPPU, agus carnadh á dhéanamh aige nó aici sa TPPU, in ann rogha infheistíochta éagsúil a roghnú tar éis íostréimhse 5 bliana ó thabhairt i gcrích an chonartha TPPU agus, i gcás ina ndéanfar athruithe ina dhiaidh sin, tar éis 5 bliana ón athrú is déanaí ar an rogha infheistíochta. Féadfaidh an soláthraí TPPUnna a cheadú don choigilteoir TPPU an rogha infheistíochta arna roghnú a mhodhnú níos minice.

2.   Déanfar an modhnú ar an rogha infheistíochta saor in aisce don choigilteoir TPPU.

Airteagal 45

An TPPU Bunúsach

1.   Is táirge sábháilte a bheidh sa TPPU bunúsach, arb ionann é agus an rogha infheistíochta réamhshocraithe. Déanfaidh soláthraithe TPPUnna é a cheapadh ar bhonn ráthaíocht ar an gcaipiteal a bheidh dlite ag tús chéim an dícharntha agus le linn chéim an dícharntha, i gcás inarb infheidhme, nó ar bhonn teicníc maolaithe riosca a bheidh comhsheasmhach leis an gcuspóir i dtaca le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh.

2.   Ní rachaidh na costais agus na táillí don TPPU Bunúsach thar 1 % den chaipiteal carntha in aghaidh na bliana.

3.   Chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir soláthraithe TPPUnna éagsúla agus cineálacha éagsúla TPPUnna, déanfaidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na cineálacha costas agus táillí dá dtagraítear i mír 2, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile i gcás inarb infheidhme.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, déanfaidh ÚEÁPC cineálacha féideartha éagsúla TPPUnna, cineál scoir fhadtéarmaigh an TPPU agus gnéithe éagsúla féideartha na TPPUnna a chur san áireamh, go háirithe eisíocaíochtaí a dhéanfar i bhfoirm blianachtaí fadtéarmacha nó íostarraingtí bliantúla go dtí go mbeidh an aois ar a laghad ag an gcoigilteoir TPPU a fhreagraíonn do mheánionchas saoil an choigilteora TPPU. Déanfaidh ÚEÁPC measúnú freisin ar chineál ar leith na cosanta caipitil ag féachaint go sonrach don ráthaíocht chaipitil. Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh don Choimisiún faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.   Gach 2 bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEÁPC agus, i gcás inarb infheidhme, leis na ÚMEnna eile, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar leormhaitheas an luacha céatadáin dá dtagraítear i mír 2. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, leibhéal iarbhír agus athruithe ar leibhéal iarbhír na gcostas agus na dtáillí, agus an tionchar ar infhaighteacht na TPPUnna a chur san áireamh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an luach céatadáin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leasú i bhfianaise a chuid athbhreithnithe d’fhonn rochtain iomchuí ar an margadh a cheadú do sholáthraithe TPPUnna.

Airteagal 46

Teicnící maolaithe riosca

1.   Trí theicnící maolaithe riosca a úsáid, áiritheofar go ndéanfar an straitéis infheistíochta i gcomhair an TPPU a cheapadh chun ioncam scoir aonair don todhchaí, ar ioncam é a bheidh cobhsaí agus leormhaith, a thiomargadh ón TPPU agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le gach glúin de choigilteoirí TPPU.

Na teicnící maolaithe riosca uile, cibé acu más faoin TPPU Bunúsach nó le haghaidh na roghanna infheistíochta malartacha a chuirfear i bhfeidhm iad, beidh siad fónta, stóinseach agus comhsheasmhach le próifíl riosca na rogha infheistíochta comhfhreagraí.

2.   Féadfar na forálacha seo a leanas, inter alia, a áireamh sna teicnící maolaithe riosca:

(a)

forálacha maidir le leithdháileadh infheistíochta a oiriúnú de réir a chéile chun na rioscaí airgeadais a bhaineann le hinfheistíochtaí a mhaolú le haghaidh na gcohórt a chomhfhreagraíonn don tréimhse atá fágtha (saolré);

(b)

forálacha lena mbunófar cúlchistí ó ranníocaíochtaí nó ó thorthaí infheistíochta, a leithdháilfear ar choigilteoirí TPPU ar bhealach cothrom agus trédhearcach chun caillteanais infheistíochta a mhaolú; nó

(c)

forálacha maidir le ráthaíochtaí iomchuí a úsáid chun cosaint a thabhairt i gcoinne caillteanais infheistíochta.

3.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile, agus tar éis dó tástáil tionscail a dhéanamh, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na critéir íosta nach mór a shásamh leis na teicnící maolaithe riosca, agus na cineálacha éagsúla TPPU agus a ngnéithe sonracha, chomh maith leis na cineálacha éagsúla soláthraithe TPPUnna agus na difríochtaí idir a gcóras stuamachta á gcur san áireamh.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiún faoin 15 Lúnasa 2020.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

ROINN III

Gnéithe eile de chéim an charntha

Airteagal 47

Coinníollacha a bhaineann le céim an charntha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha, i gcás na bhfochuntas náisiúnta, a chinneadh mura ndéanfar iad a shonrú sa Rialachán seo.

2.   Féadfar teorainneacha aoise maidir le céim an charntha a thosú, íosré chéim an charntha, uasmhéideanna agus íosmhéideanna ranníocaíochtaí agus a leanúnachas a áireamh go háirithe ar na coinníollacha sin.

CAIBIDIL VI

COSAINT INFHEISTEOIRÍ

Airteagal 48

Taisclann

1.   Déanfaidh na soláthraithe TPPUnna dá dtagraítear i bpointí (c), (e) agus (f) d’Airteagal 6(1) taisclann amháin nó níos mó a cheapadh chun sócmhainní a choimeád slán i ndáil le gnó soláthartha agus cúraimí maoirseachta TPPUnna.

2.   Chun an taisclann a cheapadh, a cúraimí a fhorghníomhú i ndáil le sócmhainní a choimeád slán agus dliteanas na taisclainne, agus le haghaidh cúraimí maoirseachta na taisclainne, déanfar Caibidil IV de Threoir 2009/65/CE a chur i bhfeidhm dá réir.

Airteagal 49

Rioscaí bithmhéadracha a chumhdach

1.   Féadfaidh soláthraithe TPPUnna TPPUnna a thairiscint ag a mbeidh rogha lena n-áiritheofar go gcumhdófar rioscaí bithmhéadracha.

2.   Beidh cumhdach na rioscaí bithmhéadracha faoi réir an dlí earnálaigh ábhartha is infheidhme maidir leis an soláthraí TPPUnna. D’fhéadfadh cumhdach na rioscaí bithmhéadracha a bheith éagsúil idir fochuntais éagsúla.

3.   Féadfaidh soláthraithe TPPUnna dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (d), (e) agus (f) d’Airteagal 6(1) TPPUnna a thairiscint ag a mbeidh rogha lena n-áiritheofar go gcumhdófar rioscaí bithmhéadracha. Sa chás sin, ní thabharfar an cumhdach ach trí chomhoibriú le gnóthais árachais ar féidir leo na rioscaí sin a chumhdach de réir an dlí earnálaigh is infheidhme maidir leo. Beidh an gnóthas árachais faoi dhliteanas iomlán i leith chumhdach na rioscaí bithmhéadracha.

Airteagal 50

Gearáin

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna nósanna imeachta leormhaithe agus éifeachtacha a chur ar bun agus a chur i bhfeidhm chun teacht ar réiteach ar ghearáin a thaiscfidh custaiméirí TPPU maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.

2.   Déanfar na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm i ngach Ballstát ina dtairgfidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna a sheirbhísí agus beidh siad ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ábhartha, ar teanga í a roghnóidh an custaiméir TPPU, nó i dteanga eile má thagann an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna agus an custaiméir TPPU ar chomhaontú faoi sin.

3.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna gach iarracht is féidir chun freagra a thabhairt, cibé acu go leictreonach nó i meán marthanach eile i gcomhréir le Airteagal 24, ar ghearáin na gcustaiméirí TPPU. Leis an bhfreagra, tabharfar aghaidh ar na pointí go léir a luafar, laistigh de thréimhse ama leordhóthanach agus ar a dhéanaí faoi cheann 15 lá oibre ón uair a gheofar an gearán. I gcásanna eisceachtúla, mura féidir an freagra a thabhairt laistigh de 15 lá oibre ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna orthu, ceanglófar air freagra fóille a sheoladh, ina gcuirfear in iúl go soiléir na cúiseanna atá leis an moill ar fhreagra a thabhairt ar an ngearán agus ina sonrófar an sprioc-am faoina bhfaighidh an custaiméir TPPU an freagra deiridh. Ar aon chaoi, ní rachaidh an sprioc-am faoina bhfaighfear an freagra deiridh thar 35 lá oibre.

4.   Cuirfidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna an custaiméir TPPU ar an eolas faoi chomhlacht amháin um réiteach malartach díospóide (ADR) ar a laghad a bhfuil sé d’inniúlacht aige déileáil le díospóidí i dtaca le cearta agus oibleagáidí custaiméirí TPPU faoin Rialachán seo.

5.   Déanfar an fhaisnéis faoi na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a lua ar bhealach a bheidh soiléir, cuimsitheach agus éasca a rochtain ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna, ag an mbrainse, agus i dtéarmaí agus coinníollacha ginearálta an chonartha idir an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna agus an custaiméir TPPU. Sonrófar ann an chaoi ar féidir tuilleadh eolais a rochtain faoin gcomhlacht ADR lena mbaineann agus faoi na coinníollacha maidir lena úsáid.

6.   Déanfaidh na húdaráis inniúla nósanna imeachta a chur ar bun lenar féidir le custaiméirí TPPU agus le páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear comhlachais tomhaltóirí, gearáin a thíolacadh chuig na húdaráis inniúla i dtaca le sáruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo ag soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna. I ngach cás, gheobhaidh gearánaigh freagraí.

7.   I gcásanna a bhaineann le níos mó ná Ballstát amháin, féadfaidh an gearánach a roghnú a ghearán nó a gearán a thaisceadh trí údaráis inniúla a Bhallstáit cónaithe nó a Ballstáit cónaithe, gan beann ar an áit ina ndearnadh an sárú.

Airteagal 51

Sásamh lasmuigh den chúirt

1.   Maidir le nósanna imeachta ADR atá leormhaith, neamhspleách, neamhchlaonta, trédhearcach agus éifeachtach chun díospóidí idir custaiméirí TPPU agus soláthraithe TPPUnna nó dáileoirí TPPUnna maidir le cearta agus oibleagáidí a thagann chun cinn faoin Rialachán seo a réiteach, bunófar iad i gcomhréir le Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), agus leas á bhaint as comhlachtaí inniúla atá ann cheana i gcás inarb iomchuí. Beidh na nósanna imeachta ADR sin infheidhme, agus leathnóidh inniúlacht an chomhlachta ábhartha ADR amach go héifeachtach, maidir leis na soláthraithe TPPUnna nó na dáileoirí TPPUnna a ndéanfar na nósanna imeachta a thionscnamh ina gcoinne.

2.   Oibreoidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 i gcomhar le chéile go héifeachtach chun díospóidí trasteorann maidir le cearta agus oibleagáidí a thagann chun cinn faoin Rialachán seo a réiteach.

CAIBIDIL VII

SOLÁTHRAITHE TPPUnna A MHALARTÚ

Airteagal 52

An tseirbhís malartaithe a sholáthar

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna seirbhís malartaithe a sholáthar lena ndéanfar, arna iarraidh sin ag an gcoigilteoir TPPU, na méideanna comhfhreagracha nó, i gcás inarb infheidhme, sócmhainní comhchineáil i gcomhréir le mír 4, a aistriú ó chuntas TPPU atá á choinneáil ag an soláthraí TPPUnna aistritheach chuig cuntas TPPU nua leis na fochuntais chéanna arna n-oscailt leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir, agus an t-iarchuntas TPPU á dhúnadh.

Agus an tseirbhís malartaithe á húsáid, déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an fhaisnéis uile atá nasctha le gach fochuntas de chuid an chéad chuntais TPPU, lena n-áirítear ceanglais tuairiscithe, a aistriú chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir. Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir an fhaisnéis sin a chlárú sna fochuntais chomhfhreagracha.

Féadfaidh coigilteoir TPPU a iarraidh aistriú go soláthraí TPPUnna atá bunaithe sa Bhallstát céanna (malartú intíre) nó i mBallstát eile (athrú trasteorann). Féadfaidh an coigilteoir TPPU an ceart a fheidhmiú chun soláthraithe a athrú le linn chéim an charntha agus le linn chéim an dícharntha den TPPU.

2.   D’ainneoin mhír 1, le linn chéim an dícharntha, ní bheidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe TPPUnna seirbhís malartaithe a sholáthar le haghaidh TPPUnna, i gcás ina bhfuil eisíocaíochtaí á bhfáil ag coigilteoirí TPPUanna i bhfoirm blianachtaí saoil.

3.   Féadfaidh an coigilteoir TPPU soláthraithe TPPUnna a mhalartú tar éis íostréimhse 5 bliana ó thabhairt i gcrích an chonartha TPPU, agus, i gcás malartú a dhéanfar ina dhiaidh sin, tar éis 5 bliana ón malartú is déanaí, gan dochar do phointe (a) d’Airteagal 20(5). Féadfaidh an soláthraí TPPUnna a cheadú don choigilteoir TPPU soláthraithe TPPUnna a mhalartú níos minice.

4.   I gcás ina mbeidh an malartú idir soláthraithe TPPUnna atá i mbun bainistíocht punainne aonair do choigilteoirí TPPU, féadfaidh coigilteoirí TPPU a roghnú sócmhainní comhchineáil nó méideanna comhfhreagracha a aistriú. I ngach cás eile, ní cheadófar ach méideanna comhfhreagracha a aistriú.

Beidh gá le toiliú i scríbhinn ón soláthraí TPPUnna is faighteoir i gcás ina n-iarrfaidh an coigilteoir TPPU aistriú sócmhainní comhchineáil.

Airteagal 53

An tseirbhís malartaithe

1.   Arna iarraidh sin ag an gcoigilteoir TPPU, tar éis don choigilteoir TPPU cinneadh eolasach a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar ó na soláthraithe TPPUnna mar a shainítear in Airteagal 56, déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir an tseirbhís malartaithe a thionscnamh.

2.   Déanfar an iarraidh ón gcoigilteoir TPPU a tharraingt suas i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina mbeidh an tseirbhís malartaithe á tionscnamh nó in aon teanga eile a bheidh comhaontaithe idir na páirtithe. San iarraidh, déanfaidh an coigilteoir TPPU an méid seo a leanas:

(a)

a thoiliú nó a toiliú a thabhairt go sonrach i dtaobh gach ceann de na cúraimí dá dtagraítear i mír 4 a bheith á bhfeidhmiú ag an soláthraí TPPUnna aistritheach agus déanfaidh sé a thoiliú nó a toiliú a thabhairt go sonrach i dtaobh gach ceann de na cúraimí dá dtagraítear i mír 5 a bheith á bhfeidhmiú ag an soláthraí TPPUnna is faighteoir;

(b)

i gcomhaontú leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir, dáta a shonrú óna mbeidh íocaíochtaí le forghníomhú chuig an gcuntas TPPU a osclófar leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

Beidh an dáta sin coicís ar a laghad tar éis an dáta a gheobhaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir na doiciméid a aistreoidh an soláthraí TPPUnna aistritheach de bhun mhír 4.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeadh an iarraidh ón gcoigilteoir TPPU i scríbhinn agus go ndéanfaí cóip den iarraidh a nglacfar léi a sholáthar don choigilteoir TPPU.

3.   Laistigh de 5 lá oibre ón iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fháil, iarrfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir ar an soláthraí TPPUnna aistritheach na cúraimí amhail dá dtagraítear i mír 4 a chur i gcrích.

4.   A luaithe a bheidh iarraidh ón soláthraí TPPUnna is faighteoir faighte aige, déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an méid seo a leanas:

(a)

laistigh de 5 lá oibre, an Ráiteas Sochair TPPU don tréimhse ó dháta an Ráitis Sochair TPPU deiridh arna tharraingt suas go dtí dáta na hiarrata a sheoladh chuig an gcoigilteoir TPPU agus chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir;

(b)

laistigh de 5 lá oibre, liosta de na sócmhainní atá ann cheana atá á n-aistriú i gcás aistriú sócmhainní comhchineáil amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(4) a sheoladh chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir;

(c)

scor de ghlacadh le híocaíochtaí isteach ar an gcuntas TPPU le héifeacht ón dáta a bheidh sonraithe ag an gcoigilteoir TPPU san iarraidh dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2;

(d)

na méideanna comhfhreagracha, nó i gcás inarb infheidhme, na sócmhainní comhchineáil a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 52(4), ón gcuntas TPPU chuig an gcuntas TPPU nua a osclófar leis an soláthraí TPPUnna is faighteoir ar an dáta arna shonrú ag an gcoigilteoir TPPU san iarraidh;

(e)

an cuntas TPPU a dhúnadh ar an dáta a bheidh sonraithe ag an gcoigilteoir TPPU mura mbeidh aon oibleagáidí gan chomhlíonadh ag an gcoigilteoir TPPU. Déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an coigilteoir TPPU a chur ar an eolas láithreach i gcás ina gcuirfidh oibleagáidí gan chomhlíonadh den sórt sin cosc ar dhúnadh chuntas an choigilteora TPPU.

5.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir, mar a fhoráiltear san iarraidh agus a mhéid a chumasóidh an fhaisnéis a chuirfidh an soláthraí TPPUnna aistritheach nó an coigilteoir TPPU ar fáil don soláthraí TPPUnna is faighteoir déanamh amhlaidh, aon ullmhúcháin is gá chun glacadh leis na híocaíochtaí isteach agus chun glacadh leo le héifeacht ón dáta a bheith sonraithe ag an gcoigilteoir TPPU san iarraidh.

Airteagal 54

Táillí agus muirir a bhaineann leis an tseirbhís malartaithe

1.   Beidh coigilteoirí TPPU in ann rochtain a fháil saor in aisce ar a sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag an soláthraí TPPUnna aistritheach nó ag an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

2.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach an fhaisnéis a iarrfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir de bhun phointe (a) d’Airteagal 53(4) a sholáthar gan muirear a ghearradh ar an gcoigilteoir TPPU ná ar an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

3.   Na táillí agus na muirir iomlána a ghearrfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach ar an gcoigilteoir TPPU as an gcuntas TPPU atá á choinneáil aige a dhúnadh, beidh siad teoranta do na costais riaracháin iarbhír arna dtabhú ag an soláthraí TPPUnna agus ní bheidh siad os cionn 0,5 % de na méideanna comhfhreagracha nó luach airgeadúil na sócmhainní comhchineáil a bheidh le haistriú chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

Féadfaidh na Ballstáit céatadán níos ísle de na táillí agus na muirir a shocrú amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus céatadán difriúil a shocrú i gcás ina gceadóidh an soláthraí TPPU do choigilteoirí TPPU a soláthraí TPPU a mhalartú níos minice amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(3).

Ní ghearrfaidh an soláthraí TPPUnna aistritheach aon táillí ná muirir bhreise ar an soláthraí TPPUnna is faighteoir.

4.   Ní fhéadfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir ach costais riaracháin agus idirbhirt iarbhír na seirbhíse malartaithe a ghearradh.

Airteagal 55

Coigilteoirí TPPU a chosaint ar chaillteanas airgeadais

1.   Aon chaillteanas airgeadais, lena n-áirítear táillí, muirir agus ús, a thabhóidh an coigilteoir TPPU agus a eascróidh go díreach as neamhchomhlíonadh oibleagáidí faoi Airteagal 53 ag soláthraí TPPUnna atá páirteach sa phróiseas malartaithe, déanfaidh an soláthraí TPPUnna sin iad a aisíoc gan mhoill.

2.   Ní bheidh feidhm ag dliteanas faoi mhír 1 i gcás imthosca neamhghnácha nach bhféadfaí a thuar, nach bhfuil neart ag an soláthraí TPPUnna orthu agus ina ndéanfaidh sé iarratas go gcuirfear na himthosca sin i bhfeidhm, nach bhféadfaí a n-iarmhairtí a sheachaint d’ainneoin gach iarracht a dhéanfaí maidir leis sin, nó i gcás ina mbeidh soláthraí TPPUnna faoi cheangal ag oibleagáidí dlíthiúla eile atá cumhdaithe ag dlí an Aontais nó dlí náisiúnta.

3.   Déanfar dliteanas faoi mhír 1 a shuí i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta.

4.   Iompróidh an coigilteoir TPPU aon riosca caillteanais airgeadais a bhaineann le fuascailt chomhchineáil na sócmhainní atá á gcoinneáil sa chuntas TPPU ar mhaithe lena n-aistriú ón soláthraí TPPUnna aistritheach chuig an soláthraí TPPUnna is faighteoir, amhail dá dtagraítear in Airteagal 52(4).

5.   Ní bheidh oibleagáid ar an soláthraí TPPUnna aistritheach cosaint chaipitil a áirithiú ná ráthaíocht a sholáthar tráth an mhalartaithe.

Airteagal 56

Faisnéis faoin tseirbhís malartaithe

1.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis seo a leanas faoin tseirbhís malartaithe a thabhairt do choigilteoirí TPPU chun go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann cinneadh eolasach a dhéanamh:

(a)

ról an tsoláthraí aistrithigh agus ról an tsoláthraí is faighteoir maidir le gach céim den phróiseas malartaithe, mar a léirítear in Airteagal 53;

(b)

an tréimhse ama faoina dtabharfar na céimeanna faoi seach chun críche;

(c)

na táillí agus na muirir a ghearrfar ar an bpróiseas malartaithe;

(d)

na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an malartú, go háirithe na himpleachtaí ar an gcosaint chaipitil nó ar an ráthaíocht, agus faisnéis eile a bhaineann leis an tseirbhís malartaithe;

(e)

faisnéis faoin bhféidearthacht i dtaobh aistriú sócmhainní comhchineáil, más infheidhme.

Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir ceanglais Chaibidil IV a chomhlíonadh.

Déanfaidh an soláthraí TPPUnna is faighteoir, i gcás inarb infheidhme, an coigilteoir TPPU a chur ar an eolas maidir le haon scéim ráthaíochta a bheith ann, lena n-áirítear scéim ráthaíochta taisce, scéim cúitimh d’infheisteoirí nó scéim ráthaíochta árachais, lena gcumhdaítear an coigilteoir TPPU sin.

2.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí TPPUnna. Déanfar í a sholáthar do choigilteoirí TPPU freisin arna iarraidh sin acu, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 24.

CAIBIDIL VIII

CÉIM AN DÍCHARNTHA

Airteagal 57

Coinníollacha a bhaineann le céim an dícharntha

1.   Is iad na Ballstáit a chinnfidh na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha agus leis na heisíocaíochtaí as na fochuntais náisiúnta mura rud é go ndéanfar iad a shonrú sa Rialachán seo.

2.   Féadfar a áireamh ar na coinníollacha sin go háirithe go socrófaí aois íosta le haghaidh tús chéim an dícharntha, uastréimhse sula mbainfear an aois scoir amach chun dul isteach in TPPU, chomh maith le coinníollacha maidir le fuascailt sula mbainfear an aois íosta le haghaidh tús chéim an dícharntha amach, go sonrach i gcás cruatan ar leith.

Airteagal 58

Cineálacha eisíocaíochtaí

1.   Féadfaidh soláthraithe TPPUnna ceann amháin de na cineálacha eisíocaíochtaí a leanas nó níos mó a chur ar fáil do choigilteoirí TPPU:

(a)

blianachtaí;

(b)

cnapshuim;

(c)

íocaíochtaí íostarraingthe;

(d)

teaglamaí de na cineálacha thuas.

2.   Déanfaidh coigilteoirí TPPU cineál na n-eisíocaíochtaí a roghnú do chéim an dícharntha nuair a dhéanfaidh siad conradh TPPU a thabhairt i gcrích agus nuair a iarrfaidh siad oscailt fochuntais nua. D’fhéadfadh cineál na n-eisíocaíochtaí a bheith éagsúil idir fochuntais éagsúla.

3.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo nó d’Airteagal 57 nó 59, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun tús áite a thabhairt do chineálacha áirithe eisíocaíochtaí. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin teorainneacha cainníochtúla le haghaidh íocaíochtaí cnapshuime chun na cineálacha eile d’eisíocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a spreagadh tuilleadh. Ní bheidh feidhm ag teorainneacha cainníochtúla den sórt sin ach amháin maidir leis na heisíocaíochtaí a chomhfhreagraíonn don chaipiteal atá carntha san fhochuntas TPPU atá nasctha leis na Ballstáit a bhfuil foráil déanta ina ndlí náisiúnta do theorainneacha cainníochtúla ar íocaíochtaí cnapshuime.

4.   Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha a shonrú faoina ndéanfar buntáistí agus dreasachtaí arna ndeonú a aisíoc leo.

Airteagal 59

Modhnuithe ar chineálacha na n-eisíocaíochtaí

1.   Má sholáthraíonn an soláthraí TPPUnna cineálacha éagsúla eisíocaíochtaí, ceadófar don choigilteoir TPPU cineál na n-eisíocaíochtaí ó gach fochuntas a osclaíodh a mhodhnú:

(a)

bliain amháin roimh thús chéim an dícharntha;

(b)

ag tús chéim an dícharntha;

(c)

tráth an mhalartaithe.

Beidh an modhnú ar chineál na n-eisíocaíochtaí saor in aisce don choigilteoir TPPU.

2.   A luaithe a gheobhaidh sé iarraidh ón gcoigilteoir TPPU chun cineál a eisíocaíochtaí nó a heisíocaíochtaí a mhodhnú, déanfaidh an soláthraí TPPUnna faisnéis a sholáthar don choigilteoir TPPU i bhformáid a bheidh soiléir agus intuigthe maidir leis na himpleachtaí airgeadais ar an gcoigilteoir TPPU nó ar an tairbhí TPPU a bhaineann le hathrú den sórt sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le haon tionchar a bheadh ann ar na dreasachtaí náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis na fochuntais a bheadh ag gabháil cheana le TPPU an choigilteora TPPU.

Airteagal 60

Pleanáil scoir agus comhairle maidir le heisíocaíochtaí

1.   I gcás an TPPU Bhunúsaigh, ag tús chéim an dícharntha, déanfaidh an soláthraí TPPUnna pleanáil scoir phearsanta a thairiscint don choigilteoir TPPU maidir le húsáid inbhuanaithe a bhaint as an gcaipiteal arna charnadh sna fochuntais TPPU, agus an méid seo a leanas ar a laghad á chur san áireamh:

(a)

luach an chaipitil arna charnadh sna fochuntais TPPU;

(b)

méid iomlán na dteidlíochtaí scoir eile arna bhfabhrú; agus

(c)

éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU, ar éilimh agus riachtanais iad a bhaineann le scor fadtéarmach.

2.   Áireofar leis an bpleanáil scoir dá dtagraítear i mír 1 moladh pearsanta don choigilteoir TPPU maidir le cineál optamach a eisíocaíochtaí nó a heisíocaíochtaí ach amháin mura soláthraítear ach aon chineál amháin d’eisíocaíochtaí. Mura mbeidh íocaíocht chnapshuime i gcomhréir le riachtanais scoir an choigilteora TPPU, beidh rabhadh ag gabháil leis an gcomhairle chuige sin.

CAIBIDIL IX

MAOIRSEACHT

Airteagal 61

Maoirseacht ag na húdaráis inniúla agus faireachán ag ÚEÁPC

1.   Déanfaidh údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach agus i gcomhréir leis an gcóras earnálach ábhartha maoirseachta agus na caighdeáin earnálacha ábhartha mhaoirseachta. Beidh siad freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sna rialacha nó in ionstraimí ionchorpraithe an tsoláthraí TPPUnna, agus as leormhaitheas a shocruithe agus a eagrúcháin maidir leis na cúraimí atá le comhlíonadh aige agus TPPU á sholáthar.

2.   Déanfaidh ÚEÁPC agus údaráis inniúla faireachán ar tháirgí pinsin phearsanta a sholáthrófar nó a dháilfear chun a fhíorú nach dtabharfar an t-ainm “TPPU” ar na táirgí den chineál sin ná nach dtabharfar le tuiscint gur TPPUnna iad ach tráth a gcláraithe faoin Rialachán seo.

Airteagal 62

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad is gá ag na húdaráis inniúla chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 63

Cumhachtaí idirghabhála táirgí na n-údarás inniúil

1.   Féadfaidh údaráis inniúla margú nó dáileadh TPPU ina Bhallstát nó óna Bhallstát a thoirmeasc nó a shrianadh faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na húdaráis inniúla sásta go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go dtiocfadh ábhair imní shuntasacha nó athdhearbhaithe maidir le cosaint coigilteoirí as an TPPU nó go bhfuil riosca ag baint leis d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó i bpáirt laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad;

(b)

tá an ghníomhaíocht comhréireach, ag cur san áireamh cineál na rioscaí arna sainaithint, leibhéal sofaisticiúlachta na gcoigilteoirí TPPU lena mbaineann agus an éifeacht is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar choigilteoirí TPPU a bhfuil conradh TPPU tugtha i gcrích acu;

(c)

tá na húdaráis inniúla tar éis dul i gcomhairle go cuí le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfaidh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh; agus

(d)

níl tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh údaráis inniúla an toirmeasc nó an srian a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar TPPU a mhargú nó a dháileadh do choigilteoirí TPPU. Féadfaidh feidhm a bheith ag toirmeasc nó srian i dtosca, nó a bheith faoi réir eisceachtaí, a bheidh sonraithe ag na húdaráis inniúla.

2.   Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc nó srian a fhorchur faoin Airteagal seo ach amháin más rud é, tráth nach luaithe ná 1 mí amháin roimh an am a bheartófar go ngabhfaidh éifeacht leis an mbeart, go mbeidh fógra tugtha acu do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann agus do ÚEÁPC, ar fógra é a tugadh i scríbhinn nó trí mheán eile a bheidh aontaithe idir na húdaráis, maidir leis na mionsonraí faoi na nithe seo a leanas:

(a)

an TPPU lena mbaineann an ghníomhaíocht atá beartaithe;

(b)

cineál beacht an toirmisc nó an tsriain atá beartaithe agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus

(c)

an fhianaise ar a mbeidh a gcinneadh bunaithe acu agus ar a bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhfuil gach ceann de na coinníollacha i mír 1 comhlíonta.

3.   I gcásanna eisceachtúla ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh faoin Airteagal seo ionas nach dtiocfaidh dochar as an TPPU, féadfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíocht a dhéanamh ar bhonn sealadach tar éis dó fógra 24 uair an chloig ar a laghad a thabhairt i scríbhinn, roimh an am a bheartaítear éifeacht a bheith leis an mbeart, do na húdaráis inniúla eile go léir agus do ÚEÁPC, ar choinníoll go gcomhlíonfar na critéir ar fad atá san Airteagal seo agus, sa bhreis air sin, go suífear go soiléir nach mbeadh tréimhse fógra de 1 mhí amháin leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní nó bagairt shonrach. Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíocht ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse is faide ná 3 mhí.

4.   Foilseoidh na húdaráis inniúla ar a suímh ghréasáin fógra maidir le haon chinneadh chun aon toirmeasc nó srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur. Saineofar san fhógra sin mionsonraí an toirmisc nó an tsriain, am tar éis fhoilsiú an fhógra óna ngabhfaidh éifeacht leis na bearta agus an fhianaise ar ina leith atá sé sásta go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 1 comhlíonta. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc ná ag an srian ach maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis an fógra a fhoilsiú.

5.   Déanfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc nó srian a chúlghairm mura mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha i mír 1.

Airteagal 64

Éascú agus comhordú

1.   Déanfaidh ÚEÁPC ról éascaithe agus comhordaithe a chomhlíonadh maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh údaráis inniúla faoi Airteagal 63. Go háirithe, áiritheoidh ÚEÁPC go mbeidh bonn cirt le gníomhaíocht a dhéanfaidh údarás inniúil agus go mbeidh sí comhréireach agus go nglacfaidh na húdaráis inniúla cur chuige comhsheasmhach i gcás inarb iomchuí.

2.   Tar éis fógra a fháil faoi Airteagal 63 maidir le haon toirmeasc nó srian a bheidh le forchur faoin Airteagal sin, eiseoidh ÚEÁPC tuairim i dtaobh bonn cirt a bheith leis an toirmeasc nó an srian agus i dtaobh toirmeasc nó srian a bheith comhréireach. I gcás ina measfaidh ÚEÁPC go bhfuil gá le beart ó údaráis inniúla eile chun aghaidh a thabhairt ar an riosca, tabharfaidh sé an méid sin le fios freisin sa tuairim uaidh. Foilseofar an tuairim ar shuíomh gréasáin ÚEÁPC.

3.   I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil gníomhaíocht a dhéanamh nó i gcás ina ndéanfaidh sé an ghníomhaíocht agus go bhfuil sí contrártha do thuairim a d’eisigh ÚEÁPC faoi mhír 2 nó i gcás ina ndiúltóidh an t-údarás sin gníomhaíocht a dhéanamh atá contrártha don tuairim sin, cuirfidh sé fógra ar a shuíomh gréasáin láithreach lena míneofar go beacht na cúiseanna atá aige le déanamh amhlaidh.

Airteagal 65

Cumhachtaí idirghabhála táirgí ÚEÁPC

1.   I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, déanfaidh ÚEÁPC faireachán ar an margadh do TPPUnna a dhéanfar a chur ar an margadh, a dháileadh, nó a dhíol san Aontas.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, féadfaidh ÚEÁPC, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo, toirmeasc nó srian sealadach a chur ar mhargaíocht, dáileadh nó díolachán TPPUnna áirithe nó TPPUnna a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe acu.

Féadfaidh sé go mbeidh feidhm ag toirmeasc nó ag srian i dtosca, nó go mbeidh siad faoi réir eisceachtaí, atá le sonrú ag ÚEÁPC.

3.   Déanfaidh ÚEÁPC cinneadh faoi mhír 2 den Airteagal seo tar éis dó dul i gcomhairle leis na ÚMEnna eile, i gcás inarb iomchuí, agus ní dhéanfaidh sé amhlaidh ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

leis an ngníomhaíocht atá beartaithe, tabharfar aghaidh ar ábhar imní suntasach maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear i ndáil le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, nó bagairt ar fheidhmiú rianúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

(b)

ní bheidh aghaidh á tabhairt ar an mbagairt le ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir le TPPUnna;

(c)

ní bheidh údarás inniúil ná údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt nó ní leor na gníomhaíochtaí a bheidh déanta chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚEÁPC an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 2 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar TPPU a mhargú, a dháileadh nó a dhíol le custaiméirí TPPU.

4.   Agus gníomhaíocht á déanamh faoin Airteagal seo, áiritheoidh ÚEÁPC an méid seo a leanas faoin ngníomhaíocht:

(a)

ní bheidh éifeacht dhíobhálach aici ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar choigilteoirí TPPU, ar éifeacht í a bheadh díréireach le sochair na gníomhaíochta; nó

(b)

ní chruthófar riosca arbatráiste rialála léi.

I gcás ina mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagal 63, féadfaidh ÚEÁPC aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 64 a eisiúint.

5.   Sula gcinnfidh sé aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚEÁPC fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht a bheidh beartaithe aige.

6.   Foilseoidh ÚEÁPC fógra ar a shuíomh gréasáin faoi aon chinneadh a ghlacfar chun aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra sin mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar ann tráth i ndiaidh fhoilsiú an fhógra óna ngabhfaidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis gabháil éifeacht leis na bearta.

7.   Déanfaidh ÚEÁPC athbhreithniú ar thoirmeasc nó srian arna fhorchur faoi mhír 2 ag eatraimh iomchuí agus ar a laghad gach 3 mhí. Mura ndéanfar an toirmeasc nó an srian a athnuachan tar éis na tréimhse 3 mhí sin, rachaidh sé in éag.

8.   Beidh tosaíocht ag aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh ÚEÁPC i gcomhréir leis an Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht a rinne údarás inniúil roimhe sin.

9.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le critéir agus tosca a bheidh le cur i bhfeidhm ag ÚEÁPC agus cinneadh á dhéanamh aige an bhfuil ábhar imní suntasach ann maidir le cosaint do choigilteoirí TPPU, lena n-áirítear maidir le cineál scoir fhadtéarmaigh an táirge, nó bagairt ar fheidhmiú rianúil agus ar shláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo.

Áireofar ar na critéir agus na tosca sin:

(a)

leibhéal castachta an TPPU agus an gaol le cineál an choigilteora TPPU dá ndéanfar é a mhargú nó lena ndíolfar é;

(b)

leibhéal nuálaíochta TPPU, gníomhaíochta nó cleachtais;

(c)

an luamhánú a sholáthrófar le TPPU nó le cleachtas;

(d)

i ndáil le feidhmiú rianúil agus sláine na margaí airgeadais, méid nó suim iomlán chaipitil charntha an TPPU.

Airteagal 66

Comhar agus comhsheasmhacht

1.   Rannchuideoidh gach údarás inniúil le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais.

2.   Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2014/65/AE, (AE) 2016/97 agus (AE) 2016/2341.

3.   Oibreoidh údaráis inniúla agus ÚEÁPC i gcomhar le chéile chun a gcuid dualgas féin a dhéanamh faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

4.   Malartóidh na húdaráis inniúla agus ÚEÁPC gach faisnéis agus doiciméad is gá chun a gcuid dualgas féin faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas.

5.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt ina sonrófar mionsonraí an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise, mar aon leis na ceanglais is gá chun an fhaisnéis thuas a chur i láthair i bhfoirm chaighdeánaithe lena bhféadfar comparáid a dhéanamh.

Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Lúnasa 2020.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010.

CAIBIDIL X

PIONÓIS

Airteagal 67

Pionóis riaracháin agus bearta eile

1.   Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh do smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin iomchuí agus bearta eile a bheidh infheidhme maidir le cásanna arb ionann iad agus sárú ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile sin dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan rialacha le haghaidh pionóis riaracháin dá dtagraitear sá chéad fhomhír a leagan síos maidir le sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoina ndlí náisiúnta.

Faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEÁPC maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEÁPC faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

2.   Beidh feidhm ag na pionóis riaracháin agus na bearta eile a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo ar a laghad maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh clárúchán TPPU faighte ag gnóthas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) trí ráitis bhréagacha nó mhíthreoracha a thabhairt nó ar aon mhodh neamhrialta eile de shárú ar Airteagail 6 agus 7;

(b)

i gcás ina ndéanfaidh gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) táirgí a bhfuil an t-ainmniú “Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpaigh” nó “TPPU” orthu a sholáthar nó a dháileadh faoi seach gan an clárúchán is gá a bheith acu;

(c)

i gcás nach mbeidh an tseirbhís iniomparthachta soláthartha ag soláthraí TPPUnna de shárú ar Airteagal 18 nó Airteagal 19 nó nach mbeidh an fhaisnéis faoin tseirbhís sin a cheanglaítear faoi Airteagal 20 agus Airteagal 21 soláthartha aige, nó nach mbeidh na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil IV, i gCaibidil V, in Airteagail 48 agus 50, agus i gCaibidil VII comhlíonta aige;

(d)

i gcás nach mbeidh a cúraimí maoirseachta faoi Airteagal 48 comhlíonta ag taisclann.

3.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil don chumhacht a bheith ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin agus bearta eile seo a leanas ar a laghad a fhorchur i ndáil leis na cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo:

(a)

ráiteas poiblí, ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 69;

(b)

ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;

(c)

toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an ghnóthais airgeadais, nó ar aon duine nádúrtha eile, a chinnfear a bheith freagrach, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnóthais den sórt sin;

(d)

i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin uasta de EUR 5 000 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 14 Lúnasa 2019;

(e)

i gcás duine dlítheanach, féadfaidh na fíneálacha riaracháin uasta dá dtagraítear i bpointe (d) a bheith chomh hard le 10 % den láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí a bheidh ar fáil agus a bheidh formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin; i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais é an duine dlítheanach ar gá dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha ná an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim chomhfhreagraigh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an mháthairghnóthais deiridh;

(f)

i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin airgid uasta de EUR 700 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 14 Lúnasa 2019;

(g)

fíneálacha riaracháin uasta de suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú, i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más rud é gur mó é sin ná na uasmhéideanna i bpointe (d), (e) nó (f) faoi seach.

4.   Aon chinneadh lena bhforchuirfear pionóis riaracháin nó bearta eile a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 agus i mír 3, beidh sé réasúnaithe agus beidh sé faoi réir an chirt achomharc a dhéanamh os comhair binse.

5.   I bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoin gcéad fhomhír de mhír 1 agus faoi mhír 3, oibreoidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh na torthaí arna saothrú leis an Rialachán seo ag teacht as na pionóis riaracháin agus na bearta eile agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú chun dúbláil agus forluí féideartha a sheachaint, agus pionóis riaracháin agus bearta eile á gcur i bhfeidhm maidir le cásanna trasteorann.

Airteagal 68

Feidhmiú na cumhachta pionóis riaracháin agus bearta eile a fhorchur

1.   Feidhmeoidh údaráis inniúla na cumhachtaí i dtaca le pionóis riaracháin agus bearta eile dá dtagraítear in Airteagal 67 a fhorchur i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla náisiúnta:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

2.   Agus cineál agus leibhéal an phionóis riaracháin nó an bhirt eile a fhorchuirfear faoi Airteagal 67(3) á gcinneadh acu, déanfaidh údaráis inniúla na cúinsí ábhartha go léir a chur san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo a leanas:

(a)

ábharthacht, tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)

leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)

acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach, mar a léirítear go háirithe le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;

(d)

an tábhacht a bhaineann leis na brabúis a ghnóthaigh nó na caillteanais a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e)

na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(f)

leibhéal comhair an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh leis na húdaráis inniúla, gan dochar don ghá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(g)

sáruithe roimhe sin ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach.

Airteagal 69

Pionóis riaracháin agus bearta eile a fhoilsiú

1.   Déanfaidh údaráis inniúla aon chinneadh lena bhforchuirfear pionós riaracháin nó beart eile as sárú ar an Rialachán seo a fhoilsiú gan aon mhoill mhíchuí ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla tar éis dóibh seolaí an phionóis riaracháin nó an bhirt eile a chur ar an eolas maidir leis an gcinneadh sin.

2.   San fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 beidh faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe agus faoi chéannacht na ndaoine atá freagrach agus faoi na pionóis riaracháin nó na bearta eile arna bhforchur.

3.   I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil sé neamhréireach céannacht an duine, i gcás daoine dlítheanacha, nó céannacht agus sonraí pearsanta an duine, i gcás daoine nádúrtha, a fhoilsiú tar éis dó measúnú de réir an cháis a dhéanamh, nó i gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go gcuirfeadh an foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú reatha i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe a leanas:

(a)

foilsiú an chinnidh lena bhforchuirfear an pionós riaracháin nó an beart eile a chur siar go dtí nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá ann gan é a fhoilsiú;

(b)

an cinneadh lena bhforchuirfear an pionós riaracháin nó an beart eile a fhoilsiú, agus céannacht agus sonraí pearsanta an tseolaí a fhágáil ar lár ar feadh tréimhse ama réasúnta, i gcás ina measfar go mbeidh deireadh leis na cúiseanna atá leis an bhfoilsiú gan ainm le linn na tréimhse sin agus ar choinníoll go n-áiritheofar le foilsiú gan ainm den sórt sin cosaint éifeachtach na sonraí pearsanta lena mbaineann; nó

(c)

gan an cinneadh maidir leis an bpionós riaracháin nó an beart eile a fhorchur a fhoilsiú, i gcás ina measfar nach leor na roghanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)

nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

(ii)

go bhfuil foilsiú na gcinntí sin comhréireach a mhéid a bhaineann le bearta a meastar gur bearta miona ó thaobh a gcineáil iad.

4.   I gcás ina ndéanfar cinneadh pionós riaracháin nó beart eile a fhoilsiú ar bhonn gan ainm mar a thagraítear dó i bpointe (b) de mhír 3, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar atráth. I gcás ina mbeidh an cinneadh lena bhforchuirfear pionós riaracháin nó beart eile faoi réir achomharc os comhair na n-údarás breithiúnach ábhartha, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, agus aon fhaisnéis a bheidh ann ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc sin, a chur gan mhoill ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Foilseofar freisin aon chinneadh breithiúnach lena gcuirfear ar neamhní cinneadh lena bhforchuirtear pionós riaracháin nó beart eile.

5.   Áiritheoidh údaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1 go mír 4, ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann 5 bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bheidh san fhoilsiú a choinneáil ar shuíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil ach ar feadh na tréimhse atá riachtanach i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

Airteagal 70

Dualgas faisnéis a thíolacadh do ÚEÁPC i dtaca le pionóis riaracháin agus bearta eile

1.   Cuirfidh údaráis inniúla ÚEÁPC ar an eolas faoi na pionóis riaracháin agus na bearta eile go léir a fhorchuirfear ach nach bhfoilseofar, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 69(3), lena n-áirítear aon achomharc i ndáil leo sin agus an toradh a bheidh orthu.

2.   Déanfaidh údaráis inniúla, ar bhonn bliantúil, faisnéis chomhiomlán a thabhairt do ÚEÁPC maidir leis na pionóis riaracháin agus na bearta eile go léir a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 67.

Foilseoidh ÚEÁPC an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil.

3.   I gcás ina mbeidh sé roghnaithe ag na Ballstáit, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 67(1), smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i leith sáruithe ar an Rialachán seo, déanfaidh a n-údaráis inniúla sonraí a bheidh i ndíth ainm agus comhiomlánaithe a thabhairt do ÚEÁPC, ar bhonn bliantúil, maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a dtabharfar fúthu agus leis na smachtbhannaí coiriúla uile a fhorchuirfear. Déanfaidh ÚEÁPC sonraí i ndíth ainm maidir leis na smachtbhannaí coiriúla a fhorchuirfear a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.

4.   I gcás ina mbeidh pionós riaracháin, beart eile nó smachtbhanna coiriúil nochta don phobal ag na húdaráis inniúla, déanfaidh siad an pionós, beart nó smachtbhanna sin a thuairisciú ag an am céanna do ÚEÁPC.

CAIBIDIL XI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 71

Sonraí pearsanta a phróiseáil

A mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déanfaidh soláthraithe TPPUnna, dáileoirí TPPUnna agus údaráis inniúla a gcúraimí chun críche an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. I dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag ÚEÁPC faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh ÚEÁPC Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 72

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 40(9), 45(4) agus 65(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 4 bliana ón 14 Lúnasa 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 4 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 40(9), 45(4) agus 65(9) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 40(9), 45(4) agus 65(9), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 73

Meastóireacht agus tuairisciú

1.   Cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEÁPC agus leis na ÚMEnna eile i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

2.   Sa Tuarascáil, cumhdófar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

feidhmiú an nós imeachta maidir le TPPUnna a chlárú i gcomhréir le Caibidil II;

(b)

inaistritheacht, go háirithe maidir leis na fochuntais a bheidh ar fáil do choigilteoirí TPPU agus an fhéidearthacht go leanfadh an coigilteoir de ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfochuntas deireanach arna oscailt i gcomhréir le hAirteagal 20(3) agus (4);

(c)

comhpháirtíochtaí a fhorbairt;

(d)

feidhmiú na seirbhíse malartaithe agus leibhéal na dtáillí agus na muirear;

(e)

a mhéid a rachaidh an TPPU i bhfód ar an margadh agus an éifeacht a bheidh ag an Rialachán seo ar sholáthar pinsin ar fud na hEorpa, lena n-áirítear táirgí atá ann cheana a ionadú agus glacadh leis an TPPU Bunúsach;

(f)

an nós imeachta gearán;

(g)

comhtháthú thosca ESG i mbeartas infheistíochta TPPU;

(h)

leibhéal na dtáillí, na muirear agus na gcostas a iompraíonn coigilteoirí TPPU go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear measúnú ar chliseadh sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith ann;

(i)

comhlíonadh an Rialacháin seo agus na gcaighdeán a shocraítear leis an dlí earnálach is infheidhme ag soláthraithe TPPUnna;

(j)

cur i bhfeidhm teicnící éagsúla maolaithe riosca arna n-úsáid ag na soláthraithe TPPUnna;

(k)

TPPU a sholáthar faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus faoin tsaoirse bhunaíochta;

(l)

fiúntas a bheith ag baint le faisnéis a nochtadh do choigilteoirí TPPU ionchasacha faoi fheidhmíocht an táirge roimhe sin, ag cur san áireamh an fhaisnéis faoi na cásanna feidhmíochta a áireofar sa TPPU;

(m)

an chomhairle a thugtar do choigilteoirí TPPU a bheith leormhaith, go háirithe maidir le cineálacha féideartha eisíocaíochtaí.

Leis an measúnú dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír seo, cuirfear san áireamh cúiseanna gan fochuntais a oscailt i mBallstáit áirithe agus déanfar measúnú ar an dul chun cinn agus ar an iarracht atá déanta ag soláthraithe TPPUnna maidir le réitigh theicniúla a fhorbairt le haghaidh fochuntais a oscailt.

3.   Déanfaidh an Coimisiún painéal a chur ar bun leis na geallsealbhóirí ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus cur chun feidhme TPPUnna ar bhonn leanúnach. Áireofar ar an bpainéal sin ar a laghad ÚEÁPC, na húdaráis inniúla, ionadaithe tionscail agus ionadaithe tomhaltóirí agus saineolaithe neamhspleácha.

Is é ÚEÁPC an rúnaíocht a bheidh ag an bpainéal.

Airteagal 74

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo 12 mhí tar éis na gníomhartha tarmligthe arna mbeartú leis an Rialachán seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagail 28(5), 30(2), 33(3), 36(2), 37(2), 45(3) agus 46(3).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 81, 2.3.2018, lch. 139.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019.

(3)  IO C 11, 12.1.2018, lch. 24.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(5)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1);

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(9)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(10)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).

(12)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comh-infheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(13)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(15)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(16)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(17)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).

(18)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(19)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(20)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(21)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(23)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).


25.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

64


RIALACHÁN (AE) 2019/1239 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ceanglaítear ar na Ballstáit glacadh le comhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe do longa ag teacht isteach agus ag imeacht amach ó chalafoirt an Aontais i bhformáid leictreonach agus a dtarchur a áirithiú trí mheán ionad ilfhreastail chun éascú agus brostú don iompar muirí.

(2)

Is é an t-iompar muirí an crann taca don trádáil agus don chumarsáid laistigh den mhargadh aonair agus lasmuigh de freisin. Chun an t-iompar muirí a éascú, agus d’fhonn an t-ualach riaracháin do chuideachtaí loingseoireachta a laghdú a thuilleadh, ba cheart na nósanna imeachta faisnéise do chomhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe a chuirtear ar chuideachtaí loingseoireachta le gníomhartha dlí de chuid an Aontais, le gníomhartha dlí idirnáisiúnta agus le dlí náisiúnta na mBallstát a shimpliú agus a chomhchuibhiú tuilleadh, agus ba cheart dóibh a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, rud a fhágfaidh go mbeidh réitigh tuairiscithe a bheidh oiriúnaithe don todhchaí á gcur chun cinn.

(3)

Is minic a d’iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon gurbh ann do níos mó idir-inoibritheachta agus do chumarsáid agus sreafaí faisnéise a bheadh níos cuimsithí agus níos fusa le húsáid chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus chun freastal níos fearr ar riachtanais na saoránach agus na ngnólachtaí.

(4)

Is é príomhaidhm an Rialacháin seo rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis an soláthar faisnéise a theastaíonn agus cuaird á tabhairt ag long ar chalafort, go háirithe trína áirithiú go bhféadfar na tacair sonraí chéanna a thuairisciú ar an mbealach céanna do gach Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta. Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo tarchur faisnéise idir dearbhóirí, na húdaráis ábhartha agus soláthraithe seirbhísí calafoirt sa chalafort cuarda, agus na Ballstáit eile a éascú freisin. Níor cheart do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tréimhsí ama ná bunbhrí na n-oibleagáidí tuairiscithe a athrú, ná níor cheart don mhéid sin difear a dhéanamh do stóráil ná do phróiseáil na faisnéise ina dhiaidh sin, ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta.

(5)

Ba cheart an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta reatha i ngach aon Bhallstát a choinneáil mar an mbunús do thimpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí (“EMSWe”) a bheidh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus idir-inoibritheach. Ba cheart don Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a bheith ina phointe cuimsitheach iontrála tuairiscithe d’oibreoirí iompair mhuirí, agus feidhmiúlachtaí bailithe sonraí ó na dearbhóirí agus leithdháilte sonraí ar gach údarás inniúil ábhartha á bhfeidhmiú acu agus do sholáthraithe seirbhísí calafoirt.

(6)

D’fhonn feabhas a chur ar éifeachtúlacht na nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta agus chun ullmhú le haghaidh forbairtí sa todhchaí, ba cheart é a bheith indéanta na socruithe reatha a choinneáil nó socruithe nua a bhunú sna Ballstáit chun an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a úsáid chun tuairisciú a dhéanamh i ndáil le faisnéis chomhchosúil do mhodhanna eile iompair.

(7)

Ba cheart taobh na ndearbhóirí de chomhéadain tosaigh na nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta sin a chomhchuibhiú, ar leibhéal an Aontais, d’fhonn an tuairisciú a éascú agus an t-ualach riaracháin a laghdú a thuilleadh. Ba cheart an comhchuibhiú sin a dhéanamh trí bhogearraí comhéadain chomhchoiteann a chur i bhfeidhm i ngach Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta don mhalartú idirchórasach faisnéise arna fhorbairt ar leibhéal an Aontais. Ba cheart gur ar an mBallstát a bheadh an fhreagracht as an modúl comhéadain sin a chomhtháthú agus a bhainistiú, agus as nuashonrú a dhéanamh ar na bogearraí go tráthrialta nuair a bheadh leaganacha nua á gcur ar fáil ag an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún an modúl seo a fhorbairt agus nuashonruithe a sholáthar nuair a bhíonn siad de dhíth, ós rud é go bhfuil forbairt na dteicneolaíochtaí digiteacha ag athrú go gasta agus go bhféadfadh sé go rachadh aon réiteach teicneolaíochta as dáta go tapa i bhfianaise forbairtí nua.

(8)

D’fhéadfaí modhanna tuairiscithe eile atá á soláthar ag na Ballstáit agus ag soláthraithe seirbhísí amhail Córais Chomhphobail Chalafoirt, a choinneáil mar phointí iontrála roghnacha le haghaidh tuairisciú agus ba cheart dóibh a bheith in ann gníomhú mar sholáthraithe seirbhíse sonraí.

(9)

Ionas nach gcuirfear ualach díréireach riaracháin ar Bhallstáit thalamhiata nach bhfuil calafoirt mhuirí acu, ba cheart na Ballstáit sin a eisiamh ón oibleagáid Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a fhorbairt, a bhunú, a fheidhmiú agus a chur ar fáil. Fágann sé sin nár cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit sin, fad is a bhaineann siad úsáid as an díolúine sin, na hoibleagáidí a bhaineann le forbairt, bunú, feidhmiú agus cur ar fáil an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a chomhlíonadh.

(10)

Ba cheart comhéadan grafach úsáideora atá furasta a úsáid ag a bhfuil feidhmiúlachtaí comhchoiteanna a bheith ina chuid de na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta trína bhféadfadh dearbhóirí iad féin tuairisciú de láimh a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit an comhéadan grafach úsáideora a chur ar fáil do dhearbhóirí le go bhféadfadh siad sonraí a chur isteach de láimh, lena n-áirítear tríd na scarbhileoga digiteacha comhchuibhithe a uaslódáil. Anuas ar fheidhmiúlachtaí comhchoiteanna a áirithiú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit iarrachtaí a chomhordú chun a áirithiú go mbeidh taithí chomhchosúil, a mhéid is féidir, ag gach úsáideoir ar chomhéadain ghrafacha úsáideora.

(11)

Leis na teicneolaíochtaí digiteacha nua, is minic agus is mó na deiseanna atá ar fáil chun éifeachtúlacht na hearnála iompair muirí a mhéadú agus an t-ualach riaracháin a laghdú. Chun tairbhe a bhaint as na teicneolaíochtaí nua sin chomh luath agus is féidir, ba cheart é a thabhairt de chumhacht don Choimisiún, sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta na timpeallachta comhchuibhithe tuairiscithe a leasú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Ba cheart don mhéid sin fágáil gurbh ann do sholúbthacht do ghníomhaithe sa mhargadh chun teicneolaíochtaí digiteacha nua a fhorbairt agus ba cheart teicneolaíochtaí nua a chur san áireamh freisin nuair a athbhreithneofar an Rialachán seo.

(12)

Ba cheart tacaíocht agus faisnéis leordhóthanach maidir leis na próisis agus ceanglais theicniúla a bhaineann le húsáid an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a sholáthar do dhearbhóirí trí mheán láithreáin ghréasáin náisiúnta, so-rochtana agus áisiúil d’úsáideoirí, a mbeadh caighdeáin chomhchoiteanna acu ó thaobh “cuma agus éirime”.

(13)

Leis an gCoinbhinsiún maidir le hÉascú Muirthrácht Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún FAL”) (4), foráiltear nach n-éileoidh na húdaráis phoiblí ach faisnéis tuairiscithe bhunriachtanach, agus an fhaisnéis sin amháin, i ngach aon chás, agus gur cheart líon na míreanna a theorannú don íosmhéid. De réir na ndálaí áitiúla áfach, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le faisnéis shonrach ar leith chun sábháilteacht na loingseoireachta a áirithiú.

(14)

Ní mór tacar sonraí cuimsitheach EMSWe a bhunú le go bhféadfaidh EMSWe feidhmiú, agus ba cheart don tacar sin gach gné faisnéise a chumhdach a d’fhéadfadh údaráis náisiúnta nó oibreoirí calafoirt a iarraidh chun críocha riaracháin nó oibriúcháin, agus cuaird á tabhairt ag long ar chalafort. Agus tacar sonraí EMSWe á bhunú, ba cheart don Choimisiún an obair ábhartha a dhéantar ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh. Ós rud é go mbíonn raon feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe éagsúil ó Bhallstát go chéile, ba cheart Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta i mBallstát faoi leith a cheapadh chun glacadh le tacar sonraí EMSWe gan aon mhodhnú air, agus neamhaird a dhéanamh ar aon fhaisnéis ar bith nach bhfuil ábhartha don Bhallstát sin.

(15)

In imthosca eisceachtúla, ba cheart Ballstát a bheith in ann eilimintí sonraí breise a iarraidh ar dhearbhóirí. D’fhéadfadh imthosca eisceachtúla den sórt sin a bheith ann, mar shampla i gcás inar phráinneach an t-ord agus an tslándáil inmheánach a chosaint nó aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó ar an gcomhshaol. Ba cheart coincheap na “n-imthosca eisceachtúla” a léiriú go docht.

(16)

Na hoibleagáidí ábhartha tuairiscithe a fhaightear i ngníomhartha dlí an Aontais agus sna gníomhartha idirnáisiúnta, ba cheart iad a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart na hoibleagáidí tuairiscithe sin a bheith ina mbun chun tacar cuimsitheach sonraí EMSWe a bhunú. Ba cheart tagairt a dhéanamh san Iarscríbhinn sin freisin do chatagóirí ábhartha na n-oibleagáidí tuairiscithe ar an leibhéal náisiúnta, agus ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún tacar sonraí EMSWe a leasú ar bhonn na n-oibleagáidí tuairiscithe ina reachtaíocht agus ina gceanglais náisiúnta. Sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais lena leasaítear tacar sonraí EMSWe ar bhonn na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach sa reachtaíocht agus sna ceanglais náisiúnta, ba cheart tagairt fhollasach a dhéanamh don reachtaíocht agus do na ceanglais náisiúnta sin.

(17)

Nuair a leithdháiltear an fhaisnéis ón Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ar na húdaráis inniúla, ba cheart don tarchur a bheith i gcomhréir leis na ceanglais chomhchoiteanna sonraí, na formáidí agus na cóid do na hoibleagáidí tuairiscithe agus do na foirmiúlachtaí dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn agus ba cheart an tarchur a dhéanamh trí na córais TF mar a bhunaítear iad sa reachtaíocht sin, ar nós na dteicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(18)

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart na córais SafeSeaNet atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh, agus ba cheart na córais sin leanúint de bheith ag éascú mhalartú agus leithdháileadh na faisnéise a fhaightear tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta idir na Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(19)

Ní hiad na calafoirt na spriocanna deiridh leis na hearraí. Bíonn tionchar ag éifeachtúlacht cuarda loinge ar chalafort ar an slabhra lóistíochta trí chéile a bhaineann le hiompar earraí agus paisinéirí chuig na calafoirt agus uathu. D’fhonn idir-inoibritheacht agus ilmhódúlacht a áirithiú, mar aon le lánpháirtíocht réidh an iompair mhuirí leis an slabhra lóistíochta foriomlán agus d’fhonn modhanna iompair eile a éascú, ba cheart, leis na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, go bhféadfaí faisnéis ábhartha a mhalartú, ar nós tráthanna teachta agus imeachta, agus go ndéanfaí creataí comhchosúla a fhorbairt do mhodhanna iompair eile.

(20)

Chun éifeachtúlacht an iompair mhuirí a fheabhsú agus dúbailt na faisnéise a theorannú nach mór a sholáthar chun críocha oibriúcháin nuair a thugann long cuaird ar chalafort, ba cheart an fhaisnéis arna soláthar ag dearbhóirí d’Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a roinnt le heintitis áirithe eile freisin, ar nós oibreoirí calafoirt nó teirminéil, nuair a fhormheasann an dearbhóir sin, agus rúndacht, íogaireachtaí tráchtála agus srianta dlíthiúla á gcur san áireamh. Is é is aidhm don Rialachán seo feabhas a chur ar láimhseáil sonraí de réir phrionsabal an aon uaire an tráth a mbeadh na hoibleagáidí tuairiscithe á gcomhlíonadh.

(21)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 gur gá go dtiocfaidh earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais faoi réir dearbhú iontrála achomhair nach mór é a thaisceadh go leictreonach leis na húdaráis chustaim. I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le faisnéis an dearbhaithe iontrála achomair do bhainistiú rioscaí slándála agus airgeadais, táthar ag forbairt córas leictreonach sonrach do thaisceadh agus bainistiú na ndearbhuithe iontrála achomair laistigh de chríoch chustaim an Aontais. Ní féidir, dá réir sin, dearbhú iontrála achomair a chur isteach tríd an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú. Nuair a chuirtear san áireamh, áfach, go dteastaíonn roinnt de na heilimintí sonraí a chuirtear isteach leis an dearbhú iontrála achomair do chomhlíonadh oibleagáidí tuairiscithe mhuirí agus custaim eile nuair a thugann long cuaird ar chalafort laistigh den Aontas, ba cheart EMSWe a bheith in ann na heilimintí sonraí den dearbhú iontrála achomair a phróiseáil freisin. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin go bhféadfaidh an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta faisnéis ábhartha a cuireadh isteach cheana féin tríd an dearbhú iontrála achomair a aisghabháil.

(22)

Chun ceanglais tuairiscithe a bheidh go hiomlán comhchuibhithe a bhaint amach, ba cheart d’údaráis custaim, d’údaráis mhuirí agus d’údaráis ábhartha eile comhoibriú le chéile ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Ba cheart do na comhordaitheoirí náisiúnta ar a bhfuil freagrachtaí sonracha éifeachtacht an chomhair sin agus feidhmiú rianúil na nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a fheabhsú.

(23)

Chun athúsáid na faisnéise arna soláthar trí na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a chumasú agus le gurbh fhusa don dearbhóir an fhaisnéis a chur isteach, ní mór a fhoráil go mbeadh bunachair sonraí chomhchoiteanna ann. Ba cheart bunachar sonraí long EMSWe a bhunú ina ndéanfaí liosta tagartha a áireamh de shonraí na long agus a ndíolúintí tuairiscithe, faoi mar a thuairiscítear don Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta. Le gurbh fhusa do na dearbhóirí faisnéis a thaisceadh, ba cheart Bunachar Sonraí Comhchoiteanna Suíomhanna a bhunú ina gcoinnítear liosta tagartha de chóid suímh, lena n-áirítear Cód na Náisiún Aontaithe maidir le Suíomhanna Trádála agus Iompair (NA/LOCODE), agus na cóid shonracha do SafeSeaNet maille leis na cóid saoráide calafoirt arna gclárú sa Chóras Comhtháite Domhanda le haghaidh Faisnéis i dtaca leis an Loingseoireacht (GISIS) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO). Ina theannta sin, ba cheart Bunachar Sonraí Comhchoiteann um Ábhair Ghuaiseacha a bhunú ina gcorpraítear liosta earraí contúirteacha agus truaillithe a bhfuil fógra le tabhairt ina leith don Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE agus IMO FAL 7, ag cur san áireamh na heilimintí sonraí ábhartha ó Choinbhinsiúin agus Cóid IMO.

(24)

Próiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh faoi chuimsiú an Rialacháin seo ag na húdaráis inniúla, ba cheart di Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chomhlíonadh. Próiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart di Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a chomhlíonadh.

(25)

Níor cheart do EMSWe agus na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta aon fhorais eile a thabhairt d’aon phróiseáil sonraí pearsanta thar a bhfuil riachtanach dá bhfeidhmiú, agus níor cheart leas a bhaint astu chun aon chearta rochtana nua eile a dheonú ar shonraí pearsanta.

(26)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thacar sonraí EMSWe a bhunú agus a leasú agus trí na sainmhínithe, catagóirí agus sonraíochtaí sonraí a chinneadh do na heilimintí sonraí, agus i dtaca leis an Iarscríbhinn a leasú chun oibleagáidí tuairiscithe arb ann dóibh ar an leibhéal náisiúnta a chuimsiú, chomh maith le hoibleagáidí tuairiscithe nua a chur san áireamh a glacadh le gníomhartha dlí de chuid an Aontais. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go n-urramaítear na ceanglais chomhchoiteanna, formáidí comhchoiteanna agus cóid chomhchoiteanna maidir le sonraí atá bunaithe i ngníomhartha dlí an Aontais agus sna gníomhartha dlí idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn. Tá sé tábhachtach freisin, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(27)

Agus na gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go rachfar i gcomhairle le saineolaithe agus comhphobal gnó na mBallstát ar bhealach trédhearcach, tamall maith roimh ré.

(28)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(29)

Go sonrach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla, sásraí rialaithe cáilíochta agus nósanna imeachta a ghlacadh d’imlonnú, cothabháil agus úsáid an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe agus gnéithe comhchuibhithe gaolmhara na n-Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin chun sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta a leagan síos do sheirbhísí comhchoiteanna EMSWe.

(30)

Ba cheart don Rialachán seo cur le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) ina leagtar síos na coinníollacha faoina dtabharfaidh na Ballstáit aitheantas do mhodhanna ríomh-shainaitheantais do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a thagann faoi scéim ríomh-shainaitheantais Ballstáit eile ar tugadh fógra ina leith. Le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, bunaítear na coinníollacha d’úsáideoirí chun bheith in ann úsáid a bhaint as a ríomh-shainaitheantas agus as a modhanna fíordheimhnithe d’fhonn rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar líne i gcásanna trasteorann.

(31)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart faisnéis a ullmhú chun an mheastóireacht sin a mhúnlú, agus ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú an Rialacháin seo i gcoinne na gcuspóirí lena mbaineann. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh, i measc roghanna eile, ar an mbreisluach a bhaineann le córas tuairiscithe Eorpach láraithe agus comhchuibhithe a bhunú, amhail comhéadan tuairiscithe lárnach.

(32)

Ba cheart Treoir 2010/65/AE a aisghairm, dá réir sin, le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(33)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo creat do thimpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí (“EMSWe”) atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus idir-inoibrithe ag a bhfuil comhéadain chomhchuibhithe, d’fhonn tarchur leictreonach faisnéise a éascú i ndáil le hoibleagáidí tuairiscithe do longa ag teacht isteach agus ag fanacht i gcalafort de chuid an Aontais agus do longa ag imeacht uaidh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí” (“EMSWe”) an creat dlíthiúil agus teicniúil do tharchur leictreonach faisnéise i ndáil leis na hoibleagáidí tuairiscithe do chuarda ar chalafort san Aontas, arb é atá ann líonra Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ag a bhfuil comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú agus lena n-áirítear an malartú sonraí trí SafeSeaNet agus córais ábhartha eile maille le seirbhísí comhchoiteanna do chlárlann úsáideoirí agus do bhainistíocht rochtana, seolachán, sainaitheantas long, cóid suímh agus faisnéis maidir le hearraí contúirteacha agus truaillithe agus maidir leis an tsláinte;

(2)

ciallaíonn “long” aon soitheach nó árthach farraige atá ag oibriú sa mhuirthimpeallacht atá faoi réir oibleagáid tuairiscithe faoi leith a liostaítear san Iarscríbhinn;

(3)

ciallaíonn “Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta” ardán teicniúil arna bhunú agus arna oibriú go náisiúnta d’fhonn faisnéis a fháil, a mhalartú agus a chur ar aghaidh go leictreonach chun oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh agus lena n-áirítear bainistiú ar chearta rochtana a bhfuil sainmhíniú comhchoiteann leis, modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus comhéadan grafach úsáideora chun cumarsáid a dhéanamh leis na dearbhóirí mar aon le naisc le córais agus bunachair sonraí na n-údarás ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trína gcumasaítear teachtaireachtaí nó dearbhuithe a chumhdaíonn an réimse is leithne cinntí arna nglacadh ag na húdaráis rannpháirteacha ábhartha uile a chur in iúl do na dearbhóirí. agus trína bhféadfaí, i gcás inarb infheidhme, nascadh le modhanna eile tuairiscithe;

(4)

ciallaíonn “modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú” comhpháirt meánearraí san Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta trínar féidir faisnéis a mhalartú idir an córas faisnéise arna úsáid ag an dearbhóir agus an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ábhartha;

(5)

ciallaíonn “oibleagáid tuairiscithe” an fhaisnéis a éilítear de réir na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais agus na ngníomhartha dlí idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn, agus de réir na reachtaíochta agus na gceanglas náisiúnta dá dtagraítear san Iarscríbhinn, ar faisnéis í nach mór a sholáthar i ndáil le cuaird ar chalafort;

(6)

ciallaíonn “cuaird ar chalafort” teacht loinge chuig calafort muirí i mBallstát, fanacht loinge ann, agus imeacht loinge uaidh;

(7)

ciallaíonn “eilimint sonraí” an t-aonad faisnéise is lú a bhfuil sainiú uathúil agus tréithe teicniúla beachta aige amhail formáid, fad agus cló carachtair;

(8)

ciallaíonn “tacar sonraí EMSWe” an liosta iomlán d’eilimintí sonraí a eascraíonn as oibleagáidí tuairiscithe;

(9)

ciallaíonn “comhéadan grafach úsáideora” comhéadan gréasáin le haghaidh cur isteach gréasánbhunaithe sonraí chuig Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, ar cur isteach dhá threo idir an t-úsáideoir agus an córas é, lenar féidir na dearbhóirí sonraí a iontráil de láimh, inter alia trí bhíthin scarbhileoga digiteacha comhchuibhithe agus feidhmeanna lena gcumasaítear eilimintí sonraí tuairiscithe a asbhaint ó na scarbhileoga sin, agus lena n-áirítear feidhmiúlachtaí comhchoiteanna agus gnéithe lena n-áirithítear sreabhadh nascleanúna comhchoiteann agus feidhmiúlacht uaslódála sonraí chomhchoiteanna do na dearbhóirí;

(10)

ciallaíonn “seirbhís chomhchoiteann seolacháin” seirbhís dheonach bhreise do dhearbhóirí chun naisc sonraí díreacha idirchórasacha a thionscnamh idir córas an dearbhóra agus an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta faoi seach;

(11)

ciallaíonn “dearbhóir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach cuí-údaraithe ag gníomhú dóibh thar ceann an duine sin laistigh de theorainneacha na hoibleagáide tuairiscithe ábhartha;

(12)

ciallaíonn “údaráis chustaim” na húdaráis a shainítear i bpointe 1 d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(13)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse sonraí” duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí faisnéise agus teicneolaíochta cumarsáide do dhearbhóir i ndáil leis na hoibleagáidí tuairiscithe;

(14)

ciallaíonn “tarchur leictreonach faisnéise” an próiseas chun faisnéis atá ionchódaithe go digiteach a tharchur, agus úsáid á baint as formáid struchtúrtha in-athbhreithnithe is féidir le ríomhairí a úsáid go díreach chun sonraí a stóráil agus a phróiseáil;

(15)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí calafoirt” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann ar fáil catagóir amháin nó níos mó de na seirbhísí calafoirt a liostaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

CAIBIDIL II

TACAR SONRAÍ EMSWe

Airteagal 3

Bunú tacair sonraí EMSWe

1.   Déanfaidh an Coimisiún tacar sonraí EMSWe a bhunú agus a leasú de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

2.   Faoin 15 Feabhra 2020, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi oibleagáidí tuairiscithe a eascraíonn as an reachtaíocht agus na ceanglais náisiúnta, chomh maith leis na heilimintí sonraí atá le háireamh i dtacar sonraí EMSWe. Sainaithneoidh siad na heilimintí sonraí sin go beacht.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 d’fhonn an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun críocha tagairtí do reachtaíocht nó gníomhartha náisiúnta, gníomhartha de chuid an Aontais nó gníomhartha idirnáisiúnta a thabhairt isteach, a scriosadh nó a oiriúnú, agus chun tacar sonraí EMSWe a bhunú agus a leasú.

Déanfar an chéad ghníomh tarmligthe den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

Faoi mar a leagtar amach in Airteagal 4, féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún eilimintí sonraí a thabhairt isteach nó a leasú i dtacar sonraí EMSWe, i gcomhréir leis na hoibleagáidí tuairiscithe sa reachtaíocht agus sna ceanglais náisiúnta. Tráth a ndéanfaí a mheas cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil eilimintí sonraí le áireamh i dtacar sonraí EMSWe, cuirfidh an Coimisiún cúraimí sábháilteachta, chomh maith le prionsabail Choinbhinsiún FAL, san áireamh, is é sin nach gceanglaítear ach faisnéis bhunriachtanach amháin a thuairisciú agus líon na míreanna a theorannú don íosmhéid é.

Cinnfidh an Coimisiún, laistigh de 3 mhí tar éis na hiarrata, an ndéanfar na heilimintí sonraí a thabhairt isteach i dtacar sonraí EMSWe agus tabharfaidh sé údar cuí lena chinneadh.

Gníomh tarmligthe lena dtugtar isteach nó lena leasaítear eilimint sonraí i dtacar sonraí EMSWe, áireofar leis tagairt fhollasach don reachtaíocht agus do na ceanglais náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír.

I gcás ina gcinneann an Coimisiún gan an eilimint sonraí a iarradh a thabhairt isteach, tabharfaidh an Coimisiún cúiseanna cuí-réasúnaithe lena dhiúltú, agus tagairt iontu do shábháilteacht na loingseoireachta agus do phrionsabail Choinbhinsiún FAL.

Airteagal 4

Tacar sonraí EMSWe a leasú

1.   Sa chás gur mian le Ballstát oibleagáid tuairiscithe a leasú, faoina reachtaíocht agus a cheanglais náisiúnta, lena mbainfeadh soláthar faisnéise seachas an fhaisnéis a áirítear i dtacar sonraí EMSWe, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún láithreach bonn. Sainaithneoidh an Ballstát go beacht san fhógra sin an fhaisnéis nach gclúdaítear le tacar sonraí EMSWe, agus tabharfaidh sé le fios an tréimhse ar lean linn atá sé beartaithe an oibleagáid tuairiscithe atá i gceist a chur i bhfeidhm.

2.   Ní thabharfaidh Ballstát oibleagáidí tuairiscithe nua isteach ach amháin má tá an tabhairt isteach sin formheasta ag an gCoimisiún trí bhíthin an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3 agus má tá an fhaisnéis chomhfhreagrach curtha isteach i dtacar sonraí EMSWe agus curtha i bhfeidhm sna comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú.

3.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh measúnú ar an riachtanas tacar sonraí EMSWe a leasú i gcomhréir le hAirteagal 3(3). Ní dhéanfar leasuithe ar thacar sonraí EMSWe ach uair amháin in aghaidh na bliana, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

4.   I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh Ballstát a iarraidh ar dhearbhóirí eilimintí sonraí breise a chur ar fáil, gan formheas a fháil ón gCoimisiún le linn thréimhse níos lú ná 3 mhí. Cuirfidh an Ballstát na heilimintí sonraí sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. Féadfaidh an Coimisiún ligean don Bhallstát leanúint de na heilimintí sonraí breise a iarraidh go ceann dhá thréimhse 3 mhí eile más ann do na himthosca eisceachtúla i gcónaí.

Tráth nach déanaí ná mí amháin roimh dheireadh na tréimhse deiridh 3 mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfaí cuid de thacar sonraí EMSWe de na heilimintí sonraí breise, i gcomhréir le hAirteagal 3(3). Féadfaidh an Ballstát leanúint de na heilimintí sonraí breise a iarraidh ar dhearbhóirí go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh, agus i gcás ina ndéantar cinneadh deimhneach, go dtí go mbeidh tacar sonraí EMSWe leasaithe curtha chun feidhme.

CAIBIDIL III

SOLÁTHAR FAISNÉISE

Airteagal 5

Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta

1.   Bunóidh gach Ballstát Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta trína soláthrófar, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus gan dochar d’Airteagail 7 agus 11, gach faisnéis riachtanach do chomhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe an t-aon uair amháin, trí mheán thacar sonraí EMSWe agus i gcomhréir leis an tacar sonraí sin, agus an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus an comhéadan grafach úsáideora mar a leagtar amach iad in Airteagal 6 á n-úsáid, agus i gcás inarb infheidhme modhanna tuairiscithe eile mar a leagtar amach in Airteagal 7, d’fhonn an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis ábhartha na mBallstáit a mhéid atá riachtanach chun ligean do na húdaráis sin a gcuid feidhmeanna faoi seach a fheidhmiú.

Is iad na Ballstáit a bheidh freagrach as oibriú a nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

Féadfaidh na Ballstáit ionad ilfhreastail mhuirí a bhunú ar bhonn comhpháirteach le Ballstát amháin eile nó níos mó. Ainmneoidh na Ballstáit sin an t-ionad ilfhreastail mhuirí sin mar Ionad Ilfhreastail Náisiúnta acu agus leanfaidh siad de bheith freagrach as a oibriú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Díolmhófar Ballstáit nach bhfuil calafoirt mhuirí acu ón oibleagáid Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a fhorbairt, a bhunú, a oibriú agus a chur ar fáil, mar a leagtar amach i mír 1.

3.   Is iad na Ballstáit a áiritheoidh:

(a)

comhoiriúnacht an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta leis an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus go gcomhlíonfaidh a gcomhéadan grafach úsáideora a Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta na feidhmiúlachtaí comhchoiteanna i gcomhréir le hAirteagal 6(2);

(b)

comhtháthú tráthúil na gcomhéadan comhchuibhithe maidir le tuairisciú i gcomhréir leis na dátaí cur chun feidhme a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6 agus aon nuashonruithe ina dhiaidh sin i gcomhréir leis na dátaí a comhaontaíodh sa Phlean Cur Chun Feidhme Ilbhliantúil (MIP);

(c)

ceangal le córais ábhartha na n-údarás inniúil, chun aistriú sonraí a chumasú atá le tuairisciú do na húdaráis sin, tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, agus chuig na córais sin, i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta agus na ceanglais náisiúnta, agus i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla na gcóras sin;

(d)

go soláthrófar deasc chabhrach le linn na 12 mhí ón 15 Lúnasa 2025, agus suíomh gréasáin tacaíochta ar líne dá nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ar a mbeidh treoracha soiléire i dteanga(cha) oifigiúil (oifigiúla) an Bhallstáit sin agus, i gcás inarb iomchuí, i dteanga a úsáidtear go hidirnáisiúnta;

(e)

soláthar oiliúna a bheidh leormhaith agus a mbeidh gá léi le haghaidh na mball foirne uile a bheidh rannpháirteach go díreach in oibriú an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go sroicheann an fhaisnéis riachtanach na húdaráis atá i gceannas ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta atá i gceist, agus go mbíonn sí teoranta do riachtanais na n-údarás sin. Is amhlaidh leis an méid sin a áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann le tarchur faisnéise, dá bhforáiltear sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn, agus de réir mar is infheidhme, bainfidh siad leas as na teicnící próiseála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbíonn idir-inoibritheacht leis na córais faisnéise arna n-úsáid ag na húdaráis sin.

5.   Leis an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, forálfar go bhféadfaidh dearbhóirí, ar bhonn teicniúil, fothacar eilimintí sonraí a chur ar fáil, ar leithligh, a réamhshainítear ar an leibhéal náisiúnta, do sholáthraithe seirbhísí sa chalafort ceann scríbe.

6.   I gcás nach dteastaíonn gach ceann de na gnéithe de thacar sonraí EMSWe ó Bhallstát chun na hoibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, glacfaidh an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta le faisnéis a chuirtear isteach nach n-áirítear inti ach na heilimintí sonraí a theastaíonn ón mBallstát sin. Glacfaidh an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta freisin le faisnéis ón dearbhóir ina dtugtar eilimintí sonraí breise ó thacar sonraí EMSWe; ní gá dó na heilimintí breise sin a phróiseáil agus a stóráil, áfach.

7.   Ní stórálfaidh Ballstát an fhaisnéis arna cur isteach chuig a Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta faoi seach ach don tréimhse ama is gá chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú agus chun gníomhartha dlí an Aontais, agus na gníomhartha dlí idirnáisiúnta agus náisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh a áirithiú. Scriosfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sin go láithreach bonn dá éis sin.

8.   Cuirfidh na Ballstáit tráthanna teachta agus imeachta na long, idir tráthanna measta agus iarbhír, ar fáil go poiblí, i bhformáid leictreonach arna comhchuibhiú ag leibhéal an Aontais, ar bhonn na sonraí a sheol na dearbhóirí chuig an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid seo maidir le longa a mbeidh lasta íogair ar iompar acu, i gcás ina bhféadfadh foilsiú na faisnéise sin ag an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta bagairt a dhéanamh ar an tslándáil.

9.   Beidh seoladh idirlín aonfhoirmeach ag na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

10.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos struchtúr comhchuibhithe don suíomh gréasáin tacaíochta dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3, sonraíochtaí teicniúla chun amanna teachta agus imeachta dá dtagraítear i mír 8 a chur ar fáil, agus formáid aonfhoirmeach do sheoltaí idirlín dá dtagraítear i i mír 9. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

Airteagal 6

Comhéadain Chomhchuibhithe maidir le Tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla do mhodúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú do na hIonaid Ilfhreastail Muirí Náisiúnta. Is é an aidhm a bheidh leis na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla éascaíocht a dhéanamh don idir-inoibritheacht le teicneolaíochtaí éagsúla agus le córais tuairiscithe éagsúla na n-úsáideoirí.

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 15 Lúnasa 2022, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú do na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a fhorbairt agus a nuashonrú i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 5 den Airteagal seo.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus an fhaisnéis uile is iomchuí ar fáil do na Ballstáit maidir leis an modúl comhéadain chomhchuibhithe chun é a chomhtháthú ina nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na feidhmiúlachtaí comhchoiteanna den chomhéadan grafach úsáideora agus na teimpléid do na scarbhileoga digiteacha comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 2(9) a leagan síos.

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leasaítear na sonraíochtaí, na caighdeáin agus na nósanna imeachta teicniúla a leasú chun a áirithiú go mbeidh na comhéadain oscailte do theicneolaíochtaí a bheidh ann amach anseo.

6.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Airteagal 7

Modhanna eile tuairiscithe

1.   Ceadóidh na Ballstáit do dhearbhóirí faisnéis a sholáthar, ar bhonn deonach, don Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta trí sholáthraithe seirbhíse sonraí a chomhlíonann ceanglais an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe.

2.   Féadfaidh na Ballstáit ceadú do dhearbhóirí an fhaisnéis a sholáthar trí bhealaí tuairiscithe eile ar an gcuntar gur bealaí saorálacha iad sin do na dearbhóirí. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear an fhaisnéis ábhartha ar fáil trí na bealaí eile sin don Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

3.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as bealaí malartacha do sholáthar faisnéise i gcás teip shealadach aon chórais leictreonaigh dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6 agus Airteagail 12 go 17.

Airteagal 8

Prionsabal na haonuaire

1.   Gan dochar d’Airteagal 11(1), mura gceanglaítear a mhalairt le dlí an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit nach n-iarrtar ar an dearbhóir an fhaisnéis a sholáthar de bhun an Rialacháin seo ach uair amháin in aghaidh na cuarda ar chalafort, agus go gcuirtear eilimintí sonraí ábhartha thacar sonraí EMSWe ar fáil agus go n-athúsáidtear iad i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faisnéis shainaitheanta na loinge, na sonraí agus díolúintí arna soláthar tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a thaifeadadh i mbunachar sonraí long EMSWe dá dtagraítear in Airteagal 14, agus go gcuirfear ar fáil iad d’aon chuarda eile ar chalafort laistigh den Aontas ina dhiaidh sin.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear eilimintí sonraí thacar sonraí EMSWe, arna soláthar ag imeacht ó chalafort san Aontas ar fáil don dearbhóir chun críche na n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh ag teacht chuig an gcéad chalafort eile laistigh den Aontas, ar an gcuntar nár thug an long cuaird ar chalafort lasmuigh den Aontas le linn an mhuiraistir. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le faisnéis a fhaightear de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, ach amháin má dhéantar foráil sa Rialachán sin maidir leis an bhféidearthacht sin.

4.   Cuirfear aon eilimint sonraí ábhartha thacar sonraí EMSWe a fhaightear tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo ar fáil d’Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta eile trí mheán an chórais SafeSeaNet.

5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an liosta d’eilimintí sonraí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Airteagal 9

Freagracht as an bhfaisnéis arna cur in iúl

Is é an dearbhóir a bheidh freagrach as eilimintí sonraí a chur isteach, i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla agus theicniúla is infheidhme. Is é an dearbhóir a bheidh freagrach i gcónaí as na sonraí, agus as nuashonrú aon fhaisnéise ar tháinig athrú uirthi tar éis di a bheith curtha isteach chuig an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

Airteagal 10

Cosaint sonraí agus rúndacht

1.   Aon phróiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na húdaráis inniúla faoi chuimsiú an Rialacháin seo, beidh sí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

2.   Maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Coimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfaidh an Coimisiún Rialachán (AE) 2018/1725.

3.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na bearta is gá chun rúndacht faisnéise tráchtála agus faisnéise íogaire eile arna malartú, i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme de bhun an Rialachán seo a áirithiú.

Airteagal 11

Forálacha breise custaim

1.   Ní choiscfear leis an Rialachán seo aon mhalartú faisnéise idir údaráis chustaim na mBallstát ná idir údaráis chustaim agus oibreoirí eacnamaíocha a úsáideann na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.   Cuirfear an fhaisnéis ábhartha den Dearbhú Iontrála Achomair dá dtagraítear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, i gcás ina bhfuil sé comhréireach le dlí custaim an Aontais, ar fáil don Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta mar thagairt, de réir mar is iomchuí, athúsáidfear í i leith na n-oibleagáidí tuairiscithe eile a liostaítear san Iarscríbhinn.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an liosta faisnéise ábhartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

CAIBIDIL IV

SEIRBHÍSÍ COMCHOITEANNA

Airteagal 12

Clárlann úsáideoirí agus córas bainistíochta rochtana EMSWe

1.   Bunóidh an Coimisiún clárlann chomhchoiteann úsáideoirí agus córas comhchoiteann bainistíochta rochtana agus áiritheoidh sé a n-inrochtaineacht do dhearbhóirí agus do sholáthraithe seirbhíse sonraí a bhaineann leas as an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, agus do na húdaráis náisiúnta a bhfuil rochtain acu ar an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, i gcásanna inar gá fíordheimhniú. Forálfar leis an gclárlann chomhchoiteann úsáideoirí agus córas comhchoiteann bainistíochta rochtana do chlárúchán úsáideora aonair trí bhíthin chlárlann an Aontais atá ann cheana agus atá aitheanta ar leibhéal an Aontais, do bhainistiú cónasctha úsáideoirí agus d’fhaireachán ar úsáideoirí ar leibhéal an Aontais.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta le bheith freagrach as úsáideoirí nua a shainaithint agus a chlárú, agus as na córais reatha a mhodhnú agus a fhoirceannadh tríd an gcóras dá dtagraítear i mír 1.

3.   Chun críche rochtana ar an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta sna Ballstáit éagsúla, measfar go bhfuil dearbhóir nó soláthraí seirbhíse sonraí atá cláraithe i gclárlann úsáideoirí agus córas bainistíochta rochtana EMSWe cláraithe san Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta i ngach aon Bhallstát agus feidhmeoidh sé laistigh de theorainneacha na gceart rochtana a thug gach Ballstát i gcomhréir lena rialacha náisiúnta.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta chun an chlárlann chomhchoiteann úsáideoirí agus córas comhchoiteann bainistíochta rochtana dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, lena n-áirítear na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

Airteagal 13

Seirbhís chomhchoiteann seolacháin

1.   Forbróidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, seirbhís bhreise dheonach chomhchoiteann seolacháin, ar choinníoll go mbeidh an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú curtha chun feidhme i gcomhréir iomlán le hAirteagal 6.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla, sásraí rialaithe cáilíochta agus nósanna imeachta d’imlonnú, cothabháil agus úsáid na seirbhíse comhchoitinne seolacháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeacht comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2). Déanfar an chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2024.

Airteagal 14

Bunachar Sonraí Long EMSWe

1.   I gcomhréir le hAirteagal 8(2), bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí long EMSWe ina mbeidh liosta faisnéise agus sonraí sainaitheanta long chomh maith le taifid maidir le díolúintí tuairiscithe long.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthraítear na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a ghabhann le bunachar sonraí long EMSWe ar bhonn na sonraí a sheol na dearbhóirí chuig an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh teacht ag na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ar shonraí bhunachar sonraí na long ar mhaithe le tuairisciú long a éascú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta do bhunú an bhunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1 i dtaca le faisnéis agus sonraí sainaitheanta long chomh maith le taifid maidir le díolúintí tuairiscithe long a bhailiú, a stóráil, a nuashonrú agus a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

Airteagal 15

Bunachar Sonraí Comhchoiteann Suíomhanna

1.   Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí comhchoiteann suíomhanna ina mbeidh liosta tagartha de chóid suímh (14) agus de chóid saoráide calafoirt, mar atá cláraithe sa bhunachar sonraí GISIS de chuid IMO.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh teacht ag na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ar an mbunachar sonraí suímh ar mhaithe le tuairisciú long a éascú.

3.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ón mbunachar sonraí suímh ar fáil ag leibhéal náisiúnta tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta do bhunú an bhunachair choitinn sonraí suímh dá dtagraítear i mír 1 chun na cóid suímh agus na cóid um shaoráidí calafoirt a bhailiú, a stóráil, a nuashonrú agus a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

Airteagal 16

Bunachar Sonraí Comhchoiteann um Ábhair Ghuaiseacha

1.   Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí comhchoiteann um ábhair ghuaiseacha ina mbeidh liosta d’earraí contúirteacha agus truaillithe nach mór a fhógairt i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE agus le IMO FAL 7, ag cur san áireamh na heilimintí sonraí ábhartha ó Chóid agus Coinbhinsiúin IMO.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh teacht ag na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ar an mbunachar sonraí comhchoiteann um ábhair ghuaiseacha ar mhaithe le tuairisciú long a éascú.

3.   Nascfar an bunachar sonraí leis na hiontrálacha ábhartha sa bhunachar sonraí MAR-CIS arna fhorbairt ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) i dtaca le faisnéis faoi ghuaiseacha gaolmhara agus rioscaí a bhaineann le hearraí contúirteacha agus truaillithe.

4.   Bainfear leas as an mbunachar sonraí mar uirlis tagartha agus fíordheimhnithe araon, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, le linn an phróisis tuairiscithe trí mheán an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

5.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil ón mbunachar sonraí comhchoiteann um ábhair ghuaiseacha ar an leibhéal náisiúnta tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

6.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta do bhunú an bhunachair sonraí chomhchoitinn um ábhair ghuaiseacha dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis an bhfaisnéis tagartha maidir le hábhair ghuaiseacha a bhailiú, a stóráil agus a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.

Airteagal 17

Bunachar Sonraí Comhchoiteann maidir le Sláintíocht Long

1.   Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí comhchoiteann maidir le sláintíocht long a bheidh in ann sonraí a bhaineann leis na Dearbhuithe Sláinte Muirí faoi Airteagal 37 de na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta 2005 (IHR) a fháil agus phróiseáil. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann le daoine ar bord long atá tinn a stóráil ar an mbunachar sonraí sin.

Beidh rochtain ag údaráis inniúla sláinte na mBallstát ar an mbunachar sonraí chun sonraí a fháil agus a mhalartú.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a bhaineann úsáid as an mbunachar sonraí maidir le sláintíocht long i bhfios don Choimisiún an t-údarás náisiúnta atá freagrach as bainistiú úsáideoirí i dtaca leis an mbunachar sonraí sin, lena n-áirítear na húsáideoirí nua a chlárú, chomh maith le cuntais a mhodhnú agus a fhoirceannadh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lean leagtar síos na sonraíochtaí, caighdeáin agus nósanna imeachta teicniúla do bhunú an bhunachair sonraí dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

CAIBIDIL V

COMHORDÚ GNÍOMHAÍOCHTA EMSWe

Airteagal 18

Comhordaitheoirí náisiúnta

Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta ag a mbeidh sainordú soiléir dlíthiúil chun feidhmiú mar chomhordaitheoir náisiúnta do EMSWe. Déanfaidh an comhordaitheoir náisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

feidhmeoidh sé mar phointe teagmhála náisiúnta d’úsáideoirí agus don Choimisiún i leith gach ábhar a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

(b)

comhordóidh sé na húdaráis inniúla náisiúnta agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu laistigh de Bhallstát ar leith, agus comhordóidh sé an comhar eatarthu;

(c)

comhordóidh sé na gníomhaíochtaí a bhfuil mar sprioc acu leithdháileadh na faisnéise agus an nasc le córais ábhartha na n-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(3) a áirithiú.

Airteagal 19

Plean Cur Chun Feidhme Ilbhliantúil

Chun cur chun feidhme tráthúil an Rialacháin seo a éascú, agus sásraí rialaithe cáilíochta agus nósanna imeachta a chur ar fáil d’imlonnú, cothabháil agus nuashonrú an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe agus ghnéithe comhchuibhithe gaolmhara EMSWe, glacfaidh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán iomchuí le saineolaithe na mBallstát, Plean Cur chun Feidhme Ilbhliantúil, déanfaidh sé é a leasú ar bhonn bliantúil agus soláthrófar ann:

(a)

plean d’fhorbairt agus nuashonrú na gcomhéadan comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus ghnéithe comhchuibhithe gaolmhara EMSWe dá bhforáiltear, thar na 18 mí ina dhiaidh sin;

(b)

plean d’fhorbairt na seirbhíse comhchoitinne seolacháin faoin 15 Lúnasa 2024;

(c)

dátaí táscacha le haghaidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara ábhartha;

(d)

spriocdhátaí táscacha do na Ballstáit maidir le comhtháthú na gcomhéadan comhchuibhithe maidir le tuairisciú ina dhiaidh sin leis na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta;

(e)

spriocdhátaí táscacha maidir le forbairt seirbhíse comhchoitinne seolacháin ag an gCoimisiún i ndiaidh chur chun feidhme an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú;

(f)

tréimhsí tástála do na Ballstáit agus do na dearbhóirí chun a nasc le leagan nua ar bith de na comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú a thástáil;

(g)

tréimsí tástála le haghaidh na seirbhíse comhchoitinne seolacháin;

(h)

céimniú amach táscach na spriocdhátaí do na leaganacha níos sine de na comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú do na Ballstáit agus do na dearbhóirí.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20

Costais

Is é buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chumhdóidh na costais na nithe seo a leanas:

(a)

forbairt agus cothabháil na n-uirlisí TFC ag an gCoimisiún agus EMSA a thacaíonn le cur chun feidhme an Rialacháin seo ar leibhéal an Aontais;

(b)

cur chun cinn EMSWe ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear i measc páirtithe leasmhara ábhartha, agus ar leibhéal na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha.

Airteagal 21

Comhar le córais nó seirbhísí eile maidir le héascú na trádála agus an iompair

I gcás inar cruthaíodh córais nó seirbhísí maidir le héascú na trádála agus an iompair le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, is é an Coimisiún a chomhordóidh na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na córais nó na seirbhísí sin d’fhonn sineirgí a ghnóthú agus chun dúbláil a sheachaint.

Airteagal 22

Athbhreithniú agus tuairisciú

Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar chur i bhfeidhm EMSWe, agus tuairisceoidh siad a gcuid torthaí don Choimisiún. Áireofar na táscairí seo a leanas sa tuairisc:

(a)

úsáid an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú;

(b)

úsáid an chomhéadain ghrafaigh úsáideora;

(c)

úsáid modhanna tuairiscithe eile dá dtagraítear in Airteagal 7.

Cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil sin faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil, bunaithe ar theimpléad atá le soláthar ag an gCoimisiún.

Faoin 15 Lúnasa 2027, athbhreithneoidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil mheasúnaithe faoi fheidhmiú EMSWe ar bhonn na sonraí agus na staitisticí a bailíodh. Áireofar sa tuarascáil mheasúnaithe sin, de réir mar is gá, meastóireacht ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, óna bhféadfadh athruithe teacht ar an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú nó a d’fhágfadh go gcuirfí modúl eile ina ionad.

Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3 don Choimisiún ar feadh tréimhse 4 bliana ón 14 Lúnasa 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 4 bliana, tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   Nuair a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 24

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste maidir le hIompar Digiteach agus Éascú Trádála cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 25

Treoir 2010/65/CE a aisghairm

Aisghairtear Treoir 2010/65/AE ón 15 Lúnasa 2025.

Déanfar tagairtí do Threoir 2010/65/AE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 15 Lúnasa 2025.

3.   Na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus na cinn sin a bhaineann leis na hoibleagáidí tuairiscithe custaim a shonraítear i bpointe 7 de Chuid A den Iarscríbhinn, tiocfaidh said chun a bheith éifeachtach ón uair a bheidh na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 i mbun seirbhíse, ar riachtanach iad do chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí tuairiscithe sin, i gcomhréir leis an gclár oibre arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun Airteagail 280 agus 281 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Déanfaidh an Coimisiún an dáta ar comhlíonadh coinníollacha na míre seo a fhoilsiú in sraith “C” d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 265.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2019.

(3)  Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/6/CE (IO L 283, 29.10.2010, lch. 1).

(4)  Coinbhinsiún na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) maidir le hÉascú Muirthrácht Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún FAL”), a glacadh an 9 Aibreán 1965 agus a leasaíodh an 8 Aibreán 2016, Caighdeán 1.1.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(6)  Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).

(14)  “Cód na Náisiún Aontaithe um Shuíomhanna Trádála agus Iompair”.


IARSCRÍBHINN

OIBLEAGÁIDÍ TUAIRISCITHE

A.   Oibleagáidí tuairiscithe a eascraíonn as gníomhartha dlí de chuid an Aontais

Áirítear leis an gcatagóir oibleagáidí tuairiscithe seo an fhaisnéis is gá a sholáthar I gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

1.

Fógra a thabhairt do longa ag teacht isteach agus ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát

Airteagal 4 de Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

2.

Seiceálacha teorann ar dhaoine

Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

3.

Fógra a thabhairt faoi earraí contúirteacha nó truaillithe a iompar ar bord

Airteagal 13 de Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

4.

Fógra a thabhairt faoi dhramhaíl agus iarmhair

Airteagal 6 de Threoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar-longa agus d’iarmhair lasta (IO L 332, 28.12.2000, lch. 81).

5.

Fógra a thabhairt faoi fhaisnéis slándála

Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6).

Is í an fhoirm a leagtar amach san Aguisín leis an Iarscríbhinn seo a úsáidfear chun na heilimintí sonraí a shainaithint a theastaíonn faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004.

6.

Faisnéis faoi dhaoine ar bord

Airteagail 4(2) agus 5(2) de Threoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35).

7.

Foirmiúlachtaí custaim

(a)

Foirmiúlachtaí teachta:

Fógra a thabhairt faoi theacht (Airteagal 133 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);

Earraí a thíolacadh do lucht custaim (Airteagal 139 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);

Dearbhú le haghaidh stóráil shealadach earraí (Airteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);

Stádas custaim earraí (Airteagail 153 go 155 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

Doiciméid iompair leictreonacha a mbaintear leas astu d’idirthuras (Airteagal 233(4)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013).

(b)

Foirmiúlachtaí imeachta:

Stádas custaim earraí (Airteagail 153 go 155 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

Doiciméid iompair leictreonacha a mbaintear leas astu d’idirthuras (Airteagal 233(4)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);

Fógra a thabhairt faoi imeacht (Airteagal 267 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);

Dearbhú imeachta achomair (Airteagail 271 agus 272 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);

Fógra a thabhairt maidir le hath-onnmhairiú (Airteagail 274 agus 275 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013).

8.

Luchtú agus díluchtú sábháilte olliompróirí

Airteagal 7 de Threoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear ceanglais agus nósanna imeachta comhchuibhithe do luchtú agus díluchtú sábháilte olliompróirí (IO L 13, 16.1.2002, lch. 9).

9.

Rialú Stáit ar Chalafoirt

Airteagal 9 agus Airteagal 24(2) de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

10.

Staitisticí iompair mhuirí

Airteagal 3 de Threoir 2009/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí agus paisinéirí de mhuir (IO L 141, 6.6.2009, lch. 29).

B.   Doiciméid agus oibleagáidí tuairiscithe FAL a eascraíonn as ionstraimí dlí idirnáisiúnta

Áirítear leis an gcatagóir oibleagáidí tuairiscithe seo an fhaisnéis is gá a sholáthar i gcomhréir le Coinbhinsiún FAL agus le hionstraimí dlí idirnáisiúnta ábhartha eile.

1.

FAL1: Dearbhú Ginearálta

2.

FAL 2: Dearbhú Lasta

3.

FAL 3: Dearbhú Stóras Loinge

4.

FAL 4: Dearbhú maidir le Maoin an Chriú

5.

FAL 5: Liosta Criú

6.

FAL 6: Liosta Paisinéirí

7.

FAL 7: Earraí Contúirteacha

8.

Dearbhú Sláinte Muirí

C.   Oibleagáidí tuairiscithe a eascraíonn as ceanglais agus reachtaíocht náisiúnta

AGUISÍN

FOIRM FAISNÉISE SLÁNDÁLA LOINGE RÉAMHTHEACHTA DO GACH LONG SULA dTAGANN SIAD ISTEACH I gCALAFORT BALLSTÁT DE CHUID AN AONTAIS EORPAIGH

(Coinbhinsiún Idirnáisiúnta 1974 um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS) rialachán 9 de Chaibidil XI-2 agus Airteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004)

Image 1 Téacs an íomhá Image 2 Téacs an íomhá Image 3 Téacs an íomhá

25.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

88


RIALACHÁN (AE) 2019/1240 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 74 agus Airteagal 79(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 (2) ón gComhairle leasaithe go suntasach. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh, ba cheart an Rialachán a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

De dheasca an mhéadaithe mhóir ar shreafaí imirceacha measctha in 2015 agus 2016, tá brú curtha ar chórais imirceacha, tearmainn agus bainistithe teorainneacha. Mar thoradh air sin, tá dúshlán roimh an Aontas agus roimh na Ballstáit, rud a léiríonn an gá atá le beartas an Aontais i réimse na himirce a neartú d’fhonn freagairt Eorpach chomhordaithe agus éifeachtach a bhaint amach.

(3)

Tá sé mar chuspóir ag beartas an Aontais i réimse na himirce conairí sábháilte agus dea-bhainistithe a chur in ionad sreafaí imirce neamhrialta agus neamhrialaithe, trí chur chuige cuimsitheach, agus é mar aidhm leis, ag gach céim, bainistiú éifeachtúil ar shreafaí imirce a áirithiú i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(4)

Tá urraim do chearta an duine ina phrionsabal bunúsach de chuid an Aontais. Tá an tAontas tiomanta do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha gach imircigh a chosaint, beag beann ar a stádas imirceach, agus an dlí idirnáisiúnta á chomhlíonadh go hiomlán aige. Dá bhrí sin, nuair a dhéanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce bearta, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu, ba cheart dóibh bunchearta a urramú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha agus le dlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Airteagail 2 agus 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(5)

Chun cur chun feidhme éifeachtach i ngnéithe uile bheartais an Aontais maidir le hinimirce a áirithiú, ba cheart idirphlé agus comhar comhsheasmhach a dhéanamh le tríú tíortha tionscnaimh agus idirthurais príomha de chuid imirceach agus iarrthóirí cosanta idirnáisiúnta. Leis an gcomhar sin, i gcomhréir leis an gcur chuige cuimsitheach a leagtar amach sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bainistiú feabhsaithe ar inimirce, lena n-áirítear imeachtaí agus fillteacha, tacú leis an acmhainneacht faisnéis a bhailiú agus a chomhroinnt, lena n-áirítear maidir le rochtain iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, i dtaobh athlánpháirtiú agus inimirce neamhdhleathach, smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus cur ina gcoinne.

(6)

Áirítear ar na huirlisí cosanta bearta atá sa Chur Chuige Domhanda maidir le hImirce agus Soghluaisteacht (GAMM). Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh imirce lucht saothair, víosaí do mhic léinn agus athaontú teaghlaigh sna straitéisí agus cainéil inimirce dlíthiúla idir an tAontas agus tríú tíortha, gan dochar d’inniúlachtaí náisiúnta na mBallstát.

(7)

I bhfianaise an éilimh mhéadaithigh atá ann anailís agus faisnéis chun tacú le déanamh beartas fianaisebhunaithe agus freagairtí oibríochtúla, tá gá le hoifigigh idirchaidrimh inimirce a áirithiú go mbeidh an léargas agus an t-eolas atá acu ina rannchuidiú iomlán le léiriú cuimsitheach ar an staid i dtríú tíortha a fháil.

(8)

Ba cheart, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, faisnéis maidir le haois dhearbhaithe imirceach, proifíl inscne agus teaghlaigh agus mionaoisigh neamhthionlactha a áireamh i bhfaisnéis ar chomhdhéanmah sreafaí imirceacha.

(9)

Bhí imscaradh na nOifigeach Eorpacha Idirchaidrimh Imirce reatha chuig na tríú tíortha tionscnaimh agus idirthurais príomha, arna iarraidh le conclúidí an chruinnithe speisialta de na cinn stáit agus rialtas an 23 Aibreán 2015, mar an chéad chéim chun feabhas a chur ar an rannpháirtíocht le tríú tíortha i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le hinimirce agus dlús a chur le comhar le hoifigigh idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh ag na Ballstáit. Bunaithe ar an taithí sin, ba cheart beartaithe oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh chuig tríú tíortha ar feadh tréimhse níos fadtéarmaí ná mar a rinneadh roimhe sin chun tacú le forbairt agus le cur chun feidhme agus le tionchar ghníomhaíocht an Aontais maidir le himirce a uasmhéadú.

(10)

Is é is chuspóir don Rialachán seo a áirithiú gur fearr an comhordú a dhéanfar ar an líonra oifigeach idirchaidrimh arna n-imscaradh chuig tríú tíortha ag údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ag údaráis forfheidhmithe dlí agus, ina theannta sin, ag an gCoimisiún agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus go ndéanfar a n-úsáid a bharrfheabhsú, chun freagairt ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a rinneadh roimhe sin ar thosaíochtaí an Aontais a bhaineann le hinimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann ghaolmhar amhail smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, gníomhaíochtaí um fhilleadh, athligean isteach agus athlánpháirtiú díniteach agus éifeachtach a éascú, rannchuidiú le bainistiú comhtháite ar theorainneacha seachtracha an Aontais, mar aon le tacú le hinimirce dhlíthiúil a bhainistiú, lena n-áirítear i réimse na cosanta idirnáisiúnta, an athlonnaithe agus bearta lánpháirtíochta réamhimeachta arna ndéanamh ag na Ballstáit agus ag an Aontas. Leis an gcomhordú sin, ba cheart lánurraim a thabhairt don slabhra ceannais agus do na línte tuairiscithe atá ann cheana idir oifigigh idirchaidrimh inimirce agus a n-údaráis imscartha faoi seach, agus i measc na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce iad féin.

(11)

Bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 377/2004, tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo a áirithiú go rannchuideoidh oifigigh idirchaidrimh inimirce ar bhealach níos fearr le feidhmiú líonra Eorpaigh oifigeach idirchaidrimh inimirce agus go ndéanfar amhlaidh go príomha trí shásra a bhunú trína bhféadfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais cúraimí agus róil a n-oifigeach idirchaidrimh arna n-imscaradh chuig tríú tíortha a chomhordú ar bhealach níos córasaí.

(12)

Ós rud é go ndéanann údaráis inniúla éagsúla oifigigh idirchaidrimh a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna imirce a imscaradh agus go bhféadfadh forluí a bheith ann idir a sainorduithe agus a gcúraimí, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun comhar a fheabhsú i measc na n-oifigeach atá ag oibriú laistigh den tríú tír nó den réigiún céanna. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún nó gníomhaireachtaí an Aontais oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh chuig misin taidhleoireachta an Aontais i dtríú tír, ba cheart dóibh an líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a éascú agus tacaíocht a thabhairt dóibh sa tríú tír sin. I gcás inarb iomchuí, féadfar na líonraí sin a leathnú d’oifigigh idirchaidrimh arna n-imscaradh ag tíortha nach Ballstáit iad.

(13)

Tá sé bunriachtanach sásra láidir a bhunú lena n-áiritheofar go ndéanfar comhordú feabhsaithe i measc na n-oifigeach idirchaidrimh go léir atá ag déileáil le saincheisteanna inimirce mar chuid dá ndualgais agus go mbeidh comhar níos fearr eatarthu, agus is amhlaidh go bhfuil an méid sin bunriachtanach chun bearnaí faisnéise agus dúbláil oibre a íoslaghdú agus cumais agus éifeachtacht oibríochtúil a uasmhéadú. Ba cheart do Bhord Stiúrtha treoir a thabhairt i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais, agus caidreamh seachtrach de chuid an Aontais á chur san áireamh, agus ba cheart na cumhachtaí riachtanacha a thabhairt dó, go háirithe chun cláir oibre dhébhliantúla maidir le gníomhaíochtaí líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce a ghlacadh, teacht ar chomhaontú maidir le bearta saincheaptha ad-hoc d’oifigigh idirchaidrimh inimirce lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí agus riachtanais atá ag teacht chun cinn nach gcumhdaítear leis an gclár oibre débhliantúil cheana, acmhainní a leithdháileadh le haghaidh gníomhaíochtaí arna gcomhaontú agus a bheith freagrach as iad a chur i gcrích. Níor cheart éifeacht a bheith ag cúraimí an Bhoird Stiúrtha nó cúraimí éascaitheoirí líonraí na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce ar inniúlacht na n-údarás imscartha maidir le cúraimí a thabhairt dá n-oifigigh idirchaidrimh inimirce faoi seach. Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, ba cheart don Bhord Stiúrtha aird a thabhairt ar éagsúlacht líonraí na n-oifigeach idirchaidrimh agus ar thuairimí na mBallstát is mó lena mbaineann maidir le caidreamh le tríú tíortha sonrach.

(14)

Ba cheart liosta d’oifigigh idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh chuig tríú tíortha a bhunú agus ba cheart don Bhord Stiúrtha é a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Ba cheart faisnéis a chur san áireamh sa liosta sin, faisnéis a bhaineann le suíomh, le comhdhéanamh agus le gníomhaíochtaí líonraí éagsúla, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh agus an achoimre ar a ndualgais.

(15)

Ba cheart imscaradh comhpháirteach oifigeach idirchaidrimh a chur chun cinn agus é mar aidhm leis feabhas a chur ar chomhar oibríochtúil agus comhroinnt faisnéise idir na Ballstáit, agus freagairt ar riachtanais ar leibhéal an Aontais, arna sainiú ag an mBord Stiúrtha. Ba cheart tacú le himscaradh comhpháirteach arna dhéanamh ag dhá Bhallstát ar a laghad trí chistí an Aontais lena spreagtar rannpháirtíocht agus lena soláthraítear luach breise do na Ballstáit uile.

(16)

Ba cheart foráil ar leith a dhéanamh maidir le gníomhaíocht leathan forbartha acmhainneachta de chuid an Aontais d’oifigigh idirchaidrimh inimirce. Ba cheart go gcuimseofaí leis an bhforbairt acmhainneachta sin lárchuraclaim choiteanna agus cúrsaí oiliúna réamh-imscartha, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha, a fhorbairt i gcomhar le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, agus acmhainneacht oibríochtúil líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce a neartú. Ba cheart go mbeadh na curaclaim sin neamhéigeantach agus forlíontach do churaclaim náisiúnta arna mbunú ag údaráis imscartha.

(17)

Ba cheart do líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce dúbláil ar obair Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus ar ionstraimí nó struchtúir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear obair ghrúpaí comhair áitiúla Schengen, a sheachaint agus ba cheart dóibh luach breise a thabhairt dá bhfuil bainte amach cheana acu ó thaobh bailiú agus malartú faisnéise i réimse na hinimirce de, go háirithe trí dhíriú ar ghnéithe oibríochtúla. Ba cheart do na líonra sin gníomhú mar éascaitheoirí agus mar sholáthraithe i ndáil le faisnéis ó thríú tíortha nó ina dtaobh, chun tacú le Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i dtaca lena bhfeidhmeanna agus lena gcúraimí, go háirithe i gcás nach mbeidh caidreamh comhoibríoch bunaithe ag Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais le tríú tíortha go fóill. Ba cheart dlúthchomhar idir líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce agus Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais a bhunú chuige sin. Ba cheart d’oifigigh idirchaidrimh inimirce a bheith ar an eolas i gcónaí go bhféadfadh iarmhairtí oibríochtúla nó iarmhairtí clú do líonraí áitiúla agus réigiúnacha oifigeach idirchaidrimh inimirce a bheidh ag a gníomhaíochtaí. Ba cheart dóibh gníomhú dá réir, agus a gcúraimí á ndéanamh acu.

(18)

Ba cheart d’údaráis na mBallstát a áirithiú, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go mbeidh teacht ag oifigigh idirchaidrimh inimirce ar fhaisnéis a gheobhaidh oifigigh idirchaidrimh arna n-imscaradh chuig Ballstáit eile agus táirgí anailíseacha straitéiseacha agus oibríochtúla de chuid na ngníomhaireachtaí Aontais i ndáil le hinimirce neamhdhleathach, le filleadh agus athlánpháirtiú díniteach agus éifeachtach, le coireacht trasteorann nó le cosaint idirnáisiúnta agus le hathlonnú agus go ndéanfar an fhaisnéis arna soláthar ag oifigigh idirchaidrimh inimirce a chomhroinnt leis na Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais; go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Europol) agus Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) laistigh de chreat dlíthiúil gach ceann díobh.

(19)

Chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtaí is féidir as faisnéis arna bailiú ag na líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí ardán slán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise i gcomhréir leis an reachtaíocht cosanta sonraí is infheidhme.

(20)

San fhaisnéis arna bailiú ag oifigigh idirchaidrimh inimirce, ba cheart tacú le cur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip ar de chineál teicniúil agus oibríochtúil é dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus rannchuidiú le córais náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha a fhorbairt agus a choimeád ar bun i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(21)

Ba cheart go mbeifí in ann úsáid a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil a bhuí le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) chun tacú le gníomhaíochtaí líonra Eorpaigh oifigeach idirchaidrimh inimirce agus leanúint le himscaradh comhpháirteach oifigeach idirchaidrimh inimirce arna dhéanamh ag na Ballstáit.

(22)

Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta, lena n-áirítear a n-aistriú, a dhéanfaidh na Ballstáit faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur i bhfeidhm agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu.

(23)

Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo a bheith chun críocha cúnamh a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír atá ag filleadh, athlonnú daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a éascú agus bearta de chuid an Aontais agus bearta náisiúnta a chur chun feidhme i leith imircigh dhleathacha a ligean isteach agus chun inimirce neamhdhleathach, smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac. Dá bhrí sin, tá gá le creat dlíthiúil lena n_aithnítear ról oifigeach idirchaidrimh inimirce sa chomhthéacs sin.

(24)

Ní mór d’oifigigh idirchaidrimh inimirce sonraí pearsanta a phróiseáil chun cur chun feidhme cuí nósanna imeachta um fhilleadh, forfheidhmiú rathúil cinntí um fhilleadh, agus athlánpháirtiú, i gcás inarb ábhartha agus inar féidir, a éascú. Is minic nach mbíonn na tríú tíortha a mbeifear ag filleadh orthu faoi réir cinntí leordhóthanachta arna nglacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679, agus nach bhfuil comhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích acu leis an Aontas nó nach bhfuil sé beartaithe acu comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích nó foráil a dhéanamh ar shlí eile maidir le coimircí iomchuí de réir bhrí Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679. In ainneoin na n-iarrachtaí móra atá an tAontas a dhéanamh i gcomhar le príomhthíortha tionscnaimh na náisiúnach tríú tír a fhanann go neamhdhlíthiúil faoi réir oibleagáid um fhilleadh, ní féidir a áirithiú i gcónaí go gcomhlíonann tríú tíortha den sórt sin ar bhealach córasach an oibleagáid arna bunú leis an dlí idirnáisiúnta a bhaineann lena náisiúnaigh féin a athligean isteach. Dá bhrí sin, maidir le comhaontuithe um athligean isteach arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas nó ag na Ballstáit agus lena ndéantar foráil do choimircí iomchuí maidir le sonraí a aistriú chuig tríú tíortha de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679, cumhdaítear líon teoranta de na tríú tíortha sin leo. I gcás nach ann do na comhaontuithe sin, ba cheart d’oifigigh idirchaidrimh inimirce sonraí pearsanta a aistriú chun críocha na hoibríochtaí um fhilleadh de chuid an Aontais a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2016/679.

(25)

Mar eisceacht ón gceanglas maidir le cinneadh leordhóthanach nó coimircí iomchuí, ba cheart aistriú sonraí pearsanta chuig údaráis tríú tíortha faoin Rialacháin seo a cheadú chun beartas an Aontais um fhilleadh a chur chun feidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfadh oifigigh idirchaidrimh inimirce an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 49(1)(d) de Rialachán (AE) 2016/679 a úsáid faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach san Airteagal sin chun críocha an Rialacháin seo, eadhon, maidir le filleadh díniteach agus éifeachtach náisiúnach tríú tír nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh a thuilleadh acu maidir le dul isteach, fanacht nó a bheith ina gcónaí sna Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(26)

Ar mhaithe leis na daoine lena mbaineann, ba cheart d’oifigigh idirchaidrimh inimirce a bheith in ann sonraí pearsanta daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a phróiseáil faoi réir athlonnú agus ba cheart dóibh a bheith in ann sonraí pearsanta daoine ar mian leo dul ar imirce go dlíthiúil san Aontas a phróiseáil chun a gcéannacht agus a náisiúntacht a dheimhniú. Oibríonn oifigigh idirchaidrimh inimirce i gcomhthéacs ina dócha go bhfaightear léargais thábhachtacha maidir le gníomhaíochtaí eagraíochtaí coiriúla a bhfuil baint acu le smuigleáil daoine agus gáinneáil ar dhaoine. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeidís in ann freisin sonraí pearsanta a phróiseáiltear le linn a ndualgas a chomhroinnt le húdaráis forfheidhmithe agus laistigh de líonraí oifigeach idirchaidrimh ar choinníoll go bhfuil gá leis na sonraí pearsanta i dtrácht chun imirce neamhrialta a chosc agus chun dul i ngleic léi nó chun smuigleáil imirceach nó gáinneáil ar dhaoine a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.

(27)

Is iad cuspóirí an Rialacháin seo dul i muinín líonra na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce a mhéid agus is féidir, ar oifigigh iad a dhéanann na Ballstáit, an Coimisiún agus Gníomhaireachtaí de chuid AE a imscaradh chuig tríú tíortha chun tosaíochtaí an Aontais a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí, agus inniúlachtaí náisiúnta na mBallstát á n-urramú. Áirítear sna tosaíochtaí sin de chuid an Aontais tosaíochtaí maidir le bainistiú níos fearr ar imirce a áirithiú, d’fhonn conairí sábhailte agus dea-bhainistithe a chur in ionad sreafaí neamhrialta trí chur chuige cuimsitheach lena dtabharfar aghaidh ar gach gné d’inimirce, lena n-áirítear smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine agus inimirce neamhdhleathach a chosc agus a chomhrac. Is tosaíochtaí eile de chuid an Aontais iad filleadh díniteach agus éifeachtach, athligean isteach agus athlánpháirtiú a éascú, rannchuidiú le bainistiú comhtháite ar theorainneacha seachtracha an Aontais, mar aon le tacú le bainistiú inimirce dlíthiúla nó scéimeanna cosanta idirnáisiúnta, agus inniúlachtaí náisiúnta na mBallstát. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a scála mhór agus a n-éifeachtaí ar fud an Aontais, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(28)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen (9) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (10).

(29)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (11) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus E, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (12).

(30)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (13) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus E, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (14).

(31)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, níl sí faoi cheangal aige ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(32)

An 1 Deireadh Fómhair 2018, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna chomhtháthú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle nach mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo. I gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Phrótacal sin, an 31 Eanáir 2019, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le fógra ón Ríocht Aontaithe nach mian léi a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen atá ina gcuid de Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 an 19 Feabhra 2004. Ar an mbonn sin, chinn an Chomhairle an 18 Feabhra 2019 (15) amhail ó lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, nach mbeidh feidhm feasta ag Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (16) agus nach mbeidh feidhm feasta ag pointe 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2004/926/CE ón gComhairle (17) maidir leis an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ná ag aon leasuithe eile a dhéanfar air.

(33)

Tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (18).

(34)

Baineann rannpháirtíocht na hÉireann sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE le freagrachtaí an Aontais chun bearta a dhéanamh lena bhforbraítear forálacha acquis Schengen i gcoinne inimirce neamhdhlíthiúil a eagrú ina bhfuil Éire rannpháirteach.

(35)

Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha chun comhar agus comhordú a fheabhsú i measc oifigigh idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh chuig tríú tíortha ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, trí líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú.

2.   Tá an Rialachán seo gan dochar d’fhreagracht údaráis na mBallstát, d’fhreagracht an Choimisiúin agus d’fhreagracht Ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais maidir le raon feidhme agus sannadh chúraimí a n-oifigeach idirchaidrimh inimirce faoi seach, agus a línte tuairiscithe, a shainmhíniú, agus do chúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, faoi bheartais nó nósanna imeachta nó faoi chomhaontuithe speisialta arna dtabhairt i gcrích leis an tír óstach nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “oifigeach idirchaidrimh inimirce” oifigeach idirchaidrimh arna ainmniú agus arna imscaradh thar lear, ag údaráis inniúla ó cheann amháin de na Ballstáit, nó ag an gCoimisiún nó ag gníomhaireacht de chuid an Aontais, i gcomhréir leis an mbunús dlí faoi seach, chun déileáil le saincheisteanna a bhaineann le hinimirce, beag beann ar cibé an sa mhéid seo ach cuid dá ndualgais;

(2)

ciallaíonn “imscartha thar lear” imscartha chuig tríú tír, ar feadh tréimhse ama réasúnta a bheidh le cinneadh ag an údarás atá freagrach, chuig ceann díobh seo a leanas:

(a)

ionadaíocht taidhleoireachta Ballstáit;

(b)

údaráis inniúla tríú tír;

(c)

eagraíocht idirnáisiúnta;

(d)

misean taidhleoireachta de chuid an Aontais;

(3)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

(4)

ciallaíonn “filleadh” filleadh mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE.

Airteagal 3

Cúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce

1.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce a gcúraimí a chomhlíonadh faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí arna gcinneadh ag na húdaráis imscartha agus i gcomhréir leis na forálacha, lena n-áirítear iad sin maidir le sonraí pearsanta a chosaint, a leagtar síos i ndlíthe an Aontais agus i ndlíthe náisiúnta agus in aon chomhaontuithe nó socruithe arna dtabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir le cearta bunúsacha mar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais chomh maith leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le cearta daonna. Tabharfaidh siad aird ar leith ar dhaoine leochaileacha agus déanfaidh siad gné inscne na sreafaí imirce a chur san áireamh.

3.   Déanfaidh gach údaráis imscartha a áirithiú go mbunóidh agus go gcoinneoidh oifigigh idirchaidrimh inimirce teagmhálacha díreacha le húdaráis inniúla na tríú tiortha, lena n-áirítear nuair is iomchuí, le húdaráis áitiúla, agus le haon eagraíochtaí ábhartha a oibríonn laistigh den tríú tír, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe d’fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme.

4.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce faisnéis a bhailiú, chun í a úsáid ar leibhéal oibríochtúil, leibhéal straitéiseach, nó orthu araon. Faisnéis a bhailítear faoin mhír seo, baileofar í i gcomhréir le hAirteagal 1(2) agus ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sin gan dochar d’Airteagal 10(2). Cumhdófar leis an bhfaisnéis sin na saincheisteanna seo a leanas go háirithe:

(a)

bainistiú comhtháite teorainneacha Eorpacha ag na teorainneacha seachtracha d’fhonn imirce a bhainistiú go héifeachtach;

(b)

sreafaí imirceacha a thagann ón tír nó a aistríonn tríd an tír, lena n-airítear i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, comhdhéanamh na sreafaí imirceacha agus ceann scríbe beartaithe na n-imirceach;

(c)

bealaí a úsáideann na sreafaí imirce de thionscnamh tríú tír nó a aistríonn tríd an tríú tír chun críocha na mBallstát a shroicheadh;

(d)

eagraíochtaí coiriúla a bheith ann, gníomhaíochtaí agus modi operandi na n-eagraíochtaí coiriúla sin a bhfuil baint acu le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine feadh na mbealaí imirce;

(e)

teagmhais agus eachtraí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le forbairtí nua i leith sreafaí imirceacha nó a d’fhéadfadh teacht chun bheith ina gcúis leo sin;

(f)

modhanna arna n-úsáid chun doiciméid chéannachta agus doiciméid taistil a ghóchumadh nó a fhalsú;

(g)

slite agus modhanna chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis i dtríú tíortha sreafaí inimirce neamhdhlíthiúla a thagann óna gcríocha nó a aistríonn tríothu sin a chosc;

(h)

bearta réamhimeachta atá ar fáil d’inimircigh i dtír tionscnaimh nó i dtríú tíortha óstacha lena dtacaítear le comhtháthú rathúil imirceach ar theacht isteach go dlíthiúil i mBallstáit dóibh;

(i)

bealaí agus modhanna chun filleadh, athligean isteach agus athlánpháirtiú a éascú;

(j)

rochtain éifeachtach ar chosaint a chuir an tríú tír i bhfeidhm, lena n_áirítear i bhfabhar daoine leochaileacha;

(k)

straitéisí agus cainéil inimirce dlíthiúla atá cheana ann agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo idir an tAontas agus tríú tíortha, agus scileanna agus riachtanais an mhargaidh saothair sna Ballstáit á gcur san áireamh, chomh maith le hathlonnú agus uirlisí cosanta eile;

(l)

acmhainneacht, cumas, straitéisí polaitiúla, reachtaíocht agus cleachtais dlí tríú tíortha agus geallsealbhóirí, lena n-áirítear i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, faisnéis maidir leis na hionaid glactha isteach agus na ionaid choinneála agus na dálaí atá iontu, de réir mar is ábhartha maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (k).

5.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce soláthar comhordú eatarthu féin agus le páirtithe leasmhara ábhartha maidir lena gcúnamh i ndáil le gníomhaíochtaí forbartha acmhainneachta a chur ar fáil d’údarás agus do pháirtithe leasmhara eile i dtríú tíortha.

6.   Féadfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce cúnamh a thabhairt, agus a saineolas agus oiliúint á gcur san áireamh, chun:

(a)

céannacht agus náisiúntacht na náisiúnach tríú tíortha a shuíomh agus filleadh na náisiúnach sin a éascú i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE, chomh maith le cabhrú lena n-athlánpháirtiú, i gcás inarb ábhartha agus inar féidir;

(b)

céannacht daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a dheimhniú chun críocha athlonnú na ndaoine sin san Aontas a éascú, lena n-áirítear trí fhaisnéis agus tacaíocht réamh-imeachta leordhóthanach a chur ar fáil dóibh, i gcás inar féidir;

(c)

céannacht a dheimhniú agus cur chun feidhme bhearta an Aontais agus beart náisiúnta a éascú i leith inimircigh dleathacha a ligean isteach;

(d)

faisnéis a fuarthas le linn chomhlíonadh a ndualgas a roinnt laistigh de líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce agus le húdaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear le húdaráis forfheidhmithe dlí, chun inimirce neamhdhleathach a chosc agus a bhrath chomh maith le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac.

Airteagal 4

Fógra maidir le himscaradh oifigeach idirchaidrimh inimirce

1.   Cuirfidh na Ballstáit, an Coimisiún agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais an Bord Stiúrtha a bhunaítear in Airteagal 7 ar an eolas faoina bpleananna le haghaigh imscartha agus imscaradh iarbhír na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce, lena n-áirítear tuairisc ar a ndualgais agus ar fhad a n_imscartha.

Beidh forléargas ar imscaradh na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce sna tuarascálacha gníomhaíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 8(2).

2.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar an ardán slán gréasán-bhunaithe um malartú faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 9.

Airteagal 5

Cruthú líonraí áitiúla nó réigiúnacha oifigeach idirchaidrimh inimirce

1.   Beidh oifigigh idirchaidrimh inimirce arna imscaradh chuig na tíortha nó réigiúin chéanna ina gcuid de líonraí comhair áitiúla nó réigiúnacha agus comhoibreoidh siad, i gcás inarb iomchuí agus nuair is iomchuí, le hoifigigh idirchaidrimh arna imscaradh ag tíortha nach Ballstáit iad. Faoi chuimsiú na líonraí sin, déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce i gcomhréir le hAirteagal 1(2), go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

buailfidh siad le chéile go rialta agus aon uair is gá;

(b)

déanfaidh siad faisnéis agus taithí phraiticiúil a mhalartú, go háirithe i gcruinnithe agus trí bhíthin an ardáin shláin gréasánbhunaithe um malartú faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 9;

(c)

déanfaidh siad faisnéis a mhalartú, i gcás inarb iomchuí, faoi thaithí maidir le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta;

(d)

déanfaidh siad seasaimh a bheidh le glacadh i dteagmhálacha le hiompróirí tráchtála a chomhordú, mar is cuí;

(e)

freastalóidh siad ar chúrsaí oiliúna speisialaithe comhpháirteacha, nuair is iomchuí, lena n-áirítear ar chearta bunúsacha, gáinneáil ar dhaoine, smuigleáil imirceach, calaois doiciméad nó rochtain ar chosaint idirnáisiúnta i dtríú tíortha;

(f)

déanfaidh siad seisiúin faisnéise agus cúrsaí oiliúna a eagrú do chomhaltaí fhoireann taidhleoireachta agus consalachta mhisin na mBallstát sa tríú tír, nuair is iomchuí;

(g)

glacfaidh siad cineálacha cur chuige coiteanna i leith modhanna chun faisnéis atá ábhartha go straitéiseach a bhailiú agus a thuairisciú, lena n-áirítear anailísí riosca;

(h)

cuirfidh siad teagmhálacha rialta ar bun le líonraí comhchosúla sa tríú tír agus i dtríú tíortha comharsanachta, mar is iomchuí.

2.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh ag an gCoimisiún na líonraí dá bhforáiltear i mír 1 a éascú agus tacóidh siad leo. I suíomhanna nach ndéanann an Coimisiún oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh, déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce arna imscaradh ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais na líonraí dá bhforáiltear i mír 1 a éascú agus tacóidh siad leo. I suíomhanna nach ndéanann an Coimisiún ná gníomhaireachtaí de chuid an Aontais oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh, déanfaidh oifigeach idirchaidrimh inimirce an líonra a éascú, mar a chomhaontaigh comhaltaí an líonra.

3.   Tabharfar fógra don Bhord Stiúrtha, gan moill mhíchuí, maidir le ceapachán éascaitheoir ainmnithe an líonra nó i gcás nach ndéantar aon éascaitheoir a ainmniú.

Airteagal 6

Imscaradh comhpháirteach oifigeach idirchaidrimh inimirce

1.   Féadfaidh na Ballstáit a chomhaontú go déthaobhach nó go hiltaobhach go mbeidh oifigigh idirchaidrimh inimirce a dhéanann Ballstát a imscaradh chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta freagrach as leasanna Ballstáit amháin nó níos mó.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chomhaontú freisin go gcomhroinnfidh a n-oifigigh idirchaidrimh inimirce cúraimí ar leith eatarthu féin, ar bhonn a n-inniúlachta agus a n-oiliúna.

3.   I gcás ina ndéanfaidh dhá Bhallstát nó níos mó oifigeach idirchaidrimh inimirce a imscaradh go comhpháirteach, féadfaidh na Ballstáit sin tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 515/2014.

Airteagal 7

An Bord Stiúrtha

1.   Bunaítear Bord Stiúrtha le haghaidh líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce.

2.   Beidh an Bord Stiúrtha comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát, de dhá ionadaí ón gCoimisiún, d’ionadaí amháin ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, d’ionadaí amháin ó Europol agus d’ionadaí amháin ó EASO. Chuige sin, ceapfaidh gach Ballstát comhalta den Bhord Bainistíochta chomh maith le comhalta malartach a dhéanfaidh ionadaíocht dó nó di nuair a bheidh sé nó sí as láthair. Ceapfar comhaltaí an Bhoird Stiúrtha go háirithe ar bhonn na taithí agus an tsaineolais ábhartha atá acu i dtaca le líonraí oifigeach idirchaidrimh a bhainistiú.

3.   Beidh tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen rannpháirteach sa Bhord Stiúrtha agus ceapfaidh gach tír ionadaí amháin mar chomhalta ach ní bheidh cearta vótála aige nó aici. Beidh cead acu tuairimí a chur in iúl maidir leis na saincheisteanna go léir arna bplé agus na cinntí arna ndéanamh ag an mBord Stiúrtha.

Agus cinntí á ndéanamh ag an mBord Stiúrtha ar ábhair atá ábhartha d’oifigigh idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh ag tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt an acquis Schengen, tabharfaidh an Bord Stiúrtha aird chuí ar na tuairimí arna gcur in iúl ag ionadaí na dtíortha sin.

4.   Féadfaidh an Bord Stiúrtha cuireadh a thabhairt do shaineolaithe, d’ionadaithe de chuid údaráis náisiúnta, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais nach comhaltaí den Bhord Stiúrtha iad chun freastal ar chruinnithe mar bhreathnóirí.

5.   Féadfaidh an Bord Stiúrtha cruinnithe comhpháirteacha a eagrú le líonraí nó le heagraíochtaí eile.

6.   Gníomhóidh ionadaí an Choimisiúin mar Chathaoirleach ar an mBord Stiúrtha. Déanfaidh an Cathaoirleach an méid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh sé leanúnachas agus eagróidh sé obair an Bhoird Stiúrtha, agus tacóidh sé leis an gclár oibre débhliantúil agus le tuarascáil dhébhliantúil ar na gníomhaíochtaí a ullmhú ina theannta sin;

(b)

tabharfaidh sé comhairle don Bhord Stiúrtha maidir lena n-áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí comhpháirteacha arna gcomhaontú, comhsheasmhach agus comhordaithe le hionstraimí agus struchtúir ábhartha de chuid an Aontais agus go léireofar leo tosaíochtaí an Aontais i réimse na himirce;

(c)

tionólfaidh sé cruinnithe de chuid an Bhoird Stiúrtha.

Ionas go mbainfear cuspóirí an Bhoird Stiúrtha amach, tabharfaidh Rúnaíocht cúnamh don Chathaoirleach.

7.   Tiocfaidh an Bord Stiúrtha le chéile dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad.

8.   Is le tromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Stiúrtha a chinntí a ghlacadh.

9.   Cuirfidh na húdaráis imscartha faoi seach na cinntí arna nglacadh ag an mBord Stiúrtha in iúl do na hoifigigh idirchaidrimh inimirce ábhartha.

Airteagal 8

Cúraimí an Bhoird Stiúrtha

1.   Déanfaidh an Bord Stiúrtha a rialacha nós imeachta féin a bhunú ar bhonn togra ón gCathaoirleach laistigh de thrí mhí tar éis a chéad chruinnithe. Leagfar amach sonraí na socruithe vótála sna rialacha nós imeachta. Áireofar sna rialacha nós imeachta, go háirithe, na coinníollacha faoina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile, maille le haon cheanglais chóraim.

2.   I bhfianaise thosaíochtaí an Aontais i réimse na hinimirce agus laistigh de raon feidhme cúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce mar a shainítear sa Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 1(2), déanfaidh an Bord Stiúrtha na gníomhaíochtaí seo a leanas bunaithe ar phictiúr cuimsitheach staide agus ar anailísí arna gcur ar fáil ag Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais:

(a)

bunóidh sé tosaíochtaí agus déanfaidh sé gníomhaíochtaí a phleanáil trí chlár oibre débhliantúil a ghlacadh agus acmhainní a léiriú chun tacú leis an obair sin;

(b)

déanfaidh sé athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí d’fhonn leasuithe ar an gclár oibre débhliantúil a mholadh, de réir mar is iomchuí, agus maidir le ceapadh éascaitheoirí líonra agus ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce i dtaca lena gcomhar le húdaráis inniúla i dtríú tíortha;

(c)

glacfaidh sé an tuarascáil ghníomhaíochta dhébhliantúil, lena n-áirítear an forléargas dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 4(1), a bheidh le hullmhú ag Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha;

(d)

tabharfaidh sé an liosta d’oifigí idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh cothrom le dáta roimh gach cruinniú den Bhord Stiúrtha;

(e)

sainaithneoidh sé bearnaí ó thaobh imscaradh de agus déanfaidh sé trácht ar fhéidearthachtaí le haghaidh imscaradh oifigeach idirchaidrimh inimirce;

Déanfaidh an Bord Stiúrtha na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa.

3.   I bhfianaise riachtanais oibríochtúla an Aontais i réimse na hinimirce agus laistigh de raon feidhme cúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce mar a shainítear sa Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 1(2), déanfaidh an Bord Stiúrtha na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

tiocfaidh sé ar chomhaontú maidir le gníomhaíochtaí líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce ar bhonn ad-hoc;

(b)

déanfaidh sé faireachán ar infhaighteacht faisnéise idir oifigigh idirchaidrimh inimirce agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus déanfaidh sé moltaí maidir le gníomhaíochtaí riachtanacha i gcás inar gá;

(c)

tacóidh sé le cumas oifigeach idirchaidrimh inimirce a fhorbairt, lena n-áirítear trí fhorbairt a dhéanamh ar lárchuraclaim choiteanna fhorlíontacha agus neamhéigeantacha, oiliúint réamh-imscartha, treoirlínte ar chearta bunúsacha a bhreathnú ina gcuid gníomhaíochtaí le béim ar leith ar dhaoine leochaileacha, agus eagrú seimineár comhpháirteach faoi ábhair dá dtagraítear in Airteagal 3(4), agus uirlisí oiliúna arna bhforbairt ag gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile á gcur san áireamh aige;

(d)

áiritheoidh sé go ndéanfar faisnéis a mhalartú tríd an ardán slán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 9.

4.   Chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit an tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014.

Airteagal 9

Ardán malartaithe faisnéise

1.   Chun críocha a gcúraimí faoi seach, áiritheoidh oifigigh idirchaidrimh inimirce, comhaltaí den Bhord Stiúrtha agus éascaitheoirí an líonra dá dtagraítear in Airteagal 5(2) go ndéanfar an fhaisnéis agus an staidreamh ábhartha uile a uaslódáil agus a mhalartú trí bhíthin ardán shláin gréasánbhunaithe um malartú faisnéise. Déanfaidh an Coimisiún an t-ardán sin a chur ar bun i gcomhaontú leis an mBord Stiúrtha agus déanfaidh an Coimisiún é a choinneáil.

Ní dhéanfar aon fhaisnéis um fhorfheidhmiú an dlí oibríochtúil atá faoi rún daingean a mhalartú tríd an ardán slán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise.

2.   Beidh na heilimintí seo a leanas ar laghad san áireamh san fhaisnéis arna malartú trí bhíthin an ardáin shláin gréasánbhunaithe um malartú faisnéise:

(a)

doiciméid, tuarascálacha agus táirgí anailíseacha ábhartha arna gcomhaontú ag an mBord Stiúrtha i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus (3);

(b)

cláir oibre dhébhliantúla, tuarascálacha gníomhaíochta débhliantúla agus torthaí gníomhaíochtaí agus cúraimí ad-hoc de chuid líonraí oifigeach idirchaidrimh inimirce dá dtagraítear in Airteagal 8(2) agus Airteagal (3);

(c)

liosta cothrom le dáta de chomhalta an Bhoird Stiúrtha;

(d)

liosta cothrom le dáta de shonraí teagmhála oifigeach idirchaidrimh inimirce arna n-imscaradh chuig tríú tíortha, lena n-áirítear a n-ainmneacha, a suíomhanna imscartha, agus a bhfreagracht réigiúnach, a n-uimhreacha teileafóin agus a seoltaí ríomhphoist;

(e)

doiciméid ábhartha eile a bhaineann le gníomhaíochtaí agus cinntí an Bhoird Stiúrtha.

3.   Cé is moite de na sonraí dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 2, san fhaisnéis arna malartú tríd an ardán slán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise, ní bheidh sonraí pearsanta ná aon naisc trína gcuirtear na sonraí pearsanta sin ar fáil go díreach nó go hindíreach. Beidh rochtain ar shonraí dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 2 srianta d’oifigigh idirchaidrimh inimirce, do chomhalta den Bhord Stiúrtha agus d’fhoireann chuí-údaraithe chun críche chur chun feidhme an Rialacháin seo.

4.   Tabharfar rochtain do Pharlaimint na hEorpa ar chodanna áirithe den ardán gréasánbhunaithe um malartú faisnéise, arna chinneadh ag an mBord Stiúrtha ina rialacha nós imeachta agus i gcomhréir le rialacha agus reachtaíocht an Aontais agus náisiúnta.

Airteagal 10

Sonraí pearsanta a phróiseáil

1.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce a gcúraimí i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí pearsanta an Aontais agus náisiúnta, chomh maith le rialacha den sórt sin atá i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

2.   Féadfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 3(6). Déanfar na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh nuair nach mbeidh siad riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha a rinneadh iad a bhailiú ina leith nó nuair a dhéanfar iad a phróiseáil ar bhealeach éigin eile i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

3.   Mar chuid de na sonraí pearsanta arna bpróiseáil de bhun mhír 2 féadfar an méid seo a leanas a áireamh:

(a)

sonraí bithmhéadracha nó beathaisnéiseacha i gcás inar gá chun céannacht agus náisiúntacht náisiúnach tríú tír a dheimhniú chun críocha fillidh, lena n-áirítear gach cineál doiciméad ar féidir é a mheas mar chruthúnas nó mar fhianaise prima facie náisiúntachta;

(b)

liostaí paisinéirí d’eitiltí fillte agus do mhodhanna eile iompair chuig tríú tíortha;

(c)

sonraí bithmhéadracha nó beathaisnéiseacha chun céannacht agus náisiúntacht náisiúnach tríú tír a dheimhniú chun críche ligean isteach imirce dlíthiúla;

(d)

sonraí bithmhéadracha nó beathaisnéiseacha chun céannacht agus náisiúntacht náisiúnach tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu chun críche athlonnaithe;

(e)

sonraí bithmhéadracha, sonraí beathaisnéiseacha chomh maith le sonraí pearsanta eile is gá chun céannacht an duine aonair a shuíomh agus is gá chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac, chomh maith le sonraí pearsanta a bhaineann le modi operandi líonraí coiriúla, modhanna iompair a úsáideadh, rannpháirtíocht idirghabhálaithe agus sreafaí airgeadais.

Déanfar sonraí faoi phointe (e) den chéad fhomhír den mhír seo a phróiseáil chun críche an taisc dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(6) a bhaint amach agus chun na críche sin amháin.

4.   Beidh aon mhalartú sonraí pearsanta teoranta go docht don mhéid is gá chun críocha an Rialacháin seo.

5.   Déanfaidh oifigigh idirchaidrimh inimirce sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun an Airteagal seo i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 11

Comhar consalachta

Tá an Rialachán seo gan dochar do na forálacha maidir le comhar consalachta ar leibhéal áitiúil atá i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

Airteagal 12

Tuarascáil

1.   Cúig bliana tar éis dháta glactha an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Soláthróidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 13

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 377/2004.

Maidir le tagairtí a dhéantar don Rialachán aisghairthe, forléireofar iad mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le gréasán oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 64, 2.3.2004, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(9)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(10)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(11)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(12)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(13)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(14)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(15)  Cinneadh 2019/304 ón gComhairle an 18 Feabhra 2019 maidir le fógra ón Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann nach mian léi a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen atá ina gcuid de Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 51, 22.2.2019, lch. 7).

(16)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(17)  Cinneadh 2004/926/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le codanna de acquis Schengen a bheith á gcur i bhfeidhm ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (IO L 395, 31.12.2004, lch. 70).

(18)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Rialachán aisghairthe leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle

(IO L 64, 2.3.2004, lch. 1)

Rialachán (AE) Uimh. 493/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 141, 27.5.2011, lch. 13)


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 377/2004

An Rialachán Seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 1(1)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2, pointe (1) an fhoclaíocht chríochnaitheach

Airteagal 1(3)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(3)

Airteagal 2(2) an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 3(4), an fhoclaíocht réamhraiteach

Airteagal 2(2), an chéad fhleasc

Airteagal 3(4)(b)

Airteagal 2(2), an dara fleasc

Airteagal 3(4)(c)

Airteagal 3(1)

Airteagal 4(1), an chéad fhomhír

Airteagal 4(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1) agus (2)

Airteagal 6(1) agus (2)

Airteagal 7

Airteagal 11

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


25.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

105


RIALACHÁN (AE) 2019/1241 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2019/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), bunaítear Comhbheartas Iascaigh (CBI) chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe.

(2)

Is éard is bearta teicniúla ann uirlisí lena dtacaítear le cur chun feidhme CBI. Tá léirithe ag meastóireacht ar an struchtúr rialála atá ann faoi láthair maidir le bearta teicniúla nach dócha go mbainfear spriocanna CBI amach agus gur cheart cur chuige nua a ghlacadh ina leith chun éifeachtacht na mbeart teicniúil a mhéadú, trí bhéim a leagan ar an struchtúr rialachais a oiriúnú.

(3)

Is gá creat a fhorbairt le bearta teicniúla a rialáil. Leis an gcreat sin ba cheart, ar thaobh amháin, rialacha ginearálta a bhunú a bheadh infheidhme maidir le huiscí uile an Aontais agus, ar an taobh eile, foráil a dhéanamh maidir le bearta teicniúla aghlacadh, a gcuirfí sainiúlachtaí réigiúnacha iascach san áireamh iontu trí bhíthin phróiseas an réigiúnaithe a tugadh isteach faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(4)

Ba cheart a chumhdach leis an gcreat acmhainní iascaigh a ghabháil agus a thabhairt i dtír mar aon le hoibriú trealaimh iascaireachta agus idirghníomhú gníomhaíochtaí iascaireachta le héiceachórais mhuirí.

(5)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais a dhéanann soithí de chuid an Aontais, soithí iascaireachta tríú tír agus náisiúnaigh de na Ballstáit – gan dochar don phríomhfhreagracht atá ar an mBratstát – agus maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá ag oibriú in uiscí an Aontais sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 394 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ba cheart feidhm a bheith aige freisin, i leith soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus náisiúnaigh na mBallstát, in uiscí nach de chuid an Aontais iad maidir le bearta teicniúla arna nglacadh do Limistéar Rialála an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) agus do Limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Iascaigh Ghinearálta don Mheánmhuir (CIGM).

(6)

Nuair is ábhartha, ba cheart feidhm a bheith ag bearta teicniúla maidir leis an iascaireacht áineasa a bhféadfadh mórthionchar a bheith aici ar stoic de speicis éisc agus de shliogéisc.

(7)

Leis na bearta teicniúla, ba cheart rannchuidiú le roinnt de spriocanna CBI a bhaint amach, mar atá, iascaireacht a dhéanamh ag leibhéil uastáirgeachta inbhuanaithe, gabhálacha de thaisme a laghdú agus deireadh a chur le hábhair mhuirí aischurtha, agus rannchuidiú leis an dea-stádas comhshaoil a bhaint amach a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(8)

Le bearta teicniúla, ba cheart cur go sonrach le cosaint a thabhairt d’éisc óga agus do chomhbhailiúcháin d’éisc sceite de speicis mhuirí trí threalamh iascaireachta roghnaíche a úsáid agus trí bhearta a úsáid maidir le gabhálacha de thaisme a sheachaint. Le bearta teicniúla, ba cheart a laghdú freisin, a oiread is féidir, an tionchar a bhíonn ag trealamh iascaireachta ar éiceachórais mhuirí, agus go háirithe ar speicis íogaire agus gnáthóga íogaire, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí dhreasachtaí a úsáid. Ba cheart dóibh rannchuidiú freisin le bearta bainistíochta a chur ar bun ar mhaithe leis na hoibleagáidí a leagtar síos le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (6) agus Treoracha 2008/56/CE agus 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chomhlíonadh.

(9)

Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht beart teicniúil, ba cheart spriocanna maidir leis an leibhéal de ghabhálacha de thaisme, go háirithe maidir le gabhálacha speiceas muirí faoi bhun íosmhéid tagartha caomhnaithe, maidir le leibhéal na ngabhálacha de thaisme de speicis íogaire agus maidir le fairsinge na ngnáthóg sin ar ghrinneall na farraige a ndéanann an iascaireacht dochar dóibh a bhunú. Ba cheart do na spriocanna sin cuspóirí CBI, reachtaíocht chomhshaoil an Aontais – go háirithe Treoir 92/43/CEE agus Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) – agus dea-chleachtais idirnáisiúnta a léiriú.

(10)

Chun aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léiriú agus cur chun feidhme rialacha teicniúla, ba cheart na sainmhínithe ar threalamh iascaireachta agus ar oibríochtaí iascaireachta atá sna rialacháin maidir le bearta teicniúla atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus a chomhdhlúthú.

(11)

Maidir le trealamh iascaireachta díobhálach áirithe nó modhanna iascaireachta díobhálacha áirithe ina mbaintear feidhm as pléascáin, nimheanna, substaintí támhaithe, sruth leictreach, casúir neomatacha nó fearais buailte eile, trealamh tarraingthe agus alpairí a úsáidtear chun coiréal dearg a shaothrú nó cineálacha eile coiréil nó speicis atá dealraitheach le coiréal a shaothrú agus ga-ghunnaí áirithe, ba cheart iad a thoirmeasc. Níor cheart a cheadú speiceas muirí ar bith a gabhadh le trealamh den sórt sin nó modhanna den sórt sin sin a dhíol, a chur ar taispeáint ná a chur ar díol i gcás ina bhfuil siad seo toirmeasctha faoin Rialachán seo.

(12)

Ba cheart go bhféadfaí bíogthrál leictreach a úsáid go fóill i rith idirthréimhse go dtí an 30 Meitheamh 2021 agus de réir coinníollacha dochta áirithe.

(13)

I bhfianaise na comhairle ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI), ba cheart rialacha comhchoiteanna áirithe a bhunú lena leagtar amach srianta ar threalamh tarraingthe a úsáid agus ar dhéanamh soc-fhoirceann, chun cosc a chur ar dhroch-chleachtais as a dtagann iascaireacht nach iascaireacht roghnaíoch í.

(14)

Ionas go bhféadfar cosc a chur ar úsáid sruthlíonta, ar féidir feidhm a bhaint astu chun iascaireacht a dhéanamh ar fud limistéir mhóra agus lenar féidir méideanna móra de speicis íogaire a ghabháil, ba cheart comhdhlúthú a dhéanamh ar na srianta atá ann i láthair na huaire ar threalamh iascaireachta den sórt sin a úsáid.

(15)

I bhfianaise na comhairle ó CETEI, iascaireacht a dhéanamh le heangacha éighníomhacha i ranna 3a, 6a, 6b, 7b, 7c, 7j agus 7k de CITM agus i bhforanna 8, 9, 10 agus 11 de CITM soir ó 27 I in uiscí ar mó ná 200 méadar a ndoimhneacht chairte, ba cheart di leanúint de bheith toirmiscthe, chun cosaint a thabhairt do speicis íogaire domhainfharraige, faoi réir maoluithe áirithe.

(16)

I gcás speicis éisc neamhchoitianta áirithe, amhail speicis siorcanna agus speicis roc áirithe, is féidir go mbeadh gníomhaíocht theoranta iascaireachta, dá laghad féin í, ina baol tromchúiseach do chaomhnú na speiceas sin. D’fhonn iad a chosaint ba cheart go dtabharfaí isteach toirmeasc ginearálta ar speicis den sórt sin a iascach.

(17)

Chun dianchosaint a thabhairt do speicis mhuirí íogaire, amhail mamaigh mhuirí, éanlaith mhara agus réiptílí muirí, dá bhforáiltear i dTreoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE, ba cheart do na Ballstáit bearta maolaithe a chur ar bun chun gabhálacha de na speicis sin le trealamh iascaireachta a laghdú a oiread is féidir agus, nuair is féidir, deireadh a chur leo.

(18)

Chun leanúint de bheith ag cosaint gnáthóga muirí íogaire atá suite amach ó chóstaí na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, agus timpeall ar na hAsóir, Maidéara agus na hOileáin Chanáracha, agus i Limistéar Rialála NEAFC freisin, ba cheart na srianta maidir le trealamh iascaireachta grinnill a úsáid a choinneáil mar atá i láthair na huaire.

(19)

I gcás ina sainaithnítear gnáthóga eile den sórt sin le comhairle eolaíoch, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann srianta dá samhail a thabhairt isteach chun na gnáthóga sin a chosaint.

(20)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a bhunú chun a áirithiú go gcosnófar éisc óga de speicis mhuirí agus chun críche limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú, agus chun críche íosmhéideanna margaíochta.

(21)

Ba cheart an chaoi le méid speiceas muirí a thomhas a shainiú.

(22)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann do na Ballstáit treoirthionscadail a dhéanamh agus é mar aidhm bealaí a iniúchadh chun gabhálacha de thaisme a sheachaint, a íoslaghdú agus deireadh a chur leo. I gcásanna ina dtugann torthaí na dtionscadal nó na comhairle eolaíche sin le fios go bhfuil gabhálacha móra de thaisme ann, ba cheart do na Ballstáit féachaint le bearta teicniúla a dhéanamh chun gabhálacha den sórt sin a laghdú.

(23)

Leis an Rialachán seo, ba cheart caighdeáin bhonnlíne a bhunú do gach imchuach farraige. Is ar bhearta teicniúla atá ann cheana atá na caighdeáin bhonnlíne sin bunaithe, agus an chomhairle ó CETEI agus tuairimí na ngeallsealbhóirí á gcur san áireamh. Ba cheart a chuimsiú leis na caighdeáin sin mogallmhéideanna íosta trealaimh tharraingthe agus líonta éighníomhacha, íosmhéideanna tagartha caomhantais, limistéir iata nó shrianta, agus bearta caomhnaithe dúlra chun gabhálacha speiceas íogair a mhaolú i limistéir áirithe agus aon bheart teicniúil eile atá ann cheana a bhaineann le réigiún ar leith.

(24)

Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a fhorbairt le haghaidh bearta teicniúla iomchuí a bheadh ag imeacht ó na bonnlínte sin i gcomhréir le próiseas an réigiúnaithe a leagtar amachi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus iad bunaithe ar fhianaise eolaíoch.

(25)

Ba cheart é a bheith mar thoradh ar a leithéid de bhearta teicniúla réigiúnacha, ar a laghad, go mbeadh tairbhí ann ar mhaithe le caomhnú acmhainní bitheolaíocha muirí a bheidh coibhéiseach, ar a laghad, leis na cinn a sholáthraítear leis na caighdeáin bhonnlíne, go háirithe a fhad a bhaineann le patrúin saothraithe agus leis an leibhéal cosanta a thugtar do speicis íogaire agus do ghnáthóga íogaire.

(26)

Agus moltaí comhpháirteacha á bhforbairt acu i leith saintréithe trealaimh atá roghnaíoch ó thaobh méide agus speicis agus atá mar rogha ar mhogallmhéideanna íosta, ba cheart do ghrúpaí réigiúnacha Ballstát a áirithiú go mbeidh mar thoradh ar bhearta den sórt sin, ar a laghad, saintréithe roghnaíochta atá ar aon dul leis an trealamh íosta nó níos fearr ná é.

(27)

Agus moltaí comhpháirteacha á bhforbairt acu i leith limistéir shrianta d’fhonn éisc óga agus comhbhailiúcháin d’éisc sceite a chosaint, ba cheart do ghrúpaí réigiúnacha Ballstát na cuspóirí, an fhairsinge gheografach agus fad ama iamh, chomh maith leis na srianta trealaimh agus socruithe rialaithe agus faireacháin a shainiú ina moltaí comhpháirteacha.

(28)

Agus moltaí comhpháirteacha á bhforbairt acu i leith íosmhéideanna tagartha caomhnaithe, ba cheart do ghrúpaí réigiúnacha Ballstát a áirithiú go n-urramaítear cuspóir CBI maidir le héisc óga de speicis mhuirí a chosaint, agus á áirithiú nach saobhtar an margadh ar aon bhealach leo agus nach gcruthaítear margadh le haghaidh éisc atá faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe.

(29)

Ba cheart go gceadófaí iaimh fhíor-ama a chruthú maille le forálacha maidir le hathrú láithreach anuas orthu sin trí bhíthin réigiúnú d’fhonn speicis íogaire, éisc óga nó comhbhailiúcháin d’éisc sceite a chosaint. Ba cheart go saineofaí sna moltaí iomchuí comhpháirteacha na coinníollacha a bhaineann le limistéir den sórt sin a chur ar bun, lena n-áirítear an fhairsinge gheografach, agus fad ama iamh, chomh maith leis na socruithe rialaithe agus faireacháin.

(30)

Ar bhonn measúnú ar an tionchar a bhíonn ag trealamh nuálach, d’fhéadfaí úsáid trealaimh nuálaigh den sórt sin, nó leathnú na húsáide sin, a bheith ina rogha sna moltaí comhpháirteacha ó ghrúpaí réigiúnacha Ballstát. Níor cheart go gceadófaí trealamh iascaireachta nuálach a úsáid i gcás ina léireoidh measúnú eolaíoch go dtiocfadh den úsáid sin tionchair dhiúltacha shuntasacha ar ghnáthóga íogaire agus ar speicis nach spriocspeicis iad.

(31)

Agus moltaí comhpháirteacha á bhforbairt acu i leith speicis agus gnáthóga íogaire a chosaint, ba cheart a ligean do na Ballstáit bearta breise maolúcháin a fhorbairt ar mhaithe le tionchair na hiascaireachta ar speicis agus ar ghnáthóga den sórt sin a laghdú. I gcás ina léiríonn fianaise eolaíoch gurb ann do bhagairt thromchúiseach ar stádas caomhnaithe na speiceas agus na ngnáthóg íogair sin, ba cheart do na Ballstáit srianta breise a thabhairt isteach ar threalamh iascaireachta áirithe a dhéanamh agus a oibriú nó toirmeasc iomlán ar a n-úsáid i limistéar áirithe a thabhairt isteach. Go háirithe, d’fhéadfaí srianta den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le sruthlíonta a úsáid, ar gabhadh leo i limistéir áirithe méideanna móra de speicis íogaire.

(32)

Ceadaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 pleananna aischuir sealadacha a bhunú le haghaidh chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, i gcás nach bhfuil aon plean ilbhliantúil i bhfeidhm don iascach atá i dtrácht,. Ba cheart go gceadófaí mar chuid de phleananna den sórt sin bearta teicniúla a bhunú a bhfuil dlúthbhaint acu le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus a bhfuil sé mar aidhm leo roghnaíocht a mhéadú agus gabhálacha de thaisme a laghdú, a mhéid is féidir.

(33)

Ba cheart féidearthacht a bheith ann treoirthionscadail a dhéanamh i ndáil le gabhálacha agus ábhar aischurtha a dhoiciméadú ina n-iomláine. Féadfaidh tionscadail den sórt sin maoluithe ó na rialacha maidir le mogallmhéideanna a leagtar síos sa Rialachán seo a áireamh, sa mhéid is go gcabhraíonn siad le cuspóirí agus spriocanna an Rialacháin seo a bhaint amach.

(34)

Ba cheart forálacha áirithe maidir le bearta teicniúla a ghlac NEAFC a bheith san áireamh sa Rialachán seo.

(35)

Ionas nach gcuirfear bac ar thaighde eolaíoch ná athstocáil dhíreach agus trasphlandú, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta teicniúla dá bhforáiltear sa Rialacháin seo maidir le hoibríochtaí a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí den sórt sin. Go háirithe, nuair a bhíonn gá ag oibríochtaí iascaireachta le maolú den sórt sin ó na bearta teicniúla faoin rialachán seo ar mhaithe le taighde eolaíoch, ba cheart dóibh a bheith faoi réir coinníollacha iomchuí.

(36)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bearta áirithe a ghlacadh maidir leis an iascaireacht áineasa, srianta ar threalamh tarraingthe, speicis agus gnáthóga íogaire, liosta na n-iasc agus na sliogiasc a bhfuil toirmeasc ar iascaireacht dhírithe a dhéanamh orthu, an sainmhíniú ar iascaireacht dhírithe, treoirthionscadail i ndáil le gabhálacha agus ábhar aischurtha a dhoiciméadú ina n-iomláine, agus bearta teicniúla mar chuid de phleananna aischuir sealadacha, agus maidir le híosmhéideanna tagartha caomhnaithe, mogallmhéideanna, limistéir iata agus bearta teicniúla eile in imchuacha farraige áirithe, bearta maolúcháin do speicis íogaire agus liosta na speiceas atá ina stoic príomhtháscaire. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comharliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(37)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le sonrú gaireas a bhunú a laghdaíonn caitheamh agus cuimilt, a chuireann le héalú gabhálacha as an gcuid tosaigh den trealamh tarraingthe nó a chuireann srian leis sin; sonraíocht a shainiú i gcomhair na ngaireas roghnúcháin atá ceangailte de threalamh sainithe íosta; sonraíochtaí a shainiú i gcomhair an bhíogthráil leictreonaigh; srianta a shainiú maidir le tógáil trealaimh agus maidir leis na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh ag an mBallstát brataí; rialacha a shainiú maidir le: bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh ag an mBallstát brataí i leith úsáid a bhaint as trealamh éighníomhach ag doimhneacht idir 200 agus 600 m, na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh i gcás limistéir iata nó shrianta, agus tréithe comharthaíochta agus cur chun feidhme a bhaineann le gairis a úsáidtear chun céiticigh a choinneáil ó eangacha éighníomhacha agus modhanna a úsáidtear chun gabhálacha de thaisme d’éanlaith mhara, de reiptílí muirí agus de thurtair a laghdú, chun na coinníollacha sin uile a áirithiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(38)

Faoin 31 Nollaig 2020 agus gach tríú bliain as sin amach, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit agus na Comhairlí Comhairleacha iomchuí agus tar éis do CETEI meastóireacht a dhéanamh air. Leis an tuarascáil sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidigh bearta teicniúla ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais araon le cuspóirí agus spriocanna an Rialacháin seo a bhaint amach.

(39)

Chun críche na tuarascála sin, ba cheart táscairí leordhóthanacha roghnaíochta amhail coincheap eolaíoch na roghnaíochta optamaí (Lopt) a úsáid mar uirlis tagartha chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn thar thréimhse ama chun go mbainfear amach cuspóirí reatha CBI gabhálacha de thaisme a íoslaghdú. Sa mhéid sin, ní spriocanna ceangailteacha iad na táscairí sin, ach uirlisí faireacháin a d’fhéadfadh cur le pléití nó cinntí go réigiúnach. Ba cheart na táscairí agus na luachanna a úsáidtear dá gcur chun feidhme a iarraidh ar chomhlachtaí iomchuí eolaíocha maidir le roinnt stoc atá mar phríomhtháscairí, a chuirfeadh san áireamh chomh maith iascaigh mheasctha agus buaiceanna earcaíochta. D’fhéadfadh an Coimisiún na táscairí sin a chur san áireamh sa tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart na speicis ghrinnill a bhainistítear de réir na dteorainneacha gabhála a chur san áireamh i liosta na stoc is príomhtháscairí, agus tábhacht choibhéiseach tabhairt i dtír, an ábhair mhuirí aischurtha agus ábharthacht an iascaigh maidir le gach imchuach farraige á gcur san áireamh.

(40)

Ba cheart tagairt a dhéanamh sa tuarascáil ón gCoimisiún chomh maith do chomhairle ó CITM maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag tresalamh nuálach nó tionchar trealaimh nuálaigh. Tiocfar ar thátal freisin sa tuarascáil i dtaca leis na tairbhí d’éiceachórais mhuirí, do ghnáthóga íogaire agus don roghnaíocht agus i dtaca leis na tionchair dhiúltacha orthu sin.

(41)

Ar bhonn na tuarascála ón gCoimisiún, i gcás ina léireofar le fianaise nach bhfuil na cuspóirí agus na spriocanna sin á mbaint amach ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart do Bhallstáit laistigh den réigiún sin plean a chur isteach ag leagan amach na mbeart ceartaitheach nach mór a dhéanamh lena áirithiú go mbainfear na cuspóirí agus na spriocanna sin amach. Ba cheart don Choimisiún freisin aon leasú riachtanach ar an Rialachán seo a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn na tuarascála sin.

(42)

I bhfianaise líon na leasuithe atá le déanamh agus a thábhachtaí atá siad, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 894/97 (11), (CE) Uimh. 850/98 (12), (CE) Uimh. 2549/2000 (13), (CE) Uimh. 254/2002 (14), (CE) Uimh. 812/2004 (15) agus (CE) Uimh. 2187/2005 (16) ón gComhairle a aisghairm.

(43)

Ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 (17), agus (CE) Uimh. 1224/2009 (18) ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú dá réir sin.

(44)

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún i láthair na huaire bearta teicniúla a ghlacadh agus a leasú ar an leibhéal réigiúnach faoi Rialacháin (AE) 2016/1139 (19), (AE) 2018/973 (20), (AE) 2019/472 (21) agus (AE) 2019/1022 (22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear na pleananna ilbhliantúla do Mhuir Bhailt, don Mhuir Thuaidh, d’Uiscí an Iarthair agus don Mheánmhuir Thiar. Chun raon feidhme na gcumhachtuithe faoi seach a shoiléiriú, agus chun a shonrú go gcloífidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoi na cumhachtuithe dá bhforáiltear sna Rialacháin sin le ceanglais áirithe a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart na Rialacháin sin a leasú ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta teicniúla maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

acmhainní bitheolaíocha muirí a ghabháil agus a thabhairt i dtír;

(b)

oibriú trealaimh iascaireachta; agus

(c)

idirghníomhú gníomhaíochtaí iascaireachta le héiceachórais mhuirí.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus ag náisiúnaigh de na Ballstáit, gan dochar don phríomhfhreagracht atá ar an mBratstát, sna limistéir iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5, agus ag soithí iascaireachta a mbíonn bratach tríú tíortha ar foluain acu, agus atá cláraithe i dtríú tíortha, le linn dóibh bheith ag iascaireacht in uiscí an Aontais.

2.   Beidh feidhm freisin ag Airteagail 7, 10, 11 agus 12 maidir leis an iascaireacht áineasa. I gcásanna ina mbíonn tionchar suntasach ag an iascaireacht áineasa i réigiún ar leith, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 15 den Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Rialachán seo a leasú trína fhoráil go mbeidh feidhm ag forálacha ábhartha Airteagal 13 nó ag codanna A nó C d’Iarscríbhinní V go X maidir leis an iascaireacht áineasa chomh maith.

3.   Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagail 25 agus 26, ní bheidh feidhm ag na bearta teicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun na gcríoch seo a leanas agus chun na gcríoch sin amháin:

(a)

imscrúduithe eolaíocha; agus

(b)

athstocáil dhíreach nó trasphlandú speiceas muirí.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Agus iad ina n-uirlisí atá ann le tacú le cur chun feidhme CBI, cuirfidh bearta teicniúla le cuspóirí CBI a leagtar amach i bhforálacha infheidhme Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Is éard a bheidh mar aidhm ag bearta teicniúla go háirithe cur leis na spriocanna seo a leanas a bhaint amach:

(a)

patrúin saothraithe a bharrfheabhsú d’fhonn cosaint a thabhairt d’éisc óga agus do chomhbhailiúcháin d’éisc sceite d’acmhainní bitheolaíocha muirí;

(b)

a áirithiú go laghdófar gabhálacha de thaisme de na speicis mhuirí íogaire, lena n-áirítear na cinn sin a liostaítear i dTreoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, a ghabhtar de thoradh iascaireachta agus, nuair is féidir, go gcuirfear deireadh leo sa chaoi nach bagairt ar stádas caomhnaithe na speiceas sin iad;

(c)

a áirithiú, lena n-áirítear trí dhreasachtaí iomchuí a úsáid, go ndéanfar tionchair dhiúltacha comhshaoil an iascaigh ar ghnáthóga muirí a íoslaghdú;

(d)

bearta bainistithe iascach a bheith i bhfeidhm chun críocha cloí le Treoracha 92/43/CEE, 2000/60/CE, 2008/56/CE, go háirithe d’fhonn dea-stádas comhshaoil a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Treoir sin, agus 2009/147/CE.

Airteagal 4

Spriocanna

1.   Is éard a bheidh mar aidhm le bearta teicniúla a áirithiú:

(a)

go ndéanfar gabhálacha speiceas muirí faoi bhun íosmhéid tagartha caomhnaithe a laghdú a mhéid is féidir i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

nach sáróidh gabhálacha de thaisme de mhamaigh mhuirí, de reiptílí muirí, d’éanlaith mhara agus de speicis eile nach ndéantar saothrú tráchtála orthu, na leibhéil dá bhforáiltear le reachtaíocht an Aontais agus le comhaontuithe idirnáisiúnta atá ina gceangal ar an Aontas;

(c)

go mbeidh na tionchair chomhshaoil a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar ghnáthóga ar ghrinneall na farraige i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 2(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Déanfar athbhreithniú ar a mhéid a rinneadh dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin mar chuid den phróiseas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 31.

Airteagal 5

Sainmhínithe ar limistéir iascaireachta

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe geografacha ar limistéir iascaireachta seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “an Mhuir Thuaidh” uiscí an Aontais i ranna (23) 2a agus 3a de CITM agus i bhfolimistéar 4 de CITM;

(b)

ciallaíonn “Muir Bhailt” uiscí an Aontais i ranna 3b, 3c agus 3d de CITM;

(c)

Ciallaíonn “Uiscí an Iarthuaiscirt” uiscí an Aontais i bhfolimistéir 5, 6 agus 7 de CITM;

(d)

ciallaíonn “Uiscí an Iardheiscirt” folimistéir 8, 9 agus 10 de CITM (uiscí an Aontais) agus limistéir (24) 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF (uiscí an Aontais);

(e)

ciallaíonn “an Mheánmhuir” uiscí farraige na Meánmhara soir ó líne 5°36′ I;

(f)

ciallaíonn “an Mhuir Dhubh” uiscí i bhfolimistéar geografach 29 de CIGM mar atá sainithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

(g)

Ciallaíonn “uiscí an Aontais san Aigéan Indiach agus san Atlantach Thiar” uiscí thar timpeall ar Ghuadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, La Réunion agus Saint-Martin faoi cheannasacht nó faoi dhlínse Ballstáit;

(h)

ciallaíonn “Limistéar Rialála NEAFC” na huiscí sin de chuid Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC atá lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse iascaigh na bPáirtithe Conarthacha mar a shainítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26);

(i)

ciallaíonn “limistéar Chomhaontú CIGM” an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh agus a n-uiscí cónascacha, mar a shainítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Airteagal 6

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, agus sa bhreis ar na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “patrún saothraithe” an chaoi a dháiltear básmhaireacht san iascaireacht thar phróifíl aoise agus faid stoic;

(2)

ciallaíonn “roghnaíocht” cainníocht arna sloinneadh mar dhóchúlacht go ngabhfar acmhainní bitheolaíocha muirí de mhéid áirithe agus/nó de speiceas áirithe;

(3)

ciallaíonn “iascaireacht dhírithe” iarracht iascaireachta a dhírítear ar speiceas nó grúpa speiceas ar leith agus a fhéadfar a shonrú a thuilleadh ar an leibhéal réigiúnach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 27(7) den Rialachán seo;

(4)

ciallaíonn “dea-stádas comhshaoil” stádas comhshaoil na n-uiscí mara mar a shainmhínítear é i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE;

(5)

ciallaíonn “stádas caomhnaithe speicis” iomlán na dtionchar a imrítear ar an speiceas lena mbaineann a fhéadfaidh tionchar a imirt ar dháileadh fadtéarmach agus ar fhlúirse fhadtéarmach a líonta;

(6)

Ciallaíonn “stádas caomhnaithe gnáthóige” iomlán na dtionchar a imrítear ar ghnáthóg nádúrtha agus ar a speicis thipiciúla a fhéadfaidh difear a dhéanamh do dháileadh nádúrtha fadtéarmach, struchtúr nádúrtha fadtéarmach agus feidhmeanna nádúrtha fadtéarmacha na gnáthóige agus do mharthanas fadtéarmach a speiceas tipiciúil;

(7)

ciallaíonn “gnáthóg íogair” gnáthóg a ndéanann an brú a eascraíonn as gníomhaíochtaí daonna, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iascaireachta, difear dochrach dá stádas caomhnaithe, lena n-áirítear fairsinge na gnáthóige agus staid (struchtúr agus feidhm) a comhpháirteanna bitheacha agus aibitheacha. Áirítear go sonrach ar na gnáthóga íogaire na cineálacha gnáthóg a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus gnáthóga na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, gnáthóga na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE, gnáthóga a bhfuil sé riachtanach cosaint a thabhairt dóibh chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi Threoir 2008/56/CE agus éiceachórais leochaileacha mhuirí mar a shainmhínítear iad i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 734/2008 ón gComhairle (27);

(8)

ciallaíonn “speiceas íogair” speiceas a ndéanann an brú a eascraíonn as gníomhaíochtaí daonna, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iascaireachta, difear dochrach dá stádas caomhnaithe, lena n-áirítear dá ghnáthóg, dá dháileadh, dá líon nó dá bhail. Áirítear go sonrach ar na speicis íogaire na speicis a liostaítear in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, na speicis a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE agus speicis a bhfuil sé riachtanach cosaint a thabhairt dóibh chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi Threoir 2008/56/CE;

(9)

ciallaíonn “speicis bheaga pheiligeacha” speicis amhail ronnaigh, scadáin, bolmáin, ainseabhaithe, sairdíní, faoitíní gorma, airgintíní, saláin agus torcéisc;

(10)

ciallaíonn “Comhairlí Comhairleacha” grúpaí geallsealbhóirí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(11)

ciallaíonn “trál” trealamh iascaireachta a bhíonn á tharraingt go gníomhach ag soitheach iascaireachta amháin nó níos mó agus arb é atá ann líon atá dúnta ar gcúl le mála nó le soc-fhoirceann;

(12)

ciallaíonn “trealamh tarraingthe” aon tráil, saighní Danmhargacha, dreidirí agus trealamh dá samhail a bhíonn á mbogadh go gníomhach san uisce ag soitheach iascaireachta amháin nó níos mó nó le haon chóras meicnithe eile;

(13)

ciallaíonn “trál grinnil”’ trál atá ceaptha agus rigeáilte sa chaoi go n-oibreoidh sé ar ghrinneall na farraige nó in aice leis;

(14)

ciallaíonn “trál grinnill dhá bhád” trál grinnill a bhíonn á tharraingt ag dhá bhád in éineacht, agus leataobh an tráil á tharraingt ag gach bád díobh sin. Is trál é a gcoinnítear a bhéal cothrománach ar oscailt de thoradh an achair idir an dá shoitheach le linn dóibh an trealamh a tharraingt;

(15)

ciallaíonn “trál peiligeach” trál atá ceaptha agus rigeáilte sa chaoi go n-oibreoidh sé ar meándoimhneacht;

(16)

ciallaíonn “trál bíoma” trealamh a bhfuil a líon tráil á choinneáil ar oscailt go cothrománach ag bíoma, ag eiteog nó ag gaireas dá samhail;

(17)

ciallaíonn “bíogthrál leictreach” trál arb é atá ann sruth leictreach a úsáid chun acmhainní bitheolaíocha muirí a ghabháil;

(18)

ciallaíonn “saighean Dhanmhargach” nó “saighean Albanach” trealamh ciorclaithe agus tarraingthe a oibrítear ó bhád amháin le dhá rópa fhada (rópaí saighne) atá ceaptha chun na héisc a thiomáint i dtreo bhéal na saighne. Is éard atá sa trealamh líon atá cosúil le trál grinnill i dtaca le dearadh;

(19)

ciallaíonn “saighní cladaigh” líonta timpeallúcháin agus saighní tarraingthe a shocraítear ó bhád agus a tharraingítear i dtreo an chladaigh fad a oibrítear iad ón gcladach nó ó shoitheach a mhúráiltear nó atá ar ancaire cois cladaigh;

(20)

ciallaíonn “líonta timpeallúcháin” líonta lena ngabhtar éisc trína dtimpeallú ar an dá thaobh agus ón taobh thíos. Féadfaidh braighdeán íochtair a bheith feistithe orthu nó gan a bheith feistithe orthu;

(21)

ciallaíonn “peaslíonta saighne” nó “líonta fáinne” aon líon timpeallúcháin a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdeán íochtair atá ag bun an lín, agus an braighdeán sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill, rud a fhágann gur féidir an líon a fháscadh agus a dhúnadh;

(22)

ciallaíonn “dreidirí” trealamh a bhíonn á tharraingt go gníomhach ag inneall an phríomhbháid (dreidire báid) nó á tharraingt ag crann tochrais innealta soithigh ar ancaire (dreidirí meicnithe) d’fhonn débhlaoscaigh, gastrapóid nó spúinsí a ghabháil, dreidirí arb é atá iontu mála lín nó ciseán miotail suite ar fhráma nó slat dhocht de mhéideanna agus de chruthanna éagsúla agus a bhféadfaidh lann scríobtha de chineál cruinn, faobhrach nó fiaclach a bheith ar an gcuid íochtair díobh, agus a bhféadfaidh scidí agus cláir tumadóireachta a bheith feistithe orthu nó gan a bheith feistithe orthu. Tá dreidirí áirithe ann, agus tá trealamh hiodrálach (dreidirí hiodrálacha) feistithe orthu. Maidir le dreidirí a tharraingítear de láimh nó le crainn tochrais láimhe in uisce éadomhain le cabhair báid nó dá uireasa d’fhonn débhlaoscaigh, gastrapóid nó spúinsí (dreidirí láimhe) a ghabháil, ní mheasfar gur trealamh tarraingthe iad chun críche an Rialacháin seo;

(23)

ciallaíonn “líonta éighníomhacha” aon chineál lín geolbhaigh, lín fostúcháin nó traimle atá ar ancaire ar ghrinneall na farraige ionas go snámhfaidh éisc isteach iontu agus go rachaidh siad i bhfostú sa líontán nó sa mhogall ann;

(24)

ciallaíonn “sruthlíon” aon líon geolbhaigh a choinnítear ar bharr na mara nó ag fad áirithe thíos faoi le gairis atá ar snámh, agus a ghluaiseann le sruth uaidh féin nó leis an mbád a bhfuil sé ceangailte de, má tá sé ceangailte de bhád. Féadfaidh gairis a bheith feistithe air a bhfuil sé d’aidhm acu an líon a choinneáil cobhsaí nó a ghluaiseacht le sruth a theorannú;

(25)

ciallaíonn “eangach gheolbhaigh” líon éighníomhach atá déanta d’aon bhlúire eangaí amháin a choinnítear go ceartingearach ina ionad san uisce le snámháin agus le tomhais;

(26)

ciallaíonn “líon fostúcháin” líon éighníomhach ina bhfuil blúirí líontáin atá rigeáilte sa chaoi go mbíonn an líontán ar crochadh ar na rópaí d’fhonn níos mó scaoilteachta a bheith sa líontán seachas mar a bheadh i gcás eangach gheolbhaigh;

(27)

ciallaíonn “líon traimil” líon éighníomhach atá comhdhéanta de shraitheanna éagsúla líontáin nó níos mó a bhfuil dhá shraith ar an taobh amuigh di a bhfuil mogallmhéid mhór iontu, agus leathán de mhogall mín beag istigh eatarthu;

(28)

ciallaíonn “eangach gheolbhaigh agus traimil in éineacht” aon eangach gheolbhaigh ghrinneallsocraithe in éineacht le traimil arb í an chuid íochtair den eangach í;

(29)

ciallaíonn “spiléar” trealamh iascaireachta arb é atá ann príomhdhorú ar féidir fad difriúil a bheith ann, agus a bhfuil duáin iomadúla ar fhodhoruithe dá chuid (snúdaí) a bhfuil a spásáil ag brath ar an spriocspeiceas. Is go cothrománach ar ghrinneall na farraige nó in aice le grinneall na farraige, nó go ceartingearach, a bhíonn an príomhdhorú ar ancaire, sin nó bíonn sé ag imeacht le sruth ar bharr an uisce;

(30)

ciallaíonn “potaí agus cléibh” gaistí atá ceaptha le crústaigh, moilisc, nó iasc a ghabháil, atá i bhfoirm cásanna nó ciseanna a bhfuil breis is bealach isteach amháin iontu, a chuirtear ar ghrinneall na farraige nó a chrochtar os a chionn;

(31)

ciallaíonn “dorú láimhe” dorú aonair ar a bhfuil baoite nó duán amháin nó níos mó na ceann amháin díobh sin;

(32)

ciallaíonn “cros San Aindrias” alpaire a dhéanann oibriú mar a bheadh siosúr ann d’fhonn moilisc dhébhlaoscacha nó coiréal dearg ó ghrinneall na farraige a ghabháil;

(33)

ciallaíonn “soc-fhoirceann” an chuid is sia siar den trál, a bhfuil cruth sorcóireach air, a bfuil an imlíne chéanna ar a fhud, nó a bhfuil cruth barrchaolaithe air. Is féidir é a bheith comhdhéanta de phainéal (blúirí líontáin) amháin nó níos mó atá ceangailte dá chéile feadh a sleasa agus d’fhéadfadh an píosa fadaithe a bheith mar chuid de, arb é atá ann painéal amháin nó níos mó painéal atá lonnaithe díreach os comhair an tsoc-fhoircinn sensu stricto;

(34)

ciallaíonn “mogallmhéid”:

(i)

i gcás líontán snaidhmthe: an t-achar is mó idir dhá shnaidhm atá ar aghaidh a chéile amach ar an mogall céanna agus iad sínte go hiomlán;

(ii)

i gcás líontán gan snaidhmeanna: an t-achar istigh idir na hailt atá ar aghaidh a chéile amach sa mhogall céanna agus é sínte go hiomlán feadh na haise is faide is féidir atá ann;

(35)

ciallaíonn “mogall cearnógach” mogall ceathairshleasach arb é atá ann dhá shraith de bharraí comhthreomhara a bhfuil an fad ainmniúil céanna acu, mar a bhfuil sraith amháin comhthreomhar le fad-ais an lín agus a bhfuil an tsraith eile ar dronuillinn léi;

(36)

ciallaíonn “mogall muileatach” mogall atá comhdhéanta de cheithre bharra a bhfuil an fad céanna acu, mar a bhfuil dhá thrasnán an mhogaill ingearach agus a bhfuil ceann amháin de na trasnáin comhthreomhar le fad-ais an lín;

(37)

ciallaíonn “T90” tráil, saighní Danmhargacha nó trealamh tarraingthe dá samhail a bhfuil soc-fhoirceann agus blúire sínidh orthu a dhéantar de líontán mogaill de chineál muileatach snaidhmthe atá iompaithe 90° ionas go mbeidh príomhthreo rith an líontáin comhthreomhar le treo na tarraingthe;

(38)

ciallaíonn “fuinneog éalaithe Bacoma” painéal éalaithe déanta de líontán mogaill de chineál cearnógach, gan snaidhmeanna, atá feistithe ar bharrphainéal soc-fhoircinn agus a bhfuil a ciumhais íochtair ceithre mhogall ar a mhéad ón dorú lásála;

(39)

ciallaíonn “líon criathrúcháin” blúire líontáin atá ceangailte d’imlíne iomlán an tráil séaclaí os comhair an tsoc-fhoircinn nó an phíosa sínidh, agus a dtagann barrchaolú air go dtí rinnphointe, áit a bhfuil sé ceangailte de leathán íochtair an tráil séaclaí. Tá poll éalaithe san áit a bhfuil an líon criathrúcháin agus an soc-fhoirceann ag teacht le chéile, rud a fhágann gur féidir le speicis nó aonáin atá rómhór le dul tríd an gcriathar éalú ach gur féidir le séaclaí dul tríd an gcriathar isteach go dtí an soc-fhoirceann;

(40)

ciallaíonn “titim” suim airde na mogall (snaidhmeanna san áireamh) i líon nuair is fliuch dóibh agus iad sínte go hingearach leis an téad snámhán;

(41)

ciallaíonn “tréimhse thumtha” nó ‘maotham’ an tréimhse ón tráth a chéadchuirtear an trealamh san uisce nó go dtugtar an trealamh uile slán arís ar bord an tsoithigh iascaireachta;

(42)

ciallaíonn “braiteoirí faireacháin trealaimh” cianbhraiteoirí leictreonacha a fheistítear ar threalamh iascaireachta d’fhonn faireachán a dhéanamh ar phríomhpharaiméadair feidhmíochta amhail an t-achar idir doirse an tráil nó toirt na gabhála;

(43)

ciallaíonn “líne ualaithe” líne duán ar a bhfuil baoite chomh maith le meáchan sa bhreis ionas gur tapúla a rachaidh sé go tóin poill, rud a laghdóidh an méid ama a bheidh sé nochta d’éanlaith mhara;

(44)

ciallaíonn “fuaimghaireas bactha” gairis arb é is aidhm leo speicis amhail mamaigh mhuirí a choinneáil ó threalamh iascaireachta trí chomhairceanna fuaimníocha a chur as;

(45)

ciallaíonn “línte scanraithe éan” téada ar a bhfuil sraoilleáin a tharraingítear ó ardphointe in aice dheireadh soithí iascaireachta nuair a bhíonn feidhm á baint chun iascaireachta as duáin ar a bhfuil baoite, agus tá sé d’aidhm ag na téada sin éanlaith mhara a scanrú chun siúil ó na duáin;

(46)

ciallaíonn “athstocáil dhíreach” an ghníomhaíocht arb é atá ann ainmhithe fiáine beo de chuid speicis roghnaithe a scaoileadh saor sna huiscí ina maireann na speicis sin de ghnáth, d’fhonn leas a bhaint as táirgeadh nádúrtha na timpeallachta uiscí ionas go dtiocfaidh méadú ar líon na n-aonán atá ar fáil d’iascaigh agus/nó méadú nádúrtha ar líon na n-iasc óg inghafa;

(47)

ciallaíonn “trasphlandú” an próiseas arb é atá ann daoine speicis a iompar d’aon ghnó agus a scaoileadh saor i limistéir ina bhfuil líon na speiceas sin bunaithe;

(48)

ciallaíonn “táscairí feidhmíochta roghnaíochta” uirlis tagartha lena ndéantar monatóireacht thar thréimhse ama d’fhonn cuspóir CBI gabhálacha de thaisme a laghdú a bhaint amach;

(49)

ciallaíonn “ga-ghunna” gunna neomatach láimhe nó gunna láimhe a chumhachtaítear go meicniúil lena scaoiltear ga chun críoch iascaireachta faoi uisce;

(50)

is éard is “fad na roghnaíochta optamaí (Lopt)” ann fad meánach na gabhála a sholáthraíonn an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, a chuireann barrfheabhas ar fhás na n-iasc aonair i stoc.

CAIBIDIL II

COMHBHEARTA TEICNIÚLA

ROINN 1

Trealamh iascaireachta agus úsáidí atá faoi thoirmeasc

Airteagal 7

Trealamh iascaireachta agus modhanna atá faoi thoirmeasc

1.   Beidh toirmeasc ar na modhanna seo a leanas a úsáid chun speicis mhuirí a ghabháil nó a shaothrú:

(a)

substaintí tocsaineacha, substaintí támhaithe nó substaintí creimnitheacha;

(b)

sruth leictreach ach amháin an bíogthrál leictreach nach mbeidh ceadaithe ach faoi fhorálacha sonracha Chuid D d’Iarscríbhinn V;

(c)

pléascáin;

(d)

casúir neomatacha nó fearais buailte eile;

(e)

trealamh tarraingthe ar le haghaidh coiréal dearg a shaothrú é nó cineálacha eile coiréil nó orgánaigh atá dealraitheach le coiréal a shaothrú;

(f)

cros San Aindrias nó alpairí dá samhail ar le haghaidh coiréal dearg a shaothrú iad nó cineálacha eile coiréil agus speicis atá dealraitheach le coiréal a shaothrú;

(g)

aon chineál teilgeáin, seachas iad siúd a úsáidtear chun tuinnín i gcás nó i ngaiste a mharú, gathanna agus ga-ghunnaí a úsáidtear san iascaireacht áineasa gan uathscamhóg, ó éirí go luí na gréine;

2.   In ainneoin Airteagal 2, bainfidh an tAirteagal seo le soithí de chuid an Aontais in uiscí idirnáisiúnta agus in uiscí tríú tíortha, ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt go sonrach sna rialacha a ghlacann eagraíochtaí iltaobhacha iascaigh, faoi chomhaontuithe déthaobhachtach nó iltaobhacha, nó sna rialacha a ghlacann tríú tír.

ROINN 2

Srianta ginearálta ar threalamh iascaireachta agus coinníollacha a úsáide

Airteagal 8

Srianta ginearálta ar threalamh tarraingthe a úsáid

1.   Chun críche Iarscríbhinní V go XI, ciallóidh mogallmhéid gairis tharraingthe mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin mogallmhéid íosta aon soc-fhoircinn agus aon phíosa sínidh atá ar bord soithigh iascaireachta agus a cheanglaítear d’aon líon tarraingthe nó atá oiriúnach lena cheangal de. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le gairis líontáin a úsáidtear chun braiteoirí faireacháin trealaimh a ghreamú ná nuair a úsáidtear iad i gcomhar le gairis eisiatóra iasc agus turtar. D’fhéadfaí maoluithe sa bhreis chun roghnaíocht ó thaobh méide agus speicis a fheabhsú maidir le speicis mhuirí a fhoráil i ngníomh tarmligthe a ghlacfaí i gcomhréir le hAirteagal 15.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le dreidirí. Mar sin féin, le linn gach turais nuair a iompraítear dreidirí ar bord, beidhm feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

beidh torimeasc ar orgánaigh mhuirí a thrasloingsiú;

(b)

i Muir Bhailt, beidh toirmeasc ar chainníocht ar bith orgánach muirí a choinneáil ar bord nó a thabhairt i dtír ach amháin más ionann moilisc agus/nó Furcellaria lumbricalis 85 % ar a laghad de bheomheáchan na n-orgánach muirí sin.

(c)

i ngach imchuach farraige eile, ach amháin sa Mheánmhuir, áit a bhfuil feidhm ag Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, beidh toirmeasc ar chainníocht ar bith orgánach muirí a choinneáil ar bord nó a thabhairt i dtír ach amháin más ionann moilisc dhébhlaoscacha, gastrapóid agus spúinsí agus 95 % ar a laghad de mheáchan na n_orgánach muirí sin.

Ní bheidh feidhm ag pointí (b) agus (c) den mhír seo maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas atá faoi réir na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír atá leagtha amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Tabharfar na gabhálacha neamhbheartaithe sin i dtír agus comhairfear i gcoinne cuótaí iad.

3.   I gcás ina mbeidh níos mó ná aon líon amháin á tharraingt in éineacht ag soitheach iascaireachta nó ag níos mó ná soitheach amháin, beidh an mhogallmhéid ainmniúil chéanna i ngach líon acu. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tairmlighte a ghlacadh de bhun Airteagal 15 agus i gcomhréir le hAirteagal 29 lena maolaítear ón mír seo i gcás ina mbeadh tairbhí ann, ó thaobh caomhnú acmhainní bitheolaíocha muirí, dá n-úsáidfí roinnt líonta a raibh mogallmhéid éagsúil acu, agus ar chomhionann ar a laghad na tairbhí sin agus na tairbhí a bheadh ann dá n-úsáidfí na gnáthmhodhanna iascaireachta.

4.   Beidh toirmeasc ar aon ghaireas a úsáid a chuirfeadh bac ar mhogallmhéid an tsoc-fhoircinn nó ar aon chuid de threalamh tarraingthe, nó a mbeadh sé d’éifeacht aige iad sin a laghdú, agus toirmeasc ar a leithéid de ghaireas atá ceaptha go sonrach don chuspóir sin a bheith ar iompar ar bord. Ní fhágfaidh an mhír seo nach bhféadfar feidhm a bhaint as gairis shonracha a laghdaíonn caitheamh agus cuimilt, a chuireann le héalú gabhálacha as an gcuid tosaigh de threalamh tarraingthe nó a chuireann srian leis sin.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear rialacha mionsonraithe maidir le sonraíocht soc-fhoirceann agus sonraíocht na ngaireas dá dtagraítear i mír 4. Is ar an gcomhairle eolaíoch agus theicniúil is fearr dá bhfuil ar fáil a bhunófar na gníomhartha cur chun feidhme sin agus féadfar an méid seo a leanas a shainiú leo:

(a)

srianta ar thiús téide;

(b)

srianta ar imlíne soc-fhoirceann;

(c)

srianta ar ábhar líontáin a úsáid;

(d)

struchtúr agus greamú soc-fhoirceann;

(e)

gairis cheadaithe a laghdaíonn caitheamh agus cuimilt; agus

(f)

gairis cheadaithe a chuireann srian le héalú gabhálacha.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Airteagal 9

Srianta ginearálta ar úsáid líonta éighníomhacha agus sruthlíonta

1.   Beidh toirmeasc ar shruthlíon amháin nó níos mó a bheith ar bord nó a úsáid ar mó ná 2,5 km a bhfad iomlán nó fad aon cheann acu.

2.   Beidh toirmeasc ar shruthlíonta a úsáid chun na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn III a iascach.

3.   D’ainneoin mhír 1, beidh toirmeasc ar aon sruthlíon a bheith ar bord soithigh i Muir Bhailt dó nó ar aon sruthlíon a úsáid sa Mhuir sin.

4.   Beidh toirmeasc ar eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líonta fostúcháin agus traimlí a úsáid d’fhonn na speicis seo a leanas a ghabháil:

(a)

Tuinníní colgacha (Thunnus alalunga),

(b)

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus),

(c)

Sáimhíní (Brama brama),

(d)

Colgáin (Xiphias gladius),

(e)

Siorcanna de na speicis nó de na finí seo a leanas Hexanchus griseus; Cetorhinus maximus; gach speiceas de Alopiidae; Carcharhinidae; Sphyrnidae; Isuridae; Lamnidae.

5.   De mhaolú ar mhír 4, féadfar gabhálacha de thaisme sa Mheánmhuir nach mó ná trí eiseamal de na speicis de shiorcanna dá dtagraítear sa mhír sin a choinneáil ar bord nó a thabhairt i dtír ar choinníoll nach speicis chosanta iad faoi dhlí an Aontais.

6.   Beidh toirmeasc ar eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líon fostúcháin agus traimlíon a úsáid aon áit a bhfuil an doimhneacht cairte níos mó ná 200 m.

7.   D’ainneoin mhír 6 den Airteagal seo:

(a)

beidh feidhm ag maoluithe sonracha mar a leagtar amach i bpointe 6.1 de Chuid C d’Iarscríbhinn V, pointe 9.1 de Chuid C d’Iarscríbhinn VII agus pointe 4.1 de Chuid C d’Iarscríbhinn VII aon áit a bhfuil an doimhneacht chairte idir 200 agus 600 m;

(b)

Ceadófar eangaigh gheolbhaigh ghrinneallsocraithe, líonta fostúcháin agus traimlí a úsáid aon áit a bhfuil an doimhneacht cairte níos mó ná 200 m sa Mheánmhuir.

ROINN 3

Cosaint speiceas íogair agus gnáthóg íogair

Airteagal 10

Speicis éisc agus sliogéisc atá faoi thoirmeasc

1.   Beidh toirmeasc ar na speicis éisc nó sliogéisc dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír, ach amháin i gcás ina ndeonaítear maoluithe faoi Airteagal 16 den Treoir sin.

2.   De bhreis ar na speicis dá dtagraítear i mír 1, i ndáil leis na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I nó speicis a bhfuil toirmeasc iascaireachta orthu faoi ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais.

3.   Má ghabhtar de thaisme na speicis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, ní dhéanfar díobháil dóibh agus cuirfear eiseamail ar ais i bhfarraige go pras ach amháin chun críche taighde a dhéanamh ar eiseamail a maraíodh de thaisme i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

4.   Tugtar de chumacht don Choimisiún gníomartha tairmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun leasú a dhéanamh ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, i gcás ina dtugtar le fios leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil gur gá leasú a dhéanamh ar an liosta in Iarscríbhinn I.

5.   Le bearta arna nglacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo, díreofar ar an sprioc a bhaint amach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) agus féadfar comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le cosaint speiceas íogair a chur san áireamh chuige sin.

Airteagal 11

Gabhálacha de mhamaigh mhuirí, d’éanlaith mhara agus de reiptílí muirí

1.   Na mamaigh mhuirí agus na reiptílí muirí dá dtagraítear in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus na speicis d’éanlaith mhara a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE, beidh toirmeasc orthu sin a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.

2.   Má ghabhtar de thaisme speicis dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfar díobháil dóibh agus cuirfear ar ais i bhfarraige go pras iad.

3.   D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, ceadófar eiseamail de na speicis mhuirí dá dtagraítear i mír 1, nuair is gabhálacha de thaisme iad, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír a fhad is atá sin riachtanach chun cúnamh a fháil d’fhonn na hainmhithe aonair sin a choinneáil beo agus chun taighde eolaíoch a dhéanamh ar eiseamail a maraíodh de thaisme, ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann go hiomlán ar an eolas roimh ré, a luaithe is féidir i ndiaidh na gabhála agus i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

4.   Ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil féadfaidh Ballstát bearta maolaithe nó srianta ar threalamh iascaireachta áirithe a chur ar bun i leith soithí a bhfuil a bhratach ar foluain orthu. Le bearta den sórt sin laghdófar a oiread is féidir gabhálacha de na speicis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, nuair is féidir, cuirfear deireadh leo, agus beidh na bearta sin ag luí leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus beidh siad chomh dian céanna ar a laghad le bearta teicniúla is infheidhme faoi dhlí an Aontais.

5.   Beidh d’aidhm ag bearta arna nglacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo an sprioc a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) a bhaint amach. Chur críocha rialaithe, tabharfaidh na Ballstáit fógra do na Ballstáit eile lena mbaineann maidir leis na forálacha a glacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo. Cuirfidh siad faisnéis iomchuí ar fáil go poiblí freisin maidir leis na bearta sin.

Airteagal 12

Gnáthóga íogaire a chosaint, lena n-áirítear éiceachórais leochaileacha mhuirí

1.   Beidh toirmeasc ar an trealamh iascaireachta a shonraítear in Iarscríbhinn II a úsáid laistigh de na limistéir iomchuí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

2.   I gcás ina dtugtar le fios leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil gur gá liosta na limistéar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leasú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo agus de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11(2) agus Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun Iarscríbhinn II a leasú dá réir sin. Agus leasuithe den sórt sin á nglacadh aige tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar na hainiarsmaí a eascróidh as gníomhaíocht iascaireachta a dhíláithriú go dtí limistéir íogaire eile a mhaolú.

3.   I gcás ina bhfuil na gnáthóga dá dtagraítear i mír 1 nó gnáthóga leochaileacha eile, lena n-áirítear éiceachórais mhuirí leochaileacha eile, le fáil in uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse Ballstáit, féadfaidh an Ballstát sin limistéir iata a bhunú nó bearta caomhnaithe eile a chur ar bun d’fhonn na gnáthóga sin a chosaint, de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Beidh bearta den sórt sin ag luí leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus beidh siad chomh dian céanna ar a laghad le bearta faoi dhlí an Aontais.

4.   Beidh d’aidhm ag bearta arna nglacadh de bhun mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo an sprioc a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 4(1) a bhaint amach.

ROINN 4

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Airteagal 13

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

1.   Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe na speiceas muirí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinní V go hIarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm acu chun na críocha seo a leanas:

(a)

féachaint chuige go gcosnófar éisc óga de speicis mhuirí de bhun Airteagal 15(11) agus 15(12) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(c)

íosmhéideanna margaíochta a leagan síos de bhun Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28).

2.   Is i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a thomhaisfear méid speicis mhuirí.

3.   I gcás ina ndéantar foráil maidir le níos mó ná aon mhodh amháin le méid speicis mhuirí a thomhas, ní mheasfar an t-eiseamal a bheith faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe má tá an mhéid, de réir aon cheann de na modhanna tomhais sin, cothrom leis an íosmhéid tagartha caomhnaithe nó níos mó ná é.

4.   Gliomaigh, piardóga agus moilisc dhébhlaoscacha agus moilisc ghastrapódacha d’aon speiceas den sórt sin a bhfuil íosmhéid tagartha caomhnaithe bunaithe in Iarscríbhinní V, VI nó VII ina leith, ní fhéadfar iad a choinneáil ar bord ná a thabhairt i dtír ach amháin i bhfoirm iomlán.

ROINN 5

Bearta chun aischur éisc a laghdú

Airteagal 14

Treoirthionscadail chun gabhálacha de thaisme a sheachaint

1.   Gan dochar d’Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh na Ballstáit tabhairt faoi threoirthionscadail a bhfuil sé d’aidhm acu modhanna a aimsiú le gabhálacha de thaisme a sheachaint, a laghdú agus deireadh a chur leo. Tabharfar aird sna treoirthionscadail sin ar thuairimí na gComhairlí Comhairleacha iomchuí agus bunófar iad ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil.

2.   I gcás ina léiríonn torthaí na dtreoirthionscadal sin nó ina léirítear le comhairle eolaíoch eile gurb ann do líon mór gabhálacha de thaisme, féacfaidh na Ballstáit lena mbaineann le bearta teicniúla a bhunú chun na gabhálacha sin de thaisme a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL III

RÉIGIÚNÚ

Airteagal 15

Bearta teicniúla réigiúnacha

1.   Leagtar amach sna hIarscríbhinní seo a leanas bearta teicniúla arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach:

(a)

in Iarscríbhinn V le haghaidh na Mara Thuaidh;

(b)

in Iarscríbhinn VI le haghaidh Uiscí an Iarthuaiscirt;

(c)

in Iarscríbhinn VII le haghaidh Uiscí an Iardheiscirt;

(d)

in Iarscríbhinn VIII le haghaidh Mhuir Bhailt;

(e)

in Iarscríbhinn IX le haghaidh na Meánmhara;

(f)

in Iarscríbhinn X le haghaidh na Mara Duibhe;

(g)

in Iarscríbhinn XI le haghaidh uiscí an Aontais san Aigéan Indiach agus san Atlantach Thiar;

(h)

in Iarscríbhinn XIII le haghaidh speicis íogaire.

2.   D’fhonn sainiúlachtaí réigiúnacha na n-iascach ábhartha a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 29 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun na bearta teicniúla a leagtar amach sna hIarscríbhinní dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leasú, a fhorlíonadh, a aisghairm nó a mhaolú, lena n-áirítear nuair atá an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír á cur chun feidhme i gcomhthéacs Airteagal 15(5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe den sórt sin ar bhonn moladh comhpháirteach arna thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus i gcomhréir leis na hAirteagail ábhartha de Chaibidil III den Rialachán seo.

3.   Chun críche gníomhartha tarmligthe den chineál sin a ghlacadh, féadfaidh na Ballstáit sin ag a bhfuil leas díreach bainistíochta moltaí comhpháirteacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 den chéad uair tráth nach déanaí ná 24 mhí agus ina dhiaidh sin, 18 mhí tar éis gach dáta ar a dtíolacfar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 31(1) den Rialachán seo. Féadfaidh siad moltaí den chineál sin a thíolacadh, freisin, nuair a mheasfaidh siad gur gá sin.

4.   Maidir leis na bearta teicniúla a ghlacfar de bhun mhír 2 den Airteagal seo:

(a)

beidh sé d’aidhm acu na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4 den Rialachán seo a bhaint amach;

(b)

beidh sé d’aidhm acu na cuspóirí a bhaint amach agus na coinníollacha a chomhlíonadh atá leagtha amach sna gníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais arna nglacadh i réimse CBI, go háirithe sna pleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(c)

beidh na prionsabail dea-rialachais a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ina dtreoir acu;

(d)

beidh mar thoradh orthu, ar a laghad, tairbhí ar mhaithe le caomhnú acmhainní bitheolaíocha muirí a bheidh coibhéiseach, ar a laghad, leis na bearta dá dtagraítear i mír 1, go háirithe a fhad a bhaineann le patrúin saothraithe agus leis an leibhéal cosanta a thugtar do speicis íogaire agus gnáthóga íogaire. Cuirfear san áireamh freisin an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras muirí.

5.   Ní bheidh meath ar na caighdeáin roghnaíochta mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha maidir le sonraíochtaí mogallmhéid a leagtar amach in Airteagal 27 agus i gCuid B d’Iarscríbhinní V go XI, go háirithe i dtéarmaí méadú ar ghabhálacha na n-iasc óg, arbh ann dóibh an 14 Lúnasa 2019, agus beidh sé d’aidhm acu na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4 a chur i gcrích.

6.   Sna moltaí comhpháirteacha a chuirfear isteach chun críche na bearta dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, cuirfidh na Ballstáit fianaise eolaíoch ar fáil chun tacú le glacadh na mbeart sin.

7.   Féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar CETEI measúnú a dhéanamh ar na moltaí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 16

Trealamh iascaireachta atá roghnaíoch ó thaobh méide agus speicis

Aon mholadh comhpháirteach a chuirfear isteach chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) maidir le saintréithe trealaimh atá roghnaíoch ó thaobh méide agus speicis, beidh fianaise eolaíoch ag gabháil leis lena léireofar go mbeidh mar thoradh ar na bearta sin ar a laghad saintréithe roghnaíochta i gcomhair speicis áirithe nó meascán speiceas a bheidh coibhéiseach ar a laghad le saintréithe roghnaíochta an trealaimh a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinní V go X agus i gCuid A d’Iarscríbhinn XI.

Airteagal 17

Limistéir iata nó shrianta chun éisc óga agus comhbhailiúcháin d’éisc sceite a chosaint

Aon mholadh comhpháirteach a chuirfear isteach chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) maidir le Cuid C d’Iarscríbhinní V go VIII agus X agus i gCuid B d’Iarscríbhinn XI nó chun nua-limistéir iata nó shrianta a bhunú, áireofar na nithe seo a leanas maidir leis na limistéir iata nó shrianta sin:

(a)

cuspóir an iaimh;

(b)

fairsinge gheografach agus fad ama an iaimh;

(c)

srianta ar threalamh ar leith; agus

(d)

socruithe rialaithe agus faireacháin.

Airteagal 18

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Aon mholadh comhpháirteach a chuirfear isteach chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) maidir le Cuid A d’Iarscríbhinní V go X, urramóidh sé an cuspóir atá ann i dtaca le héisc óga de speicis mhuirí a chosaint.

Airteagal 19

Iaimh fhíor-ama agus forálacha maidir le hathrú láithreach

1.   Aon mholadh comhpháirteach a chuirfear isteach chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) maidir le hiaimh fhíor-ama a chruthú, agus a bhfuil sé d’aidhm aige speicis íogaire nó comhbhailiúcháin d’éisc óga, d’éisc sceite nó de speicis sliogéisc a chosaint, beidh na nithe seo a leanas ar áireamh ann:

(a)

fairsinge gheografach agus fad ama na n-iamh;

(b)

na speicis agus na leibhéil tairsí is siocair leis an iamh;

(c)

úsáid trealaimh ardroghnaíoch d’fhonn cead isteach a fháil ar limistéir iata nach mbeadh cead isteach ann dá uireasa; agus

(d)

socruithe rialaithe agus faireacháin.

(2)   Aon mholadh comhpháirteach a thíolacfar chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2), maidir le forálacha i ndáil le hathrú láithreach, beidh na nithe seo a leanas ar áireamh ann:

(a)

na speicis agus na leibhéil tairsí is siocair leis an oibleagáid athrú;

(b)

cé chomh fada atá soitheach le himeacht ón ionad a raibh sé ag iascaireacht ann go dtí sin.

Airteagal 20

Trealamh iascaireachta nuálach

1.   Aon mholadh comhpháirteach a cuireadh isteach chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) maidir le trealamh iascaireachta nuálach a úsáid laistigh d’imchuach ar leith beidh measúnú ann ar an tionchar is dócha a bheidh ag trealamh den sórt sin a úsáid ar na sprioc-speicis agus ar speicis íogaire agus gnáthóga íogaire. Baileoidh na Ballstáit lena mbaineann na sonraí iomchuí atá riachtanach le haghaidh measúnú den sórt sin.

2.   Ní cheadófar trealamh iascaireachta nuálach a úsáid i gcás ina léireoidh na measúnuithe dá dtagraítear i mír 1 go dtiocfaidh dá úsáid ainiarsmaí suntasacha ar ghnáthóga íogaire agus ar speicis nach sprioc-speicis iad.

Airteagal 21

Bearta caomhnaithe dúlra

Aon mholadh comhpháirteach a chuirfear isteach chun críche na bearta a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(2), maidir le speicis íogaire agus gnáthóga íogaire a chosaint, féadfaidh sé na nithe seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

liostaí a tharraingt suas de na speicis íogaire agus na gnáthóga íogaire is mó atá i mbaol ag gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar iomchuí agus na liostaí sin a bhunú ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil;

(b)

sonrú a dhéanamh ar na bearta breise nó malartacha i ndáil leo siúd dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIII d’fhonn gabhálacha de thaisme de na speicis sin dá dtagraítear in Airteagal 11 a laghdú;

(c)

faisnéis a thabhairt maidir lena éifeachtaí atá na bearta maoluithe agus na socruithe faireacháin atá ann cheana;

(d)

sonrú a dhéanamh ar na bearta arb é is aidhm leo tionchar trealaimh iascaireachta ar gnáthóga íogaire a laghdú;

(e)

sonrú a dhéanamh ar na srianta ar threalamh áirithe a oibriú nó toirmeasc iomlán ar úsáid trealaimh iascaireachta áirithe a thabhairt isteach i limistéar inar bagairt trealamh den sórt sin ar stádas caomhnaithe na speiceas sa limistéar sin dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 nó ar ghnáthóga íogaire eile.

Airteagal 22

Bearta réigiúnacha sna pleananna aischuir sealadacha

1.   Nuair a dhéanfaidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur isteach maidir le bunú beart teicniúil i bpleananna aischuir sealadacha dá dtagraítear in Airteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh na heilimintí seo a leanas, inter alia, a bheith sna moltaí sin:

(a)

sonraíochtaí trealaimh iascaireachta agus na rialacha maidir le húsáid an trealaimh sin;

(b)

sonraíochtaí modhnuithe ar threalamh iascaireachta nó úsáid trealaimh roghnaíochta chun roghnaíocht ó thaobh méide agus speicis a fheabhsú;

(c)

srianta nó toirmisc ar chineálacha áirithe trealaimh iascaireachta a úsáid, agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe;

(d)

íosmhéideanna tagartha chaomhnaithe;

(e)

maoluithe a glacadh de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Beidh d’aidhm leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, go sonrach beidh d’aidhm leo éisc óga nó comhbhailiúcháin d’éisc sceite nó de shliogéisc a chosaint.

Airteagal 23

Treoirthionscadail i ndáil le gabhálacha agus ábhar aischurtha a dhoiciméadú ina n-iomláine

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena bhforlíontar an Rialachán seo trí threoirthionscadail a shainiú a fhorbróidh córas chun gabhálacha agus ábhar aischurtha a dhoiciméadú ina n-iomláine bunaithe ar chuspóirí agus spriocanna intomhaiste, chun críche bainistithe iascaigh atá bunaithe ar thorthaí.

2.   Féadfaidh na treoirthionscadail dá dtagraítear i mír 1 maolú ó na bearta a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinní V go dtí XI i ndáil le limistéar sonrach agus ar feadh uastréimhse bliana, ar choinníoll gur féidir a léiriú go gcuireann treoirthionscadail den chineál sin le baint amach na gcuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 agus, go háirithe, go bhfuil sé mar aidhm acu roghnaíocht an trealaimh iascaireachta nó an chleachtais iascaireachta lena mbaineann a fheabhsú nó a thionchar ar an gcomhshaol a laghdú ar bhealach eile. Féadfar fad bliana breise a chur leis an tréimhse bliana sin faoi na coinníollacha céanna. Beidh na treoirthionscadail sin teoranta do 5 %, ar a mhéad, de shoithí san earnáil sin in aghaidh an Bhallstáit.

3.   I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur isteach maidir leis na treoirthionscadail dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, cuirfidh siad fianaise eolaíoch ar fáil chun tacú lena nglacadh. Déanfaidh CETEI na moltaí comhpháirteacha sin a mheasúnú agus poibleoidh sé an measúnú sin. Laistigh de 6 mhí ón tionscadal a thabhairt i gcrích, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina gcuirfear in iúl na torthaí, lena n-áirítear measúnú mionsonraithe ar na hathruithe ó thaobh roghnaíochta agus ar thionchair eile ar an gcomhshaol.

4.   Déanfaidh CETEI an tuarascáil dá dtagraítear i mír 3 a mheasúnú. I gcás ina mbeidh measúnú dearfach ar rannchuidiú an trealaimh nua nó an chleachtais nua leis an gcuspóir i mír 2, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh i gcomhréir le CFAE ionas go gceadófar úsáid ghinearálaithe an trealaimh nó an chleachtais sin. Poibleofar an measúnú sin ó CETEI.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na sonraíochta teicniúla a shainiú do chóras chun gabhálacha agus ábhar aischurtha a dhoiciméadú ina n-iomláine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 24

Gníomhartha cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

sonraíochtaí na ngaireas roghnúcháin atá ceangailte den trealamh a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinní V go hIarscríbhinn IX;

(b)

rialacha mionsonraithe maidir le sonraíochtaí an trealaimh iascaireachta a thuairiscítear i gCuid D d’Iarscríbhinn V a bhaineann le srianta ar dhéanamh trealaimh agus le bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh ag an mBallstát brataí;

(c)

rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh ag an mBallstát brataí nuair a bheidh feidhm á baint aige as an trealamh dá dtagraítear i bpointe 6 de Chuid C d’Iarscríbhinn V, i bpointe 9 de Chuid C d’Iarscríbhinn VI, agus i bpointe 4 de Chuid C d’Iarscríbhinn VII;

(d)

rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh i gcás na limistéar iata nó srianta adtugtar tuairisc orthu i bpointe 2 de Chuid C d’Iarscríbhinn V, agus pointí 6 agus 7 de Chuid C d’Iarscríbhinn VI;

(e)

rialacha mionsonraithe maidir le tréithe comharthaíochta agus cur chun feidhme a roinneann leis na fuaimghairis bhactha dá dtagraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn XIII;

(f)

rialacha mionsonraithe maidir le dearadh agus úsáid na línte scanraithe éan agus na ndoruithe ualaithe dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn XIII;

(g)

rialacha mionsonraithe maidir leis an ngaireas eisiatóra turtar dá dtagraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn XIII.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30(2).

CAIBIDIL IV

AIGHDE EOLAÍOCH, ATHSTOCÁIL DHÍREACH AGUS TRASPHLANDÚ

Airteagal 25

Taighde eolaíoch

1.   Ní bheidh feidhm ag na bearta teicniúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíocha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

is le cead agus faoi údarás an Bhallstáit brataí atá na hoibríochtaí iascaireachta le déanamh;

(b)

An Coimisiún agus an Ballstát a bhfuil na hoibríochtaí iascaireachta á ndéanamh in uiscí atá faoina cheannas agus faoina dhlínse (‘an Ballstát cósta’), tá siad le cur ar an eolas dhá sheachtain roimh ré ar a laghad faoi oibríochtaí iascaireachta den sórt sin atá beartaithe, na soithí a bheidh páirteach iontu agus na himscrúduithe eolaíocha a dhéanfar;

(c)

tá an soitheach nó na soithí atá i mbun na n-oibríochtaí iascaireachta chun údarú bailí iascaireachta a bheith acu i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(d)

I gcás ina n_iarrfaidh an Ballstát cósta nó an Ballstát brataí é, beidh sé de cheangal ar an máistir soithí breathnadóir de chuid an Bhallstáit cósta a thabhairt ar bord le linn na n-oibríochtaí iascaireachta, ach amháin sa chás nach féidir sin a dhéanamh ar chúiseanna slándála;

(e)

beidh teorainn ama ann d’oibríochtaí iascaireachta a dhéanfaidh soithí tráchtála chun críche taighde eolaíoch. I gcás ina mbeidh níos mó ná sé shoitheach thráchtála páirteach in oibríochtaí iascaireachta le haghaidh taighde áirithe arna dhéanamh ag soithí tráchtála, cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún ar an eolas 3 mhí roimh ré ar a laghad agus iarrfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, comhairle ó CETEI chun a dheimhniú go bhfuil bonn cirt leis an leibhéal sin rannpháirtíochta ar bhonn eolaíoch; Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an leibhéal sin rannpháirtíochta de réir na Comhairle ó CETEI, leasóidh an Ballstát lena mbaineann coinníollacha an taighde eolaíoch dá réir sin;

(f)

I gcás bíogthrál leictreach, ní mór do shoithí a bhfuil taighde eolaíoch idir lámha acu prótacal sonrach eolaíoch a leanúint mar chuid de phlean taighde eolaíoch a rinne CITM nó CETEI a athbhreithniú nó a bhailíochtú, chomh maith le córas faireacháin, rialaithe agus meastóireachta.

2.   Féadfar na speicis mhuirí a ghabhfar chun na críocha a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar iad a dhíol, a stóráil, a thaispeáint nó a chur ar díol, ar choinníoll go ndéanfar iad a áireamh mar chuid de na cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 33(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009, i gcás inarb infheidhme, agus:

(a)

go gcomhlíonfaidh siad na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinní IV go X den Rialachán seo; nó

(b)

go ndíolfar iad chun críocha eile seachas chun a gcaite ag an duine.

Airteagal 26

Athstocáil dhíreach agus trasphlandú

1.   Ní bheidh feidhm ag na bearta teicniúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanfar chun críche speicis mhuirí a athstocáil go díreach agus a thrasphlandú, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na hoibríochtaí sin le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát a bhfuil leas díreach bainistíochta aige nó acu.

2.   I gcás ina ndéanfar an athstocáil dhíreach nó an trasphlandú in uiscí de chuid Ballstáit nó Ballstát eile, cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit sin ar an eolas, 20 lá féilire roimh ré ar a laghad, faoi oibríochtaí iascaireachta den sórt sin atá beartaithe.

CAIBIDIL V

COINNÍOLLACHA I nDÁIL LE SONRAÍOCHTAÍ MOGALLMHÉIDE

Airteagal 27

Coinníollacha i ndáil le sonraíochtaí mogallmhéide

1.   Ciallaíonn na céatadáin gabhála dá dtagraítear in Iarscríbhinn V go hIarscríbhinn VIII an céatadán uasta speiceas a cheadaítear chun cáiliú do na mogallmhéideanna a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin. Ní dochar na céatadáin sin don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.   Ríomhfar na céatadáin ghabhála mar chion de bheomheáchan na n-acmhainní bitheolaíocha muirí uile a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

3.   Féadfar na céatadáin ghabhála dá dtagraítear i mír 2 a ríomh ar bhonn sampla ionadaíoch amháin nó níos mó.

4.   Chun críche an Airteagail seo, gheofar meáchan coibhéiseach ghliomach na hIorua iomlán trí mheáchan eireabaill ghliomach na hIorua a iolrú faoi thrí.

5.   Féadfaidh Ballstáit údaruithe iascaireachta a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus iad i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta ag baint úsáid as mogallmhéideanna sonracha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V go hIarscríbhinn XI. Féadfar údaruithe den sórt sin a chur ar fionraí i gcás soitheach nár chomhlíon na céatadáin ghabhálacha sainithe dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V go hIarscríbhinn VIII.

6.   Ní dochar an tAirteagal seo do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 15 agus i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo chun an téarma “iascaireacht dhírithe” i gcomhair speicis ábhartha a shainiú tuilleadh i gCuid B d’Iarscríbhinní V go X agus Cuid A d’Iarscríbhinn XI. Chun na críche sin, Ballstáit a mbeidh leas díreach bainistíochta acu sna hiascaigh lena mbaineann, tíolacfaidh siad aon mholadh comhpháirteach den chéad uair tráth nach déanaí ná an 15 Lúnasa 2020.

CAIBIDIL VI

BEARTA TEICNIÚLA I Limistéar Rialála NEAFC

Airteagal 28

Bearta teicniúla i Limistéar Rialála NEAFC

Na bearta teicniúla is infheidhme i Limistéar Rialála NEAFC, leagtar amach in Iarscríbhinn XII iad.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 8(3) Airteagal 10(4), Airteagal 12(2), Airteagal 15(2), Airteagal 23(1) agus (5), Airteagal 27(7) agus Airteagal 31(4) a ghlacadh go ceann tréimhse 7 mbliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 8(3), Airteagal 10(4), Airteagal 12(2), Airteagal 15(2), Airteagal 23(1) agus (5), Airteagal 27(7) agus Airteagal 31(4), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 8(3) Airteagal 10(4), Airteagal 12(2), Airteagal 15(2), Airteagal 23(1) agus (5), Airteagal 27(7) agus Airteagal 31(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30

Nós Imeachta Coiste

1.   Beidh an Coiste um iascach agus dhobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ón gComhairle.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Athbhreithniú agus tuairisciú

1.   Faoin 31 Nollaig 2020 agus gach tríú bliain as sin amach, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit agus na Comhairlí Comhairleacha iomchuí agus i ndiaidh do CETEI meastóireacht a dhéanamh, déanfaidh sé tuarascáil a chur faoi bhráid do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar a mhéid a rannchuidigh bearta teicniúla ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais araon leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus leis na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach. Sa tuarascáil sin, déanfar tagairt freisin do chomhairle ó CITM maidir leis an dul chun cinn atá déanta, nó maidir leis an tionchar a eascraíonn ó threalaimh nuálacha. Beidh conclúidí sa tuarascáil maidir leis na héifeachtaí dearfacha nó diúltacha ar éiceachórais mhuirí, ar ghnáthóga íogaire chomh maith le roghnaíocht.

2.   Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo beidh, inter alia, measúnú ar rannchuidiú na mbeart teicniúil do phatrúin saothraithe a bharrfheabhsú, mar a fhoráiltear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2). Chun na críche sin, féadfar a áireamh sa tuarascáil, inter alia, mar tháscaire feidhmíochta roghnaíochta do na heocharstoic tháscaire do na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn XIV, an fad roghnaíochta optamach (Lopt) i gcomparáid leis an meánfhad éisc a ghabhtar i ngach bliain a chumhdaítear.

3.   Ar bhonn na tuarascála sin, i gcás ina bhfuil fianaise ann ar an leibhéal réigiúnach nár baineadh amach na cuspóirí agus na spriocanna, laistigh de 12 mhí tar éis don Choimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, déanfaidh na Ballstáit atá sa réigiún sin plean a chur isteach á leagan amach na bearta a dhéanfar chun rannchuidiú leis na cuspóirí agus na spriocanna sin a bhaint amach.

4.   Féadfaidh an Coimisiún freisin aon leasuithe riachtanacha ar an Rialachán seo a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle de dhroim na tuarascála sin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 15 agus i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an liosta speiceas a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV a leasú.

Airteagal 32

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 mar a leanas:

(a)

scriostar Airteagail 3, 8 go 12, 14, 15, 16 agus 25;

(b)

scriostar Iarscríbhinní II, III agus IV.

Déanfar tagairtí do na hAirteagal agus na hIarscríbhinní scriosta a fhorléiriú mar thagairtí d’fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo.

Airteagal 33

Leasuithe ar Rialachán (CE) 1224/2009

I gCaibidil IV de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, leasaítear Teideal IV mar leanas:

(a)

scriostar Roinn 3;

(b)

cuirtear an Roinn seo a leanas léi:

Roinn 4

Próiseáil ar Bord agus Iascaigh Pheiligeacha

Airteagal 54a

Próiseáil ar bord

1.   Beidh toirmeasc ar aon phróiseáil éisc de chineál fisiceach nó ceimiceach a dhéanamh ar bord soithigh ar chun críocha min éisc, ola éisc nó táirgí dá samhail a tháirgeadh í, nó chun críocha gabhálacha éisc a thrasloingsiú.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

scairteach a phróiseáil nó a thrasloingsiú; nó

(b)

suiréime a tháirgeadh ar bord soitheach iascaireachta.

Airteagal 54b

Srianta ar shoithí peiligeacha maidir le láimhseáil agus scaoileadh gabhálacha

1.   Is 10 mm a bheidh san uas-spás idir barraí an deighilteora uisce ar bord soithí peiligeacha iascaireachta atá dírithe ar iascaireacht ronnach, scadán agus bolmán i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC mar a shainítear é in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010.

Beidh na barraí táite dá n-áit. Más poill seachas barraí a úsáidtear sa deighilteoir uisce, 10 mm ar a mhéad a bheidh i dtrastomhas na bpoll sin. Is 15 mm ar a mhéad a bheidh i dtrastomhas pholl na bhfánán atá os comhair an deighilteora uisce.

2.   I gcás gach soithigh pheiligigh atá ag oibriú i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC, beidh toirmeasc ar éisc a scaoileadh faoi bhun líne uisce an tsoithigh ó umair mhaolánacha nó ó umair sáile chuisnithe.

3.   Seolfaidh máistir an tsoithigh dearaí a bhaineann le cumas láimhseála agus scaoilte soithí peiligeacha atá dírithe ar iascaireacht ronnach, scadán agus bolmán i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC, dearaí atá deimhnithe ag údaráis inniúla na mBallstát brataí, mar aon le haon mhodhnú a dhéanfar orthu sin, seolfaidh sé na dearaí sin chuig údaráis inniúla iascaireachta an Bhallstáit brataí. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát brataí na soithí cruinneas na ndearaí a chuirtear faoina mbráid a fhíorú go tráthrialta. Beidh cóipeanna de na dearaí sin ar bord an tsoithigh i gcónaí.

Airteagal 54c

Srianta maidir le trealamh grádúcháin uathoibríoch a úsáid

1.   Beidh toirmeasc ar threalamh a d’fhéadfaí a úsáid chun scadáin, ronnaigh nó bolmáin a ghrádú, de réir méide nó gnéis, a bheith ar bord soithigh nó a úsáid ar bord soithigh.

2.   Os a choinne sin, ceadófar trealamh den sórt sin a bheith ar bord soithigh nó a úsáid ar bord ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh ar bord an tsoithigh aon am ar leith ach trealamh tarraingthe ar lú ná 70 mm a mhogallmhéid nó peaslíon saighne amháin nó níos mó, nó trealamh iascaireachta dá samhail; nó

(b)

maidir le hiomlán na gabhála is féidir a choinneáil ar bord go dleathach:

(i)

déanfar sin a stóráil i riocht reoite;

(ii)

déanfar éisc ghrádaithe a reo go díreach tar éis a ngrádaithe agus ní chuirfear aon éisc ghrádaithe ar ais i bhfarraige; agus

(iii)

beidh an trealamh suiteáilte agus suite ar bord an tsoithigh ar chuma a áiritheoidh go ndéanfar an reo láithreach bonn agus nach féidir speicis mhuirí a chur ar ais i bhfarraige.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfaidh aon soitheach atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i Muir Bhailt, sna Belts nó in Øresund, trealamh grádúcháin a iompar in Kattegat dó ar choinníoll gur eisíodh údarú iascaireachta ina chomhair i gcomhréir le hAirteagal 7. Saineofar san údarú iascaireachta sin na speicis, na limistéir, na tréimhsí ama agus aon cheanglais riachtanacha eile is infheidhme maidir le trealamh grádúcháin a úsáid ar bord nó a iompar.’

4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i Muir Bhailt.’.

Airteagal 34

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

In Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12:

‘12.   Maidir leis na speicis nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír mar arna sainiú í i mír 1, ní choinneofar ar bord gabhálacha na speiceas sin atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, ach cuirfear ar ais i bhfarraige iad láithreach, seachas nuair a úsáidfear iad mar bhaoite beo.’.

Airteagal 35

Leasú ar Rialachán (AE) 2016/1139

I Rialachán (AE) 2016/1139, leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

‘1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas, sa mhéid nach gcumhdaítear iad le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1):

(*1)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch 105. ).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus comhlíonfaidh siad Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241.’.

Airteagal 36

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/973

I Rialachán (AE) 2018/973, leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh:

‘1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas, sa mhéid nach gcumhdaítear iad le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

(*2)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch 105. ).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus comhlíonfaidh siad Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241.’.

Airteagal 37

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2019/472

I Rialachán (AE) 2019/472, leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas, sa mhéid nach gcumhdaítear iad le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3):

(*3)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComahire agus agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch 105..).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus comhlíonfaidh siad Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1241.’.

Airteagal 38

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1022

I Rialachán (AE) 2019/1022, leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na cosa tosaigh:

‘1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas, sa mhéid nach gcumhdaítear iad le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4):

(*4)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComahire agus agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch 105..).’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus comhlíonfaidh siad Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241.’.

Airteagal 39

Aisghairmeacha

Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005.

Déanfar tagairtí a dhéanfar do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 389, 21.10.2016, lch. 67.

(2)  IO C 185, 9.6.2017, lch. 82.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2019.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(5)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(6)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(7)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(8)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 894/97 an 29 Aibreán 1997 lena leagtar síos bearta teicniúla áirithe chun acmhainní iascaigh a chaomhnú (IO L 132, 23.5.1997, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint (IO L 125, 27.4.1998, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 2549/2000 ón gComhairle an 17 Samhain 2000 lena mbunaítear bearta teicniúla breise maidir leis an stoc trosc i muir na hÉireann a aisghabháil (Roinn VIIa de CITM) (IO L 292, 21.11.2000, lch. 5).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 254/2002 ón gComhairle an 12 Feabhra 2002 lena mbunaítear bearta a bheidh infheidhme in 2002 maidir leis an stoc trosc i muir na hÉireann a aisghabháil (roinn VIIa de CITM) (IO L 41, 13.2.2002, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle an 26 Aibreáin 2004 lena leagtar síos bearta a bhaineann le foghabhálacha de chéiticigh in iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 150, 30.4.2004, lch. 12).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle an 21 Nollaig 2005 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla i Muir Bhailt, sna Belts agus in Øresund, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 349, 31.12.2005, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle (IO L 179, 16.7.2018, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle (IO L 83, 25.3.2019, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil don iascach a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch.1).

(23)  Is é an sainiú atá ar ranna CITM (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara) an sainiú atá air i Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).

(24)  Is é an sainiú atá ar limistéir CECAF (an tAtlantach Thoir Láir nó mórlimistéar iascaireachta FAO 34) an sainiú atá air i Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistithe do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú a mbeidh feidhm aige sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2791/1999 ón gComhairle (IO L 348, 31.12.2010, lch. 17).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 734/2008 ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le héiceachórais leochaileacha mhuirí ar an mórmhuir a chosaint ar éifeacht dhochrach gléasanna iascaireachta grinnill (IO L 201, 30.7.2008, lch. 8).

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

SPEICIS ATÁ FAOI THOIRMEASC

Speicis éisc a bhfuil toirmeasc ar iad a iascaireacht, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, astóráil, a dhíol a chur ar tapseáint nó a thairiscint lena ndíol, dá dtagraítear in Airteagal 10(2),

(a)

Na speicis sábh mara seo a leanas in uiscí uile an Aontais:

(i)

an sábh mara biorach (Anoxypristis cuspidata);

(ii)

an mionsábh mara (Pristis clavata);

(iii)

an sábh mara beagfhiaclach (Pristis pectinata);

(iv)

an sábh mara mórfhiaclach (Pristis pristis);

(v)

an sábh mara glas (Pristis zijsron);

(b)

an liamhán gréine (Cetorhinus maximus) agus an siorc bán mór (Carcharodon carcharias) sna huiscí uile;

(c)

an lóchrannsiorc mín (Etmopterus pusillus) in uiscí de chuid an Aontais i roinn 2a de CITM agus i bhfolimistéar IV agus in uiscí de chuid an Aontais i bhfolimistéir 1, 5, 6, 7, 8, 12 agus 14 de CITM;

(d)

roc sceire (Manta alfredi) in uiscí uile an Aontais;

(e)

roc mór aigéanach (Manta birostris) in uiscí uile an Aontais;

(f)

na speicis roic de chineál Mobula seo a leanas in uiscí uile an Aontais:

(i)

roc an diabhail (Mobula mobular);

(ii)

diabhalroc beag Guineach (Mobula rochebrunei);

(iii)

diabhalroc earrspíonach (Mobula japanica);

(iv)

an roc mínearrach (Mobula thurstoni);

(v)

an diabhalroc fadadharcach (Mobula eregoodootenkee);

(vi)

mionroc an diabhail (Mobula munkiana);

(vii

an diabhalroc Sileach (Mobula tarapacana);

(viii)

an diabhalroc gearreiteach (Mobula kuhlii);

(ix)

diabhalroc Atlantach (Mobula hypostoma);

(g)

an sciata Ioruach (Raja (Dipturus) nidarosiensis) in uiscí de chuid an Aontais i ranna 6a, 6b, 7a, 7b, 7c, 7e, 7f, 7g, 7h agus 7k de CITM;

(h)

an sciata bán (Raja alba) in uiscí de chuid an Aontais atá i bhfolimistéir 6–10 de CITM;

(i)

giotáréisc (Rhinobatidae) in uiscí de chuid an Aontais atá i bhfolimistéir 1–10 agus 12 de CITM;

(j)

an bráthair (Squatina squatina) in uiscí uile an Aontais;

(k)

an bradán (Salmo salar) agus an breac geal (Salmo trutta) agus iascaireacht á déanamh le haon líon tarraingthe in uiscí atá lasmuigh den teorainn 6 mhíle arna thomhas ó bhonnlínte na mBallstát i bhfolimistéir 1, 2 agus 4–10 de CITM (uiscí an Aontais);

(l)

iasc geal géarshocach (Coregonus oxyrhynchus) i roinn 4b de CITM (uiscí an Aontais);

(m)

bradán fearna Aidriadach (Acipenser naccarii) agus bradán fearna coiteann (Acipenser sturio) in uiscí an Aontais;

(n)

an phiardóg eochraí bhaineann (Palinurus spp.) agus an gliomach eochraí baineann (Homarus gammarus) sa Mheánmhuir ach amháin nuair is chun críocha athstocáil dhíreach nó trasphlandú a dhéanamh atá siad á n-úsáid;

(o)

an diúilicín clochtholltach Eorpach (Lithophaga lithophaga), cleiteog an tsíoda (Pinna nobilis) agus an phideog (Pholas dactylus) in uiscí de chuid an Aontais sa Mheánmhuir;

(p)

cuán mara spíonfhada (Centrostephanus longispinus).


IARSCRÍBHINN II

LIMISTÉIR ATÁ IATA CHUN GNÁTHÓGA ÍOGAIRE A CHOSAINT

Chun críocha Airteagal 12, tá na srianta seo a leanas infheidhme sna limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhasfar de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

CUID A

Uiscí an Iarthuaiscirt

1.

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as tráil ghrinnill nó líonta tarraingthe dá samhail, eangacha geolbhaigh ghrinneallsocraithe, líonta fostúcháin nó traimlí agus as spiléir ghrinneallsocraithe laistigh de na limistéir seo a leanas:

 

Réigiún Mullóige Belgica:

51°29.4′ T, 11°51.6′ I

51°32.4′ T, 11°41.4′ I

51°15.6′ T, 11°33.0′ I

51°13.8′ T, 11°44.4′ I

51°29.4′ T, 11°51.6′ I

 

Réigiún Mullóige Hovlund:

52°16.2′ T, 13°12.6′ I

52°24.0′ T, 12°58.2′ I

52°16.8′ T, 12°54.0′ I

52°16.8′ T, 12°29.4′ I

52°04.2′ T, 12°29.4′ I

52°04.2′ T, 12°52.8′ I

52°09.0′ T, 12°56.4′ I

52°09.0′ T, 13°10.8′ I

52°16.2′ T, 13°12.6′ I

 

Iarthuaisceart Bhanc Porcupine – Limistéar I:

53°30.6′ T, 14°32.4′ I

53°35.4′ T, 14°27.6′ I

53°40.8′ T, 14°15.6′ I

53°34.2′ T, 14°11.4′ I

53°31.8′ T, 14°14.4′ I

53°24.0′ T, 14°28.8′ I

53°30.6′ T, 14°32.4′ I

 

Iarthuaisceart Bhanc Porcupine – Limistéar II:

53°43.2′ T, 14°10.8′ I

53°51.6′ T, 13°53.4′ I

53°45.6′ T, 13°49.8′ I

53°36.6′ T, 14°07.2′ I

53°43.2′ T, 14°10.8′ I

 

Iardheisceart Bhanc Porcupine:

51°54.6′ T, 15°07.2′ I

51°54.6′ T, 14°55.2′ I

51°42.0′ T, 14°55.2′ I

51°42.0′ T, 15°10.2′ I

51°49.2′ T, 15°06.0′ I

51°54.6′ T, 15°07.2′ I

2.

Maidir leis na soithí peiligeacha uile sna limistéir a bhfuil tuairisc orthu i bpointe 1:

beidh siad ar liosta de shoithí údaraithe agus beidh údarú iascaireachta eisithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

ní bheidh de threalamh ar bord acu ach trealamh peiligeach;

déanfaidh siad, aon uair atá rún acu dul isteach i limistéar cosanta gnáthóg domhainfharraige leochaileach, fógra a thabhairt 4 uair an chloig roimh ré d’Ionad Monatóireachta Iascaigh na hÉireann arna shainmhíniú i bpointe 15 d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus, san am céanna, tabharfaidh siad fógra faoin méid éisc atá á choinneáil ar bord acu;

beidh acu córas um fhaireachán soithí atá oibríochtúil, lánfheidhmiúil, slán agus i lán-chomhréir leis na rialacha is infheidhme agus iad in aon cheann de na limistéir a thuairiscítear i bpointe 1;

úsáidfidh siad an córas um fhaireachán soithí chun tuairisc a thabhairt gach uair an chloig;

cuirfidh siad Ionad Monatóireachta Iascaigh na hÉireann ar an eolas ar imeacht dóibh as an limistéar, agus san am céanna, tabharfaidh siad fógra faoin méid éisc atá ar bord acu; agus

beidh ar bord acu tráil a bhfuil mogallmhéid a soc-fhoircinn idir 16 mm agus 79 mm.

3.

Beidh toirmeasc ar aon trál grinnill nó aon líon tarraingthe dá samhail a úsáid sna limistéir seo a leanas:

Mullóga Darwin:

59°54′ T, 6°55′ I

59°47′ T, 6°47′ I

59°37′ T, 6°47′ I

59°37′ T, 7°39′ I

59°45′ T, 7°39′ I

59°54′ T, 7°25′ I

CUID B

Uiscí an Iardheiscirt

1.   El Cachucho

1.1.

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as tráil ghrinnill, eangacha geolbhaigh ghrinneallsocraithe, líonta fostúcháin nó traimlí agus as spiléir ghrinneallsocraithe laistigh de na limistéir seo a leanas:

44°12′ T, 5°16′ I

44°12′ T, 4°26′ I

43°53′ T, 4°26′ I

43°53′ T, 5°16′ I

44°12′ T, 5°16′ I

1.2.

Soithí a rinne iascaireacht dhírithe ar cholmóirí gabhlacha móra (Phycis blennoides) le spiléir ghrinneallsocraithe in 2006, 2007 agus 2008, féadfaidh siad leanúint den iascaireacht sa limistéar atá laisteas de 44°00.00′ T ar choinníoll go bhfuil údarú iascaireachta acu a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

1.3.

Gach soitheach a bhfuil an t-údarú iascaireachta sin aige, beag beann ar a fhad iomlán, úsáidfidh sé córas um fhaireachán soithí atá oibríochtúil, lánfheidhmiúil, slán agus i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus é ag iascaireacht in aon cheann de na limistéir a thuairiscítear i bpointe 1.1.

2.   Maidéara agus na hOileáin Chanáracha

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líonta fostúcháin agus traimlí ag doimhneacht is mó ná 200 m nó as tráil ghrinnill nó trealamh tarraingthe dá samhail laistigh de na limistéir seo a leanas:

27°00′ T, 19°00′ I

26°00′ T, 15°00′ I

29°00′ T, 13°00′ I

36°00′ T, 13°00′ I

36°00′ T, 19°00′ I

3.   Na hAsóir

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líonta fostúcháin agus traimlí ag doimhneacht is mó ná 20 m nó as tráil ghrinnill nó trealamh tarraingthe dá samhail laistigh de na limistéir seo a leanas:

36°00′ T, 23°00′ I

39°00′ T, 23°00′ I

42°00′ T, 26°00′ I

42°00′ T, 31°00′ I

39°00′ T, 34°00′ I

36°00′ T, 34°00′ I


IARSCRÍBHINN III

LIOSTA DE SPEICIS A BHFUIL A NGABHÁIL LE SRUTHLÍON FAOI THOIRMEASC

Tuinnín colgach: Thunnus alalunga

Tuinnín gorm Atlantach: Thunnus thynnus

Tuinnín mórshúileach: Thunnus obesus

Boiníotó aigéanach: Katsuwonus pelamis

Boiníotó Atlantach: Sarda sarda

Tuinnín buí: Thunnus albacares

Tuinnín dubheite: Thunnus atlanticus

Tuinnín beag: Euthynnus spp.

Tuinnín gorm deisceartach: Thunnus maccoyii

Tuinnín frigéid: Auxis spp.

Garbhánaigh aigéanacha: Brama rayi

Mairlíní: Tetrapturus spp.; Makaira spp.

Gaithéisc: Istiophorus spp.

Colgáin: Xiphias gladius

Preabairí: Scomberesox spp.; Cololabis spp.

Doráid: Coryphaena spp.

Siorcanna: Hexanchus griseus; Cetorhinus maximus; Alopiidae; Carcharhinidae; Sphyrnidae; Isuridae; Lamnidae

Ceifileapóid: gach speiceas


IARSCRÍBHINN IV

AN MHÉID ATÁ IN ORGÁNACH MUIRÍ A THOMHAS

1.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 1 a dhéanfar an mhéid atá in iasc a thomhas, is é sin, ó bharr an ghoib go deireadh eite an eireabaill.

2.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 2 a dhéanfar an mhéid atá i ngliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a thomhas, cibé:

fad an charapáis, i gcomhthreo leis an meánlíne, ó chúl ceachtar de na loig súile go meánphointe imeall droma aimhneasach an charapáis, nó

an fad iomlán, ó bharr an rostraim go ceann deiridh an teilsin, gan na séití a áireamh.

I gcás eireabaill scortha ghliomach na hIorua: ó imeall tosaigh na chéad deighleoige den eireaball atá ann go ceann deiridh an teilsin, gan na séití a áireamh. Déanfar an t-eireaball a thomhas agus é leata, neamhshínte agus ar an taobh dromach.

3.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 3 a dhéanfar an mhéid atá i ngliomach (Homarus gammarus) ón Muir Thuaidh seachas Skagerrak nó Kattegat a thomhas, is é sin fad an charapáis, i gcomhthreo leis an meánlíne, ó chúl ceachtar de na loig súile go himeall aimhneasach an charapáis.

4.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 3 a dhéanfar an mhéid atá i ngliomach (Homarus gammarus) ó Skagerrak nó Kattegat a thomhas:

fad an charapáis, i gcomhthreo leis an meánlíne, ó chúl ceachtar de na loig súile go meánphointe imeall droma aimhneasach an charapáis, nó

an fad iomlán, ó bharr an rostraim go ceann deiridh an teilsin, gan na séití a áireamh.

5.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 4 a dhéanfar an mhéid atá i bpiardóg (Palinurus spp.) a thomhas, is é sin fad an charapáis, i gcomhthreo leis an meánlíne, ó bharr an rostraim go meánphointe imeall droma aimhneasach an charapáis.

6.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 5 a dhéanfar méid aon mhoilisc dhébhlaoscaigh a thomhas, is é sin fad an chuid is faide den bhlaosc.

7.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 6 a dhéanfar an mhéid atá i bportán faoilinne spíonach (Maia squinado) a thomhas, is é sin fad an charapáis, feadh na meánlíne, ó imeall an charapáis idir na rostraim go himeall deiridh an charapáis.

8.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 7 a dhéanfar an mhéid atá i bportán dearg (Cancer pagurus) a thomhas, is é sin leithead uasta an charapáis arna thomhas go hingearach le meánlíne tosaigh-deiridh an charapáis.

9.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 8 a dhéanfar an mhéid atá i gcuachma (Buccinum spp.) a thomhas, is é sin fad na blaoisce.

10.

Is faoi mar a léirítear i Léaráid 9 a dhéanfar an mhéid atá i gcolgán (Xiphias gladius) a thomhas, is é sin fad ghabhal an ghialla íochtair (LJFL).

Léaráid 1: Speiceas éisc

Image 4

Léaráid 2: Gliomach na hIorua

(Nephrops norvegicus)

Image 5

Léaráid 3: Gliomach

(Homarus gammarus)

Image 6

Léaráid 4: Piardóg

(Palinurus spp.)

Image 7

Léaráid 5: Moileasc débhlaosach

Image 8

Léaráid 6: Portán faoilinne spíonach

(Maia squinado)

Image 9

Léaráid 7: Portán dearg

(Cancer pagurus)

Image 10

Léaráid 8: Cuachma

(Buccinum spp.)

Image 11

Léaráid 9: Colgán

(Xiphias gladius)

Image 12

IARSCRÍBHINN V

AN MHUIR THUAIDH (1)

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

An Mhuir Thuaidh

Trosc (Gadus morhua)

35 cm

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

30 cm

Glasán (Pollachius virens)

35 cm

Mangach (Pollachius pollachius)

30 cm

Colmóir (Merluccius merluccius)

27 cm

Scoilteán (Lepidorhombus spp.)

20 cm

Sól (Solea spp.)

24 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

27 cm

Faoitín (Merlangius merlangus)

27 cm

Langa (Molva molva)

63 cm

Langa gorm (Molva dypterygia)

70 cm

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

Fad iomlán 85 mm, Fad an charapáis 25 mm Eireabaill Ghliomach na hIorua 46 mm

Ronnach (Scomber spp.)

30 cm (5)

Scadán (Clupea harengus)

20 cm (5)

Bolmán (Trachurus spp.)

15 cm (5)

Ainseabhaí (Engraulis encrasicolus)

12 cm nó 90 aonán in aghaidh an kg (5)

Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax)

42 cm

Sairdín (Sardina pilchardus)

11 cm (5)

Gliomach (Homarus gammarus)

87 mm (fad an charapáis)

Portán faoilinne spíonach (Maia squinado)

120 mm

Cluaisín (Chlamys spp.)

40 mm

Breallach croise eitreach (Ruditapes decussatus)

40 mm

Breallach croise eireogach (Venerupis pullastra)

38 mm

Breallach féithghearr (Venerupis philippinarum)

35 mm

Breallach (Venus verrucosa)

40 mm

Breallach crua (Callista chione)

6 cm

Scian mhara (Ensis spp.)

10 cm

Breallach toinne (Spisula solida)

25 mm

Breallach Donax (Donax spp.)

25 mm

Scianbhreallach pónaire (Pharus legumen)

65 mm

Cuachma (Buccinum undatum)

45 mm

Ochtapas (Octopus vulgaris)

750 g

Piardóg (Palinurus spp.)

95 mm (fad an charapáis)

Rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris)

22 mm (fad an charapáis)

Portán dearg (Cancer pagurus)

140 mm (2)  (3)  (4)

Muirín mór (Pecten maximus)

100 mm

Trosc (Gadus morhua)

30 cm

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

27 cm

Glasán (Pollachius virens)

30 cm

Mangach (Pollachius pollachius)

Colmóir (Merluccius merluccius)

30 cm

Scoilteán (Lepidorhombus spp.)

25 cm

Sól (Solea spp.)

24 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

27 cm

Faoitín (Merlangius merlangus)

23 cm

Langa (Molva molva)

Langa gorm (Molva dipterygia)

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

Fad iomlán 105 mm

Eireabaill ghliomach na hIorua 59 mm

Fad an charapáis 32 mm

Ronnach (Scomber spp.)

20 cm (5)

Scadán (Clupea harengus)

18 cm (5)

Bolmán (Trachurus spp.)

15 cm (5)

Gliomach (Homarus Gammarus)

Fad iomlán 220 mm

Fad an charapáis 78 mm

CUID B

Mogallmhéideanna

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

1.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 120 mm ar a laghad nó 90 mm ar a laghad in Skagerrak agus Kattegat (6).

1.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 1.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear sa tábla a leanas don Mhuir Thuaidh, Skagerrak/agus Kattegat ar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

comhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin, agus ní sháróidh foghabhálacha trosc, cadóg agus glasán 20 %, de réir beomheáchain, den ghabháil iomlán de na hacmhainní bitheolaíocha muirí uile a thabharfar i dtír tar éis gach turas iascaireachta; nó

(ii)

úsáidfear modhnuithe roghnaíochta a bhfuil measúnú déanta orthu ag CETEI arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó agus a bheidh formheasta ag an gCoimisiún. De thoradh na modhnuithe roghnaíochta sin beidh na saintréithe roghnaíochta céanna nó níos fearr ann do throsc, cadóg agus glasán is atá do mhogallmhéid 120 mm.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm ar a laghad (7)

An Mhuir Thuaidh laisteas de 57°30′ T

Iascaireacht dhírithe leathóg ballach agus sól le tráil dobharchú, le tráil bhíoma agus le saighní. Beidh painéal de mhogall cearnógach 90 mm ar a laghad feistithe.

80 mm ar a laghad (7)

Ranna 4b agus 4c de CITM

Iascaireacht dhírithe sól le tráil bhíoma. Beidh painéal, arb é 180 mm ar a laghad a mhogallmhéid, feistithe ar an leath uachtarach den chuid tosaigh den líon.

Iascaireacht dhírithe faoitíní, ronnach agus speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála le tráil ghrinnill. Beidh painéal de mhogall cearnógach 80 mm ar a laghad feistithe.

80 mm ar a laghad

An Mhuir Thuaidh

Iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus). Beidh painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad feistithe nó greille shórtála nach mó ná 35 mm an spás idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach.

Iascaireacht dhírithe speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla. Beidh painéal de mhogall cearnógach 80 mm ar a laghad feistithe.

Iascaireacht dhírithe sciataí agus roc.

80 mm ar a laghad

Roinn 4c de CITM

Iascaireacht dhírithe sól le tráil dobarchú. Beidh painéal de mhogall cearnógach 80 mm ar a laghad feistithe.

70 mm ar a laghad (mogall cearnógach) nó 90 mm ar a laghad (mogall muileatach)

Skagerrak agus Kattegat

Iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus). Beidh greille shórtála a bhfuil spás 35 mm ar a mhéad idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach feistithe.

40 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe scuideanna (Loliginidae, Ommastrephidae).

35 mm ar a laghad

Skagerrak agus Kattegat

Iascaireacht dhírithe séaclaí Artacha (Pandalus borealis). Beidh greille shórtála a bhfuil spás 19 mm ar a mhéad idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach feistithe.

32 mm ar a laghad

An limistéar ar fad seachas Skagerrak agus Kattegat

Iascaireacht dhírithe séaclaí Artacha (Pandalus borealis). Beidh greille shórtála a bhfuil spás 19 mm ar a mhéad idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach feistithe.

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla.

Iascaireacht dhírithe trosc Ioruach. In iascach an troisc Ioruaigh, beidh greille shórtála a bhfuil spás 35 mm ar a mhéad idir a barraí feistithe.

Iascaireacht dhírithe séaclaí coiteanna agus séaclaí Aesop. Caithfear trál deighilteora nó greille shórtála a fheistiú i gcomhréir le rialacha a bhunaítear go náisiúnta nó réigiúnach.

Níos lú ná 16 mm

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe corr gainimh.

2.   Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha agus sruthlíonta

2.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 120 mm ar a laghad.

2.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 2.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear iad sa tábla seo a leanas don Mhuir Thuaidh, Skagerrak agus Kattegat ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin agus nach sáróidh foghabhálacha trosc, cadóg agus glasán 20 %, de réir beomheáchain, de ghabháil iomlán na n-acmhainní bitheolaíocha muirí go léir a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe cadóg, faoitíní, dabaí agus dord

90 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe leathóg nó speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

50 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

CUID C

Limistéir atá iata nó srianta

1.   Limistéar a iamh i ranna 4a agus 4b de CITM chun corra gainimh a chosaint

1.1.

Beidh toirmeasc ar chorra gainimh a iascach le haon trealamh tarraingthe ar lú ná 32 mm mogallmhéid a shoc-fhoircinn laistigh den limistéar geografach a bhfuil cósta thoir Shasana agus na hAlban mar theorainn aige, agus a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

cósta thoir Shasana ag domhanleithead 55°30′ T

55°30′ T, 01°00′ I

58°00′ T, 01°00′ I

58°00′ T, 02°00′ I

cósta thoir na hAlban ag domhanfhad 02°00′ I.

1.2.

Ceadófar iascaigh chun críche taighde eolaíoch, chun faireachán a dhéanamh ar an stoc de chorra gainimh sa limistéar agus ar thionchar an iaimh.

2.   Limistéar a iamh chun leathóga óga i bhfolimistéar 4 de CITM a chosaint

2.1.

Beidh toirmeasc ar shoithí is faide ná 8 m san iomlán aon trál grinnill, trál bíoma, saighean Dhanmhargach nó trealamh tarraingthe dá samhail a úsáid laistigh de na limistéir gheografacha a iniatear trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

(a)

an limistéar atá laistigh de 12 mhuirmhíle ó chóstaí na Fraince, lastuaidh de dhomhainleithead 51°00′ T, na Beilge, agus na hÍsiltíre suas go 53°00′ T, arna thomhas ó na bonnlínte;

(b)

an limistéar atá iniata ag líne atá ag ceangal na gcomhordanáidí seo a leanas le chéile:

pointe ar chósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 57°00′ T,

57°00′ T, 7°15′ O

55°00′ T, 7°15′ O

55°00′ T, 7°00′ O

54°30′ T, 7°00′ O

54°30′ T, 7°30′ O

54°00′ T, 7°30′ O

54°00′ T, 6°00′ O

53°50′ T, 6°00′ O

53°50′ T, 5°00′ O

53°30′ T, 5°00′ O

53°00′ T, 4°15′ O

53°00′ T, 4°15′ O

pointe ar chósta thiar na hÍsiltíre ag domhanleithead 53°00′ T

an limistéar atá laistigh de 12 mhuirmhíle ó chósta thiar na Danmhairge ó 57°00′ T ó thuaidh go teach solais Hirtshals, arna thomhas ó na bonnlínte.

2.2.

Ceadaítear do na soithí seo a leanas a bheith ag iascaireacht sa limistéar dá dtagraítear i bpointe 2.1:

(a)

soithí nach mó ná 221 kW a gcumhacht innill agus tráil ghrinnill nó saighní Danmhargacha á n-úsáid acu;

(b)

soithí péireáilte nach mó a gcumhacht innill in éineacht ná 221 kW am ar bith agus tráil ghrinnill dhá bhád á n-úsáid acu;

(c)

soithí ar mó ná 221 kW a gcumhacht innill, ceadófar dóibh tráil ghrinnill nó saighní Danmhargacha a úsáid, agus soithí péireáilte ar mó a gcumhacht innill in éineacht ná 221 kW, ceadófar dóibh tráil ghrinnill dhá bhád a úsáid ar choinníoll nach ndéanann siad iascaireacht dhírithe leathóg agus sól agus go gcomhlíonfaidh siad na rialacha ábhartha maidir le mogallmhéid atá i gCuid B den Iarscríbhinn seo.

2.3.

Nuair a úsáideann soithí dá dtagraítear i bpointe 2.2(a) tráil bhíoma, ní bheidh fad an bhíoma, ná fad iomlán aon tráil, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, níos mó ná 9 méadar, nó ní fhéadfar é a shíneadh thar 9 m, ach amháin nuair a oibríonn siad le trealamh a bhfuil a mhogallmhéid idir 16 agus 31 mm. Soithí iascaireachta arb í an iascaireacht séaclaí coiteanna (Crangon crangon) a bpríomhghníomhaíocht, ceadófar dóibh tráil bhíoma a úsáid ar mó ná 9 m fad iomlán a mbíomaí, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, nuair a oibríonn siad le trealamh a bhfuil a mhogallmhéid idir 80 mm agus 99 mm, ar choinníoll gur eisíodh údarú breise iascaireachta do na soithí sin.

2.4.

Soithí dá gceadaítear iascach sa limistéar dá dtagraítear i bpointe 2.1, áireofar ar liosta iad a sholáthróidh gach Ballstát don Choimisiún. Ní sháróidh cumhacht innill iomlán na soithí dá dtagraítear i bpointe 2.2(a) ar an liosta an chumhacht innill iomlán a bhí á fianú i gcás gach Ballstáit ar an 1 Eanáir 1998. Beidh údarú iascaireachta ag na soithí ceadaithe iascaireachta, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

3.   Srianta ar úsáid trál bíoma laistigh de 12 mhuirmhíle ó chósta na Ríochta Aontaithe

3.1.

Beidh toirmeasc ar shoithí aon trál bíoma a úsáid laistigh de 12 mhuirmhíle ó chósta na Ríochta Aontaithe, arna dtomhas ó bhonnlínte na n-uiscí críochacha.

3.2.

De mhaolú ar phointe 3.1, ceadófar iascaireacht a dhéanamh le tráil bhíoma laistigh den limistéar sonraithe ar choinníoll:

nach mó ná 221 kW cumhacht innill na soithí agus nach mó ná 24 m an fad iomlán; agus

nach bhfuil fad an bhíoma, nó fad iomlán an bhíoma, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, níos mó ná 9 m, nó nach féidir é a shíneadh thar 9 m, ach amháin nuair atá iascaireacht dhírithe séaclaí coiteanna (Crangon crangon) á déanamh agus mogallmhéid níos lú ná 31 mm á húsáid.

4.   Srianta ar iascaireacht salán, chun scadáin a chosaint i roinn 4b de CITM

Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le haon trealamh tarraingthe a bhfuil mogallmhéid a shoc-fhoircinn níos lú ná 32 mm nó le líonta éighníomhacha ar lú ná 30 mm a mogallmhéid laistigh de na limistéir gheografacha a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte, le linn na dtréimhsí seo a leanas:

ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta, agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig, laistigh den limistéar staidrimh CITM 39E8. Chun críocha an Rialacháin seo, is éard a bheidh sa limistéar CITM sin an limistéar atá iniata ag líne atá ag dul soir díreach ó chósta thoir na Ríochta Aontaithe feadh dhomhanleithead 55°00′ T go dtí pointe atá ag domhanfhad 1°00′ I, agus uaidh sin ó thuaidh díreach go pointe atá ag domhanleithead 55°30′ T agus uaidh sin siar díreach go dtí cósta na Ríochta Aontaithe;

ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig, laistigh d’uiscí inmheánacha Linne Mhoireibh, siar ó dhomhanfhad 3°30′ I, agus in uiscí inmheánacha Linne Foirthe siar ó dhomhanleithead 3°00′ I,

ón 1 Iúil go dtí an 31 Meán Fómhair, laistigh den limistéar geografach atá iniata ag na comhordanáidí seo a leanas:

cósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 55°30′ T

domhanleithead 55°30′ T, domhanfhad 7°00′ O

domhanleithead 57°00′ T, domhanfhad 7°00′ O

cósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 57°00′ T

5.   Forálacha sonracha maidir le Skagerrak/Kattegat i roinn 3a de CITM

5.1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le tráil bhíoma in Kattegat.

5.2.

Beidh toirmeasc ar shoithí an Aontais bradáin agus breaca geala a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol agus a thaispeáint nó a thairiscint lena ndíol.

5.3.

Ón 1 Iúil go dtí an 15 Meán Fómhair beidh toirmeasc ar threalamh tarraingthe a bhfuil mogallmhéid a shoc-fhoircinn níos lú ná 32 mm a úsáid sna huiscí atá laistigh de thrí mhuirmhíle ó na bonnlínte in Skagerrak/Kattegat ach amháin má tá iascaireacht dhírithe séaclaí Artacha (Pandalus borealis) á déanamh acu. D’iascaireacht dhírithe puteascann (Zoarces viviparus), mac siobháin (Gobiidae) nó scairpiasc (Cottus spp.) agus é beartaithe na speicis sin a úsáid mar bhaoite, is féidir líonta d’aon mhogallmhéid ar bith a úsáid.

6.   Úsáid líonta éighníomhacha i ranna 3a agus 4a de CITM

6.1.

I gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 9(7) agus de mhaolú ar Chuid B, Pointe 2 den Iarscríbhinn seo, ceadófar na cineálacha trealaimh seo a leanas a úsáid in uiscí ar lú ná 600 m a ndoimhneacht cairte:

Eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe atá á n-úsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe colmóirí, a bhfuil mogallmhéid 100 mm ar a laghad acu agus nach bhfuil níos mó ná 100 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 25 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 24 uair an chloig an maotham uasta;

Líonta fostúcháin atá á n-úsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe láimhíneach, ar líonta iad a bhfuil mogallmhéid 250 mm acu ar a laghad agus nach bhfuil níos mó ná 15 mhogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 100 km agus gurb é 72 uair an chloig an maotham uasta.

6.2.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe na siorcanna domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2336 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) i ndoimhneachtaí cairte is lú ná 600 m. Nuair a ghabhtar siorcanna domhainfharraige de thaisme, ar siorcanna iad a aicmítear, sa Rialachán seo agus i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, mar éisc a bhfuil toirmeasc orthu, déanfar iad a thaifeadadh, gan iad a ghortú a mhéid is féidir, agus déanfar iad a scaoileadh gan mhoill. Siorcanna domhainfharraige atá faoi réir teorainneacha gabhála, coinneofar ar bord iad. Tabharfar aon ghabháil den saghas sin i dtír agus áireofar mar chuid de na cuótaí í. I gcásanna nach bhfuil cuóta ar fáil nó nach bhfuil cuóta leordhóthanach ar fáil don Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún na forálacha a leagtar síos in Airteagal 105(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle a úsáid. I gcás ina bhfuil na gabhálacha de thaisme de shiorcanna domhainfharraige ag soithí aon Bhallstáit os cionn 10 dtona, ní fhéadfaidh na soithí sin leanúint de bheith ag baint leas as na maoluithe a leagtar amach i bpointe 6.1.

CUID D

Úsáid bíogthrál leictreach i ranna 4b agus 4c de CITM

1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le bíogthrál leictreach in uiscí uile an Aontais amhail ón 1 Iúil 2021.

2.

Le linn na hidirthréimhse dar críoch an 30 Meitheamh 2021, leanfar d’iascaireacht le bíogthrál leictreach a cheadú i ranna 4b agus 4c de CITM faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Chuid seo agus aon choinníollacha a shainítear i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 24(1) den Rialachán seo, maidir le saintréithe na bíge a úsáidtear agus na bearta rialaithe faireacháin atá ar bun laisteas de rumlíne a iniatar trí na pointí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile le rumlíne:

pointe ar chósta thoir na Ríochta Aontaithe ag domhanleithead 55°T

soir go domhanleithead 55°T, domhanfhad 5° O

ó thuaidh go domhanfhad 56°T

soir go pointe ar chósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 56°T

Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh níos mó ná 5 % den chabhlach trálaer bíoma in aghaidh an Bhallstáit ag baint úsáid as an mbíogthrál leictreach;

(b)

ní mó ná fad an bhíoma i méadair méadaithe faoi 1,25 an uaschumhacht leictreach in aonad kW do gach trál bíoma;

(c)

ní mó ná 15V an voltas éifeachtach idir na leictreoidí;

(d)

beidh an soitheach feistithe le córas uathoibríoch bainistíochta ríomhaireachta a dhéanann taifead ar an uaschumhacht atá á húsáid in aghaidh an bhíoma agus ar an voltas éifeachtach idir leictreoidí don 100 tarraingt dheireanach ar a laghad. Ní fhéadfaidh pearsanra neamhúdaraithe an córas uathoibríoch bainistíochta ríomhaireachta seo a mhodhnú;

(e)

beidh toirmeasc ar shlabhra suaite amháin nó níos mó a úsáid os comhair an téada grinnill.

3.

Ní dheonófar ceadúnais nua do shoitheach ar bith le linn na tréimhse seo.

4.

Go dtí an 30 Meitheamh 2021, sna huiscí suas le 12 mhuirmhíle ó na bonnlínte atá faoina gceannasacht nó faoina ndlínse, féadfaidh na Ballstáit bearta neamh-idirdhealaitheacha a ghlacadh chun srian nó toirmeasc a chur ar úsáid bíogthráil leictrigh. Cuirfidh na Ballstáit na bearta a chuirfear i bhfeidhm faoin bpointe seo in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit lena mbaineann.

5.

Má iarrann an Ballstát cósta nó an Ballstát brataí é, tabharfaidh an máistir soithigh atá ag baint úsáid as bíogthrál leictreach, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), breathnadóir de chuid an Bhallstáit cósta ar bord le linn na n-oibríochtaí iascaireachta.

(1)  Chun críocha na hIarscríbhinne seo:

Léirítear teorainn thuaidh Kattegat le líne ó Theach Solais Skagen go dtí an teach solais in Tistlarna, agus as sin go dtí an pointe is gaire ar chósta na Sualainne, agus léirítear an teorainn theas le líne ó Cheann Hasenøre go Rinn Gniben, ó Korshage go Spodsbjerg, agus ó Cheann Gilbjerg go dtí Kullen.

Léirítear teorainn thiar Skagerrak le líne ó theach solais Hanstholm go dtí teach solais Lindesnes, agus léirítear an teorainn theas le líne ó Theach Solais Skagen aníos go dtí teach solais Tistlarna, agus as sin go dtí an pointe is gaire ar chósta na Sualainne,

Cuimsítear sa Mhuir Thuaidh folimistéar 4 de CITM, an chuid chóngarach de Roinn 2a de CITM atá suite ó dheas de dhomhanfhaid 64°T, agus an chuid sin de Roinn 3a de CITM nach gcumhdaítear leis an sainmhíniú ar Skagerrak atá sa dara fleasc.

(2)  In uiscí de chuid an Aontais i roinn 4a de CITM. I Ranna 4b agus 4c de CITM, beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 130 mm.

(3)  Beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 115 mm sa limistéar i ranna 4b agus 4c de CITM atá iniata acu seo: pointe atá ag 53°28′22″ T, 0°09′24″ O, ar chósta Shasana, líne dhíreach agus í ag nascadh an phointe sin le 53°28′22″ T, 0°22′24″ O, teorainn 6 mhíle na Ríochta Aontaithe, agus líne dhíreach agus í ag nascadh pointe ag 51°54′06″ T, 1°30′30″ O le pointe ar chósta Shasana ag 51°55′48″ T, 1°17′00″ O.

(4)  I gcás portáin dhearga arna ngabháil i bpota nó i gcléibh, is féidir crúba scortha a bheith in 1 % ar a mhéad, de réir meáchain, den ghabháil iomlán. I gcás portáin dhearga arna ngabháil le haon saghas eile trealaimh iascaireachta, ní féidir níos mó ná 75 kg de chrúba portáin scortha a thabhairt i dtír.

(5)  De mhaolú ar Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag íosmhéideanna tagartha caomhnaithe na sairdíní, na n-ainseabhaithe, na scadán, na mbolmán agus na ronnach suas go teorainn 10 %, de réir beomheáchain, de na gabhálacha iomlána de na speicis sin arna gcoinneáil ar bord.

Ríomhfar céatadán na sairdíní, na n-ainseabhaithe, na scadán, na mbolmán nó na ronnach faoi bhun íosmhéid tagartha caomhnaithe mar chion de bheomheáchan na n-orgánach muirí uile ar bord tar éis iad a shórtáil nó a thabhairt i dtír.

Féadfar an céatadán a ríomh ar bhonn sampla ionadaíoch amháin nó níos mó. Ní shárófar an teorainn 10 % agus trasloingsiú, tabhairt i dtír, iompar, stóráil, taispeáint nó díolachán á dhéanamh nó á déanamh.

(6)  I bhforanna Skagerrak agus Kattegat, beidh barrphainéal mogaill mhuileataigh a bhfuil mogallmhéid 270 mm ar a laghad ann nó barrphainéal mogaill chearnógaigh a bhfuil mogallmhéid 140 mm ar a laghad ann feistithe. I bhforoinn Kattegat, féadfar painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad a fheistú (ar thráil sa tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig, agus ar shaighní ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Deireadh Fómhair).

(7)  Beidh toirmeasc ar shoithí aon trál bíoma a úsáid a bhfuil a mhogallmhéid idir 32 mm agus 99 mm lastuaidh de líne atá ceangailte ag na pointí seo a leanas: ag pointe ar chósta thoir na Ríochta Aontaithe ag domhanleithead 55° T, soir ansin go domhanleithead 55°, domhanfhad 5° O, ó thuaidh ansin go domhanleithead 56° T agus soir go pointe ar chósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 56° T. Tá toirmeasc ar aon trál bíoma a úsáid a bhfuil a mhogallmhéid idir 32 mm agus 119 mm laistigh de roinn 2a de CITM agus an chuid sin de fholimistéar 4 de CITM atá lastuaidh de 56° 00′ T.

(8)  Rialachán (AE) 2016/2336 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle (IO L 354, 23.12.2016, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).


IARSCRÍBHINN VI

UISCÍ AN IARTHUAISCIRT

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

An limistéar ar fad

Trosc (Gadus morhua)

35 cm

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

30 cm

Glasán (Pollachius virens)

35 cm

Mangach (Pollachius pollachius)

30 cm

Colmóir (Merluccius merluccius)

27 cm

Scoilteán (Lepidorhombus spp.)

20 cm

Sól (Solea spp.)

24 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

27 cm

Faoitín (Merlangius merlangus)

27 cm

Langa (Molva molva)

63 cm

Langa gorm (Molva dypterygia)

70 cm

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) Eireabaill ghliomach na hIorua

Fad iomlán 85 mm, Fad an charapáis 25 mm (1) 46 mm (2)

Ronnach (Scomber spp.)

20 cm (6)

Scadán (Clupea harengus)

20 cm (6)

Bolmán (Trachurus spp.)

15 cm (6)

Ainseabhaí (Engraulis encrasicolus)

12 cm nó 90 aonán in aghaidh an kg (6)

Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax)

42 cm

Sairdín (Sardina pilchardus)

11 cm (6)

Deargán (Pagellus bogaraveo)

33 cm

Gliomach (Hommarus gammarus)

87 mm

Portán faoilinne spíonach (Maia squinado)

120 mm

Cluaisín (Chlamys spp.)

40 mm

Breallach croise eitreach (Ruditapes decussatus)

40 mm

Breallach croise eireogach (Venerupis pullastra)

38 mm

Breallach féithghearr (Venerupis philippinarum)

35 mm

Breallach (Venus verrucosa)

40 mm

Breallach crua (Callista chione)

6 cm

Scian mhara (Ensis spp.)

10 cm

Breallach toinne (Spisula solida)

25 mm

Breallach Donax (Donax spp.)

25 mm

Scianbhreallach pónaire (Pharus legumen)

65 mm

Cuachma (Buccinum undatum)

45 mm

Ochtapas (Octopus vulgaris))

750 g

Piardóg (Palinurus spp.)

95 mm

Rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris)

22 mm (fad an charapáis)

Portán dearg (Cancer pagurus)

140 cm (3)  (4)

Muirín mór (Pecten maximus)

100 mm (5)

Ríomhfar céatadán na sairdíní, na n-ainseabhaithe, na scadán, na mbolmán nó na ronnach faoi bhun íosmhéid tagartha caomhnaithe mar chion de bheomheáchan na n-orgánach muirí uile atá ar bord tar éis iad a shórtáil nó a thabhairt i dtír.

Féadfar an céatadán a ríomh ar bhonn sampla ionadaíoch amháin nó níos mó. Ní shárófar an teorainn 10 % agus trasloingsiú, tabhairt i dtír, iompar, stóráil, taispeáint nó díolachán á dhéanamh nó á déanamh.

CUID B

Mogallmhéideanna

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

1.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 120 mm (7) ar a laghad, nó 100 mm ar a laghad i bhfolimistéar 7b-7k de CITM.

1.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 1.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear iad sa tábla a leanas d’uiscí an Iarthuaiscirt ar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

comhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin, agus ní sháróidh foghabhálacha trosc, cadóg agus glasán 20 %, de réir beomheáchain, den ghabháil iomlán de na hacmhainní bitheolaíocha muirí uile a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta; nó

(ii)

úsáidfear modhnuithe roghnaíochta a bhfuil measúnú déanta orthu ag CETEI arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó agus a bheidh formheasta ag an gCoimisiún. De thoradh na modhnuithe roghnaíochta sin, beidh na saintréithe roghnaíochta céanna nó níos fearr ann do throsc, cadóg agus glasán agus atá do mhogallmhéid 120 mm nó 100 mm i bhfolimistéar 7b-7k de CITM, faoi seach.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

80 mm (8) ar a laghad

Folimistéar 7 de CITM

Iascaireacht dhírithe colmóirí, scoilteán agus láimhíneach, nó iascaireacht dhírithe faoitíní, ronnach agus speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear áit eile sa tábla, ag baint úsáid as tráil ghrinnill. Beidh painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad feistithe (11)  (14).

Iascaireacht dhírithe sól agus speiceas nach gcumhdaítear faoi theorainneacha gabhála le tráil dobarchú. Beidh painéal de mhogall cearnógach 80 mm ar a laghad feistithe (11).

80 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) (10). Beidh painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad nó greille shórtála nach mó ná 35 mm an spás idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach feistithe.

80 mm ar a laghad

Ranna 7a, 7b, 7d, 7e, 7f, 7g, 7h agus 7j de CITM

Iascaireacht dhírithe sól le tráil bhíoma. Beidh painéal, arb é 180 mm (13) ar a laghad a mhogallmhéid, feistithe ar an leath uachtarach den chuid tosaigh den líon.

80 mm ar a laghad

Ranna 7d agus 7e de CITM

Iascaireacht dhírithe faoitíní, ronnach agus speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear áit eile sa tábla, ag baint úsáid as tráil ghrinnill.

40 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe scuideanna (Lolignidae, Ommastrephidae)

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla.

Iascaireacht dhírithe séaclaí coiteanna agus séaclaí Aesop. Caithfear trál deighilteora nó greille shórtála a fheistiú i gcomhréir le rialacha a bhunaítear go náisiúnta

Níos lú ná 16 mm

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe corr gainimh

2.   Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha agus sruthlíonta

2.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 120 mm (15) ar a laghad.

2.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 2.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear iad sa tábla seo a leanas d’uiscí an Iarthuaiscirt ar choinníoll go gcomlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin agus nach sáróidh foghabhálacha trosc, cadóg agus glasán 20 %, de réir beomheáchain, de ghabháil iomlán na n-acmhainní bitheolaíocha muirí go léir a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm (16) ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe leathóg nó speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

Iascaireacht dhírithe faoitíní, dabaí agus dord

50 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

Iascaireacht dhírithe milléad dearg

3.

Ní dochar an Chuid seo do Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/2034 ón gCoimisiún (17), le haghaidh na n-iascach atá cumhdaithe leis an Rialachán Tarmligthe sin.

CUID C

Limistéir atá iata nó srianta

1.   Limistéar atá iata chun trosc a chaomhnú i roinn 6a de CITM

Gach bliain ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta, agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig, beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh le trealamh tarraingthe nó le líonta éighníomhacha sa limistéar a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

55°25′ T, 7°07′ I

55°25′ T, 7°00′ I

55°18′ T, 6°50′ I

55°17′ T, 6°50′ I

55°17′ T, 6°52′ I

55°25′ T, 7°07′ I

2.   Limistéar atá iata chun trosc a chaomhnú i ranna 7f agus 7g de CITM

2.1.

Gach bliain ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh sna dronuilleoga staidrimh CITM seo a leanas: 30E4, 31E4, 32E3. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin laistigh de 6 mhuirmhíle ón mbonnlíne.

2.2.

Ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh le potaí agus cléibh laistigh de na limistéir agus na tréimhsí sonraithe, ar choinníoll:

(i)

nach bhfuil aon trealamh iascaireachta eile seachas potaí agus cléibh ar bord, agus

(ii)

go ndéantar foghabhálacha éisc de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, go ndéantar iad a thabhairt i dtír agus go n-áirítear iad mar chuid de na cuótaí.

2.3.

Ceadófar iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach a dhéanamh le trealamh tarraingthe ar lú ná 55 mm a mhogallmhéid, ar choinníoll:

(i)

nach bhfuil aon líon ar bord a bhfuil a mhogallmhéid níos mó ná 55 mm nó cothrom le 55 mm, agus

(ii)

go ndéantar foghabhálacha éisc de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, go ndéantar iad a thabhairt i dtír agus go n-áirítear iad mar chuid de na cuótaí.

3.   Limistéar atá iata chun trosc a chaomhnú i roinn 7a de CITM

3.1.

Gach bliain le linn na tréimhse ón 14 Feabhra go dtí an 30 Aibreán beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as aon trál grinnill, saighean nó líon tarraingthe dá samhail, eangach gheolbhaigh, líon fostúcháin, traimil nó trealamh iascaireachta ina bhfuil duáin laistigh den chuid sin de roinn 7a de CITM atá iniata ag cósta thoir na hÉireann agus cósta thoir Thuaisceart Éireann agus línte díreacha atá ag ceangal go seicheamhach na gcomhordanáidí geografacha seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84:

pointe ar chósta thoir na hArda i dTuaisceart Éireann ag 54°30′T

54°30 T, 04°50′ I

53°15 T, 04°50′ I

pointe ar chósta thoir Éireann ag 53°15′ T

3.2.

De mhaolú ar phointe 1, laistigh den limistéar agus den tréimhse ama dá dtagraítear sa phointe sin, ceadófar tráil ghrinnill a úsáid ar choinníoll go bhfuil gairis roghnaíochta feistithe orthu a bhfuil measúnú déanta orthu ag CETEI.

4.   Bosca cadóg Rocal i bhfolimistéar 6 de CITM

Beidh toirmeasc ar gach iascaireacht, seachas le spiléir, sna limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas a cheangal go seicheamhach le rumlínte, a thomhaisfear de réir chóras WGS84:

57°00′ T, 15°00′ I

57°00′ T, 14°00′ I

56°30′ T, 14°00′ I

56°30′ T, 15°00′ I

57°00′ T, 15°00′ I

5.   Limistéar atá iata chun gliomach na hIorua a chaomhnú i ranna 7c agus 7k de CITM

5.1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus speiceas atá bainteach leo (eadhon trosc, scoilteáin, láimhínigh, cadóga, faoitíní, colmóirí, leathóga, mangaigh, glasáin, sciataí agus roic, sól coiteann, torscaí, langaí gorma, langa agus fíogach gobach) ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Bealtaine gach bliain laistigh den limistéar geografach a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

52°27′ T, 12°19′ I

52°40′ T, 12°30′ I

52°47′ T, 12°39.60′ I

52°47′ T, 12°56′ I

52°13.5′ T, 13°53.83′I

51°22′ T, 14°24′ I

51°22′ T, 14°03′ I

52°10′ T, 13°25′ I

52°32′ T, 13°07.50′ I

52°43′ T, 12°55′ I

52°43′ T, 12°43′ I

52°38.80′ T, 12°37′ I

52°27′ T, 12°23′ I

52°27′ T, 12°19′ I

5.2.

Ceadófar idirthuras a dhéanamh trí Bhanc Porcupine agus na speicis dá dtagraítear i bpointe 5.1 ar bord, ceadófar sin i gcomhréir le hAirteagal 50(3), (4) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

6.   Rialacha speisialta maidir le langaí gorma a chosaint i roinn 6a de CITM

6.1.

Ón 1 Márta go dtí an 31 Bealtaine gach bliain, beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe langaí gorma sna limistéir de roinn 6a de CITM a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

Imeall scairbh ilchríochach na hAlban

59°58′ T, 07°00′ I

59°55′ T, 06°47′ I

59°51′ T, 06°28′ I

59°45′ T, 06°38′ I

59°27′ T, 06°42′ I

59°22′ T, 06°47′ I

59°15′ T, 07°15′ I

59°07′ T, 07°31′ I

58°52′ T, 07°44′ I

58°44′ T, 08°11′ I

58°43′ T, 08°27′ I

58°28′ T, 09°16′ I

58°15′ T, 09°32′ I

58°15′ T, 09°45′ I

58°30′ T, 09°45′ I

59°30′ T, 07°00′ I

59°58′ T, 07°00′ I

Imeall Bhanc Rosemary

60°00′ T, 11°00′ I

59°00′ T, 11°00′ I

59°00′ T, 09°00′ I

59°30′ T, 09°00′ I

59°30′ T, 10°00′ I

60°00′ T, 10°00′ I

60°00′ T, 11°00′ I

Gan an limistéar a áireamh a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

59°15′ T, 10°24′ I

59°10′ T, 10°22′ I

59°08′ T, 10°07′ I

59°11′ T, 09°59′ I

59°15′ T, 09°58′ I

59°22′ T, 10°02′ I

59°23′ T, 10°11′ I

59°20′ T, 10°19′ I

59°15′ T, 10°24′ I

6.2.

Is féidir foghabháil de langaí gorma suas go teorainn sé thona a choinneáil ar bord agus a thabhairt i dtír. A luaithe a shroichfidh soitheach an teorainn sé thona sin de langaí gorma:

(a)

scoirfidh sé láithreach den iascaireacht agus imeoidh sé ón limistéar ina bhfuil sé;

(b)

ní fhéadfaidh sé dul isteach arís in aon cheann de na limistéir sin go dtí go dtabharfar an ghabháil i dtír;

(c)

ní fhéadfaidh sé aon chuid den ghabháil de langaí gorma a chur ar ais i bhfarraige.

6.3.

Ón 15 Feabhra go dtí an 15 Aibreán gach bliain, beidh toirmeasc ar úsáid trál grinnill, spiléar agus líonta éighníomhacha laistigh de limistéar a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

60°58.76′ T, 27°27.32′ I

60°56.02′ T, 27°31.16′ I

60°59.76′ T, 27°43.48′ I

61°03.00′ T, 27°39.41′ I

60°58.76′ T, 27°27.32′ I

7.   Srianta ar iascaireacht ronnach i ranna 7e, 7f, 7g agus 7h de CITM

7.1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ronnach le trealamh tarraingthe ar lú ná 80 mm mogallmhéid a shoc-fhoircinn nó le peaslíonta saighne ach amháin i gcás nach mó meáchan na ronnach ná 15 % de réir beomheáchan de na cainníochtaí iomlána ronnach agus orgánach eile muirí ar bord a gabhadh, laistigh den limistéar a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

pointe ar chósta thoir na Ríochta Aontaithe ag domhanleithead 02°00′ I

49°30′ T, 2°00′ I

49°30′ T, 7°00′ I

52°00′ T, 7°00′ I

pointe ar chósta thoir na Ríochta Aontaithe ag domhanleithead 52°00′ T.

7.2.

Laistigh den limistéar a shainítear i bpointe 7.1, ceadófar iascaireacht a dhéanamh leis na nithe seo:

líonta éighníomhacha agus/nó doruithe láimhe;

tráil ghrinnill, saighní Danmhargacha nó líonta tarraingthe eile dá samhail, ar mó ná 80 mm a mogallmhéid;

7.3.

Soithí nach bhfuil feistithe le haghaidh iascaireachta agus a bhfuil ronnach á dtrasloingsiú chucu, ceadófar iad laistigh den limistéar atá sainithe i bpointe 7.1.

8.   Srianta ar úsáid trál bíoma laistigh de 12 mhuirmhíle ó chósta na Ríochta Aontaithe agus ó chósta na hÉireann

8.1.

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as aon trál bíoma ar lú ná 100 mm a mhogallmhéid i roinn 5b de CITM agus i bhfolimistéar 6 de CITM lastuaidh de dhomhanleithead 56° T.

8.2.

Beidh toirmeasc ar shoithí aon trál bíoma a úsáid sna limistéir atá lasmuigh de 12 mhuirmhíle ó chóstaí na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, arna dtomhas ó na bonnlínte óna dtomhaistear na huiscí críochacha.

8.3.

Ceadófar iascaireacht a dhéanamh le tráil bhíoma laistigh den limistéar sonraithe ar choinníoll:

nach mó ná 221 kW cumhacht innill na soithí agus nach mó ná 24 m a fhad; agus

nach bhfuil fad an bhíoma, nó fad iomlán an bhíoma, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, níos mó ná 9 m, nó nach féidir é a shíneadh thar 9 m, ach amháin nuair atá iascaireacht dhírithe séaclaí coiteanna (Crangon crangon) á déanamh agus mogallmhéid soc-fhoircinn is lú ná 31 mm á húsáid.

9.   Úsáid líonta éighníomhacha i ranna 5b, 6a, 6b, 7b, 7c, 7h, 7j agus 7k de CITM

9.1.

I gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 9(7) agus de mhaolú ar Chuid B, Pointe 2 den Iarscríbhinn seo, ceadófar na cineálacha trealaimh seo a leanas a úsáid in uiscí ar lú ná 600 m a ndoimhneacht cairte:

eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe atá á n-úsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe colmóirí, a bhfuil mogallmhéid 100 mm ar a laghad acu agus nach bhfuil níos mó ná 100 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 25 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 24 uair an chloig an maotham uasta.

líonta fostúcháin atá á n-úsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe láimhíneach, a bhfuil mogallmhéid 250 mm acu ar a laghad agus nach bhfuil níos mó ná 15 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 100 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 72 uair an chloig an maotham uasta.

9.2.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe na siorcanna domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2016/2336 i ndoimhneachtaí cairte is lú ná 600 m. Nuair a ghabhtar siorcanna domhainfharraige de thaisme, ar siorcanna iad a aicmítear, sa Rialachán seo agus i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, mar éisc a bhfuil toirmeasc ar a ngabháil, déanfar iad a thaifeadadh, gan iad a ghortú a mhéid is féidir, agus déanfar iad a scaoileadh gan mhoill. Siorcanna domhainfharraige atá faoi réir teorainneacha gabhála, coinneofar ar bord iad. Tabharfar aon ghabháil den saghas sin i dtír agus áireofar mar chuid de na cuótaí í. I gcásanna nach bhfuil cuóta ar fáil nó nach bhfuil cuóta leordhóthanach ar fáil don Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún na forálacha a leagtar síos in Airteagal 105(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a úsáid. I gcás ina bhfuil na gabhálacha de thaisme de shiorcanna domhainfharraige a dhéanann soithí aon Bhallstáit os cionn 10 dtona, ní fhéadfaidh na soithí sin leanúint de bheith ag baint leasa as na maoluithe a leagtar amach i bpointe 9.1.

(1)  I ranna 6a agus 7a de CITM beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe d’fhad iomlán 70 mm agus d’fhad an charapáis 20 mm.

(2)  I ranna 6a agus 7a de CITM beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 37 mm.

(3)  In uiscí de chuid an Aontais atá i bhfolimistéir 5, 6 laisteas de 56° T agus 7 de CITM, cé is moite de ranna 7d, 7e agus 7f de CITM, beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 130 mm.

(4)  I gcás portáin dhearga arna ngabháil i bpota nó i gcléibh, is féidir crúba scortha a bheith in 1 % ar a mhéad, de réir meáchain, den ghabháil iomlán. I gcás portáin dhearga arna ngabháil le haon saghas eile trealaimh iascaireachta, ní féidir níos mó ná 75 kg de chrúba portáin scortha a thabhairt i dtír.

(5)  I roinn 7a de CITM lastuaidh de 52° 30′ T, agus i roinn 7d de CITM, beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 110 mm.

(6)  De mhaolú ar Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe do shairdíní, ainseabhaithe, scadáin, bolmáin agus ronnaigh laistigh de theorainn 10 %, de réir beomheáchain, de na gabhálacha iomlána de gach ceann de na speicis sin a choinneofar ar bord.

(7)  Le céimniú isteach thar thréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(8)  Ní dochar an méid seo d’Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 (9) ón gCoimisiún.

(9)  Ní dochar an méid seo d’Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 ón gCoimisiún

(10)  Beidh mogallmhéid de 70 mm ar a laghad i bhfeidhm i gcás soithí aon rige i roinn 7a de CITM.

(11)  Ní dochar an méid seo d’Airteagal 2(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 737/2012 (12) ón gCoimisiún.

(12)  Beidh mogallmhéid de 70 mm ar a laghad i bhfeidhm i gcás soithí aon rige i roinn 7a de CITM.

(13)  Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le roinn 7d de CITM.

(14)  Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo i gcás iascaireacht dhírithe faoitíní, ronnach agus speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála i ranna 7d agus 7e de CITM.

(15)  Úsáidfear mogallmhéid 220 mm ar a laghad nuair a bheifear ag iascaireacht le haghaidh láimhíneach. Úsáidfear mogallmhéid 110 mm in iascaireacht dhírithe mangach agus colmóirí i ranna 7d agus 7e de CITM.

(16)  I roinn 7d, beidh mogallmhéid de 90 mm ar a laghad i bhfeidhm.

(17)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/2034 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2018 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha d’iascaigh ghrinnill áirithe in uiscí an Iarthuaiscirt don tréimhse 2019-2021 (IO L 327, 21.12.2018, lch. 8).


IARSCRÍBHINN VII

UISCÍ AN IARDHEISCIRT

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

An limistéar ar fad

Trosc (Gadus morhua)

35 cm

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

30 cm

Glasán (Pollachius virens)

35 cm

Mangach (Pollachius pollachius)

30 cm

Colmóir (Merluccius merluccius)

27 cm

Scoilteán (Lepidorhombus spp.)

20 cm

Sól (Solea spp.)

24 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

27 cm

Faoitín (Merlangius merlangus)

27 cm

Langa (Molva molva)

63 cm

Langa gorm (Molva dypterygia)

70 cm

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

Fad iomlán 70 mm,

Fad an charapáis 20 mm

Eireabaill ghliomach na hIorua

37 mm

Ronnach (Scomber spp.)

20 cm (6)

Scadán (Clupea harengus)

20 cm (6)

Bolmán (Trachurus spp.)

15 cm (1)  (6)  (7)

Ainseabhaí (Engraulis encrasicolus)

12 cm nó 90 aonán in aghaidh an kg (2)  (6)

Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax)

36 cm

Sairdín (Sardina pilchardus)

11 cm (6)

Deargán (Pagellus bogaraveo)

33 cm

Gliomach (Hommarus gammarus)

87 mm

Portán faoilinne spíonach (Maia squinado)

120 mm

Cluaisín (Chlamys spp.)

40 mm

Breallach croise eitreach (Ruditapes decussatus)

40 mm

Breallach croise eireogach (Venerupis pullastra)

38mm

Breallach féithghearr (Venerupis philippinarum)

35 mm

Breallach (Venus verrucosa)

40 mm

Breallach crua (Callista chione)

6 cm

Scian mhara (Ensis spp.)

10 cm

Breallach toinne (Spisula solida)

25 mm

Breallach Donax (Donax spp.)

25 mm

Scianbhreallach pónaire (Pharus legumen)

65 mm

Cuachma (Buccinum undatum)

45 mm

Ochtapas (Octopus vulgaris)

750 g (3)

Piardóg (Palinurus spp.)

95 mm

Rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris)

22 mm (fad an charapáis)

Portán dearg (Cancer pagurus)

140 mm (4)  (5)

Muirín mór (Pecten maximus)

100 mm

CUID B

Mogallmhéideanna

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

1.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 70 mm (8)(9) ar a laghad, nó 55 mm ar a laghad i roinn 9a de CITM lastoir de dhomhanfhad 7°23′48″I.

1.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 2.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear sa tábla a leanas d’Uiscí an Iardheiscirt ar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

comhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin, agus nach sáróidh foghabhálacha de cholmóir 20 %, de réir beomheáchain, den ghabháil iomlán de na hacmhainní bitheolaíocha muirí uile a thabharfar i dtír tar éis gach turas iascaireachta; nó

(ii)

úsáidfear modhnuithe roghnaíochta eile a bhfuil measúnú déanta orthu CETEI arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó agus a bheidh formheasta ag an gCoimisiún. Mar thoradh air na modhnuithe roghnaíochta sin, beidh na saintréithe roghnaíochta céanna nó níos fearr ann don cholmóir is atá do mhogallmhéid 70 mm, nó 55 mm i roinn 9a de CITM, lastoir de dhomhanfhad 7°23 ′48″I faoi seach.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

55 mm ar a laghad

An limistéar ar fad seachas roinn 9a de CITM, lastoir de dhomhanfhad 7°23′48″ I

Iascaireacht dhírithe speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

Iascaireacht dhírithe deargán

Iascaireacht dhírithe ronnach, bolmán agus faoitíní gorma le tráil ghrinnill

35 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe sól dinge

55 mm ar a laghad

Roinn 9a de CITM, laistiar de dhomhanfhad 7°23′48″ I

Iascaireacht dhírithe crústach

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

Iascaireacht dhírithe séaclaí (Palaemon serratus, Crangon crangon), agus portán (Polybius henslowii)

Níos lú ná 16 mm

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe corra gainimh

2.   Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha agus sruthlíonta

2.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 100 mm (10), ar a laghad, nó 80 mm ar a laghad i roinn 8c de CITMagus folimistéar 9 de CITM.

2.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 2.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear iad sa tábla seo a leanas d’Uiscí an Iardheiscirt ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin agus nach sáróidh foghabhálacha de cholmóir 20 % de bheomheáchan ghabháil iomlán na n-acmhainní bitheolaíocha muirí go léir a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

80 mm ar a laghad

An limistéar ar fad seachas roinn 8c de CITM agus folimistéar 9 de CITM

Iascaireacht dhírithe doingean mara, faoitíní, turbard, leitheanna agus mangach

60 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

50 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas (11) beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

40 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe milléad dearg, séaclaí (Penaeus spp), séaclaí maintise, sól dinge agus ballaigh

CUID C

Limistéir atá iata nó srianta

1.   Limistéar atá iata chun colmóirí a chaomhnú i roinn 9a de CITM

Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le haon trál, saighean Dhanmhargach nó líon tarraingthe dá samhail sna limistéir gheografacha a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

(a)

ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Eanáir den chéad bhliain eile:

43°46.5′T, 07°54.4′I

44°01.5′T, 07°54.4′I

43°25.0′T, 09°12.0′I

43°10.0′T, 09°12.0′I

(b)

ón 1 Nollaig go dtí an lá deireanach de mhí Feabhra den chéad bhliain eile:

pointe ar chósta thiar na Portaingéile ag domhanleithead 37°50′ T

37°50′T, 09°08′I

37°00′T, 9°07′I

pointe ar chósta thiar na Portaingéile ag domhanleithead 37°00′ T

2.   Limistéir atá iata chun gliomach na hIorua a chaomhnú i roinn 9a de CITM

2.1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norevgicus) a dhéanamh le haon trál grinnill, aon saighean Dhanmhargach nó líon tarraingthe dá samhail, nó le cléibh sna limistéir gheografacha a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

(a)

ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa:

42°23′ T, 08°57′ I

42°00′ T, 08°57′ I

42°00′ T, 09°14′ I

42°04′ T, 09°14′ I

42°09′ T, 09°09′ I

42°12′ T, 09°09′ I

42°23′ T, 09°15′ I

42°23′ T, 08°57′ I

(b)

ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa:

37°45′ T, 09°00′ I

38°10′ T, 09°00′ I

38°10′ T, 09°15′ I

37°45′ T, 09°20′ I

2.2.

Ceadófar iascaireacht a dhéanamh le tráil ghrinnill nó le líonta tarraingthe dá samhail nó le cléibh sna limistéir gheografacha agus le linn na tréimhse a thuairiscítear i bpointe 2.1(b) ar choinníoll go ndéantar gach foghabháil de ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a thabhairt i dtír agus a áireamh mar chuid de na cuótaí.

2.3.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) sna limistéir gheografacha agus lasmuigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 2.1. Déanfar foghabhálacha de ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a thabhairt i dtír agus a áireamh mar chuid de na cuótaí.

3.   Srianta ar ainseabhaithe a iascach i roinn 8c de CITM

3.1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ainseabhaithe a dhéanamh le tráil pheiligeacha i roinn 8c de CITM.

3.2.

Beidh toirmeasc ar thráil pheiligeacha agus peaslíonta saighne a bheith ar bord soithigh san am céanna laistigh de roinn 8c de CITM.

4.   Úsáid líonta éighníomhacha i bhfolimistéir 8, 9, 10, agus 12 de CITM lastoir de 27°I

4.1.

I gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 9(7) agus de mhaolú ar Chuid B, Pointe 2 den Iarscríbhinn seo, ceadófar na cineálacha trealaimh seo a leanas a úsáid in uiscí ar lú ná 600 méadar a ndoimhneacht cairte:

Eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe atá á n-úsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe colmóirí, a bhfuil mogallmhéid 80 mm ar a laghad acu i roinn 8c de CITM agus i bhfolimistéar 9 de CITM agus 100 mm i ngach limistéar atá fágtha agus nach bhfuil níos mó ná 100 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 25 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 24 uair an chloig an maotham uasta.

líonta fostúcháin atá á n-úsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe láimhíneach, ar líonta iad a bhfuil mogallmhéid 250 mm acu ar a laghad agus nach bhfuil níos mó ná 15 mhogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 100 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 72 uair an chloig an maotham uasta.

traimlí atá á n-úsáid i bhfolimistéar 9 de CITM le haghaidh iascaireacht dhírithe láimhíneach, a bhfuil mogallmhéid 220 mm acu ar a laghad agus nach bhfuil níos mó ná 30 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á n-úsáid níos mó ná 20 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 72 uair an chloig an maotham uasta.

4.2.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe na siorcanna domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 2016/2336 i ndoimhneachtaí cairte is lú ná 600 m. Nuair a ghabhtar siorcanna domhainfharraige de thaisme, ar siorcanna iad a aicmítear, sa Rialachán seo agus i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, mar éisc a bhfuil toirmeasc orthu, déanfar iad a thaifeadadh, gan iad a ghortú a mhéid is féidir, agus déanfar iad a scaoileadh gan mhoill. Siorcanna domhainfharraige atá faoi réir teorainneacha gabhála, coinneofar ar bord iad. Tabharfar aon ghabháil den saghas sin i dtír agus áireofar mar chuid de na cuótaí í. I gcásanna nach bhfuil cuóta ar fáil nó nach bhfuil cuóta leordhóthanach ar fáil don Bhallstát lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún Airteagal 105(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a úsáid. I gcás ina bhfuil na gabhálacha de thaisme de shiorcanna domhainfharraige ag soithí aon Bhallstáit os cionn 10 dtona, ní fhéadfaidh na soithigh sin leanúint de bheith ag baint leasa as na maoluithe a leagtar amach i bpointe 4.1.

4.3.

Coinníollacha d’iascaigh a úsáideann gléasanna tarraingthe áirithe atá údaraithe i mBá na Bioscáine.

De mhaolú ar na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 ón gCoimisiún lena mbunaítear bearta teicniúla breise chun stoc colmóirí i bhfolimistéir 3-7 de CITM agus Ranna 8a, 8b, 8d agus 8e de CITM a athshlánú, ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta ag baint úsáide as tráil, líonta saighne Danmhargacha agus gléasanna cosúla, seachas tráil bhíoma, a bhfuil méid a mogall sa réimse 70-99 milliméadar sa limistéar atá sainmhínithe i bpointe (b) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 má tá an gléas feistithe le painéal ina bhfuil mogaill chearnógacha 100 mm.


(1)  Ní bheidh aon íosmhéid tagartha caomhnaithe i bhfeidhm maidir le bolmáin (Trachurus picturatus) arna ngabháil in uiscí atá cóngarach do na hAsóir agus faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Portaingéile.

(2)  I bhfolimistéar 9 de CITM agus i limistéar 34.1.2 de CECAF beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 9 cm.

(3)  In uiscí an chuid sin den Atlantach Thoir Láir a chuimsíonn ranna 34.1.1, 34.1.2 agus 34.1.3 agus folimistéar 34.2.0 de limistéar iascaireachta 34 den réigiún CECAF, beidh feidhm ag meáchan glanta 450 g.

(4)  In uiscí de chuid an Aontais i bhfolimistéir 7 agus 9 de CITM beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 130 mm.

(5)  I gcás portáin dhearga arna ngabháil i bpota nó i gcléibh, is féidir crúba scortha a bheith in 1 % ar a mhéad, de réir meáchain, den ghabháil iomlán. I gcás portáin dhearga arna ngabháil le haon saghas eile trealaimh iascaireachta, ní féidir níos mó ná 75 kg de chrúba portáin scortha a thabhairt i dtír.

(6)  De mhaolú ar Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag íosmhéideanna tagartha caomhnaithe na sairdíní, na n-ainseabhaithe, na scadán, na mbolmán agus na ronnach suas go teorainn 10 %, de réir beomheáchain, de na gabhálacha iomlána arna gcoinneáil ar bord.

Ríomhfar céatadán na sairdíní, na n-ainseabhaithe, na scadán, na mbolmán nó na ronnachr faoi bhun íosmhéid tagartha caomhnaithe mar chion de bheomheáchan na n-orgánach muirí uile ar bord tar éis iad a shórtáil nó a thabhairt i dtír.

Féadfar an céatadán a ríomh ar bhonn sampla ionadaíoch amháin nó níos mó. Ní shárófar an teorainn 10 % agus trasloingsiú, tabhairt i dtír, iompar, stóráil, taispeáint nó díolachán á dhéanamh nó á déanamh.

(7)  Ní fhéadfaidh níos mó ná 5 % a bheith ina bholmáin idir 12 agus 15 cm. Chun críche an chainníocht sin a sheiceáil, is é 1,20 an fachtóir coinbhéartachta a chuirfear i bhfeidhm ar mheáchan na ngabhálacha. Ní bheidh feidhm ag na forálacha seo maidir le gabhálacha atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír.

(8)  Beidh an fhoráil seo gan dochar d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 494/2002 ón gCoimisiún.

(9)  Maidir le hiascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), beidh painéal de mhogall cearnógach 100 mm ar a laghad nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach feistithe nuair atáthar ag iascaireacht i ranna 8a, 8b, 8d agus 8e de CITM. Maidir le hiascaireacht dhírithe sól le tráil bhíoma, beidh painéal, arb é 180 mm ar a laghad a mhogallmhéid, feistithe ar an leath uachtarach den chuid tosaigh den líon.

(10)  Is féidir mogallmhéid níos lú ná 40 mm a úsáid do shairdíní.

(11)  D’iascaireacht dhírithe láimhíneach úsáidtear mogallmhéid 220 mm ar a laghad.


IARSCRÍBHINN VIII

MUIR BHAILT

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

Limistéir Gheografacha

Íosmhéid Tagartha Chaomhnaithe

Trosc (Gadus morhua)

Foranna 22-32

35cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

Foranna 22–32

25 cm

Bradán (Salmo salar)

Foranna 22–30 agus 32

60 cm

Foroinn 31

50 cm

Leith (Platichthys flesus)

Foranna 22–25

23 cm

Foranna 26, 27 agus 28

21 cm

Foranna 29–32, laisteas de 59

18 cm

Turbard (Scophtalmus maximus)

Foranna 22 go 32

30 cm

Broit (Scophthalmus rhombus)

Foranna 22 go 32

30 cm

Eascann (Anguilla anguilla)

Foranna 22 go 32

35 cm

Breac geal (Salmo trutta)

Foranna 22–25 agus 29–32

40 cm

Foranna 26, 27 agus 28

50 cm

CUID B

Mogallmhéideanna

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

1.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 120 mm ar a laghad arna dhéanamh le T90 nó 105 mm ar a laghad a bhfuil fuinneog éalaithe Bacoma 120 mm feistithe leis.

1.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 1.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear sa tábla a leanas do Mhuir Bhailt ar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

comhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin, agus nach sáróidh foghabhálacha de throsc 10 %, de réir beomheáchain, den ghabháil iomlán de na hacmhainní bitheolaíocha muirí uile a thabharfar i dtír tar éis gach turas iascaireachta; nó

(ii)

úsáidfear modhnuithe roghnaíochta a bhfuil measúnú déanta orthu ag CETEI arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó agus a bheidh formheasta ag an gCoimisiún. De thoradh na modhnuithe roghnaíochta sin, beidh na saintréithe roghnaíochta céanna nó níos fearr ann do throsc is atá do mhogallmhéid 120 mm T90, nó 105 mm a bhfuil fuinneog éalaithe Bacoma 120 mm feistithe leo, faoi seach.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

90 mm ar a laghad

I bhforanna 22 agus 23

Iascaireacht dhírithe leathóg (1)

Iascaireacht dhírithe faoitíní

32 mm ar a laghad

I bhforanna 22-27

Iascaireacht dhírithe scadán, ronnach, bolmán agus faoitíní gorma

16 mm ar a laghad

I bhforanna 22-27

Iascaireacht dhírithe salán (2)

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas nach gcuimsítear an leathóg iontu agus nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

16 mm ar a laghad

I bhforanna 28-32

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

Níos lú ná 16 mm

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe corra gainimh

2.   Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

2.1.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, úsáidfidh soithí mogallmhéid 110 mm ar a laghad, nó 157 mm ar a laghad nuair a bhítear ag iascaireacht bradáin.

2.2.

Gan dochar don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus d’ainneoin phointe 2.1, féadfaidh soithí mogallmhéideanna níos lú a úsáid mar a liostaítear iad sa tábla seo a leanas i Muir Bhailt ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha gaolmhara a leagtar amach sa tábla sin agus nach sáróidh foghabhálacha de throsc 10 % de bheomheáchan ghabháil iomlán na n-acmhainní bitheolaíocha muirí go léir a thabharfar i dtír tar éis gach turais iascaireachta ná cúig eiseamal bradáin.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha (3)

90 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas leathógach

Níos lú ná 90 mm

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla

CUID C

Limistéir atá iata nó srianta

1.

Srianta ar iascaireacht a dhéanamh le trealamh tarraingthe

Beidh toirmeasc, ó thús deireadh na bliana, ar iascaireacht a dhéanamh le haon trealamh tarraingthe sa limistéar geografach a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

54°23′ T, 14°35′ O

54°21′ T, 14°40′ O

54°17′ T, 14°33′ O

54°07′ T, 14°25′ O

54°10′ T, 14°21′ O

54°14′ T, 14°25′ O

54°17′ T, 14°17′ O

54°24′ T, 14°11′ O

54°27′ T, 14°25′ O

54°23′ T, 14°35′ O

2.   Srianta ar bhradáin agus bric gheala a iascach

2.1.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe bradán (Salmo salar) nó breac geal (Salmo trutta):

(a)

ón 1 Meitheamh go dtí an 15 Meán Fómhair gach bliain in uiscí fhoranna 22–31;

(b)

ón 15 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain in uiscí fhoroinn 32.

2.2.

Is éard a bheidh sa limistéar iata le linn an tséasúir iata an limistéar atá ceithre mhuirmhíle amach ó na bonnlínte.

2.3.

Ceadófar bradáin (Salmo salar) nó bric gheala (Salmo trutta) arna ngabháil le líonta gaiste a choinneáil ar bord.

3.   Bearta sonracha do mhurascaill Riga

3.1.

Chun iascaireacht a dhéanamh i bhforoinn 28-1, ní mór údarú iascaireachta a bheith ag soithí, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

3.2.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na soithí ar eisíodh ina leith an t-údarú dá dtagraítear i bpointe 3.1 a chur ar liosta, agus ainm agus uimhir chlárúcháin inmheánach na soithí sin ag dul leo, agus go gcuirfear an liosta sin ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin idirlín, suíomh a dtabharfaidh gach Ballstát a sheoladh don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

3.3.

Na soithí atá ar an liosta, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bheidh a gcumhacht innill (kW) iomlán níos mó ná an chumhacht a taifeadadh do gach Ballstáit le linn na mblianta 2000–2001 i bhfolimistéar 28-1; agus

(b)

ní bheidh cumhacht innill aon soithigh níos mó ná 221 kW am ar bith.

3.4.

Is féidir soitheach nó soithí a chur in ionad aon soithigh atá ar an liosta dá dtagraítear i bpointe 3.2, ar choinníoll:

(a)

nach méadaíonn, mar thoradh air sin, an chumhacht innill iomlán a luaitear in Airteagal 3.3(a) don Bhallstát lena mbaineann; agus

(b)

nach mó ná 221 kW am ar bith cumhacht innill aon soithigh a chuirtear in ionad soithigh atá ar an liosta.

3.5.

Is féidir inneall a chur in ionad inneall aon soithigh atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 3.2, ar choinníoll:

(a)

nach dtéann cumhacht innill an tsoithigh os cionn 221 kW am ar bith mar thoradh air sin; agus

(b)

nach méadaíonn, mar thoradh air sin, an chumhacht innill iomlán a luaitear in Airteagal 3.3(a) don Bhallstát lena mbaineann.

3.6.

I bhforoinn 28-1, beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le tráil in uiscí ar lú na 20 m a ndoimhneacht.

4.   Limistéir atá srianta ó thaobh iascaireachta de

4.1.

Beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Deireadh Fómhair gach bliain laistigh de na limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras comhordanáidí WGS84, a cheangal go seicheamhach le rumlínte:

(a)

Limistéar 1:

55°45′ T, 15°30′ O

55°45′ T, 16°30′ O

55°00′ T, 16°30′ O

55°00′ T, 16°00′ O

55°15′ T, 16°00′ O

55°15′ T, 15°30′ O

55°45′ T, 15°30′ O

(b)

Limistéar 2:

55°00′ T, 19°14′ O

54°48′ T, 19°20′ O

54°45′ T, 19°19′ O

54°45′ T, 18°55′ O

55°00′ T, 19°14′ O

(c)

Limistéar 3:

56°13′ T, 18°27′ O

56°13′ T, 19°31′ O

55°59′ T, 19°13′ O

56°03′ T, 19°06′ O

56°00′ T, 18°51′ O

55°47′ T, 18°57′ O

55°30′ T, 18°34′ O

56°13′ T, 18°27′ O

4.2.

Ceadófar iascaireacht dhírithe bradán a dhéanamh le heangacha geolbhaigh, le líonta fostúcháin agus le traimlí ar mó ná 157 mm nó ar cothrom le 157 mm a mogallmhéid, nó le doruithe ar fuaidreamh. Ní choimeádfar aon trealamh eile ar bord.

4.3.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe trosc a dhéanamh leis an trealamh a shonraítear i bpointe 5.2.

5.   Srianta ar iascaireacht leitheanna agus turbard

5.1.

Beidh toirmeasc ar na speicis éisc seo a leanas a choinneáil ar bord i gcás ina ngabhtar iad laistigh de na limistéir gheografacha agus le linn na dtréimhsí thíosluaite:

Speiceas

Limistéir Gheografacha

Tréimhse

Leith

Foranna 26–29, laisteas de 59° 30′ T

15 Feabhra go 15 Bealtaine

Foroinn 32

15 Feabhra go 31 Bealtaine

Turbard

Foranna 25, 26 agus 28, laisteas de 56° 50′ T

1 Meitheamh go 31 Iúil

5.2.

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe a dhéanamh le tráil, saighní Danmhargacha nó trealamh dá samhail ar mó ná 90 mm nó ar cothrom le 90 mm mogallmhéid a shoc-fhoircinn, nó le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí ar mó ná 90 mm nó ar cothrom le 90 mm a mogallmhéid. Féadfar foghabhálacha leitheanna agus turbard a choinneáil ar bord agus a thabhairt i dtír suas go teorainn 10 %, de réir beomheáchain, den ghabháil iomlán arna coinneáil ar bord le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i bpointe 6.1.

6.   Srianta ar iascaireacht eascann

Beidh toirmeasc ar eascanna arna ngabháil le haon trealamh gníomhach a choinneáil ar bord. Aon eascanna a ghabhtar de thaisme, ní dhéanfar aon díobháil dóibh agus cuirfear ar ais i bhfarraige go pras iad.


(1)  Ní dhéanfar úsáid trál bíoma a údarú.

(2)  Ní fhéadfaidh níos mó ná 45 % den ghabháil a bheith ina scadán de réir beomheáchain.

(3)  Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as eangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí is faide ná 9 km i gcás soithí ar lú ná 12 m a bhfad iomlán, agus is faide ná 21 km i gcás soithí ar mó ná 12 m a bhfad iomlán. Is é 48 uair an chloig an uastréimhse thumtha a bheidh ceadaithe do threalamh den sórt sin, ach amháin i gcás iascaireacht faoi oighear.


IARSCRÍBHINN IX

AN MHEÁNMHUIR

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

An Limistéar ar fad

Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax)

25 cm

Garbhánach fáinneach (Diplodus annularis)

12 cm

Garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo)

18 cm

Garbhánach bán (Diplodus sargus)

23 cm

Garbhánach débhandach (Diplodus vulgaris)

18 cm

Ainseabhaí Eorpach (Engraulis encrasicolus)

9 cm (1)

Garúpaigh (Epinephelus spp.)

45 cm

Garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus)

20 cm

Colmóir (Merluccius merluccius)

20 cm

Milléid dhearga (Mullus spp.)

11 cm

Garbhánach ascailleach (Pagellus acarne)

17 cm

Deargán (Pagellus bogaraveo)

33 cm

Garbhánach coiteann(Pagellus erythrinus)

15 cm

Deargán(Pagrus pagrus)

18 cm

Breac raice (Polyprion americanus)

45 cm

Sairdín Eorpach (Sardina pilchardus)

11 cm (2), (4)

Ronnach (Scomber spp.)

18 cm

Sól coiteann (Solea vulgaris)

20 cm

Garbhánach órcheannach (Sparus aurata)

20 cm

Bolmáin (Trachurusspp.)

15 cm

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

20 mm FC (3)

70 mm FI (3)

Gliomach (Homarus gammarus)

105 mm FC (3)

300 mm FI (3)

Piardóga (Palinuridae)

90 mm FC (3)

Rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris)

20 mm FC (3)

Muirín (Pecten jacobeus)

10 cm

Breallaigh chroise (Venerupis spp.)

25 mm

Breallaigh mhaighdeogacha (Venus spp.)

25 mm

CUID B

Mogallmhéideanna

1.

Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas sa Mheánmhuir.

Mogallmhéid (5)

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

Soc-fhoirceann mogaill chearnógaigh 40 mm ar a laghad (6)

An limistéar ar fad

Féadfar soc-fhoirceann mogaill mhuileataigh 50 mm2 a úsáid de rogha ar an soc-fhoirceann mogaill chearnógaigh 40 mm ach úinéir an tsoithigh iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh

20 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe sairdíní agus ainseabhaithe

2.

Mogallmhéid íosta líonta timpeallúcháin

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

14 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

3.

Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas maidir le eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe sa Mheánmhuir.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

4.

Maoluithe atá ann cheana ar na forálacha a leagtar síos i bpointí 1, 2 agus 3 le haghaidh saighní báid agus saighní cladaigh atá faoi thionchar plean bainistithe dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus a eisíodh faoi chuimsiú Airteagal 9 den Rialachán sin, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu mura gcinntear a mhalairt faoi Airteagal 15 den Rialachán seo.

CUID C

Srianta ar úsáid trealaimh iascaireachta

1.   Srianta ar úsáid dreidirí

3 m an t-uasleithead a bheidh i ndreidirí, ach amháin i gcás dreidirí a úsáidtear le haghaidh iascaireacht dhírithe spúinsí.

2.   Srianta ar úsáid peaslíonta saighne

Beidh fad peaslíonta saighne agus fad saighne gan pheaslíonta teoranta do 800 m agus titim 120 m, ach amháin i gcás peaslíonta saighne a úsáidtear le haghaidh iascaireacht dhírithe tuinnín.

3.   Srianta ginearálta ar úsáid líonta éighníomhacha

3.1.

Beidh toirmeasc ar na líonta éighníomhacha seo a leanas a úsáid:

(a)

Traimil ar mó ná 4 m a titim

(b)

Eangach gheolbhaigh ghrinneallsocraithe nó eangach gheolbhaigh agus traimil in éineacht ar mó ná 10 m a thitim ach amháin nuair is giorra ná 500 m iad; sa chás sin ceadaítear titim nach faide ná 30 m.

3.2.

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as aon eangach gheolbhaigh, líon fostúcháin nó traimil ar mó ná 0,5 mm tiús a théada.

3.3.

Beidh toirmeasc ar níos mó ná 2 500 m d’eangaí geolbhaigh agus traimlí in éineacht agus níos mó ná 6 000 m d’aon eangach geolbhaigh, líon fostúcháin nó traimil a bheith ar bord nó a shocrú.

4.

Srianta ar úsáid spiléar

4.1.

Beidh toirmeasc ar níos mó ná 5 000 duán a bheith ar bord soithí atá ag iascach le spiléir ghrinneallsocraithe, ach amháin i gcás soithí atá ag dul i mbun turas iascaireachta a mhairfidh níos faide ná 3 lá; sa chás sin féadfaidh na soithí sin 7 000 duán ar a mhéad a bheith ar bord acu nó a úsáid.

4.2.

Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta atá ag iascach le spiléir bharrshocraithe an líon duán seo a leanas a bheith ar bord acu nó a úsáid:

(a)

2 500 duán in aghaidh an tsoithigh agus iascaireacht dhírithe colgán á déanamh; agus

(b)

5 000 duán in aghaidh an tsoithigh agus iascaireacht dhírithe tuinníní colgacha á déanamh.

4.3.

Gach soitheach atá i mbun turas iascaireachta a mhairfidh níos faide ná dhá lá, féadfaidh sé a oiread eile de dhuáin bhreise a bheith ar bord aige.

5.

Srianta ar úsáid potaí agus cliabh

Beidh toirmeasc ar níos mó ná 250 pota nó cliabh a bheith ar bord aon soithigh nó níos mó ná 250 pota nó cliabh a chur chun crústaigh dhomhainfharraige a ghabháil.

6.

Srianta ar iascaireacht dhírithe deargán

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe deargán (Pagellus bogaraveo) a dhéanamh leis an trealamh seo a leanas:

eangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin, nó traimlí ar lú ná 100 mm a mogallmhéid;

spiléir ar a bhfuil duáin ar lú ná 3,95 cm a bhfad iomlán agus ar lú ná 1,65 cm a leithead.

7.

Srianta ar iascaireacht a dhéanamh le ga-ghunnaí

Beidh toirmeasc ar iascaireacht le ga-ghunnaí i gcás ina mbaintear úsáid astu in éineacht le gaireas análaithe faoi uisce (uathscamhóg) nó istoíche ó dhul faoi na gréine go breacadh an lae.


(1)  Féadfaidh na Ballstáit an íosmhéid tagartha caomhnaithe a athrú go 110 eiseamal in aghaidh an chileagraim.

(2)  Féadfaidh na Ballstáit an íosmhéid tagartha caomhnaithe a athrú go 55 eiseamal in aghaidh an chileagraim.

(3)  FC — fad an charapáis; FI — fad iomlán.

(4)  Ní bheidh feidhm ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe sin maidir le gealóga sairdíní a thugtar i dtír chun a gcaite ag an duine má gabhadh le saighní báid nó saighní cladaigh iad agus má údaraíodh i gcomhréir le forálacha náisiúnta arna mbunú i bplean bainistithe dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, ar choinníoll go bhfuil an stoc sairdíní lena mbaineann laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte.

(5)  Beidh toirmeasc ar líontáin ar mó ná 3 mm tiús a dtéide nó a bhfuil iltéad ann; agus ar líontáin ar mó ná 6 mm tiús a dtéide in aon chuid de thrál grinnill.

(6)  Ní ceadmhach ach an t aon chineál amháin lín (mogall cearnógach 40 mm nó mogall muileatach 50 mm) a bheith ar bord nó a úsáid.


IARSCRÍBHINN X

AN MHUIR DHUBH

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

Íosmhéid Tagartha Chaomhnaithe

Turbard (Scophtalmus maximus)

45 cm

CUID B

Mogallmhéideanna

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe do stoic ghrinnill

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas sa Mhuir Dhubh:

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

40 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Féadfar soc-fhoirceann mogaill mhuileataigh 50 mm (1) a úsáid de rogha ar an soc-fhoirceann mogaill chearnógaigh 40 mm ach úinéir an tsoithigh iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh

2.   Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

Sa Mhuir Dhubh, beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas maidir le líonta éighníomhacha:

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

400 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Líonta geolbhaigh grinneallsocraithe nuair a úsáidtear iad chun turbaird a ghabháil

3.   Srianta ar úsáid trál agus dreidirí

Beidh toirmeasc ar thráil agus dreidirí a úsáid ag doimhneachtaí is mó ná 1 000 m.


(1)  Ní ceadmhach ach an t-aon chineál amháin lín (mogall cearnógach 40 mm nó mogall muileatach 50 mm) a choinneáil ar bord nó a úsáid.


IARSCRÍBHINN XI

UISCÍ AN AONTAIS SAN AIGÉAN INDIACH AGUS SAN ATLANTACH THIAR

CUID A

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas in uiscí an Aontais san Aigéan Indiach agus san Atlantach Thiar.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm ar a laghad

Na huiscí uile amach ó chósta na roinne Francaí an Ghuáin, atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Fraince

Níl aon choinníoll ann

45 mm ar a laghad

Na huiscí uile amach ó chósta na roinne Francaí an Ghuáin, atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Fraince

Iascaireacht dhírithe séaclaí (Penaeus subtilis, Penaeus brasiliensis, Xiphopenaeus kroyeri).

2.   Mogallmhéid íosta líonta timpeallúcháin

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

14 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

CUID B

Limistéir atá iata nó srianta

Srianta ar ghníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar 24 mhíle atá mórthimpeall Mayotte

Beidh toirmeasc ar shoithí aon pheaslíon saighne a úsáid ar thuinníní agus ar aon scoil éisc atá cosúil le tuinnín laistigh de 24 mhuirmhíle amach ó chósta Mayotte, achar arna thomhas ó bhonnlínte na n-uiscí críochacha.


IARSCRÍBHINN XII

LIMISTÉAR RIALÁLA NEAFC

CUID A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

NEAFC

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

30 cm

Langa (Molva molva)

63 cm

Langa gorm (Molva dipterygia)

70 cm

Ronnach (Scomber spp.)

30 cm

Scadán (Clupea harengus)

20 cm

CUID B

Mogallmhéideanna

1.   Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna soc-fhoircinn seo a leanas i limistéar rialála NEAFC.

Mogallmhéid soc-fhoircinn

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

35 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe faoitíní gorma

32 mm ar a mhéad

Folimistéir 1 agus 2 de CITM

Iascaireacht dhírithe séaclaí Artacha (Pandalus borealis)

Beidh greille shórtála a mbeidh spás 22 mm ar a mhéad idir a barraí feistithe

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe ronnach, caibeallán agus airgintíní

2.   Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas maidir le líonta éighníomhacha i limistéar rialála NEAFC.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

220 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

CUID C

Limistéir atá iata nó srianta

1.   Bearta maidir le hiascach na bpéirsí mara i Muir Irminger agus sna huiscí taobh léi

1.1.

Beidh toirmeasc ar phéirsí mara a ghabháil in uiscí idirnáisiúnta fholimistéar 5 de CITM agus uiscí an Aontais i bhfolimistéir 12 agus 14 de CITM.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ceadófar gabháil péirsí mara ón 11 Bealtaine go dtí an 31 Nollaig sa limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a a thomhaisfear de réir chóras WGS84 (“Limistéar caomhnaithe na bpéirsí mara”):

64°45′ T, 28°30′ I

62°50′ T, 25°45′ I

61°50′ T, 26°45′ I

61°00′ T, 26°30′ I

59°00′ T, 30°00′ I

59°00′ T, 34°00′ I

61°30′ T, 34°00′ I

62°50′ T, 36°00′ I

64°45′ T, 28°30′ I.

1.2.

D’ainneoin phointe 1.1, féadfar iascach a cheadú do phéirsí mara, trí ghníomh dlíthiúil de chuid an Aontais, lasmuigh de limistéar caomhnaithe na bpéirsí mara i Muir Irminger agus sna huiscí taobh léi ón 11 Bealtaine go dtí an 31 Nollaig gach bliain ar bhonn comhairle eolaíche agus ar an gcoinníoll go bhfuil plean athshlánaithe ag NEAFC do na péirsí mara sa limistéar geografach sin. Ní bheidh páirteach san iascach sin ach amháin soithí de chuid an Aontais a bhfuil an t-údarú cuí faighte acu óna mBallstát agus a bhfuil fógra tugtha don Choimisiún ina leith mar a cheanglaítear faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010.

1.3.

Beidh toirmeasc ar úsáid trál a bhfuil mogallmhéid níos lú ná 100 mm acu.

1.4.

Is é 1,70 an ráta coinbhéartachta a bheidh le cur i bhfeidhm ar phéirsí gorma atá glanta agus dícheannta, lena n-áirítear gearradh Seapánach ar phéirsí mara agus a gabhadh san iascach seo.

1.5.

Déanfaidh máistrí na soithí iascaireachta atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta lasmuigh de Limistéar Caomhnaithe na bPéirsí Mara an tuarascáil gabhála dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 a tharchur ar bhonn laethúil nuair a bheidh gníomhaíochtaí iascaireachta an lae féilire sin curtha i gcrích. Léireofar sa tuarascáil sin na gabhálacha a tugadh ar bord ón uair dheireanach a rinneadh na gabhálacha a thuairisc.

1.6.

I dteannta Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010, ní bheidh údarú le haghaidh iascaireachta péirsí mara bailí ach amháin má dhéantar na tuarascálacha a tharchuireann na soithí i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán sin a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de.

1.7.

Déanfar na tuarascálacha dá dtagraítear i bpointe 1.6 i gcomhréir leis na rialacha ábhartha 1.

2.   Rialacha speisialta maidir le langaí gorma a chosaint

2.1.

Ón 1 Márta go dtí an 31 Bealtaine de gach bliain, beidh toirmeasc ar aon chainníocht de langa gorm a choinneáil ar bord ar mó í ná 6 thonna do gach turas iascaireachta sna limistéir sin de roinn 6a de CITM atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

(a)

Imeall scairbh ilchríochach na hAlban

59°58′ T, 07°00′ I

59°55′ T, 06°47′ I

59°51′ T, 06°28′ I

59°45′ T, 06°38′ I

59°27′ T, 06°42′ I

59°22′ T, 06°47′ I

59°15′ T, 07°15′ I

59°07′ T, 07°31′ I

58°52′ T, 07°44′ I

58°44′ T, 08°11′ I

58°43′ T, 08°27′ I

58°28′ T, 09°16′ I

58°15′ T, 09°32′ I

58°15′ T, 09°45′ I

58°30′ T, 09°45′ I

59°30′ T, 07°00′ I

59°58′ T, 07°00′ I;

(b)

Imeall Bhanc Rosemary

60°00′ T, 11°00′ I

59°00′ T, 11°00′ I

59°00′ T, 09°00′ I

59°30′ T, 09°00′ I

59°30′ T, 10°00′ I

60°00′ T, 10°00′ I

60°00′ T, 11°00′ I

Gan an limistéar a áireamh a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

59°15′ T, 10°24′ I

59°10′ T, 10°22′ I

59°08′ T, 10°07′ I

59°11′ T, 09°59′ I

59°15′ T, 09°58′ I

59°22′ T, 10°02′ I

59°23′ T, 10°11′ I

59°20′ T, 10°19′ I

59°55′ T, 10°24′ I.

2.2.

I gcás ina bhfuil langaí gorma faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní bheidh feidhm ag pointe 2.1.

Toirmiscfear iascaireacht ar langaí gorma le trealamh iascaireachta ar bith laistigh den tréimhse agus de na limistéir gheografacha dá dtagraítear i bpointe 2.1.

2.3.

Agus é ag dul isteach sna limistéir dá dtagraítear i bpointe 2.1 nó ag imeacht uathu, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta an dáta, an t-am, agus an áit iontrála agus imeachta a thaifeadadh sa logleabhar.

2.4.

Má ghabhann soitheach 6 thonna de langa gorm i gceachtar den dá limistéar dá dtagraítear i bpointe 2.1:

(a)

scoirfidh sé láithreach den iascaireacht agus imeoidh sé ón limistéar ina bhfuil sé;

(b)

ní fhéadfaidh sé dul isteach arís in aon cheann de na limistéir sin go dtí go dtabharfar an ghabháil i dtír;

(c)

ní fhéadfaidh sé aon chuid den ghabháil de langaí gorma a chur ar ais i bhfarraige.

2.5.

Déanfaidh na breathnóirí dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/2336 atá sannta do shoithí iascaireachta atá i láthair i gceann de na limistéir dá dtagraítear i bpointe 1, déanfaidh na breathnóirí sin, i dteannta na cúraimí dá dtagraítear i bpointe 4 d’Airteagal 8(4) den Rialachán sin, i gcás líon samplaí iomchuí de ghabhálacha langaí gorma, na héisc sna samplaí a thomhas agus aibíocht ghnéasach iasc a nglactar foshampla díobh a chinneadh. Ar bhonn comhairle ó CETEI, bunóidh na Ballstáit prótacail maidir le sampláil mhionsonraithe agus le comhthiomsú torthaí.

2.6.

Gach bliain ón 15 Feabhra go dtí an 15 Aibreán, beidh toirmeasc ar úsáid trál grinnill, spiléar agus eangacha geolbhaigh laistigh de limistéar atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

60°58.76′ T, 27°27.32′ I

60°56.02′ T, 27°31.16′ I

60°59.76′ T, 27°43.48′ I

61°03.00′ T, 27°39.41′ I

60°58.76′ T, 27°27.32′ I.

3.   Bearta maidir le hiascach na bpéirsí mara in uiscí idirnáisiúnta fholimistéir 1 agus 2 de CITM

3.1.

Ní cheadófar iascaireacht dhírithe ar phéirsí mara in uiscí idirnáisiúnta fholimistéir 1 agus 2 de CITM ach amháin sa tréimhse idir an 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig gach bliain ag soithí a bhí páirteach san iascach péirsí mara roimhe sin i limistéar rialála an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC).

3.2.

Cuirfidh soithí teorainn lena bhfoghabhálacha de phéirsí mara in iascaigh eile sa dóigh is nach mbeidh níos mó ná 1 % den ghabháil iomlán a choinnítear ar bord ina fhoghabháil den sórt sin.

3.3.

Is é 1,70 an ráta coinbhéartachta a bheidh le cur i bhfeidhm ar phéirsí gorma atá glanta agus dícheannta, lena n-áirítear gearradh Seapánach ar phéirsí mara agus a gabhadh san iascach seo.

3.4.

De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010, tabharfaidh máistrí soithí iascaireachta atá i mbun gníomhaíochta san iascach sin tuairisc laethúil ar a ngabhálacha.

3.5.

I dteannta Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010, ní bheidh údarú le haghaidh iascaireachta péirsí mara bailí ach amháin má dhéantar na tuarascálacha a tharchuireann na soithí i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán sin a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de.

3.6.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileoidh breathnóirí eolaíocha faisnéis eolaíoch ar bord soithí a bhfuil a mbrat ar foluain acu. Ar a laghad, beidh san fhaisnéis a bhaileofar sonraí ionadaíocha ar a bhfuil sa ghabháil maidir le gnéas, aois agus fad, de réir doimhneachta. Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis sin in iúl do CITM.

3.7.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin dáta a thugann Rúnaíocht NEAFC fógra do pháirtithe conarthacha NEAFC gur úsáideadh an ghabháil iomlán is incheadaithe (TAC) ina hiomláine. Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar iascaireacht dhírithe péirsí mara ag soithí a bhfuil a mbrat ar foluain acu ón dáta.

4.   Bosca cadóg Rocal i bhfolimistéar 6 de CITM

Toirmiscfear gach iascaireacht, seachas le spiléir, sna limistéir atá iniata trí rumlínte a cheangal go seicheamhach leis na comhordanáidí seo a leanas, a dhéanfar a thomhas de réir chóras WGS84:

57°00′ T, 15°00′ I

57°00′ T, 14°00′ I

56°30′ T, 14°00′ I

56°30′ T, 15°00′ I

57°00′ T, 15°00′ I.

CUID D

Limistéir atá iata chun gnáthóga íogaire a chosaint

1.

Toirmeascfar trál grinnill a dhéanamh nó iascaireacht a dhéanamh le gléas iascaireachta éighníomhach, lena n-áirítear eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus spiléir ghrinneallsocraithe, laistigh de na limistéir seo a leanas a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, a thomhaisfear de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

Cuid d’Iomaire Reykjanes:

55°04.5327′ T, 36°49.0135′ I

55°05.4804′ T, 35°58.9784′ I

54°58.9914′ T, 34°41.3634′ I

54°41.1841′ T, 34°00.0514′ I

54°00′ T, 34°00′ I

53°54.6406′ T, 34°49.9842′ I

53°04.5327′ T, 36°49.0135′ I

55°04.5327′ T, 36°49.0135′ I

Limistéar Thuaidh MAR:

59°45′ T, 33°30′ I

57°30′ T, 27°30′ I

56°45′ T, 28°30′ I

59°15′ T, 34°30′ I

59°45′ T, 33°30′ I

Lárlimistéar MAR (Brischrios Charlie-Gibbs agus Réigiún Tosaigh Fopholaigh):

53°00′ T, 38°00′ I

53°30′ T, 36°49′ I

55°04.5327′ T, 36°49.0135′ I

54°58.9914′ T, 34°41.3634′ I

54°41.1841′ T, 34°00′ I

53°00′ T, 30°00′ I

51°00′ T, 28°00′ I

49°00′ T, 26°30′ I

49°00′ T, 30°30′ I

51°00′ T, 32°00′ I

51°00′ T, 38°00′ I

53°00′ T, 38°00′ I

Limistéar Theas MAR:

44°30′ T, 30°30′ I

44°00′ T, 27°00′ I

43°15′ T, 27°15′ I

43°15′ T, 31°00′ I

44°30′ T, 30°30′ I

Tuláin Ghrinnill Altair:

45°00′ T, 34°35′ I

45°00′ T, 33°45′ I

44°25′ T, 33°45′ I

44°25′ T, 34°35′ I

45°00′ T, 34°35′ I

Tuláin Ghrinnill Antialtair:

43°45′ T, 22°50′ I

43°45′ T, 22°05′ I

43°25′ T, 22°05′ I

43°25′ T, 22°50′ I

43°45′ T, 22°50′ I

Banc Hatton:

59°26′ T, 14°30′ I

59°12′ T, 15°08′ I

59°01′ T, 17°00′ I

58°50′ T, 17°38′ I

58°30′ T, 17°52′ I

58°30′ T, 18°22′ I

58°03′ T, 18°22′ I

58°03′ T, 17°30′ I

57°55′ T, 17°30′ I

57°45′ T, 19°15′ I

58°11.15′ T, 18°57.51′ I

58°11.57′ T, 19°11.97′ I

58°27.75′ T, 19°11.65′ I

58°39.09′ T, 19°14.28′ I

58°38.11′ T, 19°01.29′ I

58°53.14′ T, 18°43.54′ I

59°00.29′ T, 18°01.31′ I

59°08.01′ T, 17°49.31′ I

59°08.75′ T, 18°01.47′ I

59°15.16′ T, 18°01.56′ I

59°24.17′ T, 17°31.22′ I

59°21.77′ T, 17°15.36′ I

59°26.91′ T, 17°01.66′ I

59°42.69′ T, 16°45.96′ I

59°20.97′ T, 15°44.75′ I

59°21′ T, 15°40′ I

59°26′ T, 14°30′ I

Rocal Thiar Thuaidh:

57°00′ T, 14°53′ I

57°37′ T, 14°42′ I

57°55′ T, 14°24′ I

58°15′ T, 13°50′ I

57°57′ T, 13°09′ I

57°50′ T, 13°14′ I

57°57′ T, 13°45′ I

57°49′ T, 14°06′ I

57°29′ T, 14°19′ I

57°22′ T, 14°19′ I

57°00′ T, 14°34′ I

56°56′ T, 14°36′ I

56°56′ T, 14°51′ I

57°00′ T, 14°53′ I

Rocal Thiar Theas (Banc Bhanimpire na Breataine):

Limistéar 1

56°24′ T, 15°37′ I

56°21′ T, 14°58′ I

56°04′ T, 15°10′ I

55°51′ T, 15°37′ I

56°10′ T, 15°52′ I

56°24′ T, 15°37′ I

Limistéar 2

55°56.90 T -16°11.30 I

55°58.20 T -16°11.30 I

55°58.30 T -16°02.80 I

55°56.90 T -16°02.80 I

55°56.90 T -16°11.30 I

Limistéar 3

55°49.90 T -15°56.00 I

55°48.50 T -15°56.00 I

55°48.30 T -15°50.60 I

55°49.60 T -15°50.60 I

55°49.90 T -15°56.00 I

Banc Edora

56°26.00 T -22°26.00 I

56°28.00 T -22°04.00 I

56°16.00 T -21°42.00 I

56°05.00 T -21°40.00 I

55°55.00 T -21°47.00 I

55°45.00 T -22°00.00 I

55°43.00 -23°14.00 I

55°50.00 T -23°16.00 I

56°05.00 T -23°06.00 I

56°18.00 T -22°43.00 I

56°26.00 T -22°26.00 I

Banc Rocal Thiar Theas

Limistéar 1

55°58.16 T -16°13.18 I

55°58.24 T -16°02.56 I

55°54.86 T -16°05.55 I

55°58.16 T -16°13.18 I

Limistéar 2

55°55.86 T -15°40.84 I

55°51.00 T -15°37.00 I

55°47.86 T -15°53.81 I

55°49.29 T -15°56.39 I

55°55.86 T -15°40.84 I

Imchuach Hatton Rocal

Limistéar 1

58°00.15 T -15°27.23 I

58°00.15 T -15°38.26 I

57°54.19 T -15°38.26 I

57°54.19 T -15°27.23 I

58°00.15 T -15°27.23 I

Limistéar 2

58° 06.46 T -16° 37.15 I

58° 15.93 T -16° 28.46 I

58° 06.77 T -16° 10.40 I

58° 03.43 T -16° 10.43 I

58° 01.49 T -16° 25.19 I

58° 02.62 T -16° 36.96 I

58° 06.46 T -16° 37.15 I

Banc Hatton 2

Limistéar 1

57°51.76 T -18°05.87 I

57°55.00 T -17°30.00 I

58°03.00 T -17°30.00 I

57°53.10 T -16°56.33 I

57°35.11 T -18°02.01 I

57°51.76 T -18°05.87 I

Limistéar 2

57°59.96 T -19°05.05 I

57°45.00 T -19°15.00 I

57°50.07 T -18°23.82 I

57°31.13 T -18°21.28 I

57°14.09 T -19°28.43 I

57°02.21 T -19°27.53 I

56°53.12 T -19°28.97 I

56°50.22 T -19°33.62 I

56°46.68 T -19°53.72 I

57°00.04 T -20°04.22 I

57°10.31 T -19°55.24 I

57°32.67 T -19°52.64 I

57°46.68 T -19°37.86 I

57°59.96 T -19°05.05 I

Mullóg Logachev:

55°17′ T, 16°10′ I

55°34′ T, 15°07′ I

55°50′ T, 15°15′ I

55°33′ T, 16°16′ I

55°17′ T, 16°10′ I

Mullóg Rocal Thiar:

57°20′ T, 16°30′ I

57°05′ T, 15°58′ I

56°21′ T, 17°17′ I

56°40′ T, 17°50′ I

57°20′ T, 16°30′ I

2.

Más rud é, le linn oibriúcháin iascaireachta i limistéir nua agus reatha iascaireachta grinnill, laistigh de Limistéar Rialála NEAFC, go sáraítear in aon ghabháil amháin 60 kg de choiréalach beo agus/nó 800 kg de spúinse beo in aghaidh gach gléas, beidh ar an soitheach an méid sin a chur in iúl dá bhratstát, beidh orthu stopadh ó bheith ag iascaireacht san áit sin agus beidh orthu bogadh ar a laghad 2 mhuirmhíle ón ionad is giorra don áit go beacht, de réir na fianaise, ina ndearnadh an ghabháil.

IARSCRÍBHINN XIII

BEARTA MAOLAITHE ATÁ CEAPTHA CHUN GABHÁLACHA DE THAISME DE SPEICIS ÍOGAIRE A LAGHDÚ

Beidh feidhm ag na bearta seo a leanas chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha de thaisme de speicis íogaire agus d’fhonn iad a laghdú:

1.

Na bearta a leagtar amach i gCuid A, Cuid B agus Cuid C.

2.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun sonraí eolaíocha a bhailiú i ndáil le gabhálacha de thaisme de speicis íogaire.

3.

Mar thoradh ar fhianaise eolaíoch, arna bailíochtú ag CITM, CETEI, nó faoi chuimsiú CIGM, ar an tionchar diúltach a bhíonn ag trealamh iascaireachta ar speicis leochaileacha, cuirfidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha isteach maidir le bearta maolaithe breise chun gabhálacha de thaisme de na speicis i dtrácht a laghdú nó i limistéar lena mbaineann ar bhonn Airteagal 15 den Rialachán seo.

4.

Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú ar éifeachtacht na mbeart maolaithe a bhunaítear faoin Iarscríbhinn seo.

CUID A

Céiticigh

1.   Iascaigh ina bhfuil úsáid fuaimghaireas bactha éigeantach

1.1.

Beidh toirmeasc ar shoithí arb é 12 m nó níos mó a bhfad iomlán trealamh iascaireachta a úsáid i limistéir shonracha mar a shainítear thíos iad gan fuaimghaireas bactha gníomhach a úsáid san am céanna.

Limistéar

Trealamh

Limistéar Mhuir Bhailt treormharcáilte le líne ó chósta na Sualainne ag an bpointe domhanfhaid 13° O, as sin ó dheas díreach go domhanleithead 55° T, as sin soir díreach go domhanfhad 14° O, as sin ó thuaidh díreach go cósta na Sualainne; Agus limistéar treormharcáilte le líne ó chósta thoir na Sualainne ag an bpointe domhanleithid 55° 30′ T, as sin soir díreach go domhanfhad 15°O, as sin ó thuaidh díreach go domhanleithead 56° T, as sin soir díreach go domhanfhad 16° O as sin ó thuaidh díreach go cósta na Sualainne

Aon líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líon fostúcháin

Foroinn Mhuir Bhailt 24 (seachas an limistéar a chumhdaítear thuas)

Aon líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líon fostúcháin

Folimistéar 4 de CITM agus roinn 3a de CITM (ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Deireadh Fómhair amháin)

Aon líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líon fostúcháin nó comhcheangal den dá líon, nach mó a bhfad iomlán ná 400 mr

Aon líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líon fostúcháin ≥ 220 mm

Ranna 7e, 7f, 7g, 7h agus 7j de CITM

Aon líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líon fostúcháin

Roinn 7d de CITM

Aon líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líon fostúcháin

1.2.

Ní bheidh feidhm ag pointe 1.1 maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche taighde eolaíoch, agus chun na críche sin amháin, le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus arb é is aidhm leo bearta teicniúla a cheapadh chun gabháil nó marú céiticeach de thaisme a laghdú.

1.3.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun faireachán agus measúnú a dhéanamh, trí bhíthin staidéir eolaíocha nó treoirthionscadal, ar éifeachtaí an fhuaimghairis bhactha sna hiascaigh agus sna limistéir lena mbaineann.

2.   Iascaigh a ndéanfar faireachán orthu

2.1.

Gabhfar scéimeanna faireachán de lámh ar bhonn bliantúil agus socrófar iad le haghaidh soithigh a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus arb é 15 m nó níos mó a bhfad foriomlán chun faireachán a dhéanamh ar foghabhálacha de chéiticigh, i gcomhair na n-iascach agus faoi na coinníollacha a shainítear thíos.

Limistéar

Trealamh

Folimistéir 6, 7 agus 8 de CITM

Tráil pheiligeacha (singil agus péire)

An Mheánmhuir (lastoir de líne 5°36′ thiar)

Tráil pheiligeacha (singil agus péire)

Ranna 6a, 7a, 7b, 8a, 8b, 8c agus 9a de CITM

Líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líonta fostúcháin ar mó ná 80 mm nó ar cothrom le 80 mm a mogallmhéid

Folimistéar 4 de CITM, roinn 6a de CITM, agus folimistéar 7 de CITM seachas ranna 7c agus 7k de CITM

Sruthlíonta

Ranna 3a, 3b, 3c, 3d laisteas de 59° T, 3d lastuaidh ó 59° de CITM (idir an 1 Meitheamh agus an 30 Meán Fómhair amháin) agus folimistéir 4 agus 9 de CITM

Tráil pheiligeacha (singil agus péire)

Folimistéir 6, 7, 8 agus 9 de CITM

Tráil ardoscailte

Ranna 3b, 3c agus 3d de CITM

Líon geolbhaigh grinneallsocraithe nó líonta fostúcháin ar mó ná 80mm nó ar cothrom le 80 mm a mogallmhéid

2.2.

Ní bheidh feidhm ag pointe 2.1 maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche taighde eolaíoch, agus chun na críche sin amháin, le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus arb é is aidhm leo bearta teicniúla a cheapadh chun gabháil nó marú céiticeach de thaisme a laghdú.

CUID B

Éanlaith mhara

I gcás ina léir ó na sonraí dá dtagraítear i bpointe 2 den mhír réamhráiteach den Iarscríbhinn seo go bhfuil líon sin na gabhálacha de thaisme d’éanlaith mhara in iascaigh shonracha ina bhagairt tromchúiseach do stádas caomhantais na n-éanlaithe sin, úsáidfidh na Ballstáit línte scanraithe éan agus/nó línte ualaithe, má chruthaítear go heolaíoch go bhfuil leas caomhantais sa limistéar sin de dhroim na húsáide sin, agus más praiticiúil agus tairbhiúil, is nuair atá an dorchadas ann, agus gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá le haghaidh sábháilteachta, socróidh siad spiléir.

CUID C

Turtair mhara

1.   Iascaigh ina bhfuil úsáid gaireas eisiatóra turtar éigeantach.

1.1.

Beidh toirmeasc ar shoithí trealamh iascaireachta a shonraítear thíos a úsáid i limistéir shonracha gan gaireas eisiatóra turtar a úsáid san am céanna.

Limistéar

Speiceas

Trealamh

Uiscí an Aontais san Aigéan Indiach agus san Atlantach Thiar

Séaclaí (Penaeus spp., Xiphopenaeus kroyeri)

Aon tráil séaclaí

1.2.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear rialacha mionsonraithe maidir le sonraíocht an ghairis dá dtagraítear i bpointe 1.1.

IARSCRÍBHINN XIV

TÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA ROGHNAÍOCHTA SPEICEAS

An Mhuir Thuaidh

Uiscí an Iarthuaiscirt

Uiscí an Iardheiscirt

Muir Bhailt

An Mheánmhuir

Trosc

Trosc

Colmóir

Trosc

Colmóir

Cadóg

Cadóg

Faoitín

Leathóg bhallach

Milléad dearg

Liúdar

Liúdar

Scoilteán

 

 

Faoitín

Faoitín

 

 

 

Leathóg bhallach

Leathóg bhallach

 

 

 


25.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

202


RIALACHÁN (AE) 2019/1242 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gComhaontú Pháras leagtar amach, inter alia, sprioc fhadtéarmach i gcomhréir leis an gcuspóir an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1,5 °C. Deimhnítear drochthionchair an athraithe aeráide go neamh-dhéchiallach sna torthaí eolaíocha is déanaí a thuairiscigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) ina thuarascáil speisialta ar na tionchair a ghabhann le téamh domhanda atá 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus faoi na conairí laghdaithe gaolmhara maidir le hastaíochtaí domhanda na ngás ceaptha teasa. Is é conclúid na tuarascála speisialta sin ná go bhfuil géarghá le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí i ngach earnáil chun teorainn a chur leis an athrú aeráide.

(2)

Chun rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras, is gá dlús a chur le claochlú na hearnála iompair ar fad i dtreo astaíochtaí nialasacha, i bhfianaise theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal “A Clean Planet for alla European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate neutral economy” (“Pláinéad Glan do Chách — fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de”), ina dtugtar achoimre ar an bhfís is gá ar mhaithe le claochluithe eacnamaíocha agus sochaíocha, ina bhfuil gach earnáil sa gheilleagar agus sa tsochaí rannpháirteach, chun an t-aistriú chuig glan-astaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2050. Ina theannta sin, ní mór astaíochtaí truailleán aeir ón earnáil iompair a dhéanann dochar suntasach dár sláinte agus don chomhshaol a laghdú go mór gan mhoill.

(3)

Ghlac an Coimisiún pacáistí soghluaisteachta an 31 Bealtaine 2017 (“Europe on the Move: An agenda for a socially fair transition towards clean, competitive and connected mobility for all” (“An Eoraip ag Gluaiseacht: Clár le haghaidh aistriú atá cothrom go sóisialta i dtreo soghluaisteacht ghlan iomaíoch nasctha”) agus 8 Samhain 2017 (“Delivering on low-emission mobilityA European Union that protects the planet, empowers its consumers and defends its industry and workers” (“Soghluaisteacht íseal-astaíochtaí a chur chun feidhme: Aontas Eorpach a chosnaíonn an domhain, a thugann cumhacht dá thomhaltóirí agus a chosnaíonn a thionscal agus a oibrithe”). Leagtar amach clár oibre dearfach sna pacáistí sin agus dírítear freisin ar aistriú rianúil i dtreo soghluaisteacht ghlan iomaíoch nasctha do chách a áirithiú.

(4)

Is cuid de tríú pacáiste soghluaisteachta ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2018 dar teideal “Europe on the MoveSustainable Mobility for Europe: safe, connected and clean” (“An Eoraip ag Gluaiseacht — Soghluaisteacht Inbhuanaithe don Eoraip: slán, nasctha agus glan”) an Rialachán seo, ar cuid é den obair a lean teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 dar teideal “Investing in a smart, innovative and sustainable Industry: A renewed EU Industrial Policy Strategy” (“Infheistíocht a dhéanamh ar mhaithe le tionscal cliste, nuálach, inbhuanaithe: Straitéis athnuaite Beartais Tionsclaíochta AE”). Tá an Rialachán seo ceaptha freisin an próiseas a chríochnú chun cur ar chumas an Aontais lántairbhe a bhaint as nuachóiriú agus dícharbónú na soghluaisteachta. Is é is aidhm don tríú pacáiste sin an tsoghluaisteacht san Eoraip a dhéanamh níos sábháilte agus níos inrochtana, an tionscal san Eoraip a dhéanamh níos iomaíche, na poist san Eoraip a dhéanamh níos sábháilte, agus an córas soghluaisteachta a dhéanamh níos glaine agus níos oiriúnaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Teastóidh leis sin tiomantas iomlán ó thaobh an Aontais, ó thaobh na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí de, go háirithe má táthar chun cur leis na hiarrachtaí astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) agus truailliú aeir a laghdú.

(5)

Leis an Rialachán seo, chomh maith le Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) , réitítear an bealach le haghaidh laghduithe ar astaíochtaí CO2 i gcás na hearnála iompair de bhóthar agus cuidíonn sé an sprioc cheangailteach a bhaint amach maidir le laghdú 40 % ar a laghad a bhaint amach i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre ar fud an gheilleagair faoi 2030, i gcomparáid le 1990, faoi mar a formhuiníodh i gConclúidí na Comhairle Eorpaí an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, agus arna fhormheas ag an gComhairle an 6 Márta 2015 mar “Rannchuidiú Beartaithe an Aontais arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras”.

(6)

Formhuiníodh i gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, laghdú 30 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 2005 do na hearnálacha nach cuid de chóras trádála astaíochtaí an Aontais iad. Is iad astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil iompair de bhóthar is cúis le cuid mhór d’astaíochtaí na n-earnálacha sin. Bhí an earnáil iompair de bhóthar freagrach as tuairim is ceathrú cuid d’astaíochtaí iomlána an Aontais in 2016. Tá astaíochtaí na hearnála sin ag méadú, agus tá siad i bhfad os cionn leibhéil 1990 go fóill. Má thagann méadú breise ar astaíochtaí ó iompar de bhóthar, déanfaidh siad na laghduithe ar astaíochtaí atá déanta in earnálacha eile chun an t-athrú aeráide a chomhrac a chur ar ceal.

(7)

Leagadh béim sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 ar an tábhacht a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus na rioscaí a bhaineann le bheith spleách ar bhreosla iontaise in earnáil an iompair a laghdú trí bhíthin cur chuige cuimsitheach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun an laghdú ar astaíochtaí agus an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn in earnáil an iompair, le haghaidh iompar leictreach agus foinsí in-athnuaite fuinnimh in earnáil an iompair freisin tar éis 2020.

(8)

Chun fuinneamh atá slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a chur ar fáil do thomhaltóirí san Aontas, tá rannchuidiú na héifeachtúlachta fuinnimh leis an éileamh a mhaolú ar cheann de na cúig ghné a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015 dar teideal “A Framework Strategy for a Resilient Energy Union with a Forward-Looking Climate Change Policy”(“Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide”), ar gnéithe iad a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile agus a neartaíonn a chéile. Luaitear sa teachtaireacht sin, cé gur gá bearta a dhéanamh sna hearnálacha eacnamaíocha ar fad chun éifeachtúlacht an ídithe fuinnimh sna hearnálacha sin a mhéadú, go bhfuil cumas ollmhór san earnáil iompair ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de.

(9)

Is iad astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair, lena n-áirítear leoraithe, busanna agus cóistí, is cúis le thart ar 6 % de na hastaíochtaí CO2 san Aontas ina n-iomláine agus thart ar 25 % de na hastaíochtaí CO2 ó iompar de bhóthar ina n-iomláine. Mura ndéantar aon bheart ina leith sin, meastar go dtiocfaidh méadú thart ar 9 % ar an sciar d’astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair idir 2010 agus 2030. Faoi láthair, ní leagtar síos le dlí an Aontais aon cheanglais maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair, agus mar sin, beidh gá le bearta sonracha d’fheithiclí den sórt sin gan mhoill.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú do 2025 agus 2030 le haghaidh flíteanna feithiclí nua tromshaothair ar fud an Aontais, agus an t-am is gá chun an flít feithiclí a athnuachan agus an gá don earnáil iompair de bhóthar rannchuidiú le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach do 2030 agus ina dhiaidh sin á chur san áireamh. Comhartha luath agus soiléir is ea an cur chuige céim ar chéim sin freisin don tionscal dlús a chur le teicneolaíocht atá éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a thabhairt isteach ar an margadh. Ba cheart gur rannchuidiú é feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a imlonnú chun dul i ngleic le fadhbanna soghluaisteachta uirbeacha. Cé go bhfuil sé riachtanach chun astaíochtaí CO2 a laghdú san earnáil iompair de bhóthar, tá cur chun cinn feithiclí tromshaothair den sórt sin ag monaróirí tábhachtach freisin le haghaidh laghdú iarbhír ar thruailleáin aeir agus ar leibhéil torainn iomarcacha i gcathracha agus i limistéir uirbeacha.

(11)

Chun an cumas ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de a bhaint amach ina iomláine agus chun a áirithiú go rannchuidíonn an earnáil iompair de bhóthar ina hiomláine leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a aontaíodh a bhaint amach, is iomchuí na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 atá i bhfeidhm cheana féin i dtaca le gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua a chomhlánú trí chaighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i dtaca le feithiclí nua tromshaothair a leagan síos. A bhuí leis na caighdeáin feidhmíochta sin, spreagfar an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí lena gcuirfear an éifeachtúlacht bhreosla chun cinn, rud a chuirfidh le ceannaireacht theicneolaíoch mhonaróirí agus sholáthraithe an Aontais, agus le cruthú post ardoilte san fhadtéarma.

(12)

Ag cur san áireamh gur fadhb thrasteorann é an t-athrú aeráide agus gur gá margadh aonair dea-fheidhmiúil a chosaint do sheirbhísí iompair de bhóthar agus, ina theannta sin, d’fheithiclí tromshaothair agus ilroinnt ar an margadh a sheachaint ag an am céanna, is iomchuí caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i dtaca le feithiclí tromshaothair a leagan síos ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na caighdeáin feidhmíochta sin a bheith gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais.

(13)

Agus na leibhéil laghdúcháin i dtaobh astaíochtaí CO2 á sainiú ba cheart do fhlít feithiclí tromshaothair an Aontais a bhaint amach, ba cheart go gcuirfí san áireamh éifeachtacht na leibhéal laghdúcháin sin chun cuidiú ar bhealach costéifeachtach astaíochtaí CO2 na n-earnálacha arna gcumhdach le Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a laghdú faoi 2030, na costais agus na coigiltis a bheadh ann don tsochaí, do mhonaróirí, d’oibreoirí iompair agus do thomhaltóirí agus, ina theannta sin, na himpleachtaí díreacha agus indíreacha a bheadh ag na leibhéil laghdúcháin sin don fhostaíocht, don nuálaíocht agus don na tairbhí indíreacha arna nginiúint i dtéarmaí truailliú aeir a laghdú agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú.

(14)

Ba cheart aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, arb aistriú é a bheidh inghlactha go sóisialta agus cóir, a áirithiú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí san áireamh éifeachtaí sóisialta an aistrithe ar fud an tslabhra luacha ar fad sa tionscal mótarfheithiclí agus go dtabharfaí aghaidh ghníomhach ar na himpleachtaí fostaíochta. Ba cheart féachaint ar chláir spriocdhírithe, dá bhrí sin, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh athsciliú, uas-sciliú agus ath-imlonnú oibrithe, mar aon le tionscnaimh oideachais agus cuardaithe poist i bpobail agus réigiúin atá thíos leis an aistriú, ar tionscnaimh iad a reáchtálfar i ndlúth-idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta agus na húdaráis inniúla. Mar chuid den aistriú sin, ba cheart fostaíocht na mban mar aon le comhionannas deiseanna san earnáil sin a neartú.

(15)

Chun go mbeidh rath ar an aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, is gá cur chuige comhtháite agus an timpeallacht cheart chumasúcháin chun an nuálaíocht a spreagadh agus chun go leanfaidh an tAontas de bheith ina cheannaire teicneolaíochta san earnáil iompair de bhóthar. Áirítear leis sin infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha sa taighde agus sa nuálaíocht, méadú ar sholáthar na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle, leathadh amach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe, an comhtháthú leis na córais fuinnimh, mar aon le soláthar inbhuanaithe ábhar le haghaidh ceallraí san Eoraip agus táirgeadh inbhuanaithe ceallraí, agus athúsáid agus athchúrsáil ceallraí san Eoraip. Is gá gníomhaíocht chomhleanúnach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chuige sin, lena n-áirítear trí dhreasachtaí chun tacú le glacadh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle.

(16)

Tugadh isteach nós imeachta nua chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair ar leith a chinneadh mar chuid de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chur chun feidhme. Le Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún (6), déantar foráil maidir le modheolaíocht, bunaithe ar an uirlis ríofa um ídiú fuinnimh feithicle (VECTO), lenar féidir astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla fhlít iomlán na bhfeithiclí tromshaothair a ionsamhlú. Leis an modheolaíocht sin, féadtar éagsúlacht na hearnála feithiclí tromshaothair agus ardleibhéal oiriúnaithe feithiclí tromshaothair ar leith a chur san áireamh. Ar dtús, ón 1 Iúil 2019, déanfar astaíochtaí CO2 a chinneadh do cheithre ghrúpa feithiclí tromshaothair arb iad is cúis le thart ar 65 % go 70 % d’astaíochtaí uile CO2 ó fhlít feithiclí tromshaothair an Aontais.

(17)

I bhfianaise na nuálaíochta agus chun cur chun feidhme teicneolaíochtaí nua lena gcuirtear feabhas ar éifeachtúlacht breosla feithiclí tromshaothair a chur san áireamh, déanfar uirlis ionsamhlúcháin VECTO agus Rialachán (AE) 2017/2400 a nuashonrú ar bhonn leanúnach agus go tráthrialta.

(18)

Is faoi Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a dhéanfar faireachán ar na sonraí i leith astaíochtaí CO2 arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2017/2400. Ba cheart na sonraí sin a bheith mar bhonn chun a chinneadh cad iad na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 atá le baint amach ag na ceithre ghrúpa de na feithiclí tromshaothair is mó astaíochtaí san Aontas agus, lena chois sin, chun meánastaíochtaí sonracha monaróra i dtréimhse tuairiscithe ar leith a chinneadh.

(19)

Ba cheart sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú do 2025 a bheadh ina laghdú coibhneasta bunaithe ar mheánastaíochtaí CO2 de chuid na bhfeithiclí tromshaothair sin a nuachláraíodh le linn na tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020, lena léirítear imlonnú gnáthfheithiclí teicneolaíochtaí costéifeachtacha ar féidir teacht orthu go héasca. Ba cheart sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú don bhliain 2030 ar aghaidh. Ba cheart feidhm a bheith ag an sprioc sin mura gcinnfear a mhalairt de bhun an athbhreithnithe atá le déanamh in 2022. Is i gcomhréir le gealltanais an Aontais Eorpaigh faoi Chomhaontú Pháras ba cheart measúnú ar sprioc 2030 a dhéanamh.

(20)

Chun stóinseacht na n-astaíochtaí tagartha CO2 i leith astaíochtaí CO2 méadaithe feithiclí tromshaothair a áirithiú, trí bhíthin nós imeachta míchuí, nach léireodh cás ina bhfuil na hastaíochtaí CO2 faoi rialáil cheana féin, is iomchuí modheolaíocht ceartúcháin chun na hastaíochtaí tagartha CO2 a chur ar fáil.

(21)

Breosla malartach atá ar fáil d’fheithiclí tromshaothair is ea an gás nádúrtha leachtaithe (GNL) in áit díosail. De bhíthin teicneolaíochtaí níos nuálaí atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn i réimse GNL a bheith á n-imlonnú, rannchuideofar le spriocanna i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma toisc gurb ísle astaíochtaí CO2 de thoradh theicneolaíochtaí GNL a bheith á n-úsáid i gcomparáid le feithiclí díosail. Léirítear go cuimsitheach in VECTO cheana féin, an cumas atá ag feithiclí GNL astaíochtaí CO2 a laghdú. Ina theannta sin, agus a bhuí sin le teicneolaíochtaí GNL, áirithítear go mbeidh leibhéal íseal astaíochtaí truailleán aeir ann, amhail astaíochtaí NOx agus astaíochtaí ábhair cháithnínigh. Tá bonneagar athbhreoslaithe leordhóthanach íosta ann freisin agus tá tuilleadh imlonnaithe á dhéanamh air mar chuid de chreataí beartais náisiúnta le haghaidh bonneagar breoslaí malartacha.

(22)

Nuair a bheidh astaíochtaí tagartha CO2 á ríomh, arb astaíochtaí iad a úsáidfear mar bhunús chun spriocanna 2025 agus 2030 i leith astaíochtaí sonracha CO2 a shocrú, ba cheart an cumas laghdúcháin maidir le hastaíochtaí CO2 a bhfuiltear ag súil leis ón bhflít feithiclí tromshaothair a chur san áireamh. Is iomchuí, dá bharr sin, feithiclí seirbhíse, amhail feithiclí bailithe bruscair nó feithiclí láithreáin tógála, a eisiamh ón ríomh sin. Bíonn míleáiste réasúnta íseal ag na feithiclí sin, agus i ngeall ar a bpatrún tiomána sonrach, dealraíonn sé nach bhfuil bearta teicniúla atá ceaptha astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a laghdú costéifeachtach sa dóigh chéanna agus atá siad i gcás feithiclí tromshaothair a úsáidtear chun earraí a sheachadadh.

(23)

Ba cheart na ceanglais maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shloinneadh i ngraim CO2 in aghaidh tona-ciliméadar chun fóntas na bhfeithiclí tromshaothair a léiriú.

(24)

Ní mór a áirithiú go leithdháilfear go cothrom na ceanglais fhoriomlána maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 ar na monaróirí, agus an éagsúlacht a bhaineann le feithiclí tromshaothair ó thaobh a ndeartha agus a bpatrúin tiomána de, agus a míleáiste bliantúil, pálasta agus cumraíocht leantóra á gcur san áireamh. Is iomchuí, dá bhrí sin, dealú a dhéanamh idir feithiclí tromshaothair de réir foghrúpaí feithicle difriúla agus ar leith lena léirítear gnáthphatrún úsáide na bhfeithiclí agus a n-airíonna teicniúla sonracha. Trí spriocanna bliantúla i leith astaíochtaí sonracha CO2 a shocrú do mhonaróirí a chomhfhreagraíonn do mheán ualaithe na spriocanna a shainítear do gach ceann de na foghrúpaí sin, tugtar freisin an deis do mhonaróirí cothromaíocht a bhaint amach ar bhealach éifeachtach idir feithiclí i bhfoghrúpaí áirithe nach n-éiríonn leo na spriocanna a bhaint amach agus feithiclí i bhfoghrúpaí eile a sháraíonn na spriocanna, agus meánastaíochtaí CO2 na bhfeithiclí sna foghrúpaí difriúla le linn a saolré á gcur san aíreamh.

(25)

Is ar bhonn a mheánastaíochtaí CO2 ba cheart a mheas an bhfuil ag éirí le monaróir a spriocanna bliantúla i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chomhlíonadh. Chun na meánastaíochtaí sonracha CO2 a shocrú, ba cheart na sonraíochtaí a léirítear sna foghrúpaí feithiclí éagsúla a mheas chomh maith. Mar thoradh air sin, ba cheart na meánastaíochtaí sonracha CO2 atá ag monaróir a bheith bunaithe ar na meánastaíochtaí CO2 a chinntear do gach foghrúpa feithiclí, lena n-áirítear ualú atá bunaithe ar an meánmhíleáiste bliantúil agus ar an meán-phálasta atá toimhdithe maidir leis na foghrúpaí sin, lena léirítear astaíochtaí iomlána CO2 le linn na saolré iomláine. De bharr cumas teoranta feithiclí seirbhíse maidir le hastaíochtaí CO2, níor cheart na feithiclí sin a chur san áireamh chun meánastaíochtaí sonracha a ríomh.

(26)

Chun aistriú rianúil chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a áirithiú agus chun dreasachtaí a sholáthar chun feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a fhorbairt agus a imlonnú ar mhargadh an Aontais a chomhlánódh ionstraimí a imríonn tionchar ar an éileamh, amhail Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart sásra tiomnaithe i bhfoirm sár-chreidmheasanna a thabhairt isteach le haghaidh na dtréimhsí tuairiscithe roimh 2025 agus ba cheart tagarmharc do sciar na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle i bhflít monaróra a shocrú do na treimhsí tuairiscithe ó 2025 ar aghaidh.

(27)

Ba cheart an córas dreasachta a dhearadh chun cinnteacht infheistíochta do sholáthraithe agus monaróirí bonneagair luchtaithe a áirithiú chun imlonnú gasta ar mhargadh an Aontais d’fheithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle a chur chun cinn, agus solúbthacht áirithe á ceadú san am céanna do mhonaróirí a n-amlíne infheistíochta a chinneadh.

(28)

Chun críche meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh, sna tréimhsí tuairiscithe roimh 2025, ba cheart feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha uile agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle uile a chomhaireamh níos mó ná uair amháin. Do na treimhsí tuairiscithe ó 2025 ar aghaidh, ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh agus a fheidhmiú i gcomparáid le tagarmharc na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus ísle á chur san áireamh. Ba cheart an leibhéal dreasachtaí a athrú ag brath ar astaíochtaí iarbhír CO2 na feithicle. Chun a áirithiú nach ndéanfaí cuspóirí comhshaoil a lagú, ba cheart an laghdú a dhéanfaí dá bharr ar astaíochtaí CO2 a bheith faoi réir uasteorann.

(29)

Níor cheart feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a dhreasú ach amháin i gcás inar lú a n-astaíochtaí CO2 ná leath d’astaíochtaí tagartha CO2 na bhfeithiclí ar fad san fhoghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil tromshaothair. Thabharfadh sé sin spreagadh don nuálaíocht sa réimse sin.

(30)

Agus an sásra dreasachta á cheapadh le haghaidh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a imlonnú, ba cheart leoraithe beaga nach bhfuil faoi réir spriocanna i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 faoin Rialachán seo a áireamh freisin. Ina theannta sin, baineann tairbhí móra leis na feithiclí sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna truaillithe aeir i gcathracha. Chun a áirithiú go mbeidh cothromaíocht mhaith ann idir na cineálacha difriúla feithicle ó thaobh dreasachtaí de, ba cheart an laghdú ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra, de thoradh leoraithe beaga astaíochtaí nialasacha a bheith faoi réir uasteorann freisin.

(31)

Chun cur chun feidhme costéifeachtach na gceanglas maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a chur chun cinn, agus na hathruithe ar chomhdhéanamh fhlít na bhfeithiclí tromshaothair agus ar na hastaíochtaí CO2 le himeacht na mblianta á gcur san áireamh, ba cheart an deis a bheith ag monaróirí cothromaíocht a bhaint amach idir an bhliain ina sáraíonn siad an sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 is gá dóibh a chomhlíonadh agus an bhliain nach n-éiríonn leo an sprioc sin a chomhlíonadh.

(32)

Chun laghduithe luatha ar astaíochtaí CO2 a dhreasú, monaróir, ar lú a mheánastaíochtaí sonracha CO2 ná an chonair laghduithe astaíochtaí CO2 a shainítear trí bhíthin na n-astaíochtaí tagartha CO2 agus sprioc 2025 maidir le hastaíochtaí CO2, ba cheart go mbeadh sé in ann na creidmheasanna astaíochtaí sin a shábháil chun críche an sprioc a chomhlíonadh in 2025. Ar an dóigh chéanna, monaróir, ar lú a mheánastaíochtaí sonracha CO2 ná an chonair laghduithe astaíochtaí CO2 idir sprioc 2025 agus an sprioc is infheidhme ó 2030 ar aghaidh, ba cheart go mbeadh sé in ann na creidmheasanna astaíochtaí sin a shábháil chun críche na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a chomhlíonadh ón 1 Iúil 2025 go dtí 30 Meitheamh 2030.

(33)

I gcás neamhchomhlíonadh a sprice i leith astaíochtaí sonracha CO2 in aon cheann de na tréimhsí tuairiscithe dhá mhí dhéag dar tús 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2030, ba cheart an deis a bheith ag an monaróir fiach astaíochta teoranta a fháil. Mar sin féin, ba cheart do mhonaróirí aon fhiach astaíochta atá fós ann i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2029 dar críoch 30 Meitheamh 2030 a ghlanadh.

(34)

Níor cheart féachaint ar chreidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta ach amháin chun críche cinneadh a dhéanamh an bhfuil ag éirí le monaróir a sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chomhlíonadh agus ní mar shócmhainní atá inaistrithe nó faoi réir bearta fioscacha.

(35)

Ba cheart don Choimisiún pionós airgeadais a fhorchur, i bhfoirm préimhe astaíochtaí CO2 iomarcacha, i gcás inar léir go bhfuil astaíochtaí iomarcacha ag monaróir, agus creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta á gcur san áireamh. Ba cheart go gcuirfí faisnéis faoi astaíochtaí CO2 iomarcacha monaróirí ar fáil go poiblí. Chun dreasacht leordhóthanach a thabhairt do mhonaróirí chun bearta a ghlacadh lena laghdófar astaíochtaí sonracha CO2 ó fheithiclí tromshaothair, tá sé tábhachtach go mbeadh an phréimh níos mó ná meánchostais imeallacha na dteicneolaíochtaí is gá chun na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a bhaint amach. Ba cheart an mhodheolaíocht i dtaca le bailiú préimheanna a shocrú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, agus an mhodheolaíocht arna glacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) á cur san áireamh. Maidir leis an bpréimh, ba cheart go measfaí gur ioncam le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais í. Mar chuid den mheasúnú atá le déanamh de bhun Rialachán (AE) 2019/631, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh arbh fhéidir na méideanna sin a leithdháileadh ar chiste sonrach nó ar chlár ábhartha a bhfuil sé mar aidhm leis aistriú cothrom i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a áirithiú agus tacú le hathsciliú agus uas-sciliú na n-oibrithe san earnáil mótarfheithiclí agus le hoiliúint na n-oibrithe sin i scileanna eile.

(36)

Is gá sásra láidir um chomhlíonadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 faoin Rialachán seo. I ngeall ar an oibleagáid ar mhonaróirí de bhun Rialachán (AE) 2018/956 sonraí atá cruinn a chur ar fáil agus na fíneálacha riaracháin a fhéadfar a fhorchur sa chás nach gcomhlíonfar an oibleagáid sin, déantar deimhin de go mbainfear úsáid as sonraí stóinseacha chun a áirithiú go gcomhlíontar na spriocanna faoin Rialachán seo.

(37)

Chun laghduithe ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach de bhun an Rialacháin seo, ba cheart astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair atá in úsáid a bheith i gcomhréir leis na luachanna arna socrú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, aon neamh-chomhlíonadh córasach a aimsíonn na húdaráis cineálcheadaithe maidir le hastaíochtaí CO2 na bhfeithiclí tromshaothair atá in úsáid a chur san áireamh agus é ag ríomh meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra.

(38)

Chun go mbeidh sé inniúil ar na bearta sin a dhéanamh, ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún nós imeachta a ullmhú agus a bhunú chun a fhíorú go bhfuil astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí tromshaothair inseirbhíse, arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, agus a bhearta cur chun feidhme, i gcomhréir leis na luachanna astaíochta CO2 atá taifeadta sna deimhnithe comhréireachta, sna deimhnithe um cheadú aonair nó sna comhaid faisnéise custaiméara. Agus an nós imeacht sin á fhorbairt, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar mhodhanna a shainaithint, lena n-áirítear úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, chun teacht ar straitéisí lena gcuirtear feabhas saorga ar fheidhmíocht CO2 feithicle sa nós imeachta deimhniúcháin. I gcás ina n-aimsítear neamhréireachtaí nó straitéisí lena gcuirtear feabhas saorga ar fheidhmíocht CO2 feithicle le linn na bhfíoruithe sin, tá na torthaí sin le meas mar chúiseanna leordhóthanacha a cheapadh gur ann do riosca tromchúiseach neamhchomhlíonta maidir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus ba cheart do na Ballstáit, ar an mbonn sin, na bearta is gá a dhéanamh de bhun Chaibidil XI de Rialachán (AE) 2018/858.

(39)

I bhfírinne, maidir leis na spriocanna i leith astaíochtaí CO2 a leagtar amach sa Rialachán seo, braitheann a n-éifeachtacht go mór ar fhíorionadaíochas na modheolaíochta a úsáidtear chun astaíochtaí CO2 a chinneadh. I gcomhréir leis an Tuairim ón Sásra um Chomhairle Eolaíoch (SAM) i dtaca le feithiclí saothair éadroim, agus an moladh ó Pharlaimint na hEorpa tar éis di tomhais astaíochtaí san earnáil mótarfheithiclí a fhiosrú, is iomchuí freisin i gcás feithiclí tromshaothair sásra a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar fhíorionadaíochas luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2017/2400. Is é an bealach is iontaofa chun fíorionadaíochas na luachanna sin a áirithiú ná trí úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh. Ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún dá bhrí sin na nósanna imeachta a fhorbairt is gá chun sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh, a bhfuil gá leo chun na measúnuithe sin a dhéanamh, a bhailiú agus a phróiseáil agus a áirithiú go mbeidh na sonraí sin ar fáil don phobal, fad a fhoráiltear don chosaint a thugtar d’aon sonraí pearsanta.

(40)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh sonraí faoi ídiú breosla agus fuinnimh a bheith ina gcuidiú lena áirithiú go mbeidh astaíochtaí CO2 feithiclí arna gcinneadh le huirlis VECTO i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena bhearta cur chun feidhme ionadaíoch i gcónaí ar fhíorastaíochtaí CO2 le himeacht ama do na monaróirí ar fad agus, go sonrach, ar an gcaoi ar féidir na sonraí sin a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an mbearna idir luachanna astaíochtaí CO2 arna gcinneadh le huirlis VECTO agus fíorastaíochtaí CO2 agus, i gcás inar gá, cosc a chur ar mhéadú na bearna sin.

(41)

In 2022, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na gcaighdeán feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a leagtar síos sa Rialachán seo agus, go háirithe, leibhéal na sprice i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 atá le baint amach faoi 2030 agus tar éis sin, na módúlachtaí ar cheart teacht a bheith orthu chun an sprioc sin a bhaint amach agus, lena chois sin, na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú i gcás cineálacha eile feithiclí tromshaothair, amhail leoraithe beaga, feithiclí seirbhíse, busanna, cóistí agus leantóirí. Anuas air sin, ba cheart a chur san áireamh leis an measúnú sin, chun críche an Rialacháin seo agus chun na críche sin amháin, breithnithe ar fheithiclí tromshaothair agus cónaisc feithiclí, agus na meáchain agus toisí is infheidhme i dtaobh iompar náisiúnta á gcur san áireamh, mar shampla, iompar modúlach agus iompar idirmhódach, agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar ghnéithe slándála agus éifeachtúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann, ar éifeachtaí idirmhódacha, comhshaoil, bonneagair agus athphreibe chomh maith le suíomh geografach na mBallstát.

(42)

Tá sé tábhachtach go ndéanfaí measúnú ar na hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré na bhfeithiclí tromshaothair ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná 2023, meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí tromshaothair a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin i rith an ama. Ba cheart don Choimisiún bearta leantacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha, a ghlacadh.

(43)

Chun a áirithiú go bhfanann astaíochtaí sonracha CO2 feithiclí tromshaothair ionadaíoch agus go hiomlán cothrom le dáta, is gá leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus ar a bhearta cur chun feidhme a dhéanann difear do na hastaíochtaí sonracha CO2 sin a léiriú sa Rialachán seo. Chun na críche sin, ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún modheolaíocht a chinneadh lena sainítear feithicil tromshaothair ionadaíoch do gach foghrúpa feithiclí, ar ar a bhonn ba cheart athruithe ar astaíochtaí sonracha CO2 a mheas.

(44)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le liosta de shonraí áirithe agus d’fheidhmíocht monaróirí a fhoilsiú.

(45)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le feithiclí atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse a shainaithint agus ceartúcháin a chur i bhfeidhm maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 monaróra, le préimheanna astaíochtaí CO2 iomarcacha a bhailiú, le neamhréireachtaí i luachanna astaíochtaí CO2 a thuairisciú agus iad a chur san áireamh agus meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 á ríomh, le measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha faoinar cinneadh astaíochtaí tagartha CO2 agus na critéir chun a chinneadh an ndearnadh na hastaíochtaí sin a mhéadú go míchuí agus, más amhlaidh go ndearnadh, conas a cheartófar iad, lena áirithiú go gcuirtear paraiméadair áirithe a bhaineann le fíorastaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair ar fáil don Choimisiún, le fíoruithe a dhéanamh go gcomhfhreagraíonn luachanna astaíochtaí CO2 agus luachanna ídithe breosla sna comhaid faisnéise custaiméara d’astaíocht CO2 ó fheithiclí tromshaothair inseirbhíse agus straitéis a bheith ann chun feabhas saorga a chur ar fheidhmíocht na feithicle i dtástálacha a dhéantar nó i ríomhanna a dhéantar, agus le feithicil ionadaíoch amháin nó níos d’fhoghrúpa feithiclí mó a shainiú ar ar a bonn atá coigeartaithe pálasta le cinneadh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le gnéithe áirithe d’fheidhmíocht chomhshaoil feithiclí de chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme dá dtagraítear san aithris seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(46)

Chun eilimintí neamhriachtanacha fhorálacha an Rialacháin seo a leasú nó a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hastaíochtaí tagartha CO2 a choigeartú, i dtaca leis na treoirphrionsabail agus treoirchritéir a leagan amach chun na nósanna imeachta a shainiú chun astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair inseirbhíse a fhíorú agus i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú maidir le paraiméadair theicniúla áirithe, lena n-airítear ualuithe na bpróifílí misin, na luachanna pálasta, na luachanna an mhíleáiste bhliantúil agus na fachtóirí coigeartaithe pálasta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(47)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair a ghnóthú go leordhóthanach ach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(48)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (13) a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

Chun cur le sprioc an Aontais a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 30 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh 2018/842 agus le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i dtaca le feithiclí nua tromshaothair lena ndéanfar astaíochtaí sonracha CO2 ó fhlít feithiclí tromshaothair an Aontais a laghdú i gcomparáid le hastaíochtaí tagartha CO2 mar a leanas:

(a)

15 % do thréimhsí tuairiscithe na bliana 2025 amach;

(b)

30 % do thréimhsí tuairiscithe na bliana 2030 amach, mura gcinnfear a mhalairt de bhun an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 15.

Beidh astaíochtaí tagartha CO2 bunaithe ar na sonraí faireacháin arna dtuairisciú de bhun Rialachán (AE) 2018/956 don tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (“an tréimhse thagartha”), ach gan feithiclí seirbhíse san áireamh, agus déanfar iad a ríomh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí nua tromshaothair de chatagóirí N2 agus N3 a bhfuil na hairíonna seo a leanas acu:

(a)

leoraithe dochta a bhfuil cumraíocht acastóirí 4x2 acu agus uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil a sháraíonn 16 thona;

(b)

leoraithe dochta a bhfuil cumraíocht acastóirí 6x2 acu;

(c)

tarracóirí a bhfuil cumraíocht acastóirí 4x2 acu agus uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil a sháraíonn 16 thona; agus

(d)

tarracóirí a bhfuil cumraíocht acastóirí 6x2 acu.

Beidh feidhm ag an Rialachán freisin, chun críocha Airteagal 5 den Rialachán seo agus phointe 2.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis, maidir le feithiclí nua tromshaothair de chatagóir N nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus nach bhfuil na hairíonna a leagtar amach i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh acu.

Tagraítear leis na catagóirí feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo do na catagóirí feithiclí a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur feithiclí nua tromshaothair i dtréimhse ar leith 12 mhí dar tús an 1 Iúil na feithiclí dá dtagraítear i mír 1 má chláraítear iad san Aontas den chéad uair sa tréimhse sin agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas iad.

Ní dhéanfar clárú roimhe sin, arna dhéanamh lasmuigh den Aontas tráth nach faide ná trí mhí roimh chlárú san Aontas, a chur san áireamh.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nós imeachta sonrach chun feithiclí tromshaothair atá deimhnithe mar fheithiclí seirbhíse a shainaithint de bhun Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus na mbeart cur chun feidhme a ghabhann leis, nach bhfuil cláraithe mar sin, agus déanfaidh sé ceartúcháin a chur i bhfeidhm maidir le meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 monaróra chun na feithiclí sin a chur san áireamh, ó thréimhse tuairiscithe na bliana 2021 amach agus do gach tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “astaíochtaí tagartha CO2” meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 sa tréimhse thagartha dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 1 i gcomhair na bhfeithiclí nua tromshaothair uile i ngach foghrúpa feithiclí, ach gan feithiclí seirbhíse san áireamh, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I;

(2)

ciallaíonn “astaíochtaí sonracha CO2” astaíochtaí CO2 feithicle tromshaothair ar leith arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1 d’Iarscríbhinn I;

(3)

ciallaíonn “tréimhse tuairiscithe na bliana Y” an tréimhse ón 1 Iúil na bliana Y go dtí an 30 Meitheamh na bliana Y+1;

(4)

ciallaíonn “meánastaíochtaí sonracha CO2” meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair feithiclí nua tromshaothair monaróra i dtréimhse tuairiscithe ar leith arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.7 d’Iarscríbhinn I;

(5)

ciallaíonn “sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2” sprioc astaíochtaí CO2 de chuid monaróra aonair, arna sloinneadh in g/tkm agus arna cinneadh ar bhonn bliantúil don tréimhse tuairiscithe roimhe sin i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn I;

(6)

ciallaíonn “leoraí docht” leoraí nach bhfuil deartha nó déanta chun leathleantóir a tharraingt;

(7)

ciallaíonn “tarracóir” aonad tarracóra atá deartha agus déanta go heisiach nó go príomha chun leathleantóirí a tharraingt;

(8)

ciallaíonn “foghrúpa feithiclí” grúpa feithiclí mar a shainítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, a bhfuil tacar comhchoiteann sainiúil critéar teicniúil mar shaintréith acu atá ábhartha chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na bhfeithiclí sin a chinneadh;

(9)

ciallaíonn “feithicil seirbhíse” feithicil tromshaothair ar ina leith a cinneadh astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme, do phróifílí misin eile seachas na cinn sin a shainítear i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus do na próifílí misin sin amháin;

(10)

ciallaíonn “monaróir” an duine nó an comhlacht atá freagrach as na sonraí a bhaineann le feithiclí nua tromshaothair a thíolacadh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/956 nó, i gcás feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha, an duine nó an comhlacht atá freagrach don údarás ceadaithe as gach gné de nós imeachta cineálcheadaithe CE nó as an nós imeachta aonair ceadaithe i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE agus as comhréireacht na táirgeachta a áirithiú;

(11)

ciallaíonn “feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha” feithicil tromshaothair nach bhfuil inneall dócháin inmheánaigh aici, nó a bhfuil inneall dócháin inmheánaigh aici a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/kWh arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme, nó a astaíonn níos lú ná 1 g CO2/km arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus a bhearta cur chun feidhme;

(12)

ciallaíonn “feithicil tromshaothair astaíochtaí ísle” feithicil tromshaothair, seachas feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha, a bhfuil astaíochtaí sonracha CO2 aici is lú ná a leath d’astaíochtaí tagartha CO2 na bhfeithiclí ar fad san fhoghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil tromshaothair, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.3.3 d’Iarscríbhinn I;

(13)

ciallaíonn “próifíl mhisin” meascán de sprioc maidir le timthriall luais, luach pálasta, cumraíocht chabhlach nó leantóra agus paraiméadair eile, más infheidhme, lena léirítear an úsáid shonrach a bhaintear as feithicil, ar ar a bhonn a chinntear astaíochtaí oifigiúla CO2 agus ídiú oifigiúil breosla feithicle tromshaothair;

(14)

ciallaíonn “sprioc maidir le timthriall luais” an tuairisc ar threoluas na feithicle is mian leis an tiománaí a bhaint amach nó ag a bhfuil sé teoranta i ngeall ar dhálaí tráchta, mar fheidhm den fhad arna thaisteal le linn turais;

(15)

ciallaíonn “pálasta” meáchan na n-earraí nó na ndaoine a iompraíonn feithicil faoi dhálaí difriúla.

Airteagal 4

Meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra

Cinnfidh an Coimisiún, ón 1 Iúil 2020 den chéad uair, agus gach tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, meánastaíochtaí sonracha CO2 gach monaróra in g/tkm don tréimhse tuairiscithe roimhe sin, trí na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

na sonraí arna dtuairisciú de bhun Rialachán (AE) 2018/956 i dtaca le feithiclí nua tromshaothair an mhonaróra arna gclárú sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, ach gan feithiclí seirbhíse san áireamh; agus

(b)

an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5.

Déanfar na meánastaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh i gcomhréir le pointe 2.7 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle

1.   Cinnfidh an Coimisiún, ón 1 Iúil 2020 den chéad uair agus gach tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin do gach monaróir an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle don tréimhse tuairiscithe roimhe sin.

Leis an bhfachtóir astaíochtaí nialasacha agus leis an bhfachtóir astaíochtaí ísle, cuirfear san áireamh líon na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle, mar aon lena n-astaíochtaí CO2, i bhflít an mhonaróra i dtréimhse tuairiscithe, lena n-áirítear feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1), chomh maith le feithiclí seirbhíse astaíochtaí nialasacha agus feithiclí seirbhíse astaíochtaí ísle, agus cinnfear na fachtóirí sin i gcomhréir le pointe 2.3 d’Iarscríbhinn I.

2.   I gcás thréimhsí tuairiscithe 2019 go 2024, déanfar líon na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a chomhaireamh mar a leanas chun críche mhír 1:

(a)

comhairfear feithicil astaíochtaí nialasacha mar dhá fheithicil; agus

(b)

comhairfear feithicil astaíochtaí ísle mar suas le dhá fheithicil de réir feidhm de chuid a hastaíochtaí sonracha CO2 agus thairseach astaíochtaí ísle an fhoghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil, mar a shainítear i bpointe 2.3.3 d’Iarscríbhinn I.

Déanfar an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle a chinneadh i gcomhréir le pointe 2.3.1 d’Iarscríbhinn I.

3.   I gcás na dtréimhsí tuairiscithe ón mbliain 2025 ar aghaidh, is ar bhonn thagarmharc 2 % a chinnfear an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle, i gcomhréir le pointe 2.3.2 d’Iarscríbhinn I.

4.   I ngeall ar an bhfachtóir astaíochtaí nialasacha agus ar an bhfachtóir astaíochtaí ísle, laghdófar meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra faoi 3 % ar a mhéad. De thoradh rannchuidiú na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1) leis an bhfachtóir sin, laghdófar meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra faoi 1,5 % ar a mhéad.

Airteagal 6

Spriocanna monaróra i leith astaíochtaí sonracha CO2

Cinnfidh an Coimisiún, ón 1 Iúil 2026 den chéad uair agus i ngach tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, do gach monaróir sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 don tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Is é a bheidh sa sprioc sin i leith astaíochtaí sonracha CO2 suim na dtorthaí, as measc na bhfoghrúpaí feithiclí uile, ar na luachanna seo a leanas:

(a)

an sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den chéad mhír d’Airteagal 1, de réir mar is infheidhme;

(b)

astaíochtaí tagartha CO2;

(c)

sciar feithiclí an mhonaróra i ngach foghrúpa feithiclí;

(d)

na fachtóirí bliantúla míleáiste agus ualaithe pálasta a chuirtear i bhfeidhm maidir le gach foghrúpa feithiclí.

Déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh i gcomhréir le pointe 4 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 7

Creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta

1.   Chun a chinneadh an bhfuil a spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 á gcomhlíonadh ag monaróir le linn thréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2029, cuirfear san áireamh na creidmheasanna astaíochta agus na fiacha astaíochta atá aige arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn I, a chomhfhreagraíonn do líon na bhfeithiclí nua tromshaothair de chuid an mhonaróra, gan feithiclí seirbhíse san áireamh, i dtréimhse tuairiscithe, arna iolrú faoi na nithe seo a leanas:

(a)

an difríocht idir conair laghdaithe astaíochtaí CO2 an mhonaróra sin dá dtagraítear i mír 2 agus a mheánastaíochtaí sonracha CO2, má tá an difríocht sin dearfach (“creidmheasanna astaíochta”); nó

(b)

an difríocht idir meánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra sin agus an sprioc atá aige i leith astaíochtaí sonracha CO2, má tá an difríocht sin dearfach (“fiacha astaíochta2”).

Gheofar creidmheasanna astaíochta i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2019 go 2029. Mar sin féin, ní chuirfear na creidmheasanna astaíochta a gheofar i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2019 go 2024 san áireamh ach amháin chun a chinneadh an bhfuil a spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 á gcomhlíonadh ag an monaróir.

Gheofar fiacha astaíochta i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2029. Mar sin féin, ní rachaidh an fiach astaíochta iomlán monaróra thar 5 % de sprioc an mhonaróra i leith astaíochtaí sonracha CO2 i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2025 arna iolrú faoi líon na bhfeithiclí tromshaothair de chuid an mhonaróra sa tréimhse sin (“an teorainn maidir le fiach astaíochta”).

Aistreofar, i gcás ina mbeidh fáil orthu, creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta a gheofar i dtréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2028, ó thréimhse tuairiscithe féilire amháin go dtí an chéad tréimhse tuairiscithe eile. Glanfar aon fhiacha astaíochta a bheidh fágtha i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2029.

2.   Socrófar an chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 do gach monaróir i gcomhréir le pointe 5.1 d’Iarscríbhinn I, bunaithe ar chonair líneach idir astaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 1 agus an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 mar a shonraítear i bpointe (a) den chéad mhír den Airteagal sin, agus idir an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhse tuairiscithe na bliana 2025 agus an sprioc i leith astaíochtaí CO2 do thréimhsí tuairiscithe na bliana 2030 ar aghaidh mar a shonraítear i bpointe (b) den chéad mhír den Airteagal sin.

Airteagal 8

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chomhlíonadh

1.   I gcás ina bhfaightear go bhfuil astaíochtaí iomarcacha CO2 ag monaróir de bhun mhír 2 i dtréimhse tuairiscithe ar leith ó 2025 ar aghaidh, forchuirfidh an Coimisiún préimh astaíochtaí CO2 iomarcacha, arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

(a)

ó 2025 go 2029,

(Préimh astaíochtaí CO2 iomarcacha) = (Astaíochtaí CO2 iomarcacha x EUR 4 250/gCO2/tkm)

(b)

ó 2030 ar aghaidh,

(Préimh astaíochtaí CO2 iomarcacha) = (Astaíochtaí CO2 iomarcacha x EUR 6 800/gCO2/tkm).

2.   Measfar astaíochtaí CO2 iomarcacha a bheith ag monaróir in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás, le linn aon cheann de thréimhsí tuairiscithe na mbliana 2025 go 2028, ina sáróidh suim na bhfiach astaíochta arna laghdú le méid na gcreidmheasanna astaíochta an teorainn maidir le fiach astaíochta dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 7(1);

(b)

i gcás, le linn thréimhse tuairiscithe na bliana 2029, gur dearfach suim na bhfiach astaíochta arna laghdú le méid na gcreidmheasanna astaíochta nialas;

(c)

i gcás, ó thréimhse tuairiscithe na bliana 2030 ar aghaidh, ina sáróidh meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2.

Déanfar na hastaíochtaí CO2 iomarcacha i dtréimhse tuairiscithe ar leith a ríomh i gcomhréir le pointe 6 d’Iarscríbhinn I.

3.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na modhanna maidir le préimheanna astaíochtaí CO2 iomarcacha a bhailiú faoi mhír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

4.   Measfar, maidir leis na préimheanna astaíochtaí CO2 iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 9

Sonraí faireacháin a fhíorú

1.   Tabharfaidh na húdaráis cineálcheadaithe tuairisc don Choimisiún gan mhoill i dtaca le haon neamhréireacht a aimsítear i luachanna astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair inseirbhíse i gcomparáid leis na luachanna sin a léirítear i ndeimhnithe comhréireachta nó i gcomhad faisnéise an chustaiméara dá dtagraítear in Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2017/2400 de thoradh fíoruithe arna ndéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na neamhréireachtaí dá dtagraítear i mír 1 san áireamh chun meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta chun na neamhréireachtaí sin a thuairisciú agus chun iad a chur san áireamh i ríomh na meánastaíochtaí sonracha CO2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 10

Measúnú ar astaíochtaí tagartha CO2

Chun stóinseacht agus ionadaíochas astaíochtaí tagartha CO2 a áirithiú mar bhonn chun na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 fhlít an Aontais ina iomláine a chinneadh, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na ndálaí faoinar cinneadh astaíochtaí tagartha CO2, agus na critéir a bhunú chun a chinneadh an ndearnadh na hastaíochtaí sin a mhéadú go míchuí agus, más amhlaidh go ndearnadh, conas a cheartófar iad.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 11

Sonraí agus feidhmíocht monaróra a fhoilsiú

1.   Faoin 30 Aibreán gach bliain, foilseoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina léireofar an méid seo a leanas:

(a)

ón 1 Iúil 2020, i gcás gach monaróra, a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)

ón 1 Iúil 2020, i gcás gach monaróra, a fhachtóir astaíochtaí nialasacha agus a fhachtóir astaíochtaí ísle, sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 5(1);

(c)

ón 1 Iúil 2026, i gcás gach monaróra, a sprioc maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 don tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 6;

(d)

ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Iúil 2031, i gcás gach monaróra, a chonair laghdaithe astaíochtaí CO2, a chreidmheasanna astaíochta agus, ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Iúil 2031, a fhiacha astaíochta sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 7;

(e)

ón 1 Iúil 2026, i gcás gach monaróra, a astaíochtaí CO2 iomarcacha sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 8(1);

(f)

ón 1 Iúil 2020 ar aghaidh, an meán d’astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a cláraíodh san Aontas sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin.

Sa liosta atá le foilsiú faoin 30 Aibreán 2021, áireofar astaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 1.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 chun astaíochtaí CO2 a choigeartú i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás ina ndearnadh ualuithe na bpróifílí misin nó na luachanna pálasta a choigeartú de bhun phointe (b) nó phointe (c) d’Airteagal 14(1), tríd an nós imeachta a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II a chur i bhfeidhm;

(b)

i gcás inar cinneadh fachtóirí coigeartaithe de bhun Airteagal 14(2), trí na fachtóirí coigeartaithe sin a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí tagartha CO2;

(c)

i gcás inar cinneadh, i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10, gur ann do mhéadú míchuí ar astaíochtaí tagartha CO2, trí astaíochtaí tagartha CO2 ceartaithe a cheartú faoin 30 Aibreán 2022.

Foilseoidh an Coimisiún na luachanna coigeartaithe i dtaca le hastaíochtaí tagartha CO2 agus cuirfidh sé na luachanna sin i bhfeidhm chun spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra a ríomh sna tréimhsí tuairiscithe ag tosú ó dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe lena gcoigeartaítear na luachanna.

Airteagal 12

Fíorastaíochtaí CO2 agus fíorídiú fuinnimh

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar fhíorionadaíochas luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh arna gcinneadh faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún bailiú tráthrialta ar shonraí maidir le fíorastaíochtaí CO2 agus fíorídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair ina n-úsáidtear feistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, ag tosú le feithiclí nua tromshaothair arna gclárú ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an pobal ar an eolas faoi aon fhorbairt a thagann ar an ionadaíochas sin le himeacht ama.

2.   Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfidh na monaróirí nó na húdaráis náisiúnta ar fáil dó, nó go ndéanfar sin le haistriú díreach sonraí ó na feithiclí féin, de réir mar a bheidh, na paraiméadair seo a leanas a bhaineann le fíorastaíochtaí CO2 agus le fíorídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair go tráthrialta ag tosú ó dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009:

(a)

uimhir aitheantais na feithicle;

(b)

ídiú breosla agus ídiú fuinnimh leictrigh;

(c)

an fad iomlán a thaistealaítear;

(d)

pálasta;

(e)

i gcás feithiclí leictreacha hibrideacha tromshaothair atá in-athluchtaithe ón taobh amuigh, an breosla agus an fuinneamh leictreach a ídíodh, agus an fad a taistealaíodh arna dháileadh i measc na modhanna tiomána éagsúla;

(f)

paraiméadair eile a bhfuil gá leo chun a áirithiú gur féidir na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún na sonraí arna bhfáil faoin gcéad fhomhír den mhír seo a phróiseáil chun tacar sonraí anaithnidithe comhiomlánaithe a chruthú, lena n-áirítear in aghaidh an mhonaróra, chun críocha mhír 1. Ní bhainfear úsáid as uimhreacha aitheantais na bhfeithiclí ach chun críche na próiseála sonraí sin ná ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá chun na críche sin.

3.   Chun cosc a chur ar fhás bhearna na bhfíorastaíochtaí, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2 bhliain agus 5 mhí i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, measúnú ar conas is féidir sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh a úsáid chun a áirithiú go mbeidh luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh feithiclí arna gcinneadh de bhun an Rialacháin sin fós ionadaíoch ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú bliantúil ar conas mar a fhorbróidh an bhearna dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus, d’fhonn cosc a chur le méadú sa bhearna sin, déanfaidh sé measúnú, in 2027, ar a indéanta atá sásra chun coigeartú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra amhail ó 2030, agus, más iomchuí, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun sásra den sórt sin a chur ar bun.

4.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an nós imeachta mionsonraithe chun na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhailiú agus a phróiseáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 13

Fíorú ar astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair inseirbhíse

1.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh luachanna astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla arna dtaifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara dá dtagraítear in Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2017/2400 ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh feithiclí tromshaothair inseirbhíse mar a chinntear i gcomhréir leis an Rialachán sin.

2.   I ndiaidh theacht i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 4, fíoróidh na húdaráis cineálcheadaithe, i gcás na monaróirí sin dar dheonaigh siad ceadúnas chun an uirlis ionsamhlúcháin a oibriú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena mbearta cur chun feidhme, ar bhonn sampláil iomchuí agus ionadaíoch feithiclí, go bhfuil luachanna astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla arna dtaifeadadh sna comhaid faisnéise custaiméara ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh na bhfeithiclí tromshaothair inseirbhíse arna gcinneadh i gcomhréir leis an Rialachán sin agus lena mbearta cur chun feidhme, agus breithniú á dhéanamh, inter alia, ar úsáid a bhaint as sonraí atá ar fáil ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.

Fíoróidh na húdaráis cineálcheadaithe freisin an ann d’aon straitéisí infheithicle nó d’aon straitéisí a bhaineann leis na feithiclí arna sampláil a fheabhsaíonn feidhmíocht na feithicle go saorga sna tástálacha nó sna ríomhanna chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a dheimhniú trí, inter alia, úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.

3.   I gcás ina n-aimsítear easpa comhréireachta maidir le luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla nach féidir a shannadh ar mhífheidhmiú na huirlise ionsamhlúcháin, nó aon straitéisí atá ann lena bhfeabhsaítear feidhmíocht feithicle ar bhonn saorga mar thoradh ar na fíoruithe a dhéantar de bhun mhír 2, áiritheoidh an t-údarás cineálcheadaithe atá freagrach, sa bhreis ar na bearta riachtanacha a leagtar amach i gCaibidil XI de Rialachán (AE) 2018/858 a dhéanamh, go gceartófar na comhaid faisnéise custaiméara, na deimhnithe comhréireachta agus na deimhnithe um cheadú aonair, de réir mar a bheidh.

4.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na nósanna imeachta chun na fíoruithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Tugtar de chumhacht don Choimisiún, sula nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na treoirphrionsabail agus na critéir a leagan amach chun na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainiú.

Airteagal 14

Leasuithe ar Iarscríbhinní I agus II

1.   Chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh an dul chun cinn teicniúil agus an forás ar lóistíocht iompair lastais leis na paraiméadair theicniúla a úsáidtear chun meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra de bhun Airteagal 4 agus na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 de bhun Airteagal 6 a ríomh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun na forálacha seo a leanas a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a leasú:

(a)

na hiontrálacha maidir leis an gcineál cábáin agus leis an gcumhacht innill a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I agus na sainmhínithe ar “chábán codlata” agus “cábán lae” dá dtagraítear sa tábla sin;

(b)

ualuithe na bpróifílí misin a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I;

(c)

na luachanna pálasta a leagtar amach i dTábla 3 d’Iarscríbhinn I, agus na fachtóirí coigeartaithe pálasta a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II;

(d)

luachanna an mhíleáiste bhliantúil a leagtar amach i dTábla 4 d’Iarscríbhinn I.

2.   I gcás ina ndéanfar nósanna imeachta a bhaineann le cineálcheadú a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus bearta cur chun feidhme an Rialacháin sin a mhodhnú trí leasuithe eile seachas na cinn dá bhforáiltear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1 den Airteagal seo ar dhóigh a thiocfaidh méadú nó laghdú is mó ná 5 g CO2/km ar leibhéal astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí ionadaíocha arna sainiú de bhun na míre seo, cuirfidh an Coimisiún, i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(2) fachtóir coigeartaithe i bhfeidhm ar astaíochtaí tagartha CO2 atá le ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II.

3.   Cuirfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modheolaíocht ar bun chun feithicil ionadaíoch amháin nó níos mó d’fhoghrúpa feithiclí a shainiú, lena n-áirítear a n-ualuithe staidrimh, ar ar a mbonn a chinnfear an coigeartú sin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, agus na sonraí faireacháin arna dtuairisciú de bhun Rialachán (AE) 2018/956 agus airíonna teicniúla na bhfeithiclí a liostaítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/2400 á gcur san áireamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo.

Airteagal 15

Athbhreithniú agus tuairisciú

1.   Faoin 31 Nollaig 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i dtaobh a éifeachtaí atá an Rialachán seo, an sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 agus leibhéal an tsásra dreasachta le haghaidh feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle is infheidhme ó 2030, i dtaobh spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a shocrú le haghaidh cineálacha eile feithiclí tromshaothair, lena n-áirítear leantóirí, busanna agus cóistí, agus feithiclí seirbhíse, agus i dtaobh spriocanna ceangailteacha maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 a thabhairt isteach do 2035 agus do 2040 ar aghaidh. Is i gcomhréir le gealltanais an Aontais Eorpaigh faoi Chomhaontú Pháras a dhéanfar measúnú ar sprioc 2030.

2.   Áireofar go háirithe sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an méid seo a leanas freisin:

(a)

measúnú ar éifeachtacht chóras na gcreidmheasanna astaíochta agus na bhfiach astaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus a iomchuí atá sé síneadh a chur le cur i bhfeidhm an chórais sin in 2030 agus ar aghaidh;

(b)

measúnú ar imlonnú feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle, agus aird á tabhairt ar na spriocanna a leagtar amach i dTreoir 2009/33/CE, chomh maith le paraiméadair agus coinníollacha ábhartha a dhéanann difear do chur ar an margadh feithiclí tromshaothair den sórt sin;

(c)

measúnú sa ar éifeachtacht an tsásra dreasachta le haghaidh na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle a leagtar amach in Airteagal 5 agus ar a iomchuí atá eilimintí éagsúla an tsásra dreasachta, d’fhonn é a choigeartú don tréimhse i ndiaidh 2025 faoi chomhair difreáil a d’fhéadfaí a dhéanamh trí raon tiomána astaíochtaí nialasacha agus foghrúpa feithiclí, in éineacht le fachtóirí míleáiste agus fachtóirí ualaithe pálasta, lena ngabhfadh dáta cur i bhfeidhm a dtiocfadh aga tionscanta de thrí bliana ar a laghad roimhe;

(d)

measúnú ar leathadh amach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe is gá, ar an bhféidearthacht caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 innill a thabhairt isteach, go háirithe le haghaidh feithiclí seirbhíse, agus ar fhíorionadaíochas luachanna astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2400;

(e)

chun críche an Rialacháin seo agus chun na críche sin amháin, breithnithe ar fheithiclí tromshaothair agus cónaisc feithiclí, agus na meáchain agus toisí is infheidhme i dtaobh iompar náisiúnta á gcur san áireamh, mar shampla, iompar modúlach agus iompar idirmhódach, agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar ghnéithe slándála agus éifeachtúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann, ar éifeachtaí idirmhódacha, comhshaoil, bonneagair agus athphreibe chomh maith le suíomh geografach na mBallstát;

(f)

measúnú ar uirlis ionsamhlúcháin VECTO chun a áirithiú go ndéanfar an uirlis sin a nuashonrú go leanúnach agus ar bhonn tráthúil;

(g)

measúnú ar an bhféidearthacht modheolaíocht shonrach a fhorbairt chun go gcuirfí san áireamh an rannchuidiú a d’fhéadfaí a dhéanamh le hastaíochtaí CO2 a laghdú trí bhreoslaí sintéiseacha agus ardbhreoslaí inathnuaite leachtacha agus gásacha malartacha a úsáid, lena n-áirítear ríomhbhreoslaí, arna dtáirgeadh le fuinneamh inathnuaite agus lena gcomhlíontar na critéir maidir leis an inbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(h)

measúnú ar a indéanta atá sé sásra comhthiomsaithe oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a thabhairt isteach idir monaróirí;

(i)

measúnú ar leibhéal na préimhe astaíochtaí CO2 iomarcacha chun a áirithiú gur mó an phréimh sin ná meánchostais imeallacha na dteicneolaíochtaí is gá chun na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a bhaint amach.

3.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.

4.   Mar chuid den mheastóireacht de bhun Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2019/631, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an bhféidearthacht na hioncaim ó phréimheanna astaíochtaí sonracha CO2 a shannadh ar chiste sonrach nó ar chlár ábhartha, agus é mar chuspóir leis sin aistriú cóir a áirithiú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach dá dtagraítear in Airteagal 4.1 de Chomhaontú Pháras, go háirithe chun tacú le hathsciliú, uas-sciliú agus oiliúint i scileanna eile agus athdháileadh oibrithe san earnáil mótarfheithiclí i ngach Ballstát a ndéanfar difear dó, go háirithe sna réigiúin agus sna pobail is mó a ndéanfaidh an t-aistriú difear dóibh. Más iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach chuige sin faoi 2027 ar a dhéanaí.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2023, meastóireacht ar an bhféidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí nua tromshaothair a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin. Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht sin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tograí le haghaidh bearta leantacha, amhail tograí reachtacha, a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 44(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11(2), an dara fomhír d’Airteagal 13(4) agus Airteagal 14(1) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana amhail ón 14 Lúnasa 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2), sa dara fomhír d’Airteagal 13(4) agus in Airteagal 14(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 11(2), an dara fomhír d’Airteagal 13(4) agus Airteagal 14(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid ina choinne curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 595/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an abairt seo a leanas leis an gcéad fhomhír:

“Beidh feidhm aige freisin, chun críocha Airteagal 5a, Airteagal 5b agus Airteagal 5c, maidir le feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 5a

Ceanglais shonracha ar mhonaróirí maidir le feidhmíocht chomhshaoil feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4

1.   Áiritheoidh na monaróirí go gcomhlíonfar na ceanglais a leanas le feithiclí nua chatagóir O3 agus chatagóir O4 a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís:

(a)

déanfar tionchar na bhfeithiclí sin ar na hastaíochtaí CO2, ídiú fuinnimh, ídiú leictreachais agus raon tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí a chinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5c;

(b)

feisteofar iad le feistí infheithicle chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar an bpálasta i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c.

2.   Áiritheoidh na monaróirí go ndéanfar feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2 agus N3 a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís a fheistiú le feistí infheithicle chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, pálasta agus míleáiste i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5c.

Áiritheoidh siad freisin go ndéanfar raon tiomána astaíochtaí nialasacha agus ídiú leictreachais na bhfeithiclí sin a chinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(c).

Airteagal 5b

Ceanglais shonracha ar na Ballstáit maidir le feidhmíocht chomhshaoil fheithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4

1.   I gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5c, diúltóidh na húdaráis náisiúnta cineálcheadú CE nó cineálcheadú náisiúnta a dheonú i dtaca le cineálacha feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sna bearta cur chun feidhme sin leo.

2.   I gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5c, toirmeascfaidh na húdaráis náisiúnta díol, clárú nó teacht i seirbhís feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sna bearta cur chun feidhme sin leo.

Airteagal 5c

Bearta i gcomhair gnéithe áirithe chun feidhmíocht chomhshaoil feithiclí chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4 a chinneadh

Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta a leanas a ghlacadh:

(a)

modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4 maidir lena dtionchar ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú leictreachais agus raonta tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí;

(b)

ceanglais theicniúla maidir le feistí infheithicle a fheistiú chun faireachán agus taifeadadh a dhéanamh ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh agus míleáiste mótarfheithiclí chatagóirí M2, M3, N2 agus N3, agus chun pálasta nó meáchan iomlán feithiclí lena gcomhlíontar na saintréithe a leagtar amach i bpointe (a), (b), (c) nó (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus a gcónaisc le feithiclí chatagóir O3 agus chatagóir O4, lena n-áirítear tarchur sonraí idir feithiclí laistigh de chónasc, a chinneadh agus a thaifeadadh, de réir mar is gá;

(c)

modheolaíocht chun raon tiomána astaíochtaí nialasacha agus ídiú fuinnimh feithiclí nua chatagóirí M2, M3, N2 agus N3 a chinneadh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13a.

(*1)  Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956agus Treoir 96/53/CE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).”;"

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 13a

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste Teicniúil maidir le Mótarfheithiclí, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*2)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1). ”."

Airteagal 19

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/956

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/956 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), i Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus i Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4)

(*3)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1)."

(*4)  Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956agus Treoir 96/53/CE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).”;"

(2)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar na sonraí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I maidir le feithiclí nua tromshaothair a chláraítear san Aontas den chéad uair.

Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, ó 2020 ar aghaidh, tuairisceoidh údaráis inniúla na mBallstát sonraí na tréimhse tuairiscithe roimhe sin (an 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh) don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

I ndáil le 2019, áireofar sna sonraí a thuairisceofar faoin 30 Meán Fómhair 2020 na sonraí a ndearnadh faireachán orthu ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020.

Ní dhéanfar faireachán ná tuairisciú ar shonraí maidir le feithiclí nua tromshaothair a cláraíodh roimhe lasmuigh den Aontas, ach amháin i gcás ina ndearnadh an clárú sin tráth is lú ná 3 mhí roimh an gclárú san Aontas.”;

(3)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ó na túsbhlianta a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair faireachán ar na sonraí a shonraítear i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I, i gcás gach feithicle nua tromshaothair.

Faoin 30 Meán Fómhair gach bliain, ó na túsbhlianta a leagtar amach i bpointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I amach, déanfaidh monaróirí feithiclí tromshaothair na sonraí sin a thuairisciú, i gcás gach feithicle nua tromshaothair le dáta ionsamhlúcháin sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin (an 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh), don Choimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

I ndáil le 2019, tuairisceoidh monaróirí na sonraí maidir le gach feithicil nua tromshaothair lena ngabhfaidh dáta ionsamhlúcháin a bheidh sa tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020.

Is é an dáta ionsamhlúcháin an dáta a thuairisceofar i gcomhréir le hiontráil sonraí 71 i bpointe 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I.”;

(4)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Faoin 30 Aibreán gach bliain, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil lena anailís ar na sonraí a tharchuir na Ballstáit agus na monaróirí don tréimhse tuairiscithe roimhe sin.”;

(5)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2:

“3.2.

Cuirfear na sonraí maidir le feithiclí tromshaothair arna gclárú sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus arna dtaifeadadh sa Chlár ar fáil don phobal faoin 30 Aibreán gach bliain, ó 2021 amach, cé is moite de na hiontrálacha sonraí sin a shonraítear in Airteagal 6(1).”.

Airteagal 20

Leasuithe ar Threoir 96/53/CE

Leasaítear Treoir 96/53/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an sainmhíniú seo a leanas isteach i ndiaidh an tsainmhínithe ar “fheithicil a úsáideann breoslaí malartacha”:

“—

ciallaíonn ‘feithicil astaíochtaí nialasacha’ feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5),

(*5)  Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 agus Treoir 96/53/CE (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).”;"

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10b:

“Airteagal 10b

Is iad meáchain údaraithe uasta na bhfeithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha iad sin a leagtar amach i bpointí 2.2.1, 2.2.2, 2.2.3, 2.2.4, 2.3.1, 2.3.2 agus 2.4 d’Iarscríbhinn I.

Leis na feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó na feithiclí astaíochtaí nialasacha, comhlíonfar freisin na teorainneacha maidir le meáchain údaraithe uasta na n-acastóirí a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I.

Is ar bhonn na doiciméadachta arna soláthar ag an monaróir tráth a fhormheasfar an fheithicil lena mbaineann a shaineofar an meáchan breise a bhfuil gá leis ag feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó feithiclí astaíochtaí nialasacha. Léireofar an meáchan breise sin sa chruthúnas oifigiúil atá ag teastáil i gcomhréir le hAirteagal 6.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10h chun an liosta de bhreoslaí malartacha dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhfuil gá le meáchan breise acu a nuashonrú, chun críocha na Treorach seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go leanfaidh an Coimisiún dá ghnáthchleachtas agus go rachaidh sé i mbun comhairliúcháin le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ó na Ballstáit, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.”;

(3)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis an dara colún de phointí 2.2.1, 2.2.2, 2.2.3 agus 2.2.4 agus lena bhfophointí chomh maith:

“I gcás cónaisc feithiclí, lena n-áirítear feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, méadófar na meáchain údaraithe uasta dá bhforáiltear sa roinn seo faoi mheáchan breise an bhreosla mhalartaigh nó na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 1 tonna agus 2 thonna faoi seach.”;

(b)

cuirtear an fhomhír a leanas leis an dara colún de phointe 2.3.1:

“Feithiclí astaíochtaí nialasacha: méadaítear an meáchan údaraithe uasta 18 dtonna faoi mheáchan breise na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 2 thonna.”;

(c)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis an tríú colún de phointe 2.3.2:

“Feithiclí astaíochtaí nialasacha trí acastóir: méadaítear an meáchan údaraithe uasta 25 thonna, nó 26 thonna i gcás inar feistíodh an t-acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus aerchrochadh nó crochadh a aithnítear mar a chomhionann laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, nó i gcás inar feistíodh gach acastóir tiomána le boinn dhúbailte agus nach mó ná 9.5 tonna meáchan uasta gach ceann de na hacastóirí, faoi mheáchan breise na teicneolaíochta astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 2 thonna.”;

(d)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis an tríú colún de phointe 2.4:

“Busanna trí acastóir ar feithiclí astaíochtaí nialasacha iad: méadaítear an meáchan údaraithe uasta 28 dtonna faoi mheáchan breise theicneolaíocht na n-astaíochtaí nialasacha le huasmhéid 2 thonna.”.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 286.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2019.

(3)  Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(4)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/EC agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) 2017/2400 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (EC) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí nua tromshaothair (IO L 173, 9.7.2018, lch. 1).

(8)  Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair ar an mbóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua paisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).

(15)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).

(17)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Meánastaíochtaí sonracha CO2, an spriocanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 agus na hastaíochtaí CO2 iomarcacha

1.   FOGHRÚPAÍ FEITHICLE

Déanfar gach feithicil nua tromshaothair a shannadh chuig ceannde na foghrúpaí feithiclí arna sainmhíniú i dTábla 1 i gcomhréir leisna coinníollacha a leagtar amach sa tábla sin.

Tábla 1

Foghrúpaí feithicle (sg)

Feithiclí tromshaothair

Cineál cábáin

Cumhacht innill

Foghrúpa feithicle (sg)

Leoraithe dochta a bhfuil cumraíocht acastóirí4x2 acu agus uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil > 16thonna

Gach ceann

< 170 kW

4-UD

Cábán lae

≥ 170 kW

4-RD

Cábán codlata

≥ 170 kW agus < 265 kW

Cábán codlata

≥ 265 kW

4-LH

Leoraithe dochta a bhfuil cumraíocht acastóirí6x2 acu

Cábán lae

Gach ceann

9-RD

Cábán codlata

9-LH

Tarracóirí a bhfuil cumraíocht acastóirí4x2 acu agus uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil > 16thonna

Cábán lae

Gach ceann

5-RD

Cábán codlata

< 265 kW

Cábán codlata

≥ 265 kW

5-LH

Tarracóirí a bhfuil cumraíocht acastóirí6x2 acu

Cábán lae

Gach ceann

10-RD

Cábán codlata

10-LH

Ciallaíonn “cábán codlata” cineál cábáin a bhfuil urrann taobh thiar de shuíochán an tiománaíatá ceaptha lena húsáid don chodladh i gcomhréir le Rialachán (AE)2018/956.

Ciallaíonn “cábán lae” cineálcábáin nach cábán codlata é.

Mura féidir feithicil nua tromshaothair a shannadh chuig foghrúpafeithicle toisc nach bhfuil faisnéis faoin gcineál cábáin nó faoichumhacht an innill ar fáil, sannfar é don fhoghrúpa cianaistir (LH)a fhreagraíonn dá chineál fonnaidh (leoraí docht nó tarracóir) aguscumraíocht acastóirí (4x2 nó 6x2).

I gcás ina sanntar feithicil nua tromshaothair d’fhoghrúpa feithiclí4-UD, ach nach bhfuil sonraí faoi na hastaíochtaí CO2 in g/km ar fáil don phróifíl mhisin UDL nó UDR a shainmhíníteari dTábla 2 de pointe 2.1, sannfar an fheithicil nua tromshaothaird’fhoghrúpa feithiclí 4-RD.

2.   MEÁNASTAÍOCHTAÍ SONRACHA CO2 MONARÓRA

2.1.   Astaíochtaí sonracha CO2 feithicle nua tromshaothair

Déanfar na hastaíochtaí sonracha CO2 in g/kmatá ag feithicil nua tromshaothair v (CO2v ) atá sannta d’fhoghrúpafeithiclí sg a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Formula

mp

an tsuim thar gach próifíl mhisin mp a liostaítear i dTábla 2;

sg

an foghrúpa feithiclí dár sannadh an+ fheithicil nuatromshaothair v i gcomhréir le pointe 1 denIarscríbhinn seo;

W sg,mp

ualú na próifíle misin a shonraítear i dTábla 2;

CO2 v,mp

astaíochtaí CO2 in g/km feithiclenua tromshaothair v arna gcinneadh do phróifílmhisin mp agus arna tuairisciú i gcomhréirle Rialachán (AE) 2018/956.

Socrófar astaíochtaí sonracha CO2 feithicletromshaothair astaíochtaí nialasacha ag 0 g CO2/km.

Beidh astaíochtaí sonracha CO2 feithicle seirbhísecothrom le meán na n-astaíochtaí CO2 in g/km arnadtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956.

Tábla 2

Ualaí na bpróifílí misin (Wsg,mp)

Foghrúpa feithicle (sg)

Próifíl mhisin (1) (mp)

RDL

RDR

LHL

LHR

UDL

UDR

REL, RER, LEL, LER

4-UD

0

0

0

0

0,5

0,5

0

4-RD

0,45

0,45

0,05

0,05

0

0

0

4-LH

0,05

0,05

0,45

0,45

0

0

0

9-RD

0,27

0,63

0,03

0,07

0

0

0

9-LH

0,03

0,07

0,27

0,63

0

0

0

5-RD

0,27

0,63

0,03

0,07

0

0

0

5-LH

0,03

0,07

0,27

0,63

0

0

0

10-RD

0,27

0,63

0,03

0,07

0

0

0

10-LH

0,03

0,07

0,27

0,63

0

0

0


Sainmhínithe ar phróifílí misin

RDL

Seachadadh réigiúnach le pálasta íseal

RDR

Seachadadh réigiúnach le pálasta ionadaíoch

LHL

Cianaistear le pálasta íseal

LHR

Cianaistear le pálasta ionadaíoch

UDL

Seachadadh uirbeach le pálasta íseal

UDR

Seachadadh uirbeach le pálasta ionadaíoch

REL

Seachadadh réigiúnach (EMS) le pálasta íseal

RER

Seachadadh réigiúnach (EMS) le pálasta ionadaíoch

LEL

Cianaistear (EMS) le pálasta íseal

LER

Cianaistear (EMS) le pálasta ionadaíoch

2.2.   Meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithiclenua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí le haghaidh monaróra

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, déanfarmeánastaíochtaí sonracha CO2 in g/tkm atá ag gachfeithicil nua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí sg (avgCO2sg ) a ríomhmar seo a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Formula

v

suim thar gach feithicil nua tromshaothair an mhonarórai bhfoghrúpa feithiclí sg seachas gach feithicilseirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4;

CO2 v

astaíochtaí sonracha CO2 feithiclenua tromshaothair v arna gcinneadh i gcomhréirle pointe 2.1;

Vsg

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróiri bhfoghrúpa feithiclí sg, seachas feithiclíseirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4;

PL sg

meán-phálasta na bhfeithiclí i bhfoghrúpa sg mar a chinntear i bpointe 2.5 é.

2.3.   An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle dá dtagraítearin Airteagal 5

2.3.1.   Tréimhsí tuairiscithe 2019 go 2024

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe ó 2019go dtí 2024, déanfar an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaíísle (ZLEV) dá dtagraítear in Airteagal 5 a ríomh mar seo a leanas:

Formula le híosluach 0.97

i gcás inarb é,

V

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróira chomhlíonann na saintréithe a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal2(1), seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéadmhír d’Airteagal 4;

Vconv

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróira chomhlíonann na saintréithe a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal2(1), seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéadmhír d’Airteagal 4 agus diomaite de gach feithicil tromshaothair astaíochtaínialasacha agus astaíochtaí ísle;

Vzlev

suim Vin agus Vout,

i gcás inarb é:

Vin Formula

agus Formula cothrom leis an tsuim thar gach feithicle tromshaothairastaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle nua a chomhlíonann nasaintréithe a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(1);

CO2v

astaíochtaí sonracha CO2 in g/kmfeithicle v tromshaothair astaíochtaí nialasachanó astaíochtaí ísle arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1;

LETsg

tairseach astaíochtaí ísle fhoghrúpa feithiclí sg lena mbaineann an fheithicil v mar a shainmhínítear i bpointe 2.3.3;

Vout

líon iomlán na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaínialasacha atá nuachláraithe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal2(1), iolraithe faoi 2, agus le huasmhéid 1,5 % de Vconv.

2.3.2.   Tréimhsí tuairiscithe ó 2025 ar aghaidh

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, déanfaran fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle (ZLEV) dádtagraítear in Airteagal 5 a ríomh mar a leanas:

Formula ach amháin más mó an tsuim sin ná 1 nó más lú ná 0,97í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1 nó 0,97, de réirmar is cuí

i gcás inarb é,

x

0.02

y

suim Vin agus Vout, arna roinnt ar Vtotal, i gcásinarb é:

Vin

líon iomlán na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaíísle agus astaíochtaí nialasacha nuachláraithe a comhlíonann na saintréithea leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(1), i gcás ina gcomhairteariad mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmle anseo thíos:

Formula

i gcás inarb é:

CO2v

astaíochtaí sonracha CO2 in g/kmfeithicle v tromshaothair astaíochtaí nialasachanó astaíochtaí ísle arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 2.1.;

LETsg

tairseach astaíochtaí ísle fhoghrúpa feithiclí sg lena mbaineann an fheithicil v mar a shainmhínítear i bpointe 2.3.3;

Vout

líon iomlán na bhfeithiclí tromshaothair astaíochtaínialasacha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(1), agus lehuasmhéid 0.035 % de Vtotal;

Vtotal

líon iomlán na bhfeithiclí nua tromshaothairchláraitheatá ag an monaróir sa tréimhse sin.

I gcás inar lú Vin/Vtotal ná 0.0075, socrófar an fachtóirZLEV ag 1.

2.3.3.   Tairseach na n-astaíochtaí ísle

Sainítear tairseach astaíochtaí ísle LET sg fhoghrúpa feithiclí sg mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é,

rCO2 sg

astaíochtaí tagartha CO2 fhoghrúpafeithiclí sg, mar a chinntear i bpointe 3 é;

PLsg

meán-phálasta na bhfeithiclí fhoghrúpa feithiclí sg, mar a chinntear i bpointe 2.5 é.

2.4.   Sciar an mhonaróra d’fheithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpafeithiclí

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, déanfarsciar na bhfeithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpa feithiclí sg (sharesg ) a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Vsg

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróiri bhfoghrúpa feithiclí sg seachas gach feithicilseirbhíse i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4;

V

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróir,seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhírd’Airteagal 4.

2.5.   Meánluachanna pálasta gach feithicle i bhfoghrúpa feithiclí

Déanfar meánluach pálasta feithicle i bhfoghrúpa feithiclí sg (PLsg ) a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Formula

mp

an tsuim thar gach próifíl mhisin mp;

W sg,mp

ualú na próifíle misin a shonraítear i dTábla 2 faoiphointe 2.1;

PL sg,mp

an luach pálasta arna shannadh do na feithiclí i bhfoghrúpafeithiclí sg don phróifíl mhisin mp, mar a shonraítear i dTábla 3.

Tábla 3

Luachanna pálasta PL sg, mp (i dtonnaí)

Foghrúpa feithicle sg

Próifíl mhisin (2) (mp)

RDL

RDR

LHL

LHR

UDL

UDR

REL

RER

LEL

LER

4-UD

0,9

4,4

1,9

14

0,9

4,4

3,5

17,5

3,5

26,5

4-RD

4-LH

5-RD

2,6

12,9

2,6

19,3

2,6

12,9

3,5

17,5

3,5

26,5

5-LH

9-RD

1,4

7,1

2,6

19,3

1,4

7,1

3,5

17,5

3,5

26,5

9-LH

10-RD

2,6

12,9

2,6

19,3

2,6

12,9

3,5

17,5

3,5

26,5

10-LH

2.6.   Fachtóir an mhíleáiste agus an ualaithe pálasta

Sainmhínítear fachtóir míleáiste agus ualaithe pálasta (MPWsg) fhoghrúpa feithiclí sg marthoradh ar an míleáiste bliantúil a shonraítear i dTábla 4 agus anluach pálasta de réir foghrúpa feithiclí a shonraítear i dTábla 3de phointe 2.5, arna normalú go dtí an luach faoi seach d’fhoghrúpafeithiclí 5-LH, agus déanfar é a ríomh mar seo a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

AMsg

an míleáiste bliantúil arna sonrú i dTábla 4 do na feithiclísan fhoghrúpa feithiclí faoi seach;

AM 5-LH

an míleáiste bliantúil arna sonrú d’fhoghrúpa feithiclí5-LH i dTábla 4;

PLsg

an meánluach pálasta mar a chinntear i bpointe 2.5 é;

PL 5-LH

an meánluach pálasta d’fhoghrúpa feithiclí 5-LH mara chinntear i bpointe 2.5 é.

Tábla 4

Míleáistí bliantúla

Foghrúpa feithicle sg

Míleáiste bliantúil AM sg (in km)

4-UD

60 000

4-RD

78 000

4-LH

98 000

5-RD

78 000

5-LH

116 000

9-RD

73 000

9-LH

108 000

10-RD

68 000

10-LH

107 000

2.7.   Meánastaíochtaí sonracha CO2 in g/tkm monaróradá dtagraítear in Airteagal 4

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhsetuairiscithe, déanfar meánastaíochtaí sonracha (CO2 ) in g/tkm (CO2)a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Formula

an tsuim thar gach foghrúpa feithiclí;

ZLEV

an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaíísle mar a chinntear i bpointe 2.3 í

share,sg

an sciar d’fheithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpafeithiclí sg mar a chinntear i bpointe 2.4é;

MPWsg

fachtóir an mhíleáiste agus an ualaithe pálasta mara chinntear i bpointe 2.6 é;

avgCO2sg

meánastaíochtaí sonracha CO2 ing/tkm mar a chinntear i bpointe 2.2 iad.

3.   NA hASTAÍOCHTAÍ TAGARTHA CO2 DÁ dTAGRAÍTEARSA DARA FOMHÍR D’AIRTEAGAL 1

Déanfar na hastaíochtaí tagartha CO2 (rCO2sg ) a ríomh do gach foghrúpafeithiclí sg ar bhonn gach feithicle nua tromshaothairatá ag gach monaróir sa tréimhse tuairiscithe mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Formula

an tsuim thar gach feithicil nua tromshaothair arnaclárú sa tréimhse tuairiscithe i bhfoghrúpa feithiclí sg, seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir leis an dara fomhírd’Airteagal 1;

CO2v

astaíochtaí sonracha CO2 na feithiclenua tromshaothair v arna gcinneadh i gcomhréirle pointe 2.1, arna gcoigeartú, más infheidhme, de bhun IarscríbhinnII;

rVsg

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair arna gclárú satréimhse tuairiscithe i bhfoghrúpa feithiclí sg, seachas feithiclí seirbhíse, i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal1;

PLsg

meán-phálasta na bhfeithiclí i bhfoghrúpa feithiclí sg mar a chinntear i bpointe 2.5 é.

4.   SPRIOC I LEITH ASTAÍOCHTAÍ SONRACHA CO2 MONARÓRA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe, ón 1 Iúil 2025 ar aghaidh, déanfar an sprioc ileith astaíochtaí sonracha CO2 T á ríomh mar seo a leanas:

Formula

i gcás inarb é,

Formula

an tsuim thar gach foghrúpa feithiclí;

share,sg

sciar na bhfeithiclí nua tromshaothair i bhfoghrúpafeithiclí sg mar a chinntear i bpointe 2.4é;

MPWsg

fachtóir an mhíleáiste agus an ualaithe pálasta mara chinntear i bpointe 2.6 é;

rf

an sprioc maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 (in %) is infheidhme don tréimhse tuairiscithe ar leith sin;

rCO2sg

na hastaíochtaí tagartha CO2 mara chinntear i pointe 3 iad.

5.   CREIDMHEASANNA ASTAÍOCHTA AGUS FIACHA ASTAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEARIN AIRTEAGAL 7

5.1.   An chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 lehaghaidh creidmheasanna astaíochta

Le haghaidh gach monaróra agus gach thréimhse tuairiscithe na mbliantaY ó 2019 go 2030, sainítear conair laghdaithe astaíochtaí CO2 (ETY) mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

Formula

an tsuim thar gach foghrúpa feithiclí;

sharesg.

sciar na bhfeithiclí nua tromshaothair i bhoghrúpa feithiclí sg mar a chinntear i bpointe 2.4 é;

MPWsg

an fachtóir mileáiste agus ualaithe pálasta mar a chinnteari bpointe 2.6 é;

rCO2sg

na hastaíochtaí tagartha CO2 mara chinntear i pointe 3 iad;

R-ETY

sainítear R-ETY mar a leanas:

le haghaidh thréimhsí tuairiscithena mblianta Y ó 2019 go 2025:

Formula

agus, le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mbliantaY ó 2026 go 2030:

Formula

is iad rf2025 agus rf2030

na spriocanna maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 (in %) is infheidhme le haghaidh thréimhsí tuairiscithena mblianta 2025 agus 2030, faoi seach.

5.2.   Creidmheasanna astaíochta agus fiacha astaíochta i ngach tréimhsetuairiscithe

Le haghaidh gach monaróra agus gach thréimhse tuairiscithe na mbliantaY ó 2019 go 2029, déanfar na creidmheasanna astaíochta (cCO2Y ) agus na fiacha astaíochta (dCO2Y) a ríomh mar a leanas:

Má tá CO2Y < ETY:

Formula

dCO2Y = 0

Má tá CO2Y > TY do na blianta2025 go 2029:

Formula

cCO2Y = 0

I ngach cás eile socraítear dCO2Y agus cCO2Y ag 0.

i gcás inarb é,

ETY.

conair laghdaithe astaíochtaí CO2 an mhonaróra i dtréimhse tuairiscithe na bliana Y arna cinneadhi gcomhréir le pointe 5.1;

CO2Y.

na meánastaíochtaí sonracha CO2 anmhonaróra i dtréimhse tuairiscithe na bliana Y arna gcinneadh i gcomhréirle pointe 2.7;

TY.

sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra sa tréimhse tuairiscithe don bhliain Y arna cinneadhi gcomhréir le pointe 4;

VY.

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróirsa tréimhse tuairiscithe don bhliain Y, seachas feithiclí seirbhíse,i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4.

5.3.   An teorainn maidir le fiach astaíochta

Le haghaidh gach monaróra, sainítear an teorainn maidir le fiachastaíochta (limCO2) mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é,

T2025.

sprioc i leith astaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra i dtréimhse tuairiscithe na bliana 2025 arnacinneadh i gcomhréir le pointe 4;

V2025.

líon na bhfeithiclí nua tromshaothair atá ag an monaróiri dtréimhse tuairiscithe na bliana 2025, seachas gach feithicil seirbhíse,i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 4.

5.4.   Creidmheasanna astaíochta arna bhfáil roimh an mbliain 2025

Na fiacha astaíochta arna bhfáil do thréimhse tuairiscithe na bliana2025, laghdófar iad faoi mhéid (redCO2) a fhreagraíonndo na creidmheasanna astaíochta arna bhfáil roimh an tréimhse tuairiscithesin, a chinntear le haghaidh gach monaróra mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é,

min

an ceann is lú den dá luach atá tugtha idir na lúibíní;

Formula

suim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó 2019go 2024;

dCO22025

na fiacha astaíochta do thréimhse tuairiscithe na bliana2025 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5.2;

cCO2Y.

na creidiúintí astaíochta do thréimhse tuairiscithena bliana Y arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5.2;

6.   ASTAÍOCHTAÍ CO2 IOMARCACHA MONARÓRADÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8(2)

Le haghaidh gach monaróra agus gach tréimhse tuairiscithe ón mbliain2025 ar aghaidh, ríomhfar luach na n-astaíochtaí CO2 iomarcacha (exeCO2Y ) mar a leanas, más luach dearfach atá ann:

 

Le haghaidh thréimhse tuairiscithe na bliana 2025

Formula

 

Le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó 2026 go 2028

Formula

 

Le haghaidh thréimhse tuairiscithe na bliana 2029

Formula

 

Le haghaidh thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó 2030 ar aghaidh

Formula

i gcás inarb é,

Formula

an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Y ó2019 go 2025;

Formula

an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Ió 2025 go dtí an bhliain Y;

Formula

an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Jó 2025 go dtí an bhliain (Y-1);

Formula

an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Jó 2025 go 2028;

Formula

an tsuim thar thréimhsí tuairiscithe na mblianta Ió 2025 go 2029;

dCO2Y.

na fiacha astaíochta do thréimhse tuairiscithe na blianaY arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5.2;

cCO2Y.

na creidiúintí astaíochta do thréimhse tuairiscithena bliana Y arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 5.2;

limCO2.

teorainn an fhéich astaíochta arna cinneadh i gcomhréirle pointe 5.3;

redCO2.

an laghdú ar fhiacha astaíochta thréimhse tuairiscithena bliana 2025 arna chinneadh i gcomhréir le pointe 5.4.

I ngach cás eile socrófar luach na n-astaíochtaí CO2 iomarcacha exeCO2Y ag 0.


(1)  Féach na sainmhínithe ar na próifílí misin faoin Tábla seo.

(2)  Féach na sainmhínithe ar na próifílí misin faoi Thábla 2 de phointe2.1


IARSCRÍBHINN II

Nósanna imeachta do choigeartuithe

1.   NA FACHTÓIRÍ COIGEARTAITHE PÁLASTA DÁ DTAGRAÍTEAR I BPOINTE (C) D’AIRTEAGAL 14(1)

Faoi réir phointe (a) d’Airteagal 11(2), chun críocha astaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 1 a ríomh, úsáidfear ualuithe na bpróifílí misin agus na luachanna pálasta is infheidhme don uair sa tréimhse tuairiscithe nuair a thiocfaidh éifeacht leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(1) le haghaidh gach feithicle nua tromshaothair, agus déanfar astaíochtaí CO2 in g/km feithicle tromshaothair v arna gcinneadh le haghaidh próifíl mhisin mp dá dtagraítear i dTábla 2 i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I a choigeartú mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é,

sg =

an foghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil v;

CO2(RP)v,mp.=

astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle v in g/km, de réir mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp agus bunaithe ar na sonraí faireacháin le haghaidh na tréimhse tagartha arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956;

PL(RP)sg, mp.=

an luach pálasta, a sannadh d’fheithicil v i bhfoghrúpa feithiclí sg ar phróifíl mhisin mp sa tréimhse tuairiscithe, i gcomhréir le Tábla 3 de phointe 2.5 d’Iarscríbhinn I, chun críocha na sonraí faireacháin le haghaidh na tréimhse tagartha a bhunú, sonraí arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956;

PLsg, mp.=

an luach pálasta, a sannadh do na feithiclí i bhfoghrúpa feithiclí sg ar phróifíl mhisin mp sa tréimhse tuairiscithe nuair a thiocfaidh éifeacht leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(1) le haghaidh gach feithicle nua tromshaothair, i gcomhréir le Tábla 3 i bpointe 2.5 d’Iarscríbhinn I;

PLasg, mp.=

an fachtóir coigeartaithe pálasta a shainmhínítear i dTábla 5.

Tábla 5

Fachtóirí coigeartaithe pálasta PLasg, mp

PLasg,mp

(in 1/tonna)

Próifílí misin mp  (1)

RDL, RDR

REL, RER

LHL, LHR

LEL, LER

UDL, UDR

Foghrúpaí feithiclí sg

4-UD

0,026

N.A.

0,015

N.A.

0,026

4-RD

4-LH

5-RD

0,022

0,022

0,017

0,017

0,022

5-LH

9-RD

0,026

0,025

0,015

0,015

0,026

9-LH

10-RD

0,022

0,021

0,016

0,016

0,022

10-LH

2.   NA FACHTÓIRÍ COIGEARTAITHE PÁLASTA DÁ dTAGRAÍTEAR I bPOINTE (B) D’AIRTEAGAL 11(2)

Faoi réir phointe (b) d’Airteagal 11(2), chun críocha astaíochtaí tagartha CO2 dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 1 a ríomh, úsáidfear ualuithe na bpróifílí misin agus na luachanna pálasta is infheidhme don uair sa tréimhse tuairiscithe nuair a thiocfaidh éifeacht leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(1) le haghaidh gach feithicle nua tromshaothair, agus déanfar astaíochtaí CO2 in g/km feithicle tromshaothair v arna gcinneadh le haghaidh próifíl mhisin mp dá dtagraítear i dTábla 2 i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I a choigeartú mar seo a leanas:

Formula

i gcás inarb é,

Formula

an tsuim thar gach feithicil ionadaíoch r d’fhoghrúpa feithiclí sg;

sg.=

an foghrúpa feithiclí lena mbaineann an fheithicil v;

s r,sg.=

ualú staidrimh na feithicle ionadaíche r i bhfoghrúpa feithiclí sg;

CO2(RP)v,mp.=

astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle v in g/km, de réir mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp agus bunaithe ar na sonraí faireacháin le haghaidh na tréimhse tagartha arna dtuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/956;

CO2(RP)r,mp.=

astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle ionadaíche r in g/km, de réir mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme sa tréimhse tuairiscithe nuair a cinneadh CO2(RP)v,mp;

CO2r,mp =

astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle ionadaíche r, de réir mar a chinntear ar phróifíl mhisin mp i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus a bhearta cur chun feidhme sa tréimhse tuairiscithe nuair a thiocfaidh éifeacht leis na hathruithe dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo le haghaidh gach feithicle nua tromshaothair.

Déanfar an fheithicil ionadaíoch a shainmhíniú i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 14(3) den Rialachán seo.


(1)  Féach na sainmhínithe ar na próifílí misin i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I.


25.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

241


RIALACHÁN (AE) 2019/1243 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

lena ndéantar roinnt gníomhartha dlí lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a oiriúnú d’Airteagail 290 agus 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33, Airteagal 43(2), Airteagal 53(1), Airteagal 62, Airteagal 91, Airteagal 100(2), Airteagal 114, Airteagal 153(2)(b), Airteagal 168(4)(b), Airteagal 172, Airteagal 192(1), Airteagal 207(2), Airteagal 214(3), agus Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Conradh Liospóin, rinneadh modhnú ar an gcreat dlíthiúil lena rialaítear na cumhachtaí a bhronnann an reachtóir ar an gCoimisiún, agus tugadh isteach idirdhealú idir na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú (gníomhartha tarmligthe), agus na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme (gníomhartha cur chun feidhme).

(2)

Gníomhartha reachtacha a glacadh roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tugtar cumhachtaí don Choimisiún bearta a ghlacadh faoin nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a bunaíodh le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (4).

(3)

Maidir le tograí a rinneadh roimhe seo i dtaobh na reachtaíochta lena dtagraítear don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin, tarraingíodh siar iad (5) mar thoradh ar an stad sa chaibidlíocht idirinstitiúideach.

(4)

Ina dhiaidh sin, i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (6), tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le creat nua le haghaidh gníomhartha tarmligthe agus d’aithin siad go raibh gá leis an reachtaíocht atá ann cheana a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin. D’aontaigh siad, go háirithe, faoin ngá atá le hardtosaíocht a thabhairt d’ailíniú pras ar na bunghníomhartha uile ina ndéantar tagairt fós don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Gheall an Coimisiún go n-ullmhódh sé togra le haghaidh an ailínithe sin faoi dheireadh 2016.

(5)

Comhlíonann formhór na gcumhachtuithe sna bunghníomhartha lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú na critéir in Airteagal 290(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus ba cheart iad a oiriúnú don fhoráil sin.

(6)

Comhlíonann na cumhachtuithe eile sna bunghníomhartha lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú na critéir in Airteagal 291(2) CFAE agus ba cheart iad a chur in oiriúint don fhoráil sin.

(7)

I gcás ina dtugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(8)

Ní gá a thuilleadh cumhachtuithe faoi seach atá i líon teoranta de na bunghníomhartha lena ndéantar foráil faoi láthair maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a scriosadh.

(9)

Luaitear i bpointe 31 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreáin 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr gur féidir cumhachtuithe a chuachadh ar an gcoinníoll go dtugann an Coimisiún boinn chirt oibiachtúla bunaithe ar an nasc substainteach idir dhá chumhachtú nó níos mó atá i ngníomh reachtach aonair agus mura bhforáiltear dá mhalairt leis an ngníomh reachtach. Is ann do chomhairliúcháin le linn ullmhú gníomhartha tarmligthe freisin chun léiriú a thabhairt i dtaobh cad iad na cumhachtuithe a mheastar a bheith nasctha go substaintiúil. I gcásanna den sórt sin, léireofar go soiléir in aon agóid ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle cé acu cumhachtú lena mbaineann sí go sonrach. I líon teoranta de na bunghníomhartha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, cuireadh san áireamh sa bhunghníomh foráil shoiléir maidir le gníomhartha tarmligthe ar leithligh a ghlacadh do chumhachtaí tarmligthe éagsúla.

(10)

Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do nósanna imeachta atá ar feitheamh ar thug an coiste a thuairim cheana ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(11)

Ós rud é gur le nósanna imeachta ar leibhéal an Aontais, agus ar an leibhéal sin amháin, a bhaineann na hoiriúnuithe agus na leasuithe atá le déanamh, ní gá, i gcás treoracha, go ndéanfaidh na Ballstáit iad a thrasuí.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, na gníomhartha lena mbaineann a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear na gníomhartha a liostaítear san Iarscríbhinn mar a leagtar amach inti iad.

Airteagal 2

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh, ar thug coiste cheana féin a thuairim ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 29.

(2)  IO C 164, 8.5.2018, lch. 82.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019.

(4)  Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).

(5)  IO C 80, 7.2.2015, lch. 17.

(6)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

I.   LÍONRAÍ CUMARSÁIDE, INNEACHAR AGUS TEICNEOLAÍOCHT

1.   Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2002 maidir leis an bhFearann Barrleibhéil “.eu” a chur chun feidhme (1)

Chun na coinníollacha a leagan amach maidir leis an bhFearann Barrleibhéil cód tíre.eu (ccTLD) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 a chur chun feidhme, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán sin a fhorlíonadh leis na critéir agus leis an nós imeachta chun an Chlárlann a ainmniú, agus leis na rialacha beartais phoiblí a bhaineann le cur chun feidhme agus le feidhmeanna an Fhearainn Bharrleibhéil.eu (TLD) agus na prionsabail beartais phoiblí faoi chlárú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre de phointe (a):

“(a)

gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir agus an nós imeachta maidir le hainmniú na Clárlainne a bhunú.

Más rud é, i gcás na critéir agus an nós imeachta a bhunú chun an Chlárlann a ainmniú, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhoras práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo;”;

(2)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gClárlann, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha beartais phoiblí maidir le chur chun feidhme agus feidhm TLD.eu agus na prionsabail bheartais phoiblí maidir le clárú a leagan amach.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“I gcás ina ndéanann Ballstát nó an Coimisiún agóid laistigh de 30 lá tar éis a fhoilsithe in aghaidh míre atá ar áireamh ar liosta fógartha, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5a chun an staid a leigheas tríd an Rialachán seo a fhorlíonadh.”;

(3)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 5a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus Airteagal 5(1) agus (2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta, dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus in Airteagal 5(1) agus Airteagal 5(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*1).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(1) agus Airteagal 5(1) agus 5(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 5b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*1)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(4)

in Airteagal 6, scriostar míreanna 3 agus 4.

2.   Cinneadh Uimh. 626/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2008 maidir le córais a sholáthraíonn seirbhísí satailíte soghluaiste a roghnú agus a údarú (MSS) (2)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Cinneadh Uimh. 626/2008/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a bhaineann leis na módúlachtaí is iomchuí chun na rialacha maidir le forfheidhmiú a chur chun feidhme ar bonn comhordaithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Dá réir sin, leasaítear Cinneadh Uimh. 626/2008/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta a ghlacadh lena saineofar aon mhódúlachtaí is iomchuí chun na rialacha maidir le forfheidhmiú a chur i bhfeidhm ar bhonn comhordaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear rialacha maidir leis na húdarúcháin a chur ar fionraí nó a tharraingt siar ar bhonn comhordaithe de dheasca na coinníollacha comhchoiteanna a shárú dá bhforáiltear in Airteagal 7(2). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(3).”;

(2)

in Airteagal 10, scriostar mír 4.

II.   CABHAIR DHAONNÚIL AGUS COSAINT SHIBHIALTA

Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil (3)

Ón uair a glacadh é in 1996, ní raibh iallach ar gCoimisiún riamh bearta a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun gnéithe neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 a leasú. De réir dealraimh, ní gá déanamh amhlaidh san am amach romhainn. Ba cheart, dá bhrí sin, an deis bearta cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a bhaint ó Rialachán (CE) Uimh. 1257/96, gan é a bheith riachtanach aon chumhacht a thabhairt don Choimisiún.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 15, scriostar mír 1;

(2)

in Airteagal 17, scriostar mír 4.

III.   FOSTAÍOCHT, GNÓTHAÍ SÓISIALTA AGUS CUIMSIÚ SÓISIALTA

1.   Treoir 89/654/CEE ón gComhairle an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte don áit oibre (an chéad Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (4)

Chun comhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil i dtaca le dearadh, monarú nó foirgníocht codanna d’áiteanna oibre, dul chun cinn teicniúil, athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus eolas faoi áiteanna oibre, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 89/654/CEE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2003 (5), tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an áit oibre a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 89/654/CEE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a chun leasuithe de chineál teicniúil amháin ar na hIarscríbhinní, chun aird a thabhairt ar chomhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil i dtaca le dearadh, monarú agus foirgníocht codanna d’áiteanna oibre, dul chun cinn teicniúil, athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus eolas faoi áiteanna oibre.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne, gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*2).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 9b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*2)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

2.   Treoir 89/656/CEE ón gComhairle an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta d’úsáid trealamh cosanta pearsanta ag oibrithe ar an áit oibre (an tríú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (6)

Chun comhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil, dul chun cinn teicniúil, athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta, agus eolas faoi threalamh cosanta pearsanta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 89/656/CEE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 89/656/CEE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar na hIarscríbhinní, chun aird a thabhairt ar chomhchuibhiú agus ar chaighdeánú teicniúil i dtaca le trealamh cosanta pearsanta, dul chun cinn teicniúil, athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus eolas sa réimse trealamh cosanta pearsanta.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*3).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 9b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*3)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

3.   Treoir 90/269/CEE ón gComhairle an 29 Bealtaine 1990 maidir leis na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta chun ualaí a láimhseáil de láimh má tá riosca ann go háirithe de ghortú droma d’oibrithe (an ceathrú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (7)

Chun dul chun cinn teicniúil, athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta, agus eolas faoi láimhseáil ualaí de láimh, i gcás ina mbeidh riosca go háirithe de ghortú droma d’oibrithe a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe teicniúla amháin a dhéanamh ar na Iarscríbhinní a ghabhann le Treoir 90/269/CEE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 90/269/CEE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a chun leasuithe teicniúla amháin a dhéanamh ar na hIarscríbhinní, chun aird a thabhairt ar dhul chun cinn teicniúil nó ar athruithe i rialacháin nó ar sonraíochtaí idirnáisiúnta agus eolas sa réimse a bhaineann le láimhseáil ualaí de láimh.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 8b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail a leanas isteach:

“Airteagal 8a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*4).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*4)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

4.   Treoir 90/270/CEE ón gComhairle an 29 Bealtaine 1990 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’obair le trealamh scáileán taispeána (an cúigiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (8)

Chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil, ar athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta, agus ar eolas faoi threalamh scáileán taispeána, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe teicniúla amháin a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 90/270/CEE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 90/270/CEE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Leasuithe ar an Iarscríbhinn

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a chun leasuithe teicniúla amháin a dhéanamh ar an Iarscríbhinn chun aird a thabhairt ar dhul chun cinn teicniúil, forbairtí i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus eolas faoi threalamh scáileán taispeána.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 10a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*5).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 10b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

5.   Treoir 92/29/CEE ón gComhairle an 31 Márta 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte chun cóir leighis níos fearr ar bord long a chur chun cinn (9)

Chun aird a thabhairt ar dhul chun cinn teicniúil nó ar athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta nó ar fhionnachtana nua maidir le cóir leighis ar bord long, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe teicniúla amháin a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 92/29/CEE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 92/29/CEE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a chun leasuithe teicniúla amháin a dhéanamh ar an Iarscríbhinn chun aird a thabhairt ar dhul chun cinn teicniúil, athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus fionnachtana nua, a bhaineann le cóir leighis ar bord long.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 8b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 8a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*6).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*6)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

6.   Treoir 92/57/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte ag láithreáin tógála shealadacha nó soghluaiste (an t-ochtú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16 (1) de Threoir 89/391/CEE) (10).

Chun comhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil, dul chun cinn teicniúil, athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta, agus eolas i dtaca le láithreáin tógála shealadacha agus soghluaiste a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/57/CEE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 92/57/CEE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

Leasuithe ar Iarscríbhinn IV

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13a chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar Iarscríbhinn IV, chun aird a thabhairt ar chomhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil i dtaca le láithreáin tógála shealadacha agus soghluaiste, dul chun cinn teicniúil, athruithe i rialacháin agus sonraíochtaí idirnáisiúnta agus eolas sa réimse láithreáin tógála shealadacha agus soghluaiste.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 13b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 13a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*7).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 13b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

7.   Treoir 92/58/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1992 maidir leis na híoscheanglais chun comharthaí sábháilteachta agus/nó sláinte a sholáthar ag an obair (an naoú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (11)

Chun comhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil, dul chun cinn teicniúil, athruithe i rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta, agus eolas i dtaca le comharthaí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 92/58/CEE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 92/58/CEE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar na hIarscríbhinní, chun aird a thabhairt ar chomhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil i dtaca le comharthaí nó feistí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a dhearadh agus a mhonarú, agus chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus an dul chun cinn maidir le heolas i réimse na gcomharthaí nó na bhfeistí sábháilteachta agus/nó sláinte ag an obair.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”.

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*8).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 9b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*8)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

8.   Treoir 94/33/CE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1994 maidir le cosaint daoine óga ag an obair (12)

Chun cosaint leordhóthanach a ghnóthú do dhaoine óga ag an obair agus chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar rialacha nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus dul chun cinn maidir le heolas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar Iarscríbhinn A ghabhann le Treoir 94/33/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 94/33/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

Leasú ar an Iarscríbhinn

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a lena ndéantar leasuithe de chineál teicniúil amháin ar an Iarscríbhinn, i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil, athruithe ar rialach nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus an dul chun cinn maidir leis an eolas a bhaineann le daoine óga a chosaint ag an obair.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 15a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 15 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*9).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

9.   Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair (an ceathrú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (13)

Chun cosaint leordhóthanach a ghnóthú d’oibrithe ar rioscaí dá sláinte agus sábháilteacht agus chun comhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil, an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar chaighdeáin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta, agus fionnachtana nua maidir le hoibreáin cheimiceacha a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 98/24/CE, agus an Treoir sin a fhorlíonadh trí theorainnluachanna táscacha nochta ceirde a bhunú nó a athbhreithniú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 98/24/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí theorainnluachanna táscacha nochta ceirde dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a bhunú nó a athbhreithniú, an teacht a bheidh ar theicnící tomhaiste á chur san áireamh.

Coinneoidh na Ballstáit eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí ar an eolas faoi na teorainnluachanna táscacha nochta ceirde a leagfar amach ar leibhéal an Aontais.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne, gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a lena ndéanfar leasuithe de chineál teicniúil amháin ar na hIarscríbhinní, chun aird a thabhairt ar chomhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha, agus chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar chaighdeáin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus fionnachtana nua maidir le hoibreáin cheimiceacha.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(3)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 12a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 12(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 12(1) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*10).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2) agus Airteagal 12(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*10)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

10.   Treoir 2002/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (creathadh) (an séú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (14)

Chun comhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre nó áiteanna oibre, an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar chaighdeáin nó sonraíochtaí Eorpacha comhchuibhithe agus fionnachtana eolaíocha nua maidir le nochtadh ar an áit oibre do radaíocht optúil a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/44/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/44/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Leasuithe ar an Iarscríbhinn

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar an Iarscríbhinn, chun aird a thabhairt ar chomhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus áiteanna oibre, an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar rialacháin nó sonraíochtaí Eorpacha comhchuibhithe agus fionnachtana nua maidir le creathadh meicniúil.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*11).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 11b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 12.

11.   Treoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (torann) (an seachtú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (15)

Chun comhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus áiteanna oibre, an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar chaighdeáin nó sonraíochtaí Eorpacha comhchuibhithe agus fionnachtana nua maidir le torann a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar Threoir 2003/10/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/10/CE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Leasuithe ar an Treoir

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a lena ndéanfar leasuithe de chineál teicniúil amháin ar an Treoir seo chun aird a thabhairt ar chomhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre agus áiteanna oibre, an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar chaighdeáin nó sonraíochtaí Eorpacha comhchuibhithe agus fionnachtana nua maidir le torann.

Más rud é, gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear ar mhórchúiseanna práinne gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

cuirtear na hAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 12a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*12).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 13.

12.   Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (16)

Chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil, ar athruithe ar rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus ar fhionnachtana nua maidir le carcanaiginí nó só-ghineacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe teicniúla amháin a dhéanamh ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2004/37/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/37/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Airteagal 17

Leasú ar Iarscríbhinn II

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17a chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar Iarscríbhinn II, chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus fionnachtana nua maidir le carcanaiginí nó só-ghineacha.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 17b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 17a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*13).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 17a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*13)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

13.   Treoir 2006/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (radaíocht optúil shaorga) (an naoú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (17)

Chun comhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre nó áiteanna oibre, an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar chaighdeáin nó sonraíochtaí Eorpacha comhchuibhithe agus fionnachtana eolaíocha nua maidir le nochtadh ar an áit oibre do radaíocht optúil a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2006/25/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2006/25/CE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Na hIarscríbhinní a leasú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar na hIarscríbhinní, chun aird a thabhairt ar chomhchuibhiú agus caighdeánú teicniúil i dtaca le dearadh, tógáil, monarú nó foirgníocht trealaimh oibre nó áiteanna oibre, an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar chaighdeáin Eorpacha comhchuibhithe nó i sonraíochtaí idirnáisiúnta agus fionnachtana eolaíocha nua maidir le nochtadh ar an láthair oibre do radaíocht optúil. Ní bheidh aon mhodhnú ar na teorainnluachanna nochta a leagtar amach sna hIarscríbhinní a bheith de thoradh ar na leasuithe sin.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 10a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*14).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 10b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*14)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 11.

14.   Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair (18)

Chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig aa gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/148/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2009/148/CE mar a leanas:

(1)

scriostar Airteagal 9;

(2)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní mór measúnú ar shláinte gach oibrí a bheith ar fáil sula gcuirfear tús le hobair ina nochtfar oibrithe do dhusta ó aispeist nó ó ábhair ina bhfuil aispeist ag an obair.

Áireofar scrúdú sonrach ar an gcliabhrach sa mheasúnú sin. Le hIarscríbhinn I, tugtar moltaí praiticiúla in dá bhféadfaidh na Ballstáit tagairt maidir le faireachas cliniciúil na n-oibrithe. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18a lena leasaítear Iarscríbhinn I, chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 18b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

Ní mór measúnú nua a bheith curtha ar fáil ar a laghad uair amháin gach trí bliana chomh fada agus a bheidh an nochtadh ann.

Déanfar taifead leighis duine aonair a choinneáil i gcomhréir le dlíthe agus/nó cleachtais náisiúnta le haghaidh gach oibrí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.”;

(3)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 18a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*15).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 18(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18b

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*15)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

IV.   FUINNEAMH

Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlachta breosla agus paraiméadar riachtanach eile (19)

Chun na hoiriúnuithe teicniúla riachtanacha a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Leasuithe agus oiriúnuithe don dul chun cinn teicniúil

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a, lena leasaítear an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais faisnéise a thabhairt isteach maidir le grádú fliuchghreama bhoinn C2 agus bhoinn C3, ar choinníoll go mbeidh modhanna comhchuibhithe oiriúnacha tástála ar fáil;

(b)

nuair is iomchuí, an grádú greama a oiriúnú do shainiúlachtaí teicniúla bonn atá ceaptha, go príomha, chun feidhmiú ar shlí níos fearr i ndálaí oighir agus/nó sneachta, ná mar a fheidhmíonn gnáthbhonn a mhéid a bhaineann lena gcumas chun gluaiseacht feithicle a thionscnamh, a choimeád ar bun nó a stopadh;

(c)

Iarscríbhinní I go V a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 12a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*16).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*16)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 13.

V.   COMHSHAOL

1.   Treoir 94/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le rialú astaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha (CSO) a thig ó stóráil peitril agus óna dáileadh ó theirminéil go stáisiúin seirbhíse (20)

Chun a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú ar na sonraíochtaí maidir le trealamh lódála ón mbonn aníos a leagtar síos i dTreoir 94/63/CE i gcás inarb iomchuí agus chun na hIarscríbhinní a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 94/63/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fomhír:

“Beidh na críochfoirt uile ag a bhfuil saoráidí lódála do thancaeir bhóthair feistithe le droichead iompair amháin ar a laghad a chomhlíonfaidh na sonraíochtaí i gcomhair trealaimh lódála ón mbonn aníos a leagtar síos in Iarscríbhinn IV. Déanfaidh an Coimisiún athscrúdú ar na sonraíochtaí sin go tráthrialta agus tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7a lena leasaítear Iarscríbhinn IV i bhfianaise thoradh an athscrúdaithe sin.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Oiriúnuithe i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7a lena leasaítear na hIarscríbhinní chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, cé is moite de na teorainnluachanna a leagtar síos i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 7a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus Airteagal 7 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus in Airteagal 7 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*17).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(1) agus Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*17)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(4)

scriostar Airteagal 8.

2.   Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (21)

Chun Treoir 2002/49/CE a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/49/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a lena leasaítear Iarscríbhinn II chun modhanna comhchoiteanna measúnúcháin a bhunú chun luach Lden agus luach Lnight a chinneadh.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a lena leasaítear Iarscríbhinn III chun modhanna comhchoiteanna measúnúcháin a bhunú chun éifeachtaí díobhálacha a chinneadh.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a lena leasaítear pointe 3 d’Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinní II agus III chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 12a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus (3) agus in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus (3) agus in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*18).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(2) agus (3) agus Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*18)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(4)

in Airteagal 13, scriostar mír 3;

(5)

in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt den fhoclaíocht tosaigh:

“Beidh baint shonrach ag an gcaidreamh idir dáileog éifeacht a thabharfar isteach le hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an Iarscríbhinn seo leis na nithe seo a leanas:”.

3.   Treoir 2004/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le hastaíochtaí de chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha a theorannú, ar astaíochtaí iad a éiríonn as úsáid tuaslagóirí orgánacha i bpéinteanna agus i vearnaisí áirithe agus i dtáirgí ath-bhailchríochnaithe feithiclí agus lena leasaítear Treoir 1999/13/CE (22)

Chun a áirithiú go mbainfear úsáid as modhanna anailíseacha atá cothrom le dáta chun a chinneadh go mbeidh teorainnluachanna á gcomhlíonadh i leith comhdhúile so-ghalaithe orgánacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/42/CE a leasú chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/42/CE mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Oiriúnuithe i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a lena leasaítear Iarscríbhinn III chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*19).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*19)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

in Airteagal 12, scriostar mír 3.

4.   Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle (23)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus d’fhorbairt dlí idirnáisiúnta agus chun tuairisciú níos fearr a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Rialachán sin a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch nó teicniúil nó mar thoradh ar aon leasú ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Prótacal UNECE um Chláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán arna ghlacadh ag Cruinniú na bPáirtithe don Phrótacal, mar aon leis an Rialachán sin a fhorlíonadh trí thuairisciú a thionscnamh ar scaoileadh truailleán ábhartha ó fhoinse idirleata amháin nó níos mó. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás ina gcinneann sé nach bhfuil aon sonraí ann ar an scaoileadh ó fhoinsí idirleata, tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thuairisciú a thionscnamh ar scaoileadh truailleán ábhartha ó fhoinse idirleata amháin nó níos mó agus úsáid á baint, i gcás inarb iomchuí, as modheolaíochtaí atá formheasta go hidirnáisiúnta.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18a chun Iarscríbhinní II agus III a leasú chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil;

(b)

chun iad a oiriúnú mar thoradh ar aon leasú ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal arna nglacadh ag Cruinniú na bPáirtithe don Phrótacal sin.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 18a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 18 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 18 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*20).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(3) agus Airteagal 18 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*20)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(4)

in Airteagal 19, scriostar mír 3.

5.   Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (24)

Chun a áirithiú go ndéantar Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún:

i dtaca le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun aicmiú agus lipéadú substaintí a chomhchuibhiú;

i dtaca le hIarscríbhinn VIII a leasú chun an fhaisnéis maidir le práinnfhreagairt sláinte agus bearta coisctheacha a chomhchuibhiú a thuilleadh;

i dtaca le forálacha áirithe den Rialachán sin agus Iarscríbhinn I go VIII a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú d’fhonn iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Glacfaidh an Coimisiún gan moill mhíchuí gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 53a, i gcás ina gcinneann siad gurb iomchuí go gcomhchuibheofar aicmiú agus lipéadú na substainte lena mbaineann, chun Iarscríbhinn VI a leasú tríd an tsubstaint sin a chur san áireamh maille leis na heilimintí ábhartha aicmithe agus lipéadaithe atá i dTábla 3.1 de Chuid 3 d’Iarscríbhinn VI, agus, i gcás inarb iomchuí, na sainteorainneacha tiúchana nó M-fhachtóirí.

Cuirfear iontráil chomhfhreagrach i dTábla 3.2 de Chuid 3 d’Iarscríbhinn VI, faoi réir na gcoinníollacha céanna, go dtí an 31 Bealtaine 2015.

Más rud é, i gcás chomhchuibhiú an aicmithe agus an lipéadaithe ar shubstaintí, gur gá sin a dhéanamh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 53b maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53a lena leasaítear Iarscríbhinn VIII chun an fhaisnéis maidir le práinnfhreagairt sláinte agus bearta coisctheacha a chomhchuibhiú a thuilleadh, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha amhail Cumann Eorpach na Lárionad Nimheanna agus na dTocsaineolaithe Cliniciúla (EAPCCT).”;

(3)

in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53a lena leasaítear Airteagal 6(5), Airteagal 11(3), Airteagail 12 agus 14, pointe (b) d’Airteagal 18(3), Airteagal 23, Airteagail 25 go 29, an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 35(2) agus Iarscríbhinní I go VIII d’fhonn iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, ag cur san áireamh na forbairtí breise ar an GHS, go háirithe aon leasuithe de chuid na NA a bhaineann le húsáid faisnéise maidir le meascáin chomhchosúla, agus na forbairtí i dtaca le cláir cheimice a aithnítear go hidirnáisiúnta agus na sonraí ó bhunachair shonraí timpistí á mbreithniú.

Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 53b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(4)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 53a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 37(5), Airteagal 45(4) agus Airteagal 53(1) a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 37(5), in Airteagal 45(4) agus in Airteagal 53(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*21).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 37(5), Airteagal 45(4) agus Airteagal 53(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 53b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53 a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

Airteagal 53c

Gníomhartha tarmligthe ar leithligh do chumhachtaí tarmligthe éagsúla

Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh maidir le gach cumhacht a tharmligfear chuige de bhun an Rialacháin seo.

(*21)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(5)

in Airteagal 54, scriostar míreanna 3 agus 4.

6.   Treoir 2009/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le gal pheitril Céim II a aisghabháil le linn mótarfheithiclí a athbhreoslú i stáisiúin pheitril (25)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú i dtaca le caighdeáin ábhartha arna ndréachtú ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le forálacha áirithe de Threoir 2009/126/CE a leasú d’fhonn iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2009/126/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Oiriúnuithe teicniúla

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a lena leasaítear Airteagail 4 agus 5 chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil i gcás inarb iomchuí chun comhsheasmhacht a áirithiú i dtaca le haon chaighdeán ábhartha arna dhréachtú ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN).

Ní bhainfidh tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa chéad mhír le héifeachtúlacht gabhála gaile peitril ná leis an gcóimheas gaile agus peitril a shonraítear in Airteagal 4 agus na tréimhsí a shonraítear in Airteagal 5.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 8a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*22).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*22)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 9.

VI.   Eurostat

1.   Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (26)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla agus eacnamaíocha agus chun NACE Ath. 2 a chur ar comhréim le haicmithe eile eacnamaíocha agus sóisialta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6a lena leasaítear Iarscríbhinn I chun forbairtí teicniúla nó eacnamaíocha a chur san áireamh nó chun í a chur ar comhréim le haicmithe eile eacnamaíocha agus sóisialta.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*23).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*23)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

in Airteagal 7, scriostar mír 3.

2.   Rialachán (CE) Uimh. 451/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena mbunaítear aicmiú nua staidrimh ar tháirgí de réir gníomhaíochta (CPA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3696/93 ón gComhairle (27)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 451/2008 a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla nó eacnamaíocha agus chun é a chur ar comhréim le haicmithe eile eacnamaíocha agus sóisialta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n_áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 451/2008 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6a lena leasaítear an Iarscríbhinn chun forbairtí teicniúla nó eacnamaíocha a chur san áireamh nó chun í a chur ar comhréim le haicmithe eile eacnamaíocha agus sóisialta.

Agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach nó costas breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Deanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*24).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*24)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

in Airteagal 7, scriostar mír 3.

VII.   AN MARGADH INMHEÁNACH, TIONSCLAÍOCHT, FIONTRAÍOCHT AGUS FBManna

1.   Treoir 76/211/CEE ón gComhairle an 20 Eanáir 1976 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le táirgí réamhphacáistithe áirithe a dhéanamh suas de réir meáchain nó toirte (28)

Chun Treoir 76/211/CEE a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Treoir sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 76/211/CEE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6a lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*25).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*25)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

2.   Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh le húsáid lasmuigh (29)

Chun Treoir 2000/14/CE a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAEa tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2000/14/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 18, scriostar mír 2;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18a:

“Airteagal 18a

Leasuithe ar Iarscríbhinn III

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18b lena leasaítear Iarscríbhinn III chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Ní bheidh aon iarmhairt dhíreach ag na gníomhartha tarmligthe sin ar leibhéal tomhaiste na cumhachta fuaime i gcás an trealaimh a liostaítear in Airteagal 12, go háirithe trí thagairtí do chaighdeáin Eorpacha ábhartha a áireamh.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 18b

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 18a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 18a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*26).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 18a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*26)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(4)

in Airteagal 19, scriostar pointe (b).

3.   Treoir 2004/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le hiniúchadh agus fíorú dea-chleachtais saotharlainne (DCS) (30)

Chun an t-oiriúnú teicniúil riachtanach ar Threoir 2004/9/CE a ghlacadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún:

i dtaca leis an Treoir sin a leasú d’fhonn easaontuithe maidir le comhlíonadh DCS a réiteach;

i dtaca leis an foirmle formhuiniúcháin sa Treoir sin a leasú;

i dtaca le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin a leasú chun an dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2004/9/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6a d’fhonn na hábhair dá dtagraítear i mír 1 a réiteach. Ní athróidh leasuithe ar Iarscríbhinn I a cáil mar threoir do DCS maidir le nósanna imeachta faireacháin ar chomhlíonadh agus maidir le cur i gcrích cigireachtaí ar shaoráidí tástála agus iniúchtaí staidéir.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 6a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tugtar de chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus in Airteagal 8(2) a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus Airteagal 8(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*27).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(3) agus Airteagal 8(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*27)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

in Airteagal 7, scriostar mír 3;

(4)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6a lena leasaítear na nithe seo a leanas:

(a)

an fhoirmle in Airteagal 2(2);

(b)

Iarscríbhinn I, chun an dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh.”.

4.   Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (31)

Chun forbairtí nua a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le liosta táscach na gcomhpháirteanna sábháilteachta in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2006/42/CE a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Threoir 2006/42/CE, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta riachtanacha chun déileáil le hinnealra a d’fhéadfadh bheith contúirteach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2006/42/CE mar a leanas:

(1)

sa dara mír d’Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad an dara fomhír de phointe (c):

“Leagtar amach liosta táscach de chomhpháirteanna sábháilteachta in Iarscríbhinn V.”;

(2)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21a lena leasaítear Iarscríbhinn V chun liosta táscach na gcomhpháirteanna sábháilteachta a thabhairt cothrom le dáta.”;

(3)

in Airteagal 9(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú fomhíreanna:

“Agus aird chuí á tabhairt ar thorthaí an chomhairliúcháin sin, glacfaidh an Coimisiún na bearta is gá trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(3).”;

(4)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 21a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*28).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*28)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(5)

in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*29).

(*29)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”."

5.   Treoir 2009/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le forálacha coiteanna i leith uirlisí tomhais agus modhanna rialaithe méadreolaíoch araon (32)

Chun a áirithiú go ndéantar na hoiriúnuithe teicniúla is gá ar Threoir 2009/34/CE, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin a leasú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Sa mhéid agus a bhaineann leis an gcumhachtú a luaitear in Airteagal 5(3) lena ndéantar foráil maidir leis na Ballstáit sin a dheonaigh formheas teoranta múnla CE, maidir leis na Ballstáit sin iarratas a dhéanamh ar choigeartú i bhfianaise dhul chun cinn teicniúil Iarscríbhinní I agus II, níl ann d’aon fhormheas teoranta múnla CE mar sin a thuilleadh. Ba cheart an cumhachtú a luaitear in Airteagal 5(3) a scriosadh dá bhrí sin.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2009/34/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, scriostar mír 3;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“Airteagal 16

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 1a lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 16a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 16 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*30).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*30)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(4)

scriostar Airteagal 17.

6.   Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (33)

Chun a áirithiú go bhfreagraíonn liosta na dtáirgí a bhaineann le cosaint, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2009/43/CE, go docht do Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Iarscríbhinn sin a leasú agus leis an Treoir sin a leasú maidir leis na himthosca inar féidir leis na Ballstáit aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint a dhíolmhú ón oibleagáid faoi nach mór réamhúdarú a fháil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2009/43/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13a, arna iarraidh sin don Bhallstát, nó ar a thionscnamh féin, lena leasaítear mír 2, d’fhonn na cásanna seo a áireamh:

(a)

déantar an t-aistriú faoi choinníollacha nach ndéanann difear do bheartas poiblí nó do shlándáil phoiblí;

(b)

tá an oibleagáid maidir le réamhúdarú ar neamhréir le ceanglais idirnáisiúnta na mBallstát tar éis an Treoir seo a ghlacadh;

(c)

is gá an leasú le haghaidh comhar idir-rialtasach, mar a thagraítear dó in Airteagal 1(4).”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

Leasú ar an Iarscríbhinn

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13a lena leasaítear liosta na dtáirgí a bhaineann le cosaint a leagtar amach san Iarscríbhinn, sa chaoi is go bhfreagraíonn sé go díreach do liosta comhchoiteann míleata an Aontais Eorpaigh.

Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 13b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(3)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 13a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*31).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 13b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*31)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(4)

scriostar Airteagal 14.

7.   Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le cineál-cheadú mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE (34)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 79/20009 a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil maidir le sábháilteacht mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán sin a fhorlíonadh leis na ceanglais theicniúla a bhaineann leis na mótarfheithiclí sin agus le forálacha riaracháin, teimpléid le haghaidh doiciméid riaracháin agus múnlaí le haghaidh marcanna. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Cumhachtaí tarmligthe

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil lena mbunaítear:

(a)

rialacha mionsonraithe le haghaidh na nósanna imeachta tástála a leagtar amach in Iarscríbhinní II go V;

(b)

rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na ceanglais le haghaidh suiteáil comhpháirteanna agus córas hidrigine a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;

(c)

rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na ceanglais maidir le feidhmiú sábháilte agus iontaofa comhpháirteanna agus córas hidrigine a leagtar amach in Airteagal 5;

(d)

sonraíochtaí le haghaidh na gceanglas a bhaineann le haon cheann díobh seo a leanas:

(i)

hidrigin íon nó meascán de hidrigin agus gás nádúrtha/bithmheatáin a úsáid;

(ii)

modhanna nua stórála nó úsáide hidrigine;

(iii)

cosaint na feithicle ar thuairt maidir le sláine na gcomhpháirteanna agus na gcóras hidrigine;

(iv)

ceanglais sábháilteachta le haghaidh córas lánpháirtithe, lena gcumhdaítear ar a laghad an brath sceite agus na ceanglais a bhaineann le gás sciúrtha;

(v)

aonrú leictreachais agus sábháilteacht leictreachais;

(e)

forálacha riaracháin le haghaidh cineál-cheadú feithiclí CE i dtaca le tiomáint hidrigine, agus le haghaidh cineál-cheadú comhpháirteanna agus córas hidrigine;

(f)

rialacha maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil ag monaróirí chun críocha an chineál-cheadaithe agus an iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus (5);

(g)

rialacha mionsonraithe maidir le lipéadú nó le bealaí eile chun na feithiclí faoi thiomáint hidrigine dá dtagraítear i bpointe 16 d’Iarscríbhinn VI a shainaithint go soiléir agus go mear; agus

(h)

bearta eile is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 12a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*32).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*32)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 13.

8.   Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha poiblí, soláthair phoiblí agus seirbhíse poiblí ag údaráis nó eintitis chonarthacha i réimse na cosanta nó na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (35)

Chun Treoir 2009/81/CE a oiriúnú d’fhorbairtí teicniúla, eacnamaíocha agus rialála, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an méid tairsí a leasú le haghaidh conarthaí d’fhonn iad a chur i gcomhréir leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), chun na tagairtí don Stór Focal Coiteann don Soláthar Poiblí (ainmníocht CPV) a leasú, agus chun uimhreacha tagartha áirithe in ainmníocht CPV agus na nósanna imeachta tagartha i bhfógraí a ghabhann le ceannteidil áirithe in ainmníocht CPV a leasú. Ós rud é gur cheart saintréithe agus mionsonraí teicniúla na ngléasanna le haghaidh glacadh leictreonach a choinneáil bord ar bord le forbairtí teicneolaíocha, is gá freisin an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun mionsonraí agus saintréithe teicniúla na ngléasanna le haghaidh glacadh leictreonach a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2009/81/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 66a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 68(1) agus in Airteagal 69(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 68(1) agus Airteagal 69(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*33).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 68(1) agus Airteagal 69(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 66b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 66a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*33)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(2)

in Airteagal 67, scriostar míreanna 3 agus 4.

(3)

leasaítear Airteagal 68(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66a lena leasaítear na tairseacha dá bhforáiltear sa chéad fhomhír;”;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Más rud é gur gá na tairseacha dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a athbhreithniú, agus nach féidir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 66a a úsáid de dheasca teorainneacha ama agus, dá bhrí sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 66b maidir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo.”;

(4)

in Airteagal 69, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66a lena leasaítear an méid seo a leanas:

(a)

na huimhreacha tagartha in ainmníocht CPV a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, sa mhéid nach n-athróidh sé sin raon feidhme ábhartha na Treorach seo, agus na nósanna imeachta tagartha sna fógraí a ghabhann le ceannteidil áirithe in ainmníocht CPV laistigh de na catagóirí seirbhísí a liostaítear sna hIarscríbhinní sin;

(b)

mionsonraí agus saintréithe teicniúla na ngléasanna le haghaidh glacadh leictreonach dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (f) agus i bpointe (g) d’Iarscríbhinn VIII.”.

VIII.   CEARTAS AGUS TOMHALTÓIRÍ

1.   Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsuithe a spreagadh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (37)

Chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil, ar athruithe ar rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus ar fhionnachtana nua, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/85/CEE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

I gcomhréir le Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle, tugann an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair cúnamh don Choimisiún chun gníomhaíochtaí sna réimsí sábháilteachta agus sláinte ag an obair a ullmhú, a chur chun feidhme agus a mheas.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 92/85/CEE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

Leasuithe ar Iarscríbhinn I

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13a chun leasuithe de chineál teicniúil amháin a dhéanamh ar Iarscríbhinn I d’fhonn aird a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil, athruithe ar rialacháin nó sonraíochtaí idirnáisiúnta agus fionnachtana nua.

Más rud é, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, díreacha atá ar tí tarlú do shláinte agus do shábháilteacht fhisiceach oibrithe agus daoine eile, go n-éilítear, ar mhórchúiseanna práinne, gníomhú i dtréimhse ama an-ghearr, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 13b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas isteach:

“Airteagal 13a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*34).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 13b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*34)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

2.   Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (38)

Chun Treoir 2008/48/CE a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Treoir sin a leasú chun toimhdí breise a chur isteach chun ráta céatadánach bliantúil na táille a ríomh nó chun na toimhdí atá ann cheana a mhodhnú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2008/48/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Más gá, féadfar na toimhdí breise a leagtar amach in Iarscríbhinn I a úsáid chun ráta céatadánach bliantúil na táille a ríomh.

Mura leor na toimhdí a leagtar amach san Airteagal seo agus i gCuid II d’Iarscríbhinn I chun ráta céatadánach bliantúil na táille a ríomh go haonfhoirmeach, nó mura ndéantar iad a oiriúnú a thuilleadh do chásanna tráchtála sa mhargadh, tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24a lena leasaítear an tAirteagal seo agus Cuid II d’Iarscríbhinn I chun toimhdí breise a chur isteach chun ráta céatadánach bliantúil na táille a ríomh nó chun na toimhdí atá ann cheann a mhodhnú.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 24a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*35).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 25.

IX.   SOGHLUAISTEACHT AGUS IOMPAR

1.   Treoir 95/50/CE ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 1995 maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar (39)

Chun Treoir 95/50/CE a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin a leasú, go háirithe chun leasuithe ar Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur san áireamh (40). Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 95/50/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9a:

“Airteagal 9a

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9aa lena leasaítear na hIarscríbhinní chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil sna réimsí arna gcumhdach leis an Treoir seo, go háirithe chun na leasuithe ar Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*36) a chur san áireamh.

(*36)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).”;"

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 9aa

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*37).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*37)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 9b.

2.   Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (41)

Chun Treoir 2002/59/CE a oiriúnú d’fhorbairt dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, agus don taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme na Treorach sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an méid seo a leanas a leasú:

tagairtí d’ionstraimí de chuid an Aontais agus d’ionstraimí de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) sa Treoir sin, d’fhonn iad a thabhairt i gcomhréir le forálacha dhlí an Aontais nó an dlí idirnáisiúnta,

sainmhínithe áirithe sa Treoir sin, d’fhonn iad a thabhairt i gcomhréir le forálacha eile dhlí an Aontais nó an dlí idirnáisiúnta;

Iarscríbhinní I, III agus IV a ghabhann leis an Treoir sin i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus na taithí a fuarthas leis an Treoir sin.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/59/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

“Airteagal 27

Leasuithe

1.   Laistigh de raon feidhme na Treorach seo mar a shainítear in Airteagal 2, tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27a lena leasaítear tagairtí d’ionstraimí de chuid an Aontais agus d’ionstraimí de chuid IMO sa Treoir seo agus na sainmhínithe in Airteagal 3 agus na hIarscríbhinní d’fhonn iad a thabhairt i gcomhréir le forálacha dhlí an Aontais nó an dlí idirnáisiúnta a glacadh nó a leasaíodh nó atá i bhfeidhm cheana.

2.   Laistigh de raon feidhme na Treorach seo mar a shainítear in Airteagal 2, tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27a lena leasaítear Iarscríbhinní I, III agus IV, i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus na taithí a fuarthas leis an Treoir seo.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 27a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 27 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 27 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*38).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 27 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*38)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 28.

3.   Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Fharraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus truailliú ó longa a chosc (42)

Chun liosta na ngníomhartha de chuid an Aontais a thagraíonn don Choiste um Fharraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) i Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán sin a leasú chun tagairt a dhéanamh do na gníomhartha de chuid an Aontais a thugann cumhachtaí do COSS, ar gníomhartha iad atá i bhfeidhm cheana. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, scriostar mír 3;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Cumhachtaí COSS agus leasuithe

Feidhmeoidh COSS na cumhachtaí a thugtar dó de bhua reachtaíocht mhuirí an Aontais atá i bhfeidhm cheana.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7a lena leasaítear pointe 2 d’Airteagal 2 d’fhonn tagairt a dhéanamh do na gníomhartha de chuid an Aontais a thugann cumhachtaí do COSS a tháinig i bhfeidhm tar éis an Rialachán seo a ghlacadh.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 7a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*39).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*39)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

4.   Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais shonracha cobhsaíochta le haghaidh longa paisinéirí róró (43)

Chun Treoir 2003/25/CE a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, d’fhorbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta agus don taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme na Treorach sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/25/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Na hIarscríbhinní a leasú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a lena leasaítear na hIarscríbhinní chun forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe san IMO, agus chun éifeachtacht na Treorach seo a fheabhsú i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an dul chun cinn theicniúil.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 10a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*40).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*40)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 11.

5.   Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthar d’iompar earraí nó paisinéirí, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (44)

Chun Treoir 2003/59/CE a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Treoir sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2003/59/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*41).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*41)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 12.

6.   Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibritheoirí aerárthaí (45)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 a oiriúnú d’fhorbairt an dlí idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAEa tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le luachanna áirithe sa Rialachán sin a leasú i bhfianaise leasuithe arna ndéanamh ar chomhaontuithe idirnáisiúnta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a lena leasaítear na luachanna dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i gcás inar gá de bharr leasuithe ar na comhaontuithe idirnáisiúnta is ábhartha.”;

(2)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a lena leasaítear na luachanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás inar gá de bharr leasuithe ar na comhaontuithe idirnáisiúnta is ábhartha.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 8a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6(5) agus Airteagal 7(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(5) agus Airteagal 7(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*42).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(5) agus Airteagal 7(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*42)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(4)

in Airteagal 9, scriostar mír 3.

7.   Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le longa lasta agus paisinéirí a aistriú idir cláir laistigh den Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 613/91 (46)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 a oiriúnú d’fhorbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, san Eagraíocht Muirí Idirnáisiúnta go háirithe, agus chun éifeachtacht an Rialacháin sin a fheabhsú i bhfianaise na taithí agus an dul chun cinn theicniúil, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le sainmhínithe áirithe sa Rialachán a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 7, scriostar mír 3;

(2)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo mar a shainítear in Airteagal 3, tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a lena leasaítear na sainmhínithe in Airteagal 2 chun forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe in IMO, agus chun éifeachtacht an Rialacháin seo a fheabhsú i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an dul chun cinn theicniúil.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*43).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*43)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

8.   Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (47)

Chun Treoir 2005/44/CE a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus chun an taithí a fuarthas óna cur i bhfeidhm a chur san áireamh, déanfar an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní I agus II den Treoir sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2005/44/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Leasuithe ar Iarscríbhinní I agus II

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II i bhfianaise na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na treorach sin agus chun na hIarscríbhinní sin a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 10a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*44).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*44)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

in Airteagal 11, scriostar mír 4.

9.   Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú (48)

Chun na bearta teicniúla is gá chun slándáil chalafoirt a thabhairt cothrom le dáta a áirithiú ar bhonn rialta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i dtaca le hIarscríbhinní I go IV a ghabhann le Treoir/2005/65/CE a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2005/65/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

“Airteagal 14

Leasuithe ar Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn VI

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a lena leasaítear Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV agus chun iad a oiriúnú don taithí a fuarthas óna gcur i bhfeidhm gan raon feidhme na Treorach sin a leathnú.

Más rud é, i gcás na leasuithe a éilítear chun Iarscríbhinní I go IV a oiriúnú, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 14b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 14a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 14 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*45).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14 a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*45)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 15.

10.   Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a tharraingt suas a bheidh faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra oibríochta, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (49)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus tuilleadh nósanna imeachta infheidhme a mhionsonrú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn A ghabhann leis an Rialachán sin a leasú agus an Rialachán sin a fhorlíonadh le rialacha mionsonracha i dtaca le nósanna imeachta áirithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Leagfar amach san Iarscríbhinn na critéir chomhchoiteanna maidir le cosc oibríochta ar aeriompróir, a bheidh bunaithe ar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha dá ngairtear na critéir chomhchoitinne anseo feasta.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a lena leasaítear an Iarscríbhinn chun na critéir chomhchoiteanna a mhodhnú chun forbairtí eolaíocha agus teicniúla a chur san áireamh.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Rialacha mionsonracha

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha mionsonracha a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear sa Chaibidil sin agus lena gcuirtear san áireamh go hiomchuí na cinntithe a bheidh le déanamh go pras maidir le liosta an Chomhphobail a thabhairt cothrom le dáta.

Más rud é, i gcás na mbeart dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 14b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(3)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 14a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 8 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*46).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2) agus Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse míosa tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh aon mhí amháin leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14b

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14 a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*46)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(4)

in Airteagal 15, scriostar mír 4.

11.   Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta agus Fuinnimh sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3051/95 (50)

Chun na forálacha a bhaineann le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta agus Fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo mar a shainítear in Airteagal 3, tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a lena leasaítear Iarscríbhinn II chun forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus go háirithe san IMO, a chur san áireamh nó chun éifeachtacht an Rialacháin seo a fheabhsú i bhfianaise na taithí a fuarthas nuair a cuireadh chun feidhme é.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*47).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*47)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

in Airteagal 12, scriostar mír 3.

12.   Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (51)

Chun Treoir 2008/68/CE a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2008/68/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a lena leasaítear na hIarscríbhinní chun na leasuithe ar ADR, RID agus ADN a chur san áireamh, go háirithe na leasuithe a bhaineann le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, lena n-áirítear úsáid na teicneolaíochtaí um lorg agus rianú.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 8a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*48).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*48)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

in Airteagal 9, scriostar mír 3.

13.   Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha coiteanna agus caighdeáin choiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí (52)

Chun Treoir 2009/15/CE a oiriúnú d’fhorbairt na n-ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha agus chun na huasmhéideanna atá le híoc a mhodhnú chun na páirtithe díobhálacha a chúiteamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir sin a leasú i dtaca:

le leasuithe iardain ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta áirithe, prótacail, cóid agus rúin a bhaineann leo a ionchorprú, atá tagtha i bhfeidhm cheana;

le hathrú a dhéanamh ar mhéideanna áirithe a shonrófar inti.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2009/15/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 5a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*49).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*49)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(2)

in Airteagal 6, scriostar mír 3;

(3)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5a lena leasaítear an Treoir seo, gan a raon feidhme a leathnú chun:

(a)

leasuithe iardain, chun críocha na Treorach seo, ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta, ar na prótacail, ar na cóid agus ar na rúin a bhaineann leo a ionchorprú dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 2, Airteagal 3(1) agus Airteagal 5(2), atá tagtha i bhfeidhm cheana;

(b)

athrú a dhéanamh ar na méideanna a shonraítear i bpointe (b)(ii) agus (iii) d’Airteagal 5(2).”.

14.   Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (53)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a chríochnú agus é a oiriúnú d’fhorbairtí rialacha idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis:

na híoschritéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú, ag cur san áireamh, go háirithe, na gcinntí ábhartha ó IMO;

an Rialachán sin a fhorlíonadh leis na critéir chun éifeachtacht na rialacha agus na nósanna imeachta, chomh maith le feidhmiúlacht na n-eagraíochtaí aitheanta maidir le sábháilteacht a long aicmithe agus maidir le cosc ar thruailliú óna longa aicmithe, a thomhas agus aird ar leith á tabhairt ar na sonraí arna dtabhairt ar aird le Meabhrán Tuisceana Pháras i ndáil le Rialú Stáit ar Chalafoirt nó le scéimeanna comhchosúla eile;

an Rialachán sin a fhorlíonadh leis na critéir lena gcinnfear cén uair is ceart a mheas gurb ionann an fheidhmiúlacht sin agus bagairt neamh-inghlactha ar shábháilteacht nó ar an gcomhshaol, ar critéir iad lena bhféadfar imthosca sonracha a dhéanann difear d’eagraíochtaí beaga nó d’eagraíochtaí atá thar a bheith speisialaithe a chur san áireamh;

an Rialachán sin a fhorlíonadh le rialacha mionsonraithe maidir le fíneálacha agus táillí nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus maidir le haitheantas a aistarraingt ó eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 12, scriostar mír 4;

(2)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a lena leasaítear Iarscríbhinn I, gan a raon feidhme a leathnú, chun na critéir íosta a leagtar amach ann a thabhairt cothrom le dáta, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar na cinntí ábhartha ó IMO.”;

(3)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a bhunú:

(a)

critéir chun éifeachtacht na rialacha agus na nósanna imeachta, chomh maith le feidhmiúlacht na n-eagraíochtaí aitheanta maidir le sábháilteacht a long aicmithe agus maidir le cosc ar thruailliú óna longa aicmithe, a thomhas agus aird ar leith á tabhairt ar na sonraí arna dtabhairt ar aird le Meabhrán Tuisceana Pháras i ndáil le Rialú Stáit ar Chalafoirt nó le scéimeanna comhchosúla eile;

(b)

na critéir lena a chinnfear cén uair is ceart a mheas gurb ionann an fheidhmiúlacht sin agus bagairt neamh-inghlactha ar shábháilteacht nó ar an gcomhshaol, ar critéir iad lena bhféadfar imthosca sonracha a dhéanann difear d’eagraíochtaí beaga nó d’eagraíochtaí atá thar a bheith speisialaithe a chur san áireamh.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha mionsonraithe i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhunú de bhun Airteagal 6, agus, más gá sin i dtaca le haitheantas a aistarraingt ó eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge de bhun Airteagal 7.”;

(4)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 14a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 1(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 14(1) agus (2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*50).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(1) agus Airteagal 14(1) agus (2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*50)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

15.   Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí (54)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 a oiriúnú do rialacha eile de chuid an Aontais agus do rialacha idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 a tharmligean chuig an gCoimisiún:

i dtaca le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun leasuithe ar fhorálacha Choinbhinsiún na hAithne maidir le hIompar Paisinéirí agus a gcuid Bagáiste ar Muir, 1974 a ionchorprú, arna leasú le Prótacal 2002;

i dtaca leis na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le longa d’Aicme B faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55) a leasú;

i dtaca le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun leasuithe ar fhorálacha Threoirlínte IMO a ionchorprú.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Na hIarscríbhinní a leasú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo chun na leasuithe ar na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 3(1), in Airteagal 4bis(1), in Airteagal 7(1) agus in Airteagal 8 de Choinbhinsiún na hAithne a ionchorprú chun cinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 23 den Choinbhinsiún sin a chur san áireamh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún, ar bhonn measúnú tionchair iomchuí, chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a, faoin 31 Nollaig 2016, lena leasaítear na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le longa d’Aicme B faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*51), agus na hiarmhairtí i leith táillí mar aon le cumas an mhargaidh cumhdach árachais inacmhainne a fháil ar an leibhéal is gá i gcomhthéacs an chúlra beartais maidir le cearta paisinéirí a neartú, chomh maith le cineál séasúrach cuid den trácht, á gcur san áireamh.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a lena leasaítear Iarscríbhinn II chun leasuithe ar fhorálacha Threoirlínte IMO a ionchorprú.

(*51)  Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).”;"

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus (2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus (2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*52).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(1) agus (2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*52)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 10.

X.   SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHT BIA

1.   Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí leighis dílleachta (56)

Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán sin a fhorlíonadh le sainmhínithe ar “táirge íocshláinte comhchosúil” agus ar “airde chliniciúil”. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10b lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na sainmhínithe ar ‘táirge íocshláinte comhchosúil’ agus ar ‘airde chliniciúil’ a ghlacadh.”;

(2)

in Airteagal 10a, scriostar mír 3;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 10b

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*53).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*53)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

2.   Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (57)

Chun cuspóirí Threoir 2001/18/CE a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin a leasú agus chun an Treoir sin a fhorlíonadh le:

critéir maolúcháin agus ceanglais faisnéise maidir leis an bhfógra faoi chineálacha áirithe orgánach géinmhodhnaithe (OGManna) a chur ar an margadh;

tairseacha íosta do tháirgí ina bhfuil rianta taismeacha d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó rianta nach féidir a sheachaint go teicniúil agus ní gá na táirgí sin a lipéadú mar orgánaigh ghéinmhodhnaithe;

tairseacha níos ísle ná 0.9 % nach mbeidh feidhm faoina mbun sin ag na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach sa Treoir maidir le rianta orgánach géinmhodhnaithe i dtáirgí atá beartaithe lena bpróiseáil go díreach;

ceanglais sonracha maidir le lipéadú OGManna nach gcuirtear ar an margadh de réir bhrí na Treorach seo.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/18/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na critéir agus na ceanglais faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, agus aon cheanglais iomchuí maidir le hachoimre den sainchomhad, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch ábhartha. Beidh na critéir agus na ceanglais faisnéise leordhóthanach chun ardleibhéal sábháilteachta don tsláinte dhaonna agus don chomhshaol a áirithiú agus bunófar iad ar an bhfianaise eolaíoch maidir leis an gcineál sábháilteachta sin agus ar an taithí a fuarthas ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh de bhun mhír 2, déanfaidh an Coimisiún an togra a chur ar fáil don phobal. Féadfaidh an pobal barúlacha a thabhairt don Choimisiún laistigh de 60 lá oibre. Cuirfidh an Coimisiún aon bharúlacha den chineál sin ar aghaidh, mar aon le hanailís, chuig na saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 29a(4).”;

(2)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Maidir le táirgí ina bhfuil rianta taismeacha d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó rianta nach féidir a sheachaint go teicniúil, tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 29a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí thairseacha íosta a bhunú agus ní gá na táirgí atá faoi bhun na dtairseach sin a lipéadú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Déanfar leibhéil tairsí a bhunú i gcomhréir leis an táirgeadh lena mbaineann.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29a, chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na tairsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a bhunú.”;

(3)

in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29a lena leasaítear Iarscríbhinn IV, trí na ceanglais shonracha maidir le lipéadú dá dtagraítear i mír 1, gan na ceanglais maidir le lipéadú a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a dhúbláil ná neamhréireachtaí a chruthú iontu. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart, mar is iomchuí, na forálacha maidir le lipéadú arna mbunú ag na Ballstáit i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais a chur san áireamh.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

“Airteagal 27

Iarscríbhinní a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29a, lena leasaítear Roinn C agus Roinn D d’Iarscríbhinn II, Iarscríbhinní III go IV, agus Roinn C d’Iarscríbhinn VII chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.”;

(5)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 29a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 16(2), in Airteagal 21(2) agus (3), Airteagal 26(2) agus Airteagal 27 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 16(2), Airteagal 21(2) agus (3), Airteagal 26(2) agus Airteagal 27 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*54).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(2), Airteagal 21(2) agus (3), Airteagal 26(2) agus Airteagal 27 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*54)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(6)

in Airteagal 30, scriostar mír 3.

3.   Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine. (58)

Chun cuspóirí Threoir 2001/83/CE a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na gcríoch seo a leanas:

an Treoir sin a leasú maidir le ceann amháin de na coinníollacha is gá do tháirgí íocshláinte hoiméapatacha a chomhlíonadh d’fhonn tairbhiú de nós imeachta clárúcháin speisialta simplithe más gá sin de réir fianaise nua eolaíoch;

an Treoir sin a leasú i ndáil leis na cineálacha oibríochtaí a mheastar a bheith i gceist le substaintí gníomhacha a úsáidtear mar ábhair thosaigh a mhonarú, chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh;

Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin a leasú chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh;

an Treoir sin a fhorlíonadh trí phrionsabail agus treoirlínte dea-chleachtais monaraíochta le haghaidh táirgí íocshláinte a shonrú.

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2001/83/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 14(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121a lena leasaítear an tríú fleasc den chéad fhomhír más gá sin de réir fianaise nua eolaíoch.”;

(2)

in Airteagal 46a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121a lena leasaítear mír 1 chun an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh.”;

(3)

in Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar phrionsabail agus treoirlínte dea-chleachtais monaraíochta le haghaidh táirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 46(f).”;

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 120:

“Airteagal 120

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121a lena leasaítear Iarscríbhinn I chun an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh.”;

(5)

in Airteagal 121, scriostar mír 2a;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 121a:

“Airteagal 121a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 14(1), 22b, 23b, 46a, 47, 52b, 54a agus 120 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 14(1), 22b, 23b, 46a, 47, 52b, 54a agus 120 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*55).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 14(1), 22b, 23b, 46a, 47, 52b, 54a agus 120 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*55)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1..”"

4.   Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmhithe (59)

Chun cuspóirí Threoir 2002/32/CE a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn I agus II a ghabhann leis an Treoir sin a leasú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus chun an Treoir sin a fhorlíonadh le critéir inghlacthachta maidir leis na próisis díthocsainithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2002/32/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 7(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

“2.   Déanfar cinneadh láithreach i dtaobh an ceart Iarscríbhinní I agus II a leasú. Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a lena leasaítear na hIarscríbhinní sin.

Más rud é, i gcás na leasuithe sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

Féadfaidh an Ballstát na bearta atá curtha chun feidhme aige a choinneáil chomh fada agus nach bhfuil aon chinneadh glactha ag an gCoimisiún.”;

(2)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Más rud é, i gcás na leasuithe sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 10b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fleasc

“—

tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí shainiú a dhéanamh ar na critéir inghlacthachta maidir leis na próisis díthocsainithe a shainmhíniú mar chomhlánú ar na critéir a sholáthraítear maidir le táirgí atá beartaithe mar bheatha ainmhithe ar táirgí iad a chuaigh faoi na próisis sin.”;

(3)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 10a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus Airteagal 8(1) agus (2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 8(1) agus (2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*56).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(2), agus Airteagal 8(1) agus (2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 10b

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10a(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

(*56)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(4)

in Airteagal 11, scriostar míreanna 3 agus 4.

5.   Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (60)

Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán sin a leasú maidir le líon agus ainmneacha na bPainéal Eolaíoch, agus chun an Rialachán sin a fhorlíonadh leis an nós imeachta atá le cur i bhfeidhm ag an Údarás maidir le hiarrataí ar thuairim eolaíoch, leis na critéir maidir le hinstitiúid a áireamh ar liosta na n-eagraíochtaí inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit, agus leis na socruithe maidir le ceanglais cháilíochta chomhchuibhithe a leagan amach agus rialacha airgeadais lena rialaítear aon tacaíocht airgeadais. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 28(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 57a lena leasaítear an chéad fhomhír maidir le líon agus ainmneacha na bPainéal Eolaíoch, agus i bhfianaise an dul chun cinn eolaíoch agus theicniúil, arna iarraidh sin don Údarás”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29(6):

“6.   Chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás, na nithe seo a leanas:

(a)

gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 57a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an nós imeachta atá le cur i bhfeidhm ag an Údarás maidir le hiarrataí ar thuairim eolaíoch a bhunú;

(b)

gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na treoirlínte lena rialaítear an mheastóireacht eolaíoch ar shubstaintí, táirgí nó próisis atá faoi réir, faoi reachtaíocht an Aontais, córas réamhúdarúcháin nó iontrála ar liosta dearfach, go háirithe i gcás ina bhforáiltear nó ina gceadaítear i reachtaíocht an Aontais, go bhféadfaidh iarratasóir sainchomhad a thíolacadh chun na críche sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 58(2).”;

(3)

in Airteagal 36(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 57a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir maidir le hinstitiúid a áireamh ar liosta na n-eagraíochtaí inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit, na socruithe maidir leis na ceanglais cháilíochta chomhchuibhithe a leagan amach agus na rialacha airgeadais lena rialaítear aon tacaíocht airgeadais a bhunú.”;

(4)

i gCaibidil V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn 1:

“ROINN 1

AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ, NÓSANNA IMEACHTA COISTE AGUS IDIRGHABHÁLA”;

(5)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh theideal Roinn 1:

“Airteagal 57a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 28(4), Airteagal 29(6) agus Airteagal 36(3) a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 28(4), in Airteagal 29(6) agus in Airteagal 36(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*57).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 28(4), Airteagal 29(6) agus Airteagal 36(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*57)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(6)

in Airteagal 58, scriostar mír 3.

6.   Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le hinrianaitheacht táirgí bia agus táirgí beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (61)

Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán sin a fhorlíonadh trí chóras a bhunú chun aitheantóirí uathúla a fhorbairt agus a shannadh d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Aitheantóirí uathúla

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 9a, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chóras chun aitheantóirí uathúla a fhorbairt agus a shannadh do OGManna, agus forbairtí i bhfóraim idirnáisiúnta á gcur san áireamh.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 9a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*58).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*58)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

in Airteagal 10, scriostar mír 2;

(4)

in Airteagal 13, scriostar mír 2.

7.   Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (62)

Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus chun an Rialachán sin a fhorlíonadh le rialacha lena bhféadfaidh forálacha simplithe a bheith ann maidir le húdarú breiseán a bheidh údaraithe cheana lena n-úsáid i mbia. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21a lena leasaítear Iarscríbhinn IV chun na coinníollacha ginearálta a leagtar síos ann a oiriúnú don dul chun cinn teicneolaíoch nó eolaíoch.”;

(2)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21a lena leasaítear Iarscríbhinn I chun catagóirí de bhreiseáin i gcothú ainmhithe agus feidhmghrúpaí a oiriúnú mar thoradh ar an dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch.”;

(3)

in Airteagal 7(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a bhunú lena bhféadfaidh forálacha simplithe a bheith ann maidir le húdarú breiseán a bheidh údaraithe cheana lena n-úsáid i mbia.”;

(4)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21a lena leasaítear Iarscríbhinn III chun an dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch a chur san áireamh.”;

(5)

in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú mír:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21a lena leasaítear Iarscríbhinn II.”;

(6)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 21a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 3(5), 6(3), 7(5), 16(6) agus 21 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(5), 6(3), 7(5), 16(6) agus 21 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*59).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(5), 6(3), 7(5), 16(6) agus 21 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*59)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(7)

in Airteagal 22, scriostar mír 3.

8.   Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (63)

Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 a ghnóthú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú tar éis cúnaimh eolaíoch agus/nó tar éis cúnaimh theicniúil a iarraidh ar an údarás chun an Rialachán sin a fhorlíonadh le critéir cháilíochta le haghaidh modhanna anailíseacha bailíochtaithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chritéir cháilíochta le haghaidh modhanna anailíseacha bailíochtaithe dá dtagraítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II a bhunú, lena n-áirítear substaintí a bheidh le tomhas. Cuirfear an fhianaise eolaíoch a bheidh ar fáil san áireamh sna gníomhartha tarmligthe sin.”;

(2)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18a lena leasaítear na hIarscríbhinní tar éis cúnamh eolaíoch agus/nó teicniúil a iarraidh ar an údarás.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 18a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 17(3) agus Airteagal 18(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17(3) agus Airteagal 18(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*60).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 17(3) agus Airteagal 18(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*60)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(4)

in Airteagal 19, scriostar mír 3.

9.   Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (64)

Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a ghnóthú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú agus chun an Rialachán sin a fhorlíonadh maidir le húsáid substaintí seachas uisce inólta chun éilliú dromchla a bhaint de tháirgí de thionscnamh ainmhíoch, maidir le leasuithe ar na ráthaíochtaí speisialta i dtaca le bia ar leith de thionscnamh ainmhíoch a chur ar an margadh sa tSualainn nó san Fhionlainn agus maidir le maoluithe ar Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Rialachán sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní úsáidfidh oibreoirí gnólachtaí bia aon substaint seachas uisce inólta – nó uisce glan, má cheadaítear le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 nó leis an Rialachán seo é a úsáid — chun éilliú dromchla a bhaint de tháirgí de thionscnamh ainmhíoch, mura rud é go bhfuil úsáid na substainte sin formheasta ag an gCoimisiún. Chun na críche sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a lena bhforlíontar an Rialachán seo. Comhlíonfaidh oibreoirí gnólachtaí bia aon choinníollacha úsáide a fhéadfar a ghlacadh faoin nós imeachta céanna. Ní dhéanfaidh úsáid substainte formheasta difear don dualgas atá ar an oibreoir gnólachtaí bia ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.”;

(2)

in Airteagal 8(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a lena leasaítear míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo chun na ceanglais a leagtar amach sna míreanna sin a thabhairt cothrom le dáta, chun athruithe i gcláir rialaithe na mBallstát nó chun glacadh critéir mhicribhitheolaíocha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chur san áireamh.”;

(3)

scriostar Airteagal 9;

(4)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III. Beidh sé d’aidhm ag na leasuithe gnóthú chuspóirí an Rialacháin a áirithiú agus éascú, agus na fachtóirí riosca ábhartha á gcur san áireamh, agus tabharfar bonn cirt leis na leasuithe sin ar bhonn an méid seo a leanas:

(a)

an taithí a fuair oibreoirí gnólachtaí bia agus/nó údaráis inniúla, go háirithe i gcomhthéacs cur chun feidhme córas atá bunaithe ar HACCP de bhun Airteagal 5;

(b)

an taithí a fuair an Coimisiún, go háirithe torthaí a chuid iniúchóireachtaí;

(c)

forbairtí teicneolaíocha agus a n-iarmhairtí praiticiúla, agus ionchais tomhaltóirí maidir le comhdhéanamh bia;

(d)

comhairle eolaíoch, go háirithe measúnuithe rioscaí nua;

(e)

critéir mhicribhitheolaíocha agus critéir teochta le haghaidh earraí bia;

(f)

athruithe ar phatrúin tomhaltais.

Bainfidh na leasuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír leis an méid seo a leanas:

(a)

na ceanglais maidir le marc aitheantais táirgí de thionscnamh ainmhíoch;

(b)

cuspóirí nósanna imeachta atá bunaithe ar HACCP;

(c)

na ceanglais maidir le faisnéis faoin slabhra bia;

(d)

na ceanglais shonracha maidir le sláinteachas an áitribh ina ndéantar táirgí de thionscnamh ainmhíoch a tháirgeadh, a láimhseáil, a phróiseáil, a stóráil nó a dháileadh, lena n-áirítear an modh iompair;

(e)

na ceanglais shonracha maidir le sláinteachas na n-oibríochtaí lena n-áirítear táirgí de thionscnamh ainmhíoch a tháirgeadh, a láimhseáil, a stóráil, a iompar nó a dháileadh;

(f)

na rialacha maidir le feoil a iompar nuair a bhíonn sí te;

(g)

na caighdeáin nó na seiceálacha sláinte, i gcás ina bhfuil fianaise eolaíoch ann a léiríonn go bhfuil siad riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint;

(h)

leathnú Chaibidil IX de Roinn VII d’iarscríbhinn III chun moilisc dhébhlaoscacha bheo seachas pectinidae a chur san áireamh;

(i)

na critéir chun a chinneadh cá huair a léiríonn sonraí eipidéimeolaíocha nach guais sláinte atá san iascach maidir le seadáin a bheith ann agus, dá bharr sin, lena chinneadh cá huair a fhéadfaidh údarás inniúil oibreoirí gnólachtaí bia a údarú gan táirgí iascaigh a reo i gcomhréir le Cuid D de Chaibidil III de Roinn VIII d’Iarscríbhinn III;

(j)

na caighdeáin bhreise sláinte le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha bheo i gcomhar leis an tsaotharlann tagartha ábhartha de chuid an Aontais, lena n-áirítear:

(i)

teorainnluachanna agus modhanna anailíse le haghaidh biotocsainí muirí eile;

(ii)

nósanna imeachta maidir le tástáil víreas agus caighdeáin víreolaíocha; agus

(iii)

pleananna samplála agus na modhanna agus na lamháltais anailíseacha a bheidh le cur i bhfeidhm chun comhlíonadh na gcaighdeán sláinte a sheiceáil;

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhaoluithe a dheonú ar Iarscríbhinní II agus III, agus na fachtóirí riosca ábhartha á gcur san áireamh agus ar choinníoll nach ndéanfaidh na maoluithe sin difear do ghnóthú chuspóirí an Rialacháin seo, mar atá:

(a)

comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sna hIarscríbhinní ag gnólachtaí beaga a éascú;

(b)

úsáid leanúnach modhanna seanbhunaithe ag céim ar bith den táirgeadh, den phróiseáil nó den dáileadh bia a chumasú;

(c)

riar ar riachtanais gnólachtaí bia atá suite i réigiúin atá faoi réir srianta geografacha ar leith;

(d)

an obair a éascú do na bunaíochtaí sin a tháirgeann amhábhar a bheartaítear le haghaidh táirgeadh táirgí bia an-mhínphróiseáilte ar amhábhar é a ndearnadh cóireáil air chun a shábháilteacht a áirithiú.”;

(5)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

“Gan dochar do chur i bhfeidhm ginearálta Airteagal 9 agus Airteagal 10(1), féadfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas a leagan síos trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2);”;

(b)

scriostar pointí 1, 5, 6, 7 agus 8;

(6)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 8(3)(a) agus Airteagal 10(1) agus (2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 8(3)(a), Airteagal 10(1) agus Airteagal 10(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*61).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 8(3)(a), Airteagal 10(1) agus Airteagal 10(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*61)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(7)

in Airteagal 12, scriostar mír 3.

10.   Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le ceanglais a leagan síos i ndáil le sláinteachas beatha ainmhithe (65)

Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 a ghnóthú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí na critéir agus na spriocanna micribhitheolaíochta sonracha a shainiú, trí formheas a cheangal ar bhunaíochtaí gnólachta beatha agus trí mhaolú ar Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an Rialachán sin a dheonú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir agus na spriocanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a shainiú.”;

(2)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

“(3)

go gceanglaítear formheas le rialachán tarmligthe go dtugtar de chumhacht don Choimisiún glacadh i gcomhréir le hAirteagal 30a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh.”;

(3)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30a chun Iarscríbhinní I, II agus III a leasú.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

“Airteagal 28

Maoluithe ar Iarscríbhinní I, II agus III

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhaoluithe a dheonú ar Iarscríbhinní I, II agus III ar chúiseanna áirithe, ar choinníoll nach ndéanfaidh na maoluithe sin difear do ghnóthú chuspóirí an Rialacháin seo”;

(5)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 30a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(3), i bpointe (3) d’Airteagal 10, Airteagal 27 agus Airteagal 28 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), i bpointe 3 d’Airteagal 10, in Airteagal 27 agus in Airteagal 28 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*62).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(3), pointe (3) d’Airteagal 10, Airteagal 27 agus Airteagal 28 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*62)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(6)

in Airteagal 31, scriostar mír 3.

11.   Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (66)

Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 a ghnóthú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

“Airteagal 24

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25a lena leasaítear na hIarscríbhinní chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 25a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 24 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*63).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 24 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*63)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

in Airteagal 26, scriostar mír 3.

12.   Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (67)

Chun creat a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinn I go IV a ghabhann le Treoir 2009/128/CE a leasú chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Dá réir sin, leasaítear Treoir 2009/128/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20a lena leasaítear Iarscríbhinn I chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil”;

(2)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20a lena leasaítear Iarscríbhinn II chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.”;

(3)

in Airteagal 14(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20a lena leasaítear Iarscríbhinn III chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.”;

(4)

in Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20a lena leasaítear Iarscríbhinn IV chun aird a thabhairt ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.”;

(5)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 20a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 5(3), 8(7), 14(4) agus 15(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), Airteagal 8(7), Airteagal 14(4) agus Airteagal 15(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*64).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(3), Airteagal 8(7), Airteagal 14(4) agus Airteagal 15(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*64)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(6)

in Airteagal 21, scriostar mír 2.

XI.   CÁNACHAS AGUS AN tAONTAS CUSTAIM

Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i ndáil le custaim agus le trádáil (68)

Faoi Airteagal 15 de Chinneadh Uimh. 70/2008/CE, tugtar de chumhacht don Choimisiún chun síneadh a chur le teorainneacha ama áirithe i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (69). Níor feidhmíodh an cumhachtú sin riamh agus ní bheidh gá leis a thuilleadh. Dá bhrí sin, ní gá aon chumhacht a thabhairt don Choimisiún. Mar sin, ba cheart an cumhacht i dTreoir Uimh. 70/2008/CE a chúlghairm agus ba cheart Airteagail 15 agus 16 den Chinneadh sin a scriosadh.

Dá réir sin, i gCinneadh Uimh. 70/2008/CE, scriostar Airteagail 15 agus 16.


(*1)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*2)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*3)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*4)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*6)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*8)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*10)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*13)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*14)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*15)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*16)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*17)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*18)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*19)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*20)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*21)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*22)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*23)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*24)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*25)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*26)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*27)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*28)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*29)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”.

(*30)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*31)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*32)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*33)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*34)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*36)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).”;

(*37)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*38)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*39)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*40)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*41)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*42)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*43)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*44)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*45)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*46)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*47)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*48)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*49)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*50)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*51)  Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).”;

(*52)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*53)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”.

(*54)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*55)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1..”

(*56)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*57)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*58)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*59)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*60)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*61)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*62)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*63)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;

(*64)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;”


(1)  IO L 113, 30.4.2002, lch. 1.

(2)  IO L 172, 2.7.2008, lch. 15.

(3)  IO L 163, 2.7.1996, lch. 1.

(4)  IO L 393, 30.12.1989, lch. 1.

(5)  Cinneadh an 22 Iúil 2003 ón gComhairle lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (IO C 218, 13.9.2003, lch. 1).

(6)  IO L 393, 30.12.1989, lch. 18.

(7)  IO L 156, 21.6.1990, lch. 9.

(8)  IO L 156, 21.6.1990, lch. 14.

(9)  IO L 113, 30.4.1992, lch. 19.

(10)  IO L 245, 26.8.1992, lch. 6.

(11)  IO L 245, 26.8.1992, lch. 23.

(12)  IO L 216, 20.8.1994, lch. 12.

(13)  IO L 131, 5.5.1998, lch. 11.

(14)  IO L 177, 6.7.2002, lch. 13.

(15)  IO L 042, 15.2.2003, lch. 38.

(16)  IO L 158, 30.4.2004, lch. 50.

(17)  IO L 114, 27.4.2006, lch. 38.

(18)  IO L 330, 16.12.2009, lch. 28.

(19)  IO L 342, 22.12.2009, lch. 46.

(20)  IO L 365, 31.12.1994, lch. 24.

(21)  IO L 189, 18.7.2002, lch. 12.

(22)  IO L 143, 30.4.2004, lch. 87.

(23)  IO L 33, 4.2.2006, lch. 1.

(24)  IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.

(25)  IO L 285, 31.10.2009, lch. 36.

(26)  IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.

(27)  IO L 145, 4.6.2008, lch. 65.

(28)  IO L 46, 21.2.1976, lch. 1.

(29)  IO L 162, 3.7.2000, lch. 1.

(30)  IO L 50, 20.2.2004, lch. 28.

(31)  IO L 157, 9.6.2006, lch. 24.

(32)  IO L 106, 28.4.2009, lch. 7.

(33)  IO L 146, 10.6.2009, lch. 1.

(34)  IO L 35, 4.2.2009, lch. 32.

(35)  IO L 216, 20.8.2009, lch. 76.

(36)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(37)  IO L 348, 28.11.1992, lch. 1.

(38)  IO L 133, 22.5.2008, lch. 66.

(39)  IO L 249, 17.10.1995, lch. 35.

(40)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

(41)  IO L 208, 5.8.2002, lch. 10.

(42)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.

(43)  IO L 123, 17.5.2003, lch. 22.

(44)  IO L 226, 10.9.2003, lch. 4.

(45)  IO L 138, 30.4.2004, lch. 1.

(46)  IO L 138, 30.4.2004, lch. 19.

(47)  IO L 255, 30.9.2005, lch. 152.

(48)  IO L 310, 25.11.2005, lch. 28.

(49)  IO L 344, 27.12.2005, lch. 15.

(50)  IO L 64, 4.3.2006, lch. 1.

(51)  IO L 260, 30.9.2008, lch. 13.

(52)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 47.

(53)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 11.

(54)  IO L 131, 28.5.2009, lch. 24.

(55)  Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).

(56)  IO L 18, 22.1.2000, lch. 1.

(57)  IO L 106, 17.4.2001, lch. 1.

(58)  IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.

(59)  IO L 140, 30.5.2002, lch. 10.

(60)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(61)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 24.

(62)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(63)  IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.

(64)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.

(65)  IO L 35, 8.2.2005, lch. 1.

(66)  IO L 324, 10.12.2007, lch. 121.

(67)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 71.

(68)  IO L 23, 26.1.2008, lch. 21.

(69)  Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).