ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
17 Bealtaine 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

1

 

*

Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ( 1 )

55

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2019/789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió agus lena leasaítear Treoir 93/83/CEE ón gComhairle ( 1 )

82

 

*

Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE ( 1 )

92

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 130 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

17.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/787 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D'éirigh go maith le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) earnáil na ndeochanna biotáilleacha a rialú. I bhfianaise na taithí a fuarthas le tamall anuas agus na nuálaíochta atá déanta sa teicneolaíocht le tamall anuas, forbairtí sa mhargadh agus ionchais tomhaltóirí atá ag athrú, is gá na rialacha maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a thabhairt cothrom le dáta agus athbhreithniú a dhéanamh ar na bealaí a ndéantar tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha a chlárú agus a chosaint.

(2)

Na rialacha is infheidhme maidir le deochanna biotáilleacha, ba cheart dóibh a bheith ina gcuidiú chun ardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí, chun neamhshiméadracht faisnéise a bhaint, chun cleachtais mheabhlacha a chosc agus chun trédhearcacht sa mhargadh agus iomaíocht chóir a bhaint amach. Ba cheart dóibh an cháil atá ar dheochanna biotáilleacha an Aontais san Aontas agus ar mhargadh an domhain a chosaint trí leanúint de bheith ag tabhairt aird ar na cleachtais thraidisiúnta a úsáidtear agus deochanna biotáilleacha á dtáirgeadh agus ar an éileamh breise atá anois ann ar chosaint tomhaltóirí agus ar fhaisnéis do thomhaltóirí. Ba cheart an nuálaíocht sa teicneolaíocht a chur san áireamh freisin i ndáil le deochanna biotáilleacha, i gcás ina bhfuil sé d'aidhm ag an nuálaíocht sin feabhas a chur ar an gcáilíocht, gan difear a dhéanamh do thréithiúlacht thraidisiúnta na ndeochanna biotáilleacha lena mbaineann.

(3)

Is margadh mór iad deochanna biotáilleacha d'earnáil thalmhaíochta an Aontais agus tá dlúthbhaint ag táirgeadh na ndeochanna biotáilleacha leis an earnáil sin. De bharr na dlúthbhainte sin, cinntítear cáilíocht, sábháilteacht agus cáil na ndeochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart an dlúthbhaint sin leis an earnáil agraibhia a aibhsiú leis an gcreat rialála.

(4)

Is cás speisialta iad na rialacha is infheidhme maidir le deochanna biotáilleacha i gcomparáid leis na rialacha ginearálta atá leagtha síos don earnáil agraibhia agus ba cheart a chur san áireamh leo freisin modhanna táirgthe traidisiúnta atá in úsáid sna Ballstáit éagsúla.

(5)

Ba cheart a leagan amach leis an Rialachán seo critéir shoiléire maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha agus maidir le cosaint tásc geografach, agus níor cheart gur dochar iad sin d'éagsúlacht na dteangacha oifigiúla agus na n-aibítrí san Aontas. Ba cheart rialacha a leagan amach leis freisin maidir le húsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta chun deochanna alcólacha a tháirgeadh agus maidir le húsáid ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha agus earraí bia á gcur i láthair agus á lipéadú.

(6)

Chun ionchais tomhaltóirí a shásamh agus chun cloí leis na cleachtais thraidisiúnta, ba cheart gur de thionscnamh talmhaíochta go heisiach an t-alcól eitile agus driogáití a úsáidtear chun deochanna biotáilleacha a tháirgeadh.

(7)

Ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na deochanna biotáilleacha uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais, is cuma cé acu sna Ballstáit nó i dtríú tír a tháirgtear iad. Chun an cháil atá ar dheochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas ar an margadh domhanda a chaomhnú agus a fheabhsú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le deochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú.

(8)

Leis na sainmhínithe ar dheochanna biotáilleacha agus na ceanglais theicniúla a bhaineann leo agus le catagóiriú na ndeochanna biotáilleacha, ba cheart leanúint de chleachtais thraidisiúnta a chur san áireamh. Ba cheart freisin rialacha sonracha a leagan síos maidir le deochanna biotáilleacha áirithe nach n-áirítear i liosta na gcatagóirí.

(9)

Tá feidhm ag Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 (4) agus (CE) Uimh. 1334/2008 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deochanna biotáilleacha freisin. Is gá, áfach, rialacha breise a leagan síos maidir le dathanna agus blastáin, ar rialacha iad nár cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir le deochanna biotáilleacha. Is gá freisin rialacha breise a leagan síos maidir le blastáin, dathanna agus comhábhair údaraithe eile a chaolú agus a thuaslagadh, ar rialacha iad nár cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir le táirgeadh deochanna alcólacha.

(10)

Ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis na hainmneacha dlíthiúla a bheidh le húsáid le haghaidh deochanna biotáilleacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais, chun a áirithiú go n-úsáidtear ainmneacha dlíthiúla den sórt sin ar bhealach comhchuibhithe ar fud an Aontais agus chun trédhearcacht na faisnéise do thomhaltóirí a chosaint.

(11)

I bhfianaise a thábhachtaí agus a chasta atá earnáil na ndeochanna biotáilleacha, is iomchuí rialacha sonracha a leagan síos maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, go háirithe maidir le húsáid ainmneacha dlíthiúla, tásc geografach, comhthéarmaí agus tagairtí sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú.

(12)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. I ndáil leis sin, i bhfianaise a thábhachtaí agus a chasta atá earnáil na ndeochanna biotáilleacha, is iomchuí rialacha sonracha a leagan síos sa Rialachán seo maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a théann thar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Ba cheart freisin cosc a chur, leis na rialacha sonracha sin, ar mhí-úsáid a bhaint as an téarma “deoch bhiotáilleach” agus as ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha, maidir le táirgí nach gcomhlíonann na sainmhínithe agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

(13)

Chun úsáid aonfhoirmeach comhthéarmaí agus tagairtí sna Ballstáit a áirithiú agus chun faisnéis leormhaith a sholáthar do thomhaltóirí, agus, dá réir sin, iad a chosaint ar a bheith curtha ar míthreoir, is gá forálacha a leagan síos maidir lena n-úsáid chun deochanna biotáilleacha agus earraí eile a chur i láthair. Is é is cuspóir le forálacha den sórt sin cáil na ndeochanna biotáilleacha a úsáidtear sa chomhthéacs sin a chosaint.

(14)

Chun faisnéis leordhóthanach a sholáthair do thomhaltóirí, ba cheart forálacha a leagan síos maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a cháilíonn mar mheascáin nó mar chumaisc.

(15)

Cé go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú nach dtagraítear go ginearálta, leis an tréimhse aibithe a shonraítear i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, ach don chomhábhar alcóil is óige, chun próisis aosaithe thraidisiúnta sna Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart a bheith in ann foráil a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, maidir le maolú ón riail ghinearálta sin agus maidir le sásraí rialaithe iomchuí i ndáil le brandies a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an gcóras aosaithe dinimiciúil traidisiúnta ar a dtugtar córas “criaderas y solera” nó córas “solera e criaderas”.

(16)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus chun a áirithiú go ndéantar faisnéis leormhaith a sholáthar do thomhaltóirí, níor cheart cosc a chur, le húsáid ainmneacha amhábhar nó aidiachtaí mar ainmneacha dlíthiúla le haghaidh deochanna biotáilleacha áirithe, amhábhair nó aidiachtaí den sórt sin a úsáid i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia eile. Ar na cúiseanna céanna, níor cheart cosc a chur, le húsáid an fhocail Gearmáinise -“geist” mar ainm dlíthiúil ar chatagóir de dheochanna biotáilleacha, an focal sin a úsáid mar ainm galánta chun ainm dlíthiúil deochanna biotáilleacha eile nó ainm deochanna alcólacha eile a fhorlíonadh, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir le húsáid den sórt sin.

(17)

Chun a áirithiú go soláthraítear faisnéis leormhaith do thomhaltóirí agus chun modhanna táirgthe d'ardchaighdeán a fheabhsú, ba cheart a bheith in ann ainm dlíthiúil aon dí biotáillí a fhorlíonadh leis an téarma “tirim” nó “dry”, is é sin le rá an téarma sin aistrithe i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit ábhartha, nó gan a bheith aistrithe mar atá léirithe i gcló iodálach sa Rialachán seo, i gcás nach ndearnadh an deoch bhiotáilleach sin a mhilsiú. Mar sin féin, i gcomhréir leis an bprionsabal go gcaitheann faisnéis bhia gan a bheith míthreorach, go háirithe trína thabhairt le tuiscint go bhfuil tréithe speisialta ag baint leis an mbia in ainneoin go bhfuil tréithe den sórt sin ag baint le gach bia comhchosúil, níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin maidir le deochanna biotáilleacha nach mbeidh milsithe faoin Rialachán seo, fiú chun barr blais deireanach a chur orthu, go háirithe i gcás “whisky” nó “whiskey”. Níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin maidir le gin, gin driogtha agus London gin, ar ceart rialacha sonracha maidir le milsiú agus lipéadú leanúint d'fheidhm a bheith acu ina leith. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith indéanta licéir a bhfuil blas géarbhlasta, searbh, goinbhlasta, garg, géar nó citris mar ghné acu, gan beann ar leibhéal a milsithe, a lipéadú mar “tirim” nó “dry”. Ní dócha go gcuirfidh lipéadú den sórt sin an tomhaltóir ar míthreoir, toisc gur gá do licéir íosmhéid siúcra a bheith iontu. Dá réir sin, i gcás licéar, níor cheart a thuiscint leis an téarma “tirim” nó “dry” go dtugtar le fios nár milsíodh an deoch bhiotáilleach.

(18)

Chun ionchais tomhaltóirí maidir leis na hamhábhair a úsáidtear do vodca a chur san áireamh, go háirithe sna Ballstáit ina ndéantar vodca go traidisiúnta, ba cheart faisnéis leormhaith a sholáthar faoin amhábhar a úsáidtear nuair a dhéantar an vodca as amhábhair de thionscnamh talmhaíochta seachas as gránaigh nó as prátaí nó as an dá rud.

(19)

Chun cur i bhfeidhm na reachtaíochta a bhaineann le rialacha maidir le haosú agus lipéadú a fhorfheidhmiú agus a sheiceáil, agus chun an chalaois a chomhrac, ba cheart é a dhéanamh éigeantach go léireofaí ainm dlíthiúil agus tréimhse aibithe aon dí biotáillí i ndoiciméid riaracháin leictreonacha.

(20)

I gcásanna áirithe, is mian le hoibreoirí gnólachtaí bia bunáitíocht deochanna biotáilleacha seachas tásca geografacha agus trádmharcanna a léiriú chun aird tomhaltóirí a tharraingt ar shaintréithe a dtáirge. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha sonracha a leagan síos maidir le bunáitíocht a léiriú i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha. Ina theannta sin, maidir leis an oibleagáid, a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, tír thionscnaimh nó bunáitíocht atá ag príomh-chomhábhar a léiriú, níor cheart feidhm a bheith aici i gcás deochanna biotáilleacha, fiú mura bhfuil an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht atá ag príomh-chomhábhar dí biotáillí mar an gcéanna leis an mbunáitíocht a léirítear i dtuairisc, cur i láthair nó lipéadú na dí biotáillí sin.

(21)

Chun an cháil atá ar dheochanna biotáilleacha áirithe a chosaint, ba cheart forálacha a leagan síos lena rialaítear aistriúchán, tras-scríobh agus traslitriú ainmneacha dlíthiúla chun críocha onnmhairithe.

(22)

Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach, ba cheart modhanna tagartha de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh anailís ar dheochanna biotáilleacha agus ar alcól eitile a úsáidtear agus deochanna biotáilleacha á dtáirgeadh.

(23)

Ba cheart leanúint de chosc a chur ar chapsúil luaidhe-bhunaithe agus ar scragall luaidhe-bhunaithe a úsáid mar chlúdach ar ghléasanna dúnta coimeádán ina gcoinnítear deochanna biotáilleacha, ionas go seachnófaí aon bhaol éillithe, go háirithe trí theagmháil thimpisteach le capsúil nó le scragall den sórt sin, agus aon bhaol truaillithe comhshaoil de dheasca dramhaíl ina mbeadh luaidhe ó chapsúil nó ó scragall den sórt sin.

(24)

I ndáil le tásca geografacha a chosaint, tá sé tábhachtach aird chuí a thabhairt ar an gComhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (“Comhaontú TRIPS”), agus go háirithe Airteagal 22 agus Airteagal 23 de, agus ar an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (“Comhaontú GATT”) lena n-áirítear Airteagal V de maidir le saoirse idirthurais, a formheasadh le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle (7). Laistigh den chreat dlí sin, chun cosaint tásc geografach a neartú agus chun góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint sin maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht, agus a chuirtear faoi nósanna imeachta speisialta custaim, amhail na cinn a bhaineann le hidirthuras, stóráil, úsáid shonrach nó próiseáil.

(25)

Níl feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) maidir le deochanna biotáilleacha. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos maidir le tásca geografacha deochanna biotáilleacha a chosaint. Ba cheart don Choimisiún tásca geografacha a chlárú.

(26)

Ba cheart nósanna imeachta a leagan síos maidir le tásca geografacha de chuid an Aontais nó tríú tír a chlárú, a mhodhnú agus, b'fhéidir, a chealú i gcomhréir le Comhaontú TRIPS, nósanna imeachta faoina n-aithneofaí go huathoibríoch an stádas atá ag tásca geografacha atá ann cheana agus atá faoi chosaint san Aontas. Chun na rialacha nós imeachta maidir le tásca geografacha a dhéanamh comhsheasmhach sna hearnálacha uile lena mbaineann, ba cheart na nósanna imeachta sin a mhúnlú ar na nósanna imeachta miona profa le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus sainiúlachtaí na ndeochanna biotáilleacha á gcur san áireamh. Chun an nós imeachta clárúcháin a shimpliú agus chun a áirithiú go mbeidh faisnéis d'oibreoirí gnólachtaí bia agus do thomhaltóirí ar fáil go leictreonach, ba cheart clár leictreonach de thásca geografacha a chur ar bun. Ba cheart tásca geografacha atá faoi chosaint faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a chosaint go huathoibríoch faoin Rialachán seo agus a liostú sa chlár leictreonach. Ba cheart don Choimisiún an fíorú a chur i gcrích ar thásca geografacha atá in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, i gcomhréir le Airteagal 20 den Rialachán sin.

(27)

Ar chúiseanna comhsheasmhachta leis na rialacha is infheidhme maidir le tásca geografacha le haghaidh bia, fíona agus táirgí fíona cumhraithe, ba cheart ainm an chomhaid lena leagtar amach na sonraíochtaí do dheochanna biotáilleacha atá cláraithe mar thásc geografach a athrú ó “chomhad teicniúil” go “sonraíocht táirge”. Ba cheart na comhaid theicniúla arna gcur isteach mar chuid d'aon iarratas faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mheas mar shonraíochtaí táirgí.

(28)

Ba cheart an caidreamh idir trádmharcanna agus tásca geografacha deochanna biotáilleacha a shoiléiriú i ndáil leis na critéir maidir le diúltú, neamhbhailíochtú agus cómhaireachtáil. Le soiléiriú den sórt sin, níor cheart difear a dhéanamh do chearta arna bhfáil ag sealbhóirí tásc geografach ar an leibhéal náisiúnta nó do chearta arb ann dóibh de bhua comhaontuithe idirnáisiúnta arna gcur i gcrích ag Ballstáit le haghaidh na tréimhse roimh bhunú chóras cosanta an Aontais de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (9).

(29)

Tá sé bunriachtanach cáilíocht ar ardchaighdeán a shlánchoimeád má tá cáil agus luach na hearnála deochanna biotáilleacha le caomhnú. Ba cheart d'údaráis na mBallstát a bheith freagrach as slánchoimeád an chaighdeáin a áirithiú tríd an Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faireachán agus fíorú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin chun a áirithiú go bhfuil sé á fhorfheidhmiú go haonfhoirmeach. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal a bheith ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a roinnt le chéile.

(30)

Agus beartas cáilíochta á chur i bhfeidhm agus go háirithe chun ardleibhéal cháilíocht na ndeochanna biotáilleacha agus éagsúlacht in earnáil na ndeochanna biotáilleacha a bhaint amach, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit rialacha is déine ná iad sin a leagtar síos leis an Rialachán seo a ghlacadh maidir le táirgeadh, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a tháirgtear ina gcríoch féin.

(31)

Chun go gcuirfí san áireamh éilimh tomhaltóirí atá ag athrú, an dul chun cinn teicneolaíoch, forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, agus an gá atá ann le feabhas a chur ar na coinníollacha eacnamaíocha a bhaineann le táirgeadh agus margaíocht, próisis aosaithe traidisiúnta, agus an dlí i dtríú tír allmhairithe, agus chun leasanna dlisteanacha táirgeoirí agus oibreoirí gnólachtaí bia maidir le cosaint tásc geografach a chosaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh”) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an méid seo a leanas: leasuithe agus maoluithe ar na sainmhínithe teicniúla agus ar na ceanglais theicniúla le haghaidh deochanna biotáilleacha; táirgí milsithe nua a údarú; maoluithe a bhaineann le tréimhse aibithe nó aois a shonrú do brandy agus clár poiblí na gcomhlachtaí atá i bhfeighil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe a chur ar bun; clár leictreonach na dtásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a bhunú, agus rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le foirm agus inneachar an chláir sin; coinníollacha breise maidir le hiarratais ar thásc geografach a chosaint agus réamhnósanna imeachta náisiúnta, grinnscrúdú ar pháirt an Choimisiúin, an nós imeachta freasúra agus cur ar ceal na dtásc geografach; coinníollacha agus ceanglais i dtaca leis an nós imeachta a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí; agus leasuithe agus maoluithe ar shainmhínithe agus rialacha áirithe maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (10). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(32)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le foilsiú an doiciméid aonair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; agus maidir le cinntí maidir le hainmneacha a chlárú mar thásca geografacha i gcás nach ann d'aon fhógra freasúra ná d'aon ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha, nó i gcás inarb ann do ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha agus gur thángthas ar chomhaontú.

(33)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas: na rialacha i dtaca le húsáid táirgí nua milsithe; an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit i ndáil leis na comhlachtaí a cheapfar chun maoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe; an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht a léiriú i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú deochanna biotáilleacha; siombail an Aontais a úsáid le haghaidh tásca geografacha faoi chosaint; na rialacha teicniúla mionsonraithe i dtaca le modhanna tagartha an Aontais le haghaidh anailís ar alcól eitile, ar dhriogáití de thionscnamh talmhaíochta agus ar dheochanna biotáilleacha; idirthréimhse a dheonú le haghaidh úsáid na dtásc geografach agus síntí ar thréimhsí den sórt sin, diúltuithe d'iarratais i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha don chlárú cheana sula ndéantar foilsiú le haghaidh freasúra; cláruithe de thásca geografacha, nó diúltuithe dóibh, arna bhfoilsiú le haghaidh freasúra i gcás inar tíolacadh freasúra agus nár thángthas ar chomhaontú; ceaduithe nó diúltuithe do leasuithe de chuid an Aontais ar shonraíocht táirge; ceaduithe nó diúltuithe d'iarrataí ar chur ar ceal chlárú an táisc gheografaigh; foirm na sonraíochta táirge agus na bearta a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar sa tsonraíocht táirge i ndáil leis an nasc idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh; na nósanna imeachta maidir le hiarratais, le freasúraí, le hiarratais ar leasuithe agus cumarsáid a bhaineann le leasuithe agus leis an bpróiseas cealaithe i ndáil le tásca geografacha, agus foirm agus cur i láthair na nithe sin; na seiceálacha agus na fíoruithe atá le déanamh ag na Ballstáit; agus an fhaisnéis riachtanach atá le malartú le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(34)

Chun a áirithiú go gcuirfí an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (12) chun feidhme, ba ghá foráil a dhéanamh maidir le maolú ar na cainníochtaí ainmniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) le haghaidh deochanna biotáilleacha chun gur féidir shochu aondriogtha arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin a chur ar mhargadh an Aontais i méideanna buidéal traidisiúnta Seapánach. Tugadh isteach an maolú sin le Rialachán (AE) 2018/1670 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus ba cheart dó leanúint d'fheidhm a bheith aige.

(35)

I bhfianaise chineál agus mhéid na leasuithe nach mór a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tá gá le creat dlí nua sa réimse seo chun deimhneacht dhlíthiúil, soiléireacht agus trédhearcacht. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a aisghairm.

(36)

Chun cosaint a thabhairt don leas dlisteanach atá ag na táirgeoirí nó na geallsealbhóirí lena mbaineann tairbhe a bhaint as an bpoiblíocht a thugtar do dhoiciméid aonair faoin gcreat dlí nua, ba cheart an deis a chur ar fáil doiciméid aonair a bhaineann le tásca geografacha a chláraítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a fhoilsiú arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann.

(37)

Ós rud é go dtreisíonn na rialacha maidir le tásca geografacha an chosaint d'oibreoirí, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin dhá sheachtain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart foráil a dhéanamh, áfach, do shocruithe iomchuí chun go n-éascófar athrú rianúil ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 go dtí na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(38)

Maidir leis na rialacha nach mbaineann le tásca geografacha, ba cheart foráil a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh dóthain ama ann chun go n-éascófar athrú rianúil ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 go dtí na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(39)

Ba cheart an deis a bheith ann leanúint de mhargú na stoc de dheochanna biotáilleacha atá ann cheana tar éis dhátaí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go dtí go mbeidh na stoic sin ídithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME, SAINMHÍNITHE AGUS CATAGÓIRÍ DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, agus maidir le tásca geografacha deochanna biotáilleacha a chosaint;

an t-alcól eitile agus na driogáití a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna alcólacha; agus

úsáid ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia seachas deochanna biotáilleacha.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear i mír 1 a chuirtear ar mhargadh an Aontais, is cuma cé acu san Aontas nó i dtríú tíortha a tháirgtear iad, agus tá feidhm aige freisin maidir le táirgí a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú.

3.   Maidir le cosaint tásc geografach, tá feidhm ag Caibidil III den Rialachán seo freisin maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht ansin.

Airteagal 2

Sainmhíniú ar dheochanna biotáilleacha agus ceanglais lena n-aghaidh

Chun críocha an Rialacháin seo, is é is deoch bhiotáilleach ann deoch alcólach a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ceapadh í lena caitheamh ag an duine;

(b)

tá saintréithe orgánaileipteacha áirithe aici;

(c)

tá neart íosta alcóil 15 % de réir toirte inti, seachas i gcás na ndeochanna biotáilleacha a chomhlíonann ceanglais chatagóir 39 d'Iarscríbhinn I;

(d)

táirgeadh í:

(i)

go díreach trí aon cheann de na modhanna seo a leanas a úsáid, ar leithligh nó mar theaglaim díobh:

driogadh táirgí coipthe, bíodh blastáin nó earraí bia blaistithe curtha leo nó ná bíodh,

maothú nó próiseáil den chineál sin ar ábhair plandaí in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, i ndriogáití de thionscnamh talmhaíochta nó i ndeochanna biotáilleacha nó mar theaglaim díobh,

aon cheann díobh seo a leanas a chur, le halcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, le driogáití de thionscnamh talmhaíochta nó le deochanna biotáilleacha ar leithligh nó mar theaglaim díobh:

blastáin arna n-úsáid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008,

dathanna arna n-úsáid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008,

comhábhair údaraithe eile arna n-úsáid i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus (CE) Uimh. 1334/2008,

táirgí milsithe,

táirgí talmhaíochta eile,

earraí bia; nó

(ii)

trí aon cheann díobh seo a leanas a chur léi, ar leithligh nó mar theaglaim díobh:

deochanna biotáilleacha eile,

alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta,

driogáití de thionscnamh talmhaíochta,

earraí bia eile;

(e)

ní thiteann sí faoi chóid AC 2203, 2204, 2205, 2206 ná 2207;

(f)

má tá uisce, a fhéadfar a bheith driogtha, dímhianraithe, iomalartaithe nó bogtha, curtha le linn a dtáirgeadh:

(i)

comhlíonann cáilíocht an uisce sin Treoir 98/83/CE ón gComhairle (15) agus Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16); agus

(ii)

comhlíonann neart alcóil na dí biotáillí fós, tar éis an t-uisce a chur léi, an neart íosta alcóil de réir toirte dá bhforáiltear i bpointe (c) den Airteagal seo nó faoin gcatagóir ábhartha de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ainm dlíthiúil” an t-ainm faoina ndéantar deoch bhiotáilleach a chur ar an margadh, de réir bhrí phointe (n) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(2)

ciallaíonn “comhthéarma”, maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú dí alcólaí, teaglaim d'ainm dlíthiúil dá bhforáiltear sna catagóirí de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó den tásc geografach le haghaidh deoch bhiotáilleach, as a dtionscnaíonn alcól uile an táirge deiridh, agus ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheith ag gabháil léi:

(a)

ainm earra bia amháin nó níos mó seachas deoch alcólach agus seachas earraí bia a úsáidtear chun an deoch bhiotáilleach sin a tháirgeadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, nó aidiachtaí a dhíorthaítear ó na hainmneacha sin;

(b)

an téarma “licéar” nó “uachtar”;

(3)

ciallaíonn “tagairt” tagairt dhíreach nó indíreach do cheann amháin nó níos mó de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó do cheann amháin nó níos mó de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, seachas tagairt i gcomhthéarma nó i liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 13(2), (3) agus (4), i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú na nithe seo a leanas:

(a)

earra bia seachas deoch bhiotáilleach, nó

(b)

deoch biotáilleach a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d'Iarscríbhinn I;

(4)

ciallaíonn “tásc geografach” tásc lena sainaithnítear deoch bhiotáilleach mar dheoch bhiotáilleach de thionscnamh críche tíre, nó réigiúin nó ceantair sa chríoch sin, i gcás ina bhfuil cáilíocht, cáil nó saintréith áirithe eile den deoch bhiotáilleach sin inchurtha go bunúsach i leith a tionscnaimh gheografaigh;

(5)

ciallaíonn “sonraíocht táirge” comhad a cheanglaítear leis an iarratas ar thásc geografach a chosaint, ina leagtar amach na sonraíochtaí nach mór don deoch bhiotáilleach a chomhlíonadh, agus dár tagraíodh, faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, mar “chomhad teicniúil”;

(6)

ciallaíonn “grúpa” aon chomhlachas, gan beann ar an bhfoirm dhlíthiúil atá aige, atá comhdhéanta go príomha de tháirgeoirí nó de phróiseálaithe atá ag obair ar na deochanna biotáilleacha lena mbaineann;

(7)

ciallaíonn “ainm cineálach” ainm dí biotáillí atá anois cineálach agus, cé go mbaineann sé leis an áit nó leis an réigiún inar táirgeadh nó inar margaíodh an deoch bhiotáilleach sin ar dtús, atá anois mar ainm coitianta na dí biotáillí sin san Aontas;

(8)

ciallaíonn “réimse radhairc” réimse radhairc mar a shainmhínítear i bpointe (k) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(9)

ciallaíonn “measc” deoch bhiotáilleach de chatagóir de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó de thásc geografach a chur le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

deochanna biotáilleacha eile nach den chatagóir chéanna de dheochanna biotáilleacha a liostaítear in Iarscríbhinn I iad;

(b)

driogáití de thionscnamh talmhaíochta;

(c)

alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta;

(10)

ciallaíonn “meascán” deoch bhiotáilleach a bhfuil meascadh déanta air;

(11)

ciallaíonn “cumaisc” dhá cheann nó níos mó de dheochanna biotáilleacha den chatagóir chéanna a chur le chéile nach bhfuil d'idirdhealú eatarthu ach difríochtaí beaga i gcomhdhéanamh mar gheall ar cheann amháin nó níos mó de na tosca seo a leanas:

(a)

an modh táirgthe;

(b)

na stileanna a úsáidtear;

(c)

an tréimhse aibithe nó an tréimhse aosaithe;

(d)

limistéar geografach an táirgthe;

is den chatagóir chéanna de dheochanna biotáilleacha leis na deochanna biotáilleacha bunaidh sular cumascadh iad an deoch bhiotáilleach a tháirgfear ar an dóigh sin;

(12)

ciallaíonn “cumasc” deoch bhiotáilleach a bhfuil cumasc déanta uirthi.

Airteagal 4

Sainmhínithe teicniúla agus ceanglais theicniúla

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe teicniúla agus na ceanglais theicniúla seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “tuairisc” na téarmaí a úsáidtear i lipéadú, i gcur i láthair agus ar phacáistíocht dí biotáillí, sna doiciméid a ghabhann le hiompar dí biotáillí, sna doiciméid tráchtála, go háirithe na sonraisc agus na nótaí seachadta, agus i bhfógraíocht dí biotáillí;

(2)

ciallaíonn “cur i láthair” na téarmaí a úsáidtear sa lipéadú agus ar an bpacáistíocht, agus, chomh maith leis sin, i bhfógraíocht agus i mbolscaireacht díolacháin táirge, in íomhánna nó ina leithéid, agus ar an gcoimeádán freisin, lena n-áirítear ar an mbuidéal nó ar an dúntóir;

(3)

ciallaíonn “lipéadú” aon fhocal, sonra, trádmharc, ainm branda, ábhar pictiúrtha nó siombail a bhaineann le táirge agus a chuirtear ar aon phacáistíocht, doiciméad, fógra, lipéad, fáinne nó coiléar a ghabhann le táirge den sórt sin nó a dhéanann tagairt dó;

(4)

ciallaíonn “lipéad” aon chlib, branda, marc, ábhar pictiúrtha nó ábhar tuairisciúil eile a dhéantar a scríobh, a chló, a stionsalú, a mharcáil, a chabhradh, a bhrú anuas ar phacáistíocht bhia nó ar choimeádán bia, nó a cheanglaítear leo;

(5)

ciallaíonn “pacáistíocht” na fillteáin chosanta, cartáin, cásanna, coimeádáin agus buidéil a úsáidtear agus deochanna biotáilleacha á n-iompar nó á ndíol;

(6)

ciallaíonn “driogadh” próiseas deighilte teirmeach lena mbaineann céim deighilte amháin nó níos mó atá ceaptha chun airíonna orgánaileipteacha áirithe nó tiúchan níos airde alcóil a bhaint amach, nó iad araon, is cuma más faoi ghnáthbhrú nó faoi fholús a dhéantar na céimeanna sin, de dheasca na feiste driogtha a úsáidtear; agus is féidir driogadh aonair, ildriogadh nó athdhriogadh a bheith i gceist leis sin;

(7)

ciallaíonn “driogáit de thionscnamh talmhaíochta” leacht alcólach atá mar thoradh, tar éis coipeadh alcólach a dhéanamh, ar tháirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh a dhriogadh, nach bhfuil na hairíonna aige atá ag alcól eitile agus a bhfuil cumhra agus blas na n-amhábhar a úsáideadh air go fóill;

(8)

ciallaíonn “milsigh” úsáid a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na táirgí milsithe agus deochanna biotáilleacha á dtáirgeadh;

(9)

ciallaíonn “táirgí milsithe”:

(a)

siúcra leathbhán, siúcra bán, siúcra bán mínghlanta, deastrós, fruchtós, síoróip ghlúcóis, tuaslagán siúcra, tuaslagán siúcra inbhéartaithe agus síoróip siúcra inbhéartaithe, mar a shainmhínítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/111/CE ón gComhairle (17);

(b)

úrfhíon fíonchaor ceartdealaithe tiubhaithe, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe agus úrfhíon úr fíonchaor;

(c)

siúcra dóite, arb é an táirge é a fhaightear go heisiach trí théamh rialaithe siúcróis gan bhunanna, gan aigéid mhianracha ná gan breiseáin cheimiceacha eile;

(d)

mil mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/110/CE ón gComhairle (18);

(e)

síoróip charúib;

(f)

aon substaint nádúrtha carbaihiodráite eile a bhfuil éifeacht chomhchosúil aici leis na táirgí sin dá dtagraítear i bpointí (a) go (e);

(10)

ciallaíonn “alcól a chur isteach” alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó driogáití de thionscnamh talmhaíochta, nó an dá rud, a chur le deoch bhiotáilleach; maidir le halcól a chur le deoch bhiotáilleach, ní áirítear leis sin úsáid alcóil chun dathanna, blastáin nó aon chomhábhair údaraithe eile a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha a chaolú nó a thuaslagadh;

(11)

ciallaíonn “aibiú” nó “aosú” stóráil dí biotáillí i ngabhdáin iomchuí go ceann tréimhse chun críche lamháil don deoch bhiotáilleach sin dul faoi imoibrithe nádúrtha ina dtugtar saintréithe sonracha don deoch bhiotáilleach sin;

(12)

ciallaíonn “blaistigh” blastáin nó earraí bia blaistithe a chur le deoch bhiotáilleach le linn í a tháirgeadh trí cheann amháin nó níos mó de na próisis seo a leanas: cur isteach, insileadh, maothú, coipeadh alcólach, nó driogadh i láthair na mblastán nó na n-earraí bia blaistithe;

(13)

ciallaíonn “blastáin” blastáin mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(14)

ciallaíonn “substaint bhlaistithe” substaint blaistithe mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(15)

ciallaíonn “substaint bhlaistithe nádúrtha” substaint blaistithe nádúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(16)

ciallaíonn “ullmhóid bhlaistithe” ullmhóid blaistithe mar a shainmhínítear i bpointe (d) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(17)

ciallaíonn “blastán eile” blastán eile mar a shainmhínítear i bpointe (h) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(18)

ciallaíonn “earraí bia blaistithe” earraí bia mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha, agus arb é is príomhchuspóir leis an úsáid sin na deochanna biotáilleacha a bhlaistiú;

(19)

ciallaíonn “dathaigh” dath amháin nó níos mó a úsáid agus deoch bhiotáilleach á táirgeadh;

(20)

ciallaíonn “dathanna” dathanna mar a shainmhínítear i bpointe 2 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

(21)

ciallaíonn “caramal” breiseán bia a chomhfhreagraíonn do E-uimhreacha E 150a, E 150b, E 150c nó E 150d agus a bhaineann le táirgí a bhfuil diandath donn orthu, a bheag nó a mhór, ar táirgí iad atá beartaithe chun críocha dathaithe, dá dtagraítear i gCuid B d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008; ní chomhfhreagraíonn sé don táirge aramatach siúcrach a fhaightear ó shiúcraí a théamh agus a úsáidtear chun críocha blaistithe;

(22)

ciallaíonn “comhábhair údaraithe eile” comhábhair bhia a bhfuil airíonna blaistithe acu a údaraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus breiseáin bhia seachas dathanna a údaraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

(23)

ciallaíonn “neart alcóil de réir toirte” an cóimheas idir toirt an alcóil íon atá i dtáirge ag teocht 20 °C agus toirt iomlán an táirge sin ag an teocht chéanna;

(24)

ciallaíonn “ábhar substaintí so-ghalaithe” cainníocht na substaintí so-ghalaithe, seachas alcól eitile agus meatánól, atá i ndeoch bhiotáilleach a tháirgtear go heisiach trí dhriogadh.

Airteagal 5

Sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus ceanglais lena aghaidh

Chun críocha an Rialacháin seo, is é is alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta ann leacht a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá sí faighte go heisiach ó tháirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh;

(b)

níl aon bhlas inbhraite uirthi seachas blas na n-amhábhar a úsáidtear le linn a táirgthe;

(c)

is é 96,0 % an neart íosta alcóil de réir toirte atá inti;

(d)

ní théann leibhéil uasta a hiarmhar thar na méideanna seo a leanas:

(i)

aigéadacht iomlán (arna sloinneadh in aigéad aicéiteach): 1,5 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(ii)

eistir (arna sloinneadh in aicéatáit eitile): 1,3 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(iii)

aildéid (arna sloinneadh in aicéataildéad): 0,5 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(iv)

ardalcóil (arna sloinneadh i meitil-2-própánól-1): 0,5 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(v)

meatánól: 30 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(vi)

éastóscán tirim: 1,5 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(vii)

bunanna so-ghalaithe ina bhfuil nítrigin (arna sloinneadh i nítrigin): 0,1 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(viii)

fúrfúral: neamh-inbhraite.

Airteagal 6

Alcól eitile agus na driogáití a úsáidtear i ndeochanna alcólacha

1.   Is de thionscnamh talmhaíochta go heisiach a bheidh an t-alcól eitile agus na driogáití a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha, de réir bhrí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.

2.   Ní úsáidfear aon alcól eile seachas alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, driogáití de thionscnamh talmhaíochta nó deochanna biotáilleacha de chatagóirí 1 go 14 d'Iarscríbhinn I chun dathanna, blastáin nó aon chomhábhair údaraithe eile a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna alcólacha a chaolú nó a thuaslagadh. Ní úsáidfear an t-alcól sin a úsáidtear chun dathanna, blastáin nó aon chomhábhair údaraithe eile a chaolú nó a thuaslagadh ach amháin sna méideanna a bhfuil géarghá leo chun na críche sin.

3.   Ní bheidh alcól de thionscnamh sintéiseach i ndeochanna alcólacha, ná in alcól eile nach de thionscnamh talmhaíochta é, de réir bhrí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.

Airteagal 7

Catagóirí deochanna biotáilleacha

1.   Déanfar deochanna biotáilleacha a chatagóiriú i gcomhréir leis na rialacha ginearálta a leagtar síos san Airteagal seo agus leis na rialacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

2.   Gan dochar do na rialacha sonracha a leagtar síos maidir le gach ceann de na catagóirí deochanna biotáilleacha 1 go 14 d'Iarscríbhinn I, i ndáil le deochanna biotáilleacha na gcatagóirí sin:

(a)

beidh siad táirgthe tríd an gcoipeadh alcólach agus an driogadh, agus gheofar iad go heisiach ón amhábhar dá bhforáiltear faoi chatagóir chomhfhreagrach na ndeochanna biotáilleacha in Iarscríbhinn I;

(b)

ní chuirfear alcól isteach, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh;

(c)

ní dhéanfar iad a bhlaistiú;

(d)

ní dhéanfar iad a dhathú le haon ní seachas caramal a úsáidtear go heisiach chun dath na ndeochanna biotáilleacha sin a choigeartú;

(e)

ní dhéanfar iad a mhilsiú, ach amháin chun barr blais deireanach a chur ar an táirge; ní rachaidh uasmhéid na dtáirgí milsithe, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, thar na tairseacha a leagtar amach le haghaidh gach catagóire in Iarscríbhinn I;

(f)

ní bheidh gnéithe cúnta iontu seachas ítimí iomlána neamhphróiseáilte an amhábhair as a bhfaightear an t-alcól, agus a úsáidtear chun críocha maisithe den chuid is mó.

3.   Gan dochar do na rialacha sonracha a leagtar síos maidir le gach ceann de na catagóirí deochanna biotáilleacha 15 go 44 d'Iarscríbhinn I, i ndáil le deochanna biotáilleacha na gcatagóirí sin:

(a)

féadfar iad a tháirgeadh ó aon amhábhar talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh;

(b)

féadfar alcól a bheith curtha isteach;

(c)

féadfar a bheith iontu substaintí blaistithe, substaintí blaistithe nádúrtha, ullmhóidí blaistithe agus earraí bia blaistithe;

(d)

féadfaidh siad a bheith dathaithe;

(e)

féadfaidh siad a bheith milsithe.

4.   Gan dochar do na rialacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn II, i ndáil le deochanna biotáilleacha eile nach gcomhlíonann na rialacha sonracha a leagtar síos maidir le gach ceann de na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I:

(a)

féadfar iad a tháirgeadh ó aon amhábhar talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh nó ó aon earra bia nó ón dá rud;

(b)

féadfar alcól a bheith curtha isteach;

(c)

féadfaidh siad a bheith blaistithe;

(d)

féadfaidh siad a bheith dathaithe;

(e)

féadfaidh siad a bheith milsithe.

Airteagal 8

Cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 46 lena leasaítear an Rialachán seo trí leasuithe a thabhairt isteach ar na sainmhínithe teicniúla agus ar na ceanglais theicniúla a leagtar síos i bpointe (f) d'Airteagal 2, agus in Airteagal 4 agus Airteagal 5.

Na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh siad teoranta go docht sa dóigh nach bhfreastalóidh siad ach ar riachtanais a léireofar agus a thiocfaidh as éilimh tomhaltóirí atá ag athrú, as an dul chun cinn teicneolaíoch nó as an ngá atá le nuálaíocht táirgí.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh i ndáil le gach sainmhíniú teicniúil nó gach ceanglas teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trína leagan síos, i gcásanna eisceachtúla, i gcás ina gceanglaítear déanamh amhlaidh le dlí an tríú tír allmhairithe, maoluithe ar na ceanglais a leagtar amach i bpointe (f) d'Airteagal 2, agus in Airteagal 4 agus Airteagal 5, na ceanglais faoi na catagóirí deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na rialacha sonracha maidir le deochanna biotáilleacha áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí shonrú a dhéanamh ar cé na substaintí nádúrtha nó na hamhábhair talmhaíochta eile atá údaraithe ar fud an Aontais mar tháirgí milsithe i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha, ar substaintí nó amhábhair iad a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu leis na táirgí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) d'Airteagal 4(9).

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le substaintí nádúrtha eile nó amhábhair thalmhaíochta eile a úsáid arna n-údarú le gníomhartha tarmligthe mar tháirgí milsithe i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha dá dtagraítear i mír 3, lena gcinnfear, go háirithe, na fachtóirí coinbhéartachta ábhartha faoi seach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

CAIBIDIL II

TUAIRISC, CUR I LÁTHAIR AGUS LIPÉADÚ DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA AGUS ÚSÁID AINMNEACHA DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA I gCUR I LÁTHAIR AGUS I LIPÉADÚ EARRAÍ BIA EILE

Airteagal 9

Cur i láthair agus lipéadú

Deochanna biotáilleacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais, comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le cur i láthair agus lipéadú a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 10

Ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha

1.   Is é a bheidh mar ainm ar dheoch bhiotáilleach a hainm dlíthiúil.

Beidh ainmneacha dlíthiúla ag dul le tuairisc, le cur i láthair agus le lipéadú deochanna biotáilleacha.

Déanfar ainmneacha dlíthiúla a thaispeáint go soiléir agus go sofheicthe ar lipéad na dí biotáillí agus ní chuirfear rud eile ina n-ionad ná ní athrófar iad.

2.   Deochanna biotáilleacha a chomhlíonann na ceanglais de chatagóir deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, úsáidfidh siad ainm na catagóire sin mar a n-ainm dlíthiúil, ach amháin mura gceadaítear leis an gcatagóir sin úsáid a bhaint as ainm dlíthiúil eile.

3.   Deoch bhiotáilleach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos le haghaidh aon cheann de chatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, bainfidh sí úsáid as an ainm dlíthiúil “deoch bhiotáilleach”.

4.   Deoch bhiotáilleach a chomhlíonann na ceanglais maidir le níos mó ná catagóir amháin deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, féadfar iad a chur ar an margadh faoi cheann amháin nó níos mó de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear faoi na catagóirí sin in Iarscríbhinn I.

5.   D'ainneoin mhír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, féadfar an méid seo a leanas a bheith i gceist le hainm dlíthiúil dí biotáillí:

(a)

féadfar é a fhorlíonadh le tásc geografach dá dtagraítear i gCaibidil III nó féadfar an tásc geografach sin a chur ina ionad. Sa chás sin, féadfar an tásc geografach a fhorlíonadh tuilleadh le haon téarma a cheadaítear leis an tsonraíocht táirge ábhartha, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an méid sin; agus.

(b)

féadfar comhthéarma ina bhfuil an téarma “licéar” nó “uachtar” a chur ina ionad, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an táirge deiridh ceanglais chatagóir 33 d'Iarscríbhinn I.

6.   Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus do na rialacha sonracha a leagtar síos le haghaidh na gcatagóirí deochanna biotáilleacha atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfar ainm dlíthiúil dí biotáillí a fhorlíonadh leis an méid seo a leanas:

(a)

ainm nó tagairt gheografach, dá bhforáiltear sna forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is infheidhme sa Bhallstát ina ndéantar an deoch bhiotáilleach a chur ar an margadh, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an méid sin;

(b)

gnáthainm mar atá sainmhínithe i bpointe (o) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an méid sin;

(c)

comhthéarma nó tagairt i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 12;

(d)

an téarma “cumasc” nó “cumaiscthe”, ar choinníoll go ndearnadh cumasc ar an deoch bhiotáilleach;

(e)

an téarma “meascán”, “measctha” nó “deoch bhiotáilleach mheasctha”, ar choinníoll go ndearnadh meascadh ar an deoch bhiotáilleach; nó

(f)

an téarma “tirim” nó “dry”, ach amháin i gcás deochanna biotáilleacha a chomhlíonann ceanglais chatagóir 2 d'Iarscríbhinn I, gan dochar do na ceanglais shonracha a leagtar síos i gcatagóirí 20 go 22 d'Iarscríbhinn I, agus ar choinníoll nach ndearnadh an deoch bhiotáilleach a mhilsiú, fiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. De mhaolú ar an gcéad pháirt den phointe seo, féadfar ainm dlíthiúil na ndeochanna biotáilleacha a chomhlíonann ceanglais chatagóir 33 agus atá, dá bhrí sin, milsithe a fhorlíonadh leis an téarma “tirim” nó “dry”.

7.   Gan dochar d'Airteagal 11 agus Airteagal 12 agus d'Airteagal 13(2), 13(3) agus 13(4), toirmeascfar úsáid na n-ainmneacha dlíthiúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó úsáid tásc geografach i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú aon dí nach gcomhlíonann ceanglais na catagóire ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó úsáid an táisc gheografaigh ábhartha. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin freisin i gcás ina mbainfear úsáid as ainmneacha dlíthiúla den sórt sin nó as tásca geografacha den sórt sin i gcomhar le focail nó frásaí amhail “cosúil”, “cineál”, “stíl”, “déanta”, “blas” nó aon téarmaí comhchosúla eile.

Gan dochar d'Airteagal 12(1), maidir le blastáin a dhéanann aithris ar dheoch bhiotáilleach nó ar a n-úsáid i dtáirgeadh earra bia seachas deoch, féadfar tagairtí a dhéanamh, ina gcur i láthair agus ina lipéadú, do na hainmneacha dlíthiúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar choinníoll go ndéanfar na hainmneacha dlíthiúla sin a fhorlíonadh leis an téarma “blas” nó le haon téarmaí comhchosúla eile. Ní úsáidfear tásca geografacha chun tuairisc a thabhairt ar bhlastáin den sórt sin.

Airteagal 11

Comhthéarmaí

1.   I dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú dí alcólaí, údarófar ainm dlíthiúil dá bhforáiltear i gcatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a úsáid i gcomhthéarma ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

is de thionscnamh eisiach na dí biotáillí dá dtagraítear sa chomhthéarma an t-alcól a úsáidtear i dtáirgeadh na dí alcólaí, cé is moite don alcól a d'fhéadfadh a bheith i láthair i mblastáin, i ndathanna nó i gcomhábhair údaraithe eile a úsáidtear chun an deoch alcólach sin a tháirgeadh; agus

(b)

ní dhearnadh an deoch bhiotáilleach a chaolú le huisce agus le huisce amháin a chur léi, sa chaoi go bhfuil a neart alcóil faoi bhun an nirt íosta dá bhforáiltear faoin gcatagóir ábhartha deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.   Gan dochar do na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear in Airteagal 10, ní bheidh na téarmaí “alcól”, “biotáille”, “deoch”, “deoch bhiotáilleach” ná “uisce” ina gcuid de chomhthéarma lena dtugtar tuairisc ar dheoch alcólach.

3.   Maidir le comhthéarmaí lena dtugtar tuairisc ar dheoch alcólach :

(a)

beidh siad i gcarachtair aonfhoirmeacha ar aon chló, ar aon mhéid agus ar aon dath;

(b)

ní bhrisfear iad le haon eilimint théacsúil ná phictiúrtha nach cuid díobh í; agus

(c)

ní bheidh siad i gclómhéid ar mó í ná an chlómhéid a úsáidtear le haghaidh ainm na dí alcólaí.

Airteagal 12

Tagairtí

1.   Tagairt, i gcur i láthair agus i lipéadú earra bia nach deoch alcólach é, d'ainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear faoi cheann amháin nó níos mó de chatagóirí deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó do cheann amháin nó níos mó de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, déanfar í a údarú ar choinníoll gur de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól a úsáidtear i dtáirgeadh an earra bia, ach amháin a mhéid a bhaineann leis an alcól a d'fhéadfadh a bheith i láthair i mblastáin, i ndathanna nó i gcomhábhair údaraithe eile a úsáidtear chun an t-earra bia sin a tháirgeadh.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus gan dochar do Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 (20) agus (AE) Uimh. 251/2014 (21) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tagairt, i gcur i láthair agus i lipéadú dí alcólaí nach deoch bhiotáilleach í, d'ainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóir amháin nó níos mó de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó do cheann amháin nó níos mó de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, déanfar í a údarú ar choinníoll:

(a)

gur de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól a cuireadh isteach; agus

(b)

go léirítear cion gach comhábhair alcólaigh uair amháin ar a laghad sa réimse radhairc céanna leis an tagairt, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d'alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d'alcól íon de réir toirte den táirge deiridh.

3.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus ar Airteagal 13(4), an tagairt, i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú dí biotáillí a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d'Iarscríbhinn I, d'ainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóir amháin nó níos mó de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin nó do cheann amháin nó níos mó de na tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, déanfar í a údarú ar choinníoll:

(a)

gur de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól a cuireadh isteach;

(b)

go léirítear cion gach comhábhair alcólaigh uair amháin ar a laghad sa réimse radhairc céanna leis an tagairt, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d'alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d'alcól íon de réir toirte den táirge deiridh; agus

(c)

nach dtaispeántar an téarma “cream” in ainm dlíthiúil dí biotáillí a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d'Iarscríbhinn I nó in ainm dlíthiúil na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt.

4.   Maidir leis na tagairtí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3:

(a)

ní bheidh siad ar an líne chéanna le hainm na dí alcólaí; agus

(b)

beidh siad le feiceáil i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide arna húsáid in ainm na dí alcólaí agus, i gcás comhthéarmaí a úsáid, i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide arna húsáid do chomhthéarmaí den sórt sin, i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 11(3).

Airteagal 13

Rialacha breise maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú

1.   Maidir le hamhábhair a úsáidtear i dtáirgeadh alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta nó driogáití de thionscnamh talmhaíochta a úsáidtear i dtáirgeadh na dí biotáillí sin, ní fhéadfar tagairt a dhéanamh dóibh i dtuairisc, i gcur i láthair ná i lipéadú dí biotáillí ach amháin i gcás go bhfuarthas an t-alcól eitile sin nó na driogáití sin go heisiach ó na hamhábhair sin. I gcás den sórt sin, déanfar gach cineál alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta nó gach driogáit de thionscnamh talmhaíochta a lua in ord íslitheach na cainníochta de réir toirte d'alcóil íon.

2.   Féadfar na hainmneacha dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 10 a áireamh i liosta comhábhar d'earraí bia, ar choinníoll go mbeidh an liosta sin i gcomhréir le hAirteagal 18 go hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

3.   I gcás meascáin nó cumaisc, ní fhéadfar na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I ná na tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha a léiriú ach i liosta na gcomhábhar alcólach atá sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil na dí biotáillí.

Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh ar a laghad ceann amháin de na téarmaí dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) d'Airteagal 10(6) ag gabháil le liosta na gcomhábhar alcólach. Beidh liosta na gcomhábhar alcólach agus an téarma a ghabhann leis sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil na dí biotáillí, i gcarachtair aonfhoirmeacha a bhfuil an cló céanna agus an dath céanna orthu agus i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear don ainm dlíthiúil.

Sa bhreis air sin, déanfar cion gach comhábhair alcólaigh i liosta na gcomhábhar alcólach a shloinneadh uair amháin ar a laghad mar chéatadán, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d'alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d'alcól íon de réir toirte den mheascán.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cumaisc a dhéantar de dheochanna biotáilleacha ar leis an tásc geografach céanna iad nó maidir le cumaisc nach le tásc geografach aon cheann de na deochanna biotáilleacha.

4.   De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, má chomhlíonann meascán na ceanglais i ndáil le ceann de chatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, is ar an meascán sin a bheidh an t-ainm dlíthiúil dá bhforáiltear sa chatagóir ábhartha.

Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfar na hainmneacha dlíthiúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó tásca geografacha a chomhfhreagraíonn do na deochanna biotáilleacha a meascadh a thaispeáint i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú an mheascáin, ar choinníoll go bhfuil na hainmneacha sin:

(a)

i liosta de na comhábhair alcólacha ar fad atá sa mheascán, agus sa liosta sin amháin, agus beidh siad le feiceáil i gcarachtair aonfhoirmeacha a bhfuil an cló céanna agus an dath céanna orthu agus i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear don ainm dlíthiúil; agus

(b)

uair amháin ar a laghad sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil an mheascáin.

Sa bhreis air sin, déanfar cion gach comhábhair alcólaigh i liosta na gcomhábhar alcólach a shloinneadh uair amháin ar a laghad mar chéatadán, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d'alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d'alcól íon de réir toirte den mheascán.

5.   Maidir le húsáid ainmneacha amhábhar plandaí a úsáidtear mar ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha áirithe, ní dochar an méid d'úsáid ainmneacha na n-amhábhar plandaí sin i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia eile. Féadfar ainmneacha na n-amhábhar sin a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú deochanna biotáilleacha eile, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an úsáid sin.

6.   Ní fhéadfar tréimhse aibithe ná aois a shonrú i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú dí biotáillí ach amháin i gcás ina ndéantar tagairt don chomhpháirt alcólach is óige den deoch bhiotáilleach agus in aon chás ar choinníoll go ndearnadh na hoibríochtaí ar fad chun an deoch bhiotáilleach a aosú faoi mhaoirseacht ioncaim Ballstáit nó faoi mhaoirseacht lena soláthrófar ráthaíochtaí coibhéiseacha. Cuirfidh an Coimisiún clár poiblí ar bun ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe.

7.   Léireofar ainm dlíthiúil dí biotáillí sa doiciméad riaracháin leictreonach dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún (22). I gcás ina léireofar tréimhse aibithe nó aois i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú na dí biotáillí, luafar sa doiciméad riaracháin sin freisin í.

Airteagal 14

Bunáitíocht a léiriú

1.   I gcás ina léirítear bunáitíocht na dí biotáillí, cé is moite de thásc geografach nó de thrádmharcanna, ina tuairisc, ina cur i láthair nó ina lipéadú, comhfhreagróidh sí don áit nó don réigiún ina ndearnadh an chéim nó na céimeanna sa phróiseas táirgthe a tugadh go dtí an deoch bhiotáilleach deiridh a tréithiúlacht agus na saintréithe cinntitheacha riachtanacha.

2.   Ní cheanglófar, i gcás deochanna biotáilleacha, tír thionscnaimh ná bunáitíocht an phríomh-chomhábhair dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 a léiriú.

Airteagal 15

An teanga arna húsáid d'ainmneacha deochanna biotáilleacha

1.   Téarmaí atá i gcló iodálach in Iarscríbhinní I agus II agus tásca geografacha, ní dhéanfar iad a aistriú ar an lipéad ná i dtuairisc agus i gcur i láthair na ndeochanna biotáilleacha.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás deochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas agus a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, féadfaidh aistriúcháin, tras-scríbhinní nó traslitrithe a bheith ag gabháil leis na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 agus le tásca geografacha den sórt sin, ar choinníoll nach bhfuil téarmaí agus tásca geografacha den sórt sin sa teanga bhunaidh i bhfolach.

Airteagal 16

Siombail de chuid an Aontais a úsáid do thásca geografacha

Féadfar siombail an Aontais do thásca geografacha faoi chosaint a bunaíodh de bhun Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha ar táscanna geografacha a n-ainmneacha.

Airteagal 17

Toirmeasc ar chapsúil luaidhe-bhunaithe agus ar scragall luaidhe-bhunaithe

Ní dhéanfar deochanna biotáilleacha a choinneáil lena ndíol ná iad a chur ar an margadh i gcoimeádáin a bhfuil gléasanna dúnta orthu atá clúdaithe le capsúil luaidhe-bhunaithe nó le scragall luaidhe-bhunaithe.

Airteagal 18

Modhanna tagartha anailíse an Aontais

1.   I gcás ina bhfuil anailís le déanamh ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, ar dhriogáití de thionscnamh talmhaíochta nó ar dheochanna biotáilleacha lena fhíorú go gcomhlíonann siad an Rialachán seo, beidh an anailís sin i gcomhréir le modhanna tagartha anailíse an Aontais chun a gcomhdhéanamh ceimiceach agus fisiceach agus a n-airíonna orgánaileipteacha a chinneadh.

Ceadófar modhanna eile anailíse, faoi fhreagracht stiúrthóir na saotharlainne, ar choinníoll go bhfuil cruinneas, in-atrialltacht agus in-atáirgtheacht na modhanna coibhéiseach ar a laghad leo siúd de chuid mhodhanna tagartha anailíse ábhartha an Aontais.

2.   I gcás nach bhfuil modhanna anailíse an Aontais leagtha síos chun substaintí atá i ndeoch bhiotáilleach ar leith a bhrath agus a chainníochtú, úsáidfear ceann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas:

(a)

modhanna anailíse a bailíochtaíodh le nósanna imeachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus a chomhlíonann, go háirithe, na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

(b)

modhanna anailíse atá de réir na gcaighdeán atá molta ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO);

(c)

modhanna anailíse atá aitheanta agus foilsithe ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíniúna agus Fíona (OIV); nó

(d)

in éagmais modha amhail dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c), mar gheall ar a chruinneas, a in-atrialltacht agus a in-atáirgtheacht:

modh anailíse arna fhormheas ag an mBallstát lena mbaineann;

i gcás inar gá, aon mhodh oiriúnach anailíse eile.

Airteagal 19

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun próiseas traidisiúnta dinimiciúil an aosaithe le haghaidh brandy a chur san áireamh sna Ballstáit ar a dtugtar córas criaderas y solera nó córas solera e criaderas mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán tríd an méid seo a leanas:

(a)

maoluithe a leagan síos ar Airteagal 13(6) maidir le tréimhse aibithe nó aois a shonrú i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú brandy den sórt sin; agus

(b)

sásraí rialaithe iomchuí a bhunú i leith brandy den sórt sin.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir le clár poiblí a chur ar bun ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe dá bhforáiltear in Airteagal 13(6).

Airteagal 20

Cumhachtaí cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

na rialacha is gá chun cumarsáidí a dhéanamh ag na Ballstáit maidir leis na comhlachtaí arna gceapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe i gcomhréir le Airteagal 13(6);

(b)

rialacha aonfhoirmeacha chun an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht a léiriú i dtuairisc, i gcuir i láthair nó i lipéadú deochanna biotáilleacha dá dtagraítear in Airteagal 14;

(d)

rialacha maidir le húsáid shiombail an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 16 i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha;

(d)

rialacha mionsonraithe teicniúla maidir le modhanna tagartha anailíse an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 18.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

CAIBIDIL III

TÁSCA GEOGRAFACHA

Airteagal 21

Tásca geografacha a chosaint

1.   Féadfaidh aon oibreoir a bhfuil deoch bhiotáilleach á margú aige tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo a úsáid má táirgeadh an deoch bhiotáilleach i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.

2.   Déanfar tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo a chosaint in aghaidh an mhéid seo a leanas:

(a)

aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as ainm cláraithe maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú i gcás ina bhfuil na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó i gcás ina dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

(b)

aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má thugtar le fios fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí nó má aistrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn ar nós “stíl”, “cineál”, “modh”, “faoi mar a tháirgtear i”, “aithris”, “blas”, “cosúil” nó rud éigin comhchosúil leis, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí mar chomhábhar;

(c)

aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le bunús, tionscnamh, cineál nó saintréithe bunúsacha an táirge i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú an táirge a d'fhéadfadh tuiscint bhréige a chruthú maidir le tionscnamh an táirge;

(d)

aon chleachtas eile a d'fhéadfadh an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh an táirge.

3.   Ní thiocfaidh tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo chun bheith cineálach san Aontas.

4.   Beidh feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 2 maidir le hearraí atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin.

Airteagal 22

Sonraíocht táirge

1.   Maidir le tásc geografach atá faoi chosaint faoin Rialachán seo, comhlíonfaidh sé sonraíocht táirge lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an t-ainm atá le cosaint mar thásc geografach, mar a úsáidtear é, bíodh sé sin i dtrádáil nó sa ghnáthchaint, sna teangacha sin amháin a úsáidtear nó a úsáideadh san am atá thart chun tuairisc a thabhairt ar an táirge ar leith sin sa limistéar geografach sainithe, sa scríbhinn bunaidh agus i tras-scríobh Laidine más éagsúil;

(b)

catagóir na dí biotáillí nó an téarma “deoch bhiotáilleach” mura gcomhlíonann an deoch bhiotáilleach na ceanglais a leagtar síos le haghaidh chatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(c)

tuairisc ar shaintréithe na dí biotáillí, lena n-áirítear na hamhábhair as a dtáirgtear í, más iomchuí, chomh maith le príomh-shaintréithe fisiceacha, ceimiceacha nó orgánaileipteacha an táirge agus saintréithe sonracha an táirge i gcomparáid le deochanna biotáilleacha den chatagóir chéanna;

(d)

sainiú an limistéir gheografaigh arna theormharcáil i ndáil leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (f);

(e)

tuairisc ar an modh lena dtáirgtear an deoch bhiotáilleach agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna táirgthe barántúla áitiúla neamhathraitheacha;

(f)

sonraí ina léirítear an nasc idir cáilíocht áirithe, cáil áirithe nó saintréith áirithe eile de chuid na dí biotáillí agus a tionscnamh gheografach;

(g)

ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil nó, má tá siad ar fáil, ainmneacha agus seoltaí na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge de bhun Airteagal 38 agus na cúraimí sonracha atá orthu;

(h)

aon riail shonrach lipéadaithe maidir leis an tásc geografach i dtrácht.

I gcás inarb infheidhme, déanfar na ceanglais maidir le pacáistiú a áireamh sa tsonraíocht táirge lena mbeidh bonn cirt ag gabháil lena léireofar an fáth nach mór an pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe dlí an Aontais i dtaca le saorghluaiseacht earraí agus saorsholáthar seirbhísí.

2.   Déanfar comhaid theicniúla a thíolacfar mar chuid d'aon iarratas roimh an 8 Meitheamh 2019 faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mheas mar shonraíochtaí táirgí faoin Airteagal seo.

Airteagal 23

Inneachar an iarratais ar thásc geografach a chlárú

1.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad in iarratas ar thásc geografach a chlárú de bhun Airteagal 24(5) nó (8):

(a)

ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh agus na n-údarás inniúil nó, má tá siad ar fáil, na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge;

(b)

an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 22;

(c)

doiciméad aonair ina leagtar amach an méid seo a leanas:

(i)

príomhphointí na sonraíochta táirge, lena n-áirítear an t-ainm atá le cosaint, an catagóir ar leis an deoch bhiotáilleach nó an téarma “deoch bhiotáilleach”, an modh táirgthe, tuairisc ar shaintréithe na dí biotáillí, sainmhíniú beacht ar an limistéar geografach, agus, i gcás inarb iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú;

(ii)

tuairisc ar an nasc idir an deoch bhiotáilleach agus a tionscnamh geografach dá dtagraítear i bpointe (4) d'Airteagal 3, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na heilimintí sonracha atá sa tuairisc ar an táirge nó sa mhodh táirgthe ina dtugtar bonn cirt leis an nasc sin.

In iarratas dá dtagraítear in Airteagal 24(8), áireofar san freisin tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge agus cruthúnas go bhfuil ainm an táirge faoi chosaint ina thír thionscnaimh.

2.   Beidh an méid seo a leanas i sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 24(7):

(a)

ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh;

(b)

an doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo;

(c)

dearbhú ón mBallstát go bhfuil sé den tuairim go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais an Rialacháin seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun;

(d)

tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.

Airteagal 24

Iarratas ar thásc geografach a chlárú

1.   Iarratais ar thásc geografach a chlárú faoin gCaibidil seo, ní fhéadfaidh ach grúpaí a oibríonn leis an deoch bhiotáilleach a bhfuil a hainm beartaithe le haghaidh clárúcháin iad a thíolacadh.

2.   Féadfar údarás arna ainmniú ag Ballstát a mheas mar ghrúpa chun críocha na Caibidle seo más rud é nach bhfuil sé indéanta do na táirgeoirí lena mbaineann grúpa a chruthú mar gheall ar a líon, a suíomhanna geografacha nó a saintréithe eagrúcháin. I gcás den sórt sin, sonrófar na cúiseanna sin sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

3.   Féadfar duine nádúrtha nó duine dlítheanach a mheas mar ghrúpa chun críche na Caibidle seo má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a thíolacadh; agus

(b)

tá saintréithe ag an limistéar geografach sainithe atá éagsúil go suntasach ó na saintréithe atá ag limistéir chomharsanachta, tá saintréithe na dí biotáillí éagsúil ó na cinn a tháirgtear i limistéir chomharsanachta nó tá cáilíocht, cáil nó saintréith eile ar leith ag an deoch bhiotáilleach atá inchurtha go soiléir i leith a tionscnaimh gheografaigh.

4.   I gcás tásc geografach ina sonraítear limistéar geografach trasteorann, féadfaidh roinnt grúpaí as Ballstáit éagsúla nó as tríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú a thíolacadh.

I gcás ina ndéanfar iarratas comhpháirteach a thíolacadh, déanfaidh Ballstát lena mbaineann, nó grúpa iarrthach i dtríú tír lena mbaineann, é a chur faoi bhráid an Choimisiúin, go díreach nó trí údaráis an tríú tír sin tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na grúpaí iarrthacha uile lena mbaineann. Beidh san áireamh san iarratas comhpháirteach an dearbhú dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 23(2) ó na Ballstáit uile lena mbaineann. Comhlíonfar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 sna Ballstáit uile agus sna tríú tíortha uile lena mbaineann.

I gcás iarratais chomhpháirteacha, déanfar na nósanna imeachta freasúra náisiúnta a bhaineann leo a sheoladh sna Ballstáit uile lena mbaineann.

5.   I gcás ina mbainfidh an t-iarratas le limistéar geografach i mBallstát, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid údaráis an Bhallstáit sin.

Déanfaidh an Ballstát grinnscrúdú, ar dhóigh iomchuí, ar an iarratas lena sheiceáil go bhfuil sé réasúnaithe agus go gcomhlíonann sé ceanglais na Caibidle seo.

6.   Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 5, tionscnóidh an Ballstát nós imeachta freasúra náisiúnta lena n-áiritheofar go bhfoilseofar go hiomchuí an t-iarratas dá dtagraítear i mír 5 agus lena gcuirfear tréimhse réasúnta ar fáil ionas go bhféadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a bhfuil leas dlisteanach aige san iarratas agus atá ina chónaí nó atá bunaithe ar a chríoch, freasúra a thíolacadh in aghaidh an iarratais.

Scrúdóidh an Ballstát inghlacthacht aon fhreasúra a gheobhaidh sé i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear in Airteagal 28.

7.   Más rud é, tar éis measúnú a dhéanamh ar aon fhreasúra a fhaightear, go measann an Ballstát gur comhlíonadh ceanglais na Caibidle seo, féadfaidh sé cinneadh fabhrach a dhéanamh agus sainchomhad iarratais a chur faoi bhráid an Choimisiúin. I gcás den sórt sin, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir le haon fhreasúraí inghlactha a fuarthas ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil na táirgí i dtrácht margaithe go dleathach aige, agus úsáid á baint as na hainmneacha lena mbaineann go leanúnach ar feadh 5 bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá dtagraítear i mír 6. Coinneoidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas freisin maidir le haon nósanna imeachta breithiúnacha náisiúnta a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don nós imeachta clárúcháin.

I gcás ina ndéanfaidh an Ballstát cinneadh fabhrach de bhun na chéad fomhíre, áiritheoidh sé go bpoibleofar an cinneadh sin agus go mbeidh deis achomhairc ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann.

Áiritheoidh an Ballstát go bhfoilseofar an leagan sin den tsonraíocht táirge ar a bhfuil a chinneadh fabhrach bunaithe, agus cuirfidh sé an tsonraíocht táirge ar fáil go leictreonach.

Áiritheoidh an Ballstát freisin go bhfoilseofar go hiomchuí an leagan den tsonraíocht táirge ar a mbunóidh an Coimisiún a chinneadh de bhun Airteagal 26(2).

8.   I gcás ina mbainfidh an t-iarratas le limistéar geografach i dtríú tír, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin, go díreach nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann.

9.   Is i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais a bheidh na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo a chuirtear chuig an gCoimisiún.

Airteagal 25

Cosaint náisiúnta shealadach

1.   Ar bhonn sealadach amháin, féadfaidh Ballstát cosaint a bhronnadh ar ainm faoin gCaibidil seo ar an leibhéal náisiúnta, le héifeacht ón dáta a gcuirfear an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin.

2.   Tiocfaidh deireadh leis an gcosaint náisiúnta sin ar an dáta a ndéanfar cinneadh maidir leis an gclárúchán faoin gCaibidil seo nó ar an dáta a dtarraingeofar siar an t-iarratas.

3.   I gcás nach gclárófar ainm faoin gCaibidil seo, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí na cosanta náisiúnta sin.

4.   Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí ag na bearta a dhéanfaidh Ballstáit faoi mhír 1, agus ní bheidh aon éifeachtaí ar thrádáil laistigh den Aontas ná ar thrádáil idirnáisiúnta.

Airteagal 26

Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra

1.   Déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú, ar dhóigh iomchuí, ar aon iarratas a gheobhaidh sé de bhun Airteagal 24, chun a sheiceáil go bhfuil sé réasúnaithe, go gcomhlíonann sé ceanglais na Caibidle seo, agus go bhfuil leas na ngeallsealbhóirí atá lasmuigh den Bhallstát an iarratais curtha san áireamh. Beidh grinnscrúdú den sórt sin bunaithe ar an doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 23(1), agus is é a bheidh ann ná seiceáil nach bhfuil aon earráidí follasacha san iarratas, agus, mar riail ghinearálta, ní mairfidh sé níos faide ná tréimhse sé mhí. I gcás ina sárófar an tréimhse sin, áfach, cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna a bhí leis an moill in iúl láithreach i scríbhinn don iarratasóir.

Uair sa mhí ar a laghad, poibleoidh an Coimisiún liosta na n-ainmneacha ar cuireadh iarratais ar chlárú faoina bhráid ina leith, mar aon leis an dáta ar cuireadh isteach iad. Beidh ainm an Bhallstáit nó an tríú tír ónar tháinig an t-iarratas ar an liosta freisin.

2.   Más rud é, bunaithe ar an ngrinnscrúdú a dhéanfar de bhun na chéad fhomhíre de mhír 1, go measann an Coimisiún go bhfuil ceanglais na Caibidle seo comhlíonta, foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 23(1) agus tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.

Airteagal 27

Nós imeachta freasúra

1.   Laistigh de thrí mhí ón dáta foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Ballstáit nó údaráis tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann agus atá ina chónaí nó atá bunaithe i dtríú tír, fógra freasúra a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann agus atá ina chónaí nó atá bunaithe i mBallstát seachas an Ballstát sin ónar tíolacadh an t-iarratas, fógra freasúra a chur faoi bhráid an Bhallstáit ina bhfuil an duine sin ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe laistigh de theorainn ama lenar féidir freasúra a thíolacadh de bhun na chéad fhomhíre.

I bhfógra freasúra, beidh dearbhú go bhféadfaí ceanglais na Caibidle seo a shárú leis an iarratas.

Mura mbeidh dearbhú den sórt sin i bhfógra freasúra, beidh an fógra sin ar neamhní.

Cuirfidh an Coimisiún an fógra freasúra ar aghaidh gan mhoill chuig an údarás nó chuig an gcomhlacht a thíolaic an t-iarratas.

2.   Má chuirtear fógra freasúra faoi bhráid an Choimisiúin agus má leanann ráiteas freasúra réasúnaithe é laistigh de 2 mhí, déanfaidh an Coimisiún inghlacthacht an ráitis freasúra réasúnaithe sin a sheiceáil.

3.   Laistigh de 2 mhí ón ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha a fháil, iarrfaidh an Coimisiún ar an údarás nó ar an duine a thíolaic an freasúra agus ar an údarás nó ar an gcomhlacht a thíolaic an t-iarratas dul i mbun comhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse nach faide ná 3 mhí. Is ar an dáta a ndéanfar an iarraidh sin a sheachadadh go leictreonach chuig na páirtithe leasmhara a chuirfear tús leis an tréimhse sin.

Tionscnóidh an t-údarás nó an duine a thíolaic an freasúra agus an t-údarás nó an comhlacht a thíolaic an t-iarratas na comhairliúcháin iomchuí sin gan moill mhíchuí. Cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fáil dá chéile chun a mheasúnú an gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú ceanglais na Caibidle seo. Mura dtiocfar ar chomhaontú, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún freisin.

Nuair a thiocfaidh na páirtithe leasmhara ar chomhaontú, déanfaidh údaráis an Bhallstáit nó údaráis an tríú tír ónar tíolacadh an t-iarratas fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na tosca uile arbh fhéidir teacht ar chomhaontú dá mbarr, lena n-áirítear tuairimí an iarratasóra agus údaráis aon Bhallstáit nó údaráis aon tríú tír, nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a thíolaic freasúra.

Beag beann ar cé acu thángthas ar chomhaontú nó nár thángthas, déanfar an fógra sin a thabhairt don Choimisiún laistigh d'aon mhí amháin ó dheireadh na gcomhairliúchán.

Tráth ar bith le linn na 3 mhí sin, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don iarratasóir, 3 mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse le haghaidh na gcomhairliúchán.

4.   Más rud é, tar éis na gcomhairliúchán iomchuí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na mionsonraí a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 26(2) leasaithe go substaintiúil, déanfaidh an Coimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal (26) an athuair.

5.   Beidh an fógra freasúra, an ráiteas freasúra réasúnaithe agus na doiciméid ghaolmhara a chuirfear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1 go mír 4 i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

Airteagal 28

Forais le freasúra

1.   Ní bheidh ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 27(2) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin laistigh den teorainn ama a leagtar amach san Airteagal sin, agus go léirítear ann:

(a)

nach gcomhlíonann an tásc geografach atá beartaithe an sainmhíniú i bpointe (4) d'Airteagal 3 ná na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 22;

(b)

go mbeadh sé contrártha d'Airteagal 34 nó 35 an tásc geografach atá beartaithe a chlárú;

(c)

go ndéanfadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe dochar do bheithsine ainm nó trádmhairc atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 26(2); nó

(d)

nach gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 31 agus Airteagal 32.

2.   Is i ndáil le críoch an Aontais a dhéanfar na forais atá le freasúra a mheas.

Airteagal 29

Idirthréimhsí maidir le tásca geografacha a úsáid

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonófar idirthréimhse dar fad suas le 5 bliana ionas gur féidir le deochanna biotáilleacha, ar de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír iad agus ar contrártha d'Airteagal 18(2) a n-ainm, leanúint d'úsáid an ainmniúcháin faoinar margaíodh iad ar choinníoll go léireoidh ráiteas freasúra atá inghlactha faoi Airteagal 24(6) nó Airteagal 27 go ndéanfadh clárú an ainm dochar do bheithsine na nithe seo a leanas:

(a)

ainm atá comhionann ina iomláine nó ainm comhshuite ar comhionann téarma amháin de agus an t-ainm atá le clárú; nó

(b)

ainmneacha eile atá cosúil leis an ainm atá le clárú a thagraíonn do dheochanna biotáilleacha atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 26(2).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

2.   Gan dochar d'Airteagal 36, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sínfear an idirthréimhse a deonaíodh faoi mhír 1 suas le 15 bliana, nó lena gceadófar leanúint den úsáid ar feadh suas le 15 bliana i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, ar choinníoll go léireofar an méid seo a leanas:

(a)

tá an t-ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 in úsáid go dleathach, go leanúnach agus go cóir le 25 bliana anuas ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chosaint faoi bhráid an Choimisiúin;

(b)

níorbh é cuspóir, ag am ar bith, d'úsáid an ainmniúcháin dá dtagraítear i mír 1 tairbhe a bhaint as cáil an táisc gheografaigh chláraithe; agus

(c)

níor cuireadh an tomhaltóir ar míthreoir ná ní fhéadfaí é a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh an táirge.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

3.   Agus ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 á úsáid, beidh sonraíocht na tíre tionscnaimh le feiceáil go soiléir agus go sofheicthe ar an lipéad.

Airteagal 30

Cinneadh faoi chlárú

1.   Más rud é, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún ón ngrinnscrúdú a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 26(1), go measann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha maidir le tásc geografach beartaithe a chlárú á gcomhlíonadh, déanfaidh sé an Ballstát nó an tríú tír iarrthaigh lena mbaineann a chur ar an eolas maidir leis na cúiseanna a bhaineann leis an diúltú agus tabharfaidh sé 2 mhí dó nó di barúlacha a thíolacadh. Mura bhfaighidh an Coimisiún barúlacha nó, d'ainneoin na mbarúlacha a fuair sé, má mheasann sé go fóill nach bhfuil na coinníollacha don chlárú comhlíonta, déanfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an t-iarratas a dhiúltú mura n-aistarraingeofar an t-iarratas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

2.   Mura bhfaighidh an Coimisiún aon fhógra freasúra nó aon ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha faoi Airteagal 27, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) a chur i bhfeidhm, chun an t-ainm a chlárú.

3.   Tar éis na gcomhairliúchán iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 27(3), agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh, má fhaigheann an Coimisiún ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

má thángthas ar chomhaontú, cláróidh sé an t-ainm trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) a chur i bhfeidhm, agus, más gá, leasóidh sé an fhaisnéis a foilsíodh de bhun Airteagal 26(2) ar choinníoll nach leasuithe substaintiúla iad; nó

(b)

murar thángthas ar chomhaontú, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndéanfar cinneadh maidir leis an gclárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

4.   Déanfar gníomhartha clárúcháin agus cinntí maidir le diúltú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Leis an ngníomh clárúcháin, deonófar an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 don tásc geografach.

Airteagal 31

Leasú ar shonraíocht táirge

1.   Féadfaidh aon ghrúpa a bhfuil leas dlisteanach acu iarratas a dhéanamh ar leasú ar shonraíocht táirge a fhormheas.

Tabharfar tuairisc in iarratais ar na leasuithe atá á n-iarraidh agus cuirfear fáthanna leo.

2.   Déanfar leasuithe ar shonraíocht táirge a aicmiú in dhá chatagóir ó thaobh na tábhachta atá ag baint leo:

(a)

leasuithe Aontais lena n-éilítear nós imeachta freasúra ar leibhéal an Aontais;

(b)

leasuithe caighdeánacha a gcaithfear déileáil leo ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal tríú tír.

3.   Measfar gur leasú Aontais é leasú más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

áirítear leis athrú ar ainm nó ar aon chuid d'ainm an táisc gheografaigh atá cláraithe faoin Rialachán seo;

(b)

is é atá ann athrú ar an ainm dlithiúil nó ar chatagóir na dí biotáillí;

(c)

tá baol ina leith go ndéanfadh sé cáilíocht, cáil nó saintréith eile na dí biotáillí atá inchurtha go bunúsach i leith a tionscnaimh gheografaigh a chur ar neamhní; nó

(d)

gabhann srianta breise leis i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.

Measfar gur leasuithe caighdeánacha iad aon leasuithe eile.

Measfar gur leasú sealadach é leasú caighdeánach freisin i gcás ina mbaineann sé le hathrú sealadach ar an tsonraíocht táirge a tharla toisc gur fhorchuir údaráis phoiblí bearta éigeantacha sláintíochta agus fíteashláintíochta nó toisc é a bheith bainteach le tubaistí nádúrtha nó drochaimsir arna sainaithint go foirmiúil ag na húdaráis inniúla.

4.   Déanfaidh an Coimisiún leasuithe Aontais a fhormheas. Leanfaidh an nós imeachta formheasa, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 go Airteagal 30. Maidir le hiarratais ar leasuithe Aontais arna dtíolacadh ag tríú tír nó ag táirgeoirí tríú tír, beidh cruthúnas ag gabháil leo go bhfuil na leasuithe atá á n-iarraidh acu ag comhlíonadh na ndlíthe is infheidhme sa tríú tír sin maidir le tásca geografacha a chosaint.

5.   Is é an Ballstát ar ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann a fhormheasfaidh leasuithe caighdeánacha. Maidir le tríú tíortha, déanfar leasuithe a fhormheas i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa tríú tír lena mbaineann.

6.   Is ag díriú ar an leasú atá molta agus ar an leasú sin amháin a bheifear leis an ngrinnscrúdú ar an iarratas ar leasú.

Airteagal 32

Cealú

1.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun clárú táisc gheografaigh a chealú, i gceann amháin de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach féidir a áirithiú a thuilleadh go bhfuil ceanglais na sonraíochta táirge á gcomhlíonadh;

(b)

i gcás nár cuireadh táirge ar an margadh faoin tásc geografach ar feadh 7 mbliana as a chéile ar a laghad.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 24, 26, 27, 28 agus 30 maidir le nós imeachta an chealaithe.

2.   D'ainneoin mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do tháirgeoirí na dí biotáillí atá á mhargú faoin tásc geografach cláraithe, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an clárú comhfhreagrach a chealú.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, sula nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme, rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis an Bhallstáit, le húdaráis an tríú tír nó, más féidir, leis an táirgeoir tríú trí a chuir iarratas isteach ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann i dtosach, mura ndéanann na hiarratasóirí bunaidh sin iarratas díreach ar chealú.

4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

Airteagal 33

Clár na dtásc geografach ar dheochanna biotáilleacha

1.   Faoin 8 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí chlár leictreonach de thásca geografacha ar dheochanna biotáilleacha a shainaithnítear faoin scéim seo, a mbeidh rochtain ag an bpobail air agus a choimeádfar cothrom le dáta, a bhunú (“an clár”)

2.   Déanfar ainm táisc gheografaigh a chlárú ina script bhunaidh. I gcás nach i litreacha Laidineacha a bheidh an script bhunaidh, déanfar tras-scríobh nó traslitriú i litreacha Laidineacha a chlárú in éineacht leis an ainm ina script bhunaidh.

Le haghaidh tásca geografacha a chláraítear faoin gCaibidil seo, cuirfidh an clár rochtain dhíreach ar fáil ar dhoiciméid aonair agus beidh le fáil ann freisin tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.

Le haghaidh tásca geografacha a chlárófar roimh an 8 Meitheamh 2019, cuirfidh an clár rochtain dhíreach ar fáil ar phríomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil mar a leagtar amach in Airteagal 17(4) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an mhír seo trí rialacha mionsonraithe breise a leagan síos maidir le foirm agus le hinneachar an chláir.

3.   Féadfar tásca geografacha a bhaineann le deochanna biotáilleacha a táirgeadh i dtríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas de bhun comhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann a chur isteach sa chlár mar thásca geografacha.

Airteagal 34

Tásca geografacha comhainmneacha

1.   Aon ainm a gcuirtear iarratas isteach ina leith, más comhainm ina iomláine nó i bpáirt é de chuid ainm atá cláraithe faoin Rialachán seo cheana, clárófar an t-ainm sin agus aird chuí á tabhairt ar an gcaoi a n-úsáidtear é go traidisiúnta agus go háitiúil agus ar aon bhaol mearbhaill a d'fhéadfadh a bheith ann.

2.   Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuireann an tomhaltóir ar míthreoir sa chaoi go gcreideann an té sin gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn a mhéid a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí sin.

3.   Beidh úsáid táisc gheografaigh chomhainmnigh chláraithe faoi réir leordhóthain difríochta a bheith ann sa chleachtas idir an comhainm a cláraíodh ina dhiaidh sin agus an t-ainm atá sa chlár cheana féin, ag féachaint don ghá atá ann caitheamh go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus an gá atá ann nach gcuirfí an tomhaltóir ar míthreoir.

4.   Ní dochar cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo do na tásca geografacha faoi chosaint agus na hainmniúcháin tionscnaimh táirgí faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 251/2014.

Airteagal 35

Forais shonracha le cosaint a dhiúltú

1.   Ní dhéanfar ainm cineálach a chosaint mar thásc geografach.

Lena fháil amach cé acu atá ainm anois cineálach nó nach bhfuil, cuirfear na tosca ábhartha go léir san áireamh, go háirithe:

(a)

an staid mar atá sé san Aontas, go háirithe i réimsí tomhaltais;

(b)

reachtaíocht ábhartha an Aontais nó an reachtaíocht ábhartha náisiúnta.

2.   Ní dhéanfar ainm a chosaint mar thásc geografach más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, go bhféadfadh an chosaint an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le fíorchéannacht na dí biotáillí.

3.   Ní dhéanfar ainm a chosaint mar thásc geografach ach amháin más rud é gur tharla céimeanna an táirgthe a bhronann ar an deoch bhiotáilleach cáilíocht, cáil nó saintréithe eile atá inchurtha go bunúsach i leith a tionscnaimh gheografaigh, laistigh den limistéar geografach ábhartha.

Airteagal 36

An caidreamh idir trádmharcanna agus tásca geografacha

1.   Déanfar clárú trádmhairc, ar trádmharc é a gcomhfhreagraíonn a úsáid, nó a gcomhfhreagródh a úsáid, do cheann amháin nó níos mó de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(2), a dhiúltú nó a neamhbhailiú.

2.   Trádmharc, a gcomhfhreagraíonn a úsáid do cheann amháin nó níos mó de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(2), ar cuireadh iarratas isteach ina leith, a cláraíodh, nó a bunaíodh trí úsáid, má fhoráiltear don fhéidearthacht sin leis an reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, roimh an dáta ar cuireadh an t-iarratas ar chosaint an táisc gheografaigh faoi bhráid an Choimisiúin, féadfar leanúint dá úsáid agus dá athnuachan in ainneoin chlárú an táisc gheografaigh, ar choinníoll nach ann d'aon fhoras lena neamhbhailíochtú nó lena aisghairm faoi Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) nó Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

Airteagal 37

Tásca geografacha cláraithe atá ann cheana

Tásca geografacha deochanna biotáilleacha atá cláraithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus atá, ar an dóigh sin, cosanta faoin Rialachán sin, beidh cosaint uathoibríoch acu mar thásca geografacha faoin Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún iad a liostú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo.

Airteagal 38

Comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú

1.   Déanfaidh na Ballstáit liosta oibreoirí a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta, ar oibreoirí iad a tháirgeann deochanna biotáilleacha a bhfuil tásc geografach ag gabháil leo agus atá cláraithe faoin Rialachán seo.

2.   Maidir le tásca geografacha lena n-ainmnítear deochanna biotáilleacha de thionscnamh an Aontais atá cláraithe faoin Rialachán seo, sula gcuirfear an táirge ar an margadh, déanfaidh na comhlachtaí seo a leanas comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú:

(a)

údarás inniúil amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 43(1); nó

(b)

comhlachtaí rialaithe de réir bhrí phointe 5 den dara fo-mhír d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, ag feidhmiú dóibh mar chomhlacht deimhnithe táirge.

I gcás ina gcuirfidh Ballstát Airteagal 24(2) i bhfeidhm, déanfaidh údarás seachas údarás a mheastar a bheith ina ghrúpa faoin mír sin an fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a áirithiú.

D'ainneoin dhlí náisiúnta na mBallstát, féadfaidh na hoibreoirí atá faoi réir na rialuithe sin costais an fhíoraithe sin ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a sheasamh.

3.   Maidir le tásca geografacha lena n-ainmnítear deochanna biotáilleacha de thionscnamh tríú tír atá cláraithe faoin Rialachán seo, sula gcuirfear an táirge ar an margadh, déanfaidh ceann amháin de na comhlachtaí seo a leanas comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú:

(a)

údarás inniúil poiblí arna ainmniú ag an tríú tír; nó

(b)

comhlacht deimhnithe táirge.

4.   Poibleoidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 2, agus tabharfaidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta go tráthrialta.

Poibleoidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 3, agus tabharfaidh sé an fhaisnéis sin cothrom le dáta go tráthrialta.

5.   Na comhlachtaí rialaithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 agus na comhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, comhlíonfaidh siad caighdeán Eorpach ISO/IEC 17065:2012 nó aon athbhreithniú nó leagan leasaithe de is infheidhme amach anseo agus beidh siad creidiúnaithe i gcomhréir leis sin.

6.   Beidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 oibiachtúil agus neamhchlaon agus comhlíonadh na sonraíochta táirge ag an tásc geografach atá faoi chosaint faoin Rialachán seo á fhíorú acu. Beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích ar fáil dóibh.

Airteagal 39

Faireachas ar úsáid ainmneacha sa mhargadh

1.   Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, bunaithe ar anailís riosca, maidir le húsáid na dtásc geografach atá cláraithe faoin Rialachán seo sa mhargadh agus glacfaidh siad gach beart is gá i gcás sáruithe ar cheanglais na Caibidle seo.

2.   Glacfaidh na Ballstáit na céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach na n-ainmneacha táirgí nó seirbhísí a tháirgtear nó a ndéantar a mhargú ina gcríoch agus atá cumhdaithe ag tásca geografacha atá cláraithe faoin Rialachán seo.

Chuige sin, ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as na céimeanna sin a dhéanamh, i gcomhréir le nósanna imeachta a chinnfidh gach aon Bhallstát.

Tabharfaidh na húdaráis sin ráthaíochtaí leordhóthanacha i ndáil lena n-oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích ar fáil dóibh.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil atá freagrach as na rialuithe maidir le húsáid ainmneacha sa mhargadh, agus a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 43. Poibleoidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na n-údarás sin.

Airteagal 40

Nós imeachta agus ceanglais, agus pleanáil agus tuairisciú gníomhaíochtaí rialaithe

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta agus ag na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir leis na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 38 agus Airteagal 39 den Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíochtaí le haghaidh rialú ar oibleagáidí faoin gCaibidil seo a áireamh go sonrach i roinn ar leithligh laistigh de na pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla i gcomhréir le hAirteagal 41 go hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

3.   Sna tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 44(1) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, áireofar i roinn ar leithligh an fhaisnéis dá dtagraítear san fhoráil sin maidir leis na rialuithe ar na hoibleagáidí a bunaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 41

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí thuilleadh coinníollacha a leagan amach le leanúint, lena n-áirítear i gcásanna ina gcumhdaítear níos mó ná tír amháin le limistéar geografach, i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

iarratas maidir le tásc geografach amhail dá dtagraítear in Airteagal 23 agus Airteagal 24 a chlárú; agus

(b)

réamhnósanna imeachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24, grinnscrúdú ar pháirt an Choimisiúin, an nós imeachta freasúra, agus cur ar ceal na dtásc geografach.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí choinníollacha agus ceanglais a bhunú don nós imeachta maidir le leasuithe an Aontais agus le leasuithe caighdeánacha, lena n-áirítear leasuithe sealadacha, ar shonraíochtaí táirge dá dtagraítear in Airteagal 31.

Airteagal 42

Cumhachtaí cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

foirm na sonraíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 22, agus bearta i dtaobh na faisnéise atá le soláthar sa tsonraíocht i ndáil leis an nasc atá idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh amhail dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 22(1);

(b)

na nósanna imeachta maidir le freasúraí, agus foirm agus cur i láthair na bhfreasúraí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 27 agus Airteagal 28;

(c)

foirm agus cur i láthair na n-iarratas ar leasuithe de chuid an Aontais agus na cumarsáide a bhaineann le leasuithe caighdeánacha agus sealadacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 31(4) agus (5) faoi seach;

(d)

na nósanna imeachta maidir le próiseas an chealaithe agus foirm an phróisis sin dá dtagraítear in Airteagal 32, chomh maith le cur i láthair na n-iarrataí ar chealú; agus

(e)

na seiceálacha agus na fíoruithe atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tástáil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 38.

2.   Faoin 8 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta d'iarratais dá dtagraítear in Airteagal 23 agus Airteagal 24 agus foirm agus cur i láthair na n-iarratas sin, lena n-áirítear maidir le hiarratais a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin.

3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

CAIBIDIL IV

SEICEÁLACHA, MALARTÚ FAISNÉISE, REACHTAÍOCHT NA mBALLSTÁT

Airteagal 43

Seiceálacha ar dheochanna biotáilleacha

1.   Is iad na Ballstáit a bheidh freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar dheochanna biotáilleacha. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus ainmneoidh siad na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach agus, más gá, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha maidir le seiceálacha riaracháin agus fisiceacha atá le déanamh ag na Ballstáit maidir leis na hoibleagáidí a thig as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

Airteagal 44

Malartú faisnéise

1.   Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm in iúl dá chéile.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le nádúr agus cineál na faisnéise atá le malartú agus na modhanna chun faisnéis a mhalartú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

Airteagal 45

Reachtaíocht na mBallstát

1.   Agus beartas cáilíochta á chur i bhfeidhm acu maidir le deochanna biotáilleacha a tháirgtear ina gcríoch féin agus go háirithe maidir le tásca geografacha a liostaítear sa chlár nó chun tásca geografacha nua a chosaint, féadfaidh na Ballstáit rialacha is déine ná na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a leagan síos maidir le táirgeadh, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach le dlí an Aontais.

2.   D'ainneoin mhír 1, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar allmhairiú, ar dhíol ná ar thomhaltas deochanna biotáilleacha a tháirgtear i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha agus a chomhlíonann an Rialachán seo, ná ní chuirfidh siad srian leis an méid sin.

CAIBIDIL V

TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

ROINN 1

Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 46

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8 agus Airteagal 19 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 7 mbliana ón 24 Bealtaine 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 33 agus Airteagal 41 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 24 Bealtaine 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

4.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 50 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse sé bliana amhail ón 24 Bealtaine 2019.

5.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8, 19, 33, 41 agus 50 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

6.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

7.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

8.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8, 19, 33, 41 agus 50 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 47

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Dheochanna Biotáilleacha, a bunaíodh le Rialachán (CCE) Uimh. 1576/89, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

ROINN 2

Maolú, forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 48

Maolú ar cheanglais maidir le cainníochtaí ainmniúla i dTreoir 2007/45/CE

De mhaolú ar Airteagal 3 de Threoir 2007/45/CE, agus ar an séú ró i roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, is féidir shochu (26) aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais i gcainníochtaí ainmniúla 720 ml agus 1 800 ml.

Airteagal 49

Aisghairm

1.   Gan dochar d'Airteagal 50, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 le héifeacht ón 25 Bealtaine 2021. Aisghairtear Caibidil III de, áfach, le héifeacht ón 8 Meitheamh 2019.

2.   De mhaolú ar mhír 1:

(a)

leanfaidh Airteagal 17(2) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d'fheidhm a bheith aige go dtí an 25 Bealtaine 2021;

(b)

leanfaidh Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus, gan dochar d'infheidhmeacht fhorálacha eile Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún (27), Airteagal 9 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin d'fheidhm a bheith acu go dtí go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ach, in aon chás, ní leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu níos faide ná an 25 Bealtaine 2021; agus

(c)

leanfaidh Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d'fheidhm a bheith aici go dtí go gcuirfear ar bun an clár dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo.

3.   Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 50

Bearta idirthréimhseacha

1.   Deochanna biotáilleacha nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ach a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a táirgeadh roimh an 25 Bealtaine 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

2.   D'ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, maidir le deochanna biotáilleacha nach bhfuil an tuairisc, cur i láthair nó lipéadú atá acu i gcomhréir le hAirteagal 21 agus Airteagal 36 den Rialachán seo ach a chomhlíonann Airteagal 16 agus Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 8 Meitheamh 2019, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

3.   Go dtí an 25 Bealtaine 2025, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena leasaítear Airteagal 3(2), (3), (9), (10), (11) agus (12), Airteagal 10(6) agus (7), agus Airteagal 11, Airteagal 12 agus Airteagal 13 nó lena bhforlíontar an Rialachán seo trí mhaolú ar na forálacha sin.

Beidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír teoranta go docht do fhreastal ar riachtanais a léiríodh a bheith ann ar toradh iad ar imthosca an mhargaidh.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh i ndáil le gach sainmhíniú, gach sainmhíniú teicniúil nó gach ceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 22 go Airteagal 26, Airteagal 31 agus Airteagal 32 maidir leis na hiarratais ar chlárú nó ar leasú nó leis na hiarrataí ar chealú, atá ar feitheamh an 8 Meitheamh 2019. Leanfaidh Airteagail 17(4), (5) agus (6), 18 agus 21 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d'fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais agus iarrataí ar chealú den sórt sin.

Na forálacha maidir leis an nós imeachta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 27, Airteagal 28 agus Airteagal 29 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm acu maidir leis na hiarratais ar chlárú nó maidir leis na hiarratais ar leasú ar foilsíodh príomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil nó iarratas ar leasú, faoi seach, ina leith cheana féin le haghaidh freasúra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 8 Meitheamh 2019. Leanfaidh Airteagal 17(7) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d'fheidhm a bheith aige maidir le hiarratais den sórt sin.

Na forálacha maidir leis an nós imeachta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 27, Airteagal 28 agus Airteagal 29 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm acu maidir le hiarraidh ar chealú atá ar feitheamh an 8 Meitheamh 2019. Leanfaidh Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d'fheidhm a bheith aige maidir le hiarrataí ar chealú den sórt sin.

5.   Le haghaidh tásca geografacha arna gclárú faoi Chaibidil III den Rialachán seo agus dá raibh an t-iarratas ar chlárú ar feitheamh ar dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhm lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta d'iarratais dá dtagraítear in Airteagal 23, nó foirm agus cur i láthar na n-iarratas sin, dá bhforáiltear in Airteagal 42(2) den Rialachán seo, féadfaidh an clár rochtain dhíreach a sholáthar ar phríomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil de réir bhrí Airteagal 17(4) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008.

6.   Maidir le tásca geografach arna gclárú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát, doiciméad aonair a chuir an Ballstát sin faoina bhráid a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge ag gabháil leis an bhfoilsiú sin agus ní leanfaidh nós imeachta freasúra é.

Airteagal 51

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 25 Bealtaine 2021.

2.   D'ainneoin mhír 1, beidh feidhm ag Airteagal 16, pointe (c) d'Airteagal 20, Airteagail 21, 22 agus 23, Airteagal 24(1), (2) agus (3), an chéad fhomhír agus an dara fomhír d'Airteagal 24(4), Airteagal 24(8) agus (9), Airteagail 25 go 42, Airteagail 46 agus 47, Airteagal 50(1), (4) agus (6), pointí 39(d) agus 40(d) d'Iarscríbhinn I agus na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaineann leis na forálacha sin ón 8 Meitheamh 2019.

3.   Na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 8, Airteagal 19 agus Airteagal 50, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 46, agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 8(4) agus Airteagal 20, Airteagal 43 agus Airteagal 44, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 47, beidh feidhm acu ón 25 Bealtaine 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 209, 30.6.2017, lch. 54.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(7)  Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994, i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir le comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála (1986–1994) a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(9)  Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 ag leagan síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair deochanna biotáilleacha (IO L 160, 12.6.1989, lch. 1).

(10)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  IO L 330, 27.12.2018, lch. 3.

(13)  Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos na rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla táirgí réamhphacáilte, lena n-aisghairtear Treoracha 75/106/CEE agus 80/232/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle (IO L 247, 21.9.2007, lch. 17).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1670 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mhéid a bhaineann le cainníochtaí ainmniúla de shochu aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais (IO L 284, 12.11.2018, lch. 1).

(15)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).

(16)  Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí nádúrtha a shaothrú agus a mhargú (IO L 164, 26.6.2009, lch. 45).

(17)  Treoir 2001/111/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 53).

(18)  Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO L 10, 12.1.2002, lch. 47).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go ndéantar comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus rialacha leasa ainmhithe a fhíorú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).

(24)  Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna ( IO L 336, 23.12.2015, lch. 1 ).

(25)  Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).

(26)  Dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2-D a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch.

(27)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2013 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha (IO L 201, 26.7.2013, lch. 21).


IARSCRÍBHINN I

CATAGÓIRÍ DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA

1.   Rum

(a)

Is deoch bhiotáilleach é rum ar trí dhriogadh an táirge a fhaightear trí choipeadh alcólach moláis nó síoróipe a tháirgtear i ndéantús siúcra cána nó sú cána siúcra é féin go heisiach a tháirgtear í, driogtha ag níos lú ná 96 % de réir toirte ionas go mbeidh saintréithe sobhraite orgánaileipteacha an rum ag an driogáit.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag rum.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar rum a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal breise a chur le rum ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar rum a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

I gcás na dtásc geografach atá cláraithe faoin Rialachán seo, féadfar an t-ainm dlíthiúil atá ar rum a fhorlíonadh leis an méid seo a leanas:

(i)

an téarma ‘traditionnel’ nó ‘tradicional’, ar choinníoll, maidir leis an rum i dtrácht:

gur táirgeadh é trí dhriogadh ag níos lú ná 90 % de réir toirte, tar éis choipeadh alcólach na n-ábhar táirgthe alcóil ar de thionscnamh eisiach na háite tionscnaimh atá á breithniú iad, agus

go bhfuil aige ábhar substaintí so-ghalaithe atá cothrom le 225 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte nó níos mó ná sin, agus

nach bhfuil sé milsithe;

(ii)

an téarma “talmhaíochta”, ar choinníoll go gcomhlíonann an rum i dtrácht na ceanglais faoi phointe (i) agus gur táirgeadh go heisiach é trí dhriogadh tar éis choipeadh alcólach an tsú cána siúcra. Ní fhéadfar an téarma “talmhaíochta” a úsáid ach amháin i gcás tásc geografach de roinn Fhrancach thar lear nó de Réigiún Féinrialaithe Mhaidéara.

Ní dochar an pointe seo d'úsáid an téarma“talmhaíochta”, ‘traditionnel’ nó ‘tradicional’ i dtaca le haon táirge nach bhfuil cumhdaithe ag an gcatagóir seo, i gcomhréir lena sainchritéar féin.

2.    Whiskywhiskey

(a)

Is deoch bhiotáilleach é whiskywhiskey ar trí na modhanna táirgthe seo a leanas ar fad a dhéanamh go heisiach a tháirgtear é:

(i)

driogadh maistreáin a dhéantar as gránbharra braichte le slánghráin ghránbharr neamhbhraichte eile, nó dá n-uireasa:

a siúcraíodh trí dhiastáis na braiche atá ann, le heinsímí nádúrtha eile nó gan iad,

a coipeadh trí ghníomhaíocht an ghiosta;

(ii)

déantar gach uile dhriogadh ag níos lú ná 94,8 % de réir toirte, ionas go mbeidh cumhra agus blas ar an driogáit a thagann as na hamhábhair a úsáidtear;

(iii)

aibiú na driogáite deiridh ar feadh 3 bliana ar a laghad i gcascaí adhmaid nach mó ná 700 lítear a dtoilleadh.

Coinneoidh an driogáit deiridh, nach féidir ach uisce agus caramal pléineáilte (ar mhaithe le dathú) a chur léi, an dath, an cumhra agus an blas a tháinig uirthi mar gheall ar an bpróiseas táirgthe dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii).

(b)

Is é 40 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag whisky nó ag whiskey.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar whiskywhiskey a mhilsiú, fiú amháin chun barr blais deireanach a chur air, ná a bhlaistiú, ná ní bheidh aon bhreiseán eile ann seachas caramal pléineáilte (E 150a) a úsáidtear chun an dath a choigeartú.

(e)

Ní fhéadfar an t-ainm dlíthiúil ‘whisky’nó ‘whiskey’ a fhorlíonadh leis an téarma “fuisce aon bhraiche”ach amháin i gcás inar driogadh é go heisiach ó eorna bhraichte ag drioglann aonair amháin.

3.   Biotáille ghráin

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille ghráin ar trí dhriogadh maistreáin coipthe de bharra slánghráin go heisiach a tháirgtear í agus a bhfuil tréithe orgánaileipteacha aici a tháinig as na hamhábhair a úsáideadh.

(b)

Cé is moite de Korn, is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag biotáille ghráin.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille ghráin a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille ghráin ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille ghráin a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 10 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil “branda gráin” a bheith ag dul le biotáille ghráin más trí dhriogadh ag níos lú ná 95 % de réir toirte ó mhaistreán coipthe de bharra slánghráin a táirgeadh í, agus gnéithe orgánaileipteacha le sonrú a tháinig as na hamhábhair a úsáideadh.

(h)

San ainm dlíthiúil “biotáille ghráin” nó “branda gráin”, féadfar an focal “gráin” a ionadú le hainm an ghránaigh a úsáideadh go heisiach i dtáirgeadh na dí biotáillí.

4.   Biotáille fíona

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille fíona a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

is trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte ar fhíon, ar fhíon a neartaíodh don driogadh nó ar dhriogáit fíona a driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte a táirgeadh go heisiach í;

(ii)

tá ábhar substaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 125 ghram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte nó níos mó ná sin;

(iii)

tá inti uasmhéid meatánóil de 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag biotáille fíona.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille fíona a bhlaistiú. Ní chuirfear, leis sin, bac ar mhodhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille fíona ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille fíona a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

I gcás ina ndearnadh biotáille fíona a aibiú, féadfar leanúint lena cur ar an margadh mar “bhiotáille fíona” ar choinníoll gur aibíodh í ar feadh na tréimhse aibithe dá bhforáiltear i ndáil leis an deoch bhiotáilleach faoi mar a shainítear faoi chatagóir 5 nó ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse sin.

(h)

Ní dochar an Rialachán seo d'úsáid an téarma ‘Branntwein’ i gcomhcheangal leis an téarma ‘essig’ i gcur i láthair nó i lipéadú fínéagair.

5.    BrandyWeinbrand

(a)

Is deoch bhiotáilleach é brandyWeinbrand a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

déantar as biotáille fíona é ar féidir driogáit fíona a chur léi ar choinníoll go ndearnadh an driogáit fíona a dhriogadh ag níos lú ná 94,8 % de réir toirte, agus nach dtéann an driogáit fíona sin thar uasmhéid 50 % d'ábhar alcóil an táirge deiridh;

(ii)

rinneadh é a aibiú ar feadh na dtréimhsí seo a leanas, ar a laghad:

bliain amháin i gcoimeádáin darach a bhfuil toilleadh ar a laghad 1 000 lítear i ngach ceann díobh; nó

sé mhí i gcoimeádáin darach a bhfuil toilleadh níos lú ná 1 000 lítear i ngach ceann díobh;

(iii)

tá ábhar substaintí so-ghalaithe ann atá cothrom le 125 ghram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin, agus a fhaightear go heisiach ó dhriogadh na n-amhábhar a úsáideadh;

(iv)

tá ann uasmhéid meatánóil de 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(b)

Is é 36 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag brandyWeinbrand.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar brandyWeinbrand a bhlaistiú. Ní chuirfear, leis sin, bac ar mhodhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le brandyWeinbrand ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar brandyWeinbrand a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 35 ghram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

6.   Biotáille mairc fíonchaor nó marc fíonchaor

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille mairc fíonchaor nó marc fíonchaor a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

is as marc fíonchaor a choiptear agus a dhriogtar go díreach le gal uisce, nó tar éis uisce a chur leis, go heisiach a tháirgtear í agus comhlíontar an dá choinníoll seo a leanas ina leith freisin;

déantar gach aon driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte;

déantar an chéad driogadh i láthair an mhairc féin;

(ii)

féadfar cainníocht moirte a chur leis an marc fíonchaor nach mó ná 25 kg de mhoirt in aghaidh gach 100 kg de mharc fíonchaor a úsáidfear;

(iii)

ní rachaidh cainníocht iomlán an alcóil a fhaightear ón moirt thar 35 % de chainníocht an alcóil sa táirge deiridh;

(vi)

tá ábhar substaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 140 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte nó níos mó ná sin agus tá uasmhéid meatánóil de 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte inti.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille mairc fíonchaor nó i marc fíonchaor.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille mairc fíonchaor nó marc fíonchaor a bhlaistiú. Ní chuirfear, leis sin, bac ar mhodhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille mairc fíonchaor nó marc fíonchaor ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille mairc fíonchaor a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

7.   Biotáille mairc torthaí

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille mairc torthaí a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

is trí dhriogadh agus trí choipeadh mairc torthaí seachas marc fíonchaor a fhaightear í go heisiach agus comhlíontar an dá choinníoll seo a leanas ina leith:

déantar gach aon driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte;

déantar an chéad driogadh i láthair an mhairc féin;

(ii)

tá ábhar íosta substaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(iii)

is é 1 500 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte an t-uasmhéid meatánóil a bheidh inti;

(iv)

is é 7 ngram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte an t-uasmhéid aigéid hidricianaigh a bheidh inti i gcás biotáille mairc chlochthorthaí.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille mairc torthaí.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille mairc torthaí a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille mairc torthaí ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille mairc torthaí a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

Ainm an toraidh agus “biotáille mhairc” ar a lorg a bheidh san ainm dlíthiúil. Má úsáidtear marc roinnt torthaí éagsúla “biotáille mairc torthaí” a bheidh mar ainm dlíthiúil agus féadfar é sin a fhorlíonadh le hainm gach toraidh in ord laghdaitheach na cainníochta a úsáideadh.

8.   Biotáille rísíní nó raisin brandy

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille rísíní nó raisin brandy ar trí dhriogadh an táirge a fhaightear trí choipeadh alcólach eastóscáin fíonchaor thriomaithe de chineál “Fíonchaor Dubh na Corainte” nó “Moscatel Alexandria” go heisiach a tháirgtear í, driogtha ag níos lú ná 94,5 % de réir toirte ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a thagann ón amhábhar a úsáidtear.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil a bheidh i mbiotáille rísíní nó raisin brandy.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille rísíní nó raisin brandy a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille rísíní nó raisin brandy ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille rísíní nó raisin brandy a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

9.   Biotáille torthaí

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille torthaí a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

is trí choipeadh alcólach agus trí dhriogadh alcólach torthaí úra agus méithe, lena n-áirítear bananaí, nó úrfhíon na dtorthaí, na gcaor nó na nglasraí sin, bíodh clocha iontu nó ná bíodh, go heisiach a tháirgtear í;

(ii)

déanfar gach aon driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a tháinig ó na táirgí driogtha;

(iii)

tá ábhar substaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin;

(iv)

i gcás biotáillí clochthorthaí, ní mó ná 7 ngram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte an méid aigéid hidricianaigh a bheidh iontu.

(b)

Is é 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte an t-uasmhéid meatánóil a bheidh i mbiotáille torthaí, ach amháin sna cásanna seo a leanas.

(i)

i gcás biotáillí torthaí a tháirgtear ó na torthaí nó na caora seo a leanas, agus ar ina leith a bheidh uasmhéid meatánóil de 1 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte:

úll (Malus domestica Borkh.),

aibreoga (Prunus armeniaca L.),

pluma (Prunus domestica L.),

pluma quetsch (Prunus domestica L.),

miribéal (Prunus domestica L. subsp. syriaca (Borkh.) Janch. ex Mansf.),

péitseog (Prunus persica (L.) Batsch),

piorra (Pyrus communis L.), seachas piorraí Williams (Pyrus communis L. cv “Williams”),

sméar dhubh (Rubus sect. Rubus),

sú craobh (Rubus idaeus L.).

(ii)

i gcás biotáillí torthaí a tháirgtear ó na torthaí nó na caora seo a leanas, agus ar ina leith a bheidh uasmhéid meatánóil de 1 350 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte:

cainche (Cydonia oblonga Mill.),

caor aitil (Juniperus communis L. nó Juniperus oxicedrus L.),

piorra Williams (Pyrus communis L. cv “Williams”),

cuirín dubh (Ribes nigrum L.),

cuirín dearg (Ribes rubrum L.),

mogóir róis (Rosa canina L.),

caor troim (Sambucus nigra L.),

caor chaorthainn (Sorbus aucuparia L.),

caor shoirb (Sorbus domestica L.),

crann soirb fiáin (Sorbus torminalis (L.) Crantz).

(c)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille torthaí.

(d)

Ní dhéanfar biotáille torthaí a dhathú.

(e)

D'ainneoin phointe (d) den chatagóir seo agus de mhaolú ar chatagóir bia 14.2.6 de Chuid E d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, féadfar úsáid a bhaint as caramal chun dath na mbiotáillí torthaí a choigeartú, ar biotáillí iad ar tugadh chun cineáil iad ar feadh bliana ar a laghad agus iad i dteagmháil le hadhmad.

(f)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(g)

Ní dhéanfar biotáille torthaí a bhlaistiú.

(h)

Féadfar biotáille torthaí a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 18 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(i)

Is é “biotáille” agus é forlíonta le hainm an toraidh, na caoire nó an ghlasra an t-ainm dlíthiúil a bheidh ar bhiotáille torthaí. Sa Bhulgáiris, sa tSeicis, sa Ghréigis, sa Chróitis, sa Pholainnis, sa Rómáinis, sa tSlóvaicis agus sa tSlóivéinis, féadfar an t-ainm dlíthiúil a chur in iúl le hainm an toraidh, na caoire nó an ghlasra, agus é forlíonta le hiarmhír.

De rogha air sin:

(i)

féadfar ‘wasser’, agus sin in úsáid in éineacht le hainm an toraidh, a bheith mar an t-ainm dlíthiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír;

(ii)

féadfar na hainmneacha dlíthiúla seo a leanas a úsáid sna cásanna seo a leanas:

kirsch’ le haghaidh biotáille silíní (Prunus avium (L.) L.);

“plum”, “quetsch” nó “slivovitz” le haghaidh biotáille phluma (Prunus domestica L.);

“miribéal” le haghaidh biotáille mhiribéil (Prunus domestica L. subsp. syriaca (Borkh.) Janch. ex Mansf.);

“toradh caithne” le haghaidh thoradh na biotáille caithne (Arbutus unedo L.);

“Golden Delicious” le haghaidh biotáille úll (Malus domestica var. “Golden Delicious”);

Obstler’ le haghaidh biotáille torthaí a tháirgtear o thorthaí, bíodh sin le caora nó gan chaora, ar choinníoll gur díorthaíodh ar a laghad 85 % den mhaistreán ó chineálacha éagsúla úll, piorra nó an dá cheann.

Ní fhéadfar an t-ainm ‘Williams’ nó “Williams” a úsáid ach chun biotáille piorraí a tháirgtear as piorraí den chineál “Williams” agus astu sin amháin a chur ar an margadh.

Más baolach nach furasta don tomhaltóir deiridh ceann de na hainmneacha dlíthiúla sin a thuiscint nach bhfuil an focal “biotáille” dá dtagraítear sa phointe seo mar chuid díobh, beidh an focal “biotáille” sa tuairisc, sa lipéadú agus sa chur i láthair, agus féadfar sin a fhorlíonadh le míniúchán.

(j)

Aon uair a dhriogtar dhá thoradh nó níos mó, dhá chaor nó níos mó nó dhá ghlasra nó níos mó le chéile, cuirfear an táirge ar an margadh faoin ainm dlíthiúil mar a leanas:

“biotáille torthaí” le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó thorthaí nó ó chaora nó ón dá cheann araon a dhriogadh; nó

“biotáille glasraí” le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó ghlasraí a dhriogadh; nó

“biotáille torthaí agus glasraí”, le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear ó theaglaim de thorthaí, caora agus glasraí a dhriogadh.

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh le hainm gach toraidh, caoire nó glasra a, in ord laghdaitheach na cainníochta a úsáideadh.

10.   Biotáille leanna úll, biotáille leanna piorraí agus biotáille leanna úll agus piorraí

(a)

Is deochanna biotáilleacha iad biotáille leanna úll, biotáille leanna piorraí agus biotáille leanna úll agus piorraí a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

is trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte ar leann úll nó ar leann piorraí go heisiach a tháirgtear iad ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a thagann ó na torthaí;

(ii)

tá ábhar substaintí so-ghalaithe iontu atá cothrom le 200 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte nó níos mó ná sin iontu;

(iii)

tá uasmhéid meatánóil de 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte iontu.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille leanna úll, i mbiotáille leanna piorraí agus i mbiotáille leanna úll agus piorraí.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille leanna úll, biotáille leanna piorraí agus biotáille leanna úll agus piorraí a bhlaistiú. Ní chuirfear, leis sin, bac ar mhodhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille leanna úll, le biotáille leanna piorraí agus le biotáille leanna úll agus piorraí ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille leanna úll, biotáille leanna piorraí agus biotáille leanna úll agus piorraí a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 15 ghram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

Seo a leanas mar a bheidh an t-ainm dlíthiúil:

“biotáille leanna úll” le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó leann úll a dhriogadh;

“biotáille leanna piorraí” le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó leann piorraí a dhriogadh; nó

“biotáille leanna úll agus piorraí” le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó leann úll agus piorraí a dhriogadh;

11.   Biotáille mheala

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille mheala a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

is trí choipeadh agus trí dhriogadh maistreáin meala go heisiach a tháirgtear í;

(ii)

driogtar í ag níos lú ná 86 % de réir toirte ionas go mbíonn na tréithe orgánaileipteacha ag an driogáit a tháinig ón amhábhar a úsáideadh.

(b)

Is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille mheala.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille mheala a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille mheala ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Ní fhéadfar biotáille mheala a mhilsiú ach le mil amháin chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de mhil, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

12.    Hefebrand nó biotáille mhoirte

(a)

Is deoch bhiotáilleach é Hefebrand nó biotáille mhoirte ar trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte ar mhoirt fíona, ar mhoirt bheorach nó ar mhoirt torthaí coipthe go heisiach a tháirgtear í.

(b)

Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Hefebrand nó i mbiotáille mhoirte.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar Hefebrand nó biotáille mhoirte a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le Hefebrand nó biotáille mhoirte ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar Hefebrand nó biotáille mhoirte a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

Déanfar an t-ainm dlíthiúil ‘Hefebrand’ nó “biotáille mhoirte” a fhorlíonadh le hainm na n-amhábhar a úsáideadh.

13.   Biotáille bheorach

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille bheorach a tháirgtear go heisiach trí dhriogadh díreach faoi ghnáthbhrú ar bheoir úr ar lú ná 86 % a neart alcóil de réir toirte, ionas go mbíonn tréithe orgánaileipteacha ag an driogáit a thagann as an mbeoir.

(b)

Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille bheorach.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar biotáille bheorach a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille bheorach ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar biotáille bheorach a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

14.    Topinambur nó biotáille bliosán gréine

(a)

Is deoch bhiotáilleach é topinambur nó biotáille bliosán gréine ar trí choipeadh agus trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % toirte ar thiúbair bliosán gréine (Helianthus tuberosus L.) go heisiach a tháirgtear í.

(b)

Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in topinambur nó i mbiotáille bliosán gréine.

(c)

Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)

Ní dhéanfar topinambur nó biotáille bliosán gréine a bhlaistiú.

(e)

Ní fhéadfar caramal a chur le topinambur nó biotáille bliosán gréine ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)

Féadfar topinambur nó biotáille bliosán gréine a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

15.   Vodca

(a)

Is deoch bhiotáilleach é vodca a tháirgtear as alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a fhaightear tar éis coipeadh a dhéanamh le giosta ó cheann amháin de na nithe seo a leanas:

prátaí nó gránbharra nó an dá rud,

amhábhair talmhaíochta eile,

agus trí dhriogadh a dhéanamh orthu ionas go laghdaítear go roghnaíoch tréithe orgánaileipteacha na n-amhábhar a úsáidtear agus na bhfotháirgí a fhoirmítear le linn an choipthe.

Féadfar driogadh breise a dhéanamh i ndiaidh an phróisis sin nó cóireáil a dhéanamh le cúntóirí próiseála iomchuí, nó leis an dá rud, lena n-áirítear cóireáil le fioghual gníomhachtaithe, le tréithe speisialta orgánaileipteacha a thabhairt dó.

Ní rachaidh uasleibhéil an iarmhair le haghaidh an alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta a úsáideadh chun vodca a tháirgeadh thar na leibhéil sin a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 5, ach amháin nach rachaidh an méid meatánóil thar 10 ngram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte.

(b)

Is é 37.5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i vodca.

(c)

Ní fhéadfar aon bhlastáin a chur leis ach na substaintí blaistithe nádúrtha nó na hullmhóidí blaistithe sin atá i láthair i ndriogáit a fhaightear ó na hamhábhair choipthe. Ina theannta sin, féadfar tréithe orgánaileipteacha speisialta, seachas príomhbhlas, a thabhairt don táirge.

(d)

Ní dhéanfar vodca a dhathú.

(e)

Féadfar vodca a mhilsiú barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 8 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(f)

Beidh an sonrú “arna tháirgeadh as …” le feiceáil go follasach maille le hainm na n-amhábhar a úsáideadh chun an t-alcól eitile de tháirgeadh talmhaíochta a tháirgeadh sa tuairisc, sa chur i láthair, agus sa lipéadú a dhéanfar ar vodca nach dtáirgfear go heisiach as prátaí nó gránbharra nó as iad araon. Beidh an tásc seo le feiceáil sa réimse amhairc céanna leis an ainm dlíthiúil.

(g)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil ‘vodka’ a bheith air in aon cheann de na Ballstáit.

16.   Biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú nó trí dhriogadh

(a)

Is deoch bhiotáilleach í biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú nó trí dhriogadh a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

táirgeadh í:

trí thorthaí, trí chaora nó trí chnónna a liostaítear faoi phointe (ii) a mhaothú, cibé acu más leathchoipthe nó neamhchoipthe atá siad, agus lenar féidir uasmhéid de 20 lítear d'alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó de bhiotáille nó de dhriogáit a dhíorthaítear ón toradh céanna, na caora deanna nó na cnónna céanna, nó teaglaim díobh sin, a chur léi in aghaidh gach 100 kg de thorthaí, de chaora nó de chnónna coipthe,

agus trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % toirte a dhéanamh ina dhiaidh sin; déantar gach driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte;

(ii)

táirgtear í ó na torthaí, na caora nó na cnónna seo a leanas:

chokeberry (Aronia Medik. nom cons.),

chokeberry dhubh (Aronia melanocarpa (Michx.) Elliott),

castán (Castanea sativa Mill.),

torthaí citris (Citrus spp.),

cnó coill (Corylus avellana L.),

lus na feannóige (Empetrum nigrum L.),

sú talún (Fragaria spp.),

draighean mara (Hippophae rhamnoides L.),

caor chuilinn (Ilex aquifolium agus Ilex cassine L.),

silín cornel (Cornus mas),

gallchnó (Juglans regia L.),

banana (Musa spp.),

miortal coiteann (Myrtus communis L.),

piorra deilgneach (Opuntia ficus-indica (L.) Mill.),

páiseog (Passiflora edulis Sims),

donnroisc (Prunus padus L.).

airne (Prunus spinosa L.),

cuirín dubh (Ribes nigrum L.),

cuirín geal (Ribes niveum Lindl.),

cuirín dearg (Ribes rubrum L.),

spíonán (Ribes uva-crispa L. syn. Ribes grossularia),

mogóir róis (Rosa canina L.),

dris an artaigh (Rubus arcticus L.),

eithreog shléibhe (Rubus chamaemorus L.),

sméar dhubh (Rubus sect. Rubus),

sú craobh (Rubus idaeus L.),

caor troim (Sambucus nigra L.),

caor chaorthainn (Sorbus aucuparia L.),

caor shoirb (Sorbus domestica L.),

caor shoirb fhiáin (Sorbus torminalis (L.) Crantz),

ambarella (Spondias dulcis Parkinson),

mombain bhuí (Spondias mombin L.),

fraochán gorm Meiriceánach (Vaccinium corymbosum L.),

mónóg fhiáin (Vaccinium oxycoccos L.),

fraochóg/fraochán (Vaccinium myrtillus L.),

bódhearc (Vaccinium vitis-idaea L.).

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú nó trí dhriogadh.

(c)

Ní dhéanfar biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a bhlaistiú.

(d)

Ní dhéanfar biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a dhathú.

(e)

D'ainneoin phointe (d) agus de mhaolú ar chatagóir bia 14.2.6 de Chuid E d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, féadfar úsáid a bhaint as caramal chun dath biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a choigeartú, ar biotáille í ar tugadh chun cineáil í ar feadh bliana ar a laghad agus í i dteagmháil le hadhmad.

(f)

Féadfar biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 18 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)

Maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh, beidh na focail “a fuarthas trí mhaothú agus trí dhriogadh” sa tuairisc, sa chur i láthair nó sa lipéadú i gcarachtair sa chló céanna, ar an méid céanna agus ar an dath céanna, agus ar an líne chéanna leis an bhfocal “biotáille (agus ainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna ina dhiaidh)”, agus, i gcás buidéal, ar an lipéad tosaigh.

17.    Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh)

(a)

Is deoch bhiotáilleach é Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) a tháirgtear trí mhaothú torthaí agus caor neamhchoipthe a liostaítear i bpointe (a) (ii) de chatagóir 16 de ghrúpa B nó glasraí, cnónna, nó ábhair plandaí eile amhail luibheanna nó peitil róis nó beacáin in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, agus trí dhriogadh ina dhiaidh sin ag níos lú ná 86 % de réir toirte.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh).

(c)

Is deoch bhiotáilleach é Geist (arna fhorlíonadh le hainm toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) a bhlaistiú

(d)

Ní dhéanfar Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) a dhathú.

(e)

Féadfar Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 10 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(f)

Féadfar an téarma ‘-geist’ agus téarma eile seachas ainm an toraidh, an phlanda nó amhábhair eile roimhe, a fhorlíonadh leis an ainm dlíthiúil atá ar dheochanna biotáilleacha agus deochanna alcólacha eile, ar choinníoll nach gcuireann sé sin an tomhaltóir ar míthreoir.

18.   Ceadharlach

(a)

Is deoch bhiotáilleach é ceadharlach a dhéantar as driogáit cheadharlaigh a fhaightear ó choipeadh fréamhacha ceadharlaigh a gcuirtear alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta leis nó nach gcuirtear.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag ceadharlach.

(c)

Ní dhéanfar ceadharlach a bhlaistiú.

19.   Deoch bhiotáilleach faoi bhlas aitil

(a)

Is deochbhiotáilleach é deoch bhiotáilleach faoi bhlas aitil a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó biotáille ghráin nó driogáit ghráin nó teaglaim díobh a bhlaistiú le caora aitil (Juniperus communis L. nó Juniperus oxicedrus L.).

(b)

Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag deoch bhiotáilleach faoi bhlas aitil.

(c)

Féadfar substaintí nádúrtha nó ullmhóidí blaistithe nó plandaí a bhfuil saintréithe blaistithe acu nó codanna de phlandaí a bhfuil saintréithe blaistithe acu nó teaglaim díobh a úsáid sa bhreis ar chaora aitil, ach ní mór tréithe orgánaileipteacha aitil a bheith inaitheanta, fiú sa chás go mbíonn siad maolaithe uaireanta.

(d)

Féadfaidh an t-ainm dlíthiúil ‘Wacholder’ nó ‘genebra’ a bheith ar dheoch bhiotáilleach faoi bhlas aitil.

20.    Gin

(a)

Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an aitil uirthi é gin a tháirgtear trí alcól eitile de bhunús talmhaíochta, atá oiriúnach go horgánaileipteach, a bhlaistiú le caora aitil (Juniperus communis L.).

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in gin.

(c)

Is as substaintí blaistithe nó as ullmhóidí blaistithe amháin, nó as an dá rud, a bhainfear úsáid chun gin a tháirgeadh ionas gurb é blas an aitil an príomhbhlas a bhíonn air.

(d)

Féadfar an téarma ‘gin’ a fhorlíonadh leis an téarma ‘dry’ mura mbíonn aon mhilsiú breise ann a théann thar 0,1 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir den táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

21.    Gin driogtha

(a)

Is éard atá in gin driogtha:

(i)

deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an aitil uirthi agus ar trí dhriogadh a dhéanamh ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhfuil neart alcóil tosaigh de 96 % de réir toirte ann ar a laghad, go heisiach a tháirgtear í, i láthair caor aitil (Juniperus communis L.) agus luibheanna nádúrtha eile, ar choinníoll gurb é blas an aitil an príomhbhlas a bhíonn uirthi;

(ii)

teaglaim de tháirge an driogtha sin agus d'alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta atá ar an gcomhdhéanamh céanna, ar an íonacht chéanna agus ar an neart alcóil céanna; is féidir substaintí blaistithe nó ullmhóidí blaistithe mar a shainítear i bpointe (c) de chatagóir 20 de ghrúpa B, nó an dá rud, a úsáid freisin le gin driogtha a bhlaistiú.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in gin driogtha.

(c)

Ní mheasfar gur gin driogtha é gin a tháirgtear go díreach trí úscraí nó blastáin a chur le halcól eitile de thionscnamh talmhaíochta.

(d)

Féadfar an téarma ‘gin driogtha’ a fhorlíonadh leis an téarma ‘dry’, nó is féidir é a ionchorprú sa téarma sin mura mbíonn aon mhilsiú breise ann a théann thar 0,1 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir den táirge deiridh arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

22.    London gin

(a)

Is éard is London gin ann gin atá driogtha agus a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

táirgtear é go heisiach ó alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, arb é 5 ghram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte an t-uasmhéid meatánóil ann, agus ar trí dhriogadh a dhéanamh ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta i láthair na n-ábhar nádúrtha plandaí uile a úsáideadh go heisiach a chuirtear blas air;

(ii)

is driogáit í an driogáit is toradh air sin agus ina mbíonn ar a laghad 70 % alcóil de réir toirte;

(iii)

maidir le haon alcól eitile eile de thionscnamh talmhaíochta a chuirtear leis, comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 ach beidh inti uasmhéid meatánóil de 5 ghram in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % de réir toirte;

(iv)

níl sé dathaithe;

(v)

ní dhéantar é a mhilsiú le níos mó ná 0,1 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir den táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe;

(vi)

níl aon chomhábhar eile curtha leis seachas na comhábhair dá dtagraítear i bpointí (i), (iii) agus (v), agus uisce.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in London gin.

(c)

Féadfar an téarma ‘dry’ a chur leis an téarma ‘London gin’ nó é a ionchorprú sa téarma.

23.   Deoch bhiotáilleach faoi bhlas cearbhais nó Kümmel

(a)

Is deoch bhiotáilleach é deoch bhiotáilleach faoi bhlas cearbhais nó Kümmel a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le cearbhas (Carum carvi L.).

(b)

Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach a bhfuil blas an chearbhais nó Kümmel uirthi.

(c)

Féadfar substaintí blaistithe nó ullmhóidí blaistithe a úsáid, nó an dá rud, chomh maith ach beidh blas an chearbhais ar an bpríomhbhlas ann.

24.    Akvavitaquavit

(a)

Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an chearbhais nó blas an tsíl lusa mhín uirthi, nó blas an dá rud, é akvavitaquavit, a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a úsáid, agus atá blaistithe le driogáit de phlandaí nó de spíosraí.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in akvavitaquavit.

(c)

Féadfar substaintí blaistithe nádúrtha nó ullmhóidí blaistithe nádúrtha, nó an dá rud, a úsáid chomh maith ach beidh blas na ndeochanna seo le lua den chuid is mó le driogáití cearbhais (Carum carvi L.) nó le driogáití an tsíl lusa mhín (Anethum graveolens L.) nó leis an dá rud, agus cosc ar bhlátholaí a úsáid.

(d)

Ní fhágfaidh na substaintí searbha lorg róláidir ar an mblas; ní rachaidh méid an eastóscáin thirim thar 1,5 gram in aghaidh 100 millilítear.

25.   Deoch bhiotáilleach faoi bhlas an tsíl ainíse

(a)

Is deoch bhiotáilleach é deoch bhiotáilleach faoi bhlas an tsíl ainíse a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le heastóscáin nádúrtha réalt-ainíse (Illicium verum Hook f.), ainíse (Pimpinella anisum L.), finéil (Foeniculum vulgare Mill.), nó aon phlanda eile a bhfuil an príomh-chomhábhar spíosrach céanna ann, ag úsáid próiseas amháin díobh seo a leanas nó teaglaim díobh:

(i)

Maothú nó driogadh nó an dá rud;

(ii)

driogadh alcóil i láthair na síolta nó codanna eile de na plandaí a luaitear thuas;

(iii)

eastóscáin dhriogtha nádúrtha as plandaí a bhfuil bhlas an tsíl ainíse orthu a chur leis.

(b)

Is é 15 % an neart íosta de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach atá faoi bhlas an tsíl ainíse.

(c)

Ní fhéadfar deoch bhiotáilleach faoi bhlas an tsíl ainíse a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

(d)

Féadfar eastóscáin nádúrtha as plandaí eile a úsáid freisin, ach beidh blas an tsíl ainíse ina phríomhbhlas.

26.    Pastis

(a)

Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an tsíl ainíse uirthi é pastis a bhfuil eastóscáin nádúrtha na fréimhe liocrais (Glycyrrhiza spp.) inti freisin, rud a thabharfadh le tuiscint go bhfuil na datháin ar a dtugtar “cailceoin” ann chomh maith le haigéad gliciriseach, agus is 0,05 gram in aghaidh an lítir an t-uasleibhéal agus 0,5 gram in aghaidh an lítir an t-íosleibhéal díobh seo is ceadmhach a bheidh inti.

(b)

Is é 40 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in pastis.

(c)

Ní fhéadfar pastis a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

(d)

Beidh níos lú ná 100 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir in pastis, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, agus is 1,5 gram agus 2 ghram in aghaidh an lítir an t-uasleibhéal agus an t-íosleibhéal anatóil a bheidh ann, faoi seach.

27.    Pastis de Marseille

(a)

Is pastis é pastis de Marseille a bhfuil idir 1,9 agus 2,1 gram in aghaidh an lítir d'anatól ann agus a bhfuil blas láidir ainíse air.

(b)

Is é 45 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in pastis de Marseille.

(c)

Ní fhéadfar pastis de Marseille a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

28.    Anisjaneževec

(a)

Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an tsíl ainíse uirthi é anisjaneževec a dtagann an blas sainiúil a bhíonn uirthi go heisiach as ainís (Pimpinella anisum L.), réalt-ainís (Illicium verum Hook f.) nó finéal (Foeniculum vulgare Mill.) nó ó theaglaim díobh.

(b)

Is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in anisjaneževec

(c)

Ní fhéadfar anis nó janeževec a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

29.    Anis driogtha

(a)

Is anis driogtha é anis a bhfuil alcól ann a dhriogtar i láthair na síolta dá dtagraítear i bpointe (a) de chatagóir 28 agus, i gcás tásca geografacha, i láthair maisteoige agus síolta, plandaí nó torthaí aramatacha eile, ar choinníoll gurb ionann agus ar a laghad 20 % de neart alcóil anis driogtha an t-alcól sin.

(b)

Is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in anis driogtha.

(c)

Ní fhéadfar anis driogtha a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

30.   Deoch bhiotáilleach blais shearbh nó bitter

(a)

Is deoch bhiotáilleach é deoch bhiotáilleach blais shearbh nó bitter ar blas searbh is mó atá orthu a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó driogáit de thionscnamh talmhaíochta nó an dá rud a bhlaistiú le substaintí blaistithe nó le hullmhóidí blaistithe nó leis an dá rud.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach blais shearbh nó in bitter.

(c)

Gan dochar d'úsáid téarmaí den sórt sin i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia seachas deochanna biotáilleacha, féadfar deoch bhiotáilleach blais shearbh nó bitter a chur ar an margadh freisin faoi na hainmneacha “beoir shearbh” nó ‘bitter’ le téarma eile nó gan téarma eile.

(d)

D'ainneoin phointe (c), féadfar an téarma “beoir shearbh” nó ‘bitter’ a úsáid i dtuairisc, i gcur síos agus i lipéadú licéar blais shearbh.

31.   Vodca blaistithe

(a)

Is vodca blaistithe vodca ar cuireadh príomhbhlas air seachas blas na n-amhábhar a úsáideadh chun an vodca a tháirgeadh.

(b)

Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i vodca blaistithe.

(c)

Féadfar vodca blaistithe a mhilsiú, a chumasc, a bhlaistiú, a aibiú nó a dhathú.

(d)

Nuair a dhéantar vodca blaistithe a mhilsiú, ní bheidh níos mó ná 100 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(e)

Féadfar a úsáid mar ainm dlíthiúil ar vodca blaistithe ainm aon phríomhbhlais in éineacht leis an bhfocal “vodca”. Féadfar an téarma “vodca” in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais a ionadú le ‘vodka’.

32.   Deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó pacharán

(a)

Is deoch bhiotáilleach í deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó pacharán ar é blas airne an príomhbhlas atá ann agus a tháirgtear trí mhaothú a dhéanamh ar airní (Prunus spinosa) in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, le heastóscán nádúrtha d'ainís nó de dhriogáistí ainíse nó den dá cheann curtha léi.

(b)

Is é 25 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó in pacharán.

(c)

Chun deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó pacharán a tháirgeadh, úsáidfear íosmhéid 125 ghram d'airní in aghaidh an lítir den táirge deiridh.

(d)

Beidh méid táirgí milsithe i ndeoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó in pacharán, arna sloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, a bheidh idir 80 agus 250 gram in aghaidh gach lítir den táirge deiridh.

(e)

Is as na torthaí a úsáideadh agus as an ainís a thiocfaidh tréithe orgánaileipteacha, dath agus blas na dí biotáillí airne-chumhraithe nó pacharán.

(f)

Ní fhéadfar an téarma ‘pacharán’ a úsáid mar ainm dlíthiúil ach amháin nuair is sa Spáinn a tháirgtear an táirge. Nuair is lasmuigh den Spáinn a tháirgtear an táirge, ní fhéadfar ‘pacharán’ a úsáid ach amháin chun cur leis an ainm dlíthiúil “deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe”, ar choinníoll go bhfuil na focail seo a leanas ag gabháil leis: “arna tháirgeadh i/in/sa …”, maille le hainm an Bhallstáit nó an tríú tír inar táirgeadh é.

33.   Licéar

(a)

Is deoch bhiotáilleach é licéar:

(i)

a bhfuil na híosmhéideanna de tháirgí milsithe seo a leanas ann, arna sloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe:

70 gram in aghaidh an lítir do licéir silíní nó licéir de shilín searbh arb í biotáille silíní nó biotáille de shilín searbh an t-aon alcól eitile atá iontu,

80 gram in aghaidh an lítir do licéir atá blaistithe go heisiach le ceadharlach nó planda comhchosúil nó mormónta,

100 gram in aghaidh an lítir i ngach cás eile,

(ii)

a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó trí dhriogáit de thionscnamh talmhaíochta nó trí dheoch bhiotáilleach amháin nó níos mó nó teaglaim díobh, a milsíodh agus ar cuireadh leo ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de bhlastáin, de tháirgí de thionscnamh talmhaíochta nó d'earraí bia.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i licéar.

(c)

Féadfar substaintí blaistithe agus ullmhóidí blaistithe a úsáid chun licéar a tháirgeadh.

Ní fhéadfar, áfach, na licéir seo a leanas a bhlaistiú ach le hearraí bia blaistithe, le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha:

(i)

Licéir torthaí:

anann (Ananas),

toradh citris (Citrus L.),

draighean mara (Hippophae rhamnoides L.),

maoildearg (Morus alba, Morus rubra),

silín searbh (Prunus cerasus),

silín (Prunus avium),

cuirín dubh (Ribes nigrum L.),

dris an artaigh (Rubus arcticus L.),

eithreog shléibhe (Rubus chamaemorus L.),

sú craobh (Rubus idaeus L.),

mónóg fhiáin (Vaccinium oxycoccos L.),

fraochóg/fraochán (Vaccinium myrtillus L.),

bódhearc (Vaccinium vitis-idaea L.);

(ii)

licéir plandaí:

génépi (Artemisia genepi),

ceadharlach (Gentiana L.),

mismín (Mentha L.),

ainís (Pimpinella anisum L.),

(d)

Féadfar ‘liqueur’ a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil in aon Bhallstát agus:

i gcás na licéar a tháirgtear trí mhaothú a dhéanamh ar shilíní searbha nó ar shilíní (Prunus cerasusPrunus avium) in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, féadfar ‘guignolet’ nó ‘češnjevec’ a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis téarma “licéar” nó dá uireasa;

i gcás na licéar a tháirgtear trí mhaothú a dhéanamh ar shilíní searbha (Prunus cerasus) in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, féadfar ‘ginja’ nó ‘ginjinha’ nó ‘višnjevec’ a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis téarma “licéar” nó dá uireasa;

i gcás na licéar arb ó rum go heisiach a fhaightear an méid iomlán alcóil atá ann, féadfar ‘punch au rhum’ a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis téarma “licéar” nó dá uireasa;

gan dochar do phointe (2) d'Airteagal 3, do phointe (b) d'Airteagal 10(5) agus d'Airteagal 11, i gcás na licéar ina bhfuil bainne nó táirgí bainne, féadfar “uachtar” agus é forlíonta ag ainm an amhábhair a úsáideadh lena dtugtar an príomhbhlas don licéar a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis an téarma “licéar” nó dá uireasa.

(e)

Féadfar na comhthéarmaí seo a leanas a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú licéar a tháirgtear san Aontas, nuair a úsáidtear alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó driogáit de thionscnamh talmhaíochta chun aithris a dhéanamh ar mhodhanna táirgeachta seanbhunaithe:

prune brandy;

orange brandy;

apricot brandy;

cherry brandy;

solbaerrom nó rum cuiríní dubha.

Maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú na licéar dá dtagraítear sa phointe seo, beidh an comhthéarma le feiceáil orthu ar líne amháin i gcarachtair aonfhoirmeacha a bhfuil an cló céanna agus an dath céanna orthu agus beidh an fhocal “licéar” gar dó i gcarachtair nach lú ná an cló sin. Murar ón deoch bhiotáilleach a luaitear a tháinig an t-alcól, taispeánfar a thionscnamh ar an lipéad sa réimse radhairc céanna leis an gcomhthéarma agus leis an bhfocal “licéar”, trí chineál an alcóil talmhaíochta a lua nó trí na focail “alcól talmhaíochta” a úsáid agus “déanta as” nó “déanta le” roimhe gach uair.

(f)

Gan dochar d'Airteagal 11 agus Airteagal 12 agus d'Airteagal 13(4), féadfar an t-ainm dlíthiúil “licéar” a fhorlíonadh le hainm an bhlaistithe nó an earra bia a thugann an príomhbhlas don deoch bhiotáilleach, ar choinníoll gurb ó earraí bia blaistithe, ullmhóidí blaistithe agus substaintí nádúrtha blaistithe a thagann ón amhábhar dá dtagraítear in ainm an bhlaistithe nó an earra bia a thagann an blas atá ar an deoch bhiotáilleach, gan a bheith forlíonta ag substaintí blaistithe ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis sin chun blas an amhábhair a neartú.

34.   Crème de (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó le hainm amhábhair eile a úsáideadh)

(a)

Is licéar é Crème de (arna fhorlíonadh le hainm toraidh nó amhábhair eile a úsáideadh) ina bhfuil íosmhéid de tháirgí milsithe de 250 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Crème de (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair eile a úsáideadh).

(c)

Beidh feidhm maidir leis an deoch bhiotáilleach sin ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 33.

(d)

Ní áireofar táirgí bainne sna hamhábhair a úsáidtear.

(e)

An toradh nó aon amhábhar eile a úsáidtear san ainm dlíthiúil, is é a bheidh iontu an toradh nó an t-amhábhar a thugann an príomhbhlas don deoch bhiotáilleach.

(f)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma “licéar”.

(g)

Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an ainm dlíthiúil ‘crème de cassis’ ach amháin le haghaidh na licéar sin a tháirgtear le cuiríní dubha agus a bhfuil méid iomlán de tháirgí milsithe ann nach mó ná 400 gram in aghaidh an lítir mar shiúcra inbhéartaithe.

35.    Sloe gin

(a)

Is licéar é sloe gin a tháirgtear trí airní a mhaothú in gin agus, b'fhéidir, trí shú airní a chur leis.

(b)

Is é 25 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in sloe gin.

(c)

Ní fhéadfar ach substaintí nádúrtha blaistithe agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe a úsáid chun sloe gin a tháirgeadh.

(d)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma “licéar”.

36.    Sambuca

(a)

Is licéar gan dath a bhfuil blas an tsíl ainíse air é sambuca a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

tá driogáití ainíse (Pimpinella anisum L.), réalt-ainíse (Illicium verum L.) nó luibheanna aramatacha eile ann;

(ii)

tá íosmhéid 350 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe;

(iii)

ní lú ná 1 ghram in aghaidh an lítir ná ní mó ná 2 ghram in aghaidh an lítir méid an anatóil nádúrtha atá ann.

(b)

Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in sambuca.

(c)

Beidh feidhm maidir le sambuca ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 33.

(d)

Ní dhéanfar sambuca a dhathú.

(e)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma “licéar”.

37.    Maraschino, marrasquinomaraskino

(a)

Is licéar gan dath é maraschino, marrasquinomaraskino ar driogáit de shilíní marasca is mó a chuireann blas air, sin nó an táirge a tháirgtear trí shilíní nó codanna de shilíní a mhaothú in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó i ndriogáit de shilíní marasca a bhfuil íosmhéid táirgí milsithe de 250 gram in aghaidh an lítir ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 24 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in maraschino, marrasquinomaraskino.

(c)

Beidh feidhm maidir le maraschino, marrasquinomaraskino ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 33.

(d)

Ní dhéanfar maraschino, marrasquinomaraskino a dhathú.

(e)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma “licéar”.

38.    Nocinoorehovec

(a)

Is licéar é nocinoorehovec a fhaigheann a bhlas go príomha trí mhaothúm, nó trí mhaothú agus trí dhriogadh a dhéanamh, ar ghallchnónna glasa iomlána (Juglans regia L.), a bhfuil íosmhéid de tháirgí milsithe de 100 gram in aghaidh an lítir ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in nocinoorehovec.

(c)

Beidh feidhm maidir le nocinoorehovec ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 33.

(d)

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma “licéar”.

39.   Licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat

(a)

Is licéar é licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat, blaistithe nó gan a bheith blaistithe, a tháirgtear ó alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, ó dhriogáit de thionscnamh talmhaíochta nó ó dheoch bhiotáilleach, nó teaglaim díobh, agus arb iad buíocán uibhe ardchaighdeáin, gealacán uibhe agus siúcra nó mil, nó iad araon a chomhábhair. Is é 150 gram in aghaidh an lítir an t-íosmhéid siúcra nó meala a bheidh ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe. Is é 140 gram in aghaidh an lítir den táirge deiridh an t-íosmhéid buíocán uibhe íon a bheidh ann. Cuirfear in iúl ar an lipéad i gcás ina n-úsáidtear uibheacha ó chearca a bhaineann le haon speiceas eile seachas Gallus gallus.

(b)

Is é 14 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat.

(c)

Ní fhéadfar ach earraí bia blaistithe, substaintí blaistithe agus ullmhóidí blaistithe amháin a úsáid i dtáirgeadh licéar uibheacha nó advocaat nó avocatadvokat.

(d)

Féadfar táirgí bainne a úsáid i dtáirgeadh licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat.

40.   Licéar a bhfuil ubh ann

(a)

Is licéar é licéar a bhfuil ubh ann, blaistithe nó gan a bheith blaistithe, a tháirgtear ó alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, ó dhriogáit de thionscnamh talmhaíochta nó ó dheoch bhiotáilleach, nó teaglaim díobh, agus arb iad buíocán uibhe ardchaighdeáin, gealacán uibhe agus siúcra nó mil, nó iad araon, a shain-chomhábhair. Is é 150 gram in aghaidh an lítir an t-íosmhéid siúcra nó meala a bheidh ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe. Is é 70 gram in aghaidh an lítir den táirge deiridh an t-íosmhéid buíocán uibhe a bheidh ann.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i licéar a bhfuil ubh ann.

(c)

Ní fhéadfar ach earraí bia blaistithe, substaintí blaistithe nádúrtha agus ullmhóidí blaistithe nádúrtha a úsáid chun licéar a bhfuil ubh ann a tháirgeadh.

(d)

Féadfar táirgí bainne a úsáid chun licéar a bhfuil ubh ann a tháirgeadh.

41.    Mistrà

(a)

Is deoch bhiotáilleach gan dath é mistrà a gcuirtear blas air le síol ainíse nó le hanatól nádúrtha agus a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

ní lú ná 1 ghram agus ní mó ná 2 ghram in aghaidh an lítir méid an ábhair anatóil atá ann;

(ii)

féadfaidh driogáit de luibheanna aramatacha a bheith ann freisin;

(iii)

níor milsíodh é.

(b)

Is é 40 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in mistrà agus 47 % an neart uasta alcóil de réir toirte.

(c)

Ní fhéadfar mistrà a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

(d)

Ní dhéanfar mistrà a dhathú.

42.    Väkevä glögispritglögg

(a)

Is deoch bhiotáilleach é väkevä glögispritglögg a tháirgtear trí fhíon nó táirgí fíona agus alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le cumhra clóbh nó cainéil, nó leis an dá rud, agus ceann de na próisis seo a leanas nó cumasc díobh á úsáid:

(i)

maothnú nó driogadh,

(ii)

driogadh an alcóil i láthair codanna de na plandaí a shonraítear thuas,

(iii)

substaintí blaistithe nádúrtha clóbh nó cainéil a chur leis.

(b)

Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in väkevä glögispritglögg.

(c)

Ní fhéadfar väkevä glögispritglögg a bhlaistiú ach le substaintí blaistithe, le hullmhóidí blaistithe nó le dathúcháin eile ach beidh blas na spíosraí atá sonraithe i bpointe (a) ar an bpríomhbhlas.

(d)

Ní rachaidh méid an ábhair fíona nó na dtáirgí fíona thar 50 % den táirge deiridh.

43.    BerenburgBeerenburg

(a)

Is deoch bhiotáilleach é BerenburgBeerenburg a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

táirgtear é trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a úsáid;

(ii)

táirgtear é trí mhaothú ar thorthaí nó ar phlandaí nó ar chodanna díobh,

(iii)

tá sainbhlas de dhriogáit fréamhacha ceadharlaigh (Gentiana lutea L.), chaor aitil (Juniperus communis L.) agus duilleog labhrais (Laurus nobilis L.) ann;

(iv)

tá éagsúlacht datha ann idir dath geal donn agus dath dorcha donn;

(v)

féadfar é a mhilsiú go dtí uasmhéid de 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)

Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in BerenburgBeerenburg.

(c)

Ní fhéadfar BerenburgBeerenburg a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

44.   Neachtar meala nó neachtar meá

(a)

Is deoch bhiotáilleach é neachtar meala nó neachtar meá a tháirgtear trí bhlaistiú a dhéanamh ar mheascán de mhaistreán meala coipthe agus de dhriogáit mheala nó d'alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, nó den dá rud, a bhfuil 30 % de réir toirte ar a laghad de mhaistreán meala coipthe ann.

(b)

Is é 22 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i neachtar meala nó i neachtar meá.

(c)

Ní fhéadfar neachtar meala nó neachtar meá a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha, ar choinníoll gurb é blas na meala an príomhbhlas.

(d)

Is le mil amháin a fhéadfar neachtar meala nó neachtar meá a mhilsiú.


IARSCRÍBHINN II

RIALACHA SONRACHA MAIDIR LE DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA ÁIRITHE

1.   Sa Ghearmáin a tháirgtear Rum-Verschnitt agus is trí rum agus alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a mheascadh a fhaightear é, ar dhóigh gurb ón rum a thiocfaidh íoschion de 5 % den alcól atá sa táirge deiridh. Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Rum-Verschnitt. Beidh an focal “Verschnitt” sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú i gcarachtair sa chló céanna, ar an méid céanna agus ar an dath céanna, agus ar an líne chéanna leis an bhfocal “Rum” agus, i gcás buidéal, ar an lipéad tosaigh. Is é “deoch bhiotáilleach” an t-ainm dlíthiúil a bheidh ar an táirge seo. I gcás ina gcuirtear Rum-Verschnitt ar an margadh lasmuigh den Ghearmáin, beidh a chomhdhéanamh alcólach ar an lipéad.

2.   Sa tSeicia a tháirgtear slivovice agus is trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a chur leis an driogáit plumaí roimh an driogadh deiridh a fhaightear é, ar dhóigh gurb ón driogáit plumaí a tiocfaidh íoschion de 70 % den alcól atá sa táirge deiridh. Is é “deoch bhiotáilleach” an t-ainm dlíthiúil a bheidh ar an táirge seo. Féadfar an t-ainm “slivovice” a chur leis i gcás ina bhfuil sé le feiceáil sa réimse radhairc céanna ar an lipéad tosaigh. Má chuirtear “slivovice” ar an margadh lasmuigh den tSeicia, beidh a chomhdhéanamh alcólach ar an lipéad. Ní dochar an fhoráil sin d'úsáid na n-ainmneacha dlíthiúla le haghaidh biotáillí torthaí i gcatagóir 9 d'Iarscríbhinn I.

3.   Sa Fhrainc a tháirgtear guignolet kirsch a fhaightear trí guignolet agus kirsch a mheascadh, ar dhóigh gurb ó Kirsch a thiocfaidh íoschion de 3 % den alcól iomlán íon sa táirge deiridh. Beidh an focal “guignolet” sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú i gcarachtar sa chló céanna, ar an méid céanna agus ar an dath céanna, agus ar an líne chéanna leis an bhfocal “kirsch” agus, i gcás buidéal, ar an lipéad tosaigh. Is é “licéar” an t-ainm dlíthiúil a bheidh ar an táirge seo. Sonrófar sa chomhdhéanamh alcólach an céatadán de réir toirte d'alcól íon a léiríonn guignolet agus kirsch sa mhéid iomlán d'alcól íon de réir toirte de guignolet kirsch.


IARSCRÍBHINN III

CÓRAS AOSAITHE DINIMICIÚIL NÓ “CRIADERAS Y SOLERA” NÓ “SOLERA E CRIADERAS

Is éard atá sa chóras aosaithe dinimiciúil nó “criaderas y solera” nó “solera e criaderas” ná córas trína ndéantar go tráthrialta éastóscadh ar mhéid áirithe brandy atá i ngach ceann de na bairillí agus coimeádáin darach a dhéanann suas an scála aosaithe agus na hathlíontaí comhfhreagracha le brandy a éastóscadh ón scála aosaithe roimhe sin.

Sainmhínithe

 

Ciallaíonn “scálaí aosaithe” grúpaí de bhairillí agus coimeádáin darach a bhfuil an leibhéal aibithe céanna acu, a dtéann brandy tríothu le linn an phróisis aosaithe. Tugtar “criadera” ar gach scála, seachas an ceann deireanach, roimh bhaint amach brandy, ar a dtugtar “solera”.

 

Ciallaíonn “éastóscadh” méid áirithe brandy a bhaintear amach as gach bairille sa scála aosaithe, ionas gur féidir é a chur isteach sna bairillí darach sa chéad scála aosaithe eile nó, i gcás an solera, chun é a sheoladh.

 

Ciallaíonn “athlíonadh” an méid brandy ó na bairillí nó coimeádáin darach de scála aosaithe ar leith a ionchorpraítear in ábhar bairillí agus coimeádán darach, agus a measctar leis, den scála ina dhiaidh sin ó thaobh aoise.

 

Ciallaíonn “meánaois” an tréimhse ama a chomhfhreagraíonn do rothlú an stoic iomláin de brandy atá ag dul tríd an bpróiseas aosaithe, arna ríomh trí thoirt iomlán brandy atá sna scálaí aosaithe ar fad a roinnt ar trí thoirt na méideanna a éastóscadh ón scála deireanach — solera —in 1 bhliain amháin.

Déanfar meánaois brandy a bhaintear amach as solera a ríomh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas: t = Vt/Ve, agus:

is é t an aois, ar an meán, arna shloinneadh i mblianta;

is é Vt toirt iomlán na stoc sa chóras aosaithe, arna shloinneadh i lítir d'alcól íon;

is é Ve toirt iomlán an táirge atá le seoladh le linn tréimhse bliana, arna shloinneadh i lítir d'alcól íon.

I gcás na mbairillí agus na gcoimeádán darach ina bhfuil níos lú ná 1 000 litear, beidh líon na méideanna a éastóscadh go bliantúil agus na n-athlíontaí bliantúla cothrom le nó níos lú ná dhá uair líon na scálaí sa chóras, ionas go ráthófar go mbeidh an ghné is óige ar aois atá comhionann le nó níos airde ná sé mhí.

I gcás na mbairillí agus na gcoimeádán darach de 1 000 lítear nó níos mó, beidh líon na méideanna a éastóscadh agus na n-athlíontaí cothrom le nó níos lú ná líon na scálaí sa chóras, ionas go ráthófar go mbeidh an ghné is óige ar aois atá cothrom le níos lú ná bliain amháin.


IARSCRÍBHINN IV

Tábla comhghaoil

An Rialachán seo

Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

Airteagal (1) agus (2)

Airteagal 1(1) agus (2)

Airteagal 2, pointí (a) go (d)

Airteagal 2(1) agus (3)

Airteagal 2, pointe (e)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2, pointe (f)

Iarscríbhinn I, pointe 6

Airteagal 3(1)

Airteagal 8

Airteagal 3(2) agus (3)

Airteagal 10

Airteagal 3(4)

Airteagal 15(1)

Airteagal 3(5)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(7)

Airteagal 15(3), an tríú fomhír

Airteagal 3(8)

Airteagal 3(9) agus (10)

Airteagal 11(2) agus Iarscríbhinn I, pointe 4

Airteagal 3(11) agus (12)

Iarscríbhinn I, pointe (7)

Airteagal 4(1)

Airteagal 7 agus Iarscríbhinn I, pointe (14)

Airteagal 4(2)

Airteagal 7 agus Iarscríbhinn I, pointe (15)

Airteagal 4(3)

Airteagal 7 agus Iarscríbhinn I, pointe (16)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(5)

Iarscríbhinn I, pointe (17)

Airteagal 4(6)

Airteagal 4(7)

Iarscríbhinn I, pointe (2)

Airteagal 4(8)

Iarscríbhinn I, pointe (3)

Airteagal 4(9)

Iarscríbhinn I, pointe (3)

Airteagal 4(10)

Iarscríbhinn I, pointe (5)

Airteagal 4(11)

Iarscríbhinn I, pointe (8)

Airteagal 4(12)

Iarscríbhinn I, pointe (9)

Airteagal 4(13)

Airteagal 4(14)

Airteagal 4(15)

Airteagal 4(16)

Airteagal 4(17)

Airteagal 4(18)

Airteagal 4(19) agus (20)

Iarscríbhinn I, pointe (10)

Airteagal 4(21)

Airteagal 4(22)

Airteagal 4(23)

Iarscríbhinn I, pointe (11)

Airteagal 4(24)

Iarscríbhinn I, pointe (12)

Airteagal 5

Iarscríbhinn I, pointe (1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 7(1)

Airteagal 4

Airteagal 7(2)

Airteagal 5(1)

Airteagal 7(3)

Airteagal 5(2)

Airteagal 7(4)

Airteagal 5(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 26

Airteagal 8(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 9

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 10(3)

Airteagal 9(2)

Airteagal 10(4)

Airteagal 9(3)

Airteagal 10(5)

Airteagal 9(5) agus (6)

Airteagal 10(6), pointí (a) go (c), (e) agus (f)

Airteagal 10(6)(d)

Airteagal 12(2)

Airteagal 10(7), an chéad fhomhír

Airteagal 9(4) agus (7)

Airteagal 10(7), an dara fomhír

Airteagal 11(1)

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 11(2) agus (3)

Airteagal 12(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 12(2),(3) agus (4)

Airteagal 13(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 9(9)

Airteagal 13(3), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 11(4)

Airteagal 13(3), an tríú fomhír

Airteagal 11(5)

Airteagal 13(3), an ceathrú fomhír

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír

Airteagal 11(3)

Airteagal 13(4), an dara fomhír

Airteagal 11(4)

Airteagal 13(4), an tríú fomhír

Airteagal 11(5)

Airteagal 13(5)

Airteagal 13(6)

Airteagal 12(3)

Airteagal 13(7)

Airteagal 14(1)

Iarscríbhinn I, pointe (13)

Airteagal 14(2)

Airteagal 15(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 15(2)

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 13

Airteagal 18

Airteagal 19(1)

Airteagal 12(3)

Airteagal 19(2)

Airteagal 20, pointe (a)

Airteagal 20, pointe (b)

Airteagal 28(2)

Airteagal 20, pointe (c)

Airteagal 20, pointe (d)

Airteagal 21(1)

Airteagal 21(2)

Airteagal 16

Airteagal 21(3)

Airteagal 15(3), an chéad fhomhír

Airteagal 21(4)

Airteagal 22(1), an chéad fhomhír

Airteagal 17(4)

Airteagal 22(1), an dara fomhír

Airteagal 22(2)

Airteagal 23(1), an fhoclaíocht réamhráiteach agus pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 23(1), an dara fomhír

Airteagal 17(3)

Airteagal 23(2)

Airteagal 17(1), an dara habairt

Airteagal 24(1) go (4)

Airteagal 24(5), (6) agus (7)

Airteagal 17(2)

Airteagal 24(8)

Airteagal 17(3)

Airteagal 24(9)

Airteagal 17(1), an chéad abairt

Airteagal 25

Airteagal 26(1), an chéad fhomhír

Airteagal 17(5)

Airteagal 26(1), an dara fomhír

Airteagal 26(2)

Airteagal 17(6)

Airteagal 27(1)

Airteagal 17(7), an chéad abairt

Airteagal 27(2), (3) agus (4)

Airteagal 27(5)

Airteagal 17(7), an dara habairt

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30(1), (2) agus (3)

Airteagal 17(8), an chéad abairt

Airteagal 30(4), an chéad fhomhír

Airteagal 17(8), an dara habairt

Airteagal 30(4), an dara fomhír

Airteagal 31

Airteagal 21

Airteagal 32

Airteagal 18

Airteagal 33(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 33(2) agus (3)

Airteagal 34(1), (2) agus (3)

Airteagal 19

Airteagal 34(4)

Airteagal 35(1), an chéad fhomhír

Airteagal 15(3), an dara fomhír

Airteagal 35(1), an dara fomhír

Airteagal 35(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 35(3)

Airteagal 36(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 36(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 37

Airteagal 38(1)

Airteagal 38(2)

Airteagal 22(1)

Airteagal 38(3)

Airteagal 22(2)

Airteagal 38(4)

Airteagal 38(5)

Airteagal 22(3)

Airteagal 38(6)

Airteagal 22(4)

Airteagal 39(1)

Airteagal 39(2) agus (3)

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 42

Airteagal 43(1)

Airteagal 24(1)

Airteagal 43(2)

Airteagal 24(3)

Airteagal 44(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 44(2)

Airteagal 45

Airteagal 6

Airteagal 46

Airteagal 47

Airteagal 25

Airteagal 48

Airteagal 49

Airteagal 29

Airteagal 50

Airteagal 28

Airteagal 51

Airteagal 30

Iarscríbhinn I, catagóirí 1 go 31

Iarscríbhinn II, catagóirí 1 go 31

Iarscríbhinn I, catagóir 32

Iarscríbhinn II, catagóir 37a

Iarscríbhinn I, catagóir 33

Iarscríbhinn II, catagóir 32

Iarscríbhinn I, catagóir 34

Iarscríbhinn II, catagóir 33

Iarscríbhinn I, catagóir 35

Iarscríbhinn II, catagóir 37

Iarscríbhinn I, catagóir 36

Iarscríbhinn II, catagóir 38

Iarscríbhinn I, catagóir 37

Iarscríbhinn II, catagóir 39

Iarscríbhinn I, catagóir 38

Iarscríbhinn II, catagóir 40

Iarscríbhinn I, catagóir 39

Iarscríbhinn II, catagóir 41

Iarscríbhinn I, catagóir 40

Iarscríbhinn II, catagóir 42

Iarscríbhinn I, catagóir 41

Iarscríbhinn II, catagóir 43

Iarscríbhinn I, catagóir 42

Iarscríbhinn II, catagóir 44

Iarscríbhinn I, catagóir 43

Iarscríbhinn II, catagóir 45

Iarscríbhinn I, catagóir 44

Iarscríbhinn II, catagóir 46

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II, cuid faoi Theideal “Deochanna biotáilleacha eile”

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV


17.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

55


RIALACHÁN (AE) 2019/788 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 24 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) bunaítear saoránacht an Aontais. Tugtar an ceart do shaoránaigh an Aontais (“saoránaigh”) dul i dteagmháil dhíreach leis an gCoimisiún chun iarraidh air togra le haghaidh gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme, ar ceart é atá comhchosúil leis an gceart a thugtar do Pharlaimint na hEorpa faoi Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus don Chomhairle faoi Airteagal 241 CFAE. Dá bhrí sin, rannchuidíonn an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh le feabhas a chur ar fheidhmiú daonlathach an Aontais trí rannpháirtíocht na saoránach ina shaol daonlathach polaitiúil. Mar is léir ó struchtúr Airteagal 11 CAE agus Airteagal 24 CFAE, ba cheart an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a mheas i gcomhthéacs na modhanna eile trínar féidir le saoránaigh aird institiúidí an Aontais a dhíriú ar shaincheisteanna áirithe agus arb é atá i gceist leo go háirithe idirphlé le heagraíochtaí ionadaíocha agus an tsochaí shibhialta, comhairliúcháin le páirtithe lena mbaineann, achainíocha agus iarratais chuig an Ombudsman.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagadh síos na rialacha agus na nósanna imeachta don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus bhí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1179/2011 ón gCoimisiún (5) ina chomhlánú air.

(3)

I dtuarascáil uaidh maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 an 31 Márta 2015, liostaigh an Coimisiún líon áirithe dúshlán a tháinig chun cinn i gcur chun feidhme an Rialacháin sin agus thug sé gealltanas chun tuilleadh anailíse a dhéanamh ar thionchar na saincheisteanna sin ar éifeachtacht ionstraim an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh agus chun feidhmiú na hionstraime sin a fheabhsú.

(4)

Sa rún uaithi an 28 Deireadh Fómhair 2015 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (6) agus ina dréacht-tuarascáil reachtach féintionscnaimh an 26 Meitheamh 2017 (7), d'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1179/2011.

(5)

Tá an Rialachán seo ceaptha chun an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a dhéanamh níos inrochtana, níos soláimhsithe agus an t-ualach oibre a bhaineann lena úsáid a laghdú d'eagraithe agus do thacadóirí, agus obair leantach air a neartú chun a phoitéinseal iomlán a bhaint amach mar uirlis chun plé a chothú. Ba cheart go n-éascódh sé rannpháirtíocht freisin den líon is mó is féidir de shaoránaigh i bpróiseas cinnteoireachta daonlathach an Aontais.

(6)

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a bheith éifeachtach, trédhearcach, soiléir, simplí, soláimhsithe, inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus comhréireach le cineál na hionstraime sin. Ba cheart dóibh cothromaíocht thomhaiste a bhaint amach idir cearta agus oibleagáidí agus ba cheart dóibh a áirithiú go gheobhaidh tionscnaimh bhailí scrúdú agus freagairt iomchuí ón gCoimisiún.

(7)

Is iomchuí aois íosta a leagan síos do thacú le tionscnamh. Ba cheart gurbh ionann an aois íosta sin agus an aois ag a mbíonn saoránaigh i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Chun rannpháirtíocht saoránach óga i saol daonlathach an Aontais a threisiú agus, dá bhrí sin, chun poitéinseal iomlán an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh a bhaint amach mar ionstraim de dhaonlathas rannpháirtíocht, ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit, a mheasann é a bheith iomchuí, a bheith in ann aois íosta a shocrú do thacú le tionscnamh ag 16 bliana d'aois agus ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas dá réir sin. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar fheidhmiú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le haois íosta chun tacú le tionscnaimh. Spreagtar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar an aois a shocrú ag 16 bliana d'aois, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 11(4) CAE, is gá aon mhilliún saoránach de chuid an Aontais ar a laghad, ar náisiúnaigh iad de líon suntasach de Bhallstáit, do thionscnamh lena n-iarrtar ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá, dar leis na saoránaigh, le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(9)

Chun a áirithiú go bhfuil tionscnamh ionadaíoch ar leas de chuid an Aontais, agus á áirithiú ag an am céanna go leanann an ionstraim de bheith soláimhsithe, ba cheart an líon íosta Ballstát is Ballstáit ar gá do na saoránaigh teacht astu a shocrú agus an ceathrú cuid de na Ballstáit.

(10)

Chun a áirithiú go bhfuil tionscnamh ionadaíoch agus go bhfuil na coinníollacha do shaoránaigh maidir le tacú le tionscnamh comhchosúil, is iomchuí freisin an líon íosta sínitheoirí do gach ceann de na Ballstáit sin a bhunú. Ba cheart an líon íosta sínitheoirí is gá i ngach Ballstát a bheith comhréireach go céimlaghdaitheach agus ba cheart go bhfreagródh sé don líon Comhalta de chuid Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh i ngach Ballstát, arna iolrú faoi líon iomlán Comhalta Pharlaimint na hEorpa.

(11)

Chun tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a dhéanamh níos uileghabhálaí agus níos infheicthe, féadfaidh eagraithe úsáid a bhaint as teangacha nach teangacha oifigiúla institiúidí an Aontais iad dá ngníomhaíochtaí cur chun cinn agus cumarsáide féin, ar teangacha iad a bhfuil stádas oifigiúil acu ina gcríocha i gcoitinne nó i gcuid dá gcríocha, i gcomhréir le hord bunreachtúil na mBallstát.

(12)

Cé go bhféadfadh sonraí íogaire a bheith san áireamh sna sonraí pearsanta a phróiseáilfear i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá údar, i bhfianaise gur ionstraim de chuid an daonlathais rannpháirtíochta an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, le soláthar sonraí pearsanta a cheangal chun tacú le tionscnamh agus leis na sonraí sin a phróiseáil a mhéid is gá chun gur féidir ráitis tacaíochta a fhíorú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

(13)

Chun an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a dhéanamh níos inrochtana, ba cheart don Choimisiún faisnéis, cúnamh agus tacaíocht phraiticiúil a sholáthar do shaoránaigh agus do ghrúpaí d'eagraithe, go háirithe maidir leis na gnéithe sin den Rialachán seo atá laistigh dá inniúlacht. Chun an fhaisnéis agus an cúnamh sin a threisiú, ba cheart don Choimisiún freisin ardán comhoibritheach ar líne a chur ar fáil, lena soláthrófar fóram plé tiomnaithe agus tacaíocht, faisnéis agus comhairle dhlíthiúil neamhspleách faoin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Ba cheart an t-ardán sin a bheith oscailte do shaoránaigh, do ghrúpaí d'eagraithe, d'eagraíochtaí agus do shaineolaithe seachtracha le taithí maidir le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a eagrú. Ba cheart an t-ardán a bheith inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

(14)

Chun go gcuirfear ar chumas eagraithe a dtionscnamh a bhainistiú le linn an nós imeachta, ba cheart don Choimisiún clár ar líne don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (“clár”) a chur ar fáil. Chun feasacht a mhúscailt agus chun trédhearcacht maidir le gach tionscnamh a áirithiú, ba cheart go mbeadh sa chlár suíomh gréasáin poiblí a sholáthraíonn faisnéis chuimsitheach maidir leis an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh go ginearálta, mar aon le faisnéis atá cothrom le dáta maidir le tionscnaimh aonair, a stádas agus na foinsí dearbhaithe tacaíochta agus cistithe ar bhonn na faisnéise arna tíolacadh ag an ngrúpa d'eagraithe.

(15)

Chun gaireacht do na saoránaigh a áirithiú agus chun feasacht a mhúscailt maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, ba cheart do na Ballstáit pointe teagmhála amháin nó níos mó a bhunú ar a gcríocha faoi seach chun faisnéis agus cúnamh maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a sholáthar do shaoránaigh. Ba cheart go mbeadh baint ag an bhfaisnéis agus an cúnamh sin go háirithe leis na gnéithe sin den Rialachán seo a dtagann a gcur chun feidhme faoi inniúlacht na n-údarás náisiúnta sna Ballstáit nó a bhaineann leis an dlí náisiúnta is infheidhme agus arb iad na húdaráis is fearr, dá bhrí sin, chun saoránaigh agus grúpaí d'eagraithe a chur ar an eolas fúthu agus cuidiú leo ina leith. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit sineirgí a lorg le seirbhísí a sholáthraíonn tacaíocht d'úsáid ionstraimí náisiúnta comhchosúla. Ba cheart don Choimisiún, lena n-áirítear a n-ionadaíochtaí sna Ballstáit, dlúthchomhar leis na pointí teagmhála náisiúnta a áirithiú maidir leis na gníomhaíochtaí faisnéise agus cúnaimh sin, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, gníomhaíochtaí cumarsáide ar leibhéal an Aontais.

(16)

Is gá struchtúr eagraithe íosta a bheith ann chun tionscnaimh ó na saoránaigh a sheoladh agus a bhainistiú go rathúil. Maidir leis an struchtúr sin, ba cheart é a bheith i bhfoirm grúpa d'eagraithe a bheidh comhdhéanta de dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla ar a laghad, chun aird a tharraingt ar shaincheisteanna uile-Aontais agus chun machnamh ar na saincheisteanna sin a chothú. Ar mhaithe le trédhearcacht agus cumarsáid réidh éifeachtúil, ba cheart don ghrúpa d'eagraithe ionadaí a ainmniú chun idirchaidreamh a dhéanamh idir an grúpa d'eagraithe agus institiúidí an Aontais le linn an nós imeachta. Ba cheart go bhféadfadh an grúpa d'eagraithe eintiteas dlíthiúil a chruthú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun tionscnamh a bhainistiú. Ba cheart a mheas gurb é an grúpa d'eagraithe an t-eintiteas dlíthiúil chun críocha an Rialacháin seo.

(17)

Cé go leantar de dhliteanas agus de phionóis maidir le próiseáil sonraí pearsanta a rialú faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart an grúpa d'eagraithe a bheith faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, i leith aon damáiste a dhéanfaidh a chomhaltaí le linn tionscnamh a eagrú trí ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha arna ndéanamh d'aon ghnó nó le faillí thromchúiseach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbíonn an grúpa d'eagraithe faoi réir pionóis iomchuí i gcás sáruithe ar an Rialachán seo.

(18)

Chun comhleanúnachas agus trédhearcacht a áirithiú maidir le tionscnaimh, agus chun staid ina mbeadh sínithe á mbailiú le haghaidh tionscnamh nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus sa Rialachán seo a sheachaint, ba cheart don Choimisiún na tionscnaimh a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chlárú sular bhaileofar ráitis tacaíochta ó shaoránaigh. Ba cheart don Choimisiún, agus é ag déileáil le clárú, lánurraim a thabhairt don oibleagáid cúiseanna a lua faoin dara fomhír d'Airteagal 296 CFAE agus prionsabal ginearálta an dea-riaracháin mar atá leagtha amach in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(19)

Chun go mbeidh an tionscnamh Eorpaigh ó na saoránaigh éifeachtach agus níos inrochtana, agus ag cur san áireamh gur cheart na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a bheith soiléir, simplí, soláimhsithe agus comhréireach, agus chun a áirithiú go ndéanfar an líon is mó tionscnamh is féidir a chlárú, is iomchuí tionscnamh a chlárú i bpáirt i gcás nach gcomhlíontar ach cuid nó codanna den tionscnamh na ceanglais faoi chlárú faoin Rialachán seo. Ba cheart tionscnaimh a chlárú i bpáirt ar choinníoll nach bhfuil cuid den tionscnamh, lena n-áirítear a phríomhchuspóirí, lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme, agus más rud é gur comhlíonadh na ceanglais clárúcháin eile ar fad. Ba cheart soiléireacht agus trédhearcacht a áirithiú maidir le raon feidhme an chlárúcháin i bpáirt, agus ba cheart sínitheoirí ionchasacha a chur ar an eolas faoi raon feidhme an chlárúcháin agus i dtaobh nach mbailítear ráitis tacaíochta ach i dtaca le raon feidhme clárúcháin an tionscnaimh. Ba cheart don Choimisiún an grúpa d'eagraithe a chur ar an eolas ar bhealach atá mionsonraithe go leor maidir leis na cúiseanna dá chinneadh gan tionscnamh a chlárú nó gan ach é a chlárú ach i bpáirt, agus maidir leis na leigheasanna breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha uile atá ar fáil dó.

(20)

Ba cheart na ráitis tacaíochta le haghaidh tionscnaimh a bhailiú laistigh de theorainn ama shonrach. Chun a áirithiú go leanfaidh tionscnamh de bheith ábhartha, agus an chastacht a bhaineann le ráitis tacaíochta a bhailiú ar fud an Aontais á cur san áireamh, níor cheart an teorainn ama sin a bheith níos faide ná 12 mhí ó dháta tosaithe na tréimhse clárúcháin arna cinneadh ag an ngrúpa d'eagraithe. Ba cheart go bhféadfadh an grúpa d'eagraithe dáta tosaithe na tréimhse bailithe a roghnú laistigh de 6 mhí ón uair a chláraítear an tionscnamh. Ba cheart go gcuirfeadh an grúpa d'eagraithe an Coimisiún ar an eolas maidir leis an dáta a roghnófar ar a dhéanaí 10 lá oibre roimh an dáta sin. Chun a áirithiú go mbeidh comhordú leis na húdaráis náisiúnta ann, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a chur ar an eolas faoin dáta arna chur in iúl ag an ngrúpa d'eagraithe.

(21)

Chun rochtain ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a dhéanamh níos fusa, an t-ualach oibre a bhaineann lena úsáid a laghdú agus a úsáid a éascú, ba cheart don Choimisiún lárchóras a bhunú agus a oibriú chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne. Ba cheart an córas sin a bheith ar fáil saor in aisce do ghrúpaí d'eagraithe agus ba cheart na gnéithe teicniúla is gá a bheith ann a éascaíonn bailiú ar líne, lena n-áirítear an óstáil agus na bogearraí, chomh maith le gnéithe inrochtaineachta a áirithíonn gur féidir le saoránaigh faoi mhíchumas tacú leis na tionscnaimh. Ba cheart an córas sin a bhunú agus a chothabháil i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún (9).

(22)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag saoránaigh tacú le tionscnaimh ar líne nó i bhfoirm páipéir trí na sonraí pearsanta atá leagtha síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, agus na sonraí sin amháin, a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas an i gcuid A nó i gcuid B, faoi seach, d'Iarscríbhinn III ar mian leo go gcuirfí san áireamh iad. Ba cheart go mbeadh na saoránaigh sin a úsáideann an lárchórais bailithe ar líne do thionscnaimh Eorpach ó na saoránaigh in ann tacú le tionscnamh ar líne trí úsáid a bhaint as meán ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith nó trí shíniú le síniú leictreonach de bhun bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Chuige sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit na gnéithe teicniúla ábhartha a chur chun feidhme faoi chuimsiú an Rialacháin sin. Níor cheart do na saoránaigh ráiteas tacaíochta a shíniú níos mó ná uair amháin.

(23)

Chun an t-aistriú chuig lárchóras bailithe nua ar líne a éascú, ba cheart do ghrúpa d'eagraithe leanúint den fhéidearthacht a bheith aige a chóras bailithe ar líne féin a chur ar bun agus ráitis tacaíochta a bhailiú tríd an gcóras sin do thionscnaimh arna gclárú i gcomhréir leis an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2022. Ba cheart don ghrúpa d'eagraithe aon chóras bailithe ar líne ar leithligh amháin a úsáid le haghaidh gach tionscnaimh. Ba cheart gnéithe leordhóthanacha teicniúla agus slándála a bheith ag córais bailithe ar líne ar leithligh arna mbunú agus arna n-oibriú ag grúpa d'eagraithe chun a áirithiú go ndéantar na sonraí a bhailiú, a stóráil agus a aistriú ar bhealach slán le linn an nós imeachta. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe a leagan amach le haghaidh córais bailithe ar líne ar leithligh, i gcomhar leis na Ballstáit. Ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún comhairle a lorg ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA), a bhíonn ina cuidiú ag institiúidí an Aontais beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme a bhaineann le slándáil córas gréasáin agus faisnéise.

(24)

Is iomchuí do na Ballstáit a fhíorú go bhfuil na córais bailithe ar líne ar leithligh arna mbunú ag grúpa d'eagraithe i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo agus is iomchuí do na Ballstáit doiciméad a eisiúint a dheimhníonn sin sula mbailítear na ráitis tacaíochta. Ba cheart d'údarás inniúil náisiúnta na mBallstát ina stóráiltear na sonraí arna mbailiú tríd an gcóras bailithe ar líne ar leithligh na córais bailithe ar líne ar leithligh a dheimhniú. Gan dochar do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta náisiúnta faoi Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart do na Ballstáit an t-údarás inniúil náisiúnta a ainmniú atá freagrach as na córais a dheimhniú. Ba cheart do na Ballstáit na deimhnithe arna n-eisiúint ag a n-údaráis inniúla a aithint go frithpháirteach.

(25)

I gcás ina bhfuarthas na ráitis tacaíochta is gá ag tionscnamh ó shínitheoirí, ba cheart do gach Ballstát a bheith freagrach as na ráitis tacaíochta arna síniú ag náisiúnaigh dá gcuid a fhíorú agus a dheimhniú, chun a mheas ar sroicheadh an líon íosta sínitheoirí is gá a bhfuil an ceart acu tacú le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Agus an gá leis an ualach riaracháin do na Ballstáit a theorannú á chur san áireamh, ba cheart na fíoruithe sin a dhéanamh ar bhonn seiceálacha iomchuí, ar seiceálacha iad a fhéadfar a bhunú ar shampláil randamach. Ba cheart do na Ballstáit doiciméad a eisiúint ina ndeimhnítear an líon ráiteas tacaíochta bailí a fuarthas.

(26)

Chun rannpháirtíocht agus díospóireacht phoiblí ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn de thoradh na dtionscnamh a chur chun cinn, i gcás ina gcuirtear tionscnamh a fuair an líon sínitheoirí is gá agus a chomhlíonann ceanglais eile an Rialacháin seo faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart an ceart a bheith ag an ngrúpa d'eagraithe an tionscnamh sin a chur faoi bhráid éisteacht phoiblí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa an éisteacht phoiblí a eagrú laistigh de 3 mhí ó thíolacadh an tionscnaimh don Choimisiún. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa ionadaíocht chothrom a áirithiú ar leasanna na ngeallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta, agus saineolaithe. Ba cheart ionadaíocht a dhéanamh thar cheann an Choimisiúin ar leibhéal iomchuí. Ba cheart an deis a bheith ag an gComhairle, ag institiúidí agus comhlachtaí comhairleacha eile de chuid an Aontais, agus ag geallsealbhóirí páirt a ghlacadh san éisteacht chun a ráthú go mbeidh sí cuimsitheach agus chun a leas poiblí a chur chun cinn.

(27)

Mar institiúid ina ndéantar ionadaíocht dhíreach ar shaoránaigh ar leibhéal an Aontais, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa a bheith i dteideal measúnú a dhéanamh ar an tacaíocht atá ag tionscnamh bailí tar éis a thíolactha agus tar éis éisteacht phoiblí maidir leis. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa in ann measúnú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún mar fhreagairt ar an tionscnamh agus iad siúd atá leagtha amach i gcumarsáid.

(28)

Chun rannpháirtíocht éifeachtach saoránach i saol daonlathach an Aontais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún aon tionscnamh atá bailí a scrúdú agus freagra a thabhairt air. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla a leagan amach mar aon leis an ngníomhaíocht a bhfuil sé beartaithe aige a dhéanamh sa tréimhse 6 mhí tar éis dó an tionscnamh a fháil. Ba cheart don Choimisiún a mhíniú ar bhealach soiléir, cuimsitheach agus mionsonraithe na cúiseanna leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige, lena n-áirítear cibé an nglacfaidh sé nó nach nglacfaidh sé togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais mar fhreagairt ar an tionscnamh, agus ar an gcaoi chéanna, ba cheart dó na cúiseanna a thabhairt mura bhfuil sé beartaithe aige aon ghníomhaíocht a dhéanamh. Ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar thionscnaimh i gcomhréir le prionsabail ghinearálta an dea-riaracháin atá leagtha amach in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(29)

Chun trédhearcacht a chistithe agus a thacaíochta a áirithiú, ba cheart do ghrúpa d'eagraithe faisnéis a sholáthar a thugtar cothrom le dáta go rialta agus atá mionsonraithe maidir leis na foinsí cistithe agus tacaíochta dá thionscnaimh idir dáta an chláraithe agus an dáta ar a ndéanfar an tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún. Ba cheart go ndéanfaí an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal sa chlár agus ar shuíomh gréasáin poiblí an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh. Ba cheart go n-áireofaí sa dearbhú ar fhoinsí cistithe agus tacaíochta a dhéanfaidh an grúpa d'eagraithe faisnéis maidir le tacaíocht airgeadais thar EUR 500 in aghaidh an urra agus maidir le heagraíochtaí a thugann cúnamh don ghrúpa d'eagraithe ar bhonn deonach, i gcás nach bhfuil cainníocht eacnamaíoch ag an tacaíocht sin. Ba cheart go mbeadh eintitis, go háirithe eagraíochtaí a rannchuidíonn, faoi na Conarthaí, le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil saoránaigh den Aontas a chur in iúl, in ann tionscnaimh a chur chun cinn agus cistiú agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh, ar choinníoll go ndéanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo.

(30)

Chun trédhearcacht iomlán a áirithiú, ba cheart don Choimisiún foirm teagmhála a chur ar fáil sa chlár agus ar shuíomh gréasáin poiblí an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh trína mbeidh saoránaigh in ann gearán a thíolacadh maidir le hiomláine agus ceart na faisnéise i dtaca le foinsí cistithe agus tacaíochta mar a bheidh dearbhaithe ag grúpaí d'eagraithe. Ba cheart don Choimisiún a bheith i dteideal aon fhaisnéis bhreise maidir leis na gearáin a iarraidh ar an ngrúpa d'eagraithe agus, i gcás inar gá, an fhaisnéis sa chlár maidir le foinsí dearbhaithe cistithe agus tacaíochta a thabhairt cothrom le dáta.

(31)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfar faoin Rialachán seo. I ndáil leis sin, ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí a shoiléiriú go measfar gurb iad na rialaitheoirí sonraí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 ionadaí an ghrúpa d'eagraithe nó, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an eintitis dhlíthiúil a ceapadh chun críche an tionscnamh a bhainistiú, agus údaráis inniúla na mBallstát, i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus ráitis tacaíochta, seoltaí ríomhphoist agus sonraí maidir le hurraí na dtionscnamh á mbailiú, agus chun críocha fíorú agus deimhniú ráiteas tacaíochta, agus chun an uastréimhse inar féidir sonraí pearsanta arna mbailiú chun críche tionscnaimh a choinneáil lena linn a shonrú. Ina gcáil mar rialaitheoirí sonraí, ba cheart d'ionadaí an ghrúpa d'eagraithe nó, i gcás inarb infheidhme, d'ionadaí an eintitis dhlíthiúil a ceapadh chun críche an tionscnamh a bhainistiú agus údaráis inniúla na mBallstát na bearta iomchuí uile a dhéanamh chun na hoibleagáidí arna bhforchur le Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh, go háirithe na hoibleagáidí sin a bhaineann le dlíthiúlacht na próiseála agus le slándáil na ngníomhaíochtaí próiseála, le soláthar faisnéise agus le cearta na n-ábhar sonraí.

(32)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh an Coimisiún agus an Rialacháin seo á chur i bhfeidhm. Is iomchuí a shoiléiriú go meastar gurb é an Coimisiún an rialaitheoir sonraí de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sa chlár, leis an ardán comhoibritheach, leis an lárchóras bailithe ar líne, agus le bailiú seoltaí ríomhphoist. Ba cheart don Choimisiún an lárchóras bailithe ar líne, lena mbíonn an grúpa d'eagraithe in ann ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne dá dtionscnaimh, a bhunú agus a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún agus d'ionadaí an ghrúpa d'eagraithe nó, i gcás inarb infheidhme, don eintitis dhlíthiúil a ceapadh chun críche an tionscnamh a bhainistiú a bheith ina rialaitheoirí comhpháirteacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sa lárchóras bailithe ar líne.

(33)

Chun rannchuidiú le rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a spreagadh, ba cheart don Choimisiún feasacht phoiblí a mhúscailt maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, ag baint úsáid, go háirithe, as teicneolaíochtaí digiteacha agus na meáin shóisialta, agus faoi chuimsiú gníomhaíochtaí chun saoránacht an Aontais agus cearta na saoránach a chur chun cinn. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa rannchuidiú le gníomhaíochtaí cumarsáide an Choimisiúin.

(34)

Chun an chumarsáid leis na sínitheoirí a éascú agus chun iad a chur ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí leantacha mar fhreagairt ar an tionscnamh, ba cheart an Coimisiún agus an grúpa d'eagraithe a bheith in ann seoltaí ríomhphoist na sínitheoirí a bhailiú, i gcomhréir le rialacha maidir le cosaint sonraí. Ba cheart bailiú seoltaí ríomhphoist a bheith faoi réir thoiliú follasach na sínitheoirí agus ba cheart é a bheith roghnach. Níor cheart seoltaí ríomhphoist a bhailiú mar chuid de na foirmeacha ráitis tacaíochta agus ba cheart na sínitheoirí ionchasacha a bheith ar an eolas nach bhfuil a gceart chun tacú le tionscnamh ag brath ar a dtoiliú a seoladh ríomhphoist a thabhairt.

(35)

Chun an Rialachán seo a chur in oiriúint do riachtanais amach anseo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(36)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, go háirithe maidir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar síos do na córais bailithe ar líne i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(37)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí go leagfar síos rialacha chun an bunchuspóir rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach agus polaitiúil an Aontais a fheabhsú a bhaint amach rialacha a leagan síos maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an chuspór arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) CAE.

(38)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a chuimsítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(39)

Ar mhaithe le deimhneacht agus soiléire dhlíthiúil, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 a aisghairm.

(40)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus thug sé barúlacha foirmiúla an 19 Nollaig 2017,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá maidir le tionscnamh lena n-iarrtar ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá, dar le saoránaigh den Aontas, le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme (an “Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh” nó an “tionscnamh”).

Airteagal 2

An ceart tacú le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh

1.   Beidh an ceart ag gach saoránach den Aontas atá sean go leor le bheith i dteideal vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa tacú le tionscnamh trí ráiteas tacaíochta a shíniú, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Féadfaidh na Ballstáit aois íosta lena mbeidh daoine i dteideal tacú le tionscnamh a shocrú ag 16 bliana d'aois, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, agus i gcás den sórt sin, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

2.   I gcomhréir leis an dlí is infheidhme, déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún a áirithiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas a gceart chun tacú le tionscnaimh a fheidhmiú agus go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar gach foinse ábhartha faisnéise maidir le tionscnaimh ar bhonn comhionann le saoránaigh eile.

Airteagal 3

An líon sínitheoirí is gá

1.   Tá tionscnamh bailí más rud é:

(a)

go bhfuil tacaíocht faighte aige ó mhilliún saoránach ar a laghad an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 2(1) (“sínitheoirí”), ar saoránaigh iad ó aon cheathrú ar a laghad de na Ballstáit; agus

(b)

gurb ionann an líon sínitheoirí, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, agus an líon íosta atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, agus go bhfreagraíonn an líon sin don líon Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh i ngach Ballstát, arna iolrú faoi líon iomlán Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, tráth cláraithe an tionscnaimh.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfar sínitheoir a ríomh ina Bhallstát nó ina Ballstát náisiúntachta, gan beann ar an áit inar shínigh an sínitheoir an ráiteas tacaíochta.

Airteagal 4

Faisnéis agus cúnamh ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit

1.   Déanfaidh an Coimisiún faisnéis agus cúnamh maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh atá inrochtana go héasca agus atá cuimsitheach a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghrúpaí d'eagraithe, lena n-áirítear trína ndíriú chuig na foinsí ábhartha faisnéise agus cúnaimh.

Déanfaidh an Coimisiún treoir maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a chur ar fáil go poiblí, ar líne agus i bhfoirm páipéir araon, agus i ngach teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais.

2.   Déanfaidh an Coimisiún ardán comhoibritheach ar líne don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a chur ar fáil, ar bhonn saor in aisce.

Cuirfidh an t-ardán comhairle phraiticiúil agus dhlíthiúil ar fáil, mar aon le fóram plé maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh le haghaidh malartú faisnéise agus dea-chleachtas idir saoránaigh, grúpaí d'eagraithe, geallsealbhóirí, eagraíochtaí neamhrialtais, saineolaithe agus institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais ar mian leo a bheith rannpháirteach.

Beidh an t-ardán inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

Is as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann leis an ardán a oibriú agus a chothabháil.

3.   Cuirfidh an Coimisiún clár ar líne ar fáil a chuirfidh ar chumas grúpaí d'eagraithe a dtionscnamh a bhainistiú le linn an nós imeachta.

Cuimseoidh an clár suíomh gréasáin poiblí a chuirfidh ar fáil faisnéis ghinearálta faoin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus faisnéis faoi thionscnaimh shonracha agus a stádas sin.

Déanfaidh an Coimisiún an clár a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta trí fhaisnéis arna tíolacadh ag an ngrúpa d'eagraithe a chur ar fáil.

4.   Tar éis don Choimisiún tionscnamh a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6, cuirfidh sé aistriúchán d'inneachar an tionscnaimh sin ar fáil, lena n-áirítear an iarscríbhinn a ghabhann leis, i ngach dteanga oifigiúil uile de chuid institiúidí an Aontais, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, d'fhonn an tionscnamh a fhoilsiú sa chlár agus chun é a úsáid chun ráitis tacaíochta a bhailiú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Ina theannta sin, féadfaidh an grúpa d'eagraithe aistriúcháin a chur ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais den fhaisnéis bhreise maidir leis an tionscnamh agus, más ann dó, den dréacht ghníomh dlí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, arna thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(2). Is é an grúpa d'eagraithe a bheidh freagrach as na haistriúcháin sin. Beidh inneachar na n-aistriúchán arna soláthar ag an ngrúpa d'eagraithe ag freagairt ar inneachar an tionscnaimh arna thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis arna tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus na haistriúcháin arna dtíolacadh i gcomhréir leis an mír seo a fhoilsiú ar an gclár agus ar an suíomh gréasáin poiblí maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

5.   Forbróidh an Coimisiún seirbhís malartaithe comhad chun ráitis tacaíochta a aistriú go dtí údaráis inniúla na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 12, agus cuirfidh sé í ar fáil saor in aisce do ghrúpaí d'eagraithe na dtionscnamh.

6.   Cuirfidh gach Ballstát pointe teagmhála amháin nó níos mó ar bun chun faisnéis agus cúnamh a chur ar fáil, saor in aisce, do ghrúpaí d'eagraithe, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

CAIBIDIL II

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 5

Grúpa d'eagraithe

1.   Déanfaidh grúpa ina mbeidh seacht nduine nádúrtha (an “grúpa d'eagraithe”) ar a laghad, tionscnamh a ullmhú agus a bhainistiú. Ní áireofar Comhalta de Pharlaimint na hEorpa sa líon íosta sin.

2.   Saoránaigh den Aontas a bheidh i gcomhaltaí an ghrúpa d'eagraithe, beidh siad sean go leor le bheith i dteideal vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus áireofar sa ghrúpa cónaitheoirí de chuid seacht mBallstát éagsúla ar a laghad, tráth chlárú an tionscnaimh.

Maidir le gach tionscnamh, foilseoidh an Coimisiún ainmneacha gach ball den ghrúpa d'eagraithe sa chlár i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

3.   Ainmneoidh an grúpa d'eagraithe beirt dá chomhaltaí mar ionadaí agus ionadaí malartach, faoi seach, a bheidh freagrach as idirchaidreamh a dhéanamh idir an grúpa agus institiúidí an Aontais le linn an nós imeachta agus a mbeidh sainordú acu gníomhú thar ceann an ghrúpa d'eagraithe (na “daoine teagmhála”).

Féadfaidh an grúpa d'eagraithe beirt daoine nádúrtha eile ar a mhéad a ainmniú, as measc a chuid comhaltaí nó eile, agus beidh sainordú acu gníomhú thar ceann na ndaoine teagmhála chun críche idirchaidreamh a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais le linn an nós imeachta.

4.   Cuirfidh an grúpa d'eagraithe an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe maidir lena chomhdhéanamh le linn an nós imeachta agus cuirfidh sé cruthúnas iomchuí ar fáil go bhfuil na ceanglais atá leagtha síos i mír 1 agus mír 2 comhlíonta. Déanfar na hathruithe ar chomhdhéanamh an ghrúpa d'eagraithe a léiriú sna foirmeacha ráitis tacaíochta agus beidh ainmneacha chomhaltaí reatha agus iarchomhaltaí an ghrúpa d'eagraithe ar fáil sa chlár le linn an nós imeachta.

5.   Gan dochar do dhliteanas ionadaí an ghrúpa d'eagraithe mar rialaitheoir sonraí faoi Airteagal 82(2) de Rialachán (AE) 2016/679, beidh comhaltaí an ghrúpa d'eagraithe faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith aon damáiste a dhéantar le linn tionscnamh a eagrú trí ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha arna ndéanamh d'aon ghnó nó le faillí thromchúiseach, faoin dlí náisiúnta infheidhme.

6.   Gan dochar do na pionóis faoi Airteagal 84 de Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhaltaí an ghrúpa d'eagraithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, faoi réir pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha mar gheall ar sháruithe ar an Rialachán seo agus go háirithe mar gheall ar na nithe seo a leanas:

(a)

dearbhuithe bréagacha;

(b)

úsáid chalaoiseach sonraí.

7.   I gcás ina gcruthaítear eintiteas dlíthiúil, i gcomhréir le dlí náisiúnta Ballstáit, go sonrach chun críche tionscnamh áirithe a bhainistiú, measfar gurb é an grúpa d'eagraithe nó a chomhaltaí an t-eintiteas dlíthiúil chun críche, de réir mar is infheidhme, mír 5 agus mír 6 den Airteagal seo, Airteagail 6(2) agus (4) go (7) agus Airteagail (7) go 18 agus Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn VII, ar choinníoll go dtugtar sainordú don chomhalta sin den ghrúpa d'eagraithe arna ainmniú mar ionadaí den ghrúpa gníomhú thar ceann an eintitis dhlíthiúil.

Airteagal 6

Clárú

1.   Ní fhéadfar ráitis tacaíochta a bhailiú ach amháin tar éis don tionscnamh a bheith cláraithe ag an gCoimisiún.

2.   Déanfaidh an grúpa d'eagraithe an iarraidh ar chlárú a thíolacadh don Choimisiún tríd an gclár.

Agus iarraidh á tíolacadh, déanfaidh an grúpa d'eagraithe an méid seo a leanas freisin:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a tharchuir i gceann de theanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais;

(b)

na seacht gcomhalta atá le cur san áireamh chun críche Airteagal 5(1) agus (2) a lua i gcás ina bhfuil níos mó ná seacht gcomhalta sa ghrúpa d'eagraithe;

(c)

i gcás inarb ábhartha, a léiriú gur ceapadh eintiteas dlíthiúil de bhun Airteagal 5(7).

Gan dochar do mhír 5 agus mír 6, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh na hiarrata ar chlárú laistigh de 2 mhí ón tionscnamh a thíolacadh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún an tionscnamh a chlárú más rud é:

(a)

go bhfuil fianaise curtha ar fáil ag an ngrúpa d'eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 5(1) agus (2) agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 5(3);

(b)

sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(7), gur ceapadh an t-eintiteas dlíthiúil go sonrach chun an tionscnamh a bhainistiú agus go bhfuil sainordú ag an gcomhalta den ghrúpa d'eagraithe a ainmníodh ina ionadaí air chun gníomhú thar ceann an eintitis dhlíthiúil;

(c)

nach bhfuil aon chuid den tionscnamh beartaithe ó na saoránaigh, go follasach, lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin chun togra le haghaidh gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme;

(d)

gur léir nach bhfuil an tionscnamh míchuí, suaibhreosach ná cráiteach;

(e)

nach bhfuil an tionscnamh contrártha go follasach do luachanna an Aontais atá leagtha amach in Airteagal 2 CAE agus do na cearta atá cuimsithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Chun críche cinneadh a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (e) sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag an ngrúpa d'eagraithe i gcomhréir le mír 2.

Mura gcomhlíontar ceanglas amháin nó níos mó de na ceanglais atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (e) sa chéad fhomhír den mhír seo, diúltóidh an Coimisiún an tionscnamh a chlárú, gan dochar do mhír 4 agus mír 5.

4.   I gcás ina measann sé go gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha síos i bpointí (a), (b), (d) agus (e) den chéad fhomhír de mhír 3 ach nach gcomhlíontar an ceanglas atá leagtha síos i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de 1 mhí amháin ón iarraidh a thíolacadh, an grúpa d'eagraithe a chur ar an eolas faoina mheasúnú agus faoi na cúiseanna atá leis.

Sa chás sin, féadfaidh an grúpa d'eagraithe an tionscnamh a leasú chun measúnú an Choimisiúin a chur san áireamh chun a áirithiú go bhfuil an tionscnamh i gcomhréir leis an gceanglas atá leagtha síos i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3, nó chun an tionscnamh tosaigh a choimeád nó a tharraingt siar. Cuirfidh an grúpa d'eagraithe an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh laistigh de 2 mhí tar éis measúnú an Choimisiúin a fháil agus luafaidh sé na cúiseanna leis an measúnú agus, déanfaidh sé leasuithe, más ann dóibh, a thíolacadh ar an tionscnamh tosaigh.

I gcás ina ndéanann an grúpa d'eagraithe a thionscnamh tosaigh a leasú nó a choimeád i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo,, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

an tionscnamh a chlárú, má chomhlíonann sé an ceanglas atá leagtha síos i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 3;

(b)

an tionscnamh a chlárú i bpáirt más léir nach bhfuil cuid den tionscnamh, lena n-áirítear a phríomhchuspóirí, go follasach lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra le haghaidh gníomh reachtach de chuid an Aontais a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme;

(c)

diúltú an tionscnamh a chlárú i gcásanna áirithe.

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i leith na hiarrata laistigh de mhí amháin tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a fháil ón ngrúpa d'eagraithe.

5.   Tionscnamh atáthar tar éis a chlárú, cuirfear ar fáil don phobal é.

I gcás ina gcláraíonn an Coimisiún tionscnamh i bpáirt, foilseoidh sé faisnéis faoi raon feidhme chlárú an tionscnaimh sa chlár.

I gcás den sórt sin, déanfaidh an grúpa d'eagraithe a áirithiú go gcuirtear sínitheoirí ionchasacha ar an eolas faoi raon feidhme chlárú an tionscnaimh agus nach mbailítear ráitis tacaíochta ach i dtaca le raon feidhme an chlárúcháin.

6.   Déanfaidh an Coimisiún tionscnamh a chlárú faoi uimhir chlárúcháin aonair agus cuirfidh sé an grúpa d'eagraithe ar an eolas ina thaobh sin.

7.   I gcás ina ndiúltóidh sé tionscnamh a chlárú nó nach gcláraíonn sé an tionscnamh ach i bpáirt i gcomhréir le mír 4, cuirfidh an Coimisiún a chúiseanna dá chinneadh in iúl agus cuirfidh sé an grúpa d'eagraithe ar an eolas faoi sin. Cuirfidh sé an grúpa d'eagraithe ar an eolas freisin maidir le gach leigheas breithiúnach agus seachbhreithiúnach atá ar fáil dó.

Cuirfidh an Coimisiún gach cinneadh maidir le hiarratas ar chlárú arna ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo ar fáil go poiblí ar an gclár agus ar an suíomh gréasáin poiblí maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

8.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún ar an eolas faoi chlárú tionscnaimh.

Airteagal 7

Tionscnamh a tharraingt siar

Féadfaidh an grúpa d'eagraithe tionscnamh atáthar tar éis a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6 a tharraingt siar aon tráth sula dtíolacfar an tionscnamh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13. Foilseofar an tarraingt siar sin sa chlár.

Airteagal 8

Tréimhse bhailiúcháin

1.   Déanfar na ráitis tacaíochta uile a bhailiú laistigh de thréimhse nach faide ná 12 mhí ó dháta a chinnfidh grúpa na n-eagraithe (an “tréimhse bhailiúcháin”) gan dochar d'Airteagal 11(6). Ba cheart an dáta sin a bheith laistigh de 6 mhí tar éis an tionscnamh a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6.

Cuirfidh an grúpa d'eagraithe an Coimisiún ar an eolas maidir leis an dáta a roghnófar ar a dhéanaí 10 lá oibre roimh an dáta sin.

I gcás ina dteastaíonn ón ngrúpa d'eagraithe, le linn na tréimhse bailiúcháin, bailiú na ráiteas tacaíochta a fhoirceannadh roimh dheireadh na tréimhse bailiúcháin, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin ar a laghad 10 lá oibre roimh an dáta nua atá roghnaithe ar a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse bhailiúcháin.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Luafaidh an Coimisiún dátaí tosaithe agus deiridh na tréimhse bailiúcháin sa chlár.

3.   Cuirfidh an Coimisiún deireadh le hoibriú an lárchórais bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10, agus cuirfidh an grúpa d'eagraithe deireadh le hoibriú córas bailithe ar líne ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 11 an dáta ar a mbeidh deireadh leis an tréimhse bailiúcháin.

Airteagal 9

Nós imeachta maidir le ráitis tacaíochta a bhailiú

1.   Féadfar ráitis tacaíochta a shíniú ar líne nó i bhfoirm páipéir.

2.   Maidir le ráitis tacaíochta a bhailiú, ní fhéadfar aon fhoirmeacha a úsáid cé is moite foirmeacha atá ag teacht leis na samhlacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

Sula dtionscnaítear bailiú na ráiteas tacaíochta, comhlánóidh an grúpa d'eagraithe na foirmeacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III. Freagróidh an fhaisnéis a thabharfar sna foirmeacha don fhaisnéis atá sa chlár.

I gcás ina gcinneann an grúpa d'eagraithe ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne tríd an lárchóras bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10, is é an Coimisiún a bheidh freagrach as na foirmeacha iomchuí a chur ar fáil, i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

I gcás ina ndearnadh tionscnamh a chlárú i bpáirt i gcomhréir le hAirteagal 6(4), léireofar raon feidhme chlárú an tionscnaimh sna foirmeacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III agus sa lárchóras bailithe ar líne agus sa chóras bailithe ar líne ar leithligh, de réir mar is infheidhme. Féadfar na foirmeacha don ráiteas tacaíochta a chuir in oiriúint chun críche an bhailithe ar líne nó i bhfoirm páipéir.

Ní bheidh feidhm ag Iarscríbhinn III i gcás ina dtacaíonn na saoránaigh le tionscnamh ar líne, trí bhíthin an lárchórais bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10, modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith a úsáid de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Rialachán seo. Cuirfidh saoránaigh a náisiúntacht in iúl agus glacfaidh na Ballstáit leis an tacar sonraí íosta do dhuine nádúrtha i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 (15).

3.   Duine atá ag síniú ráiteas tacaíochta, ní bheidh ar an duine sin a sholáthar ach na sonraí pearsanta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

4.   Faoin 30 Meitheamh 2019, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas cé acu i gcuid A nó i gcuid B, faoi seach, d'Iarscríbhinn III ar mian leo go gcuirfí san áireamh iad. Na Ballstáit ar mian leo a bheith san áireamh i gCuid B d'Iarscríbhinn III, cuirfidh siad in iúl cineál na huimhreach aitheantais pearsanta nó an doiciméid aitheantais phearsanta dá dtagraítear inti.

Faoin 1 Eanáir 2020, foilseoidh an Coimisiún na foirmeacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III sa chlár.

Féadfaidh Ballstát a n-áirítear i gcuid amháin d'Iarscríbhinn III iarraidh a dhéanamh ar an gCoimisiún a bheith aistrithe chuig an gcuid eile d'Iarscríbhinn III. Déanfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún sin a dhéanamh 6 mhí ar a laghad roimh an dáta óna mbeidh feidhm ag na foirmeacha nua.

5.   Is iad an grúpa d'eagraithe a bheidh freagrach as na ráitis tacaíochta a bhailiú ó shínitheoirí i bhfoirm páipéir.

6.   Ní fhéadfaidh duine ráiteas tacaíochta do thionscnamh áirithe a shíniú níos mó ná uair amháin.

7.   Cuirfidh an grúpa d'eagraithe an Coimisiún ar an eolas faoin líon ráiteas tacaíochta atá bailithe i ngach Ballstát gach 2 mhí ar a laghad le linn na tréimhse bailiúcháin agus faoin líon deiridh laistigh de 3 mhí ó dheireadh na tréimhse bailiúcháin chun go bhféadfar iad a fhoilsiú sa chlár.

I gcás nach sroichfear an líon ráiteas tacaíochta is gá, nó in éagmais freagra ón ngrúpa d'eagraithe laistigh de 3 mhí ó dheireadh na tréimhse bailiúcháin, déanfaidh an Coimisiún an tionscnamh a dhúnadh agus foilseoidh sé fógra á rá sin sa chlár.

Airteagal 10

Lárchóras bailithe ar líne

1.   Chun críche bailiú ráiteas tacaíochta ar líne, déanfaidh an Coimisiún lárchóras bailithe ar líne a bhunú faoin 1 Eanáir 2020, agus a chur ag obair ón dáta sin, i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46.

Is as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a íocfar na costais a bhaineann leis an lárchóras bailithe ar líne a chur ar bun agus a oibriú. Beidh úsáid an lárchórais bailithe ar líne saor in aisce.

Beidh an lárchóras bailithe ar líne inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

Na sonraí a bhailítear tríd an lárchóras bailithe ar líne, stórálfar iad ar na freastalaithe a chuirfidh an Coimisiún ar fáil chun na críche sin.

Leis an lárchóras bailithe ar líne féadfar ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil.

2.   I gcás gach tionscnamh, déanfaidh an Coimisiún a áirithiú gur féidir ráitis tacaíochta a bhailiú tríd an lárchóras bailithe ar líne le linn na tréimhse bailiúcháin arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8.

3.   Deich lá oibre, ar a dhéanaí, roimh thús na tréimhse bailiúcháin, cuirfidh an grúpa d'eagraithe in iúl don Choimisiún más mian leis an lárchóras bailithe ar líne a úsáid, agus más mian leis na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil.

I gcás inar mian le grúpa d'eagraithe na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil, déanfaidh sé gach ráiteas tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dheireadh na tréimhse bailiúcháin, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

go bhféadfaidh saoránaigh tacú le tionscnaimh ar líne trí bhíthin ráitis tacaíochta trí na modhanna ríomh-shainaitheantais a dtugtar fógra ina leith a úsáid nó tríd an ráiteas tacaíochta a shíniú le síniú leictreonach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(b)

go ndéanfar nód e-IDAS an Choimisiúin a forbraíodh faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 a aithint.

5.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí maidir le tuilleadh forbairtí agus le feabhsuithe ar an lárchóras bailithe ar líne chun a gcuid moltaí agus ábhar imní a chur san áireamh.

Airteagal 11

Córais bailithe ar líne ar leithligh

1.   I gcás nach n-úsáideann grúpa d'eagraithe an lárchóras bailithe ar líne, féadfaidh sé ráitis tacaíochta ar líne a bhailiú i roinnt Ballstát nó i ngach Ballstát trí bhíthin córas bailithe ar líne ar leithligh eile (an “córas bailithe ar líne ar leithligh”).

Na sonraí a bhaileofar tríd an gcóras bailithe ar líne ar leithligh, déanfar iad a stóráil i gcríoch Ballstáit.

2.   Déanfaidh an grúpa d'eagraithe a áirithiú go gcomhlíonann an córas bailithe ar líne ar leithligh na ceanglais atá leagtha síos i mír 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 18(3) le linn na tréimhse bailiúcháin.

3.   Tar éis dó an tionscnamh a chlárú agus roimh thús na tréimhse bailiúcháin, agus gan dochar do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta náisiúnta faoi Chaibidil VI de Rialachán (AE) 2016/679, iarrfaidh an grúpa d'eagraithe ar údarás inniúil an Bhallstáit ina ndéanfar na sonraí a bailíodh tríd an gcóras bailithe ar líne ar leithligh a stóráil chun a deimhniú go gcomhlíonann an córas na ceanglais atá leagtha síos i mír 4 den Airteagal seo.

I gcás ina gcomhlíonfaidh córas bailithe ar líne ar leithligh na ceanglais atá leagtha síos i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha deimhniú chuige sin a eisiúint i gcomhréir leis an tsamhail atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV laistigh de mhí amháin. Cuirfidh an grúpa d'eagraithe cóip den deimhniú sin ar fáil don phobal ar an suíomh gréasáin a úsáidtear don chóras bailithe ar líne ar leithligh.

Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas do na deimhnithe arna n-eisiúint ag údaráis inniúla Ballstát eile.

4.   Beidh na gnéithe slándála agus teicniúla leordhóthanacha ag córais bailithe ar líne ar leithligh chun an méid seo a leanas a áirithiú le linn na tréimhse bailiúcháin:

(a)

nach bhféadfaidh ach daoine nádúrtha ráiteas tacaíochta a shíniú;

(b)

go bhfreagróidh an fhaisnéis a sholáthraítear chun tacú leis an tionscnamh don fhaisnéis a fhoilseofar sa chlár;

(c)

go mbaileofar na sonraí ó na sínitheoirí i gcomhréir le hIarscríbhinn III;

(d)

go ndéanfar na sonraí a sholáthraíonn na sínitheoirí a bhailiú agus a stóráil go daingean.

5.   Faoin 1 Eanáir 2020, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla chun mír 4 den Airteagal seo a chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22.

Féadfaidh an Coimisiún comhairle a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA), agus é i mbun na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhorbairt.

6.   I gcás ina mbaileofar ráitis tacaíochta trí chóras bailithe ar líne ar leithligh, ní fhéadfar tús a chur leis an tréimhse bhailiúcháin go dtí go n-eiseofar an deimhniú dá dtagraítear i mír 3 don chóras sin.

7.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach maidir le tionscnaimh arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 6 faoin 31 Nollaig 2022.

Airteagal 12

Fíorú agus deimhniú na ráiteas tacaíochta ag na Ballstáit

1.   Déanfaidh gach Ballstát a fhíorú agus a dheimhniú go gcomhlíonann na ráitis tacaíochta arna síniú ag a náisiúnaigh forálacha an Rialacháin seo (an “Ballstát atá freagrach”).

2.   Laistigh de 3 mhí ó dheireadh na tréimhse bailiúcháin agus gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an grúpa d'eagraithe na ráitis tacaíochta, a bailíodh ar líne nó i bhfoirm páipéir, a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach, dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

Ní chuirfidh an grúpa d'eagraithe na ráitis tacaíochta faoi bhráid an údaráis inniúil ach amháin i gcás ina sroicheann an líon sínitheoirí an líon íosta sínitheoirí atá leagtha síos in Airteagal 3.

Ní dhéanfar ráitis tacaíochta a chur faoi bhráid gach údarás inniúil sa Bhallstát atá freagrach ach uair amháin, agus úsáidfear an fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn V.

Déanfar ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne a chur faoi bhráid i gcomhréir le scéimre leictreonach a chuirfidh an Coimisiún ar fáil don phobal.

Na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir agus na ráitis a bailíodh ar líne trí chóras bailithe ar líne ar leithligh, déanfar iad a thíolacadh ar leithligh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne tríd an lárchóras bailithe ar líne, chomh maith leis na ráitis a bailíodh i bhfoirm páipéir agus a uaslódáladh de bhun an dara fomhír d'Airteagal 10(3), a chur faoi bhráid údaráis inniúil an Bhallstáit atá freagrach a luaithe a chuirfidh an grúpa d'eagraithe an fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn V faoi bhráid údaráis inniúil an Bhallstáit atá freagrach i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

I gcás ina bhfuil ráitis tacaíochta bailithe ag grúpa d'eagraithe trí chóras bailithe ar líne ar leithligh, féadfaidh an grúpa iarraidh ar an gCoimisiún na ráitis tacaíochta sin a thíolacadh d'údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach.

Déanfaidh an Coimisiún na ráitis tacaíochta i gcomhréir le fomhír 2 go fomhír 4 de mhír 2 den Airteagal seo a thíolacadh, trí úsáid a bhaint as an tseirbhís malartaithe comhad dá dtagraítear in Airteagal 4(5).

4.   Laistigh de 3 mhí ó na ráitis tacaíochta a fháil, déanfaidh na húdaráis inniúla iad a fhíorú ar bhonn seiceálacha iomchuí, ar seiceálacha iad a d'fhéadfadh a bheith bunaithe ar shampláil randamach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

I gcás ina dtíolacfar na ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne agus i bhfoirm páipéir ar leithligh, cuirfear tús leis an tréimhse sin nuair a bheidh na ráitis tacaíochta uile faighte ag an údarás inniúil.

Chun críche na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a fhíorú, ní gá sínithe a fhíordheimhniú.

5.   Ar bhonn na bhfíoruithe a dhéanfar, déanfaidh an t-údarás inniúil an líon ráiteas tacaíochta bailí don Bhallstát lena mbaineann a dheimhniú. Déanfar an deimhniú sin a sheachadadh, saor in aisce, don ghrúpa d'eagraithe, ag úsáid na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

Sonrófar sa deimhniú an líon ráiteas tacaíochta bailí a bailíodh i bhfoirm páipéir agus ar líne lena n-áirítear na ráitis a bailíodh i bhfoirm páipéir agus a uaslódáladh de bhun an dara fomhír d'Airteagal 10(3).

Airteagal 13

Tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún

Laistigh de 3 mhí tar éis an deimhniú deireanach dá bhforáiltear in Airteagal 12(5) a fháil, cuirfidh an grúpa d'eagraithe an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin.

Tíolacfaidh an grúpa d'eagraithe an fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII agus í comhlánaithe, mar aon le cóipeanna, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, de na deimhnithe dá bhforáiltear in Airteagal 12(5).

Déanfaidh an Coimisiún an fhoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII a chur ar fáil don phobal sa chlár.

Airteagal 14

Foilsiú agus éisteacht phoiblí

1.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún tionscnamh bailí ar bailíodh agus ar deimhníodh na ráitis tacaíochta ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8 go hAirteagal 12, foilseoidh sé gan mhoill fógra á rá sin sa chlár agus déanfaidh sé an tionscnamh a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún, agus chuig na parlaimintí náisiúnta chomh maith.

2.   Laistigh de 3 mhí tar éis an tionscnamh a sheoladh, tabharfar an deis don ghrúpa d'eagraithe an tionscnamh a chur i láthair ag éisteacht phoiblí arna reáchtáil ag Parlaimint na hEorpa.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa an éisteacht a eagrú ina háitreabh.

Déanfar ionadaíocht ar an gCoimisiún ag an éisteacht ar leibhéal iomchuí.

Tabharfar deis don Chomhairle, d'institiúidí eile agus do chomhlachtaí comhairleacha eile an Aontais, do na parlaimintí náisiúnta agus don tsochaí shibhialta a bheith i láthair ag an éisteacht.

Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa go ndéanfar ionadaíocht chothrom ar na leasanna poiblí agus príobháideacha.

3.   Tar éis na héisteachta poiblí, déanfaidh Parlaimint na hEorpa measúnú ar an tacaíocht pholaitiúil don tionscnamh.

Airteagal 15

Scrúdúchán an Choimisiúin

1.   Laistigh de mhí amháin tar éis thíolacadh an tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 13, buailfidh an Coimisiún leis an ngrúpa d'eagraithe ar an leibhéal iomchuí chun deis a thabhairt dó cuspóirí an tionscnaimh a mhíniú go mion.

2.   Laistigh de 6 mhí tar éis fhoilsiú an tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 14(1), agus tar éis na héisteachta poiblí dá dtagraítear in Airteagal 14(2), leagfaidh an Coimisiún amach i dteachtaireacht a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla maidir leis an tionscnamh, an ghníomhaíocht atá beartaithe aige a dhéanamh, más ann di, agus na cúiseanna leis an ngníomhaíocht sin a dhéanamh nó gan í a dhéanamh.

I gcás ina bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún gníomhú mar fhreagairt ar an tionscnamh, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, togra nó tograí le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a ghlacadh, leagfar amach sa teachtaireacht an amlíne atá beartaithe maidir leis na gníomhaíochtaí sin.

Tabharfar fógra faoin teachtaireacht sin don ghrúpa d'eagraithe agus do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún agus cuirfear ar fáil don phobal é.

3.   Déanfaidh an Coimisiún agus an grúpa d'eagraithe na sínitheoirí a chur ar an eolas faoin bhfreagairt ar an tionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 18(2) agus (3).

Soláthróidh an Coimisiún, sa chlár agus sa suíomh gréasáin poiblí maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá leagtha amach sa teachtaireacht a glacadh mar fhreagairt ar an tionscnamh.

Airteagal 16

Obair leantach ag Parlaimint na hEorpa ar thionscnaimh rathúla ó na saoránaigh

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa measúnú ar na bearta a ghlacfaidh an Coimisiún de bharr a theachtaireachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

CAIBIDIL III

FORÁLACHA EILE

Airteagal 17

Trédhearcacht

1.   Cuirfidh an grúpa d'eagraithe faisnéis shoiléir, chruinn agus chuimsitheach ar fáil maidir leis na foinsí cistithe don tionscnamh ar fiú breis agus EUR 500 in aghaidh an urra iad, lena foilsiú sa chlár, agus, de réir mar is iomchuí, ar shuíomh gréasáin a fheachtais.

Beidh na foinsí dearbhaithe cistithe agus tacaíochta, lena n-áirítear na hurraí, agus na méideanna a fhreagraíonn dóibh inaitheanta go soiléir.

Cuirfidh an grúpa d'eagraithe faisnéis ar fáil freisin faoi na heagraíochtaí a thugann cúnamh dó ar bhonn deonach, i gcás nach bhfuil an tacaíocht sin inchainníochtaithe ar bhonn eacnamaíoch.

Déanfar an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta gach 2 mhí ar a laghad le linn na tréimhse ón dáta cláraithe go dtí an dáta a dtíolacfar an tionscnamh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí é ar bhealach soiléir inrochtana sa chlár agus ar an suíomh gréasáin poiblí maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

2.   Beidh an Coimisiún i dteideal a iarraidh ar an ngrúpa d'eagraithe aon fhaisnéis bhreise agus soiléiriú ar fhoinsí cistithe agus tacaíochta dearbhaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar fáil.

3.   Cuirfidh an Coimisiún ar chumas do shaoránaigh gearán a chur i dtaobh faisnéise maidir le hiomláine agus le cirte na bhfoinsí cistithe agus tacaíochta de réir mar atá siad dearbhaithe ag grúpaí d'eagraithe agus déanfaidh sé foirm teagmhála a chur ar fáil go poiblí sa chlár agus ar shuíomh gréasáin poiblí an tionscnaimh Eorpach ó na saoránaigh chun na críche sin.

Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise maidir le gearáin a fhaightear i gcomhréir leis an mír seo a iarraidh ar an ngrúpa d'eagraithe, agus, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta i ndáil leis na foinsí dearbhaithe cistithe agus tacaíochta sa chlár.

Airteagal 18

Cumarsáid

1.   Déanfaidh an Coimisiún feasacht a ardú i measc an phobail gurb ann don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, agus faoi na cuspóirí a ghabhann leis agus a fheidhmiú, trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus feachtais faisnéise, agus ar an gcaoi sin, déanfaidh sé rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a chur chun cinn.

Rannchuideoidh Parlaimint na hEorpa le gníomhaíochtaí cumarsáide an Choimisiúin.

2.   Chun críocha gníomhaíochtaí cumarsáide agus faisnéise maidir leis an tionscnamh lena mbaineann agus faoi réir toiliú sainráite sínitheora, féadfaidh an grúpa d'eagraithe nó an Coimisiún seoladh ríomhphoist an tsínitheora a bhailiú.

Cuirfear in iúl do shínitheoirí ionchasacha nach mbraitheann a gceart chun tacú le tionscnamh ar a dtoiliú a seoladh ríomhphoist a thabhairt.

3.   Ní fhéadfar seoltaí ríomhphoist a bhailiú mar chuid de na foirmeacha ráitis tacaíochta. Féadfar iad a bhailiú ag an am céanna leis na ráitis tacaíochta, áfach, ar choinníoll go ndéantar iad a phróiseáil ar leithligh.

Airteagal 19

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Is é ionadaí an ghrúpa d'eagraithe a bheidh ina rialaitheoir sonraí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus ráitis tacaíochta, seoltaí ríomhphoist agus sonraí faoi urraí na dtionscamh á mbailiú. I gcás ina gceaptar an t-eintiteas dlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 5(7) den Rialachán seo, is é an rialaitheoir sonraí a bheidh ina eintiteas.

2.   Is iad na húdaráis inniúla ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 20(2) den Rialachán seo a bheidh ina rialaitheoirí sonraí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha ráitis tacaíochta a fhíorú agus a dheimhniú.

3.   Is é an Coimisiún a bheidh ina rialaitheoir sonraí de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sa chlár, leis an ardán comhoibritheach ar líne, leis an lárchóras bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo, agus le bailiú seoltaí ríomhphoist.

4.   Déanfar na sonraí pearsanta arna soláthar sna foirmeacha ráitis tacaíochta a bhailiú chun críche na n-oibríochtaí is gá chun iad a bhailiú agus a stóráil ar bhealach slán i gcomhréir le hAirteagail 9 go 11, chun iad a chur faoi bhráid na Ballstát, chun iad a fhíorú agus a dheimhniú i gcomhréir le hAirteagal 12 agus le haghaidh na seiceálacha cáilíochta agus na hanailíse staidrimh is gá.

5.   Scriosfaidh an grúpa d'eagraithe agus an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, na ráitis tacaíochta uile a shíneofar do thionscnamh agus aon chóipeanna díobh 1 mhí amháin ar a dhéanaí tar éis an tionscnamh sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 13, nó tráth nach déanaí ná 21 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, cibé acu is túisce. I gcás ina dtarraingítear siar tionscnamh tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, áfach, scriosfar na ráitis tacaíochta agus aon chóipeanna díobh 1 mhí amháin ar a dhéanaí tar éis na tarraingthe siar dá dtagraítear in Airteagal 7.

6.   Scriosfaidh an t-údarás inniúil na ráitis tacaíochta uile agus cóipeanna díobh trí mhí ar a dhéanaí tar éis dó an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 12(5) a eisiúint.

7.   Féadfar ráitis tacaíochta le haghaidh tionscnamh áirithe agus cóipeanna díobh a choimeád ar feadh tréimhse is faide ná na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 5 agus mír 6 más gá sin chun críche imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin a bhaineann leis an tionscnamh i dtrácht. Scriosfar iad 1 mhí amháin ar a dhéanaí tar éis na himeachtaí sin a thabhairt chun críche le cinneadh críochnaitheach.

8.   Scriosfaidh an Coimisiún agus an grúpa d'eagraithe taifid na seoltaí ríomhphoist a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 18(2), 1 mhí amháin, ar a dhéanaí, tar éis tionscnamh a tharraingt siar nó 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse bailiúcháin nó 12 mhí tar éis an tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún, faoi seach. I gcás ina leagann an Coimisiún amach, trí bhíthin teachtaireachta, na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(2), áfach, scriosfar taifid na seoltaí ríomhphoist trí bliana ar a dhéanaí tar éis an teachtaireacht a fhoilsiú.

9.   Gan dochar dá gcearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725, tá an ceart ag comhaltaí den ghrúpa d'eagraithe a iarraidh go mbainfear a sonraí pearsanta den chlár dhá bhliain ó dháta cláraithe an tionscnaimh lena mbaineann.

Airteagal 20

Údaráis inniúla sna Ballstáit

1.   Chun críche Airteagal 11, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 11(3) a eisiúint.

2.   Chun críche Airteagal 12, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar an bpróiseas fíoraithe le haghaidh ráitis tacaíochta agus as na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 12(5) a eisiúint.

3.   Faoin 1 Eanáir 2020, déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás a ainmnítear de bhun mhír 1 agus mír 2 a sheoladh chuig an gCoimisiún. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi aon nuashonrú ar an bhfaisnéis sin.

Cuirfidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na n-údarás a ainmnítear de bhun mhír 1 agus mír 2 ar fáil go poiblí sa chlár.

Airteagal 21

Bearta náisiúnta a chur in iúl

1.   Faoin 1 Eanáir 2020, déanfaidh na Ballstát na forálacha sonracha a ghlactar chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a chur in iúl don Choimisiún.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na forálacha sin ar fáil go poiblí sa chlár i dteanga na teachtaireachta ó na Ballstáit i gcomhréir le mír 1.

CAIBIDIL IV

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 22

Nós imeachta coiste

1.   Chun críche Airteagal 11(5) den Rialachán seo a chur chun feidhme, tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 23

Cumhachtaí tarmligthe

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, faoi chuimsiú raon feidhme fhorálacha an Rialacháin seo a mbaineann na hIarscríbhinní sin leo.

Airteagal 24

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 23 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 6 Meitheamh 2019..

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 23 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 23 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh agus tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth nach déanaí ná 1 Eanáir 2024, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin. Cumhdófar sna tuarascálacha sin an aois íosta chun tacú le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh sna Ballstáit. Déanfar na tuarascálacha a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 26

Aisghairm

Aisghairfear Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, le héifeacht ón 1 Eanáir 2020.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 27

Foráil idirthréimhseach

Leanfaidh Airteagal 5 go hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 de bheith i bhfeidhm tar éis an 1 Eanáir 2020 maidir le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh atá cláraithe roimh an 1 Eanáir 2020.

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Beidh feidhm ag Airteagail 9(4), 10, 11(5), agus 20 go 24, áfach, ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 237, 6.7.2018, lch. 74.

(2)  IO C 247, 13.7.2018, lch. 62.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 65, 11.3.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1179/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2011 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla le haghaidh córais bailithe ar líne de bhun Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh (IO L 301, 18.11.2001, lch. 3).

(6)  IO C 355, 20.10.2017, lch. 17.

(7)  2017/2024 (INL).

(8)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(9)  Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil cumarsáide agus córas faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach (IO L 6, 11.1.2017, lch. 40).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

AN LÍON ÍOSTA SÍNITHEOIRÍ IN AGHAIDH AN BHALLSTÁIT

An Bheilg

15 771

An Bhulgáir

12 767

An tSeicia

15 771

An Danmhairg

9 763

An Ghearmáin

72 096

An Eastóin

4 506

Éire

8 261

An Ghréig

15 771

An Spáinn

40 554

An Fhrainc

55 574

An Chróit

8 261

An Iodáil

54 823

An Chipir

4 506

An Laitvia

6 008

An Liotuáin

8 261

Lucsamburg

4 506

An Ungáir

15 771

Málta

4 506

An Ísiltír

19 526

An Ostair

13 518

An Pholainn

38 301

An Phortaingéil

15 771

An Rómáin

24 032

An tSlóivéin

6 008

An tSlóvaic

9 763

An Fhionlainn

9 763

An tSualainn

15 020

An Ríocht Aontaithe

54 823


IARSCRÍBHINN II

FAISNÉIS IS GÁ CHUN TIONSCNAMH A CHLÁRÚ

1.

Teideal an tionscnaimh, gan níos mó ná 100 carachtar a bheith ann (*1);

2.

Cuspóirí an tionscnaimh ar ina leith a iarrtar ar an gCoimisiún gníomhú, gan níos mó ná 1 100 carachtar a bheith ann gan spásanna a áireamh (meán coigeartaithe in aghaidh na teanga (*1);

Féadfaidh grúpa d'eagraithe iarscríbhinn a sholáthar faoi ábhar, faoi chuspóirí agus faoi chúlra an tionscnaimh, gan níos mó ná 5 000 carachtar a bheith ann gan spásanna a áireamh; (meán coigeartaithe in aghaidh na teanga (*1);

Féadfaidh grúpa d'eagraithe faisnéis bhreise a sholáthar faoi ábhar, faoi chuspóirí agus faoi chúlra an tionscnaimh. Féadfaidh sé freisin, más mian leis, dréachtghníomh reachtach a thíolacadh;

3.

Na forálacha de na Conarthaí a mheasann grúpa d'eagraithe a bheith ábhartha i ndáil leis an ngníomhaíocht atá beartaithe;

4.

Ainmneacha iomlána, seoltaí poist, náisiúntachtaí agus dátaí breithe an tseachtair comhaltaí den ghrúpa d'eagraithe a bhfuil cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla, agus ainm an ionadaí agus ainm an ionadaí mhalartaigh, chomh maith lena seoltaí ríomhphoist agus a n-uimhreacha teileafóin, á léiriú go sonrach (1);

Mura duine den seachtar comhaltaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír an t-ionadaí agus/nó an t-ionadaí malartach, ainm iomlán, seoladh poist, náisiúntacht, dáta breithe, seoltaí ríomhphost agus uimhir theileafóin an duine sin.

5.

Doiciméid lena gcruthaítear ainmneacha iomlána, seoltaí poist, náisiúntachtaí agus dátaí breithe gach duine den seachtar comhaltaí dá dtagraítear i bpointe 4 agus an ionadaí agus an ionadaí mhalartaigh mura duine den seachtar comhaltaí sin iad;

6.

Ainmneacha chomhaltaí eile an ghrúpa d'eagraithe;

7.

Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2019/788, i gcás inarb iomchuí, doiciméid lena gcruthaítear gur bunaíodh eintiteas dlíthiúil i gcomhréir le dlí náisiúnta Ballstáit go sonrach chun críche tionscnamh áirithe a bhainistiú agus lena gcruthaítear go bhfuil an sainordú ag an gcomhalta den ghrúpa d'eagraithe atá ainmnithe ina ionadaí ar an ngrúpa sin, go bhfuil an sainordú aige gníomhú thar ceann an eintitis dhlíthiúil.

8.

Gach foinse tacaíochta agus cistithe don tionscnamh tráth an chlárúcháin.

(*1)  Is é an Coimisiún a sholáthraíonn an t-aistriúchán i ngach teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais, i gcás na dtionscnamh cláraithe go léir.

(1)  Ní chuirfear ar fáil don phobal i gclár ar líne an Choimisiúin ach ainmneacha iomlána bhaill an ghrúpa d'eagraithe, tír chónaithe an ionadaí nó, i gcás inarb iomchuí, ainm an eintitis dhlíthiúil agus an tír ina bhfuil a shuíochán, seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála agus faisnéis a bhaineann leis na foinsí tacaíochta agus cistithe. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne fhoilsiú a gcuid sonraí pearsanta ar chúiseanna dosháraithe dlisteanacha a bhaineann lena gcúinsí áirithe.


IARSCRÍBHINN III

FOIRM RÁITIS TACAÍOCHTA — Cuid A (1)

(do na Ballstáit nach gceanglaíonn go soláthrófaí uimhir aitheantais phearsanta/uimhir doiciméid aitheantais phearsanta)

Tá gach réimse ar an bhfoirm seo éigeantach.

LE COMHLÁNÚ ROIMH RÉ AG AN nGRÚPA D'EAGRAITHE:

1.

Gach sínitheoir ar an bhfoirm seo, is saoránach é de chuid:

Marcáil Ballstát amháin in aghaidh an liosta.

2.

Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin Eorpaigh:

3.

Dáta tosaithe agus dáta deiridh na tréimhse bailiúcháin:

4.

Seoladh gréasáin an tionscnaimh seo ar chlár an Choimisiúin Eorpaigh:

5.

Teideal an tionscnaimh seo

6.

Cuspóirí an tionscnaimh:

7.

Ainmneacha agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála cláraithe:

[sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2019/788, de réir mar is iomchuí, ina theannta sin: ainm an eintitis dhlíthiúil agus an tír ina bhfuil a shuíochán]

8.

Suíomh gréasáin an tionscnaimh seo (más ann dó):

LE COMHLÁNÚ AG NA SÍNITHEOIRÍ I gCEANNLITREACHA:

“Deimhním leis seo go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha agam san fhoirm seo ceart agus nár thacaigh mé leis an tionscnamh seo cheana.”

CÉADAINMNEACHA IOMLÁNA

SLOINNTE

ÁIT CHÓNAITHE (2)

(sráid, uimhir, cód poist, cathair, tír)

DÁTA BREITHE

Dáta

Síniú (3)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Ráiteas príobháideachais (4) maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir nó trí chórais bailithe ar líne ar leithligh:

 

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), ní úsáidfear do chuid sonraí pearsanta a sholáthróidh tú ar an bhfoirm seo ach amháin chun tacú leis an tionscnamh agus cuirfear ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla iad chun críche fíorú agus deimhniú amháin. Tá tú i dteideal a iarraidh ar ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh seo rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta, mar aon leis na sonraí sin a cheartú, a scriosadh agus a bpróiseáil a shrianadh.

 

Déanfaidh grúpa d'eagraithe do chuid sonraí a stóráil ar feadh tréimhse uasta coinneála de 1 mhí amháin tar éis an tionscnamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh nó 21 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, cibé acu is túisce. Féadfar iad a choinneáil níos faide ná na teorainneacha ama sin i gcás imeachtaí riaracháin nó dlí, is é sin ar feadh 1 mhí amháin ar a mhéad tar éis na himeachtaí sin a thabhairt i gcrích.

 

Gan dochar d'aon réiteach riaracháin ná breithiúnach eile, beidh an ceart agat gearán a thaisceadh le húdarás cosanta sonraí am ar bith, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ort, san ionad oibre nó in áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann tú go ndearnadh do shonraí a phróiseáil go neamhdhleathach.

 

Is é ionadaí ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh nó, más iomchuí, an eintiteas dlíthiúil a chruthaigh sé, na rialaitheoirí de réir bhrí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí, agus is féidir dul i dteagmháil trí na sonraí teagmhála atá ar fáil i bpointe 4 den bhfoirm seo.

 

Tá sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí (más ann dó) ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscnaimh seo i gclár an Choimisiúin Eorpaigh, dá bhforáiltear i bpointe 4 den bhfoirm seo.

 

Is féidir teacht ar shonraí teagmhála an údaráis náisiúnta a gheobhaidh agus a phróiseálfaidh do shonraí pearsanta agus sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí anseo: http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/data-protection?lg=ga.

Ráiteas príobháideachais maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne tríd an lárchóras bailithe ar líne:

 

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), ní úsáidfear do chuid sonraí pearsanta a sholáthróidh tú ar an bhfoirm seo ach amháin chun tacú leis an tionscnamh agus cuirfear ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla iad chun críche fíorú agus deimhniú amháin. Tá tú i dteideal a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach nó ar ionadaí ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh nó, i gcás inarb iomchuí, ar an eintiteas dlíthiúil a chruthaigh sé rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta, mar aon leis na sonraí sin a cheartú, a scriosadh agus a bpróiseáil a shrianadh.

 

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach do chuid sonraí a stóráil ar feadh tréimhse uasta coinneála de 1 mhí amháin tar éis an tionscnamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh nó 21 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, cibé acu is túisce. Féadfar iad a choinneáil níos faide ná na teorainneacha ama sin i gcás imeachtaí riaracháin nó dlí, is é sin ar feadh 1 mhí amháin ar a mhéad tar éis na himeachtaí sin a thabhairt i gcrích.

 

Gan dochar d'aon réiteach riaracháin ná breithiúnach eile, beidh an ceart agat gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó le húdarás cosanta sonraí am ar bith, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ort, san ionad oibre nó in áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann tú go ndearnadh do shonraí a phróiseáil go neamhdhleathach.

 

Is iad an Coimisiún Eorpach agus ionadaí ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh nó, i gcás inarb iomchuí, an t-eintiteas dlíthiúil a chruthaigh sé atá ina rialaitheoirí comhpháirteacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus is féidir dul i dteagmháil leo trí úsáid a bhaint as na mionsonraí a sholáthraítear ar an bhfoirm seo.

 

Tá sonraí teagmhála oifigigh cosanta sonraí an ghrúpa d'eagraithe (más ann dóibh) ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscnaimh i gclár an Choimisiúin Eorpaigh, dá bhforáiltear i bpointe 4 ar an bhfoirm seo.

 

Is féidir teacht ar shonraí teagmhála oifigigh cosanta sonraí an Choimisiúin Eorpaigh, an údaráis náisiúnta a gheobhaidh agus a phróiseálfaidh do shonraí pearsanta, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí anseo: http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/data-protection.

FOIRM RÁITIS TACAÍOCHTA — Cuid B (5)

(do na Ballstáit a cheanglaíonn go soláthrófar uimhir aitheantais phearsanta/uimhir doiciméid aitheantais phearsanta)

Tá gach réimse ar an bhfoirm seo éigeantach.

LE COMHLÁNÚ ROIMH RÉ AG AN nGRÚPA D'EAGRAITHE:

1.

Gach sínitheoir ar an bhfoirm seo, is saoránach é de chuid:

Marcáil Ballstát amháin in aghaidh an liosta.

Féach suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun na huimhreacha aitheantais pearsanta/uimhreacha doiciméid aitheantais phearsanta a fháil, nach mór ceann acu a sholáthar.

2.

Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin Eorpaigh:

3.

Dáta tosaithe agus dáta deiridh na tréimhse bailiúcháin:

4.

Seoladh gréasáin an tionscnaimh seo ar chlár an Choimisiúin Eorpaigh:

5.

Teideal an tionscnaimh seo:

6.

Ábhar an tionscnaimh:

7.

Ainmneacha agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála cláraithe:

[Ina theannta sin, sa chás dá dtagraítear in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2019/788 de réir mar is iomchuí: ainm an eintitis dhlíthiúil agus an tír ina bhfuil a shuíochán].:

8.

Suíomh gréasáin an tionscnaimh seo (más ann dó):

LE COMHLÁNÚ AG NA SÍNITHEOIRÍ I gCEANNLITREACHA:

“Deimhním leis seo go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha agam san fhoirm seo ceart agus nár thacaigh mé leis an tionscnamh seo cheana.”

Céadainmneacha iomlána

Sloinnte

UIMHIR aitheantais PHEARSANTA/UIMHIR DOICIMÉID AITHEANTAIS PHEARSANTA

An cineál uimhreach aitheantais pearsanta nó doiciméid aitheantais phearsanta

Dáta

Síniú (6)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Ráiteas príobháideachais (7) maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir nó trí chórais bailithe ar líne ar leithligh:

 

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), ní úsáidfear do chuid sonraí pearsanta a sholáthróidh tú ar an bhfoirm seo ach amháin chun tacú leis an tionscnamh agus cuirfear ar fáil iad do na húdaráis náisiúnta inniúla iad chun críche fíorú agus deimhniú amháin. Tá tú i dteideal a iarraidh ar ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh seo rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta, mar aon leis na sonraí sin a cheartú, a scriosadh agus a bpróiseáil a shrianadh.

 

Déanfaidh grúpa d'eagraithe do chuid sonraí a stóráil ar feadh tréimhse uasta coinneála de1 mhí amháin tar éis an tionscnamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh nó 21 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, cibé acu is túisce. Féadfar iad a choinneáil níos faide ná na teorainneacha ama sin i gcás imeachtaí riaracháin nó dlí, is é sin ar feadh 1 mhí amháin ar a mhéad tar éis na himeachtaí sin a thabhairt i gcrích.

 

Gan dochar d'aon réiteach riaracháin ná breithiúnach eile, beidh an ceart agat gearán a thaisceadh le húdarás cosanta sonraí am ar bith, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ort, san ionad oibre nó in áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann tú go ndearnadh do shonraí a phróiseáil go neamhdhleathach.

 

Is é ionadaí ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh nó, de réir mar is iomchuí, an t-eintiteas dlíthiúil a chruthaigh siad, an rialaitheoir de réir bhrí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus is féidir teagmháil a dhéanamh trí na sonraí a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm seo.

 

Tá sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí (más ann dó) ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscnaimh seo i gclár an Choimisiúin Eorpaigh, dá bhforáiltear i bpointe 4 den bhfoirm seo.

 

Is féidir teacht ar shonraí teagmhála an údaráis náisiúnta a gheobhaidh agus a phróiseálfaidh do shonraí pearsanta agus sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí anseo: http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/data-protection?lg=ga.

Ráiteas príobháideachais maidir leis na ráitis tacaíochta a bailíodh ar líne tríd an lárchóras bailithe ar líne:

 

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), ní úsáidfear do chuid sonraí pearsanta a sholáthróidh tú ar an bhfoirm seo ach amháin chun tacú leis an tionscnamh agus cuirfear ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla iad chun críche fíorú agus deimhniú amháin. Tá tú i dteideal a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach nó ar ionadaí ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh nó, i gcás inarb iomchuí, ar an eintiteas dlíthiúil a chruthaigh sé seo rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta, mar aon leis na sonraí sin a cheartú, a scriosadh agus a bpróiseáil a shrianadh.

 

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach do chuid sonraí a stóráil ar feadh tréimhse uasta coinneála de 1 mhí amháin tar éis an tionscnamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh nó 21 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, cibé acu is túisce. Féadfar iad a choinneáil níos faide ná na teorainneacha ama sin i gcás imeachtaí riaracháin nó dlí, is é sin ar feadh 1 mhí amháin ar a mhéad tar éis na himeachtaí sin a thabhairt i gcrích.

 

Gan dochar d'aon réiteach riaracháin ná breithiúnach eile, beidh an ceart agat gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó le húdarás cosanta sonraí am ar bith, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ort, san ionad oibre nó in áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann tú go ndearnadh do shonraí a phróiseáil go neamhdhleathach.

 

Is iad an Coimisiún Eorpach agus ionadaí ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh nó, i gcás inarb iomchuí, an t-eintiteas dlíthiúil a chruthaigh sé atá ina rialaitheoirí comhpháirteacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus is féidir dul i dteagmháil leo trí úsáid a bhaint as na mionsonraí a sholáthraítear ar an bhfoirm seo.

 

Tá sonraí teagmhála oifigigh cosanta sonraí an ghrúpa d'eagraithe (más ann dóibh) ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscnaimh i gclár an Choimisiúin Eorpaigh, dá bhforáiltear i bpointe 4 ar an bhfoirm seo.

 

Is féidir teacht ar shonraí teagmhála oifigigh cosanta sonraí an Choimisiúin Eorpaigh, an údaráis náisiúnta a gheobhaidh agus a phróiseálfaidh do shonraí pearsanta, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí anseo: http://ec.europa.eu/citizens-initiative/public/data-protection?lg=ga.


(1)  Clófar an fhoirm ar bhileog amháin. Féadfaidh grúpa d'eagraithe bileog dhéthaobhach a úsáid. Úsáidfear cód arna chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach chun críche na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil go dtí an lárchóras bailithe ar líne.

(2)  Náisiúnaigh de chuid na Gearmáine atá ina gcónaí taobh amuigh den tír, má tá a n-áit chónaithe bhuan faoi láthair cláraithe ag a n-ionadaíocht Ghearmánach taidhleoireachta ar an gcoigríoch.

(3)  Ní bheidh an síniú éigeantach má dhéantar an fhoirm a thíolacadh ar líne ag baint úsáid as an lárchóras bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/788 nó as córas bailithe ar líne ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin.

(4)  Ná húsáidtear ach ceann den dá leagan den ráiteas príobháideachais atá molta, ag brath ar an modh bailithe.

(5)  Clófar an fhoirm ar bhileog amháin. Féadfaidh grúpa d'eagraithe bileog dhéthaobhach a úsáid. Úsáidfear cód arna chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach chun críche na ráitis tacaíochta a bailíodh i bhfoirm páipéir a uaslódáil go dtí an lárchóras bailithe ar líne.

(6)  Ní bheidh an síniú éigeantach má dhéantar an fhoirm a thíolacadh ar líne ag baint úsáid as an lárchóras bailithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/788 nó as córas bailithe ar líne ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin.

(7)  Ná húsáidtear ach ceann den dá leagan den ráiteas príobháideachais atá molta, ag brath ar an modh bailithe.


IARSCRÍBHINN IV

DEIMHNIÚ LENA nDEIMHNÍTEAR COMHRÉIREACHT CÓRAIS BAILITHE AR LÍNE LE RIALACHÁN (AE) 2019/788 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE AN 17 AIBREÁN 2019 MAIDIR LEIS AN TIONSCNAMH EORPACH Ó NA SAORÁNAIGH

Deimhníonn …. (ainm an údaráis inniúil) as … (ainm an Bhallstáit), leis seo, go bhfuil forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh á gcomhlíonadh i gcás an chórais bailithe ar líne ar leithligh … (seoladh suímh gréasáin) a úsáideadh chun ráitis tacaíochta a bhailiú do... (teideal an tionscnaimh) a bhfuil an uimhir chlárúcháin... (uimhir chlárúcháin an tionscnaimh) aige.

Dáta, síniú agus stampa oifigiúil an údaráis inniúil:


IARSCRÍBHINN V

FOIRM CHUN RÁITIS TACAÍOCHTA A THÍOLACADH D'ÚDARÁIS INNIÚLA NA mBALLSTÁT

1.

Ainmneacha iomlána, seoltaí poist agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála (ionadaí agus ionadaí malartach an ghrúpa d'eagraithe) nó an eintitis dhlíthiúil a bhainistíonn an tionscnamh agus a ionadaí siúd:

2.

Teideal an tionscnaimh:

3.

Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin:

4.

Dáta clárúcháin:

5.

An líon sínitheoirí ar náisiúnaigh de chuid (ainm an Bhallstáit) iad:

6.

An líon iomlán ráiteas tacaíochta a bailíodh:

7.

An líon Ballstát inar sroicheadh an tairseach:

8.

Iarscríbhinní:

(Cuirtear faoi iamh leis seo gach ráiteas tacaíochta ó shínitheoirí ar náisiúnaigh iad den Bhallstát ábhartha.

Más infheidhme, cuirtear faoi iamh leis seo deimhniú comhréireachta ábhartha an chórais bailithe ar líne ar leithligh le Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh).

9.

Dearbhaím leis seo go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san fhoirm seo ceart agus gur bailíodh na ráitis tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

10.

Dáta agus síniú duine de na daoine teagmhála (ionadaí/ionadaí malartach (1)) nó ionadaí an eintitis dhlíthiúil:

(1)  Scrios de réir mar is iomchuí


IARSCRÍBHINN VI

DEIMHNIÚ LENA nDEIMHNÍTEAR AN LÍON RÁITEAS TACAÍOCHTA BAILÍ ARNA mBAILIÚ LE hAGHAIDH … (AINM AN BHALLSTÁIT)

Deimhníonn … (ainm an údaráis inniúil) as … (ainm an Bhallstáit), leis seo, tar éis na fíoruithe is gá a dhéanamh a cheanglaítear le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, go bhfuil (an líon ráiteas tacaíochta bailí) ráiteas tacaíochta don tionscnamh a bhfuil an uimhir chlárúcháin... (uimhir chlárúcháin an tionscnaimh) aige, bailí i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

Dáta, síniú agus stampa oifigiúil


IARSCRÍBHINN VII

FOIRM CHUN TIONSCNAMH Ó NA SAORÁNAIGH A THÍOLACADH DON CHOIMISIÚN EORPACH

1.

Teideal an tionscnaimh:

2.

Uimhir chlárúcháin an Choimisiúin:

3.

Dáta clárúcháin:

4.

An líon ráiteas tacaíochta bailí a fuarthas (ní mór aon mhilliún amháin ar a laghad a bheith ann):

5.

An líon sínitheoirí ar thug Ballstáit deimhniú ina leith:

 

BE

BG

CZ

DK

DE

EE

IE

EL

ES

FR

HR

IT

CY

LV

LT

LU

An líon sínitheoirí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

HU

MT

NL

AT

PL

PT

RO

SI

SK

FI

SE

UK

IOMLÁN

An líon sínitheoirí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

6.

Ainmneacha iomlána, seoltaí poist agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála (ionadaí agus ionadaí malartach an ghrúpa d'eagraithe) (1) nó an eintitis dhlíthiúil a bhainistíonn an tionscnamh agus a ionadaí siúd:

7.

Léirigh na foinsí tacaíochta agus cistithe go léir a fuarthas don tionscnamh, lena n-áirítear an méid tacaíochta airgeadais tráth an tíolactha:

8.

Dearbhaím leis seo go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san fhoirm seo ceart agus gur comhlíonadh na nósanna imeachta agus na coinníollacha ábhartha go léir atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

Dáta agus síniú duine de na daoine teagmhála (ionadaí/ionadaí malartach (2)) nó ionadaí an eintitis dhlíthiúil:

9.

Iarscríbhinní: (Cuirtear gach deimhniú faoi iamh leis seo)

(1)  Ní dhéanfar ach ainmneacha iomlána bhaill an ghrúpa d'eagraithe, tír chónaithe an ionadaí nó, i gcás inarb iomchuí, ainm an eintitis dhlíthiúil agus an tír ina bhfuil a shuíochán seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála agus faisnéis a bhaineann le foinsí tacaíochta agus cistithe a sholáthar don phobal i gclár ar líne an Choimisiúin. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne fhoilsiú a sonraí pearsanta ar chúiseanna dosháraithe dlisteanacha a bhaineann lena gcúinsí áirithe.

(2)  Scrios de réir mar is iomchuí.


TREORACHA

17.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

82


TREOIR (AE) 2019/789 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió agus lena leasaítear Treoir 93/83/CEE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D'fhonn rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, is gá foráil a dhéanamh maidir le scaipeadh níos leithne clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile i mBallstáit chun leasa úsáideoirí ar fud an Aontais trí cheadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a éascú i saothair agus in ábhar cosanta eile atá i gcraoltaí cineálacha áirithe clár teilifíse agus raidió. Is meáin thábhachtacha iad cláir theilifíse agus raidió chun an éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus comhtháthú sóisialta a chur chun cinn, agus rochtain ar fhaisnéis a mhéadú.

(2)

Le forbairt teicneolaíochtaí digiteacha agus an idirlín, tá athrú ó bhonn tagtha ar dháileadh clár teilifíse agus raidió, agus ar rochtain orthu. Tá méadú ag teacht ar an méid a mbíonn úsáideoirí ag súil go mbeidh rochtain bheo agus ar éileamh acu ar chláir theilifíse agus raidió, trí na cainéil thraidisiúnta amhail satailít nó cábla agus trí sheirbhísí ar líne freisin. Dá bhrí sin, anuas ar a gcraoltaí féin de chláir theilifíse agus raidió, tá níos mó seirbhísí ar líne atá coimhdeach leis na craoltaí sin, amhail seirbhísí comhchraolta agus seirbhísí athdheise, á dtairiscint ag eagraíochtaí craoltóireachta. Maidir le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, a bhailíonn craoltaí de chláir theilifíse agus raidió le chéile ina bpacáistí agus a sholáthraíonn iad d'úsáideoirí go comhuaineach le tarchur tosaigh an chraolta, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, baineann siad leas as teicnící éagsúla atarchuir amhail cábla, satailít, córas trastíre digiteach, líonraí móibíleacha nó ciorcaid iata IP-bhunaithe nó líonraí móibíleacha mar aon leis an idirlíon oscailte. De bhreis air sin, tá bealaí éagsúla ag oibreoirí a dháileann cláir theilifíse agus raidió ar úsáideoirí chun comharthaí cláriompartha eagraíochtaí craoltóireachta a fháil, lena n-áirítear trí bhíthin instealladh díreach Tá éileamh níos mó, i measc úsáideoirí, ar rochtain ar chraoltaí clár teilifíse agus raidió de thionscnamh a mBallstáit féin agus de thionscnamh Bhallstáit eile an Aontais freisin. Leis na húsáideoirí sin áirítear comhalta a bhaineann le mionlaigh theanga san Aontas mar aon le daoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile nach é a mBallstát tionscnaimh é.

(3)

Déanann eagraíochtaí craoltóireachta líon mór uaireanta clár teilifíse agus raidió a tharchur ar bhonn laethúil. Cuimsítear sna cláir sin ábhar éagsúil, amhail saothair chlosamhairc, cheoil, liteartha nó ghrafacha atá faoi chosaint faoi dhlí an Aontais ag cóipcheart nó ag cearta gaolmhara nó an dá cheann. Mar thoradh air sin, tá próiseas casta i bhfeidhm chun cearta a imréiteach ón iliomad sealbhóirí cirt agus le haghaidh catagóirí éagsúla saothar agus ábhar cosanta eile. Go minic, is gá na cearta a imréiteach in achar ama gearr, go háirithe agus cláir amhail cláir nuachta nó cláir chúrsaí reatha á n-ullmhú. Lena gcuid seirbhísí ar líne a chur ar fáil thar teorainneacha, teastaíonn na cearta riachtanacha i leith saothar agus ábhar eile cosanta do na críocha ábhartha ar fad ó eagraíochtaí craoltóireachta, rud a chuireann le castacht imréiteach na gceart.

(4)

Maidir le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, lena ndéantar roinnt clár a thairiscint go hiondúil ina n-úsáidtear an iliomad saothar agus ábhar eile cosanta atá cuimsithe sna cláir theilifíse agus raidió atarchurtha agus bíonn tréimhse ama an-ghearr acu chun na ceadúnais riachtanacha a fháil agus, ar an ábhar sin, bíonn ualach mór orthu freisin i leith imréiteach na gceart. Tá an baol ann freisin d'údair, léiritheoirí agus sealbhóirí eile cirt go mbainfear úsáid as a saothair agus as ábhar eile cosanta gan údarú nó gan luach saothair iomchuí a íoc leo. Is tábhachtach an ní é an luach saothair sin ar atarchur a saothar agus ábhair chosanta eile chun rogha d'ábhar ilchineálach a áirithiú, ar rud é ar chun leasa na dtomhaltóirí é freisin.

(5)

Tá na cearta maidir le saothair agus le hábhar eile cosanta comhchuibhithe, inter alia, le Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus i dTreoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena bhforáiltear d'ardleibhéal cosanta do shealbhóirí cirt.

(6)

Éascaítear le Treoir 93/83/CEE (5) ón gComhairle craoltóireacht satailíte agus atarchur ar chábla trasteorann de chláir theilifíse agus raidió ó Bhallstáit eile. Mar sin féin, tá forálacha na Treorach sin maidir le hatarchur eagraíochtaí craoltóireachta teoranta do tharchur satailíte agus, dá bhrí sin, ní bhaineann siad le seirbhísí ar líne atá coimhdeach le craoltaí. Thairis sin, tá na forálacha a bhaineann le hatarchur clár teilifíse agus raidió ó Bhallstáit eile teoranta d'atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe ar chábla nó ar chórais mhicreathonnacha agus ní chumhdaítear leo atarchur trí mheán teicneolaíochtaí eile.

(7)

Dá réir sin, ba cheart soláthar trasteorann seirbhísí ar líne atá coimhdeach le craoltaí, agus atarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit, eile a éascú tríd an gcreat dlíthiúil maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do na gníomhaíochtaí sin a oiriúnú. Leis an oiriúnú, ba cheart é sin a dhéanamh trí mhaoiniú agus táirgeadh ábhair chruthaithigh a chur san áireamh, go háirithe saothair chlosamhairc.

(8)

Leis an Treoir seo, cumhdaítear seirbhísí coimhdeacha ar líne seo na seirbhísí sin arna dtairiscint ag eagraíocht chraoltóireachta a bhfuil gaol soiléir fo-ordaithe acu leis na craoltaí na n-eagraíocht chraoltóireachta. Áirítear leis na seirbhísí sin seirbhísí lena dtugtar rochtain ar chláir theilifíse agus raidió go díreach ar bhealach líneach amháin atá comhuaineach leis an gcraoladh agus seirbhísí lena soláthraítear rochtain, laistigh de thréimhse ama shainithe tar éis an chraolta, ar chláir theilifíse agus raidió ar chraol an eagraíocht chraoltóireachta iad roimhe sin, ar a dtugtar “seirbhísí teilifíse athdheise”. Ina theannta sin, áirítear leis na seirbhísí coimhdeacha ar líne a chuimsítear leis an Treoir seo seirbhísí lena soláthraítear rochtain ar ábhar trína saibhrítear cláir theilifíse nó raidió arna gcraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta nó trína gcuirtear leo ar bhealach eile, lena n-áirítear trí réamh-léirmheas a dhéanamh ar ábhair an chláir ábhartha, trína leathnú, trí chur leis nó trí léirmheas a dhéanamh air. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le seirbhísí coimhdeacha ar líne a sholáthraíonn eagraíochtaí craoltóireachta d'úsáideoirí mar aon leis an tseirbhís craolacháin. Ba cheart feidhm a bheith aici freisin maidir le seirbhísí coimhdeacha ar líne ar féidir le húsáideoirí rochtain a fháil orthu neamhspleách ar an tseirbhís craolacháin, cé gur léir gaol fo-ordaithe leis an gcraoladh a bheith ann, gan an réamhchoinníoll a bheith ann gur gá do na húsáideoirí rochtain a fháil ar an tseirbhís craolacháin, mar shampla trí mheán síntiúis. Ní dochar an méid sin do shaoirse na n-eagraíochtaí craoltóireachta seirbhísí coimhdeacha ar líne den chineál sin a thairiscint saor ó tháille nó mar mhalairt ar íocaíocht airgid. Níor cheart rochtain a sholáthar ar shaothair aonair nó ar ábhar eile cosanta atá cuimsithe i gclár teilifíse nó raidió, nó rochtain a sholáthar ar shaothair nó ábhar eile cosanta nach mbaineann le haon chlár arna chraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta, amhail seirbhísí lena gcuirtear rochtain ar fáil ar shaothair aonair cheoil nó chlosamhairc, albaim cheoil nó físeáin, mar shampla trí sheirbhís físeán ar éileamh, a bheith faoi raon feidhme na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo.

(9)

D'fhonn imréiteach ceart a éascú le haghaidh soláthar seirbhísí coimhdeacha ar líne thar teorainneacha, is gá foráil a dhéanamh chun prionsabal na tíre tionscnaimh a bhunú maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar ábhartha le haghaidh gníomhartha a thagann chun cinn le linn soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, le linn na rochtana uirthi nó le linn a húsáidte. Ba cheart go gcumhdófaí leis an bprionsabal sin imréiteach na gceart go léir atá riachtanach don eagraíocht chraoltóireachta chun a gcláir a léiriú don phobal nó iad a chur ar fáil don phobal agus seirbhísí coimhdeacha á soláthar acu, lena n-áirítear imréiteach cóipchirt agus ceart gaolmhar maidir le saothair nó ábhar cosanta eile arna n-úsáid sna cláir, mar shampla na cearta maidir le fónagraim nó taibhithe. Ba cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal na tíre tionscnaimh sin go heisiach leis an ngaol idir sealbhóirí cirt, nó eintitis a dhéanann ionadaíocht thar ceann sealbhóirí cirt amhail eagraíochtaí bailithe dleachtanna, agus eagraíochtaí craoltóireachta agus chun críche soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, na rochtana uirthi nó a húsáidte, agus chun na críche sin amháin. Níor cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal na tíre tionscnaimh maidir leis na saothair nó ábhar cosanta eile a chur i láthair don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, ná maidir leis na saothair nó ábhar cosanta eile a chur ar fáil don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, ar bhealach inar bhféadfadh daoine den phobal rochtain a fháil uirthi ó áit agus ag am dá rogha féin nó d'aon atáirgeadh na saothar agus ábhar cosanta eile atá cuimsithe sa tseirbhís choimhdeach ar líne.

(10)

Agus sainghnéithe de shásraí maoinithe agus ceadúnaithe saothar closamhairc ar leith á gcur san áireamh, ar rudaí iad a bhunaítear go minic ar cheadúnú críochach eisiach, is iomchuí, i dtaca le cláir theilifíse, teorainn catagóirí clár ar leith a chur le raon feidhme phrionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo. Le cláir den chineál sin, ba cheart a áireamh cláir nuachta agus cúrsaí reatha chomh maith le léiriúcháin de chuid na heagraíochta craoltóireachta féin arna maoiniú aici féin amháin lena n-áirítear i gcás go bhféadfadh sé go dtagann na cistí a úsáideann an eagraíocht chraoltóireachta lena léiriúcháin a mhaoiniú ó chistí poiblí. Chun críocha na Treorach seo, ba cheart go dtuigfí go gcumhdaítear le léiriúcháin na heagraíochta craoltóireachta féin léiriúcháin arna ndéanamh ag eagraíocht chraoltóireachta trína hacmhainní féin a úsáid, ach ní léiriúcháin arna gcoimisiúnú ag an eagraíocht chraoltóireachta do léiritheoirí atá neamhspléach ar an eagraíocht chraoltóireachta agus ar chomhléiriúcháin. Ar na cúiseanna céanna, níor cheart feidhm a bheith ag prionsabal na tíre tionscnaimh maidir leis an gcraoladh teilifíse a dhéantar ar ócáidí spóirt faoin Treoir seo. Níor cheart feidhm a bheith ag prionsabal na tíre tionscnaimh ach amháin sa chás ina n-úsáideann an eagraíocht chraoltóireachta cláir ina seirbhísí coimhdeacha féin ar líne. Níor cheart feidhm a bheith aige maidir le léiriúcháin de chuid na heagraíochtaí craoltóireachta féin a cheadúnú do thríú páirtithe, lena n-áirítear eagraíochtaí eile craoltóireachta. Níor cheart do phrionsabal na tíre tionscnaimh cur isteach ar shaoirse na sealbhóirí cirt ná na n-eagraíochtaí craoltóireachta srianta a chomhaontú, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear srianta críocha, maidir le saothrú a gceart.

(11)

Mar thoradh ar phrionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo, níor cheart aon oibleagáid a bhunú ar eagraíochtaí craoltóireachta a gcláir a léiriú ná a chur ar fáil don phobal trína seirbhísí coimhdeacha ar líne ná na seirbhísí coimhdeacha sin ar líne a chur ar fáil i mBallstát eile seachas i mBallstát a bpríomháite gnó.

(12)

Ós rud é go measfar gur sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta, agus sa Bhallstát sin amháin, a tharlóidh an soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, an rochtain uirthi nó a húsáid, agus gur féidir an tseirbhís choimhdeach ar líne a chur ar fáil de facto thar theorainneacha do Bhallstáit eile, is gá a áirithiú, agus méid na híocaíochta a dhéanfar i leith na gceart i dtrácht á leagan síos acu, go gcuireann na comhpháirtithe san áireamh gach gné den tseirbhís choimhdeach ar líne amhail gnéithe na seirbhíse, lena n-áirítear an fad a bhíonn fáil ar líne ar na cláir a áirítear leis an tseirbhís, an lucht féachana nó éisteachta, lena n-áirítear an lucht féachana nó éisteachta sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta agus i mBallstáit eile ina bhfaightear rochtain ar an tseirbhís choimhdeach ar líne agus ina n-úsáidtear í, agus na leaganacha teanga a sholáthraítear. Mar sin féin, ba cheart é a bheith fós indéanta modhanna ar leith a úsáid chun an méid atá le híoc as na cearta a ríomh faoi réir phrionsabal na tíre tionscnaimh amhail modhanna sin a bhunaítear ar ioncam na heagraíochta craoltóireachta arna ghiniúint ag an tseirbhís ar líne, ar modhanna iad ar díol suntais é go n-úsáideann, go háirithe, eagraíochtaí craoltóireachta raidió iad.

(13)

De bharr phrionsabal na saoirse conarthaí, féadfar leanúint de theorainn a chur le saothrú na gceart a bhfuil tionchar ag prionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach sa Treoir seo orthu, ar choinníoll go mbeidh aon teorainn den sórt sin le saothrú na gceart sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

(14)

Is féidir le hoibreoirí seirbhísí tarchuir teicneolaíochtaí difriúla a úsáid nuair a dhéanann siad atarchur comhuaineach, ar bhealach neamhathraithe agus neamhghiorraithe, lena fháil ag an bpobal, ar tharchur tosaigh craolacháin ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió. Is féidir leis na hoibreoirí seirbhísí atarchuir na comharthaí cláriompartha a fháil ó eagraíochtaí craoltóireachta, arb eagraíochtaí iad féin a tharchuireann na comharthaí sin chuig an bpobal ar bhealaí difriúla, mar shampla trí na comharthaí arna dtarchur ag eagraíochtaí craoltóireachta a ghabháil nó trí na comharthaí a fháil go díreach uathu trí phróiseas teicniúil an insteallta dhírigh. Is féidir seirbhísí oibreoirí den chineál sin a thairiscint ar líonraí satailíte, líonraí digiteacha trastíre, líonraí móibíleacha agus líonraí ciorcaid iata IP-bhunaithe, líonraí móibíleacha agus ar líonraí comhchosúla nó trí sheirbhísí rochtana idirlín mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Dá bhrí sin, ba cheart d'oibreoirí seirbhisí tarchuir a úsáideann na teicneolaíochtaí den chineál sin le haghaidh a gcuid atarchur a chumhdach leis an Treoir seo agus ba cheart an sásra lena dtugtar isteach an chomhbhainistíocht éigeantach ar chearta a dhul chun tairbhe dóibh. Chun coimircí leordhóthanacha a áirithiú in aghaidh úsáid neamhúdaraithe saothar agus ábhair cosanta eile, ar coimircí iad atá tábhachtach go háirithe i gcás seirbhísí a íoctar astu, níor cheart seirbhísí atarchuir arna soláthar trí sheirbhísí rochtana idirlín a áireamh i raon feidhme na Treorach seo ach amháin sa chás ina soláthraítear na seirbhísí atarchuir sin i dtimpeallacht nach féidir le haon duine ach amháin úsáideoirí údaraithe rochtain a fháil ar atarchuir agus inarb inchomparáide leibhéal slándála ábhair arna sholáthar agus an leibhéal slándála atá ann d'ábhar a tharchuirtear thar líonraí bainistithe, amhail líonraí ciorcaid iata IP-bhunaithe, áit a gcriptítear an t-ábhar. Ba cheart go mbeadh na ceanglais sin indéanta agus leormhaith.

(15)

Le tarchuir thosaigh de chláir theilifíse agus raidió a atarchur, ní mór d'oibreoirí seirbhísí atarchuir údarú a fháil ó shealbhóirí an chirt eisiach lena chur i láthair don phobal na saothair nó ábhar cosanta eile. D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na hoibreoirí seirbhísí atarchuir agus d'fhonn éagothromaíochtaí sa dlí náisiúnta maidir le seirbhísí atarchuir den sórt sin a shárú, ba cheart rialacha atá cosúil leo siúd a bhfuil feidhm acu i leith atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE a bheith i bhfeidhm. Leis na rialacha faoin Treoir sin a áireamh an oibleagáid an ceart a fheidhmiú chun údarú a dheonú nó a dhiúltú d'oibreoir seirbhíse atarchuir trí eagraíocht chomhbhainistíochta. Faoi na rialacha sin, tá an ceart chun údarú a dheonú nó a dhiúltú slán fós, agus ní dhéantar ach feidhmiú an chirt sin a rialú go pointe áirithe. Ba cheart go bhfaigheadh na sealbhóirí cirt luach saothair iomchuí as atarchur a saothar agus ábhar cosanta eile. Agus téarmaí ceadúnaithe réasúnta á gcinneadh, lena n-áirítear an táille ceadúnais, le haghaidh atarchuir i gcomhréir le Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ba cheart luach eacnamaíoch úsáid na gceart sa trádáil, lena n-áirítear an luach a chuirtear ar mheáin an tarchuir, inter alia, a chur san áireamh. Ba cheart an méid sin gan dochar d'fheidhmiú comhchoiteann cheart an luacha saothair chothroim do thaibheoirí agus táirgeoirí fónagram as fónagraim thráchtála a chur i láthair don phobal dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Threoir 2006/115/CE agus do Rialachán Uimh. 2014/26/AE agus go háirithe d'fhorálacha na Treorach sin, a bhaineann le cearta sealbhóirí cirt maidir le heagraíocht chomhbhainistíochta a roghnú.

(16)

Leis an Treoir seo, ba cheart go mbeifí in ann comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir eagraíochtaí comhbhainistíochta agus oibreoirí atarchuir, maidir leis na cearta atá faoi réir comhbhainistiú éigeantach faoin Treoir seo, a leathnú lena chur i bhfeidhm maidir le cearta na sealbhóirí cirt nach ndéanann an eagraíocht chomhbhainistíochta ionadaíocht dóibh, gan cead do na shealbhóirí cirt sin a saothair ná ábhar eile a eisiamh ó chur i bhfeidhm an tsásra sin. I gcásanna ina bhfuil cearta sa chatagóir sin á mbainistiú ag níos mó ná aon eagraíocht chomhbhainistíochta amháin do chríoch an Bhallstáit sin, is faoin mBallstát ar dá chríoch atá oibreoir na seirbhíse atarchuir ag iarraidh cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir a chinneadh cibé acu eagraíocht nó eagraíochtaí comhbhainistíochta ag a mbeidh an ceart an t-údarú le haghaidh atarchuir a dheonú nó a dhiúltú.

(17)

Aon chearta atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta féin i leith a gcraoltaí, lena n-áirítear cearta maidir le hábhar na gclár, ba cheart iad a dhíolmhú ón gcomhbhainistiú éigeantach ar chearta is infheidhme maidir le hatarchuir Go hiondúil, bíonn caidreamh tráchtála leanúnach idir oibreoirí seirbhísí atarchuir agus eagraíochtaí craoltóireacha agus, dá thoradh sin, is eol d'oibreoirí seirbhísí atarchuir cé hiad na heagraíochtaí craoltóireachta agus dá bharr sin is próiseas réasúnta simplí é cearta a imréiteach le heagraíochtaí craoltóireachta. Dá réir sin, bíonn sé réasúnta simplí ar oibreoirí seirbhísí atarchuir agus iad ag fáil na gceadúnas is gá ó eagraíochtaí craoltóireachta agus a bhíonn orthu agus iad ag fáil ceadúnais ó shealbhóirí cirt i saothair agus in ábhar eile cosanta atá cuimsithe sna cláir theilifíse agus raidió atarchurtha. Dá bhrí sin, ní gá an próiseas ceadúnúcháin a shimpliú maidir leis na cearta atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta. Mar sin féin, ní mór a áirithiú nuair a chuireann eagraíochtaí craoltóireachta agus oibreoirí seirbhísí atarchuir tús le hidirbheartaíochtaí, go ndéanann siad amhlaidh de mheon macánta maidir le ceadúnú na gceart le haghaidh atarchur a chuimsítear sa Treoir seo. Le Treoir 2014/26/AE, déantar foráil do rialacha comhchosúla is infheidhme maidir le heagraíochtaí comhbhainistíochta.

(18)

Leis na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir leis na cearta in atarchur arna bhfeidhmiú ag eagraíochtaí craoltóireachta maidir lena dtarchuir féin, níor cheart teorainn a chur leis an rogha atá ag na sealbhóirí ceart a gcearta a aistriú chuig eagraíocht chraoltóireachta nó chuig eagraíocht chomhbhainistíochta agus, ar an gcaoi sin, ag cur ar a gcumas sciar díreach a bheith acu den luach saothair arna íoc ag oibreoir seirbhíse atarchuir.

(19)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann na rialacha maidir le hatarchur arna mbunú sa Treoir seo agus i dTreoir 93/83/CEE a chur i bhfeidhm i gcásanna ina dtarlaíonn an tarchur tosaigh agus an t-atarchur laistigh dá gcríoch.

(20)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun ardleibhéal cosanta a choimeád do na sealbhóirí cirt, is iomchuí a fhoráil sa chás nach dtarchuireann eagraíochtaí craoltóireachta trí mheán an insteallta dhírigh a gcomharthaí cláriompartha ach amháin chuig na dáileoirí comharthaí gan a gcláir a bheith á dtarchur ag na heagraíochtaí craoltóireachta chuig an bpobal chomh maith, agus go gcuireann na dáileoirí comharthaí na cláir sin chuig a n-úsáideoirí chun lamháil dóibh féachaint ar na cláir nó éisteacht leo, go measfar nach dtarlaíonn ach gníomh cumarsáide aonair amháin leis an bpobal ina bhfuil na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí araon rannpháirteach ann lena n-ionchur féin faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart do na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí údarú a fháil ó na sealbhóirí cirt dá rannchuidiúsonrach sa ghníomh aonair cumarsáide leis an bpobal. Níor cheart go mbeadh rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí craoltóireachta agus na ndáileoirí comharthaí sa ghníomh aonair cumarsáide ina chúis le dliteanas comhpháirteach na n-eagraíochta craoltóireachta agus dáileora comharthaí as an ngníomh cumarsáide leis an bpobal. Ba cheart do na Ballstáit a bheith saor fós le foráil a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta maidir leis na modúlachtaí chun údarú a fháil i gcomhair gníomh aonair cumarsáide mar sin leis an bpobal, lena n-áirítear na híocaíochtaí ábhartha is gá a dhéanamh leis na sealbhóirí cirt, agus saothrú na saothar agus na n-ábhar cosanta eile lena mbaineann ag na heagraíochtaí craoltóireachta agus na dáileoirí comharthaí i dtaca leis an ngníomh aonair cumarsáide leis an bpobal á gcur san áireamh. Toisc nach mbíonn ar dháileoirí comharthaí aghaidh a thabhairt, ar chaoi chomhchosúil le hoibreoirí seirbhísí atarchuir, ar ualach suntasach maidir le imréiteach ceart, ach amháin i gcás na gceart atá ag na heagraíochtaí craoltóireachta, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeadh dáileoirí comharthaí in ann leas a bhaint as sásra comhbhainistíochta éigeantach ceart le haghaidh a dtarchur ar an gcaoi chéanna agus a mhéid céanna agus a bhaineann oibritheoirí seirbhísí atarchuir leas as le haghaidh atarchuir a chuimsítear i dTreoir 93/83/CEE agus sa Treoir seo. I gcásanna nach ndéanann dáileoirí comharthaí ach na hacmhainní teicniúla a chur ar fáil do na heagraíochtaí craoltóireachta, de réir bhrí chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chun glacadh an chraolacháin a áirithiú nó a fheabhsú, níor cheart na dáileoirí comharthaí a mheas mar pháirt den ghníomh cumarsáide leis an bpobal.

(21)

Nuair a dhéanann eagraíochtaí craoltóireachta a gcomharthaí cláriompartha a tharchur go díreach chuig an bpobal, agus ar an gcaoi sin gníomh tosaigh an tarchuir á chur i gcrích acu, agus, ag an am céanna, na comharthaí a tharchur go comhuaineach chuig eagraíochtaí eile trí phróiseas an insteallta dhírigh, mar shampla chun cáilíocht na gcomharthaí a áirithiú chun críocha atarchuir, is gníomh cumarsáide ar leithligh leis an bpobal tarchuir ó na heagraíochtaí eile sin nach ionann é agus an ceann á chur i gcrích ag an eagraíocht chraoltóireachta. Sna cásanna sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le hatarchuir a leagtar síos sa Treoir seo agus i dTreoir 93/83/CEE.

(22)

Chun comhbhainistiú éifeachtúil na gceart agus dáileadh cruinn na n-ioncam arna mbailiú faoin sásra comhbhainistíochta éigeantaigh a thugtar isteach leis an Treoir seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go gcoimeádann na heagraíochtaí comhbhainistíochta taifid chearta ar bhallraíocht, ceadúnais agus úsáid saothar agus ábhar cosanta eile, i gcomhréir leis na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach i dTreoir 2014/26/AE.

(23)

D'fhonn cosc a chur ar shárú chur i bhfeidhm phrionsabal na tíre tionscnaimh trí bhíthin síneadh ama a chur le fad tréimhse na gcomhaontuithe reatha a bhaineann le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do soláthar seirbhíse coimhdí ar líne agus le rochtain ar an tseirbhís ar líne nó lena húsáid, is gá prionsabal na tíre tionscnaimh a chur i bhfeidhm freisin ar chomhaontuithe reatha ach idirthréimhse a bheith i bhfeidhm, nár cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal lena linn maidir leis na conarthaí sin lena gceadaítear am chun dul in oiriúint dóibh, i gcás inar gá, i gcomhréir leis an Treoir seo. Is gá freisin, fóráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse chun ligean do chraoltóirí, dáileoirí comharthaí agus sealbhóirí cirt iad féin a chur in oiriúint do na rialacha nua a leagtar amach seo Treoir seo maidir ls saothrú saothar agus ábhar cosanta eile trí mheán an insteallta dhírigh.

(24)

I gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo, lena n-áirítear a fhorálacha maidir le hinstealladh díreach, tar éis don Treoir a bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse ama chun measúnú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar a tairbhí do thomhaltóirí Eorpacha, a tionchar ar na tionscail chruthaitheacha san Aontas Eorpach, agus ar an leibhéal infheistíochta in inneachar nua, agus dá réir sin freisin chun na tairbhí maidir le héagsúlacht chultúrtha níos fearr san Aontas.

(25)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Cé go bhféadfaí, leis an Treoir seo, cur isteach ar fheidhmiú chearta na sealbhóirí cirt sa mhéid go ndéantar comhbhainistíocht éigeantach le haghaidh fheidhmiú an chirt a chur in iúl don phobal maidir le seirbhísí atarchuir, is gá coinníoll den sórt sin a leagan síos ar bhealach spriocdhírithe agus é a theorannú do sheirbhísí sonracha.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne a chur chun cinn le haghaidh cineálacha áirithe clár, agus le hatarchur clár teilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile a éascú, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr, mar gheall ar a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Maidir le soláthar seirbhísí coimhdeacha trasteorann ar líne, ní cheanglaítear leis an Treoir seo ar eagraíochtaí craoltóireachta na seirbhísí sin a sholáthar thar teorainneacha. Ní cheanglaítear ach an oiread leis an Treoir seo ar oibreoirí seirbhísí atarchuir cláir theilifíse nó raidió de thionscnamh Ballstáit eile a áireamh ina gcuid seirbhísí. Ní bhaineann an Treoir seo ach le feidhmiú ceart atarchuir áirithe a mhéid is gá chun ceadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a shimpliú le haghaidh seirbhísí den sórt sin agus maidir le cláir theilifíse agus raidió de thionscnamh Ballstáit eile agus maidir leo sin amháin.

(27)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (8), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Treoir seo rialacha, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an rochtain trasteorann ar líon níos mó clár teilifíse agus raidió, trí éascú a dhéanamh ar imréiteach na gceart chun seirbhísí ar líne a sholáthar atá coimhdeach do chraoltaí de chineálacha áirithe clár teilifíse agus raidió, agus chun atarchur a dhéanamh ar chláir theilifíse agus raidió. Leagtar síos freisin rialacha maidir le cláir theilifíse agus raidió a tharchur trí phróiseas an insteallta dhírigh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “seirbhís choimhdeach ar líne” seirbhís ar líne arb é atá ann cláir theilifíse nó raidió a sholáthar don phobal, ag eagraíocht chraoltóireachta nó faoina rialú agus faoina freagracht, go comhuaineach lena gcraoladh ag an eagraíocht chraoltóireachta nó ar feadh tréimhse shainithe ama tar éis a gcraolta ag an eagraíocht sin, mar aon le haon ábhar atá coimhdeach leis an gcraoladh sin;

(2)

ciallaíonn “atarchur” aon atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, seachas atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE, atá beartaithe lena fháil ag an bpobal de tharchur tosaigh ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, i gcás ina ndéantar an tarchur tosaigh sin le sreanga nó thar an aer, lena n-áirítear ar shatailít ach gan tarchur ar líne a chuimsiú, ar choinníoll:

(a)

go ndéanfaidh páirtí seachas an eagraíocht chraoltóireachta a rinne an chraoltóireacht tosaigh an t-atarchur, nó páirtí seachas an páirtí a ndearnadh an tarchur sin faoina rialú agus faoina fhreagracht, agus é sin gan beann ar an gcaoi a bhfaighidh an páirtí a dhéanann an t-atarchur na comharthaí cláriompartha ón eagraíocht chraoltóireachta chur críche atarchuir, agus

(b)

sa chás go ndéantar an t-atarchur ar sheirbhís rochtana idirlín mar a shainmhínítear i bpointe (2) den dara mír d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/2020, déantar é i dtimpeallacht bhainistithe;

(3)

ciallaíonn “timpeallacht bhainistithe” timpeallacht nuair a sholáthraíonn oibreoir seirbhísí atarchuir slán do na húsáideoirí údaraithe;

(4)

ciallaíonn “instealladh díreach” próiseas teicniúil trína ndéanann eagraíocht chraoltóireachta a comharthaí cláriompartha a tharchur chuig eagraíochtaí seachas eagraíochtaí craoltóireachta ar bhealach nach bhfuil na comharthaí cláriompartha inrochtana don phobal le linn an tarchuir sin.

CAIBIDIL II

Seirbhísí coimhdeachta ar líne eagraíochtaí crolatóireachta

Airteagal 3

Cur i bhfeidhm phrionsabal na tíre tionscnaimh i leith seirbhísí coimhdeacha ar líne

1.   Na gníomhartha lena gcuirtear na saothair nó ábhar cosanta eile i láthair don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, agus lena gcuirtear ar fáil don phobal trí shreang nó gan sreang, ar bhealach go bhféadfaidh comhaltaí den phobal rochtain a bheith acu ar shaothair nó ar ábhar cosanta eile ó áit agus ag an am a roghnaíonn siad go leithleach, a tharlaíonn nuair a sholáthraítear na nithe seo don phobal:

(a)

cláir raidió, agus

(b)

cláir theilifíse arb é atá iontu:

(i)

nuacht agus cláir chursaí reatha, nó

(ii)

léiriúcháin atá déanta agus maoinithe ag an eagraíocht chraoltóireachta féin

i seirbhís choimhdeach ar líne á soláthar ag eagraíocht chraoltóireachta nó faoina rialú agus faoina freagracht, mar aon leis na gníomhartha atáirgthe maidir leis na saothair sin no maidir le hábhair chosanta eile atá riachtanach, maidir leis na cláir chéanna, le haghaidh soláthar seirbhíse den sórt sin ar líne, rochtain a bheith uirthi nó í a úsáid, measfar, chun críocha cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do na gníomhartha sin a fheidhmiú, gur sa Bhallstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht chraoltóireachta, agus sa Bhallstát sin amháin, a tharlóidh siad.

Ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír maidir le craoltaí imeachtaí agus saothar spóirt agus ábhar cosanta eile atá san áireamh iontu.

2.   Agus méid na híocaíochta a bheidh le déanamh i leith na gceart atá faoi réir phrionsabal na tíre tionscnaimh mar a leagtar amach i mír 1 á leagan síos, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na páirtithe i gcuntas gach gné den tseirbhís choimhdeach ar líne amhail gnéithe na seirbhíse coimhdí ar líne, lena n-áirítear fad infhaighteacht ar líne na gclár a sholáthraítear sa tseirbhís sin, an lucht féachana nó éisteachta, agus na leaganacha teanga a sholáthraítear.

Ní chuirfidh an chéad fhomhír bac ar an rogha méid na n-íocaíochtaí a bheidh le déanamh a ríomh, ar bhonn ioncam na heagraíochta craoltóireachta.

3.   Beidh prionsabal na tíre tionscnaimh a leagtar amach i mír 1 gan dochar do shaoirse chonarthach na sealbhóirí cirt agus na n-eagraíochtaí craoltóireachta aontú, i gcomhréir le dlí an Aontais, saothrú na gceart den chineál sin, lena n-áirítear iad sin atá faoi Threoir 2001/29/CE, a theorannú.

CAIBIDIL III

Cláir raidió agus theilifíse a atarchur

Airteagal 4

Feidhmiú na gceart maidir le hatarchur ag sealbhóirí cirt nach eagraíochtaí craoltóireachta iad

1.   Ní mór do shealbhóirí an chirt cumarsáide eisiach don phobal gníomhartha atarchuir clár a údarú.

Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh sealbhóirí cirt a gceart a fheidhmiú chun údarú i leith atarchuir a dheonú nó a dhiúltú ach trí eagraíocht chomhbhainistíochta.

2.   I gcás nach bhfuil bainistíocht an chirt dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 aistrithe ag sealbhóir cirt chuig eagraíocht chomhbhainistíochta, measfar go mbeidh an ceart chun an t-údarú le haghaidh atarchuir a dheonú nó a dhiúltú don sealbhóir cirt sin ag an eagraíocht chomhbhainistíochta a bhainistíonn cearta den chatagóir chéanna i gcríoch an Bhallstáit dá bhfuil oibreoir na seirbhíse atarchuir ag iarraidh na cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir.

Sa chás, áfach, go bhfuil cearta sa chatagóir sin á mbainistiú ag níos mó ná aon eagraíocht chomhbhainistíochta amháin do chríoch an Bhallstáit sin, is faoin mBallstát, ar dá chríoch atá oibreoir seirbhíse atarchuir ag iarraidh cearta a imréiteach le haghaidh atarchuir a chinneadh cibé acu eagraíocht nó eagraíochtaí comhbhainistíochta ag a mbeidh an ceart an t-údarú le haghaidh atarchuir a dheonú nó a dhiúltú.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag sealbhóir cirt na cearta agus na hoibleagáidí céanna a eascraíonn as comhaontú idir oibreoir seirbhíse atarchuir agus eagraíochtaí comhbhainistíochta nó eagraíochtaí a ghníomhaíonn de bhun mhír 2 mar shealbhóirí cirt a thug sainordú do na heagraíochtaí comhbhainistíochta sin nó do na heagraíocht. Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh na sealbhóirí cirt ar a chumas na cearta sin a éileamh laistigh de thréimhse, a bheidh le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, nach mbeidh níos lú ná 3 bliana ó dháta an atarchuir ina gcuimsítear a shaothar nó ábhar cosanta eile.

Airteagal 5

Feidhmiú na gceart maidir le hatarchur ag eagraíochtaí craoltóireachta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil feidhm ag Airteagal 3 maidir leis na cearta in atarchur arna bhfeidhmiú ag eagraíocht chraoltóireachta i ndáil lena tarchur féin, is cuma cé acu ar léi na cearta lena mbaineann nó ar aistríodh chuici iad ag sealbhóirí eile cirt.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás ina rachaidh eagraíochtaí craoltóireachta agus oibreoirí na seirbhísí atarchuir i mbun caibidlíochta maidir le húdarú le haghaidh atarchuir faoin Treoir seo go ndéanfar na caibidlíochtaí sin de mheon macánta.

Airteagal 6

Idirghabháil

Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir cúnamh a iarraidh ó idirghabhálaí amháin nó níos mó mar a fhoráiltear in Airteagal II de Threoir 93/83/CEE i gcás nach mbeidh aon chomhaontú tugtha chun críche idir an eagraíocht chomhbhainistíochta agus oibreoir seirbhíse atarchuir nó idir oibreoir seirbhíse atarchuir agus an eagraíocht chraoltóireachta maidir leis an údarú chun craoltaí a atarchur.

Airteagal 7

Atarchuir tarchur tosaigh de thionscnamh an Bhallstáit chéanna

Féadfaidh na Ballstáit na rialacha a leagtar amach sa Chaibidil seo agus i gCaibidil III de Threoir 93/83/CEE a chur i bhfeidhm i gcásanna ina dtarlóidh an tarchur tosaigh agus an t-atarchur laistigh dá gcríoch.

CAIBIDIL IV

Tarchur clár trí instealladh díreach

Airteagal 8

Tarchur clár trí instealladh díreach

1.   Nuair a dhéanann eagraíocht chraoltóireachta a comharthaí cláriompartha a tharchur trí instealladh díreach chuig dáileoir comharthaí gan an eagraíocht chraoltóireachta í féin na comharthaí cláriompartha sin a tharchur go comhuaineach díreach chuig an bpobal, agus nuair a dhéanann an dáileoir comharthaí na comharthaí cláriompartha a tharchur chuig an bpobal, measfar an eagraíocht chraoltóireachta agus an dáileoir comharthaí a bheith rannpháirteach in aon ghníomh cumarsáide don phobal, ar gníomh é a bhfaighidh siad údarú ó na sealbhóirí cirt ina leith. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe chun údarú a fháil ó na sealbhóirí cirt.

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagail 4, 5 agus 6 den Treoir seo mutatis mutandis maidir leis an gceart an t-údarú a dheonú nó a dhiúltú do dháileoirí comharthaí le haghaidh tarchuir dá dtagraítear i mír 1 arna chur i gcrích trí cheann de na meáin theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Threoir 93/83/CEE nó i bpointe (2) d'Airteagal 2 den Treoir seo a bheith á fheidhmiú ag na sealbhóirí cirt.

CAIBIDIL V

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 9

Leasú ar Threoir 93/83/CEE

In Airteagal 1 de Threoir 93/83/CEE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn ‘atarchur cábla’ an t-atarchur comhuaineach, neamhathraithe, agus neamhghiorraithe trí chóras cábla nó micreathoinne lena fháil ag an bpobal ar tharchur tosaigh ó Bhallstát eile, trí shreang nó thar an aer, lena n-áirítear atarchur ar shatailít nó ar chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, gan beann ar an gcaoi a bhfaighidh oibreoir seirbhíse atarchuir cábla na comharthaí cláriompartha ón eagraíocht chraoltóireachta chun críoch atarchuir.”.

Airteagal 10

Athbhreithniú

(1)   Faoin 7 Meitheamh 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil maidir leis na príomhchinntí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Foilseofar an tuarascáil agus cuirfear ar fáil don phobal í ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

(2)   Tabharfaidh na Ballstáit, ar bhealach tráthúil, don Choimisiún an fhaisnéis atá ábhartha agus riachtanach chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.

Airteagal 11

Foráil idirthréimhseach

Maidir le comhaontuithe a bhaineann le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar atá ábhartha do na gníomhartha maidir le saothair agus ábhar cosanta eile a chur i láthair don phobal, trí shreang nó gan sreang, agus maidir le saothair agus ábhar cosanta eile a chur ar fáil don phobal, trí shreang nó gan sreang, ar bhealach go bhféadfaidh rochtain a bheith ag comhaltaí den phobal saothair agus ábhar cosanta eile ó áit agus ag am arna roghnú acu go leithleach, a tharlaíonn le linn soláthar seirbhíse coimhdí ar líne agus do na gníomhartha atáirgthe atá riachtanach le haghaidh soláthar seirbhíse coimhdí ar líne, rochtain uirthi nó úsáid na seirbhíse sin, atá i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2021, beidh siad faoi réir Airteagal 3 ón 7 Meitheamh 2023 má théann siad in éag tar éis an dáta sin.

Maidir leis na húdaruithe a fhaightear le haghaidh na ngníomhartha cumarsáide don phobal a thagann faoi Airteagal 8 agus a bheidh i bhfeidhm an 7 Meitheamh 2021 beidh siad faoi réir Airteagal 8 amhail ón 7 Meitheamh 2025 má théann siad in éag tar éis an dáta sin.

Airteagal 12

Trasuí

(1)   Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 7 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

(2)   Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 14

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 125, 21.4.2017, lch. 27.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.

(3)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(4)  Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (IO L 376, 27.12.2006, lch. 28).

(5)  Treoir 93/83/CEE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1993 maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta i dtaca le cóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur ar chábla (IO L 248, 6.10.1993, lch. 15).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos na bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(7)  Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach ceart i saothair cheolmhara d'úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 84, 20.3.2014, lch. 72).

(8)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


17.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

92


TREOIR (AE) 2019/790 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagail 62 agus 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go mbunófar margadh inmheánach agus go gcuirfear ar bun córas a áirithíonn nach ndéanfar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Le comhchuibhiú tuilleadh ar dhlíthe na mBallstát maidir le cóipcheart agus le cearta gaolmhara, ba cheart rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí sin.

(2)

Na treoracha arna nglacadh i réimse an chóipchirt agus na gceart gaolmhar, rannchuidíonn siad le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, déanann siad foráil maidir le ardleibhéal cosanta do shealbhóirí cirt, éascaíonn siad imréiteach na gceart, agus cruthaíonn siad creat inar féidir saothair agus ábhar cosanta eile a shaothrú. Cuireann an creat dlí comhchuibhithe sin le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh, agus spreagann sé nuálaíocht, cruthaíocht, infheistiú agus táirgeadh inneachair nua, sa timpeallacht dhigiteach freisin, chun ilroinnt sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Chomh maith leis sin, cuireann an chosaint a chuirtear ar fáil leis an gcreat dlí sin le cuspóir an Aontais éagsúlacht chultúrtha a urramú agus a chur chun cinn, agus ag an am céanna comhoidhreacht chultúrtha na hEorpa a thabhairt chun suntais. Le hAirteagal 167(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear ar an Aontas aird a thabhairt ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht.

(3)

Athraíonn an chaoi a ndéantar saothair agus ábhar eile a chruthú, a tháirgeadh, a dháileadh agus a shaothrú i gcónaí a bhuí le forbairtí gasta teicneolaíochta. Bíonn samhlacha nua gnó agus gníomhairí nua ag teacht chun cinn an t-am ar fad. Ní mór don reachtaíocht ábhartha a bheith in ann seasamh i bhfad na haimsire ionas nach gcuirfear srian leis an bhforbairt theicneolaíoch. Tá na cuspóirí agus prionsabail a leagtar síos le creat cóipchirt an Aontais fónta i gcónaí. Tá éiginnteacht dhlíthiúil ann fós, áfach, do shealbhóirí cirt agus d'úsáideoirí araon, maidir le húsáidí áirithe de shaothair agus d'ábhar eile sa timpeallacht dhigiteach, lena n-áirítear úsáidí trasteorann. Mar atá ráite i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2015 dar teideal Towards a modern, more European copyright framework (“I dtreo creat cóipchirt níos nua-aimseartha agus níos Eorpaí”), i réimsí áirithe is gá creat cóipchirt reatha an Aontais a oiriúnú agus a fhorlíonadh, agus ardleibhéal cosanta i dtaca le cóipcheart agus cearta gaolmhara á choinneáil. Déantar foráil leis an Treoir seo maidir le rialacha chun eisceachtaí áirithe agus teorainneacha áirithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara a oiriúnú don timpeallacht dhigiteach agus don timpeallacht trasteorann, agus maidir le bearta chun cleachtais cheadúnaithe áirithe a éascú, go háirithe maidir le scaipeadh saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus ábhar eile agus maidir le saothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh a bheith ar fáil ar líne, ach gan bheith teoranta dóibh sin, d'fhonn rochtain níos fairsinge ar inneachar a áirithiú. Tá rialacha ann freisin chun úsáid an inneachair san fhearann poiblí a éascú. Chun margadh dea-fheidhmithe agus cothrom le haghaidh an chóipchirt a bhaint amach, ba cheart rialacha a bheith ann freisin maidir le cearta i bhfoilseacháin, maidir le húsáid saothar nó ábhair eile ag soláthraithe seirbhíse ar líne lena stóráiltear inneachar arna uaslódáil ag úsáideoirí agus lena dtugtar rochtain air, maidir le trédhearcacht chonarthaí na n-údar agus na dtaibheoirí, maidir le luach saothair údar agus taibheoirí, chomh maith le sásra chun na cearta a dhéanann údair agus taibheoirí a aistriú ar bhonn eisiach a chúlghairm.

(4)

Tá an Treoir seo bunaithe ar na rialacha a leagtar síos sna treoracha atá i bhfeidhm faoi láthair sa réimse sin, agus comhlánann sí iad, go háirithe Treoracha 96/9/CE (4), 2000/31/CE (5), 2001/29/CE (6), 2006/115/CE (7), 2009/24/CE (8), 2012/28/AE (9) agus 2014/26/AE (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)

I réimsí na taighde, na nuálaíochta, an oideachais