ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
14 Meitheamh 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh ( 1 )

22

 

*

Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas ( 1 )

54

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE ( 1 )

125

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle ( IO L 212, 22.8.2018 )

200

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 158 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

14.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/941 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meitheamh 2019

maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá athrú ó bhonn ag teacht ar earnáil an leictreachais san Aontas, agus ar shaintréithe an athraithe sin tá margaí níos díláraithe ina bhfuil níos mó gníomhaithe, cion níos mó fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus córais idirnasctha níos fearr. Dá bharr sin, is é is aidhm ag Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus ag Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) feabhas a chur ar an gcreat dlí lena rialaítear margadh inmheánach an leictreachais san Aontas, chun go n-áiritheofar go bhfeidhmeoidh na margaí agus na líonraí ar bhealach optamach, ar mhaithe le gnólachtaí agus saoránaigh an Aontais. Tá sé beartaithe leis an Rialachán seo rannchuidiú le cur chun feidhme chuspóirí an Aontais Fuinnimh, ar cuid lárnach de iad slándáil fuinnimh, dlúthpháirtíocht, iontaoibh agus beartas aeráide uaillmhianach.

(2)

Margaí agus córais a fheidhmíonn go maith, ag a bhfuil idirnaisc leormhaithe leictreachais, sin an ráthú is fearr ar shlándáil an tsoláthair leictreachais. Fiú agus na margaí agus na córais ag feidhmiú go maith agus iad idirnasctha, áfach, ní féidir an baol a chur as an áireamh go dtarlódh géarchéim leictreachais, de dheasca tubaistí nádúrtha amhail dálaí adhaimsire, ionsaithe mailíseacha nó ganntanas breosla. Is minic tionchar ag géarchéimeanna leictreachais a théann thar na teorainneacha náisiúnta. Fiú nuair a thosaíonn géarchéimeanna den sórt sin ar an leibhéal áitiúil, is féidir a gcuid éifeachtaí leitheadú go mear thar theorainneacha. Féadann cúinsí áirithe, amhail tréimhsí fuara, tonnta teasa nó cibear-ionsaithe, cur as do réigiúin ina n-iomláine ag aon am amháin.

(3)

Toisc margaí agus córais an leictreachais a bheith idirnasctha, ní féidir breathnú ar chosc agus bainistiú géarchéimeanna leictreachais mar chúram atá go hiomlán náisiúnta. Ba cheart leas níos fearr a bhaint as na bearta a d'fhéadfadh a bheith níos éifeachtúla agus níos tíosaí trí bhíthin comhar réigiúnach. Tá gá le creat coiteann rialacha agus nósanna imeachta comhordaithe níos fearr chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit agus gníomhaithe eile in ann oibriú go héifeachtach i gcomhar thar theorainneacha de mheon trédhearcachta, iontaoibhe agus dlúthpháirtíochta méadaithe idir na Ballstáit.

(4)

Le Treoir 2005/89/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) bunaíodh na bearta riachtanacha atá le déanamh ag na Ballstáit chun slándáil an tsoláthair leictreachais i gcoitinne a áirithiú. Tá gníomhartha reachtacha ina dhiaidh sin curtha in ionad fhorálacha na Treorach sin den chuid is mó, go háirithe maidir leis an gcaoi ar cheart margaí an leictreachais a eagrú chun a áirithiú go bhfuil acmhainn leordhóthanach le fáil, maidir leis an gcaoi ar cheart d'oibreoirí córais tarchurtha oibriú i gcomhar le chéile chun cobhsaíocht chórais a ráthú agus maidir lena áirithiú go bhfuil bonneagar iomchuí faoi réir. Is ar shaincheist na ngéarchéimeanna leictreachais a chosc agus a bhainistiú atá an Rialachán seo dírithe.

(5)

I Rialacháin (AE) 2017/1485 (7) agus (AE) 2017/2196 (8) ón gCoimisiún tá sraith rialacha mionsonraithe lena rialaítear an chaoi ar cheart d'oibreoirí córais tarchurtha agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile gníomhú agus oibriú i gcomhar chun slándáil an chórais a áirithiú. Ba cheart go n-áiritheodh na rialacha teicniúla sin go ndéileálfaí go héifeachtach ar an leibhéal oibríochta le formhór na dteagmhas leictreachais. Tá an Rialachán seo dírithe ar ghéarchéimeanna leictreachais a bhfuil scála agus tionchar níos mó ag baint leo. Leagtar amach ann an méid ba cheart do na Ballstáit a dhéanamh chun géarchéimeanna den sórt sin a chosc agus na bearta is féidir leo a dhéanamh i gcás nár leor na rialacha oibríochta córais, astu féin, a thuilleadh. Mar sin féin, ba cheart go leanfaí go hiomlán de na rialacha oibríochta córais a urramú, fiú le linn géarchéimeanna leictreachais, agus ba cheart an Rialachán seo a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2196.

(6)

Leis an Rialachán seo, leagtar amach creat coiteann rialacha maidir le conas géarchéimeanna leictreachais a chosc, a bhainistiú agus conas ullmhú faoina gcoinne, tugtar isteach níos mó trédhearcachta i gcéim an ullmhúcháin agus le linn na géarchéime leictreachais agus áirithítear go ndéanfar bearta ar bhealach comhordaithe agus éifeachtach. Éilíonn sé ar na Ballstáit oibriú i gcomhar, ar an leibhéal réigiúnach agus, i gcás inarb infheidhme, go déthaobhach, de mheon dlúthpháirtíochta. Leagtar amach ann freisin creat le haghaidh faireachán éifeachtach ar shlándáil an tsoláthair leictreachais san Eoraip trí bhíthin an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais (GCL), a bunaíodh le Cinneadh ón gCoimisiún an 15 Samhain 2012 (9) mar fhóram trína bhféadfaí faisnéis a mhalartú agus lena bhféadfaí an comhar a chur chun cinn i measc na mBallstát, go háirithe i dtaca le slándáil an tsoláthair leictreachais. Tá sé mar aidhm le comhar na mBallstát agus leis an gcreat faireacháin breis ullmhachta do rioscaí, ar chostas níos lú, a bhaint amach. Ina theannta sin, ba cheart go neartófaí margadh inmheánach an leictreachais leis an Rialachán seo, tríd an iontaoibh agus an mhuinín i measc na mBallstát a fheabhsú agus trí chosc a chur ar idirghabhálacha mí-oiriúnacha stáit le linn géarchéimeanna leictreachais, go háirithe srianta míchuí le sreabhadh trasteorann agus acmhainní tarchurtha traslimistéir a sheachaint, rud a laghdódh an baol go mbeadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha acu ar na Ballstáit chomharsanachta.

(7)

I dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) leagtar síos rialacha ginearálta maidir le slándáil líonraí agus córais faisnéise, agus déanfar rialacha sonracha maidir leis an gcibearshlándáil a fhorbairt trí chód líonra mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/943. Déanann an Rialachán seo comhlánú ar Threoir (AE) 2016/1148 trína áirithiú go ndéanfar cibeartheagmhais a shainaithint go cuí mar rioscaí, agus go léireofar na bearta a dhéanfar chun aghaidh a thabhairt orthu go cuí sna pleananna ullmhachta i gcomhair rioscaí.

(8)

Leagtar síos i dTreoir 2008/114/CE ón gComhairle (11) próiseas arb é is aidhm leis feabhas a chur ar shlándáil bonneagair ainmnithe ríthábhachtaigh Eorpaigh, lena n-áirítear codanna áirithe den bhonneagar leictreachais. Cuidíonn Treoir 2008/114/CE, in éineacht leis an Rialachán seo, le cur chuige cuimsitheach a chruthú i leith shlándáil fuinnimh an Aontais.

(9)

I dTreoir Uimh 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) leagtar amach ceanglais ar na Ballstáit measúnuithe riosca a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí gach 3 bliana, agus a bpleanáil maidir le bainistiú rioscaí tubaiste a fhorbairt agus a bheachtú ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí. Ba cheart na gníomhaíochtaí sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo le haghaidh cosc ar rioscaí, ullmhacht do rioscaí agus pleanáil do rioscaí, ba cheart iad a bheith i gcomhréir leis na measúnuithe riosca níos leithne ar ilghuaiseacha a cheanglaítear faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE.

(10)

Cé gur faoi na Ballstáit atá sé slándáil an tsoláthair leictreachais laistigh dá gcríocha a áirithiú, is freagracht í slándáil an tsoláthair leictreachais atá comhroinnte idir an Coimisiún agus gníomhaithe eile an Aontais freisin, laistigh dá gcuid réimsí gníomhaíochta agus inniúlachta faoi seach. Is éard atá i gceist le slándáil an tsoláthair leictreachais ná comhar éifeachtach idir na Ballstáit agus idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus le geallsealbhóirí ábhartha. Tá ról lárnach ag oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin maidir le córas leictreachais slán, iontaofa agus éifeachtúil i gcomhréir le hAirteagal 30 agus Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/944 a áirithiú. Tá ról lárnach ag na húdaráis rialála agus údaráis náisiúnta ábhartha eile freisin maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú, agus faireachán a dhéanamh uirthi, mar chuid dá gcuid cúraimí a luaitear in Airteagal 59 de Threoir (AE) 2019/944. Ba cheart do na Ballstáit eintiteas nua, nó eintiteas atá ann cheana, a ainmniú ina údarás rialtais nó rialála náisiúnta inniúil acu féin chun rannpháirtíocht thrédhearcach agus chuimsitheach na ngníomhaithe ar fad lena mbaineann a áirithiú, chun ullmhú éifeachtúil agus cur chun feidhme cuí na bpleananna riosca-ullmhachta a áirithiú, mar aon le héascaíocht a dhéanamh ar chosc agus meastóireacht ex-post na ngéarchéimeanna leictreachais agus na malartuithe faisnéise i ndáil leo.

(11)

Chun go mbeidh cur chuige comhchoiteann ann i leith cosc agus bainistiú géarchéimeanna leictreachais is gá go mbeadh tuiscint chomhchoiteann ann, idir na Ballstáit, maidir le céard is géarchéim leictreachais ann. Ba cheart an Rialachán seo go háirithe éascaíocht a dhéanamh ar an gcomhordú idir na Ballstáit chun gur féidir staid a shainaithint ina bhféadfadh baol a bheith ann go mbeadh ganntanas suntasach leictreachais ann nó nach bhféadfaí leictreachas a sholáthar do chustaiméirí, bíodh an baol sin ann nó ar tí a bheith ann. Ba cheart do Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (“ENTSO don Leictreachas”) agus do na Ballstáit, faoi seach, cásanna nithiúla géarchéime leictreachais ar bhonn réigiúnach agus náisiúnta a chinneadh. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an gcur chuige sin go gcumhdófar na géarchéimeanna ábhartha leictreachais ar fad, agus aird á tabhairt ar shonraíochtaí réigiúnacha agus náisiúnta amhail toipeolaíocht na heangaí, meascán an leictreachais, méid an táirgthe agus na húsáide, agus an dlús daonra.

(12)

Ina theannta sin, ar mhaithe le cur chuige comhchoiteann maidir le cosc agus bainistiú géarchéimeanna leictreachais is gá, go n-úsáidfeadh na Ballstáit na modhanna agus na sainmhínithe céanna chun na rioscaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais a shainaithint agus go mbeidís in ann comparáid a dhéanamh go héifeachtach ar a bhfeidhmíocht sa réimse sin i dtaca lena gcomharsana. Sainaithnítear sa Rialachán seo dhá tháscaire le haghaidh faireachán a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair leictreachais san Aontas: “fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh” arna shloinneadh in GWh/bliain, agus “ionchas caillte lóid” arna shloinneadh in uaireanta in aghaidh na bliana. Cuid is ea na táscairí sin den mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní, measúnú a rinne ENTSO don Leictreachas, de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/943. Ba cheart do GCL faireachán tráthrialta a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair leictreachais bunaithe ar thorthaí na dtáscairí sin. Ba cheart don Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) na táscairí sin a úsáid freisin agus tuairisc á tabhairt aici ar fheidhmíocht na mBallstát i réimse shlándáil an tsoláthair leictreachais ina tuarascálacha bliantúla faireacháin ar mhargaí leictreachais, de bhun Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(13)

Chun comhleanúnachas na measúnuithe riosca a áirithiú ar bhealach lena gcothófar muinín a chothú i measc na mBallstát le linn géarchéim leictreachais, tá gá le cur chuige comhchoiteann maidir le cásanna riosca a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart do ENTSO don Leictreachas, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, modheolaíocht chomhchoiteann maidir le sainaithint riosca a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhar le ACER, agus le GCL, agus é comhdhéanta d'ionadaithe na mBallstát, agus díobh sin amháin. Ba cheart do ENTSO don Leictreachas an mhodheolaíocht a mholadh agus ba cheart do ACER í a fhaomhfaidh. Agus é ag dul i gcomhairle le GCL, is é ACER a thabharfaidh lánaird ar thuairimí a chuirfidh GCL in iúl. Ba cheart do ENTSO don Leictreachas an mhodheolaíocht chomhchoiteann maidir le sainaithint riosca a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina dtiocfadh faisnéis nua shuntasach chun bheith ar fáil.

(14)

Ar bhonn na modheolaíochta comhchoitinne, ba cheart do ENTSO don Leictreachas cásanna géarchéime réigiúnacha a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus na rioscaí is ábhartha, lena n-áirítear adhaimsir, tubaistí nádúrtha, ganntanas breosla nó ionsaithe mailíseacha, a shainaithint i gcás gach réigiúin. Agus meas á dhéanamh ar chás géarchéime maidir le ganntanas breosla gáis, ba cheart an riosca maidir le suaitheadh an tsoláthair gháis a mheasúnú bunaithe ar na cásanna suaite soláthair gáis agus bonneagair a d'fhorbair an Líonra Eorpach um Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSOG) de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ba cheart ENTSO don Leictreachas a bheith in ann cúraimí a bhaineann le sainaithint na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a tharmligean chuig lárionaid chomhordaithe réigiúnacha arna mbunú de bhun Airteagal 35 de Rialachán Leictreachais (AE) 2019/943. Ba cheart na cúraimí tarmligthe sin a dhéanamh faoi mhaoirseacht ENTSO don Leictreachas. Ba cheart do na Ballstáit a gcásanna géarchéime náisiúnta a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha, i bprionsabal, gach 4 bliana. Ba cheart go mbeadh na cásanna sin ina mbunús leis na pleananna riosca-ullmhachta. Agus rioscaí ar an leibhéal náisiúnta á sainaithint acu, ba cheart do na Ballstáit cur síos a dhéanamh freisin ar aon riosca féideartha atá sainaitheanta acu i dtaca le húinéireacht an bhonneagair sin is ábhartha do shlándáil an tsoláthair leictreachais, agus aon bhearta féideartha a glacadh, má glacadh a leithéidí, chun dul i ngleic leis na rioscaí sin (amhail dlíthe ginearálta nó earnáilsonracha chun infheistíochtaí a scagadh, cearta speisialta do scairshealbhóirí áirithe, mar aon leis an gcúis, dar leo, a bhfuil gá leis na bearta sin agus go bhfuil siad comhréireach.

(15)

Ba cheart go dtiocfadh buntáistí suntasacha as cur chuige réigiúnach maidir le cásanna riosca a shainaithint agus bearta coisctheacha, ullmhúcháin agus maolúcháin a fhorbairt ó thaobh éifeachtacht na mbeart sin agus barrfheabhas a bhaint as acmhainní. Ina theannta sin, i gcás géarchéim leictreachais chomhuaineach, d'áiritheofaí freagairt chomhsheasmhach ach chur chuige comhordaithe agus réamhaontaithe a bheith ann roimh ré, agus mhaolófaí an baol go mbeadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha ar na Ballstáit chomharsanachta ag aon bheart nár glacadh ach ar bhonn náisiúnta. Éilítear, dá réir sin, leis an Rialachán seo, go n-oibreodh na Ballstáit i gcomhar ar an leibhéal réigiúnach.

(16)

Ba cheart do na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha na cúraimí a bhfuil ábharthacht réigiúnach ag baint leo atá sannta dóibh a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943. Chun a áirithiú go gcuireann siad a gcúraimí i gcrích go héifeachtach agus go ngníomhaíonn siad go dlúth leis na húdaráis ábhartha náisiúnta d'fhonn teagmhais mhórscála leictreachais a chosc agus a mhaolú, ba cheart an comhar réigiúnach is dlite faoin Rialachán seo cur leis na struchtúir réigiúnacha chomhair a úsáidtear ar an leibhéal teicniúil, mar atá na Ballstáit sin a roinneann an lárionad comhordaithe réigiúnach céanna. Tá réigiúin gheografacha na lárionad comhordaithe réigiúnach ábhartha dá bhrí sin do shainaithint na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha agus do na measúnuithe riosca. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann foghrúpaí a bhunú laistigh de na réigiúin, áfach, ar mhaithe le comhar maidir le bearta nithiúla réigiúnacha, nó comhoibriú i bhfóraim chomhair réigiúnacha atá ann cheana chun na críche sin, mar tá ríthábhacht leis an gcumas teicniúil cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil dá chéile le linn géarchéim leictreachais. Tá sé sin riachtanach mar ní gá go mbeadh na Ballstáit ar fad i réigiún níos mó in ann leictreachas a sholáthar do Bhallstát eile ina bhfuil géarchéim leictreachais. Ar an gcaoi sin, ní gá go ndéanfadh gach Ballstát i réigiún amháin comhaontuithe réigiúnacha maidir le bearta nithiúla réigiúnacha a thabhairt i gcrích. Ina ionad sin, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil an cumas teicniúil acu cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil dá chéile comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích.

(17)

Foráiltear i Rialachán (AE) 2019/943 go n-úsáidfear modheolaíocht chomhchoiteann don mheasúnú Eorpach meántéarmach go fadtéarmach ar leordhóthanacht acmhainní (ó 10 mbliana chun cinn go 1 bhliain amháin chun cinn) d'fhonn a áirithiú gur ar bhonn trédhearcach agus comhaontaithe a dhéanfaidh na Ballstáit cinntí maidir le riachtanais fhéideartha infheistíochta. Ní hionann cuspóir don mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní agus do na measúnuithe ar an leordhóthanacht ghearrthéarmach a úsáidtear chun fadhbanna féideartha a bhaineann leis an leordhóthanacht a bhrath in achar ama gearr, mar atá measúnuithe séasúracha ar leordhóthanacht (6 mhí chun cinn) agus measúnuithe ar an leordhóthanacht don tseachtain dár gcionn go dtí an lá dár gcionn ar a laghad. Maidir le measúnuithe gearrthéarmacha, teastaíonn cur chuige comhchoiteann i ndáil leis an gcaoi a ndéantar fadhbanna a bhaineann leis an leordhóthanacht a bhrath. Ba cheart do ENTSO don Leictreachas measúnuithe geimhridh agus samhraidh ar an leordhóthanacht a dhéanamh chun na Ballstáit agus oibreoirí córais tarchurtha a chur ar a n-airdeall maidir le rioscaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais a d'fhéadfadh tarlú sna 6 mhí dár gcionn. D'fhonn na measúnaithe sin ar an leordhóthanacht a fheabhsú, ba cheart do ENTSO don Leictreachas modheolaíocht dhóchúlaíoch chomhchoiteann do na measúnuithe sin ar an leordhóthanacht a fhorbairt, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha agus i gcomhar le ACER, agus le GCL, atá comhdhéanta d'ionadaithe na mBallstát amháin. Ba cheart do ENTSO don Leictreachas an mhodheolaíocht sin, agus nuashonruithe uirthi, a mholadh do ACER, agus ba cheart do ACER an moladh agus na nuashonruithe a fhaomhadh. Agus é ag dul i gcomhairle le GCL, tá ACER chun lánaird a thabhairt ar na tuairimí a chuirfidh GCL in iúl. Ba cheart do ENTSO don Leictreachas an mhodheolaíocht a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina dtiocfaidh faisnéis nua shuntasach chun bheith ar fáil. Ba cheart ENTSO don Leictreachas a bheith in ann cúraimí a bhaineann leis na measúnuithe séasúracha ar an leordhóthanacht a tharmligean chuig na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha, agus ba cheart go ndéanfaí cúraimí tarmligthe faoi mhaoirseacht ENTSO don Leictreachas.

(18)

Ba cheart gurb í an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na measúnuithe séasúracha ar an leordhóthanacht a ullmhú a chuirfidh oibreoirí córais tarchurtha i bhfeidhm agus aon chineál measúnachta gearrthéarmaí eile ar siúl acu, mar atá na réamhaisnéisí maidir le leordhóthanacht giniúna don tseachtain dár gcionn go dtí an lá dár gcionn ar a laghad dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/1485.

(19)

Chun a áirithiú go mbeidh cur chuige comhchoiteann ann maidir le cosc agus bainistiú géarchéimeanna leictreachais, ba cheart don údarás inniúil i ngach Ballstát plean riosca-ullmhachta a tharraingt suas ar bhonn na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha agus náisiúnta. Ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí nó ionadaithe na ngrúpaí geallsealbhóirí, amhail táirgeoirí nó a gcomhlachtaí trádála nó oibreoirí córais dáileacháin atá ábhartha i gcás ina bhfuil siad ábhartha chun géarchéim leictreachais a chosc agus a láimhseáil. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh faoi na socruithe cuí chun an comhairliúchán a chur i gcrích. Ba cheart, sna pleananna riosca-ullmhachta, cur síos a dhéanamh ar bhearta atá éifeachtach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach lena dtugtar aghaidh ar na cásanna géarchéime leictreachais ar fad a sainaithníodh. Ba cheart an tionchar ar an gcomhshaol a bheadh ag na bearta arna mbeartú atá dírithe ar an éileamh agus ar an soláthar a chur san áireamh. Ba cheart go gcuirfí trédhearcacht ar fáil leis na pleananna sin, go háirithe i dtaca leis na dálaí inar féidir bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a dhéanamh chun géarchéimeanna leictreachais a mhaolú. Ba cheart go mbeadh gach beart nach bhfuil margadhbhunaithe atá á bheartú na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart na pleananna riosca-ullmhachta a chur ar fáil go poiblí, agus rúndacht na faisnéise íogaire á háirithiú san am céanna.

(20)

Ba cheart go leagfaí amach sna pleananna riosca-ullmhachta bearta náisiúnta, réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, bearta déthaobhacha. Is den riachtanas é go mbeadh bearta réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, bearta déthaobhacha, ann, go mór mór má tharlaíonn géarchéim chomhuaineach leictreachais, i gcás inar gá cur chuige comhordaithe agus réamhaontaithe chun freagairt chomhsheasmhach a áirithiú agus an baol go mbeadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha ann a mhaolú. Chuige sin, sula nglacfaidh siad na pleananna riosca-ullmhachta, ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát ábhartha. Is iad na Ballstáit ábhartha ná na Ballstáit sin ina bhféadfadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha nó tionchar eile ar chórais leictreachais a chéile a bheith ann, bíodh na Ballstáit sin sa réigiún céanna nó nasctha go díreach. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sna pleananna na dálaí náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear staid na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus roinnt córais leithlisithe bheaga nach bhfuil nasctha leis na córais tarchurtha náisiúnta. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit na conclúidí iomchuí a thabhairt i ndáil le, inter alia, forálacha an Rialacháin seo maidir le sainaithint na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha agus na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha a leagtar amach sna pleananna riosca-ullmhachta mar aon le forálacha maidir le cúnamh. Ba cheart go leagfaí amach go soiléir sna pleananna róil agus freagrachtaí na n-údarás inniúil. Ba cheart go gcuirfí san áireamh go hiomlán sna bearta náisiúnta na bearta réigiúnacha agus déthaobhach a comhaontaíodh agus ba cheart go mbainfí lántairbhe as na deiseanna atá iontu agus thugann an comhar réigiúnach. Ba cheart do na pleananna a bheith teicniúil agus oibríochtúil ó thaobh a gcineáil de agus is é is feidhm dóibh cosc a chur ar ghéarchéim leictreachais tarlú nó ar fhorbairt géarchéime leictreachais, agus a tionchar a mhaolú.

(21)

Ba cheart na pleananna riosca-ullmhachta a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Chun a áirithiú go mbeidh na pleananna éifeachtach agus cothrom le dáta, ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát i ngach réigiún cleachtaí débhliantúla ar ghéarchéimeanna leictreachais a eagrú i gcomhar le hoibreoirí córais tarchurtha agus geallsealbhóirí ábhartha eile chun oiriúnacht na bpleananna a thástáil.

(22)

Tá sé mar aidhm leis an teimpléad a ndéantar foráil dó sa Rialachán seo ullmhú na bpleananna a éascú, lenar féidir faisnéise bhreise a bhaineann go sonrach le Ballstát a chur san áireamh. Tá sé mar aidhm leis an teimpléad freisin é a dhéanamh níos éasca dul i gcomhairle le Ballstáit eile sa réigiún lena mbaineann agus le GCL. Ba cheart go n-áiritheodh an comhairliúchán laistigh den réigiún agus laistigh de GCL nach bhfágann aon bheart a ghlactar i mBallstát nó i réigiún ar leith slándáil an tsoláthair leictreachais i mBallstát nó i réigiún eile i mbaol.

(23)

Is den tábhacht go n-éascófaí an chumarsáid agus an trédhearcacht idir na Ballstáit i gcás ina mbeadh faisnéis nithiúil, thromchúiseach agus iontaofa acu go bhféadfadh géarchéim leictreachais tarlú. Ina leithéid de chás, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún, na Ballstáit chomharsanachta agus GCL a chur ar an eolas gan moill mhíchuí, agus faisnéis a thabhairt, go háirithe faoin gcúis atá le meathlú ar staid an tsolatháir leictreachais, faoi na bearta atá á bpleanáil chun an ghéarchéim leictreachais a chosc agus faoin ngá a d'fhéadfadh a bheith acu le cúnamh ó Bhallstáit eile.

(24)

Is den riachtanas é go ndéanfaí faisnéis a mhalartú i gcás géarchéim leictreachais chun an ghníomhaíocht chomhordaithe agus cúnamh spriocdhírithe a áirithiú. Dá bhrí sin, leagtar síos leis an Rialachán seo nach mór don údarás inniúil na Ballstáit sa réigiún, na Ballstáit chomharsanachta agus an Coimisiún a chur ar an eolas gan moill mhíchuí má tharlaíonn géarchéim leictreachais. Ina theannta sin, ba cheart don údarás inniúil faisnéis a thabhairt faoi na cúiseanna atá leis an ngéarchéim, faoi na bearta atá beartaithe nó a glacadh chun an ghéarchéim a mhaolú, agus faoin ngá a d'fhéadfadh a bheith acu le cúnamh ó Bhallstáit eile. I gcás ina mbíonn níos mó i gceist leis an gcúnamh sin ná slándáil an tsoláthair leictreachais, is é an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta an creat dlíthiúil ba cheart bheith infheidhme.

(25)

Má tharlaíonn géarchéim leictreachais, ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile de mheon dlúthpháirtíochta. Sa bhreis ar an riail ghinearálta sin, ba cheart go bhforálfaí go hiomchuí go gcuirfeadh na Ballstáit cúnamh ar fáil dá chéile i ngéarchéim leictreachais. Ba cheart an cúnamh sin a bheith bunaithe ar bhearta aontaithe comhordaithe a leagtar amach sna pleananna riosca-ullmhachta. Tugtar lánrogha fhorleathan faoin Rialachán seo do na Ballstáit agus comhaontú á dhéanamh acu faoi inneachar na mbeart comhordaithe sin agus, dá bhrí sin, faoi inneachar an chúnaimh a chuireann sin ar fáil. Faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh faoi na bearta comhordaithe sin, agus aontú orthu, agus an t-éileamh agus an soláthar á gcur san áireamh. San am céanna, áirithítear leis an Rialachán seo, chun críche an chúnaimh aontaithe, go seachadfar leictreachas ar bhealach comhordaithe. Ba cheart do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá chun na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha a comhaontaíodh a chur chun feidhme. Faoi na socruithe teicniúla sin ba cheart do Ballstáit uaschainníochtaí an leictreachais a bheidh le seachadadh a chur in iúl, ar cheart athmheasúnú a dhéanamh orthu ar bhonn na féidearthachta teicniúla a bhaineann le leictreachas a sheachadadh a luaithe a bheidh gá leis an gcúnamh le linn géarchéim leictreachais. Ina dhiaidh sin, ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha agus socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a comhaontaíodh a chur chun feidhme.

(26)

Agus comhaontú á dhéanamh maidir le bearta comhordaithe agus socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais agus forálacha cur chun feidhme eile i dtaca le cúnamh, ba cheart do na Ballstáit tosca sóisialta agus eacnamaíocha a chur san áireamh, lena n-áirítear sábháilteacht shaoránaigh an Aontais, agus an chomhréireacht. Moltar dóibh dea-chleachtais a roinnt le chéile agus GCL a úsáid mar phléfhóram chun na roghanna atá ar fáil i dtaca le cúnamh, go háirithe i dtaca le bearta comhordaithe agus na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá, lena n-áirítear cúiteamh cóir, a shainaithint. Féadfaidh an Coimisiún ullmhú na mbeart réigiúnach agus déthaobhach a éascú.

(27)

Ba cheart an cúnamh idir na Ballstáit faoin Rialachán seo a bheith faoi réir cúiteamh cóir a chomhaontaítear idir na Ballstáit. Ní dhéantar comhchuibhiú leis an Rialachán seo ar gach gné den chúiteamh cóir sin idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit comhaontú a dhéanamh faoi fhorálacha maidir le cúiteamh cóir sula gcuirfear cúnamh ar fáil. An Ballstát a iarrann cúnamh, ba cheart dó an cúiteamh sin a íoc go pras, nó ba cheart dó a áirithiú go n-íocfar an cúiteamh sin go pras, leis an mBallstát a chuireann an cúnamh ar fáil. Ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh do threoir atá neamhcheangailteach ó thaobh dlí faoi phríomhghnéithe an chúitimh chóir agus faoi ghnéithe eile de na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais.

(28)

Agus cúnamh á chur ar fáil acu faoi Rialachán seo, cuireann na Ballstáit dlí an Aontais chun feidhme agus, dá bhrí sin, tá siad faoi cheangal na cearta bunúsacha a ráthaítear le dlí an Aontais a urramú. De thoradh an chúnaimh sin, ag brath ar na bearta arna gcomhaontú idir na Ballstáit, d'fhéadfadh sé go mbeadh oibleagáid ar Bhallstát, dá bhrí sin, cúiteamh a íoc leo siúd a ndéanann a chuid beart difear dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás inar gá, go bhfuil rialacha náisiúnta cúitimh atá i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe cearta bunúsacha, i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart gurb é an Ballstát a fhaigheann cúnamh a sheasfaidh, i ndeireadh na dála, na costais réasúnacha go léir a thabhaíonn Ballstát eile de thoradh cúnamh a chur ar fáil de bhun na rialacha náisiúnta cúitimh sin.

(29)

I gcás géarchéim leictreachais, ba cheart go gcuirfí cúnamh ar fáil fiú mura bhfuil comhaontaithe go fóill ag na Ballstáit bearta comhordaithe agus socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a cheanglaítear faoi fhorálacha an Rialacháin seo maidir le cúnamh. Chun gur féidir cúnamh a chur ar fáil ina leithéid de staid i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit comhaontú a dhéanamh faoi bhearta agus socruithe ad hoc a chuirfí i bhfeidhm in ionad na mbeart comhordaithe agus na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais nach ann dóibh.

(30)

Tugtar isteach leis an Rialachán seo sásra cúnaimh den chineál sin idir na Ballstáit mar ionstraim chun géarchéim leictreachais a chosc nó a mhaolú laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra cúnaimh i bhfianaise na taithí a gheofar amach anseo ar a fheidhmiú, agus ba cheart dó, i gcás inarb iomchuí, modhnuithe air a mholadh.

(31)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go mbeadh gnóthais agus custaiméirí leictreachais in ann brath, le linn géarchéim leictreachais, ar shásraí an mhargaidh faoi mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) 2019/943 agus i dTreoir (AE) 2019/944 fad is féidir sin. Ba cheart na rialacha lena rialaítear an margadh inmheánach agus na rialacha oibríochta córais a chomhlíonadh, fiú le linn géarchéimeanna leictreachais. Áirítear ar na rialacha den sórt sin pointe (i) d'Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2017/1485 agus Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2017/2196, lena rialaítear ciorrú idirbhirt, teorannú sholáthar na hacmhainne traslimistéir i dtaca le leithdháileadh acmhainne nó teorannú sholáthar na sceideal. Is éard a chiallaíonn an méid sin nár cheart bearta nach bhfuil margadhbhunaithe, amhail díscor éilimh éigeantach nó soláthar breise atá lasmuigh de ghnáthfheidhmiú an mhargaidh, a úsáid ach mar rogha dheiridh, tráth nach leor feasta na féidearthachtaí uile a chuirtear ar fáil leis an margadh. Dá bhrí sin, níor cheart díscor éilimh éigeantach a thabhairt isteach nó go mbeifear tar éis triail a bhaint as gach féidearthacht a bhaineann le díscor éilimh aontaitheach. Sa bhreis air sin, ba cheart go mbeadh aon bhearta nach bhfuil margadhbhunaithe riachtanach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus sealadach.

(32)

Chun an trédhearcacht tar éis géarchéim leictreachais a áirithiú, ba cheart don údarás inniúil a d'fhógair an ghéarchéim leictreachais meastóireacht ex post a dhéanamh ar an ngéarchéim agus ar a hiarmhairtí. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa mheastóireacht sin, inter alia, éifeachtúlacht, comhréireacht, agus costas eacnamaíoch na mbeart a glacadh. Ba cheart go gcuimseofaí freisin sa mheastóireacht sin cúinsí trasteorann amhail tionchar na mbeart ar Bhallstáit eile agus leibhéal an chúnaimh a fuair an Ballstát a d'fhógair an ghéarchéim leictreachais uathu.

(33)

De bhíthin na gceanglas trédhearcachta, ba cheart go n-áiritheofaí go gcomhlíonann gach beart a ghlactar chun géarchéimeanna leictreachais a chosc nó a bhainistiú rialacha an mhargaidh inmheánaigh agus go bhfuil siad i gcomhréir le prionsabail an chomhair agus na dlúthpháirtíochta is bun leis an Aontas Eorpach.

(34)

Neartaítear leis an Rialachán seo ról GCL. Ba cheart dó cúraimí sonracha a dhéanamh, go háirithe i dtaca le forbairt modheolaíocht chun cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a shainaithint agus modheolaíocht le haghaidh measúnuithe gearrthéarmacha agus séasúracha ar an leordhóthanacht agus i dtaca le hullmhú na bpleananna riosca-ullmhachta, agus ba cheart ról tábhachtach a bheith aige i dtaca le faireachán ar fheidhmíocht na mBallstát sa réimse a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais, agus i dtaca le forbairt an dea-chleachtais ar an mbonn sin.

(35)

D'fhéadfadh sé go rachadh géarchéim leictreachais thar theorainneacha an Aontais isteach i gcríoch na bPáirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh. Mar Pháirtí sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh, ba cheart don Aontas leasuithe ar an gConradh sin a chur chun cinn agus é mar aidhm margadh comhtháite agus spás aonair rialála amháin a chruthú trí chreat rialála iomchuí agus cobhsaí a sholáthar. Chun bainistiú éifeachtúil géarchéimeanna a áirithiú, ba cheart don Aontas dlúthchomhar a dhéanamh leis na Páirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh agus géarchéim leictreachais á cosc agus á bainistiú aige, agus é ag ullmhú faoina coinne.

(36)

I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún, ACER, GCL, ENTSO don Leictreachas, Ballstáit agus a n-údaráis inniúla agus a n-údaráis rialála náisiúnta, nó aon chomhlachtaí, aon eintitis nó aon daoine eile faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dóibh rúndacht na faisnéise sin a áirithiú. Chuige sin, ba cheart faisnéis rúnda a bheith faoi réir rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm maidir le faisnéis rúnda agus próisis rúnda a láimhseáil.

(37)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an riosca-ullmhacht is éifeachtaí agus is éifeachtúla a áirithiú laistigh den Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(38)

Faoi láthair, is í an Chipir an t-aon Bhallstát nach bhfuil nasctha go díreach le Ballstát eile. Ba cheart a shoiléiriú freisin i ndáil le forálacha áirithe den Rialachán seo, nach mbeidh feidhm i dtaca leis an gCipir ag na forálacha sin, eadhon forálacha maidir le sainaithint na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha, maidir leis na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha a leagtar amach sna pleananna riosca-ullmhachta, agus maidir le cúnamh, fad a leanfaidh an staid sin faoi mar atá. Spreagtar an Chipir agus Ballstáit ábhartha eile, agus tacaíocht á fáil acu ón gCoimisiún, le bearta agus nósanna imeachta malartacha a fhorbairt sna réimsí a chumhdaítear leis na forálacha sin, ar choinníoll nach ndéanfaidh na bearta agus na nósanna imeachta malartacha sin difear do chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo idir na Ballstáit eile.

(39)

Ba cheart Treoir 2005/89/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha maidir le comhar idir na Ballstáit d'fhonn géarchéimeanna leictreachais a chosc, a ullmhú agus a bhainistiú, de mheon dlúthpháirtíochta agus trédhearcachta agus ag féachaint go hiomlán do na riachtanais a bhíonn ag margadh iomaíoch inmheánach don leictreachas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe

(1)

ciallaíonn “slándáil an tsoláthair leictreachais” an cumas atá ag córas leictreachais soláthar leictreachais a ráthú do chustaiméirí de réir leibhéal feidhmíochta, arna bhunú go soiléir arna chinneadh ag na Ballstáit lena mbaineann;

(2)

ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha” oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear i bpointe (35) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(3)

ciallaíonn “dáileadh” dáileadh mar a shainmhínítear i bpointe (28) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(4)

ciallaíonn “sreabh thrasteorann” sreabh thrasteorann mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943;

(5)

ciallaíonn “acmhainn traslimistéir” cumas na gcóras idirnascaithe chun aistriú fuinnimh idir criosanna tairisceana a éascú;

(6)

ciallaíonn “custaiméir” custaiméir mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(7)

ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin” oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear i bpointe (29) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(8)

ciallaíonn “giniúint” giniúint mar a shainmhínítear i bpointe (37) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(9)

ciallaíonn “géarchéim leictreachais” staid atá ann faoi láthair nó atá ar tí a bheith ann ina bhfuil ganntanas suntasach leictreachais ann, arna cinneadh ag na Ballstáit agus a bhfuil tuairisc uirthi ina bpleananna riosca-ullmhachta, nó nach féidir leictreachas a sholáthar do chustaiméirí;

(10)

ciallaíonn “géarchéim chomhuaineach leictreachais” géarchéim leictreachais a chuireann as do níos mó na Ballstát amháin san am céanna;

(11)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás rialtais nó rialála náisiúnta arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 3;

(12)

ciallaíonn “údaráis rialála” údaráis rialála dá dtagraítear in Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/944;

(13)

ciallaíonn “comhordaitheoir géarchéime” duine, grúpa daoine, foireann atá comhdhéanta de bhainisteoirí náisiúnta ábhartha géarchéime leictreachais nó institiúid ar a bhfuil de chúram gníomhú mar phointe teagmhála agus comhordú a dhéanamh ar an sreabhadh faisnéise le linn géarchéim leictreachais;

(14)

ciallaíonn “beart nach bhfuil margadhbhunaithe” aon bheart a dhírítear ar an soláthar nó ar an éileamh agus a imíonn ó rialacha an mhargaidh nó ó chomhaontuithe tráchtála a bhfuil sé mar aidhm leis géarchéim leictreachais a mhaolú;

(15)

ciallaíonn “táirgeoir” táirgeoir mar a shainmhínítear i bpointe (38) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(16)

ciallaíonn “réigiún” grúpa Ballstát a gcomhroinneann a n-oibreoirí córais tarchurtha an lárionad comhordaithe réigiúnach céanna dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2019/943;

(17)

ciallaíonn “foghrúpa” grúpa Ballstát, laistigh de réigiún, a bhfuil an cumas teicniúil acu cúnamh a chur ar fáil dá chéile i gcomhréir le hAirteagal 15;

(18)

ciallaíonn “luathrabhadh” faisnéis nithiúil, thromchúiseach agus iontaofa a chur ar fáil lena léirítear go bhféadfadh teagmhas tarlú inar dócha go mbeadh meathlú suntasach ar staid an tsoláthair leictreachais ann dá dheasca agus go leanfadh géarchéim leictreachais é;

(19)

ciallaíonn “tarchur” tarchur mar a shainmhínítear i bpointe (34) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(20)

ciallaíonn “gnóthas leictreachais” gnóthas leictreachais mar a shainmhínítear i bpointe (57) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(21)

ciallaíonn “leithdháileadh acmhainne” acmhainn traslimistéir a bhronnadh;

(22)

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó ó fhuinneamh inathnuaite mar a shainmhínítear i bpointe (31) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

Airteagal 3

Údarás inniúil

1.   A luaithe is féidir agus in aon chás faoin 5 Eanáir 2020, ainmneoidh gach Ballstát údarás rialtais nó rialála náisiúnta ina údarás inniúil aige féin. Beidh de chúram ar na húdaráis inniúla na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh, agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile chun na críche sin. I gcás inarb iomchuí, go dtí go mbeifear tar éis an t-údarás inniúil a ainmniú, is iad na heintitis náisiúnta a bhfuil slándáil an tsoláthair leictreachais de chúram orthu a dhéanfaidh cúraimí an údaráis inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra, gan mhoill, don Choimisiún agus do GCL faoi ainm agus sonraí teagmhála a n-údarás inniúla arna n-ainmniú de bhun mhír 1 agus faoi aon athruithe ar a n-ainm nó a gcuid sonraí teagmhála, agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

3.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don údarás inniúil na cúraimí oibríochtúla maidir le pleanáil riosca-ullmhachta agus bainistiú riosca a leagtar amach sa Rialachán seo a tharmligean chuig comhlachtaí eile. Déanfar cúraimí tarmligthe faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil agus déanfar iad a shonrú sa phlean riosca-ullmhachta i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 11(1).

CAIBIDIL II

Measúnú riosca

Airteagal 4

Measúnú ar rioscaí do shlándáil an tsoláthair leictreachais

Áiritheoidh gach údarás inniúil go ndéanfar na rioscaí ábhartha uile a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais a mheas i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2019/943. Chuige sin, oibreoidh sé i gcomhar le hoibreoirí córais tarchurtha, le hoibreoirí córais dáileacháin, le húdaráis rialála, le ENTSO don Leictreachas, le lárionaid chomhordaithe réigiúnacha agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, de réir mar is gá.

Airteagal 5

Modheolaíocht chun cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a shainaithint

1.   Faoin 5 Eanáir 2020, cuirfidh ENTSO don Leictreachas faoi bhráid ACER togra le haghaidh modheolaíocht chun na cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha is ábhartha a shainaithint.

2.   Sainaithneofar sa mhodheolaíocht mholta cásanna géarchéime leictreachais maidir le leordhóthanacht córais, slándáil córais agus slándáil gáis ar bhonn na rioscaí seo a leanas, ar a laghad:

(a)

guaiseacha nádúrtha idir annamh is ainscianta;

(b)

guaiseacha taismeacha nach gcuimsítear faoi chritéir shlándála N-1 agus teagmhais eisceachtúla;

(c)

guaiseacha iarmhartacha lena n-áirítear na hiarmhairtí a ghabhann le hionsaithe mailíseacha agus le ganntanas breosla.

3.   Beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, sa mhodheolaíocht mholta:

(a)

breithniú ar na himthosca ábhartha náisiúnta agus réigiúnacha uile, lena n-áirítear aon fhoghrúpaí;

(b)

idirghníomhú agus comhghaolú rioscaí thar theorainneacha;

(c)

ionsamhlúcháin cásanna géarchéime leictreachais comhuaineacha;

(d)

rioscaí a rangú de réir a dtionchair agus a ndóchúlachta;

(e)

prionsabail maidir le conas faisnéis íogair a láimhseáil ar bhealach lena n-áirithítear trédhearcacht i leith an phobail.

4.   Agus na rioscaí go mbeadh suaitheadh sa soláthar gáis á mbreithniú i gcomhthéacs rioscaí a shainaithint de bhun phointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, úsáidfidh ENTSO don Leictreachas na cásanna suaite soláthair gáis nádúrtha agus bonneagair a d'fhorbair ENTSOG de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1938.

5.   Sula ndéanfaidh sé an mhodheolaíocht mholta a thíolacadh do ACER, rachaidh ENTSO don Leictreachas i mbun comhairliúcháin a mbeidh, ar a laghad, lárionaid chomhordaithe réigiúnacha, an lucht tionscail agus eagraíochtaí tomhaltóirí, táirgeoirí nó a gcomhlachtaí trádála, oibreoirí córais tarchurtha agus na hoibreoirí córais dáileacháin ábhartha, údaráis inniúla, údaráis rialála agus údaráis náisiúnta ábhartha eile rannpháirteach ann. Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas aird chuí ar thorthaí an chomhairliúcháin agus déanfaidh sé iad a chur i láthair, in éineacht leis an modheolaíocht mholta, ag cruinniú de GCL.

6.   Laistigh de dhá mhí ón modheolaíocht mholta a fháil, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle le GCL, atá comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit, agus díobh sin amháin, an togra a fhormheas nó a leasú. Foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ACER an leagan deiridh den mhodheolaíocht ar a suíomhanna gréasáin.

7.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an mhodheolaíocht a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú go rialta i gcomhréir le míreanna 1 go 6, i gcás ina dtiocfaidh faisnéis nua shuntasach chun bheith ar fáil., Féadfaidh GCL, atá comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit, agus díobh sin amháin, nuashonruithe agus feabhsuithe den sórt sin a mholadh, agus féadfaidh ACER nó an Coimisiún iad a iarraidh, agus cúiseanna á dtabhairt acu go cuí. Laistigh de 6 mhí tar éis dó an iarraidh a fháil, déanfaidh ENTSO don Leictreachas dréacht de na hathruithe molta a thíolacadh do ACER. Laistigh de 2 mhí ón dréacht sin a fháil, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle le GCL, atá comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit, agus díobh sin amháin, na hathruithe molta a fhormheas nó a leasú. Foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ACER an leagan deiridh den mhodheolaíocht nuashonraithe ar a suíomhanna gréasáin.

Airteagal 6

Cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a shainaithint

1.   Laistigh de 6 mhí ó mhodheolaíocht a fhormheas de bhun Airteagal 5(6), déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ar bhonn na modheolaíochta sin agus i ndlúthchomhar le GCL, le lárionaid chomhordaithe réigiúnacha, le húdaráis inniúla agus le húdaráis rialála, na cásanna géarchéime leictreachais is ábhartha do gach réigiún a shainaithint. Féadfaidh sé cúraimí a bhaineann le sainaithint cásanna géarchéime réigiúnacha a tharmligean chuig na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha.

2.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas na cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a thíolacadh do na hoibreoirí córais tarchurtha, na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha, na húdaráis inniúla agus na húdaráis rialála ábhartha agus do GCL. Féadfaidh GCL leasuithe a mholadh.

3.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas na cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a thabhairt cothrom le dáta gach 4 bliana, mura rud é, de bharr na n-imthosca, gur gá é a dhéanamh níos minice.

Airteagal 7

Cásanna géarchéime leictreachais náisiúnta a shainaithint

1.   Laistigh de 4 mhí ó shainaithint na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha i gcomhréir le hAirteagal 6(1), déanfaidh an t-údarás inniúil na cásanna géarchéime leictreachais náisiúnta is ábhartha a shainaithint.

2.   Agus na cásanna géarchéime leictreachais náisiúnta á sainaithint aige, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis na hoibreoirí córais tarchurtha, leis na hoibreoirí córais dáileacháin a mheasann an t-údarás inniúil go bhfuil siad ábhartha, le táirgeoirí ábhartha nó lena gcomhlachtaí trádála, agus leis an údarás rialála i gcás nach é an t-údarás inniúil é.

3.   Déanfar cásanna géarchéime leictreachais náisiúnta a shainaithint ar bhonn na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), agus orthu sin ar a laghad, agus beidh siad comhsheasmhach leis na cásanna géarchéime réigiúnacha arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 6(1). Déanfaidh na Ballstáit na cásanna géarchéime leictreachais náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta gach 4 bliana mura rud é, de bharr na n-imthosca, gur gá é a dhéanamh níos minice.

4.   Laistigh de 4 mhí ó chásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 6(1), cuirfidh na Ballstáit GCL agus an Coimisiún ar an eolas faoina measúnú ar na rioscaí féideartha i dtaca le húinéireacht an bhonneagair is ábhartha do shlándáil an tsoláthair leictreachais, agus faoi aon bhearta a glacadh chun na rioscaí sin a chosc nó a mhaolú, mar aon le nod faoin gcúis a mheastar na bearta sin a bheith riachtanach agus comhréireach.

Airteagal 8

Modheolaíocht do mheasúnaithe ar an leordhóthanacht ghearrthéarmach agus shéasúrach

1.   Faoin 5 Eanáir 2020, cuirfidh ENTSO don Leictreachas faoi bhráid ACER togra le haghaidh modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an leordhóthanacht shéasúrach agus ghearrthéarmach, eadhon go míosúil, an leordhóthanacht don tseachtain dár gcionn go dtí an lá dár gcionn ar a laghad, ina gcuimseofar an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

éiginnteacht na n-aschur amhail a dhóchúla go dtarlódh briseadh san acmhainn tarchurtha, a dhóchúla go dtarlódh briseadh gan choinne sna gléasraí cumhachta, adhaimsir, éileamh inathraithe, go háirithe buaiceanna ag brath ar dhálaí aimsire, agus inathraitheacht an táirgthe fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite;

(b)

a dhóchúla go dtarlódh géarchéim leictreachais;

(c)

a dhóchúla go dtarlódh géarchéim chomhuaineach leictreachais.

2.   Leis an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 1, déanfar foráil maidir le cur chuige dóchúlaíoch, lena n-áirítear iliomad cásanna, agus cuirfear san áireamh inti an comhthéacs náisiúnta, an comhthéacs réigiúnach agus comhthéacs an Aontais, lena n-áirítear an leibhéal idirnasctha idir na Ballstáit agus, a mhéid is féidir, tríú tíortha laistigh de limistéir shioncronacha den Aontas. Cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht sainiúlachtaí na hearnála fuinnimh i ngach Ballstát ar leith, lena n-áirítear dálaí aimsire ar leith agus imthosca seachtracha.

3.   Sula ndéanfaidh sé an mhodheolaíocht mholta a thíolacadh, rachaidh ENTSO don Leictreachas i mbun comhairliúcháin a mbeidh, ar a laghad, na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha, lucht tionscail agus eagraíochtaí tomhaltóirí, táirgeoirí nó a gcomhlachtaí trádála, oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí córais dáileacháin ábhartha, údaráis inniúla, údaráis rialála agus údaráis náisiúnta ábhartha eile rannpháirteach ann. Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas aird chuí ar thorthaí an chomhairliúcháin agus déanfaidh sé iad a chur i láthair, in éineacht leis an modheolaíocht mholta, ag cruinniú de GCL.

4.   Laistigh de 2 mhí ón modheolaíocht mholta a fháil, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle le GCL, atá comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit, agus díobh sin amháin, an togra a fhormheas nó a leasú. Foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ACER an leagan deiridh den mhodheolaíocht ar a suíomhanna gréasáin.

5.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an mhodheolaíocht a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú go rialta i gcomhréir le míreanna 1 go 4, i gcás ina dtiocfaidh faisnéis shuntasach nua chun bheith ar fáil. Féadfaidh GCL, atá comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit, agus díobh sin amháin, na nuashonraithe agus feabhsuithe sin a mholadh agus féadfaidh ACER nó an Coimisiún iad a iarraidh, agus cúiseanna á dtabhairt acu go cuí. Laistigh de 6 mhí tar éis dó an iarraidh a fháil, déanfaidh ENTSO don Leictreachas dréacht de na hathruithe molta a thíolacadh do ACER. Laistigh de 2 mhí ón dréacht sin a fháil, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle le GCL, atá comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit, agus díobh sin amháin, na hathruithe molta a fhormheas nó a leasú. Foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ACER an leagan deiridh den mhodheolaíocht ar a suíomhanna gréasáin.

Airteagal 9

Measúnuithe gearrthéarmacha agus séasúracha ar an leordhóthanacht

1.   Na measúnuithe gearrthéarmacha uile ar an leordhóthanacht, is cuma má chuirfear i gcrích iad ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais, cuirfear i gcrích iad i gcomhréir leis an modheolaíocht arna forbairt de bhun Airteagal 8.

2.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas measúnuithe leordhóthanachta séasúracha i gcomhréir leis an modheolaíocht arna forbairt de bhun Airteagal 8. Foilseoidh sé torthaí mheasúnú leordhóthanachta an gheimhridh faoin 1 Nollaig gach bliain agus faoin 1 Meitheamh gach bliain i gcás mheasúnú leordhóthanachta an tsamhraidh. Féadfaidh sé cúraimí a bhaineann leis na measúnuithe leordhóthanachta a tharmligean chuig lárionaid chomhordaithe réigiúnacha. Déanfaidh sé an measúnú leordhóthanachta a chur i láthair ag cruinniú de GCL, a fhéadfaidh moltaí a dhéanamh i gcás inarb iomchuí.

3.   Déanfaidh na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha measúnuithe ar an leordhóthanacht don tseachtain dár gcionn go dtí an lá dár gcionn ar a laghad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1485 ar bhonn na modheolaíochta a glacadh de bhun Airteagal 8 den Rialachán seo.

CAIBIDIL III

Pleananna riosca-ullmhachta

Airteagal 10

Bunú pleananna riosca-ullmhachta

1.   Ar bhonn na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha agus náisiúnta arna sainaithint de bhun Airteagal 6 agus 7, déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit plean riosca-ullmhachta a bhunú, tar éis dóibh dul i gcomhairle le hoibreoirí córais dáileacháin a mheasann an t-údarás inniúil go bhfuil siad ábhartha, leis na hoibreoirí córais tarchurtha, leis na táirgeoirí ábhartha nó lena gcomhlachtaí trádála, leis na gnóthais leictreachais agus na gnóthais gáis nádúrtha, leis na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar leasanna custaiméirí tionsclaíocha agus neamhthionsclaíocha leictreachais, agus leis an údarás náisiúnta rialála i gcás nach é an t-údarás inniúil é.

2.   Is éard a bheidh sa phlean riosca-ullmhachta bearta náisiúnta, bearta réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, bearta déthaobhacha dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 12. I gcomhréir le hAirteagal 16, na bearta uile a bheartaítear nó a ghlactar chun géarchéimeanna leictreachais a chosc, a mhaolú nó chun ullmhú faoina gcoinne, comhlíonfaidh siad go hiomlán na rialacha lena rialáiltear margadh inmheánach an leictreachais agus oibríocht an chórais. Beidh na bearta sin sainithe go soiléir, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.

3.   Forbrófar an plean riosca-ullmhachta i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 12 agus leis an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn. Más gá, féadfaidh na Ballstáit breis faisnéise a áireamh sa phlean riosca-ullmhachta.

4.   Chun comhsheasmhacht na bpleananna riosca-ullmhachta a áirithiú, sula nglacfaidh siad a bpleananna riosca-ullmhachta, déanfaidh na húdaráis inniúla na dréachtphleananna a thíolacadh d'údaráis inniúla na mBallstát ábhartha sa réigiún agus, i gcás nach bhfuil siad sa réigiún céanna, d'údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil nasc díreach acu le chéile, agus do GCL, chun go rachaidís siúd i mbun comhairliúcháin ina dtaobh.

5.   Laistigh de 6 mhí ó na dréachtphleananna riosca-ullmhachta a fháil, féadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 4, agus GCL moltaí a eisiúint a bhaineann leis na dréachtphleananna arna dtíolacadh de bhun mhír 4.

6.   Laistigh de 9 mí óna ndréachtphlean a thíolacadh, déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a bpleananna riosca-ullmhachta a ghlacadh, agus torthaí an chomhairliúcháin de bhun mhír 4 agus aon mholtaí arna eisiúint de bhun mhír 5 á gcur san áireamh. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún maidir lena bpleananna riosca-ullmhachta arna nglacadh.

7.   Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún na pleananna riosca-ullmhachta a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin, agus, ag an am céanna, rúndacht faisnéise íogaire a áirithiú, go háirithe faisnéis maidir le bearta a bhaineann le hiarmhairtí ionsaithe mailíseacha a chosc nó a mhaolú. Is ar na prionsabail arna gcinneadh de bhun Airteagal 19 a bheidh cosaint rúndachta na faisnéise íogaire bunaithe.

8.   Déanfaidh na húdaráis inniúla a gcéad phleananna riosca-ullmhachta a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 5 Eanáir 2022. Déanfaidh siad iad a thabhairt cothrom le dáta gach 4 bliana ina dhiaidh sin, mura rud é, de bharr na n-imthosca, gur gá an méid sin a dhéanamh níos minice

Airteagal 11

Inneachar na bpleananna riosca-ullmhachta a mhéid a bhaineann le bearta náisiúnta

1.   Leagfar amach i bplean riosca-ullmhachta gach Ballstáit gach beart náisiúnta a bheartaítear nó a ghlactar chun géarchéimeanna leictreachais a chosc, a mhaolú nó chun ullmhú faoina gcoinne arna shainaithint sin de bhun Airteagail 6 agus 7. Ar a laghad:

(a)

beidh achoimre ann ar na cásanna géarchéime leictreachais a sainíodh don Bhallstát agus réigiún ábhartha, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7;

(b)

déanfaidh sé ról agus freagrachtaí na n-údarás inniúil a bhunú agus tabharfaidh sé tuairisc ar cé na cúraimí, más ann dóibh, atá tarmligthe chuig comhlachtaí eile;

(c)

tabharfaidh sé tuairisc ar na bearta atá ceaptha na rioscaí arna sainaithint de bhun Airteagail 6 agus 7 a chosc nó ullmhú faoina gcoinne;

(d)

déanfaidh sé comhordaitheoir náisiúnta géarchéime a ainmniú agus a chuid cúraimí a bhunú;

(e)

déanfaidh sé nósanna imeachta mionsonraithe a bhunú a bheidh le leanúint le linn géarchéimeanna leictreachais, lena n-áirítear na scéimeanna comhfhreagracha maidir le sreafaí faisnéise;

(f)

sainaithneoidh sé rannchuidiú na mbeart margadhbhunaithe ó thaobh géarchéimeanna leictreachais a sheasamh, go háirithe bearta atá dírithe ar an éileamh agus ar an soláthar;

(g)

sainaithneoidh sé bearta féideartha nach bhfuil margadhbhunaithe a bheidh le cur chun feidhme i gcás géarchéimeanna leictreachais, agus an tsiocair, na dálaí agus na nósanna imeachta chun iad a chur chun feidhme á sonrú, agus an bealach a gcomhlíonann na bearta sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 16 agus bearta réigiúnacha agus déthaobhacha á léiriú;

(h)

creat a chur ar fáil don lódsceitheadh de láimh, lena sonrófar na himthosca ina mbeidh lóid le sceitheadh agus lena sonrófar, a mhéid a bhaineann leis an tsábháilteacht phoiblí agus leis an tslándáil phearsanta, catagóirí na n-úsáideoirí leictreachais a bheidh i dteideal, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cosaint speisialta a fháil ar dhíscor, agus lena dtabharfar bonn cirt leis an ngá atá leis an gcosaint sin, agus lena sonrófar an chaoi ar cheart d'oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin na mBallstát lena mbaineann gníomhú chun an tomhaltas a laghdú;

(i)

tabharfaidh sé tuairisc ar na sásraí a úsáidtear chun an pobal a chur ar an eolas faoi ghéarchéimeanna leictreachais;

(j)

tabharfaidh sé tuairisc ar na bearta náisiúnta is gá chun na bearta réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, na bearta déthaobhacha arna gcomhaontú de bhun Airteagal 12 a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú;

(k)

áireoidh sé faisnéis maidir le pleananna gaolmhara is gá chun an eangach a bheidh ann amach anseo a fhorbairt lena gcuideofar le déileáil le hiarmhairtí cásanna géarchéime arna sainaithint.

2.   Cuirfear san áireamh go hiomlán sna bearta náisiúnta na bearta réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, na bearta déthaobhacha arna gcomhaontú de bhun Airteagal 12 agus ní chuirfear slándáil oibríochtúil ná sábháilteacht an chórais tarchurtha, ná slándáil an tsoláthair leictreachais i mBallstáit eile i gcontúirt leo.

Airteagal 12

Inneachar na bpleananna riosca-ullmhachta a mhéid a bhaineann le bearta réigiúnacha agus déthaobhacha

1.   Sa bhreis ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11, áireofar i bplean riosca-ullmhachta gach Ballstáit bearta réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, bearta déthaobhacha chun a áirithiú go ndéanfar géarchéimeanna leictreachais ag a bhfuil tionchar trasteorann a chosc nó a bhainistiú i gceart. Déanfar bearta réigiúnacha a chomhaontú, laistigh den réigiún lena mbaineann, idir na Ballstáit sin a bhfuil an cumas teicniúil acu cúnamh a thabhairt dá chéile i gcomhréir le hAirteagal 15. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit foghrúpaí a chruthú freisin laistigh de réigiún. Déanfar bearta déthaobhacha a chomhaontú idir na Ballstáit atá nasctha go díreach le chéile ach nach bhfuil laistigh den réigiún céanna. Áiritheoidh na Ballstáit comhsheasmhacht idir bearta réigiúnacha agus déthaobhacha. Áireofar ar na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

comhordaitheoir géarchéime a ainmniú a bheidh comhdhéanta de na bainisteoirí náisiúnta ábhartha géarchéime leictreachais;

(b)

sásraí chun faisnéis a chomhroinnt agus chun comhar a dhéanamh;

(c)

bearta comhordaithe chun tionchar géarchéime leictreachais a mhaolú, lena n-áirítear géarchéim chomhuaineach leictreachais, chun críche cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 15;

(d)

nósanna imeachta chun tástálacha bliantúla nó débhliantúla a dhéanamh ar na pleananna riosca-ullmhachta.

(e)

truicearshásraí beart nach bhfuil margadhbhunaithe a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 16(2).

2.   Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha a bheidh le háireamh sa phlean riosca-ullmhachta a chomhaontú, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha ábhartha. Féadfaidh ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún in ullmhú an chomhaontaithe maidir le bearta réigiúnacha agus déthaobhacha. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ACER agus ar ENTSO don Leictreachas cúnamh teicniúil a thabhairt do na Ballstáit d'fhonn comhaontú den sórt sin a éascú. Ocht mí ar a laghad roimh an spriocdháta chun an plean riosca-ullmhachta a ghlacadh nó a thabhairt cothrom le dáta, tuairisceoidh na húdaráis inniúla do GCL maidir leis na comhaontuithe ar thángthas orthu. Más rud é nach mbeidh na Ballstáit in ann teacht ar chomhaontú, cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an easaontas sin. Sa chás sin, molfaidh an Coimisiún bearta, lena n-áirítear sásra comhair, chun comhaontú maidir le bearta réigiúnacha agus déthaobhacha a thabhairt i gcrích.

3.   I bpáirt leis na geallsealbhóirí ábhartha, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát i ngach réigiún, go tráthrialta, tástáil ar a éifeachtaí atá na nósanna imeachta arna bhforbairt i bpleananna riosca-ullmhachta chun géarchéimeanna leictreachais a chosc, lena n-áirítear na sásraí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, agus déanfaidh siad ionsamhlúcháin dhébhliantúla ar ghéarchéimeanna leictreachais, agus na sásraí sin á dtástáil go háirithe.

Airteagal 13

Measúnú an Choimisiúin ar na pleananna riosca-ullmhachta

1.   Laistigh de 4 mhí ón uair a thabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin bplean riosca-ullmhachta arna ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bplean agus tabharfaidh sé aird chuí ar na tuairimí a chuirfidh GCL in iúl.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le GCL, tuairim neamhcheangailteach a eisiúint, ina leagfar amach cúiseanna mionsonraithe, agus tíolacfaidh sé don údarás inniúil í, maille le moladh go ndéanfaí athbhreithniú ar a phlean riosca-ullmhachta i gcás:

(a)

nach bhfuil sé éifeachtach chun na rioscaí arna sainaithint sna cásanna géarchéime leictreachais a mhaolú;

(b)

ina bhfuil sé ar neamhréir leis na cásanna géarchéime leictreachais arna sainaithint nó le plean riosca-ullmhachta Ballstáit eile;

(c)

nach gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10(2);

(d)

ina leagann sé amach bearta ar dóigh dóibh dochar a dhéanamh do shlándáil an tsoláthair leictreachais i mBallstáit eile;

(e)

ina ndéanann sé saobhadh míchuí ar an iomaíocht nó ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh; nó

(f)

nach gcomhlíonann sé forálacha an Rialacháin seo ná forálacha eile de chuid dhlí an Aontais.

3.   Laistigh de 3 mhí ón tuairim ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2 a fháil, tabharfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann aird iomlán ar an moladh ón gCoimisiún agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir leis an bplean riosca-ullmhachta arna leasú, nó tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi na cúiseanna a bhfuil agóid aige in aghaidh an mholta.

4.   I gcás ina gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne an mholta ón gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 4 mhí ón bhfógra ón údarás inniúil a fháil maidir lena chúiseanna leis an agóid, a mholadh a tharraingt siar nó cruinniú a thionól leis an údarás inniúil agus, i gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá sin, le GCL, chun an tsaincheist a bhreithniú. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna mionsonraithe atá le haon mhodhnuithe ar an bplean riosca-ullmhachta a iarraidh. I gcás ina mbeidh seasamh críochnaitheach an údaráis inniúil lena mbaineann éagsúil le cúiseanna mionsonraithe an Choimisiúin, déanfaidh an t-údarás inniúil sin na cúiseanna lena sheasamh a sholáthar don Choimisiún laistigh de 2 mhí tar éis cúiseanna mionsonraithe an Choimisiúin a fháil.

CAIBIDIL IV

Géarchéimeanna leictreachais a bhainistiú

Airteagal 14

Luathrabhadh agus géarchéim leictreachais a fhógairt

1.   I gcás ina soláthróidh measúnú leordhóthanachta séasúrach nó foinse cháilithe eile faisnéis nithiúil, thromchúiseach agus iontaofa go bhféadfadh géarchéim leictreachais tarlú i mBallstát, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin, gan moill mhíchuí, luathrabhadh a thabhairt don Choimisiún, d'údaráis inniúla na mBallstát laistigh den réigiún céanna agus, i gcás nach bhfuil siad sa réigiúin céanna, d'údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil nasc díreach acu le chéile. Déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann faisnéis a sholáthar freisin maidir leis na cúiseanna atá leis an ngéarchéim leictreachais a d'fhéadfadh a bheith ann, le bearta a bheartaítear nó a ghlactar chun géarchéim leictreachais a chosc, agus leis an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann cúnamh a fháil ó Bhallstáit eile. Áireofar san fhaisnéis na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag na bearta ar an margadh inmheánach leictreachais. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a sholáthar do GCL.

2.   Agus é i ngleic le géarchéim leictreachais, déanfaidh an t-údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle leis an oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann, géarchéim leictreachais a fhógairt agus déanfaidh sé údaráis inniúla na mBallstát laistigh den réigiún céanna agus, i gcás nach bhfuil siad sa réigiún céanna, údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil nasc díreach le chéile, mar aon leis an gCoimisiún a chur ar an eolas fúithi, gan moill mhíchuí. Áireofar san fhaisnéis sin na cúiseanna atá leis an meathlú ar staid an tsoláthair leictreachais, na cúiseanna atá le géarchéim leictreachais a fhógairt, na bearta arna mbeartú nó arna nglacadh chun í a mhaolú, agus an gá a d'fhéadfadh a bheith ann aon chúnamh a fháil ó Bhallstáit eile.

3.   I gcás ina measann siad nach leor an fhaisnéis a sholáthrófar de bhun míreanna 1 nó 2, féadfaidh an Coimisiún, GCL nó na húdaráis inniúla sa réigiún céanna, agus, i gcás nach bhfuil siad sa réigiún céanna, údaráis inniúla na mBallstát atá nasctha go díreach, a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann a d'fhógair an ghéarchéim leictreachais breis faisnéise a sholáthar.

4.   I gcás ina n-eiseoidh údarás inniúil luathrabhadh nó ina bhfógróidh sé géarchéim leictreachais, déanfar na bearta a leagtar amach sa phlean riosca-ullmhachta a leanúint a oiread agus is féidir.

Airteagal 15

Comhar agus cúnamh

1.   Gníomhóidh na Ballstáit, agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile, de mheon dlúthpháirtíochta chun géarchéimeanna leictreachais a chosc nó a bhainistiú.

2.   I gcás ina bhfuil an cumas teicniúil is gá acu, tairgfidh na Ballstáit cúnamh dá chéile trí bhíthin bearta réigiúnacha nó déthaobhacha a comhaontaíodh de bhun an Airteagail seo agus de bhun Airteagal 12 sula dtabharfar an cúnamh sin. Chuige sin, agus chun chríche an tsábháilteacht phoiblí agus an tslándáil phearsanta a chosaint, tiocfaidh na Ballstáit ar chomhaontú maidir le bearta réigiúnacha nó déthaobhacha dá rogha féin chun leictreachas a sheachadadh ar bhealach comhordaithe.

3.   Tiocfaidh na Ballstáit ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá chun na bearta réigiúnacha nó déthaobhacha a chur chun feidhme sula dtairgfear cúnamh. Leis na socruithe sin, leagfar amach, inter alia, an huaschainníochtaí leictreachais a bheidh le seachadadh ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal déthaobhach, an rud is siocair le cúnamh ar bith agus le cúnamh a chur ar fionraí, an chaoi a seachadfar an leictreachas, agus forálacha maidir le cúiteamh cóir idir na Ballstáit i gcomhréir le míreanna 4, 5 agus 6.

4.   Beidh an cúnamh faoi réir ag comhaontú roimh ré idir na Ballstáit lena mbaineann maidir le cúiteamh cóir, lena gcumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

costas an leictreachais a sheachadtar chuig críoch an Bhallstáit a bhfuil cúnamh á iarraidh aige chomh maith leis na costais ghaolmhara tarchuir; agus

(b)

aon chostais réasúnta eile a thabhaíonn an Ballstát a sholáthraíonn cúnamh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le haisíocaíocht ar chúiteamh arna ullmhú d'uireasa gníomhachtú éifeachtach, mar aon le haon chostais a eascraíonn as imeachtaí breithiúnacha, imeachtaí eadrána nó imeachtaí agus socraíochtaí comhchosúla.

5.   Ar chúiteamh cóir de bhun mhír 4, áireofar, inter alia, na costais réasúnta uile a thabhaíonn an Ballstát a sholáthraíonn cúnamh mar thoradh ar oibleagáid cúiteamh a íoc de bhua cearta bunúsacha a ráthaítear le dlí an Aontais agus de bhua na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme agus forálacha an Rialacháin seo maidir le cúnamh á gcur chun feidhme, agus costais bhreise réasúnta a thabhaítear mar thoradh ar chúiteamh á íoc de bhun rialacha náisiúnta cúitimh.

6.   An Ballstát a iarrfaidh cúnamh, íocfaidh sé cúiteamh cóir, go pras, nó áiritheoidh sé go n-íocfar cúiteamh cóir go pras, leis an mBallstát a sholáthraíonn cúnamh.

7.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 5 Eanáir 2020 agus tar éis dó dul i gcomhairle le GCL agus le ACER, foráil do threoir neamhcheangailteach i dtaca leis na príomhghnéithe den chúiteamh cóir dá dtagraítear i míreanna 3 go 6 agus le príomhghnéithe eile de na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais dá dtagraítear i mír 3, mar aon le prionsabail ghinearálta den chúiteamh frithpháirteach dá dtagraítear i mír 2.

8.   I gcás ina dtarlóidh géarchéim leictreachais agus nach mbeidh, lena linn, na Ballstáit tagtha ar chomhaontú go fóill maidir le bearta réigiúnacha nó déthaobhacha agus maidir le socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais de bhun an Airteagail seo, déanfaidh na Ballstáit comhaontú faoi bhearta agus socruithe ad hoc chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cúiteamh cóir de bhun mhíreanna 4, 5 agus 6. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát cúnamh sula mbeidh na bearta agus socruithe ad hoc sin comhaontaithe, gabhfaidh sé air féin, sula bhfaighidh sé cúnamh, cúiteamh cóir a íoc i gcomhréir le míreanna 4, 5 agus 6.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar forálacha an Rialacháin seo maidir le cúnamh a chur chun feidhme i gcomhréir leis na Conarthaí, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar aon le haon oibleagáidí idirnáisiúnta eile is infheidhme. Déanfaidh siad na bearta is gá chuige sin.

Airteagal 16

Comhlíonadh rialacha an mhargaidh

1.   Comhlíonfaidh gach beart a ghlacfar chun géarchéimeanna leictreachais a chosc nó a mhaolú na rialacha lena rialáiltear an margadh inmheánach leictreachais agus oibríocht an chórais.

2.   Ní dhéanfar bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a chur i ngníomh tráth géarchéime leictreachais ach amháin mar rogha dheiridh agus tráth nach leor feasta féidearthachtaí uile an mhargaidh nó nuair is léir nach leor bearta margadhbhunaithe ina n-aonar chun tuilleadh meathlaithe ar staid an tsoláthair leictreachais a chosc. Ní dhéanfaidh bearta nach bhfuil margadhbhunaithe saobhadh míchuí ar an iomaíochas ná ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh leictreachais. Beidh siad riachtanach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus sealadach. Cuirfidh an t-údarás inniúil geallsealbhóirí ábhartha sa Bhallstát lena mbaineann ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm aon bheart nach bhfuil margadhbhunaithe.

3.   Ní thionscnófar ciorrú idirbhirt, lena n-áirítear ciorrú na hacmhainne traslimistéir sin atáthar tar éis a leithdháileadh cheana, teorannú sholáthar na hacmhainne traslimistéir i dtaca le leithdháileadh acmhainne, nó teorannú sholáthar na sceideal, ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (EU) 2019/943, agus leis na rialacha arna nglacadh chun an fhoráil sin a chur chun feidhme.

CAIBIDIL V

Meastóireacht agus faireachán

Airteagal 17

Meastóireacht ex post

1.   A luaithe is féidir agus in aon chás 3 mhí tar éis deireadh a theacht le géarchéim leictreachais, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a dhearbhaigh an ghéarchéim leictreachais tuarascáil mheastóireachta ex post a sholáthar do GCL agus don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás rialála i gcás nach é an t-údarás inniúil é,

2.   Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil mheastóireachta ex post:

(a)

cur síos ar an teagmhas ba shiocair leis an ngéarchéim leictreachais;

(b)

cur síos ar aon bhearta coisctheacha, ullmhúcháin agus maolúcháin a glacadh agus measúnú ar a gcomhréireacht agus a n-éifeachtacht;

(c)

measúnú ar thionchar trasteorann na mbeart a glacadh;

(d)

cur síos ar an gcúnamh a ullmhaíodh, le gníomhachtú éifeachtach nó dá uireasa, a soláthraíodh do Bhallstáit chomharsanachta agus do thríú tíortha nó a fuarthas uathu;

(e)

tionchar eacnamaíoch na géarchéime leictreachais agus tionchar na mbeart arna nglacadh ar earnáil an leictreachais a mhéid a cheadófar sin de réir na sonraí a bheidh ar fáil tráth an mheasúnaithe, go háirithe méid an leictreachais nár seachadadh agus leibhéal an díscoir éilimh de láimh (lena n-áirítear comparáid idir leibhéal an díscoir éilimh aontaithigh agus an díscoir éilimh éigeantaigh);

(f)

na cúiseanna lena dtugtar údar cuí le haon bhearta nach bhfuil margadhbhunaithe a chur i bhfeidhm;

(g)

aon fheabhsuithe féideartha nó aon fheabhsuithe a bheartaítear a dhéanamh ar an bplean riosca-ullmhachta;

(h)

forbhreathnú ar aon fheabhsuithe a d'fhéadfaí a chur ar fhorbairt eangach i gcásanna inar tharla an ghéarchéim toisc nár leor an fhorbairt a rinneadh ar an líonra nó inar chuir an fhorbairt neamhleor sin leis an ngéarchéim.

3.   I gcás ina measann siad nach leor an fhaisnéis a sholáthraítear sa tuarascáil mheastóireachta ex post, féadfaidh GCL agus an Coimisiún a iarraidh ar an údarás inniúil lena mbaineann faisnéis bhreise a sholáthar.

4.   Déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann torthaí na meastóireachta ex post a chur i láthair ag cruinniú de GCL. Léireofar na torthaí sin sa phlean riosca-ullmhachta nuashonraithe.

Airteagal 18

Faireachán

1.   De bhreis ar chúraimí eile a leagtar amach sa Rialachán seo a dhéanamh, déanfaidh GCL plé ar na nithe seo a leanas:

(a)

torthaí an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana don leictreachas a d'ullmhaigh ENTSO don Leictreachas;

(b)

comhleanúnachas na bpleananna riosca-ullmhachta, a ghlac na húdaráis inniúla de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10;

(c)

torthaí na measúnuithe Eorpacha ar leordhóthanacht acmhainní a rinne ENTSO don Leictreachas amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2019/943;

(d)

feidhmíocht na mBallstát i réimse shlándáil an tsoláthair leictreachais agus na táscairí a ríomhadh sa mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní, eadhon an fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh agus an t-ionchas caillte lóid, á gcur san áireamh ar a laghad.

(e)

torthaí na measúnuithe ar an leordhóthanacht shéasúrach dá dtagraítear in Airteagal 9(2);

(f)

an fhaisnéis a fuarthas ó na Ballstáit de bhun Airteagal 7(4);

(g)

torthaí na dtuarascálacha meastóireachta ex post dá dtagraítear in Airteagal 17(4);

(h)

an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an leordhóthanacht ghearrthéarmach dá dtagraítear in Airteagal 8;

(i)

an mhodheolaíocht chun cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 5 a shainaithint.

2.   Féadfaidh GCL moltaí a eisiúint do na Ballstáit agus do ENTSO don Leictreachas maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfaidh ACER, ar bhonn leanúnach, faireachán ar shlándáil bhearta an tsoláthair leictreachais agus tuairisceoidh sé go rialta do GCL.

4.   Faoin 1 Meán Fómhair 2025, ar bhonn na taithí a gheofar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na modhanna féideartha a dhéanfar slándáil an tsoláthair leictreachais a fheabhsú ar leibhéal an Aontais agus cuirfidh sé tuairisc faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear, i gcás inar gá, tograí reachtacha chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 19

Faisnéis rúnda a láimhseáil

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis inniúla na nósanna imeachta dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear na rialacha náisiúnta a bhaineann le faisnéis agus próisis rúnda a láimhseáil. Más é an toradh a bheidh ar na rialacha sin a chur chun feidhme nach ndéanfar faisnéis a nochtadh, inter alia, mar chuid de phleananna riosca-ullmhachta, féadfaidh an Ballstát nó an t-údarás achoimre neamhrúnda uirthi a sholáthar, agus déanfaidh sé amhlaidh arna iarraidh sin dó.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, ACER, GCL, ENTSO don Leictreachas, Ballstáit, údaráis inniúla, údaráis rialála agus comhlachtaí ábhartha, eintitis nó daoine eile, a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo, rúndacht faisnéise íogaire a áirithiú.

CAIBIDIL VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 20

Comhar leis na Páirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh

I gcás ina rachaidh na Ballstáit agus na Páirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh i gcomhar le chéile i réimse shlándáil an tsoláthair leictreachais, féadfar a áireamh, sa chomhar sin, staid ghéarchéime leictreachais a shainiú, an próiseas maidir le cásanna géarchéime leictreachais a shainaithint agus maidir le pleananna riosca-ullmhachta a bhunú ionas nach nglacfar aon bheart a chuirfeadh slándáil an tsoláthair leictreachais chuig na Ballstáit, chuig na Páirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh, nó chuig an Aontas i mbaol. Chuige sin, ar chuireadh ón gCoimisiún, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh a bheith rannpháirteach in GCL maidir le gach ní a bhaineann leo.

Airteagal 21

Maolú

Go dtí go mbeidh an Chipir nasctha go díreach le Ballstát eile, ní bheidh feidhm ag Airteagail 6 agus 12 agus Airteagal 15(2) go (9) idir an Chipir agus Ballstáit eile, ná maidir le ENTSO don Leictreachas i ndáil leis an gCipir. Féadfaidh an Chipir agus Ballstáit ábhartha eile, le tacaíocht ón gCoimisiún, forbairt a dhéanamh ar bhearta agus nósanna imeachta malartacha seachas iad siúd dá bhforáiltear in Airteagail 6 agus 12 agus Airteagal 15(2) go (9), ar choinníoll nach ndéanfar difear, leis na bearta agus na nósanna imeachta malartacha sin, do chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo idir na Ballstáit eile.

Airteagal 22

Foráil idirthréimhseach go dtí go mbunófar lárionaid chomhordaithe réigiúnacha

Go dtí an dáta a dhéanfar lárionaid chomhordaithe réigiúnacha a bhunú de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2019/943, tagróidh réigiúin do Bhallstát nó do ghrúpa Ballstát atá lonnaithe sa limistéar sioncronach céanna.

Airteagal 23

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2005/89/CE.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 91.

(2)  IO C 342, 12.10.2017, lch. 79.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019.

(4)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach do leicteachas (féach leathanach 54 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (Féach leathanach 125 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Treoir 2005/89/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair leictreachais a choimirciú agus infheistiú i mbonneagar (IO L 33, 4.2.2006, lch. 22).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 2017/1485 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córas tarchurtha leictreachais (IO L 220, 25.8.2017, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 2017/2196 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2017 lena mbunaítear cód líonra maidir le héigeandálaí leictreachais agus athbhunú leictreachais (IO L 312, 28.11.2017, lch. 54).

(9)  Cinneadh ón gCoimisiún an 15 Samhain 2012, lena mbunaítear an Grúpa Comhordaithe Leictreachais (IO C 353, 17.11.2012, lch. 2).

(10)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus córais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(11)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(12)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(13)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (Féach leathanach 22 den Iris Oifigiúil seo).

(14)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

TEIMPLÉAD DON PHLEAN RIOSCA-ULLMHACHTA

Is i mBéarla a chomhlánófar an teimpléad seo a leanas.

Faisnéis ghinearálta

Ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an bplean seo a ullmhú

Na Ballstáit atá sa réigiún

1.   ACHOIMRE AR NA CÁSANNA GÉARCHÉIME LEICTREACHAIS

Cuirtear síos go hachomair ar na cásanna géarchéime leictreachais a sainaithníodh ar an leibhéal réigiúnacha agus náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7, lena n-áirítear cur síos ar na toimhdí a cuireadh i bhfeidhm.

2.   RÓIL AGUS FREAGRACHTAÍ AN ÚDARÁIS INNIÚIL

Sainítear róil agus freagrachtaí an údaráis inniúil agus na gcomhlachtaí ar tarmligeadh cúraimí chucu.

Cuirtear síos ar na cúraimí, más ann dóibh, atá tarmligthe chuig comhlachtaí eile.

3.   NÓSANNA IMEACHTA AGUS BEARTA I gCÁS GÉARCHÉIM LEICTREACHAIS

3.1.   Nósanna imeachta agus bearta náisiúnta

(a)

Cuirtear síos ar na nósanna imeachta a leanfar i gcás géarchéim leictreachais, lena n-áirítear na scéimeanna comhfhreagracha maidir le sreafaí faisnéise;

(b)

Cuirtear síos ar na bearta coisctheacha agus ullmhúcháin;

(c)

Cuirtear síos ar na bearta chun géarchéimeanna leictreachais a mhaolú, go háirithe bearta atá dírithe ar an éileamh agus ar an soláthar, agus sonraítear ag an am céanna na dálaí inar féidir na bearta sin a úsáid, go háirithe an méid ba shiocair le gach beart. Maidir le bearta nach bhfuil bunaithe ar an margadh, ní mór bonn ceart cirt a bheith leo i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 16 agus ní mór dóibh bearta réigiúnacha, agus, I gcás inarb infheidhme, déthaobhacha, a chomhlíonadh;

(d)

Creat a sholáthar don lódsceitheadh de láimh, lena sonraítear na himthosca faoina sceithfear lóid. Sonrófar, maidir leis an tsábháilteacht phoiblí agus leis an tslándáil phearsanta, catagóirí na n-úsáideoirí leictreachais a bheidh i dteideal cosaint speisialta a fháil ar dhíscor, agus tabharfar bonn cirt leis an ngá leis an gcosaint sin. Sonraítear an chaoi ar cheart do na hoibreoirí córais tarchurtha agus na hoibreoirí córais dáileacháin gníomhú chun an tomhaltas a laghdú;

(e)

Cuirtear síos ar na sásraí a úsáidtear chun an pobal a chur ar an eolas faoin ngéarchéim leictreachais.

3.2.   Nósanna imeachta agus bearta réigiúnacha agus déthaobhacha

(a)

Cuirtear síos ar na sásraí a comhaontaíodh maidir leis an gcomhar laistigh den réigiún agus chun comhordú cuí — roimh an ngéarchéim leictreachais agus lena linn — a áirithiú, lena n-áirítear na nósanna imeachta cinnteoireachta maidir le freagairt iomchuí ar an leibhéal réigiúnach;

(b)

Cuirtear síos ar aon bhearta réigiúnacha agus déthaobhacha lena n-áirítear aon socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá chun na bearta sin a chur chun feidhme. Agus cur síos á dhéanamh ar na socruithe sin, soláthrófar faisnéis maidir le, inter alia, na huaschainníochtaí leictreachais a bheidh le seachadadh ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal déthaobhach, an rud is siocair leis an gcúnamh agus an fhéidearthacht a iarraidh go ndéanfaí é a fhionraí, an chaoi a seachadfar an leictreachas, agus na forálacha maidir le cúiteamh cóir idir na Ballstáit. Cuirtear síos ar na bearta náisiúnta is gá chun na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha arna gcomhaontú a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú;

(c)

Cuirtear síos ar na sásraí atá i bhfeidhm maidir leis an gcomhar i measc na mBallstát eile atá lasmuigh den réigiún agus leis na tríú tíortha sin atá laistigh den réimse sioncronach chun gníomhaíochtaí a chomhordú roimh an ngéarchéim leictreachais agus lena linn.

4.   COMHORDAITHEOIR GÉARCHÉIME

Sonraítear agus sainítear ról an chomhordaitheora géarchéime. Sonraítear na sonraí teagmhála.

5.   COMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

I gcomhréir le hAirteagal 10(1), cuirtear síos ar an sásra arna úsáid chun an plean seo a fhorbairt, agus torthaí na gcomhairliúchán a rinneadh leo seo a leanas:

(a)

gnóthais leictreachais agus gnóthais gáis nádúrtha ábhartha, lena n-áirítear táirgeoirí ábhartha nó a gcomhlachtaí trádála;

(b)

eagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar leasanna custaiméirí neamhthionsclaíocha leictreachais;

(c)

eagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar leasanna custaiméirí tionsclaíocha leictreachais;

(d)

údaráis náisiúnta rialála;

(e)

na hoibreoirí córais tarchurtha;

(f)

oibreoirí córais dáileacháin.

6.   TÁSTÁLACHA ÉIGEANDÁLA

(a)

Sonraítear an féilire le haghaidh ionsamhlúcháin freagartha fíor-ama réigiúnacha (agus, más infheidhme, náisiúnta chomh maith) dhébhliantúla géarchéimeanna leictreachais;

(b)

I gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 12(1), sonraítear na nósanna imeachta a comhaontaíodh agus na gníomhaithe lena mbaineann.

I gcás na nuashonraithe ar an bplean: cuirtear síos go hachomair ar na tástálacha a rinneadh ó glacadh an plean deireanach, agus príomhthorthaí na dtástálacha sin. Sonraítear cé na bearta atá glactha mar thoradh ar na tástálacha sin.


14.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

22


RIALACHÁN (AE) 2019/942 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meitheamh 2019

lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) lena bunaíodh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), a leasú go suntasach (5). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

D'fheabhsaigh cruthú ACER an comhar idir údaráis rialála maidir le saincheisteanna trasteorann ar bhealach follasach. Ó cruthaíodh í, tá cúraimí tábhachtacha nua tugtha do ACER a bhaineann le faireachán ar na margaí mórdhíola faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus i réimse an bhonneagair fuinnimh trasteorann faoi Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus i réimse shlándáil an tsoláthair gáis faoi Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(3)

Táthar ag súil leis go dtiocfaidh méadú breise ar an ngá atá le comhordú ar ghníomhaíochtaí rialála náisiúnta sna blianta amach romhainn. Tá an t-athrú is mó leis na deicheanna de bhlianta anuas faoi lán seoil i gcóras fuinnimh an Aontais. Chun comhtháthú breise a dhéanamh ar an margadh agus athrú a dhéanamh i dtreo táirgeadh leictreachais atá níos éagsúlaithe, is gá iarrachtaí breise a dhéanamh chun beartais náisiúnta fuinnimh a chomhordú idir comharsana agus iarrachtaí breise a dhéanamh chun úsáid a bhaint as na deiseanna atá ar fáil i dtaca le trádáil trasteorann leictreachais.

(4)

Tá léirithe ag an taithí a fuarthas agus an margadh inmheánach á chur chun feidhme gur féidir fadhbanna tromchúiseacha a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí náisiúnta neamh-chomhordaithe, go háirithe i limistéir atá idirnasctha go dlúth, áit ar minic go mbíonn tionchar nithiúil ag cinntí na mBallstát ar a gcomharsana. Chun na héifeachtaí dearfacha a bhaineann leis an margadh inmheánach leictreachais a bhaint amach i dtaca le leas tomhaltóirí, cinnteacht an tsoláthair agus dícharbónú, ceanglaítear ar na Ballstáit, agus go háirithe a n-údaráis rialála neamhspleácha, oibriú i gcomhar le chéile ar na bearta rialála sin a mbíonn éifeachtaí trasteorann acu.

(5)

Tá an baol atá ann d'fheidhmiú ceart na margaí leictreachais trasteorann a eascraíonn as idirghabhálacha ilroinnte arna ndéanamh ag na stáit náisiúnta sna margaí fuinnimh ag dul i méid. Dá bhrí sin, ba cheart ról a thabhairt do ACER i dtaca le measúnú comhordaithe leormhaitheasa acmhainní Eorpach a fhorbairt, i ndlúthchomhar le Gréasán Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Leictreachas ('ENTSO don Leictreachas'), chun na fadhbanna a bhaineann le measúnuithe ilroinnte náisiúnta, a leanann modhanna neamh-chomhordaithe éagsúla agus nach gcuireann an cás sna tíortha comharsanachta san áireamh go leordhóthanach, a sheachaint. Ba cheart do ACER maoirseacht a dhéanamh ar na paraiméadair theicniúla arna bhforbairt ag ENTSO don Leictreachas le haghaidh rannpháirtíocht éifeachtúil ar an acmhainn trasteorann agus gnéithe teicniúla eile a bhaineann le sásraí acmhainneachta.

(6)

In ainneoin go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ó thaobh an margadh inmheánach leictreachais a chomhtháthú agus a idirnascadh, tá roinnt Ballstát nó réigiún ann atá scoite amach i gcónaí nó nach bhfuil idirnasctha go leordhóthanach. Is ionann an cás sin go háirithe maidir leis na Ballstáit oileánacha agus na Ballstáit atá ar imeall an Aontais. Ina cuid oibre, ba cheart don Ghníomhaireacht cás sonrach na mBallstát nó na réigiún sin a chur san áireamh de réir mar is iomchuí.

(7)

Is gá cur chuige comhordaithe a bheith ann i dtaca le slándáil an tsoláthair leictreachais chun go mbeifear ullamh i gcásanna ina mbíonn géarchéimeanna gan choinne sa soláthar. Dá bhrí sin, ba cheart do ACER comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí náisiúnta a bhaineann le hullmhacht i dtaca le rioscaí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(8)

I ngeall ar dhlúth-idirnascacht eangach leictreachais an Aontais agus ar an ngá, atá ag dul i méid, atá le comhar le tíortha comharsanachta chun cobhsaíocht na n-eangach a choinneáil agus méid mór fuinnimh in-athnuaite a thabhairt isteach san eangach, beidh ról tábhachtach ag lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ó thaobh comhordú a dhéanamh ar oibreoirí córas tarchurtha. Ba cheart do ACER formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha i gcás inar gá.

(9)

Toisc go ndéanfar codanna móra d'achmhainn giniúna nua leictreachais a nascadh ar an leibhéal áitiúil, beidh ról tábhachtach ag oibreoirí córas tarchurtha ó thaobh córas leictreachais an Aontais a oibriú ar bhealach solúbtha agus éifeachtach.

(10)

Ba cheart dlúthchomhar a bheith ann idir na Ballstáit, rud a chuirfeadh deireadh leis na constaicí ar mhalartuithe trasteorann leictreachais agus gáis nádúrtha ar mhaithe le cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach. Bunaíodh ACER chun deireadh a chur leis an mbearna rialála ar leibhéal an Aontais agus rannchuidiú le feidhmiú éifeachtach na margaí inmheánacha don leictreachas agus don ghás nádúrtha. Cuireann ACER ar chumas na n-údarás rialála an comhar eatarthu a fheabhsú ar leibhéal an Aontais agus a bheith rannpháirteach, ar bhonn frithpháirteach, i bhfeidhmiú feidhmeanna a bhaineann leis an Aontas.

(11)

Ba cheart do ACER a áirithiú go ndéanfar na feidhmeanna rialála a dhéanann na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus le Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a chomhordú mar ba cheart agus, i gcás inar gá, go gcuirfear i gcrích iad ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, is gá neamhspleáchas ACER ar tháirgeoirí leictreachais agus gáis nádúrtha, ar oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin, cibé acu oibreoirí poiblí nó oibreoirí príobháideacha, agus ar thomhaltóirí a ráthú, agus a áirithiú go bhfuil a cuid gníomhaíochtaí i gcomhréir le dlí an Aontais, mar aon lena hacmhainneachtaí teicniúla agus rialála, a trédhearcacht, a géilliúlacht don rialú daonlathach, lena n-áirítear cuntasacht do Pharlaimint na hEorpa, agus a héifeachtúlacht a áirithiú.

(12)

Ba cheart do ACER faireachán a dhéanamh ar an gcomhar réigiúnach idir oibreoirí córas tarchurtha in earnáil an leictreachais agus in earnáil an gháis agus ar fhorfheidhmiú chúraimí ENTSO don Leictreachas, agus chúraimí Ghréasán Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Ghás (ENTSO don Ghás). Ba cheart do ACERfaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chúraimí na n-eintiteas eile a bhfuil feidhmeanna rialáilte acu a mbaineann gné uile-Aontais leo, amhail malartáin fuinnimh. Tá rannpháirteachas ACER bunriachtanach chun a áirithiú go mbeidh an comhar idir oibreoirí córas tarchurtha agus oibriú na n-eintiteas eile a bhfuil feidhmeanna uile-Aontais acu éifeachtúil agus trédhearcach chun tairbhe an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas agus an mhargaidh inmheánaigh don ghás nádúrtha.

(13)

Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta comhordú a dhéanamh ina measc féin nuair a bhíonn a gcuid cúraimí á gcur i gcrích acu chun a áirithiú go bhfuil ENTSO don Leictreachas, an tEintiteas Eorpach d'Oibreoirí Córas Dáileacháin (“eintiteas AE do OCDanna”), agus na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí faoi chreat rialála an mhargaidh inmheánaigh d'fhuinneamh, agus go bhfuil siad ag déanamh de réir chinntí ACER. Le leathnú fhreagrachtaí oibríochtúla ENTSO don Leictreachas, eintiteas AE do OCDanna agus na lárionad comhordúcháin réigiúnach, is gá feabhas a chur ar fhormhaoirseacht na n-eintiteas sin atá ag oibriú ar leibhéal réigiúnach nó uile-Aontais. Áirithítear leis an nós imeachta a bhunaítear sa Rialachán seo go dtacóidh ACER leis na húdaráis rialála náisiúnta agus iad ag cur i gcrích na bhfeidhmeanna sin dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2019/944.

(14)

Chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis is gá chun a cuid cúraimí a chur i gcrích ag ACER, ba cheart ACER a bheith in ann faisnéis den sórt sin a iarraidh ar na húdaráis rialála, ar ENTSO don Leictreachas, ar ENTSO don Ghás, ar na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha, ar eintiteas AE do OCDanna, ar na hoibreoirí córas tarchurtha agus ar na hoibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais, agus í a fháil uathu.

(15)

Ba cheart do ACER faireachán a dhéanamh, i gcomhar leis an gCoimisiún, na Ballstáit agus na húdaráis náisiúnta lena mbaineann, ar na margaí inmheánacha don leictreachas agus don ghás nádúrtha agus ba cheart di Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta a chur ar an eolas faoina bhfaigheann sí amach i gcás inarb iomchuí sin. Níor cheart go ndéanfadh cúraimí faireacháin ACER dúbailt, ná níor cheart go gcuirfeadh siad bac, ar fhaireachán arna dhéanamh ag an gCoimisiún nó ag na húdaráis náisiúnta, go háirithe na húdaráis iomaíochta náisiúnta.

(16)

Cuireann ACER creat comhtháite ar fáil a chuireann ar chumas na n-údarás rialála a bheith rannpháirteach agus oibriú i gcomhar le chéile. Éascaíonn an creat sin cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na reachtaíochta ar na margaí inmheánacha don leictreachas agus don ghás nádúrtha ar fud an Aontais. I gcás ina mbeidh níos mó ná Ballstát amháin i gceist, tá an chumhacht cinntí aonair a ghlacadh tugtha do ACER. Ba cheart an chumhacht sin, faoi choinníollacha a shonraítear go soiléir, saincheisteanna teicniúla agus rialála a chumhdach, ar saincheisteanna iad a dteastaíonn comhar réigiúnach ina leith, go háirithe i dtaca le cur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte, comhar laistigh de lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha, na cinntí rialála is gá chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar shláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh, cinntí a bhaineann le bonneagar leictreachais agus gáis nádúrtha a cheanglaíonn dhá Bhallstát le chéile, nó a d'fhéadfadh dhá Bhallstát ar a laghad a cheangal le chéile, agus, mar rogha dheireanach, díolúintí ó rialacha an mhargaidh inmheánaigh i gcás idirnascairí nua leictreachais agus bonneagair nua gáis atá suite i níos mó ná aon Bhallstát amháin.

(17)

Cumhdaítear leis na hathbhreithnithe ar na cóid ghréasáin agus ar na treoirlínte leasuithe ar na gníomhartha sin is gá a dhéanamh chun forbairt an mhargaidh a chur san áireamh gan athrú suntasach a dhéanamh ar na cóid ghréasáin agus ar na treoirlínte ná inniúlachtaí nua de chuid ACER a chruthú.

(18)

Tá ról tábhachtach ag ACER i bhforbairt creat-treoirlínte atá neamhcheangailteach de réir a gcineáil. Ba cheart na cóid ghréasáin a bheith i gcomhréir leis na creat-treoirlínte sin. Meastar gurb iomchuí freisin, agus go bhfuil sé i gcomhréir lena cuspóir, go mbeadh ról ag ACER in athbhreithniú agus i leasú na ndréachtchód gréasáin chun a áirithiú go mbeidh siad i gcomhréir leis na creat-treoirlínte agus foráil a dhéanamh maidir leis an méid comhchuibhithe is gá, sula gcuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin iad lena nglacadh.

(19)

Anois agus sraith de chóid ghréasáin agus treoirlínte glactha lena ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme céim ar chéim agus beachtú breise ar chomhrialacha réigiúnacha agus uile-Aontais, tá méadú tagtha ar ról ACER maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte, agus maidir le bheith ag rannchuidiú leis an gcur chun feidhme sin. Is feidhm lárnach de chuid ACER é faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chóid ghréasáin agus ar na treoirlínte agus tá sé ríthábhachtach chun rialacha an mhargaidh inmheánaigh a chur chun feidhme.

(20)

Le linn chur chun feidhme na gcód gréasán agus na dtreoirlínte, tháinig sé chun solais go mbeadh sé úsáideach sruthlíniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta d'fhormheas rialála na dtéarmaí agus na gcoinníollacha réigiúnacha nó uile-Aontais nó na modheolaíochtaí a fhorbraítear faoi na treoirlínte agus faoi na cóid ghréasáin trína seoladh isteach go díreach chuig ACER sa chaoi go mbeidh údaráis rialála, a mbíonn ionadaíocht acu ar an mBord Rialálaithe, in ann cinneadh a dhéanamh i leith na dtéarmaí agus na gcoinníollacha agus na modheolaíochtaí sin.

(21)

Toisc gur cuid den chomhchuibhiú céim ar chéim ar mhargaí fuinnimh an Aontais é réitigh réigiúnacha a aimsiú go rialta mar chéim eatramhach agus toisc gur gá go bhformheasfadh líon teoranta údarás rialála a lán téarmaí agus coinníollacha agus modheolaíochtaí do réigiún sonrach, is iomchuí léiriú a thabhairt ar ghné réigiúnach an mhargaidh inmheánaigh sa Rialachán seo agus foráil a dhéanamh maidir le sásraí rialachais iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart gurb iad údaráis rialála inniúla an réigiúin lena mbaineann a dhéanfadh na cinntí faoi mholtaí do théarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí réigiúnacha comhpháirteacha, ach amháin má bhíonn tionchar nithiúil ag na cinntí sin ar an margadh inmheánach fuinnimh i limistéar níos mó ná an réigiún lena mbaineann.

(22)

Ós rud é go bhfuil forléargas ag ACER ar na húdaráis rialála, ba cheart go mbeadh ról comhairleach aici i leith an Choimisiúin, i leith institiúidí eile de chuid an Aontais agus i leith na n-údarás rialála maidir leis na saincheisteanna a bhaineann leis an gcuspóir dar bunaíodh í. Ba cheart go mbeadh sé de cheangal uirthi freisin an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás ina bhfaigheann sí amach nach iad na torthaí a theastaíonn atá ag teacht as an gcomhar idir oibreoirí córas tarchurtha, nó nach ndéanann údarás rialála, a bhfuil a chinneadh ag sárú na gcód gréasán agus an treoirlíne, tuairim, moladh nó cinneadh ACER a chur chun feidhme go hiomchuí.

(23)

Ba cheart freisin go mbeadh ACER in ann moltaí a dhéanamh chun cuidiú le húdaráis rialála agus le rannpháirtithe sa mhargadh i dtaca le dea-chleachtais a roinnt.

(24)

Ba cheart do ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, eintiteas AE do OCDanna, na hoibreoirí córas tarchurtha, na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha agus na hoibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais lánaird a thabhairt ar thuairimí agus ar mholtaí ACER a dhírítear chucu de bhun an Rialacháin seo.

(25)

Ba cheart do ACER dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara, i gcás inarb iomchuí, agus deis réasúnach a thabhairt dóibh tuairim a thabhairt i leith na mbeart atá molta, amhail cóid ghréasáin agus rialacha.

(26)

Ba cheart go rannchuideodh ACER le cur chun feidhme na dtreoirlínte um ghréasáin fuinnimh tras-Eorpacha mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, go háirithe le linn a tuairim ar na pleananna neamhcheangailteacha 10 mbliana uile-Aontais maidir le forbairt gréasán (pleananna forbartha gréasán uile-Aontais) a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán seo.

(27)

Ba cheart go rannchuideodh ACER leis na hiarrachtaí an tslándáil fuinnimh a fheabhsú.

(28)

Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí ACER i gcomhréir le cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh, lena mbaineann cúig ghné a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile agus a threisíonn a chéile, lena n-áirítear dícharbónú, mar a leagtar amach iad in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(29)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, níor cheart do ACER cinntí aonair a ghlacadh ach amháin in imthosca arna sainiú go soiléir, maidir le saincheisteanna a bhaineann go docht leis an gcuspóir dar bunaíodh ACER.

(30)

Chun a áirithiú go mbeidh creat ACER éifeachtúil agus comhsheasmhach le gníomhaireachtaí díláraithe eile, ba cheart na rialacha lena rialaítear ACER a ailíniú leis an gcur chuige coiteann a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe (13) (an Cur Chuige Coiteann). Ba cheart struchtúr ACER a oiriúnú a mhéid is gá, áfach, chun freastal ar riachtanais shonracha na rialála fuinnimh. Go háirithe, is gá ról sonrach na n-údarás rialála a chur san áireamh go hiomlán agus a neamhspleáchas a ráthú.

(31)

D'fhéadfadh sé go mbeartófaí athruithe breise a dhéanamh ar an Rialachán seo amach anseo chun an Rialachán a thabhairt go hiomlán i gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann. Bunaithe ar na riachtanais i láthair na huaire i dtaca le rialáil fuinnimh, is gá imeacht ón gcur chuige coiteann. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh chun feidhmíocht ACER a mheas i ndáil le cuspóirí ACER, a shainordú agus a chúraimí agus tar éis na meastóireachta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann tuilleadh leasuithe a mholadh ar an Rialachán seo.

(32)

Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag an mBord Riaracháin an buiséad a bhunú, cur chun feidhme an bhuiséid a sheiceáil, rialacha inmheánacha a tharraingt suas, rialacháin airgeadais a ghlacadh agus Stiúrthóir a cheapadh. Ba cheart córas uainíochta a úsáid i gcomhair athnuachan na gcomhaltaí den Bhord Riaracháin a cheapann an Chomhairle, chun a áirithiú go mbeidh rannpháirteachas cothrom ann ó thaobh na mBallstát de thar am. Ba cheart don Bhord Riaracháin gníomhú go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar mhaithe le leas an phobail agus níor cheart go lorgódh sé ná go leanfadh sé treoracha polaitiúla.

(33)

Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag ACER a cuid feidhmeanna rialála a chomhlíonadh ar bhealach trédhearcach, réasúnaithe agus, thar aon rud eile, neamhspleách. Ní hamháin gur prionsabal lárnach de chuid an dea-rialachais é neamhspleáchas ACER ar tháirgeoirí leictreachais agus gáis agus ar oibreoirí na gcóras tarchurtha agus ar oibreoirí na gcóras dáileacháin, agus ar leasanna príobháideacha agus tráchtála eile freisin, ach is bunchoinníoll é i dtaca le muinín sa mhargadh a áirithiú freisin. Gan dochar dá chomhaltaí a bheith ag gníomhú thar ceann a n-údarás náisiúnta faoi seach, ba cheart, dá bhrí sin, go ngníomhódh an Bord Rialálaithe go neamhspleách ar aon leas margaidh, ba cheart go ndéanfadh sé coimhlintí leasanna a sheachaint agus níor cheart go lorgódh sé treoracha ná go leanfadh sé treoracha ó aon rialtas Ballstáit, ó institiúidí an Aontais ná ó aon eintiteas nó duine eile, bíodh sé poiblí nó príobháideach, agus níor cheart go nglacfadh sé le moltaí uathu. Ag an am céanna, ba cheart go gcomhlíonfadh cinntí an Bhoird Rialálaithe dlí an Aontais maidir le fuinneamh, amhail an margadh inmheánach fuinnimh, an comhshaol agus an iomaíocht. Ba cheart don Bhord Rialálaithe a thuairimí, a mholtaí agus a chinntí a thuairisciú d'institiúidí an Aontais.

(34)

I gcás ina bhfuil cumhachtaí ag ACER cinntí a dhéanamh, ba cheart, ar mhaithe le gontacht nós imeachta, ceart achomhairc chuig Bord Achomhairc a dheonú do pháirtithe leasmhara, agus ba cheart go mbeadh an Bord Achomhairc sin ina chuid de ACER ach é a bheith neamhspleách ar struchtúr riaracháin agus rialála ACER. Chun a fheidhmiú agus neamhspleáchas iomlán a ráthú, ba cheart líne bhuiséid ar leithligh a bheith ag an mBord Achomhairc i mbuiséad ACER. Ar mhaithe le leanúnachas, níor cheart go gceadófaí ach cuid de chomhaltaí an Bhoird Achomhairc a athrú nuair a bheadh a chomhaltaí á gceapadh nó á n-athcheapadh. Tá cinntí an Bhoird Achomhairc faoi réir achomhairc os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais).

(35)

Ba cheart do ACER a cumhachtaí cinnteoireachta a fheidhmiú i gcomhréir le prionsabal na cinnteoireachta cothroime, trédhearcaí agus réasúnta. Ba cheart gach riail nós imeachta de chuid ACER a leagan síos ina rialacha nós imeachta.

(36)

Ba cheart an cúram doiciméid ina bhfuil tuairimí, moltaí agus cinntí a dhréachtú agus a ghlacadh a bheith ar an Stiurthóir. Ba cheart gur gá tuairim fhabhrach a fháil ón mBord Rialálaithe sula nglacfaí tuairimí, moltaí agus cinntí áirithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 22(5) agus Airteagal 24(2). Ba cheart don Bhord Rialálaithe a bheith in ann tuairimí agus, i gcás inarb iomchuí, barúlacha agus leasuithe ar thograí téacs an Stiúrthóra a chur ar fáil, ar cheart don Stiúrthóir iad a chur san áireamh. I gcás nach gcloífidh an Stiúrthóir leis na barúlacha agus na leasuithe arna dtíolacadh ag an mBord Rialálaithe nó ina ndiúltóidh sé dóibh, ba cheart don Stiúrthóir réasúnú lena mbeidh údar cuí a thabhairt i scríbhinn chun idirphlé cuiditheach a éascú. Mura dtabharfaidh an Bord Rialálaithe tuairim fhabhrach ar théacs arna thíolacadh an athuair, ba cheart don Stiúrthóir a bheith in ann an téacs a athbhreithniú tuilleadh i gcomhréir leis na leasuithe agus na barúlacha arna moladh ag an mBord Rialálaithe chun tuairim fhabhrach a fháil uaidh. Ba cheart don Stiúrthóir a bheith in ann dréacht-tuairimí, dréachtmholtaí agus dréachtchinntí a tíolacadh a tharraingt siar i gcás nach n-aontaíonn an Stiurthóir leis na leasuithe arna dtíolacadh ag an mBord Rialálaithe agus ba cheart dó bheith in ann téacs nua a eisiúint i gcomhréir leis na nósanna imeachta áirithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 22(5) agus Airteagal 24(2). Ba cheart don Stiúrthóir bheith in ann tuairim fhabhrach an Bhoird Rialálaithe ar dhréacht-téacs nua nó athbhreithnithe a lorg ag aon chéim den nós imeachta.

(37)

Ba cheart na hacmhainní cuí a chur ar fáil do ACER chun gur féidir léi a cuid cúraimí a chur i gcrích. Ba cheart ACER a mhaoiniú go príomha ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Cuireann táillí feabhas ar mhaoiniú ACER agus ba cheart go gcumhdófaí iontu na costais a bhíonn uirthi maidir le seirbhísí a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, nó d'eintitis atá ag gníomhú thar a gceann, sa chaoi gur féidir leo sonraí a thuairisciú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus sábháilte. Maidir leis na hacmhainní a chomhthiomsaíonn na húdaráis rialála le haghaidh a gcomhair ar leibhéal an Aontais, ba cheart iad a bheith ar fáil i gcónaí do ACER. Ba cheart nós imeachta buiséid an Aontais a bheith infheidhme i gcónaí a mhéid a bhaineann le haon fhóirdheontais atá inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Thairis sin, ba cheart go ndéanfadh iniúchóir seachtrach neamhspleách iniúchadh ar na cuntais i gcomhréir le hAirteagal 107 de Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (14).

(38)

Ba cheart don údarás buiséadach measúnú a dhéanamh ar bhuiséad ACER ar bhonn leanúnach agus faoi threoir ualach oibre ACER agus fheidhmíocht ACER, agus faoi threoir na gcuspóirí ACER obair a dhéanamh i dtreo margadh inmheánach fuinnimh agus rannchuidiú leis an tslándáil fuinnimh chun leas na dtomhaltóirí san Aontas. Ba cheart don údarás buiséadach a áirithiú go mbainfear amach na caighdeáin is fearr ó thaobh na héifeachtúlachta de.

(39)

Ba cheart d'Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (an “tIonad Aistriúcháin”) seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil do Ghníomhaireachtaí uile an Aontais. Má bhíonn deacrachtaí ar leith ag ACER le seirbhísí an Ionaid Aistriúcháin, ba cheart an deis a bheith ag an ACER an sásra iontaofa a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle a agairt (15), a bhféadfadh a bheith de thoradh air go rachfaí ar iontaoibh soláthraithe seirbhísí eile faoi choimirce an Ionaid Aistriúcháin.

(40)

Ba cheart go mbeadh foireann ardoilte ag ACER. Go háirithe, ba cheart go mbainfeadh ACER leas as inniúlacht agus as taithí na foirne a bheidh ar iasacht ó na húdaráis rialála náisiúnta, ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit. Maidir le Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach (“na Rialacháin Foirne”) agus Coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach, (“na Coinníollacha Fostaíochta”), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (16) ón gComhairle agus sna rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun na rialacháin sin a chur i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le foireann ACER. Ba cheart go nglacfadh an Bord Riaracháin, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na rialacha cur chun feidhme iomchuí.

(41)

Ba cheart an deis a bheith ag meithleacha tacaíocht a thabhairt d'obair rialála an Stiúrthóra agus an Bhoird Rialálaithe de bhun an Rialacháin seo.

(42)

Ba cheart go ndéanfadh ACER na rialacha ginearálta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid atá i seilbh comhlachtaí Aontais a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbunódh an Bord Riaracháin na bearta praiticiúla chun sonraí íogaire tráchtála agus sonraí pearsanta a chosaint.

(43)

Trí chomhar na húdaráis rialála laistigh de ACER is léir gur réamhriachtanas é cinntí a dhéanamh le móramh chun dul chun cinn a bhaint amach ar ábhair a bhaineann leis an margadh inmheánach fuinnimh a bhfuil tionchar suntasach eacnamaíoch acu i mBallstáit éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart do húdaráis rialála leanúint de vótáil ar bhonn móraimh de dhá thrian laistigh den Bhord Rialálaithe. Ba cheart ACER a bheith cuntasach do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí sin.

(44)

Ba cheart do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad a bheith in ann páirt a ghlacadh in obair ACER i gcomhréir leis na comhaontuithe iomchuí a chuirfidh an tAontas i gcrích.

(45)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon comhar na n-údarás rialála ar leibhéal an Aontais agus a rannpháirtíocht i bhfeidhmiú feidhmeanna a bhaineann leis an Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(46)

Tá suíomh ACER lonnaithe i Liúibleána mar a fhoráiltear dó i gCinneadh 2009/913/AE (17). Tá suíomh ACER lárnach ina cuid gníomhaíochtaí agus ina cuid feidhmeanna reachtacha.

(47)

Déanfaidh Ballstát óstach ACER na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun go bhfeidhmeoidh ACER go hiomchuí, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil béim ar an ngné Eorpach inti, agus naisc iomchuí iompair. Tugadh an Comhaontú maidir le Ceanncheathrú idir Rialtas Phoblacht na Slóivéine agus ACER, lena gcumhdaítear na ceanglais sin, mar aon leis na socruithe cur chun feidhme sin, i gcrích an 26 Samhain 2010 agus tháinig sé i bhfeidhm an 10 Eanáir 2011.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Cuspóirí agus cúraimí

Airteagal 1

Bunú agus cuspóirí

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER).

2.   Is é is cuspóir do ACER cuidiú leis na húdaráis rialála dá dtagraítear in Airteagal 57 de Threoir (AE) 2019/944 agus in Airteagal 39 de Threoir 2009/73/CE na cúraimí rialála a dhéantar sna Ballstáit a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais agus, i gcás inar gá, a ngníomhaíocht a chomhordú agus chun idirghabháil a dhéanamh in easaontais eatarthu, agus iad a réiteach, i gcomhréir le hAirteagal 6(10) den Rialachán seo. Rannchuideoidh ACER freisin le comhchleachtais rialála agus mhaoirseachta ardcháilíochta a bhunú, rud a rannchuideodh le cur i bhfeidhm comhleanúnach, éifeachtúil agus éifeachtach dhlí an Aontais chun spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a bhaint amach.

3.   Le linn di a cuid cúraimí a dhéanamh, gníomhóidh ACER go neamhspleách, go hoibiachtúil agus chun leas an Aontais. Déanfaidh ACER cinntí as a stuaim féin, go neamhspleách ar leasanna príobháideacha agus corparáideacha.

Airteagal 2

Cineál gníomhartha ACER

Déanfaidh ACER:

(a)

tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig oibreoirí córas tarchurtha, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, eintiteas AE do OCDanna, na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha agus oibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais;

(b)

tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig údaráis rialála;

(c)

tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle nó chuig an gCoimisiún;

(d)

cinntí aonair a eisiúint maidir le faisnéis a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 3(2), le pointe (b) d'Airteagal 7(2) agus pointe (c) d'Airteagal 8; maidir leis na modheolaíochtaí, na téarmaí agus na coinníollacha a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 4(4), Airteagal 5(2), (3) agus (4); maidir le hathbhreithnithe criosanna tairisceana dá dtagraítear in Airteagal 5(6); maidir le saincheisteanna teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1); maidir le headráin idir rialtóirí i gcomhréir le hAirteagal 6(10); a bhaineann le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 7(2); maidir le modheolaíochtaí agus ríomhanna agus sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a cheadú agus a leasú; maidir le modheolaíochtaí a cheadú agus a leasú dá dtagraítear in Airteagal 9(3); maidir le díolúintí dá dtagraítear in Airteagal 10; maidir le bonneagar dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 11; agus maidir le nithe a bhaineann le sláine agus trédhearcacht san mhargadh mórdhíola de bhun Airteagal 12.

(e)

creat-treoirlínte neamhcheangailteacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

Airteagal 3

Cúraimí ginearálta

1.   Féadfaidh ACER, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún, nó ar a thionscnamh féin, tuairim nó moladh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le haon cheann de na saincheisteanna a bhaineann leis an gcuspóir dar bunaíodh í.

2.   Arna iarraidh sin do ACER, soláthróidh na húdaráis rialála, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha, eintiteas AE do OCDanna, na hoibreoirí córas tarchurtha agus na hoibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais an fhaisnéis is gá chun cúraimí ACER a chur i gcrích faoin Rialachán seo, ach amháin sa chás gur iarr ACER an fhaisnéis sin cheana féin agus go bhfuair sí í.

Chun críche iarratais faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh an chumhacht cinntí a eisiúint ag ACER. Ina cuid cinntí, sonróidh ACER cuspóir na hiarrata, déanfaidh sí tagairt don bhunús dlí faoina bhfuil an fhaisnéis á hiarraidh, agus déanfaidh sí teorainn ama a lua a bhfuil an fhaisnéis le soláthar laistigh di. Beidh an teorainn ama sin igcomhréir leis an iarraidh.

Ní bhainfidh ACER úsáid as faisnéis rúnda a fhaightear de bhun an Rialacháin seo ach amháin chun na cúraimí a shanntar di faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Áiritheoidh ACER cosaint iomchuí na faisnéise ar fad de bhun Airteagal 41.

Airteagal 4

Cúraimí ACER maidir le comhar idir oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin

1.   Déanfaidh ACER tuairim a thabhairt don Choimisiún maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta ENTSO don Leictreachas, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2019/943, maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta ENTSO don Ghás, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta eintiteas AE do OCDanna i gcomhréir le hAirteagal 53(3) de Rialachán (AE) 2019/943.

2.   Déanfaidh ACER faireachán ar fhorghníomhú chúraimí ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/943, ar fhorghníomhú chúraimí ENTSO don Ghás i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus ar fhorghníomhú chúraimí eintiteas AE do OCDanna mar atá leagtha amach in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2019/943.

3.   Féadfaidh ACER tuairim a chur ar fáil:

(a)

do ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/943 agus do ENTSO don Ghás i gcomhréir le Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 maidir leis na cóid ghréasáin;

(b)

do ENTSO don Leictreachas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2019/943 agus do ENTSO don Ghás i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 maidir leis an dréachtchlár oibre bliantúil, maidir leis an dréachtphlean forbartha uile-Aontais agus maidir le doiciméid ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, agus cuspóirí an neamh-idirdhealaithe, na hiomaíochta éifeachtaí agus fheidhmiú éifeachtúil agus shlán na margaí inmheánacha don leictreachas agus don ghás nádúrtha á gcur san áireamh;

(c)

d'eintiteas AE do OCDanna maidir leis an dréachtchlár oibre bliantúil agus le doiciméid ábhartha eile dá dtagraítear in Airteagal 55(2) de Rialachán (AE) 2019/943, agus na cuspóirí a bhaineann le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú éifeachtúil agus slán an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas á gcur san áireamh.

4.   Formheasfaidh ACER, i gcás inarb iomchuí, tar éis di nuashonruithe ar na dréachtaí arna dtíolacadh ag oibreoirí córas tarchurtha a iarraidh, an mhodheolaíocht maidir le húsáid an ioncaim ó phlódú de bhun Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2019/943.

5.   Déanfaidh ACER, bunaithe ar ábhair fíoras, tuairim chuí-réasúnaithe mar aon le moltaí a thabhairt do ENTSO don Leictreachas, do ENTSO don Ghás, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, i gcás ina measfaidh sí nach rannchuidíonn an dréachtchlár oibre bliantúil nó an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Aontais a cuireadh faoina bráid i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2019/943 agus leis an dara fomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 le neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh nó le leibhéal leordhóthanach idirnasctha trasteorann a bheadh oscailte do rochtain tríú páirtithe, nó nach gcomhlíonann siad forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2019/943 agus Threoir (AE) 2019/944 nó Threoir 2009/73/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

6.   Comhordóidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha chun a shuí an bhfuil neamh-chomhlíonadh déanta ag eintiteas AE do OCDanna, ENTSO don Leictreachas agus na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha i leith na n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus déanfaidh siad gníomhaíocht iomchuí i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 59(1) agus le pointe (f) d'Airteagal 62(1) de Threoir (AE) 2019/944.

Arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na húdaráis rialála nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh ACER tuairim réasúnaithe mar aon le moltaí a eisiúint do ENTSO don Leictreachas, chuig eintiteas AE do OCDanna nó chuig na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha maidir le comhlíonadh a gcuid oibleagáidí.

7.   I gcás ina sainaithneofar cás i dtuairim réasúnaithe ó ACER ina bhféadfadh sé nár chomhlíon ENTSO don Leictreachas, eintiteas AE do OCDanna nó lárionad comhordúcháin réigiúnach a gcuid oibleagáidí faoi seach, déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann cinntí comhordaithe d'aon toil lena suífear neamhchomhlíonadh le hoibleagáidí ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, tiocfaidh siad ar chomhaontú ar na bearta a bheidh le déanamh ag ENTSO don Leictreachas, eintiteas AE do OCDanna nó lárionad comhordúcháin réigiúnach chun an neamhchomhlíonadh sin a réiteach. I gcás nach n-éiríonn leis na húdaráis náisiúnta rialála cinntí comhordaithe den sórt sin a dhéanamh d'aon toil laistigh de 4 mhí ó dháta eisiúna tuairim réasúnaithe ACER, cuirfear an cás faoi bhráid ACER lena chinneadh, de bhun Airteagal 6(10).

8.   Mura mbeidh an sárú atá déanta ag ENTSO don Leictreachas, eintiteas AE do OCDanna nó lárionad comhordúcháin réigiúnach, a sainaithníodh de bhun mhír 6 nó 7 den Airteagal seo, leigheasta laistigh de 3 mhí, nó i gcás nach bhfuil gníomhaíocht déanta ag an údarás rialála sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh ag an eintiteas chun comhlíonadh cinntí comhordúcháin arna ndéanamh i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo a áirithiú, eiseoidh ACER moladh don údarás rialála go ndéanfaí gníomhaíocht, i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 59(1) agus le pointe (f) d'Airteagal 62(1) de Threoir (AE) 2019/944 chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh ENTSO don Leictreachas, eintiteas AE do OCDanna nó lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a gcuid oibleagáidí, agus cuirfidh sí an Coimisiún ar an eolas.

Airteagal 5

Cúraimí ACER i dtaca le cóid ghréasáin agus treoirlínte a fhorbairt agus a chur chun feidhme

1.   Beidh ACER rannpháirteach i bhforbairt na gcód gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 agus le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus i bhforbairt treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 61(6) de Rialachán (AE) 2019/943. Go háirithe, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

dréacht-chreat treoirlínte neamhcheangailteacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(4) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009. Athbhreithneoidh ACER na creat-treoirlínte a agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin athuair iad i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(7) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 6(4) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(b)

tuairim réasúnaithe a thabhairt do ENTSO don Ghás maidir leis an gcód gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 6(7) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(c)

an cód gréasáin a athbhreithniú i gcomhréir le Airteagal 59(11) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 6(9) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009. Ina athbhreithniú, cuirfidh ACER san áireamh na tuairimí a sholáthair gach páirtí lena mbaineann agus an cód gréasáin athbhreithnithe á dhréachtú faoi stiúir ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás nó eintiteas AE do OCDanna, agus rachaidh sí i gcomhairle go foirmiúil leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis an leagan a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Dá réir sin, féadfaidh ACER, i gcás inarb iomchuí, an coiste a bunaíodh faoi na cóid ghréasáin a úsáid. Déanfaidh ACER tuarascáil don Choimisiún ar thoradh na gcomhairliúchán. Ina dhiaidh sin, cuirfidh ACER an cód gréasáin athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le Airteagal 59(11) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 6(9) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009. I gcás nár fhorbair ENTSO don Leictreachas nó ENTSO don Ghás nó eintiteas AE do OCDanna cód gréasáin, déanfaidh ACER dréachtchód gréasáin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 59(12) de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 6(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(d)

tuairim chuí-réasúnaithe a thabhairt don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2019/943 nó le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, i gcás inar mhainnigh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás nó an t-eintiteas AE do OCDanna cód gréasáin a chur chun feidhme a forbraíodh faoi phointe (a) d'Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/943 nó Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 nó cód gréasáin a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 59(3) go (12) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 6(1) go (10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ach nach bhfuil glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 59(13) de Rialachán (AE) 2019/943 agus faoi Airteagal 6(11) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

(e)

faireachán agus anailís a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcód gréasáin arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 agus le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus na treoirlínte arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) 2019/943, agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme atá dírithe ar chomhtháthú margaidh a éascú mar aon le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh agus tabharfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.

2.   I gcásanna ina ndéantar foráil i gceann de na gníomhartha dlíthiúla seo a leanas d'fhorbairt tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha comhchoiteanna nó modheolaíochtaí maidir le cur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte sin lena gceanglaítear formheas rialála ó na húdaráis rialála uile, cuirfear tograí do na téarmaí agus coinníollacha nó na modheolaíochtaí coiteanna faoi bhráid ACER lena n-athbhreithniú agus lena fhormheas.

(a)

gníomh reachtach de chuid an Aontais arna ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach;

(b)

cóid ghréasáin agus treoirlínte arna nglacadh roimh an 4 Iúil 2019 agus athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar na cóid ghréasáin agus ar na treoirlínte sin; nó

(c)

cóid ghréasáin agus treoirlínte arna nglacadh mar ghníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

3.   I gcásanna ina ndéantar foráil i gceann de na gníomhartha dlíthiúla seo a leanas d'fhorbairt tograí le haghaidh téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí maidir le cur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte sin lena gceanglaítear formheas rialála ó údaráis rialála an réigiúin lena mbaineann, tiocfaidh na húdaráis rialála sin ar chomhaontú d'aon toil ar na téarmaí agus coinníollacha comhchoiteanna nó modheolaíochtaí a bheidh le formheas ag gach ceann de na húdaráis rialála sin:

(a)

gníomh reachtach de chuid an Aontais arna ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach;

(b)

cóid ghréasáin agus treoirlínte a glacadh roimh an 4 Iúil 2019 agus athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar na cóid ghréasáin agus ar na treoirlínte sin; nó

(c)

cóid ghréasáin agus treoirlínte, arna nglacadh mar ghníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Tabharfar fógra faoi na tograí dá dtagraítear sa chéad fhomhír do ACER laistigh de 1 sheachtain amháin óna dtíolacadh chuig na húdaráis rialála sin. Féadfaidh na húdaráis rialála na tograí a tharchur chuig ACER lena fhormheas de bhun phointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 6 (10) agus déanfar an méid sin de bhun phointe (a) den dara fomhír d'Airteagal 6(10) i gcás nach bhfuil aon chomhaontú d'aon toil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Is féidir leis an Stiúrthóir nó leis an mBord Rialálaithe, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin nó de bhun togra a mhol duine amháin nó níos mó dá chomhaltaí, a cheangal ar údaráis rialála an réigiúin lena mbaineann an togra sin a tharchur chuig ACER lena fhormheas. Ní iarrfar é sin ach i gcás ina mbeadh tionchar nithiúil ag togra atá le comhaontú aggo réigiúnach ar an margadh inmheánach fuinnimh nó ar shlándáil an tsoláthair lasmuigh den réigiún sin.

4.   Gan dochar do mhír 2 agus do mhír 3, beidh ACER inniúil chun cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 6(10) i gcás ina mainíonn na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú maidir le téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí maidir le cur chun feidhme na gcód gréasáin nua agus na dtreoirlínte nua arna nglacadh tar éis an 4 Iúil 2019 mar ghníomhartha tarmligthe, lena gceanglaítear na téarmaí agus coinníollacha nó modheolaíochtaí sin formheas rialála ó na húdaráis rialála uile nó ó na húdaráis rialála uile an réigiúin lena mbaineann.

5.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2023, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin ngá féideartha rannpháirtíocht ACER a fheabhsú i bhforbairt agus i nglacadh na dtéarmaí agus coinníollacha nó na modheolaíochtaí le haghaidh cur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte arna nglacadh mar ghníomhartha tarmligthe tar éis 4 Iúil 2019. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun na cumhachtaí is gá a tharchur chuig ACER nó a mhodhnú.

6.   Sula ndéanfar na téarmaí agus na coinníollacha nó na modheolaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a fhormheas, déanfaidh na húdaráis rialálaithe, nó, i gcás inarb inniúil, ACER, athbhreithniú orthu, de réir mar is gá agus tar éis dóibh dul i gcomhairle le ENTSO don Leictreachas, le ENTSO don Ghás nó le heintiteas AE do OCDanna, lena áirithiú go bhfuil siad ag teacht le cuspóir an chóid ghréasáin nó na dtreoirlínte agus go rannchuidíonn siad le comhtháthú margaidh, neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú cuí an mhargaidh. Déanfaidh ACER cinneadh ar an bhformheas laistigh den tréimhse a shonraítear sna cóid ghréasáin agus sna treoirlínte is ábhartha. Tosóidh an tréimhse sin ar an lá tar éis an dáta a chuirtear an togra faoi bhráid ACER.

7.   Cuirfidh ACER a cuid cúraimí i gcrích a mhéid a bhaineann le hathbhreithniú ar an gcrios tairisceana de bhun Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2019/943.

8.   Déanfaidh ACER faireachán ar an gcomhar réigiúnach idir oibreoirí córas tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, agus cuirfidh sí toradh an chomhair sin san áireamh le linn di a cuid tuairimí, a cuid moltaí agus a cuid cinntí a fhoirmliú.

Airteagal 6

Cúraimí ACER maidir leis na húdarás rialála náisiúnta

1.   Glacfaidh ACER cinntí aonair maidir le saincheisteanna teicniúla i gcás ina bhforáiltear do na cinntí sin i i Rialachán (AE) 2019/943, i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, i dTreoir (AE) 2019/944 nó i dTreoir 2009/73/CE.

2.   Féadfaidh ACER, i gcomhréir lena clár oibre, arna iarraidh sin don Choimisiún nó ar a tionscnamh féin, moltaí a dhéanamh chun cuidiú le húdaráis rialála agus le rannpháirtithe margaidh dea-chleachtais a roinnt le chéile.

3.   Faoin 5 Iúil 2022 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le neamhspleáchas na n-údarás rialála, de bhun Airteagal 57(7) de Threoir (AE) 2019/944.

4.   Soláthróidh ACER creat inar féidir leis na húdaráis rialála comhoibriú chun cinnteoireacht éifeachtach a áirithiú ar shaincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo. Cuirfidh sí comhar chun cinn idir na húdaráis náisiúnta rialála agus idir na húdaráis rialála ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, agus cuirfidh sí toradh an chomhair sin san áireamh le linn di a cuid tuairimí, a cuid moltaí agus a cuid cinntí a fhoirmliú. I gcás ina measann ACER gur gá rialacha ceangailteacha don chomhar sin, cuirfidh sí na moltaí iomchuí faoi bhráid an Choimisiúin.

5.   Arna iarraidh sin d'aon údarás rialála amháin nó níos mó nó don Choimisiún, tabharfaidh ACER tuairim fhíorasach i dtaobh an gcomhlíonann cinneadh a rinne údarás rialála na cóid gréasán agus na treoirlínte dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/943, i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, i dTreoir (AE) 2019/944 nó i dTreoir 2009/73CE, nó an gcomhlíonann sé forálacha ábhartha eile de chuid na dtreoracha nó na rialachán sin.

6.   I gcás nach gcomhlíonann údarás rialála tuairim ACER dá dtagraítear i mír 5 laistigh de 4 mhí ón lá a faightear an tuairim, cuirfidh ACER an méid sin in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát lena mbaineann.

7.   Más rud é go mbeidh deacrachtaí i gcás ar leith ag údarás rialála maidir le cur i bhfeidhm na gcód gréasán agus na dtreoirlínte dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/943, i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, i dTreoir (AE) 2019/944 nó i dTreoir 2009/73/CE, féadfaidh sé iarraidh ar ACER tuairim a sholáthar. Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, tabharfaidh ACER a tuairim laistigh de 3 mhí tar éis an iarraidh sin a fháil.

8.   Arna iarraidh sin d'údarás rialála, féadfaidh ACER cúnamh oibríochtúil a sholáthar don údarás rialála sin maidir le himscrúduithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

9.   Déanfaidh ACER tuairim a thíolacadh don údarás rialála ábhartha de bhun Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/943.

10.   Beidh ACER inniúil chun cinntí aonair a ghlacadh maidir le saincheisteanna rialála a bhfuil éifeacht acu ar thrádáil trasteorann nó ar shlándáil na gcóras trasteorann lena gceanglaítear cinneadh comhpháirteach ó dhá údarás rialála ar a laghad, i gcás gur tugadh na hinniúlachtaí sin do na húdaráis rialála faoi cheann amháin de na gníomhartha dlí seo a leanas:

(a)

gníomh reachtach de chuid an Aontais arna ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach;

(b)

Cóid Ghréasáin agus Treoirlínte arna nglacadh roimh an 4 Iúil 2019 agus athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar na cóid ghréasáin agus ar na treoirlínte sin; nó

(c)

cóid ghréasáin agus treoirlínte arna nglacadh mar ghníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Beidh ACER inniúil chun cinntí aonair a shonraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach n-éiríonn leis na húdaráis inniúla rialála teacht ar chomhaontú laistigh de sé mhí tar éis an cás a tharchur chuig an údarás deiridh de na húdaráis rialála sin; nó laistigh de 4 mhí i gcásanna faoi Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó faoi pointe (c) d'Airteagal (59)(1) nó pointe (f) d'Airteagal 62(1) de Threoir (AE) 2019/944; nó

(b)

ar bhonn iarraidh chomhpháirteach a fháil ó na húdaráis inniúla rialála.

Féadfaidh na húdaráis rialála inniúla a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a fhadú go ceann tréimhse suas go sé mhí, ach amháin i gcásanna faoi Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó faoi pointe (c) d'Airteagal (59)(1) nó pointe (f) d'Airteagal 62(1) de Threoir (AE) 2019/944.

I gcás ina mbeidh na hinniúlachtaí chun saincheisteanna trasteorann a chinneadh dá dtagraítear sa chéad fomhír tugtha do na húdaráis rialála i gcóid ghréasáin nua nó i dtreoirlínte nua arna nglacadh mar ghníomhartha tarmligthe tar éis an 4 Iúil 2019, ní bheidh ACER inniúil ach ar bhonn deonach de bhun phointe (b) den dara fomhír den mhír seo, agus é sin ar iarraidh a fháil ó 60 % ar a laghad de na húdaráis rialála ábhartha. I gcás nach bhfuil baint ach ag dhá údarás inniúla leis, féadfaidh ceann amháin acu an cás a tharchur chuig ACER.

Faoin 31 Deireadh Fómhair 2023, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin ngá féideartha cur le rannpháirtíocht ACER maidir le cásanna easaontais a réiteach idir údaráis rialála a bhaineann le cinntí comhpháirteacha ar ábhair ar tugadh inniúlacht ina leith do na húdaráis rialála sin trí ghníomh tarmligthe tar éis an 4 Iúil 2019. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun na cumhachtaí sin a mhodhnú nó na cumhachtaí is gá a aistriú chuig ACER.

11.   Le linn di a cinneadh de bhun mhír 10 a ullmhú, rachaidh ACER i gcomhairle leis na húdaráis rialála agus leis na hoibreoirí córas tarchurtha lena mbaineann agus cuirfear ar an eolas í faoi thograí agus faoi bharúlacha na n-oibreoirí córas tarchurtha go léir lena mbaineann.

12.   I gcás ina dtarchuirfear cás chuig ACER faoi mhír 10:

(a)

eiseoidh ACER cinneadh laistigh de sé mhí ó dháta an tarchurtha; nó laistigh de chúig mhí ó dháta an tarchurtha i gcásanna de bhun Airteagal 4(7) den Rialachán seo nó de bhun phointe (c) d'Airteagal (59)(1) nó de bhun phointe (f) d'Airteagal 62(1) de Threoir (AE) 2019/944; agus

(b)

féadfaidh ACER, más gá, cinneadh eatramhach a thabhairt chun go n-áiritheofar cosaint do shlándáil an tsoláthair nó do shlándáil oibríochtúil an bhonneagair i dtrácht.

13.   Más rud é, maidir leis na saincheisteanna rialála dá dtagraítear i mír 10, go bhfuil díolúintí de réir bhrí Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2019/943, nó Airteagal 36(4) de Threoir 2009/73/CE san áireamh iontu, ní dhéanfar na sprioc-amanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus na sprioc-amanna dá bhforáiltear sna forálacha sin a charnadh.

Airteagal 7

Cúraimí ACER i dtaca le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha

1.   Déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar leis na húdaráis rialála agus le ENTSO don Leictreachas, faireachán agus anailísiú ar fheidhmíocht na lárionad comhordúcháin réigiúnach, ag cur san áireamh na tuarascálacha dá bhforáiltear in Airteagal 46(3) de Rialachán (AE) 2019/943.

2.   Chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus gasta, déanfaidh ACER, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh a dhéanamh faoi chumraíocht réigiúin oibríochta an chórais de bhun Airteagal 36(3) agus (4) agus ceaduithe a eisiúint de bhun Airteagal 37(2) de Rialachán (AE) 2019/943;

(b)

faisnéis a iarraidh ó lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha nuair is iomchuí de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/943;

(c)

tuairimí agus moltaí a eisiúint chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún Eorpach nó chuig;

(d)

tuairimí agus moltaí a eisiúint chuig lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha.

Airteagal 8

Cúraimí ACER i dtaca le hoibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais a bhfeidhmeanna faoi Rialachán (AE) 2019/943 agus faoi Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún (21), déanfaidh ACER an méid seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na n-oibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais maidir leis na feidhmeanna faoi Rialachán (AE) 2015/1222 a bhunú;

(b)

moltaí a eisiúint chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2015/1222;

(c)

faisnéis a iarraidh ó na hoibreoirí ainmnithe sa mhargadh leictreachais i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 9

Cúraimí ACER i dtaca le leormhaitheas giniúna agus riosca-ullmhacht

1.   Déanfaidh ACER formheas, agus leasuithe i gcás inar gá, orthu seo a leanas:

(a)

na tograí le haghaidh modheolaíochtaí agus ríomhanna a bhaineann leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní de bhun Airteagal 23(3),(4), (6) agus (7) de Rialachán (AE) 2019/943;

(b)

na tograí le haghaidh sonraíochtaí teicniúla le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann i sásra acmhainneachta de bhun Airteagal 26(11) de Rialachán (AE) 2019/943.

2.   Déanfaidh ACER, tuairim a chur ar fáil de bhun Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2019/941 maidir le cibé an bhfuil údar cuí leis na difríochtaí idir an measúnú náisiúnta ar leordhóthanacht acmhainne agus an measúnú ar leordhóthanacht acmhainne Eorpach.

3.   Déanfaidh ACER formheas, agus leasuithe i gcás inar gá, ar na modheolaíochtaí:

(a)

chun na cásanna géarchéime leictreachais a shainaithint ar an leibhéal réigiúnach de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/941;

(b)

le haghaidh measúnuithe gearrthéarmacha agus séasúracha leormhaitheasa de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/941.

4.   Maidir le slándáil an tsoláthair gáis, déanfar ionadaíocht ar ACER sa Ghrúpa Comhordaithe Gáis i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/1938 agus comhlíonfaidh ACER na hoibleagáidí maidir le buanacmhainneacht dhéthreoch d'idirnaisc gháis faoi Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1938.

Airteagal 10

Cúraimí ACER i dtaca le díolúintí

Déanfaidh ACER cinneadh ar dhíolúintí, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 63(5) de Rialachán (AE) 2019/943 Déanfaidh ACER cinneadh ar dhíolúintí freisin, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 36(4) de Threoir 2009/73/CE i gcás ina bhfuil an bonneagar lena mbaineann suite ar chríoch níos mó ná Ballstát amháin.

Airteagal 11

Cúraimí ACER i dtaca le bonneagar

In ndáil leis an mbonneagar tras-Aontas fuinnimh, déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar leis na húdaráis rialála agus le ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás, an méid seo a leanas:

(a)

faireachán ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na dtionscadal chun acmhainneacht nua idirnascaire a chruthú;

(b)

faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna forbartha gréasáin uile-Aontais. Má shainaithníonn ACER aon neamhréireachtaí idir na pleananna sin agus a gcur chun feidhme, déanfaidh sí imscrúdú ar chúiseanna na neamhréireachtaí sin agus tabharfaidh sí moltaí do na hoibreoirí córas tarchurtha, do na húdaráis rialála nó do chomhlachtaí inniúla eile lena mbaineann d'fhonn na hinfheistíochtaí a chur chun feidhme i gcomhréir leis na pleananna forbartha gréasáin uile-Aontais;

(c)

na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 5, 11, 12 agus 13 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 a chur i gcrích.

(d)

cinntí a dhéanamh ar iarrataí ar infheistíocht de bhun Airteagal 12(6) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013.

Airteagal 12

Cúraimí ACER i dtaca le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh

Chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar shláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh, déanfaidh ACER, i ndlúthchomhar leis na húdaráis rialála náisiúnta agus le húdaráis náisiúnta eile, an méid a leanas:

(a)

faireachán ar na margaí mórdhíola, sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt agus clár Aontais de rannpháirtithe sa mhargadh a bhunú i gcomhréir le hAirteagail 7 go 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011;

(b)

moltaí a eisiúint chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011;

(c)

imscrúduithe a chomhordú de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

Airteagal 13

Cúraimí nua a choimisiúnú chuig ACER

Féadfar cúraimí breise nach bhfuil aon chumhachtaí cinnteoireachta ag baint leo a choimisiúnú chuig ACER, in imthosca arna sainiú go soiléir ag an gCoimisiún i gcóid ghréasáin arna nglacadh de bhun Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 agus i dtreoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 61 den Rialachán sin nó de bhun Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gcuspóir dar bunaíodh í.

Airteagal 14

Comhairliúcháin, trédhearcacht agus coimircí nós imeachta

1.   Le linn a cúraimí a chur i gcrích, go háirithe sa phróiseas a ghabhann le creat-treoirlínte a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 nó le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, agus sa phróiseas a ghabhann le leasuithe ar na cóid ghréasáin a mholadh faoi Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, rachaidh ACER i gcomhairle go forleathan, agus ag céim luath, le rannpháirtithe sa mhargadh, le hoibreoirí córas tarchurtha, le tomhaltóirí, le húsáideoirí deiridh agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis iomaíochta, gan dochar dá n-inniúlachtaí faoi seach, ar bhealach oscailte agus trédhearcach, go háirithe nuair a bhaineann a cúraimí le hoibreoirí córas tarchurtha.

2.   Áiritheoidh ACER, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar faisnéis oibiachtúil, iontaofa agus atá inrochtana go héasca a thabhairt don phobal agus d'aon pháirtithe leasmhara, go háirithe maidir le toradh a cuid oibre.

Poibleofar doiciméid agus miontuairiscí uile na gcruinnithe comhairliúcháin a reáchtálfar le linn na Creat-Treoirlínte a bheith á bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (AE) 2019/943 nó le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, nó le linn na cóid ghréasáin dá dtagraítear i mír 1 a leasú.

3.   Sula ndéanfar creat-treoirlínte a ghlacadh, nó sula ndéanfar leasuithe ar na cóid ghréasáin dá dtagraítear i mír 1 a mholadh, léireoidh ACER conas a cuireadh na barúlacha a fuarthas i rith an chomhairliúcháin san áireamh agus tabharfaidh sí na cúiseanna más rud é nach ndearnadh de réir na mbarúlacha sin.

4.   Déanfaidh ACER an clár oibre, na doiciméid chúlra agus, i gcás inarb iomchuí, miontuairiscí chruinnithe an Bhoird Riaracháin, an Bhoird Rialálaithe agus an Bhoird Achomhairc, ar a laghad, a phoibliú ar a shuíomh gréasáin féin.

5.   Glacfaidh ACER rialacha nós imeachta atá leormhaith agus comhréireach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i bpointe (t) d'Airteagal 19(1) agus foilseoidh sí iad. Cuirfear san áireamh leis na rialacha sin, forálacha lena n-áiritheofar próiseas cinnteoireachta atá trédhearcach agus réasúnta, ar próiseas é lena rathófar cearta bunúsacha nós imeachta bunaithe ar an smacht reachta, lena n-áirítear an ceart chun éisteacht a fháil, rialacha maidir le rochtain a fháil ar chomhaid agus na caighdeáin dá dtagraítear i mír 6, 7 agus 8.

6.   Sula ndéanfaidh ACER cinneadh aonair ar bith dá bhforáiltear sa Rialachán seo, cuirfidh sí aon pháirtí lena mbaineann ar an eolas go bhfuil sé ar intinn aici an cinneadh sin a ghlacadh, agus leagfaidh sí teorainn ama síos ar laistigh di a fhéadfaidh an páirtí lena mbaineann a thuairimí a thabhairt ar an ábhar, agus práinn, castacht agus iarmhairtí féideartha an ábhair á gcur san áireamh go hiomlán.

7.   Déanfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua i gcinntí aonair ACER chun gur féidir achomharc a dhéanamh de réir na dtuillteanas féin.

8.   Cuirfear na páirtithe lena mbaineann cinntí aonair ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.

Airteagal 15

Faireachán agus tuairisciú ar earnáil an leictreachais agus ar earnáil an gháis nádúrtha

1.   I ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na húdaráis ábhartha, lena n-áirítear na húdaráis rialála, agus gan dochar d'inniúlachtaí na n-údarás iomaíochta, déanfaidh ACER faireachán ar na margaí mórdhíola agus miondíola sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha, go háirithe ar phraghsanna miondíola an leictreachais agus an gháis nádúrtha, ar chomhlíonadh chearta na dtomhaltóirí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/944 agus i dTreoir 2009/73/CE, ar thionchar na bhforbairtí margaidh ar chustaiméirí teaghlaigh, ar rochtain ar na gréasáin lena n-áirítear rochtain ar leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar an dul chun cinn a dhéantar i dtaca le hidirnascairí, ar bhacainní féideartha roimh thrádáil trasteorann, ar bhacainní rialála d'iontrálacha nua ar an margadh agus do gníomhaithe níos lú, lena n-áirítear pobail fuinnimh do shaoránaigh, ar idirghabhálacha stáit a chuireann cosc ar phraghsanna a bheith ina léiriú ar an easpa iarbhír, amhail mar a leagtar amach in Airteagal 10(4) de Rialachán (AE) 2019/943, ar fheidhmíocht an Bhallstáit i réimse chinnteacht an tsoláthair leictreachais bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe Eorpaigh ar leormhaitheas acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán sin, go háirithe ag cur san áireamh an mheastóireacht ex post dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/941.

2.   Gach bliain, foilseoidh ACER tuarascáil ar thorthaí an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1. Sa tuarascáil sin, sainaithneoidh sí aon bhacainní ar chomhlánú na margaí inmheánacha don leictreachas agus don ghás nádúrtha.

3.   Agus a tuarascáil bhliantúil á foilsiú ag ACER, féadfaidh sí tuairim i leith na mbeart féideartha chun deireadh a chur leis na bacainní dá dtagraítear i mír 2 a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin.

4.   Eiseoidh ACER tuarascáil dea-chleachtais ar mhodheolaíochtaí na dtaraifí tarchurtha agus dáileacháin de bhun Airteagal 18(9) de Rialachán (AE) 2019/943.

Caibidil II

Eagar ACER

Airteagal 16

Stádas dlíthiúil

1.   Comhlacht Aontais a bheidh in ACER agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach Ballstát, beidh ag ACER an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Go háirithe, beidh sí in ann maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt, agus beidh sí in ann a bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Déanfaidh a Stiúrthóir ionadaíocht thar ceann ACER.

4.   Beidh ceannoifig ACER i Liúibleána, an tSlóivéin.

Airteagal 17

Struchtúr Riaracháin agus Bainistíochta

Is é a bheidh in ACER:

(a)

Bord Riaracháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 19;

(b)

Bord Rialálaithe a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 22;

(c)

Stiúrthóir a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 24; agus

(d)

Bord Achomhairc a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 28.

Airteagal 18

Comhdhéanamh an Bhoird Riaracháin

1.   Naonúr comhaltaí a bheidh ar an mBord Riaracháin. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta. Ceapfaidh an Coimisiún beirt chomhaltaí agus a malartaigh, ceapfaidh Parlaimint na hEorpa beirt chomhaltaí agus a malartaigh agus ceapfaidh an Chomhairle cúigear comhaltaí agus a malartaigh. Ní bheidh aon chomhalta den Bhord Riaracháin ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Ní bheidh comhalta den Bhord Riaracháin ina chomhalta den Bhord Rialálaithe.

2.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus a malartach agus beidh an téarma sin inathnuaite aon uair amháin. I gcás an chéad sainordaithe, 6 bliana a bheidh i dtéarma oifige leath na gcomhaltaí den Bhord Riaracháin agus a malartach.

3.   Toghfaidh an Bord Riaracháin a Chathaoirleach agus a Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí le tromlach dhá thrian. Glacfaidh an Leaschathaoirleach áit an Chathaoirligh go huathoibríoch mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh. Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh, agus beidh an téarma sin inathnuaite aon uair amháin. Rachaidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh in éag nuair a scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin.

4.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Riaracháin. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Rialálaithe nó ainmnitheach an Bhoird Rialálaithe, agus an Stiúrthóir rannpháirteach, gan aon cheart vótála acu, sna pléití mura rud é go gcinnfidh an Bord Riaracháin a mhalairt maidir leis an Stiúrthóir. Tiocfaidh an Bord Riaracháin le chéile i ngnáthsheisiún ar a laghad dhá uair sa bhliain. Tiocfaidh sé le chéile freisin ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ar iarraidh ó thrian dá chomhaltaí ar a laghad. Féadfaidh an Bord Riaracháin cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh tuairim ábhartha a bheith aige freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnadóra. Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, faoi réir a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe. Soláthróidh ACER seirbhísí rúnaíochta don Bhord Riaracháin.

5.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bheidh i láthair a ghlacfar cinntí an Bhoird Riaracháin. Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Riaracháin nó ag a mhalartach.

6.   Leagfar amach an méid seo a leanas ar bhealach níos mionsonraithe sna rialacha nós imeachta:

(a)

na socruithe lena rialaítear vótáil, go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh comhalta amháin feidhmiú thar ceann chomhalta eile agus, i gcás inarb iomchuí, na rialacha lena rialaítear córaim; agus

(b)

na socruithe lena rialaítear an uainíocht is infheidhme maidir le hathnuachan comhaltaí den Bhord Riaracháin arna gceapadh ag an gComhairle chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit rannpháirteach ann ar bhealach cothrom thar am.

7.   Gan dochar do ról na gcomhaltaí arna gceapadh ag an gCoimisiún, glacfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin orthu féin go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí, nó ó oifigí nó ó ghníomhaireachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.; Chun na críche sin, déanfaidh gach comhalta dearbhú i scríbhinn maidir lena oibleagáidí agus dearbhú i scríbhinn maidir lena leasanna, á léiriú nach bhfuil aon leas aige a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a dhéanfadh dochar dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach aige a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a dhéanfadh dochar dá neamhspleáchas. Déanfaidh ACER na dearbhuithe sin a phoibliú ar bhonn bliantúil.

Airteagal 19

Feidhmeanna an Bhoird Riaracháin

1.   Déanfaidh an Bord Riaracháin an méid seo a leanas:

(a)

tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe agus tuairim fhabhrach a fháil ón mBord sin i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 22(5), an Stiúrthóir a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 23(2) agus i gcás inarb iomchuí síneadh a chur lena théarma nó lena téarma oifige nó é nó í a chur as oifig;

(b)

comhaltaí an Bhoird Rialálaithe a ainmníodh go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 21(1);

(c)

comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 25(2);

(d)

a áirithiú go gcuirfidh ACER a misean i gcrích agus go gcomhlíonfaidh sí na cúraimí a shanntar di i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(e)

an doiciméad clársceidealaithe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí agus, i gcás inarb infheidhme, é a leasú i gcomhréir le hAirteagal 20(3);

(f)

buiséad bliantúil ACER a ghlacadh le tromlach dhá thrian agus a fheidhmeanna buiséadacha eile a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 31 go hAirteagal 35;

(g)

tar éis comhaontú an Choimisiúin a fháil, cinneadh a dhéanamh i dtaobh an nglacfaidh sé le haon leagáidí, deonacháin nó deontais ó fhoinsí Aontais eile nó le haon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit nó ó na húdaráis rialála. Sa tuairim ón mBord Riaracháin a thabharfar de bhun Airteagal 35(4), díreofar ar na foinsí maoinithe a leagtar amach sa mhír seo;

(h)

údarás araíonachta ar an Stiúrthóir a fheidhmiú, tar éis dóibh dul i gcomhairle le leis an mBord Rialálaithe. Sa bhreis air sin, feidhmeoidh sé, i gcomhréir le mír 2, maidir le foireann ACER, na cumhachtaí a thugtar don Údarás Ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus faoi na Coinníollacha Fostaíochta ar an Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche;

(i)

rialacha cur chun feidhme ACER a tharraingt suas chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne de bhun Airteagal 39(2);

(j)

bearta praiticiúla a ghlacadh maidir le ceart rochtana ar dhoiciméid ACER, i gcomhréir le hAirteagal 41;

(k)

an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí ACER a ghlacadh agus a fhoilsiú, ar bhonn na dréacht-tuarascála bliantúla dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 24(1), agus déanfaidh sé an tuarascáil sin a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Iúil gach bliain. Beidh roinn neamhspleách san áireamh sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ACER, ar roinn í a bheidh formheasta ag an mBord Rialálaithe agus a bhainfidh le gníomhaíochtaí rialála ACER le linn na bliana sin;

(l)

a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh agus a fhoilsiú;

(m)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le ACER a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36;

(n)

straitéis frithchalaoise a ghlacadh a bheidh ar comhréir le rioscaí na calaoise ag cur san áireamh costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme;

(o)

rialacha a ghlacadh maidir le cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa i ndáil lena chomhaltaí, chomh maith le comhaltaí an Bhoird Achomhairc;

(p)

na pleananna maidir le cumarsáid agus scaipeadh dá dtagraítear in Airteagal 41 a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

(q)

Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta, a bheidh go hiomlán neamhspleách agus é ag comhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas;

(r)

a áirithiú go ndéantar obair leantach oiriúnach ar thorthaí agus ar mholtaí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus imscrúduithe na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (“OLAF”);

(s)

tabhairt i gcrích socruithe oibre a údarú i gcomhréir le hAirteagal 43;

(t)

ar bhonn togra ón Stiúrthóir i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 24(1) agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe agus tuairim fhabhrach a fháil uaidh i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 22(5), na rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a fhoilsiú dá dtagraítear in Airteagal 14(5).

2.   Glacfaidh an Bord Riaracháin, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean don Stiúrthóir agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

3.   Nuair is gá i ngeall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Riaracháin, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir agus na gcumhachtaí sin atá á bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir a chur ar fionraí go sealadach agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó dá fhoireann seachas an Stiúrthóir. Beidh na himthosca eisceachtúla teoranta go docht d'ábhair riaracháin, bhuiséadacha nó bhainistíochta agus gan dochar do neamhspleáchas iomlán an Stiúrthóra i dtaca lena chúraimí nó lena cúraimí de bhun phointe (c) d'Airteagal 24(1).

Airteagal 20

Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil

1.   Gach bliain, ullmhóidh an Stiúrthóir dréachtdoiciméad clársceidealaithe ina mbeidh an clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil, agus cuirfidh sé an dréachtdhoiciméid clársceidealaithe faoi bhráid an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird Rialálaithe.

Glacfaidh an Bord Riaracháin an dréachtdoiciméad clársceidealaithe tar éis dó tuairim fhabhrach a fháil ón mBord Rialálaithe agus déanfaidh sé é a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir.

Beidh an dréachtdoiciméad clársceidealaithe i gcomhréir leis an dréachtmheastachán sealadach arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 33(1), (2) agus (3).

Glacfaidh an Bord Riaracháin an doiciméad clársceidealaithe, agus an tuairim ón gCoimisiún á cur san áireamh aige agus tar éis dó tuairim fhabhrach a fháil ón mBord Rialálaithe agus tar éis don Stiúrthóir é a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Déanfaidh an Bord Riaracháin an doiciméad clársceidealaithe a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig.

Glacfar an doiciméad clársceidealaithe gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.

Beidh an doiciméad clársceidealaithe cinntitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid ghinearálta agus, más gá, coigeartófar é dá réir.

2.   Sa chlársceidealú bliantúil a bheidh sa doiciméad clársceidealaithe, cuimseofar cuspóirí sonracha agus torthaí ionchais lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, lena n-áirítear tagairt do mheithleacha ACER a gcuirtear de chúram orthu rannchuidiú le dréachtú na ndoiciméad faoi seach, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe ghníomhaíocht-bhunaithe. Beidh an clársceidealú bliantúil comhleanúnach leis an gclársceidealú ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 4. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

3.   Leasóidh an Bord Riaracháin an doiciméad clársceidealaithe arna ghlacadh, i gcás ina dtabharfar cúram nua don Ghníomhaireacht.

Déanfar aon leasú substaintiúil ar an ndoiciméad clársceidealaithe a ghlacadh tríd an nós imeachta céanna a leagtar amach don doiciméad clársceidealaithe tosaigh. Féadfaidh an Bord Riaracháin an chumhacht chun leasuithe neamhshubstainteacha a dhéanamh ar an doiciméad clársceidealaithe a tharmligean chuig an Stiúrthóir.

4.   Sa chlársceidealú ilbhliantúil a bheidh sa doiciméad clársceidealaithe, leagfar amach an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí ionchais agus táscairí feidhmíochta. Déanfar clársceidealú acmhainní a leagan amach ann freisin, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann.

Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta go bliantúil. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí, go háirithe chun dul i ngleic leis an toradh ar an meastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 45.

Airteagal 21

Comhdhéanamh an Bhoird Rialálaithe

1.   Is iad a bheidh ar an mBord Rialálaithe:

(a)

ionadaithe sinsearacha de chuid na n-údaráis rialála, i gcomhréir le Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/944 agus le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE, agus ionadaí malartach amháin in aghaidh an Bhallstáit ó fhoireann shinsearach reatha na n-údarás sin, iad beirt ainmnithe ag an údarás rialála;

(b)

ionadaí amháin de chuid an Choimisiúin gan ceart vótála.

Ní fhéadfar ach ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit ón údarás rialála a ghlacadh ar an mBord Rialálaithe.

2.   Ceapfaidh an Bord Rialálaithe Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach áit an Chathaoirligh mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh. Dhá bhliain go leith an téarma oifige a bheidh ag an gCathaoirleach agus ag an Leas-Chathaoirleach, agus beidh an téarma sin inathnuaite aon uair amháin. Rachaidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh in éag, áfach, nuair a scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí den Bhord Rialálaithe.

Airteagal 22

Feidhmeanna an Bhoird Rialálaithe

1.   Is trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bheidh i láthair a ghníomhóidh an Bord Rialálaithe, agus beidh vóta amháin ag gach comhalta.

2.   Déanfaidh an Bord Rialálaithe a rialacha nós imeachta a ghlacadh agus a fhoilsiú, ar rialacha nós imeachta iad ina leagfar síos na socruithe lena rialaítear vótáil, go háirithe na coinníollacha ar a mbonn a fhéadfaidh comhalta amháin gníomhú thar ceann chomhalta eile agus freisin, i gcás inarb iomchuí, na rialacha lena rialaítear córaim. Féadfar foráil a dhéanamh sna rialacha nós imeachta maidir le modhanna sonracha oibre chun saincheisteanna a thiocfaidh chun cinn i gcomhthéacs tionscnamh um chomhar réigiúnach a bhreithniú.

3.   Le linn dó na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, agus gan dochar dá chomhaltaí a bheith ag gníomhú thar ceann a n-údarás rialála faoi seach, gníomhóidh an Bord Rialálaithe go neamhspleách agus ní lorgóidh sé ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó rialtas Ballstáit, ón gCoimisiún nó ó eintiteas poiblí nó príobháideach eile.

4.   Soláthróidh ACER seirbhísí rúnaíochta don Bhord Rialálaithe.

5.   Déanfaidh an Bord Rialálaithe an méid seo a leanas:

(a)

tuairimí agus, i gcás inarb iomchuí, barúlacha agus leasuithe ar téacs thogra an Stiúrthóra maidir le dréacht-tuairimí, moltaí agus cinntí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), in Airteagail 4 go 8, Airteagal 9(1) agus (3), in Airteagal 10, i bpointe (c) d' Airteagal 11, in Airteagal 13, in Airteagal 15(4) agus in Airteagail 30 agus 43, a bheidh á mbreithniú lena nglacadh.

(b)

treoraíocht a sholáthar, laistigh dá réimse inniúlachta, don Stiúrthóir i dtaca le forghníomhú a chúraimí nó a cúraimí, ach amháin cúraimí ACER faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus déanfaidh sé treoraíocht a sholáthar do mheithleacha ACER arna mbunú de bhun Airteagal 30;

(c)

tuairim a sholáthar don Bhord Riaracháin maidir leis an iarrthóir atá le ceapadh mar Stiúrthóir i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 19(1) agus le hAirteagal 23(2);

(d)

an doiciméad clársceidealaithe a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 20(1);

(e)

an roinn neamhspleách maidir le gníomhaíochtaí rialála atá sa tuarascáil bhliantúil a fhormheas, i gcomhréir le pointe (k) d'Airteagal 19(1) agus le pointe (i) d'Airteagal 24(1);

(f)

tuairim a thabhairt don Bhord Riaracháin maidir leis na rialacha nós imeachta faoi Airteagal 14(5) agus faoi Airteagal 30(3);

(g)

tuairim a thabhairt don Bhord Riaracháin i dtaca leis na pleananna maidir le cumarsáid agus scaipeadh dá dtagraítear in Airteagal 41;

(h)

tuairim a thabhairt don Bhord Riaracháin maidir leis na rialacha nós imeachta le haghaidh caidreamh le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 43.

6.   Déanfar Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi dhréachtchláir chruinnithe an Bhoird Rialálaithe atá le teacht 2 sheachtain ar a laghad roimh ré. Laistigh de 2 sheachtain tar éis chruinnithe sin an Bhoird Rialálaithe, déanfar dréacht-mhiontuairiscí a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt do Chathaoirleach an Bhoird Rialálaithe nó don Leas-Chathaoirleach, agus a neamhspleáchas á urramú go hiomlán, chun ráiteas a dhéanamh os comhair a coiste inniúil agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

Airteagal 23

An Stiúrthóir

1.   Is é Stiúrthóir ACER a dhéanfaidh bainistiú ar ACER agus gníomhóidh sé nó sí i gcomhréir leis an treoraíocht dá dtagraítear sa dara habairt de phointe (b) d'Airteagal 22(5) agus, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Rialachán seo, i gcomhréir le tuairimí an Bhoird Rialálaithe. Gan dochar do róil an Bhoird Riaracháin agus an Bhoird Rialálaithe faoi seach i dtaca le cúraimí an Stiúrthóra, ní dhéanfaidh an Stiúrthóir aon treoir lorg ná a ghlacadh ó aon rialtas, ó institiúidí an Aontais ná ó aon eintiteas nó duine poiblí nó príobháideach eile. Beidh an Stiúrthóir cuntasach don Bhord Riaracháin i ndáil le le hábhair riaracháin, bhuiséadacha agus bhainistíochta, ach leanfaidh sé nó sí de bheith go hiomlán neamhspleách maidir lena chúraimí nó a cúraimí faoi phointe (c) d'Airteagal 24(1). Féadfaidh an Stiúrthóir freastal ar chruinnithe an Bhoird Rialálaithe mar bhreathnóir.

2.   Ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir tar éis dó tuairim fhabhrach an Bhoird Rialálaithe a fháil, ar bhonn tuillteanais mar aon le scileanna agus le taithí a bhaineann leis an earnáil fuinnimh, as liosta triúr iarrthóirí ar a laghad arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Sula ndéanfar an ceapachán, déanfaidh an t-iarrthóir a bheidh roghnaithe ag an mBord Riaracháin ráiteas os comhair an choiste inniúil i bParlaimint na hEorpa agus freagróidh sé nó sí ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin. Chun conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Riaracháin ionadaíocht ar ACER.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra. Le linn na 9 mí roimh dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú. Sa mheasúnú sin, scrúdóidh an Coimisiún na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

feidhmíocht an Stiúrthóra;

(b)

dualgais agus riachtanais ACER sna blianta ina dhiaidh sin.

4.   Féadfaidh an Bord Riaracháin, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe agus an measúnú agus tuairim an Bhoird Rialálaithe ar an measúnú sin a bhreithniú go dian, agus sna cásanna sin ina mbeidh sé inchosanta ar bhonn dhualgais agus riachtanais ACER, agus sna cásanna sin amháin, téarma oifige an Stiúrthóra a fhadú, aon uair amháin, go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana. Ní bheidh Stiúrthóir, ar cuireadh fadú lena chonradh nó lena conradh, rannpháirteach i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse lenar cuireadh fadú.

5.   Cuirfidh an Bord Riaracháin in iúl do Pharlaimint na hEorpa go bhfuil sé ar intinn aige téarma oifige an Stiúrthóra a fhadú. Laistigh de mhí amháin sula bhfadaítear a théarma oifige nó a téarma oifige, féadfar a iarraidh ar an Stiúrthóir ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste inniúil i bParlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

6.   I gcás nach bhfadófar a théarma oifige nó a téarma oifige, fanfaidh an Stiúrthóir in oifig go dtí go gceapfar a chomharba nó a comharba.

7.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir a chur as oifig ach amháin de bhun cinneadh ón mBord Riaracháin, tar éis tuairim fhabhrach an Bhoird Rialálaithe a fháil. Is trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a ghlacfaidh an Bord Riaracháin an cinneadh sin.

8.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir tuarascáil a thíolacadh maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir chomh maith chun ráiteas a dhéanamh os comhair a coiste inniúil agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

Airteagal 24

Cúraimí an Stiúrthóra

1.   Déanfaidh an Stiúrthóir an méid seo a leanas:

(a)

a bheith ina ionadaí nó ina hionadaí dlíthiúil de chuid ACER agus a bheith i gceannas ar bhainistíocht na Gníomhaireachta ó lá go lá;

(b)

obair an Bhoird Riaracháin a ullmhú, páirt a ghlacadh, gan cead vótála a bheith aici nó aige, in obair an Bhoird Riaracháin,agus a bheith freagrach as na cinntí arna nglacadh ag an mBord Riaracháin a chur chun feidhme;

(c)

tuairimí, moltaí agus cinntí a dhréachtú, a ghlacadh agus a fhoilsiú, agus dul i mbun comhairle maidir leo;

(d)

a bheith freagrach as clár oibre bliantúil ACER a chur chun feidhme faoi threoir an Bhoird Rialálaithe agus faoi rialú riaracháin an Bhoird Riaracháin;

(e)

na bearta is gá, go háirithe i ndáil le treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh ACER i gcomhréir leis an Rialacháin seo;

(f)

dréachtchlár oibre ACER a ullmhú gach bliain don bhliain dár gcionn agus, tar éis don Bhord Riaracháin an dréacht a ghlacadh, é a chur faoi bhráid an Bhoird Rialálaithe, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin faoin 31 Eanáir gach bliain.

(g)

a bheith freagrach as an doiciméad clársceidealaithe a chur chun feidhme agus as tuairisc a thabhairt don Bhord Riaracháin maidir lena a chur chun feidhme;

(h)

réamh-dhréachtbhuiséad ACER a tharraingt suas de bhun Airteagal 33(1) agus buiséad ACER a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 35;

(i)

dréacht-tuarascáil bhliantúil ina gcuimseofar roinn neamhspleách faoi ghníomhaíochtaí rialála ACER agus roinn faoi chúrsaí airgeadais agus riaracháin a ullmhú gach bliain agus a chur faoi bhráid an Bhoird Riaracháin;

(j)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí tuarascálacha agus meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus ar na himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF, agus tuairisc a thabhairt dhá uair sa bhliain don Choimisiún agus tuairisc a thabhairt go tráthrialta don Bhord Riaracháin maidir leis an dul chun cinn a bheidh déanta;

(k)

a bheith freagrach as cinneadh a dhéanamh cibé an gá nó nach gá, chun críocha cúraimí ACER a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, baill foirne a lonnú i mBallstát amháin nó níos mó.

Chun críche phointe (k) den chéad fhomhír, sula gcinnfidh sé nó sí oifig áitiúil a chur ar bun, lorgóidh an Stiúrthóir tuairim ó naBallstáit lena mbaineann, lena n-áirítear an Ballstát ina bhfuil suíomh ACER lonnaithe, agus gheobhaidh sé nó sí réamhthoiliú ón gCoimisiún agus ón mBord Riaracháin. Beidh an cinneadh bunaithe ar anailís iomchuí costais is tairbhe, agus sonrófar leis raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfar san oifig áitiúil sin ar dhóigh a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus feidhmeanna riaracháin ACER a dhéanamh faoi dhó.

2.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, ní ghlacfar tuairimí, moltaí agus cinntí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), in Airteagail 4 go 8, in Airteagal 9(1) agus (2), in Airteagal 10, i bpointe (c) d'Airteagal 11, in Airteagal 13, in Airteagal 15(4) agus in Airteagail 30 agus 43 ach tar éis tuairim fhabhrach a fháil ón mBord Rialálaithe.

Sula ndéanfaidh sé nó sí, dréacht-tuairimí, dréachtmholtaí nó dréachtchinntí a chur faoi vóta ag an bBord Rialálaithe, seolfaidh an Stiúrthóir tograí do dhréacht-tuairim, í dréachtmholtaí nó dréachtchinntí chuig an meitheal ábhartha lena mbreithnú in am trátha roimh ré.

Déanfaidh an Stiúrthóir an méid seo a leanas:

(a)

barúlacha agus leasuithe an Bhoird Rialálaithe a chur san áireamh agus an dréacht-tuairim, dréachtmholadh nó dréachtchinneadh athbhreithnithe a thíolacadh chuig an mBord Rialálaithe arís le haghaidh tuairimefábharaí;

(b)

féadfaidh an Stiúrthóir na dréacht-tuairimí, dréachtmholtaí, nó dréachtchinntí a tíolacadh a tharraingt siar, ar choinníoll go ndeanfaidh sé nó sí miniú i scríbhinn a mbeidh údar cuí leis a thíolacadh i gcás ina mbeadh easaontú maidir leis na leasuithe a thíolaic an Bord Rialálaithe;

I gcás go ndéanfar dréacht-tuairim, dréachtmholadh nó dréachtchinneadh a tharraingt siar, féadfaidh an Stiúrthóir dréacht-tuairim nua, dréachtmholadh nua nó dréachtchinneadh nua a éisiúint, ag cloí leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 22(5) agus sa dara fomhír den mhír seo.Chun críocha phointe (a) den tríú fomhír den mhír seo, i gcás nach gcloífidh an Stiúrthóir leis na barúlacha agus na leasuithe a fuarthas ón mBord Rialálaithe nó go ndiúltóidh sé nó sí dóibh, déanfaidh an Stiúrthóir míniú a mbeidh údar cuí leo a thabhairt i scríbhinn.

Mura dtabharfaidh an Bord Rialálaithe, ar an ábhar nach mbeidh a bharúlacha agus a leasuithe léirithe go leordhóthanach sa téacs a dhéanfar a thíolacadh arís, tuairim fhabhrach ar téacs na dréachtatuairime, an mholta nó an chinnte a dhéanfar a thíolacadh arís, féadfaidh an Stiúrthóir téacs na dréachtatuairime, an mholta nó an chinnte a athbhreithniú tuilleadh i gcomhréir leis na leasuithe agus na barúlacha arna moladh ag an mBord Rialálaithe chun tuairim fhabhrach a fháil uaidh gan a bheith air nó uirthi dul i gcomhairle arís leis an meitheal ábhartha nó cúiseannabreise i scríbhinn a thabhairt.

Airteagal 25

Cruthú agus comhdhéanamh an Bhoird Achomhairc

1.   Bunóidh ACER Bord Achomhairc.

2.   Seisear comhaltaí agus seisear comhaltaí malartacha a bheidh ar an mBord Achomhairc, arna roghnú as foireann shinsearach reatha nó iar-fhoireann shinsearach na n-údarás rialála náisiúnta, na n-údarás iomaíochta nó na n-institiúidí Aontais nó náisiúnta eile a bhfuil taithí ábhartha in earnáil an fhuinnimh acu. Ainmneoidh an Bord Achomhairc a Chathaoirleach.

Is é an Bord Riaracháin a dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc a cheapadh go foirmiúil, ar thogra ón gCoimisiún, tar éis glao poiblí ar léiriú spéise agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe.

3.   Glacfaidh an Bord Achomhairc a rialacha nós imeachta féin agus foilseoidh sé iad. Sna rialacha sin, leagfar amach go mionsonraithe na socruithe lena rialaítear eagrú agus feidhmiú an Bhoird Achomhairc agus na rialacha nós imeachta is infheidhme maidir le hachomhairc os comhair an Bhoird, de bhun Airteagal 28. Déanfaidh an Bord Achomhairc fógra a thabhairt don Choimisiún maidir lena dhréacht-rialacha nós imeachta agus maidir le haon athrú suntasach ar na rialacha. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt maidir leis na rialacha sin laistigh de 3 mhí ón dáta a bheidh an fógra faighte aige.

Is líne bhuiséid ar leithligh a bheidh i mbuiséad ACER chun clárlann an Bhoird Achomhairc a mhaoiniú.

4.   Glacfar cinntí an Bhoird Achomhairc trí thromlach de cheathrar ar a laghad den seisear comhaltaí. Comórfar an Bord Achomhairc de réir mar is gá.

Airteagal 26

Comhaltaí an Bhoird Achomhairc

1.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Achomhairc. Beidh an téarma sin inathnuaite aon uair amháin.

2.   Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus a gcinntí á ndéanamh acu. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní fheidhmeoidh siad aon dualgais eile in ACER, ar a Bord Riaracháin, ar a Bord Rialálaithe ná in aon cheann dá meithleacha. Ní chuirfear comhalta den Bhord Achomhairc as oifig le linn a théarma oifige nó a téarma oifige mura rud é go bhfaighfear ciontach i mí-iompar tromchúiseach é nó í agus go ndéanann an Bord Riaracháin cinneadh chuige sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe.

Airteagal 27

Eisiamh agus agóid a dhéanamh sa Bhord Achomhairc

1.   Ní ghlacfaidh comhaltaí den Bhord Achomhairc páirt in aon imeachtaí achomhairc má tá leas pearsanta acu iontu, má bhí baint acu cheana leis na himeachtaí mar ionadaithe do dhuine de na páirtithe sna himeachtaí, nó má bhí siad rannpháirteach sa chinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh.

2.   Más rud é, ar cheann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1 nó ar aon chúis eile, go measfaidh comhalta den Bhord Achomhairc nár cheart do chomhalta eile páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc, cuirfidh sí nó sé an méid sin in iúl don Bhord. Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhalta den Bhord Achomhairc a bheith rannpháirteach ar aon cheann de na forais dá dtagraítear i mír 1, nó i gcás go bhfuil amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta. Ní bheidh agóid den sórt sin inghlactha más rud é go bhfuil sí bunaithe ar náisiúntacht comhalta nó más rud é go mbeidh an páirtí agóideach sna himeachtaí achomhairc, agus í nó é ar an eolas go raibh cúis agóide ann, tar éis céim nós imeachta a ghlacadh sna himeachtaí achomhairc seachas cur i gcoinne chomhdhéanamh an Bhoird Achomhairc.

3.   Déanfaidh an Bord Achomhairc an gníomh atá le glacadh sna cásanna a shonraítear i mír 1 agus i mír 2 a chinneadh gan an comhalta lena mbaineann a bheith rannpháirteach. Chun an cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear comhalta malartach an chomhalta lena mbaineann in ionad an chomhalta sin ar an mBord Achomhairc. I gcás ina mbeidh an comhalta malartach i staid cosúil le staid an chomhalta sin, ainmneoidh an Cathaoirleach comhalta ionaid as measc na gcomhaltaí malartacha a bheidh ar fáil.

4.   Glacfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin orthu féin go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail. Chun na críche sin, déanfaidh siad dearbhú gealltanas i scríbhinn agus dearbhú leasanna i scríbhinn ina léireofar nach bhfuil aon leas ann a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a dhéanfadh dochar dá neamhspleáchas nó ag cur in iúl go bhfuil leas díreach nó indíreach ann a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh dá neamhspleáchas. Poibleofar na dearbhuithe sin go bliantúil.

Airteagal 28

Cinntí atá faoi réir achomhairc

1.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údaráis rialála náisiúnta, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 2 agus atá dírithe chuig an duine sin, nó in aghaidh cinneadh a bhaineann go díreach agus go leithleach leis an duine sin cé gur cinneadh é atá dírithe chuig duine eile.

2.   Áireofafr san achomharcráiteas ar na forais atá leis an achomharc, agus deanfar é a chomhdú i scríbhinn in ACER laistigh de 2 mhí ón uair a thabharfar fógra faoin gcinneadh don duine lena mbaineann, nó ina éagmais sin, laistigh de 2 mhí ón dáta ar a d'fhoilsigh ACER a cinneadh. Glacfaidh an Bord Achomhairc cinneadh faoin achomharc laistigh de 4 mhí ón tráth a thaiscfear é.

3.   Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc a thaiscfear de bhun mhír 1. Féadfaidh an Bord Achomhairc, áfach, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, cur i bhfeidhm an chinnidh atá á chonspóid a chur ar fionraí.

4.   Má bhíonn an t-achomharc inghlactha, déanfaidh an Bord Achomhairc scrúdú i dtaobh an bhfuil bunús maith leis an achomharc. Tabharfaidh sé cuireadh do na páirtithe sna himeachtaí achomhairc, a mhinice is gá, barúlacha a chomhdú laistigh de theorainneacha sonraithe ama maidir leis na fógraí arna n-eisiúint aige féin nó maidir le teachtaireachtaí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal cur i láthair ó bhéal a dhéanamh.

5.   Féadfaidh an Bord Achomhairc an cinneadh a dheimhniú, nó féadfaidh sé an cás a tharchur chuig comhlacht inniúil na Gníomhaireachta. Beidh cinneadh an Bhoird Achomhairc ina cheangal ar chomhlacht inniúil ACER.

6.   Foilseoidh ACER cinntí arna ndéanamh ag an mBord Achomhairc.

Airteagal 29

Caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais

Ní fhéadfar caingne maidir le cinneadh arna eisiúint ag ACER de bhun an Rialacháin seo a neamhniú agus caingne maidir le mainneachtain gníomhú laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme a thabhairt os chomhair na Cúirte Breithiúnais ach amháin tar éis don nós imeachta achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 28 a bheith ídithe. Déanfaidh ACER na bearta uile is gá chun breithiúnais na Cúirte Bhreithiúnais a chomhlíonadh.

Airteagal 30

Meithleacha

1.   I gcás ina mbeidh bonn cirt leis agus go háirithe chun tacú le hobair an Stiúrthóra agus an Bhoird Rialálaithe ar shaincheisteanna rialála agus chun críche tuairimí, moltaí agus cinntí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), in Airteagail 4 go 8, in Airteagal 9(1) agus (3), in Airteagal 10, i bpointe (c) d'Airteagal 11, in Airteagal 13, in Airteagal 15(4), agus in Airteagail 30 agus 43 a ullmhú, déanfaidh an Bord Riaracháin meithleacha a bhunú nó a bhaint ar bhonn togra comhpháirteach ón Stiúrthóir agus ón mBord Rialálaithe.

Chun meitheal a bhunú nó a bhaint, beidh gá le tuairim fhabhrach an Bhoird Rialálaithe.

2.   Saineolaithe as measc bhaill foirne ACER agus na n-údarás rialála a bheidh sna meithleacha. Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún a bheith rannpháirteach i meithleacha. Ní bheidh ACER freagrach as costas rannpháirtíochta na saineolaithe ó bhaill foirne na n-údarás rialála i meithleacha ACER. Déanfaidh na meithleacha barúlacha saineolaithe ó údaráis náisiúnta ábhartha eile a chur san áireamh i gcás ina mbeidh na húdaráis sin inniúil.

3.   Déanfaidh an Bord Riaracháin rialacha nós imeachta inmheánacha d'fheidhmiú na meithleacha a ghlacadh agus a fhoilsiú ar bhonn togra ón Stiúrthóir agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Rialálaithe agus a thuairim fhabhrach a fháil uaidh.

4.   Déanfaidh Meithleacha ACER na gníomhaíochtaí a shanntar dóibh sa doiciméad clársceidealaithe arna ghlacadh de bhun Airteagal 20 agus déanfaidh siad aon ghníomhaíochtaí a shannfaidh an Bord Rialálaithe agus an Stiúrthóir dóibh.

Caibidil III

Bunú agus struchtúr an bhuiséid

Airteagal 31

Struchtúr an bhuiséid

1.   Gan dochar d'acmhainní eile is iad na nithe seo a leanas a bheidh in ioncam ACER:

(a)

ranníocaíocht ón Aontas;

(b)

na táillí a íocfar le ACER de bhun Airteagal 32;

(c)

aon ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit nó ó na húdaráis rialála, faoi phointe (g) d'Airteagal 19(1);

(d)

leagáidí, deonacháin nó deontais faoi phointe (g) d'Airteagal 19(1).

2.   Áireofar le caiteachas ACER speansais foirne, riaracháin, bonneagair agus oibríochtúla.

3.   Beidh ioncam agus caiteachas ACER ar comhardú.

4.   Beidh ioncam agus caiteachas uile ACER faoi réir réamhaisnéisí le haghaidh gach bliain airgeadais, a bheith comhthráthach leis an mbliain féilire, agus an t-ioncam agus an caiteachas sin ina buiséad.

5.   Ní chuirfidh an t-ioncam a gheobhaidh ACER isteach ar a neodracht, a neamhspleáchas ná ar a hoibiachtúlacht.

Airteagal 32

Táillí

1.   Dlífear táillí a íoc le ACER as na nithe seo a leanas:

(a)

cinneadh díolúine a iarraidh de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo agus i ndáil le cinntí maidir le leithdháileadh costas trasteorann arna soláthar ag ACER de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013;

(b)

bailiú, láimhseáil, próiseáil agus anailísiú faisnéise arna tuairisciú ag rannpháirtithe sa mhargadh nó ag eintitis a thuairiscíonn thar a gceann de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011.

2.   Is é an Coimisiún a shocróidh na táillí dá dtagraítear i mír 1 agus an dóigh a n-íocfar na táillí sin freisin, i ndiaidh comhairliúchán poiblí a dhéanamh agus i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an mBord Riaracháin agus leis an mBord Rialálaithe. Beidh na táillí comhréireach leis na costais a bhaineann leis na seirbhísí ábhartha a chuirtear ar fáil ar bhealach costéifeachtach agus beidh siad leordhóthanach chun na costais sin a chumhdach. Socrófar na táillí sin ar leibhéal lena n-áiritheofar go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach agus go seachnófar leo ualach míchuí airgeadais nó riaracháin ar rannpháirtithe sa mhargadh nó ar eintitis a bhíonn ag gníomhú thar a gceann.

Déanfaidh an Coimisiún leibhéal na dtáillí sin a athscrúdú go rialta ar bhonn meastóireachta agus, más gá, déanfaidh sé leibhéal na dtáillí sin agus an dóigh a mbeidh siad le híoc a oiriúnú.

Airteagal 33

An buiséad a bhunú

1.   Gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir dréachtmheastachán sealadach suas a chuimseoidh an caiteachas oibríochtúil agus an clár don obair a bhfuiltear ag súil lena dhéanamh don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, agus déanfaidh sé an dréachtmheastachán sealadach sin a thíolacadh chuig an mBord Riaracháin mar aon le liosta de phoist shealadacha.

2.   Beidh an dréachtmheastachán sealadach bunaithe ar na cuspóirí agus ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo i dtaca leis an doiciméad clársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus cuirfear san áireamh ann na hacmhainní airgeadais is gá chun na cuspóirí agus na torthaí sin a bhfuiltear ag súil leo a bhaint amach.

3.   Gach bliain, bunaithe ar an dréachtmheastachán sealadach arna ullmhú ag an Stiúrthóir, glacfaidh an Bord Riaracháin dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas ACER don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

4.   Déanfaidh an Bord Riaracháin an dréachtmheastachán sealadach, lena n-áireofar dréachtphlean bunaíochta, a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain. Sula nglacfar an meastachán, cuirfear an dréacht a d'ullmhaigh an Stiúrthóir chuig an mBord Rialálaithe agus féadfaidh an Bord sin tuairim réasúnaithe a thabhairt faoin dréacht.

5.   Déanfaidh an Coimisiún an meastachán dá dtagraítear i mír 3 a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, i dteannta le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.

6.   Ar bhonn an dréachtmheastacháin, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach maidir leis an bplean bunaíochta agus an méid den deontas atá le muirearú ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagail 313 go 316 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a iontráil i dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.

7.   Glacfaidh an Chomhairle ina ról mar údarás buiséadach an plean bunaíochta do ACER.

8.   Déanfaidh an Bord Riaracháin buiséad ACER a ghlacadh. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach tar éis buiséad ginearálta an Aontais a bheith glactha go críochnaitheach. Más gá, coigeartófar é dá réir.

9.   Leanfaidh aon athrú ar an mbuiséad, lena n-áirítear ar an bplean bunaíochta, an nós imeachta céanna.

10.   Faoin 5 Iúil 2020, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht i dtaobh ar an gcuireann na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil do ACER ar a cumas a ról faoin Rialacháin seo a chomhlíonadh maidir le bheith ag obair chun margadh inmheánach fuinnimh a bhaint amach agus chun rannchuidiú leis an tslándáil fuinnimh chun tairbhe na dtomhaltóirí san Aontas.

11.   Tabharfaidh an Bord Riaracháin fógra gan mhoill don údarás buiséadach faoi aon tionscadal atá ar intinn aige a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú bhuiséad ACER, go háirithe faoi aon tionscadal a bhaineann le maoin. Cuirfidh an Bord Riaracháin an Coimisiún ar an eolas faoina bhfuil ar intinn aige freisin. Má bhíonn sé ar intinn ag ceachtar brainse den údarás buiséadach tuairim a eisiúint, cuirfidh sé in iúl do ACER, laistigh de 2 sheachtain tar éis dó an fhaisnéis maidir leis an tionscadal a fháil, go bhfuil sé ar intinn aige tuairim den sórt sin a eisiúint. Mura bhfaighfear freagra, féadfaidh ACER dul ar aghaidh leis an tionscadal atá beartaithe.

Airteagal 34

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.   Gníomhóidh an Stiúrthóir mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé nó sí buiséad ACER chun feidhme.

2.   Faoin 1 Márta tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, tíolacfaidhuirfidh oifigeach cuntasaíochta ACER na cuntais shealadacha mar aon leis an tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin, chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Chomh maith leis sin, tíolacfaidh oifigeach cuntasaíochta ACER an tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Márta sa bhliain dár gcionn. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe ansin i gcomhréir le hAirteagal 245 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) (“an Rialachán Airgeadais”).

Airteagal 35

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.   Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta ACER na cuntais shealadacha den bhliain airgeadais (bliain N) a thíolacadh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin (bliain N+1).

2.   Cuirfidh ACER tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N+1.

Faoin 31 Márta de bhliain N+1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha ACER a thíolacadhchuig an gCúirt Iniúchóirí. Déanfaidn an Coimisiun an tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle freisin.

3.   Tar éis don oifigeach cuntasaíochta barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha ACER do bhliain N i gcomhréir le forálacha Airteagal 246 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh sé cuntais chríochnaitheacha ACER don bhliain sin a tharraingt suas, faoina fhreagracht féin. Tíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chuig an mBord Riaracháin iad chun tuairim a fháil uaidh ina leith.

4.   Tabharfaidh an Bord Riaracháin tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha ACER do bhliain N.

5.   Faoin 1 Iúil de bhliain N+1, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta ACER na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N, mar aon le tuairim an Bhoird Riaracháin, a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

6.   Foilseofar na cuntais deiridh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N+1.

7.   Faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N+1, déanfaidh an Stiúrthóir freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a thíolacadh. Cuirfidh an Stiúrthóir cóip den fhreagra sin chuig an mBord Riaracháin agus chuig an gCoimisiún freisin.

8.   Déanfaidh an Stiúrthóir aon fhaisnéis is gá maidir le cur i bhfeidhm rianúil an nós imeachta um urscaoileadh do bhliain N a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin di, i gcomhréir le hAirteagal 109(3) de Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 1271/2013.

9.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir roimh an 15 Bealtaine de bhliain N+2, i leith an buiséad do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.

Airteagal 36

Rialacha airgeadais

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Riaracháin na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir le ACER. Féadfaidh na rialacha sin claonadh ó Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 1271/2013 más gá sin de réir riachtanais shonracha oibríochtúla ACER, ach ní fhéadfaidh siad claonadh amhlaidh ach amháin le haontú roimh ré ón gCoimisiún.

Airteagal 37

Calaois a chomhrac

1.   Chun comhrac in aghaidh calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) a éascú,, aontóidh ACER don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha a bheith á ndéanamh ag OLAF (24), agus glacfaidh sé na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile ACER agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú á úsáid aige.

2.   Beidh an chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, chomh maith le hiniúchadh ar bhonn doiciméad a dhéanamh, i ndáil le gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a mbeidh cistí Aontais faighte acu ó ACER.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanfadh difear do leas an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna mhaoiniú ag ACER, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (25).

4.   Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, cuimseofar i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais ACER, forálacha a thugann cumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF chun iniúchtaí agus imscrúduithe dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh, i comhréir lena gcuid inniúlachtaí féin.

Caibidil IV

Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha

Airteagal 38

Pribhléidí agus díolúintí agus an Comhaontú Ceanncheathrún

1.   Beidh feidhm ag Prótacal Uimh 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais atá i gceangal leis an CAE agus leis an CFAE maidir le ACER.

2.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil do ACER sa Bhallstát aíochta agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát aíochta maidir leis an Stiúrthóir, comhaltaí an Bhoird Riaracháin, foireann ACER agus daoine dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir ACER agus an Ballstát ina bhfuil an cheannoifig suite. Tabharfar an comhaontú sin chun críche i ndiaidh formheas a fháil ón mBord Riaracháin.

Airteagal 39

An fhoireann

1.   Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag na Coinníollacha fostaíochta agus ag na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta a chur i bhfeidhm, maidir le foireann ar fad ACER, lena n-áirítear a Stiúrthóir.

2.   Déanfaidh an Bord Riaracháin, le comhaontú an Choimisiúin, rialacha cur chun feidhme iomchuí a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

3.   Feidhmeoidh ACER, i ndáil lena foireann, na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus feidhmeoidh sí na cumhachtaí a thugtar leis na Coinníollacha Fostaíochta don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt i gcrích.

4.   Féadfaidh an Bord Riaracháin forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht chuig ACER.

Airteagal 40

Dliteanas ACER

1.   Beidh dliteanas conarthach ACER faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht.

Beidh aon chlásal eadrána atá in aon chonradh arna thabhairt i gcrích ag ACER faoi réir dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh ACER, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arb í féin nó arb í a foireann is cúis leis i gcomhlíonadh a gcuid dualgas.

3.   Beidh dlínse ag an Chúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh ar dhamáistí dá dtagraítear i mír 2.

4.   Beidh dliteanas pearsanta airgeadais agus dliteanas araíonachta fhoireann ACER i leith ACER faoi rialú ag na forálacha ábhartha a bhfuil feidhm acu maidir le foireann ACER.

Airteagal 41

Trédhearcacht agus cumarsáid

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) maidir le doiciméid atá i seilbh ACER.

2.   Glacfaidh an Bord Riaracháin bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.   Féadfaidh na cinntí a ghlacfaidh ACER de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 228 agus 263 CFAE.

4.   Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag ACER faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27). Leagfaidh an Bord Riaracháin síos bearta le haghaidh cur i bhfeidhm Rialachán (CE) 2018/1725 ag ACER, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí a cheapadh do ACER. Déanfar na bearta sin a leagan síos tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

5.   Féadfaidh ACER tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cumarsáide as a stuaim féin laistigh dá réimse inniúlachta féin. Ní dhéanfaidh leithdháileadh acmhainní chuig gníomhaíochtaí cumarsáide dochar d'fheidhmiú éifeachtach na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 13. Tabharfar faoi ghníomhaíochtaí cumarsáide i gcomhréir leis na pleananna ábhartha maidir le cumarsáid agus scaipeadh arna nglacadh ag an mBord Riaracháin.

Airteagal 42

Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

1.   Glacfaidh ACER a rialacha slándála féin a bheidh coibhéiseach le rialacha slándála an Choimisiúin maidir le Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, lena n-áirítear forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (28) agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (29).

2.   Féadfaidh ACER cinneadh a dhéanamh freisin Cinntí an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm mutatis mutagusis. Cumhdóidh rialacha slándála ACER, inter alia, forálacha maidir le FRAE agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 43

Comhaontaithe comhair

1.   Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a mbeidh comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an Aontas a bhfuil rialacha ábhartha dhlí an Aontais glactha acu agus á chur i bhfeidhm acu i réimse an fhuinnimh, go háirithe na rialacha maidir le húdaráis rialála neamhspleácha, rochtain tríú páirtí ar bhonneagar agus díchuachadh, trádáil fuinnimh agus oibríocht an chórais agus rannpháirtíocht agus cosaint na dtomhaltóirí, chomh maith leis na rialacha ábhartha i réimsí an chomhshaoil agus na hiomaíochta.

2.   Féadfaidh ACER, faoi réir tabhairt i gcrích comhaontaithe chun na críche sin idir an tAontas agus tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1, a cúraimí a fheidhmiú freisin faoi Airteagail 3 go 13 i ndáil le tríú tíortha ar an choinníoll go mbíonn na rialacha ábhartha glactha ag na tríú tíortha sin agus má bhíonn na rialacha ábhartha sin á gcur i bhfeidhm acu freisin i gcomhréir le mír 1, agus má bhíonn sainordú tugtha acu do ACER gníomhaíochtaí a n-údarás rialála a chomhordú le húdaráis rialála na mBallstát. Sna cásanna sin amháin, beidh na tagairtí do shaincheisteanna de chineál trasteorann ag baint le teorainneacha idir an tAontas agus tríú tíortha, agus ní le teorainneacha idir dhá Bhallstát.

3.   Sna comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, déanfar foráil do shocruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid, raon feidhme agus gnéithe nós imeachta rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair ACER, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus foireann.

4.   Glacfaidh an Bord Riaracháin, rialacha nós imeachta le haghaidh caidreamh le tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 tar éis dó tuairim dhearfach an Bhoird Rialálaithe a fháil. Áiritheoidh an gCoimisiún go bhfeidhmeoidh ACER laistigh dá sainordú agus laistigh den chreat idirinstitiúideach atá ann cheana trí shocruithe oibre oiriúnacha a thabhairt i gcrích le Stiúrthóir ACER.

Airteagal 44

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag forálacha Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (30) maidir leis ACER.

2.   Déanfaidh an Bord Riaracháin cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga ACER.

3.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin is gá i ndáil le feidhmiú ACER.

Airteagal 45

Meastóireacht

1.   Faoin 5 Iúil 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, le cúnamh ó shaineolaí seachtrach neamhspleách, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht ACERi dtaca lena cuspóirí, sainordú agus cúraimí. Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht, go háirithe, ar an ngá féideartha sainordú ACER a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a bhainfeadh le haon mhodhnú den sórt sin.

2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt leis a thuilleadh go leanfaí ar aghaidh le ACER ag féachaint dá cuid cuspóirí, sainordaithe agus cúraimí sannta, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfaí an Rialachán seo a leasú dá réir nó a aisghairm tar éis dó comhairliúchán a dhéanamh ar bhealach iomchuí leis na geallsealbhóirí agus leis an mBord Rialálaithe.

3.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 maille le conclúidí na meastóireachta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Bhord Rialálaithe ACER. Ba cheart torthaí na meastóireachta a phoibliú.

4.   Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 agus uair amháin ar a laghad gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a dhéanann meastóireacht ar an Rialachán seo agus, go háirithe, ar chúraimí ACER a bhaineann le cinntí aonair a dhéanamh, a thíolacadh chuig Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil sin, cuirfear san áireamh, de réir mar is iomchuí, torthaí an mheasúnaithe de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2019/943.

Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, togra reachtach a chur leis an tuarascáil sin.

Airteagal 46

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 47

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 91.

(2)  IO C 342, 12.10.2017, lch. 79.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009, lch. 1).

(5)  Féach Iarscríbhinn I.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

(8)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(10)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (féach leathanach 125 den Iris Oifigiúil seo).

(11)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(13)  Ráiteas Comhpháirteach an 19.7.2012 ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe.

(14)  Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 an 28 Samhain 1994 ón gComhairle lena mbunaítear Lárionad Aistriúcháin do chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (IO L 314, 7.12.1994, lch. 1).

(16)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(17)  Cinneadh a rinneadh de chomhthoil idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 7 Nollaig 2009 maidir leis an áit a mbeidh suíomh na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 322, 9.12.2009, lch. 39).

(18)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (féach leathanach 54 den Iris Oifigiúil seo).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24).

(22)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(23)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(24)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(25)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(27)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(28)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(29)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint. (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(30)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO P 17, 6.10.1958, lch. 385).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh

(IO L 211, 14.8.2009, lch. 1).

 

Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009

Ní ach an tagairt a dhéantar le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 go hAirteagal 22 (1) de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009.


IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 713/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 4

Airteagal 2

Airteagal 5

Airteagal 3

Airteagal 6 (1) go (3) agus (4), an chéad fhomhír

Airteagal 4

Airteagal 6 (4) an dara fomhír go dtí an cúigiú fomhír agus míreanna (5), (6) agus (9)

Airteagal 5

Airteagal 7 agus 8

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9 (1) go (2), an chéad fhomhír

Airteagal 10

Airteagal 6 (7) agus (8)

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 9 (2) an dara fomhír

Airteagal 13

Airteagal 10

Airteagal 14

Airteagal 11

Airteagal 15

Airteagal 2

Airteagal 16

Airteagal 3

Airteagal 17

Airteagal 12

Airteagal 18

Airteagal 13

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 14 (1) agus (2)

Airteagal 21

Airteagal 14 (3) go (6)

Airteagal 22 (1) go (4)

Airteagal 15

Airteagal 22 (5) agus (6)

Airteagal 16

Airteagal 23

Airteagal 17

Airteagal 24

Airteagal 18 (1) agus (2)

Airteagal 25 (1), (2) agus (4)

Airteagal 19 (6)

Airteagal 25 (3)

Airteagal 18 (3)

Airteagal 26

Airteagal 18 (4) go (7)

Airteagal 27

Airteagal 19 (1) go (5) agus (7)

Airteagal 28

Airteagal 20

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 21

Airteagal 31

Airteagal 22

Airteagal 32

Airteagal 23

Airteagal 33

Airteagal 24 (1) agus (2)

Airteagal 34

Airteagal 24 (3 agus ar aghaidh)

Airteagal 35

Airteagal 25

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 27

Airteagal 38

Airteagal 28

Airteagal 39

Airteagal 29

Airteagal 40

Airteagal 30

Airteagal 41 (1) go (3)

Airteagal 42

Airteagal 31

Airteagal 43

Airteagal 33

Airteagal 44

Airteagal 34

Airteagal 45

Airteagal 46

Airteagal 35

Airteagal 47


14.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

54


RIALACHÁN (AE) 2019/943 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meitheamh 2019

maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú go suntasach roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh ar an Rialachán, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Is é is aidhm don Aontas Fuinnimh fuinneamh sábháilte, slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a chur ar fháil do chustaiméirí deiridh — líonta tí agus gnóthaí. Go stairiúil, bhíodh an córas leictreachais faoi smacht ag monaplachtaí a bhí comhtháite go hingearach, faoi sheilbh poiblí go minic, a raibh gléasraí cumhachta móra láraithe núicléacha nó breosla iontaise acu. Is é is aidhm don mhargadh inmheánach don leictreachas, atá á chur chun feidhme de réir a chéile ó 1999 ar aghaidh, ná fíor-rogha, deiseanna nua gnó agus tuilleadh trádála trasteorann a thabhairt do thomhaltóirí uile an Aontais, saoránaigh agus gnóthaí araon, chun éifeachtúlacht a mhéadú, chun praghsanna iomaíocha agus caighdeáin níos airde seirbhíse a bhaint amach agus chun rannchuidiú le slándáil an tsoláthair agus leis an inbhuanaitheacht. Tháinig méadú ar an iomaíocht, go háirithe ar an leibhéal mórdhíola, agus ar an trádáil thraschreasach a bhuí leis an margadh inmheánach don leictreachas. Tá sé mar bhunsraith fós le margadh fuinnimh éifeachtúil.

(3)

Tá an t-athrú is mó ar chóras fuinnimh an Aontais leis na deicheanna de bhlianta ar siúl faoi láthair agus tá an margadh leictreachais i gcroílár an athraithe sin. Leis an sprioc choiteann dícharbónú a dhéanamh ar an gcóras fuinnimh, cruthaítear deiseanna agus dúshláin nua do rannpháirtithe margaidh. Ag an am céanna, fágann forbairtí teicneolaíochta go bhfuil bealaí nua ann do rannpháirtíocht na dtomhaltóirí agus don chomhar trasteorann.

(4)

Leis an Rialachán seo bunaítear rialacha chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas a áirithiú, agus áirítear ceanglais a bhaineann le cineálacha fuinnimh in-athnuaite agus beartas comhshaoil a fhorbairt, go háirithe roinnt rialacha sonracha a bhaineann le cineálacha saoráidí áirithe giniúna cumhachta in-athnuaite, i dtaca leis an gcothromú freagrachta, seoladh agus athsheoladh, mar aon le tairseach le haghaidh astaíochtaí CO2 as acmhainneacht ghiniúna nua i gcásanna ina mbíonn acmhainneacht den sórt sin faoi réir bearta sealadacha chun an leibhéal leormhaitheasa cuimsitheach is gá a áirithiú, eadhon, sásraí acmhainneachta.

(5)

Ba cheart leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite ó shaoráidí giniúna fuinnimh beaga trí ordú tosaíochta sonrach sa mhodheolaíocht seolta nó trí cheanglais dhlíthiúla nó rialála d'oibreoirí margaidh chun an leictreachas seo a sholáthar ar an margadh. Ba cheart seoladh tosaíochta arna dheonú sna seirbhísí oibrithe córais faoi na coinníollacha eacnamaíocha céanna a mheas mar a bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo. I gcás ar bith, ba cheart seoladh tosaíochta a mheas mar a bheith comhsheasmhach le rannpháirtíocht na saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite sa mhargadh fuinnimh.

(6)

Tharla méadú ar an saobhadh ar mhargadh mórdhíola an leictreachais de dheasca idirghabhálacha stáit — ar minic iad a bheith deartha go neamhchomhordaithe — rud a d'fhág drochiarmhairt ar chúrsaí infheistíochta agus trádála trasteorann.

(7)

San am a chuaigh thart, bhí custaiméirí leictreachais iomlán éighníomhach, agus formhór an ama ba ar praghsanna rialáilte, nach raibh aon bhaint dhíreach acu leis an margadh, a cheannaigh siad leictreachas. Amach anseo, is gá go mbeidh sé ar chumas na gcustaiméirí a bheith iomlán rannpháirteach sa mhargadh ar chomhchéim le rannpháirtithe eile an mhargaidh, agus go mbeidh de chumhacht acu a dtomhaltas fuinnimh féin a bhainistiú. Chun an sciar den fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú, ar sciar den mhargadh é atá ag dul i méid, ba cheart úsáid a bhaint as gach foinse solúbthachta a bheidh ar fáil, go háirithe réitigh cliathánacha agus stóráil fuinnimh a éileamh, agus ba cheart dóibh úsáid a bhaint as digitiú trí theicneolaíochtaí nuálacha a chomhtháthú leis an gcóras leictreachais. Chun dícharbónú a bhaint amach ar an gcostas is ísle, is gá don chóras leictreachais nua seo éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh freisin. Le cur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh trí chomhtháthú éifeachtach an fhuinnimh in-athnuaite, féadfar infheistíochtaí a spreagadh ar bhonn fadtéarmach agus féadfar rannchuidiú le baint amach chuspóirí an Aontais Fuinnimh agus chreat beartais aeráide agus fuinnimh 2030, mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2014 dár teideal “A policy framework for climate and energy in the period from 2020 to 2030” (Creat beartais maidir le haeráid agus fuinneamh sa tréimhse ó 2020 go 2030) agus a formhuiníodh a ghlac an Chomhairle Eorpach ag a cruinniú an 23 agus 24 Deireadh Fómhair.

(8)

Ar mhaithe leis an margadh a bheith níos comhtháite agus de thoradh an athraithe i dtreo táirgeadh leictreachais atá níos luanaí, is gá iarrachtaí méadaithe a dhéanamh chun beartais náisiúnta fuinnimh a chomhordú le beartais na gcomharsan agus na deiseanna a thagann ón trádáil fuinnimh trasteorann a thapú.

(9)

Tá forbairt tagtha ar na creataí rialála, rud a fhágann gur féidir leictreachas a thrádáil ar fud an Aontais. Tacaíodh leis an bhforbairt sin trí roinnt cód gréasáin, agus treoirlínte do chomhtháthú na margaí leictreachais, a ghlacadh. Tá forálacha sna cóid ghréasáin agus treoirlínte sin maidir le rialacha margaidh, oibriú na gcóras agus nascadh leis an ngréasán. Chun trédhearcacht iomlán a áirithiú agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, ba cheart na príomhphrionsabail i dtaca le feidhmiú an mhargaidh agus leithdháileadh acmhainneachta i gcreataí ama na margaí um chothromú, na margaí ionlae, na margaí lá roimh ré agus na margaí todhchaíochta a ghlacadh de bhun an ghnáthnós imeachta reachtaigh agus iad a chuimsiú in aon ghníomh reachtach de chuid an Aontais amháin.

(10)

Le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2195 ón gCoimisiún (5), bunaítear an próiseas faoinar féidir le hoibreoirí córas tarchurtha a gcuid cúraimí ar fad, nó cuid díobh, a tharmligean chuig tríú páirtí. Ba cheart go mbeadh an fhreagracht fós ar na hoibreoirí córas tarchurtha a dhéanann an tarmligean as a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí atá sa Rialachán seo. Anuas air sin, ba cheart go mbeadh ar chumas na mBallstát cúraimí agus oibleagáidí a shannadh chuig tríú páirtí. Ba cheart go mbeadh sannadh den sórt sin teoranta do chúraimí agus d'oibleagáidí a fhorghníomhaítear ar an leibhéal náisiúnta, amhail socraíocht éagothroime. Níor cheart go mbeadh na teorainneacha ar shannadh den sórt sin ina siocair le hathruithe gan ghá ar na socruithe náisiúnta arb ann dóibh cheana. Ba cheart d'oibreoirí córas tarchurtha a bheith fós freagrach, áfach, as na cúraimí a thugtar ar iontaoibh dóibh faoi Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(11)

Maidir leis na margaí don chothromú, ní féidir praghasmhúnlú éifeachtúil agus neamhshaobhach a bheith ann le linn acmhainneacht don chothromú agus fuinneamh don chothromú a bheith á soláthar mura n-áirithítear nach de réir na gconarthaí acmhainneachta don chothromú a shocraítear praghas an fhuinnimh don chothromú. Tá an méid sin gan dochar do na córais seolta a úsáideann próiseas comhtháite sceidealúcháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2195.

(12)

Le hAirteagail 18, 30 agus 32 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2195 bunaítear gur cheart don mhodh praghsála do tháirgí caighdeánacha agus sonracha araon lena gcothromaítear fuinneamh dreasachtaí dearfacha a chruthú do rannpháirtithe sa mhargadh trí chothromú an chórais i limistéar phraghas na míchothromaíochta a choinneáil ar bun iad féin nó trí chuidiú lena chur ar bun arís, agus leis sin laghdaítear míchothromaíochtaí córais agus costais don tsochaí. Ba cheart a bheith mar aidhm ag cuir chuigí den chineál sin úsáid éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a bhaint as an bhfreagairt don éileamh agus as acmhainní cothromúcháin eile, faoi réir teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil.

(13)

Ba cheart go ndéanfadh comhtháthú na margaí fuinnimh éascú ar fheidhmiú éifeachtúil an margaidh ionlae chun an fhéidearthacht a chruthú do rannpháirtithe sa mhargadh iad féin a chothromú chomh gar is féidir don fhíor-am, arna shocrú le hamanna dúnta an gheata um fhuinneamh don chothromú dá bhforáiltear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2195. Níor cheart do na hoibreoirí córas tarchurtha ach na héagothromaíochtaí a bheidh fágtha tar éis dheireadh an mhargaidh ionlae a chothromú sa mhargadh don chothromú. Le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2017/2195, foráiltear do chomhchuibhiú a dhéanamh ar an tréimhse réitigh míchothromaíochta go dtí 15 nóiméad san Aontas freisin. Is é is cúis leis an gcomhchuibhiú sin an trádáil ionlae a thacú agus forbairt líon táirgí trádála ag a mbeadh an ionú seachadta céanna a chothú.

(14)

Chun a chur ar chumas na n-oibreoirí córais tarchurtha acmhainneacht don chothromú a fháil agus a úsáid ar bhealach éifeachtúil, eacnamaíoch, agus margadhbhunaithe, ní mór comhtháthú an mhargaidh a chothú. I dtaca leis an méid sin, le Teideal IV de Rialachán (AE) 2017/2195, bunaíodh trí mhodheolaíocht lenar féidir le hoibreoirí córas tarchurtha acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh ar mhaithe le hacmhainneacht don chothromú a mhalartú agus cúltacaí a chomhroinnt, nuair a thacaítear leis sin ar bhonn anailís chostais agus tairbhe: an próiseas comhoptamúcháin, an próiseas leithdháilte margadhbhunaithe agus an leithdháileadh bunaithe ar anailís ar éifeachtúlacht eacnamaíoch. Is ar bhonn lá roimh ré atá an próiseas leithdháilte comhoptamúcháin le déanamh. I gcomparáid leis sin, is féidir próiseas leithdháilte margadhbhunaithe a dhéanamh i gcás ina ndéantar an chonraitheoireacht tráth nach faide ná aon seachtain amháin sula soláthraítear an acmhainneacht don chothromú agus is féidir an leithdháileadh a bhunaítear ar an anailís ar éifeachtúlacht eacnamaíoch a dhéanamh i gcás ina ndéantar an chonraitheoireacht tráth is faide ná aon seachtain amháin sula soláthraítear an acmhainneacht don chothromú, ar choinníoll go mbíonn teorainn leis na méideanna a leithdháiltear agus go ndéantar measúnú gach bliain. A luaithe a bheidh an próiseas leithdháilte don acmhainneacht thraschreasach formheasta ag na húdaráis rialála ábhartha, d'fhéadfadh dhá oibreoir córais tarchurtha nó níos mó an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm go luath chun taithí a ghnóthú agus d'fhonn cur chun feidhme rianúil na modheolaíochta sin ag níos mó oibreoirí córas tarchurtha a cheadú sa todhchaí. Ina ainneoin sin, ba cheart do gach oibreoir córais tarchurtha cur i bhfeidhm na modheolaíochta den sórt sin, nuair is ann di, a chomhchuibhiú chun comhtháthú an mhargaidh a chothú.

(15)

Le Teideal V de Rialachán (AE) 2017/2195, bunaíodh gurb é is cuspóir ginearálta don réiteach míchothromaíochta a áirithiú go dtacaíonn gach páirtí a bhfuil freagracht air as an gcothromaíocht le cothromú an chórais go héifeachtúil agus dreasachtaí a sholáthair do rannpháirtithe margaidh as ucht cothromú an chórais a choinneáil ar bun nó í a chur ar ais ar bun arís. Ionas gur féidir leis na margaí don chothromú agus leis an gcóras foriomlán fuinnimh a bheith in oiriúint do chomhtháthú sciaranna méadaitheacha foinsí athraitheacha in-athnuaite, ní mór go mbeadh na praghsanna d'éagothromaíochtaí ina léiriú ar luach fíor-ama an fhuinnimh. Ba cheart go mbeadh freagracht airgeadais ar gach rannpháirtí sa mhargadh as míchothromaíochtaí a chruthaíonn siad sa chóras, atá mar léiriú ar an difríocht idir an méid leithdháilte agus an suíomh deiridh ar an margadh. Maidir le comhbhailitheoirí freagairtí ar éileamh, déantar an méid leithdháilte as an méid fuinnimh arna ghníomhachtú go fisiciúil ag lód na gcustaiméirí rannpháirteacha, bunaithe ar thomhas sainithe agus bunmhodheolaíocht.

(16)

Le Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún (7), leagtar amach treoirlínte mionsonraithe faoi leithdháileadh traschreasach acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú sna margaí lá roimh ré agus ionlae, lena n-áirítear na ceanglais maidir le modheolaíochtaí coiteanna a bhunú lena gcinnfear méideanna na hacmhainneachta a chuirfear ar fáil in éineacht sna criosanna tairisceana, critéir measta éifeachtúlachta, agus próiseas athbhreithniúcháin chun na criosanna tairisceana a shainiú. Leagtar amach in Airteagail 32 agus 34 de Rialachán (AE) 2015/1222 rialacha maidir le cumraíocht na gcriosanna tairisceana a athbhreithniú; in Airteagail 41 agus 54 de, leagtar amach teorainneacha comhchuibhithe maidir le praghsanna uasta agus íosta imréitigh le haghaidh creataí ama lá roimh ré agus ionlae; leagtar amach in Airteagal 59 de rialacha maidir le hamanna dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae; ach in Airteagal 74 de, leagtar amach rialacha maidir le modheolaíocht a bhaineann le comhroinnt costas athsheolta agus fritrádála.

(17)

Le Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún (8), leagtar amach rialacha mionsonraithe faoi leithdháileadh traschreasach acmhainneachta, faoi mhodheolaíocht choiteann a bhunú lena gcinnfear an acmhainneacht thraschreasach fhadtéarmach, faoi aon ardán amháin um leithdháileadh a bhunú ar an leibhéal Eorpach a chuirfeadh cearta fadtéarmacha tarchurtha ar fáil, agus rialacha faoin bhféidearthacht go bhféadfaí cearta fadtéarmacha tarchurtha a chur ar ais agus leithdháileadh todhchaí acmhainneachta a fháil ina dhiaidh sin ina n-ionad nó cearta fadtéarmacha tarchurtha a aistriú i measc rannpháirtithe sa mhargadh. Leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2016/1719 den treoirlíne rialacha maidir le táirgí fálaithe todhchaíochta.

(18)

Le Rialachán (AE) 2016/631 ón gCoimisiún (9), leagtar amach na ceanglais a bhaineann le saoráidí giniúna cumhachta a nascadh leis an gcóras idirnasctha, eadhon modúil giniúna cumhachta shioncrónacha, modúil páirce cumhachta, agus modúl páirce cumhachta eischósta. Tá na ceanglais ina chuidiú, chun a áirithiú go mbeidh dálaí cothroma iomaíochta sa mhargadh inmheánach leictreachais, chun slándáil an chórais a áirithiú, agus chun leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh leictreachais a chomhtháthú, agus chun an trádáil sa leictreachas a éascú ar fud an Aontais. Leagtar amach in Airteagal 66 agus in Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2016/631 rialacha maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i réimse na giniúna leictreachais.

(19)

Is bunchloch de thrádáil leictreachais mhargadhbhunaithe iad criosanna tairisceana a léiríonn dáileadh soláthair agus éilimh agus is réamhriachtanas iad chun poitéinseal iomlán na modhanna leithdháilte acmhainneachta a bhaint amach, lena n-áirítear an cur chuige sreabh-bhunaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, go saineofaí criosanna tairisceana ar bhealach lena n-áiritheofaí leachtacht mhargaidh, bainistiú éifeachtúil ar phlódú agus éifeachtúlacht mhargaidh fhoriomlán. Nuair a sheolann údarás rialála nó oibreoir córais tarchurtha athbhreithniú ar chumraíocht creasa tairisceana atá ann cheana le formheas a údaráisrialála inniúil, do limistéir tairisceana laistigh de limistéar smachta an oibreora córais tarchurtha, má tá tionchar diomaibhseach ag cumraíocht an chreasa tairisceana ar limistéir smachta oibreoirí córas tarchurtha comharsanacha, lena n-áirítear idirnascairí, agus más gá an t-athbhreithniú ar chumraíocht an chreasa tairisceana chun éifeachtúlacht a fheabhsú, chun deiseanna trádála trasteorann a uasmhéadú nó chun slándáil oibríochtúil a chaomhnú, ba cheart nach mbeadh oibreoir córais tarchurtha nó údaráis rialála inniúil rannpháirteach san athbhreithniú ach amháin oibreoir córais tarchurtha an limistéir smachta ábhartha agus an t-údarás rialála inniúil faoi seach. Ba cheart don oibreoir córais tarchurtha agus an t-údarás rialála inniúil réamhfhógra a thabhairt do na hoibreoirí córas tarchurtha comharsanacha faoin athbhreithniú agus ba cheart torthaí an athbhreithnithe a fhoilsiú. Ba cheart go bhféadfaí athbhreithniú ar chrios tairsceana réigiúnach a sheoladh ag leanúint as tuarascáil theicniúil maidir le plódú i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo nó i gcomhréir le nósanna imeachta atá ann cheana a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/1222.

(20)

Nuair a dhéanann lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ríomh acmhainneachta, ba cheart dóibh uasmhéadú a dhéanamh ar acmhainneacht agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha gan chostas á mbreithniú acu agus urraim á tabhairt acu ar theorainneacha slándála oibríochtúla oibreoirí córais tarchurtha sa Réigiún um Ríomh Acmhainneachta. I gcás nach mbíonn acmhainneacht atá cothrom leis an tairsí íosta acmhainne a leagtar amach sa Rialachán seo nó thairsti mar thoradh ar an ríomh, ba cheart do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha breithniú a dhéanamh ar gach gníomhaíocht cheartaitheach chostasach atá ar fáil chun méadú breise a dhéanamh ar acmhainneacht suas go dtí na híosacmhainní, lena n-áirítear poitéinseal a athsheoladh taobh istigh de na réigiúin um ríomh acmhainneachta agus idir na réigiúin sin, agus teorainneacha slándála oibríochtúla na n-oibreoirí córais tarchurtha na Réigiún um Ríomh Acmhainneachta á n-urramú acu ag an am céanna. Ba cheart do oibreoirí córais tarchurtha tuairisciú a dhéanamh go beacht agus go trédhearcach maidir le gach gné den ríomh acmhainneachta de bhun na n-oibleagáidí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil gach faisnéis arna cur chuig lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha cruinn agus oiriúnach dá feidhm.

(21)

Agus ríomh acmhainneachta á dhéanamh acu, déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ríomh ar acmhainneachtaí traschreasacha, ag baint úsáid as sonraí ó oibreoirí córas tarchurtha, lena n-urramaítear na teorainneacha slándála oibríochtúla agus limistéir smachta na n-oibreoirí córais tarchurtha faoi seach. Ba cheart d'oibreoirí córas tarchurtha imeacht ó ríomh acmhainneachta comhordaithe i gcás ina mbeadh sárú ar theorainneacha slándála oibríochtúla de ghnéithe líonra ina limistéar smachta mar thoradh ar a chur chun feidhme. Ba cheart faireachán cúramach a dhéanamh ar na diallais sin agus tuairisciú trédhearcach a dhéanamh orthu chun mí-úsáid a chosc agus chun a áirithiú nach mbeidh méid na hacmhainneachta idirnaisc a chuirfear ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh teoranta, chun plódú laistigh de chrios tairisceana a réiteach. I gcás ina bhfuil plean gníomhaíochta i bhfeidhm, ba cheart go gcuirfí diallais san áireamh sa phlean gníomhaíochta agus go rachfaí i ngleic leis an gcúis atá leo.

(22)

Ba cheart a leagan amach i gcroíphrionsabail an mhargaidh gur bunaithe ar éileamh agus ar sholáthar a shocrófar praghsanna leictreachais. Ba cheart comhartha a thabhairt leis na praghsanna sin i leith tráthanna ina mbíonn leictreachas ag teastáil, le dreasachtaí margadhbhunaithe a sholáthar chun infheistíochtaí a dhéanamh i bhfoinsí solúbthachta amhail giniúint sholúbtha, idirnascadh, freagairt don éileamh nó stóráil fuinnimh.

(23)

Bíodh is gur ceann de spriocanna an Aontais Fuinnimh dícharbónú na hearnála fuinnimh, agus méadú ar an sciar den mhargadh atá ag fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, tá sé ríthábhachtach go mbainfí den mhargadh na bacainní atá ann faoi láthair roimh thrádáil trasteorann agus go spreagfaí infheistíochtaí sa bhonneagar tacaíochta, mar shampla, giniúint níos solúbtha, idirnascadh, freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh. Chun tacú leis an athrú seo chuig giniúint inathraithe agus dháilte, agus chun a áirithiú go mbeidh prionsabail an mhargaidh fuinnimh ina mbunús leis na margaí fuinnimh a bheidh san Aontas amach anseo, tá sé ríthábhachtach béim as an nua a leagan ar mhargaí gearrthéarma agus ar phraghsáil bunaithe ar theirce.

(24)

Déanann na margaí gearrthéarma an leachtacht agus an iomaíocht a fheabhsú trí cheadú do níos mó acmhainní rannpháirt a bheith acu sa mhargadh, go háirithe acmhainní atá níos solúbtha. Tabharfaidh praghsáil éifeachtach teirce spreagadh do rannpháirtithe sa mhargadh freagairt ar chomharthaí ón margadh agus a bheith ar fáil ag an tráth is mó a mbeidh an gá is mó leo sa mhargadh agus áirithíonn sé gur féidir leo a gcostas a aisghabháil ar an margadh mórdhíola. Dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach a áirithiú go bainfear uasteorainneacha praghsála riaracháin agus intuigthe chun praghsáil teirce a cheadú. Nuair a bheidh siad neadaithe go hiomlán i struchtúr an mhargaidh, beidh margaí gearrthéarmacha agus praghsáil teirce ina gcuidiú chun roinnt de na bearta eile atá suaiteach don mhargadh a bhaint, amhail sásraí acmhainneachta, ar mhaithe le slándáil an tsoláthair a áirithiú. Ag an am céanna, níor cheart go gcuirfí i mbaol, le praghsáil teirce gan uasteorainneacha praghsála sa mhargadh mórdhíola, an deis a bheith ann praghsanna iontaofa cobhsaí a bheith ar fáil do chustaiméirí deiridh, go háirithe líonta tí, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus custaiméirí tionsclaíocha.

(25)

Gan dochar d'Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), laghdaíonn maoluithe ó bhunphrionsabail an mhargaidh, amhail freagracht as cothromú, seoladh margadhbhunaithe nó athsheoladh, comharthaí solúbthachta agus feidhmíonn siad mar bhacainní roimh fhorbairt réiteach amhail stóráil fuinnimh, freagairt don éileamh nó comhbhailiú. Cé go bhfuil maoluithe riachtanach fós chun ualach riaracháin gan ghá ar rannpháirtithe margaidh áirithe, go háirithe custaiméirí tí agus FBManna, a sheachaint, níl maoluithe leathana lena gcumhdaítear teicneolaíochtaí iomlána ag teacht leis an aidhm i dtaca le próiseas don dícharbónú margadhbhunaithe éifeachtúil a bhaint amach agus, dá bhrí sin, ba cheart bearta atá níos spriocdhírithe a chur ina n-áit.

(26)

Is é atá sa réamhchoinníoll maidir le hiomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach sa leictreachas ná muirir neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha agus leormhaithe a bheith ann ar úsáid an ghréasáin, lena n-áirítear línte idirnasctha sa chóras tarchurtha.

(27)

Mar thoradh ar chiorruithe neamhchomhordaithe ar acmhainneachtaí na n-idirnascairí, tá méadú ag teacht ar an teorannú atáthar a dhéanamh ar mhalartú an leictreachais i measc na mBallstát ionas gur constaic thromchúiseach anois an méid sin roimh mhargadh inmheánach feidhmiúil don leictreachais a fhorbairt. Ba cheart, dá bhrí sin, leibhéal uasta acmhainneacht na n-idirnasc agus na n-eilimintí líonra ríthábhachtach a chur ar fail, lena gcomhlíontar leis na caighdeáin sábháilteachta faoinar féidir leis an gcóras feidhmiú go slán, lena n-áirítear na caighdeáin slándála do theagmhais (N-1) a urramú. Tá roinnt teorainneacha, áfach, leis an leibhéal acmhainneachta a shocrú in eangach mogalra. Ní mór íosteorainn shoiléir acmhainneachta atá ar fáil do thrádáil thraschreasach a chur i bhfeidhm chun éifeachtaí lúbshreafaí agus plóduithe inmheánacha ar thrádáil thraschreasach a laghdú agus lena gcuirfear luach intuartha acmhainneachta ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh. I gcás ina n-úsáidtear cur chuige sreabhadhbhunaithe, ba cheart don leibhéil íosta acmhainne sin sciar íosta d'acmhainneacht gné riachtanaí thraschreasaí nó inmheánaí den chóras a thugann aird ar theorainneacha oibríochtúla slándála a chinneadh, a úsáidfear mar ionchur do ríomh comhordaithe acmhainneachta faoi Rialachán (AE) 2015/1222, agus teagmhais á gcur san áireamh. Is féidir an sciar acmhainneachta iomlán atá fágtha a úsáid i gcomhair na gcorrlach iontaofachta, na lúbshreafaí agus na sreafaí inmheánacha. Thairis sin, i gcás fadhbanna intuartha i dtaca le maoluithe ar shlándáil eangaí a áirithiú, féadfar glacadh le maoluithe i gcomhair idirthréimhse theoranta. Ba cheart go mbeadh modheolaíocht ag gabháil le maoluithe den chineál sin mar aon le tionscadail lena ndéantar foráil i gcomhair réiteach fadtéarmach.

(28)

Maidir leis an gcumas tarchurtha ina bhfuil feidhm ag an gcritéar tairsí 70 % lena n-úsáidtear cur chuige glanacmhainneachta tarchurtha comhordaithe (GTC) tarchur uasta na cumhachta gníomhaí lena n-urramaítear teorainneacha slándála oibríochtúlaagus lena gcuirtear teagmhais san áireamh. Le ríomh comhordaithe na hacmhainne seo, cuirtear san áireamh nach ndáiltear sreabha leictreachais idir comhpháirteanna aonair go cothrom agus ní amhain go gcuirtear acmhainní breise ar línte idirnasctha. Leis an acmhainn seo, ní chuirtear an corrlach iontaofachta, na lúbshreabha nó na sreafaí inmheánacha laistigh den 30 % eile san áireamh.

(29)

Tá sé tábhachtach go seachnófar saobhadh iomaíochta mar thoradh ar chaighdeáin éagsúla sábháilteachta, oibríochta agus pleanála a bheith in úsáid ag oibreoirí córas tarchurtha sna Ballstáit. Thairis sin, ba cheart go mbeadh trédhearcacht ann do rannpháirtithe sa mhargadh maidir leis an acmhainneacht aistrithe atá ar fáil agus maidir leis na caighdeáin slándála, pleanála agus oibríochta a dhéanann difear do na hacmhainneacht aistrithe atá ar fáil.

(30)

Chun na hinfheistíochtaí atá de dhíth a stiúradh go héifeachtúil, ní mór do phraghsanna comharthaí a thabhairt faoin áit is mó ina bhfuil an leictreachas ag teastáil. Faoi chórais leictreachais atá bunaithe ar chriosanna, is gá, chun comharthaí cearta a thabhairt faoi na suíomhanna, criosanna tairisceana a chinneadh ar mhodh comhsheasmhach, oibiachtúil agus iontaofa trí phróiseas trédhearcach. Chun a áirithiú go ndéanfar gréasán leictreachais an Aontais a oibriú agus a phleanáil ar bhealach éifeachtúil agus chun comharthaí praghsála éifeachtacha a chur ar fáil don acmhainneacht nua ghiniúna, don fhreagairt don éileamh agus don bhonneagar tarchuir, ba cheart do na criosanna tairisceana a bheith ina léiriú ar phlódú struchtúrach. Go háirithe, níor cheart acmhainneacht thrascreasach a laghdú chun plódú inmheánach a réiteach.

(31)

Chun prionsabail éagsúla a bhaineann le barrfheabhsú criosanna tairisceana a léiriú gan margaí leachtacha agus infheistíochtaí eangach a chur i gcontúirt, ba cheart foráil a dhéanamh chun plódú a shárú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh idir crios tairisceana nó bearta amhail atreisiú na n-eangach agus barrfheabhsú na n-eangach a athfhoirmiú. Is é an pointe tosaigh ar cheart a bheith ann do chinneadh den sórt sin ná plóduithe struchtúrtha fadtéarmacha a shainaithint ag oibreoir córais tarchurtha nó oibreoirí de chuid Ballstáit, trí thuarascáil ó Ghréasán Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Leictreachas (“ENTSO don Leictreachas”) maidir le plódú. Ar an gcéad dul síos, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach comhchoiteann ar dtús maidir leis an mbealach is fearr le dul i ngleic le plóduithe. Agus é sin á dhéanamh acu, d'fhéadfadh na Ballstáit pleananna gníomhaíochta ilnáisiúnta nó náisiúnta a ghlacadh chun teacht ó phlóduithe. I gcás na mBallstát atá ag glacadh plean gníomhaíochta chun teacht ó phlóduithe le bearta, ba cheart feidhm a bheith ag tréimhse chéimniúcháin isteach i bhfoirm conair líneach maidir leis na hidirnascairí a oscailt. Ag deireadh chur chun feidhme phlean ghníomhaíochta den chineál sin, ba cheart féidearthacht a bheith ag Ballstáit rogha a dhéanamh an bhfuil siad ag iarraidh glacadh le hathchumraíocht ar an gcrios tairisceana (nó ar na criosanna tairisceana) nó glacadh leis na plóduithe atá fágtha a chumhdach le gníomhaíochtaí feabhais a mbeidh na costais dóibh le cumhdach acu. Sa chás deireanach, níor cheart go ndéanfaí na criosanna tairsceana a a athfhoirmiú i gcoinne tola na mBallstát, ar choinníoll go mbaintear amach an leibhéil íosta acmhainneachta. Ba cheart go mbeadh an leibhéil íosta acmhainneachta a úsáid i ríomh acmhainneachta comhordaithe ina chéatadán d'acmhainneacht eiliminte criticiúla líonra, mar a shainítear de réir an phróisis roghnúcháin faoi Rialachán (AE) 2015/1222, tar éis nó, i gcás cur chuige sreabhadhbhunaithe, na teorainneacha slándála oibríochtúla i staid teagmhais a urramú. Ba cheart gurb indéanta cinneadh ón gCoimisiún maidir le cumraíocht ar an gcrios tairisceana mar rogha dheiridh agus ba cheart don chinneadh sin gan leasú a dhéanamh ar chumraíocht an chreasa tairisceana ach amháin sna Ballstáit sin a roghnaigh an deighilt nó nach bhfuil tairsí an leibhéil íosta bainte amach acu.

(32)

Chun dícharbónú éifeachtúil a dhéanamh ar an gcóras leictreachais trí chomhtháthú margaidh, is gá, go córasach, deireadh a chur le bacainní roimh an trádáil trasteorann chun ilroinnt na margaí a réiteach agus chun go mbeidh custaiméirí fuinnimh an Aontais in ann tairbhe iomlán a bhaint as na buntáistí a thagann ó mhargaí leictreachais comhtháite agus ón iomaíocht.

(33)

Leis an Rialachán seo, ba cheart go leagfaí síos bunphrionsabail maidir le taraifiú agus leithdháileadh acmhainneachta, agus ba cheart go bhforálfaí go nglacfar treoirlínte ina dtabharfar mionsonraí maidir le tuilleadh prionsabal agus modheolaíochtaí ábhartha, ionas go bhféadfaí oiriúnú gasta a dhéanamh i gcás imthosca athraitheacha.

(34)

Ba cheart go ndéanfadh bainistiú ar fhadhbanna an phlódaithe comharthaí eacnamaíocha cuí a sholáthar d'oibreoirí córas tarchurtha agus do rannpháirtithe sa mhargadh agus ba cheart go mbeadh an bainistiú sin bunaithe ar shásraí an mhargaidh.

(35)

I margadh atá oscailte, iomaíoch, ba cheart go gcúiteofaí oibreoirí córas tarchurtha as na costais a thabhaítear mar thoradh ar shreafaí leictreachais trasteorann a óstáil ar a ngréasáin agus gurbh iad na hoibreoirí córas tarchurtha ina dtionscnaítear na sreafaí trasteorann sin agus gurbh iad na córais tarchurtha ina gcríochnaíonn siad a chúiteodh iad.

(36)

Ba cheart íocaíochtaí agus fáltais a eascraíonn as cúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha a chur san áireamh agus taraifí gréasáin náisiúnta á socrú.

(37)

D'fhéadfadh sé go mbeidh dífríochtaí móra ann maidir leis an méid iarbhír is iníoctha ar rochtain trasteorann ar an gcóras, ag brath ar an oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann agus mar thoradh ar dhifríochtaí i struchtúr na gcóras taraifithe a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit. Dá bhrí sin, tá leibhéal áirithe comhchuibhithe riachtanach chun saobhadh trádála a sheachaint.

(38)

Ba cheart go mbeadh rialacha ann maidir le húsáid an ioncaim as nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú, mura rud é go mbeadh cineál sonrach an idirnascaire lena mbaineann ina údar maith le díolúine ó na rialacha sin.

(39)

Chun go mbeidh cothroime iomaíochta ann idir rannpháirtithe uile an mhargaidh, ba cheart taraifí nua gréasáin a chur i bhfeidhm ar bhealach a fhágann nach ndéantar idirdhealú idir táirgeadh atá nasctha ar leibhéal an dáileacháin agus táirgeadh atá nasctha ar leibhéal an tarchuir, bíodh idirdhealú dearfach nó diúltach i gceist. Níor cheart do tharaifí gréasáin idirdhealú a dhéanamh i gcoinne stóráil fuinnimh, agus níor cheart go gcruthófaí dídhreasuithe leo i dtaca le bheith rannpháirteach sa fhreagairt don éileamh ná bheith ina bhacainn ar éifeachtúlacht fuinnimh a fheasbhú.

(40)

Chun trédhearcacht agus inchomparáideacht a mhéadú agus taraifí á socrú i gcásanna ina meastar nach leor comhchuibhiú ceangailteach, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú faoi Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (“ACER”) tuarascáil maidir le dea-chleachtais do mhodheolaíochtaí i gcomhair taraifí a eisiúint.

(41)

Chun infheistíocht optamaithe san eangach thras-Eorpach a áirithiú ar bhealach níos fearr agus chun dul i ngleic leis an dúshlán i gcás nach féidir tionscadail inmharthana idirnaisc a thógáil toisc nach dtugtar tús áite dóibh ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart athmhachnamh a dhéanamh ar chíosanna ó phlódú agus rannchuidiú le hinfhaighteacht a ráthú agus na hacmhainneachtaí idirnaisc a choinneáil nó a mhéadú.

(42)

Chun go n-áiritheofar bainistiú optamach an ghréasáin tarchurtha leictreachais agus chun go mbeifear in ann trádáil a dhéanamh sa leictreachas agus é a sholáthar thar theorainneacha san Aontas, ba cheart ENTSO don Leictreachas a bhunú. Ba cheart go gcuirfeadh ENTSO don Leictreachas a chuid cúraimí i gcrích i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais atá infheidhme i gcónaí maidir le cinntí ENTSO don Leictreachas. Ba cheart go saineofaí cúraimí an ENTSO don Leictreachas go cuí agus ba cheart go n-áiritheofaí lena mhodh oibre éifeachtúlacht, cineál ionadaíoch agus trédhearcacht ENTSO don Leictreachas. Níl sé beartaithe go ngabhfadh na cóid ghréasáin a ullmhaíonn ENTSO don Leictreachas ionad na gcód gréasáin náisiúnta atá riachtanach maidir le saincheisteanna nach saincheisteanna trasteorann iad. De bhrí go bhféadfar dul chun cinn níos éifeachtaí a dhéanamh trí chur chuige ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart d'oibreoirí córas tarchurtha struchtúir réigiúnacha a chur ar bun laistigh den struchtúr comhair foriomlán, agus go n-áireofaí ag an am céanna go mbeadh na torthaí ar an leibhéal réigiúnach comhoiriúnach le cóid ghréasáin agus le pleananna forbartha gréasáin neamhcheangailteacha 10 mbliana ar leibhéal an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit an comhar ar an leibhéal réigiúnach a chur chun cinn mar aon le faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an ghréasáin ar an leibhéal sin. Ba cheart go mbeadh an comhar ar an leibhéal réigiúnach comhoiriúnach leis an dul chun cinn i ndáil le margadh inmheánach don leictreachas atá iomaíoch agus éifeachtúil.

(43)

Ba cheart go ndéanfadh ENTSO do Leictreachas measúnú leormhaitheasa cuimsitheach ar acmhainní ar leibhéal Eorpach sa mheántéarma go fadtéarma chun bonn oibiachtúil a chur ar fáil don mheasúnú ar ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de. Ba cheart an t-ábhar imní i dtaca le leormhaitheas acmhainní a dtéann sásraí acmhainneachta i ngleic leis a bheith bunaithe ar mheasúnú leormhaitheasa cuimsitheach ar acmhainní ar leibhéal Eorpach. Féadfar an measúnú sin a chomhlánú le measúnuithe náisiúnta.

(44)

Ní hionann an cuspóir atá leis an modheolaíocht don mheasúnú ar leormhaitheas acmhainní san fhadtéarma (ó 10 mbliana chun tosaigh go 1 bhliain amháin chun tosaigh) a leagtar amach sa Rialachán seo agus an cuspóir atá leis an na measúnaithe leormhaitheasa séasúracha (6 mhí chun tosaigh) a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Baintear úsáid as measúnuithe meántéarmacha go fadtéarmacha den chuid is mó chun ábhair imní leormhaitheasa a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le sásraí acmhainneachta, ach úsáidtear measúnaithe leormhaitheasa séasúracha chun foláireamh a thabhairt maidir le rioscaí gearrthéarmacha a d'fhéadfadh titim amach sna 6 mhí amach anseo ar dócha gurb é an toradh a bheidh orthu go mbeidh meath suntasach ar an staid i dtaca le soláthar leictreachais. Chomh maith leis sin, tugann lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha faoi mheasúnuithe ar leormhaitheas réigiúnach ar oibriú na gcóras tarchurtha leictreachais. Is measúnuithe leormhaitheasa an-ghearrthéarmach iad sin (idir seachtain chun tosaigh go lá chun tosaigh) a úsáidtear i gcomhthéacs oibriú na gcóras.

(45)

Sula dtabharfar isteach sásraí acmhainneachta, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar shaobhadh rialála atá ag cur leis an ábhar imní gaolmhar i dtaca le leormhaitheas acmhainní. Ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun deireadh a chur le saobhadh arna aithint, agus ba cheart amlíne a áireamh do chur chun feidhme na mbeart. Níor cheart sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach ach chun dul i ngleic leis na fadhbanna leormhaitheasa nach féidir a réiteach trí dheireadh a chur le saobhadh den sórt sin.

(46)

Na Ballstáit a bhfuil sé beartaithe acu sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach, ba cheart dóibh spriocanna do leormhaitheas acmhainní a leagan síos bunaithe ar phróiseas trédhearcach infhíoraithe. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit an leibhéal is mian leo féin a shocrú do shlándáil an tsoláthair.

(47)

De bhun Airteagal 108 CFAE, tá inniúlacht eisiach ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na mbeart Státchabhrach leis an margadh inmheánach a d'fhéadfadh na Ballstáit a chur ar bun. Is ar bhonn Airteagal 107(3) CFAE agus i gcomhréir leis na forálacha agus treoirlínte ábhartha a ghlacfaidh an Coimisiún chuige sin a dhéanfar an measúnú sin. Ní dhéanann an Rialachán seo dochar d'inniúlacht eisiach an Choimisiúin a dheonaítear faoi CFAE.

(48)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na sásraí acmhainneachta atá i bhfeidhm i bhfianaise an Rialacháin seo.

(49)

Ba cheart rialacha mionsonraithe a leagan síos sa Rialachán seo chun rannpháirtíocht éifeachtach trasteorann i sásraí acmhainneachta a éascú. Ba cheart d'oibreoirí córas tarchurtha rannpháirtíocht trasteorann táirgeoirí ar suim leo a bheith rannpháirteach i sásraí acmhainneachta i mBallstáit eile a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh na hacmhainneachtaí a ríomh go dtí leibhéal ar féidir rannpháirtíocht trasteorann bheith i gceist leis, chomh maith le rannpháirtíocht a chumasú agus na deiseanna atá ann dul ina bun a sheiceáil. Ba cheart do na húdaráis rialála na rialacha trasteorann a fhorfheidhmiú sna Ballstáit.

(50)

Níor cheart go róchúiteamh mar thoradh ar shásraí acmhainneachta, ach ag an am céanna, ba cheart dóibh slándáil an tsoláthair a áirithiú. I ndáil leis sin gur cheart sásraí acmhainneachta seachas cúltacaí straitéiseacha a bhunú chun a áirithiú go gclaonfaidh an praghas a íocfar as infhaighteacht i dtreo an nialais i gcás ina meastar go mbeidh leibhéal na hacmhainneachta, a mbeadh rath uirthi ar an margadh fuinnimh gan sásra acmhainneachta, leormhaith chun an leibhéal acmhainneachta a éilítear a chomhlíonadh;

(51)

Chun tacú leis na Ballstáit agus le réigiúin a bhfuil dúshláin shóisialta thionsclaíocha agus eacnamaíocha rompu mar thoradh ar an tarchur fuinnimh, tá tionscnamh i dtaca le réigiúin ar mór a lorg guail agus carbóin curtha ar bun ag an gCoimisiún. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún cuidiú leis na Ballstáit, lena n-áirítear le tacaíocht airgeadais spriocdhírithe chun “aistriú cóir” sna réigiúin sin a chumasú, i gcás ina mbeidh sí ar fáil.

(52)

I bhfianaise na ndifríochtaí idir na córais fuinnimh náisiúnta agus na teorainneacha teicniúla a bhaineann leis na gréasáin leictreachais atá ann cheana féin, is minic gur ar an leibhéal réigiúnach a bheidh an cur chuige is fearr chun dul chun cinn a bhaint amach i dtaca le comhtháthú an margaidh. Dá bhrí sin, ba cheart comhar réigiúnach na n-oibreoirí córais tarchurtha a neartú. Chun comhar éifeachtach a áirithiú, ba cheart, i gcreat rialála nua, foráil a dhéanamh maidir le rialachas réigiúnach agus maoirseacht rialála níos láidre, lena n-áirítear trí chumhacht cinnteoireachta ACER a neartú i gcás saincheisteanna trasteorann. D'fhéadfadh gá a bheith le comhar níos dlúithe idir na Ballstáit i gcásanna géarchéime freisin, chun slándáil an tsoláthair a mhéadú agus chun saobhadh an mhargaidh a theorannú.

(53)

Tá socruithe foirmiúla curtha ar bun don chomhordú idir oibreoirí córas tarchurtha ar an leibhéal réigiúnach ós rud é go bhfuil rannpháirtíocht na n-oibreoirí córais tarchurtha sna comhordaitheoirí slándála réigiúnach éigeantach. Ba cheart go ndéanfaí forbairt bhreise ar chomhordú réigiúnach ar oibreoirí córas tarchurtha le creat institiúideach feabhsaithe trí lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a bhunú. Le bunú na lárionad comhordúcháin réigiúnach, ba cheart tionscnaimh réigiúnacha don chomhardú atá ann cheana féin nó atá beartaithe a chur san áireamh agus ba cheart tacú le córais leictreachais a oibriú ar fud an Aontais ar bhealach a éireoidh níos comhtháite, chun feidhmíocht éifeachtach shlán na gcóras sin a áirithiú. Ar an gcúis sin, is gá a áirithiú go ndéanfar comhordú ar oibreoirí córas tarchurtha trí lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ar fud an Aontais. I gcás nach bhfuil comhordú déanta go fóill ar oibreoirí córas tarchurtha réigiúin ar leith ag lárionad comhordúcháin réigiúnach atá ann cheana féin nó atá beartaithe, ba cheart d'oibreoir córais tarchurtha an réigiúin sin lárionad comhordúcháin réigiúnach a bhunú nó a ainmniú.

(54)

Ba cheart go bhfágfadh raon feidhme geografach na lárionad comhordúcháin réigiúnach go mbeidh siad in ann rannchuidiú éifeachtach a dhéanamh i gcomhordú oibríochtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha thar réigiúin, rud a chiallódh go mbeadh feabhas ar shlándáil córais agus éifeachtúlacht mhargaidh. Ba cheart solúbthacht a bheith ag lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na cúraimí a dhéanamh sa réigiún sa chaoi is fearr atá in oiriúint do chineál na gcúraimí aonair a thugtar ar iontaoibh dóibh.

(55)

Ba cheart do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha cúraimí a dhéanamh i gcás ina mbíonn breisluach ann toisc go mbíonn siad ag feidhmiú ar an leibhéal réigiúnach, i gcomparáid leis na cúraimí a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta. Na cúraimí a leagfar ar lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha, ba cheart go gcuimseoidís na cúraimí sin a dhéanann comhordaitheoirí réigiúnacha slándála de bhun Rialachán (AE) 2017/1485 (12), mar aon le cúraimí eile a bhaineann le hoibriú an chórais, le hoibriú an mhargaidh, agus le riosca-ullmhacht. Na cúraimí a dhéanfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha, níor cheart oibriú fíor-ama an chórais leictreachais a áireamh.

(56)

Agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu, ba cheart go rannchuideodh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le gnóthú chuspóirí 2030 agus 2050 arna leagan amach sa chreat beartais maidir le haeráid agus fuinnimh.

(57)

Ba cheart do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha feidhmiú go príomhúil chun leasa oibriú an chórais agus an mhargaidh sa réigiún. Dá réir sin, ba cheart na cumhachtaí riachtanacha a chur ar iontaoibh na lárionad comhordúcháin réigiúnach chun comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí nach mór d'oibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córais i gcás feidhmeanna áirithe agus ról comhairleach níos láidre a bheith acu i dtaca leis na feidhmeanna eile.

(58)

Níor cheart go rachadh acmhainní daonna, teicniúla, fisiciúla agus airgeadais na lárionad comhordúcháin réigiúnach thar an méid a bhfuil gá leis chun a gcúraimí a thabhairt i gcrích.

(59)

Ba cheart do ENTSO don Leictreachas a áirithiú go ndéantar gníomhaíochtaí na lárionad comhordúcháin réigiúnach a chomhardú thar theorainneacha réigiúnacha.

(60)

Chun an éifeachtúlacht a mhéadú i ngréasáin dáileacháin leictreachais san Aontas agus chun an dlúthchomhar le hoibreoirí córas tarchurtha agus le ENTSO don Leictreachas a áirithiú, ba cheart eintiteas Eorpach d'oibreoirí córais dáileacháin san Aontas (“eintiteas AE do OCDanna”) a bhunú. Ba cheart go saineofaí cúraimí eintiteas AE do OCDanna ar bhealach soiléir agus ba cheart go n-áiritheofaí lena mhodh oibre éifeachtúlacht, trédhearcacht agus ionadaitheacht i measc oibreoirí córas tarchurtha an Aontais. Ba cheart d'eintiteas AE do OCDanna dul i ndlúthchomhar le ENTSO don Leictreachas maidir leis na cóid ghréasáin a ullmhú agus a chur chun feidhme, i gcás inarb infheidhme sin, agus ba cheart dó oibriú chun treoir a thabhairt maidir le comhtháthú ar, inter alia, ghiniúint agus stóráil dháilte i ngréasáin dáileacháin nó i réimsí eile a bhaineann le bainistiú na ngréasán dáileacháin. Ina theannta sin, ba cheart go dtabharfadh eintiteas AE do OCDanna aird chuí ar na sainiúlachtaí a bhaineann go dlúth le córais dáileacháin a bhaineann le córais leictreachais iartheachtacha ar oileáin nach bhfuil nasctha trí idirnascairí le córais leictreachais eile.

(61)

Tá gá le comhar agus comhordú méadaithe idir na hoibreoirí córas tarchurtha chun cóid ghréasáin a chruthú lena soláthrófar agus lena mbainisteofar rochtain éifeachtach agus thrédhearcach ar na gréasáin tarchurtha thar theorainneacha, agus chun pleanáil atá comhordaithe agus réamhbhreathnaitheach go leor agus forás fónta teicniúil a áirithiú don chóras tarchurtha san Aontas, lena n-áirítear acmhainneachtaí idirnaisc a chruthú, ag féachaint go cuí don chomhshaol. Ba cheart go mbeadh na cóid ghréasáin sin i gcomhréir leis na creat-treoirlínte ar de chineál neamhcheangailteach iad (creat-treoirlínte) agus a d'fhorbair ACER. Ba cheart go mbeadh ról ag ACER maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtchóid ghréasáin, ar athbhreithniú é a bheidh bunaithe ar ábhair fíoras, lena n-áirítear athbhreithniú i dtaobh an gcomhlíonann siad na creat-treoirlínte, agus ba cheart go gcumasófaí di a mholadh don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart go ndéanfadh ACER measúnú ar leasuithe a bheartaítear a dhéanamh ar na cóid ghréasáin agus ba cheart go gcumasófaí di a mholadh don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart go n-oibreodh oibreoirí córas tarchurtha a ngréasáin i gcomhréir leis na cóid ghréasáin sin.

(62)

Léirigh an taithí a fuarthas agus na cóid ghréasáin á bhforbairt agus á nglacadh gur úsáideach an rud é an nós imeachta lena bhforbraítear iad a shruthlíniú trína shoiléiriú go bhfuil an ceart ag ACER athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtchóid ghréasáin leictreachais sula gcuirtear faoi bhráid an Choimisiúin iad.

(63)

Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta lena gceadaítear cinntí agus treoirlínte a ghlacadh, inter alia maidir le tairifiú agus leithdháileadh acmhainneachta ag an gCoimisiún agus rannpháirtíocht údaráis rialála a áirithiú fós sa phróiseas sin, trína gcomhlachas ar leibhéal an Aontais i gcás inarb iomchuí sin. Tá ról tábhachtach ag na húdaráis rialála, mar aon le húdaráis ábhartha eile sna Ballstáit, i ndáil le rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas.

(64)

Tá leas ag rannpháirtithe uile an mhargaidh san obair a bhfuiltear ag súil léi ó ENTSO don Leictreachas. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go mbeadh próiseas comhairliúcháin éifeachtach ann agus go mbeadh ról tábhachtach ag na struchtúir atá ann cheana féin agus a cuireadh ar bun chun an próiseas comhairliúcháin a éascú agus a shruthlíniú, amhail trí údaráis rialála nó tríd ACER.

(65)

D'fhonn breis trédhearcachta a áirithiú maidir leis an ngréasán iomlán tarchurtha leictreachais san Aontas, ba cheart do ENTSO don Leictreachas plean forbartha gréasáin uile-Aontais neamhcheangailteach 10 mbliana a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta. Ba cheart go ndéanfaí gréasáin inmharthana tarchurtha leictreachais agus na hidirnaisc réigiúnacha is gá, atá ábhartha ó thaobh tráchtála nó chinnteacht soláthair de, a chur san áireamh sa phlean forbartha gréasáin sin.

(66)

Ba cheart infheistíochtaí i mbonneagar mór nua a chur chun cinn go láidir agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a áirithiú ag an am céanna. D'fhonn an tionchar dearfach atá ag idirnascairí díolmhaithe srutha dhírigh ar iomaíocht agus ar chinnteacht soláthair a fheabhsú, ba cheart spéis an mhargaidh a thástáil le linn chéim phleanála an tionscadail agus ba cheart rialacha maidir le bainistiú ar phlódú a ghlacadh. I gcás ina mbeidh idirnascairí srutha dhírigh suite ar chríoch níos mó ná Ballstát amháin, ba cheart do ACER déileáil leis an iarraidh ar dhíolúine, mar rogha deiridh, ionas go gcuirfí a himpleachtaí trasteorann san áireamh ar bhealach níos fearr agus chun an láimhseáil riaracháin a gheobhaidh sí a fheabhsú. Thairis sin, mar gheall ar phróifíl riosca neamhghnách a bhaineann leis na mórthionscadail bhonneagair dhíolmhaithe sin a thógáil, ba cheart go mbeadh gnóthais a bhfuil leasanna soláthair agus táirgthe acu in ann tairbhe a bhaint as maolú sealadach ar na rialacha maidir le díchuachadh iomlán do na tionscadail lena mbaineann. Leanfaidh na díolúintí arna ndeonú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) d'fheidhm a bheith acu go dtí an dáta sceidealta éagtha faoi mar a cinneadh sa chinneadh chun díolúine a dheonú. Maidir le bonneagar leictreachais eischósta atá défheidhmiúil (ar a dtugtar “sócmhainní hibrideacha eischósta”) lena ndéantar cumasc idir iompar fuinnimh gaoithe eischósta chuig an gcósta agus idirnascairí, ba cheart freisin é a bheith incháilithe do dhíolúine faoi mar atá amhlaidh faoi na rialacha is infheidhme maidir le hidirnascairí srutha dhírigh nua. I gcás inar gá, ba cheart go ndéanfaí breithniú cuí leis an gcreat rialála ar staid shonrach na sócmhainní sin chun teacht thar bhacainní ar bhaint amach sócmhainní hibrideacha eischósta atá cost-éifeachtach don tsochaí.

(67)

Chun muinín sa mhargadh a fheabhsú, ní foláir do na rannpháirtithe a bheith cinnte go bhféadfar iad siúd a ghabhann do mhí-úsáid a chur faoi réir pionós atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart go dtabharfaí an inniúlacht do na húdaráis inniúla chun líomhaintí maidir le mí-úsáid an mhargaidh a fhiosrú go héifeachtach. Chun na críche sin, is gá rochtain a bheith ag na húdaráis inniúla ar shonraí ina bhfuil faisnéis maidir le cinntí oibríochtúla a ghlacannsoláthróirí. Déanann táirgeoirí go leor cinntí ábhartha i margadh an leictreachais agus ba cheart dóibh an fhaisnéis maidir leis an cinntí sin a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla, agus rochtain éasca a bheith ag na húdaráis sin uirthi, go ceann tréimhse socraithe. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla faireachán go tráthrialta ar chomhlíonadh na rialacha ar thaobh na n-oibreoirí córais tarchurtha. Ba cheart go mbeadh díolúine ón oibleagáid sin ag táirgeoirí beaga nach bhfuil de chumas acu i ndáiríre an margadh a shaobhadh.

(68)

Ba cheart go gceanglófaí ar na Ballstáit agus ar na húdaráis inniúla faisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún déileáil le faisnéis den sórt sin mar fhaisnéis rúnda. I gcás inar gá, ba cheart go mbeadh deis ag an gCoimisiún faisnéis ábhartha a iarraidh go díreach ar na gnóthais lena mbaineann, ar choinníoll go gcuirtear na húdaráis inniúla ar an eolas faoi sin.

(69)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(70)

Ba cheart do na Ballstáit, do Chomhpháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, agus do thríú tíortha eile a chuireann an Rialachán seo chun feidhme nó ar limistéir iad d'eangach shioncrónach Mhór-roinn na hEorpa dul i ndlúthchomhar ar chúrsaí a bhaineann le réigiún comhtháite trádála leictreachais a fhorbairt agus níor cheart dóibh aon bheart a dhéanamh a chuirfeadh comhtháthú breise na margaí leictreachais, ná cinnteacht an tsoláthair, atá ag na Ballstáit agus ag na Comhpháirtithe Conarthacha, i mbaol.

(71)

An tráth ar glacadh Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, is beag riail a bhí ann don mhargadh inmheánach don leictreachas ar leibhéal an Aontais. Ó shin i leith, tá margadh inmheánach an Aontais tar éis éirí níos casta mar gheall ar athrú bunúsach atá ag teacht ar na margaí, go háirithe maidir le húsáid an táirgthe athraithí giniúina leictreachais in-athnuaite. Dá bhrí sin, tá na cóid ghréasáin agus na treoirlínte níos cuimsithí ná riamh agus tugtar aghaidh iontu ar shaincheisteanna teicniúla agus ginearálta araon.

(72)

Chun an leibhéal íosta comhchuibhithe atá de dhíth chun go mbeidh an margadh ag feidhmiú go cuí a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a thairmligean don Choimisiún i dtaca le gnéithe neamhriachtanacha de réimsí sonracha áirithe atá bunriachtanach don chomhtháthú margaidh. Leis na gníomhartha sin ba cheart go n-áiritheofaí glacadh agus leasú ar chóid ghréasáin áirithe agus treoirlínte i gcás ina gcomhlánaítear leo sin an Rialachán seo, comhar réigiúnach na n-oibritheoirí córas tarchurtha agus na n-údarás rialála, cúiteamh airgeadais idir oibritheoirí córas tarchurtha, mar aon le cur i bhfeidhm forálacha díolúine d'idirnascairí nua. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (14). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(73)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh.

(74)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat comhchuibhithe a sholáthar le haghaidh malartuithe trasteorann leictreachais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge nó a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(75)

Ar chúiseanna an chomhleanúnachais agus na deimhneachta dlíthiúla, níor cheart go gcuirfeadh foráil ar bith sa Rialachán seo cosc ar chur i bhfeidhm na maoluithe a eascraíonn as Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Is é is aidhm don Rialachán seo:

(a)

bunús a chur ar fáil chun spriocanna an Aontais Fuinnimh, agus go háirithe an creat aeráide agus fuinnimh le haghaidh 2030, a bhaint amach go héifeachtúil trína fhágáil gur féidir comharthaí margaidh a chur ar fáil chun go mbeidh méadú ar an éifeachtúlacht, ar sciar níos mó d'fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ar shlándáil an tsoláthair, ar an tsolúbthacht, ar an inbhuanaitheacht, ar an dícharbónú, agus ar an nuálaíocht;

(b)

prionsabail bhunúsacha a shocrú le haghaidh margaí leictreachais comhtháite, a bheidh ag feidhmiú go maith, a fhágfaidh go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an margadh ag gach soláthraí acmhainní agus ag gach custaiméir leictreachais, a chumhachtóidh tomhaltóirí, a fheabhsóidh iomaíocht ar an margadh domhanda mar aon le freagairt don éileamh, stóráil fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, a éascóidh éileamh agus soláthar dáilte a chomhbhailiú, agus a chumasóidh comhtháthú margaidh agus earnálach agus luach saothair margadhbhunaithe as leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite;

(c)

rialacha córa a shocrú maidir le malartuithe trasteorann leictreachais, agus feabhas a chur, sa tslí sin, ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach sa leictreachas, agus saintréithe áirithe na margaí náisiúnta agus réigiúnacha á gcur san áireamh, lena n-áirítear air sin bunú sásra cúitimh do shreafaí trasteorann leictreachais, socrú prionsabal comhchuibhithe maidir le muirir tarchurtha trasteorann agus maidir le leithdháileadh acmhainneachta atá ar fáil sna hidirnaisc idir córais tarchurtha náisiúnta;

(d)

teacht chun cinn margaidh mórdhíola sa leictreachas a éascú ar margadh é a bheidh trédhearcach agus a fheidhmeoidh go maith agus a rannchuideoidh le leibhéal ard slándála soláthair leictreachais agus foráiltear ann do shásraí chun na rialacha do mhalartuithe trasteorann sa leictreachas a chomhchuibhiú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “idirnascaire” líne tarchurtha a thrasnaíonn nó a réisíonn teorainn idir Ballstáit agus a nascann córais náisiúnta tarchurtha na mBallstát.

(2)

ciallaíonn “údarás rialála” údarás rialála a ainmnítear ag gach Ballstát de bhun Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/944;

(3)

ciallaíonn “sreabh thrasteorann” sreabh fisiceach leictreachais ar líonra tarchurtha Ballstáit a eascraíonn as tionchar gníomhaíochtaí na dtáirgeoirí, na gcustaiméirí, nó araon, lasmuigh den Bhallstát sin ar a ghréasán tarchurtha;

(4)

ciallaíonn “plódú” staid a fhágann nach féidir freastal ar gach iarratas ó rannpháirtithe sa mhargadh chun trádáil a dhéanamh idir limistéir gréasáin toisc go n-imreodh siad tionchar suntasach ar na sreafaí fisiciúla ar eilimintí den ghréasán nach féidir leo freastal ar na sreabha sin;

(5)

ciallaíonn “idirnascaire nua” idirnascaire nár críochnaíodh faoin 4 Lúnasa 2003;

(6)

ciallaíonn “plódú struchtúrach” plódú sa chóras tarchurtha ar féidir é a shainiú go neamh-dhébhríoch, atá intuartha, a mbaineann cobhsaíocht gheografach leis le himeacht ama, agus a bhíonn ag atarlú go minic faoi ghnáthdhálaí na gcóras leictreachais cumhachta;

(7)

ciallaíonn “oibreoir margaidh” eintiteas a sholáthraíonn seirbhís faoina ndéantar na tairiscintí chun leictreachas a dhíol a mheaitseáil le tairiscintí chun leictreachas a cheannach;

(8)

ciallaíonn “oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais” (OAML) oibreoir margaidh arna ainmniú ag an údarás inniúil chun cúraimí a bhaineann le cúpláil amháin lá roimh ré nó cúpláil amháin ionlae a dhéanamh;

(9)

ciallaíonn “an luach atá ar chailliúint lóid” meastachán, in euro/MWh, ar an bpraghas uasta leictreachais a mbíonn custaiméirí sásta a íoc chun éaradh a sheachaint;

(10)

ciallaíonn “cothromú” gach gníomhaíocht agus próiseas, i ngach amlíne, faoina n-áirithíonn oibreoirí córais tarchurtha, ar bhealach leanúnach, go gcoinnítear minicíocht an chórais laistigh de raon cobhsaíochta réamhshainithe agus go gcomhlíontar le méid na gcúlchistí atá de dhíth i ndáil leis an gcáilíocht is gá;

(11)

ciallaíonn “fuinneamh don chothromú” fuinneamh a úsáideann na hoibreoirí córais tarchurtha chun cothromú a dhéanamh;

(12)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí cothromaithe” rannpháirtí sa mhargadh a sholáthraíonn fuinneamh don chothromú nó acmhainneacht don chothromú, nó an dá rud, le hoibreoirí córas tarchurtha;

(13)

ciallaíonn “acmhainneacht don chothromú” méid acmhainneachta ar chomhaontaigh an soláthraí seirbhísí a choinneáil ar bun agus ar chomhaontaigh an soláthraí seirbhísí cothromaithe tairiscintí do mhéid comhfhreagrach d'fhuinneamh don chothromú a sheoladh chuig an oibreoir córais tarchurtha feadh ré an chonartha;

(14)

ciallaíonn “páirtí atá freagrach as cothromú” rannpháirtí sa mhargadh nó an t-ionadaí atá roghnaithe aige atá freagrach as a míchothromaíochtaí i margadh an leictreachais;

(15)

ciallaíonn “tréimhse réiteach míchothromaíochtaí” an t-aonad ama lena ndéantar míchothromaíocht na bpáirtithe atá freagrach as cothromú a ríomh;

(16)

ciallaíonn “praghas na míchothromaíochta” an praghas, bíodh sé dearfach, nialasach nó diúltach, i ngach tréimhse réiteach míchothromaíochtaí atá ar mhíchothromaíocht i ngach treo;

(17)

ciallaíonn “limistéar phraghas na míchothromaíochta” an limistéar a ndéantar praghas míchothromaíochta a ríomh ina leith;

(18)

ciallaíonn “próiseas réamhcháiliúcháin” an próiseas chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh soláthraí acmhainneachta don chothromú leis na ceanglais arna leagan síos ag oibreoirí córais tarchurtha;

(19)

ciallaíonn “acmhainneacht chúltaca” méid na gcúltacaí coinneála minicíochta, cúltacaí athsholáthair minicíochta nó cúltacaí athchuir is gá a bheith ar fáil don oibreoir córais tarchurtha;

(20)

ciallaíonn “seoladh tosaíochta”, i dtaca leis an múnla féinseolta seoladh na ngléasraí cumhachta bunaithe ar chritéir atá éagsúil ó ord eacnamaíochta na dtairiscintí agus, i dtaca leis an múnla seolta lárnach, le seoladh na ngléasraí cumhachta bunaithe ar chritéir atá éagsúil ó ord eacnamaíochta agus ó shrianta gréasáin, a thugann tosaíocht do sheoladh teicneolaíochtaí giniúna ar leith;

(21)

ciallaíonn “réigiún um ríomh acmhainneachta” an réigiún geografach ina gcuirtear an ríomh don acmhainneacht chomhordaithe i bhfeidhm;

(22)

ciallaíonn “sásra acmhainneachta” beart sealadach chun a áirithiú go mbainfear amach an leibhéal riachtanach de leormhaitheas acmhainní trí luach saothair a thabhairt ar acmhainní as iad a bheith ar fáil gan bearta a bhaineann le seirbhísí coimhdeacha agus bainistiú ar phlódú a chur san áireamh;

(23)

ciallaíonn “comhghiniúint ardéifeachtach”comhghiniúint a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16);

(24)

ciallaíonn “tionscadal taispeána” tionscadal a thaispeánann teicneolaíocht mar theicneolaíocht arb í an chéad cheann dá cineál í agus ar nuálaíocht shuntasach atá i gceist léi atá i bhfad chun cinn ar an teicneolaíocht úrscothach;

(25)

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leictreachas á cheannach, á dhíol nó á ghiniúint aige, atá i mbun comhbhailiú nó ar oibreoir freagartha don éileamh nó seirbhísí stórála fuinnimh é, lena n-áirítear trí orduithe a chur chun trádáil a dhéanamh, i gceann amháin nó níos mó de na margaí leictreachais, lena n-áirítear i margaí fuinnimh don chothromú;

(26)

ciallaíonn “athsheoladh” beart, lena n-áirítear ciorrúchán, arna chur i ngníomh ag oibreoirí córais tarchurtha amháin nó níos mó, ná oibreoir córais dáiliúcháin amháin nó níos mó lena n-athraítear patrún na giniúna nó an lói, nó araon, d'fhonn athrú a dhéanamh ar shreafaí fisiciúla sa chóras leictreachais agus plódú fisiceach a fhuascailt nó slándáil an chórais a áirithiú ar bhealach eile;

(27)

ciallaíonn “fritrádáil” malartú traschreasach arna thionscnamh ag dhá oibreoir córais idir dhá chrios tairisceana chun plódú fisiciúil a fhuascailt;

(28)

ciallaíonn “saoráid giniúna cumhachta” saoráid a thiontaíonn go fuinneamh leictreach fuinneamh príomhúil agus arb é atá ann ceann amháin nó níos mó de mhodúil giniúna cumhachta agus iad nasctha le gréasán;

(29)

ciallaíonn “múnla seolta lárnach” múnla sceidealúcháin agus seolta, ina gcinneann oibreoir córais tarchurtha, laistigh den phróiseas comhtháite sceidealúcháin, na sceidil ghiniúna agus na sceidil tomhaltais mar aon le seoladh na saoráidí giniúna cumhachta agus na saoráidí éilimh, i dtaca le saoráidí inseolta;

(30)

ciallaíonn “múnla féinseolta” múnla sceidealúcháin agus seolta, ina gcinneann oibreoir córais tarchurtha, laistigh den phróiseas comhtháite sceidealúcháin, na sceidil ghiniúna agus na sceidil tomhaltais mar aon le seoladh na saoráidí giniúna cumhachta agus na saoráidí éilimh;

(31)

ciallaíonn “táirge caighdeánach don chothromú” táirge comhchuibhithe don chothromú arna shainiú ag gach oibreoirí córais tarchurtha chun seirbhísí don chothromú a mhalartú;

(32)

ciallaíonn “táirge sainiúil don chothromú” táirge comhchuibhithe nach ionann agus táirge comhchuibhithe caighdeánach éagsúil;

(33)

ciallaíonn “oibreoir tarmligthe” eintiteas dár tarmligeadh cúraimí nó oibleagáidí sonracha a cuireadh ar iontaoibh oibreoir córais tarchurtha nó oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais faoin Rialachán seo nó faoi aon ghníomhartha eile de chuid an Aontais ag an oibreoir córais tarchurtha nó ag oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais nó a sannadh ag Ballstát nó ag Údaráis Rialála.

(34)

ciallaíonn “custaiméir” custaiméir mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(35)

ciallaíonn “custaiméir deiridh” custaiméir deiridh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(36)

ciallaíonn “custaiméir mórdhíola” custaiméir mórdhíola mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(37)

ciallaíonn “custaiméir teaghlaigh” custaiméir teaghlaigh mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(38)

ciallaíonn “fiontar beag” fiontar beag mar a shainmhínítear i bpointe (7) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(39)

ciallaíonn “custaiméir gníomhach” custaiméir gníomhach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(40)

ciallaíonn “margaí leictreachais”margaí leictreachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(41)

ciallaíonn “soláthair” soláthair mar a shainmhínítear i bpointe (12) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(42)

ciallaíonn “conradh soláthair leictreachais” conradh soláthair leictreachais mar a shainmhínítear i bpointe (13) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(43)

ciallaíonn “comhbhailiú” comhbhailiú mar a shainmhínítear i bpointe (18) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(44)

ciallaíonn “freagairt don éileamh” freagairt don éileamh mar a shainmhínítear i bpointe (20) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(45)

ciallaíonn “córas méadraithe chliste” córas méadraithe chliste mar a shainmhínítear i bpointe (23) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(46)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(47)

ciallaíonn “dáileachán” dáileachán mar a shainmhínítear i bpointe (28) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(48)

ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin” oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear i bpointe (29) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(49)

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (30) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(50)

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” nó “fuinneamh in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite mar a shainmhínítear i bpointe (31) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(51)

ciallaíonn “giniúint dháilte” giniúint dháilte mar a shainmhínítear i bpointe (32) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(52)

ciallaíonn “tarchur” tarchur mar a shainmhínítear i bpointe (34) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(53)

ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha” oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear i bpointe (35) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(54)

ciallaíonn “úsáideoir córais” úsáideoir córais mar a shainmhínítear i bpointe (36) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(55)

ciallaíonn “giniúint” giniúint mar a shainmhínítear i bpointe (37) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(56)

ciallaíonn “táirgeoir” táirgeoir mar a shainmhínítear i bpointe (38) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(57)

ciallaíonn “córas idirnasctha” córas idirnasctha mar a shainmhínítear i bpointe (40) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(58)

ciallaíonn “córas beag scoite” córas beag scoite mar a shainmhínítear i bpointe (42) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(59)

ciallaíonn “córas beag nasctha” córas beag nasctha mar a shainmhínítear i bpointe (43) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(60)

ciallaíonn “seirbhís choimhdeach” seirbhís choimhdeach mar a shainmhínítear í i bpointe (48) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(61)

ciallaíonn “seirbhís choimhdeach neamh-mhinicíochta” seirbhís choimhdeacha neamh-mhinicíochta mar a shainmhínítear í i bpointe (49) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(62)

ciallaíonn “stóráil fuinnimh” stóráil fuinnimh mar a shainmhínítear í i bpointe (59) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(63)

ciallaíonn “lárionad comhordúcháin réigiúnach” lárionad comhordúcháin réigiúnach mar a shainmhínítear é in Airteagal 35 den Rialachán seo

(64)

ciallaíonn “margadh mórdhíola fuinnimh” margadh mórdhíola fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(65)

ciallaíonn “crios tairisceana” an limistéir geografach is mó inar féidir le rannpháirithe sa mhargadh fuinneamh a aistriú gan leithdháileadh acmhainneachta;

(66)

ciallaíonn “leithdháileadh acmhainneachta” sannadh acmhainneachta thraschreasach;

(67)

ciallaíonn “limistéir rialaithe” cuid chomhleanúnach den chóras idirnasctha arna oibriú ag oibreoir córais aonair, agus áireofar ualaí fisiceacha nasctha agus/nó aonaid ghiniúna, más ann dóibh;

(68)

ciallaíonn “glanacmhainn tarchurtha comhordaithe” modh chun acmhainneacht a ríomh atá bunaithe ar prionsabal aistriú fuinnimh idir criosanna tairisceana comharsana a mheasúnú agus a sainmhíniú ex ante;

(69)

ciallaíonn “eilimint chriticiúil líonra” eilimint chriticiúil i gcrios tairisceana ná idir criosanna tairisceana a gcuirtear san áireamh sa phróiseas ríofa acmhainneachtaí, lena teorannaítear méid na cumhachta a d'fhéadfaí aistriú;

(70)

ciallaíonn “acmhainneacht thraschreasach” cumas an chórais idirnasctha aistriú fuinnimh idir criosanna tairisceana a éascú;

(71)

ciallaíonn “aonad giniúna” gineadóir leictreachais aonair a bhaineann le haonadtáirgthe

CAIBIDIL II

RIALACHA GINEARÁLTA DON MHARGADH LEICTREACHAIS

Airteagal 3

Prionsabail i ndáil le hoibriú mhargaí an leictreachais

Áiritheoidh Ballstáit, údaráis rialála, oibreoirí córas tarchurtha, oibreoirí córas dáileacháin, oibreoirí margaidh agus oibreoirí tarmligthe go ndéanfar margaí leictreachais a oibriú i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

bunófar praghsanna ar bhonn éilimh agus soláthair;

(b)

le rialacha margaidh, spreagfar praghasmhúnlú saor agus seachnófar gníomhaíochtaí lena gcuirtear cosc ar phraghasmhúnlú ar bhonn éilimh agus soláthair;

(c)

le rialacha margaidh, éascófar forbairt giniúna níos solúbtha, giniúna ísealcharbóin, nó éilimh níos solúbtha;

(d)

cuirfear ar chumas custaiméirí tairbhe a bhaint as deiseanna margaidh agus as méadú san iomaíocht ar na margaí miondíola agus cumhachtófar iad le gníomhú mar rannpháirtithe sa mhargadh fuinnimh agus san aistriú fuinnimh;

(e)

cumasófar rannpháirtíocht custaiméirí deiridh agus gnólachtaí beaga sa mhargadh trí chomhbhailiú ar ghiniúint ó níos mó ná saoráid ghiniúna amháin nó ar lód ó níos mó ná saoráid éilimh amháin chun comhthairiscintí a sholáthar ar an margadh leictreachais agus a bheith ag feidhmiú go comhpháirteach sa chóras leictreachais, i gcomhréir le dlí iomaíochta and Aontais;

(f)

le rialacha margaidh, cumasófar dícharbónú an chórais leictreachais agus dá bhrí sin, dícharbónú an gheilleagair lena n-áirítear trí chomhtháthú ar leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chumasú agus trí dhreasachtaí a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh;

(g)

le rialacha margaidh, soláthrófar dreasachtaí iomchuí don ghiniúint, go háirithe infheistíochtaí fadtéarmacha i gcóras leictreachais dícharbónaithe agus inbhuanaithe, do stóráil fuinnimh, d'éifeachtúlacht fuinnimh, don fhreagairt don éileamh chun freastal ar riachtanais an mhargaidh, agus chun iomaíocht chóir a éascú, agus slándáil an tsoláthair a áirithiú dá réir sin;

(h)

cuirfear deireadh de réir a chéile le bacainní roimh shreafaí leictreachais trasteorann idir criosanna tairisceana nó Ballstáit agus roimh idirbhearta trasteorann ar mhargaí an leictreachais agus ar mhargaí na seirbhísí gaolmhara;

(i)

déanfar foráil maidir le comhar réigiúnach sna rialacha margaidh nuair is éifeachtach sin;

(j)

tabharfar don ghiniúint, stóráil fuinnimh, agus freagairt don éileamh a bheidh slán agus inbhuanaithe rannpháirt chomhionann ar an margadh, de réir na gceanglas dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais;

(k)

beidh gach táirgeoir freagrach go díreach nó go hindíreach as an leictreachas a ghineann sé;

(l)

le rialacha margaidh, ceadófar forbairt tionscadal taispeána chun go mbeidh siad ina bhfoinsí, ina dteicneolaíochtaí nó ina gcórais fuinnimh a bheidh inbhuanaithe, slán agus ísealcharbóin, agus iad sin a fhíorú agus a úsáid chun leasa na sochaí;

(m)

cumasóidh rialacha margaidh seoladh éifeachtach ar acmhainní giniúna, stórála fuinnimh agus freagartha don éileamh;

(n)

fágfaidh rialacha margaidh gur féidir le gnóthais giniúna leictreachais, stórála fuinnimh agus soláthair leictreachais dul isteach sa mhargadh agus dul amach as bunaithe ar measúnú na ngnóthas sin a dhéanfaidh siad ar inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais a gcuid oibríochtaí;

(o)

chun an deis a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh cosaint a bheith acu ar luaineacht praghsanna ar bhonn margaidh, agus maolú a dhéanamh ar neamhchinnteacht i dtaca leis an bhfáltas ar infheistíocht amach anseo, beidh táirgí fadtéarmacha ar fhálú intrádáilte ar mhalartuithe ar mhodh trédhearcach agus beidh conarthaí fadtéarmacha leictreachais soláthair soshannta thar an gcuntar, faoi réir chomhlíonadh dhlí iomaíochta an Aontais

(p)

Le rialacha margaidh, éascófar trádáil earraí ar fud an Aontais, agus hathruithe rialála, cuirfear san áireamh éifeachtaí ar réamh-mhargaí agus ar mhargaí amach anseo go gearrthéarmach agus go fadtéarmach agus ar tháirgí;

(q)

beidh de cheart ag rannpháirtithe sa mhargadh rochtain a fháil ar na greasáin tarchurtha agus dáileacháin ar théarmaí oibiachtúla, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

Airteagal 4

Aistriú cóir

Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit a chuirfidh straitéis náisiúnta ar bun chun laghdú forásach a dhéanamh ar acmhainneacht shuiteáilte giniúna agus mianadóireachta don ghual agus do bhreoslaí iontaise soladacha eile trí na modhanna uile atá ar fáil chun “aistriú cóir” a chumasú i réigiúin a ndéanfar difear dóibh le hathrú struchtúrach. Cuideoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun dul i ngleic le tionchair shóisialta agus eacnamaíocha an aistrithe i dtreo fuinneamh glan.

Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhpháirtíocht le geallshealbhóirí na réigiún ar mór a lorg guail agus carbóin, éascóidh sé rochtain ar chistí agus cláir atá ar fáil, tabharfaidh sé spreagadh i dtaca le dea-chleachtais a mhalartú, lena n-áirítear plé a dhéanamh maidir le treochláir thionsclaíocha agus riachtanais athoiliúna.

Airteagal 5

Freagracht as an gcothromú

1.   Beidh gach rannpháirtí sa mhargadh freagrach as na míchothromaíochtaí a chruthóidh siad sa chóras (“cothromú freagrachta”). Chuige sin, beidh rannpháirtithe sa mhargadh ina bpáirtithe a bhfuil freagracht orthu as cothromú nó déanfaidh siad an fhreagracht a tharmligean go conarthach chuig a rogha páirtí féin ar a mbeidh freagracht as an gcothromú. Beidh freagracht airgeadais as a chuid míchothromaíochtaí féin ar gach páirtí a mbeidh freagracht air as cothromú, agus féachfaidh sé leis an gcothromaíocht a bhaint amach nó cuidiú a thabhairt don chóras leictreachais a bhaint amach.

2.   Ní fhéadfaidh na Ballstáit maoluithe a sholáthar ar an bhfreagracht as cothromú ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

tionscadail taispeána le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha, faoi réir a bhformheasta ag an údarás rialála, ar choinníoll go bhfuil na maoluithe teoranta don am agus don mhéid atá riachtanach chun cuspóirí na taispeána a bhaint amach;

(b)

saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 400 kW acu;

(c)

suiteálacha a bhaineann tairbhe as tacaíocht arna formheas ag an gCoimisiún faoi rialacha an Aontais maidir le Státchabhair de bhun Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, agus a coimisiúnaíodh roimh an 4 Iúil 2019.

Féadfaidh na Ballstáit, gan dochar d'Airteagail 107 agus 108 CFAE, dreasachtaí a sholáthair do rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil díolúine iomlán nó i bpáirt acu ó fhreagracht as cothromú, chun glacadh le freagracht iomlán as cothromú.

3.   I gcás ina ndeánann an Ballstát foráil maolú a chur ar fáil i gcomhréir le mír 2, áiritheoidh sé go bhfuil na freagrachtaí airgeadais maidir le míchothromaíochtaí á gcomhlíonadh ag rannpháirtí sa mhargadh eile.

4.   I gcás saoráidí giniúna cumhachta a choimisiúnófar ón 1 Eanáir 2026, ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 2 ach amháin i leith saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte de níos lú ná 200 kW acu.

Airteagal 6

An margadh don chothromú

1.   Eagrófar margaí don chothromú, lena n-áirítear próisis réamhcháiliúcháin, ar bhealach a fhágfaidh:

(a)

go n-áiritheofar neamh-idirdhealú éifeachtach idir rannpháirtithe sa mhargadh, agus riachtanais éagsúla theicniúla an chórais leictreachais agus acmhainneachtaí éagsúla teicniúla foinsí giniúna, na stórála fuinnimh agus na freagartha don éileamh á gcur san áireamh;

(b)

go n-áiritheofar sainmhíniú ar sheirbhísí i modh atá trédhearcach agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ar sheirbhísí agus ar sholáthar trédhearcach margadhbhunaithe na seirbhísí sin;

(c)

go n-áiritheofar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar gach rannpháirtí sa mhargadh, bíodh sé ina rochtain aonair nó trí chomhbhailiú, lena n-áirítear leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite inathraitheacha fuinnimh, freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh;

(d)

go n-urramófar an gá le freastal ar sciartha méadaitheacha de ghiniúint athraitheach mar aon le freagairt mhéadaithe don éileamh agus teacht chun cinn teicneolaíochtaí nua.

2.   Ní réamhchinnfear praghas an fhuinnimh don chothromú i gconradh acmhainneachta don chothromú. Próisis thrédhearcacha a bheidh sna próisis soláthair i gcomhréir le hAirteagal 40(4) de Threoir (AE) 2019/944, lena n-urramófar rúndacht ag an am céanna.

3.   Áiritheoidh margaí don chothromú slándáil oibríochtúil agus ag an am céanna fágfaidh siad go mbeifear in ann úsáid uasta a bhaint as acmhainneacht thraslimistéir, agus í a leithdháileadh go héifeachtúil thar chreataí ama i gcomhréir le hAirteagal 17.

4.   I gcás táirgí caighdeánacha don chothromú agus sonracha don chothromú, bunófar socrú an fhuinnimh don chothromú ar phraghsáil imeallchostais (íoc-mar-imréitithe) mura rud é go bhfuil modh malartach praghsála formheasta ag na húdaráis rialála náisiúnta uile ar bhonn togra comhpháirteach ó na hoibreoirí córais tarchurtha uile tar éis anailís lena léireofar go bhfuil modh malartach praghsála níos éifeachtúla.

Beidh rannpháirtithe sa mhargadh in ann tairiscintí a dhéanamh chomh gar don fhíor-am agus is féidir, agus ní bheidh amanna dúnta an gheata fuinnimh don chothromú ann roimh am dúnta an gheata traslimistéir ionlae.

Oibreoirí córais tarchurtha a chuireann múnla seolta lárnach i bhfeidhm, féadfaidh sé rialacha breise a bhunú i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le cothromú leictreachais arna ghlacadh de bhun Airteagal 6(11) de Rialachán (CE) 714/2009.

5.   Socrófar na míchothromaíochtaí ag praghas a léiríonn luach fíor-ama an fhuinnimh.

6.   Beidh limistéar praghsanna míchothromaíochta comhionann le crios tairisceana, seachas i gcás múnla seolta lárnach ina bhféadfadh limistéar praghsanna míchothromaíochta a bheith ina chuid de chrios tairisceana.

7.   Is iad na hoibreoirí córais tarchurtha a dhéanfaidh toisiú ar an acmhainneacht chúltaca agus éascófar é ar an leibhéal réigiúnach.

8.   Is iad na hoibreoirí córas tarchurtha a dhéanfaidh soláthar na hacmhainneachta don chothromú agus d'fhéadfaí é a éascú ar an leibhéal réigiúnach. Féadfaidh forchoimeád na hacmhainneachta trasteorann chun na críche sin a bheith teoranta. Is bunaithe ar an margadh a bheidh soláthar na hacmhainneachta don chothromú agus eagrófar é sa chaoi go mbeidh sé neamh-idirdhealaitheach idir rannpháirtithe margaidh sa phróiseas réamhcháiliúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 40(4) de Threoir (AE) 2019/944, bíodh na rannpháirtithe margaidh rannpháirteach ina n-aonar nó trí chomhbhailiú.

Is bunaithe ar mhargadh príomhúil a bheidh soláthar na hacmhainneachta don chothromú mura rud é agus sa mhéid go bhfuil úsáid cineálacha eile soláthair mhargadhbhunaithe formheasta ag an údarás rialála ar na forais go bhfuil easpa iomaíochta ann sa mhargadh do sheirbhísí cothromúcháin. Déanfar maoluithe ó úsáid margaí príomhúla a athbhreithniú gach 3 bliana.

9.   Is ar leithligh a dhéanfar soláthar na hacmhainneachta ardaithí don chothromú agus soláthar na hacmhainneachta íslithí don chothromú, mura rud é go bhformheasfaidh an t-údarás rialála náisiúnta díolmhú ón bprionsabal sin ar an mbonn go léireodh an t-oibreoir córais tarcurtha trí bhithín mheasúnú go mbeadh éifeachtúlacht eacnamaíoch níos airde mar thoradh air sin. Déanfar conraitheoireacht na hacmhainneachta don chothromú ar feadh tréimhse nach faide ná aon lá amháin roimh sholáthar na hacmhainneachta don chothromú agus aon lá amháin ar a mhéad a bheidh sa tréimhse chonarthach, mura rud é agus sa mhéid go bhfuil conraitheoireacht níos luaithe nó tréimhsí conarthacha níos faide formheasta ag an údarás rialála náisiúnta chun slándáil an tsoláthair a áirithiú nó éifeachtúlacht eacnamaíoch a fheabhsú.

I gcás ina ndeonaítear maolú, beidh 40 % ar a laghad de na táirgí caighdeánacha don chothromú agus 30 % ar a laghad de na táirgí uile a úsáidtear le haghaidh na hacmhainneachta don chothromú, cuirfear conarthaí maidir leis na hacmhainneachta don chothromú i gcrích aon lá amháin roimh sholáthar na hacmhainneachta don chothromú agus ní níos faide ná aon lá amháin ar a mhéad a bheidh an tréimhse chonarthach. Déanfar conraitheoireacht na coda atá fágtha den acmhainneacht don chothromú ar feadh uastréimhse míosa sula soláthrófar an acmhainneacht don chothromú agus bainfidh uastréimhse míosa le tréimhse chonarthach na coda atá fágtha den acmhainneacht don chothromú.

10.   Arna iarraidh sin don oibreoir córais tarchurtha, féadfaidh an t-údarás rialála a chinneadh tréimhse chonarthach na coda a bheidh fágtha den acmhainneacht don chothromú dá dtagraítear i mír 9 a shíneadh go huastréimhse 2 mhí déag ar choinníoll go mbeidh teorainn ama ag baint le cinneadh den chineál sin, agus gur mó an buntáiste a bhainfidh leis an gcostas a bheadh ar chustaiméirí deiridh a ísliú ná an drochthionchar a bheadh ar an margadh. Áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:

(a)

an tréimhse sonrach ina mbeadh feidhm ag an díolúine a shainiú;

(b)

sainiú ar mhéid na hacmhainneachta don chothromú a mbeadh feidhm ag an díolúine maidir leis;

(c)

anailís ar thionchar díolúine den chineál sin ar rannpháirtíocht acmhainní cothromúcháin; agus

(d)

bonn cirt leis an díolúine lena léireofar go mbeadh costais níos ísle ann do thomhaltóirí mar thoradh ar dhíolúine den chineál sin.

11.   D'aineoinn mhír 10, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, ní mharfaidh na tréimhsí conthartha níos faide ná 6 mhí.

12.   Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh na húdaráis rialála don Choimisiún agus do ACER maidir leis an acmhainneacht iomlán a chumhdaítear le conarthaí ag a bhfuil tréimhse nó tréimhse soláthair is faide ná aon lá amháin acu.

13.   Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchurtha nó a n-oibreoirí tarmligthe chomh gar don fhíor-am agus is féidir ach ní le moill 30 nóiméad nó níos mó tar éis a seachadta, cothromú reatha córais a limistéar sceidealaithe, faoi na praghsanna éagothroime measta agus faoi phraghasanna measta an fhuinnimh don chothromú.

14.   I gcás nach leor táirgí caighdeánacha don chothromú chun slándáil oibríochtúil a áirithiú nó nach féidir le roinnt acmhainní cothromúcháin a bheith rannpháirteach sa mhargadh don chothromú trí tháirgí caighdeánacha don chothromú, féadfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha, agus féadfaidh na húdarais rialála maolaithe ó mhíreanna 2 agus 4 a fhormheas gcás táirgí sonracha don chothromú a ghníomhachtaítear go háitiúil gan iad a mhalartú le hoibreoirí córais tarchurtha eile.

Áireofar sna tograí le haghaidh maoluithe tuairisc ar bhearta a bhfuil sé beartaithe leo laghdú a dhéanamh ar úsáid táirgí sonracha faoi réir éifeachtúlacht eacnamaíoch, léiriú nach gcruthaíonn na táirgí sonracha neamhéifeachtúlachtaí suntsacha ná saobhadh suntasach sa mhargadh don chothromú laistigh den limistéar sceidealaithe nó lasmuigh de agus, i gcás inarb infheidhme, na rialacha agus an fhaisnéis maidir leis an bpróiseas chun na tairiscintí d'fhuinneamh don chothromú ó tháirgí sonracha a thiontú ina dtairiscintí d'fhuinneamh don chothromú ó tháirgí caighdeánacha don chothromú.

Airteagal 7

Margaí lá roimh ré agus ionlae

1.   Déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus OAMLanna bainistiú na margaí comhtháite lá roimh ré agus ionlae a eagrú go comhpháirteach bunaithe ar chúpláil margaidh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1222. Comhoibreoidh na hoibreoirí córais tarchurtha agus OAMLanna le chéile ar leibhéal an Aontais nó, i gcás inarb iomchuí, ar an leibheal réigiúnach chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht thrádáil leictreachais lá roimh ré agus ionlae an Aontais a uasmhéadú. Beidh an oibleagáid dul i mbun comhair gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm. Sna feidhmeanna atá acu a bhaineann le trádáil leictreachais, beidh oibreoirí córais tarchurtha agus OAMLanna faoi réir formhaoirseacht rialála ag na húdaráis rialála agus ag ACER de bhun Airteagal 59 de Threoir (AE) 2019/944 agus ag ACER de bhun Airteagail 4 agus 8 de Rialachán (AE) 2019/942.

2.   I dtaca le margaí lá roimh ré nó ionlae:

(a)

eagrófar iad ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach;

(b)

uasmhéadóidh siad an cumas atá ag na rannpháirtithe uile sa mhargadh a míchothromaíochtaí a bhainistiú;

(c)

déanfaidh siad uasmhéadú ar na deiseanna atá ag na rannpháirtithe uile sa mhargadh a bheith rannpháirteach i dtrádáil traschreasach chomh gar agus is féidir don fhíor-am thar gach crios tairisceana;

(d)

soláthróidh siad praghsanna a bheidh ina léiriú ar bhunphrionsabail an mhargaidh, lena n-áirítear luach fíor-ama an fhuinnimh, agus ar féidir le rannpháirtithe sa mhargadh dul ar a n-iontaoibh agus táirgí fálaithe níos fadtéarmaí á gcomhaontú acu;

(e)

áiritheoidh siad slándáil oibríochtúil agus, ag an am céanna, fágfaidh siad gur féidir an úsáid is mó is féidir a bhaint as an acmhainneacht tarchurtha;

(f)

beidh siad trédhearcach agus, ag an am céanna, caomhnóidh siad rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus áiritheoidh siad go ndéanfar trádáil ar bhealach anaithnid;

(g)

ní dhéanfaidh siad aon idirdhealú idir trádálacha a dhéantar laistigh de chrios tairisceana agus thar chriosanna tairisceana; agus

(h)

eagrófar iad sa chaoi is go n-áiritheofar go mbeidh gach rannpháirtí sa mhargadh in ann rochtain a fháil ar an margadh ina aonar nó trí chomhbhailiú.

Airteagal 8

Trádáil ar mhargaí lá roimh ré agus ionlae

1.   Ceadóidh OAMLanna do na rannpháirtithe sa mhargadh fuinneamh a thrádáil chomh gar don fhíor-am agus is féidir agus ar a laghad go dtí am dúnta an gheata traschreasach ionlae.

2.   Tabharfaidh OAMLanna an deis do na rannpháirtithe sa mhargadh trádáil a dhéanamh i bhfuinneamh in eatraimh ama atá ar a laghad chomh gearr leis an tréimhse um réiteach míchothromaíochtaí sna margaí lá roimh ré agus ionlae araon.

3.   Soláthróidh OAMLanna táirgí lena dtrádáil i margaí lá roimh ré agus ionlae atá beag go leor ó thaobh méide, le méideanna íosta tairisceana de 500 kW nó níos lú, chun go mbeidh freagairt don éileamh, stóráil fuinnimh agus táirgeadh in-athnuaite ar scála beag rannpháirteach go héifeachtach, lena n-áirítear rannpháirtíocht dhíreach ó na custaiméirí.

4.   Faoin 1 Eanáir 2021, is é 15 nóiméad a bheidh sa tréimhse réitigh míchothromaíochtaí i ngach réimse sceidealaithe mura rud é go bhfuil maolú nó díolúine deonaithe ag na húdaráis rialála. Ní fhéadfaí maoluithe a dheonú ach go dtí an 31 Nollaig 2024.

Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ní bheidhan tréimhse shocraíochta éagothroime níos faide ná 30 nóiméad, i gcás ina mbeidh díolúine deonaithe ag na húdaráis rialála náisiúnta uile de limistéar sioncronach.

Airteagal 9

Réamh-mhargaí

1.   I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719, eiseoidh oibreoirí córais tarchurtha cearta tarchurtha fadtéarmacha nó beidh bearta comhionanna i bhfeidhm acu chun foráil a dhéanamh go ndéanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear úinéirí saoráidí giniúna ina n-úsáidtear foinsí fuinnimh in-athnuaite, rioscaí ó thaobh praghsanna de a fhálú thar theorainneacha limistéar tairisceana, mura rud é go léireofar i measúnú ar an réamh-mhargadh arna dhéanamh ag na húdaráis rialála inniúla ar theorainneacha na gcriosanna tairisceana go bhfuil deiseanna leordhóthanacha ar fhálú sna criosanna tairisceana lena mbaineann.

2.   Leithdháilfear cearta tarchurtha fadtéarmacha ar mhodh trédhearcach, marghadbhunaithe agus neamh-idirdhealaitheach trí aon ardán amháin um leithdháileadh.

3.   Faoi réir comhréireacht dhlí iomaíochta an Aontais, beidh saoirse ag oibreoirí margaidh táirgí fálaithe todhchaíochta a fhorbairt, lena n-áirítear táirgí fálaithe todhchaíochta fadtéarmacha, chun deiseanna iomchuí a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear úinéirí saoráidí giniúna fuinnimh ina n-úsáidtear foinsí fuinnimh in-athnuaite, chun rioscaí airgeadais a eascraíonn as luaineachtaí ar phraghsanna a fhálú. Ní éileoidh na Ballstáit gníomhaíochtaí fálaithe den sórt sin teorannta do thrádálacha laistigh de Bhallstát nó laistigh de chrios tairisceana.

Airteagal 10

Teorainneacha teicniúla ar thairiscintí

1.   Ní bheidh aon teorainn uasta ná teorainn íosta ar an bpraghas leictreachais mórdhíola. Beidh feidhm ag an bhforáil sin, inter alia, maidir le tairiscint agus imréiteach i ngach creat ama agus beidh praghsanna don fhuinneamh don chothromú agus praghsanna do mhíchothromaíochtaí san áireamh inti. Tá an méid sin gan dochar do na teorainneacha teicniúla ar phraghsanna a fhéadfar a chur i bhfeidhm sa chreat ama don chothromú agus sna creataí ama lá roimh ré agus ionlae i gcomhréir le mír 2.

2.   Féadfaidh OAMLanna teorainneacha comhchuibhithe a chur i bhfeidhm ar na praghsanna uasta agus íosta imréitigh do na creataí ama lá roimh ré agus ionlae. Beidh na teorainneacha sin ard a ndóthain i riocht is nach ndéanfar an trádáil a shrianadh go neamhriachtanach, beidh siad comhchuibhithe don mhargadh inmhéanach agus cuirfear san áireamh leo an luach uasta atá ar chailliúint lóid. I gcás ina bhfuiltear ag súil leis go mbainfear amach na teorainneacha socraithe, déanfaidh OAMLanna sásra trédhearcach a chur i bhfeidhm chun na teorainneacha teicniúla ar thairiscintí a choigeartú go huathoibríoch in am trátha. Leanfaidh na teorainneacha coigeartaithe níos airde de bheith infheidhme go dtí go mbeidh gá le tuilleadh méadaithe faoin sásra sin.

3.   Ní ghlacfaidh oibreoirí córas tarchurtha aon bhearta a mbeidh sé d'aidhm leo na praghsanna mórdhíola a athrú.

4.   Aithneoidh na húdaráis rialála, nó i gcás ina n-ainmníonn Ballstát údarás inniúla eile chun na críche sin, údaráis inniúla arna ainmniú den chineál sin, beartais agus bearta arna gcur i bhfeidhm laistigh dá gcríoch a d'fhéadfadh rannchuidiú le bunú praghsanna mórdhíola a shrianadh go neamhdhíreach, lena n-áirítear teorainn a chur le tairiscintí a bhaineann le fuinneamh don chothromú a chur i ngníomh, le sásraí acmhainneachta, le bearta a dhéanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha, le bearta a bhfuil sé mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar thorthaí an mhargaidh nó mí-úsáid ceannasachta nó criosanna tairisceana atá sainithe go neamh-éifeachtach a chosc.

5.   Nuair a bheidh beartas nó beart, a d'fhéadfadh bunú praghsanna a shrianadh, sainaitheanta ag údarás rialála nó ag údarás inniúil arna, déanfaidh an t-údarás rialála gach gníomhaíocht iomchuí chun an tionchar an bheartais nó an bhirt a dhíothú nó, mura féidir sin, a mhaolú. Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil a sholáthar don Choimisiún faoin 5 Eanáir 2020 ina mbeidh tuairisc mhionsonraithe ar na bearta agus gníomhaíochtaí atá glactha acu nó atá beartaithe acu a ghlacadh.

Airteagal 11

Luach lóid chaillte

1.   Faoin 5 Iúil 2020, i gcás ina gceanglaítear an méid sin chun caighdeán iontaofachta a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 25, i gcás ina n-ainmníonn Ballstát údarás inniúla eile chun na críche sin, cinnfidh údaráis inniúla arna ainmniú den chineál sin meastachán aonair ar Luach an Lóid Chaillte (VoLL) dá gcríoch. Cuirfear an meastachán sin ar fáil go poiblí. Féadfaidh na húdaráis rialála nó údaráis inniúla eile arna n-ainmniú ag na Ballstáit meastacháin éagsúla in aghaidh an limistéir tairisceana a bhunú má tá níos mó ná limistéir tairisceana amháin ar a gcríoch. I gcás ina bhfuil críocha as níos mó ná Ballstát amháin i gcrios tairisceana, socróidh na húdaráis lena mbaineann nó údaráis inniúla ainmnithe eile meastachán ar an luach atá ar chailliúint lóid don chrios tairisceana sin. Agus an luach atá ar chailliúint lóid á chinneadh acu, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile arna n-ainmiú ag na Ballstáit an mhodheolaíocht arna forbairt dá dtagraítear in Airteagal 23(6) a chur i bhfeidhm.

2.   Déanfaidh údaráis rialála agus údaráis inniúla arna n-ainmiú a meastachán ar an luach atá ar chailliúint lóid a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana ar a laghad nó níos luaithe ná sin tráth a fheictear athrú suntasach.

Airteagal 12

Giniúint agus freagairt don éileamh a sheoladh

1.   Beidh seoladh na saoráidí giniúna cumhachta agus freagartha don éileamh neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus, mura bhforáiltear dá mhalairt faoi mhíreanna 2 go 6, margadhbhunaithe

2.   Gan dochar d'Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais, agus suiteálacha giniúna leictreachais á seoladh acu, tosaíocht a thabhairt do shuiteálacha giniúna a úsáideann foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéid a cheadófar sin de réir oibriú slán an chórais leictreachais náisiúnta agus bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus faoi réir na dteorainneacha seo a leanas:

(a)

saoráid giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 400 kW aici; nó

(b)

tionscadail taispeána le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha, ar choinníoll go bhfuil formheasta ag an údarás rialála a bheidh teoranta don am agus don mhéid a bheidh an maolú riachtanach chun cuspóirí na taispeána a bhaint amach.

3.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan seoladh tosaíochta a chur i bhfeidhm maidir le saoráidí breise giniúna cumhachta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a thosóidh ar bheith ag feidhmiú ar a laghad 6 mhí tar éis an chinnidh, nó tairseach acmhainneachta íosta a chur i bhfeidhm is ísle ná í sin a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 2, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil rochtain iomlán ag gach rannpháirtí sa mhargadh ar a margadh ionlae, a margadh mórdhíola agus a margadh don chothromú, atá ag feidhmiú go maith, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo;

(b)

go bhfuil rialacha maidir le comhroinnt agus bainistiú ar phlódú trédhearcach do gach rannpháirtí sa mhargadh;

(c)

go bhfuil ranníocaíocht náisiúnta an Bhallstáit i leith sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite faoi Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCómhairle (18) agus faoi phointe (a)(2) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) comhionann ar a laghad le toradh comhfhreagrach na foirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 agus nach bhfuil sciar an Bhallstáit d'fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite níos ísle ná a phointí tagartha faoi phointe (a)(2) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999; nó, mar mhalairt air sin, go bhfuil sciar an Bhallstáit d'fhuinneamh ó fhoinsí in olltomhaltas deiridh leictreachais cothrom le 50 % ar a laghad;

(d)

go bhfuil fógra faoin maolú atá beartaithe tugtha ag an mBallstát don Choimisiún ina leagtar amach go mionsonraithe an chaoi a gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach faoi phointí (a), (b) agus (c); agus

(e)

go bhfuil an maolú atá beartaithe, lena n-áirítear an réasúnú mionsonraithe, foilsithe ag an mBallstát, agus aird chuí tugtha aige, i gcás inar gá, ar chosaint faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

Seachnófar, le maolú ar bith, athruithe cúlghabhálacha i gcás suiteálacha giniúna a bhaineann tairbhe cheana féin as seoladh tosaíochta, d'ainneoin aon chonartha idir Ballstát agus suiteáil giniúna ar bhonn deonach.

Gan dochar d'Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí a thabhairt do shuiteálacha atá incháilithe do sheoladh tosaíochta an seoladh tosaíochta a thabhairt suas dá ndeoin féin.

4.   Gan dochar d'Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do sheoladh tosaíochta i gcás fuinneamh a ghintear i saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as comhghiniúint ardéifeachtach a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 400 kW aici.

5   I gcás saoráidí giniúna cumhachta a choimisiúnófar amhail ón 1 Eanáir 2026, ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 2 ach amháin maidir le saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 200 kW acu.

6.   Gan dochar do chonarthaí a bheidh tugtha i gcrích roimh an 4 Iúil 2019, maidir le saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí in-athnuaite fuinnimh nó comhghiniúint ardéifeachtach agus a coimisiúnaíodh roimh an 4 Iúil 2019 agus a bhí, nuair a coimisiúnaíodh iad, faoi réir seoladh tosaíochta faoi Airteagal 15(5) de Threoir 2012/27/AE nó Airteagal 16(2) de Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), leanfaidh siad de bheith ag tairbhiú de sheoladh tosaíochta. Ní bheidh feidhm ag seoladh tosaíochta do shaoráidí giniúna cumhachta den chineál sin a thuilleadh ón dáta óna mbeidh an tsaoráid giniúna cumhachta faoi réir modhnuithe suntasacha, rud a bheidh amhlaidh, ar a laghad, i gcás ina mbeidh gá le comhaontú do nasc nua nó i gcás ina méadaítear acmhainneacht ghiniúna an saoráidí giniúna cumhachta.

7.   Ní chuirfear oibriú slán an chórais leictreachais i mbaol le seoladh tosaíochta, ní bhainfear úsáid as mar bhonn cirt le ciorrú ar an acmhainneacht traschreasach thar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 16 agus beidh sé bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

Airteagal 13

Athsheoladh

1.   Is bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha a bheidh ciorrú nó athsheoladh giniúna agus athsheoladh freagartha don éileamh. Beidh sé oscailte do gach teicneolaíocht ghiniúna, an stóráil fuinnimh ar fad agus freagairt don éileamh, lena n-áirítear iad siúd atá lonnaithe i mBallstáit eile, mura rud é nach bhfuil sé sin indéanta go teicniúil.

2.   Roghnófar na hacmhainní arna n-athsheoladh as measc na saoráidí giniúna, stórála fuinnimh nó éilimh trí shásraí margadhbhunaithe a úsáid agus tabharfar cúiteamh airgeadais astu. Ní dhéanfar praghas an fhuinnimh don chothromú a shocrú le tairiscintí d'fhuinneamh don chothromú a úsáidtear d'athsheoladh.

3.   Ní fhéadfar úsáid a bhaint as athsheoladh giniúna, stórála fuinnimh ná freagartha don éileamh nach bhfuil bunaithe ar an margadh ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach bhfuil rogha mhalartach mhargadhbhunaithe ar fáil, nó

(b)

i gcás inar úsáideadh gach acmhainn mhargadhbhunaithe atá ar fáil; nó

(c)

i gcás ina bhfuil líon na saoráidí giniúna, stórála fuinnimh nó freagartha don éileamh atá ar fáil sa limistéar ina bhfuil saoráidí oiriúnacha giniúna, stórála fuinnimh nó freagartha don éileamh le haghaidh soláthar na seirbhíse lonnaithe, ró-íseal chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú; nó

(d)

i gcás ina mbeadh plódú ar bhealach rialta agus intuartha ann de bharr staid reatha na n-eangach lena bhfágfaí de thoradh ar athsheoladh margadhbhunaithe go mbeadh tairiscintí rialta straitéiseacha ann lena méadófaí leibhéal an phlódaithe inmheánaigh agus ina mbeadh plean gníomhaíochta glactha ag an mBallstát lena mbaineann chun aghaidh a thabhairt ar an bplódú sin nó ina n-áiritheodh sé go mbeadh acmhainneacht íosta trádála traschreasach i gcomhréir le hAirteagal 16(8).

4.   Ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana, cuirfidh na hoibreoirí córais agus na hoibreoirí córais dáilacháin tuarascáil faoi bhráid an údaráis rialála inniúla, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an leibhéal forbartha agus éifeachtach sásraí athsheolta mhargadhbhunaithe i gcás saoráidí giniúna cumhachta, stórála fuinnimh agus freagartha don éileamh;

(b)

na cúiseanna, na toirteanna de réir MWh agus an cineál foinse giniúna atá faoi réir athsheolta;

(c)

na bearta a glacadh chun an gá le athsheoladh íslitheach suiteálacha giniúna a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite nó as comhghiniúint ardéifeachtach amach anseo a laghdú, lena n-áirítear infheistíochtaí i ndigitiú bhonneagar na heangaí agus i seirbhísí lena méadaítear solúbthacht.

Seolfaidh an t-údarás rialála ábhartha tuarascáil don ACER agus foilseoidh sé maidir leis na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír maille le moltaí le haghaidh feabhais i gcás inar gá.

5.   Faoi réir na gceanglas a bhaineann le cothabháil iontaofacht agus sábháilteacht na heangaí, bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha arna bunú ag na húdaráis rialála, déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin an méid seo a leanas:

(a)

ráthú a dhéanamh ar chumas na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite nó ó ghiniúint ardéifeachtach a tharchur lena laghad athsheolta agus is féidir. Ní chuirfidh sé sin cosc ar an lucht pleanála gréasán athsheoladh teoranta a chur san áireamh i gcás inar féidir leis an oibreoir córais tarchurtha agus leis an oibreoir córais dáileacháin a thaispeáint, ar bhealach trédhearcach, go bhfuil éifeachtúlacht eacnamaíoch níos mó i gceist leis sin, nach dtéann sé thar 5 % den leictreachas arna ghiniúint go bliantúil i suiteálacha a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite agus atá nasctha go díreach lena n-eangach faoi seach, mura ndéanfaidh Ballstát inar fiú níos mó ná 50 % dá olltomhaltas deiridh bliantúil leictreachais an leictreachas ó shaoráid giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite nó as comhghiniúint ardéifeachtach é a sholáthar ar shlí eile;

(b)

bearta oibríochtúla iomchuí a bhaineann leis an eangach agus a bhaineann leis an margadh a dhéanamh chun íoslaghdú a dhéanamh ar athsheoladh íslitheach ar leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite nó ó chomhghiniúint ardéifeachtach;

(c)

a áirithiú go mbeidh a ngréasáin sách solúbtha sa chaoi is go mbeidh siad in ann iad a bhainistiú.

6.   I gcás ina mbainfear úsáid as athsheoladh íslitheach nach bhfuil bunaithe ar an margadh, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)

ní bheidh saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite faoi réir athsheoladh íslitheach ach amháin mura bhfuil aon rogha mhalartach eile ann nó más rud é go mbeadh costais dhíréireacha shuntasacha nó rioscaí tromchúiseacha do shlándáil an ghréasáin ann mar thoradh ar réitigh eile;

(b)

ní bheidh leictreachas a ghintear i bpróiseas comhghiniúna ardéifeachtaí faoi réir athsheoladh íslitheach ach amháin, seachas athsheoladh íslitheach a dhéanamh ar shaoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite, mura bhfuil aon rogha mhalartach eile ann nó más rud é go mbeadh costais dhíréireacha nó rioscaí tromchúiseacha ann do shlándáil an ghréasáin mar thoradh ar réitigh eile;

(c)

ní bheidh leictreachas féinghinte ó shuiteálacha giniúna a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite nó as comhghiniúint ardéifeachtach, nach gcuirtear isteach sa ghréasán tarchurtha ná dáileacháin faoi réir athsheoladh íslitheach ach amháin i gcás nach réiteodh aon réiteach eile saincheisteanna slándála gréasáin;

(d)

tabharfar bonn cirt cuí agus trédhearcach le hathsheoladh íslitheach faoi phointí (a), (b) agus (c). Cuirfear an bonn cirt san áireamh sa tuarascáil faoi mhír 3.

7.   I gcás ina mbaintear úsáid as athsheoladh nach bhfuil margadhbhunaithe, beidh sé faoi réir ag cúiteamh airgeadais ag an oibreoir córais a iarrann an t-athsheoladh chuig oibreoir na saoráide athsheolta giniúna, stórála fuinnimh nó freagartha don éileamh seachas i gcás táirgeoirí a ghlacann le comhaontú do nasc nach ráthaítear seachadadh daingean fuinnimh leis. Beidh an cúiteamh airgeadais den chineál sin ar a laghad comhionann leis an gceann níos airde de na heilimintí seo a leanas nó le cumasc díobh dá mba rud é gur cúiteamh dochosanta íseal nó dochosanta ard a bheadh de thoradh ar cheann amháin de na heilimintí a chur i bhfeidhm:

(a)

an costas oibríochtúil breise arna chruthú ag an athsheoladh, amhail costais bhreise bhreosla i gcás athsheoladh ardaitheach, nó soláthar teasa cúltaca i gcás athsheoladh íslitheach ar shaoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as chomhghiniúint ardéifeachtach;

(b)

an fáltas glan ón díolachán leictreachais ar an margadh lá roimh ré a bheadh ginte ag an tsaoráid ghiniúna cumhachta, stórála fuinnimh nó freagartha don éileamh gan an iarraidh ar athsheoladh. I gcás ina ndéantar tacaíocht airgeadais a thabhairt do shaoráidí giniúna cumhachta, stórála fuinnimh nó freagartha don éileamh bunaithe ar an méid leictreachais arna ghiniúint nó arna ídiú, measfar an tacaíocht airgeadais a bheadh ann gan iarraidh ar athsheoladh a bheith ina cuid den fháltas glan.

CAIBIDIL III

ROCHTAIN AR GHRÉASÁN AGUS BAINISTIÚ AR PHLÓDÚ

ROINN 1

Leithdháileadh acmhainneachta

Airteagal 14

Athbhreithnú ar an gcrios tairisceana

1.   Glacfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar phlódú. Beidh teorainneacha na gcriosanna tairisceana bunaithe ar phlódú fadtéarmach struchtúrach sa ghréasán tarchurtha. Ní bheidh plódú struchtúrtha den chineál sin sna criosanna tairisceana mura rud é nach bhfuil tionchar ar bith acu ar chriosanna tairisceana chomharsanachta, nó, mar bheart sealadach, go ndéantar a dtionchar ar chriosanna tairisceana comharsanacha a mhaolú trí leas a bhaint as gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus nach mbíonn laghdú ar an acmhainneacht trádála traschreasach de thoradh ar na plódaithe struchtúracha, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 16. Dearfar cumraíocht na gcriosanna tairisceana san Aontas ar bhealach a fhágfaidh go ndéanfar éifeachtúlacht eacnamaíochta a uasmhéadú agus chun deiseanna trádála traslimistéir a uasmhéadú de bhun Airteagal 16 agus urraim chuí á tabhairt do shlándáil an tsoláthair.

2.   Gach 3 bliana, tuairisceoidh an ENTSO don Leictreachas ar phlódú struchtúrtha agus mórphlódú fisiceach eile idir chriosanna tairisceana agus laistigh díobh, lena n-áirítear suíomh agus minicíocht an phlódaithe sin i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009. Cuirtear leis an tuarascáil sin measúnú maidir le cé acu a shroich nó nár shroich acmhainneacht na trádála traschreasach conair líneach de bhun Airteagl 15 den Rialachán seo nó an t-acmhainneacht íosta de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo.

3.   Chun cumraíocht optamach ar chriosanna tairisceana a áirithiú, déanfar athbhreithniú ar chriosanna tairisceana. San athbhreithniú sin déanfar an plódú struchtúrach ar fad a shainaithint agus beidh anailís ann ar chumraíochtaí éagsúla na gcriosanna tairisceana ar mhodh comhordaithe ina mbeidh geallsealbhóirí a bhfuil difear á dhéanamh dóibh ó gach Ballstát ábhartha rannpháirteach, i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009. Déanfar na criosanna tairisceana atá ann faoi láthair a mheasúnú bunaithe ar a gcumas timpeallacht mhargaidh iontaofa a chruthú, lena n-áirítear i gcás giniúint sholúbtha agus acmhainneacht lóid, atá bunriachtanach chun scrogaill eangaí a sheachaint, éileamh agus soláthar leictreachais a chothromú agus slándáil fhadtéarmach infheistíochtaí i mbonneagar líonra a áirithiú.

4.   Chun críche an Airteagail seo agus Airteagal 15 den Rialachán seo, tagraíonn na Ballstáit, na hoibreoirí córais tarchurtha nó na húdaráis rialála ábhartha do na Ballstáit, na hoibreoirí córais tarchurtha nó na húdaráis rialála a bheidh rannpháirteach san athbhreithniú ar chumraíocht na gcriosanna tairisceana agus dóibh siúd freisin sa réigiún ríofa acmhainneachta céanna de bhun na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

5.   Faoin 5 Deireadh Fómhair 2019, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha uile togra maidir leis an modheolaíocht agus na toimhdí a úsáidfear sa phróiseas athbhreithnithe maidir leis crioseanna tairisceana mar aon leis na cumraíochtaí malartacha ar chriosanna tairisceana arna meas a thíolacadh do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha lena fhormheas. Tiocfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ar chinneadh d'aon toil maidir leis an togra a gcuirtear faoi bhráid laistigh de 3 mhí. I gcás nach féidir leis na húdaráis rialála teacht ar chinneadh d'aon toil maidir leis an togar laistigh den chlár ama sin, déanfaidh ACER cinneadh, laistigh de 3 mhí breise, maidir leis an modheolaíocht agus na toimhdí agus na cumraíochtaí malartacha ar chriosanna tairisceana a measfar. Is ar phlódú struchtúrach nach bhfuiltear ag súil go sárófar sna 3 bliana atá romhainn é, a bhunófar an mhodheolaíocht, lena gcuirfear san áireamh dul chun cinn nithiúil ar thionscadail forbartha bonneagair a bhfuiltear ag súil go gcuirfear i gcrích iad sna 3 bliana atá romhainn.

6.   Ar bhonn na modheolaíochta agus na toimhdí arna bhformheas de bhun mhír 4, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis fhormheas na modheolaíochta de bhun mhír 4, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha atá rannpháirteach san athbhreithniú ar na criosanna tairisceana togra comhpháirteach a chur faoi bhráid a n-údaráis inniúla ainmnithe na mBallstát ábhartha maidir le cé acu an ndéanfaidh siad cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú nó a choinneáil. Ballstáit eile, Comhpháirtithe Conarthacha an Phobail Fuinnimh nó tríú tíortha eile atá sa limistéar sioncronach céanna le haon Bhallstát, féadfaidh aon Bhallstat ábhartha barúlacha a thíolacadh.

7.   I gcás ina mbeidh plódú struchtúrach sainaitheanta sa tuarascáil de bhun mhír 2 den Airteagal seo nó san athbhreithniú ar na criosanna tairisceana de bhun mhír 5 den Airteagal seo nó ag ceann amháin nó níos mó de na hoibreoirí córais tarchurtha ina limistéir rialaithe i dtuarascáil arna formheas ag an údarás rialála ábhartha déanfaidh an Ballstát a bhfuil plódú struchtúrach sainaitheanta aige, i gcomhar lena oibreoirí córais tarchurtha agus laistigh de 6 mhí tar éis an tuarascáil a fháil, a chinneadh pleananna gníomhaíochta náisiúnta nó ilnáisiúnta a bhunú de bhun Airteagal 15, nó athbhreithniú nó leasú a dhéanamh ar chumraíocht a gcriosanna tairisceana. Tabharfar fógra láithreach don Choimisiún agus do ACER faoi na cinntí sin.

8.   I gcás na mBallstát sin ar rogha leo cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú de bhun mhír 7, tiocfaidh na Ballstáit ábhartha ar chinneadh d'aon toil laistigh de 6 mhí tar éis an fógra a thabhairt de bhun mhír 7. Féadfaidh Ballstáit eile barúlacha a thíolacadh do na Ballstáit ábhartha, ar cheart dóibh na barúlacha sin a chur san áireamh agus iad ag teacht ar a gcinneadh. Beidh bonn cirt leis an gcinneadh, agus tabharfar fógra faoi don Choimisiún agus do ACER. I gcás nach bhféadfaidh na Ballstáit ábhartha teacht ar chinneadh d'aon toil laistigh de ná 6 mhí sin, cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach. Mar rogha dheiridh, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ACER, cinneadh a ghlacadh maidir le cé acu an ndéanfaidh sé cumraíocht na limistéar tairisceana a leasú nó a choinneáil sna Ballstáit sin agus idir na Ballstáit sin, faoi cheann 6 mhí tar éis dó fógra den sórt sin a fháil.

9.   Rachaidh na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha sula nglacfaidh siad cinneadh faoin Airteagal seo.

10.   Sonrófar in aon chinneadh a ghlacfar faoin Airteagal seo an dáta a chuirfear athrú chun feidhme. Leis an dáta cur chun feidhme sin, aimseofar cothromaíocht idir an gá atá le cur chun feidhme a dhéanamh a luaithe agus is féidir agus ceisteanna praiticiúla, lena n-áirítear trádáil todhchaíochta leictreachais. Féadfaidh an cinneadh socruithe eatramhacha iomchuí a bhunú.

11.   I gcás ina ndéantar athbhreithnithe eile ar chriosanna tairisceana a sheoladh faoin treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, beidh feidhm ag an Airteagal seo.

Airteagal 15

Pleananna gníomhaíochta

1.   I ndiaidh chur i bhfeidhm cinnidh de bhun Airteagail 14(7), déanfaidh an Ballstát ina bhfuil plódú structúrach sainaitheanta plean gníomhaíochta a fhorbairt i gcomhar lena údarás rialála. Áireofar sa phlean gníomhaíochta sin clár ama docht chun bearta a ghlacadh chun laghdú a dhéanamh ar an bplódú struchtúrach arna shainaithint laistigh de 4 bliana ó ghlacadh an chinnidh sin de bhun Airteagal 14(7).

2.   Gan bean ar dhul chun cinn nithiúil an phlean gníomhaíochta, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, gan dochar do mhaolaithe arna dheonú faoi Airteagal 16(10) nó maolaithe faoi Airteagal 16(3), na hacmhainneachtaí trádála traschreasach a mhéadú ar bhonn bliantúil go dtí go ngnófar íosta acmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 16(8), a ghnóthú. Bainfear an tagarmharc íosta acmhainneachta amach faoin 31 Nollaig 2025.

Is trí bhíthin conair líneach a ghnóthófar na méaduithe bliantúla sin. Is éard a bheidh i dtúsphointe na conaire sin an acmhainneacht a leithdháileadh ar an teorainn nó ar eilimintí criticiúla líonra sa bhliain roimh ghlacadh an phlean gníomhaíochta nó meánacmhainneacht na 3 bliana deiridh roimh ghlacadh an phlean gníomhaíochta, cibé acu is airde. Áiritheoidh na Ballstáit, le linn chur chun feidhme bpleananna gníomhaíochta, go mbeidh an acmhainneacht a chuirfear ar fáil don trádáil traschreasach atá le bheith i gcomhréir le hAirteagal 16(8), cothrom, ar a laghad, le luachanna na conaire línigh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí feabhais sa réigiún ríofa acmhainneachta.

3.   Is iad an Ballstát nó na Ballstáit a bhfuil na pleananna gníomhaíochta riachtanach á chur chun feidhme aige nó acu a sheasfaidh costais na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá chun cloí leis an gconair nó acmhainneacht traschreasach a chur ar fáil ag na teorainneacha lena mbaineann an plean gníomhaíochta.

4.   Ar bhonn bliantúil, le linn chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta agus laistigh de 6 mhí tar éis dhul in éag, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha measúnú don 12 mhí deiridh i dtaobh an bhfuil an chonair líneach bainte amach nó, ón 1 Eanáir 2026, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha measúnú i dtaobh na acmhainneachta íosta dá dtagraítear in Airteagal 16(8) a. Tuairisceoidh siad a measúnuithe do ACER agus do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha. Sula ndéanfaidh sé an tuarascáil deiridh a thíolac, déanfaidh gach oibreoir córais tarchurtha a rannchuidiú leis an tuarascáil a thíolac, lena n-áirítear na sonraí ábhartha uile, a chur chuig a údarás rialála lena fhormheas.

5.   I gcás na mBallstáit sin ar ina leith a léirítear sa mheasúnuithe dá dtagraítear i mír 4 nár chomhlíon oibreoir córais tarchurtha an chonair líneach, déanfaidh na Ballstáit ábhartha a chinneadh d'aon toil, laistigh de 6 mhí ón measúnú dá dtagraítear i mír 4 a fháil, maidir le cé acu an ndéanfaidh siad cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú nó a choinneáil idir na Ballstáit sin. Agus cinneadh á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit ábhartha aird a thabhairt ar na barúlacha a chuirtear faoina mbráid ag na mBallstáit eile. Beidh cinneadh na mBallstát ábhartha ina chinneadh réasúnaithe agus tabharfar fógra faoi don Choimisiún agus do ACER.

Cuirfidh na Ballstáit ábhartha an Coimisiún ar an eolas láithreach i gcás nach bhféadfaidh siad teacht ar chinneadh laistigh den tréimhse ama ata leagtha síos. Laistigh de 6 mhí tar éis dó fógra den sórt sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún, mar rogha dheiridh, tar éis dó dul i gcomhairle le ACER agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, cinneadh a ghlacadh maidir le cé cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú nó a choinneáil sna Ballstáit sin agus idir na Ballstáit ábhartha.

6.   Sé mhí roimh dhul in éag don phlean gníomhaíochta, déanfaidh an Ballstát a bhfuil plódú struchtúrach sainaitheanta aige cinneadh cibé an ndéanfaidh sé aghaidh a thabhairt ar phlódú agus a gcrios tairisceana á leasú aige nó cibé an dtabharfaidh siad aghaidh ar an bplódú inmheánach atá gan réiteach le gníomhaíochtaí ceartaitheacha a gcumhdóidh sé na costais dóibh.

7.   I gcás nár sainíodh plean gníomhaíochta laistigh de 6 mhí inar sainaithníodh plódú struchtúrach de bhun Airteagal 14(7), déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha measúnú, laistigh de 12 mhí tar éis plódú struchtúrach den sórt sin a shainaithint, i dtaobh ar shroich an acmhainneacht trasteorann atá ar fáil an t-íosleibhéal acmhainneachta a leagtar amach in Airteagal 16(8) i gcás thréimhse an 12 mhí roimhe sin agus cuirfidh sé tuarascail mheasúnaithe faoi bhráid na n-údarás rialála ábhartha agus faoi bhráid ACER.

Sula ndéanfaidh sé an tuarascáil a dhréachtú, déanfaidh gach oibreoir córais tarchurtha a rannchuidiú leis an tuarascáil, lena n-áirítear na sonraí ábhartha uile, a chur chuig a údarás rialála náisiúnta lena fhormheas. I gcás ina léirítear sa mheasúnú nár chomhlíon oibreoir córais tarchurtha an íosleibhéil acmhainneachta, beidh feidhm ag an bpróiseas cinnteoireachta i mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 16

Prionsabail ghinearálta maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú

1.   Tabharfar aghaidh ar fhadhbanna maidir le plódú gréasáin trí réitigh neamh-idirdhealaitheacha margadhbhunaithe lena dtabharfar comharthaí eacnamaíocha éifeachtúla do na rannpháirtithe sa mhargadh agus do na hoibreoirí córais tarchurtha lena mbaineann. Réiteofar fadhbanna maidir le plódú gréasáin trí mhodhanna nach bhfuil bunaithe ar idirbheart, eadhon modhanna nach mbaineann le roghnú idir conarthaí rannpháirtithe aonair sa mhargadh. Agus bearta oibríochtúla á ndéanamh aige chun a áirithiú go bhfanfaidh a chóras tarchurtha sa ghnáth-staid, cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha san áireamh an tionchar a bheadh ag na bearta sin ar limistéir rialaithe chomharsanachta agus déanfaidh sé comhordú ar bhearta den sórt sin le hoibreoirí córais tarchurtha eile a ndéanfar difear dóibh mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 2015/1222.

2.   Ní úsáidfear nósanna imeachta um chiorrú idirbhirt ach amháin i staideanna éigeandála, eadhon ina bhfuil ar an oibreoir córais tarchurtha gníomhú ar mhodh gasta agus nach bhfuil athsheoladh ná fritrádáil indéanta. Déanfar aon nós imeachta den sórt sin a chur i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach. Déanfar rannpháirtithe sa mhargadh dár leithdháileadh acmhainneacht a chúiteamh as aon chiorrú den chineál sin, seachas i gcásanna force majeure.

3.   Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ríomh comhordaithe ar acmhainneacht i gcomhréir le míreanna 4 agus 8 den Airteagal seo, dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 37(1) agus in Airteagal 42(1).

Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ríomh ar acmhainneachtaí traschreasacha, agus teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil á n-urramú acu, trí úsáid a bhaint as sonraí ó oibreoirí córais tarchurtha, lena n-áirítear sonraí ar infhaighteacht theicniúil gníomhaíochtaí ceartaitheacha, seachas lódsceitheadh. I gcás ina dtiocfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ar an gconclúid nach leor iad na gníomhaíochtaí ceartaitheacha uile atá ar fáil sa réigiún ríofa acmhainneachta nó idir réigiúnacha ríofa acmhainneachta chun an chonair líneach da dtagraítear in Airteagal 15(2) nó na tairsí íosta acmhainneachta dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a shroicheadh agus teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil á n-urramú, ag an am céanna, féadfaidh siad, mar rogha dheiridh, gníomhaíochtaí comhordaithe a leagan amach lena laghdaítear na hacmhainneachtaí traschreasacha dá réir. Ní fhéadfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha claonadh ó ghníomhaíochtaí comhordaithe ach amháin i dtaca le ríomh comhordaithe ar acmhainneacht agus le hanailís chomhordaithe ar shlándáil i gcomhréir le hAirteagal 42(2).

Faoi 3 mhí tar éis theacht i ngníomh na lárionad chomhordúcháin réigiúnach de bhun Airteagal 35(2) den Rialachán seo agus gach 3 mhí ina dhiaidh sin, cuirfidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha faoi bhráid na n-údarás rialála ábhartha agus don ACER maidir le haon laghdú ar acmhainneacht nó mura gcloítear leis an ghníomhaíocht chomhorduithe de bhun na dara fomhíre seo agus déanfaidh siad measúnú ar na teagmhais agus moltaí, más gá, ar an gcaoi le claontaí den sórt sin a sheachaint sa todhchaí. Má thagann ACER ar an gconclúid nach ndearnadh na réamhriachtanais le haghaidh claonta de bhun na míre seo a chomhlíonadh nó gur de chineál struchtúrtha iad, cuirfidh ACER tuairim faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta ábhartha agus faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh na húdaráis rialála inniúla gníomhaíocht iomchuí a thionscnamh in aghaidh oibreoirí córais tarchurtha nó lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha de bhun Airteagal 59 nó Airteagal 62 de Threoir (AE) 2019/944 mura gclíonn na hoibreoirí córais tarchurtha nó lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha leis na gníomhaíochtaí chomhorduithe faoin mír seo ganndearnadh na réamhriachtanais le haghaidh claonta de bhun na míre seo a chomhlíonadh.

Tabharfar aghaidh ar chlaontaí de chineál struchtúrtha sa phlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(7) nó i leagan nuashonraithe de phlean gníomhaíochta atá ann cheana.

4.   Déanfar leibhéal uasta acmhainneacht na n-idirnasc agus na ngréasán tarchurtha a ndéanann acmhainneacht trasteoranndifear dóibh a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh na caighdeáin sábháilteachta á gcomhlíonadh maidir le hoibriú slán gréasáin. Bainfear úsáid as fritrádáil agus athsheoladh, lena n-áirítear athsheoladh trasteorann, chun na hacmhainneachtaí atá ar fáil a uasmhéadú chun go sroichfí na tairsí íosta acmhainneachta dá dtagraítear i mír 8. Déanfar próiseas comhordaithe agus neamh-idirdhealaitheach a chur i bhfeidhm chun é sin a chumasú, tar éis modheolaíocht maidir le comhroinnt costas athsheolta agus fritrádála a chur chun feidhme.

5.   Ní dhéanfar acmhainneacht a leithdháileadh ach amháin trí bhíthin ceantanna sainráite acmhainneachta nó ceantanna intuigthe lena n-áirítear acmhainneacht agus fuinneamh araon. Féadfaidh an dá mhodh a bheith ann ag an am céanna i ndáil leis an idirnasc céanna. I gcás trádáil ionlae úsáidfear trádáil leanúnach, a bhféadfaidh ceantanna a bheith ina gcomhlánú uirthi.

6.   I gcás plódaithe, is iad na tairiscintí a ghlacfar ná na tairiscintí bailí is airde luach ar acmhainneacht ghréasáin, bíodh siad intuigthe nó sainráite, a thairgeann an luach is airde don acmhainneacht thearc tarchurtha in aon chreat ama ar leith. Seachas i gcás idirnascairí nua a thairbheoidh de dhíolúine faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003, Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 nó faoi Airteagal 63 den Rialachán seo, deánfar praghsanna cúltaca a bhunú i modhanna leithdháilte acmhainneachta a thoirmeasc.

7.   Beidh an acmhainneacht intrádáilte ar bhonn tánaisteach gan bhac, ar choinníoll go gcuirfear an t-oibreoir córais tarchurtha ar an eolas luath go leor roimh ré. I gcás ina ndiúltóidh oibreoir córais tarchurtha aon trádáil thánaisteach (nó idirbheart thánaisteach), déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha sin an méid sin a chur in iúl agus a mhíniú go soiléir agus go trédhearcach do na rannpháirtithe uile sa mhargadh agus cuirfear in iúl don údarás rialála é.

8.   Ní chuirfidh oibreoirí córais tarchurtha teorainn le toilleadh na hacmhainneachta idirnaisc a bheidh le cur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh mar bheallach chun plódú a réiteach laistigh dá gcrios tairisceana féin nó mar mhodh chun sreafaí arna n-eascairt as idirbheart laistigh de chriosanna tairisceana a bhainistiú. Gan dochar do chur i bhfeidhm na maoluithe faoi mhíreanna 3 agus 10 den Airteagal seo agus do chur i bhfeidhm Airteagal 15(2), measfar an mhír seo a bheith comhlíonta ar choinníoll go sroichtear íosleibhéil seo a leanas na hacmhainneachta atá ar fáil le haghaidh trádáil traschreasach:

(a)

i gcás teorainneacha a úsáideann cur chuige glanacmhainneachta tarchurtha comhordaithe, is é 70 % den acmhainneacht tairseacha an t-íosleibhéal achmhainneachta a bheidh ann, agus teorainneacha slándála oibríochta á n-urramú agus teagmhais á gcur san áireamh, ag an am céanna, arna chinneadh i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(b)

i gcás teorainneacha a úsáideann cur chuige sreabhadhbhunaithe, is é an tairseach íosta a bheidh ann ná corrlach arna shocrú sa phróiseas ríofa acmhainneachta amhail mar atá ar fáil i gcás sreafaí de thoradh malartú traschreasach. Is é an corrlach a bheidh ann ná 70 % den acmhainneacht, agus teorainneacha slándála oibríochta eilimintí criticiúla líonra inmheánacha agus traslimistéir á n-urammú agus teagmhais á gcur san áireamh, ag an am céanna, arna chinneadh i gcomhréir leis na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

Féadfar an méid iomlán de 30 % a úsáid i gcás na gcorrlach iontaofachta, na lúbshreabha agus na sreabha inmheánacha ar gach eilimint chriticiúil líonra.

9.   Arna iarraidh sin d'oibreoirí córais tarchurtha i réigiún ríofa acmhainneachta, féadfaidh na húdaráis rialála ábhartha maolú a dheonú ó mhír 8 ar fhorais intuartha i gcás inar gá sin chun slándáil oibríochtúil a choinneáil. Beidh maoluithe den sórt sin, nach bhféadfaidh baint a bheith aige le ciorrú acmhainneachtaí a leithdháileadh cheana de bhun mhír 2, teoranta de 1 bhliain amháin agus ní níos mó san iarraidh, nó suas le 2 bhliain ar a mhéad lena ngabhfaidh leibhéal íslitheacha suntasach ar an maolú gach bliain. Beidh méid na maouluithe den sórt sin teoranta go docht don mhéid atá riachtanach chun slándáil oibríochtúil a chosaint, agus seachnófar leis idirdhealú idir malartuithe inmheánacha agus malartuithe traschreasacha.

Sula ndeonfaidh sé maolú, rachaidh an t-údarás rialála ábhartha i gcomhairle le húdaráis rialála na mBallstát eile ar cuid iad de réigiún ríofa acmhainneachta dá ndéantar difear. I gcás ina n-easaontóidh údarás rialála leis an maolú a mholtar, déanfaidh ACER cinneadh ar cheart dó an maolú a dheonú de bhun phointe (a) d'Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942. Foilseofar an bonn cirt agus na cúiseanna atá leis an maolú.

I gcás ina ndeonaítear maolú, forbróidh agus foilseoidh na hoibreoirí ábhartha córas tarchurtha modheolaíocht agus tionscadail lena dtabharfar réiteach fadtéarmach ar an bhfadhb a bhfuil sé mar aidhm ag an maolú aghaidh a thabhairt air. Rachaidh an maolú in éag an tráth a bhainfear an teorainn ama don mhaolú amach nó, nuair a chuirfear an réiteach i bhfeidhm, cibé acu sin is túisce.

10.   Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh in iúl do na hoibreoirí córais tarchurtha lena mbaineann, tráth réasúnach roimh an tréimhse oibríochtúil ábhartha, an bhfuil sé ar intinn acu acmhainneacht leithdháilte a úsáid. Déanfar aon acmhainneacht leithdháilte nach n-úsáidfear a chur ar fáil ar an margadh ar mhodh oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

11.   A mhéid is indéanta é go teicniúil, déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha, cothromú ar riachtanais acmhainneachta aon sreafaí cumhachta ag dul sa treo contrártha thar an líne idirnaisc phlódaithe chun an líne sin a úsáid go barr a hacmhainneachta. Agus lánaird á tabhairt ar shlándáil líonra, ní dhiúltófar aon idirbhearta a mhaolóidh an plódú.

12.   Déanfar na hiarmhairtí airgeadais a ghabhann le mainneachtain urraim a thabhairt d'oibleagáidí a bhaineann le leithdháileadh acmhainneachta a chur ina leith oibreoirí córais tarchurtha nó OMLAanna atá freagrach as an mainneachtain sin. I gcás ina mainneoidh rannpháirtithe sa mhargadh úsáid a bhaint as an acmhainneacht a gheall siad a úsáid, nó, i gcás acmhainneacht a cheantáiltear go sainráite, ina mainneoidh rannpháirtithe trádáil ar bhonn tánaisteach nó an acmhainneacht a thabhairt ar ais in am trátha, caillfidh na rannpháirtithe sa mhargadh na cearta ar an acmhainneacht sin agus íocfaidh siad muirear costas-léiritheach. Beidh údar maith le haon mhuirir chostas-léiritheacha i leith neamhúsáid acmhainneachta agus beidh siad comhréireach. Mura gcomhlíonann oibreoir córais tarchurtha a chuid oibleagáidí chun acmhainne daingne tarchurtha a sholáthair, dlífidh sé cúiteamh a thabhairt don rannpháirtí sa mhargadh as cailleadh a cheart acmhainneachta. Ní chuirfear caillteanais iarmhartacha san áireamh chuige sin. Leagfar amach roimh ré na coincheapa lárnacha agus na modhanna lena gcinnfear na dliteanais a fhabhrófar mar thoradh ar mhainneachtain oibleagáidí a urramú i leith na n-iarmhairtí airgeadais, agus beidh siad faoi réir a n-athbhreithnithe ag an údarás rialála ábhartha.

13.   Agus na costais gníomhaíochtaí ceartaitheacha idir oibreoirí córais tarchurtha á leithdháileadh acu, déanfaidh na húdaráis rialála anailís ar a mhéid a rannchuidíonn sreafaí de dhroim idirbhearta laistigh de chriosanna tairisceana leis an bplódú idir dhá chrios tairisceana arna mbreathnú, agus leithdháilfidh siad na costais, bunaithe ar an rannchuidiú leis an bplódú, ar oibreoirí córais tarchurtha na gcriosanna tairisceana a chruthaíonn na sreafaí sin seachas i gcás costas de thoradh sreafaí de dhroim idirbheart laistigh de chriosanna tairisceana atá faoi bhun an leibhéil lena bhféadfaí a bheith ag súil d'uireasa plódú struchtúrtha i gcrios tairisceana.

Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha uile as réigiún ríofa acmhainneachta an leibhéal sin a ainilísiú agus shainiú go comhpháirteach i gcás gach teorann idir dhá chrios tairisceana aonair, agus beidh sé faoi réir na n-údárás rialála uile sa réigiún chun ríofa acmhainneachta a fhormheas ina dhiaidh sin.

Airteagal 17

Acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh thar chreataí ama

1.   Déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha athríomh ar an acmhainneacht thraschreasach atá ar fáil ar a laghad tar éis amanna dúnta an gheata traschreasaaigh lá roimh ré agus tar éis amanna dúnta an gheata traschreasaigh ionlae. Leithdháilfidh oibreoirí córais tarchurtha an acmhainneacht thraschreasach atá ar fáil, móide aon acmhainneacht thraschreasach nár leithdháileadh roimhe seo agus aon acmhainneacht thraschreasach ar scaoil sealbhóirí na gceart fisiceach tarchurtha ó leithdháiltí roimhe seo, sa chéad phróiseas eile do leithdháileadh na hacmhainneachta traschreasaí.

2.   Saineoidh na hoibreoirí córais tarchurtha struchtúr iomchuí chun acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh ar fud na gcreataí ama, lena n-áirítear margaí lá roimh ré, ionlae agus cothromaithe. Beidh struchtúr um leithdháileadh den sórt sin faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialála ábhartha. Agus a dtogra á tharraingt suas acu, cuirfidh oibreoirí córais tarchurtha na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

saintréithe na margaí;

(b)

coinníollacha oibríochtúla an chórais leictreachais, amhail na himpleachtaí a bheadh ag comhardú na sceideal atá dearbhaithe go daingean;

(c)

leibhéal comhchuibhithe na gcéatadán a thugtar do chreataí éagsúla agus na creataí ama a ghlacfar do na sásraí éagsúla atá i bhfeidhm maidir le leithdháileadh acmhainneachta traschreasaí cheana.

3.   I gcás ina mbeidh acmhainneacht thraschreasach ar fáil tar éis am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae, bainfidh oibreoirí córais tarchurtha úsáid as an acmhainneacht thraschreasaigh chun fuinneamh don chomhardú a mhalartú nó chun an próiseas do chomhardú míchothromaíochtaí a fheidhmiú.

4.   I gcás ina ndéantar acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh do mhalartú na hacmhainneachta don chothromú nó do chomhroinnt na gcúltacaí de bhun Airteagal 6(8) den Rialachán seo, bainfidh na hoibreoirí córas tarchurtha úsáid as na modheolaíochtaí arna bhforbairt i dtreoirlíne maidir le cothromú leictreachais arna glacadh de bhun Airteagal 6(11) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

5.   Ní mhéadóidh oibreoirí córais tarchurtha, mar thoradh ar acmhainneacht don chothromú a mhalartú nó cúltacaí a chomhroinnt, an corrlach iontaofachta arna ríomh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2015/1222.

ROINN 2

Muirir ghréasáin agus ioncam ó phlódú

Airteagal 18

Muirir ar rochtain ar ghréasáin, úsáid gréasán agus treisiú

1.   Beidh na muirir a ghearrfaidh oibreoirí líonra ar rochtain ar ghréasáin, lena n-áirítear muirir ar nascadh leis na gréasáin, muirir ar úsáid na ngréasán, agus, i gcás inarb infheidhme, muirir ar threisithe a bhaineann leis na gréasáin, costas-léiritheach, trédhearcach agus cuirfear san áireamh leo an gá le slándáil agus solúbthacht ghréasáin agus léireofar iontu na costais iarbhír a thabhaítear sa mhéid go bhfreagraíonn siad do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus a bhfuil struchtúr inchomparáide aige agus cuirfear na muirir sin i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach. Ní áireofar ar na costais seo costais neamhghaolmhara lena dtacaítear le cuspóirí beartais neamhghaolmhara.

Gan dochar d'Airteagal 15(1) agus (6) de Threoir 2012/27/AE ná do na critéir in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Treoir sin, tacóidh an modheolaíocht a úsáidtear chun na muirir ghréasáin a chinneadh, ar bhealach neodrach, le héifeachtúlacht fhoriomlán na gcóras san fhadtéarma trí chomharthaí praghais do chustaiméirí agus do tháirgeoirí agus, go háirithe, cuirfear i bhfeidhm í ar bhealach nach ndéanfaidh idirdhealú idir táirgeadh atá nasctha ar leibhéal an dáileacháin agus táirgeadh atá nasctha ar leibhéal an tarchurtha. Ní dhéanfar idirdhealú leis na muirir ghréasáin, ar bhealach dearfach ná ar bhealach diúltach, i gcoinne stóráil fuinnimh nó i gcoinne an chomhbhailithe, agus ní chruthófar leo dídhreasuithe le haghaidh na féinghiniúna, an fhéintomhaltais nó le haghaidh rannpháirtíocht sa fhreagairt don éileamh. Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, ní bheidh na muirir sin bainteach le hachar.

2.   Leis na modheolaíochtaí maidir le taraifí, léireofar costais sheasta oibreoirí córais tarchurtha agus soláthrófar dreasachtaí iomchuí maidir le hoibreoirí córais tarchurtha agus le hoibreoirí córais dáileacháin sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, chun éifeachtúlachtaí a mhéadú, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, chun comhtháthú na margaí agus slándáil an tsoláthair a chothú, chun tacú le hinfheistíochtaí éifeachtúla, leis na gníomhaíochtaí taighde gaolmhara agus nuálaíocht chun leasa na gcustaiméirí a éascú i réimsí amhail digitiú, seirbhísí solúbthachta agus idirnascadh.

3.   I gcás inarb iomchuí, le leibhéal na dtaraifí a chuirfear i bhfeidhm maidir lecustaiméirí deiridh, nó le custaiméirí deiridh, nó an dá cheann, soláthrófar comharthaí suímh ar leibhéal an Aontais, agus cuirfear san áireamh leis méid na gcaillteanas gréasáin agus méid an phlódaithe arna chruthú, agus costais na hinfheistíochta sa bhonneagar.

4.   Nuair a bheidh na muirir ar rochtain ar ghréasán á socrú, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

íocaíochtaí agus fáltais a eascraíonn as an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha;

(b)

íocaíochtaí iarbhír a rinneadh agus a fuarthas mar aon le híocaíochtaí lena bhfuiltear ag súil do thréimhsí ama sa todhchaí, agus a ndéantar meastachán orthu ar bhonn tréimhsí san am atá caite.

5.   Beidh socrú na muirear ar rochtain ar ghréasán faoin Airteagal seo gan dochar do mhuirir a eascraíonn ón mbainistiú ar phlódú dá dtagraítear in Airteagal 16.

6.   Ní ghearrfar aon mhuirear sonrach gréasáin ar idirbhearta aonair maidir le trádáil thraschreasach leictreachais.

7.   Beidh taraifí dáileacháin ina léiriú ar chostais agus úsáid an ghréasáin dáileacháin ag úsáideoirí an chórais, lena n-áirítear custaiméirí gníomhacha. Féadfar tairifí dáileacháin á cur san áireamh, féadfaidh eilimintí d'acmhainneacht an naisc líonra a bheith ina gcuid díobh agus féadfar idirdhealú a dhéanamh eatarthu bunaithe ar ídiú fuinnimh nó próifílí giniúna úsáideoirí an chórais. I gcás ina bhfuil cur in úsáid córas méadraithe cliste curtha chun feidhme ag na Ballstáit, déanfaidh na húdaráis rialála breithniú ar tharaifí gréasáin arna n-idirdhealú ar bhonn ama agus taraifí tarchurtha agus taraifí dáileacháin, nó na modheolaíochtaí a ghabhann leobhformheas acu i gcomhréir le hAirteagal 59 de Threoir (AE) 2019/944 agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar córas méadraithe cliste a thabhairt isteach, agus iad ina léiriú ar úsáid an ghréasáin, ar bhealach trédhearcach, cost-éifeachtúil agus intuartha don chustaiméir deiridh.

8.   Le modheolaíochtaí taraifí tarchurtha, soláthrófar dreasachtaí d'oibreoirí córais tarchurtha i leith a ngréasáin a oibriú agus a fhorbairt ar an mbealach is cost-éifeachtúla, lena n-áirítear trí sholáthar seirbhísí. Chun na críche sin, aithneoidh údaráis rialála mar chostais incháilithe, agus cuirfidh siad san áireamh costais ábhartha sna taraifí dáileacháin agus féadfaidh siad spriocanna feidhmíochta a thabhairt isteach chun dreasacht a thabhairt d'oibreoirí córais dáileacháin éifeachtúlachtaí a mhéadú sna gréasáin atá acu, lena n-áirítear trí éifeachtúlacht fuinnimh, solúbthacht agus forbairt eangach cliste agus córas méadraithe cliste.

9.   Faoin 5 Deireadh Fómhair 2019 chun an riosca a bhaineann le hilroinnt margaí a mhaolú, soláthróidh ACER tuarascáil dhea-chleachtais maidir le modheolaíochtaí taraifí tarchurtha agus dáileacháin agus, ag an am céanna, cuirfidh sí na sonraíochtaí náisiúnta san áireamh. Sa tuarascáil dea-chleachtais sin, tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

an cóimheas idir na taraifí a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgeoirí agus na taraifí a chuirtear i bhfeidhm ar chustaiméirí deiridh;

(b)

na costais a bheidh le haisghabháil trí bhíthin taraifí;

(c)

taraifí gréasáin arna n-idirdhealú ar bhonn ama;

(d)

comharthaí suímh;

(e)

an gaol idir na taraifí tarchurtha agus taraifí dáileacháin;

(f)

modhanna chun trédhearcacht a áirithiú i dtaca le socrú agus struchtúr taraifí;

(g)

grúpaí d'úsáideoirí gréasáin a bheidh faoi réir taraifí lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, saintréithe na ngrúpaí sin, cineálacha tomhaltais, agus aon díolúine ó tharaifí;

(h)

caillteanais in eangacha ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais.

Déanfaidh ACER a dea-chleachtas a thabhairt cothrom le dáta ar a laghad uair amháin gach 2 bhliain.

10.   Tabharfaidh na húdaráis rialála aird cuí ar an tuarascáil dea-chleachtais agus taraifí tarchurtha nó dáileacháin, nó na modheolaíochtaí a ghabhann leo, á socrú nó á bhformheas acu i gcomhréir le hAirteagal 59 de Threoir (AE) 2019/944.

Airteagal 19

Ioncam ó phlódú

1.   Ní fhéadfaidh nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le creat ama réamhshonraithe ioncam a ghiniúint ach amháin i gcás ina dtarlóidh plódú i dtaca leis an gcreat ama sin, seachas i gcás idirnascairí nua a thairbhíonn ó dhíolúine faoi Airteagal 63 den Rialachán seo, Airteagal 17 den Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 nó Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003. Beidh an nós imeachta chun an t-ioncam sin a leithdháileadh faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialála agus ní dhéanfaidh sé saobhadh ar an bpróiseas leithdháilte i bhfabhar aon pháirtí a iarrfaidh acmhainneacht nó fuinneamh ná ní bheidh sé ina dhídhreasacht chun plódú a laghdú.

2.   Tabharfar tosaíocht do na cuspóirí seo a leanas maidir le haon ioncam a eascróidh as leithdháileadh na hacmhainneachta traschreasacha:

(a)

infhaighteacht iarbhír na hacmhainneachta leithdháilte a ráthú lena n-áirítear cúiteamh daingne; nó

(b)

acmhainneachtaí traschreasacha a choinneáil nó a mhéadú trí bharrfheabhsú úsáid idirnascairí atá ann cheana trí bhíthin gníomhaíochtaí ceartaitheacha comhordaithe, i gcás inarb infheidhme, nó costais a chumhdach arna n-eascairt as infheistíochtaí líonraí atá ábhartha chun plódú idirnascairí a laghdú.

3.   I gcás ina gcomhlíonfar go leormhaith na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach i mír 2, feádfar an t-ioncam a úsáid mar ioncam a bheidh le cur san áireamh ag na húdaráis rialála agus an mhodheolaíocht chun taraifí gréasáin a ríomh nó taraifí gréasáin a shocrú á formheas acu, nó an dá rud. Cuirfear an t-ioncam iarmharach ar líne leithleach inmheánach cuntais go dtí go bhféadfar é a chaitheamh chun na gcríoch a leagtar amach i mír 2.

4.   Beidh úsáid an ioncaim i gcomhréir le pointe (a) nó (b) de mhír 2 faoi réir modheolaíocht arna moladh ag na hoibreoirí córais tarchurtha tar éis dóibh dul i gcomhairle le húdaráis rialála agus le geallsealbhóirí ábhartha agus déanfaidh ACER í a fhormheas. Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha an togra a thíolacadh do ACER faoin 5 Iúil 2020 agus déanfaidh ACER cinneadh maidir leis an mhodheolaíocht molta laistigh de 6 mhí an mhodheolaíocht a bheith faighte aige.

Féadfaidh ACER a iarraidh ar na hoibreoirí córais tarchurtha an mhodheolaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a athrú nó a nuashonrú. Déanfaidh ACER an mhodheolaíocht athruithe nó nuashonraithe a fhormheas tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis a thíolacadh.

Leagfar amach sa mhodheolaíocht na coinníollacha faoinar féidir na hioncaim a úsáid le haghaidh na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 2, na coinníollacha faoina bhféadfar na hioncaim a chur ar líne leithleach inmheánach cuntais lena úsáid chun na gcríoch sin amach anseo, agus an fad a fhéadfar na hioncaim a chur ar líne cuntais den sórt sin.

5.   Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha an úsáid a bhainfidh siad as aon ioncam ó phlódú a leagan síos go soiléir roimh ré, agus tabharfaidh siad tuarascáil do na húdaráis rialála ar úsáid iarbhír an ioncaim sin. Faoin 1 Márta gach bliain, déanfaidh na húdaráis rialála ACER a chur ar an eolas agus tuarascáil a fhoilsiú ina leagfar amach:

(a)

méid an ioncaim a bailíodh don tréimhse 12 mhí dar críoch an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin;

(b)

an bealach ar baineadh úsáid as an ioncam sin de bhun mhír 2, lena n-áirítear na tionscadail shonracha ar úsáideadh an t-ioncam ina leith, agus an méid a cuireadh ar líne ar leithligh sna cuntais;

(c)

an méid ar baineadh úsáid as agus taraifí gréasáin á ríomh; agus

(d)

le fíorú go comhlíonann an méid dá dtagraítear i bpointe (c) an Rialachán seo agus an mhodheolaíocht arna forbairt de bhun mhíreanna 3 agus 4.

I gcás ina n-úsáidtear roinnt den ioncam ón bplódú tráth a dhéantar taraifí gréasáin a ríomh, leagfar amach sa tuarascáil conas a chomhlíon oibreoirí córais tarchurtha na cuspóirí tosaíochta atá leagtha amach i mír 2 i gcás inarb infheidhme.

CAIBIDIL IV

LEORMHAITHEAS ACMHAINNÍ

Airteagal 20

Leormhaitheas acmhainní sa mhargadh inmheanach um leictreachas

1.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar leormhaitheas acmhainní laistigh dá gcríoch bunaithe ar an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23. Chun críocha an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní a chomhlánú, féadfaidh na Ballstáit measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a dhéanamh freisin de bhun Airteagal 24.

2.   I gcás ina sainaithnítear sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23 nó sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 24 ábhar imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de, sainaithneoidh na Ballstáit lena mbaineann aon saobhadh rialála nó clistí margaidh ba chúis leis an ábhar imní sin teacht chun cinn nó a rannchuidigh leis sin.

3.   Na Ballstáit ar ina leith a shainaithneofar ábhair imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de, déanfaidh siad a fhorbairt agus a fhoilsiú plean cur chun feidhme ina mbeidh amlíne chun bearta a ghlacadh chun deireadh a chur le haon saobhadh rialála nó clistí margaí a shainaithneofar mar chuid den phróiseas maidir le Státchabhair. Agus aghaidh á tabhairt acu ar ábhair imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de, cuirfidh na Ballstáit san áireamh go háirithe na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 3 agus déanfaidh siad breithniú ar gach ní de na nithe seo a leanas:

(a)

deireadh a chur le saobhadh rialála;

(b)

uasteorainneacha praghais a bhaint i gcomhréir le hAirteagal 10;

(c)

feidhm praghsála teirce a thabhairt isteach maidir leis an bhfuinneamh don chothromú amhail dá dtagraítear in Airteagal 44(3) de Rialacháin Uimh. 2017/2195;

(d)

idirnascadh agus acmhainneacht inmheánach eangaí a mhéadú d'fhonn ar a laghad a spriocanna maidir le hidirnascadh a bhaint amach amhail dá dtagraítear i bpointe (d)(1) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999;

(e)

féinghiniúint, stóráil fuinnimh, bearta atá dírithe ar an éileamh agus éifeachtúlacht fuinnimh a chumasú trí bhearta a ghlacadh chun aon saobhadh rialála arna sainaithint a dhíothú;

(f)

soláthar cost-éifeachtach agus margadhbhunaithe seirbhísí cothromúcháin agus coimhdeacha a áirithiú;

(g)

praghsanna rialáilte a bhaint i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2019/944.

4.   Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann an plean cur chun feidhme a thíolacadh don Choimisiún lena athbhreithniú.

5.   Laistigh de 4 mhí tar éis dó an plean cur chun feidhme a fháil, tabharfaidh an Coimisiún tuairimí dtaobh an leor na bearta chun an saobhadh rialála nó clistí margaidh a dhíothú arna sainaithint de bhun mhír 2, agus féadfaidh sé a iarraidh ar an Ballstáit a bpleananna cur chun feidhme a leasú dá réir.

6.   Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann faireachán ar chur i bhfeidhm na bpleananna cur chun feidhme agus foilseoidh siad torthaí an fhaireacháin i dtuarascáil bhliantúil agus cuirfidh said an tuaraiscail faoi bhráid an Choimisúin.

7.   Tabharfaidh an Coimisiún tuairim i dtaobh ar cuireadh na pleananna chun feidhme go leordhóthanach agus ar réitíodh an t-ábhar imní i dtaca le leormhaitheas acmhainní.

8.   Leanfaidh na Ballstáit de bheith ag cloí leis an bplean cur chun feidhme tar éis an t-ábhar imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní arna sainaithint i dtaca le leormhaitheas a réiteach.

Airteagal 21

Prionsabail ghinearálta le haghaidh sásraí acmhainneachta

1.   Chun deireadh a chur le hábhair imní iarmharacha i dtaca le leormhaitheas acmhainní, féadfaidh na Ballstáit, mar rogha dheiridh agus le linn dóibh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(3) den Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 107, 108 agus 109 CFAE, sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach.

2.   Sula ndéanfaidh siad sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach, déanfaidh Ballstát lena mbaineann staidéar cuimsitheach ar éifeachtaí sásraí den sórt sin a d'fhéadfadh a bheith acu ar na Ballstáit chomharsanachta trí dhul i gcomhairle ar a laghad lena mBallstáit chomharsanachta ag a bhfuil nasc díreach gréasáinagus le geallsealbhóirí na mBallstát sin.

3.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú i dtaobh an féidir le sásra acmhainneachta, i riocht cúltaca straitéiseach, aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní i dtaca le leormhaitheas acmhainní. I gcás nach amhlaidh an cás, féadfaidh na Ballstáit cineál eile sásra acmhainneachta a chur chun feidhme.

4.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach i gcás nár saithaithníodh ábhar imní i dtaca le leormhaitheas acmhainní sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní agus sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, nó in éagmais measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní.

5.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach sula mbeidh tuairim faighte ón gCoimisiún, amhail dá dtagraítear in Airteagal 20(5), i dtaobh an phlean cur chun feidhme amhail dá dtagraítear in Airteagal 20(3).

6.   I gcás ina ndéanfaidh Ballstát sásra acmhainneachta a chur i bhfeidhm, déanfaidh sé athbhreithniú ar an sásra acmhainneachta sin agus déanfaidh sé a áirithiú nach ndéanfar aon chonradh nua a chur i gcrích faoin sásra sin i gcás nár sainaithníodh ábhar imní i dtaca le measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní agus an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, nó in éagmais measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní, nó nach mbeidh tuairim eisithe ag an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 20(5) i dtaobh an phlean cur chun feidhme amhail dá dtagraítear in Airteagal 20(3).

7.   Agus sásraí acmhainneachta á ndearadh acu, áiritheoidh na Ballstáit foráil iontu lena gceadófar céimniú amach riaracháin éifeachtúil a dhéanamh ar an sásra acmhainneachta i gcás nach ndéanfar aon chonradh nua a chur i gcrích faoi mhír 6 le linn 3 bliana as a chéile.

8.   Is sealadach a bheidh na sásraí acmhainneachta. Déanfaidh an Coimisiún na sásraí acmhainneachta a fhormheas le haghaidh tréimhse nach faide ná 10 mbliana. Déanfar iad a chéimniú amach nó déanfar méid na n-acmhainneachtaí tiomanta a laghdú ar bhonn na pleananna cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 20(3). Leanfaidh na Ballstáit de chur i bhfeidhm an phlean cur chun feidhme tar éis an sásra acmhainneachta a thabhairt isteach.

Airteagal 22

Prionsabail deartha le haghaidh sásraí acmhainneachta

1.   Maidir le sásraí acmhainneachta:

(a)

beidh siad sealadach;

(b)

ní chruthóidh siad saobhadh margaidh míchuí agus ní chuirfidh siad teorainn le trádáil thraschreasach;

(c)

ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ó thaobh leormaitheas de dá dtagraítear in Airteagal 20;

(d)

roghnóidh siad soláthraithe acmhainneachta trí phróiseas trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus iomaíoch;

(e)

soláthróidh siad dreasachtaí chun go mbeidh soláthraithe acmhainneachta ar fáil le linn brú réamh-mheasta ar chórais;

(f)

áireoidh siad go gcinnfear an luach saothair tríd an bpróiseas iomaíoch;

(g)

leagfaidh siad amach na coinníollacha teicniúla is gá le haghaidh rannpháirtíocht soláthraithe acmhainneachta roimh an bpróiseas roghnúcháin;

(h)

beidh siad oscailte do rannpháirtíocht na n-acmhainní uile atá in ann an fheidhmíocht theicniúil is gá a sholáthar, lena n-áirítear bainistíocht ó thaobh stórála agus éilimh de;

(i)

cuirfidh siad pionóis iomchuí i bhfeidhm maidir le soláthraithe acmhainneachta i gcás nach bhfuil siad ar fáil i gcás brú ar chórais.

2.   Comhlíonfaidh an dearadh le haghaidh cúltacaí straitéiseacha na ceanglais seo a leanas:

(a)

Nuair is mar chúltaca straitéiseach a dheartar sásra acmhainneachta, ní athsheolfar acmhainní sa chúltaca straitéiseach ach amháin i gcás gur dóigh go n-ídeoidh na hoibreoirí córas tarchurtha a n-acmhainní cothromúcháin chun cothromaíocht a bhunú idir an t-éileamh agus an soláthar;

(b)

Le linn tréimhsí socraíochta éagothroime inar seoladh acmhainní sa chúltaca straitéiseach, réiteofar míchothromaíochtaí sa mhargadh ar a laghad ag an luach atá ar chailliúint lóid nó ag luach atá níos airde ná an teorainn praghais theicniúil ionlae dá dtagraítear in Airteagal 10(1), cibé acu is airde;

(c)

Maidir le haschur an chúltaca straitéisigh tar éis dó a bheith seolta, déanfar é a shannadh chun páirtithe freagracha a chothromú tríd an sásra socraíochta éagothroime;

(d)

Ní íocfar na hacmhainní atá rannpháirteach sa chúltaca straitéiseach trí mhargaí mórdhíola leictreachais ná trí mhargaí cothromúcháin;

(e)

Déanfar na hacmhainní sa chúltaca straitéiseach a choinneáil lasmuigh den mhargadh ar feadh thréimhse an chonartha ar a laghad.

Ní dochar an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (a) den chead fhomhír seo d'acmhainní a chur chun gnímh roimh an seoladh féin, d'fhonn na sriantaí rampála agus na ceanglais oibríochtúla a chomhlíonadh. Ní dhéanfar aschur an chúltaca straitéisigh le linn an ghníomhachtaithe a shannadh do ghrúpaí comhardaithe trí mhargaí mórdhíola agus ní athrófar a míchothromaíochtaí leis.

3.   Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i mír 1, beidh na nithe seo a leanas i gceist le sásraí acmhainneachta seachas cúltacaí straitéiseacha:

(a)

bunófar iad chun a áirithiú go gclaonfaidh an praghas a íocfar as infhaighteacht i dtreo an nialais i gcás ina meastar go mbeidh leibhéal na hacmhainneachta a sholáthrófar leormaithe chun an leibhéal acmhainneachta a éilítear a chomhlíonadh;

(b)

tabharfar luach saothair do na hacmhainní rannpháirteacha as a n-infhaighteacht amháin agus áiritheofar nach ndéanfaidh an luach saothair difear do chinntí an tsoláthraí acmhainneachta cibé acu an nginfidh siad nó nach nginfidh siad;

(c)

áiritheofar go mbeidh oibleagáidí acmhainneachta inaistrithe idir soláthraithe acmhainneachta incháilithe.

4.   Comhlíonfaidh sásraí acmhainneachta na ceanglais seo a leanas maidir le teorainneacha astaíochtaí CO2:

(a)

faoin 4 Iúil 2019 ar a dhéanaí, ní bhfaighidh acmhainneacht ghiniúna, a thosaigh táirgeadh tráchtála ar an dáta sin nó ina dhiadh, a astaíonn níos mó ná 550 gCO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais, íocaíochtaí nó gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo faoi shásra acmhainneachta amhail ó dháta an teacht i bhfeidhm ar a dhéanaí;

(b)

faoin 1 Iúil 2025, ní bhfaighidh acmhainneacht ghiniúna, a thosaigh táirgeadh tráchtála ar an dáta sin nó ina dhiadh, a astaíonn níos mó Acmhainneacht ghiniúna a astaíonn níos mó ná 550 gr CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais agus níos mó ná 350 kg CO2 de thionscnamh breosla iontaise ar an meán in aghaidh na bliana do gach kWe suiteáilte a thosaigh táirgeadh tráchtála, ní bhfaighidh an acmhainneacht ghiniúna sin íocaíochtaí nó gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo faoi shásra acmhainneachta amhail roimh 4 Iúil 2019;

Déanfar an teorainn astaíochta 550 g CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais agus an teorainn 350 kg CO2 de thionscnamh breosla iontaise ar an meán in aghaidh na bliana do gach kW dadtagraitear i bpointi (a) agus (b) den chead fhomhír suiteáilte a ríomh bunaithe ar éifeachtúlacht dhearadh an aonaid giniúna, is é sin an ghlanéifeachtúlacht ar acmhainneacht ainmniúil faoi na caighdeáin ábhartha dá bhforáiltear ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán.

Faoin 5 Eanáir 2020, foilseoidh ACER tuairim lena soláthrófar treoraíocht theicniúil maidir le ríomh na luachanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

5.   Na Ballstáit ina bhfuil sásraí acmhainneachta á gcur i bhfeidhm acu an 4 Iúil 2019, déanfaidh siad a sásraí a oiriúnú chun Caibidil 4 a chomhlíonadh, gan dochar do ghealltanais nó do chonarthaí a tugadh i gcrích faoin 31 Nollaig 2019.

Airteagal 23

An measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní

1.   Leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní sainaithneofar ábhair imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de a chinneadh trí mheasúnú a dhéanamh ar leormhaitheas foriomlán an chórais leictreachais chun freastal ar éilimh reatha agus ar éilimh réamh-mheasta ar leibhéal an Aontais, leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal an chreasa tairisceana aonair, más ábhartha. Cumhdófar leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní gach bliain laistigh de thréimhse 10 mbliana ó dháta an mheasúnaithe sin.

2.   Is é ENTSO don Leictreachas a dhéanfaidh an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní.

3.   Faoin 5 Eanáir 2020, cuirfidh ENTSO don Leictreachas dréacht-mhodheolaíocht faoi bhráid an Ghrúpa Chomhordaithe Leictreachais arna bhunú le hAirteagal 1 de Chinneadh ón gCoimisiún an 15 Samhain 2012 (21) agus ACER don mheasúnú Eorpach ar leormaitheas acmhainní bunaithe ar na prionsabail dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo.

4.   Na sonraí atá de dhíth ó ENTSO don Leictreachas chun an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní a dhéanamh, tabharfaidh oibreoirí córas tarchurtha dó iad.

Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní ar bhonn bhliaintúil. Soláthróidh tairgeoirí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh sonraí d'oibreoirí córas tarchurtha maidir le húsáid ionchasach na n-acmhainní giniúna, agus aird á tabhairt ar infhaighteacht acmhainní príomha agus cásanna iomchuí den éileamh agus soláthar réamh-mheasta.

5.   Beidh an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní bunaithe ar mhodheolaíocht thrédhearcach lena n-áiritheofar go mbeidh na nithe seo a leanas i gceist leis an measúnú sin:

(a)

go ndéanfar é ar gach leibhéal creasa tairisceana a chumhdaíonn ar a laghad gach Ballstát;

(b)

go mbeidh sé bunaithe ar chásanna tagartha lárnacha den éileamh agus soláthar réamh-mheasta lena n-áirítear measúnú eacnamaíoch ar an dóchúlacht ar shócmhainní giniúna a dhíchoimisiúnú, a chur i leataobh, a thógáil as an nua agus bearta chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus idirnascadh leictreachais a bhaint amach agus íogaireacht oiriúnach a bhaint amach maidir le himeachtaí foircneacha aimsire, coinníollacha hidreolaíocha, praghsanna mórdhíola agus forbairt ar phraghsanna carbóin;

(c)

go mbeidh ann cásanna ar leithligh ina léirítear dóchúlacht éagsúil na n-ábhar imní maidir le leormhaitheas giniúna ar ina leith a ceapadh cineálacha éagsúla sásraí acmhainneachta chun aghaidh a thabhairt orthu;

(d)

go gcuirfear san áireamh go hiomchuí rannchuidiú na n-acmhainní uile, lena n-áirítear deiseanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, stóráil fuinnimh, comhtháthú earnálach, freagairt don éileamh, agus allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus an méid a rannchuidíonn siad le hoibriú solúbtha an chórais;

(e)

go ndéanfar réamh-mheas ar an tionchar is dócha a bheidh ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(3);

(f)

go gcuirfear san áireamh athróga gan na sásraí acmhainneachta atá ann faoi láthair nó atá pleanáilte agus, i gcás inarb infheidhme, le hathróga acmhainneachta den sórt sin;

(g)

go mbeidh sé bunaithe ar shamhail mhargaidh ina n-úsáidtear an cur chuige bunaithe ar shreafaí, i gcás inarb infheidhme;

(h)

go gcuirfear ríomhanna dóchúlaíocha i bhfeidhm leis;

(i)

go gcuirfear uirlis mhúnlaithe aonair i bhfeidhm;

(j)

go n-áireofar na táscairí seo a leanas ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 25:

“an fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh”, agus

“an t-ionchas caillte lóid”;

(k)

go sainaithneofar ábhair imní a d'fhéadfadh a bheith ann ó thaobh leormhaitheas acmhainní de, go háirithe an srianadh gréasáin nó srianadh acmhainní, nó srianadh ar an dá rud, atá i gceist.

(l)

go dtabharfar aird ar fhíorfhorbairt líonra;

(m)

go n-áiritheofar go gcuirfear san áireamh mar is cuí saintréithe náisiúnta na giniúna, solúbthacht éilimh agus stóráil fuinnimh, infhaighteacht acmhainní príomha agus leibhéal an idirnasctha.

6.   Faoin 5 Eanáir 2020, cuirfidh ENTSO don Leictreachas dréacht-mhodheolaíocht faoi bhráid ACER chun ríomh a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a)

an luach ar chailliúint lóid;

(b)

an “costas ar iontráil nua” don ghiniúint, nó don fhreagairt don éileamh; agus

(c)

an caighdeán don iontaofacht dá dtagraítear in Airteagal 25.

Beidh an mhodheolaíocht bunaithe ar chritéir atá trédhearcach, oibiachtúil agus infhíoraithe.

7.   Na tograí faoi mhíreanna 3 agus 6 le haghaidh na dréacht-mhodheolaíochta, na gcásanna, na n-íogaireachtaí agus na dtoimhdí ar a bhfuil siad bunaithe, agus na torthaí ar an measúnú Eorpach leormhaitheasa acmhainní faoi mhír 4, beidh siad faoi réir comhairliúchán roimh ré leis na Ballstáit, leis an nGrúpa Comhordaithe Leictreachais agus le geallsealbhóirí ábhartha agus faoi réir fhormheas ACER faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 27.

Airteagal 24

Measúnuithe náisiúnta leormhaitheasa acmhainní

1.   Beidh raon feidhme réigiúnach ag an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní agus beidh sé bunaithe ar an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 23(3), go háirithe do na forálacha arna soláthar i bpointí (b) go (m) d'Airteagal 23(5).

Beidh na cásanna lárnacha tagartha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 23(5) sna measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní.

Ina theannta sin, féadfar, le measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, íogaireachtaí breise a sholáthar, sa bhreis ar na cinn dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 23(5). Agus íogaireachtaí breise á gcur i bhfeidhm, féadfar, le measúnuithe breise ar leormhaitheas acmhainní, na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

toimhdí a dhéanamh ina gcuirtear san áireamh saintréithe an éilimh agus an tsoláthair leictreachais náisiúnta;

(b)

úsáid a bhaint as uirlisí agus as sonraí comhsheasmhacha is déanaí atá comhlantacha leis na cinn a d'úsáid ENTSO don Leictreachas sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní.

Thairis sin, agus measúnú á dhéanamh ar rannchuidiú soláthraithe acmhainneachta bunaithe i mBallstat eile maidir le slándáil soláthair na gcriosanna tairisceana a chumhdaítear leo, úsáidfidh measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní an mhodheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 26(11).

2.   Déanfar measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, an tuairim ó ACER de bhun mhír 3 d'Airteagal 18 a chur ar fáil go poiblí.

3.   I gcás ina sainaithneofar ábhar imní sa mheasúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní maidir le crios tairisceana agus nach mbeidh ábhar imní sainaitheanta sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní i dtaca leis an gcrios tairisceana céanna, déanfaidh an comhlacht a rialaíonn an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní a chur san áireamh ina thuarascáil ar an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, réasúnaíocht maidir leis an éagsúlacht a tharla idir an dá mheasúnú ar leormhaitheas acmhainní, lena n-áirítear mionsonraí ar na híogaireachtaí a úsáideadh agus na toimhdí bunúsacha. Foilseoidh na Ballstáit an measúnú sin agus cuirfidh siad ar aghaidh chuig ACER í.

Laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an tuarascáil, cuirfidh ACER tuairim ar fáil i dtaobh an bhfuil údar leis na difríochtaí idir an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní agus an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní Eorpach.

An comhlacht a freagrach as an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, tabharfaidh sé aird chuí ar an tuairim ó ACER, agus i gcás inar gá, leasóidh sé a mheasúnú deiridh. I gcás ina gcinnfidh sé gan lánaird chuí a thabhairt ar an tuairim ó ACER, an comhlacht a freagrach as an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, foilseoidh sé tuarascáil ina mbeidh réasúnaithe mionsonraithe.

Airteagal 25

Caighdeán don iontaofacht

1.   Agus sásraí acmhainneachta á gcur i bhfeidhm, beidh caighdeán don iontaofacht i bhfeidhm ag na Ballstáit. Tabharfar le fios i gcaighdeán don iontaofacht cad é leibhéal slándála an tsoláthair atá riachtanach sa Bhallstát ar mhodh trédhearcach. I gcás criosanna tairisceana trasteorann, is iad na húdaráis ábhartha a bhunóidh go comhpháirteach na caighdeáin sin don iontaofacht.

2.   Socróidh an Ballstát nó údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát tar éis dóibhan togra ó na hÚdaráis Rialála Náisiúnta a fháil. Beidh an caighdeán don iontaofacht bunaithe ar an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 23(6).

3.   Ríomhfar an caighdeán don iontaofacht ag baint úsáid ar a laghad as an luach atá ar chailliúint lóid agus an costas iontrála nua thar chreat ama áirithe agus léireofar é mar “an fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh” agus “an t-ionchas cailliúna lóid”.

4.   Agus sásraí acmhainneachta á gcur i bhfeidhm, is é an Ballstát nó údarás inniúil eile arna ainmniú ag an mBallstát a dhéanfaidh na paraiméadair lena gcinnfear méid na hacmhainneachta a fhaightear sa sásra acmhainneachta a fhormheas, ar bhonn an togra ón údaráis rialála náisiúnta.

Airteagal 26

Rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta

1.   Beidh sásraí acmhainneachta nach cúltacaí straitéiseacha iad agus i gcás inarb indéanta go teicniúil, cúltacaí straitéiseacha, oscailte do rannpháirtíocht dhíreach trasteorann soláthraithe acmhainneachta atá lonnaithe i mBallstát eile de bhun fhorálacha ata leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh an deis ag acmhainneacht eachtrach, atá in ann feidhmíocht choibhéiseach theicniúil a sholáthar agus atá ag an acmhainneacht intíre, a bheith rannpháirteach sa phróiseas iomaíoch céanna agus atá acmhainneacht intíre. I gcás sásraí acmhainneachta atá ag oibriú amhail ón 4 Iúil 2019, féadfaidh na Ballstáit rannpháirtíocht dhíreach idirnascairí a cheadú d'idirnascairí sa phróiseas iomaíoch céanna mar acmhainneacht eachtrach go ceann uastréimhse 4 bliana ón 4 Iúil 2019 nó 2 bhliain tar éis dháta fhormheas na modheolaíochtaí dá dtagraítear i mír 11, cibé ceann acu a thagann ar dtús.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh an acmhainneacht eachtrach lonnaithe i mBallstát ina bhfuil nasc díreach gréasáin leis an mBallstát a chuireann an sásra i bhfeidhm.

3.   Ní chuirfidh Ballstáit bac ar acmhainneacht atá lonnaithe ina gcríoch ó bheith rannpháirteach i sásraí acmhainneachta na mBallstát eile.

4.   Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta sceidil thraschreasacha agus sreafaí fisiceacha idir Ballstáit a athrú, ná tionchar eile a imirt orthu.Socrófar na sceidil agus na sreafaí sin bunaithe ar an toradh ar leithdháileadh acmhainneachta de bhun Airteagal 16 agus ar an mbealach sin amháin.

5.   Beidh soláthraithe acmhainneachta in ann páirt a ghlacadh i níos mó ná iliomad sásraí acmhainneachta amháin.

I gcás ina nglacfaidh soláthraithe acmhainneachta páirt i níos mó ná sásra amháin don tréimhse seachadta chéanna, glacfaidh siad páirt suas go dtí an infhaighteacht ionchasach réamh-mheasta idirnasctha agus gur dócha go dtarlóidh brú sna córais ag an am céanna idir an córas ina gcuirtear an sásra i bhfeidhm agus an córas ina bhfuil an acmhainneacht eachtrach lonnaithe i gcomhréir leis na modheolaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 11.

6.   Ceanglófar ar soláthraithe acmhainneachta íocaíochtaí neamh-infhaighteachta a dhéanamh i gcásanna nuair nach bhfuil a n-acmhainneacht ar fáil.

I gcás ina mbeidh soláthraithe acmhainneachta rannpháirteach i níos mó ná sásra acmhainneachta amháin don tréimhse seachadta chéanna, ceanglófar orthu iliomad íocaíochtaí neamh-infhaighteachta a dhéanamh nuair nach bhfuil siad in ann iliomad gealltanas a chomhlíonadh.

7.   Chun críche moladh a sholáthar d'oibreoirí córais tarchurtha, déanfaidh na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha arna mbunú de bhun Airteagal 35 an acmhainneacht uasta iontrála a bheidh ar fáil do rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí a ríomh ar bhonn bliantúil. Cuirfear san áireamh sa ríomh sin infhaighteacht réamh-mheasta idirnasctha agus gur dócha go dtarlóidh brú sna córais ag an am céanna idir an córas ina gcuirtear an sásra i bhfeidhm agus an córas ina bhfuil an acmhainneacht eachtrach lonnaithe. Beidh ríomh de dhíth do gach teorainn idir dhá chrios tairisceana.

Socróidh oibreoirí córais tarchurtha gach bliain an acmhainneacht uasta iontrála a bheidh ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht na hacmhainneachta eachtraí bunaithe ar mholadh ón lárionad comhordúcháin réigiúnach ar bhonn bliantúil.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an acmhainneacht iontrála dá dtagraítear i mír 6 a leithdháileadh ar sholáthraithe acmhainneachta incháilithe ar mhodh trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus margadhbhunaithe.

9.   Má tá sásraí acmhainneachta oscailte do rannpháirtíocht trasteorann in dhá Bhallstát comharsanachta, aon ioncam a eascraíonn as an leithdháileadh dá dtagraítear i mír 8, íocfar é leis na hoibreoirí córas tarchurtha lena mbaineann agus comhroinnfear eatarthu é i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 11 den Rialachán seo nó i gcomhréir le modheolaíocht chomhchoiteann a bheidh formheasta ag an dá údarás rialála ábhartha. Mura bhfuil sásra acmhainneachta á chur i bhfeidhm ag an mBallstát comharsanachta nó má tá sásra acmhainneachta á chur i bhfeidhm aige nach bhfuil oscailte do rannpháirtíocht trasteorann, déanfaidh údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit ina gcuirtear an sásra acmhainneachta chun feidhme an sciar den ioncam a fhormheas tar éis tuairim a lorg ó údaráis rialála na mBallstát comharsanachta. Bainfidh oibreoirí córas tarchurtha úsáid as ioncam den sórt sin chun na críocha a leagtar amach in Airteagal 19(2).

10.   Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha ina bhfuil an acmhainneacht eachtrach lonnaithe an méid seo a leanas:

(a)

suífidh sé cibé acu an bhfuil soláthraithe acmhainneachta ar suim leo é in ann an fheidhmíocht theicniúil a sholáthar mar a cheanglaítear faoin sásra acmhainneachta a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí acmhainne bheith rannpháirteach ann nó nach bhfuil agus cláróidh sé an soláthraí acmhainneachta mar sholáthraí acmhainneachta i gclár arna bhunú don chuspóir sin;

(b)

déanfaidh sé seiceálacha ar infhaighteacht;

(c)

tabharfaidh sé fógra don oibreoir córais tarchurtha sa Bhallstát ina gcuirfear an sásra acmhainneachta i bhfeidhm faoin bhfaisnéis a fhaightear faoi phointí (a) agus (b) den fhomhír seo agus faoin dara fomhír.

Tabharfaidh an soláthraí acmhainne ábhartha fógra don oibreoir córais tarchurtha faoina rannpháirtíocht i sásra acmhainneachta eachtrach gan mhoill;

11.   Faoin 5 Iúil 2020 cuirfidh ENTSO don Leictreachas na nithe seo a leanas faoi bhráid ACER:

(a)

modheolaíocht chun an acmhainneacht iontrála uasta don rannpháirtíocht trasteorann a ríomh dá dtagraítear i mír 6;

(b)

modheolaíocht chun an t-ioncam a chomhroinnt dá dtagraítear i mír 9;

(c)

comhrialacha chun na seiceálacha ar infhaighteacht a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 10;

(d)

comhrialacha chun an uair a mbeidh íocaíocht neamh-infhaighteachta dlite a chinneadh;

(e)

téarmaí d'fheidhmiú an chláir dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 10;

(f)

comhrialacha maidir le hacmhainneacht atá incháilithe chun a bheidh rannpháirteach sa sásra achmainneachta a shainaithint, dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 10.

Beidh an togra faoi réir comhairliúchán agus an formheas roimh ré ag ACER i gcomhréir le hAirteagal 27.

12.   Fíoróidh na húdaráis rialála lena mbaineann an ndearnadh na hacmhainneachtaí a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 11.

13.   Áiritheoidh údaráis rialála go ndéanfar rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta a eagrú ar mhodh éifeachtach neamh-idirdhealaitheach. Déanfaidh siad foráil go háirithe maidir le socruithe leormhaitheasa riaracháin don fhorfheidhmiú ar íocaíochtaí neamh-infhaighteachta thar theorainneacha.

14.   Beidh na hacmhainneachtaí leithdháilte i gcomhreir le mír 8 inaistrithe idir soláthraithe acmhainneachta incháilithe. Tabharfaidh soláthraithe acmhainneachta incháilithe fógra dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 10 faoi aon aistriú don chlár.

15.   Faoin 5 Iúil 2021, déanfaidh ENTSO don Leictreachas an clár dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 10 a chur ar bun agus a oibriú. Beidh an clár oscailte do gach soláthraí acmhainneachta incháilithe, do na córais ina gcuirtear na sásraí acmhainneachta i bhfeidhm agus dá n-oibreoirí córas tarchurtha.

Airteagal 27

An nós imeachta um formheas

1.   I gcás ina ndéantar tagairt don Airteagal seo, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i mír 2, 3 agus 4 maidir le togra arna sheoladh isteach ag ENTSO don Leictreachas a fhormheas.

2.   Sula dtíolacfar an togra, rachaidh ENTSO don Leictreachas i mbun comhairliúcháin a mbeidh gach geallsealbhóir, lena n-áirítear údarás rialála agus údarás náisiúnta eile atá ábhartha bainteach leis. Cuirfidh sé torthaí próisis an chomhairliúcháin sin san áireamh mar is cuí.

3.   Laistigh de 3 mhí ón dáta fhála an togra dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh ACER an togra a fhormheas nó a leasú. Más leasú a dhéanfar, rachaidh ACER i gcomhairle le ENTSO don Leictreachas sula nglacfaidh sí an togra leasaithe. Foilseoidh ACER an togra formheasta ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta laistigh de 3 mhí ar a dhéanaí tar éis dháta fála na ndoiciméad atá beartaithe.

4.   Féadfaidh ACER athruithe ar an togra formheasta a iarraidh tráth ar bith. Laistigh de 6 mhí tar éis dháta dhéanta na hiarrata, déanfaidh ENTSO don Leictreachas dréacht de na hathruithe atá á moladh a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta. Laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis di an dréacht sin a fháil, déanfaidh ACER na hathruithe sin a leasú nó a fhormheas agus foilseoidh sí na hathruithe sin ar a suíomh gréasáin féin.

CAIBIDIL V

OIBRIÚ CÓRAS TARCHURTHA

Airteagal 28

Gréasán Eorpach na n-oibreoirí córas tarchurtha don leictreachas

1.   Comhoibreoidh na hoibreoirí córas tarchurtha ar leibhéal an Aontais trí ENTSO don Leictreachas chun comhlánú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas agus trádáil traschreasach a chur chun cinn agus chun bainistiú optamach, oibríocht chomhordaithe agus forás fónta teicniúil an ghréasáin tarchurtha Eorpaigh don leictreachas a áirithiú.

2.   Agus a fheidhmeanna á ndéanamh aige faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, rannchuideoidh ENTSO don Leictreachas, d'fhonn margadh inmheánach don leictreachas a fheidhmíonn go maith agus atá comhtháite a bhunú, le gnóthú éifeachtúil agus inbhuanaithe na gcuspóirí a leagtar amach sa chreat beartais maidir le haeráid agus fuinneamh don tréimhse ó 2020 go 2030, go háirithe trí rannchuidiú le comhtháthú éifeachtúil a dhéanamh ar leictreachas a ghintear as foinsí fuinnimh in-athnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus slándáil córas á caomhnú ag an am céanna. Beidh acmhainní daonna agus airgeadais leormhaithe ag ENTSO don Leictreachas chun a dhualgais a chomhlíonadh.

Airteagal 29

ENTSO don Leictreachas

1.   Déanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha don leictreachas dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta ENTSO don Leictreachas a bheidh le bunú, lena n-áirítear rialacha nós imeachta a bhaineann leis an gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara eile, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta.

2.   Laistigh de 2 mhí ón lá a bhfaighfearna dréachtleasuithe ar na reachtanna, liosta de chomhaltaí nó na rialacha nósanna imeachta, agus tar éis di dul i gcomhairle go foirmiúil le heagraíochtaí atá ionadaitheach do na páirtithe leasmhara uile, go háirithe úsáideoirí an chórais, lena n-áirítear custaiméirí, soláthróidh ACER tuairim don Choimisiún maidir leis na dréacht-leasaithe ar na reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí nó maidir leis na rialacha nós imeachta.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún tuairim maidir leis na dréacht-reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí agus maidir leis na dréacht-rialacha nós imeachta, agus aird á tabhairt aige ar thuairim ACER dá bhforáiltear i mír 2, agus déanfar amhlaidh laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim ó ACER.

4.   Laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim fhabhrach ón gCoimisiún, bunóidh na hoibreoirí córas tarchurtha ENTSO don Leictreachas, agus glacfaidh siad, agus foilseoidh siad, na reachtanna leasaithe agus rialacha nós imeachta.

5.   Cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER na doiciméid sin dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina ndéantar iad a athrú nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó ACER. Tabharfaidh an Coimisiún agus ACER a dtuairim i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4.

Airteagal 30

Cúraimí ENTSO don Leictreachas

1.   I dtaca le ENTSO don Leictreachas, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

na cóid ghréasáin a fhorbairt sna réimsí a leagtar amach in Airteagal 59(1) agus (2) d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 28 a bhaint amach;

(b)

plean forbartha gréasáin neamhcheangailteach Aontais 10 mbliana, (plean forbartha gréasáin Aontais), a ghlacadh agus a fhoilsiú gach 2 bhliain;

(c)

tograí maidir leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní de bhun Airteagal 23 agus tograí maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann i sásra acmhainneachta de bhun Airteagal 26(11) a ullmhú agus a ghlacadh;

(d)

moltaí maidir le comhordú an chomhair theicniúil idir oibreoirí córas tarchurtha san Aontas agus oibreoirí córas tarchurtha i dtríú tíortha a ghlacadh;

(e)

creat a ghlacadh le haghaidh an chomhair agus an chomhardaithe idir na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;

(f)

togra a ghlacadh lena sainítear an réigiún oibríochta córas i gcomhréir le hAirteagal 36;

(g)

comhoibriú le hoibreoirí córas dáileacháin agus le heintiteas AE do OCDanna;

(h)

digitiú na ngréasán tarchuir a chur chun cinn, lena n-áirítear eangacha cliste, fáil sonraí fíor-ama éifeachtúil agus córais méadrúcháin chliste a imlonnú;

(i)

uirlisí coiteanna a ghlacadh d'oibriú an ghréasáin, lena áirithiú go ndéanfar comhordú ar oibriú an ghréasáin i ngnáthdhálaí agus i ndálaí éigeandála, lena n-áirítear scála coiteann chun teagmhas a aicmiú, maille le pleananna taighde lena n-áirítear na pleananna sin a chur chun feidhme de bhíthin clár éifeachtúil taighde. Déanfaidh na huirlisí seo a shonrú, inter alia:

(i)

an fhaisnéis, lena n-áirítear faisnéis iomchuí an chéad lae eile, ionlae agus fíorama, a bheadh úsáideach chun comhordú oibríochtúil a fheabhsú, chomh maith leis an minicíocht bharrmhaith le haghaidh an fhaisnéis sin a bhailiú agus a roinnt;

(ii)

clár oibre teicneolaíochta le haghaidh faisnéis a mhalartú i bhfíoram agus i gcás inarb iomchuí, na hardáin teicneolaíochta le haghaidh an fhaisnéis eile dá dtagraítear i bpointe (i) a bhailiú, a phróiseáil agus a tharchur, agus chomh maith leis sin le haghaidh chur chun feidhme na nósanna imeachta atá in ann comhordú oibríochtúil idir na hoibreoirí córas tarchurtha a mhéadú d'fhonn go dtiocfaidh an comhordú sin i réim ar fud an Aontais;

(iii)

an tslí a gcuireann oibreoirí córas tarchurtha an fhaisnéis oibríochtúil ar fáil d'oibreoirí eile córas tarchurtha nó d'aon eintiteas a bheidh sainordaithe go cuí chun tacú leo comhordú oibríochtúil a bhaint amach, agus do ACER; agus

(iv)

go n-ainmneoidh na hoibreoirí córas tarchurtha pointe teagmhála a bheidh freagrach as fiosruithe a fhreagairt ó oibreoirí eile córas tarchurtha nó ó aon eintiteas eile a bheidh sainordaithe go cuí amhail dá dtagraítear i bpointe (iii), nó ó ACER lena mbaineann an fhaisnéis sin.

(j)

clár oibre bliantúil a ghlacadh;

(k)

rannchuidiú le ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bhunú chun rochtain a fháil ar shonraí faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 24 de Threoir (AE) 2019/944;

(l)

tuarascáil bhliantúil a ghlacadh;

(m)

measúnaithe leormhaitheasa séasúracha a dhéanamh agus a ghlacadh de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2019/941;

(n)

cibearshlándáil agus cosaint sonraí a chur chun cinn i gcomhar le húdaráis ábhartha agus le heintitis rialáilte;

(o)

forbairt na freagartha don éileamh a chur san áireamh agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige.

2.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas tuarascáil a chur chuig ACER maidir le heasnaimh a sainaithníodh i dtaca le bunú agus feidhmíocht na Lárionad comhordúcháin réigiúnach.

3.   Foilseoidh ENTSO don Leictreachas miontuairiscí a chuid cruinnithe tionóil, boird agus coiste, agus coinneoidh sé eolas leis an bpobal ar bhonn rialta faoina chinnteoireacht agus faoina ghníomhaíochtaí.

4.   Is é a bheidh sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear i bpointe (j) de mhír 1 ná liosta de na cóid ghréasáin atá le hullmhú agus tuairisc orthu, plean maidir le comhordú oibriú an ghréasáin agus gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, a dhéanfar an bhliain sin, mar aon le féilire táscach.

5.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an fhaisnéis a éilíonn ACER a chur ar fáil do ACER chun a cúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 32(1). Chun go mbeidh ENTSO don Leictreachas in ann an ceanglas sin a chomhlíonadh, déanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha an fhaisnéis is gá a chur ar fáil.

6.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh ENTSO don Leictreachas a thuairimí don Choimisiún maidir le glacadh na dtreoirlínte de réir mar a leagtar síos in Airteagal 61.

Airteagal 31

Comhairliúcháin

1.   Agus é ag ullmhú na dtograí de bhun na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 30(1), seolfaidh ENTSO don Leictreachas próiseas comhairliúcháin forleathan. Beidh an próiseas comhairliúcháin struchtúrtha ar bhealach chun freastal ar bharúlacha ó gheallsealbhóirí sula nglacfar go críochnaitheach é agus ar bhealach trédhearcach agus oscailte, ina n-áireofar na geallsealbhóirí ábhartha go léir, agus, go háirithe, na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar geallsealbhóirí den sórt sin, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29. Áireofar sa chomhairliúchán sin na húdaráis rialála agus údaráis náisiúnta eile, gnóthais soláthair agus giniúna, úsáideoirí córais, lena n-áirítear custaiméirí, oibreoirí córas dáileacháin, lena n-áirítear comhlachais tionsclaíocha ábhartha agus comhlachtaí teicniúla agus grúpaí de gheallsealbhóirí. Is é a bheidh mar aidhm aige ná tuairimí agus tograí na bpáirtithe ábhartha uile a shainaithint i rith an phróisis cinnteoireachta.

2.   Poibleofar na doiciméid agus na miontuairiscí uile a bhaineann leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1.

3.   Sula nglacfaidh sé na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) tabharfaidh ENTSO don Leictreachas le fios conas a rinneadh na barúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin a chur san áireamh. I gcás nach mbeidh barúlacha curtha san áireamh, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin.

Airteagal 32

An faireachán a dhéanfaidh ACER

1.   Déanfaidh ACER faireachán ar fhorghníomhú chúraimí ENTSO don Leictreachas dá dtagraítear in Airteagal 30(1), (2) agus (3) agus tíolacfaidh sí a torthaí don Choimisiún.

Déanfaidh ACER faireachán ar an mbealach a ndéanann ENTSO don Leictreachas na cóid ghréasáin arna bhforbairt faoi Airteagal 59 a chur chun feidhme. I gcás ina mainneoidh ENTSO don Leictreachas na cóid ghréasáin sin a chur chun feidhme, iarrfaidh ACER ar ENTSO don Leictreachas míniú cuí-réasúnaithe a thabhairt faoin gcúis ar mhainnigh sí déanamh amhlaidh. Cuirfidh ACER an míniú sin in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh sí a tuairim ina leith.

Déanfaidh ACER faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún de réir mar a leagtar síos in Airteagal 58(1), agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme, arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú, agus ar neamh-idirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.

2.   Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an dréachtphlean forbartha gréasáin Aontais, an dréachtchlár oibre bliantúil, lena n-áirítear an fhaisnéis maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus na doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 30(1) a chur faoi bhráid ACER chun a tuairim a fháil.

Laistigh de thréimhse 2 mhí ón lá a bhfaighfear é, tabharfaidh ACER tuairim chuí-réasúnaithe, chomh maith le moltaí, do ENTSO don Leictreachas agus don Choimisiún, i gcás ina measfaidh sé nach rannchuideoidh an dréachtchlár oibre bliantúil nó an dréachtphlean forbartha gréasáin Aontais le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach nó le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh nó le leibhéal leordhóthanach idirnaisc trasteorann a bheidh oscailte do rochtain ag tríú páirtithe.

Airteagal 33

Costais

Seasfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ENTSO don Leictreachas dá dtagraítear in Airteagail 28 go 32 agus 58 go 61 den Rialachán seo, agus in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus cuirfear na costais sin san áireamh le linn na taraifí a bheith á ríomh. Ní fhormheasfaidh na húdaráis rialála na costais sin ach amháin má bhíonn siad réasúnta agus iomchuí.

Airteagal 34

Comhar réigiúnach idir na hoibreoirí córas tarchurtha

1.   Bunóidh na hoibreoirí córas tarchurtha comhar réigiúnach laistigh de ENTSO don Leictreachas d'fhonn rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1), (2) agus (3). Déanfaidh siad, go háirithe, plean infheistíochta réigiúnach a fhoilsiú gach dara bliain agus féadfaidh siad cinntí infheistíochta a ghlacadh bunaithe ar an bplean infheistíochta réigiúnach sin. Cuirfidh ENTSO don Leictreachas comhar chun cinn idir oibreoirí córas tarchurtha ar an leibhéal réigiúnach lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht, cumarsáid agus faireachán sna réimsí sin nach bhfuil comhchuibhithe fós ar leibhéal an Aontais.

2.   Cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha socruithe oibríochtúla chun cinn d'fhonn an bainistiú is fearr ar an ngréasán a áirithiú agus déanfaidh siad forbairt malartuithe fuinnimh, leithdháileadh comhordaithe acmhainneachta trasteorann trí réitigh neamh-idirdhealaitheacha margadhbhunaithe, agus aird chuí á tabhairt ar thuillteanais shonracha na gceantanna intuigthe do leithdháileadh gearrthéarmach, agus comhtháthú na sásraí um chomhardú agus um chumhacht chúltaca a chur chun cinn.

3.   Chun críocha na spriocanna a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún an limistéar geografach a chumhdaíonn gach struchtúr comhair réigiúnaigh a bhunú, ag féachaint do na struchtúir comhair réigiúnaigh atá ann cheana féin. Ceadófar do gach Ballstát comhar a chur chun cinn i níos mó ná limistéar geografach amháin.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 63, lena bhforlíontar an Rialachán seo, a bhaineann leis an limistéar geografach a bhunaíonn gach struchtúr comhair réigiúnaigh. Chuige sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na húdaráis rialála, le ACER agus le ENTSO don Leictreachas.

Ní dochar d'Airteagal 36 na gníomhartha tairmligthe dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 35

Bunú agus misean na lárionad comhordúcháin réigiúnach

1.   Faoin 5 Iúil 2020, déanfaidh gach oibreoir córais tarchurtha réigiúin oibríochta córais togra a thíolacadh do na húdaráis rialála faoi seach maidir le bunú na lárionad comhordúcháin réigiúnach do na húdaráis rialála lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Chaibidil seo.

Déanfaidh údaráis rialála an réigiúin oibríochta córais athbhreithniú ar an togra agus déanfaidh siad é a fhormheas.

Beidh na gnéithe seo a leanas, ar a laghad, sa togra:

(a)

an Ballstát ina mbeidh suíomh ionchasach na lárionad comhordúcháin réigiúnach agus oibreoirí córais dáiliúcháin rannpháirteacha;

(b)

na socruithe eagraíochtúla, airgeadais agus oibríochtúla atá riachtanach chun oibriú éifeachtúil, slán agus iontaofa an chórais tarchurtha idirnasctha a áirithiú;

(c)

plean cur chun feidhme maidir le teacht i ngníomh na lárionad comhordúcháin réigiúnach;

(d)

reachtanna agus rialacha nós imeachta na lárionad comhordúcháin réigiúnach;

(e)

tuairisc ar phróisis chomhoibríocha i gcomhréir le hAirteagal 38;

(f)

tuairisc ar na socruithe a bhaineann le dliteanas na lárionad comhordúcháin réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 47;

(g)

i gcás ina ndéantar dhá lárionad comhordúcháin réigiúnach a a choinneáil ar bhonn uainíochta, i gcomhréir le hAirteagal 36(2), tuairisc ar na socruithe maidir le freagrachtaí do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha sin agus nósanna imeachta soiléire a sholáthar i ndáil le forghníomhú a gcúraimí.

2.   Tar éis d'údaráis rialála náisiúnta an togra i mír 1 a fhormheas, cuirfear na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha in ionad comhordaitheoirí slándála réigiúnacha arna mbunú de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh.714/2009 agus tiocfaidh siad i ngníomh faoin 1 Iúil 2022.

3.   Beidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha eagraithe i bhfoirm dlí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

4.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu faoi dhlí an Aontais, gníomhóidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ar leasanna náisiúnta aonair agus go neamhspleách ar leasanna na n-oibreoirí córas tarchurtha.

5.   Beidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ina gcomhlánú ar ról na n-oibreoirí córas tarchurtha mar go ndéanfaidh siad cúraimí a bhfuil ábharthacht réigiúnach ag gabháil leo agus a shanntar dóibh i gcomhréir le hAirteagal 37. Beidh oibreoirí córas tarchurtha freagrach as sreafaí leictreachais a bhainistiú agus áiritheoidh siad córas leictreachais slán, iontaofa agus éifeachtúil i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 40(1) de Threoir (AE) 2019/944.

Airteagal 36

Scóip gheografach na lárionad comhordúcháin réigiúnach

1.   Faoin 5 Eanáir 2020, cuirfidh ENTSO don Leictreachas faoi bhráid ACER togra lena sonraítear na hoibreoirí córas tarchurtha, na criosanna tairisceana, na teorainneacha idir dhá chrios tairisceana, na réigiúin ríofa acmhainneachta agus na réigiúin do chomhordú éaradh seirbhíse a chumhdaítear le gach ceann de na réigiúin oibríochta córas. Cuirfear san áireamh sa togra an toipeolaíocht, lena n-áirítear méid idirnascadh agus idirspleáchas an chórais leictreachais i dtéarmaí sreafaí agus méid an réigiúin, a chumhdóidh réigiún ríofa acmhainneachta amháin ar a laghad.

2.   Cloífidh oibreoirí córais tarchurtha réigiúin oibríochta córas leis an lárionad comhordúcháin réigiúnach atá bunaithe sa réigiún sin. I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina bhfuil limistéar rialaithe oibreora córais tarchurtha ina cuid den iliomad limistéir shioncronacha éagsúla, féadfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha a bheith páirteach i ndá lárionad comhordúcháin réigiúnach a. I gcás na dteorainneacha idir dhá chrios tairisceana atá taobh le réigiúin oibríochta córas, sonrófar sa togra i mír 1 an bealach a ndéanfar an comhordú idir lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha do na teorainneacha sin. Maidir le limistéar sioncronach Mhór-roinn na hEorpa, i gcás ina bhféadfadh forluí a bheith idir gníomhaíochtaí dhá lárionad comhordúcháin réigiúnach i réigiún oibríochta córais, cinnfidh ba hoibreoirí córais tarchurtha an réigiúin oibríochta córais sin lárionad comhordúcháin réigiúnach aonair a ainmniú sa réigiún sin nó go ndéanfadh an dá lárionad comhordúcháin réigiúnach a cuid de na cúraimí nó na cúraimí uile a bhfuil ábharthacht réigiúnach ag gabháil leo sa réigiúin oibríochta córais ar fad ar bhonn uainíochta agus go ndéanfadh lárionad comhordúcháin réigiúnach ainmnithe aonair na cúraimí eile.

3.   Laistigh de 3 mhí ó gheobhaidh sí an togra i mír 1, glacfaidh ACER an togra lena sainmhínítear na réigiúin oibríochta córas nó molfaidh sí leasuithe ina leith. Más leasú a dhéanfar, rachaidh ACER i gcomhairle le ENTSO don Leictreachas sula nglacfaidh sí na leasuithe. Foilseofar an togra leasaithe ar shuíomh gréasáin ACER.

4.   Féadfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha togra a chur faoi bhráid ACER maidir le leasú a dhéanamh ar na réigiún oibríochta córas arna sainmhíniú de bhun mhír 1. Beidh feidhm ag an bpróiseas a leagtar amach i mír 3:

Airteagal 37

Cúraimí na lárionad comhordúcháin réigiúnach

1.   Déanfaidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach ar a laghad na cúraimí uile a leanas a bhfuil ábharthacht réigiúnach ag gabháil leo laistigh den réigiún oibríochta córas ar fad ina bhfuil sé bunaithe, rud a leagtar amach go mionsonraithe in Iarscríbhinn I:

(a)

agus ríomh acmhainneachta comhordaithe á dhéanamh aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(b)

agus anailís slándála chomhordaithe á dhéanamh aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(c)

agus samhlacha coiteanna eangaí á chruthú aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(d)

agus é ag tacú leis an measúnú comhsheasmhachta ar phleananna cosanta agus ar phleananna don athbhunú atá ag oibreoirí córas tarchurtha i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa chód Gréasáin maidir le héigeandálaí agus athbhunú a glacadh ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;

(e)

agus réamhaisnéisí leormhaitheasa córas seachtaine roimh ré go lá roimh ré ar bhonn réigiúnach á dhéanamh aige agus é ag ullmhú le haghaidh gníomhaíochtaí laghdaithe riosca i gcomhréir leis an modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/941 agus leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa treoirlíne oibríochta córas a glacadh de bhun Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh 174/2009;

(f)

agus comhordú réigiúnach ar phleanáil ar éaradhá dhéanamh aige i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa treoirlíne oibríochta córas a glacadh de bhun Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh 714/2009;

(g)

agus oiliúint agus deimhniú foirne atá ag obair do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha á chur ar siúl aige;

(h)

agus é ag tacú le comhordú agus optamú d'athbhunú réigiúnach de réir mar a iarrann oibreoirí córas tarchurtha;

(i)

anailís agus tuairisciú iaroibrithe agus iarshuaite;

(j)

socrú méide réigiúnaigh a dhéanamh ar acmhainneacht chúltaca;

(k)

agus soláthar réigiúnach na hacmhainneachta don chothromú á éascú aige;

(l)

agus é ag tacú le hoibreoirí córas tarchurtha, arna iarraidh sin dóibh, agus optamú á dhéanamh ar chúitimh idir oibreoirí córas tarchurtha;

(m)

agus é ag déanamh cúraimí a bhaineann le cásanna réigiúnacha géarchéime leictreachais a shainaithint i gcás ina ndéantar, agus a mhéid a dhéantar, iad a tharmligean chuig na Lárionaid Comhordúcháin Réigiúnacha de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/941;

(n)

cúraimí a bhaineann leis na tuartha séasúracha leormhaitheasa má dhéantar iad agus a mhéid a dhéantar iad a tharmligean chuig na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2019/941;

(o)

luach na hacmhainneachta iontrála uasta a ríomh a bheidh ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí i sásraí acmhainneachta chun críocha moladh a eisiúint de bhun Airteagal 26(7).

(p)

agus cúraimí a bhaineann le hoibreoirí tacaíochta córas tarchurtha a dheanamh chun riachtanais le haghaidh acmhainneacht tarchurtha nua a shainaithint, acmhainneacht tarchurtha atá ann cheana a uasghrádú, nó a gcuid roghanna malartacha, a chur faoi bhráid na ngrúpaí réigiúnacha arna mbunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus atá san áireamh sa phlean 10 mbliana maidir le forbairt gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.

Leagtar amach go mionsonraithe in Iarscríbhinn I na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Ar bhonn togra ón gCoimisiún Eorpach nó ó Bhallstáit, déanfaidh an Coiste, arna chur ar bun le hAirteagal 68 de Threoir (AE) 2019/944 tuairim a eisiúint ar chúraimí comhairleacha nua a shannadh do Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha. I gcás ina n-eisíonn an Coiste sin tuairim fhabhrach maidir le cúraimí comhairleacha nua a shannadh, déanfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na cúraimí sin a dhéanamh ar bhonn togra arna fhorbairt ag ENTSO don Leictreachas agus arna fhormheas ag ACER i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 27.

3.   Soláthróidh na hoibreoirí córais tarchurtha dá lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha pé eolas a bheidh de dhíth air chun a chuid feidhmeanna a chur i gcrích.

4.   Soláthróidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha do na hoibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córais pé eolas a bheidh de díth orthu chun na gníomhaíochtaí comhordaithe agus na moltaí arna eisiúint ag lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a chur chun feidhme.

5.   Maidir leis na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo agus nach bhfuil cumhdaithe cheana féin leis na cóid ghréasáin nó treoirlínte ábhartha, déanfaidh ENTSO don Leictreachas togra a fhorbairt i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 27. Déanfaidh na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na cúraimí sin a dhéanamh ar bhonn togra arna fhormheas ag ACER.

Airteagal 38

An comhar laistigh de na lárionaid oibríochtúla réigiúnacha agus idir na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha

Déanfar an comhordú ó lá go chéile laistigh de na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha agus eatarthu a bhainistiú trí phróisis chomhoibríocha i measc oibreoirí córas tarchurtha an réigiúin, lena n-áirítear socruithe maidir le comhordú idir na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha i gcás inarb ábhartha. Beidh an próiseas comhoibríoch bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a)

socruithe oibre chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe oibríochta agus pleanála atá ábhartha do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 37;

(b)

nós imeachta chun anailís a chomhroinnt agus comhairle a thógáil ó mholtaí na lárionad comhordúcháin réigiúnach leis na hoibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas agus le geallsealbhóirí ábhartha, agus le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha eile, ar bhealach éifeachtúil agus cuimsitheach, agus na dualgais agus cúraimí oibríochta á bhfeidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 40;

(c)

nós imeachta maidir le gníomhaíochtaí comhordaithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42.

Airteagal 39

Socruithe oibre

1.   Forbróidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha socruithe oibre atá éifeachtúil, cuimsitheach, trédhearcach agus lena n-éascaítear comhdhearcadh chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe pleanála agus oibríochtúla a bhaineann leis na cúraimí atá le déanamh, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar shonraíochtaí agus ar cheanglais na gcúraimí sin, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I. Forbróidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheann de na socruithe oibre sin.

2.   Déanfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a áirithiú go mbeidh sna socruithe oibre dá dtagraítear i mír 1 rialacha maidir le fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann.

Airteagal 40

An nós imeachta comhairliúcháin

1.   Agus a gcuid dualgas agus cúraimí laethúla oibríochta á bhfeidhmiú ag lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha, forbróidh siad nós imeachta chun an comhairliúchán iomchuí agus rialta a eagrú le hoibreoirí córas tarchurtha sa réigiúin oibríochta córas, le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha eile agus le geallsealbhóirí ábhartha. Chun go n-áiritheofar gur féidir aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna rialála, beidh na húdaráis rialála páirteach de réir mar is gá.

2.   Rachaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha i gcomhairle le Ballstáit sa réigiún oibríochta córas agus, i gcás ina bhfuil fóram réigiúnach ann, lena bhfóraim réigiúnacha, maidir le cúrsaí a bhfuil ábharthacht pholaitiúil ag gabháil leo, seachas gníomhaíochtaí laethúla na lárionad comhordúcháin réigiúnach agus cur chun feidhme a gcuid cúraimí. Tabharfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha aird iomchuí ar na moltaí a thugann na Ballstáit agus i gcás inarb infheidhme, a thugann a bhfóraim réigiúnacha.

Airteagal 41

Trédhearcacht

1.   Déanfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha próiseas a fhorbairt le haghaidh rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus eagróidh siad cruinnithe rialta le geallsealbhóirí chun cúrsaí a bhaineann le hoibriú éifeachtúil, slán agus iontaofa an chórais idirnasctha a phlé agus chun easnaimh a shainaithint agus feabhsuithe a mholadh.

2.   Feidhmeoidh ENTSO don Leictreachas agus lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le trédhearcacht iomlán i leith geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne. Foilseoidh siad an doiciméadacht ábhartha uile ar a suíomheanna gréasáin faoi seach.

Airteagal 42

Glacadh cinntí agus athbhreithniú ar ghníomhaíochtaí comhordaithe agus ar mholtaí

1.   Déanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha i réigiún oibríochta córais nós imeachta a fhorbairt chun gníomhaíochtaí comhordaithe agus déanfaidh siad athbhreithniú ar mholtaí arna éisiúnt ag na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4.

2.   Eiseoidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha gníomhaíochtaí comhordaithe d'oibreoirí córas tarchurtha maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 37(1). Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha na gníomhaíochtaí comhordaithe a chur chun feidhme ach amháin i gcás inarb é toradh chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí comhordaithe ná sárú na dteorainneacha slándála oibríochta a a bheidh sainithe ag gach oibreoir córais tarchurtha i gcomhréir leis an treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

I gcás ina gcinnfidh oibreoir córais tarchurtha gan gníomhaíocht chomhordaithe a chur chun feidhme ar na cúiseanna a leagtar amach sa mhír seo, tabharfaidh sé tuairisc thrédhearcach ar na cúiseanna mionsonraithe don lárionad comhordúcháin réigiúnach agus d'oibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córas gan moill mhíchuí. Sna cásanna sin, déanfaidh an lárionad comhordúcháin réigiúnach measúnú ar thionchar an chinnidh sin ar na hoibreoirí córas tarchurtha eile an réigiúin oibríochta córas agus féadfaidh siad sraith éagsúil gníomhaíochtaí comhordaithe a mholadh faoi réir an nós imeachta a leagtar amach i mír 1.

3.   Eiseoidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha moltaí a bheidh dírithe ar na hoibreoirí córas tarchurtha maidir leis na cúraimí a liostaítear i bpointe (c) go (p) d'Airteagal 37(1) nó a shanntar i gcomhréir le hAirteagal 37(2).

I gcás ina gcinnfidh oibreoir córais tarchurtha imeacht ó mholadh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh sé bonn cirt faoi bhráid na lárionad comhordúcháin réigiúnach agus faoi bhráid oibreoirí córas tarchurtha eile an réigiúin oibríochta córas, gan aon mhoill mhíchuí.

4.   Déanfar athbhreithniú ar ghníomhaíochtaí comhordaithe nó ar mholadh a thionscnamh arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó d'oibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córas. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht chomhordaithe nó ar mholadh, déanfaidh na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha an beart a dhearbhú nó a mhodhnú.

5.   I gcás in bhfuil gníomhaíocht chomhordaithe faoi réir athbhreithnithe i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, ní chuirfidh an iarraidh ar athbhreithniú an ghníomhaíocht chomhordaithe ar fionraí seachas i gcásanna arb é an toradh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí comhordaithe ná sárú ar na teorainneacha oibríochta slándála a bheidh sainithe ag gach oibreoir córais tarchurtha aonair i gcomhréir leis an treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

6.   Ar bhonn togra ó na Ballstáit nó ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú de bhun Airteagal 68 de Threoir (AE) 2019/944, féadfaidh Ballstáit i réigiún oibríochta córas a chinneadh go comhpháirteach an inniúlacht chun gníomhaíochtaí comhordaithe a dheonú dá Lárionad comhordúcháin réigiúnach i leith ceann amháin nó níos mó de na cúraimí dá bhforáiltear i bpointí (c) go (p) d'Airteagal 37(1) den Rialachán seo.

Airteagal 43

Bord bainistíochta na lárionad comhordúcháin réigiúnach

1.   Chun bearta a bhaineann lena rialáil féin a ghlacadh agus chun faireachán a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht, déanfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha bord bainistíochta a bhunú.

2.   Beidh an bord bainistíochta comhdhéanta de chomhaltaí atá ina n-ionadaithe ar na hoibreoirí córas tarchurtha uile atá rannpháirteach sna lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha faoi.

3.   Beidh freagracht ar an mbord bainistíochta as na nithe seo a leanas:

(a)

reachtanna agus rialacha nós imeachta na lárionad comhordúcháin réigiúnach a dhréachtú agus a fhormhuiniú;

(b)

an struchtúr eagrúcháin a chinneadh agus a chur chun feidhme;

(c)

an buiséad bliantúil a ullmhú agus a fhormhuiniú;

(d)

nósanna imeachta na bpróiseas comhoibríoch a fhorbairt agus a fhormhuiniú i gcomhréir le hAirteagal 38.

4.   Ní áireofar ar inniúlachtaí an bhoird bainistíochta na hinniúlachtaí sin a bhaineann le gníomhaíochtaí laethúla na lárionad comhordúcháin réigiúnach ná a bhaineann lena gcúraimí a chur i gcrích.

Airteagal 44

An struchtúr eagrúcháin

1.   Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha réigiúin oibríochta córas struchtúr eagrúcháin na lárionad comhordúcháin réigiúnach a bhunú chun tacú le sábháilteacht a gcúraimí.

Sonrófar sa struchtúr eagrúcháin sin:

(a)

cumachtaí, cúraimí agus freagrachtaí an phearsanra;

(b)

an gaol agus na línte tuairiscithe idir codanna agus nósanna imeachta éagsúla na heagraíochta.

2.   Féadfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha deasca réigiúnacha a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar shainiúlachtaí foréigiúnacha nó chun lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le feidhmíocht éifeachtach agus iontaofa a gcúraimí a bhunú, i gcás ina léirítear gur fíorghá sin.

Airteagal 45

Trealamh agus foireann

Tabharfar do gach lárionad comhordúcháin réigiúnach na hacmhainní daonna, teicniúla, fisiciúla agus airgeadais ar fad a bheidh riachtanach chun a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo agus a gcuid cúraimí a chur i gcrích go neamhspleách agus go neamhchlaonta.

Airteagal 46

Faireachán agus tuairisciú

1.   Bunóidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha nós imeachta chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar na nithe seo a leanas, ar a laghad:

(a)

a bhfeidhmíocht oibríochtúil féin;

(b)

na gníomhaíochtaí comhordaithe agus na moltaí comhordaithe a eisíodh, a mhéid a rinne na hoibreoirí córas tarchurtha na gníomhaíochtaí comhordaithe agus na moltaí comhordaithe a chur chun feidhme agus an toradh a bhí air;

(c)

éifeachtacht agus éifeachtúlacht gach ceann de na cúraimí a bhfuil siad freagrach astu agus i gcás inarb infheidhme, uainíocht na gcúraimí.

2.   Bunóidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a gcuid costas ar mhodh trédhearcach agus cuirfidh siad tuairisc ina leith faoi bhráid na Gníomhaireachta agus faoi bhráid údaráis rialála i réigiún oibríochta córas.

3.   Déanfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha tuarascáil bhliantúil ar an tórthadh ar an bhfaireacháin ábhartha dá dtagraítear i mír 1 seo agus faisnéis a bhaineann lena bhfeidhmíocht a chur faoi bhráid ENTSO don Leictreachas, ACER, údaráis rialála i réigiún oibríochta córas agus an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais.

4.   Cuirfidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha gach easnamh a shainaithneofar sa nós imeachta faireacháin dá dtagraítear i mír 1 in iúl do ENTSO don Leictreachas, do na húdaráis rialála sa réigiún oibríochta córas, do ACER, agus d'údaráis inniúla eile na mBallstát atá freagrach as géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú. Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh údaráis rialála an réigiúin oibríochta córas bearta a mholadh do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh.

5.   Gan dochar do rúndacht agus don ghá atá ann na tuarascálacha slándála agus íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint, déanfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a phoibliú.

Airteagal 47

Dliteanas

Sa togra maidir le bunú na lárionad comhordúcháin réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 32, áireofar oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas na céimeanna is gá a thógáil chun dliteanas a bhaineann le feidhmiú cúraimí na lárionad comhordúcháin réigiúnach a chumhdach. Sa mhodh a úsáidfear leis an gcumhdach sin a sholáthar, cuirfear san áireamh stádas dlíthiúil na lárionad comhordúcháin réigiúnach mar aon le leibhéal an árachais tráchtála atá ar fáil.

Airteagal 48

Plean forbartha gréasáin deich mbliana

1.   Cuimseofar sa phlean forbartha uile-Aontais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 30(1) samhaltú an ghréasáin chomhtháthaithe, forbairt cásanna, agus measúnú ar stóinseacht an chórais.

Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais, go háirithe:

(a)

cuirfidh sé le pleananna infheistíochta náisiúnta, agus aird á tabhairt ar phleananna infheistíochta réigiúnacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán seo agus, más iomchuí, ar ghnéithe Aontais de phleanáil gréasáin mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013; déanfar anailís costais agus tairbhe air de réir na modheolaíochta bunaithe mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Rialachán sin;

(b)

i réimse na n-idirnasc trasteorann, cuirfidh sé le riachtanais réasúnacha úsáideoirí na gcóras éagsúil agus déanfaidh sé gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 44 agus Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944; agus

(c)

sainaithneoidh sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le hacmhainneachtaí trasteorann.

I dtaca le pointe (c) den chéad fhomhír, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar bhacainní ar mhéadú acmhainneachta trasteorann an líonra a eascraíonn as nósanna imeachta nó cleachtais formheasta éagsúla a chur i gceangal leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais.

2.   Tabharfaidh ACER tuairim i dtaca leis na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta d'fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá siad i gcomhréir leis an bplean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais. Má shainaithníonn ACER neamhréireachtaí idir plean forbartha gréasáin 10mbliana náisiúnta agus an plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, molfaidh sí go ndéanfar an plean forbartha gréasáin náisiúnta nó an plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais a leasú de réir mar is iomchuí. Má fhorbraítear plean forbartha gréasáin náisiúnta 10 mbliana den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944, molfaidh ACER don údarás rialála inniúil ábhartha an plean forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta a leasú i gcomhréir le hAirteagal 51(7) den Treoir sin agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún.

Airteagal 49

Sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha

1.   Gheobhaidh oibreoirí córas tarchurtha cúiteamh as na costais a thabhaítear mar thoradh ar shreafaí leictreachais trasteorann a óstáil ar a ngréasáin.

2.   Is iad oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina dtionscnaíonn sreabha trasteorann agus oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina gcríochnaíonn na sreabha sin a íocfaidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfar íocaíochtaí cúitimh ar bhonn rialta maidir le tréimhse ar leith san am atá thart. Déanfar coigeartú ex post ar chúiteamh a íocadh nuair is gá sin chun costais a tabhaíodh go hiarbhír a léiriú.

Déanfar an chéad tréimhse a ndéanfar íocaíochtaí cúitimh ina leith a chinneadh sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 61.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68, lena bhforlíontar an Rialachán seo, maidir le méideanna na n-íocaíochtaí cúitimh is iníoctha a bhunú.

5.   Méid na sreafaí trasteorann a óstáiltear agus méid na sreafaí trasteorann a ainmnítear mar shreafaí a thionscnaíonn nó a chríochnaíonn i gcórais náisiúnta tarchurtha, cinnfear í ar bhonn na sreafaí fisiciúla leictreachais a thomhaistear go hiarbhír le linn tréimhse ar leith.

6.   Na costais a thabhaítear mar thoradh ar shreafaí leictreachais trasteorann a óstáil, déanfar iad a shuíomh ar bhonn meánchostas incriminteach fadtréimhseach réamhbhreathnaitheach, trína ndéantar caillteanais, infheistíocht i mbonneagar nua agus cionmhaireacht iomchuí de chostas an bhonneagair atá ann cheana, a mhéid a úsáidtear an bonneagar sin chun sreafaí trasteorann a tharchur, a chur san áireamh agus, go háirithe, an gá le ráthaíocht maidir le cinnteacht an tsoláthair á chur san áireamh. Nuair a bheidh na costais a tabhaíodh á suíomh, úsáidfear modheolaíochtaí costála atá caighdeánach agus aitheanta. D'fhonn an cúiteamh a gheofar a laghdú, cuirfear san áireamh sochair a fhaigheann gréasán mar thoradh ar shreafaí trasteorann a óstáil.

7.   Chun críche an tsásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha, agus chun na críche sin amháin, i gcás inar cuid de bhloc rialaithe singil iad gréasáin tarchurtha dhá Bhallstát nó níos mó, go hiomlán nó go páirteach, measfar gur cuid de ghréasán tarchurtha ceann amháin de na Ballstáit lena mbaineann an bloc rialaithe ina iomláine, chun go seachnófar go measfaí maidir le sreafaí laistigh de na bloic rialaithe céanna gur sreafaí trasteorann iad faoi phointe (b) d'Airteagal 2(2) agus gur sreafaí iad is cúis le híocaíochtaí cúitimh faoi mhír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann a chinneadh cé acu de na Ballstáit lena mbaineann a measfar ina leith gur cuid dá ghréasán tarchurtha é an bloc rialaithe ina iomláine.

Airteagal 50

Faisnéis a chur ar fáil

1.   Cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha sásraí malartaithe faisnéise agus comhordaithe i bhfeidhm chun slándáil na ngréasán a áirithiú i gcomhthéacs an bhainistithe ar phlódú.

2.   Poibleofar na caighdeáin sábháilteachta, oibríochtúla agus phleanála a úsáideann oibreoirí córas tarchurtha. Cuimseoidh an fhaisnéis a fhoilseofar scéim ghinearálta chun acmhainneacht iomlán an aistrithe agus corrlach iontaofachta an tarchuir a ríomh ar bhonn ghnéithe leictreacha agus fisiciúla an ghréasáin. Beidh scéimeanna den sórt sin faoi réir a bhformheasta ag na húdaráis rialála.

3.   Foilseoidh oibreoirí córas tarchurtha meastacháin ar an acmhainneacht aistrithe atá ar fáil do gach lá, agus léireofar iontu aon acmhainneacht aistrithe atá ar fáil agus atá curtha in áirithe cheana féin. Déanfar na foilseacháin sin ag eatraimh shonraithe roimh an lá iompair agus cuimseofar iontu, in aon chás, meastacháin a dhéanfar seachtain roimh ré agus mí roimh ré, mar aon le léiriú cainníochtúil maidir le hiontaofacht tuartha na hacmhainneachta atá ar fáil.

4.   Foilseoidh na hoibreoirí córas tarchurtha sonraí ábhartha maidir le réamhaisnéis chomhiomlánaithe agus éileamh iarbhír, maidir le hinfhaighteacht agus úsáid iarbhír na sócmhainní giniúna agus lóid, maidir le hinfhaighteacht agus úsáid na ngréasán agus na n-idirnasc, agus maidir le cumhacht agus acmhainneacht chúltaca a chomhardú agus le hinfhaighteacht solúbthachta. Féadfar sonraí comhiomlánaithe meastacháin a úsáid maidir le hinfhaighteacht agus úsáid iarbhír sócmhainn beag giniúna agus lóid.

5.   Déanfaidh na rannpháirtithe margaidh lena mbaineann na sonraí ábhartha a sholáthar do na hoibreoirí córas tarchurtha.

6.   Déanfaidh gnóthais ghiniúna ar leo nó a oibríonn sócmhainní giniúna, i gcás ina bhfuil acmhainneacht shuiteáilte 250 MW ar a laghad ag ceann amháin de na sócmhainní giniúna, nó ag a bhfuil punann ina bhfuil 400 MW ar a laghad de na sócmhainní giniúna, na sonraí uile in aghaidh na huaire an chloig agus in aghaidh an ghléasra is gá chun fíorú a dhéanamh maidir leis na cinntí seolta oibríochtúla go léir, agus maidir leis an iompar tairisceana i malartuithe fuinnimh, i gceantanna idirnaisc, i margaí cúltaca agus i margaí thar an gcuntar a choimeád ar fáil don údarás rialála, don údarás iomaíochta náisiúnta agus don Choimisiún, go ceann 5 bliana. Cuimsíonn an fhaisnéis in aghaidh an ghléasra agus in aghaidh na huaire an chloig atá le stóráil, ach ní gá gurb iad sin amháin a bheadh i gceist léi, sonraí maidir leis an acmhainneacht ghiniúna agus na cúltacaí geallta atá ar fáil, lena n-áirítear leithdháileadh na gcúltacaí sin in aghaidh an ghléasra, ag na tráthanna a ndéantar an tairiscint agus nuair a dhéantar an táirgeadh.

7.   Malartóidh na hoibreoirí córas tarchurtha, go tráthrialta, sraith sonraí leorchruinne maidir leis an ngréasán agus maidir le lód an tsreabhaidh chun go bhféadfar lód an tsreabhaidh a ríomh do gach oibreoir córais tarchurtha sa limistéar ábhartha. Déanfar an tsraith chéanna sonraí a chur ar fáil do na húdaráis rialála, don Choimisiún agus do na Ballstáit arna iarraidh sin dó nó dóibh. Coimeádfaidh na húdaráis rialála, na Ballstáit agus an Coimisiún an tsraith torthaí sin faoi rún agus áiritheoidh siad rúndacht ó aon shainchomhairleoir a bheidh i mbun oibre anailísí arna iarraidh sin dóibh, ar bhonn na sonraí sin.

Airteagal 51

Deimhniúchán oibreoirí córas tarchurtha

1.   A luaithe a fhaightear é, scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra faoi chinneadh ar dheimhniú oibreora córas tarchurtha mar a leagtar síos é in Airteagal 52(6) de Threoir (AE) 2019/944. Laistigh de 2 mhí ón lá a bhfaighidh sé an fógra sin, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim don údarás rialála ábhartha maidir lena chomhoiriúnacht le hAirteagal 43 agus le hAirteagal 52(2) nó le hAirteagal 53 de Threoir (AE) 2019/944.

Nuair atá an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ACER a tuairim a thabhairt ar chinneadh an údaráis rialála náisiúnta. I gcás den sórt sin, déanfar an tréimhse dhá mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhadú 2 mhí eile.

In éagmais tuairime ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil aon agóid ag an gCoimisiún i gcoinne chinneadh an údaráis rialála.

2.   Laistigh de 2 mhí ón tráth a fhaightear tuairim ón gCoimisiún, glacfaidh an t-údarás rialála a chinneadh críochnaitheach maidir le deimhniúchán an oibreora córas tarchurtha, agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar an tuairim sin. Foilseofar cinneadh an údaráis rialála agus tuairim an Choimisiúin in éineacht lena chéile.

3.   Féadfaidh na húdaráis rialála nó an Coimisiún, tráth ar bith le linn an nós imeachta, a iarraidh ar oibreoir córais tarchurtha nó ar ghnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna giniúna nó soláthair, aon fhaisnéis a sholáthar atá ábhartha maidir le comhlíonadh a gcúraimí faoin Airteagal seo.

4.   Déanfaidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála a chosaint.

5.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún fógra faoi chinneadh ar dheimhniú oibreora córais tarchurtha faoi Airteagal 43(9) de Threoir (AE) 2019/944, déanfaidh sé cinneadh a bhaineann le deimhniúchán. Comhlíonfaidh an t-údarás rialála cinneadh an Choimisiúin.

CAIBIDIL VI

OIBRIÚ CÓRAS DÁILEACHÁIN

Airteagal 52

An t-eintiteas Eorpach d'oibreoirí córas dáileacháin

1.   comhoibreoidh oibreoirí córas dáileacháin ar leibhéal an Aontais eintiteas AE do OCDanna, ar mhaithe le críochnú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a chur chun cinn, agus chun bainistíocht optamach agus oibriú comhordaithe ar na córais dáilte agus tarchurtha a chur chun cinn. Oibreoirí córas dáileacháin ar mian leo a bheith páirteach san eintiteas AE do OCDanna, beidh sé de cheart acu clárú mar bhaill den eintiteas.

Féadfaidh na baill chláraithe páirt dhíreach a ghlacadh in eintiteas AE do OCDanna nó féadfaidh comhlachas náisiúnta, arna ainmniú ag an mBallstát nó ag comhlachas ar leibhéal an Aontais, ionadaíocht a dhéanamh orthu.

2.   Trí eintiteas AE do OCDanna á bhunú, tá na hoibreoirí córas dáileacháin i dteideal dul i gcomhlachas leis. Le heintiteas AE do OCDanna, déanfar na cúraimí agus na nósanna imeachta a chomhlíonadh dá bhforáiltear leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 55. Ós rud é gur sain-eintiteas é a bheidh ag obair ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne, ní dhéanfaidh sé ionadaíocht thar ceann leas ar leith ná ní dhéanfaidh sé iarracht dul i gcion ar an bpróiseas cinnteoireachta chun leasanna áirithe a chur chun cinn.

3.   Beidh comhaltaí eintiteas AE do OCDanna faoi réir clárúcháin agus íocaíocht táille comhaltais atá cothrom agus comhréireach de réir líon na gcustaiméirí atá nasctha leis na hoibreoirí córas dáileacháin lena mbaineann.

Airteagal 53

Eintiteas AE do OCDanna a bhunú

1.   Beidh AE do OCDanna comhdhéanta de, ar a laghad, tionól ginearálta, bord stiúrthóirí, grúpa comhairleora straitéisigh, grúpaí saineolaithe agus ardrúnaí.

2.   Faoin 5 Iúil 2020, cuirfidh na hoibreoirí córas dáileacháin faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER dréacht-reachtanna i gcomhréir le hAirteagal 54 lena n-áirítear cód iompair, liosta na gcomhaltaí cláraithe, na dréacht-rialacha nós imeachta, lena n-áirítear rialacha nós imeachta a bhaineann leis an gcomhairliúchán le ENTSO don Leictreachas agus le geallsealbhóirí eile, maille leis na rialacha airgeadais, a bheidh ag eintiteas AE do OCDanna atá le bunú.

Leis na dréacht-rialacha nós imeachta um eintiteas AE do OCDanna, áiritheofar ionadaíocht chothrom de oibreoirí córais dáileacháin a bheidh rannpháirteach.

3.   Laistigh de 2 mhí ón lá a bhfaighfear iad, tar éis di dul i gcomhairle go foirmiúil le heagraíochtaí is ionadaithe ag na geallsealbhóirí uile, go háirithe úsáideoirí an chórais dáileacháin, tabharfaidh ACER tuairim don Choimisiún maidir leis na dréacht-reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí agus maidir leis na dréacht-rialacha nós imeachta.

4.   Laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim ó ACER, tabharfaidh an Coimisiún tuairim maidir leis na dréacht-reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí agus maidir leis na dréacht-rialacha nós imeachta, agus tuairim ACER dá bhforáiltear i mír 3 á cur san áireamh.

5.   Laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim dhearfach ón gCoimisiún, bunóidh na hoibreoirí córas dáileacháin eintiteas AE do OCDanna, agus glacfaidh siad, agus foilseoidh siad, a reachtanna agus a rialacha nós imeachta.

6.   Cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER na doiciméid sin dá dtagraítear i mír 2 i gcás ina ndéantar iad a athrú nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil. Tabharfaidh an Coimisiún agus ACER a dtuairim i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4.

7.   Na hoibreoirí córais dáileacháin sin a bheidh ina gcomhaltaí cláraithe, is iad a sheasfaidh na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí eintiteas AE do OCDanna agus cuirfear na costais sin san áireamh le linn na taraifí a bheith á ríomh. Ní dhéanfaidh na húdaráis rialála na costais sin a fhormheas ach amháin má tá siad réasúnach agus comhréireach.

Airteagal 54

Na príomhrialacha agus na nósanna imeachta maidir le heintiteas AE do OCDanna

1.   Leis na reachtanna maidir le heintiteas AE do OCDanna a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 53, déanfar na prionsabail seo a leanas a choimirciú:

(a)

tá rannpháirtíocht in oibreacha de chuid eintiteas AE do OCDanna teoranta do chomhaltaí cláraithe agus deis tairmligin laistigh den chomhaltas a bheith ann;

(b)

is é an tionól ginearálta a ghlacann na cinntí straitéiseacha maidir le gníomhaíochtaí eintiteas AE do OCDanna mar aon leis na treoirlínte beartais don bhord stiúrthóirí;

(c)

déantar na cinntí ón tionól ginearálta a ghlacadh i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(i)

ina mbíonn ag gach comhalta líon vótaí atá i gcomhréir le líon na gcustaiméirí faoi seach;

(ii)

i gcás ina sroichtear 65 % de na vótaí a shanntar do chomhaltaí an Tionóil Ghinearálta; agus

(iii)

i gcás ina dtacaíonn 55 % de chomhaltaí an Tionóil Ghinearálta ar a laghad leis an toradh deiridh;

(d)

déantar na cinntí ón tionól ginearálta a dhiulitú i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(i)

ina mbíonn ag gach comhalta líon vótaí atá i gcomhréir le líon na gcustaiméirí faoi seach; agus

(ii)

i gcás ina sroichtear 35 % de na vótaí a shanntar do chomhaltaí an Tionóil Ghinearálta;

(iii)

i gcás ina ndiúltaítear 25 % de chomhaltaí an cinneadh;

(e)

is é an tionól ginearálta a thoghann an bord stiúrthóirí le haghaidh shainordú 4 bliana ar a mhéad;

(f)

is é an bord stiúrthóirí a ainmníonn an tUachtarán agus an triúr Leas-Uachtarán as measc a chomhaltaí an bhoird;

(g)

is faoi stiúir an bhoird stiúrthóirí atá comhar idir oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin de bhun Airteagail 56 agus 57;

(h)

déanfar cinntí ón mbord stiúrthóirí a ghlacadh le tromlach glan;

(i)

bunaithe ar thogra ón mbord stiúrthóirí, ceapann an tionól ginearálta an tArd-rúnaí as measc a chomhaltaí le haghaidh shainordú 4 bliana, ar féidir é a athnuachan aon uair amháin;

(j)

bunaithe ar thogra ón mbord stiúrthóirí, ceapann an Tionól Ginearálta grúpaí saineolaithe agus nach bhfuil níos mó ná 30 comhalta i ngach grúpa, agus deis ann go dtiocfadh 1/3 ó lasmuigh de chomhaltas agus OCDanna AE; ina theannta sin, bunófar grúpa saineolaithe “tír”amháin ar a mbeidh díreach ionadaí oibreoirí córais dáileacháin amháin as gach Ballstát.

2.   Leis na nósanna imeachta a ghlacfaidh eintiteas AE do OCDanna, déanfar a choimirciú go gcaithfear go cothrom agus go comhréireach lena chomhaltaí agus léireofar struchtúr éagsúil geografach agus eacnamaíoch a chomhaltais. Leis na nósanna imeachta, forálfar don mhéid seo a leanas go háirithe:

(a)

tá an bord stiúrthóirí comhdhéanta d'Uachtarán an bhoird agus 27 n-ionadaí thar ceann comhaltaí, ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i)

tá naoi acu ina n-ionadaithe comhaltaí ag a bhfuil níos mó ná 1 mhilliún úsáideoir eangaí;

(ii)

tá naoi acu ina n-ionadaithe comhaltaí ag a bhfuil níos mó ná 100 000 úsáideoir eangaí agus níos lú ná 1 mhilliún úsáideoir eangaí; agus

(iii)

tá naoi ina n-ionadaithe comhaltaí ag a bhfuil níos lú ná 100 000 úsáideoir eangaí;

(b)

féadfaidh ionadaithe ó chomhlachais OCDanna, ar comhlachais iad arb ann dóibh cheana, páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí i gcruinnithe an bhoird stiúrthóirí;

(c)

ní fhéadfaidh níos mó ná 3 ionadaí comhaltaí atá bunaithe sa Bhallstát céanna nó sa ghrúpa tionsclaíoch céanna a bheith ar an mbord stiúrthóirí;

(d)

ní mór gach Leas-Uachtarán ar an mBord a ainmniú as measc ionadaithe na gcomhaltaí as gach catagóir a thuairiscítear i bpointe (a) thuas;

(e)

ionadaithe na gcomhaltaí atá bunaithe i mBallstát amháin nó sa ghrúpa tionsclaíoch céanna, ní fhéadfaidh siad a bheith mar thromlach de chuid rannpháirtithe an Ghrúpa Saineolaithe;

(f)

bunóidh an bord stiúrthóirí grúpa Comhairleora Straitéisigh a chuireann a thuairim in iúl don bhord stiúrthóirí agus do na Grúpaí Saineolaithe agus ar a bhfuil ionadaithe ó chomhlachais Eorpacha OCD agus ionadaithe ó na Ballstáit sin nach bhfuil ionadaíocht acu ar an mbord stiúrthóirí.

Airteagal 55

Cúraimí eintiteas AE do OCDanna

1.   Is iad seo a leanas na cúraimí a leagfar ar eintiteas AE do OCDanna:

(a)

oibriú agus pleanáil na ngréasán dáileacháin a chur chun cinn i gcomhordú le hoibriú agus pleanáil na ngréasán tarchurtha;

(b)

comhtháthú na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, na giniúna dáilte agus na n-acmhainní eile atá neadaithe sa ghréasán a éascú, amhail stóráil fuinnimh;

(c)

éascú a dhéanamh ar rannpháirtíocht i solúbthacht agus i bhfreagairt an éilimh agus ar rochtain úsáideoirí na n-eangach dáileacháin ar na margaí;

(d)

rannchuidiú le digitiú na gcóras dáileacháin lena n-áirítear eangacha cliste agus córais méadrúcháin chliste a chur chun feidhme;

(e)

tacú le bainistiú sonraí, cibearshlándáil agus cosaint sonraí a fhorbairt i gcomhar leis na húdaráis ábhartha agus le heintitis rialáilte;

(f)

páirt a ghlacadh i bhforbairt na gcód gréasáin arb ábhartha iad d'oibriú agus do phleanáil na n-eangach dáileacháin agus oibriú comhordaithe na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin de bhun Airteagal 59.

2.   Ina theannta sin,

(a)

déanfaidh eintiteas AE do OCDanna comhar le ENTSO don Leictreachas maidir le faireachán ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte, arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, agus arb ábhartha iad d'oibriú agus do phleanáil na n-eangach dáileacháin agus d'oibriú comhordaithe na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin;

(b)

déanfaidh eintiteas AE do OCDanna comhar le ENTSO don Leictreachas, agus glacfaidh sé dea-chleachtais maidir le hoibriú agus pleanáil chomhordaithe na gcóras tarchurtha agus dáileacháin lena n-áirítear saincheisteanna amhail malartú sonraí idir na hoibreoirí, agus comhordú na n-acmhainní fuinnimh dáilte;

(c)

déanfaidh sé obair maidir le dea-chleachtais a shainaithint sna réimsí sin a luaitear i mír 1 agus maidir le feabhsúcháin éifeachtúla fuinnimh a thabhairt isteach sa ghréasán dáileacháin;

(d)

déanfaidh sé clár oibre bliantúil agus tuarascáil bhliantúil a ghlacadh;

(e)

feidhmeoidh sé i gcomhréir le dlí na hiomaíochta agus áiritheoidh sé neodracht.

Airteagal 56

Comhairliúcháin laistigh de nós imeachta forbartha na gcód gréasáin

1.   Agus páirt á ghlacadh aige i bhforbairt na gcód gréasáin nua de bhun Airteagal 59, seolfaidh eintiteas AE do OCDanna próiseas comhairliúcháin forleathan, ag céim luath agus ar bhealach trédhearcach agus oscailte, ina n-áireofar na rannpháirtithe ábhartha go léir, agus, go háirithe, na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar geallsealbhóirí den sórt sin, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53. Áireofar sa chomhairliúchán sin na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis eile, gnóthais soláthair agus giniúna, úsáideoirí córais, lena n-áirítear custaiméirí, comhlachtaí teicniúla agus ardáin na ngeallsealbhóirí. Is é a bheidh mar aidhm aige ná tuairimí agus tograí na bpáirtithe ábhartha uile a shainaithint i rith an phróisis cinnteoireachta.

2.   Poibleofar na doiciméid uile agus miontuairiscí na gcruinnithe a bhaineann leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cuiridh eintiteas AE do OCDanna san áireamh na tuairimí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin sin. Sula nglacfaidh sé na moltaí maidir leis na cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 59, tabharfaidh eintiteas AE do OCDanna le fios conas a rinneadh na barúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin a chur san áireamh. I gcás nach mbeidh barúlacha den chineál sin curtha san áireamh, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin.

Airteagal 57

An comhar idir na hoibreoirí córas dáileacháin agus na hoibreoirí córas tarchurtha

1.   Déanfaidh na hoibreoirí córas dáileacháin agus na hoibreoirí córas tarchurtha comhar le chéile i dtaca le pleanáil agus oibriú a gcuid gréasán. Go háirithe, déanfaidh na hoibreoirí córas dáileacháin agus na hoibreoirí córas tarchurtha malartú le chéile ar gach faisnéis agus sonra riachtanach a bhaineann le feidhmíocht na sócmhainní giniúna agus na freagartha don éileamh, agus le hoibriú laethúil a gcuid gréasán agus pleanáil fhadtéarmach na n-infheistíochtaí sa ghréasán, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar a ngréasáin a fhorbairt agus a oibriú ar bhealach costéifeachtach, slán agus iontaofa.

2.   Déanfaidh na hoibreoirí córas dáileacháin agus na hoibreoirí córas tarchurtha comhar le chéile chun rochtain chomhordaithe a bhaint amach ar acmhainní amhail giniúint dháilte, stóráil fuinnimh nó freagairt don éileamh a bheidh ina dtaca ag riachtanais áirithe de chuid na hoibreoirí córas tarchurtha na hoibreoirí córas dáileacháin araon.

CAIBIDIL VII

CÓID GHRÉASÁIN AGUS TREOIRLÍNTE

Airteagal 58

Cóid ghréasáin agus treoirlínte a ghlacadh

1.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na cumhachtuithe atá in Airteagail 59, 60 agus 61, gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe a ghlacadh. Féadfar gníomhartha den sórt sin a ghlacadh mar chóid ghréasáin ar bhonn téacs na dtograí arna bhforbairt ag ENTSO don Leictreachas, nó, i gcás ina gcinnfear dá dtagraítear sa liosta tosaíochta de bhun Airteagal 59(3), ag eintiteas AE do OCDanna, agus i gcás inarb ábhartha i gcomhar frithpháirteach le ENTSO don leictreachas agus ACER de bhun an nós imeachta atá in Airteagal 59, nó mar threoirlínte de bhun an nós imeachta atá in Airteagal 61.

2.   Beidh an méid seo a leanas fíor faoi na cóid ghréasáin agus na treoirlínte:

(a)

áiritheofar iontu an leibhéal íosta comhchuibhithe is gá chun aidhm an Rialacháin seo a bhaint amach;

(b)

cuirfear sonraíochtaí réigiúnacha san áireamh, i gcás inarb iomchuí;

(c)

ní rachfar thar a bhfuil riachtanach chun críocha phointe (a); agus

(d)

beidh siad gan dochar do cheart na mBallstát cóid ghréasáin náisiúnta a bhunú nach ndéanann difear don trádáil thraschreasach.

Airteagal 59

Cóid ghréasáin a bhunú

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme trí chóid ghréasáin a bhunú sna réimsí seo a leanas:

(a)

rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht an ghréasáin, lena n-áirítear rialacha i dtaca le hacmhainneacht chúltaca tarchurtha theicniúil do shlándáil oibríochtúil an ghréasáin chomh maith le rialacha idir-inoibritheachta lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 34 go 47 agus Airteagal 57 den Rialachán seo agus Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear staideanna córais, gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus teorainneacha slándála oibríochtúla, rialú voltais agus bainistiú cumhachta freasaithí, bainistiú srutha ghearrchiorcaid, bainistiú ar shreafaí cumhachta, anailís teagmhais agus láimhseáil teagmhais, trealamh cosanta agus scéimeanna cosanta, malartú sonraí, comhlíonadh, oiliúint, pleanáil oibríochtúil agus anailís slándála, comhordú réigiúnach slándála oibríochtúla, comhordú ar éaradh, pleananna infhaighteachta na sócmhainní ábhartha, anailís ar leormhaitheas, seirbhísí coimhdeacha, sceidealú, agus timpeallachtaí sonraí a bhaineann le pleanáil oibríochtúil;

(b)

rialacha maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus maidir le bainistiú ar phlódú lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagail 7 go 10, Airteagail 13 go hAirteagal 17 agus Airteagail 35 go hAirteagal 37 den Rialachán seo lena n-áirítear rialacha maidir le modheolaíochtaí agus próisis lá roimh ré, modheolaíochtaí agus próisis ionlae agus modheolaíochtaí agus próisis don ríomh todhchaí acmhainneachta, samhlacha eangaí, cumraíocht na gcriosanna tairisceana, athsheoladh agus fritrádáil, algartaim trádála, cúpláil lá amháin roimh ré agus cúpláil ionlae, daingne acmhainneachta traslimistéir leithdháilte, dáileadh ioncam ó phlódú, fálú riosca tarchurtha traschreasach, nósanna imeachta ainmniúcháin, agus leithdháileadh acmhainneachta agus gnóthú na gcostas atá ar acmhainneacht a leithdháileadh agus ar an bplódú a bhainistiú;

(c)

rialacha trádála a bhaineann le soláthar teicniúil agus oibríochtúil seirbhísí rochtana ar an ngréasán agus le comhardú an chórais lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 5, 6 agus 17, lena n-áirítear rialacha i ndáil le feidhmeanna agus freagrachtaí, na hardáin chun fuinneamh don chothromú a mhalartú, amanna dúnta an gheata, ceanglais maidir le táirgí caighdeánacha agus sonracha, soláthar na seirbhísí don chothromú, acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh do mhalartú na seirbhísí don chothromú nó do chomhroinnt na gcúltacaí, fuinneamh don chothromú a shocrú, malartuithe fuinnimh idir na hoibreoirí córais a shocrú, réiteach míchothromaíochtaí agus acmhainneacht don chothromú a shocrú, rialú lódmhinícíochta, na paraiméadair lena sainítear cáilíocht na minicíochta agus spriocpharaiméadair cháilíocht na minicíochta, cúltacaí coinneála minicíochta, cúltacaí athsholáthair minicíochta, cúltacaí athchuir, malartú agus comhroinnt na gcúltacaí, próisis gníomhachtaithe trasteorann na gcúltacaí, próisis rialaithe ama agus trédhearcacht na faisnéise;

(d)

rialacha maidir le foráil neamh-idirdhealaitheach thrédhearcach a dhéanamh do sheirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 36, Airteagal 40 agus Airteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear rialú voltais foistine, táimhe, instealladh srutha frithghníomhacha tapa, táimhe do chobhsaíocht na n-eangaí, srutha gearrchiorcaid, acmhainneacht athshlánaithe i ndiaidh múchta agus acmhainneacht oibríochta aonraithe;

(e)

rialacha lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 57 den Rialachán seo agus Airteagail 17, 31, 32, 36, 40 agus 54 de Threoir (AE) 2019/944 i ndáil le freagairt don éileamh, lena n-áirítear rialacha maidir le comhbhailiú, stóráil fuinnimh, agus ciorrú éilimh.

Déanfar na treoirlínte sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 maidir le cóid ghréasáin a bhunú sna réimsí seo a leanas:

(a)

rialacha maidir le nascadh leis an ngréasán lena n-áirítear rialacha maidir le nascadh saoráidí éilimh atá tarchur-nasctha, saoráidí dáileacháin agus córais dáileacháin atá tarchur-nasctha, nascadh aonad éilimh a mbaintear úsáid astu chun freagairt don éileamh a sholáthar, ceanglais maidir le gineadóirí a nascadh le heangacha, ceanglais maidir le sruth díreach ardvoltais a nascadh le heangacha, ceanglais maidir le modúil páirce cumhachta arna gceangal le sruth díreach agus cian-stáisiúin tiontaire srutha dhírigh ardvoltais, agus nósanna imeachta oibríochtúla maidir le nascadh le heangacha;

(b)

malartú sonraí, rialacha maidir le socrú agus trédhearcacht lena n-áirítear go háirithe rialacha maidir le hacmhainneachtaí aistrithe le haghaidh tréimhsí ama ábhartha, meastacháin agus luachanna iarbhír maidir le leithdháileadh agus úsáid na n-acmhainneachtaí aistrithe, réamhaisnéis agus éileamh iarbhír maidir le saoráidí agus comhbhailiú de lena n-áirítear gan fáil a bheith ar shaoráidí, réamhaisnéis agus giniúint iarbhír na n-aonad giniúna agus comhbhailiú de lena n-áirítear gan fáil a bheith ar aonaid, infhaighteacht agus úsáid na ngréasán, bearta um bainistiú ar phlódú agus sonraí margaidh a chothromú. Ba cheart bealaí ina bhfoilsítear an fhaisnéis, tráthúlacht an fhoilsithe, na heintitis atá freagrach as láimhseáil na faisnéise a bheith san áireamh sna rialacha;

(c)

rialacha maidir le rochtain ag tríú páirtithe;

(d)

nósanna imeachta oibríochtúla éigeandála agus athbhunaithe i gcás éigeandála lena n-áirítear na pleananna cosanta córais, na pleananna don athbhunú, idirghníomhaíochtaí an mhargaidh, malartú faisnéise agus cumarsáid agus uirlisí agus saoráidí;

(e)

rialacha earnáil-sonracha maidir le gnéithe cibearshlándála na sreafaí leictreachais trasteorann, lena n-áirítear rialacha maidir le híoscheanglais choiteanna, pleanáil, faireachán, tuairisciú agus bainistiú géarchéime.

3.   Tar éis dó dul i gcomhairle le ACER, le ENTSO don Leictreachas, le heintiteas AE do OCDanna agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, bunóidh an Coimisiún liosta tosaíochta gach 3 bliana, lena sainaithneofar na réimsí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 mar réimsí a bheidh le cur san áireamh i bhforbairt na gcód gréasáin.

I gcás ina mbíonn baint dhíreach ag ábhar an chóid gréasáin le hoibriú an chórais dáileacháin agus nach mbíonn príomh-bhaint aige leis an gcóras tarchurtha, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar le ENTSO don Leictreachas, coiste dréachtaithe a thionól agus togra maidir le cód gréasáin a chur faoi bhráid ACER.

4.   Iarrfaidh an Coimisiún ar ACER creat-treoirlíne neamhcheangailteach (creat-treoirlíne) a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 6 mhí, ar treoirlíne í lena leagfar amach prionsabail a bheidh oibiachtúil agus soiléir maidir le forbairt cód gréasáin a bhaineann leis na réimsí arna sainaithint sa liosta tosaíochta (chreat-treoirlíne). Féadfar dálaí a chuimsiú san iarraidh sin ón gCoimisiún a dtabharfar aghaidh orthu sa chreat-treoirlíne. Rannchuideoidh gach creat-treoirlíne le comhtháthú an mhargaidh, le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh. Ar iarraidh réasúnaithe ó ACER, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse maidir le treoirlínte a chur isteach a fhadú.

5.   Rachaidh ACER i gcomhairle le ENTSO don Leictreachas, le heintiteas AE do OCDanna, agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile maidir leis an gcreat-treoirlíne, le linn tréimhse nach giorra ná 2 mhí, ar bhealach oscailte agus trédhearcach.

6.   Déanfaidh ACER creat-treoirlíne neamhcheangailteach a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi mhír 4.

7.   Má mheasann an Coimisiún nach rannchuidíonn an chreat-treoirlíne le comhtháthú an mhargaidh, le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach ná le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat-treoirlíne laistigh de thréimhse réasúnach agus í a chur faoi bhráid an Choimisiúin athuair.

8.   Má mhainníonn ACER creat-treoirlíne a chur faoi bhráid an Choimisiúin nó í a chur faoina bhráid athuair laistigh den tréimhse arna socrú ag an gCoimisiún faoi mhír 4 nó faoi mhír 7, déanfaidh an Coimisiún an chreat-treoirlíne neamhcheangailteach i dtrácht a fhorbairt.

9.   Iarrfaidh an Coimisiún ar ENTSO don Leictreachas nó, i gcás ina gcinnfear sin sa liosta tosaíochta dá dtagraítear i mír 3, ar eintiteas AE do OCDanna i gcomhar le ENTSO don Leictreachas, togra maidir le cód gréasáin i gcomhréir leis an gcreat-treoirlíne ábhartha a chur faoi bhráid ACER laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 12 mhí ón lá a bhfaighfear iarraidh an Choimisiún.

10.   Tionólfaidh ENTSO don Leictreachas, nó, i gcás ina gcinnfear sin sa liosta tosaíochta dá dtagraítear i mír 3, eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar le ENTSO don Leictreachas, coiste dréachtaithe a thacóidh leis i bpróiseas forbartha na gcód gréasáin. Ar an gcoiste dréachtaithe sin, beidh ionadaithe ó ACER, ó ENTSO don Leictreachas, i gcás inarb iomchuí ó eintiteas AE do OCDanna, agus OAMLanna mar aon le líon teoranta de na geallsealbhóirí sin is mó lena mbaineann. Déanfaidh ENTSO don Leictreachas suas nó, i gcás dá bhforáiltear sa liosta tosaíochta de bhun mhír 3, eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar le ENTSO don Leictreachas moltaí a tharraingt suas maidir le cóid ghréasáin sna réimsí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, i gcomhréir le mír 9.

11.   Déanfaidh ACER athbhreithniú ar an gcód gréasáin molta d'fhonn a áirithiú go gcomhlaíonnann an cód gréasáin atá le glacadh leis an gcreat-treoirlíne ábhartha agus ina rannchuidiú le comhtháthú an mhargaidh, le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí leagan athbhreithnithe den chód gréasáin don Choimisiún laistigh de 6 mhí ón lá a bhfaighfear an togra. Sa togra a chuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin, cuirfidh ACER san áireamh na tuairimí a fuarthas ó gach páirtí agus an togra á dhréachtú faoi stiúir ENTSO don Leictreachas nó eintiteas AE do OCDanna, agus rachaidh sí i gcomhairle go foirmiúil leis na geallsealbhóirí ábhartha maidir leis an leagan a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin.

12.   I gcás ENTSO don Leictreachas nó eintiteas AE do OCDanna a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt laistigh den tréimhse ama a bheidh socraithe ag an gCoimisiún faoi mhír 9, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht dréachtchód gréasáin a ullmhú ar bhonn na creat-treoirlíne ábhartha. Féadfaidh ACER dul i mbun tuilleadh comhairliúcháin le linn dréachtchód gréasáin a ullmhú faoin mír seo. Déanfaidh ACER dréachtchód gréasáin, arna ullmhú faoin mír seo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.

13.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, i gcás ENTSO don Leictreachas nó an eintiteas AE do OCDanna a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt, nó i gcás ACER a bheith tar éis mainneachtain dréachtchód gréasáin a fhorbairt dá dtagraítear i mír 12, nó ar bhonn togra ó ACER faoi mhír 11, cód gréasáin amháin nó níos mó a ghlacadh sna réimsí a liostaítear i míreanna 1 agus 2.

14.   I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún cód gréasáin a ghlacadh ar a thionscnamh féin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ACER, le ENTSO don Leictreachas agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis an dréachtchód gréasáin le linn tréimhse nach giorra ná 2 mhí.

15.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart an Choimisiúin na treoirlínte a ghlacadh agus a leasú de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 61. Beidh sé gan dochar don fhéidearthacht atá ag ENTSO don Leictreachas treoraíocht neamhcheangailteach a fhorbairt sna réimsí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 sa chás nach mbaineann treoraíocht den chineál sin le réimsí a chumhdaítear le hiarraidh a chuirfear chuig ENTSO don Leictreachas ón gCoimisiún. Cuirfidh ENTSO don Leictreachas aon treoraíocht den chineál sin faoi bhráid ACER ionas go dtabharfaidh sí tuairim ina leith agus tabharfaidh sé aird chuí ar an tuairim sin.

Airteagal 60

Leasuithe ar chóid ghréasáin

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún na cóid ghréasáin a leasú laistigh de na réimsí a liostaítear in Airteagal 59(1) agus (2) i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal sin. Féadfaidh ACER freisin leasuithe ar na cóid ghréasáin i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.   Féadfaidh daoine ar dóigh dóibh leas a bheith acu in aon chód gréasáin a ghlacfar faoi Airteagal 59, lena n-áirítear ENTSO don Leictreachas, eintiteas AE do OCDanna, údaráis rialála, oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí córais dáileacháin, úsáideoirí córas agus tomhaltóirí, dréachtleasuithe ar aon chód gréasáin a ghlactar faoi Airteagal 59 a mholadh do ACER. Ar a tionscnamh féin, féadfaidh ACER leasuithe a mholadh freisin.

3.   Féadfaidh ACER tograí réasúnaithe don Choimisiún le haghaidh leasuithe a chur chuig an gCoimisiún, á mhíniú conas atá na tograí sin i gcomhréir le cuspóirí na gcód gréasáin a leagtar amach in Airteagal 59(3) den Rialachán seo. I gcás inar measann sí go bhfuil moladh maidir le leasú inghlactha, agus i gcás leasuithe dá tionscnamh féin, rachaidh ACER i gcomhairle leis na geallsealbhóirí go léir i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/942.

Airteagal 61

Treoirlínte

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún treoirlínte ceangailteacha a ghlacadh sna réimsí a liostaítear san Airteagal seo.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún, ag brath ar an gcumhachtú faoi seach, treoirlínte a glacadh mar ghníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme sna réimsí sin ina bhféadfaí gníomhartha dá leithéidí a fhorbairt freisin de réir nós imeachta na gcód gréasáin de bhun Airteagal 59(1) agus (2). Glacfar na treoirlínte sin i bhfoirm gníomhartha tairmlighte agus gníomhartha cur chun feidhme, ag brath ar an gcumhacht ábhartha arna bhforáiltear sa Rialachán seo.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí threoirlínte a bhaineann leis an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha. Leis na treoirlínte sin. sonrófar, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagail 18 agus 49:

(a)

mionsonraí an nós imeachta lena gcinntear cé acu d'oibreoirí na gcóras tarchurtha atá faoi dhliteanas cúiteamh a íoc as sreabha trasteorann, lena n-áirítear an deighilt idir oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina dtionscnaíonn sreabha trasteorann agus oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina gcríochnaíonn na sreabha sin, i gcomhréir le hAirteagal 49(2);

(b)

mionsonraí an nós imeachta íocaíochta a bheidh le leanúint, lena n-áirítear an chéad tréimhse a n-íocfar cúiteamh ina leith a chinneadh, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 49(3);

(c)

mionsonraí na modheolaíochtaí lena gcinnfear na sreabha trasteorann a óstáiltear agus a n-íocfar cúiteamh ina leith faoi Airteagal 49, ó thaobh chainníocht agus chineál na sreabh, agus lena gcinnfear ainmniú méideanna na sreabh sin mar shreabha a thionscnaíonn nó a chríochnaíonn i gcórais tarchurtha Ballstát aonair, i gcomhréir le hAirteagal 49(5);

(d)

mionsonraí na modheolaíochta lena gcinnfear na costais agus na sochair a thabhaítear mar thoradh ar shreabha trasteorann a óstáil, i gcomhréir le hAirteagal 49(6);

(e)

mionsonraí na cóireála ar shreabha leictreachais a thionscnaíonn nó a chríochnaíonn i dtíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus é sin i gcomhthéacs an tsásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha; agus

(f)

socruithe maidir le rannpháirtíocht na gcóras náisiúnta atá idirnasctha trí línte srutha dhírigh, i gcomhréir le hAirteagal 49.

4.   I gcás inarb iomchuí, is féidir an méid seo a leanas freisin a shonrú sna treoirlínte lena soláthraítear an leibhéal íosta comhchuibhithe is gá chun aidhm an Rialacháin seo a ghnóthú. Féadfaidh na treoirlínte sin:

(a)

mionsonraí i dtaca leis na rialacha maidir le trádáil leictreachais lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 5 go hAirteagal 10, Airteagal 13 go hAirteagal 17, Airteagal 35, Airteagal 36 agus Airteagal 37 den Rialachán seo;

(b)

mionsonraí i dtaca leis na rialacha maidir le dreasacht infheistíochta d'acmhainn idirnascairí, lena n-áirítear comharthaí suímh lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 19.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an gcomhordú oibríochtúil a chur chun feidhme idir na hoibreoirí córais tarchurtha ar leibhéal an Aontais. Beidh na treoirlínte sin comhsheasmhach leis na cóid ghréasáin agus cuirfidh na treoirlínte sin leis na cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 59 agus cuirfidh na treoirlínte sin leis na sonraíochtaí arna nglacadh dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 30(1). Le linn don Choimisiún na treoirlínte sin a ghlacadh, déanfaidh sé ceanglais oibríochtúla réigiúnacha agus náisiúnta éagsúla a chur san áireamh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

6.   Le linn treoirlínte a ghlacadh nó á leasú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le ACER, le ENTSO don Leictreachas, le heintiteas AE do OCDanna agus, i gcás inarb ábhartha, leis na geallsealbhóirí eile,.

Airteagal 62

Ceart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le bearta níos mionsonraithe

Beidh an Rialachán seo gan dochar do chearta na mBallstát bearta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ar bearta iad ina bhfuil forálacha níos mionsonraithe ná na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo, sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 61 nó sna cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 59, ar choinníoll go bhfuil na bearta sin comhoiriúnach le dlí an Aontais.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 63

Idirnascairí nua

1.   Féadfar idirnascairí nua srutha dhírigh a dhíolmhú go ceann tréimhse teoranta, arna iarraidh sin, ó fhorálacha Airteagal 19(2) agus (3) den Rialachán seo agus ó Airteagail 6 agus 43, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944 ar an gcoinníoll go comhlaíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní mór go bhfeabhsaíonn an infheistíocht an iomaíocht i soláthar an leictreachais;

(b)

tá an leibhéal riosca a bhaineann leis an infheistíocht de chineál a fhágann nach ndéanfar an infheistíocht mura dtugtar díolúine;

(c)

ní mór an t-idirnascaire a bheith faoi úinéireacht duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh nach ionann, ó thaobh a fhoirm dlí de ar a laghad, agus na hoibreoirí córais ar ina gcórais a thógfar an t-idirnascaire sin;

(d)

gearrfar muirir ar úsáideoirí an idirnascaire sin;

(e)

ón tráth a tharla oscailt pháirteach an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 19 de Threoir 96/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), ní dhearnadh aon chuid de chostais chaipitiúla ná de chostais oibriúcháin an idirnascaire a ghnóthú ó aon chuid de na muirir a gearradh as úsáid na gcóras tarchurtha nó dáileacháin a nasctar le chéile leis an idirnascaire; agus

(f)

ní chun aimhleas na hiomaíochta ná chun aimhleas fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas atá an díolúine, ná chun aimhleas fheidhmiú éifeachtúil an chórais atá á rialáil agus a bhfuil an t-idirnascaire nasctha leis.

2.   Beidh feidhm freisin ag mír 1, i gcásanna eisceachtúla, maidir le hidirnascairí srutha ailtéarnaigh ar choinníoll go mbeidh na costais agus na rioscaí a ghabhann leis an infheistíocht sách ard i gcomparáid leis na costais agus na rioscaí a thabhaítear de ghnáth nuair a dhéantar dhá chóras tarchurtha náisiúnta chomharsanacha a nascadh.

3.   Beidh feidhm freisin ag mír 1 maidir le méaduithe suntasacha acmhainneachta in idirnascairí atá ann cheana féin.

4.   Glacfaidh údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann an cinneadh maidir leis an díolúine a dheonú, dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3, ar bhonn cás ar chás. Féadfar acmhainn iomlán nó cuid d'acmhainneacht an idirnascaire nua, nó acmhainneacht iomlán nó cuid d'acmhainneacht an idirnascaire atá ann cheana féin ach a bhfuil méadú suntasach curtha ar a acmhainneacht, a chumhdach le díolúine.

Laistigh de 2 mhí tar éis an t-údarás deireanach de na húdaráis rialála lena mbaineann an iarraidh ar dhíolúine a fháil, féadfaidh ACER tuairim a chur faoi bhráid na n-údaráis rialála sin. Féadfaidh na húdaráis rialála a gcinneadh a bhunú ar an tuairim sin.

Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh díolúine a dheonú, breithneofar, ar bhonn cás ar chás, an gá atá le coinníollacha a fhorchur maidir le ré na díolúine agus maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an idirnascaire. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh na gcoinníollacha sin, cuirfear san áireamh, go háirithe, an acmhainneacht bhreise a bheidh le forbairt nó an modhnú a bheidh le déanamh ar an acmhainneacht atá ann cheana, creat ama an tionscadail agus na himthosca náisiúnta.

Sula ndeonóidh siad díolúine, déanfaidh údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann cinneadh faoi na rialacha agus faoi na sásraí a bheidh ann chun an acmhainneacht a bhainistiú agus a leithdháileadh. Áireofar leis na rialacha um bainistiú ar phlódú sin go mbeidh oibleagáid ann maidir le haon acmhainneacht neamhúsáidte a thairiscint ar an margadh agus go mbeidh úsáideoirí i dteideal a n-acmhainneachtaí conarthacha a thrádáil ar an margadh tánaisteach. Agus measúnú á dhéanamh ar na critéir dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (f) de mhír 1, cuirfear san áireamh torthaí an nós imeachta um leithdháileadh acmhainneachta.

I gcás ina dtagann na húdaráis rialála go léir lena mbaineann ar chomhaontú, laistigh de 6 mhí tar éis an iarraidh a fháil, faoin gcinneadh i dtaobh na díolúine, cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl do ACER.

Maidir leis an gcinneadh i dtaobh na díolúine, lena n-áirítear aon choinníollacha dá dtagraítear sa triú fomhír den mhír seo, beidh sé cuí-réasúnaithe agus foilseofar é.

5.   Glacfaidh ACER an cinneadh dá dtagraítear i mír 4:

(a)

i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála go léir lena mbaineann in ann teacht ar chomhaontú laistigh de 6 mhí ón dáta ar iarradh an díolúine os comhair an údaráis dheireanaigh de na húdaráis rialála sin; nó

(b)

arna iarraidh sin go comhpháirteach ó na húdaráis rialála lena mbaineann.

Sula ndéanfaidh ACER cinneadh den sórt sin, rachaidh sí i gcomhairle leis na húdaráis rialála lena mbaineann agus leis na hiarratasóirí.

6.   D'ainneoin mhír 4 agus mhír 5, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcuirfidh an t-údarás rialála nó go gcuirfidh ACER, de réir mar a bheidh, a thuairim nó a tuairim maidir leis an iarraidh ar dhíolúine faoi bhráid an chomhlachta ábhartha sa Bhallstát, le cinneadh foirmiúil a fháil ina taobh. Foilseofar an tuairim sin in éineacht leis an gcinneadh.

7.   Déanfaidh na húdaráis rialála cóip de gach iarraidh ar dhíolúine a tharchur gan mhoill mar eolas chuig ACER agus chuig an gCoimisiún ar an iarraidh sin a fháil dóibh. Déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann, nó ACER (na comhlachtaí a thugann fógra), fógra faoin gcinneadh a thabhairt don Choimisiún gan mhoill, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an gcinneadh. Féadfar an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm chomhiomlán, ionas go bhféadfaidh an Coimisiún teacht ar chinneadh a mbeidh bonn maith faoi. Beidh an méid seo a leanas, go háirithe, san fhaisnéis sin:

(a)

na cúiseanna mionsonraithe ar ar a mbonn a deonaíodh nó a diúltaíodh an díolúine, lena n-áirítear an fhaisnéis airgeadais lena gcosnaítear an gá atá leis an díolúine;

(b)

an anailís a rinneadh ar an éifeacht a bheidh ar an iomaíocht agus ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas, mar thoradh ar dheonú na díolúine;

(c)

na cúiseanna atá leis an tréimhse ama agus an sciar d'acmhainneacht iomlán an idirnascaire i dtrácht agus a bhfuil an díolúine á deonú ina leith; agus

(d)

toradh an chomhairliúcháin a rinneadh leis na húdaráis rialála lena mbaineann.

8.   Laistigh de 50 lá oibre ón lá tar éis an dáta a bhfaighfear an fógra faoi mhír 7, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh lena n-iarrfar ar na comhlachtaí a thugann fógra leasú a dhéanamh ar an gcinneadh chun díolúine a dheonú, nó an cinneadh sin a tharraingt siar. Féadfar an tréimhse sin a fhadú go ceann tréimhse bhreise 50 lá oibre i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise á lorg ag an gCoimisiún. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an dáta a bhfaighfear an fhaisnéis iomlán. Féadfar an tréimhse tosaigh a fhadú freisin le toiliú an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí a thugann fógra araon.

Más rud é nach soláthrófar an fhaisnéis a iarradh laistigh den tréimhse a leagtar síos san iarraidh, measfar go bhfuil an fógra tarraingthe siar mura rud é, roimh dheireadh na tréimshe sin, go bhfadaítear an tréimhse le toiliú an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí a thugann fógra araon nó go gcuireann na comhlachtaí a thugann fógra in iúl don Choimisiún, i ráiteas cuí-réasúnaithe, go measann siad go bhfuil an fógra iomlán.

Na comhlachtaí a thugann fógra, comhlíonfaidh siad cinneadh ón gCoimisiúin chun an cinneadh i dtaobh díolúine a leasú nó a tharraingt siar laistigh de mhí amháin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Caomhnóidh an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise tráchtála íogaire.

Rachaidh formheas an Choimisiúin maidir le cinneadh i dtaobh díolúine in éag 2 bhliain tar éis an dáta ar glacadh é, i gcás nach mbeidh an obair thógála ar an idirnascaire tosaithe faoin dáta sin agus 5 bliana tar éis an dáta ar glacadh é mura mbeidh an t_idirnascaire ag feidhmiú faoin dáta sin, mura rud é go gcinneann an Coimisiún, ar bhonn iarraidh chuí-réasúnaithe de chuid na gcomhlachtaí a thugann fógra, gurb ann d'aon mhoill mar gheall ar chonstaicí nach raibh aon neart ag an duine ar deonaíodh an díolúine dó orthu.

9.   I gcás ina gcinneann údaráis rialála an Bhallstáit lena mbaineann cinneadh díolúine a mhodhnú, tabharfaidh siad fógra faoina gcinneadh sin don Choimisiún gan mhoill, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an gcinneadh. Beidh feidhm ag mír 1 go mír 8 i dtaca leis an gcinneadh cinneadh díolúine a mhodhnú, agus sainghnéithe na díolúine reatha á gcur san áireamh.

10.   Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin air nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí a bhaineann leis hiarraidh ar dhíolúine a atosú:

(a)

i gcás, agus aird chuí á tabhairt ar ionchais dhlisteanacha na bpáirtithe agus ar an gcothroime eacnamaíoch a baineadh amach sa chéad chinneadh díolúine, inar tharla athrú ábharach do cheann ar bith de na fíricí ar a bunaíodh an cinneadh;

(b)

i gcás ina ngníomhaíonn na gnóthais lena mbaineann ar bhealach atá contrártha dá gcuid gealltanas; nó

(c)

i gcás ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis a chuir na páirtithe ar fáil a bhí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

11.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí threoirlínte a ghlacadh chun na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus chun an nós imeachta a leagan amach a bheidh le leanúint d'fhonn míreanna 4 agus 7 go 10 den Airteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 64

Maoluithe

1.   Féadfaidh na Ballstáit cur isteach ar mhaoluithe ó na forálacha ábhartha d'Airteagail 3 agus 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4), Airteagail 9, 10 agus 11, Airteagail 14 go 17, Airteagail 19 go 27, Airteagail 35 go 47 agus Airteagal 51, ar choinníoll go gcomhlíontar na nithe seo a leanas:

(a)

féadfaidh an Ballstát a léiriú go bhfuil fadhbanna substaintiúla ann i dtaobh oibriú a gcóras beag scoite agus a gcóras beag nasctha;

(b)

i gcás na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE, nach féidir a idirnascadh leis an margadh fuinnimh an Aontais Eorpach ar chúiseanna follasacha fisiciúla.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, beidh teorainn ama leis an maolú sin agus beidh sé faoi réir coinníollacha arb aidhm dóibh iomaíochas agus comhtháthú leis an margadh inmheánach sa leictreachas a mhéadú;

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh teorainn ama leis an maolú.

Beidh maolú faoi réir na gcoinníollacha arb aidhm dóibh a áirithiú nach gcuirfidh an maolú isteach ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt don éileamh.

Ina chinneadh lena ndeonaítear maolú, leagfaidh an Coimisiún amach it ar an eolas faoi na hiarratais sin sula ndéanfaidh sé cinneadh, agus rúndacht a urramú á chur san áireamh.

Ina chinneadh maidir le maolú á dheonú, léireoidh an Coimisiún a mhéid a chaithfidh na maoluithe cur i bhfeidhm na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte a chur san áireamh.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3, 5 agus 6, Airteagal 7(1), pointí (c) agus (g) d'Airteagal 7(2), Airteagail 8 go 17, Airteagail 18(5) agus (6), Airteagail 19 agus 20, Airteagal 21(1), (2), agus (4) go (8), pointe (c) d'Airteagal 22(1), pointí (b) agus (c) d'Airteagal 22(2), an fomhír deiridh d'Airteagal 22(2), Airteagail 23 go 27, Airteagal 34(1), (2) agus (3), Airteagail 35 go 47, Airteagal 48(2) agus Airteagail 49 agus 51 ar an gCipir go dtí go mbeidh a córas tarchurtha nasctha le córais tarchurtha Ballstát eile trí idirnaisc.

Mura bhfuil córas tarchurtha na Cipire nasctha le córais tarchurtha Ballstát eile trí bhíthin idirnaisc faoin 1 Eanáir 2026, déanfaidh an Chipir a riachtanaí atá maolú ó na forálacha sin a mheas agus féadfaidh sí iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun síneadh a chur leis an maolú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu an bhfuil baol ann go mbeidh cur chun feidhme na bhforálacha faoi seach ina gcúis le fadhbanna substaintiúla i dtaobh oibriú an chórais leictreachais sa Chipir nó an mbeidh tairbhí le baint as a gcur chun feidhme sa Chipir i dtaca le feidhmiú an mhargaidh. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh réasúnaithe a eisiúint maidir le síneadh iomlán nó páirteach a chur leis an maolú. Foilseofar an cinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

3.   Ní dhéanfaidh an Rialachán difear do chur i bhfeidhm na maoluithe a dheonaítear faoi Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944.

4.   Maidir le sprioc idirnaisc 2030 a ghnóthú, mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2018/1999, cuirfear an nasc leictreachais idir Málta agus an Iodáil san áireamh go hiomchuí.

Airteagal 65

Faisnéis a sholáthar agus rúndacht

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis rialála an fhaisnéis go léir is gá chun críocha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin dó.

Socróidh an Coimisiún teorainn ama réasúnach chun faisnéis a sholáthar, agus castacht na faisnéise is gá agus an phráinn a ghabhann leis an bhfaisnéis sin á gcur san áireamh.

2.   Más rud é nach soláthraíonn an Ballstát nó an t-údarás rialála lena mbaineann an fhaisnéis sin laistigh den teorainn ama a shocraítear dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile is gá chun críche an Rialacháin seo a chur chun feidhme a iarraidh go díreach ar na gnóthais lena mbaineann.

Agus iarraidh ar fhaisnéis á seoladh aige chuig gnóthas, seolfaidh an Coimisiún cóip den iarraidh, an tráth céanna, chuig údarás rialála an Bhallstáit a bhfuil ceannoifig an ghnóthais suite ina chríoch.

3.   Ina iarraidh ar fhaisnéis faoi mhír 1, luafaidh an Coimisiún bunús dlí na hiarrata sin, an teorainn ama ar laistigh di is gá an fhaisnéis a sholáthar, cuspóir na hiarrata, agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 66(2) i gcás ina ndéantar faisnéis a sholáthar atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach.

4.   Déanfaidh úinéirí na ngnóthas nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, na daoine nadúrtha a bhfuil údarú acu a bheith ina n-ionadaithe do na gnóthais faoin dlí nó faoina n-ionstraim chorpraithe, an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. I gcás ina ndéanfaidh dlíodóirí atá údaraithe go cuí chun gníomhú amhlaidh an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a chliant, beidh freagracht iomlán fós ar an gcliant i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   I gcás nach soláthraíonn gnóthas an fhaisnéis a iarrtar laistigh den teorainn ama a shocraíonn an Coimisiún nó i gcás ina soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, a cheangal go soláthrófar an fhaisnéis. Sonrófar, leis an gcinneadh sin, an fhaisnéis atá á hiarraidh agus socrófar teorainn ama iomchuí ar féidir an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. Sonrófar ann na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 66(2). Sonrófar ann freisin, an ceart chun an cinneadh a chur a chur faoi bhráid Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú.

Déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna, cóip dá chinneadh a sheoladh chuig údaráis rialála an Bhallstáit a bhfuil cónaí ar an duine ina chríoch nó a bhfuil ceannoifig an ghnóthais suite ina chríoch.

6.   Ní úsáidfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ach amháin chun críocha forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme.

Ní nochtfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ar faisnéis í de chineál a chumhdaítear faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla a gheofar de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 66

Pionóis

1.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialacháin seo, na gcód gréasáin arna nglacadh de bhun Airteagal 59, agus na dtreoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 61 agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha sin chun feidhme. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneálacha nach mó ná 1 % de láimhdeachas iomlán na bliana gnó roimhe sin a fhorchur ar ghnóthais i gcás ina ndéanfaidh na gnóthais sin, d'aon ghnó nó go faillíoch, faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 65(3) nó i gcás ina mainneoidh siad faisnéis a sholáthar laistigh den teorainn ama arna socrú le cinneadh arna ghlacadh de bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 65(5). Le linn méid fíneála a shocrú, tabharfar aird ar thromchúis na mainneachtana ceanglais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

3.   Ní pionóis de chineál dlí choiriúil a bheidh sna pionóis dá bhforáiltear de bhun mhír 1 agus ní cinntí de chineál dlí choiriúil a bheidh in aon cheann de na cinntí a ghlacfar de bhun mhír 2.

Airteagal 67

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an coiste arna chur ar bun le hAirteagal 68 de Threoir (AE) 2019/944 cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 68

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 34(5), Airteagal 49(5), Airteagal 59(2), Airteagal 61(2) agus Airteagal 63(11) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse sin agus, más infheidhme, roimh dheireadh na dtréimhsí ina dhiaidh sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí 8 mbliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 34(3), Airteagal 49(4), Airteagal 59(2), Airteagal 61(2) agus Airteagal 63(11) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 34(3), Airteagal 49(4), Airteagal 59(2), Airteagal 61(2) agus Airteagal 63(11) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 69

Athbhreithnithe agus tuarascálacha ón gCoimisiún

1.   Faoin 1 Iúil 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na cóid ghréasáin agus ar na treoirlínte, d'fhonn meastóireacht a dhéanamh ar na forálacha sin a d'fhéadfaí a chumhdach go hiomchuí sna gníomhartha reachtacha sin de chuid an Aontais a bhaineann le margadh inmheánach an leictreachais agus ar an gcaoi a bhféadfaí na cumhachtuithe le haghaidh cóid ghréasáin agus treoirlínte atá leagtha síos in Airteagail 59 agus 61 a athbhreithniú.

Cuirfidh an Coimisiún, ar an dáta céanna, tuarascáil mhionsonraithe maidir lena mheasúnú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh ar bhonn a mheasúnaithe.

2.   Faoin 31 Nollaig 2030, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar bhonn an athbhreithnithe sin, agus beidh togra reachtach ag gabháil leis, i gcás inarb iomchuí inarb iomchuí.

Airteagal 70

Aisghairm

Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 a aisghairm. Maidir le tagairtí a dhéantar don Rialachán aisghairthe, forléireofar iad mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 71

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ó 1 Eanáir 2020.

D'aineoinn an chéad fhomhír, beidh feidhm ag Airteagail 14, 15, 22(4), 23(3) agus (6), 35, 36 agus 62 le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chun críche Airteagal 14(7) agus Airteagal 15(2) a chur chun feidhme, beidh feidhm ag Airteagal 16 le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 91.

(2)  IO C 342, 12.10.2017, lch. 79.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 15).

(5)  Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le cothromú leictreachais (IO L 312, 28.11.2017, lch. 6).

(6)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú) (Féach leathanach 125 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/1222 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2015 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú (IO L 197, 25.7.2015, lch. 24).

(8)  Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2016 lena mbunaítear treoirlíne maidir le leithdháileadh todhchaí acmhainneachta (IO L 259, 27.9.2016, lch. 42).

(9)  Rialachán (AE) 2016/631 ón gCoimisiún, 14 Aibreán 2016 lena mbunaítear cód gréasáin i dtaobh ceanglais maidir le gineadóirí a nascadh le heangacha (IO L 112, 27.4.2016, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (athmhúnlú) (Féach leathanach 22 den Iris Oifigiúil seo).

(11)  Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 2017/1485 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córas tarchurtha leictreachais (IO L 220, 25.8.2017, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas (IO L 176, 15.7.2003, lch. 1).

(14)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(16)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

(18)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(19)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(20)  Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).

(21)  Cinneadh ón gCoimisiún an 15 Samhain 2012 lena mbunaítear an Grúpa Comhordaithe Leictreachais (IO C 353, 17.11.2012, lch. 2).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

(23)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(24)  Treoir 96/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 1996 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas (IO L 27, 30.1.1997, lch. 20).


IARSCRÍBHINN I

CÚRAIMÍ NA LÁRIONAD COMHORDÚCHÁIN RÉIGIÚNACH

1.   Ríomh comhordaithe acmhainneachta

1.1

Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha an ríomh comhordaithe ar acmhainneachtaí traschreasacha.

1.2.

Déanfar an ríomh comhordaithe ar acmhainneacht le haghaidh na creataí ama lá roimh ré agus creataí ama ionlae.

1.3

Déanfar ríomh acmhainneachta comhordaithe ar bhonn na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú arna glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

1.4

Déanfar an ríomh comhordaithe ar acmhainneacht bunaithe ar shamhail choiteann eangaí i gcomhréir le pointe 3

1.5

Leis an ríomh comhordaithe ar acmhainneacht, áiritheofar bainistiú éifeachtach ar phlódú i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe ar phlódú a sainítear sa Rialachán seo.

2.   Anailís chomhardaithe slándála

2.1.

Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha anailís chomhordaithe slándála a mbeidh sé mar aidhm léi oibriú slán córais a áirithiú.

2.2

Déanfar anailís chomhordaithe slándála le haghaidh gach tráthchlár pleanála oibríochtúla, idir creataí ama aon bhliain chun tosaigh agus creataí ama ionlae, trí úsáid a bhaint as samhlacha coiteanna eangaí.

2.3

Déanfar anailís chomhordaithe slándála de bhun na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

2.4

Roinnfidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha torthaí na hanailíse comhordaithe slándála le hoibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas ar a laghad.

2.5

Nuair a aimseoidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnach srianadh féideartha de bharr na hanailíse comhordaithe slándála, ceapfaidh sé bearta ceartaitheacha chun an éifeachtacht agus an éifeachtúlacht eacnamaíoch a bharrfheabhsú.

3.   Samhlacha coiteanna córais a chruthú

3.1

Déanfaidh Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha próisis éifeachtúla a chur ar bun d'fhonn samhlacha coiteanna eangaí a chruthú le haghaidh gach tráthchlár pleanála oibríochtúla, idir creataí ama aon bhliain chun tosaigh agus creataí ama ionlae.

3.2

Ceapfaidh oibreoirí córas tarchurtha ionad comhordúcháin réigiúnach amháin a thógfaidh an tsamhail choiteann eangaí uile-Aontais.

3.3

Samhlacha coiteanna eangaí, déanfar iad i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas agus na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú arna glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

3.4

Áireofar le samhlacha coiteanna eangaí sonraí ábhartha le haghaidh pleanáil oibríochtúil éifeachtúil agus ríomh acmhainneachta i ngach creat ama pleanála oibríochtúla idir creataí ama aon bhliain chun tosaigh agus creataí ama ionlae.

3.5

Cuirfear na samhlacha coiteanna eangaí ar fáil do gach lárionad comhordúcháin réigiúnach, do gach oibreoir córais tarchurtha, agus do ENTSO don Leictreachas agus, arna iarraidh sin, do ACER.

4.   Tacú le pleananna cosanta agus athbhunaithe na n-oibreoirí córas tarchurtha maidir le measúnú comhsheasmhachta.

4.1

Tabharfaidh lárionaid chomhordúcháín réigiúnacha tacaíocht d'oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas le measúnú comhsheasmhachta a dhéanamh ar phleananna cosanta agus athbhunaithe na n-oibreoirí córas tarchurtha, de bhun na nósanna imeachta atá leagtha amach sa chód gréasáin maidir le héigeandálaí leictreachais agus athbhunú a glacadh ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

4.2.

Comhaontóidh na hoibreoirí córas tarchurtha uile ar thairseach, a measfar ina leith, dá rachfaí os a cionn, go mbeadh gníomhartha oibreora nó oibreoirí córas tarchurtha, agus iad i staid éigeandála, i staid lándorchaithe nó i staid athbhunaithe ina thionchar suntasach d'oibreoirí córas tarchurtha eile atá idirnasctha go sioncrónach nó go neamh-shioncrónach.

4.3

Agus tacaíocht á tabhairt aige do na hoibreoirí córas tarchurtha, déanfaidh an lárionad comhordúcháin réigiúnach an méid seo a leanas:

(a)

neamh-chomhoiriúnacht a d'fhéadfadh a bheith ann a aithint;

(b)

gníomhartha maolaitheacha a mholadh.

4.4

Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha measúnú ar na gníomhaíochtaí maolaitheacha atá beartaithe agus cuirfidh siad san áireamh iad.

5.   Tacú le comhordú agus le barrfheabhsú an athbhunaithe réigiúnaigh

5.1

Tacóidh gach ionad comhúcháin réigiúnach ábhartha leis na hoibreoirí córas tarchurtha a cheaptar mar cheannairí minicíochta agus mar cheannairí athshioncrónaithe de bhun cód gréasáin maidir le héigeandálaí agus athbhunú a glacadh ar bhonn Airteagal 6(11) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtach athbhunú na gcóras. Sainmhíneoidh oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas an ról a bheidh ag an lárionad comhordúcháin réigiúnach maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhordú agus do bharrfheabhsú an athbhunaithe réigiúnaigh.

5.2.

Féadfaidh oibreoirí córas tarchurtha cúnamh a iarraidh ar na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha má tá an córas atá acu i staid lándorchaithe nó athbhunaithe.

5.3.

Feisteofar na hionaid chomhordúcháin réigiúnacha leis na córais rialaithe maoirseachta agus fála sonraí gar don fhíor-am sin leis an inbhreathnaitheach a shainítear leis an tairseach a chur i bhfeidhm a shainítear dá dtagraítear i bpointe 4.2.

6.   Anailís agus tuairisciú iar-oibrithe agus iar-shuaite;

6.1

Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha imscrúdú agus ullmhóidh siad tuarascáil ar aon teagmhas a sháróidh an tairseach arna sainiú dá dtagraítear i bpointe 4.2. Arna iarraidh sin dóibh, féadfaidh údaráis rialála sa réigiún oibríochta córas agus ACER a bheith rannpháirteach san imscrúdú. Beidh moltaí sa tuarascáil lena ndíreofar ar theagmhais chosúla a sheachaint sa todhchaí.

6.2

Foilseoidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha an tuarascáil. Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint lena ndíreofar ar theagmhais chosúla a sheachaint sa todhchaí.

7.   Socrú méide réigiúnach a dhéanamh ar an acmhainneacht chúltaca

7.1.

Ríomhfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na ceanglais don acmhainneacht chúltaca don réigiún oibríochta córas. Agus na ceanglais don acmhainneacht chúltaca á gcinneadh:

(a)

saothrófar an cuspóir ginearálta de shlándáil oibríochtúil a choinneáil ar bun ar an modh is costéifeachtaí agus is féidir;

(b)

déanfar é sna creataí ama lá roimh ré nó ionlae, nó an dá rud;

(c)

ríomhfar méid foriomlán na hacmhainneachta cúltaca a cheanglófar don réigiún oibríochta córas;

(d)

cinnfear na ceanglais íosta don acmhainneacht chúltaca do gach cineál acmhainneachta cúltaca;

(e)

cuirfear san áireamh ionaduithe a d'fhéadfaí a dhéanamh idir cineálacha éagsúla acmhainneachta cúltaca agus é mar aidhm leis sin costas an tsoláthair a íoslaghdú.

(f)

leagfar amach na ceanglais riachtanacha do dháileadh geografach na hacmhainneachta cúltaca a cheanglófar, más ann dóibh.

8.   Éascú sholáthar réigiúnach na hacmhainneachta don chothromú

8.1

Tacóidh lárionaid chomhoibriúcháin réigiúnacha le hoibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas cinneadh a dhéanamh faoi mhéid na hacmhainneachta don chothromú is gá a sholáthar. Maidir leis an gcinneadh faoi mhéid na hacmhainneachta don chothromú:

(a)

déanfar é sna creataí ama lá roimh ré nó ionlae, nó an dá rud;

(b)

cuirfear san áireamh ionaduithe a d'fhéadfaí a dhéanamh idir cineálacha éagsúla acmhainneachta cúltaca agus é mar aidhm leis sin costas an tsoláthair a íoslaghdú;

(c)

cuirfear san áireamh ann an toilleadh den acmhainnacht éigeantach chúltaca a bhfuiltear ag súil lena cur ar fáil le tairiscintí d'fhuinneamh don chothromú, nach bhfuil curtha isteach bunaithe ar chonradh le haghaidh acmhainneacht don chothromú.

8.2.

Tacóidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le hoibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córas an méid acmhainneachta don chothromú arna chinneadh i gcomhréir le pointe 8.1 a sholáthar. Agus acmhainneacht don chothromú á soláthair:

(a)

déanfar é sna creataí ama lá roimh ré nó ionlae, nó an dá rud;

(b)

cuirfear san áireamh ionaduithe a d'fhéadfaí a dhéanamh idir cineálacha éagsúla acmhainneachta cúltaca agus é mar aidhm leis sin costas an tsoláthair a íoslaghdú.

9.   Measúnuithe leormhaitheasa ar na córais réigiúnacha seachtain roimh ré go lá roimh ré ar a laghad agus gníomhaíochtaí laghdaithe riosca a ullmhú

9.1

Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha measúnuithe ar leormhaitheas réigiúnach seachtain roimh ré go lá roimh ré ar a laghad i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Rialachán 2017/1485 ón gCoimisiún lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córais leictreachais agus ar bhonn na modheolaíochta a forbraíodh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/941.

9.2

Bunóidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na measúnuithe leormhaitheasa réigiúnacha gearrthéarmacha ar an bhfaisnéis arna soláthar ag oibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córais agus é mar aidhm leo staideanna a bhrath ina bhfuiltear ag súil le heaspa leormhaitheasa in aon cheann de na limistéir rialaithe nó ar an leibhéal réigiúnach. Cuirfidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha malartuithe traschreasacha a d'fhéadfadh a bheidh ann agus teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil san áireamh i ngach creat ama pleanála oibríochtúil ábhartha.

9.3

Agus measúnú leormhaitheasa ar chóras réigiúnach á dhéanamh, déanfaidh gach Lárionad Comhordúcháin Réigiúnach comhordú le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha eile chun:

(a)

fíorú a dhéanamh ar na toimhdí agus réamhaisnéisí bunúsacha;

(b)

cásanna a bhrath ina bhféadfadh easpa leormhaitheasa a bheith ann ar bhonn trasréigiúnach.

9.4

Seachadfaidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach torthaí na measúnuithe leormhaitheasa ar ghiniúint réigiúnach, maille leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe aige chun na rioscaí a laghdú maidir le heaspa leormhaitheasa d'oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas agus do lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha eile.

10.   Comhordú pleanála ar éaradh réigiúnach

10.1

Déanfaidh gach lárionad comhordúcháin Réigiúnach comhordú ar éaradh réigiúnach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 chun faireachán a dhéanamh ar stádas infhaighteachta na sócmhainní ábhartha agus déanfaidh siad comhordú ar a bpleananna infhaighteachta chun slándáil oibríochta an chórais tarchurtha a áirithiú, agus acmhainneacht na n-idirnascairí agus na gcóras tarchurtha a bhfuil tionchar acu ar shreabha traschreasacha a uasmhéadú.

10.2

Coinneoidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach aon liosta amháin d'eilimintí na heangaí, modúil giniúna cumhachta agus saoráid éilimh ábhartha an réigiúin oibríochta córas agus cuirfidh sé ar fáil é sa timpeallacht atá ag ENTSO don Leictreachas do na sonraí a bhaineann le pleanáil oibríochtúil.

10.3

Déanfaidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach na gníomhaíochtaí seo a leanas a bhaineann le comhordú ar éaradh sa réigiún oibríochta córais:

(a)

comhoiriúnacht na pleanála don éaradh a mheas lena mbainfear úsáid as pleananna infhaighteachta bliain roimh ré na n-oibreoirí córas tarchurtha uile;

(b)

liosta a sholáthar d'oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas de na neamh-chomhoiriúnachtaí pleanála a braitheadh agus de na réitigh atá beartaithe aige chun na neamh-chomhoiriúnachtaí a réiteach.

11.   Sásraí um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha a optamú

11.1

Féadfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas cinneadh comhpháirteach a dhéanamh tacaíocht a fháil ón lárionad comhordúcháin réigiúnach maidir le sreabha airgeadais a riar a bhaineann le socruithe idir oibreoirí córas idir-tarchurtha lena mbaineann níos mó ná dhá oibreoir córas tarchurtha, amhail costais don athsheoladh, ioncam ó phlódú, diallais neamhbheartaithe nó costais chúltaca soláthair.

12.   Oiliúint agus deimhniúchán foirne atá ag obair do lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha

12.1

Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha cláir oiliúna agus deimhniúcháin a ullmhú agus a chur i gcrích lena ndíreofar ar oibríocht córais réigiúnaigh don fhoireann a oibríonn do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha.

12.2

Cumhdófar sna cláir oiliúna gach gné ábhartha d'oibríocht an chórais, ina ndéanann an lárionad comhordúcháin réigiúnach cúraimí lena n-áirítear cásanna géarchéime réigiúnacha.

13   Cásanna géarchéime leictreachaisréigiúnacha a shainaithint

13.1

Má dhéanann ENTSO don Leictreachas an fheidhm seo a tharmligean, aithneoidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha cásanna géarchéime i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/941.

Déanfar na cásanna géarchéime leictreachais réigúnacha a shainaithint i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/941.

13.2

Tacóidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha leis na húdaráis inniúla i ngach réigiún oibríochta córas arna iarraidh sin dóibh maidir leis an ionsamhlú débhliantúil géarchéime a ullmhú agus a chur i gcrích i gcomhréir le h Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2019/941.

14.   Riachtanais le haghaidh acmhainneacht tarchurtha nua a shainaithint, acmhainneacht tarchurtha atá ann cheana, nó a gcuid roghanna malartacha, a uasghrádú.

14.1.

Tacóidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le hoibreoirí tacaíochta córas tarchurtha chun riachtanais le haghaidh acmhainneacht tarchurtha nua a shainaithint, acmhainneacht tarchurtha atá ann cheana, nó a gcuid roghanna malartacha, a uasghrádú, agus iad sin le cur faoi bhráid na ngrúpaí réigiúnacha arna mbunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus atá san áireamh sa phlean 10 mbliana maidir le forbairt gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.

15.   Ríomh na hacmhainneachta iontrála uasta a bheidh ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí i sásraí acmhainneachta.

15.1

Tacóidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le hoibreoir córais tarchurtha an acmhainneacht uasta iontrála atá ar fáil do rannpháirtíocht na hacmhainneachta eachtraí i sásraí acmhainneachta a ríomh, ag cur san áireamh infhaighteacht an idirnaisc a bhfuiltear ag súil leis agus an dóchúlacht go mbeidh strus córais i gcomhthráth idir an córas ina gcuirtear an sásra i bhfeidhm agus an córas ina bhfuil an acmhainneacht eachtrach lonnaithe.

15.2

Déanfar an ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 26(11).

15.3

Soláthróidh lárionaid comhordúcháin réigiúnacha ríomh le haghaidh gach teorann ar an gcrios tairisceana a chumhdaítear leis an réigiún oibríochta córas.

16.   Ionchais shéasúracha a ullmhú

16.1

Má dhéanann ENTSO don Leictreachas an fheidhm seo a tharmligean de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/941, is iad na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a dhéanfaidh na hionchais leormhaitheasa shéasúracha.

16.2

Is ar bhonn na modheolaíochta a forbraíodh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/941 a dhéanfar na hionchais shéasúracha a ullmhú.

IARSCRÍBHINN II

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR

Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

Pointe (a) d'Airteagal 8(3)

Point (a) d'Airteagal8(10)

Airteagal 11

Airteagal 18(4a)

Airteagal 23(3)

Rialachán (AE) Uimh. 543/2013 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2013 maidir le sonraí a thíolacadh agus a fhoilsiú i dtaca leis na margaí leictreachais agus lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 163, 15.6.2013, lch. 1).

Pointí 5.5 go 5.9 d'Iarscríbhinn I


IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 714/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1 (a)

Airteagal 1 (b)

Airteagal 1 (a)

Airteagal 1(c)

Airteagal 1 (b)

Airteagal 1 (d)

Airteagal 2 (1)

Airteagal 2 (1)

Airteagal 2 (2) (a)

Airteagal 2 (2)

Airteagal 2 (2) (b)

Airteagal 2 (3)

Airteagal 2 (2) (c)

Airteagal 2 (4)

Airteagal 2 (2) (d)

Airteagal 2 (2) (e)

Airteagal 2 (2) (f)

Airteagal 2 (2) (g)

Airteagal 2 (5)

Airteagal 2 (6) go (71)

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16 (1) go (3)

Airteagal 16(1) go (4)

Airteagal 16(5) go (8)

Airteagal 16(4) go (5)

Airteagal 16(9) go (11)

Airteagal 16(12) agus (13)

Airteagal 17

Airteagal 14(1)

Airteagal 18(1)

Airteagal 18(2)

Airteagal 14(2) go (5)

Airteagal 18(3) go (6)

Airteagal 18(7) go (11)

Airteagal 19(1)

Airteagal 16(6)

Airteagal 19(2) agus (3)

Airteagal 19(4) agus (5)

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 8(4)

Airteagal 23 (1)

Airteagal 23(2) go (7)

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 4

Airteagal 28(1)

Airteagal 28(2)

Airteagal 5

Airteagal 29(1) go (4)

Airteagal 29(5)

Airteagal 8 (2) (an chéad abairt)

Airteagal 30(1) (a)

Airteagal 8 (3) (b)

Airteagal 30(1) (b)

Airteagal 30(1) (c)

Airteagal 8 (3) (c)

Airteagal 30 (1) (d)

Airteagal 30(1) (e) agus (f)

 

Airteagal 30(1) (g) agus (h)

Airteagal 8 (3) (a)

Airteagal 30 (1) (i)

Airteagal 8 (3) (d)

Airteagal 30 (1) (j)

 

Airteagal 30 (1) (k)

Airteagal 8 (3) (e)

Airteagal 30 (1) (l)

 

Airteagal 30 (1)(m) go (o)

Airteagal 30(2) agus (3)

Airteagal 8(5)

Airteagal 30(4)

Airteagal 8(9)

Airteagal 30(5)

Airteagal 10

Airteagal 31

Airteagal 9

Airteagal 32

Airteagal 11

Airteagal 33

Airteagal 12

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 38

Airteagal 39

Airteagal 40

 

Airteagal 41

Airteagal 42

Airteagal 43

Airteagal 44

Airteagal 45

Airteagal 46

Airteagal 47

Airteagal 8(10)

Airteagal 48

Airteagal 13

Airteagal 49

Airteagal 2(2) (an fhomhír dheireanach)

Airteagal 49 (7)

Airteagal 15

Airteagal 50(1) go (6)

Iarscríbhinn I, pointe 5.10

Airteagal 50(7)

Airteagal 3

Airteagal 51

Airteagal 52

Airteagal 53

 

Airteagal 54

Airteagal 55

Airteagal 56

Airteagal 57

Airteagal 58

Airteagal 8(6)

Airteagal 59(1)(a), (b) agus (c)

Airteagal 59(1)(d) agus (e)

 

Airteagal 59(2)

Airteagal 6(1)

Airteagal 59(3)

Airteagal 6(2)

Airteagal 59(4)

Airteagal 6(3)

Airteagal 59(5)

Airteagal 59(6)

Airteagal 6(4)

Airteagal 59(7)

Airteagal 6(5)

Airteagal 59(8)

Airteagal 6(6)

Airteagal 59(9)

Airteagal 8(1)

Airteagal 59(10)

Airteagal 6(7)

Airteagal 6(8)

Airteagal 6(9) agus (10)

Airteagal 59(11) agus (12)

Airteagal 6(11)

Airteagal 59(13) agus (14)

Airteagal 6(12)

Airteagal 59(15)

Airteagal 8(2)

Airteagal 59(15)

Airteagal 60(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 60(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 60(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 61(1)

Airteagal 61(2)

Airteagal 18(1)

Airteagal 61(3)

Airteagal 18(2)

Airteagal 18(3)

Airteagal 61(4)

Airteagal 18(4)

Airteagal 18(4a)

Airteagal 61(5)

Airteagal 18(5)

Airteagal 61(5) agus (6)

Airteagal 19

Airteagal 21

Airteagal 62

Airteagal 17

Airteagal 63

Airteagal 64

Airteagal 20

Airteagal 65

Airteagal 22

Airteagal 66

Airteagal 23

Airteagal 67

Airteagal 24

Airteagal 68

Airteagal 69

Airteagal 25

Airteagal 70

Airteagal 26

Airteagal 71


TREORACHA

14.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

125


TREOIR (AE) 2019/944 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meitheamh 2019

maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú.

(2)

Is é is aidhm don mhargadh inmheánach don leictreachas, atá á chur chun feidhme de réir a chéile ar fud an Aontais ó 1999, ná, trí mhargaí leictreachais iomaíocha a eagrú thar theorainneacha, fíor-rogha a thabhairt do chustaiméirí deiridh uile an Aontais, bídís ina saoránaigh agus nó ina ngnólachtaí, mar aon le deiseanna nua gnó, praghsanna iomaíocha, comharthaí infheistíochta éifeachtacha agus caighdeáin seirbhíse níos airde, chomh maith le bheith ag rannchuidiú le cinnteacht agus inbhuanaitheacht an tsoláthair.

(3)

Le Treoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus le Treoir 2009/72/CE, tá rannchuidiú suntasach déanta i dtreo chruthú an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas. Tá athrú mór ar chóras fuinnimh na hEorpa ag titim amach faoi láthair áfach. Leis an sprioc coiteann dícharbónú a dhéanamh ar an gcóras fuinnimh, cruthaítear deiseanna agus dúshláin nua do rannpháirtithe margaidh. Ag an am céanna, fágann forbairtí teicneolaíochta go bhfuil bealaí nua ann do rannpháirtíocht na dtomhaltóirí agus don chomhar trasteorann. Tá gá le rialacha mhargadh an Aontais a oiriúnú don chaoi ina bhfuil an margadh anois.

(4)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015, dar teideal “A Framework Strategy for a Resilient Energy Union with a Forward-Looking Climate Change Policy” (Creat-Straitéis i ndáil le hAontas Fuinnimh Athléimneach a chuireann Beartas Réamhbhreathnaitheach um Athrú Aeráide i bhfeidhm), leagtar amach fís d'Aontas Fuinnimh a bhfuil na saoránaigh ag a chroílár, ina nglacann saoránaigh úinéireacht ar an trasdul fuinnimh, ina mbaineann siad tairbhe as teicneolaíochtaí nua chun a mbillí a laghdú agus chun bheith rannpháirteach go gníomhach sa mhargadh, agus ina gcosnaítear tomhaltóirí leochaileacha.

(5)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2015, dar teideal “Delivering a New Deal for Energy Consumers” (Socrú Nua a Chur ar Fáil do Thomhaltóirí Fuinnimh), cuireadh i láthair fís an Choimisiúin le haghaidh margadh miondíola a fhreastalaíonn ar bhealach níos fearr ar thomhaltóirí fuinnimh, lena n-áirítear trí mhargaí mórdhíola agus miondíola a nascadh ar bhealach níos fearr. Trí leas a bhaint as teicneolaíocht nua, ba cheart do chuideachtaí seirbhísí fuinnimh nua agus nuálacha a chumasú do gach tomhaltóir rannpháirtíocht iomlán a ghlacadh sa trasdul fuinnimh, trí bhainistiú a dhéanamh ar a dtomhaltas chun réitigh atá tíosach ar fhuinneamh a chur ar fáil, réitigh a sábhálann airgead dóibh agus a rannchuidíonn leis an laghdú foriomlán ar thomhaltas fuinnimh.

(6)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2015, dar teideal “Launching the public consultation process on a new energy market design” (Seoladh an chomhairliúcháin phoiblí faoin dearadh nua ar mhargadh an fhuinnimh), leagadh béim ar an bhfíoras go n-éilíonn an t-athrú faoina n-imeofar ó ghiniúint i suiteálacha giniúna móra lárnacha go táirgeadh díláraithe leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus go margaí dícharbónaithe go ndéanfaí na rialacha atá ann faoi láthair don trádáil leictreachais a oiriúnú agus go ndéanfaí róil na margaí atá ann cheana féin a athrú. Sa teachtaireacht, leagadh béim ar an ngá atá le margaí leictreachais a eagrú ar bhealach níos solúbtha agus le gach gníomhaí sa mhargadh a chomhtháthú — lena n-áirítear tairgeoirí fuinnimh in-athnuaite, soláthraithe seirbhísí fuinnimh nua, stóráil fuinnimh agus éileamh solúbtha. Tá sé chomh tábhachtach céanna don Aontas infheistiú a dhéanamh go práinneach in idircheangal ar leibhéal an Aontais le haghaidh aistriú fuinnimh trí chórais tarchurtha ardvoltais leictreachais.

(7)

D'fhonn margadh inmheánach don leictreachas a chruthú, ba cheart do na Ballstáit lánpháirtiú a gcuid margaí náisiúnta agus comhar i measc oibreoirí córais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal réigiúnach a chothú, agus ba cheart dóibh córais scoite a chruthaíonn oileáin leictreachais atá fós san Aontas a thabhairt isteach.

(8)

Chomh maith le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua, tá sé mar aidhm leis an Treoir seo aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá fós ann ó thaobh chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas. Is gá go mbeadh an creat rialála beachtaithe in ann rannchuidiú le réiteach a fháil ar na fadhbanna atá ann faoi láthair ó mhargaí fuinnimh ilroinnte, margaí ar minic fós dóibh a bheith á socrú bunaithe ar líon mór idirghabhálacha rialála. Is é a lean as idirghabhálacha den sórt sin ná go raibh bacainní ann ó thaobh leictreachas a sholáthar ar théarmaí comhionanna chomh maith le costais níos airde i gcomparáid le réitigh a bheadh bunaithe ar chomhar trasteorann agus ar phrionsabail mhargadhbhunaithe.

(9)

Is é an bealach is éifeachtúla a dhéanfadh an tAontas a chuid spriocanna d'fhuinneamh in-athnuaite a chomhlíonadh ná trí chreat margaidh a chruthú ina dtugtar luaíocht ar son solúbthachta agus nuálaíochta. Is dearadh do mhargadh leictreachais atá ag feidhmiú go maith an phríomhghné le haghaidh méadú ar ráta úsáide an fhuinnimh in-athnuaite.

(10)

Tá ról ag tomhaltóirí ríthábhachtach i dtaobh an tsolúbthacht is gá a bhaint amach chun an córas leictreachais a oiriúnú do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite atá inathraitheach agus dáilte. Tá go leor deiseanna nua oscailte do thomhaltóirí i ngeall ar an dul chun cinn teicneolaíochta i mbainistiú na heangaí agus i nginiúint an fhuinnimh in-athnuaite. Tá iomaíocht shláintiúil i margaí miondíola ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfar seirbhísí nuálacha nua, a thugann aghaidh ar na riachtanais agus cumais shíorathraitheacha atá ag tomhaltóirí, a leathadh amach faoi stiúir fórsaí margaidh, agus solúbthacht na gcóras á méadú ag an am céanna. Mar gheall ar an easpa faisnéise i bhfíor-am nó gar d'fhíor-am a thugtar do thomhaltóirí faoina dtomhaltas fuinnimh, áfach, tá bac orthu ó bheith ina rannpháirtithe gníomhacha sa mhargadh fuinnimh agus sa trasdul fuinnimh. Trí thomhaltóirí a chumhachtú le bheith níos rannpháirtí sa mhargadh fuinnimh, agus na huirlisí chuige sin a sholáthar dóibh, lena n-áirítear bheith rannpháirteach ar bhealaí nua, tá sé beartaithe go mbainfidh saoránaigh san Aontas tairbhe as an margadh inmheánach don leictreachas agus go mbainfear spriocanna an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite amach.

(11)

Na saoirsí a ráthaítear do shaoránaigh an Aontais faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) inter alia, saorghluaiseacht earraí, saoirse bhunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar — ní féidir iad a ghnóthú ach i margadh atá iomlán oscailte, margadh a fhágann go bhfuil saoirse ag gach tomhaltóir a soláthróirí a roghnú agus go bhfuil saoirse ag gach soláthróir freastal a dhéanamh ar a gcustaiméirí.

(12)

Tá sé fíorthábhachtach do na Ballstáit iomaíocht chothrom agus rochtain éasca ar sholáthróirí difriúla a chur chun cinn chun go mbeidh sé ar chumas tomhaltóirí buntáiste iomlán a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as margadh inmheánach léirscaoilte don leictreachas. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé go bhfuil cliseadh sa mhargadh ag tarlú fós i gcórais bheaga imeallacha leictreachais agus i gcórais nach bhfuil ceangailte le Ballstáit eile, i gcás nach é an spreagadh ceart don infheistíocht atá i bpraghsanna leictreachais, agus dá bhrí sin tá gá le réitigh shonracha chun leibhéal leormhaith de chinnteacht an tsoláthair a áirithiú.

(13)

Chun an iomaíocht a chothú agus chun soláthar leictreachais a áirithiú ag an bpraghas is iomaíche, ba cheart do na Ballstáit agus do na húdaráis rialála rochtain trasteorann a éascú do sholáthróirí nua leictreachais ó fhoinsí fuinnimh éagsúla, agus do sholáthraithe nua giniúna, stórála fuinnimh agus freagartha don éileamh chomh maith.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ann d'aon bhacainní míchuí laistigh den mhargadh inmheánach don leictreachas a mhéid a bhaineann le dul isteach sa mhargadh, oibriú an mhargaidh agus imeacht as an margadh. Ag an am céanna, ba cheart a shoiléiriú nach dochar an fhoráil seo don inniúlacht sin a choimeádann na Ballstáit i leith tríú tíortha. Níor cheart a léirthuiscint leis an soiléiriú sin go dtugtar de chumas do Bhallstát inniúlacht eisiach an Aontais a fheidhmiú. Ba cheart a shoiléiriú freisin go gcaithfidh rannpháirtithe sa mhargadh ó thríú tíortha a oibríonn laistigh den mhargadh inmheánach dlí infheidhme an Aontais agus dlí náisiúnta infheidhme a chomhlíonadh ar an mbealach céanna is a dhéanann gach rannpháirtí eile sa mhargadh.

(15)

Fágann rialacha margaidh gur féidir le táirgeoirí agus soláthróirí dul isteach agus dul amach bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais a gcuid oibríochtaí. Níl an prionsabal sin ar neamhréir leis an bhféidearthacht atá ag Ballstáit oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar ghnóthais atá ag oibriú san earnáil leictreachais chun leasa ginearálta eacnamaíochta i gcomhréir leis na Conarthaí, go háirithe Airteagal 106 CFAE, agus leis an Treoir seo agus Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(16)

Dúirt an Chomhairle Eorpach an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2014 ina conclúidí go bhfuil an Coimisiún, le tacaíocht ó na Ballstáit, le bearta práinneacha a ghlacadh lena áirithiú go mbainfear amach an sprioc íosta de 10 % de na hidirnaisc leictreachais atá ann cheana, mar ábhar práinne, agus tráth nach déanaí ná 2020 ar a laghad i gcás na mBallstát sin nár bhain amach an t-íosleibhéal comhtháthaithe go fóill sa mhargadh inmheánach fuinnimh, is é sin le rá na Stáit Bhaltacha, an Phortaingéil agus an Spáinn, agus i gcás na mBallstát sin arb iad a bpríomhphointe rochtana iad leis an margadh inmheánach fuinnimh. Dúirt sí freisin go dtuairisceoidh an Choimisiún go tráthrialta chuig an gComhairle Eorpach agus é mar chuspóir go dtiocfar ar sprioc de 15 % faoi 2030.

(17)

Tá idircheangal fisiceach dóthanach le tíortha comharsanacha tábhachtach chun a chur ar chumas na mBallstát agus na dtíortha comharsanacha tairbhiú de na héifeachtaí dearfacha a ghabhann leis an margadh inmheánach, mar ar cuireadh béim air i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017, dar teideal “Communication on strengthening Europe's energy networks” (Teachtaireacht maidir le gréasáin fuinnimh na hEorpa a neartú), agus mar a léiríodh i bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(18)

Tá margaí an leictreachais difriúil ó mhargaí eile amhail margaí do ghás nádúrtha, mar shampla toisc nach mbaineann trádáil i dtráchtearra leo, ar tráchtearra é nach féidir a stóráil go héasca faoi láthair agus a dhéantar a tháirgtear trí úsáid a bhaint as lear mór suiteálacha giniúna éagsúla, lena n-áirítear trí ghiniúint dháilte. Léiríodh an méid sin sna cuir chuige éagsúla atá ann chun deileáil ar bhonn rialála le hidirnascairí sna hearnálacha leictreachais agus gáis. Chun na margaí leictreachais a lánpháirtiú, tá gá le méid mhór comhair i measc oibreoirí córas, rannpháirtithe sa mhargadh agus údarás rialála, go háirithe sa chás go ndéantar leictreachas a thrádáil trí chúpláil margaidh.

(19)

Ba cheart é a bheith ar cheann de phríomhspriocanna na Treorach seo rialacha comhchoiteanna a dhaingniú le haghaidh fíormhargadh inmheánach agus soláthar leathan leictreachais atá inrochtana do chách. Chuige sin, sholáthródh praghsanna neamhshaofa margaidh dreasachtaí d'idirnaisc thrasteorann agus le haghaidh infheistíochtaí i nginiúint nua leictreachais agus, go fadtéarmach, bheadh cóineasú praghsanna ann mar thoradh air sin.

(20)

Ba cheart do phraghsanna margaidh na dreasachtaí cearta a thabhairt le haghaidh fhorbairt an ghréasáin agus le haghaidh infheistíocht a dhéanamh i nginiúint nua leictreachais.

(21)

Tá cineálacha éagsúla eagraithe margaidh ann sa mhargadh inmheánach don leictreachas. Ba cheart na bearta a d'fhéadfadh na Ballstáit a dhéanamh chun cothroime iomaíochta a áirithiú a bheith bunaithe ar cheanglais sháraitheacha an leasa choitinn. Ba cheart dul i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir lena mhéid atá na bearta sin comhoiriúnach le CFAE agus le dlí eile de chuid an Aontais.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit lánrogha leathan a choinneáil chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar ghnóthais leictreachais i saothrú na gcuspóirí leasa ghinearálta eacnamaíoch. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ag gach custaiméir teaghlaigh agus, i gcás ina measfaidh na Ballstáit gurb iomchuí é, ag fiontair bheaga, an ceart chun soláthar leictreachais a fháil atá de cháilíocht shonraithe ar phraghsanna atá inchomparáide go soiléir, trédhearcach agus iomaíoch. Mar sin féin, oibleagáidí seirbhíse poiblí i bhfoirm socrú praghsanna do sholáthar an leictreachais, is bearta iad atá saobhach ó bhonn ar minic a leanann carnadh ar easnaimh taraifí, teorannú ar rogha na dtomhaltóirí, dreasachtaí níos measa i dtaca le caomhnú fuinnimh agus i dtaca le hinfheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, caighdeáin seirbhíse níos ísle, leibhéil níos ísle de rannpháirtíocht agus sástacht tomhaltóirí, agus srianadh ar an iomaíocht, chomh maith le líon níos lú táirgí agus seirbhísí nuálacha a bheith ar an margadh astu. Dá thoradh sin, ba cheart do na Ballstáit uirlisí eile beartais a chur i bhfeidhm, go háirithe bearta spriocdhírithe faoin mbeartas sóisialta, chun inacmhainneacht an tsoláthair fuinnimh dá saoránaigh a choimirciú. Níor cheart idirghabhálacha poiblí ó thaobh socrú praghsanna don soláthair leictreachais a chur i bhfeidhm ach amháin mar oibleagáidí seirbhíse poiblí agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir ag coinníollacha sonracha a shonraítear sa Treoir seo. Margadh leictreachais atá iomlán léirscaoilte agus ag feidhmiú go maith, spreagfadh sé iomaíocht faoi phraghsanna agus iomaíocht nach iomaíocht faoi phraghsanna í i measc na soláthróirí atá ann cheana féin agus sholáthródh sé dreasachtaí d'iontrálaithe nua sa mhargadh, rud a d'fheabhsódh roghanna agus sástacht na dtomhaltóirí dá bharr.

(23)

Oibleagáidí seirbhíse poiblí i bhfoirm socrú praghsanna do sholáthar an leictreachais, ba cheart iad sin a úsáid, ar bhealach nach sáródh prionsabal na margaí oscailte, in imthosca atá sainithe go soiléir agus i measc tairbhithe atá sainithe go soiléir, agus ba cheart dóibh a bheith teoranta ina ré. D'fhéadfadh imthosca den sórt sin tarlú, mar shampla, nuair atá an soláthar srianta go mór, rud a bheadh ina chúis le praghsanna leictreachais atá go suntasach níos airde ná mar is gnách, nó i gcás go gclisfeadh an margadh nuair nach raibh éifeacht ag idirghabhálacha ó na húdaráis rialála agus ó na húdaráis iomaíochta. Bheadh éifeacht dhíréireach aige sin ar theaghlaigh, agus, go háirithe, ar chustaiméirí leochaileacha arb iondúil dóibh sciar mhór dá n-ioncam indiúscartha a chaitheamh ar bhillí fuinnimh i gcomparáid le tomhaltóirí ardioncaim. Chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí saofa na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí i socrú phraghas an leictreachais, ba cheart do na Ballstáit a chuireann idirghabhálacha den sórt sin i bhfeidhm bearta breise a thabhairt isteach, lena n-áirítear bearta chun cosc a chur ar shaobhadh ar shocrú praghsanna sa mhargadh mórdhíola. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil tairbhithe uile praghsanna rialáilte in ann tairbhe iomlán a bhaint as na tairiscintí atá ar fáil ar an margadh iomaíoch nuair a roghnaíonn siad déanamh amhlaidh. Chuige sin, is gá córais méadraithe chliste a bheith ag na tairbhithe sin agus is gá rochtain a bheith acu ar chonarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla. Ina theanta sin, ba cheart iad a chur ar an eolas go díreach agus go tráthrialta i dtaobh na dtairiscintí agus na gcoigilteas atá ar fáil ar an margadh iomaíoch, go háirithe na cinn a bhaineann le conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla, agus ba cheart cúnamh a thabhairt dóibh le freagairt a thabhairt ar thairiscintí atá bunaithe ar an margadh agus tairbhe a bhaint astu.

(24)

Maidir le tairbhithe praghsanna rialáilte a bheith i dteideal méadair chliste a fháil gan aon chostas breise, níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar Bhallstáit feidhmiúlacht córas méadraithe chliste a mhodhnú i gcás nach ann do bhonneagar méadar cliste ós rud é gur toradh diúltach a bhí ar an measúnú costais agus tairbhe maidir le leathadh amach córas méadraithe chliste.

(25)

Níor cheart tras-fhóirdheonú díreach idir catagóirí éagsúla custaiméara a bheith mar thoradh ar idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna i ndáil le soláthar leictreachais. De réir an phrionsabail sin, ní mór nach gcuirfidh córais praghsanna faoi deara go sainráite do chatagóirí áirithe custaiméara costas na n-idirghabhálacha praghsanna a dhéanann difear do chatagóirí eile custaiméara a sheasamh. Mar shampla, níor cheart a mheas gur tras-fhóirdheonú díreach atá i gcóras praghsanna arb iad na soláthróirí nó oibreoirí eile a sheasann an costas ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.

(26)

Chun a áirithiú go gcoinneofar na caighdeáin arda seirbhíse poiblí ar bun san Aontas, ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún go tráthrialta faoi gach beart arna dhéanamh ag na Ballstáit chun cuspóir na Treorach seo a ghnóthú. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú go tráthrialta ina ndéanfaí anailís ar na bearta arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun cuspóirí seirbhíse poiblí a ghnóthú agus comparáid ar a éifeachtaí atá siad, d'fhonn moltaí a dhéanamh i ndáil leis na bearta a bheadh le glacadh ar an leibhéal náisiúnta chun ardchaighdeáin seirbhíse poiblí a ghnóthú.

(27)

Ba cheart é a bheith indéanta do na Ballstáit soláthróir na dála deiridh a cheapadh. D'fhéadfadh an soláthróir sin a bheith ina rannóg díolacháin i ngnóthas atá comhtháite go hingearach, a dhéanann feidhmeanna dáileacháin freisin, ar choinníoll go gcomhlíonann sé ceanglais na Treorach seo maidir le díchuachadh.

(28)

I measc na mbeart arna gcur chun feidhme ag Ballstáit chun na críche comhtháthú sóisialta agus eacnamaíochta a ghnóthú, ba cheart é a bheith indéanta a áireamh leo, go háirithe, dreasachtaí leordhóthanacha eacnamaíocha a sholáthar, trí úsáid a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as aon uirlis náisiúnta agus Aontais atá ann cheana. Féadfaidh sásraí dliteanais chun an infheistíocht is gá a ráthú a bheith san áireamh sna huirlisí sin.

(29)

Sa mhéid gur Státchabhair faoi Airteagal 107(1) CFAE iad na bearta arna ndéanamh ag Ballstáit chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, tá oibleagáid ann faoi Airteagal 108(3) CFAE fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith.

(30)

Tugann dlí trasearnálach bunús láidir do chosaint tomhaltóirí i gcomhair raon leathan seirbhísí fuinnimh atá ann cheana, agus is dócha go dtiocfaidh an dlí sin chun cinn. Mar sin féin, ba cheart cearta conarthacha bunúsacha áirithe atá ag custaiméirí a bhunú go soiléir.

(31)

Ba cheart faisnéis shoiléir agus shothuigthe a chur ar fáil do thomhaltóirí i dtaca lena gcearta i ndáil le hearnáil an fhuinnimh. Tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear Ballstáit, údaráis rialála, eagraíochtaí tomhaltóirí agus gnóthais leictreachais, tá seicliosta do thomhaltóirí fuinnimh a thugann faisnéis phraiticiúil do thomhaltóirí faoina gcearta bunaithe ag an gCoimisiún. Ba cheart an seicliosta sin a choinneáil cothrom le dáta, a sholáthar do gach tomhaltóir agus a chur ar fáil go poiblí.

(32)

Cuireann roinnt tosca bac ar thomhaltóirí rochtain a fháil ar na foinsí éagsúla faisnéise faoin margadh atá ar fáil dóibh, iad a thuiscint agus gníomhú bunaithe orthu. Fágann sé sin gur cheart inchomparáideacht na dtairiscintí a fheabhsú agus gur cheart bacainní roimh athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile a íoslaghdú a mhéid agus is indéanta ach fós gan teorannú míchuí a dhéanamh ar rogha na dtomhaltóirí.

(33)

Tá raon leathan táillí fós á ngearradh ar chustaiméirí beaga go díreach nó go hindíreach mar thoradh ar athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile. Le táillí den sórt sin, bíonn sé níos deacra an táirge nó seirbhís is fearr a shainaithint agus laghdaítear leo an buntáiste airgeadais a bhíonn ann láithreach má athraítear ó sholáthróir amháin go ceann eile. Cé go bhféadfadh sé rogha na dtomhaltóirí a theorannú má bhaintear táillí den sórt sin trí dheireadh a chur le táirgí atá bunaithe ar dhílseacht custaiméirí, ba cheart go bhfeabhsófaí leas tomhaltóirí, rannpháirtíocht tomhaltóirí agus iomaíocht sa mhargadh má dhéantar úsáid na dtáillí sin a shrianadh tuilleadh.

(34)

Le hamanna ionchasacha níos giorra maidir le hathrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, is dócha go spreagfar tomhaltóirí le margaí fuinnimh níos fearr a chuardach agus athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile. Leis an teicneolaíocht faisnéise a bheith á leathadh amach ar bhealach méadaithe, faoin mbliain 2026, ba cheart é a bheith indéanta an próiseas athraithe teicniúil a bhaineann leis an oibreoir margaidh a bheith ag clárú soláthróir nua i bpointe méadraithe a thabhairt chun críche laistigh de 24 uair an chloig ar aon lá oibre. D'ainneoin na gcéimeanna eile sa phróiseas chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile atá le críochnú sula gcuirtear tús le próiseas teicniúil an athraithe, trína áirithiú gur féidir le próiseas teicniúil an athraithe tarlú laistigh de 24 uair an chloig faoin dáta sin, dhéanfaí amanna maidir leis an athrú a íoslaghdú, rud a chabhródh le rannpháirteachas an tomhaltóra agus le hiomaíocht mhiondíola a mhéadú. In aon chás, níor cheart do ré iomlán an phróisis chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile dul thar 3 sheachtaine ó dháta iarraidh an tomhaltóra.

(35)

Is modh éifeachtach do chustaiméirí beaga iad uirlisí comparáide neamhspleácha, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, chun measúnú a dhéanamh ar an bhfiúntas a bhaineann leis na tairiscintí fuinnimh éagsúla atá ar fáil ar an margadh. Le huirlisí den sórt sin, laghdaítear costais chuardaigh toisc nach gá do thomhaltóirí a thuilleadh faisnéis a bhailiú ó sholáthróirí aonair agus ó sholáthraithe seirbhíse aonair. Le huirlisí den sórt sin, is féidir an chothromaíocht cheart a fháil idir an gá atá le faisnéis a bheith soiléir agus achomair agus an gá atá lena bheith iomlán agus cuimsitheach. Ba cheart é a bheith mar aidhm leo an raon is leithne is féidir de na tairiscintí atá ar fáil a chlúdach, agus an clúdach is iomláine agus is indéanta a thabhairt ar an margadh, sa chaoi go mbeidh forléargas ionadaíoch ag an gcustaiméir. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag custaiméirí beaga ar uirlís chomparáide amháin ar a laghad agus go mbeadh an fhaisnéis a thugtar in uirlisí den sórt sin iontaofa, neamhchlaonta agus trédhearcach. Chuige sin, d'fhéadfadh Ballstáit foráil d'uirlis chomparáide a bhíonn á oibriú ag údarás náisiúnta nó ag cuideachta phríobháideach.

(36)

Déantar cosaint níos fearr do thomhaltóirí a ráthú trí shásraí éifeachtacha agus neamhspleácha um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bheith ar fáil do gach tomhaltóir, amhail ombudsman fuinnimh, comhlacht tomhaltóirí nó údarás rialála. Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta tapa agus éifeachtacha chun gearáin a láimhseáil a thabhairt isteach.

(37)

Ba cheart do gach tomhaltóir a bheith in ann leas a bhaint as rannpháirteachas díreach sa mhargadh, go háirithe trína thomhaltas a choigeartú i gcomhréir le comharthaí margaidh agus tairbhe a bhaint as praghsanna leictreachais níos ísle nó íocaíochtaí dreasachta eile mar chúiteamh air sin. Tá gach seans ann go dtiocfaidh méadú ar na tairbhí a bhaineann leis an rannpháirteachas gníomhach sin le himeacht ama nuair, agus a mhéadófar an méid feasachta i measc tomhaltóirí a bheadh éighníomhach thairis sin i dtaobh na bhféidearthachtaí atá ar fáil dóibh mar thomhaltóirí gníomhacha agus a bheidh rochtain agus cur amach níos fearr ar an bhfaisnéis i dtaobh na bhféidearthachtaí a ghabhann le rannpháirteachas gníomhach. Ba cheart an deis a bheith ag tomhaltóirí a bheith rannpháirteach i ngach foirm den fhreagairt don éileamh. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith acu tairbhiú de leathadh amach iomlán na gcóras méadraithe chliste agus, i gcás ina mbeidh measúnú diúltach ann i dtaobh an leata amach sin, rogha a dhéanamh córas méadraithe chliste agus conradh leictreachais praghsála dinimiciúla a bheith acu. Leis an méid sin, ba cheart go bhfágfadh sé sin gur féidir leo a dtomhaltas a choigeartú i gcomhréir le comharthaí praghsála fíor-ama a léiríonn luach agus costas an leictreachais nó an iompair i dtréimhsí ama éagsúla, agus ag an am céanna ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an méid a nochtar praghasrioscaí mórdhíola do thomhaltóirí réasúnta. Ba cheart custaiméirí a chur ar an eolas i dtaobh na dtairbhí agus an riosca praghsála féideartha a ghabhann le conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach ngearrfaí pionós ar na tomhaltóirí sin a roghnaíonn gan páirt ghníomhach a bheith acu sa mhargadh. Ina áit sin, ba cheart éascú a dhéanamh ar an gcumas atá acu cinntí eolasacha a dhéanamh faoi na roghanna atá ar fáil dóibh ar an mbealach is oiriúnaí do dhálaí an mhargaidh baile.

(38)

Chun tairbhí agus éifeachtúlacht na praghsála dinimiciúla leictreachais a uasmhéadú, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht an sciar de na comhchodanna seasta i mbillí leictreachais a dhéanamh níos dinimiciúla nó a laghdú, agus, i gcás ina bhfuil an fhéidearthacht sin ann, ba cheart dóibh gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh.

(39)

Ba cheart rochtain a bheith ag gach grúpa tomhaltóirí (tionsclaíoch, tráchtála agus teaghlaigh) ar na margaí leictreachais chun a leictreachas solúbthachta agus féinghinte a thrádáil. Ba cheart go bhfágfaí gur féidir le tomhaltóirí lánúsáid a bhaint as buntáistí an chomhiomlánaithe ar tháirgeadh agus ar sholáthar thar réigiúin mhóra agus tairbhe a bhaint as an iomaíocht trasteorann. Is dócha go mbeidh ról tábhachtach ag rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú mar idirghabhálaithe idir grúpaí custaiméirí agus an margadh. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit an tsamhail cur chun feidhme iomchuí agus an cur chuige iomchuí i leith rialachais a roghnú don chomhbhailiú neamhspleách agus na prionsabail ghinearálta a leagtar amach sa Treoir seo á n-urramú. D'fhéadfadh roghnú prionsabal margadhbhunaithe nó prionsabal rialála a bheith i gceist le samhail nó cur chuige den sórt sin, ar prionsabail iad a thugann réitigh chun an Treoir seo a chomhlíonadh, amhail samhlacha trína ndéantar éagothromaíochtaí a shocrú nó trína ndéantar ceartúcháin imlíne a thabhairt isteach. Ba cheart rialacha trédhearcacha agus cothroma a bheith sa tsamhail a roghnaítear chun go mbeidh comhbhailitheoirí neamhspleácha in ann a róil mar idirghabhálaithe a chomhlíonadh agus chun a áirithiú go mbaineann an custaiméir deiridh tairbhe leormhaith as a ngníomhaíochtaí. Ba cheart táirgí a shainiú ar gach margadh leictreachais, lena n-áirítear margaí na seirbhísí coimhdeacha agus margaí acmhainneachta chun rannpháirteachas an fhreagartha don éileamh a spreagadh.

(40)

I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Iúil 2016, dar teideal “European Strategy for Low-Emission Mobility” (Straitéis Eorpach don tSoghluaisteacht i dtaca le hAstaíochtaí Ísle), leagtar béim ar an ngá atá le dícharbónú a dhéanamh ar earnáil an iompair agus laghdú a dhéanamh ar na hastaíochtaí a thagann uaithi, go háirithe i limistéir uirbeacha, agus tugtar chun suntais inti an ról tábhachtach is féidir a bheith ag leictrea-ghluaisteacht chun rannchuidiú leis na cuspóirí sin. Thairis sin, is gné thábhachtach den trasdul fuinnimh é leictrea-shoghluaisteacht a leathadh amach. Dá bhrí sin, ba cheart do na rialacha margaidh a leagtar amach sa Treoir seo rannchuidiú le dálaí fabhracha a chruthú d'fheithiclí leictreacha de gach cineál. Go háirithe, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar pointí athluchtaithe inrochtana go poiblí agus go príobháideach a leathadh amach go héifeachtach d'fheithiclí leictreacha agus ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar luchtú feithiclí a chomhtháthú ar bhealach éifeachtach in oibriú an chórais.

(41)

Tá freagairt don éileamh rílárnach chun luchtú cliste feithiclí leictreacha a chumasú agus leis sin comhtháthú éifeachtach na bhfeithiclí leictreacha san eangach leictreachais a chumasú ar bhealach éifeachtach, rud a bheith ríthábhachtach i dtaca le próiseas iompar a dhícharbónú.

(42)

Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann leictreachas féinghinte a ídiú, a stóráil agus/nó a dhíol ar an margadh agus a bheith rannpháirteach sna margaí leictreachais uile trína áirithiú go mbeidh an córas solúbtha, mar shampla trí stóráil fuinnimh, amhail stóráil lena n-úsáidtear feithiclí leictreacha, trí fhreagairt don éileamh nó trí scéimeanna éifeachtúlachta fuinnimh. Éascóidh forbairtí nua teicneolaíochta na gníomhaíochtaí sin amach anseo. Tá bacainní dlíthiúla agus tráchtála ann faoi láthair, áfach, lena n-áirítear mar shampla táillí díréireacha ar leictreachas arna ídiú go hinmheánach, oibleagáidí ó thaobh leictreachas féinghinte a threorú isteach sa chóras fuinnimh, agus ualaí riaracháin, amhail an gá atá ar thomhaltóirí a dhéanann féinghiniúint ar leictreachas agus a dhíolann é leis an gcóras na ceanglais a leagtar ar sholáthróirí a chomhlíonadh, etc. Ba cheart deireadh a chur le bacainní den sórt sin lena gcuirtear cosc ar thomhaltóirí féinghiniúint a dhéanamh agus leictreachas féinghinte a ídiú, a stóráil nó a dhíol ar an margadh agus ag an am céanna ba cheart a áirithiú go ndéanfaidh tomhaltóirí den sórt sin ranníocaíocht leordhóthanach le costais an chórais. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit forálacha rialála éagsúla a bheith ina ndlí náisiúnta a mhéid a bhaineann le cánacha agus tobhaigh ar chustaiméirí gníomhacha aonair agus ar chustaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gníomhú go comhpháirteach, agus freisin ar theaghlaigh agus custaiméirí deiridh eile.

(43)

De bharr teicneolaíochtaí dáilte fuinnimh agus teicneolaíochtaí cumasaithe tomhaltóirí, is bealach éifeachtach agus costéifeachtúil atá san fhuinneamh pobail chun riachtanais agus ionchais na saoránach i dtaca le foinsí fuinnimh, seirbhísí agus rannpháirteachas áitiúil a chomhlíonadh. Cuireann fuinneamh pobail rogha ar fáil a chuimsíonn gach tomhaltóir chun baint dhíreach a bheith acu i dtaca le fuinneamh a tháirgeadh, a ídiú nó a chomhroinnt. Díríonn tionscnaimh fuinnimh pobail go príomhúil ar fhuinneamh inacmhainne de chineál ar leith, amhail fuinneamh in-athnuaite, a sholáthar dá gcomhaltaí nó dá scairshealbhóirí seachas tús áite a thabhairt do dhéanamh brabúis mar a dhéanann gnóthas leictreachais traidisiúnta. Trí dhul i dteagmháil go díreach le tomhaltóirí, léiríonn tionscnaimh fuinnimh pobail na féidearthachtaí a bhaineann leo i dtaca le héascú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua agus as patrúin tomhaltais nua, lena n-áirítear eangacha dáileacháin cliste agus freagairt don éileamh, ar bhealach comhtháite. Is féidir leis an bhfuinneamh pobail borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh ar leibhéal an teaghlaigh freisin agus cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh trí laghdú ar thomhaltas agus taraifí soláthair níos ísle. Cuireann fuinneamh pobail ar chumas grúpaí áirithe custaiméirí teaghlaigh freisin a bheith rannpháirteach sna margaí leictreachais nach bhféadfadh a bheith murach sin. I gcásanna ina raibh tionscnaimh den sórt sin ag oibriú go rathúil, cuireadh tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil ar fáil don phobal leo a théann i bhfad thar na tairbhí a thagann as seirbhísí fuinnimh a sholáthar amháin. Is é is aidhm don Treoir seo catagóirí áirithe de thionscnaimh fuinnimh ó na saoránaigh a aithint ar leibhéal an Aontais mar “phobail fuinnimh saoránach”, chun creat cumasúcháin, cóir chomhionann, cothrom iomaíochta mar aon le catalóg dea-shainithe de chearta agus oibleagáidí a sholáthar dóibh. Ba cheart do thomhaltóirí teaghlaigh a bheith in ann a bheith rannpháirteach ar bhealach deonach i dtionscnaimh fuinnimh pobail agus iad a fhágáil dá ndeoin féin, gan rochtain ar an ngréasán arna oibriú ag an tionscnamh fuinnimh pobail ná a gcearta mar thomhaltóirí a chailleadh. Ba cheart rochtain ar ghréasán de chuid pobail fuinnimh saoránach a dheonú ar théarmaí cothroma atá ina léiriú ar na costais atá leis.

(44)

Ba cheart ballraíocht i bpobail fuinnimh saoránach a bheith ar oscailt do gach catagóir eintiteas. Ba cheart, áfach, na cumhachtaí cinnteoireachta laistigh de phobal fuinnimh saoránach a bheith teoranta do na baill sin nó na scairshealbhóirí sin nach bhfuil ag gabháil do ghníomhaíocht tráchtála ar mhórscála agus nach réimse príomhúil de ghníomhaíocht eacnamaíoch í an earnáil fuinnimh dóibh. Meastar gur catagóir de chomhar saoránach nó gníomhairí áitiúla ba cheart aitheantas agus cosaint a fháil faoi dhlí an Aontais atá i bpobail fuinnimh saoránach. Ní fhágann na forálacha ar phobail fuinnimh saoránach go gcoisctear tionscnaimh eile ó na saoránaigh, amhail tionscnaimh a eascraíonn as comhaontuithe sa dlí phríobháideach, a bheith ann. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta do na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaidh pobail fuinnimh saoránach a bheith i bhfoirm aon eintiteas, mar shampla comhlachas, comharchumann, comhpháirtíocht, eagraíocht neamhbhrabúis nó fiontar beag nó meánmhéide, ar choinníoll go bhfuil an t-eintiteas i dteideal cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí ina ainm féin.

(45)

Le forálacha na Treorach seo maidir le pobail fuinnimh saoránach, foráiltear do chearta agus oibleagáidí is féidir a asbheirt as cearta agus oibleagáidí eile atá ann cheana, amhail an tsaoirse dul i gconradh, an ceart athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, na freagrachtaí atá ar an oibreoir córais dáileacháin, na rialacha maidir le muirir ghréasáin, agus oibleagáidí comhardaithe.

(46)

Is cineál nua eintitis atá i bpobail fuinnimh saoránach mar gheall ar a struchtúr ballraíochta, a gceanglais rialachais agus a gcuspóir. Ba cheart dóibh a bheith in ann oibriú ar an margadh le cothrom iomaíochta nach ndéanann an iomaíocht a shaobhadh agus ba cheart na cearta agus na hoibleagáidí is infheidhme maidir le gnóthais leictreachais eile a chur i bhfeidhm ar phobail fuinnimh saoránach ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. Ba cheart feidhm a bheith ag na cearta agus na hoibleagáidí sin i gcomhréir leis na róil a ghlacann siad, amhail róil na gcustaiméirí deiridh, na ngineadóirí, na soláthróirí nó na n-oibreoirí córais dáileacháin. Níor cheart srianta rialála a bheith ar phobail fuinnimh saoránach i gcás ina ndéanann siad teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá cheana ann nó a bheidh ann amach anseo a chur i bhfeidhm chun leictreachas a tháirgtear trí úsáid a bhaint as sócmhainní giniúna laistigh den phobal fuinnimh saoránach a chomhroinnt i measc a mball nó a scairshealbhóirí bunaithe ar phrionsabail an mhargaidh, mar shampla trí chomhchuid fuinnimh na mball nó na geallsealbhóirí a fhritháireamh trí úsáid a bhaint as an nginiúint atá ar fáil laistigh den phobal, fiú ar an eangach poiblí, ar choinníoll gur leis an bpobal an dá phointe méadraithe. Cuireann comhroinnt leictreachais ar chumas na mball nó na ngeallsealbhóirí soláthar leictreachais a fháil ó shuiteálacha giniúna laistigh den phobal gan iad a bheidh i ndír-ghaireacht fhisiceach don tsuiteáil ghiniúna nó gan iad a bheith laistiar de phointe méadraithe aonair. I gcás ina ndéantar leictreachas a chomhroinnt, níor cheart don chomhroinnt difear a dhéanamh do bhailiú muirear, taraifí agus tobhaigh gréasáin a bhaineann le sreafaí leictreachais. Ba cheart an chomhroinnt a éascú i gcomhréir leis na hoibleagáidí agus na creataí ama cearta le haghaidh comhardú, méadrú agus socrú. Forálacha na Treorach seo maidir le pobail fuinnimh saoránach, ní chuireann siad isteach ar inniúlacht na mBallstát a gcuid beartais a bhaineann leis an earnáil fuinnimh i ndáil le muirir agus taraifí gréasáin a cheapadh agus a chur chun feidhme, ná do chórais maoiniúcháin an bheartais fuinnimh agus comhroinnt costais a cheapadh agus a chur chun feidhme, ar choinníoll go bhfuil na beartais sin neamh-idirdhealaitheach agus dleathach.

(47)

Leis an Treoir seo, cumhachtaítear do na Ballstáit ligean do phobail fuinnimh saoránach a bheith ina n-oibreoirí córais dáileacháin faoin réim ghinearálta nó mar “oibreoirí córais dáileacháin iata” mar a thugtar air. A thúisce a dheonaítear stádas mar oibreoir córais dáileacháin ar phobal fuinnimh saoránach, ba cheart déileáil leis mar oibreoir córais dáileacháin agus é a bheith faoi réir na n-oibleagáidí céanna le hoibreoirí córas dáileacháin. Forálacha na Treorach seo maidir le pobail fuinnimh saoránach, ní dhéanann siad ach gnéithe den oibríocht córais dáileacháin a shoiléiriú, ar gnéithe iad is dóichí a bheidh ábhartha do phobail fuinnimh saoránach, agus tá gnéithe eile den oibríocht córais dáileacháin ann a bhfuil feidhm acu i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le hoibreoirí córais dáileacháin.

(48)

Is modh tábhachtach faoina gcuirtear custaiméirí deiridh ar an eolas iad billí leictreachais. Chomh maith le sonraí faoin tomhaltas agus faoi na costais a sholáthar, tugtar faisnéis eile iontu a chabhraíonn le tomhaltóirí na socruithe reatha atá acu a chur i gcomparáid le tairiscintí eile. Mar sin féin, is foinse an-choitianta de ghearáin ó thomhaltóirí iad díospóidí a bhaineann le billí, rud a rannchuidíonn leis na leibhéil sheasmhacha ísle de shástacht agus rannpháirtíocht tomhaltóirí san earnáil leictreachais. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, billí a dhéanamh níos soiléire agus níos éasca le tuiscint, agus a áirithiú chomh maith go mbeidh líon teoranta d'ítimí tábhachtacha faisnéise is gá chun go mbeidh ar chumas tomhaltóirí a dtomhaltas fuinnimh a rialú, tairiscintí a chur i gcomparáid le chéile agus athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile ar taispeáint go soiléir sna billí agus san fhaisnéis bhilleála. Ba cheart ítimí eile faisnéise a chur ar fáil do na custaiméirí deiridh ina mbillí nó iad a chur leo nó comhartha ina leith a chur iontu. Ba cheart ítimí den sórt sin a thaispeáint sa bhille nó iad a bheith i ndoiciméad ar leithligh atá i gceangal leis an mbille, nó ba cheart tagairt a bheith sa bhille den áit ar féidir leis an gcustaiméir deiridh an fhaisnéis sin a fháil go héasca ar shuíomh gréasáin, trí fheidhmchlár móibíleach nó trí mheán eile.

(49)

Tá tábhacht le soláthar tráthrialta faisnéise billeála atá beacht agus bunaithe ar thomhaltas leictreachais iarbhír, arna éascú le méadrú cliste, chun cabhrú le custaiméirí smacht a bheith acu ar a dtomhaltas leictreachais agus ar a gcostais leictreachais. Mar sin féin, ba cheart rochtain a bheith ag custaiméirí, go háirithe custaiméirí teaghlaigh, ar shocruithe solúbtha d'íocaíocht iarbhír a mbillí. Mar shampla, d'fhéadfadh sé go dtabharfaí faisnéis bhilleála mhinic do chustaiméirí, cé nach mbeidís ag íoc ach ar bhonn ráithiúil, nó go mbeadh táirgí ann ina n-íocann an custaiméir an méid céanna gach mí, gan spleáchas ar an tomhaltas iarbhír.

(50)

Ba cheart na forálacha maidir le billeáil atá i dTreoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a thabhairt cothrom le dáta, a shruthlíniú agus a aistriú chuig an Treoir seo, áit a n-oireann siad níos soiléire.

(51)

Ba cheart do na Ballstáit nuachóiriú ar na gréasáin dáileacháin a spreagadh, amhail trí eangacha cliste a thabhairt isteach, rud ba cheart a thógáil ar bhealach a spreagfaidh giniúint dháilte agus éifeachtúlacht fuinnimh.

(52)

Chun teagmháil a dhéanamh go díreach le tomhaltóirí, tá gá le dreasachtaí iomchuí agus le teicneolaíochtaí amhail córais méadraithe chliste. Le córais méadraithe chliste, cumhachtaítear do thomhaltóirí toisc go gcuireann siad ar a gcumas aiseolas cruinn agus gar d'fhíor-am a fháil faoina dtomhaltas nó faoina nginiúint fuinnimh, agus bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar a dtomhaltas, a bheith rannpháirteach i gcláir freagartha don éileamh i seirbhísí eile agus leas a bhaint astu, agus a mbillí leictreachais a laghdú. Chomh maith leis sin, le córais méadraithe chliste, cuirtear ar chumas oibreoirí córas dáileacháin infheictheacht níos fearr a bheith acu ar a ngréasáin, agus dá thoradh sin, laghdaíonn sé a gcuid costas oibríochta agus cothabhála agus is féidir leo na coigiltis sin a chur anonn chuig tomhaltóirí i bhfoirm taraifí dáileacháin níos ísle.

(53)

I dtaca le cinneadh a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta faoi chórais méadraithe chliste a leathadh amach, ba cheart a bheith in ann an cinneadh sin a bhunú ar mheasúnú eacnamaíoch. Ba cheart don mheasúnú eacnamaíoch sin aird a thabhairt ar na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le córais méadraithe chliste a leathadh amach a bheidh ar fáil do thomhaltóirí agus don slabhra luacha iomlán, amhail bainistiú gréasáin níos fearr, pleanáil níos beaichte agus sainaithint caillteanas sa ghréasán. Dá mba rud é go mbeadh sé mar chonclúid an mheasúnaithe sin nach bhfuil sé costéifeachtach córais mhéadraithe den sórt sin a thabhairt isteach ach do thomhaltóirí a dhéanann méid áirithe leictreachais a ídiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an chonclúid sin a chur san áireamh agus iad ag dul ar aghaidh le córais méadraithe chliste a leathadh amach. Mar sin féin, ba cheart measúnuithe den sórt sin a athbhreithniú go tráthrialta mar fhreagairt ar athruithe suntasacha sna toimhdí bunúsacha, nó gach 4 bliana ar a laghad, i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha atá ag éabhlú go tapa.

(54)

Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil córais méadraithe chliste á leathadh amach go córasach acu an deis a thabhairt do thomhaltóirí leas a bhaint as méadar cliste a shuiteáil, ar iarratas uathu agus faoi dhálaí cothroma réasúnta, agus ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a sholáthar dóibh. I gcás nach bhfuil méadair chliste ag tomhaltóirí, ba cheart dóibh bheith i dteideal méadair a fháil a chomhlíonann na híoscheanglais is gá chun an fhaisnéis bhilleála arna sonrú sa Treoir seo a sholáthar dóibh.

(55)

Chun cúnamh a thabhairt do rannpháirtíocht ghníomhach tomhaltóirí i margaí leictreachais, ba cheart na córais méadraithe chliste atá le leathadh amach ag Ballstáit ar a gcríoch a bheith idir-inoibrithe, agus ba cheart dóibh a bheith in ann na sonraí a sholáthar is gá do chórais bainistithe fuinnimh do thomhaltóirí. Chuige sin, ba cheart aird chuí a bheith ag na Ballstáit ar úsáid na gcaighdeán ábhartha atá ar fáil, lena n-áirítear na caighdeáin sin lena gcumasaítear an idir-inoibritheacht ar leibhéal na samhla sonraí agus an chisil feidhmithe, ar na dea-chleachtais agus ar a thábhachtaí atá sé malartú sonraí a fhorbairt, ar sheirbhísí fuinnimh todhchaíocha agus nuálacha, ar leathadh amach eangacha cliste agus ar an margadh inmheánach don leictreachas. Thairis sin, níor cheart do na córais méadraithe chliste atá leata amach a bheith ina mbacainn roimh athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, agus ba cheart iad a bheith feistithe le feidhmiúlachtaí atá oiriúnach dá gcuspóir a chuireann ar chumas tomhaltóirí rochtain gar d'fhíor-am a bheith acu ar shonraí faoina dtomhaltas, a dtomhaltas fuinnimh a mhodhnú, agus, sa mhéid agus is féidir bunaithe ar an mbonneagar tacaíochta, a solúbthacht a thairiscint don ghréasán agus do ghnóthais leictreachais agus luach saothair a fháil as, agus coigiltí a fháil ar a mbillí leictreachais.

(56)

Is gné thábhachtach den soláthar do chustaiméirí í rochtain a thabhairt ar shonraí oibiachtúla trédhearcacha ar thomhaltas. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a bheith ag tomhaltóirí ar a sonraí tomhaltais agus ar na praghsanna agus costais a bhaineann lena dtomhaltas, sa chaoi gur féidir leo a iarraidh ar iomaitheoirí tairiscintí a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart an ceart a bheith ag tomhaltóirí freisin eolas cuí a fháil faoina dtomhaltas fuinnimh. Le réamhíocaíochtaí, níor cheart míbhuntáiste díréireach a leagan ar úsáideoirí, agus ag an am céanna ba cheart córais íocaíochta éagsúla a bheith neamh-idirdhealaitheach. Leis an bhfaisnéis faoi chostais fuinnimh a sholáthraítear do thomhaltóirí minic go leor, chruthófaí dreasachtaí do choigilteas fuinnimh toisc go dtabharfadh sé sin aiseolas díreach do thomhaltóirí faoi na hiarmhairtí a bhíonn ag infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh agus faoi athruithe san iompraíocht. Ar an ábhar sin, cabhróidh cur chun feidhme iomlán Threoir 2012/27/AE le tomhaltóirí a gcostais fuinnimh a laghdú.

(57)

Faoi láthair, tá samhlacha difriúla don bhainistiú sonraí forbartha nó á bhforbairt sna Ballstáit ag leanúint ó chórais méadraithe chliste a leathadh amach. Go neamhspleách ar an tsamhail bainistithe sonraí, tá sé tábhachtach go gcuirfeadh Ballstáit rialacha trédhearcacha i bhfeidhm faoinar féidir rochtain a fháil ar shonraí faoi dhálaí neamh-idirdhealaitheacha agus a áirithíonn an leibhéal cibearshlándála agus cosanta sonraí is airde chomh maith le neamhchlaontacht na n-eintiteas a bhíonn ag próiseáil sonraí.

(58)

Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh a chosaint i gcomhthéacs an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas. Féadfaidh na bearta sin a bheith éagsúil i gcomhréir leis na dálaí ar leith sna Ballstáit atá i gceist agus féadfar bearta den bheartas sóisialta nó fuinnimh a áireamh orthu i ndáil le billí leictreachais a íoc, le hinfheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh cónaithe, nó le cosaint tomhaltóirí amhail coimircí i gcoinne dínascadh. I gcás ina gcuirtear seirbhís uilíoch ar fáil freisin d'fhiontair bheaga, féadfaidh bearta chun a áirithiú go ndéantar seirbhís uilíoch den sórt sin a sholáthar a bheith éagsúil ag brath ar cibé acu an ar chustaiméirí teaghlaigh nó ar fhiontair bheaga atá na bearta sin dírithe.

(59)

Tá seirbhísí fuinnimh bunriachtanach chun leas shaoránaigh an Aontais a chosaint. Teas leormhaith, fuarú leormhaith agus soilsiú leormhaith, agus fuinneamh leormhaith chun cumhacht a thabhairt d'fhearais leictreacha, is seirbhísí riachtanach iad chun caighdeán sásúil maireachtála agus sláinte na saoránach a ráthú. Thairis sin, le rochtain ar na seirbhísí fuinnimh sin cumhachtaítear do shaoránaigh an Aontais barr a gcumais a bhaint amach agus feabhsaítear an cuimsiú sóisialta. Ní bhíonn sé d'acmhainn ag teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh na seirbhísí fuinnimh sin a fháil i ngeall ar mheascán d'ioncam íseal, caiteachas ard ar fhuinneamh agus easpa éifeachtúlachta fuinnimh ina dtithe. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis cheart a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar líon na dteaghlach atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh. Le tomhas cruinn, ba cheart cuidiú a thabhairt do na Ballstáit na líonta tí a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu a shainaithint chun tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar. Ba cheart don Choimisiún tacaíocht ghníomhach a thabhairt do chur chun feidhme fhorálacha na Treorach seo maidir le bochtaineacht fuinnimh trí chomhroinnt dea-chleachtais idir na Ballstáit a éascú.

(60)

I gcás ina bhfuil tionchar á imirt ag bochtaineacht fuinnimh ar Bhallstáit agus nach bhfuil pleananna gníomhaíochta náisiúnta nó creataí iomchuí eile forbartha acu chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh, ba cheart dóibh déanamh amhlaidh, agus é mar aidhm leo líon na gcustaiméirí atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh a laghdú. Is gnéithe ábhartha iad ioncam íseal, caiteachas ard ar fhuinneamh agus easpa éifeachtúlachta fuinnimh sna tithe i dtaca le critéir a bhunú chun bochtaineacht fuinnimh a thomhas. I gcás ar bith, ba cheart do na Ballstáit an soláthar atá riachtanach a áirithiú do chustaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh. Agus é sin á dhéanamh, d'fhéadfaí cur chuige comhtháite a úsáid, amhail mar chuid den bheartas fuinnimh agus sóisialta, agus d'fhéadfadh beartais shóisialta nó feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh don tithíocht a bheith san áireamh sna bearta. Ba cheart don Treoir seo feabhas a thabhairt ar bheartais náisiúnta atá fabhrach do chustaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh.

(61)

Is gá d'oibreoirí córas dáileacháin giniúint nua leictreachais a chomhtháthú go costéifeachtach, go háirithe suiteálacha lena ngintear leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite, agus lóid nua amhail lóid a eascraíonn as teaschaidéal agus feithiclí leictreacha. Chun na críche sin, ba cheart oibreoirí córas dáileacháin a chumasú agus dreasachtaí a thabhairt dóibh chun seirbhísí a úsáid ó fhoinsí fuinnimh dáilte amhail freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh, bunaithe ar nósanna imeachta margaidh, chun a ngréasáin a oibriú go héifeachtach agus chun méaduithe costasacha ar na gréasáin a sheachaint. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a chur i bhfeidhm, amhail cóid ghréasáin náisiúnta agus rialacha margaidh náisiúnta, agus na cheart dóibh dreasachtaí a thabhairt d'oibreoirí córas dáileacháin trí tharaifí gréasáin nach gcruthaítear bacainní don tsolúbthacht ná bacainní roimh fheabhsú éifeachtúlachta fuinnimh san eangach leo. Ba cheart do na Ballstáit pleananna forbartha gréasáin a thabhairt isteach le haghaidh córais dáileacháin chun tacú le comhtháthú na suiteálacha lena ngintear leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, forbairt saoráidí stórála fuinnimh agus leictriú na hearnála iompair a éascú, agus faisnéis leordhóthanach a sholáthar d'úsáideoirí an chórais i dtaca le méaduithe nó uasghráduithe ar an ngréasán a bhfuiltear ag súil leo, toisc nach ann do nós imeachta den sórt sin faoi láthair i bhformhór na mBallstát.

(62)

Níor cheart d'oibreoirí córais úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí stórála fuinnimh, ná iad fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú. Sa dearadh nua ar an margadh leictreachais, ba cheart do sheirbhísí stórála fuinnimh a bheith margadhbhunaithe agus iomaíoch. Dá thoradh sin, ba cheart tras-fhóirdheonú idir stóráil fuinnimh agus feidhmeanna rialáilte dháileadh nó tharchur a sheachaint. Is ann do shriantaí den sórt sin ar úinéireacht saoráidí stórála fuinnimh chun saobhadh iomaíochta a chosc, chun an riosca idirdhealaithe a dhíchur, chun rochtain chóir ar sheirbhísí stórála fuinnimh a áirithiú do na rannpháirtithe uile sa mhargadh agus chun úsáid éifeachtach agus éifeachtúil na saoráidí stórála fuinnimh a chothú, a théann níos faide ná an córas dáileacháin nó tarchurtha a oibriú. Ba cheart an ceanglas sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail a bhunaítear faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), go háirithe an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an ceart chun maoine a ráthaítear le hAirteagail 16 agus 17 den Chairt.

(63)

I gcás ina mbíonn saoráidí stórála fuinnimh ina gcomhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán nach n-úsáidtear le haghaidh comhardú nó le haghaidh bainistiú ar phlódú, níor cheart ceangal a chur orthu, faoi réir fhormheas an údaráis rialála, na srianta diana céanna a chomhlíonadh atá ann d'oibreoirí córais i dtaca le húinéireacht ar an saoráidí sin nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú. Maidir le comhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán, féadfar a áireamh orthu saoráidí stórála fuinnimh amhail toilleoirí nó rothaí lústair a sholáthraíonn seirbhísí tábhachtacha le haghaidh shlándáil agus intaofacht an ghréasáin, agus a rannchuidíonn le sioncrónú na gcodanna éagsúla den chóras.

(64)

I ndáil leis an gcuspóir dul chun cinn ionsar earnáil leictreachais atá go hiomlán dícharbónaithe agus atá go hiomlán saor ó astaíochtaí, is gá dul chun cinn a dhéanamh i stóráil shéasúrach fuinnimh. Is gné í stóráil fuinnimh den sórt sin a d'fhónfadh mar uirlis d'oibriú an chórais leictreachais chun go mbeifear in ann coigeartú gearrthéarmach agus séasúrach a dhéanamh, chun déileáil leis an inathraitheacht i dtáirgeadh an leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite agus na teagmhais ghaolmhara a bhaineann leis na tréimhsí ionchasacha sin.

(65)

Is é rochtain neamh-idirdhealaithe ar an ngréasán dáileacháin a chinneann rochtain iartheachtach do chustaiméirí ar an leibhéal miondíola. Chun cothroime iomaíochta a chruthú ar an leibhéal miondíola, ba cheart faireachán a dhéanamh dá bhrí sin ar ghníomhaíochtaí na n-oibreoirí córas dáileacháin sa chaoi go gcuirfear cosc ar oibreoirí córas dáileacháin buntáiste a bhreith as a gcomhtháthú ingearach i dtaca lena staid iomaíochta ar an margadh, go háirithe i dtaca le custaiméirí teaghlaigh agus custaiméirí beaga neamhtheaghlaigh.

(66)

I gcás ina n-úsáidtear córas dáileacháin iata chun éifeachtúlacht optamach a áirithiú i soláthar comhtháite lena gceanglaítear caighdeáin oibriúcháin ar leith, nó i gcás ina gcoinnítear córas dáileacháin iata go príomha chun go mbainfidh úinéir an chórais úsáid as, ba cheart go bhféadfaí an t-oibreoir córais dáileacháin a dhíolmhú ó oibleagáidí a bheadh ina n-ualach riaracháin gan ghá i ngeall ar an gcineál gaoil ar leith atá idir an t-oibreoir córais dáileacháin agus úsáideoirí córais. Is féidir córais dáileacháin iata a bheith san áireamh i láithreacha tionsclaíocha, láithreacha tráchtála nó láithreacha seirbhísí comhroinnte amhail foirgnimh i stáisiúin traenach, aerfoirt, ospidéil, láithreacha móra campála a bhfuil saoráidí comhtháite acu, agus láithreacha thionscal na gceimiceán toisc gur oibríochtaí de chineál speisialaithe iad.

(67)

Mura ndéanfar gréasáin a dheighilt go héifeachtach ó ghníomhaíochtaí giniúna agus soláthair (díchuachadh éifeachtach), tá riosca bunúsach idirdhealaithe ann, ní hamháin in oibriú an ghréasáin, ach sna dreasachtaí do ghnóthais atá comhtháite go hingearach i dtaca le hinfheistíocht leormhaith a dhéanamh sna gréasáin atá acu freisin.

(68)

Ní féidir díchuachadh éifeachtach a áirithiú ach trí dheireadh a chur leis an dreasacht do ghnóthais atá comhtháite go hingearach idirdhealú a dhéanamh i gcoinne iomaitheoirí i dtaca le rochtain ar an ngréasán agus i dtaca leis an infheistíocht. Is léir gur bealach éifeachtach cobhsaí é díchuachadh úinéireachta, a fhágann go gceapfar úinéir an ghréasáin mar oibreoir an chórais agus go mbeidh sé neamhspleách ar aon leasanna soláthair agus táirgeachta, chun an choinbhleacht leasa bhunúsach a réiteach agus chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú. Ar an gcúis sin, thagair Parlaimint na hEorpa, sa rún uaithi an 10 Iúil 2007 maidir leis na hionchais don mhargadh inmheánach sa ghás agus sa leictreachas, do dhíchuachadh úinéireachta ar leibhéal an tarchurtha mar an uirlis is éifeachtaí chun infheistíochtaí sa bhonneagar a spreagadh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, agus rochtain chothrom ar an ngréasán d'iontrálaithe nua agus trédhearcacht sa mhargadh a spreagadh chomh maith. Faoi dhíchuachadh úinéireachta, ba cheart a chur de cheangal ar na Ballstáit dá bhrí sin a áirithiú nach mbeidh an duine céanna nó na daoine céanna i dteideal rialú a fheidhmiú ar tháirgeoir nó ar sholáthróir agus, ag an am céanna, rialú nó aon cheart a fheidhmiú ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha. Os a choinne sin, ba cheart go bhfágfadh rialú ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha nach féidir rialú ná aon cheart eile a fheidhmiú ar tháirgeoir nó ar sholáthróir. Laistigh de na teorainneacha sin, ba cheart do tháirgeoir nó do sholáthróir a bheith in ann scairsheilbh mhionlaigh a bheith aige in oibreoir córais tarchurtha nó i gcóras tarchurtha.

(69)

Ba cheart d'aon chóras um dhíchuachadh a bheith éifeachtach ó thaobh aon choinbhleacht leasa idir táirgeoirí, soláthróirí agus oibreoirí córas tarchurtha a bhaint, chun dreasachtaí a chruthú do na hinfheistíochtaí is gá agus chun rochtain na n-iontrálaithe nua margaidh a ráthú faoi chóras rialála atá trédhearcach agus éifeachtach, agus níor cheart córas rialála ró-throm a chruthú do na húdaráis rialála.

(70)

Toisc go gceanglaítear, faoi dhíchuachadh úinéireachta, athstruchtúrú a dhéanamh ar ghnóthais i gcásanna áirithe, ba cheart am breise a thabhairt do Bhallstáit a chinneann díchuachadh úinéireachta a chur chun feidhme, chun na forálacha ábhartha a chur i bhfeidhm. I bhfianaise na nasc ingearach idir earnáil an leictreachais agus earnáil an gháis, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le díchuachadh sna dá earnáil.

(71)

Faoi dhíchuachadh úinéireachta, agus chun neamhspleáchas iomlán a áirithiú idir oibriú an ghréasáin agus leasanna soláthair agus giniúna agus chun cosc a chur le malartuithe ar fhaisnéis rúnda, níor cheart don duine céanna a bheith ina chomhalta den bhord bainistíochta ar oibreoir córais tarchurtha nó córas tarchurtha agus ar ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna giniúna nó soláthair araon. Ar an gcúis chéanna, níor cheart don duine céanna a bheith i dteideal comhaltaí a cheapadh ar bhord bainistíochta oibreora córais tarchurtha nó córais tarchurtha agus rialú ná aon cheart a fheidhmiú ar tháirgeoir nó ar sholáthróir.

(72)

Trí oibreoir córais nó oibreoir tarchurtha a chur ar bun atá neamhspleách ar na leasanna soláthair agus giniúna, ba cheart do ghnóthas atá comhtháite go hingearach a bheith in ann úinéireacht ar shócmhainní gréasáin a choinneáil agus, ag an am céanna, deighilt éifeachtach idir leasanna a áirithiú, ar choinníoll go ndéanann oibreoir córais neamhspleách den sórt sin nó oibreoir tarchurtha neamhspleách den sórt sin gach feidhm de chuid oibreora córais agus ar choinníoll go gcuirtear sásraí mionsonraithe rialála agus sásraí forleathana rialála i bhfeidhm.

(73)

I gcás ina raibh, an 3 Meán Fómhair 2009, gnóthas a shealbhaíonn córas tarchurtha ina chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach, ba cheart rogha a thabhairt do na Ballstáit idir díchuachadh úinéireachta agus oibreoir córais nó oibreoir tarchurtha a chur ar bun atá neamhspleách ó leasanna soláthair agus giniúna.

(74)

Chun leasanna scairshealbhóirí i ngnóthas atá comhtháite go hingearach a chaomhnú go hiomlán, ba cheart rogha a bheith ag Ballstáit díchuachadh úinéireachta a chur chun feidhme trí dhífheistiú díreach nó trí scaireanna an ghnóthais chomhtháite a dheighilt ina scaireanna den ghnóthais gréasáin agus de scaireanna an ghnóthais soláthair agus giniúna atá fágtha, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a eascraíonn as díchuachadh úinéireachta.

(75)

An éifeachtacht iomlán atá ag réitigh an oibreora córais neamhspleách nó an oibreora tarchurtha neamhspleách, ba cheart í a áirithiú trí bhíthin rialacha sonracha breise. Cuireann na rialacha maidir leis na hoibreoirí tarchurtha neamhspleácha creat rialála iomchuí ar fáil chun iomaíocht chothrom, infheistíocht leordhóthanach, rochtain d'iontrálaithe margaidh nua agus comhtháthú na margaí leictreachais a ráthú. Ba cheart díchuachadh éifeachtach trí fhorálacha i ndáil le hoibreoirí tarchurtha neamhspleácha a bheith bunaithe ar cholún de bhearta eagraíochtúla agus de bhearta a bhaineann le rialachas na n-oibreoirí córas tarchurtha agus ar cholún de bhearta a bhaineann le hinfheistíocht, rud a nascann acmhainneachtaí táirgeachta nua sa ghréasán agus comhtháthú margaidh trí chomhar réigiúnach. Ba cheart neamhspleáchas na n-oibreoirí tarchurtha a áirithiú freisin, inter alia, trí thréimhsí “marana” áirithe, nach ndéantar lena linn aon bhainistiú ná aon ghníomhaíochtaí ábhartha eile lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis chéanna a d'fhéadfadh a bheith faighte i suíomh bainistíochta, a fheidhmiú sa ghnóthas atá comhtháite go hingearach.

(76)

Tá sé de cheart ag na Ballstáit díchuachadh iomlán úinéireachta a roghnú ina gcríoch. I gcás ina mbeidh an ceart sin feidhmithe ag Ballstáit, níl de cheart ag gnóthas oibreoir córais neamhspleách nó oibreoir tarchurtha neamhspleách a chur ar bun. Thairis sin, ní féidir le gnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna giniúna nó soláthair rialú a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach ná aon cheart a fheidhmiú thar oibreoir córais tarchurtha ó Bhallstát a roghnaigh díchuachadh iomlán úinéireachta.

(77)

Ba cheart prionsabal an neamh-idirdhealaithe idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a urramú agus díchuachadh éifeachtach á chur chun feidhme. Chuige sin, níor cheart don duine céanna a bheith in ann rialú ná aon cheart a fheidhmiú, de shárú ar na rialacha maidir le díchuachadh úinéireachta nó maidir le rogha an oibreora córais neamhspleách, ina aonar ná go comhpháirteach, ar comhdhéanamh, vótáil nó cinntí chomhlachtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha nó na gcóras tarchurtha agus chomhlachtaí an táirgeora nó an tsoláthróra in éineacht. I dtaca le díchuachadh úinéireachta agus réiteach an oibreora córais neamhspleách, ar choinníoll go bhfuil an Ballstát ábhartha in ann a léiriú gur comhlíonadh na ceanglais ábhartha, ba cheart dhá chomhlacht poiblí ar leithligh a bheith in ann gníomhaíochtaí giniúna agus soláthair a rialú, ar láimh amháin, agus gníomhaíochtaí tarchurtha a rialú, ar an láimh eile.

(78)

Ba cheart feidhm a bheith ag deighilt iomlán éifeachta idir gníomhaíochtaí gréasáin agus gníomhaíochtaí soláthair agus giniúna ar fud an Aontais maidir le gnóthais de chuid an Aontais agus gnóthais neamh-Aontais araon. Chun a áirithiú go bhfanfaidh gníomhaíochtaí gréasáin agus gníomhaíochtaí soláthair agus giniúna ar fud an Aontais neamhspleách óna chéile, ba cheart údaráis rialála a chumhachtú chun diúltú d'oibreoirí córas tarchurtha a dheimhniú nach gcomhlíonann na rialacha maidir le díchuachadh. Chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart do na húdaráis rialála an aird is mó is féidir a thabhairt ar thuairim an Choimisiúin agus cinntí maidir le deimhniú á ndéanamh acu. Sa bhreis air sin, chun a áirithiú go ndéanfar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a urramú, agus chun dlúthpháirtíocht agus cinnteacht fuinnimh laistigh den Aontas a áirithiú, ba cheart an ceart a bheith ag an gCoimisiún tuairim a thabhairt maidir le deimhniú d'úinéir córais tarchurtha nó d'oibreoir córais tarchurtha arna rialú ag duine nó ag daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha.

(79)

Níor cheart é a bheith mar thoradh ar nósanna imeachta údarúcháin go mbeadh ualaí riaracháin díréireach le méid na dtáirgeoirí ná leis an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu. Is féidir le nósanna imeachta údarúcháin lena mbaineann fad míchuí a bheith ina mbacainn roimh rochtain d'iontrálaithe nua sa mhargadh.

(80)

Is gá d'údaráis rialála a bheith in ann cinntí a dhéanamh maidir le gach saincheist rialála má tá an margadh inmheánach don leictreachas le feidhmiú go cuí, agus a bheith go hiomlán neamhspleách ó aon leas poiblí nó príobháideach eile. Ní chuirfidh sé sin cosc ar athbhreithniú breithiúnach ná ar fhormhaoirseacht pharlaiminteach i gcomhréir le dlíthe bunreachtúla na mBallstát. Sa bhreis air sin, ní bacainn roimh neamhspleáchas buiséadach é fhormheas an reachtóra náisiúnta ar bhuiséad an rialálaí. Ba cheart na forálacha a bhaineann leis an neamhspleáchas i gcur chun feidhme an bhuiséid arna leithdháileadh ar an údarás rialála a chur chun feidhme mar chuid den chreat arna sainiú faoin dlí buiséadach agus rialacha buiséadacha náisiúnta. Agus iad ag rannchuidiú le neamhspleáchas an údaráis rialála ó aon leas polaitiúil nó eacnamaíoch trí scéim sealaíochta iomchuí, ba cheart go mbeadh sé indéanta ag na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar na hacmhainní daonna atá ar fáil agus ar an líon daoine atá ar an mbord.

(81)

Ba cheart do na húdaráis rialála a bheith in ann taraifí, nó na modheolaíochtaí ar a ríomhtar na taraifí, a shocrú nó a fhormheas, ar bhonn togra ón oibreoir córais tarchurtha nó oibreoir nó oibreoirí córas dáileacháin, nó ar bhonn togra arna chomhaontú idir na hoibreoirí sin agus úsáideoirí an ghréasáin. Agus na cúraimí sin á ndéanamh acu, ba cheart do na húdaráis rialála a áirithiú go bhfuil na taraifí tarchurtha agus dáileacháin neamh-idirdhealaitheach agus ina léiriú ar chostais, agus ba cheart na costais fhadtéarmacha, imeallacha gréasáin a seachnaíodh ón nginiúint dháilte agus ó bhearta bainistíochta freagartha don éileamh a chur san áireamh iontu.

(82)

Ba cheart do na húdaráis rialála taraifí aonair eangaigh do na gréasáin tarchurtha agus dáileacháin a shocrú agus a fhormheas nó modheolaíocht a shocrú agus a fhormheas, nó an dá rud. Sna cásanna sin, ba cheart neamhspleáchas na n-údarás rialála i socrú taraifí gréasáin de bhun phointe (b)(ii) d'Airteagal 57(4) a chaomhnú.

(83)

Ba cheart do na húdaráis rialála a áirithiú go ndéanann oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin na bearta iomchuí chun a ngréasán a dhéanamh níos athléimní agus níos solúbtha. Chuige sin, ba cheart dóibh faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-oibreoirí sin bunaithe ar tháscairí amhail an acmhainneacht atá ag oibreoirí córas tarchurtha agus ag oibreoirí córas dáileacháin sreanga a oibriú faoi rátáil dhinimiciúil sreang, cianfhaireachán agus rialú fíor-ama fo-stáisiúin a fhorbairt agus caillteanas ón eangach mar aon le minicíocht agus ré na mbristí cumhachta a laghdú.

(84)

Ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis rialála cinntí ceangailteacha a eisiúint i dtaca le gnóthais leictreachais agus pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais leictreachais nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis rialála a bheith in ann faisnéis ábhartha a iarraidh ó ghnóthais leictreachais, imscrúduithe iomchuí agus leordhóthanacha a dhéanamh, agus díospóidí a réiteach. Ba cheart an chumhacht a dheonú freisin do na húdaráis rialála cinneadh a dhéanamh, gan beann ar rialacha iomaíochta a chur i bhfeidhm, maidir le bearta iomchuí lena ndéantar na tairbhí do chustaiméirí a áirithiú trí iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn atá riachtanach d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas.

(85)

Ba cheart do na húdaráis rialála comhordú a dhéanamh ina measc féin nuair a bhíonn a gcuid cúraimí á gcur i gcrích acu chun a áirithiú go gcomhlíonann an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (“ENTSO don Leictreachas”), an tEintiteas Eorpach d'Oibreoirí Córas Dáileacháin (“eintiteas AE do OCDanna”), agus lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a gcuid oibleagáidí faoi chreat rialála an mhargadh inmheánaigh don leictreachas, agus cinntí na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Le leathnú fhreagrachtaí oibríochtúla ENTSO don Leictreachas, eintiteas AE do OCDanna agus na lárionad comhordúcháin réigiúnach, is gá feabhas a chur ar fhormhaoirseacht i dtaca leis na heintitis sin atá ag oibriú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal réigiúnach. Ba cheart do na húdaráis rialála dul i gcomhairle le chéile agus ba cheart dóibh a bhformhaoirseacht a chomhordú chun go sainaithneoidís go comhpháirteach cásanna nach gcomhlíonann ENTSO don Leictreachas, eintiteas AE do OCDanna nó na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a gcuid oibleagáidí faoi seach.

(86)

Ba cheart an chumhacht a dheonú do na húdaráis rialála freisin cabhrú chun ardchaighdeáin oibleagáidí na seirbhíse uilíche agus na seirbhíse poiblí a áirithiú i gcomhréir le hoscailt an mhargaidh, chun a áirithiú go ndéanfar custaiméirí leochaileacha a chosaint, agus chun éifeachtacht iomlán na mbeart cosanta tomhaltóirí a áirithiú. Níor cheart gur dochar na forálacha sin do chumhachtaí an Choimisiúin a bhaineann le rialacha iomaíochta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar chumaisc a bhfuil gné Aontais ag baint leo, agus do na rialacha faoin margadh inmheánach, amhail na rialacha maidir le saorghluaiseacht chaipitil. Is féidir leis an gcomhlacht neamhspleách a bhfuil an ceart ag páirtí a ndearna cinneadh de chuid údaráis rialála difear dó achomharc a chur faoina bhráid a bheith ina chúirt nó ina bhinse eile atá cumhachtaithe athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh.

(87)

Ní cheileann an Treoir seo agus Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) ar na Ballstáit an deis a gcuid beartas fuinnimh náisiúnta a cheapadh agus a eisiúint. Dá bhrí sin, ag brath ar shocruithe bunreachtúla an Bhallstáit, d'fhéadfadh sé gurb é inniúlacht an Bhallstáit é an creat beartais a chinneadh ina bhfuil na húdaráis rialála le hoibriú, mar shampla i dtaca le cinnteacht an tsoláthair. Mar sin féin, níor cheart do threoirlínte ginearálta i ndáil leis an mbeartas fuinnimh arna eisiúint ag an mBallstát cur isteach ar neamhspleáchas ná ar fhéinriail na n-údarás rialála.

(88)

Le Rialachán (AE) 2019/943, foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún treoirlínte nó cóid ghréasáin a ghlacadh chun an méid comhchuibhithe is gá a bhaint amach. Na treoirlínte nó cóid ghréasáin sin, ar bearta cur chun feidhme ceangailteacha iad, is úsáideach an uirlis iad i dtaca le forálacha áirithe den Treoir seo freisin, uirlis is féidir a chur in oiriúint go tapa i gcás inar gá sin.

(89)

Ba cheart do na Ballstáit agus do Chomhpháirtithe Conarthacha sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh (11) dul i ndlúthchomhar ar chúrsaí a bhaineann le réigiún comhtháite trádála leictreachais a fhorbairt agus níor cheart dóibh aon bheart a dhéanamh a chuirfeadh comhtháthú breise na margaí leictreachais, ná cinnteacht soláthair na mBallstát agus na gComhpháirtithe Conarthacha, i mbaol.

(90)

Ba cheart an Treoir seo a léamh in éineacht le Rialachán (AE) 2019/943 ina leagtar síos eochairphrionsabail dhearadh nua an mhargaidh don leictreachas faoina mbeifear in ann luach saothair níos fearr a fháil as an tsolúbthacht, a thabharfaidh comharthaí praghsála leormhaithe agus a áiritheoidh go ndéanfar margaí gearrthéarmacha comhtháite a fhorbairt a bheidh ag feidhmiú go maith. Leagtar amach rialacha nua faoi Rialachán (AE) 2019/943 i réimsí éagsúla freisin, lena n-áirítear maidir le sásraí acmhainneachta agus comhar idir oibreoirí córas tarchurtha.

(91)

Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Treoir seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt. Dá réir sin, ba cheart an Treoir seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin, go háirithe an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint a ráthaítear le hAirteagal 8 den Chairt. Tá sé bunriachtanach go mbeadh aon phróiseáil sonraí faoin Treoir seo ag comhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (12)

(92)

Chun an t-íosmhéid comhchuibhithe a sholáthar is gá chun aidhmeanna na Treorach seo a ghnóthú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le rialacha a bhunú maidir leis an méid atá sé de dhualgas ar na húdaráis rialála comhoibriú le chéile agus le ACER agus ina leagfar amach mionsonraí an nós imeachta chun cóid ghréasáin agus treoirlínte gréasáin a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann a áirithiú in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(93)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais idir-inoibritheachta seirbhísí fuinnimh agus a chinneadh chomh maith le nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí méadraithe, ar shonraí tomhaltais, agus ar shonraí a theastaíonn tráth a athraíonn custaiméir go soláthróir eile, freagairt don éileamh agus seirbhísí eile. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(94)

I gcás ina bhfuil feidhm le maolú de bhun Airteagal 66(3), (4) nó (5), ba cheart don mhaolú sin freisin aon fhorálacha sa Treoir seo a chumhdach atá coimhdeach do chur i bhfeidhm roimh ré aon fhorálacha óna bhfuair sé maolú, nó a éilíonn an cur i bhfeidhm roimh ré sin.

(95)

Na forálacha atá i dTreoir 2012/27/AE a bhaineann le margaí leictreachais, amhail na forálacha maidir le méadrú agus billeáil leictreachais, freagairt don éileamh, seoladh tosaíochta agus rochtain ar eangacha le haghaidh comhghiniúint ardéifeachtúlachta, déantar iad a thabhairt cothrom le dáta leis na forálacha atá leagtha síos sa Treoir seo agus atá i Rialachán (AE) 2019/943. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2012/27/AE a leasú dá réir sin.

(96)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon margadh inmheánach don leictreachas atá go hiomlán oibríochtúil a chruthú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(97)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (15), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.

(98)

Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid le Treoir 2009/72/CE. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar Threoir 2009/72/CE.

(99)

Níor cheart gur dochar an Treoir seo d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun Treoir 2009/72/CE a leagtar amach in Iarscríbhinn III a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dáta chur i bhfeidhm na Treorach sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le giniúint, tarchur, dáileadh, stóráil agus soláthar leictreachais, maille le forálacha cosanta tomhaltóirí, d'fhonn margaí leictreachais atá comhtháite i ndáiríre, iomaíoch, dírithe ar an tomhaltóir, solúbtha, cothrom agus trédhearcach a chruthú san Aontas.

Agus leas á bhaint as na buntáistí a bhaineann le margadh comhtháite, is é aidhm don Treoir seo praghsanna agus costais fuinnimh inacmhainne agus trédhearcach do thomhaltóirí, ardleibhéal cinnteachta soláthair agus aistriú rianúil i dtreo córas fuinnimh inbhuanaithe ísealcharbóin a áirithiú. Leagtar síos inti príomhrialacha maidir le heagrú agus feidhmiú earnáil leictreachais an Aontais, go háirithe rialacha maidir le cumhachtú na dtomhaltóirí agus cosaint na dtomhaltóirí, maidir le rochtain oscailte ar an margadh comhtháite, maidir le rochtain an tríú páirtí ar an mbonneagar tarchurtha agus dáileacháin, ceanglais maidir le díchuachadh, agus rialacha maidir le neamhspleáchas na n-údarás rialála sna Ballstáit.

Leagtar amach sa Treoir seo freisin modúlachtaí do na Ballstáit, údaráis rialála agus oibreoirí córas tarchurtha comhar le chéile ionsar margadh inmheánach don leictreachas atá lán-idirnasctha a chruthú a mhéadaíonn lánpháirtiú an leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, saoriomaíocht agus cinnteacht an tsoláthair.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “custaiméir” custaiméir mórdhíola nó deiridh leictreachais;

(2)

ciallaíonn “custaiméir mórdhíola” duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn leictreachas chun é a athdhíol laistigh nó lasmuigh den chóras ina bhfuil an duine sin bunaithe;

(3)

ciallaíonn “custaiméir deiridh” custaiméir a cheannaíonn leictreachas dá úsáid nó dá húsáid féin;

(4)

ciallaíonn “custaiméir teaghlaigh” custaiméir a cheannaíonn leictreachas le haghaidh thomhaltas teaghlaigh an chustaiméara féin, agus gan gníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla san áireamh;

(5)

ciallaíonn “custaiméir neamhtheaghlaigh” duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn leictreachas nach dá úsáid teaghlaigh féin é, lena n-áirítear táirgeoirí, custaiméirí tionsclaíocha, fiontair bheaga agus mheánmhéide, gnólachtaí agus custaiméirí mórdhíola;

(6)

ciallaíonn “micrifhiontar” fiontar a fhostaíonn níos lú ná 10 bhfostaí agus nach mó ná EUR 2 mhilliún a láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán a chláir comhardaithe bhliantúil;

(7)

ciallaíonn “fiontar beag” fiontar a fhostaíonn níos lú na 50 fostaí agus nach mó ná EUR 10 milliún a láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán a chláir comhardaithe bhliantúil;

(8)

ciallaíonn “custaiméir gníomhach” custaiméir deiridh, nó grúpa custaiméirí deiridh, a ghníomhaíonn go comhpháirteach agus a ídíonn nó a stórálann leictreachas a ghintear laistigh dá áitreamh atá suite laistigh de theorainneacha cúnga nó, i gcás go gceadaíonn Ballstát amhlaidh, laistigh d'áitreamh eile, nó a dhíolann leictreachas féinghinte nó a ghlacann páirt i scéimeanna solúbthachta nó éifeachtúlachta fuinnimh, ar choinníoll nach iad na gníomhaíochtaí sin a phríomhghníomhaíocht tráchtála ná a phríomhghníomhaíocht ghairmiúil;

(9)

ciallaíonn “margaí leictreachais” margaí don leictreachas, lena n-áirítear margaí thar an gcuntar agus malairtí leictreachais, margaí chun fuinneamh, toilleas, comhardú agus seirbhísí coimhdeacha a thrádáil sna creataí ama uile, lena n-áirítear réamh-mhargaí, margaí lá amháin roimh ré agus margaí san aon lá amháin;

(10)

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh” rannpháirtí sa mhargadh mar a shainmhínítear é i bpointe (25) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943;

(11)

ciallaíonn “pobal fuinnimh saoránach” eintiteas dlíthiúil:

(a)

atá bunaithe ar rannpháirtíocht dheonach agus oscailte, agus atá á rialú go héifeachtach ag comhaltaí nó scairshealbhóirí ar daoine nádúrtha, údaráis áitiúla, lena n-áirítear bardais, nó fiontair bheaga iad;

(b)

a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige sochair chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a sholáthar dá bhaill nó dá scairshealbhóirí nó do na ceantair áitiúla ina n-oibríonn sé seachas brabús airgeadais a dhéanamh; agus

(c)

a fhéadfaidh a bheith ag gabháil do ghiniúint, lena n-áirítear ginniúint ó fhoinsí in-athnuaite, dáileadh, soláthar, tomhaltas, comhbhailiú, stóráil fuinnimh, seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh nó seirbhísí luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha nó seirbhísí fuinnimh eile a sholáthar dá chomhaltaí nó dá scairshealbhóirí;

(12)

ciallaíonn “soláthar” leictreachas a dhíol, lena n-áirítear a athdhíol, le custaiméirí;

(13)

ciallaíonn “conradh soláthair leictreachais” conradh maidir le leictreachas a sholáthar, ach ní chuimsíonn sé díorthaigh leictreachais;

(14)

ciallaíonn “díorthach leictreachais” ionstraim airgeadais a shonraítear i bpointe (5), (6) nó (7) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), i gcás ina mbaineann an ionstraim sin leis an leictreachas;

(15)

ciallaíonn “conradh leictreachais praghsála dinimiciúla” conradh soláthair leictreachais idir soláthróir agus custaiméir deiridh ina léirítear athrú praghsanna sna spotmhargaí, lena n-áirítear margaí lá roimh ré agus san aon lá amháin, ag eatraimh is comhionann ar a laghad le minicíocht socraíochta an mhargaidh;

(16)

ciallaíonn “táille scortha conartha” muirear nó pionós a ghearrann soláthróirí nó rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú ar chustaiméirí as conradh soláthair nó seirbhíse leictreachais a fhoirceannadh;

(17)

ciallaíonn “táille a bhaineann le hathrú ó sholáthróir” muirear nó pionós, lena n-áirítear táillí scortha conartha, a ghearrann soláthróirí, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú nó oibreoirí córas go díreach nó go hindíreach ar chustaiméirí as soláthróirí a athrú nó as rannpháirtithe a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú a athrú;

(18)

ciallaíonn “comhbhailiú” feidhm a dhéanann duine nádúrtha nó dlítheanach a thiomsaíonn ualaí custaiméirí iolracha nó leictreachas arna ghiniúint lena dhíol, lena cheannach nó lena cheantáil in aon mhargadh leictreachais eagraithe;

(19)

ciallaíonn “comhbhailitheoir neamhspleách” rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú agus nach bhfuil cleamhnaithe le soláthróir an chustaiméara;

(20)

ciallaíonn “freagairt don éileamh” an t-ualach leictreachais a bheith á athrú ag custaiméirí deiridh óna ngnáthphatrúin tomhaltais nó óna bpatrúin tomhaltais reatha mar fhreagra ar chomharthaí margaidh, lena n-áirítear mar fhreagra ar phraghsanna leictreachais atá inathraithe de réir ama nó íocaíochtaí dreasachta, nó mar fhreagra ar ghlacadh thairiscint an chustaiméara deiridh laghdú nó méadú éilimh a dhíol ar phraghas i margadh eagraithe mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún (17), bíodh sin ina aonair nó trí chomhbhailiú;

(21)

ciallaíonn “faisnéis bhilleála” an fhaisnéis a thugtar ar bhille custaiméara deiridh, seachas iarraidh ar íocaíocht;

(22)

ciallaíonn “gnáthmhéadar” méadar analógach nó méadar leictreonach gan an cumas sonraí a tharchur ná a ghlacadh araon;

(23)

ciallaíonn “córas méadraithe chliste” córas leictreonach atá in ann an leictreachas a chuirtear isteach san eangach nó an leictreachas a ídítear ón eangach a thomhas, lena soláthraítear níos mó faisnéise ná gnáthmhéadar, agus atá in ann sonraí a tharchur agus a fháil chun críocha faisnéise, faireacháin agus rialaithe, ag úsáid cumarsáid leictreonach de chineál áirithe;

(24)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht”, i gcomhthéacs an mhéadraithe chliste, dhá cheann nó níos mó de ghréasáin, córais, feistí, feidhmchláir nó comhpháirteanna fuinnimh nó cumarsáide a bheith in ann idir-oibriú, agus faisnéis a mhalartú agus a úsáid chun feidhmeanna riachtanacha a dhéanamh;

(25)

ciallaíonn “tréimhse chun éagothroime a shocrú” tréimhse chun éagothroime a shocrú mar a shainmhínítear í i bpointe (15) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943;

(26)

ciallaíonn “gar d'fhíor-am”, i gcomhthéacs an mhéadraithe chliste, tréimhse ghearr ama, roinnt soicindí de ghnáth nó tréimhse suas go dtí an tréimhse chun éagothroime a shocrú sa mhargadh náisiúnta;

(27)

ciallaíonn “na teicnící is fearr atá ar fáil”, i gcomhthéacs na cosanta sonraí agus na slándála i dtimpeallacht méadraithe chliste, na teicnící is éifeachtaí, is airde agus is oiriúnaí go praiticiúil chun bonn a sholáthar, i bprionsabal, le haghaidh chomhlíonadh rialacha cosanta sonraí agus slándála an Aontais;

(28)

ciallaíonn “dáileadh” iompar leictreachais trí chórais dáileacháin ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais d'fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí, ach ní áirítear an soláthar leis;

(29)

ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin” duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an gcóras dáileacháin i limistéar ar leith agus, i gcás inarb infheidhme, idirnaisc an chórais sin le córais eile a oibriú, agus as an gcothabháil air a áirithiú agus, más gá, as an gcóras sin a fhorbairt, agus as cumas an chórais san fhadtéarma éilimh réasúnta ar dháileadh leictreachais a shásamh;

(30)

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” an cóimheas idir an t-aschur feidhmíochta, seirbhíse, earraí nó fuinnimh, agus an t-ionchur fuinnimh;

(31)

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” nó “fuinneamh in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamh-iontaise, eadhon fuinneamh gaoithe, gréine (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus geoiteirmeach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh toinne agus fuinneamh eile aigéin, hidreachumhacht, bithmhas, gás ó líonadh talún, gás ó ionad cóireála camrais, agus bithghás;

(32)

ciallaíonn “giniúint dháilte” suiteálacha giniúna atá nasctha leis an gcóras dáileacháin;

(33)

ciallaíonn “pointe athluchtaithe” comhéadan atá in ann feithicil leictreach amháin a luchtú in aon am nó ceallra aon fheithicle amháin a mhalartú in aon am amháin;

(34)

ciallaíonn “tarchur” iompar leictreachais tríd an gcóras idirnasctha breis-ardvoltais agus ardvoltais d'fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí deiridh nó ar dháileoirí, ach ní áirítear an soláthar leis;

(35)

ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha” duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an gcóras tarchurtha i limistéar ar leith agus, i gcás inarb infheidhme, as idirnaisc an chórais sin le córais eile a oibriú, agus as an gcothabháil air a áirithiú agus, más gá, as an gcóras sin a fhorbairt, agus as cumas an chórais san fhadtéarma éilimh réasúnta ar tharchur leictreachais a shásamh;

(36)

ciallaíonn “úsáideoir córais” duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn do chóras tarchurtha nó do chóras dáileacháin, nó a soláthraíonn córas den sórt sin dó;

(37)

ciallaíonn “giniúint” leictreachas a tháirgeadh;

(38)

ciallaíonn “táirgeoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a ghineann leictreachas;

(39)

ciallaíonn “idirnascaire” trealamh a úsáidtear chun córais leictreachais a nascadh le chéile;

(40)

ciallaíonn “córas idirnasctha” roinnt córas tarchurtha agus dáileacháin atá nasctha le chéile trí idirnascaire amháin nó níos mó;

(41)

ciallaíonn “sreang dhíreach” sreang leictreachais a nascann láthair giniúna scoite le custaiméir scoite nó sreang leictreachais a nascann táirgeoir agus gnóthas soláthair leictreachais chun a n-áitreabh, fochuideachtaí agus custaiméirí féin a sholáthar go díreach;

(42)

ciallaíonn “córas beag scoite” aon chóras ar lú a thomhaltas ná 3 000 GWh sa bhliain 1996, i gcás ina bhfaightear níos lú ná 5 % den tomhaltas bliantúil trí idirnascadh le córais eile;

(43)

ciallaíonn “córas beag nasctha” aon chóras ar lú a thomhaltas ná 3 000 GWh sa bhliain 1996, i gcás ina bhfaightear níos mó ná 5 % den tomhaltas bliantúil trí idirnascadh le córais eile;

(44)

ciallaíonn “plódú” plódú mar a shainmhínítear é i bpointe (4) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943;

(45)

ciallaíonn “cothromú” cothromú mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943;

(46)

ciallaíonn “fuinneamh don chothromú” fuinneamh don chothromú mar a shainmhínítear é i bpointe (11) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943;

(47)

ciallaíonn “páirtí atá freagrach as cothromú” páirtí atá freagrach as cothromú mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE 2019/943;

(48)

ciallaíonn “seirbhís choimhdeach” seirbhís is gá chun córas tarchurtha nó dáileacháin a oibriú, lena n-áirítear cothromú agus seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta, ach gan bainistiú ar phlódú a áireamh;

(49)

ciallaíonn “seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta” seirbhís a úsáideann oibreoir córais tarchurtha nó oibreoir córais dáileacháin le haghaidh rialú voltais foistine, instealltaí srutha frithghníomhacha tapa, táimhe le haghaidh cobhsaíocht eangaí áitiúla, sruth gearrchiorcaidagus acmhainneacht athshlánaithe i ndiaidh múchta agus acmhainneacht oibríochta oileáin;

(50)

ciallaíonn “lárionad comhordúcháin réigiúnach” lárionad comhordúcháin réigiúnach arna bhunú de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2019/943;

(51)

ciallaíonn “comhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán” comhpháirteanna den ghréasán atá comhtháthaithe leis an gcóras tarchur nó dáileacháin, lena n-áirítear saoráidí stórála, agus a úsáidtear chun na críche amháin go ndéantar oibríocht shlán agus iontaofa an chórais tarchurtha nó dáileacháin a áirithiú, agus nach ann dóibh le haghaidh cothromú ná bainistiú ar phlódú;

(52)

ciallaíonn “gnóthas leictreachais comhtháite” gnóthas atá comhtháite go hingearach nó gnóthas atá comhtháite go cothrománach;

(53)

ciallaíonn “gnóthas atá comhtháite go hingearach” gnóthas leictreachais nó grúpa de ghnóthais leictreachais ina bhfuil an duine céanna nó na daoine céanna i dteideal, go díreach nó go hindíreach, rialú a fheidhmiú, agus go ndéanann an gnóthas nó an grúpa de ghnóthais ceann amháin, ar a laghad, d'feidhmeanna an tarchuir nó an dáilte, agus ceann amháin ar a laghad d'feidhmeanna an ghinte nó an tsoláthair;

(54)

ciallaíonn “gnóthas atá comhtháite go cothrománach” gnóthas leictreachais a dhéanann ceann amháin, ar a laghad, d'fheidhmeanna giniúna lena dhíol, nó tarchuir, nó dáilte, nó soláthair, agus gníomhaíocht eile nach mbaineann leis an leictreachas;

(55)

ciallaíonn “gnóthas gaolmhar” gnóthais chleamhnaithe mar a shainmhínítear é i bpointe (12) d'Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), agus gnóthais ar leis na scairshealbhóirí céanna iad;

(56)

ciallaíonn “rialú” cearta, conarthaí nó modhanna eile, ar leithligh nó le chéile agus ag féachaint do na tosca fíorais agus dlí lena mbaineann, a thugann an deis tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar ghnóthas, go háirithe ar na bealaí seo a leanas:

(a)

úinéireacht nó an ceart chun sócmhainní uile an ghnóthais, nó cuid dá shócmhainní, a úsáid;

(b)

cearta nó conarthaí a thugann tionchar cinntitheach maidir le comhdhéanamh, vótáil nó cinntí chomhlachtaí an ghnóthais;

(57)

ciallaíonn “gnóthas leictreachais” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann ceann amháin, ar a laghad, de na feidhmeanna seo a leanas: giniúint, tarchur, dáileadh, comhbhailiú, freagairt ar éileamh, stóráil fuinnimh, soláthar, nó ceannach leictreachais, agus atá freagrach as na cúraimí tráchtála, teicniúla agus cothabhála a bhaineann leis na feidhmeanna sin, ach nach gcuimsíonn custaiméirí deiridh;

(58)

ciallaíonn “slándáil” idir chinnteacht sholáthar an leictreachais agus chur ar fáil an leictreachais, agus an tsábháilteacht theicniúil;

(59)

ciallaíonn “stóráil fuinnimh”, sa chóras leictreachais, úsáid deiridh an leictreachais a chur siar go dtí tráth níos déanaí ná an uair a gineadh é, nó fuinneamh leictreachais a tiontú go cineál fuinnimh is féidir a stóráil, stóráil fuinnimh den sórt sin, agus fuinneamh den sórt sin a thiontú ar ais ina dhiaidh sin go fuinneamh leictreach nó é a úsáid mar iompróir fuinnimh eile;

(60)

ciallaíonn “saoráid stórála fuinnimh”, sa chóras leictreachais, saoráid ina dtarlaíonn an stóráil fuinnimh.

CAIBIDIL II

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE HEAGRÚ NA HEARNÁLA LEICTREACHAIS

Airteagal 3

Margaí leictreachais atá iomaíoch, dírithe ar an tomhaltóir, solúbtha agus neamh-idirdhealaitheach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh a ndlí náisiúnta bacainn mhíchuí roimh thrádáil trasteorann i leictreachas, roimh rannpháirtíocht tomhaltóirí, lena n-áirítear tríd an bhfreagairt don éileamh, roimh infheistíochtaí go háirithe i nginiúint fuinnimu inathraitheach agus sholúbtha, roimh stóráil fuinnimh, ná roimh an leictrea-shoghluaisteacht ná roimh idirnascairí nua a leathadh amach idir Ballstáit, agus áiritheoidh siad go léireoidh praghsanna leictreachais an soláthar agus an t-éileamh iarbhír.

2.   Nuair a bheidh idirnascairí á bhforbairt, cuirfidh na Ballstáit na spriocanna idirnasctha leictreachais a leagtar amach i bpointe (1) d'Airteagal 4(d) de Rialachán (AE) 2018/1999 san áireamh.

3.   Áiritheoidh an Ballstát nach ann d'aon bhacainní míchuí laistigh den mhargadh inmheánach don leictreachas a mhéid a bhaineann le dul isteach sa mhargadh, oibriú an mhargaidh agus imeacht as an margadh, gan dochar don inniúlacht a choimeádann na Ballstáit i leith tríú tíortha.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit cothrom iomaíochta mar a mbeidh gnóthais leictreachais faoi réir rialacha, táillí agus cóireáil a bheidh trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, go háirithe i ndáil leis an bhfreagracht a chothromú, le rochtain ar mhargaí mórdhíola, le rochtain ar shonraí, le próisis chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus córais bhilleála agus, i gcás inarb infheidhme, le ceadúnú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann rannpháirtithe sa margadh ó thríú tíortha, agus iad ag oibriú laistigh den mhargadh inmheánach don leictreachas, dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear an dlí sin a bhaineann leis an mbeartas comhshaoil agus sábháilteachta.

Airteagal 4

Saor-rogha soláthróra

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí uile in ann leictreachas a cheannach óna rogha soláthróra agus áiritheoidh siad go mbeidh an tsaoirse ag na custaiméirí uile níos mó ná aon chonradh soláthair leictreachais amháin a bheith acu ag an am céanna, ar choinníoll gur ann don nasc agus do na pointí méadraithe is gá.

Airteagal 5

Praghsanna soláthair margadhbhunaithe

1.   Beidh saoirse ag soláthróirí an praghas ag a soláthróidh siad leictreachas do na custaiméirí a chinneadh. Déanfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí iomchuí chun iomaíocht éifeachtach idir na soláthróirí a áirithiú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na custaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh agus atá leochaileach a chosaint de bhun Airteagail 28 agus 29 trí bheartas sóisialta nó trí mhodhanna eile seachas idirghabhálacha poiblí i socrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na Ballstáit idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm i leith shocrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó atá leochaileach. Beidh idirghabhálacha poiblí den sórt sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 4 agus 5.

4.   Maidir le hidirghabhálacha poiblí i leith shocrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais:

(a)

saothróidh siad leas eacnamaíoch ginearálta agus ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun an leas eacnamaíoch ginearálta sin a bhaint amach;

(b)

beidh siad sainmhínithe, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe;

(c)

déanfaidh siad rochtain chomhionann ar ghnóthais leictreachais an Aontais a ráthú do chustaiméirí;

(d)

beidh teorainn ama leo agus beidh siad comhréireach ó thaobh na dtairbhithe de;

(e)

ní éireoidh costais bhreise do rannpháirtithe sa mhargadh astu ar bhealach idirdhealaitheach.

5.   Aon Bhallstát a dhéanfaidh idirghabhálacha poiblí i leith shocrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh siad freisin pointe (d) d'Airteagal 3(3) agus le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1999 a chomhlíonadh, is cuma cé acu an bhfuil nó nach bhfuil líon suntasach de theaghlaigh atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh sa Bhallstát lena mbaineann.

6.   Ar mhaithe le hidirthréimhse chun iomaíocht éifeachtach le haghaidh conarthaí soláthair leictreachais a chruthú idir soláthróirí, agus chun praghsáil miondíola margadhbhunaithe leictreachais atá go hiomlán éifeachtach a bhaint amach i gcomhréir le mír 1, féadfaidh na Ballstáit idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm i leith socrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh agus do mhicrifhiontair nach dtairbhíonn d'idirghabhálacha poiblí de bhun mhír 3.

7.   Idirghabhálacha poiblí de bhun mhír 6, comhlíonfaidh siad na critéir a leagtar amach i mír 4 agus:

(a)

beidh sraith de bhearta ag gabháil leo chun iomaíocht éifeachtach a bhaint amach mar aon le modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i ndáil leis na bearta sin;

(b)

socrófar iad trí úsáid a bhaint as modheolaíocht a áirithíonn cóir neamh-idirdhealaitheach ar sholáthróirí;

(c)

socrófar iad ag praghas a bheidh os cionn an chostais, ar leibhéal ag a bhféadfaidh iomaíocht éifeachtach praghsanna tarlú;

(d)

beidh siad deartha chun aon thionchar diúltach ar an margadh leictreachais mórdhíola a íoslaghdú;

(e)

áiritheoidh siad go mbeidh an fhéidearthacht ag gach tairbhí d'idirghabhálacha poiblí den sórt sin tairiscintí margaidh iomaíocha a roghnú agus go ndéanfar, gach ráithe ar a laghad, na tairbhithe sin a chur ar an eolas go díreach faoi thairiscintí agus coigiltis a bheith ar fáil sa mhargadh iomaíoch, go háirithe faoi chonarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla, agus go dtabharfar cúnamh dóibh athrú go dtí tairiscint mhargadhbhunaithe;

(f)

áiritheoidh siad, de bhun Airteagail 19 agus 21, go mbeidh tairbhithe uile d'idirghabhálacha poiblí den sórt sin i dteideal méadair chliste a fháil suiteáilte gan aon réamhchostas breise do na custaiméirí sin, agus go dtairgfear suiteáil na méadair sin dóibh, agus go gcuirfear ar an eolas iad go díreach faoin bhféidearthacht méadair chliste a shuiteáil agus go dtabharfar an cúnamh is gá dóibh;

(g)

ní leanfaidh astu tras-fhóirdheonú díreach idir custaiméirí a fhaigheann soláthar ar phraghsanna saormhargaidh agus custaiméirí a fhaigheann soláthar ar phraghsanna soláthair rialáilte.

8.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na bearta a dhéantar i gcomhréir le míreanna 3 agus 6 laistigh de 1 mhí amháin tar éis a nglactha agus féadfaidh siad iad a chur i bhfeidhm láithreach. Beidh míniú ag gabháil leis an bhfógra ar an bhfáth nárbh fhéidir le hionstraimí eile an cuspóir atá á shaothrú a ghnóthú go leordhóthanach, conas a chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 4 agus 7 agus cad iad na héifeachtaí a bheidh ag na bearta ar tugadh fógra ina leith ar an iomaíocht. Tabharfar tuairisc san fhógra ar scóip na dtairbhithe, ré na mbeart agus líon na gcustaiméirí teaghlaigh a ndéanann na bearta difear dóibh, agus tabharfar míniú ann ar an gcaoi a ndearnadh na praghsanna rialáilte a chinneadh.

9.   Faoin 1 Eanáir 2022 agus 1 Eanáir 2025, déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, maidir le riachtanas agus comhréireacht na n-idirghabhálacha poiblí faoin Airteagal seo, agus maidir le measúnú ar an dul chun cinn i dtreo iomaíocht éifeachtach a bhaint amach idir soláthróirí agus an t-aistriú go dtí praghsanna margadhbhunaithe. Ballstáit a chuireann praghsanna rialáilte i bhfeidhm i gcomhréir le mír 6, tuairisceoidh siad ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 7, lena n-áirítear ar a mhéid atá soláthróirí a cheanglaítear orthu idirghabhálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm ag comhlíonadh na gcoinníollacha, chomh maith leis an tionchar atá ag praghsanna rialáilte ar chúrsaí airgeadais na soláthróirí sin.

10.   Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Airteagail seo, agus déanfaidh sé tuarascáil ar an gcur chun feidhme sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, chun críche praghsáil miondíola margadhbhunaithe an leictreachais a bhaint amach, agus, más iomchuí, gabhfaidh togra reachtach léi nó tiocfaidh togra reachtach ina dhiaidh. Féadfar críochdháta do na praghsanna rialáilte a bheith ar áireamh sa togra reachtach sin.

Airteagal 6

Rochtain tríú páirtí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme córas le haghaidh rochtain tríú páirtí ar na córais tarchurtha agus dáileacháin a bheidh bunaithe ar tharaifí foilsithe, a bheidh infheidhme maidir leis na custaiméirí uile agus a chuirfear i bhfeidhm ar bhealach oibiachtúil agus gan idirdhealú idir úsáideoirí an chórais. Áiritheoidh na Ballstáit go bhformheasfar na taraifí sin, nó na modheolaíochtaí is bonn lena ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 59 sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm agus go bhfoilseofar na taraifí sin, agus na modheolaíochtaí — i gcás nach mbeidh formheasta ach na modheolaíochtaí — sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

2.   Féadfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha nó dáileacháin rochtain a dhiúltú más rud é nach bhfuil an acmhainneacht riachtanach aige. Tabharfar na cúiseanna cuí-réasúnaithe leis an diúltú sin, go háirithe ag féachaint d'Airteagal 9, agus beidh siad bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil agus a bhfuil údar leo go teicniúil agus go heacnamaíoch. Áiritheoidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, údaráis rialála na mBallstát sin go gcuirfear na critéir sin i bhfeidhm go comhsheasmhach agus gur féidir leis an úsáideoir córais ar diúltaíodh rochtain dó úsáid a bhaint as nós imeachta um réiteach díospóidí. Ina theannta sin, áiritheoidh na húdaráis rialála, i gcás inarb iomchuí agus nuair a dhiúltaítear rochtain, go soláthróidh an oibreoir córais tarchurtha nó an oibreoir córais dáileacháin an fhaisnéis ábhartha maidir leis na bearta a bheadh riachtanach chun an gréasán a threisiú. Soláthrófar an fhaisnéis sin i ngach cás inar diúltaíodh rochtain le haghaidh pointí athluchtaithe. Féadfar táille réasúnach a ghearradh ar an bpáirtí a iarrfaidh an fhaisnéis sin a bheidh ag teacht leis an gcostas a ghabhann leis an bhfaisnéis sin a sholáthar.

3.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le pobail fuinnimh saoránach a bhainistíonn gréasáin dáileacháin.

Airteagal 7

Sreanga díreacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta atá riachtanach ionas gur féidir:

(a)

leis na táirgeoirí agus na gnóthais soláthair leictreachais uile atá bunaithe laistigh dá gcríoch soláthar dá n-áitreabh féin, dá bhfochuideachtaí agus dá gcustaiméirí trí shreang dhíreach agus gan iad a bheith faoi réir nósanna imeachta nó costais riaracháin atá díréireach;

(b)

leis na custaiméirí uile laistigh dá gcríoch, ina n-aonar nó go comhpháirteach, soláthar a fháil trí shreang dhíreach ó tháirgeoirí agus ó ghnóthais soláthair leictreachais.

2.   Leagfaidh na Ballstáit síos na critéir maidir le húdaruithe a dheonú chun sreanga díreacha a thógáil ar a gcríoch. Beidh na critéir sin oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

3.   De thoradh na féidearthachta leictreachas a sholáthar trí shreang dhíreach amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéanfar difear don fhéidearthacht leictreachas a fháil ar conradh i gcomhréir le hAirteagal 6.

4.   Féadfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint chun sreang dhíreach a thógáil, a bheidh faoi réir diúltú a bheith déanta do rochtain ar an gcóras ar bhonn, de réir mar is iomchuí, Airteagal 6 nó tús a bheith curtha le nós imeachta um réiteach díospóidí faoi Airteagal 60.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a dhiúltú sreang dhíreach a údarú más rud é go gcuirfí bac, de dheasca an t-údarú sin a dheonú, ar chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le hoibleagáidí seirbhísí poiblí in Airteagal 9. Tabharfar cúiseanna cuí-réasúnaithe leis an diúltú sin.

Airteagal 8

Nós imeachta um údarú maidir le hacmhainneacht nua

1.   I gcomhair tógáil acmhainneachta giniúna nua, glacfaidh na Ballstáit nós imeachta um údarú, agus seolfar an nós imeachta sin i gcomhréir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

2.   Leagfaidh na Ballstáit síos na critéir maidir le húdaruithe a dheonú i ndáil le hacmhainneacht ghiniúna a thógáil ar a gcríoch. Agus na critéir is iomchuí á gcinneadh acu, breithneoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

sábháilteacht agus slándáil an chórais leictreachais, na suiteálacha agus an trealaimh ghaolmhair;

(b)

cosaint do shláinte agus sábháilteacht phoiblí;

(c)

cosaint an chomhshaoil;

(d)

úsáid talún agus suíomh;

(e)

úsáid talún poiblí;

(f)

éifeachtúlacht fuinnimh;

(g)

cineál na bhfoinsí príomha;

(h)

saintréithe an iarratasóra, amhail cumas teicniúil, eacnamaíoch agus airgeadais;

(i)

comhlíonadh na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 9;

(j)

an méid a rannchuideoidh an acmhainneacht ghiniúna le comhlíonadh sprioc fhoriomlán an Aontais gur fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a bheidh i sciar 32 % d'olltomhaltas deiridh an Aontais in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(k)

an méid a rannchuideoidh an acmhainneacht ghiniúna le laghdú astaíochtaí; agus

(l)

roghanna malartacha seachas acmhainneacht ghiniúna nua a thógáil, amhail réitigh don fhreagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb ann do na nósanna imeachta sonracha, simplithe agus sruthlínithe um údarú le haghaidh giniúint bheag dhíláraithe agus/nó dáilte, lena gcuirfear san áireamh méid theoranta agus tionchar féideartha na giniúna sin.

Féadfaidh na Ballstáit treoirlínte a leagan síos maidir leis an nós imeachta sonrach sin um údarú. Déanfaidh na húdaráis rialála nó údaráis inniúla náisiúnta eile, lena n-áirítear na húdaráis pleanála, na treoirlínte sin a athbhreithniú agus féadfaidh siad leasuithe orthu a mholadh.

I gcás ina mbeidh nósanna imeachta ar leith leagtha síos ag na Ballstáit maidir le ceadanna úsáide talún, ar nósanna imeachta iad is infheidhme maidir le mórthionscadail bhonneagair nua le haghaidh acmhainneacht ghiniúna, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tógáil acmhainneachta giniúna nua a áireamh i raon feidhme na nósanna imeachta sin agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus laistigh d'achar ama iomchuí.

4.   Poibleofar na nósanna imeachta agus na critéir don údarú. Cuirfear na hiarratasóirí ar an eolas faoi na cúiseanna le haon diúltú údarú a dheonú. Beidh na cúiseanna sin oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, cuí-réasúnaithe agus beidh bunús maith leo. Cuirfear nósanna imeachta achomhairc ar fáil d'iarratasóirí.

Airteagal 9

Oibleagáidí seirbhíse poiblí

1.   Gan dochar do mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit, ar bhonn a n-eagrúcháin institiúidigh agus le haird chuí ar phrionsabal na coimhdeachta, go ndéanfar, gan dochar do mhír 2, gnóthais leictreachais a oibriú i gcomhréir le prionsabal na Treorach seo d'fhonn margadh don leictreachas a bhaint amach a bheidh iomaíoch, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ní dhéanfaidh siad idirdhealú idir na gnóthais sin a mhéid a bhaineann lena gcearta ná a n-oibleagáidí.

2.   Le haird iomlán ar fhorálacha ábhartha CFAE, go háirithe Airteagal 106 de, féadfaidh na Ballstáit, ar son an leasa eacnamaíoch ghinearálta, oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar ghnóthais a oibríonn in earnáil an leictreachais, ar oibleagáidí iad a d'fhéadfadh a bheith ag baint le slándáil, lena n-áirítear cinnteacht an tsoláthair, rialtacht, cáilíocht agus praghas an tsoláthair agus cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear an éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus cosaint na haeráide. Beidh oibleagáidí den sórt sin sainithe go soiléir, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus ráthófar leo cothrom rochtana ar chustaiméirí náisiúnta do ghnóthais leictreachais an Aontais. Comhlíonfaidh na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhaineann le socrú na bpraghsanna do sholáthair an leictreachais na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5 den Treoir seo.

3.   I gcás ina dtabharfar cúiteamh airgeadais, cineálacha eile cúitimh agus cearta eisiacha a dheonóidh an Ballstát le haghaidh chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo nó le haghaidh soláthar seirbhíse uilíche mar a leagtar amach in Airteagal 27, is ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach a dhéanfar an méid sin.

4.   Déanfaidh na Ballstáit, ar chur chun feidhme na Treorach seo, an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na bearta uile arna nglacadh chun na hoibleagáidí seirbhíse uilíche agus seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, lena n-áirítear cosaint na dtomhaltóirí agus an chomhshaoil, agus an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith acu ar an iomaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta, teastaíodh maolú ar an Treoir seo le haghaidh na mbeart sin nó ná teastaíodh. Ina dhiaidh sin, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas gach 2 bhliain faoi aon athruithe ar na bearta sin, teastaíodh maolú ar an Treoir seo lena n-aghaidh nó ná teastaíodh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan Airteagail 6, 7 agus 8 den Treoir seo a chur i bhfeidhm a mhéid a chuirfí, de dheasca a gcur i bhfeidhm, bac, i ndlí nó i bhfíoras, ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí arna bhforchur ar ghnóthais leictreachais ar son an leasa eacnamaíoch ghinearálta agus a mhéid nach gcuirfear isteach ar fhorbairt na trádála a oiread agus go mbeadh sé contrártha do leasanna an Aontais. Áirítear ar leasanna an Aontais, inter alia, iomaíocht a mhéid a bhaineann le custaiméirí i gcomhréir le hAirteagal 106 CFAE agus leis an Treoir seo.

CAIBIDIL III

CUMHACHTÚ AGUS COSAINT NA DTOMHALTÓIRÍ

Airteagal 10

Bunchearta conarthacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí deiridh uile i dteideal a soláthar leictreachais a fháil ó sholáthróir, faoi réir chomhaontú an tsoláthróra, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil an soláthróir sin cláraithe, ar choinníoll go gcloífidh an soláthróir leis na rialacha trádála agus cothromúcháin is infheidhme. Maidir leis sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile atá riachtanach chun a áirithiú nach ndéanfar, de dheasca nósanna imeachta riaracháin, idirdhealú in aghaidh soláthróirí atá cláraithe cheana i mBallstát eile.

2.   Gan dochar do rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus Treoir 93/13/CEE ón gComhairle (21), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cearta dá bhforáiltear i míreanna 3 go 12 den Airteagal seo ag custaiméirí deiridh.

3.   Beidh ag custaiméirí deiridh an ceart chun conradh a bheith acu lena soláthróir ina sonraítear an méid seo a leanas:

(a)

céannacht agus seoladh an tsoláthróra;

(b)

na seirbhísí a sholáthraítear, leibhéil cáilíochta na seirbhísí a thairgtear, chomh maith leis an am don nascadh tosaigh;

(c)

na cineálacha seirbhíse cothabhála a thairgtear;

(d)

na bealaí inar féidir faisnéis chothrom le dáta a fháil faoi na taraifí, na muirir chothabhála uile is infheidhme agus faoi na táirgí nó seirbhísí cuachta;

(e)

ré an chonartha, na coinníollacha chun an conradh agus na seirbhísí a athnuachan agus a scor, lena n-áirítear táirgí nó seirbhísí atá cuachta leis na seirbhísí sin, agus cibé an gceadaítear foirceannadh an chonartha gan aon mhuirear a íoc;

(f)

aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach;

(g)

an modh chun tús a chur le nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 26;

(h)

faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi láimhseáil gearán agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa mhír seo, a chuirtear in iúl go soiléir ar an mbille nó ar shuíomh gréasáin an ghnóthais leictreachais.

Beidh na coinníollacha cóir agus beidh siad ar eolas go maith roimh ré. In aon chás, soláthrófar an fhaisnéis sin sula ndéanfar an conradh a thabhairt i gcrích nó a dhearbhú. I gcás ina dtabharfar conarthaí i gcrích trí idirghabhálaithe, tabharfar an fhaisnéis a bhaineann leis na hábhair a leagtar amach sa mhír seo freisin sula dtabharfar an conradh i gcrích.

Déanfar achoimre ar na príomhchoinníollacha conarthacha a thabhairt do chustaiméirí deiridh ar shlí fheiceálach agus i bhfriotal a bheidh beacht agus simplí.

4.   Tabharfar fógra iomchuí do chustaiméirí deiridh faoi aon intinn athrú a dhéanamh ar choinníollacha conarthacha agus cuirfear ar an eolas iad, tráth a thugtar an fógra sin, faoina gceart an conradh a fhoirceannadh. Déanfaidh soláthróirí, ar bhealach trédhearcach agus sothuigthe, fógra a thabhairt go díreach dá gcustaiméirí faoi aon choigeartú ar an bpraghas soláthair agus faoi na cúiseanna leis an gcoigeartú, na réamhchoinníollacha a ghabhann leis, agus a scóip, ag tráth iomchuí nach déanaí ná 2 sheachtain, nó tráth nach déanaí ná mí amháin i gcás custaiméirí teaghlaigh, roimh theacht i bhfeidhm an choigeartaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil saoirse ag custaiméirí deiridh a gconarthaí a fhoirceannadh mura nglacfaidh siad le coinníollacha nua conarthacha nó leis na coigeartuithe ar an bpraghas soláthair ar thug a soláthróir fógra dóibh ina leith.

5.   Déanfaidh soláthróirí faisnéis thrédhearcach a sholáthar do chustaiméirí deiridh faoi na praghsanna agus na taraifí is infheidhme agus faoi na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha, maidir le rochtain ar sheirbhísí leictreachais agus úsáid na seirbhísí sin.

6.   Déanfaidh soláthróirí rogha leathan modhanna íocaíochta a thairiscint do chustaiméirí deiridh. Ní dhéanfaidh modhanna íocaíochta den sórt sin idirdhealú míchuí idir custaiméirí. Aon difríocht sna muirir a bhaineann le modhanna íocaíochta nó le córais réamhíocaíochta, beidh sí oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní rachaidh sí thar na costais dhíreacha atá le seasamh ag an íocaí as modh íocaíochta sonrach nó as córas réamhíocaíochta a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

7.   De bhun mhír 6, ní dhéanfar custaiméirí teaghlaigh, a bhfuil rochtain acu ar chórais réamhíocaíochta, a chur faoi mhíbhuntáiste de thairbhe na gcóras réamhíocaíochta.

8.   Déanfaidh soláthróirí téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá cóir agus trédhearcach a thairiscint do chustaiméirí deiridh. Na téarmaí agus coinníollacha ginearálta, is i dteanga shoiléir agus shothuigthe a thabharfar iad agus ní bheidh bacainní neamhchonarthacha ar fheidhmiú chearta na gcustaiméirí iontu, mar shampla doiciméadú conarthach iomarcach. Déanfar custaiméirí a chosaint ar mhodhanna díolacháin atá éagórach nó míthreorach.

9.   Beidh ag custaiméirí deiridh an ceart ar chaighdeán maith seirbhíse agus ar láimhseáil gearán ag a soláthróirí. Déanfaidh soláthróirí gearáin a láimhseáil ar bhealach simplí, cóir agus pras.

10.   Agus seirbhís uilíoch á rochtain acu de réir na bhforálacha arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 27, cuirfear custaiméirí deiridh ar an eolas faoina gcearta maidir le seirbhís uilíoch.

11.   Déanfaidh soláthróirí faisnéis iomchuí a sholáthar do chustaiméirí teaghlaigh faoi bhearta malartacha ar an díscor fada go leor roimh aon díscor atá pleanáilte. Féadfaidh bearta malartacha den sórt sin tagairt a dhéanamh d'fhoinsí tacaíochta chun díscor a sheachaint, do óhrais réamhíocaíochta, d'iniúchtaí fuinnimh, do sheirbhísí comhairliúcháin fuinnimh, do phleananna íocaíochta malartacha, do chomhairle faoi bhainistiú fiach nó do mhoratóirí ar dhíscor agus ní bheidh costas breise do na custaiméirí a bhfuil an díscor ag tarlú dóibh i gceist leo.

12.   Déanfaidh soláthróirí cuntas clabhsúir deiridh a sholáthar do chustaiméirí deiridh tar éis aon athrú soláthróra tráth nach déanaí ná sé seachtaine tar éis d'athrú den sórt sin tarlú.

Airteagal 11

Teidlíocht ar chonradh leictreachais praghsála dinimiciúla

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfágfaidh an creat rialála náisiúnta go mbeidh sé ar chumas soláthróirí conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla a thairiscint. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le custaiméirí deiridh a bhfuil méadar cliste suiteáilte acu a iarraidh go ndéanfaí conradh leictreachais praghsála dinimiciúla a thabhairt i gcrích le soláthróir amháin ar a laghad agus le gach soláthróir a bhfuil níos mó ná 200 000 custaiméir deiridh aige.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na soláthróirí na custaiméirí deiridh go hiomlán ar an eolas faoi na deiseanna, na costais agus na rioscaí a bhaineann le conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla den sórt sin, agus áiritheoidh siad go mbeidh soláthróirí faoi cheangal faisnéis a thabhairt do na custaiméirí deiridh dá réir, lena n-áirítear i ndáil leis an ngá go mbeadh méadar leictreachais leormhaith suiteáilte. Déanfaidh na húdaráis rialála faireachán ar fhorbairtí sa margadh agus déanfaidh siad measúnú ar na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ag gabháil le táirgí agus seirbhísí nua agus déileálfaidh siad le cleachtais éagóracha.

3.   Gheobhaidh soláthróirí toiliú ar gach custaiméara deiridh sula ndéanfar an custaiméir sin a athrú go dtí conradh leictreachais praghsála dinimiciúla.

4.   Ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad tar éis fáil a bheith ar chonarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla den chéad uair, déanfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis rialála faireachán ar na forbairtí is mó ar na conarthaí sin, agus foilseoidh siad tuarascáil bhliantúil maidir leis sin, lena n-áirítear tairiscintí margaidh agus an tionchar ar bhillí na dtomhaltóirí agus, go sonrach, leibhéal na luaineachta praghsanna.

Airteagal 12

An ceart chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus rialacha maidir le táillí a bhaineann le hathrú ó sholáthróir

1.   Maidir le hathrú ó sholáthróir amháin go ceann eile nó ó rannpháirtí amháin sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú go ceann eile, déanfar é sin san achar ama is giorra is féidir. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an custaiméir ar mian leis athrú ó sholáthróirí nó ó rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú, agus coinníollacha conarthacha á n-urramú, i dteideal athrú den sórt sin a dhéanamh laistigh de 3 seachtaine ar a mhéad ó dháta na hiarrata. Tráth nach déanaí ná 2026, ní mhairfidh an próiseas chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile níos faide ná 24 uair an chloig agus beidh sé indéanta an méid sin a dhéanamh le linn aon lá oibre.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ngearrfar aon táillí a bhaineann le hathrú ó sholáthróir, ar a laghad, ar chustaiméirí teaghlaigh, ar micrifhiontair agus ar fhiontair bheaga.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do na soláthróirí nó do na rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú táillí scortha conartha a ghearradh ar chustaiméirí i gcás ina scoirfidh na custaiméirí sin go toiliúil conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe roimh dháta aibíochta na gconarthaí sin, ar choinníoll go bhfuil na táillí sin ina gcuid de chonradh a rinne an custaiméir go toiliúil agus go ndéantar na táillí sin a chur in iúl don chustaiméir go soiléir sula ndéantar an conradh. Beidh na táillí sin comhréireach agus ní bheidh siad agus ní rachaidh siad thar an gcaillteanas eacnamaíoch díreach don soláthróir nó don rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú de thoradh an custaiméir an conradh a scor, lena n-áirítear costais aon infheistíochtaí cuachta nó seirbhísí cuachta atá soláthraithe don chustaiméir cheana féin mar chuid den chonradh. Is ar an soláthróir nó ar an rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil do comhbhailiú a bheidh an t-ualach an caillteanas eacnamaíoch díreach a chruthú agus déanfaidh an t-údarás rialála, nó aon údarás inniúil náisiúnta eile, faireachán ar a incheadaithe atá táillí scortha conartha.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an ceart chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile nó ó rannpháirtí amháin sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú go ceann eile a dheonú do chustaiméirí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ó thaobh costais, díchill agus ama de.

5.   Beidh custaiméirí teaghlaigh i dteideal a bheith rannpháirteach i scéimeanna comhchoiteanna chun athrú ó sholáthróirí go cinn eile. Déanfaidh na Ballstáit gach bacainn rialála nó riaracháin a bheadh ann i leith athrú comhchoiteann a dhíchur, agus fós soláthróidh siad creat a áirithíonn an chosaint is mó do thomhaltóirí ionas go seachnófar aon chleachtas mí-úsáideach.

Airteagal 13

Conradh comhbhailiúcháin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an tsaoirse ag na custaiméirí uile seirbhísí leictreachais a cheannach agus a dhíol, lena n-áirítear comhbhailiú, seachas soláthar, go neamhspleách ar a gconradh soláthair leictreachais agus ar ghnóthas leictreachais dá rogha.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar mian le custaiméir deiridh conradh comhbhailiúcháin a thabhairt i gcrích, go mbeidh an custaiméir deiridh i dteideal déanamh amhlaidh gan toiliú na ngnóthas leictreachais lena aghaidh sin a fháil.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú na custaiméirí a chur ar an eolas go hiomlán i dtaobh théarmaí agus coinníollacha na gconarthaí a thairgeann siad dóibh.

3.   Na sonraí ábhartha uile maidir leis an bhfreagairt don éileamh nó na sonraí maidir le leictreachas arna sholáthar agus arna dhíol, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na custaiméirí deiridh i dteideal iad a fháil saor in aisce uair amháin ar a laghad gach tréimhse bhilleála más rud é go n-iarrann an custaiméir an méid sin.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na cearta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a dheonú do na custaiméirí deiridh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ó thaobh costais, díchill agus ama de. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh custaiméirí faoi réir aon cheanglais theicniúla nó riaracháin, nósanna imeachta teicniúla nó riaracháin agus muirir theicniúla nó riaracháin atá idirdhealaitheach óna soláthróir ar an mbunús conradh a bheith acu le rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú.

Airteagal 14

Uirlisí comparáide

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ag custaiméirí teaghlaigh, agus ag micrifhiontair le tomhaltas bliantúil ionchasach is lú ná 100 000 kWh, ar a laghad, saor in aisce, ar uirlis amháin ar a laghad a chuireann i gcomparáid tairiscintí na soláthróirí, lena n-áirítear tairiscintí le haghaidh conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla. Déanfar na custaiméirí a chur ar an eolas go bhfuil na huirlisí sin le fáil agus beidh an fhaisnéis sin ina mbillí nó in éineacht lena mbillí nó déanfar ar bhealach eile é. Comhlíonfaidh an huirlisí ar a laghad na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh siad neamhspleách ó rannpháirtithe sa mhargadh agus áiritheoidh siad go dtugtar cóir chomhionann do ghnóthais leictreachais i dtorthaí an chuardaigh;

(b)

cuirfidh siad in iúl go soiléir cé hiad a gcuid úinéirí agus cén duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag oibriú agus ag rialú na huirlise, chomh maith le faisnéis a thabhairt i dtaobh an chaoi a bhfuil na huirlisí á maoiniú;

(c)

leagfaidh siad amach na critéir shoiléire oibiachtúla a mbeidh an chomparáid bunaithe orthu, lena n-áirítear seirbhísí, agus foilseoidh siad iad;

(d)

úsáidfidh siad friotal atá soiléir agus gan débhrí;

(e)

beidh an fhaisnéis a thabharfaidh siad cruinn agus cothrom le dáta agus luafar an uair dheireanach a tugadh chun dáta í;

(f)

beidh siad inrochtana ag daoine faoi mhíchumas, trína bheith infheicthe, inoibrithe, intuigthe agus stóinseach;

(g)

cuirfidh siad nós imeachta éifeachtach ar fáil chun tuairisciú a dhéanamh ar aon fhaisnéis mhícheart faoi na tairiscintí atá foilsithe; agus

(h)

déanfaidh siad comparáidí, ach fós beidh an méid sonraí pearsanta a iarrtar teoranta do na sonraí atá go hiomlán riachtanach chun an chomparáid a dhéanamh.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh uirlis amháin ar a laghad ann a chlúdóidh an margadh ina iomláine. I gcás ina mbeidh níos mó ná uirlis amháin ann a chlúdóidh an margadh, áireofar sna huirlisí sin, ar bhealach chomh hiomlán agus is praiticiúil, raon tairiscintí leictreachais a chumhdóidh cuid shuntasach den mhargadh agus, i gcás nach gcumhdóidh na huirlisí sin an margadh go hiomlán, ráiteas soiléir chuige sin, sula dtaispeánfar na torthaí;

2.   Na huirlisí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh aon eintiteas, lena n-áirítear cuideachtaí príobháideacha agus údaráis agus comhlachtaí poiblí, iad a oibriú.

3.   Déanfaidh na Ballstáit údarás inniúil a cheapadh le bheith freagrach as marcanna iontaoibhe a eisiúint le haghaidh uirlisí comparáide a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1, agus as a áirithiú go leanfaidh na huirlisí comparáide sin a bhfuil marc iontaoibhe ag gabháil leo de na ceanglais a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh. Beidh an t-údarás sin neamhspleách ar aon rannpháirtithe sa mhargadh agus ar aon oibreoirí uirlise comparáide.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh ar áireamh sna huirlisí comparáide dá dtagraítear i mír 1 critéir chomparáideacha a bhaineann le cineál na seirbhísí a thairgeann na soláthróirí.

5.   Aon uirlis a dhéanann comparáid idir tairiscintí rannpháirtithe sa mhargadh, beidh sí incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar mharc iontaoibhe i gcomhréir leis an Airteagal seo ar bhonn deonach agus neamh-idirdhealaitheach.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 3 agus 5, féadfaidh Ballstáit a roghnú gan foráil do mharcanna iontaoibhe a eisiúint d'uirlisí comparáide más rud é go bhfuil uirlis chomparáid a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1 á soláthar ag údarás poiblí nó comhlacht poiblí.

Airteagal 15

Custaiméirí gníomhacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil custaiméirí deiridh i dteideal gníomhú mar chustaiméirí gníomhacha gan a bheith faoi réir ceanglais theicniúla, ceanglais riaracháin, nósanna imeachta agus muirear, agus muirir ghréasáin nach léiriú ar na costais iad;

2.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na custaiméirí gníomhacha:

(a)

go bhfuil siad i dteideal oibriú go díreach nó trí chomhbhailiú;

(b)

go bhfuil siad i dteideal leictreachas féinghinte a dhíol, lena n-áirítear trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta;

(c)

go bhfuil siad i dteideal a bheith rannpháirteach i scéimeanna solúbthachta agus scéimeanna éifeachtúlachta fuinnimh;

(d)

go bhfuil siad i dteideal bainistiú na suiteálacha atá ag teastáil dá gcuid gníomhaíochtaí a tharmligean chuig tríú páirtí, lena n-áirítear suiteáil, oibriú, láimhseáil sonraí agus cothabháil, gan an tríú páirtí a bheith measta mar bheith ina chustaiméir gníomhach;

(e)

go bhfuil siad faoi réir muirir ghréasáin atá costléiritheach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, a dhéanann cuntas ar leithligh ar an leictreachas a chuirtear isteach san eangach agus ar an leictreachas a ídítear ón eangach, i gcomhréir le hAirteagal 59(9) den Treoir seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943, rud a áirithíonn go rannchuidíonn siad ar bhealach leormhaith agus cothrom le comhroinnt costais fhoriomlán an chórais;

(f)

go bhfuil freagrach ar bhonn airgeadais de as aon mhíchothromaíochtaí sa chóras leictreachais arb iad is cúis leo; a mhéid a bhaineann leis sin, is páirtithe freagrachta cothromaíochta a bheidh iontu nó déanfaidh siad a bhfreagracht chothromaíochta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/943.

3.   Féadfaidh Ballstáit forálacha éagsúla a bheith acu ina ndlí náisiúnta is infheidhme maidir le custaiméirí aonair gníomhacha agus custaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gníomhú go chomhpháirteach, ar choinníoll go ndéantar na cearta agus oibleagáidí uile faoin Airteagal seo a chur i bhfeidhm i leith gach custaiméir ghníomhaigh. Aon éagsúlacht sa chóir i leith custaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gníomhú go comhpháirteach, beidh sí comhréireach agus cuí-réasúnaithe.

4.   Ballstáit a bhfuil scéimeanna atá ann cheana acu nach ndéanann cuntas ar leithligh ar an leictreachas a chuirtear isteach san eangach agus an leictreachas a ídítear ón eangach, ní dhéanfaidh siad aon chearta nua a dheonú faoi scéimeanna den sórt sin tar éis an 31 Nollaig 2023. In aon chás, na custaiméirí atá faoi réir scéimeanna atá ann cheana, beidh an fhéidearthacht acu ag aon tráth ar leith scéim nua a roghnú trína ndéantar cuntas ar leithligh ar an leictreacha a chuirtear isteach san eangach agus ar an leictreachas a ídítear ón eangach mar bhunús chun muirir ghréasáin a ríomh.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na tomhaltóirí gníomhacha a bhfuil úinéireacht ar shaoráid stórála acu:

(a)

go mbeidh acu an ceart nascadh leis an eangach laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis iarraidh chuige sin a dhéanamh, ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha is gá, amhail freagracht chothromúcháin agus méadrú leormhaith, comhlíonta;

(b)

nach bhfuil siad faoi réir aon mhuirir dhúbailte, lena n-áirítear muirir ghréasáin, le haghaidh leictreachas stóráilte a fhanann ina n-áitreabh nó nuair a bhíonn seirbhísí solúbthachta á soláthar acu d'oibreoirí córais;

(c)

nach bhfuil siad faoi réir ceanglais cheadúnais nó táillí ceadúnais atá díréireach;

(d)

go ligtear dóibh líon éagsúil seirbhísí a sholáthar ag an am céanna, más indéanta é sin go teicniúil.

Airteagal 16

Pobail fuinnimh saoránach

1.   Déanfaidh na Ballstáit creat rialála cumasúcháin a sholáthar do phobail fuinnimh saoránach a áiritheoidh an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil rannpháirtíocht i bpobal fuinnimh saoránach oscailte agus deonach;

(b)

go bhfuil baill nó sairshealbhóirí de phobal fuinnimh saoránach i dteideal an pobal a fhágáil, agus sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 12;

(c)

nach gcailleann baill nó scairshealbhóirí de phobal fuinnimh saoránach a gcearta agus a n-oibleagáidí mar chustaiméirí teaghlaigh nó mar chustaiméirí gníomhacha;

(d)

faoi réir cúiteamh cothrom arna mheas ag an údarás rialála, go ndéanfaidh oibreoirí córais dáileacháin ábhartha comhoibriú le pobail fuinnimh saoránach chun aistrithe leictreachais laistigh de phobail fuinnimh saoránach a éascú;

(e)

go bhfuil pobail fuinnimh saoránach faoi réir nósanna imeachta agus muirir atá neamh-idirdhealaitheach, cothrom, comhréireacha agus trédhearcach, lena n-áirítear i ndáil le clárú agus ceadúnú, chomh maith le muirir ghréasáin atá trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus atá ina léiriú ar an gcostas i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943 rud a áirithíonn go rannchuidíonn siad ar bhealach leormhaith agus cothrom le comhroinnt costais fhoriomlán an chórais.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil sa chreat rialála cumasúcháin i gcás pobail fuinnimh saoránach:

(a)

go bhfuil siad oscailte do rannpháirtíocht trasteorann;

(b)

go bhfuil siad i dteideal úinéireacht a bheith acu ar ghréasáin dáileacháin, nó na gréasáin sin a bhunú, a cheannach nó a léasú, agus go gceadaítear dóibh iad a bhainistiú go neamhspleách faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo;

(c)

go bhfuil siad faoi réir na ndíolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 38(2).

3.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir le pobail fuinnimh saoránach:

(a)

go bhfuil siad in ann rochtain a fháil ar gach margadh leictreachais, bíodh sin go díreach nó trí chomhbhailiú, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach;

(b)

go gcaithtear leo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach maidir lena ngníomhaíochtaí, a gceart agus a n-oibleagáidí mar chustaiméirí deiridh, táirgeoirí, soláthróirí, oibreoirí córas dáileacháin nó rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú;

(c)

go bhfuil siad freagrach ar bhonn airgeadais de as aon mhíchothromaíochtaí sa chóras leictreachais arb iad is cúis leo; a mhéid a bhaineann leis sin, is páirtithe freagrachta cothromaíochta a bheidh iontu nó déanfaidh siad a bhfreagracht chothromaíochta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/943;

(d)

maidir le tomhaltas leictreachais fhéinghinte, déileáiltear le pobail fuinnimh saoránach mar a dhéantar le custaiméirí gníomhacha i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 15(2);

(e)

go bhfuil siad i dteideal socrú a dhéanamh laistigh den phobal fuinnimh saoránach i dtaobh roinnt an leictreachais a tháirgeann na haonaid táirgthe atá faoi úinéireacht an phobail, faoi réir na gceanglas eile a leagtar síos san Airteagail seo agus faoi réir cearta agus oibleagáidí a bheith á gcoimeád ag baill den phobal mar chustaiméirí deiridh.

Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, i gcás ina ndéantar leictreachas a roinnt, ní dochar an méid sin do na muirir, taraifí agus tobhaigh don ghréasán is infheidhme, i gcomhréir le hanailís costais agus tairbhe ar na hacmhainní fuinnimh dáilte atá forbartha ag an údarás inniúil náisiúnta.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an ceart chun gréasáin dáileacháin a bhainistiú a dheonú do phobail fuinnimh saoránach ina limistéar oibriúcháin agus na nósanna imeachta ábhartha a bhunú, gan dochar do Chaibidil IV ná do rialacha agus rialacháin eile is infheidhme maidir le hoibreoirí córais dáileacháin. Má dheonaítear ceart den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit maidir le pobail fuinnimh saoránach:

(a)

go bhfuil siad i dteideal comhaontú maidir le hoibriú a ngréasáin a thabhairt i gcrích leis an oibreoir córais dáileacháin nó oibreoir córais tarchurtha ábhartha a bhfuil a ngréasán ceangailte leis;

(b)

go bhfuil faoi réir muirir ghréasáin iomchuí ag na pointí nasctha idir a gnréasán agus an gréasán dáileacháin lasmuigh den phobal fuinnimh saoránach agus go ndéanann na muirir gréasáin sin cuntas ar leithligh ar an leictreachas a chuirtear isteach sa ghréasán dáileacháin agus ar an leictreachas a ídítear ón ngréasán dáileacháin lasmuigh den phobal fuinnimh saoránach i gcomhréir le hAirteagal 59(7);

(c)

nach ndéanfaidh siad idirdhealú in aghaidh na gcustaiméirí atá fós nasctha leis an gcóras dáileacháin ná nach ndéanfaidh siad aon díobháil dóibh.

Airteagal 17

Freagairt don éileamh trí chomhbhailiú

1.   Ceadóidh agus cothóidh na Ballstáit rannpháirtíocht i bhfreagairt don éileamh trí chomhbhailiú. Ceadóidh na Ballstáit do na custaiméirí deiridh, lena n-áirítear iad siúd a thairgeann freagairt don éileamh trí chomhbhailiú, a bheith rannpháirteach in éineacht le táirgeoirí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach i ngach margadh leictreachais.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na hoibreoirí córas tarchurtha agus leis na hoibreoirí córas dáileacháin, go ndéileálfaidh siad, agus seirbhísí coimhdeacha á soláthar acu, le rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil do fhreagairt don éileamh a chomhbhailiú, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach in éineacht le táirgeoirí, ar bhonn a gcumas teicniúil.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ar áireamh ina gcreat rialála ábhartha na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a)

an ceart atá ag gach rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú, lena n-áirítear comhbhailitheoirí neamhspleácha, dul isteach i margaí leictreachais gan toiliú rannpháirtithe margaidh eile;

(b)

rialacha neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha lena sanntar go soiléir róil agus freagrachtaí do na gnóthais leictreachais uile agus custaiméirí uile;

(c)

rialacha agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha maidir le malartú sonraí idir rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú agus gnóthais leictreachais eile lena n-áiritheofar rochtain fhurasta ar na sonraí ar théarmaí comhionanna agus neamh-idirdhealaitheacha agus lena dtugtar lánchosaint ag an am céanna do shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus do shonraí pearsanta na gcustaiméirí;

(d)

oibleagáid ar rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú bheith freagrach ar bhonn airgeadais de as aon mhíchothromaíochtaí sa chóras leictreachais arb iad is cúis leo; a mhéid a bhaineann leis sin, is páirtithe freagrachta cothromaíochta a bheidh iontu nó déanfaidh siad a bhfreagracht chothromaíochta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal de Rialachán (AE) 2019/943;

(e)

foráil gan custaiméirí deiridh a bhfuil conradh acu le comhbhailitheoirí neamhspleácha a bheith faoi réir íocaíochtaí míchuí, pionóis mhíchuí ná aon sriantaí conarthacha eile míchuí óna soláthróirí;

(f)

sásra maidir le réiteach coinbhleachtaí idir rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú agus rannpháirtithe margaidh eile, lena n-áirítear freagracht as míchothromaíochtaí.

4.   Féadfaidh Ballstáit a cheangal ar ghnóthais leictreachais nó ar chustaiméirí deiridh rannpháirteacha go n-íocfaidh siad cúiteamh airgeadais le rannpháirtithe eile sa mhargadh nó do pháirtithe na rannpháirtithe sa mhargadh atá freagrach as cothromú a ndéantar difear díreach dóibh mar gheall ar fhreagairt ar éileamh a ghníomhachtú. Ní chruthóidh cúiteamh airgeadais den sórt sin bacainn do rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú dul isteach sa mhargadh ná ní bheidh sé ina bhacainn ar sholúbthacht. Sna cásanna sin, beidh an cúiteamh airgeadais teoranta go docht go dtí méid a chumhdaíonn na costais a thabhaíonn soláthróirí na gcustaiméirí rannpháirteacha nó páirtithe na soláthróirí atá freagrach as cothromú le linn ghníomhachtú na freagartha ar éileamh. Sa mhodh chun an cúiteamh a ríomh, féadfar aird a thabhairt ar na sochair a thugann na comhbhailitheoirí neamhspleácha do rannpháirtithe eile sa mhargadh agus, sa chás in dtugtar an aird sin, féadfar a chur de cheangal ar chomhbhailitheoirí nó ar chustaiméirí rannpháirteacha rannchuidiú le cúiteamh den sórt sin, ach é sin amháin más amhlaidh agus sa mhéid nach dtéann na sochair do gach ceann de na soláthróirí, custaiméir agus a bpáirtithe atá freagrach as cothromú thar na costais dhíreacha arna dtabhú. Beidh an modh ríofa faoi réir a fhormheasa ag an údarás rialála nó ag údarás inniúil náisiúnta eile.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis rialála nó, i gcás ina gceanglófar amhlaidh sa chóras dlí náisiúnta, go ndéanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha agus na hoibreoirí córas dáileacháin, i ndlúthchomhar le rannpháirtithe sa mhargadh agus le custaiméirí deiridh, ceanglais theicniúla a bhunú maidir le rannpháirtíocht i bhfreagairt don éileamh sna margaí leictreachais go léir ar bhonn shaintréithe teicniúla na margaí sin agus chumas na freagartha don éileamh. Cumhdófar le ceanglais den sórt sin rannpháirtíocht lena mbaineann ualaí comhbhailithe.

Airteagal 18

Billí agus faisnéis bhilleála

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil billí agus faisnéis bhilleála beacht, éasca le tuiscint, soiléir, gonta, furasta le húsáid agus curtha i láthair ar bhealach a éascóidh do na custaiméirí deiridh comparáid a dhéanamh. Arna iarraidh sin dóibh, gheobhaidh custaiméirí deiridh míniú soiléir agus intuigthe ar an gcaoi ar cuireadh a mbille le chéile, go háirithe nuair nach bhfuil na billí sin bunaithe ar thomhaltas iarbhír.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na custaiméirí deiridh a mbillí uile agus a bhfaisnéis bhilleála uile saor in aisce.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an rogha do na custaiméirí deiridh billí agus faisnéis bhilleála leictreonach a fháil, agus go ndéanfar socruithe solúbtha d'íocaíocht iarbhír an bhille a thairiscint dóibh.

4.   Má fhoráiltear sa chonradh go bhféadfaí athrú ar tháirge nó ar phraghas a thabhairt isteach amach anseo, nó má fhoráiltear sa chonradh do lascaine, déanfar sin a lua ar an mbille in éineacht leis an dáta ar a dtarlóidh an t-athrú sin.

5.   Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le heagraíochtaí tomhaltóirí aon uair a bheidh siad ag smaoineamh ar athruithe a dhéanamh ar na ceanglais maidir le hinneachar na mbillí.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh billí agus faisnéis bhilleála na ceanglais íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 19

Córais méadraithe chliste

1.   Chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus chun na custaiméirí deiridh a chumhachtú, molfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, molfaidh an t-údarás rialála go láidir do ghnóthais leictreachais agus do rannpháirtithe eile sa mhargadh úsáid an leictreachais a bharrfheabhsú, inter alia trí sheirbhísí bainistithe fuinnimh a sholáthar, foirmlí nuálacha praghsála a fhorbairt, agus trí chórais méadraithe chliste atá idir-inoibritheach a thabhairt isteach, go háirithe le córais bhainistithe fuinnimh do thomhaltóirí agus le heangaí cliste i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais méadraithe chliste a leathadh amach ar a gcríocha lena gcuideofar le rannpháirtíocht ghníomhach na gcustaiméirí i margadh an leictreachais. Féadfaidh an leathadh amach sin a bheith faoi réir measúnú costais agus tairbhe a dhéanfar i gcomhréir na bprionsabal a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

3.   Na Ballstáit sin a rachaidh ar aghaidh le córais méadraithe chliste a leathadh amach, glacfaidh siad agus foilseoidh siad na riachtanais íosta fheidhmiúla agus theicniúla le haghaidh na gcóras méadraithe chliste a bheidh le leathadh amach ar a gcríoch, i gcomhréir le hAirteagal 20 agus le hIarscríbhinn II. Áiritheoidh na Ballstáit idir-inoibritheacht na gcóras méadraithe chliste sin chomh maith lena gcumas aschur a sholáthar do chórais bhainistithe fuinnimh do thomhaltóirí. Ina leith sin, beidh aird chuí ag na Ballstáit ar úsáid na gcaighdeán ábhartha atá ar fáil, lena n-áirítear na cinn sin lena gcumasaítear an idir-inoibritheacht, ar na dea-chleachtais agus ar a thábhachtaí atá sé eangacha cliste a fhorbairt agus an margadh inmheánach don leictreachas a fhorbairt.

4.   Na Ballstáit sin a rachaidh ar aghaidh leis na córais méadraithe chliste a leathadh amach, áiritheoidh siad gur ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a rannchuideoidh na custaiméirí deiridh leis na costais a bhaineann leis an leathadh amach, agus aird á tabhairt acu ar na tairbhí fadtéarmacha a bheidh ann don slabhra luacha ina iomláine. Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina bhforálann Ballstát dó, na húdaráis a ainmnithe, faireachán go tráthrialta ar an leathadh amach sin ina gcríocha chun tabhairt i gcrích na dtairbhí do na tomhaltóirí a rianú.

5.   I gcás ina bhfuil measúnú diúltach déanta ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an measúnú sin a athbhreithniú gach 4 bliana ar a laghad, nó níos minice, mar fhreagairt ar athruithe ar na toimhdí bunúsacha agus mar fhreagairt ar fhorbairtí teicneolaíochta agus margaidh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le toradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe nuashonraithe nuair a bheidh sé ar fáil.

6.   Na forálacha maidir le méadrú cliste atá sa Treoir seo, beidh feidhm acu maidir le suiteálacha a bheidh ann sa todhchaí agus maidir le suiteálacha a thagann in ionad seanmhéadair chliste. Maidir le córais méadraithe chliste atá suiteáilte cheana, nó ar thosaigh a “dtús oibreacha” roimh an 4 Iúil 2019, féadfar iad a fhágáil i mbun oibríochta i rith a ré ach, i gcás córais méadraithe chliste nach gcomhlíonann na ceanglais in Airteagal 20 agus in Iarscríbhinn II, ní fhéadfar iad a fhágáil i mbun oibríochta níos faide ná an 5 Iúil 2031.

Chun críche na míre seo, ciallaíonn “tús oibreacha” tús oibreacha tógála ar an infheistíocht nó an chéad ghealltanas ceangailteach chun trealamh a ordú nó aon ghealltanas eile a bhfuil sé mar thoradh air go mbeidh an infheistíocht dochúlaithe, cibé acu is túisce. Ní mheastar gur tús oibreacha é talamh a cheannach ná obair réamhullmhúcháin amhail ceadúnais a fháil agus réamhstaidéir indéantachta a dhéanamh. Maidir le táthcheangail, ciallaíonn ‘tús oibreacha’ an tráth a fhaightear na sócmhainní a bhaineann go díreach leis an mbunaíocht arna fáil.

Airteagal 20

Feidhmiúlachtaí na gcóras méadraithe chliste

I gcás ina bhfuil measúnú dearfach déanta ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 19(2), nó i gcás ina bhfuil córais méadraithe chliste leata amach go córasach tar éis an 4 Iúil 2019, déanfaidh na Ballstáit na córais méadraithe chliste a leathadh amach i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha, le hIarscríbhinn III agus leis na ceanglais seo a leanas:

(a)

tomhaisfidh na córais méadraithe chliste go cruinn an tomhaltas leictreachais iarbhír agus beidh siad in ann faisnéis faoin am úsáide iarbhír a sholáthar don chustaiméir. Déanfar sonraí tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe a chur ar fáil go héasca agus ar bhealach slán agus i bhformáid léirshamhlaithe do na custaiméirí deiridh arna iarraidh sin dóibh agus gan costas breise. Déanfar sonraí tomhaltais atá gar d'fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe a chur ar fáil go héasca agus ar bhealach slán do na custaiméirí deiridh gan aon chostas breise, trí chomhéadan caighdeánaithe nó trí chianrochtain, chun tacú le cláir éifeachtúlachta fuinnimh uathoibrithe, freagairt don éileamh agus seirbhísí eile;

(b)

comhlíonfaidh slándáil na gcóras méadraithe chliste agus na cumarsáide sonraí rialacha slándála ábhartha de chuid an Aontais, agus aird chuí á tabhairt ar na teicnící is fearr atá ar fáil le haghaidh an leibhéal is airde cibearshlándála a áirithiú, agus fós na costais agus prionsabail na comhréireachta á meabhrú;

(c)

comhlíonfaidh príobháideacht na gcustaiméirí deiridh agus cosaint a sonraí rialacha ábhartha cosanta sonraí agus rialacha príobháideachta de chuid an Aontais;

(d)

áiritheoidh na hoibreoirí méadar gur féidir le méadair na gcustaiméirí gníomhacha a chuireann leictreachas isteach san eangach fan leictreachas a chuirtear isteach san eangach ó áitreabh na gcustaiméirí gníomhacha a áireamh;

(e)

má iarrann na custaiméirí deiridh iad, cuirfear sonraí maidir leis an leictreachas a chuireann siad isteach san eangach agus sonraí maidir lena dtomhaltas leictreachais ar fáil dóibh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 24, trí chomhéad an caighdeánaithe cumarsáide nó trí chianrochtain, nó do thríú páirtí atá ag gníomhú thar a gceann, i bhformáid shothuigthe, a chuirfidh ar a gcumas tairiscintí a chur i gcomparáid ar bhonn “macasamhail le macasamhail”;

(f)

tabharfar comhairle agus faisnéis iomchuí do na custaiméirí deiridh roimh nó ag an tráth a shuiteálfar na méadair chliste, go háirithe maidir lena bpoitéinseal iomlán i ndáil le bainistiú léimh an mhéadair agus faireachán ar thomhaltasfuinnimh, agus maidir le bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme de chuid an Aontais.

(g)

fágfaidh na córais méadraithe chliste gur féidir na custaiméirí deiridh a mhéadrú agus a réiteach de réir an taifigh ama chéanna leis an tréimhse chun éagothroime a shocrú sa mhargadh náisiúnta.

Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, beidh sé indéanta ag custaiméirí deiridh a gcuid sonraí méadraithe a aisghabháil nó a tharchur chuig páirtí eile, gan aon chostas breise agus i gcomhréir lena gceart chun iniomparthacht sonraí faoi rialacha cosanta sonraí an Aontais.

Airteagal 21

Teidlíocht ar mhéadar cliste

1.   I gcás ina bhfuil measúnú diúltach déanta ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 19(2), agus nach ndéantar córais méadraithe chliste a leathadh amach go córasach, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil gach custaiméir deiridh i dteideal, arna iarraidh sin dó, cé gurb é féin a sheasfaidh na costais ghaolmhara, méadar cliste a fháil suiteáilte nó, i gcás inarb infheidhme, uasghrádaithe, faoi choinníollacha córa, réasúnacha agus cost-éifeachtacha, ar méadar é a chomhlíonfaidh na ceanglais seo a leanas:

(a)

go mbeidh aige, más indéanta go teicniúil é, na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 20, nó go mbeidh aige íos-tacar feidhmiúlachtaí atá le sainiú agus le foilsiú ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta agus i gcomhréir le hIarscríbhinn II;

(b)

go mbeidh sé idir-inoibrithe agus ábalta an nascthacht is inmhianaithe don bhonneagar méadraithe le córais bainistithe fuinnimh do thomhaltóirí a sholáthar gar d'fhíor-am.

2.   I gcomhthéacs iarraidh ó chustaiméir ar mhéadar cliste de bhun mhír 1, déanfaidh na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla ainmnithe:

(a)

a áirithiú go ndéanfar an méid seo a leanas a shonrú go sainráite maille le tuairisc shoiléir sa tairiscint a thabharfar don chustaiméir deiridh a d'iarr suiteáil an mhéadair chliste:

(i)

na feidhmeanna agus an idir-inoibritheacht is féidir leis an méadar cliste a thacú agus na seirbhísí féideartha chomh maith leis na sochair is féidir a fháil go réalaíoch ach an méadar cliste sin a bheith ag an gcustaiméir an tráth sin;

(ii)

aon chostais ghaolmhara atá le seasamh ag an gcustaiméir deiridh;

(b)

a áirithiú go ndéanfar é a shuiteáil laistigh d'achar réasúnach ama nach déanaí ná 4 mhí tar éis iarraidh an chustaiméara;

(c)

go tráthrialta, agus gach 2 bhliain ar a laghad, na costais ghaolmhara a athbhreithniú agus a chur ar fáil go poiblí, agus éabhlóid na gcostas sin a rianú i bhfianaise fhorbairtí na teicneolaíochta agus aon uasghrádú a d'fhéadfadh a bheith déanta ar an gcóras méadraithe.

Airteagal 22

Gnáthmhéadair

1.   Más rud é nach mbeidh méadair chliste ag custaiméirí deiridh, áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar gnáthmhéadair aonair do chustaiméirí deiridh a thomhaisfidh go cruinn a dtomhaltas iarbhír.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí deiridh in ann a ngnáthmhéadair a léamh gan dua, bíodh sin go díreach nó go hindíreach trí chomhéadan ar líne nó trí chomhéadan iomchuí eile.

Airteagal 23

Bainistiú sonraí

1.   Agus na rialacha maidir le bainistiú agus malartú sonraí á leagan síos acu, sonróidh na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, an t-údarás inniúil atá ainmnithe na rialacha a ghabhann le rochtain ag páirtithe incháilithe ar shonraí an chustaiméara deiridh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le creat dlí an Aontais is infheidhme. Chun críocha na Treorach seo, tabharfar le fios le sonraí go n-áireofar sonraí méadraithe agus tomhaltais chomh maith leis na sonraí a theastaíonn tráth a athraíonn custaiméir go soláthróir eile, freagairt don éileamh agus seirbhísí eile.

2.   Eagróidh na Ballstáit an bainistiú sonraí chun rochtain agus malartú éifeachtúil agus slán a áirithiú maidir leis na sonraí, comh maith le cosaint sonraí agus slándáil sonraí.

Go neamhspleách ar an tsamhail bainistithe sonraí a chuirfear i bhfeidhm i ngach Ballstát, déanfaidh na páirtithe atá freagrach as an mbainistiú sonraí rochtain ar shonraí an chustaiméara deiridh a sholáthar d'aon pháirtí incháilithe, i gcomhréir le mír 1. Beidh na sonraí arna n-iarraidh ar fáil do na páirtithe incháilithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus go comhuaineach. Beifear in ann na sonraí a rochtain go héasca, agus cuirfear na nósanna imeachta ábhartha chun rochtain a fháil ar shonraí ar fáil go poiblí.

3.   Na rialacha maidir le rochtain ar shonraí agus stóráil sonraí chun críocha na Treorach seo, comhlíonfaidh siad dlí ábhartha an Aontais.

Próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

4.   Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla atá ainmnithe na páirtithe atá freagrach as bainistiú sonraí a údarú agus a dheimhniú nó, i gcás inarb infheidhme, a mhaoirsiú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad ceanglais na Treorach seo.

Gan dochar do chúraimí na n-oifigeach cosanta sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ceangal a chur ar na páirtithe atá freagrach as bainistiú sonraí oifigigh chomhlíontachta a cheapadh a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart arna ndéanamh ag na páirtithe sin chun rochtain neamh-idirdhealaitheach ar na sonraí agus comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a áirithiú.

Féadfaidh na Ballstáit oifigigh chomhlíontachta nó comhlachtaí comhlíontachta da dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 35(2) den Treoir seo a cheapadh chun oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.

5.   Ní ghearrfar aon chostais bhreise ar na custaiméirí deiridh as rochtain ar a sonraí ná as a iarraidh go ndéanfaí a gcuid sonraí a chur ar fáil.

Beidh na Ballstáit freagrach as na muirir ábhartha a shocrú maidir le rochtain na bpáirtithe incháilithe ar na sonraí.

Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla ainmnithe a áirithiú go mbeidh aon mhuirear a ghearrann eintitis rialáilte a sholáthraíonn seirbhísí sonraí réasúnach agus cuí-réasúnaithe.

Airteagal 24

Ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta le haghaidh rochtain ar shonraí

1.   Chun iomaíochas sa mhargadh miondíola a chur chun cinn agus chun costais riaracháin iomarcacha a sheachaint do na páirtithe incháilithe, éascóidh na Ballstáit lán-idir-inoibritheacht na seirbhísí fuinnimh laistigh den Aontas.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais idir-inoibritheachta a ghlacadh agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a ghlacadh le haghaidh rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 23(1). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnóthais leictreachais na ceanglais idir-inoibritheachta agus na nósanna imeachta le haghaidh rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a chur bhfeidhm. Beidh na ceanglais agus na nósanna imeachta sin bunaithe ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana.

Airteagal 25

Pointí teagmhála aonair

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear pointí teagmhála aonair ar fáil a sholáthróidh do na custaiméirí an fhaisnéis uile is gá maidir lena gcearta, an dlí is infheidhme agus sásraí um réiteach díospóide a bheidh ar fáil dóibh i gcás díospóide. Féadfaidh pointí teagmhála aonair den sórt sin a bheith ina gcuid de phointí faisnéise tomhaltóra ginearálta.

Airteagal 26

An ceart chun díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na custaiméirí deiridh ar shásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil chun díospóidí a réiteach i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhunaítear faoin Treoir seo, agus go mbeidh sé sin acu trí shásra neamhspleách amhail ombudsman fuinnimh nó comhlacht tomhaltóirí, nó trí údarás rialála. I gcás inar tomhaltóir é an custaiméir deiridh de réir bhrí Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), comhlíonfaidh na sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ceanglais cháilíochta Threoir 2013/11/AE agus déanfar foráil ann, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, maidir le córais aisíocaíochta agus cúitimh.

2.   I gcás inar gá sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh eintitis um réiteach malartach díospóidí le chéile chun sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar i gcás aon díospóid a eascraíonn as táirgí nó seirbhísí atá ceangailte nó cuachta le haon táirge nó seirbhís a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

3.   Beidh rannpháirtíocht gnóthas leictreachais i sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt do chustaiméirí teaghlaigh éigeantach mura rud é go léiríonn an Ballstát don Choimisiún go bhfuil sásraí eile ann atá chomh héifeachtach céanna.

Airteagal 27

Seirbhís uilíoch

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag gach custaiméir teaghlaigh agus, i gcás ina measann na Ballstáit gurb iomchuí é, ag fiontair bheaga seirbhís uilíoch, eadhon an ceart chun soláthar leictreachais a fháil atá de cháilíocht shonraithe laistigh dá gcríoch ar phraghsanna iomaíocha atá éasca agus soiléir le cur i gcomparáid le chéile, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Chun soláthar na seirbhíse uilíche a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit soláthróir na dála deiridh a cheapadh. Cuirfidh na Ballstáit d'oibleagáid ar na hoibreoirí córais dáileacháin custaiméirí a cheangal lena ngréasáin faoi théarmaí, coinníollacha agus taraifí a shocraítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 59(7). Leis an Treoir seo, ní chuirtear cosc ar na Ballstáit a suíomh margaidh a láidriú do chustaiméirí teaghlaigh agus do chustaiméirí neamhtheaghlaigh beaga agus meánmhéide trí na deiseanna tiomsaithe ionadaíochta don aicme sin custaiméirí a chur chun cinn.

2.   Déanfar mhír 1 a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus ní chuirfidh sí bac roimh an saor-rogha soláthróra dá bhforáiltear in Airteagal 4.

Airteagal 28

Custaiméirí leochaileacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí chun custaiméirí a chosaint agus chun a áirithiú go bhfuil coimircí iomchuí ann chun custaiméirí leochaileacha a chosaint. Sa chomhthéacs sin, sainmhíneoidh gach Ballstát coincheap an chustaiméara leochailigh agus d'fhéadfadh an coincheap sin tagairt a dhéanamh don bhochtaineacht fuinnimh agus, inter alia do dhíscor an leictreachais a fhaigheann custaiméirí den sórt sin a thoirmeasc ag amanna criticiúla. Maidir le coincheap na gcustaiméirí leochaileacha, féadfar a áireamh leis leibhéil ioncaim, an sciar den chaiteachas fuinnimh as ioncam indiúscartha, éifeachtúlacht fuinnimh na dtithe, dianspleáchas ar threallamh leictreach ar chúiseanna sláinte, mar gheall ar aois nó bunaithe ar chritéir eile. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear i bhfeidhm na cearta agus na hoibleagáidí atá nasctha le custaiméirí leochaileacha. Go háirithe, déanfaidh siad bearta chun custaiméirí i limistéir iargúlta a chosaint. Áiritheoidh siad ardleibhéil cosanta tomhaltóirí, go háirithe maidir le trédhearcacht i ndáil le téarmaí agus coinníollacha conarthacha, faisnéis ghinearálta agus sásraí um réiteach díospóidí.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí, amhail sochair a sholáthar trí bhíthin a gcóras slándála sóisialta chun an soláthar is gá a áirithiú do chustaiméirí leochaileacha, nó foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht d'fheabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh, chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh nuair a shainaithnítear í de bhun phointe (d) d'Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2018/1999, lena n-áirítear i gcomhthéacs na bochtaineachta i gcoitinne. Ní chuirfidh na bearta sin bac roimh oscailt éifeachtach an mhargaidh a leagtar amach in Airteagal 4 ná roimh fheidhmiú an mhargaidh, agus cuirfear fógra chuig an gCoimisiún fúthu, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le forálacha Airteagal 9(4). Féadfar a áireamh i bhfógraí den sórt sin bearta arna ndéanamh laistigh den chóras ginearálta slándála sóisialta.

Airteagal 29

Bochtaineacht fuinnimh

Nuair a bheifear ag measúnú líon na dteaghlach atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh de bhun phointe (d) d'Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2018/1999, bunóidh agus foilseoidh na Ballstáit sraith de chritéir a bhféadfadh ioncam íseal, caiteachas ard fuinnimh as an ioncam indiúscartha agus droch-éifeachtúlacht fuinnimh a bheith ar áireamh leo.

Tabharfaidh an Coimisiún treoraíocht i dtaobh an tsainmhínithe ar ‘líon suntasach de theaghlaigh atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh’ sa chomhthéacs seo agus i gcomhthéacs Airteagal 5(5), ag tosú ón mbuntuiscint gur féidir le haon chion de theaghlaigh atá buailte ag an mbochtaineachta fuinnimh a bheith suntasach.

CAIBIDIL IV

OIBRIÚ CÓRAS DÁILEACHÁIN

Airteagal 30

Oibreoirí córas dáileacháin a ainmniú

Déanfaidh na Ballstáit, nó cuirfidh siad ceangal ar na gnóthais ar leo na córais dáileacháin nó atá freagrach astu oibreoir córais dáileacháin amháin nó níos mó a ainmniú ar feadh tréimhse ama atá le cinneadh ag na Ballstáit, ag féachaint do chúrsaí éifeachtúlachta agus cothromaíochta eacnamaíche.

Airteagal 31

Cúraimí na n-oibreoirí córas dáileacháin

1.   Beidh an t-oibreoir córais dáileacháin freagrach as a áirithiú go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnta ar dháileadh leictreachais, agus as córas dáileacháin leictreachais atá slán, iontaofa agus éifeachtúil a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt ina limistéar le haird chuí ar an gcomhshaol agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh.

2.   Ar aon chor, ní dhéanfaidh an t-oibreoir córais dáileacháin idirdhealú idir úsáideoirí córais nó idir aicmí d'úsáideoirí córais, go háirithe ar mhaithe lena ghnóthais ghaolmhara.

3.   Cuirfidh an t-oibreoir córais dáileacháin ar fáil d'úsáideoirí an chórais an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun rochtain éifeachtúil a fháil ar an gcóras, lena n-áirítear úsáid a bhaint as.

4.   Féadfaidh Ballstát ceangal a chur ar an oibreoir córais dáileacháin, agus suiteálacha giniúna á seoladh, tosaíocht a thabhairt do na suiteálacha giniúna a úsáideann foinsí n-athnuaite nó a úsáideann comhghiniúint ardéifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/943.

5.   Gníomhóidh oibreoir córais dáileacháin mar éascaitheoir margaidh neodrach chun an fuinneamh a úsáideann sé chun caillteanais fuinnimh i gcóras a chumhdach a sholáthar, i gcomhréir le nósanna imeachta a bheidh trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus bunaithe ar an margadh, i gcás ina bhfuil feidhm den sórt sin aige.

6.   I gcás ina mbíonn oibreoir córais dáileacháin freagrach as soláthar na dtáirgí agus na seirbhísí atá riachtanach le haghaidh oibriú éifeachtach, intaofa agus slán an chórais dáileacháin, beidh rialacha arna nglacadh ag an oibreoir córais dáileacháin ann chun na críche sin agus beidh siad oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus déanfar iad a fhorbairt i gcomhordú leis na hoibreoirí córas tarchurtha nó le rannpháirtithe ábhartha eile sa mhargadh. Na téarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear rialacha agus taraifí i gcás inarb infheidhme, le haghaidh soláthar na dtáirgí agus na seirbhísí sin ag oibreoirí córas dáileacháin, déanfar iad a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 59(7) ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus costléiritheach agus foilseofar iad.

7.   I ndéanamh na gcúraimí dá dtagraítear i mír 6, soláthróidh an t-oibreoir córais dáileacháin na seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta atá ag teastáil dá chóras i gcomhréir le nósanna imeachta atá trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus margadhbhunaithe, mura rud é g o bhfuil sé measúnaithe ag an údarás rialála nach bhfuil soláthar margadhbhunaithe seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta éifeachtach ar bhonn eacnamaíochta agus go bhfuil maolú deonaithe aici. An oibleagáid seirbhís choimhdeach neamhmhinicíochta a sholáthar, níl feidhm aici maidir le comhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán.

8.   Le soláthar na dtáirgí agus na seirbhísí dá dtagraítear i mír 6, áiritheofar rannpháirtíocht éifeachtach na rannpháirtithe cáilithe uile sa mhargadh, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgeann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don fhreagairt don éileamh, oibreoirí saoráidí stórála fuinnimh agus rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú, go háirithe trí cheangal a chur ar údaráis rialála nó ar oibreoirí córas dáileacháin i ndlúthchomhar leis na rannpháirtithe margaidh uile, lena n-áirítear oibreoirí córas tarchurtha, ceanglais theicniúla a bhunú maidir le rannpháirtíocht sna margaí sin ar bhonn shaintréithe teicniúla na margaí sin agus chumas na rannpháirtithe margaidh uile.

9.   Comhoibreoidh oibreoirí córas dáileacháin le hoibreoirí córas tarchurtha ar mhaithe le rannpháirtíocht éifeachtach rannpháirtithe an mhargaidh atá nasctha lena n-eagnach i margaí miondíola, mórdhíola agus cothromúcháin. Maidir le tabhairt i gcrích seirbhísí cothromúcháin a eascraíonn as acmhainní atá suite sa chóras dáileacháin, déanfar é a chomhaontú leis an oibreoir córais tarchurtha ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 57 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 182 de Rialachán (AE) 2017/1485 ón gCoimisiún (24).

10.   Féadfaidh Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ainmnithe ligean d'oibreoirí córas dáileacháin gníomhaíochta'a dhéanamh thar na ngníomhaíochtaí sin dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/943, i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin riachtanach do na hoibreoirí córas dáileacháin chun a gcuid oibleagáidí faoin Treoir seo nó faoi Rialachán (AE) 2019/943 a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil sé measúnaithe ag an údarás rialála go bhfuil gá le maolú den sórt sin. Ní dochar an mhír seo don cheart atá ag oibreoirí córas dáileacháin úinéireacht a bheith acu ar ghréasáin seachas gréasáin leictreachais, iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil ceart den sórt sin deonaithe ag an mBallstát nó ag an údarás inniúil ainmnithe.

Airteagal 32

Dreasachtaí le haghaidh úsáid na solúbthachta i ngréasáin dáileacháin

1.   Cuirfidh na Ballstáit an creat rialála is gá ar fáil chun na hoibreoirí córas dáileacháin a chumasú seirbhísí solúbthachta, lena n-áirítear bainistiú ar phlódú ina limistéir, a sholáthar agus tabharfaidh na Ballstáit dreasachtaí dóibh chuige sin, chun feabhas a chur ar éifeachtúlachtaí in oibriú agus i bhforbairt an chórais dáileacháin. Go háirithe, áiritheoidh na creataí rialála go mbeidh na hoibreoirí córas dáileacháin in ann seirbhísí den sórt sin a sholáthar ó sholáthraithe giniúna dáilte, ón bhfreagairt don éileamh nó ó stóráil fuinnimh agus úsáid bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn, i gcás ina ndéanann na seirbhísí sin, ar bhealach costéifeachtach, laghdú ar an ngá an acmhainneacht leictreachais a uasghrádú nó a athsholáthar agus a thacaíonn le hoibriú éifeachtúil slán an chórais dáileacháin. Déanfaidh oibreoirí córas dáileacháin na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le nósanna imeachta trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus margadhbhunaithe ach amháin sa chás go bhfuil sé suite ag na húdaráis rialála nach bhfuil soláthar na seirbhísí sin éifeachtach ar bhonn eacnamaíochta de nó i gcás ina leanfadh mórshaobhadh ar an margadh nó plódú níos airde as soláthar den sórt sin.

2.   Oibreoirí córas dáileacháin, faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála, nó an t-údarás rialála féin, déanfaidh siad, trí bhíthin próiseas trédhearcach agus rannpháirtíocht ina n-áirítear úsáideoirí córais ábhartha agus oibreoirí córais tarchurtha uile, na sonraíochtaí le haghaidh seirbhísí solúbthachta a bhunú agus, i gcás inarb iomchuí, saineoidh siad na táirgí margaidh caighdeánaithe do na seirbhísí sin, ar a laghad ar an leibhéal náisiúnta. Áiritheoidh na sonraíochtaí sin gur ann dorannpháirtíocht éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach na rannpháirtithe margaidh uile, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgeann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don fhreagairt don éileamh, oibreoirí saoráidí stórála fuinnimh agus rannpháirtithe a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú. Malartóidh na hoibreoirí córas dáileacháin an fhaisnéis uile is gá agus déanfaidh siad comhordú leis na hoibreoirí córas tarchurtha chun a áirithiú go mbainfear úsáid optamach as acmhainní, chun oibriú slán agus éifeachtúil an chórais a áirithiú agus chun forbairt an mhargaidh a éascú. Tabharfar luach saothair iomchuí do na hoibreoirí córas dáileacháin as na seirbhísí sin a sholáthar ionas go mbeidh siad in ann na costais réasúnacha chomhfhreagracha ar a laghad a aisghabháil, lena n-áirítear na speansais is gá maidir le teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus costais bhonneagair is gá.

3.   Beidh forbairt córas dáileacháin bunaithe ar phlean forbartha gréasáin atá trédhearcach agus a chuirfidh na hoibreoirí córas dáileacháin á bhfoilsiú gach 2 bhliain ar a laghad agus a dhéanfaidh siad a chur faoi bhráid an údaráis rialála. Sa phlean forbartha gréasáin, soláthrófar trédhearcacht i dtaobh na seirbhísí solúbthachta meántéarmach agus fadtéarmach atá ag teastáil, agus leagfar amach na hinfheistíochtaí atá beartaithe a dhéanamh go ceann 5 go 10 mbliana ina dhiaidh sin ann, agus béim ar leith ar an bpríomhbhonneagar dáileacháin is gá chun acmhainneacht ghiniúna nua agus ualaí nua a cheangal lena n-áirítear pointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha. Áireofar freisin sa phlean forbartha gréasáin úsáid na freagartha don éileamh, na héifeachtúlachta fuinnimh, na saoráidí stórála fuinnimh nó na n-acmhainní eile atá an t-oibreoir córais dáileacháin le húsáid de rogha ar an gcóras a mhéadú.

4.   Rachaidh an t-oibreoir córais dáileacháin i gcomhairle le gach úsáideoir córais ábhartha agus leis na hoibreoirí córas tarchurtha ábhartha maidir leis an bplean forbartha gréasáin. Foilseoidh an t-oibreoir córais dáileacháin torthaí an phróisis comhairliúcháin, in éineacht leis an bplean forbartha gréasáin, agus déanfaidh siad torthaí an comhairliúcháin agus an plean forbartha gréasáin a chur faoi bhráid an údaráis rialála. Féadfaidh an t-údarás rialála leasuithe ar an bplean sin a iarraidh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan an oibleagáid a leagtar amach i mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais leictreachais chomhtháite a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir ceangailte, nó a fhreastalaíonn ar chórais scoite bheaga.

Airteagal 33

An leictrea-shoghluaisteacht a chomhtháthú sa ghréasán leictreachais

1.   Gan dochar do Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), cuirfidh na Ballstáit an creat rialála is gá ar fáil chun go n-éascófar pointí athluchtaithe a bhfuil rochtain phoiblí orthu agus pointí athluchtaithe príobháideacha a cheangal leis an ngréasán dáileacháin. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh na hoibreoirí córas dáileacháin ar bhonn neamh-idirdhealaitheach le haon ghnóthas ar leis pointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha nó a dhéanann pointí athluchtaithe den sórt sin a fhorbairt, a oibriú nó a bhainistiú, lena n-áirítear maidir leis an gceangal leis an eangach.

2.   Ní bheidh úinéireacht ag oibreoirí córas dáileacháin ar phointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha, ná ní dhéanfaidh siad iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, cé is moite de na cásanna sin ina mbíonn úinéireacht ar phointí athluchtaithe príobháideacha ag oibreoirí córas dáileacháin chun a n-úsáide féin.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit ligean do na hoibreoirí córas dáileacháin uinéireacht a bheith acu ar phointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, ar choinníoll go chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach ndearnadh, tar éis nós imeachta tairisceana a bhí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus atá faoi réir a athbhreithnithe agus a fhormheasa ag an údarás rialála, an ceart a dhámhachtain ar pháirtithe eile úinéireacht a bheith acu ar phointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, nó nach bhféadfadh páirtithe eile na seirbhísí sin a thabhairt i gcrích ar chostas réasúnach agus ar bhealach tráthúil;

(b)

go ndearna an t-údarás rialála measúnú ex ante ar choinníollacha an nós imeachta tairisceana faoi phointe (a) agus gur dheonaigh sé a fhormheas;

(c)

go n-oibríonn an t-oibreoir córais dáileacháin na pointí athluchtaithe ar bhonn rochtana tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 6 agus nach ndéanann sé idirdhealú idir úsáideoirí córais nó aicmí d'úsáideoirí córais, agus go háirithe i bhfabhar na ngnóthas sin atá gaolmhar leis.

Féadfaidh an t-údarás rialála treoirlínte nó clásail soláthair a tharraingt suas mar chúnamh d'oibreoirí córas dáileacháin chun nós imeachta tairisceana cothrom a áirithiú.

4.   I gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 curtha chun feidhme ag Ballstáit, déanfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ainmnithe comhairliúchán poiblí go tráthrialta nó gach 5 bliana ar a laghad chun athmheasúnú a dhéanamh ar spéis fhéideartha na rannpháirtithe eile in úinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú pointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha. I gcás ina léireofar sa chomhairliúchán poiblí go bhfuil páirtithe eile inchurtha le húinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú a dhéanamh ar phointí den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear deireadh de réir a chéile le gníomhaíochtaí na n-oibreoirí córas dáileacháin i dtaobh na nithe sin, ach é sin faoi réir ag nós imeachta tairisceana dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a bheith tugtha chun críche go rathúil. Mar chuid de na coinníollacha don nós imeachta sin, féadfaidh na húdaráis rialála ligean d'oibreoir córas dáileacháin luach iarmharach a infheistíochta a rinneadh sa bhonneagar athluchtaithe a aisghabháil.

Airteagal 34

Cúraimí na n-oibreoirí córas dáileacháin maidir le bainistiú sonraí

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ag na páirtithe incháilithe uile ar shonraí faoi théarmaí soiléire agus comhionanna, i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí ábhartha. Sna Ballstáit sin ina bhfuil córais méadraithe chliste leata amach i gcomhréir le hAirteagal 19 agus ina bhfuil na hoibreoirí córas dáileacháin bainteach le bainistiú sonraí, áireoidh na cláir chomhlíontachta dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 35(2) bearta sonracha chun cosc a chur ar rochtain idirdhealaitheach ar shonraí ag páirtithe incháilithe, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 23. I gcás nach mbeidh na hoibreoirí córas dáileacháin faoi réir Airteagal 35(1), (2) nó (3), déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú nach mbeidh ag gnóthais atá comhtháite go hingearach rochtain phribhléideach ar na sonraí chun a ngníomhaíochtaí soláthair a dhéanamh.

Airteagal 35

Na hoibreoirí córas dáileacháin a dhíchuachadh

1.   I gcás inar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é an t-oibreoir córais dáileacháin, ó thaobh foirm dhlíthiúil, eagrúcháin agus cinnteoireachta de ar a laghad, beidh sé neamhspleách ar ghníomhaíochtaí eile nach mbaineann le dáileadh. De thoradh na rialacha sin, ní chruthófar aon oibleagáid úinéireacht sócmhainní an oibreora córais dáileacháin a dheighilt ón ngnóthas atá comhtháite go hingearach.

2.   Sa bhreis ar na ceanglais faoi mhír 1, i gcás inar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é an t-oibreoir córais dáileacháin, beidh sé neamhspleách ó thaobh eagrúchán agus cinnteoireacht de ar na gníomhaíochtaí eile nach mbaineann le dáileadh. Chun an méid sin a bhaint amach, beidh feidhm ag na critéir íosta seo a leanas:

(a)

na daoine atá freagrach as bainistiú an oibreora córais dáileacháin, ní bheidh siad páirteach i struchtúir cuideachta an ghnóthais leictreachais chomhtháite atá freagrach, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, as oibriú laethúil ghiniúint, tharchur nó sholáthar an leictreachais;

(b)

ní mór bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar leasanna gairmiúla na ndaoine atá freagrach as bainistiú an oibreora córais dáileacháin a chur san áireamh ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh siad in ann gníomhú go neamhspleách;

(c)

ní mór cearta éifeachtacha cinnteoireachta a bheith ag an oibreoir córais dáileacháin, go neamhspleách ar an ngnóthas leictreachais comhtháite, maidir leis na sócmhainní is gá chun an gréasán a oibriú, a chothabháil nó a fhorbairt. Chun na cúraimí sin a chomhlíonadh, beidh teacht ag an oibreoir córais dáileacháin ar na hacmhainní is gá lena n-áirítear acmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais. Níor cheart go bhfágfadh sé sin go stopfaí sásraí comhordúcháin iomchuí a bheith ann chun a áirithiú go dtugtar cosaint do chearta maoirseachta eacnamaíocha agus bainistithe na máthairchuideachta maidir le brabús ar shócmhainní, arna rialáil go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 59(7), i bhfochuideachta. Go háirithe, cuirfidh sé sin ar a cumas na máthairchuideachta plean airgeadais bliantúil, nó aon ionstraim choibhéiseach, de chuid an oibreora córais dáileacháin a fhormheas agus teorainneacha foriomlána a chur le leibhéil fiachais a fochuideachta. Ní ligfidh sé don mháthairchuideachta treoracha a thabhairt maidir le hoibríochtaí ó lá go lá, ná i ndáil le cinntí aonair i dtaobh línte dáileacháin a thógáil nó a uasghrádú, nach dtéann thar théarmaí an phlean airgeadais arna fhormheas, nó thar théarmaí aon ionstraime coibhéisí; agus

(d)

ní mór don oibreoir córais dáileacháin clár comhlíontachta a bhunú, ina leagfar amach bearta a rinneadh chun a áirithiú go gcuirfear cosc ar iompar idirdhealaitheach, agus ní mór dó a áirithiú go ndéanfar faireachán leormhaith ar urramú an chláir sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha a bheidh ar na fostaithe chun an cuspóir sin a bhaint amach. An duine nó an comhlacht atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an gclár comhlíontachta, oifigeach comhlíontachta an oibreora córais dáileacháin, déanfaidh sé tuarascáil bhliantúil ina leagfar amach na bearta atá déanta a chur faoi bhráid an údaráis rialála dá dtagraítear in Airteagal 57(1) agus foilseofar an tuarascáil sin. Beidh oifigeach comhlíontachta an oibreora córais dáileacháin go hiomlán neamhspleách agus beidh rochtain aige ar an bhfaisnéis uile is gá de chuid an oibreora córais dáileacháin agus de chuid aon ghnóthais chleamhnaithe chun a chuid cúraimí a dhéanamh.

3.   I gcás inar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é an t-oibreoir córais dáileacháin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis rialála nó comhlachtaí inniúla eile faireachán ar ghníomhaíochtaí an oibreora córais dáileacháin ionas nach féidir leis leas a bhaint as an gcomhtháthú ingearach chun an iomaíocht a shaobhadh. Go háirithe, ní dhéanfaidh oibreoirí córas dáileacháin atá comhtháite go hingearach, trína gcumarsáid ná trína mbrandáil, mearbhall a chruthú i ndáil le haitheantas leithleach bhrainse an tsoláthair den ghnóthas atá comhtháite go hingearach.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais leictreachais chomhtháite a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir ceangailte, nó a fhreastalaíonn ar chórais bheaga scoite.

Airteagal 36

Úinéireacht saoráidí stórála fuinnimh ag oibreoirí córas dáileacháin

1.   Ní bheidh úinéireacht ag oibreoirí córas dáileacháin ar shaoráidí stórála fuinnimh, ná ní dhéanfaidh siad iad fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit ligean do na hoibreoirí córas dáileacháin úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí stórála fuinnimh, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil siad ina gcomhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán agus ina bhfuil a fhormheas ina leith sin deonaithe ag an údarás rialála, nó i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach ndearnadh, tar éis nós imeachta tairisceana a bhí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, atá faoi réir a athbhreithnithe agus fhormheas an údaráis rialála, an ceart a dhámhachtain ar pháirtithe eile úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí den sórt sin, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, nó nach bhféadfadh páirtithe eile na seirbhísí sin a thabhairt i gcrích ar chostas réasúnach agus ar bhealach tráthúil;

(b)

go bhfuil gá leis na saoráidí sin ionas gur féidir leis na hoibreoirí córas dáileacháin a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh maidir le hoibriú éifeachtúil, iontaofa agus slán an chórais dáileacháin agus nach n-úsáidtear na saoráidí chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais; agus

(c)

go ndearna an t-údarás rialála measúnú ar riachtanas maolaithe den sórt sin agus go ndearna sé measúnú ar an nós imeachta tairisceana, lena n-áirítear coinníollacha an nós imeachta tairisceana sin, agus gur dheonaigh sé a fhormheas.

Féadfaidh an t-údarás rialála treoirlínte nó clásail soláthair a tharraingt suas mar chúnamh d'oibreoirí córas dáileacháin chun nós imeachta tairisceana cothrom a áirithiú.

3.   Déanfaidh na húdaráis rialála comhairliúchán poiblí go tráthrialta nó gach 5 bliana ar a laghad i dtaca leis na saoráidí stórála fuinnimh atá cheana ann chun measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht agus spéis fhéideartha na rannpháirtithe margaidh infheistíocht a dhéanamh i saoráidí den sórt sin. I gcás ina léireofar sa chomhairliúchán poiblí, de réir mar atá measúnaithe ag an údarás rialála, go bhfuil tríú páirtithe inchurtha le húinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú saoráidí den sórt sin ar bhealach cost-éifeachtach, áiritheoidh an t-údarás rialála go gcuirfear deireadh de réir a chéile le gníomhaíochtaí na n-oibreoirí córas dáileacháin i dtaobh na nithe sin laistigh de 18 mí. Mar chuid de na coinníollacha don nós imeachta sin, féadfaidh na húdaráis rialála ligean d'oibreoirí córas dáileacháin cúiteamh réasúnach a fháil, go háirithe luach iarmharach na hinfheistíochta a rinneadh sna saoráidí stórála fuinnimh a aisghabháil.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le comhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán ná maidir le gnáth-thréimhse dímheasa saoráidí nua stórála ceallra ag a bhfuil cinneadh infheistíochta críochnaithí go dtí an 4 Iúil 2019, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith na saoráidí stórála ceallra sin:

(a)

tá siad nasctha leis an eangach ar a dhéanaí 2 bhliain ina dhiaidh sin;

(b)

tá siadcomhtháite sa chóras dáileacháin;

(c)

ní úsáidtear iad ach le haghaidh athshlánú láithreach freagarthach shlándáil an ghréasáin i gcás go dtarlaíonn teagmhais ghréasáin i gcás ina dtosaíonn an beart athshlánaithe sin láithreach agus ina gcríochnaíonn sé nuair is féidir le hathsheoladh an tsaincheist a réiteach; agus

(d)

ní úsáidtear iad chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais, lena n-áirítear cothromúchán.

Airteagal 37

Oibleagáid rúndachta na n-oibreoirí córas dáileacháin

Gan dochar d'Airteagal 55 ná d'aon cheanglas dlí eile faisnéis a nochtadh, déanfaidh oibreoir córais dáileacháin rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú, ar faisnéis í a gheobhaidh sé agus é i mbun a ghnó, agus cuirfidh sé cosc ar fhaisnéis faoina ghníomhaíochtaí féin, ar faisnéis í a bhféadfaí buntáiste tráchtála a bhaint aisti, a nochtadh ar bhealach idirdhealaitheach.

Airteagal 38

Córais dáileacháin iata

1.   Córas a dháileann leictreachas laistigh de shuíomh tionsclaíoch, tráchtála nó seirbhísí comhroinnte atá críochaithe go geografach agus nach soláthraíonn, gan dochar do mhír 4, do chustaiméirí teaghlaigh, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh údaráis rialála nó údaráis inniúla eile an córas sin a aicmiú mar chóras dáileacháin iata más rud é:

(a)

ar chúiseanna sonracha teicniúla nó sábháilteachta, go bhfuil oibríochtaí nó próisis táirgthe úsáideoirí an chórais sin comhtháite; nó

(b)

gur ar úinéir nó ar oibreoir an chórais agus ar a ghnóthais ghaolmhara go príomha a dháileann an córas sin leictreachas.

2.   Measfar gur córais dáileacháin iad na córais dáileacháin iata chun críocha na Treorach seo. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh údaráis rialála oibreoir córais dáileacháin iata a dhíolmhú ón méid seo a leanas:

(a)

an ceanglas faoi Airteagal 31(5) agus (7) i gcomhréir le nósanna imeachta atá trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus bunaithe ar an margadh a sholáthróidh sé an fuinneamh a úsáideann sé chun caillteanais fuinnimh agus na seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta ina chóras a chumhdach;

(b)

an ceanglas faoi Airteagal 6(1) go ndéanfar taraifí, nó na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh, a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 59(1)sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

(c)

na ceanglais faoi Airteagal 32(1) seirbhísí solúbthachta a sholáthar agus faoi Airteagal 32(3) córas an oibreora a fhorbairt ar bhonn pleananna forbartha gréasáin;

(d)

an ceanglas faoi Airteagal 33(2) nach bhféadfaidh sé úinéireacht a bheith aige ar phointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha, ná iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú; agus

(e)

an ceanglas faoi Airteagal 36(1) nach bhféadfaidh sé úinéireacht a bheith aige ar shaoráidí stórála fuinnimh, ná iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú.

3.   I gcás ina ndeonófar díolúine faoi mhír 2, déanfar na taraifí is infheidhme, nó na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh, a athbhreithniú agus a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 59(1), arna iarraidh sin d'úsáideoir de chuid an chórais dáileacháin iata.

4.   Ní chuirfear cosc ar dhíolúine faoi mhír 2 a dheonú mar gheall ar úsáid theagmhasach ag líon beag teaghlach a bhfuil comhlachas fostaíochta nó comhlachas comhchosúil eile acu le húinéir an chórais dáileacháin agus atá lonnaithe laistigh den limistéar a bhfreastalaíonn an córas dáileacháin iata air.

Airteagal 39

Oibreoir comhcheangailte

Ní dhéanfaidh Airteagal 35(1) cosc a chur ar oibríocht oibreora córais tarchurtha agus oibreora córais dáileacháin, atá comhcheangailte, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an t-oibreoir Airteagal 43(1), Airteagail 44 agus 45, nó Roinn 3 de Chaibidil VI, nó go dtiocfaidh an t-oibreoir faoi Airteagal 66(3).

CAIBIDIL V

RIALACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDHME MAIDIR LE HOIBREOIRÍ CÓRAIS TARCHURTHA

Airteagal 40

Cúraimí na n-oibreoirí córas tarchurtha

1.   Beidh gach oibreoir córais tarchurtha freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnacha ar tharchur leictreachais, agus as córas tarchurtha atá slán, iontaofa agus éifeachtúil a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt i ndea-chaoi eacnamaíoch le haird chuí ar an gcomhshaol, i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí córas tarchurtha agus leis na hoibreoirí córas dáileacháin comharsanacha;

(b)

a áirithiú go mbeidh modhanna iomchuí ann chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh;

(c)

cur le cinnteacht an tsoláthair trí acmhainneacht tarchurtha leormhaith agus trí iontaofacht córais leormhaith;

(d)

na sreafaí leictreachais ar an gcóras a bhainistiú, ag cur san áireamh malartuithe le córais idirnasctha eile. Chuige sin, beidh an t-oibreoir córais tarchurtha freagrach as a áirithiú go mbeidh an córas leictreachais slán, iontaofa agus éifeachtúil agus, sa chomhthéacs sin, as a áirithiú go mbeidh fáil ar na seirbhísí coimhdeacha uile is gá, lena n-áirítear na seirbhísí sin a sholáthróidh an fhreagairt don éileamh agus saoráidí stórála fuinnimh, sa mhéid go bhfuil an fháil ar na seirbhísí sin neamhspleách ar aon chóras tarchurtha eile a bhfuil a chóras idirnasctha leis;

(e)

a leordhóthain faisnéise a sholáthar d'oibreoir aon chórais eile a bhfuil sé idirnasctha leis chun oibriú slán agus éifeachtúil, forbairt chomhordaithe agus idir-inoibritheacht an chórais idirnasctha a áirithiú;

(f)

an neamh-idirdhealú a áirithiú idir úsáideoirí córais nó idir aicmí d'úsáideoirí córais, go háirithe i bhfabhar a ghnóthas gaolmhar;

(g)

an fhaisnéis a theastaíonn ó na húsáideoirí córais le haghaidh rochtain éifeachtúil ar an gcóras a sholáthar dóibh;

(h)

cíosanna plódúcháin agus íocaíochtaí a bhailiú faoin sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha, i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2009/943, rochtain tríú páirtí a dheonú agus a bhainistiú agus mínithe réasúnaithe a thabhairt i gcás ina ndiúltóidh sé an rochtain sin a thabhairt, rud a ndéanfaidh na húdaráis rialála faireachán air; agus a gcuid cúraimí faoin Airteagal seo á ndéanamh acu, is é an comhtháthú margaidh a éascóidh na hoibreoirí córas tarchurtha go príomha.

(i)

seirbhísí coimhdeacha a sholáthar chun an tslándáil oibríochtúil a áirithiú;

(j)

creat a ghlacadh le haghaidh an chomhair agus an chomhardaithe idir na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;

(k)

a bheith rannpháirteach i mbunú na measúnuithe Eorpacha agus náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní de bhun Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2019/943;

(l)

digitiú na gcóras tarchurtha;

(m)

bainistiú sonraí, lena n-áirítear córais bainistithe sonraí a fhorbairt, cibearshlándáil agus cosaint sonraí faoi réir na rialacha is infheidhme, agus gan dochar d'inniúlacht na n-údarás eile.

2.   Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na freagrachtaí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo sannta chuig oibreoir córais tarchurtha seachas an ceann sin a bhfuil úinéireacht aige ar an gcóras tarchurtha chuig a mbeadh na freagrachtaí lena mbaineann infheidhme thairis sin. An t-oibreoir córais tarchurtha chuig a bhfuil na cúraimí sannta, beidh sé deimhnithe faoi shamhail an oibreora úinéireachta díchuachta, faoi shamhail an oibreora córais neamhspleách nó faoi shamhail an oibreora córais tarchurtha neamhspleách, agus comhlíonfaidh sé na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 43, ach ní bheidh sé de cheangal air úinéireacht a bheith aige ar an gcóras tarchurtha a bhfuil sé freagrach as.

Comhlíonfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha ar leis an córas tarchurtha na ceanglais dá bhforáiltear i gCaibidil VI agus beidh sé deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 43. Beidh an méid seo gan dochar don fhéidearthacht a bheith ag oibreoirí córas tarchurtha atá deimhnithe faoi shamhail an oibreora córais úinéireachta díchuachta neamhspleách nó faoi shamhail an oibreora córais tarchurtha neamhspleách go ndéanfaidís, ar a dtionscnamh féin agus faoina maoirseacht, cúraimí áirithe a tharmligean chuig oibreoirí córas tarchurtha eile, atá deimhnithe faoi shamhail an oibreora córais úinéireachta díchuachta neamhspleách nó faoi shamhail an oibreora tarchurtha neamhspleách, i gcás nach ndéanann tarmligean na gcúraimí sin cearta cinnteoireachta éifeachtacha agus neamhspleácha an oibreora córais tarchurtha a dhéanann an tarmligean a chur i gcontúirt.

3.   I ndéanamh na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na hoibreoirí córais tarchurtha san áireamh na moltaí a bheidh eisithe ag na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha.

4.   I ndéanamh na gcúraimí dá dtagraítear i bpointe (i) de mhír 1, soláthróidh na hoibreoirí córas tarchurtha seirbhísí cothromaíochta faoi réir an méid seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus bunaithe ar an margadh;

(b)

rannpháirtíocht na ngnóthas leictreachais uile agus na rannpháirtithe margaidh uile, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgeann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don fhreagairt don éileamh, oibreoirí saoráidí stórála fuinnimh agus rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú.

Chun críche phointe (b) den chéad fhomhír, déanfaidh údaráis rialála agus oibreoirí córas dáileacháin i ndlúthchomhar leis na rannpháirtithe margaidh uile ceanglais theicniúla a bhunú maidir le rannpháirtíocht sna margaí sin ar bhonn shaintréithe teicniúla na margaí sin.

5.   Beidh feidhm ag mír 4 maidir le soláthar seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta ag oibreoirí córas tarchurtha, mura rud é g-bhfuil sé measúnaithe ag an údarás rialála nach bhfuil soláthar margadhbhunaithe seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta éifeachtach ar bhonn eacnamaíochta agus go bhfuil maolú deonaithe aici. Go háirithe, áiritheoidh an creata rialála go bhfuil na hoibreoirí córas tarchurtha in ann seirbhísí den sórt sin a sholáthar ó sholáthraithe na freagartha don éileamh nó na stórála fuinnimh agus déanfaidh siad glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn, i gcás ina ndéanann na seirbhísí sin, ar bhealach costéifeachtach, an gá a mhaolú an acmhainneacht leictreachais a uasghrádú nó a athsholáthar agus oibriú éifeachtúil slán an chórais tarchurtha a thacú.

6.   Oibreoirí córas tarchurtha, faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála, nó an t-údarás rialála féin, déanfaidh siad, trí bhíthin próiseas trédhearcach agus rannpháirtíoch ina n-áirítear gach úsáideoir córais ábhartha agus an t-oibreoir córais dáileacháin, na sonraíochtaí le haghaidh seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta a bhunú agus, i gcás inarb iomchuí, bunóidh siad na táirgí margaidh caighdeánaithe do na seirbhísí sin, ar a laghad ar an leibhéal náisiúnta. Áiritheoidh na sonraíochtaí sin gur ann do rannpháirtíocht éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach na rannpháirtithe margaidh uile, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgeann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don fhreagairt don éileamh, oibreoirí saoráidí stórála fuinnimh agus rannpháirtithe a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú. Malartóidh na hoibreoirí córas tarchurtha an fhaisnéis uile is gá agus déanfaidh siad comhordú leis na hoibreoirí córas dáileacháin chun a áirithiú go mbainfear úsáid optamach as acmhainní, chun oibriú slán agus éifeachtúil an chórais a áirithiú agus chun forbairt an mhargaidh a éascú. Tabharfar luach saothair iomchuí do na hoibreoirí córas tarchurtha as na seirbhísí sin a sholáthar chun ligean dóibh na costais réasúnacha chomhfhreagracha ar a laghad a aisghabháil, lena n-áirítear na speansais is gá maidir le teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus costais bhonneagair is gá.

7.   An oibleagáid seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta dá dtagraítear i mír 5 a sholáthar, níl feidhm aici maidir le comhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán.

8.   Féadfaidh Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ainmnithe ligean d'oibreoirí córas tarchurtha gníomhaíochtaí a dhéanamh thar na gníomhaíochtaí sin dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/943 sa chás go bhfuil na gníomhaíochtaí sin riachtanach do na hoibreoirí córas tarchurtha chun a gcuid oibleagáidí faoin Treoir seo nó faoi Rialachán (AE) 2019/943 a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil sé measúnaithe ag an údarás rialála go bhfuil gá le maolú den sórt sin. Is gan dochar an mhír seo don cheart atá ag oibreoirí córas tarchurtha úinéireacht a bheith acu ar ghréasáin seachas gréasáin leictreachais, iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil ceart den sórt sin deonaithe ag an mBallstát nó ag an údarás inniúil ainmnithe.

Airteagal 41

Ceanglais rúndachta agus trédhearcachta le haghaidh oibreoirí córas tarchurtha agus úinéirí córas tarchurtha

1.   Gan dochar d'Airteagal 55 ná d'aon dualgas dlíthiúil eile faisnéis a nochtadh, déanfaidh gach oibreoir córais tarchurtha agus gach úinéir córais tarchurtha rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú, ar faisnéis í a gheobhaidh sé agus é i mbun a ghníomhaíochtaí, agus cuirfidh sé cosc ar fhaisnéis faoina ghníomhaíochtaí féin, ar faisnéis í a bhféadfaí buntáiste tráchtála a bhaint aisti, a nochtadh ar bhealach idirdhealaitheach. Go háirithe, ní nochtfaidh sé aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de do na codanna eile den ghnóthas, ach amháin más gá nochtadh den sórt sin chun idirbheart gnó a chur i gcrích. Chun a áirithiú go n-urramófar ina n-iomláine na rialacha maidir le díchuachadh faisnéise, áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfidh an t-úinéir córais tarchurtha agus an chuid eile den ghnóthas seirbhísí coiteanna, amhail seirbhísí comhpháirteacha dlíthiúla, seachas feidhmeanna a bhaineann go huile is go hiomlán le riarachán nó le TF.

2.   I gcomhthéacs leictreachas a bheith á dhíol nó á cheannach ag gnóthais ghaolmhara, ní dhéanfaidh oibreoirí córas tarchurtha mí-úsáid a bhaint as faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a fuair siad ó thríú páirtithe le linn dóibh rochtain ar an gcóras a thabhairt nó a chaibidliú.

3.   Faisnéis atá riachtanach le haghaidh iomaíocht éifeachtach agus le haghaidh feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, déanfar í a phoibliú. Beidh an oibleagáid sin gan dochar do chaomhnú rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

Airteagal 42

Cumhachtaí cinnteoireachta maidir le suiteálacha giniúna nua agus saoráidí stórála fuinnimh nua a nascadh leis an gcóras tarchurtha

1.   Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha nósanna imeachta trédhearcacha agus éifeachtúla a leagan síos agus a fhoilsiú maidir le nascadh suiteálacha giniúna nua agus saoráidí stórála fuinnimh nua leis an gcóras tarchurtha. Beidh na nósanna imeachta sin faoi réir a bhformheasa ag na húdaráis rialála.

2.   Ní bheidh an t-oibreoir córais tarchurtha i dteideal nascadh suiteálacha giniúna nua nó saoráid stórála fuinnimh nua a dhiúltú ar an bhforas go bhféadfadh, amach anseo, teorainneacha a bheith leis an acmhainneacht ghréasáin a bheidh ar fáil, amhail plódú i gcodanna i gcéin den chóras tarchurtha. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an fhaisnéis is gá ar fáil.

Ní dochar an chéad fhomhír don fhéidearthacht atá ag oibreoirí córas tarchurtha srian a chur le hacmhainneacht nasctha faoi ráthaíocht nó naisc a thairiscint faoi réir srianta oibríochtúla, chun éifeachtúlacht eacnamaíocht a áirithiú a mhéid a bhaineann le suiteálacha giniúna nua nó saoráidí stórála fuinnimh nua, ar choinníoll go mbeidh na srianta sin formheasta ag an údarás rialála. Áiritheoidh an t-údarás rialála go ndéanfar aon srianta in acmhainneacht nasctha faoi ráthaíocht nó aon srianta oibríochtúla a thabhairt isteach ar bhonn nósanna imeachta trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus nach gcruthóidh na srianta sin bacainní míchuí ar dhul isteach sa mhargadh. Sa chás gurb í an tsuiteáil ghiniúna nó an tsaoráid stórála fuinnimh a sheasann na costais a ghabhann le nasc neamhshrianta a áirithiú, ní bheidh feidhm le haon srian.

3.   Ní bheidh an t-oibreoir córais tarchurtha i dteideal pointe nasctha nua a dhiúltú, ar an bhforas go dtiocfadh costais bhreise a eascraíonn as an méadú is gá ar acmhainneacht eilimintí den chóras atá suite gar don phointe nasctha.

CAIBIDIL VI

DÍCHUACHADH OIBREOIRÍ CÓRAS TARCHURTHA

Roinn 1

Úinéireacht a dhíchuachadh

Airteagal 43

Díchuachadh úinéireachta córas tarchurtha agus oibreoirí córas tarchurtha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh gach gnóthas ar leis córas tarchurtha ag gníomhú mar oibreoir córais tarchurtha;

(b)

nach mbeidh an duine nó na daoine céanna i dteideal:

(i)

rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha; ná

(ii)

rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair;

(c)

maidir le comhaltaí den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin nó de chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas, i gcás oibreoir córais tarchurtha nó i gcás córas tarchurtha, nach mbeidh an duine nó na daoine céanna i dteideal iad a cheapadh, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar aon ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair; agus

(d)

nach mbeidh an duine céanna i dteideal a bheith ina chomhalta den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin nó de na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas, ná a bheith ina chomhalta de ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair agus ag an am céanna a bheith ina chomhalta d'oibreoir córais tarchurtha nó de chóras tarchurtha.

2.   Go háirithe, cuimseoidh na cearta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1 an méid seo a leanas:

(a)

an chumhacht cearta vótála a fheidhmiú;

(b)

an cumhacht comhaltaí de bhord maoirseachta, de bhord riaracháin nó de na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas a cheapadh; nó

(c)

scair thromlaigh a shealbhú.

3.   Chun críche phointe (b) de mhír 1, leis an gcoincheap “gnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair”, áireofar “gnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna an táirgthe nó an tsoláthair” de réir bhrí Threoir 2009/73/CE, agus leis na téarmaí “oibreoir córais tarchurtha” agus “córas tarchurtha”, áireofar “oibreoir córais tarchurtha” agus “córas tarchurtha” de réir bhrí na Treorach sin.

4.   Measfar go bhfuil an oibleagáid a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 1 comhlíonta i gcás ina mbeidh comhfhiontar cruthaithe ag dhá ghnóthas nó níos mó ar leo córais tarchurtha, ar comhfhiontar é a ghníomhaíonn mar oibreoir córais tarchurtha in dhá Bhallstát nó níos mó i ndáil leis na córais tarchurtha lena mbaineann. Ní féidir le haon ghnóthas eile a bheith páirteach sa chomhfhiontar, ach amháin má tá sé formheasta faoi Airteagal 44 mar oibreoir córais neamhspleách nó mar oibreoir tarchurtha neamhspleách chun críocha Roinn 3.

5.   Ar mhaithe le cur chun feidhme an Airteagail seo, i gcás inarb é an Ballstát nó comhlacht poiblí eile an duine dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) de mhír 1, measfar nach iad an duine nó na daoine céanna dhá chomhlacht phoiblí ar leithligh a fheidhmíonn rialú ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha ar láimh amháin, agus ar ghnóthas a fheidhmíonn aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair ar an láimh eile.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de dá dtagraítear in Airteagal 41 atá i seilbh oibreora córais tarchurtha ar chuid de ghnóthas a bhí comhtháite go hingearach é, ná baill foirne an oibreora córais tarchurtha sin, a aistriú chuig gnóthais a dhéanann aon cheann d'feidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair.

7.   Más rud é an 3 Meán Fómhair 2009, gur le gnóthas a bhí comhtháite go hingearach an córas tarchurtha, féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 a chur i bhfeidhm.

I gcás den sórt sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann:

(a)

oibreoir córais neamhspleách a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 44; nó

(b)

Roinn 3 a chomhlíonadh.

8.   Más rud é, an 3 Meán Fómhair 2009, gur le gnóthas a bhí comhtháite go hingearach an córas tarchurtha agus go raibh socruithe i bhfeidhm a ráthaigh neamhspleáchas níos éifeachtaí don oibreoir córais tarchurtha ná Roinn 3, féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 a chur i bhfeidhm.

9.   Sula ndéanfar gnóthas a fhormheas agus a ainmniú mar oibreoir córais tarchurtha faoi mhír 8 den Airteagal seo, beidh sé deimhnithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 52(4), (5), agus (6) den Treoir seo agus in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/943, ar dá réir a fhíoróidh an Coimisiún go ráthóidh na socruithe atá i bhfeidhm neamhspleáchas níos éifeachtaí don oibreoir córais tarchurtha ná Roinn 3 den Chaibidil seo.

10.   Ní dhéanfar, in aon chás, cosc a chur ar ghnóthais atá comhtháite go hingearach agus ar leo córas tarchurtha céimeanna a ghlacadh chun mír 1 a chomhlíonadh.

11.   Na gnóthais a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, ní bheidh siad in ann in aon chás, go díreach nó go hindíreach, rialú a fháil ná aon cheart a fheidhmiú ar oibreoirí córas tarchurtha arna ndíchuachadh i mBallstáit a chuireann mír 1 i bhfeidhm.

Roinn 2

Oibreoir córais neamhspleách

Airteagal 44

Oibreoir córais neamhspleách

1.   Más rud é gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach é an córas tarchurtha an 3 Meán Fómhair 2009, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan Airteagal 43(1) a chur i bhfeidhm agus oibreoir córais neamhspleách a ainmniú ar bhun moladh ó úinéir an chórais tarchurtha. Beidh an t-ainmniú sin faoi réir a fhormheasa ag an gCoimisiún.

2.   Féadfaidh an Ballstát oibreoir córais neamhspleách a fhormheas agus a ainmniú ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

go bhfuil sé léirithe ag an oibreoir is iarrthóir go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 43(1);

(b)

go bhfuil sé léirithe ag an oibreoir is iarrthóir go bhfuil aige na hacmhainní airgeadais, teicniúla, fisiceacha agus daonna is gá chun a chúraimí a dhéanamh faoi Airteagal 40;

(c)

go bhfuil sé gafa air féin ag an oibreoir is iarrthóir go gcomhlíonfaidh sé plean forbartha gréasáin 10 mbliana a ndéanfaidh an t-údarás rialála faireachán air;

(d)

go bhfuil sé léirithe ag úinéir an chórais tarchurtha go bhfuil sé in ann a oibleagáidí faoi mhír 5 a chomhlíonadh. Chuige sin, soláthróidh na dréachtsocruithe conarthacha uile leis an ngnóthas is iarrthóir agus le haon eintiteas ábhartha eile; agus

(e)

go bhfuil sé léirithe ag an oibreoir is iarrthóir go bhfuil sé in ann a oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2019/943 a chomhlíonadh, lena n-áirítear comhar idir oibreoirí córas tarchurtha ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal réigiúnach.

3.   Na gnóthais a mbeidh sé deimhnithe ag an údarás rialála gur chomhlíon siad ceanglais Airteagal 53 agus mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit iad a fhormheas agus a ainmniú mar oibreoirí córas neamhspleácha. Beidh feidhm ag an nós imeachta deimhniúcháin a leagtar síos in Airteagal 51 den Treoir seo agus in Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2019/943 nó in Airteagal 53 den Treoir seo.

4.   Beidh gach oibreoir córais tarchurtha ar leith freagrach as rochtain tríú páirtí a dheonú agus a bhainistiú, lena n-áirítear bailiú muirear rochtana, muirear plódúcháin, agus íocaíochtaí faoin sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/943, agus as an gcóras tarchurtha a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt, agus as a áirithiú go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnacha trí phleanáil infheistíochta. Tráth a fhorbrófar an córas tarchurtha, beidh an t-oibreoir córais neamhspleách freagrach as an mbonneagar nua a phleanáil (lena n-áirítear an nós imeachta um údarú), a thógáil agus a choimisiúnú. Chuige sin, gníomhóidh an t-oibreoir córais neamhspleách i gcáil oibreora córais tarchurtha i gcomhréir leis an Roinn seo. Ní bheidh úinéir an chórais tarchurtha freagrach as rochtain tríú páirtí a dheonú ná a bhainistiú, ná as an bpleanáil infheistíochta.

5.   I gcás ina mbeidh oibreoir córais neamhspleách ainmnithe, déanfaidh úinéir an chórais tarchurtha an méid seo a leanas:

(a)

an comhar agus an tacaíocht uile is ábhartha a thabhairt don oibreoir córais neamhspleách chun a chúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear, go háirithe, an fhaisnéis ábhartha uile;

(b)

na hinfheistíochtaí arna gcinneadh ag an oibreoir córais neamhspleách agus arna bhformheas ag an údarás rialála a mhaoiniú, nó toiliú lena maoiniú ag aon pháirtí leasmhar lena n-áirítear an t-oibreoir córais neamhspleách. Beidh na socruithe maoinithe ábhartha faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála. Sula dtabharfar an formheas sin, rachaidh an t-údarás rialála i gcomhairle le húinéir an chórais tarchurtha mar aon leis na páirtithe leasmhara eile;

(c)

foráil do dhliteanas a bhaineann leis na sócmhainní gréasáin a chumhdach, ach gan an dliteanas a bhaineann le cúraimí an oibreora córais neamhspleách san áireamh; agus

(d)

ráthaíochtaí a thabhairt ionas go n-éascófar maoiniú aon mhéaduithe ar an ngréasán cé is moite de na hinfheistíochtaí sin ar thoiligh sé, de bhun phointe (b), lena maoiniú ag aon pháirtí leasmhar lena n-áirítear an t-oibreoir córais neamhspleách.

6.   I ndlúthchomhar leis an údarás rialála, tabharfar don údarás iomaíochta náisiúnta ábhartha na cumhachtaí uile is ábhartha chun faireachán a dhéanamh go héifeachtach ar chomhlíonadh a oibleagáidí faoi mhír 5 ag úinéir an chórais tarchurtha.

Airteagal 45

Úinéirí córas tarchurtha a dhíchuachadh

1.   I gcás inar ceapadh oibreoir córais neamhspleách, beidh an t-úinéir córais tarchurtha ar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é neamhspleách ó thaobh foirm dhlíthiúil, eagrúcháin agus cinnteoireachta de, ar a laghad, ó ghníomhaíochtaí eile nach mbaineann leis an tarchur.

2.   Chun neamhspleáchas an úinéara córais tarchurtha dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, beidh feidhm ag na critéir íosta seo a leanas:

(a)

daoine atá freagrach as bainistiú an úinéara córais tarchurtha, ní bheidh siad páirteach i struchtúir chuideachta an ghnóthais leictreachais chomhtháite atá freagrach, go díreach nó go hindíreach, as oibriú laethúil ghiniúint, dháileadh agus sholáthar an leictreachais;

(b)

déanfar bearta iomchuí lena áirithiú go gcuirfear san áireamh leasanna gairmiúla na ndaoine atá freagrach as bainistiú an úinéara córais tarchurtha, ar bhealach a áiritheoidh go bhfuil siad in ann gníomhú go neamhspleách; agus

(c)

cuirfidh an t-úinéir córais tarchurtha clár comhlíontachta ar bun ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun a áirithiú go ndéanfar iompar idirdhealaitheach a chosc, agus áiritheoidh sé go ndéanfar faireachán leormhaith ar urramú an chláir sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha atá ar na fostaithe chun na cuspóirí sin a bhaint amach. An duine nó an comhlacht atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an gclár comhlíontachta, cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil, ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh, faoi bhráid an údaráis rialála agus foilseofar í.

Roinn 3

Oibreoir tarchurtha neamhspleách

Airteagal 46

Sócmhainní, trealamh, foireann agus céannacht

1.   Beidh ag na hoibreoirí córas tarchurtha na hacmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais uile is gá chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh agus chun gníomhaíocht an tarchurtha leictreachais a chur i gcrích, go háirithe:

(a)

na sócmhainní is gá le haghaidh ghníomhaíocht an tarchurtha leictreachais, lena n-áirítear an córas tarchurtha, beidh siad faoi úinéireacht an oibreora córais tarchurtha;

(b)

an pearsanra is gá le haghaidh ghníomhaíocht an tarchurtha leictreachais, lena n-áirítear gach cúram corparáideach a dhéanamh, beidh siad fostaithe ag an oibreoir córais tarchurtha;

(c)

beidh cosc ar phearsanra a fháil ar iasacht ó aon chuid eile den ghnóthas atá comhtháite go hingearach agus ar sheirbhísí a chur ar fáil d'aon chuid eile de. Féadfaidh oibreoir córais tarchurtha seirbhísí a chur ar fáil don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, áfach, ar choinníoll:

(i)

nach ndéanfar, le soláthar na seirbhísí sin, idirdhealú idir úsáideoirí an chórais, go mbeidh an soláthar sin le fáil ag úsáideoirí uile an chórais ar na téarmaí agus coinníollacha céanna agus nach ndéanfar dá dheasca an iomaíocht giniúna ná soláthair a shrianadh, a shaobhadh ná a chosc; agus

(ii)

go mbeidh na téarmaí agus coinníollacha ar a soláthrófar na seirbhísí sin formheasta ag an údarás rialála;

(d)

gan dochar do chinntí an Bhoird Maoirseachta faoi Airteagal 49, déanfaidh an gnóthas atá comhtháite go hingearach acmhainní airgeadais iomchuí le haghaidh tionscadail infheistíochta sa todhchaí agus/nó le haghaidh athsholáthar sócmhainní atá ann cheana a chur ar fáil don oibreoir córais tarchurtha in am trátha arna iarraidh sin go hiomchuí don oibreoir córais tarchurtha.

2.   Áireofar le gníomhaíocht an tarchurtha leictreachais na cúraimí seo a leanas ar a laghad, de bhreis ar na cinn sin a liostaítear in Airteagal 40:

(a)

ionadaíocht thar ceann an oibreora córais tarchurtha agus teagmhálacha le tríú páirtithe agus leis na húdaráis rialála;

(b)

ionadaíocht thar ceann an oibreora córais tarchurtha laistigh de ENTSO don Leictreachas;

(c)

deonú agus bainistiú rochtana tríú páirtí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach idir úsáideoirí córais nó idir aicmí d'úsáideoirí córais;

(d)

bailiú na muirear uile a bhaineann leis an gcóras tarchurtha, lena n-áirítear muirir rochtana, fuinneamh le haghaidh caillteanas agus muirir seirbhísí coimhdeacha;

(e)

oibriú, cothabháil agus forbairt córais tarchurtha atá slán, éifeachtúil agus barainneach;

(f)

pleanáil infheistíochta lena n-áiritheofar go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnta agus lena ráthófar cinnteacht an tsoláthair;

(g)

bunú comhfhiontar iomchuí, lena n-áirítear in éineacht le hoibreoir córais tarchurtha amháin nó níos mó, malartán cumhachta amháin nó níos mó, agus na gníomhaithe ábhartha eile a shaothraíonn na cuspóirí cruthú margaí réigiúnacha a fhorbairt nó an próiseas léirscaoilte a éascú; agus

(h)

na seirbhísí corparáideacha uile, lena n-áirítear seirbhísí dlíthiúla, cuntasaíocht agus seirbhísí TF.

3.   Beidh na hoibreoirí córas tarchurtha eagraithe de réir na foirme dlíthiúla amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

4.   Ní bheidh céannacht chorparáideach, cumarsáid, brandáil ná áitreabh an oibreora córais tarchurtha ina n-ábhar mearbhaill i ndáil le céannacht leithleach an ghnóthais atá comhtháite go hingearach nó aon chuid de.

5.   Ní roinnfidh an t-oibreoir córais tarchurtha córais nó trealamh TF, áitreabh fisiceach ná córais rochtana slándála le haon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach agus ní úsáidfidh sé na sainchomhairleoirí céanna ná na conraitheoirí seachtracha céanna le haghaidh córais nó trealamh TF ná le haghaidh na gcóras rochtana slándála.

6.   Is iniúchóir eile seachas an t-iniúchóir a dhéanann iniúchóireacht ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, nó ar aon chuid de, a dhéanfaidh iniúchóireacht ar chuntais an oibreora córais tarchurtha.

Airteagal 47

Neamhspleáchas an oibreora córais tarchurtha

1.   Gan dochar do chinntí an Bhoird Maoirseachta faoi Airteagal 49, beidh ag an oibreoir córais tarchurtha:

(a)

cearta éifeachtacha cinnteoireachta, go neamhspleách ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, maidir leis na sócmhainní is gá chun an córas tarchurtha a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt; agus

(b)

an chumhacht airgead a chruinniú ar an margadh caipitil go háirithe trí iasachtaíocht agus méadú caipitil.

2.   Gníomhóidh an t-oibreoir córais tarchurtha i gcónaí ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh aige na hacmhainní is gá chun gníomhaíocht an tarchurtha a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil agus chun córas tarchurtha atá slán, éifeachtúil agus barainneach a fhorbairt agus a chothabháil.

3.   Fochuideachtaí den ghnóthas atá comhtháite go hingearach a dhéanann feidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, ní bheidh acu aon scairsheilbh dhíreach nó indíreach san oibreoir córais tarchurtha. Ní bheidh ag an oibreoir córais tarchurtha aon scairsheilbh dhíreach nó indíreach in aon fhochuideachta de chuid an ghnóthais atá comhtháite go hingearach a dhéanann feidhmeanna na giniúna agus an tsoláthair, ná ní bhfaighidh sé dibhinní ná aon sochar airgeadais eile ón bhfochuideachta sin.

4.   Áiritheofar le struchtúr bainistíochta foriomlán agus le stádais chorparáideacha an oibreora córais tarchurtha go mbeidh neamhspleáchas éifeachtach ag an oibreoir córais tarchurtha i gcomhréir leis an Roinn seo. An gnóthas atá comhtháite go hingearach, ní leagfaidh sé amach go díreach ná go hindíreach iompraíocht iomaíoch an oibreora córais tarchurtha i ndáil le gníomhaíochtaí ó lá go lá an oibreora córais tarchurtha agus bainistiú an ghréasáin, ná i ndáil leis na gníomhaíochtaí is gá le haghaidh ullmhú an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana arna fhorbairt de bhun Airteagal 51.

5.   I gcomhall a gcuid cúraimí faoi Airteagal 40 agus faoi Airteagal 46(2) den Treoir seo, agus i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16, 18, 19 agus 50 de Rialachán (AE) 2019/943, ní dhéanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha idirdhealú in aghaidh daoine éagsúla ná eintitis éagsúla agus ní dhéanfaidh siad an iomaíocht ghiniúna ná soláthair a shrianadh, a shaobhadh ná a chosc.

6.   Aon chaidreamh tráchtála nó airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha, lena n-áirítear iasachtaí ón oibreoir córais tarchurtha don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, comhlíonfaidh sé coinníollacha an mhargaidh. Coinneoidh an t-oibreoir córais tarchurtha taifid mhionsonraithe ar an gcaidreamh tráchtála nó airgeadais sin agus cuirfidh sé ar fáil don údarás rialála iad arna iarraidh sin dó.

7.   Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha gach comhaontú tráchtála agus airgeadais leis an ngnóthas atá comhtháite go hingearach faoi bhráid an údaráis rialála lena fhormheas.

8.   Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an t-údarás rialála ar an eolas faoi na hacmhainní airgeadais, dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 46(1), atá ar fáil le haghaidh tionscadail infheistíochta sa todhchaí agus/nó le haghaidh athsholáthar sócmhainní atá ann cheana.

9.   Staonfaidh an gnóthas atá comhtháite go hingearach ó aon ghníomh a dhéanamh a chuirfeadh as nó a dhéanfadh dochar don oibreoir córais tarchurtha maidir lena oibleagáidí faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh agus ní éileoidh sé ar an oibreoir córais tarchurtha cead a lorg ón ngnóthas atá comhtháite go hingearach chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.

10.   Aon ghnóthas a bhfuil sé deimhnithe ag an údarás rialála ina thaobh go bhfuil sé i gcomhréir le ceanglais na Caibidle seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an gnóthas sin a fhormheas agus a ainmniú ina oibreoir córais tarchurtha. Beidh feidhm ag an nós imeachta deimhniúcháin a leagtar síos in Airteagal 52 den Treoir seo agus in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/943 nó in Airteagal 53 den Treoir seo.

Airteagal 48

Neamhspleáchas fhoireann agus bhainistíocht an oibreora córais tarchurtha

1.   Na cinntí maidir le ceapadh agus athnuachan, dálaí oibre lena n-áirítear luach saothair, agus foirceannadh théarma oifige na ndaoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha, is é Comhlacht Maoirseachta an oibreora córais tarchurtha arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 49 a dhéanfaidh iad.

2.   Céannacht agus na coinníollacha lena rialaítear téarma, fad agus foirceannadh oifige na ndaoine arna n-ainmniú ag an gComhlacht Maoirseachta lena gceapadh nó lena n-athnuachan mar dhaoine atá freagrach as bainistiú feidhmiúcháin agus/nó mar chomhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha, agus na cúiseanna le haon chinneadh atá beartaithe chun téarma oifige den sórt sin a fhoirceannadh, déanfar fógra a thabhairt don údarás rialála ina dtaobh. Tiocfaidh na dálaí agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 chun bheith ceangailteach sa chás nach ndéanfaidh an t-údarás rialála aon agóid ina gcoinne laistigh de 3 seachtaine den fhógra sin, agus sa chás sin amháin.

Féadfaidh an t-údarás rialála agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí dá dtagraítear i mír 1 más rud é:

(a)

go dtiocfaidh amhras chun cinn maidir le neamhspleáchas gairmiúil duine atá ainmnithe le bheith freagrach as an mbainistiú agus/nó le neamhspleáchas gairmiúil comhalta de na comhlachtaí riaracháin; nó

(b)

i gcás foirceannadh luath téarma oifige, gur ann d'amhras maidir le húdar maith a bheith leis an bhfoirceannadh luath sin.

3.   Na daoine sin a cheapfar le bheith freagrach as an mbainistiú agus/nó na comhaltaí sin a cheapfar sna comhlachtaí riaracháin de chuid an oibreora córais tarchurtha atá faoi réir na míre seo, ní bheidh feidhmithe acu, le tréimhse 3 bliana sula gceapfar iad, aon phost gairmiúil ná freagracht ghairmiúil, leas ná gaol gnó, díreach ná indíreach, leis an ngnóthas atá comhtháite go hingearach ná le haon chuid de ná dá scairshealbhóirí rialaithe seachas an t-oibreoir córais tarchurtha féin.

4.   Na daoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, agus fostaithe an oibreora córais tarchurtha, ní bheidh acu aon phost gairmiúil ná freagracht ghairmiúil, leas ná gaol gnó, díreach ná indíreach, le cuid eile den ghnóthas atá comhtháite go hingearach ná le scairshealbhóirí rialaithe an ghnóthais sin.

5.   Na daoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, agus fostaithe an oibreora córais tarchurtha, ní bheidh acu aon leas in aon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach, ná ní bhfaighidh siad aon sochar airgeadais, go díreach nó go hindíreach as, diomaite den oibreoir córais tarchurtha féin. Ní bheidh a luach saothair ag brath ar ghníomhaíochtaí ná ar thorthaí an ghnóthais atá comhtháite go hingearach seachas gníomhaíochtaí agus torthaí an oibreora córais tarchurtha féin.

6.   Déanfar cearta éifeachtacha achomhairc chuig an údarás rialála a ráthú i gcás aon ghearáin a dhéanfaidh na daoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha i gcoinne fhoirceannadh luath a dtéarma oifige.

7.   I ndiaidh fhoirceannadh a dtéarma oifige san oibreoir córais tarchurtha, ní bheidh ag na daoine atá freagrach as a bhainistiú agus/nó ag na comhaltaí dá chomhlachtaí riaracháin aon phost gairmiúil ná freagracht ghairmiúil, leas ná gaol gnó le haon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach diomaite den oibreoir córais tarchurtha féin, ná le scairshealbhóirí rialaithe an ghnóthais sin ar feadh tréimhse nach lú ná 4 bliana.

8.   Beidh feidhm ag mír 3 maidir le tromlach na ndaoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó na gcomhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha.

Na daoine sin atá freagrach as an mbainistiú agus/nó na comhaltaí sin de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha nach bhfuil faoi réir mhír 3, ní bheidh feidhmithe acu, le tréimhse sé mhí ar a laghad sula gceapfar iad, aon ghníomhaíocht bhainistíochta ná gníomhaíocht ábhartha eile sa ghnóthas atá comhtháite go hingearach.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo agus ag míreanna 4 go 7 maidir le gach duine a bhaineann leis an mbainistíocht fheidhmeannach agus maidir leis na daoine sin a thuairiscíonn go díreach dóibh faoi chúrsaí a bhaineann le hoibriú, cothabháil nó forbairt an ghréasáin.

Airteagal 49

Comhlacht Maoirseachta

1.   Beidh ag an oibreoir córais tarchurtha Comhlacht Maoirseachta a mbeidh sé de chúram air na cinntí a dhéanamh a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar luach shócmhainní scairshealbhóirí an oibreora córais tarchurtha, go háirithe cinntí maidir le formheas na bpleananna airgeadais bliantúla agus fadtéarmacha, maidir le leibhéal fiachais an oibreora córais tarchurtha agus maidir le méid na ndíbhinní a dháilfear ar na scairshealbhóirí. Ní áireofar ar na cinntí atá faoi shainchúram an Chomhlachta Maoirseachta na cinntí sin a bhaineann le gníomhaíochtaí ó lá go lá an oibreora córais tarchurtha agus bhainistiú an ghréasáin, agus leis na gníomhaíochtaí is gá le haghaidh ullmhú an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana arna fhorbairt de bhun Airteagal 51.

2.   Beidh an Comhlacht Maoirseachta comhdhéanta de chomhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, de chomhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht do na scairshealbhóirí tríú páirtí agus, i gcás ina bhforálfar amhlaidh sa dlí ábhartha náisiúnta, de chomhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht do pháirtithe leasmhara eile amhail fostaithe an oibreora córais tarchurtha.

3.   An chéad fomhír d'Airteagal 48(2) agus Airteagal 48(3) go (7), beidh feidhm acu maidir le leath de na comhaltaí den Chomhlacht Maoirseachta, lúide comhalta amháin.

Beidh feidhm ag pointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 48(2) maidir le comhaltaí uile an Chomhlachta Maoirseachta.

Airteagal 50

Clár comhlíontachta agus oifigeach comhlíontachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha clár comhlíontachta a bhunú agus a chur chun feidhme ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun a áirithiú go ndéanfar iompar idirdhealaitheach a chosc, agus go n-áiritheoidh siad go ndéanfar faireachán iomchuí ar urramú an chláir sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha atá ar na fostaithe chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Beidh sé faoi réir a fhormheasa ag an údarás rialála. Gan dochar do chumhachtaí an údaráis rialála, déanfaidh oifigeach comhlíontachta faireachán neamhspleách ar chomhlíonadh an chláir.

2.   Is é an Comhlacht Maoirseachta a cheapfaidh an t-oifigeach comhlíontachta, faoi réir a fhormheasa ag an údarás rialála. Is ar chúiseanna easpa neamhspleáchais nó acmhainneachta gairmiúla, agus ar na cúiseanna sin amháin, a fhéadfaidh an t-údarás rialála diúltú an t-oifigeach comhlíontachta a fhormheas. Féadfaidh an t-oifigeach comhlíontachta a bheith ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach. Beidh feidhm ag Airteagal 48(2) go (8) maidir leis an oifigeach comhlíontachta.

3.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar an oifigeach comhlíontachta:

(a)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir comhlíontachta;

(b)

tuarascáil bhliantúil a ullmhú ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun an clár comhlíontachta a chur chun feidhme agus an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an údaráis rialála;

(c)

tuairisc a thabhairt don Chomhlacht Maoirseachta agus moltaí a eisiúint maidir leis an gclár comhlíontachta agus cur chun feidhme an chláir sin;

(d)

fógra a thabhairt don údarás rialála faoi aon sáruithe substainteacha maidir le cur chun feidhme an chláir comhlíontachta; agus

(e)

tuairisciú chuig an údarás rialála faoi aon chaidreamh tráchtála nó airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha.

4.   Déanfaidh an t-oifigeach comhlíontachta na cinntí atá beartaithe maidir leis an bplean infheistíochta nó maidir le hinfheistíochtaí aonair sa ghréasán a chur faoi bhráid an údaráis rialála. Déanfar amhlaidh, ar a dheireanaí, tráth a chuirfidh bainistíocht agus/nó comhlacht riaracháin inniúil an oibreora córais tarchurtha na cinntí sin faoi bhráid an Chomhlachta Maoirseachta.

5.   I gcás ina mbeidh bac curtha ag an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, sa chomhthionól ginearálta nó trí vótáil na gcomhaltaí den Chomhlachta Maoirseachta arna gceapadh aige, ar ghlacadh cinnidh agus gurb é toradh atá air sin ná bac nó moill ar infheistíochtaí a bhí le cur i gcrích sna 3 bliana ina dhiaidh sin de réir an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana, tabharfaidh an t-oifigeach comhlíontachta tuairisc faoi sin don údarás rialála, agus ansin gníomhóidh an t-údarás sin i gcomhréir le hAirteagal 51.

6.   Na coinníollacha lena rialaítear téarma oifige nó coinníollacha fostaíochta an oifigigh comhlíontachta, lena n-áirítear ré an téarma oifige, beidh siad faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála. Áiritheofar leis na coinníollacha sin neamhspleáchas an oifigigh comhlíontachta, lena n-áirítear na hacmhainní uile a thabhairt dó nó di is gá chun dualgais an oifigigh comhlíontachta a chomhlíonadh. Le linn a théarma oifige, ní bheidh ag an oifigeach comhlíontachta aon phost gairmiúil, freagracht ná leas, go díreach ná go hindíreach, in aon chuid ná le haon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach ná de scairshealbhóirí rialaithe an ghnóthais sin.

7.   Tuairisceoidh an t-oifigeach comhlíontachta, i scríbhinn nó ó bhéal, chuig an údarás rialála go tráthrialta agus beidh sé de cheart aige tuairisciú go tráthrialta, i scríbhinn nó ó bhéal, chuig Comhlacht Maoirseachta an oibreora córais tarchurtha.

8.   Féadfaidh an t-oifigeach comhlíontachta freastal ar chruinnithe uile bhainistíocht nó chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha, agus ar chruinnithe an Chomhlachta Maoirseachta agus an tionóil ghinearálta. Freastalóidh an t-oifigeach comhlíontachta ar na cruinnithe uile a bhaineann leis na hábhair seo a leanas:

(a)

na coinníollacha rochtana ar an ngréasán, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/943, go háirithe maidir le taraifí, seirbhísí rochtana tríú páirtí, leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú, trédhearcacht, seirbhísí coimhdeacha agus margaí tánaisteacha;

(b)

na tionscadail a dhéantar chun an córas tarchurtha a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt, lena n-áirítear infheistíochtaí in idirnascadh agus i nascadh;

(c)

na ceannacháin nó díolacháin fuinnimh is gá chun an córas tarchurtha a oibriú.

9.   Déanfaidh an t-oifigeach comhlíontachta faireachán ar chomhlíonadh Airteagal 41 ag an oibreoir córais tarchurtha.

10.   Beidh rochtain ag an oifigeach comhlíontachta ar na sonraí ábhartha uile agus ar oifigí an oibreora córais tarchurtha agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun a chúram a chomhall.

11.   Beidh rochtain gan réamhfhógra ag an oifigeach comhlíontachta ar oifigí an oibreora córais tarchurtha.

12.   Tar éis réamhfhormheas a fháil ón údarás rialála, féadfaidh an Comhlacht Maoirseachta an t-oifigeach comhlíontachta a dhífhostú. Déanfaidh sé an t-oifigeach comhlíontachta a dhífhostú ar chúiseanna easpa neamhspleáchais nó acmhainneachta gairmiúla, arna iarraidh sin don údarás rialála.

Airteagal 51

Forbairt gréasáin agus cumhachtaí chun cinntí infheistíochta a dhéanamh

1.   Gach 2 bhliain ar a laghad, cuirfidh na hoibreoirí córas tarchurtha plean forbartha gréasáin 10 mbliana faoi bhráid an údaráis rialála a bheidh bunaithe ar an soláthar agus ar an éileamh mar atá siad agus mar a thuartar go mbeidh siad, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha. Beidh bearta éifeachtúla sa phlean forbartha gréasáin sin chun leormhaitheas an chórais agus cinnteacht an tsoláthair a áirithiú. Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha an plean forbartha gréasáin 10 mbliana a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

2.   Go háirithe, déanfar an méid seo a leanas sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana:

(a)

an príomhbhonneagar tarchurtha is gá a thógáil nó a uasghrádú sna 10 mbliana atá le teacht a léiriú do na rannpháirtithe margaidh;

(b)

na hinfheistíochtaí uile atá cinntithe cheana a leagan amach agus infheistíochtaí nua nach mór a dhéanamh sna 3 bliana atá le teacht a shainaithint; agus

(c)

achar ama a leagan síos do na tionscadail infheistíochta uile.

3.   Nuair a bheidh an plean forbartha gréasáin 10 mbliana á ullmhú aige, déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha lánaird a thabhairt ar an bhféidearthacht a ghabhann le húsáid na freagartha don éileamh, na saoráidí stórála fuinnimh nó acmhainní eile mar roghanna malartacha ar leathnú an chórais, mar aon leis an tomhaltas ionchais, trádáil le tíortha eile agus pleananna infheistíochta do ghréasáin uile-Aontais agus do ghréasáin réigiúnacha.

4.   Rachaidh an t údarás rialála i gcomhairle le gach úsáideoir córais, bíodh sé iarbhír nó féideartha, maidir leis an bplean forbartha gréasáin 10 mbliana, ar bhealach oscailte agus trédhearcach. Na daoine nó na gnóthais a mhaífidh gur úsáideoirí córais féideartha iad, féadfar a éileamh orthu bunús a thabhairt don mhaíomh sin. Foilseoidh an t-údarás rialála toradh an phróisis comhairliúcháin, go háirithe na riachtanais infheistíochta a d'fhéadfadh a bheith ann.

5.   Scrúdóidh an t-údarás rialála an gcumhdaíonn an plean forbartha gréasáin 10 mbliana na riachtanais infheistíochta uile arna sainaithint le linn an phróisis comhairliúcháin, agus an bhfuil sé ag teacht leis an bplean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais neamhcheangailteach (“an plean forbartha gréasáin uile-Aontais”) dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/943. Má bhíonn aon amhras ann nach bhfuil an plean ag teacht leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais, rachaidh an t-údarás rialála i gcomhairle le ACER. Féadfaidh an t-údarás rialála ceangal a chur ar an oibreoir córais tarchurtha a phlean forbartha gréasáin 10 mbliana a leasú.

Scrúdóidh údaráis inniúla náisiúnta an bhfuil an plean forbartha gréasáin 10 mbliana ag teacht leis an bplean náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bheidh tíolactha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

6.   Déanfaidh an t-údarás rialála faireachán agus meastóireacht ar chur chun feidhme an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana.

7.   Sa chás nach ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha, seachas ar chúiseanna sáraitheacha nach mbeadh neart aige orthu, infheistíocht a bhí le déanamh, de réir an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana, sna 3 í bliana le teacht, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceangal ar an údarás rialála ceann amháin ar a laghad de na bearta seo a leanas a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an infheistíocht sin más rud é go bhfuil an infheistíocht sin fós iomchuí de réir an phlean forbartha gréasáin 10 h mbliana is déanaí:

(a)

ceangal a chur ar an oibreoir córais tarchurtha an infheistíocht atá i gceist a dhéanamh;

(b)

nós imeachta tairisceana a eagrú a bheidh oscailte do gach infheisteoir le haghaidh na hinfheistíochta atá i gceist; nó

(c)

iallach a chur ar an oibreoir córais tarchurtha glacadh le méadú caipitil chun na hinfheistíochtaí riachtanacha a mhaoiniú agus ligean d'infheisteoirí neamhspleácha a bheith rannpháirteach sa chaipiteal.

8.   I gcás ina mbeidh úsáid bainte ag an údarás rialála as a chumhachtaí faoi phointe (b) de mhír 7, féadfaidh sé iallach a chur ar an oibreoir córais tarchurtha aontú le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

maoiniú ag aon tríú páirtí;

(b)

tógáil ag aon tríú páirtí;

(c)

na sócmhainní nua lena mbaineann a thógáil é féin;

(d)

an tsócmhainn nua lena mbaineann a oibriú é féin.

Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha ar fáil do na hinfheisteoirí an fhaisnéis uile is gá chun an infheistíocht a chur i gcrích, nascfaidh sé na sócmhainní nua leis an ngréasán tarchurtha agus déanfaidh sé a dhícheall i gcoitinne chun cur chun feidhme an tionscadail infheistíochta a éascú.

Beidh na socruithe airgeadais ábhartha faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála.

9.   I gcás ina mbeidh úsáid bainte ag an údarás rialála as a chumhachtaí faoi mhír 7, cumhdóidh na rialacháin taraife ábhartha costais na n-infheistíochtaí atá i gceist.

Roinn 4

Ainmniú agus deimhniú oibreoirí córas tarchurtha

Airteagal 52

Ainmniú agus deimhniú oibreoirí córas tarchurtha

1.   Sula ndéanfar gnóthas a fhormheas agus a ainmniú ina oibreoir córais tarchurtha, déanfar é a dheimhniú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i míreanna 4, 5, agus 6 den Airteagal seo agus in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/943.

2.   Na gnóthais sin a bhfuil sé deimhnithe ag an údarás rialála gur chomhlíon siad ceanglais Airteagal 43, de bhun an nós imeachta deimhniúcháin thíos, déanfaidh na Ballstáit iad a fhormheas agus a ainmniú ina n-oibreoirí córas tarchurtha. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi ainmniú oibreoirí córas tarchurtha agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

3.   Tabharfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha fógra don údarás rialála i dtaobh aon idirbheart atá pleanáilte a bhféadfadh sé gur ghá mar gheall air athmheasúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais Airteagal 43 ag an oibreoir lena mbaineann.

4.   Déanfaidh na húdaráis rialála faireachán ar chomhlíonadh leanúnach cheanglais Airteagal 43 ag na hoibreoirí córas tarchurtha. Tionscnóidh siad nós imeachta deimhniúcháin chun an comhlíonadh sin a áirithiú:

(a)

ar fhógra a fháil dóibh ón oibreoir córais tarchurtha de bhun mhír 3;

(b)

ar a dtionscnamh féin i gcás ina mbeidh eolas acu go bhféadfadh sárú ar Airteagal 43 a bheith ann de dheasca athrú a bheadh pleanáilte ar na cearta nó ar an tionchar arna bhfeidhmiú i ndáil le húinéirí córas tarchurtha nó oibreoirí córas tarchurtha, nó i gcás ina mbeidh cúis acu a chreidiúint gur tharla sárú den sórt sin; nó

(c)

ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún.

5.   Glacfaidh na húdaráis rialála cinneadh maidir le deimhniú oibreora córais tarchurtha laistigh de 4 mhí ó dháta an fhógra ón oibreoir córais tarchurtha nó ó dháta na hiarrata ón gCoimisiún. Tar éis dul in éag don tréimhse sin, measfar go bhfuil an deimhniú deonaithe. Ní bheidh éifeacht le cinneadh sainráite nó intuigthe an údaráis rialála ach amháin ar chríochnú an nós imeachta a leagtar amach i mír 6.

6.   An cinneadh sainráite nó intuigthe maidir le deimhniú an oibreora córais tarchurtha, déanfaidh an t-údarás rialála fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith gan mhoill, maille leis an bhfaisnéis ábhartha ar fad faoin gcinneadh sin. Gníomhóidh an Coimisiún de réir an nós imeachta a leagtar síon in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/943.

7.   Féadfaidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún aon fhaisnéis is ábhartha do chomhlíonadh a gcúraimí faoin Airteagal seo a iarraidh ar na hoibreoirí córas tarchurtha agus ar na gnóthais a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair.

8.   Caomhnóidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

Airteagal 53

Deimhniú i ndáil le tríú tíortha

1.   I gcás ina ndéanfaidh úinéir córais tarchurtha nó oibreoir córais tarchurtha atá faoi rialú duine nó daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha deimhniú a iarraidh, tabharfaidh an t-údarás rialála fógra don Choimisiún ina thaobh.

Déanfaidh an t-údarás rialála freisin fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill faoi aon imthosca a d'fhágfadh go bhfaigheadh duine nó daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha rialú ar chóras tarchurtha nó ar oibreoir córais tarchurtha.

2.   Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha fógra a thabhairt don údarás rialála faoi aon imthosca a d'fhágfadh go bhfaigheadh duine nó daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha rialú ar an gcóras tarchurtha nó ar an oibreoir córais tarchurtha.

3.   Glacfaidh an t-údarás rialála dréachtchinneadh maidir le deimhniú oibreora córais tarchurtha laistigh de 4 mhí ó dháta an fhógra ón oibreoir córais tarchurtha. Diúltóidh sé an deimhniú más rud é nár léiríodh:

(a)

go gcomhlíonann an t-eintiteas lena mbaineann ceanglais Airteagal 43; agus

(b)

don údarás rialála nó d'údarás inniúil náisiúnta eile arna ainmniú ag an mBallstát nach gcuirfí cinnteacht an tsoláthair sa Bhallstát ná san Aontas i mbaol de thairbhe an deimhniú a dheonú. Agus an cheist sin á breithniú aige, cuirfidh an t-údarás rialála nó an t-údarás inniúil náisiúnta eile arna ainmniú amhlaidh an méid seo a leanas san áireamh:

(i)

cearta agus oibleagáidí an Aontais i leith an tríú tír sin a thagann chun cinn faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, agus an tAontas ina pháirtí ann, lena dtéitear i ngleic le saincheisteanna chinnteacht an tsoláthair fuinnimh;

(ii)

cearta agus oibleagáidí an Bhallstáit i leith an tríú tír sin a thagann chun cinn faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích léi, sa mhéid go comhlíonann siad dlí an Aontais; agus

(iii)

fíorais agus imthosca sonracha eile a bhaineann leis an gcás agus leis an tríú tír atá i gceist.

4.   Tabharfaidh an t-údarás rialála fógra don Choimisiún faoin gcinneadh gan mhoill, maille leis an bhfaisnéis ábhartha ar fad faoin gcinneadh sin.

5.   Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás rialála nó an t-údarás inniúil arna ainmniú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, sula nglacfaidh an t-údarás rialála cinneadh maidir le deimhniú, tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún an amhlaidh:

(a)

go gcomhlíonann an t-eintiteas lena mbaineann ceanglais Airteagal 43; agus

(b)

nach gcuirfear cinnteacht an tsoláthair fuinnimh i mbaol san Aontas de thairbhe an deimhniú a dheonú.

6.   Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh dá dtagraítear i mír 5 a luaithe a gheobhaidh sé í. Laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil, tabharfaidh sé a thuairim don údarás rialála nó, más é an t-údarás inniúil arna ainmniú a rinne an iarraidh, don údarás sin.

Agus an tuairim á ullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún barúlacha a iarraidh ar ACER, leis an mBallstát lena mbaineann, agus le páirtithe leasmhara. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún iarraidh den sórt sin, cuirfear fadú 2 mhí leis an tréimhse 2 mhí.

D'uireasa tuairim ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil agóid i gcoinne chinneadh an údaráis rialála á dhéanamh ag an gCoimisiún.

7.   Agus measúnú á dhéanamh aige an gcuirfidh rialú an duine nó na ndaoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha cinnteacht an tsoláthair fuinnimh san Aontas i mbaol, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

fíorais shonracha an cháis agus an tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann; agus

(b)

cearta agus oibleagáidí an Aontais i leith an tríú tír sin nó na dtríú tíortha sin de a thagann chun cinn faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, agus an tAontas ina pháirtí ann, lena dtéitear i ngleic le saincheisteanna chinnteacht an tsoláthair fuinnimh.

8.   Déanfaidh an t-údarás rialála, laistigh de 2 mhí tar éis dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 6, a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh maidir leis an deimhniú. I nglacadh a chinnidh chríochnaithigh dó, cuirfidh an t-údarás rialála tuairim an Choimisiúin san áireamh go dícheallach. In aon chás, beidh sé de cheart ag na Ballstáit an deimhniú a dhiúltú i gcás ina gcuirfí cinnteacht an tsoláthair fuinnimh sa Bhallstát nó i mBallstát eile i mbaol de dheasca an deimhniú a dheonú. I gcás ina mbeidh údarás inniúil náisiúnta eile ainmnithe ag an mBallstát chun an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 a dhéanamh, féadfaidh sé ceangal a chur ar an údarás rialála a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh i gcomhréir le measúnú an údaráis inniúil náisiúnta sin. Déanfar cinneadh críochnaitheach an údaráis rialála agus tuairim an Choimisiúin a fhoilsiú in éineacht. I gcás ina n-imeoidh an cinneadh críochnaitheach ó thuairim an Choimisiúin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an réasúnú is bonn leis an gcinneadh sin a chur ar fáil agus a fhoilsiú maille leis an gcinneadh.

9.   Ní dhéanfaidh aon rud san Airteagal seo difear do cheart na mBallstát rialuithe dlíthiúla náisiúnta a fheidhmiú, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leasanna dlisteanacha slándála poiblí a chosaint.

10.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin, cé is moite de phointe (a) de mhír 3 de, maidir leis na Ballstáit atá faoi réir maolú faoi Airteagal 66.

Airteagal 54

Úinéireacht saoráidí stórála fuinnimh ag oibreoirí córas tarchurtha

1.   Ní bheidh úinéireacht ag oibreoirí córas tarchurtha ar shaoráidí stórála fuinnimh, ná ní dhéanfaidh siad iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit ligean do na hoibreoirí córas tarchurtha úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí stórála fuinnimh, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil siad ina gcomhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán agus a bhfuil a fhormheas ina leith sin deonaithe ag an údarás rialála, nó i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach ndearnadh, tar éis nós imeachta tairisceana a bhí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, atá faoi réir a athbhreithnithe agus fhormheas an údaráis rialála, an ceart a dhámhachtain ar pháirtithe eile úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí den sórt sin, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, nó nach bhféadfadh páirtithe eile na seirbhísí sin a thabhairt i gcrích ar chostas réasúnach agus ar bhealach tráthúil.

(b)

go bhfuil gá leis na saoráidí nó leis na seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta sin ionas gur féidir leis na hoibreoirí córas tarchurtha a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh maidir le hoibriú éifeachtúil, iontaofa agus slán an chórais tarchurtha agus nach n-úsáidtear iad chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais; agus

(c)

go ndearna an t-údarás rialála measúnú ar riachtanas an mhaolaithe sin agus go ndearna sé measúnú ex ante ar infheidhmeacht an nós imeachta tairisceana, lena n-áirítear coinníollacha an nós imeachta tairisceana sin, agus gur dheonaigh sé a fhormheas.

Féadfaidh an t-údarás rialála treoirlínte nó clásail soláthair a tharraingt suas mar chúnamh d'oibreoirí córas tarchurtha chun nós imeachta tairisceana cothrom a áirithiú.

3.   An cinneadh maidir le maolú a dheonú, tabharfar fógra ina thaobh don Choimisiún agus do ACER maille leis an bhfaisnéis is ábhartha faoin iarraidh agus na cúiseanna ar deonaíodh an maolú.

4.   Déanfaidh na húdaráis rialála comhairliúchán poiblí go tráthrialta nó gach 5 bliana ar a laghad i dtaca leis na saoráidí stórála fuinnimh atá cheana ann chun measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht fhéideartha agus ar spéis fhéideartha na bpáirtithe eile chun infheistíocht a dhéanamh i saoráidí den sórt sin a dhéanamh. I gcás ina léireofar sa chomhairliúchán poiblí, mar atá measúnaithe ag an údarás rialála, go bhfuil páirtithe eile inchurtha le húinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú saoráidí den sórt sin ar bhealach cost-éifeachtach, áiritheoidh na húdaráis rialála go gcuirfear deireadh de réir a chéile le gníomhaíochtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha i dtaobh na nithe sin laistigh de 18 mí. Mar chuid de na coinníollacha don nós imeachta sin, féadfaidh na húdaráis rialála ligean d'oibreoirí córas tarchurtha cúiteamh réasúnach a fháil, go háirithe luach iarmharach na hinfheistíochta a rinneadh sna saoráidí stórála fuinnimh a aisghabháil.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le comhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán ná do ghnáth-thréimhse dímheasa saoráidí nua stórála ceallra ag a bhfuil cinneadh infheistíochta críochnaithí go dtí 2024, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith saoráidí stórála ceallra den sórt sin:

(a)

tá siad nasctha leis an eangach ar a dhéanaí 2 bhliain ina dhiaidh sin;

(b)

tá siad comhtháite sa chóras tarchurtha;

(c)

ní úsáidtear iad ach le haghaidh athshlánú láithreach freagarthach shlándáil an ghréasáin i gcás go dtarlaíonn teagmhais ghréasáin i gcás ina dtosaíonn an beart athshlánaithe sin láithreach agus ina gcríochnaíonn sé nuair is féidir le hathsheoladh an tsaincheist a réiteach, agus

(d)

ní úsáidtear iad chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais, lena n-áirítear cothromúchán.

Roinn 5

Díchuachadh agus trédhearcacht na gcuntas

Airteagal 55

Ceart rochtana ar chuntais

1.   Sa mhéid is gá chun a gcuid feidhmeanna a dhéanamh, beidh ceart rochtana ag Ballstáit nó ag aon údarás inniúil arna ainmniú acu, lena n-áirítear na húdaráis rialála dá dtagraítear in Airteagal 57, ar chuntais na ngnóthas leictreachais mar a leagtar amach in Airteagal 56.

2.   Caomhnóidh na Ballstáit, agus aon údarás inniúil atá ainmnithe, lena n-áirítear na húdaráis rialála, rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le faisnéis den sórt sin a nochtadh i gcásanna ina mbíonn nochtadh den sórt sin riachtanach chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann a bhfeidhmeanna a chur i gcrích.

Airteagal 56

Díchuachadh cuntas

1.   Glacfaidh na Ballstáit na céimeanna riachtanacha chun a áirithiú go ndéantar cuntais na ngnóthas leictreachais a choinneáil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

2.   Déanfaidh gnóthais leictreachais, gan beann ar an gcóras úinéireachta ná ar an bhfoirm dhlíthiúil atá acu, a gcuntais bhliantúla a tharraingt suas, a chur faoi réir iniúchóireachta agus a fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacha faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cuntais bhliantúla chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta arna nglacadh de bhun Threoir 2013/34/AE.

Déanfaidh gnóthais nach bhfuil dualgas dlíthiúil orthu a gcuid cuntas bliantúil a fhoilsiú cóip díobh a choimeád agus an chóip sin a bheith ar fáil don phobal ina gceannoifig.

3.   Coimeádfaidh gnóthais leictreachais, ina gcuntasaíocht inmheánach, cuntais ar leithligh le haghaidh gach ceann dá ngníomhaíochtaí tarchurtha agus dáileacháin faoi mar a bheadh de cheangal orthu a dhéanamh dá mba ag gnóthais ar leithligh a bheadh na gníomhaíochtaí atá i gceist á ndéanamh, d'fhonn idirdhealú, tras-fhóirdheonú agus saobhadh iomaíochta a sheachaint. Coimeádfaidh siad cuntais freisin, a fhéadfaidh a bheith ina gcuntais chomhdhlúite, le haghaidh gníomhaíochtaí eile leictreachais nach mbaineann le tarchur ná le dáileachán. Sonrófar ioncam ó úinéireacht an chórais tarchurtha nó dáileacháin sna cuntais. I gcás inarb iomchuí, coimeádfaidh siad cuntais chomhtháite le haghaidh gníomhaíochtaí eile neamhleictreachais. Beidh clár comhardaithe agus cuntas brabúis agus caillteanais le haghaidh gach gníomhaíochta san áireamh sna cuntais inmheánacha.

4.   Leis an iniúchadh dá dtagraítear i mír 2, fíorófar, go háirithe, go ndéantar an oibleagáid idirdhealú agus tras-fhóirdheonú dá dtagraítear i mír 3 a urramú.

CAIBIDIL VII

ÚDARÁIS RIALÁLA

Airteagal 57

Ainmniú agus neamhspleáchas na n-údarás rialála

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás rialála aonair ar an leibhéal náisiúnta.

2.   Beidh mír 1 gan dochar d'ainmniú údarás rialála eile ar an leibhéal réigiúnach laistigh de na Ballstáit, ar choinníoll go mbeidh ionadaí sinsearach amháin ann chun críocha ionadaíochta agus teagmhála ar leibhéal an Aontais laistigh de Bhord Rialálaithe ACER i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2019/942.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstát údaráis rialála a ainmniú le haghaidh córais bheaga i réigiún atá ar leithligh ó thaobh na geografaíochta de arbh ionann tomhaltas an chórais, in 2008, agus níos lú ná 3 % de thomhaltas iomlán an Bhallstáit ar cuid de é. Beidh an maolú sin gan dochar d'ionadaí sinsearach amháin a cheapadh chun críocha ionadaíochta agus teagmhála ar leibhéal an Aontais laistigh de Bhoird Rialálaithe ACER i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2019/942.

4.   Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas an údaráis rialála agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh sé a chumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta agus trédhearcach. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, i dtaca leis an údarás rialála, le linn dó na cúraimí a thugtar dó leis an Treoir seo agus le reachtaíocht ghaolmhar a chomhlíonadh:

(a)

go bhfuil sé uathúil ó thaobh an dlí agus neamhspleách ó thaobh na feidhmíochta ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile;

(b)

go n-áirithíonn sé, i dtaca lena fhoireann agus leis na daoine atá freagrach as bainistíocht a dhéanamh air:

(i)

go gníomhóidh siad go neamhspleách ó aon leas margaidh; agus

(ii)

nach lorgóidh siad ná nach nglacfaidh siad treoracha go díreach ó aon rialtas ná ó eintiteas poiblí nó príobháideach eile agus na cúraimí rialála á ndéanamh acu. Tá an ceanglas sin gan dochar don dlúthchomhar, de réir mar is iomchuí, le húdaráis náisiúnta ábhartha nó do threoirlínte ginearálta beartais arna n-eisiúint ag an rialtas nach mbaineann leis na cumhachtaí agus dualgais rialála faoi Airteagal 59.

5.   Chun neamhspleáchas an údaráis rialála a chosaint, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas, go háirithe, a áirithiú:

(a)

gur féidir leis an údarás rialála cinntí uathrialacha a dhéanamh, go neamhspleách ar aon chomhlacht polaitiúil;

(b)

go bhfuil ag an údarás rialála na hacmhainní daonna agus airgeadais riachtanacha go léir a theastaíonn uaidh chun a chuid dualgas a dhéanamh agus a chuid cumhachtaí a fheidhmiú ar shlí éifeachtach agus éifeachtúil;

(c)

go bhfuil ag an údarás rialála leithdháiltí buiséadacha bliantúla ar leithligh agus go bhfuil neamhspleáchas aige i gcur chun feidhme an bhuiséid sin atá leithdháilte air;

(d)

go gceaptar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, bainistíocht shinsearach an údaráis rialála ar théarma seasta de chúig suas le 7 mbliana, téarma is féidir a athnuachan aon uair amháin;

(e)

go gceaptar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, bainistíocht shinsearach an údaráis rialála, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus atá foilsithe, faoi nós imeachta neamhspleách neamhchlaonta, lena n-áirithítear go mbeidh na scileanna agus an taithí is gá ag na hiarrthóirí don phost ábhartha san údarás rialála;

(f)

go bhfuil forálacha maidir le coinbhleacht leasa i bhfeidhm agus go leanann oibleagáidí rúndachta d'fheidhm a bheith acu tar éis dheireadh shainordú chomhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, ag deireadh shainordú chomhaltaí bhainistíocht shinsearach an údaráis rialála;

(g)

nach bhféadfar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, comhaltaí bhainistíocht shinsearach an údaráis rialála a dhífhostú ach amháin ar bhonn critéir thrédhearcachta atá i bhfeidhm.

I dtaca le pointe (d) den chéad fhomhír, áiritheoidh Ballstáit scéim sealaíochta iomchuí don bhord nó don bhainistíocht shinsearach. Ní fhéadfar comhaltaí an bhoird nó, mura bhfuil bord ann, comhaltaí na bainistíochta sinsearaí, a chur as oifig le linn a dtéarma ach amháin mura gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo a thuilleadh nó más rud é go raibh siad ciontach as mí-iompar faoin dlí náisiúnta.

6.   Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go ndéanfadh iniúchóir neamhspleách rialú ex post ar chuntais bhliantúla na n-údarás rialála.

7.   Faoin 5 Iúil 2022 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le comhlíonadh phrionsabal an neamhspleáchais a leagtar amach san Airteagal seo ag na húdaráis náisiúnta.

Airteagal 58

Cuspóirí ginearálta an údaráis rialála

I ndéanamh na gcúraimí rialála dó a sonraítear sa Treoir seo, déanfaidh an t-údarás rialála gach beart réasúnach chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach faoi chuimsiú a chuid dualgas agus cumhachtaí mar a leagtar síos in Airteagal 59 iad, i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta ábhartha eile, lena n-áirítear údaráis iomaíochta, mar aon le húdaráis, lena n-áirítear údaráis rialála, ó Bhallstáit chomharsanachta agus ó thríú tíortha comharsanachta, de réir mar is iomchuí, agus gan dochar dá n-inniúlacht:

(a)

margadh inmheánach iomaíoch, solúbtha, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de don leictreachas laistigh den Aontas a chur chun cinn, i ndlúthchomhar le húdaráis rialála na mBallstát eile, leis an gCoimisiún agus le ACER, agus oscailt margaidh éifeachtach a chur chun cinn do gach custaiméir agus do gach soláthróir san Aontas, agus dálaí iomchuí a áirithiú d'oibriú éifeachtach agus iontaofa na ngréasán leictreachais, agus na cuspóirí fadtéarmacha á gcur san áireamh;

(b)

margaí réigiúnacha trasteorann atá iomaíoch agus ag dea-fheidhmiú a fhorbairt laistigh den Aontas d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír (a) a bhaint amach;

(c)

deireadh a chur le srianta ar thrádáil sa leictreachas idir Ballstáit, lena n-áirítear acmhainneachtaí tarchurtha trasteorann iomchuí a fhorbairt chun éileamh a shásamh agus comhtháthú na margaí náisiúnta a fheabhsú, rud a d'féadfadh sreabha leictreachais a fheabhsú ar fud an Aontais;

(d)

cabhrú chun córais neamh-idirdhealaitheacha slána, iontaofa agus éifeachtacha atá dírithe ar chustaiméirí a fhorbairt, agus é sin a dhéanamh ar an mbealach is costéifeachtaí, agus leormhaitheas an chórais a chur chun cinn agus, i gcomhréir le cuspóirí ginearálta an bheartais fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, chomh maith le comhtháthú na táirgeachta mórscála agus mionscála leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus ó ghiniúint dháilte sna gréasáin tarchurtha agus dáileacháin araon agus éascú a dhéanamh ar a n-oibriú siúd i dtaca le gréasáin fuinnimh gáis nó teasa eile;

(e)

éascú a dhéanamh ar rochtain ar an ngréasán don acmhainneacht ghiniúna nua agus ar shaoráidí stórála fuinnimh, go háirithe deireadh a chur le bacainní a d'fhéadfadh rochtain a chosc d'iontrálaithe nua sa mhargadh agus do leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite;

(f)

a áirithiú go ndéanfar dreasachtaí iomchuí a dheonú d'oibreoirí córais agus d'úsáideoirí córais, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, chun éifeachtúlachtaí, go háirithe éifeachtúlacht fuinnimh, a mhéadú i bhfeidhmíocht na gcóras agus chun comhtháthú na margaí a chothú;

(g)

a áirithiú go mbainfidh custaiméirí tairbhe as trí fheidhmiú éifeachtach a margaidh náisiúnta, iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn agus cabhrú chun ardleibhéal cosanta do chustaiméirí a áirithiú i ndlúthchomhar leis na húdaráis cosanta tomhaltóirí ábhartha;

(h)

cabhrú chun ardchaighdeáin seirbhíse uilíche agus seirbhíse poiblí a bhaint amach i soláthar an leictreachais, rannchuidiú le cosaint na gcustaiméirí leochaileacha agus rannchuidiú le comhoiriúnacht na bpróiseas um malartú sonraí is gá chun gur féidir leis an gcustaiméir athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile.

Airteagal 59

Dualgais agus cumhachtaí na n-údarás rialála

1.   Beidh na dualgais seo a leanas ar an údarás rialála:

(a)

taraifí tarchurtha nó dáileacháin nó na modheolaíochtaí a ghabhann leo, nó an dá cheann, a shocrú nó a fhormheas, i gcomhréir leis na critéir thrédhearcacha;

(b)

a áirithiú go bhfuil oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin agus, i gcás inarb ábhartha, úinéirí na gcóras, chomh maith le haon ghnóthas leictreachais eile agus rannpháirtithe eile sa mhargadh, ag comhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2019/943, faoi na cóid ghréasáin agus faoi na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/943, agus faoi dhlí ábhartha eile an Aontais, lena n-áirítear i dtaca le saincheisteanna trasteorann, mar aon le cinntí de chuid ACER;

(c)

i ndlúthchomhordú leis na húdaráis rialála eile, a áirithiú go bhfuil ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna ag comhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2019/943, faoi na cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/943, agus faoi na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2019/943 agus faoi dhlí ábhartha eile an Aontais, lena n-áirítear i dtaca le saincheisteanna trasteorann, mar aon le cinntí eile de chuid ACER, agus neamhchomhlíonadh ag ENTSO don Leictreachas agus ag eintiteas AE do OCDanna i leith a gcuid oibleagáidí faoi seach a shainaithint go comhpháirteach; i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála in ann teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse 4 mhí tar éis tús a chur leis na comhairliúcháin chun críocha neamhchomhlíonadh a shainaithint go comhpháirteach, déanfar an cheist a tharchur chuig ACER le haghaidh cinnidh, de bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942;

(d)

táirgí agus próiseas soláthair a fhormheas le haghaidh seirbhísí coimhdeachta neamh-mhinicíochta;

(e)

na cóid ghréasáin agus treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/943 a chur chun feidhme trí bhíthin bearta náisiúnta nó, i gcás inar gá sin, trí bhíthin bearta comhordaithe réigiúnacha nó uile-Aontais;

(f)

comhoibriú le húdarás rialála nó le húdaráis na mBallstát lena mbaineann agus le ACER i ndáil le saincheisteanna trasteorann, go háirithe trí rannpháirteachas in obair Bhord Rialálaithe ACER de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/942;

(g)

aon chinntí ábhartha de chuid an Choimisiúin agus de chuid ACER atá ina gceangal ó thaobh an dlí de a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme;

(h)

a áirithiú go ndéanann oibreoirí córas tarchurtha acmhainneachtaí idirnascairí a chur ar fáil a mhéad agus is féidir é de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/943;

(i)

tuairisciú bliantúil a dhéanamh le húdaráis ábhartha na mBallstát, leis an gCoimisiún agus le ACER maidir lena ghníomhaíochtaí agus maidir le comhlíonadh a dhualgas, lena n-áirítear maidir leis na céimeanna a glacadh agus na torthaí a fuarthas i ndáil le gach ceann de na cúraimí a liostaítear san Airteagal seo;

(j)

a áirithiú nach ann do thras-fhóirdheonú idir gníomhaíochtaí tarchurtha, dáileacháin agus gníomhaíochtaí soláthair nó gníomhaíochtaí leictreachais nó neamhleictreachais eile;

(k)

faireachán a dhéanamh ar phleananna infheistíochta na n-oibreoirí córas tarchurtha, agus measúnú a thabhairt ina thuarascáil bhliantúil ar phleananna infheistíochtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha i dtaca lena gcomhsheasmhacht le plean forbartha gréasáin uile-Aontais, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí; féadfar moltaí chun na pleananna infheistíochta sin a leasú a bheith san áireamh i measúnú den sórt sin;

(l)

faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-oibreoirí córas tarchurtha agus na n-oibreoirí córas dáileacháin i ndáil le forbairt a dhéanamh ar eangach chliste ina gcuirtear an éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn mar aon leis an gcomhtháthú fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite bunaithe ar shraith theoranta de tháscairí, agus tuarascáil náisiúnta a fhoilsiú gach 2 bhliain, lena n-áirítear moltaí;

(m)

caighdeáin agus ceanglais le haghaidh cáilíocht na seirbhíse agus cáilíocht an tsoláthair a shocrú nó a fhormheas nó rannchuidiú leo sin in éineacht le húdaráis inniúla eile agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht na ngréasán agus athbhreithniú ar fheidhmíocht san am atá caite ina leith;

(n)

faireachán a dhéanamh ar an leibhéal trédhearcachta, lena n-áirítear trédhearcacht phraghsanna mórdhíola, agus comhlíonadh na ngnóthas leictreachais le hoibleagáidí trédhearcachta a áirithiú;

(o)

faireachán a dhéanamh ar leibhéal agus ar éifeachtacht oscailt an mhargaidh agus na hiomaíochta ar an leibhéal mórdhíola agus ar an leibhéal miondíola, lena n-áirítear maidir le malartuithe leictreachais, praghsanna do chustaiméirí teaghlaigh lena n-áirítear córais réamhíocaíochta, an tionchar atá ag conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla agus úsáid córas méadraithe chliste, rátaí chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, rátaí díscoir, muirir le haghaidh seirbhísí cothabhála, déanamh na seirbhísí cothabhála, an ghaolmhaireacht idir praghsanna teaghlaigh agus praghsanna mórdhíola, éabhlú tharaifí agus thobhaigh na heangaí. agus gearáin ó chustaiméirí teaghlaigh, chomh maith le haon saobhadh nó srianadh ar an iomaíocht, lena n-áirítear trí aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar, agus trí aon chás ábhartha a chur faoi bhráid na n-údarás iomaíochta ábhartha;

(p)

faireachán a dhéanamh ar chleachtais shriantacha chonarthacha a bheith ag tarlú, lena n-áirítear clásail eisiachais a d'fhéadfadh cosc a chur ar chustaiméirí conarthaí a dhéanamh i gcomhthráth le níos mó ná soláthróir amháin nó srianadh a chur leis an rogha atá acu é sin a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis iomaíochta náisiúnta a chur ar an eolas faoi chleachtais den sórt sin;

(q)

faireachán a dhéanamh ar an méid ama a thógann sé ar oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin naisc agus deisiúcháin a dhéanamh;

(r)

cabhrú chun a áirithiú, in éineacht leis na húdaráis ábhartha eile, go bhfuil na bearta cosanta tomhaltóirí éifeachtach agus go ndéantar forfheidhmiú orthu.

(s)

moltaí a fhoilsiú, go bliantúil ar a laghad, i ndáil le hAirteagal 5 a bheith á chomhlíonadh ag na praghsanna soláthair, agus na moltaí sin a thabhairt do na húdaráis iomaíochta, i gcás inarb iomchuí;

(t)

Rochtain neamh-idirdhealaitheach a áirithiú ar shonraí faoi thomhaltas custaiméirí, sonraí tomhaltais a sholáthar i bhformáid chomhchuibhithe atá éasca a thuiscint ar an leibhéal náisiúnta, don úsáid roghnach, agus rochtain phras a áirithiú do gach custaiméir ar shonraí den sórt sin de bhun Airteagail 23 agus 24;

(u)

faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha a bhaineann le róil agus freagrachtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha, na n-oibreoirí córas dáileacháin, soláthróirí agus custaiméirí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh de bhun Rialachán (AE) 2019/943;

(v)

faireachán a dhéanamh ar infheistíochtaí sna hacmhainneachtaí giniúna agus stórála a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair;

(w)

faireachán a dhéanamh ar an gcomhar teicniúil idir oibreoirí córas tarchurtha an Aontais agus oibreoirí córas tarchurtha tríú tíortha;

(x)

rannchuidiú le comhoiriúnacht na bpróiseas um malartú sonraí do na próisis mhargaidh is tábhachtaí ar an leibhéal réigiúnach;

(y)

faireachán a dhéanamh ar infhaighteacht uirlisí chun comparáid a dhéanamh a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 14;

(z)

faireachán a dhéanamh ar dhíchur bacainní agus srianta neamhréasúnaithe ar fhorbairt an tomhaltais leictreachais fhéinghinte agus na bpobal fuinnimh saoránach.

2.   I gcás ina ndearna Ballstát foráil dá leithéid, féadfaidh údaráis eile seachas an t-údarás rialála na dualgais faireacháin a leagtar amach i mír 1 a dhéanamh. I gcás den sórt sin, cuirfear an fhaisnéis a eascraíonn as faireachán den sórt sin ar fáil don údarás rialála a luaithe is féidir.

Rachaidh an t-údarás rialála, agus a neamhspleáchas á chaomhnú aige, gan dochar dá inniúlacht shonrach féin agus i gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr, de réir mar is iomchuí, i gcomhairle le hoibreoirí córas tarchurtha agus, de réir mar is iomchuí, i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta ábhartha eile nuair a bheidh na dualgais a leagtar amach i mír 1 á ndéanamh aige.

Tá aon fhormheas a thabharfaidh údarás rialála nó ACER faoin Treoir seo gan dochar d'aon úsáid amach anseo a bhfuil bonn cirt cuí leis a bhainfidh an t-údarás rialála as na cumhachtaí atá aige faoin Airteagal seo ná d'aon phionóis arna ngearradh ag údaráis ábhartha eile nó ag an gCoimisiún.

3.   Áiritheoidh Ballstáit go ndeonófar cumhachtaí d'údaráis rialála a chuirfidh ar a gcumas na dualgais dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus gasta. Chuige sin, beidh cumhachtaí ag an údarás rialála an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a)

cinntí ceangailteacha a eisiúint i leith gnóthais leictreachais;

(b)

imscrúduithe a dhéanamh maidir le feidhmiú na margaí leictreachais, agus cinneadh a dhéanamh ar aon bhearta riachtanacha agus comhréireacha chun iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh a áirithiú, agus na bearta sin a fhorchur. I gcás inarb iomchuí, beidh an chumhacht ag an údarás rialála freisin comhoibriú leis an údarás iomaíochta náisiúnta agus le rialálaithe an mhargaidh airgeadais nó leis an gCoimisiún i seoladh aon imscrúdú a bhaineann le dlí na hiomaíochta;

(c)

aon fhaisnéis a éileamh ó ghnóthais leictreachais atá ábhartha chun a chúraimí a chur i gcrích, lena n-áirítear an bonn cirt le haon diúltú rochtain a dheonú do thríú páirtithe, agus aon fhaisnéis maidir le bearta is gá chun an gréasán a threisiú;

(d)

pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais leictreachais nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, Rialachán (AE) 2019/943 nó aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu, lena n-áirítear an chumhacht pionóis de suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an oibreora córais tarchurtha a ghearradh ar an oibreoir córais tarchurtha, nó moladh a dhéanamh iad a ghearradh, nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais atá comhtháite go hingearach a ghearradh ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, nó moladh iad a ghearradh air, de réir an cháis, as neamh-chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi seach de bhun na Treorach seo; agus

(e)

cearta iomchuí imscrúdaithe agus cumhachtaí ábhartha teagaisc a thabhairt i dtaca le réiteach díospóidí faoi Airteagal 60(2) agus (3).

4.   An t-údarás rialála atá suite sa Bhallstáit ina bhfuil a shuíomh ag ETSO don Leictreachas nó ag eintiteas AE do OCDanna, beidh de chumhacht aige pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar na heintitis sin i gcás nach gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí faoin Treoir, faoi Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu.

5.   Chomh maith leis na dualgais arna mbronnadh air faoi mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, i gcás ina mbeidh oibreoir córais neamhspleách ainmnithe faoi Airteagal 44, déanfaidh an t-údarás rialála an méid seo a leanas:

(a)

faireachán ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí ag úinéir an chórais tarchurtha agus ag oibreoir an chórais neamhspleách faoin Airteagal seo, agus pionóis as neamh-chomhlíonadh a eisiúint i gcomhréir le pointe (d) de mhír 3;

(b)

faireachán ar an gcaidreamh agus ar an gcumarsáid idir oibreoir an chórais neamhspleách agus úinéir an chórais tarchurtha chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoir an chórais neamhspleách a oibleagáidí, agus go háirithe conarthaí a fhormheas agus gníomhú mar údarás um réiteach díospóidí idir oibreoir an chórais neamhspleách agus úinéir an chórais tarchurtha i ndáil le haon ghearán arna seoladh isteach ag ceachtar den dá pháirtí de bhun Airteagal 60(2);

(c)

gan dochar don nós imeachta faoi phointe (c) d'Airteagal 44(2), don chéad phlean forbartha gréasáin 10 mbliana, formheas a dhéanamh ar phleanáil na n-infheistíochtaí agus ar an bplean forbartha gréasáin ilbhliantúil arna thíolacadh ag an oibreoir córais neamhspleách ar a laghad gach 2 bhliain;

(d)

a áirithiú go mbeidh san áireamh sna taraifí um rochtain ar an ngréasán arna mbailiú ag oibreoir an chórais neamhspleách, luach saothar d'úinéir an ghréasáin nó d'úinéirí an ghréasáin, lena ndéantar foráil maidir le luach saothair leormhaith ar shócmhainní an ghréasáin agus ar aon infheistíochtaí nua arna ndéanamh ann, ar choinníoll go ndéantar iad a thabhú go tíosach agus go héifeachtúil;

(e)

cumhacht cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cigireachtaí gan fógra roimh ré, ag áitreabh úinéir an chórais tarchurtha agus oibreoir an chórais neamhspleách; agus

(f)

faireachán ar úsáid na muirear ó phlódú arna mbailiú ag oibreoir an chórais neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2019/943.

6.   Sa bhreis ar na dualgais agus cumhachtaí arna mbronnadh air faoi mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, i gcás ina ndearnadh oibreoir córais tarchurtha a ainmniú i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil VI, deonófar dualgais agus cumhachtaí don údarás rialála chun an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a)

pionóis a ghearradh i gcomhréir le pointe (d) de mhír 3 as iompraíocht idirdhealaitheach i bhfabhar an ghnóthais atá comhtháite go hingearach;

(b)

faireachán ar an gcumarsáid idir an t-oibreoir córais tarchurtha agus an gnóthas atá comhtháite go hingearach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha a oibleagáidí;

(c)

feidhmiú mar údarás um réiteach díospóidí idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha i ndáil le haon ghearán arna gcur isteach de bhun Airteagal 60(2);

(d)

faireachán ar an gcaidreamh tráchtála agus airgeadais lena n-áirítear iasachtaí idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha;

(e)

gach socrú tráchtála agus airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha a fhormheas ar choinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha an mhargaidh;

(f)

bonn cirt a iarraidh ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach nuair a thugann an t-oifigeach comhlíontachta fógra dó i gcomhréir le hAirteagal 50(4), amhail bonn cirt lena n-áirítear, go háirithe, fianaise lena léirítear nár tharla aon iompraíocht idirdhealaitheach chun buntáiste an ghnóthais atá comhtháite go hingearach;

(g)

cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cinn gan fógra roimh ré, ar áitreabh an ghnóthais atá comhtháite go hingearach agus an oibreora córais tarchurtha; agus

(h)

cúraimí uile nó cúraimí sonracha de chuid an oibreora córais tarchurtha a shannadh d'oibreoir córais neamhspleách arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 44 i gcás go ndéanann oibreoir córais tarchurtha sárú leanúnach ar a oibleagáidí faoin Treoir seo, go háirithe i gcás iompraíocht idirdhealaitheach a tharlaíonn arís agus arís eile chun tairbhe an ghnóthais atá comhtháite go hingearach.

7.   Ach amháin i gcásanna ina bhfuil ACER inniúil chun na téarmaí agus coinníollacha nó na modheolaíochtaí a shocrú agus a fhormheas chun cóid ghréasáin agus treoirlínte a chur chun feidhme faoi Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/943 de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2019/942 toisc go bhfuil comhordú i gceist leo, is ar na húdaráis rialála a bheidh an fhreagracht ar a laghad na modheolaíochtaí náisiúnta a úsáidtear chun na nithe seo a leanas a ríomh, nó chun téarmaí agus coinníollacha dóibh a bhunú, a shocrú nó a fhormheas tamall leordhóthanach sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm:

(a)

ceangal chuig agus rochtain ar ghréasáin náisiúnta, lena n-áirítear taraifí tarchurtha agus dáileacháin nó a modheolaíochtaí, ar taraifí agus modheolaíochtaí iad a fhágfaidh gur féidir na hinfheistíochtaí is gá sna gréasáin a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh go ndéanfar inmharthanacht na ngréasán a áirithiú leis na hinfheistíochtaí sin;

(b)

seirbhísí coimhdeacha a sholáthar a dhéanfar ar an mbealach is tíosaí agus is féidir agus a thabharfaidh dreasachtaí iomchuí d'úsáideoirí an ghréasáin a n-ionchur agus a dtógáil leictreachais a chomhardú, ar seirbhísí coimhdeacha iad a sholáthrófar ar bhealach cóir agus neamh-idirdhealaitheach agus a bheidh bunaithe ar chritéir oibiachtúla; agus

(c)

rochtain ar bhonneagair thrasteorann, lena n-áirítear na nósanna imeachta le haghaidh acmhainn a leithdháileadh agus bainistiú a dhéanamh ar phlódú.

8.   Foilseofar na modheolaíochtaí nó na téarmaí agus coinníollacha dá dtagraítear i mír 7.

9.   D'fhonn trédhearcacht a mhéadú sa mhargadh agus gach faisnéis agus cinneadh nó togra le haghaidh cinntí is gá a sholáthar do gach páirtí leasmhar a bhaineann le taraifí tarchurtha agus dáileacháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 60(3), cuirfidh údaráis rialála an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na bunchostais a úsáideadh chun na taraifí gréasáin ábhartha a ríomh ar fáil go poiblí, agus fós rúndacht faisnéise atá íogaireacht go tráchtála á gcaomhnú acu.

10.   Déanfaidh údaráis rialála faireachán ar bhainistiú ar phlódú sna córais leictreachais náisiúnta, lena n-áirítear idirnascairí, agus ar chur chun feidhme na rialacha maidir le bainistiú ar phlódú. Chuige sin, cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha nó oibreoirí margaidh a gcuid rialacha maidir le bainistiú ar phlódú, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainneachta, faoi bhráid na n-údarás rialála. Féadfaidh údarás rialála leasuithe ar na rialacha sin a iarraidh.

Airteagal 60

Cinntí agus gearáin

1.   Beidh an t-údarás ag údaráis rialála a chur de cheangal ar oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin, más gá, na téarmaí agus coinníollacha a mhodhnú, lena n-áirítear taraifí nó modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir seo, lena áirithiú go bhfuil siad comhréireach agus á gcur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943. I gcás go mbeidh moill ann na taraifí tarchurtha agus dáileacháin a shocrú, beidh an chumhacht ag údaráis rialála taraifí nó modheolaíochtaí sealadacha tarchurtha agus dáileacháin a shocrú nó a fhormheas agus cinneadh a dhéanamh ar na bearta cúitimh iomchuí má imíonn na taraifí nó modheolaíochtaí tarchurtha nó dáileacháin deiridh ó na taraifí nó modheolaíochtaí sealadacha sin.

2.   Aon pháirtí a bhfuil gearán aige i gcoinne oibreoir córais tarchurtha nó dáileacháin i ndáil le hoibleagáidí an oibreora sin faoin Treoir seo, féadfaidh sé an gearán a tharchur chuig an údaráis rialála a eiseoidh, agus é ag gníomhú mar údarás um réiteach díospóidí, cinneadh laistigh de 2 mhí ón ngearán a fháil. Féadfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise á lorg ag an údarás rialála. Féadfar an tréimhse fhadaithe sin a fhadú arís le comhaontú ón ngearánach. Beidh éifeacht cheangailteach ag cinneadh an údaráis rialála ach amháin má chuirtear ar neamhní é ar achomharc, agus go dtí go ndéantar é sin.

3.   Aon pháirtí a ndéantar difear dó agus a bhfuil ceart aige gearán a dhéanamh a bhaineann le cinneadh maidir le modheolaíochtaí arna dhéanamh de bhun Airteagal 59 nó, i gcás ina bhfuil dualgas ar an údarás rialála dul i gcomhairle, a bhaineann leis na taraifí nó modheolaíochtaí atá beartaithe, féadfaidh sé, laistigh de 2 mhí, nó laistigh de thréimhse níos giorra arna foráil ag Ballstáit, tar éis an cinneadh nó an togra le haghaidh cinnidh a fhoilsiú, gearán a sheoladh isteach ina n-iarrtar athbhreithniú. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag gearán den sórt sin.

4.   Cruthóidh Ballstáit sásraí iomchuí agus éifeachtúla don rialáil, don rialú agus don trédhearcacht d'fhonn aon mhí-úsáid ceannasachta, go háirithe chun dochair custaiméirí, agus aon iompraíocht chreachach a sheachaint. Sna sásraí sin, cuirfear forálacha CFAE, go háirithe Airteagal 102 de, san áireamh.

5.   Áiritheoidh Ballstáit go ndéantar na bearta iomchuí, lena n-áirítear gníomhaíocht riaracháin nó imeachtaí coiriúla i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, i gcoinne na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach i gcás nár urramaíodh rialacha rúndachta arna bhforchur faoin Treoir seo.

6.   Beidh gearáin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 gan dochar d'fheidhmiú na gceart chun achomhairc faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

7.   Beidh cinntí arna ndéanamh ag údaráis rialála go hiomlán réasúnaithe agus beidh bonn cirt leo ionas gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh. Beidh na cinntí ar fáil don phobal agus ag an am céanna déanfar rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sásraí oiriúnacha ann, ar an leibhéal náisiúnta, ar sásraí iad faoina mbeidh ceart ag páirtí a ndearna cinneadh de chuid údaráis rialála difear dó achomharc a dhéanamh chuig comhlacht atá neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon rialtas.

Airteagal 61

Comhar réigiúnach idir údaráis rialála maidir le saincheisteanna trasteorann

1.   Rachaidh údaráis rialála i ndlúthchomhairle lena chéile agus comhoibreoidh siad lena chéile, go háirithe laistigh de ACER, agus déanfaidh siad aon fhaisnéis is gá chun a gcúraimí faoin Treoir seo a chur i gcrích a thabhairt dá chéile agus do ACER. I ndáil leis an bhfaisnéis arna malartú, áiritheoidh an t-údarás a gheobhaidh í an leibhéal céanna rúndachta agus a cheanglaítear ar an údarás as a dtagann sí.

2.   Comhoibreoidh údaráis rialála ar an leibhéal réigiúnach ar a laghad chun:

(a)

spreagadh a thabhairt chun socruithe oibríochtúla a chruthú ionas go mbeifear in ann bainistiú optamach a dhéanamh ar an ngréasán, cómhalartáin leictreachais agus leithdháileadh acmhainneachta trasteorann a chur chun cinn, agus leibhéal leormhaith acmhainneachta idirnascachta a chumasú, lena n-áirítear trí idirnascacht nua, laistigh den réigiún agus idir réigiúin ionas gur féidir forbairt a dhéanamh ar iomaíocht éifeachtacht agus feabhas a chur ar chinnteacht an tsoláthair, gan idirdhealú a dhéanamh idir soláthróirí i mBallstáit éagsúla;

(b)

formhaoirseacht chomhpháirteach na n-eintiteas a dhéanann feidhmeanna ar an leibhéal réigiúnach a chomhordú;

(c)

fhormhaoirseacht chomhpháirteach na measúnuithe náisiúnta, réigiúnacha agus Eorpacha ar leormhaitheas acmhainní a chomhordú i gcomhar leis na húdaráis eile atá páirteach;

(d)

forbairt na gcód gréasáin uile agus na dtreoirlínte do na hoibreoirí córas tarchurtha ábhartha agus do ghníomhaithe eile sa mhargadh a chomhordú; agus

(e)

forbairt na rialacha lena rialaítear an bainistiú ar phlódú a chomhordú.

3.   Beidh sé de cheart ag údaráis rialála socruithe comhoibritheacha a dhéanamh le chéile chun comhar rialála a chothú.

4.   Na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, de réir mar is iomchuí, déanfar iad i ndlúthchomhairle leis na húdaráis náisiúnta ábhartha eile agus gan dochar dá n-inniúlachtaí sonracha.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí threoirlínte a bhunú maidir lena mhéid a bheidh sé de dhualgais ar na húdaráis rialála comhoibriú le chéile agus le ACER.

Airteagal 62

Dualgais agus cumhachtaí na n-údarás rialála i ndáil le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha

1.   Déanfaidh údaráis rialála réigiúnacha an réigiúin oibríochta córais ina bhfuil lárionad comhordúcháin réigiúnach bunaithe an méid seo a leanas, i ndlúthchomhardú le chéile:

(a)

an togra go mbunófaí lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2019/943 a fhormheas;

(b)

na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí na lárionad comhordúcháin réigiúnach, ar costais iad a bheidh le seasamh ag na hoibreoirí córas tarchurtha agus a chuirfear san áireamh i ríomh na dtaraifí, a fhormheas, ar choinníoll go bhfuil na costais sin réasúnach agus iomchuí;

(c)

an próiseas cinnteoireachta comhoibrithí a fhormheas;

(d)

a áirithiú go mbeidh ag na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na hacmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais uile is gá chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh agus chun a gcúraimí a dhéanamh go neamhspleách agus go neamhchlaonta;

(e)

a mholadh i gcomhpháirt leis na húdaráis rialála eile i réigiún oibríochta córais cad iad na cúraimí breise agus na cumhachtaí breise a d'fhéadfadh Ballstáit an réigiúin oibríochta córais a shannadh ar na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;

(f)

comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Treoir seo agus faoi dhlí ábhartha eile an Aontais a áirithiú, go háirithe i ndáil le saincheisteanna trasteorann agus comhairliúchán a dhéanamh chun neamhchomhlíonadh na lárionad comhordúcháin réigiúnach i leith a gcuid oibleagáidí faoi seach a shainaithint go compháirteach; i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála in ann teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse 4 mhí tar éis tús a chur leis na comhairliúcháin chun críocha neamhchomhlíonadh a shainaithint go comhpháirteach, déanfar an cheist a tharchur chuig ACER le haghaidh cinnidh, de bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942;

(g)

faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhordúcháin córais agus tuairisciú bliantúil a dhéanamh chuig ACER ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/943.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na cumhachtaí a dheonú do na húdaráis rialála a fhágfaidh go bhfuil sé ar a gcumas na dualgais dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus gasta. Chuige sin, beidh cumhachtaí ag na húdaráis rialála an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a)

faisnéis a iarraidh ó na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;

(b)

cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cigireachtaí gan fógra roimh ré, ar áitreabh na lárionad comhordúcháin réigiúnach;

(c)

cinntí ceangailteacha comhpháirteacha a eisiúint i leith na lárionad comhordúcháin réigiúnach;

3.   An t-údarás rialála atá suite sa Bhallstáit ina bhfuil a shuíomh ag lárionad comhordúcháin réigiúnach, beidh de chumhacht aige pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar an lárionad comhordúcháin réigiúnach i gcás nach gcomhlíonann sé a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu.

Airteagal 63

Na cóid ghréasáin a chomhlíonadh agus treoirlínte

1.   Féadfaidh aon údarás rialála agus an Coimisiún tuairim ACER a iarraidh maidir lena mhéid atá cinneadh arna dhéanamh ag údarás rialála ag comhlíonadh na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte dá dtagraítear sa Treoir seo nó i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/943.

2.   Tabharfaidh ACER a thuairim don údarás rialála a d'iarr uaidh í nó don Choimisiún, faoi seach, agus don údarás rialála a rinne an cinneadh atá i gceist laistigh de 3 mhí ón dáta a gheobhaidh sé an iarraidh.

3.   I gcás nach gcomhlíonann an t-údarás rialála a rinne an cinneadh tuairim ACER laistigh de 4 mhí ón lá a fhaightear an tuairim sin, cuirfidh ACER an méid sin in iúl don Choimisiún dá réir sin.

4.   Féadfaidh aon údarás rialála an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás ina measann sé nach bhfuil cinneadh atá ábhartha don trádáil trasteorann arna dhéanamh ag údarás rialála eile ag comhlíonadh na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte dá dtagraítear sa Treoir seo nó i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/943 laistigh de 2 mhí ó dháta an chinnidh sin.

5.   Más rud é, laistigh de 2 mhí tar éis an Coimisiún a bheith curtha ar an eolas ag ACER i gcomhréir le mír 3, nó ag údarás rialála i gcomhréir le mír 4, nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, laistigh de 3 mhí ó dháta an chinnidh, go bhfaigheann an Coimisiún go n-ardaíonn an cinneadh ón údarás rialála amhras tromchúiseach i dtaca lena comhoiriúnacht leis na cóid ghréasáin agus leis na treoirlínte dá dtagraítear sa Treoir seo nó i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/943, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh scrúdú breise a dhéanamh ar an gcás. I gcás den sórt sin, tabharfaidh sé cuireadh don údarás rialála agus do na páirtithe sna himeachtaí os comhair an údaráis rialála barúlacha a sheoladh isteach.

6.   I gcás ina ndéanann an Coimisiún cinneadh scrúdú breise a dhéanamh ar an gcás, eiseoidh sé, laistigh de 4 mhí ó dháta an chinnidh sin, cinneadh críochnaitheach:

(a)

gan agóidí a ardú i gcoinne chinneadh an údaráis rialála; nó

(b)

a chur de cheangal ar an údarás rialála lena mbaineann a chinneadh a tharraingt siar ar an mbonn nár comhlíonadh na cóid ghréasáin agus na treoirlínte.

7.   Más rud é nach mbeidh Coimisiún tar éis cinneadh a dhéanamh scrúdú breise a dhéanamh ar an gcás ná tar éis cinneadh críochnaitheach a eisiúint laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i míreanna 5 agus 6 faoi seach, measfar nár ardaigh sé agóidí i gcoinne chinneadh an údaráis rialála.

8.   Comhlíonfaidh an t-údarás rialála an cinneadh ón gCoimisiúin lena gcuirtear de cheangal air a chinneadh a tharraingt siar laistigh de 2 mhí agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

9.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 lena bhforlíontar an Treoir seo trí threoirlínte a bhunú ina leagtar amach mionsonraí an nós imeachta atá le leanúint chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 64

Taifid a choimeád

1.   Ceanglóidh Ballstáit ar sholáthróirí na sonraí ábhartha a bhaineann le gach idirbheart i gconarthaí soláthair leictreachais agus i ndíorthaigh leictreachais le custaiméirí mórdhíola agus oibreoirí córas tarchurtha a choimeád agus iad a bheith ar fáil do na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear an t-údarás rialála, na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus an Coimisiún, chun a gcúraimí a chur i gcrích, ar feadh 5 bliana ar a laghad.

2.   Sna sonraí sin, beidh mionsonraí faoi shaintréithe na n-idirbheart ábhartha amhail rialacha maidir le ré, seachadadh agus réitigh, an chainníocht, na dátaí agus amanna a rinneadh iad agus praghsanna na n-idirbheart agus modhanna chun an custaiméir mórdhíola lena mbaineann a shainaithint, chomh maith le sonraí mionsonraithe gach conartha soláthair leictreachais agus díorthaigh leictreachais neamhréitithe.

3.   Féadfaidh an t-údarás rialála cinneadh a dhéanamh gnéithe den fhaisnéis sin a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh ar choinníoll nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de maidir le rannpháirtithe aonair margaidh nó maidir le hidirbhearta aonair a scaoileadh. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le faisnéis faoi ionstraimí airgeadais a thiocfaidh faoi raon feidhme Threoir 2014/65/AE.

4.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo oibleagáidí breise i leith na n-údarás dá dtagraítear i mír 1 a chruthú d'eintitis a thagann laistigh de raon feidhme Threoir 2014/65/AE.

5.   Sa chás go bhfuil rochtain ar shonraí arna gcoimeád ag eintitis a thagann laistigh de raon feidhme Threoir 2014/65/AE de dhíth ar na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis atá freagrach faoin Treoir sin na sonraí atá de dhíth orthu a sholáthar dóibh.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 65

Cothrom iomaíochta

1.   Na bearta a fhéadfaidh na Ballstáit a dhéanamh de bhun na Treorach seo chun cothrom iomaíochta a áirithiú, beidh siad ag luí le CFAE, go háirithe Airteagal 36 de, agus le dlí an Aontais.

2.   Is bearta comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bheidh sna bearta dá dtagraítear i mír 1. Ní fhéadfar na bearta sin a chur in éifeacht ach tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún agus formheas a fháil ina leith.

3.   Gníomhóidh an Coimisiún i leith an fhógra dá dtagraítear i mír 2 laistigh de 2 mhí ón bhfógra a fháil. Tosóidh an tréimhse sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil. Sa chás nach mbeidh an Coimisiún tar éis gníomhú laistigh den tréimhse 2 mhí sin, measfar nár ardaigh sé agóidí i gcoinne na mbeart ar tugadh fógra ina leith.

Airteagal 66

Maoluithe

1.   Ballstáit atá in ann a léiriú go bhfuil fadhbanna substainteacha ann d'oibriú na gcóras beag nasctha agus na gcóras beag scoite atá acu, féadfaidh siad iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar mhaoluithe ó fhorálacha ábhartha Airteagail 7 agus 8 agus Chaibidlí IV, V agus VI.

Maidir le córais bheaga scoite agus leis an bhFrainc, chun críocha na, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar mhaolú ó Airteagail 4, 5, agus 6 freisin.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi iarratais den sórt sin sula ndéanfaidh sé cinneadh, agus urramú don rúndacht á chur san áireamh.

2.   Maoluithe a dheonaíonn an Coimisiún dá dtagraítear i mír 1, beidh siad teoranta in am agus beidh siad faoi réir coinníollacha a bhfuil sé mar aidhm leo iomaíocht agus comhtháthú leis an margadh inmheánach a mhéadú agus a áirithiú nach gcuireann na maoluithe isteach ar an aistriú i dtreo fuinnimh in-athnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil fuinnimh, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt don éileamh.

Is gcás na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE nach féidir a idirnascadh le margaí fuinnimh an Aontais, ní bheidh an maolú teoranta in am agus beidh sé faoi réir coinníollacha a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú nach gcuireann an maolú isteach ar an aistriú i dtreo fuinneamh in-athnuaite.

Foilseofar cinntí lena ndeonaítear maoluithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 43 maidir leis an gCipir, Lucsamburg agus Málta. Sa bhreis air sin, ní bheidh feidhm ag Airteagail 6 agus 35 agus maidir le Málta agus ní bheidh feidhm ag Airteagail 44, 45, 46, 47, 48, 49, 50 agus 52 maidir leis an gCipir.

Chun críocha phointe (b) d'Airteagal 43(1), ní bheidh san áireamh sa choincheap “gnóthais a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair” custaiméirí deiridh a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna agus/nó an tsoláthair leictreachais, bíodh sin go díreach nó trí ghnóthais a bhfuil rialú acu orthu, bíodh sin ina n-aonar nó go comhpháirteach, ar choinníoll go bhfuil na custaiméirí deiridh, lena n-áirítear an sciar atá acu den leictreachas a tháirgtear i ngnóthais atá faoi rialú, mar mheán bliantúil, ina nglantomhaltóirí leictreachais agus ar choinníoll go bhfuil luach eacnamaíoch an leictreachais a dhíolann siad le tríú páirtithe neamhshuntasach i gcoibhéis lena n-oibríochtaí gnó eile.

4.   Go dtí an 1 Eanáir 2025, nó go dtí dáta is déanaí a leagfar amach i gcinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5 maidir leis an gCipir agus leis an gCorsaic.

5.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir le Málta go dtí an 5 Iúil 2027. Féadfar an tréimhse sin a a fhadú ar feadh tréimhse bhreise eile ach nach mbeidh níos mó ná 8 mbliana. An fadú ar feadh tréimhse bhreise eile, déanfar é trí bhíthin cinnidh de bhun mhír 1.

Airteagal 67

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 61(5) agus Airteagal 63(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 4 Iúil 2019.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 61(5) agus Airteagal 63(9) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 61(5) agus Airteagal 63(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 68

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 69

Faireachán, athbhreithniú agus tuairisciú ag an gCoimisiún

1.   Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú agus faireachán ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus déanfaidh sé tuarascáil ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar iarscríbhinn a ghabhfaidh leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999.

2.   Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach seo agus déanfaidh sé tuarascáil ina leith sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Más iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach in éineacht leis an tuarascáil nó tar éis dó an tuarascáil a thíolacadh.

San athbhreithniú ón gCoimisiún, déanfar, go háirithe, measúnú ar cibé an bhfuil custaiméirí, go háirithe iadsan atá leochaileach nó atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, cosanta go leormhaith faoin Treoir seo.

Airteagal 70

Leasuithe ar Threoir 2012/27/AE

Leasaítear Treoir 2012/27/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“'Méadrú i gcomhair gás nádúrtha”;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir go teicniúil, réasúnach agus comhréireach ó thaobh airgeadais de i ndáil leis na coigiltis fuinnimh fhéideartha, go gcuirfear ar fáil méadair aonair ar phraghas iomaíoch do chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha a léireoidh tomhaltas fuinnimh iarbhír an chustaiméara deiridh go cruinn agus a chuirfidh faisnéis faoin am úsáide iarbhír ar fáil.”;

(c)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“2.   I gcás ina ndéanfaidh, agus a mhéid a dhéanfaidh, na Ballstáit córais méadraithe chliste a chur chun feidhme agus méadair chliste i gcomhair gáis nádúrtha a leathadh amach i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE:”;

(ii)

scriostar pointí (c) agus (d)”;

(2)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Faisnéis bhilleála don ghás nádúrtha”;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   I gcás nach mbeidh méadair chliste dá dtagraítear i dTreoir 2009/73/CE ag custaiméirí deiridh, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2014, go mbeidh faisnéis bhilleála iontaofa don ghás nádúrtha cruinn agus bunaithe ar thomhaltas iarbhír, i gcomhréir le pointe 1.1 d'Iarscríbhinn VII más rud é go bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus go mbeidh bonn eacnamaíoch leis.”;

(c)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2.   Méadair a shuiteáiltear i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE, beidh siad in ann faisnéis bhilleála chruinn a sholáthar bunaithe ar thomhaltas iarbhír. Áiritheoidh an Ballstáit go mbeidh an fhéidearthacht ag custaiméirí deiridh rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil a chuirfidh ar a gcumas féinseiceálacha mionsonraithe a dhéanamh.”;

(3)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála don ghás nádúrtha”;

(4)

in Airteagal 13, cuirtear na focail “in Airteagail 7 go 11a” in ionad na bhfocal “in Airteagail 7 go 11”;

(5)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

scriostar an chéad fhomhír agus an dara fomhír;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Comhlíonfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.”;

(b)

scriostar mír 8.

(6)

in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Na ceanglais íosta do bhilleáil agus d'fhaisnéis bhilleála bunaithe ar thomhaltas iarbhír gáis nádúrtha”;

Airteagal 71

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun Airteagail 2 go 5, Airteagal 6(2) agus (3), Airteagal 7(1), pointe (j) agus (l) d'Airteagal 8(2), Airteagal 9(2), Airteagal 10(2) go (12), Airteagail 11 go 24, Airteagail 26, 28 agus 29, Airteagail 31 go 34 agus 36, Airteagal 38(2), Airteagail 40 agus 42, pointe (d) d'Airteagal 46(2), Airteagail 51 agus 54, Airteagail 57 go 59, Airteagail 61 go 63, pointí (1) go (3), (5)(b) agus (6) d'Airteagal 70 agus Iarscríbhinní I agus II a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2020. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

pointe (5)(a) d'Airteagal 70 faoin 31 Nollaig 2019;

(b)

pointe (4) d'Airteagal 70 faoin 25 Deireadh Fómhair 2020.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana maidir leis an Treoir arna haisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 72

Aisghairm

Déantar Treoir 2009/72/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun an Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dáta chur i bhfeidhm na Treorach sin a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairithe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 73

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6(1), Airteagal 7(2) go (5), Airteagal 8(1), pointí (a) go (i) agus (k) d'Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(3) agus (4), Airteagal 9(1), (3), (4) agus (5), Airteagal 10(2) go (10), Airteagail 25, 27, 30, 35 agus 37, Airteagal 38(1), (3) agus (4), Airteagail 39, 41, 43, 44 agus 45, Airteagal 46(1), pointí (a), (b) agus (c) agus (e) go (h) d'Airteagal 46(2), Airteagal 46(3) go (6), Airteagal 47 go 50, Airteagail 52, 53, 55, 56, 60, 64 agus 65, beidh feidhm acu ón 1 Eanáir 2021.

Beidh feidhm ag pointí (1) go (3), (5)(b) agus (6) d'Airteagal 70 ón 1 Eanáir 2021.

Beidh feidhm ag pointe (5)(a) d'Airteagal 70 ón 1 Eanáir 2020.

Beidh feidhm ag pointe (4) d'Airteagal 70 ón 26 Deireadh Fómhair 2020.

Airteagal 74

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 91.

(2)  IO C 342, 12.10.2017, lch. 79.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019.

(4)  Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55).

(5)  Treoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 96/92/CE (IO L 176, 15.7.2003, lch. 37), a aisghaireadh agus cuireadh, le héifeacht ón 2 Marta 2011, Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55) in ionad.

(6)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an mhargadh inmhéanach don leictreachas (féach leathanach 54 den Iris Oifigiúil seo) .

(7)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(8)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (féach leathanach 22 den Iris Oifigiúil seo).

(10)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94)

(11)  IO L 198, 20.7.2006, lch. 18.

(12)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(13)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(15)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(16)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 maidir le sonraí a thuairisciú i dtaca le cur chun feidhme Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 363, 18.12.2014, lch. 121).

(18)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(19)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(20)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(21)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(22)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(23)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 2017/1485 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córas tarchurtha leictreachais (IO L 220, 25.8.2017, lch. 1).

(25)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

(26)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE BILLEÁIL AGUS FAISNÉIS BHILLEÁLA

1.   An fhaisnéis íosta atá le bheith ar an mbille agus san fhaisnéis bhilleála

1.1

Léireofar go feiceálach an phríomhfhaisnéis seo a leanas do na custaiméirí deiridh ina mbillí, agus beidh sí scartha amach go soiléir ó chodanna eile den bhille:

(a)

an praghas atá le híoc agus miondealú ar an bpraghas i gcás inar féidir, in éineacht le ráiteas soiléir gur féidir leis na foinsí fuinnimh go léir tairbhiú freisin ó dhreasachtaí nár maoiníodh trí na tobhaigh a luaitear sa miondealú ar an bpraghas agus, i gcás inarb indéanta sin, miondealú ar an bpraghas;

(b)

an dáta a mbeidh an íocaíocht dlite.

1.2

Léireofar go feiceálach an phríomhfhaisnéis seo a leanas do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus san fhaisnéis bhilleála, agus beidh sí scartha amach go soiléir ó chodanna eile den bhille agus den fhaisnéis bhilleála:

(a)

an tomhaltas leictreachais don tréimhse billeála;

(b)

ainm agus sonraí teagmhála an tsoláthróra, lena n-áirítear beolíne tacaíochta tomhaltóirí agus seoladh ríomhphoist;

(c)

ainm na taraife;

(d)

críochdháta an chonartha, más infheidhme;

(e)

faisnéis faoi fháil a bheith ar dheis athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus na tairbhí a ghabhann leis sin;

(f)

cód pointe seachadta an chustaiméara deiridh nó an cód uathúil aitheantais le haghaidh phointe soláthair an chustaiméara deiridh;

(g)

faisnéis faoi chearta na gcustaiméirí deiridh a mhéid a bhaineann le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, lena n-áirítear sonraí teagmhála an eintitis atá freagrach de bhun Airteagal 26.

(h)

an pointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 25;

(i)

nasc chuig uirlisí comparáide, nó tagairt don áit a bhfuil fáil orthu, dá dtagraítear in Airteagal 14.

1.3

I gcás ina bhfuil billí bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar chianléamh ag an oibreoir, déanfar an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus ina mbillí réitithe tréimhsiúla, nó déanfar an fhaisnéis sin a chur leo nó comhartha ina leith sin a chur iontu:

(a)

comparáidí idir tomhaltas leictreachais reatha an chustaiméara deiridh agus tomhaltas an chustaiméara deiridh don tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin i bhfoirm léaráide;

(b)

faisnéis theagmhála na n-eagraíochtaí tomhaltóirí, na ngníomhaireachtaí fuinnimh nó a macasamhail de chomhlachtaí, lena n-áirítear seoltaí suíomhanna gréasáin, ar féidir faisnéis a fháil uathu faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil le haghaidh trealamh a úsáideann fuinneamh;

(c)

comparáidí le meánchustaiméir deiridh normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna.

2.   Minicíocht na billeála agus soláthar na faisnéise billeála:

(a)

déanfar an bhilleáil uair sa bhliain ar a laghad ar bhonn an tomhaltais iarbhír;

(b)

i gcás nach bhfuil méadar ag custaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, nó i gcás inar roghnaigh an custaiméir deiridh go gníomhach cianléamh a dhíchumasú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfar faisnéis bhilleála bheacht bunaithe ar an tomhaltas iarbhír a chur ar fáil don chustaiméir deiridh ar a laghad gach sé mhí, nó uair amháin gach trí mhí, arna iarraidh sin nó i gcás ina bhfuil sé roghnaithe ag an gcustaiméir deiridh billeáil leictreonach a fháil;

(c)

i gcás nach bhfuil méadar ag custaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, nó i gcás inar roghnaigh an custaiméir deiridh go gníomhach cianléamh a dhíchumasú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, féadfar na hoibleagáidí i bpointí (a) agus (b) a chomhlíonadh trí bhíthin córas féinléitheoireachta rialta ag an gcustaiméir deiridh, trína ndéanann an custaiméir deiridh na léamha ón méadar a chur in iúl don oibreoir; ní fhéadfar an bhilleáil nó an fhaisnéis bhilleála a bheith bunaithe ar an tomhaltas measta nó ar ráta comhréidh ach amháin sa chás nár chuir an custaiméir deiridh léamh méadair ar fáil maidir le tréimhse billeála ar leith;

(d)

i gcás ina bhfuil méadar ag an gcustaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, déanfar faisnéis bhilleála bheacht bunaithe ar an tomhaltas iarbhír a sholáthar uair sa mhí ar a laghad; féadfar faisnéis den sórt a chur ar fáil tríd an idirlíon freisin, agus déanfar í a thabhairt chun dáta a mhinice is incheadaithe leis na feistí tomhais agus na córais tomhais a úsáidtear.

3.   Miondealú ar phraghas an chustaiméara deiridh

Suim na dtrí chomhpháirt a leanas a bheidh i bpraghas an chustaiméara deiridh: comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin (tarchur agus dáileadh) agus comhpháirt na gcánacha, na dtobhach, na dtáillí agus na muirear.

I gcás ina mbeidh miondealú ar phraghas an chustaiméara deiridh curtha i láthair i mbillí, úsáidfear ar fud an Aontais na sainmhínithe coiteanna ar na trí chomhpháirt sa mhiondealú sin a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

4.   Rochtain ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil

Ceanglóidh na Ballstáit, sa mhéid go bhfuil fáil ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil, go gcuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil don soláthróir nó don soláthraí seirbhíse arna ainmniú ag an tomhaltóir, arna iarraidh sin don chustaiméir deiridh.

I gcás ina mbeidh suiteáilte ag an gcustaiméir deiridh méadar a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, beidh an custaiméir deiridh in ann rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil a chuirfidh ar a gcumas féinseiceálacha mionsonraithe a dhéanamh.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil:

(a)

sonraí carnacha do na 3 bliana roimhe sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair leictreachais, más giorra an tréimhse sin. Comhfhreagróidh na sonraí do na tréimhsí dar táirgeadh faisnéis rialta billeála; agus

(b)

sonraí mionsonraithe de réir am na húsáide do gach lá, seachtain, mí agus bliain a chuirfear ar fáil don chustaiméir deiridh gan mhoill tríd an idirlíon nó trí chomhéadan an mhéadair, lena gcumhdaítear an tréimhse de na 24 mhí roimhe sin ar a laghad nó an tréimhse ó thús an chonartha soláthair leictreachais, más giorra an tréimhse sin.

5.   Foinsí fuinnimh a nochtadh

Sonróidh na soláthróirí i mbillí an cion a fuarthas ó gach foinse fuinnimh don leictreachas a cheannaigh an custaiméir deiridh i gcomhréir leis an gconradh soláthair leictreachais (nochtadh ar leibhéal an táirge).

Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus ina bhfaisnéis bhilleála, nó déanfar í a chur leo nó comhartha ina leith a chur iontu:

(a)

an cion a fuarthas ó gach foinse fuinnimh do mheascán fuinnimh foriomlán an tsoláthróra (ar an leibhéal náisiúnta, eadhon sa Bhallstát inar tugadh an conradh soláthair leictreachais i gcrích, agus ar leibhéal an soláthróra má tá an soláthróir gníomhach i roinnt Bhallstát) le bliain roimhe sin ar bhealach a bheidh sothuigthe agus so-chomparáide;

(b)

faisnéis faoin tionchar ar an gcomhshaol, i dtéarmaí, ar a laghad, astaíochtaí CO2 agus na dramhaíola radaghníomhaí is toradh don leictreachas arna tháirgeadh le meascán fuinnimh foriomlán an tsoláthróra le bliain roimhe sin.

Maidir le pointe (a) den dara fomhír, i ndáil le leictreachas arna fháil trí mhalartán leictreachais nó arna allmhairiú ó ghnóthas atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, féadfar na figiúirí comhiomlána arna soláthar ag an malartán nó ag an ngnóthas atá i gceist le bliain roimhe sin a úsáid.

Do nochtadh an leictreachais ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta, féadfar ráthaíochtaí tionscnaimh a eiseofar de réir agus Airteagal 14(10) de Threoir 2012/27/AE a úsáid. Do nochtadh leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, déanfar é ag baint úsáid as ráthaíochtaí tionscnaimh ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 19(8) de Threoir (AE) 2018/2001.

Déanfaidh an t-údarás rialála nó údarás inniúil náisiúnta eile na bearta is gá lena áirithiú go mbíonn an fhaisnéis a thugann na soláthróirí do na custaiméirí deiridh de bhun an phointe seo iontaofa agus go soláthraítear, ar an leibhéal náisiúnta, ar bhealach soiléir so-chomparáide í.


(1)  Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE (IO L 311, 17.11.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

CÓRAIS MÉADRAITHE CHLISTE

1.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais méadraithe chliste a leathadh amach ar a gcríocha ar féidir measúnú eacnamaíoch a dhéanamh ina leith maidir leis na costais agus na sochair uile don mhargadh agus don chustaiméir aonair san fhadtéarma nó maidir le cé na cineálacha méadraithe chliste atá barainneach agus costéifeachtach agus cén t-achar ama a bhféadfaí iad a dháileadh ann.

2.

Sa mheasúnú sin, cuirfear san áireamh an mhodheolaíocht don anailís costais agus tairbhe agus na feidhmiúlachtaí íosta do chórais méadraithe chliste dá bhforáiltear i Moladh 2012/148/AE ón gCoimisiún (1) chomh maith leis na teicnící is fearr dá bhfuil ar fáil chun an leibhéal is airde cibearshlándála agus cosanta sonraí a áirithiú.

3.

Faoi réir an mheasúnaithe sin, ullmhóidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta ag an mBallstát maidir leis, ullmhóidh an t-údarás inniúil arna ainmniú, clár ama le suas le 10 mbliana mar sprioc-am le haghaidh leathadh amach na gcóras méadraithe chliste. I gcás ina mbeidh toradh dearfach ar an measúnú ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste, beidh córais méadraithe chliste ag 80 % de na custaiméirí deiridh laistigh de 7 mbliana ó dháta an mheasúnaithe dhearfaigh orthu nó faoin 1 Eanáir 2024 i gcás na mBallstát sin a mbeidh tús curtha acu go córasach le leathadh amach na gcóras méadraithe chliste roimh an 4 Iúil 2019.

(1)  Moladh 2012/148/AE ón Coimisiún an 9 Márta 2012 maidir le hullmhúcháin do leathadh amach na gcóras méadrúcháin cliste (IO L 73, 13.3.2012, lch. 9).


IARSCRÍBHINN III

LIOSTA TEORAINNEACHA AMA DON TRASUÍ SA DLÍ NÁISIÚNTA AGUS DON CHUR I bhFEIDHM

(DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 72)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

Dáta cur i bhfeidhm

Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 211, 14.8.2009, lch. 55)

3 Márta 2011

3 Mean Fómhair 2009


IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2009/72/CE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 33 agus Airteagal 41

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 32

Airteagal 6

Airteagal 34

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 3(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 3(6)

Airteagal 9(3)

Airteagal 3(15)

Airteagal 9(4)

Airteagal 3(14)

Airteagal 9(5)

Airteagal 3(16)

Airteagal 3(4)

Airteagal 10(1)

Iarscríbhinn I. 1(a)

Airteagal 10(2) agus (3)

Iarscríbhinn I. 1(b)

Airteagal 10(4)

Iarscríbhinn I. 1(c)

Airteagal 10(5)

Iarscríbhinn I. 1(d)

Airteagal 10(6) agus (8)

Airteagal 10(7)

Iarscríbhinn I. 1(f)

Airteagal 10(9)

Iarscríbhinn I. 1(g)

Airteagal 10(10)

Airteagal 3(7)

Airteagal 10(11)

Iarscríbhinn I. 1(j)

Airteagal 10(12)

Airteagal 3(10)

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 11

Airteagal 3(5)(a) agus Iarscríbhinn I. 1(e)

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 3(11)

Airteagal 19(1)

Airteagal 19(2) go (6)

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 3(12)

Airteagal 25

Airteagal 3(13)

Airteagal 26

Airteagal 3(3)

Airteagal 27

Airteagal 3(7)

Airteagal 28(1)

Airteagal 3(8)

Airteagal 28(2)

Airteagal 29

Airteagal 24

Airteagal 30

Airteagal 25

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 26

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 27

Airteagal 37

Airteagal 28

Airteagal 38

Airteagal 29

Airteagal 39

Airteagal 12

Airteagal 40(1)

Airteagal 40(2) go (8)

Airteagal 16

Airteagal 41

Airteagal 23

Airteagal 42

Airteagal 9

Airteagal 43

Airteagal 13

Airteagal 44

Airteagal 14

Airteagal 45

Airteagal 17

Airteagal 46

Airteagal 18

Airteagal 47

Airteagal 19

Airteagal 48

Airteagal 20

Airteagal 49

Airteagal 21

Airteagal 50

Airteagal 22

Airteagal 51

Airteagal 10

Airteagal 52

Airteagal 11

Airteagal 53

Airteagal 54

Airteagal 30

Airteagal 55

Airteagal 31

Airteagal 56

Airteagal 35

Airteagal 57

Airteagal 36

Airteagal 58

Airteagal 37(1)

Airteagal 59(1)

Airteagal 37(2)

Airteagal 59(2)

Airteagal 37(4)

Airteagal 59(3)

Airteagal 59(4)

Airteagal 37(3)

Airteagal 59(5)

Airteagal 37(5)

Airteagal 59(6)

Airteagal 37(6)

Airteagal 59(7)

Airteagal 37(8)

Airteagal 37(7)

Airteagal 59(8)

Airteagal 59(9)

Airteagal 37(9)

Airteagal 59(10)

Airteagal 37(10)

Airteagal 60(1)

Airteagal 37(11)

Airteagal 60(2)

Airteagal 37(12)

Airteagal 60(3)

Airteagal 37(13)

Airteagal 60(4)

Airteagal 37(14)

Airteagal 60(5)

Airteagal 37(15)

Airteagal 60(6)

Airteagal 37(16)

Airteagal 60(7)

Airteagal 37(17)

Airteagal 60(8)

Airteagal 38

Airteagal 61

Airteagal 62

Airteagal 39

Airteagal 63

Airteagal 40

Airteagal 64

Airteagal 42

Airteagal 43

Airteagal 65

Airteagal 44

Airteagal 66

Airteagal 45

Airteagal 67

Airteagal 46

Airteagal 68

Airteagal 47

Airteagal 69

Airteagal 70

Airteagal 49

Airteagal 71

Airteagal 48

Airteagal 72

Airteagal 50

Airteagal 73

Airteagal 51

Airteagal 74

Iarscríbhinn I, pointí 1 go 4

Airteagal 3(9)

Iarscríbhinn I. 5

Iarscríbhinn I. 2

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV


Ceartúcháin

14.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

200


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 212 Eagrán Speisialta Gaeilge an 22 Lúnasa 2018 )

Ar an leathanach clúdaigh, teideal an Rialacháin:

in ionad:

“RIALACHÁN (AE) 2018/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle”,

léitear:

“RIALACHÁN (AE) 2018/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle”.

Ar leathanach 1, teideal an Rialacháin:

in ionad:

“RIALACHÁN (AE) 2018/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle”,

léitear:

“RIALACHÁN (AE) 2018/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle”.

Ar leathanach 2, aithris (4):

in ionad:

“Mar sin féin, d'fhonn forbairt rialacha náisiúnta a éascú i ndáil le haerárthaí a thagann lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, is féidir le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (‘An Ghníomhaireacht’) ábhar treorach a ghlacadh chun na críche sin.”,

léitear:

“Mar sin féin, d'fhonn forbairt rialacha náisiúnta a éascú i ndáil le haerárthaí a thagann lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, is féidir le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘An Ghníomhaireacht’) ábhar treorach a ghlacadh chun na críche sin.”.

Ar leathanach 14, Airteagal 1(3)(e):

in ionad:

“(e)

trí Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) a bhunú, gníomhaireacht a bheidh neamhspleách;”,

léitear:

“(e)

trí Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) a bhunú, gníomhaireacht a bheidh neamhspleách;”.

Ar leathanach 57, Airteagal 75(1):

in ionad:

“Bunaítear leis seo Gníomhaireacht Sabháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh.”,

léitear:

“Bunaítear leis seo Gníomhaireacht Sabháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh.”.

Ar leathanach 80, Airteagal 134, pointe (1)(b), an bréagfhonóta:

in ionad:

“(*)

Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).”;”,

léitear:

“(*)

Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).”;”.

Ar leathanach 81, Airteagal 135, an bréag-fhonóta:

in ionad:

“(*)

Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).”.”,

léitear:

“(*)

Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).”.”.

Ar leathanach 81, Airteagal 136, an bréag-fhonóta:

in ionad:

“(*)

Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).”.”,

léitear:

“(*)

Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).”.”.

Ar leathanach 82, Airteagal 137, an bréagfhonóta:

in ionad:

“(*)

Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).”.”,

léitear:

“(*)

Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).”.”.

Ar leathanach 82, Airteagal 138, an bréag-fhonóta:

in ionad:

“(*)

Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).”.”,

léitear:

“(*)

Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).”.”.