ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
10 Bealtaine 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2019/711 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní don leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg

1

 

*

Rialachán (AE) 2019/712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hiomaíocht in earnáil an aeriompair a chosaint, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 868/2004

4

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle

18

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán tarmligthe (AE) 2019/714 ón gCoimisiún an 7 Márta 2019 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn I agus lena leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh

30

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 123 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

10.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/711 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní don leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos na rialacha coiteanna agus ginearálta is infheidhme maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

(2)

Le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2019 (4), leasaíodh méid iomlán na n-acmhainní don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg (“TFAO”) trí EUR 116,7 milliún de réir praghsanna reatha a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas sa leithdháileadh sonrach do TFAO in 2019 agus trí mhéid foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas sa leithdháileadh sonrach do TFAO le haghaidh na clárthréimhse iomláine an chláreagrúcháin a ardú go EUR 4 527 882 072 de réir praghsanna reatha.

(3)

Le haghaidh 2019, cistítear na hacmhainní breise de EUR 99 573 877 de réir phraghsanna 2011 leis an gCorrlach Foriomlán le haghaidh Oibleagáidí laistigh de chorrlach an chreata airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.

(4)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bearta sonracha lena n-éascaítear cur chun feidhme TFAO, mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na gclár oibríochtúil do chlárthréimhse 2014-2020.

(5)

I bhfianaise na práinne atá le leasú a dhéanamh ar na cláir lena dtacaítear le TFAO chun na hacmhainní breise don leithdháileadh sonrach do TFAO a áireamh roimh dheireadh 2019, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an la tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 91, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   EUR 330 081 919 243, de réir phraghsanna 2011, a bheidh sna hacmhainní don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach don tréimhse 2014 - 2020, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; na hacmhainní foriomlána arna leithdháileadh ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe a bheidh in EUR 325 938 694 233 de sin agus leithdháileadh sonrach do TFAO a bheidh in EUR 4 143 225 010 de. Ar mhaithe leis an gcláreagrú agus leis an gcumhdach i mbuiséad an Aontais amach anseo, déanfar méid na n-acmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a innéacsú ag 2 % in aghaidh na bliana.”;

(2)

in Airteagal 92, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   EUR 4 143 225 010 a bheidh sna hacmhainní do TFAO as an leithdháileadh sonrach do TFAO; na hacmhainní breise le haghaidh 2019 atá in EUR 99 573 877 de sin. Comhlánófar na hacmhainní sin le hinfheistíocht spriocdhírithe ó CSE i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán CSE.

Na Ballstáit a bhaineann tairbhe as na hacmhainní breise don leithdháileadh sonrach do TFAO le haghaidh 2019, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh siad a iarraidh go n-aistreofar suas le 50 % de na hacmhainní breise don leithdháileadh sonrach do TFAO chuig CSE chun bheith ina n-infheistíocht chomhfhreagrach spriocdhírithe de chuid CSE mar a cheanglaítear in Airteagal 22 de Rialachán CSE. Is chuig na catagóirí réigiúin faoi seach a chomhfhreagraíonn do chatagóiriú na réigiún atá incháilithe don mhéadú ar an leithdháileadh sonrach do TFAO, a dhéanfar an t-aistriú sin. Iarrfaidh na Ballstáit an t-aistriú san iarraidh ar leasú ar an gclár i gcomhréir le hAirteagal 30(1) den Rialachán seo. Ní féidir acmhainní arna leithdháileadh i leith blianta atá thart a aistriú.

Beidh feidhm ag an dara fomhír den mhír seo maidir le haon acmhainní breise don leithdháileadh sonrach le haghaidh TFAO a mhéadaíonn na hacmhainní thar EUR 4 043 651 133.”;

(3)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 22 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(4)  IO L 67, 7.3.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN VI

MIONDEALÚ BLIANTÚIL AR LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS DO NA BLIANTA 2014 GO 2020

Próifíl bhliantúil choigeartaithe (lena n-áirítear an breisiú do TFAO)

 

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

Iomlán

EUR, 2011 praghsanna

34 108 069 924

55 725 174 682

46 044 910 736

48 027 317 164

48 341 984 652

48 811 933 191

49 022 528 894

330 081 919 243


10.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

4


RIALACHÁN (AE) 2019/712 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

maidir le hiomaíocht in earnáil an aeriompair a chosaint, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 868/2004

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról ríthábhachtach ag earnáil na heitlíochta i ngeilleagar an Aontais agus i saol laethúil shaoránaigh an Aontais, agus tá sí ar cheann de na hearnálacha is fearr feidhmíochta agus is dinimiciúla de gheilleagar an Aontais. Is spreagadh mór í don fhás eacnamaíoch, do phoist, don trádáil agus don turasóireacht, agus do nascacht agus do shoghluaisteacht gnólachtaí agus saoránach araon, go háirithe laistigh de mhargadh inmheánach eitlíochta an Aontais. Le roinnt mhaithe blianta, chuir an méadú ar sheirbhísí aeriompair go mór leis an nascacht laistigh den Aontas agus leis an nascacht le tríú tíortha a fheabhsú, agus bhí an méadú céanna ar cheann de na nithe a d'fhág go ginearálta gurbh indéanta geilleagar Aontais a bheith ann.

(2)

Tá áit lárnach ag aeriompróirí an Aontais i líonra domhanda a nascann an Eoraip go hinmheánach agus leis an gcuid eile den domhan. Ba cheart go mbeadh sé ar a gcumas dul in iomaíocht le haeriompróirí tríú tíortha i dtimpeallacht ina bhfuil iomaíocht oscailte agus chóir ann. Tá an méid sin riachtanach chun sochair a thabhairt do thomhaltóirí, chun dálaí fabhracha a chaomhnú a thacóidh le hardleibhéal nascachta don Aontas agus le nascacht aeir agus a áiritheoidh go mbeidh trédhearcacht ann, le cothrom na Féinne agus le hiomaíochas leanúnach aeriompróirí an Aontais, chomh maith le hardleibhéil fostaíochta ar ardchaighdeán i dtionscal eitlíochta an Aontais.

(3)

I gcomhthéacs comhar méadaithe idir gníomhaithe aeriompair ar leibhéal domhanda, tá an iomaíocht chóir fíor-riachtanach mar phrionsabal ginearálta maidir le seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta a oibriú. Tugtar aitheantas don phrionsabal sin go háirithe sa Choinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta an 7 Nollaig 1944 (“Coinbhinsiún Chicago”) ina n-aithnítear sa réamhrá a ghabhann leis go gcaithfidh seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta a bheith bunaithe ar bhonn an chomhionannais deiseanna. In Airteagal 44 de Choinbhinsiún Chicago luaitear freisin go bhfuil sé d'aidhm ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) forbairt an aeriompair idirnáisiúnta a chothú chun a áirithiú go bhfuil deis chothrom ag gach Stát conarthach aerlínte idirnáisiúnta a oibriú agus chun idirdhealú a sheachaint idir stáit chonarthacha.

(4)

Tá prionsabal na hiomaíochta córa seanbhunaithe laistigh den Aontas, áit a dtagann cleachtais a shaobhann an margadh faoi réir dhlí an Aontais lena ráthaítear deiseanna comhionanna agus dálaí iomaíochta córa d'aeriompróirí de chuid an Aontais agus tríú tíre atá ag oibriú laistigh den Aontas.

(5)

In ainneoin iarrachtaí leanúnacha an Aontais agus roinnt tríú tíortha agus an Aontais, áfach, ní dhearnadh prionsabail na hiomaíochta córa a shainiú fós le rialacha iltaobhacha sonracha, go háirithe, faoi chuimsiú chomhaontuithe an ICAO nó na hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO), amhail an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS), agus an Iarscríbhinn maidir le Seirbhísí Aeriompair, comhaontuithe nach gcumhdaíonn a raon feidhme na seirbhísí aeriompair den chuid is mó.

(6)

Ar an ábhar sin, ba cheart na hiarrachtaí a neartú i gcomhthéacs an ICAO agus an WTO chun tacú le forbairt a dhéanamh ar rialacha idirnáisiúnta a ráthaíonn dálaí iomaíochta córa idir na haeriompróirí uile.

(7)

B'fhearr go dtabharfaí aghaidh ar iomaíocht chóir idir aeriompróirí i gcomhthéacs comhaontuithe aeriompair nó aersheirbhísí le tríú tíortha. Mar sin féin, le formhór na gcomhaontuithe arna gcur i gcrích idir an tAontas nó a Bhallstáit nó iad araon, de pháirt amháin, agus tríú tíortha, den pháirt eile, ní fhoráiltear go dtí seo maidir le rialacha leordhóthanacha le haghaidh iomaíocht chóir. Ar an ábhar sin, ba cheart na hiarrachtaí idirbheartaíochta a neartú maidir le clásail iomaíochta córa a chur isteach sna comhaontuithe aeriompair nó aersheirbhísí le tríú tíortha atá ann cheana agus sna cinn a bheidh ann amach anseo.

(8)

Féadfar iomaíocht chóir idir aeriompróirí a áirithiú chomh maith trí reachtaíocht iomchuí de chuid an Aontais amhail Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 (3) ón gComhairle agus Treoir 96/97/CE ón gComhairle (4). A mhéid a ghlactar leis go dtugann iomaíocht chóir cosaint d'aeriompróirí an Aontais ar chleachtais áirithe a ghlacann tríú tíortha nó aeriompróirí tríú tíortha, tugadh aghaidh cheana ar an tsaincheist seo i Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ina ainneoin sin, léiríodh go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 neamhéifeachtach i dtaca leis an mbunaidhm ghinearálta, mar atá iomaíocht chóir. Is amhlaidh sin go háirithe i gcás cuid dá rialacha a bhaineann le sainiú na gcleachtas lena mbaineann, seachas fóirdheonú, agus leis na ceanglais maidir le himscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh. Lena chois sin, níor foráladh i Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 go soláthrófaí comhlántacht le comhaontuithe aeriompair nó aersheirbhísí a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu. I bhfianaise líon agus suntas na leasuithe ba ghá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, is iomchuí gníomh nua a chur in áit Rialachán (CE) Uimh. 868/2004.

(9)

Bíonn iomaíocht earnáil eitlíochta an Aontais ag brath ar iomaíocht an uile chuid de shlabhra breisluacha earnáil na heitlíochta agus ní féidir í a chothabháil ach amháin trí thacar comhlántach beartas. Ba cheart don Aontas dul i mbun idirphlé inchiallaithe le trí tíortha chun teacht ar bhonn don iomaíocht chóir. I dtaca leis sin, tá gá fós le reachtaíocht atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chun dálaí fabhracha a chaomhnú a thacóidh le hardleibhéal nascachta don Aontas agus chun iomaíocht chóir le haeriompróirí tríú tíortha a áirithiú. Chuige sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh agus bearta a ghlacadh i gcás inar gá sin. Ba cheart na bearta sin a bheith ar fáil i gcás inar cúis díobhála d'aeriompróirí an Aontais cleachtais a shaobhann an iomaíocht.

(10)

D'fhéadfaí a áireamh san idirdhealú cásanna ina bhfuil aeriompróir de chuid an Aontais faoi réir ionramháil dhifreálach gan bonn cirt oibiachtúil a bheith leis, go háirithe ionramháil dhifreálach maidir le praghsanna agus rochtain ar sheirbhísí láimhseáil ar an talamh; bonneagair aerfoirt; seirbhísí aerloingseoireachta; cionroinnt sealanna; na nósanna imeachta riaracháin amhail leithdháileadh víosaí d'fhoireann na n-aeriompróirí eachtracha; na socruithe mionsonraithe maidir le seirbhísí aeriompair a dhíol nó a dháileadh nó aon chúrsaí eile a bhaineann le gnó a dhéanamh, amhail nósanna imeachta imréitigh chustam troma, nó aon chleachtas éagórach eile de chineál airgeadais nó oibríochtúil.

(11)

Ba cheart imeachtaí a chur i gcrích faoin Rialachán seo gan bearta sásaimh, i gcás ina mbeadh glacadh na mbeart sin i gcoinne leas an Aontais, agus aird speisialta á tabhairt ar an tionchar a bheadh acu ar dhaoine eile, go háirithe tomhaltóirí agus gnóthais san Aontas, agus ar an tionchar a bheadh acu ar ardleibhéil nascachta ar fud an Aontais. Agus leas an Aontais á mheasúnú, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar staid na mBallstát a bhraitheann go heisiach nó go sonrach ar an aeriompar i gcomhair nascacht leis an domhain agus ar chomhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais a áirithiú. Chomh maith leis sin, ba cheart imeachtaí a chur i gcrích gan bhearta i gcás nach bhfuil na bearta sin riachtanach, nó nach bhfuil siad riachtanach a thuilleadh.

(12)

Agus cinneadh á dhéanamh an mbeadh bearta sásaimh a ghlacadh i gcoinne leas an Aontais, ba cheart don Choimisiún tuairimí na bpáirtithe leasmhara uile a chur san áireamh. D'fhonn comhairliúcháin a eagrú leis na páirtithe leasmhara uile agus deis éisteachta a thabhairt dóibh, ba cheart teorainneacha ama chun faisnéis a sholáthar nó chun éisteacht a iarraidh a shonrú san fhógra ar thionscnamh an imscrúdaithe. Ba cheart do pháirtithe leasmhara a bheith feasach ar na coinníollacha nochta a bhaineann leis an bhfaisnéis a chuireann siad ar fáil agus ba cheart dóibh a bheith i dteideal freagra a thabhairt ar bharúlacha na bpáirtithe eile.

(13)

Chun go bhféadfaidh faisnéis leordhóthanach a bheith ag an gCoimisiún maidir le heilimintí a d'fhéadfadh a bheith ina n-údar le himscrúdú a thionscnamh, ba cheart aon Bhallstát, aeriompróir de chuid an Aontais nó comhlachas d'aeriompróirí de chuid an Aontais a bheith i dteideal gearán a dhéanamh, agus ba cheart aghaidh a thabhairt air sin in am réasúnach.

(14)

Chun éifeachtacht an Rialacháin a áirithiú, tá sé bunriachtanach go mbeidh an Coimisiún in ann na himeachtaí a thionscnamh ar bhonn gearán lena léirítear fianaise prima facie gurb ann do bhagairt díobhála.

(15)

Le linn an imscrúdaithe sin ní mór don Choimisiún aird a thabhairt ar na cleachtais a shaobhann an iomaíocht sa chomhthéacs ábhartha. I bhfianaise éagsúlacht na gcleachtas féideartha, i gcásanna áirithe d'fhéadfaí an cleachtas agus a chuid éifeachtaí a theorannú do ghníomhaíochtaí aeriompair idir dhá chathair, agus i gcásanna eile d'fhéadfadh sé a bheith ábhartha machnamh a dhéanamh ar an gcleachtas agus a éifeachtaí ar an líonra aeriompair níos leithne.

(16)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhféadfar an t-imscrúdú a leathnú go dtí an raon is leithne is féidir míreanna ábhartha. Chun na críche sin, ba cheart é a chur ar a chumas don Choimisiún imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha, faoi réir thoiliú eintitis an tríú tír lena mbaineann agus in éagmais agóid ó na tríú tíortha sin. Ar na cúiseanna céanna agus chun na críche céanna, ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar na Ballstáit tacú leis an gCoimisiún a mhéid agus is acmhainn dóibh. Ba cheart don Choimisiún an t-imscrúdú a chur i gcrích ar bhonn na fianaise is fearr atá ar fáil.

(17)

Le linn an imscrúdaithe, féadfaidh an Coimisiún a mheas cibé arbh ionann an cleachtas a shaobhann an iomaíocht agus sárú ar chomhaontú aeriompair nó ar chomhaontú aersheirbhísí nó ar aon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann nó nach ea. Más amhlaidh atá, maidir leis an gcleachtas a shaobhann an iomaíocht, arb ionann é freisin agus sárú ar chomhaontú aeriompair nó ar chomhaontú aersheirbhísí nó ar aon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann, féadfaidh an Coimisiún a mheas gurbh iomchuí aghaidh a thabhairt ar an gcleachtas sin trí na nósanna imeachta um réiteach díospóidí arna mbunú leis an gcomhaontú sin a chur i bhfeidhm. I gcás den chineál sin, ba cheart don Choimisiún a bheith i dteideal an t-imscrúdú a tionscnaíodh faoin Rialachán seo a chur ar fionraí. I gcás ina dteipeann ar chur i bhfeidhm na rialacha agus na nósanna imeachta um réiteach díospóidí arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta aeriompair nó aersheirbhísí nó le haon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, réiteach leordhóthanach a fháil ar an gcás, ba cheart deis a bheith ag an gCoimisiún tús a chur an athuair leis an imscrúdú.

(18)

Ba cheart go n-éascódh comhaontuithe eitlíochta agus an Rialachán seo an t-idirphlé leis na tríú tíortha lena mbaineann chun díospóidí a réiteach go héifeachtúil agus chun an iomaíocht chóir a thabhairt ar ais. I gcás ina mbainfidh an t-imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisiún le hoibríochtaí a chumhdaítear le comhaontú maidir le haeriompair nó aersheirbhísí nó le haon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair arna gcur i gcrích le tríú tír nach bhfuil an tAontas ina pháirtí ann, ba cheart a áirithiú go ngníomhóidh an Coimisiún agus láneolas aige ar aon imeachtaí atá beartaithe nó seolta ag an mBallstát lena mbaineann faoin gcomhaontú sin agus a bhaineann leis an gcás atá faoi réir imscrúdú an Choimisiúin. Ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar na Ballstáit an Coimisiún a choimeád ar an eolas dá réir. I gcás den sórt sin, ba cheart an ceart a bheith ag na Ballstáit uile lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún go bhfuil sé ar intinn acu aghaidh a thabhairt go heisiach ar an gcleachtas atá ag saobhadh na hiomaíochta faoi na nósanna imeachta um réiteach díospóidí atá sna comhaontuithe faoi seach maidir le haeriompar nó maidir le haersheirbhísí nó in aon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair arna gcur i gcrích le tríú tír nach bhfuil an tAontas ina pháirtí ann. Má thugann na Ballstáit uile lena mbaineann fógra don Choimisiún agus nach bhfuil aon agóid déanta ina choinne, ba cheart don Choimisiún a imscrúdú a chur ar fionraí go sealadach.

(19)

Más rud é go mbíonn sé i gceist ag na Ballstáit lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar an gcleachtas atá ag saobhadh na hiomaíochta trí bhíthin nósanna imeachta um réiteach díospóidí go heisiach atá sna comhaontuithe maidir le haeriompar, maidir le haersheirbhísí nó aon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair agus arna gcur i gcrích acu leis an tríú tír lena mbaineann chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi na comhaontuithe sin, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh dul ar aghaidh go gasta leis na nósanna imeachta um réiteach díospóidí agus ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas go hiomlán ina leith sin. I gcás ina leantar leis an gcleachtas a shaobhann an iomaíocht agus go gcuireann an Coimisiún tús an athuair leis an imscrúdú, ba cheart na torthaí a gheofar agus comhaontuithe aeriompair nó aersheirbhísí den chineál sin nó aon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair á gcur i bhfeidhm a thabhairt ar aird chun a áirithiú go dtabharfar ar ais an iomaíocht chóir a luaithe is féidir.

(20)

Na torthaí a gheofar agus na nósanna imeachta um réiteach díospóidí, arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta aeriompair nó aersheirbhísí nó le haon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, á gcur i bhfeidhm, ba cheart na torthaí sin a thabhairt ar aird.

(21)

Ar chúiseanna éifeachtúlachta riaracháin agus chun go bhféadfaí na himeachtaí a fhoirceannadh gan bhearta a fhorchur, ba cheart go bhféadfaí na himeachtaí a chur ar fionraí i gcás ina mbeadh bearta cinntitheacha déanta ag an tríú tír nó eintiteas tríú tír lena mbaineann chun deireadh a chur leis an gcleachtas ábhartha a shaobhann an iomaíocht nó an díobháil nó an bhagairt díobhála a bhíonn ann dá bharr.

(22)

Cinntí i dtaca le díobháil nó bagairt díobhála don aeriompróir nó do na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann, ba cheart dóibh a bheith de réir measúnú réalaíoch ar an gcás agus ba cheart dóibh, ar an ábhar sin, a bheith bunaithe ar na cúinsí ábhartha uile, go háirithe cúinsí a bhaineann le cás an iompróra nó na n-iompróirí sin agus le staid ghinearálta an mhargaidh aeriompair lena mbaineann.

(23)

Ní mór na coinníollacha a leagan síos faoinar cheart na himeachtaí a chur i gcrích, bíodh forchur beart sásaimh i gceist nó ná bíodh.

(24)

Trí bhíthin bearta sásaimh i dtaca le cleachtais a shaobhann an iomaíocht, tá sé d'aidhm fritháireamh a dhéanamh ar an díobháil a bhíonn ann de bharr na gcleachtas sin. Ba cheart, mar sin, iad a bheith i bhfoirm dualgais airgeadais nó bearta eile ar féidir leo, mar luach airgeadais intomhaiste, an toradh céanna a bhaint amach. Chun prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, ba cheart bearta d'aon chineál a theorannú dá bhfuil riachtanach chun fritháireamh a dhéanamh ar an díobháil arna sainaithint. Leis an mbeart sásaimh, ba cheart féachaint d'fheidhmiú cuí mhargadh aeir an Aontais agus níor cheart a bheith de thoradh air go dtabharfaí buntáiste míchuí d'aon aeriompróir ná d'aon ghrúpa aeriompróirí.

(25)

Níl sé d'aidhm ag an Rialachán seo aon chaighdeáin a fhorchur ar aeriompróirí tríú tír, i dtaca le fóirdheontais mar shampla, trí oibleagáidí níos srianta a thabhairt isteach seachas na cinn is infheidhme maidir le haeriompróirí an Aontais.

(26)

D'fhéadfadh, de réir na gcúinsí, go mbeadh difríocht idir na cásanna ar a ndéantar imscrúdú faoin Rialachán seo mar aon leis an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na cásanna sin ar na Ballstáit. Ba cheart, mar sin, go bhféadfaí bearta sásaimh a chur i bhfeidhm, ag brath ar an gcás, ar aeriompróir amháin tríú tír nó níos mó, ar limistéar geografach faoi leith nó ar thréimhse ama faoi leith, nó dáta a shocrú sa todhchaí faoina mbeidh feidhm acu.

(27)

Na bearta sásaimh, níor cheart a bheith iontu fionraí nó teorannú ar chearta tráchta a dheonaigh Ballstát ar thríú tír.

(28)

I gcomhréir leis an bprionsabal comhréireachta céanna, níor cheart go leanfadh bearta sásaimh i dtaca le cleachtais a shaobhann an iomaíocht de bheith i bhfeidhm ach chomh fada, agus a mhéid, a bhfuil gá leo i bhfianaise an chleachtais sin agus na díobhála a bhíonn ann dá bharr. Ar an ábhar sin, ba cheart foráil a dhéanamh d'athbhreithniú i gcás ina bhfuil bonn údair lena leithéid mar gheall ar na cúinsí.

(29)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(30)

Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas ar bhonn rialta maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, trí bhíthin tuarascáil. Ba cheart faisnéis a áireamh sa tuarascáil sin faoi chur i bhfeidhm na mbeart sásaimh, faoi imscrúduithe a fhoirceannadh gan bhearta a fhorchur, faoi athbhreithnithe agus faoi chomhar leis na Ballstáit, le páirtithe leasmhara agus le tríú tíortha. Ba cheart an tuarascáil sin a chur i dtoll a chéile agus é a láimhseáil leis an leibhéal rúndachta is iomchuí.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cosaint éifeachtúil ar dhíobháil nó ar bhagairt díobhála d'aeriompróirí amháin nó níos mó de chuid an Aontais mar thoradh ar chleachtais a shaobhann an iomaíocht arna nglacadh ag tríú tíortha nó eintitis tríú tíortha, cosaint atá comhionann d'aeriompróirí uile an Aontais agus bunaithe ar chritéir agus nósanna imeachta aonfhoirmeacha, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Conradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(32)

Ós rud é go dtagann an Rialachán seo in ionad Rialachán (CE) Uimh. 868/2004, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le himscrúduithe arna gcur i gcrích ag an gCoimisiún agus maidir le bearta sásaimh a ghlacadh, i ndáil le cleachtais a shaobhann iomaíocht idir aeriompróirí de chuid an Aontais agus aeriompróirí tríú tír agus a dhéanann díobháil nó a bhagraíonn díobháil a dhéanamh d'aeriompróirí an Aontais.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'Airteagal 12 de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 agus Airteagal 20 de Treoir 96/67/CE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “aeriompróir” aeriompróir mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(2)

ciallaíonn “seirbhís aeriompair” eitilt nó sraith eitiltí ina n-iompraítear paisinéirí, lasta nó post ar luach saothair nó ar fruiliú;

(3)

ciallaíonn “páirtí leasmhar” aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlacht oifigiúil, bíodh a phearsantacht dhlítheanach ar leith aige nó ná bíodh, ar dóigh dó leas suntasach a bheith aige i dtoradh na n-imeachtaí, lena n-áirítear aeriompróirí ach gan a bheith teoranta dóibh;

(4)

ciallaíonn “an Ballstát lena mbaineann” aon Bhallstát:

(a)

a thug an ceadúnas oibríochta don aeriompróir nó do na haeriompróirí lena mbaineann de chuid an Aontais de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008; nó

(b)

a bhfeidhmíonn an t-aeriompróir de chuid an Aontais nó na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann faoina chomhaontú aeriompair, a chomhaontú aersheirbhísí nó aon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair leis an tríú tír lena mbaineann;

(5)

ciallaíonn “eintiteas tríú tír” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, bíodh sé brabúsach nó ná bíodh, nó aon chomhlacht oifigiúil, bíodh a phearsantacht dhlítheanach ar leith aige nó ná bíodh, atá faoi dhlínse tríú tír, bíodh sé faoi rialú ag rialtas tríú tír nó ná bíodh, agus atá páirteach go díreach nó go hindíreach i seirbhísí aeriompair nó seirbhísí gaolmhara nó i soláthar bonneagair nó seirbhísí a úsáidtear chun seirbhísí aeriompair nó seirbhísí gaolmhara a sholáthar;

(6)

ciallaíonn “cleachtais a shaobhann an iomaíocht” idirdhealú agus fóirdheontais;

(7)

ciallaíonn “bagairt díobhála” bagairt a bhfuil sé intuartha agus rídhóchúil gur garghortú a thiocfadh as, agus gur féidir a chruthú thar amhras réasúnach gur ghníomh nó cinneadh ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír ba chúis leis.

(8)

ciallaíonn “idirdhealú” idirdhealú de chineál ar bith gan bonn cirt oibiachtúil maidir le soláthar earraí nó seirbhísí, lena n-áirítear seirbhísí poiblí, a úsáidtear chun seirbhísí aeriompair a oibriú, nó maidir le cóireáil na n-earraí nó na seirbhísí sin ag údaráis phoiblí i ndáil le seirbhísí den sórt sin, lena n-áirítear cleachtais a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta nó le saoráidí agus seirbhísí aerfoirt, breosla, seirbhísí láimhseála ar an talamh, slándáil, córais áirithinte ar ríomhaire, leithdháileadh sliotán, muirir, agus an úsáid a bhaintear as saoráidí nó seirbhísí eile chun seirbhísí aeriompair a oibriú;

(9)

ciallaíonn “fóirdheontas” ranníocaíocht airgeadais:

(a)

arna deonú ag rialtas nó eagraíocht phoiblí eile de chuid tríú tír in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(i)

cleachtas rialtais nó eagraíochta poiblí eile ar aistriú díreach cistí é nó ar aistriú díreach féideartha é ar chistí nó ar dhliteanais (amhail deontais, iasachtaí, instealladh cothromais, ráthaíochtaí iasachta, fritháireamh caillteanas oibriúcháin, cúiteamh ar ualaí airgeadais arna bhforchur ag údaráis phoiblí);

(ii)

tarscaoileadh nó neamhbhailiú ioncaim rialtais nó eagraíochta poiblí eile atá dlite ar aon slí eile (amhail cóireáil cánach fhabhrach nó dreasachtaí fioscacha amhail creidmheasanna cánach);

(iii)

rialtas nó eagraíocht phoiblí eile, lena n-áirítear gnóthais faoi rialú poiblí, earraí nó seirbhísí a sholáthar nó a cheannach;

(iv)

rialtas nó eagraíocht phoiblí eile íocaíochtaí a dhéanamh le sásra maoiniúcháin nó cúram nó treoir a thabhairt do chomhlacht príobháideach cineál amháin nó níos mó de na feidhmeanna dá dtagraítear i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) a dhéanamh, ar feidhmeanna iad a bheadh de chúram ar an rialtas de ghnáth agus nach bhfuil aon difríocht i ndáiríre idir iad agus na cleachtais a leanann rialtais de ghnáth;

(b)

lena mbronntar sochar; agus

(c)

atá teoranta, le dlí nó le gníomh, d'eintiteas nó tionscal nó do ghrúpa eintiteas nó grúpa tionscal laistigh de dhlínse údarás an deonaithe;

(10)

ciallaíonn “aeriompróir de chuid an Aontais” aeriompróir a bhfuil aige ceadúnas bailí oibríochta arna dheonú dó ag Ballstát i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008;

(11)

ciallaíonn an “aeriompróir lena mbaineann de chuid an Aontais” an t-aeriompróir a ndeirtear a bheith faoi réir díobhála nó bagairt díobhála de bhun phointe (b) d'Airteagal 4(1).

Airteagal 3

Leas an Aontais

1.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le leas an Aontais chun críche phointe (b) d'Airteagal 13(2) bunaithe ar luachmhéadú na leasanna éagsúla atá ábhartha sa chás ar leith, a bhféachtar orthu ina n-iomláine. Agus leas an Aontais á chinneadh, tabharfar tús áite don ghá atá le leasanna an tomhaltóra a chosaint agus ardleibhéal nascachta do phaisinéirí agus don Aontas a chothabháil. Maidir le slabhra na heitlíochta tríd síos, féadfaidh an Coimisiún na gnéithe sóisialta ábhartha a chur san áireamh freisin. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin an gá maidir le deireadh a chur leis an gcleachtas a shaobhann an iomaíocht, an iomaíocht éifeachtach chothrom a thabhairt thar n-ais agus aon saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint.

2.   Déanfar leas an Aontais a chinneadh bunaithe ar anailís eacnamaíoch arna déanamh ag an gCoimisiún. Bunóidh an Coimisiún an anailís sin ar fhaisnéis a bhaileofar ó na páirtithe leasmhara. Agus a chinneadh á dhéanamh ag an gCoimisiún ar leas an Aontais, lorgóidh an Coimisiún aon fhaisnéis ábhartha eile, freisin, a cheapann sé a bhfuil gá leis agus cuirfear san áireamh go háirithe na gnéithe atá leagtha amach in Airteagal 12(1). Ní chuirfear faisnéis san áireamh ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise iarbhír ann a thacaíonn le bailíocht na faisnéise sin.

3.   Ní dhéanfar cinneadh maidir le leas an Aontais chun críche phointe (b) d'Airteagal 13(2) go dtí go dtugtar deis do na páirtithe leasmhara uile iad féin a chur in iúl, a gcuid tuairimí a chur i láthair i scríbhinn, faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin nó iarratas a dhéanamh ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin, i gcomhréir leis na teorainneacha ama a shonraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(8). Leagfar amach in aon iarrataí le haghaidh éisteachta na cúiseanna a bhain le leasanna an Aontais faoi deara do na páirtithe éisteacht a iarraidh.

4.   Féadfaidh na páirtithe leasmhara dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo a iarraidh go gcuirfear ar fáil dóibh na fíorais agus na breithnithe sin ar dócha go mbunófar cinntí orthu. Cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil a mhéid is féidir, i gcomhréir le hAirteagal 8, agus gan dochar d'aon chinneadh a ghlacfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin.

5.   Tarchuirfear an anailís eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 2, mar fhaisnéis, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

CAIBIDIL II

FORÁLACHA COITEANNA MAIDIR LE HIMEACHTAÍ

Airteagal 4

Imeachtaí a thionscnamh

1.   Tionscnófar imscrúdú tar éis gearán i scríbhinn a thíolacfaidh Ballstát, aeriompróir amháin nó níos mó de chuid an Aontais nó comhlachas d'aeriompróirí de chuid an Aontais nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, má tá fianaise prima facie gur ann do na dálaí seo a leanas:

(a)

cleachtas a shaobhann an iomaíocht, arna chur i bhfeidhm ag tríú tír nó eintiteas tríú tír;

(b)

díobháil nó bagairt díobhála d'aeriompróir amháin nó níos mó de chuid an Aontais; agus

(c)

nasc cúisíoch idir an cleachtas líomhnaithe agus an díobháil nó an bhagairt díobhála líomhnaithe.

2.   Nuair a fhaightear gearán de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit uile ar an eolas.

3.   Scrúdóidh an Coimisiún go tráthúil cruinneas agus leordhóthanacht na n-eilimintí a sholáthraítear sa ghearán nó atá ar fáil don Choimisiún, lena chinneadh an bhfuil go leor fianaise ann le húdar a bheith le himscrúdú a thionscnamh i gcomhréir le mír 1.

4.   Cinnfidh an Coimisiún gan imscrúdú a thionscnamh i gcás nach léirítear aon saincheist chórasach sna fíorais arna gcur chun cinn sa ghearán ná aon tionchar suntasach a bheith acu ar aeriompróir amháin nó níos mó de chuid an Aontais.

5.   Cuirfidh an Coimisiún an gearánach agus na Ballstáit uile ar an eolas i gcás ina gcinneann sé gan an t-imscrúdú a thionscnamh. Léireofar san fhaisnéis na cúiseanna faoi deara an chinnidh. Tarchuirfear an fhaisnéis sin chuig Parlaimint na hEorpa chomh maith, i gcomhréir le hAirteagal 17.

6.   I gcás nach mbeidh an fhianaise arna cur isteach leordhóthanach chun críocha mhír 1, cuirfidh an Coimisiún in iúl don ghearánach nach bhfuil go leor fianaise ann laistigh de 60 lá ón dáta a taisceadh an gearán. Tabharfar 45 lá don ghearánach fianaise bhreise a sholáthar. I gcás nach n-éireoidh leis an ngearánach é sin a dhéanamh laistigh den teorainn ama sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gan an t-imscrúdú a thionscnamh.

7.   Faoi réir mhír 4 agus mhír 6, cinnfidh an Coimisiún cé acu an t-imscrúdú a thionscnamh i gcomhréir le mír 1 laistigh de thréimhse nach faide ná 5 mhí ón uair a thaisctear an gearán.

8.   Faoi réir mhír 4, nuair a mheasfaidh an Coimisiún go bhfuil go leor fianaise ann chun údar a bheith le himscrúdú a thionscnamh, déanfaidh sé na bearta seo a leanas:

(a)

na himeachtaí a thionscnamh agus fógra a thabhairt do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa faoi;

(b)

fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; fógrófar san fhógra tionscnamh an imscrúdaithe, léireofar ann raon feidhme an imscrúdaithe, an tríú tír nó eintiteas tríú tír a líomhnaítear a bheith páirteach i gcleachtais a shaobhann an iomaíocht agus an díobháil líomhnaithe nó an bhagairt díobhála líomhnaithe, an t-aeriompróir nó na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann agus luafar ann an tréimhse ina bhféadfaidh páirtithe leasmhara iad féin a chur in iúl, a gcuid tuairimí a chur i láthair i scríbhinn, faisnéis a chur isteach nó iarratas a dhéanamh ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin. Beidh 30 lá ar a laghad sa tréimhse sin;

(c)

cuirfidh sé ionadaithe an tríú tír agus an eintitis tríú tír lena mbaineann ar an eolas go hoifigiúil faoi thionscnamh an imscrúdaithe;

(d)

cuirfidh sé an gearánach agus an Coiste dá bhforáiltear faoi Airteagal 16 ar an eolas faoi thionscnamh an imscrúdaithe.

9.   I gcás ina n-aistarraingítear an gearán roimh thionscnamh an imscrúdaithe, meastar nár taisceadh an gearán. Tá an méid sin gan dochar do cheart an Choimisiúin imscrúdú a thionscnamh ar a thionscnamh féin i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 5

An t-imscrúdú

1.   Tar éis thionscnamh na n-imeachtaí, cuirfidh an Coimisiún tús le himscrúdú.

2.   Beidh sé mar aidhm leis an imscrúdú a chinneadh an ndearna cleachtas a shaobhann an iomaíocht, arna ghlacadh ag tríú tír nó eintiteas tríú tír, díobháil nó bagairt díobhála d'aeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann.

3.   I gcás ina dtarlaíonn sé le linn an imscrúdaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, go dtagann an Coimisiún ar fhianaise i dtaobh cásanna a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar nascacht sna spéartha i limistéar áirithe, i mBallstát nó i ngrúpa Ballstát, agus do phaisinéirí dá bhrí sin, cuirfear an fhianaise sin san áireamh agus leas an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3 á chinneadh.

4.   Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheastar a bheith riachtanach chun an t-imscrúdú a dhéanamh agus fíoróidh sé cruinneas na faisnéise a tugadh dó nó a bhailigh sé leis na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann, nó leis an tríú tír, le páirtí leasmhar nó leis an eintiteas tríú tír lena mbaineann.

5.   I gcás ina bhfuil an fhaisnéis a tíolacadh i gcomhréir le mír 4 easnamhach, cuirfear san áireamh é ach gan í a bheith bréagach nó míthreorach.

6.   Mura nglacfar le fianaise nó le faisnéis, cuirfear an páirtí atá á soláthar ar an eolas láithreach faoi na cúiseanna a bhaineann leis sin, agus tabharfar deis dó a chás a mhíniú tuilleadh laistigh den thréimhse shonraithe.

7.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit lena mbaineann tacaíocht a thabhairt dó agus an t-imscrúdú á dhéanamh aige. Go sonrach, arna iarradh sin don Choimisiún, déanfaidh siad pé beart is gá chun tacaíocht a thabhairt don Choimisiún agus an t-imscrúdú á dhéanamh aige trí fhaisnéis ábhartha atá ar fáil a sholáthar. Arna iarradh sin don Choimisiún, féachfaidh aon Bhallstát le rannchuidiú le haon fíorú nó anailís ábhartha.

8.   Más léir gur gá a leithéid, féadfaidh an Coimisiún imscrúduithe a dhéanamh i gcríoch tríú tír, ar choinníoll go bhfuil a thoiliú tugtha ag eintiteas an tríú tír lena mbaineann agus gur tugadh fógra oifigiúil do rialtas an tríú tír agus nach bhfuil aon agóid déanta aige ina leith.

9.   Tabharfar éisteacht do na páirtithe a chuirfidh iad féin in iúl laistigh den tréimhse a leagtar síos san fhógra maidir le tionscnamh má tá iarraidh ar éisteacht déanta acu a léiríonn gur páirtí leasmhar iad.

10.   Féadfaidh gearánaigh, páirtithe leasmhara, nó na Ballstáit lena mbaineann agus ionadaithe an tríú tír nó an eintitis tríú tír lena mbaineann breathnú ar an bhfaisnéis ar fad a chuirfear ar fáil don Choimisiún, cé is moite de dhoiciméid inmheánacha le haghaidh úsáid an Choimisiúin agus údarás riaracháin an Aontais agus na mBallstát lena mbaineann, ar choinníoll nach faisnéis rúnda an fhaisnéis sin laistigh de bhrí Airteagal 8 agus ar choinníoll go gcuirfidh siad iarraidh i scríbhinn faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 6

Fionraí

1.   Féadfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú a chur ar fionraí má mheastar é a bheith níos iomchuí aghaidh a thabhairt go heisiach ar an gcleachtas atá ag saobhadh na hiomaíochta faoi na nósanna imeachta um réiteach díospóidí arna mbunú le comhaontuithe aeriompair nó aersheirbhísí is infheidhme a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu nó le haon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir leis na seirbhísí aeriompair a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an imscrúdú a chur ar fionraí.

Féadfaidh an Coimisiún filleadh ar an imscrúdú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

más toradh ar an nós imeachta faoi chuimsiú an chomhaontuithe aeriompair nó aersheirbhísí is infheidhme nó aon chomhaontaithe eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair go ndearna an páirtí eile nó páirtithe eile sárú ar an gcomhaontú atá críochnaitheach agus ina cheangal ar na páirtithe eile sin, ach nár glacadh aon ghníomh ceartaitheach go pras, nó laistigh den tréimhse dá bhforáiltear faoina nósanna imeachta ábhartha;

(b)

i gcás nár cuireadh deireadh leis an gcleachtas a shaobhann iomaíocht laistigh de 12 mhí ón dáta a cuireadh an t-imscrúdú ar fionraí.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an t-imscrúdú ar fionraí, laistigh de 15 lá oibre ón dáta a thugtar an fógra maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, más amhlaidh:

(a)

gur chuir na Ballstáit uile lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe (4)(b) d'Airteagal 2 an Coimisiún ar an eolas, go bhfuil sé ar intinn acu aghaidh a thabhairt ar an gcleachtas a shaobhann an iomaíocht go heisiach faoi na nósanna imeachta um réiteach díospóidí is infheidhme faoi na comhaontuithe aeriompair, nó na comhaontuithe aersheirbhísí nó aon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair arna gcur i gcrích acu leis an tríú tír lena mbaineann; agus

(b)

nach bhfuil agóid déanta ag aon Bhallstát nó Ballstáit eile lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe (4)(a) d'Airteagal 2.

I gcásanna fionraí beidh feidhm ag Airteagal 7(1) agus (2).

3.   Féadfaidh an Coimisiún filleadh ar an imscrúdú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

murar chuir na Ballstáit lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe (4)(b) d'Airteagal 2 tús leis an nós imeachta um réiteach díospóide faoin gcomhaontú idirnáisiúnta ábhartha laistigh de 3 mhí ón dáta a tugadh an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;

(b)

má chuireann na Ballstáit lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe (4)(b) d'Airteagal 2 an Coimisiún ar an eolas nach ndearnadh toradh an nós imeachta um réiteach díospóide dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fhorfheidhmiú go cuí agus go gasta;

(c)

má iarrann na Ballstáit uile lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 2(4) ar an gCoimisiún filleadh ar an imscrúdú;

(d)

más é tuairim an Choimisiúin nár cuireadh deireadh leis an gcleachtas a shaobhann iomaíocht laistigh de 12 mhí ó dháta an fhógra arna thabhairt ag na Ballstáit lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2;

(e)

i gcásanna práinneacha dá bhforáiltear in Airteagal 11(3), murar cuireadh deireadh leis an gcleachtas a shaobhann iomaíocht laistigh de 9 mí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo arna thabhairt ag na Ballstáit lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe (4)(b) d'Airteagal 2; arna iarraidh sin ag Ballstát lena mbaineann, d'fhéadfadh an Coimisiún an tréimhse sin a shíneadh i gcásanna cuí-réasúnaithe ar feadh tréimhse nach faide ná 3 mhí.

Airteagal 7

Comhar leis na Ballstáit eile maidir le himeachtaí a bhaineann le cásanna atá faoi chuimsiú Chaibidil III

1.   Chomh maith leis sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi gach cruinniú ábhartha a shocraítear faoi chuimsiú an chomhaontaithe aeriompair nó aersheirbhísí nó faoi aon fhoráil maidir le seirbhísí aeriompair a áirítear in aon chomhaontú eile arna gcur i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann, chun an tsaincheist a chumhdaítear leis an imscrúdú a phlé. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an clár oibre agus an fhaisnéis ábhartha uile don Choimisiún lena chur ar a chumas na hábhair atá le plé ag na cruinnithe sin a thuiscint.

2.   Coinneoidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi sheoladh aon nós imeachta le haghaidh aon nós imeachta um réiteach díospóidí dá bhforáil i gcomhaontú aeriompair nó aersheirbhísí nó in aon chomhaontú eile ina bhfuil forálacha maidir le seirbhísí aeriompair arna gcur i gcrích acu leis an tríú tír lena mbaineann agus i gcás inarb iomchuí, iarrfar ar an gCoimisiún freastal ar na nósanna imeachta sin. Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 8

Rúndacht

1.   Déileálfaidh an Coimisiún mar fhaisnéis rúnda, má léirítear go bhfuil cúis mhaith leis, le haon fhaisnéis ar de chineál rúnda í, lena n-áirítear faisnéis ar dócha, de thoradh a nochta, go dtabharfaí buntáiste mór iomaíochta d'iomaitheoir nó go ndéanfaí dochar suntasach do dhuine a sholáthair an fhaisnéis nó do dhuine a bhfuair an té a sholáthair an fhaisnéis an fhaisnéis uaidh nó faisnéis arna soláthar ar bhonn rúnda ag páirtithe in imscrúdú, ach gan a bheith teoranta do na saghsanna sin faisnéise.

2.   Ceanglófar ar pháirtithe leasmhara atá ag soláthar faisnéis rúnda, achoimrí neamhrúnda den fhaisnéis sin a sholáthar freisin. Beidh na hachoimrí sin mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar tuiscint réasúnta a fháil ar shubstaint na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh na páirtithe leasmhara a thabhairt le fios nach féidir achoimre a thabhairt ar an bhfaisnéis. In imthosca eisceachtúla den sórt sin, ní mór ráiteas a thabhairt faoi na cúiseanna nach bhfuil sé indéanta an achoimre sin a chur ar fáil.

3.   Is chun na críche ar iarradh í, agus chun na críche sin amháin, a fhéadfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid. Ní chuirfidh an mhír seo bac ar fhaisnéis a fhaightear i gcomhthéacs imscrúdaithe amháin a úsáid chun críche imscrúdú eile a thionscnamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.   Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit, lena n-áirítear a n-oifigigh faoi seach, aon fhaisnéis de chineál rúnda arna fáil de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis arna cur ar fáil ar bhonn rúnda ag páirtí in imscrúdú, gan cead sonrach a fháil ón bpáirtí a chuir an fhaisnéis sin isteach. Ní nochtfar malartuithe faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit, ná aon doiciméad inmheánach arna ullmhú ag údaráis an Aontais nó na mBallstát, ach amháin má fhoráiltear maidir leis sin go sonrach sa Rialachán seo.

5.   Nuair is cosúil nach bhfuil údar leis an iarraidh ar rúndacht agus mura bhfuil an duine a sholáthróidh an fhaisnéis toilteanach an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí nó nochtadh na faisnéise i dtéarmaí ginearálta nó i bhfoirm achoimre a údarú, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis lena mbaineann.

6.   Ní chuirfidh an tAirteagal seo bac ar nochtadh faisnéise ginearálta ag údaráis an Aontais ná, go háirithe, ar nochtadh na gcúiseanna ar a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe, ná nochtadh fianaise ar a bhfuil údaráis an Aontais ag brath sa mhéad gur gá na cúiseanna sin a mhíniú in imeachtaí cúirte. Ní mór leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann, is é sin nach sceithfí a rúin ghnó, a chur san áireamh i nochtadh den sórt sin.

7.   Glacfaidh na Ballstáit gach beart is riachtanach agus is iomchuí chun rúndacht na faisnéise is ábhartha do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú, agus ar choinníoll go luíonn siad lena théarmaí.

Airteagal 9

An bunús le cinntí i gcás neamh-chomhoibriú

I gcás ina ndiúltaítear rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis riachtanach nó nach gcuirtear an céanna ar fáil laistigh den tréimhse dá bhforáiltear chuige sin sa Rialachán seo, nó i gcás ina gcuirtear bac suntasach ar an imscrúdú, is ceadmhach cinntí sealadacha nó cinntitheacha a dhéanamh — dearfach nó diúltach — bunaithe ar a mbeidh d'fhíricí agus d'fhianaise ar fáil. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur cuireadh isteach faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis sin.

Airteagal 10

Nochtadh

1.   Nochtfaidh an Coimisiún don tríú tír, eintiteas an tríú tír, agus aeriompróir an tríú tír lena mbaineann, mar aon leis an ngearánach agus na páirtithe leasmhara, na Ballstáit agus na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann, na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar a mbonn atá sé beartaithe aige bearta sásaimh a ghlacadh, nó imeachtaí a fhoirceannadh gan bearta sásaimh a ghlacadh, tráth nach déanaí ná 1 mí amháin sula ngairfear an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 16 i gcomhréir le hAirteagal 13(2) nó Airteagal 14(1).

2.   Beidh an nochtadh dá dtagraítear i mír 1 gan dochar d'aon chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ina dhiaidh sin. I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún an cinneadh sin a bhunú ar thuilleadh fíoras nó argóintí nó ar mhalairt fíoras nó breithnithe, nochtfar na fíorais nó argóintí sin a luaithe is féidir.

3.   Aon fhaisnéis bhreise a chuirfear ar fáil tar éis an nochta, ní thabharfar aird uirthi ach i gcás ina bhfaightear í laistigh de thréimhse a shocróidh an Coimisiún i ngach cás, tréimhse nach giorra ná 14 lá, agus aird iomchuí á tabhairt ar a phráinní atá an cás. Féadfar tréimhse níos giorra a leagan síos i gcás ina gcaithfear nochtadh deiridh sa bhreis a dhéanamh.

Airteagal 11

Fad na n-imeachtaí agus cur ar fionraí

1.   Cuirfear na himeachtaí i gcrích laistigh de 20 mí. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás ina gcuirtear na nósanna imeachta ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal 4, ní áireofar an tréimhse fionraíochta le linn an imscrúdaithe.

2.   Cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 12 mhí. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás ina gcuirtear imscrúdú ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal 6, ní áireofar an tréimhse fionraíochta le linn an imscrúdaithe. I gcás ina dtéann tréimhse an imscrúdaithe chun síneadh, cuirfear an síneadh sin le tréimhse fhoriomlán na n-imeachtaí a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

3.   I gcás éigeandála, eadhon i gcás ina dtíolacann an gearánaí nó na páirtithe leasmhara fianaise shoiléir go bhféadfadh sé nach féidir an díobháil a rinneadh don aeriompróir nó do na haeriompróirí de chuid an Aontais a chur ar gcúl, is ceadmhach tréimhse na n-imeachtaí a ghiorrú go 9 mí.

4.   Déanfaidh an Coimisiún na himeachtaí a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil bearta cinntitheacha déanta ag an tríú tír nó ag eintiteas an tríú tír lena mbaineann chun deireadh a chur leis an gcleachtas a shaobhann an iomaíocht nó an díobháil nó an bhagairt díobhála do na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann.

5.   Sna cásanna sin dá dtagraítear i mír 4, cuirfidh an Coimisiún tús an athuair leis na himeachtaí i gcás nach bhfuiltear tar éis deireadh a chur le cleachtas saofa na hiomaíochta, leis an díobháil nó leis an mbagairt díobhála do na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann tar éis tréimhse réasúnach ama, nach mbeidh i gcás ar bith níos faide ná 6 mhí.

CAIBIDIL III

CLEACHTAIS A SHAOBHANN AN IOMAÍOCHT

Airteagal 12

Díobháil a chinneadh nó bagairt díobhála

1.   Chun críocha na Caibidle seo, beidh cinneadh maidir le díobháil bunaithe ar fhianaise agus déanfaidh sé na cúinsí ábhartha a chur san áireamh, go háirithe:

(a)

staid na n-aeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann, go háirithe ó thaobh gnéithe amhail minicíocht na seirbhísí, úsáid acmhainne, éifeacht an líonra, díolacháin, sciar margaidh, brabúis, toradh ar chaipiteal, infheistíocht, agus fostaíocht;

(b)

staid ghinearálta na margaí seirbhísí aeriompair ar a n-imrítear tionchar, go háirithe maidir le leibhéal na dtáillí nó rátaí, acmhainn agus minicíocht na seirbhísí aeriompair nó úsáid an líonra.

2.   Má chinntear go bhfuil baol díobhála ann, beidh sé bunaithe ar fhianaise shoiléir seachas ar líomhaintí, tuairimíocht nó féidearthacht fhánach. Sular féidir díobháil a thabhairt air, ní mór go mbeadh sí intuartha, ródhócha, agus ar tí tarlú, agus ní mór gur féidir a chruthú gan amhras réasúnach gur gníomh nó cinneadh ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír ba chúis léi.

3.   Agus cinneadh á dhéanamh gurb ann do bhagairt díobhála, déanfar fachtóirí cosúil leis na fachtóirí seo a leanas a mheas:

(a)

éabhlóid intuartha staid na n-aeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann, go háirithe maidir le minicíocht na seirbhísí, úsáid acmhainne, éifeacht an líonra, díolacháin, sciar margaidh, brabúis, toradh ar chaipiteal, infheistíocht, agus fostaíocht;

(b)

éabhlóid intuartha staid ghinearálta na margaí seirbhísí aeriompair a bhféadfaí tionchar a imirt orthu, go háirithe maidir le leibhéal na dtáillí nó rátaí, acmhainn agus minicíocht na seirbhísí aeriompair nó úsáid an líonra;

Cé nach féidir le haon cheann de na tosca a luaitear i bpointe (a) agus pointe (b) a bheith cinntitheach, bainfear de thátal as iomlán na bhfachtóirí sin gur gearr uainn tuilleadh den chleachtas saofa iomaíochta, agus go ndéanfar díobháil mura ndéantar beart.

4.   Roghnóidh an Coimisiún tréimhse imscrúdaithe a líomhnaítear ina leith gur tharla an díobháil lena linn, ach nach mbeidh teoranta don tréimhse sin amháin, agus déanfaidh sé anailís ar an bhfianaise ábhartha ón tréimhse sin.

5.   I gcás díobháil nó baol díobhála do na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann arb é is cúis leo cúinsí eile seachas an cleachtas a shaobhann iomaíocht, ní ar an gcleachtas atá faoi ghrinnscrúdú a leagfar iad agus déanfar neamhshuim díobh sin.

Airteagal 13

Foirceannadh gan bearta sásaimh

1.   Cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an imscrúdú gan aon bhearta sásaimh a ghlacadh i gcás ina dtarraingítear siar an gearán, murab é go leanann an Coimisiún den imscrúdú as a stuaim féin.

2.   Foirceannfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, an t-imscrúdú a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 5 gan bearta sásaimh a ghlacadh sna cásanna seo a leanas:

(a)

go gcinnfidh an Coimisiún nár deimhníodh aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

gurb ann do chleachtas a shaobhann an iomaíocht, arna ghlacadh ag tríú tír nó eintiteas tríú tír;

(ii)

gurb ann do dhíobháil nó do bhagairt díobhála do na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann;

(iii)

gurb é an cleachtas atá faoi mheas is cúis leis an díobháil nó leis an mbaol díobhála;

(b)

go gcinnfidh an Coimisiún gur i gcoinne leas an Aontais a bheadh sé bearta sásaimh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14;

(c)

go bhfuil an tríú tír nó eintiteas an tríú tír tar éis deireadh a chur leis an gcleachtas iomaíocht a shaobhadh; nó

(d)

go bhfuil an tríú tír nó eintiteas an tríú tír lena mbaineann tar éis deireadh a chur leis an díobháil nó leis an mbagairt díobhála do na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

3.   I gcomhréir le mír 2, beidh ráiteas ar na cúiseanna leis an gcinneadh an t-imscrúdú a fhoirceannadh ag gabháil leis an gcinneadh é féin agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 14

Bearta sásaimh

1.   Gan dochar d'Airteagal 13, glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos bearta sásaimh má chinntear san imscrúdú arna dhéanamh de réir Airteagal 5 go bhfuil cleachtas a shaobhann iomaíocht, arna ghlacadh ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, tar éis díobháil a dhéanamh don aeriompróir nó do na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos bearta sásaimh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) agus (3) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos bearta sásaimh dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo.

2.   Gan dochar d'Airteagal 13, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos bearta sásaimh má chinntear san imscrúdú arna dhéanamh de réir Airteagal 5 go bhfuil cleachtas a shaobhann iomaíocht, arna ghlacadh ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, ina shiocair le bagairt díobhála, i gcomhréir le hAirteagail 12(2) agus (3), do na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann. N thiocfaidh na bearta sásaimh sin i bhfeidhm nó go mbeidh an baol díobhála ina dhíobháil iarbhír.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos bearta sásaimh dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) agus (3) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo.

3.   Forchuirfear na bearta sásaimh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar aeriompróirí de chuid tríú tír a thairbhíonn den chleachtas a shaobhann an iomaíocht agus féadfaidh siad a bheith i bhfoirm ceachtar den dá ní seo a leanas:

(a)

dualgais airgeadais;

(b)

aon bheart oibríochtúil ar luach coibhéiseach nó níos lú, amhail fionraí a dhéanamh ar lamháltas, ar sheirbhísí dlite nó ar chearta eile de chuid an aeriompróra tríú tír. Tabharfar tús áite do bhearta oibríochtúla cómhalartacha ar choinníoll nach dtagann siad salach ar leas an Aontais, agus nach sáraíonn siad dlí an Aontais, nó aon oibleagáidí idirnáisiúnta.

4.   Ní rachaidh na bearta sásaimh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 thar a bhfuil riachtanach chun fritháireamh a dhéanamh ar an díobháil do na haeriompróirí de chuid an Aontais lena mbaineann. Chuige sin, féadfar na bearta sásaimh sin a theorannú do limistéar geografach áirithe nó féadfar fad a dtréimhse a theorannú.

5.   Na bearta sásaimh, ní bheidh iontu fionraí nó teorannú ar chearta tráchta a dheonaigh Ballstát ar thríú tír faoi chomhaontú aeriompair, comhaontú aersheirbhíse nó aon fhoráil faoi sholáthar seirbhísí aeriompair a n-áirítear i gcomhaontú ar bith eile arna gcur i gcrích leis an tríú tír sin.

6.   Ní thiocfaidh de na bearta sásaimh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 go sáróidh an tAontas na Ballstáit lena mbaineann comhaontuithe aeriompair nó comhaontuithe aersheirbhísí nó aon fhoráil maidir le seirbhísí aeriompair a áirítear i gcomhaontú trádála nó aon chomhaontú eile arna chur i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann.

7.   Beidh ráiteas ar na cúiseanna leis an gcinneadh an t-imscrúdú a chur i gcrích le glacadh beart sásaimh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ag gabháil leis an gcinneadh é féin agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 15

Bearta sásaimh a athbhreithniú

1.   Ní leanfaidh na bearta sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 14 de bheith i bhfeidhm ach chomh fada, agus a mhéid, a bhfuil gá leo i bhfianaise an chleachtais leanúnaigh a shaobhann iomaíocht agus na díobhála atá ann dá dheasca. Chuige sin, beidh feidhm ag an nós imeachta athbhreithnithe a leagtar amach i mír 2, mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i scríbhinn faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa go rialta ar a éifeachtaí atá na bearta sásaimh agus an tionchar a bhíonn acu.

2.   I gcás ina bhfuil údar leis de thoradh na gcúinsí, féadfaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá le leanúint de bhearta sásaimh a fhorchur ina bhfoirm thosaigh, bíodh sé ar thionscnamh an Choimisiúin nó an ghearánaigh nó ar iarraidh réasúnaithe ón mBallstát nó na Ballstáit, ón tríú tír nó ón eintiteas tríú tír lena mbaineann.

3.   Le linn an athbhreithnithe, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil an cleachtas a shaobhann iomaíocht fós ar siúl agus an mbaineann díobháil leis agus an é an cleachtas sin is cúis leis an díobháil.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena n-aisghairtear, lena leasaítear nó lena gcoimeádtar na bearta sásaimh a leagtar amach in Airteagal 14, de réir mar is iomchuí. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

Tuairisc agus faisnéis

1.   Tuairisceoidh an Coimisiún, ar bhonn rialta, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an Rialacháin seo. I dtaca le faisnéis rúnda a chosaint de réir bhrí Airteagal 8, cuirfear sa tuairisc sin faisnéis faoi chur chun feidhme na mbeart sásaimh, foirceannadh imscrúdúcháin gan bearta sásaimh, athbhreithnithe ar bhearta sásaimh agus comhar leis na Ballstáit, le páirtithe leasmhara agus le tríú tíortha.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún aon shaincheisteanna a bhaineann le chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú.

Airteagal 18

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 868/2004. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 197, 8.6.2018, lch. 58.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do chionroinnt sealanna in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 14, 22.1.1993, lch. 1).

(4)  Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh seirbhísí láimhseála ar an talamh in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le cosaint ar fhóirdheonú agus ar chleachtais éagóracha praghsála ar cúis díobhála iad d'aeriompróirí Comhphobail agus iad ag soláthar aersheirbhísí ó thíortha nach Ballstáit den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 162, 30 4.2004, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).


TREORACHA

10.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

18


TREOIR (AE) 2019/713 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is bagairtí don tslándáil iad calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid mar is foinse ioncaim iad do ghrúpaí coireachta eagraithe agus fágann siad, dá bhrí sin, gur féidir dul i mbun gníomhaíochtaí coiriúla eile amhail sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhrugaí agus an gháinneáil ar dhaoine.

(2)

Ina theannta sin, is bac ar an margadh aonair digiteach iad calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid toisc go laghdaíonn siad an mhuinín a bhíonn ag tomhaltóirí as an margadh sin agus gur cúis dhíreach le caillteanas eacnamaíoch iad.

(3)

Is gá Cinneadh Réime 2001/413/CGB (3) ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta agus a chomhlánú chun forálacha breise maidir le cionta a chur san áireamh, go háirithe maidir le calaois a bhaineann le ríomhairí, agus le pionóis, le cosc agus le cúnamh a thabhairt d'íospartaigh agus le comhar trasteorann.

(4)

D'fhéadfadh bearnaí móra i ndlíthe na mBallstát, agus difríochtaí móra eatarthu i réimsí na calaoise agus an ghóchumtha modhanna íocaíochta neamhairgid bac a chur ar chosc, ar bhrath agus ar ghearradh pionóis maidir leis na cineálacha sin coireachta agus maidir le coireanna tromchúiseacha agus coireanna eagraithe eile atá bainteach léi agus ar féidir dul ina mbun dá barr, agus bheadh comhar póilíneachta agus breithiúnach níos casta, agus dá réir sin laghdaítear éifeacht an chomhair sin, rud a d'fhéadfadh drochthionchar a imirt ar an tslándáil.

(5)

Tá gné fíorthábhachtach thrasteorann i gceist i gcalaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid de thoradh méadú ar an ngné dhigiteach, rud a léiríonn an géarghá le tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun an reachtaíocht choiriúil i réimsí na calaoise agus an ghóchumtha modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhfhogasú.

(6)

Le blianta beaga anuas, ní hamháin gur tháinig méadú as cuimse ar an ngeilleagar digiteach, ach chonacthas borradh faoin nuálaíocht freisin in iliomad réimsí, lena n-áirítear teicneolaíochtaí íocaíochtaí. Is é atá i gceist le teicneolaíochtaí íocaíochtaí nua ná go n-úsáidtear cineálacha nua ionstraimí íocaíochta, agus, cé go gcruthaíonn sé sin deiseanna nua do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí, cruthaíonn sé deiseanna nua dul i mbun calaoise freisin. Dá réir sin, ba cheart don chreat dlí a bheith ábhartha agus cothrom le dáta i gcónaí i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta sin, ar bhonn cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.

(7)

Ní hamháin go mbaintear úsáid as calaois chun grúpaí coiriúla a chistiú, ach cuireann sí srian freisin le forbairt an mhargaidh aonair dhigitigh agus fágann sí go bhfuil drogall níos mó ar shaoránaigh earraí a cheannach ar líne.

(8)

Tá tábhacht ar leith le sainmhínithe comhchoiteanna i réimsí na calaoise agus an ghóchumtha modhanna íocaíochta neamhairgid chun a áirithiú go mbeidh cur chuige comhsheasmhach ag na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo agus chun malartú faisnéise agus comhar idir údaráis inniúla a éascú. Ba cheart cineálacha nua ionstraimí íocaíochta neamhairgid lena gceadaítear aistriú airgid leictreonaigh agus airgeadraí fíorúla a bheith chumhdaithe sna sainmhínithe sin. Ba cheart a aithint sa sainmhíniú ar ionstraimí íocaíochta neamhairgid go d'fhéadfadh roinnt gnéithe gníomhú le chéile a áireamh, amhail feidhmchlár íocaíochta móibíleach agus údarú a chomhfhreagraíonn dó (e.g. pasfhocal). Sa Treoir seo, i gcás ina ndéantar tagairt d'ionstraim íocaíochta neamhairgid, ba cheart a thuiscint go gcuireann an ionstraim sin ar chumas an tsealbhóra nó an úsáideora airgead nó luach airgeadúil a aistriú nó ordú íocaíochta a thionscnamh. Mar shampla, níor cheart fáil neamhdhleathach ar fheidhmchlár íocaíochta móibíleach gan an t-údarú riachtanach a mheas mar fháil neamhdhleathach ar ionstraim íocaíochta neamhairgid toisc nach gcuireann sé ar chumas an úsáideora airgead ná luach airgeadúil a aistriú.

(9)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hionstraimí íocaíochta neamhairgid amháin a mhéid a bhaineann le feidhm íocaíochta na hionstraime.

(10)

Ba cheart airgeadraí fíorúla a chumhdach leis an Treoir seo ach a mhéid is féidir iad a úsáid de ghnáth chun íocaíochtaí a dhéanamh. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a áirithiú, ina ndlí náisiúnta, go mbeidh an leibhéal céanna cosanta ag airgeadraí de chineál fíorúil arna eisiúint ag bainc cheannais nó ag údaráis phoiblí na mBallstát i gcoinne cionta calaoiseacha agus a mbeidh ag modhanna íocaíochta neamhairgid i gcoitinne. Ba cheart sparáin dhigiteacha lena gceadaítear airgeadraí fíorúla a aistriú a bheith chumhdaithe leis an Treoir seo a mhéid chéanna le hionstraimí íocaíochta neamhairgid. Leis an sainmhíniú ar an téarma “modhanna malairte digiteacha”, ba cheart a aithint go bhféadfaidh sparáin dhigiteacha atá ceaptha le haghaidh airgeadraí fíorúla a aistriú gnéithe d'ionstraim íocaíochta a chur ar fáil, ach ba cheart a aithint nach gá go gcuireann siad na gnéithe sin ar fáil, agus níor cheart leathnú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar ionstraim íocaíochta.

(11)

Maidir le bréagshonraisc a sheoladh ar féidir dintiúir íocaíochta a bhaint astu, ba cheart iad a mheas mar iarracht ar dhílsiú neamhdhleathach faoi raon feidhme na Treorach seo.

(12)

Trí, go príomha, ionstraimí íocaíochta a dtugtar cineálacha speisialta cosanta dóibh ar aithris agus ar mhí-úsáid a chosaint leis an dlí coiriúil, tá sé i gceist oibreoirí a spreagadh le cineálacha speisialta cosanta a thabhairt d'ionstraimí íocaíochta a eisíonn siad.

(13)

Is den riachtanas iad bearta dlí coiriúla atá éifeachtach agus éifeachtúil chun modhanna íocaíochta neamhairgid a chosaint ar chalaois agus ar ghóchumadh. Is gá, go háirithe, cur chuige comhchoiteann ó thaobh an dlí chóiriúil a bheith ann maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann an t-iompar coiriúil, eilimintí a chuirfidh leis an úsáid iarbhír chalaoiseach a bhaintear as modhanna íocaíochta neamhairgid nó a réiteoidh an bealach le haghaidh na húsáide sin. Ba cheart, ar an ábhar sin, iompraíocht choiriúil ar leithligh a dhéanamh as iompar amhail bailiú agus sealbhú ionstraimí íocaíochta chun críocha calaoise, amhail trí fhioscaireacht, trí scimeáil nó úsáideoirí seirbhíse íocaíochta a threorú nó a atreorú chuig bréagshuíomhanna gréasáin, agus dáileadh na n-ionstraimí sin, trí fhaisnéis cárta creidmheasa a dhíol ar an idirlíon, cuir i gcás, gan aon ghá leis an úsáid iarbhír chalaoiseach a bhaintear as modhanna íocaíochta neamhairgid. Ba cheart, dá bhrí sin, a chumhdach le hiompar coiriúil den sórt sin imthosca nuair nach gá go dtiocfadh úsáid chalaoiseach ionstraimí íocaíochta de shealbhú, de sholáthar nó de dháileadh na n-ionstraimí íocaíochta sin. I gcás ina ndéantar coir as sealbhú nó as coinneáil leis an Treoir seo, áfach, níor cheart coir a dhéanamh as neamhghníomh amháin. Leis an Treoir seo, níor cheart pionós a ghearradh ar úsáid dhleathach ionstraime íocaíochta, lena n-áirítear soláthar seirbhísí íocaíochta nuálacha agus maidir leis an soláthar sin, amhail seirbhísí ar gnách le cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais iad a fhorbairt.

(14)

Maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, tá feidhm ag coincheap na hintinne maidir leis na heilimintí uile de na cionta coiriúla sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. D'fhéadfadh cineál intinniúil gnímh, chomh maith leis an eolas nó an cuspóir is gá mar eilimint de chion coiriúil, a bheith infeirithe ó imthosca fíorasacha oibiachtúla. Níor cheart na cionta coiriúla sin nach n-éilíonn rún a chumhdach faoin Treoir seo.

(15)

Déantar tagairt sa Treoir seo d'fhoirmeacha traidisiúnta iompair amhail calaois, brionnú, goid agus leithreasú neamhdhleathach atá múnlaithe cheana ag an dlí náisiúnta roimh ré an digitithe. Dá bhrí sin, i dtaca le raon feidhme leathnaithe na Treorach seo maidir le hionstraimí íocaíochta neamhchorpracha, is gá foirmeacha iompair comhionanna a shainmhíniú sa timpeallacht dhigiteach, lena ndéantar Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chomhlánú agus a threisiú. Ba cheart é a bheith ina chion coiriúil ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a fháil go neamhdhleathach, ar a laghad nuair a bhaineann sé le ceann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go Airteagal 6 de Threoir 2013/40/AE, nó le hionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a mhíleithreasú. Ba cheart “míleithreasú” a thuiscint mar ghníomh an duine, dá dtugtar ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid, a úsáideann an ionstraim go feasach gan cead chun a thairbhe féin nó a tairbhe féin, nó chun tairbhe duine eile. Ba cheart soláthar ionstraim den sórt sin a fhaightear go neamhdhleathach chun mí-úsáid chalaoiseach a bheith inphionóis, gan é a bheith riachtanach gnéithe fíorasacha uile na fála neamhdhleathaí a shuí, agus gan trácht ar chiontú roimhe sin nó ciontú comhuaineach a bheith ag teastáil don chion preideacáide as a d'eascair an fháil neamhdhleathach.

(16)

Leis an Treoir seo, déantar tagairt freisin d'uirlisí a d'fhéadfadh a úsáid chun na cionta a dhéanamh. I bhfianaise an ghá leis an gcoiriúlú a sheachaint i gcás ina ndéantar uirlisí den sórt sin a tháirgeadh agus ina gcuirtear ar an margadh chun críocha dlisteanacha iad, agus, cé go bhféadfaí iad a úsáid uaireanta chun cion a dhéanamh, agus mar sin nach bagairt iad iontu féin, ba cheart srian a chur ar coiriúlú i ndáil le huirlisí a dhéantar a dhearadh nó a oiriúnú go sonrach chun críocha na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a dhéanamh.

(17)

Ba cheart na smachtbhannaí agus na pionóis maidir le calaois agus le góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar fud an Aontais. Ní dochar an Treoir seo d'indibhidiúlú agus do chur i bhfeidhm pionós agus d'fhorghníomhú pianbhreitheanna i gcomhréir le himthosca an cháis agus le rialacha ginearálta an dlí choiriúil náisiúnta.

(18)

Ós rud é go bhforáiltear leis an Treoir seo do rialacha íosta, tá cead ag na Ballstáit rialacha níos déine a ghlacadh nó a choinneáil ina ndlí coiriúil féin maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid, lena n-áirítear sainmhíniú níos leithne ar chionta.

(19)

Is iomchuí foráil a dhéanamh do phionóis níos déine i gcás ina ndéantar an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil, mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB (5) ón gComhairle. Níor cheart é a bheith d'oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh d'imthosca géaraitheacha sonracha i gcás ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta do chionta coiriúla ar leith agus d'fhéadfadh sé go dtiocfadh smachtbhannaí níos déine as sin. I gcás ina ndearna an duine céanna cion dá dtagraítear sa Treoir seo i gcomhar le cion eile dá dtagraítear sa Treoir seo, agus i gcás inar gné riachtanach de facto ceann amháin de na cionta sin den chion eile, féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabail ghinearálta an dlí náisiúnta, go ndéanfar iompar den sórt sin a mheas mar imthoisc ghéaraitheach ar an bpríomhchion.

(20)

Ba cheart a áirithiú le rialacha dlínse go ndéantar na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a ionchúiseamh go héifeachtach. Is fearr, de ghnáth, don chóras dlí choiriúil sa tír inar tharla na cionta déileáil leo. Ba cheart do gach Ballstát dlínse a shuí, dá bhrí sin, ar chionta a rinneadh ina chríoch féin agus ar chionta a rinne náisiúnaigh dá chuid. Féadfaidh na Ballstáit dlínse a shuí ar chionta is cúis le damáiste ina gcríoch. Moltar go láidir dóibh déanamh amhlaidh.

(21)

Agus na hoibleagáidí faoi Chinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle (6) agus faoi Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle (7) á dtabhairt chun cuimhne, i gcásanna ina bhfuil coinbhleachtaí dlínse ann, moltar do na húdaráis inniúla úsáid a bhaint as an bhféidearthacht comhairliúcháin dhíreacha a dhéanamh le cúnamh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust).

(22)

I bhfianaise an ghá le huirlisí speisialta chun calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a imscrúdú go héifeachtach, agus a ábhartha atá siad maidir le comhar idirnáisiúnta éifeachtach idir údaráis náisiúnta, ba cheart uirlisí imscrúdaitheacha a úsáidtear go hiondúil le haghaidh cásanna a bhaineann le coireacht eagraithe agus coireacht thromchúiseach eile a bheith ar fáil i ngach Ballstát chun cionta den sórt sin a imscrúdú, más rud é go bhfuil agus sa mhéid atá úsáid na n-uirlisí sin iomchuí agus ar cóimhéid le cineál agus tromchúis a gcionta mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart rochtain thráthúil ar fhaisnéis ábhartha a bheith ag údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis inniúla eile chun na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Moltar do na Ballstáit acmhainní daonna agus airgeadais leormhaithe a leithdháileadh ar na húdaráis inniúla chun na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a imscrúdú agus a ionchúiseamh mar is cuí.

(23)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta, a bhfuil na cionta sin dá dtagraítear sa Treoir seo á n-imscrúdú agus á n-ionchúiseamh acu, dul i gcomhar le húdaráis náisiúnta eile laistigh den Bhallstát céanna agus lena gcontrapháirtithe i mBallstáit eile.

(24)

Is minic, áfach, a bhíonn gníomhaíochtaí coiriúla mar bhonn le teagmhais ar cheart a chur in iúl do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha faoi Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). I gcás teagmhais den sórt sin, féadfaidh amhras a bheith ann gur de chineál cóiriúil iad fiú mura bhfuil dóthain fianaise go bhfuil cion cóiriúil i gceist ag an gcéim sin. I gcomhthéacs den sórt sin, ba cheart oibreoirí ábhartha seirbhísí riachtanacha agus soláthraithe ábhartha seirbhísí digiteacha a spreagadh chun na tuarascálacha is gá faoi Threoir (AE) 2016/1148 a roinnt le húdaráis forfheidhmithe dlí chun freagairt éifeachtach agus chuimsitheach a chur le chéile agus chun gur fusa cionta a leagan ar dhéantóirí na coire agus iad a thabhairt chun cuntais. Is gá, go háirithe, teagmhais de chineál coiriúil tromchúiseach a bhfuil amhras fúthu a thuairisciú d'údaráis forfheidhmithe dlí ar bhealach córasach chun timpeallacht atá slán, sábháilte agus níos stóinsithe a chur chun cinn. Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí atá ainmnithe faoi Threoir (AE) 2016/1148 a bheith rannpháirteach in imscrúduithe forfheidhmithe dlí d'fhonn faisnéis a sholáthar, de réir mar is iomchuí ar an leibhéal náisiúnta agus, chomh maith leis sin, d'fhonn saineolas maidir le córais faisnéise a sholáthar.

(25)

D'fhéadfadh bunús coiriúil a bheith le mórtheagmhais slándála dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). I gcás inarb ábhartha, ba cheart soláthraithe seirbhísí íocaíochta a spreagadh chun na tuarascálacha is gá dóibh a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ina mBallstát baile faoi Threoir (AE) 2015/2366 a roinnt le húdaráis forfheidhmithe dlí.

(26)

Tá roinnt ionstraimí agus sásraí ar fáil ar leibhéal an Aontais lenar féidir faisnéis a mhalartú idir údaráis forfheidhmithe dlí sna Ballstáit chun críche coireanna a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Chun an comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí a éascú agus chun dlús a chur leis agus chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is mó agus is féidir as na hionstraimí agus as na sásraí sin, ba cheart go neartófaí leis an Treoir seo tábhacht na bpointí teagmhála oibríochtúla a bunaíodh le Cinneadh Réime 2001/413/CGB. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh úsáid a bhaint as an líonra de phointí teagmhála oibríochtúla atá ann cheana, amhail an líonra a cuireadh ar bun le Treoir 2013/40/AE. Ba cheart do na pointí teagmhála cúnamh éifeachtach a chur ar fáil, amhail lena n-éascaítear faisnéis ábhartha a mhalartú nó comhairle theicniúil nó faisnéis dhlíthiúil a sholáthar. Chun oibriú rianúil an líonra a áirithiú, ba cheart do gach pointe teagmhála a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go mear le pointe teagmhála i mBallstáit eile. I bhfianaise gné thrasteorann thábhachtach na gcoireanna atá cumhdaithe leis an Treoir seo, agus go háirithe cineál luaineach na fianaise leictreonaí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann déileáil go pras le hiarrataí práinneacha ón líonra sin de agus aiseolas a chur ar fáil faoi cheann 8 n-uair an chloig. I gcásanna an-phráinneach agus an-tromchúiseach, ba cheart do na Ballstáit Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) a chur ar an eolas.

(27)

Tá sé ríthábhachtach coireanna a thuairisciú do na húdaráis phoiblí gan moill mhíchuí chun calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac toisc gurb é an choir féin de ghnáth túsphointe na n-imscrúduithe coiriúla. Ba cheart bearta a dhéanamh chun daoine nádúrtha agus dlítheanacha, go háirithe institiúidí airgeadais, a spreagadh le coireanna a thuairisciú d'údaráis forfheidhmithe dlí agus d'údaráis bhreithiúnacha. Féadfaidh na bearta sin a bheith bunaithe ar chineálacha éagsúla gníomhaíochta, lena n-áirítear gníomhartha reachtacha ina bhfuil oibleagáidí cásanna ina bhfuil amhras ann go ndearnadh calaois a thuairisciú, nó gníomhaíochtaí neamhreachtacha, amhail eagraíochtaí nó sásraí lena gcuirfear malartú faisnéise, nó múscailt feasachta, chun cinn a chur ar bun nó tacú leo. Ba cheart go ndéanfaí aon bheart den sórt sin maidir le sonraí pearsanta daoine nádúrtha a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart, go háirithe, aon tarchur faisnéise chun críche cionta maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chosc agus a chomhrac a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán sin, go háirithe na forais dhleathacha phróiseála go mór.

(28)

Chun tuairisciú pras agus díreach coireanna a éascú, ba cheart don Choimisiún a mheas go cúramach an ndearna na Ballstáit córas tuairiscithe calaoise ar líne atá éifeachtach a bhunú, agus an bhfuil teimpléid chaighdeánaithe tuairiscithe ann ar leibhéal an Aontais. A bhuí le córais den sórt sin d'fhéadfaí tuairisciú ar chalaois neamhairgid a éascú, ar minic gur ar líne a dhéantar an chalaois sin, rud a threiseodh an tacaíocht d'íospartaigh, sainaithint agus anailís bhagairtí na cibearchoireachta agus obair agus comhar trasteorann na n-údarás inniúil náisiúnta.

(29)

Is minic gur de chineál trasteorann a bhíonn na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo. Dá bhrí sin, ní mór go ndéanfaí dlúthchomhar idir na Ballstáit chun dul i ngleic leis na cionta sin. Moltar do na Ballstáit feidhmiú éifeachtach ionstraimí comhaitheantais agus ionstraimí cúnaimh dhlíthiúil a áirithiú a mhéid is iomchuí maidir leis na cionta a chumhdaítear leis an Treoir seo.

(30)

Tá tábhacht ar leith ag baint le gach cineál calaoise agus góchumtha modhanna íocaíochta neamhairgid a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena n-áirítear na cineálacha sin lena mbaineann suimeanna beaga airgid, chun an feiniméan sin a chomhrac go héifeachtach. Is bealaí chun gníomhaíochtaí calaoiseacha a bhrath iad oibleagáidí tuairiscithe, malartú faisnéise agus tuarascálacha staidrimh, go háirithe gníomhaíochtaí comhchosúla lena mbaineann suimeanna beaga airgid nuair a bhreathnaítear orthu ceann ar cheann iad.

(31)

D'fhéadfadh calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid tionchar mór eacnamaíoch agus neamheacnamaíoch a imirt ar na híospartaigh lena mbaineann. I gcás ina mbaineann, amhail, goid aitheantais leis an gcalaois, is minic gur measa tionchar na calaoise sin mar gheall ar an damáiste do chlú an duine agus dá shaol gairmiúil, an damáiste do rátáil chreidmheasa an duine agus mar gheall ar an mórdhíobháil mhothúchánach chomh maith. Ba cheart do na Ballstáit bearta cúnaimh, tacaíochta agus cosanta a ghlacadh arb é is aidhm leo na hiarmhairtí sin a mhaolú.

(32)

Is minic go dtógann sé tréimhse fhada ama sular fhaigheann íospartaigh amach go bhfuil siad thíos le cionta calaoise nó cionta góchumtha a rinneadh orthu. D'fhéadfadh fáinne fí de choireanna idirnasctha a theacht chun cinn i rith an ama sin, rud a dhéanfadh na hiarmhairtí diúltacha níos measa fós do na híospartaigh.

(33)

Tugtar cearta faoi Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) do dhaoine nádúrtha ar íospartaigh calaoise a bhaineann le modhanna íocaíochta neamhairgid iad. Ba cheart do na Ballstáit bearta tacaíochta agus cúnaimh a ghlacadh i leith na n-íospartach sin, bearta a chuirfidh leis na bearta atá ceangailte leis an Treoir sin ach lena bhfreagrófar ar bhealach níos dírí do riachtanais shonracha íospartaigh na calaoise a bhaineann le goid aitheantais. Ba cheart, go háirithe, na bearta sin soláthar liosta d'institiúidí tiomnaithe lena gcumhdaítear gnéithe difriúla den choireacht a bhaineann le haitheantas agus le tacaíocht d'íospartaigh, tacaíocht síceolaíochta speisialaithe agus comhairle i dtaca le cúrsaí airgeadais, cúrsaí praiticiúla agus cúrsaí dlíthiúla, mar aon le cúnamh chun teacht ar chúiteamh atá ar fáil, a chur san áireamh. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun uirlis faisnéise náisiúnta aonair ar líne a bhunú chun an rochtain ar chúnamh agus ar thacaíocht a éascú d'íospartaigh. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis agus comhairle shonrach a chur ar fáil do dhaoine dlítheanacha i dtaca le cosaint i gcoinne iarmhairtí diúltacha na coireachta sin.

(34)

Leis an Treoir seo, ba cheart foráil a dhéanamh go mbeidh an ceart ag daoine dlítheanacha rochtain a bheith acu ar fhaisnéis i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir leis na nósanna imeachta chun gearáin a dhéanamh. Is gá, go háirithe, an ceart sin a bheith ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus ba cheart cabhrú le dálaí atá níos fabhraí do lucht gnó a chruthú le haghaidh na bhfiontar sin. Is tairbhe é an ceart sin atá ag daoine nádúrtha cheana féin faoi Threoir 2012/29/AE.

(35)

Ba cheart do na Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún, beartais a bhunú nó a neartú chun calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chosc agus bearta a ghlacadh chun an baol go dtarlódh cion den sórt sin a laghdú, trí bhíthin feachtais faisnéise agus múscailte feasachta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit buanuirlisí múscailte feasachta ar líne a fhorbairt agus a choinneáil cothrom le dáta, ar uirlisí iad ina bhfuil samplaí praiticiúla de chleachtais chalaoiseacha, i bhformáid atá éasca le tuiscint. D'fhéadfaí an uirlis sin a bheith nasctha leis an uirlis faisnéise náisiúnta aonair ar líne d'íospartaigh. D'fhéadfadh na Ballstáit cláir taighde agus oideachais a chur i bhfeidhm freisin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar riachtanais agus leasanna daoine leochaileacha. Moltar do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear cistiú leordhóthanach ar fáil d'fheachtais den sórt sin.

(36)

Is gá sonraí staidrimh a bhailiú maidir le calaois agus góchumadh ionstraimí íocaíochta neamhairgid. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil córas leordhóthanach i bhfeidhm chun sonraí staidrimh atá ann cheana maidir leis na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a thaifeadadh, a tháirgeadh agus a sholáthar.

(37)

Is é is aidhm don Treoir seo forálacha Chinneadh Réime 2001/413/CGB a leasú agus a leathnú. I bhfianaise a shuntasaí atá na leasuithe atá le déanamh ó thaobh a líon agus a gcineál araon, is iomchuí, ar mhaithe le breis soiléireachta, an Treoir seo a chur in ionad Chinneadh Réime 2001/413/CGB ina iomláine i dtaca leis na Ballstáit atá faoi cheangal na Treorach seo.

(38)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an dá Bhallstát sin rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl siad faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(39)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(40)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon a áirithiú go mbeidh calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid faoi réir pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chomh maith le comhar trasteorann idir údaráis inniúla, agus idir daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus údaráis inniúla, a fheabhsú agus a spreagadh, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a bhfairsinge nó a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(41)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart chun saoirse agus slándála, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosaint a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar aon leis an gceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go n-urramófar na cearta agus na prionsabail sin go hiomlán agus ba cheart í a chur chun feidhme dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I:

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí coiriúla a shainiú i réimsí na calaoise agus an ghóchumtha modhanna íocaíochta neamhairgid. Éascaíonn sí cionta den sórt sin a chosc, agus cabhair a sholáthar agus cúnamh a thabhairt d'íospartaigh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “ionstraim íocaíochta neamhairgid” gléas, rud nó taifead neamhchorprach nó corprach atá cosanta, nó comhcheangal de na nithe sin, seachas airgead dlíthairgthe, lena gcuirtear, as féin nó i gcomhair le nós imeachta nó sraith de nósanna imeachta, ar chumas an tsealbhóra nó an úsáideora airgead nó luach airgeadúil a aistriú, lena n-áirítear trí bhíthin modhanna malairte digiteacha;

(b)

ciallaíonn “gléas, rud nó taifead atá cosanta” gléas, rud nó taifead atá cosanta i gcoinne aithrise nó úsáid chalaoiseach, mar shampla trí dhearadh, trí chódú nó trí shíniú;

(c)

ciallaíonn “modhanna malairte digiteacha” aon airgead leictreonach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) nó airgeadra fíorúil;

(d)

ciallaíonn “airgeadra fíorúil” léiriú digiteach ar luach nach ndéanann banc ceannais ná údarás poiblí a eisiúint nó a ráthú, nach gá dó a bheith nasctha le hairgeadra atá bunaithe go dleathach, atá gan stádas dlíthiúil airgeadra nó airgid, ach atá inghlactha mar mhodh malairte ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha leis agus ar féidir é a aistriú, a stóráil agus a thrádáil go leictreonach;

(e)

ciallaíonn “córas faisnéise” córas faisnéise mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 2 de Threoir 2013/40/AE;

(f)

ciallaíonn “sonraí ríomhaireachta” sonraí ríomhaireachta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 2 de Threoir 2013/40/AE;

(g)

ciallaíonn “duine dlítheanach” eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige faoin dlí is infheidhme, cé is moite de stáit nó de chomhlachtaí poiblí i bhfeidhmiú údarás an stáit agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.

TEIDEAL II:

CIONTA

Airteagal 3

Úsáid chalaoiseach ionstraimí íocaíochta neamhairgid

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar sin d'aon ghnó, iompar den chineál seo a leanas:

(a)

úsáid chalaoiseach ionstraim íocaíochta neamhairgid a goideadh nó a rinneadh a leithreasú nó a fháil ar shlí neamhdhleathach eile;

(b)

úsáid chalaoiseach ionstraim íocaíochta neamhairgid a góchumadh nó a falsaíodh.

Airteagal 4

Cionta a bhaineann le húsáid chalaoiseach ionstraimí íocaíochta corpracha neamhairgid

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar sin d'aon ghnó, iompar den chineál seo a leanas:

(a)

ionstraim chorprach neamhairgid íocaíochta a ghoid nó a leithreasú go neamhdhleathach;

(b)

ionstraim chorprach neamhairgid íocaíochta a ghóchumadh nó a fhalsú chun críocha calaoise;

(c)

ionstraim chorprach neamhairgid íocaíochta i seilbh an duine féin, a goideadh nó a dílsíodh ar shlí neamhdhleathach eile, nó a góchumadh nó a falsaíodh chun críocha calaoise;

(d)

ionstraim chorprach neamhairgid íocaíochta a goideadh, a góchumadh nó a falsaíodh chun críocha calaoise a sholáthar don duine féin nó do dhuine eile, lena n-áirítear an ionstraim sin a fháil, a leithreasú, a cheannach, a aistriú, a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a iompar, nó a dháileadh.

Airteagal 5

Cionta coiriúla a bhaineann le húsáid chalaoiseach ionstraimí íocaíochta neamhchorpracha neamhairgid

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar sin d'aon ghnó, iompar den chineál seo a leanas:

(a)

ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a fhaightear go neamhdhleathach, nuair a bhaineann sé sin, den chuid is lú, le ceann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 6 de Threoir 2013/40/AE, nó ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a mhíleithreasú;

(b)

ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a ghóchumadh nó a fhalsú chun críocha calaoise;

(c)

ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a fuarthas go neamhdhleathach, a góchumadh nó a falsaíodh a choinneáil chun críocha calaoise, más eol den chuid is lú, ag tráth coinneála na hionstraime, gur de thionscnamh neamhdhleathach é;

(d)

ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a fuarthas go neamhdhleathach, a góchumadh nó a falsaíodh chun críocha calaoise a sholáthar don duine féin nó do dhuine eile, lena n-áirítear an ionstraim sin a dhíol, a aistriú, a dháileadh, nó a chur ar fáil.

Airteagal 6

Calaois a bhaineann le córais faisnéise

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar sin d'aon ghnó, airgead, luach airgeadúil nó airgeadra fíorúil a aistriú nó aistriú den chineál sin a chur faoi deara agus a d'fhágfadh caillteanas neamhdhleathach maoine a chur faoi deara do dhuine eile, d'fhonn gnóthachan neamhdhleathach a dhéanamh do dhéantóir na coire nó do thríú páirtí, tríd an méid seo a leanas:

(a)

bac a chur ar fheidhmiú an chórais faisnéise nó cur isteach ar fheidhmiú an chórais sin, gan cheart;

(b)

sonraí ríomhaireachta a thabhairt isteach, a athrú, a scriosadh, a tharchur nó a cheilt, gan cheart.

Airteagal 7

Uirlisí a úsáidtear chun cionta coiriúla a dhéanamh

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis, mar chion coiriúil, gléas nó ionstraim, sonraí ríomhaireachta nó aon mhodh eile a tháirgeadh, a sholáthar don duine féin nó do dhuine eile, lena n-áirítear a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a iompar nó a dháileadh, nó an gléas nó ionstraim sin a chur ar fáil ar aon bhealach eile má ceapadh go príomha, nó má cuireadh in oiriúint an ionstraim go sonrach chun aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4, i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 5 nó in Airteagal 6 a dhéanamh, ar a laghad agus é beartaithe go n-úsáidfear na modhanna sin chun an cion a dhéanamh.

Airteagal 8

Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil gríosú nó cabhrú agus neartú a dhéanamh i dtaca le haon chion dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7.

2.   Déanfaidh na Ballstáit pé bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil an iarracht cion dá dtagraítear in Airteagal 3, i bpointí (a), (b) nó (d) d'Airteagal 4, i bpointí (a) nó (b) d'Airteagal 5 nó in Airteagal 6 a dhéanamh. Maidir le pointe (d) d'Airteagal 5, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, den chuid is lú, gurb inphionóis mar chion coiriúil iarracht a dhéanamh ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a fuarthas go neamhdhleathach, a góchumadh nó a falsaíodh a sholáthar don duine féin nó do dhuine eile chun críche calaoise.

Airteagal 9

Pionóis do dhaoine nádúrtha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis pionóis choiriúla éifeachtacha chomhréireacha agus athchomhairleacha a ghearradh i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar uastéarma príosúnachta 2 bhliain ar a laghad a ghearradh i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3, i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4, agus i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 5.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar uastéarma príosúnachta bliana ar a laghad a ghearradh i leith na gcionta dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 4 agus i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 5.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar uastéarma príosúnachta 3 bliana ar a laghad a ghearradh i leith an chiona dá dtagraítear in Airteagal 6.

5.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar uastéarma príosúnachta 2 bliana ar a laghad a ghearradh i leith an chiona dá dtagraítear in Airteagal 7.

6.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ngearrfar uastéarma príosúnachta 5 bliana, ar a laghad, i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 6 más rud é go ndéanfar iad faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil, de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB, beag beann ar an bpionós dá bhforáiltear sa Treoir sin.

Airteagal 10

Dliteanas daoine dlítheanacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 a rinne duine chun a thairbhe nó a tairbhe féin, ina aonar nó ina haonar nó mar chuid de chomhlacht an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil post ceannaireachta ag an té sin laistigh den duine dlítheanach, agus atá bunaithe ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

ar chumhacht ionadaíoch an duine dhlítheanaigh;

(b)

ar údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh;

(c)

ar údarás chun smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás inar fhág easpa maoirseachta nó rialaithe duine dá dtagraítear i mír 1 go raibh an té atá faoina údarás in ann aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh.

3.   Le dliteanas daoine dlítheanacha de bhun mhír 1 agus mhír 2, ní eisiafar imeachtaí coiriúla i gcoinne na ndaoine nádúrtha sin a rinne nó a ghríosaigh aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 nó a bhí ina gcúlpháirtithe sna cionta sin.

Airteagal 11

Smachtbhannaí ar dhaoine dlítheanacha

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an duine dlítheanach a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 10(1)nó (2) faoi réir smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha, a n-áireofar orthu sin fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus a d'fhéadfadh sé go n-áireofaí smachtbhannaí eile orthu, amhail an méid seo a leanas:

(a)

teidlíocht chun sochar poiblí nó cúnaimh a eisiamh;

(b)

eisiamh sealadach ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;

(c)

dícháiliú sealadach nó buan ó ghníomhaíochtaí tráchtála a chleachtadh;

(d)

cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(e)

foirceannadh breithiúnach;

(f)

bunaíochtaí a úsáideadh chun an cion a dhéanamh a dhúnadh go buan nó go sealadach.

TEIDEAL III:

DLÍNSE AGUS IMSCRÚDÚ

Airteagal 12

Dlínse

1.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 a shuí i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

déantar an cion ina iomláine nó go páirteach ar a chríoch;

(b)

is náisiúnach dá chuid an ciontóir.

2.   Chun críocha pointe (a) de mhír 1, measfar cion a bheith déanta ina iomláine nó go páirteach ar chríoch an Bhallstáit ina ndéanann an ciontóir an cion agus an té sin i láthair go fisiceach sa chríoch sin, is cuma más le córas faisnéise a rinneadh an cion sa chríoch sin.

3.   I gcás ina gcinneann Ballstát dlínse a shuí ar chion dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 a rinneadh lasmuigh dá chríoch, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún, lena n-áirítear sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá gnáthchónaí ar an gciontóir ar chríoch an Bhallstáit sin;

(b)

rinneadh an cion ar mhaithe le duine dlítheanach atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit;

(c)

rinneadh an cion i gcoinne náisiúnach dá chuid nó duine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi ar chríoch an Bhallstáit sin.

Airteagal 13

Imscrúduithe éifeachtacha agus comhar

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú maidir leis na huirlisí imscrúdaitheacha, amhail na cinn sin a úsáidtear chun coireacht eagraithe nó cásanna eile coireachta tromchúisí a chomhrac, go mbeidh siad éifeachtach, comhréireach don choir a rinneadh agus ar fáil do na daoine, d'aonaid nó do na seirbhísí a bheidh freagrach as na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar, i gcás ina gcuirfear, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, d'iallach ar dhaoine nádúrtha agus ar dhaoine dlítheanacha faisnéis a sholáthar i dtaobh cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8, go gcuirfear an fhaisnéis sin, gan moill mhíchuí, chuig na húdaráis a bhfuil na cionta sin á n-imscrúdú agus á n-ionchúiseamh acu.

TEIDEAL IV:

FAISNÉIS A MHALARTÚ AGUS COIR A THUAIRISCIÚ

Airteagal 14

Malartú faisnéise

1.   Chun críche faisnéise faoi chionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 a mhalartú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh pointe teagmhála oibríochtúil náisiúnta ar fáil acu 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta curtha ar bun acu ionas gur féidir déileáil go pras le hiarratais phráinneacha ar chúnamh agus go dtabharfaidh an t-údarás inniúil le fios, faoi cheann 8 n-uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil, ar a laghad, an dtabharfar freagra ar an iarraidh nó nach dtabharfar, agus an fhoirm ina dtabharfar é agus an uair a mheastar a thabharfar an freagra. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh úsáid a bhaint as na líonraí de phointí teagmhála oibríochtúla reatha.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, Europol agus Eurojust ar an eolas faoin bpointe teagmhála ceaptha dá dtagraítear i mír 1 atá ceaptha acu. Déanfaidh siad an fhaisnéis sin a nuashonrú de réir mar is gá. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit eile.

Airteagal 15

Coir a thuairisciú

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear modhanna tuairiscithe iomchuí ar fáil chun é a éascú go ndéanfar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 a thuairisciú gan moill mhíchuí d'údaráis forfheidhmithe dlí agus d'údaráis náisiúnta inniúla eile.

2.   Chun na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun institiúidí airgeadais agus daoine dlítheanacha eile a fheidhmíonn ar a gcríoch a spreagadh le hamhras faoi chalaois a thuairisciú gan moill mhíchuí d'údaráis forfheidhmithe dlí agus d'údaráis inniúla eile.

Airteagal 16

Cúnamh agus tacaíocht d'íospartaigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na nithe seo a leanas ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a d'fhulaing díobháil mar thoradh ar cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8:

(a)

faisnéis agus comhairle shonrach maidir leis an gcaoi le hiad féin a chosaint i gcoinne iarmhairtí diúltacha na gcionta, amhail damáiste dá gclú; agus

(b)

liosta d'institiúidí tiomnaithe a dhéileálann le gnéithe éagsúla den choireacht a bhaineann le haitheantas agus tacaíocht d'íospartaigh.

2.   Spreagtar na Ballstáit uirlisí faisnéise náisiúnta aonair ar líne a bhunú chun rochtain ar chúnamh agus ar thacaíocht a éascú do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a d'fhulaing díobháil ó chionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8, ar cionta iad a rinneadh trí mhí-úsáid a bhaint as sonraí pearsanta.

3.   Maidir le daoine dlítheanacha arb íospartaigh cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 na Treorach seo iad, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, tar éis do na daoine sin teagmháil a dhéanamh den chéad uair le húdarás inniúil, faisnéis a thabhairt dóibh, gan moill mhíchuí, maidir leis an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta chun gearáin a dhéanamh maidir leis an gcion agus ról an íospartaigh maidir leis na nósanna imeachta sin;

(b)

an ceart chun faisnéis a fháil maidir leis an gcás i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(c)

na nósanna imeachta atá ar fáil chun gearáin a dhéanamh mura n-urramaíonn an t-údarás inniúil cearta an íospartaigh le linn imeachtaí coiriúla;

(d)

na sonraí teagmhála le haghaidh cumarsáid i dtaca lena gcás.

Airteagal 17

Cosc

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, lena n-áirítear tríd an idirlíon, amhail feachtais faisnéise agus múscailte feasachta agus taighde agus cláir oideachais, arb é is aidhm leo an chalaois ar an iomlán a laghdú, feasacht a mhúscailt agus an baol go ndéanfar íospartach calaoise de dhuine a laghdú. I gcás inarb iomchuí, oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le geallsealbhóirí.

Airteagal 18

Faireachán agus staidrimh

1.   Faoin 31 Lúnasa 2019, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe le faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar iarmhairtí na Treorach seo. Leagfar amach sa chlár faireacháin na bealaí ina ndéanfar agus na heatraimh ag a ndéanfar na sonraí riachtanacha agus an fhianaise eile a bhailiú. Sonrófar sa chlár faireacháin an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na sonraí agus an fhianaise eile a bhailiú, a roinnt agus a anailísiú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil córas i bhfeidhm chun na sonraí staidrimh anaithnidithe lena dtomhaistear na céimeanna tuairiscithe, imscrúdaithe agus breithiúnacha maidir leis na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 a thaifeadadh, a tháirgeadh agus a sholáthar.

3.   Leis na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 2, cumhdófar ar a laghad na sonraí atá ann cheana maidir le líon na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 arna gclárú ag na Ballstáit, agus líon na ndaoine a ionchúiseofar agus a ciontófar sna cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 7.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí arna mbailiú de bhun mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 a chur chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar athbhreithniú comhdhlúite ar na tuarascálacha staidrimh gach bliain agus go gcuirfear faoi bhráid ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí speisialaithe inniúla an Aontais í.

Airteagal 19

Cinneadh Réime 2001/413/CGB a ionadú

Cuirtear an Treoir seo in ionadh Chinneadh Réime 2001/413/CGB maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Cinneadh Réime sin a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do Chineadh Réime 2001/413/CGB a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Airteagal 20

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Bealtaine 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó gabhfaidh an tagairt sin leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 21

Meastóireacht agus tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Bealtaine 2023, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Bealtaine 2026, meastóireacht ar thionchar na Treorach seo maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac, chomh maith lena tionchar ar chearta bunúsacha, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.

3.   I gcomhthéacs na meastóireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, tuairisceoidh an Coimisiún maidir lena riachtanaí, a indéanta agus a éifeachtaí a bheadh sé córais shlána náisiúnta ar líne a chruthú lena mbeadh íospartaigh in ann aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 8 a thuairisciú chomh maith le teimpléad aonfhoirmeach caighdeánaithe Aontais a bhunú a bhfuil mar bhonn ag na Ballstáit.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Dírítear an Treoir seo ar na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna déanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 197, 8.6.2018, lch. 24.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(3)  Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac (IO L 149, 2.6.2001, lch. 1).

(4)  Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8).

(5)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).

(6)  Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 42).

(7)  Cinneadh Réime 2002/187/CGB ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lena mbunaítear Eurojust d'fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a neartú (IO L 63, 6.3.2002, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard slándála líonra agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(9)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Troeir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)  Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta íospartach na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir le hiad a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 20 01/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).

(12)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun gnó foras airgid leictreonaigh, gnó den sórt sin a shaothrú nó maoirsiú stuama a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

10.5.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

30


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2019/714 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Márta 2019

a chuirtear in ionad Iarscríbhinn I agus lena leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh (1) ó na saoránaigh, agus go háirithe Airteagal 16 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá i bhforáil in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 gur cheart go mbeadh líon íosta na sínitheoirí ar thionscnamh ó na saoránaigh ar aon líon le líon na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa a toghadh i ngach stát díobh sa cheathrú cuid de na Ballstáit ar a laghad, agus é iolraithe faoi 750. Tá na líonta íosta sin leagtha amach in Iarscríbhinn I den Rialachán sin.

(2)

An 29 Márta 2017, chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) fógra isteach é a bheith de rún aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Rachaidh an fheidhm atá ag na Conarthaí i leith na Ríochta Aontaithe ar scor ón dáta ar a dtagann comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm nó, dá éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019 amach, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh a chur leis an tréimhse sin.

(3)

An 28 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Eorpach Cinneadh na Comhairle Eorpaí (AE) 2018/937 (2) faoina mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa. Is an 3 Iúil 2018 a tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm, agus is ann a leagadh amach líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a bhí le toghadh i ngach Ballstát faoi seach don téarma parlaiminte 2019-2024 dar tús an 2 Iúil 2019.

Ionas go mbeidh macasamhail na rialacha seo ann maidir le líon íosta na sínitheoirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 is iomchuí leasú ar Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011. Ba cheart go dtiocfadh an leasú i bhfeidhm an 2 Iúil 2019 nuair a bheidh tús le téarma parlaiminte 2019-2024. Mar sin féin, má tharlaíonn go gcuirtear síneadh leis an tréimhse 2 bhliain dá dtagraítear in Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach thar an dáta sin amach, is tar éis dul in éag don tréimhse a bhfuil síneadh léi ba cheart don leasú a bheith infheidhme. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart Iarscríbhinn I a ionadú.

(4)

Foráiltear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 go gceanglaítear ar eagraithe tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh an tionscnamh a chlárú leis an gCoimisiún, agus an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II den Rialachán sin a sholáthar.

(5)

Foráiltear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 gurb í an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VII den Rialachán sin a úsáidfidh eagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh agus iad á dtíolaic don Choimisiúin.

(6)

Tá fonóta in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn VII de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ina bhfuil faisnéis maidir leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta eagraithe agus sonraí urraí. An fhaisnéis atá san fhonóta sin, ní mór a giorrú agus a simpliú leis an díol mearbhaill a sheachaint idir é agus an ráiteas príobháideachais a úsáidtear i bpróiseáil na sonraí a thagann i gceist.

(7)

Is do Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá an tagairt san fhonóta (3). Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a aisghairm agus cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina ionad ón 11 Nollaig 2018 (4). Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 a bhaint amach as na fonótaí sin.

(8)

Ba cheart Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 a ionadú dá bhrí sin, agus ba cheart Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn VII sa Rialachán sin a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 mar a leanas:

(1)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(2)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid a leanas in ionad an téacs i bhfonóta (1):

“(1)

Ní dhéanfar ach ainmneacha iomlána na n-eagraithe, seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála agus faisnéis a bhaineann le foinsí tacaíochta agus cistithe a sholáthar don phobal i gclár ar líne an Choimisiúin.

Tá na hábhair sonraí i dteideal cur in aghaidh fhoilsiú a gcuid sonraí pearsanta ach cúiseanna dlisteanacha dosháraithe a bheith acu a bhaineann lena gcás féin go sonrach.”;

(3)

in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid a leanas in ionad an téacs i bhfonóta (1):

“(1)

Ní dhéanfar ach ainmneacha iomlána na n-eagraithe, seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála agus faisnéis a bhaineann le foinsí tacaíochta agus cistithe a sholáthar don phobal i gclár ar líne an Choimisiúin.

Tá na hábhair sonraí i dteideal cur in aghaidh fhoilsiú a gcuid sonraí pearsanta ach cúiseanna dlisteanacha dosháraithe a bheith acu a bhaineann lena gcás féin go sonrach.”.

Airteagal 2

Is ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Beidh feidhm ag pointe 1 d'Airteagal 1 ón 2 Iúil 2019 nó ón lá i ndiaidh an lae a bheidh scor feidhme ar na Conarthaí i leith na Ríochta Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cibé acu is déanaí.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Márta 2019.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Jean-Claude JUNCKER


(1)  IO L 65, 11.3.2011, lch. 1.

(2)  Cinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa (IO L 165 I, 2.7.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

AN LÍON ÍOSTA SÍNITHEOIRÍ IN AGHAIDH AN BHALLSTÁIT

an Bheilg

15 750

an Bhulgáir

12 750

Poblacht na Seice

15 750

an Danmhairg

10 500

an Ghearmáin

72 000

an Eastóin

5 250

Éire

9 750

an Ghréig

15 750

an Spáinn

44 250

an Fhrainc

59 250

an Chróit

9 000

an Iodáil

57 000

an Chipir

4 500

an Laitvia

6 000

an Liotuáin

8 250

Lucsamburg

4 500

an Ungáir

15 750

Málta

4 500

an Ísiltír

21 750

an Ostair

14 250

an Pholainn

39 000

an Phortaingéil

15 750

an Rómáin

24 750

an tSlóivéin

6 000

an tSlóvaic

10 500

an Fhionlainn

10 500

an tSualainn

15 750