ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
28 Bealtaine 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle

1

 

*

Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála ( 1 )

42

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 141 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

28.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/833 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2019

lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é ceann de chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú ar bhealach ina soláthrófar dálaí inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.

(2)

Trí bhithín Chinneadh 98/392/CE ón gComhairle (4), rinne an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige a fhaomhadh, mar aon leis an gComhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach a chur chun feidhme, lena n-áirítear prionsabail agus rialacha maidir le caomhnú agus bainistiú beo-acmhainní muirí. Faoi chuimsiú na n-oibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach sna hiarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta stoic éisc a chaomhnú.

(3)

Níl an tAontas ina pháirtí i gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (“an Coinbhinsiún”), arna fhaomhadh le Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle (5). Rinneadh leasú ar an gCoinbhinsiún a ghlacadh an 28 Meán Fómhair 2007 agus a fhaomhadh le Cinneadh 2010/717/AE ón gComhairle (6).

(4)

Tá sé d'údarás ag Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh maidir le hacmhainní iascaigh faoina chúram a chaomhnú. Is ar Pháirtithe Conarthacha NAFO go háirithe a bhíonn na cinntí sin dírithe, ach cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí (mar shampla máistir an tsoithigh) leo chomh maith. Ar theacht i bhfeidhm dóibh, bíonn bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe (CEM) NAFO ceangailteach ar Pháirtithe Conarthacha uile NAFO agus, i gcás an Aontais, ní mór iad a ionchorprú i ndlí an Aontais a mhéid nach bhfuil siad cumhdaithe cheana féin ag dlí an Aontais.

(5)

Rinneadh na CEM a thrasuí i ndlí an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle (7).

(6)

Bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005 (8) ón gComhairle plean aisghabhála le haghaidh stoc haileabó Ghraonlannaigh i bhFolimistéár 2 NAFO agus i Rannáin 3KLMNO.

(7)

Rinneadh na CEM a leasú le gach cruinniú bliantúil de chuid Pháirtithe Conarthacha NAFO ó 2008. Ní mór na forálacha nua a ionchorprú i ndlí an Aontais; lena n-áirítear bearta caomhnaithe maidir le speicis áirithe, éiceachórais leochaileacha mhuirí a chosaint, nósanna imeachta cigireachta ar muir agus sa chalafort, ceanglais soithí, faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus bearta breise Stát an chalafoirt.

(8)

Ós rud é go bhfuil forálacha áirithe de CEM á leasú níos minice ag Páirtithe Conarthacha NAFO agus go meastar go ndéanfaí iad a leasú a thuilleadh sa todhchaí, chun leasuithe sa todhchaí ar CEM a ionchorprú go tapa i ndlí an Aontais, ní mór an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na gnéithe a leanas: liosta de ghníomhaíochtaí na soithí taighde; bearta a bhaineann le hiascaireacht ar an séacla Artach; doimhneachtaí iascaigh a athrú agus tagairtí do limistéir shrianta nó choiscthe; na nósanna imeachta maidir le soithí údaraithe a bhfuil beomheáchan sa bhreis ar 50 tona sa ghabháil iomlán atá ar bord acu, arna ghlacadh lasmuigh den Limistéar Rialála ach atá ag teacht isteach sa limistéar chun iascaireacht a dhéanamh le haghaidh haileabó Graonlannach agus réamhchoinníollacha maidir le dul i mbun iascaireachta ar haileabónna Graonlannach; tarchur leictreonach, liosta de na doiciméid bhailí atá le tabhairt ar bord na soithí agus ábhar na bpleananna acmhainneachta; an doiciméadúchán atá le tabhairt ar bord soithí a bhaineann le socruithe maidir le cairtfhostú; sonraí an chórais um fhaireachán soithí (VMS); forálacha maidir le tuairisciú leictreonach agus ar ábhar fógraí agus oibleagáidí mháistir an tsoithigh iascaireachta le linn cigireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(9)

Comhaontaíonn an Coimisiún, a dhéanann ionadaíocht ar an Aontas ag cruinnithe NAFO, le roinnt forálacha atá iomlán teicniúil ó Bhearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO gach bliain, go háirithe maidir le formáid agus ábhar an mhalartaithe faisnéise, téarmaíocht eolaíoch nó limistéir leochaileacha a chosc. Chomh maith leis sin, ba cheart don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo leis na forálacha seo de chuid CEM agus na hIarscríbhinní a ghabhann leo, agus ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun leasú a dhéanamh air.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 a aisghairm.

(11)

I mí na Samhna 2018, ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) Moladh 18-02 lena mbunaítear plean bainistithe do thuinníní gorma a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 21 Meitheamh 2019. Le Moladh 18-02, aisghairfear Moladh 17-07 lena leasaítear Moladh 14-04 lena mbunaítear plean aisghabhála do thuinníní gorma a cuireadh chun feidhme i ndlí an Aontais trí bhíthin Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Tá forálacha Mholadh 18-02 níos solúbtha ná na cinn a chuirtear chun feidhme i Rialachán (AE) 2016/1627.

(12)

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra a ghlacadh chun críocha Rialachán lena ndírítear ar Mholadh 18-02 a chur chun feidhme le linn an chéad ráithe de 2019. Ní dócha go nglacfaidh na comhreachtóirí an Rialachán sula dtiocfaidh Moladh 18-02 i bhfeidhm.

(13)

Le linn cruinniú teicniúil faoi shaincheisteanna ICCAT a bhí ar siúl ar an 11 Nollaig 2018, chuir na Ballstáit in iúl gur theastaigh uathu forálacha áirithe de Mholadh 18-02 a bhaineann le foghabhálacha, acmhainneacht feirmeoireachta agus iascaireachta agus séasúir oscailte ón 21 Meitheamh 2019 a chur chun feidhme, chun a áirithiú go mbeidh cothrom na Féinne idir oibreoirí eile a bhíonn ag gabháil tuinníní gorma. Chomh maith leis sin, tá ar na Ballstáit forálacha nua neartaithe a bhaineann le rialú (e.g. le haghaidh rialuithe randamacha ar na feirmeacha, trádáil in éisc bheo agus cleachtais iascaireachta) a chur chun feidhme freisin ón 21 Meitheamh 2019, ar bhonn na hinniúlachta comhroinnte maidir leis an mbeartas sin.

(14)

D'fhonn cothrom na Féinne a áirithiú idir soithí iascaireachta Aontais agus cabhlaigh eile a bhfuil iascaireacht tuinníní gorma á déanamh acu, ba cheart na bearta de chuid ICCAT a leagtar síos i moladh 18-02 agus a bhaineann le foghabhálacha, acmhainneacht feirmeoireachta agus iascaireachta agus séasúir oscailte a áireamh i Rialachán (AE) 2016/1627.

(15)

Ba ceart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1627 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun críocha gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála a dhéantar ar acmhainní iascaigh i Limistéar Rialála Eagraíocht NAFO, mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, chomh maith le gníomhaíochtaí a dhéanann soithí tríú tíortha faoi Choinbhinsiún in uisce nó ar chríoch an Aontais.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí i Rialacháin atá ann cheana in earnáil an iascaigh, go háirithe Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (12) agus i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (13).

3.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán, ní chuirfear srian ar shoithí taighde an Aontais le bearta caomhnaithe agus bainistithe maidir le hiasc a ghabháil, go háirithe bearta a bhaineann le mogallmhéid, teorainneacha méide, limistéir choiscthe agus séasúir choiscthe.

Airteagal 2

Ábhar

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha faoina gcuirfidh an tAontas CEM i bhfeidhm chun go ndéanfar iad a chur chun feidhme go haonfhoirmeach éifeachtach san Aontas.

2.   Thairis sin, leasaítear leis an Rialachán seo forálacha áirithe de Rialachán (AE). 2016/1627.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún maidir le comhoibriú iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh 1979, arna leasú ó am go ham;

(2)

ciallaíonn “an Limistéar an Choinbhinsiúin” an limistéar a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis mar a thuairiscítear i mír 1 d'Airteagal IV de. Tá Limistéar an Choinbhinsiún roinnte i bhFolimistéir, Ranna agus Fo-Ranna eolaíochta agus staidrimh a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún;

(3)

ciallaíonn “an Limistéar Rialála” an chuid sin de Limistéar an Choinbhinsiúin atá taobh amuigh den dlínse náisiúnta;

(4)

ciallaíonn “acmhainní iascaigh” na héisc, moilisc agus crústaigh atá laistigh de Limistéar an Choinbhinsiúin, seachas iad seo a leanas:

(a)

speicis neamhaistreacha a bhféadann na stáit cois cósta cearta ceannasacha a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 77 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige; agus

(b)

a mhéid a bhainistítear iad faoi chonarthaí idirnáisiúnta eile, stoic anadromacha agus chatadromacha agus speicis mhórimirceacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

(5)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí iascaireachta” saothrú agus próiseáil acmhainní iascaigh, tabhairt i dtír agus trasloingsiú acmhainní iascaigh nó táirgí a dhíorthaítear ó acmhainní iascaigh, nó aon ghníomhaíocht eile a dhéantar mar ullmhúchán le haghaidh acmhainní iascaigh a shaothrú, nó chun tacú leis sin nó a bhaineann leis sin, sa limistéar rialála, lena n-áirítear:

(a)

acmhainní iascaigh a chuardach nó a ghabháil go hiarbhír nó iarracht an méid sin a dhéanamh;

(b)

aon ghníomhaíocht a bhféadfaí a mheas go dtiocfadh aisti acmhainní iascaigh a aimsiú, a ghabháil, nó a shaothrú chun aon chríche; agus

(c)

aon oibríocht a dhéantar ar muir mar thacú le haon ghníomhaíocht, nó mar ullmhúchán d'aon ghníomhaíocht, a thuairiscítear sa sainmhíniú seo, ach ní áirítear leo aon oibríochtaí i dtaca le héigeandálaí a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht bhaill an chriú nó sábháilteacht an tsoithigh.

(6)

ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon soitheach de chuid an Aontais atá nó a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí iascaireachta, agus áirítear leis sin soithí próiseála éisc, agus soithí atá páirteach i dtrasloingsiú nó in aon ghníomhaíocht eile mar ullmhúchán do ghníomhaíochtaí iascaireachta nó a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta, nó i ngníomhaíochtaí turgnamhacha nó taiscéalaíocha;

(7)

ciallaíonn “soitheach taighde” soitheach a úsáidtear go buan le haghaidh taighde nó soitheach a úsáidtear de ghnáth le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta nó gníomhaíocht tacaíochta iascaigh agus a úsáidtear de thuras na huaire le haghaidh taighde iascaigh;

(8)

ciallaíonn “CEM” bearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe atá i bhfeidhm de réir mar a ghlac Coimisiún NAFO iad;

(9)

ciallaíonn “deiseanna iascaireachta” cuótaí iascaireachta arna leithdháileadh ar Bhallstát le gníomh de chuid an Aontais atá i bhfeidhm maidir leis an limistéar rialála;

(10)

ciallaíonn “EFCA” an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach arna bunú le Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14);

(11)

ciallaíonn “lá iascaireachta” aon lá féilire nó aon chuid de lá féilire atá soitheach iascaireachta i láthair in aon roinn sa limistéar rialála;

(12)

áirítear le “calafort” críochfoirt amach ón gcósta agus suiteálacha eile a úsáidtear chun tabhairt i dtír, trasloingsiú, pacáistiú, próiseáil, athbhreoslú agus athsholáthar a dhéanamh;

(13)

ciallaíonn “soitheach páirtí neamhchonarthaigh” soitheach a bhfuil bratach ar foluain aige ar bratach stáit nach páirtí conarthach in NAFO é nó nach Ballstát é, nó ar soitheach é a mheastar a bheith gan náisiúntacht;

(14)

ciallaíonn “trasloingsiú” acmhainní nó táirgí iascaigh, a aistriú, thar bord, ó shoitheach iascaireachta amháin go soitheach iascaireachta eile;

(15)

ciallaíonn “trál meánuisce” trealamh tráil a dearadh chun speicis pheiligeacha a iascach, nach ndéantar aon chuid de a oibriú go tadhlach leis an ngrinneall aon am nó a dearadh chun oibriú ar an gcaoi sin. Ní áireofar leis an trealamh dioscaí, eiteáin nó rollóirí atá ar choistéad an trealaimh, nó aon fheistis eile atá deartha chun teagmháil a dhéanamh leis an ngrinneall, ach féadfaidh ball cosanta bheith ceangailte de;

(16)

ciallaíonn “éiceachórais leochaileacha mhuirí (VMEnna)” na héiceachórais leochaileacha mhuirí dá dtagraítear i mír 42 agus mír 43 de Threoirlínte Idirnáisiúnta (FAO) Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir;

(17)

ciallaíonn “lorg”, dá ngairtear “limistéir iascaireachta grinnill atá ann cheana”, an chuid sin den limistéar rialála a ndearnadh iascaireacht ghrinnill inti go stairiúil agus a shainítear leis na comhordanáidí a thugtar i dTábla 4 agus i bhFíor 2 de CEM dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointe 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(18)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill” aon ghníomhaíocht a ndéanann an trealamh iascaireachta teagmháil le grinneall na farraige lena linn, nó ar dócha go ndéanfaidh sé teagmháil le grinneall na farraige le linn gnáthoibríochtaí iascaireachta;

(19)

ciallaíonn “iasc próiseáilte” aon orgánach muirí a rinneadh a athrú go fisiceach ón uair a gabhadh é, lena n-áirítear iasc a rinneadh a fhilléadú, a ghlanadh, a phacáistiú, a stánú, a reo, a dheatú, a shailleadh, a phicilt, a thriomú nó a ullmhú don mhargadh ar aon bhealach eile;

(20)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha” gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill a dhéantar lasmuigh den lorg, nó laistigh den lorg agus athruithe suntasacha déanta ar an modh oibre nó ar an teicneolaíocht a úsáidtear san iascach;

(21)

ciallaíonn “speicis tháscacha VME” na speicis lena léirítear gurb ann d'éiceachórais leochaileacha mhuirí, mar a shonraítear i gCuid VI d'Iarscríbhinn I.E de CEM dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(22)

ciallaíonn “uimhir IMO” uimhir seacht ndigit, a shanntar faoi údarás na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO);

(23)

ciallaíonn “cigire”, mura sonraítear a mhalairt, cigire ar sheirbhísí rialaithe iascaigh Páirtí Chonarthaigh de chuid NAFO a shanntar maidir le scéim cigireachta agus faireachais chomhpháirteach dá dtagraítear i gCaibidil VII;

(24)

tagraíonn “iascaireacht NNN” do na gníomhaíochtaí a shonraítear sa phlean gníomhaíochta idirnáisiúnta chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú ar ghlac Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe é;

(25)

airítear le “turas iascaireachta” i ndáil le soitheach iascaireachta an t-am a chaitear ón tráth a dtéann sé isteach sa limistéar rialála, a leanann go dtí go mbíonn gach gabháil ar bord ón limistéar rialála tugtha i dtír nó trasloingsithe go dtí go bhfágann sé an limistéar sin;

(26)

ciallaíonn “lárionad faireacháin iascaigh” lárionad faireacháin iascaigh ar talamh de chuid an Bhallstáit brataí;

(27)

ciallaíonn “liosta de shoithí NNN” an liosta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 52 agus Airteagal 53 de CEM;

(28)

ciallaíonn “tionchair shuntasacha dhochracha” na tionchair shuntasacha dhochracha dá dtagraítear i mír 17 go mír 20 de Threoirlínte Idirnáisiúnta FAO maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir;

(29)

ciallaíonn “gné tháscach VME” gné tháscach VME dá dtagraítear i ngnéithe topagrafacha, hidrifhisiceacha nó geolaíocha a d'fhéadfadh tacú le VMEnna mar a shonraítear i gCuid VII d'Iarscríbhinn I.E. de CEM dá dtagraítear i bpointe 4 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán.

(30)

ciallaíonn “breathnóir” duine atá údaraithe agus deimhnithe ag Ballstát nó Páirtí Conarthach chun breathnóireacht agus faireachán a dhéanamh agus iad ar bord soithí iascaireachta agus chun faisnéis a bhailiú.

CAIBIDIL II

BEARTA CAOMHNAITHE AGUS BAINISTITHE

Airteagal 4

Soithí taighde

1.   Ní dhéanfaidh soitheach taighde na nithe seo a leanas:

(a)

dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta nach bhfuil i gcomhréir lena phlean taighde; nó

(b)

an séacla Artach i Roinn 3L a ghabháil os cionn leithdháileadh Bhallstát brataí an tsoithigh.

2.   I dtráth nach lú ná 10 lá roimh thús thréimhse taighde iascaigh, déanfaidh an Ballstát brataí na bearta seo a leanas:

(a)

trí tharchur leictreonach sa bhformáid dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a chur in iúl don Choimisiún na soithí taighde ar fad a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus ar údaraigh an Coimisiún gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh sa limistéar rialála; agus

(b)

plean taighde a chur ar fáil don Choimisiún maidir le gach soitheach a bhfuil a bhratach ar foluain aige agus atá údaraithe chun taighde a dhéanamh, agus áireofar sa Phlean an cuspóir atá leis, an suíomh ina ndéanfar é agus, i gcás soitheach atá ag gabháil go sealadach do thaighde, dátaí na tréimhse ina mbeidh an soitheach ag feidhmiú mar shoitheach taighde.

3.   Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra gan mhoill don Choimisiún nuair a bheidh deireadh curtha le gníomhaíochtaí taighde ag soitheach ar bith atá ag gabháil go sealadach de chúrsaí taighde.

4.   Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún faoi athruithe ar an bplean taighde tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a gcuirfear na hathruithe sin i bhfeidhm. Coimeádfaidh an soitheach taighde taifead de na hathruithe sin ar bord.

5.   Soithí atá i mbun taighde, coimeádfaidh siad ar bord i gcónaí cóip Bhéarla den phlean taighde.

6.   An fhaisnéis a fhógróidh na Ballstáit bhrataí i gcomhréir le mír 3, mír 4 agus mír 5, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO í, tráth nach déanaí ná seacht lá roimh thús na tréimhse iascaigh nó, i gcás ina n-athrófar an Plean Taighde, seacht lá roimh an dáta ina dtagann aon athrú ar an bplean taighde i bhfeidhm.

Airteagal 5

Teorainneacha gabhála agus iarrachta

1.   Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go mbeidh feidhm ag gach teorainn gabhála agus/nó iarrachta a shainaithnítear i ndeiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm, agus mura luafar a mhalairt, déanfar gach cuóta a shloinneadh mar bheomheáchan, i dtonaí méadracha.

2.   Is féidir leis na Ballstáit cead a thabhairt do shoithí a bhfuil a mbratacha ar foluain acu iascaireacht a dhéanamh ar stoic nár sannadh cuóta ina leith i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm (an cuóta “Eile”), más ann don chuóta sin agus murar thug Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO fógra maidir le tréimhse choiscthe.

3.   Maidir le stoic a shainaithnítear sna deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm ar ghabh soithí a bhfuil a bhratach ar foluain orthu, déanfaidh gach Ballstát brataí:

(a)

i gcás gach speicis ó stoic a liostaítear i ndeiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm agus ar ghabh soithí a bhfuil a bhratach ar foluain orthu, a áirithiú go ríomhfar in aghaidh an chuóta a sannadh don Bhallstát sin é, lena n-áireofar foghabháil péirse mara i Roinn 3M ar gabhadh é idir an dáta a mheastar gur gabhadh 50 % de ghabháil iomlán incheadaithe (TAC) na péirse mara i Roinn 3M agus an 1 Iúil;

(b)

a áirithiú nach gcoimeádfar tuilleadh péirse mara a ghabhtar i Roinn 3M ar bord soithí a bhfuil a bhratach ar foluain orthu tar éis an dáta a mheastar gur gabhadh 100 % de TAC na péirse mara i Roinn 3M, cé is moite de phéirse mara a gabhadh i Roinn 3M roimh an tréimhse choiscthe;

(c)

fógra a thabhairt don Choimisiún agus do EFCA maidir le hainmneacha soithí de chuid an Aontais a bhfuil sé beartaithe acu iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta “Eile” ar a laghad 48 n-uair an chloig roimh gach dul isteach, agus tar éis neamhláithreacht 48 n-uair an chloig ar a laghad ón Limistéar Rialála. I gcás inar féidir, cuirfear réamh-mheastachán maidir leis an ngabháil leis an bhfógra sin. Cuirfear an fógra sin ar shuíomh gréasáin Faireacháin, Rialaithe agus Faireachais (MCS) NAFO.

4.   I gcás dola áirithe amháin, an speiceas arb ionann é agus an céatadán is mó, de réir meáchain, den ghabháil iomlán sa dol sin, measfar gur gabhadh é in iascach dírithe den stoc lena mbaineann.

Airteagal 6

Cosc iascaireachta

1.   Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:

(a)

a iascach i ndáil le stoic a liostaítear sna deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm sa Limistéar Rialála a chosc an dáta a léirítear leis na sonraí atá ar fáil go ngabhfar an cuóta iomlán a sannadh don Bhallstát sin maidir leis na stoic lena mbaineann, lena n-áireofar an chainníocht réamh-mheasta a bheidh le gabháil roimh thús thréimhse choiscthe an iascaigh, ábhar aischurtha, agus gabhálacha neamhthuairiscithe measta ag gach soitheach a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain aige;

(b)

a áirithiú go n-éireoidh a chuid soithí a bhfuil a bhratach ar foluain orthu gan mhoill as a ngníomhaíochtaí iascaireachta a d'fhéadfadh gabháil a bheith mar thoradh orthu a luaithe is a thabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh i gcomhréir le mír 3 go bhfuil an cuóta a sannadh don Bhallstát sin bainte amach ina iomláine. Más féidir leis an mBallstát a léiriú go bhfuil cuóta ar fáil don stoc sin i gcomhréir le mír 2, féadfaidh soithí an Bhallstáit sin iascaireacht a dhéanamh ar an stoic sin in athuair;

(c)

cosc a chur ar a iascach do shéacla Artaigh i Roinn 3M nuair a bhainfear amach líon na laethanta a sannadh don Bhallstát sin. Déanfar an méid laethanta iascaireachta i ndáil le gach soitheach a chinneadh le sonraí suímh VMS laistigh de Roinn 3M, agus áireofar cuid de lá mar lá iomlán;

(d)

cosc a chur ar a iascach dírithe ar phéirse mhara i Roinn 3M idir an dáta a measfar gabháil charntha thuairiscithe a bheith cothrom le 50 % den TAC do phéirse mara i Roinn 3M, faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le mír 3, agus an 1 Iúil;

(e)

cosc a chur ar a iascach dírithe ar phéirse mhara i Roinn 3M ar an dáta a measfar gabháil charntha thuairiscithe na péirse mara 3M a bheith cothrom le 100 % den TAC do phéirse mara i Roinn 3M, faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le mír 3;

(f)

fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill maidir leis an dáta a thosóidh an tréimhse coiscthe dá bhforáiltear i bpointí (a) go (e);

(g)

cosc a chur ar shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit ar foluain acu ó bheith ag leanúint d'iascach dírithe sa Limistéar Rialála maidir le stoc ar leith faoin gcuóta “Eile” níos faide ná 5 lá ó d'fhógair Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO, mar a tharchuirfidh an Coimisiún, go meastar gur gabhadh an cuóta “Eile” áirithe sin, i gcomhréir le mír 3;

(h)

a áirithiú nach gcuirfidh aon soitheach a bhfuil bratach an Bhallstáit ar foluain aige tús le hiascach dírithe sa Limistéar Rialála maidir le stoc ar leith faoi chuóta 'Eile' i ndiaidh gur fhógair Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO go meastar gur gabhadh an cuóta airithe sin, i gcomhréir le mír 3;

(i)

tar éis cosc a chur ar a iascach i gcomhréir leis an mír seo, a áirithiú nach gcoimeádfar a thuilleadh den stoc éisc lena mbaineann ar bord na soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu mura n-údarófar a mhalairt leis an Rialachán seo.

2.   Féadfar iascach atá coiscthe i gcomhréir le mír 1 a athoscailt laistigh de 15 lá ó am ar thug an Coimisiún fógra tar éis dó a bheith i dteagmháil le Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO:

(a)

i gcás ina gcinnteoidh Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO gur léirigh an Coimisiún go bhfuil cuóta iarmharach ar fáil óna chéad sannadh; nó

(b)

i gcás ina bhfágann aistriú cuóta ó Pháirtí Conarthach NAFO eile, i gcomhréir le deiseanna iascaireachta, go bhfuil cuóta breise ann faoi réir tréimhse coiscthe i ndáil leis an stoc éisc sin.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill do na Ballstáit maidir le dáta na tréimhse coiscthe dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 7

Foghabháil a choimeádtar ar bord

1.   Déanfaidh máistir an tsoithigh, lena n-áirítear soitheach atá cairtfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 23, a áirithiú go n-íoslaghdóidh an soitheach an fhoghabháil speiceas ó stoic arna sainaithint ina dheiseanna iascaireachta faoi seach atá infheidhme agus é ag oibriú sa Limistéar Rialála.

2.   Déanfar speiceas a liostaítear sna deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm a aicmiú mar fhoghabháil nuair a ghabhfar é i Roinn a bhfuil aon cheann de na cásanna seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

níor sannadh aon chuóta don Bhallstát sin maidir leis an stoc sa Roinn sin, i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm;

(b)

tá cosc ar iascaireacht a dhéanamh ar an stoc áirithe sin (moratoria); nó

(c)

glacadh an cuóta “Eile” iomlán maidir le stoc áirithe, i ndiaidh don Choimisiún fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 6.

3.   Déanfaidh máistir an tsoithigh, lena n-áirítear soitheach atá cairtfhostaithe i gcomhréir le hAirteagal 23, a áirithiú go gcuirfear teorainn leis na speicis a aicmeofar mar fhoghabháil choinneáil ar bord an tsoithigh go dtí an t-uasmhéid a shonraítear anseo:

(a)

maidir le trosc sa Roinn 3M, le péirse mhara i Ranna 3LN agus le leathóg bhán i Ranna 3NO: 1 250 kg nó 5 %, cibé acu is mó;

(b)

maidir le trosc i Ranna 3NO: 1 000 kg nó 4 %, cibé acu is mó;

(c)

i gcás gach stoic eile a liostaítear i ndeiseanna iascaireachta nár sannadh cuóta sonrach don Bhallstát ina thaobh: 2 500 kg nó 10 %, cibé acu is mó;

(d)

i gcás a bhfuil cosc ar iascach infheidhme (moratoria), nó i gcás gur glacadh an cuóta “Eile” iomlán a osclaíodh maidir leis an stoc sin: 1 250 kg nó 5 %, cibé acu is mó; agus

(e)

an uair a chuirfear cosc ar iascaireacht atá dírithe ar phéirse mhara sa Roinn 3M i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 6(1): 1 250 kg nó 5 %, cibé acu is mó;

(f)

agus iascach dírithe á dhéanamh ar iasc de chineál earrbhuí i Ranna 3LNO: 15 % de dhaba gorm; seachas sin, beidh feidhm ag na forálacha gabhála a leagtar amach i bpointe (d).

4.   Déantar na srianta agus na céatadáin dá bhforáiltear i mír 3 a áireamh in aghaidh na Roinne mar an gcéatadán, de réir meáchain, i gcás gach stoic de ghabháil iomlán na stoc a liostaítear i ndeiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm a choimeádtar ar bord maidir leis an Roinn sin tráth a ndéantar cigireacht, ar bhonn na bhfigiúr logleabhair iascaireachta.

5.   Ní aireofar i ríomh leibhéil fhoghabhála éisc ghrinnill i mír 3 gabhálacha an tséacla Artaigh mar chuid den ghabháil iomlán atá ar bord.

Airteagal 8

Sárú teorainneacha foghabhála in aon dol amháin

1.   Déanfaidh máistir an tsoithigh a áirithiú gur fíor an méid seo a leanas i ndáil leis an soitheach:

(a)

ní dhéanfaidh sé siad iascach dírithe ar speicis dá dtagraítear in Airteagal 7(2);

(b)

comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas, i gcásanna, cé is moite d'iascach dhírithe ar an séacla Artach, a dtéann meáchan speicis atá faoi réir theorainneacha foghabhála thar an teorainn is mó dá sonraítear in Airteagal 7(3) in aon dol amháin:

(i)

a aistriú gan mhoill 10 muirmhíle ar a laghad ó aon suíomh den tarraingt/cur a bhí ann roimhe sin le linn na tarraingthe/an chuir a leanann é;

(ii)

imeacht ón Roinn gan teacht ar ais go ceann 60 uair ar a laghad má théitear thar na teorainneacha foghabhála a shonraítear in Airteagal 7(3) in athuair i ndiaidh na chéad tarraingthe/an chéad chuir iar n-aistriú dó i gcomhréir le pointe (i);

(iii)

tabhairt faoi tharraingt thrialach ar feadh uastréimhse 3 huaire an chloig sula gcuirfidh sé tús le hiascach nua i ndiaidh neamhláithreacht 60 uair an chloig. I gcás inarb ionann na stoic atá faoi réir teorainneacha foghabhála agus an céatadán is mó, de réir meáchain, den ghabháil iomlán a thiocfaidh as sin sa dol, ní mheasfar gur iascach dírithe a bheidh ann i leith na stoc sin, agus ní mór don soitheach a shuíomh a athrú gan mhoill i gcomhréir le pointí (i) agus pointe (ii); agus

(iv)

gach tarraingt thrialach a dhéanfar i gcomhréir le pointe (b) a shainaithint agus na comhordanáidí a bhaineann le suímh thosaithe agus deiridh gach tarraingthe triallaí arna déanamh a thaifead sa logleabhar iascaireachta.

2.   I gcás iascaireachta dírithe ar an séacla Artach, beidh an t-aistriú dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (b) de mhír 1 infheidhme, i gcás aon dol amháin, má théann cainníocht iomlán stoic an éisc ghrinnill a gabhadh a liostaítear i ndeiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm thar 5 % i Roinn 3M nó 2.5 % i Roinn 3L.

3.   Nuair atá soitheach i mbun iascach dírithe ar sciath agus mogallmhéid dleathach aige atá oiriúnach don iascach sin, an chéad uair arb iad gabhálacha stoc a mbaineann teorainneacha foghabhála leo, mar a shonraítear in Airteagal 7(2), an céatadán is mó de réir meáchain den ghabháil iomlán sa dol, áireofar na gabhálacha sin mar ghabháil de thaisme, ach aistreoidh an soitheach gan mhoill mar a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo.

4.   Déantar céatadán na foghabhála in aon dol amháin a áireamh mar chéatadán, de réir meáchain, gach stoic a liostaítear sna deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm d'iomlán na gabhála sa tarraingt sin.

Airteagal 9

Séacla Artach

1.   Chun críche an Airteagail seo, aireofar mar chuid de Roinn 3M an chuid sin de Roinn 3L a léirítear a teorainneacha leis na línte idir na pointí dá dtagraítear i dTábla 1 agus a léirítear i bhFíor 1(1) de CEM dá dtagraítear i bpointe 6 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Soitheach atá ag iascach an tséacla Artaigh agus speiceas eile le linn an turais chéanna, tarchuirfidh sé tuairisc chuig an gCoimisiún ina bhfógróidh sé an t-athrú iascaigh. Déanfar líon na laethanta iascaireachta a áireamh dá réir sin.

3.   Na laethanta iascaireachta dá dtagraítear san Airteagal seo ní bheidh siad inaistrithe idir Páirtithe Chonartha NAFO. Soitheach a bhfuil bratach Pháirtí Conartha NAFO eile ar foluain aige, is i gcomhréir le hAirteagal 23 amháin a fhéadfaidh sé laethanta iascaireachta Pháirtí Conartha NAFO a úsáid.

4.   Ní dhéanfaidh aon soitheach iascaireacht ar an séacla Artach i Roinn 3M idir 00:01 Am Uilíoch Lárnach (AUL) an 1 Meitheamh agus 24:00 AUL an 31 Nollaig sa limistéar faoi mar a thuairiscítear i dTábla 2 agus mar a léirítear i bhFíor 1(2) de CEM dá dtagraítear i bpointe 7 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

5.   Déanfar an iascaireacht ar fad ar an séacla Artach i Roinn 3L i ndoimhneacht níos mó ná 200 méadar. Cuirfear srian ar iascaireacht sa Limistéar Rialála suas go dtí limistéar atá soir ó líne a léirítear a teorainneacha leis na comhordanáidí a thuairiscítear i dTábla 3 agus a léirítear i bhFíor 1(3) de CEM dá dtagraítear in bpointe 8 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán.

6.   Gach soitheach a rinne iascaireacht ar an séacla Artach sa Roinn 3L, nó na hionadaithe thar a cheann, tabharfaidh siad fógra don údarás inniúil 24 uair ar a laghad roimh ré maidir leis an am a mheasfar a bhainfidh sé an calafort amach mar aon le cainníochtaí measta an séacla Artaigh atá ar bord de réir Roinne.

Airteagal 10

Haileabó Graonlannach

1.   Baineann na bearta seo a leanas le soithí 24 mhéadar nó níos mó ar a bhfad foriomlán atá i mbun iascaireachta san iascach Haileabó Graonlannaigh i bhfolimistéar 2 agus i Ranna 3KLMNO:

(a)

déanfaidh gach Ballstát a chuóta a shannadh i measc a chuid soithí údaraithe maidir le haileabó Graonlannach;

(b)

is i gcalafort ainmnithe de chuid Pháirtí Conarthach NAFO, agus ansin amháin, a thabharfaidh soitheach údaraithe a ghabháil haileabó Ghraonlannaigh i dtír. Chun na críche sin, ainmneoidh gach Ballstát calafort amháin nó níos mó ina limistéar inar ceadmhach do shoithí údaraithe haileabó Graonlannach a thabhairt i dtír;

(c)

seolfaidh gach Ballstát chuig an Coimisiún ainm gach calafoirt atá ainmnithe aige dá réir sin. Gach athrú a dhéanfar ar an liosta ina dhiaidh sin, fógrófar go gcuirfear é in ionad an tseanliosta tráth nach lú ná 20 lá roimh theacht i bhfeidhm don athrú. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar shuíomh gréasáin NAFO MCS;

(d)

soitheach atá údaraithe nó ionadaí thar a cheann, cuirfidh sé in iúl d'údarás inniúil rialaithe iascach calafoirt an t-am a mheastar a bhainfidh sé an calafort amach, cainníocht iomlán measta haileabó Graonlannaigh atá á coinneáil ar bord, agus faisnéis maidir leis an Roinn nó leis na Ranna inar gabhadh na gabhálacha, agus cuirfear sin in iúl 48 uair ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfidh an soitheach an calafort amach;

(e)

déanfaidh gach Ballstát cigireacht ar gach gabháil haileabó Graonlannach a thabharfar i dtír ina gcalafoirt agus cuirfidh sé tuarascáil chigireachta i dtoll a chéile san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 9 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán, agus cuirfidh sé chuig an gCoimisiún í agus EFCA i gcóip, laistigh de 12 lá oibre ón dáta a cuireadh an chigireacht i gcrích. Sa tuarascáil, déanfar gach sárú ar an Rialachán seo a braitheadh le linn na cigireachta a shainaithint agus tabharfar ar láimh sonraí ina thaobh. Cuirfear sa tuairisc an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil maidir le sáruithe a braitheadh ar muir le linn turas reatha an tsoithigh ar a ndearnadh an chigireacht. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar shuíomh gréasáin NAFO MCS.

2.   Tá na nósanna imeachta seo a leanas infheidhme maidir le soithigh údaraithe atá ag dul isteach sa Limistéar Rialála chun iascaireacht a dhéanamh ar haileabó Graonlannach agus a bhfuil níos mó ná 50 tona de réir bheomheáchan den gabháil iomlán ar bord ar gabhadh í lasmuigh den Limistéar Rialála:

(a)

cuirfidh máistir an tsoithigh in iúl do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO trí ríomhphost nó trí facs, agus 72 uair an chloig ar a dhéanaí sula rachaidh an soitheach isteach sa Limistéar Rialála, méid na gabhála ar bord, an suíomh a bhfuil sé beartaithe ag máistir an tsoithigh tús a chur leis an iascaireacht de réir domhanleithid agus domhanfhaid, an t-am a mheastar a shroichfidh sé an suíomh sin, agus sonraí teagmhála an tsoithigh iascaireachta (mar shampla raidió, guthán satailíte nó ríomhphost);

(b)

soitheach cigireachta a bhfuil sé beartaithe aige cigireacht a dhéanamh ar shoitheach iascaireachta sula dtosaíonn sé ar iascaireacht a dhéanamh ar haileabó Graonlannach, cuirfidh sé in iúl don soitheach iascaireachta sin agus do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO comhordanáidí phointe cigireachta ainmnithe nach bhfuil níos mó ná 60 muirmhíle ar shiúl ón suíomh a mheasann máistir an tsoithigh a chuirfidh an soitheach tús leis an iascaireacht agus cuirfidh an soitheach cigireachta sin in iúl do shoithigh cigireachta eile a d'fhéadfadh a bheith ag oibriú sa Limistéar Rialála dá réir;

(c)

soitheach iascaireachta ar tugadh fógra dó i gcomhréir le pointe (b), déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(i)

rachaidh sé go dtí an pointe cigireachta ainmnithe; agus

(ii)

áiritheoidh sé go gcomhlíontar ceanglais Airteagal 25(5) leis an bplean stuála don ghabháil ar bord ar dhul isteach sa Limistéir Rialála agus go gcuirfear ar fáil do chigirí é arna iarraidh sin dóibh;

(d)

ní cheadmhach do shoitheach iascaireachta tús a chur le hiascaireacht sula ndéanfar cigireacht air i gcomhréir leis an Airteagal seo, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(i)

ní fhaigheann sé fógra laistigh de 72 uair an chloig ón am a tharchuir sé fógra i gcomhréir le pointe 2(a); nó

(ii)

níor chuir an soitheach cigireachta tús leis an gcigireacht atá beartaithe laistigh de 3 huaire an chloig ón am a shroich an soitheach iascaireachta an pointe cigireachta ainmnithe.

3.   Tá cosc ar ghabhálacha haileabó Ghraonlannaigh a thabhairt i dtír ag soithigh de chuid Páirtí neamhChonarthaigh iar ndul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta dóibh sa Limistéar Rialála.

Airteagal 11

Scuid

Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh ar scuid idir 00:01 AUL an 1 Eanáir agus 24:00 AUL an 30 Meitheamh i bhFolimistéar 3 agus Folimistéar 4.

Airteagal 12

Caomhnú agus Bainistiú siorcanna

1.   Déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas: gach gabháil siorcanna a thuairisciú, lena n-airítear na sonraí stairiúla atá ar fáil, i gcomhréir le nósanna imeachta tuairiscithe maidir le gabháil agus iarracht iascaireachta mar a leagtar síos in Airteagal 25.

2.   I gcás gach dola ina bhfuil siorc beagcheannach, taifeadfaidh breathnóirí líon, meáchan measta agus an fad a tomhaiseadh (fad measta murar féidir an fad a thomhas) in aghaidh an dola nó an cur, inscne, agus diúscairt gabhála (beo, marbh nó ní fios) gach siorca beagcheannaigh aonair.

3.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

eití a bhaint de shiorcanna ar bord soithigh;

(b)

eití siorca ar baineadh den chonablach a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír.

4.   Gan dochar do mhír 1, agus d'fhonn stóráil ar bord a éascú, féadfar eití an tsiorca a shliseadh gan iad a scoitheadh agus iad a fhilleadh le hais an chonablaigh.

5.   Eití ar baineadh iad de shárú ar an Airteagal seo, ní choinneoidh soitheach iascaireachta ar bord iad, ná ní dhéanfaidh sé iad a thrasloingsiú, ná iad a thabhairt i dtír.

6.   I gcás iascaigh nach bhfuil dírithe ar shiorcanna, iarrfaidh gach Ballstát ar gach soitheach a bhfuil a bhratach ar foluain aige siorcanna nach bhfuil siad chun a úsáid mar bhia nó mar chothú a scaoileadh san fharraige ina mbeatha, siorcanna óga go háirithe.

7.   I gcás inar féidir, déanfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas:

(a)

dul i mbun taighde chun teacht ar bhealaí le trealamh iascaireachta a dhéanamh níos roghnaithí ar mhaithe le siorcanna a chosaint;

(b)

taighde a dhéanamh ar pharaiméadair ríthábhachtacha bhitheolaíochta agus éiceolaíochta, ar bheatha agus gnéithe iompair phríomhspeiceas siorcanna, chomh maith le limistéir a shainaithint a d'fhéadfadh a bheith ina meánna le haghaidh cúplála, pór a bhreith agus iasclann.

8.   Cuirfidh na Ballstáit torthaí an taighde sin ar fáil don Choimisiún, agus tarchuirfear é chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.

Airteagal 13

Mogallmhéideanna

1.   Chun críche an Airteagail seo, déanfar mogallmhéid a thomhais, agus úsáid á baint as tomhsairí arna sonrú i Rialachán (CE) Uimh. 517/2018 ón gCoimisiún (15), i gcomhréir le hIarscríbhinn III.A a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 10 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán.

2.   Ní dhéanfaidh soitheach iascaireacht le heangach a bhfuil mogallmhéid níos lú ná an mogallmhéid a leagtar síos maidir leis na speicis seo a leanas:

(a)

40 mm don séacla Artach agus séacla (PRA);

(b)

60 mm do scuid ghearreiteach (SQI);

(c)

280 mm sa shoc-fhoirceann agus 220 mm i ngach cuid den trál le haghaidh scáta (SKA);

(d)

130 mm do gach iasc grinnill eile, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM, dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(e)

100 mm do Sebastes mentella peilleagach (REB) i bhfolimistéar 2 agus Roinn 1F agus Roinn 3K; agus

(f)

90 mm do phéirse mhara (RED) san iascach le trál meánuisce i Roinn 3O, 3M agus 3LN.

3.   Soitheach atá i mbun iascaireachta ar speiceas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhfuil eangacha ar bord aige ar mhogallmhéid atá níos lú ná an mogallmhéid a shonraítear sa mhír sin, áiritheoidh sé go bhfuil na heangacha sin feistithe go daingean agus curtha i dtaisce agus nach bhfuil fáil gasta orthu le linn na hiascaireachta sin.

4.   Ceadófar, áfach, do shoitheach atá i mbun iascach dírithe ar speiceas seachas na speicis a luaitear i mír 2 den Airteagal seo, ceadófar dó speicis rialaithe a ghabháil le heangacha ar mhogallmhéid atá níos lú ná an mogallmhéid a shonraítear sa mhír sin, ar choinníoll go bhfuil na ceanglais foghabhála a leagtar síos in Airteagal 7(3) á gcomhlíonadh.

Airteagal 14

Ceangaltáin a úsáid agus trealamh a mharcáil

1.   Is ceadmhach téada neartaithe, strapaí scartha agus bleaindí soc-fhoircinn a úsáid ar thráil, a fhad is nach ndéanann na ceangaltáin sin an mogall údaraithe a shrianú ná nach mbíonn siad ina mbaic ar bhéal an mhogaill.

2.   Ní úsáidfidh aon soitheach modh nó gaireas a chuirfidh bac ar mhogallmhéideanna nó a mbeidh sé d'éifeacht acu mogallmhéid a laghdú. Mar sin féin, gaireas a gcuirtear síos air in Iarscríbhinn III.B. Maidir le Maolairí Uachtair/Slabhraí Scoránaithe Séacla údaraithe CEM, dá dtagraítear i bpointe 12 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ceadófar do shoithí an gaireas sin a cheangail le taobh uachtair an shoc-fhoircinn ar shlí nach gcuireann sé bac ar mhogaill an shoc-fhoircinn, píosa sínidh san áireamh más ann dó. Ní fhéadfar canbhás, eangach, nó ábhar eile a cheangail le taobh íochtair shoc-fhoircinn eangaí ach amháin a mhéid is gá chun damáiste don shoc-fhoirceann a chosc nó a laghdú.

3.   Soithí atá ag iascach an tséacla Artaigh i Roinn 3L nó Roinn 3M, úsáidfidh siad greillí sórtála nó grátaí nach mó ná 22 mm an spás idir a barraí.Soithí atá ag déanamh iascaireachta ar shéacla Artaigh i Roinn 3L, beidh slabhraí scoránaithe nach lú ná 72 cm a bhfad mar a thomhaistear i gcomhréir le hIarscríbhinn III.B a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 12 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   I gcás iascaireachta sna limistéir dá dtagraítear in Airteagal 18(1), ní cheadófar ach trál meánuisce a úsáid.

5.   Ní cheadmhach do shoithí iascaireachta na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a)

trealamh a úsáid nach bhfuil marc air i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta a bhfuil glactha leo go ginearálta, go háirithe Coinbhinsiún 1967 um Stiúradh Oibríochtaí Iascaireachta san Atlantach Thuaidh; nó

(b)

baoi marcála nó ní den chineál céanna a chur ar snámh ar bharr an uisce chun suíomh trealaimh iascaireachta fheisithe a léiriú gan uimhir chlárúcháin an tsoithigh a bheith ar taispeáint air.

Airteagal 15

Trealamh iascaireachta caillte nó ligthe le sruth, trealamh iascaireachta a bhailiú

1.   Déanfaidh máistir an tsoithigh a bhíonn ag iascaireacht sa Limistéar Rialála mar a leanas:

(a)

beidh feistis ar bhord an tsoithigh iascaireachta aige chun trealamh caillte a bhailiú;

(b)

má tá an trealamh nó cuid de caillte, déanfaidh sé gach iarracht réasúnta é a fháil ar ais a luaithe agus is féidir; agus

(c)

ní ligfidh sé trealamh iascaireachta le sruth d'aon turas, seachas ar chúiseanna sábháilteachta.

2.   Murar féidir an trealamh caillte a fháil ar ais, cuirfidh máistir an tsoithigh an méid seo a leanas in iúl don Bhallstát brataí laistigh de 24 uair an chloig:

(a)

ainm agus comhartha aitheantais an tsoithigh;

(b)

an cineál trealaimh atá caillte;

(c)

an méid trealaimh atá caillte;

(d)

an t-am a cailleadh an trealamh;

(e)

an suíomh ar cailleadh an trealamh; agus

(f)

na bearta a rinne an soitheach chun an trealamh caillte a fháil ar ais.

3.   Tar éis an trealamh caillte a fháil ar ais, cuirfidh máistir an tsoithigh an méid seo a leanas in iúl don Bhallstát bratach laistigh de 24 uair an chloig:

(a)

ainm agus comhartha aitheantais an tsoithigh a fuair an trealamh ar ais;

(b)

ainm agus comhartha aitheantais an tsoithigh a chaill an trealamh (más eol é);

(c)

an cineál trealaimh a fuarthas ar ais;

(d)

an méid trealaimh a fuarthas ar ais;

(e)

an t-am a fuarthas an trealamh ar ais; agus

(f)

an suíomh ar a bhfuarthas an trealamh ar ais.

4.   An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, cuirfidh an Ballstát in iúl don Choimisiún í gan mhoill agus déanfar í a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.

Airteagal 16

Ceanglais maidir le híosmhéid an éisc

1.   Ní choinneofar ar bord soithigh iasc níos lú ná an t-íosmhéid arna bhunú i gcomhréir le hIarscríbhinn I.D a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 13 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus scaoilfear ar ais san fharraige gan mhoill gach iasc den chineál sin.

2.   Iasc próiseáilte ar lú a fhad ná an choibhéis ó thaobh faid de a leagtar síos don speiceas sin in Iarscríbhinn I.D a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 13 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb as iasc atá níos lú ná an t-íosmhéid a leagtar amach don speiceas sin a tháinig sé.

3.   I gcás inar mó líon na n-iasc ró-bheag in aon dol amháin ná 10 % de líon iomlán na n-iasc sa dol sin, fanfaidh an soitheach, i rith a chéad tarraingthe eile, achar íosta 5 mhuirmhíle amach ó shuíomh an tarraingthe roimhe sin.

CAIBIDIL III

VMEnna SA LIMISTÉAR RIALÁLA A CHOSAINT Ó GHNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA GRINNILL

Airteagal 17

Léarscáil loirg (limistéir iascaireachta grinnill sheanbhunaithe)

Tá léarscáil na limistéar iascaireachta grinnill seanbhunaithe sa limistéar rialála a léirítear i bhFíor 2 de CEM dá dtagraítear i bpointe 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo teoranta ar an taobh thiar ag teorainn Chrios Eacnamaíoch Eisiach Cheanada agus ar an taobh thoir ag na comhordanáidí a léirítear i dTábla 4 de CEM dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 18

Srianta limistéar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill

1.   Go dtí an 31 Nollaig 2020, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill in aon cheann de na limistéir a léirítear i bhFíor 3 de CEM dá dtagraítear i bpointe 14 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 5 de CEM dá dtagraítear i bpointe 15 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangail ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2020, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéar Roinn 3O mar a léirítear i bhFíor 4 de CEM dá dtagraítear i bpointe 16 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus mar a shainítear trí na comhordanáidí seo a leanas a shonraítear i dTábla 6 de CEM dá dtagraítear i bpointe 17 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangail ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.

3.   Go dtí an 31 Nollaig 2020, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéir 1-13 mar a léirítear i bhFíor 5 de CEM dá dtagraítear i bpointe 18 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus mar a shainítear trí na comhordanáidí seo a leanas a shonraítear i dTábla 7 de CEM dá dtagraítear i bpointe 19 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangail ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.

4.   Go dtí an 31 Nollaig 2018, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéar 14 mar a léirítear i bhFíor 5 de CEM dá dtagraítear i bpointe 18 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus mar a shainítear trí na comhordanáidí seo a leanas a shonraítear i dTábla 7 de CEM dá dtagraítear i bpointe 19 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangail ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.

Airteagal 19

Gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha

1.   Beidh gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha faoi réir réamhthaiscéalaíocht a dhéanfar i gcomhréir leis an bprótacal taiscéalaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 20 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Ballstáit ar mian lena chuid soitheach dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha, déanfaidh siad na nithe seo a leanas chun críche an mheastacháin:

(a)

“Fógra go bhfuil rún tabhairt faoi iascaireacht grinnill taiscéalaíoch” a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 21 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, in éineacht leis an measúnú a cheanglaítear faoi Airteagal 20(1);

(b)

“Tuarascáil ar Thuras Iascaireachta Grinnill Taiscéalaíoch” a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 22 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, laistigh de 2 mhí ón dáta a chríochnófar na gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha.

3.   Déanfaidh máistir an tsoithigh mar a leanas:

(a)

gan tús a chur le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha ach amháin nuair atá údarú acu i gcomhréir leis na bearta caomhnúcháin agus bainistithe arna nghlacadh ag Coimisiún NAFO ar mhaithe le cur i gcoinne an dochair a dhéanfaí do ghníomhaíochtaí iascaireachta taiscéalaíocha ar VMEnna;

(b)

breathnóir eolaíoch a bheith ar bord le linn na tréimhse a bhfuil an ghníomhaíocht iascaireachta grinnill taiscéalaíoch á déanamh.

Airteagal 20

Réamh-mheasúnú ar ghníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha atá á mbeartú

1.   Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha, cuirfidh sé isteach, mar thaca lena thogra, réamh-mheasúnú ar an tionchar aitheanta agus ar an tionchar réamh-mheasta a imreofar ar VMEnna leis an ngníomhaíocht iascaireachta grinnill a bheidh ar bun ag na soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu.

2.   Maidir leis an réamh-mheasúnú dá dtagraítear i mír 1:

(a)

seolfar chuig an gCoimisiún é tráth nach lú ná seachtain amháin roimh thús an chruinnithe a bheidh ag Comhairle Eolaíochta NAFO i mí Meithimh;

(b)

tabharfar aghaidh ann ar na heilimintí lena ndéanfar measúnú ar ghníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha atá á mbeartú i gcomhréir le hIarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 23 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán.

Airteagal 21

Teagmháil le speicis tháscacha VME

1.   Déantar teagmháil le speicis tháscacha VME a shainmhíniú mar ghabháil in aghaidh an chuir (mar shampla. tarraingt tráil, cur spiléir, nó cur geolbhaigh) níos mó ná 7 kg peann mara agus nó/60 kg coiréalaigh bheo agus nó/300 kg spúinsí.

2.   Cuirfidh gach Ballstát de cheangal ar mháistrí soithí a bhfuil a bhratach r foluain acu agus atá i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill sa Limistéar Rialála go ndéanfaidh siad gabháil speiceas táscach VME a chainníochtú, i gcás ina dtiocfar, le linn oibríochtaí iascaireachta, ar fhianaise gur speiceas táscach atá ann VME, i gcomhréir le hIarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   I gcás speicis tháscaigh VME arna ghabháil le linn na n-oibríochtaí iascaireachta dá dtagraítear i mír 2 (amhail tarraingt tráil, nó cur geolbhaigh nó cur spiléir) a sháraíonn an tairseach a shainítear i mír 1, déanfaidh máistir an tsoithigh na bearta seo a leanas:

(a)

an teagmháil a thuairisciú gan mhoill d'údarás inniúil an Bhallstáit Bhrataí, lena n-áireofar an suíomh a thugann an soitheach uaidh, pointe deiridh an tarraingthe nó pointe deiridh an chuir nó ceachtar acu, suíomh eile arb é an pointe is cóngaraí é don suíomh beacht teagmhála, ainm an speicis tháscaigh VME atá ann, agus cainníocht (kg) an speicis táscaigh VME atá ann; agus

(b)

scoirfidh sé láithreach den iascaireacht agus imeoidh ar a laghad 2 mhuirmhíle ar shiúl ó phointe deiridh an tarraingthe/an chuir agus sa treo is lú dóchúlacht tuilleadh teagmhála a theacht dá dheasca. Déanfaidh máistir an tsoithigh an cinneadh is ciallmhaire agus is féidir agus é sin bunaithe ar gach uile fhoinse faisnéise atá ar fáil.

4.   Ceanglóidh gach Ballstát go seolfar breathnóir a bhfuil saineolas leordhóthanach aige chuig an suíomh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 19(3) maidir leis na limistéir laistigh den lorg agus déanfaidh seisean na nithe seo a leanas:

(a)

coiréalaigh, spúinsí agus orgánaigh eile a shainaithint go dtí an leibhéal tacsanomaíoch is ísle dá bhfuil ann, ag baint úsáide dó as an “bhFoirm Tiomsaithe Sonraí maidir le hIascach Taiscéalaíoch” i gcomhréir le hIarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 24 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; agus

(b)

torthaí na sainaitheanta sin a thíolacadh do mháistir an tsoithigh chun an cainníochtú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a éascú;.

5.   Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis maidir leis an teagmháil a tuairiscigh máistir an tsoithigh don Choimisiún a chur ar aghaidh má sháraíonn an chainníocht an speicis tháscaigh VME ar gabhadh é in oibríocht iascaireachta (amhail tarraingt tráil, nó cur geolbhaigh nó cur spiléir), má sháraíonn sin an tairseach a shainmhínítear i mír 1;

(b)

foláireamh a thabhairt gan mhoill faoin teagmháil do na soithí ar fad a bhfuil a bhratach ar foluain acu; agus,

(c)

cosc sealadach a chur laistigh de dhá mhíle mórthimpeall aon suíomh ar tuairiscíodh gur tharla teagmháil VME lasmuigh den lorg arna fhógairt sin ag an gCoimisiún.

Féadfaidh an Coimisiún limistéir a bhfuil cosc sealadach orthu a athoscailt ar fhógra a fháil ó NAFO.

CAIBIDIL IV

CEANGLAIS AR SHOITHÍ AGUS CAIRTFHOSTÚ

Airteagal 22

Ceanglais cháilíochta

1.   Déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a fhógairt don Choimisiún trí mheán leictreonach:

(a)

liosta na soithí dá chuid a bhfuil a bhratach ar foluain acu a d'fhéadfadh sé a údarú chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sa Limistéar Rialála (“soitheach arna chur ar an eolas”), san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II.C1 a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 25 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

aon soitheach a bhaintear de liosta na soithí arna gcur ar an eolas, gan mhoill, san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II.C2 a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 26 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Ní ligfear do shoitheach iascaireachta gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sa Limistéar Rialála ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

liostaítear é mar shoitheach arna chur ar an eolas;

(b)

eisíodh uimhir IMO dó; agus.

(c)

d'eisigh an Ballstát brataí údarú dó leis na gníomhaíochtaí iascaireachta sin a dhéanamh (“soitheach údaraithe”).

3.   Ní dhéanfaidh aon Bhallstát soitheach iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain aige a údarú chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sa Limistéar Rialála ach amháin i gcás inar acmhainn dó a ndualgais Stáit bhrataí a chomhlíonadh go héifeachtach maidir leis an soitheach sin.

4.   Déanfaidh gach Ballstát líon na soithí údaraithe agus a n-iarracht iascaireachta a bhainistiú i dtreo ina dtabharfar aird chuí ar dheiseanna iascaireachta atá ar fáil don Bhallstát sin sa Limistéar Rialála.

5.   Déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a tharchur chuig an gCoimisiún trí mheán leictreonach:

(a)

an t-údarú leithleach a bhaineann le gach soitheach ar liosta na soithí arna gcur ar an eolas a d'údaraigh an Ballstát chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sa Limistéar Rialála (“soitheach údaraithe”), san fhormáid a shonraítear in Iarscríbhinn II.C3 a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 27 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus tráth nach déanaí ná 40 lá roimh thús ghníomhaíochtaí iascaireachta na bliana féilire;

Go háirithe, sainaithneofar i ngach údarú dátaí tosaigh agus dátaí deiridh bailíochta agus, an speiceas lena gceadófar iascaireacht dhírithe a dhéanamh air, mura ndíolmhaítear iad in Iarscríbhinn II.C3 a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 27 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Más é atá beartaithe ag an soitheach iascaireacht a dhéanamh ar speicis rialaithe dá dtagraítear i ndeiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm, is don stoc a thagróidh an tsainaithint, i gcás ina bhfuil an speiceas rialaithe luaite leis an limistéar lena mbaineann;

(b)

fionraí an údaraithe, san fhormáid arna leagan síos in Iarscríbhinn II.C4 a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 28 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, gan mhoill, i gcás ina mbaintear an t-údarú lena mbaineann nó i gcás modhnaithe ar bith ar a ábhar má tharlaíonn an modhnú le linn na tréimhse bailíochta;

(c)

údarú ar cuireadh ar fionraí é a atosú, agus an méid sin a tharchur i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (a).

6.   Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go mbeidh an t-údarú ag teacht leis an tréimhse deimhniúcháin maidir le deimhniú an phlean acmhainneachta dá dtagraítear i mír 10 agus mír 11.

7.   Beidh marcanna ar gach soitheach a shainaithneofar go héasca i gcomhréir le caighdeáin a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta, amhail Sonraíochtaí Caighdeánacha FAO maidir le Marcáil agus Sainaithint Soithí Iascaireachta.

8.   Ní oibreoidh aon soitheach iascaireachta sa Limistéar Rialála gan a bheith ar bord aige doiciméid bhailí reatha a eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit Bhrataí, ina leagfar amach na sonraí seo a leanas ar a laghad maidir leis an soitheach:

(a)

a ainm, más ann;

(b)

litir (litreacha) an chalafoirt nó an dúiche ina bhfuil sé cláraithe, más ann;

(c)

uimhir/uimhreacha clárúcháin an tsoithigh;

(d)

an uimhir IMO;

(e)

a chomhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió, más ann dó;

(f)

ainmneacha agus seoltaí an úinéara/na n-úinéirí agus, i gcás inarb infheidhme, na cairtfhostóirí;

(g)

fad iomlán an tsoithigh;

(h)

cumhacht innill an tsoithigh;

(i)

an plean acmhainneachta dá dtagraítear i mír 10; agus

(j)

measúnú ar acmhainneacht reo nó deimhniú chóras cuisnithe.

9.   Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála gan plean acmhainneachta a bheith ar bord, arna dheimhniú ag údarás inniúil nó aitheanta ag a Bhallstát brataí.

10.   Maidir leis an bplean acmhainneachta:

(a)

is i bhfoirm líníochta a bheidh sé nó i bhfoirm tuairisc ar a áit stórála éisc, lena n-áireofar acmhainneacht stórála gach áit stórála éisc i méadar ciúbach agus is fadghearradh den soitheach a bheidh sa líníocht, lena n-áireofar plean gach deice mar a bhfuil áit stórála éisc agus léireofar na háiteanna a bhfuil na reoiteoirí;

(b)

léireofar ann go háirithe suíomh aon dorais, haiste agus bealach isteach eile chuig na háiteanna stórála éisc, agus déanfar tagairt do na bulcaidí;

(c)

léireofar ann príomhthoisí na n-umar stórála éisc (umair sáile cuisnithe) agus, i ngach cás, an calabrúchán i méadair chiúbacha ar eatraimh 10 cm; agus

(d)

léireofar go soiléir an fíorscála sa líníocht.

11.   Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú, gach dhá bhliain, go ndeimhneoidh an t-údarás inniúil plean acmhainneachta a gcuid soitheach údaraithe a bheith ceart.

Airteagal 23

Socruithe um chairtfhostú

1.   Chun críche an Airteagail seo, tagróidh “Páirtí Conarthach um Chairtfhostú” do Pháirtí Conarthach a bhfuil leithdháileadh ina sheilbh aige mar a léirítear in Iarscríbhinn I.A agus in Iarscríbhinn I.B a ghabhann le CEM, nó an Ballstát a bhfuil leithdháileadh deiseanna iascaireachta ina sheilbh aige, agus tagróidh “Ballstát Brataí” don Bhallstát ina bhfuil an soitheach cairtfhostaithe cláraithe.

2.   Is féidir iomlán nó cuid de leithdháileadh iascaireachta Pháirtí Chonarthaigh um Chairtfhostú a shaothrú trí shoitheach údaraithe cairtfhostaithe a úsáid (“soitheach cairtfhostaithe”) a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain aige, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

thoiligh an Ballstát brataí i scríbhinn leis an socrú maidir le cairtfhostú;

(b)

beidh an socrú maidir le cairtfhostú teoranta d'aon soitheach iascaireachta amháin in aghaidh an Bhallstáit brataí in aon bhliain féilire;

(c)

ní mhaireann na hoibríochtaí iascaireachta faoin socrú maidir le cairtfhostú níos mó ná sé mhí san iomlán in aon bhliain féilire; agus

(d)

an soitheach atá cairtfhostaithe, níor sainaithníodh é roimhe seo mar shoitheach a chuaigh i mbun iascaireacht NNN.

3.   Gach gabháil agus foghabháil ar ghabh an soitheach cairtfhostaithe í i gcomhréir leis an socrú maidir leis an gcairtfhostú, fágfar an fhreagracht a ghabhann leo faoin bPáirtí Conarthach um chairtfhostú.

4.   Ní údaróidh an Ballstát brataí an soitheach cairtfhostaithe, le linn dó oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh faoin socrú maidir le cairtfhostú, iascaireacht a dhéanamh ar aon cheann de leithdháiltí an Bhallstáit sin nó faoi chairtfhostú eile ag an am sin.

5.   Ní ceadmhach trasloingsiú ar muir a dhéanamh gan údarú roimh ré ón bPáirtí Conarthach um Chairtfhostú, rud a áireoidh go ndéanfar é faoi mhaoirseacht breathnóra atá ar bord.

6.   Cuirfidh an Ballstát brataí in iúl don Choimisiún i scríbhinn sula gcuirfear tús leis an socrú maidir le cairtfhostú go dtoilíonn sé leis an socrú maidir le cairtfhostú.

7.   Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún gan mhoill tráth a tharlaíonn seo a leanas:

(a)

tús a bheith curtha le hoibríochtaí iascaireachta faoin socrú maidir le cairtfhostú;

(b)

oibríochtaí iascaireachta a bheith curtha ar fionraí faoin socrú maidir le cairtfhostú;

(c)

atosú oibríochtaí iascaireachta faoi shocrú maidir le cairtfhostú ar cuireadh ar fionraí é;

(d)

deireadh oibríochtaí iascaireachta faoin socrú maidir le cairtfhostú.

8.   Coinneoidh an Ballstát taifead leithleach ar shonraí gabhála agus foghabhála ar toradh oibríochtaí iascaireachta iad i gcomhréir le cairtfhostú gach soithigh a bhfuil a bhratach ar foluain aige agus tabharfaidh siad tuairisc orthu don Pháirtí Conarthach um chairtfhostú agus don Choimisiún.

9.   Coinneofar na doiciméid seo a leanas ar bord an tsoithigh cairtfhostaithe i gcónaí:

(a)

ainm, clárúchán stáit brataí, uimhir IMO agus stát brataí an tsoithigh;

(b)

ainm/ainmneacha agus stát/stáit brataí an tsoithigh a bhí ann roimhe, más ann;

(c)

ainm/ainmneacha agus seoltaí an úinéara/na n-úinéirí) agus oibreoirí an tsoithigh;

(d)

cóip an tsocraithe maidir le cairtfhostú agus aon údarú iascaireachta nó ceadúnas arna eisiúint ag an bPáirtí Conarthach um chairtfhostú don soitheach cairtfhostaithe; agus

(e)

an leithdháileadh arna shannadh don soitheach.

CAIBIDIL V

FAIREACHÁN AR IASCACH

Airteagal 24

Ceanglais maidir le lipéadú táirgí

1.   Nuair a phróiseáiltear iad, déanfar gach speiceas arna shaothrú sa Limistéar Rialála a lipéadú i dtreo is gur so-aitheanta iad gach speiceas agus catagóir táirgí. Ní mór gach speiceas a lipéadú trí na sonraí seo a leanas a úsáid:

(a)

ainm an tsoithigh ghabhála;

(b)

cód 3 Alfa gach speicis mar a liostaítear in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM, dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

i gcás an tséacla Artaigh, an dáta gabhála;

(d)

limistéar Rialála agus Roinn na hiascaireachta; agus

(e)

cód tíolactha na foirme táirge mar a liostaítear in Iarscríbhinn II.K a ghabhann le CEM, dá dtagraítear i bpointe 29 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Déanfar lipéid a ghreamú go daingean, a stampáil nó a scríobh ar phacáistiú agus é á stuáil agus beidh na lipéid mór a ndóthain le gur féidir le cigirí iad a léamh agus iad i ngnáthchúrsa a gcuid dualgas.

3.   Déanfar lipéid a mharcáil le dúch atá i gcodarsnacht leis an gcúlra.

4.   Ní bheidh i ngach pacáiste ach an méid seo a leanas:

(a)

catagóir amháin foirme táirge;

(b)

Roinn amháin gabhála;

(c)

dáta gabhála amháin (i gcás an tséacla Artaigh); agus

(d)

speiceas amháin.

Airteagal 25

Faireachán ar ghabháil

1.   Chun críche faireachán a dhéanamh ar ghabháil, beidh logleabhar iascaireachta, logleabhar táirgeachta agus plean stuála gach soitheach chun gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála a thaifead:

2.   Déanfaidh gach soitheach a logleabhar iascaireachta a nuashonrú go rialta agus coinneofar ar bord é ar feadh 12 mí ar a laghad i gcomhréir le hIarscríbhinn II.A a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 30 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus:

(a)

go gcoinneofar ann taifead cruinn ar gach tarraingt/cur a bhaineann leis an limistéar is lú ar sannadh cuóta ina leith;

(b)

go léireofar ann diúscairt ghabháil gach tarraingthe/cuir, lena n-áirítear méid (in kg, a bheomheáchan) gach stoic arna choinneáil ar bord, arna chaitheamh i leataobh, arna dhíluchtú, nó arna thrasloingsiú le linn an turais iascaireachta reatha.

3.   Déanfaidh gach soitheach iascaireachta logleabhar táirgeachta a nuashonrú go rialta agus coinneofar ar bord é ar feadh 12 mí ar a laghad agus:

(a)

déanfar taifead ann ar an táirgiúlacht charnach laethúil maidir le gach speiceas agus gach cineál táirge in kg don lá roimhe sin ó 00:01 AUL go dtí 24:00 AUL;

(b)

déanfar ann táirgiúlacht maidir le gach speiceas agus gach cineál táirge a nascadh leis an limistéar is lú ar sannadh cuóta ina leith;

(c)

liostófar ann na fachtóirí coinbhéartachta a úsáidtear chun meáchan táirgeachta gach cineál táirge a choinbhéartú i mbeomheáchan nuair a dhéantar é a thaifead sa logleabhar;

(d)

cuirtear lipéad le gach iontráil i gcomhréir le hAirteagal 24.

4.   Agus aird chuí á tabhairt ar rialacha sábháilteachta agus ar fhreagrachtaí mháistir an tsoithigh maidir le cúrsaí loingseoireachta, déanfaidh gach soitheach iascaireachta gach gabháil ar gabhadh sa Limistéar Rialála í a stuáil ar leithligh ó gach gabháil ar gabhadh lasmuigh den Limistéar Rialála í agus áireofar go ndéanfar an scaradh sin a idirdhealú go soiléir le plaisteach, sraithadhmad nó eangach.

5.   Déanfaidh gach soitheach iascaireachta plean stuála a choinneáil de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a)

léireofar ann:

(i)

suíomh agus cainníocht, arna sloinneadh mar mheáchan táirge in kg, gach speicis laistigh de gach bolg lasta éisc;

(ii)

suíomh an tséacla i ngach bolg lasta ar gabhadh é i Roinn 3L agus i Roinn 3M, lena n-áirítear cainníocht an tséacla in kg, de réir Ranna;

(iii)

an radharc ón mbarr ar an táirge i ngach bolg lasta éisc;

(b)

déanfar é a nuashonrú go laethúil maidir leis an lá roimhe sin ó 00:01 go dtí 24:00 AUL, agus;

(c)

coimeádfar ar bord é go dtí go mbeidh na gabhálacha ar fad díluchtaithe ina iomláine ón soitheach.

6.   Déanfaidh gach soitheach tuarascálacha a tharchur go leictreonach, i gcomhréir leis an bhformáid agus leis an ábhar a leagtar síos do gach cineál tuairisce in Iarscríbhinn II.D agus in Iarscríbhinn II.F a ghabhann le CEM, dá dtagraítear i bpointe 31 agus i bpointe 32 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, chuig a Lár-Ionad Faireacháin Iascaigh maidir leis an méid seo a leanas,:

(a)

gabháil ar dhul isteach (COE): cainníocht gach gabhála atá ar bord de réir speicis ar dhul isteach sa Limistéar Rialála don soitheach, agus déanfar sin a tharchur ar a laghad sé huaire an chloig roimh dhul isteach don soitheach ann;

(b)

gabháil ar imeacht (COX): cainníocht gach gabhála atá ar bord de réir speicis ar imeacht ón Limistéar Rialála don soitheach, agus déanfar sin a tharchur ar a laghad sé huaire an chloig roimh imeacht an tsoithigh;

(c)

tuarascáil maidir le gabhálacha (CAT): cainníocht na gabhála arna coinneáil agus cainníocht na speiceas arna haischur don lá roimh an tuarascáil, de réir Ranna, lena n-áirítear i gcás nárbh ann d'aon ghabháil, agus seolfar na sonraí sin go laethúil roimh 12:00 AUL; gabhálacha nialais a choinnítear agus aischuir nialais gach speiceas, déanfar iad a thuairisciú mar chód 3 alfa MZZ (speiceas muirí gan sonrú) agus mar chainníocht “0” faoi mar a léirítear sna samplaí seo a leanas (//CA/MZZ 0//agus//RJ/MZZ 0//);

(d)

gabháil ar bord (COB): i gcás gach soithigh atá ag iascach an tséacla Artaigh i Roinn 3L, roimh dul isteach i Roinn 3L dó agus roimh imeacht ón Roinn sin dó, a tharchur uair amháin an chloig roimh dó teorainn Roinn 3L a thrasnú;

(e)

trasloingsiú (TRA):

(i)

le soitheach deontóra, a tharchur ceithre huaire is fichid an chloig ar a laghad roimh an trasloingsithe; agus

(ii)

le soitheach glactha, tráth nach déanaí ná uair amháin an chloig tar éis an trasloingsithe.

(f)

calafort ina ndéantar an ghabháil a thabhairt i dtír (POR): le soitheach a fuair trasloingsiú ceathair huaire an chloig is fiche ar a laghad roimh aon tabhairt i dtír.

Maidir le gabháil speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM ar lú ná 100 kg an beomheáchan iomlán atá ar bord, féadfar í sin a thuairisciú trí bhíthin chód 3 alfa MZZ (speiceas muirí gan sonrú), ach amháin i gcás siorcanna. Déanfar gach siorc, a mhéid agus is féidir, a thuairisciú ar leibhéal speiceas faoina chód 3 alfa comhfhreagrach a leagtar amach in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM nó, murar ann di in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM nó i Liosta Speiceas FAO ASFIS chun críocha Staidrimh Iascaigh.. I gcásanna nach féidir tuairisciú speicis-oiriúnaithe a dhéanamh, déanfar speicis siorcanna a thaifead mar shiorcanna móra (SHX) nó mar fhíogaigh (DGX), mar is iomchuí agus i gcomhréir leis na cóid 3 alfa a chuirtear i láthair in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Déanfar meáchan measta gach siorca a ghabhtar in aghaidh an dola nó an chuir a thaifead freisin.

7.   Féadfar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 6 a chur ar ceal trí bhíthin tuarascála maidir le cealú san fhormáid a shonraítear in Iarscríbhinn II.F(8) a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 32 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Más faoi réir ceartúcháin atá aon cheann de na tuarascálacha sin, seolfar tuarascáil nua gan mhoill i ndiaidh na tuarascála maidir le cealú laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo.

Cuirfidh LFI an Stáit brataí in iúl don Choimisiún gan mhoill go bhfuil glactha aige le cealú na tuarascála ó shoithigh a bhfuil a bhratach ar foluain acu.

8.   Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh a LFI, ar fháil na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 6 dó, go ndéanfaidh sé iad a tharchur go leictreonach chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II.D a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 31 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus go gcuirfear chun an Choimisiúin agus chun na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA) iad i gcóip.

9.   Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:

(a)

tuarascáil a thabhairt de réir speicis agus limistéir stoic maidir lena ghabhálacha míosúla sealadacha agus maidir lena laethanta iascaireachta míosúla sealadacha d'iascach an tséacla Artaigh i Roinn 3M, bíodh leithdháiltí iarrachta aige i dtaobh na stoc ábhartha nó ná bíodh; déanfaidh sé na tuarascálacha sin a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de 20 lá ó dheireadh na míosa féilire inar gabhadh an ghabháil;

(b)

áiritheoidh sé go gcuirfear faisnéis logleabhair faoi bhráid an Choimisiún i bhformáid Teanga Mharcála Inbhreisithe (XML) nó i bhformáid comhaid Microsoft Excel, agus go bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II.N a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 33 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo ann ar a laghad laistigh de 60 lá tar éis gach turas iascaireachta a bheith curtha i gcrích.

Airteagal 26

Córas um Fhaireachán Soithí (VMS)

1.   Gach soitheach atá ag oibriú sa Limistéar Rialála, beidh sé feistithe le gaireas faireacháin satailíte arb acmhainn dó suíomh an tsoithigh a tharchur go huathoibríoch agus go leanúnach chuig a LFI talamh-bhunaithe, uair amháin gach uair an chloig ar a laghad, mar aon leis na sonraí VMS seo a leanas:

(a)

aitheantas soithigh;

(b)

suíomh is déanaí an tsoithigh, de réir domhanleithid agus domhanfhaid, agus le lamháil earráide nach mó ná 500 meadar agus eatramh muiníne 99 %;

(c)

dáta agus am AUL a ndéanfar an suíomh a aimsiú; agus

(d)

cúrsa/triall an tsoithigh agus an luas atá faoi.

2.   Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú maidir lena LFI:

(a)

go bhfaighidh sé na sonraí suímh dá dtagraítear i mír 1 agus go ndéanfaidh sé iad a thaifeadadh trí bhíthin na cóid 3 litir:

(i)

“ENT”, an chéad suíomh VMS a tharchuireann gach soitheach ar theacht isteach sa Limistéar Rialála dó;

(ii)

“POS”, gach suíomh VMS ina dhiaidh sin a tharchuireann gach soitheach ó laistigh den Limistéar Rialála; agus

(iii)

“EXI”, an chéad suíomh VMS a tharchuireann gach soitheach ar imeacht ón Limistéar Rialála dó;

(b)

beidh sé feistithe le crua-earraí agus bogearraí ríomhaireachta i ndáil le sonraí a phróiseáil agus le sonraí a tharchur go leictreonach agus cuirfidh sé nósanna imeachta cúltaca agus aisghabhála i bhfeidhm agus déanfaidh sé na sonraí a gheofar ó shoithí eile a thaifead i bhfoirm atá inléite do ríomhairí a choinneoidh sé ar feadh 3 bliana ar a laghad; agus

(c)

cuirfidh sé ainm, seoladh, uimhir gutháin, teiléacs, ríomhphost nó uimhreacha facs a LFI agus gach athrú a dhéantar ina dhiaidh sin in iúl don Choimisiún agus do EFCA gan mhoill.

3.   Beidh gach Ballstát freagrach as na costais go léir a bhaineann lena VMS féin.

4.   I gcás ina ndéanann cigire breathnóireacht ar shoitheach iascaireachta sa Limistéar Rialála agus nach bhfuil sonraí i gcomhréir le mír 1, mír 2 nó mír 8 faighte aige, cuirfidh an cigire sin an méid sin in iúl do mháistir an tsoithigh agus don Choimisiún.

5.   I gcás ina ndealraíonn sé go bhfuil gaireas faireacháin satailíte an tsoithigh lochtach nó neamh-fheidhmeach, déanfaidh an Ballstát a áirithiú go gcuirfear sin in iúl do mháistir an tsoithigh nó d'úinéir soithigh iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain aige nó dá ionadaí.

6.   I gcás ina dteipeann ar an ngaireas faireacháin satailíte, déanfaidh máistir an tsoithigh a áirithiú go ndeiseofar é nó go gcuirfear gaireas nua ina ionad laistigh de mhí amháin tar éis na teipe sin, nó, i gcás ina maireann turas iascaireachta níos mó ná mí amháin, go ndéanfar an deisiú a chur i gcrích nó gaireas ionaid a sholáthar an chéad uair eile a shroichfidh an soitheach an calafort.

7.   Ní cheadófar do shoitheach a bhfuil gaireas faireacháin satailíte lochtach air tús a chur le turas iascaireachta.

8.   Gach soitheach atá ag oibriú le gaireas faireacháin satailíte lochtach, déanfaidh sé na sonraí suímh VMS a tharchur chuig a Bhallstát brataí uair amháin gach 4 huaire an chloig ar a laghad agus trí mhodh cumarsáide eile atá ar fáil, go háirithe, satailít, ríomhphost, raidió, facs nó teiléacs.

9.   Áiritheoidh an Ballstát brataí an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfaidh a LFI sonraí suímh VMS a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO agus go gcuirfear na sonraí céanna chuig an gCoimisiún agus EFCA i gcóip, a luaithe agus is féidir, ach tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dó iad a fháil agus féadfaidh sé soithí iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain acu a údarú chun sonraí suímh VMS a tharchur go díreach chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO trí bhíthin satailíte, ríomhphoist, raidió, facs nó teiléacs; agus

(b)

go mbeidh na sonraí suímh VMS arna dtarchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO i gcomhréir leis an bhformáid malartaithe sonraithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 34 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus mar a chuirtear síos uirthi tuilleadh in Iarscríbhinn II.D a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 31 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

10.   Féadfaidh gach Ballstát sonraí VMS NAFO a úsáid le haghaidh cuardaithe agus tarrthála nó chun críche sábháilteachta muirí.

CAIBIDIL VI

SCÉIM BREATHNÓIRÍ

Airteagal 27

Clár breathnóirí

1.   Beidh breathnóirí neamhspleách agus neamhchlaonta, agus beidh an fhaisnéis, an t-eolas, na scileanna agus na cumais acu chun na dualgais, na feidhmeanna agus na ceanglais mar a shonraítear in Airteagal 27 a chomhlíonadh. Déanfaidh na breathnóirí a gcuid dualgas agus feidhmeanna ar mhodh neamhchlaonta beag beann ar náisiúntacht agus ar an mbratach atá ar foluain ar an soitheach, agus beidh siad saor ó thionchar míchuí nó tairbhe mhíchuí atá nasctha le gníomhaíocht iascaireachta aon soitheach atá ag iascaireacht sa Limistéar Rialála.

2.   Gan dochar don eisceacht i mír 4, beidh breathnóir amháin ar a laghad i gcónaí ar bord gach soitheach iascaireachta agus gníomhaíochtaí iascaireachta ar bun aige sa Limistéar Rialála, i gcomhréir le forálacha an chláir bhreathnóra. Ní thosóidh soitheach iascaireachta ag iascaireacht go dtí go mbeidh an breathnóir ar bord an tsoithigh iascaireachta. Meastar gur sárú tromchúiseach é má mhainnítear breathnóir a bheith ar bord, más gá sin.

3.   De mhaolú ar mhír 2, agus más rud é nár iarr NAFO leibhéal clúdaigh breathnóra níos airde, féadfaidh Ballstát a cheadú dá soithí iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain aige breathnóir a bheith ar bord i gcomhair níos lú na 100 % de na turais iascaireachta a dhéanann a chabhlach, ach gan a bheith níos lú ná 25 % díobh, nó de na laethanta a mbeidh na soithí iascaireachta sa Limistéar Rialála le linn na bliana, ar an gcoinníoll go ndéanfaidh an Ballstát brataí an méid a leanas do na soithí nach bhfuil breathnóir ar bord acu:

(a)

áiritheoidh sé go ndíreoidh na soithí lena mbaineann ar speicis i limistéir ina meastar go ndéanfar speicis eile a fhoghabháil go faillíoch;

(b)

áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an soitheach na ceanglais tuarascála fíor-ama ar fad;

(c)

cigireacht fhisiciúil nó meastóireacht ar bhealach eile de réir mar is iomchuí a dhéanamh, tar éis measúnú riosca, ar gach gabháil a thugann an soitheach lena mbaineann i dtír ina gcalafoirt de réir nósanna imeachta faireacháin, rialaithe agus faireachais náisiúnta. Má bhraitear go bhfuil aon sárú á dhéanamh ar an Rialachán seo agus má dhearbhaítear é, ullmhóidh sé tuarascáil cigireachta san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 48 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus tarchuirfidh sé é chuig an gCoimisiún a luaithe is féidir tar éis an sárú a dhearbhú.

(d)

a luaithe is féidir roimh an turas iascaireachta, tarchuirfidh sé an fhaisnéis a leanas chuig an gCoimisiún:

(i)

ainm, uimhir IMO agus glao-chomhartha raidió idirnáisiúnta an soithigh;

(ii)

na fachtóirí lena dtacaítear leis an gcinneadh chun an maolú ón gclúdach 100 % a dheonú;

(e)

cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Feabhra gach bliain, tuarascáil faoin mbliain féilire roimhe sin ina ndéanfar comparáid idir na gníomhaíochtaí ábhartha iascaireachta ar fad agus ina dtaispeánfar an difear idir na turais ina raibh breathnóir ar bord agus na turais nuair nach raibh breathnóir ann. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO faoin 1 Márta gach bliain.

4.   I gcás ina n-eiseoidh cigire fógra maidir le sárú chuig soitheach iascaireachta nach bhfuil breathnóir ar bord aige, seachas sa chás go bhfuil easpa breathnóra i gcomhréir le mír 3, tráth an fhógra, measfar gur sárú tromchúiseach é an sárú chun críche Airteagal 35(1) agus, i gcás nach gceanglóidh an Ballstát brataí ar an soitheach iascaireachta dul láithreach chun calafoirt i gcomhréir le hAirteagal 35(3), déanfaidh sé breathnóir a shannadh chuig an soitheach iascaireachta gan mhoill.

5.   Déanfaidh gach Ballstát na nithe seo a leanas:

(a)

gach bliain, sula dtosóidh an soitheach a bhfuil a bhratach ar foluain aige ag iascaireacht sa Limistéar Rialála, cuirfidh sé liosta nuashonraithe chuig an gCoimisiún de na breathnóirí (ainm agus sonraí aitheantais más infheidhme) a bhfuil sé ar intinn aige a imscaradh ar shoithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu sa Limistéar Rialála;

(b)

ceanglóidh sé ar shoithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu breathnóir ón liosta dá dtagraítear i bpointe (a) a bheith ar bord, i gcomhréir leis an gclár breathnóra;

(c)

a mhéid is féidir, áiritheoidh sé nach n-imscarfar breathnóirí aonair ar thurais leantacha ar an soitheach céanna;

(d)

áiritheoidh sé go bhfuil gaireas neamhspleách teagmhála sa dá threo ag breathnóirí agus iad ar muir;

(e)

déanfaidh sé beart iomchuí i ndáil le soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu chun coinníollacha oibre slán, cosaint, slándáil agus leas na mbreathnóirí a áirithiú agus iad i mbun a gcuid dualgas, rud a bheidh ag teacht le caighdeáin agus treoirlínte idirnáisiúnta;

(f)

áiritheoidh sé go ndéanfaidh na breathnóirí na sonraí agus an fhaisnéis ar fad a bhaineann leis na hoibríochtaí iascaireachta a bhailítear le linn dóibh a bheith imscartha, lena n-áirítear íomhánna agus físeáin a tógadh, a láimhseáil i gcomhréir le ceanglais rúndachta infheidhme.

6.   Tar éis dó tuarascáil an bhreathnóra a fháil ó bhreathnóir a thuairiscíonn neamhréireachtaí le CEM nó teagmhas, lena n-áirítear teagmhais lena gcuirfí bac ar bhreathnóirí a ndualgais a chomhlíonadh nó lena gcuirfí imeagla orthu, nó lena gcuirfí isteach orthu nó toirmeasc orthu ar shlí eile a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh, sa mhéid a bhaineann le soitheach a bhfuil a bhratach ar foluain aige, déanfaidh an Ballstát na nithe seo a leanas:

(a)

an tuarascáil a láimhseáil leis an íogaireacht agus an discréid is mó, i gcomhréir leis na ceanglais rúndachta is infheidhme;

(b)

measúnú a dhéanamh ar na neamhréireachtaí arna sainaithint i dtuarascáil an bhreathnóra agus aon ghníomhaíocht leantach a meastar gur iomchuí í a dhéanamh;

(c)

tuarascáil faoi na gníomhaíochtaí leantacha a chruthú agus í a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

7.   Cuirfidh gach Ballstát na nithe seo a leanas ar fáil don Choimisiún:

(a)

tráth nach déanaí ná 24 uair a chloig sula rachaidh breathnóir ar bord soithigh iascaireachta, ainm agus glao-chomhartha raidió idirnáisiúnta an tsoithigh iascaireachta, mar aon le hainm agus aitheantas (más infheidhme) an bhreathnóra lena mbaineann;

(b)

go leictreonach agus gan mhoill tar éis é a fháil, tuarascáil laethúil an bhreathnóra dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 11;

(c)

laistigh de 20 lá tar éis don soitheach teacht isteach sa chalafort, tuarascáil ar thuras an bhreathnóra dá dtagraítear i mír 11;

(d)

faoi 15 Feabhra gach bliain don bhliain féilire roimhe sin, tuarascáil maidir lena mhéid a bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo á gcomhlíonadh aige.

8.   Más rud é go n-iompraíonn soitheach iascaireachta breathnóir ó Bhallstáit nó Páirtí Conarthach eile de chuid NAFO, tuairisceoidh an breathnóir sin do Bhallstát brataí an tsoithigh.

9.   Mura mbeidh breathnóir á iompar ag soitheach iascaireachta ar a bhfuil ceanglas breathnóir a iompar, féadfaidh an Ballstát brataí a cheadú d'aon Pháirtí Conarthach eile breathnóir a chur ar an soitheach.

10.   Má tharlaíonn sé, le linn an imscartha, go gcinntear gur ann do riosca tromchúiseach don bhreathnóir, glacfaidh an Ballstát brataí céimeanna chun a áirithiú go mbaintear an breathnóir den soitheach mura dtugtar aghaidh ar an riosca agus go dtí go dtugtar aghaidh ar an riosca;

11.   Déanfaidh breathnóir a imscartar ar shoitheach na dualgais seo a leanas ar laghad:

(a)

i gcás gach dola nó cuir, san fhormáid a léirítear in Iarscríbhinn II.M a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 35 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo (“tuarascáil ar thuras an bhreathnóra”):

(i)

cainníocht gach gabhála, de réir speicis, lena n-áirítear d'ábhar muirí aischurtha agus táscairí VMEnna dá dtagraítear i gCuid VI d'Iarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo:

mar a taifeadadh i logleabhair iascaireachta agus táirgeachta an tsoithigh,

mar a mheas an breathnóir go neamhspleách.

I gcás dola nárbh fhéidir meastacháin breathnóra neamhspleách a dhéanamh ina leith, ba cheart na cealla sonraí ábhartha a fhágáil folamh agus nóta a dhéanamh i roinn na mbarúlacha de na nithe seo a leanas;

(ii)

aon neamhréireacht a shainaithnítear idir na foinsí éagsúla sonraí gabhála;

(iii)

cineál trealaimh, mogallmhéid, ceangaltáin;

(iv).

sonraí iarrachta;

(v)

domhanfhad agus domhanleithead, doimhneacht iascaireachta;

(vi)

i gcás na dtrál-iascach, an t-am ó chríochnaítear socrú an fhearais go dtí an t-am a mbailítear é. In aon chás eile, tús an tsocraithe agus deireadh an bhailithe;

(b)

faireachán a dhéanamh ar phlean stuála an tsoithigh dá dtagraítear in Airteagal 25, agus aon neamhréireachtaí a shainaithnítear a thaifead sa tuarascáil breathnóra;

(c)

aon bhriseadh nó cur isteach ar VMS a thaifeadadh;

(d)

gan ionstraimí an tsoithigh a shocrú ach amháin i gcás ina n-aontaíonn máistir an tsoithigh;

(e)

tuarascáil an bhreathnóra, de réir Ranna, a tharchur go laethúil roimh 12:00 AUL chuig LFI an Bhallstáit brataí, bíodh an soitheach ag iascaireacht nó ná bíodh, i gcomhréir le hIarscríbhinn II.G a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 36 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(f)

an obair a iarrfaidh NAFO, lena n-áirítear obair chun críocha eolaíocha, a dhéanamh;

(g)

tuarascáil an bhreathnóra a thíolacadh, i bhfoirm atá inléite ar ríomhaire, agus na híomhánna gaolmhara arna nglacadh ag an mbreathnóir a chur i gceangal nuair is féidir:

(i)

a luaithe is féidir tar éis don soitheach an limistéar rialála a fhágáil agus, ar a dhéanaí, ar theacht isteach don soitheach sa chalafort, go dtí an Ballstát brataí;

(ii)

a thúisce a thiocfaidh an soitheach isteach sa chalafort, don údarás cigireachta calafoirt áitiúil má dhéantar cigireacht sa chalafort;

(h)

iad féin a chur ar fáil do chigirí ar muir, nó sa chalafort ar theacht isteach don soitheach, chun críocha fiosrú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh;

(i)

ag tagairt d'aon teagmhas neamhchomhlíontachta leis an Rialachán seo:

(i)

aon neamhréireacht leis an Rialachán seo a thuairisciú gan mhoill d'údaráis inniúil Bhallstát brataí an tsoithigh, lena n-áirítear aon teagmhais lena gcuirfí bac ar an mbreathnóir a dhualgais a chomhlíonadh nó lena gcuirfí imeagla air, nó lena gcuirfí isteach air nó toirmeasc air ar shlí eile a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh, agus úsáid á baint as an ngaireas neamhspleách teagmhála, agus

(ii)

taifid mhionsonraithe a choinneáil, lena n-áirítear íomhánna agus fís-sleachta ábhartha, ar aon chúinsí agus faisnéis a bhaineann le haon teagmhais neamhréireacha leis an Rialachán seo, lena dtarchur chuig LFI an Bhallstáit brataí a luaithe is féidir, agus, ar a dhéanaí, ar theacht isteach don soitheach sa chalafort;

12.   Déanfaidh máistir an tsoithigh a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu na nithe seo a leanas:

(a)

an comhar agus tacaíocht sin is gá a chur ar fáil chun cur ar chumas an bhreathnóra a dhualgais a chomhlíonadh. Áireofar sa chomhar sin pé rochtain is gá a thabhairt don bhreathnóir ar an ngabháil, lena n-áirítear pé gabháil a bheartóidh an soitheach a aischur;

(b)

bia agus lóistín a chur ar fáil don bhreathnóir ar chaighdeáin nach lú e ná mar a chuirtear ar fáil d'oifigigh an tsoithigh. Mura mbeidh lóistín na n-oifigeach ar fáil, cuirfear lóistín ar fáil don bhreathnóir ar chaighdeán atá chomh maith céanna agus is féidir ach ar chaighdeán nach lú ná caighdeán an lóistín a chuirtear ar fáil don chriú;

(c)

rochtain a thabhairt ar limistéir oibríochtúla uile an tsoithigh is gá le go ndéanfadh an breathnóir a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh, lena n-áirítear bolg/boilg, limistéar/limistéir táirgeachta, droichead, trealamh próiseála dramhaíola agus trealamh loingseoireachta agus cumarsáide an tsoithigh;

(d)

gan bac ná imeagla a chur ar an mbreathnóir, gan cur isteach air nó tionchar a imirt air, gan breab a thabhairt dó nó iarracht a dhéanamh breab a thabhairt don bhreathnóir agus é nó í i mbun a dhualgas nó a dualgas;

(e)

na druileanna éigeandála uile ar bord a thaispeáint don bhreathnóir; agus

(f)

an breathnóir a chur ar an eolas nuair a léireodh páirtí cigireachta a intinn teacht ar bord an tsoithigh.

13.   Mura socraítear a mhalairt le Páirtí Conarthach eile de chuid NAFO, nó Ballstát brataí, is ar gach Ballstát a bheidh na costais a bhaineann leis na breathnóirí a bheidh imscartha aige a íoc. Féadfaidh an Ballstát brataí a cheadú d'oibreoirí iascaireachta rannchuidiú leis na costais a bhaineann le breathnóirí a íoc, gan dochar do mhír 14.

14.   Ní bheidh aon leas airgeadais ná tairbhiúil ag breathnóirí in aon soitheach NAFO agus íocfar iad ar bhealach a léiríonn neamhspleáchas airgeadais ar aon soitheach atá ag iascaireacht sa Limistéar Rialála.

15.   Maidir leis an bhfaisnéis a gceanglaítear ar Bhallstáit í a chur ar fail, i gcomhréir le pointí (c) agus (d) de mhír 3, le pointe (a) de mhír 5, le pointe (c) de mhír 6 agus le mír 7, déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún nó chuig comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, a áiritheoidh go ndéanfar an fhaisnéis sin a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO gan mhoill, le go ndéanfar í a phostáil ar shuíomh gréasáin NAFO MCS.

CAIBIDIL VII

SCÉIM CIGIREACHTA AGUS FAIREACHAIS CHOMHPHÁIRTEACH

Airteagal 28

Forálacha ginearálta

1.   Déanfaidh EFCA na gníomhaíochtaí cigireachta agus faireachais a chomhordú don Aontas. Féadfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, cláir chigireachta agus faireachais oibríochtúla chomhpháirteacha a leagan amach chun na críche sin (“an Scéim”). Glacfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí i mbun iascach sa Limistéar Rialála na bearta is gá chun cur chun feidhme na Scéime sin a éascú, go háirithe maidir leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus leis na tréimhsí agus na criosanna ina n-úsáidfear na hacmhainní sin.

2.   Na cigirí a bheidh sannta ag na Ballstáit agus a dtabharfar fógra do EFCA maidir leo tríd an Scéim, déanfaidh siad cigireacht agus faireachas.

3.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún agus le EFCA, trí chomhaontú frithpháirteach cigirí agus comhordaitheoirí EFCA a bheidh sannta ag EFCA don Scéim a imscaradh chuig ardán cigireachta Páirtí Chonarthaigh eile de chuid NAFO.

4.   Nuair atá breis agus 15 shoitheach iascaireachta de chuid na mBallstát i láthair sa Limistéar Rialála tráth ar bith, áiritheoidh EFCA agus na Ballstáit le linn na tréimhse sin:

(a)

go mbeidh cigire nó údarás inniúil eile i láthair sa Limistéar Rialála; nó

(b)

go mbeidh údarás inniúil i láthair i gcríoch Páirtí Chonarthaigh de chuid NAFO taobh leis an Limistéar Coinbhinsiúin;

(c)

go bhfreagróidh na Ballstáit gan mhoill do gach fógra sáraithe sa Limistéar Rialála a thabharfaidh soitheach iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain aige.

5.   Soláthróidh gach Ballstát atá rannpháirteach sa Scéim liosta do gach ardán cigireachta, ar theacht isteach sa Limistéar Rialála dó, ar liosta amharc agus bordála é a bheidh déanta aige sa tréimhse 10 lá roimhe sin lena n-áirítear an dáta, na comhordanáidí agus aon fhaisnéis ábhartha eile.

6.   Áiritheoidh gach Ballstát atá rannpháirteach sa Scéim, i gcomhar leis an gCoimisiún nó le EFCA, go gcoinneoidh gach ardán cigireachta a bhfuil a bhratach ar foluain aige agus atá ag oibriú sa Limistéar Rialála teagmháil shábháilte agus laethúil, i gcás inar féidir, le gach ardán cigireachta eile atá ag oibriú sa Limistéar Rialála, chun faisnéis riachtanach a mhalartú lena ngníomhaíochtaí a chomhordú.

7.   Tabharfaidh cigirí a thugann cuairt ar shoitheach taighde stádas an tsoithigh dá n-aire agus déanfaidh siad na nósanna imeachta cigireachta a theorannú do na nósanna imeachta sin atá riachtanach chun a chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh ag an soitheach atá comhsheasmhach lena phlean taighde. I gcás ina mbeidh forais réasúnta ag na cigirí chun amhras a bheith orthu go bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh ag an soitheach nach bhfuil comhsheasmhach lena phlean taighde, cuirfear an Coimisiún agus EFCA ar an eolas láithreach faoi sin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcaithfidh a gcigirí go cothromasach agus ar bhealach cothrom le soithigh atá ag oibriú sa Limistéar Rialála trí líon díréireach cigireachtaí a sheachaint ar shoithigh a bhfuil bratach aon Pháirtí Chonarthaigh ar leith de chuid NAFO ar foluain acu. Maidir le haon ráithe ar leith, beidh, a mhéid is féidir, líon na gcigireachtaí a dhéanfaidh cigirí Ballstáit ar shoithí atá i dteideal bratach Páirtí Chonarthaigh eile de chuid NAFO a chur ar foluain i gcomhréir le cion na gníomhaíochta iascaireachta iomláine sa Limistéar Rialála lena gcuimsítear, inter alia, líon na ngabhálacha agus na laethanta soithigh. Agus minicíocht na gcigireachtaí á gcinneadh, féadfaidh cigirí na patrúin iascaireachta agus taifead aon soithigh iascaireachta maidir le comhlíonadh a chur san áireamh.

9.   Agus páirt á glacadh ag Ballstát sa Scéim, áiritheoidh sé, ach amháin nuair atá cigireacht á déanamh ar shoitheach iascaireachta a bhfuil a bhratach féin ar foluain aige i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, an méid seo a leanas maidir le cigirí agus le cigirí faoi oiliúint atá sannta don Scéim seo:

(a)

beidh siad faoina rialú oibríochtúil;

(b)

cuirfidh siad forálacha na Scéime seo chun feidhme;

(c)

ní bheidh airm á n-iompar acu agus iad ag dul ar bord an tsoithigh;

(d)

ní dhéanfaidh siad dlíthe ná rialacháin a bhaineann le huiscí an Aontais a fhorfheidhmiú;

(e)

comhlíonfaidh siad rialacháin, nósanna imeachta agus cleachtais idirnáisiúnta a nglactar go coitianta leo i ndáil le sábháilteacht an tsoithigh a bhfuil cigireacht á déanamh air agus i ndáil lena chriú;

(f)

ní chuirfidh siad isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta ná ar stuáil táirgí iascaireachta agus, a mhéid agus is féidir, seachnóidh siad gníomhaíocht a mbeadh drochthionchar aici ar an ngabháil ar bord; agus

(g)

osclóidh siad coimeádáin ar mhodh lena n-éascaítear athshéalú, athphacáil agus athstóráil na gcoimeádán go pras ina dhiaidh sin.

10.   Caithfear i modh rúin le gach tuarascáil chigireachta, faireachais agus imscrúdaithe dá dtagraítear anseo sa Chaibidil seo agus le híomhánna nó le fianaise ghaolmhar, i gcomhréir le hIarscríbhinn II.B a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 37 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 29

Ceanglais fógartha

1.   Déanfaidh gach Ballstát, tráth nach déanaí ná an 1 Samhain gach bliain, an fhaisnéis seo a leanas a chur chuig EFCA (agus an Coimisiún i gcóip), a dhéanfaidh an fhaisnéis a phostáil ar shuíomh gréasáin NAFO MCS:

(a)

faisnéis teagmhála an údaráis inniúil a ghníomhóidh mar an bpointe teagmhála chun críche fógra a thabhairt láithreach faoi sháruithe sa Limistéar Rialála, agus aon athruithe ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin, tráth nach déanaí ná 15 lá sula dtiocfaidh na hathruithe i bhfeidhm;

(b)

ainmneacha na gcigirí agus na gcigirí faoi oiliúint agus ainm, comhartha aitheantais raidió agus faisnéis teagmhála cumarsáide gach ardáin cigireachta a bheidh sannta aige don Scéim. Tabharfaidh sé fógra faoi athruithe ar na sonraí arna bhfógairt amhlaidh, aon uair is féidir, tráth nach déanaí ná 60 lá roimh ré.

2.   Agus páirt á glacadh ag Ballstát sa Scéim, áiritheoidh sé go dtabharfar fógra do EFCA roimh ré faoi dháta, am tosaigh agus deireadh gach patróil arna dhéanamh ag an ardán cigireachta a bheidh sannta aige amhlaidh.

Airteagal 30

Nósanna imeacht faireachais

1.   I gcás ina mbreathnóidh cigire ar shoitheach iascaireachta sa Limistéar Rialála a bhfuil bratach Páirtí Chonarthaigh de chuid NAFO ar foluain aige a bhfuil cúiseanna amhrasta ann go ndearnadh sárú dealraitheach ar an Rialachán seo, agus i gcás nach indéanta cigireacht a dhéanamh láithreach, déanfaidh an cigire an méid seo a leanas:

(a)

an Fhoirm maidir le Tuarascáil Faireachais a líonadh amach i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.A a ghabhann le CEM, dá dtagraítear i bpointe 38 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Más rud é go mbeidh meastóireacht déanta ag an gcigire ar a bhfuil i ndol ó thaobh toirte nó chomhdhéanamh na gabhála de, áiritheofar sa tuarascáil faireachais an fhaisnéis ábhartha go léir maidir le comhdhéanamh na tarraingthe agus déanfar tagairt don mhodh a úsáidtear i gcomhair na meastóireachta toirtmhéadraí;

(b)

déanfaidh sé taifead d'íomhánna den soitheach agus den suíomh, den dáta agus den am a taifeadadh an íomhá; agus

(c)

tarchuirfidh sé an tuarascáil faireachais mar aon le híomhánna gan mhoill agus go leictreonach chuig a údarás inniúil.

2.   Déanfaidh údarás inniúil Ballstáit a bhfuil an tuarascáil faireachais sin á fáil aige an méid seo a leanas gan mhoill:

(a)

tarchuirfidh sé an tuarascáil faireachais chuig EFCA agus déanfaidh EFCA í a chur ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas lena tarchur chuig Páirtí Conarthach Stáit brataí an tsoithigh;

(b)

tarchuirfidh sé cóip de na híomhánna arna dtaifeadadh chuig EFCA agus déanfaidh EFCA iad a tharchur chuig Páirtí Conarthach Stáit brataí an tsoithigh nó chuig an mBallstát brataí murab ionann é agus an Ballstát is cigire;

(c)

áiritheoidh sé slándáil agus leanúnachas na fianaise le haghaidh cigireachtaí ina dhiaidh sin.

3.   Ar thuarascáil faireachais a fháil i dtaca le soitheach a bhfuil a bhratach ar foluain aige, déanfaidh gach údarás inniúil de chuid gach Ballstáit pé imscrúdú is gá chun gníomhaíocht leantach iomchuí a chinneadh.

4.   Cuirfidh gach Ballstát an tuarascáil imscrúdaithe chuig EFCA agus déanfaidh EFCA í a chur ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas agus cuirfidh sí chuig an gCoimisiún í.

Airteagal 31

Nósanna imeachta bordála agus cigireachta le haghaidh Páirtithe Conarthacha

I dtaca le cigireacht arna déanamh faoin Scéim, áiritheoidh gach Ballstát an méid seo a leanas maidir lena chigirí:

(a)

go dtabharfaidh siad fógra roimh bhordáil agus ar raidió don soitheach iascaireachta faoi ainm an ardáin cigireachta, ag baint úsáid as an gCód Idirnáisiúnta Comharthaí;

(b)

an bhratainn a léirítear in Iarscríbhinn IV.E a ghabhann le CEM a chur ar taispeáint ar an soitheach cigireachta agus ar an soitheach bordála, dá dtagraítear i bpointe 39 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

go n-áiritheoidh siad go mbeidh achar sábháilte idir an soitheach cigireachta agus na soithí iascaireachta le linn na bordála;

(d)

nach gceanglóidh siad ar an soitheach iascaireachta stopadh ná ionramháil agus tarraingt, cur nó tarlú ar bun aige;

(e)

go ndéanfaidh siad líon gach foirne cigireachta a theorannú do cheathrar cigirí ar a mhéad lena n-áirítear aon chigire faoi oiliúint a fhéadfaidh gabháil leis an bhfoireann cigireachta chun críocha oiliúna agus chun na gcríoch sin amháin. I gcás ina mbeidh cigire faoi oiliúint ag gabháil leis na cigirí, cuirfidh na cigirí an cigire faoi oiliúint in aithne do mháistir an tsoithigh ar dhul ar bord dóibh. Níl ann ach go mbreathnóidh an cigire faoi oiliúint ar an oibríocht cigireachta arna déanamh ag na cigirí údaraithe agus ní chuirfidh sé isteach ar aon slí ar ghníomhaíochtaí an tsoithigh iascaireachta;

(f)

ar dhul ar bord an tsoithigh dóibh, go tabharfaidh siad do mháistir an tsoithigh a ndoiciméid aitheantais i leith NAFO a d'eisigh Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO i gcomhréir le hAirteagal 32.3 (b) de CEM;

(g)

go ndéanfaidh siad na cigireachtaí a theorannú do cheithre uair an chloig, nó don tréimhse ama is gá chun an líon a tharlú isteach agus cigireacht a dhéanamh ar an líon agus ar an ngabháil a iniúchadh, pé tréimhse ama is faide, ach amháin:

(i)

i gcás sárú; nó

(ii)

i gcás ina measfaidh an cigire go bhfuil cainníocht na gabhála ar bord éagsúil le cainníocht na gabhála arna taifeadadh sa logleabhar iascaireachta, agus sa chás sin, déanfaidh an cigire an chigireacht a theorannú d'uair bhreise d'fhonn ríomhanna agus nósanna imeachta a fhíorú, agus athscrúdú a dhéanamh ar na doiciméid ábhartha a úsáideadh chun an ghabháil a tógadh sa Limistéar Rialála mar aon leis an ngabháil ar bord an tsoithigh a ríomh;

(h)

go mbaileoidh siad aon fhaisnéis ábhartha a sholáthróidh an breathnóir agus a úsáidfear chun comhlíonadh an Rialacháin seo a aithint.

Airteagal 32

Oibleagáidí mháistir an tsoithigh le linn cigireachta

Déanfaidh gach máistir de chuid an tsoithigh na bearta riachtanacha chun cigireacht a éascú ar an dóigh seo a leanas:

(a)

áiritheoidh sé, i gcás ina mbeidh comhartha tugtha ag soitheach cigireachta go bhfuiltear ar tí cigireacht a thosú, i gcás aon líon atáthar ar tí a tharlú, nach dtabharfar ar bord go ceann 30 nóiméad ar a laghad é tar éis don soitheach cigireachta an comhartha a thabhairt;

(b)

ar iarraidh a fháil ó ardán cigireachta agus a mhéid agus is comhoiriúnach le dea-mhairnéalacht, éascóidh sé bordáil na gcigirí;

(c)

soláthróidh sé dréimire bordála i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.G a ghabhann le CEM, dá dtagraítear i bpointe 40 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(d)

áiritheoidh sé go mbeidh aon ardaitheoir meicniúil píolóta oiriúnach lena úsáid ar bhealach sábháilte lena n-áirítear rochtain shábháilte idir an t-ardaitheoir agus an deic;

(e)

tabharfaidh sé rochtain do na cigirí ar gach limistéar ábhartha, ar dheiceanna agus ar sheomraí, ar ghabháil phróiseáilte agus neamhphróiseáilte, ar líonta nó ar fhearas eile, ar threalamh agus ar aon doiciméid ábhartha a mheasann siad is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú;

(f)

taifeadfaidh sé, agus soláthróidh sé arna iarraidh sin, comhordanáidí a bhaineann le suíomhanna tosaigh agus deiridh aon tarraingthe trialach arna déanamh i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (b) d'Airteagal 8(1);

(g)

ar iarraidh a fháil ón gcigire, tabharfaidh sé doiciméid chlárúcháin, líníochtaí nó tuairiscí ar sheomraí éisc, logleabhair táirgthe agus pleananna stuála ar aird agus tabharfaidh sé pé cúnamh a cheanglóidh an cigire go réasúnta chun a chinntiú go bhfuil stuáil iarbhír na gabhála i gcomhréir leis an bplean stuála;

(h)

ní chuirfidh sé isteach ar aon teagmháil idir na cigirí agus an breathnóir lena n-áirítear an príobháideachas atá riachtanach do na cigirí agus don bhreathnóir chun a ndualgais a chomhlíonadh;

(i)

éascaíocht a dhéanamh do na cigirí samplaí a thógáil d'iasc próiseáilte, chun críche speicis a shainaithint trí anailís DNA a dhéanamh ar na samplaí;

(j)

déanfaidh sé pé gníomh is gá chun sláine aon séala atá feistithe ag na cigirí a chaomhnú agus chun sláine aon fhianaise atá fós ar bord a chaomhnú, go dtabharfaidh an Stát brataí a mhalairt de threoir dó;

(k)

chun leanúnachas fianaise a dhaingniú, i gcás ina mbeidh séalaí feistithe agus/nó fianaise daingnithe, síneoidh sé roinn cuí na tuarascála cigireachta lena n-admhaítear socrú séalaí;

(l)

scoirfidh sé den iascaireacht nuair a iarrann na cigirí air déanamh amhlaidh i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 35(2);

(m)

soláthróidh sé úsáid threalamh cumarsáide an tsoithigh arna iarraidh sin mar aon le seirbhísí a oibreora chun teachtaireachtaí a tharchur ionas go gcuirfidh na cigirí amach iad agus ionas go bhfaighidh siad iad;

(n)

arna iarraidh sin do na cigirí, bainfidh sé aon chuid den fhearas iascaireachta ar dealraitheach nach bhfuil sé údaraithe faoin Rialachán seo;

(o)

i gcás ina mbeidh aon iontrálacha déanta ag na cigirí sna logleabhair, tabharfaidh sé cóip de gach leathanach ina bhfuil iontráil den sórt sin don chigire, agus arna iarraidh sin do na cigirí, síneoidh sé gach leathanach le dearbhú gur cóip dheimhnithe í; agus

(p)

nuair a iarrtar air scor den iascaireacht, ní atosóidh sé ar an iascaireacht:

(i)

go mbeidh an chigireacht curtha i gcrích ag na cigirí agus aon fhianaise daingnithe acu; agus

(ii)

go mbeidh roinn iomchuí na tuarascála cigireachta dá dtagraítear i bpointe (k) sínithe ag máistir an tsoithigh.

Airteagal 33

Tuarascáil chigireachta agus obair leantach

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfidh a chigirí tuarascáil chigireachta i gcrích san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.B a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 41 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo (“an tuarascáil chigireachta”) i ndáil le gach cigireacht.

2.   Chun críche na tuarascála cigireachta:

(a)

measfar gur turas iascaireachta reatha é turas iascaireachta i gcás ina mbeidh gabháil arna saothrú sa Limistéar Rialála le linn an turais ar bord an tsoithigh a ndearnadh cigireacht air;

(b)

agus comparáid á déanamh idir iontrálacha sa logleabhar táirgthe agus iontrálacha sa logleabhar iascaireachta, déanfaidh na cigirí meáchan táirgthe a choinbhéartú ina bheomheáchan de réir fachtóirí coinbhéartaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII, Iarscríbhinn XIV agus Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme AE Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (16) do shoithigh iascaireachta an Aontais maidir le speiceas agus cur i láthair nach gcumhdaítear sna hIarscríbhinní sin agus maidir leis na fachtóirí coinbhéartachta arna n-úsáid ag máistir an tsoithigh i gcásanna eile;

(c)

déanfaidh na cigirí an méid seo a leanas:

(i)

déanfaidh siad achoimre ó thaifid logleabhair ar ghabháil an tsoithigh sa Limistéar Rialála de réir speicis agus Ranna i gcomhair an turais iascaireachta reatha;

(ii)

déanfaidh siad taifead d'achoimrí i roinn 12 den tuarascáil chigireachta agus d'éagsúlachtaí idir an ghabháil arna taifeadadh agus a meastacháin ar an ngabháil ar bord i roinn 14.1 den tuarascáil chigireachta;

(iii)

ar an gcigireacht a chur i gcrích, síneoidh siad an tuarascáil chigireachta agus cuirfidh siad an tuarascáil chigireachta faoi bhráid mháistir an tsoithigh chun í a shíniú agus barúil a thabhairt uirthi, agus cuirfidh siad faoi bhráid aon fhinné í ar mian leo ráiteas a chur isteach;

(iv)

tabharfaidh siad fógra láithreach dá n-údarás inniúil agus tarchuirfidh siad an fhaisnéis agus na híomhánna laistigh de 24 uair an chloig chuige, nó a luaithe agus is féidir; agus

(v)

tabharfaidh siad cóip den tuarascáil do mháistir an tsoithigh, agus luafaidh siad mar is cuí sa roinn iomchuí den tuarascáil chigireachta má dhiúltaigh máistir an tsoithigh a admháil go bhfuarthas í.

3.   Déanfaidh an Ballstát is cigire an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé an tuarascáil chigireachta ar muir chuig EFCA, más féidir laistigh de 20 lá ó rinneadh an chigireacht lena postáil ar shuíomh gréasáin NAFO MCS;

(b)

comhlíonfaidh sé an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34(2), tar éis do na cigirí fógra sáraithe a eisiúint.

4.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh an stádas fianaiseach céanna ag tuarascálacha cigireachta agus faireachais arna n-ullmhú ag cigirí NAFO chun fíorais i dtaca le tuarascálacha cigireachta agus faireachais a chigirí féin a shuíomh.

5.   Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile chun nósanna imeachta breithiúnacha nó eile a éascú arna dtionscnamh mar obair leantach ar thuarascáil arna cur isteach ag cigire NAFO i gcomhréir leis an Scéim.

Airteagal 34

Nósanna imeachta i ndáil le sáruithe

1.   Áiritheoidh gach Ballstát is cigire go ndéanfaidh a chigirí an méid seo a leanas ar shárú ar an Rialachán seo a bhrath:

(a)

an sárú a thaifeadadh sa tuarascáil chigireachta;

(b)

nodaireacht a iontráil agus a shíniú sa logleabhar iascaireachta nó i ndoiciméad ábhartha eile de chuid an tsoithigh a ndéantar cigireacht air ina léirítear an dáta, na comhordanáidí geografacha, agus cineál an tsáraithe, cóip a dhéanamh d'aon iontráil ábhartha agus a iarraidh go síneoidh máistir an tsoithigh gach leathanach chun a dheimhniú gur cóip dheimhnithe den doiciméad bunaidh í;

(c)

íomhánna d'aon fhearas, gabháil nó fianaise eile a thaifeadadh a mheasann an cigire a bhfuil gá leo i ndáil leis an sárú;

(d)

an séala cigireachta a léirítear i Séala Cigireachta NAFO a thugtar in Iarscríbhinn IV.F a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 42 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a fheistiú go daingean, mar is iomchuí, agus an gníomh a rinneadh agus sraithuimhir gach séala a nótáil sa tuarascáil chigireachta;

(e)

iarraidh ar mháistir an tsoithigh:

(i)

chun leanúnachas agus fianaise a dhaingniú, an roinn iomchuí den tuarascáil chigireachta a shíniú lena n-admhaítear socrú séalaí; agus

(ii)

ráiteas i scríbhinn a thabhairt sa roinn iomchuí den tuarascáil chigireachta;

(f)

iarraidh ar mháistir an tsoithigh aon chuid den fhearas iascaireachta ar dealraitheach nach bhfuil sé údaraithe faoin Rialachán seo a bhaint; agus

(g)

i gcás inarb indéanta, fógra a thabhairt don bhreathnóir faoin sárú.

2.   Déanfaidh an Ballstát is cigire an méid seo a leanas:

(a)

laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a bhraitear sárú, fógra i scríbhinn faoin sárú arna thuairisciú ag a chigirí a tharchur chuig an gCoimisiún agus EFCA, a dhéanfaidh é a tharchur chuig údarás inniúil Pháirtí Conarthach an Stáit brataí nó chuig an mBallstát murab ionann é agus an Ballstát is cigire, agus chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO. San fhógra i scríbhinn áireofar an fhaisnéis arna hiontráil i bpointe 15 den tuarascáil chigireachta in Iarscríbhinn IV.B a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 41 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; luafar na bearta ábhartha ann agus tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar an mbonn atá leis an bhfógra sáraithe a eisiúint, agus an fhianaise i dtaca leis an bhfógra; agus i gcás inar féidir, beidh íomhánna d'aon fhearas, gabháil nó fianaise eile a bhaineann leis an sárú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag gabháil leis;

(b)

laistigh de chúig lá ón tráth a fhillfidh an soitheach cigireachta ar an gcalafort, tarchuirfidh sé an tuarascáil chigireachta chuig an gCoimisiún agus EFCA;

déanfaidh EFCA an tuarascáil chigireachta a phostáil ar shuíomh gréasáin NAFO MCS i bhformáid PDF.

3.   Déanfar an obair leantach i dtaca le sáruithe arna ndéanamh ag an mBallstát brataí i gcomhréir le forálacha Airteagal 36.

Airteagal 35

Nósanna imeachta breise le haghaidh sáruithe tromchúiseacha

1.   Is sárú tromchúiseach é gach ceann de na sáruithe seo a leanas, de réir bhrí Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009:

(a)

iascaireacht a dhéanamh ar chuótaí “Eile” gan fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún de shárú ar Airteagal 5;

(b)

iascaireacht a dhéanamh ar chuóta “Eile” breis agus cúig lá oibre tar éis chosc an iascaigh de shárú ar Airteagal 5;

(c)

iascaireacht dhírithe a dhéanamh ar stoc atá faoi réir moratóra, nó a bhfuil toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh air, de shárú ar Airteagal 6;

(d)

iascaireacht dhírithe a dhéanamh ar stoic nó ar speiceas tar éis an dáta a choiscfidh an Ballstát brataí an t-iascach a mbeidh fógra tugtha don Choimisiún faoi, de shárú ar Airteagal 6;

(e)

iascaireacht a dhéanamh i limistéar coiscthe, de shárú ar Airteagal 9(5) agus Airteagal 11;

(f)

iascaireacht a dhéanamh le trealamh iascaireachta grinnill i limistéar ina bhfuil cosc ar ghníomhaíochtaí iascaireachta grinnill, de shárú ar Chaibidil III;

(g)

mogallmhéid neamhúdaraithe a úsáid de shárú ar Airteagal 13;

(h)

iascaireacht a dhéanamh gan údarú bailí;

(i)

taifead neamhchruinn a dhéanamh ar ghabhálacha, de shárú ar Airteagal 25;

(j)

gan córas faireacháin satailíte a iompar ar bord nó cur isteach ar oibriú an chórais sin, de shárú ar Airteagal 26;

(k)

gan teachtaireachtaí a bhaineann le gabháil a chur in iúl, de shárú ar Airteagal 10(3) nó le hAirteagal 25;

(l)

bac a chur ar chigirí nó ar bhreathnóirí a ndualgais a chomhlíonadh nó imeagla a chur orthu, cur isteach orthu nó toirmeasc a chur orthu ar shlí eile na dualgais sin a chomhlíonadh, nó aon chineál eile brú indíreach a chur orthu;

(m)

sárú a dhéanamh i gcás nach mbeidh aon bhreathnóir ar bord;

(n)

fianaise a bhaineann le himscrúdú a cheilt, baint di nó í a chur de láimh, lena n-áirítear séalaí a bhriseadh nó baint díobh nó rochtain a fháil ar limistéir shéalaithe;

(o)

doiciméid fhalsaithe a chur faoi bhráid cigire nó faisnéis bhréagach a thabhairt dó lena gcuirfí cosc ar shárú tromchúiseach a bhrath;

(p)

tabhairt i dtír, trasloingsiú nó seirbhísí calafoirt eile a úsáid:

(i)

i gcalafort nach bhfuil ainmnithe i gcomhréir le forálacha Airteagal 39(1); nó

(ii)

gan údarú a fháil ón Stát calafoirt dá dtagraítear in Airteagal 39(6);

(q)

mainneachtain forálacha Airteagal 41(1) a chomhlíonadh;

(r)

mainneachtain breathnóir a bheith ar bord, más gá sin.

2.   I gcás ina mbeidh soitheach á lua ag cigire toisc go ndearna sé sárú tromchúiseach, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé gach beart is gá chun slándáil agus leanúnachas na fianaise a áirithiú, lena n-áirítear, mar is iomchuí, bolg agus/nó trealamh iascaireachta an tsoithigh a shéalú le tuilleadh cigireachta a dhéanamh air;

(b)

iarrfaidh sé go scoirfidh máistir an tsoithigh de gach gníomhaíocht iascaireachta ar dealraitheach go bhfuil sé ina sárú tromchúiseach; agus

(c)

tabharfaidh sé fógra láithreach d'údarás inniúil an chigire, agus tarchuirfidh sé an fhaisnéis agus, i gcás inar féidir, híomhánna, laistigh de 24 uair an chloig. Tabharfaidh an t-údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis sin fógra do Pháirtí Conarthach an Stáit brataí nó don Bhallstát murab ionann é agus an Ballstát is cigire i gcomhréir le hAirteagal 34.

3.   I gcás sárú tromchúiseach a bhaineann le soitheach a bhfuil a bhratach ar foluain aige, déanfaidh na Ballstáit bhrataí an méid seo a leanas:

(a)

admhóidh siad go bhfuarthas an fhaisnéis agus na híomhánna gaolmhara gan mhoill;

(b)

áiritheoidh siad nach atosóidh an soitheach a ndéantar cigireacht air ar an iascaireacht go bhfaighfear fógra eile;

(c)

úsáidfidh siad an fhaisnéis agus an t-ábhar uile atá ar fáil, déanfaidh siad athbhreithniú ar an gcás agus, laistigh de 72 uair an chloig cuirfidh siad ceangal ar an soitheach dul láithreach chuig calafort chun go ndéanfar cigireacht iomlán faoina údarás, má dhealraíonn sé go ndearnadh aon cheann de na sáruithe tromchúiseacha seo a leanas:

(i)

iascaireacht dhírithe ar stoc atá faoi réir moratóra;

(ii)

iascaireacht dhírithe ar stoc a bhfuil toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh air faoi Airteagal 6;

(iii)

taifead neamhchruinn ar ghabháil, de shárú ar Airteagal 25; nó

(iv)

an sárú tromchúiseach céanna le linn tréimhse 6 mhí.

4.   I gcás inarb é taifead neamhchruinn a dhéanamh ar ghabháil an sárú tromchúiseach a rinneadh, leis an gcigireacht iomlán, áiritheofar go ndéanfar cigireacht fhisiciúil agus áireamh ar an ngabháil iomlán ar bord, de réir speicis agus Ranna.

5.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “taifead neamhchruinn a dhéanamh ar ghabhálacha” difear 10 dtonna nó 20 % ar a laghad a bheith i gceist, pé acu is mó, idir meastacháin na gcigirí ar an ngabháil arna próiseáil ar bord, de réir speicis nó san iomlán, agus na figiúirí arna dtaifeadadh sa logleabhar táirgthe, arna ríomh mar chéatadán de na figiúirí sa logleabhar táirgthe.

6.   Faoi réir thoiliú an Bhallstáit brataí agus, i gcás nach ionann Ballstát an chigire agus an Páirtí Conarthach de chuid NAFO arb é an Stát calafoirt é, féadfaidh cigirí Pháirtí Chonarthaigh an chalafoirt NAFO sin nó cigirí Bhallstát calafoirt páirt a ghlacadh i gcigireacht iomlán agus áireamh a dhéanamh ar an ngabháil.

7.   Mura bhfuil feidhm ag pointe (c) de mhír 3, déanfaidh an Ballstát brataí an méid seo a leanas:

(a)

ligfidh sé don soitheach atosú ar an iascaireacht. I gcás den sórt sin, tabharfaidh an Ballstát brataí, tráth nach déanaí ná dhá lá tar éis an fógra sáraithe a fháil, údar i scríbhinn don Choimisiún i dtaobh na cúise nár ordaíodh don soitheach dul chun calafoirt a bheidh ann. Déanfaidh an Coimisiún an t-údar sin a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO; nó

(b)

cuirfidh sé ceangal ar an soitheach dul láithreach chuig calafort chun go ndéanfar cigireacht iomlán, faoina údarás.

8.   I gcás ina n-ordóidh an Ballstát brataí don soitheach a ndéantar cigireacht air dul chun calafoirt, féadfaidh na cigirí teacht ar bord nó fanacht ar bord an tsoithigh fad a bheidh sé ag dul chun calafoirt, ar choinneáil nach gcuirfidh an Ballstát brataí ceangal ar na cigirí an soitheach a fhágáil.

Airteagal 36

Obair leantach ar sháruithe

1.   I gcás ina ndéanfaidh soitheach a mbeidh bratach an Bhallstáit ar foluain aige sárú, maidir leis an mBallstát brataí:

(a)

déanfaidh sé cigireacht iomlán lena n-áirítear, i gcás inar gá, trí chigireacht fhisiciúil a dhéanamh ar an soitheach iascaireachta a luaithe agus is féidir;

(b)

oibreoidh sé i gcomhar leis an bPáirtí Conarthach is cigire de chuid NAFO nó leis an mBallstát is cigire murab ionann é agus an Ballstát brataí chun an fhianaise agus an slabhra coimeádta a chaomhnú i bhfoirm lena n-éascófar imeachtaí i gcomhréir lena dhlíthe;

(c)

déanfaidh sé gníomh breithiúnach nó riaracháin láithreach i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta i gcoinne na ndaoine atá freagrach as an soitheach; agus

(d)

áiritheoidh sé go bhfuil na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe dian go leor chun comhlíonadh a áirithiú go héifeachtach, sáruithe nó athdhéanamh sáruithe a dhíspreagadh a thuilleadh agus na cosantóirí a choinneáil ó na sochair a fhabhraíonn ón sárú.

2.   Ar an ngníomh agus na smachtbhannaí breithiúnacha nó riaracháin dá dtagraítear i bpointe (c) agus (d) de mhír 1 féadfar an méid seo a leanas a áireamh, ach ní bheidh sé teoranta dó sin, ag brath ar thromchúis an chiona agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

fíneálacha;

(b)

urghabháil an tsoithigh, trealamh iascaireachta agus gabhálacha neamhdhleathacha;

(c)

údarú chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh a chur ar fionraí nó a tharraingt siar; agus

(d)

aon leithdháiltí iascaireachta a laghdú nó a chur ar ceal.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát brataí go gcaithfidh sé le gach fógra sáraithe amhail agus gurb iad a chigirí féin a thuairiscigh an sárú.

4.   Tabharfaidh an Ballstát brataí agus an Ballstát calafoirt fógra láithreach don Choimisiún faoin méid seo a leanas:

(a)

an gníomh agus na smachtbhannaí breithiúnacha nó riaracháin dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) de mhír 1;

(b)

a luaithe agus is féidir ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis tarlú sáraithe thromchúisigh, tuarascáil ina leagtar amach dul chun cinn an imscrúdaithe, lena n-áirítear mionsonraí faoi aon ghníomh a bheidh déanta nó tionscanta aige i ndáil leis an sárú; agus

(c)

ar a imscrúdú a chur i gcrích, tuarascáil maidir leis an toradh deiridh.

Airteagal 37

Tuarascálacha na mBallstát maidir le cigireacht, faireachas agus sáruithe

1.   Tabharfaidh gach Ballstát tuarascáil don Choimisiún agus do EFCA faoin 1 Feabhra gach bliain, i gcomhréir leis an Scéim, faoin bhfaisnéis seo a leanas:

(a)

líon na gcigireachtaí a bheidh déanta sa bhliain féilire roimhe sin aige ar shoithí iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain acu agus líon na soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Páirtí Chonarthaigh eile de chuid NAFO ar foluain acu;

(b)

ainm gach soithigh iascaireachta faoina mbeidh fógra sáraithe eisithe ag a chigirí, lena n-áirítear dáta agus suíomh na cigireachta agus cineál an tsáraithe;

(c)

líon na n-uaireanta a bheidh eitilte ag a aerárthaí faireachais ar patról, líon na n-amharc a bheidh déanta ag na haerárthaí sin, líon na dtuarascálacha faireachais a bheidh tarchurtha acu agus, i gcás gach tuarascála den sórt sin, dáta, am agus suíomh na n-amharc;

(d)

an gníomh a bheidh déanta aige le linn na bliana roimhe sin, lena n-áirítear tuairisc ar théarmaí sonracha aon ghníomhartha nó smachtbhannaí breithiúnacha nó riaracháin arna bhforchur (mar shampla méid na bhfíneálacha, luach an éisc agus/nó an fhearais a forghéilleadh, aon rabhaidh a tugadh i scríbhinn), i dtaca leis an méid seo a leanas:

(i)

gach sárú a bheidh luaite ag cigire a bhaineann le soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu; agus

(ii)

gach tuarascáil faireachais a bheidh faighte aige.

Faoin 1 Márta gach bliain, tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.

2.   Léireofar stádas reatha an cháis sna tuarascálacha dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1. Leanfaidh an Ballstát de shárú den sórt sin a liostú i ngach tuarascáil ina dhiaidh sin go dtabharfaidh sé tuarascáil faoi thoradh deiridh an tsáraithe.

3.   Soláthróidh Ballstát míniú a bheidh mionsonraithe go leor maidir le gach sárú nach mbeidh aon ghníomh déanta aige faoi nó nár forchuireadh aon phionóis ina leith.

CAIBIDIL VIII

RIALÚ AG STÁT AN CHALAFOIRT AR SHOITHÍ A BHFUIL BRATACH PÁIRTÍ CHONARTHAIGH EILE AR FOLUAIN ACU

Airteagal 38

Raon feidhme

Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir le tabhairt i dtír nó trasloingsiú arna dhéanamh ag soithí iascaireachta a bhfuil bratach Páirtí Chonarthaigh eile de chuid NAFO ar foluain acu nó maidir le calafoirt de chuid na mBallstát a bheidh in úsáid ag na soithí sin, ar soithí iad a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála. Beidh feidhm ag na gCaibidil seo maidir le soithigh a bhíonn ag iompar gabhálacha sa Limistéar Rialála, nó maidir le táirgí iascaigh a thagann ó ghabhálacha den chineál sin, nár tugadh i dtír nó nach ndearnadh a thrasloingsiú ag calafort roimhe sin.

Airteagal 39

Dualgais an Bhallstáit calafoirt

1.   Tabharfaidh an Ballstát calafoirt liosta don Choimisiún agus do EFCA, ar liosta de na calafoirt ainmnithe é a bhféadfar cead isteach iontu a thabhairt do shoithí iascaireachta chun críche tabhairt i dtír, trasloingsiú agus/nó seirbhísí calafoirt a sholáthar, agus áiritheoidh sé a mhéid agus is féidir go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ag gach calafort ainmnithe cigireachtaí a dhéanamh de bhun na Caibidle seo. Cuirfidh an Coimisiún an liosta de na calafoirt ainmnithe ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus agus faireachas agus sin i bhformáid PDF. Aon athruithe a dhéanfar ar an liosta ina dhiaidh sin, foilseofar in ionad an liosta roimhe sin iad ar a laghad cúig lá dhéag sula dtiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm.

2.   Leagfaidh an Ballstát calafoirt íostréimhse réamhiarrata síos. Trí lá oibre a bheidh san íostréimhse réamhiarrata roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach. Mar sin féin, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh an Ballstát calafoirt forálacha a dhéanamh maidir le tréimhse réamhiarrata eile, agus cineál táirgthe na gabhála nó an t-achar idir meánna agus a chalafoirt, inter alia, á gcur san áireamh. Tabharfaidh an Ballstát calafoirt an fhaisnéis faoin tréimhse réamhiarrata don Choimisiún, agus cuirfidh sé ar shuíomh gréasáin NAFO MCS i bhformáid PDF í.

3.   Ainmneoidh an Ballstát calafoirt an t-údarás inniúil a ghníomhóidh mar an pointe teagmhála chun iarrataí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 41, dearbhuithe a fháil i gcomhréir le hAirteagal 40(2) agus údaruithe a eisiúint i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo. Tabharfaidh an Ballstát calafoirt ainm an údaráis inniúil agus a fhaisnéis teagmhála don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i bhformáid PDF ar shuíomh gréasáin NAFO MCS.

4.   Níl feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i mír 1, mír 2 ná mír 3 i gcás nach gceadóidh an tAontas tabhairt i dtír ná trasloingsiú arna dhéanamh ag soithí a bhfuil bratach Páirtí Chonarthaigh eile de chuid NAFO ar foluain acu nó i gcás nach gceadóidh an tAontas do shoithí calafoirt a úsáid.

5.   Cuirfidh an Ballstát calafoirt cóip den fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 41(1) agus (2) gan mhoill chuig an bPáirtí Conarthach brataí de chuid NAFO lena mbaineann an soitheach agus chuig an bPáirtí Conarthach de chuid NAFO lena mbaineann soithí deontóra i gcás ina mbeidh oibríochtaí trasloingsithe déanta ag an soitheach.

6.   Ní fhéadfaidh soithí iascaireachta dul isteach i gcalafort gan údarú a fháil ó údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt roimh ré. Ní thabharfar údarú tabhairt i dtír ná trasloingsiú a dhéanamh ná úsáid a bhaint as seirbhísí calafoirt eile ach amháin má fuarthas an dearbhú ón bPáirtí Conarthach brataí de chuid NAFO dá dtagraítear in Airteagal 40(2).

7.   De mhaolú ar mhír 6, féadfaidh an Ballstát calafoirt tabhairt i dtír iomlán nó cuid de a údarú gan an dearbhú dá dtagraítear sa mhír sin a fháil faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

coimeádfar na héisc lena mbaineann i stóras faoi rialú na n-údarás inniúil;

(b)

ní scaoilfear na héisc le haghaidh a ndíolta, a n-athshealbhaithe, a dtáirgthe ná a n-iompartha, go bhfaighfear an dearbhú dá dtagraítear i mír 6;

(c)

mura mbeidh an dearbhú faighte laistigh de 14 lá tar éis oibríochtaí tabhairt i dtír a chomhlánú, féadfaidh an Ballstát calafoirt na héisc a choigistiú agus a dhiúscairt i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta.

8.   Tabharfaidh an Ballstát calafoirt fógra do mháistir an tsoithigh gan mhoill faoina chinneadh i dtaobh dul isteach i gcalafort a údarú nó a dhiúltú, nó más rud é go mbeidh an soitheach i gcalafort, i dtaobh tabhairt i dtír, trasloingsiú agus aon úsáid eile a bhainfí as calafort a údarú nó a dhiúltú. Má údaraítear dul isteach i gcalafort, cuirfidh an Ballstát calafoirt cóip den Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt ar ais chuig máistir an tsoithigh, ar cóip í atá in Iarscríbhinn II.L a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 43 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus Cuid C comhlánaithe go cuí. Seolfar an chóip sin chuig an gCoimisiún gan mhoill freisin, lena postáil ar shuíomh gréasáin NAFO MCS. I gcás diúltú, tabharfaidh an Ballstát calafoirt fógra don Pháirtí Conarthach brataí de chuid NAFO freisin.

9.   I gcás ina gcuirfear an réamhiarraidh dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar ceal, déanfaidh an Ballstát calafoirt cóip den Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt a cuireadh ar ceal a sheoladh chuig an gCoimisiún lena postáil ar shuíomh gréasáin NAFO MCS agus lena tarchur go huathoibríoch chuig an bPáirtí Conarthach brataí de chuid NAFO.

10.   Ach amháin má cheanglaítear a mhalairt i bplean téarnaimh, déanfaidh an Ballstát calafoirt cigireachtaí ar 15 % ar a laghad de gach tabhairt i dtír nó trasloingsiú den sórt sin le linn gach bliana tuairiscithe. Agus na soithí a dhéanfar cigireacht orthu á gcinneadh, tabharfaidh an Ballstát calafoirt tosaíocht don mhéid seo a leanas:

(a)

soithí ar diúltaíodh dóibh cheana dul isteach i gcalafort nó úsáid a bhaint as i gcomhréir leis an gCaibidil seo nó le haon fhorálacha eile den Rialachán seo; agus

(b)

iarrataí ó Pháirtithe Conarthacha eile de chuid NAFO, ó Stáit eile nó ó Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistíochta Iascaigh (“ERBInna”) eile go ndéanfaí cigireacht ar shoitheach ar leith.

11.   Beidh cigireachtaí i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.H a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 44 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus is iad cigirí údaraithe de chuid na mBallstát calafoirt a dhéanfaidh iad agus a thabharfaidh doiciméid aitheantais do mháistir an tsoithigh roimh an gcigireacht.

12.   Faoi réir chomhaontú an Bhallstáit calafoirt, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do chigirí Páirtithe Conarthacha eile de chuid NAFO a bheith i gcuideachta a gcigirí féin agus breathnú ar an gcigireacht.

13.   Is éard a bheidh i gceist le cigireacht i gcalafort faireachán a dhéanamh ar thabhairt i dtír nó ar thrasloingsiú iomlán acmhainní iascaigh sa chalafort sin. Le linn aon chigireacht den sórt sin, déanfaidh cigire an chalafoirt an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

cros-seiceáil ar an méid seo a leanas i gcoinne cainníochtaí gach speicis arna thabhairt i dtír nó arna thrasloingsiú;

(i)

na cainníochtaí de réir speicis arna thaifeadadh sa logleabhar;

(ii)

tuarascálacha gabhála agus gníomhaíochta; agus

(iii)

an fhaisnéis go léir faoi ghabhálacha arna soláthar sna foirmeacha réamhfhógra mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II.L a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 43 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo – na Foirmeacha Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt;

(b)

na cainníochtaí a fhíorú agus a thaifeadadh de réir speicis gabhála a bheidh fágtha ar bord ar thabhairt i dtír nó ar thrasloingsiú a chur i gcrích;

(c)

aon fhaisnéis a fuarthas mar gheall ar chigireachtaí arna ndéanamh i gcomhréir le Caibidil VII a fhíorú;

(d)

gach líon ar bord a fhíorú agus tomhais mogallmhéide a thaifeadadh;

(e)

méid an éisc a fhíorú chun go gcomhlíonfaidh sí na ceanglais maidir leis an íosmhéid;

(f)

i gcás inarb ábhartha, speicis a fhíorú chun cruinneas dearbhú na gabhála a chomhlíonadh.

14.   Déanfaidh an Ballstát calafoirt, más féidir, teagmháil le máistir an tsoithigh nó le baill shinsearacha an chriú sa soitheach agus leis an mbreathnóir, agus áiritheoidh sé, a mhéid is féidir agus is gá, go mbeidh ateangaire in éineacht leis an gcigire.

15.   Más féidir, ní chuirfidh an Ballstát calafoirt moill mhíchuí ar an soitheach iascaireachta agus áiritheoidh sé go mbeidh an oiread is lú den chur isteach nó den mhíchaoithiúlacht ann don soitheach, lena n-áirítear díghrádú ar cháilíocht an éisc nach bhfuil gá leis a sheachaint.

16.   Déanfar gach cigireacht a dhoiciméadú trí fhoirm PSC 3 (an fhoirm chigireachta i leith Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt) a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 49 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlánú. Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa phróiseas a bhaineann leis an tuarascáil chigireachta i leith rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt:

(a)

aithneoidh agus tabharfaidh na cigirí mionsonraí i dtaobh aon sárú ar an Rialachán a bhraithfear le linn na cigireachta calafoirt. Ar na mionsonraí sin, áireofar an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil maidir le sáruithe arna mbrath ar muir le linn thuras reatha an tsoithigh ar a ndearnadh cigireacht;

(b)

féadfaidh na cigirí aon nótaí tráchta a chur isteach a mheasann siad a bheith ábhartha;

(c)

tabharfar an deis do mháistir an tsoithigh nótaí tráchta nó agóid ina haghaidh a chur leis an tuarascáil agus, de réir mar is iomchuí, tabharfar an deis dó dul i dteagmháil le húdaráis ábhartha an Stáit brataí, go háirithe má bhíonn fíordheacrachtaí ag máistir an tsoithigh ábhar na tuarascála a thuiscint;

(d)

síneoidh na cigirí an tuarascáil agus iarrfaidh siad go síneoidh máistir an tsoithigh an tuarascáil. Ní bheidh i síniú mháistir an tsoithigh ar an tuarascáil ach admháil go bhfuair sé cóip den tuarascáil;

(e)

tabharfar cóip do mháistir an tsoithigh ina mbeidh toradh na cigireachta, lena n-áirítear bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh.

17.   Déanfaidh an Ballstát calafoirt cóip de gach tuarascáil chigireachta i leith rialú arna dhéanamh ag Stát calafoirt a sheoladh gan mhoill chuig an gCoimisiún agus chuig EFCA. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chigireachta i leith rialú an Stáit chalafoirt i bhformáid PDF ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas, lena tarchur go huathoibríoch chuig an bPáirtí Conarthach de chuid NAFO arb é an Stát brataí é agus chuig Stát brataí aon soithigh a mbeidh gabháil trasloingsithe aige chuig an soitheach iascaireachta a rinneadh cigireacht air.

Airteagal 40

Dualgais an Bhallstáit brataí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh máistir soithigh iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain aige na hoibleagáidí a bhaineann le máistrí an tsoithigh a leagtar amach in Airteagal 41.

2.   Déanfaidh Ballstát soithigh iascaireachta a bhfuil sé beartaithe aige tabhairt i dtír nó trasloingsiú a dhéanamh ná seirbhísí eile calafoirt a úsáid, nó i gcás ina mbeidh oibríochtaí trasloingsithe déanta lasmuigh de chalafort ag an soitheach, an méid seo a leanas a dhearbhú trí chóip den Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt a chur ar ais, ar foirm í a leagtar amach in Iarscríbhinn II.L a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 43 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, arna tarchur i gcomhréir le hAirteagal 39(5) agus cuid B comhlánaithe go cuí, agus luafaidh sé:

(a)

go raibh cuóta leordhóthanach don speiceas dearbhaithe ag an soitheach iascaireachta a dhearbhaigh gur ghabh sé an t-iasc;

(b)

gur tuairiscíodh go cuí an chainníocht éisc a dearbhaíodh a bheith ar bord de réir speicis agus gur cuireadh san áireamh í le haghaidh aon teorainneacha a ríomh a d'fhéadfadh a bheith infheidhme i leith na gabhála nó na hiarrachta;

(c)

go raibh údarú chun iascaireacht a dhéanamh sna limistéir dhearbhaithe ag an soitheach iascaireachta a dhearbhaigh gurb é a ghabh an t-iasc; agus

(d)

go ndearnadh láithreacht an tsoithigh sa limistéar inar dhearbhaigh sé gur ghabh sé a ghabháil a fhíorú trí shonraí VMS.

3.   Seolfaidh an Ballstát faisnéis teagmhála an údaráis inniúil chuig an gCoimisiún agus gníomhóidh sé mar an pointe teagmhála chun iarrataí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 39(5), agus chun dearbhú a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 39(6). Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin i bhformáid PDF ar shuíomh gréasáin NAFO um fhaireachán, rialú agus faireachas.

Airteagal 41

Oibleagáidí mháistir an tsoithigh

1.   Déanfaidh máistir nó gníomhaire soithigh iascaireachta a bhfuil sé beartaithe aige dul isteach i gcalafort an iarraidh ar dhul isteach a chur ar aghaidh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt laistigh den tréimhse iarrata dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Beidh an Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt ag gabháil leis an iarraidh sin a leagtar amach in Iarscríbhinn II.L a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 43 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus í comhlánaithe go cuí mar a leanas:

(a)

Úsáidfear an Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt, PSC 1, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.L.A a ghabhann le CEM i gcás ina mbeidh a ghabháil féin á hiompar, á tabhairt i dtír nó á trasloingsiú ag an soitheach; agus

(b)

Úsáidfear an Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt, PSC 2, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II.L.B a ghabhann le CEM i gcás ina mbeidh oibríochtaí trasloingsithe déanta ag an soitheach. Úsáidfear foirm ar leith le haghaidh gach soithigh deontóra;

(c)

comhlánófar an dá fhoirm, PSC 1 agus PSC 2, i gcásanna ina ndéanfaidh soitheach a ghabháil féin agus gabháil a fuarthas trí thrasloingsiú a iompar, a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú.

2.   Féadfaidh máistir an tsoithigh nó gníomhaire réamhiarraidh a chur ar ceal trí fhógra a thabhairt d'údaráis inniúla an chalafoirt a raibh sé beartaithe acu a úsáid. Beidh ag gabháil leis an iarraidh cóip den Fhoirm Réamhiarrata bhunaidh ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt a leagtar amach in Iarscríbhinn II.L a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 43 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a mbeidh na focail “ar ceal” scríofa trasna uirthi.

3.   Ní thosóidh máistir an tsoithigh oibríochtaí maidir le tabhairt i gcrích ná le trasloingsiú, ná úsáid a bhaint as seirbhísí calafoirt eile, sula dtabharfaidh údarás inniúil Ballstáit údarú ná sula mbeidh an t-am teachta measta arna thuairisciú in PSC1 nó in PSC2 dulta in éag. Mar sin féin, féadfar oibríochtaí maidir le tabhairt i gcrích nó le trasloingsiú agus úsáid a bhaint as seirbhísí calafoirt eile a thosú roimh an am teachta measta ach cead a fháil ó údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt.

4.   Déanfaidh máistir an tsoithigh mar a leanas:

(a)

comhoibreoidh sé agus tabharfaidh sé cúnamh agus cigireacht á déanamh ar an soitheach iascaireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta sin agus ní chuirfidh sé bac ná imeagla ar chigirí an Stáit calafoirt agus iad i mbun a ndualgas ná ní chuirfidh sé isteach orthu;

(b)

tabharfaidh sé rochtain d'aon limistéir, deiceanna, seomraí, gabháil, líonta nó trealamh nó fearas eile, agus tabharfaidh sé aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh cigirí an Stáit calafoirt lena n-áirítear cóipeanna d'aon doiciméid ábhartha.

Airteagal 42

Sáruithe arna mbrath le linn cigireachtaí i gcalafort

I gcás ina ndéanfar sárú a bhrath le linn cigireacht ar shoitheach i gcalafort, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Airteagal 34 go hAirteagal 37.

Airteagal 43

Rúndacht

Déileálfaidh na Ballstáit, na húdaráis inniúla, na hoibreoirí, máistrí na soitheach agus an criú le gach tuarascáil chigireachta agus imscrúdaithe agus íomhá nó fianaise ghaolmhar agus foirm dá dtagraítear sa Chaibidil seo mar fhaisnéis rúnda, i gcomhréir leis na rialacha maidir le rúndacht a leagtar amach in Iarscríbhinn II.B a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 37 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL IX

PÁIRTÍ NEAMHCHONARTHACH

Airteagal 44

Iascaireacht NNN a thoimhdiú

Toimhdeofar gur bhain soitheach Pháirtí Neamhchonarthaigh an bonn d'éifeachtacht an Rialacháin seo, agus go ndearna sé iascaireacht NNN, más rud é:

(a)

go bhfuarthas amharc air nó gur aithníodh é ar mhodh eile mar shoitheach a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála;

(b)

go raibh baint aige le trasloingsiú le soitheach Párití Neamhchonarthach eile a bhfuarthas amharc air nó a aithníodh mar shoitheach a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den Limistéar Rialála nó lasmuigh de; agus/nó

(c)

gur cuireadh san áireamh ar an liosta NNN é de chuid an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (“NEAFC”) (17).

Airteagal 45

Amharc a fháil ar shoithí Pháirtí Neamhchonarthaigh agus cigireacht a dhéanamh orthu sa Limistéar Rialála

Gach Ballstát a dhéanann cigireacht agus/nó faireachas sa Limistéar Rialála atá údaraithe faoin Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach agus a fhaigheann amharc ar shoitheach Pháirtí Neamhchonarthaigh a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála nó a aithníonn ceann, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

tarchuirfidh sé an fhaisnéis láithreach don Choimisiún agus úsáid á baint as an tuarascáil faireachais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.A a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 38 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

déanfaidh sé iarracht a chur in iúl do mháistir an tsoithigh go dtoimhdítear go bhfuil iascaireacht NNN á déanamh ag an soitheach agus go ndéanfar an fhaisnéis sin a dháileadh ar gach Páirtí Conarthach, ar ERBInna ábhartha agus ar Stát brataí an tsoithigh;

(c)

más iomchuí, iarrfaidh sé cead ó mháistir an tsoithigh dul ar bord an tsoithigh chun cigireacht a dhéanamh air; agus

(d)

i gcás ina n-aontóidh máistir an tsoithigh le cigireacht:

(i)

déanfaidh sé torthaí an chigire a tharchur chuig an gCoimisiún gan mhoill agus úsáid á baint as an bhfoirm maidir le tuarascáil chigireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.B a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 41 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; agus

(ii)

tabharfaidh sé cóip den tuarascáil chigireachta do mháistir an tsoithigh.

Airteagal 46

Dul isteach i gcalafort agus cigireacht a dhéanamh ar shoithigh Pháirtí Neamhchonarthaigh

1.   Iarrfaidh gach máistir soithigh ar shoitheach Pháirtí Neamhchonarthaigh cead ó údarás inniúil an Bhallstáit calafoirt dul isteach i gcalafort i gcomhréir le forálacha Airteagal 41.

2.   Déanfaidh gach Ballstát calafoirt na nithe seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a bheidh faighte aige de bhun Airteagal 41 a chur ar aghaidh chuig Stát brataí an tsoithigh agus chuig an gCoimisiún gan mhoill;

(b)

dul isteach i gcalafort a dhiúltú d'aon soitheach Pháirtí Neamhchonarthaigh i gcás:

(i)

nach mbeidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 41(1) comhlíonta ag máistir an tsoithigh; nó

(ii)

nár dhearbhaigh an Stát brataí gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh i gcomhréir le hAirteagal 40(2);

(c)

a chinneadh a chur in iúl do mháistir an tsoithigh nó don ghníomhaire, do Stát brataí an tsoithigh sin, agus don Choimisiún ar cinneadh é i leith cead dul isteach i gcalafort, tabhairt i dtír, trasloingsiú, nó úsáid eile a bhainfeadh aon soitheach Pháirtí Neamhchonarthaigh as calafort, a dhiúltú;

(d)

diúltú dul isteach i gcalafort a tharraingt siar ach amháin má chinn an Stát calafoirt go bhfuil cruthúnas leordhóthanach ann nach raibh na forais ar ar diúltaíodh dul isteach leordhóthanach nó go raibh siad earráideach nó nach raibh feidhm ag na forais sin a thuilleadh;

(e)

a chinneadh a chur in iúl do mháistir an tsoithigh nó don ghníomhaire, do Stát brataí an tsoithigh sin, agus don Choimisiún, ar cinneadh é maidir le diúltú a tharraingt siar i leith dul isteach i gcalafort, tabhairt i dtír, trasloingsiú nó úsáid eile a bhainfeadh aon soitheach Pháirtí Neamhchonarthaigh as calafort;

(f)

i gcás ina gceadóidh sé dul isteach, áiritheoidh sé go ndéanfaidh oifigigh atá údaraithe go cuí agus a bhfuil eolas acu ar an Rialachán seo cigireacht ar an soitheach agus go ndéanfar an chigireacht i gcomhréir le hAirteagal 39(11) go dtí (17); agus

(g)

cóip den tuarascáil chigireachta agus mionsonraí i dtaobh aon ghníomh a rinne sé ina dhiaidh sin a sheoladh chuig an gCoimisiún gan mhoill.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát nach ndéanfaidh aon soitheach Pháirtí Neamhchonarthaigh oibríochtaí tabhairt i gcrích, nó trasloingsithe ná nach mbainfidh sé aon úsáid eile as a chalafoirt ach amháin má rinne a oifigigh atá údaraithe go cuí agus a bhfuil eolas acu ar an Rialachán seo cigireacht ar an soitheach agus má shuíonn máistir an tsoithigh go ndearnadh an speiceas éisc ar bord a shaothrú faoi réir an Choinbhinsiúin lasmuigh den Limistéar Rialála nó i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 47

Liosta sealadach de shoithí NNN

1.   I dteannta faisnéis a chuir na Ballstáit isteach i gcomhréir le hAirteagal 42 agus le hAirteagal 44, féadfaidh gach Ballstát aon fhaisnéis a tharchur chuig an gCoimisiún gan mhoill, ar faisnéis í a fhéadfaidh a bheith ina cúnamh le haon soitheach Pháirtí Neamhchonarthaigh a d'fhéadfadh a bheith i mbun iascaireacht NNN sa Limistéar Rialála a aithint.

2.   Má dhéanann Páirtí Conarthach agóid i gcoinne soitheach atá ar an liosta soitheach NNN de chuid NEAFC a ionchorprú ar an liosta soitheach NNN de chuid NAFO nó a bhaint de, cuirfidh Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO an soitheach sin ar an Liosta sealadach de shoithí NNN.

Airteagal 48

Gníomh a dhéanamh i gcoinne na soitheach a liostaítear ar an liosta soitheach NNN

Déanfaidh gach Ballstát na bearta uile is gá chun iascaireacht NNN a dhíspreagadh, a thoirmeasc agus a dhíothú, i ndáil le gach soitheach a liostaítear ar an liosta soitheach NNN, lena n-áirítear:

(a)

toirmeasc a chur le gach soitheach a bhfuil a bhratach ar foluain aige, ach amháin i gcás force majeure, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta leis na soithí sin, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta d'oibríochtaí iascaireachta comhpháirteacha;

(b)

toirmeasc a chur le soláthairtí, breosla nó seirbhísí eile a chur ar fáil do na soithí sin;

(c)

toirmeasc a chur leis na soithí sin dul isteach ina gcalafoirt, agus más i gcalafort atá an soitheach, toirmeasc a chur le húsáid an chalafoirt, ach amháin i gcás force majeure nó éigeantais, chun críche cigireacht a dhéanamh, nó chun gníomh forfheidhmithe iomchuí a dhéanamh;

(d)

athrú criú a thoirmeasc, ach amháin mar is gá i ndáil le force majeure;

(e)

diúltú údarú a thabhairt do na soithí sin iascaireacht a dhéanamh in uiscí faoina ndlínse náisiúnta;

(f)

toirmeasc a chur le cairtfhostú na soithí sin;

(g)

diúltú teideal a thabhairt do na soithí sin a mbratach a chur ar foluain;

(h)

toirmeasc a chur ar thabhairt i gcrích agus allmhairiú éisc a thagann ó na soithí sin nó atá inrianaithe chucu;

(i)

spreagadh a thabhairt d'allmhaireoirí, d'iompróirí agus d'earnálacha eile lena mbaineann, gan trasloingsiú éisc a chaibidliú leis na soithí sin; agus

(j)

aon fhaisnéis iomchuí maidir leis na soithí sin a bhailiú agus a mhalartú leis na Páirtithe Conarthacha eile, leis na Páirtithe Neamhchonarthacha agus leis na ERBInna agus é mar aidhm leis úsáid deimhnithe bréagacha allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin a bhrath, a dhíspreagadh agus a thoirmeasc i ndáil le héisc nó le táirge iascaigh ó na soithí sin.

CAIBIDIL X

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 49

Rúndacht

I dteannta na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 112 agus Airteagal 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, áiritheoidh na Ballstáit gur i modh rúin a dhéileálfar leis na tuarascálacha leictreonacha agus leis na teachtaireachtaí leictreonacha a tharchuirfear chuig NAFO agus a gheofar uaidh de bhun phointe (a) d'Airteagal 4(2), Airteagal 4(6), phointe (c) d'Airteagal 5(3), Airteagal 10(2), Airteagal 15(4), Airteagal 22(1), (5) agus (6), Airteagal 23(6), Airteagal 25(8), Airteagal 26(9), Airteagal 27(3), (5), (6), (7) agus (15), Airteagal 29(1) agus (2), Airteagal 34(2), Airteagal 36(4), Airteagal 37(1) agus Airteagal 39(8).

Airteagal 50

An nós imeachta i gcomhair leasuithe

1.   Glacfaidh an Coimisiún faoin 18 Nollaig 2019 gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51 lena bhforlíonfar an Rialachán seo leis na forálacha agus na hIarscríbhinní a ghabhann le CEM dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 51 chun an gníomh tarmligthe sin a leasú ina dhiaidh sin.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 51 lena leasaítear an Rialachán seo chun é a oiriúnú le bearta arna nglacadh ag NAFO a thugann an tAontas gona Bhallstáit orthu féin i ndáil le:

(a)

an liosta de ghníomhaíochta arna ndéanamh ag soithí taighde dá dtagraítear in Airteagal 4(1);

(b)

bearta dá bhforáiltear in Airteagal 9 i ndáil le limistéir iascaireachta ina bhfuil an séacla Artach; tuairisciú ábhartha, athrú iascaigh, doimhneachtaí iascaireachta agus tagairtí do limistéir srianta nó choiscthe;

(c)

nósanna imeachta i dtaca le soithí a bhfuil breis agus 50 tonna beomheáchain de ghabháil iomlán ar bord acu agus a théann isteach sa Limistéar Rialála chun iascaireacht a dhéanamh ar an haileabó Graonlannach i dtaca le hinneachar na bhfógraí dá bhforáiltear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 10(2), agus coinníollacha chun iascaireacht a thosú dá bhforáiltear i bpointe (d) d'Airteagal 10(2);

(d)

inneachar an tarchuir leictreonaigh a leagtar amach in Airteagal 22(5), an liosta de dhoiciméid bhailí atá le hiompar ar bord soithigh i gcomhréir le hAirteagal 22(8) agus inneachar an phlean acmhainneachta a bhfuil tuairisc air in Airteagal 22(10);

(e)

doiciméid atá le hiompar ar bord soithigh chairtfhostaithe i gcomhréir le socruithe maidir le cairtfhostú in Airteagal 23(9);

(f)

sonraí VMS nach mór a bheith tarchurtha go huathoibríoch agus go leanúnach mar a leagtar amach in Airteagal 26(1), chomh maith leis na dualgais i dtaca le LFI mar a leagtar amach in Airteagal 26(2) agus (9);

(g)

rátaí céatadáin le haghaidh clúdaigh breathnóra mar a leagtar amach in Airteagal 27(3), tuairisciú na mBallstát mar a leagtar amach in Airteagal 27(7), dualgais breathnóra mar a leagtar amach in Airteagal 27(11) agus dualgais mháistir an tsoithigh mar a leagtar amach in Airteagal 27 (12);

(h)

oibleagáidí mháistir an tsoithigh le linn cigireachta mar a leagtar amach in Airteagal 32;

3.   Beidh leasuithe a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 teoranta go docht do leasuithe ar CEM a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

Airteagal 51

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 50 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 17 Meitheamh 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 50 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 50 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 52

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1386/2007 a aisghairm leis seo.

Airteagal 53

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/1627

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/1627 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 3, cuirtear isteach na pointí seo a leanas::

“(27)

ciallaíonn 'soitheach spiléir peiligeach mórscála' soitheach spiléir peiligeach ar mó ná 24 mhéadar a fhad iomlán;

(28)

ciallaíonn 'peaslíonta saighne' líon ciorclaithe a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdín íochtair ag bun an lín, agus an braighdín sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill, i dtreo is gur féidir an líon a fháscadh agus a dhúnadh;”.

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Pleananna bainistíochta maidir le hacmhainneacht iascaireachta

1.   Déanfaidh gach Ballstát plean bainistíochta maidir le hacmhainneacht iascaireachta chun líon na soithí iascaireachta a choigeartú, d'fhonn a léiriú go bhfuil an acmhainneacht iascaireachta i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta a shanntar do na soithí sa tréimhse ama ábhartha.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an acmhainneacht iascaireachta a choigeartú trí úsáid a bhaint as na paraiméadair a mhol an SCRS agus a ghlac ICCAT in 2009.

Féadfaidh na Ballstáit cuótaí a leithdháileadh ar shoithí mionscála cósta atá údaraithe tuinnín gorm a iascach agus cuirfidh siad an méid sin in iúl ina bpleananna iascaireachta. Áireoidh siad freisin na bearta breise chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ídiú cuóta an chabhlaigh sin ina bpleananna faireacháin, rialaithe agus cigireachta. Féadfaidh na Ballstáit líon éagsúil soithí a údarú lena ndeiseanna iascaireachta a thapú ina n-iomláine, agus na paraiméadair dá dtagraítear i mír 1 á n-úsáid acu.

3.   Féadfaidh an Phortaingéil agus an Spáinn cuótaí earnálacha a leithdháileadh le haghaidh bád baoite a oibríonn sna huiscí timpeall ar na hAsóir, Maidéara agus na hOileáin Chanáracha. Saineofar go soiléir an cuóta earnálach agus na bearta breise chun faireachán a dhéanamh ar ídiú an chuóta sin sna pleananna bliantúla faoi seach.

4.   I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit cuótaí earnálacha a shannadh i gcomhréir le mír 2 nó mír 3, ní bheidh feidhm ag an gceanglas íos-chuóta in 5 thona a shainigh SCRS in 2009.

5.   Beidh an coigeartú acmhainneachta iascaireachta i gcás soithí peas-saighne teoranta d'uasmhéadú 20 % i gcomparáid leis an acmhainneacht bhunlíne iascaireachta don bhliain 2018.

6.   Don tréimhse 2019-2020, féadfaidh na Ballstáit líon gaistí a bheidh ag iascach tuinnín gorma a údarú ionas gur féidir a ndeiseanna iascaireachta a shaothrú ina n-iomláine.”.

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Pleananna bliantúla bainistíochta feirmeoireachta

1.   Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta don tuinnín gorm ar aghaidh chuig an gCoimisiún plean bliantúil bainistíochta feirmeoireachta i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na pleananna sin le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhtháthú i bplean an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún an plean sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Feabhra gach bliain chun go ndéanfar é a phlé agus a fhormheas.

3.   Sa phlean bliantúil bainistíochta feirmeoireachta, léireoidh gach Ballstát go bhfuil an acmhainneacht ionchuir iomlán agus an acmhainneacht feirmeoireachta iomlán i gcomhréir leis an méid measta tuinníní gorma atá ar fáil don fheirmeoireacht.

4.   Cuirfidh na Ballstáit teorainn lena n-acmhainneacht feirmeoireachta tuinníní arb ionann í agus an acmhainneacht feirmeoireachta iomlán atá cláraithe in ICCAT ‘taifead ar shaoráidí feirmeoireachta tuinníní gorma’ nó atá údaraithe agus dearbhaithe do ICCAT in 2018.

5.   Beidh uas-ionchur tuinníní gorma fiáine a ghabhfar agus a thabharfar isteach i bhfeirmeacha Ballstáit, teoranta do leibhéal na gcainníochtaí ionchuir a chláraigh feirmeacha an Bhallstáit sin le ICCAT sa ‘taifead ar shaoráidí feirmeoireachta tuinníní gorma’ sna blianta 2005, 2006, 2007 nó 2008.

6.   Más gá do Bhallstát uas-ionchur tuinníní gorma fiáine a ghabhfar a mhéadú i bhfeirm amháin nó i roinnt feirmeacha tuinníní dá chuid beidh an méadú sin i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta a sannadh don Ballstát sin, lena n-áirítear tuinníní gorma beo a allmhairiú.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit feirme maidir le heolaithe ar chuir SCRS cúram orthu triallacha a dhéanamh chun rátaí fáis a shainaithint le linn na tréimhse ramhraithe, go mbeidh rochtain agus cúnamh acu, de réir mar a cheanglaítear faoin bprótacal, chun triallacha a dhéanamh i gcomhréir leis an bprótacal caighdeánaithe a d'fhorbair SCRS chun faireachán a dhéanamh ar éisc aonair inaitheanta.”.

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Séasúir iascaireachta

1.   Ceadófar peas-saighneoireacht tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ón 26 Bealtaine go dtí an 1 Meitheamh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh peas-saighneoireacht tuinnín ghoirm i Muir Aidriad a bheith oscailte go dtí 15 Iúil i gcás iasc saothraithe i Muir Aidriad (limistéir iascaigh FAO 37.2.1).

3.   De mhaolú ar mhír 1, más féidir le Ballstát a léiriú, mar thoradh ar ghaotha chomh láidir le fórsa 5, nó níos láidre, ar scála Beaufort, nach raibh roinnt dá shoithí gabhála peas-saighneoireachta ag iascach tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir in ann a ngnáth-laethanta iascaireachta a úsáid le linn na bliana, féadfaidh an Ballstát sin 10 lá caillte ar a mhó a thabhairt ar aghaidh chuig an 11 Iúil i gcás na soithí lena mbaineann le linn na bliana.

4.   Ceadófar do shoithí mórscála peiligeacha gabhála spiléar tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine.

5.   Bunóidh na Ballstáit séasúir oscailte dá gcabhlaigh, seachas soithí peas-saighne agus soithí mórscála peiligeacha gabhála spiléar, ina bpleananna iascaireachta bliantúla.”.

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:

“Airteagal 16

Foghabhálacha

1.   Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le foghabháil tuinníní gorma laistigh dá chuóta agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin tráth a gcuirfidh sé a phlean iascaireachta bliantúil ar aghaidh.

2.   Ní bheidh líon na bhfoghabhálacha tuinníní gorma níos mó ná 20 % de na gabhálacha iomlán ar bord ag deireadh gach turais iascaireachta. Saineofar go soiléir sa phlean iascaireachta bliantúil an mhodheolaíocht a úsáidfear chun na foghabhálacha sin a ríomh i dtaca leis an ngabháil iomlán ar bord. Féadfar foghabhálacha a ríomh de réir meáchain nó de réir líon na speiceas. Ní bheidh feidhm ag ríomh de réir líon na speiceas ach maidir le tuinníní agus le speicis atá cosúil le tuinníní atá bainistithe ag ICCAT. Féadfar líon na bhfoghabhálacha údaraithe don chabhlach soithí mionscála cósta a ríomh ar bhonn bliantúil.

3.   Bainfear gach foghabháil tuinníní gorma marbha, a choinníodh ar bord nó a caitheadh amach, de chuóta an Bhallstáit brataí, agus déanfar í a thaifeadadh agus a thuairisciú don Choimisiún.

4.   I gcás Ballstáit nach bhfuil cuóta don tuinnín gorm acu, déanfar na foghabhálacha lena mbaineann a bhaint de chuóta foghabhála sonrach de chuid an Aontais don tuinnín gorm arna bhunú i gcomhréir le CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

5.   Má tá an cuóta a sannadh do Bhallstát an tsoithigh iascaireachta nó an ghaiste lena mbaineann ídithe cheana féin, ní cheadófar aon ghabhálacha tuinníní gorma agus déanfaidh na Ballstáit na bearta riachtanacha chun a áirithiú go scaoilfear iad. Beidh cosc ar phróiseáil agus ar thráchtálú tuinníní gorma marbha agus déanfar gach gabháil a thaifeadadh. Tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis maidir le gabhálacha den chineál sin ar bhonn bliantúil chuig an gCoimisiún a thabharfaidh an fhaisnéis sin do Rúnaíocht ICCAT.

6.   Déanfaidh soithí nach bhfuil tuinníní gorma á n-iascach go gníomhach acu aon chainníocht de thuinníní gorma a choinníodh ar bord ó speicis eile, ionas gur féidir le húdaráis rialaithe faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Airteagail seo. Féadfar na foghabhálacha sin a mhargú sa mhéid go bhfuil eBCD in éineacht leo.”.

Airteagal 54

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 53 ón 21 Meitheamh 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 23 Eanáir 2019.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus Chomhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).

(5)  Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle an 28 Nollaig 1978 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 378, 30.12.1978, lch. 1).

(6)  Cinneadh 2010/717/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2010 maidir le formheas, thar cheann an Aontais Eorpaigh, an Leasaithe ar an gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 321, 7.12.2010, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena leagtar síos na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme maidir le Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 318, 5.12.2007, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 lena mbunaítear plean aisghabhála le haghaidh haileabó Graonlannach faoi chuimsiú Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 340, 23.12.2005, lch. 3).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don Tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (IO L 252, 16.9.2016, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 517/2008 an 10 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle ó thaobh mogallmhéid a chinneadh agus tiús téide i líonta iascaireachta a mheasúnú (IO L 151, 11.6.2008, lch. 5).

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).

(17)  The Convention on future multilateral co-operation in the North-East Atlantic Fisheries (An Coinbhinsiún maidir le comhar iltaobhach amach anseo in Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh) arna shíniú i Londain an 18 Samhain 1980 agus a tháinig i bhfeidhm an 17 Márta 1982 ar aontaigh an Comhphobal Eorpach dó an 13 Iúil 1981 (IO L 227, 12.8.1981, lch. 22).


IARSCRÍBHINN

(1)

Tábla 4 de CEM dá dtagraítear i bpointe 17 d'Airteagal 3 agus in Airteagal 17;

(2)

Fíor 2 de CEM dá dtagraítear i bpointe 17 d'Airteagal 3 agus in Airteagal 17;

(3)

Cuid VI d'Iarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 21 d'Airteagal 3, in Airteagal 21(2) agus i bpointe (i) de phointe (a) d'Airteagal 27(11);

(4)

Cuid VII d'Iarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 29 d'Airteagal 3;

(5)

Formáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(2);

(6)

Tábla 1 agus Fíor 1(1) de CEM dá dtagraítear in Airteagal 9(1);

(7)

Tábla 2 agus Fíor 1(2) de CEM dá dtagraítear in Airteagal 9(4);

(8)

Tábla 3 agus Fíor 1(3) de CEM dá dtagraítear in Airteagal 9(5);

(9)

Formáid a leagtar síos in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 10(1), pointe (c) d'Airteagal 27(3) agus Airteagal 39(16);

(10)

Iarscríbhinn III.A a ghabhann le CEM dá dtagraítear in Airteagal 13(1);

(11)

Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 13(2), i bpointe (b) d'Airteagal 24(1) agus sa dara fomhír d'Airteagal 25(6);

(12)

Iarscríbhinn III.B a ghabhann le CEM dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus (3);

(13)

Iarscríbhinn I.D a ghabhann le CEM dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus (2);

(14)

Fíor 3 de CEM dá dtagraítear in Airteagal 18(1);

(15)

Tábla 5 de CEM dá dtagraítear in Airteagal 18(1);

(16)

Fíor 4 de CEM dá dtagraítear in Airteagal 18(2);

(17)

Tábla 6 de CEM dá dtagraítear in Airteagal 18(2);

(18)

Fíor 5 de CEM dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus (4);

(19)

Tábla 7 de CEM dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus (4);

(20)

Prótacal taiscéalaíoch in Iarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear in Airteagal 19(1);

(21)

Fógra go bhfuil rún tabhairt faoi iascaireacht grinnill thaiscéalaíoch in Iarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 19(2);

(22)

Tuarascáil ar thuras iascaireachta grinnill taiscéalaíoch in Iarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 19(2);

(23)

Eilimintí le measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta grinnill taiscéalaíocha atá á mbeartú in Iarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (b)d'Airteagal 20(2);

(24)

Foirm Tiomsaithe Sonraí maidir le hIascach Taiscéalaíoch in Iarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 21(4);

(25)

Formáid a leagtar síos don liosta soithí in Iarscríbhinn II.C1 a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 22(1);

(26)

Formáid a leagtar síos le soitheach a bhaint den liosta soithí in Iarscríbhinn II.C2 a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 22(1);

(27)

Formáid a shonraítear d'údarú aonair do gach soitheach in Iarscríbhinn II.C3 a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 22(5);

(28)

Formáid a leagtar síos le fionraí údaraithe in Iarscríbhinn II.C4 a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 22(5);

(29)

Liosta cóid tíolactha na foirme táirge mar a liostaítear in Iarscríbhinn II.K a ghabhann le dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 24(1);

(30)

Samhail le haghaidh logleabhar iascaireachta in Iarscríbhinn II.A a ghabhann le CEM dá dtagraítear in Airteagal 25(2);

(31)

Formáid do thuarascáil ghabhála in Iarscríbhinn II.D a ghabhann le CEM dá dtagraítear in Airteagal 25(6) agus (8) agus i bpointe (b) d'Airteagal 26(9);

(32)

Formáid chun tuarascáil ghabhála a chur ar ceal in Iarscríbhinn II.F a ghabhann le CEM dá dtagraítear in Airteagal 25(6) agus (7);

(33)

Iarscríbhinn II.N a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 25(9);

(34)

Formáid do mhalartú sonraí in Iarscríbhinn II.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 26(9);

(35)

Tuarascáil na mbreathnóirí in Iarscríbhinn II.M a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 27(11);

(36)

Tuarascáil in Iarscríbhinn II.G a ghabhann le CEM a thugann an breathnóir go laethúil dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 27(11);

(37)

Rialacha maidir le rúndacht in Iarscríbhinn II.B a ghabhann le CEM dá dtagraítear in Airteagal 28(10) agus in Airteagal43;

(38)

Foirm maidir le Tuarascáil Faireachais in Iarscríbhinn IV.A a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 30(1) agus pointe (a) d'Airteagal 45;

(39)

Íomhá den bhratainn in Iarscríbhinn IV.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 31;

(40)

Rialacha maidir le dréimire bordála a sholáthar in Iarscríbhinn IV.G a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 32;

(41)

Tuarascáil chigireachta in Iarscríbhinn IV.B a ghabhann le CEM dá dtagraítear in Airteagal 33(1), i bpointe (a) d'Airteagal 34(2) agus i bpointe (d)d'Airteagal 45;

(42)

Séala cigireachta NAFO in Iarscríbhinn IV.F a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 34(1);

(43)

Foirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt in Iarscríbhinn II.L a ghabhann le CEM dá dtagraítear in Airteagal 39(8) agus pointe (iii) de phointe (a) d'Airteagal 39(13), in Airteagal 40(2) agus Airteagal 41(1) agus (2);

(44)

Iarscríbhinn IV.H a ghabhann le CEM maidir le cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 39(11).


28.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

42


RIALACHÁN (AE) 2019/834 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i bhfeidhm an 16 Lúnasa 2012. Ar na ceanglais atá ann, tá conarthaí caighdeánaithe díorthach thar an gcuntar a imréiteach go lárnach; ceanglais corrlach agus ceanglais maidir le maolú rioscaí oibríochtúla do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitítear go lárnach, oibleagáidí tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach, cuidíonn ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha agus ceanglais ar stórtha trádála, leis an riosca sistéamach a laghdú trí thrédhearcacht na margaí díorthach thar an gcuntar a mhéadú agus tríd an riosca creidmheasa do chontrapháirtithe agus an riosca oibríochtúil a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar a laghdú.

(2)

Tá simpliú ar réimsí áirithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus cur chuige níos comhréirí maidir leis na réimsí sin, i gcomhréir le clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin ina leagtar béim ar an ngá atá le costais a laghdú agus le simpliú ionas go gcomhlíonfaidh beartais an Aontais a gcuspóirí ar an gcaoi is éifeachtúla, agus é mar aidhm dó, go háirithe, ualaí riaracháin agus rialála a laghdú. Ba cheart an simpliú sin agus cur chuige níos comhréirí, áfach, a bheith gan dochar do na cuspóirí uileghabhálacha a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn agus rioscaí sistéamacha a mhaolú i gcomhréir leis an ráiteas a rinne ceannairí G20 ag an gCruinniú Mullaigh in Pittsburgh ar an 26 Meán Fómhair 2009.

(3)

Is eilimintí riachtanacha de chórais iarthrádála agus margaí comhthaobhachta éifeachtúla athléimneacha aontais margaí caipitil dhea-fheidhmiúil agus tacaíonn siad le dlús na n-iarrachtaí tacú le hinfheistíochtaí, fás agus poist i gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin.

(4)

In 2015 agus 2016, reáchtáil an Coimisiún dhá chomhairliúchán phoiblí ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Fuair an Coimisiún ionchur freisin maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM (dá ngairtear ÚEUM i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012)) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach ( BERS), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus ón gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC). Bhí sé le tuiscint as na comhairliúcháin sin go dtacaíonn geallsealbhóirí le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus nach gá athrú ó bhonn a dhéanamh ar an Rialachán. An 23 Samhain 2016, ghlac an Coimisiún tuarascáil ghinearálta i gcomhréir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. D'ainneoin nach raibh forálacha uile Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 infheidhme go hiomlán agus nach raibh meastóireacht chuimsitheach ar an Rialachán sin indéanta dá bharr sin, sainaithníodh sa tuarascáil réimsí ina raibh gá le gníomhaíocht spriocdhírithe lena áirithiú go mbainfí amach cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ar dhóigh a bheadh níos comhréirí, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

(5)

Ba cheart do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 na contrapháirtithe airgeadais uile a d'fhéadfadh a bheith ina riosca sistéamach tábhachtach don chóras airgeadais a chumhdach. Dá bhrí sin ba cheart an sainmhíniú ar chontrapháirtí airgeadais a leasú.

(6)

Gnóthas a bhunaíonn pleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe de ghnáth, scéimeanna trínar féidir le daoine, go díreach nó go neamhdhíreach, scaireanna de chuid an ghnóthais sinnó de chuid gnóthas eile laistigh den ghrúpa céanna a shuibscríobh, a cheannach, a fháil nó a shealbhú, ar an gcoinníoll go mbeidh an plean sin chun tairbhe fostaithe nó iarfhostaithe de chuid an ghnóthais sin nó de chuid gnóthais eile laistigh den ghrúpa céanna, nó chun tairbhe comhaltaí nó iarchomhaltaí ar bhord an ghnóthais sin nó ar bhord gnóthais eile laistigh den ghrúpa céanna. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 maidir leis an Athbhreithniú Meántéarma ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil, sainaithnítear bearta a bhaineann le plean ceannaithe scaireanna d'fhostaithe mar bheart féideartha chun aontas na margaí caipitil a neartú go gcothófaí an infheistíocht miondíola. Dá bhrí sin, agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, níor cheart gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) nó ciste malartach infheistíochta (CIM), arna bhunú chun fónamh do phlean nó do phleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe, níor cheart an gnóthas sin a cháiliú mar chontrapháirtí airgeadais.

(7)

Ní dhéanann contrapháirtithe airgeadais áirithe go leor gníomhaíochtaí ar mhargaí díorthach thar an gcuntar chun go mbeidís ina riosca sistéamach tábhachtach don chóras airgeadais agus ní leor na gníomhaíochtaí sin chun go bhféadfaí imréiteach a dhéanamh go hinmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de. Na contrapháirtithe sin, dá ngairtear contrapháirtithe airgeadais beaga de ghnáth, ba cheart iad a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh ach ba cheart iad a choinneáil faoi réir an cheanglais comhthaobhacht a mhalartú chun aon riosca sistéamach a mhaolú. Mar sin féin, sa chás go sáraíonn seasamh an chontrapháirtí airgeadais an tairseach imréitigh, a ríomhtar ar leibhéal an ghrúpa, d'aicme amháin ar a laghad de dhíorthaigh thar an gcuntar, ba cheart an oibleagáid imréitigh a bheith i bhfeidhm do gach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar, i bhfianaise idirnascthacht na gcontrapháirtithe airgeadais agus an riosca sistéamaigh a d'fhéadfadh a bheith ann mura ndéanfaí na conarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach go lárnach. Ba cheart go bhféadfadh an contrapháirtí airgeadais, tráth ar bith, a léiriú nach sáraíonn a shuíomhanna an tairseach imréitigh a thuilleadh maidir le haon aicme díorthach thar an gcuntar, agus sa chás sin níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid imréitigh a thuilleadh.

(8)

Ní bhíonn contrapháirtithe neamhairgeadais chomh hidirnasctha agus a bhíonn contrapháirtithe airgeadais. Is minic nach mbíonn siad mórghníomhach ach in aon aicme amháin de dhíorthaigh thar an gcuntar. Is lú an riosca sistéamach don chóras airgeadais a bhaineann lena ngníomhaíochtaí sin ná mar a bhaineann le gníomhaíocht na gcontrapháirtithe airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme na hoibleagáide imréitigh a chúngú do chontrapháirtithe neamhairgeadais a roghnaíonn a suíomhanna a ríomh le hais na dtairseach imréitigh gach 12 mhí. Níor cheart na contrapháirtithe neamhairgeadais sin a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh ach amháin i dtaca leis na haicmí de dhíorthaigh thar an gcuntar a sháraíonn an tairseach imréitigh. Mar sin féin, ba cheart go bhfanfadh na contrapháirtithe neamhairgeadais faoi réir an cheanglais maidir le malartú comhthaobhachta á choinneáil ag an am céanna nuair a sháraítear aon cheann de na tairseacha imréitigh. Contrapháirtithe neamhairgeadais a roghnaíonn gan a suíomh a ríomh le hais na dtairseach imréitigh, ba cheart iad a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh do gach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar. Ba cheart go bhféadfadh an contrapháirtí neamhairgeadais, tráth ar bith, a léiriú nach sáraíonn a shuíomhanna an tairseach imréitigh a thuilleadh d'aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar, agus sa chás sin níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid imréitigh don aicme sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a thuilleadh.

(9)

Chun go dtabharfar aird ar aon fhorbairt ar na margaí airgeadais, ba cheart don ÚEUM na tairseacha imréitigh a athbhreithniú go tréimhsiúil agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart tuarascáil a bheith ag gabháil leis an athbhreithniú tréimhsiúil sin.

(10)

Leis an gceanglas atá ann conarthaí díorthach áirithe thar an gcuntar a imréiteach sula ngabhann éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, cruthaítear éiginnteacht dhlíthiúil agus castachtaí oibríochtúla agus is beag an leas a éiríonn as. Go sonrach, i ngeall ar an gceanglas sin, bíonn costais bhreise agus ualaí breise ar na contrapháirtithe sna conarthaí siúd, agus bíonn tionchar aige ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh nach dtagann as aon fheabhsú suntasach ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach comhleanúnach Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ná nach mbunaítear leis cothroime iomaíochta do na rannpháirtithe sa mhargadh. Dá bhrí sin ba cheart deireadh a chur leis an gceanglas sin.

(11)

Bíonn deacrachtaí ag contrapháirtithe a bhfuil méid teoranta gníomhaíochta acu i marga díorthach thar an gcuntar rochtain a fháil ar imréiteach lárnach, bíodh sin ina gcáil mar chliant comhalta imréitigh nó trí shocruithe imréitigh indíreacha. Comhaltaí imréitigh agus cliaint comhaltaí imréitigh a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil, go díreach do chontrapháirtithe eile nó go hindíreach trí ligean dá gcliaint féin na seirbhísí sin a chur ar fáil do chontrapháirtithe eile, ba cheart ceanglas a bheith orthu sin na seirbhísí réitigh a chur ar fáil ar théarmaí cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha agus ar théarmaí tráchtála trédhearcacha. Cé nár cheart, leis an gceanglas seo, go ndéanfaí praghsanna a rialú nó go mbeadh oibleagáid ann conradh a dhéanamh, ba cheart cead a bheith ag comhaltaí imréitigh agus ag cliaint na rioscaí, mar shampla rioscaí contrapháirtí, a bhaineann leis na seirbhísí imréitigh a chuirtear ar fáil, a rialú.

(12)

D'fhéadfadh sé nach sonraítear, san fhaisnéis maidir leis na hionstraimí airgeadais a chlúdaítear le húdaruithe na gcontrapháirtithe lárnacha, gach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a bhfuil sé d'oibleagáid ag contrapháirtí lárnach a imréiteach. Chun a áirithiú go mbeidh ÚEUM in ann a chúraimí agus a dhualgais a chur i gcrích i ndáil leis an oibleagáid imréitigh, ba cheart d'údaráis inniúla fógra a thabhairt do ÚEUM, gan mhoill, faoi aon fhaisnéis a fhaigheann siad ó chontrapháirtí lárnach maidir le rún an chontrapháirtí lárnaigh sin tosú ag imréiteach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a chumhdaítear leis an údarú atá aige cheana.

(13)

Ba cheart an deis a bheith ann an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí go sealadach i gcásanna áirithe eisceachtúla. Ba cheart a bheith in ann an cur ar fionraí sin a chur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil na critéir, faoinar cuireadh aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide imréitigh, á gcomhlíonadh a thuilleadh. D'fhéadfadh sé sin tarlú i gcás nach bhfuil aicmí áirithe de dhíorthaigh thar an gcuntar oiriúnach a thuilleadh d'imréiteach lárnach éigeantach nó i gcás inar tháinig athrú ábhartha ar cheann de na critéir sin i dtaca le haicmí áirithe de dhíorthaigh thar an gcuntar. Ba cheart an deis a bheith ann an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí freisin i gcás inar scoir contrapháirtí lárnach de sheirbhís imréitigh a chur ar fáil d'aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó do chineál sonrach contrapháirtí agus nach bhféadann contrapháirtithe lárnacha eile gníomhú sách tapa chun cúram na seirbhísí imréitigh sin a ghlacadh chucu féin. Ba cheart an deis a bheith ann an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí i gcás ina measfar gur gá sin chun bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais a sheachaint. Chun go n-áiritheofar an chobhsaíocht airgeadais agus chun míshocracht sa mhargadh a sheachaint, ba cheart do ÚEUM, agus aird á tabhairt, ag an am céanna, ar chuspóirí G20, a áirithiú, i gcás ina mbeidh sé iomchuí deireadh a chur leis an oibleagáid imréitigh, go gcuirfear deireadh leis sin le linn fhionraí na hoibleagáide imréitigh agus in am trátha chun go bhféadfar na caighdeáin theicniúla rialála ábhartha a leasú.

(14)

An oibleagáid a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), atá ar contrapháirtithe díorthaigh a thrádáil atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh maidir le hionaid trádála, déantar an oibleagáid sin, i gcomhréir le nós imeachta na hoibleagáide trádála a shonraítear sa Rialachán sin, a thionscnamh nuair a dhearbhaítear go bhfuil aicme díorthach faoi réir na hoibleagáide imréitigh. D'fhéadfadh sé nach mbeadh contrapháirtithe in ann an oibleagáid trádála a chomhlíonadh dá gcuirfí an oibleagáid imréitigh ar fionraí. Mar thoradh air sin, i gcás inar iarradh go gcuirfí an oibleagáid imréitigh ar fionraí, agus go meastar go bhfuil athrú ábhartha sna critéir chun go mbeidh éifeacht leis an oibleagáid trádála, ba cheart ÚEUM a bheith in ann a mholadh go gcuirfí an oibleagáid trádála ar fionraí go comhthráthach ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 in ionad Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

(15)

Léiríodh go bhfuil sé deacair conarthaí stairiúla a thuairisciú toisc nach raibh ceanglas ann mionsonraí áirithe a thuairisciú roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, mionsonraí a bhfuil ceanglas ann iad a thuairisciú anois. Mar thoradh air sin bíonn an ráta mainneachtana tuairiscithe ard agus bíonn na sonraí tuairiscithe de cháilíocht íseal, agus bíonn ualach mór i gceist, san am céanna, leis na conarthaí sin a thuairisciú. Dá bhrí sin tá dóchúlacht ard ann nach n-úsáidfear na sonraí stairiúla sin. Agus anuas air sin, sula mbeidh éifeacht leis an sprioc-am le haghaidh conarthaí stairiúla a thuairisciú, rachaidh roinnt de na conarthaí sin in éag agus, dá bharr sin, rachaidh na neamhchosaintí agus na rioscaí comhfhreagracha in éag chomh maith. Ar an gcúis sin, ba cheart deireadh a chur leis an gceanglas tuairiscithe maidir le conarthaí stairiúla a dhíbirt.

(16)

Idirbhearta laistigh de ghrúpa, is céatadán sách beag iad sin de chonarthaí díorthacha thar an gcuntar a bhfuil contrapháirtithe neamhairgeadais bainteach leo agus is le haghaidh fálú inmheánach laistigh de ghrúpaí is mó a úsáidtear iad. Ní chuireann na hidirbhearta sin go mór leis an riosca sistéamach ná leis an idirnascthacht, ach cuireann an oibleagáid na hidirbhearta sin a thuairisciú go mór le costais agus le hualaí riaracháin a bhíonn ar chontrapháirtithe neamhairgeadais. Idirbhirt idir contrapháirtithe laistigh de ghrúpa ina bhfuil ar a laghad ceann amháin de na contrapháirtithe ina chontrapháirtí neamhairgeadais, ba cheart na hidirbhirt sin a bheith díolmhaithe, dá bhrí sin, ón oibleagáid tuairiscithe, gan bheann ar áit bhunaíochta an chontrapháirtí neamhairgeadais.

(17)

Sa bhliain 2017, sheol an Coimisiún seiceáil oiriúnachta maidir le tuairisciú poiblí a dhéanann cuideachtaí. Is é cuspóir na seiceála sin fianaise a bhailiú maidir le comhsheasmhacht, comhleanúnachas, éifeachtacht agus éifeachtúlacht chreat tuairiscithe an Aontais. I bhfianaise an méid sin, ba cheart tuilleadh anailíse a dhéanamh an bhféadfaí dúbailt neamhriachtanach ar an tuairisciú a sheachaint agus an tuairisciú a dhéantar ar chonarthaí nach conarthaí a bhaineann le díorthaigh thar an gcuntar a laghdú nó a shimpliú, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le tuairisciú tráthúil agus ar na bearta arna nglacadh de bhun Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) Uimh. 600/2014. San anailís sin, ba cheart breithniú go háirithe ar na mionsonraí a thuairiscítear, ar a inrochtana do na húdaráis ábhartha atá na sonraí agus ar bhearta chun slabhraí tuairiscithe a shimpliú tuilleadh i gcás conarthaí díorthach nach díorthaigh thar an gcuntar iad, gan aon fhaisnéis a chailleadh go míchuí, go háirithe i ndáil le contrapháirtithe neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh. Ba cheart breithniú ar mheasúnú níos ginearálta ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart, measúnú a tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun feabhas a chur ar fheidhmiú an tuairiscithe ar chonarthaí díorthacha thar an gcuntar agus chun ualach an tuairiscithe sin a laghdú nuair a bheidh go leor taithí agus sonraí ann maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin, go háirithe i dtaca le cáilíocht agus inrochtaineacht sonraí a thuairiscítear do stórtha trádála agus maidir leis an leas a bhaintear as an tuairisciú tarmligthe agus cur chun feidhme an tuairiscithe sin.

(18)

Chun an t-ualach tuairiscithe a bhaineann le conarthaí díorthach thar an gcuntar a laghdú do chontrapháirtithe neamhairgeadais beaga nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ba cheart, de ghnáth, don chontrapháirtí airgeadais agus dó féin amháin a bheith freagrach, agus dliteanach ó thaobh an dlí de, as tuairisciú thar a cheann féin agus thar ceann contrapháirtitithe neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais sin agus as cirte na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú. Chun a áirithiú go mbeidh ag an gcontrapháirtí airgeadais na sonraí a theastaíonn uaidh chun a oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, ba cheart don chontrapháirtí neamhairgeadais na mionsonraí a sholáthar a bhaineann leis na conarthaí díorthach thar an gcuntar nach féidir a bheith ag súil leis le réasún go mbeidís i seilbh an chontrapháirtí airgeadais. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfadh contrapháirtithe neamhairgeadais a chinneadh a gconarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú. Sna cásanna sin, ba cheart don chontrapháirtí neamhairgeadais an contrapháirtí airgeadais a chur ar an eolas dá réir sin agus ba cheart dó a bheith freagrach agus faoi dhliteanas dlíthiúil as na sonraí sin a thuairisciú agus as cirte na sonraí sin a áirithiú.

(19)

Ba cheart a chinneadh freisin cé air a bhfuil an fhreagracht conarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú i gcás inar GCUIanna nó CIManna ceann amháin nó an dá cheann de na contrapháirtithe. Ba cheart a shonrú dá bhrí sin gurb é an comhlacht bainistíochta de chuid GCUI atá freagrach, agus dliteanach ó thaobh an dlí de, as tuairisciú thar ceann an GCUI sin maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanfaidh an GCUI sin agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú. Mar an gcéanna, ba cheart bainisteoir CIM a bheith freagrach, agus dliteanach ó thaobh an dlí de, as tuairisciú thar ceann an CIM sin maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanfaidh an CIM sin agus as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú.

(20)

D'fhonn neamhréireachtaí a sheachaint ar fud an Aontais i gcur i bhfeidhm na dteicnící maolaithe riosca, ar ann dóibh mar gheall ar chastacht na nósanna imeachta bainistíochta riosca ag a dteastaíonn malartú lánscartha tráthúil beacht iomchuí na gcomhthaobhachta contrapháirtithe lena mbaineann úsáid samhlacha inmheánacha, ba cheart do na húdaráis inniúla na nósanna imeachta bainistithe riosca, nó aon athrú suntasach ar na nósanna imeachta sin, a bhailíochtú sula gcuirfear i bhfeidhm iad.

(21)

De dheasca gur gá cóineasú rialála idirnáisiúnta a dhéanamh agus gur gá do chontrapháirtithe beaga airgeadais agus do chontrapháirtithe neamhairgeadais rioscaí a bhaineann le neamhchosaintí ar riosca airgeadra a laghdú, is gá nósanna imeachta bainistithe riosca ar leith a leagan amach maidir le réamhchonarthaí i malairt eachtrach a shocraítear go fisiceach agus maidir le babhtálacha airgeadraí eachtracha a shocraítear go fisiceach. I bhfianaise a bpróifíle riosca sonraí, is iomchuí malartú éigeantach na gcorrlach athrúcháin ar réamhchonarthaí i malairt eachtrach a shocraítear go fisiceach agus ar bhabhtálacha airgeadraí eachtracha a shocraítear go fisiceach a theorannú d'idirbhearta idir na contrapháirtithe is sistéamaí chun teorainn a chur le carnadh na rioscaí sistéamacha agus chun éagsúlacht rialála idirnáisiúnta a sheachaint. Ba cheart cóineasú rialála idirnáisiúnta a áirithiú freisin maidir le nósanna imeachta bainistithe riosca in aicmí eile díorthach.

(22)

Áirítear seirbhísí amhail comhbhrú punainne sna seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála. Déantar an comhbhrú punainne a eisiamh ó raon feidhme na hoibleagáide trádála a bhunaítear i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. D'fhonn Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 i gcás inar gá agus inarb iomchuí, agus aird á tabhairt ar na difríochtaí idir an dá Rialachán sin, ar an acmhainneacht maidir le dul timpeall ar an oibleagáid imréitigh agus a mhéid a dhéantar, le seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, rioscaí a laghdú nó a mhaolú, ba cheart don Choimisiún a mheas, i gcomhar le ÚEUM agus le BERS cén trádálacha a eascraíonn ó sheirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, más ann dóibh, ba cheart a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh nó ar cheart trádáil ar bith a dhíolmhú uaithi.

(23)

Chun trédhearcacht agus intuarthacht na gcorrlach tosaigh a mhéadú agus chun srian a chur le contrapháirtithe lárnacha i leith a samhlacha corrlaigh tosaigh a mhodhnú ar dhóigheanna a d'fhéadfadh a thabhairt le fios go bhfuil siad comh-thimthriallach, ba cheart do chontrapháirtithe lárnacha uirlisí a sholáthar dá gcomhaltaí imréitigh lena riachtanais corrlaigh tosaigh a ionsamhlú agus ba cheart dóibh forléargas ar na samhlacha corrlaigh tosaigh a úsáideann siad a chur leis an ionsamhlú sin. Tá sé sin comhsheasmhach leis na caighdeáin idirnáisiúnta arna bhfoilsiú ag an gCoiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta agus ag Bord na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrúis (IOSCO), agus leis an gcreat nochta arna fhoilsiú i Nollaig 2012 agus na caighdeáin nochta chainníochtúla phoiblí do chontrapháirtithe lárnacha arna bhfoilsiú in 2015, atá ábhartha maidir le tuiscint chruinn a chothú ar na rioscaí agus ar na costais a ghabhann le haon rannpháirtíocht i gcontrapháirtí lárnach a dhéanann comhaltaí imréitigh agus maidir le trédhearcacht contrapháirtithe lárnacha do rannpháirtithe a fheabhsú.

(24)

Níor cheart, le dlíthe dócmhainneachta náisiúnta na mBallstát, cosc a chur ar chontrapháirtithe lárnacha a bheith in ann, agus cinnteacht dhlíthiúil leordhóthanach ann, suíomhanna na gcliant a thraschur nó luach leachtaithe a íoc go díreach le cliaint i gcás dócmhainneachta comhalta imréitigh maidir le sócmhainní i gcuntais chomhthiomsaithe agus i gcuntais leithscartha cliaint aonair. D'fhonn imréiteach a dhreasú agus chun feabhas a chur ar an rochtain air, níor cheart, le dlíthe náisiúnta dócmhainneachta na mBallstát, cosc a chur ar chontrapháirtithe lárnacha na nósanna imeachta mainneachtana a leanúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 648/2012 maidir leis na sócmhainní agus na suíomhanna arna sealbhú in ollchuntais agus i gcuntais leithscartha cliaint aonair arna sealbhú ag an gcomhalta imréitigh agus ag an gcontrapháirtí lárnach. I gcás ina mbunaítear socruithe imréitigh indíreacha, ba cheart do chliaint indíreacha leanúint, mar sin féin, de thairbhe a bhaint as cosaint atá coibhéiseach leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear faoi na rialacha maidir le leithscaradh agus iniomparthacht agus faoi na nósanna imeachta mainneachtana a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(25)

Ba cheart na fíneálacha a fhéadann ÚEUM a ghearradh ar stórtha trádála atá faoi mhaoirseacht dhíreach aige a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach go leor chun éifeachtacht chumhachtaí maoirseachta ÚEUM a áirithiú agus chun trédhearcacht suíomhanna agus neamhchosaintí díorthach a mhéadú. Is léir nach bhfuil méideanna na bhfíneálacha dá bhforáladh ar dtús i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 athchomhairleach go leordhóthanach i bhfianaise láimhdeachas na stórtha trádála, rud a d'fhéadfadh éifeachtacht chumhachtaí maoirseachta ÚEUM a theorannú faoin Rialachán i leith stórtha trádála. Ba cheart uasteorainn mhéideanna bunúsacha na bhfíneálacha a mhéadú dá bharr sin.

(26)

Ba cheart rochtain a bheith ag údaráis tríú tír ar shonraí arna dtuairisciú do stórtha trádála san Aontas i gcás ina gcomhlíonfar coinníollacha áirithe lena ndéantar próiseáil na sonraí sin a ráthú agus ina ndéanann an tríú tír foráil maidir le hoibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá infhorghníomhaithe agus lena dtugtar rochtain dhíreach d'údaráis an Aontais ar shonraí arna dtuairisciú do stórtha trádála sa tríú tír sin.

(27)

Ceadaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nós imeachta clárúcháin simplithe do stórtha trádála arna gclárú cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus ar mian leis síneadh ama a chur leis an gclárúchán sin sa chaoi go bhféadfaidh siad a gcuid seirbhísí i dtaca le hidirbhearta maoinithe urrús a chur ar fáil. Ba cheart nós imeachta clárúcháin simplithe den chineál sin a chur ar bun do stórtha trádála arna gclárú cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 agus ar mian leo síneadh ama a chur leis an gclárúchán sin sa chaoi go bhféadfaidh siad a gcuid seirbhísí i dtaca le conarthaí díorthach a sholáthar.

(28)

De bharr cáilíocht agus trédhearcacht neamh-leordhóthanach na sonraí arna gcur ar fáil ag na stórtha trádála is deacair d'eintitis ar deonaíodh rochtain dóibh ar na sonraí sin iad a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar mhargaí díorthach agus cuireann sin cosc ar rialtóirí agus ar mhaoirseoirí rioscaí cobhsaíochta airgeadais a aithint in am trátha. Chun feabhas a chur ar cháilíocht agus trédhearcacht sonraí agus chun ceanglais tuairiscithe Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a ailíniú le ceanglais Rialachán (AE) 2015/2365 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, is gá na rialacha agus na ceanglais tuairiscithe, go háirithe, caighdeáin sonraí, formáidí, modhanna, agus socruithe maidir le tuairisciú a chomhchuibhiú a thuilleadh, mar aon le nósanna imeachta a chomhchuibhiú a thuilleadh a bheidh le cur i bhfeidhm ag stórtha trádála chun sonraí tuairiscithe a bhailíochtú maidir lena n-iomláine agus a gcirte, agus na nósanna imeachta maidir le sonraí a réiteach le stórtha trádála eile. Thairis sin, ba cheart do stórtha trádála, arna iarraidh sin orthu, a dheonú do chontrapháirtithe nach gá dóibh aon tuairisciú a dhéanamh, an rochtain ar na sonraí a thuairiscítear thar a gceann ar théarmaí tráchtála réasúnta.

(29)

I dtéarmaí na seirbhísí arna gcur ar fáil ag stórtha trádála, bunaítear timpeallacht iomaíoch faoi Rialachán Uimh. 648/2012. Ba cheart an deis a bheith ag contrapháirtithe an stór trádála ar mhaith leo tuairisciú chuige a roghnú agus malartú ó stór trádála go céile dá mba rogha leo. Chun malartú den sórt sin a éascú agus chun a áirithiú go mbeadh sonraí ar fáil go leanúnach ba cheart do stórtha trádála beartais iomchuí a bhunú chun malartú ordúil sonraí arna dtuairisciú chuig stórtha trádála eile a áirithiú i gcás ina n-iarrfadh contrapháirtí é sin faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe.

(30)

Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nach bhfuil feidhm le bheith ag an oibleagáid imréitigh ar shocruithe do scéimeanna pinsean go dtí go gceapfadh contrapháirtithe lárnacha réiteach teicniúil oiriúnach do mhalartú comhthaobhachta neamhairgid mar chorrlaigh athrúcháin. De bhrí nár cruthaíodh aon réiteach inmharthana fós chun rannpháirtíocht socruithe do scéimeanna pinsean in imréiteach lárnach a éascú, ba cheart síneadh ama a chur leis an idirthréimhse sa chaoi go mbeadh feidhm aige go ceann dhá bhliain eile ar a laghad. Ba cheart go leanfadh an t-imréiteach lárnach de bheith ina aidhm ar deireadh thiar de bhrí go gcuirtear, leis na forbairtí rialála agus margaidh atá ann cheana, ar chumas rannpháirtithe margaidh réitigh teicniúla oiriúnacha a chruthú laistigh den tréimse sin. Le cabhair ÚEUM, an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde) (“ÚEÁPC”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus socruithe do scéimeanna pinsean maidir le réitigh inmharthana lena n-éascófaí rannpháirtíocht socruithe do scéimeanna pinsean san imréiteach lárnach agus tuarascáil ar an dul chun cinn a ullmhú. Ba cheart don tuarascáil na réitigh agus na costais do shocruithe do scéimeanna pinsean a ghabhfadh leo a chumhdach, agus ar an gcaoi sin forbairtí rialála agus margaidh a chur san áireamh amhail athruithe ar an gcineál contrapháirtí airgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh. D'fhonn foráil a dhéanamh maidir le forbairtí nach féidir a thuar tráth a nglacfar an Rialachán seo, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún síneadh ama a chur, faoi dhó, leis an idirthréimhse sin go ceann tréimhse bliana, tar éis an gá a d'fhéadfadh a bheith le cinneadh den chineál sin a mheasúnú.

(31)

Chuaigh an idirthréimhse a raibh socruithe do scéimeanna pinseandíolmhaithe ón oibleagáid imréitigh in éag ar an 16 Lúnasa 2018. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus chun an neamhleanúnachas a sheachaint, is gá síneadh ar an idirthréimhse i gcás conarthaí díorthach thar an gcuntar a chur i bhfeidhm go haisghníomhach, ar conarthaí iad a rinneadh le socruithe do scéimeanna pinsean ón 17 Lúnasa 2018 go dtí an 16 Meitheamh 2019.

(32)

Chun an creat rialála a shimpliú, ba cheart aird ar leith a thabhairt don mhéid ar féidir gur gá agus gurb iomchuí an oibleagáid trádála faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 a ailíniú leis na hathruithe a rinneadh faoin Rialachán seo ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh. Ba cheart measúnú ginearálta a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag an Rialachán seo ar leibhéal an imréitigh a dhéanann cineálacha éagsúla contrapháirtithe agus ar dháileachán an imréitigh laistigh de gach cineál contrapháirtí, agus ar an inrochtaineacht ar sheirbhísí imréitigh, lena n-áirítear éifeachtúlacht na n-athruithe a rinneadh faoin Rialachán seo a mhéid a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil ar théarmaí tráchtála cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha d'fhonn an inrochtaineacht ar imréiteach a éascú, agus ba cheart an measúnú ginearálta sin a dhéanamh tráth a mbeidh taithí leordhóthanach ann agus sonraí leordhóthanacha ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(33)

Chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú maidir le cathain a mheasfar téarmaí tráchtála a bhaineann le soláthar seirbhísí imréitigh a bheith cothrom, réasúnta, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus chun, faoi choinníollacha áirithe, am breise a cheadú do rannpháirtithe sa mhargadh chun go mbeidh siad in ann réitigh imréitigh a cheapadh do shocruithe do scéimeanna pinsean faoi choinníollacha áirithe, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na coinníollacha a shonrú faoina measfar téarmaí tráchtála maidir le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil a bheith cothrom réasúnta neamh-idirdhealaitheach trédhearcach, agus i ndáil le síneadh a chur leis an idirthréimhse ar lena linn nár cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid imréitigh maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a rinneadh le socruithe do scéimeanna pinsean. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(34)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe i ndáil leis an oibleagáid imréitigh agus an oibleagáid trádála a chur ar fionraí agus maidir le rochtain dhíreach ag na húdaráis ábhartha i dtríú tíortha ar fhaisnéis atá i stórtha trádála atá bunaithe san Aontas, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme a ghlacadh láithreach chun an oibleagáid imréitigh agus an oibleagáid trádála atá ar aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar a chur ar fionraí, ós rud é gur gá cinneadh pras a dhéanamh chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, agus mórchúiseanna práinne ann a bhfuil údar cuí leo dá bhrí sin, maidir le toradh an nós imeachta fionraí.

(35)

Chun comhchuibhiú comhsheasmhach na rialacha maidir le teicnící maolaithe riosca, clárú stórtha trádála agus ceanglais tuairiscithe a áirithiú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin rialála theicniúla arna gceapadh ag ÚBE nó ag ÚEUM a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas: nósanna imeachta maoirseachta chun bailíochtú tosaigh agus leanúnach na nósanna imeachta bainistíochta riosca óna dteastaíonn malartú comhthaobhachta atá leithscartha go hiomchuí tráthúil cruinn; mionsonraí iarratais shimplithe ar shíneadh le clárú stóir trádála atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) 2015/2365; na nósanna imeachta chun sonraí a réiteach idir stórtha trádála, na nósanna imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm ag an stór trádála lena fhíorú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh ag an gcontrapháirtí nó ag an eintiteas a dhéanfaidh an tuairisciú agus chun a fhíorú go bhfuil na sonraí a thuairisceofar iomlán agus ceart; na téarmaí agus na coinníollacha, na socruithe agus an doiciméadacht riachtanach faoina ndeonófar rochtain ar stórtha trádála d'eintitis áirithe. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh 1095/2010.

(36)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh arna gceapadh ag ÚEUM i dtaca le caighdeán na sonraí le tuairisciú i ndáil le haicmí díorthach éagsúla agus i dtaca leis na bealaí agus na socruithe tuairiscithe agus formáid an iarratais ar shíneadh a chur le clárú stóir trádála atá cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) 2015/2365. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(37)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go mbíonn na rialacha comhréireach, nach mbíonn ualaí riaracháin neamhriachtanacha nó costais chomhlíontachta ann dá mbarr, nach gcuirtear an chobhsaíocht airgeadais i mbaol agus go méadaítear trédhearcacht suíomhanna agus neamhchosaintí díorthach thar an gcuntar, na cuspóirí sin a chur i gcrích go leordhóthanach, ach de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, agus gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(38)

Ba cheart cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Rialachán sin a chur siar chun na bearta cur chun feidhme riachtanacha a chur ar bun agus chun an deis a thabhairt do na rannpháirtithe uile sa mhargadh gach beart is gá a dhéanamh chun críocha comhlíontachta.

(39)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):

“(8)   ciallaíonn ‘contrapháirtí airgeadais’:

(a)

gnólacht infheistíochta a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(b)

institiúid creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(c)

gnóthas árachais nó gnóthas athárachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/39/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3);

(d)

GCUI agus, i gcás inarb ábhartha, a chuideachta bainistíochta, atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, ach amháin má cuireadh an GCUI sin ar bun go heisiach chun fónamh do phlean nó do phleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe;

(e)

institiúid um chóir ar scor ceirde (IORP) mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

(f)

ciste infheistíochta malartach (CIM) mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE, a bhunaítear san Aontas nó a bhainistíonn bainisteoir ciste infheistíochta malartach (AIFM) a údaraítear nó a chláraítear i gcomhréir leis an Treoir sin, ach amháin má cuireadh an ciste infheistíochta malartach sin ar bun go heisiach chun fónamh do phlean nó do phleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe, nó más eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin, dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 2(3) de Threoir 2011/61/AE, é an ciste infheistíochta malartach sin, agus, i gcás inarb iomchuí, a mbunaítear a AIFM san Aontas;

(g)

taisclann lárnach urrús a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimhir 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

(*1)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349)."

(*2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338)."

(*3)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus leis an ngnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)."

(*4)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37)."

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).”"

(2)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a)(i) go dtí (a)(iv):

“(i)

idir dhá chontrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1);

(ii)

idir contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) agus contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);

(iii)

idir dhá chontrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);

(iv)

idir, ar thaobh amháin, contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) nó contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus, ar an taobh eile, eintiteas a bhunaítear i dtríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbunófaí an t-eintiteas sin san Aontas;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

déantar iad a dhéanamh nó a nuachan an dáta óna dtiocfaidh an oibleagáid imréitigh i bhfeidhm, nó tar éis an dáta sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an dá chontrapháirtí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) ar an dáta a ndéantar iad a dhéanamh nó a athnuachan;”

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   Cé nach mbeidh oibleagáid orthu conradh a dhéanamh, déanfaidh comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, na seirbhísí sin a chur ar fáil ar théarmaí tráchtála cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha. Déanfaidh na comhaltaí imréitigh sin agus na cliaint sin gach beart is gá chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a fhaire, go háirithe idir an t-aonad trádála agus an t-aonad imréitigh, ar coinbhleachtaí iad a dhéanfadh dochar do chur ar fáil seirbhísí imréitigh ar théarmaí cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha. Déanfar na bearta sin freisin i gcás ina gcuirfidh eintitis dhlítheanacha éagsúla ón ngrúpa céanna seirbhísí trádála agus imréitigh ar fáil.

Ceadófar do chomhaltaí imréitigh agus cliaint rialú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun cur leis an Rialachán seo trí na coinníollacha a shonrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoina meastar go bhfuil na téarmaí tráchtála cothrom, réasúnta, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais chothroime agus trédhearcachta i ndáil le táillí, praghsanna, beartais lascaine agus téarmaí agus coinníollacha conarthacha ginearálta eile maidir leis an bpraghasliosta, gan dochar do rúndacht na socruithe conarthacha a dhéantar leis na contrapháirtithe aonair;

(b)

fachtóirí a chuimsítear le téarmaí tráchtála réasúnta chun socruithe conarthacha atá neamhchlaonta réasúnta a áirithiú;

(c)

ceanglais chun seirbhísí imréitigh a éascú ar bhonn cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, ag féachaint do na costais agus na rioscaí gaolmhara, ionas go mbeidh aon difríochtaí sna táillí a ghearrtar i gcomhréir le rioscaí, costais agus sochair, agus

(d)

na critéir le haghaidh rialaithe riosca don chomhalta imréitigh nó don chliant a bhaineann leis na seirbhísí imréitigh a chuirtear ar fáil.”;

(3)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 4a

Contrapháirtithe atá faoi réir na n-oibleagáidí imréitigh

1.   Gach 12 mhí, féadfaidh contrapháirtí airgeadais a ghlacann suíomhanna i gconarthaí díorthach thar an gcuntar a mheánsuíomh cinn míosa rollach do na 12 mhí roimhe sin a ríomh i gcomhréir le mír 3.

Nuair nach ndéanfaidh contrapháirtí airgeadais a shuíomhanna a ríomh nó nuair a sháróidh toradh an ríomha sin ceann ar bith de na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear i bpointe (b) d'Airteagal 10(4), déanfaidh an contrapháirtí airgeadais an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé fógra láithreach maidir leis sin chuig ÚEUM agus chuig an údarás inniúil, agus, i gcás inarb ábhartha, sonróidh sé an tréimhse arna húsáid don ríomh;

(b)

bunóidh sé socruithe imréitigh laistigh de cheithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a thabhairt; agus

(c)

beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do na conarthaí díorthach thar an gcuntar ar fad a bhaineann le haon aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a dhéantar nó a nuaitear tráth is déanaí ná ceithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a thabhairt.

2.   Contrapháirtí neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 an 17 Meitheamh 2019 nó a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh sin i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, leanfaidh sé de bheith faoi réir na hoibleagáide sin agus lena himréiteach go dtí go léireoidh an contrapháirtí airgeadais sin don údarás inniúil ábhartha nach sáraíonn a mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin an tairseach imréitigh a shonraítear de bhun phointe (b) d'Airteagal 10(4).

Beidh sé ar chumas an chontrapháirtí airgeadais a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach ndéanfar fomheastachán córasach ar an suíomh sin mar gheall ar an ríomh ar mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin.

3.   Nuair a bheidh na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 á ríomh aige, cuirfidh an contrapháirtí airgeadais san áireamh na conarthaí díorthach thar an gcuntar uile a rinne an contrapháirtí airgeadais nó aon eintiteas eile laistigh den ghrúpa a mbaineann an contrapháirtí airgeadais leis.

D'ainneoin na chéad fhomhíre, i gcás GCUI agus CIManna, déanfar na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar leibhéal an chiste.

Cuideachta bainistíochta GCUI a bhfuil níos mó ná GCUI amháin á bhainistiú aici, agus na AIFManna a bhfuil níos mó ná CIM amháin á bhainistiú acu, beidh sé ar a gcumas a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach dtarlóidh an méid seo a leanas mar thoradh ar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an chiste:

(a)

ní dhéanfar fomheastachán córasach ar shuíomhanna chistí ar bith atá á mbainistiú acu nó ná ndéanfar amhlaidh i gcás suíomhanna an bhainisteora; agus

(b)

ní thiocfar timpeall ar an oibleagáid imréitigh.

Bunóidh údaráis inniúla ábhartha an chontrapháirtí airgeadais agus na n-eintiteas eile laistigh den ghrúpa nósanna imeachta comhair d'fhonn a áirithiú go ndéanfar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an ghrúpa go héifeachtach.”;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina n-údaróidh údarás inniúil do chontrapháirtí lárnach aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach faoi Airteagal 14 nó faoi Airteagal 15, nó i gcás ina gcumhdófar aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar, a bhfuil sé beartaithe ag an gcontrapháirtí lárnach a imréiteach, faoi údarú a deonaíodh cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 14 nó faoi Airteagal 15, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM láithreach faoin údarú sin nó faoin aicme dhíorthaigh thar an gcuntar a bhfuil sé beartaithe ag an gcontrapháirtí lárnach a imréiteach.”;

(b)

i mír 2, scriostar pointe (c);

(5)

leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:

(a)

i mír 2, scriostar pointe (e);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás nach mbeidh contrapháirtí lárnach údaraithe nó aitheanta a thuilleadh i gcomhréir leis an Rialachán seo chun aicme sonrach de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach, déanfaidh ÚEUM an contrapháirtí lárnach sin a bhaint den chlár poiblí láithreach i ndáil leis an aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar.”

(6)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 6a

An oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí

1.   Is ceadmhach do ÚEUM iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) maidir le haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar nó cineál sonrach contrapháirtí a chur ar fionraí i gcás ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl na haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar oiriúnach a thuilleadh don imréiteach lárnach i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(4) agus in Airteagal 5(5);

(b)

is dócha go scoirfidh contrapháirtí lárnach de na haicmí sonracha sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach agus nach bhfuil aon chontrapháirtí lárnach eile in ann na haicmí sonracha sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach gan bhriseadh;

(c)

is gá an oibleagáid imréitigh do na haicmí sonracha sin de díorthaigh thar an gcuntar nó do chineál contrapháirtí sonrach a chur ar fionraí chun bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó chun feidhmiú ordúil mhargaí airgeadais an Aontais a sheachaint nó aghaidh a thabhairt uirthi agus tá an cur ar fionraí i gcomhréir leis na haidhmeanna sin.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír agus roimh an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22.

Gabhfaidh leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír fianaise gur comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach inti.

I gcás ina measfaidh ÚEUM gur athrú ábhartha sna critéir don oibleagáid trádála a bhfuil éifeacht leo dá dtagraítear in Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 é an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, féadfar a áireamh san iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo iarraidh an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(2) den Rialachán sin a chur ar fionraí freisin maidir leis na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hiarrata an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí.

2.   Faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh agus na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 a éileamh go gcuirfeadh ÚEUM iarraidh an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh ag gabháil leis an iarraidh sin ón údarás inniúil, na cúiseanna atá léi agus fianaise a léireoidh gur comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo.

Laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis na hiarrata dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil ón údarás inniúil, ar bhonnna gcúiseanna agus na fianaise a chuirfidh an t-údarás inniúil ar fáil, iarrfaidh ÚEUM ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fionraí nó déanfaidh sé an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhiúltú. Cuirfidh ÚEUM an cinneadh sin in iúl don údarás inniúil lena mbaineann. I gcás ina ndiúltóidh ÚEUM an iarraidh a dhéanfaidh an t-údarás inniúil, cuirfidh sé cúiseanna ar fáil i scríbhinn.

3.   Ní dhéanfar na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a phoibliú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 1 a fháil, ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise arna gcur ar fáil ag ÚEUM, an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, d'aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó don chineál sonrach contrapháirtí dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, é sin nó an cur ar fionraí arna iarraidh a dhiúltú. I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún an fionraí a iarradh, cuirfidh sé cúiseanna leis sin i scríbhinn chuig ÚEUM. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall air sin láithreach agus cuirfidh sé na cúiseanna arna soláthar do ÚEUM ar aghaidh chucu. Ní dhéanfar an fhaisnéis sin a phoibliú.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).

5.   I gcás ina n-iarrfaidh ÚEUM é i gcomhréir leis an gceathrú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar, leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirtear an oibleagáid imréitigh ar fionraí d'aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar, an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 do na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar a chur ar fionraí freisin, atá faoi réir chur ar fionraí sin na hoibleagáide imréitigh.

6.   Fionraí na hoibleagáide imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, an oibleagáid trádála, déanfar iad a chur in iúl do ÚEUM, agus déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus sa chlár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.

7.   Beidh cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear i mír 4 bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach mó ná trí mhí ó dháta chur i bhfeidhm an chur ar fionraí sin.

Beidh cur ar fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 5 bailí ar feadh na tréimhse tosaigh céanna.

8.   I gcás ina mbeidh feidhm i gcónaí leis na forais atá ann an fionraí a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh ama a chur leis an gcur ar fionraí dá dtagraítear i mír 4 ar feadh tréimhsí breise nach mó ná trí mhí, agus nach mó ná 12 mhí tréimhse iomlán an chur ar fionraí. Déanfar síneadh ama leis an gcur ar fionraí a fhoilsiú i gcomhréir le mír 6.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).

Déanfaidh ÚEUM, in am trátha roimh dheireadh na tréimhse cur ar fionraí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo nó roimh dheireadh na tréimhse sínidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm i gcónaí leis na forais a bhí ann leis an bhfionraí a chur i bhfeidhm. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfidh ÚEUM cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú.

Leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh, féadfar freisin síneadh a chur le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 7.

Beidh an síneadh a chuirfear le cur ar fionraí na hoibleagáide trádála bailí don tréimhse chéanna a gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh.”;

(7)

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí aon chonradh díorthach a chuir siad i gcrích agus aon mhodhnú nó foirceannadh i leith an chonartha sin a thuairisciú i gcomhréir le míreanna 1a go 1f den Airteagal seo do stór trádála a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 55 nó a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 77. Déanfar na mionsonraí a thuairisciú tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre tar éis an conradh a chur i gcrích, a mhodhnú nó a fhoirceannadh.

Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach:

(a)

a rinneadh roimh an 12 Feabhra 2014 agus atá fós le híoc an dáta sin;

(b)

a rinneadh an 12 Feabhra 2014 nó tar a éis sin.

D'ainneoin Airteagal 3, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach laistigh den ghrúpa céanna i gcás inar contrapháirtí neamhairgeadais ceann amháin, ar a laghad, de na contrapháirtithe nó i gcás ina mbeadh sé incháilithe mar chontrapháirtí neamhairgeadais dá mbeadh sé bunaithe san Aontas, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:

(a)

áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán;

(b)

tá an dá contrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú; agus

(c)

ní contrapháirtí airgeadais é an máthairghnóthas.”;

Tabharfaidh na contrapháirtithe fógra dá n-údaráis inniúla go bhfuil sé beartaithe acu an díolúine dá dtagraítear sa tríú fomhír a chun i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí ach i gcás nach dtiocfaidh na húdaráis inniúla a gcuirtear fógra chucu, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ar chomhaontú maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear sa tríú fomhír.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.   Contrapháirtithe airgeadais, agus iad amháin, a bheidh freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích le contrapháirtí neamhairgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) a thuairisciú thar ceann an dá chontrapháirtí agus, ina theannta sin, as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú.

Chun a áirithiú go mbeidh na sonraí go léir ag an gcontrapháirtí airgeadais a a bhfuil gá aige leo chun an oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais na mionsonraí a sholáthar don chontrapháirtí airgeadais, ar mionsonraí iad a bhaineann leis na conarthaí díorthach thar an gcuntar a tugadh chun críche eatarthu agus nach féidir a bheith ag súil leis le réasún go mbeidís i seilbh an chontrapháirtí airgeadais. Is ar an gcontrapháirtí neamhairgeadais a bheidh an fhreagracht a áirithiú go mbeidh na mionsonraí sin cruinn.

In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais sin atá tar éis infheistiú cheana féin i gcóras tuairiscithe a chinneadh mionsonraí a gconarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú do chontrapháirtithe airgeadais nó do stór trádála. Sa chás sin, cuirfidh na contrapháirtithe neamhairgeadais an cinneadh sin in iúl do na contrapháirtithe airgeadais lenar thug siad conarthaí díorthach thar an gcuntar chun críche sula ndéanfaidh siad na mionsonraí sin a thuairisciú. Sa chás sin, is iad na contrapháirtithe neamhairgeadais a bheidh freagrach, agus faoi dhliteanas dlíthiúil maidir leis na mionsonraí sin a thuairisciú agus maidir lena gcruinneas a áirithiú.

Contrapháirtí neamhairgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus a thugann conradh díorthach thar an gcuntar chun críche le heintiteas arna bhunú i dtríú tír, ní cheanglófar air tuairisciú de bhun an Airteagail seo agus ní bheidh sé dliteanach go dlíthiúil mionsonraí maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar den sórt sin a thuairisciú ná cruinneas na mionsonraí sin a áirithiú, ar choinníoll:

(a)

go mbeadh an t-eintiteas tríú tíre sin cáilithe mar chontrapháirtí airgeadais dá mbunófaí san Aontas é;

(b)

gur dearbhaíodh go bhfuil an córas dlí maidir le tuairisciú a bhfuil an t-eintiteas tríú tíre sin faoina réir coibhéiseach de bhun Airteagal 13; agus

(c)

gur thuairiscigh an contrapháirtí sin de chuid tríú tír an fhaisnéis sin de bhun chóras dlí an tríú tír sin lena tuairisciú do stór trádála atá faoi réir oibleagáid infheidhmithe atá ceangailteach ó thaobh dlí rochtain dhíreach láithreach ar na sonraí a dheonú do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3).

1b.   Beidh comhlacht bainistíochta GCUI freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as tuairisciú mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar inar contrapháirtí é an GCUI sin, agus as cirte na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú freisin.

1c.   Beidh AIFM freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as tuairisciú mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar inar contrapháirtí é an AIF ábhartha agus as cirte na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú freisin.

1d.   An t-eintiteas údaraithe atá freagrach as IORP a bhainistiú agus as gníomhú ar a shon, agus nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh sé freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as tuairisciú mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar inar contrapháirtí é an IORP sin agus as cirte na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú freisin.

1e.   Áiritheoidh contrapháirtithe agus contrapháirtithe lárnacha a bhfuil ceangal orthu mionsonraí maidir le conarthaí díorthach a thuairisciú go ndéantar mionsonraí den sórt sin a thuairisciú go cruinn agus gan aon dúbailt.

1f.   Féadfaidh contrapháirtithe agus contrapháirtithe lárnacha atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1 an oibleagáid tuairiscithe sin a tharmligean.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 3, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh ina sonrófar:

(a)

caighdeáin agus formáidí sonraí na faisnéise a bheidh le tuairisciú, ina mbeidh ceann amháin den mhéid seo a leanas ar a laghad:

(i)

aitheantóirí domhanda eintitis dhlítheanaigh (LEInna);

(ii)

uimhreacha aitheantais idirnáisiúnta urrús ( ISINanna);

(iii)

aitheantóirí uathúla trádála (UTInna);

(b)

na modhanna agus na socruithe maidir le tuairisciú;

(c)

minicíocht na dtuarascálacha;

(d)

an dáta faoina ndéanfar conarthaí díorthach a thuairisciú.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á gceapadh aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a aontófar ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda, agus a gcomhsheasmhacht leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2015/2365 (*6) agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(*6)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).”;"

(8)

leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   Gach 12 mhí, féadfaidh contrapháirtí neamhairgeadais a ghlacann suíomhanna i gconarthaí díorthach thar an gcuntar a mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin a ríomh i gcomhréir le mír 3.

I gcás nach ndéanfaidh contrapháirtí neamhairgeadais a shuíomhanna a ríomh nó nuair a sháróidh toradh an ríomha sin i leith cheann amháin nó níos mó d'aicmí díorthach thar an gcuntar na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear de bhun phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais sin an méid seo a leanas:

(a)

tabharfaidh sé fógra láithreach maidir leis sin do ÚEUM agus don údarás inniúil ábhartha, agus, i gcás inarb ábhartha, sonróidh sé an tréimhse arna húsáid don ríomh;

(b)

bunóidh sé socruithe imréitigh laistigh de cheithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a thabhairt;

(c)

beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do na conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéantar nó a nuaitear tráth is déanaí ná ceithre mhí tar éis an fógra a thabhairt dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a bhaineann leis na haicmí sócmhainne sin ar ina leith a sháróidh toradh an ríomha na tairseacha réitigh nó, i gcás nach bhfuil a shuíomh ríofa ag an gcontrapháirtí neamhairgeadais, a bhaineann le haon aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh.

2.   Contrapháirtí neamhairgeadais atá tagtha faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 an 17 Meitheamh 2019 nó a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh sin i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, leanfaidh sé de bheith faoi réir na hoibleagáide sin agus lena himréiteach go dtí go léireoidh an contrapháirtí neamhairgeadais sin don údarás inniúil ábhartha nach sáraíonn a mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin an tairseach imréitigh a shonraítear de bhun phointe (b) de mhír 4 den Airteagal seo.

Beidh sé ar chumas an chontrapháirtí neamhairgeadais a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach ndéanfar fomheastachán córasach ar an suíomh mar gheall ar an ríomh ar mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2a.   Bunóidh údaráis inniúla ábhartha an chontrapháirtí neamhairgeadais agus na n-eintiteas eile laistigh den ghrúpa nósanna imeachta comhair d'fhonn a áirithiú go ndéanfar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an ghrúpa go héifeachtach.”;

(c)

i mir 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír:

“Tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú tréimhsiúil ar na tairseacha réitigh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír agus, i gcás inar gá, agus aird á tabhairt go háirithe ar idirnascthacht na gcontrapháirtithe airgeadais, molfaidh sé na caighdeáin theicniúla rialála a leasú i gcomhréir leis an mhír seo.”;

Gabhfaidh tuarascáil ó ÚEUM ar an ábhar sin leis an athbhreithniú tréimhsiúil céanna”;

(9)

in Airteagal 11, leasaítear mír 15 mar seo a leanas:

(a)

leasaítear an chéad fhomhír mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta, mar aon leis na socruithe um leithscaradh dá dtagraítear i mír 3;”

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(aa)

na nósanna imeachta maoirseachta chun bailíochtú tosaigh agus leanúnach na nósanna imeachta bainistithe riosca sin a áirithiú;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, cé is moite de na dréachtchaighdeáin sin dá dtagraítear i bpointe (aa) den chéad fhomhír, faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2018.

Cuirfidh ÚBE, i gcomhar le ÚEUM agus ÚEÁPC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear i bpointe (aa) den chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.”;

(10)

in Airteagal 38, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“6.   Cuirfidh contrapháirtí lárnach uirlis ionsamhlúcháin ar fáil dá chomhaltaí imréitigh lena bhféadfaidh siad a chinneadh, ar bhonn comhiomlán, an méid corrlaigh tosaigh breise a fhéadfaidh contrapháirtí lárnach a éileamh agus idirbheart nua á imréiteach. Is ar bhonn slánrochtana amháin a thabharfar rochtain ar an uirlis sin agus ní bheidh torthaí an ionsamhlúcháin ina gceangal.

7.   Cuirfidh contrapháirtí lárnach faisnéis maidir leis na samhlacha corrlaigh tosaigh a úsáideann sé ar fáil dá chomhaltaí imréitigh. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a)

míniú soiléir ar dhearadh na samhla corrlaigh tosaigh agus an dóigh ina n-oibríonn sí;

(b)

míniú soiléir ar phríomhthoimhdí agus príomhtheorainneacha na samhla corrlaigh tosaigh agus na cúinsí faoi nach bhfuil na toimhdí sin bailí a thuilleadh;

(c)

tá sé doiciméadaithe.”;

(11)

in Airteagal 39, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“11.   Ní chuirfidh dlíthe dócmhainneachta náisiúnta na mBallstát cosc ar chontrapháirtí lárnach a bheith ag gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 48(5), (6) agus (7) maidir leis na sócmhainní agus na suíomhanna arna dtaifeadadh sna cuntais dá dtagraítear i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo.”

(12)

Leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Chun críocha Airteagal 55(1) déanfaidh stór trádála ceann amháin díobh seo a leanas a chur faoi bhráid ÚEUM:

(a)

iarratas ar chlárú;

(b)

iarratas ar shíneadh ama ar an gclárú i gcás ina bhfuil an stór trádála cláraithe cheana faoi Chaibidil III de Rialachán (AE) 2015/2365.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ceapfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

mionsonraí an iarratais maidir leis an gclárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(b)

mionsonraí iarratais shimplithe ar shíneadh ama ar an gclárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

formáid an iarratais ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(b)

formáid an iarratais ar shíneadh ama ar an gclárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, ceapfaidh ÚEUM formáid shimplithe.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(13)

in Airteagal 62, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Má tá gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach d'údarás inniúil náisiúnta i gcomhréir le rialacha náisiúnta i gcás ina n-iarrfar taifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfaidh ÚEUM iarratas ar an údarú sin freisin. Féadfaidh ÚEUM iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.”

(14)

leasaítear Airteagal 63 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Chun a chuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí go léir is gá ar an láthair a dhéanamh ag áitreabh gnó, ar thalamh nó ar mhaoin na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 61(1). Féadfaidh ÚEUM an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go hiomchuí agus go héifeachtúil.

2.   Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a údaróidh ÚEUM chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith, ar thalamh ar bith nó ar mhaoin ar bith de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir an chinnidh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir dá dtagraítear in Airteagal 62(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear ar údarás inniúil náisiúnta bheith údaraithe ó údarás breithiúnach i gcomhréir le rialacha náisiúnta, déanfaidh ÚEUM iarratas ar an údarú sin freisin. Féadfaidh ÚEUM iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.”

(15)

leasaítear Airteagal 64 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil na cinntí dá dtagraítear i mír 3 á chur faoi bhráid ÚEUM ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi réir na n-imscrúduithe. Beidh na daoine sin i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní chuimseoidh ceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda eile ná doiciméid réamhullmhúcháin inmheánacha ÚEUM.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Déanfaidh ÚEUM ábhair a tharchur chuig na húdaráis ábhartha le haghaidh imscrúdú agus aon ionchúiseamh coiriúil a d'fhéadfadh teacht astu i gcás ina ndéanfaidh sé amach, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á chomhlíonadh aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé gurb ann d'fhíorais agus go bhfios dó gur dóigh ina leith gurb ionann iad agus cionta coiriúla faoin dlí is infheidhme. Ina theannta sin, staonfaidh ÚEUM ó fhíneálacha nó tráthíocaíochtaí pionóis a fhorchur i gcás ina mbeidh sé ar an eolas faoi éigiontú nó faoi chiontú roimhe sin, a d'éirigh as fíoras comhionann nó as fíorais chomhionanna atá comhionann lena chéile go substaintiúil, a bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.”;

(16)

in Airteagal 65, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear “EUR 200 000”; in ionad “EUR 20 000”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):,

“(b)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointí (d) go (h) de Roinn I d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (h) de Roinn II d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 100 000.”;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(c)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i Roinn I d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 10 000.”;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 67, mír 1:

“1.   Sula ndéanfar aon chinneadh faoi Airteagal 73(1) agus maidir le tráthíocaíocht faoi Airteagal 66, tabharfaidh ÚEUM an deis do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil faoina fhionnachtana. Is ar na fionnachtana sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh ÚEUM a chinntí.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir leis na cinntí dá dtagraítear i bpointí (a), (c) agus (d) d'Airteagal 73(1), má tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun gar-dhamáiste suntasach don chóras airgeadais a chosc nó chun gar-dhamáiste suntasach do shláine a chosc, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a chosc, lena n-áirítear cobhsaíocht nó cruinneas na sonraí a thuairiscítear do stór trádála. I gcás mar sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.”;

(18)

In Airteagal 72, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Cumhdóidh méid aon táille a ghearrfar ar stór trádála na costais riaracháin réasúnta go léir a thabhóidh ÚEUM i ndáil lena ghníomhaíochtaí clárúcháin agus gníomhaíochtaí maoirseachta ÚEUM agus beidh sé comhréireach le láimhdeachas an stóir trádála lena mbaineann agus leis an gcineál clárúcháin agus maoirseachta a chuirfidhÚEUM i bhfeidhm.”;

(19)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 76a

Rochtain fhrithpháirteach dhíreach ar shonraí

1.   I gcás inar gá é chun a ndualgais a fheidhmiú, beidh rochtain dhíreach ag údaráis tríú tíortha ina bhfuil stór trádála amháin nó níos mó ná sin bunaithe ar fhaisnéis i stórtha trádála atá bunaithe san Aontas ar choinníoll go mbeidh gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2 chuige sin.

2.   Arna iarraidh sin ag na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2), lena gcinnfear an gcomhlíonann creat dlíthiúil thríú tír an údaráis iarrthaigh na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá stórtha trádála arna mbunú sa tríú tír sin údaraithe go hiomchuí;

(b)

déantar maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach ar stórtha trádála sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach;

(c)

tá ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear rúin a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe a chosaint, agus tá siad coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach sa Rialachán seo;

(d)

tá stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorfheidhmithe rochtain dhíreach láithreach ar an bhfaisnéis a dheonú do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3).”;

(20)

in Airteagal 78, cuirtear isteach na míreanna mar seo a leanas:

“9   Cuirfidh stór trádála ar bun na nósanna imeachta agus na beartais seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach go héifeachtach;

(b)

nósanna imeachta chun iomláine agus cruinneas na sonraí a thuairisceofar a fhíorú;

(c)

beartais maidir le sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile arna iarraidh sin ag na contrapháirtithe nó na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 9 nó i gcás eile inar gá sin.

10.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ceapfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar:

(a)

na nósanna imeachta le haghaidh sonraí idir stórtha trádála a réiteach;

(b)

na nósanna imeachta a chuirfidh an stór trádála i bhfeidhm chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe á gcomhlíonadh ag an gcontrapháirtí atá ag déanamh na tuairiscithe agus ag an eintiteas atá ag déanamh an tíolactha agus chun iomláine agus cruinneas na sonraí a tuairiscítear faoi Airteagal 9 a fhíorú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(21)

in Airteagal 80, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“5a.   I gcás ina n-iarrfar air, tabharfaidh stór trádála do chontrapháirtithe nach bhfuil sé de cheangal orthu sonraí na gconarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú de bhun Airteagal 9 (1a) go (1d), agus do chontrapháirtithe agus do contrapháirtithe lárnacha a rinne a n-oibleagáid tuairiscithe a tharmligean Airteagal 9(1f), rochtain ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh thar a gceann.”;

(22)

leasaítear Airteagal 81 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(q)

na húdaráis ábhartha tríú tír a bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha de bhun Airteagal 76(a) ina leith.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a fhoilseofar nó a chuirfear ar fáil i gcomhréir le mír 1 agus mír 3;

(b)

minicíocht tuairiscithe na faisnéise dá dtagraítear i mír 1;

(c)

na caighdeáin oibríochtúla is gá chun sonraí a chomhiomlánú agus chun comparáid a dhéanamh ar na sonraí idir na stórtha trádála, agus a theastaíonn ó na heintitis dá dtagraítear i mír 3 chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin;

(d)

na téarmaí agus na coinníollacha, na socruithe agus an doiciméadacht riachtanach faoina ndeonóidh stórtha trádála rochtain ar na heintitis dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á gceapadh aige, áiritheoidh ÚEUM nach nochtfar le foilsiú na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 céannacht aon pháirtí in aon chonradh.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;

(23)

in Airteagal 82, cuirtear an méid seo a leanas in ionadmhíreanna 2 go 6:

“2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(6), 4(3a), 64(7), 70, 72(3), agus 85(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 1(6), 4(3a), 64(7), Airteagal 70, Airteagail 72(3), agus 85(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, féachfaidh an Coimisiún le dul i gcomhairle le ÚEUM agus rachfar i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 1(6), 4(3a), 64(7), Airteagal 70, Airteagail 72(3), agus 85(2) i bhfeidhm ach amháin mura rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin, nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go bhfuil sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(24)

leasaítear Airteagal 85 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Faoin 18 Meitheamh 2024 déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mheasúnú agus tuarascáil ghinearálta a ullmhú. Cuirfidh an Coimisiún sin an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Faoin 17 Meitheamh 2023 cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhraid an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tionchar Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) ar leibhéal an imréitigh a dhéanann contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais agus ar leithdháileadh an imréitigh laistigh de gach cineál contrapháirtí, go háirithe maidir le contrapháirtithe airgeadais a bhfuil méid teoranta gníomhaíochta acu i margaí díorthach thar an gcuntar agus maidir le hoiriúnacht na dtairseach imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(4);

(b)

tionchar Rialachán (AE) 2019/834 ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht na sonraí a thuairiscítear chuig stórtha trádála, chomh maith le cáilíocht na faisnéise arna cur ar fáil ag stórtha trádála;

(c)

na hathruithe ar an gcreat tuairiscithe, lena n-áirítear glacadh agus cur chun feidhme tuairiscithe tarmligthe a leagtar síos in Airteagal 9(1a) agus go háirithe an tionchar a bheidh aige ar an ualach tuairiscithe do chontrapháirtithe neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh;

(d)

inrochtaineacht seirbhísí imréitigh, go háirithe an raibh an ceanglas chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, ar théarmaí tráchtála cothroma, réasúnta, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3a) éifeachtach chun rochtain ar imréiteach a éascú.”;

(*7)  Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42).”;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

“2.   Faoin 18 Meitheamh 2020, agus gach 12 mhí ina dhiaidh sin go dtí an síneadh deiridh dá dtagraítear sa tríú fomhír, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina measúnófar ar ceapadh réitigh theicniúla inmharthana chun socruithe do scéimeanna pinsean comhthaobhacht airgid agus neamhairgid a aistriú mar chorrlaigh athrúcháin agus ina measúnófar an gá atá le haon bheartais chun na réitigh theicniúla inmharthana sin a éascú.

Cuirfidh ÚEUM, faoin 18 Nollaig 2019, agus gach 12 mhí ina dhiaidh sin go dtí an síneadh deiridh dá dtagraítear sa tríú fomhír, i gcomhar le ÚEÁPC, ÚBE agus ÚEUM, tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)

an ndearna contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus socruithe do scéimeanna pinsean iarracht iomchuí agus ar cheap siad réitigh theicniúla inmharthana chun rannpháirtíocht na socruithe sin san imréiteach lárnach a éascú trí chomhthaobhacht airgid agus neamhairgid a phostáil mar chorrlaigh athrúcháin, lena n-áirítear impleachtaí na réiteach sin ar leachtacht agus comh-thimthriallacht an mhargaidh agus na himpleachtaí dlíthiúla nó eile a d'fhéadfadh a bheith ag baint leo;

(b)

méid agus cineál na ngníomhaíochtaí a dhéanann socruithe do scéimeanna pinsean i margaí díorthach thar an gcuntar imréitithe agus neamh-imréitithe, laistigh de gach aicme sócmhainní, agus aon riosca sistéamach gaolmhar don chóras airgeadais;

(c)

iarmhairtí an cheanglais imréitigh nach mór socruithe do scéimeanna pinsean a straitéisí infheistíochta a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon athruithe ar leithdháileadh a sócmhainní airgid agus neamhairgid;

(d)

impleachtaí na dtairseach imréitigh a shonraítear de bhun phointe (b) d'Airteagal 10(4) maidir le socruithe do scéimeanna pinsean;

(e)

tionchar ceanglas dlíthiúil eile ar an difreálach costais idir conarthaí díorthach thar an gcuntar imréitithe agus conarthaí díorthach thar an gcuntar neamh-imréitithe, lena n-áirítear na ceanglais chorrlaigh maidir le díorthaigh neamh-imréitithe agus ríomh an chóimheasa giarála i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(f)

an bhfuil gá le bearta breise chun réiteach imréitigh maidir le socruithe do scéimeanna pinsean a éascú.

Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun síneadh aon bhliana a chur, faoi dhó, leis an tréimhse dhá bhliain dá dtagraítear in Airteagal 89(1) i gcás ina gcinnfidh sé nár ceapadh aon réiteach teicniúil inmharthana agus nach mbeidh aon athrú ar éifeacht dhochrach conarthaí díorthach a imréiteach go lárnach ar shocair scoir pinsinéirí sa todhchaí.

Déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha, na comhaltaí imréitigh agus na socruithe do scéimeanna pinsean, a seacht ndícheall rannchuidiú le réitigh theicniúla inmharthana a cheapadh a éascóidh imréiteach na gconarthaí díorthach thar an gcuntar sin ag na socruithe sin.

Bunóidh an Coimisiún grúpa saineolaithe comhdhéanta d'ionadaithe thar ceann contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh, socruithe do scéimeanna pinsean agus páirtithe ábhartha eile a bhaineann le réitigh theicniúla inmharthana den sórt sin chun faireachán a dhéanamh ar a n-iarrachtaí agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ar réitigh theicniúla inmharthana a cheapadh lena n-éascófar imréiteach na gconarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéanann socruithe do scéimeanna pinsean, lena n-áirítear aistriú comhthaobhachta airgid agus neamhairgid mar chorrlaigh athrúcháin a dhéanann na socruithe sin. Tiocfaidh an grúpa sin le chéile gach sé mhí ar a laghad. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh na hiarrachtaí a dhéanann contrapháirtithe lárnacha, comhaltaí imréitigh agus socruithe do scéimeanna pinsean agus a chuid tuarascálacha á ndréachtú aige de bhun na chéad fhomhíre.;

3.   Faoin 18 Nollaig 2020 ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina mheasúnófar an méid seo a leanas:

(a)

an gcruthaítear leis na hoibleagáidí chun idirbhearta a thuairisciú faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus faoin Rialachán seo oibleagáid tuairiscithe dúblach i gcás díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad agus an bhféadfaí tuairisciú na n-idirbheart i gcás díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad a laghdú nó a shimpliú do na contrapháirtithe go léir gan aon chaillteanas míchuí faisnéise a bheith ann;

(b)

a riachtanaí nó a oiriúnaí atá sé an oibleagáid trádála do dhíorthaigh faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 a ailíniú leis na hathruithe a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2019/834 ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh;

(c)

an ceart aon trádálacha a thiocfaidh go díreach as seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, lena n-áirítear comhbhrú punainne, a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), ag cur san áireamh a mhéid a dhéantar rioscaí a mhaolú leis na trádálacha sin, go háirithe riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca oibriúcháin, agus an bhféadfaí teacht timpeall ar an oibleagáid imréitigh nó an bhféadfadh dídhreasú maidir leis an imréiteach lárnach teacht as.

Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.”;

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   Faoin 18 Bealtaine 2020, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfar an méid a leanas a mheas sa tuarascáil sin:

(a)

comhsheasmhacht na gceanglas tuairiscithe do dhíorthaigh thar an gcuntar faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus faoi Airteagal 9 den Rialachán seo, i dtéarmaí shonraí an chonartha dhíorthach atá le tuairisciú agus i dtéarmaí na rochtana ar shonraí a bhíonn ag na heintitis ábhartha agus cibé ar cheart na ceanglais sin a ailíniú;

(b)

a indéanta atá sé slabhraí tuairiscithe a shimpliú a thuilleadh maidir leis na contrapháirtithe uile, lena n-áirítear do na cliaint uile indíreacha, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le tuairisciú tráthúil agus na bearta a glacadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (CE) Uimh. 600/2014 á gcur san áireamh;

(c)

ailíniú na hoibleagáide trádála do dhíorthaigh faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 leis na hathruithe a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2019/834 ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh;

(d)

i gcomhar le BERS, ar cheart aon trádálacha a thiocfaidh go díreach as seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, lena n-áirítear comhbhrú punainne, a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1). Déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil:

(i)

imscrúdú ar chomhbhrú punainne agus seirbhísí eile laghdaithe riosca iarthrádála atá ar fáil lena laghdaítear rioscaí neamh-mhargaidh i bpunanna díorthach gan riosca margaidh na bpunann a athrú, amhail idirbhearta a athchothromú;

(ii)

tabharfar míniú inti chomh maith ar na cuspóirí agus ar na meicníochtaí a bhaineann leis na seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála sin, a mhéid a mhaolaítear riosca leo, riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca oibriúcháin san áireamh, agus measúnóidh sé an gá atá le trádálacha den sórt sin a imréiteach, nó an gá iad a dhíolmhú ón gceanglas imréitigh, chun riosca sistéamach a bhainistiú; agus

(iii)

déanfaidh sé measúnú freisin ar a mhéid a chuirtear, le díolúine ón oibleagáid imréitigh do sheirbhísí den sórt sin, in éadan imréiteach lárnach agus a mhéid a d'fhéadfadh sé go dtiocfadh contrapháirtithe timpeall ar an oibleagáid imréitigh;

(e)

an bhféadfaí cur leis an liosta d'ionstraimí airgeadais a mheastar a bheith fíorleachtach lena mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa, i gcomhréir le Airteagal 47 agus an bhféadfaí a áireamh ar an liosta sin ceann amháin nó níos mó de na cistí margaidh airgid arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

(*8)  Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).”;"

(25)

in Airteagal 86, cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:

“3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.”;

(26)

in Airteagal 89(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Go dtí an 18 Meitheamh 2021, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4 maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar ar féidir iad a thomhas go hoibiachtúil mar idirbhearta a laghdóidh rioscaí infheistíochta a bhaineann go díreach le sócmhainneacht airgeadais na socruithe do scéimeanna pinsean, agus le heintitis a bunaíodh chun cúiteamh a chur ar fáil do chomhaltaí de na socruithe sin i gcás mainneachtain socraithe do scéimeanna pinsean.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4 maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo arna ndéanamh ag socruithe do scéimeanna pinsean ón 17 Lúnasa 2018 go dtí an 16 Meitheamh 2019.”;

(27)

déantar Iarscríbhinn I a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta theacht i bhfeidhm, cé is moite de na pointí seo a leanas:

(a)

beidh feidhm ag forálacha a leagtar amach i bpointí (10) agus (11) d'Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 38(6) agus (7) agus Airteagal 39(11) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ón 18 Nollaig 2019;

(b)

beidh feidhm ag forálacha a leagtar amach i bpointe (7)(b) d'Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagal 9(1a) go 1(d) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ón 18 Bealtaine 2020;

(c)

beidh feidhm ag forálacha a leagtar amach i bpointí (2)(b)agus (20) d'Airteagal 1 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hAirteagail 4(3a) agus 78(9) agus (10) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ón 18 Meitheamh 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A.TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 385, 15.11.2017, lch. 10.

(2)  IO C 434, 15.12.2017, lch. 63.

(3)  An seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún, (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(8)  Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.8.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(1)

i Roinn I, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(i)

sáróidh stór trádála pointe (a) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach go héifeachtach;

(j)

sáróidh stór trádála pointe (b) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun cruinneas agus iomláine na sonraí tuairiscithe a fhíorú;

(k)

sáróidh stór trádála pointe (c) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé beartais leordhóthanacha ar bun maidir le sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile i gcás ina n-iarrfaidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 9 nó i gcás eile inar gá sin.”;

(2)

i Roinn IV, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(d)

sáróidh stór trádála Airteagal 55(4) mura dtabharfaidh sé fógra do ÚEUM in am trátha faoi aon athruithe ábhartha ar choinníollacha an chlárúcháin bhunaidh.”.