ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
12 Meitheamh 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol ( 1 )

1

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 155 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

TREORACHA

12.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


TREOIR (AE) 2019/904 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Meitheamh 2019

maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá uileláithreacht an phlaistigh sa saol laethúil ag méadú i gcónaí mar gheall ar an ardfheidhmiúlacht agus an costas measartha íseal a bhaineann leis. Cé go bhfuil ról fónta ag plaisteach sa gheilleagar agus go bhfuil feidhmeanna ríthábhachtacha aige in a lán earnálacha, tá an úsáid a bhaintear as i bhfeidhmeanna gearrshaolacha, nár ceapadh lena n-athúsáid ná lena n-athchúrsáil ar bhonn costéifeachtach, ag méadú agus, dá bhrí sin, tá an táirgeadh agus na patrúin tomhaltais a bhaineann leis ag éirí níos neamhéifeachtúla agus líní. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach a leagtar síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2015 dar teideal “An Ciorcal a shlánú — Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach”, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Plaistigh a leagtar síos sa Teachtaireacht an 16 Eanáir 2018 dar teideal “Straitéis Eorpach le haghaidh Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach” nár mhór dul i ngleic leis an méadú seasta ar ghiniúint dramhaíola plaistí agus ar dhramhaíol plaisteach a sceitheadh sa chomhshaol, go háirithe sa mhuirthimpeallacht, chun saolré ciorclach a bhaint amach le haghaidh plaisteach. Is céim chun tosaigh í Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Plaistigh chun geilleagar ciorclach a bhunú ina dtabharfar lánurraim ar riachtanais na hathúsáide, deisithe agus athchúrsála agus dearadh agus táirgeadh plaisteach agus táirgí plaisteacha á dtáirgeadh, agus ina ndéanfar ábhair níos inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur chun cinn. De thoradh ar thionchair dhiúltacha táirgí plaisteacha áirithe ó thaobh an chomhshaoil, na sláinte agus an gheilleagair de, éilítear creat sonrach dlíthiúil a chur ar bun chun na héifeachtaí diúltacha sin a laghdú.

(2)

Cuireann an Treoir sin chun cinn bealaí cur chuige ciorclacha a thugann tosaíocht do tháirgí ath-inúsáidte inbhuanaithe neamhthocsaineach agus do chórais athúsáide in ionad táirgí aon úsáide, atá dírithe thar aon ní eile ar an dramhaíl a ghintear a laghdú. Tá cosc dramhaíola den chineál sin ag barr ord na réiteach dramhaíola a chumhdaítear i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Rannchuideoidh an Treoir sin le baint amach Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12 de chuid na Náisiún Aontaithe (NA) chun patrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe a áirithiú, ar cuid de Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta NA an 25 Meán Fómhair 2015 é. Trí luach táirgí agus ábhar a choinneáil chomh fada agus is féidir agus níos lú dramhaíola a ghiniúint, féadfaidh geilleagar an Aontais éirí níos iomaíche agus níos athléimní, agus ag an am céanna féadfaidh brú ar acmhainní luachmhara agus ar an gcomhshaol a laghdú.

(3)

Is fadhb thrasteorann é an bruscar muirí agus aithnítear mar fhadhb mhéadaitheach dhomhanda é. An bruscar muirí a laghdú, is príomhghníomhaíocht é sin i dtaca le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 de chuid NA a bhaint amach, sprioc ina n-iarrtar na haigéin, na farraigí agus na hacmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inmharthana ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe. Ní mór don Aontas a chion féin a dhéanamh chun bruscar muirí a chosc agus chun dul i ngleic leis agus é mar sprioc aige caighdeán a bhunú don chuid eile den domhan. Sa chomhthéacs sin, tá an tAontas ag obair le comhpháirtithe i bhfóraim éagsúla idirnáisiúnta amhail G20, G7 agus NA chun gníomhaíocht chomhbheartaithe a chur chun cinn agus is cuid d’iarrachtaí an Aontais é an Treoir seo chuige sin. Chun go mbeidh na hiarrachtaí sin éifeachtach, is den tábhacht é freisin nach mbeidh méadú ar bhruscar muirí in áiteanna eile mar thoradh ar bhruscar plaisteach a onnmhairiú.

(4)

I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 (UNCLOS) (5), an Coinbhinsiún um Chosc ar Mhuir-Thruailliú trí Fhuíoll agus Ábhar Eile a Dhumpáil an 29 Nollaig 1972 (“Coinbhinsiún Londan”) agus Prótacal 1996 (“Prótacal Londan”), Iarscríbhinn V a ghabhann le Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc 1973 (MARPOL), arna leasú le Prótacal 1978 a bhaineann leis, agus Coinbhinsiún Basel maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt an 22 Márta 1989 (6) agus le reachtaíocht dramhaíola an Aontais, eadhon Treoir 2008/98/CE agus Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ceanglaítear ar na Ballstáit bainistiú dramhaíola fónta a áirithiú chun an bruscar muirí ó fhoinsí mara agus talaimh araon a chosc agus a laghdú. I gcomhréir le reachtaíocht uisce an Aontais eadhon Treoracha 2000/60/CE (8) agus 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ceanglaítear ar na Ballstáit freisin dul i ngleic leis an mbruscar muirí i gcás ina gcuirfidh sé isteach ar dhea-stádas comhshaoil a bhaint amach dá n-uiscí muirí, lena n-áirítear stádas a chuirfidh le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 de chuid NA.

(5)

San Aontas, is plaisteach é 80 go 85 % den bhruscar muirí, a thomhaistear trí bhruscar trá a chuntas. Is earraí plaisteacha aon úsáide iad 50 % den bhruscar muirí agus is ionann earraí a bhaineann le hiascaireacht agus 27 % den mhéid iomlán. Ar tháirgí plaisteacha aon úsáide áirítear réimse leathan táirgí tomhaltais pacáistithe a úsáidtear go minic agus a chaitear amach tar éis iad a úsáid aon uair amháin chun na críche ar soláthraíodh iad. Is annamh a athchúrsáiltear iad agus is minic a dtagann siad chun bheith ina mbruscar iad. Cuid shuntasach den trealamh iascaireachta a chuirtear ar an margadh, ní bhailítear é lena chóireáil. Dá bhrí sin, fadhb an-tromchúiseach i gcomhthéacs an bhruscair mhuirí is ea iad táirgí plaisteacha aon úsáide agus trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach agus tá baol an-mhór ag baint leo d’éiceachórais mhuirí agus don bhithéagsúlacht agus do shláinte an duine, agus tá siad ag déanamh damáiste do ghníomhaíochtaí amhail an turasóireacht, an iascaireacht agus an loingseoireacht.

(6)

Is den ríthábhacht i gcónaí é bainistiú ceart dramhaíola chun bruscar a chosc, bruscar muirí san áireamh. Le reachtaíocht agus ionstraimí beartais de chuid an Aontais (10) atá ann cheana, eadhon Treoireacha 2008/98/CE, 2000/59/CE, 2000/60/CE agus 2008/56/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, foráiltear d’fhreagairtí rialála chun dul i ngleic leis an mbruscar muirí. Tá dramhaíl phlaisteach faoi réir, go háirithe, bheartais agus spriocanna foriomlána bainistithe dramhaíola de chuid an Aontais, amhail an sprioc athchúrsála le haghaidh dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a leagtar síos i dTreoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus an cuspóir sa Straitéis Eorpach maidir le Plaistigh, chun a áirithiú go mbeidh gach pacáistíocht phlaisteach a chuirtear ar mhargadh an Aontais in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte faoi 2030. Mar sin féin, ní leor tionchar na mbeart sin ar an mbruscar muirí agus tá difríochtaí i raonta feidhme agus i leibhéil uaillmhéine na mbeart náisiúnta chun an bruscar muirí a chosc agus a laghdú. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh sé go gcruthófar bacainní trádála agus go saobhfaí iomaíocht san Aontas le cuid de na bearta sin, go háirithe srianta margaíochta ar tháirgí plaisteacha aon úsáide.

(7)

Chun iarrachtaí a dhíriú ar na réimsí is mo gá, níor cheart don Treoir seo ach na táirgí plaisteacha aon úsáide is coitianta atá ann, mar aon le trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach agus táirgí déanta as plaisteach in-ocsó-díghrádaithe, a chumhdach. Meastar gurb ionann iad na táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le bearta faoin Treoir seo agus 86 % de na plaistigh aon úsáide a fhaightear sna cuntais a dhéantar ar na plaistigh sin ar thránna an Aontais. Os rud é nach coimeádáin de chuid táirgí plaisteacha aon úsáide a fhaightear den chuid is mó ar tránna an Aontais iad, níor cheart coimeádáin dí de mhiotal agus de ghloine a chumhdach faoin Treoir seo.

(8)

Ní thagann micreaphlaistigh díreach faoi raon feidhme na Treorach seo, ach cuireann siad le bruscar muirí agus ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, cur chuige cuimsitheach a ghlacadh maidir leis an bhfadhb sin. Ba cheart don Aontas na táirgeoirí uile a spreagadh teorainn dhian a chur ar mhicreaphlaistigh sna foirmlí acu.

(9)

Is féidir le truailliú críochach agus fabhtú ithreach ó earraí móra plaisteacha agus ó na bloghanna nó micreaphlaistigh a thagann astu a bheith suntasach agus is féidir le plaisteach den sórt sin sceitheadh isteach sa mhuirthimpeallacht.

(10)

Is lex specialis í an Treoir seo i ndáil le Treoracha 94/62/CE agus 2008/98/CE. I gcás ina mbeidh coimhlint idir na Treoracha sin agus an Treoir seo, ba cheart go mbeadh forlámhas ag an Treoir seo laistigh de raon feidhme a cur i bhfeidhm. Is amhlaidh an cás ó thaobh srianta maidir le cur ar an margadh. Go háirithe i ndáil le bearta laghdaithe tomhaltais, ceanglais táirgí agus freagracht leathnaithe tairgeora, tá an Treoir seo ina forlíonadh ar Threoracha 94/62/CE agus 2008/98/CE agus ar Threoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(11)

Is féidir táirgí plaisteacha aon úsáide a mhonarú as réimse leathan plaisteach. De ghnáth, sainmhínítear plaistigh mar ábhair pholaiméireacha a bhféadfadh breiseáin a bheith curtha leo. Mar sin féin, ní chumhdófaí polaiméirí nádúrtha áirithe faoin sainmhíniú sin. Níor cheart polaiméirí nádúrtha neamhathraithe, de réir bhrí an sainmhínithe ar “shubstaintí nár athraíodh go ceimiceach” i bpointe 40 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), a chumhdach leis an Treoir seo mar go mbíonn siad ann go nádúrtha sa chomhshaol. Dá bhrí sin, chun críocha na Treorach seo, ba cheart an sainmhíniú ar pholaiméir i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a oiriúnú agus sainmhíniú ar leithligh a chur isteach. Maidir le plaistigh a mhonaraítear le polaiméirí nádúrtha athraithe, nó plaistigh a mhonaraítear as bunsubstaintí bithbhunaithe, iontaise nó sintéiseacha, ní bhíonn siad ann go nádúrtha agus, mar sin de, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu sa Treoir seo. Leis an sainmhíniú oiriúnaithe ar phlaistigh, mar sin, ba cheart earraí rubair pholaiméirbhunaithe agus plaistigh bhithbhunaithe agus in-bhithmhillte a chumhdach, beag beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil siad díorthaithe ó bhithmhais nó a ceapadh iad le bith-dhíghrádú le himeacht ama nó nár ceapadh. Leis an Treoir seo, níor cheart aghaidh a thabhairt ar phéinteanna, dúigh, agus greamacháin agus, dá bhrí sin, níor cheart ábhair pholaiméireacha a chumhdach sa sainmhíniú.

(12)

Chun raon feidhme na Treorach seo a shainiú go soiléir, ba cheart an téarma “táirge plaisteach aon úsáide” a shainmhíniú. Níor cheart a áireamh sa sainmhíniú táirgí plaisteacha a cheaptar, a dheartar ná a chuirtear ar an margadh chun turais nó uainíochtaí iomadúla a dhéanamh laistigh dá saolré trína n-athlíonadh nó trína n-athúsáid chun na críche céanna ar ceapadh iad. Go hiondúil bíonn úsáid aon uair amháin ag na táirgí seo, nó ar feadh tréimhse ghearr, sula ndéantar iad a dhiúscairt. Ba cheart ceirtíní taise réamhfhliuchta cúraim phearsanta agus ceirtíní tí a theacht faoi raon feidhme na Treorach seo, ach eisiatar ceirtíní tionsclaíocha. D’fhonn soiléiriú breise a thabhairt cibé an bhfuiltear chun táirge a mheas mar tháirge plaisteach aon úsáide chun críocha na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide. I bhfianaise na gcritéar a leagtar amach sa Treoir seo, áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí de choimeádáin bhia a bhfuiltear lena meas mar tháirgí plaisteacha aon úsáide chun críocha na Treorach seo: coimeádáin mhearbhia nó boscaí béile, ceapaire, fillteoga agus sailéid le bia fuar nó te, nó coimeádáin bhia le bia úr nó próiseáilte gan gá le tuilleadh ullmhúcháin, amhail torthaí, glasraí nó milseoga. Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí de choimeádáin bhia nach bhfuiltear chun iad a mheas mar tháirgí plaisteacha aon úsáide chun críocha na Treorach seo: coimeádáin bhia le bia triomaithe nó bia a dhíoltar fuar gan gá le tuilleadh ullmhúcháin, coimeádáin ina bhfuil bia le níos mó ná aon sciar amháin nó coimeádáin bhia aon-sciar a dhíoltar in aonaid iolracha iad.

Áirítear an méid seo a leanas ar shamplaí de choimeádáin dí a bhfuiltear lena meas mar tháirgí plaisteacha aon úsáide: buidéil dí nó pacáistíocht ilchodach dí a úsáidtear le haghaidh beorach, fíona, uisce, sólaistí leachtacha, súnna agus neachtar, deochanna ar an toirt nó bainne, ach ní hé sin le rá cupáin le haghaidh deochanna mar is catagóir ar leithligh táirgí plaisteacha aon úsáide iad siúd chun críocha na Treorach seo. Os rud é nach coimeádáin de chuid táirgí plaisteacha aon úsáide a fhaightear den chuid is mó ar tránna san Aontas iad, níor cheart coimeádáin dí de mhiotal agus de ghloine a chumhdach faoin Treoir seo. Ba cheart don Choimisiún, mar sin féin, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Treoir seo, measúnú a dhéanamh inter alia ar chaipíní agus ar chláir phlaisteacha i gcomhair coimeádáin dí de ghloine agus de mhiotal.

(13)

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar tháirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear leis an Treoir seo le beart amháin nó le roinnt beart, ag brath ar fhachtóirí éagsúla, amhail infhaighteacht roghanna malartacha oiriúnacha agus níos inbhuanaithe, an indéantacht na patrúin tomhaltais a athrú, agus a mhéid is atá siad cumhdaithe cheana faoi reachtaíocht an Aontais atá ann cheana.

(14)

Níl roghanna malartacha oiriúnacha agus níos inbhuanaithe ar fáil go héasca go fóill le haghaidh táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe agus meastar go méadófar tomhaltas i gcás thromlach na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin. Chun an treocht sin a athrú agus chun iarrachtaí ar réitigh níos inbhuanaithe a chur chun cinn, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh, mar shampla trí spriocanna náisiúnta tomhaltais a leagan síos, chun laghdú uaillmhianach, marthanach a bhaint amach ó thaobh tomhaltas na dtáirgí sin, gan sláinteachas, sábháilteacht bia, dea-chleachtais sláinteachais, dea-chleachtais mhonaraíochta, faisnéis do thomhaltóirí ná ceanglais inrianaitheachta a leagtar síos i Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002 (14), (CE) Uimh. 852/2004 (15) agus (CE) Uimh. 1935/2004 (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus reachtaíocht ábhartha eile maidir le sábháilteacht bia, sláinteachas agus lipéadú a chur i mbaol. Ba cheart do na Ballstáit díriú ar an uaillmhian is airde is féidir do na bearta sin, a ba cheart cúlú suntasach ar na treochtaí méadaitheacha tomhaltais a spreagadh agus laghdú intomhaiste cainníochtúla a bheith ann dá thoradh. Ba cheart do na bearta sin tionchar na dtáirgí feadh a saolré a chur san áireamh, lena n-áirítear nuair a fhaightear sa mhuirthimpeallacht iad, agus ba cheart dóibh ord na réiteach dramhaíola a urramú.

I gcás ina gcinneann na Ballstáit an oibleagáid sin a chur chun feidhme trí shrianta margaidh, ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh na srianta sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart do na Ballstáit úsáid táirgí atá oiriúnach lena n-ilúsáid agus atá oiriúnach, tar éis dramhaíl a dhéanamh díobh, lena n-ullmhú don athúsáid agus don athchúrsáil.

(15)

I gcás táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe eile, tá roghanna malartacha oiriúnacha atá níos inbhuanaithe agus atá inacmhainne ar fáil go héasca. Chun srian a chur leis an tionchar díobhálach atá ag táirgí plaisteacha aon úsáide den chineál sin ar an gcomhshaol, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a gcur ar an margadh a thoirmeasc. Ar an gcaoi sin, chuirfí chun cinn úsáid na roghanna malartacha sin atá ar fáil go héasca agus ar bhealach níos inbhuanaithe, chomh maith le réitigh nuálacha maidir le samhlacha gnó níos inbhuanaithe, roghanna malartacha athúsáidte agus ionadaíocht ábhar. Ba cheart do na srianta margaidh a thugtar isteach sa Treoir seo táirgí déanta as plaistigh ocsó-díghrádaithe a chumhdach, toisc nach ndíghrádóidh an sórt sin plaistigh i gceart sa chomhshaol agus, ar an gcaoi sin, cuireann sé le truailliú micreaphlaisteach sa chomhshaol, nach bhfuil sé inmhúirínithe, go bhfuil tionchar diúltach aige ar athchúrsáil gnáthphlaistigh agus nach mbaintear sochar chomhshaoil soiléir as. Ina theannta sin, i bhfianaise a fhorleithne atá bruscar polaistiréin sa mhuirthimpeallacht agus infhaighteacht na roghanna eile, ba cheart coimeádáin aon úsáide bia agus dí agus cupáin le haghaidh deochanna atá déanta as polaistiréin inleathnaithe a shrianadh freisin.

(16)

Is iad na scagairí le haghaidh táirgí tobac ina bhfuil plaisteach atá sa dara háit ó thaobh na n-earraí plaisteacha aon úsáide is mó a fhaightear ar thránna an Aontais atá ann. Ní mór an tionchar ollmhór ar an gcomhshaol de bharr dramhaíl iar-chaithimh táirgí tobac le scagairí ina bhfuil plaisteach, a chaitear amach go díreach sa chomhshaol a laghdú. Táthar ag súil, mar gheall ar nuálaíocht agus ar fhorbairt táirgí, go mbeidh roghanna inmharthana ann ar scagairí ina bhfuil plaisteach agus ní mór dlús a chur leis na forbairtí sin. Ba cheart do scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh táirgí tobac ina bhfuil plaisteach nuálaíocht a spreagadh as a dtiocfaidh forbairt roghanna inbhuanaithe ar scagairí le haghaidh táirgí tobac ina bhfuil plaisteach. Ba cheart do na Ballstáit réimse leathan beart a chur chun cinn chun caitheamh dramhaíola iar-chaithimh scagairí táirgí tobac ina bhfuil plaisteach mar bhruscar a laghdú.

(17)

Tá caipíní agus cláir atá déanta as plaisteach, de chuid coimeádán dí i measc na n-earraí plaisteacha aon úsáide is coitianta a fhaightear ar thránna an Aontais. Dá bhrí sin, níor cheart ligean do choimeádáin dí, ar táirgí plaisteacha aon úsáide iad, dul ar an margadh ach amháin dá gcomhlíonfaidís ceanglais deartha táirgí shonracha lena laghdófaí ar bhonn suntasach sceitheadh caipíní agus cláir coimeádán dí atá déanta as plaisteach isteach sa chomhshaol. Maidir le coimeádáin dí ar táirgí agus pacáistíocht aon úsáide iad, cuirtear an ceanglas seo leis na ceanglais riachtanacha maidir le comhdhéanamh agus maidir le cineál in-athúsáidte agus cineál in-athshlánaithe, lena n-áirítear cineál in-athchúrsáilte, na pacáistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 94/62/CE.

D’fhonn comhréireacht leis an gceanglas deartha táirgí a éascú agus chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, tá sé riachtanach caighdeán comhchuibhithe a fhorbairt a ghlacfaí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus ba cheart toimhde comhréireachta leis na ceanglais sin teacht as comhlíonadh an chaighdeáin sin. Dá bhrí sin, is tosaíocht mhór í forbairt thráthúil caighdeáin chomhchuibhithe agus cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo á áirithiú. Ba cheart dóthain ama a bheartú chun caighdeán comhchuibhithe a fhorbairt agus ionas go mbeidh táirgeoirí in ann a slabhraí táirgthe a oiriúnú i ndáil le cur chun feidhme an cheanglais maidir le dearadh táirgí. D’fhonn úsáid chiorclach plaisteach a áirithiú, ní mór glacadh ábhar athchúrsáilte sa mhargadh a chur chun cinn. Is cuí, dá bhrí sin, ceanglais a thabhairt isteach le haghaidh íosmhéid éigeantach plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil dí.

(18)

Agus táirgí plaisteacha á monarú ba cheart aird a thabhairt ar a saolré iomlán. Agus táirgí plaisteacha á ndearadh, ba cheart i gcónaí céim an táirgthe agus na húsáide, chomh maith le hin-athúsáideacht agus in-athchúrsáilteacht an táirge, a chur san áireamh. I gcomhthéacs an athbhreithnithe a dhéanfar de bhun Airteagal 9(5) de Threoir 94/62/CE, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar airíonna gaolmhara na n-ábhar éagsúil pacáistithe, lena n-áirítear ábhair chomhchodacha, ar bhonn measúnuithe saolré, agus aghaidh á tabhairt go háirithe ar chosc agus dearadh don chiorclaíocht.

(19)

Níor cheart do shubstaintí ceimiceacha guaiseacha a bheith i bpillíní sláintíocha, súitíní agus forchuradóirí súitíní ar mhaithe le sláinte na mban. Agus aird á tabhairt ar an bpróiseas leanúnach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is iomchuí don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na srianta breise ar shubstaintí den chineál sin.

(20)

Is é an comhshaol ceann scríbe táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe mar gheall ar a ndiúscairt mhíchuí tríd an gcóras séarachais agus ar sceitheadh míchuí eile sa chomhshaol. Thairis sin, d’fhéadfadh diúscairt tríd an gcóras séarachais damáiste suntasach eacnamaíoch a dhéanamh do líonraí séarachais trí chaidéil a thachtadh agus píopaí a bhlocáil. Maidir leis na táirgí sin, is minic a bhíonn easpa faisnéise faoi shaintréithe ábhartha na dtáirgí sin nó modh diúscairt dramhaíola iomchuí. Dá bhrí sin, maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a dhiúscraítear go minic trí shéaraigh nó a dhiúscraítear ar bhealaí míchuí eile, ba cheart iad a bheith faoi réir ceanglais mharcála. Ba cheart leis an marcáil go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas faoi roghanna iomchuí bainistithe dramhaíola don táirge nó faoi cé na modhanna diúscartha dramhaíola is ceart a sheachaint i gcás an táirge sin i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus faoi láithreacht plaisteach sa táirge agus an tionchar diúltach ar an gcomhshaol a bhaineann le bruscar a chaitheamh nó a dhiúscairt ar bhealach míchuí eile. Ba cheart don mharcáil, de réir mar is iomchuí, a bheith ar phacáistiú an táirge nó go díreach ar an táirge féin. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún sonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú le haghaidh na marcála agus, le linn dó sin a dhéanamh, ba cheart, i gcás inarbh iomchuí, an bhraistint atá ag grúpaí ionadaíocha tomhaltóirí i leith na marcála atá molta a scrúdú lena áirithiú go bhfuil sí éifeachtach agus sothuigthe. Tá gá le ceanglais marcála cheana féin do threallamh iascaireachta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

(21)

Maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe nach bhfuil roghanna malartacha oiriúnacha atá ar fáil go héasca nó níos inbhuanaithe orthu, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a thabhairt isteach freisin chun na costais riachtanacha a bhaineann le dramhaíl a bhainistiú agus bruscar a ghlanadh, mar aon leis na costais a bhaineann le bearta múscailte feasachta chun an bruscar sin a chosc agus a laghdú, a chumhdach. Níor cheart do na costais sin dul thar na costais atá riachtanach chun na seirbhísí sin a chur ar fáil ar bhealach costéifeachtach agus ba cheart iad a bhunú ar bhealach trédhearcach idir na gníomhaithe lena mbaineann.

(22)

Le Treoir 2008/98/CE leagtar síos íoscheanglais ghinearálta maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin i dtaca le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bhunaítear faoin Treoir seo, beag beann ar a modh cur chun feidhme trí ghníomh reachtach nó trí bhíthin comhaontuithe faoin Treoir seo. Tá ábharthacht roinnt de na ceanglais ag brath ar shaintréithe an táirge. Níl gá le bailiúchán ar leithligh chun cóireáil iomchuí a áirithiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola i leith scagairí ina bhfuil plaisteach, ceirtíní taise agus balún. Dá bhrí sin, ní cheart go mbeadh sé éigeantach bailiú ar leithligh a bhunú le haghaidh na dtáirgí sin. Ba cheart go mbunaítear leis an Treoir seo ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora sa bhreis orthu sin atá leagtha síos i dTreoir 2008/98/CE, mar shampla, an ceanglas atá ar tháirgeoirí táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe na costais a bhaineann le glanadh bruscair a chumhdach. Ba cheart é a bheith indéanta freisin na costais a bhaineann le cur ar bun bonneagar sonrach chun dramhaíl iarthomhaltais táirgí tobac a bhailiú, mar shampla, gabhdáin iomchuí dramhaíola i dteophointí coitianta bruscair. Le modheolaíocht ríofa na gcostas chun bruscar a ghlanadh suas, ba cheart an gá le comhréireacht a bhreithniú. Chun na costais riaracháin a íoslaghdú, féadfaidh na Ballstáit ranníocaíochtaí airgeadais a chinneadh i leith bruscar a ghlanadh suas trí mhéideanna ilbhliantúla seasta iomchuí a shocrú.

(23)

Leis an gcéatadán mór plaistigh a eascraíonn as trealamh iascaireachta a chaitear amach, lena n-áirítear trealamh iascaireachta a fhágtar agus a chailltear, i mbruscar muirí, léirítear nach soláthraítear leis na ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, i dTreoir 2000/59/CE agus i dTreoir 2008/98/CE dreasachtaí leordhóthanacha chun trealamh iascaireachta den chineál sin a thabhairt ar ais i dtír lena bhailiú agus lena chóireáil. Maidir le córas na dtáillí indíreacha arna bhunú faoi Threoir (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) le haghaidh seachadadh dramhaíola ó longa, cuirtear córas ar fáil chun an dreasacht a bhaint ó longa a ndramhaíl a aischur ar muir, agus áirithítear leis ceart seachadta. Mar sin féin, ba cheart an córas sin a fhorlíonadh le dreasachtaí airgeadais breise d’iascairí chun dramhaíl óna dtrealamh iascaireachta a thabhairt i dtír ionas go seachnófaí aon mhéadú a d’fhéadfadh teacht ar an táille dramhaíola indíreach atá le híoc. De thairbhe go bhfuil poitéinseal ard athchúrsála ag comhpháirteanna plaisteacha threalamh iascaireachta, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, freagracht leathnaithe táirgeora a thabhairt isteach do threalamh iascaireachta agus comhpháirteanna de threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach chun bailiú ar leithligh dramhthrealaimh iascaireachta a áirithiú agus bainistiú dramhaíola fónta ó thaobh an chomhshaoil ar an dramhthrealamh iascaireachta sin a mhaoiniú, go háirithe athchúrsáil.

(24)

Faoi chuimsiú freagracht leathnaithe táirgeora do threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, ba cheart do na Ballstáit faireachán agus measúnú a dhéanamh, i gcomhréir leis na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos sa Treoir seo, ar threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach.

(25)

Cé go bhfuil baol don chomhshaol agus do shláinte an duine ag baint le gach píosa bruscair mhuirí ina bhfuil plaisteach agus gur cheart dul i ngleic leo, ba cheart breithnithe comhréireachta a chur san áireamh chomh maith. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas gur táirgeoirí iad na hiascairí féin ná déantóirí mionscála trealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach ná go bhfuil siad freagrach as oibleagáidí an táirgeora a chomhlíonadh, ar oibleagáidí iad a bhaineann leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora.

(26)

Is féidir le dreasachtaí eacnamaíocha agus dreasachtaí eile chun tacú le roghanna tomhaltais inbhuanaithe agus iompraíocht fhreagrach tomhaltóirí a chur chun cinn a bheith ina n-uirlis éifeachtach chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach.

(27)

Tá buidéil dí ar táirgí plaisteacha aon úsáide iad i measc na n-earraí bruscair mhuirí is coitianta a fhaightear ar thránna an Aontais. Tá sin amhlaidh mar gheall ar chórais bailithe ar leithligh neamhéifeachtacha agus rannpháirtíocht íseal tomhaltóirí sna córais sin. Is gá córais bailithe ar leithligh atá níos éifeachtaí a chur chun cinn agus, mar sin de, ba cheart sprioc íosta bailithe ar leithligh a bhunú le haghaidh buidéil dí ar táirgí plaisteacha aon úsáide iad. Cé go n-éilítear faoin oibleagáid dramhaíl a bhailiú ar leithligh go ndéanfaí dramhaíl a choinneáil ar leithligh de réir cineáil, ba cheart é a bheith indéanta cineálacha áirithe dramhaíola a bhailiú le chéile ar choinníoll nach gcuirfeadh sin bac ar athchúrsáil ar ardcháilíocht i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus pointe (a) d’Airteagal 10(3) de Threoir 2008/98/CE. Ba cheart socrú na sprice bailiúcháin ar leithligh a bhunú ar líon na mbuidéal plaisteach aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát nó mar mhalairt air sin, ar líon na ndramhbhuidéal plaisteach aon úsáide a ghintear i mBallstát. Agus méid na dramhaíola a ghintear i mBallstát á ríomh, is ceart gach dramhbhuidéal plaisteach aon úsáide a chur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a chaitear mar bhruscar lasmuigh de chórais bailithe dramhaíola. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann an sprioc íosta sin a bhaint amach trí spriocanna bailithe ar leithligh a leagan síos le haghaidh buidéil dí ar táirgí plaisteacha aon úsáide iad faoi chuimsiú na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora nó trí scéimeanna aisíoca éarlaise a bhunú nó trí bhíthin aon bheart eile a mheasann siad a bheith iomchuí. Beidh tionchar díreach dearfach aige sin ar an ráta bailithe, cáilíocht an ábhair bailithe agus cáilíocht an ábhair athchúrsáilte, rud a chruthóidh deiseanna don ghnó athchúrsála agus do mhargadh na n-ábhar athchúrsáilte. Beidh sin ina chuidiú chun na spriocanna athchúrsála a bhaint amach maidir le dramhaíl ó phacáistíocht a shocraítear i dTreoir 94/62/CE.

(28)

D’fhonn cosc a chur ar bhruscar a chaitheamh agus modhanna eile diúscartha míchuí a mbíonn bruscar muirí ina bhfuil plaisteach mar thoradh orthu, is gá tomhaltóirí atáirgí plaisteacha aon úsáide agus úsáideoirí trealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a chur ar an eolas mar is ceart faoi na roghanna bainistithe dramhaíola is iomchuí atá ar fáil agus/nó faoi na roghanna diúscartha dramhaíola is ceart a sheachaint, faoi na dea-chleachtais maidir le bainistiú dramhaíola fónta agus tionchar comhshaoil na ndroch-chleachtas diúscartha chomh maith leis an méid plaistigh i dtáirgí plaisteacha aon úsáide agus trealamh iascaireachta ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit bearta múscailte feasachta a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfaí an fhaisnéis sin do na tomhaltóirí agus na húsáideoirí sin. Níor cheart aon ábhar margaíochta lena spreagfaí úsáid táirgí plaisteacha aon úsáide a bheith san fhaisnéis sin. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit na bearta is iomchuí a roghnú de réir chineál an táirge nó chineál a úsáide. Ba cheart do tháirgeoirí táirgí plaisteacha aon úsáide agus do tháirgeoirí trealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach na costais a bhaineann leis na bearta múscailte feasachta a chumhdach mar chuid dá n-oibleagáid faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora.

(29)

Is é is aidhm don Treoir seo an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint. Mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais go mion minic, ní bheadh sé i gcomhréir leis an éifeacht cheangailteach, atá curtha síos do Threoir sa tríú mír d’Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an deis a eisiamh, i bprionsabal, go mbeadh daoine lena mbaineann ag brath ar oibleagáid a fhorchuirtear le Treoir. Tá feidhm ag an mbreithniú sin, go háirithe maidir le Treoir a bhfuil mar chuspóirí aici an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol uisceach a chosc agus a laghdú.

(30)

Tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh ar leibhéil an bhruscair muirí san Aontas chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo. I gcomhréir le Treoir Réime 2008/56/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh go rialta ar airíonna agus cainníochtaí an bhruscair muirí, lena n-áirítear bruscar muirí plaisteach. Cuirfear na sonraí faireacháin sin in iúl don Choimisiún freisin.

(31)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis is infheidhme i dtaca le sáruithe ar fhorálacha na Treorach seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(32)

De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht níos Fearr (19), ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo. Ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar thaithí a fuarthas agus ar shonraí a bailíodh le linn chur chun feidhme na Treorach seo agus ar shonraí a bailíodh faoi Threoracha 2008/56/CE agus 2008/98/CE. Ba cheart an mheastóireacht a bheith ina bonn do mheasúnú ar bhearta breise féideartha, lena n-áirítear spriocanna um laghdú ar fud an Aontais a shocrú do 2030 agus ina dhiaidh sin, agus do mheasúnú ar cé acu is gá nó nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn ina liostaítear táirgí plaisteacha aon úsáide, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an mbruscar muirí san Aontas, agus ar cé acu an féidir cur le raon feidhme na Treorach seo chun táirgí aon úsáide eile a áireamh.

(33)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an modheolaíocht le haghaidh ríomh agus fíorú a dhéanamh ar thomhaltas bliantúil táirgí plaisteacha aon úsáide dar socraíodh cuspóirí laghdaithe tomhaltais ina leith, maidir leis an modheolaíocht chun ríomh agus fíorú a dhéanamh ar an sprioc maidir le bailiú táirgí plaisteacha aon úsáide dar socraíodh spriocanna ar leithligh maidir le bailiú ina leith, agus maidir le formáid na faisnéise i dtaca le cur chun feidhme na Treorach seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

(34)

Is iomchuí cead a thabhairt do na Ballstáit rogha a dhéanamh maidir le forálacha áirithe den Treoir seo a chur chun feidhme trí bhíthin comhaontuithe idir na húdaráis inniúla agus na hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais áirithe.

(35)

Is iarracht chomhroinnte idir na húdaráis inniúla, na táirgeoirí agus na tomhaltóirí an comhrac i gcoinne an bhruscair. Ba cheart do na húdaráis phoiblí, lena n-áirítear institiúidí an Aontais, dea-shampla a thabhairt.

(36)

Is iad is cuspóirí leis an Treoir seo an tionchar a bhíonn ag táirgí áirithe plaisteacha aon úsáide agus trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a chosc agus a laghdú, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn, lena n-áirítear samhlacha, táirgí agus ábhair ghnó nuálacha a chothú, lena gcuirfí le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh, agus ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóirí

Is iad na cuspóirí atá leis an Treoir seo an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol, ar an gcomhshaol uisceach go háirithe, agus ar shláinte an duine a chosc agus a laghdú, mar aon leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn trí bhíthin samhlacha gnó, táirgí agus ábhair nuálacha agus inbhuanaithe, rud a chuirfidh freisin le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear san Iarscríbhinn, i dtaca le táirgí déanta as plaisteach in-ocsó-díghrádaithe agus maidir le trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach.

2.   I gcás ina leagtar síos, leis an Treoir seo, rialacha a thagann salach ar Threoir 94/62/CE nó Treoir 2008/98/CE, beidh forlámhas ag an Treoir seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “plaisteach” ábhar ina bhfuil polaiméir mar a shainmhínítear i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a bhféadfadh breiseáin nó substaintí eile a bheith curtha leis, agus atá in ann feidhmiú mar an phríomhghné struchtúrach de tháirgí deiridh, cé is moite de pholaiméirí nádúrtha nár athraíodh go ceimiceach;

(2)

ciallaíonn “táirge plaisteach aon úsáide” táirge atá déanta, go hiomlán nó go páirteach, as plaisteach agus nár ceapadh, nár dearadh ná nár cuireadh ar an margadh chun turais nó uainíochtaí iomadúla a dhéanamh, laistigh dá saolré, trína thabhairt ar ais chuig an táirgeoir lena athlíonadh nó trína athúsáid chun na críche céanna ar ceapadh é;

(3)

ciallaíonn “plaisteach ocsó-díghrádaithe” ábhair phlaisteacha ina bhfuil breiseáin, lena dtarlaíonn, trí ocsaídiú, ilroinnt an ábhair phlaistigh i micrea-bhloghanna nó dianscaoileadh ceimiceach;

(4)

ciallaíonn “trealamh iascaireachta” aon earra nó píosa trealaimh a úsáidtear san iascaireacht nó sa dobharshaothrú chun díriú ar acmhainní bitheolaíocha na farraige, iad a ghabháil nó iad a thógáil nó atá ar snámh ar dhromchla na farraige agus a imscartar d’fhonn na hacmhainní bitheolaíocha farraige sin a mhealladh agus a ghabháil nó a thógáil;

(5)

ciallaíonn “dramhthrealamh iascaireachta” aon trealamh iascaireachta a chumhdaítear faoin sainmhíniú ar dhramhaíl i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE, lena n-áirítear gach comhpháirt, substaint nó ábhar ar leithligh a bhí ina gcuid, nó ceangailte, den trealamh iascaireachta sin nuair a caitheadh amach é, lena n-áirítear nuair a tréigeadh nó nuair a cailleadh é;

(6)

ciallaíonn “cur ar an margadh” táirge a chur ar fáil den chéad uair ar mhargadh Ballstáit;

(7)

ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” táirge a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh Ballstáit le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(8)

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i bpointe (1)(c) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(9)

ciallaíonn “dramhaíl” dramhaíl mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(10)

ciallaíonn “scéim freagrachta leathnaithe táirgeora” scéim freagrachta leathnaithe táirgeora mar a shainmhínítear i bpointe 21 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(11)

ciallaíonn “táirgeoir”:

(a)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach bunaithe i mBallstát a mhonaraíonn, a líonann, a dhíolann nó a allmhairíonn go gairmiúil, beag beann ar an teicníc dhíolacháin a úsáidtear, lena n-áirítear trí bhithin cianchonarthaí mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), agus a chuireann táirgí plaisteacha aon úsáide, táirgí plaisteacha líonta aon úsáide nó trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach ar mhargadh an Bhallstáit sin, seachas daoine a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta mar a shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22); nó

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe i mBallstát amháin nó i dtríú tír, a dhíolann go gairmiúil táirgí plaisteacha aon úsáide, táirgí plaisteacha líonta aon úsáide nó trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach go díreach le teaghlaigh phríobháideacha nó le húsáideoirí eile seachas teaghlaigh príobháideacha i mBallstát eile, trí mheán cianchonarthaí mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Treoir 2011/83/AE, seachas daoine a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta mar a shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(12)

ciallaíonn “bailiú” bailiú mar a shainmhínítear i bpointe 10 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(13)

ciallaíonn “bailiú ar leithligh” bailiú ar leithligh mar a shainmhínítear i bpointe 11 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(14)

ciallaíonn “cóireáil” cóireáil mar a shainmhínítear i bpointe 14 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(15)

ciallaíonn “pacáistíocht” pacáistíocht mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 94/62/CE;

(16)

ciallaíonn “plaisteach in-dígrádaithe” plaisteach atá in ann dianscaoileadh fisiceach, bitheolaíoch a dhéanamh, sa chaoi is go ndianscaoilfidh sé ar deireadh ina dhé-ocsaíd charbóin (CO2), bithmhais agus uisce agus atá, i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha don phacáistíocht atá inghnóthaithe, trí mhúiríniú agus trí dhíleá anaeróbach;

(17)

ciallaíonn “saoráidí glactha calafoirt” saoráidí glactha calafoirt mar a shainmhínítear i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Threoir 2000/59/CE;

(18)

ciallaíonn “táirgí tobac” táirgí tobac mar a shainmhínítear iad i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Threoir 2014/40/AE.

Airteagal 4

Tomhaltas a laghdú

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun laghdú uaillmhianach marthanach a bhaint amach i dtomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn, i gcomhréir le cuspóirí foriomlána bheartas dramhaíola an Aontais, go háirithe ó thaobh dramhaíl a chosc, lena gcasfaí siar an méadú atá ag teacht ar na treochtaí tomhaltais. Bainfear amach, leis na bearta sin, laghdú cainníochtúil intomhaiste i dtomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn ar chríoch an Bhallstáit faoi 2026 i gcomparáid le 2022.

Faoin 3 Iúil 2021 ullmhóidh na Ballstáit tuairisc ar na bearta ar fad atá glactha acu de bhun na chéad fhomhíre seo, tabharfaidh siad fógra faoin tuairisc sin don Choimisiún agus cuirfidh siad ar fáil don phobal í. Déanfaidh na Ballstáit na bearta a leagtar amach sa tuairisc a chomhtháthú sna cláir dá dtagraítear in Airteagal 11 ar an gcéad uasdátú a dhéantar dá éis sin ar na pleananna nó na cláir sin i gcomhréir le gníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais lena rialaítear na pleananna nó na cláir sin, nó aon chláir eile arna dtarraingt suas go sonrach chun na críche sin.

Ar na bearta sin, féadfar a áireamh spriocanna laghdaithe tomhaltais náisiúnta, bearta lena n-áiritheofar go gcuirfear roghanna malartacha in-athúsáidte ar tháirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn ar fáil don tomhaltóir deiridh ag an díolphointe, ionstraimí eacnamaíocha, mar shampla ionstraimí eacnamaíocha lena ndéantar a áirithiú nach gcuirfear táirgí plaisteacha aon úsáide sin ar fáil don tomhaltóir deiridh saor in aisce ag an díolphointe, agus na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 17(3). Féadfaidh na Ballstáit srianta margaíochta a fhorchur de mhaolú ar Airteagal 18 de Treoir 94/62/CE chun cosc a chur ar na táirgí sin teacht chun bheith ina mbruscar, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear táirgí malartacha in-athúsáidte nó nach bhfuil plaisteach iontu ina n-ionad. D’fhéadfadh na bearta a bheith éagsúil ag brath ar thionchar comhshaoil na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin ar feadh a saolré, lena n-áirítear agus iad ag teacht chun bheith ina mbruscar.

Bearta arna nglacadh de bhun na míre seo, beidh siad comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na bearta sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) i gcás ina gceanglaítear amhlaidh leis an Treoir sin.

D’fhonn cloí leis an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh gach Ballstát faireachán ar na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn agus a cuireadh ar an margadh agus na bearta laghdaithe a glacadh agus tabharfaidh siad tuairisc ar an dul chun cinn a rinneadh don Choimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus le hAirteagal 13(1) d’fhonn spriocanna cainníochtúla de chuid an Aontais a bhunú do laghdú an tomhaltais.

2.   Faoin 3 Eanáir 2021 glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos an mhodheolaíocht chun an laghdú uaillmhianach leanúnach i dtomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a líostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ríomh agus fhíorú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 5

Srianta ar chur ar an margadh

Cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn agus ar táirgí arna ndéanamh ó phlaisteach in-ocsó-díghrádaithe iad a chur ar an margadh.

Airteagal 6

Ceanglais i dtaca le táirgí

1.   Maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn agus ar a bhfuil caipíní agus cláir déanta as plaisteach, áiritheoidh na Ballstáit nach féidir iad sin a chur ar an margadh ach amháin má fhanfaidh na caipíní agus na cláir ceangailte de na coimeádáin le linn na tréimhse úsáide atá ceaptha do na táirgí.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, maidir le caipíní miotail nó cláir mhiotail a bhfuil séalaí plaisteacha orthu, ní mheasfar iad a bheith déanta as plaisteach.

3.   Faoin 3 Deireadh Fómhair 2019, iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt i ndáil leis an gceanglas dá dtagraítear i mír 1. Leis na caighdeáin sin, tabharfar aghaidh go háirithe ar an ngá leis an neart, an iontaofacht agus an tsábháilteacht atá riachtanach a áirithiú do chlabhsúir coimeádán deochanna, lena n-áirítear coimeádán le haghaidh deochanna carbónáitithe.

4.   Ó dháta foilsithe na dtagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i mír 3 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go bhfuil táirgí plaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i mír 1 atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin, nó le codanna de na caighdeáin sin, i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar síos i mír 1.

5.   Maidir le buidéil deochanna a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn, áiritheoidh gach Ballstát:

(a)

ó 2025 ar aghaidh, go mbeidh 25 % ar a laghad de phlaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn a mhonaraítear go príomha ó teireataláit phoileitléine (“buidéil PET”); é sin á ríomh mar mheán le haghaidh na mbuidéal PET ar fad a chuirtear ar an margadh ar chríoch an Bhallstáit sin; agus

(b)

ó 2030 ar aghaidh, go mbeidh 30 % ar a laghad de phlaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna a liostaítear i gcuid F den Iarscríbhinn; é sin á ríomh ar mheán le haghaidh na mbuidéal deochanna ar fad a chuirtear ar an margadh ar chríoch an Bhallstáit sin.

Faoin 1 Eanáir 2022, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha maidir leis an spriocanna a bhunaítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ríomh agus a fhíorú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 7

Ceanglais marcála

1.   Maidir le gach táirge plaisteach aon úsáide a liostaítear i gCuid D den Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh marcáil dhoscriosta sholéite fheiceálach ar a phacáistíocht nó ar an táirge féin lena gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

roghanna iomchuí bainistithe dramhaíola don táirge nó meáin diúscartha dramhaíola is ceart a sheachaint i gcás an táirge sin, i gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola; agus

(b)

láithreacht plaisteach sa táirge agus an tionchar diúltach a tharlódh dá réir dá gcaithfí na táirgí mar bhruscar nó dá ndéanfaí iad a dhiúscairt ar mhodh diúscartha mhíchuí eile ar an gcomhshaol.

Bunóidh an Coimisiún na sonraíochtaí comhchuibhithe marcála i gcomhréir le mír 2.

2.   Faoin 3 Iúil 2020, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear na sonraíochtaí comhchuibhithe don mharcáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)

lena bhforálfar go ndéanfar na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i pointí (1), (2) agus (3) de Chuid D den Iarscríbhinn a mharcáil ar phacáistíocht díola agus grúpála na dtáirgí sin. I gcás ina ndéantar an t-iliomad aonad díolacháin a ghrúpáil ag an bpointe ceannaigh, beidh marc ar phacáistíocht gach aonaid díolacháin. Pacáistíocht ar lú ná 10 cm2 a dromchla, ní bheidh gá é a mharcáil;

(b)

lena bhforálfar go ndéanfar na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i bpointe (4) de chuid D den Iarscríbhinn a mharcáil ar an táirge féin; agus

(c)

lena mbreithneofar cuir chuige dheonacha earnálacha atá ann cheanaagus lena dtabharfar aird ar leith ar an ngá faisnéis a sheachaint lena gcuirfí tomhaltóirí amú.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

3.   Forálacha an Airteagail seo maidir le táirgí tobac, is sa bhreis a bheidh siad ar na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2014/40/AE.

Airteagal 8

Freagracht leathnaithe táirgeora

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar scéimeanna um fhreagracht leathnaithe táirgeora do gach táirge plaisteach aon úsáide a liostaítear i gCuid E den Iarscríbhinn agus a chuirtear ar mhargadh an Bhallstáit, i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh táirgeoirí na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn I de Chuid E den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo na costais de bhun na bhforálacha maidir le freagracht leathnaithe táirgeora i dTreoir 2008/98/CE agus i dTreoir 94/62/CE agus, a mhéid nach bhfuil siad cumhdaithe cheana, na costais seo a leanas:

(a)

costais na mbeart múscailte feasachta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Treoir seo maidir leis na táirgí sin;

(b)

costais bhailithe dramhaíl do na táirgí sin a chaitear amach i gcórais phoiblí bailithe, lena n-áirítear an bonneagar agus oibriú an bhonneagair sin, agus iompar agus cóireáil na dramhaíola sin ina dhiaidh sin; agus

(c)

na costais a bhaineann leis an mbruscar is toradh ar na táirgí sin a ghlanadh agus an bruscar sin a iompar agus a chóireáil ina dhiaidh sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh táirgeoirí na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn II agus Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn na costais seo a leanas ar a laghad:

(a)

costais na mbeart múscailte feasachta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Treoir seo maidir leis na táirgí sin;

(b)

na costais a bhaineann le bruscar is toradh ar na táirgí sin a ghlanadh agus an bruscar sin a iompar agus a chóireáil ina dhiaidh sin; agus

(c)

costais bhailithe agus tuairiscithe sonraí i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 8a(1) de Threoir 2008/98/CE.

Maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, cumhdóidh na táirgeoirí freisin costais bhailithe dramhaíola na dtáirgí sin a chaitear amach i gcórais phoiblí bailithe, lena n-áirítear an bonneagar agus oibriú an bhonneagair sin, agus iompar agus cóireáil na dramhaíola sin ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar chostais bonneagar sonrach bailithe dramhaíola na dtáirgí sin a chur ar bun, amhail gabhdáin iomchuí dramhaíola sna teophointí bruscair.

4.   Na costais arna gcumhdach, dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, ní rachaidh siad thar na costais atá riachtanach chun na seirbhísí dá dtagraítear iontu a chur ar fáil eatarthu féin ar bhealach costéifeachtach agus déanfaidh na gníomhaithe lena mbaineann iad a bhunú ar bhealach trédhearcach. Beidh na costais ghlanta bruscair teoranta do ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis phoiblí nó thar a gceann. Déanfar modheolaíocht an ríofa a fhorbairt ar bhealach lena mbeifear in ann na costais ghlanta bruscair a bhunú ar bhealach comhréireach. Chun na costais riaracháin a íoslaghdú, féadfaidh na Ballstáit ranníocaíochtaí airgeadais a chinneadh i leith bruscar a ghlanadh suas trí mhéideanna ilbhliantúla seasta iomchuí a shocrú.

Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir le critéir, i gcomhairle leis na Ballstáit, don chostas bruscar a ghlanadh suas dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

5.   Saineoidh na Ballstáit, ar bhealach soiléir, róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe ábhartha uile lena mbaineann.

Maidir le pacáistíocht, déanfar na róil agus na freagrachtaí sin a shainiú i gcomhréir le Treoir 94/62/CE.

6.   Ceadóidh gach Ballstát do tháirgeoirí atá bunaithe i mBallstát eile agus a chuireann táirgí ar an margadh ar a chríoch, duine dlítheanach nó nádúrtha a cheapadh atá bunaithe ar a chríoch mar ionadaí údaraithe chun oibleagáidí na dtáirgeoirí a chomhlíonadh i ndáil le scéimeanna um fhreagracht leathnaithe táirgeora ar a chríoch.

7.   Áiritheoidh gach Ballstát i ndáil le táirgeoir atá bunaithe ar a chríoch, agus a dhíolann táirgí plaisteacha aonúsáide a liostaítear i gCuid E den Iarscríbhinn agus trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach i mBallstát eile nach bhfuil siad bunaithe ann, go gceapfaidh an táirgeoir sin ionadaí údaraithe sa Bhallstát eile sin. Is é an t-ionadaí údaraithe an duine a bheidh freagrach as oibleagáidí an tairgeora sin a chomhlíonadh, de bhun na Treorach seo, ar chríoch an Bhallstáit eile sin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar scéimeanna um fhreagracht leathnaithe táirgeora do threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach arna chur ar mhargadh an Bhallstáit, i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE.

Na Ballstáit ag a bhfuil uiscí muirí faoi mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE, socróidh siad íosráta bliantúil náisiúnta bailithe do dhramhthrealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, ar mhaithe lena athchúrsáil.

Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a chuirtear ar mhargadh an Bhallstáit, agus ar dhramhthrealamh iascaireachta a bailíodh agus ina bhfuil plaisteach agus tabharfaidh siad tuairisc don Choimisiún i gcomhréir le Airteagal 13(1) den Treoir seo d’fhonn spriocanna cainníochtúla ceangailteacha de chuid an Aontais a shocrú don bhailiú.

9.   Maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bhunaítear de bhun mhír 8 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh táirgeoirí an trealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach na costais a bhaineann le bailiú ar leithligh dramhthrealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a seachadadh chuig saoráidí glactha calafoirt leordhóthanacha i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/883 nó chuig córais bhailithe choibhéiseacha atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach sin agus na costais a bhaineann lena iompar agus lena chóireáil ina dhiaidh sin. Chomh maith leis sin, cumhdóidh na táirgeoirí na costais a bhaineann leis na bearta múscailte feasachta dá dtagraítear in Airteagal 10 maidir le trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach.

Forlíontar leis na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo na ceanglais is infheidhme maidir le dramhaíl ó shoithí iascaireachta i ndlí an Aontais i dtaca le saoráidí glactha calafoirt.

Gan dochar do na bearta teicniúla a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle (24), iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt a bhaineann le dearadh ciorclach trealaimh iascaireachta chun an t-ullmhúchán don athúsáid a spreagadh agus chun an in-athchúrsáilteacht ag deireadh a shaolré a éascú.

Airteagal 9

Bailiú ar leithligh

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun bailiú ar leithligh a áirithiú le haghaidh an méid thíos a athchúrsáil:

(a)

faoi 2005, méid dramhaíola ó na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn arb ionann é agus 77 % d’iomlán na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin a chuirtear ar an margadh in aon bhliain amháin de réir meáchain;

(b)

faoi 2029, méid dramhaíola ó na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn arb ionann é agus 90 % d’iomlán na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin a chuirtear ar an margadh in aon bhliain amháin de réir meáchain.

Táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh i mBallstát, féadfar a mheas gurb ionann iad agus méid na dramhaíola a ghintear ó na táirgí sin, lena n-áirítear mar bhruscar, sa bhliain sin sa Bhallstát sin.

Chun an cuspóir sin a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit inter alia:

(a)

scéimeanna aisíoctha éarlaisí a bhunú;

(b)

spriocanna bailithe ar leithligh a bhunú le haghaidh scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora ábhartha.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír gan dochar do phointe (a) d’Airteagal 10(3)(a) de Threoir 2008/98/CE.

2.   Éascóidh an Coimisiún an malartú faisnéise agus comhroinnt na gcleachtas is fearr i measc na mBallstát maidir leis na bearta is iomchuí chun na spriocanna sin a leagtar síos i mír 1 a bhaint amach, inter alia maidir le scéimeanna aisíoctha éarlaisí. Na torthaí a bheidh ar an malartú faisnéise agus ar chomhroinnt na ndea-chleachtas sin, cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí iad.

3.   Faoin 3 Iúil 2020, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos an mhodheolaíocht chun na spriocanna maidir le bailiú ar leithligh a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a ríomh agus a fhíorú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 10

Bearta múscailte feasachta

Déanfaidh na Ballstáit bearta chun tomhaltóirí agus úsáideoirí eile a chur ar an eolas agus chun iompar freagrach a dhreasú i measc na dtomhaltóirí, d’fhonn bruscar a bhaineann le táirgí arna gcumhdach leis an Treoir seo a laghdú, agus déanfaidh siad bearta chun tomhaltóirí na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid G den Iarscríbhinn agus úsáideoirí trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, a chur ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

infhaighteacht roghanna malartacha in-athúsáidte, córais athúsáidte agus roghanna bainistithe dramhaíola do na táirgí plaisteacha aon úsáide sin agus do threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, chomh maith leis na dea-chleachtais maidir le bainistiú dramhaíola a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2008/98/CE;

(b)

an tionchar ar an gcomhshaol a bhíonn ag an mbruscar agus ag cineálacha míchuí eile diúscartha i gcás na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin agus ag trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, go háirithe ar an gcomhshaol muirí; agus

(c)

an tionchar atá ag modh diúscartha na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin ar bhealach míchuí ar an ngréasán séarachais.

Airteagal 11

Oibreacha a chomhordú

Gan dochar don chéad fhomhír d’Airteagal 4(1) den Treoir seo, áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na bearta a dhéanfar chun an Treoir seo a thrasuí agus a chur chun feidhme comhsheasmhach le na chláir beart, agus ina gcuid lárnach de na cláir beart sin, a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2008/56/CE le haghaidh na mBallstát sin a bhfuil uiscí mara acu, na cláir beart a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2000/60/CE, cláir maidir le dramhaíl a bhainistiú agus maidir le dramhaíl a chosc a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 28 agus Airteagal 29 de Threoir 2008/98/CE agus na pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola ó longa arna mbunú faoi Threoir (AE) 2019/833 .

Beidh na bearta a dhéanfaidh na Ballstáit chun Airteagal 4 go hAirteagal 9 den Treoir seo a thrasuí agus a chur chun feidhme i gcomhréir le dlí bia an Aontais chun a áirithiú nach gcuirfear sláinteachas bia ná sábháilteacht bia i mbaol. Déanfaidh na Ballstáit úsáid na roghanna malartacha inbhuanaithe a spreagadh, i gcás inarb indéanta, seachas plaisteach aon úsáide, le haghaidh ábhair atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia.

Airteagal 12

Sonraíochtaí agus treoirlínte maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide

Agus coimeádán bia á mheas chun a chinneadh an táirge plaisteach aon úsáide é chun críocha na Treorach seo, beidh tábhacht ar leith, sa bhreis ar na critéir a liostaítear san Iarscríbhinn maidir le coimeádáin bhia, ag a dhóchúla atá sé go gcríochnóidh sé ina bhruscar, i ngeall ar a thoirt nó a mhéid, go háirithe na coimeádáin ar coimeádáin aon-sciar amháin iad.

Faoin 3 Iúil 2020, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a fhoilsiú, i gcomhairle leis na Ballstáit, lena n-áirítear samplaí den rud atá le meas mar tháirge plaisteach aon úsáide é chun críocha na Treorach seo, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 13

Córais faisnéise agus tuairisciú

1.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún, le haghaidh gach bliain féilire, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

sonraí maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn a chuirtear ar mhargadh an Bhallstáit gach bliain, chun an laghdú tomhaltais a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 4(1);

(b)

faisnéis maidir leis na bearta a rinne na Ballstáit chun críocha Airteagal 4(1);

(c)

sonraí maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn a bhailítear ar leithligh sa Bhallstát gach bliain, chun baint amach na spriocanna maidir le bailiú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 9(1) a léiriú;

(d)

sonraí maidir le trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a chuirtear ar an margadh agus maidir le dramhthrealamh iascaireachta a bhailítear sa Bhallstát gach bliain;

(e)

faisnéis maidir le hinneachar athchúrsáilte sna buidéil deochanna a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn chun baint amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 6(5) a léiriú;

(f)

sonraí maidir le dramhaíl iarthomhaltais na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3).

Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis trí mheán leictreonach laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe inar bailíodh iad. Tuairisceofar na sonraí agus an fhaisnéis san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.

An bhliain féilire 2022 an chéad tréimhse tuairiscithe, cé is moite de phointe (e) agus pointe (f) den chéad fhomhír arbh í an bhliain féilire 2023 an chéad tréimhse tuairiscithe dóibh.

2.   Na sonraí agus an fhaisnéis arna dtuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh tuarascáil ina mbeidh seiceáil cáilíochta ag gabháil leo. Tuairisceofar na sonraí agus an fhaisnéis san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4.

3.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis a thuairiscítear i gcomhréir leis an Airteagal seo agus foilseoidh sé tuarascáil ar thorthaí an athbhreithnithe sin. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar eagar um bailiúchán sonraí, ar fhoinsí na sonraí agus na faisnéise agus ar an modheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit mar aon le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí sin. Féadfar moltaí sonracha le haghaidh feabhais a áireamh sa mheasúnú. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tar éis an chéad uair a thuairisceoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis agus ina dhiaidh sin ag na heatraimh a bheartaítear in Airteagal 12(3c) de Threoir 94/62/CE.

4.   Faoin 3 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagfar síos an fhormáid chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú i gcomhréir le pointí (a) agus (b) den chéad mhír agus mír 2 den Airteagal seo.

Faoin 3 Iúil 2020, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagfar síos an fhormáid chun sonraí a thuairisciú i gcomhréir le pointe (c) agus pointe (d) den chéad mhír agus mír 2 den Airteagal seo.

Faoin 1 Eanáir 2022, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagfar síos an fhormáid chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú i gcomhréir le pointe (e) agus pointe (f) den chéad mhír agus mír 2 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Déanfar an fhormáid a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 94/62/CEa a chur san áireamh.

Airteagal 14

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Faoin 3 Iúil 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 15

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo faoin 3 Iúil 2027. Beidh an mheastóireacht sin bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 13. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún aon fhaisnéis bhreise is gá chun críocha na meastóireachta agus chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a ullmhú.

2.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le príomhthorthaí na meastóireachta a dhéanfar i gcomhréir le mír 1. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí. Leis an togra sin, i gcás inarb iomchuí, socrófar spriocanna cainníochtúla ceangailteacha le haghaidh laghdú tomhaltais agus socrófar ann rátaí ceangailteacha bailiúcháin ar dhramhthrealaimh iascaireachta.

3.   Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

(a)

measúnú ar an ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn ina liostaítear táirgí plaisteacha aon úsáide, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le caipíní agus cláir déanta as plaistigh a úsáidtear le haghaidh coimeádáin dí de ghloine agus de mhiotal;

(b)

staidéar féidearthachta i dtaca le rátaí ceangailteacha bailiúcháin do dhramhthrealamh iascaireachta agus spriocanna cainníochtúla ceangailteacha de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh laghdú tomhaltais na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn go háirithe, ina gcuirtear san áireamh leibhéil tomhaltais agus laghduithe a baineadh amach cheana féin sna Ballstáit;

(c)

measúnú ar an athrú in ábhair a úsáidtear i dtáirgí plaisteacha aonúsáide a chumhdaítear leis an Treoir seo mar aon le patrúin nua tomhaltais agus samhlacha nua gnó bunaithe ar roghanna malartacha in-athúsáidte; áireofar ar an méid sin, nuair is féidir, anailís ar an saolré fhoriomlán ionas gur féidir a mheasúnú cén tionchar a bhíonn ag táirgí den sórt sin, agus a roghanna malartacha, ar an gcomhshaol; agus

(d)

measúnú ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil maidir le critéir nó caighdeán le haghaidh in-bhithmhillteacht sa chomhshaol muirí is infheidhme maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide laistigh de raon feidhme na Treorach seo agus maidir lena n-ionadaigh aon úsáide, lena n-áirithítear a ndianscaoileadh go hiomlán ina charbón dé-ocsaíde (CO2), ina bhithmhais agus ina uisce laistigh d’amscála gairid go leor ionas nach mbeadh na plaistigh díobhálach do bheathra muirí agus nach gcomhchruinneodh na plaistigh sa chomhshaol.

4.   Mar chuid den mheastóireacht a rinneadh de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na bearta a glacadh faoin Treoir seo a mhéid a bhaineann le táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de chuid E den Iarscríbhinn agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar na príomhthátail. Ina theannta sin, breithneofar sa tuarascáil na roghanna do bhearta ceangailteacha maidir le laghdú a dhéanamh ar an dramhaíl iarthomhaltais i dtaca le táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn lena n-áirítear an fhéidearthacht maidir le rátaí ceangailteacha bailiúcháin a shocrú don dramhaíl iarthomhaltais. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/CE cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Trasuí

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm iad faoin 3 Iúil 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas fúthu láithreach.

Mar sin féin, cuirfidh na Ballstáit na bearta is gá i bhfeidhm chun go gcomhlíonfar

Airteagal 5 ón 3 Iúil 2021,

Airteagal 6(1) ón 3 Iúil 2024,

Airteagal 7(1) ón 3 Iúil 2021,

Airteagal 8 faoin 31 Nollaig 2024 ach, i dtaca le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bunaíodh roimh an 4 Iúil 2018 agus a bhaineann le táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn, faoin 5 Eanáir 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear sa mhír seo, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den chineál sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh na modhanna maidir le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.

3.   Ar choinníoll go mbaintear amach na spriocanna agus na cuspóirí bainistithe dramhaíola a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 8, féadfaidh na Ballstáit na forálacha a leagtar amach in Airteagal 4(1), Airteagal 8(1) agus (8) a thrasuí, seachas a mhéid a bhaineann le táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn, trí bhíthin comhaontuithe idir na húdaráis inniúla agus na hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann.

Comhlíonfaidh na comhaontuithe sin na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh na comhaontuithe infhorfheidhmithe;

(b)

ní mór na cuspóirí a shonrú sna comhaontuithe in éineacht leis na spriocdhátaí a ghabhann leo;

(c)

foilseofar na comhaontuithe san iris oifigiúil náisiúnta nó i ndoiciméad oifigiúil a mbeidh an rochtain chéanna ag an bpobal orthu agus tarchuirfear chuig an gCoimisiún iad;

(d)

déanfar faireachán go rialta ar na torthaí a baineadh amach faoin gcomhaontú, agus déanfar iad a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún agus cuirfear ar fáil don phobal iad faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú;

(e)

déanfaidh na húdaráis inniúla forálacha chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn a baineadh amach faoi chomhaontú; agus

(f)

i gcás nach gcomhlíontar comhaontú cuirfidh na Ballstáit forálacha ábhartha na Treorach seo chun feidhme trí bhearta reachtacha, rialála nó riaracháin.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 19

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil an 5 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 207.

(2)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 210.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEopra an 27 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019.

(4)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(5)  IO L 179, 23.6.1998, lch. 3.

(6)  IO L 39, 16.2.1993, lch. 3.

(7)  Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar bord loinge agus d’iarmhair lasta (IO L 332, 28.12.2000, lch. 81).

(8)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1)

(9)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais d’fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.).

(11)  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

(12)  Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialachán agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, tíolacadh agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos na prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(18)  Treoir (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar bord long, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).

(19)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(21)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(23)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint (IO L 125, 27.4.1998, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

CUID A

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 4 maidir le laghdú tomhaltais

(1)

Cupáin le haghaidh deochanna, clúdaigh agus cláir san áireamh;

(2)

Coimeádáin bhia, i.e. gabhdáin amhail boscaí, a bhfuil chlúdach orthu nó nach bhfuil, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:

(a)

atá ceaptha lena ithe láithreach, ar an láthair nó mar bhia beir leat,

(b)

arb iondúil gur aníos as an ngabhdán a itear é, agus

(c)

atá in-ite gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, trína chócaireacht, fhiuchadh nó théamh,

lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia.

CUID B

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 5 maidir le táirgí a chur ar an margadh a shrianadh

(1)

Cipíní cluaise, murab é go gcumhdaítear faoi raon feidhme Threoir 90/385/CEE ón gComhairle (1) nó Threoir 93/42/CEE ón gComhairle iad (2);

(2)

Sceanra (foirc, sceana, spúnóga, cipíní itheacháin);

(3)

Plátaí;

(4)

Sifíní, murab é go gcumhdaítear faoi raon feidhme Threoir 90/385/CEE nó Threoir 93/42/CEE iad;

(5)

Meascthóirí dí;

(6)

Maidí atá le ceangal de bhalúin agus atá le tacú le balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí agus feidhmeanna tionsclaíocha nó gairmiúla eile agus nach ndáiltear ar thomhaltóirí, lena n-áirítear sásraí na maidí sin;

(7)

Coimeádáin bhia déanta as polaistiréin inleathnaithe, i.e. gabhdáin amhail boscaí, a bhfuil clúdach orthu nó nach bhfuil, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:

(a)

atá ceaptha lena ithe láithreach ar an láthair nó mar bhia beir leat,

(b)

arb iondúil gur aníos as an ngabhdán a itear é agus

(c)

atá réidh lena ithe gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, trína chócaireacht, a fhiuchadh nó a théamh,

lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia;

(8)

Coimeádáin dí déanta as polaistiréin inleathnaithe, a gcaipíní agus a gcláir san áireamh;

(9)

Cupáin le haghaidh deochanna déanta as pholaistiréin inleathnaithe, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh;

CUID C

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 6(1) go (4) maidir le ceanglais táirgí

Coimeádáin dí ina dtoillfidh suas le 3 lítear, i.e. gabhdáin a úsáidtear chun leacht a choinneáil, amhail buidéil dí, caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh) agus pacáistíocht dí ilchodach, a gcaipíní agus a gcláir san áireamh, ach ní:

(a)

na coimeádáin dí de ghloine nó de mhiotal a bhfuil na caipíní agus na cláir déanta as plaisteach,

(b)

deochanna coimeádáin atá ceaptha agus a úsáidtear le haghaidh bia chun críocha speisialta míochaine, mar a shainmhínítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus atá i bhfoirm leachtach.

CUID D

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 7 maidir le ceanglais mharcála

(1)

Pillíní sláintíocha, súitíní agus forchuradóirí súitíní;

(2)

Ceirtíní taise, i.e. ceirtíní cúraim phearsanta agus ceirtíní tí réamhfhliuchta;

(3)

Táirgí tobac le scagairí agus scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac;

(4)

Cupáin le haghaidh deochanna.

CUID E

I.   Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 8(2) maidir le freagracht leathnaithe táirgeora

(1)

Coimeádáin bhia, i.e. gabhdáin amhail boscaí, a bhfuil clúdach orthu nó nach bhfuil, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:

(a)

atá ceaptha lena ithe láithreach, ar an láthair nó mar bhia beir leat,

(b)

arb iondúil gur aníos as an ngabhdán a itear é, agus

(c)

atá réidh lena ithe gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, amhail trína chócaireacht, trína fhiuchadh nó trína théamh,

lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia;

(2)

Paicéid agus cumhdaigh, atá déanta as ábhar solúbtha, ina bhfuil bia atá ceaptha lena ithe láithreach ón bpaicéad nó cumhdach gan tuilleadh ullmhúcháin;

(3)

Coimeádáin dí ina dtoillfidh suas le 3 lítear, i.e. gabhdáin a úsáidtear chun leacht a choinneáil, amhail buidéil dí (caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh) agus pacáistíocht dí ilchodach (caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh) ach ní na coimeádáin dí de ghloine agus de mhiotal a bhfuil na caipíní agus na cláir déanta as plaistigh;

(4)

Cupáin le haghaidh deochanna, clúdaigh agus cláir na mbuidéal san áireamh;

(5)

Málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, mar a shainmhínítear i bpointe 1c d’Airteagal 3 de Threoir 94/62/CE.

II.   Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 8(3) maidir le freagracht leathnaithe táirgeora

(1)

Ceirtíní taise, i.e. ceirtíní cúraim phearsanta agus ceirtíní tí réamhfhliuchta;

(2)

Balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí agus feidhmeanna tionsclaíocha nó gairmiúla eile nach ndáiltear ar thomhaltóirí.

III.   Táirgí plaisteacha aon úsáide eile a chumhdaítear le hAirteagal 8(3) maidir le freagracht leathnaithe táirgeora

Táirgí tobac le scagairí agus scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac.

CUID F

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 9 maidir le bailiú ar leithligh agus le hAirteagal 6(5) maidir le ceanglais táirge

Buidéil dí ina dtoillfidh suas le 3 lítear, agus caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh, ach:

(a)

ní na coimeádáin dí de ghloine agus de mhiotal agus sin a bhfuil na caipíní agus na cláir déanta as plaistigh,

(b)

ní buidéil dí atá ceaptha agus a úsáidtear le haghaidh bia chun críocha speisialta míochaine, mar a shainmhínítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 agus atá i bhfoirm leachtach.

CUID G

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 10 maidir le múscailt feasachta

(1)

Coimeádáin bhia, i.e. gabhdáin amhail boscaí, a bhfuil clúdach orthu nó nach bhfuil, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:

(a)

atá ceaptha lena ithe láithreach ar an láthair nó mar bhia beir leat,

(b)

arb iondúil gur aníos as an ngabhdán a itear é, agus

(c)

atá réidh lena ithe gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, amhail trína chócaireacht, a fhiuchadh nó a théamh,

lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia;

(2)

Paicéid agus cumhdaigh, atá déanta as ábhar solúbtha, ina bhfuil bia atá ceaptha lena ithe láithreach ón bpaicéad nó cumhdach gan tuilleadh ullmhúcháin;

(3)

Coimeádáin dí ina dtoillfidh suas le 3 lítear, i.e. gabhdáin a úsáidtear chun leacht a choinneáil, amhail buidéil dí, agus caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh, agus pacáistíocht dí ilchodach, caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh, ach ní na coimeádáin dí de ghloine nó de mhiotal sin a bhfuil na caipíní agus na cláir déanta as plaistigh;

(4)

Cupáin le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh;

(5)

Táirgí tobac le scagairí agus scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac;

(6)

Ceirtíní taise, i.e. ceirtíní cúraim phearsanta agus tí réamhfhliuchta;

(7)

Balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí agus feidhmeanna tionsclaíocha nó gairmiúla eile agus nach ndáiltear ar thomhaltóirí;

(8)

Málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, mar a shainmhínítear i bpointe 1c d’Airteagal 3 de Threoir 94/62/CE;

(9)

Pillíní sláintíocha, súitíní agus forchuradóirí súitíní.

(1)  Treoir 90/385/CEE ón gComhairle an 20 Meitheamh 1990 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le feistí míochaine gníomhacha so-ionchlannaithe (IO L 189, 20.7.1990, lch. 17).

(2)  Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí míochaine (IO L 169, 12.7.1993, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún agus ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).