ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

62
25 Aibreán 2019


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE, Euratom) 2019/629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

1

 

*

Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha ( 1 )

4

 

*

Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ( 1 )

13

 

*

Rialachán (AE) 2019/632 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a mhéid a bhaineann le síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais

54

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia

59

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 111 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

25.4.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2019/629 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 256(1) agus an dara mír d'Airteagal 281 de,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

Ag féachaint don iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ón gCoimisiún Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), thug an Chúirt Bhreithiúnais, in éineacht leis an gCúirt Ghinearálta, faoi athbhreithniú foriomlán a dhéanamh ar an dlínse a fheidhmíonn siad agus measadh ar cheart, i bhfianaise an athchóirithe ar struchtúr chúirteanna an Aontais a rinneadh de bhun an Rialacháin sin, athruithe áirithe a dhéanamh ar dháileadh an dlínse idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta nó ar an gcaoi a ndéileálann an Chúirt Bhreithiúnais le hachomhairc.

(2)

De réir mar atá ráite sa tuarascáil a chuir an Chúirt Bhreithiúnais faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin an 14 Nollaig 2017, measann an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil gá, faoi láthair, athruithe a mholadh maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le ceisteanna a tharchuirtear chuici chun réamhrialú de bhun Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is bunchloch ag córas breithiúnach an Aontais é an tarchur chun réamhrialú, agus déileáiltear leis go gasta, rud a fhágann nach bhfuil gá, faoi láthair, an dlínse maidir le ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú a aistriú chun na Cúirte Ginearálta i réimsí sonracha a leagtar síos ag Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(3)

Mar sin féin, leis an athbhreithniú a rinne an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta, léiríodh gur féidir deacrachtaí tromchúiseacha a bheith ag an gCúirt Ghinearálta agus í ag breithniú i gcás caingean le haghaidh neamhniú arna tionscnamh ag Ballstát i gcoinne gníomh de chuid an Choimisiúin a bhaineann le mainneachtain cloí le breithiúnas arna thabhairt ag an gCúirt Bhreithiúnais de bhun Airteagal 260(2) nó (3) CFAE, i gcás ina bhfuil easaontú ann idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann maidir le leordhóthanacht na mbeart arna nglacadh ag an mBallstát sin chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh. Ar an bhforas sin, is cosúil gur gá, i gcás dlíthíocht a bhaineann le cnapshuim nó íocaíocht phionósach arna forchur ar Bhallstát de bhun Airteagal 260(2) nó (3) CFAE, an dlíthíocht sin a fhorchoimeád go heisiach don Chúirt Bhreithiúnais.

(4)

Ina theannta sin, is léir ón athbhreithniú a rinne an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta gur iomadúil iad na hachomhairc a dhéantar i gcásanna a ndearnadh iad a bhreithniú faoi dhó cheana féin, iad á mbreithniú i dtosach ag bord achomhairc neamhspleách agus ansin ag an gCúirt Ghinearálta, agus go ndéanann an Chúirt Bhreithiúnais líon nach beag de na hachomhairc sin a dhíbhe de bharr é a bheith follasach gur gan bhunús iad nó ar an bhforas gur follasach iad a bheith do-ghlactha. D'fhonn é a bheith ar chumas na Cúirte Breithiúnais díriú ar na cásanna dá dteastaíonn a haird iomlán, is gá, ar mhaithe le riaradh cuí an cheartais, nós imeachta a thabhairt isteach le haghaidh achomhairc a bhaineann le cásanna den sórt sin lena ligeann an Chúirt Bhreithiúnais d'achomharc dul ar aghaidh, go hiomlán nó go páirteach, sa chás ina n-ardófar saincheist mar chuid den achomharc sin atá suntasach i ndáil le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais, agus sa chás sin amháin.

(5)

I bhfianaise líon na gcásanna arna dtabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais atá ag dul i méid go leanúnach, agus i gcomhréir leis an litir ó Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 13 Iúil 2018, is gá tosaíocht a thabhairt, ag an tráth seo, do bhunú an nós imeachta thuasluaite ina gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais ar cheart nó nár cheart go ligfí d'achomharc dul ar aghaidh. Maidir leis an gcuid sin den iarraidh a rinne an Chúirt Bhreithiúnais an 26 Márta 2018 a bhaineann leis an aistriú páirteach d'imeachtaí um shárú chuig an gCúirt Ghinearálta, ba cheart scrúdú a dhéanamh uirthi tráth níos déanaí, i mí na Nollag 2020, tar éis don Chúirt Bhreithiúnais an tuarascáil maidir le feidhmiú na Cúirte Ginearálta dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 a tharraingt suas. Meabhraítear gur cheart don tuarascáil sin díriú go háirithe ar éifeachtúlacht na Cúirte Ginearálta agus ar a riachtanaí agus a éifeachtaí atá an méadú i líon na mbreithiúna go 56, agus aird á tabhairt freisin ar an gcuspóir chun cothromaíocht inscne a áirithiú sa Chúirt Ghinearálta mar a luaitear sa bhrollach a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422.

(6)

Is gá, dá bhrí sin, Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a leasú agus comhleanúnachas téarmaíochta a áirithiú san am céanna idir forálacha an Phrótacail sin agus na forálacha comhfhreagracha de chuid CFAE, agus forálacha idirthréimhseacha iomchuí a bhunú i ndáil le toradh cásanna atá ar feitheamh ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Prótacal Uimh. 3 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 51:

“Airteagal 51

De mhaolú ar an riail a leagtar síos in Airteagal 256(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, forchoimeádtar dlínse chuig an gCúirt Bhreithiúnais:

(a)

i gcaingne dá dtagraítear in Airteagail 263 agus 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arna dtionscnamh ag Ballstát:

(i)

i gcoinne gníomh reachtach, gníomh de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle Eorpaí nó na Comhairle, nó i gcoinne neamhghníomh de chuid ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí sin, ach amháin i gcás:

cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle faoin tríú fomhír d'Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

gníomhartha de chuid na Comhairle arna nglacadh de bhun rialachán ón gComhairle a bhaineann le bearta chun trádáil a chosaint de réir bhrí Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

gníomhartha de chuid na Comhairle lena bhfeidhmíonn an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(ii)

i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid an Choimisiúin faoi Airteagal 331(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

(b)

i gcaingne dá dtagraítear in Airteagail 263 agus 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arna dtionscnamh ag institiúid de chuid an Aontais i gcoinne gníomh reachtach, gníomh de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle Eorpaí, na Comhairle, an Choimisiúin nó an Bhainc Ceannais Eorpaigh, nó i gcoinne neamhghníomh de chuid ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí sin;

(c)

i gcaingne dá dtagraítear in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arna dtionscnamh ag Ballstát i gcoinne gníomh de chuid an Choimisiúin a bhaineann le mainneachtain breithiúnas arna thabhairt ag an gCúirt faoin dara fomhír d'Airteagal 260(2), nó faoin dara fomhír d'Airteagal 260(3), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.”;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 58a

Achomharc arna dhéanamh i gcoinne breith de chuid na Cúirte Ginearálta a bhaineann le cinneadh a rinne bord achomhairc neamhspleách de chuid ceann amháin d'oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais seo a leanas, ní rachaidh sé ar aghaidh mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais i dtús báire gur cheart ligean dó dul ar aghaidh:

(a)

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh;

(b)

an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí;

(c)

an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán;

(d)

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm freisin ag an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad mhír maidir le hachomhairc a dhéantar i gcoinne bhreitheanna na Cúirte Ginearálta a bhaineann le cinneadh de chuid bord achomhairc neamhspleách, a cuireadh ar bun tar éis an 1.5.2019 laistigh d'aon oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais, a gcaithfear an t-ábhar a bheith tugtha os a chomhair sular féidir caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta.

Ligfear d'achomharc dul ar aghaidh, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach sna Rialacha Nós Imeachta, i gcás ina n-ardófar saincheist mar chuid den achomharc sin atá suntasach i ndáil le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais.

An cinneadh a dhéanfar maidir le ligean d'achomharc dul ar aghaidh nó gan dul ar aghaidh, is cinneadh cuí-réasúnaithe a bheidh ann, agus déanfar é a fhoilsiú”.

Airteagal 2

Cásanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte Breithiúnais faoi Phrótacal Uimh. 3 mar a leasaíodh leis an Rialachán seo é, agus ar tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta iad an 1.5.2019 ach nár cuireadh clabhsúr fós leis an gcéim scríofa den nós imeachta ar an dáta sin, déanfar iad a shannadh don Chúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 3

Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 58a de Phrótacal Uimh. 3 maidir le hachomhairc a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais an 1.5.2019.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh mhí a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 11 Iúil 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Tuairim an 23 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO L 341, 24.12.2015, lch. 14).


25.4.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

4


RIALACHÁN (AE) 2019/630 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuspóir tábhachtach de chuid an Aontais is ea straitéis chuimsitheach a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar risíochtaí neamhthuillmheacha agus an tAontas ag iarraidh an córas airgeadais a dhéanamh níos athléimní. Cé gurb iad na bainc agus na Ballstáit atá freagrach go príomha as aghaidh a thabhairt ar risíochtaí neamhthuillmheacha, is léir go bhfuil gné shoiléir Aontais ag baint freisin le hardstoc reatha risíochtaí neamhthuillmheacha a laghdú, chun aon charnadh iomarcach risíochtaí neamhthuillmheacha a sheachaint amach anseo agus chun cosc a chur ar theacht chun cinn priacail shistéamacha san earnáil neamhbhaincéireachta. I bhfianaise idirnascachta na gcóras baincéireachta agus airgeadais ar fud an Aontais, áit a n-oibríonn bainc i níos mó ná dlínse agus Ballstát amháin, tá baol suntasach ann go dtiocfadh éifeachtaí iarmhartacha ó thaobh fás eacnamaíoch de agus ó thaobh cobhsaíocht airgeadais de araon chun cinn do na Ballstáit agus don Aontas i gcoitinne.

(2)

Carnaíodh risíochtaí neamhthuillmheacha san earnáil baincéireachta mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais. Leis an gcúlú eacnamaíochta ina dhiaidh sin agus an laghdú a tháinig ar phraghsanna tithíochta, cuireadh isteach go mór ar thomhaltóirí. Tá sé ríthábhachtach cosaint a thabhairt do chearta tomhaltóirí i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais amhail Treoracha 2008/48/CE (4) agus 2014/17/AE (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nuair atáthar ag dul i ngleic le saincheist na risíochtaí neamhthuillmheacha. Spreagtar íocaíocht phras ó fhiontair agus ó údaráis phoiblí araon le Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus, leis an Treoir sin, cabhraítear cosc a chur ar an gcineál carnadh risíochtaí neamhthuillmheacha a tharla le linn bhliana na géarchéime airgeadais.

(3)

A bhuí le córas airgeadais comhtháite, cuirfear lena athléimní atá an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta in aghaidh turraingí díobhálacha trí chomhroinnt phríobháideach priacal trasteorann a éascú, agus tríd an ngá atá le comhroinnt phoiblí priacal a laghdú ag an am céanna. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart don Aontas an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích agus aontas margaí caipitil a fhorbairt tuilleadh. Maidir leis an aontas baincéireachta a neartú, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar charnadh risíochtaí neamhthuillmheacha a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, toisc go mbeidh sé sin ríthábhachtach iomaíochas san earnáil baincéireachta a áirithiú, cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus iasachtú a spreagadh, ar mhaithe le poist agus fás a chruthú laistigh den Aontas.

(4)

Sa “Phlean gníomhaíochta chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip” [“Action plan to tackle non-performing loans in Europe”] uaithi an 11 Iúil 2017, d'iarr an Chomhairle ar institiúidí éagsúla bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt tuilleadh ar an líon ard risíochtaí neamhthuillmheacha atá ann san Aontas agus chun cosc a chur ar charnadh na risíochtaí neamhthuillmheacha amach anseo. Leis an bplean gníomhaíochta, leagtar amach cur chuige cuimsitheach lena ndírítear ar mheascán gníomhaíochtaí comhlántacha beartais i gceithre réimse: (i) maoirseacht; (ii) athchóirithe struchtúracha a dhéanamh ar chreataí um dhócmhainneacht agus um aisghabháil fiachais; (iii) margaí tánaisteacha a fhorbairt do shócmhainní tochsail; (iv) athstruchtúrú an chórais baincéireachta a chothú. Déanfar gníomhaíochtaí sna réimsí sin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb iomchuí. D'fhógair an Coimisiún rún den chineál céanna sa “Teachtaireacht maidir leis an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích” [“Communication on completing the Banking Union”] uaidh an 11 Deireadh Fómhair 2017, inar iarradh go dtabharfaí pacáiste cuimsitheach isteach i leith dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha laistigh den Aontas.

(5)

Is iad Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) an creat dlí lena rialaítear na rialacha stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (dá ngairtear “institiúidí” le chéile). Is é atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, inter alia, forálacha is infheidhme go díreach maidir le hinstitiúidí chun a gcistí dílse a chinneadh. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach na rialacha stuamachta reatha maidir le cistí dílse atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlánú trí fhorálacha a chur leo lena gceanglófar asbhaint ó chistí dílse i gcás nach mbeidh risíochtaí neamhthuillmheacha cumhdaithe go leordhóthanach le soláthairtí ná le coigeartuithe eile ann. Go héifeachtach, is é a bheadh i gceist leis an gceanglas sin cúlstop stuamachta a chruthú le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha a mbeadh feidhm aonfhoirmeach aige maidir le gach institiúid san Aontas, agus chumhdófaí leis freisin institiúidí atá gníomhach ar an margadh tánaisteach.

(6)

Leis an gcúlstop stuamachta, níor cheart cosc a chur ar údaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE. I gcás ina bhfaighidh údaráis inniúla amach ar bhonn cás ar chás gurb amhlaidh, beag beann ar chur i bhfeidhm an chúlstop stuamachta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha a bhunaítear leis an Rialachán seo, nach bhfuil na risíochtaí neamhthuillmheacha de chuid institiúid ar leith cumhdaithe go leordhóthanach, ba cheart dóibh a bheith in ann leas a bhaint as na cumhachtaí maoirseachta dá bhforáiltear i dTreoir 2013/36/AE, lena n-áirítear an chumhacht ceangal a chur ar institiúidí beartas soláthair ar leith nó láimhseáil sócmhainní i dtéarmaí ceanglas cistí dílse a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, is féidir leis na húdaráis inniúla, ar bhonn cás ar chás, dul thar na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo chun cumhdach leordhóthanach a áirithiú do risíochtaí neamhthuillmheacha.

(7)

Chun críocha an cúlstop stuamachta a chur i bhfeidhm, is iomchuí sraith coinníollacha shoiléir a thabhairt isteach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun risíochtaí neamhthuillmheacha a aicmiú. Ós rud é go leagtar síos cheana le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún (9) critéir maidir le risíochtaí neamhthuillmheacha chun críocha tuairiscithe maoirseachta, is iomchuí go gcuirfí aicmiú na risíochtaí neamhthuillmheacha leis an gcreat reatha sin. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014, déantar tagairt do risíochtaí a mhainnigh mar a shainmhínítear chun críocha ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh priacal creidmheasa agus risíochtaí lagaithe de bhun an chreata cuntasaíochta is infheidhme. Ós rud é go bhféadfadh bearta staonta tionchar a imirt ar cé acu a aicmeofar nó nach n-aicmeofar risíocht mar risíocht neamhthuillmheach, is ag gabháil leis na critéir aicmiúcháin atá critéir shoiléire maidir le tionchar na mbeart staonta. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag bearta staonta stádas aisíocaíochta tuillmheach inbhuanaithe a thabhairt ar ais don iasachtaí agus ba cheart dóibh dlí cosanta tomhaltóirí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE, ach d'fhéadfadh cúiseanna agus iarmhairtí difriúla a bheith i gceist leo. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh nár cheart, de bharr beart staonta a dheonófar do risíocht neamhthuillmheach, scor den risíocht sin a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar dianchritéir scoir.

(8)

Dá fhad risíocht ina risíocht neamhthuillmheach, is ea is ísle dóchúlacht téarnaimh a luacha. Dá bhrí sin, ba cheart sciar na risíochta ar cheart é a bheith cumhdaithe le soláthairtí, le coigeartuithe eile nó le hasbhaintí a mhéadú le himeacht ama, de réir féilire réamhshainithe. Dá bhrí sin, ba cheart risíochtaí neamhthuillmheacha arna gceannach ag institiúid a bheith faoi réir féilire a thosaíonn ón dáta ar aicmíodh an risíocht neamhthuillmheach mar risíocht neamhthuillmheach, agus ní ón dáta ar ceannaíodh í. Chun na críche sin, ba cheart don díoltóir an ceannaitheoir a chur ar an eolas maidir leis an dáta ar aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.

(9)

Ba cheart díscríobh i bpáirt a chur san áireamh agus na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa á ríomh. Chun nach gcomhairfear an díscríobh faoi dhó, is gá luach bunaidh na risíochta roimh an díscríobh i bpáirt a úsáid. Le díscríobh i bpáirt a áireamh ar liosta na n-ítimí ar féidir a úsáid chun ceanglais an chúlstop a chomhlíonadh, ba cheart institiúidí a spreagadh chun díscríobh a aithint ar bhealach tráthúil. I gcás risíochtaí neamhthuillmheacha arna gceannach ag institiúid ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí, ba cheart don cheannaitheoir caitheamh leis an difríocht idir an praghas ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí ar an mbealach céanna agus a chaithfí le díscríobh i bpáirt chun críocha an chúlstop stuamachta.

(10)

Meastar go ginearálta go mbeidh an caillteanas a bhaineann le risíochtaí neamhthuillmheacha urraithe níos lú ná an caillteanas a bhaineann le risíochtaí neamhthuillmheacha neamhurraithe toisc gurb amhlaidh, leis an gcosaint chreidmheasa lena n-urraítear an risíocht neamhthuillmheach, go dtugtar don institiúid éileamh sonrach ar shócmhainn nó in aghaidh tríú páirtí, sa bhreis ar an éileamh ginearálta atá ag an institiúid in aghaidh an iasachtaí a mhainnigh. I gcás risíocht neamhthuillmheach neamhurraithe, ní bheadh aon éileamh ar fáil cé is moite den éileamh ginearálta in aghaidh an iasachtaí a mhainnigh. I bhfianaise an chaillteanais níos airde a mheastar a bheidh ann i gcás risíochtaí neamhthuillmheacha neamhurraithe, ba cheart féilire níos déine a chur i bhfeidhm ina leith.

(11)

Maidir le risíocht nach bhfuil cumhdaithe ach go páirteach le cosaint chreidmheasa incháilithe, ba cheart an chuid atá cumhdaithe le cosaint chreidmheasa incháilithe a mheas mar a bheith urraithe agus an chuid nach bhfuil cumhdaithe le cosaint chreidmheasa incháilithe a mheas mar a bheith neamhurraithe. Chun na codanna de risíochtaí neamhthuillmheacha a láimhseálfar mar bheith urraithe nó neamhurraithe a chinneadh, ba cheart na critéir incháilitheachta le haghaidh cosaint chreidmheasa agus le haghaidh morgáistí a urraítear go hiomlán a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse a ríomh a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcur chuige iomchuí faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an coigeartú luacha is infheidhme.

(12)

Ba cheart an féilire céanna a chur i bhfeidhm beag beann ar an gcúis ina bhfuil an risíocht neamhthuillmheach. Ba cheart an cúlstop stuamachta a chur i bhfeidhm de réir leibhéal risíochta. Ba cheart feidhm a bheith ag féilire trí bliana i gcás risíochtaí neamhthuillmheacha neamhurraithe. Chun go mbeidh institiúidí agus na Ballstáit in ann feabhas a chur ar éifeachtúlacht an athstruchtúraithe nó éifeachtúlacht na nósanna imeachta forfheidhmithe, agus chun a aithint go mbeidh luach iarmhair ar feadh tréimhse níos faide ama ag risíocht neamhthuillmheach a urraítear le comhthaobhacht dhochorraithe agus iasachtaí cónaitheacha a ráthaíonn soláthraí cosanta incháilithe mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tar éis don iasacht a bheith aicmithe mar iasacht neamhthuillmheach, is iomchuí foráil a dhéanamh d'fhéilire naoi mbliana. Ba cheart feidhm a bheith ag féilire seacht mbliana i gcás risíochtaí neamhthuillmheacha urraithe eile chun an cumhdach iomlán a charnadh.

(13)

Ba cheart a bheith in ann bearta staonta a chur san áireamh chun an fachtóir cumhdaigh ábhartha a chur i bhfeidhm. Chun a bheith níos cruinne, ba cheart leanúint den risíocht a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach, ach ba cheart don cheanglas cumhdaigh a bheith cobhsaí go ceann bliain eile. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an bhfachtóir a bheadh infheidhme le linn na bliana inar deonaíodh an beart staonta go ceann dhá bhliain. I gcás ina mbeidh an risíocht fós neamhthuillmheach, nuair a rachaidh an bhliain bhreise sin in éag, ba cheart an fachtóir infheidhme a chinneadh amhail is nár deonaíodh aon bheart staonta, agus an dáta ar aicmíodh an risíocht den chéad uair mar risíocht neamhthuillmheach á chur san áireamh. Ós rud é nár cheart aon arbatráiste eascairt as na bearta staonta sin a dheonú, níor cheart an bhliain bhreise sin a cheadú ach i leith an chéad bhirt staonta a deonaíodh ón tráth ar aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach. Ina theannta sin, níor cheart síneadh a chur leis an bhféilire soláthair mar gheall ar an tréimhse bliana ina mbíonn an fachtóir cumhdaigh gan athrú. Mar thoradh air sin, níor cheart moill a chur ar chumhdach iomlán na risíochta neamhurraithe le haon bheart staonta a dheonaítear sa tríú bliain tar éis an risíocht neamhthuillmheach a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach le haghaidh risíochtaí neamhurraithe, nó, sa seachtú bliain tar éis an risíocht neamhthuillmheach a bheith aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach le haghaidh risíochtaí urraithe.

(14)

Chun a áirithiú go leanfar de chur chuige stuama le linn risíochtaí neamhthuillmheacha na n-institiúidí a luacháil ó thaobh cosaint chreidmheasa de, ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) breithniú a dhéanamh ar an ngá atá le modheolaíocht chomhchoiteann a thabhairt isteach, go háirithe maidir le toimhdí a bhaineann le hin-aisghabhálacht agus le hin-fhorfheidhmitheacht, agus an mhodheolaíocht sin a fhorbairt, más gá, agus, b'fhéidir, ceanglais íosta maidir le hathluacháil na cosanta creidmheasa ó thaobh uainithe de a chur san áireamh.

(15)

Chun aistriú réidh a éascú chuig an gcúlstop stuamachta nua, níor cheart na rialacha nua a chur i bhfeidhm i leith risíochtaí arna dtionscnamh roimh an 26.4.2019.

(16)

Chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh 575/2013 a thugtar isteach leis an Rialachán seo go tráthúil, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar an dáta tar éis dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(17)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 36(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(m)

méid infheidhme an chumhdaigh neamhdhóthanaigh le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha.”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 47a

Risíochtaí neamhthuillmheacha

1.   Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), áireofar le risíocht aon cheann de na hítimí seo a leanas, ar choinníoll nach gcuirtear iad ar áireamh i leabhar trádála na hinstitiúide:

(a)

ionstraim fiachais, lena n-áirítear urrús fiachais, iasacht, airleacan, agus taisce phrapéilimh;

(b)

gealltanas iasachta a tugadh, ráthaíocht airgeadais a tugadh nó aon ghealltanas eile a tugadh, is cuma cé acu atá sé in-chúlghairthe nó neamh-inchúlghairthe, cé is moite de shaoráidí creidmheasa neamhtharraingthe a fhéadfar a chur ar ceal gan choinníoll tráth ar bith gan fógra, nó a bhforáiltear go héifeachtach iontu d'uathchealú mar thoradh ar mheathlú in acmhainneacht chreidmheasa an iasachtaí.

2.   Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), beidh luach risíochta aon ionstraime fiachais cothrom leis an luach cuntasaíochta atá uirthi, rud a thomhaisfear gan aon choigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa, coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1), laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an risíocht nó díscríobh i bpáirt arna ndéanamh ag an institiúid ón tráth deireanach ar aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach a chur san áireamh.

Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), áireofar an difríocht idir an luach ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí ar luach risíochta ionstraime fiachais a ceannaíodh ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí.

Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), beidh luach risíochta aon cheangaltais iasachta a thugtar, aon ráthaíochta airgeadais a thugtar nó aon cheangaltas eile a thugtar dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo cothrom leis an luach ainmniúil atá air nó uirthi, rud a bheidh cothrom le risíocht uasta na hinstitiúide ar phriacal creidmheasa gan aird a thabhairt ar aon chosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe. Beidh luach ainmniúil aon cheangaltais iasachta a tugadh cothrom leis an méid neamhtharraingthe ar gheall an institiúid go dtabharfadh sí ar iasacht é agus beidh luach ainmniúil aon ráthaíochta airgeadais a tugadh cothrom leis an méid uasta a d'fhéadfadh a bheith ar an eintiteas a íoc dá nglaofaí an ráthaíocht.

Ní chuirfear san áireamh leis an luach ainmniúil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo aon choigeartú sonrach i leith priacal creidmheasa, aon choigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) nó laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an risíocht.

3.   Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), aicmeofar na risíochtaí seo a leanas mar risíochtaí neamhthuillmheacha:

(a)

risíocht ar ina leith a mheastar go raibh mainneachtain ann i gcomhréir le hAirteagal 178;

(b)

risíocht a mheastar a bheith lagaithe i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme;

(c)

risíocht atá faoi phromhadh de bhun mhír 7, i gcás ina ndeonaítear bearta staonta breise nó ina bhfuil an risíocht thar téarma níos faide ná 30 lá;

(d)

risíocht atá i bhfoirm ceangaltas ar dóigh nach n-aisíocfaí ina hiomláine é gan comhthaobhacht a réadú dá dtarraingeofaí anuas é nó dá n-úsáidfí ar shlí eile é;

(e)

risíocht atá i bhfoirm ráthaíocht airgeadais ar dóigh go nglaofaidh an páirtí ráthaithe í, lena n-áirítear i gcás ina gcomhlíonann an risíocht ráthaithe fholuiteach na critéir maidir lena meas mar bheith neamhthuillmheach.

Chun críche phointe (a), i gcás ina bhfuil risíochtaí sa chlár comhardaithe ag institiúid ar oibleagáideoir, ar risíochtaí iad atá thar téarma níos faide ná 90 lá agus a chomhfhreagraíonn do níos mó ná 20 % de na risíochtaí uile sa chlár comhardaithe ar an oibleagáideoir sin, measfar gach risíocht sa chlár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe ar an oibleagáideoir sin a bheith neamhthuillmheach.

4.   Maidir le risíochtaí nach bhfuil faoi réir aon bhirt staonta, scoirfear dá n-aicmiú mar risíochtaí neamhthuillmheacha chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonann an risíocht na critéir imeachta a chuireann an institiúid i bhfeidhm chun scor de risíocht a aicmiú mar risíocht lagaithe i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme agus chun scor de risíocht a aicmiú mar risíocht a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178;

(b)

tá an oiread sin feabhais tagtha ar staid an oibleagáideora gur deimhin leis an institiúid gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil;

(c)

ní ag an oibleagáideoir aon mhéid atá thar téarma níos faide ná 90 lá.

5.   Ní scoirfear de risíocht a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina n-aicmeofar risíocht neamhthuillmheach mar shócmhainn neamhreatha atá á sealbhú lena díol i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

6.   Maidir le risíochtaí neamhthuillmheacha atá faoi réir bearta staonta, scoirfear dá n-aicmiú mar risíochtaí neamhthuillmheacha chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá scortha ag na risíochtaí sin de bheith i staid a d'fhágfadh go n-aicmeofaí iad mar risíochtaí neamhthuillmheacha faoi mhír 3;

(b)

tá bliain amháin ar a laghad imithe thart ón dáta a deonaíodh na bearta staonta nó ón dáta a aicmíodh na risíochtaí mar risíochtaí neamhthuillmheacha, cibé tráth acu is déanaí;

(c)

níl aon mhéid thar téarma ann tar éis na mbeart staonta agus is deimhin leis an institiúid, bunaithe ar an anailís ar staid airgeadais an oibleagáideora, gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil i leith na risíochta.

Ní mheasfar gur dócha go ndéanfar aisíocaíocht iomlán thráthúil i gcás ina ndéanann an t-oibleagáideoir íocaíochtaí rialta tráthúla atá cothrom le ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

an méid a bhí thar téarma sular deonaíodh an beart staonta, i gcás ina raibh méideanna thar téarma ann;

(b)

an méid a díscríobhadh faoi na bearta staonta a deonaíodh, i gcás nach raibh aon mhéideanna thar téarma ann.

7.   I gcás ina scoirfear de risíocht a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach de bhun mhír 6, beidh an risíocht sin faoi phromhadh go dtí go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

chuaigh dhá bhliain ar a laghad thart ón dáta a athaicmíodh an risíocht atá faoi réir bearta staonta mar risíocht thuillmheach;

(b)

rinneadh íocaíochtaí rialta tráthúla le linn leath na tréimhse ar a laghad ina raibh an risíocht faoi phromhadh, rud a d'fhág gur íocadh méid comhiomlán suntasach príomhshuime nó úis;

(c)

níl aon cheann de na risíochtaí ar an oibleagáideoir thar téarma níos faide ná 30 lá.

Airteagal 47b

Bearta staonta

1.   Is é atá i gceist le beart staonta aon lamháltas a dhéanfaidh institiúid i leith oibleagáideoir a bhfuil deacrachtaí aige a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige. Féadfar caillteanas don iasachtóir a bheith i gceist le lamháltas agus bainfidh sé le ceann amháin de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

athrú ar théarmaí agus ar choinníollacha oibleagáide fiachais, i gcás nach ndeonófaí athrú den sórt sin murach deacrachtaí a bheith ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh;

(b)

athmhaoiniú iomlán nó páirteach oibleagáide fiachais, i gcás nach ndeonófaí athmhaoiniú den sórt sin murach deacrachtaí a bheith ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh.

2.   Measfar gur bearta staonta iad na staideanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

téarmaí conartha nua atá níos fabhraí don oibleagáideoir ná na téarmaí conartha roimhe sin, i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige;

(b)

téarmaí conartha nua atá níos fabhraí don oibleagáideoir ná na téarmaí conartha arna dtairiscint ag an institiúid chéanna d'oibleagáideoirí a raibh próifíl priacal den chineál céanna acu ag an am sin, i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag an oibleagáideoir a ghealltanais airgeadais a shásamh nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí den sórt sin aige;

(c)

bhí an risíocht faoi na téarmaí conartha tosaigh aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach sula ndearnadh an t-athrú ar na téarmaí conartha nó bheadh an risíocht aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach dá mba rud é nach ndearnadh aon athrú ar na téarmaí conartha;

(d)

is é an toradh atá ar an mbeart gur cuireadh an oibleagáid fiachais iomlán nó cuid di ar ceal;

(e)

formheasann an institiúid feidhmiú clásal lena gcumasaítear don oibleagáideoir téarmaí an chonartha a athrú agus bhí an risíocht aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach sular feidhmíodh na clásail sin, nó d'aicmeofaí an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach mura bhfeidhmeofaí na clásail sin;

(f)

tráth a deonaíodh an fiachas, nó gar don tráth sin, rinne an t-oibleagáideoir íocaíochtaí príomhshuime nó úis ar oibleagáid fiachais eile leis an institiúid chéanna, ar oibleagáid í a bhí aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach nó a bheadh aicmithe mar risíocht neamhthuillmheach mura ndéanfaí na híocaíochtaí sin;

(g)

is é atá i gceist leis an athrú ar théarmaí an chonartha aisíocaíochtaí a dhéanamh trí sheilbh a ghlacadh ar chomhthaobhacht, i gcás inarb ionann athrú den sórt sin agus lamháltas.

3.   Tá na himthosca seo a leanas ina dtáscairí á léiriú go bhféadfadh gur glacadh bearta staonta:

(a)

bhí an conradh tosaigh thar téarma níos faide ná 30 lá uair amháin ar a laghad le linn na dtrí mhí sula ndearnadh athrú air nó bheadh sé thar téarma níos faide ná 30 lá mura ndéanfaí aon athrú air;

(b)

tráth a tugadh an comhaontú creidmheasa i gcrích, nó gar don tráth sin, rinne an t-oibleagáideoir íocaíochtaí príomhshuime nó úis ar oibleagáid fiachais eile leis an institiúid chéanna, ar oibleagáid í a bhí thar téarma níos faide ná 30 lá uair amháin ar a laghad le linn na dtrí mhí sular deonaíodh an fiachas nua;

(c)

formheasann an institiúid feidhmiú clásal lena gcumasaítear don oibleagáideoir téarmaí an chonartha a athrú agus tá an risíocht thar téarma 30 lá nó bheadh an risíocht thar téarma 30 lá mura bhfeidhmeofaí na clásail sin.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, déanfar deacrachtaí atá ag oibleagáideoir i ndáil lena ghealltanais airgeadais a shásamh a mheas ar leibhéal an oibleagáideora, agus aird á tabhairt ar na heintitis dhlíthiúla uile atá i ngrúpa an oibleagáideora agus atá i gcomhdhlúthú cuntasaíochta an ghrúpa, agus na daoine nádúrtha a rialaíonn an grúpa sin.

Airteagal 47c

Asbhaint le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha

1.   Chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1), is tríd an méid a chinnfear i bpointe (b) den mhír seo a dhealú ón méid a chinnfear i bpointe (a) den mhír seo a chinnfidh institiúidí an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme le haghaidh gach risíochta neamhthuillmhí ar leithligh a asbhainfear ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, i gcás inar mó an tsuim dá dtagraítear i bpointe (a) ná an tsuim dá dtagraítear i bpointe (b):

(a)

suim na nithe seo a leanas:

(i)

an chuid neamhurraithe de gach risíocht neamhthuillmheach, más ann di, arna hiolrú faoin bhfachtóir is infheidhme dá dtagraítear i mír 2;

(ii)

an chuid urraithe de gach risíocht neamhthuillmheach, más ann di, arna hiolrú faoin bhfachtóir is infheidhme dá dtagraítear i mír 3;

(b)

suim na n-ítimí seo a leanas ar choinníoll go mbaineann siad leis an risíocht neamhthuillmheach chéanna:

(i)

coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa;

(ii)

coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105;

(iii)

laghduithe eile ar chistí dílse;

(iv)

i gcás institiúidí a ríomhann méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal trí úsáid a bhaint as an gCur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha, dearbhluach na méideanna arna n-asbhaint de bhun phointe (d) d'Airteagal 36(1) a bhaineann le risíochtaí neamhthuillmheacha, i gcás ina gcinnfear an dearbhluach is inchurtha i leith gach risíochta neamhthuillmhí trí na méideanna arna n-asbhaint de bhun phointe (d) d'Airteagal 36(1) a iolrú faoin rannchuidiú a dhéanfaidh an méid caillteanais ionchasaigh le haghaidh na risíochta neamhthuillmhí maidir leis na méideanna iomlána caillteanais ionchasaigh le haghaidh risíochtaí a mhainnigh nó nár mhainnigh, de réir mar is infheidhme;

(v)

i gcás ina gceannófar risíocht neamhthuillmheach ar phraghas níos ísle ná an méid atá dlite ón bhféichiúnaí, an difríocht idir an luach ceannaigh agus an méid atá dlite ón bhféichiúnaí;

(vi)

méideanna a dhíscríobh an institiúid ó aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.

Is í an chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach an chuid den risíocht a mheastar, chun críche ceanglais cistí dílse de bhun Theideal II de Chuid a Trí a ríomh, go bhfuil sí cumhdaithe le cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe nó urraithe go huile agus go hiomlán le morgáistí.

Comhfhreagraíonn an chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach don difríocht, más ann di, idir luach na risíochta dá dtagraítear in Airteagal 47a(1) agus an chuid urraithe den risíocht, más ann di.

2.   Chun críocha phointe (a)(i) de mhír 1, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:

(a)

0,35 don chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den tríú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(b)

1 don chuid neamhurraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den cheathrú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

3.   Chun críocha phointe (a)(ii) de mhír 1, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas:

(a)

0,25 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den cheathrú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(b)

0,35 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den chúigiú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(c)

0,55 don chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den séú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(d)

0,70 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den seachtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(e)

0,80 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe eile de bhun Theideal II de Chuid a Trí a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den seachtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(f)

0,80 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(g)

1 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag cosaint chreidmheasa chistithe nó neamhchistithe eile de bhun Theideal II de Chuid a Trí a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(h)

0,85 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir an chéad lá agus an lá deireanach den naoú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach;

(i)

1 don chuid de risíocht neamhthuillmheach arna hurrú ag maoin dhochorraithe de bhun Theideal II de Chuid a Trí nó ar iasacht chónaitheach í arna rathú ag soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201, a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den deichiú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach.

4.   De mhaolú ar mhír 3, beidh feidhm ag na fachtóirí seo a leanas maidir leis an gcuid den risíocht neamhthuillmheach arna rathú nó arna hárachú ag gníomhaireacht chreidmheasa onnmhairiúcháin oifigiúil:

(a)

0 don chuid urraithe den risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm le linn na tréimhse idir bliain amháin agus seacht mbliana tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach; agus

(b)

1 don chuid urraithe den risíocht neamhthuillmheach a chuirfear i bhfeidhm amhail ón gcéad lá den ochtú bliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach.

5.   Déanfaidh ÚBE measúnú ar an raon cleachtas a chuirtear i bhfeidhm chun risíochtaí neamhthuillmheacha urraithe a luacháil agus féadfaidh sé treoirlínte a fhorbairt chun modheolaíocht chomhchoiteann a shonrú, lena n-áirítear ceanglais íosta fhéideartha i leith athluacháil ó thaobh modhanna uainithe agus modhanna ad hoc de, i leith luacháil stuamachta a dhéanamh ar chineálacha incháilithe cosanta creidmheasa cistithe agus neamhchistithe, go háirithe maidir le toimhdí a bhaineann le hin-aisghabhálacht agus le hin-fhorfheidhmitheacht. Féadfar a áireamh leis na treoirlínte sin modheolaíocht chomhchoiteann chun an chuid urraithe de risíocht neamhthuillmheach dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh.

Eiseofar na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

6.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás inar deonaíodh beart staonta do risíocht idir bliain amháin agus dhá bhliain tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach, an fachtóir is infheidhme i gcomhréir le mír 2 an dáta a ndeonófar an beart staonta, beidh sé infheidhme go ceann bliain bhreise.

De mhaolú ar mhír 3, i gcás inar deonaíodh beart staonta do risíocht idir dhá bhliain agus sé bliana tar éis í a aicmiú mar risíocht neamhthuillmheach, an fachtóir is infheidhme i gcomhréir le mír 3 an dáta a ndeonófar an beart staonta, beidh sé infheidhme go ceann bliain bhreise.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir leis an gcéad bheart staonta a deonaíodh ón tráth ar aicmíodh an risíocht mar risíocht neamhthuillmheach.”;

(3)

sa chéad fhomhír d'Airteagal 111(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“1.   Beidh luach na risíochta ar ítim shócmhainne cothrom leis an luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 110, na coigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105, méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) agus laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis an ítim shócmhainne a chur i bhfeidhm. Beidh luach na risíochta ar ítim shócmhainne lasmuigh den chlár comhardaithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I cothrom leis an gcéatadán seo a leanas dá luach ainmniúil tar éis coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa a laghdú agus méideanna a asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1):”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 127(1):

“1.   I gcás na coda neamhurraithe d'aon ítim ar ina leith a mhainnigh an t-oibleagáideoir i gcomhréir le hAirteagal 178, nó i gcás risíochtaí ar mhiondíol, sannfar ualú priacail atá cothrom leis na nithe seo a leanas don chuid neamhurraithe d'aon saoráid chreidmheasa a mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 178:

(a)

150 %, i gcás ina mbeadh suim na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) níos lú ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta dá mba rud é nár cuireadh na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na hasbhaintí sin i bhfeidhm;

(b)

100 %, i gcás nach mbeadh suim na gcoigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na méideanna arna n-asbhaint i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1) níos lú ná 20 % den chuid neamhurraithe de luach na risíochta dá mba rud é nár cuireadh na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa agus na hasbhaintí sin i bhfeidhm.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 159:

“Airteagal 159

Láimhseáil mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh

Dealóidh na hinstitiúidí méideanna an chaillteanais ionchasaigh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10) ó na coigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith priacal creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 110, ó choigeartuithe luacha breise i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 105 agus laghduithe eile i leith cistí dílse a bhaineann leis na risíochtaí sin, ach amháin i gcás na n-asbhaintí arna ndéanamh i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 36(1). Láimhseálfar lascainí ar risíochtaí sa chlár comhardaithe arna gceannach agus iad ar mainneachtain i gcomhréir le pointe (m) d'Airteagal 166(1) ar an mbealach céanna a láimhseálfar coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa. Ní úsáidfear coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa ar risíochtaí ar mainneachtain chun méideanna caillteanais ionchasaigh ar risíochtaí eile a chumhdach. Ní áireofar sa ríomh sin méideanna caillteanais ionchasaigh le haghaidh risíochtaí urrúsaithe agus le haghaidh coigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith priacal creidmheasa a bhaineann leis na risíochtaí sin.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) d'Airteagal 178(1):

“(b)

tá an t-oibleagáideoir thar téarma níos faide ná 90 lá in aon oibleagáid chreidmheasa ábhartha i leith na hinstitiúide, an mháthairghnóthais nó ceann ar bith dá fochuideachtaí. Féadfaidh údaráis inniúla 180 lá a chur in ionad na 90 lá i gcás risíochtaí arna n-urrú ag maoin chónaithe nó ag maoin dhochorraithe tráchtála de chuid FBM atá in aicme na risíochta ar mhiondíol, agus i gcás risíochtaí ar eintitis earnála poiblí. Ní bheidh feidhm ag na 180 lá chun críocha phointe (m) d'Airteagal 36(1) nó Airteagal 127.”;

(7)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 469a

Maolú ar asbhaintí ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha

De mhaolú ar phointe (m) d'Airteagal 36(1), ní dhéanfaidh institiúidí an méid cumhdaigh neamhdhóthanaigh is infheidhme i leith risíochtaí neamhthuillmheacha a asbhaint ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcás inar tionscnaíodh an risíocht roimh an 26.4.2019.

I gcás ina ndéanfaidh institiúid téarmaí agus coinníollacha risíochta a tionscnaíodh roimh an 26.4.2019 a athrú ar bhealach a mhéadóidh risíocht na hinstitiúide ar an oibleagáideoir, measfar gur tionscnaíodh an risíocht ar an dáta atá feidhm ag an athrú agus scoirfear í de bheith faoi réir an mhaolaithe dá bhforáiltear sa chéad fhomhír.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 79, 4.3.2019, lch. 1.

(2)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 43.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(4)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(5)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(6)  Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO L 48, 23.2.2011, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(8)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 28.6.2014, lch. 1).


25.4.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

13


RIALACHÁN (AE) 2019/631 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú go suntasach roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh orthu, ba cheart iad a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

D'fhonn aistriú comhleanúnach agus éifeachtúil a áirithiú tar éis Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a athmhúnlú agus a aisghairm, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2020. Is iomchuí, áfach, na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 a choimeád mar aon leis na módúlachtaí maidir lena mbaint amach mar a leagtar amach sna Rialacháin sin iad, gan athrú ar bith go dtí 2024.

(3)

I gComhaontú Pháras (5), leagtar amach, inter alia, sprioc fhadtéarmach i gcomhréir leis an gcuspóir i dtaca leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus leanúint de na hiarrachtaí é a choimeád faoi bhun 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Deimhnítear drochthionchair an athraithe aeráide gan aon agó sna torthaí eolaíocha is déanaí a thuairiscigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) ina thuarascáil speisialta ar na tionchair a ghabhann le téamh domhanda atá 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus faoi na conairí gaolmhara maidir le hastaíocht domhanda na ngás ceaptha teasa. Is é conclúid na tuarascála speisialta sin ná go bhfuil géarghá le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí i ngach earnáil chun teorainn a chur leis an athrú aeráide.

(4)

Chun rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras, is gá dlús a chur le claochlú na hearnála iompair ar fad i dtreo astaíochtaí nialasacha, i bhfianaise na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal “Pláinéad Glan do Chách – fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de”, ina dtugtar achoimre ar an bhfís is gá ar mhaithe le claochluithe eacnamaíocha agus sochaíocha, ina bhfuil gach earnáil sa gheilleagar agus sa tsochaí rannpháirteach, chun an t-aistriú chuig glan-astaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2050. Ina theannta sin, ní mór astaíochtaí truailleán aeir ón earnáil iompair a dhéanann dochar suntasach dár sláinte agus don chomhshaol a laghdú go mór gan mhoill. Ní mór na hastaíochtaí ó fheithiclí gnáth-innill dócháin a laghdú tuilleadh tar éis 2020. Ní mór feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a úsáid agus sciar suntasach den mhargadh a ghnóthú faoi 2030. Beidh gá le tuilleadh laghduithe ar astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma tar éis 2030.

(5)

Léirítear sna teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017 dar teideal 'An Eoraip ag bogadh: Clár oibre le haghaidh aistriú atá cothrom go sóisialta chuig soghluaisteacht do chách atá glan, iomaíoch agus nasctha' agus an 8 Samhain 2017 dar teideal 'An Straitéis maidir le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí a chur i gcrích: Aontas Eorpach a chosnaíonn an pláinéad, a chumhachtaíonn a thomhaltóirí agus a chosnaíonn a thionscal agus a oibrithe' go gcuireann caighdeáin fheidhmíochta astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma an nuálaíocht agus an éifeachtúlacht chun cinn go mór, agus go mbeidh siad ina gcuidiú chun iomaíochas thionscal na mótarfheithiclí a neartú agus go réiteoidh siad an bealach le haghaidh feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.

(6)

Leis an Rialachán seo, réitítear an bealach le haghaidh laghduithe ar astaíochtaí C02 i gcás earnáil an iompair de bhóthar agus rannchuidítear leis an sprioc cheangailteach a bhaint amach maidir le laghdú intíre 40 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030, i gcomparáid le 1990, faoi mar a formhuiníodh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014, agus a formheasadh mar Rannchuidiú Beartaithe an Aontais agus a chuid Bhallstát a socraíodh go Náisiúnta i leith Chomhaontú Pháras ag cruinniú den Chomhairle Comhshaoil an 6 Márta 2015.

(7)

I Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) leagtar oibleagáidí ar na Ballstáit go gcomhlíonfaidís sprioc an Aontais maidir le laghdú 30 % faoi bhun leibhéil 2005 a dhéanamh ar a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2030 do na hearnálacha nach cuid de Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh arna bhunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) iad. Is é an t-iompar de bhóthar is cúis le cuid mhór d'astaíochtaí ó na hearnálacha sin. Ina theannta sin, tá na hastaíochtaí ón iompar de bhóthar ag méadú, agus tá siad i bhfad os cionn leibhéil 1990 go fóill. Má thagann méadú breise ar astaíochtaí ó iompar de bhóthar, déanfaidh an meadú sin na laghduithe atá déanta in astaíochtaí earnálacha eile i dtaca leis an athrú aeráide a chomhrac a chur ar ceal.

(8)

Leagadh béim sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 ar an tábhacht a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus na rioscaí a bhaineann le bheith spleách ar bhreosla iontaise in earnáil an iompair a laghdú trí bhíthin cur chuige cuimsitheach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun an laghdú ar astaíochtaí agus an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn in earnáil an iompair, le haghaidh iompar leictreach agus foinsí in-athnuaite fuinnimh in earnáil an iompair freisin tar éis 2020.

(9)

D'fhonn fuinneamh atá slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a chur ar fáil do thomhaltóirí san Aontas, tá an éifeachtúlacht fuinnimh lena rannchuidítear leis an éileamh a mhaolú ar cheann de na cúig ghné a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015 dar teideal 'Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide', ar gnéithe iad a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile agus a neartaíonn a chéile. Luaitear sa teachtaireacht sin, cé gur gá bearta a dhéanamh sna hearnálacha eacnamaíocha ar fad chun éifeachtúlacht an tomhaltas fuinnimh sna hearnálacha sin a mhéadú, go bhfuil cumas ollmhór san earnáil iompair ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de agus go bhféadfaí an cumas sin a bhaint amach ach leanúint de bheith ag díriú ar chaighdeáin fheidhmíochta astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma ag féachaint do spriocanna 2030.

(10)

Ba é an chonclúid a baineadh as meastóireacht a rinneadh in 2015 ar Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ná go raibh na Rialacháin sin ábhartha agus comhleanúnach den chuid is mó, go raibh laghdú suntasach déanta ar astaíochtaí dá mbarr, ach, ag an am céanna, go raibh siad níos éifeachtaí ó thaobh costais de ná mar a bhíothas ag súil leis ar dtús. Ina theannta sin, tá méid suntasach breisluacha ginte acu freisin don Aontas, rud nach bhféadfaí a dhéanamh a mhéid céanna trí bhíthin bearta náisiúnta. Tá laghdú déanta ar an tairbhe a bhaineann leis na Rialacháin sin, áfach, de dheasca na neamhréireachta atá ag dul i méad idir na hastaíochtaí CO2 arna dtomhas faoin tSraith Nua Eorpach Tiomána (NEDC) agus na hastaíochtaí CO2 arna n-astú ó fheithiclí arna dtiomáint faoi fhíordhálaí.

(11)

Is iomchuí, dá bhrí sin, cuspóirí Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 a shaothrú trí spriocanna nua laghdaithe astaíochtaí CO2 ar fud fhlít an Aontais Eorpaigh a leagan síos le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma don tréimhse go dtí 2030. Agus na leibhéil do na spriocanna sin á sainiú, cuireadh san áireamh a éifeachtaí agus a bheidís maidir le cuidiú, ar bhealach costéifeachtach, le hastaíochtaí na n-earnálacha arna gcumhdach le Rialachán (AE) 2018/842 a laghdú faoi 2030, agus na costais agus na coigiltis a bheadh ann de thoradh air sin don tsochaí, do mhonaróirí agus d'úsáideoirí feithiclí, agus an tionchar díreach agus indíreach a bheadh acu ar an bhfostaíocht, an t-iomaíochas agus an nuálaíocht agus na comhthairbhí arna nginiúint ó thaobh aerthruailliú laghdaithe agus slándáil sholáthar an fhuinnimh de. Ós rud é gurb airde go mór an cion sin den mhargadh, agus dá thoradh sin rannchuidiú foriomlán na n-astaíochtaí CO2 dá réir, a bhíonn ag gluaisteáin paisinéirí le hais mar a bhíonn ag feithiclí tráchtála éadroma, meastar gurb iomchuí cur chuige difreáilte idir gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma.

(12)

Ba cheart aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, ar aistriú é a bheidh inghlactha go sóisialta agus cóir, a áirithiú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí san áireamh éifeachtaí sóisialta an aistrithe sin ar fud an tslabhra luacha ar fad sa tionscal mótarfheithiclí agus go dtabharfaí aghaidh ghníomhach ar na himpleachtaí fostaíochta. Ba cheart féachaint ar chláir spriocdhírithe, dá bhrí sin, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh athsciliú, uas-sciliú agus ath-imlonnú oibrithe, mar aon le tionscnaimh oideachais agus cuardaithe poist i bpobail agus réigiúin atá thíos leis an aistriú, ar tionscnaimh iad a reáchtálfar i ndlúth-idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta agus na húdaráis inniúla. Mar chuid den aistriú sin, ba cheart fostaíocht na mban mar aon le comhionannas deiseanna san earnáil sin a neartú.

(13)

Chun go mbeidh rath ar an aistriú chuig soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha is gá cur chuige comhtháite agus an timpeallacht cheart chumasúcháin chun an nuálaíocht a spreagadh agus chun go leanfaidh an tAontas de bheith ina cheannaire teicneolaíochta san earnáil sin. Áirítear leis sin infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha sa taighde agus sa nuálaíocht, méadú ar sholáthar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle, leathadh amach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe, an comhtháthú leis na córais fuinnimh, mar aon le soláthar inbhuanaithe ábhar agus táirgeadh inbhuanaithe, athúsáid agus athchúrsáil ceallraí san Eoraip. Is gá gníomhaíocht chomhleanúnach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chuige sin.

(14)

In 2017, mar chuid de chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tosaíodh ar nós imeachta nua tástála a chur i bhfeidhm in 2017 chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a thomhas i gcás na ngluaisteán paisinéirí agus feithiclí éadroma tráchtála, mar atá an Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda d'Fheithiclí Éadroma (WLTP), a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún (9), Soláthraíonn an nós imeachta tástála sin luachanna astaíochtaí CO2 agus luachanna ídithe breosla ar léiriú níos fearr iad ar na fíordhálaí domhanda.

Is iomchuí, dá bhrí sin, na spriocanna astaíochtaí CO2 nua a bheith bunaithe ar na hastaíochtaí CO2 arna gcinneadh ar bhonn an nós imeachta tástála sin. I bhfianaise astaíochtaí CO2 WLTP-bhunaithe a bheith ar fáil chun críocha sprioc a chomhlíonadh ó 2021 ar aghaidh, áfach, is iomchuí na caighdeáin feidhmíochta nua d'astaíochtaí a shainiú mar leibhéil laghdúcháin arna socrú i dtaca leis na spriocanna don bhliain 2021 arna ríomh ar bhonn na n-astaíochtaí CO2 agus iad á dtomhas chun críche na tástála astaíochtaí WLTP. D'fhonn stóinseacht agus ionadaíochas na luachanna a áirithiú a úsáidfear mar thúsphointe do na spriocanna laghdúcháin astaíochtaí a chuirfear i bhfeidhm in 2025 agus 2030, rinneadh na coinníollacha a bhaineann le feidhmiú na dtomhas sin a shoiléiriú mar chuid de chur chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 ón gCoimisiún (10) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153 ón gCoimisiún (11).

(15)

Tá sé tábhachtach gurb é a tharlóidh, mar thoradh ar cheanglais a leagan amach maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2, go leanfar de chinnteacht na hintuarthachta agus na pleanála a sholáthar ar fud an Aontais do mhonaróirí feithiclí maidir lena bhflít gluaisteán paisinéirí nua agus a bhflít feithiclí tráchtála éadroma nua san Aontas.

(16)

Sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún in 2016 ar Threoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), sainaithníodh an gá atá le soiléiriú breise agus simpliú breise a dhéanamh ar an ngníomh reachtach sin, rud a d'fhéadfadh cur lena hábharthacht, lena héifeachtacht, lena héifeachtúlacht agus lena comhsheasmhacht. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar ar Treoir sin tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020 agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach ábhartha a chur chun cinn. Chun tacú le glacadh na bhfeithiclí is éifeachtúla ó thaobh breosla de agus is neamhdhíobhálaí don chomhshaol, ba cheart féachaint san athbhreithniú sin go háirithe ar fheithiclí tráchtála éadroma a chur san áireamh ann agus ar an ngá atá le ceanglais de chuid an Aontais maidir le lipéadú atá leagtha amach ar bhealach níos fearr agus atá comhchuibhithe tuilleadh a d'fhéadfadh faisnéis inchomparáide, iontaofa agus shoiléir a sholáthar do thomhaltóirí faoi na buntáistí a bhaineann le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle, lena n-áirítear faisnéis faoi thruailleáin aeir.

(17)

Ba cheart, dá bhrí sin, spriocanna laghdúcháin astaíochtaí a shocrú do 2025 agus 2030 le haghaidh flíteanna gluaisteán nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua ar fud an Aontais, ag cur san áireamh an t-am is gá chun an flít feithiclí a athnuachan agus an gá don earnáil iompair de bhóthar rannchuidiú le spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030. Comhartha luath agus soiléir is ea an cur chuige céim ar chéim sin freisin do thionscal na mótarfheithiclí gan moill a chur ar theicneolaíocht atá tíosach ar fhuinneamh agus feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a thabhairt isteach ar an margadh.

(18)

Tá feidhm ag na caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí éadroma tráchtála nua. Maidir leis an bhflít reatha d'fheithiclí den sórt sin, lena n-áirítear feithiclí athláimhe, is ceadmhach bearta breise a dhéanamh atá dírithe ar astaíochtaí a laghdú freisin, inter alia, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Féadfar bearta a dhéanamh, mar shampla, chun ráta níos airde athnuachana flít a spreagadh, chun feithiclí lena mbaineann feidhmíocht níos fearr a chur in ionad feithiclí níos sine, óna dtagann níos mó astaíochtaí, a luaithe is féidir. Ach rochtain a bheith ar fheithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a bheadh níos inacmhainne, d'fhéadfaí athrú ar iompraíocht na dtomhaltóirí mar aon le húsáid níos gasta na dteicneolaíochta astaíochtaí ísle a spreagadh.

(19)

Cé go bhfuil an tAontas ar cheann de na príomhtháirgeoirí mótarfheithiclí ar domhan, agus go léiríonn sé ceannaireacht theicneolaíoch in earnáil dhomhanda na ngluaisteán, tá an iomaíocht ag dul i méid agus tá earnáil dhomhanda na mótarfheithiclí ag athrú go tapa a bhuí le nuálaíochtaí nua i ngléasraí cumhachta leictrithe agus le soghluaisteacht chomhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe. Chun go leanfaidh an tAontas de bheith iomaíoch ar an leibhéal domhanda, agus rochtain a bheith aige ar na margaí, tá creat rialála de dhíth air, lena n-áirítear dreasacht ar leithligh i réimse na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, rud a rannchuideoidh le mórmhargadh baile a chruthú agus a thacóidh le forbairt agus nuálaíocht teicneolaíochta.

(20)

Ba cheart sásra tiomnaithe dreasachta a thabhairt isteach chun aistriú rianúil chuig soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí a éascú. Ba cheart an sásra sin a cheapadh sa chaoi go gcuirfidh sé chun cinn úsáid feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ar mhargadh an Aontais. Ba cheart beart sonrach idirthréimhseach a chur i bhfeidhm freisin chun go bhféadfadh rochtain ar fheithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a bheith ag tomhaltóirí ó Bhallstáit ina bhfuil leibhéil íseal de threisiú na bhfeithiclí sin i bhfód ar an margadh.

(21)

Trí thagarmharcanna iomchuí a leagan síos le haghaidh an sciar d'fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a bheadh i bhflít an Aontais Eorpaigh chomh maith le sásra dea-cheaptha chun sprioc shonrach astaíochtaí monaróra a choigeartú ar bhonn an sciar d'fheithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a bheadh i bhflít an mhonaróra féin, ba cheart gur comhartha láidir inchreidte a bheadh sa mhéid sin ar son fhorbairt, úsáid agus mhargaíocht na bhfeithiclí sin, ach go bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtúlacht na ngnáth-inneall dócháin inmheánaigh mar sin féin.

(22)

Agus na creidiúintí le haghaidh feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha á gcinneadh, is iomchuí a chur san áireamh an difear idir astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí sin. I dtaca le gluaisteáin paisinéirí, ní mór aitheantas a thabhairt don ról atá ag feithiclí astaíochtaí ísle, go háirithe feithiclí hibidreacha inluchtaithe, san aistriú i dtreo feithiclí astaíochtaí nialasacha. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an sásra coigeartúcháin sin go mbeadh sprioc shonrach astaíochtaí níos airde ag monaróir a sháródh leibhéal an tagarmhairc. Chun cur chuige cothrom a áirithiú, ba cheart teorainneacha a shocrú ar an leibhéal coigeartúcháin is indéanta faoin sásra sin. Ar an gcaoi sin, déanfar foráil maidir le dreasachtaí, a chuirfidh chun cinn cur i bhfeidhm tráthúil bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe agus a mbeidh neart sochar ag dul leo do thomhaltóirí, don iomaíochas agus don chomhshaol.

(23)

Leis an gcreat reachtach chun an mheánsprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, ba cheart go n-áiritheofaí spriocanna laghdúcháin astaíochtaí atá neodrach ó thaobh iomaíochta de, cothrom ar bhonn sóisialta agus inbhuanaithe, ar spriocanna iad lena gcuirfear i gcuntas an éagsúlacht atá ann i measc mhonaróirí gluaisteán na hEorpa agus lena seachnófar aon saobhadh iomaíochta nach bhfuil údar maith leis eatarthu.

(24)

Chun go ndéanfar éagsúlacht mhargadh na ngluaisteán paisinéirí agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma agus an cumas atá ann freastal ar riachtanais éagsúla na dtomhaltóirí a choimeád ar bun, ba cheart spriocanna sonracha astaíochta a shainiú de réir fhóntas na bhfeithiclí ar bhonn líneach. Meastar go bhfuil sé comhleanúnach leis an gcóras atá i bhfeidhm cheana mais a choimeád mar an paraiméadar fóntais. Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar mhais na bhfeithiclí a bhíonn ar bóthar, ba cheart an paraiméadar a athrú, le héifeacht ó 2025, ó mhais i riocht feidhmithe na feithicle go dtí mais tástála na feithicle mar a shonraítear san WLPT.

(25)

Níor cheart go dtarlódh sé go ndéanfaí na spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais Eorpaigh a choigeartú de bharr athruithe ar mheánmhais an fhlít. Ba cheart athruithe ar an meánmhais a léiriú, dá bhrí sin, gan mhoill sna ríomha sonracha a bhaineann le spriocanna astaíochtaí agus ba cheart na coigeartuithe ar luach na meánmhaise a úsáidtear chuige sin a dhéanamh gach ré bhliain le héifeacht ó 2025.

(26)

Chun iarracht an laghdaithe ar astaíochtaí a dháileadh ar bhealach atá neodrach agus cothrom den chuid is mó, agus a léiríonn éagsúlacht an mhargaidh le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma, agus i bhfianaise an athraithe in 2021 go dtí spriocanna sonracha astaíochtaí WLTP-bhunaithe, is iomchuí fána an chuair teorainnluacha a chinneadh ar bhonn astaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua ar fad a chláraítear sa bhliain sin, agus an t-athrú ar spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais Eorpaigh idir 2021, 2025 agus 2030 a chur san áireamh, d'fhonn iarracht chothrom a áirithiú i measc na monaróirí uile i dtaca le laghduithe astaíochtaí. Maidir le feithiclí tráchtála éadroma, ba cheart an cur chuige céanna atá i bhfeidhm maidir le monaróirí gluaisteán paisinéirí a chur i bhfeidhm maidir le monaróirí veaineanna atá níos éadroime agus gluaisteándhíoraithe, ach ba cheart fána seasta níos airde a shocrú le haghaidh monaróirí feithiclí níos troime, don spriocthréimhse uile.

(27)

Féachtar le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach trí, inter alia, dreasachtaí a chruthú do thionscal na mótarfheithiclí ionas go n-infheisteofar i dteicneolaíochtaí nua. Leis an Rialachán seo, cuirtear éiceanuálaíocht chun cinn go gníomhach agus soláthraítear sásra trínar cheart aitheantas a thabhairt d'fhorbairtí teicneolaíocha a bheidh ann amach anseo. Is léir ón taithí a fuarthas gur rannchuidigh na héiceanuálaíochtaí go rathúil le costéifeachtacht Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 agus le fíorastaíochtaí CO2 a laghdú. Ba cheart an mhódúlacht a choimeád, dá bhrí sin, agus an raon feidhme a leathnú amach chun feabhsuithe ar chórais aerchóiriúcháin a spreagadh ó thaobh na héifeachtúlachta de.

(28)

Ba cheart cothromaíocht a áirithiú, áfach, idir na dreasachtaí a thugtar d'éiceanuálaíochtaí agus do na teicneolaíochtaí sin dá léirítear éifeacht an laghdaithe ar astaíochtaí sa nós imeachta tástála oifigiúil. Dá bhrí sin, is iomchuí uasteorainn a choimeád ar na coigiltis ó thaobh éiceanuálaíochta de a fhéadfaidh monaróir a chur san áireamh chun críocha sprioc a chomhlíonadh. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na huasteorann, go háirithe chun éifeachtaí an athraithe ar an nós imeachta tástála oifigiúil a chur san áireamh. Is iomchuí freisin a shoiléiriú conas is ceart na coigiltis a ríomh chun críocha sprioc a chomhlíonadh.

(29)

Tá tábhacht le comhpháirteanna éadroma inbhuanaithe i dtaca le hídiú fuinnimh agus astaíochtaí CO2 feithiclí nua a laghdú. Ba cheart go dtacódh méadú ar a bhforbairt agus ar a n-úsáid leis an aistriú i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus ísle.

(30)

Le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), bunaíodh creat comhchuibhithe ina bhfuil na forálacha riaracháin agus na ceanglais ghinearálta theicniúla maidir leis na feithiclí nua go léir atá faoina raon feidhme a cheadú. Maidir leis an eintiteas atá freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo, ba cheart gurb é an t-eintiteas céanna é atá freagrach as gach gné den phróiseas cineálcheadaithe i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE agus as comhréireacht táirgeachta a áirithiú.

(31)

Chun críocha cineálcheadaithe, tá feidhm ag ceanglais shonracha maidir le feithiclí sainchuspóra, mar a shainmhínítear iad in Iarscríbhinn II de Threoir 2007/46/CE agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(32)

I gcásanna nach dtiocfadh feithiclí éadroma tráchtála astaíochtaí nialasacha ar mó a mais tagartha ná 2 610 kg, nó 2 840 kg, de réir mar a bheidh, faoi raon feidhme an Rialacháin seo de thoradh mhais an chórais stórála fuinnimh, agus dá thoradh sin amháin, is iomchuí cead a thabhairt na feithiclí sin a bheith san áireamh faoin raon feidhme.

(33)

Ní hiomchuí an modh céanna a úsáid chun na spriocanna maidir le laghdú astaíochtaí a chinneadh do mhonaróirí ardtáirgeachta agus a úsáidtear leis na spriocanna sin a chinneadh do mhonaróirí ísealtáirgeachta a mheastar a bheith neamhspleách ar bhonn na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo. Maidir leis na monaróirí ísealtáirgeachta sin, ba cheart go mbeadh an deis acu iarratas a dhéanamh ar spriocanna malartacha maidir le laghdú astaíochtaí, ar spriocanna iad a bhaineann le cumas teicneolaíoch feithiclí monaróra áirithe chun a n-astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus atá i gcomhréir le saintréithe na gcodanna sin den mhargadh lena mbaineann.

(34)

Mar aitheantas ar an tionchar díréireach ar na monaróirí is lú a d'eascródh as comhlíonadh na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha a shainmhínítear ar bhonn fhóntas na feithicle, ar ualach mór riaracháin an nós imeachta maolaithe, agus ar an tairbhe imeallach uaidh sin ó thaobh laghdú ar astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí a dhíolann na monaróirí sin, ba cheart go ndéanfaí monaróirí atá freagrach as níos lú ná 1 000 gluaisteán nua paisinéirí agus feithicil tráchtála éadroma nua arna gclárú in aghaidh na bliana san Aontas a eisiamh ó raon feidhme na sprice i leith astaíochtaí sonracha agus ó phréimh na n-astaíochtaí iomarcacha. I gcás ina ndéanfaidh monaróir atá cumhdaithe ag maolú iarratas ar mhaolú mar sin féin agus ina dtabharfar an maolú sin dó, is iomchuí a cheangal ar an monaróir sin sprioc an mhaolaithe sin a chomhlíonadh.

(35)

Tríd an nós imeachta maidir le maoluithe ar an sprioc 95 g CO2/km le haghaidh fhlít uile an Aontais a dheonú do na monaróirí nideoige gluaisteán sin, áirithítear go mbeidh an iarracht ar an laghdú astaíochtaí is gá ó mhonaróirí nideoige comhsheasmhach le hiarracht monaróirí ardtáirgeachta maidir leis an sprioc sin. Is iomchuí leanúint den deis a thabhairt do na monaróirí nideoige sin go bhféadfaí maolú a dheonú dóibh ar na spriocanna is infheidhme ó 2025 go dtí 2028 freisin.

(36)

Le linn na meánastaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh maidir leis na gluaisteáin paisinéirí nua uile agus na feithiclí tráchtála éadroma nua uile a chláraítear san Aontas agus a bhfuil freagracht ar mhonaróirí ina leith, ba cheart go gcuirfí na gluaisteáin paisinéirí agus na feithiclí tráchtála éadroma uile san áireamh, gan beann ar a mais ná ar a saintréithe eile, de réir mar a bheidh an cás. Bíodh is nach gcuimsítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 gluaisteáin paisinéirí ná feithiclí tráchtála éadroma dar mais tagartha is airde ná 2 610 kg nár deonaíodh cineálcheadú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Rialachán sin, ba cheart astaíochtaí na bhfeithiclí sin a thomhas i gcomhréir leis na nósanna imeachta céanna a shonraítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, go háirithe na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 (14) ón gCoimisiún agus i Rialachán (AE) 2017/1151, agus na nósanna imeachta comhghaoil a glacadh de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011, go háirithe Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153. Maidir le luachanna na n-astaíochtaí CO2 a fhaightear mar thoradh ar an nós imeachta seo, ba cheart iad a iontráil ar dheimhniú comhréireachta na feithicle chun go bhféadfar iad a áireamh sa scéim faireacháin.

(37)

Ba cheart astaíochtaí sonracha CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma críochnaithe a leithdháileadh ar mhonaróir na bonnfheithicle.

(38)

Ba cheart cás sonrach monaróirí feithiclí tráchtála éadroma a tháirgeann feithiclí neamhiomlána a dhéantar a chineálcheadú ar dhóigh ilchéimneach a mheas. Cé go bhfuil na monaróirí sin freagrach as na spriocanna astaíochtaí CO2 a chomhlíonadh, ba cheart an deis a bheith acu astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí críochnaithe a thuar go réasúnta cinnte. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear na riachtanais sin in iúl ar bhealach iomchuí sna bearta cur chun feidhme a glacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 715/2007.

(39)

Chun foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht ar mhaithe lena spriocanna faoin Rialachán seo a bhaint amach, d'fhéadfadh na monaróirí teacht ar chomhaontú maidir le díorma a dhéanamh ar bhonn oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Níor cheart go mairfeadh comhaontú maidir le díorma a chur ar bun níos faide ná cúig bliana ach ba cheart go bhféadfaí é a athnuachan. I gcás ina ndéanann na monaróirí díorma, ba cheart a mheas ina leith go bhfuil a gcuid spriocanna faoin Rialachán seo comhlíonta acu ar choinníoll nach dtéann meánastaíochtaí an díorma ina n-iomláine thar na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha don díorma.

(40)

Bealach costéifeachtach atá ann chun na spriocanna astaíochtaí CO2 a chomhlíonadh ná an deis a thabhairt do mhonaróirí díormaí a chur ar bun agus, go háirithe, comhlíonadh a éascú do na monaróirí sin a tháirgeann réimse teoranta feithiclí. Chun neodracht iomaíochta a fheabhsú, ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún na coinníollacha a shoiléiriú ar a bhféadfaidh monaróirí neamhspleácha díorma a dhéanamh chun gur féidir iad a chur ar leibhéal atá coibhéiseach le gnóthais bhainteacha.

(41)

Is gá sásra láidir um chomhlíonadh chun a áirithiú go mbainfear amach na spriocanna faoin Rialachán seo.

(42)

Chun na laghduithe ar astaíochtaí CO2 a cheanglaítear faoin Rialachán seo a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach freisin go bhfuil astaíochtaí na bhfeithiclí atá in úsáid i gcomhréir leis na luachanna CO2 arna gcinneadh tráth an chineálcheadaithe. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, aon neamhchomhlíonadh sistéamach a aimsíonn na húdaráis cineálcheadaithe maidir le hastaíochtaí CO2 na bhfeithiclí atá in úsáid a chur san áireamh agus é ag ríomh meánastaíochtaí CO2 sonracha monaróra.

(43)

Ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún nós imeachta a bhunú agus a chur chun feidhme chun a fhíorú go bhfuil astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí inseirbhíse, a chinntear i gcomhréir le WLTP, agus na luachanna astaíochta CO2 atá leagtha síos sna deimhnithe comhréireachta. Agus an nós imeacht sin á fhorbairt, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar mhodhanna a shainaithint, lena n-áirítear úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, chun teacht ar straitéisí lena gcuirtear feabhas saorga ar fheidhmíocht CO2 feithicle sa nós imeachta tástála cineálcheadaithe. I gcás ina n-aimsítear neamhréireachtaí nó straitéisí lena gcuirtear feabhas saorga ar fheidhmíocht CO2 feithicle le linn na bhfíoruithe sin, tá sé le meas gur cúiseanna leordhóthanacha iad na torthaí sin lena cheapadh gurb ann do riosca tromchúiseach neamhchomhlíonta maidir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, agus ba cheart do na Ballstáit, ar an mbonn sin, na bearta is gá a dhéanamh de bhun Chaibidil XI de Rialachán (AE) 2018/858.

(44)

Tomhaistear astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin nua paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma nua ar bhonn comhchuibhithe san Aontas i gcomhréir le nós imeachta tástála WLTP. Chun ualach riaracháin an Rialacháin seo a íoslaghdú, ba cheart go dtomhaisfí comhlíonadh faoi threoir sonraí maidir le clárú de ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua san Aontas, ar sonraí iad a bhailíonn na Ballstáit agus a thuairiscítear don Choimisiún. Chun comhsheasmhacht a áirithiú maidir leis na sonraí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh, ba cheart na rialacha a bhaineann le bailiú agus tuairisciú na sonraí sin a chomhchuibhiú a mhéid is féidir. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhreagracht atá ar na húdaráis inniúla sonraí cearta agus iomlána a sholáthar a shonrú go soiléir mar aon leis an ngá le comhar éifeachtach idir na húdaráis sin agus an Coimisiún maidir le dul i ngleic le saincheisteanna cáilíochta sonraí.

(45)

Ba cheart go ndéanfaí comhlíonadh na spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo ag na monaróirí a mheasúnú ar leibhéal an Aontais. Maidir le monaróirí a dtéann a gcuid meánastaíochtaí sonracha CO2 thar an leibhéal astaíochtaí a cheadaítear faoin Rialachán seo, ba cheart go ndéanfaidís préimh astaíochtaí iomarcacha a íoc maidir le gach bliain féilire. Ba cheart go measfaí, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart don Choimisiún, ina athbhreithniú in 2023, meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht méideanna na préimhe astaíochtaí iomarcacha a leithdháileadh ar chiste sonrach nó ar chlár ábhartha a bhfuil sé mar aidhm leis aistriú cóir i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a áirithiú agus tacú le hathsciliú, uas-sciliú agus oiliúint scileanna eile na n-oibrithe san earnáil mótarfheithiclí.

(46)

Ag féachaint do chuspóir an Rialacháin seo agus do na nósanna imeachta arna mbunú sa Rialachán seo, níor cheart, mar gheall ar aon bheart náisiúnta arna choimeád ar bun nó arna thabhairt isteach ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go bhforchuirfí pionóis bhreise nó pionóis níos déine ar mhonaróirí a mhainníonn a spriocanna faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

(47)

Ba cheart nár dhochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm iomlán rialacha iomaíochta an Aontais.

(48)

I bhfírinne, maidir leis na spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo i ndáil le hastaíochtaí CO2 a laghdú, braitheann a n-éifeachtacht go mór ar a fhíorionadaíche atá an nós imeachta tástála oifigiúil. I gcomhréir le tuairim eolaíoch 1/2016 ón Sásra le haghaidh Comhairle Eolaíoch (SAM) dar teideal 'An bhearna a dhúnadh idir fíorastaíochtaí CO2 feithicle saothair éadroim agus tástáil saotharlainne' agus an moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2017 chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tar éis di tomhais astaíochtaí san earnáil mótarfheithiclí a fhiosrú (16), ba cheart sásra a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar a fhíorionadaíche atá astaíochtaí CO2 feithiclí agus luachanna ídithe fuinnimh arna gcinneadh i gcomhréir leis an WLTP. Is é an bealach is iontaofa chun fíorionadaíochas na luachanna cineálcheadaithe a áirithiú ná trí úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh. Ba cheart na cumhachtaí a bheith ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, na nósanna imeachta a fhorbairt is gá chun sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh, a bhfuil gá leo chun na measúnuithe sin a dhéanamh, a bhailiú agus a phróiseáil agus a áirithiú go mbeidh na sonraí sin ar fáil don phobal, fad a fhoráiltear don chosaint a thugtar d'aon sonraí pearsanta. Thairis sin, is iomchuí, chun a áirithiú go mbeidh fáil ar shonraí faoi ídiú breosla agu fuinnimh ó fheithiclí ceallra-leictreacha agus ó fheithiclí ina bhfuil gléasraí cumhachta a úsáideann breoslaí gásacha, lena n-áirítear hidrigin, go ndéanfaí an obair ar chaighdeánú na bhfeistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh do na feithiclí sin gan mhoill mar chuid de chur chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1151.

(49)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, thairis sin, ar an gcaoi a bhféadfadh sonraí faoi ídiú breosla agus fuinnimh a bheith ina gcuidiú lena áirithiú go mbeidh astaíochtaí CO2 feithiclí arna gcinneadh i gcomhréir le WLTP ionadaíoch i gcónaí ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do na monaróirí ar fad agus, go sonrach, ar an gcaoi ar féidir na sonraí sin a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an mbearna idir astaíochtaí CO2 arna dtomhas i saotharlann agus fíorastaíochtaí CO2 agus, i gcás inar gá, cosc a chur ar mhéadú na bearna sin.

(50)

Tá sé tábhachtach go ndéanfaí measúnú ar na hastaíochtaí ar feadh shaolré ghluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná 2023, meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí sin a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin i rith an ama. Ba cheart don Choimisiún bearta leantacha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha, a ghlacadh.

(51)

In 2024, déanfar athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2018/842 agus Treoir 2003/87/CE. Is iomchuí, dá bhrí sin, éifeachtacht an Rialacháin seo in 2023 a athbhreithniú go cuimsitheach chun measúnú comhordaithe comhleanúnach a dhéanamh ar na bearta arna gcur chun feidhme faoi na hionstraimí sin ar fad. San athbhreithniú sin ar 2023, ba cheart don Choimisiún bealach follasach chun cinn a shainaithint i dtaca le tuilleadh laghduithe ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach freisin i gcás gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma ó 2030 amach chun rannchuidiú go mór le sprioc fhadtéarmach Chomhaontú Pháras a bhaint amach. I gcás inarb iomchuí, ba cheart togra a bheith ag gabháil leis an tuarascáil ar an athbhreithniú sin chun an Rialachán seo a leasú.

(52)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le sonraíochtaí na ndálaí mionsonraithe i gcomhair socruithe díorma, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta maidir le faireachán ar shonraí na meánastaíochtaí agus a dtuairisciú agus maidir le hIarscríbhinní II agus III a chur i bhfeidhm, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta maidir le neamhréireachtaí in astaíochtaí CO2 feithiclí i seirbhís a fhaightear mar thoradh ar fhíoraithe a thuairisciú agus na neamhréireachtaí sin a chur san áireamh tráth a bhíonn meánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra á ríomh, cinneadh na modhanna lena mbaileofar préimheanna astaíochtaí iomarcacha foilsiú fheidhmíocht na monaróirí; forálacha mionsonraithe maidir le nós imeachta chun na teicneolaíochtaí nuálaíocha nó na pacáistí teicneolaíochta nuálacha a fhormheas a ghlacadh, nós imeachta mionsonraithe a ghlacadh chun na paraiméadair a bhaineann le fíorastaíochtaí CO2 agus tomhaltas breosla nó fuinnimh na ngluaisteán paisinéirí agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma a bhailiú agus a phróiseáil, na nósanna imeachta a chinneadh chun na fíoruithe a dhéanamh a fhíoróidh (i) go gcomhfhreagraíonn na luachanna astaíochtaí CO2 agus tomhaltas breosla a taifeadtar sna deimhnithe comhréireachta d'astaíochtaí CO2 as feithiclí in-seirbhíse agus d'ídiú breosla as na feithiclí sin, agus (ii) más ann d'aon straitéis ar bord nó a bhaineann leis na feithiclí sampláilte a fheabhsaíonn feidhmíocht na feithicle go saorga sna tástálacha a dhéantar chun críche cineálcheadú, agus chun na paraiméadair chomhghaoil is gá chun gur féidir aon athrú ar an nós imeachta rialála tástála lena dtomhaistear astaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(53)

Chun na gnéithe neamhriachtanacha de na forálacha atá sa Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh, de réir mar is iomchuí, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le ceanglais sonraí agus paraiméadair sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a leasú, i dtaca le rialacha a leagan síos maidir le léirmhíniú na gcritéar incháilitheachta maidir le maoluithe ar mhonaróirí áirithe, ábhar na n-iarratas ar mhaolú, agus ábhar agus measúnú na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú, i dtaca le Cuid A d'Iarscríbhinn I den Rialachán seo a leasú chun foirmlí ríomh na spriocanna maolaithe do mhonaróirí nideoige a leagan amach, i dtaca le coigeartú a dhéanamh ar an uasteorainn a le haghaidh ranníocaíocht iomlán teicneolaíochtaí nuálacha chun meán astaíochtaí sonracha CO2 de mhonaróir a laghdú le héifeacht ó 2025 ar aghaidh, i dtaca leis na prionsabail agus na critéir threoracha a leagan amach chun na nósanna imeachta a shainmhíniú chun na fíoraithe a dhéanamh, i dtaca le bearta a bhunú chun luachanna M0 agus TM0 a choigeartú agus i dtaca le hoiriúnú a dhéanamh ar na foirmlí lena ríomhtar na spriocanna sonracha astaíochtaí chun an t-athrú ar an nós imeachta rialála tástála a léiriú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(54)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2020.

(55)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ceanglais feidhmíochta astaíochtaí CO2 ó ghluaisteán nua paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma nua a bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach ach, ina ionad sin, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

1.   Bunaítear sa Rialachán seo ceanglais feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 i gcás gluaisteáin nua paisinéirí agus i gcás feithiclí tráchtála éadroma chun rannchuidiú le sprioc an Aontais a bhaint amach i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/842 agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

2.   Ón 1 Eanáir 2020 ar aghaidh, socraítear leis an Rialachán seo 95 g CO2/km mar sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais do mheánastaíochtaí gluaisteán nua paisinéirí agus 147 g CO2/km mar sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais do mheánastaíochtaí na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear san Aontas, arna dtomhas go dtí an 31 Nollaig 2020 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 agus i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153, agus, ón 1 Eanáir 2021, arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151.

3.   Déanfar an Rialachán seo a chomhlánú, go dtí an 31 Nollaig 2024, le bearta breise a chomhfhreagróidh do laghdú 10 g CO2/km mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2007 dar teideal 'Torthaí an athbhreithnithe ar Straitéis an Chomhphobail astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a laghdú'.

4.   Amhail ón 1 Eanáir 2025, beidh feidhm ag na spriocanna seo a leanas le haghaidh fhlít uile an Aontais:

(a)

i gcás mheánastaíochtaí an fhlít gluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 15 % ar na spriocanna in 2021 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.1 de Chuid A d'Iarscríbhinn I;

(b)

i gcás mheánastaíochtaí an fhlít feithiclí tráchtála éadroma nua, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 15 % ar na spriocanna in 2021 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.1 de Chuid B d'Iarscríbhinn I.

5.   Amhail ón 1 Eanáir 2030, beidh feidhm ag na spriocanna seo a leanas le haghaidh fhlít uile an Aontais:

(a)

i gcás mheánastaíochtaí an fhlít gluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 37,5 % ar na spriocanna in 2021 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.2 de Chuid A d'Iarscríbhinn I;

(b)

i gcás mheánastaíochtaí an fhlít feithiclí tráchtála éadroma nua, sprioc haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 31 % ar na spriocanna in 2021, arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.2 de Chuid B d'Iarscríbhinn I.

6.   Amhail ón 1 Eanáir 2025, beidh feidhm ag tagarmharc maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle arb ionann é agus sciar 15 % de fhlíteanna faoi seach na ngluaisteán paisinéirí nua agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua i gcomhréir le pointí 6.3 de Chuid A agus Cuid B d'Iarscríbhinn I faoi seach.

7.   Amhail ón 1 Eanáir 2030, beidh feidhm ag na tagarmharcanna seo a leanas d'fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle i gcomhréir le pointí 6.3 de Chuid A agus de Chuid B d'Iarscríbhinn I, faoi seach:

(a)

tagarmharc arb ionann é agus sciar 35 % de fhlít na ngluaisteán paisinéirí nua, agus

(b)

tagarmharc arb ionann é agussciar 30 % de fhlít na bhfeithiclí tráchtála éadroma.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na mótarfheithiclí seo a leanas:

(a)

catagóir M1 mar a shainmhínítear í in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE (“gluaisteáin paisinéirí”) ar mótarfheithiclí iad a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas (“gluaisteáin nua paisinéirí”);

(b)

catagóir N1 mar a shainmhínítear í in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, ar mótarfheithiclí iad a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg iontu agus feithiclí chatagóir N1 a bhfuil cineálcheadú leathnaithe chucu i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (“feithiclí tráchtála éadroma”) agus a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas (“feithiclí tráchtála éadroma nua”). I gcás na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha ó chatagóir N ar mó a mais tagartha ná 2 610 kg nó 2 840 kg, de réir mar is iomchuí, déanfar iad a áireamh, ón 1 Eanáir 2025, chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar do Threoir 2007/46/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, mar fheithiclí tráchtála éadroma atá lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo más de thoradh mhais an chórais stórála fuinnimh, agus dá thoradh sin amháin, an mhais tagartha iomarcach.

2.   Ní dhéanfar clárú roimhe sin, arna dhéanamh lasmuigh den Aontas tráth nach faide ná 3 mhí roimh chlárú san Aontas, a chur san áireamh.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí sainchuspóra mar a shainmhínítear iad i bpointe 5 de Chuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

4.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4, pointí (b) agus (c) d'Airteagal 7(4), Airteagal 8 ná pointí (a) agus (c) d'Airteagal 9(1) maidir le monaróir atá, in éineacht leis na gnóthais uile atá nasctha leis, freagrach as níos lú ná 1 000 gluaisteán paisinéirí nua nó níos lú ná 1 000 feithicil tráchtála éadrom nua a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin, ach amháin má dhéanann an monaróir sin iarratas ar mhaolú agus má dheonaítear maolú dó i gcomhréir le hAirteagal 10.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “na meánastaíochtaí sonracha CO2”, i ndáil le monaróir, meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 ó na gluaisteáin nua paisinéirí uile nó ó na feithiclí tráchtála éadroma nua uile arb é an monaróir sin a monaróir;

(b)

ciallaíonn “deimhniú comhréireachta” an deimhniú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 18 de Threoir 2007/46/CE;

(c)

ciallaíonn “feithicil chríochnaithe” feithicil tráchtála éadrom a bhfuil cineálcheadú tugtha ina leith tar éis próiseas cineálcheadaithe ilchéime a chríochnú i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE;

(d)

ciallaíonn “feithicil iomlán” aon fheithicil tráchtála éadrom nach gá a chríochnú chun ceanglais theicniúla ábhartha Threoir 2007/46/CE a chomhlíonadh;

(e)

ciallaíonn “bonnfheithicil” aon fheithicil tráchtála éadrom a úsáidtear ag an gcéim thosaigh de phróiseas cineálcheadaithe ilchéime;

(f)

ciallaíonn “monaróir” an duine nó an comhlacht atá freagrach don údarás ceadúnúcháin as gach gné de nós imeachta cineálcheadaithe CE i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE agus as comhréireacht na táirgeachta a áirithiú;

(g)

ciallaíonn “mais na feithicle i riocht feidhmithe” nó “M”mais na feithicle tráchtála éadroime nó an ghluaisteáin paisinéirí lena n-áirítear an chabhail, agus í i riocht feidhmithe mar atá sonraithe ar an deimhniú comhréireachta agus mar atá sainmhínithe i bpointe 2.6 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;

(h)

ciallaíonn “astaíochtaí sonracha CO2” na hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteán paisinéirí nó ó fheithicil tráchtála éadrom, arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus lena Rialacháin Cur Chun Feidhme agus arna sonrú mar ollastaíochtaí CO2 (comhcheangailte) ar dheimhniú comhréireachta na feithicle. I gcás gluaisteán paisinéirí nó feithiclí tráchtála éadroma nach ndéantar cineálcheadú ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, ciallaíonn “astaíochtaí sonracha CO2” na hastaíochtaí CO2 arna dtomhas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, go háirithe i gcomhréir leis an nós imeachta céanna tomhais a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 go dtí an 31 Nollaig 2020, agus i Rialachán (AE) 2017/1151 ón 1 Eanáir 2021, nó i gcomhréir le nósanna imeachta arna nglacadh ag an gCoimisiún chun na hastaíochtaí CO2 a bhunú do na feithiclí sin;

(i)

ciallaíonn “lorg” meánleithead an riain arna iolrú faoin rothfhad de réir mar a shonraítear sa deimhniú comhréireachta agus de réir mar a shainmhínítear i bpointe 2.1 agus i bpointe 2.3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;

(j)

ciallaíonn “sprioc i leith astaíochtaí sonracha”, i ndáil leis an monaróir, an sprioc bhliantúil arna cinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I nó, i gcás ina ndeonaítear maolú don mhonaróir i gcomhréir le hAirteagal 10, an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh de réir an mhaolaithe sin;

(k)

ciallaíonn “sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais” meánastaíochtaí CO2 na ngluaisteán nua paisinéirí uile nó na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile atá le baint amach le linn tréimhse áirithe;

(l)

ciallaíonn “mais tástála” nó “TM” mais tástála gluaisteáin paisinéirí nó feithicle tráchtála éadroime mar atá sa deimhniú comhréireachta agus mar a shainmhínítear i bpointe 3.2.25 d'Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151;

(m)

ciallaíonn “feithicil astaíochtaí nialasacha agus ísle” gluaisteán paisinéirí nó feithicil tráchtála éadrom a mbíonn astaíochtaí sceite aici sa réimse nialas go 50 g CO2/km, arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151.

(n)

ciallaíonn “pálasta” an difríocht idir an mhais ualaithe atá ceadaithe go teicniúil de bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE agus mais na feithicle.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “grúpa monaróirí bainteacha” monaróir agus a ghnóthais bhainteacha. Ciallaíonn 'gnóthais bhainteacha', i ndáil le monaróir:

(a)

gnóthais ina sealbhaíonn an monaróir, go díreach nó go neamhdhíreach:

(i)

an chumhacht níos mó ná an leathchuid de na cearta vótála a fheidhmiú; nó

(ii)

an chumhacht níos mó ná an leathchuid de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó na gcomhlachtaí atá ina n-ionadaithe dlíthiúla don ghnóthas a cheapadh; nó

(iii)

an ceart gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú;

(b)

gnóthais a shealbhaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, cearta nó cumhachtaí ar an monaróir arb iad na cearta nó na cumhachtaí iad dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

gnóthais ina sealbhaíonn gnóthas dá dtagraítear i bpointe (b), go díreach nó go neamhdhíreach, na cearta nó na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (a);

(d)

gnóthais ina sealbhaíonn an monaróir, i dteannta ceann amháin nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c), nó ina sealbhaíonn dhá ghnóthas nó níos mó de na gnóthais sin dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c), go comhpháirteach na cearta nó na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (a);

(e)

gnóthais ina bhfuil na cearta nó na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) ar seilbh go comhpháirteach ag an monaróir nó ag ceann amháin nó níos mó dá ghnóthais bhainteacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus ag tríú páirtí amháin nó níos mó.

Airteagal 4

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha

1.   Áiritheoidh an monaróir nach sáróidh a mheánastaíochtaí sonracha CO2 na spriocanna seo a leanas i leith astaíochtaí sonracha:

(a)

i gcás na bliana féilire 2020, an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh i gcomhréir le pointe 1 agus pointe 2 de Chuid A d'Iarscríbhinn I i gcás gluaisteáin paisinéirí, nó le pointe 1 agus pointe 2 de Chuid B d'Iarscríbhinn I i gcás feithiclí tráchtála éadroma, nó i gcás ina dtabharfar maolú do mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin;

(b)

i gcás gach bliana féilire ó 2021 go dtí 2024, na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 3 agus pointe 4 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I, de réir mar is iomchuí, nó, i gcás ina ndeonaítear maolú don mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin agus le pointe 5 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I;

(c)

i gcás gach bliana féilire ó 2025 amach, na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.3 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I, nó, i gcás ina ndeonófar maolú do mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin.

2.   I gcás feithiclí tráchtála éadroma, más rud é nach bhfuil astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle críochnaithe ar fáil, úsáidfidh monaróir na bonnfheithicle astaíochtaí sonracha CO2 na bonnfheithicle chun na meánastaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh.

3.   Chun críocha na meánastaíochtaí sonracha CO2 atá ag gach monaróir a chinneadh, déanfar na céatadáin seo a leanas de ghluaisteáin nua paisinéirí gach monaróra a chláraítear sa bhliain ábhartha a chur san áireamh:

95 % in 2020,

100 % ó 2021 ar aghaidh.

Airteagal 5

Sárchreidmheasanna

Le linn meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 a ríomh, is mar a leanas a chomhairfear gach gluaisteán nua paisinéirí ar lú ná 50 g CO2/km a astaíochtaí sonracha CO2:

2 ghluaisteán paisinéirí in 2020,

1,67 gluaisteán paisinéirí in 2021,

1,33 gluaisteán paisinéirí in 2022,

1 ghluaisteán paisinéirí ó 2023 amach,

don bhliain ina mbeidh sé cláraithe le linn na tréimhse ó 2020 go 2022, faoi réir uasteorainn 7,5 g CO2/km in aghaidh na tréimhse sin do gach monaróir, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153.

Airteagal 6

Díorma a dhéanamh

1.   Féadfaidh monaróirí, seachas monaróirí a mbeidh maolú deonaithe dóibh faoi Airteagal 10, díorma a dhéanamh chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4 a chomhlíonadh.

2.   Féadfaidh comhaontú chun díorma a dhéanamh baint a bheith aige le haon bhliain féilire amháin nó níos mó ar choinníoll nach faide ná 5 bliana féilire ré fhoriomlán gach comhaontaithe ar leith agus déanfar é an 31 Nollaig nó roimhe sa chéad bhliain féilire a bhfuil bailiú astaíochtaí le déanamh ina leith. Maidir le monaróirí a dhéanann díorma, soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún:

(a)

na monaróirí a áireofar sa díorma;

(b)

an monaróir atá ainmnithe mar bhainisteoir an díorma agus a bheidh mar phointe teagmhála don díorma agus a bheidh freagrach as aon phréimh astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear ar an díorma i gcomhréir le hAirteagal 8 a íoc;

(c)

fianaise go mbeidh bainisteoir an díorma in ann na hoibleagáidí faoi phointe (b) a chomhlíonadh;

(d)

catagóir na bhfeithiclí a chláraítear mar M1 nó N1, a mbeidh feidhm ag an díorma maidir leo.

3.   I gcás ina mainneoidh bainisteoir ainmnithe an díorma an ceanglas a chomhlíonadh i ndáil le haon phréimh astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear ar an díorma i gcomhréir le hAirteagal 8 a íoc, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do na monaróirí.

4.   Déanfaidh na monaróirí a áirítear i ndíorma fógra comhpháirteach a thabhairt don Choimisiún maidir le haon athrú bainisteora díorma nó maidir le haon athrú ar a stádas airgeadais, a mhéid a dhéanfaidh sé sin difear dá chumas an ceanglas a chomhlíonadh i ndáil le haon phréimh astaíochtaí iomarcacha, a fhorchuirtear ar an díorma i gcomhréir le hAirteagal 8, a íoc, agus maidir le haon athruithe ar chomhaltas an díorma nó maidir le díscaoileadh an díorma.

5.   Féadfaidh monaróirí socruithe díorma a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil a gcomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 101 agus le hAirteagal 102 CFAE agus go gceadófar leis na comhaontuithe sin rannpháirtíocht oscailte, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar théarmaí atá réasúnach ar bhonn tráchtála d'aon mhonaróir a iarrann a bheith ina chomhalta den díorma. Gan dochar d'infheidhmeacht ghinearálta rialacha iomaíochta an Aontais maidir le díormaí den sórt sin, áiritheoidh comhaltaí uile de chuid díorma, go háirithe, nach bhféadfaidh comhroinnt sonraí ná malartú faisnéise tarlú i gcomhthéacs a socraithe díorma, ach amháin i leith na faisnéise seo a leanas:

(a)

na meánastaíochtaí sonracha CO2;

(b)

an sprioc i leith astaíochtaí sonracha;

(c)

líon iomlán na bhfeithiclí atá cláraithe.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 5 i gcás inar cuid den ghrúpa céanna monaróirí bainteacha iad na monaróirí go léir a áirítear sa díorma.

7.   Ach amháin i gcás ina dtugtar fógra faoi mhír 3 den Airteagal seo, measfar, maidir leis na monaróirí atá i ndíorma a ndéantar faisnéis ina leith a sholáthar don Choimisiún, gur monaróir amháin iad chun críocha chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4. Déanfar an fhaisnéis faireacháin agus tuairiscithe i leith monaróirí aonair, agus i leith aon díormaí chomh maith, a thaifeadadh agus a thuairisciú, agus cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, sa chlár lárnach dá dtagraítear in Airteagal 7(4).

8.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na coinníollacha mionsonraithe a shonrú a mbeidh feidhm acu maidir le socrú i dtaca le díorma a dhéanamh arna bhunú de bhun mhír 5 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 7

Faireachán agus tuairisciú ar na meánastaíochtaí

1.   I gcás gach bliana féilire, déanfaidh gach Ballstát faisnéis faoi gach aon ghluaisteán nua paisinéirí agus gach aon fheithicil tráchtála éadrom nua a chláraítear ar a chríoch i gcomhréir le Codanna A d'Iarscríbhinn II agus d'Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a thaifeadadh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na monaróirí agus dá n-allmhaireoirí ainmnithe nó dá n-ionadaithe ainmnithe i ngach Ballstát. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall lena áirithiú go n-oibreoidh na comhlachtaí tuairiscithe ar mhodh trédhearcach. Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí nach ndearnadh cineálcheadú ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a thomhas agus go ndéanfar na hastaíochtaí sin a thaifeadadh sa deimhniú comhréireachta.

2.   Faoin 28 Feabhra gach bliain, cinnfidh gach Ballstát an fhaisnéis atá liostaithe i gCodanna A d'Iarscríbhinn II agus d'Iarscríbhinn III maidir leis an mbliain féilire roimhe sin agus tarchuirfidh sé chuig an gCoimisiún í. Déanfar na sonraí a tharchur i gcomhréir leis an bhformáid atá sonraithe i gCuid B d'Iarscríbhinn II agus Cuid C d'Iarscríbhinn III.

3.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh Ballstát an tacar iomlán sonraí arna mbailiú de bhun mhír 1 a tharchur freisin.

4.   Coimeádfaidh an Coimisiún clár lárnach de na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit faoin Airteagal seo agus déanfaidh sé, faoin 30 Meitheamh gach bliain an méid seo a leanas a ríomh go sealadach i gcomhair gach monaróra:

(a)

na meánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin;

(b)

an sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain féilire roimhe sin;

(c)

an difríocht idir meán a astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin agus a sprioc i leith astaíochtaí sonracha don bhliain sin.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach aon mhonaróir faoina ríomh sealadach don mhonaróir sin. Áireofar san fhógra sonraí le haghaidh gach Ballstáit maidir le líon na ngluaisteán nua paisinéirí agus líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a cláraíodh agus maidir lena n-astaíochtaí sonracha CO2.

Beidh an clár ar fáil go poiblí.

5.   Laistigh de 3 mhí ón dáta a dtugtar fógra dóibh faoin ríomh sealadach faoi mhír 4, féadfaidh monaróirí fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon earráidí sna sonraí agus sonróidh siad an Ballstát a measann siad gur tharla an earráid ann.

Déanfaidh an Coimisiún aon fhógraí a gheofar ó mhonaróirí a bhreithniú agus déanfaidh sé, faoin 31 Deireadh Fómhair, na ríomhanna sealadacha faoi mhír 4 a dhaingniú nó a leasú.

6.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil chun na sonraí faireacháin a bhailiú agus a chur in iúl i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh siad an Coimisiún a chur ar an eolas faoin údarás inniúil a ainmnítear.

Áiritheoidh na húdaráis inniúla ainmnithe go mbeidh na sonraí a tharchuirfear chuig an gCoimisiún cruinn agus iomlán agus soláthróidh siad pointe teagmhála atá le bheith ar fáil chun freagairt go tapa ar iarrataí ón gCoimisiún dul i ngleic le hearráidí agus easnaimh sna tacair sonraí arna dtarchur.

7.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí faoi mhíreanna 1 go 6 den Airteagal seo, agus maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinní II agus III. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun na ceanglais sonraí agus paraiméadair sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a leasú.

9.   Tabharfaidh na húdaráis cineálcheadaithe tuairisc don Choimisiún gan mhoill i dtaca le neamhréireachtaí a aimsítear in astaíochtaí CO2 feithiclí inseirbhíse i gcomparáid leis na hastaíochtaí sonracha CO2 luachanna sin a luaitear sna deimhnithe comhréireachta de thoradh fíoruithe arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13.

Cuirfidh an Coimisiún na neamhréireachtaí sin san áireamh chun críche meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh.

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta chun na neamhréireachtaí sin a thuairisciú agus chun iad a chur san áireamh i ríomh na meánastaíochtaí sonracha CO2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

10.   Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2023, meastóireacht ar an bhféidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin i rith an ama. Cuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht sin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, moltaí do bhearta leantacha, amhail tograí reachtacha, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

11.   Ina theannta sin, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an Airteagal seo, sonraí a bhailiú agus a thuairisciú maidir le clárú feithiclí i gcatagóirí M2 agus N2, arna sainmhíniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE, ar feithiclí iad a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg acu agus maidir le feithiclí a leathnaítear cineálcheadú chucu i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.

Airteagal 8

Préimh astaíochtaí iomarcacha

1.   I gcás gach bliain féilire, forchuirfidh an Coimisiún préimh astaíochtaí iomarcacha ar mhonaróir nó ar bhainisteoir díorma, de réir mar is iomchuí, i gcás ina dtéann meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha.

2.   Maidir leis an bpréimh astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 1, ríomhfar í de réir na foirmle seo a leanas:

 

(Astaíochtaí iomarcacha × EUR 95) × líon na bhfeithiclí nuachláraithe.

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn 'astaíochtaí iomarcacha' an líon deimhneach gram in aghaidh an chiliméadair ar dá réir a chuaigh meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra, agus laghduithe astaíochtaí CO2 de thoradh theicneolaíochtaí nuálacha formheasta i gcomhréir le hAirteagal 11 á gcur san áireamh, thar a sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain féilire nó sa chuid di a bhfuil feidhm ag an oibleagáid faoi Airteagal 4 maidir léi, agus an líon sin á chothromú go dtí na trí ionad dheachúla is gaire, agus

ciallaíonn 'líon na bhfeithiclí nuachláraithe' líon na ngluaisteán nua paisinéirí nó líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua arna ríomh ar leithligh arb é an monaróir sin a monaróir agus a cláraíodh sa tréimhse sin de réir na gcritéar maidir le céimniú isteach a leagtar amach in Airteagal 4(3).

3.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na modhanna maidir le préimheanna astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear faoi mhír 1 den Airteagal seo a bhailiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

4.   Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais.

Airteagal 9

Feidhmíocht na monaróirí a fhoilsiú

1.   Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, foilseoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina dtabharfar na mionsonraí seo a leanas:

(a)

i gcás gach monaróra, a sprioc i leith astaíochtaí sonracha i gcomhair na bliana féilire roimhe sin;

(b)

i gcás gach monaróra, a mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin;

(c)

an difríocht idir meánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra sa bhliain féilire roimhe sin agus a sprioc i leith astaíochtaí sonracha sa bhliain sin;

(d)

meánastaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair na ngluaisteán nua paisinéirí agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin;

(e)

meánmhais, i riocht feidhmithe, na ngluaisteán nua paisinéirí uile agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin suas go dtí an 31 Nollaig 2020;

(f)

meánmhais tástála na ngluaisteán nua paisinéirí agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin.

2.   Tabharfar le fios freisin sa liosta a fhoilseofar faoi mhír 1 den Airteagal seo cibé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon an monaróir ceanglais Airteagal 4 i leith na bliana féilire roimhe sin.

3.   Luafar sa liosta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, atá le foilsiú faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, an méid seo a leanas freisin:

(a)

spriocanna 2025 agus 2030 le haghaidh fhlít uile an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus (5), faoi seach, arna ríomh ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointí 6.1.1 agus 6.1.2 de Chuid A agus de Chuid B d'Iarscríbhinn I;

(b)

na luachanna do a2021, a2025 agus a2030 arna ríomh ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointí 6.2 de Chuid A agus de Chuid B d'Iarscríbhinn I.

Airteagal 10

Maoluithe do mhonaróirí áirithe

1.   Féadfaidh monaróir iarratas a dhéanamh ar mhaolú ar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ar monaróir é atá freagrach as líon níos lú ná 10 000 gluaisteán nua paisinéirí nó 22 000 feithicil tráchtála éadrom nua arna gclárú san Aontas in aghaidh na bliana féilire agus ar monaróir é:

(a)

nach cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é; nó

(b)

ar cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é atá freagrach as líon is lú ná 10 000 gluaisteán nua paisinéirí nó 22 000 feithicil tráchtála éadrom nua san iomlán arna gclárú san Aontas in aghaidh na bliana féilire; nó

(c)

ar cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é ach a oibríonn a shaoráidí táirgeachta féin agus a ionad dearthóireachta féin.

2.   Féadfar maolú, a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1, a dheonú ar feadh tréimhse uasta cúig bliana féilire, a bheidh in-athnuaite. Is chuig an gCoimisiún a dhéanfar an t-iarratas agus áireofar an méid seo a leanas ann:

(a)

ainm an mhonaróra agus ainm an duine teagmhála don mhonaróir;

(b)

fianaise go bhfuil an monaróir cáilithe chun maolú a bheith aige faoi mhír 1;

(c)

mionsonraí na ngluaisteán paisinéirí nó na bhfeithiclí tráchtála éadroma a mhonaraíonn sé, lena n-áirítear mais tástála agus astaíochtaí sonracha CO2 na ngluaisteán paisinéirí nó na bhfeithiclí tráchtála éadroma sin; agus

(d)

sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas eacnamaíoch agus teicneolaíoch chun a astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil gluaisteáin paisinéirí nó feithicle tráchtála éadroime a mhonaraítear á gcur san áireamh.

3.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an monaróir incháilithe chun maolú a fháil a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1 agus inar deimhin leis go bhfuil an sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá beartaithe ag an monaróir i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas eacnamaíoch agus teicneolaíoch chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil ghluaisteáin paisinéirí nó feithicle tráchtála éadroime a mhonaraítear á gcur san áireamh, deonóidh an Coimisiún maolú don mhonaróir.

Cuirfear an t-iarratas isteach faoin 31 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí sa chéad bhliain ina mbeidh feidhm ag an maolú.

4.   Maidir le monaróir atá freagrach, i gcomhar lena ghnóthais bhainteacha uile, as líon idir 10 000 agus 300 000 gluaisteán nua paisinéirí a chláraítear san Aontas in aghaidh na bliana féilire, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar mhaolú ar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomhtar i gcomhréir le pointí 1 go 4 agus 6.3 de Chuid A d'Iarscríbhinn I.

Féadfaidh monaróir iarratas den sórt sin a dhéanamh ar a shon féin nó ar a shon féin i gcomhar le haon cheann dá ghnóthais bhainteacha. Is chuig an gCoimisiún a dhéanfar an t-iarratas agus áireofar an méid seo a leanas ann:

(a)

an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i pointí (a) agus (c) de mhír 2, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le haon ghnóthais bhainteacha;

(b)

maidir le hiarratais ina dtagraítear do phointe 1 go pointe 4 de Chuid A d'Iarscríbhinn I, sprioc arb é atá inti laghdú 45 % ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain 2007 nó, i gcás ina ndéantar iarratas amháin i leith líon áirithe gnóthas bainteach, laghdú 45 % ar mheán mheánastaíochtaí sonracha CO2 na ngnóthas sin sa bhliain 2007;

(c)

maidir le hiarratais ina dtagraítear do phointe 6.3 de Chuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, sprioc is infheidhme maidir leis na blianta féilire 2025 go 2028, arb é atá inti an laghdú a shonraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(4) den Rialachán seo ar an sprioc a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) den mhír seo agus na hastaíochtaí CO2 arna dtomhas de bhun Rialachán (AE) 2017/1151 á gcur san áireamh.

I gcás nach ann d'fhaisnéis maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra don bhliain 2007, cinnfidh an Coimisiún sprioc choibhéiseach laghdúcháin a bheidh bunaithe ar na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí CO2 a laghdú agus a úsáidtear i ngluaisteáin paisinéirí a bhfuil mais inchomparáide acu, agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil gluaisteáin a mhonaraítear á gcur san áireamh. Úsáidfidh an t-iarratasóir an sprioc sin chun críocha phointe (b) den dara fomhír.

Deonóidh an Coimisiún maolú don mhonaróir i gcás ina dtaispeántar gur comhlíonadh na critéir le haghaidh an mhaolaithe dá dtagraítear sa mhír seo.

5.   Maidir le monaróir atá faoi réir maolaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra láithreach don Choimisiún maidir le haon athrú a dhéanann difear, nó a d'fhéadfadh difear a dhéanamh, dá cháilitheacht chun maolú a bheith aige.

6.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, cibé acu ar bhonn fógra faoi mhír 5 nó ar shlí eile, nach bhfuil monaróir cáilithe a thuilleadh chun an maolú a bheith aige, déanfaidh sé an maolú a chúlghairm le héifeacht ón 1 Eanáir sa chéad bhliain féilire eile agus tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoin méid sin.

7.   I gcás nach bhfuil a sprioc i leith astaíochtaí sonracha bainte amach ag monaróir, forchuirfidh an Coimisiún an phréimh astaíochtaí iomarcacha ar an monaróir, de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 8.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 lena leagtar síos rialacha chun forlíonadh a dhéanamh ar mhír 1 go dtí mír 7 den Airteagal seo, maidir leis na critéir cháilitheachta a léiriú chun maolú a fháil, inneachar na n-iarratas, agus inneachar agus measúnú na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun Cuid A d'Iarscríbhinn I a leasú chun na foirmlí a leagan amach lena ríomhtar na spriocanna maolaithe dá dtagraíteari bpointe (c) den dara fomhír de mhír 4 den Airteagal seo.

9.   Déanfar iarratais ar mhaolú, lena n-áirítear an fhaisnéis a thacaíonn leis, fógraí faoi mhír 5, cúlghairm faoi mhír 6, aon fhorchur préimhe astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 7 agus gníomhartha arna nglacadh de bhun mhír 8, a chur ar fáil go poiblí, ach sin faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

Airteagal 11

Éiceanuálaíocht

1.   Measfar coigiltis CO2 a baineadh amach trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha nó as cumasc teicneolaíochtaí nuálacha (“pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha”) i gcás ina gcuireann soláthraí nó monaróir iarratas isteach air sin.

Ní chuirfear teicneolaíochtaí den sórt sin san áireamh ach amháin má tá an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh orthu in ann torthaí infhíoraithe, in-athdhéanta agus inchomparáide a tháirgeadh.

Féadfaidh suas le 7 g CO2/km a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin chun laghdú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a leasú chun an uasteorainn dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a choigeartú le héifeacht ó 2025 amach chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh agus, san am céanna, chun a áirithiú go mbeidh cion cothrom de leibhéal na huasteorann sin ann maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 na monaróirí.

2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe maidir le nós imeachta chun na teicneolaíochtaí nuálacha nó na pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhormheas. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Beidh na forálacha mionsonraithe sin bunaithe ar na critéir seo a leanas le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha:

(a)

ní mór don soláthróir nó don mhonaróir a bheith cuntasach as coigiltis CO2 a bhaintear amach trí theicneolaíochtaí nuálacha a úsáid;

(b)

ní mór rannchuidiú fíoraithe maidir le laghdú CO2 a bheith ann mar thoradh ar na teicneolaíochtaí nuálacha;

(c)

níor cheart na teicneolaíochtaí nuálacha a bheith faoi chumhdach an timthrialla chaighdeánaigh tástála chun CO2 a thomhas;

(d)

maidir leis na teicneolaíochtaí nuálacha, caithfidh sé:

(i)

nach gcumhdaítear iad le forálacha éigeantacha de bharr bearta comhlántacha breise a bheith ann a chomhlíonann an laghdú 10 g CO2/km dá dtagraítear in Airteagal 1(3), nó

(ii)

nach bhfuil siad éigeantach faoi fhorálacha eile de chuid dhlí an Aontais.

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, ní bheidh feidhm ag an gcritéar dá dtagraítear i bpointe(d)(i) den chéad fhomhír i dtaca le feabhsuithe éifeachtúlachta le haghaidh córais aerchóiriúcháin.

3.   Maidir le soláthróir nó monaróir a dhéanfaidh iarratas go bhformheasfaí beart mar theicneolaíocht nuálach nó mar phacáiste teicneolaíochtaí nuálacha, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear tuarascáil fíorúcháin a dhéanfaidh comhlacht neamhspleách deimhnithe. I gcás ina bhféadfadh idirghníomhaíocht a bheith ann idir an beart sin agus teicneolaíocht nuálach eile nó pacáiste teicneolaíochtaí nuálacha eile a formheasadh roimhe seo, luafar an idirghníomhaíocht sin sa tuarascáil agus déanfar meastóireacht sa tuarascáil fíorúcháin ar a mhéid a mhodhnaíonn an idirghníomhaíocht sin an laghdú a bhaintear amach le gach beart ar leith.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an laghdú a bhaintear amach a fhianú ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i mír 2.

Airteagal 12

Fíorastaíochtaí CO2 agus fíor-ídiú breosla fuinnimh

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú ar a ionadaíche atá luachanna na bhfíor-astaíochtaí CO2 agus an ídithe breosla nó fuinnimh arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 715/2007.

Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún bailiú tráthrialta ar shonraí maidir le fíorastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla nó fuinnimh gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a úsáideann feistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh, ag tosú le gluaisteáin phaisinéirí nua agus feithiclí tráchtála éadroma nua arna gclárú in 2021.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an pobal ar an eolas faoi aon fhorbairt a thagann ar an fior-ionadaíochas sin le himeacht ama.

2.   Chun na críche dá dtagraítear i mír 1, ag tosú ón 1 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún, maidir leis na paraiméadair seo a leanas a bhaineann le fíorastaíochtaí CO2 agus le fíor-ídiú breosla nó fuinnimh ag gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma, a áirithiú go gcuirfidh na monaróirí agus na húdaráis náisiúnta ar fáil iad go tráthrialta ón 1 Eanáir 2021 amach nó go gcuirfear ar fáil iad trí aistriú díreach sonraí ó fheithiclí, de réir mar a bheidh:

(a)

uimhir aitheantais na feithicle;

(b)

ídiú breosla agus/nó ídiú fuinnimh leictrigh;

(c)

an fad iomlán a thaistealaítear;

(d)

i gcás feithiclí leictreacha hibrideacha (in-athluchtaithe), an breosla agus an fuinneamh leictreach a ídíodh agus an fad a taistealaíodh arna dháileadh i measc na modhanna tiomána éagsúla;

(e)

paraiméadair eile a bhfuil gá leo chun a áirithiú gur féidir na hoibleagáidí arna leagan amach i mír 1 a bhaint amach.

Déanfaidh an Coimisiún na sonraí arna bhfáil a phróiseáil faoin gcéad fhomhír chun tacair sonraí anaithnidithe chomhiomlánaithe a chruthú, lena n-áirítear in aghaidh an mhonaróra, chun críocha mhír 1. Ní bhainfear úsáid as uimhreacha aitheantais na bhfeithiclí ach chun críocha na próiseála sonraí sin agus ní choinneofar iad níos faide ná mar is gá chun na críche sin.

3.   Chun cosc a chur le fás bhearna fíorastaíochtaí an domhain, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2023, measúnú ar conas is féidir sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh a úsáid chun a áirithiú go mbeidh astaíochtaí CO2 agus luachanna ídithe breosla nó fuinnimh feithiclí arna gcinneadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 fós ionadaíoch ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir chun cosc a chur le fás bhearna na bhfíorastaíochtaí.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú bliantúil ar conas mar a fhorbróidh an bhearna sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír thar thréimhse 2021 go 2026 agus, d'fhonn cosc a chur le méadú sa bhearna sin, déanfaidh sé measúnú, in 2027, ar a indéanta atá sásra chun coigeartú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra amhail ó 2030, agus, más iomchuí, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun sásra den sórt sin a chur ar bun.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an nós imeachta mionsonraithe a ghlacadh chun na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhailiú agus a phróiseáil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Airteagal 13

Fíorú ar astaíochtaí CO2 feithiclí inseirbhíse

1.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh na hastaíochtaí CO2 agus na luachanna ídithe breosla arna dtaifeadadh sna deimhnithe comhréireachta ag freagairt d'astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh feithiclí inseirbhíse mar a chinntear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151.

2.   Tar éis theacht i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 4, déanfaidh na húdaráis cineálcheadaithe a fhíorú, i gcás na bhfeithiclí gaolmhara sin a bhfuil freagracht acu as an gcineálcheadú ina leith, ar bhonn sampláil iomchuí agus ionadaíocha feithiclí, go bhfuil astaíochtaí CO2 agus luachanna ídithe breosla arna dtaifeadeadh i ndeimhnithe comhréireachta ag freagairt d'astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh na bhfeithiclí inseirbhíse arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán 2017/1151 agus breithniú á dhéanamh, inter alia, ar shonraí atá ar fáil ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.

Déanfaidh na húdaráis cineálcheadaithe freisin aon straitéis infheithicle a bheith ann nó aon straitéis a bhaineann leis na feithiclí arna sampláil a fheabhsaíonn feidhmíocht na feithicle go saorga sna tástálacha arna ndéanamh chun críche an chineálcheadaithe a fhíorú trí, inter alia, úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.

3.   I gcás ina n-aimsítear easpa comhréireachta idir luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe fuinnimh nó aon straitéisí a bheith ann lena bhfeabhsaítear feidhmiú feithicle ar bhonn saorga mar thoradh ar na fíoruithe arna ndéanamh de bhun mhír 2, déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe, sa bhreis ar na bearta riachtanacha a leagtar amach i gCaibidil XI de Rialachán AE 2018/858, ceartú na ndeimhnithe comhréireachta a áirithiú.

4.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na nósanna imeachta chun na fíoruithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Tugtar de chumhacht don Choimisiún, sula nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na treoirphrionsabail agus na critéir a leagan amach lena sainmhíneofar na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 14

Coigeartú ar luachanna M0 agus TM0

1.   Déanfar luachanna M0 agus TM0 dá dtagraítear i gCuid A agus i gCuid B d'Iarscríbhinn I a choigeartú mar a leanas:

(a)

faoin 31 Deireadh Fómhair 2020, déanfar luach M0 i bpointe 4 de Chuid A d'Iarscríbhinn I a choigeartú go dtí meánmhais na ngluaisteán nua paisinéirí uile i riocht feidhmithe a chláraítear i 2017, 2018 agus 2019. Beidh feidhm ag an luach nua M0 sin ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2024;

(b)

faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, déanfar luach M0 i bpointe4 de Chuid B d'Iarscríbhinn I a choigeartú go dtí meánmhais na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile i riocht feidhmithe a chláraítear i 2019, 2020 agus 2021. Beidh feidhm ag an luach M0 nua sin in 2024;

(c)

faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, cinnfear an luach TM0 táscach le haghaidh 2025 mar mheánmhais tástála na ngluaisteán nua paisinéirí uile agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile faoi seach a chláraítear in 2021;

(d)

faoin 31 Deireadh Fómhair 2024, agus gach dara bliain ina dhiaidh sin, déanfar luach TM0 i bpointe 6.2 de Chodanna A agus B d'Iarscríbhinn I a choigeartú go dtí meánmhais tástála na ngluaisteán nua paisinéirí uile agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua uile faoi seach a cláraítear sa dá bhliain féilire roimhe sin, ó 2022 agus 2023 amach. Beidh feidhm ag na luachanna TM0 nua amhail ón 1 Eanáir den bhliain féilire tar éis dháta an choigeartaithe.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhunú.

Airteagal 15

Athbhreithniú agus tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach, sa bhliain 2023, ar éifeachtacht an Rialacháin seo agus déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, ina mbeidh toradh an athbhreithnithe.

2.   Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún breithniú, inter alia, ar a ionadaíche agus atá luachanna na n-astaíocht CO2 agus an ídithe breosla nó fuinnimh arna gcinneadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 i dtaca le fíordhálaí domhanda; úsáid feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle ar mhargadh an Aontais, go háirithe i ndáil le feithiclí tráchtála éadroma; agus cur i bhfeidhm bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe arna thuairisciú faoi Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), lena n-áirítear maoiniú na bhfeithiclí sin agus an bhonneagair sin; a mhéid a d'fhéadfadh úsáid breoslaí malartacha sintéiseacha ardfhorbartha arna dtáirgeadh le fuinneamh in-athnuaite rannchuidiú le hastaíochtaí a laghdú; leis an laghdú iarbhír astaíochtaí CO2 arna bhreathnú ar leibhéal an fhlít reatha; feidhmiú an tsásra dreasachta i gcomhair feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísealastaíochtaí; éifeachtaí féideartha an bhirt idirthréimhsigh a leagtar amach i bpointe 6.3 de Chuid A d'Iarscríbhinn I; tionchar an Rialacháin seo ar thomhaltóirí, go háirithe na tomhaltóirí sin ar ioncam íseal agus ar mheánioncam; chomh maith le gnéithe eile a éascódh a thuilleadh an t-athrú i dtreo iompar glan iomaíoch inacmhainne san Aontas, a bheadh inmharthana ar bhonn eacnamaíoch agus cóir ar bhonn sóisialta.

Sainaithneoidh an Coimisiún, sa tuarascáil sin, freisin bealach follasach chun cinn maidir le tuilleadh laghduithe ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach i gcás gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma ó 2030 ar aghaidh chun rannchuidiú go suntasach le sprioc fhadtéarmach Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

3.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra lena leasófar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2, ar leasú é a dhéanfar go háirithe tríd an athbhreithniú féideartha ar spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais do 2030, i bhfianaise na ngnéithe a liostaítear i mír 2 agus trí spriocanna ceangailteacha laghdaithe astaíochtaí a thabhairt isteach don bhliain 2035 agus 2040 ar aghaidh i gcás gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí saothair éadroim chun claochlú tráthúil na hearnála iompair a áirithiú i dtreo glan-astaíochtaí niallais a bhaint amach i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras.

4.   Mar chuid den athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé nósanna imeachta tástála i leith fíorastaíochtaí a fhorbairt, ag baint úsáid as córais iniompartha chun astaíochtaí a thomhas (PEMS). Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an measúnú sin mar aon leis na measúnuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun astaíochtaí CO2 a thomhas mar a leagtar amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, tograí iomchuí maidir leis na nósanna imeachta sin a oiriúnú ionas go dtabharfar léiriú leordhóthanach ar fhíorastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma.

5.   Mar chuid den athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an bhféidearthacht an t-ioncam ó phréimheanna astaíochtaí sonracha a shannadh ar chiste sonrach nó ar chlár ábhartha, agus é mar chuspóir leis sin aistriú cóir a áirithiú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach dá dtagraítear in Airteagal 4.1 de Chomhaontú Pháras, go háirithe chun tacú le hathoiliúint, breisoiliúint agus oiliúint eile scileanna, agus athdháileadh oibrithe san earnáil mótarfheithiclí i ngach Ballstát a ndéanfar difear dó, go háirithe sna réigiúin agus sna pobail is mó a ndéanfaidh an t-aistriú difear dóibh. Más iomchuí, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach chuige sin faoi 2027 ar a dhéanaí.

6.   Faoin 31 Nollaig 2020, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Threoir 1999/94/CE, lena ndéanfar breithniú ar an ngá le faisnéis chruinn, dhaingean agus inchomparáide a sholáthar do thomhaltóirí maidir le hídiú breosla, astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir ó ghluaisteáin paisinéirí nua a chuirtear ar an margadh, chomh maith le meastóireacht ar na roghanna i dtaca le barainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 a thabhairt isteach d'fheithiclí tráchtála éadroma nua. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an athbhreithniú.

7.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir leis na paraiméadair chomhghaoil is gá, chun aon athrú ar nós imeachta na tástála rialála a léiriú maidir le hastaíochtaí sonracha CO2 dá dtagraítear i Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 692/2008 agus, i gcás inarb infheidhme, i Rialachán (AE) 2017/1151 a thomhas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a leasú trí na foirmlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur in oiriúint, agus leas á bhaint as an modheolaíocht a ghlacfar de bhun mhír 7 den Airteagal seo, agus é á áirithiú go mbeidh ceanglais maidir le laghdú a dhéanamh atá chomh dian céanna de dhíth ar mhonaróirí agus ar fheithiclí le fóntas difriúil faoi na sean-nósanna imeachta tástála agus na nósanna imeachta tástála nua.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Athrú Aeráide, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 44(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(8), in Airteagal 10(8), sa cheathrú fomhír d'Airteagal 11(1), in Airteagal 13(4), in Airteagal 14(2) agus in Airteagal 15(8) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse sé bliana amhail ón 15.5.2019 . Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse sé bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(8), in Airteagal 10(8), sa cheathrú fomhír d'Airteagal 11(1), in Airteagal 13(4), in Airteagal 14(2) agus in Airteagal 15(8) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina thaobh.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(8), Airteagal 10(8), an ceathrú fomhír d'Airteagal 11(1), Airteagal 13(4), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Aisghairm

Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2020.

Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn V.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 227, 28.6.2018, lch. 52.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Aibreán 2019.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua paisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).

(5)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(6)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(7)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena leagtar amach modheolaíocht chun na paraiméadair chomhghaolaithe a chinneadh is gá chun an t-athrú ar nós imeachta na tástála rialála a léiriú maidir le feithiclí tráchtála éadroma agus lena leasaítear Rialachán cur chun feidhme (AE) Uimh. 293/2012 (IO L 175, 7.7.2017, lch. 644).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena leagtar amach modheolaíocht chun na paraiméadair chomhghaolaithe a chinneadh is gá chun an t-athrú ar nós imeachta na tástála rialála a léiriú maidir le feithiclí tráchtála éadroma agus lena leasaítear Rialachán cur chun feidhme (AE) Uimh. 1014/2010 (IO L 175, 7.7.2017, lch. 679).

(12)  Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí faoi bharainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin nua paisinéirí a chur ar an margadh (IO L 12, 18.1.2000, lch. 16).

(13)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a cheadú, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a ceapadh do na feithiclí sin (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(16)  IO C 298, 23.8.2018, lch. 140.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(20)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húsáid a bhaint as bonneagar breoslaí ionadúla (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CUID A.

SPRIOCANNA I LEITH ASTAÍOCHTAÍ SONRACHA DO GHLUAISTEÁIN PAISINÉIRÍ

1.   Don bhliain féilire 2020 maidir le hastaíochtaí sonracha CO2 gach gluaisteáin nua paisinéirí ar leith, chun críocha na ríomhanna sa phointe seo agus i bpointe (2), déanfar iad a chinneadh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Astaíochtaí sonracha CO2 = 95 + a · (M – M0)

I gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

M

=

Mais na feithicle i riocht feidhmithe i gcileagraim (kg)

M0

=

1 379,88

a

=

0,0333

2.   Déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir in 2020 a ríomh mar mheán na n-astaíochtaí sonracha CO2 arna chinneadh de réir phointe 1 do gach gluaisteán nua paisinéirí arna chlárú sa bhliain féilire sin arb é an monaróir sin a mhonaróir.

3.   Déanfar an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir in 2021 a ríomh mar seo a leanas:

Formula

I gcás inarb é:

WLTPCO2

meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 in 2020 arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 agus arna ríomh i gcomhréir leis an dara fleasc d'Airteagal 4(3) den Rialachán seo, gan coigiltis CO2 mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 5 agus Airteagal 11 den Rialachán seo a chur san áireamh;

NEDCCO2

meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 in 2020 arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153 agus arna ríomh i gcomhréir leis an dara fleasc d'Airteagal 4(3) den Rialachán seo, gan coigiltis CO2 mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 5 agus Airteagal 11 den Rialachán seo a chur san áireamh;

NEDCsprioc2020

sprioc 2020 i leith astaíochtaí sonracha arna ríomh i gcomhréir le pointe 1 agus pointe 2.

4.   Do na blianta féilire ó 2021 go 2024, déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir a ríomh mar a leanas:

Sprioc i leith astaíochtaí sonracha = WLTPsprioc thagartha + a [(Mø – M0) – (Mø2020 – M0,2020)]

I gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

WLTPsprioc thagartha

sprioc thagartha 2021WLTP i leith astaíochtaí sonracha arna ríomh i gcomhréir le pointe 3;

a

0,0333;

Mø

meánmhais i riocht feidhmithe (M) na ngluaistéan paisinéirí nua uile de chuid an mhonaróra a chláraítear sa spriocbhliain ábhartha i gcileagraim (kg);

M0

1 379,88 in 2021, agus mar a shainmhínítear é in Airteagal 14(1)(a) do na blianta 2022, 2023 agus 2024;

Mø2020

meánmhais i riocht feidhmithe (M) na ngluaistéan paisinéirí nua uile de chuid an mhonaróra a chláraítear in 2020 i gcileagraim (kg);

M0,2020

1 379,88.

5.   I gcás monaróir a mbeidh maolú deonaithe dó maidir le sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá bunaithe ar NEDC in 2021, déanfar sprioc WLTP-bhunaithe an mhaolaithe a ríomh mar a leanas:

Formula

I gcás gurb é:

WLTPCO2

WLTPCO2 mar a shainmhínítear i bpointe 3 é;

NEDCCO2

NEDCCO2 mar a shainmhínítear i bpointe 3 é;

NEDC2021target

sprioc 2021 i leith maolaithe arna deonú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 10.

6.   Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, déanfar na spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais agus na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir a ríomh mar a leanas:

6.0.   Sprioc 2021 le haghaidh fhlít uile an Aontais

Is é sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais meán luachanna tagartha, arna ualú de réir líon na ngluaisteán paisinéirí nua a chláraítear in 2021, arna chinneadh i gcás gach monaróra ar leith a bhfuil feidhm ag sprioc astaíochtaí sonracha maidir leis, i gcomhréir le pointe 4.

Déanfar luach tagartha2021 a chinneadh, i gcás gach monaróra, mar a leanas:

Formula

I gcás inarb é:

WLTPCO2, tomhaiste

meán na n-astaíochtaí CO2 san iomlán, i gcás gach monaróra, arna dtomhas maidir le gach gluaisteán nua paisinéirí arna chlárú in 2020, arna chinneadh agus arna thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 7a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153;

NEDC2020,Sprioc don Fhlít

95 g/km;

NEDCCO2

mar a shainmhínítear i bpointe 3 é;

Mø2021

meánmhais i riocht feidhmithe ghluaisteáin nua paisinéirí an mhonaróra a chláraítear in 2021 i gcileagraim (kg);

M0,2021

meánmhais, i gcileagraim, i riocht feidhmithe na ngluaisteán paisinéirí nua uile arna gclárú in 2021 de chuid na monaróirí sin, a bhfuil feidhm ag sprioc astaíochtaí sonracha maidir leo i gcomhréir le pointe 4;

a

mar a shainmhínítear i bpointe 4 é;

6.1.   Spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais do 2025 agus 2030

6.1.1.   Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais don tréimhse ó 2025 go 2029

Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2025 = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021 (1 – fachtóir laghdaithe2025)

i gcás inarb é:

sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021

mar a shainmhínítear é i bpointe 6.0;

fachtóir laghdaithe2025

an laghdú arna shonrú i bpointe (a) d'Airteagal 1(4).

6.1.2.   Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais ó 2030 ar aghaidh

Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030 = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021 (1 – fachtóir laghdaithe2030)

i gcás inarb é:

sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021

mar a shainmhínítear é i bpointe 6.0;

fachtóir laghdaithe2030

an laghdú arna shonrú i bpointe (a) d'Airteagal 1(5).

6.2.   Spriocanna tagartha i leith astaíochtaí sonracha ó 2025 ar aghaidh

6.2.1.   Spriocanna tagartha i leith astaíochtaí sonracha do 2025 go 2029

An sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2025 + a2025 (TM–TM0)

i gcás inarb ionann:

Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021

mar a chinntear i gcomhréir le pointe 6.1.1;

a2025

Formula

i gcás inarb é:

a2021

fána na líne dírí cúlchéimnithe arna bunú trí mhodh oiriúnaithe cúlchéimnithe línigh a chur i bhfeidhm ar mhais tástála (athróg spleách) agus astaíochtaí sonracha CO2 (athróg neamhspleách) gach gluaisteán paisineirí nua a chláraítear in 2021

meánastaíochtaí 2021

meánastaíochtaí sonracha CO2 gach gluaisteán paisineirí nua a chláraítear in 2021 de chuid na monaróirí sin a ríomhtar sprioc shonrach astaíochtaí ina leith i gcomhréir le pointe 4

TM

meánmhais tástála i gcileagraim (kg) gach gluaisteán paisineirí nua de chuid an mhonaróra a chláraítear sa bhliain féilire ábhartha;

TM0

an luach i gcileagraim (kg) arna chinneadh i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 14(1).

6.2.2.   Spriocanna tagartha i leith astaíochtaí sonracha ó 2030 ar aghaidh

An sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030 + a2030 (TM – TM0)

i gcás inarb ionann:

Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030

mar a shainmhínitear i bpointe 6.2.1;

a2030

Formula

i gcás inarb é:

a2021

mar a shainmhínitear i bpointe 6.2.1;

meánastaíochtaí 2021

is as defined in point 6.2.1;

TM

is as defined in point 6.2.1;

TM0

is as defined in point 6.2.1.

6.3.   Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha ó 2025 ar aghaidh

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha = an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha Fachtóir ZLEV (feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha)

i gcás inarb é:

sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha an sprioc thagartha

i leith astaíochtaí CO2 arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.1 don tréimhse ó 2025 go 2029 agus le pointe 6.2.2 ó 2030 ar aghaidh;

fachtóir ZLEV

(1+y–x), ach amháin más mó an tsuim sin ná 1,05 nó más lú ná 1,0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1,05 nó 1,0 de réir mar a bheidh;

i gcás inarb é:

y

sciar na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha i bhflít gluaisteán paisinéirí nua an mhonaróra arna ríomh mar an líon iomlán feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, i gcás ina ndéanfar gach ceann díobh a áireamh mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, arna roinnt ar líon iomlán na ngluaisteán paisinéirí nua arna gclárú sa bhliain féilire ábhartha:

Formula

I gcás gluaisteán paisinéirí nua a chláraítear i mBallstáit ina bhfuil sciar d'fheithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ina bhflít atá faoi bhun 60 % de mheán an Aontais sa bhliain 2017 (1) agus ina bhfuil níos lú ná 1 000 feithicil astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha nua in 2017, ríomhfar ZLEVsonrach go dtí 2030, agus an bhliain sin san áireamh, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

I gcás inar mó ná 5 % de sciar na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha i bhflít Ballstáit de ghluaisteáin paisinéirí nua a chláraitear i mbliain idir 2025 agus 2030, ní bheidh an Ballstát sin incháilithe chun an t-iolraitheoir de 1,85 a chur i bhfeidhm sna blianta ina dhiaidh sin;

x

inarb é 15 % sna blianta ó 2025 agus 2029 agus 35 % ó 2030 ar aghaidh é.

CUID B.

SPRIOCANNA I LEITH ASTAÍOCHTAÍ SONRACHA D'FHEITHICLÍ TRÁCHTÁLA ÉADROMA

1.   Don bhliain féilire 2020, maidir le hastaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair gach feithicle tráchtála éadroime nua, chun críocha na ríomhanna sa phointe seo agus i bpointe (2), déanfar iad a chinneadh i gcomhréir leis na foirmlí seo a leanas:

Astaíochtaí sonracha CO2 = 147 + a · (M – M0)

I gcás inarb é:

M

=

Mais na feithicle i riocht feidhmithe i gcileagraim (kg)

M0

=

1 766,4

a

=

0,096.

2.   Déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir 2020 a ríomh mar mheán na n-astaíochtaí sonracha CO2 arna chinneadh de réir phointe 1 i gcomhair gach feithicle tráchtála éadroime nua arna clárú sa bhliain féilire sin arb é an monaróir sin a monaróir.

3.   Déanfar an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir in 2021 a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

WLTPCO2

meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 in 2020 arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151 gan coigiltis CO2 mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 11 den Rialachán seo a chur san áireamh;

NEDCCO2

meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 in 2020 arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152, gan coigiltí CO2 mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 11 den Rialachán seo a chur san áireamh;

NEDCsprioc2020

sprioc 2020 i leith astaíochtaí sonracha arna ríomh i gcomhréir le pointí 1 agus 2.

4.   Do na blianta féilire ó 2021 go 2024, déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir a ríomh mar a leanas:

Sprioc i leith astaíochtaí sonracha = WLTPsprioc thagartha + a [(Mø – M0) – (Mø2020 – M0,2020)]

i gcás inarb é:

WLTPsprioc thagartha

sprioc thagartha 2021 WLTP i leith astaíochtaí sonracha arna ríomh i gcomhréir le pointe 3;

a

0,096;

Mø

meánmhais i riocht feidhmithe (M) fheithiclí tráchtála éadroma nua an mhonaróra a chláraítear sa spriocbhliain ábhartha i gcileagraim (kg);

M0

1 766,4 in 2020 agus, do na blianta 2021, 2022 agus 2023, an luach arna ghlacadh de bhun Airteagal 13(5) de Rialachán (AE) Uimh. 510/2011, agus do 2024 an luach arna ghlacadh de bhun phointe (b) d'Airteagal 14(1) den Rialachán seo;

2020

meánmhais i riocht feidhmithe (M) fheithiclí tráchtála éadroma nua an mhonaróra a chláraítear in 2020 i gcileagraim (kg);

M0,2020

1 766,4.

5.   I gcás monaróir a mbeidh maolú deonaithe dó maidir le sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá bunaithe ar NEDC in 2021, déanfar sprioc WLTP-bhunaithe an mhaolaithe a ríomh mar a leanas:

Formula

i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

WLTPCO2

WLTPCO2 mar a shainmhínítear i bpointe 3 é;

NEDCCO2

NEDCCO2 mar a shainmhínítear i bpointe 3 é;

NEDC2021sprioc

sprioc maolaithe 2021 i leith astaíochtaí sonracha arna deonú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 10.

6.   Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, déanfar na spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais agus an sprioc i leith astaíochtaí sonracha do mhonaróir a ríomh mar seo a leanas:

6.0.   Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais do 2021

Is é sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021 meán luachanna tagartha2021, arna ualú de réir líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear in 2021, arna chinneadh i gcás gach monaróra ar leith a bhfuil feidhm ag sprioc astaíochtaí sonracha maidir leis, i gcomhréir le pointe 4.

Déanfar luach tagartha2021 a chinneadh, i gcás gach monaróra, mar a leanas:

Formula

i gcás inarb é:

WLTPCO2, tomhaiste

meán na n-astaíochtaí CO2 san iomlán, i gcás gach monaróra, arna dtomhas maidir le gach feithicil tráchtála éadroime arna clárú in 2020, arna chinneadh agus arna thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 7a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152;

NEDC2020,Sprioc don Fhlít

147 g/km;

NEDCCO2

mar a shainmhínítear i bpointe 3 é;

Mø2021

meánmhais i riocht feidhmithe fheithiclí tráchtála éadroma nua an mhonaróra cláraithe in 2021 i gcileagraim (kg);

M0,2021

meánmhais in 2021, i gcileagraim, i riocht feidhmithe fheithiclí tráchtála éadroma nua uile na monaróirí sin arna gclárú in 2021, a bhfuil feidhm ag sprioc astaíochtaí sonracha maidir leo i gcomhréir le pointe 4;

a

mar a shainmhínítear i bpointe 4 é;

6.1.   Spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais do 2025 agus 2030

6.1.1.   Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais don tréimhse ó 2025 go 2029

Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2025 = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021 · (1 – fachtóir laghdaithe2025)

i gcás inarb é:

sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021

mar a shainmhínítear i bpointe 6.0 é;

fachtóir laghdaithe2025

an laghdú arna shonrú i bpointe (b) d'Airteagal 1(4).

6.1.2.   Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais ó 2030 ar aghaidh

Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030 = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021 · (1 – fachtóir laghdaithe2030)

i gcás inarb é:

sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021

sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021

fachtóir laghdaithe2030

sprioc le haghaidh fhlít uile an an laghdú arna shonrú i bpointe (b) d'Airteagal 1(5).

6.2.   Spriocanna tagartha i leith astaíochtaí sonracha ó 2025 ar aghaidh

6.2.1.   Spriocanna thagartha i leith astaíochtaí sonracha ó 2025 go 2029

An sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2025 + α · (TM – TM0)

i gcás inarb é:

sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2025

mar a chinntear i gcomhréir le pointe 6.1.1 é;

α

a2025 i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí tráchtála éadroma nua monaróra cothrom le nó níos ísle ná TM0 arna chinneadh i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 14(1)(d) agus a2021 i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí tráchtála éadroma nua monaróra níos airde ná TM0 arna chinneadh i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 14(1);

i gcás gurb ionann:

a2025

Formula

a2021

fána na líne dírí cúlchéimnithe arna bunú trí mhodh oiriúnaithe cúlchéimnithe línigh a chur i bhfeidhm ar mhais tástála (athróg neamhspleách) agus astaíochtaí sonracha CO2 (athróg spleách) gach feithicle tráchtála éadrom nua a chláraitear in 2021;

meánastaíochtaí2021

meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle tráchtála éadrom nua cláraithe in 2021 de chuid na monaróirí sin a ríomhtar sprioc shonrach astaíochtaí ina leith i gcomhréir le pointe 4;

TM

meánmhais tástála i gcileagraim (kg) gach feithicle tráchtála éadrom nua de chuid an mhonaróra cláraithe sa bhliain féilire ábhartha;

TM0

an luach i gcileagraim (kg) arna chinneadh i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 14(1).

6.2.2.   Spriocanna thagartha i leith astaíochtaí sonracha ó 2030 ar aghaidh

An sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030 + α · (TM – TM0)

i gcás inarb é:

sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030

mar a chinntear i gcomhréir le pointe 6.1.2 é;

α

a2030 i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí tráchtála éadroma nua monaróra cothrom le nó níos ísle ná TM0 arna chinneadh i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 14(1)(d) agus a2021 i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí tráchtála éadroma nua monaróra níos airde ná TM0 arna chinneadh i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 14(1)(d);

i gcás inarb ionann:

a2030

Formula

a2021

mar atá sainmhínithe i bpointe 6.2.1;

meánastaíochtaí 2021

sainmhínithe i bpointe 6.2.1;

TM

mar atá sainmhínithe i bpointe 6.2.1;

TM0

mar atá sainmhínithe i bpointe 6.2.1;

6.3.   An sprioc i leith astaíochtaí sonracha ó 2025 ar aghaidh

6.3.1.   Spriocanna thagartha i leith astaíochtaí sonracha ó 2025 go 2029

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha = (sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha – (øspriocanna – sprioc2025 le haghaidh fhlít uile an Aontais)) Fachtóir ZLEV

i gcás inarb é:

sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha

an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha don mhonaróir arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.1;

øspriocanna

meán na spriocanna tagartha uile i leith astaíochtaí sonracha, ualaithe ar líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua atá ag gach monaróir aonair, arna chinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.1;

fachtóir ZLEV

(1 + y – x), ach amháin más mó an tsuim sin ná 1,05 nó más lú ná 1,0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1,05 nó 1,0 de réir mar a bheidh;

i gcás inarb é:

y

sciar na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha i bhflít feithiclí tráchtála éadroma nuachláraithe an mhonaróra arna ríomh mar an líon iomlán feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, sa chás ina ndéanfar gach ceann díobh a áireamh mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmleseo a leanas, arna roinnt ar líon iomlán na bhfeithiclí tráchtála éadroma nuachláraithe sa bhliain féilire ábhartha

Formula

x

15 %.

6.3.2.   Spriocanna tagartha i leith astaíochtaí sonracha ó 2030 ar aghaidh

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha = (sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha – (øspriocanna – flít uile an Aontais sprioc2030)) Fachtóir ZLEV

i gcás inarb é:

sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha

an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha don mhonaróir arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.2

øspriocanna

meán na spriocanna tagartha uile i leith astaíochtaí sonracha, ualaithe ar líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nuachláraithe atá ag gach monaróir aonair, arna chinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.2;

Fachtóir ZLEV

(1 + y – x), ach amháin más mó an tsuim sin ná 1,05 nó más lú ná 1,0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1,05 nó 1,0 de réir mar a bheidh;

i gcás inarb é:

y

sciar na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha i bhflít feithiclí tráchtála éadroma nuachláraithe an mhonaróra arna ríomh mar an líon iomlán feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, sa chás ina ndéanfar gach ceann díobh a áireamh mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, arna roinnt ar líon iomlán na bhfeithiclí tráchtála éadroma nuachláraithe sa bhliain féilire ábhartha

Formula

x

30 %


(1)  Déantar sciar na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha nua i bhflít na ngluaisteán paisinéirí nua de chuid Bhallstáit cláraithe in 2017 a ríomh mar líon iomlán na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha claraithe in 2017 arna roinnt ag líon iomlán na ngluaisteán paisinéirí nua a chláraítear sa bhliain chéanna.


IARSCRÍBHINN II

FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ ASTAÍOCHTAÍ Ó GHLUAISTEÁIN NUA PAISINÉIRÍ

CUID A

Sonraí a bhailiú maidir le gluaisteáin nua paisinéirí agus faisnéis fhaireacháin astaíochtaí CO2 a chinneadh

1.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcás gach bliana féilire, na sonraí mionsonraithe seo a leanas a thaifeadadh i leith gach gluaisteáin nua paisinéirí a chlárófar mar fheithicil M1 ar a gcríoch:

(a)

an monaróir;

(b)

an uimhir chineálcheadaithe agus aon leathnú ar an gcineálcheadú;

(c)

an cineál, an t-athraitheach, agus an leagan (i gcás inarb infheidhme);

(d)

an déanamh agus an t-ainm tráchtála;

(e)

catagóir na feithicle arna cineálcheadú;

(f)

líon iomlán na gclárúchán nua;

(g)

an mhais i riocht feidhmithe;

(h)

astaíochtaí sonracha CO2(NEDC agus WLTP);

(i)

lorg: an rothfhad, leithead rian an acastóra stiúrtha agus leithead riain an acastóra eile;

(j)

an cineál breosla agus an mód breosla;

(k)

toilleadh an innill;

(l)

ídiú an fhuinnimh leictrigh;

(m)

cód don teicneolaíocht nuálach nó cód don ghrúpa de theicneolaíochtaí nuálacha agus an laghdú ar astaíochtaí CO2 mar thoradh ar an teicneolaíocht sin (NEDC agus WLTP);

(n)

glanchumhacht uasta;

(o)

uimhir aitheantais na feithicle;

(p)

mais tástála WLTP;

(q)

na fachtóirí maidir le claonadh agus fíorú dá dtagraítear i bpointe 3.2.8 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153;

(r)

catagóir na feithicle arna clárú;

(s)

uimhir aitheantais feithiclí gaolmhara;

(t)

raon leictreach, i gcás inarb infheidhme.

cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 7, gach sonra atá liostaithe sa phointe seo san fhormáid mar atá sonraithe i Roinn 2 de Chuid B.

2.   Maidir leis na sonraí mionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1, gheofar iad ó dheimhniú comhréireachta an ghluaisteáin ábhartha paisinéirí. I gcás feithiclí débhreoslaithe (peitreal/gás), a bhfuil luachanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 le haghaidh an dá chineál breosla ar a ndeimhniú comhréireachta, ní úsáidfidh na Ballstáit ach an luach arna thomhas don ghás.

3.   Cinnfidh na Ballstáit i gcás gach bliana féilire:

(a)

líon iomlán na gclárúchán nua de ghluaisteáin nua paisinéirí faoi réir chineálcheadú CE;

(b)

líon iomlán na gclárúchán nua de ghluaisteáin nua paisinéirí arna gcineálcheadú ina gceann agus ina gceann;

(c)

líon iomlán na gclárúchán nua de ghluaisteáin nua paisinéirí atá faoi réir cineálcheadú náisiúnta i mbaisceanna beaga.

CUID B

An fhormáid chun na sonraí a tharchur

I gcás gach bliana, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc sna formáidí seo a leanas faoin bhfaisnéis a shonraítear i bpointe 1 agus pointe 3 de Chuid A:

ROINN 1

SONRAÍ FAIREACHÁIN COMHIOMLÁNAITHE

Ballstát (1)

 

Bliain

 

Líon iomlán na gclárúchán nua de ghluaisteáin nua paisinéirí faoi réir chineálcheadú CE

 

Líon iomlán na gclárúchán nua de ghluaisteáin nua paisinéirí arna gcineálcheadú ina gceann agus ina gceann

 

Líon iomlán na gclárúchán nua de ghluaisteáin nua paisinéirí atáfaoi réir cineálcheadú go náisiúnta i mbaisceanna beaga

 

ROINN 2

SONRAÍ FAIREACHÁIN MIONSONRAITHE – TAIFEAD AMHÁIN FEITHICLE

Tagairt do phointe 1 de Chuid A

Sonraí mionsonraithe in aghaidh na feithicle arna clárú

(a)

Ainm an mhonaróra, aicmiú caighdeánach AE

Ainm an mhonaróra, dearbhú an mhonaróra trealaimh bunaidh

Ainm an mhonaróra i gclárlann an Bhallstáit (2)

(b)

An uimhir chineálcheadaithe agus aon leathnú ar an gcineálcheadú

(c)

Cineál

Athraitheach

Leagan

(d)

An déanamh agus an t-ainm tráchtála

(e)

Catagóir an chineáil feithicle fhormheasta

(f)

Líon iomlán na gclárúchán nua

(g)

Mais i riocht feidhmithe

(h)

Astaíochtaí sonracha CO2 (san iomlán)

Luach NEDC go dtí an 31 Nollaig 2020 ach amháin i gcás feithiclí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 5 ar ina leith a chinnfear luach NEDC go dtí an 31 Nollaig 2022 i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1153

Astaíochtaí sonracha CO2 (san iomlán)

Luach WLTP

(i)

Rothfhad

Leithead rian an acastóra stiúrtha (Acastóir 1)

Leithead rian an acastóra eile (Acastóir 2)

(j)

Cineál breosla

Modh breosla

(k)

Toilleadh innill (cm3)

(l)

Ídiú an fhuinnimh leictrigh (Wh/km)

(m)

Cód na héiceanuálaíochta/na n-éiceanuálaíochtaí

Líon iomlán na gcoigilteas astaíochtaí CO2 NEDC de thoradh na héiceanuálaíochta/na n-éiceanuálaíochtaí go dtí 31 Nollaig 2020

Líon iomlán na gcoigilteas astaíochtaí CO2 WLTP de thoradh na héiceanuálaíochta/na n-éiceanuálaíochtaí

(n)

Glanchumhacht uasta

(o)

Uimhir aitheantais na feithicle

(p)

Mais tástála WLTP

(q)

Fachtóir maidir le claonadh De (más ann dó)

Fachtóir maidir le fíorú (más ann dó)

(r)

Catagóir na feithicle cláraithe

(s)

Uimhir aitheantais feithiclí gaolmhara

(t)

Raon leictreach, i gcás ina bhfuil sé ar fáil


(1)  Cóid ISO 3166 alpha-2, cé is moite den Ghréig agus den Ríocht Aontaithe ar ina leith a úsáidtear na cóid “EL” agus “UK” faoi seach.

(2)  I gcás cineálcheadú náisiúnta baisceanna beaga feithiclí (NSS) nó ceadú feithiclí ina gceann agus ina gceann (IVA), tabharfar ainm an mhonaróra sa cholún “Ainm an mhonaróra i gclárlann an Bhallstáit” agus sa cholún “Ainm an mhonaróra, aicmiú caighdeánach AE”, scríobhfar ceachtar díobh seo a leanas: “AA-NSS” nó “AA-IVA” de réir mar a bheidh.


IARSCRÍBHINN III

FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ AR ASTAÍOCHTAÍ Ó FHEITHICLÍ TRÁCHTÁLA ÉADROMA NUA

A.   Sonraí a bhailiú maidir le feithiclí tráchtála éadroma nua agus faisnéis faireacháin astaíochtaí CO2 a chinneadh

1.   Sonraí mionsonraithe

1.1.   Feithiclí iomlána arna gclárú mar N1

I gcás feithiclí iomlána cineálcheadaithe CE arna gclárú mar N1, déanfaidh na Ballstáit, i gcás gach bliana féilire, na sonraí mionsonraithe seo a leanas a thaifeadadh i leith gach feithicle tráchtála éadroime nua tráth a cláraithe den chéad uair ar a gcríoch:

(a)

an monaróir;

(b)

an uimhir chineálcheadaithe agus aon leathnú ar an gcineálcheadú;

(c)

an cineál, an t-athraitheach agus an leagan;

(d)

an déanamh;

(e)

catagóir na feithicle arna cineálcheadú;

(f)

catagóir na feithicle arna clárú;

(g)

astaíochtaí sonracha CO2 (NEDC agus WLTP);

(h)

an mhais i riocht feidhmithe;

(i)

an mhais uasta ualaithe atá incheadaithe go teicniúil;

(j)

lorg: an rothfhad, leithead rian an acastóra stiúrtha agus leithead riain an acastóra eile;

(k)

an cineál breosla agus an mód breosla;

(l)

toilleadh an innill;

(m)

ídiú an fhuinnimh leictrigh;

(n)

cód na teicneolaíochta nuálaí nó cód an ghrúpa de theicneolaíochtaí nuálacha agus an laghdú ar astaíochtaí CO2 mar thoradh ar an teicneolaíocht sin (NEDC agus WLTP);

(o)

uimhir aitheantais na feithicle;

(p)

mais tástála WLTP;

(q)

na fachtóirí maidir le claonadh agus fíorú dá dtagraítear i bpointe 3.2.8 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1152;

(r)

uimhir aitheantais feithiclí gaolmhara arna cinneadh i gcomhréir le pointe 5.0 d'Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151;

(s)

raon leictreach, i gcás inarb infheidhme.

Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 7, gach sonra atá liostaithe sa phointe seo, san fhormáid mar atá sonraithe i Roinn 2 de Chuid C den Iarscríbhinn seo.

1.2.   Feithiclí arna gcineálcheadú i bpróiseas ilchéime agus arna gclárú mar fheithiclí N1

I gcás feithiclí ilchéime arna gclárú mar fheithiclí N1, déanfaidh na Ballstáit, i gcás gach bliana féilire, na sonraí mionsonraithe seo a leanas a thaifeadadh i leith na nithe seo:

(a)

an bhonnfheithicil (neamhiomlán): na sonraí a shonraítear i bpointí (a), (b), (c), (d), (e), (g), (h), (i), (n) agus (o) de phointe 1.1, nó, in ionad na sonraí a shonraítear i bpointe (h) agus pointe (i), an mhais bhreise réamhshocraithe a sholáthraítear mar chuid den fhaisnéis chineálcheadaithe a shonraítear i bpointe 2.17.2 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;

(b)

an bhonnfheithicil (iomlán): na sonraí a shonraítear i bpointí (a), (b), (c), (d), (e), (g), (h), (i), (n) agus (o) de phointe 1.1;

(c)

an fheithicil chríochnaithe: na sonraí a shonraítear i bpointí (a), (f), (g), (h), (j), (k), (l), (m) agus (o) de phointe 1,1.

I gcás nach féidir aon sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír a sholáthar i dtaca leis an mbonnfheithicil, cuirfidh an Ballstát ar fáil sonraí maidir leis an bhfeithicil chríochnaithe ina ionad sin.

Úsáidfear an fhormáid a leagtar amach i Roinn 2 de Chuid C i dtaca le feithiclí críochnaithe N1.

Ní chuirfear ar fáil don phobal an uimhir aitheantais feithicle dá dtagraítear i bpointe (o) de phointe 1.1.

2.   Maidir leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe 1, gheofar iad ón deimhniú comhréireachta. I gcás feithiclí débhreoslaithe (peitreal/gás), a bhfuil luachanna i leith astaíochtaí sonracha CO2 le haghaidh an dá chineál breosla ar a ndeimhniú comhréireachta, ní úsáidfidh na Ballstáit ach an luach arna thomhas don ghás.

3.   Cinnfidh na Ballstáit i gcás gach bliana féilire:

(a)

líon iomlán na gclárúchán nua d'fheithiclí tráchtála éadroma nua faoi réir chineálcheadú CE;

(b)

líon iomlán na gclárúchán nua d'fheithiclí tráchtála éadroma nua faoi réir chineálcheadú ilchéime, más ann dó;

(c)

líon iomlán na gclárúchán nua d'fheithiclí tráchtála éadroma nua arna gcineálcheadú ina gceann agus ina gceann;

(d)

líon iomlán na gclárúchán nua d'fheithiclí tráchtála éadroma nua atá faoi réir cineálcheadú náisiúnta baisceanna beaga.

B.   Modheolaíocht chun faisnéis faireacháin CO2 a chinneadh d'fheithiclí tráchtála éadroma nua

Maidir leis an bhfaisnéis faireacháin a bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit í a chinneadh i gcomhréir le pointe 1 agus pointe 3 de Chuid A, cinnfear í i gcomhréir leis an modheolaíocht a shonraítear sa Chuid seo.

1.   Líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua arna gclárú

Cinnfidh na Ballstáit líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua arna gclárú ar a gcríoch sa bhliain ábhartha faireacháin agus iad roinnte idir feithiclí atá faoi réir chineálcheadú CE, feithiclí ar a ndéantar cineálcheadú ina gceann agus ina gceann agus feithiclí ar a ndéantar cineálcheadú i mbaisceanna beaga go náisiúnta agus, más ann dó, faoi réir cineálcheadú ilchéime.

2.   Feithiclí críochnaithe

I gcás feithiclí ilchéime, déanfar astaíochtaí sonracha CO2 fheithiclí críochnaithe a leithdháileadh chuig monaróir na bonnfheithicle.

Chun a áirithiú go mbeidh luachanna na n-astaíochtaí CO2 agus an éifeachtúlacht breosla agus mais na bhfeithiclí críochnaithe ionadaíoch, gan ualach iomarcach a chur ar mhonaróir na bonnfheithicle, déanfaidh an Coimisiún nós imeachta faireacháin sainiúil a chur ar aghaidh agus déanfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, na leasuithe is gá ar an reachtaíocht ábhartha um chineálcheadú.

D'ainneoin gur chun críche sprioc 2020 a ríomh i gcomhréir le pointe 2 de Chuid B d'Iarscríbhinn I a úsáidfear an mhais bhreise réamhshocraithe ó Chuid C den Iarscríbhinn seo, i gcás nach féidir an luach maise sin a chinneadh, féadfar an mhais i riocht feidhmithe na feithicle críochnaithe a úsáid chun an sprioc i leith astaíochtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 7(4) a ríomh go sealadach.

Más feithicil iomlán an bhonnfheithicil, úsáidfear mais i riocht feidhmithe na feithicle sin chun an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomh. I gcás, áfach, nach féidir luach na maise a chinneadh, féadfar mais i riocht feidhmithe na feithicle críochnaithe a úsáid chun an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomh go sealadach.

C.   Formáidí chun na sonraí a tharchur

I gcás gach bliana, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc san fhormáid seo a leanas faoin bhfaisnéis a shonraítear i bpointe 1 agus pointe 3 de Chuid A:

Roinn 1

Sonraí faireacháin comhiomlánaithe

Ballstát (1)

 

Bliain

 

Líon iomlán na gclárúchán nua d'fheithiclí tráchtála éadroma nua faoi réir chineálcheadú CE

 

Líon iomlán na gclárúchán nua d'fheithiclí tráchtála éadroma nua arna gcineálcheadú ina gceann agus ina gceann

 

Líon iomlán na gclárúchán nua d'fheithiclí tráchtála éadroma nua faoi réir cineálcheadú náisiúnta baisceanna beaga

 

Líon iomlán na gclárúchán nua d'fheithiclí tráchtála éadroma nua faoi réir chineálcheadú ilchéime (más ann dó)

 


Roinn 2

Sonraí faireacháin mionsonraithe — taifead amháin feithicle

Tagairt do phointe 1.1 de Chuid A

Sonraí mionsonraithe in aghaidh na feithicle arna clárú (2)

(a)

Ainm an mhonaróra, aicmiú caighdeánach AE (3)

Ainm an mhonaróra, dearbhú an mhonaróra trealaimh bunaidh

FEITHICIL IOMLÁN/BONNFHEITHICIL (4)

Ainm an mhonaróra, dearbhú an mhonaróra trealaimh bunaidh

FEITHICLÍ CRÍOCHNAITHE (4)

Ainm an mhonaróra i gclárlann an Bhallstáit (3)

(b)

An uimhir chineálcheadaithe agus aon leathnú ar an gcineálcheadú

(c)

Cineál

Athraitheach

Leagan

(d)

Déanamh

(e)

Catagóir na feithicle arna cineálcheadú

(f)

Catagóir na feithicle cláraithe

(g)

Astaíochtaí sonracha CO2 (san iomlán)

luach NEDC go dtí an 31 Nollaig 2020

Astaíochtaí sonracha CO2 (san iomlán)

luach WLTP

(h)

Mais i riocht feidhmithe

BONNFHEITHICIL

Mais i riocht feidhmithe

FEITHICIL CHRÍOCHNAITHE/FEITHICIL IOMLÁN

(i) (5)

Mais uasta ualaithe atá incheadaithe go teicniúil

(j)

Rothfhad

Leithead rian an acastóra stiúrtha (Acastóir 1)

Leithead rian an acastóra eile (Acastóir 2)

(k)

Cineál breosla

Modh breosla

(l)

Toilleadh innill (cm3)

(m)

Ídiú an fhuinnimh leictrigh (Wh/km)

(n)

Cód na héiceanuálaíochta/na n-éiceanuálaíochtaí

Líon iomlán na gcoigilteas astaíochtaí CO2 NEDC de thoradh na héiceanuálaíochta/na n-éiceanuálaíochtaí go dtí an 31 Nollaig 2020

Líon iomlán na gcoigilteas astaíochtaí CO2 WLTP de thoradh na héiceanuálaíochta/na n-éiceanuálaíochtaí

(o)

Uimhir aitheantais na feithicle

(p)

Mais tástála WLTP

(q)

Fachtóir maidir le claonadh De (más ann dó)

Fachtóir maidir le fíorú (más ann dó)

(r)

Uimhir aitheantais feithiclí gaolmhara

(s)

Raon leictreach, más ann dó

Pointe 2.17.2 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE (6)

Mais bhreise réamhshocraithe (i gcás inarb infheidhme i gcás feithiclí ilchéime)


(1)  Cóid ISO 3166 alpha-2, cé is moite den Ghréig agus den Ríocht Aontaithe ar ina leith a úsáidtear na cóid “EL” agus “UK” faoi seach.

(2)  Más rud é, i gcás feithiclí ilchéime, nach féidir sonraí a sholáthar i dtaca leis an mbonnfheithicil, cuirfidh an Ballstát, ar a laghad, na sonraí a shonraítear maidir leis an bhfeithicil chríochnaithe ar fáil san fhormáid sin.

(3)  I gcás cineálcheadú náisiúnta baisceanna beaga feithiclí (NSS) nó ceadú feithiclí ina gceann agus ina gceann (IVA), tabharfar ainm an mhonaróra sa cholún “Ainm an mhonaróra i gclárlann an Bhallstáit” agus sa cholún “Ainm an mhonaróra, aicmiú caighdeánach AE”, scríobhfar ceachtar díobh seo a leanas: “AA-NSS” nó “AA-IVA” de réir mar a bheidh.

(4)  I gcás feithiclí ilchéime, cuirtear in iúl monaróir na bonnfheithicle (neamhiomlán/iomlán). I gcás nach bhfuil faisnéis faoi mhonaróir na bonnfheithicle ar fáil, cuirtear in iúl monaróir na feithicle críochnaithe agus sin amháin.

(5)  I gcás feithiclí ilchéime, cuirtear in iúl mais uasta ualaithe atá incheadaithe go teicniúil na bonnfheithicle.

(6)  I gcás feithiclí ilchéime, féadfar an mhais bhreise réamhshocraithe a shonraítear san fhaisnéis chineálcheadaithe i gcomhréir le pointe 2.17.2 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE a chur in ionad na maise i riocht feidhmíochta agus mhais uasta ualaithe atá incheadaithe go teicniúil na bonnfheithicle.


IARSCRÍBHINN IV

RIALACHÁIN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE A RINNEADH ORTHU

Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 140, 5.6.2009, lch. 1)

Rialachán (AE) Uimh. 397/2013 ón gCoimisiún

(IO L 120, 1.5.2013, lch. 4.)

Rialachán (AE) Uimh. 333/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 103, 5.4.2014, lch. 15.)

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/6 ón gCoimisiún

(IO L 3, 7.1.2015, lch. 1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1502 ón gCoimisiún

(IO L 221, 26.8.2017, lch. 4.)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/649 ón gCoimisiún

(IO L 108, 27.4.2018, lch. 14)

Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 145, 31.5.2011, lch. 1.)

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 205/2012 ón gCoimisiún

(IO L 72, 10.3.2012, lch. 2.)

Rialachán (AE) Uimh. 253/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 84, 20.3.2014, lch. 38.)

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 404/2014 ón gCoimisiún

(IO L 121, 24.4.2014, lch. 1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/748 ón gCoimisiún

(IO L 113, 29.4.2017, lch. 9.)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1499 ón gCoimisiún

(IO L 219, 25.8.2017, lch. 1.)


IARSCRÍBHINN V

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 443/2009

Rialachán (AE) Uimh. 510/2011

An Rialachán seo

Airteagal 1, an chéad mhír

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1, an dara mír

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1, an tríú mír

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(5)

Airteagal 1(6)

Airteagal 1(7)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(4)

Airteagal 3(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 3(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 3(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 3(1), pointí (a) agus (b)

Airteagal 3(1), pointí (a) agus (b)

Airteagal 3(1), pointí (a) agus (b)

Airteagal 3(1), pointí (c), (d) agus (e)

Airteagal 3(1), pointí (c), (d) agus (e)

Airteagal 3(1), pointí (c) agus (d)

Airteagal 3(1), pointí (f) agus (g)

Airteagal 3(1), pointí (f) agus (g)

Airteagal 3(1), pointe (f)

Airteagal 3(1), pointe (h)

Airteagal 3(1), pointe (h)

Airteagal 3(1), pointe (e)

Airteagal 3(1), pointe (j)

Airteagal 3(1), point (i)

Airteagal 3(1), pointe (g)

Airteagal 3(1), pointe (i)

Airteagal 3(1), pointe (j)

Airteagal 3(1), pointí (k), (l) agus (m)

 

Airteagal 3(1), pointe (k)

Airteagal 3(1), pointe (n)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 4, an chéad mhír

Airteagal 4, an chéad mhír

Airteagal 4(1), an fhoclaíocht tosaigh agus pointí (a) agus (b)

Airteagal 4(1), pointe (c)

Airteagal 4, an dara mír

Airteagal 4(2)

Airteagal 4, an dara mír

Airteagal 4, an tríú mír

Airteagal 4(3)

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 5a

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 7(2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 7(2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 6(2), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 6(2), pointe (d)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 7(4)

Airteagal 6(4)

Airteagal 7(5)

Airteagal 7(5)

Airteagal 6(5)

Airteagal 7(6)

Airteagal 7(6)

Airteagal 6(6)

Airteagal 7(7)

Airteagal 7(7)

Airteagal 6(7)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 8(4), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 8(4), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 7(4), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 8(4), an tríú fomhír

Airteagal 8(4), an chéad fhomhír

Airteagal 7(4), an tríú fomhír

Airteagal 8(5), an chéad fhomhír

Airteagal 8(5)

Airteagal 7(5), an chéad fhomhír

Airteagal 8(5), an dara fomhír

Airteagal 8(6)

Airteagal 7(5), an dara fomhír

Airteagal 8(6)

Airteagal 8(7)

Airteagal 8(7)

Airteagal 8(8)

Airteagal 7(6), an chéad fhomhír

Airteagal 7(6), an dara fomhír

Airteagal 8(8)

Airteagal 8(9), an chéad fhomhír

Airteagal 8(9), an chéad fhomhír

Airteagal 7(7)

Airteagal 8(9), an dara fomhír

Airteagal 8(9), an dara fomhír

Airteagal 7(8)

Airteagal 7(9)

Airteagal 7(10)

Airteagal 8(10)

Airteagal 7(11)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, an chéad chuid

Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, pointe (a)

Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 9(2), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, an dara cuid

Airteagal 9(2), an dara fomhír

Airteagal 9(2), an dara fomhír

Airteagal 8(2), an dara fomhír

Airteagal 9(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 8(3)

Airteagal 9(4)

Airteagal 9(4)

Airteagal 8(4)

Airteagal 10(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 10(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 9(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 10(1), pointí (a) go (e)

Airteagal 10(1), pointí (a) go (e)

Airteagal 9(1), pointí (a) go (e)

Airteagal 9(1), pointe (f)

Airteagal 10(2)

Airteagal 10(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 10(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 10(3), an chéad fhomhír

Airteagal 10(3), an dara fomhír

Airteagal 11(4), an chéad fhomhír

Airteagal 10(4), an chéad fhomhír

Airteagal 11(4), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 10(4), an dara fomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 11(4), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 10(4), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 11(4), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 11(4), an dara fomhír, pointe (c)

Airteagal 10(4), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 10(4), an dara fomhír, pointe (c)

Airteagal 11(4), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 10(4), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 11(5)

Airteagal 11(4)

Airteagal 10(5)

Airteagal 11(6)

Airteagal 11(5)

Airteagal 10(6)

Airteagal 11(7)

Airteagal 11(6)

Airteagal 10(7)

Airteagal 11(8)

Airteagal 11(7)

Airteagal 10(8)

Airteagal 11(9)

Airteagal 11(8)

Airteagal 10(9)

Airteagal 12(1), an chéad fhomhír

Airteagal 12(1), an chéad fhomhír

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 12(1), an dara fomhír

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 12(1), an tríú fomhír

Airteagal 12(1), an dara fomhír

Airteagal 11(1), an tríú fomhír

Airteagal 11(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 12(2)

Airteagal 12(2)

Airteagal 11(2), an fhoclaíocht tosaigh, pointí (a), (b) agus (c) agus pointe (d), an chéad chuid

Airteagal 11(2), pointe (d), an chuid deiridh

Airteagal 12(3)

Airteagal 12(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 12(4)

Airteagal 12(4)

Airteagal 11(4)

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 14, teideal

Airteagal 14(1), an chéad fhomhír, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 13(2), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 14(1) pointe (a)

Airteagal 13(5)

Airteagal 14(1) pointe (b)

 

 

Airteagal 14(1) pointí (c) agus (d)

Airteagal 13(2), an tríú fomhír

Airteagal 13(5)

Airteagal 14(2)

 

Airteagal 15(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 15(3)

Airteagal 13(2)

Airteagal 15(4), an chéad chuid

Airteagal 13(3)

Airteagal 13(6), an chéad fhomhír

Airteagal 15(4), an dara cuid

Airteagal 13(4)

Airteagal 13(6), an dara fomhír

Airteagal 13(5)

Airteagal 13(6)

Airteagal 13(3)

Airteagal 15(5)

Airteagal 15(6)

Airteagal 13(7), an chéad fhomhír

Airteagal 13(6), an tríú fomhír

Airteagal 15(7)

Airteagal 13(7), an dara fomhír

Airteagal 13(6), an ceathrú fomhír

Airteagal 15(8)

Airteagal 14(1)

Airteagal 14(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 14(2)

Airteagal 16(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 14(3)

Airteagal 16(3)

Airteagal 14a(1)

Airteagal 15(3)

Airteagal 17(1)

Airteagal 14a(2)

Airteagal 15(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 14a(3)

Airteagal 16

Airteagal 17(3)

Airteagal 14a(4)

Airteagal 15(2)

Airteagal 17(4)

Airteagal 14a(5)

Airteagal 17

Airteagal 17(5)

Airteagal 15

Airteagal 18

Airteagal 16

Airteagal 18

Airteagal 19

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I, cuid A, pointí 1 go 5

Iarscríbhinn I, cuid A, pointe 6

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I, cuid B, pointí 1 go 5

Iarscríbhinn I, cuid B, pointe 6

Iarscríbhinn II, cuid A

Iarscríbhinn II, cuid A

Iarscríbhinn II, cuid B

Iarscríbhinn II, cuid C

Iarscríbhinn II, cuid B

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V


25.4.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

54


RIALACHÁN (AE) 2019/632 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a mhéid a bhaineann le síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (2) (“an Cód”), is trí úsáid a bhaint as teicnící próiseála sonraí leictreonacha a dhéanfar gach malartú faisnéise idir údaráis chustaim, agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus a stórálfar faisnéis den sórt sin.

(2)

Ceadaítear faoin gCód, áfach, leas a bhaint, le linn idirthréimhse, as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de, sa mhéid nach mbeidh na córais leictreonacha atá riachtanach chun forálacha an Chóid a chur i bhfeidhm ag feidhmiú go fóill. Ní mór don idirthréimhse sin teacht chun deiridh faoin 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí.

(3)

I gcomhréir leis an gCód, tá na Ballstáit chun comhoibriú leis an gCoimisiún chun córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid ar mhaithe le faisnéis chustaim a mhalartú agus a stóráil agus tá an Coimisiún chun clár oibre a tharraingt suas a bhaineann le forbairt agus le húsáid na gcóras leictreonach sin.

(4)

Bunaíodh an Clár Oibre le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/578 ón gCoimisiún (3). Tá liosta ann de 17 gcóras leictreonacha is gá a fhorbairt chun an Cód a chur i bhfeidhm, ag na Ballstáit ina n-aonar (i gcás córais atá le bainistiú ar an leibhéal náisiúnta – “córais náisiúnta”) nó ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar le chéile (i gcás córais ar fud an Aontais, a gcuimsítear i gcuid acu comhpháirteanna ar fud an Aontais agus comhpháirteanna náisiúnta – “córais thras-Eorpacha”).

(5)

Leagtar amach sa Chlár Oibre an sceideal pleanála maidir le cur chun feidhme na gcóras náisiúnta agus na gcóras tras-Eorpach sin.

(6)

Leis an aistriú chuig úsáid iomlán a bhaint as córais leictreonacha le haghaidh idirghníomhaíochtaí idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus idir údaráis chustaim, beidh na simplithe dá bhforáiltear sa Chód in ann teacht i bhfeidhm ina n-iomláine, agus, dá bharr sin, tiocfaidh feabhas ar mhalartú faisnéise idir gníomhaithe, clárófar teacht, iompar agus imeacht earraí ar bhonn níos éifeachtaí, beidh imréiteach custam láraithe agus rialuithe custaim comhchuibhithe ar fud chríoch custaim an Aontais, rud a laghdóidh costais riaracháin, rómhaorlathas, earráidí agus calaois i ndearbhuithe custaim agus i saor-roghnú an phointe allmhairithe.

(7)

Chun córais leictreonacha a chur ar bun ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit na heilimintí sonraí a chomhchuibhiú ar bhonn samhlacha sonraí atá inghlactha go hidirnáisiúnta, mar a cheanglaítear faoin gCód, agus infheistíochtaí a dhéanamh ó thaobh airgeadais agus ó thaobh ama de araon, agus, i gcásanna áirithe, ní mór ath-ríomhchlárú iomlán a dhéanamh ar na córais leictreonacha atá ann cheana. Sceidealaigh na Ballstáit forbairt na gcóras leictreonach sin ar bhealaí difriúla, rud a fhágann gur ann do dhifríochtaí ó thaobh uainiú chur chun feidhme na gcóras sin ar fud an Aontais. Toisc go bhfuil na córais leictreonacha idirnasctha go dlúth le chéile, is tábhachtach an rud é iad a thabhairt isteach san ord ceart. Má bhíonn moill san fhorbairt ar chóras amháin, beidh moill dhosheachanta ar fhorbairt na gcóras eile dá bharr. Glacadh an Cód (lena n-áirítear an dáta deiridh le haghaidh bearta idirthréimhseacha, eadhon an 31 Nollaig 2020) in 2013, ach níor foilsíodh na rialacha lena bhforlíontar nó lena gcuirtear chun feidhme é, eadhon Rialachán arna Tharmligean (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (4), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (5) agus Rialachán arna Tharmligean (AE) 2016/341 ón gCoimisiún (6), go dtí 2015 agus 2016. Bhí sé sin ina chúis le moill ar leagan amach na sonraíochtaí feidhmiúla agus na sonraíochtaí teicniúla is gá chun na córais leictreonacha a fhorbairt.

(8)

Cé gur socraíodh in Airteagal 278 den Chód an 31 Nollaig 2020 ina spriocdháta aonair le haghaidh imlonnú na gcóras go léir dá dtagraítear san Airteagal sin, agus d'ainneoin iarrachtaí arna ndéanamh ag an Aontas agus ag roinnt Ballstát, ar leibhéil bhuiséadacha agus leibhéil oibríochtúla, chun an obair a chur chun críche laistigh den teorainn ama a tugadh, is léir anois nach mbeifear in ann córais áirithe a imlonnú ach i bpáirt faoin dáta sin. Tugann sé sin le tuiscint gur gá go leanfar ar aghaidh le córais áirithe atá in úsáid cheana féin i ndiaidh an dáta sin. D'uireasa leasuithe reachtacha lena gcuirfí síneadh leis an spriocdháta sin, ní bheidh cuideachtaí agus údaráis chustaim in ann a gcúraimí agus oibleagáidí dlíthiúla a fheidhmiú i dtaca le hoibríochtaí custaim.

(9)

Ba cheart go leanfaí leis an obair i ndiaidh an 31 Nollaig 2020 ar thrí ghrúpa córas. Cuimsítear sa chéad ghrúpa córais leictreonacha náisiúnta a bhaineann le fógra maidir le teacht, le tíolacadh, le dearbhuithe um stóráil shealadach agus le dearbhuithe custaim maidir leis na hearraí arna dtabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais (lena n-áirítear na nósanna imeachta speisialta, cé is moite den phróiseáil amach) is gá a uasghrádú nó a thógáil chun ceanglais áirithe de chuid an Chóid a chur san áireamh, amhail comhchuibhiú na gceanglas maidir le sonraí atá le cur isteach sna córais sin. Cuimsítear sa dara grúpa córais leictreonacha atá ann cheana nach mór a uasghrádú chun ceanglais áirithe de chuid an Chóid a chur san áireamh, amhail comhchuibhiú na gceanglas maidir le sonraí atá le cur isteach sna córais. Cuimsítear sa ghrúpa sin trí cinn de chórais thras-Eorpacha (an córas lena ndéileáiltear le dearbhaithe iontrála achomair, an córas lena ndéileáiltear le hidirthuras seachtrach agus idirthuras inmheánach, agus an córas lena ndéileáiltear le hearraí arna dtabhairt amach as críoch chustaim an Aontais), chomh maith leis an gCóras Náisiúnta Onnmhairiúcháin (lena n-áirítear an chomhpháirt onnmhairiúcháin den Chóras Nósanna Imeachta Speisialta náisiúnta). Cuimsítear sa tríú grúpa trí cinn de chórais leictreonacha thras-Eorpacha nua (na córais a bhaineann le ráthaíochtaí i dtaca le fiacha poitéinsiúla custaim nó le fiacha custaim atá ann cheana, le stádas custaim earraí, agus le himréiteach láraithe). Dhréachtaigh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, amchlár mionsonraithe d'fhonn na córais sin a chur in úsáid thar an tréimhse suas go dtí deireadh 2025.

(10)

I gcomhréir leis an bpleanáil nua maidir leis na córais leictreonacha a fhorbairt, ba cheart síneadh ama, go dtí 2022 i dtaca leis an gcéad ghrúpa agus go dtí 2025 i dtaca leis an dara agus an tríú grúpa de chórais leictreonacha, a chur leis an tréimhse a leagtar síos sa Chód inar féidir úsáid a bhaint ar bhonn idirthréimhseach as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de.

(11)

Maidir leis na córais eile atá le cur ar bun chun críocha an Cód a chur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith go fóill ag an dáta deiridh ginearálta den 31 Nollaig 2020 maidir le húsáid a bhaint as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de.

(12)

Chun é a chur ar chumas Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faireachán a dhéanamh ar imlonnú na gcóras leictreonach go léir is gá chun forálacha an Chóid dá dtagraítear in Airteagal 278 de a chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún tuairisc a thabhairt go rialta faoin dul chun cinn a bheidh déanta agus faoi bhaint amach na gcuspóirí eatramhacha laistigh den sceideal a beartaíodh. Ba cheart do na Ballstái faisnéis iomchuí a chur ar fáil don Choimisiún chun na críche sin faoi dhó sa bhliain. A luaithe a bheidh na córais leictreonacha go léir ag feidhmiú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh an bhfuil na córais sin oiriúnach don fheidhm trí mheán seiceáil oiriúnachta a bheidh le seoladh laistigh de bhliain amháin ón gcéad dáta a mbeidh na córais sin go léir ag feidhmiú.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Cód a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 278:

“Airteagal 278

Bearta idirthréimhseacha

1.   Go dtí an 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí, féadfar leas a bhaint as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil, seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), ar bhonn idirthréimhseach, i gcás nach mbeidh na córais leictreonacha atá riachtanach chun forálacha an Chóid a chur i bhfeidhm, cé is moite dóibh sin dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, ag feidhmiú go fóill.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2022 ar a dhéanaí, féadfar leas a bhaint as bealaí eile cé is moite de na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), ar bhonn idirthréimhseach, i gcás nach mbeidh na córais leictreonacha atá riachtanach chun forálacha seo a leanas an Chóid a chur i bhfeidhm ag feidhmiú go fóill:

(a)

na forálacha maidir le fógra teachta, maidir le tíolacadh agus maidir le dearbhuithe maidir le stóráil shealadach a leagtar síos in Airteagail 133, 139, 145 agus 146; agus

(b)

na forálacha a bhaineann le dearbhú custaim le haghaidh earraí arna dtabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais a leagtar síos in Airteagail 158, 162, 163, 166, 167, 170 go dtí 174, 201, 240, 250, 254 agus 256.

3.   Go dtí an 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí, féadfar leas a bhaint as bealaí eile cé is moite de na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), ar bhonn idirthréimhseach, i gcás nach mbeidh na córais leictreonacha atá riachtanach chun forálacha seo a leanas an Chóid a chur i bhfeidhm ag feidhmiú go fóill:

(a)

na forálacha maidir le ráthaíochtaí i dtaca le fiacha poitéinsiúla custaim nó le fiacha custaim atá ann cheana a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 89(2) agus in Airteagal 89(6);

(b)

na forálacha maidir le dearbhuithe iontrála achomair agus anailís riosca a leagtar síos in Airteagail 46, 47, 127, 128 agus 129;

(c)

na forálacha maidir le stádas custaim earraí a leagtar síos in Airteagal 153(2);

(d)

na forálacha maidir le himréiteach láraithe a leagtar síos in Airteagal 179;

(e)

na forálacha maidir le hidirthuras a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 210, Airteagal 215(2) agus in Airteagail 226, 227, 233 agus 234; agus

(f)

na forálacha maidir le próiseáil amach, dearbhuithe réamh-imeachta, foirmiúlachtaí i leith earraí a thabhairt amach, onnmhairiú earraí AE, ath-onnmhairiú earraí neamh-AE agus dearbhuithe imeachta achomair le haghaidh earraí a thabhairt amach as críoch chustaim an Aontais mar a leagtar síos in Airteagail 258, 259, 263, 267, 269, 270, 271, 272, 274 agus 275.”.

(2)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 278a

Oibleagáidí maidir le tuairisciú

1.   Faoin 31 Nollaig 2019 agus gach bliain ina dhaidh sin go dtí an dáta ar a mbeidh na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 278 ag feidhmiú ina n-iomláine, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an dul chun cinn ó thaobh fhorbairt na gcóras leictreonach sin de.

2.   Déanfar measúnú sa tuarascáil bhliantúil ar an dul chun cinn a bheidh déanta ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ó thaobh gach ceann de na córais leictreonacha a fhorbairt, agus na garspriocanna seo a leanas go háirithe á gcur san áireamh:

(a)

dáta foilsithe na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh chumarsáid sheachtrach an chórais leictreonaigh;

(b)

tréimhse na tástála comhréireachta le hoibreoirí eacnamaíocha; agus

(c)

dátaí ionchasacha agus iarbhír fhorbairt na gcóras leictreonach.

3.   Má léirítear sa mheasúnú nach sásúil an dul chun cinn, déanfar cur síos freisin sa tuarascáil ar na bearta maolaitheacha a bheidh le déanamh chun imlonnú na gcóras leictreonach roimh dheireadh na n-idirthréimhsí is infheidhme a áirithiú.

4.   Déanfaidh na Ballstáit, faoi dhó sa bhliain, clár nuashonraithe a chur ar fáil don Choimisiún maidir lena ndul chun cinn féin ó thaobh na gcóras leictreonach a fhorbairt agus a imlonnú de. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis nuashonraithe sin ar a shuíomh gréasáin.”.

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 279:

“Airteagal 279

Tarmligean na cumhachta

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 284 lena sonraítear na rialacha maidir le sonraí a mhalartú agus a stóráil sna cásanna sin dá dtagraítear in Airteagal 278”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/578 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2016 lena mbunaítear an Clár Oibre a bhaineann le forbairt agus le húsáid na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L 99, 15.4.2016, lch. 6).

(4)  Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe i leith forálacha áirithe de chuid Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

(6)  Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 2016/341 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha idirthréimhseacha i leith forálacha áirithe de chuid Chód Custaim an Aontais i gcás nach bhfuil na córais leictreonacha chuí ag feidhmiú go fóill agus lena leasaítear Rialachán arna Tharmligean (AE) Uimh. 2015/2446 (IO L 69, 15.3.2016, lch. 1).


Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Fáiltíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimh Thuarascáil Speisialta Uimh. 26/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal 'Sraith moilleanna i gcórais TF chustaim: cad a chuaigh amú?' agus tuarascálacha ábhartha eile i réimse an chustaim, lenar tugadh forléargas níos fearr do na comhreachtóirí ar cad is cúis leis na moilleanna i gcur chun feidhme na gcóras TF is gá chun feabhas a chur ar oibríochtaí custaim san AE.

Measann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go mbeadh aon iniúchadh amach anseo ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina ndéanfaí measúnú ar na tuarascálacha arna n-ullmhú ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 278a de Chód Custaim an Aontais ina rannchuidiú dearfach leis na hiarrachtaí tuilleadh moilleanna a sheachaint.

Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit lánaird a thabhairt ar na hiniúchtaí sin.


TREORACHA

25.4.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

59


TREOIR (AE) 2019/633 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Laistigh de shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, is gnách míchothromaíochtaí suntasacha sa chumhacht margála idir soláthróirí agus ceannaitheoirí táirgí talmhaíochta agus táirgí bia. Leis na míchothromaíochtaí sin sa chumhacht margála, is dócha go dtiocfadh cleachtais éagóracha trádála i gceist nuair a bheadh comhpháirtithe trádála móra agus níos cumhachtaí ag féachaint le cleachtais nó socruithe conarthacha áirithe a fhorchur chun a dtairbhe féin i ndáil le hidirbheart díolacháin. D'fhéadfadh na cleachtais sin a bheith, amhail, ag teacht salach ar an dea-iompar tráchtála, contrártha leis an iompar de mheon macánta agus leis an gcóirdhéileáil agus d'fheadfaí go mbeadh siad á bhforchur go haontaobhach ag comhpháirtí trádála amháin ar an gceann eile, nó d'fhéadfadh sé go n-úsáidfí iad chun aistriú riosca eacnamaíoch a fhorchur, a bheadh gan údar agus díréireach, ó chomhpháirtí trádála amháin go ceann eile; nó d'fhéadfadh sé go bhforchuirfí éagothroime shuntasach ar cheann amháin de na comhpháirtithe trádála maidir le cearta agus oibleagáidí. D'fhéadfadh sé go mbeadh éagóir fhollasach ag roinnt le cleachtais áirithe fiú sa chás ina mbeadh glacadh ag an dá pháirtí leo. Ba cheart caighdeán íosta cosanta in aghaidh cleachtais éagóracha trádála a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais chun líon na gcleachtas sin a laghdú, ar cleachtais iad ar dócha go mbeadh tionchar diúltach acu ar chaighdeáin mhaireachtála an phobail talmhaíochta. Le cur chuige an chomhchuibhithe íosta mar atá sa Treoir seo, ceadaítear do na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh nó a choinneáil lena gcumhdófaí níos mó ná na cleachtais éagóracha trádála a liostaítear sa Treoir seo.

(2)

I dtrí fhoilseachán ón gCoimisiún a eisíodh ón mbliain 2009 i leith (“Communication of the Commission of 28 October 2009 on a better functioning of the food supply chain in Europe” [“Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2009 maidir le feidhmiú níos fearr an tslabhra soláthair bia san Eoraip”], “Communication of the Commission of 15 July 2014 on tackling unfair trading practices in the business-to-business food supply chain” [“Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2014 i ndáil le dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia gnólacht le gnólacht”] agus “Report of the Commission of 29 January 2016 on unfair business-to-business trading practices in the food supply chain” [“Tuarascáil ón gCoimisiún le cleachtais éagóracha trádála gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair bia”]), díríodh ar fheidhmiú shlabhra an tsoláthair bia, lena n-áirítear cleachtais éagóracha trádála a bheith le fáil ann. Mhol an Coimisiún gnéithe a bheadh inmhianaithe sna creataí rialachais náisiúnta agus rialachais dheonaigh maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia. Níor cuireadh gach ceann de na gnéithe sin san áireamh sa chreat dlíthiúil ná sna córais rialachais dheonaigh sna Ballstáit, rud a fhágann go mbítear ag díriú ar úsáid na gcleachtas sin sa díospóireacht pholaitiúil san Aontas go fóill.

(3)

Sa bhliain 2011, d'fhormhuinigh an Fóram Ardleibhéil le haghaidh Biashlabhra a Fheidhmeoidh Níos Fearr, fóram atá faoi stiúir an Choimisiúin, tacar de prionsabail i ndáil le dea-chleachtais sa chaidreamh ingearach i slabhra an tsoláthair, arna gcomhaontú ag eagraíochtaí arb ionadaithe iad ar thromlach na n-oibreoirí i slabhra an tsoláthair bia. Ba iad na prionsabail sin ba bhonn le Tionscnamh Shlabhra an tSoláthair a seoladh in 2013.

(4)

Tugadh le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2016 maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia (4) cuireadh don Choimisiún togra a chur isteach le haghaidh creat dlíthiúil de chuid an Aontais maidir le cleachtais éagóracha trádála. Thug an Chomhairle, ina conclúidí an 12 Nollaig 2016 maidir le seasamh feirmeoirí i slabhra an tsolathair bia a neartú agus dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála, cuireadh don Choimisiún tabhairt, ar bhealach prapúil, faoi mheasúnú tionchair d'fhonn creat reachtach de chuid an Aontais nó bearta neamhreachtacha a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála. D'ullmhaigh an Coimisiún measúnú tionchair, tar éis dó comhairliúchán poiblí oscailte agus comhairliúcháin spriocdhírithe a reáchtáil. Ina theannta sin, le linn an phróisis reachtaigh chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil lenar léiríodh go gcomhfhreagraíonn oibreoirí móra do sciar suntasach de luach iomlán na táirgeachta.

(5)

Tá oibreoirí difriúla gníomhach i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia ag na céimeanna difriúla de tháirgí talmhaíochta agus bia a tháirgeadh, a phróiseáil, a mhargú, a dháileadh agus a mhiondíol. Tá slabhra an tsoláthair bia i bhfad níos tábhachtaí ná aon bhealach eile le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia a thabhairt “ón bhfeirm chuig an bhforc”. Trádálann na hoibreoirí sin táirgí talmhaíochta agus bia, is é sin le rá táirgí talmhaíochta príomhúla lena n-áirítear táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus le táirgí bia nach liostaítear san Iarscríbhinn sin ach a phróiseáiltear lena n-úsáid mar bhia a úsáideann táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

(6)

Cé go bhfuil riosca gnó ina chuid dhílis de gach gníomhaíocht eacnamaíoch, baineann éiginnteacht mhór leis an táirgeadh talmhaíochta go háirithe toisc go mbraitheann sé ar phróisis bhitheolaíocha agus toisc a nochta atá sí do dhálaí aimsire. Is measa fós í an éiginnteacht sin toisc táirgí talmhaíochta agus bia a bheith, a bheag nó a mhór, meatach agus séasúrach. Toisc go bhfuil i bhfad níos mó béime ar chúrsaí margaidh anois sa bheartas talmhaíochta ná a bhí san am atá thart, tá méadú tagtha ar a thábhachtaí atá cosaint in aghaidh cleachtais éagóracha trádála d'oibreoirí atá gníomhach i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia.

(7)

Is é is dóchúla, go mbeadh tionchar diúltach ag na cleachtais éagóracha trádála sin go háirithe ar chaighdeáin mhaireachtála phobal na talmhaíochta. Tuigtear gur tionchar díreach a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis sin, toisc go mbainfeadh sé le táirgeoirí talmhaíochta agus a gcuid eagraíochtaí mar sholáthróirí, nó tuigtear freisin gur tionchar indíreach a d'fhéadfadh a bheith ann, trí “chascáidiú” iarmhairtí na gcleachtas éagórach trádála i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia ar bhealach a mbeadh tionchar diúltach aige ar na táirgeoirí príomhúla sa slabhra sin.

(8)

Tá rialacha náisiúnta sonracha i bhfeidhm i bhformhór na mBallstát, ach ní iontu uile, lena dtugtar cosaint do sholáthróirí in aghaidh cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. I gcásanna ina bhféadfaí leas a bhaint as dlí na gconarthaí nó tionscnaimh féinrialála, bíonn teorainn le fiúntas praiticiúil na modhanna sásaimh sin mar gheall ar an eagla go mbainfí frithbheart tráchtála amach ar an ngearánach agus mar gheall ar na rioscaí airgeadais chun cleachtais den sórt sin a agóid. I dtaca le roinnt Ballstát a bhfuil rialacha sonracha i bhfeidhm acu maidir le cleachtais éagóracha trádála, cuireann siad de chúram forfheidhmiú na rialacha sin ar údaráis riaracháin. Tá éagsúlacht shuntasach le sonrú ar na rialacha atá ag na Ballstáit maidir le cleachtais éagóracha trádála, má tá siad acu in aon chor.

(9)

Tá éagsúlacht ann maidir le líon agus méid na n-oibreoirí sna céimeanna difriúla de shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. Leis na difríochtaí sa chumhacht margála, a comhfhreagraíonn do spleáchas eacnamaíoch an tsoláthróra ar an gceannaitheoir, is éard is dóchúla go ndéanfadh oibreoirí móra cleachtais éagóracha trádála a fhorchur ar oibreoirí nach bhfuil chomh mór sin. Le cur chuige dinimiciúil bunaithe ar mhéid choibhneasta an tsoláthróra agus an cheannaitheora i dtéarmaí láimhdeachais, ba cheart an chosaint a thabharfaí i gcoinne cleachtais éagóracha trádála do na hoibreoirí sin is mó a bhfuil gá acu léi. Is mór an dochar a dhéanann cleachtais éagóracha trádála d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) go háirithe i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. Ba cheart cosaint a thabhairt d'fhiontair atá níos mó ná FBManna, ach nach bhfuil láimhdeachas níos mó ná EUR 350 000 000 acu i gcoinne cleachtais éagóracha trádála le nach ndéanfaí costas na gcleachtas sin a chur ar aghaidh chuig táirgeoirí talmhaíochta. Dealraíonn sé go mbíonn an éifeacht chascáideach ar tháirgeoirí talmhaíochta thar a bheith suntasach i gcás fiontar a bhfuil láimhdeachas bliantúil suas le EUR 350 000 000 acu. Agus cosaint á tabhairt do sholáthróirí idirmheánacha de tháirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear táirgí próiseáilte, féadfar cabhrú lena sheachaint freisin go ndéanfaí trádáil a atreorú ó tháirgeoirí talmhaíochta agus a gcuid comhlachas a tháirgeann táirgí próiseáilte chuig soláthróirí nach bhfuil chosaint acu.

(10)

An chosaint arna cur ar fáil ag an Treoir seo, ba cheart go dtairbheodh táirgeoirí talmhaíochta agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha a sholáthraíonn táirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear eagraíochtaí táirgeoirí, bíodh siad aitheanta nó ná bíodh, agus comhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí, bíodh siad aitheanta nó ná bíodh, faoi réir a gcumhacht margála faoi seach. Áirítear comharchumainn in eagraíochtaí táirgeoirí agus i gcomhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí. Baol ar leith atá i gcleachtais éagóracha trádála do na táirgeoirí agus do na daoine sin agus is iad is lú atá in ann na cleachtais sin a fhulaingt gan tionchar diúltach ar a n-inmharthanacht eacnamaíoch. Maidir leis na catagóirí soláthróirí ba cheart a chosaint faoin Treoir seo, is díol suntais é gur fiontair atá níos mó ná FBManna ach nach bhfuil láimhdeachas bliantúil níos mó ná EUR 350 000 000 acu iad sciar mór na gcomharchumann ar feirmeoirí iad a mbaill.

(11)

Ba cheart idirbhearta tráchtála a chumhach leis an Treoir seo, is cuma cé acu idirbhearta idir fiontair iad nó idir fiontair agus údaráis phoiblí, ós rud é gur cheart go mbeadh iachall ar údaráis phoiblí cloí leis na caighdeáin chéanna agus táirgí talmhaíochta agus bia á gceannach acu. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo d'údaráis phoiblí atá ag gníomhú mar cheannaitheoirí.

(12)

Ba cheart soláthróirí san Aontas a chosaint ní amháin i gcoinne cleachtais éagóracha trádála arna ndéanamh ag ceannaitheoirí atá bunaithe sa Bhallstát céanna mar an soláthróir nó i mBallstát eile, agus in aghaidh cleachtais éagóracha trádála arna ndéanamh ag ceannaitheoirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas freisin. Le cosaint sen sórt sin, féadfar iarmhairtí neamhbheartaithe a thiocfadh as an gcosaint a sheachaint, amhail áit bhunaithe a roghnú ar bhonn na rialacha infheidhme. Ba cheart freisin go dtairbheodh soláthróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas de chosaint i gcoinne cleachtais éagóracha trádála nuair a bheadh táirgí talmhaíochta agus bia á ndíol acu isteach san Aontas. Ní hamháin gur dócha go bhfuil na soláthróirí sin chomh leochaileach céanna i leith na gcleachtas éagóracha trádála, ach le raon feidhme níos leithne, seachnaítear atreorú neamhbheartaithe trádála chuig soláthróirí nach bhfuil cosaint acu, rud a bhainfí leis an gcosaint a thugtar do sholáthróirí san Aontas.

(13)

Seirbhísí coimhdeacha áirithe le díol táirgí talmhaíochta agus bia, ba cheart iad a áireamh i raon feidhme na Treorach seo.

(14)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le gnó á dhéanamh ag oibreoirí móra i gcoinne oibreoirí a bhfuil cumhacht margála níos lú acu. Neaschritéar oiriúnach don chumhacht choibhneasta margála é láimhdeachas bliantúil na n-oibreoirí difriúla. D'ainneoin gur neasúchán atá ann, cuireann critéar dá shamhail intuarthacht ar fáil do na hoibreoirí maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí faoin Treoir seo. Le huasteorainn, ba cheart nach dtabharfaí cosaint d'oibreoirí nach bhfuil leochaileach nó atá i bhfad níos leochailí ná a gcomhpháirtithe beaga nó a n-iomaitheoirí beaga. Dá bhrí sin, leis an Treoir seo, bunaítear catagóirí d'oibreoirí ar catagóirí arna mbunú ar láimhdeachas iad.

(15)

Ós rud é go bhféadann cleachtais éagóracha trádála a bheith ann ag céim ar bith de dhíolachán táirge talmhaíochta nó bia, roimh idirbheart díolacháin, lena linn nó ina dhiaidh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na cleachtais sin gach uair a úsáidtear iad.

(16)

Nuair atáthar ag cinneadh cé acu a mheastar nó nach meastar cleachtas trádála ar leith a bheith éagórach, tá sé tábhachtach laghdú a dhéanamh ar an riosca go gcuirfí teorainn leis an úsáid a bhaintear as comhaontuithe a dtagann páirtithe orthu atá cóir agus a gcruthaítear éifeachtúlacht leo. Mar sin, is cuí idirdhealú a dhéanamh idir cleachtais dá bhforáiltear i dtéarmaí atá glan soiléir i gcomhaontuithe soláthair nó i gcomhaontuithe ina dhiaidh sin idir páirtithe agus cleachtais a úsáidtear tar éis thús an idirbhirt agus nár comhaontaíodh roimh ré, ionas nach gcuirfear toirmeasc ach ar athruithe aontaobhacha aisghníomhacha ar na téarmaí glan soiléir sin a bhí sa chomhaontú soláthair. Meastar cleachtais trádála áirithe a bheith éagórach de bharr a gcineáil féin, áfach, agus níor cheart iad a bheith faoi réir shaoirse chonarthach na bpáirtithe.

(17)

Nuair a chuirtear moill ar íocaíocht as táirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear íocaíochtaí déanacha i leith táirgí meatacha, agus nuair nach dtugtar ach fógra gearr tráth a gcuirtear ordú de tháirgí meatacha ar ceal, fágann sin drochiarmhairt ar inmharthanacht eacnamaíoch an tsoláthróra agus gan aon bhuntáiste le fáil aige lena cúiteamh. Is ceart, dá bhrí sin, cosc a chur ar chleachtais den sórt sin. Ós amhlaidh atá, is iomchuí sainmhíniú a thabhairt ar an rud is táirgí meatacha talmhaíochta agus bia ann chun críocha na Treorach seo. Ó tharla gur dírithe ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta bia atá na sainmhínithe a thugtar sa chuid sin de ghníomhartha eile an Aontais a bhaineann le dlí an bhia, ní fheileann a leithéidí do chríocha na Treorach seo. Is ceart táirge a mheas mar tháirge 'meatach' más inmheasta nach indíolta é tráth nach déanaí ná 30 lá ó ghníomh deiridh buana, táirgthe nó próiseála an tsoláthróra, is cuma cé acu a dhéantar nó nach ndéantar tuilleadh próiseála ar an táirge tar éis a dhíolta, is cuma cé acu a chaitear nó nach gcaitear leis an táirge tar éis a dhíolta i gcomhréir le rialacha eile, go háirithe rialacha sábháilteachta bia. Déantar táirgí meatacha a úsáid nó a dhíol go tapa de ghnáth. Íocaíochtaí as táirgí meatacha a dhéantar níos déanaí ná 30 lá tar éis a seachadta, nó 30 lá tar éis dheireadh na tréimhse seachadta arna comhaontú i gcás táirgí a sheachadtar ar bhonn rialta, nó 30 lá tar éis an dáta a bhunaítear an méid is iníoctha, ní íocaíochtaí iad atá ag luí leis an trádáil chóir. D'fhonn cosaint níos fearr a chur ar fáil d'fheirmeoirí agus dá gcuid leachtachta, níor cheart go mbeadh ar sholáthróirí táirgí eile talmhaíochta agus bia fanacht níos mó ná 60 lá tar éis an tseachadta lena bheith íoctha, ná 60 lá tar éis dheireadh tréimhse seachadta arna comhaontú i gcás táirgí a sheachadtar ar bhonn rialta, ná 60 lá tar éis an dáta a bhunaítear an méid is iníoctha.

Níor cheart feidhm a bheith ag na srianta sin ach amháin maidir le híocaíochtaí a bhaineann le díol táirgí talmhaíochta agus bia, agus ní maidir le híocaíochtaí eile, mar shampla íocaíochtaí breise ó chomharchumann lena mbaill. I gcomhréir le Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart go bhféadfaí an dáta a shocraítear an méid is iníoctha do thréimhse seachadta arna comhaontú a mheas, chun críocha na Treorach seo, mar dháta eisiúna an tsonraisc, nó an dáta a bhfuair an ceannaitheoir an sonrasc.

(18)

Na forálacha maidir le tréimhsí íocaíochta déanacha a leagtar síos sa Treoir seo, is rialacha sonracha iad maidir leis an earnáil talmhaíochta agus earnáil an bhia i ndáil leis na forálacha maidir le tréimhsí íocaíochta a leagtar amach i Treoir 2011/7/AE. Níor cheart do na forálacha maidir le tréimhsí íocaíochta déanacha difear a dhéanamh do chomhaontuithe maidir le clásail chomhroinnte luacha de réir bhrí Airteagal 172a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). D'fhonn a áirithiú go ndéanfar feidhmiú rianúil na scéime scoile a de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, na forálacha maidir le híocaíocht dhéanach a leagtar síos sa Treoir seo, níor cheart go mbeadh feidhm acu maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag ceannaitheoir (amhail iarratasóir ar chabhair) le soláthróir i gcreat na scéime scoile. Agus na deacrachtaí atá ag eintitis phoiblí a chuireann cúram sláinte ar fáil tosaíochtaí a shocrú ar bhealach ina mbaintear amach cothromaíocht idir riachtanais na n-othar agus na hacmhainní airgeadais á gcur san áireamh, níor cheart feidhm a bheith ach an oiread ag na forálacha seo maidir le heintitis phoiblí a sholáthraíonn cúram sláinte de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 4(4) de Threoir 2011/7/AE.

(19)

Tá tréithe speisialta ag na fíonchaora agus ag an úrfhíon don táirgeadh fíona toisc nach mbailítear na fíonchaora ach amháin le linn tréimhse fhíor-theoranta den bhliain, ach úsáidtear iad chun fíon a tháirgeadh nach ndíolfar, i roinnt cásanna, go ceann tamall fada. Chun freastal ar an gcás speisialta sin, go traidisiúnta d'fhorbair eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe conarthaí caighdeánacha do sholáthar táirgí den chineál sin. Le conarthaí caighdeánacha den chineál sin, déantar foráil do spriocdhátaí sonracha íocaíochta le tráthchodanna. Toisc go n-úsáideann soláthróirí agus ceannaitheoirí na conarthaí caighdeánacha seo le haghaidh socruithe ilbhliantúla, soláthraítear leo slándáil na gcaidreamh fadtéarmach díolacháin do na táirgeoirí talmhaíochta, agus ní amháin sin ach cuirtear freisin le cobhsaíocht shlabhra an tsoláthair leo. I gcás ina bhfuil conarthaí caighdeánacha den chineál sin arna dtarraingt aníos ag eagraíocht aitheanta táirgeoirí, ag eagraíochtaidirchraoibhe nó ag comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, agus tá na conarthaí sin ina gceangal ag an mBallstát faoi Airteagal 164 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (“síneadh”) roimh an 1 Eanáir 2019, nó i gcás ina n-athnuann an Ballstát an síneadh sin de na conarthaí caighdeánacha gan athruithe suntasacha ar na téarmaí íocaíochta a bheadh ina míbhuntáiste do sholáthróirí fíonchaora agus úrfhíona, níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le híocaíocht dhéanach a leagtar síos leis an Treoir seo i ndáil le conarthaí den chineál sin idir soláthróirí fíonchaora agus úrfhíona do tháirgeadh fíona agus a gceannaitheoirí díreacha. Is gá do na Ballstáit na comhaontuithe faoi seach ó eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí, ó eagraíochtaí idirchraoibhe agus ó chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a chur ar an eolas don Choimisiún faoi Airteagal 164 (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(20)

Ba cheart fógraí cealaithe de níos lú ná 30 lá do tháirgí meatacha a mheas míchothrom, toisc nach mbeadh an soláthróir in ann áit eile a aimsiú do na táirgí sin. Do tháirgí in earnálacha eile, áfach, d'fhéadfadh tréimhsí cealaithe níos giorra ná sin dóthain ama a fhágáil do sholáthróirí na táirgí a dhíol in áiteanna eile nó iad a úsáid iad féin. Dá bhrí sin, ba cheart go ligfí do na Ballstáit foráil a dhéanamh do thréimhsí cealaithe níos giorra do na hearnálacha sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

(21)

Níor cheart do cheannaitheoirí níos láidre téarmaí comhaontaithe conartha a athrú go haontaobhach, amhail táirgí a chumhdaítear le comhaontú soláthair a bhaint de liosta. Níor cheart feidhm a bheith aige, áfach, i gcásanna ina bhfuil comhaontú idir soláthróir agus ceannaitheoir ina luaitear go sonrach gur féidir leis an gceannaitheoir eilimint nithiúil den idirbheart a shonrú tráth níos déanaí i ndáil le horduithe a bheidh ann amach anseo. D'fhéadfaí go mbeadh baint aige sin leis an méid a ordaítear, mar shampla. Ní thugtar comhaontú i gcrích ag an am céanna do na gnéithe ar fad den idirbheart idir an soláthróir agus an ceannaitheoir.

(22)

Ba cheart do sholáthróirí agus ceannaitheoirí táirgí talmhaíochta agus bia a bheith in ann caibidlíocht shaor a dhéanamh i ndáil le hidirbheart díolacháin, lena n-áirítear an praghas. Áirítear sa chaibidlíocht den sórt sin íocaíochtaí ar sheirbhísí arna dtabhairt ag an gceannaitheoir don soláthróir, amhail liostáil, margaíocht agus cur chun cinn. I gcás ina ngearrann ceannaitheoir íocaíochtaí ar an soláthróir nach mbaineann le hidirbheart shonrach díolacháin, áfach, ba cheart go meastar go bhfuil sé sin míchothrom agus ba cheart é a thoirmeasc faoi chuimsiú na Treorach.

(23)

Cé nár cheart go mbeadh aon oibleagáid ann conarthaí i scríbhinn a úsáid, d'fhéadfaí go gcuidítear le cleachtais éagóracha trádála ar leith a sheachaint trí chonarthaí scríofa a úsáid i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. Dá bhrí sin, chun soláthróirí a chosaint ó na cleachtais éagóracha sin, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag soláthróirí nó ag a gcomhlachais dearbhú i ndail le téarmaí comhaontaithe soláthair i scríbhinn a iarraidh i gcás inar comhaontaíodh na téarmaí sin cheana. I gcásanna den chineál sin, dá ndiúltódh ceannaitheoir deimhniú i scríbhinn ar théarmaí an chomhaontaithe soláthair a thabhairt, ba cheart go meastar gur cleachtas éagórach trádála é sin agus ba cheart é a thoirmeasc. Ina theannta sin, d'fhéadfadh na Ballstáit dea-chleachtas a aithint, a roinnt agus a chur chun cinn, ar dea-chleachtas é a bhaineann le conarthaí fadtéarmacha agus lena ndírítear ar shuíomh caibidlíochta táirgeoirí i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia a neartú.

(24)

Leis an Treoir seo, ní dhéantar na rialacha maidir le dualgas an dearfa atá le cur i bhfeidhm sna himeachtaí os comhair na n-údarás náisiúnta forfheidhmithe a chomhchuibhiú, agus ní dhéantar leis an sainmhíniú ar chomhaontuithe soláthair a chomhchuibhiú. Dá bhrí sin, i dtaca le dualgas an dearfa agus an sainmhíniú ar chomhaontuithe soláthair, is iad na rialacha atá i ndlí náisiúnta na mBallstát is infheidhme.

(25)

Faoi chuimsiú na Treorach seo, ba cheart do sholáthróirí a bheith in ann gearáin a dhéanamh i gcoinne cleachtais éagóracha trádála. Ba cheart frithbheart tráchtála arna dhéanamh ag ceannaitheoirí i gcoinne feidhmiú cheart na soláthróraí nó bagairt de, amhail deireadh a chur le seirbhísí ar leith a chuireann an ceannaitheoir ar fáil don soláthróir amhail an mhargaíocht nó cur chun cinn tháirgí an tsoláthróra a thoirmeasc agus ba cheart go gcaithfí leis mar chleachtas éagórach tráchtála.

(26)

De ghnáth is é an ceannaitheoir a íocfaidh as na costais a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus bia a stocáil, a thaispeáint nó a liostáil, nó na táirgí sin a chur ar an margadh. Mar thoradh air sin, faoi chuimsiú na Treorach seo, ba cheart go dtoirmeasctar íocaíocht ar na seirbhísí sin a ghearradh ar sholáthróir atá le híoc don cheannaitheoir nó do thríú páirtí, ach amháin má chomhaontaítear an íocaíocht i dtéarmaí soiléire gan débhrí tráth a chuirtear an comhaontú soláthair i gcrích nó i gcomhaontú ina dhiaidh sin idir an ceannaitheoir agus an soláthróir. I gcás ina gcomhaontaítear íocaíocht den chineál sin, ba cheart go mbeadh sé bunaithe ar mheastacháin chuspóireacha réasúnta.

(27)

Chun go measfaí gur cothrom iad na ranníocaíochtaí ó sholáthróir leis na costais a bhaineann le cur chun cinn, le margaíocht nó le fógairt na dtáirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear taispeántais chur chun cinn i siopaí agus feachtais dhíolacháin, ba cheart go gcomhaontaítear iad i dtéarmaí soiléire gan débhrí tráth a chuirtear an comhaontú soláthair i gcrích nó i gcomhaontú ina dhiaidh sin idir an ceannaitheoir agus an soláthróir. Mura ndéantar amhlaidh, ba cheart go dtoirmeasctar iad faoi chuimsiú na Treorach seo. I gcás ina gcomhaontaítear ranníocaíocht den chineál sin, ba cheart e a bheith bunaithe ar mheastacháin chuspóireacha réasúnta.

(28)

Ba cheart do na Ballstáit údaráis forfheidhmithe a ainmniú chun forfheidhmiú éifeachtach na dtoirmeasc a leagtar síos sa Treoir seo a áirithiú. Ba cheart do na húdaráis sin a bheith in ann gníomhú ar a dtionscnamh féin nó ar bhonn gearán ó pháirtithe a ndéanann cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, gearáin arna ndéanamh ag sceithrí nó gearáin anaithnide difear dóibh. D'fhéadfadh go measann údarás forfheidhmithe nach bhfuil forais leordhóthanacha ann chun gníomhú ar ghearán. D'fhéadfadh cinneadh den chineál sin a bheith mar thoradh ar thosaíochtaí riaracháin. Má mheasann an t-údarás forfheidhmithe nach mbeidh sé in ann tosaíocht a thabhairt don ghearán, ba cheart dó sin a chur in iúl don ghearánaí agus na cúiseanna leis sin a thabhairt. I gcás ina n-iarrfaidh gearánach go gcoinneofaí a aitheantas faoi rún de bharr eagla go mbainfí díoltas tráchtála amach, ba cheart d'údaráis forfheidhmithe na mBallstát na bearta iomchuí a dhéanamh.

(29)

I gcás ina mbíonn níos mó ná údarás forfheidhmithe amháin ag an mBallstát, ba cheart dó aon phointe teagmhála amháin a ainmniú d'fhonn comhar éifeachtach i measc na n-údarás forfheidhmithe agus comhar leis an gCoimisiún a éascú.

(30)

D'fhéadfaí go mbeadh sé níos éasca ar na soláthróirí gearáin a thaisceadh le húdarás forfheidhmithe a Bhallstáit féin, mar sampla ar chúiseanna teanga. I dtéarmaí an fhorfheidhmithe, áfach, d'fhéadfadh sé a bheith níos éifeachtaí gearán a dhéanamh le húdarás forfheidhmithe an Bhallstáit ina bhfuil an ceannaitheoir bunaithe. Ba cheart rogha a thabhairt do sholáthróirí faoin údarás lenar mhaith leo na gearáin a thaisceadh.

(31)

I dtaca le gearáin ó eagraíochtaí táirgeoirí, ó eagraíochtaí eile soláthróirí agus ó chomhlachais ina bhfuil a leithéidí d'eagraíochtaí, lena n-áirítear eagraíochtaí ionadaíocha, is féidir lena leithéid aitheantais ball aonair den eagraíocht a chosaint a mheasann go bhfuil tionchar ag cleachtais éagóracha trádála orthu. Eagraíochtaí eile a bhfuil leas dlisteanach acu chun ionadaíocht a dhéanamh ar sholáthróirí, ba cheart an ceart a bheith acu gearáin a thaisceadh, arna iarraidh sin do sholáthróir agus thar cheann an tsoláthróra, ar choinníoll gur daoine dlítheanacha neamhbhrabúsacha neamhspleácha iad na heagraíochtaí sin. Dá bhrí sin, ba cheart d'údaráis forfheidhmithe na mBallstát bheith in ann glacadh le gearáin a dhéanann na heintitis sin agus gníomhú ina leith, agus cearta nós imeachta an cheannaitheora á gcosaint acu ag an am céanna.

(32)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar forfheidhmithe éifeachtach ar an toirmeasc atá ar chleachtais éagóracha trádála, is ceart go mbeadh ag an údarás forfheidhmithe ainmnithe na hacmhainní agus an saineolas is gá chun sin a dhéanamh.

(33)

Ba cheart d'údaráis forfheidhmithe na mBallstát na cumhachtaí riachtanacha agus an saineolas riachtanach a bheith acu chun imscrúduithe a dhéanamh. Ní hionann chumhachtú na n-údarás agus a rá go bhfuil sé d'oibleagáid orthu na cumhachtaí sin a úsáid i ngach imscrúdú a dhéanfaidh siad. Le cumhachtaí na n-údarás forfheidhmithe ba cheart, mar shampla, go gcuirtear ar a gcumas faisnéis fhíorasach a bhailiú go héifeachtach agus ba cheart d'údaráis forfheidhmithe an chumhacht a bheith acu chun cleachtas toirmiscthe a fhoircheannadh, i gcás inarb infheidhme.

(34)

Trí dhíspreagadh a bheith ann, amhail an chumhacht chun imeachtaí a fhorchur, nó a thionscnamh, mar shampla imeachtaí cúirte, chun fíneálacha, agus pionóis eile atá chomh héifeachtach a fhorchur nó a thionscnamh, agus chun torthaí imscrúdaithe a fhoilsiú, lena n-áirítear faisnéis maidir le sáruithe arna ndéanamh ag ceannaitheoirí a fhoilsiú, is féidir athruithe iompraíochta agus réitigh réamhdhlíthíochta a spreagadh idir na páirtithe agus, dá bhrí sin, ba cheart sin a bheith ar chumhachtaí na n-údarás forfheidhmithe. Is breá éifeachtach athchomhairleach an rud é fíneálacha a ghearradh. Ach ba cheart don údarás forfheidhmithe a bheith in ann cinneadh a dhéanamh i ndail le gach imscrúdú lena mbaineann cé acu dá chumhachtaí a fheidhmeoidh sé agus cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé fíneáil nó pionós eile atá chomh héifeachteach céanna a fhorchur nó a thionscnamh.

(35)

Is ceart feidhmiú na gcumhachtaí a bhronntar ar na húdaráis forfheidhmithe de bhun na Treorach seo a bheith faoi réir coimircí iomchuí a shásaíonn caighdeáin na bprionsabal ginearálta atá i ndlí an Aontais agus i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear urraim do chearta cosanta an cheannaitheora.

(36)

Ba cheart don Choimisiún agus d'údaráis forfheidhmithe na mBallstát dul i mbun dlúthchomhair le chéile chun a áirithiú go nglacfaí cur chuige coiteann i leith chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis forfheidhmithe cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile, mar shampla trí fhaisnéis a chomhroinnt agus trí chabhrú le himscrúduithe a bhfuil gné trasteorann ag baint leo.

(37)

Chun forfheidhmiú éifeachtach a éascú, ba cheart don Choimisiún cabhrú le cruinnithe rialta a eagrú idir údaráis forfheidhmithe na mBallstát, ar lena linn is féidir faisnéis ábhartha, dea-chleachtais, forbairtí nua, cleachtais fhorfheidhmiúcháin agus moltaí i ndáil le cur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir seo a chomhroinnt.

(38)

Chun na malartuithe sin a éascú, ba cheart don Choimisiún suíomh gréasáin poiblí a bhunú ar a bhfuil tagairtí do na húdaráis forfheidhmithe náisiúnta lena n-áirítear faisnéis faoi bhearta náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo.

(39)

Toisc go bhfuil rialacha náisiúnta maidir le cleachtais éagóracha trádála i bhfeidhm i bhformhór na mBallstát, cé go bhfuil difríochtaí ann sna rialacha sin, is cuí Treoir a úsáid chun íoschaighdeán cosanta a thabhairt isteach faoi dhlí an Aontais. Leis sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann na rialacha ábhartha a chomhtháthú ina ndlíchóras náisiúnta ar bhealach lena bhféadfaí córais chomhtháite a bhunú. Níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit rialacha náisiúnta níos doichte a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach ar a gcríoch féin, rialacha dá bhforáiltear leibhéal cosanta níos airde a thabhairt in aghaidh cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, faoi réir na dteorainneacha de chuid dhlí an Aontais is infheidhme maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ar choinníoll go bhfuil rialacha den sórt sin comhréireach.

(40)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha náisiúnta a choimeád nó a thabhairt isteach chun dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála nach bhfuil laistigh de raon feidhme na Treorach seo, faoi réir na dteorainneacha de chuid dhlí an Aontais is infheidhme maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar choinníoll go bhfuil rialacha den sórt sin comhréireach. D'fhéadfadh na rialacha náisiúnta sin dul níos faide ná a bhfuil sa Treoir seo, amhail i ndáil le méid na gceannaitheoirí agus na soláthróirí, cosaint na gceannaitheoirí, raon na dtáirgí agus raon na seirbhísí. D'fhéadfadh rialacha náisiúnta dul níos faide freisin ó thaobh líon agus cineál na gcleachtas éagórach trádála a liostaítear sa Treoir seo.

(41)

Bheadh feidhm ag na rialacha náisiúnta sin mar aon le bearta deonacha rialachais, amhail cóid náisiúnta iompair nó Tionscnamh Shlabhra an tSoláthair. Ba cheart úsáid a leithéid de bhearta deonacha malartacha um réiteach díospóide idir soláthróirí agus ceannaitheoirí á spreagadh go sainráite, gan dochar don cheart atá ag an soláthróir gearáin a dhéanamh nó dul chun na gcúirteanna dlí sibhialta.

(42)

Ba cheart don Choimisiún forbhreathnú a bheith aige ar chur chun feidhme na Treorach seo sna Ballstáit. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún bheith in ann éifeachtacht na Treorach seo a mheas. Chuige sin, ba cheart d'údaráis forfheidhmithe na mBallstát tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Leis na tuarascálacha sin, ba cheart faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil a sholáthar, i gcás inarb infheidhme, i ndáil le gearáin, imscrúduithe agus cinntí a rinneadh. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an oibleagáid tuairiscithe a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(43)

Ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach a dhéanamh ar an mbeartas maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, ba cheart don Choimisiún cur i bhfeidhm na Treorach seo a athbhreithniú agus tuarascáil ina leith a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Ba cheart éifeachtacht na mbeart náisiúnta lena ndírítear ar chleachtais éagóracha trádála a chomhrac i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia a mheas san athbhreithniú sin, go háirithe, chomh maith le héifeachtúlacht an chomhair idir na húdaráis forfheidhmithe. Ina theannta sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt san athbhreithniú sin ar an mbeadh údar le cosaint a thabhairt amach anseo do cheannaitheoirí táirgí talmhaíochta agus bia i slabhra an tsoláthair, de bhreis ar na soláthróirí a chosaint. Ba cheart tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.

(44)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon íoschaighdeán cosanta de chuid an Aontais a leagan síos trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar na bearta éagsúla sin de chuid na mBallstát a bhaineann le cleachtais éagóracha trádála a ghnóthú go leordhóthanach agus de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   D'fhonn cleachtais a chomhrac a imíonn go mór ó dhea-iompar tráchtála, a thagann salach ar mheon macánta agus ar chóirdhéileáil agus a ghearrann comhpháirtí trádála amháin go haontaobhach ar chomhpháirtí eile, leis an Treoir seo, bunaítear liosta íosta de chleachtais éagóracha trádála atá toirmiscthe i gcaidrimh idir ceannaitheoirí agus soláthróirí i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia agus leagtar síos rialacha íosta maidir le forfheidhmiú na dtoirmeasc sin agus socruithe le haghaidh an chomhordaithe idir údaráis forfheidmithe.

2.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le cleachtais éagóracha trádála áirithe a úsáidtear nuair atá táirgí talmhaíochta agus bia á ndíol ag:

(a)

soláthróirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 2 000 000 acu le ceannaitheoirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 2 000 000 acu;

(b)

soláthróirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 2 000 000 agus nach mó ná EUR 10 000 000 acu le ceannaitheoirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 10 000 000 acu;

(c)

soláthróirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 10 000 000 agus nach mó ná EUR 50 000 000 acu le ceannaitheoirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 50 000 000 acu;

(d)

soláthróirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 50 000 000 agus nach mó ná EUR 150 000 000 acu le ceannaitheoirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 150 000 000 acu;

(e)

soláthróirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 150 000 000 agus nach mó ná EUR 350 000 000 acu le ceannaitheoirí a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos mó ná EUR 350 000 000 acu.

Tuigfear láimhdeachas bliantúil na soláthróirí agus na gceannaitheoirí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír i gcomhréir leis na codanna ábhartha den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (8) agus go háirithe le hAirteagail 3, 4 agus 6 de, lena n-áirítear na sainmhínithe ar “fiontar féinrialaitheach”, “fiontar comhpháirtíochta”, “fiontar nasctha” agus saincheisteanna eile a bhaineann leis an láimhdeachas bliantúil.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, tá feidhm ag an Treoir seo i ndáil le táirgí talmhaíochta agus bia á ndíol ag soláthraithe a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 350 000 000 acu do cheannaitheoirí uile nach údaráis phoiblí iad.

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le díolacháin ina bhfuil an soláthróir nó an ceannaitheoir, nó an bheirt acu, bunaithe san Aontas.

Tá feidhm ag an Treoir seo freisin maidir le seirbhísí, a mhéid a thagraítear dóibh go sainráite in Airteagal 3, a sholáthraíonn an ceannaitheoir don soláthróir.

Níl feidhm ag an Treoir seo i dtaca le comhaontuithe arna ndéanamh idir soláthróirí agus ceannaitheoirí.

3.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le comhaontuithe soláthair a thabharfar i gcrích tar éis dháta theacht i bhfeidhm na mbeart lena dtrasuitear an Treoir seo i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 13(1).

4.   I dtaca le haon chomhaontú soláthair a thabharfar i gcrích roimh dháta foilsithe na mbeart lena dtrasuítear an Treoir seo i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 13(1), déanfar na comhaontuithe sin a thabhairt i gcomhréir leis an Treoir seo tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta foilsithe sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “táirgí talmhaíochta agus bia” táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE chomh maith le táirgí nach liostaítear san Iarscríbhinn sin, ach a phróiseáiltear lena n-úsáid mar bhia a úsáideann na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn sin;

(2)

ciallaíonn “ceannaitheoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, is cuma cén áit a bhfuil an duine sin bunaithe, nó aon údarás poiblí san Aontas, a cheannaíonn táirgí talmhaíochta agus bia; féadfaidh an téarma “ceannaitheoir” grúpa de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha den sórt sin a chuimsiú;

(3)

ciallaíonn “údarás poiblí” údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas ina bhfuil údarás amháin nó níos mó nó comhlacht amháin nó níos mó faoi rialú an dlí phoiblí;

(4)

ciallaíonn “soláthróir” aon táirgeoir talmhaíochta nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhíolann táirgí talmhaíochta agus bia, is cuma cén áit a bhfuil an duine sin bunaithe; féadfaidh an téarma “soláthróir” grúpa de tháirgeoirí talmhaíochta den sórt sin nó grúpa de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha den sórt sin, amhail eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí soláthróirí, agus comhlachais ina bhfuil eagraíochtaí den sórt sin, a chuimsiú;

(5)

ciallaíonn “táirgí meatacha talmhaíochta agus bia” táirgí talmhaíochta agus bia ar dócha, i ngeall ar a gcineál nó ar staid na próiseála ag a bhfuil siad, nach mbeifear in ann iad a dhíol laistigh de 30 lá ó baineadh, ó táirgeadh, nó ó próiseáladh iad.

Airteagal 3

Toirmeasc ar chleachtais éagóracha trádála

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh toirmeasc ar na cleachtais éagóracha trádála seo a leanas ar fad, ar a laghad:

(a)

íocann an ceannaitheoir an soláthróir,

(i)

i gcás ina ndéanann comhaontú soláthair foráil chun táirgí a sheachadadh ar bhonn rialta:

do tháirgí meatacha talmhaíochta agus bia, tráth is déanaí ná 30 lá ó dheireadh na tréimhse seachadta a comhaontaíodh ina ndearnadh an seachadadh, nó tráth is déanaí ná 30 lá féilire ón dáta ar a socraíodh an tsuim is iníoctha don tréimhse seachadta sin, cibé acu den dá dáta sin is déanaí;

do tháirgí talmhaíochta agus bia eile, tráth is déanaí ná 60 lá ó dheireadh na tréimhse seachadta a comhaontaíodh ina ndearnadh an seachadadh, nó tráth is déanaí ná 60 lá ón dáta ar a socraíodh an tsuim is iníoctha don tréimhse seachadta sin, cibé acu den dá dáta sin is déanaí;

chun críocha na dtréimhsí íocaíochta sa phointe seo, measfar in aon chás nach rachaidh na tréimhsí seachadta a comhaontaíodh thar aon mhí amháin;

(ii)

i gcás nach ndéantar foráil sa chomhaontú soláthair do tháirgí a sheachadadh ar bhonn rialta:

do tháirgí meatacha talmhaíochta agus bia, tráth is déanaí ná 30 lá ón dáta seachadta nó tráth is déanaí ná 30 lá ón dáta ar a socraíodh an tsuim is iníoctha, cibé acu den dá dáta sin is déanaí;

do tháirgí talmhaíochta agus bia eile, tráth is déanaí ná 60 lá ón dáta seachadta nó tráth is déanaí ná 60 lá ón dáta ar a socraíodh an tsuim is iníoctha, cibé acu den dá dáta sin is déanaí.

D'ainneoin phointí (i) agus (ii) den phointe seo, i gcás ina socraíonn an ceannaitheoir an tsuim is iníoctha:

tosóidh na tréimhsí íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (i) ó dheireadh tréimhse seachadta a comhaontaíodh ina ndearnadh an seachadadh; agus

tosóidh na tréimhsí íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (ii) ón dáta seachadta;

(b)

déanann an ceannaitheoir orduithe táirgí meatacha talmhaíochta agus bia a chealú le fógra atá chomh gearr sin nach féidir a bheith ag súil le réasún go n-aimseodh an soláthróir bealach eile chun brabús a dhéanamh ar na táirgí sin nó chun na táirgí sin a úsáid; measfar i gcónaí gur fógra gearr é fógra de níos lú na 30 lá; féadfaidh na Ballstáit tréimhsí níos gaire ná 30 lá a leagan síos d'earnálacha sonracha i gcásanna a bhfuil údar cuí leo;

(c)

déanann an ceannaitheoir athrú aontaobhach ar théarmaí an chomhaontaithe soláthair do thárigí talmhaíochta agus bia maidir le minicíocht, modh, áit, am nó méid soláthair nó seachadta na dtáirgí talmhaíochta nó bia, maidir leis na caighdeáin cháilíochta, maidir leis na téarmaí íocaíochta nó maidir leis na praghsanna nó i ndáil leis an soláthar seirbhísí a mhéid a thagraítear dóibh go sainráite i mír 2;

(d)

maidir le híocaíochtaí nach mbaineann le táirgí talmhaíochta agus bia an tsoláthróra a dhíol, ceanglaíonn an ceannaitheoir ar an soláthróir iad a íoc;

(e)

maidir le meath nó caillteanas a chuaigh ar na táirgí talmhaíochta agus bia a tharla ar áitreabh an cheannaitheora nó aistriodh úinéireacht don ceannaitheora agus nach é faillí ná locht an tsoláthróra is cúis leis an meath nó caillteanas, ceanglaíonn an ceannaitheoir ar an soláthróir íoc as an meath nó caillteanas sin, nó as an dá rud;

(f)

diúltaíonn an ceannaitheoir dearbhú i scríbhinn a thabhairt ar théarmaí comhaontaithe soláthair idir an ceannaitheoir agus an soláthróir agus ar iarr an soláthróir dearbhú i scríbhinn ina leith;ní bheidh feidhm aige i gcás ina mbaineann an comhaontú soláthair le táirgí atá le seachadadh ag eagraíocht táirgeoirí, lena n-áirítear ball comharchumainn, don c eagraíocht táirgeoirí ina bhfuil an soláthróir ina bhall, más rud é go bhfuil forálacha i reachtanna na heagraíochta táirgeoirí sin nó i rialacha agus i gcinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin, nó a thagann astu, ar forálacha iad a bhfuil éifeachtaí comhchosúla acu agus atá ag téarmaí an chomhaontaithe soláthair;

(g)

faigheann, úsáideann nó nochtann an ceannaitheoir rúin trádála de chuid an tsoláthróra go neamhdhleathach de réir bhrí Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(h)

bagraíonn an ceannaitheoir go ndéanfaidh sé, nó déanann sé, gníomhartha frithbheartaíochta tráchtála i gcoinne soláthróra má fheidhmíonn an soláthróir sin a chearta conarthacha nó a chearta dlíthiúla, lena n-áirítear trí ghearán a dhéanamh le húdaráis forfheidhmithe nó trí chomhoibriú leis na húdaráis forfheidhmithe le linn imscrúdaithe;

(i)

iarrann an ceannaitheoir cúiteamh ar an soláthróir as an gcostas a bhaineann le scrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó chustaiméirí i ndáil le táirgí arna ndíol de chuid an tsoláthróra cé nach bhfuil aon fhaillí nó locht ann ó thaobh an tsoláthróra.

Ní dochar an toirmeasc a luaitear i bpointe (a) den chéad fhomhír:

do na hiarmhairtí a bhaineann le híocaíochtaí déanacha agus leigheasanna mar atá leagtha síos i dTreoir 2011/7/AE, a mbeidh feidhm aici, de mhaolú ar na tréimhsí íocaíochta a leagtar amach sa Treoir sin, ar bhonn na dtréimhsí íocaíochta a leagtar amach sa Treoir seo;

don rogha atá ag an gceannaitheoir agus ag an soláthróir clásal comhroinnte luacha a chomhaontú de réir bhrí Airteagal 172a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

An toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige maidir le híocaíochtaí:

arna ndéanamh ag ceannaitheoir le soláthróir i gcás ina ndéantar íocaíochtaí den sórt sin faoi chuimsiú na scéime scoile de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

arna ndéanamh ag eintitis phoiblí a sholáthraíonn cúram sláinte poiblí de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 4(4) de Threoir 2011/7/AE:

faoi chomhaontuithe soláthair idir soláthróirí fíonchaor nó úrfhíona le haghaidh fíon a tháirgeadh agus a gceannaitheoirí díreacha, ar choinníoll:

(i)

go bhfuil na téarmaí sonracha íocaíochta d'idirbhearta díola ar áireamh i gconarthaí caighdeánacha a rinneadh an Ballstát conarthaí ceangailteacha díobh de bhun Airteagal 164 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 roimh 1 Eanáir 2019, agus go ndéanann na Ballstáit síneadh na gconarthaí caighdeánacha a athnuachan ón dáta sin gan aon athruithe suntasacha ar na téarmaí íocaíochta chun míbhuntáiste na soláthróirí fíonchaor nó úrfhíona; agus

(ii)

gur comhaontuithe soláthair ilbhliantúla iad na conarthaí idir soláthróirí fíonchaor nó úrfhíona le haghaidh fíona a tháirgeadh agus a gceannaitheoirí díreacha, sin nó go dtiocfaidh na conarthaí sin le bheith ina gconarthaí ilbhliantúla.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh toirmeasc ar na cleachtais trádála seo a leanas ar a laghad, mura ndearnadh iad a chomhaontú roimhe sin i dtéarmaí atá glan soiléir sa chomhaontú soláthair nó in aon chomhaontú ina dhiaidh sin idir an soláthróir agus an ceannaitheoir:

(a)

cuireann an ceannaitheoir táirgí talmhaíochta agus bia neamhdhíolta ar ais chuig an soláthróir gan íoc as na táirgí neamhdhíolta sin nó gan íoc as diúscairt na dtáirgí sin, nó gan íoc as ceachtar den dá rud sin;

(b)

gearrtar íocaíocht ar an soláthróir mar choinníoll chun a tháirgí talmhaíochta agus bia a stocáil, a chur ar taispeáint nó a liostú, nó chun na táirgí sin a chur ar fáil ar an margadh;

(c)

iarrann an ceannaitheoir ar an soláthróir costas nó cuid den chostas a thabhú a bhaineann le lascainí ar tháirgí talmhaíochta agus bia arna ndíol ag an gceannaitheoir mar chuid de phromóisean;

(d)

iarrann an ceannaitheoir ar an soláthróir íoc as fógraíocht a dhéanann an ceannaitheoir i ndáil leis na táirgí talmháiochta agus bia;

(e)

iarrann an ceannaitheoir ar an soláthróir íoc as an margaíocht a dhéanann an ceannaitheoir i ndáil le táirgí talmhaíochta agus bia;

(f)

gearrann an ceannaitheoir íocaíocht ar an holáthróir as áitreabh a fheistiú chun táirgí an tsoláthróra a dhíol.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cosc ar an gcleachtas trádála dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír mura sonróidh an ceannaitheoir, roimh thús aon phromóisean atá á thionscnamh ag an gceannaitheoir, tréimhse an phromóisin agus an chainníocht de na táirgí talmhaíochta agus bia a bhfuiltear le ordú ag an bpraghas lascainithe.

3.   I gcás ina n-iarrfaidh an ceannaitheoir íocaíocht as na cásanna dá dtagraítear i bpointí (b), (c), (d), (e) nó (f) den chéad fhomhír de mhír 2, tabharfaidh an ceannaitheoir don soláthróir, má iarrann an soláthróir air é, meastachán i scríbhinn ar na híocaíochtaí in aghaidh an aonaid nó ar na híocaíochtaí iomlána, cibé acu is iomchuí, agus a mhéid a bhaineann na cásanna dá dtagraítear i bpointí (b), (d), (e) nó (f) den chéad fhomhír de mhír 2 le hábhar, tabharfaidh sé dó freisin, i scríbhinn, meastachán ar na costais agus an bonn leis an meastachán sin.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit gur forálacha éigeantacha sáraitheacha a bheidh sna toirmisc a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 agus go mbeidh siad infheidhme maidir le haon chás a thagann faoi raon feidhme na dtoirmeasc sin, beag beann ar an dlí is infheidhme de ghnáth maidir leis an gcomhaontú soláthair idir na páirtithe.

Airteagal 4

Údaráis forfheidhmithe ainmnithe

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás amháin nó níos mó chun na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 3 a fhorfheidhmiú ar leibhéal náisiúnta (“údarás forfheidhmithe”), agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin ainmniúchán sin.

2.   Má ainmníonn an Ballstát níos mó ná údarás forfheidhmithe amháin ar a chríoch, ainmneoidh sé aon phointe teagmhála amháin don chomhar i measc na n-údarás forfheidhmithe agus don chomhar leis an gCoimisiún.

Airteagal 5

Gearáin agus rúndacht

1.   Féadfaidh soláthróirí gearáin a chur faoi bhráid údarás forfheidhmithe an Bhallstáit ina bhfuil an soláthróir bunaithe nó faoi bhráid údarás forfheidhmithe an Bhallstáit ina bhfuil an ceannaitheoir bunaithe a bhfuiltear in amhras faoi gur ghabh sé de cleachtas trádála a bhfuil toirmeasc air. An t-údarás forfheidhmithe sin ar cuirtear an gearán chuige, beidh sé inniúil na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 3 a fhorfheidhmiú.

2.   Eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí eile de sholáthróirí, agus comhlachais d'eagraíochtaí den sórt sin, beidh sé de cheart acu gearán a thíolacadh arna iarraidh sin dá mbaill amháin nó nios mó, nó nuair is iomchuí, arna iarraidh sin do bhaill amháin nó nios mó a gcuid ball eagraíochtaí, ar dóigh lena mbaill nó le baill dá gcuid ball go bhfuil siad thíos le cleachtas éagórach trádála. Eagraíochtaí eile a bhfuil leas dlisteanach acu chun ionadaíocht a dhéanamh ar sholáthróirí, beidh sé de cheart acu gearáin a dhéanamh thar ceann soláthróra agus ar a iarraidh don soláthróir sin, ar choinníoll gur daoine dlítheanacha neamhbhrabúsacha neamhspleácha iad na heagraíochtaí sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-iarrann an gearánaí sin, go nglacfaidh an t-údarás forfheidhmithe aon bhearta is gá chun an chosaint iomchuí a thabhairt do chéannacht an ghearánaigh nó na mball nó na soláthróirí dá dtagraítear i mír 2 agus an chosaint iomchuí aon fhaisnéis eile a measann an gearánaí ina leith gur dhíobhálach do leas an ghearánaigh nó na mball nó na soláthróirí a bheadh sé dá ndéanfaí faisnéis den chineál sin a nochtadh. Aon fhaisnéis dá n-iarrann an gearánaí rúndacht, déanfaidh é an fhaisnéis sin a shainaithint.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-údarás forfheidhmithe a fhaigheann gearán an gearánaí ar an eolas faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige déileáil leis an ngearán laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an gearán a fháil.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina measfaidh an t-údarás forfheidhmithe nach bhfuil foras leordhóthanach ann le gníomhú ar ghearán, go gcuirfidh sé na cúiseanna leis sin in iúl don ghearánaí laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an gearán a fháil.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina measfaidh an t-údarás forfheidhmithe go bhfuil foras leordhóthanach ann chun gníomhú ar an ngearán, imscrúdú an ghearánaí a thionscnamh, a sheoladh agus a thabhairt i gcrích laistigh de thréimhse réasúnach ama.

7.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú i gcás ina measann an t-údarás forfheidhmithe gur sháraigh ceannaitheoir na toirmisc dá dtagraítear in Airteagal 3, go gcuirfidh sé de cheangal ar an gceannaitheoir deireadh a chur leis an gcleachtas trádála atá faoi thoirmeasc.

Airteagal 6

Cumhachtaí na n-údarás forfheidhmithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag gach ceann dá n-údaráis forfheidhmithe na hacmhainní riachtanacha chun a ndualgas a chomhlíonadh agus tabharfaidh siad na cumhachtaí seo a leanas dóibh:

(a)

an chumhacht imscrúduithe a thionscnamh agus a sheoladh, ar a dtionscnamh féin nó ar bhonn gearáin;

(b)

an chumhacht ceangal a chur ar cheannaitheoirí agus ar sholáthróirí an fhaisnéis riachtanach ar fad a sholáthar chun imscrúduithe a dhéanamh ar na cleachtais trádála atá toirmiscthe;

(c)

an chumhacht cigireachtaí ar an láthair gan fógra a dhéanamh faoi chuimsiú a gcuid imscrúduithe, i gcomhréir leis na rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta;

(d)

an chumhacht cinntí a dhéanamh go raibh sárú ann ar na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 3 agus ceangal a chur ar an gceannaitheoir deireadh a chur leis an gcleachtas trádála atá toirmiscthe; féadfaidh an t-údarás staonadh ó chinneadh ar bith den sórt sin a dhéanamh i gcás ina mbeadh an riosca ann de thoradh an chinnidh sin go nochtfaí aitheantas gearánaí nó go nochtfaí aon fhaisnéis eile a measann an gearánaí go ndéanfaí dochar dá leasanna dá nochtfaí í, agus ar choinníoll gur chuir an gearánaí an fhaisnéis sin in iúl i gcomhréir le hAirteagal 5(3);

(e)

an chumhacht imeachtaí a fhorchur, nó a thionscnamh le haghaidh fíneálacha, agus pionóis agus bearta eatramhacha eile a bheadh chomh héifeachtach céanna, a fhorchur ar údar an tsáraithe, i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta;

(f)

an chumhacht a gcinntí i ndáil le pointí (d) agus (e) a fhoilsiú ar bhonn rialta.

Beidh na pionóis dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus tabharfar aird iontu ar chineál, fad, atarlú agus tromchúis an tsáraithe.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir coimircí iomchuí i dtaca le cearta cosanta, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta atá i ndlí an Aontais agus i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear i gcásanna ina n-éilíonn an gearánaí gur de bhun Airteagal 5(3) a chaithfí lena chuid faisnéise ar bhealach rúnda.

Airteagal 7

Réiteach díospóide malartach

Gan dochar do cheart na soláthróirí gearáin a dhéanamh faoi Airteagal 5, ná do na cumhachtaí atá ag na húdarás forfheidhmithe faoi Airteagal 6, féadfaidh na Ballstáit úsáid dheonach sásraí malartacha éifeachtacha neamhspleácha um réiteach díospóide a chur chun cinn, amhail idirghabháil, d'fhonn díospóidí a réiteach idir soláthróirí agus ceannaitheoirí maidir le cleachtais éagóracha trádála arna ndéanamh ag an gceannaitheoir.

Airteagal 8

Comhar idir údaráis forfheidhmithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh údaráis forfheidhmithe i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún go héifeachtach, agus go dtabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile in imscrúduithe a bhfuil gné trasteorann ag baint leo.

2.   Tiocfaidh na húdaráis forfheidhmithe le chéile uair sa bhliain ar a laghad chun cur i bhfeidhm na Treorach seo a phlé, ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Pléifidh na húdaráis forfheidhmithe dea-chleachtais, cásanna nua agus forbairtí nua i réimse na gcleachtas éagórach trádála i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia, agus malartóidh siad faisnéis, go háirithe maidir leis na bearta cur chun feidhme a ghlac siad i gcomhréir leis an Treoir seo agus maidir lena gcleachtais forfheidhmiúcháin. Féadfaidh na húdaráis forfheidhmithe moltaí a ghlacadh mar spreagadh chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiúchán. Éascóidh an Coimisiún na cruinnithe sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún suíomh gréasáin a bhunú agus a bhainistiú lena bhféadfar faisnéis a mhalartú idir na húdaráis forfheidhmithe agus leis an gCoimisiún, go háirithe i dtaca leis na cruinnithe bliantúla. Bunóidh an Coimisiún suíomh gréasáin poiblí lena bhforáiltear sonraí teagmhála na n-údarás forfheidhmithe ainmnithe agus naisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás forfheidhmithe náisiúnta nó údaráis eile na mBallstát lena bhforáiltear faisnéis faoi na bearta lena dtrasuítear an Treoir seo dá dtagraítear in Airteagal 13(1).

Airteagal 9

Rialacha náisiúnta

1.   D'fhonn leibhéal níos airde cosanta a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit rialacha níos déine a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála a leagtar síos sa Treoir seo, ar choinníoll go mbeidh na rialacha náisiúnta sin ag teacht leis na rialacha a bhaineann le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

2.   Beidh an Treoir seo gan dochar do rialacha náisiúnta arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála nach gcuimsítear faoi raon na Treorach seo, ar choinníoll go mbeidh na rialacha sin ag teacht leis na rialacha a bhaineann le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 10

Tuairisciú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh a n-údaráis forfheidhmithe tuarascáil bhliantúil faoi na gníomhaíochtaí sin dá gcuid a chuimsítear faoi raon na Treorach seo, ina mbeidh, inter alia, cur síos ar líon na ngearán a fuarthas agus uimhir na n-imscrúduithe a seoladh nó ar cuireadh críoch leo le linn na bliana roimhe sin. I gcás gach imscrúdaithe ar cuireadh críoch leis, beidh tuairisc achomair sa tuarascáil ar ábhar agus ar thoradh an imscrúdaithe agus, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh a rinneadh, faoi réir na gceanglas rúndachta a leagtar síos in Airteagal 5(3).

2.   Faoin 15 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. Cuimseofar go háirithe sa tuarascáil sin na sonraí ábhartha uile faoi chur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na rialacha faoin Treoir seo sa Bhallstát lena mbaineann i rith na bliana roimhe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an méid a leanas:

(a)

rialacha maidir leis an bhfaisnéis is gá chun mír 2 a chur i bhfeidhm;

(b)

socruithe le haghaidh an fhaisnéis atá le seoladh ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún a bhainistiú agus rialacha maidir le hinneachar agus foirm na faisnéise sin;

(c)

socruithe le haghaidh faisnéis agus doiciméid a tharchur chuig na Ballstáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta, na húdaráis inniúla i dtríú tíortha nó an pobal, nó le haghaidh faisnéis agus doiciméid a chur ar fáil dóibh, faoi réir sonraí pearsanta a chosaint chomh maith le leas dlisteanach táirgeoirí talmhaíochta agus fiontair a rún gnó a chosaint.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh le hAirteagal 229 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

Meastóireacht

1.   Faoin 1.11.2025, déanfaidh an Coimisiún an chéad mheastóireacht ar an Treoir seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar phríomhthátail an mheastóireacht sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus don Choiste na Réigiún. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

2.   Sa mheastóireacht, beidh measúnú ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

a éifeachtaí atá na bearta arna gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta ó thaobh dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia;

(b)

a éifeachtaí atá an comhar idir údaráis forfheidhmithe inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, sainaithneoidh na bealaí ina bhféadfaí feabhas a chur ar an gcomhar sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a bhunú ar na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Más gá, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ó na Ballstáit, lena n-áirítear faisnéis maidir lena éifeachtaí a bhí na bearta a cuireadh chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, agus maidir lena éifeachtaí a bhí an comhar agus an cúnamh frithpháirteach.

4.   Faoin 1.11.2021 tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach ar staid a trasuite agus a cur chun feidhme do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 13

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 1.5.2021. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 1.11.2021.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 15

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 165.

(2)  IO C 387, 25.10.2018, lch. 48.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019(nár foilsíodh go fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(4)  IO C 86, 6.3.2018, lch. 40.

(5)  Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO L 48, 23.2.2011, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Moladh ón gCoimisiún 2003/361/CE an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(9)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).